TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
4.11.2021 - (COM(2021)0113 – C9‑0095/2021 – 2021/0058(COD)) - ***I
An Coiste um Iascach
Rapóirtéir don tuairim: Gabriel Mato
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
(COM(2021)0113 – C9‑0095/2021 – 2021/0058(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0113),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0312/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/4731a, is é misean na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA), inter alia, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faisnéis faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta agus faoi ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a thuairisciú don Choimisiún agus do thríú páirtithe, agus cúnamh a thabhairt maidir le cur chun feidhme aonfhoirmeach chomhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí rialaithe ag na Ballstáit chun cláir shonracha maidir le rialú agus cigireacht, cláir rialaithe a bhaineann le hiascaireacht NNN agus cláir idirnáisiúnta maidir le rialú agus cigireacht a chur chun feidhme. Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh EFCA cúnamh don Aontas agus do na Ballstáit ina gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha idirnáisiúnta um iascach a bhfuil an tAontas ina chomhalta díobh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, gurb é EFCA an comhlacht a ghlacfaidh faisnéis ó Bhallstáit maidir le rialú agus cigireacht, comhrac na hiascaireachta NNN amhail tuarascálacha cigireachta agus fógraí maidir leis an scéim breathnóirí rialaithe agus is é a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC. |
|
_________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18). |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Chun rúin ó IOTC a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, ar rúin IOTC iad lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rúin a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a leasú maidir le liosta faisnéise le haghaidh gach soithigh i ndáil leis an liosta de shoithigh ghníomhacha a bhíonn ag iascaireacht tuinníní agus colgán, an céatadán de chlúdach breathnóra agus samplóirí allamuigh le haghaidh an iascaigh ar mionscála, coinníollacha cairtfhostaíochta, céatadán de chigireachtaí ar ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort, spriocdhátaí tuairiscithe agus Iarscríbhinní 1 go 6 a ghabhann leis an Rialachán lena gcumhdaítear ceanglas IOTC maidir le tuairisciú gabhálacha, bearta maolaithe i ndáil le héanlaith mhara, bailiú sonraí agus feistí um chomhbhailiú éisc agus ceanglais maidir le cairtfhostú, chomh maith le tagairtí do Bhearta Bainistíochta agus Caomhnaithe IOTC a bhaineann leis an dearbhú trasloingsithe, prionsabail faoi FADanna a dhearadh agus a úsáid a bhaineann le dul i bhfostú a laghdú agus lena dtuairisciú, dearadh FADanna in-bhithmhillte nach dtéann i bhfostú, nós imeachta IOTC um chalafoirt a shannadh, nósanna imeachta láimhseála roc den chineál mobulidae, treoirlínte láimhseála beart maolaithe le haghaidh turtair mhara a ghabhtar le trealamh iascaireachta áirithe, marcáil agus sainaithint soithí, doiciméid tuairiscithe NNN, doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha, fógraí i dtaobh teacht isteach go calafort an stáit, íoschaighdeáin nósanna imeachta cigireachta Bhallstát an chalafoirt, foirmeacha tuairiscithe le haghaidh sáruithe, agus téimpléid tuairiscithe le haghaidh gabhálacha agus bearta iascaireachta. |
(7) Chun rúin ó IOTC a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme go tapa i ndlí an Aontais, ar rúin IOTC iad lena leasaítear nó lena bhforlíontar na rúin a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a leasú maidir le liosta faisnéise le haghaidh gach soithigh i ndáil leis an liosta de shoithigh ghníomhacha a bhíonn ag iascaireacht tuinníní agus colgán, an céatadán de chlúdach breathnóra agus samplóirí allamuigh le haghaidh an iascaigh ar mionscála, coinníollacha cairtfhostaíochta, céatadán de chigireachtaí ar ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort, spriocdhátaí tuairiscithe agus Iarscríbhinní 1 go 6a a ghabhann leis an Rialachán lena gcumhdaítear ceanglas IOTC maidir le tuairisciú gabhálacha, bearta maolaithe i ndáil le héanlaith mhara, bailiú sonraí agus feistí um chomhbhailiú éisc agus ceanglais maidir le cairtfhostú, chomh maith le tagairtí do Bhearta Bainistíochta agus Caomhnaithe IOTC a bhaineann leis an dearbhú trasloingsithe, prionsabail faoi FADanna a dhearadh agus a úsáid a bhaineann le dul i bhfostú a laghdú agus lena dtuairisciú, dearadh FADanna in-bhithmhillte nach dtéann i bhfostú, nós imeachta IOTC um chalafoirt a shannadh, nósanna imeachta láimhseála roc den chineál mobulidae, treoirlínte láimhseála beart maolaithe le haghaidh turtair mhara a ghabhtar le trealamh iascaireachta áirithe, marcáil agus sainaithint soithí, doiciméid tuairiscithe NNN, doiciméid clár staidrimh le haghaidh tuinníní mórshúileacha, fógraí i dtaobh teacht isteach go calafort an stáit, íoschaighdeáin nósanna imeachta cigireachta Bhallstát an chalafoirt, foirmeacha tuairiscithe le haghaidh sáruithe, agus téimpléid tuairiscithe le haghaidh gabhálacha agus bearta iascaireachta. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Ciallaíonn ‘CMC’ beart bainistíochta agus caomhnaithe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag IOTC de bhun Airteagail V(2)(c) agus IX(1) den Chomhaontú, mar a leasaítear go tréimhsiúil;17 |
(6) Ciallaíonn ‘CMC’ beart bainistíochta agus caomhnaithe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag IOTC de bhun Airteagail V(2)(c) agus IX(1) den Chomhaontú, agus atá ceangailteach ar an Aontas i gcomhréir leis an gComhaontú;17 |
__________________ |
__________________ |
17 https://www.iotc.org/cmms |
17 https://www.iotc.org/cmms |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Ciallaíonn ‘dearbhú trasloingsithe IOTC’ an doiciméad in Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 19/06; |
(12) Ciallaíonn ‘dearbhú trasloingsithe IOTC’ an doiciméad dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo; |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15a) Feidhmchlár gréasánbhunaithe ‘e-PSM’ a dearadh agus a forbraíodh chun tacú agus cuidiú le Páirtithe Conarthacha agus Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha (CPCanna) de chuid IOTC chun Rúin IOTC a bhaineann le Bearta Stát an Chalafoirt (PSM) a chur chun feidhme; |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15b) ciallaíonn ‘FAO’ Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe; |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15c) tagraíonn ‘iascaireacht NNN’ do na gníomhaíochtaí a shonraítear sa phlean gníomhaíochta idirnáisiúnta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú ar ghlac Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe é; |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh soithí peas-saighneoireachta an Aontais gach gabháil de thuinníní trópaiceacha (tuinníní mórshúileacha, tuinníní buí agus tuinníní aigéanacha) a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír, ach amháin i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas: |
1. Déanfaidh soithí peas-saighneoireachta an Aontais gach gabháil de thuinníní trópaiceacha (tuinníní mórshúileacha (Thunnus obesus), tuinníní buí (Thunnus albacares) agus tuinníní aigéanacha (Katsuwonus pelamis) a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír, ach amháin i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas: |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Chun críoch an Airteagail seo, ní áirítear le speicis nach spriocspeicis iad speicis tuinníní, mar aon le ronnaigh dhea-dhathacha, doráid, éisc thruicir, mairlíní, wahoo, agus baracúdaigh. |
4. Chun críoch an Airteagail seo, ní áirítear le speicis nach spriocspeicis iad speicis tuinníní, mar aon le ronnaigh dhea-dhathacha (Elagatis bipinnulata), doráid (Coryphaena hippurus), éisc thruicir (fine Balistidae), mairlíní (fine Xyphiidae agus fine Istiophoridae), wahoo (Acanthocybium solandri), agus baracúdaigh (cine Sphyraenidae). |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon bhaoi sonraí ar ina leith a thug siad faoi deara go ndearnadh damáiste dó nó go raibh sé do-oibrithe ar bhealach eile a thuairisciú dá mBallstáit bhrataí, mar aon leis na sonraí breathnóireachta, suíomh an bhaoi, agus aon fhaisnéis inaitheanta ina leith. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin, mar aon le faisnéis faoi shuíomh acmhainní baoithe sonraí atá curtha amach ar an bhfarraige acu ar fud an Limistéir, chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
5. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon bhaoi sonraí ar ina leith a thug siad faoi deara go ndearnadh damáiste dó nó go raibh sé do-oibrithe ar bhealach eile a thuairisciú dá mBallstáit bhrataí, mar aon leis na sonraí breathnóireachta, suíomh an bhaoi, agus aon fhaisnéis inaitheanta ina leith. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha den sórt sin, mar aon le faisnéis faoi shuíomh acmhainní baoithe sonraí atá curtha amach ar an bhfarraige acu ar fud an Limistéir, chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais ar bord aon easamail de mhairlíní riabhacha, mairlíní gorma ná de cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach ar lú ná 60 cm an fad óna ngiall íochtarach go gabhal a n‑eireabaill. Má ghabhann siad iasc den chineál sin, cuirfidh siad ar ais san fharraige iad láithreach bonn. |
1. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon easamail de mhairlíní riabhacha (Tetrapturus audax), mairlíní dubha (Makaira indica), mairlíní gorma (Makaira nigricans), ná de cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, ná a thabhairt i dtírar lú ná 60 cm an fad óna ngiall íochtarach go gabhal a n‑eireabaill. Má ghabhann siad iasc den chineál sin, cuirfidh siad ar ais san fharraige iad láithreach bonn. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Moltar do na Ballstáit taighde eolaíoch a dhéanamh maidir le siorcanna gorma lena gcuirfí faisnéis ar fáil faoi phríomhthréithe bitheolaíocha, éiceolaíocha, iompraíochta, beatha, imirce, marthanas iarscaoilte agus treoirlínte maidir lena scaoileadh saor go sábháilte agus na hiasclanna a shainaithint, chomh maith le feabhas a chur ar chleachtais iascaireachta. Áireofar an fhaisnéis sin sna tuarascálacha a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51(6). |
4. Moltar do na Ballstáit taighde eolaíoch a dhéanamh maidir le siorcanna gorma lena gcuirfí faisnéis ar fáil faoi phríomhthréithe bitheolaíocha, éiceolaíocha, iompraíochta, beatha, imirce, marthanas iarscaoilte agus treoirlínte maidir lena scaoileadh saor go sábháilte agus na hiasclanna a shainaithint, chomh maith le feabhas a chur ar chleachtais iascaireachta. Áireofar an fhaisnéis sin sna tuarascálacha a chuirfear chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(6). |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ní úsáidfidh soithí iascaireachta, soithí tacaíochta ná soithí soláthair an Aontais aerárthaí ná aerfheithiclí gan foireann mar áis iascaireachta. Aon tarlú oibríochta iascaireachta a dhéantar sa Limistéar le háis aerárthaigh nó aerfheithicle gan foireann, déanfar í a thuairisciú láithreach bonn chuig an mBallstát brataí agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht IOTC ar an eolas faoi sin gan mhoill. |
1. Ní úsáidfidh soithí iascaireachta, soithí tacaíochta ná soithí soláthair an Aontais aerárthaí ná aerfheithiclí gan foireann mar áis iascaireachta. Aon tarlú oibríochta iascaireachta a dhéantar sa Limistéar le háis aerárthaigh nó aerfheithicle gan foireann, déanfar í a thuairisciú láithreach bonn chuig an mBallstát brataí, chuig EFCA, agus an Coimisiún i gcóip. Cuirfidh EFCA Rúnaíocht IOTC ar an eolas faoi sin gan mhoill. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais taifead ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar le FADanna srutha agus le FADanna atá ar ancaire, ar leithligh, ag baint úsáid as na míreanna sonraí ar leith in Iarscríbhinn 2. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51. |
1. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais taifead ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhar le FADanna srutha agus le FADanna atá ar ancaire, ar leithligh, ag baint úsáid as na míreanna sonraí ar leith in Iarscríbhinn 2. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Tarchuirfear faisnéis laethúil faoi gach FAD gníomhach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis faoin dáta, sainaithint baoithe uirlise, soitheach sannta agus suíomh laethúil, an fhaisnéis sin arna tiomsú gach mí agus arna cur isteach ar a laghad 60 lá ach tráth nach déanaí ná 90 lá ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC. |
2. Tarchuirfear faisnéis laethúil faoi gach FAD gníomhach chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, ina mbeidh an fhaisnéis faoin dáta, sainaithint baoithe uirlise, soitheach sannta agus suíomh laethúil, an fhaisnéis sin arna tiomsú gach mí agus arna cur isteach ar a laghad 60 lá ach tráth nach déanaí ná 90 lá ina dhiaidh sin. Cuirfidh EFCA an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) na pleananna bainistíochta a bheith bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM 19/02 maidir le dul i bhfostú siorcanna, turtair mhara nó aon speiceas eile a laghdú. |
(d) na pleananna bainistíochta a bheith bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le dul i bhfostú siorcanna, turtair mhara nó aon speiceas eile a laghdú. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tráth nach déanaí ná 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5), maidir le dul chun cinn phleananna bainistíochta FADanna, lena n-áirítear athbhreithnithe ar na pleananna bainistíochta a cuireadh isteach ar dtús, agus lena n-áirítear athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm phrionsabail Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM19/02. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC. |
4. Tráth nach déanaí ná 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(5), maidir le dul chun cinn phleananna bainistíochta FADanna, lena n-áirítear athbhreithnithe ar na pleananna bainistíochta a cuireadh isteach ar dtús, agus lena n-áirítear athbhreithnithe ar chur i bhfeidhm phrionsabail na hIarscríbhinne dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais dearaí agus ábhair FADanna nach rachaidh i bhfostú chun FADanna a thógáil, mar a shonraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM 19/02. |
Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais dearaí agus ábhair FADanna nach rachaidh i bhfostú chun FADanna a thógáil, mar a shonraítear san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Féachfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais le FADanna in-bhithmhillte a úsáid i gcomhréir leis na treoirlínte san Iarscríbhinn d’fhonn gur féidir aistriú chuig FADanna in-bhithmhillte a úsáid, cé is moite d’ábhair a úsáidtear le haghaidh baoithe uirlise, ón 1 Eanáir 2022. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Féachfaidh na Ballstáit le trialacha a dhéanamh ina n-úsáidtear ábhair in-bhithmhillte chun an t-aistriú a éascu chuig ábhair in-bhithmhillte a úsáid go heisiach agus sruth-FADanna á dtógáil ag a bhflít. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfar gach oibríocht trasloingsithe de speicis IOTC i gcalafoirt a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle nó i gcomhréir le mír 5 de CMM 16/11. |
1. Déanfar gach oibríocht trasloingsithe de speicis IOTC i gcalafoirt a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle nó i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le gach gabháil siorcanna, lena n-áirítear na sonraí stairiúla uile, na meastacháin agus stádas saoil na n-ábhar muirí aischurtha agus scaoileadh siorcanna (marbh nó beo) agus minicíochtaí méide siorcanna a ghabhann a gcuid soithí iascaireachta a thuairisciú don Choimisiún ina dtuarascáil, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). |
4. Déanfaidh na Ballstáit sonraí maidir le gach gabháil siorcanna, lena n-áirítear na sonraí stairiúla uile, na meastacháin agus stádas saoil na n-ábhar muirí aischurtha agus scaoileadh siorcanna (marbh nó beo) agus minicíochtaí méide siorcanna a ghabhann a gcuid soithí iascaireachta a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, ina dtuarascáil, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chuid de shiorcanna bána aigéanacha ná den chonablach iomlán díobh a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar díol. |
1. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chuid de shiorcanna bána aigéanacha (Carcharhinus longimanus) ná den chonablach iomlán díobh a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar díol. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I gcás inar féidir é, féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le taighde a dhéanamh ar shiorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa Limistéar, d'fhonn limistéir a d’fhéadfadh bheith ina n-iasclanna a shainaithint. |
3. I gcás inar féidir é, féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le taighde a dhéanamh ar shiorcanna bána aigéanacha a ghabhtar sa Limistéar, d’fhonn limistéir a d’fhéadfadh bheith ina n-iasclanna a shainaithint agus tionchar an athraithe aeráide ar a bhflúirsí atá siad. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiascaigh ar mionscála a oibríonn go heisiach ina Limistéar Eacnamaíoch Eisiach (LEE) faoi seach chun críche tomhaltais áitiúil. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chineál trealaimh a chur amach d’aon ghnó timpeall roc den chineál mobulidae más rud é go bhfacthas an t-ainmhí sular cuireadh tús leis an gcor. |
1. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon chineál trealaimh a chur amach d’aon ghnó timpeall roc den chineál mobulidae (speiceas genus Mobula) más rud é go bhfacthas an t-ainmhí sular cuireadh tús leis an gcor. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais roic den chineál mobulidae a ghabhtar de thaisme a scaoileadh beo agus gan ghortú ar ais isteach san fharraige gan mhoill, a mhéid is indéanta, a luaithe a fheicfear iad san eangach, ar an duán, nó ar an deic, sa dóigh go ndéanfar an díobháil is lú is féidir do na roic aonair a ghabhtar dá thoradh sin, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach chun nósanna imeachta láimhseála a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 19/03 a chur i bhfeidhm, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh. |
3. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais roic den chineál mobulidae a ghabhtar de thaisme a scaoileadh beo agus gan ghortú ar ais isteach san fharraige gan mhoill, a mhéid is indéanta, a luaithe a fheicfear iad san eangach, ar an duán, nó ar an deic, sa dóigh go ndéanfar an díobháil is lú is féidir do na roic aonair a ghabhtar dá thoradh sin, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach chun nósanna imeachta láimhseála dá dtagraítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. D’ainneoin mhír 2, i gcás roic den chineál mobulidae a ghabhtar de neamhthoil le linn iascaireacht ar mionscála, déanfaidh an soitheach an fhaisnéis faoin ngabháil de thaisme a thuairisciú do na húdaráis rialtasacha freagracha, nó d’údarás inniúil eile, ag an bpointe tabhairt i dtír. Ní fhéadfar roic den chineál mobulidae a ghabhtar go neamhintinneach a úsáid ach amháin chun críche tomhaltais áitiúil. Rachaidh an maolú seo in éag an 1 Eanáir 2022. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Toirmiscfear soithí iascaireachta an Aontais peaslíon saighne a chur d’aon ghnó timpeall míolsiorca sa Limistéar más rud é go bhfacthas an t-ainmhí sular cuireadh tús leis an gcor. |
1. Toirmiscfear soithí iascaireachta an Aontais peaslíon saighne a chur d’aon ghnó timpeall míolsiorca (Rhincodon typus) sa Limistéar más rud é go bhfacthas an t-ainmhí sular cuireadh tús leis an gcor. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 – pointe b – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an teagmhas a thuairisciú d’údarás ábhartha an Bhallstáit brataí, leis an bhfaisnéis seo a leanas: |
(b) an teagmhas a thuairisciú do Bhallstát brataí an tsoithigh, leis an bhfaisnéis seo a leanas: |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, trí logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear an stádas tráth a scaoilte (marbh nó beo), nó nuair a bheidh breathnóir ar bord de bharr cláir breathnóireachta agus seolfaidh siad chuig an gCoimisiún í, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) agus (5). |
3. Tuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, trí logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena n-áirítear an stádas tráth a scaoilte (marbh nó beo), nó nuair a bheidh breathnóir ar bord de bharr cláir breathnóireachta agus seolfaidh siad chuig an gCoimisiún í, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(1) agus (5). |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) Ní mór do shoithí spiléireachta gearrthóirí doruithe agus uirlisí bainte duán a bheith ar bord acu d’fhonn turtair mhara a gabhadh nó a chuaigh i bhfostú a láimhseáil go hiomchuí agus a scaoileadh saor ar ais isteach san fharraige go pras, gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor agus go láimhseálfar go sábháilte iad de réir threoirlínte láimhseála IOTC.18 |
(a) Ní mór do shoithí spiléireachta gearrthóirí doruithe agus uirlisí bainte duán a bheith ar bord acu d’fhonn turtair mhara (speiceas den fhine Cheloniidae agus den fhine Dermochelyidae) a gabhadh nó a chuaigh i bhfostú a láimhseáil go hiomchuí agus a scaoileadh saor ar ais isteach san fharraige go pras, gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor agus go láimhseálfar go sábháilte iad de réir threoirlínte IOTC dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. |
__________________ |
|
18 https://www.iotc.org/sites/default/files/documents/2018/11/IOTC_turtles_for_web.pdf |
|
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais na teicnící cuí maidir le maolú, sainaithint, láimhseáil agus baint duán agus go gcoinneoidh siad ar bord an trealamh uile is gá chun turtair mhuirí a scaoileadh saor, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach i gcomhréir leis na treoirlínte láimhseála i gCártaí Aitheantais Turtar Mara IOTC a chuirtear ar fáil i dtreoirlínte láimhseála IOTC dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais na teicnící cuí maidir le maolú, sainaithint, láimhseáil agus baint duán agus go gcoinneoidh siad ar bord an trealamh uile is gá chun turtair mhuirí a scaoileadh saor, agus déanfaidh siad gach beart réasúnach i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar chur chun feidhme Threoirlínte FAO maidir le Básmhaireacht Turtar Mara a Laghdú in Oibríochtaí Iascaireachta19. |
4. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar chur chun feidhme Threoirlínte FAO dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. |
__________________ |
|
19 http://www.fao.org/publications/card/en/c/525d1262-f0ae-5270-bd6e-ac4ab03bbaf9/ |
|
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí uile ar a soithí a bhí ag idirghníomhú le turtair mhara chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Áireofar sna sonraí leibhéal an chlúdaigh logleabhar nó breathnóra agus meastachán ar bhásmhaireacht iomlán na dturtar mara a gabhadh de thaisme ina n-iascaigh. |
5. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí uile ar a soithí a bhí ag idirghníomhú le turtair mhara chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Áireofar sna sonraí leibhéal an chlúdaigh logleabhar nó breathnóra agus meastachán ar bhásmhaireacht iomlán na dturtar mara a gabhadh de thaisme ina n-iascaigh. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais gach teagmhas a bhaineann le turtair mhara le linn oibríochtaí iascaireachta a thaifeadadh, lena n-áirítear stádas maidir lena scaoileadh saor (marbh nó beo) sna logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Déanfaidh siad na teagmhais sin a thuairisciú dá mBallstáit brataí agus faisnéis a thabhairt, más féidir, maidir leis an speiceas, suíomh na gabhála, na coinníollacha, na gníomhaíochtaí a dhéantar ar bord agus an áit a scaoiltear iad. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). |
6. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais gach teagmhas a bhaineann le turtair mhara le linn oibríochtaí iascaireachta a thaifeadadh, lena n-áirítear stádas maidir lena scaoileadh saor (marbh nó beo) sna logleabhair i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Déanfaidh siad na teagmhais sin a thuairisciú dá mBallstáit brataí agus faisnéis a thabhairt, más féidir, maidir leis an speiceas, suíomh na gabhála, na coinníollacha, na gníomhaíochtaí a dhéantar ar bord agus an áit a scaoiltear iad. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Féachfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais dearthaí FAD a ghlacadh lena laghdófar an mhinicíocht a théann turtar mara i bhfostú, i gcomhréir le caighdeán idirnáisiúnta. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais bearta maolaithe chun leibhéil na foghabhála éanlaithe mara a laghdú ar fud gach limistéir iascaireachta, gach séasúir agus gach iascaigh: |
1. Úsáidfidh soithí iascaireachta an Aontais bearta maolaithe chun leibhéil na foghabhála éanlaithe mara (speiceas d’ordaithe Procellariiforme, Pelecaniformes, Charadriiformes, Gaviiformes agus Podicipediformes) a laghdú ar fud gach limistéir iascaireachta, gach séasúir agus gach iascaigh: |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais sonraí maidir le fogabhálacha teagmhasacha d’éanlaith mhara a thaifeadadh de réir speiceas, go háirithe tríd an Scéim Breathnóirí Réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 30, agus déanfaidh siad iad sin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Glacfaidh breathnóirí, a mhéid is féidir, grianghraif d’éanlaith mhara a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais agus déanfaidh siad na grianghraif sin a tharchur chuig saineolaithe náisiúnta éanlaithe mara nó chuig Rúnaíocht IOTC le haghaidh dearbhú sainaitheantais. |
2. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais sonraí maidir le fogabhálacha teagmhasacha d’éanlaith mhara a thaifeadadh de réir speiceas, go háirithe tríd an Scéim Breathnóirí Réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 30, agus déanfaidh siad iad sin a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Glacfaidh breathnóirí, a mhéid is féidir, grianghraif d’éanlaith mhara a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais agus déanfaidh siad na grianghraif sin a tharchur chuig saineolaithe náisiúnta éanlaithe mara nó chuig Rúnaíocht IOTC le haghaidh dearbhú sainaitheantais. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún conas a chuirfear an Scéim Breathnóirí Réigiúnach chun feidhme dá dtagraítear i mír 30, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do EFCA conas a chuirfear an Scéim Breathnóirí Réigiúnach chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Áiritheoidh na Ballstáit gurb é an t-údarás inniúil a eiseoidh agus a dheimhneoidh gach doiciméad atá á n-iompar ar bord aon leasú breise orthu sin agus go ndéanfar iad a mharcáil ar bhealach go bhféadfar iad a shainaithint go héasca i gcomhréir le caighdeáin a ghlactar go ginearálta amhail Sonraíochtaí Caighdeánacha FAO maidir le Marcáil agus Sainaithint Soithí Iascaireachta.20 |
4. Áiritheoidh na Ballstáit gurb é an t-údarás inniúil a eiseoidh agus a dheimhneoidh gach doiciméad atá á n-iompar ar bord aon leasú breise orthu sin agus go ndéanfar iad a mharcáil ar bhealach go bhféadfar iad a shainaithint go héasca i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a ghlactar go ginearálta. |
__________________ |
|
20 http://www.fao.org/3/a-i7783e.pdf |
|
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh na Ballstáit liosta na soithí a chomhlíonann ceanglais mhír 1 agus atá údaraithe chun oibriú sa Limistéar a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar ar an liosta sin an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach: |
3. Déanfaidh na Ballstáit liosta na soithí a chomhlíonann ceanglais mhír 1 agus atá údaraithe chun oibriú sa Limistéar a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip. Áireofar ar an liosta sin an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach: |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon ábhar a cuireadh le Taifead IOTC nó faoi aon ábhar a scriosadh nó a leasaíodh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill. |
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, gan mhoill faoi aon ábhar a cuireadh le Taifead IOTC nó faoi aon ábhar a scriosadh nó a leasaíodh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
An fhaisnéis ar ina leith a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24, tabharfar í i bhformáid leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2017/2403. |
An fhaisnéis ar ina leith a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do EFCA, i gcomhréir le hAirteagal 24, tabharfar í i bhformáid leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2017/2403. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin teimpléad nuashonraithe den údarú oifigiúil chun iascaireacht a dhéanamh lasmuigh de dhlínsí náisiúnta, agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sin nuair a athróidh sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa teimpléad: |
2. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip, teimpléad nuashonraithe den údarú oifigiúil chun iascaireacht a dhéanamh lasmuigh de dhlínsí náisiúnta, agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sin nuair a athróidh sí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa teimpléad: |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh na Ballstáit torthaí an athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta a rinneadh de bhun mhír 1 a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
2. Déanfaidh na Ballstáit torthaí an athbhreithnithe ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta a rinneadh de bhun mhír 1 a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Na Ballstáit a eisíonn ceadúnais dá soithí údaraithe iascaireachta, tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún gach beart a glacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I go CMM 05/07, agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 05/07, agus i gcomhréir le hAirteagal 51 den Rialachán seo. |
3. Na Ballstáit a eisíonn ceadúnais dá soithí údaraithe iascaireachta, tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, gach beart a glacadh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo, agus úsáid á baint as an bhformáid a leagtar amach san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 8 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 51 den Rialachán seo. |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis fhíorasach lena léirítear go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC ag déanamh iascaireacht ar speicis IOTC sa Limistéar nó ag déanamh trasloingsithe orthu. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin bhfaisnéis sin do Rúnaíocht IOTC láithreach bonn. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, faoi aon fhaisnéis fhíorasach lena léirítear go bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil soithí nach bhfuil cláraithe i dtaifead IOTC ag déanamh iascaireacht ar speicis IOTC sa Limistéar nó ag déanamh trasloingsithe orthu. Tabharfaidh EFCA fógra faoin bhfaisnéis sin do Rúnaíocht IOTC láithreach bonn. |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Na Ballstáit sin a bhfuil soithí acu atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní agus ar cholgáin sa Limistéar, agus úsáid á baint acu as teimpléad tuairiscithe iomchuí IOTC, déanfaidh siad liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhí gníomhach sa Limistéar le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra gach bliain: |
1. Na Ballstáit sin a bhfuil soithí acu atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní agus ar cholgáin sa Limistéar, agus úsáid á baint acu as teimpléad tuairiscithe iomchuí IOTC, déanfaidh siad liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhí gníomhach sa Limistéar le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip, faoin 1 Feabhra gach bliain: |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Na Ballstáit sin a bhfuil soithí acu atá ag déanamh iascaireachta ar thuinníní buí sa Limistéar, agus úsáid á baint acu as teimpléad tuairiscithe iomchuí IOTC, déanfaidh siad liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a rinne tuinníní buí a iascach le linn na bliana roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra gach bliain: |
Réasúnú
Ag Cruinniú Bliantúil IOTC i mbliana, glacadh beart maidir leis an tuinnín buí, lena gcuirtear dualgas tuairiscithe ar an Aontas/na CPanna nach bhfuil mar chuid den togra ón gCoimisiún. Foilseoidh IOTC an beart sin tar éis 120 lá tar éis a ghlactha, mura bhfuil aon agóid ann agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC roimh an 15 Feabhra gach bliain. |
2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC roimh an 15 Feabhra gach bliain. |
Réasúnú
Tá an soiléiriú breise sin ag teacht leis an leasú i mír 1a (nua).
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Laistigh de 30 lá tar éis gach turas a chríochnú, tabharfaidh an breathnóir tuairisc don Bhallstát brataí. Is de réir limistéir de dhomhanleithead 1˚ faoi dhomhanfhad 1˚ a chuirfear an tuarascáil ar fáil. Cuirfidh na Ballstáit gach tuarascáil chuig an gCoimisiún laistigh de 140 lá tar éis dóibh é a fháil, ach áiritheoidh siad go seolfar, go leanúnach i rith na bliana, na tuarascálacha a fhaigheann siad ón mbreathnóir atá ar bord an chabhlaigh spiléireachta. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC laistigh de 10 lá. |
2. Laistigh de 30 lá tar éis gach turas a chríochnú, tabharfaidh an breathnóir tuairisc don Bhallstát brataí. Is de réir limistéir de dhomhanleithead 1˚ faoi dhomhanfhad 1˚ a chuirfear an tuarascáil ar fáil. Cuirfidh na Ballstáit gach tuarascáil chuig EFCA, agus an Coimisiún i gcóip, laistigh de 140 lá tar éis dóibh é a fháil, ach áiritheoidh siad go seolfar, go leanúnach i rith na bliana, na tuarascálacha a fhaigheann siad ón mbreathnóir atá ar bord an chabhlaigh spiléireachta. Cuirfidh EFCA na tuarascálacha ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC laistigh de 10 lá. |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) a áirithiú go soláthrófar, ar an soitheach ar a gcuirfear an breathnóir, bia agus lóistín oiriúnach le linn imlonnú an bhreathnóra ar an leibhéal céanna leis na hoifigigh, nuair is féidir; |
(c) a áirithiú go soláthrófar, ar an soitheach ar a gcuirfear an breathnóir, bia agus lóistín oiriúnach le linn imlonnú an bhreathnóra ar an leibhéal céanna leis na hoifigigh ar bord, nuair is féidir; |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh na Ballstáit an líon soithí a ndéantar faireachán orthu agus an clúdach a dhéantar de réir cineál trealaimh a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 51(6). |
3. Déanfaidh na Ballstáit an líon soithí a ndéantar faireachán orthu agus an clúdach a dhéantar de réir cineál trealaimh a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, i gcomhréir le hAirteagal 51(6). |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina measfaidh Ballstát nach gcomhlíonann feiste faireacháin soithigh amháin nó níos mó atá ar bord soithigh Ballstáit bhrataí eile nó CPC eile na coinníollacha oibríochtúla is gá, nó go ndearnadh crioscaíl leo, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi láithreach agus cuirfidh an Coimisiún an fógra ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig Ballstát brataí an tsoithigh. |
2. I gcás ina measfaidh Ballstát nach gcomhlíonann feiste faireacháin soithigh amháin nó níos mó atá ar bord soithigh Ballstáit bhrataí eile nó CPC eile na coinníollacha oibríochtúla is gá, nó go ndearnadh crioscaíl leo, tabharfaidh sé fógra do EFCA faoi láithreach, agus an Coimisiún i gcóip. Cuirfidh EFCA an fógra ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig Stát brataí an tsoithigh. |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ní mhaireann an oibríocht iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú níos mó ná 12 mhí san iomlán in aon bhliain féilire; |
(b) ní mhaireann an oibríocht iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú níos mó ná 12 mhí in aon bhliain féilire; |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) déanfar gach gabháil, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a dhéanfar de bhun an chomhaontaithe um chairtfhostú, a chomhaireamh in aghaidh chuóta nó dheiseanna iascaireachta CPC cairtfhostaithe. Déanfar an clúdach breathnóra ar bord na soithí cairtfhostaithe sin a chomhaireamh in aghaidh ráta cumhdaigh CPC cairtfhostaithe le haghaidh na gníomhaíochta iascaireachta a dhéanann sé faoin gcomhaontú um chairtfhostú; |
(g) déanfar gach gabháil, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a dhéanfar de bhun an chomhaontaithe um chairtfhostú, a chomhaireamh in aghaidh chuóta nó dheiseanna iascaireachta CPC cairtfhostaithe. Déanfar an clúdach breathnóra ar bord na soithí cairtfhostaithe sin a chomhaireamh in aghaidh ráta cumhdaigh CPC cairtfhostaithe le haghaidh na gníomhaíochta iascaireachta a dhéanann sé faoi thréimhse an chomhaontaithe um chairtfhostú; |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – pointe k
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(k) beidh ceadúnas iascaireachta ag soithí cairtfhostaithe a eiseoidh CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN IOTC; |
(k) beidh ceadúnas iascaireachta ag soithí cairtfhostaithe a eiseoidh CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN IOTC, ar liosta an Chomhphobail de shoithí NNN ná ar aon liosta eile de shoithí NNN de chuid eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh eile; |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tabharfaidh an Ballstát cairtfhostúcháin fógra don Choimisiún faoi aon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 50 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe a chur isteach go leictreonach agus gan mhoill: |
1. Tabharfaidh an Ballstát cairtfhostúcháin fógra don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, faoi aon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo gan mhoill laistigh de 15 lá agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe a chur isteach go leictreonach agus gan mhoill: |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún maidir le haon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 50 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach. |
2. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, maidir le haon soitheach atá le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, gan mhoill laistigh de 17 lá agus tráth nach déanaí ná 96 uair an chloig roimh thús na ngníomhaíochtaí iascaireachta faoi chomhaontú um chairtfhostú, tríd an bhfaisnéis i ndáil le gach soitheach cairtfhostaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach go leictreonach. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le tús, fionraí, atosú agus foirceannadh na n-oibríochtaí iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú. |
4. Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 an Coimisiún, agus EFCA i gcóip, ar an eolas láithreach maidir le tús, fionraí, atosú agus foirceannadh na n-oibríochtaí iascaireachta faoin gcomhaontú um chairtfhostú. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Faoin 10 Feabhra gach bliain, déanfaidh na Ballstáit atá ag cairtfhostú soithí iascaireachta sonraí na gcomhaontuithe cairtfhostaithe a dhéantar sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis faoi ghabhálacha a gabhadh agus faoi iarracht iascaireachta a rinne na soithí cairtfhostaithe mar aon leis an leibhéal de chlúdach breathnóra a baineadh amach ar na soithí cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1)(j). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 28 Feabhra gach bliain. |
5. Faoin 10 Feabhra gach bliain, déanfaidh na Ballstáit atá ag cairtfhostú soithí iascaireachta sonraí na gcomhaontuithe cairtfhostaithe a dhéantar sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, lena n-áirítear faisnéis faoi ghabhálacha a gabhadh agus faoi iarracht iascaireachta a rinne na soithí cairtfhostaithe mar aon leis an leibhéal de chlúdach breathnóra a baineadh amach ar na soithí cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 35(1)(j). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 28 Feabhra gach bliain. |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina bhfaighidh soitheach nó aerárthach Ballstáit amharc ar shoithí iascaireachta a mheastar a bheith gan náisiúntacht, nó a dheimhnítear a bheith gan náisiúntacht, agus a d’fhéadfadh a bheith ag iascaireacht ar mhórmhuir an Limistéir, tabharfaidh an Ballstát sin tuairisc faoin amharc sin don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC láithreach. |
I gcás ina bhfaighidh soitheach nó aerárthach Ballstáit amharc ar shoithí iascaireachta a mheastar a bheith gan náisiúntacht, nó a dheimhnítear a bheith gan náisiúntacht, agus a d’fhéadfadh a bheith ag iascaireacht ar mhórmhuir an Limistéir, tabharfaidh an Ballstát sin tuairisc faoin amharc sin don Choimisiún, agus EFCA i gcóip. Cuirfidh EFCA an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Maidir le soithí spiléireachta tuinníní ar mhórscála a bhfuil bratach áise acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas: |
Maidir le soithí spiléireachta tuinníní ar mhórscála a bhfuil bratach áise (FOCanna) acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas: |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) a bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta FOC a dhéanann soithí spiléireachta tuinníní a laghdaíonn éifeachtacht Bhearta Caomhnaithe agus Bainistíochta IOTC agus a áitiú orthu gan iasc a ghabhann soithí den sórt sin a cheannach; |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí uile d’aon bhliain ar leith a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn comhiomlánaithe ina dtuarascálacha bliantúla, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). |
3. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí uile d’aon bhliain ar leith a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, ar bhonn comhiomlánaithe ina dtuarascálacha bliantúla, i gcomhréir le hAirteagal 51(1). |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh ag gabháil leis na tuinníní mórshúileacha uile a allmhairítear i gcríoch Bhallstáit Doiciméad Staidrimh IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha, dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06, nó deimhniú athonnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IOTC a chomhlíonann ceanglais Fhoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06. |
1. Beidh ag gabháil leis na tuinníní mórshúileacha uile a allmhairítear i gcríoch Bhallstáit Doiciméad Staidrimh IOTC maidir le tuinníní mórshúileacha, dá bhforáiltear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo, nó deimhniú athonnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IOTC dá bhforáiltear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 10 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a bhailíochtú i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i bhFoscríbhinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06, i gcomhréir leis an méid seo a leanas: |
3. Déanfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a bhailíochtú i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 11 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas: |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Faoin 15 Márta gach bliain (le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin) agus faoin 15 Meán Fómhair (le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh den bhliain reatha) déanfaidh na Ballstáit a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha na sonraí a bhailítear faoi chlár na ndoiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha a thuairisciú don Choimisiún, agus úsáid á baint as formáid Fhoscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 01/06. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í faoin 1 Aibreán agus faoin 1 Deireadh Fómhair faoi seach. |
4. Faoin 15 Márta gach bliain (le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig sa bhliain roimhe sin) agus faoin 15 Meán Fómhair (le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh den bhliain reatha) déanfaidh na Ballstáit a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha na sonraí a bhailítear faoi chlár na ndoiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha a thuairisciú don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, agus úsáid á baint as formáid na hIarscríbhinne dá dtagraítear i bpointe 12 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í faoin 1 Aibreán agus faoin 1 Deireadh Fómhair faoi seach. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Scrúdóidh na Ballstáit a onnmhairíonn tuinníní mórshúileacha sonraí onnmhairiúcháin a luaithe a gheobhaidh siad na sonraí allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 4, agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún go bliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
5. Scrúdóidh na Ballstáit a onnmhairíonn tuinníní mórshúileacha sonraí onnmhairiúcháin a luaithe a gheobhaidh siad na sonraí allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 4, agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún, agus EFCA i gcóip, go bliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 51(5). |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na bpointí teagmhála ainmnithe agus na gcalafort ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin. |
2. Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na bpointí teagmhála ainmnithe agus na gcalafort ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe. Déanfaidh EFCA an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is é 48 uair ar a laghad roimh an am a meastar a bhainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt. |
1. De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is é 24 uair ar a laghad roimh an am a meastar a bhainfear an calafort amach nó díreach tar éis dheireadh na n-oibríochtaí iascaireachta a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt, más lú ná 24 uair an chloig an t-achar go dtí an calafort. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is í an fhaisnéis atá le soláthar ag máistrí soithí iascaireachta tríú tír nó ag a n-ionadaithe, an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 16/11 agus beidh deimhniú gabhála ag gabháil leis a bheidh bailíochtaithe i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 más rud é go n-iompraíonn an soitheach iascaireachta tríú tír táirgí iascaigh IOTC ar bord. |
2. De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is í an fhaisnéis atá le soláthar ag máistrí soithí iascaireachta tríú tír nó ag a n-ionadaithe, an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 13 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo agus beidh deimhniú gabhála ag gabháil leis a bheidh bailíochtaithe i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 más rud é go n-iompraíonn an soitheach iascaireachta tríú tír táirgí iascaigh IOTC ar bord. |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfar an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 den Airteagal seo a tharchur go leictreonach trí bhíthin an iarratais ar e-PSM.21 |
3. Féadfar an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 den Airteagal seo a tharchur trí e-PSM. |
__________________ |
|
21 https://www.iotc.org/compliance/port-state-measures |
|
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a fháil de bhun Airteagal 42 den Rialachán seo, déanfaidh Ballstát calafoirt cinneadh maidir le húdarú a thabhairt nó diúltú don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach ina chalafoirt agus iad a úsáid. I gcás inar diúltaíodh do shoitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach, cuirfidh Ballstát an chalafoirt Stát brataí an tsoithigh agus an Coimisiún ar an eolas agus cuirfidh siad an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. Maidir le soithí iascaireachta atá ar liosta soithí NNN IOTC, diúltóidh na Ballstáit chalafoirt dóibh teacht isteach ina gcalafoirt. |
1. Tar éis dó an fhaisnéis ábhartha a fháil de bhun Airteagal 42 den Rialachán seo, déanfaidh Ballstát calafoirt cinneadh maidir le húdarú a thabhairt nó diúltú don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach ina chalafoirt agus iad a úsáid. I gcás inar diúltaíodh do shoitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach, cuirfidh Ballstát an chalafoirt Stát brataí an tsoithigh agus EFCA ar an eolas, agus an Coimisiún i gcóip. Cuirfidh EFCA an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC gan mhoill. Maidir le soithí iascaireachta atá ar liosta NNN IOTC, ar liosta an Chomhphobail de shoithí NNN nó ar aon liosta eile de shoithí NNN de chuid eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh eile diúltóidh na Ballstáit chalafoirt dóibh teacht isteach ina gcalafoirt. |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh gach Ballstát calafoirt faoi bhráid an Choimisiúin liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh sa Limistéar sa bhliain féilire roimhe sin. Áireofar an fhaisnéis sin sa teimpléad iomchuí do thuarascáil IOTC agus sonrófar inti comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speiceas a thugtar i dtír. Scrúdóidh an Coimisiún na tuarascálacha sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC iad faoin 30 Meitheamh gach bliain. |
5. Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh gach Ballstát calafoirt faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip, liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh sa Limistéar sa bhliain féilire roimhe sin. Áireofar an fhaisnéis sin sa teimpléad iomchuí do thuarascáil IOTC agus sonrófar inti comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speiceas a thugtar i dtír. Scrúdóidh EFCA na tuarascálacha sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC iad faoin 30 Meitheamh gach bliain, agus an Coimisiún i gcóip. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Mar íoschaighdeán, áiritheoidh Ballstáit an chalafoirt go ndéanfaidh a gcigirí na cúraimí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 16/11. Agus cigireachtaí á ndéanamh acu ina gcalafoirt, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt de cheangal ar mháistir an tsoithigh gach cúnamh agus faisnéis is gá a thabhairt do chigirí, agus ábhar agus doiciméid ábhartha a thaispeáint de réir mar is gá, nó cóipeanna deimhnithe díobh a thaispeáint. |
3. Mar íoschaighdeán, áiritheoidh Ballstáit an chalafoirt go ndéanfaidh a gcigirí na cúraimí a leagtar amach san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 14 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus cigireachtaí á ndéanamh acu ina gcalafoirt, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt de cheangal ar mháistir an tsoithigh gach cúnamh agus faisnéis is gá a thabhairt do chigirí, agus ábhar agus doiciméid ábhartha a thaispeáint de réir mar is gá, nó cóipeanna deimhnithe díobh a thaispeáint. |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Sa tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí gach cigireachta, déanfaidh gach Ballstát calafoirt, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 16/11 a chur san áireamh. Laistigh de 3 lá oibre ón gcigireacht a chríochnú, déanfaidh Ballstát an chalafoirt cóip den tuarascáil chigireachta agus, arna iarraidh sin, cóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe di, a tharchur chuig máistir an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air, chuig an Stát brataí, agus chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC. |
4. Sa tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí gach cigireachta, déanfaidh gach Ballstát calafoirt, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 15 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo a chur san áireamh. Laistigh de 3 lá oibre ón gcigireacht a chríochnú, déanfaidh Ballstát an chalafoirt cóip den tuarascáil chigireachta agus, arna iarraidh sin, cóip bhunaidh nó cóip dheimhnithe di, a tharchur chuig máistir an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air, chuig an Stát brataí, chuig EFCA, agus chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC. Cuirfidh EFCA an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt faoi bhráid an Choimisiúin liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh i limistéar IOTC an bhliain féilire roimhe sin. Sonrófar san fhaisnéis sin comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speicis a thugtar i dtír. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 1 Iúil gach bliain. |
5. Faoin 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh Ballstáit an chalafoirt faoi bhráid EFCA, agus an Coimisiún i gcóip, liosta de na soithí iascaireachta nach bhfuil bratach an Bhallstáit calafoirt sin ar foluain orthu agus a thug tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní i dtír ina gcalafoirt agus a gabhadh i limistéar IOTC an bhliain féilire roimhe sin. Sonrófar san fhaisnéis sin comhdhéanamh na gabhála de réir meáchain agus speicis a thugtar i dtír. Seolfaidh EFCA an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC faoin 1 Iúil gach bliain. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt cóip den tuarascáil chigireachta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 3 lá oibre. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig pointe teagmhála CPC na brataí gan mhoill. |
2. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt cóip den tuarascáil chigireachta a chur ar aghaidh chuig EFCA, agus an Coimisiún i gcóip, a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 3 lá oibre. Tarchuirfidh EFCA an tuarascáil sin chuig Rúnaíocht IOTC agus chuig pointe teagmhála CPC na brataí gan mhoill. |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfaidh Ballstáit an chalafoirt fógra gan mhoill d’údarás inniúil CPC brataí agus don Choimisiún maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanfar i gcás sáruithe agus tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht IOTC. |
3. Tabharfaidh Ballstáit an chalafoirt fógra gan mhoill d’údarás inniúil CPC brataí agus do EFCA, agus an Coimisiún i gcóip, maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanfar i gcás sáruithe. Cuirfidh EFCA an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC. |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir le haon fhaisnéis dhoiciméadaithe a léiríonn cásanna ina bhféadfadh sé nár chomhlíon aon soitheach iascaireachta bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC sa Limistéar sa 2 bhliain roimhe sin 40 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin, agus úsáid á baint acu as foirm tuairiscithe Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 18/03. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más iomchuí, cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC í 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil. |
1. Maidir le haon fhaisnéis dhoiciméadaithe a léiríonn cásanna ina bhféadfadh sé nár chomhlíon aon soitheach iascaireachta bearta caomhnaithe agus bainistíochta IOTC sa Limistéar sa 2 bhliain roimhe sin 40 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid EFCA, agus an Coimisiúin i gcóip, agus úsáid á baint acu as foirm tuairiscithe na hIarscríbhinne dá dtagraítear i bpointe 16 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. Scrúdóidh EFCA an fhaisnéis sin agus, más iomchuí, cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC í 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún aon fhaisnéis ó CPC nó ó Rúnaíocht IOTC a léiríonn gníomhaíochtaí líomhnaithe iascaireachta NNN ag soitheach iascaireachta an Aontais, tarchuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill. |
1. I gcás ina bhfaighidh EFCA aon fhaisnéis ó CPC nó ó Rúnaíocht IOTC a léiríonn gníomhaíochtaí líomhnaithe iascaireachta NNN ag soitheach iascaireachta an Aontais, tarchuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill, agus an Coimisiún i gcóip. |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann fionnachtana aon imscrúdaithe a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i ndáil le líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon ghníomhaíochtaí atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonadh de, a chur in iúl don Choimisiún 45 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig IOTC 15 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil. |
2. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann fionnachtana aon imscrúdaithe a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i ndáil le líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon ghníomhaíochtaí atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonadh de, a chur in iúl do EFCA, agus an Coimisiún i gcóip, 45 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil IOTC. Cuirfidh EFCA an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig IOTC 15 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil. |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Má fhaigheann an Coimisiún fógra oifigiúil go bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar dhréachtliosta soithí NNN IOTC ó Rúnaíocht IOTC, déanfaidh sé an fógra sin, lena n-áirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadaithe eile a sholáthróidh Rúnaíocht IOTC, a tharchur chuig an mBallstát brataí lena mbaineann. |
1. Má fhaigheann EFCA fógra oifigiúil go bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar dhréachtliosta soithí NNN IOTC ó Rúnaíocht IOTC, déanfaidh sé an fógra sin, lena n-áirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadaithe eile a sholáthróidh Rúnaíocht IOTC, a tharchur chuig an mBallstát brataí lena mbaineann, agus an Coimisiún i gcóip. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann barúlacha tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh IOTC. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a scrúdú agus a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC 15 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh. |
2. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann barúlacha tráth nach déanaí ná 30 lá roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh IOTC. Déanfaidh EFCA an fhaisnéis sin a scrúdú agus a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IOTC, agus an Coimisiún i gcóip, 15 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil an Choiste um Chomhlíonadh. |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. A luaithe a bheidh fógra faighte acu ón gCoimisiún, déanfaidh údaráis an Bhallstáit brataí lena mbaineann an méid seo a leanas: |
3. A luaithe a bheidh fógra faighte acu ó EFCA, déanfaidh údaráis an Bhallstáit brataí lena mbaineann an méid seo a leanas: |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Chun cosc a chur ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá ar dhréachtliosta shoithí NNN dá dtagraítear faoi Airteagal 49 a bheith ar dhréachtliosta shoithí NNN, déanfaidh an Ballstát brataí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún: |
1. Chun cosc a chur ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá ar dhréachtliosta shoithí NNN dá dtagraítear faoi Airteagal 49 a bheith ar dhréachtliosta shoithí NNN, déanfaidh an Ballstát brataí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do EFCA: |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 1 – pointe a – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— go ndearna an soitheach iascaireacht ar bhealach atá i gcomhréir le CMM; |
— go ndearna an soitheach iascaireacht ar bhealach atá i gcomhréir le CMM; nó |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í gan mhoill. |
2. Scrúdóidh EFCA an fhaisnéis sin agus tarchuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í, agus an Coimisiún i gcóip, gan mhoill. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Roimh an 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, maidir leis na heilimintí seo a leanas, agus an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07 á úsáid: |
1. Roimh an 15 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip, faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, maidir leis na heilimintí seo a leanas, agus an tábla san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 17 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo á úsáid: |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) gabhálacha nialasacha a thuairisceofar trí úsáid a bhaint as an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07. |
(f) gabhálacha nialasacha a thuairisceofar trí úsáid a bhaint as an tábla san Iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe 17 d’Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, maidir leis an gcineál soithí agus maidir le sonraí sealadacha agus deiridh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar na dátaí seo a leanas: |
3. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, maidir leis an gcineál soithí agus maidir le sonraí sealadacha agus deiridh, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip, ar na dátaí seo a leanas: |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, ina mbeidh an fhaisnéis maidir leis na bearta a rinneadh chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chur chun feidhme i gcás gach iascaigh IOTC, lena n-áirítear speicis siorcanna a gabhadh i gcomhlachas le hiascaigh IOTC, go háirithe na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar a mbailiú sonraí le haghaidh gabhálacha díreacha agus gabhálacha de thaisme. Tiomsóidh an Coimisiún an fhaisnéis i dtuarascáil chur chun feidhme an Aontais agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í. |
5. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis le haghaidh na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin, agus EFCA i gcóip, 75 lá roimh chruinniú bliantúil IOTC, ina mbeidh an fhaisnéis maidir leis na bearta a rinneadh chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chur chun feidhme i gcás gach iascaigh IOTC, lena n-áirítear speicis siorcanna a gabhadh i gcomhlachas le hiascaigh IOTC, go háirithe na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar a mbailiú sonraí le haghaidh gabhálacha díreacha agus gabhálacha de thaisme. Tiomsóidh an Coimisiún an fhaisnéis i dtuarascáil chur chun feidhme an Aontais agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í, agus EFCA i gcóip. |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Cuirfidh na Ballstáit bhrataí tuarascáil eolaíoch náisiúnta chuig an gCoimisiún gach bliain, tráth nach déanaí ná 45 lá roimh sheisiún Choiste Eolaíoch IOTC, ar dháta a chuirfidh an Coimisiún in iúl, ina mbeidh na pointí seo a leanas: |
6. Cuirfidh na Ballstáit bhrataí tuarascáil eolaíoch náisiúnta chuig an gCoimisiún, agus EFCA i gcóip, gach bliain, tráth nach déanaí ná 45 lá roimh sheisiún Choiste Eolaíoch IOTC, ar dháta a chuirfidh an Coimisiún in iúl, ina mbeidh na pointí seo a leanas: |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 a thuairisciú i gcomhréir leis an teimpléad a fhorordóidh Coiste Eolaíoch IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an teimpléad riachtanach chuig na Ballstáit bhrataí. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil, cuirfidh sé i dtuarascáil Aontais iad agus seolfaidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í. |
7. Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 a thuairisciú i gcomhréir leis an teimpléad a fhorordóidh Coiste Eolaíoch IOTC. Cuirfidh an Coimisiún an teimpléad riachtanach chuig na Ballstáit bhrataí. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil, cuirfidh sé i dtuarascáil Aontais iad agus seolfaidh sé chuig Rúnaíocht IOTC í, agus EFCA i gcóip. |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Na sonraí pearsanta uile arna mbailiú, arna n-aistriú nó arna stóráil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh siad Rialachán (AE) 2016/6791a. |
|
_________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1) |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
-1. Glacfaidh an Coimisiún, faoi... [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 54 lena bhforlíontar an Rialachán seo le forálacha na mbeart dá dtagraítear in Iarscríbhinn 6a a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis na hIarscríbhinní a ghabhann leo. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an gníomh tarmligthe sin a leasú ina dhiaidh sin. |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás inar gá, d'fhonn leasuithe ar rúin ó IOTC atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, nó na rúin sin a fhorlíonadh, beidh na leasuithe sin ceangailteach ar an Aontas, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar rúin ó IOTC, agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 chun an méid seo a leanas a leasú: |
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 54 lena leasaítear an Rialachán seo chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag IOTC a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit maidir leis na nithe seo a leanas: |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) Iarscríbhinn 1 go dtí 6; |
(g) Iarscríbhinn 1 go dtí 6a; |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) tagairtí do ghníomhartha idirnáisiúnta d’Airteagal 3(12), Airteagal 9(3)(d), Airteagal 9(4), Airteagal 10, Airteagal 12(1), Airteagal 18(3) agus (5), Airteagal 21(4), Airteagal 23(4), Airteagal 27(3), Airteagal 40(1), (3) agus (4), Airteagal 42(2) agus (3), Airteagal 45 (3) agus (4), Airteagal 47(1), Airteagal 51(1), agus Airteagal 51(1)(f). |
scriosta |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó forlíonadh ar na rúin ó IOTC lena mbaineann i ndlí an Aontais. |
2. Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe ar rúin ó IOTC faoi seach atá ina gceangal ar an Aontas, nó d’ionadaithe na rún sin. |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Riail 1 – mír 2 – fomhír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Más rud é go bhfuil an eangach curtha amach: sonraigh an raibh an cor an-mhaith, nach raibh sé go maith, go raibh sé go maith; an cineál scoile (scoil a bhí ag snámh i bhfad ar shiúl ó FAD nó scoil a bhí ag snámh thart ar FAD. Más thart ar FAD, sonraigh an cineál FAD sin (e.g. lomán nó réad nádúrtha eile, FAD srutha, FAD atá ar ancaire, etc.). Féach CMM 18/08 |
Más rud é go bhfuil an eangach curtha amach: sonraigh an raibh an cor an-mhaith, nach raibh sé go maith, go raibh sé go maith; an cineál scoile (scoil a bhí ag snámh i bhfad ar shiúl ó FAD nó scoil a bhí ag snámh thart ar FAD. Más thart ar FAD, sonraigh an cineál FAD sin (e.g. lomán nó réad nádúrtha eile, FAD srutha, FAD atá ar ancaire, etc.). |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VI – mír 1 c – fomhír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tuairisceoidh CPC ar chairtfhostú don IOTC na gabhálacha go léir, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, agus faisnéis eile a éileoidh IOTC, agus de réir na Scéime um Fhógra Cairtfhostaithe a shonraítear i gCuid III de CMM 19/07. |
Tuairisceoidh CPC ar chairtfhostú don IOTC na gabhálacha go léir, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, agus faisnéis eile a éileoidh IOTC, agus de réir na Scéime um Fhógra Cairtfhostaithe a shonraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VI a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
IARSCRÍBHINN 6a |
|
(1) Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 19/06 dá dtagraítear i bpointe 12 d’Airteagal 3; |
|
(2) Iarscríbhinn V a ghabhann le CMM 19/02 dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 9(3), in Airteagal 9(4) agus in Airteagal 10; |
|
(3) Mír 5 de CMM 16/11 dá dtagraítear in Airteagal 12(1); |
|
(4) Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 19/03, dá dtagraítear in Airteagal 18(3); |
|
(5) Na Treoirlínte maidir le turtair a láimhseáil atá i gCártaí Aitheantais Turtar Mara IOTC, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 21(1); |
|
(6) Treoirlínte FAO maidir le Básmhaireacht Turtar Mara a Laghdú in Oibríochtaí Iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 21(4); |
|
(7) Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 05/07, dá dtagraítear in Airteagal 27(3); |
|
(8) Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 05/07, dá dtagraítear in Airteagal 27(3); |
|
(9) Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 03/03, dá dtagraítear in Airteagal 40(1); |
|
(10) Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 03/03, dá dtagraítear in Airteagal 40(1); |
|
(11) Iarscríbhinn IV a ghabhann le CMM 03/03, dá dtagraítear in Airteagal 40(3); |
|
(12) Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 03/03, dá dtagraítear in Airteagal 40(4); |
|
(13) Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 16/11, dá dtagraítear in Airteagal 42(2); |
|
(14) Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 16/11, dá dtagraítear in Airteagal 45(3); |
|
(15) Iarscríbhinn III a ghabhann le CMM 16/11, dá dtagraítear in Airteagal 45(4); |
|
(16) Iarscríbhinn I a ghabhann le CMM 18/03, dá dtagraítear in Airteagal 47(1); |
|
(17) Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 18/07, dá dtagraítear in Airteagal 51(1) agus i bpointe (f); |
|
(18) Cuid IV de CMM 19/07 dá dtagraítear in Iarscríbhinn 6. |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Cúlra an Togra
Is é an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh (ERBI) atá freagrach as bainistiú tuinníní agus acmhainní atá cosúil le tuinníní san Aigéan Indiach. Glacann IOTC bearta bliantúla bainistíochta agus caomhnaithe (CMManna) trí rúin atá ina gceangal ar pháirtithe conarthacha, lena n-áirítear AE (páirtí conarthach ó 1995).
Ábhar an Togra
Is é is aidhm don togra na bearta atá glactha ag IOTC ó 2008 i leith a thrasuí, arna leasú (i gcásanna áirithe) ag a chruinnithe bliantúla. Ní mór don Aontas a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta sin, mar oibleagáidí idirnáisiúnta, a luaithe a thiocfaidh siad i bhfeidhm.
Tá an togra seo ceaptha freisin chun sásra a bhunú chun na bearta sin a thrasuí agus a chur chun feidhme amach anseo. Leis an togra, déantar cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhearta IOTC agus chun a áirithiú go ndéileálfar le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar comhchéim le soithí iascaireachta de chuid na bpáirtithe conarthacha eile. Samplaí de bhearta den sórt sin is ea bearta maolaithe le haghaidh turtair mhara a gabhadh i dtrealamh iascaireachta áirithe, ceanglais maidir le faisnéis faoi shoithí atá ag iascaireacht tuinníní agus colgán, cumhdach íosta breathnóra agus samplóra allamuigh le haghaidh iascaigh áirithe, coinníollacha cairtfhostaíochta, faisnéis íosta maidir le comhaontuithe rialtas le rialtas agus soithí a bhfuil bratach choigríche ar foluain orthu, agus spriocdhátaí tuairiscithe.
Tá an togra leagtha amach mar seo a leanas:
Tá forálacha ginearálta i gcaibidil I maidir le hábhar, raon feidhme agus cuspóir an Rialacháin. Tá sainmhínithe ann chomh maith. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i Limistéar Chomhaontú NAFO.
Déileálann Caibidil II le bearta bainistíochta agus caomhnaithe, lena n-áirítear forálacha maidir le tuinníní trópaiceacha (e.g. buíshrónach agus mórshúileach), siorcanna gorma, úsáid agus dearadh feistí comhbhailithe éisc, toirmeasc ar iascaireacht ar bhaoithe sonraí, agus trasloingsiú ag an gcalafort a iascach.
I gCaibidil III leagtar amach bearta chun speicis mhuirí áirithe (ealásmabrainciaigh, lena n-áirítear siorcanna agus roic) a chosaint agus chun céiticigh, turtair mhara agus éanlaith mhara a chaomhnú. Áirítear orthu sin forálacha maidir sonraí, dualgais scaoilte agus bearta maolaithe.
I gCaibidil IV tá forálacha maidir le bearta rialaithe, údaruithe iascaireachta, scéim bhreathnóirí réigiúnach agus ceanglais a bhaineann le taifid ar shoithí iascaireachta, cumarsáid, córas faireacháin soithí, caighdeáin bhainistíochta soithí agus marcáil soithí, agus maidir le soithí iascaireachta a chairtfhostú.
Baineann Caibidil V le rialuithe ar shonraí gabhála agus iarrachta agus leagtar síos oibleagáidí a bhaineann le comhaontuithe rochtana, dualgais tuairiscithe faoin gclár staidrimh agus ceanglais maidir le clár doiciméad tuinníní mórshúileacha.
I gCaibidil VI pléitear bearta agus cigireacht Bhallstát an chalafoirt, agus leagtar síos forálacha maidir le forfheidhmiú, sáruithe agus iascaireacht NNN.
I gCaibidil X tá forálacha deiridh maidir le cúrsaí lena n-áirítear rúndacht teachtaireachtaí agus tuarascálacha leictreonacha, an nós imeachta chun leasuithe, cumhachtaí tarmligthe agus leasuithe ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a chur síos.
Tuairim an Rapóirtéara
Tá an rapóirtéir den tuairim nach mór Rúin ERBInna a thrasuí go docht, chun machaire comhréidh a bhunú do gach oibreoir. Tá sé ríthabhachtach dár n-oibreoirí agus do rialachas idirnáisiúnta na nAigéan a fheabhsú, coinníollacha comhionanna a chinntiú do gach duine, a fhad is atá ardchaighdeáin inbhuanaitheachta AE do fhlíteanna eachtracha á gcur chun cinn trí ghníomhaíocht AE in ERBInna agus fóraim idirnáisiúnta eile. Dá bhrí sin, tíolacann an rapóirtéir leasuithe dá réir sin. Sa chomhthéacs sin, molann an rapóirtéir, go háirithe, go dtabharfaí isteach an athuair forálacha sonracha d’iascaigh ar mhionscála in AE, mar a ghlac IOTC.
Ní chuireann an Coimisiún aon cheann de na hiarscríbhinní IOTC ábhartha san áireamh ina thogra. Tá an rapóirtéir éideimhin maidir leis an gcur chuige atá ag an gCoimisiún i dtaca le crostagairtí a dhéanamh do na hiarscríbhinní ábhartha sa reachtaíocht atá beartaithe, agus ag an am céanna na hiarscríbhinní féin a fhágáil ‘lasmuigh’ den phróiseas reachtach agus a fhoilsiú i bhFraincis agus i mBéarla amháin ar shuíomh gréasáin IOTC. Tá sé dearbhaithe arís agus arís eile ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur bunphrionsabal é i ndlíchóras an Aontais nach féidir beart a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine aonair sula mbíonn an deis acu iad féin a chur ar an eolas trína fhoilsiú cuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (féach mar shampla breithiúnas an 12 Iúil 2012, AS Pimix, C-146/11, EU:C:2012:450, mír 33 agus an cásdlí a luaitear). Ina theannta sin, ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ní mór a chur ar chumas na n-oibreoirí lena mbaineann a fhios a bheith acu go beacht faoi mhéid na n-oibleagáidí a fhorchuirtear orthu, rud nach féidir a ráthú ach amháin trí na bearta a fhoilsiú i dteanga oifigiúil na n-oibreoirí a bhfuil feidhm acu ina leith (féach breithiúnas an 11 Nollaig 2007, Skoma-lux, C-161/06, EU:C:2007:773, mír 38 agus an cásdlí a luaitear). Go deimhin, tá na hiarscríbhinní ábhartha d’oibreoirí, toisc go leagtar amach iontu, mar shampla, an fhaisnéis ba cheart a chur san áireamh i ndearbhuithe maidir le gabhálacha, chomh maith le treoracha maidir leis an gcaoi ar cheart iad a chomhlánú. Dá bhrí sin, molann an rapóirtéir réiteach lena ndéanfar iarscríbhinní IOTC ábhartha a chur san áireamh i reachtaíocht AE, gan inneachar iarbhír na n-iarscríbhinní a mhodhnú.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Réimse Inniúlachta an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) a leagan síos, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0113 – C9-0095/2021 – 2021/0058(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
11.3.2021 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
PECH 24.3.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
16.4.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
19.4.2021 |
12.7.2021 |
|
|
Dáta an ghlactha |
28.10.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
20 1 7 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Maria da Graça Carvalho, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, Ladislav Ilčić, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Grace O’Sullivan, João Pimenta Lopes, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Emma Wiesner, Theodoros Zagorakis |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Valentino Grant |
|||
Dáta don chur síos |
4.11.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
20 |
+ |
ECR |
Ladislav Ilčić, Bert-Jan Ruissen |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Maria da Graça Carvalho, Peter van Dalen, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Annie Schreijer-Pierik, Theodoros Zagorakis |
RENEW |
Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind, Emma Wiesner |
S&D |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro |
The Left |
João Pimenta Lopes |
1 |
- |
The Left |
Anja Hazekamp |
7 |
0 |
ID |
Rosanna Conte, Valentino Grant, France Jamet |
Verts/ALE |
Rosa D'Amato, Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh