Tuarascáil - A9-0313/2021Tuarascáil
A9-0313/2021

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

04.11.2021 - (COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD)) - ***I

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Bart Groothuis
Rapóirtéir don tuairim (*):
Lukas Mandl, an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

Nós Imeachta : 2020/0359(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0313/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0313/2021
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0823),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0422/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2021[1],

 tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0313/2021),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Togra le haghaidh

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS 2), lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Ba é b’aidhm do Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 cur le cumais chibearshlándála ar fud an Aontais, maolú a dhéanamh ar bhagairtí ar líonraí agus ar chórais faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar i bpríomhearnálacha agus leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú nuair atáthar i dtreis le teagmhais chibearshlándála, rud a rannchuidíonn le feidhmiú éifeachtach gheilleagar agus shochaí an Aontais.

(1) Ba é ab aidhm do Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, ar a dtugtar an ‘Treoir NIS’ de ghnáth, cur le cumais chibearshlándála ar fud an Aontais, maolú a dhéanamh ar bhagairtí ar líonraí agus ar chórais faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar i bpríomhearnálacha agus leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú nuair atáthar i dtreis le teagmhais chibearshlándála, rud a rannchuidíonn le slándáil an Aontais agus le feidhmiú éifeachtach a gheilleagair agus a shochaí.

__________________

__________________

11 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194/1, 19.7.2016, lch. 1).

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) D’fhorbair líonraí agus córais faisnéise ina bpríomhghné den saol laethúil le claochlú digiteach agus idirnascacht thapa na sochaí, lena n-áirítear malartuithe trasteorann. As an bhforbairt sin tháinig leathnú ar an timpeallacht bagartha cibearshlándála, rud atá ina chúis le dúshláin nua, a bhfuil gá le freagairtí oiriúnaithe, comhordaithe agus nuálacha orthu i ngach Ballstát. Tá líon, méid, sofaisticiúlacht, minicíocht agus tionchar na dteagmhas cibearshlándála ag dul i méid, agus is mór an bhagairt iad ar fheidhmiú líonraí agus córas faisnéise. Dá dheasca sin, le teagmhais chibearshlándála, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, caillteanais airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí agus damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht ina leith níos fíor-riachtanaí anois ná riamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(3) D’fhorbair líonraí agus córais faisnéise ina bpríomhghné den saol laethúil le claochlú digiteach agus idirnascacht thapa na sochaí, lena n-áirítear malartuithe trasteorann. As an bhforbairt sin tháinig leathnú ar thimpeallacht bhagartha na cibearshlándála, rud atá ina chúis le dúshláin nua, a bhfuil gá le freagairtí oiriúnaithe, comhordaithe agus nuálacha orthu i ngach Ballstát. Tá líon, méid, sofaisticiúlacht, minicíocht agus tionchar na dteagmhas cibearshlándála ag dul i méid, agus is mór an bhagairt iad ar fheidhmiú líonraí agus córas faisnéise. Dá dheasca sin, le cibirtheagmhais, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, caillteanais airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí agus damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht ina leith níos fíor-riachtanaí anois ná riamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, is riachtanas tábhachtach í an chibearshlándáil ag go leor earnálacha criticiúla chun glacadh go rathúil leis an gclaochlú digiteach agus tuiscint iomlán a fháil ar na buntáistí eacnamaíocha, sóisialta agus inbhuanaithe a bhaineann leis an digitiú.

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3a) Teastaíonn gníomhaíocht chomhordaithe chun a áirithiú go dtabharfar freagra tapa agus éifeachtach ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar an ardleibhéal idirspleáchais atá idir earnálacha agus tíortha. Tá infhaighteacht líonraí agus córas faisnéise cibear-athléimneacha agus infhaighteacht, rúndacht agus sláine sonraí ríthábhachtach do shlándáil an Aontais laistigh agus lastall dá theorainneacha, mar go bhféadfadh cibearbhagairtí teacht as lasmuigh den Aontas freisin. Tá mian an Aontais i dtaobh ról geopholaitiúil níos feiceálaí a bheith aige ag brath ar chibearchosaint agus cibearbhacadh inchreidte, lena n-áirítear an cumas gníomhaíochtaí mailíseacha a shainaithint ar bhealach tráthúil, éifeachtach agus freagairt dóibh go leormhaith.

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Baineann ilroinnt ar an margadh inmheánach leis na héagsúlachtaí sin uile agus is dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige sin ar a fheidhmiú, rud a dhéanann difear go háirithe do sholáthar seirbhísí trasteorann agus do leibhéal na hathléimneachta cibearshlándála de dheasca caighdeáin éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm. Is é is aidhm don Treoir seo éagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát a bhaint, go háirithe trí íosrialacha a leagan amach maidir le feidhmiú creata rialála comhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh an chomhair éifeachtaigh i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, tríd an liosta earnálacha agus gníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus trí leigheasanna agus smachtbhannaí éifeachtacha a sholáthar, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2016/1148 a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(5) Baineann ilroinnt ar an margadh inmheánach leis na héagsúlachtaí sin uile agus is dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige sin ar a fheidhmiú, rud a dhéanann difear go háirithe do sholáthar seirbhísí trasteorann agus do leibhéal na hathléimneachta cibearshlándála de dheasca caighdeáin éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm. I ndeireadh na dála, d’fhéadfadh sé go bhfágfadh na héagsúlachtaí sin go mbeadh roinnt Ballstát níos leochailí i leith bagairtí cibearshlándála, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith aige ar fud an Aontais. Is é is aidhm don Treoir seo éagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát a bhaint, go háirithe trí íosrialacha a leagan amach maidir le feidhmiú creata rialála comhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh an chomhair éifeachtaigh i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, tríd an liosta earnálacha agus gníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus trí leigheasanna agus smachtbhannaí éifeachtacha a sholáthar, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/1148 a aisghairm agus an Treoir seo (Treoir NIS 2) a chur ina hionad.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Leis an Treoir seo ní dhéantar difear do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna fíor-riachtanacha a slándála a áirithiú, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh nochtadh an méid sin contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá rialacha náisiúnta agus rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar chomhaontuithe neamhnochta, agus ar chomhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla, amhail an Prótacal Soilse Tráchta14, ábhartha.

(6) Leis an Treoir seo ní dhéantar difear do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna fíor-riachtanacha a slándála a áirithiú, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh nochtadh an méid sin contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá rialacha náisiúnta agus rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar chomhaontuithe neamhnochta, agus ar chomhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla, amhail an Prótacal Soilse Tráchta14, ábhartha.

__________________

__________________

14 Bealach is ea é an Prótacal Soilse Tráchta chun go gcuirfidh aon duine ag a bhfuil faisnéis á comhroinnt a phobal meáin ar an eolas faoi aon teorainn leis an bhfaisnéis sin a leathadh tuilleadh. Úsáidtear i nach mór gach pobal CSIRT é agus i Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna) áirithe.

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Le haisghairm Threoir (AE) 2016/1148, ba cheart raon feidhme an chur i bhfeidhm de chuid earnálacha a leathnú chuig cuid níos mó den gheilleagar i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in aithrisí (4) go (6). Dá bhrí sin, ba cheart na hearnálacha a chumhdaítear le Treoir (AE) 2016/1148 a leathnú chun cumhdach cuimsitheach a sholáthar ar na hearnálacha agus ar na seirbhísí atá thar a bheith tábhachtach le haghaidh príomhghníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart na rialacha a bheith éagsúil de réir cibé acu atá nó nach bhfuil na heintitis ina n-oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha nó ina soláthraithe seirbhíse digití. Tá an difreáil sin imithe i léig, ós rud é nach léirítear tábhacht iarbhír na n-earnálacha ná na seirbhísí léi le haghaidh na ngníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach.

(7) Le haisghairm Threoir (AE) 2016/1148, ba cheart raon feidhme an chur i bhfeidhm de chuid earnálacha a leathnú chuig cuid níos mó den gheilleagar i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach in aithrisí (4) go (6). Dá bhrí sin, ba cheart na hearnálacha a chumhdaítear le Treoir (AE) 2016/1148 a leathnú chun cumhdach cuimsitheach a sholáthar ar na hearnálacha agus ar na seirbhísí atá thar a bheith tábhachtach le haghaidh príomhghníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart na ceanglais bainistíochta riosca agus na hoibleagáidí tuairiscithe a bheith éagsúil de réir cibé acu atá nó nach bhfuil na heintitis ina n-oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha nó ina soláthraithe seirbhíse digití. Tá an difreáil sin imithe i léig, ós rud é nach léirítear tábhacht iarbhír na n-earnálacha ná na seirbhísí léi le haghaidh na ngníomhaíochtaí sochaíocha agus eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1148, bhí na Ballstáit freagrach as a chinneadh cé na heintitis a chomhlíonann na critéir chun cáiliú mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha (‘an próiseas sainaitheantais’). Chun deireadh a chur leis na héagsúlachtaí leathana i measc na mBallstát maidir leis sin agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na gceanglas bainistíochta riosca agus na n-oibleagáidí tuairisciúcháin do gach eintiteas ábhartha, ba cheart critéar aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm lena gcinntear cé na heintitis a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo. Is é ba cheart a bheith sa chritéar sin cur i bhfeidhm na rialach maidir le caidhp mhéide, ina dtagann gach fiontar meánmhéide agus mór, mar a shainmhínítear le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún15, a oibríonn laistigh de na hearnálacha nó a sholáthraíonn an cineál seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, faoina raon feidhme. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit liosta a bhunú de na heintitis a chomhlíonann an critéar méide sin atá infheidhme go ginearálta.

(8) I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1148, bhí na Ballstáit freagrach as a chinneadh cé na heintitis a chomhlíonann na critéir chun cáiliú mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha (‘an próiseas sainaitheantais’). Chun deireadh a chur leis na héagsúlachtaí leathana i measc na mBallstát maidir leis sin agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na gceanglas bainistíochta riosca agus na n-oibleagáidí tuairisciúcháin do gach eintiteas ábhartha, ba cheart critéar aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm lena gcinntear cé na heintitis a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo. Is é ba cheart a bheith sa chritéar sin cur i bhfeidhm na rialach maidir le caidhp mhéide, ina dtagann gach fiontar meánmhéide agus mór, mar a shainmhínítear le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún15, a oibríonn laistigh de na hearnálacha nó a sholáthraíonn an cineál seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, faoina raon feidhme.

__________________

__________________

15 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

15 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin.

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9a) Ba cheart do na Ballstáit liosta de na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha ar fad a chur i dtoll a chéile. Ba cheart a chur san áireamh sa liosta sin na heintitis a chomhlíonann na critéir mhéide sin atá infheidhme go ginearálta, mar aon leis na fiontair bheaga agus na micrifhiontair a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear an ról lárnach atá acu i ngeilleagair nó sochaithe na mBallstát. Chun gur féidir leis na foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna) agus leis na húdaráis inniúla cúnamh a thabhairt d’eintitis agus rabhadh a thabhairt dóibh maidir le cibirtheagmhais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh, tá sé tábhachtach go mbeadh sonraí cearta teagmhála na n-eintiteas sin ag na húdaráis sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil: ainm an eintitis, seoladh agus sonraí teagmhála atá cothrom le dáta, lena n-áirítear seoltaí ríomhphoist, raonta IP, uimhreacha teileafóin agus earnálacha agus fo-earnálacha ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II. Ba cheart do na heintitis fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, gan moill mhíchuí, gur féidir an fhaisnéis sin a sholáthar go héasca trí phointe iontrála aonair. Chuige sin, ba cheart do ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte agus teimpléid a eisiúint gan moill mhíchuí maidir leis na hoibleagáidí fógra a thabhairt. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus don Ghrúpa Comhair faoi líon na n-eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún freisin, chun críoch an athbhreithnithe dá dtagraítear sa Treoir seo, faoi ainmneacha na bhfiontar beag agus na micrifhiontar ar sainaithníodh gur eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha iad, chun gur féidir leis an gCoimisiúin measúnú a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir cineálacha cur chuige na mBallstát. Ba cheart an fhaisnéis sin a láimhseáil mar fhaisnéis atá go hiomlán faoi rún.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus le fiontair bheaga.

(10) Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair agus na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go dtugtar treoir chuí do gach micrifhiontar agus fiontar beag a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht na mBallstát, faisnéis a sholáthar do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga maidir leis sin.

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10a) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint freisin chun tacú leis na Ballstáit na forálacha maidir leis an raon feidhme a chur chun feidhme go cuí, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhréireacht na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo, go háirithe nuair a bhaineann siad le heintitis ag a bhfuil samhlacha gnó nó timpeallachtaí oibriúcháin atá casta, trínar féidir le heintiteas na critéir a shanntar d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha araon a chomhlíonadh ag an am céanna, nó gníomhaíochtaí a bhfuil cuid acu laistigh agus cuid acu lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo a dhéanamh ag an am céanna.

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Is féidir le reachtaíocht agus ionstraimí earnáilsonracha a bheith ina rannchuidiú le hardleibhéil chibearshlándála a áirithiú, agus sainiúlachtaí agus castachtaí na n-earnálacha sin á gcur san áireamh ina n-iomláine. I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó cibearbhagairtí móra a bhfuil an éifeacht atá leo ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha earnáilsonracha sin, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le cur chun feidhme an lex specialis. Leis an Treoir seo, ní choisctear glacadh gníomhartha earnáilsonracha breise de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic le bearta bainistíochta riosca agus fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais maidir leis an gcibearshlándáil. Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana agus a tugadh don Choimisiún i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh.

(12) Is féidir le reachtaíocht agus ionstraimí earnáilsonracha a bheith ina rannchuidiú le hardleibhéil chibearshlándála a áirithiú, agus sainiúlachtaí agus castachtaí na n-earnálacha sin á gcur san áireamh ina n-iomláine. Maidir le gníomhartha dlí earnáilsonracha de chuid an Aontais lena gceanglaítear ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó teagmhais mhóra a thuairisciú, ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach, i gcás inar féidir, leis an téarmaíocht agus tagairt a dhéanamh do na sainmhínithe a leagtar síos sa Treoir seo. I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais, agus i gcás ina bhfuil an éifeacht atá leis na ceanglais sin ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, agus go bhfuil feidhm acu maidir leis na gnéithe slándála ina n-iomláine de na hoibríochtaí agus na seirbhísí a chuireann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha ar fáil, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha earnáilsonracha sin, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte cuimsitheacha a eisiúint i ndáil le cur chun feidhme an lex specialis, agus tuairimí, saineolas agus dea-chleachtais ábhartha ENISA agus an Ghrúpa Comhair á gcur san áireamh. Leis an Treoir seo, ní choisctear glacadh gníomhartha earnáilsonracha breise de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic le bearta bainistíochta riosca agus fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais maidir leis an gcibearshlándáil lena dtugtar aird chuí ar an ngá atá le creat cibearshlándála atá cuimsitheach agus comhsheasmhach. Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana agus a tugadh don Choimisiún i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir Treoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus an Treoir seo. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar eintitis chriticiúla, agus eintitis choibhéiseacha, de bhun Threoir (AE) XXX/XXX a bheith ina n-eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir (AE) XXX/XXX i gcomhthéacs faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Ba cheart do na húdaráis faoin dá Threoir dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú, go háirithe i ndáil le heintitis chriticiúla, cibearbhagairtí, rioscaí cibearshlándála agus teagmhais lena ndéantar difear d’eintitis chriticiúla a shainaithint, agus maidir leis na bearta cibearshlándála arna ndéanamh ag eintitis chriticiúla. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX, ba cheart a cheadú do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil. Ba cheart don dá údarás dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

(14) I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir Treoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus an Treoir seo. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar eintitis chriticiúla, agus eintitis choibhéiseacha, de bhun Threoir (AE) XXX/XXX a bheith ina n-eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar foráil ina gcuid straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla atá laistigh de Bhallstát amháin agus atá i mBallstáit éagsúla faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir (AE) XXX/XXX i gcomhthéacs faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Ba cheart do na húdaráis faoin dá Threoir dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí, go háirithe i ndáil le heintitis chriticiúla, cibearbhagairtí, rioscaí cibearshlándála agus teagmhais a dhéanann difear d’eintitis chriticiúla a shainaithint, agus maidir leis na bearta cibearshlándála arna ndéanamh ag eintitis chriticiúla. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX, ba cheart a cheadú do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil. Ba cheart don dá údarás dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú, i bhfíor-am i gcás inar féidir, chun na críche sin.

__________________

__________________

17 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

17 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Is príomhfhachtóir é seasamh le córas ainmneacha fearainn (DNS) atá iontaofa, athléimneach agus slán, agus é a chaomhnú, chun sláine an Idirlín a choinneáil ar bun agus tá sé fíor-riachtanach dá oibriú leanúnach agus cobhsaí, ar a bhfuil an geilleagar digiteach agus an tsochaí ag brath. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach duine a sholáthraíonn seirbhísí DNS feadh shlabhra taifigh DNS, lena n-áirítear oibreoirí freastalaithe fréamhainmneacha, freastalaithe ainmneacha fearainn barrleibhéil (TLD), freastalaithe ainmneacha údarásacha le haghaidh ainmneacha fearainn agus taifeoirí athchúrsacha.

(15) Is príomhghné é seasamh le córas ainmneacha fearainn (DNS) atá iontaofa, athléimneach agus slán, agus é a chaomhnú, chun sláine an Idirlín a choinneáil agus tá sé fíor-riachtanach dá oibriú leanúnach agus cobhsaí, ar a bhfuil an geilleagar digiteach agus an tsochaí ag brath. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le freastalaithe ainmneacha fearainn barrleibhéil (TLD), seirbhísí athchúrsacha taifigh ainmneacha fearainn atá ar fáil go poiblí d’úsáideoirí deiridh an idirlín agus seirbhísí taifigh ainmneacha fearainn údarásacha. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le freastalaithe fréamhainmneacha.

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Maidir le soláthraithe seirbhíse poist de réir bhrí Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18, chomh maith le soláthraithe seirbhíse mearsheachadta agus seachadta cúiréireachta, ba cheart iad a bheith faoi réir na Treorach seo má sholáthraíonn siad ceann de na céimeanna sa slabhra seachadta poist ar a laghad agus go háirithe glanadh, sórtáil nó dáileadh, lena n-áirítear seirbhísí bailiúcháin. Ba cheart seirbhísí iompair nach dtugtar fúthu i gcomhar le ceann de na céimeanna sin teacht lasmuigh de raon feidhme seirbhísí poist.

(19) Maidir le soláthraithe seirbhíse poist de réir bhrí Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18, chomh maith le soláthraithe seirbhíse mearsheachadta agus seachadta cúiréireachta, ba cheart iad a bheith faoi réir na Treorach seo má sholáthraíonn siad ceann de na céimeanna sa slabhra seachadta poist ar a laghad agus go háirithe glanadh, sórtáil nó dáileadh, lena n-áirítear seirbhísí bailiúcháin, agus a spleáiche atá siad ar líonraí agus córais faisnéise á chur san áireamh. Ba cheart seirbhísí iompair nach dtugtar fúthu i gcomhar le ceann de na céimeanna sin teacht lasmuigh de raon feidhme seirbhísí poist.

__________________

__________________

18 Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo.

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh an méadú a tháinig ar na hionsaithe ar líonraí agus córais faisnéise le linn phaindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Ba cheart do na Ballstáit a bheith sách réitithe, ó thaobh cumais theicniúla agus eagraíochtúla de, chun teagmhais agus rioscaí maidir le líonraí agus córais faisnéise a chosc agus a bhrath, maidir le freagairt orthu agus lena maolú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh CSIRTanna a fheidhmíonn go maith acu, ar a dtugtar foirne práinnfhreagartha ríomhaire (CERTanna), a chomhlíonann ceanglais fhíor-riachtanacha chun cumais éifeachtacha agus chomhoiriúnacha a ráthú chun déileáil le teagmhais agus rioscaí agus chun comhar éifeachtúil ar leibhéal an Aontais a áirithiú. D’fhonn an caidreamh iontaoibhe idir na heintitis agus na CSIRTanna a fheabhsú, i gcásanna ina bhfuil CSIRT mar chuid den údarás inniúil, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh deighilt fheidhmiúil idir na cúraimí oibríochtúla arna soláthar ag CSIRTanna, go háirithe i ndáil le comhroinnt faisnéise agus tacaíocht do na heintitis, agus gníomhaíochtaí maoirseachta údarás inniúil.

(24) Ba cheart do na Ballstáit a bheith sách réitithe, ó thaobh cumais theicniúla agus eagraíochtúla de, chun teagmhais agus rioscaí maidir le líonraí agus córais faisnéise a chosc agus a bhrath, maidir le freagairt orthu agus lena maolú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit CSIRT amháin nó níos mó a ainmniú faoin Treoir seo agus a áirithiú go mbeidh siad ag feidhmiú go cuí agus go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha chun cumais éifeachtacha agus chomhoiriúnacha a ráthú chun déileáil le teagmhais agus rioscaí agus chun comhar éifeachtúil ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit foirne práinnfhreagartha ríomhaire (CERTanna) atá ann cheana a ainmniú mar CSIRTanna. D’fhonn an caidreamh iontaoibhe idir na heintitis agus na CSIRTanna a fheabhsú, i gcásanna ina bhfuil CSIRT mar chuid den údarás inniúil, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh deighilt fheidhmiúil idir na cúraimí oibríochtúla arna soláthar ag CSIRTanna, go háirithe i ndáil le comhroinnt faisnéise agus tacaíocht do na heintitis, agus gníomhaíochtaí maoirseachta údarás inniúil.

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Maidir le sonraí pearsanta, ba cheart go mbeadh ar chumas CSIRTanna, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19 maidir le sonraí pearsanta, thar ceann eintitis faoin Treoir seo agus arna iarraidh sin dó, scanadh réamhghníomhach a sholáthar ar na córais líonraí agus faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal comhionann cumais theicniúil a áirithiú do gach CSIRT earnála. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus CSIRTanna náisiúnta á bhforbairt.

(25) Maidir le sonraí pearsanta, ba cheart go mbeadh ar chumas CSIRTanna, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19 maidir le sonraí pearsanta, thar ceann eintitis faoin Treoir seo agus arna iarraidh sin dó, nó, i gcás bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta, scanadh réamhghníomhach a sholáthar ar na córais líonraí agus faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal comhionann cumais theicniúil a áirithiú do gach CSIRT earnála. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus CSIRTanna náisiúnta á bhforbairt.

__________________

__________________

19 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

Leasú  20

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25a) Ba cheart go mbeadh sé ar chumas CSIRTanna, arna iarraidh sin ag eintiteas, teacht ar na sócmhainní uile atá nasctha leis an idirlíon, iad a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu go leanúnach, ar an áitreabh gnó agus lasmuigh de araon, chun tuiscint a fháil ar an riosca eagraíochtúil ar an iomlán atá ag baint leo i bhfianaise bearnaí slándála sa slabhra soláthair nó leochaileachtaí criticiúla nua-aimsithe. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios acu an bhfuil comhéadan bainistíochta pribhléidí á rith ag eintiteas mar go n-imríonn sé sin tionchar ar a thapa is féidir bearta maolaithe a dhéanamh.

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le comhar idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil, ba cheart do CSIRTanna a bheith in ann a bheith rannpháirteach freisin i líonraí comhair idirnáisiúnta i dteannta líonra CSIRTanna a bhunaítear leis an Treoir seo.

(26) I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le comhar idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil, ba cheart do CSIRTanna a bheith in ann a bheith rannpháirteach freisin i líonraí comhair idirnáisiúnta, lena n-áirítear le CSIRTanna ó thríú tíortha i gcás ina bhfuil an malartú faisnéise cómhalartach agus ina dtéann sé chun tairbhe do shlándáil na saoránach agus na n-eintiteas, i dteannta an líonra CSIRTanna a bhunaítear leis an Treoir seo, chun rannchuidiú le forbairt chaighdeáin an Aontais ar féidir leo an tírdhreach cibearshlándála a mhúnlú ar an leibhéal idirnáisiúnta. D’fhéadfadh na Ballstáit féachaint an bhféadfaí comhar a mhéadú le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leo agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhaontuithe iltaobhacha maidir le cibear-noirm, iompar freagrach stáit agus neamhstáit sa chibearspás agus rialachas digiteach domhanda éifeachtach a bhaint amach agus freisin chun cibearspás oscailte, saor, cobhsaí agus slán atá bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta a chruthú.

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26a) Le beartais chibearshláinteachais, leagtar an bhunchloch chun cosaint a thabhairt do shlándáil bhonneagar na líonraí agus na gcóras faisnéise, na gcrua-earraí, na mbogearraí agus na bhfeidhmchlár ar líne, agus do shonraí gnó nó sonraí na n-úsáideoirí deiridh ar a mbíonn eintitis ag brath. Le beartais chibearshláinteachais a chuimsíonn sraith bhonnlíne choiteann de chleachtais lena n-áirítear, i measc cleachtais eile, nuashonrú a dhéanamh ar bhogearraí agus crua-earraí, athrú a dhéanamh ar phasfhocail, bainistiú a dhéanamh ar shuiteálacha nua, teorainn a chur le cuntais rochtana ar leibhéal an riarthóra, agus cóip chúltaca a dhéanamh de shonraí, is féidir creat réamhghníomhach ullmhachta a leagan síos agus an tsábháilteacht agus an tslándáil i gcoitinne a chinntiú i gcás teagmhas nó bagairtí. Ba cheart do ENISA faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bheartais chibearshláinteachais na mBallstát, agus iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna ar fud an Aontais chun gur féidir seiceálacha trasteorann a dhéanamh ar bhonn comhionann atá neamhspleách ar cheanglais na mBallstát.

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26b) D’fhéadfadh úsáid na hintleachta saorga sa chibearshlándáil feabhas a chur ar an gcaoi a mbraitear ionsaithe ar líonraí agus ar chórais faisnéise agus iad a stopadh, sa chaoi gur féidir acmhainní a chur i dtreo ionsaithe níos sofaisticiúla. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a mholadh ina gcuid straitéisí náisiúnta go mbainfí úsáid as uirlisí uathoibrithe nó leath-uathoibrithe sa chibearshlándáil agus go gcomhroinnfí na sonraí atá ag teastáil chun oiliúint a chur ar uirlisí uathoibrithe sa chibearshlándáil agus chun feabhas a chur orthu. Chun maolú a dhéanamh ar an mbaol go gcuirfí isteach go míchuí ar chearta agus saoirsí daoine aonair de bharr córais atá cumasaithe ag an intleacht shaorga, beidh feidhm ag na ceanglais maidir le cosaint sonraí d’aon ghnó agus mar réamhshocrú a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679. Trí choimircí iomchuí amhail ainm bréige, criptiú, cruinneas sonraí agus íoslaghdú sonraí a chomhtháthú, d’fhéadfaí an baol sin a mhaolú tuilleadh.

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26c) Is féidir le huirlisí agus feidhmchláir chibearshlándála foinse oscailte rannchuidiú le leibhéal níos airde trédhearcachta a bhaint amach agus dea-thionchar a imirt ar éifeachtúlacht na nuálaíochta tionsclaíche. Déanann caighdeáin oscailte an idir-inoibritheacht idir uirlisí slándála a éascú, rud a théann chun tairbhe do shlándáil na ngeallsealbhóirí tionsclaíocha. Is féidir le huirlisí agus feidhmchláir chibearshlándála foinse oscailte an pobal forbróirí níos leithne a threisiú, rud a fhágann gur féidir le heintitis díriú ar éagsúlú na ndíoltóirí agus cloí le straitéisí slándála oscailte. Is féidir le próiseas níos trédhearcaí chun uirlisí atá bainteach leis an gcibearshlándáil a fhíorú agus próiseas faoi thionchar an phobail chun leochaileachtaí a aimsiú teacht as an tslándáil oscailte. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit glacadh bogearraí foinse oscailte agus caighdeán oscailte a chur chun cinn trí bheartais a shaothrú a bhaineann le húsáid sonraí oscailte agus foinse oscailte mar chuid den tslándáil tríd an trédhearcacht. Tá tábhacht ar leith ag baint le beartais lena gcuirtear chun cinn glacadh agus úsáid inbhuanaithe uirlisí cibearshlándála foinsí oscailte d‘fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a mbíonn costais mhóra le híoc acu chun na huirlisí sin a chur chun feidhme, costais a d’fhéadfaí a íoslaghdú tríd an ngá atá le feidhmchláir nó uirlisí sonracha a laghdú.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26d) Is féidir le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí i réimse na cibearshlándála an creat cuí a sholáthar le haghaidh eolas a mhalartú, dea-chleachtais a chomhroinnt agus leibhéal coiteann tuisceana a bhunú i measc na ngeallsealbhóirí uile. Ba cheart do na Ballstáit, mar chuid dá straitéisí náisiúnta cibearshlándála, beartais a ghlacadh lena gcuirtear bonn faoi bhunú Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí a bhaineann go sonrach leis an gcibearshlándáil. Ba cheart go dtabharfaí soiléiriú leis na beartais sin, inter alia, ar an raon feidhme agus na geallsealbhóirí lena mbaineann, an tsamhail rialachais, na roghanna cistiúcháin atá ar fáil agus an idirghníomhaíocht i measc na ngeallsealbhóirí rannpháirteacha. Is féidir le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí leas a bhaint as saineolas na n-eintiteas san earnáil phríobháideach chun tacú le húdaráis inniúla na mBallstát ó thaobh seirbhísí agus próisis úrscothacha a fhorbairt lena n-áirítear, i measc cinn eile, malartú faisnéise, luathrabhaidh, cleachtaí cibearbhagairtí agus cibirtheagmhas, bainistiú géarchéime, agus pleanáil athléimneachta.

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20 , is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosc leo. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais.

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20, is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. Ag brath ar an gcúis atá leo agus an tionchar atá acu, d’fhéadfadh sé go rachadh teagmhais ar scála mór in olcas agus go dtiontóidís ina ngéarchéimeanna iomlána a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh nó d’fhéadfaidís rioscaí tromchúiseacha ó thaobh na slándála agus na sábháilteachta poiblí de a chruthú d’eintitis nó saoránaigh i roinnt Ballstát nó san Aontas ina iomláine. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais.

__________________

__________________

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27a) Ba cheart do na Ballstáit, ina gcuid straitéisí cibearshlándála náisiúnta, aghaidh a thabhairt ar riachtanais shainiúla chibearshlándála na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Is ionann na FBManna, i gcomhthéacs an Aontais, agus céatadán ard den mhargadh tionsclaíoch agus gnó agus is minic a bhíonn siad ag streachailt le dul in oiriúint do chleachtais nua ghnó i saol níos comhcheangailte, agus ag iarraidh fadhbanna sa timpeallacht dhigiteach a réiteach, agus fostaithe ag obair ón mbaile agus an gnó atá á dhéanamh ar líne ag dul i méid i gcónaí. Bíonn dúshláin chibearshlándála ar leith roimh roinnt de na FBManna, amhail leibhéal íseal cibirfheasachta, easpa cianslándála TF, an costas ard ar réitigh chibearshlándála agus leibhéal breise bagartha, amhail bogearraí éirice, ar cheart treoraíocht agus tacaíocht a bheith ar fáil acu ina leith. Ba cheart pointe teagmhála aonair cibearshlándála a bheith ag na Ballstáit do FBManna, pointe teagmhála a thabharfaidh treoraíocht agus tacaíocht do FBManna maidir le saincheisteanna cibearshlándála, nó a threoróidh i dtreo na gcomhlachtaí iomchuí iad chun treoraíocht agus tacaíocht maidir le saincheisteanna cibearshlándála a fháil. Moltar do na Ballstáit seirbhísí amhail cumraíocht suíomhanna gréasáin agus cumasú logála a thairiscint freisin d’fhiontair bheaga agus micrifhiontair nach bhfuil an cumas sin acu.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27b) Ba cheart do na Ballstáit, mar chuid dá straitéisí náisiúnta cibearshlándála, beartais a ghlacadh maidir le cibearchosaint ghníomhach a chur chun cinn. Is é atá i gceist le cibearchosaint ghníomhach, sáruithe líonra a chosc agus a bhrath ar bhonn réamhghníomhach agus faireachán, anailís agus maolú a dhéanamh orthu, mar aon le hacmhainneachtaí a úsáid a imlonnaítear laistigh agus lasmuigh den líonra íospartaigh. Chun aontacht iarrachta a chumasú maidir le hionsaithe ar líonraí agus ar chórais faisnéise a bhrath agus a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu go rathúil, tá sé fíor-riachtanach a bheith in ann faisnéis faoi bhagairtí, anailís orthu, foláirimh faoin gcibirghníomhaíocht agus gníomhaíocht freagartha ina leith a chomhroinnt agus a thuiscint go tapa agus ar bhonn uathoibrithe. Tá an chibearchosaint ghníomhach bunaithe ar straitéis chosanta lena n-eisiatar bearta ionsaitheacha i gcoinne an bhonneagair shibhialta chriticiúil.

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Ós rud é gur féidir go mbeidh teacht i dtír ar leochaileachtaí i líonraí agus i gcórais faisnéise ina chúis le suaitheadh agus díobháil mhór, is fachtóir tábhachtach é na leochaileachtaí sin a shainaithint agus a leigheas go mear chun an riosca cibearshlándála a laghdú. Ba cheart do na heintitis a fhorbraíonn na córais sin, dá bhrí sin, nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun leochaileachtaí a láimhseáil nuair a aimsítear iad. Ós rud é gur minic a aimsíonn agus a thuairiscíonn (a nochtann) tríú páirtithe (eintitis tuairisciúcháin) leochaileachtaí, ba cheart do mhonaróir nó do sholáthraí táirgí nó seirbhísí TFC na nósanna imeachta is gá a chur i bhfeidhm freisin chun faisnéis leochaileachta a fháil ó thríú páirtithe. Maidir leis sin, i gcaighdeáin idirnáisiúnta ISO/IEC 30111 agus ISO/IEC 29417 tugtar treoraíocht maidir le láimhseáil leochaileachta agus nochtadh leochaileachta faoi seach. Maidir le nochtadh leochaileachta, tá tábhacht ar leith le comhordú idir eintitis tuairisciúcháin agus monaróirí nó soláthraithe táirgí nó seirbhísí TFC. Le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí sonraítear próiseas struchtúrtha trína dtuairiscítear leochaileachtaí d’eagraíochtaí ar bhealach lena gceadaítear don eagraíocht an leochaileacht a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis leochaileachta mionsonraithe do thríú páirtithe nó don phobal. Ba cheart comhordú idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus an eagraíocht a bheith i gceist le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí maidir le huainiú an fheabhsúcháin agus foilsiú na leochaileachtaí.

(28) Ós rud é gur féidir go mbeidh teacht i dtír ar leochaileachtaí i líonraí agus i gcórais faisnéise ina chúis le suaitheadh agus díobháil mhór, is fachtóir tábhachtach é na leochaileachtaí sin a shainaithint agus a leigheas go mear chun an riosca cibearshlándála a laghdú. Ba cheart do na heintitis a fhorbraíonn na córais sin, dá bhrí sin, nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun leochaileachtaí a láimhseáil nuair a aimsítear iad. Ós rud é gur minic a aimsíonn agus a thuairiscíonn (a nochtann) tríú páirtithe (eintitis tuairisciúcháin) leochaileachtaí, ba cheart do mhonaróir nó do sholáthraí táirgí nó seirbhísí TFC na nósanna imeachta is gá a chur i bhfeidhm freisin chun faisnéis leochaileachta a fháil ó thríú páirtithe. Maidir leis sin, i gcaighdeáin idirnáisiúnta ISO/IEC 30111 agus ISO/IEC 29417 tugtar treoraíocht maidir le láimhseáil leochaileachta agus nochtadh leochaileachta faoi seach. Tá tábhacht ar leith le neartú an chomhordaithe idir eintitis tuairisciúcháin agus monaróirí nó soláthraithe táirgí nó seirbhísí TFC chun an creat deonach maidir le nochtadh na leochaileachtaí a éascú. Le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí sonraítear próiseas struchtúrtha trína dtuairiscítear leochaileachtaí d’eagraíochtaí ar bhealach lena gceadaítear don eagraíocht an leochaileacht a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis leochaileachta mionsonraithe do thríú páirtithe nó don phobal. Ba cheart comhordú idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus an eagraíocht a bheith i gceist le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí maidir le huainiú an fheabhsúcháin agus foilsiú na leochaileachtaí.

Leasú  30

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28a) Ba cheart don Choimisiún, do ENISA agus do na Ballstáit leanúint d’ailíniú idirnáisiúnta a chothú le caighdeáin agus le dea-chleachtais tionscail atá ann cheana i réimse an bhainistithe riosca, mar shampla i réimsí na measúnuithe ar shlándáil an tslabhra soláthair, comhroinnt faisnéise agus nochtadh leochaileachta.

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí a éascú trí bheartas náisiúnta ábhartha a bhunú. Maidir leis sin, ba cheart do na Ballstáit CSIRT a ainmniú chun ról an ‘chomhordaitheora’ a ghlacadh, ag gníomhú dóibh mar idirghabhálaí idir na heintitis tuairisciúcháin agus na monaróirí nó na soláthraithe táirgí nó seirbhísí TFC i gcás inar gá. Ba cheart a áireamh sna cúraimí atá ar chomhordaitheoir CSIRT eintitis lena mbaineann a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo, tacú le heintitis tuairisciúcháin, amlínte nochta a chaibidliú, agus leochaileachtaí lena ndéantar difear d’eagraíochtaí iomadúla (nochtadh leochaileachta ilpháirtí) a bhainistiú. I gcás ina ndéantar difear do mhonaróirí nó do sholáthraithe iomadúla táirgí nó seirbhísí TFC atá bunaithe i mbreis agus Ballstát amháin, ba cheart do na CSIRTanna ainmnithe ó gach ceann de na Ballstáit dá ndéantar difear dul i gcomhar laistigh de Líonra CSIRTanna.

(29) Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar le ENISA, bearta a dhéanamh chun nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí a éascú trí bheartas náisiúnta ábhartha a bhunú. Sa bheartas náisiúnta sin, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhíonn ag taighdeoirí leochaileachta. D’fhéadfadh eintitis agus daoine nádúrtha a dhéanann taighde ar leochaileachtaí a bheith neamhchosanta ar dhliteanas cóiriúil agus sibhialta i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit treoirlínte a eisiúint maidir le neamh-ionchúiseamh taighde ar shlándáil faisnéise agus díolúine ó dhliteanas sibhialta i leith na ngníomhaíochtaí sin.

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Aithris 29 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29a) Ba cheart do na Ballstáit CSIRT a ainmniú chun ról an ‘chomhordaitheora’ a ghlacadh, ag gníomhú dóibh mar idirghabhálaí idir na heintitis tuairisciúcháin agus na monaróirí nó na soláthraithe táirgí nó seirbhísí TFC, ar dócha go ndéanfaidh an leochaileacht difear dóibh, i gcás inar gá. Ba cheart a áireamh sna cúraimí atá ar chomhordaitheoir CSIRT eintitis lena mbaineann a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo, tacú le heintitis tuairisciúcháin, amlínte nochta a chaibidliú, agus leochaileachtaí lena ndéantar difear d’eagraíochtaí iomadúla (nochtadh leochaileachta ilpháirtí) a bhainistiú. I gcás ina ndéantar difear do mhonaróirí nó do sholáthraithe iomadúla táirgí nó seirbhísí TFC atá bunaithe i mbreis agus Ballstát amháin, ba cheart do na CSIRTanna ainmnithe ó gach ceann de na Ballstáit dá ndéantar difear dul i gcomhar laistigh de Líonra CSIRTanna.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Rannchuidíonn rochtain ar fhaisnéis cheart agus thráthúil maidir le leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí TFC le bainistíocht fheabhsaithe a dhéanamh ar riosca cibearshlándála. Maidir leis sin, tá foinsí faisnéise i leith leochaileachtaí atá ar fáil go poiblí ina n-uirlis thábhachtach d’eintitis agus dá n-úsáideoirí, ach d’údaráis náisiúnta inniúla agus CSIRTanna freisin. Ar an gcúis sin, ba cheart do ENISA clárlann leochaileachta a bhunú ina bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha agus a soláthróirí, chomh maith le heintitis nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar bhonn deonach, leochaileachtaí a nochtadh agus an fhaisnéis leochaileachta a sholáthar lena gceadaítear d’úsáideoirí bearta maolúcháin iomchuí a dhéanamh.

(30) Rannchuidíonn rochtain ar fhaisnéis cheart agus thráthúil maidir le leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí TFC le bainistíocht fheabhsaithe a dhéanamh ar riosca cibearshlándála. Tá foinsí faisnéise i leith leochaileachtaí atá ar fáil go poiblí ina n-uirlis thábhachtach d’eintitis agus dá n-úsáideoirí, ach d’údaráis náisiúnta inniúla agus CSIRTanna freisin. Ar an gcúis sin, ba cheart do ENISA bunachar sonraí leochaileachta a bhunú ina bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha agus a soláthróirí, chomh maith le heintitis nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar bhonn deonach, leochaileachtaí a nochtadh agus an fhaisnéis leochaileachta a sholáthar lena gceadaítear d’úsáideoirí bearta maolúcháin iomchuí a dhéanamh. Is é an aidhm leis an mbunachar sonraí sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uathúla a bhaineann le rioscaí cibearshlándála d’eintitis Eorpacha. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA nós imeachta freagrach a bhunú maidir leis an bpróiseas foilsithe, ionas go mbeidh an t-am ag eintitis bearta maolúcháin a dhéanamh maidir lena gcuid leochaileachtaí, agus feidhm a bhaint as bearta cibearshlándála den scoth, mar aon le tacair sonraí meaisín-inléite agus comhéadain feidhmchláir (API). D’fhonn cultúr nochta leochaileachtaí a spreagadh, ba cheart an nochtadh a bheith gan dochar don eintiteas tuairiscithe.

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Bíodh is gurb ann do chlárlanna nó bunachair sonraí leochaileachta comhchosúla, is eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas a dhéanann iad a óstáil agus a choinneáil ar bun. Le clárlann leochaileachta Eorpach arna coinneáil ar bun ag ENISA sholáthrófaí trédhearcacht fheabhsaithe maidir leis an bpróiseas foilseacháin sula nochtar an leochaileacht go hoifigiúil, agus athléimneacht i gcásanna suaití nó bristeacha i soláthar seirbhísí comhchosúla. Chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus an chomhlántacht a iarraidh a mhéid is féidir, ba cheart do ENISA féachaint an bhféadfaí comhaontuithe comhair struchtúrtha a dhéanamh le clárlanna comhchosúla i ndlínsí tríú tír.

(31) Leis an mbunachar sonraí Eorpach a choimeádann ENISA, ba cheart an chlárlann um Leochaileachtaí agus Neamhchosaintí Coiteanna (CVE) a ghiaráil, trína creat a úsáid chun leochaileachtaí a shainaithint, a rianú agus a scóráil. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA féachaint an bhféadfaí comhaontuithe comhair struchtúrtha a dhéanamh le clárlanna nó bunachair sonraí chomhchosúla eile faoi dhlínsí tríú tíortha, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus comhlántacht a lorg.

Leasú  35

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Agus doiciméid treoraíochta á bhforbairt, ba cheart don Ghrúpa Comhair an méid seo a leanas a dhéanamh go comhsheasmhach: réitigh agus taithí náisiúnta a mhapáil, tionchar tháirgí insoláthartha an Ghrúpa Comhair maidir le cuir chuige náisiúnta a mheas, dúshláin chur chun feidhme a phlé agus moltaí sonracha a fhoirmiú a dtabharfar aghaidh orthu trí na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

(33) Agus doiciméid treoraíochta á bhforbairt, ba cheart don Ghrúpa Comhair an méid seo a leanas a dhéanamh go comhsheasmhach: réitigh agus taithí náisiúnta a mhapáil, tionchar tháirgí insoláthartha an Ghrúpa Comhair maidir le cuir chuige náisiúnta a mheas, dúshláin chur chun feidhme a phlé agus moltaí sonracha a fhoirmiú, go háirithe maidir leis an ailíniú a éascú i ndáil leis an Treoir seo a thrasuí i measc na mBallstát, a dtabharfar aghaidh orthu trí na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. Ba cheart don Ghrúpa Comhoibrithe na réitigh náisiúnta a mhapáil freisin chun comhoiriúnacht réitigh cibearshlándála a chuirtear i bhfeidhm ar gach earnáil ar leith ar fud an Aontais a chur chun cinn. Tá sé seo ábhartha go háirithe do na hearnálacha atá de chineál idirnáisiúnta agus trasteorann.

Leasú  36

Togra le haghaidh treorach

Aithris 34.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bheith rannpháirteach ina obair.

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Europol, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bheith rannpháirteach ina obair.

Leasú  37

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Ba cheart a chumhachtú do na húdaráis inniúla agus CSIRTanna a bheith rannpháirteach i scéimeanna malartaithe d’oifigigh ó Bhallstáit eile chun comhar a fheabhsú. Ba cheart do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun é a chur ar a gcumas d’oifigigh ó Bhallstáit eile ról éifeachtach a bheith acu i ngníomhaíochtaí an údaráis óstaigh inniúil.

(35) Ba cheart a chumhachtú do na húdaráis inniúla agus CSIRTanna a bheith rannpháirteach i scéimeanna malartaithe d’oifigigh ó Bhallstáit eile, laistigh de rialacha agus sásraí struchtúrtha atá mar bhonn don raon feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, don imréiteach slándála riachtanach a bhaineann le hoifigigh atá rannpháirteach i scéimeanna malartaithe den sórt sin, chun comhar a fheabhsú agus muinín i measc na mBallstát a neartú. Ba cheart do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun é a chur ar a gcumas d’oifigigh ó Bhallstáit eile ról éifeachtach a bheith acu i ngníomhaíochtaí an údaráis óstaigh inniúil nó CSIRT.

Leasú  38

Togra le haghaidh treorach

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena gceadaítear agus lena n-eagraítear a rannpháirtíocht i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna. Leis na comhaontuithe sin ba cheart cosaint sonraí leordhóthanach a áirithiú.

(36) Ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena gceadaítear agus lena n-eagraítear a rannpháirtíocht i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna. Leis na comhaontuithe sin ba cheart leasanna an Aontais agus cosaint sonraí leordhóthanach a áirithiú. Leis sin, ní chuirfear bac ar cheart na mBallstát dul i gcomhar le tríú tíortha atá ar aon intinn leo maidir le bainistiú leochaileachtaí agus bainistiú rioscaí cibearshlándála, lena n-éascófar tuairisciú agus comhroinnt ghinearálta faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais.

Leasú  39

Togra le haghaidh treorach

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38) Chun críocha na Treorach seo, leis an téarma ‘riosca’ ba cheart tagairt a dhéanamh don phoitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas cibearshlándála ina chúis le caillteanas nó suaitheadh agus ba cheart é a shloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus an dóchúlacht go dtarlódh an teagmhas sin.

scriosta

Leasú  40

Togra le haghaidh treorach

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39) Chun críocha na Treorach seo, leis an téarma ‘neasteagmhais’ ba cheart tagairt a dhéanamh d’imeacht a raibh an fhéidearthacht ann go mbeadh sé ina chúis le díobháil, ach ar cuireadh cosc ar bhealach rathúil ar dhéanamh iomlán na díobhála sin.

scriosta

Leasú  41

Togra le haghaidh treorach

Aithris 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40) Le bearta bainistíochta riosca ba cheart bearta a áireamh chun aon riosca teagmhas a shainaithint, chun teagmhais a chosc, a bhrath agus a láimhseáil agus chun a dtionchar a mhaolú. Ba cheart slándáil líonraí agus córas faisnéise a bheith comhdhéanta de shlándáil sonraí stóráilte, tarchurtha agus próiseáilte.

(40) Le bearta bainistíochta riosca ba cheart bearta a áireamh chun aon riosca teagmhas a shainaithint, chun teagmhais a chosc agus a bhrath, chun freagairt dóibh agus téarnamh uathu agus chun a dtionchar a mhaolú. Ba cheart slándáil líonraí agus córas faisnéise a bheith comhdhéanta de shlándáil sonraí stóráilte, tarchurtha agus próiseáilte. Ba cheart foráil a dhéanamh sna córais sin d’anailís shistéamach, lena mbrisfí síos na próisis éagsúla agus na hidirghníomhaíochtaí idir fochórais agus lena gcuirfí an ghné dhaonna san áireamh, d’fhonn léargas iomlán a fháil ar shlándáil an chórais faisnéise.

Leasú  42

Togra le haghaidh treorach

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41) Ionas nach gcuirfear ualach airgeadais ná riaracháin díréireach ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, ba cheart na ceanglais bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a bheith i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis an líonra agus leis an gcóras faisnéise lena mbaineann, agus úrscothacht na mbeart sin á cur san áireamh.

(41) Ionas nach gcuirfear ualach airgeadais ná riaracháin díréireach ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, ba cheart na ceanglais bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a bheith i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis an líonra agus leis an gcóras faisnéise lena mbaineann, agus úrscothacht na mbeart sin agus caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta á gcur san áireamh, amhail ISO31000 agus ISA/IEC 27005.

Leasú  43

Togra le haghaidh treorach

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) Tá tábhacht ar leith le dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála a eascraíonn ó shlabhra soláthair eintitis agus óna chaidreamh lena sholáthróirí i bhfianaise leitheadúlacht na dteagmhas ina ndearnadh cibirionsaithe ar eintitis agus ina raibh gníomhaithe mailíseacha in ann slándáil líonraí agus córas faisnéise eintitis a chur i mbaol trí theacht i dtír ar leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí tríú tír. Dá bhrí sin ba cheart d’eintitis measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán tháirgí agus chleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse agus í a chur san áireamh, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

(43) Tá tábhacht ar leith le dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála a eascraíonn ó shlabhra soláthair eintitis agus óna chaidreamh lena sholáthróirí, amhail soláthraithe seirbhísí stórála agus próiseála sonraí nó seirbhísí slándála bainistithe, i bhfianaise leitheadúlacht na dteagmhas ina ndearnadh ionsaithe i gcoinne córais gréasán agus faisnéise ar eintitis agus ina raibh gníomhaithe mailíseacha in ann slándáil líonraí agus córas faisnéise eintitis a chur i mbaol trí theacht i dtír ar leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí tríú tír. Dá bhrí sin ba cheart d’eintitis measúnú a dhéanamh ar cháilíocht agus athléimneacht fhoriomlán táirgí agus seirbhísí, ar na bearta cibearshlándála atá leabaithe iontu, agus ar chleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt, agus iad sin a chur san áireamh. Ba cheart, go háirithe, eintitis a spreagadh chun bearta cibearshlándála a ionchorprú i socruithe conarthacha lena soláthróirí agus lena soláthraithe seirbhíse céadleibhéil. D’fhéadfadh eintitis breithniú a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála a eascraíonn as leibhéil eile soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse.

Leasú  44

Togra le haghaidh treorach

Aithris 44

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44) I measc soláthraithe seirbhíse, tá tábhacht ar leith leis an ról atá ag soláthraithe seirbhíse bainistíochta slándála (SSBSanna) i réimsí amhail freagairt ar theagmhais, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus an chomhairleoireacht chun cúnamh a thabhairt d’eintitis lena n-iarrachtaí teagmhais a bhrath agus freagairt orthu. Bhí na SSBSanna féin ina spriocanna ionsaithe freisin, áfach agus riosca cibearshlándála ar leith ag baint leo trína lánpháirtiú dlúth in oibríochtaí oibreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis a bheith níos dícheallaí agus SSBS á roghnú acu.

(44) I measc soláthraithe seirbhíse, tá tábhacht ar leith leis an ról atá ag soláthraithe seirbhíse bainistíochta slándála (SSBSanna) i réimsí amhail freagairt ar theagmhais, tástáil treáite, iniúchtaí slándála agus an chomhairleoireacht chun cúnamh a thabhairt d’eintitis lena n-iarrachtaí teagmhais a chosc agus a bhrath, freagairt dóibh nó téarnamh uathu. Bhí na SSBSanna féin ina spriocanna ionsaithe freisin, áfach agus riosca cibearshlándála ar leith ag baint leo trína lánpháirtiú dlúth in oibríochtaí oibreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis a bheith níos dícheallaí agus SSBS á roghnú acu.

Leasú  45

Togra le haghaidh treorach

Aithris 45

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Ba cheart d’eintitis dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála freisin a eascraíonn óna n-idirghníomhaíochtaí agus óna gcaidrimh le páirtithe leasmhara eile laistigh d’éiceachóras níos leithne. Go háirithe, ba cheart d’eintitis bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar comhar le hinstitiúidí acadúla agus taighde i gcomhréir lena mbeartais chibearshlándála agus go leanfar dea-chleachtais maidir le rochtain shlán agus scaipeadh faisnéise go ginearálta agus cosaint maoine intleachtúla go háirithe. Mar an gcéanna, i bhfianaise thábhacht agus luach na sonraí le haghaidh ghníomhachtaí na n-eintiteas, agus iad ag brath ar thrasfhoirmiú sonraí agus ar sheirbhísí anailísíochta sonraí ó thríú páirtithe, ba cheart do na heintitis na bearta cibearshlándála iomchuí uile a dhéanamh.

(45) Ba cheart d’eintitis dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála freisin a eascraíonn óna n-idirghníomhaíochtaí agus óna gcaidrimh le páirtithe leasmhara eile laistigh d’éiceachóras níos leithne, lena n-áirítear chun cur i gcoinne spiaireacht thionsclaíoch agus chun rúin trádála a chosaint. Go háirithe, ba cheart d’eintitis bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar comhar le hinstitiúidí acadúla agus taighde i gcomhréir lena mbeartais chibearshlándála agus go leanfar dea-chleachtais maidir le rochtain shlán agus scaipeadh faisnéise go ginearálta agus cosaint maoine intleachtúla go háirithe. Mar an gcéanna, i bhfianaise thábhacht agus luach na sonraí le haghaidh ghníomhachtaí na n-eintiteas, agus iad ag brath ar thrasfhoirmiú sonraí agus ar sheirbhísí anailísíochta sonraí ó thríú páirtithe, ba cheart do na heintitis na bearta cibearshlándála iomchuí uile a dhéanamh.

Leasú  46

Togra le haghaidh treorach

Aithris 45 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45a) Ba cheart d’eintitis raon leathan de chleachtais bhunúsacha chibearshláinteachais a ghlacadh, amhail ailtireacht iontaoibhe nialasaí, nuashonruithe bogearraí, cumraíocht feistí, deighilt gréasán, bainistiú céannachta agus rochtana nó feasacht úsáideoirí, agus ba cheart dóibh oiliúint a eagrú dá bhfoireann maidir le cibearbhagairtí i ríomhphoist chorparáideacha, fioscaireacht nó teicnící innealtóireachta sóisialta. Ina theannta sin, ba cheart d’eintitis meastóireacht a dhéanamh ar a n-acmhainneachtaí cibearshlándála féin agus, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú teicneolaíochtaí a chuireann leis an gcibearshlándáil a shaothrú, ar teicneolaíochtaí iad atá bunaithe ar an intleacht shaorga nó ar chórais mheaisínfhoghlama, chun a n-acmhainneachtaí agus cosaint ailtireachta líonraí a uathoibriú.

Leasú  47

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46) Chun dul i ngleic tuilleadh le príomhrioscaí an tslabhra soláthair agus cúnamh a thabhairt d’eintitis a oibríonn in earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo chun rioscaí cibearshlándála i ndáil leis an slabhra soláthair agus leis an soláthróir a bhainistiú, ba cheart don Ghrúpa Comhair lena mbaineann údaráis náisiúnta ábhartha, i gcomhar leis an gCoimisiún agus ENISA, measúnuithe riosca earnála comhordaithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair mar a rinneadh cheana do líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G21 , arb é is aidhm dóibh na seirbhísí, na córais nó na táirgí criticiúla TFC agus na bagairtí agus na leochaileachtaí ábhartha a shainaithint in aghaidh na hearnála.

(46) Chun dul i ngleic tuilleadh le príomhrioscaí an tslabhra soláthair agus cúnamh a thabhairt d’eintitis a oibríonn in earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo chun rioscaí cibearshlándála i ndáil leis an slabhra soláthair agus leis an soláthróir a bhainistiú, ba cheart don Ghrúpa Comhair lena mbaineann údaráis náisiúnta ábhartha, i gcomhar leis an gCoimisiún agus ENISA, measúnuithe riosca comhordaithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair mar a rinneadh cheana do líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G21 , arb é is aidhm dóibh na seirbhísí, na córais nó na táirgí criticiúla TFC agus ICS agus na bagairtí agus na leochaileachtaí ábhartha a shainaithint in aghaidh na hearnála. Ba cheart a shainaithint sna measúnuithe riosca sin bearta, pleananna maolaithe agus dea-chleachtais i gcoinne spleáchais chriticiúla, pointí aonair teipe a d’fhéadfadh a bheith ann, bagairtí, leochaileachtaí agus rioscaí eile a bhaineann leis an slabhra soláthair agus ba cheart féachaint ar bhealaí lena spreagfaí eintitis iad a ghlacadh ar bhonn níos leithne. Áirítear ar fhachtóirí riosca neamhtheicniúla a d‘fhéadfadh a bheith ann, amhail tionchar míchuí ag tríú tír ar sholáthróirí agus ar sholáthraithe seirbhíse, go háirithe i gcás samhlacha malartacha rialachais, leochaileachtaí nó cúldoirse folaithe agus aon bhriseadh córasach a d’fhéadfadh a bheith sa soláthar, go háirithe i gcás gaibhniú teicneolaíochta nó spleáchas ar sholáthraí.

__________________

__________________

Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

Leasú  48

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC feadh a saolré iomláine in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas. Thairis sin, ba cheart béim ar leith a chur ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC atá faoi réir ceanglais shonracha a eascraíonn as tríú tíortha.

Leasú  49

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47a) Ba cheart do Ghrúpa na nGeallsealbhóirí um Dheimhniú Cibearshlándála arna bhunú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a tuairim a eisiúint maidir le measúnuithe riosca slándála ar shlabhraí soláthair sheirbhísí, chórais nó tháirgí ríthábhachtacha sonracha TFC agus ICS. Ba cheart don Ghrúpa Comhair agus do ENISA an tuairim sin a chur san áireamh.

__________________

1a Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

Leasú  50

Togra le haghaidh treorach

Aithris 50

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) I bhfianaise na tábhachtacha méadaithí a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, is gá a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin faoi réir ceanglais slándála iomchuí freisin i bhfianaise a gcineáil shonraigh agus a dtábhachta eacnamaíche. Ba cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin dá bhrí sin leibhéal slándála líonraí agus córas faisnéise atá iomchuí i leith an riosca atá ann a áirithiú freisin. Ós rud é nach iondúil a fheidhmíonn soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir rialú iarbhír ar tharchur comharthaí thar líonraí, is féidir a mheas go bhfuil an méid riosca a bhaineann leis na seirbhísí sin ar bhealaí áirithe níos ísle ná an méid riosca a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí traidisiúnta. Is amhlaidh atá i gcás seirbhísí cumarsáide idirphearsanta lena n-úsáidtear uimhreacha agus nach bhfeidhmítear rialú iarbhír ar tharchur comharthaí leo.

(50) I bhfianaise na tábhachtacha méadaithí a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, is gá a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin faoi réir ceanglais slándála iomchuí freisin i bhfianaise a gcineáil shonraigh agus a dtábhachta eacnamaíche. Ba cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin dá bhrí sin leibhéal slándála líonraí agus córas faisnéise atá iomchuí i leith an riosca atá ann a áirithiú freisin. Ós rud é nach iondúil a fheidhmíonn soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir rialú iarbhír ar tharchur comharthaí thar líonraí, is féidir a mheas go bhfuil an méid riosca do shlándáil gréasáin a bhaineann leis na seirbhísí sin ar bhealaí áirithe níos ísle ná an méid riosca a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí traidisiúnta. Is amhlaidh atá i gcás seirbhísí cumarsáide idirphearsanta lena n-úsáidtear uimhreacha agus nach bhfeidhmítear rialú iarbhír ar tharchur comharthaí leo. Mar sin féin, de réir mar a leanann an raon inionsaithe de leathnú, tá seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear teachtairí na meán sóisialta, ach gan a bheith teoranta dóibh, ag teacht chun cinn mar veicteoirí ionsaithe móréilimh. Baineann gníomhaithe mailíseacha úsáid as ardáin chun cumarsáid a dhéanamh le híospartaigh agus iad a mhealladh chun leathanaigh ghréasáin thruaillithe a oscailt, rud a mhéadaíonn an dóchúlacht go mbeidh ann do theagmhais a bhaineann le saothrú sonraí pearsanta, agus dá réir sin, le slándáil córas faisnéise.

Leasú  51

Togra le haghaidh treorach

Aithris 51

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Tá an margadh inmheánach ag brath ar fheidhmiú an idirlín níos mó ná ariamh. Braitheann seirbhísí na n-eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach uile beagnach ar sheirbhísí a sholáthraítear thar an idirlíon. Chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí na n-eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach á soláthar ar bhonn rianúil, is den tábhacht é maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, amhail, mar shampla, cnámha droma idirlín nó cáblaí cumarsáide fomhuirí, go mbeadh bearta cibearshlándála iomchuí i bhfeidhm acu agus go dtuairisceoidís teagmhais i ndáil leo.

(51) Tá an margadh inmheánach ag brath ar fheidhmiú an idirlín níos mó ná ariamh. Braitheann seirbhísí na n-eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach uile beagnach ar sheirbhísí a sholáthraítear thar an idirlíon. Chun soláthar rianúil seirbhísí arna soláthar ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a áirithiú, is den tábhacht go mbeadh bearta cibearshlándála iomchuí i bhfeidhm ag gach líonra cumarsáide poiblí leictreonaí, amhail, mar shampla, cnámha droma idirlín nó cáblaí cumarsáide fomhuirí, agus go dtuairisceoidís teagmhais shuntasacha i ndáil leis sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sláine agus infhaighteacht na líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí sin a chothabháil agus ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar na líonraí sin a chosaint ar an tsabaitéireacht agus ar an spiaireacht, rud lena mbaineann leas slándála ríthábhachtach. Ba cheart faisnéis faoi theagmhais, mar shampla faisnéis maidir le cáblaí cumarsáide fomhuirí, a roinnt go gníomhach idir na Ballstáit.

Leasú  52

Togra le haghaidh treorach

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart d’eintitis, i gcás inarb iomchuí, a bhfaighteoirí seirbhíse a chur ar an eolas faoi bhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun an riosca a thagann astu dóibh féin a mhaolú. Maidir leis an gceanglas na faighteoirí sin a chur ar an eolas faoi na bagairtí sin, níor cheart go n-urscaoilfí eintitis ón oibleagáid bearta iomchuí agus láithreacha a dhéanamh, ar a gcostas féin, chun aon chibearbhagairt a chosc nó a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a athbhunú. Ba cheart an soláthar faisnéise sin do na faighteoirí maidir le bagairtí slándála a bheith saor in aisce.

(52) Ba cheart d’eintitis, i gcás inarb iomchuí, a bhfaighteoirí seirbhíse a chur ar an eolas faoi bhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun an riosca a thagann astu dóibh féin a mhaolú. Níor cheart go n-urscaoilfeadh sé eintitis ón oibleagáid bearta iomchuí agus láithreacha a dhéanamh, ar a gcostas féin, chun aon chibearbhagairt a chosc nó a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a athbhunú. Ba cheart soláthar na faisnéise sin maidir le bagairtí slándála do na faighteoirí a bheith saor in aisce agus dréachtaithe i dteanga atá éasca le tuiscint.

Leasú  53

Togra le haghaidh treorach

Aithris 53

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53) Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide poiblí leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí faighteoirí na seirbhíse a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun slándáil a gcumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha sonracha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid.

(53) Ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí slándáil trí dhearadh agus mar réamhshocrú a chur chun feidhme, agus faighteoirí na seirbhíse a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun slándáil a ngaireas agus a gcumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha sonracha bogearraí criptiúcháin nó teicneolaíochtaí sonraí-lárnacha eile a úsáid.

Leasú  54

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint, ba cheart úsáid criptiúcháin, agus go háirithe criptiú inn ar inn, a chur chun cinn agus, i gcás inar gá, a bheith sainordaitheach do sholáthraithe na seirbhísí agus na líonraí sin i gcomhréir le prionsabail na slándála agus an phríobháideachais mar réamhshocrú agus trí dhearadh chun críocha Airteagal 18. Ba cheart úsáid an chriptiúcháin inn ar inn a réiteach le cumhachtaí na mBallstát chun cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha agus na slándála poiblí a áirithiú, agus imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais. Le réitigh ar rochtain dhleathach ar fhaisnéis i gcumarsáid criptiúcháin inn ar inn ba cheart éifeachtacht an chriptiúcháin maidir le cosaint phríobháideachas agus shlándáil na cumarsáide a choinneáil ar bun, agus freagairt éifeachtach ar an gcoireacht á soláthar.

(54) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint, ba cheart úsáid criptiúcháin, agus teicneolaíochtaí slándála sonraí-lárnacha eile, amhail dearbhánú, deighilt, rochtain scóige, marcáil, clibeáil, bainistiú láidir céannachta agus rochtana, agus cinntí rochtana uathoibrithe, a chur chun cinn agus, i gcás inar gá, a bheith sainordaitheach do sholáthraithe na seirbhísí agus na líonraí sin i gcomhréir le prionsabail na slándála agus an phríobháideachais mar réamhshocrú agus trí dhearadh chun críocha Airteagal 18. Ba cheart úsáid an chriptiúcháin inn ar inn a réiteach le cumhachtaí na mBallstát chun cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha agus na slándála poiblí a áirithiú, agus imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais. Mar sin féin, níor cheart go ndéanfaí aon iarrachtaí chun criptiúchán inn ar inn a lagú, ar teicneolaíocht ríthábhachtach é le haghaidh cosaint éifeachtach sonraí agus príobháideachais.

Leasú  55

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54a) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choimirciú agus chun mí-úsáid agus mí-ionramháil na líonraí agus na seirbhísí sin a chosc, ba cheart úsáid caighdeán ródúcháin slán idir-inoibritheach a chur chun cinn chun sláine agus stóinseacht an bhfeidhmeanna ródúcháin ar fud éiceachóras na n-iompróirí idirlín a áirithiú.

Leasú  56

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54b) Chun feidhmiúlacht agus sláine an idirlín a choimirciú agus chun laghdú ar cheisteanna slándála a bhaineann le DNS, ba cheart geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gnólachtaí an Aontais, soláthróirí seirbhíse idirlín agus díoltóirí brabhsálaithe, a spreagadh chun straitéis eagsúlaithe taifigh a ghlacadh i leith seirbhísí ainmneacha fearainn (DNS). Ba cheart do na Ballstáit, thairis sin, spreagadh a thabhairt d’fhorbairt agus d’úsáid seirbhís taifeora phoiblí agus slán, ar seirbhís Eorpach í, maidir le seirbhísí ainmneacha fearainn (DNS).

Leasú  57

Togra le haghaidh treorach

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Leis an Treoir seo leagtar síos cur chuige dhá chéim i leith tuairisciú teagmhas chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir mearthuairisciú a chuidíonn chun scaipeadh féideartha na dteagmhas a mhaolú agus a thugann deis d’eintitis tacaíocht a iarraidh, ar thaobh amháin, agus grinntuairisciú lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais indibhidiúla agus lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht cuideachtaí idibhidiúla agus earnálacha iomlána i leith cibearbhagairtí thar thréimhse ama, ar an taobh eile. I gcás ina dtagann eintitis ar an eolas faoi theagmhas, ba cheart a cheangal orthu fógra tosaigh a chur isteach laistigh de 24 uair an chloig, tar éis tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin ina dhiaidh sin. Níor cheart a áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas cúnamh a iarraidh, más gá. Leis an bhfógra sin, i gcás inarb infheidhme, ba cheart a léiriú cibé acu ar gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach is cúis, is dóigh, leis an teagmhas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis tuairiscithe a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le láimhseáil teagmhas ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Chun a áirithiú tuilleadh nach ndéanfar le hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas acmhainní a atreorú ó láimhseáil freagartha teagmhas, ná nach gcuirfear iarrachtaí na n-eintiteas ina leith i mbaol leis sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú leis na húdaráis inniúla nó CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna maidir le 24 uair an chloig le haghaidh an fhógra tosaigh agus mí amháin le haghaidh na tuarascála críochnaithí.

(55) Leis an Treoir seo leagtar síos cur chuige dhá chéim i leith tuairisciú teagmhas chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir mearthuairisciú a chuidíonn chun scaipeadh féideartha na dteagmhas a mhaolú agus a thugann deis d’eintitis tacaíocht a iarraidh, ar thaobh amháin, agus grinntuairisciú lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais indibhidiúla agus lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht cuideachtaí idibhidiúla agus earnálacha iomlána i leith cibearbhagairtí thar thréimhse ama, ar an taobh eile. Ba cheart a cheangal ar eintitis, i gcás ina dtagann siad ar an eolas faoi theagmhas, fógra tosaigh a chur isteach, agus tuarascáil chuimsitheach a chur isteach tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an fógra tosaigh a chur isteach. Níor cheart, leis an amlíne maidir le fógra tosaigh a thabhairt faoi theagmhais, cosc a chur ar eintitis teagmhais a thuairisciú níos luaithe, rud a d’fhágfadh go mbeidís in ann tacaíocht a lorg ó CSIRTanna go pras chun an teagmhas a tuairiscíodh agus a leathnú féideartha a mhaolú. Is féidir le CSIRTanna tuarascáil idirmheánach a iarraidh maidir le nuashonruithe stádais ábhartha, agus aird á tabhairt ar iarrachtaí an eintitis tuairiscithe freagairt don teagmhas agus é a réiteach.

Leasú  58

Togra le haghaidh treorach

Aithris 55 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55a) Féadfaidh teagmhas suntasach tionchar a bheith aige ar rúndacht, sláine nó infhaighteacht na seirbhíse. Ba cheart d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha fógra a thabhairt do CSIRTanna faoi theagmhais shuntasacha a mbíonn tionchar acu ar infhaighteacht a seirbhíse laistigh de 24 uair ón uair a fhaigheann siad amach faoin teagmhas. Ba cheart dóibh fógra a thabhairt do CSIRTanna maidir le teagmhais shuntasacha a sháraíonn rúndacht agus sláine a gcuid seirbhísí laistigh de 72 uair an chloig ón uair a fhaigheann siad amach faoin teagmhas. Níl an t-idirdhealú idir na cineálacha teagmhas bunaithe ar thromchúis an teagmhais, ach ar a dheacra atá sé ar an eintiteas tuairiscithe measúnú a dhéanamh ar an teagmhas, ar a shuntasaí atá sé agus ar an gcumas atá ann faisnéis a thuairisciú a bhféadfadh CSIRT leas a bhaint aisti. Níor cheart a áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun CSIRT a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas cúnamh a iarraidh, más gá. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis tuairisciúcháin a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le láimhseáil teagmhas ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Chun a áirithiú tuilleadh nach ndéanfar le hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas acmhainní a atreorú ó láimhseáil freagartha teagmhas, ná nach gcuirfear iarrachtaí na n-eintiteas ina leith i mbaol leis sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú le CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna le haghaidh an fhógra tosaigh agus le haghaidh na tuarascála críochnaithí.

Leasú  59

Togra le haghaidh treorach

Aithris 59

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé fíor-riachtanach bunachair sonraí chruinne agus iomlána a choinneáil ar bun maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin (dá ngairtear “sonraí WHOIS”) agus rochtain dhleathach a sholáthar ar na sonraí sin chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS a áirithiú, rud a rannchuidíonn ar a sheal le hardleibhéal cibearshlándála comhchoiteann laistigh den Aontas. I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa phróiseáil, comhlíonfaidh an phróiseáil sin dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(59) Tá sé fíor-riachtanach bunachair sonraí chruinne, fhíoraithe agus iomlána a choinneáil ar bun maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin (dá ngairtear ‘sonraí WHOIS’) chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS a áirithiú, rud a rannchuidíonn ar a sheal le hardleibhéal cibearshlándála comhchoiteann laistigh den Aontas, agus chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Ba cheart, dá bhrí sin, ceangal a bheith ar chlárlanna TLD agus ar eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn sonraí cláraithe ainmneacha fearainn a bhailiú, agus ba cheart ainm na gcláraithe, a seoladh fisiciúil agus ríomhphoist mar aon lena n-uimhir theileafóin ar a laghad a áireamh ann sin. Go hiarbhír, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na sonraí a bhailítear go hiomlán cruinn i gcónaí, ach ba cheart do chlárlanna TLD agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn próisis chomhréireacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a fhíorú go bhfuil sonraí teagmhála, ar féidir teacht orthu agus ónar féidir a bheith ag súil le freagra, curtha ar fáil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha a iarrann ainm fearainn nó a bhfuil seilbh acu ar ainm fearainn. Ach sár-iarrachtaí a dhéanamh, ba cheart go léireofaí leis na próisis fíoraithe sin na dea-chleachtais reatha a úsáidtear laistigh den tionscal. Ba cheart go léireofaí leis na dea-chleachtais sin sa phróiseas fíoraithe an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh an phróisis ríomhaitheantais de. Ba cheart do na clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn a gcuid beartas agus nósanna imeachta a chur ar fáil go poiblí chun sláine agus infhaighteacht sonraí cláraithe ainm fearainn a áirithiú. I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa phróiseáil, comhlíonfaidh an phróiseáil sin dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Leasú  60

Togra le haghaidh treorach

Aithris 60

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(60) Maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht thráthúil na sonraí sin d’údaráis phoiblí, lena n-áirítear údaráis inniúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le cosc, imscrúdú nó ionchúiseamh cionta coiriúla, CERTanna, CSIRTanna, agus maidir le sonraí a gcliant do sholáthraithe líonraí agus seirbhísí maidir leis an gcumarsáid leictreonach agus soláthraithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí maidir leis an gcibearshlándáil a ghníomhaíonn thar ceann na gcliant sin, tá sé fíor-riachtanach mí-úsáid an Chórais Ainmneacha Fearainn a chosc agus a chomhrac, go háirithe chun teagmhais chibearshlándála a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh. Leis an rochtain sin ba cheart dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann sí le sonraí pearsanta.

(60) Tá infhaighteacht sonraí cláraithe ainm fearainn do chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain agus inrochtaineacht thráthúil orthu fíor-riachtanach don chibearshlándáil agus chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha san éiceachóras ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar chlárlanna TLD agus ar eintitis a chuireann seirbhísí cláraithe ainm fearainn ar fáil rochtain dhlíthiúil ar shonraí cláraithe ainmneacha fearainn sonracha, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a chumasú do chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart do chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi a dhéanamh chun rochtain a fháil ar shonraí cláraithe ainm fearainn ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, agus d’fhéadfaí a áireamh orthu údaráis inniúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus CERTanna CSIRTanna náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le clárlanna TLD agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn, go dtabharfaidís freagra gan moill mhíchuí agus faoi cheann 72 uair an chloig, ar chaoi ar bith, ar iarrataí ó chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain ar shonraí cláraithe ainm fearainn a nochtadh. Ba cheart do chlárlanna TLD agus d’eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn beartais agus nósanna imeachta a bhunú maidir le sonraí clárúcháin a fhoilsiú agus a nochtadh, lena n-áirítear comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse chun déileáil le hiarrataí ar rochtain ó chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain. Sa nós imeachta rochtana is féidir go n-áireofar freisin úsáid comhéadain, tairsí nó uirlisí teicniúla eile chun córas éifeachtúil a sholáthar chun sonraí clárúcháin a iarraidh agus a rochtain. D’fhonn cleachtais chomhchuibhithe a chur chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta sin gan dochar d’inniúlachtaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

Leasú  61

Togra le haghaidh treorach

Aithris 61

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61) Chun infhaighteacht sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a áirithiú, ba cheart do chlárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD (dá ngairtear cláraitheoirí) sláine agus infhaighteacht na sonraí cláraithe ainmneacha fearainn a bhailiú agus a ráthú. Go háirithe, ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD beartais agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraí clárúcháin cruinne agus iomlána a bhailiú agus a choinneáil ar bun, agus chun sonraí clárúcháin míchruinne a chosc agus a cheartú i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

scriosta

Leasú  62

Togra le haghaidh treorach

Aithris 62

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(62) Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh sonraí cláraithe ainm fearainn a chur ar fáil go poiblí, ar sonraí iad a thagann lasmuigh de raon feidhme rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, amhail sonraí lena mbaineann daoine dlítheanacha25 . Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD a chur ar a gcumas d’iarrthóirí rochtana dlisteanacha freisin sonraí cláraithe ainm fearainn sonracha a rochtain maidir le daoine nádúrtha, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh freagairt gan moill mhíchuí d’iarrataí ó iarrthóirí rochtana dlisteanacha ar nochtadh sonraí cláraithe ainm fearainn. Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh beartais agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraí clárúcháin a fhoilsiú agus a nochtadh, lena n-áirítear comhaontuithe ar an leibhéal seirbhíse chun déileáil le hiarrataí ar rochtain ó iarrthóirí rochtana dlisteanacha. Sa nós imeachta rochtana is féidir go n-áireofar freisin úsáid comhéadain, tairsí nó uirlise teicniúla eile chun córas éifeachtúil a sholáthar chun sonraí clárúcháin a iarraidh agus a rochtain. D’fhonn cleachtais chomhchuibhithe a chur chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta sin gan dochar d’inniúlachtaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

(62) Ba cheart, maidir le clárlanna TLD agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn, go gceanglófaí orthu sonraí cláraithe ainm fearainn nach bhfuil sonraí pearsanta iontu a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha25. Maidir le daoine dlítheanacha, ba cheart do chláranna TLD agus d’eintitis, ar a laghad, ainm na gcláraithe, a seoladh fisiciúil agus a seoladh ríomhphoist mar aon lena n-uimhir theileafóin a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart a cheangal ar an duine dlítheanach seoladh ríomhphoist cineálach a chur ar fáil is féidir a chur ar fáil go poiblí nó toiliú a thabhairt go bhfoilseofaí seoladh ríomhphoist pearsanta. Ba cheart go mbeadh an duine dlítheanach in ann toiliú den sórt sin a léiriú arna iarraidh sin ag clárlanna TLD agus ag eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn.

__________________

__________________

RIALACHÁN (AE) 2016/679 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE aithris (14) a bhfuil an méid seo a leanas i gceist léi: “Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus go háirithe le gnóthais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil acu, lena n-áirítear ainm agus foirm an duine dhlítheanaigh agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh”.

Leasú  63

Togra le haghaidh treorach

Aithris 63

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(63) Ba cheart do na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha uile faoin Treoir seo teacht faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn siad a seirbhísí. Dá soláthródh an t-eintiteas seirbhísí i mbreis agus Ballstát amháin, ba cheart dó teacht faoi dhlínse ar leithligh agus chomhthráthach gach ceann de na Ballstáit sin. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát sin dul i gcomhar le chéile, cúnamh frithpháirteach a sholáthar dá chéile agus i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a dhéanamh.

(63) Ba cheart do na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha uile faoin Treoir seo teacht faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn siad a seirbhísí nó ina ndéanann siad a ngníomhaíochtaí. Dá soláthródh an t-eintiteas seirbhísí i mbreis agus Ballstát amháin, ba cheart dó teacht faoi dhlínse ar leithligh agus chomhthráthach gach ceann de na Ballstáit sin. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát sin dul i gcomhar le chéile, cúnamh frithpháirteach a sholáthar dá chéile agus i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a dhéanamh.

Leasú  64

Togra le haghaidh treorach

Aithris 64

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(64) Chun cineál trasteorann na seirbhísí agus na n-oibríochtaí de chuid soláthraithe seirbhíse DNS, clárlanna ainmneacha TLD, soláthraithe líonra soláthair ábhair, soláthraithe seirbhíse néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí agus soláthraithe digiteacha a chur san áireamh, níor cheart dlínse a bheith ach ag Ballstát amháin thar na heintitis sin. Ba cheart dlínse a shannadh don Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht san Aontas ag an eintiteas ar leith. Tá feidhmiú éifeachtach gníomhaíochta trí shocruithe cobhsaí intuigthe ó na critéir bhunaíochta chun críocha na Treorach seo. Níl foirm dhlí na socruithe sin, cibé acu trí bhrainse nó fochuideachta ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, ar an bhfachtóir cinntitheach ina leith sin. Cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir sin, níor cheart an méid sin a bheith ag brath ar cibé acu atá nó nach bhfuil na líonraí agus na córais faisnéise lonnaithe go fisiciúil in áit ar leith; ní hionann láithreacht ná úsáid na gcóras sin, astu féin, agus an phríomhbhunaíocht sin agus dá bhrí sin ní critéir chinntitheacha iad chun an phríomhbhunaíocht a chinneadh. Ba cheart an phríomhbhunaíocht a bheith ar an áit san Aontas a ndéantar cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Is gnách go gcomhfhreagraíonn sí d’áit riarachán lárach na gcuideachtaí san Aontas. Mura ndéantar na cinntí sin san Aontas, ba cheart a mheas go bhfuil an phríomhbhunaíocht sna Ballstáit mar a bhfuil bunaíocht ag an eintiteas ina bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas na seirbhísí, ba cheart a mheas gurb í príomhbhunaíocht an ghnóthais rialúcháin príomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas.

(64) Chun cineál trasteorann na seirbhísí agus na n-oibríochtaí de chuid soláthraithe seirbhíse DNS, clárlanna ainmneacha TLD, soláthraithe líonra soláthair ábhair, soláthraithe seirbhíse néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí agus soláthraithe digiteacha a chur san áireamh, níor cheart dlínse a bheith ach ag Ballstát amháin thar na heintitis sin. Ba cheart dlínse a shannadh don Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht san Aontas ag an eintiteas ar leith. Tá feidhmiú éifeachtach gníomhaíochta trí shocruithe cobhsaí intuigthe ó na critéir bhunaíochta chun críocha na Treorach seo. Níl foirm dhlí na socruithe sin, cibé acu trí bhrainse nó fochuideachta ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, ar an bhfachtóir cinntitheach ina leith sin. Cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir sin, níor cheart an méid sin a bheith ag brath ar cibé acu atá nó nach bhfuil na líonraí agus na córais faisnéise lonnaithe go fisiciúil in áit ar leith; ní hionann láithreacht ná úsáid na gcóras sin, astu féin, agus an phríomhbhunaíocht sin agus dá bhrí sin ní critéir chinntitheacha iad chun an phríomhbhunaíocht a chinneadh. Ba cheart an phríomhbhunaíocht a bheith ar an áit san Aontas a ndéantar cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Is gnách go gcomhfhreagraíonn sí d’áit riarachán lárach na gcuideachtaí san Aontas. Mura ndéantar na cinntí sin san Aontas, ba cheart a mheas go bhfuil an phríomhbhunaíocht sna Ballstáit ina bhfuil an bhunaíocht ag a bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag an eintiteas nó an bhunaíocht ina ndéantar oibríochtaí cibearshlándála. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas na seirbhísí, ba cheart a mheas gurb í príomhbhunaíocht an ghnóthais rialúcháin príomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas.

Leasú  65

Togra le haghaidh treorach

Aithris 65 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(65a) Ba cheart do ENISA clárlann a chruthú agus a choinneáil ar bun ina mbeidh faisnéis maidir le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha ina bhfuil soláthróirí seirbhíse DNS, clárlanna ainmneacha TLD agus soláthróirí seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí lárionad sonraí, líonraí seachadta ábhair, ionaid mhargaidh ar líne, innill chuardaigh ar líne agus ardáin líonra sóisialta. Ba cheart do na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha sin a n-ainmneacha, a seoltaí agus a sonraí teagmhála cothrom le dáta a chur isteach chuig ENISA. Ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ENISA gan mhoill faoi aon athrú ar na sonraí sin agus, laistigh de choicís ón dáta a bhí éifeacht leis an athrú, ar chaoi ar bith. Ba cheart do ENISA an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig an bpointe teagmhála aonair ábhartha. Dá bhrí sin, níl sé de cheangal ar na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a chuireann a gcuid faisnéise faoi bhráid ENISA an t-údarás inniúil laistigh den Bhallstát a chur ar an eolas as féin. Ba cheart do ENISA feidhmchlár simplí a fhorbairt a bheidh ar fáil go poiblí agus a d’fhéadfadh na heintitis sin a úsáid chun a gcuid faisnéise a uasdátú. Thairis sin, ba cheart do ENISA prótacail iomchuí aicmithe agus bainistithe faisnéise a bhunú chun slándáil agus rúndacht faisnéise nochta a áirithiú, agus chun srian a chur le rochtain ar fhaisnéis den sórt sin mar aon lena stóráil agus lena tarchur chuig úsáideoirí ar dóibh a beartaíodh í.

Leasú  66

Togra le haghaidh treorach

Aithris 66

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(66) I gcás ina ndéantar faisnéis a mheastar a bheith rúnaicmithe de réir an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais a mhalartú, a thuairisciú nó a chomhroinnt ar bhealach eile faoi fhorálacha na Treorach seo, ba cheart na rialacha comhfhreagracha sonracha maidir le láimhseáil faisnéise rúnaicmithe a chur i bhfeidhm.

(66) I gcás ina ndéantar faisnéis a mheastar a bheith rúnaicmithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais a mhalartú, a thuairisciú nó a chomhroinnt ar bhealach eile faoi fhorálacha na Treorach seo, ba cheart na rialacha comhfhreagracha sonracha maidir le láimhseáil faisnéise rúnaicmithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart, de bhreis air sin, go mbeadh an bonneagar, na nósanna imeachta agus na rialacha curtha ar bun ag ENISA chun faisnéis íogair agus rúnaicmithe a láimhseáil i gcomhlíonadh na rialacha slándála is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint.

Leasú  67

Togra le haghaidh treorach

Aithris 68

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(68) Dá bhrí sin, ba cheart eintitis a spreagadh chun a n-eolas aonair agus a dtaithí phraiticiúil a threisiú go comhchoiteann ar an leibhéal straitéiseach, oirbheartaíoch agus oibríochtúil d’fhonn cur lena gcumas measúnú agus faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar chibearbhagairtí, cosaint a dhéanamh ina n-aghaidh agus freagairt dóibh. Dá bhrí sin, is gá teacht chun cinn sásraí ar leibhéal an Aontais a chumasú le haghaidh socruithe deonacha malartaithe faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt go gníomhach freisin d’eintitis ábhartha nach gcumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo chun bheith rannpháirteach sna sásraí um chomhroinnt faisnéise sin. Ba cheart na sásraí sin a stiúradh i gcomhlíonadh iomlán rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí chomh maith leis sin.

(68) Ba cheart do na Ballstáit eintitis a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun a n-eolas aonair agus a dtaithí phraiticiúil a threisiú go comhchoiteann ar an leibhéal straitéiseach, oirbheartaíoch agus oibríochtúil d’fhonn cur lena gcumais measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chibearbhagairtí, cosaint a dhéanamh ina n-aghaidh agus freagairt dóibh ar bhealach leormhaith. Dá bhrí sin, is gá teacht chun cinn sásraí ar leibhéal an Aontais a chumasú le haghaidh socruithe deonacha malartaithe faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt go gníomhach freisin d’eintitis ábhartha nach gcumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo, amhail eintitis a dhíríonn ar sheirbhísí cibearshlándála agus taighde, chun bheith rannpháirteach sna sásraí sin um chomhroinnt faisnéise. Ba cheart na sásraí sin a stiúradh i gcomhlíonadh iomlán rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí chomh maith leis sin.

Leasú  68

Togra le haghaidh treorach

Aithris 69

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(69) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid a bhfuil fíorghá léi agus atá comhréireach chun go n-áiritheofar slándáil líonraí agus faisnéise de chuid eintiteas, údaráis phoiblí, CERTanna, CSIRTanna, agus soláthraithe teicneolaíochtaí slándála agus seirbhísí slándála, ba cheart í a bheith ina leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679. Mar chuid de sin ba cheart bearta a áireamh a bhaineann le teagmhais a chosc agus a bhrath, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt orthu, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs fheabhsúchán agus nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, chomh maith le malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta. Is féidir go gceanglófar próiseáil na gcineálacha sonraí pearsanta seo a leanas leis na bearta sin: Seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn, agus seoltaí ríomhphoist.

(69) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid a bhfuil fíorghá léi agus atá sí comhréireach chun críocha slándáil líonraí agus faisnéise a áirithiú ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, CSIRTanna, agus soláthróirí teicneolaíochtaí slándála agus seirbhísí slándála, is rud riachtanach í chun a gcuid oibleagáidí dlíthiúla dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá freisin le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. I gcás ina gceanglaítear leis an Treoir seo go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche cibearshlándála agus slándála gréasáin agus faisnéise i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagail 18, 20 agus 23 den Treoir, áirítear an phróiseáil sin ina riachtanas chun oibleagáid dlí a chomhlíonadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2016/679. Chun críocha Airteagail 26 agus 27 den Treoir seo, áirítear próiseáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f) de Rialachán (AE) 2016/679, a bheith riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha arna saothrú ag na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Maidir le bearta a bhaineann le teagmhais a chosc, a bhrath, a shainaithint agus a shrianadh, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt orthu, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs fheabhsúchán agus nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, chomh maith le malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, agus maidir le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta, ceanglaítear leis na bearta sin catagóirí áirithe sonraí pearsanta a phróiseáil, amhail seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn, seoltaí ríomhphoist, stampaí ama, faisnéis maidir leis an gCóras Oibriucháin nó leis an mbrabhsálaí, nó faisnéis eile lena léirítear an modus operandi.

Leasú  69

Togra le haghaidh treorach

Aithris 71

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(71) Chun go mbeidh éifeacht leis an bhforfheidhmiú, ba cheart íosliosta de smachtbhannaí riaracháin i leith sárú ar na hoibleagáidí bainistíochta riosca agus ar na hoibleagáidí tuairisciúcháin maidir leis an gcibearshlándáil dá bhforáiltear leis an Treoir seo a leagan síos, agus creat soiléir agus comhsheasmhach á chur ar bun le haghaidh na smachtbhannaí sin ar fud an Aontais. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, ar an damáiste iarbhír a rinneadh nó ar na caillteanais a tabhaíodh nó ar an damáiste féideartha a d’fhéadfadh a bheith spreagtha, cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú, an méid freagrachta nó aon sárú ábhartha roimhe sin, an méid comhair leis an údarás inniúil agus aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach eile. Ba cheart forchur pionós lena n-áirítear fíneálacha riaracháin a bheith faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach  agus próis chuí.

(71) Chun go mbeidh éifeacht leis an bhforfheidhmiú, ba cheart íosliosta de phionóis riaracháin i leith sárú ar na hoibleagáidí bainistíochta riosca agus ar na hoibleagáidí tuairisciúcháin maidir leis an gcibearshlándáil dá bhforáiltear leis an Treoir seo a leagan síos, agus creat soiléir agus comhsheasmhach á chur ar bun le haghaidh na bpionós sin ar fud an Aontais. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, ar an damáiste a rinneadh nó ar na caillteanais a tabhaíodh, cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú, an méid freagrachta nó aon sárú ábhartha roimhe sin, an méid comhair leis an údarás inniúil agus aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach eile. Ba cheart na pionóis, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a bheith comhréireach agus ba cheart go mbeadh forchur na bpionós faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (an ‘Chairt’), lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach, próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus cearta na cosanta.

Leasú  70

Togra le haghaidh treorach

Aithris 72

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(72) Chun go n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás inniúil fíneálacha riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfear na fíneálacha sin.

(72) Chun go n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás inniúil fíneálacha riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfear na fíneálacha sin más rud é go ndearnadh an sárú d'aon ghnó nó le faillí nó go bhfuair an t-eintiteas lena mbaineann fógra maidir le neamhchomhlíonadh arna dhéanamh ag an eintiteas.

Leasú  71

Togra le haghaidh treorach

Aithris 76

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(76) Chun go ndéanfar a éifeachtaí agus a athchomhairlí atá na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí a leagtar síos de bhun na Treorach seo a neartú tuilleadh, ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm arb é atá iontu deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí, nó na seirbhísí uile, arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach a chur ar fionraí agus toirmeasc sealadach a fhorchur ó fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta arna dhéanamh ag duine nádúrtha. I bhfianaise a ndéine agus a dtionchair ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas agus ar a dtomhaltóirí ar deireadh, níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir le déine an tsáraithe agus ag cur imthosca sonracha gach cáis san áireamh, lena n-áirítear cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú. Níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach mar ultima ratio, rud a chiallaíonn nár cheart iad a chur i bhfeidhm go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha eile a leagtar síos leis an Treoir seo tagtha chun deiridh, agus ar feadh na tréimhse go ndéanfaidh na heintitis a bhfuil feidhm acu maidir leo an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó chun ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Beidh forchur na smachtbhannaí sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach agus próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

(76) Chun go ndéanfar a éifeachtaí agus a athchomhairlí atá na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí a leagtar síos de bhun na Treorach seo a neartú tuilleadh, ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú chun fionraí shealadach a chur i bhfeidhm ar dheimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí ábhartha, nó na seirbhísí ábhartha uile, arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach agus chun iarraidh go bhforchuirfear toirmeasc sealadach ó fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta arna dhéanamh ag duine nádúrtha ar leibhéal príomhoifigigh feidhmiúcháin nó ionadaí dhlíthiúil. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta sonracha agus rialacha a fhorbairt maidir le fionraí shealadach ar fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta arna dhéanamh ag duine nádúrtha ar leibhéal príomhoifigigh feidhmiúcháin nó ionadaí dhlíthiúil in eintitis riaracháin phoiblí. Sa phróiseas maidir leis na nósanna imeachta agus na rialacha sin a fhorbairt, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí a leibhéal faoi seach agus a gcóras rialachais laistigh dá riaracháin phoiblí a chur san áireamh. I bhfianaise a ndéine agus a dtionchair ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas agus ar a dtomhaltóirí ar deireadh, níor cheart na fionraíochtaí sealadacha nó na toirmisc shealadacha sin a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir le déine an tsáraithe agus ag cur imthosca sonracha gach cáis san áireamh, lena n-áirítear cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú. Níor cheart na fionraíochtaí sealadacha nó na toirmisc shealadacha sin a chur i bhfeidhm ach mar ultima ratio, rud a chiallaíonn nár cheart iad a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha eile a leagtar síos leis an Treoir seo tagtha chun deiridh, agus ar feadh na tréimhse go dtí go ndéanfaidh na heintitis a bhfuil feidhm acu maidir leo an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó chun ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na fionraíochtaí sealadacha nó na toirmisc shealadacha i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Beidh forchur na bhfionraíochtaí sealadacha nó na dtoirmeasc sealadach sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus na Cairte, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach, próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

Leasú  72

Togra le haghaidh treorach

Aithris 79

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(79) Ba cheart sásra athbhreithnithe piaraí a thabhairt isteach, lena gceadaítear do shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, lena n-áirítear leibhéal chumais na mBallstát agus na hacmhainní atá ar fáil.

(79) Ba cheart sásra athbhreithnithe piaraí a thabhairt isteach, lena gceadaítear do shaineolaithe neamhspleácha arna n-ainmniú ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, lena n-áirítear leibhéal chumais na mBallstát agus na hacmhainní atá ar fáil. D’fhéadfadh athbhreithnithe piaraí a bheith ina gcúis le léargais luachmhara agus le moltaí lena neartaítear na cumais cibearshlándála fhoriomlána. Go háirithe, is féidir leo rannchuidiú le héascú a dhéanamh ar aistriú teicneolaíochtaí, uirlisí agus próiseas i measc na mBallstát atá rannpháirteach sa mheasúnú piaraí, trí chonair fheidhmiúil a chruthú chun dea-chleachtais a roinnt ar fud Ballstát ina bhfuil leibhéil éagsúla aibíochta sa chibearshlándáil, agus trí bhunú ardleibhéil chomhchoitinn cibearshlándála ar fud an Aontais a chumasú. Sula ndéanfar an t-athbhreithniú piaraí, ba cheart don Bhallstát atá faoi athbhreithniú féinmheasúnú a dhéanamh, lena gcumhdaítear na gnéithe athbhreithnithe agus aon saincheisteanna breise eile a chuir na saineolaithe ainmnithe in iúl don Bhallstát atá faoi athbhreithniú piaraí sula gcuirfear tús leis an bpróiseas. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar le ENISA agus leis an nGrúpa Comhair, teimpléid a fhorbairt maidir le féinmheasúnú ar na gnéithe athbhreithnithe chun an próiseas a chuíchóiriú agus chun neamhréireachtaí nós imeachta agus moilleanna a sheachaint, ar teimpléid iad ba cheart do na Ballstáit atá faoi athbhreithniú piaraí a thabhairt chun críche agus a sholáthar do na saineolaithe ainmnithe a bhfuil an t-athbhreithniú piaraí á dhéanamh acu, sula gcuirfear tús leis an bpróiseas um athbhreithniú piaraí.

Leasú  73

Togra le haghaidh treorach

Aithris 80

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(80) Chun cibearbhagairtí, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na heilimintí i ndáil le bearta bainistíochta riosca a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh freisin lena mbunaítear na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach a gceanglófar orthu deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr26. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(80) Chun cibearbhagairtí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na heilimintí i ndáil le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil agus oibleagáidí tuairiscithe a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh freisin lena mbunaítear na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach a gceanglófar orthu deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

26 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Leasú  74

Togra le haghaidh treorach

Aithris 81

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(81) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha na Treorach seo maidir leis na socruithe nós imeachta is gá le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa Comhair, leis na heilimintí teicniúla a bhaineann le bearta bainistíochta riosca nó leis an gcineál faisnéise, leis an bhformáid agus leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi theagmhais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.27

(81) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha na Treorach seo maidir leis na socruithe nós imeachta is gá le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa Comhair agus leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi theagmhais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.27

__________________

__________________

27 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Leasú  75

Togra le haghaidh treorach

Aithris 82

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(82) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an Treoir seo, i gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara, go háirithe d’fhonn an gá atá le modhnú a chinneadh i bhfianaise athruithe ar dhálaí sochaíocha, polaitiúla, teicneolaíocha nó margaidh.

(82) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an Treoir seo, i gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara, go háirithe d’fhonn a chinneadh an gá leasuithe a mholadh i bhfianaise athruithe ar dhálaí sochaíocha, polaitiúla, teicneolaíocha nó margaidh. Mar chuid de na hathbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a ábhartha atá na hearnálacha, na fo-earnálacha agus na cineálacha eintiteas dá dtagraítear sna hiarscríbhinní d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí i ndáil leis an gcibearshlándáil. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, inter alia, maidir le soláthraithe digiteacha a aicmítear mar ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 25 de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [an Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) nó mar gheatóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 1 de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha)], cibé ar cheart do na soláthraithe digiteacha sin a ainmniú mar eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú 1a trí thagairt don Treoir seo a chur leis.

__________________

1a Treoir 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

Leasú  76 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 82 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(82a) Leagtar síos leis an Treoir seo ceanglais cibearshlándála do na Ballstáit agus d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha atá bunaithe san Aontas. Ba cheart na ceanglais chibearshlándála sin a chur i bhfeidhm in institiúidí an Aontais, agus i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais ar bhonn gnímh reachtaigh de chuid an Aontais.

Leasú  77

Togra le haghaidh treorach

Aithris 82 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(82b) Leis an Treoir seo, cruthaítear cúraimí nua do ENISA, rud a fheabhsaíonn an ról atá aige, agus d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh mar thoradh air sin ná go gceanglófaí ar ENISA na cúraimí atá aige cheana féin faoi Rialachán (AE) 2019/881 a chur i gcrích ar chaighdeán níos airde ná roimhe seo. Chun a áirithiú go bhfuil na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá ag ENISA chun na gníomhaíochtaí atá aige cheana féin agus gníomhaíochtaí nua a chur i gcrích faoi chuimse na gcúraimí atá aige, agus chun aon chaighdeán níos airde a leanann as a ról feabhsaithe a chomhlíonadh, ba cheart a bhuiséad a mhéadú dá réir. Ina theannta sin, chun úsáid éifeachtach acmhainní a áirithiú, ba cheart níos mó solúbthachta a thabhairt do ENISA sa chaoi a gceadaítear dó acmhainní a leithdháileadh go hinmheánach, chun a chumasú dó a chuid cúraimí a chur i gcrích, agus ionchais a shásamh, ar bhealach éifeachtach.

Leasú  78

Togra le haghaidh treorach

Aithris 84

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(84) Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha, agus cloítear leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus cumarsáidí a urramú, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte agus an ceart chun éisteacht a fháil. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin,

(84) Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha, agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus cumarsáidí a urramú, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte agus an ceart chun éisteacht a fháil. Áirítear leis sin an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte d’fhaighteoirí na seirbhísí a sholáthraíonn eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

Leasú  79

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) leagtar síos oibleagáidí faireacháin agus forfheidhmithe ar na Ballstáit.

Leasú  80

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2– mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis phoiblí agus phríobháideacha de chineál dá ngairtear eintitis fhíor-riachtanacha in Iarscríbhinn I agus eintitis thábhachtacha in Iarscríbhinn II. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis a cháilíonn mar mhicrifhiontair ná mar fhiontair bheaga de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE28 ón gCoimisiún.

1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis phoiblí agus phríobháideacha fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha de chineál dá ngairtear eintitis fhíor-riachtanacha in Iarscríbhinn I agus eintitis thábhachtacha in Iarscríbhinn II a sholáthraíonn a seirbhísí nó a chuireann a ngníomhaíochtaí i gcrích laistigh den Aontas. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le fiontair bheaga nó micrifhiontair de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún28. Níl feidhm ag Airteagal 3(4) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh sin.

__________________

__________________

28 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

28 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

Leasú  81

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Mar sin féin, beag beann ar a méid, tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcás an méid seo a leanas:

Beag beann ar a méid, tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha i gcás an méid seo a leanas:

Leasú  82

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar an tsábháilteacht phoiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí;

(d) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar an tsábháilteacht phoiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí;

Leasú  83

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh rioscaí sistéamacha teacht as sin, go háirithe do na hearnálacha ina bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith ag an suaitheadh sin;

Leasú  84

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunóidh na Ballstáit liosta de na heintitis a shainaithnítear de bhun phointí (b) go (f) agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin é faoin [6 mhí tar éis an sprioc-ama trasuí]. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta, ar bhonn tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad dá éis sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad é a thabhairt cothrom le dáta.

scriosta

Leasú  85

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2a. Faoin ... [sé mhí tar éis an sprioc-ama don trasuí], bunóidh na Ballstáit liosta eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach, lena n-áitítear na heintitis dá dtagraítear i mír 1 agus na heintitis a sainaithnítear de bhun mhír 2, pointí (b) go (f) agus Airteagal 24 (1). Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta, ar bhonn tráthrialta, agus gach dhá bhliain ar a laghad dá éis sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad é a thabhairt cothrom le dáta.

Leasú  86

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2b. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, a thíolacadh do na húdaráis inniúla:

(a) ainm an eintitis;

(b) seoladh agus sonraí teagmhála atá cothrom le dáta, lena n-áirítear seoltaí ríomhphoist, raonta IP, uimhreacha teileafóin; agus

(c) an earnáil (na hearnálacha) ábhartha agus an fo-earnáil (na fo-earnálacha) ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II.

Tabharfaidh na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha fógra gan mhoill faoi aon athrú ar na mionsonraí a cuireadh isteach de bhun na chéad mhíre, agus, in aon chás, laistigh de dhá sheachtain ón dáta a bhí éifeacht leis an athrú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ENISA, treoirlínte agus teimpléid maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa mhír seo a eisiúint gan moill mhíchuí.

Leasú  87

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2c. Faoi ...[sé mhí tar éis an sprioc-ama don trasuí] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit na fógraí seo a leanas a thabhairt:

(a) don Choimisiún agus don Ghrúpa Comhair maidir le líon gach eintitis fhíor-riachtanaigh agus thábhachtaigh a sainaithnítear do gach earnáil agus gach fo-earnáil dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, agus

(b) don Choimisiún, maidir le hainmneacha na n-eintiteas a sainaithnítear de bhun mhír 2, pointí (b) go (f).

Leasú  88

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do Threoir 2008/114/CE ón gComhairle30 agus do Threoracha 2011/93/AE31 agus 2013/40/AE32 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4. Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do Threoir 2008/114/CE30 ón gComhairle agus do Threoracha 2011/93/AE31, 2013/40/AE32 agus 2002/58/CE32a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

__________________

__________________

30 Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

31 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

32 Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

32a Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

Leasú  89

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. I gcás ina gceanglaítear le forálacha de ghníomhartha earnáilsonracha de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó faoi chibearbhagairtí móra, agus i gcás ina bhfuil an éifeacht atá leis na ceanglais sin ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena n-áirítear an fhoráil maidir le maoirseacht agus le forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI.

6. I gcás ina gceanglaítear le forálacha de ghníomhartha earnáilsonracha de dhlí an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais, agus i gcás ina bhfuil an éifeacht atá leis na ceanglais sin ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena n-áirítear an fhoráil maidir le maoirseacht agus le forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI. Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme gníomhartha earnáilsonracha de dhlí an Aontais chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhartha sin na ceanglais chibearshlándála a bhunaítear leis an Treoir seo agus nach bhfuil aon fhorluí nó éiginnteacht dhlíthiúil ann. Agus na treoirlínte sin á n-ullmhú, déanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais agus saineolas ENISA agus an Ghrúpa Comhair a chur san áireamh.

Leasú  90

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6a. Déanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, CSIRTanna agus soláthróirí teicneolaíochtaí agus seirbhísí slándála, sonraí pearsanta a phróiseáil, a mhéid a mbeidh fíorghá leis agus a bheidh comhréireach chun cibearshlándáil agus slándáil líonra agus faisnéise a áirithiú, chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfar próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe Airteagal 6 de.

Leasú  91

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6b. Beidh próiseáil sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo arna déanamh ag líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó ag soláthróirí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 8, i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE.

Leasú  92

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4a) ciallaíonn ‘neasteagmhas’ imeacht a d’fhéadfadh infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht sonraí a chur i mbaol, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do na nithe sin, ach ar cuireadh cosc air go rathúil drochthionchar a imirt;

Leasú  93

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) ciallaíonn ‘láimhseáil teagmhas’ na gníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta uile arb é is aidhm dóibh teagmhas a bhrath, a anailísiú agus a rialú agus freagairt dó;

(6) ciallaíonn ‘láimhseáil teagmhas’ na gníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta uile arb é is aidhm dóibh teagmhas a chosc, a bhrath, a anailísiú, agus a rialú agus freagairt dó;

Leasú  94

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7a) ciallaíonn ‘riosca’ an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus ba cheart é a shloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus an dóchúlacht go dtarlódh an teagmhas sin;

Leasú  95

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ sonraíocht theicniúil de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(11) ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, bpointe (20) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/881;

Leasú  96

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) ciallaíonn ‘córas ainmneacha fearainn (DNS)’ córas ainmniúcháin dáilte de réir ordlathais lena gceadaítear d’úsáideoirí deiridh teacht ar sheirbhísí agus acmhainní ar an idirlíon;

(13) ciallaíonn ‘córas ainmneacha fearainn (DNS)’ córas ainmniúcháin dáilte de réir ordlathais lena gcumasaítear seirbhísí agus acmhainní ar an idirlíon a shainaithint, agus ar an gcaoi sin a lamhálann d’úsáideoirí deiridh úsáid a bhaint as seirbhísí ródúcháin agus nascachta ar an idirlíon chun na seirbhísí agus na hacmhainní sin a shroicheadh;

Leasú  97

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse DNS’ eintiteas a sholáthraíonn seirbhísí taifigh ainm fearainn athchúrsacha nó údarásacha d’úsáideoirí deiridh idirlín agus do sholáthraithe seirbhíse DNS eile;

(14) ciallaíonn ‘soláthróir seirbhíse DNS’ eintiteas a sholáthraíonn:

Leasú  98

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 14 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) seirbhísí taifigh ainm fearainn athchúrsacha oscailte agus poiblí d’úsáideoirí deiridh idirlín; nó

Leasú  99

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 14 – pointe b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) seirbhísí taifigh ainm fearainn údarásacha mar sheirbhís le fáil ag eintitis tríú páirtí;

Leasú  100

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) ciallaíonn ‘clárlann ainmneacha fearainn barrleibhéil’ eintiteas ar tarmligeadh TLD sonrach chuige agus atá freagrach as TLD sin a riar lena n-áirítear clárú ainmneacha fearainn faoi TLD agus oibríocht theicniúil TLD, lena n-áirítear a fhreastalaithe ainmneacha a oibriú, a bhunachair sonraí a choinneáil ar bun agus comhaid chreasa TLD a dháileadh ar fhreastalaithe ainmneacha;

(15) ciallaíonn ‘clárlann ainmneacha fearainn barrleibhéil’ eintiteas ar tarmligeadh TLD sonrach chuige agus atá freagrach as TLD sin a riar lena n-áirítear clárú ainmneacha fearainn faoi TLD agus oibríocht theicniúil TLD, lena n-áirítear a fhreastalaithe ainmneacha a oibriú, a bhunachair sonraí a choinneáil ar bun agus comhaid chreasa TLD a dháileadh ar fhreastalaithe ainmneacha, gan beann ar cibé an ndéanann an t-eintiteas aon cheann de na hoibríochtaí nó an ndéantar iad a sheachfhoinsiú;

Leasú  101

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15a) ciallaíonn ‘seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn’ seirbhísí arna soláthar ag clárlanna agus cláraitheoirí ainmneacha fearainn, soláthróirí seirbhíse príobháideachta nó seach-chláraithe, bróicéirí nó athdhíoltóirí fearainn, agus aon seirbhísí eile a bhaineann le hainmneacha fearainn a chlárú;

Leasú  102

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 29 – pointe 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23a) ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ líonra cumarsáide leictreonaí poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

Leasú  103

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 23 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23b) ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ seirbhís cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Threoir (AE) 2018/1972;

Leasú  104

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Glacfaidh gach Ballstát straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil lena sainítear na cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais agus rialála iomchuí d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. Áireofar leis an straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil an méid seo a leanas go háirithe:

1. Glacfaidh gach Ballstát straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil lena sainítear na cuspóirí straitéiseacha, na hacmhainní teicniúla, eagraíochtúla agus airgeadais is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach, chomh maith leis na bearta beartais agus rialála iomchuí d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. Áireofar leis an straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil an méid seo a leanas go háirithe:

Leasú  105

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) sainmhíniú ar chuspóirí agus tosaíochtaí straitéis na mBallstát maidir leis an gcibearshlándáil;

(a) sainmhíniú ar chuspóirí agus tosaíochtaí straitéis na mBallstát maidir leis an gcibearshlándáil;

Leasú  106

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) creat rialachais chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a ghnóthú, lena n-áirítear na beartais dá dtagraítear i mír 2 agus róil agus freagrachtaí comhlachtaí poiblí agus eintiteas chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile;

(b) creat rialachais chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a ghnóthú, lena n-áirítear na beartais dá dtagraítear i mír 2;

Leasú  107

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) creat lena leithdháiltear róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí agus na n-eintiteas poiblí agus gníomhaithe ábhartha eile, atá mar bhonn le comhar agus comhordú, ar an leibhéal náisiúnta, idir na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagail 7(1) agus Airteagail 8(1), an pointe teagmhála aonair a ainmnítear de bhun Airteagal 8(3), agus na CSIRTanna a ainmnítear de bhun Airteagal 9;

Leasú  108

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) liosta de na húdaráis agus de na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil;

(e) liosta de na húdaráis agus de na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear pointe teagmhála cibearshlándála maidir le FBManna a sholáthraíonn tacaíocht chun bearta sonracha cibearshlándála a chur chun feidhme;

Leasú  109

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38 [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] chun faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

(f) creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38 [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, chun faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

__________________

__________________

38 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

38 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  110

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fa) measúnú ar an leibhéal ginearálta feasachta maidir leis an gcibearshlándáil i measc saoránach.

Leasú  111

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(-a) beartas lena dtugtar aghaidh ar an gcibearshlándáil do gach earnáil a chumhdaítear leis an Treoir seo;

Leasú  112

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoirlínte maidir le ceanglais chibearshlándála a áireamh agus a shonrú le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC sa soláthar poiblí;

(b) treoirlínte maidir le ceanglais chibearshlándála a áireamh agus a shonrú le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC sa soláthar poiblí, lena n-áirítear ceanglais maidir le criptiú agus úsáid táirgí foinse oscailte na cibearshlándála;

Leasú  113

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) beartas a bhaineann le hinfhaighteacht agus sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte a choinneáil;

(d) beartas a bhaineann le hinfhaighteacht agus sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte a chothabháil, lena n-áirítear cibearshlándáil na gcáblaí cumarsáide faoin muir;

Leasú  114

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(da) beartas chun forbairt agus comhtháthú teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga, a chur chun cinn agus tacú leo in uirlisí agus feidhmchláir lena bhfeabhsaítear an chibearshlándáil;

Leasú  115

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(db) beartas chun comhtháthú uirlisí agus feidhmchlár foinse oscailte a chur chun cinn;

Leasú  116

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) beartas maidir le tacú le hinstitiúidí acadúla agus taighde chun uirlisí cibearshlándála agus bonneagar líonra slán a fhorbairt;

(f) beartas maidir le tacú le hinstitiúidí acadúla agus taighde chun uirlisí cibearshlándála agus bonneagar líonra slán a fhorbairt, a fheabhsú agus a athlonnú;

Leasú  117

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála.

(h) beartas lena ndéantar an chibearshlándáil a chur chun cinn le haghaidh FBManna, lena n-áirítear iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais shonracha atá acu agus lena soláthraítear treoraíocht agus tacaíocht so-rochtana, lena n-áirítear treoirlínte lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin sa slabhra soláthair;

Leasú  118

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ha) beartas chun cibearshláinteachas a chur chun cinn atá comhdhéanta de thacar bonnlíne de chleachtais agus rialuithe agus lena n-ardaítear feasacht ghinearálta cibearshlándála i measc saoránach maidir le bagairtí cibearshlándála agus dea-chleachtais;

Leasú  119

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(hb) beartas maidir le cibearchosaint ghníomhach a chur chun cinn;

Leasú  120

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(hc) beartas chun cabhrú leis na húdaráis forbairt a dhéanamh ar inniúlachtaí agus ar thuiscint ar na breithnithe slándála is gá chun áiteanna nasctha a dhearadh, a thógáil agus a bhainistiú;

Leasú  121

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(hd) beartas lena dtugtar aghaidh go sonrach ar bhagairt na mbogearraí éirice agus lena gcuirtear isteach ar shamhail ghnó na mbogearraí éirice;

Leasú  122

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(he) beartas, lena n-áirítear nósanna imeachta ábhartha agus creataí rialachais, chun tacú le bunú PPPanna maidir leis an gcibearshlándáil agus chun iad a chur chun cinn.

Leasú  123

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina straitéisí náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil laistigh de 3 mhí ón uair a ghlactar iad. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis shonrach a eisiamh ón bhfógra i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin agus a mhéid atá fíorghá leis sin chun an tslándáil náisiúnta a chaomhnú.

Leasú  124

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a straitéisí náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil gach 4 bliana ar a laghad ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta agus, i gcás inar gá, leasóidh siad iad. Tabharfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun straitéis náisiúnta agus príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an straitéis.

4. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a straitéisí náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil gach ceithre bliana ar a laghad ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta agus, i gcás inar gá, leasóidh siad iad. Tabharfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun straitéis náisiúnta agus príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an straitéis. Soláthróidh ENISA treoir do na Ballstáit chun a straitéisí náisiúnta atá ceaptha cheana féin maidir leis an gcibearshlándáil a ailíniú leis na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo.

Leasú  125

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí agus clárlann leochaileachta Eorpach

Nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí agus bunachar sonraí leochaileachta Eorpach

Leasú  126

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh gach Ballstát ceann dá CSIRT dá dtagraítear in Airteagal 9 mar chomhordaitheoir chun críche nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí. Gníomhóidh CSIRT ainmnithe mar idirghníomhaí iontaofa, agus éascóidh sé, i gcás inar gá, an idirghníomhaíocht idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus monaróir nó soláthraí táirgí TFC nó seirbhísí TFC. I gcás ina mbaineann an leochaileacht tuairiscithe le monaróirí nó soláthraithe iomadúla táirgí TFC nó seirbhísí TFC ar fud an Aontais, oibreoidh CSIRT ainmnithe ó gach Ballstát lena mbaineann i gcomhar le líonra CSIRT.

1. Ainmneoidh gach Ballstát ceann dá CSIRT dá dtagraítear in Airteagal 9 mar chomhordaitheoir chun críche nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí. Gníomhóidh CSIRT ainmnithe mar idirghníomhaí iontaofa, agus éascóidh sé, arna iarraidh sin ag an eintiteas tuairiscithe, an idirghníomhaíocht idir an t-eintiteas tuairiscithe agus monaróir nó soláthraí tháirgí TFC nó sheirbhísí TFC. I gcás ina mbaineann an leochaileacht tuairiscithe le monaróirí nó soláthraithe iomadúla táirgí TFC nó seirbhísí TFC ar fud an Aontais, oibreoidh CSIRT ainmnithe ó gach Ballstát lena mbaineann i gcomhar le líonra CSIRT.

Leasú  127

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chur ar a gcumas d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann. Go háirithe, áireofar sa chlárlann faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú.

2. Déanfaidh ENISA bunachar sonraí leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, ar bunachar sonraí é lena mbaintear leas as an gclárlann domhanda um Leochaileachtaí agus Neamhchosaintí Comhchoiteanna (CVE). Chuige sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun, agus déanfaidh sé na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá a ghlacadh chun slándáil agus sláine an bhunachair sonraí a áirithiú, go háirithe d’fhonn a chumasú d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise, chomh maith le heintitis nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, agus dá soláthróirí, leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú. Déanfar rochtain ar an bhfaisnéis maidir leis na leochaileachtaí atá sa bhunachar sonraí ina bhfuil paistí nó bearta maolaithe ar fáil a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile. Go háirithe, áireofar sa bhunachar sonraí faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi agus ar infhaighteacht paistí gaolmhara. In éagmais paistí a bheith ar fáil, áireofar treoraíocht sa bhunachar sonraí, ar treoraíocht í atá dírithe ar úsáideoirí tháirgí agus sheirbhísí leochaileacha TFC maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú.

Leasú  128

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé in iúl go soiléir cé acu de na húdaráis inniúla sin a bheidh ina chomhordaitheoir chun teagmhais agus géarchéimeanna ar scála mór a bhainistiú.

Leasú  129

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Sainaithneoidh gach Ballstát cumais, sócmhainní agus nósanna imeachta is féidir a shannadh i gcás géarchéime chun críocha na Treorach seo.

2. Sainaithneoidh gach Ballstát cumais, sócmhainní agus nósanna imeachta is féidir a shannadh i gcás géarchéime chun críocha na Treorach seo.

Leasú  130

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh na Ballstáit ainmniú a n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad isteach a bpleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna cibearshlándála dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 3 mhí ó ainmniú agus glacadh na bpleananna sin. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis shonrach a eisiamh ón bplean i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin agus a mhéid atá fíorghá leis sin ar mhaithe lena slándáil náisiúnta.

4. Cuirfidh na Ballstáit ainmniú a n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad faoi bhráid AE-CyCLONe a bpleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna cibearshlándála dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 3 mhí ó ainmniú agus glacadh na bpleananna sin. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis shonrach a eisiamh ón bplean i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin agus a mhéid atá fíorghá leis sin ar mhaithe lena slándáil náisiúnta.

Leasú  131

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 8 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin maidir leis an gcibearshlándáil (‘pointe teagmhála aonair’). I gcás nach n-ainmníonn Ballstát ach údarás inniúil amháin, beidh an t-údarás inniúil sin mar an pointe teagmhála aonair freisin le haghaidh an Bhallstáit sin.

3. Ainmneoidh gach Ballstát ceann amháin de na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 mar phointe teagmhála aonair náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil (‘pointe teagmhála aonair’). I gcás nach n-ainmníonn Ballstát ach údarás inniúil amháin, beidh an t-údarás inniúil sin ina phointe teagmhála aonair freisin le haghaidh an Bhallstáit sin.

Leasú  132

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 8 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Feidhmeoidh gach pointe teagmhála aonair feidhm idirchaidrimh chun comhar trasteorann údaráis a Bhallstáit a áirithiú leis na húdaráis ábhartha i mBallstáit eile, chomh maith leis an gcomhar trasearnála a áirithiú le húdaráis náisiúnta inniúla eile laistigh dá Bhallstát.

4. Feidhmeoidh gach pointe teagmhála aonair feidhm idirchaidrimh chun comhar trasteorann údaráis a Bhallstáit a áirithiú leis na húdaráis ábhartha i mBallstáit eile, sa Choimisiún agus in ENISA, chomh maith leis an gcomhar trasearnála a áirithiú le húdaráis náisiúnta inniúla eile laistigh dá Bhallstát.

Leasú  133

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gach CSIRT chun a chúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach amhail a leagtar amach in Airteagal 10(2).

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus na cumais theicniúla is gá ag gach CSIRT chun a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach mar a leagtar amach in Airteagal 10(2).

Leasú  134

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar faisnéis maidir le gach leibhéal aicmiúcháin a mhalartú go héifeachtach, go héifeachtúil agus go slán idir a CSIRTanna féin agus CSIRTanna ó thríú tíortha ar an leibhéal céanna aicmithe.

Leasú  135

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6b. Gan dochar do dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, oibreoidh CSIRTanna i gcomhar le CSIRTanna nó le comhlachtaí coibhéiseacha i dtíortha is iarrthóirí agus i dtríú tíortha eile sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir agus, i gcás inar féidir, tabharfaidh siad cúnamh cibearshlándála dóibh.

Leasú  136

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Déanfaidh na Ballstáit na CSIRTanna arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, an comhordaitheoir CSIRT arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus a gcúraimí faoi seach arna soláthar i ndáil leis na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a chur in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

7. Déanfaidh na Ballstáit na CSIRTanna arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 agus an comhordaitheoir CSIRT arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1), lena n-áiritear a gcúraimí faoi seach arna soláthar i ndáil leis na heintitis riachtanacha agus tábhachtacha, a chur in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

Leasú  137

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ceanglais agus cúraimí CSIRTanna

Ceanglais, cumais theicniúla agus cúraimí CSIRTanna

Leasú  138

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) Beidh CSIRTanna feistithe le córas iomchuí chun iarrataí a bhainistiú agus a ródú, go háirithe, chun aistrithe éifeachtacha agus éifeachtúla a éascú;

(c) Beidh CSIRTanna feistithe le córas iomchuí chun iarrataí a aicmiú, a ródú agus a rianú, chun aistrithe éifeachtacha agus éifeachtúla a éascú go háirithe;

Leasú  139

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) Beidh cóid iompair iomchuí i bhfeidhm ag CSIRTanna chun rúndacht agus iontaofacht a gcuid oibríochtaí a áirithiú;

Leasú  140

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) Beidh a dóthain foirne ag CSIRTanna chun an infhaighteacht a áirithiú gach tráth;

(d) Beidh a dóthain foirne ag CSIRTanna chun an infhaighteacht a áirithiú gach tráth agus chun creataí oiliúna iomchuí a gcuid foirne a áirithiú;

Leasú  141

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) Beidh CSIRTanna feistithe le córais iomarcacha agus spás oibre cúltaca chun leanúnachas a seirbhísí a áirithiú;

(e) Beidh CSIRTanna feistithe le córais iomarcacha agus spás oibre cúltaca chun leanúnachas a seirbhísí agus acmhainneachtaí faireacháin fíor-ama a áirithiú, lena n-áirítear nascacht leathan ar fud líonraí, córais faisnéise, seirbhísí agus gléasanna;

Leasú  142

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a. Forbróidh CSIRTanna na cumais theicniúla seo a leanas ar a laghad:

(a) an cumas faireachán fíor-ama nó gar d’fhíor-am a dhéanamh ar líonraí agus ar chórais faisnéise, agus aimhrialtacht a bhrath;

(b) an cumas tacú le hionradh a chosc agus a bhrath;

(c) an cumas anailís sonraí fóiréinseacha casta a bhailiú agus a sheoladh, agus cibearbhagairtí a aisiompú;

(d) an cumas chun trácht mailíseach a scagadh;

(e) an cumas pribhléidí agus rialuithe daingne fíordheimhnithe agus rochtana a fhorfheidhmiú; agus

(f) an cumas anailís a dhéanamh ar chibearbhagairtí.

Leasú  143

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faireachán a dhéanamh ar chibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais ar an leibhéal náisiúnta;

(a) faireachán a dhéanamh ar chibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais ar an leibhéal náisiúnta agus faisnéis faoi bhagairtí fíor-ama a fháil;

Leasú  144

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) luathrabhaidh, foláirimh agus fógraí a sholáthar agus faisnéis a scaipeadh ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile maidir le cibearbhagairtí, cibirleochaileachtaí agus cibirtheagmhais;

(b) luathrabhaidh, foláirimh agus fógraí a sholáthar agus faisnéis a scaipeadh ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile maidir le cibearbhagairtí, cibirleochaileachtaí agus cibirtheagmhais, gar d’fhíor-am más féidir;

Leasú  145

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) freagairt a thabhairt ar theagmhais;

(c) freagairt a thabhairt ar theagmhais agus cúnamh a thabhairt do na heintitis lena mbaineann;

Leasú  146

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) scanadh réamhghníomhach a sholáthar, arna iarraidh sin d’eintiteas, ar na líonraí agus ar na córais faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar;

(e) scanadh réamhghníomhach a sholáthar, arna iarraidh sin d’eintiteas nó i gcás bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta, ar na líonraí agus ar na córais faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar;

Leasú  147

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fa) foráil a dhéanamh, arna iarraidh sin d’eintiteas, lena gcumasófar agus lena gcumrófaí logáil líonra chun sonraí a chosaint, lena n-áirítear sonraí pearsanta ar bhaint neamhúdaraithe;

Leasú  148

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fb) cuidiú a thabhairt uirlisí slána comhroinnte faisnéise a úsáid de bhun Airteagal 9(3).

Leasú  149

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Chun an comhar a éascú, déanfaidh CSIRTanna glacadh agus úsáid cleachtas, scéimeanna aicmithe agus tacsanomaíochtaí comhchoiteanna nó caighdeánaithe a chur chun cinn i ndáil leis an méid seo a leanas:

4. Chun an comhar a éascú, déanfaidh CSIRTanna uathmhalartú faisnéise, glacadh agus úsáid cleachtas, scéimeanna aicmithe agus tacsanomaíochtaí comhchoiteanna nó caighdeánaithe a chur chun cinn i ndáil leis an méid seo a leanas:

Leasú  150

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh a n-údaráis inniúla nó a CSIRTanna fógraí faoi theagmhais, agus faoi chibearbhagairtí agus neasteagmhais mhóra arna gcur isteach de bhun na Treorach seo. I gcás ina gcinneann Ballstát nach bhfaighidh a CSIRTanna na fógraí sin, tabharfar rochtain do CSIRTanna, a mhéid is gá chun a gcúraimí a dhéanamh, ar shonraí maidir le teagmhais a mbeidh fógra tugtha ag na heintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha fúthu, de bhun Airteagal 20.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh a CSIRTanna fógraí faoi theagmhais mhóra de bhun Airteagal 20 agus faoi chibearbhagairtí agus neasteagmhais de bhun Airteagal 27 tríd an bpointe iontrála aonair dá dtagraítear in Airteagal 20(4a).

Leasú  151

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin.

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla, na pointí teagmhála aonair, CSIRTanna, na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile atá freagrach as líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó as seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí de bhun Threoir (AE) 2018/1972, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

__________________

__________________

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  152

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh a n-údaráis inniúla faisnéis go tráthrialta d’údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis fhíor-riachtanacha arna sainaithint mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], chomh maith leis na bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla mar fhreagairt ar na rioscaí agus ar na teagmhais sin.

Leasú  153

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Beidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóir. Féadfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) i gcomhréir le hAirteagal 17(5)(c) de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Rialachán DORA] a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair.

Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Beidh Parlaimint na hEorpa agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóirí. Féadfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) i gcomhréir le hAirteagal 17(5)(c) de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Rialachán DORA] a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair.

Leasú  154

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Grúpa Comhair a iarraidh ar ionadaithe ó pháirtithe leasmhara ábhartha a bheith rannpháirteach ina obair.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Grúpa Comhair a iarraidh ar ionadaithe ó chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais mar aon le geallsealbhóirí ábhartha, amhail an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí agus ionadaithe ón tionscal, a bheith rannpháirteach ina obair.

Leasú  155

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear i ndáil le cibearbhagairtí, cibirtheagmhais, cibirleochaileachtaí, neasteagmhais, tionscnaimh múscailte feasachta, oiliúintí, cleachtaí agus scileanna, fothú acmhainneachta chomh maith le caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla;

(b) dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú i ndáil le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear i ndáil le cibearbhagairtí, cibirtheagmhais, cibirleochaileachtaí, neasteagmhais, tionscnaimh múscailte feasachta, oiliúintí, cleachtaí agus scileanna, fothú acmhainneachta, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla, chomh maith le heintitis riachtanacha agus thábhachtacha a shainaithint;

Leasú  156

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) na réitigh náisiúnta a mhapáil chun comhoiriúnacht na réiteach cibearshlándála a chuirtear i bhfeidhm ar gach earnáil ar leith ar fud an Aontais a chur chun cinn.

Leasú  157

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) comhairle a mhalartú agus dul i gcomhar leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh beartais maidir leis an gcibearshlándáil atá ag teacht chun cinn;

(c) comhairle a mhalartú agus dul i gcomhar leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh bheartais cibearshlándála atá ag teacht chun cinn agus comhsheasmhacht fhoriomlán na gceanglas cibearshlándála earnáil-sonrach;

Leasú  158

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) tuarascálacha a phlé maidir leis an athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 16(7);

(f) tuarascálacha a phlé maidir leis an athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 16(7) agus conclúidí agus moltaí a tharraingt suas;

Leasú  159

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fa) measúnuithe comhordaithe ar rioscaí slándála a dhéanamh a fhéadfar a thionscnamh de bhun Airteagal 19(1), i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA;

Leasú  160

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe k a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ka) tuarascálacha ar an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun críche an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 35;

Leasú  161

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe k b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(kb) measúnú bliantúil a chur ar fáil i gcomhar le ENISA, le Europol agus le hinstitiúidí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí ar a bhfuil coirpigh bogearraí éirice á gcoinneáil ag tríú tíortha.

Leasú  162

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Tiocfaidh an Grúpa Comhair le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad le Grúpa na nEintiteas Criticiúil maidir leis an Athléimneacht arna bhunú faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a chur chun cinn.

8. Tiocfaidh an Grúpa Comhair le chéile go tráthrialta agus dhá uair sa bhliain ar a laghad le Grúpa na nEintiteas Criticiúil maidir leis an Athléimneacht arna bhunú faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a éascú.

Leasú  163

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(aa) comhroinnt agus aistriú teicneolaíochta agus beart, beartas, dea-chleachtas agus creat ábhartha i measc na CSIRTanna a éascú;

Leasú  164

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) an idir-inoibritheacht a áirithiú i ndail le caighdeáin comhroinnte faisnéise;

Leasú  165

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun tacú le teagmhais chibearshlándála agus géarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór a bhainistiú go comhordaithe ar an leibhéal oibríochtúil agus chun malartú tráthrialta faisnéise i measc na mBallstát agus institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú, bunaítear leis seo an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (AE-CyCLONe).

1. Chun tacú le teagmhais chibearshlándála agus géarchéimeanna cibearshlándála ar mhórscála a bhainistiú go comhordaithe ar an leibhéal oibríochtúil agus chun malartú tráthrialta faisnéise ábhartha i measc na mBallstát agus institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú, bunaítear leis seo an Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (AE-CyCLONe).

Leasú  166

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh AE-CyCLONe comhdhéanta de na hionadaithe ó údaráis bainistíochta géarchéime na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Soláthróidh ENISA rúnaíocht an líonra agus tacóidh sé le malartú faisnéise slán.

2. Beidh AE - CyCLONe comhdhéanta de na hionadaithe ó údaráis bainistíochta géarchéime na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7, leis an gCoimisiún agus le ENISA. Soláthróidh ENISA rúnaíocht AE - CyCLONe agus tacóidh sé le malartú faisnéise slán.

Leasú  167

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Tuairisceoidh AE-CyCLONe go tráthrialta don Ghrúpa Comhair maidir le cibearbhagairtí, cibirtheagmhais agus cibirthreochtaí, agus díreoidh sé go háirithe ar a dtionchar ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha.

5. Tuairisceoidh AE-CyCLONe go tráthrialta don Ghrúpa Comhair maidir le teagmhais agus géarchéimeanna ar mhórscála, chomh maith le treochtaí, agus díreoidh sé go háirithe ar a dtionchar ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha.

Leasú  168

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil dhébhliantúil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

1. Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil dhébhliantúil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas agus déanfaidh sé í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus í a thíolacadh don Pharlaimint. Cuirfear an tuarascáil ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas go háirithe:

Leasú  169

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(aa) leibhéal ginearálta na feasachta ar an gcibearshlándáil agus an tsláinteachais i measc saoránach agus eintiteas, lena n-áirítear FBManna, chomh maith le leibhéal ginearálta slándála na ngléasanna nasctha;

Leasú  170

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) innéacs cibearshlándála lena ndéantar foráil maidir le measúnú comhiomlánaithe ar leibhéal aibíochta na gcumas cibearshlándála.

(c) innéacs cibearshlándála lena ndéantar foráil maidir le measúnú comhiomlánaithe ar leibhéal aibíochta na gcumas cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-áirítear ailíniú straitéisí cibearshlándála náisiúnta na mBallstát.

Leasú  171

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áireofar sa tuarascáil moltaí beartais áirithe chun leibhéal na cibearshlándála a mhéadú ar fud an Aontais agus achoimre ar na torthaí le haghaidh na tréimhse ar leith ó Thuarascálacha AE ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála de chuid na Gníomhaireachta arna n-eisiúint ag ENISA i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2019/881.

2. Áireofar sa tuarascáil sainaithint áirithe na gconstaicí agus na moltaí beartais chun leibhéal na cibearshlándála a mhéadú ar fud an Aontais agus achoimre ar na torthaí le haghaidh na tréimhse ar leith ó Thuarascálacha AE ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála de chuid na Gníomhaireachta arna n-eisiúint ag ENISA i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2019/881.

Leasú  172

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2a. Ullmhóidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le treoir ón nGrúpa Comhair agus ó líonra CSIRTanna, an mhodheolaíocht lena n-áirítear athróga ábhartha an innéacs cibearshlándála dá dtagraítear i mír 1, pointe (c).

Leasú  173

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunóidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus ENISA, agus ar a dhéanaí faoi 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, modheolaíocht agus ábhar córais athbhreithniúcháin piaraí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bheartais chibearshlándála na mBallstát. Déanfaidh saineolaithe teicniúla cibearshlándála ó na Ballstáit na hathbhreithnithe, murab ionann agus an ceann a athbhreithníodh, agus cumhdófar an méid seo a leanas iontu ar a laghad:

1. Bunóidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus ENISA, agus ar a dhéanaí faoi ... [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], modheolaíocht agus ábhar córais athbhreithniúcháin piaraí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bheartais chibearshlándála na mBallstát. Déanfaidh saineolaithe teicniúla cibearshlándála ó dhá Bhallstát ar a laghad, murab ionann agus an Ballstát arna athbhreithniú, na hathbhreithnithe piaraí i gcomhairle le ENISA agus cumhdófar an méid seo a leanas iontu ar a laghad:

Leasú  174

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 1 – pointe iii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) cumais agus éifeachtacht oibríochtúil CSIRTanna;

(iii) cumais agus éifeachtacht oibríochtúil CSIRTanna maidir lena gcúraimí a chur i gcrích;

Leasú  175

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA, cinneadh maidir le gnéithe eagraíochtúla na n-athbhreithnithe piaraí, agus, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair, beidh siad bunaithe ar chritéir a shainítear sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1. Le hathbhreithnithe piaraí déanfar measúnú ar na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na mBallstát agus na n-earnálacha uile, lena n-áirítear saincheisteanna spriocdhírithe a bhaineann go sonrach le Ballstát amháin nó le roinnt Ballstát nó le hearnáil amháin nó le roinnt earnálacha.

3. Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA, cinneadh maidir le gnéithe eagraíochtúla na n-athbhreithnithe piaraí, agus, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair, beidh siad bunaithe ar chritéir a shainítear sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1. Le hathbhreithnithe piaraí déanfar measúnú ar na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na mBallstát agus na n-earnálacha uile, lena n-áirítear saincheisteanna spriocdhírithe a bhaineann go sonrach le Ballstát amháin nó le roinnt Ballstát nó le hearnáil amháin nó le roinnt earnálacha. Cuirfidh na saineolaithe ainmnithe a dhéanfaidh an t-athbhreithniú na saincheisteanna spriocdhírithe sin in iúl don Bhallstát atá faoi athbhreithniú piaraí, sula dtosófar air.

Leasú  176

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3a. Sula gcuirfear tús leis an bpróiseas athbhreithnithe piaraí, déanfaidh an Ballstát a bheidh faoin athbhreithniú piaraí féinmheasúnú ar na gnéithe a athbhreithníodh agus soláthróidh sé an féinmheasúnú sin do na saineolaithe ainmnithe.

Leasú  177

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Is éard a bheidh i gceist le hathbhreithnithe piaraí cuairteanna iarbhír nó malartuithe lasmuigh den láthair. I bhfianaise phrionsabal an dea-chomhair, déanfaidh na Ballstáit a ndéanfar athbhreithniú orthu an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar do na saineolaithe ainmnithe, ar faisnéis í a bhfuil gá léi chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe athbhreithnithe. Aon fhaisnéis a fhaightear tríd an athbhreithniú piaraí, úsáidfear chun na críche sin amháin í. Ní dhéanfaidh na saineolaithe atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí aon fhaisnéis íogair ná rúnda a fhaightear i gcúrsa an athbhreithnithe sin a nochtadh d’aon tríú páirtithe.

4. Is éard a bheidh i gceist le hathbhreithnithe piaraí cuairteanna iarbhír nó malartuithe lasmuigh den láthair. I bhfianaise phrionsabal an dea-chomhair, déanfaidh na Ballstáit a ndéanfar athbhreithniú orthu an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar do na saineolaithe ainmnithe, ar faisnéis í a bhfuil gá léi chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe athbhreithnithe. Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar le ENISA, cóid iompair iomchuí a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag modhanna oibre na saineolaithe ainmnithe. Aon fhaisnéis a fhaightear tríd an athbhreithniú piaraí, úsáidfear chun na críche sin amháin í. Ní dhéanfaidh na saineolaithe atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí aon fhaisnéis íogair ná rúnda a fhaightear i gcúrsa an athbhreithnithe sin a nochtadh d’aon tríú páirtithe.

Leasú  178

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon riosca i leith coinbhleacht leasa a bhaineann leis na saineolaithe ainmnithe a nochtadh do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus do ENISA gan moill mhíchuí.

6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon riosca i leith coinbhleacht leasa a bhaineann leis na saineolaithe ainmnithe a nochtadh do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus do ENISA, sula gcuirfear tús leis an bpróiseas athbhreithnithe piaraí.

Leasú  179

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Déanfaidh saineolaithe atá rannpháirteach in athbhreithnithe piaraí tuarascálacha a dhréachtú maidir le torthaí agus conclúidí na n-athbhreithnithe. Cuirfear na tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin, an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRTanna agus ENISA. Pléifear na tuarascálacha sa Ghrúpa Comhair agus i líonra CSIRTanna. Féadfar na tuarascálacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an Ghrúpa Comhair.

7. Déanfaidh saineolaithe atá rannpháirteach in athbhreithnithe piaraí tuarascálacha a dhréachtú maidir le torthaí agus conclúidí na n-athbhreithnithe. Áireofar sna tuarascálacha moltaí lena bhféadfar feabhas a chur ar na gnéithe a chumhdaítear leis an bpróiseas athbhreithnithe piaraí. Cuirfear na tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin, an Ghrúpa Comhair, líonra CSIRTanna agus ENISA. Pléifear na tuarascálacha sa Ghrúpa Comhair agus i líonra CSIRTanna. Féadfar na tuarascálacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an Ghrúpa Comhair, gan faisnéis íogair agus rúnda a áireamh.

Leasú  180

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta oiliúintí sonracha, ar bhonn tráthrialta, chun eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun rioscaí agus cleachtais bhainistíochta maidir leis an gcibearshlándáil, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí an eintitis, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh comhaltaí bhord bainistíochta na n-eintiteas riachtanach agus tábhachtach oiliúint shonrach, agus spreagfaidh siad eintitis riachtanacha thábhachtacha chun oiliúint chomhchosúil a thairiscint do na fostaithe go léir ar bhonn rialta, chun eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun rioscaí cibearshlándála agus cleachtais bhainistithe agus a dtionchar ar na seirbhísí arna soláthar ag an eintiteas.

Leasú  181

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú, ar nithe iad a úsáideann na heintitis sin agus a seirbhísí á soláthar acu. Ag féachaint don úrscothacht, leis na bearta sin áiritheofar leibhéal slándála le haghaidh líonraí agus córas faisnéise is iomchuí don riosca atá ann.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí a bhaineann le cibearshlándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú, ar córais iad a mbaineann na heintitis úsáid as dá n-oibríochtaí nó chun a seirbhísí a sholáthar agus chun an tionchar a bhíonn ag teagmhais ar fhaighteoirí a seirbhísí agus ar sheirbhísí eile a chosc nó a íoslaghdú. Ag féachaint don úrscothacht agus do chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, leis na bearta sin áiritheofar leibhéal slándála le haghaidh líonraí agus córas faisnéise is iomchuí don riosca atá ann.

Leasú  182

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) láimhseáil teagmhas (cosc, brath, agus freagairt ar theagmhais);

(b) láimhseáil teagmhas;

Leasú  183

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) leanúnachas gnó agus bainistíocht géarchéime;

(c) leanúnachas gnó, amhail bainistiú cúltaca agus téarnamh ó thubaistí, agus bainistiú géarchéime;

Leasú  184

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) slándáil an tslabhra soláthair lena n-áirítear gnéithe slándála maidir leis na caidrimh idir gach eintiteas agus a sholáthróir nó a sholáthraithe seirbhíse amhail soláthraithe seirbhísí stórála sonraí agus próiseála sonraí nó seirbhísí slándála bainistithe;

(d) slándáil an tslabhra soláthair lena n-áirítear gnéithe slándála maidir leis na caidrimh idir gach eintiteas agus a sholáthróir nó a sholáthraithe seirbhíse;

Leasú  185

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) beartais agus nósanna imeachta (tástáil agus iniúchadh) chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil;

(f) beartais agus nósanna imeachta (oiliúint, tástáil agus iniúchadh) chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil;

Leasú  186

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fa) cleachtais bhunúsacha sláinteachais ríomhaireachta agus oiliúint i ndáil le cibearshlándáil;

Leasú  187

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) úsáid na cripteagrafaíochta agus an chriptiúcháin.

(g) úsáid na cripteagrafaíochta, amhail an criptiúchán, nuair is iomchuí;

Leasú  188

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe g a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ga) úsáid a bhaint as réitigh fíordheimhniúcháin ilfhachtóra nó réitigh fíordheimhnithe leanúnacha, cumarsáid ghutha, físe agus téacs shlán agus córais slána cumarsáide éigeandála laistigh den eintiteas, i gcás inarb iomchuí.

Leasú  189

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina suíonn eintiteas nach bhfuil a sheirbhísí ná a chúraimí faoi seach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 2, go ndéanfaidh sé, gan moill mhíchuí, na bearta ceartaitheacha uile chun an tseirbhís lena mbaineann a thabhairt i gcomhréir leo.

4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina suíonn eintiteas nach bhfuil a sheirbhísí ná a chúraimí faoi seach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 2, go ndéanfaidh sé, gan moill mhíchuí, na bearta ceartaitheacha riachtanacha, iomchuí agus comhréireacha uile chun an tseirbhís lena mbaineann a thabhairt i gcomhréir leo.

Leasú  190

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíocha na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos. Agus na gníomhartha sin á n-ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2) agus leanfaidh sé, a mhéid is féidir, caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla ábhartha.

scriosta

Leasú  191

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun na heilimintí a leagtar síos i mír 2 a fhorlíonadh chun cibearbhagairtí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh.

6. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun na heilimintí a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh chun cibearbhagairtí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraíochtaí teicniúla agus modheolaíochta na mbeart dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos.

Leasú  192

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha maidir leis na slabhraí soláthair, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

1. Féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, ar chórais nó ar shlabhraí soláthair táirgí criticiúla sonracha TFC agus córais faisnéise agus cumarsáide (ICS), agus fachtóirí riosca teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

Leasú  193

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Sainaithneoidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus le ENISA, seirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an mheasúnaithe riosca comhordaithe dá dtagraítear i mír 1.

2. Sainaithneoidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus le ENISA, agus, i gcás inarb infheidhme, le geallsealbhóirí ábhartha, seirbhísí, córais nó táirgí TFC agus ICS criticiúla sonracha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an mheasúnaithe riosca comhordaithe dá dtagraítear i mír 1.

Leasú  194

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó do CSIRT i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 faoi aon teagmhas ag a bhfuil tionchar mór ar sholáthar a seirbhísí. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí faoi theagmhais lena ndéanfar difear díobhálach is dócha do sholáthar na seirbhíse sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na heintitis sin, i measc nithe eile, aon fhaisnéis lena gcumasaítear do na húdaráis inniúla nó do CSIRT aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a chinneadh.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó don CSIRT i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 faoi aon teagmhas mór. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na heintitis sin, i measc nithe eile, aon fhaisnéis lena gcumasaítear do na húdaráis inniúla nó do CSIRT aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a chinneadh.

Leasú  195

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó don CSIRT faoi aon chibearbhagairt mhór a shainaithníonn na heintitis sin mar chibearbhagairt a bhféadfadh teagmhas suntasach teacht aisti.

I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí, a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh de dheasca cibearbhagartha, faoi aon bheart nó leigheas is féidir leis na faighteoirí sin a dhéanamh mar fhreagairt ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis fógra freisin do na faighteoirí sin faoina mbagairt féin. Leis an bhfógra, ní bheidh an t-eintiteas a thugann fógra faoi réir dliteanas méadaithe.

I gcás inarb infheidhme, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis riachtanacha agus thábhachtacha faighteoirí a seirbhísí ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi bhearta cosantacha nó leigheasanna ar theagmhais áirithe agus ar rioscaí aitheanta, ar féidir leis na faighteoirí iad a ghlacadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh na heintitis faighteoirí ar an eolas faoi sheirbhísí an teagmhais nó an riosca is eol a bheith ann é féin. Cuirfear faighteoirí ar an eolas ar bhonn ‘díchill’ agus ní bheidh an t-eintiteas a thugann fógra faoi réir méadú ar dhliteanas.

Leasú  196

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Measfar go bhfuil teagmhas mór más rud é:

3. Chun suntasacht an teagmhais a chinneadh, cuirfear na paraiméadair seo a leanas san áireamh, i gcás inarb ann dóibh:

Leasú  197

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) go ndearna, nó más féidir go ndéanfaidh, suaitheadh oibríochtúil mór nó caillteanais airgeadais mhóra don eintiteas lena mbaineann de dheasca an teagmhais;

(a) líon na bhfaighteoirí a raibh tionchar ag an teagmhas orthu;

Leasú  198

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) go ndearna, nó más féidir go ndéanfaidh, an teagmhas difear do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile trí chaillteanais ábhartha nó neamhábhartha mhóra a dhéanamh.

(b) an t-achar a mhair an teagmhas;

Leasú  199

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) raon geografach an limistéir a raibh tionchar ag an teagmhas air;

Leasú  200

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(bb) a mhéid a dhéanfaidh an teagmhas difear d’fheidhmiú agus do leanúnachas na seirbhíse;

Leasú  201

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe b c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(bc) méid thionchar an teagmhais ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha.

Leasú  202

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit, chun críche an fhógra faoi mhír 1, go gcuirfidh na heintitis an méid seo a leanas faoi bhráid na n-údarás inniúil nó CSIRT:

Áiritheoidh na Ballstáit, chun críche an fhógra faoi mhír 1, go gcuirfidh na heintitis an méid seo a leanas faoi bhráid CSIRT:

Leasú  203

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin teagmhas, fógra tosaigh ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, cibé acu an ann nó nach ann don teagmhas sin de dheasca gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach;

(a) fógra tosaigh maidir leis an teagmhas mór, ina mbeidh faisnéis atá ar fáil don eintiteas a thugann fógra ar bhonn díchill mar seo a leanas:

Leasú  204

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a – pointe i (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) maidir le teagmhais a chuireann isteach go mór ar infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas, tabharfar fógra do CSIRT gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig ón uair a fhaigheann siad amach faoin teagmhas;

Leasú  205

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a – pointe ii (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) maidir le teagmhais a bhfuil tionchar mór acu ar an eintiteas seachas ar infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas sin, tabharfar fógra do CSIRT gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig ón uair a fhaigheann sé amach faoin teagmhas;

Leasú  206

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a – pointe iii (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) maidir le teagmhais a bhfuil tionchar suntasach acu ar sheirbhísí soláthraí seirbhísí iontaoibhe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 nó ar na sonraí pearsanta a choimeádann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe sin, tabharfar fógra do CSIRT gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoin teagmhas;

Leasú  207

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) arna iarraidh sin d’údarás inniúil nó do CSIRT, tuarascáil idirmheánach maidir leis an eolas is déanaí agus is ábhartha faoin stádas;

(b) tuarascáil idirmheánach maidir le nuashonruithe stádais ábhartha, arna iarraidh sin do CSIRT;

Leasú  208

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe c – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an tuarascáil faoi phointe (a) a chur isteach, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(c) tuarascáil chuimsitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an fhógra tosaigh a chur isteach, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

Leasú  209

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) i gcás teagmhas atá fós ag dul ar aghaidh tráth thíolacadh na tuarascála cuimsithí dá dtagraítear i bpointe (c), cuirfear tuarascáil chríochnaitheach ar fáil mí amháin tar éis an teagmhas a réiteach;

Leasú  210

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Forálfaidh na Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú leis na húdaráis inniúla nó CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna a leagtar síos i bpointí (a) agus (c).

Forálfaidh na Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú le CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna a leagtar síos i bpointe (a)(i) agus (ii) agus pointe (c). Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht agus cosaint iomchuí faisnéise íogaire maidir le teagmhais a roinntear le CSIRTanna, agus glacfaidh siad bearta agus nósanna imeachta chun faisnéis teagmhais a chomhroinnt agus a athúsáid.

Leasú  211

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4a. Bunóidh na Ballstáit pointe iontrála aonair le haghaidh na bhfógraí uile a cheanglaítear faoin Treoir seo agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais. Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, teimpléid fógra choiteanna a fhorbairt agus a fheabhsú go seasta trí bhíthin treoirlínte chun an fhaisnéis tuairisciúcháin a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú agus chun an t-ualach ar eintitis tuairisciúcháin a laghdú.

Leasú  212

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4b. Féadfaidh na heintitis bhunriachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh trí fhógra a thabhairt do CSIRT an Bhallstáit ina bhfuil an phríomhbhunaíocht laistigh den Aontas ag na heintitis, agus trí fhógra a thabhairt do na heintitis bhunriachtanacha agus thábhachtacha a soláthraíonn siad seirbhísí dóibh faoi aon teagmhas suntasach arb eol tionchar a bheith aige ar fhaighteoir na seirbhísí.

Leasú  213

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Soláthróidh na húdaráis náisiúnta inniúla nó CSIRT, laistigh de 24 uair an chloig tar éis an fógra tosaigh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 a fháil, freagra don eintiteas dá dtugtar fógra, lena n-áirítear aiseolas tosaigh faoin teagmhas agus, arna iarraidh sin don eintiteas, treoraíocht maidir le bearta maolúcháin féideartha a chur chun feidhme. I gcás nach bhfuair CSIRT an fógra dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an t-údarás inniúil an treoraíocht i gcomhar le CSIRT. Soláthróidh CSIRT tacaíocht theicniúil bhreise má iarrann an t-eintiteas lena mbaineann amhlaidh. I gcás ina bhfuil amhras ann gur de chineál cóiriúil an teagmhas, soláthróidh na húdaráis náisiúnta inniúla nó CSIRT treoraíocht freisin maidir leis an teagmhas a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí.

5. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla nó CSIRT, laistigh de 24 uair an chloig tar éis an fógra tosaigh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 a fháil, freagra don eintiteas dá dtugtar fógra, lena n-áirítear aiseolas tosaigh faoin teagmhas agus, arna iarraidh sin don eintiteas, treoraíocht agus comhairle inghníomhaithe maidir le bearta maolúcháin féideartha a chur chun feidhme. Soláthróidh CSIRT tacaíocht theicniúil bhreise má iarrann an t-eintiteas lena mbaineann amhlaidh. I gcás ina bhfuil amhras ann gur de chineál cóiriúil an teagmhas, soláthróidh CSIRT treoraíocht freisin maidir leis an teagmhas a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí. Féadfaidh CSIRT faisnéis faoin teagmhas a chomhroinnt le heintitis thábhachtacha agus bhunriachtanacha eile, agus fós rúndacht na faisnéise arna soláthar ag an eintiteas tuairiscithe a áirithiú.

Leasú  214

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. I gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás ina mbaineann an teagmhas dá dtagraítear i mír 1 le dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfidh an t-údarás inniúil nó CSIRT na Ballstáit eile dá ndéantar difear agus ENISA ar an eolas faoin teagmhas. Leis sin, déanfaidh na húdaráis inniúla, na CSIRTanna agus na pointí teagmhála aonair, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis chomh maith le rúndacht na faisnéise arna soláthar a chaomhnú.

6. I gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás ina mbaineann an teagmhas dá dtagraítear i mír 1 le dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh CSIRT na Ballstáit eile a ndéanfar difear dóibh, agus ENISA, a chur ar an eolas faoin teagmhas agus faisnéis ábhartha a sholáthar. Leis sin, déanfaidh na CSIRTanna agus na pointí teagmhála aonair, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis chomh maith le rúndacht na faisnéise arna soláthar a chaomhnú.

Leasú  215

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas a chosc nó déileáil le teagmhas leanúnach, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais chun leas an phobail ar bhealach eile, féadfaidh an t-údarás inniúil nó CSIRT, agus i gcás inarb iomchuí na húdaráis nó na CSIRTanna de chuid Ballstáit eile lena mbaineann, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an eintiteas lena mbaineann, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas nó a cheangal ar an eintiteas déanamh amhlaidh.

7. I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas a chosc nó déileáil le teagmhas leanúnach, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais chun leas an phobail ar bhealach eile, féadfaidh CSIRT, agus i gcás inarb iomchuí na CSIRTanna de chuid Ballstáit eile lena mbaineann, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an eintiteas lena mbaineann, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas nó a cheangal ar an eintiteas déanamh amhlaidh.

Leasú  216

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7a. Déanfaidh CSIRTanna, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis maidir le teagmhais shuntasacha ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le mír 1 a sholáthar don phointe teagmhála aonair agus, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis inniúla.

Leasú  217

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Arna iarraidh sin don údarás inniúil nó do CSIRT, cuirfidh an pointe teagmhála aonair fógraí arna bhfáil de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar aghaidh chuig na pointí teagmhála aonair de chuid Ballstáit eile dá ndéantar difear.

8. Arna iarraidh sin don CSIRT, cuirfidh an pointe teagmhála aonair fógraí arna bhfáil de bhun mhír 1 ar aghaidh chuig na pointí teagmhála aonair de chuid Ballstáit eile dá ndéantar difear, agus fós rúndacht agus cosaint iomchuí na faisnéise arna soláthar ag an eintiteas tuairiscithe a áirithiú.

Leasú  218

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Déanfaidh an pointe teagmhála aonair tuarascáil achomair a chur faoi bhráid ENISA ar bhonn míosúil lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais, cibearbhagairtí móra agus neasteagmhais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus i gcomhréir le hAirteagal 27. Chun rannchuidiú le soláthar faisnéise inchomparáide, féadfaidh ENISA treoraíocht theicniúil a eisiúint maidir le paraiméadair na faisnéise a áirítear sa tuarascáil achomair.

9. Déanfaidh an pointe teagmhála aonair tuarascáil achomair a chur faoi bhráid ENISA ar bhonn míosúil lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais, cibearbhagairtí móra agus neasteagmhais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus i gcomhréir le hAirteagal 27. Chun rannchuidiú le soláthar faisnéise inchomparáide, féadfaidh ENISA treoraíocht theicniúil a eisiúint maidir le paraiméadair na faisnéise a áirítear sa tuarascáil achomair.

Leasú  219

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], ar faisnéis í maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí a dtugann eintitis fhíor-riachtanacha arna n-ainmniú mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, fógra fúthu i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil].

10. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], ar faisnéis í maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí a dtugann eintitis fhíor-riachtanacha arna n-ainmniú mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, fógra fúthu i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus i gcomhréir le hAirteagal 27, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil].

Leasú  220

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta a bhaineann le fógra a chuirtear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin chun sonrú breise a dhéanamh ar na cásanna ina measfar gur teagmhas mór é teagmhas amhail dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an nós imeachta a bhaineann le fógra a chuirtear isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus de bhun Airteagal 27. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Leasú  221

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11a. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 36, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar an sórt faisnéise a bheidh le cur isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus trí shonrú breise a dhéanamh ar na paraiméadair a bheidh le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoina thábhachtaí atá teagmhas amhail dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Leasú  222

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun a léiriú go bhfuil ceanglais áirithe d’Airteagal 18 á gcomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC áirithe a dheimhniú faoi scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach na táirgí, na seirbhísí agus na próisis a fhorbairt faoi réir deimhniú féadfaidh tríú páirtithe iad a sholáthar.

1. Déanfaidh na Ballstáit, de dhroim comhairle ó ENISA, ón gCoimisiún agus ón nGrúpa Comhair, eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a spreagadh le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC áirithe, arna bhforbairt ag an eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach nó arna bhfáil ó thríú páirtithe, a dheimhniú faoi scéimeanna Eorpacha um chibearshlándáil arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881 nó, mura bhfuil siad sin ar fáil fós, faoi scéimeanna comhchosúla um dheimhniú a mbeidh aitheantas idirnáisiúnta acu. Thairis sin, spreagfaidh na Ballstáit eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha le seirbhísí iontaoibhe cáilithe a úsáid de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

Leasú  223

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach a gceanglófar orthu deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh de bhun mhír 1. Glacfar na gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 36.

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 36, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na catagóirí eintiteas sár-riachtanach agus tábhachtach a gceanglaítear orthu deimhniú a fháil faoi scéimeanna Eorpacha sonracha i ndáil le cibearshlándáil de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881. Measfar na gníomhartha tarmligthe sin i gcás ina mbeidh leibhéil chibearshlándála neamhleora sainaitheanta, déanfar measúnú tionchair orthu roimh ré agus déanfar foráil iontu do thréimhse cur chun feidhme.

Leasú  224

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach a ullmhú de bhun Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2019/881 i gcásanna nach bhfuil aon scéim Eorpach iomchuí um dheimhniú cibearshlándála ar fáil chun críocha mhír 2.

3. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair agus leis an nGrúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach a ullmhú de bhun Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2019/881 i gcásanna nach bhfuil aon scéim Eorpach iomchuí um dheimhniú cibearshlándála ar fáil chun críocha mhír 2.

Leasú  225

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit, comhairle agus treoirlínte a tharraingt suas maidir leis na réimsí teicniúla atá le breithniú i ndáil le mír 1 agus maidir leis na caighdeáin atá ann cheana, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta de chuid na mBallstát, lena gceadófaí na réimsí sin a chumhdach.

2. Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit, agus, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, comhairle agus treoirlínte a tharraingt suas maidir leis na réimsí teicniúla atá le breithniú i ndáil le mír 1 agus maidir leis na caighdeáin atá ann cheana, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta de chuid na mBallstát, lena gceadófaí na réimsí sin a chumhdach.

Leasú  226

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tacóidh an Coimisiún, i gcomhar le ENISA, le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán arna leagan síos ag comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú de chuid an Aontais agus ag comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta um chaighdeánú chun Airteagal 18(1) agus (2) a chur chun feidhme go cóineasaithe, agus cuirfidh sé na caighdeáin sin chun cinn. Tacóidh an Coimisiún le nuashonrú na gcaighdeán i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha.

Leasú  227

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunachair sonraí d’ainmneacha fearainn agus de shonraí clárúcháin

Struchtúr bunachair sonraí d’ainmneacha fearainn agus de shonraí clárúcháin

Leasú  228

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun rannchuidiú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a bhailiú agus a choinneáil ar bun i saoráid bunachair sonraí thiomnaithe le dícheall cuí faoi réir dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith sonraí ar sonraí pearsanta iad.

1. Chun rannchuidiú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS, ceanglóidh na Ballstáit ar chlárlanna TLD agus ar na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn, fíoraithe agus iomlán a bhailiú agus a choinneáil ar bun i struchtúr bunachair sonraí a oibrítear chun na gcríoch sin.

Leasú  229

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis i mbunachair sonraí na sonraí cláraithe ainm fearainn dá dtagraítear i mír 1, ar faisnéis ábhartha í chun sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn agus na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoi na TLDanna a shainaithint agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis i struchtúr bunachair sonraí na sonraí cláraithe ainm fearainn dá dtagraítear i mír 1, ar faisnéis ábhartha í, a mbeidh an méid seo a leanas inti ar a laghad: ainm an chláraí, seoladh fisiciúil agus seoladh ríomhphoist an chláraí agus uimhir theileafóin an chláraí, chun sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn agus na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoi na TLDanna a shainaithint agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

Leasú  230

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag clárlanna TLD agus ag na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chruinn agus iomlán sna bunachair sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na beartais agus na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag clárlanna TLD agus ag eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chruinn, fhíoraithe agus iomlán sa struchtúr bunachair sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na beartais agus na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí.

Leasú  231

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD, sonraí cláraithe fearainn nach sonraí pearsanta iad a fhoilsiú, gan moill mhíchuí tar éis clárú ainm fearainn.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn, sonraí cláraithe fearainn nach sonraí pearsanta iad a chur ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí tar éis clárú ainm fearainn. Maidir le daoine dlítheanacha mar chláraithe, áireofar sna sonraí clárúcháin fearainn a bheidh ar fáil don phobal, ar a laghad, ainm na gcláraithe, a seoladh fisiciúil agus a seoladh ríomhphoist mar aon lena n-uimhir theileafóin.

Leasú  232

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD rochtain a sholáthar ar shonraí cláraithe ainm fearainn sonracha tar éis iarrataí dleathacha a bhfuil údar cuí leo a fháil ó iarrthóirí dlisteanacha ar rochtain, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD gan moill mhíchuí do na hiarrataí uile ar rochtain. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil go poiblí na beartais agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a nochtadh.

5. Ceanglóidh na Ballstáit ar chlárlanna TLD agus ar na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn rochtain a sholáthar ar shonraí cláraithe ainm fearainn sonracha, lena n-áirítear sonraí pearsanta, tar éis iarrataí a bhfuil údar cuí leo a fháil ó chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ceanglóidh na Ballstáit ar chlárlanna TLD agus ar na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn freagra a thabhairt, gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig ón uair a gheobhaidh siad na hiarrataí ar rochtain. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil go poiblí na beartais agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a nochtadh.

Leasú  233

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 24 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh a bpríomhbhunaíocht san Aontas ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Mura ndéantar na cinntí sin in aon bhunaíocht san Aontas, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ag a bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag na heintitis.

2. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh a bpríomhbhunaíocht san Aontas ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Mura ndéantar na cinntí sin in aon bhunaíocht san Aontas, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ag a bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag na heintitis nó an bhunaíocht ina ndéantar oibríochtaí cibearshlándála.

Leasú  234

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 25 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Clárlann le haghaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha

Clárlann ENISA

Leasú  235

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 25 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh ENISA clárlann le haghaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chruthú agus a choinneáil ar bun. Cuirfidh na heintitis an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid ENISA faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ar a dhéanaí]:

1. Déanfaidh ENISA clárlann shlán d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chruthú agus a choinneáil ar bun, ina n-áireofar an fhaisnéis seo a leanas.

Leasú  236

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 25 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) sonraí teagmhála atá cothrom le dáta, lena n-áirítear seoltaí ríomhphoist agus uimhreacha teileafóin na n-eintiteas.

(c) sonraí teagmhála atá cothrom le dáta, lena n-áirítear seoltaí ríomhphoist, raonta IP, uimhreacha teileafóin agus earnálacha agus fo-earnálacha ábhartha na n-eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

Leasú  237

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 25 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh na heintitis bhunriachtanacha agus thábhachtacha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid ENISA.

Leasú  238

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha faisnéis ábhartha maidir leis an gcibearshlándáil a mhalartú eatarthu féin lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta, i gcás inarb amhlaidh maidir leis an gcomhroinnt faisnéise sin:

1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis riachtanacha thábhachtacha agus eintitis ábhartha eile nach gcumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo faisnéis ábhartha faoin gcibearshlándáil a mhalartú eatarthu féin lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, teicnící agus nósanna imeachta, meiteashonraí agus sonraí inneachair, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht na sáraíochta, modus operandi, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe, foláirimh chibearshlándála, oirbheartaíocht spiaireachta tionsclaíche agus cumraíochtaí molta maidir le huirlisí slándála, i gcás inarb amhlaidh maidir leis an gcomhroinnt faisnéise sin:

Leasú  239

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) feabhsaítear an leibhéal cibearshlándála léi, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas na mbagairtí sin chun scaipeadh a theorannú nó a bhacadh, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, teicnící chun bagairtí a bhrath, straitéisí maolúcháin, nó céimeanna freagartha agus téarnaimh.

(b) feabhsaítear an leibhéal cibearshlándála léi, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas na mbagairtí sin chun scaipeadh a theorannú nó a bhacadh, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, teicnící chun bagairtí a bhrath, a shrianadh agus a chosc, straitéisí maolúcháin, céimeanna freagartha agus téarnaimh nó taighde comhoibritheach ar chibearbhagairtí idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn.

Leasú  240

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis a mhalartú laistigh de phobail iontaofa eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach. Déanfar an malartú sin a chur chun feidhme trí shocruithe um chomhroinnt faisnéise i dtaca le cineál íogair féideartha na faisnéise arna comhroinnt agus i gcomhréir le rialacha dhlí an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

2. Éascóidh na Ballstáit malartú faisnéise trína fhágáil gur féidir pobail iontaofa eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach agus a soláthraithe seirbhíse nó, i gcás inarb ábhartha, soláthraithe eile, a bhunú. Déanfar an malartú sin a chur chun feidhme trí shocruithe um chomhroinnt faisnéise i dtaca le cineál íogair féideartha na faisnéise arna comhroinnt.

Leasú  241

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Leagfaidh na Ballstáit rialacha amach lena sonraítear an nós imeachta, na heilimintí oibríochtúla (lena n-áirítear úsáid ardán TFC tiomnaithe), ábhar agus coinníollacha na socruithe um chomhroinnt faisnéise dá dtagraítear i mír 2. Leis na rialacha sin leagfar síos freisin na mionsonraí i dtaobh rannpháirtíocht údarás poiblí sna socruithe sin, chomh maith le heilimintí oibríochtúla, lena n-áirítear úsáid ardán TFC tiomnaithe. Tairgfidh na Ballstáit tacaíocht do chur i bhfeidhm na socruithe sin i gcomhréir lena mbeartais dá dtagraítear in Airteagal 5(2) (g).

3. Éascóidh na Ballstáit bunú na socruithe maidir le comhroinnt faisnéise i ndáil leis an gcibearshlándáil dá dtagraítear i mír 2 trí ghnéithe oibríochtúla (lena n-áirítear ardáin TFC thiomnaithe agus uirlisí uathoibrithe tiomnaithe a úsáid) agus inneachar a chur ar fáil. Leagfaidh na Ballstáit síos na mionsonraí maidir le rannpháirtíocht na n-údarás poiblí sna socruithe sin agus féadfaidh siad coinníollacha áirithe a fhorchur maidir leis an bhfaisnéis a chuirfidh údaráis inniúla nó CSIRTanna ar fáil. Tairgfidh na Ballstáit tacaíocht do chur i bhfeidhm na socruithe sin i gcomhréir lena mbeartais dá dtagraítear in Airteagal 5(2) (g).

Leasú  242

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 27 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 3, go bhféadfaidh eintitis a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo fógraí a chur isteach, ar bhonn deonach, faoi theagmhais, cibearbhagairtí nó neasteagmhais mhóra. Agus fógraí á bpróiseáil acu, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20. Féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Le tuairisciú deonach, ní fhorchuirfear aon oibleagáid bhreise ar an eintiteas tuairisciúcháin nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra curtha isteach aige.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar fógraí a thíolacadh do na CSIRTanna, ar bhonn deonach, trí:

Leasú  243

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe a k (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) eintitis bhunriachtanacha agus eintitis thábhachtacha maidir le cibearbhagairtí agus neasteagmhais;

Leasú  244

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe b k (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) eintitis nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, maidir le teagmhais shuntasacha, cibearbhagairtí nó neasteagmhais.

Leasú  245

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Agus na fógraí sin á bpróiseáil acu, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20. Féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. I gcás inar gá, déanfaidh CSIRTanna an fhaisnéis maidir le fógraí a gheofar de bhun an Airteagail seo a sholáthar don phointe teagmhála aonair agus, i gcás inarb ábhartha, do na húdaráis inniúla, agus fós rúndacht agus cosain iomchuí na faisnéise arna soláthar ag an eintiteas tuairiscithe a áirithiú. Le fógra deonach, ní fhorchuirfear aon oibleagáid bhreise ar an eintiteas tuairisciúcháin nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra curtha isteach aige.

Leasú  246

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis cosanta sonraí agus iad ag dul i ngleic le teagmhais a dtagann sáruithe maidir le sonraí pearsanta astu.

2. Oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis cosanta sonraí agus iad ag dul i ngleic le teagmhais a dtagann sáruithe maidir le sonraí pearsanta astu. Déanfar é sin i gcomhréir lena n-inniúlacht agus lena gcúraimí de bhun Rialachán (AE) 2016/679.

Leasú  247

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht lasmuigh den láthair, lena n-áirítear seiceálacha randamacha;

(a) cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht lasmuigh den láthair, lena n-áirítear seiceálacha randamacha arna ndéanamh ag gairmithe oilte;

Leasú  248

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(aa) imscrúdú ar chásanna neamhchomhlíonta agus a n-éifeachtaí ar shlándáil na seirbhísí;

Leasú  249

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) iniúchtaí tráthrialta;

(b) iniúchtaí slándála bliantúla agus spriocdhírithe arna ndéanamh ag comhlacht neamhspleách cáilithe nó ag údarás inniúil;

Leasú  250

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil;

(c) iniúchtaí ad hoc i gcásanna a bhfuil údar leo mar gheall ar theagmhas suntasach nó ar neamhchomhlíonadh eintitis bhunriachtanaigh;

Leasú  251

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 2 – fomhíreanna 1 a agus 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh na hiniúchtaí spriocdhírithe slándála, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, bunaithe ar mheasúnuithe riosca arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, nó ar fhaisnéis eile riosca atá ar fáil.

Cuirfear torthaí aon iniúchta slándála spriocdhírithe ar fáil don údarás inniúil. Is é an t-eintiteas lena mbaineann a íocfaidh costais an iniúchta slándála spriocdhírithe sin arna dhéanamh ag comhlacht neamhspleách cáilithe.

Leasú  252

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2a. I gcás ina mbeidh siad ag feidhmiú a gcumhachtaí faoi mhír 2, pointí (a) go (d), déanfaidh na húdaráis inniúla an tionchar ar phróisis ghnó an eintitis a íoslaghdú.

Leasú  253

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 4 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoracha ceangailteacha nó ordú a eisiúint lena gceanglaítear ar na heintitis sin na heasnaimh arna sainaithint nó na sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a leigheas;

(b) treoracha ceangailteacha, lena n-áirítear maidir leis na bearta is gá chun teagmhas a chosc nó a leigheas, mar aon le teorainneacha ama chun na bearta sin a chur chun feidhme agus chun tuarascáil a thabhairt ar a gcur chun feidhme, nó ordú a eisiúint lena gceanglaítear ar na heintitis sin na heasnaimh arna sainaithint nó na sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a leigheas;

Leasú  254

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 4 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) ráiteas poiblí a dhéanamh lena sainaithnítear an duine dlítheanach agus nádúrtha nó na daoine dlítheanacha agus nádúrtha atá freagrach as an sárú ar oibleagáid a leagtar síos sa Treoir seo agus cineál an tsáraithe sin;

scriosta

Leasú  255

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 4 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) fíneáil riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfidh na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha fíneáil riaracháin de réir dlíthe náisiúnta de bhun Airteagal 31 i dteannta, nó in ionad, na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) den mhír seo, de réir imthosca gach cáis aonair.

(j) fíneáil riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfidh na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha fíneáil riaracháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 31 i dteannta, nó in ionad, na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) den mhír seo, de réir imthosca gach cáis aonair.

Leasú  256

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí nó de na gníomhaíochtaí arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach nó maidir leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin uile a fhionraí nó iarraidh ar chomhlacht deimhniúcháin nó údarúcháin déanamh amhlaidh;

(a) deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí ábhartha arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach nó maidir leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin uile a fhionraí go sealadach nó iarraidh ar chomhlacht deimhniúcháin nó údarúcháin déanamh amhlaidh;

Leasú  257

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 – fomhír  1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) toirmeasc sealadach a fhorchur nó a iarraidh ar na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha toirmeasc sealadach a fhorchur de réir dlíthe náisiúnta in aghaidh aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta ar leibhéal an phríomhoifigigh feidhmiúcháin nó an ionadaí dlí san eintiteas fíor-riachtanach sin, agus aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú, ar toirmeasc é ar fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú san eintiteas sin.

(b) mar ultima ratio, a iarraidh ar na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha toirmeasc sealadach a fhorchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta in aghaidh aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta ar leibhéal an phríomhoifigigh feidhmiúcháin nó an ionadaí dlí san eintiteas fíor-riachtanach sin, ar toirmeasc é ar fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú san eintiteas sin.

Leasú  258

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní chuirfear na smachtbhannaí sin i bhfeidhm go ndéanfaidh an t-eintiteas an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh.

Ní dhéanfar fionraíochtaí sealadacha nó toirmisc shealadacha de bhun na míre seo a chur i bhfeidhm ach go dtí go ndéanfaidh an t-eintiteas lena mbaineann an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh. Beidh forchur na bhfionraíochtaí sealadacha nó na dtoirmeasc sealadach sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus na Cairte, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach, próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

Leasú  259

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) an damáiste iarbhír a rinneadh nó na caillteanais iarbhír a tabhaíodh nó an damáiste nó na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith déanta, a mhéid is féidir iad a chinneadh. I gcás ina bhfuil meastóireacht á déanamh ar an ngné sin, ba cheart, i measc nithe eile, caillteanais iarbhír nó fhéideartha airgeadais nó eacnamaíochta a chur san áireamh mar aon le héifeachtaí ar sheirbhísí eile, líon na n-úsáideoirí a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh;

(c) an damáiste a rinneadh nó na caillteanais a tabhaíodh lena n-áirítear caillteanais airgeadais nó eacnamaíochta, éifeachtaí ar sheirbhísí eile agus líon na n-úsáideoirí a ndéantar difear dóibh;

Leasú  260

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) aon sáruithe ábhartha a rinne an t-eintiteas lena mbaineann roimhe sin;

Leasú  261

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 29 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-údaráis inniúla na húdaráis inniúla ábhartha de chuid na mBallstát lena mbaineann arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] ar an eolas agus a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil, nó mar eintiteas atá coibhéiseach le heintiteas criticiúil, faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] na hoibleagáidí de bhun na Treorach seo. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], féadfaidh údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach arna shainaithint mar eintiteas criticiúil nó coibhéiseach.

9. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-údaráis inniúla údaráis inniúla ábhartha na mBallstát ábhartha uile arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] ar an eolas agus a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil, nó mar eintiteas atá coibhéiseach le heintiteas criticiúil, faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] na hoibleagáidí de bhun na Treorach seo. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], féadfaidh údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach arna shainaithint mar eintiteas criticiúil nó coibhéiseach.

Leasú  262

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n-údaráis inniúla le húdaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann arna n-ainmniú de bhun Rialachán (AE) XXXX/XXXX [DORA].

Leasú  263

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Nuair a sholáthraítear faisnéis nó léiriú nach bhfuil eintiteas tábhachtach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, agus in Airteagail 18 agus 20 go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht, i gcás inar gá, trí bhearta maoirseachta ex post.

1. Nuair a sholáthraítear faisnéis nó léiriú nach bhfuil eintiteas tábhachtach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, agus in Airteagail 18 agus 20 go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht, i gcás inar gá, trí bhearta maoirseachta ex post. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus imthosca gach cáis aonair á gcur san áireamh.

Leasú  264

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) cigireachtaí ar an láthair agus maoirseacht ex post lasmuigh den láthair;

(a) cigireachtaí ar an láthair agus  maoirseacht ex post lasmuigh den láthair arna ndéanamh ag gairmithe oilte;

Leasú  265

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 30 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(aa) imscrúdú ar chásanna neamhchomhlíonta agus a n-éifeachtaí ar shlándáil na seirbhísí;

Leasú  266

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil;

(b) iniúchtaí slándála spriocdhírithe arna ndéanamh ag comhlacht neamhspleách cáilithe nó ag údarás inniúil;

Leasú  267

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 30 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) scanacháin slándála bunaithe ar chritéir measúnaithe riosca atá oibiachtúil, cóir agus trédhearcach;

(c) scanacháin slándála bunaithe ar chritéir measúnaithe riosca atá oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cóir agus trédhearcach;

Leasú  268

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 30 – mír 2 – fomhíreanna 1 a agus 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh na hiniúchtaí spriocdhírithe slándála, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, bunaithe ar mheasúnuithe riosca arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, nó ar fhaisnéis eile riosca atá ar fáil.

Cuirfear torthaí aon iniúchta slándála spriocdhírithe ar fáil don údarás inniúil. Is é an t-eintiteas lena mbaineann a íocfaidh costais an iniúchta slándála spriocdhírithe sin arna dhéanamh ag comhlacht neamhspleách cáilithe.

Leasú  269

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 30 – mír 4 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) ráiteas poiblí a dhéanamh lena sainaithnítear an duine dlítheanach agus nádúrtha nó na daoine dlítheanacha agus nádúrtha atá freagrach as an sárú ar oibleagáid a leagtar síos sa Treoir seo agus cineál an tsáraithe sin;

scriosta

Leasú  270

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 4 – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) fíneáil riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfidh na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha fíneáil riaracháin de réir dlíthe náisiúnta de bhun Airteagal 31 i dteannta nó, in ionad, na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) den mhír seo, de réir imthosca gach cáis aonair.

(i) fíneáil riaracháin a fhorchur nó a iarraidh go bhforchuirfidh na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha fíneáil riaracháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 31 i dteannta nó, in ionad, na mbeart dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) den mhír seo, de réir imthosca gach cáis aonair.

Leasú  271

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 31 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar fíneálacha riaracháin, de réir imthosca gach cáis aonair, a fhorchur i dteannta, nó in ionad, bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 29(4), Airteagal 29(5) agus pointí (a) go (h) d’Airteagal 30(4).

2. Déanfar fíneálacha riaracháin, de réir imthosca gach cáis aonair a fhorchur i dteannta bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 29(4), Airteagal 29(5) agus pointí (a) go (h) d’Airteagal 30(4).

Leasú  272

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina léirítear do na húdaráis inniúla go mbaineann sárú eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 le sárú maidir le sonraí pearsanta, arna shainmhíniú le hAirteagal 4(12) de Rialachán (AE) 2016/679 a dtabharfar fógra faoi de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, cuirfidh siad na húdaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagail 55 agus 56 den Rialachán sin ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama.

1. I gcás ina léirítear do na húdaráis inniúla go mbaineann sárú eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 le sárú maidir le sonraí pearsanta, arna shainmhíniú in Airteagal 4, pointe 12 de Rialachán (AE) 2016/679 a dtabharfar fógra faoi de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, cuirfidh siad na húdaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagail 55 agus 56 den Rialachán sin ar an eolas gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig ón uair a chuirfear ar an eolas faoi shárú ar shonraí iad.

Leasú  273

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 32 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina mbunaítear an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Rialachán (AE) 2016/679 i mBallstát eile seachas Ballstát an údaráis inniúil, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-údarás maoirseachta atá bunaithe sa Bhallstát céanna a chur ar an eolas.

Leasú  274

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 35 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Leis an tuarascáil déanfar measúnú go háirithe ar a ábhartha atá earnálacha, fo-earnálacha, méid agus cineál na n-eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí i ndáil leis an gcibearshlándáil. Chun na críche sin agus d’fhonn an comhar straitéiseach agus oibríochtúil a chur chun cinn tuilleadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna san áireamh maidir leis an taithí arna fáil ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoi… 54 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Faoin … [42 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach 36 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil, déanfar measúnú go háirithe ar a ábhartha atá na hearnálacha, na fo-earnálacha, an méid agus na cineálacha eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí i ndáil leis an gcibearshlándáil. Chun na críche sin agus d’fhonn an comhar straitéiseach agus oibríochtúil a chur chun cinn tuilleadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna san áireamh maidir leis an taithí arna fáil ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá.

Leasú  275

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 36 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) agus in Airteagal 21(2) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ó […]

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18(6), 20(11a) agus 21(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó […]

Leasú  276

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 36 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(6) agus in Airteagal 21(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 18(6), 20(11a) agus 21(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Leasú  277

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 36 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(6) agus Airteagal 21(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18(6), 20(11a) agus 21(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  278

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 42 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag Airteagail 39 agus 40, áfach, ón... 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Leasú  279

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe d – fleasc 2 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Iompar

(d) Bóthar

 Oibreoirí seirbhísí luchtaithe cliste d’fheithiclí leictreacha

Leasú  280

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn II – tábla – ró 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6a. Oideachas agus taighde

 Institiúidí ardoideachais agus institiúidí taighde

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Is mian leis an Rapóirtéir an Eoraip a bheith ar an áit chónaithe is fearr agus ar an áit is fearr chun gnó a dhéanamh.

Is geal leis an Rapóirtéir ar an ábhar sin an Treoir maidir le bearta i gcomhair ardleibhéal cibearshlándála ar fud an Aontais (NIS2), treoir a ghlacann ionad bhuntreoir NIS (NIS1). Léiríonn an togra an tírdhreach athraithe maidir le bagairtí cibearshlándála agus tionscnaíonn sé íos-chomhchuibhiú beart ar fud AE.

Is ag dul i méid ar feadh an ama atá an streachailt a dhéanann fórsaí póilíneachta na hEorpa sa lá inniu agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an ardú mór ar theagmhais chibearchoireachta. San áireamh ansin bheadh coireacht ardteic, coireacht chibearchumasaithe agus calaois-POF, ach is é an méadú borb ar dhronganna bogearraí éirice is mian leis an Rapóirtéir a thabhairt chun suntais go soiléir, dronganna a bhfuil spriocanna Eorpacha á haiceáil agus á ndúmhál acu, beag beann ar mhéid nó ar láimhdeachas na spriocanna sin. Díríonn gníomhaithe na náisiúnstát naimhdeach, ar a seal, ar mhaoin intleachtúil a ghoid ar scála tionsclaíoch, agus is freagra ar an scála céanna a theastaíonn.

Deir ENISA, mar sin féin, go bhfuil an caiteachas ginearálta ar an gcibearshlándáil ag eagraíochtaí san Aontas Eorpach 41 % níos ísle ná ag a gcontrapháirtí sna Stáit Aontaithe. Rud eile de, cuireadh srian ar chomhroinnt na faisnéise idir thíortha agus laistigh de thíortha de bharr faitíos faoi dhliteanas maidir le RGCS. Is léir é sin sna heintitis phoiblí agus phríobháideacha, araon, a bhfuil faitíos orthu sonraí a chomhroinnt. Caithfidh NIS2 a bheith soiléir dá réir sin gur bunriachtanas an chomhroinnt faisnéise chun na ceanglais maidir le cibearshlándáil a chomhlíonadh.

Tá leibhéal comhchoiteann cibearshlándála ríthábhachtach san Aontas chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach. Tá reachtaíocht dea-shainithe riachtanach chun go mbeidh an tacar céanna rialacha i bhfeidhm d’fhiontair a oibríonn i mBallstáit éagsúla. Tá NIS2 ag iarraidh fáil réidh leis an éiginnteacht agus leis an easpa soiléire atá ann faoi láthair.

I ré inar féidir éifeachtaí cascáideacha a bheith ag baint le hoibríochtaí cibearchoireachta, spiaireachta nó sabaitéireachta, déanann NIS2 leathnú suntasach ar an raon feidhme. Áirítear sa togra earnálacha nár measadh a bheith fíor-riachtanach ná tábhachtach cheana, ach a bhfeictear do dhronganna earraí éirice nó náisiúnstáit áirithe tábhacht chinnte a bheith ag baint leo. Bunaithe ar na seirbhísí a bhíonn á seachadadh ag eintitis do shochaithe, déantar an dá chatagóir dhlíthiúla seo a leanas díobh: eintitis ‘fhíor-riachtanacha’ agus eintitis ‘thábhachtacha’. Tá an uaillmhian chéanna ag an Rapóirtéir is atá ag an togra ón gCoimisiún, agus creideann sé gur chóir institiúidí taighde agus acadúla a áireamh mar earnáil nua. Spriocdhírítear go mór ar na hinstitiúidí sin, agus tá cosaint dlite dá maoin intleachtúil tuillte faoi NIS2.

Caithfidh an t-ualach riaracháin agus an rómhaorlathas i gcás fiontar a bheith ina n-ábhar imní do na reachtóirí uile.  Tacaíonn an Rapóirtéir le heisiamh na micrifhiontar agus na bhfiontar beag. Creideann sé thairis sin, nach ar an gcomhlíontacht agus ar bhearta pionósacha amháin ba cheart do NIS2 a bheith ag díriú, ach ar dhreasachtaí dearfa freisin, amhail treoraíocht agus cúnamh a sholáthar do FBManna, a mbíonn riachtanais agus leasanna sonracha acu, nó ar sheirbhísí a thairgtear go saor chun cumraíocht freastalaithe ríomhphoist agus suíomhanna gréasáin a sheiceáil. Tá moltaí den sórt sin ann chun a léiriú, ina leith sin, nár mhiste do rialtais a bheith dírithe ar chúrsaí seirbhíse.

tuairisciú na dteagmhas criticiúil don chibearshlándáil: d’fhéadfadh sé daoine eile a chosc ó bheith ina n-íospartaigh cibirionsaí. Is mian leis an Rapóirtéir a lua maidir leis an bpost a bhíodh aige cheana i réimse na cibearshlándála, gur mhinic nach n-éiríodh leis teagmhas a thuairisciú laistigh de 24 uair an chloig. Is minic doiléire ag baint le teagmhas sa chéim luath sin. Dar leis an Rapóirtéir, gur amscála míréasúnta é an 24 uair an chloig a bhí á mholadh, agus freisin mar go mbíonn iarrachtaí na saineolaithe á ndíriú ar an bhfadhb a mhaolú; ní chuirtear ach spéis thánaisteach sa tuairisciú ag an bpointe sin. Is annamh a thuigtear an cibirtheagmhas agus a chuid impleachtaí go soiléir laistigh de 24 uair an chloig, agus maidir le fógraí a thabharfaí laistigh de 24 uair an chloig, d’fhéadfadh tuairisciú mícheart a bheith mar thoradh orthu, nó róthuairisceoireacht agus a thuilleadh mearbhaill. Agus ar ndóigh is minic a tharlaíonn na teagmhais sin i gcaitheamh dheireadh na seachtaine. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir an Treoir seo a ailíniú le dlí eile an Aontais, amhail RGCS, agus síneadh dá réir a chur leis an an amlíne, go dtí laistigh de 72 uair an chloig

Níl sé inmhianaithe i dtuairm an Rapóirtéara go mbeadh sé éigeantach teagmhais fhéideartha a thuairisciú. Is ceart a mholadh go ndéanfaí [faisnéis faoi na] teagmhais fhéideartha nó na neasteagmhais a chomhroinnt, ar bhonn deonach, ach d’fhéadfadh na deicheanna nó fiú na céadta cibearbhagairtí suntasacha a bheith ag eintitis mheánmhéide nó mhóra in aon lá amháin.  Bheadh ualach rómhór ag baint leis na teagmhais fhéideartha sin a thuairisciú, agus chuirfí isteach ar éifeachtúlacht na freagartha. D’fhéadfadh sé díobháil a dhéanamh d’éifeachtúlacht na n-údarás a chaithfidh déileáil leis na fógraí sin freisin, agus baint ó mhuinín an chórais tuairiscthe agus óna gcumas gníomhú i leith teagmhas iarbhír.

Níor cheart tuairisciú cibearbhagairtí féideartha do CSIRTanna nó d’údaráis inniula a bheith éigeantach ach an oiread. Cuirfidh comhlíontacht agus dliteanas isteach ar ghníomhaíochtaí na gcuardaitheoirí bagairtí; cuid riachtanach den éiceachóras cibearshlándála. Thairis sin, bíonn ócáidí (tromchúiseacha) ann nuair is fearr bagairt a thuairisciú do phobal na faisnéise, más laistigh dá réimse inniúlachta atá sí, seachas d’údaráis NIS.

Ba cheart bearta cibearshlándála a bheith in oiriúint do mhéid eintitis agus do na rioscaí cibearshlándála a bheidh le sárú aige. Ba cheart maoirseacht agus forfheidhmiú a bheith comhréireach da bhrí sin. Beidh na fíneálacha agus na bearta pionósacha riachtanach má tá reachtaíocht NIS2 le bheith éifeachtach, ach creideann an Rapóirtéir gur cheart do na reachtóirí béim a leagan ar dhréimire géaraithe a bheith ann, agus níor cheart go mbraithfeadh an ardbhainistíocht fórsa an dlí go dtí go léireofaí faillí chruthaithe tar éis rabhaidh arís is arís eile ar. Beidh tábhacht le maoirseacht dhúbailte a chosc freisin trí reachtaíocht a bheidh sainiúil don earnáil, maidir le heintitis a thagann faoi raon feidhme NIS2 agus ceann sainiúil don earnáil, araon, amhail DORA.

Molann an Rapóirtéir do gach ballstát straitéis náisiúnta chibearshlándála maidir le cibearchosaint ghníomhach a cheapadh. Táimid go maith san Eoraip i mbun comhordaithe tar éis do theagmhas tarlú, ach éilítear freagracht freisin maidir leis an méadú ar an eolas (poiblí agus príobháideach) maidir le cibirionsaithe sula dtarlaíonn siad. Ní leor an t-eolas sin a chomhroinnt ar bhonn éighníomhach; bíonn saoránaigh agus eintitis ag súil le seasamh gníomhach óna gcuid rialtas maidir le cosaint na cibearshlándála. Caithfidh na Ballstáit acmhainneachtaí a thionscnamh chun ionsaithe a threascairt agus iad a chosc go gníomhach ó bheith ag tarlú.

Caithfear aird a dhíriú ar chroí an idirlín freisin. Tá sé riachtanach maidir le seirbhísí DNS go mbeadh na seirbhísí a dhéantar a thairiscint do chustaiméirí slán agus intinn phríobháideachais ag baint leo. Ní ghlactar go coitianta leis an méid sin go fóill.  Tá imní ar an Rapóirtéir maidir le saoránaigh a bhfuil seirbhís DNS dá gcuid féin ar ríomhaire glúine nó ar fhreastalaí beag sa bhaile, go dtagann siad faoi raon feidhme an togra ón gCoimisiún. Is mian leis an Rapóirtéir go ndéanfaí na daoine sin, daoine a mbíonn cur amach acu ar an teicneolaíocht go minic, a eisiamh ón Treoir Fadhb eile, go bhfuil oibritheoirí freastalaithe fréamhainmneacha san áireamh i raon feidhme NIS2. Ó d’fhorbair an tIdirlíon sna 1970idí, sna 1980idí agus ina dhiaidh, is saineolaithe maithe ar saorálaithe iad a oibríonn na seirbhísí sin Mar nach saothraítear airgead as an tseirbhís sin, agus mar gur féidir argóint a chur suas nach rialtais a bheadh á rialáil, creideann an Rapóirtéir gur cheart fréamhfhreastalaithe a eisiamh ón raon feidhme.

Is dóigh leis an Rapóirtéir go bhfuil sé an-tábhachtach do shlándáil na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonacha i gcoitinne go ndéanfaí sláine an idirlín a fheabhsú. Is é sin, go mba cheart teicnící trusta idir-inoibrithe a bheith in úsáid ar fud na hEorpa. Moltar go láidir taifeoirí DNS Eorpacha a mbeadh fócas breise acu ar an bpríobháideacht agus ar an tslándáil, mar aon leis an gcosaint fhisiciúil a bhíonn i gceist le cnámha droma idirlín agus cáblaí cumarsáide fomhuirí. Ba cheart an Treoir seo a fheiceáil i bhfianaise phacáiste iomlán na straitéise cibearshlándála arna lainseáil ag an gCoimisiún: is gá croí an idirlín a beith níos sláine.

Foráiltear le NIS2 thairis sin do bhunús dlí maidir le measúnuithe comhordaithe ar an riosca slándála a bheith á ndéanamh ag an nGrúpa Comhair. Is sárshampla é bosca uirlisí 5G. Creideann an Rapóirtéir go bhféadfadh na measúnuithe riosca sin cur go mór le slándáil agus ceannasacht straitéiseach an Aontais agus creideann sé gur cheart na measúnuithe riosca sin a dhéanamh ar raon leathan seirbhísí, córas nó táirgí TFC. Is mian leis scanóirí lastais in aerfoirt agus i gcalafoirt a lua mar shampla sonrach i ndáil leis seo.

Cuireadh srian ar chomhroinnt faisnéise atá fíor-riachtanach, cé nach d’aon ghnó a rinneadh é agus ba cheart an scéal a fheabhsú, Mar shampla: le blianta anuas, tháinig fórsaí póilíneachta ar fhreastalaithe a bhain le dronganna bogearraí éirice agus rinne siad iad a dhíchriptiú, agus bhí na milliúin íospartach iontu, san Aontas agus lasmuigh de. Baineann obair na bpóilíní le bheith ag obair ar chásanna nua, agus cuireann siad ar chumas CSIRTanna dul i dteagmháil le spriocanna agus na cibearbhagairtí a mhaolú leis an bhfaisnéis a nochtadh ar na freastalaithe sin. Ar an drochuair áfach, de dheasca constaicí dlí braite ach gan údar maith leo, is ar éigean a cuireadh scéala chuig íospartach ar bith nó a tugadh cúnamh dóibh. Dá bhrí sin, is den riachtanas é go gcruthódh NIS2 bunús soiléir dlí chun bagairtí den sórt sin a mhaolú agus chun faisnéis a chomhroinnt, ní hamháin laistigh den Aontas, ach le comhpháirtithe lasmuigh den AE freisin.

Leis an raon feidhme feabhsaithe, caithfidh CSIRTanna ullmhú chun réitigh inscálaithe agus uathoibrithe a thairiscint maidir le dáileadh tapa agus slán a dhéanamh i gcás nochtadh leochaileachta comhordaithe, tuairisciú teagmhas agus faisnéis maidir le bagairtí. Ní díorthach den Treoir seo atá san uath-chomhroinnt faisnéise: tá sí ina croílár. Is réamhriachtanas de dhea-rúin uile NIS2, go soláthrófaí an bunús dlí do CSIRTanna agus do chuideachtaí chun a gcuid sonraí a chomhroinnt, lena gcustaiméirí, lena bpiaraí, agus leis na húdaráis, san AE agus lasmuigh de.

Gné dhearfa eile ó thogra an Choimisiúin is ea go mbeadh caighdeáin agus scéimeanna deimhniúcháin in úsáid. Ba cheart go mbeadh an deimhniúchán indéanta trí bhíthin scéimeanna sonracha a bhfuil aitheantas Eorpach agus idirnáisiúnta acu, de rogha ar scéimeanna náisiúnta. Ba cheart gurbh é an comhchuibhiú an sprioc; ba cheart na rialacha i mBallstát amháin a bheith comhchosúil leis na rialacha i mBallstáit eile.

Ceanglaíonn togra NIS2 ar ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Creideann an Rapóirtéir gurbh fhearr bunachar sonraí leochaileachta Eorpach de rogha ar chlárlann. Is ar éigean is fiú dúbailt a dhéanamh ar a bhfuil ar bun cheana agus in úsáid ag pobal na cibearshlándála mar chaighdeán comhchoiteann i ngach cuid den domhan. Easaontas agus mearbhall i bpobal na saineolaithe a bheidh mar thoradh ar an dúbailt. Ba cheart go ndéanfadh bunachar sonraí Eorpach, seachas clárlann, leas a bhaint as clárlann CVE; liosta na dtaifead de leochaileachtaí cibearshlándála idirnáisiúnta atá ar eolas go poiblí, an liosta atá in úsáid ar fud an domhain. Creideann an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh ról suntasach nua ag ENISA laistigh de chlárlann CVE, atá bunaithe sna Stáit Aontaithe den chuid is mó anois. Ba cheart dúbailt iarrachtaí a chosc thairis sin; is é an toradh inmhianaithe, bunachar sonraí agus dúshláin uathúla ann d'eagraíochtaí Eorpacha. Ar deireadh, ach pointe tábhachtach, tugann an Rapóirtéir chun suntais go bhfuil sé ríthabhachtach do ENISA an bonneagar agus na nósanna imeachta a bheith curtha ar bun chun déileáil le faisnéis rúnaicmithe. Ba cheart an chibearshlándáil a láimhseáil ón leibhéal neamh-rúnaicmithe aníos go dtí an leibhéal faoi rún daingean (ar bharr).

Is iad sonraí WHOIS, taifead údarásach na húinéireachta fearann, an t-aon bhealach indéanta chun teacht ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun gníomhaithe coiriúla a shainaithint, gníomhaithe bagartha a rianú, díobhálacha a chosc agus an t-éiceachóras ar líne a chosaint. Braitheann pobal na cibearshlándála air, agus cuireann sé ar chumas taighdeoirí bagairtí dul sa tóir ar naimhde, chun gur féidir le saoránaigh agus eintitis iad féin a chosaint ar na bagairtí rompu. Is é an t-aon sásra cuntasach iontaofa é in idirlíon a bheadh anaithnid seachas sin. Le trí bliana anuas áfach, ó tháinig RGCS i bhfeidhm, táthar ann a breathnaíonn ar shonraí WHOIS mar dhliteanas. Cuireadh an cleachtas a bhí i bhfeidhm maidir le sonraí WHOIS ina stad, ar an drochuair, agus gan údar maith leis. Athdhearbhaíonn an Rapóirtéir dá bhrí sin ina thuarascáil anseo an dlíthiúlacht a bhaineann le sonraí a phróiseáil ar chúiseanna cibearshlándála faoin RGCS, agus le súil dhlíthiúil fhollasach go mbeidh sonraí WHOIS á gcomhroinnt arís.

Creideann an Rapóirtéir ar an iomlán gurb é NIS2 an chéim riachtanach le glacadh chun ár margadh inmheánach a chomhchuibhiú agus an chibearshlándáil a fheabhsú ar fud an Aontais.

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE (15.10.2021)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

Rapóirtéir don tuairim (*): Lukas Mandl(*) 

Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

RÉASÚNÚ GEARR

An togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS2)[2], is cuid é de shraith níos leithne tionscnamh ar fud an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo athléimneacht eintiteas poiblí agus príobháideach i gcoinne bagairtí a mhéadú. Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá sa reachtaíocht reatha agus cur ar chumas na n-eintiteas a chumhdaítear lena raon feidhme freagairt níos fearr do dhúshláin nua arna sainaithint ag an gCoimisiún ina mheasúnú tionchair, inar áiríodh comhairliúchán fairsing le geallsealbhóirí. Áirítear ar na dúshláin sin go háirithe digitiú méadaithe an mhargaidh inmheánaigh agus timpeallacht athraitheach na bagartha slándála.

Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an togra, i.e. margadh inmheánach. Ó thaobh LIBE de, áfach, tá sé tábhachtach a thabhairt chun suntais nach bhfeidhmíonn na bearta a fhorchuirtear ar líonraí agus córais faisnéise leis an Treoir NIS2 chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú amháin. Ba cheart go rannchuideodh an Treoir freisin le slándáil an Aontais ina iomláine, inter alia trí éagsúlacht leochaileachta maidir le rioscaí cibearshlándála idir na Ballstáit a sheachaint.

Chuige sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis na héagsúlachtaí atá ann idir na Ballstáit mar thoradh ar léirmhínithe éagsúla ar an dlí ag na Ballstáit. Ar an gcúis sin, is díol sásaimh don Rapóirtéir an coinníoll aonfhoirmeach a bhunaítear leis an Rialachán chun na heintitis a thagann faoi raon feidhme na Treorach a chinneadh. Déantar moltaí breise chun éagsúlacht sa chur chun feidhme a chosc, go háirithe chun iallach a chur ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme lex specialis agus na critéir is infheidhme maidir le FBManna (ar cheart dóibh soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú agus ualach neamhriachtanach a sheachaint) agus a cheangal ar an nGrúpa Comhair tosca neamhtheicniúla a shonrú tuilleadh, ar tosca iad a bheidh le cur san áireamh i measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair. Ina theannta sin, cuirtear i bhfáth gur gá go ndéanfar an comhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus idir na Ballstáit araon i bhfíor-am.

Déantar roinnt moltaí a rinne MECS ina thuairim maidir leis an Straitéis Chibearshlándála agus Treoir NIS 2.0 a chur san áireamh sa dréacht-tuarascáil freisin[3]. Níos tábhachtaí fós, soiléirítear sna haithrisí agus sa chuid oibríochtúil den téacs go bhfuil aon phróiseáil sonraí pearsanta faoi Treoir NIS2 gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS)[4] agus do Threoir 2002/58/CE[5] (ríomh-Phríobháideachas) araon. Ós rud é go bhfuil raon feidhme níos cúinge ag an téarma ‘slándáil líonraí agus córas faisnéise’ (nach gcumhdaítear ach cosaint na teicneolaíochta leis) i gcomparáid le ‘cibearshlándáil’ (lena gcuimsítear gníomhaíochtaí chun úsáideoirí a chosaint freisin), ní úsáidtear an chéad téarma ach amháin nuair is comhthéacs teicniúil amháin atá ann. Maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin, moltar soiléirithe maidir leis na nithe seo a leanas: 1) an bunús dlí atá le 'faisnéis ábhartha' a fhoilsiú chun críche sainaitheanta agus teagmhála, 2) na catagóirí de shonraí clárúcháin fearainn atá faoi réir a bhfoilsithe (bunaithe ar mholadh ICANN), agus 3) na heintitis a d’fhéadfadh a bheith ina 'iarrthóirí dlisteanacha ar rochtain'. Sonraítear sa téacs dlíthiúil freisin nach ndéanann an togra difear do shannadh dlínse agus d’inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta um chosaint sonraí faoi RGCS. Ar deireadh, cuirtear bunús dlí níos cuimsithí ar fáil do chomhar agus malartú faisnéise ábhartha idir na húdaráis inniúla faoin Togra agus údaráis mhaoirseachta ábhartha eile, go háirithe údaráis mhaoirseachta faoi RGCS.

Baineann athruithe eile a thug rapóirtéir LIBE isteach sa togra ón gCoimisiún leis an méid seo a leanas:

 Chun comhleanúnachas a áirithiú idir Treoir NIS2 agus an Treoir atá beartaithe maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (AEC)[6], rinneadh an teanga i roinnt forálacha a ailíniú le teanga an togra sin. I gcomhréir le hathrú comhchosúil atá beartaithe don Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil lenar cheart go gcumhdófaí na hearnálacha céanna le Treoir NIS2, tá sé beartaithe ‘táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia’ a chur leis an raon feidhme. 

 Maidir le sonraí pearsanta, soiléirítear gur cheart go mbeadh scanadh líonraí agus córas faisnéise ag CSIRTanna i gcomhréir ní hamháin le Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS)[7] ach freisin le Treoir 2002/58/CE[8] (ríomh-Phríobháideachas). Ba cheart go mbeadh aistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta faoin Treoir seo i gcomhréir le Caibidil V RGCS.

 Ba cheart don Ghrúpa Comhair teacht le chéile dhá uair in aghaidh na bliana seachas uair amháin chun na forbairtí is déanaí sa chibearshlándáil a mheas. Ba cheart go mbeadh SEGS rannpháirteach i gcruinnithe an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóir.

 Ba cheart do ENISA tuarascálacha bliantúla seachas tuarascálacha débhliantúla a eisiúint maidir le staid na cibearshlándála san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh sa tuarascáil sin tionchar na dteagmhas cibearshlándála ar chosaint sonraí pearsanta san Aontas.

 Déantar spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoi theagmhais a ailíniú leis an spriocdháta le haghaidh fógra a thabhairt faoi sháruithe faoi RGCS, eadhon 72 uair an chloig.

 Cé gur cheart, go deimhin, go mbeadh sé éigeantach go dtabharfadh eintitis riachtanacha agus ríthábhachtacha fógra faoi theagmhais cibearshlándála iarbhír, ba cheart gur ar bhonn deonach a dtabharfaí fógra faoi chibearbhagairtí chun an t-ualach riaracháin a theorannú agus chun róthuairisceoireacht a sheachaint. Chun go measfaí gur teagmhas suntasach a bhí ann, ba cheart go mbeadh teagmhas ina chúis le damáiste iarbhír agus go mbeadh difear déanta aige do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile seachas damáiste nó éifeacht ‘féideartha’ a bheith ann.

 Déantar na himthosca atá le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le smachtbhanna tar éis na rialacha cibearshlándála a shárú a ailíniú le RGCS. Ós rud é go rachadh sé sin in aghaidh an chleachtais reatha dliteanais i ndlí an Aontais, níor cheart go mbeifí in ann toirmeasc sealadach a chur ar dhaoine nádúrtha feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú.

 Chun damáiste do chlú a sheachaint, níor cheart oibleagáid a bheith ar eintitis gnéithe de neamhchomhlíonadh na gceanglas faoin Treoir seo ná céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú a phoibliú.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Ba é b’aidhm do Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 cur le cumais chibearshlándála ar fud an Aontais, maolú a dhéanamh ar bhagairtí ar líonraí agus ar chórais faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar i bpríomhearnálacha agus leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú nuair atáthar i dtreis le teagmhais chibearshlándála, rud a rannchuidíonn le feidhmiú éifeachtach gheilleagar agus shochaí an Aontais.

(1) Ba é b’aidhm do Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 cur le cumais chibearshlándála ar fud an Aontais, maolú a dhéanamh ar bhagairtí ar líonraí agus ar chórais faisnéise a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar i bpríomhearnálacha agus leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú nuair atáthar i dtreis le teagmhais chibearshlándála, rud a rannchuidíonn le slándáil an Aontais agus le feidhmiú éifeachtach a gheilleagair agus a shochaí.

__________________

__________________

11 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194/1, 19.7.2016, lch. 1).

11 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194/1, 19.7.2016, lch. 1).

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148, rinneadh dul chun cinn mór chun leibhéal athléimneachta an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a mhéadú. Leis an athbhreithniú a rinneadh ar an Treoir sin, léiríodh gur chatalaíoch í le haghaidh an chur chuige institiúide agus rialála i leith na cibearshlándála san Aontas, rud a réitigh an bealach chun athrú meoin mór a dhéanamh. Leis an Treoir sin áirithíodh gur cuireadh creataí náisiúnta i gcrích trí straitéisí cibearshlándála náisiúnta a shainiú, cumais náisiúnta a bhunú, agus bearta rialála a chur chun feidhme lena gcumhdaítear bonneagair agus gníomhaithe fíor-riachtanacha arna sainaithint ag gach Ballstát. Bhí sí ina rannchuidiú freisin le comhar ar leibhéal an Aontais trí bhunú an Ghrúpa Comhair agus líonra Foirne Freagartha náisiúnta do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘líonra CSIRTanna’)13. D’ainneoin na n-éachtaí sin, nochtadh leis an athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/1148 go bhfuil easnaimh ag baint léi lena gcuirtear cosc léi dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin chomhaimseartha maidir leis an gcibearshlándáil agus leo sin atá ag teacht chun cinn.

(2) Ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148, tá dul chun cinn nach beag á dhéanamh i ndáil le leibhéal athléimneachta an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a mhéadú. Leis an athbhreithniú a rinneadh ar an Treoir sin, léiríodh gur chatalaíoch í le haghaidh an chur chuige institiúide agus rialála i leith na cibearshlándála san Aontas, rud a réitigh an bealach chun athrú meoin mór a dhéanamh. Leis an Treoir sin áirithíodh gur cuireadh creataí náisiúnta i gcrích trí straitéisí cibearshlándála náisiúnta a shainiú, cumais náisiúnta a bhunú, agus bearta rialála a chur chun feidhme lena gcumhdaítear bonneagair agus gníomhaithe fíor-riachtanacha arna sainaithint ag gach Ballstát. Bhí sí ina rannchuidiú freisin le comhar ar leibhéal an Aontais trí bhunú an Ghrúpa Comhair agus líonra Foirne Freagartha náisiúnta do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘líonra CSIRTanna’). D’ainneoin na n-éachtaí sin, nochtadh leis an athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/1148 go bhfuil easnaimh ag baint léi lena gcuirtear cosc léi dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin chomhaimseartha maidir leis an gcibearshlándáil agus leo sin atá ag teacht chun cinn. Ina theannta sin, leis an méadú atá tagtha ar ghníomhaíochtaí ar líne i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, leagadh béim ar a thábhachtaí atá an chibearshlándáil, rud atá riachtanach chun go mbeidh saoránaigh an Aontais in ann muinín a bheith acu as an nuálaíocht agus as an nascacht, mar aon leis an oideachas agus an oiliúint ar mhórscála ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit agus cláir oideachais maidir leis an gcibearshlándáil á gceapadh acu d’fhonn eintitis thábhachtacha agus riachtanacha a chumasú chun saineolaithe cibearshlándála a earcú a chuirfidh ar a gcumas na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a chomhlíonadh.

__________________

__________________

12 Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148.

12 Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148.

13 Airteagal 12 de Threoir (AE) 2016/1148.

13 Airteagal 12 de Threoir (AE) 2016/1148.

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) D’fhorbair líonraí agus córais faisnéise ina bpríomhghné den saol laethúil le claochlú digiteach agus idirnascacht thapa na sochaí, lena n-áirítear malartuithe trasteorann. As an bhforbairt sin tháinig leathnú ar an timpeallacht bagartha cibearshlándála, rud atá ina chúis le dúshláin nua, a bhfuil gá le freagairtí oiriúnaithe, comhordaithe agus nuálacha orthu i ngach Ballstát. Tá líon, méid, sofaisticiúlacht, minicíocht agus tionchar na dteagmhas cibearshlándála ag dul i méid, agus is mór an bhagairt iad ar fheidhmiú líonraí agus córas faisnéise. Dá dheasca sin, le teagmhais chibearshlándála, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, caillteanais airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí agus damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht ina leith níos fíor-riachtanaí anois ná riamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(3) D’fhorbair líonraí agus córais faisnéise ina bpríomhghné den saol laethúil le claochlú digiteach agus idirnascacht thapa na sochaí, lena n-áirítear malartuithe trasteorann. As an bhforbairt sin tháinig leathnú ar thimpeallacht bhagartha na cibearshlándála, rud atá ina chúis le dúshláin nua, a bhfuil gá le freagairtí oiriúnaithe, comhordaithe agus nuálacha orthu i ngach Ballstát. Tá líon, méid, sofaisticiúlacht, minicíocht agus tionchar na dteagmhas cibearshlándála ag dul i méid, agus is mór an bhagairt iad ar fheidhmiú líonraí agus córas faisnéise. Dá dheasca sin, le teagmhais chibearshlándála, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, caillteanais airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí, damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar an Aontais, d’fheidhmiú ár ndaonlathais, agus do na luachanna agus an tsaoirse ar a bhfuil ár sochaí bunaithe. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht ina leith níos fíor-riachtanaí anois ná riamh do shlándáil an Aontais agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i bhfianaise chlaochlú digiteach na ngníomhaíochtaí laethúla ar fud an Aontais. Chuige sin, is gá comhar níos dlúithe idir údaráis laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus idir údaráis náisiúnta agus comhlachtaí freagracha de chuid an Aontais.

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Baineann ilroinnt ar an margadh inmheánach leis na héagsúlachtaí sin uile agus is dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige sin ar a fheidhmiú, rud a dhéanann difear go háirithe do sholáthar seirbhísí trasteorann agus do leibhéal na hathléimneachta cibearshlándála de dheasca caighdeáin éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm. Is é is aidhm don Treoir seo éagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát a bhaint, go háirithe trí íosrialacha a leagan amach maidir le feidhmiú creata rialála comhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh an chomhair éifeachtaigh i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, tríd an liosta earnálacha agus gníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus trí leigheasanna agus smachtbhannaí éifeachtacha a sholáthar, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2016/1148 a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(5) Baineann ilroinnt ar an margadh inmheánach leis na héagsúlachtaí sin uile agus is dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige sin ar a fheidhmiú, rud a dhéanann difear go háirithe do sholáthar seirbhísí trasteorann agus do leibhéal na hathléimneachta cibearshlándála de dheasca caighdeáin éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm. I ndeireadh na dála, is féidir leis na héagsúlachtaí sin a bheith ina gcúis le leochaileacht níos mó i roinnt Ballstát maidir le bagairtí cibearshlándála, rud a d’fhéadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith aige ar fud an Aontais, ar an margadh inmheánach agus ar a shlándáil fhoriomlán araon. Is é is aidhm don Treoir seo éagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát a bhaint, go háirithe trí íosrialacha a leagan amach maidir le feidhmiú creata rialála comhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh an chomhair éifeachtaigh fíor-ama i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, idir údaráis inniúla na mBallstát, tríd an liosta earnálacha agus gníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus trí leigheasanna agus smachtbhannaí éifeachtacha a sholáthar, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2016/1148 a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Leis an Treoir seo ní dhéantar difear do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna fíor-riachtanacha a slándála a áirithiú, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh nochtadh an méid sin contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá rialacha náisiúnta agus rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar chomhaontuithe neamhnochta, agus ar chomhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla, amhail an Prótacal Soilse Tráchta14, ábhartha.

(6) Leis an Treoir seo ní dhéantar difear do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna fíor-riachtanacha a slándála náisiúnta a áirithiú, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh nochtadh an méid sin contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá rialacha náisiúnta agus rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar chomhaontuithe neamhnochta, agus ar chomhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla, amhail an Prótacal Soilse Tráchta14, ábhartha.

__________________

__________________

14 Bealach is ea é an Prótacal Soilse Tráchta chun go gcuirfidh aon duine ag a bhfuil faisnéis á comhroinnt a phobal meáin ar an eolas faoi aon teorainn leis an bhfaisnéis sin a leathadh tuilleadh. Úsáidtear i nach mór gach pobal CSIRT é agus i Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna) áirithe.

14 Bealach is ea é an Prótacal Soilse Tráchta chun go gcuirfidh aon duine ag a bhfuil faisnéis á comhroinnt a phobal meáin ar an eolas faoi aon teorainn leis an bhfaisnéis sin a leathadh tuilleadh. Úsáidtear i nach mór gach pobal CSIRT é agus i Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna) áirithe.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1148, bhí na Ballstáit freagrach as a chinneadh cé na heintitis a chomhlíonann na critéir chun cáiliú mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha (‘an próiseas sainaitheantais’). Chun deireadh a chur leis na héagsúlachtaí leathana i measc na mBallstát maidir leis sin agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na gceanglas bainistíochta riosca agus na n-oibleagáidí tuairisciúcháin do gach eintiteas ábhartha, ba cheart critéar aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm lena gcinntear cé na heintitis a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo. Is é ba cheart a bheith sa chritéar sin cur i bhfeidhm na rialach maidir le caidhp mhéide, ina dtagann gach fiontar meánmhéide agus mór, mar a shainmhínítear le Moladh 2003/361/CE15 ón gCoimisiún, a oibríonn laistigh de na hearnálacha nó a sholáthraíonn an cineál seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, faoina raon feidhme. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit liosta a bhunú de na heintitis a chomhlíonann an critéar méide sin atá infheidhme go ginearálta.

(8) Mar thoradh ar an bhfreagracht atá ar na Ballstáit i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1148, bhí na Ballstáit freagrach as a chinneadh cé na heintitis a chomhlíonann na critéir chun cáiliú mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha (‘an próiseas sainaitheantais’) agus éagsúlachtaí leathana ann i measc na mBallstát maidir leis sin. Gan dochar do na heisceachtaí sonracha dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart critéar aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm lena gcinntear cé na heintitis a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo chun deireadh a chur leis na héagsúlachtaí sin agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na ceanglais bainistithe riosca agus na hoibleagáidí tuairiscithe le haghaidh na n-eintiteas ábhartha uile. Is é ba cheart a bheith sa chritéar sin cur i bhfeidhm na rialach maidir le caidhp mhéide, ina dtagann gach fiontar meánmhéide agus mór, mar a shainmhínítear le Moladh 2003/361/CE15 ón gCoimisiún, a oibríonn laistigh de na hearnálacha nó a sholáthraíonn an cineál seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, faoina raon feidhme. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit liosta a bhunú de na heintitis a chomhlíonann an critéar méide sin atá infheidhme go ginearálta.

__________________

__________________

15 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

15 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8 a) Agus na héagsúlachtaí sna creataí riaracháin náisiúnta á gcur san áireamh, coinníonn na Ballstáit a gcumas cinnteoireachta maidir le heintitis a ainmniú laistigh de raon feidhme na Treorach seo.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(9) Maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith bunaithe ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear eintitis a shainítear mar eintitis chriticiúla nó eintitis arb ionann iad agus eintitis chriticiúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

__________________

1a Treoir (AE)[XXX/XXX]ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XXX maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (IO...).

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus le fiontair bheaga.

(10) Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrieintitis agus le heintitis bheaga.

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Is féidir le reachtaíocht agus ionstraimí earnáilsonracha a bheith ina rannchuidiú le hardleibhéil chibearshlándála a áirithiú, agus sainiúlachtaí agus castachtaí na n-earnálacha sin á gcur san áireamh ina n-iomláine. I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó cibearbhagairtí móra a bhfuil an éifeacht atá leo ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha earnáilsonracha sin, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le cur chun feidhme an lex specialis. Leis an Treoir seo, ní choisctear glacadh gníomhartha earnáilsonracha breise de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic le bearta bainistíochta riosca agus fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais maidir leis an gcibearshlándáil. Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana agus a tugadh don Choimisiún i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh.

(12) Is féidir le reachtaíocht agus ionstraimí earnáilsonracha a bheith ina rannchuidiú le hardleibhéil chibearshlándála a áirithiú, agus sainiúlachtaí agus castachtaí na n-earnálacha sin á gcur san áireamh ina n-iomláine. I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó cibearbhagairtí móra a bhfuil an éifeacht atá leo ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha earnáilsonracha sin, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le cur chun feidhme an lex specialis. Leis an Treoir seo, ní choisctear glacadh gníomhartha earnáilsonracha breise de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic le bearta bainistíochta riosca agus fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais maidir leis an gcibearshlándáil. Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana agus a tugadh don Choimisiún i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir Treoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus an Treoir seo. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar eintitis chriticiúla, agus eintitis choibhéiseacha, de bhun Threoir (AE) XXX/XXX a bheith ina n-eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir (AE) XXX/XXX i gcomhthéacs faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Ba cheart do na húdaráis faoin dá Threoir dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú, go háirithe i ndáil le heintitis chriticiúla, cibearbhagairtí, rioscaí cibearshlándála agus teagmhais lena ndéantar difear d’eintitis chriticiúla a shainaithint, agus maidir leis na bearta cibearshlándála arna ndéanamh ag eintitis chriticiúla. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX, ba cheart a cheadú do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil. Ba cheart don dá údarás dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

(14) I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir Treoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus an Treoir seo, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar eintitis chriticiúla, agus eintitis choibhéiseacha, de bhun Threoir (AE) XXX/XXX a bheith ina n-eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an na húdaráis inniúla laistigh de na Ballstáit agus eatarthu faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir (AE) XXX/XXX i gcomhthéacs faisnéis a chomhroinnt maidir le cibeartheagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Ba cheart do na húdaráis faoin dá Threoir dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, go háirithe i ndáil le heintitis chriticiúla, cibearbhagairtí, rioscaí cibearshlándála agus teagmhais lena ndéantar difear d’eintitis chriticiúla a shainaithint, agus maidir leis na bearta cibearshlándála arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla faoin Treoir seo atá ábhartha d’eintitis chriticiúla. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX, ba cheart a cheadú do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil eintitis fhíor-riachtanacha a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil. Ba cheart don dá údarás dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú i bhfíor-am chun na críche sin.

__________________

__________________

17 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

17 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Is féidir nach mbeidh na seirbhísí, a ndéanann soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí iad a sholáthar, soláthraithe i gcónaí i bhfoirm seirbhís néalríomhaireachta. Dá réir sin, is féidir nach mbeidh lárionaid sonraí ina gcuid den bhonneagar néalríomhaireachta. Chun bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí uile atá ann do shlándáil líonraí agus córas faisnéise, ba cheart soláthraithe na seirbhísí lárionaid sonraí sin nach seirbhísí néalríomhaireachta iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Chun críche na Treorach seo, leis an téarma ‘seirbhís lárionaid sonraí’ ba cheart soláthar seirbhíse a chumhdach lena gcuimsítear struchtúir, nó grúpaí struchtúr, atá tiomnaithe do chóiriú, idirnasc agus oibriú teicneolaíochta faisnéise agus trealaimh líonra lena soláthraítear seirbhísí stórála, próiseála agus iompair seirbhísí i dteannta na saoráidí agus na mbonneagar uile le haghaidh dáileadh cumhachta agus rialú comhshaoil. Níl feidhm ag an téarma ‘seirbhís lárionaid sonraí’ maidir le lárionaid sonraí inmheánacha, chorparáideacha atá faoi úinéireacht an eintitis lena mbaineann agus oibrithe faoin eintiteas sin chun a chríoch féin.

(18) Is féidir nach mbeidh na seirbhísí, a ndéanann soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí iad a sholáthar, soláthraithe i gcónaí i bhfoirm seirbhís néalríomhaireachta. Dá réir sin, is féidir nach mbeidh lárionaid sonraí ina gcuid den bhonneagar néalríomhaireachta. Chun bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí uile atá ann do chibearshlándáil, ba cheart soláthraithe na seirbhísí lárionaid sonraí sin nach seirbhísí néalríomhaireachta iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Chun críche na Treorach seo, leis an téarma ‘seirbhís lárionaid sonraí’ ba cheart soláthar seirbhíse a chumhdach lena gcuimsítear struchtúir, nó grúpaí struchtúr, atá tiomnaithe do chóiriú, idirnasc agus oibriú teicneolaíochta faisnéise agus trealaimh líonra lena soláthraítear seirbhísí stórála, próiseála agus iompair seirbhísí i dteannta na saoráidí agus na mbonneagar uile le haghaidh dáileadh cumhachta agus rialú comhshaoil. Níl feidhm ag an téarma ‘seirbhís lárionaid sonraí’ maidir le lárionaid sonraí inmheánacha, chorparáideacha atá faoi úinéireacht an eintitis lena mbaineann agus oibrithe faoin eintiteas sin chun a chríoch féin.

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo.

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, an táirgthe, na próiseála agus an dáilte bia, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh na hionsaithe a chuaigh in olcas ar chórais faisnéise le linn phaindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh sa chibearshlándáil.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20 a) Tá sé ríthábhachtach cibirfheasacht agus cibear-athléimneacht a chothú i ngach eintiteas criticiúil agus tábhachtach, lena n-áirítear eintitis riaracháin phoiblí.

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) I bhfianaise na ndifríochtaí i struchtúir rialachais náisiúnta agus chun na socruithe earnála nó na comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais atá ann cheana a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann breis agus údarás náisiúnta inniúil amháin a ainmniú atá freagrach as cúraimí atá nasctha le slándáil líonraí agus córas faisnéise eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an ról sin a shannadh d’údarás atá ann cheana.

(21) I bhfianaise na ndifríochtaí i struchtúir rialachais náisiúnta agus chun na socruithe earnála nó na comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais atá ann cheana a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann breis agus údarás náisiúnta inniúil amháin a ainmniú atá freagrach as cúraimí atá nasctha le slándáil líonraí agus córas faisnéise eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an ról sin a shannadh d’údarás atá ann cheana agus a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun a chúraimí a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Chun éascaíocht a dhéanamh don chomhar trasteorann agus don chumarsáid i measc na n-údarás agus chun a chumasú an Treoir seo a chur chun feidhme go héifeachtach, is gá do gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta aonair a ainmniú chun saincheisteanna a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise agus le comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais a chomhordú.

(22) Chun éascaíocht a dhéanamh don chomhar trasteorann agus don chumarsáid i measc na n-údarás agus chun a chumasú an Treoir seo a chur chun feidhme go héifeachtach, is gá do gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta aonair a ainmniú chun saincheisteanna a bhaineann le cibearshlándáil agus le comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais a chomhordú.

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Ba cheart d’údaráis inniúla nó do na CSIRTanna fógraí a fháil maidir le teagmhais ó eintitis ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ba cheart a chur de chúram ar na pointí teagmhála aonair fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais a chur ar aghaidh chuig pointí teagmhála aonair Ballstát eile a ndéantar difear dóibh. Ar leibhéal údaráis na mBallstát, chun a áirithiú go mbeidh pointe iontrála aonair amháin i ngach Ballstát, ba cheart faisnéis a dhíriú ar na pointí teagmhála aonair, ar faisnéis ábhartha í maidir le teagmhais a bhaineann le heintitis na hearnála airgeadais ó na húdaráis inniúla faoi Rialachán XXXX/XXXX ar cheart dóibh a bheith in ann í a chur ar aghaidh, mar is iomchuí, chuig na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha nó na CSIRTanna ábhartha faoin Treoir seo.

(23) Ba cheart d’údaráis inniúla nó do na CSIRTanna fógraí a fháil maidir le teagmhais ó eintitis ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ba cheart a chur de chúram ar na pointí teagmhála aonair fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais a chur ar aghaidh i bhfíor-am chuig pointí teagmhála aonair Ballstát uile eile a ndéantar difear dóibh. Ar leibhéal údaráis na mBallstát, chun a áirithiú go mbeidh pointe iontrála aonair amháin i ngach Ballstát, ba cheart faisnéis a dhíriú ar na pointí teagmhála aonair, ar faisnéis ábhartha í maidir le teagmhais a bhaineann le heintitis na hearnála airgeadais ó na húdaráis inniúla faoi Rialachán XXXX/XXXX ar cheart dóibh a bheith in ann í a chur ar aghaidh, mar is iomchuí, chuig na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha nó na CSIRTanna ábhartha faoin Treoir seo.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Maidir le sonraí pearsanta, ba cheart do CSIRTanna, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19 maidir le sonraí pearsanta, thar ceann eintiteas faoin Treoir seo agus arna iarraidh sin dó, scanadh réamhghníomhach a sholáthar ar na líonraí agus ar na córais faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal comhionann cumais theicniúil a áirithiú do gach CSIRT earnála. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus CSIRTanna náisiúnta á bhforbairt.

(25) Maidir le sonraí pearsanta, ba cheart do CSIRTanna, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19 agus le Treoir 2002/58/CE, thar ceann eintiteas faoin Treoir seo agus arna iarraidh sin dó, scanadh slandála a sholáthar ar na córais faisnéise agus ar an raon líonra a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar chun bagairtí sonracha a shainaithint, a mhaolú nó a chosc. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal comhionann cumais theicniúil a áirithiú do gach CSIRT earnála. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus CSIRTanna náisiúnta á bhforbairt. Ina theannta sin, níor cheart rioscaí cibearshlándála a úsáid choíche mar leithscéal le sáruithe ar chearta bunúsacha a dhéanamh.

__________________

__________________

19 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

19 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20 , is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosc leo. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais.

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20 , is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosc leo nó a d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha a chruthú don tslándáil phoiblí i roinnt Ballstát nó san Aontas ina iomláine. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear rialacha AE chun feidhme, tacaíocht a thabhairt dá chéile i gcás aon fhadhbanna trasteorann, idirphlé níos struchtúrtha a bhunú leis an earnáil phríobháideach agus oibriú i gcomhar le chéile ar rioscaí slándála agus ar na bagairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, mar a tharla le teicneolaíocht 5G.

__________________

__________________

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

Leasú  20

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Agus doiciméid treoraíochta á bhforbairt, ba cheart don Ghrúpa Comhair an méid seo a leanas a dhéanamh go comhsheasmhach: réitigh agus taithí náisiúnta a mhapáil, tionchar tháirgí insoláthartha an Ghrúpa Comhair maidir le cuir chuige náisiúnta a mheas, dúshláin chur chun feidhme a phlé agus moltaí sonracha a fhoirmiú a dtabharfar aghaidh orthu trí na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

(33) Agus doiciméid treoraíochta á bhforbairt, ba cheart don Ghrúpa Comhair an méid seo a leanas a dhéanamh go comhsheasmhach: réitigh agus taithí náisiúnta agus earnála a mhapáil, tionchar tháirgí insoláthartha an Ghrúpa Comhair maidir le cuir chuige náisiúnta agus earnála a mheas, dúshláin chur chun feidhme a phlé agus moltaí sonracha a fhoirmiú a dtabharfar aghaidh orthu trí na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 34.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bheith rannpháirteach ina obair.

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, go háirithe Europol, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bheith rannpháirteach ina obair.

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena gceadaítear agus lena n-eagraítear a rannpháirtíocht i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna. Leis na comhaontuithe sin ba cheart cosaint sonraí leordhóthanach a áirithiú.

(36) Ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena gceadaítear agus lena n-eagraítear a rannpháirtíocht i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna. A mhéid a aistrítear sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ba cheart feidhm a bheith ag Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679.

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le bunú Chreat AE maidir le Freagairt ar Ghéarchéimeanna Cibearshlándála a leagtar amach i Moladh (AE) 2017/1584 trí na líonraí comhair atá ann cheana, go háirithe tríd an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (AE-CyCLONe), líonra CSIRTanna agus an Grúpa Comhair. Ba cheart do AE-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna dul i gcomhar ar bhonn socruithe nós imeachta lena sainítear módúlachtaí an chomhair sin. Le rialacha nós imeachta AE-CyCLONe ba cheart na módúlachtaí trínar cheart an líonra feidhmiú a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do róil, móid chomhair, idirghníomhaíochtaí le gníomhaithe ábhartha eile agus teimpléid chun faisnéis a chomhroinnt, chomh maith le modh cumarsáide. Maidir le bainistíocht géarchéime ar leibhéal an Aontais, ba cheart do pháirtithe ábhartha a bheith ag brath ar na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR). Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as ARGUS, an próiseas comhordúcháin géarchéimeanna atá ardleibhéal agus trasteorann, chun na críche sin. Má bhaineann gné thábhachtach sheachtrach leis an ngéarchéim, nó má bhaineann gné den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) léi, ba cheart Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna (CRM) de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a ghníomhachtú.

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le bunú Chreat AE maidir le Freagairt ar Ghéarchéimeanna Cibearshlándála a leagtar amach i Moladh (AE) 2017/1584 trí na líonraí comhair atá ann cheana, go háirithe tríd an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (AE-CyCLONe), líonra CSIRTanna agus an Grúpa Comhair. Ba cheart do AE-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna dul i gcomhar ar bhonn socruithe nós imeachta lena sainítear módúlachtaí an chomhair sin. Le rialacha nós imeachta AE-CyCLONe ba cheart na módúlachtaí trínar cheart an líonra feidhmiú a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do róil, móid chomhair, idirghníomhaíochtaí le gníomhaithe ábhartha eile agus teimpléid chun faisnéis a chomhroinnt, chomh maith le modh cumarsáide. Maidir le bainistíocht géarchéime ar leibhéal an Aontais, ba cheart do pháirtithe ábhartha a bheith ag brath ar na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR). Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as ARGUS, an próiseas comhordúcháin géarchéimeanna atá ardleibhéal agus trasteorann, chun na críche sin. Má bhaineann an ghéarchéim le dhá Bhallstát nó níos mó agus má mheastar go bhfuil sí de chineál coiriúil, ba cheart gníomhachtú Phrótacal Práinnfhreagartha Forfheidhmithe Dlí an Aontais a chur san áireamh. Má bhaineann gné thábhachtach sheachtrach leis an ngéarchéim, nó má bhaineann gné den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) léi, ba cheart Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna (CRM) de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a ghníomhachtú.

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Aithris 45

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Ba cheart d’eintitis dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála freisin a eascraíonn óna n-idirghníomhaíochtaí agus óna gcaidrimh le páirtithe leasmhara eile laistigh d’éiceachóras níos leithne. Go háirithe, ba cheart d’eintitis bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar comhar le hinstitiúidí acadúla agus taighde i gcomhréir lena mbeartais chibearshlándála agus go leanfar dea-chleachtais maidir le rochtain shlán agus scaipeadh faisnéise go ginearálta agus cosaint maoine intleachtúla go háirithe. Mar an gcéanna, i bhfianaise thábhacht agus luach na sonraí le haghaidh ghníomhachtaí na n-eintiteas, agus iad ag brath ar thrasfhoirmiú sonraí agus ar sheirbhísí anailísíochta sonraí ó thríú páirtithe, ba cheart do na heintitis na bearta cibearshlándála iomchuí uile a dhéanamh.

(45) Ba cheart d’eintitis dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála freisin a eascraíonn óna n-idirghníomhaíochtaí agus óna gcaidrimh le páirtithe leasmhara eile laistigh d’éiceachóras níos leithne. Go háirithe, ba cheart d’eintitis bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar comhar le hinstitiúidí acadúla agus taighde i gcomhréir lena mbeartais chibearshlándála agus go leanfar dea-chleachtais maidir le rochtain shlán agus scaipeadh faisnéise go ginearálta agus cosaint maoine intleachtúla go háirithe. Mar an gcéanna, i bhfianaise thábhacht agus luach na sonraí le haghaidh ghníomhachtaí na n-eintiteas, agus iad ag brath ar thrasfhoirmiú sonraí agus ar sheirbhísí anailísíochta sonraí ó thríú páirtithe, ba cheart do na heintitis na bearta cibearshlándála iomchuí uile a dhéanamh agus aon chibirionsaithe a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta acu a thuairisciú.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46 a) Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá faoi réir ceanglais shonracha sa tír thionscnaimh a bheith ina mbacainn ar chomhlíonadh dhlí an Aontais maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí faoi chuimsiú na measúnuithe riosca sin. Maidir le bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce mar aon le crua-earraí foinse oscailte d’fhéadfadh sé go mbainfeadh buntáistí móra leo ó thaobh na cibearshlándála de, go háirithe maidir le trédhearcacht agus infhíoraitheacht gnéithe. Ós rud é go bhféadfadh sé sin cabhrú le dul i ngleic le rioscaí sonracha sa slabhra soláthair agus na rioscaí sin a mhaolú, ba cheart tosaíocht a thabhairt dá n-úsáid a mhéid is féidir i gcomhréir le Tuairim 5/2021 ó MECS1a.

__________________

1a Tuairim 5/2021 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an Straitéis Chibearshlándála agus Treoir NIS 2.0, 11 Márta 2021

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla ar cheart don Ghrúpa Comhordaithe iad a shonrú tuilleadh a chur san áireamh, agus lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Aithris 48 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48a) Is minic nach mbíonn an scála ná na hacmhainní is gá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun freastal ar riachtanais chibearshlándála fhorleathana agus mhéadaitheacha i ndomhan idirnasctha ina bhfuil cianobair ag dul i méid. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt, ina gcuid straitéisí náisiúnta cibearshlándála, ar threoir agus ar thacaíocht do FBManna.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Aithris 50

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) I bhfianaise na tábhachtacha méadaithí a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, is gá a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin faoi réir ceanglais slándála iomchuí freisin i bhfianaise a gcineáil shonraigh agus a dtábhachta eacnamaíche. Ba cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin dá bhrí sin leibhéal slándála líonraí agus córas faisnéise atá iomchuí i leith an riosca atá ann a áirithiú freisin. Ós rud é nach iondúil a fheidhmíonn soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir rialú iarbhír ar tharchur comharthaí thar líonraí, is féidir a mheas go bhfuil an méid riosca a bhaineann leis na seirbhísí sin ar bhealaí áirithe níos ísle ná an méid riosca a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí traidisiúnta. Is amhlaidh atá i gcás seirbhísí cumarsáide idirphearsanta lena n-úsáidtear uimhreacha agus nach bhfeidhmítear rialú iarbhír ar tharchur comharthaí leo.

(50) I bhfianaise na tábhachtacha méadaithí a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, is gá a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin faoi réir ceanglais slándála iomchuí freisin i bhfianaise a gcineáil shonraigh agus a dtábhachta eacnamaíche. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí soláthraithe seirbhísí den sórt sin leibhéal cibearshlándála a áirithiú freisin atá iomchuí don riosca arna chothú. Ós rud é nach iondúil a fheidhmíonn soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir rialú iarbhír ar tharchur comharthaí thar líonraí, is féidir a mheas go bhfuil an méid riosca a bhaineann leis na seirbhísí sin ar bhealaí áirithe níos ísle ná an méid riosca a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí traidisiúnta. Is amhlaidh atá i gcás seirbhísí cumarsáide idirphearsanta lena n-úsáidtear uimhreacha agus nach bhfeidhmítear rialú iarbhír ar tharchur comharthaí leo.

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart d’eintitis, i gcás inarb iomchuí, a bhfaighteoirí seirbhíse a chur ar an eolas faoi bhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun an riosca a thagann astu dóibh féin a mhaolú. Maidir leis an gceanglas chun na faighteoirí sin a chur ar an eolas faoi na bagairtí sin, níor cheart eintitis a scaoileadh ón oibleagáid bearta iomchuí agus láithreacha a dhéanamh, ar a gcostas féin, chun aon chibearbhagairt a chosc nó a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a athbhunú. Ba cheart an soláthar faisnéise sin do na faighteoirí maidir le bagairtí slándála a bheith saor in aisce.

(52) I gcás inarb iomchuí, ba cheart a chur ar chumas eintitis a bhfaighteoirí seirbhíse a chur ar an eolas faoi bhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun an riosca a thagann as sin dóibh féin a mhaolú. Maidir leis an gceanglas chun na faighteoirí sin a chur ar an eolas faoi na bagairtí sin, níor cheart eintitis a scaoileadh ón oibleagáid bearta iomchuí agus láithreacha a dhéanamh, ar a gcostas féin, chun aon chibearbhagairt a chosc nó a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a athbhunú. Ba cheart an soláthar faisnéise sin do na faighteoirí maidir le bagairtí slándála a bheith saor in aisce.

Leasú  30

Togra le haghaidh treorach

Aithris 53

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53) Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide poiblí leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí faighteoirí na seirbhíse a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun slándáil a gcumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha sonracha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid.

(53) Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide poiblí leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí slándáil trí dhearadh agus mar réamhshocrú a chur chun feidhme agus ba cheart iad a chumasú faighteoirí na seirbhíse a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun slándáil a ngaireas agus a gcumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha sonracha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid. Chun slándáil na gcrua-earraí agus na mbogearraí a mhéadú, ba cheart soláthraithe a spreagadh chun úsáid a bhaint as crua-earraí foinse oscailte agus crua-earraí oscailte.

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint, ba cheart úsáid criptiúcháin, agus go háirithe criptiú inn ar inn, a chur chun cinn agus, i gcás inar gá, a bheith sainordaitheach do sholáthraithe na seirbhísí agus na líonraí sin i gcomhréir le prionsabail na slándála agus an phríobháideachais mar réamhshocrú agus trí dhearadh chun críocha Airteagal 18. Ba cheart úsáid an chriptiúcháin inn ar inn a réiteach le cumhachtaí na mBallstát chun cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha agus na slándála poiblí a áirithiú, agus imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais. Le réitigh ar rochtain dhleathach ar fhaisnéis i gcumarsáid criptiúcháin inn ar inn ba cheart éifeachtacht an chriptiúcháin maidir le cosaint phríobháideachas agus shlándáil na cumarsáide a choinneáil ar bun, agus freagairt éifeachtach ar an gcoireacht á soláthar.

(54) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint mar aon le cearta bunúsacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, ba cheart úsáid criptiúcháin, agus go háirithe criptiú inn ar inn, a chur chun cinn agus, i gcás inar gá, a bheith sainordaitheach do sholáthraithe na seirbhísí agus na líonraí sin i gcomhréir le prionsabail na slándála agus an phríobháideachais mar réamhshocrú agus trí dhearadh chun críocha Airteagal 18. Ba cheart úsáid an chriptiúcháin inn ar inn a réiteach le freagracht na mBallstát chun cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha agus na slándála poiblí a áirithiú, agus cosc, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Le réitigh ar rochtain dhleathach ar fhaisnéis i gcumarsáid criptiúcháin inn ar inn ba cheart éifeachtacht an chriptiúcháin maidir le cosaint phríobháideachas agus shlándáil na cumarsáide a choinneáil ar bun. Níor cheart féachaint ar aon ní sa Rialachán seo mar iarracht criptiú inn ar inn a lagú trí ‘chúldoirse’ nó réitigh chomhchosúla, toisc go bhféadfar easnaimh chriptithe a shaothrú chun críocha mailíseacha. D’fhéadfadh aon bheart atá dírithe ar chriptiú a lagú nó ar ailtireacht na teicneolaíochta a shárú na cumais éifeachtacha cosanta lena mbaineann a chur i mbaol go mór. Chun éifeachtacht na teicneolaíochta sin agus a húsáide níos leithne a áirithiú ba cheart aon díchriptiú neamhúdaraithe nó aon fhaireachán neamhúdaraithe ar chumarsáid leictreonach seachas ag údaráis dhlíthiúla a thoirmeasc. Tá sé tábhachtach go rachaidh na Ballstáit i ngleic le fadhbanna a bhíonn ag údaráis dhlíthiúla agus taighdeoirí leochaileachta. I roinnt Ballstát, tá eintitis agus daoine nádúrtha a dhéanann taighde ar leochaileachtaí neamhchosanta ar dhliteanas coiriúil agus sibhialta. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit treoirlínte a eisiúint maidir le neamh-ionchúiseamh agus neamhdhliteanas taighde ar shlándáil faisnéise.

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Aithris 56

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(56) Is minic atá eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha i staid inár gá teagmhas ar leith, mar gheall ar a ghnéithe, a thuairisciú d’údaráis éagsúla de thoradh oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a áirítear in ionstraimí dlí éagsúla. De dheasca na gcásanna sin cruthaítear ualaí breise agus is féidir go dtiocfaidh éiginnteachtaí astu maidir le formáid agus nósanna imeachta na bhfógraí sin. Ina fhianaise sin agus, chun tuairisciú teagmhas slándála a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit pointe iontrála aonair a bhunú le haghaidh na bhfógraí uile a cheanglaítear faoin Treoir seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais freisin amhail Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Ba cheart do ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, teimpléid fógra choiteanna a fhorbairt trí threoirlínte lena ndéanfaí an fhaisnéis tuairisciúcháin arna hiarraidh le dlí an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú agus lena laghdófaí na hualaí ar chuideachtaí.

(56) Is minic atá eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha i staid inár gá teagmhas ar leith, mar gheall ar a ghnéithe, a thuairisciú d’údaráis éagsúla de thoradh oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a áirítear in ionstraimí dlí éagsúla. De dheasca na gcásanna sin cruthaítear ualaí breise agus is féidir go dtiocfaidh éiginnteachtaí astu maidir le formáid agus nósanna imeachta na bhfógraí sin. Ina fhianaise sin agus, chun tuairisciú teagmhas slándála a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit pointe iontrála aonair a bhunú a cheanglaítear faoin Treoir seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais freisin amhail Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Ba cheart do ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, teimpléid fógra choiteanna a fhorbairt trí threoirlínte lena ndéanfaí an fhaisnéis tuairisciúcháin arna hiarraidh le dlí an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú agus lena laghdófaí na hualaí ar chuideachtaí.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Aithris 57

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(57) I gcás ina bhfuil drochamhras ann go mbaineann teagmhas le gníomhaíochtaí tromchúiseacha coiriúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a spreagadh, ar bhonn rialacha infheidhme maidir le nósanna imeachta coiriúla i gcomhréir le dlí an Aontais, teagmhais a thuairisciú do na húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha, ar teagmhais iad a bhfuil drochamhras ann gur de chineál tromchúiseach coiriúil iad. I gcás inarb iomchuí, agus gan dochar do na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta is infheidhme maidir le Europol, is inmhianaithe go n-éascóidh ICE agus ENISA an comhordú idir údaráis inniúla agus údaráis forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit éagsúla.

(57) I gcás ina bhfuil drochamhras ann go mbaineann teagmhas le gníomhaíochtaí tromchúiseacha coiriúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a spreagadh, ar bhonn rialacha infheidhme maidir le nósanna imeachta coiriúla i gcomhréir le dlí an Aontais, teagmhais a thuairisciú do na húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha, ar teagmhais iad a bhfuil drochamhras ann gur de chineál tromchúiseach coiriúil iad. I gcás inarb iomchuí, agus gan dochar do na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta is infheidhme maidir le Europol, is inmhianaithe go n-éascóidh Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE) in Europol agus ENISA an comhordú idir údaráis inniúla agus údaráis forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit éagsúla.

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Aithris 58

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(58) I roinnt cásanna cuirtear sonraí pearsanta i mbaol de dheasca teagmhas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú maidir le gach ábhar ábhartha le húdaráis cosanta sonraí agus leis na húdaráis mhaoirseachta de bhun Threoir 2002/58/CE.

(58) I roinnt cásanna cuirtear sonraí pearsanta i mbaol de dheasca teagmhas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú maidir le gach ábhar ábhartha le húdaráis cosanta sonraí agus leis na húdaráis mhaoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE.

Leasú  35

Togra le haghaidh treorach

Aithris 59

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé fíor-riachtanach bunachair sonraí chruinne agus iomlána a choinneáil ar bun maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin (dá ngairtear ‘sonraí WHOIS’), agus rochtain dhleathach a sholáthar ar na sonraí sin, chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS a áirithiú, rud a rannchuidíonn ar a uain le hardleibhéal cibearshlándála coiteann laistigh den Aontas. I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa phróiseáil, comhlíonfaidh an phróiseáil sin dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(59) Tá sé fíor-riachtanach bunachair sonraí chruinne agus iomlána a choinneáil ar bun maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin (dá ngairtear ‘sonraí WHOIS’), agus rochtain dhleathach a sholáthar ar na sonraí sin, chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS a áirithiú, rud a rannchuidíonn ar a uain le hardleibhéal cibearshlándála coiteann laistigh den Aontas. I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa phróiseáil, beidh an phróiseáil sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Leasú  36

Togra le haghaidh treorach

Aithris 62

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(62) Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh sonraí cláraithe ainm fearainn a chur ar fáil go poiblí, ar sonraí iad a thagann lasmuigh de raon feidhme rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, amhail sonraí lena mbaineann daoine dlítheanacha25. Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD a chur ar a gcumas d’iarrthóirí rochtana dlisteanacha freisin sonraí cláraithe ainm fearainn sonracha a rochtain maidir le daoine nádúrtha, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh freagairt gan moill mhíchuí d’iarrataí ó iarrthóirí rochtana dlisteanacha ar nochtadh sonraí cláraithe ainm fearainn. Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh beartais agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraí clárúcháin a fhoilsiú agus a nochtadh, lena n-áirítear comhaontuithe ar an leibhéal seirbhíse chun déileáil le hiarrataí ar rochtain ó iarrthóirí rochtana dlisteanacha. D’fhéadfaí comhéadain, tairseach nó uirlis theicniúil eile a áireamh sa nós imeachta rochtana freisin chun córas éifeachtúil a sholáthar maidir le sonraí clárúcháin a iarraidh agus a rochtain. D’fhonn cleachtais chomhchuibhithe a chur chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta sin gan dochar d’inniúlachtaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

(62) Chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh i dtéarmaí Airteagal 6(1)(c) agus Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh sonraí áirithe cláraithe ainm fearainn a chur ar fáil go poiblí a shonraítear i ndlí an Bhallstáit a bhfuil siad faoina réir, amhail an t-ainm fearainn agus ainm an duine dhlítheanaigh. Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD a chur ar a gcumas d’iarrthóirí rochtana dlisteanacha freisin sonraí cláraithe ainm fearainn sonracha a rochtain maidir le daoine nádúrtha, go háirithe d’údaráis inniúla faoin Treoir seo nó d’údaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcomhréir lena gcumhachtaí. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur cheart do chlárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainmneacha fearainn dóibh freagairt gan moill mhíchuí d’iarrachtaí dleathacha agus cuí-réasúnaithe ó údaráis phoiblí, lena n-áirítear údaráis inniúla faoin Treoir seo, ó údaráis inniúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó ó údaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, ar nochtadh sonraí cláraithe ainm fearainn. Ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn dóibh beartais agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraí clárúcháin a fhoilsiú agus a nochtadh, lena n-áirítear comhaontuithe ar an leibhéal seirbhíse chun déileáil le hiarrataí ar rochtain ó iarrthóirí rochtana dlisteanacha. D’fhéadfaí comhéadain, tairseach nó uirlis theicniúil eile a áireamh sa nós imeachta rochtana freisin chun córas éifeachtúil a sholáthar maidir le sonraí clárúcháin a iarraidh agus a rochtain. D’fhonn cleachtais chomhchuibhithe a chur chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta sin gan dochar d’inniúlachtaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

__________________

__________________

RIALACHÁN (AE) 2016/679 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE aithris (14) a bhfuil an méid seo a leanas i gceist léi: “Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus go háirithe le gnóthais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil acu, lena n-áirítear ainm agus foirm an duine dhlítheanaigh agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh”.

Leasú  37

Togra le haghaidh treorach

Aithris 63

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(63) Ba cheart do na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha uile faoin Treoir seo teacht faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn siad a seirbhísí. Dá soláthródh an t-eintiteas seirbhísí i mbreis agus Ballstát amháin, ba cheart dó teacht faoi dhlínse ar leithligh agus chomhthráthach gach ceann de na Ballstáit sin. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát sin dul i gcomhar le chéile, cúnamh frithpháirteach a sholáthar dá chéile agus i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a dhéanamh.

(63) Chun críocha na Treorach seo, ba cheart do na heintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha uile faoin Treoir seo teacht faoi dhlínse an Bhallstáit ina soláthraíonn siad a seirbhísí. Dá soláthródh an t-eintiteas seirbhísí i mbreis agus Ballstát amháin, ba cheart dó teacht faoi dhlínse ar leithligh agus chomhthráthach gach ceann de na Ballstáit sin. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát sin teacht ar chomhaontú maidir le comh-aicmiúcháin, dul i gcomhar le chéile nuair is féidir, cúnamh frithpháirteach fíor-ama a sholáthar dá chéile agus i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí maoirseachta comhpháirteacha a dhéanamh.

Leasú  38

Togra le haghaidh treorach

Aithris 64

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(64) Chun cineál trasteorann na seirbhísí agus na n-oibríochtaí de chuid soláthraithe seirbhíse DNS, clárlanna ainmneacha TLD, soláthraithe líonra soláthair ábhair, soláthraithe seirbhíse néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí agus soláthraithe digiteacha a chur san áireamh, níor cheart dlínse a bheith ach ag Ballstát amháin thar na heintitis sin. Ba cheart dlínse a shannadh don Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht san Aontas ag an eintiteas ar leith. Tá feidhmiú éifeachtach gníomhaíochta trí shocruithe cobhsaí intuigthe ó na critéir bhunaíochta chun críocha na Treorach seo. Níl foirm dhlí na socruithe sin, cibé acu trí bhrainse nó fochuideachta ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, ar an bhfachtóir cinntitheach ina leith sin. Cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir sin, níor cheart an méid sin a bheith ag brath ar cibé acu atá nó nach bhfuil na líonraí agus na córais faisnéise lonnaithe go fisiciúil in áit ar leith; ní hionann láithreacht ná úsáid na gcóras sin, astu féin, agus an phríomhbhunaíocht sin agus dá bhrí sin ní critéir chinntitheacha iad chun an phríomhbhunaíocht a chinneadh. Ba cheart an phríomhbhunaíocht a bheith ar an áit san Aontas a ndéantar cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Is gnách go gcomhfhreagraíonn sí d’áit riarachán lárach na gcuideachtaí san Aontas. Mura ndéantar na cinntí sin san Aontas, ba cheart a mheas go bhfuil an phríomhbhunaíocht sna Ballstáit mar a bhfuil bunaíocht ag an eintiteas ina bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas na seirbhísí, ba cheart a mheas gurb í príomhbhunaíocht an ghnóthais rialúcháin príomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas.

(64) Chun cineál trasteorann na seirbhísí agus na n-oibríochtaí de chuid soláthraithe seirbhíse DNS, clárlanna ainmneacha TLD, soláthraithe líonra soláthair ábhair, soláthraithe seirbhíse néalríomhaireachta, soláthraithe seirbhíse lárionaid sonraí agus soláthraithe digiteacha a chur san áireamh, níor cheart dlínse a bheith ach ag Ballstát amháin thar na heintitis sin. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart dlínse a shannadh don Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht san Aontas ag an eintiteas ar leith. Tá feidhmiú éifeachtach gníomhaíochta trí shocruithe cobhsaí intuigthe ó na critéir bhunaíochta chun críocha na Treorach seo. Níl foirm dhlí na socruithe sin, cibé acu trí bhrainse nó fochuideachta ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, ar an bhfachtóir cinntitheach ina leith sin. Cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir sin, níor cheart an méid sin a bheith ag brath ar cibé acu atá nó nach bhfuil na líonraí agus na córais faisnéise lonnaithe go fisiciúil in áit ar leith; ní hionann láithreacht ná úsáid na gcóras sin, astu féin, agus an phríomhbhunaíocht sin agus dá bhrí sin ní critéir chinntitheacha iad chun an phríomhbhunaíocht a chinneadh. Ba cheart an phríomhbhunaíocht a bheith ar an áit san Aontas a ndéantar cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Is gnách go gcomhfhreagraíonn sí d’áit riarachán lárach na gcuideachtaí san Aontas. Mura ndéantar na cinntí sin san Aontas, ba cheart a mheas go bhfuil an phríomhbhunaíocht sna Ballstáit mar a bhfuil bunaíocht ag an eintiteas ina bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas na seirbhísí, ba cheart a mheas gurb í príomhbhunaíocht an ghnóthais rialúcháin príomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas.

Leasú  39

Togra le haghaidh treorach

Aithris 69

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(69) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid a bhfuil fíorghá léi agus atá comhréireach chun go n-áiritheofar slándáil líonraí agus faisnéise de chuid eintiteas, údaráis phoiblí, CERTanna, CSIRTanna, agus soláthraithe teicneolaíochtaí slándála agus seirbhísí slándála, ba cheart í a bheith ina leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679. Mar chuid de sin ba cheart bearta a áireamh a bhaineann le teagmhais a chosc agus a bhrath, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt dóibh, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs fheabhsúchán agus nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, chomh maith le malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, chomh maith le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta. Is féidir go gceanglófar próiseáil na gcineálacha sonraí pearsanta seo a leanas leis na bearta sin: Seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn, agus seoltaí ríomhphoist.

(69) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid a bhfuil fíorghá léi agus atá comhréireach chun go n-áiritheofar slándáil líonraí agus faisnéise de chuid eintiteas, údaráis phoiblí, CERTanna, CSIRTanna, agus soláthraithe teicneolaíochtaí slándála agus seirbhísí slándála is rud riachtanach í chun a gcuid oibleagáidí dlíthiúla faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin cumhdaítear í le hAirteagal 6(1)(c) agus le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Thairis sin, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith ina leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(f) de Rialachán (AE) 2016/679. Mar chuid de sin ba cheart bearta a áireamh a bhaineann le teagmhais a chosc agus a bhrath, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt dóibh, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs fheabhsúchán agus nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, chomh maith le malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, chomh maith le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta. I gcuid mhór cásanna, cuirtear sonraí pearsanta i mbaol tar éis cibirtheagmhas agus, dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla agus d’údaráis cosanta sonraí Bhallstáit an Aontais dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú faoi gach ábhar ábhartha chun dul i ngleic le haon sáruithe ar shonraí pearsanta. Is féidir leis na bearta sin go gceanglófar próiseáil catagóirí áirithe sonraí pearsanta, lena n-áirítear seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn agus seoltaí ríomhphoist,.

Leasú  40

Togra le haghaidh treorach

Aithris 71

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(71) Chun go mbeidh éifeacht leis an bhforfheidhmiú, ba cheart íosliosta de smachtbhannaí riaracháin i leith sárú ar na hoibleagáidí bainistíochta riosca agus ar na hoibleagáidí tuairisciúcháin maidir leis an gcibearshlándáil dá bhforáiltear leis an Treoir seo a leagan síos, agus creat soiléir agus comhsheasmhach á chur ar bun le haghaidh na smachtbhannaí sin ar fud an Aontais. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, ar an damáiste iarbhír a rinneadh nó ar na caillteanais a tabhaíodh nó ar an damáiste féideartha a d’fhéadfadh a bheith spreagtha, cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú, an méid freagrachta nó aon sárú ábhartha roimhe sin, an méid comhair leis an údarás inniúil agus aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach eile. Ba cheart forchur pionós lena n-áirítear fíneálacha riaracháin a bheith faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach agus próis chuí.

(71) Chun go mbeidh éifeacht leis an bhforfheidhmiú, ba cheart íosliosta de smachtbhannaí riaracháin i leith sárú ar na hoibleagáidí bainistíochta riosca agus ar na hoibleagáidí tuairisciúcháin maidir leis an gcibearshlándáil dá bhforáiltear leis an Treoir seo a leagan síos, agus creat soiléir agus comhsheasmhach á chur ar bun le haghaidh na smachtbhannaí sin ar fud an Aontais. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar thromchúis agus fad an tsáraithe, ar an damáiste iarbhír a rinneadh nó ar na caillteanais a tabhaíodh nó ar an damáiste féideartha a d’fhéadfadh a bheith spreagtha, aon sáruithe ábhartha roimhe sin, an bealach ina bhfuair an t-údarás inniúil eolas faoin sárú, cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú, an méid freagrachta nó aon sárú ábhartha roimhe sin, an méid comhair leis an údarás inniúil agus aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach eile. Ba cheart na pionóis a forchuireadh, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin a bheith faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach agus próis chuí.

Leasú  41

Togra le haghaidh treorach

Aithris 74

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(74) Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos le haghaidh sáruithe ar na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Mar sin féin, le forchur pionós coiriúil de dheasca sáruithe ar na rialacha náisiúnta sin agus le forchur pionós riaracháin gaolmhar, níor cheart sárú ar an bprionsabal ne bis in idem, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, teacht as sin.

(74) Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos le haghaidh sáruithe ar na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Féadfar ceadú faoi na pionóis choiriúla sin freisin go gcaillfear na brabúis a fhaightear trí sháruithe ar an Rialachán seo. Mar sin féin, le forchur pionós coiriúil de dheasca sáruithe ar na rialacha náisiúnta sin agus le forchur pionós riaracháin gaolmhar, níor cheart sárú ar an bprionsabal ne bis in idem, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, teacht as sin.

Leasú  42

Togra le haghaidh treorach

Aithris 76

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(76) Chun go ndéanfar a éifeachtaí agus a athchomhairlí atá na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí a leagtar síos de bhun na Treorach seo a neartú tuilleadh, ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm arb é atá iontu deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí, nó na seirbhísí uile, arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach a chur ar fionraí agus toirmeasc sealadach a fhorchur ó fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta arna dhéanamh ag duine nádúrtha. I bhfianaise a ndéine agus a dtionchair ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas agus ar a dtomhaltóirí ar deireadh, níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir le déine an tsáraithe agus ag cur imthosca sonracha gach cáis san áireamh, lena n-áirítear cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú. Níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach mar ultima ratio, rud a chiallaíonn nár cheart iad a chur i bhfeidhm go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha eile a leagtar síos leis an Treoir seo tagtha chun deiridh, agus ar feadh na tréimhse go ndéanfaidh na heintitis a bhfuil feidhm acu maidir leo an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó chun ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Beidh forchur na smachtbhannaí sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach agus próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

(76) Chun go ndéanfar a éifeachtaí agus a athchomhairlí atá na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí a leagtar síos de bhun na Treorach seo a neartú tuilleadh, ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm arb é atá iontu deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí, nó na seirbhísí uile, arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach. I bhfianaise a dtromchúise agus a dtionchair ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas agus ar a dtomhaltóirí ar deireadh, níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir le déine an tsáraithe agus ag cur imthosca sonracha gach cáis san áireamh, lena n-áirítear cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú. Níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach mar ultima ratio, rud a chiallaíonn nár cheart iad a chur i bhfeidhm go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha eile a leagtar síos leis an Treoir seo tagtha chun deiridh, agus ar feadh na tréimhse go ndéanfaidh na heintitis a bhfuil feidhm acu maidir leo an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó chun ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Beidh forchur na smachtbhannaí sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha, próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

Leasú  43

Togra le haghaidh treorach

Aithris 77

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(77) Leis an Treoir seo ba cheart rialacha comhair a leagan síos idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 chun déileáil le sáruithe a bhaineann le sonraí pearsanta.

(77) Leis an Treoir seo ba cheart rialacha comhair a leagan síos idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus na húdaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679 chun déileáil le sáruithe a bhaineann le sonraí pearsanta.

Leasú  44

Togra le haghaidh treorach

Aithris 79

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(79) Ba cheart sásra athbhreithnithe piaraí a thabhairt isteach, lena gceadaítear do shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, lena n-áirítear leibhéal chumais na mBallstát agus na hacmhainní atá ar fáil.

(79) Ba cheart sásra athbhreithnithe piaraí a thabhairt isteach, lena gceadaítear do shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, lena n-áirítear leibhéal chumais na mBallstát agus na hacmhainní atá ar fáil. Ba cheart don Aontas freagairt chomhordaithe ar chibirtheagmhais agus cibirghéarchéimeanna mórscála a éascú agus cúnamh a thabhairt chun cuidiú leis an téarnamh tar éis na gcibirionsaithe sin.

Leasú  45

Togra le haghaidh treorach

Aithris 82 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(82 a) Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le hinstitiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfaí a mheas gur eintitis bhunriachtanacha nó eintitis thábhachtacha iad comhlachtaí an Aontais faoin Treoir seo. Chun leibhéal aonfhoirmeach cosanta a bhaint amach trí rialacha comhsheasmhacha agus aonchineálacha, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2022 chun institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áireamh sa chreat cibearshlándála uile-Aontais.

Leasú  46

Togra le haghaidh treorach

Aithris 84

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(84) Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha, agus cloítear leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus cumarsáidí a urramú, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte agus an ceart chun éisteacht a fháil. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin,

(84) Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha, agus cloítear leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus cumarsáidí a urramú, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte agus an ceart chun éisteacht a fháil. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin, agus i gcomhréir iomlán le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana lena rialaítear na saincheisteanna sin. Tá aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE, sa raon feidhme faoi seach dá gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-ionstraimí dlí sin,

Leasú  47

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2– mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis phoiblí agus phríobháideacha de chineál dá ngairtear eintitis fhíor-riachtanacha in Iarscríbhinn I agus eintitis thábhachtacha in Iarscríbhinn II. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis a cháilíonn mar mhicrifhiontair ná mar fhiontair bheaga de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.28

1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis phoiblí agus phríobháideacha de chineál dá ngairtear eintitis fhíor-riachtanacha in Iarscríbhinn I agus eintitis thábhachtacha in Iarscríbhinn II. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le heintitis a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.28  Níl feidhm ag Airteagal 3 mír 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

__________________

__________________

28 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

28 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

Leasú  48

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Mar sin féin, beag beann ar a méid, tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcás an méid seo a leanas:

2. Mar sin féin, beag beann ar a méid agus bunaithe ar mheasúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 18, tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcás an mhéid seo a leanas:

Leasú  49

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) is soláthraí seirbhíse aonair i mBallstát é an t-eintiteas;

(c) is soláthraí seirbhíse aonair i mBallstát é an t-eintiteas ar an leibhéal naisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach;

Leasú  50

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar an tsábháilteacht phoiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí;

(d) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar an tsábháilteacht phoiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí;

Leasú  51

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh rioscaí sistéamacha teacht as sin, go háirithe do na hearnálacha ina bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith ag an suaitheadh sin;

(e) dá dtarlódh suaitheadh sa tseirbhís arna soláthar ag an eintiteas d’fhéadfadh rioscaí sistéamacha teacht as sin, go háirithe do na hearnálacha ina bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith ag an suaitheadh sin;

Leasú  52

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4a. Aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE agus beidh sí teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus comhréireach chun críocha na Treorach seo.

Leasú  53

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, ní dhéanfar faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, amhail rialacha maidir le rúndacht gnó, a mhalartú leis an gCoimisiún ná le húdaráis ábhartha eile ach i gcás ina bhfuil gá leis an malartú sin le haghaidh chur i bhfeidhm na Treorach seo. Beidh an fhaisnéis a mhalartaítear teoranta don mhéid atá ábhartha do chríoch an mhalartaithe sin agus don mhéid atá comhréireach leis sin. Leis an malartú faisnéise caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach.

5. Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, ní dhéanfar faisnéis atá rúnda de bhun rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta, amhail rialacha maidir le rúndacht gnó, a mhalartú leis an gCoimisiún ná le húdaráis ábhartha eile ach i gcás ina bhfuil gá leis an malartú sin le haghaidh chur i bhfeidhm na Treorach seo. Beidh an fhaisnéis a mhalartaítear teoranta don mhéid is gá do chríoch an mhalartaithe sin. Leis an malartú faisnéise caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach.

Leasú  54

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6 a. Roimh an 31 Nollaig 2021, foilseoidh an Coimisiún togra reachtach lena n-áireofar institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais sa chreat foriomlán cibearshlándála uile-Aontais, d’fhonn leibhéal aonfhoirmeach cosanta a bhaint amach trí rialacha comhsheasmhacha aonchineálacha.

Leasú  55

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) aon ghaireas nó grúpa gaireas idirnasctha nó gaolmhar, a bhfeidhmíonn ceann amháin nó níos mó díobh, de bhun cláir, próiseáil uathoibríoch ar shonraí digiteacha;

(b) aon ghaireas nó grúpa gaireas idirnasctha nó gaolmhar, a bhfeidhmíonn ceann amháin nó níos mó díobh, de bhun cláir, próiseáil uathoibríoch ar shonraí digiteacha, agus a ndéantar iad a chomhtháthú sa chóras TF agus a úsáidtear chun na seirbhísí atá beartaithe a sholáthar;

Leasú  56

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) ciallaíonn ‘straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil’ creat comhleanúnach de chuid Ballstáit lena soláthraítear cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise sa Bhallstát sin;

(4) ciallaíonn ‘straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil’ creat comhleanúnach de chuid Ballstáit lena soláthraítear cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maidir le cibearshlándáil sa Bhallstát sin;

Leasú  57

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) ciallaíonn ‘pointe malartaithe idirlín (IXP)’ saoráid líonra lena gcumasaítear idirnasc breis agus dhá líonra neamhspleácha (córais uathrialacha), go príomha chun malartú tráchta idirlín a éascú; soláthraíonn IXP idirnasc do chórais uathrialacha amháin; le IXP ní cheanglaítear ar an trácht idirlín a théann idir aon dá chóras uathrialacha rannpháirteacha dul tríd an tríú córas uathrialach d’aon chineál, ná ní athraítear an trácht sin ná ní chuirtear isteach air ar bhealach eile leis sin;

scriosta

Leasú  58

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) ciallaíonn ‘ardán seirbhísí líonraithe shóisialta’ ardán lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh nascadh le chéile agus nithe a chomhroinnt agus a aimsiú le chéile agus a chur in iúl dá chéile thar ghairis iomadúla, agus go háirithe, trí bhíthin comhráite, postálacha, físeán agus moltaí;

scriosta

Leasú  59

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá cruthaithe agus aitheanta amhlaidh faoi dhlí náisiúnta a áite bunaíochta, a fhéadfaidh, ag gníomhú dó faoina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí;

(24) ciallaíonn ‘eintiteas’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá cruthaithe agus aitheanta amhlaidh faoi dhlí náisiúnta a áite bunaíochta, a fhéadfaidh, ag gníomhú dó faoina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí;

Leasú  60

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) sainmhíniú ar chuspóirí agus tosaíochtaí straitéis na mBallstát maidir leis an gcibearshlándáil;

(a) sainmhíniú ar chuspóirí agus tosaíochtaí straitéis na mBallstát maidir leis an gcibearshlándáil, agus leibhéal ginearálta na feasachta ar an gcibearshlándáil i measc na saoránach á chur san áireamh mar aon le leibhéal ginearálta slándála na ngaireas nasctha le tomhaltóirí;

Leasú  61

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] chun faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

(f) creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo agus faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38 [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, chun faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú.

__________________

__________________

38 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

38 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  62

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoirlínte maidir le ceanglais chibearshlándála a áireamh agus a shonrú le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC sa soláthar poiblí;

(b) treoirlínte maidir le ceanglais chibearshlándála a áireamh agus a shonrú le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC sa soláthar poiblí, lena n-áirítear ceanglais maidir le criptiú, ach gan a bheith teoranta dóibh, agus úsáid táirgí foinse oscailte na cibearshlándála a chur chun cinn;

Leasú  63

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(da) beartas chun tacú le húsáid sonraí oscailte agus foinse oscailte mar chuid den tslándáil trí thrédhearcacht;

Leasú  64

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(db) beartas lena gcuirtear príobháideachas agus slándáil sonraí pearsanta úsáideoirí seirbhísí ar líne chun cinn;

Leasú  65

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) beartas maidir le scileanna cibearshlándála, múscailt feasachta agus tionscnaimh taighde agus forbartha a chur chun cinn agus a fhorbairt;

(e) beartas maidir le scileanna cibearshlándála, múscailt feasachta agus tionscnaimh taighde agus forbartha a chur chun cinn agus a fhorbairt, lena n-áirítear cláir oiliúna maidir leis an gcibearshlándáil a fhorbairt chun saineolaithe agus teicneoirí a sholáthar d’eintitis;

Leasú  66

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) beartas maidir le tacú le hinstitiúidí acadúla agus taighde chun uirlisí cibearshlándála agus bonneagar líonra slán a fhorbairt;

(f) beartas maidir le tacú le hinstitiúidí acadúla agus taighde a rannchuidíonn leis an straitéis náisiúnta cibearshlándála trí uirlisí cibearshlándála agus bonneagar líonra slán a fhorbairt agus a chur in úsáid a chuirfidh leis an straitéis náisiúnta cibearshlándála, lena n-áirítear beartais shonracha lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le hionadaíocht inscne agus cothromaíocht san earnáil sin;

Leasú  67

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála.

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála agus ar a gcumas freagairt do theagmhais chibearshlándála.

Leasú  68

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chur ar a gcumas d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann. Go háirithe, áireofar sa chlárlann faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú.

2. Déanfaidh ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chur ar a gcumas d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann. Go háirithe, áireofar sa chlárlann faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú. Chun slándáil agus inrochtaineacht na faisnéise atá sa chlárlann a áirithiú, cuirfidh ENISA na bearta slándála úrscothacha i bhfeidhm agus cuirfidh sé an fhaisnéis ar fáil i bhformáidí meaisín-inléite trí chomhéadain chomhfhreagracha.

Leasú  69

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) cuspóirí i leith bearta agus gníomhaíochtaí náisiúnta maidir leis an ullmhacht;

(a) cuspóirí i leith bearta agus gníomhaíochtaí náisiúnta maidir leis an ullmhacht, agus i gcás inarb ábhartha, bearta agus gníomhaíochtaí réigiúnacha agus trasteorann maidir leis an ullmhacht;

Leasú  70

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) scanadh réamhghníomhach a sholáthar, arna iarraidh sin d’eintiteas, ar na líonraí agus ar na córais faisnéise arna n-úsáid chun a seirbhísí a sholáthar;

(e) scanadh slandála a sholáthar, arna iarraidh sin d’eintiteas, ar na córais faisnéise agus ar an raon líonra arna n-úsáid chun a seirbhísí a sholáthar chun bagairtí sonracha a shainaithint, a mhaolú nó a chosc; beidh próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs scanadh den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, agus in aon chás do sheoltaí IP agus URLanna;

Leasú  71

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin.

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

__________________

__________________

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  72

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh a n-údaráis inniúla faisnéis go tráthrialta d’údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis fhíor-riachtanacha arna sainaithint mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], chomh maith leis na bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla mar fhreagairt ar na rioscaí agus ar na teagmhais sin.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh a n-údaráis inniúla faisnéis go tráthrialta d’údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais lena ndéantar difear d’eintitis fhíor-riachtanacha arna sainaithint mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], chomh maith leis na bearta arna ndéanamh ag údaráis inniúla mar fhreagairt ar na rioscaí agus ar na teagmhais sin.

Leasú  73

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Beidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóir. Féadfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) i gcomhréir le hAirteagal 17(5)(c) de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Rialachán DORA] a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair.

3. Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Beidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa in Europol agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóir. Féadfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) i gcomhréir le hAirteagal 17(5)(c) de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Rialachán DORA] a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair.

Leasú  74

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Grúpa Comhair a iarraidh ar ionadaithe ó pháirtithe leasmhara ábhartha a bheith rannpháirteach ina obair.

I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, iarrfaidh an Grúpa Comhair ar ionadaithe na ngeallsealbhóirí ábhartha páirt a ghlacadh ina chuid oibre agus ar Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.

Leasú  75

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Tiocfaidh an Grúpa Comhair le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad le Grúpa na nEintiteas Criticiúil maidir leis an Athléimneacht arna bhunú faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a chur chun cinn.

8. Tiocfaidh an Grúpa Comhair le chéile go tráthrialta agus dhá uair sa bhliain ar a laghad le Grúpa na nEintiteas Criticiúil maidir leis an Athléimneacht arna bhunú faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] chun comhar straitéiseach agus malartú fíor-ama faisnéise a éascú.

Leasú  76

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh líonra CSIRTanna comhdhéanta d’ionadaithe ó CSIRTanna na mBallstát agus CERT-AE. Beidh an Coimisiún rannpháirteach i líonra CSIRTanna mar bhreathnóir. Soláthróidh ENISA an rúnaíocht agus tacóidh sé go gníomhach leis an gcomhar i measc na CSIRTanna.

2. Beidh líonra CSIRTanna comhdhéanta d’ionadaithe ó CSIRTanna na mBallstát agus CERT-AE. Beidh an Coimisiún agus Ionad Cibearchoireachta na hEorpa in Europol rannpháirteach i líonra CSIRTanna mar bhreathnóir. Soláthróidh ENISA an rúnaíocht agus tacóidh sé go gníomhach leis an gcomhar i measc na CSIRTanna.

Leasú  77

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh AE-CyCLONe comhdhéanta de na hionadaithe ó údaráis bainistíochta géarchéime na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Soláthróidh ENISA rúnaíocht an líonra agus tacóidh sé le malartú faisnéise slán.

2. Beidh AE-CyCLONe comhdhéanta de na hionadaithe ó údaráis bainistíochta géarchéime na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Beidh Ionad Cibearchoireachta na hEorpa in Europol rannpháirteach i ngníomhaíochtaí AE-CyCLONe mar bhreathnóir. Soláthróidh ENISA rúnaíocht an líonra agus tacóidh sé le malartú faisnéise slán.

Leasú  78

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Rachaidh AE-CyCLONe i gcomhar le líonra CSIRTanna ar bhonn socruithe nós imeachta comhaontaithe.

6. Rachaidh AE-CyCLONe i gcomhar le líonra CSIRTanna ar bhonn socruithe nós imeachta comhaontaithe, agus le forfheidhmiú an dlí faoi chuimsiú Prótacal Práinnfhreagartha Forfheidhmithe Dlí an Aontais.

Leasú  79

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil dhébhliantúil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas. Áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas go háirithe:

1. Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil bhliantúil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas. Cuirfear an tuarascáil ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas go háirithe:

Leasú  80

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) tionchar na dteagmhas cibearshlándála ar chosaint sonraí pearsanta san Aontas.

Leasú  81

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe c b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(cb) forbhreathnú ar leibhéal ginearálta na feasachta ar an gcibearshlándáil agus ar an úsáid a bhaintear as an gcibearshlándáil i measc saoránach agus ar leibhéal ginearálta slándála na ngaireas nasctha atá dírithe ar thomhaltóirí a chuirtear ar an margadh san Aontas.

Leasú  82

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta oiliúintí sonracha, ar bhonn tráthrialta, chun eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun rioscaí agus cleachtais bhainistíochta maidir leis an gcibearshlándáil, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí an eintitis, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta agus speisialtóirí freagrach as an gcibearshlándáil oiliúintí sonracha, ar bhonn tráthrialta, chun eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun rioscaí agus cleachtais bhainistíochta maidir leis an gcibearshlándáil atá i mbun forbartha, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí an eintitis, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu.

Leasú  83

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú, ar nithe iad a úsáideann na heintitis sin agus a seirbhísí á soláthar acu. Ag féachaint don úrscothacht, leis na bearta sin áiritheofar leibhéal slándála le haghaidh líonraí agus córas faisnéise is iomchuí don riosca atá ann.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí a bhaineann le cibearshlándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú, ar córais iad a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar, agus d’fhonn leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú agus chun na rioscaí do chearta daoine aonair a mhaolú nuair a dhéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil. Ag féachaint don úrscothacht, leis na bearta sin áiritheofar leibhéal cibearslándála le haghaidh líonraí agus córas faisnéise is iomchuí don riosca atá ann.

Leasú  84

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) úsáid na cripteagrafaíochta agus an chriptiúcháin.

(g) úsáid na cripteagrafaíochta agus an chriptiúcháin láidir.

Leasú  85

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil bearta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 á meas acu, go gcuirfidh eintitis na leochaileachtaí is iomchuí do gach soláthróir agus soláthraí seirbhíse san áireamh chomh maith le cáilíocht fhoriomlán na dtáirgí agus na gcleachtas maidir leis an gcibearshlándáil de chuid a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil bearta iomchuí agus comhréireach dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 á meas acu, go gcuirfidh eintitis na leochaileachtaí is iomchuí do gach soláthróir agus soláthraí seirbhíse san áireamh chomh maith le cáilíocht fhoriomlán na dtáirgí agus na gcleachtas maidir leis an gcibearshlándáil de chuid a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt. Tabharfaidh na húdaráis inniúla treoir d’eintitis maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil agus comhréireach.

Leasú  86

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6 a. Tabharfaidh na Ballstáit an ceart d’úsáideoir líonra agus córais faisnéise arna sholáthar ag eintiteas atá riachtanach nó tábhachtach faisnéis a fháil ón eintiteas faoi na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá i bhfeidhm chun na rioscaí do shlándáil líonra agus córas faisnéise a bhainistiú. Saineoidh na Ballstáit na teorainneacha ar an gceart sin.

Leasú  87

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha maidir leis na slabhraí soláthair, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

1. Déanfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha maidir leis na slabhraí soláthair, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

Leasú  88

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó do CSIRT i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 faoi aon teagmhas ag a bhfuil tionchar mór ar sholáthar a seirbhísí. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí faoi theagmhais lena ndéanfar difear díobhálach is dócha do sholáthar na seirbhíse sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na heintitis sin, i measc nithe eile, aon fhaisnéis lena gcumasaítear do na húdaráis inniúla nó do CSIRT aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a chinneadh.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig, fógra do na húdaráis inniúla nó do CSIRT i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 faoi aon teagmhas ag a bhfuil tionchar mór ar sholáthar a seirbhísí, agus do na húdaráis inniúla forfheidhmithe dlí más rud é go bhfuil amhras ann nó gurb eol gur teagmhas mailíseach atá ann. Tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí faoi theagmhais lena ndéanfar difear díobhálach is dócha do sholáthar na seirbhíse sin agus soláthróidh siad faisnéis a chuirfeadh ar a gcumas éifeachtaí díobhálacha na gcibear-ionsaithe a mhaolú. Mar eisceacht air sin, i gcás ina bhféadfadh nochtadh poiblí tuilleadh cibear-ionsaithe a spreagadh, féadfaidh na heintitis sin moill a chur ar an bhfógra. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na heintitis sin, i measc nithe eile, aon fhaisnéis lena gcumasaítear do na húdaráis inniúla nó do CSIRT aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a chinneadh.

Leasú  89

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó do CSIRT faoi aon chibearbhagairt mhór a shainaithníonn na heintitis sin mar chibearbhagairt as a bhféadfadh teagmhas mór teacht.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha in ann fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla nó do CSIRT faoi aon chibearbhagairt mhór a shainaithníonn na heintitis sin mar chibearbhagairt as a bhféadfadh teagmhas mór teacht.

Leasú  90

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí, a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh de dheasca cibearbhagartha, faoi aon bheart nó leigheas is féidir leis na faighteoirí sin a dhéanamh mar fhreagairt ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis fógra freisin do na faighteoirí sin faoina mbagairt féin. Leis an bhfógra, ní bheidh an t-eintiteas dá dtugtar fógra faoi réir dliteanas méadaithe.

I gcás inarb infheidhme, beidh cead ag na heintitis sin fógra a thabhairt d’fhaighteoirí a seirbhísí, a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh de dheasca cibearbhagartha, faoi aon bheart nó leigheas is féidir leis na faighteoirí sin a dhéanamh mar fhreagairt ar an mbagairt sin. I gcás ina dtabharfar fógra den sórt sin, tabharfaidh na heintitis fógra freisin do na faighteoirí sin faoina mbagairt féin. Leis an bhfógra, ní bheidh an t-eintiteas dá dtugtar fógra faoi réir dliteanas méadaithe.

Leasú  91

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an tuarascáil faoi phointe (a) a chur isteach, tuairisc a mbeadh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

(c) tuarascáil chuimsitheach tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an tuarascáil faoi phointe (a) a chur isteach, tuairisc a mbeadh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

Leasú  92

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) an cineál bagartha nó an bhunchúis is dócha a spreag an teagmhas;

(ii) an cineál cibearbhagartha nó an bhunchúis is dócha a spreag an teagmhas;

Leasú  93

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c – pointe iii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) bearta maolúcháin atá á gcur i bhfeidhm agus leanúnach.

(iii) bearta maolúcháin nó leigheasanna atá á gcur i bhfeidhm agus leanúnach.

Leasú  94

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. I gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás ina mbaineann an teagmhas dá dtagraítear i mír 1 le dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an CSIRT na Ballstáit eile a ndéanfar difear dóibh, agus ENISA, a chur ar an eolas faoin teagmhas. Leis sin, déanfaidh na húdaráis inniúla, na CSIRTanna agus na pointí teagmhála aonair, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis chomh maith le rúndacht na faisnéise arna soláthar a chaomhnú.

6. I gcás inarb iomchuí, agus go háirithe i gcás ina mbaineann an teagmhas dá dtagraítear i mír 1 le dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an CSIRT na Ballstáit eile a ndéanfar difear dóibh, agus ENISA, a chur ar an eolas faoin teagmhas. Má bhaineann an teagmhas le dhá Bhallstát nó níos mó agus má mheastar gur teagmhas coiriúil atá i gceist, cuirfidh an t-údarás inniúil nó an CSIRT EUROPOL ar an eolas faoi. Leis sin, déanfaidh na húdaráis inniúla, na CSIRTanna agus na pointí teagmhála aonair, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis chomh maith le rúndacht na faisnéise arna soláthar a chaomhnú.

Leasú  95

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 22 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit, comhairle agus treoirlínte a tharraingt suas maidir leis na réimsí teicniúla atá le breithniú i ndáil le mír 1 agus maidir leis na caighdeáin atá ann cheana, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta de chuid na mBallstát, lena gceadófaí na réimsí sin a chumhdach.

2. Déanfaidh ENISA, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le EDPB agus i gcomhar leis na Ballstáit, comhairle agus treoirlínte a tharraingt suas maidir leis na réimsí teicniúla atá le breithniú i ndáil le mír 1 agus maidir leis na caighdeáin atá ann cheana, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta de chuid na mBallstát, lena gceadófaí na réimsí sin a chumhdach.

Leasú  96

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun rannchuidiú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a bhailiú agus a choinneáil ar bun i saoráid bunachair sonraí thiomnaithe le dícheall cuí faoi réir dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith sonraí ar sonraí pearsanta iad.

1. Chun rannchuidiú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag TLD chun a áirithiú go ndéanfar sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a bhailiú agus a choinneáil ar bun i saoráid bunachair sonraí thiomnaithe i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith sonraí ar sonraí pearsanta iad. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na beartais agus na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí.

Leasú  97

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis i mbunachair sonraí na sonraí cláraithe ainm fearainn dá dtagraítear i mír 1, ar faisnéis ábhartha í chun sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn agus na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoi na TLDanna a shainaithint agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis i mbunachair sonraí na sonraí cláraithe ainm fearainn dá dtagraítear i mír 1, ar faisnéis í a bhfuil léi chun sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn, eadhon a n-ainm, a seoladh fisiciúil agus seoladh ríomhphoist mar aon lena uimhir theileafóin, agus na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoi na TLDanna a shainaithint agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

Leasú  98

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag clárlanna TLD agus ag na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chruinn agus iomlán sna bunachair sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na beartais agus na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí.

scriosta

Réasúnú

Cuireadh an mhír seo isteach in Airteagal 23(1).

Leasú  99

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD, sonraí cláraithe fearainn nach sonraí pearsanta iad a fhoilsiú, gan moill mhíchuí tar éis clárú ainm fearainn.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD,  i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) agus le hAirteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus gan moill mhíchuí tar éis clárú ainm fearainn, sonraí cláraithe áirithe ainm fearainn a fhoilsiú, amhail an t-ainm fearainn agus ainm an duine dhlítheanaigh.

Leasú  100

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD rochtain a sholáthar ar shonraí cláraithe ainm fearainn sonracha tar éis iarrataí dleathacha a bhfuil údar cuí leo a fháil ó iarrthóirí dlisteanacha ar rochtain, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD gan moill mhíchuí do na hiarrataí uile ar rochtain. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil go poiblí na beartais agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a nochtadh.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD rochtain a sholáthar ar shonraí cláraithe ainm fearainn sonracha tar éis iarrataí dleathacha a bhfuil údar cuí leo a fháil ó údaráis phoiblí, lena n-áirítear údaráis inniúla faoin Treoir seo, údaráis inniúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó údaráis mhaoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD gan moill mhíchuí do gach iarraidh dhleathach a bhfuil údar cuí léi ar rochtain a dtugtar fógra cuí ina leith. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil go poiblí na beartais agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a nochtadh.

Leasú  101

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 24 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Mura bhfuil eintiteas dá dtagraítear i mír 1 bunaithe san Aontas, ach má thairgeann sé seirbhísí laistigh den Aontas, ainmneoidh sé ionadaí san Aontas. Bunófar an t-ionadaí i gceann de na Ballstáit sin ina dtairgtear na seirbhísí. Measfar go bhfuil an t-eintiteas sin faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí bunaithe. In éagmais ionadaí ainmnithe laistigh den Aontas faoin Airteagal seo, féadfaidh aon Bhallstát ina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí caingne dlí a thionscnamh in aghaidh an eintitis maidir le neamhchomhlíontacht na n-oibleagáidí faoin Treoir seo.

3. Mura bhfuil eintiteas dá dtagraítear i mír 1 bunaithe san Aontas, ach má thairgeann sé seirbhísí laistigh den Aontas, ainmneoidh sé ionadaí san Aontas. Bunófar an t-ionadaí i gceann de na Ballstáit sin ina dtairgtear na seirbhísí. Gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, measfar go bhfuil an t-eintiteas sin faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí bunaithe. In éagmais ionadaí ainmnithe laistigh den Aontas faoin Airteagal seo, féadfaidh aon Bhallstát ina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí caingne dlí a thionscnamh in aghaidh an eintitis maidir le neamhchomhlíontacht na n-oibleagáidí faoin Treoir seo.

Leasú  102

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 25 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh ENISA clárlann le haghaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chruthú agus a choinneáil ar bun. Cuirfidh na heintitis an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid ENISA faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ar a dhéanaí]:

1. Déanfaidh ENISA clárlann shlán le haghaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chruthú agus a choinneáil ar bun. Cuirfidh na heintitis an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid ENISA faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ar a dhéanaí]:

Leasú  103

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha faisnéis ábhartha maidir leis an gcibearshlándáil a mhalartú eatarthu féin lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta, i gcás inarb amhlaidh maidir leis an gcomhroinnt faisnéise sin:

1. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ná do Threoir 2002/58/CE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha faisnéis ábhartha maidir leis an gcibearshlándáil a mhalartú eatarthu féin lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta, agus an áit a bhfuil an t-ionsaitheoir nó céannacht an ionsaitheora i gcás inarb amhlaidh maidir leis an gcomhroinnt faisnéise sin:

Leasú  104

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis cosanta sonraí agus iad ag dul i ngleic le teagmhais a dtagann sáruithe maidir le sonraí pearsanta astu.

2. Oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta agus iad ag dul i ngleic le teagmhais a dtagann sáruithe maidir le sonraí pearsanta astu gan dochar d’inniúlachtaí, cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2016/679. Chuige sin, malartóidh údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta faisnéis atá ábhartha maidir lena réimse inniúlachta faoi seach. Thairis sin, arna iarraidh sin do na húdaráis mhaoirseachta inniúla, tabharfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis dóibh a fhaightear i gcomhthéacs aon iniúchtaí agus imscrúduithe a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

Leasú  105

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 4 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) a ordú do na heintitis sin gnéithe de neamhchomhlíontacht na n-oibleagáidí a leagtar síos Treoir seo a phoibliú ar bhealach sonraithe;

scriosta

Leasú  106

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) toirmeasc sealadach a fhorchur nó a iarraidh ar na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha toirmeasc sealadach a fhorchur de réir na ndlíthe náisiúnta in aghaidh aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta ar leibhéal an phríomhoifigigh feidhmiúcháin nó an ionadaí dlí san eintiteas fíor-riachtanach sin, agus in aghaidh aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú, ar toirmeasc é ar fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú san eintiteas sin.

scriosta

Leasú  107

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní chuirfear na smachtbhannaí sin i bhfeidhm go ndéanfaidh an t-eintiteas an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh.

Ní chuirfear an smachtbhanna sin i bhfeidhm go ndéanfaidh an t-eintiteas an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh.

Leasú  108

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) an damáiste iarbhír a rinneadh nó na caillteanais iarbhír a tabhaíodh nó an damáiste nó na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith déanta, a mhéid is féidir iad a chinneadh. I gcás ina bhfuil meastóireacht á déanamh ar an ngné sin, ba cheart, i measc nithe eile, caillteanais iarbhír nó fhéideartha airgeadais nó eacnamaíochta a chur san áireamh mar aon le héifeachtaí ar sheirbhísí eile, líon na n-úsáideoirí dá ndéantar difear nó a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh;

(c) an damáiste iarbhír ábhartha nó neamhábhartha a rinneadh nó na caillteanais iarbhír a tabhaíodh a mhéid is féidir iad a chinneadh. I gcás ina bhfuil meastóireacht á déanamh ar an ngné sin, ba cheart, i measc nithe eile, caillteanais iarbhír nó fhéideartha airgeadais nó eacnamaíochta a chur san áireamh mar aon le héifeachtaí ar sheirbhísí eile, líon na n-úsáideoirí dá ndéantar difear nó a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh;

Leasú  109

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) aon sáruithe ábhartha a rinne an t-eintiteas lena mbaineann roimhe sin;

Leasú  110

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe c b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(cb) an bealach ina bhfuair an t-údarás inniúil eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-eintiteas an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

Leasú  111

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhítheanaigh nó na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach leis na húdaráis inniúla.

(g) an leibhéal comhair a bhí ann leis na údaráis inniúla chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha na sáruithe a mhaolú;

Leasú  112

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 7 – pointe g a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ga) aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

Leasú  113

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-údaráis inniúla na húdaráis inniúla ábhartha de chuid na mBallstát lena mbaineann arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] ar an eolas agus a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil, nó mar eintiteas atá coibhéiseach le heintiteas criticiúil, faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] na hoibleagáidí de bhun na Treorach seo. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], féadfaidh údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach arna shainaithint mar eintiteas criticiúil nó coibhéiseach.

9. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-údaráis inniúla na húdaráis inniúla ábhartha de gach Ballstát arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] ar an eolas i bhfíor-am agus a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil, nó mar eintiteas atá coibhéiseach le heintiteas criticiúil, faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] na hoibleagáidí de bhun na Treorach seo. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], féadfaidh údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach arna shainaithint mar eintiteas criticiúil nó coibhéiseach.

Leasú  114

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 4 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) a ordú do na heintitis sin gnéithe de neamhchomhlíontacht a n-oibleagáidí a leagtar síos Treoir seo a phoibliú ar bhealach sonraithe;

scriosta

Leasú  115

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 4 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) ráiteas poiblí a dhéanamh lena sainaithnítear an duine dlítheanach agus nádúrtha nó na daoine dlítheanacha agus nádúrtha atá freagrach as an sárú ar oibleagáid a leagtar síos sa Treoir seo agus cineál an tsáraithe sin;

h) ráiteas poiblí a dhéanamh lena sainaithnítear an duine dlítheanach nó na daoine dlítheanacha atá freagrach as an sárú ar oibleagáid a leagtar síos sa Treoir seo agus cineál an tsáraithe sin;

Leasú  116

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 31 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar fíneálacha riaracháin, de réir imthosca gach cáis aonair, a fhorchur i dteannta, nó in ionad, bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 29(4), Airteagal 29(5) agus pointí (a) go (h) d’Airteagal 30(4).

2. Déanfar fíneálacha riaracháin a fhorchur i dteannta, nó in ionad, bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 29(4), Airteagal 29(5) agus pointí (a) go (h) d’Airteagal 30(4), de réir imthosca gach cáis aonair.

Leasú  117

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 31 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh fíneáil riaracháin a fhorchur agus mhéid na fíneála i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí, ar a laghad, ar na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 29(7).

3. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh fíneáil riaracháin a fhorchur beidh sé sin ag brath ar imthosca gach cáis aonair, agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh mhéid na fíneála i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí, ar a laghad, ar na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 29(7).

Leasú  118

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina léirítear do na húdaráis inniúla go mbaineann sárú eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 le sárú maidir le sonraí pearsanta, arna shainmhíniú le hAirteagal 4(12) de Rialachán (AE) 2016/679 a dtabharfar fógra faoi de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, cuirfidh siad na húdaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagail 55 agus 56 den Rialachán sin ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama.

1. I gcás ina léirítear do na húdaráis inniúla go mbaineann sárú eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 le sárú maidir le sonraí pearsanta, arna shainmhíniú le hAirteagal 4(12) de Rialachán (AE) 2016/679 a dtabharfar fógra faoi de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, cuirfidh siad na húdaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagail 55 agus 56 den Rialachán sin ar an eolas gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig.

Leasú  119

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 32 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina mbunaítear an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Rialachán (AE) 2016/679 i mBallstát eile seachas Ballstát an údaráis inniúil, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-údarás maoirseachta atá bunaithe sa Bhallstát céanna a chur ar an eolas.

3. I gcás ina mbunaítear an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Rialachán (AE) 2016/679 i mBallstát eile seachas Ballstát an údaráis inniúil, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-údarás maoirseachta atá bunaithe sa Bhallstát céanna a chur ar an eolas.

Leasú  120

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 34 a

Dliteanas i gcás neamhchomhlíonadh

Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach ag faighteoirí seirbhísí arna soláthar ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha tar éis dóibh damáistí a thabhú toisc nár chomhlíon na soláthraithe an Treoir seo.

Leasú  121

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 35 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Leis an tuarascáil déanfar measúnú go háirithe ar a ábhartha atá earnálacha, fo-earnálacha, méid agus cineál na n-eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí i ndáil leis an gcibearshlándáil. Chun an críche sin agus d’fhonn an comhar straitéiseach agus oibríochtúil a chur chun cinn tuilleadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna san áireamh maidir leis an taithí arna fáil ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoi… 54 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach seo gach 3 bliana, agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Leis an tuarascáil déanfar measúnú go háirithe ar a mhéid a chuidigh an Treoir le hardleibhéal comhchoiteann slándála agus sláine líonra agus córas faisnéise a áirithiú, agus an chosaint is fearr is féidir a thabhairt don saol príobháideach agus do shonraí pearsanta ag an am céanna, agus ar a ábhartha atá earnálacha, fo-earnálacha, méid agus cineál na n-eintiteas dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II d’fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí i ndáil leis an gcibearshlándáil. Chun na críche sin agus d’fhonn an comhar straitéiseach agus oibríochtúil a chur chun cinn tuilleadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna san áireamh maidir leis an taithí arna fáil ar an leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoi… 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Leasú  122

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – Pointe 5 (Sláinte) – fleasc 6 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Earnáil

Fo-earnáil

Cineál eintitis

5. Sláinte

 Soláthróirí cúraim sláinte dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/24/AE(90)

 Saotharlanna tagartha AE dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán XXXX/XXXX maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte91

 Eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí taighde agus forbartha maidir le táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 1 pointe 2 de Threoir 2001/83/CE(92)

 Eintitis a mhonaraíonn táirgí cógaisíochta bunúsacha agus ullmhóidí cógaisíochta bunúsacha dá dtagraítear i roinn C rannán 21 de NACE Ath. 2

 Eintitis a mhonaraíonn feistí leighis a mheastar a bheith criticiúil le linn éigeandáil sláinte poiblí (‘liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí’) dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán XXXX93

91 [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE, tá an tagairt le tabhairt cothrom le dáta nuair a ghlacfar togra COM (2020)727 final]

92 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

93 [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis, tá an tagairt le tabhairt cothrom le dáta nuair a ghlacfar togra COM (2020)725 final]

Leasú

Earnáil

Fo-earnáil

Cineál eintitis

5. Sláinte

 Soláthróirí cúraim sláinte dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/24/AE(90)

 Saotharlanna tagartha AE dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán XXXX/XXXX maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte91

 Eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí taighde agus forbartha maidir le táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 1 pointe 2 de Threoir 2001/83/CE(92 )

 Eintitis a mhonaraíonn táirgí cógaisíochta bunúsacha agus ullmhóidí cógaisíochta bunúsacha dá dtagraítear i roinn C rannán 21 de NACE Ath. 2

 Eintitis a mhonaraíonn feistí leighis a mheastar a bheith criticiúil le linn éigeandáil sláinte poiblí (‘liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí’) dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán XXXX93

 Eintitis a bhfuil údarú dáileacháin acu dá dtagraítear in Airteagal 79 de Threoir 2001/83/CE

91 [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE, tá an tagairt le tabhairt cothrom le dáta nuair a ghlacfar togra COM (2020)727 final]

92 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

93 [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis, tá an tagairt le tabhairt cothrom le dáta nuair a ghlacfar togra COM (2020)725 final]

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

Tagairtí

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

21.1.2021

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

21.1.2021

Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

20.5.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Lukas Mandl

12.4.2021

Pléite sa choiste

16.6.2021

3.9.2021

11.10.2021

Dáta an ghlactha

12.10.2021

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

44

14

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Maria Grapini, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Olivier Chastel, Tanja Fajon, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Anne-Sophie Pelletier, Thijs Reuten, Rob Rooken, Maria Walsh

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

44

+

ID

Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Peter Kofod, Philippe Olivier, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

NI

Laura Ferrara

PPE

Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Sara Skyttedal, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Maria Walsh, Javier Zarzalejos

Renew

Olivier Chastel, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Tanja Fajon, Maria Grapini, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Thijs Reuten, Birgit Sippel, Bettina Vollath

Verts/ALE

Damien Carême

14

-

ECR

Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Nicola Procaccini, Rob Rooken, Jadwiga Wiśniewska

ID

Marcel de Graaff

NI

Martin Sonneborn, Milan Uhrík

Verts/ALE

Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik

4

0

The Left

Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Cornelia Ernst, Anne-Sophie Pelletier

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA (15.7.2021)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

(2020/0359(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Markéta Gregorová

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148, rinneadh dul chun cinn mór chun leibhéal athléimneachta an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a mhéadú. Leis an athbhreithniú a rinneadh ar an Treoir sin, léiríodh gur chatalaíoch í le haghaidh an chur chuige institiúide agus rialála i leith na cibearshlándála san Aontas, rud a réitigh an bealach chun athrú meoin mór a dhéanamh. Leis an Treoir sin áirithíodh gur cuireadh creataí náisiúnta i gcrích trí straitéisí cibearshlándála náisiúnta a shainiú, cumais náisiúnta a bhunú, agus bearta rialála a chur chun feidhme lena gcumhdaítear bonneagair agus gníomhaithe fíor-riachtanacha arna sainaithint ag gach Ballstát. Bhí sí ina rannchuidiú freisin le comhar ar leibhéal an Aontais trí bhunú an Ghrúpa Comhair12 agus líonra Foirne Freagartha náisiúnta do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘líonra CSIRTanna’)13  D’ainneoin na n-éachtaí sin, nochtadh leis an athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/1148 go bhfuil easnaimh ag baint léi lena gcuirtear cosc léi dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin chomhaimseartha maidir leis an gcibearshlándáil agus leo sin atá ag teacht chun cinn.

(2) Ó theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/1148, tá dul chun cinn nach beag á dhéanamh i ndáil le leibhéal athléimneachta an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a mhéadú. Leis an athbhreithniú a rinneadh ar an Treoir sin, léiríodh gur chatalaíoch í le haghaidh an chur chuige institiúide agus rialála i leith na cibearshlándála san Aontas, rud a réitigh an bealach chun athrú meoin mór a dhéanamh. Leis an Treoir sin áirithíodh gur cuireadh creataí náisiúnta i gcrích trí straitéisí cibearshlándála náisiúnta a shainiú, cumais náisiúnta a bhunú, agus bearta rialála a chur chun feidhme lena gcumhdaítear bonneagair agus gníomhaithe fíor-riachtanacha arna sainaithint ag gach Ballstát. Bhí sí ina rannchuidiú freisin le comhar ar leibhéal an Aontais trí bhunú an Ghrúpa Comhair12  agus líonra Foirne Freagartha náisiúnta do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (‘líonra CSIRTanna’)13. Ba í Treoir (AE) 2016/1148 an chéad ghníomh reachtach uile-Aontais maidir leis an gcibearshlándáil, ina ndearnadh foráil do bhearta dlíthiúla chun borradh a chur faoi leibhéal foriomlán na cibear-athléimneachta i réimse na slándála agus na cosanta san Aontas freisin trí chomhar na mBallstát agus cultúr slándála sna hearnálacha uile a áirithiú. D’ainneoin na n-éachtaí sin, nochtadh leis an athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/1148 go bhfuil easnaimh ag baint léi lena gcuirtear cosc uirthi dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin chomhaimseartha maidir leis an gcibearshlándáil agus leo sin atá ag teacht chun cinn, ar dúshláin iad a thagann ó áit lasmuigh nó áiteanna lasmuigh den Aontas go rímhinic, agus ar bagairt mhór ar an tslándáil inmheánach agus sheachtrach ar leibhéal an Aontais iad.

_________________

_________________

12 Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148.

12 Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148.

13 Airteagal 12 de Threoir (AE) 2016/1148.

13 Airteagal 12 de Threoir (AE) 2016/1148.

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3a) Tuigtear don Aontas go bhfuil feachtais hibrideacha ‘ilghnéitheach, lena dtugtar bearta comhéigneacha agus treascracha le chéile agus lena n-úsáidtear uirlisí agus teaicticí coinbhinseanúla agus neamhghnácha araon (uirlisí agus teaicticí taidhleoireachta, míleata, eacnamaíocha agus teicneolaíocha) chun an freasúra a dhíchobhsú. Tá siad deartha le bheith deacair le brath nó le sannadh, agus is féidir le gníomhaithe stáit agus neamhstáit iad a úsáid’1a. Cuireann an t-idirlíon agus líonraí ar líne ar chumas gníomhaithe stáit agus neamhstáit gníomhú go hionsaitheach ar bhealaí nua. Is féidir úsáid a bhaint astu chun bonneagar criticiúil agus próisis dhaonlathacha a haiceáil, chun bréagaisnéis áititheach agus feachtais bholscaireachta áititheacha a sheoladh, chun faisnéis a ghoid agus chun sonraí íogaire a uaslódáil san fhearann poiblí. Sna cásanna is measa, fágann cibirionsaithe gur féidir le hiomaitheoir smacht a fháil ar shócmhainní amhail córais mhíleata agus struchtúir ordaithe1b. Ag an am céanna, tá an comhar leis an earnáil phoiblí agus le geallsealbhóirí sibhialtacha, lena n-áirítear tionscail agus eintitis atá rannpháirteach i mbainistiú bonneagar criticiúil, ríthábhachtach agus ba cheart é a atreisiú mar gheall ar ghnéithe sainiúla an chibirfhearainn, inarb iad cuideachtaí príobháideacha nach n-oibríonn sa réimse míleata go minic atá chun tosaigh sa nuálaíocht theicneolaíoch go príomha. Ba cheart ullmhú go leormhaith do theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála den sórt sin ar leibhéal an Aontais, agus cosaint leormhaith a thabhairt orthu, trí chomhfhreachnaimh oiliúna óir d’fhéadfaidís Airteagal 222 CFAE (an ‘clásal dlúthpháirtíochta’) a agairt.

_________________

1a An Coimisiún Eorpach/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ‘Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le hAthléimneacht a Mhéadú agus Inniúlachtaí a Threisiú chun Aghaidh a thabhairt ar Bhagairtí Hibrideacha’, JOIN(2018) 16 final, an Bhruiséil, 13 Meitheamh 2018, lch. 1.

1b https://www.iss.europa.eu/sites/default/files/EUISSFiles/CP_151.pdf

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3b) Le linn teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar leibhéal an Aontais, bíonn gá ag an ardleibhéal idirspleáchais idir earnálacha agus tíortha le gníomhaíocht chomhordaithe chun freagairt mhear agus éifeachtach a áirithiú, mar aon le cosc agus ullmhacht níos fearr i gcás cásanna comhchosúla amach anseo. Tá infhaighteacht líonraí agus córais faisnéise cibear-athléimneacha agus infhaighteacht, rúndacht agus sláine sonraí ríthábhachtach do shlándáil an Aontais laistigh agus lastall dá theorainneacha. Tá uaillmhian an Aontais i dtaobh ról geopholaitiúil níos feiceálaí a bheith aige ag brath ar chibearchosaint agus cibearbhacadh inchreidte, lena n-áirítear an acmhainneacht gníomhaíochtaí mailíseacha a shainaithint ar bhealach tráthúil, éifeachtach agus freagairt dóibh go leormhaith. Ós rud é go bhfuil mearbhall ann idir cúrsaí sibhialta agus míleata agus nádúr dé-úsáide cibearuirlisí agus cibirtheicneolaíochtaí, tá gá le cur chuige cuimsitheach iomlánaíoch maidir leis an réimse digiteach. Tá feidhm aige sin freisin maidir le hoibríochtaí agus misin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CSDP) arna ndéanamh ag an Aontas chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a áirithiú ina chomharsanacht agus níos faide i gcéin. Ina leith sin, ba cheart go bhfeabhsódh agus go dtreoródh Compás Straitéiseach an Aontais cur chun feidhme leibhéal uaillmhéine an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta, agus go n-aistreodh sé an uaillmhian sin go riachtanais chumais sa chibearchosaint, lena méadófar cumas an Aontais agus na mBallstát cibirghníomhaíochtaí mailíseacha a chosc, a dhíspreagadh, a stopadh agus a fhreagairt agus teacht slán uathu trína sheasamh, a fheasacht staide, a uirlisí, a nósanna imeachta agus a chomhpháirtíochtaí a neartú. Rannchuidíonn comhar an Aontais le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ECAT le hidirphléití maidir le conas ionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt dóibh, agus maidir le conas scrúdú a dhéanamh ar bhealaí le hanailís chomhchoiteann ar chibearbhagairtí a bhunú.

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Leis an Treoir seo ní dhéantar difear do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna fíor-riachtanacha a slándála a áirithiú, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh nochtadh an méid sin contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá rialacha náisiúnta agus rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar chomhaontuithe neamhnochta, agus ar chomhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla, amhail an Prótacal Soilse Tráchta14 , ábhartha.

(6) Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear do chumas na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna fíor-riachtanacha a slándála a áirithiú, an beartas poiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint, agus chun gur féidir cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus cearta bunúsacha. Gan beann ar an timpeallacht theicneolaíoch, tá sé bunriachtanach próisis chuí agus coimircí eile a urramú go hiomlán, go háirithe cearta bunúsacha, amhail an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus cumarsáid phríobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ar an gcuma chéanna, chun athléimneacht uilechuimsitheach a áirithiú, is gá ní hamháin bonneagair theicneolaíocha a neartú agus acmhainneachtaí freagartha a shealbhú, ach is gá freisin feasacht phoiblí a mhúscailt ar chibear-rioscaí agus ar an gcibearshlándáil. I gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar a mbeadh nochtadh an méid sin contrártha do leasanna fíor-riachtanacha a shlándála poiblí. Sa chomhthéacs sin, tá rialacha náisiúnta agus rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe, ar chomhaontuithe neamhnochta, agus ar chomhaontuithe neamhnochta neamhfhoirmiúla, amhail an Prótacal Soilse Tráchta14 , ábhartha.

_________________

_________________

14 Bealach is ea é an Prótacal Soilse Tráchta chun go gcuirfidh aon duine ag a bhfuil faisnéis á comhroinnt a phobal meáin ar an eolas faoi aon teorainn leis an bhfaisnéis sin a leathadh tuilleadh. Úsáidtear i nach mór gach pobal CSIRT é agus i Lárionaid um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna) áirithe.

14 Bealach is ea é an Prótacal Soilse Tráchta chun go gcuirfidh aon duine ag a bhfuil faisnéis á comhroinnt a phobal meáin ar an eolas faoi aon teorainn leis an bhfaisnéis sin a leathadh tuilleadh. Úsáidtear i nach mór gach pobal CSIRT é agus i roinnt Lárionad um Chomhroinnt agus Anailís Faisnéise (ISACanna).

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 D’fhonn córas nascachta slán a fhorbairt agus chun cur le bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa (EuroQCI) agus le Cumarsáid Satailíte Rialtais an Aontais Eorpaigh (GOVSATCOM), go háirithe cur chun feidhme GNSS GALILEO d’úsáideoirí cosanta, i gcás inar cheart go gcuirfí san áireamh san fhorbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, inter alia, an tionchar a bheadh ann dá ndéanfaí luas agus sofaisticiúlacht na ríomhaireachta candamaí a chumasc le córais mhíleata fhíoruathrialacha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar an bonneagar cumarsáide leictreonaí ina iomláine, amhail córais líonra spáis, talún agus fomhuirí. Ag an am céanna, ba cheart fís choiteann ar Straitéis maidir le Glacadh na Néalríomhaireachta d’earnálacha íogaire a bhunú, chun cur chuige de chuid an Aontais a shainiú bunaithe ar chaighdeáin chomhroinnte i measc tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo.

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Tá bonneagar atá faoi úinéireacht an Aontais, á bhainistiú nó á fheidhmiú aige nó thar a cheann mar chuid dá chláir spáis an-tábhachtach do shlándáil an Aontais agus a Bhallstáit agus d’fheidhmiú cuí mhisin CBSC. Tá an bonneagar sin le cosaint go leormhaith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18a. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus a chuirfeadh slándáil agus sábháilteacht shaoránaigh an Aontais i mbaol. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo.

_________________

18a Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le comhar idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil, ba cheart do CSIRTanna a bheith in ann a bheith rannpháirteach freisin i líonraí comhair idirnáisiúnta i dteannta líonra CSIRTanna a bhunaítear leis an Treoir seo.

(26) I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le comhar idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil, ba cheart do CSIRTanna a bheith in ann a bheith rannpháirteach freisin i líonraí comhair idirnáisiúnta i dteannta an líonra CSIRTanna a bhunaítear leis an Treoir seo, chun rannchuidiú le forbairt chaighdeáin an Aontais ar féidir leo an tírdhreach cibearshlándála a mhúnlú ar an leibhéal idirnáisiúnta. D’fhéadfadh na Ballstáit féachaint an bhféadfaí comhar a mhéadú le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leo agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus na Náisiúin Aontaithe chun comhaontuithe iltaobhacha maidir le cibear-noirm, iompar stáit agus neamhstáit freagrach sa chibearspás agus rialachas digiteach domhanda éifeachtach a bhaint amach agus freisin chun cibearspás oscailte, saor, cobhsaí agus slán atá bunaithe sa dlí idirnáisiúnta a chruthú.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20, is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosc leo. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais.

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20, is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus lena gcuirfí cosc ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leo nó slándáil agus sábháilteacht na saoránach agus leas eacnamaíoch agus airgeadais an Aontais a chur i mbaol. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dul i mbun comhair ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit gníomhaíochtaí agus plé beartais cásbhunaithe maidir le creat bainistithe géarchéime a chur chun cinn tuilleadh, chun comhleanúnachas beartais inmheánaigh agus sheachtraigh a áirithiú agus chun tuiscint choiteann ar na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an chlásail dlúthpháirtíochta a fhorbairt.

_________________

_________________

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena gceadaítear agus lena n-eagraítear a rannpháirtíocht i roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna. Leis na comhaontuithe sin, ba cheart cosaint sonraí leordhóthanach a áirithiú.

(36) Ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena lamháiltear agus lena n-eagraítear a rannpháirtíocht i roinnt de ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair agus líonra CSIRTanna. Leis na comhaontuithe sin, dhéanfaí cosaint sonraí leormhaith a áirithiú agus ba cheart go ndéanfaí rochtain ar an margadh a chur chun cinn chomh maith le haghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála agus an athléimneacht dhomhanda á mhéadú agus feasacht á ardú faoi chibearbhagairtí agus faoi chibirghníomhaíochtaí mailíseacha ag an am céanna. Ba cheart don Aontas freisin leanúint de bheith ag tacú leis an bhfothú acmhainneachta i dtríú tíortha. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn, arb iad luachanna an Aontais na luachanna atá acusan, i dtionscadail PESCO ábhartha a spreagadh. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht i dtaobh próisis a athsheoladh a bhfuil sé mar aidhm leo creataí foirmiúla agus struchtúrtha don chomhar sa réimse sin amach anseo a thabhairt i gcrích.

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le bunú Chreat AE maidir le Freagairt ar Ghéarchéimeanna Cibearshlándála a leagtar amach i Moladh (AE) 2017/1584 trí na líonraí comhair atá ann cheana, go háirithe tríd an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (AE-CyCLONe), líonra CSIRTanna agus an Grúpa Comhair. Ba cheart do AE-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna dul i gcomhar ar bhonn socruithe nós imeachta lena sainítear módúlachtaí an chomhair sin. Le rialacha nós imeachta AE-CyCLONe ba cheart na módúlachtaí trínar cheart an líonra feidhmiú a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do róil, móid chomhair, idirghníomhaíochtaí le gníomhaithe ábhartha eile agus teimpléid chun faisnéis a chomhroinnt, chomh maith le modh cumarsáide. Maidir le bainistíocht géarchéime ar leibhéal an Aontais, ba cheart do pháirtithe ábhartha a bheith ag brath ar na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR). Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as ARGUS, an próiseas comhordúcháin géarchéimeanna atá ardleibhéal agus trasteorann, chun na críche sin. Má bhaineann gné thábhachtach sheachtrach leis an ngéarchéim, nó má bhaineann gné den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) léi, ba cheart Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna (CRM) de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a ghníomhachtú.

(37) Ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le bunú Chreat AE maidir le Freagairt ar Ghéarchéimeanna Cibearshlándála a leagtar amach i Moladh (AE) 2017/1584 trí na líonraí comhair atá ann cheana, go háirithe tríd an Líonra um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (AE-CyCLONe), líonra CSIRTanna agus an Grúpa Comhair, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa agus Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN), chun comhar faisnéise straitéisí maidir le cibearbhagairtí agus cibirghníomhaíochtaí a chur chun cinn, ar mhaithe le tacú tuilleadh le feasacht staide agus cinnteoireacht an Aontais maidir le freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta. Ba cheart do AE-CyCLONe agus do líonra CSIRTanna dul i gcomhar ar bhonn socruithe nós imeachta lena sainítear módúlachtaí an chomhair sin. Le rialacha nós imeachta AE-CyCLONe ba cheart na módúlachtaí trínar cheart an líonra feidhmiú a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do róil, móid chomhair, idirghníomhaíochtaí le gníomhaithe ábhartha eile agus teimpléid chun faisnéis a chomhroinnt, chomh maith le modh cumarsáide. Maidir le bainistiú géarchéime ar leibhéal an Aontais, ba cheart do pháirtithe ábhartha a bheith ag brath ar na socruithe comhtháite maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR), ar socruithe iad a thacaíonn freisin le comhordú na freagartha ar agairt an chlásail dlúthpháirtíochta ar an leibhéal polaitiúil. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as ARGUS, an próiseas comhordúcháin géarchéimeanna ardleibhéil agus trasearnála, chun na críche sin. Má bhaineann gné thábhachtach sheachtrach leis an ngéarchéim, nó má bhaineann gné de CBSC léi, ba cheart Sásra Freagartha ar Ghéarchéimeanna (CRM) de chuid na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a ghníomhachtú, mar aon le haon bheart lena ndírítear ar mhisin agus oibríochtaí CSDP agus toscaireachtaí an Aontais a chosaint. Sa bhreis air sin, ba cheart don Aontas lánúsáid a bhaint as bhosca uirlisí cibearthaidhleoireachta.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 40 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40a) Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh clár cibearchosanta gníomhach a bheith mar chuid dá straitéis náisiúnta cibearshlándála ina gcorpraítear comhfhreachnaimh oiliúna rialta idir na Ballstáit agus ar fud eagraíochtaí idirnáisiúnta.  Leis an gclár sin, ba cheart go soláthrófaí cumas sioncrónaithe, fíor-ama chun bagairtí a aimsiú, a bhrath, a anailísiú agus a mhaolú. Oibríonn cibearchosaint ghníomhach ar luas líonra trí úsáid a bhaint as braiteoirí, bogearraí agus intleacht chun gníomhaíocht mhailíseach a bhrath agus a stopadh sular féidir léi difear a dhéanamh do líonraí agus do chórais go hidéalach. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit modhanna comhroinnte faisnéise a fheabhsú, chun caighdeán cumarsáide coiteann a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh faisnéis rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe a shainiú, chun an ghníomhaíocht mhear a fheabhsú. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit freisin treisiú lena gcumas cibirionsaithe a shannadh chun cibirionsaithe a dhíspreagadh go héifeachtach agus chun freagairt dóibh ar bhealach comhréireach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 40 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40b) Ba cheart do na Ballstáit clár gníomhach cibearchosanta a chur chun cinn ina gcuid straitéisí náisiúnta cibearshlándála. Is éard is cibearchosaint ghníomhach ann sáruithe ar shlándáil líonra a bhrath, a anailísiú agus a mhaolú go réamhghníomhach i bhfíor-am mar aon le hacmhainní a chuirtear ar fáil lasmuigh den líonra íospartaigh a úsáid. Tá sé bunaithe ar straitéis chosanta lena n-eisiatar bearta ionsaitheacha i gcoinne bhonneagar sibhialta criticiúil an fhreasúra a bheadh ina shárú ar an dlí idirnáisiúnta (amhail Prótacal Breise 1977 a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive). Tá sé ríthábhachtach go mbeifí in ann faisnéis agus anailís faoi bhagairtí, foláirimh maidir le cibirghníomhaíochtaí agus gníomhaíocht freagartha a chomhroinnt agus a thuiscint go mear agus go huathoibríoch chun go mbeifí in ann iarracht aontaithe a dhéanamh ar chibirionsaithe a bhrath agus a chosc go rathúil. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí gníomhacha cibearchosanta cumraíochtaí freastalaithe ríomhphoist, cumraíochtaí láithreán gréasáin, cumasú logála agus scagadh córas ainmneacha fearainn. Ba cheart go nglacfadh na Ballstáit beartais atá in ann an rochtain is leithne is féidir ar na huirlisí cibearshlándála is bisiúla a áirithiú, agus fós tacú le cuideachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide ag a bhfuil cumas airgeadais íseal, trí shochair, deontais, iasachtaí nó buntáistí fioscacha atá tiomanta don leibhéal is airde táirgí agus seirbhísí cibearshlándála a fháil, agus fós a sheachaint go mbeadh a gcostais ina ngné idirdhealaithe. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na Ballstáit freisin comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí acadúla agus ionaid eile taighde a chur chun cinn, ar comhpháirtíochtaí iad atá dírithe ar chlár cibearshlándála T&F a chothú chun forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí, uirlisí agus scileanna comhchoiteanna nua is infheidhme san earnáil shibhialtach agus san earnáil cosanta trí chur chuige ildisciplíneach. Ba cheart comhpháirtíochtaí a mhaoiniú le huirlisí cistiúcháin atá cheana ann agus nua faoi choimirce an Choimisiúin.

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) Tá tábhacht ar leith le dul i ngleic le rioscaí cibearshlándála a eascraíonn ó shlabhra soláthair eintitis agus óna chaidreamh lena sholáthróirí i bhfianaise leitheadúlacht na dteagmhas ina ndearnadh cibirionsaithe ar eintitis agus ina raibh gníomhaithe mailíseacha in ann slándáil líonraí agus córas faisnéise eintitis a chur i mbaol trí theacht i dtír ar leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí tríú tír. Dá bhrí sin ba cheart d’eintitis measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán tháirgí agus chleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse agus í a chur san áireamh, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

(43) Tá tábhacht ar leith le haghaidh a thabhairt ar rioscaí cibearshlándála a eascraíonn ó shlabhra soláthair eintitis agus óna chaidreamh lena sholáthróirí i bhfianaise leitheadúlacht na dteagmhas ina ndearnadh cibirionsaithe ar eintitis agus ina raibh gníomhaithe mailíseacha in ann slándáil líonraí agus córas faisnéise eintitis a chur i mbaol trí theacht i dtír ar leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí tríú tír. Ba cheart d’eintitis, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán tháirgí agus chleachtais chibearshlándála a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, agus í a chur san áireamh, lena n-áirítear a gcórais bainistithe riosca agus a nósanna imeachta slána um fhorbairt i gcomhréir le caighdeáin cibearshlándála an Aontais.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 43 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 Áirítear ar fhachtóirí riosca neamhtheicniúla a d‘fhéadfadh a bheith ann, amhail tionchar míchuí ag tríú tír ar sholáthróirí agus ar sholáthraithe seirbhíse, go háirithe i gcás samhlacha malartacha rialachais, leochaileachtaí nó cúldoirse folaithe agus aon bhriseadh córasach a d’fhéadfadh a bheith sa soláthar, go háirithe i gcás gaibhniú teicneolaíochta nó spleáchas ar sholáthraí. Ós rud é go bhféadfadh dúshaothrú leochaileachtaí san earnáil cosanta a bheith ina gcúis le míshocracht shuntasach agus le dochar suntasach, éilítear le cibearshlándáil thionscal na cosanta bearta speisialta chun slándáil na slabhraí soláthair a áirithiú, go háirithe eintitis ar lú slabhraí soláthair atá iontu agus nach dteastaíonn rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe uathu, ach a bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith ag baint leo don earnáil ar fad. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon sárú agus bagairt aon chúblála ionchasaí ar shonraí líonra a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh sócmhainní cosanta criticiúla a bheith gan mhaith nó fiú a gcórais oibriúcháin a shárú, rud a d’fhágfadh go mbeidís leochaileach i leith fuadaigh.

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46) Chun dul i ngleic tuilleadh le príomhrioscaí an tslabhra soláthair agus cúnamh a thabhairt d’eintitis a oibríonn in earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo chun rioscaí cibearshlándála i ndáil leis an slabhra soláthair agus leis an soláthróir a bhainistiú, ba cheart don Ghrúpa Comhair lena mbaineann údaráis náisiúnta ábhartha, i gcomhar leis an gCoimisiún agus ENISA, measúnuithe riosca earnála comhordaithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair mar a rinneadh cheana do líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G21 , arb é is aidhm dóibh na seirbhísí, na córais nó na táirgí criticiúla TFC agus na bagairtí agus na leochaileachtaí ábhartha a shainaithint in aghaidh na hearnála.

(46) Chun dul i ngleic tuilleadh le príomhrioscaí an tslabhra soláthair agus cúnamh a thabhairt d’eintitis a oibríonn in earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo chun rioscaí cibearshlándála i ndáil leis an slabhra soláthair agus leis an soláthróir a bhainistiú, ba cheart don Ghrúpa Comhair lena mbaineann údaráis náisiúnta ábhartha, i gcomhar leis an gCoimisiún, ENISA agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, measúnuithe riosca earnála comhordaithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair mar a rinneadh cheana do líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G21 , arb é is aidhm dóibh na seirbhísí, na córais nó na táirgí criticiúla TFC agus na bagairtí agus na leochaileachtaí ábhartha a shainaithint de réir na hearnála.

_________________

_________________

21 Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

21 Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 68

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(68) Dá bhrí sin, ba cheart eintitis a spreagadh chun a n-eolas aonair agus a dtaithí phraiticiúil a threisiú go comhchoiteann ar an leibhéal straitéiseach, oirbheartaíoch agus oibríochtúil d’fhonn cur lena gcumas measúnú agus faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar chibearbhagairtí, cosaint a dhéanamh ina n-aghaidh agus freagairt dóibh. Dá bhrí sin, is gá teacht chun cinn sásraí ar leibhéal an Aontais a chumasú le haghaidh socruithe deonacha malartaithe faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt go gníomhach freisin d’eintitis ábhartha nach gcumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo chun bheith rannpháirteach sna sásraí um chomhroinnt faisnéise sin. Ba cheart na sásraí sin a stiúradh i gcomhlíonadh iomlán rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí chomh maith leis sin.

(68) Ba cheart eintitis, dá bhrí sin, a spreagadh chun a n-eolas aonair agus a dtaithí phraiticiúil a threisiú go comhchoiteann ar an leibhéal straitéiseach, oirbheartaíoch agus oibríochtúil d’fhonn cur lena gcumas measúnú agus faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar chibearbhagairtí, cosaint a dhéanamh ina n-aghaidh agus freagairt dóibh. Is gá, dá bhrí sin, teacht chun cinn sásraí ar leibhéal an Aontais a chumasú le haghaidh socruithe deonacha malartaithe faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt go gníomhach freisin d’eintitis ábhartha nach gcumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo chun bheith rannpháirteach sna sásraí um chomhroinnt faisnéise sin. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh na Ballstáit freisin féachaint an bhféadfaí teagmháil a dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leo. Ba cheart na sásraí sin a stiúradh i lánchomhlíonadh le rialacha iomaíochta an Aontais mar aon le rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Chun na críche céanna sin, ba cheart do na Ballstáit tacú leis na húdaráis inniúla agus na CSIRTanna chun cláir cúnaimh, oideachais agus iniúchóireachta shaor in aisce nó inrochtana d’eintitis a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), a bhunú.

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 68 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(68a) Ós rud é go bhfuil gné shibhialtach agus gné mhíleata ag baint leis an gcibearshlándáil, ba cheart malartú faisnéise idir earnálacha (an earnáil cosanta, an earnáil shibhialtach, earnáil fhorfheidhmiú an dlí agus earnáil na gníomhaíochta seachtraí) a spreagadh freisin. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an gCibearaonad Comhpháirteach i ndáil leis an Aontas a chosaint ar chibirionsaithe trí chuidiú le gníomhaithe tuiscint chomchoiteann a fháil ar na bagairtí atá ann agus a bhfreagairt a chomhordú.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 73

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(73) I gcás ina bhforchuirtear fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart a thuiscint gur gnóthas i gcomhréir le hAirteagail 101 agus 102 CFAE gnóthas chun na gcríoch sin. I gcás ina bhforchuirtear fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta an leibhéal ioncaim ginearálta sa Bhallstát a chur san áireamh chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas. Ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit a chinneadh cibé acu agus a mhéid ba cheart d’údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin. Trí fhíneáil riaracháin a fhorchur, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla ná do chur i bhfeidhm pionóis eile a leagtar síos sna rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

(73) I gcás ina bhforchuirtear fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart a thuiscint gur gnóthas i gcomhréir le hAirteagail 101 agus 102 CFAE gnóthas chun na gcríoch sin. I gcás ina bhforchuirtear fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta an leibhéal ioncaim ginearálta sa Bhallstát a chur san áireamh chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas, gan dochar do chuspóirí na Treorach seo. Ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit a chinneadh cibé acu agus a mhéid ba cheart d’údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin. Trí fhíneáil riaracháin a fhorchur, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla ná do chur i bhfeidhm pionóis eile a leagtar síos sna rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) beartas lena dtéitear i ngleic leis an gcibearshlándáil sa slabhra soláthair le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC arna n-úsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha chun a seirbhísí a sholáthar;

(a) beartas lena dtugtar aghaidh ar an gcibearshlándáil sa slabhra soláthair le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC arna n-úsáid ag eintitis bhunriachtanacha agus thábhachtacha chun a seirbhísí a sholáthar, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlabhraí soláthair;

Leasú  20

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) beartas chun idir-inoibritheacht a chur chun cinn mar aon le comhlíonadh chaighdeáin chomhchoiteanna an Aontais sa chibearshlándáil; 

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) beartas a bhaineann le hinfhaighteacht agus sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte a choinneáil;

(d) beartas a bhaineann le hinfhaighteacht agus sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte a chothabháil, lena n-áirítear cibearshlándáil, i gcás inarb infheidhme, cáblaí cumarsáide faoin muir;

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) beartas maidir le tacú le hinstitiúidí acadúla agus taighde chun uirlisí cibearshlándála agus bonneagar líonra slán a fhorbairt;

(f) beartas maidir le tacú le hinstitiúidí acadúla agus taighde sa taighde ar an gcibearshlándáil agus i bhforbairt uirlisí cibearshlándála agus bonneagar líonra slán;

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála.

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus ENRanna, go háirithe iadsan atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála, freagairt do theagmhais chibearshlándála, agus cúnamh cibearshlándála a lorg;

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ha) beartas chun úsáid agus forbairt bogearraí foinse oscailte a chur chun cinn.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh gach Ballstát ceann dá CSIRT dá dtagraítear in Airteagal 9 mar chomhordaitheoir chun críche nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí. Gníomhóidh CSIRT ainmnithe mar idirghníomhaí iontaofa, agus éascóidh sé, i gcás inar gá, an idirghníomhaíocht idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus monaróir nó soláthraí táirgí TFC nó seirbhísí TFC. I gcás ina mbaineann an leochaileacht tuairiscithe le monaróirí nó soláthraithe iomadúla táirgí TFC nó seirbhísí TFC ar fud an Aontais, oibreoidh CSIRT ainmnithe ó gach Ballstát lena mbaineann i gcomhar le líonra CSIRT.

1. Ainmneoidh gach Ballstát ceann dá CSIRT dá dtagraítear in Airteagal 9 mar chomhordaitheoir chun críche nochtadh éigeantach agus freagrach na leochaileachtaí. Gníomhóidh CSIRT ainmnithe mar idirghníomhaí iontaofa, agus éascóidh sé, i gcás inar gá, an idirghníomhaíocht idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus monaróir nó soláthraí táirgí TFC nó seirbhísí TFC. I gcás ina mbaineann an leochaileacht tuairiscithe le monaróirí nó soláthraithe iomadúla táirgí TFC nó seirbhísí TFC ar fud an Aontais, oibreoidh CSIRT ainmnithe ó gach Ballstát lena mbaineann i gcomhar le líonra CSIRT.

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chur ar a gcumas d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann. Go háirithe, áireofar sa chlárlann faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú.

2. Déanfaidh ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chur ar a gcumas d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann. I gcomhréir le hAirteagal 10(2), éascóidh CSIRTanna rochtain ar fhaisnéis faoi leochaileachtaí arna gclárú sa chlárlann leochaileachta Eorpach, maille le cúnamh maolaithe riosca, d’eintitis nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Go háirithe, áireofar sa chlárlann faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú.

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 3 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) nósanna imeachta agus socruithe náisiúnta idir údaráis agus comhlachtaí náisiúnta ábhartha chun rannpháirtíocht éifeachtach na mBallstát a áirithiú i mbainistíocht chomhordaithe a dhéanamh ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór ar leibhéal an Aontais agus chun a áirithiú go dtacóidh siad leis sin.

(f) nósanna imeachta agus socruithe náisiúnta idir údaráis agus comhlachtaí náisiúnta ábhartha chun rannpháirtíocht éifeachtach na mBallstát a áirithiú i mbainistíocht chomhordaithe a dhéanamh ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór ar leibhéal an Aontais agus chun a áirithiú go dtacóidh siad leis sin, lena n-áirítear freagairtí ar iarratais ábhartha faoin gclásal dlúthpháirtíochta.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh na Ballstáit ainmniú a n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad isteach a bpleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna cibearshlándála dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 3 mhí ó ainmniú agus glacadh na bpleananna sin. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis shonrach a eisiamh ón bplean i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin agus a mhéid atá fíorghá leis sin ar mhaithe lena slándáil náisiúnta.

4. Cuirfidh na Ballstáit ainmniú a n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad isteach a bpleananna náisiúnta maidir le teagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna cibearshlándála dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 3 mhí ó ainmniú agus glacadh na bpleananna sin. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis shonrach a eisiamh ón bplean i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin agus a mhéid atá fíorghá leis sin ar mhaithe lena slándáil náisiúnta. I gcás teagmhas agus géarchéim chibearshlándála ar scála mór a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin, agus atá ábhartha maidir le leibhéal an Aontais, bunófar bainistiú géarchéime agus rialachas géarchéime iomchuí. Eagróidh na struchtúir sin malartú faisnéise, comhordú agus comhar le struchtúir an Aontais maidir le slándáil sheachtrach agus bainistiú géarchéime míleata, agus le comhlachtaí na mBallstát atá i gceannas ar an tslándáil agus ar an gcosaint.

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4a. Oibreoidh CSIRTanna i gcomhar le hinstitiúidí náisiúnta atá freagrach as cothabháil na slándála poiblí, na cosanta, agus na slándála náisiúnta, agus malartóidh siad faisnéis ábhartha leo.

Leasú  30

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4b. Oibreoidh CSIRTanna i gcomhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta iontaofa maidir le bagairtí cibearshlándála, leochailteachtaí, dea-chleachtais, agus caighdeáin, agus, gan dochar do dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, malartóidh siad faisnéis ábhartha leo maidir le bagairtí cibearshlándála, leochaileachtaí, dea-chleachtais, agus caighdeáin.

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 4 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4c. Gan dochar do dhlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, tabharfaidh CSIRTanna cúnamh cibearshlándála do CSIRTanna nó struchtúir choibhéiseacha i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus do thríú tíortha eile sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir.

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ea) cláir cúnaimh, oideachais agus iniúchóireachta shaor in aisce nó inrochtana d’eintitis a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bhunú.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin.

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta don intleacht shaorga, na húdaráis inniúla náisiúnta um rialachas sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin.

_________________

_________________

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Beidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóir. Féadfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) i gcomhréir le hAirteagal 17(5)(c) de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Rialachán DORA] a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair.

3. Beidh an Grúpa Comhair comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún, ó AE – CyCLONe, ó ENISA, agus ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Beidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair mar bhreathnóir. Beidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta don intleacht shaorga, na húdaráis inniúla náisiúnta um rialachas sonraí, agus na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) i gcomhréir le hAirteagal 17(5)(c) de Rialachán (AE) XXXX/XXXX [Rialachán DORA] rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhair.

Leasú  35

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ea) gan dochar do dhlí an Aontais, dul i mbun comhair le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta iontaofa, dul i mbun cúnamh frithpháirteach leo, agus dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú leo;

Leasú  36

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe k

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k) dul i gcomhar le Lárionaid Oibríochtaí Slándála ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, agus faisnéis a mhalartú leo, chun feabhas a chur ar fheasacht staide choiteann ar theagmhais agus ar bhagairtí ar fud an Aontais;

(k) dul i gcomhar le Lárionaid Oibríochtaí Slándála ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, agus faisnéis a mhalartú leo, agus, i gcás inarb iomchuí, le CERTanna míleata, chun feabhas a chur ar fheasacht staide choiteann ar theagmhais agus ar bhagairtí ar fud an Aontais;

Leasú  37

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh AE-CyCLONe comhdhéanta de na hionadaithe ó údaráis bainistíochta géarchéime na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7, ón gCoimisiún agus ó ENISA. Soláthróidh ENISA rúnaíocht an líonra agus tacóidh sé le malartú faisnéise slán.

2. Beidh AE-CyCLONe comhdhéanta de na hionadaithe ó údaráis bainistíochta géarchéime na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 7, ón gCoimisiún, ó SEGS agus ó ENISA. Soláthróidh ENISA rúnaíocht an líonra agus tacóidh sé le malartú faisnéise slán. Déanfaidh grúpa comhairleach atá bunaithe ar an tsochaí shibhialta comhairle a chur ar na húdaráis náisiúnta bainistithe géarchéime sin. I gcás teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar leibhéal an Aontais a bhfuil baint ag níos mó ná Ballstát amháin leo, bunófar struchtúr bainistithe géarchéime ar leibhéal an Aontais a mbeidh baint ag na gníomhaithe ábhartha uile leis. Áireofar ar an struchtúr sin an Cibearaonad Comhpháirteach, CSIRTanna, líonra CSIRTanna, an Grúpa Comhair, an Coimisiún, SEGS agus ENISA. Chomh maith leis sin, déanfaidh sé agairt agus úsáid an chlásail dlúthpháirtíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Leasú  38

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) leibhéal ullmhachta na bainistíochta ar theagmhais agus géarchéimeanna ar scála mór a mhéadú;

(a) leibhéal ullmhachta na bainistíochta ar theagmhais agus géarchéimeanna ar scála mór a mhéadú agus idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaireachtaí na mBallstát atá i gceannas ar shlándáil an stáit agus ar chosaint chríochach;

Leasú  39

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta oiliúintí sonracha, ar bhonn tráthrialta, chun eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun rioscaí agus cleachtais bhainistíochta maidir leis an gcibearshlándáil, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí an eintitis, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta oiliúintí sonracha, ar bhonn tráthrialta, chun eolas agus scileanna leordhóthanacha a fháil chun rioscaí agus cleachtais bhainistíochta maidir leis an gcibearshlándáil, chomh maith lena dtionchar ar oibríochtaí an eintitis, a thabhairt chun grinnis agus measúnú a dhéanamh orthu. Spreagfaidh na Ballstáit eintitis bhunriachtanacha agus thábhachtacha le meastóireacht a dhéanamh, ar bhonn rialta, ar chomhaltáí na gcomhlachtaí bainistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le leormhaitheas a gcuid scileanna i leith chomhlíonadh Airteagal 18 a áirithiú.

Leasú  40

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil bearta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 á meas acu, go gcuirfidh eintitis na leochaileachtaí is iomchuí do gach soláthróir agus soláthraí seirbhíse san áireamh chomh maith le cáilíocht fhoriomlán na dtáirgí agus na gcleachtas maidir leis an gcibearshlándáil de chuid a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil bearta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 á meas acu, go gcuirfidh eintitis na leochaileachtaí is iomchuí do gach soláthróir agus soláthraí seirbhíse san áireamh chomh maith le cáilíocht fhoriomlán na dtáirgí agus na gcleachtas maidir leis an gcibearshlándáil de chuid a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt i gcomhréir le caighdeáin agus dlí an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil agus fachtóirí riosca neamhtheicniúla a d‘fhéadfadh a bheith ann, amhail leochaileachtaí nó cúldoirse folaithe agus briseadh sistéamach a d’fhéadfadh a bheith sa soláthar.

Leasú  41

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha maidir leis na slabhraí soláthair, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

1. Féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún, le ENISA agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha maidir leis na slabhraí soláthair, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

Leasú  42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Sainaithneoidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus le ENISA, seirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an mheasúnaithe riosca comhordaithe dá dtagraítear i mír 1.

2. Sainaithneoidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair, le ENISA agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, seirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an mheasúnaithe riosca comhordaithe dá dtagraítear i mír 1.

Leasú  43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2a. Ar rioscaí do sheirbhísí, córais nó slabhraí soláthair táirgthe TFC criticiúla sonracha a shainaithint, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair, le ENISA, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, moltaí a eisiúint do na Ballstáit agus do na húdaráis inniúla náisiúnta arna sainiú sa Rialachán seo maidir le hathléimneacht i leith na rioscaí sainaitheanta a leigheas agus a mhéadú.

Leasú  44

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 25 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) faisnéis faoin gcomhlacht bainistíochta atá freagrach as na bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a leagtar síos in Airteagal 18, i gcomhréir le hAirteagal 17;

Leasú  45

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil;

(c) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil, lena n-áirítear maidir le rioscaí a bhaineann le slabhraí soláthair mar a shainmhínítear in Airteagal 18(3);

Leasú  46

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil;

(b) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil, lena n-áirítear maidir le rioscaí a bhaineann le slabhraí soláthair mar a shainmhínítear in Airteagal 18(3);

Leasú  47

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn Ieintitis bhunriachtanacha: Earnálacha, fo-earnálacha agus cineálacha eintiteas Earnáil 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6a. Oideachas agus taighde — Insititiúidí ardoideachais agus institiúidí taighde

Leasú  48

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – EINTITIS BHUNRIACHTANACHA: EARNÁLACHA, FO-EARNÁLACHA AGUS CINEÁLACHA EINTITEAS – Earnáil 9 Riarachán Poiblí  – Cineál eintiteas

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 Eintitis riaracháin phoiblí rialtas láir

 Eintitis riaracháin phoiblí rialtas láir

 Eintitis riaracháin phoiblí i réigiúin NUTS leibhéal 1 a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 (27)

 Eintitis riaracháin phoiblí i réigiúin NUTS leibhéal 1 a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 (27, 27 a (nua))

 Eintitis riaracháin phoiblí i réigiúin NUTS leibhéal 2 a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

 Eintitis riaracháin phoiblí i réigiúin NUTS leibhéal 1 a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 (27 b (nua))

__________________

__________________

27 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

27 a (nua) Nó na haonaid riaracháin choibhéiseacha, i mBallstáit nach bhfuil aicmiú NUTS léirithe go fóill sa leagan amach institiúideach riaracháin iontu.

27 a (nua) Nó na haonaid riaracháin choibhéiseacha, i mBallstáit nach bhfuil aicmiú NUTS léirithe go fóill sa leagan amach institiúideach riaracháin iontu.

NÓS IMEACHTA - AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

Tagairtí

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

21.1.2021

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

21.1.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Markéta Gregorová

22.2.2021

Pléite sa choiste

25.5.2021

16.6.2021

17.6.2021

Dáta an ghlactha

14.7.2021

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

59

5

6

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alviina Alametsä, Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Giorgos Georgiou, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Dietmar Köster, Maximilian Krah, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Jaak Madison, Claudiu Manda, Thierry Mariani, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Jérôme Rivière, María Soraya Rodríguez Ramos, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Hermann Tertsch, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Željana Zovko

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Ioan-Rareş Bogdan, Andrey Kovatchev, Marisa Matias, Gabriel Mato, Milan Zver

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

59

+

ECR

Anna Fotyga, Jacek Saryusz-Wolski, Hermann Tertsch, Witold Jan Waszczykowski

ID

Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi

NI

Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

PPE

Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Ioan-Rareş Bogdan, Michael Gahler, Sunčana Glavak, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Andrey Kovatchev, Andrius Kubilius, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López-Istúriz White, Gabriel Mato, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko, Milan Zver

Renew

Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Dietmar Köster, Claudiu Manda, Sven Mikser, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev

Verts/ALE

Alviina Alametsä, Reinhard Bütikofer, Jordi Solé, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Salima Yenbou

5

-

NI

Kostas Papadakis

The Left

Giorgos Georgiou, Marisa Matias, Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz

6

0

ECR

Charlie Weimers

ID

Maximilian Krah, Jaak Madison, Thierry Mariani, Jérôme Rivière, Harald Vilimsky

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (14.7.2021)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Morten Løkkegaard

RÉASÚNÚ GEARR

Go ginearálta, is geal leis an Rapóirtéir an togra reachtach le haghaidh Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (NIS 2). Creideann an Rapóirtéir, i ndomhan atá ag éirí níos digitithe, go bhfuil slándáil ar líne ríthábhachtach chun timpeallacht dhigiteach shábháilte chomh maith le feidhmiú an mhargaidh aonair – inar féidir le tomhaltóirí agus le hoibreoirí eacnamaíocha gníomhú gan bhac – a ráthú.

Is fearr i bhfad é togra NIS 2 i gcomparáid le Treoir (AE) 2016/1148 a mhéid a bhaineann le bearta le haghaidh ardleibhéal slándála coiteann do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (NIS 1). Liostaítear ann na príomh-easnaimh a bhí ar NIS 1, amhail leibhéal íseal cibear-athléimneachta gnólachtaí agus earnálacha, chomh maith le hathléimneacht neamhréireach agus leibhéil ísle na comhfheasachta ar dhálaí agus na comhfhreagartha géarchéime sna Ballstáit agus eatarthu. Is geal leis an Rapóirtéir na huaillmhianta atá ann i dtaobh an mhéid sin a cheartú le NIS 2.

Raon feidhme

Is mór ag an Rapóirtéir raon feidhme leathnaithe thogra NIS 2, go háirithe cuimsiú earnálacha nua amhail an riarachán poiblí. Le liosta sainráite na n-earnálacha agus na seirbhísí a áirítear ann, laghdófar go cinnte lánrogha na mBallstát na heintitis nithiúla atá faoi réir na Treorach a shainiú agus laghdófar ilroinnt sa mhargadh aonair dá réir sin.

Sna hearnálacha agus sna seirbhísí a chumhdaítear, mhol an Coimisiún an riail maidir le caidhp mhéide mar chritéar aonfhoirmeach chun na heintitis a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach a chinneadh. Gan amhras, tá de bhuntáiste leis an gcritéar seo go ndéantar deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus ag an am céanna déantar na héagsúlachtaí i measc na mBallstát a laghdú.

Mar sin féin, cé gur geal leis an raon feidhme leathnaithe earnáilbhunaithe, is é tuairim an Rapóirtéara gur cheart an critéar ginearálta sin a chomhcheangal le measúnú ar a chriticiúla atá na heintitis i ngach earnáil. D’fhágfadh sé sin go ndéanfaí eintitis mheánmhéide agus mhóra, a mheastar, tar éis measúnú riosca a dhéanamh ar eintitis chriticiúla seachas sin, go bhfuil leibhéal íseal criticiúlachta agus spleáchais ag baint leo, a fhágáil lasmuigh de raon feidhme na Treorach.

Cuireann an Rapóirtéir i bhfáth nár cheart a mheas gurb ionann é sin agus cead a gcinn a bheith ag na Ballstáit léirmhínithe difriúla a bheith acu. Chun a áirithiú nach gcuireann sé sin leis an gcur chun feidhme ilroinnte idir na Ballstáit, moltar don Choimisiún treoir shoiléir a eisiúint maidir leis sin.

Ar deireadh, cé go bhfáiltíonn an Rapóirtéir roimh eisiamh micreachuideachtaí agus cuideachtaí beaga ón raon feidhme, is é tuairim an Rapóirtéara gur gá a gcuimsiú deonach a spreagadh, toisc go ndéantar cibirionsaithe freisin ar mhicri-eintitis agus ar eintitis bheaga agus go mbíonn tionchar ag cibirionsaithe orthu.

Creataí rialála comhordaithe don chibearshlándáil

Is geal leis an Rapóirtéir an chaibidil ina sainítear gnéithe éagsúla de na straitéisí náisiúnta cibearshlándála agus a n-uirlisí bainistithe géarchéime. Mar chuid dá straitéis náisiúnta cibearshlándála, moltar go nglacfaidh na Ballstáit beartas lena ndéanfar úsáid na cripteagrafaíochta agus an chriptithe a chur chun cinn, go háirithe ag FBManna.

Is geal leis an Rapóirtéir go bhfuil clárlann leochaileachta Eorpach á forbairt ag ENISA, ach creideann sé go bhfuil sé tábhachtach go n-urramaítear rúndacht gnó agus rúin trádála leis an gclárúchán agus nach gcuirtear ualach gan ghá ar eintitis leis.

Comhar idir na Ballstáit

Is díol sásaimh ar leith iad an comhar níos struchtúrtha idir na Ballstáit laistigh den Ghrúpa Comhair, de líonra CSIRTanna agus den ghrúpa nuachruthaithe le haghaidh teagmhais mhórscála in NIS 2. Mar sin féin, is gá a áirithiú go méadófar an leibhéal muiníne agus toilteanas faisnéis a mhalartú i measc na mBallstát, mar go bhfuil ról lárnach ag éifeachtacht an chomhair sin ó thaobh ardleibhéal cibearshlándála de a áirithiú san Aontas Eorpach.

I bhfianaise an tseasaimh sin, dréachtaíodh roinnt leasuithe chun ról na líonraí a neartú. Measann an Rapóirtéir go háirithe go bhfuil tairbhe le baint as athbhreithniú piaraí chun an mhuinín atá ag Ballstáit i bpáirt le chéile a mhéadú, agus tacaíonn sé leis an tuairim gur cheart ról ríthábhachtach a bheith ag athbhreithniú piaraí ó thaobh measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bheartais chibearshlándála na mBallstát indibhidiúil.

Bainistiú riosca maidir leis an gcibearshlándáil

Is maith an beart é an measúnú riosca a leathnú chuig an slabhra soláthair ina iomláine (Airteagal 18 agus Airteagal 19); mar sin féin, cuireann an Rapóirtéir i bhfáth go bhfuil soiléiriú ag teastáil maidir leis an bpointe sin chun treoir shoiléir a thabhairt d’eintitis atá faoi réir an cheanglais sin agus do na Ballstáit agus meastóireacht chomhordaithe ar rioscaí slándála á déanamh acu ar earnálacha nó ar shlabhraí soláthair atá criticiúil go sonrach.

Oibleagáidí tuairiscithe

Creideann an Rapóirtéir gur cheart tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil maidir le pointí sonracha den Treoir athbhreithnithe, go príomha i dtaca le roinnt de na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar chuideachtaí i raon feidhme NIS 2. Tá iarracht déanta ag an Rapóirtéir an maorlathas a laghdú agus é a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí na rialacha nua a chomhlíonadh agus aird á tabhairt ar an gcuspóir deiridh, is é sin an Treoir a chur chun feidhme go héifeachtach.

Molann an Rapóirtéir an sprioc-am atá molta sna hoibleagáidí tuairiscithe maidir leis na chéad fhógraí, is é sin 24 uair an chloig, a fhadú go 72 uair an chloig, chun go mbeidh cuideachtaí in ann dul i ngleic go héifeachtach leis an ionsaí cibearshlándála leanúnach roimh fhógra a thabhairt. Thairis sin, tá sé beartaithe aon tagairt don fhógra éigeantach maidir le ‘teagmhais fhéideartha’, mar a thugtar orthu, a scriosadh.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Baineann ilroinnt ar an margadh inmheánach leis na héagsúlachtaí sin uile agus is dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige sin ar a fheidhmiú, rud a dhéanann difear go háirithe do sholáthar seirbhísí trasteorann agus do leibhéal na hathléimneachta cibearshlándála de dheasca caighdeáin éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm. Is é is aidhm don Treoir seo éagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát a bhaint, go háirithe trí íosrialacha a leagan amach maidir le feidhmiú creata rialála comhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh an chomhair éifeachtaigh i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, tríd an liosta earnálacha agus gníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus trí leigheasanna agus smachtbhannaí éifeachtacha a sholáthar, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2016/1148 a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(5) Baineann ilroinnt ar an margadh inmheánach leis na héagsúlachtaí sin uile agus is dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige sin ar a fheidhmiú, rud a dhéanann difear go háirithe do sholáthar seirbhísí trasteorann agus do leibhéal na hathléimneachta cibearshlándála de dheasca caighdeáin éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm. Is é is aidhm don Treoir seo éagsúlachtaí chomh mór sin i measc na mBallstát a bhaint agus an margadh inmheánach a neartú, go háirithe trí íosrialacha a leagan amach maidir le feidhmiú creata rialála comhordaithe, trí shásraí a leagan síos le haghaidh an chomhair éifeachtaigh i measc na n-údarás freagrach i ngach Ballstát, tríd an liosta earnálacha agus gníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta agus trí leigheasanna agus smachtbhannaí éifeachtacha a sholáthar, ar nithe iad atá ríthábhachtach i bhfeidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/1148 a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6a) Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micri-eintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún treoir shoiléir a chur ar fáil maidir leis na critéir lena mbunaítear na heintitis bheaga nó na micri-eintitis a bheadh riachtanach nó tábhachtach, go háirithe agus seirbhísí á soláthar i roinnt Ballstát.

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus le fiontair bheaga.

(10) Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus le fiontair bheaga.

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12a) Is éard atá i gceist le leathnú raon feidhme na Treorach seo ná eintitis atá faoi réir rialáil earnáilsonrach a chuimsiú. Chun aon dúbláil nó ualach rialála a sheachaint, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil gníomhartha earnáilsonracha comhsheasmhach leis an Treoir seo, ar gníomhartha iad lena n-éilítear ar eintitis bhunriachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistithe riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt maidir le teagmhais nó cibearbhagairtí suntasacha.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12b) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte soiléire a ghabhann leis an Treoir seo a fhoilsiú chun comhchuibhiú a áirithiú sa chur chun feidhme ar fud na mBallstát agus chun ilroinnt a sheachaint.

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12c) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint freisin chun tacú leis na Ballstáit na forálacha maidir leis an raon feidhme a chur chun feidhme i gceart, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhréireacht na n-oibleagáidí a leagtar amach leis an Treoir seo i gcomaoin chriticiúlacht na n-eintiteas a thagann faoin raon feidhme, go háirithe nuair a bhaineann siad le heintitis ag a bhfuil samhlacha gnó casta nó timpeallachtaí oibriúcháin casta, trínar féidir le heintiteas na critéir a shanntar d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha araon a chomhlíonadh ag an am céanna, nó gníomhaíochtaí a bhfuil cuid acu laistigh agus cuid acu lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo a dhéanamh ag an am céanna. I gcásanna ina bhfuil príomhghníomhaíocht eintiteas lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo, ach ina bhfuil gníomhaíochtaí tánaisteacha eile laistigh den raon feidhme, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha ach amháin maidir leis an bhfeidhm nó an leibhéal aonaid laistigh d’eintiteas, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir Treoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus an Treoir seo. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar eintitis chriticiúla, agus eintitis choibhéiseacha, de bhun Threoir (AE) XXX/XXX a bheith ina n-eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir (AE) XXX/XXX i gcomhthéacs faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Ba cheart do na húdaráis faoin dá Threoir dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú, go háirithe i ndáil le heintitis chriticiúla, cibearbhagairtí, rioscaí cibearshlándála agus teagmhais lena ndéantar difear d’eintitis chriticiúla a shainaithint, agus maidir leis na bearta cibearshlándála arna ndéanamh ag eintitis chriticiúla. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX, ba cheart a cheadú do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil. Ba cheart don dá údarás dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

(14) I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir Treoir (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus an Treoir seo. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go measfar eintitis chriticiúla, agus eintitis choibhéiseacha, de bhun Threoir (AE) XXX/XXX a bheith ina n-eintitis fhíor-riachtanacha faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar foráil lena straitéisí náisiúnta cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir (AE) XXX/XXX i gcomhthéacs teagmhas a thuairisciú, faisnéis a chomhroinnt maidir le teagmhais, neasteagmhais agus cibearbhagairtí agus cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Ba cheart do na húdaráis faoin dá Threoir dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú, go háirithe i ndáil le heintitis chriticiúla, cibearbhagairtí, rioscaí cibearshlándála agus teagmhais lena ndéantar difear d’eintitis chriticiúla a shainaithint, agus maidir leis na bearta cibearshlándála arna ndéanamh ag eintitis chriticiúla. Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) XXX/XXX, ba cheart a cheadú do na húdaráis inniúla faoin Treoir seo a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú ar eintiteas fíor-riachtanach a shainaithnítear mar eintiteas criticiúil. Ba cheart don dá údarás dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin.

__________________

__________________

17 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

17 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Is príomhfhachtóir é seasamh le córas ainmneacha fearainn (DNS) atá iontaofa, athléimneach agus slán, agus é a chaomhnú, chun sláine an Idirlín a choinneáil ar bun agus tá sé fíor-riachtanach dá oibriú leanúnach agus cobhsaí, ar a bhfuil an geilleagar digiteach agus an tsochaí ag brath. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach duine a sholáthraíonn seirbhísí DNS feadh shlabhra taifigh DNS, lena n-áirítear oibreoirí freastalaithe fréamhainmneacha, freastalaithe ainmneacha fearainn barrleibhéil (TLD), freastalaithe ainmneacha údarásacha le haghaidh ainmneacha fearainn agus taifeoirí athchúrsacha.

(15) Is príomhfhachtóir é seasamh le córas ainmneacha fearainn (DNS) atá iontaofa, athléimneach agus slán, agus é a chaomhnú, chun sláine an Idirlín a choinneáil ar bun agus tá sé fíor-riachtanach dá oibriú leanúnach agus cobhsaí, ar a bhfuil an geilleagar digiteach, an margadh inmheánach agus an tsochaí ag brath. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach duine a sholáthraíonn seirbhísí DNS feadh shlabhra taifigh DNS, lena n-áirítear oibreoirí freastalaithe fréamhainmneacha, freastalaithe ainmneacha fearainn barrleibhéil (TLD), freastalaithe ainmneacha údarásacha le haghaidh ainmneacha fearainn agus taifeoirí athchúrsacha, agus soláthraithe seirbhíse um chlárú príobháideachta nó seach-chláraithe, bróicéirí nó athdhíoltóirí fearainn, agus aon seirbhísí eile a bhaineann le hainmneacha fearainn a chlárú;

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo.

(20) Tagann na hidirthuilleamaíochtaí méadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse, ar leibhéal trasteorann agus spleách méadaithe, a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais sna hearnálacha fuinnimh, iompair, bonneagair dhigitigh, uisce óil agus fuíolluisce, sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, chomh maith le spás a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na bpáirtithe príobháideacha lena mbaineann, nó atá bainistithe agus oibrithe acu, dá bhrí sin rud nach gcumhdaíonn bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis, nó faoi úinéireacht duine eile thar ceann an Aontais, nó atá bainistithe nó oibrithe aige nó thar a cheann. Ciallaíonn na hidirthuilleamaíochtaí sin go bhféadfadh éifeachtaí ollmhóra a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, as a bhféadfadh tionchair dhiúltacha fhorleathana agus fhadmharthanacha teacht i seachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo agus gur gá an margadh inmheánach a chosaint trí straitéisí agus ghníomhaíochtaí comhpháirteacha ar leibhéal an Aontais.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Ba cheart d’údaráis inniúla nó do na CSIRTanna fógraí a fháil maidir le teagmhais ó eintitis ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ba cheart a chur de chúram ar na pointí teagmhála aonair fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais a chur ar aghaidh chuig pointí teagmhála aonair Ballstát eile a ndéantar difear dóibh. Ar leibhéal údaráis na mBallstát, chun a áirithiú go mbeidh pointe iontrála aonair amháin i ngach Ballstát, ba cheart faisnéis a dhíriú ar na pointí teagmhála aonair, ar faisnéis ábhartha í maidir le teagmhais a bhaineann le heintitis na hearnála airgeadais ó na húdaráis inniúla faoi Rialachán XXXX/XXXX ar cheart dóibh a bheith in ann í a chur ar aghaidh, mar is iomchuí, chuig na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha nó na CSIRTanna ábhartha faoin Treoir seo.

(23) Ba cheart d’údaráis inniúla nó do na CSIRTanna fógraí a fháil maidir le teagmhais ó eintitis ar bhealach caighdeánaithe, éifeachtach agus éifeachtúil. Ba cheart a chur de chúram ar na pointí teagmhála aonair fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais a chur ar aghaidh chuig pointí teagmhála aonair Ballstát eile a ndéantar difear dóibh. Chun a áirithiú go mbeidh pointe iontrála aonair amháin i ngach Ballstát, ba cheart faisnéis a dhíriú ar na pointí teagmhála aonair, ar faisnéis ábhartha í maidir le teagmhais a bhaineann le heintitis na hearnála airgeadais ó na húdaráis inniúla faoi Rialachán XXXX/XXXX ar cheart dóibh a bheith in ann í a chur ar aghaidh, mar is iomchuí, chuig na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha nó na CSIRTanna ábhartha faoin Treoir seo.

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Maidir le sonraí pearsanta, ba cheart do CSIRTanna, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19 maidir le sonraí pearsanta, thar ceann eintiteas faoin Treoir seo agus arna iarraidh sin dó, scanadh réamhghníomhach a sholáthar ar na líonraí agus ar na córais faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal comhionann cumais theicniúil a áirithiú do gach CSIRT earnála. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus CSIRTanna náisiúnta á bhforbairt.

(25) Chun bagairtí sonracha a shainaithint, a mhaolú agus a chosc maidir le sonraí pearsanta, ba cheart do CSIRTanna, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19 maidir le sonraí pearsanta, thar ceann eintiteas faoin Treoir seo agus arna iarraidh sin dó, scanadh a sholáthar ar na líonraí agus ar na córais faisnéise a úsáidtear chun a seirbhísí a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal comhionann cumais theicniúil a áirithiú do gach CSIRT earnála. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus CSIRTanna náisiúnta á bhforbairt.

__________________

__________________

19 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

19 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 Mar chuid dá straitéisí náisiúnta cibearshlándála, ba cheart do na Ballstáit beartais a ghlacadh maidir le córais chliste a chur chun cinn agus a chomhtháthú chun teagmhais agus bagairtí cibearshlándála a chosc agus a bhrath. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena straitéisí náisiúnta cibearshlándála, beartais a chur i bhfeidhm a bheidh dírithe ar fheasacht agus litearthacht i ndáil leis an gcibearshlándáil, d’fhonn tomhaltóirí a chosaint. Agus straitéisí náisiúnta cibearshlándála á nglacadh acu, ba cheart do na Ballstáit creataí beartais a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar rochtain dhleathach ar fhaisnéis.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20 , is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosc leo. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais.

(27) I gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2017/1548 ón gCoimisiún maidir le Freagairt Chomhordaithe ar Theagmhais agus Géarchéimeanna Mórscála Cibearshlándála (‘Treoirphlean’)20 , is é ba cheart a bheith i gceist le teagmhas ar scála mór teagmhas a bhfuil tionchar mór aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó a shuaitheadh ná cumas Ballstáit chun freagairt air, agus ar an gcaoi sin a chuireann an margadh inmheánach i mbaol. De réir a gcúise agus a dtionchair, is féidir go rachaidh teagmhais ar scála mór in olcas agus tiontú ina ngéarchéimeanna iomlána agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chosc leo. I bhfianaise raon feidhme leathan agus, i bhformhór na gcásanna, chineál trasteorann na dteagmhas sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dul i gcomhar ar an leibhéal teicniúil, oibríochtúil agus polaitiúil chun an fhreagairt a chomhordú ar fud an Aontais.

__________________

__________________

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

20 Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Ós rud é gur féidir go mbeidh teacht i dtír ar leochaileachtaí i líonraí agus i gcórais faisnéise ina chúis le suaitheadh agus díobháil mhór, is fachtóir tábhachtach é na leochaileachtaí sin a shainaithint agus a leigheas go mear chun an riosca cibearshlándála a laghdú. Ba cheart do na heintitis a fhorbraíonn na córais sin, dá bhrí sin, nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun leochaileachtaí a láimhseáil nuair a aimsítear iad. Ós rud é gur minic a aimsíonn agus a thuairiscíonn (a nochtann) tríú páirtithe (eintitis tuairisciúcháin) leochaileachtaí, ba cheart do mhonaróir nó do sholáthraí táirgí nó seirbhísí TFC na nósanna imeachta is gá a chur i bhfeidhm freisin chun faisnéis leochaileachta a fháil ó thríú páirtithe. Maidir leis sin, i gcaighdeáin idirnáisiúnta ISO/IEC 30111 agus ISO/IEC 29417 tugtar treoraíocht maidir le láimhseáil leochaileachta agus nochtadh leochaileachta faoi seach. Maidir le nochtadh leochaileachta, tá tábhacht ar leith le comhordú idir eintitis tuairisciúcháin agus monaróirí nó soláthraithe táirgí nó seirbhísí TFC. Le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí sonraítear próiseas struchtúrtha trína dtuairiscítear leochaileachtaí d’eagraíochtaí ar bhealach lena gceadaítear don eagraíocht an leochaileacht a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis leochaileachta mionsonraithe do thríú páirtithe nó don phobal. Ba cheart comhordú idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus an eagraíocht a bheith i gceist le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí maidir le huainiú an fheabhsúcháin agus foilsiú na leochaileachtaí.

(28) Ós rud é gur féidir go mbeidh teacht i dtír ar leochaileachtaí i líonraí agus i gcórais faisnéise ina chúis le suaitheadh agus díobháil mhór do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, is fachtóir tábhachtach é na leochaileachtaí sin a shainaithint agus a leigheas go mear chun an riosca cibearshlándála a laghdú. Ba cheart do na heintitis a fhorbraíonn na córais sin, dá bhrí sin, nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun leochaileachtaí a láimhseáil nuair a aimsítear iad. Ós rud é gur minic a aimsíonn agus a thuairiscíonn (a nochtann) tríú páirtithe (eintitis tuairisciúcháin) leochaileachtaí, ba cheart do mhonaróir nó do sholáthraí táirgí nó seirbhísí TFC na nósanna imeachta is gá a chur i bhfeidhm freisin chun faisnéis leochaileachta a fháil ó thríú páirtithe. Maidir leis sin, i gcaighdeáin idirnáisiúnta ISO/IEC 30111 agus ISO/IEC 29417 tugtar treoraíocht maidir le láimhseáil leochaileachta agus nochtadh leochaileachta faoi seach. Maidir le nochtadh leochaileachta, tá tábhacht ar leith le comhordú idir eintitis tuairisciúcháin agus monaróirí nó soláthraithe táirgí nó seirbhísí TFC. Le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí sonraítear próiseas struchtúrtha trína dtuairiscítear leochaileachtaí d’eagraíochtaí ar bhealach lena gceadaítear don eagraíocht an leochaileacht a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis leochaileachta mionsonraithe do thríú páirtithe nó don phobal. Ba cheart comhordú idir an t-eintiteas tuairisciúcháin agus an eagraíocht a bheith i gceist le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí maidir le huainiú an fheabhsúcháin agus foilsiú na leochaileachtaí.

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28a) Ba cheart don Choimisiún, do ENISA agus do na Ballstáit leanúint d’ailíniú idirnáisiúnta a chothú le caighdeáin agus le dea-chleachtais tionscail atá ann cheana i réimse an bhainistithe riosca, mar shampla i réimsí na measúnuithe ar shlándáil an tslabhra soláthair, comhroinnt faisnéise agus nochtadh leochaileachta.

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Rannchuidíonn rochtain ar fhaisnéis cheart agus thráthúil maidir le leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí TFC le bainistíocht fheabhsaithe a dhéanamh ar riosca cibearshlándála. Maidir leis sin, tá foinsí faisnéise i leith leochaileachtaí atá ar fáil go poiblí ina n-uirlis thábhachtach d’eintitis agus dá n-úsáideoirí, ach d’údaráis náisiúnta inniúla agus CSIRTanna freisin. Ar an gcúis sin, ba cheart do ENISA clárlann leochaileachta a bhunú ina bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha agus a soláthróirí, chomh maith le heintitis nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar bhonn deonach, leochaileachtaí a nochtadh agus an fhaisnéis leochaileachta a sholáthar lena gceadaítear d’úsáideoirí bearta maolúcháin iomchuí a dhéanamh.

(30) Rannchuidíonn rochtain ar fhaisnéis cheart agus thráthúil maidir le leochaileachtaí lena ndéantar difear do tháirgí agus seirbhísí TFC le bainistíocht fheabhsaithe a dhéanamh ar riosca cibearshlándála. Maidir leis sin, tá foinsí faisnéise i leith leochaileachtaí atá ar fáil go poiblí ina n-uirlis thábhachtach d’eintitis agus dá n-úsáideoirí, ach d’údaráis náisiúnta inniúla agus CSIRTanna freisin. Ar an gcúis sin, ba cheart do ENISA bunachar sonraí leochaileachta a bhunú ina bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha agus a soláthróirí, chomh maith le heintitis nach dtagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar bhonn deonach, leochaileachtaí a nochtadh agus an fhaisnéis leochaileachta a sholáthar lena gceadaítear d’úsáideoirí bearta maolúcháin iomchuí a dhéanamh.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Bíodh is gurb ann do chlárlanna nó bunachair sonraí leochaileachta comhchosúla, is eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas a dhéanann iad a óstáil agus a choinneáil ar bun. Le clárlann leochaileachta Eorpach arna coinneáil ar bun ag ENISA sholáthrófaí trédhearcacht fheabhsaithe maidir leis an bpróiseas foilseacháin sula nochtar an leochaileacht go hoifigiúil, agus athléimneacht i gcásanna suaití nó bristeacha i soláthar seirbhísí comhchosúla. Chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus an chomhlántacht a iarraidh a mhéid is féidir, ba cheart do ENISA féachaint an bhféadfaí comhaontuithe comhair struchtúrtha a dhéanamh le clárlanna comhchosúla i ndlínsí tríú tír.

(31) Bíodh is gur ann do chlárlanna nó bunachair sonraí leochaileachta comhchosúla, is eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas a dhéanann iad a óstáil agus a choinneáil ar bun. Le bunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna choinneáil ar bun ag ENISA, sholáthrófaí trédhearcacht fheabhsaithe maidir leis an bpróiseas foilseacháin sula nochtar an leochaileacht go hoifigiúil, agus athléimneacht i gcásanna suaití nó bristeacha i soláthar seirbhísí comhchosúla. Chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus an chomhlántacht a iarraidh a mhéid is féidir, ba cheart do ENISA féachaint an bhféadfaí comhaontuithe comhair struchtúrtha a dhéanamh le bunachair sonraí nó clárlanna leochaileachta i ndlínsí tríú tír agus tuarascálacha a tharchur chuig clárlanna iomchuí ar choinníoll nach mbainfidh aon ghníomhaíochtaí den sórt sin an bonn ó chosaint na rúndachta agus na rún trádála.

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Ba cheart don Ghrúpa Comhair clár oibre a bhunú gach 2 bhliain lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an nGrúpa chun a chuspóirí agus a chúraimí a chur chun feidhme. Ba cheart achar ama an chéad chláir a ghlactar faoin Treoir seo a bheith ailínithe le hachar ama an chláir deiridh a ghlactar faoi Threoir (AE) 2016/1148 chun suaití féideartha in obair an Ghrúpa a sheachaint.

(32) Ba cheart don Ghrúpa Comhair tosaíochtaí polaitiúla agus príomhdhúshláin maidir le cibearshlándáil a phlé agus clár oibre a bhunú gach 2 bhliain lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an nGrúpa chun a chuspóirí agus a chúraimí a chur chun feidhme. Ba cheart achar ama an chéad chláir a ghlactar faoin Treoir seo a bheith ailínithe le hachar ama an chláir deiridh a ghlactar faoi Threoir (AE) 2016/1148 chun suaití féideartha in obair an Ghrúpa a sheachaint.

Leasú  20

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32a) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó ENISA.

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 34.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bheith rannpháirteach ina obair.

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA), chomh maith le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, a bheith rannpháirteach ina obair.

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Ba cheart a chumhachtú do na húdaráis inniúla agus CSIRTanna a bheith rannpháirteach i scéimeanna malartaithe d’oifigigh ó Bhallstáit eile chun comhar a fheabhsú. Ba cheart do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun é a chur ar a gcumas d’oifigigh ó Bhallstáit eile ról éifeachtach a bheith acu i ngníomhaíochtaí an údaráis óstaigh inniúil.

(35) Ba cheart a chumhachtú do na húdaráis inniúla agus CSIRTanna a bheith rannpháirteach i scéimeanna  malartaithe agus i gcláir oiliúna comhpháirteacha d’oifigigh ó Bhallstáit eile chun comhar a fheabhsú agus muinín i measc na mBallstát a neartú. Ba cheart do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun é a chur ar a gcumas d’oifigigh ó Bhallstáit eile ról éifeachtach a bheith acu i ngníomhaíochtaí an údaráis óstaigh inniúil nó CSIRT.

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39) Chun críocha na Treorach seo, leis an téarma ‘neasteagmhais’ ba cheart tagairt a dhéanamh d’imeacht a raibh an fhéidearthacht ann go mbeadh sé ina chúis le díobháil, ach ar cuireadh cosc ar bhealach rathúil ar dhéanamh iomlán na díobhála sin.

scriosta

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Aithris 45 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 Ina theannta sin, ba cheart d’eintitis freisin oideachas cibearshlándála leormhaith agus oiliúint chibearshlándála leormhaith a áirithiú dá bhfoireann ar gach leibhéal den eagraíocht.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46) Chun dul i ngleic tuilleadh le príomhrioscaí an tslabhra soláthair agus cúnamh a thabhairt d’eintitis a oibríonn in earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo chun rioscaí cibearshlándála i ndáil leis an slabhra soláthair agus leis an soláthróir a bhainistiú, ba cheart don Ghrúpa Comhair lena mbaineann údaráis náisiúnta ábhartha, i gcomhar leis an gCoimisiún agus ENISA, measúnuithe riosca earnála comhordaithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair mar a rinneadh cheana do líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G21 , arb é is aidhm dóibh na seirbhísí, na córais nó na táirgí criticiúla TFC agus na bagairtí agus na leochaileachtaí ábhartha a shainaithint in aghaidh na hearnála.

(46) Chun dul i ngleic tuilleadh le príomhrioscaí an tslabhra soláthair agus cúnamh a thabhairt d’eintitis a oibríonn in earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo chun rioscaí cibearshlándála i ndáil leis an slabhra soláthair agus leis an soláthróir a bhainistiú, ba cheart don Ghrúpa Comhair lena mbaineann údaráis náisiúnta ábhartha, i gcomhar leis an gCoimisiún agus ENISA, measúnuithe riosca earnála comhordaithe a dhéanamh ar an slabhra soláthair mar a rinneadh cheana do líonraí 5G tar éis Mholadh (AE) 2019/534 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G21, arb é is aidhm dóibh na seirbhísí, na córais nó na táirgí criticiúla TFC agus na bagairtí agus na leochaileachtaí ábhartha a shainaithint i ngach earnáil.

__________________

__________________

Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann agus a criticiúlachta, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Aithris 51

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Tá an margadh inmheánach ag brath ar fheidhmiú an idirlín níos mó ná ariamh. Braitheann seirbhísí na n-eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach uile beagnach ar sheirbhísí a sholáthraítear thar an idirlíon. Chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí na n-eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach á soláthar ar bhonn rianúil, is den tábhacht é  maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, amhail, mar shampla, cnámha droma idirlín nó cáblaí cumarsáide fomhuirí, go mbeadh bearta cibearshlándála iomchuí i bhfeidhm acu agus go dtuairisceoidís teagmhais i ndáil leo.

(51) Tá an margadh inmheánach ag brath ar fheidhmiú an idirlín níos mó ná ariamh. Tá seirbhísí beagnach gach eintitis fhíor-riachtanaigh agus thábhachtaigh ag brath ar sheirbhísí a sholáthraítear thar an idirlíon, agus braitheann tomhaltóirí air le haghaidh páirteanna bunriachtanacha dá saolta laethúla. Chun soláthar rianúil seirbhísí arna soláthar ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a áirithiú á soláthar, is den tábhacht é go mbeidh bearta cibearshlándála iomchuí i bhfeidhm ag gach líonra cumarsáide poiblí leictreonaí, amhail, mar shampla, cnámha droma idirlín nó cáblaí cumarsáide fomhuirí, agus go dtuairisceoidís teagmhais shuntasacha i ndáil leis sin.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) I gcás inarb iomchuí, ba cheart d’eintitis a bhfaighteoirí seirbhíse a chur ar an eolas faoi bhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun an riosca a thagann as sin dóibh féin a mhaolú. Maidir leis an gceanglas na faighteoirí sin a chur ar an eolas faoi na bagairtí sin, níor cheart go n-urscaoilfí eintitis ón oibleagáid bearta iomchuí agus láithreacha a dhéanamh, ar a gcostas féin, chun aon chibearbhagairt a chosc nó a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a athbhunú. Ba cheart an soláthar faisnéise sin do na faighteoirí maidir le bagairtí slándála a bheith saor in aisce.

(52) Ba cheart é a bheith d’aidhm ag eintitis a bhfaighteoirí seirbhíse a chur ar an eolas faoi bhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun an riosca a thagann as sin dóibh féin a mhaolú, go háirithe nuair a d’fhéadfadh bearta den sórt sin cosaint an tomhaltóra a mhéadú. Níor cheart go n-urscaoilfeadh sé eintitis ón oibleagáid bearta iomchuí agus láithreacha a dhéanamh, ar a gcostas féin, chun aon chibearbhagairt a chosc nó a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a athbhunú. Ba cheart soláthar na faisnéise sin maidir le bagairtí slándála do na faighteoirí a bheith saor in aisce agus dréachtaithe i dteanga atá éasca le tuiscint.

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Aithris 53

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53) Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide poiblí leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí faighteoirí na seirbhíse a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta is féidir leo a dhéanamh chun slándáil a gcumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha sonracha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid.

(53) Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe líonraí cumarsáide poiblí leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí faighteoirí na seirbhíse a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí móra ar leith agus faoi bhearta breise is féidir leo a dhéanamh chun slándáil a bhfeistí agus a gcumarsáide a chosaint, mar shampla trí chineálacha sonracha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptiúcháin a úsáid.

Leasú  30

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint, ba cheart úsáid criptiúcháin, agus go háirithe criptiú inn ar inn, a chur chun cinn agus, i gcás inar gá, a bheith sainordaitheach do sholáthraithe na seirbhísí agus na líonraí sin i gcomhréir le prionsabail na slándála agus an phríobháideachais mar réamhshocrú agus trí dhearadh chun críocha Airteagal 18. Ba cheart úsáid an chriptiúcháin inn ar inn a réiteach le cumhachtaí na mBallstát chun cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha agus na slándála poiblí a áirithiú, agus imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais. Le réitigh ar rochtain dhleathach ar fhaisnéis i gcumarsáid criptiúcháin inn ar inn ba cheart éifeachtacht an chriptiúcháin maidir le cosaint phríobháideachas agus shlándáil na cumarsáide a choinneáil ar bun, agus freagairt éifeachtach ar an gcoireacht á soláthar.

(54) Chun slándáil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint, ba cheart úsáid an chriptithe, agus go háirithe an criptiú inn ar inn, a chur chun cinn agus, i gcás inar gá, a bheith sainordaitheach do sholáthraithe na seirbhísí agus na líonraí sin i gcomhréir le prionsabail na slándála agus an phríobháideachais mar réamhshocrú agus trí dhearadh chun críoch beart bainistithe riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Beidh úsáid an chriptiúcháin inn ar inn gan dochar do chumhachtaí, do bheartais agus do nósanna imeachta na mBallstát chun cosaint a leasanna slándála fíor-riachtanacha agus na slándála poiblí a áirithiú, agus imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú i gcomhréir le dlí an Aontais. Le réitigh ar rochtain dhleathach ar fhaisnéis i gcumarsáid criptiúcháin inn ar inn ba cheart éifeachtacht an chriptiúcháin maidir le cosaint phríobháideachas agus shlándáil na cumarsáide a choinneáil ar bun, agus freagairt éifeachtach ar an gcoireacht á soláthar. Ní mór d’aon ghníomhaíocht a dhéantar cloí go docht le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta.

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Leis an Treoir seo leagtar síos cur chuige dhá chéim i leith tuairisciú teagmhas chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, tuairisciú mear atá ina chuidiú le scaipeadh féideartha teagmhas a mhaolú agus lena gceadaítear d’eintitis tacaíocht a iarraidh, agus, ar an taobh eile, tuairisciú domhain lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais aonair agus lena gcuirtear feabhas, thar thréimhse ama, ar athléimneacht cuideachtaí aonair agus earnálacha iomlána i leith cibearbhagairtí. I gcás ina dtagann eintitis ar an eolas faoi theagmhas, ba cheart a cheangal orthu fógra tosaigh a chur isteach laistigh de 24 uair an chloig, tar éis tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin ina dhiaidh sin. Níor cheart a áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas cúnamh a iarraidh, más gá. Leis an bhfógra sin, i gcás inarb infheidhme, ba cheart a léiriú cibé acu ar gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach is cúis, is dóigh, leis an teagmhas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis tuairiscthe a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le teagmhais a láimhseáil, gníomhaíochtaí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Chun a áirithiú tuilleadh nach ndéanfar le hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas acmhainní a atreorú ó láimhseáil freagartha teagmhas, ná nach gcuirfear iarrachtaí na n-eintiteas ina leith i mbaol leis sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú leis na húdaráis inniúla nó CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna maidir le 24 uair an chloig le haghaidh an fhógra tosaigh agus mí amháin le haghaidh na tuarascála críochnaithí.

(55) Leis an Treoir seo leagtar síos cur chuige comhleanúnach i leith tuairisciú teagmhas chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, tuairisciú mear atá ina chuidiú le scaipeadh féideartha teagmhas a mhaolú agus lena gceadaítear d’eintitis tacaíocht a iarraidh, agus, ar an taobh eile, tuairisciú domhain lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais aonair agus lena gcuirtear feabhas, thar thréimhse ama, ar athléimneacht cuideachtaí aonair agus earnálacha iomlána i leith cibearbhagairtí. I gcás ina dtagann eintitis ar an eolas faoi theagmhas nó neasteagmhas, ba cheart a cheangal orthu fógra tosaigh a chur isteach laistigh de 72 uair an chloig, tuarascáil chuimsitheach a chur isteach ina dhiaidh sin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an fógra tosaigh a chur isteach agus tuarascáil chríochnaitheach a chur isteach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an teagmhas a mhaolú. Níor cheart a bheith san áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas cúnamh a iarraidh, más gá. Leis an bhfógra sin, i gcás inarb infheidhme, ba cheart a léiriú cibé acu ar gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach is cúis, is dóigh, leis an teagmhas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis tuairiscthe a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le teagmhais a láimhseáil, gníomhaíochtaí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart luathrabhadh a thabhairt roimh an bhfógra tosaigh laistigh den chéad 24 uair an chloig gan aon oibleagáid a bheith ann maidir le nochtadh faisnéise breise. Ba cheart an luathrabhadh sin a chur isteach a luaithe is féidir, lena lamháiltear d’eintitis tacaíocht a lorg ó údaráis inniúla nó ó CSIRTanna go pras, agus lena gcumasaítear údaráis inniúla nó CSIRTanna maolú a dhéanamh ar leathadh féideartha an teagmhais a tuairiscíodh, chomh maith le bheith ina uirlis feasachta staide do CSIRTanna. Chun nach ndéanfaidh na hoibleagáidí teagmhais a thuairisciú acmhainní a atreorú thairis sin ón láimhseáil freagairtí ar theagmhais, nó chun nach mbainfear d’iarrachtaí na n-eintiteas ina leith sin ar shlí eile, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leis agus i gcomhaontú leis na húdaráis inniúla nó CSIRT, go bhféadfaidh an t-eintiteas lena mbaineann imeacht beagán ó na sprioc-amanna arna dtuar.

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Aithris 56

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(56) Is minic atá eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha i staid inár gá teagmhas ar leith, mar gheall ar a ghnéithe, a thuairisciú d’údaráis éagsúla de thoradh oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a áirítear in ionstraimí dlí éagsúla. De dheasca na gcásanna sin cruthaítear ualaí breise agus is féidir go dtiocfaidh éiginnteachtaí astu maidir le formáid agus nósanna imeachta na bhfógraí sin. Ina fhianaise sin agus, chun tuairisciú teagmhas slándála a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit pointe iontrála aonair a bhunú le haghaidh na bhfógraí uile a cheanglaítear faoin Treoir seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais freisin amhail Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Ba cheart do ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, teimpléid fógra choiteanna a fhorbairt trí threoirlínte lena ndéanfaí an fhaisnéis tuairisciúcháin arna hiarraidh le dlí an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú agus lena laghdófaí na hualaí ar chuideachtaí.

(56) Is minic atá eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha i staid inár gá teagmhas ar leith, mar gheall ar a ghnéithe, a thuairisciú d’údaráis éagsúla de thoradh oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a áirítear in ionstraimí dlí éagsúla. De dheasca na gcásanna sin cruthaítear ualaí breise agus is féidir go dtiocfaidh éiginnteachtaí astu maidir le formáid agus nósanna imeachta na bhfógraí sin. Ina fhianaise sin agus, chun tuairisciú teagmhas slándála a shimpliú agus seasamh le prionsabal na haonuaire, ba cheart do na Ballstáit pointe iontrála aonair a bhunú le haghaidh na bhfógraí uile a cheanglaítear faoin Treoir seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais freisin amhail Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Ba cheart do ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, teimpléid fógra choiteanna a fhorbairt trí threoirlínte lena ndéanfaí an fhaisnéis tuairisciúcháin arna hiarraidh le dlí an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú agus lena laghdófaí na hualaí ar chuideachtaí.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Aithris 59

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé fíor-riachtanach bunachair sonraí chruinne agus iomlána a choinneáil ar bun maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin (dá ngairtear ‘sonraí WHOIS’), agus rochtain dhleathach a sholáthar ar na sonraí sin, chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS a áirithiú, rud a rannchuidíonn ar a uain le hardleibhéal cibearshlándála coiteann laistigh den Aontas. I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa phróiseáil, comhlíonfaidh an phróiseáil sin dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(59) Tá sé fíor-riachtanach bunachair sonraí chruinne, fíoraithe agus iomlána a choinneáil ar bun maidir le hainmneacha fearainn agus sonraí clárúcháin (dá ngairtear ‘sonraí WHOIS’), agus rochtain dhleathach a sholáthar ar na sonraí sin, chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS a áirithiú, rud a rannchuidíonn ar a uain le hardleibhéal cibearshlándála coiteann laistigh den Aontas. I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa phróiseáil, comhlíonfaidh an phróiseáil sin dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Aithris 61

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61) Chun infhaighteacht sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a áirithiú, ba cheart do chlárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD (dá ngairtear cláraitheoirí) sláine agus infhaighteacht na sonraí cláraithe ainmneacha fearainn a bhailiú agus a ráthú. Go háirithe, ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD beartais agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraí clárúcháin cruinne agus iomlána a bhailiú agus a choinneáil ar bun, agus chun sonraí clárúcháin míchruinne a chosc agus a cheartú i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(61) Chun infhaighteacht sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a áirithiú, ba cheart do chlárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn (lena n-áirítear seirbhísí arna soláthar ag clárlanna agus cláraitheoirí ainmneacha fearainn, soláthraithe seirbhíse um chlárú príobháideachta nó seach-chláraithe, bróicéirí nó athdhíoltóirí fearainn, agus aon seirbhísí eile a bhaineann le hainmneacha fearainn a chlárú) sláine agus infhaighteacht sonraí cláraithe ainmneacha fearainn a bhailiú agus a ráthú. Go háirithe, ba cheart do chlárlanna TLD agus do na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD beartais agus nósanna imeachta a bhunú chun sonraí clárúcháin cruinne agus iomlána a bhailiú agus a choinneáil ar bun, agus chun sonraí clárúcháin míchruinne a chosc agus a cheartú i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Leasú  35

Togra le haghaidh treorach

Aithris 68

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(68) Dá bhrí sin, ba cheart eintitis a spreagadh chun a n-eolas aonair agus a dtaithí phraiticiúil a threisiú go comhchoiteann ar an leibhéal straitéiseach, oirbheartaíoch agus oibríochtúil d’fhonn cur lena gcumas measúnú agus faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar chibearbhagairtí, cosaint a dhéanamh ina n-aghaidh agus freagairt dóibh. Dá bhrí sin, is gá teacht chun cinn sásraí ar leibhéal an Aontais a chumasú le haghaidh socruithe deonacha malartaithe faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt go gníomhach freisin d’eintitis ábhartha nach gcumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo chun bheith rannpháirteach sna sásraí um chomhroinnt faisnéise sin. Ba cheart na sásraí sin a stiúradh i gcomhlíonadh iomlán rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí chomh maith leis sin.

(68) Ba cheart do na Ballstáit eintitis a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun a n-eolas aonair agus a dtaithí phraiticiúil a threisiú go comhchoiteann ar an leibhéal straitéiseach, oirbheartaíoch agus oibríochtúil d’fhonn cur lena gcumais measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chibearbhagairtí, cosaint a dhéanamh ina n-aghaidh agus freagairt dóibh ar bhealach leormhaith. Is gá, dá bhrí sin, teacht chun cinn sásraí ar leibhéal an Aontais a chumasú le haghaidh socruithe deonacha malartaithe faisnéise. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt go gníomhach freisin d’eintitis ábhartha nach gcumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo chun bheith rannpháirteach sna sásraí um chomhroinnt faisnéise sin. Ba cheart na sásraí sin a stiúradh i gcomhlíonadh iomlán rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí chomh maith leis sin.

Leasú  36

Togra le haghaidh treorach

Aithris 69

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(69) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, a mhéid a bhfuil fíorghá léi agus atá comhréireach chun go n-áiritheofar slándáil líonraí agus faisnéise de chuid eintiteas, údaráis phoiblí, CERTanna, CSIRTanna, agus soláthraithe teicneolaíochtaí slándála agus seirbhísí slándála, ba cheart í a bheith ina leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679. Mar chuid de sin ba cheart bearta a áireamh a bhaineann le teagmhais a chosc agus a bhrath, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt dóibh, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs fheabhsúchán agus nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, chomh maith le malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, chomh maith le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta. Is féidir go gceanglófar próiseáil na gcineálacha sonraí pearsanta seo a leanas leis na bearta sin: Seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn, agus seoltaí ríomhphoist.

(69) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rud ar cheart a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá léi agus atá comhréireach chun go n-áiritheofar slándáil líonraí agus faisnéise, agus chun cosaint an tomhaltóra a áirithiú, ag eintitis, údaráis phoiblí, CERTanna, CSIRTanna, agus soláthraithe teicneolaíochtaí slándála agus seirbhísí slándála, ba cheart í a bheith ina leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679. Mar chuid de sin ba cheart bearta a áireamh a bhaineann le teagmhais a chosc agus a bhrath, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt dóibh, bearta chun feasacht a ardú i ndáil le cibearbhagairtí sonracha, malartú faisnéise i gcomhthéacs fheabhsúchán agus nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, chomh maith le malartú deonach faisnéise maidir leis na teagmhais sin, chomh maith le cibearbhagairtí agus leochaileachtaí, táscairí comhréitigh, oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta, foláirimh chibearshlándála agus uirlisí cumraíochta. Is féidir go gceanglófar próiseáil na gcineálacha sonraí pearsanta seo a leanas leis na bearta sin: Seoltaí IP, aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna), ainmneacha fearainn, agus seoltaí ríomhphoist.

Leasú  37

Togra le haghaidh treorach

Aithris 70

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(70) Chun go neartófar na cumhachtaí maoirseachta agus na gníomhaíochtaí atá ina gcuidiú le comhlíontacht éifeachtach a áirithiú, leis an Treoir seo ba cheart foráil a dhéanamh maidir le híosliosta de ghníomhaíochtaí maoirseachta agus de mhodhanna maoirseachta trína bhféadfaidh údaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Ina theannta sin, leis an Treoir seo ba cheart difreáil córais maoirseachta a bhunú idir eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha d’fhonn cothromaíocht oibleagáidí chóir a áirithiú d’eintitis agus d’údaráis inniúla araon. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis fhíor-riachtanacha a bheith faoi réir córas maoirseachta (ex-ante agus ex-post) iomlán, ach ba cheart d’eintitis thábhachtacha a bheith faoi réir córas maoirseachta ex-post éadrom, agus faoina réir amháin. Maidir leis an gcóras deiridh, fágann sin nár cheart d’eintitis thábhachtacha comhlíontacht ceanglas riosca maidir leis an gcibearshlándáil a dhoiciméadú go córasach, ach ba cheart d’údaráis inniúla cur chuige ex-post frithghníomhach i leith na maoirseachta a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, níor cheart oibleagáid ghinearálta a bheith orthu maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis sin.

(70) Chun go neartófar na cumhachtaí maoirseachta agus na gníomhaíochtaí atá ina gcuidiú le comhlíontacht éifeachtach a áirithiú agus chun ardleibhéal coiteann slándála a bhaint amach ar fud na hearnála digití, lena n-áirítear trí rioscaí d’úsáideoirí nó líonraí, córais faisnéise agus seirbhísí eile a chosc, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo maidir le híosliosta de ghníomhaíochtaí maoirseachta agus de mhodhanna maoirseachta trína bhféadfaidh údaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha. Ina theannta sin, leis an Treoir seo ba cheart difreáil córais maoirseachta a bhunú idir eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha d’fhonn cothromaíocht oibleagáidí chóir a áirithiú d’eintitis agus d’údaráis inniúla araon. Ba cheart, dá bhrí sin, d’eintitis fhíor-riachtanacha a bheith faoi réir córas maoirseachta (ex-ante agus ex-post) iomlán, ach ba cheart d’eintitis thábhachtacha a bheith faoi réir córas maoirseachta ex-post éadrom, agus faoina réir sin amháin, agus cur chuige rioscabhunaithe á chur san áireamh. Maidir leis an gcóras deiridh, fágann sin nár cheart d’eintitis thábhachtacha comhlíontacht ceanglas riosca maidir leis an gcibearshlándáil a dhoiciméadú go córasach, ach ba cheart d’údaráis inniúla cur chuige ex-post frithghníomhach i leith na maoirseachta a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, níor cheart oibleagáid ghinearálta a bheith orthu maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis sin, seachas i gcás ina bhfuil sé soiléir gur sáraíodh na hoibleagáidí.

Leasú  38

Togra le haghaidh treorach

Aithris 76

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(76) Chun go ndéanfar a éifeachtaí agus a athchomhairlí atá na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí a leagtar síos de bhun na Treorach seo a neartú tuilleadh, ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm arb é atá iontu deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí, nó na seirbhísí uile, arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach a chur ar fionraí agus toirmeasc sealadach a fhorchur ó fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta arna dhéanamh ag duine nádúrtha. I bhfianaise a ndéine agus a dtionchair ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas agus ar a dtomhaltóirí ar deireadh, níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir le déine an tsáraithe agus ag cur imthosca sonracha gach cáis san áireamh, lena n-áirítear cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú. Níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach mar ultima ratio, rud a chiallaíonn nár cheart iad a chur i bhfeidhm go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha eile a leagtar síos leis an Treoir seo tagtha chun deiridh, agus ar feadh na tréimhse go ndéanfaidh na heintitis a bhfuil feidhm acu maidir leo an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó chun ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Beidh forchur na smachtbhannaí sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach agus próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

(76) Chun go ndéanfar a éifeachtaí agus a athchomhairlí atá na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí a leagtar síos de bhun na Treorach seo a neartú tuilleadh, ba cheart na húdaráis inniúla a chumhachtú chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm arb é atá iontu deimhniú nó údarú maidir le seirbhísí ábhartha arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach. I bhfianaise a ndéine agus a dtionchair ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas agus ar a dtomhaltóirí ar deireadh, níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach i gcomhréir le déine an tsáraithe agus ag cur imthosca sonracha gach cáis san áireamh, lena n-áirítear cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí, gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun an damáiste agus/nó na caillteanais a rinneadh a chosc nó a mhaolú. Níor cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm ach mar ultima ratio, rud a chiallaíonn nár cheart iad a chur i bhfeidhm go mbeidh na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha eile a leagtar síos leis an Treoir seo tagtha chun deiridh, agus ar feadh na tréimhse go ndéanfaidh na heintitis a bhfuil feidhm acu maidir leo an ghníomhaíocht is gá chun na heasnaimh a leigheas nó chun ceanglais an údaráis inniúil ar cuireadh na smachtbhannaí i bhfeidhm maidir leo a chomhlíonadh, agus ar feadh na tréimhse sin amháin. Beidh forchur na smachtbhannaí sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, lena n-áirítear cosaint dlí éifeachtach agus próis chuí, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta.

Leasú  39

Togra le haghaidh treorach

Aithris 79

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(79) Ba cheart sásra athbhreithnithe piaraí a thabhairt isteach, lena gceadaítear do shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, lena n-áirítear leibhéal chumais na mBallstát agus na hacmhainní atá ar fáil.

(79) Ba cheart sásra athbhreithnithe piaraí a thabhairt isteach, lena gceadaítear do shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag ENISA measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas cibearshlándála, lena n-áirítear leibhéal chumais na mBallstát agus na hacmhainní atá ar fáil, agus malartú dea-chleachtas.

Leasú  40

Togra le haghaidh treorach

Aithris 80

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(80) Chun cibearbhagairtí, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na heilimintí i ndáil le bearta bainistíochta riosca a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh freisin lena mbunaítear na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach a gceanglófar orthu deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr26 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(80) Chun cibearbhagairtí, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na heilimintí i ndáil le bearta bainistithe riosca a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunófar na heilimintí teicniúla a bhaineann le bearta bainistithe riosca. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh tríd an gcineál faisnéise arna cur isteach ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha a shonrú maidir le haon teagmhas a bhfuil tionchar suntasach aige ar sholáthar a seirbhísí nó aon neasteagmhas agus trí na cásanna a shonrú inar cheart a mheas go bhfuil teagmhas suntasach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr26. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

26 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

26 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Leasú  41

Togra le haghaidh treorach

Aithris 81

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(81) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha na Treorach seo maidir leis na socruithe nós imeachta is gá le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa Comhair, leis na heilimintí teicniúla a bhaineann le bearta bainistíochta riosca nó leis an gcineál faisnéise, leis an bhformáid agus leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi theagmhais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.27

(81) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha na Treorach seo maidir leis na socruithe nós imeachta is gá le haghaidh fheidhmiú an Ghrúpa Comhair, leis an bhformáid agus leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi theagmhais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.27

__________________

__________________

27 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

27 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Leasú  42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Leis an Treoir seo leagtar síos bearta d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála coiteann a áirithiú laistigh den Aontas.

1. Leis an Treoir seo leagtar síos bearta d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála coiteann a áirithiú laistigh den Aontas, chun timpeallacht dhigiteach iontaofa a bhaint amach do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha, agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun bacainní a bhaint de.

Leasú  43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Mar sin féin, beag beann ar a méid, tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcás an méid seo a leanas:

2. Mar sin féin, beag beann ar a méid, tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir leis na heintitis de chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcás an méid seo a leanas:

Leasú  44

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte chun tacú leis na Ballstáit na forálacha maidir leis an raon feidhme a chur chun feidhme i gceart agus chun maoluithe féideartha a dheonú d’eintitis shonracha thábhachtacha ó raon feidhme na Treorach nó ó chuid dá forálacha, i gcomaoin a leibhéil ísil criticiúlachta ina n-earnáil shonrach agus/nó i gcomaoin a leibhéil ísil spleáchais ó earnálacha nó cineálacha eile seirbhísí. Agus treoirlínte an Choimisiúin á gcur san áireamh go hiomlán acu, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcinntí réasúnaithe ina leith sin.

Leasú  45

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) ciallaíonn ‘straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil’ creat comhleanúnach de chuid Ballstáit lena soláthraítear cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise sa Bhallstát sin;

(4) ciallaíonn ‘straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil’ creat comhleanúnach de chuid Ballstáit lena soláthraítear cuspóirí agus tosaíochtaí straitéiseacha maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise sa Bhallstát sin, mar aon leis na beartais is gá chun iad a bhaint amach;

Leasú  46

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5a) ciallaíonn ‘teagmhas trasteorann’ aon teagmhas a mbíonn tionchar aige ar oibreoirí faoi mhaoirseacht údarás inniúil náisiúnta ó dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad;

Leasú  47

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6a) ciallaíonn ‘neasteagmhas’ imeacht a raibh an fhéidearthacht ann go mbeadh sé ina chúis le díobháil, ach ar cuireadh cosc ar bhealach rathúil ar dhéanamh iomlán na díobhála sin;

Leasú  48

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15a) ciallaíonn ‘seirbhísí cláraithe ainm fearainn’ seirbhísí arna soláthar ag clárlanna agus cláraitheoirí ainmneacha fearainn, soláthróirí seirbhís príobháideachta nó seach-chláraithe, bróicéirí nó athdhíoltóirí fearainn, agus aon seirbhísí eile a bhaineann le hainmneacha fearainn a chlárú;

Leasú  49

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Glacfaidh gach Ballstát straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil lena sainítear na cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais agus rialála iomchuí d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. Áireofar leis an straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil an méid seo a leanas go háirithe:

1. Glacfaidh gach Ballstát straitéis náisiúnta chibearshlándála lena sainítear na cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais agus rialála iomchuí, lena n-áirítear acmhainní iomchuí daonna agus airgeadais, d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. Áireofar leis an straitéis náisiúnta um an gcibearshlándáil an méid seo a leanas go háirithe:

Leasú  50

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) creat rialachais chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a ghnóthú, lena n-áirítear na beartais dá dtagraítear i mír 2 agus róil agus freagrachtaí comhlachtaí poiblí agus eintiteas chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile;

(b) creat rialachais chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a ghnóthú, lena n-áirítear na beartais dá dtagraítear i mír 2 agus róil agus freagrachtaí comhlachtaí poiblí agus eintiteas chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áiritear iad siúd atá freagrach as cibearfhaisnéis agus cibearchosaint;

Leasú  51

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) measúnú chun sócmhainní agus rioscaí cibearshlándála ábhartha a shainaithint sa Bhallstát sin;

(c) measúnú chun sócmhainní agus rioscaí cibearshlándála ábhartha a shainaithint sa Bhallstát sin, lena n-áirítear ganntanais a d’fhéadfadh a bheith ann agus a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an margadh aonair;

Leasú  52

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) liosta de na húdaráis agus de na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil;

(e) liosta de na húdaráis agus de na gníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta cibearshlándála, lena n-áirítear ionad ilfhreastail do FBManna;

Leasú  53

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoirlínte maidir le ceanglais chibearshlándála a áireamh agus a shonrú le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC sa soláthar poiblí;

(b) treoirlínte maidir le ceanglais chibearshlándála a áireamh agus a shonrú le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC sa soláthar poiblí, lena n-áirítear úsáid tháirgí foinse oscailte na cibearshlándála;

Leasú  54

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) beartas chun nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí a chur chun cinn agus a éascú de réir bhrí Airteagal 6;

(c) beartas chun nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí a chur chun cinn agus a éascú de réir bhrí Airteagal 6, lena n-áirítear trí threoirlínte agus dea-chleachtais a leagan síos bunaithe ar chaighdeáin atá ar bun cheana a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le láimhseáil agus nochtadh leochaileachtaí;

Leasú  55

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) beartas maidir le scileanna cibearshlándála, múscailt feasachta agus tionscnaimh taighde agus forbartha a chur chun cinn agus a fhorbairt;

(e) beartas maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn do thomhaltóirí, feasacht a mhúscailt faoi chibearbhagairtí ina measc, muinín úsáideoirí, agus scileanna agus oideachas cibearshlándála atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a fheabhsú, mar aon le tionscnaimh taighde agus forbartha agus cibearshlándáil táirgí nasctha a chur chun cinn;

Leasú  56

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ea) beartas maidir le húsáid na cripteagrafaíochta agus an chriptithe a chur chun cinn, go háirithe ag FBManna;

Leasú  57

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála.

(h) beartas lena gcuirtear an chibearshlándáil chun cinn agus lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais shonracha atá ag FBManna maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, chomh maith le riachtanais shonracha na FBManna sin a eisiatar ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála, lena n-áirítear, mar shampla cistiú agus oideachas chun tacú le glacadh beart cibearshlándála.

Leasú  58

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ha) áireofar sa bheartas sin go mbunófar pointe teagmhála aonair do FBManna agus creat chun na Moil Nuálaíochta Digití agus na cistí atá ar fáil a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla chun cuspóirí beartais a bhaint amach;

Leasú  59

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(hb) beartas lena gcuirtear chun cinn úsáid chomhleanúnach agus shineirgeach na gcistí atá ar fáil;

Leasú  60

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a straitéisí náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil gach 4 bliana ar a laghad ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta agus, i gcás inar gá, leasóidh siad iad. Tabharfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun straitéis náisiúnta agus príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an straitéis.

4. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a straitéisí náisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil gach 4 bliana ar a laghad ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta agus, i gcás inar gá, leasóidh siad iad. Tabharfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun straitéis náisiúnta agus príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an straitéis. Cuirfidh ENISA moltaí chuig na Ballstáit chomh maith maidir le príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt chun an straitéis náisiúnta a mheas, a bheidh inchomparáide ar leibhéal an Aontais.

Leasú  61

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí agus clárlann leochaileachta Eorpach

Nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí agus bunachar sonraí leochaileachta Eorpach

Leasú  62

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh ENISA clárlann leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chur ar a gcumas d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann. Go háirithe, áireofar sa chlárlann faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú.

2. Déanfaidh ENISA bunachar sonraí leochaileachta Eorpach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, déanfaidh ENISA na córais faisnéise, na beartais agus na nósanna imeachta iomchuí mar aon leis na beartais iomchuí maidir le nochtadh a bhunú agus a choinneáil ar bun go háirithe d’fhonn a chumasú d’eintitis thábhachtacha agus fhíor-riachtanacha agus dá soláthróirí líonraí agus córas faisnéise leochaileachtaí i dtáirgí TFC nó i seirbhísí TFC a nochtadh agus a chlárú go héasca, chomh maith le rochtain a sholáthar do na páirtithe leasmhara uile ar an bhfaisnéis ábhartha faoi leochaileachtaí atá sa chlárlann, ar choinníoll nach mbainfidh na gníomhaíochtaí sin an bonn ó chosaint na rúndachta agus na rún trádála. Go háirithe, áireofar sa bhunachar sonraí leochaileachta faisnéis lena dtugtar tuairisc ar an leochaileacht, ar an táirge TFC nó ar na seirbhísí TFC dá ndéantar difear agus ar dhéine na leochaileachta ó thaobh na n-imthosca faoina bhféadfar teacht i dtír uirthi, ar infhaighteacht paistí gaolmhara agus, in éagmais paistí a bheith ar fáil, treoraíocht dírithe ar úsáideoirí táirgí agus seirbhísí leochaileacha maidir leis an mbealach a bhféadfar na rioscaí a thagann as leochaileachtaí nochta a mhaolú. Chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint, rachaidh ENISA i gcomhaontú maidir le comhroinnt faisnéise agus comhair struchtúrtha leis an gclárlann um Leochaileachtaí agus Neamhchosaintí Coiteanna (CVE), agus, i gcás inarb ábhartha, le bunachair sonraí eile arna bhforbairt agus arna gcoinneáil ar an leibhéal domhanda ag comhpháirtithe iontaofa.

Leasú  63

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé in iúl go soiléir cé acu de na húdaráis inniúla sin a bheidh ina phríomhphointe teagmhála le linn teagmhas nó géarchéim ar scála mór.

Leasú  64

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 3 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) nósanna imeachta agus socruithe náisiúnta idir údaráis agus comhlachtaí náisiúnta ábhartha chun rannpháirtíocht éifeachtach na mBallstát a áirithiú i mbainistíocht chomhordaithe a dhéanamh ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór ar leibhéal an Aontais agus chun a áirithiú go dtacóidh siad leis sin.

(f) nósanna imeachta agus comhordú náisiúnta idir údaráis agus comhlachtaí náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as cibearfhaisnéis agus cibearchosaint, chun rannpháirtíocht éifeachtach na mBallstát a áirithiú i mbainistíocht chomhordaithe a dhéanamh ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála ar scála mór ar leibhéal an Aontais agus chun a áirithiú go dtacóidh siad leis sin.

Leasú  65

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) anailís riosca agus teagmhas dhinimiciúil agus feasacht staide a sholáthar maidir leis an gcibearshlándáil;

(d) anailís riosca agus teagmhas dinimiciúil agus feasacht staide a sholáthar maidir leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear trí luathrabhaidh agus fógraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a anailísiú;

Leasú  66

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) scanadh réamhghníomhach a sholáthar, arna iarraidh sin d’eintiteas, ar na líonraí agus ar na córais faisnéise arna n-úsáid chun a seirbhísí a sholáthar;

(e) scanadh a sholáthar, arna iarraidh sin d’eintiteas, ar na líonraí agus ar na córais faisnéise arna n-úsáid chun a seirbhísí a sholáthar chun bagairtí sonracha a shainaithint, a mhaolú nó a chosc;

Leasú  67

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) a bheith rannpháirteach i líonra CSIRTanna agus cúnamh frithpháirteach a sholáthar do chomhaltaí eile den líonra arna iarraidh sin.

(f) a bheith rannpháirteach go gníomhach i líonra CSIRTanna agus cúnamh frithpháirteach a sholáthar do chomhaltaí eile den líonra arna iarraidh sin;

Leasú  68

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fa) cúnamh oibríochtúil agus treoraíocht a thabhairt d’eintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, agus go háirithe do FBManna.

Leasú  69

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(fb) a bheith rannpháirteach i gcleachtaí cibearshlándála comhpháirteacha ar leibhéal an Aontais.

Leasú  70

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh a n-údaráis inniúla nó a CSIRTanna fógraí faoi theagmhais, agus faoi chibearbhagairtí agus neasteagmhais mhóra arna gcur isteach de bhun na Treorach seo. I gcás ina gcinneann Ballstát nach bhfaighidh a CSIRTanna na fógraí sin, tabharfar rochtain do CSIRTanna, a mhéid is gá chun a gcúraimí a dhéanamh, ar shonraí maidir le teagmhais a mbeidh fógra tugtha ag na heintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha fúthu, de bhun Airteagal 20.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh a n-údaráis inniúla nó a CSIRTanna fógraí faoi theagmhais, agus faoi chibearbhagairtí agus neasteagmhais mhóra arna gcur isteach de bhun na Treorach seo. I gcás ina gcinneann Ballstát nach bhfaighidh a CSIRTanna na fógraí sin, tabharfar rochtain leormhaith do CSIRTanna, a mhéid is gá chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, ar shonraí maidir le teagmhais a mbeidh fógra tugtha ag na heintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha fúthu, de bhun Airteagal 20.

Leasú  71

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin.

4. A mhéid is gá chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis cosanta sonraí, agus na húdaráis atá freagrach as bonneagar criticiúil de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil] agus na húdaráis airgeadais náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 [Rialachán DORA] laistigh den Bhallstát sin, agus le húdaráis chibearchosanta agus chibearfhaisnéise freisin.

__________________

__________________

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

39 [cuirtear isteach an teideal iomlán agus an tagairt foilseacháin IO nuair a nochtar iad]

Leasú  72

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh an Grúpa Comhair a chúraimí ar bhonn cláir oibre dhébhliantúla dá dtagraítear i mír 6.

2. Beidh cruinnithe rialta ag an nGrúpa Comhair agus déanfaidh sé a chúraimí ar bhonn cláir oibre dhébhliantúla dá dtagraítear i mír 6.

Leasú  73

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Grúpa Comhair a iarraidh ar ionadaithe ó pháirtithe leasmhara ábhartha a bheith rannpháirteach ina obair.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Grúpa Comhair a iarraidh ar ionadaithe ó chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais mar aon le geallsealbhóirí ábhartha a bheith rannpháirteach ina obair.

Leasú  74

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) treoraíocht a sholáthar d’údaráis inniúla i ndáil le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo;

(a) treoraíocht a sholáthar d’údaráis inniúla i ndáil le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo agus a cur chun feidhme aonfhoirmeach a chur chun cinn sna Ballstáit;

Leasú  75

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(aa) faisnéis a mhalartú maidir leis na tosaíochtaí polaitiúla agus leis na príomhdhúshláin i ndáil leis an gcibearshlándáil agus príomhchuspóirí na cibearshlándála a shainiú;

Leasú  76

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ab) straitéisí náisiúnta na mBallstát a agus n-ullmhacht a phlé;

Leasú  77

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) comhairle a mhalartú agus dul i gcomhar leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh beartais maidir leis an gcibearshlándáil atá ag teacht chun cinn;

(c) comhairle a mhalartú agus dul i gcomhar leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh bheartais atá ag teacht chun cinn i ndáil leis an gcibearshlándáil, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí maidir le gnéithe geopholaitiúla den chibearshlándáil san Aontas;

Leasú  78

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) tuarascálacha a phlé maidir leis an athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 16(7);

(f) tuarascálacha a phlé maidir leis an athbhreithniú piaraí dá dtagraítear in Airteagal 16(7), a fheidhmiú a mheasúnú, agus conclúidí agus moltaí a tharraingt suas;

Leasú  79

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe k a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ka) tacú le ENISA oiliúint chomhpháirteach na n-údarás inniúil náisiúnta a eagrú ar leibhéal an Aontais.

Leasú  80

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Faoi … 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 2 bhliain dá éis sin, bunóidh an Grúpa Comhair clár oibre i dtaca le gníomhaíochtaí atá le déanamh chun a chuspóirí agus a chúraimí a chur chun feidhme. Beidh achar ama an chéad chláir a ghlactar faoin Treoir seo ailínithe le hachar ama an chláir deiridh a ghlactar faoi Threoir (AE) 2016/1148.

6. Faoi …[ 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach 2 bhliain dá éis sin, bunóidh an Grúpa Comhair clár oibre i dtaca le gníomhaíochtaí atá le déanamh chun a chuspóirí agus a chúraimí a chur chun feidhme. Beidh achar ama an chéad chláir a ghlactar faoin Treoir seo ailínithe le hachar ama an chláir deiridh a ghlactar faoi Threoir (AE) 2016/1148.

Leasú  81

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8a. Foilseoidh an Grúpa Comhair tuarascáil achomair ar a chuid gníomhaíochtaí go rialta, gan dochar do rúndacht na faisnéise a roinntear le linn a gcruinnithe.

Leasú  82

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) faisnéis faoi chumais CSIRTanna a mhalartú;

(a) faisnéis faoi chumais agus ullmhacht CSIRTanna a mhalartú;

Leasú  83

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 - mír 3 - pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) faisnéis ábhartha maidir le teagmhais, neasteagmhais, cibearbhagairtí, rioscaí agus leochaileachtaí a mhalartú;

(b) faisnéis ábhartha maidir le teagmhais, neasteagmhais, cibearbhagairtí, rioscaí agus leochaileachtaí a mhalartú agus tacú le cumais oibríochtúla na mBallstát;

Leasú  84

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(da) faisnéis maidir le teagmhais thrasteorann a mhalartú agus a phlé;

Leasú  85

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe g – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i a) comhroinnt faisnéise;

Leasú  86

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 3 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) arna iarraidh sin do CSIRT aonair, plé a dhéanamh ar chumais agus ullmhacht an CSIRT sin;

(j) cumais agus ullmhacht CSIRTanna a phlé;

Leasú  87

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Chun críche an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 35 agus faoi 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, agus gach 2 bhliain dá éis sin, déanfaidh líonra CSIRTanna measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh leis an gcomhar oibríochtúil agus soláthróidh sé tuarascáil. Leis an tuarascáil tiocfar, go háirithe, ar chonclúidí ar thorthaí na n-athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 16 arna ndéanamh i ndáil le CSIRTanna náisiúnta, lena n-áirítear conclúidí agus moltaí, arna saothrú faoin Airteagal seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid an Ghrúpa Comhair freisin.

4. Chun críche an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 35 agus faoi [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach bliain dá éis sin, déanfaidh líonra CSIRTanna measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh leis an gcomhar oibríochtúil agus soláthróidh sé tuarascáil. Leis an tuarascáil tiocfar, go háirithe, ar chonclúidí ar thorthaí na n-athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 16 arna ndéanamh i ndáil le CSIRTanna náisiúnta, lena n-áirítear conclúidí agus moltaí, arna saothrú faoin Airteagal seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid an Ghrúpa Comhair freisin.

Leasú  88

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) leibhéal ullmhachta na bainistíochta ar theagmhais agus géarchéimeanna ar scála mór a mhéadú;

(a) leibhéal ullmhachta na bainistíochta ar theagmhais agus géarchéimeanna ar scála mór a mhéadú, lena n-áirítear cibearbhagairtí trasteorann;

Leasú  89

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Tuairisceoidh AE-CyCLONe go tráthrialta don Ghrúpa Comhair maidir le cibearbhagairtí, cibirtheagmhais agus cibirthreochtaí, agus díreoidh sé go háirithe ar a dtionchar ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha.

5. Tuairisceoidh AE-CyCLONe go tráthrialta don Ghrúpa Comhair maidir le cibearbhagairtí, cibirtheagmhais agus cibirthreochtaí, agus díreoidh sé go háirithe ar a dtionchar ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, agus ar a n-athléimneacht.

Leasú  90

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Rachaidh AE-CyCLONe i gcomhar le líonra CSIRTanna ar bhonn socruithe nós imeachta comhaontaithe.

6. Rachaidh AE-CyCLONe i ndlúthchomhar le líonra CSIRTanna ar bhonn socruithe nós imeachta comhaontaithe.

Leasú  91

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil dhébhliantúil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

1. Eiseoidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil dhébhliantúil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

Leasú  92

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) forbairt cumas cibearshlándála ar fud an Aontais;

(a) forbairt cumas cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-áirítear leibhéal ginearálta na scileanna agus na n-inniúlachtaí sa chibearshlándáil, leibhéal foriomlán athléimneachta an mhargaidh inmheánaigh i leith cibearbhagairtí agus leibhéal cur chun feidhme na Treorach ar fud na mBallstát;

Leasú  93

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) innéacs cibearshlándála lena ndéantar foráil maidir le measúnú comhiomlánaithe ar leibhéal aibíochta na gcumas cibearshlándála.

(c) innéacs cibearshlándála lena ndéantar foráil maidir le measúnú comhiomlánaithe ar leibhéal aibíochta na gcumas cibearshlándála, lena n-áirítear measúnú foriomlán ar an gcibearshlándáil do thomhaltóirí.

Leasú  94

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) na gnéithe geopholaitiúla a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar staid na cibearshlándála san Aontas.

Leasú  95

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunóidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus ENISA, agus ar a dhéanaí faoi 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, modheolaíocht agus ábhar córais athbhreithniúcháin piaraí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bheartais chibearshlándála na mBallstát. Déanfaidh saineolaithe teicniúla cibearshlándála ó na Ballstáit na hathbhreithnithe, murab ionann agus an ceann a athbhreithníodh, agus cumhdófar an méid seo a leanas iontu ar a laghad:

1. Bunóidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an nGrúpa Comhair agus ENISA, agus ar a dhéanaí faoi 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, modheolaíocht agus ábhar córais athbhreithniúcháin piaraí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht bheartais chibearshlándála na mBallstát. Déanfaidh saineolaithe teicniúla cibearshlándála ó dhá Bhallstát ar a laghad agus ó ENISA na hathbhreithnithe, murab ionann agus an ceann a athbhreithníodh, agus cumhdófar an méid seo a leanas iontu ar a laghad:

Leasú  96

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áireofar sa mhodheolaíocht critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha, chóra agus thrédhearcacha ar ar a mbonn a ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe a bheidh incháilithe le hathbhreithnithe piaraí a dhéanamh. Ainmneoidh ENISA agus an Coimisiún saineolaithe chun bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sna hathbhreithnithe piaraí. Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA, córas oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cóir agus trédhearcach a bhunú laistigh den mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun saineolaithe a roghnú agus a leithdháileadh go randamach le haghaidh gach athbhreithnithe piaraí.

2. Áireofar sa mhodheolaíocht critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha, chóra, thrédhearcacha agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ar ar a mbonn a ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe a bheidh incháilithe le hathbhreithnithe piaraí a dhéanamh. Ainmneoidh ENISA agus an Coimisiún saineolaithe chun bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sna hathbhreithnithe piaraí. Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ENISA, córas oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cóir agus trédhearcach a bhunú laistigh den mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun saineolaithe a roghnú agus a leithdháileadh go randamach le haghaidh gach athbhreithnithe piaraí.

Leasú  97

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú, ar nithe iad a úsáideann na heintitis sin agus a seirbhísí á soláthar acu. Ag féachaint don úrscothacht, leis na bearta sin áiritheofar leibhéal slándála le haghaidh líonraí agus córas faisnéise is iomchuí don riosca atá ann.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córas faisnéise a bhainistiú, ar nithe iad a úsáideann na heintitis sin agus a seirbhísí á soláthar acu. Beidh na bearta sin iomchuí agus comhréireach le leibhéal criticiúlachta na hearnála nó an chineáil seirbhíse, mar aon le leibhéal spleáchais earnálacha eile nó cineálacha eile seirbhísí ar an eintiteas, agus glacfar iad tar éis measúnú rioscabhunaithe a dhéanamh. Ag féachaint don úrscothacht, leis na bearta sin áiritheofar leibhéal slándála le haghaidh líonraí agus córas faisnéise is iomchuí don riosca atá ann. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála ar fhaighteoirí a seirbhísí a chosc agus a íoslaghdú.

Leasú  98

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) slándáil an tslabhra soláthair lena n-áirítear gnéithe slándála maidir leis na caidrimh idir gach eintiteas agus a sholáthróir nó a sholáthraithe seirbhíse amhail soláthraithe seirbhísí stórála sonraí agus próiseála sonraí nó seirbhísí slándála bainistithe;

(d) bearta don mheasúnú riosca ar shlándáil an tslabhra soláthair lena n-áirítear ar ghnéithe slándála maidir leis na caidrimh idir gach eintiteas agus a sholáthróir nó a sholáthraithe seirbhíse amhail soláthraithe seirbhísí stórála sonraí agus próiseála sonraí nó seirbhísí slándála bainistithe;

Leasú  99

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) beartais agus nósanna imeachta (tástáil agus iniúchadh) chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil;

(f) beartais agus nósanna imeachta (tástáil agus iniúchadh) agus cleachtaí rialta cibearshlándála chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil;

Leasú  100

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) úsáid na cripteagrafaíochta agus an chriptiúcháin.

(g) úsáid na cripteagrafaíochta, an chriptiúcháin agus go háirithe an criptiúchán inn ar inn;

Leasú  101

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe g a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ga) beartais chun oiliúint agus feasacht chibearshlándála leormhaith a áirithiú.

Leasú  102

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil bearta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 á meas acu, go gcuirfidh eintitis na leochaileachtaí is iomchuí do gach soláthróir agus soláthraí seirbhíse san áireamh chomh maith le cáilíocht fhoriomlán na dtáirgí agus na gcleachtas maidir leis an gcibearshlándáil de chuid a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil bearta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 á meas acu, go gcuirfidh eintitis, i gcás ina bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis ábhartha, na leochaileachtaí is iomchuí do gach soláthróir agus soláthraí seirbhíse san áireamh chomh maith le cáilíocht fhoriomlán na dtáirgí agus na gcleachtas maidir leis an gcibearshlándáil de chuid a soláthróirí agus a soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear a nósanna imeachta slána um fhorbairt.

Leasú  103

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíocha na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos. Agus na gníomhartha sin á n-ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2) agus leanfaidh sé, a mhéid is féidir, caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla ábhartha.

5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíochta na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos, agus leanfaidh sé, a mhéid is féidir, caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla ábhartha. I bhforbairt gníomhartha tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

Leasú  104

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 chun na heilimintí a leagtar síos i mír 2 a fhorlíonadh chun cibearbhagairtí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh.

6. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair agus le ENISA, treoir agus dea-chleachtais a sholáthar maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 2, agus go háirithe comhlíonadh an cheanglais i bpointe (d) den mhír sin, ag eintitis ar bhealach comhréireach.

Leasú  105

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, córais nó táirgí TFC criticiúla sonracha maidir leis na slabhraí soláthair, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla á gcur san áireamh.

1. D’fhonn leibhéal foriomlán na cibearshlándála a mhéadú, féadfaidh an Grúpa Comhair, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar sheirbhísí, córais nó slabhraí soláthair táirgí TFC criticiúla sonracha, agus fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, neamhtheicniúla, amhail rioscaí geopholaitiúla, á gcur san áireamh.

Leasú  106

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó do CSIRT i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 faoi aon teagmhas ag a bhfuil tionchar mór ar sholáthar a seirbhísí. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí faoi theagmhais lena ndéanfar difear díobhálach is dócha do sholáthar na seirbhíse sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na heintitis sin, i measc nithe eile, aon fhaisnéis lena gcumasaítear do na húdaráis inniúla nó don CSIRT aon tionchar trasteorann a bhaineann leis an teagmhas a chinneadh.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó do CSIRT i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 faoi aon teagmhas nó aon neasteagmhas ag a bhfuil tionchar mór ar sholáthar a seirbhísí. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí faoi theagmhais lenar dócha go ndéanfar difear díobhálach do sholáthar na seirbhíse sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh na heintitis sin, i measc nithe eile, aon fhaisnéis lena gcumasaítear do na húdaráis inniúla nó do CSIRT aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas nó an neasteagmhas a chinneadh.

Leasú  107

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a. Chun críche oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú, bunóidh na Ballstáit pointe iontrála aonair le haghaidh na bhfógraí uile a cheanglaítear faoin Treoir seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais freisin amhail Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.

Leasú  108

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1b. Forbróidh ENISA, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, teimpléid fógra choiteanna trí bhíthin treoirlínte lena ndéanfaí an fhaisnéis tuairiscithe arna hiarraidh le dlí an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú agus lena laghdófaí an t-ualach comhlíontachta ar chuideachtaí.

Leasú  109

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, gan moill mhíchuí, fógra do na húdaráis inniúla nó don CSIRT faoi aon chibearbhagairt mhór a shainaithníonn na heintitis sin mar chibearbhagairt a bhféadfadh teagmhas suntasach teacht aisti.

scriosta

Leasú  110

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh na heintitis sin, gan moill mhíchuí, fógra d’fhaighteoirí a seirbhísí, a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh de dheasca cibearbhagartha, faoi aon bheart nó leigheas is féidir leis na faighteoirí sin a dhéanamh mar fhreagairt ar an mbagairt sin. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh na heintitis fógra freisin do na faighteoirí sin faoina mbagairt féin. Leis an bhfógra, ní bheidh an t-eintiteas a thugann fógra faoi réir dliteanas méadaithe.

scriosta

Leasú  111

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) go raibh an teagmhas ina chúis, nó go bhféadfadh sé a bheith ina chúis, le suaitheadh oibríochtúil mór nó caillteanais airgeadais mhóra don eintiteas lena mbaineann;

(a) go raibh an teagmhas ina chúis le suaitheadh oibríochtúil mór nó caillteanais airgeadais mhóra don eintiteas lena mbaineann;

Leasú  112

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) go ndearna an teagmhas difear do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile sa mhéid gur thug sé caillteanais ábhartha nó neamhábhartha mhóra, nó go bhféadfadh an teagmhas an difear sin a dhéanamh.

(b) go ndearna an teagmhas difear do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile sa mhéid gur thug sé caillteanais ábhartha nó neamhábhartha mhóra.

Leasú  113

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3a. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 36, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar an sórt faisnéise a chuirfear isteach de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus trí shonrú breise a dhéanamh ar na cásanna ina measfar gur teagmhas suntasach é teagmhas dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Leasú  114

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(-a) luathrabhadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin teagmhas, gan aon oibleagáid ar an eintiteas lena mbaineann faisnéis bhreise maidir leis an teagmhas a nochtadh;

Leasú  115

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) gan moill mhíchuí agus laistigh de 24 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin teagmhas ar chaoi ar bith, fógra tosaigh ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, cé acu gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach faoi deara an teagmhas, de réir cosúlachta;

(a) gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin teagmhas ar chaoi ar bith, fógra tosaigh ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, cibé acu an dóchúil gur gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach faoi deara an teagmhas sin;

Leasú  116

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an tuarascáil faoi phointe (a) a chur isteach, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(c) tuarascáil chuimsitheach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an tuarascáil faoi phointe (a) a chur isteach, tuairisc a mbeadh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

Leasú  117

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, ar a dhéine agus ar a thionchar;

(i) tuairisc níos mionsonraithe ar an teagmhas, ar a dhéine agus ar a thionchar;

Leasú  118

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) i gcás teagmhas atá fós ag dul ar aghaidh tráth thíolacadh na tuarascála cuimsithí faoi litir (c), cuirfear tuarascáil chríochnaitheach ar fáil mí amháin tar éis an teagmhas a mhaolú;

Leasú  119

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas a chosc nó déileáil le teagmhas leanúnach, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais chun leas an phobail ar bhealach eile, féadfaidh an t-údarás inniúil nó CSIRT, agus i gcás inarb iomchuí na húdaráis nó na CSIRTanna de chuid Ballstáit eile lena mbaineann, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an eintiteas lena mbaineann, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas nó a cheangal ar an eintiteas déanamh amhlaidh.

7. I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas a chosc nó déileáil le teagmhas leanúnach, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais chun leasa an phobail ar bhealach eile, déanfaidh an t-údarás inniúil nó CSIRT, agus i gcás inarb iomchuí na húdaráis nó na CSIRTanna de chuid Ballstáit eile lena mbaineann, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an eintiteas lena mbaineann, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas nó a cheangal ar an eintiteas déanamh amhlaidh.

Leasú  120

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Arna iarraidh sin don údarás inniúil nó do CSIRT, cuirfidh an pointe teagmhála aonair fógraí arna bhfáil de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar aghaidh chuig na pointí teagmhála aonair de chuid Ballstáit eile dá ndéantar difear.

8. Arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don CSIRT, cuirfidh an pointe teagmhála aonair fógraí arna bhfáil de bhun mhír 1 ar aghaidh chuig na pointí teagmhála aonair de chuid Ballstáit eile dá ndéantar difear.

Leasú  121

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Déanfaidh an pointe teagmhála aonair tuarascáil achomair a chur faoi bhráid ENISA ar bhonn míosúil lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais, cibearbhagairtí móra agus neasteagmhais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus i gcomhréir le hAirteagal 27. Chun rannchuidiú le soláthar faisnéise inchomparáide, féadfaidh ENISA treoraíocht theicniúil a eisiúint maidir le paraiméadair na faisnéise a áirítear sa tuarascáil achomair.

9. Déanfaidh an pointe teagmhála aonair tuarascáil achomair a chur faoi bhráid ENISA ar bhonn míosúil lena n-áirítear sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe maidir le teagmhais, cibearbhagairtí móra agus neasteagmhais a dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le mír 1 agus i gcomhréir le hAirteagal 27. Chun rannchuidiú le soláthar faisnéise inchomparáide, féadfaidh ENISA treoraíocht theicniúil a eisiúint maidir le paraiméadair na faisnéise a áirítear sa tuarascáil achomair.

Leasú  122

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], ar faisnéis í maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí a dtugann eintitis fhíor-riachtanacha arna n-ainmniú mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, fógra fúthu i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil].

10. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil], ar faisnéis í maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí a dtugann eintitis fhíor-riachtanacha arna n-ainmniú mar eintitis chriticiúla, nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla, fógra fúthu i gcomhréir le mír 1, de bhun Threoir (AE) XXXX/XXXX [An Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil].

Leasú  123

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta a bhaineann le fógra a chuirtear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin chun sonrú breise a dhéanamh ar na cásanna ina measfar gur teagmhas mór é teagmhas dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta a bhaineann le fógra a chuirtear isteach de bhun mhír 1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin chun sonrú breise a dhéanamh ar na cásanna ina measfar gur teagmhas mór é teagmhas dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Leasú  124

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun a léiriú go bhfuil ceanglais áirithe d’Airteagal 18 á gcomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC áirithe a dheimhniú faoi scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach na táirgí, na seirbhísí agus na próisis a fhorbairt faoi réir deimhniú nó féadfaidh tríú páirtithe iad a sholáthar.

1. Chun a léiriú go bhfuil ceanglais áirithe d’Airteagal 18 á gcomhlíonadh, agus chun leibhéal na cibearshlándála a mhéadú, spreagfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair agus le ENISA, eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC áirithe, atá á bhforbairt ag an eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach nó á bhfáil ó thríú páirtithe, a dheimhniú faoi scéimeanna Eorpacha cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881 nó ó scéimeanna comhchosúla um dheimhniú a mbeidh aitheantas idirnáisiúnta acu. Nuair is féidir, spreagfaidh na Ballstáit úsáid scéimeanna um dheimhniú arna nglacadh ar bhealach comhchuibhithe.

Leasú  125

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach a gceanglófar orthu deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh de bhun mhír 1. Glacfar na gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 36.

2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú rialta ar éifeachtúlacht agus úsáid na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh faoi de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881 agus sainaithneoidh sé na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach a spreagfar chun deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh de bhun mhír 1

Leasú  126

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 22 – mír -1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-1. Tacóidh an Coimisiún, i gcomhar le ENISA, le forbairt agus le cur chun feidhme caighdeán arna leagan síos ag comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú de chuid an Aontais agus ag comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta um chaighdeánú chun Airteagal 18(1) agus (2) a chur chun feidhme go cóineasaithe, agus cuirfidh sé na caighdeáin sin chun cinn. Tacóidh an Coimisiún le nuashonrú na gcaighdeán i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha.

Leasú  127

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun cur chun feidhme cóineasaithe Airteagal 18(1) agus (2) a chur chun cinn, spreagfaidh na Ballstáit, gan forchur ná idirdhealú a dhéanamh i bhfabhar úsáid a bhaint as cineál teicneolaíochta ar leith, úsáid caighdeán Eorpach agus sonraíochtaí Eorpacha nó a bhfuil glacadh idirnáisiúnta leo agus atá ábhartha maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise.

1. Chun cur chun feidhme cóineasaithe Airteagal 18(1) agus (2) a chur chun cinn, spreagfaidh na Ballstáit, gan forchur ná idirdhealú a dhéanamh i bhfabhar úsáid a bhaint as cineál teicneolaíochta ar leith agus de réir na treoraíochta ó ENISA agus ón nGrúpa Comhair, úsáid caighdeán Eorpach agus sonraíochtaí Eorpacha nó a bhfuil glacadh idirnáisiúnta leo agus atá ábhartha maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise.

Leasú  128

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunachair sonraí d’ainmneacha fearainn agus de shonraí clárúcháin

Bonneagar le haghaidh bunachair sonraí d’ainmneacha fearainn agus de shonraí clárúcháin

Leasú  129

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun rannchuidiú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán a bhailiú agus a choinneáil ar bun i saoráid bunachair sonraí thiomnaithe le dícheall cuí faoi réir dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith sonraí ar sonraí pearsanta iad.

1. Chun rannchuidiú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht DNS, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD, sonraí cláraithe ainm fearainn atá cruinn agus iomlán agus atá riachtanach d’fhoráil a gcuid seirbhísí, a bhailiú, a fhíorú agus a choinneáil ar bun i saoráid bunachair sonraí thiomnaithe le dícheall cuí faoi réir dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith sonraí ar sonraí pearsanta iad.

Leasú  130

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis i mbunachair sonraí na sonraí cláraithe ainm fearainn dá dtagraítear i mír 1, ar faisnéis ábhartha í chun sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn agus na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoi na TLDanna a shainaithint agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis i mbonneagar bhunachair sonraí na sonraí cláraithe ainm fearainn dá dtagraítear i mír 1, a mbeidh an méid seo a leanas inti ar a laghad: ainm an chláraí, seoladh fisiciúil agus seoladh ríomhphoist an chláraí agus uimhir theileafóin an chláraí, ar faisnéis ábhartha í atá riachtanach chun sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn agus na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoi na TLDanna a shainaithint agus chun teagmháil a dhéanamh leo, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad: ainm an chláraí, seoladh fisiciúil agus seoladh ríomhphoist an chláraí agus uimhir theileafóin an chláraí.

Leasú  131

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag clárlanna TLD agus ag na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chruinn agus iomlán sna bunachair sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na beartais agus na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag clárlanna TLD agus ag na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn chun a áirithiú go n-áireofaí faisnéis chruinn, fhíoraithe agus iomlán sa bhonneagar le haghaidh bunachar sonraí, agus go ndéanfaidh an cláraí sonraí neamhchruinne nó neamhiomlána a cheartú nó a scriosadh gan mhoill. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na beartais agus na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí.

Leasú  132

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn do TLD, sonraí cláraithe fearainn nach sonraí pearsanta iad a fhoilsiú, gan moill mhíchuí tar éis clárú ainm fearainn.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn, na sonraí cláraithe fearainn uile de chuid daoine dlítheanacha mar chláraithe a chur ar fáil go poiblí, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis ainm fearainn a chlárú.

Leasú  133

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 23 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn don TLD rochtain a sholáthar ar shonraí cláraithe ainm fearainn sonracha tar éis iarrataí dleathacha a bhfuil údar cuí leo a fháil ó chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh clárlanna TLD agus na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn don TLD gan moill mhíchuí do na hiarrataí uile ar rochtain. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na beartais agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a nochtadh a chur ar fáil go poiblí.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar chlárlanna TLD agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn rochtain a sholáthar ar shonraí cláraithe ainm fearainn sonracha tar éis iarrataí a bhfuil údar cuí leo a fháil ó chuardaitheoirí dlisteanacha ar rochtain, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh clárlanna TLD agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cláraithe ainm fearainn gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig do na hiarrataí uile ar rochtain atá dleathach agus a bhfuil údar cuí leo. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na beartais agus na nósanna imeachta chun na sonraí sin a nochtadh a chur ar fáil go poiblí.

Leasú  134

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 24 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh a bpríomhbhunaíocht san Aontas ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Mura ndéantar na cinntí sin in aon bhunaíocht san Aontas, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ag a bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag na heintitis.

2. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh a bpríomhbhunaíocht san Aontas ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina ndéantar na cinntí a bhaineann le bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil. Mura ndéantar na cinntí sin in aon bhunaíocht san Aontas, measfar go bhfuil an phríomhbhunaíocht sa Bhallstát ina bhfuil an bhunaíocht ag a bhfuil an líon is airde fostaithe san Aontas ag na heintitis. Déanfar é sin ar chaoi a áiritheofar nach dtitfeadh ualach díréireach ar chomhlachtaí rialála náisiúnta.

Leasú  135

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 25 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh ENISA clárlann le haghaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chruthú agus a choinneáil ar bun. Cuirfidh na heintitis an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid ENISA faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ar a dhéanaí]:

1. Déanfaidh ENISA clárlann le haghaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chruthú agus a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, cuirfidh na heintitis an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid ENISA faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach ar a dhéanaí]:

Leasú  136

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) feabhsaítear an leibhéal cibearshlándála léi, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas na mbagairtí sin chun scaipeadh a theorannú nó a bhacadh, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, teicnící chun bagairtí a bhrath, straitéisí maolúcháin, nó céimeanna freagartha agus téarnaimh.

(b) feabhsaítear an leibhéal cibearshlándála léi, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas na mbagairtí sin chun scaipeadh a theorannú nó a bhacadh, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, teicnící chun bagairtí a bhrath agus a chosc, straitéisí maolúcháin, nó céimeanna freagartha agus téarnaimh.

Leasú  137

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Leagfaidh na Ballstáit rialacha amach lena sonraítear an nós imeachta, na heilimintí oibríochtúla (lena n-áirítear úsáid ardán TFC tiomnaithe), ábhar agus coinníollacha na socruithe um chomhroinnt faisnéise dá dtagraítear i mír 2. Leis na rialacha sin leagfar síos freisin na mionsonraí i dtaobh rannpháirtíocht údarás poiblí sna socruithe sin, chomh maith le heilimintí oibríochtúla, lena n-áirítear úsáid ardán TFC tiomnaithe. Tairgfidh na Ballstáit tacaíocht do chur i bhfeidhm na socruithe sin i gcomhréir lena mbeartais dá dtagraítear in Airteagal 5(2) (g).

3. Leagfaidh na Ballstáit treoirlínte amach lena sonraítear an nós imeachta, na heilimintí oibríochtúla (lena n-áirítear úsáid ardán TFC tiomnaithe), ábhar agus coinníollacha na socruithe um chomhroinnt faisnéise dá dtagraítear i mír 2. Leis na treoirlínte sin áireofar freisin, i gcás inarb ábhartha, na mionsonraí i dtaobh rannpháirtíocht údarás poiblí agus saineolaithe neamhspleácha sna socruithe sin, chomh maith le heilimintí oibríochtúla, lena n-áirítear úsáid ardán TFC tiomnaithe. Tairgfidh na Ballstáit tacaíocht do chur i bhfeidhm na socruithe sin i gcomhréir lena mbeartais dá dtagraítear in Airteagal 5(2) (g).

Leasú  138

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 26 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. I gcomhréir le dlí an Aontais, tacóidh ENISA le socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir le cibearshlándáil dá dtagraítear i mír 2 a bhunú trí dhea-chleachtais agus treoraíocht a sholáthar.

5. I gcomhréir le dlí an Aontais, tacóidh ENISA le socruithe um chomhroinnt faisnéise maidir le cibearshlándáil dá dtagraítear i mír 2 a bhunú trí dhea-chleachtais agus treoraíocht a sholáthar, mar aon le comhroinnt faisnéise ar leibhéal an Aontais a éascú, agus faisnéis gnó-íogair á coimirciú. Arna iarraidh sin d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, iarrfar ar an nGrúpa Comhair dea-chleachtais agus treoraíocht a chur ar fáil.

Leasú  139

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 27 – mír -1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

-1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha fógraí a thíolacadh, ar bhonn deonach, maidir le cibearbhagairtí a shainaithníonn na heintitis sin agus a bhféadfadh teagmhas suntasach a bheith de thoradh orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go ngníomhóidh eintitis, chun críche na bhfógraí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20. Ní fhorchuirfear aon oibleagáidí breise ar an eintiteas tuairiscithe de thoradh fógraí deonacha.

Leasú  140

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 27 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 3, go bhféadfaidh eintitis a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo fógraí a chur isteach, ar bhonn deonach, faoi theagmhais, cibearbhagairtí nó neasteagmhais mhóra. Agus fógraí á bpróiseáil acu, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20. Féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Le tuairisciú deonach, ní fhorchuirfear aon oibleagáid bhreise ar an eintiteas tuairisciúcháin nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra curtha isteach aige.

1. Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 3, go bhféadfaidh eintitis a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo fógraí a chur isteach, ar bhonn deonach, faoi theagmhais, cibearbhagairtí nó neasteagmhais mhóra. Agus fógraí á bpróiseáil acu, gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20. Déanfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhógraí sainordaitheacha a phróiseáil thar fhógraí deonacha. Le tuairisciú deonach, ní fhorchuirfear aon oibleagáid bhreise ar an eintiteas tuairisciúcháin nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra curtha isteach aige, ach féadfaidh an Ballstát cúnamh ó CSIRTanna a thabhairt dó.

Leasú  141

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 28 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach agus go ndéanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo, go háirithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach agus go ndéanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo, go háirithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 agus go dtabharfar na hacmhainní leormhaithe dóibh a róil a fheidhmiú.

Leasú  142

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis cosanta sonraí agus iad ag dul i ngleic le teagmhais a dtagann sáruithe maidir le sonraí pearsanta astu.

2. Oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis cosanta sonraí agus iad ag dul i ngleic le teagmhais a dtagann sáruithe maidir le sonraí pearsanta astu, lena n-áirítear le húdaráis consanta sonraí ó Bhallstáit eile nuair is ábhartha.

Leasú  143

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil;

(c) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil, arna ndéanamh ag comhlacht cáilithe neamhspleách nó ag údarás inniúil;

Leasú  144

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) iarrataí ar shonraí, doiciméid nó aon fhaisnéis lena bhfuil gá a rochtain chun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú;

(f) iarrataí ar shonraí, doiciméid nó faisnéis ábhartha lena bhfuil gá a rochtain chun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú;

Leasú  145

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina bhfuil a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoi phointí (e) go (g) de mhír 2, sonróidh na húdaráis inniúla cuspóir na hiarrata agus sonróidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh.

3. I gcás ina bhfuil a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoi phointí (e) go (g) de mhír 2, sonróidh na húdaráis inniúla cuspóir na hiarrata, sonróidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh agus teorannóidh siad a gcuid iarrataí do raon feidhme an teagmhais nó na saincheiste lena mbaineann.

Leasú  146

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) deimhniú nó údarú maidir le cuid de na seirbhísí nó de na gníomhaíochtaí arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach nó maidir leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí sin uile a fhionraí nó iarraidh ar chomhlacht deimhniúcháin nó údarúcháin déanamh amhlaidh;

(a) deimhniú nó údarú maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha arna soláthar ag eintiteas fíor-riachtanach a fhionraí nó iarraidh ar chomhlacht deimhniúcháin nó údarúcháin déanamh amhlaidh;

Leasú  147

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) toirmeasc sealadach a fhorchur nó a iarraidh ar na comhlachtaí nó na cúirteanna ábhartha toirmeasc sealadach a fhorchur de réir na ndlíthe náisiúnta in aghaidh aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta ar leibhéal an phríomhoifigigh feidhmiúcháin nó an ionadaí dlí san eintiteas fíor-riachtanach sin, agus in aghaidh aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú, ar toirmeasc é ar fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú san eintiteas sin.

scriosta

Leasú  148

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Nuair a sholáthraítear faisnéis nó léiriú nach bhfuil eintiteas tábhachtach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, agus in Airteagail 18 agus 20 go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht, i gcás inar gá, trí bhearta maoirseachta ex post.

1. Nuair a sholáthraítear faisnéis nó léiriú nach bhfuil eintiteas tábhachtach i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, agus go háirithe in Airteagail 18 agus 20, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht, i gcás inar gá, agus cur chuige rioscabhunaithe á chur san áireamh, trí bhearta maoirseachta ex post.

Leasú  149

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil;

(b) iniúchtaí slándála spriocdhírithe bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó faisnéis riosca atá ar fáil, arna ndéanamh ag comhlacht cáilithe neamhspleách nó ag údarás inniúil;

Leasú  150

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 30 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina bhfuil a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu de bhun phointí (d) go (e) de mhír 2, luafaidh na húdaráis inniúla críoch na hiarrata agus sonróidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh.

3. I gcás ina bhfuil a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu de bhun phointí (d) nó (e) de mhír 2, sonróidh na húdaráis inniúla cuspóir na hiarrata, sonróidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh agus teorannóidh siad a gcuid iarrataí do raon feidhme an teagmhais nó na saincheiste lena mbaineann.

Leasú  151

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 31 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 nó 20, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin uasta EUR 10 000 000 ar a laghad nó suas le 2 % de láimhdeachas iomlán domhanda bliantúil an ghnóthais ar cuid dó é an t-eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 nó 20, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin uasta EUR 10 000 000 nó suas le 2 % de láimhdeachas iomlán domhanda bliantúil an ghnóthais ar cuid dó é an t-eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

Leasú  152

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 32 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina léirítear do na húdaráis inniúla go mbaineann sárú eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 le sárú maidir le sonraí pearsanta, arna shainmhíniú le hAirteagal 4(12) de Rialachán (AE) 2016/679 a dtabharfar fógra faoi de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, cuirfidh siad na húdaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagail 55 agus 56 den Rialachán sin ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama.

1. I gcás ina léirítear do na húdaráis inniúla go mbaineann sárú eintitis fhíor-riachtanaigh nó thábhachtaigh ar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 18 agus 20 le sárú maidir le sonraí pearsanta, arna shainmhíniú le hAirteagal 4(12) de Rialachán (AE) 2016/679 a dtabharfar fógra faoi de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, cuirfidh siad na húdaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagail 55 agus 56 den Rialachán sin ar an eolas gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig.

Leasú  153

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 32 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina mbunaítear an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Rialachán (AE) 2016/679 i mBallstát eile seachas Ballstát an údaráis inniúil, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-údarás maoirseachta atá bunaithe sa Bhallstát céanna a chur ar an eolas.

3. I gcás ina mbunaítear an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Rialachán (AE) 2016/679 i mBallstát eile seachas Ballstát an údaráis inniúil, déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarás maoirseachta atá bunaithe sa Bhallstát céanna a chur ar an eolas freisin.

Leasú  154

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 36 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) agus in Airteagal 21(2) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ó […]

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18(5) agus 20(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ó […]

Leasú  155

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 36 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(6) agus in Airteagal 21(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18(5) agus 20(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  156

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 36 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(6) agus Airteagal 21(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18(5) agus 20(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE
ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Rinneadh an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach, agus air sin amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an tuairim á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:

Duine

Eintiteas

BSA( An Comhaontas Bogearraí)

BusinessEurope

Cónaidhm Thionscail na Danmhairge

Buanionadaíocht na Danmhairge

Deutsche Telekom

An Eoraip Dhigiteach

DOT Europe

ETNO (An Comhlachas Eorpach d'Oibreoirí Líonraí Teileachumarsáide)

Buanionadaíocht na Fraince

Buanionadaíocht na Gearmáine

HUAWEI

IFPI

INTEL

CTTF (An Chomhairle um Thionscal na Teicneolaíochta Faisnéise)

Kaspersky

MÆRSK

Microsoft

ICANN

MOTION PICTURE ASSOCIATION

Orgalim

Palo Alto Networks

Rettighedsalliancen

NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

Tagairtí

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

21.1.2021

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

21.1.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Morten Løkkegaard

9.2.2021

Pléite sa choiste

26.5.2021

21.6.2021

Dáta an ghlactha

12.7.2021

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

42

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Hynek Blaško, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Markus Buchheit, Andrea Caroppo, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Maria-Manuel Leitão-Marques, Morten Løkkegaard, Antonius Manders, Leszek Miller, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, Maria da Graça Carvalho, Christian Doleschal, Claude Gruffat, Jiří Pospíšil, Kosma Złotowski

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

42

+

ECR

Adam Bielan, Carlo Fidanza, Kosma Złotowski

ID

Alessandra Basso, Hynek Blaško, Markus Buchheit, Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle

PPE

Pablo Arias Echeverría, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Deirdre Clune, Christian Doleschal, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Jiří Pospíšil, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein

Renew

Andrus Ansip, Vlad-Marius Botoş, Dita Charanzová, Sandro Gozi, Morten Løkkegaard, Marco Zullo

S&D

Alex Agius Saliba, Clara Aguilera, Brando Benifei, Biljana Borzan, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Leszek Miller, Christel Schaldemose

The Left

Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

Verts/ALE

Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Claude Gruffat, Marcel Kolaja

1

-

NI

Miroslav Radačovský

2

0

ECR

Eugen Jurzyca

Renew

Svenja Hahn

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (14.7.2021)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

(COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Jakop G. Dalunde

RÉASÚNÚ GEARR

Tá earnáil an iompair ag éirí níos leochailí do bhagairtí cibearshlándála agus tá méadú ag teacht ar an tionchar atá ag na bagairtí sin uirthi. Mar gheall ar ghnéithe sonracha na hearnála, tá sí faoi réir raon leochaileachtaí ar leith freisin. Dá bhrí sin, cé gur leasuithe ginearálta iad na leasuithe sa dréacht-tuairim seo, moltar iad agus aird á tabhairt ar na nithe sin. Tá mo thograí ábhartha don iompar ar na cúiseanna seo a leanas:

 Is minic gur gníomhaíocht idirnáisiúnta é an t-iompar ina bhfuil go leor eintiteas faoi dhlínse roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, tá éagsúlacht iomarcach sna hoibleagáidí maidir le rioscaí cibearshlándála a bhainistiú agus a thuairisciú idir na Ballstáit;

 Braitheann earnáil an iompair ar mhalartú slán sonraí idir na gníomhaithe éagsúla. Mar gheall ar chineál idirnasctha na lóistíochta, d’fhéadfadh cibearshlándáil neamhleor in eintiteas amháin an córas iomlán a chur i mbaol agus iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar oibríochtaí eintiteas eile;

 Is earnáil dlúthshaothair é an t-iompar agus, dá bhrí sin, tá sé thar a bheith íogair ó thaobh bagairtí cibearshlándála dírithe ar fhostaithe;

Ar na cúiseanna sin, dírítear leis na leasuithe ar na hábhair seo a leanas: measúnú a dhéanamh ar an éagsúlacht iomarcach idir na Ballstáit ó thaobh oibleagáidí cibearshlándála de, ailíniú na n-oibleagáidí sin a chothú trí mhodhanna neamhreachtacha, oiliúint foirne agus eolas ar rioscaí cibearshlándála a chur chun cinn;

Sa bhreis ar na pointí ginearálta sin, is fiú a thabhairt faoi deara go n-úsáideann earnáil an iompair níos mó agus níos mó cianbhraiteoirí atá in ann nascadh leis an idirlíon i soláthar seirbhísí, agus go bhfuil méadú ag teacht ar dhigitiú na bhfeithiclí féin. Cé nach gá go mbeadh siad mar chuid de na córais faisnéise níos leithne, d’fhéadfadh sé go mbeadh measúnuithe slándála sonracha ag teastáil le haghaidh na ngléasanna sin.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) D’fhorbair líonraí agus córais faisnéise ina bpríomhghné den saol laethúil le claochlú digiteach agus idirnascacht thapa na sochaí, lena n-áirítear malartuithe trasteorann. As an bhforbairt sin tháinig leathnú ar an timpeallacht bagartha cibearshlándála, rud atá ina chúis le dúshláin nua, a bhfuil gá le freagairtí oiriúnaithe, comhordaithe agus nuálacha orthu i ngach Ballstát. Tá líon, méid, sofaisticiúlacht, minicíocht agus tionchar na dteagmhas cibearshlándála ag dul i méid, agus is mór an bhagairt iad ar fheidhmiú líonraí agus córas faisnéise. Dá dheasca sin, le teagmhais chibearshlándála, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, caillteanais airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí agus damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar agus sochaí an Aontais. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht ina leith níos fíor-riachtanaí anois ná riamh d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(3) D’fhorbair líonraí agus córais faisnéise ina bpríomhghné den saol laethúil le claochlú digiteach agus idirnascacht thapa na sochaí, rud a rannchuidigh le fás samhlacha agus seirbhísí gnó nua, mar shampla iad siúd a bhaineann leis an ngeilleagar poistíneachta, comhoibríoch agus ardán, lena n-áirítear malartuithe trasteorann agus an cur chuige Soghluaisteachta ar éileamh (MaaS). As an bhforbairt sin tháinig leathnú ar thimpeallacht bagartha na cibearshlándála, rud atá ina chúis le dúshláin nua, a bhfuil gá le freagairtí oiriúnaithe, comhordaithe agus nuálacha orthu i ngach Ballstát. Tá líon, méid, sofaisticiúlacht, minicíocht agus tionchar na dteagmhas cibearshlándála ag dul i méid, agus is mór an bhagairt iad ar fheidhmiú líonraí agus córas faisnéise. Dá dheasca sin, le teagmhais chibearshlándála, is féidir dochar a dhéanamh do dhea-bhail na sochaí, is féidir bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach agus ar ghníomhaíochtaí sóisialta, caillteanais airgeadais a ghiniúint, dochar a dhéanamh do mhuinín úsáideoirí agus oibrithe, ar nithe iad atá ina gcúis le damáiste mór a dhéanamh do gheilleagar agus sochaí an Aontais nó fiú amháin ina mbagairt sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, tá ullmhacht don chibearshlándáil agus éifeachtacht ina leith níos fíor-riachtanaí anois ná riamh chun cearta agus saoirsí bunúsacha an Aontais a choimirciú agus le haghaidh fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, is príomhchumasóir í an chibearshlándáil do go leor earnálacha criticiúla, amhail iompar, glacadh go rathúil leis an gclaochlú digiteach agus tuiscint iomlán a fháil ar na buntáistí eacnamaíocha, sóisialta agus inbhuanaithe a bhaineann le digitiú.

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(9) Mar sin féin, maidir le heintitis bheaga nó micrieintitis a chomhlíonann critéir áirithe lena léirítear príomhról le haghaidh gheilleagair nó shochaithe na mBallstát nó le haghaidh earnálacha nó cineálacha seirbhísí ar leith, ba cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as liosta de na heintitis sin a bhunú agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart an cleachtas sin a dhéanamh le tuiscint iomlán ar shainiúlacht na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna), agus níor cheart é a bheith ina ualach riaracháin iomarcach ar FBManna.

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus le fiontair bheaga.

(10) Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme na gcritéar is infheidhme maidir le micrifhiontair agus le fiontair bheaga. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go dtugtar treoir chuí do gach micrifhiontar agus fiontar beag a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht na mBallstát, faisnéis a sholáthar do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga maidir leis sin. .

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Is féidir le reachtaíocht agus ionstraimí earnáilsonracha a bheith ina rannchuidiú le hardleibhéil chibearshlándála a áirithiú, agus sainiúlachtaí agus castachtaí na n-earnálacha sin á gcur san áireamh ina n-iomláine. I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó cibearbhagairtí móra a bhfuil an éifeacht atá leo ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha earnáilsonracha sin, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le cur chun feidhme an lex specialis. Leis an Treoir seo, ní choisctear glacadh gníomhartha earnáilsonracha breise de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic le bearta bainistíochta riosca agus fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais maidir leis an gcibearshlándáil. Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana agus a tugadh don Choimisiún i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh.

(12) Is féidir le reachtaíocht agus ionstraimí earnáilsonracha a bheith ina rannchuidiú le hardleibhéil chibearshlándála a áirithiú, agus sainiúlachtaí agus castachtaí na n-earnálacha sin á gcur san áireamh ina n-iomláine. I gcás ina gceanglaítear le gníomh dlí earnáilsonrach de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó cibearbhagairtí móra a bhfuil an éifeacht atá leo ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha earnáilsonracha sin, lena n-áirítear maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú. Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún comhleanúnachas a áirithiú idir an Treoir seo agus an reachtaíocht is infheidhme a bhaineann go sonrach leis an earnáil. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún dúbailt agus iomarcaíochtaí a aithint sa reachtaíocht, sna ceanglais nó sna nósanna imeachta rialála ábhartha, d’fhonn iad a bhaint. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le cur chun feidhme an lex specialis. Leis an Treoir seo, ní choisctear glacadh gníomhartha earnáilsonracha breise de chuid an Aontais lena dtéitear i ngleic le bearta bainistíochta riosca agus fógraí arna dtabhairt faoi theagmhais maidir leis an gcibearshlándáil. Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme atá ann cheana agus a tugadh don Choimisiún i roinnt earnálacha, lena n-áirítear an earnáil iompair agus an earnáil fuinnimh.

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15a) Ba cheart digitiú méadaithe na bpríomhearnálacha eacnamaíocha, amhail earnáil an iompair, a chur i gcrích ar bhealach slán, le hathléimneacht chomhtháite chun a áirithiú go bhfreagróidh an slabhra soláthair ina iomláine go leormhaith do rioscaí agus do bhagairtí. Tá gá, dá bhrí sin, le cur chuige comhordaithe lena n-áiritheofar leibhéal íosta slándála do ghléasanna nasctha, go háirithe nuair atá siad in earnálacha amhail earnáil an iompair agus i gcás ina n-áirítear i bhfeithiclí é agus criptiú inn ar inn a chur in úsáid mar réamhshocrú.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17:

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) I bhfianaise teacht chun cinn teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha gnó nua, meastar go mbeidh samhlacha sannta agus seirbhíse nua maidir leis an néalríomhaireacht ar an margadh mar fhreagairt ar an bhforbairt a thagann ar riachtanais custaiméirí. Sa chomhthéacs sin, féadfar seirbhísí néalríomhaireachta a sheachadadh i bhfoirm an-dáilte, níos gaire fiú don áit a bhfuil sonraí á nginiúint nó á mbailiú, rud a fhágann go n-aistrítear ón tsamhail thraidisiúnta chuig samhail an-dáilte (‘imeall-ríomhaireacht’).

(17) I bhfianaise teacht chun cinn teicneolaíochtaí nuálacha, amhail an intleacht shaorga, agus samhlacha gnó nua, agus samhlacha nua d’obair sholúbtha agus chianda, meastar go mbeidh samhlacha sannta agus seirbhíse nua maidir leis an néalríomhaireacht ar an margadh mar fhreagairt ar an bhforbairt a thagann ar riachtanais custaiméirí agus ghnó. Sa chomhthéacs sin, féadfar seirbhísí néalríomhaireachta a sheachadadh i bhfoirm an-dáilte, níos gaire fiú don áit a bhfuil sonraí á nginiúint nó á mbailiú, rud a fhágann go n-aistrítear ón tsamhail thraidisiúnta chuig samhail an-dáilte (‘imeall-ríomhaireacht’).

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18a) Ós rud é go mbeidh buntáistí suntasacha ag baint le soghluaisteacht uathrialach a rolladh amach, ach go mbeidh rioscaí nua ag baint leis freisin, eadhon maidir le sábháilteacht tráchta ar bhóithre, cibearshlándáil, cearta maoine intleachtúla, saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí agus rochtain ar shonraí, bonneagar teicniúil, caighdeánú, agus fostaíocht, tá sé bunriachtanach a áirithiú go bhfreagraíonn creat dlíthiúil an Aontais do na dúshláin sin go leormhaith agus go ndéanann sé bainistíocht éifeachtach ar gach riosca a bhaineann le slándáil na gcóras líonra agus faisnéise.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18b) Léirigh paindéim an choróinvíris an tábhacht a bhaineann le hullmhú an Aontais don deacáid dhigiteach agus an gá atá le cibear-athléimneacht a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Dá bhrí sin, is é is aidhm leis an Treoir seo, íosrialacha a sholáthar maidir le feidhmiú an chreata rialála chomhordaithe chun an claochlú digiteach, an nuálaíocht in iompar uathrialach, lóistíocht agus bainistíocht tráchta a chumasú i ngach modh iompair agus go ndéanfaí, i measc úsáideoirí, go háirithe micrifhiontair, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, athléimneacht i gcoinne cibear-ionsaithe agus an cumas aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a fheabhsú.

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Maidir le soláthraithe seirbhíse poist de réir bhrí Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18, chomh maith le soláthraithe seirbhíse mearsheachadta agus seachadta cúiréireachta, ba cheart iad a bheith faoi réir na Treorach seo má sholáthraíonn siad ceann de na céimeanna sa slabhra seachadta poist ar a laghad agus go háirithe glanadh, sórtáil nó dáileadh, lena n-áirítear seirbhísí bailiúcháin. Ba cheart seirbhísí iompair nach dtugtar fúthu i gcomhar le ceann de na céimeanna sin teacht lasmuigh de raon feidhme seirbhísí poist.

(19) Maidir le soláthraithe seirbhíse poist de réir bhrí Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18, chomh maith le soláthraithe seirbhíse mearsheachadta agus seachadta cúiréireachta, ba cheart iad a bheith faoi réir na Treorach seo má sholáthraíonn siad ceann de na céimeanna sa slabhra seachadta poist ar a laghad agus go háirithe glanadh, sórtáil nó dáileadh, lena n-áirítear seirbhísí bailiúcháin. Ba cheart seirbhísí iompair nó seachadta nach dtugtar fúthu i gcomhar le ceann de na céimeanna sin teacht lasmuigh de raon feidhme seirbhísí poist.

__________________

__________________

18 Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

18 Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27a) Ba cheart do na Ballstáit, ina straitéisí náisiúnta cibearshlándála, aghaidh a thabhairt ar shainriachtanais chibearshlándála FBManna, eadhon cibearfheasacht, easpa cianslándála TF, costas ard réiteach cibearshlándála agus leibhéal méadaithe bagartha. Ba cheart pointe teagmhála cibearshlándála a bheith ag na Ballstáit do FBManna chun faisnéis, seirbhís agus treoir ábhartha a rochtain.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Agus doiciméid treoraíochta á bhforbairt, ba cheart don Ghrúpa Comhair an méid seo a leanas a dhéanamh go comhsheasmhach: réitigh agus taithí náisiúnta a mhapáil, tionchar tháirgí insoláthartha an Ghrúpa Comhair maidir le cuir chuige náisiúnta a mheas, dúshláin chur chun feidhme a phlé agus moltaí sonracha a fhoirmiú a dtabharfar aghaidh orthu trí na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

(33) Agus doiciméid treoraíochta á bhforbairt, ba cheart don Ghrúpa Comhair an méid seo a leanas a dhéanamh go comhsheasmhach: réitigh agus taithí náisiúnta a mhapáil, tionchar tháirgí insoláthartha an Ghrúpa Comhair maidir le cuir chuige náisiúnta a mheas, dúshláin chur chun feidhme a phlé agus moltaí sonracha a fhoirmiú, go háirithe maidir le hailíniú a éascú i ndáil leis an Treoir seo a thrasuí i measc na mBallstát, a dtabharfar aghaidh orthu trí na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. Ba cheart don Ghrúpa Comhoibrithe na réitigh náisiúnta a mhapáil freisin chun comhoiriúnacht réitigh cibearshlándála a chuirtear i bhfeidhm ar gach earnáil ar leith ar fud na hEorpa a chur chun cinn. Tá sé seo ábhartha go háirithe do na hearnálacha a bhfuil cineál idirnáisiúnta agus trasteorann acu amhail iompar.

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 34.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (ICE), Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bheith rannpháirteach ina obair.

(34) Ba cheart don Ghrúpa Comhair a bheith ina fhóram solúbtha agus a bheith in ann freagairt ar thosaíochtaí beartais agus dúshláin bheartais atá athraitheach agus nua, agus infhaighteacht acmhainní á cur san áireamh. Ba cheart dó cruinnithe comhpháirteacha tráthrialta a eagrú le páirtithe leasmhara ábhartha príobháideacha ó gach cearn den Aontas chun gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGrúpa a phlé agus ionchur a bhailiú maidir le dúshláin bheartais atá ag teacht chun cinn. Chun comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghrúpa cuimhneamh ar a iarraidh i gcás inarb ábhartha ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá páirteach sa bheart cibearshlándála, amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (EC3), an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála, gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh atá freagrach as iompar sábháilte - Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA, Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) - Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) - Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) agus aon chomhlacht agus ghníomhaireacht eile a bhfuil a saineolas ábhartha do phlé an ghrúpa chun a bheith rannpháirteach ina obair.

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 37 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37a) D’fhéadfadh an éagsúlacht iomarcach sna hoibleagáidí maidir le rioscaí cibearshlándála a bhainistiú agus a thuairisciú agus an Treoir seo á trasuí ag na Ballstáit an leibhéal coiteann cibearshlándála a chur i mbaol laistigh den Aontas. Ba cheart do ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún, measúnú a dhéanamh ar mhéid na dibhéirseachta sna hoibleagáidí maidir le rioscaí cibearshlándála a bhainistiú agus a thuairisciú idir na Ballstáit ina thuarascáil dhébhliantúil ar staid na cibearshlándála san Aontas.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46a) Chun slabhraí soláthair criticiúla a chaomhnú agus a chosaint, ba cheart go ndíreofaí freisin ar chosaint an tslabhra iompair agus lóistíochta ar fad. Tá an slabhra iompair agus lóistíochta comhdhéanta de líon mór gníomhaithe agus córais idirnasctha, áit a bhfuil earraí á n-iompar ar bhealach idirmhódúil agus úsáid á baint as aer, bóthar, iarnród, uiscebhealaí intíre agus iompar muirí. Éilíonn an próiseas sin malartú tapa agus iontaofa sonraí idir naisc éagsúla an tslabhra iompair agus lóistíochta trí chomhéadain éagsúla. Mar gheall ar chineál idirnasctha na nasc éagsúil sa slabhra, ní bhíonn dóthain rioscaí cibearshlándála ann chun feidhmiú an tslabhra iomláin a chur i mbaol trí éifeachtaí na ndúradán a chruthaíonn cibirtheagmhas i gcuid amháin nó níos mó den slabhra iompair agus lóistíochta.

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh cibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

(47) Sna measúnuithe riosca ar an slabhra soláthair, i bhfianaise ghnéithe na hearnála lena mbaineann, ba cheart fachtóirí teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, fachtóirí neamhtheicniúla a chur san áireamh lena n-áirítear iad sin a shainmhínítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais le haghaidh chibearshlándáil 5G arna gcomhaontú leis an nGrúpa Comhair. Chun go sainaithneofar na slabhraí soláthair ba cheart a bheith faoi réir measúnú riosca comhordaithe, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh: (i) a mhéid a úsáideann eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha seirbhísí, córais, nó táirgí sonracha criticiúla TFC agus a mhéid a bhraitheann siad orthu; (ii) ábharthacht seirbhísí, córas nó táirgí sonracha criticiúla TFC chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a dhéanamh, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta; (iii) infhaighteacht seirbhísí, córas nó táirgí malartacha TFC; (iv) athléimneacht an tslabhra soláthair fhoriomláin maidir le seirbhísí, córais nó táirgí TFC in aghaidh imeachtaí suaiteacha; (iva) a mhéid atá seirbhísí, córais nó táirgí criticiúla TFC ar leith a úsáideann tomhaltóirí go díreach athléimneach agus ag cloí le cur chuige atá oiriúnach do chustaiméirí; agus (v) i gcás seirbhísí, córais nó táirgí TFC atá ag teacht chun cinn, an tábhacht fhéideartha a bheidh leo sa todhchaí le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas.

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Leis an Treoir seo leagtar síos cur chuige dhá chéim i leith tuairisciú teagmhas chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir mearthuairisciú a chuidíonn chun scaipeadh féideartha na dteagmhas a mhaolú agus a thugann deis d’eintitis tacaíocht a iarraidh, ar thaobh amháin, agus grinntuairisciú lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais indibhidiúla agus lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht cuideachtaí idibhidiúla agus earnálacha iomlána i leith cibearbhagairtí thar thréimhse ama, ar an taobh eile. I gcás ina dtagann eintitis ar an eolas faoi theagmhas, ba cheart a cheangal orthu fógra tosaigh a chur isteach laistigh de 24 uair an chloig, tar éis tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin ina dhiaidh sin. Níor cheart a áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas cúnamh a iarraidh, más gá. Leis an bhfógra sin, i gcás inarb infheidhme, ba cheart a léiriú cibé acu ar gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach is cúis, is dóigh, leis an teagmhas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis tuairiscthe a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le teagmhais a láimhseáil, gníomhaíochtaí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Chun a áirithiú tuilleadh nach ndéanfar le hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas acmhainní a atreorú ó láimhseáil freagartha teagmhas, ná nach gcuirfear iarrachtaí na n-eintiteas ina leith i mbaol leis sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú leis na húdaráis inniúla nó CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna maidir le 24 uair an chloig le haghaidh an fhógra tosaigh agus mí amháin le haghaidh na tuarascála críochnaithí.

(55) Leis an Treoir seo leagtar síos cur chuige dhá chéim i leith tuairisciú teagmhas chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir mearthuairisciú a chuidíonn chun scaipeadh féideartha na dteagmhas a mhaolú agus a thugann deis d’eintitis tacaíocht a iarraidh, ar thaobh amháin, agus grinntuairisciú lena mbaintear ceachtanna luachmhara as teagmhais indibhidiúla agus lena gcuirtear feabhas ar athléimneacht cuideachtaí indibhidiúla agus earnálacha iomlána i leith cibearbhagairtí thar thréimhse ama, ar an taobh eile. I gcás ina dtagann eintitis ar an eolas faoi theagmhas, ba cheart a cheangal orthu fógra tosaigh a chur isteach laistigh de 36 uair an chloig, tar éis tuarascáil chríochnaitheach tráth nach déanaí ná mí amháin ina dhiaidh sin. Níor cheart a bheith san áireamh san fhógra tosaigh ach an fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin teagmhas agus chun a cheadú don eintiteas cúnamh a iarraidh, más gá. Leis an bhfógra sin, i gcás inarb infheidhme, ba cheart a léiriú cibé acu an dóchúil gur gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach is cúis leis an teagmhas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar, leis an gceanglas maidir leis an bhfógra tosaigh sin a chur isteach, acmhainní an eintitis tuairiscthe a atreorú ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le teagmhais a láimhseáil, gníomhaíochtaí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Chun a áirithiú tuilleadh nach ndéanfar le hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas acmhainní a atreorú ó láimhseáil freagartha teagmhas, ná nach gcuirfear iarrachtaí na n-eintiteas ina leith i mbaol leis sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú leis na húdaráis inniúla nó CSIRT, gur féidir leis an eintiteas lena mbaineann atreorú ó na sprioc-amanna maidir le 36 uair an chloig le haghaidh an fhógra tosaigh agus mí amháin le haghaidh na tuarascála críochnaithí.

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunóidh na Ballstáit liosta de na heintitis a shainaithnítear de bhun phointí (b) go (f) agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin é faoin [6 mhí tar éis an sprioc-ama trasuí]. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta, ar bhonn tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad dá éis sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad é a thabhairt cothrom le dáta.

Bunóidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha an tionscail, liosta de na heintitis a shainaithnítear de bhun phointí (b) go (f) agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin é faoi [6 mhí tar éis éis spriocdháta an trasuí]. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta, ar bhonn tráthrialta, agus gach dhá bhliain ar a laghad dá éis sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad é a thabhairt cothrom le dáta.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. I gcás ina gceanglaítear le forálacha de ghníomhartha earnáilsonracha de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó faoi chibearbhagairtí móra, agus i gcás ina bhfuil an éifeacht atá leis na ceanglais sin ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena n-áirítear an fhoráil maidir le maoirseacht agus le forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI.

6. I gcás ina gceanglaítear le forálacha de ghníomhartha earnáilsonracha de chuid an Aontais ar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha bearta bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a ghlacadh nó fógra a thabhairt faoi theagmhais nó faoi chibearbhagairtí móra, agus i gcás ina bhfuil an éifeacht atá leis na ceanglais sin ar a laghad coibhéiseach leis an éifeacht atá leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear an méid a bhaineann le cumhacht, sainordú agus feidhmeanna na n-údarás maoirseachta faoi seach, ní bheidh feidhm ag forálacha ábhartha na Treorach seo, lena n-áirítear an fhoráil maidir le maoirseacht agus le forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil VI.

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht agus tacaíocht chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála.

(h) beartas lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha FBManna, go háirithe iad sin atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo, i ndáil le treoraíocht, lena soláthraítear an fhaisnéis riachtanach agus chuimsitheach agus tacaíocht, chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht i leith bagairtí cibearshlándála.

Leasú  20

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) treoraíocht a sholáthar d’údaráis inniúla i ndáil le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo;

(a) treoraíocht a sholáthar d’údaráis inniúla i ndáil le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo, chun na difríochtaí idir bainistíocht riosca cibearshlándála agus caighdeáin oibleagáide tuairiscithe i measc na mBallstát a íoslaghdú;

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 4 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) na réitigh náisiúnta a mhapáil chun comhoiriúnacht réitigh cibearshlándála a chuirtear i bhfeidhm ar gach earnáil ar leith ar fud an Aontais a chur chun cinn.

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) Méid na dibhéirseachta sna hoibleagáidí maidir le rioscaí cibearshlándála a bhainistiú agus a thuairisciú idir na Ballstáit, agus a mhéid a dhéanann an dibhéirseacht sin difear don leibhéal coiteann na cibearshlándála san Aontas.

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 1 – pointe iii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iiia) moltaí maidir le conas comhleanúnachas agus cinnteacht dhlíthiúil a fheabhsú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Treorach seo agus na reachtaíochta earnáil-shonraí is infheidhme, le haird ar dhúbailt agus iomarcaíochtaí a shainaithint agus a bhaint sa reachtaíocht, sna ceanglais nó na nósanna imeachta rialála ábhartha;

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ba) beartais agus nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil eolas réasúnach ag fostaithe chun rioscaí cibearshlándála a thuiscint agus taithí phraiticiúil lena gcomhlíontar ardchaighdeáin chibearshlándála.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) slándáil maidir le líonraí agus córais faisnéise a éadáil, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear láimhseáil leochaileachtaí agus nochtadh leochaileachtaí;

(e) slándáil maidir le líonraí agus córais faisnéise, lena n-áirítear eilimintí soghluaiste amhail feithiclí agus cianbhraiteoirí, iad a fháil, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear láimhseáil agus nochtadh leochaileachtaí;

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíocha na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos. Agus na gníomhartha sin á n-ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2) agus leanfaidh sé, a mhéid is féidir, caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla ábhartha.

5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíocha na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos. Déanfar na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 agus leanfaidh siad, a mhéid is féidir, caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla ábhartha.

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6a. Chun beartas éifeachtúil a áirithiú agus a chur chun feidhme a éascú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le heintitis riachtanacha agus thábhachtacha, go háirithe sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) gan moill mhíchuí agus laistigh de 24 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin teagmhas ar chaoi ar bith, fógra tosaigh ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, cé acu gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach faoi deara an teagmhas, de réir cosúlachta;

(a) gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 36 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin teagmhas, fógra tosaigh ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, cibé acu an dóchúil gur gníomhaíocht neamhdhleathach nó mhailíseach faoi deara an teagmhas sin;

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 4 – pointe c – pointe iii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) bearta maolúcháin atá á gcur i bhfeidhm agus leanúnach.

(iii) bearta maolúcháin atá á gcur i bhfeidhm agus leanúnach agus torthaí na mbeart sin.

Leasú  30

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta a bhaineann le fógra a chuirtear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin chun sonrú breise a dhéanamh ar na cásanna ina measfar gur teagmhas mór é teagmhas dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 lena sonraítear a thuilleadh an cineál faisnéise, an fhormáid agus an nós imeachta a bhaineann le fógra a chuirtear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin chun sonrú breise a dhéanamh ar na cásanna ina measfar gur teagmhas mór é teagmhas dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun a léiriú go bhfuil ceanglais áirithe d’Airteagal 18 á gcomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC áirithe a dheimhniú faoi scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881. Féadfaidh eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach na táirgí, na seirbhísí agus na próisis a fhorbairt faoi réir deimhniú nó féadfaidh tríú páirtithe iad a sholáthar.

1. Chun a léiriú go bhfuil ceanglais áirithe d’Airteagal 18 á gcomhlíonadh, spreagfaidh na Ballstáit eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha chun táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC áirithe, arna bhforbairt ag an eintiteas fíor-riachtanach nó tábhachtach nó arna bhfáil ó thríú páirtithe, a dheimhniú faoi scéimeanna sonracha Eorpacha deimhniúcháin um chibearshlándáil arna nglacadh de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/881 nó faoi scéimeanna comhchosúla deimhniúcháin a mbeidh aitheantas idirnáisiúnta acu.

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a. Beidh ceanglais na Treorach seo maidir le deimhniú cibearshlándála gan dochar d’Airteagal 56(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/881.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear na catagóirí eintiteas fíor-riachtanach a gceanglófar orthu deimhniú a fháil agus na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála faoinar cheart dóibh déanamh amhlaidh de bhun mhír 1. Glacfar na gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 36.

scriosta

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 21 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach a ullmhú de bhun Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2019/881 i gcásanna nach bhfuil aon scéim Eorpach iomchuí um dheimhniú cibearshlándála ar fáil chun críocha mhír 2.

3. Chun an leibhéal foriomlán athléimneachta cibearshlándála a ardú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach a ullmhú de bhun Airteagail 47 agus 48 de Rialachán (AE) 2019/881 i gcásanna nach bhfuil aon scéim Eorpach iomchuí um dheimhniú cibearshlándála ar fáil chun críocha mhír 2. Déanfaidh na scéimeanna iarrthacha sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56(2) agus in Airteagal 56(3) de Rialachán (AE) 2019/881 a chomhlíonadh.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

Tagairtí

COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD)

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

21.1.2021

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

21.1.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Jakop G. Dalunde

3.2.2021

Dáta an ghlactha

12.7.2021

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

0

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, Izaskun Bilbao Barandica, Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Massimo Casanova, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Julie Lechanteux, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, João Pimenta Lopes, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clare Daly, Nicola Danti, Angel Dzhambazki, Tomasz Frankowski, Michael Gahler, Maria Grapini, Alessandra Moretti, Marianne Vind

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

48

+

ECR

Angel Dzhambazki, Peter Lundgren, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

ID

Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Massimo Casanova, Julie Lechanteux, Philippe Olivier

NI

Mario Furore, Dorien Rookmaker

EPP

Magdalena Adamowicz, Gheorghe Falcă, Tomasz Frankowski, Michael Gahler, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

Renew

Izaskun Bilbao Barandica, Nicola Danti, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Alessandra Moretti, Rovana Plumb, Vera Tax, Marianne Vind, Petar Vitanov

The Left

Clare Daly, Kateřina Konečná

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

0

-

1

0

The Left

João Pimenta Lopes

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148

Tagairtí

COM(2020)0823 – C9-0422/2020 – 2020/0359(COD)

Dáta tíolactha do Pharlaimint na hEorpa

16.12.2020

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

21.1.2021

Coistí ar iarradh tuairimí orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

21.1.2021

ECON

21.1.2021

IMCO

21.1.2021

TRAN

21.1.2021

CULT

21.1.2021

LIBE

21.1.2021

Gan tuairimí a thabhairt

 Dáta an chinnidh

ECON

26.1.2021

CULT

11.1.2021

Coistí comhlachaithe

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

20.5.2021

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Bart Groothuis

14.1.2021

Pléite sa choiste

13.4.2021

26.5.2021

Dáta an ghlactha

28.10.2021

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

70

3

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Carlo Calenda, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Marisa Matias, Eva Maydell, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Manuela Ripa, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Isabella Tovaglieri, Viktor Uspaskich, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Marek Paweł Balt, Klemen Grošelj, Adam Jarubas, Elena Lizzi, Adriana Maldonado López, Bronis Ropė, Jordi Solé, Nils Torvalds

Dáta don chur síos

4.11.2021

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

70

+

ECR

Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Robert Roos, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski

ID

Paolo Borchia, Markus Buchheit, Elena Lizzi, Thierry Mariani, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Isabella Tovaglieri

NI

András Gyürk, Clara Ponsatí Obiols, Viktor Uspaskich

PPE

François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Adam Jarubas, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

Renew

Nicola Beer, Nicola Danti, Valter Flego, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Nils Torvalds

S&D

Marek Paweł Balt, Carlo Calenda, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Adriana Maldonado López, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Carlos Zorrinho

Verts/ALE

Rasmus Andresen, Michael Bloss, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Manuela Ripa, Bronis Ropė, Jordi Solé

3

-

The Left

Manuel Bompard, Marc Botenga, Marisa Matias

1

0

ECR

Jessica Stegrud

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

An nuashonrú is déanaí: 26 Samhain 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais