MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026)
8.11.2021 - (09172/2021 – C9‑0253/2021 – 2021/0127(NLE)) - ***
An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Izaskun Bilbao Barandica
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026)
(09172/2021 – C9‑0253/2021 – 2021/0127(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09172/2021),
– ag féachaint don Phrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (09171/2021),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), agus mír 7, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑2021),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0316/2021),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Gabúine.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Shínigh an tAontas Eorpach (AE) sraith comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh (FPAnna) agus prótacail le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, a dhéanann foráil do thacaíocht airgeadais agus theicniúil AE mar mhalairt ar chearta iascaireachta le haghaidh stoic bharrachais i limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) na tíre, i dtimpeallacht atá rialáilte le dlí. Leis na comhaontuithe sin rialaítear freisin caomhnú acmhainní agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil, ag áirithiú go bhfuil gach soitheach AE faoi réir na rialacha céanna maidir le rialú agus trédhearcacht, agus ag tacú le beartas iascaigh inbhuanaithe féin na tíre comhpháirtíochta. Ag an am céanna, áiríodh clásal i ndáil le hurraim do chearta an duine i ngach prótacal a ghabhann le comhaontuithe iascaigh.
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an tAontas Eorpach i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2007 ar feadh tréimhse sé bliana. Déantar an comhaontú a athnuachan trí chomhaontú intuigthe agus tá sé fós i bhfeidhm.
Chuaigh prótacal trí bliana a bhí ann roimhe sin in éag an 23 Iúil 2016, ar prótacal é lenar cuireadh FPA i bhfeidhm. Sa bhliain 2015, rinne an Coimisiún meastóireacht ex-post ar Phrótacal 2013-2016 FPA, chomh maith le meastóireacht ex-ante ar an bhféidearthacht go ndéanfaí an prótacal a athnuachan. Sa mheastóireacht thángthas ar an gconclúid go bhfuil suim mhór ag earnáil iascaireachta AE a bheith ag oibriú sa Ghabúin agus go bhfuil athnuachan an Phrótacail chun leasa an dá Pháirtí.
Chuaigh an Coimisiún i mbun caibidlíochta leis an nGabúin d’fhonn prótacal nua a thabhairt i gcrích maidir le cur chun feidhme FPA (2021-2026). Tar éis an chaibidlíocht a bheith tugtha i gcrích, chuir na hidirbheartaithe inisealacha le prótacal an 10 Feabhra 2021. Cumhdaítear tréimhse cúig bliana leis an bPrótacal nua, ó dháta a shínithe ag an dá pháirtí.
Leis an bPrótacal nua, déantar foráil maidir le deiseanna iascaireachta sna catagóirí seo a leanas:
27 soitheach peas‐saighne tuinnín;
6 shoitheach tuinníní cuaille agus dorú;
4 thrálaer atá dírithe go príomha ar chrústaigh bheantóis, faoi réir údarú bunaithe ar thorthaí na bhfeachtas taiscéalaíocha;
soithí tacaíochta i gcomhréir le rúin ábhartha ón gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus na teorainneacha arna socrú ag reachtaíocht na Gabúine.
Is é EUR 2 600 000 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais Eorpaigh, arna mhiondealú ar an gcaoi seo a leanas:
(a) méid bliantúil de EUR 1 600 000 le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Gabúine, ar méid é atá coibhéiseach le tonnáiste tagartha, do speicis mhórimirceacha, arb ionann é agus 32 000 tonna in aghaidh na bliana;
(b) tacaíocht do bheartas iascaigh earnála na Gabúine a fhorbairt arb ionann é agus EUR 1 000 000 in aghaidh na bliana. Tá an tacaíocht sin i gcomhréir le cuspóirí an phlean straitéisigh maidir le hiascaigh na Gabúine.
Bunaítear méid bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil[1].
Tá caibidlíocht an Phrotacáil nua sin lena gcuirtear chun feidhme FPA leis an nGabúin ina cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i leith tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Tíortha ACC) agus cuirtear san áireamh ann, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.
Is é is aidhm don Phrótacal nua deiseanna iascaireachta a thabhairt do shoithí an Aontais Eorpaigh i limistéar iascaireachta na Gabúine i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus le rúin agus moltaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil.
Ina theannta sin, tá sé mar aidhm leis an bProtacál nua feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine chun beartas iascaigh inbhuanaithe agus saothrú fónta acmhainní iascaigh a chur chun cinn i limistéar iascaireachta na Gabúine agus san Aigéan Atlantach, ar mhaithe leis an dá Pháirtí, d’fhonn forbairt beartais iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh gach gné de a chur chun cinn. Foráiltear ann, go háirithe, go ndéanfar faireachán ar shoithí trí Chóras um Fhaireachán Soithí agus go dtarchuirfear sonraí gabhála go leictreonach. Leis an tacaíocht earnála atá ar fáil faoin bPrótacal, cuideofar leis an nGabúin lena straitéis iascaigh náisiúnta, lena n-áirítear an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac.
Leis an gcomhar sin, cabhrófar freisin le dálaí oibre sásúla i dtaca le gníomhaíochtaí iascaireachta a chur chun cinn agus le feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ag an nGabúin agus lena hearnáil iascaigh a fhorbairt, go háirithe a hearnáil iascaigh ar mhionscála.
Seasamh an Rapóirtéara
Faoi Airteagail 43(2) agus 218(6)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is féidir le Parlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt nó diúltú do thoiliú a thabhairt do thabhairt i gcrích an Phrótacail idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine. Molann an rapóirtéir gur cheart don Pharlaimint a toiliú a thabhairt do thabhairt i gcrích an Phrótacail atá ann faoi láthair agus measann sí gur cheart don Choimisiún, agus an Prótacal á chur chun feidhme aige, machnamh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
Maidir leis an tacaíocht earnála, cuireann an rapóirtéir béim ar an ngá atá le níos mó trédhearcachta chun go mbeifear in ann anailís iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear na cistí agus chun a mheasúnú ar gnóthaíodh na cuspóirí a leagtar síos agus ar baineadh amach na torthaí inmhianaithe.
Cuireann an rapóirtéir béim go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le mná a rannpháirtiú san earnáil agus molann sí don Choimisiún, faoi réim an chomhaontuithe agus an phrótacail nua seo, tacú le níos mó ban a rannpháirtiú in earnáil an iascaigh.
Creideann an rapóirtéir go bhfuil infhaighteacht sonraí eolaíocha atá cothrom le dáta maidir le stoc éisc agus iarracht fhoriomlán iascaireachta in uiscí na Gabúine thar a bheith tábhachtach. Le cur chun feidhme an Phrótacail sin, ba cheart go gcuirfí béim iomchuí ar na sonraí sin a áirithiú, ionas gur féidir an barrachas de réir bhrí Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar barrachas é a dhíríonn cabhlach AE air, a ríomh i gceart.
Tugann an rapóirtéir dá haire, i meastóireacht ex-post an Choimisiúin ar Phrótacal 2013-2016 FPA, go meastar go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ionstraim ann lena bhforáiltear do dhlúthchomhar earnála, go háirithe ós rud é gur príomhghníomhaí í an Ghabúin i rialachas na n-aigéan ar an leibhéal foréigiúnach. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios sa mheastóireacht go bhfuil sé tábhachtach an caidreamh leis an nGabúin a neartú, rud a fhágfaidh gur féidir comhghuaillíochtaí a chothú faoi chuimsiú ICCAT.
Creideann an rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach faireachán, rialú agus faireachas a neartú agus feabhas a chur ar rialachas cuí na n-iascach sa réigiún. Dá bhrí sin, iarrann an rapóirtéir ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as na hionstraimí faoin bprótacal seo chun feabhsuithe a bhaint amach i ndáil leis sin, go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar faireachán iomchuí agus rialta ar ghabhálacha arna ndéanamh ag soithí i limistéar iascaireachta na Gabúine agus go dtabharfar aghaidh ar easnaimh sa réimse sin. Tá tábhacht ag baint freisin le trédhearcacht mhéadaithe na nósanna imeachta chun na gabhálacha iomlána a shainaithint chomh maith leis na bearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe a chosc.
Cuireann an rapóirtéir i dtreis gur cheart an Pharlaimint a chur ar an eolas go hiomlán ag gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann le cur chun feidhme nó athnuachan an phrótacail nua. Dá bhrí sin, molann an rapóirtéir don Choimisiún tuarascálacha bliantúla a thabhairt maidir le cur chun feidhme an phrótacail agus go háirithe maidir le tacaíocht earnálach.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (11.10.2021)
chuig an gCoiste um Iascach
ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme (le haghaidh 2021-2026) an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach
(COM(2021)0247 – C9‑0253/2021 – 2021/0127(NLE))
Rapóirtéir don tuairim: José Manuel Fernandes
RÉASÚNÚ GEARR
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh reatha idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Gabúine (an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta’ anseo feasta) an 4 Meitheamh 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2007 ar feadh tréimhse sé bliana, rinneadh athnuachan air go hintuigthe agus tá sé fós i bhfeidhm.
Maidir le prótacal cur chun feidhme trí bliana roimhe sin ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, tháinig sé i bhfeidhm an 24 Iúil 2013 agus chuaigh sé in éag an 23 Iúil 2016.
Chuir na hidirbheartaithe a n‑inisealacha le prótacal nua lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus na ranníocaíocht airgeadais an 10 Feabhra 2021.
Cumhdaítear tréimhse cúig bliana (2021-2026) leis an bprótacal nua, ón dáta a chuirtear i bhfeidhm go sealadach é. Leis an bprótacal, cumhdaítear tréimhse cúig bliana ó dháta an iarratais shealadaigh a leagtar síos in Airteagal 24, is é sin an dáta a shíníonn an dá Pháirtí é.
Is é príomhaidhm an Phrótacail nua creat nuashonraithe a sholáthar agus tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe agus a ghné sheachtrach á gcur san áireamh, d’fhonn leanúint leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine i réimse na n-iascach agus í a threisiú.
Is é is aidhm don Phrótacal deiseanna iascaireachta a thabhairt do shoithí an Aontais Eorpaigh i limistéar iascaireachta na Gabúine i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus le rúin agus moltaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Bhí seasamh an Choimisiúin bunaithe i bpáirt ar thorthaí meastóireachta a rinneadh ar an bPrótacal roimhe seo (2013-2016), agus ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach ar cheart Prótacal nua a thabhairt chun críche. Is saineolaithe seachtracha a thug faoin na measúnuithe seo.
Ina theannta sin, is é an aidhm atá leis, feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gabúine chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun acmhainní iascaigh a shaothrú i limistéar iascaireachta na Gabúine agus san Aigéan Atlantach, ar mhaithe leis an dá Pháirtí. Ina theannta sin, leis an gcomhar seo, cuideofar le dálaí oibre sásúla a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí iascaigh.
Leis an bPrótacal nua, déanfar foráil maidir le deiseanna iascaireachta sna catagóirí seo a leanas:
- 27 soitheach peas‐saighne tuinnín;
- 6 shoitheach tuinníní cuaille agus dorú;
- soithí tacaíochta i gcomhréir le rúin ábhartha ICCAT agus leis na teorainneacha a leagtar amach i reachtaíocht na Gabúine;
- 4 thrálaer mar chuid d’iascach crústach domhainmhara, iad le húdarú go fóill ag brath ar thoradh na bhfeachtas taiscéalaíocha.
Is ionann an ranníocaíocht bhliantúil airgeadais ón Aontas Eorpach agus EUR 2 600 000, bunaithe ar an méid seo a leanas:
a) méid bliantúil EUR 1 600 000 le haghaidh rochtana ar limistéar iascaireachta na Gabúine, arb ionann é agus tonnáiste tagartha 32 000 tona in aghaidh na bliana, maidir le speicis mhór-imirceacha,
b) tacaíocht do bheartas iascaigh earnála na Gabúine a fhorbairt, arb ionann é agus EUR 1 000 000 sa bhliain. Leis an tacaíocht seo, comhlíontar cuspóirí an Phlean Straitéisigh maidir le hIascaigh na Gabúine. Déantar an méid bliantúil leithreasaí faoi chomhair gealltanais agus leithreasaí íocaíochta a bhunú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n-áirítear an líne chúltaca do phrótacail nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana.
******
Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfaí formheas don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme (le haghaidh 2021-2026) an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Tabhairt i gcrích an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme (do 2021-2026) an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach |
|||
Tagairtí |
09172/2021 – C9-0253/2021 – 2021/0127(NLE) |
|||
An Coiste Freagrach |
PECH
|
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 5.7.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
José Manuel Fernandes 21.6.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
31.8.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
11.10.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
32 4 4 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, Andor Deli, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Damian Boeselager, Henrike Hahn |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
32 |
+ |
ECR |
Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt |
ID |
Hélène Laporte |
NI |
Andor Deli |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
Renew |
Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds |
S&D |
Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs |
The Left |
Dimitrios Papadimoulis |
4 |
- |
Verts/ALE |
Damian Boeselager, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn |
4 |
0 |
ID |
Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Joachim Kuhs |
The Left |
Silvia Modig |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Tabhairt i gcrích an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme (do 2021-2026) an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach |
|||
Tagairtí |
09172/2021 – C9-0253/2021 – 2021/0127(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
1.7.2021 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
PECH 5.7.2021 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
DEVE 5.7.2021 |
BUDG 5.7.2021 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
DEVE 27.9.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Izaskun Bilbao Barandica 14.6.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
16.6.2021 |
11.10.2021 |
|
|
Dáta an ghlactha |
27.10.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
19 6 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Maria da Graça Carvalho, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, Ladislav Ilčić, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, João Pimenta Lopes, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Emma Wiesner, Theodoros Zagorakis |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Benoît Biteau, Valentino Grant |
|||
Dáta don chur síos |
8.11.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
19 |
+ |
ECR |
Ladislav Ilčić, Bert-Jan Ruissen |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Maria da Graça Carvalho, Peter van Dalen, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Annie Schreijer-Pierik, Theodoros Zagorakis |
Renew |
Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind, Emma Wiesner |
S&D |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro |
6 |
- |
ID |
France Jamet |
The Left |
Anja Hazekamp |
Verts/ALE |
Benoît Biteau, Rosa D'Amato, Francisco Guerreiro, Caroline Roose |
3 |
0 |
ID |
Rosanna Conte, Valentino Grant |
The Left |
João Pimenta Lopes |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha, pointe 20 (IO L 433I, 22.12.2020).