Tuarascáil - A9-0323/2021Tuarascáil
A9-0323/2021

TUARASCÁIL maidir le pléití an Choiste um Achainíocha in 2020

16.11.2021 - (2021/2019(INI))

An Coiste um Achainíocha
Rapóirtéir: Gheorghe Falcă

Nós Imeachta : 2021/2019(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0323/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0323/2021
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le pléití an Choiste um Achainíocha in 2020

(2021/2019(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do na rúin a tháinig uaithi roimhe seo maidir le pléití an Choiste um Achainíocha,

 ag féachaint d’Airteagail 10 agus 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint d’Airteagail 10, 24 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina léirítear go leagtar tábhacht ar leith sa Chonradh ar an gceart atá ag saoránaigh agus cónaitheoirí AE a gcuid imní a chur in iúl don Pharlaimint,

 ag féachaint d’Airteagal 228 CFAE, maidir le ról agus feidhmeanna an Ombudsman Eorpaigh,

 ag féachaint d’Airteagal 44 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’fhorálacha CFAE a bhaineann leis an nós imeachta um shárú agus, go háirithe, d’Airteagail 258 agus 260 de,

 ag féachaint do Rialacha 54 agus 227(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A9-0323/2021),

A. de bhrí go bhfuair an Pharlaimint 1 573 achainí in 2020, arb ionann é agus méadú 15.9% i gcomparáid le 1 357 achainí a tíolacadh agus méadú 28.9% i gcomparáid le 1 220 achainí a tíolacadh in 2018;

B. de bhrí gurb é 48 882 líon na n-úsáideoirí a thacaíonn le hachainí amháin nó níos mó ar Thairseach Gréasáin Achainíocha na Parlaiminte in 2020, rud a léiríonn ardú suntasach i gcomparáid leis an 28 076 úsáideoir a taifeadadh in 2019; de bhrí gur tháinig méadú freisin ar líon na gcliceanna a thacaíonn le hachainíocha in 2020, go dtí 55 129 ar an iomlán;

C. de bhrí gur chuir líon mór na n-achainíocha lena gcuirtear ábhair imní na saoránach i leith na sláinte poiblí agus na n-éigeandálaí socheacnamaíocha a tháinig as ráig phaindéim COVID-19 go mór leis an méadú ar líon na n-achainíocha a cláraíodh in 2020 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin; de bhrí go mbaineann 13.23 % de na hachainíocha a fuarthas in 2020 le paindéim COVID-19;

D. de bhrí go léiríonn líon ard na n-achainíocha a tíolacadh in 2020 go mbraitheann saoránaigh go mór, tráth géarchéime, ar a n-ionadaithe tofa ar leibhéal AE trína n-ábhair imní agus gearáin a chur chucu go díreach;

E. de bhrí, áfach, go bhfuil líon iomlán na n-achainíocha réasúnta íseal i gcónaí i gcomparáid le daonra iomlán AE, á léiriú go bhfuil gá fós le dlús a chur le hiarrachtaí chun feasacht na saoránach a mhéadú maidir lena gceart chun achainí a dhéanamh agus iad a spreagadh chun an ceart sin a fheidhmiú; de bhrí, agus an ceart achainí á fheidhmiú acu, go bhfuil saoránaigh ag dréim go gcuirfidh institiúidí AE breisluach ar fáil trí réiteach a fháil ar a gcuid fadhbanna;

F. de bhrí go leagtar síos na critéir maidir le hinghlacthacht achainíocha in Airteagal 227 CFAE agus i Riail 226 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, lena gceanglaítear gurb iad saoránaigh nó cónaitheoirí AE, ar a bhfuil tionchar díreach ag gnóthaí a thagann faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh, na daoine a chaithfidh achainíocha a thíolacadh;

G. de bhrí gur dearbhaíodh go raibh 392 achainí as an 1 573 achainí a tíolacadh in 2020 neamh-inghlactha agus gur tarraingíodh 51 achainí siar; de bhrí go léiríonn céatadán réasúnta ard (24.92 %) d’achainíocha neamh-inghlactha in 2020 go bhfuil easpa soiléireachta ann go forleathan maidir le raon feidhme agus teorainneacha réimsí freagrachta an Aontais;

H. de bhrí go bhfuil an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa ar cheann de chearta bunúsacha shaoránaigh AE; de bhrí go dtugann an ceart achainí a dhéanamh sásra oscailte, daonlathach agus trédhearcach do shaoránaigh agus do chónaitheoirí AE chun aghaidh a thabhairt go díreach ar a n-ionadaithe tofa agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé riachtanach chun rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i réimsí gníomhaíochta an Aontais a chumasú;

I. de bhrí go dtugann an ceart achainí a dhéanamh deis don Pharlaimint feabhas a chur ar a freagrúlacht maidir le gearáin agus ábhair imní a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha AE agus comhlíonadh reachtaíocht AE sna Ballstáit; de bhrí gur foinse úsáideach faisnéise iad achainíocha dá bhrí sin, maidir le cásanna de mhífheidhmiú nó sáruithe ar dhlí AE agus, dá bhrí sin, go gcuireann siad ar chumas na Parlaiminte agus institiúidí eile AE measúnú a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí AE agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar chearta shaoránaigh agus chónaitheoirí AE;

J. de bhrí go bhfuil an Pharlaimint chun tosaigh le fada maidir leis an bpróiseas achainíocha a fhorbairt go hidirnáisiúnta agus go bhfuil an próiseas achainíocha is oscailte agus is trédhearcaí aici san Eoraip, rud a fhágann gur féidir le hachainígh páirt a ghlacadh ina cuid gníomhaíochtaí;

K. de bhrí go ndéanann an Coiste um Achainíocha scrúdú cúramach ar gach achainí a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte agus go ndéileálann sé leo; de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach achainíoch freagra a fháil ina gcuirtear in iúl dó nó di faoin gcinneadh i dtaobh inghlacthachta agus gníomhaíochtaí leantacha a ghlac an coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama, ina theanga féin nó ina teanga féin nó sa teanga a úsáidtear san achainí; de bhrí go bhféadfaidh achainíoch ar bith a iarraidh go n-athosclófaí a (h)achainí ar bhonn aon fhorbairtí ábhartha;

L. de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí an Choiste um Achainíocha bunaithe ar ionchur ó achainígh; de bhrí go bhfuil an fhaisnéis a thíolacann achainígh ina n-achainíocha agus ag cruinnithe coiste, mar aon le measúnú an Choimisiúin agus na freagraí ó na Ballstáit agus ó chomhlachtaí eile, ríthábhachtach d’obair an choiste; de bhrí go soláthraíonn achainíocha inghlactha rannchuidithe luachmhara d’obair na gcoistí parlaiminteacha eile, ós rud é go gcuireann an Coiste um Achainíocha ar aghaidh iad chuig coistí eile chun tuairim a fháil nó chun faisnéis a fháil;

M. de bhrí go leagann an Coiste um Achainíocha tábhacht ar leith ar scrúdú agus ar phlé poiblí achainíocha ag a chruinnithe; de bhrí gur minic a thugtar cuireadh d’achainígh a n-achainíocha a thíolacadh agus páirt iomlán a ghlacadh sa phlé, rud a chuireann go gníomhach le hobair an choiste; de bhrí go raibh 13 ghnáthchruinniú coiste ag an gCoiste um Achainíocha in 2020, inar pléadh 116 achainí le 110 n-achainíoch i láthair, agus ina raibh 78 n-achainíoch rannpháirteach go gníomhach nuair a labhair siad; de bhrí go mínítear líon níos ísle na n-achainíocha a pléadh ag cruinnithe in 2020 i gcomparáid le 2019 leis na hamlínte laghdaithe le haghaidh cruinnithe coiste, go háirithe ó mhí Aibreáin go mí Iúil, mar gheall ar na saoráidí ateangaireachta teoranta mar thoradh ar bhearta réamhchúraim na Parlaiminte i gcomhthéacs na paindéime;

N. de bhrí go mbaineann na príomhábhair imní a ardaíodh in achainíocha a tíolacadh in 2020 le cearta bunúsacha (go háirithe tionchar bhearta éigeandála COVID-19 ar an smacht reachta agus ar an daonlathas, agus ar shaoirse gluaiseachta, an ceart chun oibre, an ceart chun faisnéise agus an ceart chun oideachais, mar aon le líon mór achainíocha a bhaineann le cearta éigeandála  LADTI+ san Aontas), sláinte (go háirithe ceisteanna maidir leis an ngéarchéim sláinte poiblí mar thoradh ar an bpaindéim, ó chosaint shláinte na saoránach, lena n-áirítear cóireálacha agus trealamh cosanta, go dtí bainistiú na géarchéime sláinte sna Ballstáit agus soláthar agus dáileadh vacsaíní), an comhshaol (gníomhaíochtaí mianadóireachta den chuid is mó agus a dtionchar ar an gcomhshaol, sábháilteacht núicléach, truailliú aeir agus meath éiceachóras nádúrtha), ceartas (go háirithe na saincheisteanna a bhaineann le rochtain ar cheartas nó neamhrialtachtaí nós imeachta líomhnaithe nó ábhair imní maidir leis an smacht reachta, mar aon le cásanna trasteorann d’fhuadach leanaí agus cearta coimeádta), fostaíocht (go háirithe inrochtaineacht an mhargaidh fostaíochta agus fostaíocht fhorbhásach), oideachas (go háirithe ceisteanna a bhaineann le rochtain idirdhealaitheach ar oideachas), agus leis an margadh inmheánach, (go háirithe ceisteanna a bhaineann le srianta taistil náisiúnta i gcomhthéacs na paindéime agus a dtionchar ar shaoirse gluaiseachta daoine laistigh den Aontas agus lasmuigh de), agus cur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, i dteannta go leor réimsí gníomhaíochta eile;

O. de bhrí gur tíolacadh 79.7 % (1 254) de na hachainíocha a fuarthas in 2020 trí Thairseach Gréasáin Achainíocha na Parlaiminte, i gcomparáid le 73.9 % (1 003 achainí) in 2019, rud a dheimhníonn go bhfuil Tairseach Gréasáin Achainíocha na Parlaiminte tagtha chun bheith ar an mbealach is mó ar fad a úsáidtear chun achainíocha saoránach a chur faoi bhráid na Parlaiminte;

P. de bhrí go ndearnadh forbairt bhreise ar Thairseach Ghréasán na nAchainíocha in 2020 ina thairseach níos soláimhsithe, níos sláine agus níos inrochtana do shaoránaigh; de bhrí go ndearnadh na ceisteanna coitianta a thabhairt cothrom le dáta agus go ndearnadh roinnt feabhsuithe ar chosaint sonraí chun na moltaí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur chun feidhme agus gur tugadh isteach sásra nua aisghabhála pasfhocail; de bhrí go ndearnadh tuilleadh forbartha ar an idirnasc idir Tairseach Gréasáin na nAchainíocha, ePeti agus PETIGREF agus go ndearnadh obair chun a áirithiú go ndéanfar forbairtí seachtracha agus Hermes a chomhtháthú; de bhrí gur déileáladh go rathúil le líon mór iarrataí aonair ar thacaíocht;

Q. de bhrí gur cuireadh cuid mhaith de na hachainíocha maidir le COVID-19 ar an gclár oibre in 2020 trí bhíthin an nós imeachta práinne;

R. de bhrí nach raibh ach cuairt faisnéise amháin ag an gCoiste um Achainíocha in 2020; de bhrí nach bhféadfadh aon chuairt faisnéise eile tarlú de dheasca na paindéime agus mar thoradh ar chinneadh a rinne Uachtarán na Parlaiminte imeachtaí parlaiminteacha a chur ar ceal, lena n-áirítear toscaireachtaí, mar cheann de na bearta réamhchúraim riachtanacha a glacadh chun scaipeadh COVID-19 a laghdú agus rioscaí sláinte d'Fheisirí agus d’fhoireann na Parlaiminte a íoslaghdú;

S. de bhrí go ndearna an Coiste um Achainíocha mar choiste comhlachaithe, in éineacht leis na coistí atá freagrach as an ábhar (an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) agus an Coiste um Chultúr agus um Oideachas (CULT)) éisteacht phoiblí a eagrú maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (ECI) dar teideal Minority Safepack – one million signed for diversity in Europe [Minority Safepack – aon mhilliún síniú don éagsúlacht san Eoraip] an 15 Deireadh Fómhair 2020; de bhrí, mar gheall ar an bpaindéim, gur tionóladh an éisteacht i bhformáid hibrideach agus bhí lucht eagraithe de chuid ECI in ann páirt a ghlacadh sa chruinniú go cianda, agus go raibh an pobal in ann an cruinniú a leanúint trí shruthú gréasáin;

T. de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, in obair an Choiste um Achainíocha agus go bhfuil an fhaisnéis a chuireann na hachainígh ar fáil úsáideach chun a fháil amach an ndearnadh sárú ar an dlí Eorpach nó ar cuireadh dlí AE i bhfeidhm mar is ceart;

U. de bhrí go bhfuil straitéis an Choimisiúin maidir le dul i ngleic le hachainíocha bunaithe ar Theachtaireacht ó 2016 dar teideal Dlí AE: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr (C(2016)8600);

V. de bhrí sna tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí AE tagraítear d’achainíocha ar bhealach an-ghinearálta, rud a léiríonn nach bhfuil córas cuí ann chun faisnéis a bhailiú maidir le hachainíocha agus faoin gcaoi a nascann siad le nósanna imeachta um shárú nó le gníomhartha AE;

W. de bhrí, faoi na Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an Coiste um Achainíocha freagrach as an gcaidreamh leis an Ombudsman Eorpach, a imscrúdaíonn gearáin faoi dhrochriarachán laistigh d’institiúidí agus comhlachtaí AE; de bhrí gur chuir an tOmbudsman Eorpach reatha, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2019 faoi bhráid an Choiste um Achainíocha ag a chruinniú an 3 Meán Fómhair 2020;

X. de bhrí go bhfuil an Coiste um Achainíocha ina chomhalta de Líonra Eorpach na nOmbudsman, ina gcuimsítear an tOmbudsman Eorpach, na hombudsman náisiúnta agus réigiúnacha agus comhlachtaí comhchosúla de chuid na mBallstát, na tíortha is iarrthóirí, agus tíortha eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus a bhfuil sé mar aidhm aige malartú faisnéise faoi dhlí agus beartas an Aontais a chur chun cinn agus dea-chleachtais a roinnt;

1. ag cur béim ar an ról bunúsach atá ag an gCoiste um Achainíocha maidir le cearta shaoránaigh agus chónaitheoirí AE a chosaint agus a chur chun cinn trína áirithiú go scrúdaítear ábhair imní agus gearáin na n-achainíoch ar bhealach tráthúil agus éifeachtach agus go réitítear iad, nuair is féidir, trí phróiseas achainíocha oscailte, daonlathacha, meara agus trédhearcacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá achainíocha chun prionsabail an daonlathais dhírigh a chur chun cinn agus rannpháirtíocht ghníomhach shaoránaigh AE a fheabhsú;

2. á chur i bhfáth go láidir go bhfuil rannpháirtíocht saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais riachtanach chun Aontas atá níos daonlathaí, níos oscailte agus níos trédhearcaí a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunúsach ag an gCoiste um Achainíocha maidir le rannpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa i ngníomhaíochtaí an Aontais agus gurb é atá ann fóram plé ina bhféadfaidh saoránaigh a dtuairimí a chur in iúl in institiúidí AE; á iarraidh ar institiúidí AE ina gceapadh beartas feabhas a chur ar a bhfreagairt ar fhadhbanna na saoránach trí na tuairimí agus na gearáin arna gcur in iúl in achainíocha a chur san áireamh;

3. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé díospóireacht phoiblí leanúnach a bheith ann maidir le réimsí gníomhaíochta an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear na saoránaigh ar an eolas mar is ceart faoi raon feidhme inniúlachtaí an Aontais agus faoi na leibhéil éagsúla chinnteoireachta; á iarraidh, i ndáil leis an méid sin, go mbeadh feachtais éifeachtacha feasachta ann; á chur i bhfáth go gcuirfeadh rannpháirtíocht ghníomhach na seirbhísí preasa agus cumarsáide ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus meáin shóisialta níos gníomhaí feabhas ar infheictheacht agus freagrúlacht obair an Choiste um Achainíocha i leith ábhair imní phoiblí;

4. á chreidiúint go gcabhródh an iarracht sin le bréagaisnéis a sheachaint maidir le hobair an Choiste um Achainíocha i gcomhréir leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise atá á chur chun cinn ag an gCoimisiún agus go gcabhródh sí le heolas na saoránach a mhéadú maidir lena gceart chun achainí a dhéanamh, agus maidir le raon feidhme agus teorainneacha fhreagrachtaí an Aontais agus inniúlachtaí an Choiste um Achainíocha, d’fhonn líon na n-achainíocha neamh-inghlactha a laghdú; á chreidiúint go bhfuil sé tábhachtach freisin aird a tharraingt ar chásanna rathúla inar réitíodh saincheist le tacaíocht ón gCoiste um Achainíocha a tharraing achainíoch anuas; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá beartas cumarsáide ilteangach AE chun nasc níos fearr a dhéanamh le saoránaigh ó na Ballstáit go léir;

5. ag leagan béim ar an bhfíoras gur cheart leas a bhaint as an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa mar dheis chun ról an Choiste um Achainíocha a mhíniú do shaoránaigh AE, chun gur féidir feasacht a mhúscailt maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh agus chun iad a spreagadh páirt ghníomhach a ghlacadh agus a gcuid ábhar imní agus smaointe a chur in iúl dá n-ionadaithe tofa;

6. á chur i bhfios gurb ionann achainíocha agus doras na Parlaiminte agus institiúidí eile AE a bheith ar oscailt do na saoránaigh agus gur deis uathúil don Pharlaimint agus d’institiúidí eile AE ceangal díreach a dhéanamh le saoránaigh agus cónaitheoirí AE, tuiscint a fháil ar a gcuid fadhbanna, agus idirphlé rialta a choinneáil leo, go háirithe i gcásanna ina ndéanann cur i bhfeidhm mícheart nó sárú ar dhlí AE difear dóibh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar feabhsaithe idir an Coiste um Achainíocha agus príomhchoistí, institiúidí an Aontais, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le fiosrúcháin agus tograí i ndáil le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear freagraí riachtanacha chuig an gCoiste; á chreidiúint go bhfuil an comhar sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na saoránach maidir le cur i bhfeidhm dhlí AE agus chun iad a réiteach, agus go rannchuidíonn sé le dlisteanacht agus cuntasacht dhaonlathach an Aontais a neartú; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh ionadaithe na mBallstát rannpháirteach ar bhealach níos gníomhaí i gcruinnithe coiste agus go dtabharfaí freagraí níos gasta ar na hiarrataí ar shoiléiriú nó ar fhaisnéis a sheol an Coiste um Achainíocha chuig na húdaráis náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún céimeanna a thabhairt chun a áirithiú go bhfuil léirmhíniú raon feidhme Airteagal 51 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh comhleanúnach agus chomh leathan agus is féidir;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún ról níos gníomhaí a bheith aige sa Choiste um Achainíocha chun a áirithiú go bhfaighidh na saoránaigh freagairt mhionsonraithe agus intuigthe;

8. ag leagan béim ar an ngá atá leis an gcur chuige agus an dearcadh a chuir an Coimisiún in iúl ina chuid freagraí chuig an gCoiste um Achainíocha a urramú agus a ról mar chaomhnóir na gConarthaí a urramú;

9. á mheabhrú go gcuireann achainíocha go mór le ról an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí; á chur i bhfáth go bhfuil comhar treisithe idir an Coiste um Achainíocha agus an Coimisiún ríthábhachtach chun a áirithiú go gcaithfear go rathúil le hachainíocha; ag tathant ar an gCoimisiún staonadh ó fhreagraí ginearálta a thabhairt agus freagraí tráthúla, beachta, soiléire agus spriocdhírithe a thabhairt chun freagairt go héifeachtúil d’iarrataí nithiúla na n-achainíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a áirithiú faoi chuimsiú nósanna imeachta Threoirthionscadal AE maidir le hachainíocha a fhaightear, agus nósanna imeachta Threoirthionscadal AE agus nósanna imeachta um shárú atá tugtha chun críche cheana féin, agus aon saincheisteanna a bhaineann leis an sárú ar dhlí AE a tharraingítear anuas trí achainíocha a chur san áireamh mar ábhar tosaíochta nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh i dtaobh nós imeachta um shárú a thionscnamh, go háirithe nuair a bhaineann na saincheisteanna le reachtaíocht chomhshaoil;

10. á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt maidir lena inniúlacht i ndáil le hachainíocha, lena n-áirítear na hachainíocha sin ina dtarraingaítear anuas saincheisteanna a thagann faoi réimse gníomhaíochta AE ach nach dtagann faoi bheartas ina bhfuil inniúlacht reachtach ag an Aontas;

11. á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta a bheith réamhghníomhach agus na bearta is gá á ndéanamh acu chun freagairt d’ábhair imní na saoránach mar a cuireadh in iúl ina n-achainíocha iad, i gcásanna ina dtarlaíonn teip chórasach i gcomhréir le dlí AE; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht AE a chomhlíonadh sna cásanna a scrúdaíodh;

12. á thabhairt chun suntais nach mór don Choiste um Achainíocha na critéir inghlacthachta a leagtar síos in Airteagail 226 agus 227 CFAE agus i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a urramú;

13. á mheabhrú go bhfuil comhar le coistí eile sa Pharlaimint ríthábhachtach chun déileáil go cruinn agus go cuimsitheach le hachainíocha; ag tabhairt dá haire gur seoladh 56 achainí in 2020 chuig coistí eile le haghaidh tuairime agus 385 achainí i gcomhair faisnéise; á chur in iúl gur geal léi go bhfuarthas 40 tuairim agus 60 admháil gur cuireadh achainíocha san áireamh ina gcuid oibre ó choistí eile; ag tabhairt dá haire go n-éascaíonn na héisteachtaí poiblí arna n-eagrú i gcomhpháirt le coistí parlaiminteacha eile scrúdú críochnúil ar achainíocha; á mheabhrú go gcuirtear achainígh ar an eolas maidir leis na cinntí tuairimí a iarraidh ó choistí eile chun déileáil lena n-achainíocha; á iarraidh ar choistí parlaiminteacha dlús a chur lena n-iarrachtaí chun rannchuidiú go gníomhach le scrúdú na n-achainíocha – trína gcuid saineolais a chruthú – agus ar an gcaoi sin a chur ar chumas na Parlaiminte freagairt ar bhealach níos tapúla agus níos cuimsithí d’ábhair imní na saoránach; á chur in iúl gur oth léi nach bhféadfadh an líonra achainíocha teacht le chéile in 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19;

14. á chreidiúint go bhfuil muinín aici gur uirlis úsáideach é an líonra achainíocha chun feasacht a mhúscailt ar na saincheisteanna a tharraingítear anuas in achainíocha agus chun láimhseáil achainíocha a éascú i gcoistí eile a gcuirtear chucu iad le haghaidh tuairime nó le haghaidh faisnéise; á thabhairt dá haire gur gá a áirithiú go n-éascófar obair leantach ar achainíocha san obair pharlaiminteach agus reachtach; den tuairim gur cheart don líonra sin idirphlé agus comhar leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais a fheabhsú; á chur in iúl go gcreideann sí go bhfuil cruinnithe rialta den líonra achainíocha ríthábhachtach chun comhar idir coistí parlaiminteacha a neartú trí mhalartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas i measc chomhaltaí an líonra; á iarraidh ar an bParlaimint go ndéanfadh sí sásra a dhréachtú lena gcuirfí ar chumas an Choiste um Achainíocha a bheith rannpháirteach go díreach sa phróiseas reachtach;

15. ag tarraingt aird ar rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le torthaí phléití an Choiste um Achainíocha le linn 2019[1];

16. á chur i bhfios go bhfuil tuairim curtha in iúl ag an gCoiste um Achainíocha maidir le saincheisteanna tábhachtacha a tarraingíodh anuas in achainíocha trí rannchuidiú le líon suntasach tuarascálacha parlaiminteacha, go háirithe maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach[2], maidir le Faireachán a dhéanamh ar Chur i bhFeidhm Dhlí an Aontais Eorpaigh 2017 agus 2018[3], i ndáil leis na Moltaí maidir leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann[4], maidir le Staid na gCeart Bunúsacha san Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019[5], maidir le neamhionannais a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre[6], ar an Tuirc – Tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn 2019[7], agus ar chur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta don chóir chomhionann san fhostaíocht agus sa ghairm i bhfianaise UNCRPD, d’ainneoin na n-amanna laghdaithe le haghaidh chruinnithe coiste in 2020 mar gheall ar bhearta réamhchúraim na Parlaiminte chun scaipeadh COVID-19 laistigh dá háitreabh a sheachaint agus na saoráidí ateangaireachta laghdaithe mar thoradh air sin[8]; á chur in iúl gur mór aici gach rud a rinne Rúnaíocht an Choiste um Achainíocha i gcoitinne agus, go háirithe, le linn na paindéime, de réir mar a d’éirigh na dálaí oibre níos casta; á chur i bhfáth gur gá machnamh a dhéanamh ar na dúshláin a bhí ann le linn na paindéime agus féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar obair an choiste, go háirithe aimsir géarchéime;

17. á thabhairt chun suntais, ina gcuid moltaí le haghaidh na caibidlíochta maidir le margadh nua leis an Ríocht Aontaithe, gur chuir comhaltaí an Choiste um Achainíocha i bhfáth go raibh sé de cheart ag aon saoránach de chuid an Aontais a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 227 CFAE, a bheith rannpháirteach i dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, agus iarratas a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach tar éis dheireadh measta na hidirthréimhse (31 Nollaig 2020), agus á iarraidh ar an Ombudsman Eorpach leanúint dá hiarrachtaí, arna dtionscnamh le linn na caibidlíochta maidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar, chun trédhearcacht na gcaibidlíochtaí faoin gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú;

18. ag tarraingt aird ar líon mór na n-achainíocha maidir le COVID-19 a scrúdaigh an Coiste um Achainíocha agus ar thug sé freagra orthu in 2020, tríd an nós imeachta práinne a úsáid den chuid is mó; á chur i bhfáth gur iarr formhór na n-achainíocha sin go ndéanfaí cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha na saoránach a chosaint ar na bearta éigeandála, lena n-áirítear dianghlasálacha, agus trédhearcacht a bheith ann i dtaobh vacsaíní COVID-19 a fhorbairt, a cheannach agus a dháileadh. á chur i bhfios go láidir go n-áirítear sna hachainíocha sin freisin ceisteanna maidir le cóireálacha agus trealamh cosanta, chomh maith le measúnú ar bhainistiú na géarchéime sláinte sna Ballstáit; á mheabhrú, freisin, gur léirigh go leor achainíoch imní faoi thionchar na mbeart náisiúnta éigeandála, lena n-áirítear dianghlasálacha, ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha, agus amhras á chaitheamh ar chúrsaí taistil agus oibre, agus ar an easpa comhordaithe a bhí ann i dtús báire i measc na mBallstát maidir le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha ar bhacainní ar shaorghluaiseacht laistigh de limistéar Schengen iad agus ar fhadhb ar leith do go leor oibrithe trasteorann, mic léinn agus lánúineacha dénáisiúnta iad, agus ar bhainistiú eitiltí agus turas a cuireadh ar ceal le linn na paindéime agus ar na beartais aisíocaíochta a bhí ag na haerlínte lenar bhain; á mheabhrú go gcaithfidh gach beart sriantach a bheith riachtanach, comhréireach agus sealadach; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé cur i bhfeidhm éifeachtach, comhionann agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú i dtaca leis an smacht reachta a urramú, arb é ceann de luachanna bunaidh an Aontais agus a Bhallstát é, de bhun Airteagal 2 CAE, fiú, aimsir géarchéime amhail paindéim COVID-19; den tuairim, go háirithe aimsir fíorghéarchéime, gur réamhriachtanas é láimhseáil thapa agus éifeachtach achainíocha chun muinín na saoránach as institiúidí AE a thuilleamh;

19. ag leagan béim ar an gcinneadh a rinneadh le linn na chéad mhíonna den phaindéim tús áite a thabhairt d’achainíocha a bhain le COVID-19 sa Choiste um Achainíocha chun aghaidh a thabhairt i gceart ar éilimh phráinneacha na saoránach le linn na chéad mhíonna de 2020;

20. á chur in iúl gur cúis imní di an tsláinte phoiblí agus na damáistí socheacnamaíocha a dhéanann paindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi an obair shármhaith atá déanta ag an gCoiste um Achainíocha lenar cuireadh imní na saoránach maidir leis an tsláinte phoiblí agus géarchéimeanna socheacnamaíocha a bhaineann le paindéim COVID-19 in iúl, lenar rannchuidíodh le freagrúlacht na Parlaiminte do riachtanais agus d’ionchais na saoránach a áirithiú, go háirithe iad siúd a ndearna an ghéarchéim sláinte difear suntasach dóibh, maidir le cumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar an dúshlán domhanda sin; ag tarraingt aird, ina leith sin, ar na gníomhaíochtaí tábhachtacha leantacha a rinne an Coiste um Achainíocha chun freagairt do na saincheisteanna a ardaíodh in achainíocha a bhaineann le COVID-19, as ar eascraigh go nglacfaí, sa suí iomlánach, na rúin maidir le córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19[9], maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a dteaghlach i ngéarchéim COVID-19[10] agus maidir le dul i ngleic le rátaí easpa dídine in AE[11];

21. á chur i bhfáth go bhfuil rannchuidiú tábhachtach déanta ag an gCoiste um Achainíocha maidir le cearta leanaí a chosaint, mar a léiríodh nuair a dhéileáil sé le roinnt achainíocha maidir le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir sa tSeapáin; ag cur béim, ina leith sin, ar an rún maidir le fuadach idirnáisiúnta agus intíre leanaí AE sa tSeapáin ag tuismitheoir, ar ghlac an Coiste um Achainíocha an tairiscint ina leith an 16 Meitheamh 2020, arna ghlacadh sa suí iomlánach an 8 Iúil 2020[12];

22. ag tarraingt aird ar éisteacht an 29 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal saoránacht an Aontais: Cumhachtú, Cuimsiú, Rannpháirtíocht, arna reáchtaíl go comhpháirteach ag an gCoiste um Achainócha leis an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, leis an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; á mheas gur rannchuidiú suntasach ón bParlaimint le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar Shaoránacht AE an t-imeacht sin agus leis an obair leanúnach atá á déanamh ag an gCoiste um Achainíocha maidir le rannpháirtíocht na saoránach;

23. ag tabhairt dá haire gurb é an tsláinte, in éineacht le cearta bunúsacha, an phríomhábhar imní d’achainíocha in 2020, agus ag aithint go raibh ábhair imní sláinte a bhain le paindéim COVID-19 i gcroílár obair an Choiste um Achainíocha; ag tarraingt aird ar an rún maidir le cistiú breise le haghaidh taighde bithleighis ar Einceifealaimiailíteas Miailgeach, ar ghlac an coiste an tairiscint ina leith an 30 Aibreán 2020, a glacadh sa seisiún iomlánach an 18 Meitheamh 2020[13]; á mheabhrú gur díol sásaimh do phobal na heolaíochta agus na n-othar, rún na Parlaiminte mar go n-iarrtar ann feasacht ar an gcineál sin galair a mhúscailt i measc na mBallstát trí chúrsaí oiliúna a eagrú atá saincheaptha d’údaráis phoiblí, do sholáthraithe cúraim sláinte agus d’oifigigh phoiblí i gcoitinne; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, gur iarr sí go ndéanfaí iarrachtaí comhordaithe agus feabhsaithe ar thaighde agus go dtabharfaí cistiú breise, lena n-áirítear faoin gclár Fís Eorpach, chun tacú le dul chun cinn sa taighde chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí daonna agus socheacnamaíocha a bhaineann le líon méadaitheach na ndaoine aonair a chónaíonn agus a oibríonn le riochtaí atá díchumasach agus ainsealach go fadtéarmach;

24. á thabhairt dá haire go raibh saincheisteanna comhshaoil fós ina n-ábhar mór imní do na hachainígh in 2020; á chur in iúl gur oth léi nach gcuirtear rialacha comhshaoil chun feidhme i gceart i gcónaí sna Ballstáit, mar a thuairiscítear in go leor achainíocha a ardaíonn gearáin faoi thruailliú aeir, faoi mheath na n-éiceachóras nádúrtha, faoin tsábháilteacht núicléach agus faoin tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí mianadóireachta ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth go bhfuil sé an-tábhachtach ionchais shaoránaigh an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh; ag tathant, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht AE chun feidhme mar is ceart sa réimse sin;

25. á chur in iúl gur geal léi an ról maidir leis an gcosaint atá ag an gCoiste um Achainíocha laistigh den Aontas faoi chuimsiú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; ag cur béim ar obair thábhachtach leanúnach an choiste i dtaca le hachainíocha maidir le saincheisteanna a bhaineann le míchumais; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú beagnach faoi dhó ar líon na n-achainíocha maidir le míchumas in 2020 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; á chur i bhfáth go bhfuil idirdhealú agus rochtain ar oideachas agus ar fhostaíocht fós ar na príomhdhúshláin atá roimh dhaoine faoi mhíchumas agus á chreidiúint gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun go mbeidh rochtain iomlán ar sheirbhísí bunriachtanacha; á iarraidh go gcuirfear tograí nithiúla chun feidhme chun cuimsitheacht a chothú agus chun aithint agus inaistritheacht scileanna laistigh den Aontas a éascú;

26. á mheabhrú gur thug an Coiste um Achainíocha aird ar leith in 2020 ar an bplé a rinneadh ar achainíocha maidir leis na deacrachtaí a bhí ag daoine faoi mhíchumas intleachta agus ag a dteaghlaigh le linn phaindéim COVID-19, go háirithe maidir le rochtain ar sheirbhísí sláinte, cúnamh pearsanta agus teagmháil le teaghlaigh agus cúramóirí; ag tarraint aird ina leith sin ar an rún a chuir an Coiste um Achainíocha síos maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a dteaghlach le linn ghéarchéim COVID-19, a glacadh sa suí iomlánach an 8 Iúil 2020; á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar cheardlann bhliantúil an Choiste um Achainíocha maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint – an straitéis nua míchumais – a tionóladh ag an gcruinniú coiste an 28 Deireadh Fómhair 2020;

27. á mheabhrú go bhfuil an caidreamh leis an Ombudsman Eorpach ar cheann de na freagrachtaí a thugtar don Choiste um Achainíocha le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi comhar cuiditheach na Parlaiminte leis an Ombudsman Eorpach, chomh maith lena rannpháirtíocht i Líonra Eorpach na nOmbudsman; ag aithint rannchuidithe rialta an Ombudsman Eorpaigh le hobair an Choiste um Achainíocha le linn na bliana; á chreidiúint go láidir nach mór d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú go ndéanfar obair leantach chomhsheasmhach agus éifeachtach ar mholtaí an Ombudsman;

28. á mheas gur den riachtanas é go mbeadh saoránaigh in ann páirt dhíreach a ghlacadh i dtionscnamh tograí reachtacha; á chur i bhfáth gur ionstraim thábhachtach den tsaoránacht ghníomhach é ECI mar aon le huirlis uathúil den daonlathas rannpháirteach Eorpach don Choiste um Achainíocha agus, dá bhrí sin, nach mór plé leis go hoscailte agus go freagrúil; á chur i bhfios go láidir gur deis thábhachtach é an éisteacht phoiblí don lucht eagraithe a dtionscnamh a chur faoi bhráid institiúidí AE agus saineolaithe go poiblí, rud a chuireann ar chumas an Choimisiúin agus na Parlaiminte tuiscint chríochnúil a fháil ar thorthaí inmhianaithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thogra reachtach a thionscnamh ar bhonn ábhar aon ECI rathúil;

29. á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid institiúidí AE ríthábhachtach chun na leibhéil is airde cosanta a áirithiú do chearta daonlathacha na saoránach agus don mhuinín atá acu as institiúidí AE; á chur in iúl nach léirítear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 atá ann faoi láthair maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, an staid iarbhír a thuilleadh; á chur in iúl gur oth léi go mór gur cuireadh stop leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ar feadh na mblianta gan aon dul chun cinn a dhéanamh ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh athmhúnlú ar rialachán 2001, d’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú trí dhea-chleachtas riaracháin a chur chun cinn, i gcomhréir le ceanglais Chonradh Liospóin;

30. á chur i bhfios go láidir gur uirlis bhunriachtanach í Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha chun próiseas achainíocha atá rianúil, éifeachtúil agus trédhearcach a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na feabhsuithe ar chosaint sonraí agus ar na gnéithe slándála a d’fhág go raibh an tairseach níos soláimhsithe agus níos sláine do shaoránaigh; á chur i bhfáth nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun go mbeidh níos mó saoránach ar an eolas faoin tairseach, trí mheáin shóisialta, a bheidh níos fusa a nascleanúint agus a bheidh go hiomlán inrochtana ag gach saoránach, lena n-áirítear trí chead a thabhairt achainíocha a chur síos i dteangacha comharthaíochta náisiúnta; á iarraidh go bhfoilseofar tuilleadh faisnéise ar Thairseach Gréasáin na nAchainíocha, lena n-áirítear dul chun cinn na n-achainíocha agus fiosrúchán a bhaineann le hinstitiúidí eile; á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar an gcaoi ar féidir cosc a chur le húsáid céannachtaí goidte nó bréagacha agus ag leagan béim ar a phráinní atá sé an córas ríomhairithe clárúcháin agus síniúcháin a athrú nó a nuashonrú chun go mbeidh sé fíor-lúfar agus go mbeidh saoránaigh in ann páirt a ghlacadh, i gcomhréir leis na riachtanais atá acu, i bhfíor-am; ag tacú le tairseach aonair dhigiteach a chruthú ina bhféadfaidh saoránaigh rochtain a fháil ar na nósanna imeachta uile maidir le hachainíocha agus a bheith ar an eolas fúthu;

31. ag tabhairt dá haire cé go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na ndaoine a thacaíonn le hachainí amháin nó níos mó, tá a lán de na hachainígh fós ag rá gur casta na céimeanna a leanúint chun tacaíocht a léiriú d’achainí ar Thairseach Gréasáin Achainíocha na Parlaiminte; den tuairim go gcuirfeadh simpliú an phróisis ar chumas na saoránach a gceart chun achainí a fheidhmiú ar bhealach níos fearr;

32. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus tuarascáil an Choiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig coistí achainíocha na mBallstát, agus chuig a n-ombudsmain náisiúnta nó chuig comhlachtaí inniúla comhchosúla.


 

 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

De bhun Riail 227(7) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, tabharfaidh an Coiste um Achainíocha tuairisc bhliantúil ar thoradh a chuid pléití. An aidhm atá leis an tuarascáil ná forléargas cuimsitheach a thabhairt ar an obair a rinne an coiste in 2020 agus tá ar áireamh inti anailís staidrimh ar na hachainíocha a fuarthas agus a próiseáladh, mar aon le hathbhreithniú ar ghníomhaíochtaí parlaiminteacha eile amhail glacadh tuarascálacha agus tuairimí, eagrú éisteachtaí agus an caidreamh idir an coiste agus institiúidí eile de chuid an Aontais. Is fiú a mheabhrú gur mar gheall ar an gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa a bheith á fheidhmiú ag saoránaigh agus cónaitheoirí de chuid an Aontais faoi Airteagal 227 CFAE, gur ann do phríomhobair an Choiste um Achainíocha agus nach bhfuil an phríomhobair sin nasctha le clár oibre an Choimisiúin.

 

In 2020, mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus na bearta éigeandála a glacadh ar fud an Aontais Eorpaigh chun freagairt do ghéarchéim sláinte poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus de bharr na n-iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann léi, tá dúshláin shuntasacha ann don daonlathas parlaiminteach.

 

Ó thús na paindéime, ghlac Parlaimint na hEorpa sraith beart nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin agus é mar aidhm leo príomhfheidhmeanna na Parlaiminte a áirithiú, agus rioscaí sláinte dá Feisirí agus dá foireann á seachaint. Chun na críche sin, ó mhí an Mhárta 2020 i leith, d’eisigh an tUachtarán roinnt cinntí lena gceanglaítear, inter alia, go gcuirfí ar ceal imeachtaí agus cuairteanna ar áitribh na Parlaiminte sna trí ionad oibre go léir, lena n-áirítear toscaireachtaí agus éisteachtaí coistí, agus acmhainn oibríochtúil chomhlachtaí rialaithe na Parlaiminte, na cruinnithe iomlánacha, na ngnáthchruinnithe coiste agus na ngnáthchruinnithe coiste á gcaomhnú. Laghdaíodh na croíghníomhaíochtaí, ach coinníodh iad chun a áirithiú go bhféadfaí feidhmeanna reachtacha, buiséadacha agus grinnscrúdaithe na hinstitiúide a chur i gcrích.

 

Chun chur ar chumas na bhFeisirí a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí parlaiminteacha óna dtíortha baile, rinne seirbhísí na Parlaiminte iarrachtaí móra chun cianchruinnithe digiteacha agus córais vótála dhigiteacha a fhorbairt, ar nithe iad a cuireadh in oiriúint go sonrach do thimpeallacht oscailte dhinimiciúil ilteangach na Parlaiminte. Baineadh úsáid as na nósanna imeachta cianda sin den chéad uair le linn an tseisiúin iomlánaigh urghnách ar an 26 Márta 2020 – nuair a d’fhormheas an Pharlaimint bearta tacaíochta ríthábhachtacha AE chun dul i ngleic leis an bpaindéim – agus úsáideadh iad ó shin i leith agus táthar á n-uasghrádú agus á bhfeabhsú de réir a chéile.

 

Faoi na cúinsí eisceachtúla sin, ní hamháin go ndearna an Coiste um Achainíocha oiriúnú go tapa don bhealach nua oibre seo ach bhí ról lárnach aige freisin maidir le freagairt phras na Parlaiminte ar ábhair imní na saoránach atá ag dul i méid maidir leis an bpaindéim agus a hiarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha, sóisialta agus daonlathacha a áirithiú.

 

Ar an gcéad dul síos, an 2 Aibreán 2020, chinn an Coiste um Achainíocha gnáthnós imeachta an choiste maidir le déileáil le hachainíocha a oiriúnú chun go mbeidh saoránaigh in ann achainíocha a thíolacadh agus cinntí an choiste a fháil maidir le hinghlacthacht agus gníomhaíochtaí leantacha, ar an ngnáthluas. Chun na críche sin, chinn Comhordaitheoirí méadú a dhéanamh ar nósanna imeachta i scríbhinn chun déileáil leis na moltaí atá á gconspóid agus chun vótáil orthu agus chun torthaí na nósanna imeachta sin a fhógairt. Ar an dara dul síos, chinn na Comhordaitheoirí déileáil le hachainíocha ar COVID-19 tríd an nós imeachta práinne agus iad a phlé i dtosaíocht.

 

Chun na críche sin, tar éis an athbhreithnithe ar fhéilire oibre na Parlaiminte, thionóil an coiste cruinniú urghnách an 30 Aibreán 2020 chun plé a dhéanamh ar ábhair imní na saoránach faoi ráig COVID-19 a ardaíodh i líon mór achainíocha a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte. Ag an gcruinniú sin, bhí a chéad vóta ag an gcoiste trí bhíthin nós imeachta cianda chun go nglacfaí an Dréacht-Tuairim maidir le Moltaí i ndáil leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus maidir leis an Dréacht-Tairiscint i gcomhair Rún maidir le cistiú breise le haghaidh taighde bithleighis ar Einceifealaimiailíteas Miailgeach.

 

Ina theannta sin, bhí gach cruinniú coiste ón 30 Aibreán go dtí an 2 Iúil 2020 dírithe go hiomlán ar bhreithniú a dhéanamh ar achainíocha a thugann aghaidh ar cheisteanna maidir le bainistiú ghéarchéim sláinte COVID-19 agus ar thionchar na mbeart éigeandála náisiúnta ar chearta bunúsacha. Ba é formáid na gcruinnithe sin go dtí mí Mheán Fómhair sliotáin dhá uair an chloig le interactio agus ateangaireacht theoranta mar gheall ar an laghdú ar chumas an bhonneagair ateangaireachta atá ar fáil. Tionóladh cruinnithe coiste in áitribh na Parlaiminte, agus bhí na hachainígh, ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus formhór na bhFeisirí i láthair le rannpháirteach chianda.

 

Ar deireadh, is fiú a mheabhrú gur chomhaontaigh na Comhordaitheoirí ag an gcruinniú a bhí acu an 13 Iúil 2020 scor den nós imeachta práinne agus an gnáthnós imeachta a leanúint maidir le haon achainíocha nua COVID-19 a fuarthas, agus an laghdú beag ar líon na n-achainíocha maidir leis an tsaincheist seo á chur san áireamh. Chomh maith leis sin, ó Mheán Fómhair 2020, mhéadaigh na hamanna do ghnáthchruinnithe coiste go ceithre chruinniú dhá uair an chloig in aghaidh na míosa.

 

 

Anailís staidrimh ar achainíocha a fuarthas in 2020 i gcomparáid le 2019

 

De réir na staitisticí, fuair Parlaimint na hEorpa 1 573 achainí in 2020 arb ionann iad agus méadú 15.9 % i gcomparáid leis an 357 n-achainí a tíolacadh in 2019 agus méadú 28.9 % i gcomparáid le 220 achainí a cláraíodh in 2018. Chuir líon mór na n-achainíocha maidir le COVID-19 go mór le méadú chomh mór sin ar shreabhadh na n-achainíocha a cláraíodh in 2020 i gcomparáid le 2019 agus 2018.

 

Is féidir le húsáideoirí Thairseach Ghréasáin na nAchainíocha tacú le hachainíocha. In 2020, ghníomhaigh 48 882 úsáideoir mar thacadóirí i gcomparáid le 28 076 in 2019. Dá réir sin, in 2020 tháinig méadú suntasach ar líon na n-úsáideoirí a thacaíonn le hachainíocha ar an tairseach ghréasáin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

 

In 2020, chomhshínigh níos mó ná saoránach amháin 48 n-achainí. As na 48 n-achainí a shínigh níos mó ná saoránach amháin, shínigh níos mó ná 1000 saoránach 8 n-achainí agus shínigh níos mó ná 10 000 saoránach 2 achainí.

 

 

Formáid na n-achainíocha

In 2020, tíolacadh beagnach 80% de na hachainíocha trí Thairseach Ghréasáin na nAchainíocha agus tíolacadh 20% de na hachainíocha tríd an bpost. Léiríonn na figiúirí sa dá thábla gur tháinig méadú 25% ar líon na n-achainíocha a tíolacadh trí Thairseach Ghréasáin na nAchainíocha in 2020 i gcomparáid le 2019. Tháinig méadú 45,3 % air freisin i gcomparáid le 2018, nuair a tíolacadh 863 achainí tríd an Tairseach, rud a dheimhníonn go bhfuil Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha tar éis teacht chun bheith ar an mbealach is mó a úsáidtear chun achainíocha saoránach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

 

2020

 

2019

Formáid na hAchainí

Líon na n-achainíocha

%

Tairseach na nAchainíocha

1254

79.7

Litir

319

20.2

Formáid na hAchainí

Líon na n-achainíocha

%

Tairseach na nAchainíocha

1003

73.9

Litir

354

26.1

 

Stádas na n-achainíocha in aghaidh na bliana féilire[14]

Léiríonn an tábla seo a leanas stádas na n-achainíocha ó 2003 go 2020. Is féidir a thabhairt faoi deara, in 2020, go ndearna tromlach na n-achainíocha a dhúnadh laistigh de bhliain tar éis iad a fháil agus tar éis don choiste scrúdú a dhéanamh orthu. Mar thoradh ar an gcomparáid leis na sonraí maidir le stádas na n-achainíocha a áiríodh sna tuarascálacha bliantúla ó 2010 go 2019, is féidir teacht ar an gcinneadh go ndéantar tromlach na n-achainíocha a dhúnadh laistigh de bhliain tar éis iad a fháil agus scrúdú a dhéanamh orthu. Tá céatadáin na n-achainíocha ó 2004 go 2015 atá fós ar oscailt fíoríseal (ó 0.3% go 13.1%). Baineann formhór na n-achainíocha oscailte sin le saincheisteanna comhshaoil agus le himeachtaí leanúnacha maidir le sárú os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó le saincheisteanna ar mian le comhaltaí an choiste cloí go dlúth leo.

Stádas na n-achainíocha

 

Bliain

Líon na n-achainíocha

Nós imeachta oscailte

Nós imeachta dúnta

2020

1 573

652

41.4%

896

57.0%

2019

1 357

363

26.8%

994

73.2%

2018

1 220

299

24.5%

921

75.5%

2017

1 271

256

20.1%

1 015

79.9%

2016

1 569

478

30.5%

1 091

69.5%

2015

1 431

187

13.1%

1 244

86.9%

2014

2 715

225

8.3%

2 490

91.7%

2013

2 891

296

10.2%

2 595

89.8%

2012

1 986

125

6.3%

1 861

93.7%

2011

1 414

71

5.0%

1 343

95.0%

2010

1 656

37

2.2%

1 619

97.8%

2009

1 924

14

0.7%

1 910

99.3%

2008

1 886

19

1.0%

1 867

99.0%

2007

1 506

23

1.5%

1 483

98.5%

2006

1 021

4

0.4%

1 017

99.6%

2005

1 016

3

0.3%

1 013

99.7%

2004

1 002

3

0.3%

999

99.7%

2003

1 315

0

0%

1 315

100.0%

 

Toradh na n-achainíocha[15]

 

 

2020

 

 

 

2019

 

 

Toradh na n-achainíocha

Líon

%

 

Toradh na n-achainíocha

Líon

%

 

 

Inghlactha agus Dúnta

 

 

478

 

30.39%

 

Inghlactha agus Dúnta

 

575

 

42.37%

Inghlactha agus Oscailte

 

 

652

 

41.45%

 

Inghlactha agus Oscailte

 

363

 

26.75%

 

Neamh-inghlactha

 

 

392

 

24.92%

 

 

Neamh-inghlactha

 

406

 

29.9%

 

Aistarraingthe

 

 

51

 

3.24%

 

 

Aistarraingthe

 

13

 

0.9%

 

Seolta chuig CE chun tuairim a fháil

 

 

794

 

52.90%

 

 

Seolta chuig CE chun tuairim a fháil

 

557

 

48.27%

Seolta chuig comhlachtaí eile chun tuairim a fháil

 

 

44

 

2.93%

 

Seolta chuig comhlachtaí eile chun tuairim a fháil

 

43

 

3.73%

Seolta chuig comhlachtaí eile chun críche faisnéise

 

663

 

44.17%

 

 

Seolta chuig comhlachtaí eile chun críche faisnéise

 

554

 

48.01%

 

 


 

Léiríonn na táblaí go bhfuil céatadán na n-achainíocha a dearbhaíodh a bheith neamh-inghlactha in 2020 beagán níos ísle ná céatadán na n-achainíocha a dearbhaíodh a bheith neamh-inghlactha in 2019. Tá céatadán na n-achainíocha inghlactha níos ísle freisin (30.39 %), ar dúnadh iad láithreach tar éis faisnéis a sholáthar don achainíoch in 2020, i gcomparáid le 42.37 % in 2019. Dá bhrí sin, coimeádadh níos mó achainíocha (41.45 %) ar oscailt in 2020 i gcomparáid le 2019, tráth a coimeádadh 26.75 % d’achainíocha ar oscailt.

Ní mór a thabhairt faoi deara freisin gur seoladh níos mó ná leath na n-achainíocha inghlactha chuig an gCoimisiún i gcomhair tuairime sa bhliain 2020.

Ar deireadh, tá céatadán na n-achainíocha a sheoltar chuig comhlachtaí eile le haghaidh tuairime an-chosúil le chéile sa dá bhliain.

 

Líon na n-achainíocha de réir tíre

 

Déanann an dá thábla seo a leanas léiriú in uimhreacha agus i dtéarmaí céatadáin a thabhairt ar athruithe ar achainíocha de réir tíre ó 2019 go 2020. Baineann líon mór achainíocha arna dtíolacadh le linn an dá bhliain le AE. Ciallaíonn sé sin go ndéantar saincheisteanna uile-Aontais a tharraingt anuas leis na hachainíocha sin nó go n-iarrtar leo bearta comhchoiteanna a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. D’fhéadfadh sé go mbeadh achainíocha maidir leis an Aontas Eorpach ag baint le Ballstát amháin nó níos mó freisin agus dá bhrí sin, cláraítear iad faoi AE agus faoin mBallstát/faoi na Ballstáit lena mbaineann. Is mar gheall air sin gur mó líon na n-achainíocha maidir le AE agus na n-achainíocha a bhaineann leis na Ballstáit amháin ná líon iomlán na n-achainíocha a tíolacadh in 2019 agus in 2020.

Ina theannta sin, is fiú a chur i bhfáth gurb ionann na naoi dtír is mó a raibh achainíocha ag gabháil leo sa dá bhliain seachas an Fhrainc. In 2020, tháinig laghdú beagnach faoina leath ar líon na n-achainíocha a bhaineann leis an bhFrainc i gcomparáid le 2019 (21 achainí in 2020 i gcomparáid le 40 achainí in 2019). Ina theannta sin, tháinig athrú suntasach ar ord na dtíortha is mó lena mbaineann. Baineann formhór na n-achainíocha a tíolacadh in 2020 leis an Spáinn le méadú suntasach de 72.6 % i gcomparáid le 2019. Mar chodarsnacht air sin, tháinig laghdú 15.3 % agus 33 % faoi seach ar líon na n-achainíocha a bhaineann leis an nGearmáin agus leis an Iodáil i gcomparáid le 2019.

Baineann athrú suntasach eile leis an Ríocht Aontaithe. In 2020, fuair an coiste 38 achainí maidir leis an Ríocht Aontaithe, ar lú é ná leath d’achainíocha i leith na Ríochta Aontaithe in 2019. I gcodarsnacht leis sin, tháinig méadú suntasach ar achainíocha maidir leis an bPolainn in 2020 (89 achainí) i gcomparáid leis na 51 achainí a tíolacadh in 2019.

Maidir leis na tíortha atá ag bun an liosta, is iad an tSlóivéin agus an Eastóin na tíortha is lú lena mbaineann sa dá bhliain.

 

 

 

 

 

 

 

2020  2019

An Tír lena mBaineann

Achainíocha

%

An tAontas Eorpach

642

33.1

An Spáinn

283

14.6

An Ghearmáin

172

8.9

An Pholainn

89

4.6

An Iodáil

69

3.6

An Rómáin

56

2.9

An Bhulgáir

42

2.2

An Ríocht Aontaithe

38

2.0

An Ghréig

29

1.5

An Ostair

23

1.2

Tíortha eile AE

187

9.3

Tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad

130

6.7

An Tír lena mbaineann

Achainíocha

%

An tAontas Eorpach

599

34.6

An Ghearmáin

203

11.7

An Spáinn

164

9.5

An Iodáil

103

5.9

An Ríocht Aontaithe

90

5.2

An Rómáin

80

4.6

An Bhulgáir

52

3.0

An Pholainn

51

2.9

An Ghréig

46

2.7

An Fhrainc

40

2.3

Tíortha eile AE

218

12.6

Tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad

86

5.0

 

 

 

Teangacha na n-achainíocha

 

In 2020 agus in 2019, tíolacadh achainíocha in 22 cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. B’iad Gearmáinis agus Béarla na teangacha is mó a úsáideadh sa dá bhliain. Ina theannta sin, léiríonn na táblaí gurbh ionann Gearmáinis, Béarla, Spáinnis agus Iodáilis agus beagnach 3/4 (76.5% - 71.8%) na n-achainíocha a fuarthas sa dá bhliain.

 

Ba iad Danmhairgis, Máltais agus Slóivéinis na teangacha is lú a úsáideach in 2020 agus ba iad Slóvaicis, Laitvis agus Slóivéinis na teangacha is lú a úsáideadh in 2019.

 


 

2020  2019

Teanga na hAchainí

Líon na n-achainíocha

%

Gearmáinis

386

24.5

Béarla

379

24.1

Spáinnis

334

21.2

Iodáilis

106

6.7

Polainnis

76

4.8

Rómáinis

52

3.3

Fraincis

37

2.3

Eile

203

12.9

Iomlán

1 573

100

Teanga na hAchainí

Líon na n-achainíocha

%

Gearmáinis

337

24.8

Béarla

331

24.4

Spáinnis

183

13.5

Iodáilis

123

9.1

Rómáinis

60

4.4

Polainnis

56

4.1

Fraincis

53

3.9

Eile

214

15.8

Iomlán

1 357

100

 

 

 

Náisiúntacht na n-achainíoch

Ó thaobh na náisiúntachta de, is ionann achainíocha a thíolaic saoránaigh na Gearmáine agus an líon is airde sa dá bhliain, ar tháinig méadú de 17.1% air in 2020.

 

Ina theannta sin, léiríonn na táblaí thíos méadú suntasach ar líon na n-achainíocha a thíolaic náisiúnaigh na Spáinne agus na Polainne in 2020 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Go sonrach, tháinig méadú 83.1 % agus 45.8 % faoi seach ar achainíocha shaoránaigh na Spáinne agus na Polainne in 2020.

 

Os a choinne sin, tháinig laghdú níos mó ná leath ar líon na n-achainíocha a rinne saoránaigh de chuid na Breataine in 2020 (56.8 %). Faoi mar a tharla in 2019, baineann na príomhcheisteanna a d’ardaigh achainígh ón mBreatain in 2020 le saoránacht an Aontais agus cearta gaolmhara a chailleadh chomh maith le cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

 

 


 

2020

 

 

 

2019

 

 

Príomhnáisiúntacht an achainígh

Líon na n-achainíocha

%

 

Príomhnáisiúntacht an achainígh

Líon na n-achainíocha

%

An Ghearmáin

404

13.8

 

An Ghearmáin

345

25.4

An Spáinn

368

12.5

 

An Spáinn

201

14.8

An Iodáil

127

4.3

 

An Iodáil

139

10.2

An Pholainn

105

3.6

 

An Rómáin

97

7.1

An Rómáin

89

3.0

 

An Ríocht Aontaithe

88

6.5

An Bhulgáir

47

1.6

 

An Pholainn

72

5.3

An Ghréig

45

1.5

 

An Ghréig

55

4.0

An Fhionlainn

40

1.4

 

An Bhulgáir

52

3.8

An Ríocht Aontaithe

38

1.3

 

An Fhrainc

51

3.8

Náisiúntachtaí eile AE

262

8.8

 

Náisiúntachtaí eile AE

231

17.1

Náisiúntachtaí nach de chuid AE iad

51

1.7

 

Náisiúntachtaí nach de chuid AE iad

28

2.0

 

 

Príomhábhair na n-achainíocha

 

Áirítear na deich n-ábhar achainíocha is coitianta sna táblaí thíos. Is féidir a bhaint de thátal as na táblaí go bhfuil cearta bunúsacha agus an comhshaol chun cinn in 2020 agus in 2019.

In 2020, áfach, tháinig méadú suntasach ar líon na n-achainíocha a léirigh ábhair imní maidir le sláinte agus cearta bunúsacha. Gan aon amhras, baineann an méadú is mó le sláinte. Go sonrach, in 2020, fuair an coiste 221 achainí maidir le sláinte i gcomparáid leis na 97 achainí a cláraíodh faoin téama céanna in 2019. Tháinig méadú faoi dhó ar líon na n-achainíocha in 2020 go príomha mar gheall ar líon mór na n-achainíocha ar COVID-19. I ndáil leis an méid sin, is fiú a mheabhrú go mbaineann níos mó ná leath na n-achainíocha ar shláinte leis an éigeandáil sláinte poiblí a thosaigh le tosú agus leathadh COVID-19 (122 as 221).

A mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha, in 2020 d’ardaigh líon na n-achainíocha maidir leis an topaic seo 41.8 % i gcomparáid le 2019. Is díol spéise freisin a thabhairt faoi deara go bhfuil ábhar imní ann in 2020 maidir le 72 achainí as an 268 achainí a cláraíodh faoi théama na gceart bunúsach faoin tionchar atá ag bearta éigeandála náisiúnta COVID-19 ar chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach, lena n-áirítear an tsaoirse gluaiseachta, an ceart chun oibre, an ceart rochtana ar fhaisnéis agus an ceart chun oideachais.

I gcodarsnacht leis sin, in 2020, tháinig laghdú 20.6 % agus 17.9 % faoi seach ar achainíocha maidir leis an gcomhshaol agus leis an gceartas.

 

2020

 

2019

Na deich n-ábhar achainíocha is coitianta

Líon na n-achainíocha

%

Cearta Bunúsacha

268

11.1

Sláinte

221

9.2

Comhshaol

200

8.3

Ceartas

151

6.3

Oideachas & Cultúr

104

4.3

An Margadh Inmheánach

99

4.1

Iompar

79

3.3

Fostaíocht

68

2.8

Gnóthaí Sóisialta

60

2.5

Maoin & Aiseag

13

0.5

Na deich n-ábhar achainíocha is coitianta

Líon na n-achainíocha

%

Comhshaol

252

12.2

Cearta Bunúsacha

189

9.2

Ceartas

184

8.9

Sláinte

97

4.7

Iompar

90

4.4

An Margadh Inmheánach

90

4.4

Fostaíocht

79

3.8

Oideachas & Cultúr

62

3.0

Gnóthaí Sóisialta

45

2.2

Maoin & Aiseag

33

1.6

 

 

Tairseach Gréasáin na nAchainíocha

Rinneadh Tairseach Gréasáin na nAchainíocha, a bunaíodh ag deireadh 2014, a fheabhsú tuilleadh chun go mbeadh sé níos soláimhsithe agus níos inrochtana do shaoránaigh.

 

In 2020, rinneadh uasghráduithe teicniúla tábhachtacha a chuireann ar chumas na n-úsáideoirí feabhas a chur ar an taithí a bhíonn ag daoine ar an tairseach gréasáin. Ar an gcéad dul síos, rinneadh dhá eisiúint den tairseach gréasáin, eadhon i mí Lúnasa agus i mí na Samhna 2020, inar áiríodh roinnt ceartúchán agus éabhlóidí a bhí dírithe den chuid is mó ar leochaileachtaí slándála a réiteach. Ar an dara dul síos, tugadh na ceisteanna coitianta (CCanna) cothrom le dáta agus cuireadh seatanna scáileáin nua leis. Ina theannta sin, rinneadh roinnt feabhsuithe ar chosaint sonraí chun na moltaí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur chun feidhme agus tugadh isteach sásra nua maidir le pasfhocail a aisghabháil. Thairis sin, rinneadh tuilleadh forbartha ar an idirnasc idir Tairseach Gréasáin na nAchainíocha, ePeti agus PETIGREF, a raibh athchóiriú fairsing ar an gcomhéadan úsáideora i gceist leis. Ar deireadh, rinneadh obair chun a áirithiú go ndéanfar forbairtí seachtracha agus Hermes a chomhtháthú.

 

Rinneadh na feabhsuithe agus na nuashonruithe sin go léir a thíolacadh agus a phlé ag cruinniú Choiste Stiúrtha Thairseach na nAchainíocha, a bhí ar siúl ar an 16 Deireadh Fómhair 2020.

 

 

Caidreamh leis an gCoimisiún

Tá an Coimisiún fós ina chomhpháirtí nádúrtha den Choiste um Achainíocha agus achainíocha á bpróiseáil, mar institiúid de chuid AE atá freagrach as cur chun feidhme agus comhlíonadh dhlí AE a áirithiú. Tá leibhéal comhair atá seanbhunaithe agus cothabháilte go seasta ag an gcoiste agus ag an gCoimisiún. Is é an Ard-Rúnaíocht an príomhphointe teagmhála sa Choimisiún, a dhéanann dáileadh na n-achainíocha chuig seirbhísí ábhartha an Choimisiúin a chomhordú agus freagraí ón gCoimisiún a tharchur chuig rúnaíocht an choiste. Cé go bhfuil dlús curtha ag an gCoimisiún lena iarrachtaí freagairtí tráthúla a chur ar fáil, creideann an coiste gur cheart don Choimisiún a bheith níos gníomhaí in obair an Choiste um Achainíocha chun a áirithiú go bhfaighidh achainígh freagairt bheacht dá n-iarrataí agus dá ngearáin maidir le cur chun feidhme dhlí AE.

Ina theannta sin, iarrann an coiste an athuair go ndéanfaí nuashonruithe rialta ar fhorbairtí in imeachtaí um shárú agus ar thrédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid maidir le sárú agus nósanna imeachta píolótacha AE, a bhaineann le hachainíocha oscailte. Ar deireadh, tá an coiste fós ríthábhachtach maidir le beartas forfheidhmithe nua an Choimisiúin a fógraíodh i dteachtaireacht 2016 uaidh dar teideal  ‘Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr trí Chur i bhFeidhm Níos Fearr’ (C(2016)8600), a bhfuil sé mar aidhm leis saoránaigh a stiúradh go dtí an leibhéal náisiúnta i gcás nach n-ardaíonn gearáin nó achainíocha saincheisteanna maidir le prionsabal níos leithne nó mainneachtain chórasach dhlí an Aontais a chomhlíonadh. I ndáil leis sin, measann an coiste gur cheart don Choimisiún a sheiceáil an ndéanann na húdaráis náisiúnta na bearta is gá chun freagairt d’ábhair imní na saoránach mar a cuireadh in iúl ina n-achainíocha.

In 2020, i bhfianaise na n-amanna laghdaithe le haghaidh cruinnithe coiste agus gníomhaíochtaí mar gheall ar bhearta réamhchúraim na Parlaiminte chun leathadh COVID-19 a theorannú, rinne Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí cinneadh eisceachtúil (an 3 Aibreán 2020) go bhféadfadh coistí malartú tuairimí a reáchtáil leis an gCoimisiún i bhformáid scríofa.

 

Mar thoradh ar an gcinneadh sin, ar an 21 Aibreán 2020, chuir Cathaoirleach an choiste litir chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Maroš Šefčovič, ina raibh liosta ceisteanna a raibh sé i gceist ag an gCoimisiún den chuid is mó bearta a fhiosrú ina leith chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta a d’eascair as paindéim COVID-19, faoi rannpháirtíocht an Choimisiúin in obair an choiste agus ina chur chuige maidir le hachainíocha gan sáruithe sistéamacha ar dhlí an Aontais a tharraingt anuas chomh maith le sraith ceisteanna idirinstitiúideacha ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go hoibleagáidí trédhearcachta sa Chomhairle. Agus na freagraí a thíolaic Leas-Uachtarán an Choimisiúin á gcur san áireamh, an 7 Bealtaine 2020, ghlac an coiste a phríomhtheachtaireachtaí maidir leis an tuarascáil achomair ón bParlaimint faoi chuimsiú an idirphlé struchtúrtha.

 

Ina theannta sin, mar chuid de thimthriall bliantúil an idirphlé struchtúrtha, chuir an Coiste um Achainíocha fáilte roimh chian-rannpháirtíocht an Leas-Uachtaráin, Maroš Šefčovič, ag an gcruinniú a bhí aige an 3 Nollaig 2020. Ba é cuspóir an chleachtais seo obair leantach a dhéanamh ar an nós imeachta i scríbhinn a seoladh i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2020 agus plé a dhéanamh ar na tionscnaimh ábhartha atá mar chuid de Chlár Oibre nua an Choimisiúin, agus go háirithe i ndáil leis an bpríomhuaillmhian ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’ a bhaint amach. Mhol an Coimisinéir an comhar torthúil leis an gCoiste um Achainíocha agus chuir sé béim ar roinnt de na pointí is suntasaí i gClár Oibre an Choimisiúin.

Ar deireadh, an 2 Nollaig 2020, bhí malartú tuairimí ag an gcoiste le B. Uas. Salla Saastamoinen, Ard-Stiúrthóir Gníomhach Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí an Choimisiúin, maidir le torthaí an fhaireacháin ar bhearta COVID-19 a thug na Ballstáit isteach.

 

Caidreamh leis an gComhairle

Freastalaíonn Comhaltaí Rúnaíocht na Comhairle ar chruinnithe an Choiste um Achainíocha ó am go chéile. Ar an drochuair, in 2020, bhí rannpháirtíocht na Comhairle i ndíospóireachtaí an-teoranta. I ndáil leis sin, measann an coiste go mbeadh gá le comhar níos gníomhaí leis na Ballstáit chun na hachainíocha sin a dhíbhlocáil, a éilíonn freagraí agus freagairtí gasta ó na húdaráis náisiúnta. In ainneoin sin, aithníonn an coiste na hiarrachtaí ó roinnt Ballstát ar rannchuidiú go gníomhach leis an bplé maidir le hachainíocha faoi seach i gcruinnithe na gcoistí. I ndáil leis sin, is fiú rannpháirtíocht Bhuanionadaíocht na Slóvaice a mheabhrú sa phlé maidir le hachainí Uimh. 0194/2020 maidir le héilliú líomhnaithe sa tSlóvaic ag an gcruinniú coiste an 10 Samhain 2020.

 

Caidreamh leis an Ombudsman Eorpach

Tá caidreamh maith oibre cothaithe ag an gCoiste um Achainíocha le hoifig an Ombudsman Eorpaigh.

Chuir an tOmbudsman Eorpach reatha, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2019 faoi bhráid an Choiste um Achainíocha ag a chruinniú an 3 Meán Fómhair 2020. Ag an ócáid seo, ghabh an tOmbudsman buíochas leis an bParlaimint as a haththoghadh agus leag sí béim ar an gcaidreamh speisialta leis an gCoiste um Achainíocha. Rinne sí cur i láthair gairid freisin ar dhul chun cinn a cuid oibre le bliain anuas, thug sí samplaí de chásanna aonair a réitigh a hinstitiúid agus thug sí dá haire an dul chun cinn atá déanta ag institiúidí maidir le cleachtais riaracháin a fheabhsú. Thairis sin, chuir an tOmbudsman fáilte roimh thacaíocht ollmhór na Parlaiminte do Thuarascáil Speisialta an Ombudsman Eorpaigh maidir le cuntasacht na Comhairle agus trédhearcacht a próisis reachtaíochta.

Caidreamh le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Le blianta beaga anuas, tá caidreamh oibre cuiditheach forbartha ag an gCoiste um Achainíocha le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus tá an Coiste tar éis rannchuidiú go gníomhach lena cláir oibre bhliantúla.

In 2020, thíolaic an Coiste um Achainíocha na tograí seo a leanas mar ionchur do chlár oibre CIE 2021: - ‘Measúnú ar úsáid chistí agus chláir an Aontais chun comhrac i gcoinne na bochtaineachta laistigh de AE’; - ‘Leas ainmhithe agus iad á n-iompar - An gcloíonn AE le leas ainmhithe agus iad á n-iompar?’.

Ina theannta sin, i litir dar dáta an 11 Bealtaine 2020, thug Uachtarán CIE an deis do na coistí moltaí breise a chur faoi bhráid Chlár Oibre CIE 2021 chun saincheisteanna a bhaineann le paindéim COVID-19 a chumhdach. I ndáil leis an méid sin, thíolaic an Coiste um Achainíocha roinnt tograí forlíontacha, lena n-áirítear measúnú ar thionchar COVID-19 ar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála sa Mheánmhuir, ar shaoirse gluaiseachta d’oibrithe trasteorann agus imirceacha agus ar fhoréigean inscne le linn na dianghlasála chomh maith le measúnú ar riachtanais agus ar sholáthar earraí agus seirbhísí a n-íocann cistí AE astu i ndáil le tionscadail COVID-19.

Ar deireadh, ar an 20 Eanáir 2020, d’éist an Coiste um Achainíocha le cur i láthair Thuarascáil Speisialta Uimh. 14/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: ‘Cloisimis Uait!’: bíonn saoránaigh rannpháirteach i gcomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin, ach ní shroicheann siad gníomhaíochtaí for-rochtana’ ón Rapóirtéir B. Uas. Annemie Turtelboom.

 

Caidreamh le comhlachtaí eile de chuid an Aontais

An 19 Feabhra 2020, d’éist an Coiste um Achainíocha le cur i láthair Thuarascáil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dar teideal The real right of persons under disabilities to vote in European Parliament elections [An fíorcheart atá ag daoine faoi mhíchumas vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa] (Tuarascáil Faisnéise) ón Rapóirtéir, Krzysztof Pater.

 

Cuairteanna faisnéise

In 2020, reáchtáil an Coiste um Achainíocha misean aimsithe fíoras maidir le nósanna imeachta forfheidhmithe an chóid shibhialta nós imeachta agus an úsáid líomhnaithe a baineadh as clásail drochúsáide sa Bhulgáir, a bhí ar siúl an 24-26 Feabhra 2020. Rinneadh an dréacht-tuarascáil maidir leis an gcuairt aimsithe fíoras ar an mBulgáir a mheas ag an gcruinniú coiste an 10 Samhain 2020.

Cé gur chinn na Comhordaitheoirí i mí Eanáir 2020 gur cheart don choiste dhá chuairt aimsithe fíoras a dhéanamh sa dara leath de 2020, eadhon cuairt a thabhairt ar Oifig Leasa Óige na Gearmáine (Jugendamt) agus ar réigiún na mBascach sa Spáinn, cuireadh isteach ar eagrú na misean sin tar éis d’Uachtarán na Parlaiminte imeachtaí parlaiminteacha a chur ar ceal, lena n-áirítear toscaireachtaí, mar cheann de na bearta réamhchúraim a glacadh chun leathadh COVID-19 a laghdú agus chun rioscaí sláinte dá Feisirí agus dá baill foirne a íoslaghdú. Mar gheall ar an gcinneadh sin, níor tharla aon mhisean aimsithe fíoras eile in 2020.

 

Éisteachtaí poiblí

Mar a luadh sna nótaí tosaigh, cuireadh eagrú na n-éisteachtaí ar ceal le linn an chéad seimeastair 2020 ar a laghad mar bheart réamhchúraim chun leathadh COVID-19 laistigh d’áitribh na Parlaiminte a chuimsiú. Míníonn an cinneadh seo líon an-teoranta éisteachtaí a eagraíodh in 2020.

Go sonrach, an 29 Deireadh Fómhair 2020, thionóil an Coiste um Achainíocha i gcomhpháirt leis na Coistí um Ghnóthaí Dlíthiúla, um Ghnóthaí Bunreachtúla agus um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile éisteacht phoiblí maidir le ‘Saoránacht an Aontais: Cumhachtú, Cuimsiú, Rannpháirtíocht’. Is ionann an t-imeacht agus rannchuidiú na Parlaiminte i dtuarascáil 2020 an Choimisiúin ar Shaoránacht AE agus fóram le haghaidh plé ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí maidir le cearta saoránachta AE, a rinne an Coimisiún idir Iúil agus Deireadh Fómhair 2020. Díríodh san éisteacht ar shaoránacht an Aontais mar luach inbhraite do shaoránaigh ar an láthair, lena n-áirítear le linn phaindéim COVID-19, agus ar chuimsitheacht a chothú sna próisis dhaonlathacha agus cumhachtú na saoránach. Ar deireadh, rinneadh breithniú sa díospóireacht ar bhealaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo chun cearta saoránachta AE a shimpliú agus a neartú, chun luachanna shaoránacht AE agus rannpháirtíocht dhaonlathach na saoránach a chur chun cinn agus ag an am céanna machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú phaindéim COVID-19.

 

 

Na príomh-shaincheisteanna

 COVID-19 agus an tsláinte

Maidir le saoránaigh atá ag streachailt leis na héigeandálaí sláinte agus socheacnamaíocha a d’eascair as ráig COVID-19, chuir siad a n-imní faoi bhráid na Parlaiminte trína tairseach do shaoránaigh nádúrtha, go háirithe an Coiste um Achainíocha. In 2020, rinne an coiste 209 achainí maidir le COVID-19 a fháil, a scrúdú agus a fhreagairt.

 

D’fhéadfadh sé gur fiú é a chur i bhfáth go dtarraingíonn 122 achainí as na hachainíocha sin ceisteanna maidir le sláinte phoiblí, ó chosaint shláinte na saoránach ar leathadh an víris, lena n-áirítear maidir le cóireálacha agus trealamh cosanta, go bainistiú na géarchéime sláinte sna Ballstáit agus go dtí fáil agus dáileadh vacsaíní.

 

Os a choinne sin, tá 72 achainí as na hachainíocha ar COVID-19 dírithe níos mó ar thionchar na mbeart éigeandála náisiúnta, lena n-áirítear dianghlasáil, ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha. Go háirithe, tá na srianta taistil agus oibre ard i liosta na n-ábhar imní atá ag na saoránaigh. Baineann saincheisteanna móra eile a d’ardaigh achainígh le hiompar, go háirithe le bainistiú eitiltí agus turas a cuireadh ar ceal le linn na paindéime agus leis na sásraí cúitimh.

 

Mar a luadh sna ráitis tosaigh, ag na cruinnithe a bhí aige ó mhí Aibreáin go mí Iúil 2020, phléigh an coiste, mar thosaíocht, na hábhair mhóra imní seo a leanas atá ag na saoránaigh maidir le leathadh COVID-19 agus na himpleachtaí a bhaineann leis: - athchóiriú agus cumhacht a thabhairt don Aontas aghaidh níos fearr a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus ionstraimí airgeadais an Aontais a leathnú; - bainistiú eitiltí agus turas a cuireadh ar ceal ag iompróirí aerlíne agus ag gníomhaireachtaí taistil le linn na ráige COVID-19; - tionchar na mbeart a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19 ar chóras Schengen; - vacsaíniú i gcoinne COVID-19; - an staid dheacair ina bhfuil daoine gan dídean san Eoraip le linn na paindéime COVID-19; - dídeanaithe agus cónaitheoirí áitiúla ar na hoileáin Aeigéacha a chosaint ar COVID-19; - srianta taistil arna bhforchur ag Ballstáit áirithe; - tionchar COVID-19 ar chearta daoine faoi mhíchumas intleachtúil.

Maidir leis an toradh a chinn an Coiste, is fiú a mheabhrú go raibh 135 achainí maidir le COVID-19 fós ar oscailt in 2020 cé gur dúnadh 74 achainí. Thar aon rud eile, mar ghníomhaíochtaí leantacha, ghlac an coiste Tairiscint i gcomhair Rún maidir le córas Schengen agus bearta a glacadh le linn na géarchéime COVID-19, Tairiscint i gcomhair Rún maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a dteaghlach i ngéarchéim COVID-19 agus Tairiscint i gcomhair Rún maidir le dul i ngleic le rátaí easpa dídine san Aontas Eorpach.

Ar deireadh, is fiú a mheabhrú gur ghlac an coiste, i gcomhthéacs na sláinte, Tairiscint thábhachtach a rabhthas ag dréim léi go mór i gcomhair Rún maidir le cistiú breise le haghaidh taighde bithleighis ar Einceifealaimiailíteas Miailgeach, ar chuir an pobal eolaíochta agus pobal na n-othar fáilte mhór roimpi.

 Cearta Bunúsacha

In 2020, phléigh an coiste líon mór achainíocha maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear maidir le tionchar bhearta éigeandála COVID-19 ar an smacht reachta agus an daonlathas agus ar an tsaoirse gluaiseachta, ar an gceart chun oibre, ar an gceart chun faisnéise agus ar an gceart chun oideachais. I ndáil leis sin, thug an coiste aird ar leith ar ábhair imní na saoránach faoi shrianta náisiúnta taistil agus faoin tionchar atá acu ar chóras Schengen. Sa chomhthéacs sin, ghlac an coiste an Tairiscint thuasluaite i gcomhair Rún maidir le córas Schengen agus na bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19. Mar obair leantach ar an bplé ar achainí inar cáineadh staid dheacair 4 milliún duine gan dídean san Eoraip le linn phaindéim COVID-19, ghlac an coiste freisin Rún maidir le dul i ngleic le rátaí easpa dídine san Aontas Eorpach.

 

Ina theannta sin, thug an Coiste aird ar leith ar chearta leanaí. I ndáil leis sin, scrúdaigh sé sraith achainíocha maidir le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir sa tSeapáin, a d’éiligh nach gcomhlíonann an tSeapáin a hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún 1980 na Háige agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989. Sa chomhthéacs sin, thug an coiste éisteacht freisin do B. Uas. Ewa Kopacz, Comhordaitheoir na Parlaiminte um chearta leanaí. Mar bheart leantach, an 16 Meitheamh 2020 ghlac an Coiste Tairiscint i gcomhair Rúin maidir le fuadach idirnáisiúnta agus intíre leanaí an Aontais sa tSeapáin arna dhéanamh ag tuismitheoir.

 

Thairis sin, an 7 Meán Fómhair 2020, ghlac an coiste tuairim ar an Tuarascáil maidir le Staid na gCeart Bunúsacha san Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019 agus ar thuairim maidir leis an Tuarascáil maidir le neamhionannais a laghdú agus béim ar leith á leagan ar an mbochtaineacht lucht oibre.

 

Ar deireadh, an 29 Deireadh Fómhair 2020, thionóil an Coiste um Achainíocha i gcomhpháirt leis na Coistí um Ghnóthaí Dlíthiúla, um Ghnóthaí Bunreachtúla agus um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an éisteacht phoiblí thuasluaite maidir le ‘Saoránacht an Aontais: Cumhachtú, Cuimsiú, Rannpháirtíocht’.

 

 

 Saincheisteanna comhshaoil

In 2020, thug an coiste aird ar leith ar ábhair imní na saoránach maidir le cosaint an chomhshaoil, a pléadh i ngach cruinniú coiste seachas na cruinnithe sin idir Aibreán agus Iúil a bhí dírithe go hiomlán ar achainíocha maidir le COVID-19 a bhreithniú.

Phléigh an coiste na saincheisteanna seo a leanas den chuid is mó: gníomhaíochtaí mianadóireachta agus a dtionchar ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht núicléach, ar thruailliú aeir agus ar mheath na n-éiceachóras nádúrtha. Cé gur pléadh achainíocha ar mhianadóireacht ag roinnt cruinnithe coiste in 2020, ag an gcruinniú a bhí aige i mí Feabhra, scrúdaigh an coiste sraith achainíocha maidir le stáisiúin núicléacha i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Bhulgáir agus an Ghréig agus roinnt achainíocha a tharraing aird ar thruailliú agus ar mheath an éiceachórais i murlach Mar Menor in Murcia na Spáinne.

Ar deireadh, phléigh na Feisirí achainíocha freisin inar ardaíodh saincheist na substaintí tocsaineacha agus na n-iarmhar ceimiceach atá i Muir Bhailt, arna nginiúint ag airm an Dara Cogadh Domhanda a dumpáladh.

 

 Saincheisteanna míchumais

Tá ról cosanta sonrach ag an gCoiste um Achainíocha maidir le comhlíontacht i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) laistigh de ghníomhaíochtaí ceaptha beartais agus reachtaíochta ar leibhéal AE. Laistigh den fhreagracht sin, déileálann an coiste le hachainíocha maidir le saincheisteanna míchumais. Is fiú a chur i bhfáth go láidir go ndearnadh líon na n-achainíocha maidir le míchumas a dhúbailt beagnach in 2020 i gcomparáid le 2019 (20 in 2020 agus 12 in 2019). In 2020, lean an coiste de scrúdú a dhéanamh ar achainíocha maidir le míchumas, rud a nocht gurb iad na príomhdhúshláin atá ann fós ná idirdhealú, rochtain ar oideachas agus fostaíocht chomh maith le cuimsiú.

Mar shampla, d’éist an coiste le hachainí a léiríonn na deacrachtaí a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas intleachta agus ag a dteaghlaigh le linn phaindéim COVID-19, go háirithe maidir le rochtain ar sheirbhísí sláinte, cúnamh pearsanta agus teagmháil le teaghlaigh agus cúramóirí. I ndáil leis sin, ghlac sí freisin an Tairiscint thuasluaite i gcomhair Rún maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlach i ngéarchéim COVID-19.

Ina theannta sin, scrúdaigh an Coiste um Achainíocha achainí Uimh. 1056/2016 maidir le hábhar atá nasctha go dlúth lena ghníomhaíocht, eadhon achainíocha a chur síos do Pharlaimint na hEorpa i dteangacha comharthaíochta náisiúnta a úsáidtear in AE. D’áitigh an achainí, a tíolacadh thar ceann Aontas Eorpach na mBodhar, gur cheart go mbeadh sé de cheart ag úsáideoirí teanga comharthaíochta atá bodhar cumarsáid a dhéanamh ina dteanga chomharthaíochta féin, ar bhonn comhionann le hachainígh eile atá in ann a n-achainíocha a chur isteach sa teanga AE is fearr leo. Rinne an t-achainíoch tagairt d’fhorálacha UNCRPD agus don Chairt um Chearta Bunúsacha agus tháinig sé ar an gconclúid gur cheart institiúidí AE a bheith chun tosaigh maidir le hinrochtaineacht san Eoraip. Mar obair leantach, chinn an coiste foráil a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na mbeart lena dtugtar an ceart do na hachainígh cumarsáid a dhéanamh ina dteanga chomharthaíochta féin agus d’iarr sé ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla a mheas an gá athbhreithniú a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte chun gur féidir an cur chun feidhme a dhéanamh. Chuige sin, bunaíodh tascfhórsa idir-AS maidir le teanga chomharthaíochta ar leibhéal riaracháin i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Thairis sin, ag cruinniú a bhí aige an 19 Feabhra 2020, d’éist an coiste le cur i láthair Thuarascáil Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dar teideal The real right of persons disabilities to vote in European Parliament elections [An fíorcheart atá ag daoine faoi mhíchumas vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa] (Tuarascáil faisnéise).

An 2 Nollaig 2020, ghlac an coiste tuairim maidir leis an Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD.

Ar deireadh, an 28 Deireadh Fómhair 2020, reáchtáil an Coiste um Achainíocha a cheardlann bhliantúil maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint – ‘An Straitéis nua Míchumais’ a d’eagraigh an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla. D’óstáil an cheardlann malartú tuairimí maidir leis an Straitéis Nua 2020-2030 um Míchumas. Chuir an ócáid deis ar fáil chun scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla a chlúdóidh an Straitéis nua um Míchumas agus chun moltaí a bhailiú agus gníomh a chomhordú i measc na rannpháirtithe éagsúla.

Tuarascálacha, Tairiscintí i gcomhair Rúin agus Tuairimí

Seachas cruinnithe mhí Eanáir agus mhí Feabhra, laghdaíodh na sliotáin ama do chruinnithe PETI go sliotáin dhá uair an chloig ar dtús agus ansin go ceithre chruinniú dhá uair an chloig in aghaidh na míosa. D’ainneoin na sliotán ama laghdaithe le haghaidh chruinnithe coiste, d’oibrigh an Coiste um Achainíocha ar luas lasrach chun líon mór comhad parlaiminteach a ghlacadh.

 

I dteannta an Tuarascáil Bhliantúil ar phléití an Choiste um Achainíocha le linn 2019 (2020/2044 (INI)) uaidh, ghlac an coiste na Tairiscintí i gcomhair Rún seo a leanas:

 

 Tairiscint i gcomhair Rún maidir le cistiú breise le haghaidh taighde bithleighis ar Einceifealaimiailíteas Miailgeach (2020/2580 (RSP)) (30 Aibreán 2020);

 

 Tairiscint i gcomhair Rún maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí an Aontais sa tSeapáin arna dhéanamh ag tuismitheoir (2020/2621 (RSP)) (16 Meitheamh 2020);

 

 Tairiscint i gcomhair Rún maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a dteaghlach sa ghéarchéim COVID-19 (2020/2680 (RSP) (16 Meitheamh 2020);

 

 Tairiscint i gcomhair Rún maidir le córas Schengen agus bearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19 (2020/2801 (RSP)) (10 Samhain 2020);

 

 Tairiscint i gcomhair Rún maidir le dul i ngleic le rátaí easpa dídine san Aontas Eorpach (2020/2802(RSP)) (10 Samhain 2020).

 

 

Ar deireadh, ghlac an coiste na tuairimí seo a leanas:

 

 Tuairim i bhfoirm litreach maidir leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2018/0427(NLE)) (21 Eanáir 2020);

 

 Tuairim a ghabhann leis an Tuarascáil maidir le Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh 2017 agus 2018 (2019/2132(INI)) (19 Feabhra 2020);

 

 Tuairim ar na Moltaí maidir leis na caibidlíochtaí i gcomhair comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (2020/2023(INI)) (30 Aibreán 2020);

 

  Tuairim maidir leis an Tuarascáil ar Staid na gCeart Bunúsacha san Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019 (2019/2199(INI)) (7 Meán Fómhair 2020);

 

 Tuairim ar an Tuarascáil maidir le neamhionannais a laghdú le béim ar leith ar bhochtaineacht lucht oibre (2019/2188(INI)) (7 Meán Fómhair 2020);

 

 Tuairim ar an Tuirc – Tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn 2019 (2019/2176(INI)) (29 Deireadh Fómhair 2020);

 

 Tuairim maidir leis an Tuarascáil ar chur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD (2020/2086(INI)) (3 Nollaig 2020).


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

9.11.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

0

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Margrete Auken, Markus Buchheit, Francesca Donato, Eleonora Evi, Gheorghe Falcă, Vlad Gheorghe, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Yana Toom, Loránt Vincze, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Karolin Braunsberger-Reinhold, Jarosław Duda, Angel Dzhambazki, Anne-Sophie Pelletier, Domènec Ruiz Devesa

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Adam Bielan, Ska Keller, Simone Schmiedtbauer

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

26

+

ECR

Adam Bielan, Kosma Złotowski

ID

Markus Buchheit

NI

Francesca Donato

PPE

Karolin Braunsberger-Reinhold, Jarosław Duda, Gheorghe Falcă, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Dolors Montserrat, Simone Schmiedtbauer, Loránt Vincze

RENEW

Vlad Gheorghe, Ulrike Müller, Yana Toom

S&D

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Cristina Maestre Martín De Almagro, Domènec Ruiz Devesa

THE LEFT

Anne-Sophie Pelletier

VERTS/ALE

Margrete Auken, Eleonora Evi, Ska Keller, Tatjana Ždanoka

 

0

-

 

 

 

1

0

ECR

Angel Dzhambazki

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 1 Nollaig 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais