Tuarascáil - A9-0338/2021Tuarascáil
A9-0338/2021

TUARASCÁIL ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a chomhrac: cibearfhoréigean

6.12.2021 - (2020/2035(INL))

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
Rapóirtéirí: Sylwia Spurek, Elissavet Vozemberg-Vrionidi
(Tionscnamh – Riail 47 de na Rialacha Nós Imeachta)
(Nós imeachta comhchoiste – Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta)
(Údair an togra: Sylwia Spurek, Elissavet Vozemberg-Vrionidi)


Nós Imeachta : 2020/2035(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0338/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0338/2021
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a chomhrac: cibearfhoréigean

(2020/2035(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

 ag féachaint d’Airteagal 8, d’Airteagal 83(1) agus d’Airteagal 84 agus d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagail 7, 8, 10, 11, 12, 21, 23, 24, 25, 26 agus 47 di,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025, [Aontas Comhionannais: Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025], agus, go háirithe, an cuspóir maidir le mná agus cailíní a shaoradh ón bhforéigean agus ó steiréitíopaí a leagtar síos ina leith,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis AE maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac 2021-2025,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2017 dar teideal Tackling Illegal Content Online - Towards an enhanced responsibility of online platforms [Dul i nGleic le hÁbhar Neamhdhleathach ar Líne - I dtreo freagracht fheabhsaithe ar ardáin ar líne],

 ag féachaint do theachtaireacht an 24 Meitheamh 2020 ón gCoimisiún dar teideal EU Strategy on victims' rights(2020-2025) [Straitéis de chuid an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025)],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025],

 ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach,

 ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE,

 ag féachaint don Chód Iompair maidir le Fuathchaint Neamhdhleathach Ar Líne a Chomhrac, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún i mí na Bealtaine 2016 agus dá chúigiú babhta faireacháin, a raibh an doiciméad Factsheet – 5th monitoring round of the Code of Conduct [Bileog eolais – an 5ú babhta faireacháin de chuid an Chóid Iompair] mar thoradh air,

 ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a osclaíodh lena shíniú in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011,

 ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 23 Samhain 2001 maidir le Cibearchoireacht,

 ag féachaint don rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis AE maidir le Comhionannas Inscne[1],

 ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le comhionannas a chur chun cinn san oideachas agus i ngairmeacha i réimse na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM)[2],

 ag féachaint dá rún an 11 Márta 2021 inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse do LADTIA atá san Aontas Eorpach[3],

 ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint[4],

 ag féachaint do rún uaithi an 11 Feabhra 2021 maidir le dúshláin amach anseo i ndáil le cearta na mban san Eoraip: breis agus 25 bliana i ndiaidh Dhearbhú Bhéising agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising[5],

 ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime[6],

 ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir leis an mbearna inscne san earnáil dhigiteach a dhúnadh: rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar digiteach[7],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le saoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán[8],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[9],

 ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac[10],

 ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE[11],

 ag féachaint do rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le bearta chun mabáil agus gnéaschiapadh san ionad oibre, i spásanna poiblí agus sa saol polaitiúil in AE a chomhrac[12],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le mná agus cailíní a chumhachtú tríd an earnáil dhigiteach[13],

 ag féachaint do rún uaithi an 26 Deireadh Fómhair 2017 maidir le gnéaschiapadh agus drochúsáid ghnéasach san Aontas Eorpach a chomhrac[14],

 ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta[15],

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2017 maidir le togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach[16],

 ag féachaint d’fhorálacha ionstraimí dlí na Náisiún Aontaithe i réimse chearta an duine, do na forálacha sin a bhaineann le cearta na mban agus cearta leanaí go háirithe, agus d’ionstraimí eile na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus in aghaidh leanaí,

 ag féachaint do rúin an 16 Nollaig 2020 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dar teideal Intensification of efforts to prevent and eliminate all forms of violence against women and girls (A/RES/75/161) [Dlús a chur le hiarrachtaí chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus in aghaidh cailíní a chosc agus a dhíothú] agus dar teideal The right to privacy in the digital age (A/RES/75/176) [An ceart ar phríobháideacht sa ré dhigiteach],

 ag féachaint do rún an 5 Iúil 2018 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dar teideal Accelerating efforts to eliminate violence against women and girls: preventing and responding to violence against women and girls in digital contexts (A/HRC/RES/38/5) [Dlús a chur le hiarrachtaí chun foréigean in aghaidh na mban agus in aghaidh cailíní a dhíothú: cosc a chur agus freagairt d’fhoréigean in aghaidh na mban agus cailíní i gcomhthéacsanna digiteacha,

 ag féachaint do thuarascálacha ó Rapóirtéirí Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban, na cúiseanna agus iarmhairtí lena mbaineann, go háirithe tuarascáil an 18 Meitheamh 2018 maidir le foréigean ar líne in aghaidh na mban agus cailíní ó thaobh chearta an duine de (A/HRC/38/47), tuarascáil an 6 Bealtaine 2020 maidir le foréigean in aghaidh iriseoirí ban a chomhrac (A/HRC/44/52) agus tuarascáil an 24 Iúil 2020 maidir leis an nasc atá idir paindéim ghalar an choróinvíris (COVID-19) agus paindéim an fhoréigin inscnebhunaithe in aghaidh na mban, ina ndírítear ar an bhforéigean teaghlaigh agus ar an tionscnamh ‘síocháin sa bhaile’,

 ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForéigean in aghaidh na mBan a Dhíothú an 20 Nollaig 1993,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Nollaig 1979,

 ag féachaint do Mholadh ginearálta Uimh. 35 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 14 Iúil 2017 maidir le foréigean inscne-bhunaithe in aghaidh na mban, lena nuashonraítear moladh ginearálta Uimh. 19,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989,

 ag féachaint do Bharúil ghinearálta Uimh. 13 (2011) ón gCoiste um Chearta an Linbh an 18 Aibreáin 2011 maidir le ceart an linbh chun saoirse ó gach cineál foréigin,

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus go háirithe do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 maidir le comhionannas inscne,

 ag féachaint do thuarascáil ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip maidir le sábháilteacht iriseoirí baineanna ar líne[17],

 ag féachaint don staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal Combating gender-based violence: Cyber violence - European added value assessment [Foréigean inscnebhunaithe a chomhrac: Cibearfhoréigean - measúnú breisluacha Eorpaigh],

 Ag féachaint do staidéar Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal Cyber violence and hate speech online against women [Cibearfhoréigean agus fuathchaint ar líne in aghaidh na mban],

 ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne,

 ag féachaint do Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus dúshaothrú gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle[18],

 ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle[19],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac[20],

 ag féachaint do thuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) dar teideal Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais],

 ag féachaint do thuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal EU LGBTI II: A long way to go for LGBTI equality [LADTI II AE: Is fada uainn fós comhionannas LGBTI][21]

 ag féachaint do thuairim dhlíthiúil na hAbhcóide Ginearálta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, arb é is aidhm dó an éiginnteacht dhlíthiúil a shoiléiriú i dtaobh an féidir leis an Aontas an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích agus a dhaingniú agus conas is féidir leis an Aontas an méid sin a chur i gcrích, a seachadadh an 11 Márta 202[22],

 ag féachaint d’obair Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), lena n-áirítear Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, agus an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Eagraithe Idirlín dá chuid,

 ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0338/2021),

A. de bhrí gur luach bunúsach gurb ea an comhionannas inscne agus gur croíchuspóir de chuid an Aontais é sin a bhaint amach agus gur cheart é sin a léiriú i mbeartais uile an Aontais; de bhrí gur bunluach de chuid AE gurb ea cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a chumhdaítear in Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), in Airteagail 8, 10, 19 agus 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagil 21 agus 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’); de bhrí go ndírítear leis an gcéad chuspóir de Straitéis Comhionannais Inscne an Aontais 2020-2025 ar dheireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe agus go ndéantar cur síos air mar ‘ceann de na dúshláin is mó dár sochaithe’, toisc go bhfuil tionchar aige ar mhná ar gach leibhéal den tsochaí, gan beann ar aois, oideachas, ioncam, cúlra sóisialta nó tír thionscnaimh nó chónaithe, agus go bhfuil sé ar cheann de na constaicí is tromchúisí atá roimh chomhionannas inscne a bhaint amach;  

B. de bhrí go bhfuil foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe forleathan san Aontas agus go dtuigfear gur cineál ollmhór idirdhealaithe é ag a bhfuil tionchar ollmhór ar íospartaigh agus ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail agus gur sárú é ar chearta an duine atá fréamhaithe go docht sa neamhionannas inscne, lena ndéantar rannchuidiú, buanú agus treisiú ina leith leis an bhforéigean; de bhrí go bhfuil an foréigean inscnebhunaithe fréamhaithe sa dáileadh éagothrom cumhachta idir mná agus fir, i struchtúir agus i gcleachtais phatrarcacha agus i noirm inscne bhunaithe, sa ghnéasachas agus i steiréitíopaí inscne díobhálacha agus i gclaontachtaí, ina bhfuil forlámhas na bhfear agus idirdhealú á dhéanamh ag fir in aghaidh na mban agus na gcailíní gan beann ar a n-éagsúlachtaí, lena n-áirítear daoine LADTI mar thoradh air;

C. de bhrí gur cheart go dtuigfí le foréigean in aghaidh na mban aon ghníomh foréigin inscnebhunaithe as a n-eascraíonn nó ar dóchúil go n-eascróidh dochar nó fulaingt fhisiceach, gnéis, síceolaíochta nó eacnamaíoch do mhná, lena n-áirítear bagairtí chun na gníomhartha sin a dhéanamh, comhéigean nó cailleadh treallach saoirse, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach nó arna ndéanamh ar líne nó as líne;

D. de bhrí gur féidir díriú ar mhná agus ar chailíní agus ar dhaoine LADTI gan beann ar a n-éagsúlachtaí trí chibearfhoréigean inscnebhunaithe ar fhorais a bhaineann lena n-inscne, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne nó a saintréithe gnéis; de bhrí gur féidir le cineálacha trasnacha idirdhealaithe, lena n-áirítear idirdhealú atá bunaithe ar chine, teanga, reiligiún, creideamh, bunadh náisiúnta nó sóisialta, a bhaineann le mionlach náisiúnta nó eitneach, breith, gnéaschlaonadh, aois, staid na sláinte, míchumais, stádas pósta nó stádas imirceach nó dídeanaí géarú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le cibearfhoréigean inscnebhunaithe; de bhrí go meabhraítear le Straitéis Comhionannais LADTIA an Aontais go bhfuil ceart chun sábháilteachta ag gach duine, bíodh sin sa bhaile, go poiblí nó ar líne;

E. de bhrí go léirítear i Suirbhé II LADTIA an Aontais arna dhéanamh ag FRA gur fhulaing 10 % de dhaoine LADTIA cibirchiapadh mar gheall ar iad a bheith LADTIA sa bhliain sula ndearnadh an suirbhé, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta; de bhrí go ndéantar difear ró-chomhréireach do dhaoine idirghnéasacha agus do dhaoine trasinscneacha (16 %); de bhrí gurb iad déagóirí idir 15 agus 17 mbliana d’aois an grúpa ba mhó a d’fhulaing cibirchiapadh i ngeall ar bheith LADTIA (15 %), i gcomparáid le haoisghrúpaí eile (7 %-12 %);

F. de bhrí, le foréigean in aghaidh na mban agus cailíní gan beann ar a n-éagsúlachtaí agus le foréigean inscnebhunaithe go dtugtar léiriú ar fhoirmeacha agus ar chineálacha éagsúla an fhoréigin nach bhfuil go hiomlán comheisiach; de bhrí gur minic leis an bhforéigean ar líne a bheith idirnasctha leis an bhforéigean as líne agus a bheith doscartha ón bhforéigean sin, ós rud é gur féidir leis an bhforéigean ar líne a bheith mar réamhtheachtaí, mar thionlacaí agus mar shiocair chun leanúint leis an bhforéigean as líne; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, cibearfhoréigean inscnebhunaithe a thuiscint mar leanúntas d’fhoréigean inscnebhunaithe as líne sa timpeallacht ar líne;

G. de bhrí go meastar leis an staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) dar teideal Combating gender-based violence: Cyber violence - European added value assessment [Foréigean inscnebhunaithe a chomhrac: Cibearfhoréigean - measúnú breisluacha Eorpaigh] gur fhulaing ó 4 go 7 % de na mná san Aontas cibirchiapadh le linn na 12 mhí sula ndearnadh an measúnú, agus gur fhulaing idir 1 agus 3 % díobh cibearstalcaireacht; de bhrí go léirítear an chibearstalcaireacht i bhfoirmeacha iomadúla agus gurb í an fhoirm is coitianta í den fhuathchaint aonair nó den fhuathchaint chomhcheangailte agus go bhfuil sí rófhada fágtha gan aithint agus gan gníomhú ina leith; de bhrí gur léiríodh leis an suirbhé a rinne Fondúireacht an Ghréasáin Dhomhanda in 2020, as measc na bhfreagróirí ó 180 tír, gur fhulaing 52 % de mhná agus de chailíni óga mí-úsáid ar líne amhail íomhánna príobháideacha, físeáin nó teachtaireachtaí a chomhroinnt gan toiliú uathu, teachtaireachtaí gránna agus náireacha, teanga mhaslach agus bhagrach, gnéaschiapadh agus inneachar bréagach, agus luaigh 64 % de na freagróirí go bhfuil aithne acu ar dhuine a d’fhulaing an méid sin;

H. de bhrí gur mó atá mná agus cailíní óga i mbaol an chibearfhoréigin, go háirithe an cibirchiapadh agus an chibearbhulaíocht; de bhrí gur ar líne a tharlaíonn 12,5 % de na cásanna bulaíochta ar scoil; de bhrí go bhfuil daoine óga nasctha níos minice anois leis na líonraí sóisialta ag aois níos óige; de bhrí go ndéantar treisiú ar ualach na n-éagothroimí sóisialta leis na cineálacha foréigin sin i ngeall gur minic gurb iad na daoine óga is mó atá faoi mhíbhuntáiste a bhfuiltear ag díriú orthu; de bhrí, de réir UNICEF, go ndéantar a dhá oiread ciaptha ar chailíní agus a dhéantar ar bhuachaillí; de bhrí, de réir an tsuirbhé sin, go bhfuil mná níos amhrasaí i dtaobh an ndéanfaidh cuideachtaí teicneolaíochta a gcuid sonraí a úsáid go freagrach;

I. de bhrí, in 2014, de réir na tuarascála ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) an 3 Márta 2014 dar teideal Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais], bhí 11 % de mhná a d’fhulaing cibirchiapadh agus 14 % díobh a d’fhulaing stalcaireacht san Aontas ó bhí 15 bliana d’aois slánaithe acu;

J. de bhrí go bhfuil nascacht idirlín agus an gá atá le rochtain ar an réimse poiblí digiteach ag éirí níos riachtanaí anois ná riamh chun ár sochaithe agus ár ngeilleagair a fhorbairt; de bhrí go mbaineann réitigh dhigiteacha le poist ar bhonn níos minice agus go mbraitear níos minic anois ar réitigh dhigiteacha, as a dtagann méadú ar riosca an chibearfhoréigin atá ann do na mná agus iad ag dul i mbun mhargadh an tsaothair agus i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch;

K. de bhrí go bhfuil raon méadaitheach an idirlín, scaipeadh mear na faisnéise soghluaiste, agus an úsáid a bhaintear as na meáin shóisialta, mar aon le leanúntas chineálacha iomadúla, timthriallacha agus idirghaolmhara an fhoréigin inscnebhunaithe, ina siocair le leathadh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe; de bhrí gur minice a bhíonn ar mhná agus ar chailíní a bhfuil rochtain ar an idirlíon acu aghaidh a thabhairt ar fhoréigean ar líne ná mar atá amhlaidh i gcás na bhfear; de bhrí gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban, a chúiseanna agus a iarmhairtí ar aird ‘go mbeidh tionchar dosheachanta ag na teicneolaíochtaí nua ar an bhforéigean ar líne in aghaidh na mban’; de bhrí gur minic leis an nuálaíocht tarlú ar luas nach féidir machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí fadtéarmacha a bheidh aici agus gur dóchúil go leanfar den mhéadú ar fhorleithne an chibearfhoréigin inscnebhunaithe sna blianta amach romhainn; de bhrí go bhfuil gá le measúnú leormhaith a dhéanamh ar thionchar an chibearfhoréigin inscnebhunaithe ar íospartaigh agus tuiscint a fháil ar na sásraí lena lamháiltear do dhéantóirí foréigin inscnebhunaithe foréigean a dhéanamh, ar mhaithe le sásamh, cuntasacht agus cosc a áirithiú;

L. de bhrí, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte[23], go bhfuil bean amháin as gach triúr ban ar fud an domhain a fhulaingíonn foréigean fisiciúil nó gnéasach faoi lámha páirtí dlúthchaidrimh den chuid is mó; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean inscnebhunaithe le linn phaindéim COVID-19 agus go bhfuil baol an fhoréigin agus na mí-úsáide teaghlaigh méadaithe leis an dianghlasáil; de bhrí, leis an úsáid mhéadaitheach atá á baint as an idirlíon le linn phaindéim COVID-19 go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean ar líne agus ar an bhforéigean inscnebhunaithe TCF-éascaithe, ós rud é go ndéanann páirtithe agus iarpháirtithe mí-úsáideacha freisin faireachán, rianú agus bagairt ar a n-íospartaigh agus go ndéanann siad gníomhartha foréigin le huirlisí digiteacha; de bhrí gur féidir leis an gcibearfhoréigean a bheith i gcomhthráth le foréigean fisiciúil agus géarú a dhéanamh ina leith mura dtéitear i ngleic leis go luath; de bhrí i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chearta Íospartach (2020-2025), go bhfuil méadú tagtha ar an gcibearchoireacht, amhail cionta gnéasacha ar líne agus coireacht fuatha, mar gheall ar an staid reatha le paindéim COVID-19;

 M. de bhrí gurb iad na cineálacha cibearfhoréigin inscnebhunaithe is coitianta ná coireanna amhail an cibirchiapadh, an chibearstalcaireacht, sárú príobháideachta a bhaineann le TFC, lena n-áirítear rochtain, glacadh, taifeadadh, comhroinnt agus ionramháil sonraí nó íomhánna, lena n-áirítear dlúthshonraí, gan toiliú, goid aitheantais agus fuathchaint ar líne, rialú comhéigneach trí fhaireachas digiteach agus rialú cumarsáide trí earraí stalcaire agus spiaireachta, agus an úsáid a bhaintear as modhanna teicneolaíochta le haghaidh gáinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear chun críoch dúshaothraithe gnéis;

N. de bhrí gur féidir cibearfhoréigean inscnebhunaithe a dhéanamh trí úsáid a bhaint as réimse bealaí agus uirlisí cumarsáide ar líne, lena n-áirítear na meáin shóisialta, inneachar ar an ngréasán, suíomhanna phlé, suíomhanna geandála, ranna tráchtaireachta, agus seomraí comhrá cluichíochta; de bhrí gur éasca go mór go leor cineálacha cibearfhoréigin inscnebhunaithe a dhéanamh ar scála i bhfad níos mó ná mar atá amhlaidh i gcás foirmeacha fisiciúla d’fhoréigean inscnebhunaithe;

O.  de bhrí go bhfuil dlíthe glactha ag roinnt Ballstát nach mbaineann ach amháin le cineálacha éagsúla cibearfhoréigin inscnebhunaithe agus gur ann fós, dá bhrí sin, do bhearnaí suntasacha; de bhrí nach bhfuil ann d’aon chomhshainiú nó do chur chuige beartais éifeachtach faoi láthair chun cibearfhoréigean inscnebhunaithe ar leibhéal an Aontais a chomhrac; de bhrí go bhfuil an easpa sainmhíniú comhchuibhithe sin ar leibhéal an Aontais ina siocair le difríochtaí suntasacha maidir leis an méid a dhéanann na Ballstáit cibearfhoréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus a chosc, lena bhfágtar éagothromaíochtaí leathana agus ilroinnt sa leibhéal cosanta a thugann siad, in ainneoin nádúr trasteorann na coireachta; de bhrí go bhfuil gá, dá bhrí sin, le sainmhíniú dlíthiúil comhchuibhithe ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe chun cóineasú a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;

P. de bhrí, de réir Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban, a chúiseanna agus a iarmhairtí, go gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar ‘foréigean ar líne i gcoinne na mban’ aon ghníomh foréigin inscnebhunaithe in aghaidh na mban a dhéantar, a chuidítear lena dhéanamh, nó a dhéantar níos measa go páirteach nó go hiomlán trí úsáid a bhaint as TFC amhail fóin phóca agus fóin chliste, an t-idirlíon, ardáin meán sóisialta nó ríomhphost, in aghaidh mná i ngeall gur bean í, nó a dhéanann difear díréireach do mhná[24];

Q. de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh éifeacht dhíspreagthach ag an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe ar dhéantóirí na coire mar gheall ar an mbaol go ngearrfaí pionóis orthu nó mar gheall ar an bhfeasacht go bhfuil coir á déanamh acu;

R.  go bhfuil foirmeacha nua ag teacht chun cinn i ngeall ar theicneolaíochtaí agus feidhmeanna digiteacha a bheith á bhforbairt agus á n-úsáid go mear; de bhrí go ndírítear leis na cineálacha éagsúla sin cibearfhoréigin inscnebhunaithe agus ciaptha ar líne ar na haoisghrúpaí uile, ón luath-óige, go saol na scoile agus an saol gairmiúil, agus na blianta ina dhiaidh sin; de bhrí nár cheart beag is fiú a dhéanamh ach oiread den bhaol atá ann go bhféadfadh an foréigean sa chibearsféar teacht chun bheith ann ar bhonn fisiciúil;

S. de bhrí, de réir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE), gur fhulaing seachtar as gach deichniúr ban an chibearstalcaireacht; de bhrí gur bogearra é earra stalcaire lena n-éascaítear mí-úsáid trí lamháil d’fhaireachán a dhéanamh ar ghaireas duine gan a thoiliú nó a toiliú a fháil agus gan úinéir an ghairis a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht faireacháin fad agus atá an bogearra ag feidhmiú i ngan fhios; de bhrí go bhfuil earraí stalcaire ar fáil go dleathach lena n-úsáid agus lena gceannach san Aontas, a mhargaítear go minic mar bhogearraí rialaithe tuismitheoirí;

T. de bhrí gur minic a dhéantar mí-úsáid ghnéasach atá bunaithe ar íomhánna a oiriúnú chun íospartaigh a chiapadh agus a náiriú; de bhrí gur bealach nua go leor iad ‘domhainbhrionnuithe’ chun foréigean inscnebhunaithe a úsáid, lena mbaintear leas as an intleacht shaorga chun mná a dhúshaothrú, a náiriú agus a chiapadh;

U. de bhrí gur foirm mhéadaitheach d’fhoréigean dlúthpháirtí í mí-úsáid ghnéasach íomhábhunaithe agus suíomhanna gréasáin ar a scaiptear mí-úsáid den sórt sin; de bhrí gur féidir le hiarmhairtí gnéasacha a bheith i gceist le mí-úsáid ghnéasach íomhábhunaithe, sa mhéid is gur taifeadadh nó gur scaipeadh an teagmháil ghnéasach gan toiliú, a bheith síceolaíoch, a mhéid a bhaineann leis an tionchar ar íospartaigh a saol príobháideach a bheith nochta go poiblí, agus a bheith eacnamaíoch, sa mhéid is go bhféadfadh mí-úsáid ghnéasach íomhábhunaithe dochar a dhéanamh do shaol gairmiúil na n-íospartach i láthair na huaire agus sa todhchaí;

V. de bhrí go bhfuil baol níos mó ann go ndéanfar físeáin neamh-chomhthoiliúla dhlúthphearsanta agus ghnéasacha de mhná a scaipeadh ar shuíomhanna gréasáin pornagrafaíochta agus go scaipfear iad ar mhaithe le leas airgeadaíochta; de bhrí go ndéantar gné thrámach sa bhreis a chur san áireamh i leith an fhoréigin le scaipeadh inneachair phríobháidigh ar líne gan toiliú an íospartaigh agus, go háirithe i gcás mí-úsáid ghnéasach, ag a mbíonn iarmhairtí drámata go minic, lena n-áirítear féinmharú;

W. de bhrí go n-imrítear cibearfhoréigean inscnebhunaithe ar mhná óga, agus cailíní go háirithe, ar cibearfhoréigean é a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear cibirchiapadh agus cibearstalcaireacht trí bhíthin bagairtí éignithe, bagairtí báis, sáruithe príobháideachais a bhaineann le TFC, agus foilsiú faisnéise príobháidí agus grianghraf;

X. de bhrí, faoi láthair, nach bhfuil céannacht inscne san áireamh ag 15 Bhallstát sa dlí fuathchainte; de bhrí go bhfuil tiomantas tugtha ag an gCoimisiún i Straitéis 2020-2025 an Aontais maidir le Comhionannas Inscne agus Straitéis 2020-2025 um Chomhionannas LADTIA tionscnamh a chur i láthair d’fhonn méadú a dhéanamh ar na réimsí coireachta inar féidir comhchuibhiú a dhéanamh ionas go n-áireofar cineálacha sonracha foréigin inscnebhunaithe i gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE;

Y. de bhrí go léiríonn an staidreamh a luaitear sa Tuarascáil seo go bhfuil an fhuathchaint i gcoinne dhaoine LADTIA coitianta agus rábach, go háirithe ar líne, agus go bhfuil easnamh suntasach dlíthe i mBallstáit áirithe chun cosc a chur ar na cineálacha sin mí-úsáide ar líne, chun aghaidh a thabhairt orthu agus chun pionós a ghearradh ina leith;

Z. de bhrí, in 2017, gur shínigh an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), arb é an tagarmharc go fóill é le haghaidh caighdeáin idirnáisiúnta i dtaca leis an bhforéigean inscnebhunaithe a dhíothú, agus de bhrí gur príomhthosaíocht don Choimisiún é aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún a thabhairt chun críche;

AA de bhrí, ar mhaithe le deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear an cibearfhoréigean, gur gá brath ar shonraí riaracháin comhsheasmhacha, follasacha, ionadaíocha agus inchomparáide, bunaithe ar chreat stóinsithe agus comhordaithe bailithe sonraí; de bhrí go bhfuil ganntanas sonraí imdhealaithe inchomparáide cuimsitheacha ann maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe agus na bunchúiseanna leis; de bhrí, in ainneoin go bhfuil ag méadú ar an bhfeasacht ar an bhfeiniméan sin, go gcuirtear cosc ar mheasúnú cruinn a dhéanamh ar a leitheadúla atá sé, mar gheall ar easpa bailithe sonraí maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe; de bhrí go bhfuil nasc ann idir an easpa sonraí infhaighte sin agus an tearcthuairisciú ar chásanna cibearfhoréigin inscnebhunaithe; de bhrí go gcuireann Coinbhinsiún Iostanbúl agus Treoir 2012/29/AE de cheangal ar na Ballstáit sonraí staidrimh a thuairisciú agus sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a sholáthar;

AB. de bhrí go bhfuil freagairt an cheartais choiriúil d’íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe fós ag titim chun deiridh, rud a léiríonn easpa tuisceana agus feasachta ar thromchúis na gcionta sin agus a dhíspreagann tuairisciú i roinnt mhaith Ballstát; de bhrí, trí scileanna boga a thabhairt do phóilíní chun éisteacht chúramach, tuiscint agus urraim a thabhairt d’íospartaigh uile gach cineáil foréigin inscnebhunaithe, gur féidir cuidiú le dul i ngleic le tearcthuairisciú agus athíospairt; de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach nósanna imeachta agus sásraí tuairiscithe inrochtana a áirithiú, chomh maith le réitigh, chun timpeallacht níos sábháilte a chur chun cinn d’íospartaigh uile an fhoréigin inscnebhunaithe; de bhrí gur cheart go mbeadh faisnéis ar fáil d’íospartaigh an chibearfhoréigin maidir le conas dul i dteagmháil le seirbhísí forfheidhmithe dlí, agus cé leo, chomh maith leis na réitigh atá ar fáil chun cabhrú leo trí chásanna anásta;

AC.  de bhrí go ndearna Ionad Cibearchoireachta na hEorpa in Europol, Eurojust agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) taighde ar an gcibearchoireacht ar líne; de bhrí go mbíonn tionchar ar leith ag an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe ar mhná agus daoine LADTIA áirithe, amhail gníomhaithe feimineacha agus LADTIA, ealaíontóirí, polaiteoirí, mná i bpoist phoiblí, iriseoirí, blagálaithe, cosantóirí chearta an duine agus daoine poiblí eile, agus de bhrí go bhfuil sé sin ina chúis ní hamháin le damáiste dá gclú, díobháil shíceolaíoch agus fulaingt ach gur féidir leis a bheith ina chúis le cur isteach ar staid mhaireachtála íospartaigh freisin, chomh maith le sáruithe príobháideachais agus damáiste do chaidrimh phearsanta agus do shaoil teaghlaigh agus gur féidir leo daoine a chur ó bheith rannpháirteach go digiteach sa saol polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha;

AD. de bhrí gur minic a bhíonn féinchinsireacht mar thoradh ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe agus gur féidir leis an staid sin tionchar dochrach a bheith aici ar shaoil ghairmiúla agus ar chlú íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe; de bhrí go gciallaíonn cineál foréigneach agus inscneach na mbagairtí gur minic a théann íospartaigh i muinín ainmneacha bréige, nach dtarraingíonn siad aird orthu féin ar líne, go gcinneann siad a gcuntais ar líne a chur ar fionraí, a dhíghníomhachtú nó a scriosadh go buan, nó fiú amháin go bhfágann siad a ngairm go hiomlán; de bhrí gur féidir leis sin guthanna agus tuairimí na mban a chur ina dtost agus géarú ar an neamhionannas inscne atá ann cheana sa saol polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha; de bhrí gur féidir leis an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe atá roimh mhná agus atá ag méadú cosc a chur orthu páirt a ghlacadh san earnáil dhigiteach féin, trína ndaingnítear ceapadh, forbairt agus cur chun feidhme atá idirdhealaithe de réir inscne i dtaca le teicneolaíochtaí nua agus trína n-athchruthaítear cleachtais agus steiréitíopaí idirdhealaitheacha atá ann cheana, lena rannchuidítear le normalú an chibearfhoréigin inscnebhunaithe;

AE. de bhrí go mbíonn tionchar díreach ag an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe ar shláinte agus folláine ghnéasach, fhisiciúil agus shíceolaíoch na mban agus go mbíonn drochthionchar sóisialta agus eacnamaíoch aige; de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag an gcibearfhoréigean ar chumas na n-íospartach a gcearta bunúsacha a fheidhmiú go hiomlán agus, dá bhrí sin, go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aige sin don tsochaí agus don daonlathas i gcoitinne;

AF. de bhrí go bhféadfadh tionchar díobhálach eacnamaíoch an fhoréigin inscnebhunaithe agus na saincheisteanna meabhairshláinte a chruthaíonn sé tionchar tromchúiseach a bheith aige ar íospartaigh, lena n-áirítear a gcumas fostaíocht a lorg, agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hualach airgeadais; de bhrí gur féidir tionchar ar an bhfostaíocht a áireamh ar thionchar eacnamaíoch an fhoréigin inscnebhunaithe, amhail láithreacht níos lú ar obair nó riosca go gcuirfí stádas fostaíochta i mbaol, rud a chruthódh baol go gcaillfí poist nó go mbeadh an táirgiúlacht níos ísle; de bhrí gur féidir le tionchar meabhairshláinte an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a bheith casta agus fadtéarmach; de bhrí go mbíonn impleachtaí díobhálacha idirphearsanta, sóisialta, dlíthiúla, eacnamaíocha agus polaitiúla ag tionchar meabhairshláinte an chibearfhoréigin inscnebhunaithe, amhail imní, dúlagar agus siomptóim leanúnacha iar-thráma, agus go ndéanann siad difear ar deireadh do shlí bheatha agus céannacht daoine óga; de bhrí go gcuireann roinnt de na tionchair sin le cineálacha eile idirdhealaithe, lena ngéaraítear ar chineálacha idirdhealaithe agus neamhionannais atá ann cheana;

AG. de bhrí, de réir staidéar EPRS dar teideal ‘Foréigean inscnebhunaithe a chomhrac: Cibearfhoréigean - measúnú ar bhreisluach Eorpach’, meastar go bhfuil costas foriomlán idir EUR 39 agus 89,3 billiún ar an gcibirchiapadh agus ar an gcibearstalcaireacht, agus is é an catagóir chaillteanais is airde luach an chaillteanais ó thaobh cáilíocht saoil, arb ionann é agus níos mó ná leath na gcostas foriomlán (tuairim is 60 % don chibirchiapadh agus tuairim is 50 % don chibearstalcaireacht);

AH. de bhrí gur gá go mbeadh an cosc, go háirithe tríd an oideachas, lena n-áirítear litearthacht agus scileanna digiteacha amhail cibearshláinteachas agus béasaíocht idirlín, ina phríomhghné d’aon bheartas poiblí lena ndírítear ar dhul i ngleic le cibearfhoréigean inscnebhunaithe;

1. á chur i bhfios go láidir go leanann an cibearfhoréigean inscnebhunaithe an foréigean inscnebhunaithe as líne, agus nach mbeidh aon rogha bheartais éifeachtach mura gcuireann sí an réaltacht sin san áireamh; á chur i bhfáth nach soláthraíonn gníomhartha dlí an Aontais atá ann cheana na sásraí is gá chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta reachtacha agus neamhreachtacha a cheapadh agus a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe agus guthanna íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a áireamh sna straitéisí chun aghaidh a thabhairt air, agus iad a cheangal le tionscnaimh chun deireadh a chur le steiréitíopaí inscne, dearcthaí gnéasaíocha agus idirdhealú in aghaidh na mban; á chur i bhfáth gur cheart go n-oibreodh na tograí sin a bheidh ann amach anseo i gcomhréir leis na cinn atá ann cheana, amhail an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, mar aon le gníomhartha dlí atá i bhfeidhm cheana féin, amhail Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[25] agus Treoir 2012/29/AE;

2 á mheabhrú nach bhfuil aon chomhshainiú ann ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe, as a n-eascraíonn difríochtaí suntasacha maidir lena mhéid a dhéanann na Ballstáit é a chos agus a chomhrac, rud a fhágann éagothromaíochtaí leathana ó thaobh cosaint, tacaíocht agus cúiteamh d’íospartaigh i measc na mBallstát; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhshainiú ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe a shainiú agus a ghlacadh, lena n-éascófaí obair a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar chineálacha éagsúla an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus cur ina aghaidh agus, dá bhrí sin, lena n-áiritheofaí go mbeadh rochtain éifeachtach ar an gceartas agus ar sheirbhísí tacaíochta speisialaithe ag íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe;

3. á chur i bhfáth nach féidir coincheap an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a theorannú d’úsáid córas ríomhaireachta, ach gur cheart go leanfadh sé de bheith leathan, trína gcumhdófar úsáid TFC chun foréigean i gcoinne daoine aonair a chruthú, a éascú nó a bhagairt;

4. á chur in iúl gur geal léi Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025 an Aontais arna cur ar aghaidh ag an gCoimisiún mar uirlis chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, dá éagsúla uile iad ó chéile, chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus chun dul i ngleic le bunchúiseanna an fhoréigin sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an cibearfhoréigean inscnebhunaithe fréamhaithe go daingean i ndinimic chumhachta, míchothromaíochtaí eacnamaíocha agus noirm inscne; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus dul i ngleic le róil agus steiréitíopaí inscne lena dtugtar le fios go bhfuil foréigean in aghaidh na mban inghlactha;

5. á iarraidh ar na Ballstáit na hacmhainní daonna agus airgeadais iomchuí a leithdháileadh ar chomhlachtaí rialachais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ar chúnamh dlíthiúil, ar chúram sláinte, go háirithe ar mheabhairshláinte, agus ar institiúidí cosanta sóisialta, lena n-áirítear eagraíochtaí ban, chun cuidiú go héifeachtach le cibearfhoréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a chosc agus chun iad a chosaint air;

6. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar an gcibearfhoréigean freisin, lena n-áirítear na cineálacha atá aige i dtionscal an ghnéis; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur leis an tionscal pornagrafaíochta atá bunaithe ar gháinneáil ar ghnéas, ar éigniú agus ar chineálacha eile ionsaithe agus mí-úsáide i leith na mban agus leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit fuath ban a áireamh sna cineálacha fuathchainte, agus ionsaithe frithbhanda a áireamh i gcoireanna fuatha;

7. á thabhairt chun suntais go n-athchruthaítear idirdhealú sistéamach agus sóisialta ar líne, lena n-áirítear idirdhealú inscne, ciníoch agus eacnamaíoch, agus go ngéaraítear air; á mheabhrú go bhfuil forluí ann idir na cineálacha sin idirdhealaithe, as a n-eascraíonn iarmhairtí níos tromchúisí do dhaoine atá i staideanna leochaileacha amhail mná imirceacha, mná ar de phobail eitneacha nó reiligiúnacha iad, mná a bhfuil éagsúlacht fheidhmiúil acu, daoine LADTIA agus déagóirí;

8. á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin faoi Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025 i dtaca le cur leis an liosta ‘coireanna Eorpacha’ faoi Airteagal 83(1) CFAE ionas go gcumhdófar coireanna fuatha agus fuathchaint, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad ag spriocdhírithe ar dhaoine LADTIA;

9. á chur i bhfios go bhfuil práinn ag baint le dul i ngleic le bunchúiseanna an fhoréigin inscnebhunaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún an cur chuige sin a chur san áireamh sa togra a bheidh aige amach anseo; 10.  á chur i bhfáth gur tháinig méadú suntasach ar fhoréigean agus mí-úsáid páirtí dlúthchaidrimh, ar a dtugtar ‘an scáthphaindéim’, mar gheall ar phaindéim COVID-19. agus go n-áirítear foréigean fisiciúil, síceolaíoch, gnéasach agus eacnamaíoch agus a ngné ar líne, toisc go bhfuil beatha shóisialta i bhfad níos mó daoine tar éis aistriú ar líne agus gur cuireadh iallach ar íospartaigh níos mó ama a chaitheamh le déantóirí coireanna, agus iad níos scoite amach ó líonraí tacaíocht; á thabhairt chun suntais freisin gur fhulaing go leor daoine LADTIA ciapadh nó mí-úsáid LADTIA le linn dhianghlasálacha COVID-19 nó gur nochtadh iad don fhoréigean, lena n-áirítear ag baill teaghlaigh, caomhnóirí dlíthiúla nó comhchónaitheoirí;

11. á chur i bhfáth go raibh sé deacair ar mhná rochtain a fháil ar chosaint éifeachtach, seirbhísí tacaíochta agus an ceartas mar gheall ar an ‘scáthphaindéim’ agus gur léirigh sí acmhainní agus struchtúir thacaíochta easnamhacha, a d’fhág go leor ban gan cosaint leordhóthanach agus thráthúil; ag tathant ar na Ballstáit cuidiú breise a thairiscint trí bhíthin scáthláin speisialaithe, línte cabhrach agus seirbhísí tacaíochta chun íospartaigh a chosaint agus sásamh agus tuairisciú agus ionchúiseamh an fhoréigin inscnebhunaithe a éascú;

12. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na cásanna coire fuatha agus fuathchainte a bhaineann le gríosadh chun idirdhealaithe nó foréigin a tharla le linn phaindéim COVID-19, as a leanann stiogmatú ar dhaoine ar de ghrúpaí i staid leochaileach iad;

13. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís níos doimhne a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar gach cineál cibearfhoréigin inscnebhunaithe agus á iarraidh ar na Ballstáit gníomhú go héifeachtach le tacú ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais amhail FRA agus Europol[26]; ag spreagadh an Choimisiúin thairis sin, Prótacal de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le foréigean inscnebhunaithe tráth géarchéimeanna agus éigeandálaí chun seirbhísí cosanta d’íospartaigh a áireamh mar ‘sheirbhísí bunriachtanacha’ sna Ballstáit;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit síneadh a chur le raon na fuathchainte chun fuathchaint ghnéasaíoch a chumhdach;

15. ag cur béim ar nádúr trasnáisiúnta an chibearfhoréigin inscnebhunaithe; á chur i bhfáth go bhfuil impleachtaí trasnáisiúnta breise ag baint le cibearfhoréigean inscnebhunaithe, ós rud é go bhfuil gné thrasteorann ag úsáid TFC; á chur i bhfios go láidir go mbaineann déantóirí coireanna úsáid as ardáin ar líne nó fóin phóca atá nasctha le tíortha nó a óstálann tíortha seachas na tíortha sin ina bhfuil íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe lonnaithe; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí cineálacha nua cibearfhoréigin inscnebhunaithe a chruthú mar gheall ar fhorbairtí gasta teicneolaíochta agus digiteáil, agus go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air sin nach gcuirfí freagracht ar dhéantóirí, lena n-atreiseofaí cultúr na saoirse ó phionós;

16. á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus ar na Ballstáit agus a gcuid gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, comhoibriú le chéile agus bearta nithiúla a dhéanamh chun a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe;

17. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé breithniú a dhéanamh ar an bhforluí idir cibearfhoréigean agus gáinneáil ar dhaoine, bunaithe ar theacht i dtír gnéasach ban agus cailíní, go háirithe i gcomhthéacs phaindéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir go bhfuil múscailt feasachta maidir le gáinneáil ar dhaoine ar na meáin shóisialta ar líne riachtanach chun íospartaigh nua a bheith ag teacht isteach i líonraí gáinneála a sheachaint; á chur i bhfios go láidir, sa bhreis air sin, gur sárú ollmhór ar phríobháideachas í mí-úsáid ghnéasach íomhábhunaithe agus gur cineál foréigin inscnebhunaithe í freisin, mar a léiríodh in Éirinn i mí na Samhna 2020 nuair a cuireadh na mílte íomhánna gáirsiúil de mhná agus cailíní ar fáil don phobal gan a dtoiliú; ag spreagadh na mBallstát go láidir, dá bhrí sin, a ndlí náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta chun mí-úsáid ghnéasach íomhábhunaithe nó aon chomhroinnt neamh-chomhthoiliúil de dhlúth-ábhar gáirsiúil a áireamh ar liosta na gcionta gnéasacha, agus iad deighilte de chásanna a bhaineann le hábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí;

18. ag spreagadh na mBallstát dlí náisiúnta leormhaith a ghlacadh agus a chur chun feidhme go cuí agus go héifeachtach, lena n-áirítear dlí coiriúil, mar aon le beartais chun múscailt feasachta a chur chun cinn agus feachtais, oiliúint agus cláir oideachais a chur ar bun, lena n-áirítear maidir le hoideachas digiteach, litearthacht agus scileanna, lena spriocdhíreofaí ar ghlúnta níos óige freisin; ag spreagadh an Choimisiúin chun tacú leis na Ballstáit maidir leis sin;

19. ag cur sonrú i dtábhacht an chomhionannais inscne i gcuraclaim oideachais chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an fhoréigin inscnebhunaithe trí steiréitíopaí inscne a bhaint agus dearcthaí sóisialta agus cultúrtha a athrú a mbíonn noirm dhíobhálacha shóisialta agus inscne mar thoradh orthu; ag cur béim ar an ról atá ag gairmithe cáilithe oiliúna, amhail foirne oideachais, chun tacú le daltaí scoile i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le cibearfhoréigean inscnebhunaithe agus a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh iontu; á thabhairt le fios gur cheart aird ar leith a thabhairt ar oideachas na mbuachaillí agus na bhfear;

20. á iarraidh ar na Ballstáit beartais agus cláir a cheapadh chun tacú le híospartaigh agus cúiteamh a áirithiú dóibh agus bearta iomchuí a dhéanamh i gcoinne shaoirse ó phionós na ndéantóirí na ngníomhuithe sin, lena n-áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar a ndlí náisiúnta maidir le horduithe breithiúnacha chun cibearfhoréigean a áireamh mar cheann de na bealaí inar féidir ordú breithiúnach a shárú;

21. á iarraidh ar na Ballstáit líonraí de phointí teagmhála náisiúnta agus tionscnaimh a chur ar bun chun feabhas a chur ar chomhfhogasú rialacha agus chun forfheidhmiú na rialacha atá ann cheana a neartú chun aghaidh a thabhairt ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe; á mheabhrú go gceanglaítear le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Leanaí a Chosaint ar Theacht i dTír Gnéasach agus ar Mhí-úsáid Ghnéasach agus Coinbhinsiún Iostanbúl go gcoiriúlófaí iompar ar leith lena n-áirítear nó lena ngabhann foréigean in aghaidh na mban agus leanaí, amhail cibearfhoréigean inscnebhunaithe;

22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú leordhóthanach a chur ar fáil d’eagraíochtaí abhcóideachta agus d’eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le taighde ar fheiniméan an chibearfhoréigin inscnebhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit thairis sin cur leis na cistí amhail na cistí atá dírithe ar fheachtais múscailte feasachta agus ar steiréitíopaí inscne a chomhrac;

23.  á iarraidh ar na Ballstáit fothú acmhainneachta, oideachas agus oiliúint atá éigeantach, leanúnach agus freagrúil ó thaobh inscne de a chur ar fáil do gach gairmí ábhartha, go háirithe d’údaráis cheartais agus forfheidhmithe dlí sa chomhrac i gcoinne cibearfhoréigean inscne ag gach céim, chun eolas a thabhairt dóibh maidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe agus maidir leis an mbealach chun tuiscint níos fearr a fháil ar íospartaigh agus chun aire a thabhairt dóibh, go háirithe iad siúd a chinneann gearáin a chomhdú, chun aon íospairt thánaisteach agus aon atrámú sheachaint; á chur i bhfáth freisin gur gá oiliúint a chur ar fáil ar chionta cibearfhoréigin inscnebhunaithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

24. á mheabhrú gur gá seirbhísí tacaíochta, línte cabhrach, sásraí tuairiscithe inrochtana agus réitigh a sholáthar, a bhfuil sé mar aidhm leo íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh; á iarraidh ar na Ballstáit, le tacaíocht ón Aontas, eolaire comhchuibhithe, soláimhsithe agus inrochtana, a nuashonraítear go rialta a fhorbairt, ina mbeidh seirbhísí tacaíochta, línte cabhrach agus sásraí tuairiscithe a bheidh ar fáil i gcásanna aonair cibearfhoréigin in aghaidh na mban, a d‘fhéadfaí a chur ar fáil ar aon ardán amháin agus a bhféadfadh faisnéis a bheith ann freisin maidir leis an tacaíocht atá ar fáil do chineálacha eile foréigin in aghaidh na mban; á thabhairt dá haire gur dócha go bhfuil fadhb an chibearfhoréigin inscnebhunaithe níos suntasaí ná an méid a thugtar le fios faoi láthair le sonraí de bharr thearcthuairisciú agus normalú an chibearfhoréigin inscnebhunaithe;

25. ag cur béim láidir ar thábhacht na meán agus na meán sóisialta maidir le feasacht a mhúscailt faoin gcibearfhoréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac;

26. á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta, faisnéise agus abhcóideachta a chur chun cinn, lena dtéitear i ngleic leis an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe gan beann ar a chineál agus lena gcuidítear le spás sábháilte agus digiteach poiblí a áirithiú do chách; á mheas gur cheart go mbeadh faisnéis atá spriocdhírithe ar oideachas a chur ar shaoránaigh óga an Aontais faoi conas cineálacha cibearfhoréigin a aithint agus a thuairisciú agus faoi chearta digiteacha a bheith mar chuid, inter alia, d’fheachtas múscailte feasachta uile-Aontais maidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe; á thabhairt dá haire go háirithe ar mhná óga le cibearfhoréigean inscnebhunaithe agus á iarraidh freisin, i ndáil leis an méid sin, go bhforbrófaí tionscnaimh shonracha maidir le cosc agus múscailt feasachta[27];

27. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córas iontaofa a bhunú chun sonraí uile-Aontais imdhealaithe de réir staidrimh, inchomparáide agus ábhartha maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear cibearfhoréigean agus a leitheadúlacht, a dhinimic agus a iarmhairtí a bhailiú go rialta agus táscairí a fhorbairt chun dul chun cinn a thomhas; ag athdhearbhú gur gá sonraí cuimsitheacha, imdhealaithe agus inchomparáide a bhailiú, lena n-áirítear sonraí eolaíocha, chun raon an fhoréigin inscnebhunaithe a thomhas, réitigh a aimsiú agus dul chun cinn a thomhas; á iarraidh ar na Ballstáit na sonraí ábhartha a bhailiú agus a sholáthar; á mholadh go mbainfeadh an Coimisiún agus na Ballstáit úsáid as acmhainneacht agus as saineolas EIGE, Eurostat, FRA, Europol, Eurojust agus ENISA; á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin suirbhé nua uile-Aontais a dhéanamh maidir le foréigean inscnebhunaithe, a ndéanfar na torthaí a chur i láthair in 2023;

28.  á thabhairt dá haire go bhféadann tionchar fairsing a bheith ag an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe le hiarmhairtí tromchúiseacha agus fad saoil d’íospartaigh, amhail tionchar fiseolaíoch agus tionchar ar an tsláinte mheabhrach, lena n-áirítear strus, fadhbanna i ndáil le haird a dhíriú, imní, taomanna scaoill, easpa féinmheasa, dúlagar, neamhord strus iarthrámach, leithlisiú sóisialta, easpa muiníne agus braistint nach bhfuil na mothúcháin faoi smacht, eagla, féindíobháil agus idéú féinmharfach;

29. á chur i bhfios gur féidir leis an tionchar atá ag an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe ar íospartaigh a bheith ina chúis le damáiste do chlú, le saincheisteanna fisiciúla agus leighis, le cur isteach ar staid mhaireachtála íospartaigh, le sáruithe ar an gceart chun príobháideachais agus tarraingt siar ó thimpeallachtaí ar líne agus as líne; á chur i bhfios go láidir gur féidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe tionchar díobhálach eacnamaíoch a bheith aige freisin ó thaobh láithreacht níos lú ar obair, an riosca go gcaillfí poist, cumas fostaíocht a lorg agus cáilíocht saoil laghdaithe, agus á chur i bhfios go láidir go gcuireann roinnt de na tionchair sin le cineálacha eile idirdhealaithe a bhíonn roimh mhná agus daoine LADTIA ar mhargadh an tsaothair;

30. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an éifeacht a d‘fhéadfadh a bheith ag tionchar ar an meabhairshláinte ar dhaoine óga go háirithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis ní hamháin le meath díobhálach suntasach ar a gcuid scolaíochta, ach freisin le tarraingt siar na ndaoine sin ón saol sóisialta agus ón saol poiblí, lena n-áirítear iad a leithlisiú óna dteaghlaigh;

31.  á chur i bhfios go láidir go gcruthaíonn an cibearfhoréigean inscnebhunaithe tionchar diúltach síceolaíoch, sóisialta agus eacnamaíoch ar shaol na mban agus na gcailíní ar líne agus as líne araon; á thabhairt dá haire go ndéanann cibearfhoréigean inscnebhunaithe difear do mhná agus do chailíní ar bhealaí éagsúla mar thoradh ar chineálacha forluiteacha idirdhealaithe bunaithe, sa bhreis ar a n-inscne, ar, inter alia, a ngnéaschlaonadh, a n-aois, a gcine, a reiligiún nó a míchumas, agus á mheabhrú go bhfuil cur chuige trasnach bunriachtanach chun tuiscint a fháil ar na cineálacha sonracha idirdhealaithe sin;

32.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chineálacha trasnacha cibearfhoréigin inscnebhunaithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhná agus do chailíní ar de ghrúpaí iad atá i staid leochaileach, amhail mná agus cailíní ar de mhionlaigh eitneacha iad, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine LADTIA; á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar lipéadú dhaoine LADTIA mar ‘idé-eolaíocht’ i gcumarsáid ar líne agus as líne agus i bhfeachtais i gcoinne ‘idé-eolaíocht inscne’, mar a thugtar uirthi; á thabhairt chun suntais gur minic go spriocdhíríonn feachtais chlúmhillte, fuathchaint ar líne agus cibearbhulaíocht ar fheiminigh agus gníomhaithe LADTIA;

33. á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí tacaíochta sonracha, saor in aisce agus inrochtana a fhorbairt le haghaidh grúpaí atá i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear tacaíocht éigeandála agus fhadtéarmach, amhail tacaíocht shíceolaíoch, leighis, dhlíthiúil, phraiticiúil agus shocheacnamaíoch, agus cláir a fhorbairt, go háirithe maidir le hoideachas digiteach, litearthacht agus scileanna; á iarraidh ar an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit maidir leis sin;

34. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil cibearfhoréigean inscne ag éirí níos coitianta agus go laghdaíonn sé rannpháirtíocht na mban agus dhaoine LADTIA sa saol poiblí agus i ndíospóireacht phoiblí, rud a fhágann, mar thoradh air sin, go mbaintear an bonn ó dhaonlathas an Aontais agus óna phrionsabail agus go gcuirtear cosc orthu a gcearta agus a saoirsí bunúsacha, go háirithe an tsaoirse cainte, a theachtadh go hiomlán; á chur in iúl gur saoth léi, thairis sin, go n-eascraíonn cinsireacht as an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe freisin; á chur in iúl gur oth léi gur díríodh an ‘éifeacht ciúnaithe’ sin go háirithe ar ghníomhaithe ban, lena n-áirítear mná agus cailíní feimineacha, gníomhaithe LADTIA, ealaíontóirí, mná i dtionscail ina bhfuil ceannas ag fir, iriseoirí, polaiteoirí, cosantóirí chearta an duine agus blagálaithe, agus go mbíonn sé mar éifeacht aici sin go ndíspreagtar láithreacht na mban sa saol poiblí, lena n-áirítear i saol na polaitíochta agus na cinnteoireachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur minic a shroicheann an lagmhisneach a chruthaíonn an cibearfhoréigean inscnebhunaithe an fíorshaol as líne agus go gcuireann normalú an fhoréigin ar líne i gcoinne na mban atá rannpháirteach i ndíospóireacht phoiblí go gníomhach le tearcthuairisciú na gcoireanna sin agus go gcuireann sé srian ar rannpháirtíocht ban óg go háirithe;

35. ag meabhrú go bhfuil fuath ban, gluaiseachtaí frith-inscne agus frithfheimineacha agus a n-ionsaithe ar chearta na mban ag dul i méid;

36. á mheabhrú di go bhfuil noirm agus steiréitíopaí inscne ag croílár an idirdhealaithe inscne; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar ag an gcaoi a ndéantar steiréitíopaí inscne a léiriú sna meáin agus tríd an bhfógraíocht ar chomhionannas inscne; á iarraidh ar eagraíochtaí agus ar chuideachtaí na meán sásraí féinrialála agus cóid iompair a neartú chun fógraíocht agus inneachair meáin atá gnéasaíoch a cháineadh agus a chomhrac, amhail íomhánna agus teanga ghnéasaíoch, cleachtais ghnéasaíocha agus steiréitíopaí inscne;

37. ag tabhairt dá haire gur fir iad formhór dhéantóirí an fhoréigin inscnebhunaithe; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá sé oideachas a chur ar fáil ag aois luath chun an stádas comhionann agus an gaol stádais idir fir agus mná agus idir buachaillí agus cailíní a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt air, chun deireadh a chur le claontacht agus steiréitíopaí inscne a bhfuil noirm dhíobhálacha shóisialta inscne mar thoradh orthu; á chur in iúl, thairis sin, go gcuirtear tús le foréigean na bhfear in aghaidh na mban le foréigean na mbuachaillí in aghaidh na gcailíní; á mheabhrú di gur féidir steiréitíopaí inscne a threisiú leis an teanga, leis an gcuraclam agus leis na leabhair a úsáidtear i scoileanna agus á mheabhrú di freisin a thábhachtaí atá an t-oideachas i scileanna digiteacha, amhail an cibearshláinteachas agus an bhéasaíocht idirlín, chomh maith le húsáid mheasúil a bheith á bhaint ag fir agus ag buachaillí as an teicneolaíocht agus an chaoi a gcaitheann siad le mná agus cailíní ar líne, agus chun saoirse cainte na mban agus a rannpháirtíocht fhóinteach sa dioscúrsa poiblí a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit. i ndáil leis sin, straitéisí a fhorbairt chun steiréitíopaí inscne san oideachas a chomhrac trí oiliúint oideolaíoch agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar churaclaim, ar ábhair agus ar chleachtais oideolaíocha;

38. á thabhairt chun suntais go bhfuil go leor constaicí i mbealach na mban, na gcailíní agus daoine LGBTIQ dul isteach i réimsí TFC agus digiteacha; á chur in iúl gurb oth léi gurb ann don bhearna idir na hinscní i ngach réimse den teicneolaíocht dhigiteach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga, agus á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe an bhearna idir na hinscní i réimse na nuálaíochta agus an taighde theicneolaíoch; á thabhairt chun suntais go mbaineann ceann de na laigí is criticiúla atá ag an intleacht shaorga le cineálacha áirithe claontachta amhail inscne, aois, míchumas, reiligiún, bunadh ciníoch nó eitneach, cúlra sóisialta nó gnéaschlaonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le bearta chun aghaidh a thabhairt ar na claontachtaí sin, go háirithe trí dhul i ngleic leis an mbearna idir na hinscní san earnáil agus trí chosaint iomlán na gceart bunúsach a áirithiú;

39. ag spreagadh na mBallstát rannpháirtíocht na mban san earnáil TFC a chur chun cinn agus gairmeacha san earnáil sin do mhná a chur chun cinn trí dhreasachtaí leordhóthanacha a chur ar fáil ina bpleananna gníomhaíochta nó ina mbeartais ghníomhaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla faoi seach maidir le hinscne; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an mbearna idir na hinscní in earnálacha TFC agus na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM) trí oideachas, feachtais múscailte feasachta, oiliúint ghairmiúil, cistiú iomchuí, ionadaíocht na mban sna hearnálacha sin a chur chun cinn, go háirithe i bpoist chinnteoireachta, cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, comhdheiseanna, timpeallachtaí oibre sábháilte agus cumasúcháin, lena n-áirítear gan glacadh leis an gciapadh gnéasach agus morálta;

40. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear Treoir 2011/93/AE i bhfeidhm mar is ceart chun feasacht a mhúscailt agus chun an baol a laghdú go dtarlóidh mí-úsáid ghnéasach nó dúshaothrú ar líne do leanaí;

41. á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún, ina straitéis le déanaí maidir le cearta íospartach, líonra Aontais a sheoladh chun foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chosc agus gníomhaíochtaí a dhéanamh chun sábháilteacht íospartaigh na cibearchoireachta inscnebhunaithe a chosaint trí forbairt creata a éascú don chomhar idir ardáin idirlín agus geallsealbhóirí eile;

42. ag tabhairt dá haire gur iarr an Coiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d’Fhir sa Choimisiún reachtaíocht ar leibhéal an Aontais maidir le foréigean ar líne in aghaidh na mban a chomhrac;

43. á chur i bhfios go láidir go gcaithfear íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a chosaint, a chumhachtú agus tacú leo agus a áirithiú go ndéanfar cúiteamh leo agus go ndéanfar rochtain chomhionann a sholáthar dóibh ar cheartas, go háirithe i ndáil le comhairleoireacht riachtanach shíceolaíoch agus dhlíthiúil a sholáthar, ar comhairleoireacht í a mbeidh rochtain ag íospartaigh uile an chibearfhoréigin inscnebhunaithe uirthi;

44. á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint ardchaighdeáin a áirithiú le cur chuige a fhreagraíonn do chúrsaí inscne do chleachtóirí agus do ghairmithe eile, lena n-áirítear foireann na seirbhísí sóisialta, oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, oifigigh cheartais agus baill foirne oideachais, i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta;

45. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé, sa chomhthéacs sin, na hacmhainní airgeadais agus daonna a thabhairt d’eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil, amhail comhairle dlí agus tacaíocht shíceolaíoch, agus comhairleoireacht;

46. á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear comhairleoireacht dhlíthiúil agus shíceolaíoch, a chur ar fáil do gach íospartach, prótacal soiléir a bhunú chun cabhrú le híospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus tuilleadh dochair agus athíospairt a chosc agus a áirithiú go mbeidh rochtain láithreach ag íospartaigh ar cheartas; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le feasacht a mhúscailt i measc íospartach maidir leis na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil i ndáil leis sin; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, faisnéis inrochtana a fhorbairt agus a scaipeadh maidir leis na bealaí dlíthiúla agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil d’íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus sásraí gearáin a chruthú a mbeidh rochtain éasca agus láithreach ag íospartaigh orthu, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha;

47. á chur i bhfios go láidir nach mór d’ardáin ar líne ról tábhachtach a bheith acu san iarracht dul i ngleic le cibearfhoréigean inscnebhunaithe agus é a chomhrac; á chur i bhfáth a ghátaraí atá seo go n-oibreodh na Ballstáit i gcomhar le hardáin ar líne chun bearta a dhéanamh chun sásraí tuairiscithe tráthúla agus inrochtana a áirithiú sa chomhrac i gcoinne an chibearfhoréigin agus chun sábháilteacht ar líne, príobháideacht na mban ar líne agus sásraí sásaimh iomchuí a dhaingniú;

48. á iarraidh go mbeadh comhar éifeachtach ann idir údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus cuideachtaí teicneolaíochta agus soláthraithe seirbhíse, ar cheart dóibh cearta agus saoirsí bunúsacha agus rialacha cosanta sonraí a chomhlíonadh go hiomlán, d’fhonn a áirithiú go ndéantar cearta na n-íospartach a choimirciú agus go ndéantar iad a chosaint;

49. á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, lena ndírítear ar spás digiteach níos sábháilte a chruthú, agus i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais, lena ndéantar cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint;

50. ag tathant ar an gComhairle daingniú an Aontais ar Choinbhinsiún Iostanbúl a thabhairt i gcrích go práinneach ar bhonn aontachas leathan gan aon teorainneacha, agus a mholadh go ndéanfaidh na Ballstáit go léir é a dhaingniú, a chur chun feidhme go pras agus go cuí, agus é a fhorfheidhmiú; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sé daingnithe ach ag 21 Bhallstát go nuige seo;

51. á chur i bhfios go láidir gurb é Coinbhinsiún Iostanbúl an conradh idirnáisiúnta is cuimsithí a thugann aghaidh ar na bunchúiseanna atá le foréigean inscnebhunaithe de gach cineál, lena n-áirithítear gníomhaíocht reachtach maidir le foréigean ar líne agus as líne araon, agus gur cheart a thuiscint gur íoschaighdeán é; á chur in iúl go gcáineann sí go láidir na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag roinnt Ballstát míchlú a tharraingt ar Choinbhinsiún Iostanbúl agus an dul chun cinn a rinneadh sa chomhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe a chur ar gcúl; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Coinbhinsiún a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais agus á mheabhrú go mbainfear an bonn d’inchreidteacht an Aontais mura dtugtar a dhaingniú chun críche; á thabhairt chun suntais nach mbaineann an iarraidh seo ón iarraidh chun gníomh dlíthiúil Aontais a ghlacadh maidir le foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, ach a mhalairt, gur á comhlánú atá sí; á mheabhrú gur cheart go mbeadh bearta reachtacha nua comhleanúnach, in aon chás, leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a leagtar síos le Coinbhinsiún Iostanbúl agus gur cheart go mbeidís comhlántach lena dhaingniú; ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit agus ar an Aontas bearta breise a dhéanamh, lena n-áirítear bearta reachtacha ceangailteacha, chun na cineálacha foréigin sin a chomhrac sa treoir atá ar na bacáin maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac;

52. á athdhearbhú go láidir, mar a chuir sí in iúl roimhe seo, go bhfuil sí tiomanta dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe agus ag athdhearbhú go ndearna sí iarraidh maidir leis an ngá atá le treoir chuimsitheach a bheith ann lena gcumhdófaí gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear oibleagáidí chun iad siúd a dhéanann an foréigin sin a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, íospartaigh agus finnéithe a chosaint, agus sonraí a bhailiú, mar an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe;

53. ag tathant ar an gCoimisiún an treoir atá ar na bacáin a úsáid chun cibearfhoréigean inscnebhunaithe a choiriúlú, mar bhunchloch chun gníomhartha dlíthiúla atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chomhchuibhiú;

54. á iarraidh ar an gComhairle an clásal passerelle a ghníomhachtú trí chinneadh a ghlacadh lena ndéanfar foréigean inscnebhunaithe a shainaithint ina réimse coireachta atá an-tromchúiseach a bhfuil gné trasteorann ag baint leis de bhun Airteagal 83(1), an tríú fomhír, CFAE;

55. á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, mar chuid dá thogra reachtach atá ar na bacáin, agus ar bhonn Airteagal 83(1), fomhír a haon, CFAE, togra a thíolacadh maidir le gníomh lena mbunófar bearta chun an cibearfhoréigean inscnebhunaithe a chomhrac ar bhonn na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo; á cur in iúl nár cheart baint, leis an togra seo, ó na hiarrachtaí an foréigean inscnebhunaithe a shainaithint ina réimse nua coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné trasteorann ag baint leis de bhun Airteagal 83(1), fomhír a trí, CFAE nó de bhun aon ghníomhartha reachtacha díorthaíocha i ndáil leis an bhforéigean inscnebhunaithe amhail a d’iarr an Pharlaimint ina cuid iarrataí go dtí seo;

56. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

 


 

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN: MOLTAÍ DON CHOIMISIÚN MAIDIR LENA BHFUIL SA TOGRA IARRTHA MAIDIR LEIS AN bhFORÉIGEAN INSCNEBHUNAITHE A CHOMHRAC: CIBEARFHORÉIGEAN

Moladh 1 maidir le cuspóir na treorach a bheidh le glacadh

 

Is é is cuspóir di ná rialacha íosta a leagan síos sa togra atá beartaithe, mar fhreagairt chomhchuibhithe bheartais, a bhaineann leis an sainmhíniú ar choir an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus ar smachtbhannaí gaolmhara, bearta a leagan síos chun gníomhaíocht na mBallstát i réimse chosc na coire sin a chur chun cinn agus tacú léi agus chun bearta a bhunú ar mhaithe le híospartaigh a chosaint, tacú leo agus cúiteamh a áirithiú dóibh.

 

Moladh 2 maidir leis an raon feidhme agus na sainmhínithe

 

Sa sainmhíniú ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe, ba cheart raon feidhme, méid agus cineál inscneach agus trasnach an chibearfhoréigin a leagan amach agus ba cheart a chur i bhfios gur cuid de leanúntas an fhoréigin inscnebhunaithe é an cibearfhoréigean inscnebhunaithe.

 

Ba cheart sainmhíniú a bheith sa togra atá bunaithe ar na sainmhínithe in ionstraimí atá ann cheana, amhail Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht nó Coinbhinsiún Iostanbúl, na sainmhínithe arna bhforbairt ag Coiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht, ag an gCoiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna do Mhná agus d’Fhir sa Choimisiún agus Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh ban, na cúiseanna agus na hiarmhairtí a bhaineann leis agus na sainmhínithe atá leagtha amach i gcomhthéacs na cibearchoireachta nó an chibearfhoréigin in aghaidh leanaí, nó an fhoréigin in aghaidh na mban.

 

Bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana, seo a leans sainmhíniú a d'fhéadfaí a úsáid: Is éard atá sa chibearfhoréigean inscnebhunaithe ná cineál foréigin inscnebhunaithe agus aon chineál foréigin inscnebhunaithe a dhéantar, a fhaigheann cúnamh nó a ghéaraítear i bpáirt nó go hiomlán trí úsáid a bhaint as TFC, amhail fóin phóca agus fóin chliste, an t-idirlíon, ardáin na meán sóisialta nó ríomhphost, i gcoinne mná toisc gur bean í nó a dhéanann difear do mhná ar bhealach díréireach, nó i gcoinne daoine LGBTIQ mar gheall ar a gcéannacht inscne, a léiriú inscne nó a saintréithe gnéis, agus a bhfuil mar thoradh air, nó ar dócha a bheidh mar thoradh air, go ndéanfar dochar fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch nó eacnamaíoch dá bharr, lena n-áirítear bagairtí chun na gníomhartha sin a dhéanamh, comhéigean nó saoirse a bhaint go treallach, sa saol poiblí nó sa saol príobháideach.

 

- cé na coireanna atá i gceist?

Mar go bhfuil an téarma “coireacht ríomhairí” in Airteagal 83(1) CFAE d’fhéadfadh coireanna a dhéantar in aghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí nó córas faisnéise nó a dhéantar trína n-úsáid a bheith á gcumhdach freisin, agus d’fhéadfadh cineálacha tromchúiseacha foréigin inscnebhunaithe ar líne a mbaineann gné trasteorann leo teacht faoi raon feidhme “coireacht ríomhairí” de réir bhrí Airteagal 83(1) CFAE.

Thairis sin, d’fhéadfaí bearta seachas sin a bhfuil d’aidhm leo an cibearfhoréigean inscnebhunaithe a chosc agus cuidiú le híospartaigh a bhunú ar bhonn Airteagal 83(1) CFAE mar go bhfuil siad riachtanach do phríomhchuspóir na treorach.

 

Ba cheart go gcumhdófaí faoi raon feidhme na treorach aon chineál foréigin inscnebhunaithe a dhéantar, a chuidítear lena dhénamh nó a ndéantar géarú air go páirteach nó go hiomlán trí úsáid a bhaint as TFC, amhail fóin phóca agus fóin chliste, an t-idirlíon, ardáin na meán sóisialta nó ríomhphost, i gcoinne mná toisc gur bean í, nó lena ndéantar difear díréireach do mhná nó i gcoinne daoine LGBTIQ ar fhorais féiniúlachta inscne, léirithe inscne nó saintréithe gnéis.

Cé nach bhfuil sé indéanta liosta cuimsitheach de na cineálacha éagsúla cibearfhoréigin inscnebhunaithe a thabhairt mar go mbíonn sé ag athrú de shíor agus leaganacha nua ag teacht chun cinn, ba cheart na cineálacha seo a leanas a lua agus a shainmhíniú:

 

- cibearchiapadh, lena n-áirítear cibearbhulaíocht, ciapadh gnéasach ar líne, fáil gan iarraidh ar ábhar gáirsiúil gnéasach, mabáil agus ainmchealú;

- cibearstalcaireacht;

- Sáruithe a bhaineann le TFC ar phríobháideachas, lena n-áirítear rochtain a fháil ar shonraí príobháideacha nó ar íomhánna príobháideacha, iad a thaifeadadh, a roinnt, a chruthú agus a ionramháil, go sonrach, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach atá bunaithe ar íomhánna, íomhánna príobháideacha gnéasacha a chruthú nó a dháileadh go neamh-chomhthoiliúil, docscáil agus goid aitheantais;

- íomhánna d’éignithe nó de chineálacha eile ionsaithe ghnéasaigh a thaifeadadh agus a roinnt;

- cianrialú nó faireachán lena n-áirítear trí mheán aipeanna spiaireachta ar ghléasanna móibíleacha;

- bagairtí, lena n-áirítear bagairtí díreacha agus bagairtí foréigin agus gairm ar fhoréigean, amhail bagairtí éignithe, sracadh, comhéigean gnéis, dúmhál atá dírithe ar an íospartach, ar a leanaí nó a ngaolta nó daoine eile a thugann tacaíocht don íospartach agus a ndéantar difear dóibh go hindíreach;

- fuathchaint ghnéasaíoch, lena n-áirítear inneachar a phostáil agus a roinnt, gríosú chun foréigin nó fuatha i gcoinne ban nó daoine LGBTIQ ar bhonn a gcéannachta inscne, a léiriú inscne nó a dtréithe gnéis;

- spreagadh chun go ndéanfadh duine foréigean orthu féin, amhail féinmharú nó anoireicse agus gortú síceach;

- damáiste le ríomhaire ar chomhaid, cláir ríomhaireachta, feistí, ionsaithe ar shuíomhanna gréasáin agus ar chainéil chumarsáide dhigiteacha eile;

- rochtain neamhdhleathach ar fhóin phóca, ar ríomhphoist, ar theachtaireachtaí meandracha nó ar chuntais na meán sóisialta;

- sárú ar na srianta ar chumarsáid arna bhforchur trí bhíthin orduithe breithiúnacha;

- modhanna teicneolaíocha a úsáid le haghaidh gáinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear chun leas gnéasach a bhaint as mná agus cailíní.

 

- cé na híospartaigh? 

 

Ba cheart, faoi raon feidhme pearsanta an togra, íospartaigh uile an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a chumhdach, le haitheantas sonrach do leaganacha trasnacha den idirdhealú agus d’íospartaigh atá rannpháirteach sa saol poiblí, lena n-áirítear

 mná agus cailíní ina n-éagsúlacht uile; agus

 Daoine LGBTIQ ar fhorais féiniúlachta inscne, léirithe inscne nó saintréithe gnéis

 

Moladh 3 maidir le bearta coisctheacha

 

Ba cheart do na Ballstáit sraith beart a chur chun feidhme chun cibearfhoréigean inscnebhunaithe a chosc, ba cheart go gcuirfeadh na bearta sin uile cosc ar atrámú agus stiogmatú íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe, a bheith dírithe ar an íospartach agus cur chuige trasnach a bheith ag baint leis. Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

 

- cláir múscailte feasachta agus oideachais lena n-áirítear cláir atá dírithe ar bhuachaillí agus ar fhir, chomh maith le feachtais ina mbeidh na gníomhaithe agus na geallsealbhóirí ábhartha uile páirteach chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an gcibearéigean inscnebhunaithe, i gcomhthéacs ginearálta an fhoréigin inscne, chun athruithe a chur i gcrích sa dearcadh sóisialta agus cultúrtha agus chun noirm agus steiréitíopaí inscne a bhaint, agus urraim do chearta bunúsacha sa spás ar líne á cur chun cinn agus an am céanna, agus aird ar leith á tabhairt ar ardáin na meán sóisialta agus litearthacht a mhéadú maidir le húsáid shábháilte an idirlín

- taighde ar an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe (lena n-áirítear gnéithe amhail cúiseanna, leitheadúlacht, tionchar); íospartaigh, déantóirí na gcoireanna, léirithe, bealaí agus an gá le seirbhísí tacaíochta; ba cheart go n-áireofaí sa taighde sin staidéir agus coigeartú ar staidreamh coireachta maidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe chun riachtanais reachtacha agus neamhreachtacha a shainaithint; ba cheart tacú leis an taighde sin trí shonraí imdhealaithe, trasnacha agus cuimsitheacha a bhailiú;

- oideachas digiteach príomhshrutha, litearthacht agus scileanna amhail an cibearshláinteachas agus an béasaíocht idirlín, lena n-áirítear i gcuraclaim scoile, chun tuiscint fheabhsaithe ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn, go háirithe chun cosc a chur ar mhí-úsáid na meán sóisialta agus cumhachtú na n-úsáideoirí, chun cuimsiú digiteach a fheabhsú, chun urraim do chearta bunúsacha a áirithiú, chun deireadh a chur le haon neamhionannas inscne agus aon chlaontacht sa rochtain ar theicneolaíochtaí agus chun éagsúlacht inscne in earnáil na teicneolaíochta a áirithiú, go háirithe i bhforbairt teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear oiliúint do mhúinteoirí;

- rochtain na mban ar an oideachas agus ar an saol acadúil i réimsí na teicneolaíochta digití a éascú chun deireadh a chur leis an mbearna inscne, lena n-áirítear an bhearna dhigiteach idir na hinscní, agus chun éagsúlacht inscne a áirithiú sna hearnálacha teicneolaíochta, amhail TFC agus STEM, go háirithe i bhforbairt teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear intleacht shaorga, agus go háirithe i bpoist chinnteoireachta;

- dea-chleachtais a chur chun cinn agus a roinnt maidir le rochtain ar cheartas, pianbhreith a ghearradh agus leigheasanna a bhfuil cur chuige a fhreagraíonn do chúrsaí inscne ag baint leo;

- cláir oideachais agus cóireála atá comhtháite agus cuimsitheach a chur chun cinn lena ndírítear ar dhéantóirí na coire a chosc ó chion a dhéanamh an athuair, chomh maith le hiompraíocht agus meoin a atreorú ón bhforéigean, i gcomhar le hinstitiúidí ábhartha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus cleachtais phobalbhunaithe agus cineálacha cur chuige claochlaitheacha ceartais á gcur san áireamh, ar nithe iad atá ríthábhachtach chun deireadh a chur leis an timthriall díobhála;

- comhar a fhorbairt idir na Ballstáit chun faisnéis, saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú, go háirithe tríd an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta, i gcomhar le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa de chuid Europol agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí gaolmhara eile amhail Eurojust i gcomhréir le cearta bunúsacha;

- maidir le hardáin ar líne a úsáidtear go príomha chun ábhar pornagrafach arna ghiniúint ag an úsáideoir a scaipeadh, a áirithiú go ndéanfaidh na hardáin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá le go ndéanfaidh na húsáideoirí sin a scaipeann inneachar iad féin a fhíorú trí liostáil dhá chéim tríd an ríomhphost agus fón póca;

 

- eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair i réimse an fhoréigin agus an choisc ar bhonn inscne a aithint, tacú leo agus faisnéis a chur ar fáil fúthu, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil tacaíocht airgeadais acu;

- cur chun cinn oiliúna atá spriocdhírithe agus leanúnach do chleachtóirí agus do ghairmithe eile, lena n-áirítear oifigigh na seirbhísí sóisialta um fhorfheidhmiú an dlí, oifigigh cheartais agus gníomhaithe ábhartha eile, chun a áirithiú go dtuigtear cúiseanna agus tionchar an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus go gcaitear go hiomchuí le híospartaigh agus chun a áirithiú go mbeidh cur chuige a fhreagraíonn do chúrsaí inscne ag baint le hoiliúint do na cleachtóirí uile;

- breithniú a dhéanamh ar rialáil a dhéanamh ar fhorbairt bogearraí na bhfeidhmchlár faireacháin, agus é mar aidhm mí-úsáid nó mí-úsáid fhéideartha an fheidhmchláir sin a mheas agus foráil a dhéanamh maidir le coimircí leordhóthanacha chun cearta bunúsacha a chosaint agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí; toirmeasc ón gCoimisiún margú a dhéanamh ar aon bhogearraí faireacháin a ghabhann d’fhaireachas gan toiliú an úsáideora agus gan a ghníomhaíocht a bheith léirithe go soiléir;

- an cód cleachtais d’ardáin ar líne a chur san áireamh, agus aird á tabhairt ar an tionchar a d‘fhéadfadh a bheith aige nó ar an ról a d’fhéadfadh a bheith aige i gcomhthéacs an chibearfhoréigin inscnebhunaithe, agus a áirithiú gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach i meastóireacht agus in athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair maidir le Cur i gCoinne na Fuathchainte Neamhdhleataí ar Líne; bearta a dhéanamb lena gcuirtear oibleagáid ar chuideachtaí TF feabhas a chur ar an aiseolas a thugann siad d’úsáideoirí trí fhógraí a chuirfeadh ar a gcumas freagairt go tapa agus go héifeachtach maidir leis an hinneachar a shainaithnítear a bheith ina inneachar neamhdhleathach;

 an ghné dhigiteach den fhoréigean inscnebhunaithe a aithint i straitéisí, cláir agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta mar chuid den fhreagairt iomlánaíoch ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe;

 comhar idir na Ballstáit, idirghabhálaithe idirlín agus ENRanna atá ag obair ar an tsaincheist a chur chun cinn, amhail trí imeachtaí piarfhoghlama nó comhdhálacha poiblí;

- comhar ildhisciplíneach agus le geallsealbhóirí, lena n-áirítear le cuideachtaí teicneolaíochta, soláthraithe seirbhísí óstála agus údaráis inniúla, i ndáil le dea-chleachtais chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscnebhunaithe i gcomhréir le cearta bunúsacha.

 

Moladh 4 i ndáil le híospartaigh a chosaint, agus tacaíocht agus cúiteamh d’íospartaigh

 

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh, é uile dírithe ar na híospartaigh agus cur chuige trasnach ag baint leis:

 

- sainoiliúint éigeantach agus leanúnach do chleachtóirí agus gairmithe a phléann le híospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear údaráis um fhorfheidhmiú an dlí, foireann shóisialta agus foireann um chúram leanaí agus sláinte, gníomhaithe an cheartais choiriúil, agus breithiúna; D’fhéadfaí cláir oiliúna uile-Aontais a chur chun feidhme faoi chuimsiú na gclár um Cheartas agus um Shaoránaigh, um Chomhionannas, um Chearta agus Luachanna agus in éineacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach; go háirithe, ba cheart béim ar chur ar an íospairt thánaisteach agus mar ar féidir í a sheachaint, ar ghné dhéach an fhoréigin inscnebhunaithe (ar líne/as líne) agus ar an idirdhealú trasnach, chomh maith leis an gcúamh a sholáthraítear d’íospartaigh a bhfuil riachtanais speisialta acu;

 a áirithiú go mbeidh cur chuige a fhreagraíonn do chúrsaí inscne ag gach baint leis an oiliúint uile do chleachtóirí agus go n-áireofar gníomhaíochtaí sa chlár chun a áirithiú nach ndéanfar athíospairt ar an íospartach le linn imeachtaí coiriúla (athíospairt agus stiogmatú);

 maidir le hardáin ar líne a úsáidtear go príomha chun inneachar pornagrafach arna ghiniúint ag an úsáideoir a scaipeadh, a áirithiú go ndéanfaidh na hardáin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá le  go mbeadh bonn faoi rochtain a sholáthar ar nós imeachta cáilithe um fhógra a thabhairt san fhoirm ina bhféadfaidh daoine aonair fógra a thabhairt don ardán ag líomhnú go bhfuil inneachar, ar íomhá é, ina léirítear iadsan nó a airbheartaíonn iad a thaispeáint, á scaipeadh gan a dtoiliú agus go soláthróidh siad fianaise prima facie ar a gcéannacht fhisiciúil agus go bhfuil an t-inneachar a fhógraítear tríd an nós imeachta sin le cur ar fionraí laistigh de 48 uair an chloig;

 maidir le hardáin ar líne a úsáidtear go príomha chun inneachar pornagrafach arna ghiniúint ag an úsáideoir a scaipeadh, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na hardáin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá le bonn a chur faoi mhodhnóireacht ghairmiúil a dhéanamh inneachair atá cumhachtaithe ag an duine, i gcás ina ndéantar athbhreithniú ar ábhar a bhfuil dóchúlacht ard ann go mbeidh sé neamhdhleathach, amhail inneachar a léiríonn radhairc ghliúcaíocha nó radhairc d’éigniú;

 pointí teagmhála náisiúnta a bhunú i seirbhísí sóisialta agus i ngníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí le baill foirne speisialta ar cuireadh oiliúint orthu maidir le cibearfhoréigean inscne d’íospartaigh chun cibearfhoréigean inscne a thuairisciú i dtimpeallacht shábháilte; ba cheart pointí teagmhála a chomhordú trí líonra; chuideodh na bearta sin le haghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú agus ar athíospairt agus chruthófaí timpeallacht níos sábháilte d’íospartaigh cibearfhoréigin inscnebhunaithe;

 rochtain ar fhaisnéis d’íospartaigh a éascú i dteanga shimplí inrochtana ar féidir leis an íospartach í a thuiscint, go háirithe maidir le cúnamh dlíthiúil agus gníomhaíochtaí mar aon le seirbhísí tacaíochta, agus seirbhísí sonracha a fhorbairt d’íospartaigh an chibearfhoréigin (línte cabhrach, dídean, cúnamh dlíthiúil agus síceolaíoch; tuairisciú ó íospartaigh a éascú, a chur ar a gcumas orduithe cosanta a fháil, agus sásraí sásaimh a fhorbairt a mbeidh bearta cúitimh leordhóthanacha ag gabháil leo;

 na línte cabhrach teileafóin náisiúnta a fheistiú leis na hacmhainní agus leis an saineolas is gá chun freagairt do ghné dhigiteach an fhoréigin inscnebhunaithe;

 

 líne chabhrach theileafóin ar fud an Aontais a bhunú mar phointe teagmhála d’íospartaigh agus a áirithiú gur féidir le híospartaigh í a úsáid go héasca agus gan bhac; eolaire seirbhísí tacaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear línte cabhracha agus sásraí tuairiscithe atá ar fáil i gcásanna aonair an chibearfhoréigin;

 a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh an chibearfhoréigin inscne-bhunaithe sna Ballstáit ar sheirbhísí speisialaithe tacaíochta agus ar cheartas, ar leigheasanna agus ar nósanna imeachta agus sásraí tuairiscithe atá sábháilte agus inrochtana go neamhspleách ar ghearán a chomhdú; deireadh a chur le gach bac a d’fhéadfadh a bheith ann d’íospartaigh a chinneann gearán a chur isteach agus sásraí gearáin a chruthú a mbeadh rochtain éasca agus láithreach ag íospartaigh orthu, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha;

- sásraí comhair a fhorbairt idir na Ballstáit, idirghabhálaithe idirlín agus ENRanna a oibríonn ar an tsaincheist, agus idir na gníomhaithe ábhartha, amhail na breithiúna, ionchúisitheoirí poiblí, gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

 tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe leo siúd a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a sholáthar);

 forbairt eiticiúil agus úsáid réiteach teicneolaíoch a chur chun cinn lena dtugtar tacaíocht d’íospartaigh agus lena gcuidítear le déantóirí na coire a shainaithint, agus lán-chomhlíonadh na gceart bunúsach á áirithiú ag an am céanna.

 

Ba cheart don Choimisiún treoirphrionsabail a fhorbairt d’oifigigh forfheidhmithe dlí agus iad ag déileáil le híospartaigh a thuairiscíonn cibearfhoréigean inscnebhunaithe, lenar cheart na scileanna boga is gá a thabhairt dóibh chun éisteacht go cúramach, tuiscint agus meas a thabhairt ar íospartaigh uile an chibearfhoréigin inscnebhunaithe; Ba cheart go mbeadh cur chuige a fhreagraíonn do chúrsaí inscne ag baint leis na treoirphrionsabail;

 

Ba cheart do na Ballstáit seirbhísí speisialaithe cosanta agus tacaíochta a fhorbairt a mbeidh rochtain saor in aisce ag gach íospartach orthu, lena n-áirítear tacaíocht éigeandála agus tacaíocht fhadtéarmach, amhail tacaíocht shíceolaíoch, leighis, dhlíthiúil, phraiticiúil agus shocheacnamaíoch, agus riachtanais shonracha na n-íospartach á gcur san áireamh, agus aird ar leith a thabhairt ar íospartaigh a bhaineann le grúpaí atá go háirithe faoi lé nó atá i ngátar. Ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit ina leith sin.

 

Moladh 5 maidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe a ionchúiseamh agus a choiriúlú

 

Bunaithe ar an sainmhíniú dá dtagraítear i Moladh 2 agus ós rud é go bhféadfadh éifeacht dhíspreagthach a bheith ag coiriúlú an fhoréigin inscnebhunaithe ar dhéantóirí na coire, ba cheart na critéir seo a leanas a chur san áireamh i gcoiriúlú cibearfhoréigean inscnebhunaithe:

 

- foirmeacha an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a bheidh le coiriúlú ag na Ballstáit (lena gcumhdófar céimeanna níos luaithe sa chibearchoireacht freisin - gríosú, cabhrú, neartú agus iarracht a dhéanamh);

- pionóis íosta agus uasta (téarma príosúin agus fíneálacha);

- imscrúdú agus ionchúiseamh trasteorann;

- imthosca géaraithe, ag brath ar phróifíl na mban agus na gcailíní ar íospartaigh iad (ag teacht i dtír ar líne ar shaintréithe na mban agus na gcailíní, agus a gcuid leochaileachtaí); 

 forálacha sonracha lena léirítear na treoirlínte maidir le himscrúdú agus le hionchúiseamh a dhírítear go príomha ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar ionchúisitheoirí, agus ba cheart táscairí sonracha a bheith iontu freisin maidir le forfheidhmiú an dlí i ndáil le fianaise a bhailiú;

 comhar éifeachtach idir údaráis forfheidhmithe dlí agus cuideachtaí teicneolaíochta agus soláthraithe seirbhíse, go háirithe maidir le déantóirí na coire a shainaithint agus fianaise a bhailiú, ar cheart dó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha agus rialacha cosanta sonraí a chomhlíonadh go hiomlán;

 ba cheart aon fhianaise a bhailiú ar bhealach nach mbeadh ina cúis le híospairt thánaisteach nó atrámú an íospartaigh;

 imthosca géaraithe, ag brath ar phróifíl na mban, na gcailíní agus LADTIA ar íospartaigh iad (ag teacht i dtír ar líne ar shaintréithe na mban, na gcailíní agus LADTIA, agus a gcuid leochaileachtaí);

 ba cheart go n-áireofaí agus go mbreithneofaí sna measúnuithe riosca patrúin iompraíochta agus gnéithe inscneacha den teagmhas amhail steiréitíopaí, idirdhealú, bagairtí gnéasaithe agus imeaglú; ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun gníomhaíochtaí leantacha a chinneadh agus chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí a bhaineann le cineálacha éagsúla an chibearfhoréigin inscnebhunaithe;

 níor cheart go mbeadh soláthar fianaise ina ualach ar íospartaigh ná ina chúis le tuilleadh íospartha.

Ba cheart na gníomhartha go léir a bheith íospartach-dhírithe agus cur chuige trasnach a bheith acu

 

 

Moladh 6 maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú

 

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit sonraí cuimsitheacha atá imdhealaithe agus inchomparáide a bhailiú agus a fhoilsiú go rialta maidir le cineálacha éagsúla an chibearfhoréigin inscnebhunaithe, ní hamháin ar bhonn na dtuarascálacha forfheidhmithe dlí nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta ach ar bhonn thaithí na n-íospartach freisin. D’fhéadfadh go leanfadh staidéir chuimsitheacha na sonraí sin. Ba cheart sonraí na mBallstát maidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe a bhailiú agus a chur ar fáil trí bhunachair sonraí staidrimh EIGE, FRA agus Eurostat, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbainfidh siad an leas is fearr as cumas agus as acmhainní EIGE. Ba cheart do FRA taighde cuimsitheach nua uile-Aontais a dhéanamh ar gach cineál cibearfhoréigean inscnebhunaithe, ar cheart é a bheith bunaithe ar na sonraí is déanaí de chuid an Aontais chun freagairt chruinn a thabhairt.

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn rialta ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a mbeidh bearta, i ndiaidh an mholta seo, glactha ag Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún feabhas a chur ar shonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de maidir le leitheadúlacht agus dochar an chibearfhoréigin inscnebhunaithe ar leibhéal an Aontais.

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit táscairí a fhorbairt chun éifeachtacht a gcuid idirghabhálacha a thomhas chun aghaidh a thabhairt ar chibearfhoréigean inscnebhunaithe.

.

D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh i moltaí breise:

 staidreamh a tháirgeadh maidir le leitheadúlacht agus cineálacha an chibearfhoréigin, lena gcothófar ag an am céanna aonfhoirmeacht agus inchomparáideacht na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit,

 clár bailithe sonraí uile-Aontais,

 sonraí a bhailiú ar bhonn rialta ionas gur féidir eolas a choinneáil bord ar bhord leis an éabhlóid leanúnach sna huirlisí agus sna teicneolaíochtaí is féidir a úsáid chun cibearfhoréigean a dhéanamh,

 moladh go mbainfí leas as inniúlacht agus as saineolas EIGE, Eurostat, FRA, Europol, Eurojust agus ENISA.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cúlra an togra agus an réasúnú atá leis

 

Luíonn fréamha an fhoréigin inscnebhunaithe, bíodh sé as líne nó ar líne, go domhain i neamhionannais struchtúrtha inár sochaí. Tá sé faoi bhrat rúndachta i gcónaí agus é ar cheann de na sáruithe is measa ar chearta an duine. Is rud forleathan i gcónaí é an foréigean inscnebhunaithe agus téann sé i bhfeidhm go mór ar íospartaigh, ar a muintir agus ar a bpobail. Déantar níos measa fós é le laofachtaí inscne, steiréitíopaí agus léiriú leanúnach ar éagothroime an chaidrimh de bharr cúrsaí cumhachta san am atá thart. Aithnítear gné struchtúrtha sin an fhoréigin inscnebhunaithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl). Is é sin ní aon toisc amháin ach an iliomad tosca - eadhon, tosca cultúrtha, dlíthiúla, geilleagracha agus polaitiúla - a rannchuidíonn le géarú an fhoréigin inscnebhunaithe inár sochaí.

 

Sa ré dhigiteach atá ann inniu, tá spáis dhigiteacha shóisialta nua á gcruthú go tapa leis an Idirlíon agus TFC, agus claochlú ar an gcaoi a dtagann indibhidí le chéile, a ndéanann siad cumarsáid agus a n-idirghníomhaíonn siad. Tá an foréigean inscnebhunaithe ar líne agus cineálacha a éascaítear le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide ag éirí níos coitianta, go háirithe agus ardáin meán sóisialta agus feidhmchláir theicniúla eile in úsáid gach lá agus gach áit. Cineál foréigin inscnebhunaithe atá sa chibearfhoréigean in aghaidh na mban. Le ‘cibearfhoréigean’, cuimsítear cibirchiapadh, cibearstalcaireacht, drochúsáid neamhthoiliúil le híomhánna, fuathchaint ghnéasaíoch, agus cineálacha eile.

 

Ní cineál nua foréigin é an cibearfhoréigean inscnebhunaithe áfach, ach leanúntas foréigin inscnebhunaithe as líne. Téann sé i bhfeidhm go mór ar chearta agus saoirsí bunúsacha indibhidí, ar a ndínit agus ar a saol ar gach leibhéal, lena n-áirítear a sláinte fhisiciúil, mhothúchánach agus mheabhrach, a ndea-bhail agus a bhforbairt shóisialta, eacnamaíoch agus ghairmiúil. Mothaíonn íospartaigh leibhéil níos airde imní, struis, ísle brí, tráma, taomanna scaoill, easpa féinmheasa agus easpa cumhachta i ndáil lena gcumas an drochúsáid a fhreagairt. Tá grúpaí ban ann a ndírítear foréigean a éascaítear le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide orthu, lena n-áirítear iad seo a leanas go háirithe: gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine, mná sa pholaitíocht, iriseoirí, blagálaithe, mná ar de mhionlaigh eitneacha iad, mná leispiacha, déghnéasacha agus trasinscneacha, agus mná faoi mhíchumais. Bíonn cur chuige trasnach ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar na cineálacha sonracha idirdhealaithe a dhéanann difear d’íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe. Is é fírinne an scéil gur minic a dhéantar cinsireacht leis an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe ar ghuthanna ban agus ar a rannpháirtíocht mar shaoránaigh dhigiteacha ghníomhacha, agus go sileann an drochmhisneach sin isteach sa saol mar atá freisin.

 

D’aithin an Pharlaimint a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe agus le foréigean in aghaidh na mban trí bhíthin rúin éagsúla agus d’iarr sí gníomhú dlí agus beartais chun cur i gcoinne an fheiniméin. Léiriú ar an imní sin atá sna tionscnaimh seo a leanas ón bParlaimint:

- ina rún an 12 Meán Fómhair 2017 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach, chuir an Pharlaimint i bhfáth gur cheart bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan an fhoréigin inscnebhunaithe ar líne atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bulaíocht, ciapadh agus imeaglú, agus é dírithe go háirithe ar mhná óga agus cailíní agus daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI).

- ina rún an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na cibearchoireachta, thug an Pharlaimint chun suntais an gá le sainmhínithe dlíthiúla comhchuibhithe comhchoiteanna ar an gcibearchoireacht, lena n-áirítear drochúsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar líne orthu, cibirchiapadh agus cibirionsaithe.

- ina rún an 26 Deireadh Fómhair 2017 maidir le gnéaschiapadh agus drochúsáid ghnéasach san Aontas Eorpach a chomhrac, mheabhraigh Parlaimint na hEorpa go bhfuil gníomh tábhachtach in aghaidh cineálacha foréigin atá ag teacht chun cinn riachtanach, e.g. sa chibearspás, agus thug sí chun suntais maidir le cibirchiapadh na mban ar na meáin shóisialta go háirithe go gcothaíonn sé cineálacha eile foréigin in aghaidh na mban agus in aghaidh cailíní.

- ina rún an 17 Aibreán 2018 maidir le mná agus cailíní a chumhachtú tríd an earnáil dhigiteach, mheabhraigh an Pharlaimint go rannchuidíonn modhanna cumarsáide digiteacha leis an méadú ar an bhfuathchaint agus ar bhagairtí in aghaidh na mban agus nach bhfuil aithint dhlíthiúil fós ar na cineálacha éagsúla cibearfhoréigin in aghaidh na mban. D’iarr an Pharlaimint ar an ábhar sin go méadófaí ar an gcomhordú i measc Bhallstáit an Aontais sa chaoi go gcuirfear i gcoinne coireanna atá á n-éascú ag an teicneolaíocht trasteorann, e.g. gáinneáil ar dhaoine, cibirchiapadh agus cibearstalcaireacht, agus d’iarr sí go ndéanfadh na Ballstáit cineálacha nua cibearfhoréigin a áireamh ina gcuid cód coiriúil,

- an 26 Aibreán 2018, ghlac coiste FEMM dréacht-tuarascáil inar moladh bearta chun bulaíocht homafóbach agus gnéaschiapadh a chomhrac, agus ar líne freisin,

- ina rún an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac,

- ina rún an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne, chuir an Pharlaimint in iúl gur gheal léi na bearta a bhí á moladh ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an gcibearfhoréigean (lena n-áirítear ciapadh ar líne, cibearbhulaíocht agus fuathchaint ghnéasaíoch) a dhéanann difear díréireach do mhná agus cailíní, go háirithe gníomhaithe, mná ar polaiteoirí iad agus mná sa saol poiblí a fheictear ag caint go poiblí. Bhí sí ag tathant freisin ar na Ballstáit agus ar an Aontas bearta breise a ghlacadh, lena n-áirítear bearta reachtacha ceangailteacha, chun na cineálacha foréigin sin a chomhrac faoi chuimsiú Treoir maidir le gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le huirlisí oiliúna a fhorbairt i ndáil leis na seirbhísí lena mbaineann ag gach céim, ón gcosc agus cosaint go dtí an t-ionchúiseamh, amhail an fórsa póilíneachta agus an córas ceartais, agus earnáil na faisnéise agus na cumarsáide, agus na cearta bunúsacha á gcoimirciú ar líne freisin ag an am céanna,

- ina rún an 21 Eanáir 2021 maidir leis an mbearna dhigiteach inscne a líonadh: rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar digiteach,

- ina rún an 11 Feabhra 2021 maidir le dúshláin amach anseo i ndáil le cearta na mban san Eoraip: breis is 25 bliana i ndiaidh Dhearbhú Bhéising agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising, d’iarr an Pharlaimint ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta sonracha a ghlacadh chun an cibearfhoréigean, lena n-áirítear ciapadh ar líne, cibearbhulaíocht agus fuathchaint fhrithbhanda, a dhíothú.

 

Bunús dlí

 

Is é Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an tionscnaimh reachtaigh seo. Féadfar leis an téarma “coireacht ríomhairí” in Airteagal 83(1) CFAE, coireanna a chumhdach a dhéantar in aghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí nó córas faisnéise nó á n-úsáid. Tá an téarmaíocht ábhartha tar éis forbairt ó Chonradh Liospóin i leith, agus is nós na téarmaí “cibearchoireacht” agus “coireacht ríomhairí” a úsáid go hidirmhalartach anois. D’fhéadfadh cineálacha tromchúiseacha foréigin inscnebhunaithe ar líne a mbaineann gné thrasteorann leo teacht faoi raon feidhme “coireacht ríomhairí” de réir bhrí Airteagal 83(1) CFAE.

D’fhéadfadh Airteagal 84 CFAE a bheith ábhartha freisin maidir leis na codanna den togra a bhfuil d’aidhm leo an méid a dhéanfadh na Ballstáit a chur chun cinn agus tacú leis, bearta chun coireacht a chosc agus bearta chun íospartaigh a chosaint, tacaíocht a thabhairt dóibh agus cúiteamh a áirithiú dóibh.  Dá mbreithneofaí maidir leis na bearta coisctheacha atá beartaithe áfach, go raibh siad coimhdeach le coiriúlú an chibearfhoréigin, níor ghá bunús sonrach dlí a chur leo.

 

Míniú ar na moltaí atá á moladh

 

Sna moltaí a leagtar síos san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rún, áirítear na gnéithe seo a leanas: cuspóir na Treorach; an raon feidhme agus na sainmhínithe; na bearta coisctheacha; na híospartaigh a chosaint agus tacaíocht agus cúiteamh dóibh; cibearfhoréigean inscnebhunaithe a ionchúiseamh agus a choiriúlú agus sonraí a bhailiú agus a thuairisciú.

Is é cuspóir na Treorach rialacha íosta a bhunú maidir le sainmhíniú choir an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus maidir le bearta sriantacha gaolmhara, bearta a bhunú chun gníomhú na mBallstát a chur chun cinn maidir leis an gcoir sin a chosc agus tacú leis mar aon le bearta chun na híospartaigh a chosaint, tacaíocht a thabhairt dóibh agus cúiteamh a áirithiú dóibh. Measann Comhrapóirtéirí an tionscnaimh seo go bhfuil creat dlí in easnamh ar an Aontas chun an foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, agus níos sonraí fós, chun an cibearfhoréigean inscnebhunaithe a chomhrac, agus chun íospartaigh a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Mar a luadh sa Rún, tá sainmhínithe éagsúla ann ar an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe ach níl aon sainmhíniú dlí air atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta. Ar an ábhar sin, sa mholadh maidir le raon feidhme agus sainmhínithe fágtar faoin gCoimisiún sainmhíniú sonrach a mholadh a chumhdódh aon chineál foréigin inscnebhunaithe in aghaidh mná mar gur bean í a rinneadh go páirteach nó go hiomlán le húsáid TFC nó le cuidiú TFC nó a ndearnadh níos measa le TFC, nó aon chineál foréigin inscnebhunaithe a dhéanann difear díréireach do mhná. Tá an méid atá á mholadh ansin bunaithe ar an sainmhíniú a bhí in úsáid ag Rapóirtéir Speisialta NA maidir le foréigean in aghaidh na mban, ina tuarascáil ó 2018 i ndáil leis an bhforéigean ar líne.

Tá ceangal idir na bearta coisctheacha atá á moladh agus bunchúiseanna an fhoréigin inscnebhunaithe, cibearfhoréigean san áireamh. Ar an ábhar sin díríonn siad go háirithe ar an oideachas, múscailt feasachta, deireadh a chur le steiréitíopaí inscne agus taighde a chur chun cinn. Éilítear comhar ildisciplíneach agus comhar ó gheallsealbhóirí sna bearta, lena n-áirítear ó sholáthróirí seirbhísí óstála, comhoibriú le cuideachtaí teicneolaíochta maidir le dea-chleachtais chun dul i ngleic leis an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe i gcomhréir le cearta bunúsacha.

D’fhonn íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóibh, luaitear sa togra ar an gcéad dul síos na catagóirí íospartach a bheadh le breithniú. Is é atá ar intinn a bheith chomh huileghabhálach agus is féidir agus an ghné thrasnach agus riachtanais shonracha na n-íospartach á gcur san áireamh. Áirítear bearta éagsúla sa togra ansin chun cosaint na n-íospartach agus an tacaíocht dóibh a chur chun feidhme. Cuirtear béim ar leith ar an ngá leis an tuairisciú a fheabhsú agus a éascú agus íospairt thánaisteach a sheachaint. Fíor-riachtanas chun an sprioc sin a bhaint amach is ea oiliúint a chur ar chleachtóirí dlí agus ar na gairmithe sin a bheidh i dteagmháil leis an híospartaigh.

Chomh maith leis an méid sin tá seirbhísí tacaíochta sonracha a chaithfear a chur chun feidhme nó a mhéadú chun íospartaigh an chibearfhoréigin inscnebhunaithe a chumhdach freisin (línte cabhrach, scáthláin).

Baineann gné eile den tionscnamh reachtach leis an dlí coiriúil agus le cibearfhoréigean inscnebhunaithe a ionchúiseamh. Caithfidh an tAontas a bheith in ann rialacha íosta a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar an cibearfhoréigean inscnebhunaithe a ionchúiseamh. Ní shonraítear na cionta agus na forthromuithe féideartha uile sa mholadh atá san áireamh san iarscríbhinn, óir leis an bhforbairt thapa ar theicneolaíochtaí digiteacha d’fhéadfaí cineálacha nua cibearfhoréigin a ghiniúint. Tugann sé tacar critéar don Choimisiún maidir le sainmhíniú na gcionta sin.

Measann na Comhrapóirtéirí mar sin féin go mba cheart na hiompraíochtaí seo a leanas a bhreithniú chun an liosta cionta a chur i gcomhthéacs an chibearfhoréigin inscnebhunaithe:

 

- cibirchiapadh (lena n-áirítear: cibearbhulaíocht, ábhar graosta á fháil gan iarraidh, bulaíocht homafóbach),

- cibearstalcaireacht:

- sáruithe príobháideachta a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (lena n-áirítear rochtain ar shonraí nó íomhánna príobháideacha, iad á gcomhroinnt nó á mí-ionramháil, lena n-áirítear rochtain ar dhlúthshonraí nó iad á gcomhroinnt nó á mí-ionramháil gan chead, drochúsáid ghnéasach bunaithe ar íomhánna agus nochtadh neamhthoiliúil íomhánna gnéasacha, docsáil, goid chéannachta),

- cianrialú nó faireachán (lena n-áirítear trí aipeanna spiaireachta ar ghléasanna móibíleacha),

- bagairtí (lena n-áirítear bagairtí díreacha agus bagairtí foréigin, sracadh, comhéigean gnéis, dúmhál),

- fuathchaint ghnéasaíoch (lena n-áirítear: ábhar foréigneach a phostáil nó a chomhroinnt, tráchtanna agus maslaí gnéasaíocha agus/nó inscneacha a úsáid, mná a mhaslú as a dtuairimí féin a nochtadh agus as diúltú do chaidreamh collaí),

- féinmharú nó anoireicse a ionduchtú agus gortú síceach a sheoladh,

- damáiste le ríomhaire do chomhaid, cláir ríomhaireachta, feistí, ionsaithe ar shuíomhanna gréasáin agus ar chainéil chumarsáide dhigiteacha eile,

- rochtain mhídhleathach ar theachtaireachtaí móibíleacha, ríomhphoist, ar theachtaireachtaí meandracha nó ar chuntais meán sóisialta,

- sárú na dtoirmeasc ar chumarsáid a glacadh le rún breithiúnach,

- foréigean díreach.

Mar fhocal scoir, cuireann an togra i bhfios go láidir an gá le straitéis shoiléir maidir le sonraí imdhealaithe agus inchomparáide a bheith á mbailiú agus á dtuairisciú ó na húdaráis lena mbaineann. Más mian leis an Aontas Eorpach go mbeadh creat iomchuí aige chun an foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear cibearfhoréigean, nó foréigean in aghaidh na mban i gcoitinne, a chomhrac, caithfidh sé a bheith in ann sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú i ndáil leis na cineálacha éagsúla cibearfhoréigin inscnebhunaithe. Chomh maith leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a thíolacadh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme na Treorach lena n-áirítear bearta féideartha/leasuithe chun í a fheabhsú.

 

Conclúid

 

Bíonn dúshláin shochaíocha éagsúla ann i gcónaí a threisíonn an foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear cibearfhoréigean, amhail a chonacthas le deireanas le linn na géarchéime a bhain le ráig Covid-19, agus tá an toil pholaitiúil in easnamh chun tosaíocht a dhéanamh de. Chun comhionannas inscne a bhaint amach caithfear na cineálacha foréigin inscnebhunaithe uile a dhíothú agus bacainní a bhaint a choisceann ar mhná a gcearta a fheidhmiú go huile. Tá raon leathan cur chuige trína bpléitear leis an gcibearfhoréigean inscnebhunaithe sna Ballstáit. Chomh maith le heaspa maidir le sainmhíniú comhchuibhithe agus cur chuige comhchoiteann, tá fadhbanna agus dúshláin eile ann lena n-áirítear: tearcthuairisciú, feasacht an phobail agus forfheidhmiú an dlí a bheith teoranta, easpa tacaíochta d’íospartaigh, agus taighde agus eolas teoranta ar an bhfeiniméan. Dá réir sin, chun fuinneamh úr a chur i ndíothú an fhoréigin inscnebhunaithe, as líne agus ar líne araon, caithfimid a bheith toilteanach cúiseanna foluiteacha an fhoréigin inscnebhunaithe, na córais lenar éascaíodh é agus na tosca a ghéaraíonn air a scrúdú. Bíonn na bunchúiseanna céanna leis an uile chineál foréigin inscnebhunaithe agus sin an fáth a bhfuil dlíthe agus beartais ag teastáil a thabharfaidh aghaidh orthu ar bhonn iomlánaíoch. Is é Coinbhinsiún Iostanbúl an conradh idirnáisiúnta is uileghabhálaí ar creat dlíthiúil é chun mná agus cailíní a chosaint ar gach cineál foréigin agus chun an foréigean ina n-aghaidh a chosc, a ionchúiseamh agus a dhíothú. Cé go bhfuil daingniú an Choinbhinsiúin bactha fós sa Chomhairle, níor cheart don Aontas Eorpach moill a dhéanamh, mar bíonn íospartaigh nua an fhoréigin inscnebhunaithe ann gach lá. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh reachtach atá á mholadh aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan sin.  Is cur chuige iomlánaíoch a úsáidtear ann chun iompraíochtaí áirithe a choiriúlú, ach chun tacaíocht agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na n-iompraíochtaí sin freisin.


IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIRÍ IONCHUR

Rinneadh an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach, agus air sin amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:

 

 

 

Eintiteas agus/nó duine:

Asha Allen

Oifigeach Beartais agus Feachtais, Brústocaireacht Mhná na hEorpa

Brústocaireacht Mhná na hEorpa

Hate Aid

Iverna McGowan

Stiúrthóir agus Ardrúnaí an Daonlathais agus na Teicneolaíochta, Oifig san Eoraip

Laia Serra Perelló

Dlíodóir Coiriúil, Múinteoir agus Gníomhaí.

An Dr Zuzanna Warso

Sainanailíseoir Taighde i dtrasnú na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an dlí um chearta an duine

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta arna glacadh

30.11.2021

 

 

 

Toradh an vótála críochnaithí

+:

–:

0:

76

8

8

Comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Isabella Adinolfi, Christine Anderson, Malik Azmani, Simona Baldassarre, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Vilija Blinkevičiūtė, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Annika Bruna, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Margarita de la Pisa Carrión, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Rosa Estaràs Ferragut, Laura Ferrara, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Arba Kokalari, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Lukas Mandl, Karen Melchior, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Andżelika Anna Możdżanowska, Maria Noichl, Maite Pagazaurtundúa, Pina Picierno, Sirpa Pietikäinen, Emil Radev, Samira Rafaela, Paulo Rangel, Evelyn Regner, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Diana Riba i Giner, María Soraya Rodríguez Ramos, Christine Schneider, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Martin Sonneborn, Sylwia Spurek, Jessica Stegrud, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Isabella Tovaglieri, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Ernest Urtasun, Hilde Vautmans, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Chrysoula Zacharopoulou, Javier Zarzalejos, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Lefteris Christoforou, Tanja Fajon, Elena Kountoura, Anne-Sophie Pelletier, Yana Toom, Miguel Urbán Crespo, Hilde Vautmans, Petar Vitanov, Axel Voss, Isabel Wiseler-Lima

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

76

+

ECR

Andżelika Anna Możdżanowska

NI

Laura Ferrara, Martin Sonneborn

PPE

Magdalena Adamowicz, Isabella Adinolfi, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Lefteris Christoforou, Nathalie Colin-Oesterlé, Lena Düpont, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Arba Kokalari, Jeroen Lenaers, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Lukas Mandl, Nadine Morano, Sirpa Pietikäinen, Emil Radev, Paulo Rangel, Christine Schneider, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Axel Voss, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Isabel Wiseler-Lima, Javier Zarzalejos

Renew

Malik Azmani, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Karen Melchior, Maite Pagazaurtundúa, Samira Rafaela, María Soraya Rodríguez Ramos, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Yana Toom, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans, Chrysoula Zacharopoulou, Marco Zullo

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Vilija Blinkevičiūtė, Caterina Chinnici, Tanja Fajon, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Maria Noichl, Pina Picierno, Evelyn Regner, Birgit Sippel, Petar Vitanov, Bettina Vollath, Elena Yoncheva

The Left

Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Elena Kountoura, Anne-Sophie Pelletier, Miguel Urbán Crespo

Verts/ALE

Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Sylwia Spurek, Tineke Strik, Ernest Urtasun

 

8

-

ECR

Jorge Buxadé Villalba, Margarita de la Pisa Carrión

ID

Christine Anderson, Simona Baldassarre, Annalisa Tardino, Isabella Tovaglieri

NI

Milan Uhrík

Verts/ALE

Patrick Breyer

 

8

0

ECR

Joachim Stanisław Brudziński, Patryk Jaki, Jessica Stegrud, Jadwiga Wiśniewska

NI

Nicolas Bay, Annika Bruna, Jean-Paul Garraud, Peter Kofod

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

An nuashonrú is déanaí: 10 Nollaig 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais