TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE
20.12.2021 - (COM(2020)0825 – C9-0418/2020 – 2020/0361(COD)) - ***I
An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir don tuairim: Christel Schaldemose
Rapóirtéirí don tuairim (*):
Henna Virkkunen, an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Geoffroy Didier, an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Patrick Breyer, an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
- DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA MBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE
- AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH (
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE
(COM(2020)0825 – C9-0418/2020 – 2020/0361(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0825),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0418/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2021[1],
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Iúil 2021[2],
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9 0000‑2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Tá seirbhísí na sochaí faisnéise agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha anois ina gcuid thábhachtach de gheilleagar an Aontais agus de shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Scór bliain tar éis glacadh leis an gcreat dlíthiúil reatha is infheidhme maidir le seirbhísí den sórt sin a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, thug samhlacha agus seirbhísí nua agus nuálacha gnó, cosúil le líonraí sóisialta agus margaí ar líne, deis d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí faisnéis a thabhairt agus a rochtain agus tabhairt faoi idirbhearta ar bhealaí nua. Úsáideann tromlach saoránach an Aontais na seirbhísí sin ar bhonn laethúil anois. Ach, tá an claochlú digiteach agus an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na seirbhísí sin anois ina fhoinse rioscaí agus dúshlán nua, d’úsáideoirí aonair agus don tsochaí ina hiomláine. |
(1) Tá seirbhísí na sochaí faisnéise agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha anois ina gcuid thábhachtach de gheilleagar an Aontais agus de shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Scór bliain tar éis glacadh leis an gcreat dlíthiúil reatha is infheidhme maidir le seirbhísí den sórt sin a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, thug samhlacha agus seirbhísí nua agus nuálacha gnó, cosúil le líonraí sóisialta agus margaí ar líne, deis d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí faisnéis a thabhairt agus a rochtain agus tabhairt faoi idirbhearta ar bhealaí nua agus nuálacha, lenar athraíodh a nósanna cumarsáide, tomhaltais agus gnó ó bhonn. Úsáideann tromlach saoránach an Aontais na seirbhísí sin ar bhonn laethúil anois. Ach, tá an claochlú digiteach agus an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na seirbhísí sin anois ina fhoinse rioscaí agus dúshlán nua, d’úsáideoirí aonair, do chuideachtaí agus don tsochaí ina hiomláine. |
__________________ |
__________________ |
25 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir maidir le tráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). |

Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Tá tionchar diúltach ag na dlíthe náisiúnta difriúla sin ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh, de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bhunaíochta, ag tabhairt san áireamh cineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus ar dheiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, fad is a cheadaítear do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó a bheith acu. |
(2) Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, rud is cúis le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh. Tá tionchar diúltach ag na dlíthe náisiúnta difriúla sin ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh, de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bhunaíochta, ag tabhairt san áireamh cineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus ar dheiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, fad is a cheadaítear do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó a bheith acu, gan éifeachtaí glasála agus chun an t-ualach riaracháin do sheirbhísí idirghabhála a laghdú, go háirithe do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa agus le ligean do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a fheidhmiú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe. |
(3) Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht shábháilte, inrochtana, intuartha agus iontaofa agus le ligean do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a fheidhmiú, go háirithe na cearta chun príobháideachais, ar chosaint sonraí pearsanta, chun meas ar dhínit an duine, ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse agus iolrachas na meán, agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, ardleibhéal cosanta tomhaltóirí, comhionnanas idir mná agus fir agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe. Tá cearta ar leith ag leanaí a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC). Dá réir sin, ba cheart go mbeadh leas an linbh mar phríomhthosaíocht i ngach ábhar a dhéanann difear dóibh. I mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC maidir le cearta leanaí i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach, leagtar amach go foirmiúil an chaoi a bhfuil feidhm ag na cearta sin maidir leis an saol digiteach. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo do sheirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi sini agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Ach úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh. |
(4) Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo do sheirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi sin agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí, ag cosaint tomhaltóirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Trí úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh agus ba cheart go n-urramófaí cearta bunúsacha. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) I bhfianaise a thábhachtaí atá seirbhísí digiteacha, tá sé fíor-riachtanach go n-áiritheodh an Rialachán seo creat rialála, ar creat é lena n-áirithítear lánrochtain chomhionann neamhshrianta ar sheirbhísí idirghabhála d’fhaighteoirí uile na seirbhísí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh na ceanglais inrochtaineachta do sheirbhísí idirghabhálacha, lena n-áirítear a gcomhéadain ar líne, comhsheasmhach le reachtaíocht de chuid an Aontais, amhail an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin, agus go ndéanfaí dlí an Aontais a fhorbairt tuilleadh, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár mar thoradh ar an nuálaíocht dhigiteach. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Sa chleachtas, déanann soláthraithe áirithe seirbhísí idirghabhálacha idirghabháil i ndáil le seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí mheán leictreonach, cosúil le seirbhísí teicneolaíochta faisnéise cianda, iompar, cóiríocht nó seirbhísí seachadta. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le seirbhísí idirghabhálacha amháin agus níor cheart dó difear a dhéanamh do cheanglais a leagtar amach san Aontas nó sa dlí náisiúnta a bhaineann le táirgí nó seirbhísí a ndéantar idirghabháil orthu trí sheirbhísí idirghabhálacha, lena n-áirítear i gcásanna inarb ionann an tseirbhís idirghabhálach agus dlúthchuid de sheirbhís eile nach seirbhís idirghabhálach í mar a shonraítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
(6) Sa chleachtas, déanann soláthraithe áirithe seirbhísí idirghabhálacha idirghabháil i ndáil le seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí mheán leictreonach, cosúil le seirbhísí teicneolaíochta faisnéise cianda, iompar daoine agus earraí, cóiríocht nó seirbhísí seachadta. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le seirbhísí idirghabhálacha amháin agus níor cheart dó difear a dhéanamh do cheanglais a leagtar amach san Aontas nó sa dlí náisiúnta a bhaineann le táirgí nó seirbhísí a ndéantar idirghabháil orthu trí sheirbhísí idirghabhálacha, lena n-áirítear i gcásanna inarb ionann an tseirbhís idirghabhálach agus dlúthchuid de sheirbhís eile nach seirbhís idirghabhálach í mar a shonraítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Ba cheart féachaint ar nasc substaintiúil den chineál sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, ina éagmais sin, ar an mbonn go bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. Is féidir spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca cosúil le húsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht chun táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann náisiúnta barrleibhéil a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil cosúil le seirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27. Ar an lámh eile, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh ghréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas. |
(8) Ba cheart féachaint ar nasc substaintiúil den sórt sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, ina éagmais sin, ar an mbonn go bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú aige i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. Is féidir spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca cosúil le húsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht chun táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann náisiúnta barrleibhéil a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil cosúil le seirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27. Ar an lámh eile, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh ghréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas. |
__________________ |
__________________ |
27 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1). |

Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Ba cheart go gcomhlánódh an Rialachán seo, ach nach n-imreodh sé tionchar ar chur i bhfeidhm rialacha a eascraíonn as ionstraimí eile de dhlí an Aontais a rialaíonn gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe Treoir 2000/31/CE, cé is moite de na hathruithe sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú28 agus Rialachán (AE) …/.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne Dá bhrí sin, níl tionchar ag an Rialachán seo ar na hionstraimí eile sin, a mheastar a bheith ina lex specialis i ndáil leis an gcreat is infheidhme go ginearálta mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá feidhm ag rialacha an Rialacháin seo, áfach, maidir le saincheisteanna nach dtéitear i ngleic leo nó nach dtéitear i ngleic leo go hiomlán sna hionstraimí eile sin chomh maith le saincheisteanna ar a bhfágann na hionstraimí eile sin Ballstáit leis an bhféidearthacht chun bearta áirithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. |
(9) Ba cheart go gcomhlánódh an Rialachán seo, ach nach n-imreodh sé tionchar ar chur i bhfeidhm rialacha a eascraíonn as ionstraimí eile de dhlí an Aontais a rialaíonn gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe Treoir 2000/31/CE, cé is moite de na hathruithe sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú,28 agus Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Dá bhrí sin, níl tionchar ag an Rialachán seo ar na hionstraimí eile sin, a mheastar a bheith ina lex specialis i ndáil leis an gcreat is infheidhme go ginearálta mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an Rialacháin seo, áfach, maidir le saincheisteanna nach dtéitear i ngleic leo nó nach dtéitear i ngleic leo go hiomlán sna hionstraimí eile sin chomh maith le saincheisteanna ar a bhfágann na hionstraimí eile sin Ballstáit leis an bhféidearthacht chun bearta áirithe a ghlacadh. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do sholáthraithe seirbhíse, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a sholáthar maidir le conas an idirghníomhaíocht agus an cineál comhlántach idir gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais a léirmhíniú agus conas cosc a chur ar aon dúbláil ceanglas ar sholáthraithe nó aon choinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus ceanglais chomhchosúla á léirmhíniú. Go háirithe, sna treoirlínte, ba cheart go ndéanfaí soiléiriú ar aon choinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na coinníollacha agus na hoibleagáidí a leagtar síos i ngníomhartha dlíthiúla, dá dtagraítear sa Rialachán seo, ina mínítear cén gníomh dlíthiúil ba cheart a bheith i réim. |
__________________ |
__________________ |
28 Treoir 2010/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos i ndlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit a bhaineann le soláthar seirbhísí meán closamhairc (An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (Téacs le hábharthacht EEA), IO L 95 15.4.2010, lch. 1. |

29 Rialachán (AE) .../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
29 Rialachán (AE) .../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9a) I gcomhréir le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart gnéithe cultúrtha a chur san áireamh, go háirithe chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a urramú agus a chur chun cinn. Tá sé riachtanach go rannchuideodh an Rialachán seo le cosaint a thabhairt don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus do shaoirse na meán agus le hiolrachas na meán agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chothú. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú freisin go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 agus Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,31 Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán32 ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe na Treorach 2002/58/CE33 chomh maith le dlí an Aontais ar chosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34, Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 agus Treoir 93/13/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37, agus ar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.38 Rialaítear cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi rialacha dhlí an Aontais amháin ar an ábhar sin, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Tá an Rialachán seo freisin gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le coinníollacha oibre. |
(10) Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú freisin go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 agus Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,31, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 agus Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe Threoir 2002/58/CE33, Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle33a, chomh maith le dlí an Aontais ar chosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34, Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 agus Treoir 93/13/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37 , Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/1020, Treoir 2001/95/CE, Treoir 2013/11/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2017/239437a, agus ar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.38 Rialaítear cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi rialacha dhlí an Aontais amháin ar an ábhar sin, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Tá an Rialachán seo freisin gan dochar do rialacha dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta maidir le coinníollacha oibre. |
__________________ |
__________________ |
30 Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1). |

31 Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). |

32 Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. |
32 Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. |
33 Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe na Treorach 2002/58/CE. |
33 Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe na Treorach 2002/58/CE. |
|
33a Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú) |
34 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |

35 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |

36 Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóirí |
36 Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóirí |
37 Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 98/6/CE , 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú agus nuachóiriú rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais |

37a Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 |
38 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). |

Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu. |
(11) Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, go háirithe Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) D’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críche an Rialacháin seo ba cheart coincheap an ‘ábhair neamhdhleathaigh’ a shainiú go leathan agus cumhdaíonn sé freisin faisnéis a bhaineann le hábhar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a fhoirm, atá faoin dlí is infheidhme neamhdhleathach ann féin, cosúil le fuathchaint nó ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus ábhar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí atá neamhdhleathach, cosúil le comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid gnéis leanaí, comhroinnt íomhánna príobháideacha neamhthoiliúil neamhdhleathach, cibearstalcaireacht, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha nó góchumtha, úsáid neamhúdaraithe ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó gníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe dlí um chosaint tomhaltóirí. I ndáil leis sin, tá sé neamhábhartha an dtagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais agus céard é cineál beacht nó ábhar an dlí atá i gceist. |
(12) Dá bhrí sin, chun an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, inrochtana, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críche an Rialacháin seo, ba cheart coincheap an ‘inneachair neamhdhleathaigh’ a bheith mar bhonn taca leis an tuairim ghinearálta gur cheart an rud atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne freisin. Ba cheart coincheap ‘an ábhair neamhdhleathaigh’ a shainiú go hiomchuí freisin agus ba cheart go gcumhdófaí leis faisnéis a bhaineann le ábhar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a fhoirm, atá faoi dhlí is infheidhme an Aontais nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme neamhdhleathach ann féin, cosúil le fuathchaint nó ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus ábhar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais toisc go dtagraíonn sé do ghníomhaíochtaí atá neamhdhleathach, cosúil le comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid gnéis leanaí, comhroinnt íomhánna príobháideacha neamhthoiliúil neamhdhleathach, cibearstalcaireacht, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha nó góchumtha, trádáil neamhdhleathach ainmhithe, pladaí agus substaintí, úsáid neamhúdaraithe ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó gníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe dlí um chosaint tomhaltóirí, soláthar seirbhísí neamhdhleathacha go háirithe i réimse na seirbhísí cóiríochta ar ardáin neamhchomhlíontacha ar ardáin don chíos ghearrthéarmach nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. I ndáil leis sin, tá sé neamhábhartha an dtagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt agus céard é cineál beacht nó ábhar an dlí atá i gceist. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) I bhfianaise saintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an gá comhfhreagrach leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe sonracha, is gá idirdhealú a dhéanamh, laistigh den chatagóir níos leithne de sholáthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, ar an bhfochatagóir d’ardáin ar líne. Ba cheart ardáin ar líne, cosúil le líonraí sóisialta nó margaí ar líne, a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála ní hamháin a stórálann faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal, arís arna iarraidh sin dóibh. Ach, d’fhonn forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne inar mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile atá i scaipeadh ar an bpobal agus nach féidir an ghné sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin le dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir go bhfuil sé coimhdeach don phríomhsheirbhís a léiríonn an foilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. |
(13) I bhfianaise saintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an gá comhfhreagrach leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe sonracha, is gá idirdhealú a dhéanamh, laistigh den chatagóir níos leithne de sholáthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, ar an bhfochatagóir d’ardáin ar líne. Ba cheart ardáin ar líne, cosúil le líonraí sóisialta nó margaí ar líne, a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála ní hamháin a stórálann faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal, arís arna iarraidh sin dóibh. Ach, chun forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne inar mionghné nó gné choimhdeach amháin den phríomhsheirbhís nó feidhmiúlacht den phríomhsheirbhís atá i scaipeadh ar an bpobal agus nach féidir an fheidhmiúlacht sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na feidhmiúlachta sin le dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir go bhfuil sé coimhdeach don phríomhsheirbhís a léiríonn an foilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. Chun críche an Rialacháin seo, níor cheart a mheas gur ardán ar líne iad seirbhísí néalríomhaireachta i gcásanna gurb ionann scaipeadh ábhair shonraigh a cheadú agus mionghné nó gné choimhdeach. Ina theannta sin, i gcás seirbhísí néalríomhaireachta, nuair atá siad ag feidhmiú mar bhonneagar, mar shampla, mar na seirbhísí bonneagair foluiteacha stórála agus ríomhaireachta d’fheidhmchlár idirlíonbhunaithe nó d’ardán ar líne, níor cheart a mheas go bhfuil na seirbhísí sin ag scaipeadh faisnéis don phobal, ar faisnéis í a stóráiltear nó a phróiseáltar arna iarraidh sin ag faighteoir feidhmchláir nó ardán ar líne arna óstáil acu. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an gcoincheap ‘scaipeadh ar an bpobal’, mar a úsáidtear sa Rialachán seo, faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta a bheith le déanamh ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis riachtanach, gan beann ar an féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist nó nach féidir. Níor cheart a thuiscint leis an bhféidearthacht chun grúpaí úsáideoirí seirbhíse ar leith a chruthú, as féin, nach ndéantar an fhaisnéis a scaiptear ar an mbealach sin a scaipeadh ar an bpobal. Ach, ba cheart scaipeadh faisnéise laistigh de ghrúpaí dúnta ina bhfuil líon teoranta daoine réamhchinntithe a eisiamh sa choincheap. Tagann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,39 cosúil le ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé sin ar iarratas díreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil. |
(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an gcoincheap ‘scaipeadh ar an bpobal’, mar a úsáidtear sa Rialachán seo, faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta a bheith le déanamh ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis riachtanach, gan beann ar an féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist nó nach féidir. Dá réir sin, i gcás ina mbeidh gá le clárú nó cead isteach do ghrúpa úsáideoirí, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis níor cheart a mheas gur scaipeadh an fhaisnéis sin ar an bpobal ach amháin i gcás ina gclárófar nó ina ligfear isteach go huathoibríoch úsáideoirí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis gan cinneadh ó dhuine maidir le cé dó ar cheart rochtain a cheadú. Faisnéis a mhalartaítear trí úsáid a bhaint as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,39 cosúil le ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, ní mheasfar í a bheith scaipthe ar an bpobal. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé sin ar iarratas díreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil. |
__________________ |
__________________ |
39 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú), IO L 321, 17.12.2018, lch. 36 |
39 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú), IO L 321, 17.12.2018, lch. 36 |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Mar gheall ar an deimhneacht dhlíthiúil arna soláthar ag an gcreat cothrománach le haghaidh díolúintí coinníollacha ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, mar a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE, tháinig go leor seirbhísí nua chun cinn agus tháinig méadú orthu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an creat a chaomhnú dá bhrí sin. D’fhonn na héagsúlachtaí agus na rialacha ábhartha a bheith á dtrasuí agus á gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, áfach, agus ar mhaithe le soiléireacht agus comhleanúnachas, ba cheart an creat sin a ionchorprú sa Rialachán sin. Is gá freisin gnéithe áirithe den chreat sin a shoiléiriú, ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
(16) Mar gheall ar an deimhneacht dhlíthiúil arna soláthar ag an gcreat cothrománach le haghaidh díolúintí coinníollacha ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, mar a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE, tháinig go leor seirbhísí nua chun cinn agus tháinig méadú orthu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an creat a chaomhnú dá bhrí sin. Chun na héagsúlachtaí agus na rialacha ábhartha a bheith á dtrasuí agus á gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, áfach, agus ar mhaithe le soiléireacht, comhsheasmhacht, intuarthacht, inrochtaineacht agus comhleanúnachas, ba cheart an creat sin a ionchorprú sa Rialachán sin. Is gá freisin gnéithe áirithe den chreat sin a shoiléiriú, ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’fhorbairtí teicneolaíocha agus margaidh. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí, maidir le próiseáil theicniúil agus uathoibríoch amháin na faisnéise a sholáthraigh faighteoir na seirbhíse, go bhfuil a ról gníomhach ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a thugann eolas, nó smacht ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálacha féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin. |
(18) Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí, maidir le próiseáil theicniúil agus uathoibríoch amháin na faisnéise a sholáthraigh faighteoir na seirbhíse, go bhfuil a ról gníomhach ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a thugann eolas, nó smacht ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart a mheas, áfach, go bhfuil rialú ar fhaisnéis ag an rangú nó an léiriú i sraith, agus sin amháin, nó ag úsáid córais mholtóra. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálacha féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) Ní sholáthraíonn soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a théann i gcomhar d’aon turas le faighteoir seirbhísí d’fhonn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a sheirbhís go neodrach agus dá bhrí sin níos cheart go mbeadh sé in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas arna bhforáil sa Rialachán seo. |
(20) I gcás ina dtéann soláthraí seirbhísí idirghabhálacha i gcomhar d’aon turas le faighteoir seirbhísí d’fhonn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha , ba cheart a mheas nár soláthraíodh an tseirbhís go neodrach agus dá bhrí sin níos cheart go mbeadh an soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas arna bhforáil sa Rialachán seo. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do ‘chainéal fórach’ agus do sheirbhísí ‘taiscthe’ nuair nach mbaineann sé in aon chor leis an bhfaisnéis a tharchuirtear. Éilítear dó seo, i measc nithe eile, nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis arna tharchur aige. Ach, níor cheart go dtuigfí an ceanglas seo amhail go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil a tharlaíonn i rith an tarchuir, cosúil le hionramhálacha nach n-athraíonn sláine na faisnéise a tharchuirtear. |
(21) Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do ‘chainéal fórach’ agus do sheirbhísí ‘taiscthe’ nuair nach mbaineann sé in aon chor le hábhar na faisnéise a tharchuirtear. Éilítear dó seo, i measc nithe eile, nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis arna tharchur aige. Ach, níor cheart go dtuigfí an ceanglas seo amhail go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil, a tharlaíonn i rith an tarchuir, cosúil le hionramhálacha nach n-athraíonn sláine na faisnéise a tharchuirtear. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, nuair a fhaigheann sé eolas nó feasacht maidir le hábhar neamhdhleathach, feidhmiú go tapa chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar phrionsabal na saoirse chun tuairimí a nochtadh. Féadfaidh an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht iarbhír sin a fháil trí, go háirithe, a imscrúduithe féintionscnaimh féin nó fógraí seolta isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhfuil na fógraí sin beacht go leordhóthanach agus go bhfuil bunús oiriúnach leo le ceadú d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach iad a shainaithint, a mheasúnú agus i gcás inarb iomchuí feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach líomhnaithe. |
(22) Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, tar éis fáil amach faoi chineál neamhdhleathach an ábhair, agus dá bhrí sin, eolas nó feasacht iarbhír a fháil, feidhmiú go tapa chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus ar phrionsabal na Cairte um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear prionsabal na saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus an ceart chun faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí. Féadfaidh an soláthraí eolas nó feasacht iarbhír a fháil maidir le cineál neamhdhleathach an ábhair trí, go háirithe, a imscrúduithe féintionscnaimh féin nó fógraí seolta isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhfuil na fógraí sin beacht go leordhóthanach agus go bhfuil bunús oiriúnach leo le ceadú do sholáthraí seirbhísí óstála dícheallach iad a shainaithint, a mheasúnú agus i gcás inarb iomchuí feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach líomhnaithe. Fad is a ghníomhaíonn soláthraithe chun eolas iarbhír a fháil, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair atáthar ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe áirithe seirbhísí óstála, eadhon, ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt chun críche le trádálaithe, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a chuirtear ar bun sa Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí a chreidiúint gur sholáthair na hardáin ar líne sin iad féin nó faighteoirí na seirbhíse ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú an fhaisnéis, agus dá bhrí sin go bhfuil an t-eolas nó rialú ar an eolas ag na hardáin ar líne, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Chuige sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, cibé an bhféadfadh an cur i láthair a bheith mar bhunús le creidiúint de chuid gnáth-thomhaltóra atá réasúnta eolach. |
(23) Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair atáthar ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe áirithe seirbhísí óstála, eadhon, ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt chun críche le trádálaithe, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a chuirtear ar bun sa Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí a chreidiúint gur sholáthair na hardáin ar líne sin iad féin nó faighteoirí na seirbhíse ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú an fhaisnéis, agus dá bhrí sin go bhfuil an t-eolas nó rialú ar an eolas ag na hardáin ar líne, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Ina leith sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, an bhféadfadh an cur i láthair an méid sin a thabhairt le fios do thomhaltóir. D’fhéadfadh creidiúint den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, i gcás ina mainníonn an t-ardán ar líne a cheadaíonn cianchonarthaí le trádálaithe, céannacht an trádalaithe a thaispeáint go soiléir de bhun an Rialacháin seo, nó ina ndéanann sé an táirge nó an tseirbhís a mhargú ina ainm féin seachas úsáid a bhaint as ainm an trádálaithe a sholáthróidh é, nó i gcás ina gcinneann an soláthraí praghas deiridh na n-earraí nó na seribhísí arna dtairiscint ag an trádálaí. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú agus gan gníomhaíochtaí atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh a dhíspreagadh, gníomhaíochtaí ar féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach hionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe sin bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí sin ó dhliteanas ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí ná bearta den chineál sin a bhféadfadh soláthraí ar leith tabhairt fúthu a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail seo ag tabhairt le fios áfach gur féidir leis an soláthraí brath uirthi. |
(25) Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú agus chun nach ndíspreagfar gníomhaíochtaí atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina n-aghaidh, gníomhaíochtaí ar féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach hionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ós rud é go bhfuil imscrúduithe féintionscnaimh á ndéanamh acu agus ar an mbonn sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach agus go bhfuil coimircí breise i gcoinne ró-bhaint ábhair neamhdhleathaigh ag gabháil leo. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a ndícheall chun a áirithiú, i gcás ina n-úsáidtear uirlisí uathoibríocha chun ábhar a mhodhnú, go mbeidh an teicneolaíocht iontaofa go leordhóthanach chun an ráta earráidí a theorannú a mhéid is féidir i gcás ina meastar go mícheart gur ábhar neamhdhleathach í an fhaisnéis. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe sin bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí sin ó dhliteanas ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí ná bearta den chineál sin a bhféadfadh soláthraí ar leith tabhairt fúthu a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail seo ag tabhairt le fios áfach gur féidir leis an soláthraí brath uirthi. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Cé go ndíríonn na rialacha i gCaibidil II den Rialachán seo ar an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, tá sé tábhachtach a mheabhrú, d’ainneoin an ról tábhachtach a imríonn na soláthraithe seo go ginearálta, nár cheart déileáil le fadhb an ábhair agus na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne díreach trí dhíriú ar a ndliteanas agus a bhfreagrachtaí. Nuair is féidir, ba cheart do thríú páirtithe dá ndéanann ábhar neamhdhleathach arna tharchur nó arna stóráil ar líne difear iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí a réiteach maidir leis an ábhar sin gan soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha atá i gceist a bheith páirteach. Ba cheart d’fhaighteoirí na seirbhíse a bheith faoi dhliteanas, i gcás ina bhforáiltear sin i rialacha is infheidhme an Aontais agus sa dlí náisiúnta lena gcinntear an dliteanas sin, maidir leis an ábhar neamhdhleathach a sholáthraíonn siad agus a d’fhéadfaidís a scaipeadh trí sheirbhísí idirghabhálacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do ghníomhaithe eile, cosúil le modhnóirí grúpa i dtimpeallachtaí dúnta ar líne, go háirithe i gcás grúpaí móra, cuidiú chun scaipeadh ábhar neamhdhleathach ar líne a sheachaint, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, nuair is gá do sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ba cheart aon iarraidh nó ordú maidir le rannpháirtíocht den sórt sin, mar riail ghinearálta, a chur chuig an ngníomhaire a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige le gníomhú in aghaidh na míreanna sonracha den ábhar neamhdhleathach, chun aon éifeachtaí diúltacha féideartha maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht faisnéise nach ábhar neamhdhleathach é a chosc agus a íoslaghdú. |
(26) Cé go ndíríonn na rialacha i gCaibidil II den Rialachán seo ar an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, tá sé tábhachtach a mheabhrú, d’ainneoin an ról tábhachtach a imríonn na soláthraithe seo go ginearálta, nár cheart déileáil le fadhb an ábhair agus na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne díreach trí dhíriú ar a ndliteanas agus a bhfreagrachtaí. Nuair is féidir, ba cheart do thríú páirtithe dá ndéanann ábhar neamhdhleathach arna tharchur nó arna stóráil ar líne difear iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí a réiteach maidir leis an ábhar sin gan soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha atá i gceist a bheith páirteach. Ba cheart d’fhaighteoirí na seirbhíse a bheith faoi dhliteanas, i gcás ina bhforáiltear sin i rialacha is infheidhme an Aontais agus sa dlí náisiúnta lena gcinntear an dliteanas sin, maidir leis an ábhar neamhdhleathach a sholáthraíonn siad agus a d’fhéadfaidís a scaipeadh trí sheirbhísí idirghabhálacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do ghníomhaithe eile, cosúil le modhnóirí grúpa i dtimpeallachtaí dúnta agus oscailte ar líne, go háirithe i gcás grúpaí móra, cuidiú chun scaipeadh ábhar neamhdhleathach ar líne a sheachaint, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, nuair is gá do sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ba cheart aon iarraidh nó ordú maidir le rannpháirtíocht den sórt sin, mar riail ghinearálta, a chur chuig an soláthraí sonrach a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige le gníomhú in aghaidh na míreanna sonracha den ábhar neamhdhleathach, chun aon éifeachtaí diúltacha féideartha maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht faisnéise nach ábhar neamhdhleathach é a chosc agus a íoslaghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe gníomhú nuair atá siad sa riocht is fearr chun amhlaidh a dhéanamh. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) Ó 2000, tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, inniúlachtaí agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur agus a stóráil, rud a mhéadaíonn éiceachóras ar líne atá ag éirí níos casta. Chuige seo, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil bhunúsach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a seirbhísí mar ‘chainéil fhóracha’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí óstála. Áirítear le seirbhísí den sórt sin, de réir mar a bheidh, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córas ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, nó líonraí seachadta ábhair, a chumasaíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun cíocha cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne cosúil le IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhís ríomhphoist gréasánbhunaithe, i gcás ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála. |
(27) Ó 2000, tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, inniúlachtaí agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur agus a stóráil, rud a mhéadaíonn éiceachóras ar líne atá ag éirí níos casta. Chuige seo, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil bhunúsach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a seirbhísí mar ‘chainéil fhóracha’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí óstála. Áirítear le seirbhísí den sórt sin, de réir mar a bheidh, agus as measc seirbhísí eile, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córais ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, Líonraí Príobháideacha Fíorúla, seirbhísí bonneagair néil nó líonraí seachadta inneachair, a chumasaíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile na seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun cíocha cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne cosúil le IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhís ríomhphoist gréasánbhunaithe, i gcás ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(27a) D’fhéadfaí gnéithe a cháilíonn go héagsúil mar ‘chainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála a bheith san áireamh i leathanach gréasáin aonair nó i suíomh gréasáin agus ba cheart go mbeadh feidhm dá réir ag na rialacha i ndáil le díolúintí ó dhliteanas maidir le gach ceann díobh. Mar shampla, d’fhéadfadh inneall cuardaigh gníomhú mar sheirbhís ‘taiscthe’, agus mar sin amháin, maidir leis an bhfaisnéis a áirítear i dtorthaí fiosrúcháin. Fós fein, áfach, cháileodh gnéithe a thaispeántar in éineacht leis na torthaí sin, amhail fógraí ar líne, mar sheirbhís óstála. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi réir oibleagáid faireacháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta. Ní bhaineann sé seo le hoibleagáidí faireacháin i gcás ar leith agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart a fhorléiriú le ní ar bith sa Rialachán seo amhail oibleagáid faireacháin ghinearálta nó oibleagáid ghníomhach aimsithe fíoras a fhorchur, nó mar oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hábhar neamhdhleathach. |
(28) Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi réir oibleagáid faireacháin de jure ná de facto i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta. Ní bhaineann sé sin le hoibleagáidí faireacháin i gcás ar leith a shainaithnítear go sonrach agus go cuí, i gcás ina leagtar síos iad i ngníomhartha de chuid an Aontais agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme gníomhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus le dlí eile de chuid an Aontais a mheastar a bheith ina dlí lex specialis. Níor cheart a fhorléiriú le ní ar bith sa Rialachán seo amhail oibleagáid faireacháin ghinearálta nó oibleagáid ghníomhach aimsithe fíoras a fhorchur, nó mar oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hábhar neamhdhleathach. Ar an gcaoi chéanna, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha seirbhísí criptithe ó cheann go ceann a thairiscint. Tá sé ríthábhachtach criptiú éifeachtach inn ar inn a chur i bhfeidhm ar shonraí ar mhaithe le muinín as an idirlíon agus slándáil ar an idirlíon, agus go seachnaítear leis rochtain tríú páirtí neamhúdaraithe a bheag nó a mhór. Thairis sin, chun príobháideachas digiteach a áirithiú, níor cheart do na Ballstáit oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun teorainn a chur leis an úsáid anaithnid a bhainfear as a gcuid seirbhísí. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(29) Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus an réimse dlí atá i gceist, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gníomhú in aghaidh nithe sonracha ar leith d’ábhar neamhdhleathach, nó míreanna áirithe faisnéise sonraithe a sholáthar. Tá éagsúlacht mhór idir na dlíthe náisiúnta ar a n-eisítear na horduithe sin agus táthar ag tabhairt aghaidh níos mó ar orduithe i gcásanna trasteorann. Chun a áirithiú gur féidir cloí leis na horduithe sin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí lena mbaineann tabhairt faoina gcúraimí agus nach mbíonn na soláthraithe faoi réir aon ualach neamhréireach, gan tionchar gan ghá a imirt ar chearta agus ar leasanna dlisteanacha aon tríú páirtithe, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na horduithe sin iad a chomhlíonadh chomh maith le ceanglais chomhlántacha áirithe maidir le próiseáil na n-orduithe sin. |
(29) Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus an réimse dlí atá i gceist, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gníomhú in aghaidh nithe sonracha ar leith d’ábhar neamhdhleathach, nó míreanna áirithe faisnéise sonraithe a sholáthar. Tá éagsúlacht mhór idir na dlíthe náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt ar a n-eisítear na horduithe sin agus táthar ag tabhairt aghaidh níos mó ar orduithe i gcásanna trasteorann. Chun a áirithiú gur féidir cloí leis na horduithe sin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí lena mbaineann tabhairt faoina gcúraimí agus nach mbíonn na soláthraithe faoi réir aon ualach neamhréireach, gan tionchar gan ghá a imirt ar chearta agus ar leasanna dlisteanacha aon tríú páirtithe, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na horduithe sin iad a chomhlíonadh chomh maith le ceanglais chomhlántacha áirithe maidir le próiseáil éifeachtach na n-orduithe sin. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(30) Ba cheart orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar a eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus an cosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Tá na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach gan dochar d’ionstraimí eile de chuid an Aontais ina bhforáiltear do chórais chosúla i gcomhair gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha ábhar neamhdhleathach, amhail Rialachán (AE) .../.... [Rialachán beartaithe a phléann le scaipeadh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne], nó Rialachán (AE) 2017/2394 a thugann cumhachtaí sonracha chun ordú a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú dlí tomhaltóirí i mBallstát chun faisnéis a sholáthar, cé go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe chun faisnéis a sholáthar gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart do na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. |
(30) Ba cheart orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar a eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt agus go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus an cosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Tá na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe le feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais ina bhforáiltear do chórais chosúla i gcomhair gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha ábhar neamhdhleathach, amhail Rialachán (AE) 2021/784 a phléann le scaipeadh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, nó Rialachán (AE) 2017/2394 a thugann cumhachtaí sonracha chun ordú d’údaráis um fhorfheidhmiú dlí tomhaltóirí i mBallstát chun faisnéis a sholáthar, cé go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe chun faisnéis a sholáthar gan dochar do ghníomhartha eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart do na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(31) Ba cheart go leagfaí amach raon feidhme críochach na n-orduithe sin go soiléir ar bhonn an dlí is infheidhme san Aontas nó an dlí náisiúnta, a chumasaíonn eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart go gcothromódh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a eisíonn an t-ordú an cuspóir a bhfuil sé mar aidhm leis an aidhm a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, le cearta agus leasanna dlisteanacha gach tríú páirtí a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Ina theannta sin, i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ordú dá dtagraítear san fhaisnéis shonrach lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás lena mbaineann, ba cheart don údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i gceist gur dóchúil go mbeidh sé comhdhéanta d’ábhar neamhdhleathach i mBallstáit eile lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha ábhartha de dhlí an Aontais nó den dlí idirnáisiúnta agus leasa cúirtéise idirnáisiúnta a thabhairt san áireamh. |
(31) Ba cheart go leagfaí amach go soiléir raon feidhme críochach na n-orduithe sin chun gníomhú i gcoinne ábhar neamhdhleathach ar bhonn an dlí is infheidhme san Aontas nó an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2000/31/CE agus an Chairt, a chumasaíonn eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart go gcothromódh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a eisíonn an t-ordú an cuspóir a bhfuil sé mar aidhm leis an aidhm a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, le cearta agus leasanna dlisteanacha gach tríú páirtí a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ordú dá dtagraítear san fhaisnéis shonrach lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás lena mbaineann, ba cheart don údarás measúnú a dhéanamh ar cibé an dócha nó nach dócha gurb ionann an fhaisnéis atá i gceist agus ábhar neamhdhleathach i mBallstáit eile lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha ábhartha de dhlí an Aontais nó den dlí idirnáisiúnta agus leasa cúirtéise idirnáisiúnta a thabhairt san áireamh. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(32) Baineann na horduithe chun faisnéis a sholáthar arna rialáil ag an Rialachán seo le faisnéis shonrach a tháirgeadh maidir le faighteoirí aonair na seirbhíse idirghabhálaí lena mbaineann a sainaithnítear sna horduithe sin chun críocha comhlíontacht faighteoirí na seirbhísí le rialacha an Aontais nó le rialacha náisiúnta is infheidhme a chinneadh. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh rialacha an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise aon difear d’orduithe maidir le faisnéis ar ghrúpa faighteoirí na seirbhíse nach sainaithnítear go sonrach, lena n-áirítear orduithe chun faisnéis chomhiomlán is gá chun críocha staitistiúla nó ceapadh beartais fianaisebhunaithe a sholáthar. |
(32) Baineann na horduithe chun faisnéis a sholáthar arna rialáil ag an Rialachán seo le faisnéis shonrach a tháirgeadh maidir le faighteoirí aonair na seirbhíse idirghabhálaí lena mbaineann a sainaithnítear sna horduithe sin chun críocha comhlíontacht faighteoirí na seirbhísí le rialacha an Aontais nó le rialacha náisiúnta is infheidhme a chinneadh. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh rialacha an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise aon difear d’orduithe maidir le faisnéis ar ghrúpa faighteoirí na seirbhíse nach sainaithnítear go sonrach, lena n-áirítear orduithe chun faisnéis chomhiomlán is gá chun críocha staitistiúla nó ceapadh beartais fianaisebhunaithe a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar creat dlíthiúil an Aontais maidir le rúndacht cumarsáidí agus príobháideacht ar líne agus freisin maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta mar a chumhdaítear i dTreoir (AE) 2016/680 a chur chun feidhme go hiomlán. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit cearta daoine aonair agus iriseoirí a urramú agus staonadh ó fhaisnéis a lorg, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shaoirse na meán nó don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) Níl orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus chun faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht na mBallstát san áit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus ag leagan síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe chun faisnéis a sholáthar le míreanna sonracha faisnéise, i gcás ina bhfuil siad bainteach le soláthraithe seirbhísí idirghabhálaí atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann siad srian i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngá chun bunús a thabhairt le bearta a mhaolaíonn ó inniúlacht an Bhallstáit i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe ar fhorais shonraithe áirithe agus maidir le fógairt na mbeart sin, maidir leis na horduithe sin. |
(33) Níl orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus chun faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht na mBallstát san áit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus ag leagan síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe atá i gceist le míreanna sonracha ábhair neamhdhleathaigh agus faisnéisí neamhdhleathaí, mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, faoi seach, i gcás ina bhfuil siad bainteach le soláthraithe seirbhísí idirghabhálaí atá bunaithe i mBallstát eile, níor cheart dóibh srian a chur i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Ba cheart don údarás inniúil na horduithe chun gníomhú i gcoinne ábhar neamhdhleathach agus chun faisnéis a chur díreach chuig an seolaí ábhartha trí mheán leictreonach ar bith ar féidir taifead scríofa a bhunú air a tharchur faoi choinníollacha a ligeann don soláthraí seirbhísí barántúlacht a bhunú air, idir chruinneas an dáta, am a sheolta agus am glactha an ordaithe, trí ríomhphost agus ardáin shlána nó trí bhealaí slána eile, lena n-áirítear bealaí a chuir an soláthraí seirbhísí ar fáil, i gcomhréir leis na rialacha um chosaint sonraí pearsanta. Ba cheart an ceanglas seo a chomhlíonadh go háirithe trí úsáid a bhaint as seirbhísí seachadta leictreonacha cláraithe dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le haitheantas frithpháirteach agus forghníomhú breithiúnas, eadhon maidir leis an gceart diúltú d’aitheantas agus forghníomhú orduithe gníomhú i gcoinne ábhar neamhdhleathach, go háirithe i gcás ina bhfuil an t-ordú sin contrártha don bheartas poiblí sa Bhallstát ina bhfuil aitheantas nó forghníomhú á lorg. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(33a) Níor cheart an Rialachán seo cosc a chur ar na húdaráis ábhartha náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin, ar bhonn dhlí infheidhme an Aontais nó an dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, ordú a eisiúint chun ábhar a athbhunú, i gcás ina raibh an t-ábhar sin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála, ach a mheas an soláthraí seirbhíse go hearráideach go raibh sé neamhdhleathach agus a baineadh anuas é. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(33b) Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go mbeadh orduithe chun gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus faisnéis a sholáthar i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear leis an gCairt. Ba cheart don Choimisiún freagairt éifeachtach ar sháruithe ar dhlí an Aontais a sholáthar trí imeachtaí um shárú. |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(34) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibleagáidí sin go háirithe cuspóirí difriúla an bheartais phoiblí a ráthú cosúil le sábháilteacht agus iontaobhas faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear mionaoisigh agus úsáideoirí leochaileacha, na cearta bunúsacha ábhartha a chumhdaítear sa Chairt a chosaint chun cuntasacht bhríoch na soláthraithe sin a áirithiú agus chun faighteoirí agus páirtithe eile dá ndéantar difear a chumhachtú, fad is a éascaítear an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla. |
(34) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir, éifeachtach, intuartha agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibleagáidí sin go háirithe cuspóirí difriúla an bheartais phoiblí a ráthú cosúil le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí, sábháilteacht agus iontaobhas faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear mionaoisigh agus úsáideoirí leochaileacha, cosaint na gceart bunúsach ábhartha a chumhdaítear sa Chairt, cumhachtú cuntasachta fónta na soláthraithe sin, agus cumhachtú faighteoirí agus páirtithe eile dá ndéantar difear, fad is a éascaítear an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) Chuige sin, tá sé tábhachtach go gcuirtear na hoibleagáidí díchill chuí in oiriúint i gcomhair chineál na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Leagtar amach sa Rialachán seo dá bhrí sin oibleagáidí bunúsacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, chomh maith le hoibleagáidí breise do sholáthraithe seirbhísí óstála agus, go sonrach, ardáin ar líne agus ardáin an-mhór ar líne. A mhéid a thagann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha laistigh de na catagóirí éagsúla sin i bhfianaise cineál a seirbhísí agus a méid, ba cheart dóibh oibleagáidí comhfhreagracha ar fad an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Tá na hoibleagáidí díchill chuí chomhchuibhithe sin, ar cheart dóibh a bheith réasúnach agus neamhthreallach, ag teastáil chun ábhar imní sainaitheanta maidir leis an mbeartas poiblí a bhaint amach, cosúil le coimirciú sainleasanna dlisteanacha faighteoirí na seirbhísí, dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha agus cearta bunúsacha ar líne a chosaint. |
(35) Chuige sin, tá sé tábhachtach na hoibleagáidí díchill chuí a chur in oiriúint do chineál, nádúr agus méid na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Leagtar amach sa Rialachán seo dá bhrí sin oibleagáidí bunúsacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, chomh maith le hoibleagáidí breise do sholáthraithe seirbhísí óstála agus, go sonrach, ardáin ar líne agus ardáin an-mhór ar líne. A mhéid a thagann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha laistigh de na catagóirí éagsúla sin i bhfianaise chineál a seirbhísí agus a méid, ba cheart dóibh oibleagáidí comhfhreagracha ar fad an Rialacháin seo i dtaca leis na seirbhísí sin a chomhlíonadh. Tá na hoibleagáidí díchill chuí chomhchuibhithe sin, ar cheart dóibh a bheith réasúnach agus neamhthreallach, ag teastáil chun ábhar imní sainaitheanta maidir leis an mbeartas poiblí a bhaint amach, cosúil le coimirciú sainleasanna dlisteanacha faighteoirí na seirbhísí, dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha agus cearta bunúsacha ar líne a chosaint. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(36) Chun cumarsáide réidh agus éifeachtúil a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo a éascú, ba cheart go n-éileofaí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a bhunú agus faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir lena bpointe teagmhála, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid i gcumarsáid den sórt sin. Is féidir le comharthóirí iontaofa agus eintitis ghairmiúla atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála a úsáid freisin. I gcodarsnacht leis an ionadaí dlí, ba cheart don phointe teagmhála a bheith ann chun críocha oibríochtúla agus ní gá go mbeadh láthair fhisiciúil aige. |
(36) Chun cumarsáid réidh agus éifeachtúil a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo a éascú, ba cheart go n-éileofaí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a ainmniú agus faisnéis ábhartha cothrom le dáta a fhoilsiú maidir lena bpointe teagmhála, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid i gcumarsáid den sórt sin. Ba cheart fógra a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát bunaíochta. Is féidir le comharthóirí iontaofa agus eintitis ghairmiúla atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála a úsáid freisin. Ba cheart go mbeadh an pointe teagmhála sin in ann a bheith mar an gcéanna leis an bpointe teagmhála a cheanglaítear faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais. I gcodarsnacht leis an ionadaí dlí, ba cheart don phointe teagmhála a bheith ann chun críocha oibríochtúla agus ní gá go mbeadh láthair fhisiciúil aige. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(36a) Ba cheart ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a ainmniú d’fhaighteoirí seirbhísí, rud a fhágann gur féidir cumarsáid a dhéanamh ar bhealach tapa, díreach agus éifeachtúil, go háirithe trí mhodhanna a bhfuil teacht orthu go héasca amhail uimhir ghutháin, seoltaí ríomhphoist, foirmeacha teagmhála leictreonacha, ríomhróbait chomhrá nó córas teachtaireachtaí meandracha. Ba cheart é a shonrú go sainráite i gcás ina ndéanann úsáideoir cumarsáid le bota comhrá. Chun cumarsáid thapa, dhíreach agus éifeachtúil a éascú, níor cheart go mbeadh ar fhaighteoirí seirbhísí dul i ngleic le roghchláir fhada fóin ná faisnéis teagmhála faoi cheilt. Go háirithe, ba cheart go mbeadh sé de rogha i gcónaí ar roghchláir fóin labhairt le duine. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha cead a thabhairt d’fhaighteoirí seirbhísí modhanna cumarsáide a roghnú atá díreach agus éifeachtúil agus nach bhfuil ag brath ar uirlisí uathoibrithe. Níor cheart an ceanglas sin difear a dhéanamh d’eagrú inmheánach soláthraithe seirbhísí idirghabhála, lena n-áirítear an cumas úsáid a bhaint as seirbhísí tríú páirtithe chun an córas cumarsáide seo a sholáthar, amhail soláthraithe seirbhíse eachtracha agus lárionaid glaonna. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlí atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-ionadaithe dlí, chun gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart don ionadaí dlí sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. |
(37) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlí atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-ionadaithe dlí, chun gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart don ionadaí dlí sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh níos mó ná soláthraí seirbhísí idirghabhála amháin in ann sainordú a thabhairt d’ionadaí dlíthiúil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go gcáilíonn na soláthraithe sin mar mhicrifhiontair nó fiontair bheaga agus mheánmhéide, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/EC. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(38) Cé gur cheart meas a bheith ar shaoirse conartha soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha i bprionsabal, tá sé iomchuí rialacha áirithe a leagan síos maidir le hábhar, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú théarmaí agus coinníollacha na soláthraithe sin ar mhaithe le trédhearcacht, cosaint faighteoirí na seirbhíse agus torthaí míchothroma nó treallacha a sheachaint. |
(38) Cé gur cheart meas a bheith ar shaoirse conartha soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha i bprionsabal, tá sé iomchuí rialacha áirithe a leagan síos maidir le hábhar, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú théarmaí agus choinníollacha na soláthraithe sin ar mhaithe lecosaint a thabhairt do chearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, trédhearcacht, cosaint faighteoirí na seirbhíse agus torthaí idirdhealaitheacha, míchothroma nó treallacha a sheachaint. Go háirithe, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndréachtófar na téarmaí agus coinníollacha i dteanga shoiléir gan débhrí i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Ba cheart go n-áireofaí sna téarmaí agus coinníollacha freisin faisnéis freisin maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun ábhar a mhodhnú, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach, athbhreithniú daonna, mar aon leis an gceart atá acu úsáid na seirbhíse a fhoirceannadh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha achoimre bheacht ar phríomhghnéithe na dtéarmaí agus coinníollacha a sholáthar d’fhaighteoirí seirbhísí, ar achoimre í is féidir a léamh go héasca agus lena n-áireofar na réitigh atá ar fáil, agus gnéithe grafacha, amhail deilbhíní, á n-úsáid nuair is iomchuí. |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(39) Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuairisciú go bliantúil, i gcomhréir leis na ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán seo, maidir leis an modhnú ábhair a nglacann siad páirt ann, lena n-áirítear na bearta ar glacadh leo de thoradh cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú a dtéarmaí agus coinníollacha. Ach, chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, níor cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le soláthraithe ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún.40 |
(39) Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas i bhformáid chaighdeánaithe meaisín-inléite agus i gcomhréir leis na ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán seo, maidir leis an modhnú ábhair a nglacann siad páirt ann, lena n-áirítear na bearta ar glacadh leo de thoradh cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú a dtéarmaí agus coinníollacha. Ach, chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le soláthraithe ar micrifhiontair nó fiontair bheaga iad mar a shainítear i Moladh 2003/361/CE40 ón gCoimisiún agus nach gcáilíonn mar ardáin an-mhór ar líne. |
__________________ |
__________________ |
40 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). |
40 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(39a) Ba cheart go mbeadh faighteoirí seirbhíse in ann cinntí nó roghanna saora, uathrialacha agus eolasacha a dhéanamh agus seirbhís á húsáid agus ní úsáidfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála aon mhodhanna, lena n-áirítear trí chomhéadan na seirbhíse, chun an chinnteoireacht sin a shaobhadh nó dochar a dhéanamh di. Go háirithe, ba cheart an chumhacht a thabhairt d’fhaighteoirí na seirbhíse cinntí den sórt sin a dhéanamh, inter alia, maidir le glacadh le téarmaí agus coinníollacha agus athruithe orthu, cleachtais fógraíochta, príobháideachas agus socruithe eile agus córais mholtóra nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú le seirbhísí idirghabhálacha. Baineann cleachtais áirithe leas as claontachtaí cognaíocha go hiondúil, áfach, agus spreagann siad faighteoirí na seirbhíse earraí agus seirbhísí a cheannach nach bhfuil ag teastáil uathu nó faisnéis phearsanta a nochtadh, ar faisnéis í b’fhearr leo gan a nochtadh. Dá bhrí sin, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála an dallamullóg a chur ar fhaighteoirí na seirbhíse nó tabhairt orthu an méid sin a dhéanamh nó trí neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha fhaighteoirí na seirbhíse a shaobhadh, nó dochar a dhéanamh dóibh, agus é sin tríd an struchtúr nó an leagan amach atá ar chomhéadan ar líne, nó cuid de, nó trína chuid feidhmeanna (‘patrúin dhorcha’). Ba cheart go n-áireofaí leis sin roghanna i dtaobh an leagan amach chun teacht i dtír ar an bhfaighteoir trína gcuirtear é i dtreo gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, ach a bhféadfadh sé nach bhfuil siad chun leasa na bhfaighteoirí, ina gcuirtear roghanna i láthair ar bhealach claonta, amhail níos mó dearscnaitheachta ó thaobh feiceálachta de a thabhairt do rogha toilithe, ina n-iarrtar arís is arís eile ar an bhfaighteoir, nó ina dtathantaítear air, cinneadh a dhéanamh nó ina ndéantar an nós imeachta chun seirbhís a chur ar ceal i bhfad níos útamálaí ná clárú don tseirbhís, ach níor cheart go mbeadh sé teoranta dóibh sin. Maidir le rialacha lena gcuirtear cosc ar phatrúin dorcha, áfach, níor cheart a thuiscint go gcuireann siad cosc ar sholáthraithe idirghníomhú go díreach le gníomhaithe agus seirbhísí nua nó seirbhísí breise a thairiscint dóibh. Go háirithe, ba cheart go mbeifí in ann teagmháil a dhéanamh le húsáideoir arís laistigh de thréimhse ama réasúnta, fiú más rud é gur dhiúltaigh an úsáideoir do thoiliú chun críocha sonracha próiseála sonraí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun sainmhíniú a thabhairt ar na cleachtais a d’fhéadfaí a mheas a bheith ina bpatrúin dhorcha. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéise arna soláthar agus arna iarraidh ag faighteoirí na seirbhísí agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuireann gach soláthraí seirbhísí óstála, beag beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh furasta i bhfeidhm atá éasca a úsáid agus a éascaíonn fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí fógartha a bheith ina ábhar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (‘fógra’), lenar féidir leis an soláthraí sin cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an measúnú sin dá bhun agus cibé ar mian leis rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna ábhar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid chun sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, mar shampla, ar sheirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid is a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
(40) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéise arna soláthar agus arna iarraidh ag faighteoirí na seirbhísí agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuireann gach soláthraí seirbhísí óstála, gan beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh furasta i bhfeidhm atá éasca a rochtain, cuimsitheach, éasca a úsáid agus a éascaíonn fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí fógartha a bheith ina n-ábhar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (‘fógra’), ar dá mbun is féidir leis an soláthraí sin a shuí go bhfuil an t-ábhar i dtrácht neamhdhleathach go soiléir gan scrúdú breise dlíthiúil nó fíorasach a dhéanamh ar an bhfaisnéis a shonraítear san fhógra agus rochtain ar an inneachar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). Leis an sásra sin, ba cheart sásra tuairiscithe atá inaitheanta go soiléir a áireamh, atá lonnaithe gar don ábhar i dtrácht lena lamháiltear fógra a thabhairt go tapa agus go héasca maidir le gnéithe faisnéise a mheastar a bheith neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna ábhair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair chun oibriú éifeachtach na sásraí fógra agus gnímh a áirithiú. Cé gur cheart go mbeadh daoine aonair in ann fógraí a chur isteach go hanaithnid i gcónaí, níor cheart eolas iarbhír leanúint as na fógraí sin, seachas i gcás faisnéis a meastar go bhfuil ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i dTreoir 2011/93/AE ag baint leis. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid chun sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, mar shampla, ar sheirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid is a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(40a) Mar sin féin, ba cheart fógraí a dhíriú ar an ngníomhaí a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige gníomhú agus ag a bhfuil an gaol is dlúithe le faighteoir na seirbhíse a chuir an fhaisnéis nó an t-ábhar ar fáil. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála sin na fógraí sin a atreorú chuig an ardán ar líne ar leith agus an páirtí a thug an fógra a chur ar an eolas faoi sin. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(40b) Ina theannta sin, níor cheart do sholáthraithe óstála féachaint le gníomhú ach amháin i gcoinne na míreanna faisnéise ar tugadh fógra fúthu. I gcás nach féidir míreanna faisnéise aonair a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú go teicniúil nó go hoibríochtúil ar chúiseanna dlíthiúla nó teicneolaíocha, amhail seirbhísí criptithe comhad agus stórála agus comhroinnte sonraí, ba cheart do na soláthraithe óstála faighteoir na seirbhíse a chur ar an eolas faoin bhfógra agus gníomhú a iarraidh. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(41) Ba cheart na rialacha maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta den sórt sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil na bhfógraí ar bhonn rialacha atá aonfhoirmeach, trédhearcach agus soiléir agus a fhorálann to choimircí láidre chun sainleasanna cearta agus dlisteanacha gach páirtí dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe a gcearta bunúsacha mar a ráthaítear sa Chairt, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na páirtithe sin bunaithe nó ina gcónaíonn siad ná an réimse dlí atá i gceist. Áirítear leis na cearta bunúsacha, de réir mar a bheidh, an ceart maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart maidir leis an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart le sonraí pearsanta a chosaint, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil d’fhaighteoirí na seirbhíse; an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear saoirse conarthachta, soláthraithe seirbhíse; chomh maith leis an gceart maidir le dínit an duine, cearta an linbh, an ceart maidir le cosaint maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, agus an ceart maidir le neamh-idirdhealú páirtithe dá ndéanann an t-ábhar neamhdhleathach difear. |
(41) Ba cheart na rialacha maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta den sórt sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil tráthúil, dícheallach, oibiachtúil, neamhthreallach agus neamh-idirdhealaitheach na bhfógraí ar bhonn rialacha atá aonfhoirmeach, trédhearcach agus soiléir agus a fhorálann to choimircí láidre chun sainleasanna cearta agus dlisteanacha gach páirtí dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe a gcearta bunúsacha mar a ráthaítear sa Chairt, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na páirtithe sin bunaithe nó ina gcónaíonn siad ná an réimse dlí atá i gceist. Áirítear leis na cearta bunúsacha, de réir mar a bheidh, an ceart maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart maidir leis an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart le sonraí pearsanta a chosaint, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil d’fhaighteoirí na seirbhíse; an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear saoirse conarthachta, soláthraithe seirbhíse; chomh maith leis an gceart maidir le dínit an duine, cearta an linbh, an ceart maidir le cosaint maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, agus an ceart maidir le neamh-idirdhealú páirtithe dá ndéanann an t-ábhar neamhdhleathach difear. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(41a) Nuair a fhaigheann soláthraithe seirbhísí óstála fógra den sórt sin, ba cheart dóibh gníomhú gan moill mhíchuí tríd an gcineál ábhair neamhdhleathaigh a bhfuiltear á fhógairt a chur san áireamh agus an phráinn a bhaineann le beart a dhéanamh. Ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála an duine aonair nó an t-eintiteas a thugann fógra faoi ábhar sonrach a chinnidh a chur ar an eolas gan moill mhíchuí tar éis dó cinneadh a dhéanamh cibé an ngníomhóidh sé de réir an fhógra nó nach ngníomhóidh sé. |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(42) I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhís óstála faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú, mar shampla tar éis fógra a fháil nó gníomhú ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as modhanna uathoibríocha, ba cheart don soláthraí sin an faighteoir a chur ar an eolas faoina chinneadh, na cúiseanna lena chinneadh agus na féidearthachtaí sásaimh atá ar fáil le cur in aghaidh an chinnidh sin, d’fhonn na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí den sórt sin ar an bhfaighteoir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann sé lena cheart bunúsach ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh, a fheidhmiú. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid sin gan beann ar na cúiseanna leis an gcinneadh, go háirithe cibé ar glacadh an gníomh mar gheall go meastar go bhfuil ábhar neamhdhleathach nó go dtagann sé salach ar na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme san fhaisnéis ar tugadh fógra ina leith. Ba cheart sásamh breithiúnach a áireamh i gcónaí sna hiontaoibh atá ar fáil le dúshlán a thabhairt do chinneadh soláthraí seirbhíse óstála. |
(42) I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhís óstála faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a bhaint, a íosghrádú, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó bearta eile a fhorchur ina leith, mar shampla tar éis fógra a fháil nó gníomhú ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as modhanna uathoibríocha, ar modhanna iad ar cruthaíodh go bhfuil siad éifeachtúil, comhréireach agus cruinn, ba cheart don soláthraí sin an faighteoir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus éasca a úsáid faoina chinneadh, na cúiseanna lena chinneadh agus na féidearthachtaí sásaimh atá ar fáil le cur in aghaidh an chinnidh sin, d’fhonn na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí den sórt sin ar an bhfaighteoir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann sé lena cheart bunúsach ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh, a fheidhmiú. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid sin gan beann ar na cúiseanna leis an gcinneadh, go háirithe cibé ar glacadh an gníomh mar gheall go meastar go bhfuil ábhar neamhdhleathach nó go dtagann sé salach ar na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme san fhaisnéis ar tugadh fógra ina leith. Ba cheart sásamh breithiúnach a áireamh i gcónaí sna hiontaoibh atá ar fáil le dúshlán a thabhairt do chinneadh soláthraí seirbhíse óstála. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid, áfach, i gcásanna áirithe, eadhon nuair atá an t-ábhar meabhlach nó mar chuid de líon ard ábhar tráchtála, nó i gcás inar iarr údarás breithiúnach nó údarás um fhorfheidhmiú an dlí gan an faighteoir a chur ar an eolas mar gheall ar imscrúdú coiriúil leanúnach go dtí go ndúnfar an t-imscrúdú coiriúil. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag soláthraí seirbhíse óstála chun an faighteoir a chur ar an eolas trí mhodh marthanach, níor cheart go gceanglófaí amhlaidh a dhéanamh. |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(42a) Féadfaidh soláthraí seirbhísí óstála i gcásanna áirithe eolas a fháil, amhail trí fhógra ó pháirtí dá dtugtar fógra nó trína bhearta deonacha féin, faoi fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht áirithe de chuid fhaighteoir na seirbhíse, amhail cineálacha áirithe ábhair neamhdhleathaigh a sholáthar, a thugann údar réasúnach, ag féachaint do na cúinsí ábhartha ar fad a bhfuil an t-ardán ar líne feasach orthu, go bhféadfadh sé go ndearna an faighteoir cion tromchúiseach coiriúil a bhaineann le bagairt ar shaol nó ar shábháilteacht duine, go bhféadfadh an faighteoir a bheith ag déanamh an chiona sin nó gur dóchúil go ndéanfaidh sé an cion sin, amhail cionta a shonraítear i dTreoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do sholáthróir na seirbhísí óstála na húdaráis inniúla forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas gan mhoill faoin amhras sin, agus an fhaisnéis ar fad atá ar fáil a sholáthar dóibh, arna iarraidh sin dóibh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha an t-inneachar atá i gceist agus míniú maidir lena amhras, agus mura n-ordaítear dó a mhalairt a dhéanamh, ba cheart dó an t-ábhar a bhaint nó a dhíchumasú. Níor cheart an fhaisnéis a dtugann an soláthraí seirbhísí óstála fógra faoi a úsáid chun chun aon chríche seachas na críocha a bhaineann leis an gcion thromchúiseach aonair ar tugadh fógra faoi. Ní sholáthraítear an bunús dlí le próifíliú a dhéanamh ar fhaighteoirí na seirbhíse sa Rialachán seo d’fhonn cionta coiriúla arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí óstála a shainaithint. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála rialacha eile is infheidhme san Aontas nó faoin dlí náisiúnta maidir le cosaint cearta agus saoirsí daoine aonair a urramú le linn dóibh údaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas. Chun éascú a dhéanamh ar fhógra a thabhairt maidir le cionta coiriúla amhrasta, ba cheart do na Ballstáit liosta dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla nó dá n-údaráis bhreithiúnacha inniúla a chur in iúl don Choimisiúin. |
|
__________________ |
|
1 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1). |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(43a) Ar an gcuma céanna, chun a áirithiú nach gcuirfear na hoibleagáidí i bhfeidhm ach i leith na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha sin i gcás inar mhó an sochar ná an t-ualach ar an soláthraí, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún tarscaoileadh a eisiúint ó cheanglais Chaibidil III, Roinn 3, go hiomlán nó go páirteach, do na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha sin ar soláthraithe neamhbhrabúis iad nó ar gnóthais mheánmhéide iad, ach nach bhfuil aon riosca sistéamach a bhaineann le hábhar neamhdhleathach ag baint leo agus a bhfuil nochtadh teoranta acu ar ábhar neamhdhleathach. Ba cheart do na soláthraithe cúiseanna a thabhairt a bhfuil údar cuí leo leis an gcúis gur cheart tarscaoileadh a eisiúint dóibh agus a n-iarratas a sheoladh ar dtús chuig a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena réamh-mheasúnú. Ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an iarratas sin, agus an réamh-mheasúnú arna dhéanamh ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta á chur san áireamh. Ba cheart an réamh-mheasúnú a sheoladh, in éineacht leis an iarratas, chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tarscaoilte agus ba cheart go mbeadh an ceart aige tarscaoileadh a chúlghairm tráth ar bith. Ba cheart don Choimisiún liosta poiblí a choinneáil de na tarscaoiltí uile a eisíodh agus de na coinníollacha a ghabhann leo. |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(44) Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann cur in aghaidh cinntí áirithe de chuid ardáin ar líne a dhéanann difear diúltach dóibh go héasca agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a éileamh ar ardáin ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe dírithe ar a áirithiú go bhfuil na córais seo inrochtana go héasca agus go mbíonn torthaí tapa agus cothroma mar thoradh orthu. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht chun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom, tapa agus cost-éifeachtach. Ba cheart do na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí na n-ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin a bheith comhlántach, ach nach ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith, don fhéidearthacht chun sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann. |
(44) Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann cur in aghaidh cinntí áirithe de chuid ardáin ar líne a dhéanann difear diúltach dóibh go héasca agus go héifeachtach. Ba cheart a áireamh leis sin cinntí na n-ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí le trádálaithe a thabhairt i gcrích chun soláthar a gcuid seirbhísí do thrádálaithe a chur ar fionraí. Dá bhrí sin, ba cheart a éileamh ar ardáin ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh na córais sin inrochtana go héasca agus go mbeidh torthaí tapa, neamhidirdhealaitheacha, neamhthreallacha agus cothroma mar thoradh orthu laistigh de dheich lá oibre, ag tosú ar an dáta a fuair an t-ardán ar líne an gearán. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht chun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí de mheon macánta, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom, tapa agus cost-éifeachtach agus laistigh de thréimhse ama réasúnta. Ba cheart do na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí na n-ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin a bheith comhlántach, ach nach ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith, don fhéidearthacht chun sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(46) Is féidir gníomhaíocht in aghaidh ábhar neamhdhleathach a ghlacadh níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann ardáin ar líne na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí a chuirtear isteach chuig comharthóirí iontaofa trí na sásraí fógra agus gnímh a éilítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. Níor cheart stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach, go léiríonn siad leasanna comhchoiteanna agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil. Is féidir le heintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, i gcás ábhar sceimhlitheoireachta mar shampla, aonaid tarchuir idirlín in údaráis um fhorfheidhmiú an dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) nó d’fhéadfaidís a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ina gcomhlachtaí leathphoiblí, cosúil leis na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun ábhar mí-úsáide leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Maidir le cearta maoine intleachtúla, d’fhéadfaí stádas comharthóir iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí tionscail agus ar shealbhóirí cearta, i gcás inar léirigh siad go gcomhlíonann siad na coinníollacha is infheidhme. Níor cheart go dtuigfí le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa go gcoisceann siad ardáin ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43. |
(46) Is féidir gníomhaíocht in aghaidh ábhar neamhdhleathach a ghlacadh ar bhealach níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann ardáin ar líne na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí a chuirtear isteach chuig comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí fógra agus gnímh a éilítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, agus go gasta, agus próis chuí á chur san áireamh agus gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. Níor cheart stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, ar feadh tréimhse dhá bhliain agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach, go léiríonn siad leasanna comhchoiteanna agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil agus go bhfuil struchtúr cistiúcháin trédhearcach acu. Ba cheart an cead a bheith ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an stádas a athnuachan i gcás ina leanann an comharthóir iontaofa de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Is féidir le heintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, i gcás ábhar sceimhlitheoireachta mar shampla, aonaid tarchuir idirlín in údaráis um fhorfheidhmiú an dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) nó d’fhéadfaidís a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí tomhaltóra agus ina gcomhlachtaí leathphoiblí, cosúil leis na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun ábhar mí-úsáide leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Ba cheart do chomharthóirí iontaofa tuarascálacha atá éasca a thuiscint agus mionsonraithe a fhoilsiú maidir le fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14. Sna tuarascálacha sin, ba cheart faisnéis a chur in iúl amhail fógraí arna n-aicmiú de réir eintiteas an tsoláthraí seirbhísí óstála, an cineál ábhair ar tugadh fógra faoi, na forálacha dlíthiúla a líomhnaíthear a bheith sáraithe ag an ábhar i dtrácht, agus an ghníomhaíocht arna dhéanamh ag an soláthraí. Sna tuarascálacha, ba cheart go n-áireofaí faisnéis maidir le haon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus foinsí cistithe, chomh maith leis an nós imeachta arna chur i bhfeidhm ag an gcomharthóir iontaofa chun a neamhspleáchas a choinneáil. Maidir le cearta maoine intleachtúla, d’fhéadfaí stádas an chomharthóra iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí tionscail agus ar shealbhóirí cearta, i gcás inar léirigh siad go gcomhlíonann siad na coinníollacha is infheidhme, agus go n-urramaíonn siad na díolúintí agus na teorainneacha maidir le cearta maoine intleachtúla. Níor cheart go dtuigfí le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa go gcoisceann siad ardáin ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.43 Chun mí-úsáidí ar stádás an chomharthóra iontaofa a sheachaint, ba cheart go mbeifí in ann an stádas sin a fhionraí i gcás inar thionscain Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta imscrúdú bunaithe ar chúiseanna dlisteanacha. Níor cheart an fionraí a bheith ann ar feadh tréimhse ar faide í ná an t-am atá ag teastáil chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus ba cheart é a choinneáil má thagann Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta ar an gconclúid go bhféadfaí a mheas go fóill gur comharthóir iontaofa í an t-eintiteas i dtrácht. |
__________________ |
__________________ |
43 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53. |

Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(46a) Le cur i bhfeidhm docht an deartha uilíoch maidir le gach teicneolaíocht nua agus gach seirbhís nua, ba cheart go n-áiritheofaí rochtain iomlán, chomhionann agus neamhshrianta do gach tomhaltóir a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar bhealach lena ndéantar a ndínit bhunúsach agus a n-éagsúlacht a chur san áireamh go hiomlán. Tá sé riachtanach a áirithiú go ndéanfadh soláthraithe ardán ar líne, a tháirgeann seirbhísí san Aontas, na seirbhísí sin a dhearadh agus a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta, arna leagan amach i dTreoir (AE) 2019/882. Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis arna soláthar, na foirmeacha arna soláthar agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm, a chur ar fáil ar bhealach a bhfuil siad éasca a aimsiú, éasca a thuiscint agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(47) Ach mí-úsáid a bhaint as seirbhísí ardáin ar líne trí ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a sholáthar go minic nó trí fhógraí nó gearáin ar soiléir go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, déantar dochar d’iontaoibh agus déantar díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí agus comhréireacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart breithniú go bhfuil faisnéis ar follasach go bhfuil sí neamhdhleathach agus fógraí nó gearáin ar follasach go bhfuil siad gan bhunús i gcás inar léir don ghnáthdhuine, gan aon anailís substainteach, go bhfuil an t-ábhar neamhdhleathach faoi seach agus go bhfuil na fógraí nó gearáin gan bhunús. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’ardáin ar líne a ngníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go sealadach i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag ardáin ar líne chun a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht seo a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart go mbeadh sásamh oscailte i gcónaí do na cinntí arna nglacadh chuige seo ag ardáin ar líne agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir formhaoirseachta ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar ardáin ar líne ó bhearta eile a dhéanamh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht chun na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a choinneáil faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. |
(47) Ach mí-úsáid a bhaint as seirbhísí ardáin ar líne trí ábhar neamhdhleathach a sholáthar go minic nó trí fhógraí nó gearáin ar soiléir go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, déantar dochar d’iontaoibh agus déantar díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí, comhréireacha agus éifeachtacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí mí-úsáid seirbhísí ardáin ar líne a shuí maidir le hábhar neamhdhleathach a sholáthraítear go minic i gcás inar léir go bhfuil an t-ábhar neamhdhleathach gan anailís dlíthiúil nó fíorasach mionsonraithe a dhéanamh. Ba cheart breithniú go bhfuil fógraí nó gearáin ar follasach go bhfuil siad gan bhunús i gcás inar léir don ghnáthdhuine, gan aon anailís substainteach, go bhfuil an t-ábhar neamhdhleathach faoi seach agus go bhfuil na fógraí nó gearáin gan bhunús. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’ardáin ar líne a bheith i dteideal gníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go sealadach, nó, i líon teoranta cásanna, gníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go buan i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag ardáin ar líne chun a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht seo a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart go mbeadh sásamh oscailte i gcónaí do na cinntí arna nglacadh chuige seo ag ardáin ar líne agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir formhaoirseachta ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar ardáin ar líne ó bhearta eile a dhéanamh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht chun na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a choinneáil faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(48) Féadfaidh ardán ar líne i gcásanna áirithe eolas a fháil, amhail trí fhógra ó pháirtí dá dtugtar fógra nó trína bhearta deonacha féin, faoi fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht áirithe de chuid fhaighteoir na seirbhíse, amhail cineálacha áirithe ábhar neamhdhleathach a sholáthar, a thugann údar réasúnach, ag féachaint do na cúinsí ábhartha ar fad a bhfuil an t-ardán ar líne feasach orthu, go bhféadfadh sé go ndearna an faighteoir cion tromchúiseach coiriúil a bhaineann le bagairt ar shaol nó ar shábháilteacht duine, go bhféadfadh an faighteoir a bheith ag déanamh an chiona sin nó gur dóchúil go ndéanfaidh sé an cion sin, amhail cionta a shonraítear i dTreoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don ardán ar líne údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí a chur ar an eolas gan mhoill faoin amhras sin, agus an fhaisnéis ar fad atá ar fáil a sholáthar dó, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha an t-ábhar atá i gceist agus míniú maidir lena amhras. Ní sholáthraítear an bunús dlí le próifíliú a dhéanamh ar fhaighteoirí na seirbhísí sa Rialachán seo d’fhonn cionta coiriúla arna ndéanamh ag ardáin ar líne a shainaithint. Ba cheart d’ardáin ar líne meas a bheith acu freisin ar rialacha eile is infheidhme san Aontas nó sa dlí náisiúnta maidir le cosaint cearta agus saoirsí daoine aonair le linn dóibh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chur ar an eolas. |
scriosta |
___________ |
|
1 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1). |
|
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 49
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(49) D’fhonn cur le timpeallacht shábháilte, iontaofa agus thrédhearcach ar líne do thomhaltóirí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí cearta maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe den sórt sin go bhfuil na trádálaithe sin inrianaithe. Ba cheart a cheangal ar an trádálaí dá bhrí sin eolas fíor-riachtanach áirithe a sholáthar don ardán ar líne, lena n-áirítear chun críocha teachtaireachtaí a chur chun cinn nó táirgí a thairiscint. Ba cheart don cheanglas sin a bheith infheidhme maidir le trádálaithe freisin a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach slán ar feadh tréimhse réasúnach ama nach sáraíonn an méid is gá, ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu í a rochtain, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí bhíthin na n-orduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
(49) D’fhonn cur le timpeallacht shábháilte, iontaofa agus thrédhearcach ar líne do thomhaltóirí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí cearta maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe den sórt sin faisnéis bhreise a fháil faoin trádálaí agus faoi na táirgí agus na seirbhísí a bhfuil sé i gceist acu iad a thairiscint ar an ardán. Ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar an ardán ar líne faisnéis a fháil maidir le hainm, uimhir theileafóin agus seoladh leictreonach an oibreora eacnamaíoch agus an cineál táirge nó seirbhíse a bhfuil sé i gceist ag an trádálaí a thairiscint ar an ardán ar líne. Sula dtairgfidh sé a chuid seirbhísí don trádálaí, ba cheart d’oibreoir an ardáin ar líne a dhícheall a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag an trádálaí iontaofa. Sa bhreis air sin, ba cheart don ardán bearta leormhaithe ex ante a dhéanamh, amhail seiceálacha randamacha, i gcás inarb infheidhme, chun ábhar neamhdhleathach ar a chomhéadan a aimsiú agus a chosc. Trí na hoibleagáidí maidir le hinrianaitheacht na dtrádálaithe, na dtáirgí agus na seirbhísí a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh sé níos éasca ag na hardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi chéannacht a bpáirtí chonarthaigh arna bunú faoi Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar aon leis na hoibleagáidí arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a mhéid a bhaineann leis an mBallstát inar féidir le tomhaltóirí a gcearta tomhaltóirí a fheidhmiú. Ba cheart don cheanglas chun faisneis riachtanach a sholáthar a bheith infheidhme freisin maidir le trádálaithe a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach slán ar feadh tréimhse réasúnach ama nach sáraíonn an méid is gá, agus ar tréimhse í nach faide í ná sé mhí tar éis deireadh teacht le caidreamh leis an trádálaí, ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu í a rochtain, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí bhíthin na n-orduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(50) Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do na hardáin ar líne a chumhdaítear iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann a fhíorú, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL45, nó trí iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis bhainc deimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun críche an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, níor cheart go n-éileofaí ar na hardáin ar líne atá cumhdaithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe a dhéanamh ar an toirt. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil ardáin ar líne den sórt sin, a bhfuil iarrachtaí réasúnacha déanta acu a éilítear sa Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile. Ba cheart d’ardáin ar líne den sórt sin freisin a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuireann ar a chumas do thrádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48. |
(50) Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do na hardáin ar líne a chumhdaítear, roimh chead a thabhairt an táirge nó na seirbhísí a thaispeáint ar a ardán ar líne iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann a mheasúnú, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL45, nó trí iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis bhainc deimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun críche an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, níor cheart go n-éileofaí ar na hardáin ar líne atá cumhdaithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe a dhéanamh ar an toirt. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil ardáin ar líne den sórt sin, a bhfuil sár-iarrachtaí déanta acu a éilítear sa Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile. Ba cheart d’ardáin ar líne den sórt sin freisin a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach soláimhsithe a chuireann ar a chumas do thrádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47 agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48. |
__________________ |
__________________ |
45 https://ec.europa.eu/taxation_customs/vies/vieshome.do?selectedLanguage=en |
45 https://ec.europa.eu/taxation_customs/vies/vieshome.do?selectedLanguage=en |
46 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |

47 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |

48 Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí agus léiriú phraghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí |
48 Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí agus léiriú phraghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(50a) Ba cheart d'ardáin ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a ndícheall a dhéanamh chun scaipeadh táirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha ag trádálaithe a chosc, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le gan aon fhaireachán a dhéanamh. Ba cheart d’ardáin ar líne faighteoirí a chur ar an eolas i gcás ina bhfuil an tseirbhís nó an táirge a fuair siad trína seirbhísí neamhdhleathach. |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(52) Tá ról tábhachtach ag fógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar seirbhísí ardáin ar líne. Ach, is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fhógraíocht ar ábhar neamhdhleathach ann féin é, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun ábhar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó ábhar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraíochta le tionchar ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna cothroma saoránach. Chomh maith leis na ceanglais ar ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar ardáin ar líne dá bhrí sin a áirithiú go mbíonn faisnéis aonair áirithe ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair agus cén duine a bhfuil an fógra á thaispeáint thar a cheann. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh eolas ag faighteoirí na seirbhíse ar na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógraíocht shonrach le taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é seo ar phróifíliú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. |
(52) Tá ról tábhachtach ag fógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar seirbhísí ardáin ar líne. Ach, is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fhógraíocht ar ábhar neamhdhleathach ann féin é, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun ábhar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó ábhar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraíochta le tionchar ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna cothroma saoránach. Le samhlacha nua fógraíochta, rinneadh athruithe a ghiniúint maidir leis an gcaoi a gcuirtear faisnéis i láthair agus cruthaíodh patrúin nua bailithe sonraí pearsanta agus samhlacha gnó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don phríobháideachas, don neamhspleáchas pearsanta, don daonlathas, do thuairisciú nuachta ar ardchaighdeán agus a d’fhéadfadh ionramháil agus idirdhealú a éascú. Dá bhrí sin, ní mór níos mó trédhearcachta a bheith ann i margaí fógraíochta ar líne agus taighde neamhspleách a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fógraí spriocaimsithe. Chomh maith leis na ceanglais ar ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar ardáin ar líne dá bhrí sin a áirithiú go mbíonn faisnéis aonair áirithe ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair agus cén duine a bhfuil an fógra á thaispeáint thar a cheann, chomh maith leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaoiníonn an fógra. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh eolas a bhfuil rochtain éasca air ag faighteoirí na seirbhíse ar na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógraíocht shonrach le taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é seo ar phróifíliú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. Mar aon leis na hoibleagáidí faisnéise sin, ba cheart d’ardáin ar líne a áirithiú gur féidir le faighteoirí na seirbhíse diúltú do thoiliú a thabhairt chun críocha fógraíochta spriocdhírithe nó a dtoiliú chuige sin a tharraingt siar, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ar bhealach nach bhfuil níos deacra ná níos fadálaí ná toiliú a thabhairt. Níor cheart ardáin ar líne sonraí pearsanta a úsáid chun críocha tráchtála a bhaineann le margaíocht dhíreach, próifíliú agus fógraíocht atá dírithe ar iompraíocht mionaoiseach. Níor cheart oibleagáid a bheith ar an ardán ar líne faisnéis bhreise a choinneáil, a fháil nó a phróiseáil chun measúnú a dhéanamh ar aois fhaighteoir na seirbhíse. |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(52a) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais mholtóra den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá réir sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne go dtuigfidh faighteoirí conas is féidir le córas moltóra tionchar a imirt ar an gcaoi a dtaispeántar faisnéis, agus conas is féidir leis tionchar a imirt ar an gcaoi a gcuirtear faisnéis os a gcomhair. Ba cheart dóibh na paraiméadair do chórais mholtóra den sórt sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach intuigthe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 53
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(53) Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar na hardáin sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar ardáin an-mhór ar líne riachtanach le dul i ngleic leis an ábhar imní sin maidir leis an mbeartas poiblí, mar gheall nach ann d’aon bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. |
(53) Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar na hardáin sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar ardáin an-mhór ar líne riachtanach le dul i ngleic leis an ábhar imní sin maidir leis an mbeartas poiblí, mar gheall nach ann d’aon bhearta comhréireacha malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 54
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(54) Is féidir le hardáin an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Nuair a shroicheann an líon faighteoirí ar ardán cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, bíonn tionchar diúltach neamhréireach ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon faighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 milliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil a choinneáil suas chun dáta trí leasuithe arna n-achtú le gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne den sórt sin dá bhrí sin an caighdeán is airde oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar agus lena n-acmhainn shochaíoch. |
(54) Is féidir le hardáin an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Nuair a shroicheann an líon faighteoirí ar ardán cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, bíonn tionchar diúltach neamhréireach ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon faighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 milliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil a choinneáil suas chun dáta trí leasuithe arna n-achtú le gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne den sórt sin dá bhrí sin an caighdeán is airde oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar agus lena n-acmhainn shochaíoch. Da réir sin, ba cheart meánlíon na bhfaighteoirí míosúla a bheith ina léiriú ar na faighteoirí arna sroicheadh go hiarbhír ag an tseirbhís, trí bheith neamhchosanta ar ábhar nó trí ábhar a sholáthar, ar ábhar é a bhíonn á scaipeadh ar chomhéadan an ardáin sa tréimhse ama sin. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 56
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(56) Úsáidtear ardáin an-mhór ar líne ar bhealach a imríonn tionchar láidir ar shábháilteacht ar líne, a chuireann cruth ar thuairimí an phobail agus ar an dioscúrsa poiblí, chomh maith le trádáil ar líne. Go ginearálta, barrfheabhsaítear an chaoi a ndearann siad a seirbhísí chun tairbhe a bhaint as a samhlacha gnó a bhíonn tiomanta ag fógraíocht go minic agus ar féidir leo imní a chruthú i measc na sochaí. In éagmais rialáil agus forfheidhmiú éifeachtach, is féidir leo rialacha an chluiche a leagan síos, gan na rioscaí a shainaithint agus an díobháil shochaíoch agus eacnamaíoch a bhíonn mar thoradh orthu a mhaolú go héifeachtúil. Faoin Rialachán seo, ba cheart dá bhrí sin d’ardáin an-mhór ar líne réasúnú a dhéanamh ar rioscaí córasacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus úsáid a seirbhíse, chomh maith le mí-úsáidí féideartha ag faighteoirí na seirbhíse, agus bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh. |
(56) Úsáidtear ardáin an-mhór ar líne ar bhealach a imríonn tionchar láidir ar shábháilteacht ar líne, a chuireann cruth ar thuairimí an phobail agus ar an dioscúrsa poiblí, chomh maith le trádáil ar líne. Go ginearálta, barrfheabhsaítear an chaoi a ndearann siad a seirbhísí chun tairbhe a bhaint as a samhlacha gnó a bhíonn tiomanta ag fógraíocht go minic agus ar féidir leo imní a chruthú i measc na sochaí. In éagmais rialáil agus forfheidhmiú éifeachtach, is féidir leo rialacha an chluiche a leagan síos, gan na rioscaí a shainaithint agus an díobháil shochaíoch agus eacnamaíoch a bhíonn mar thoradh orthu a mhaolú go héifeachtúil. Faoin Rialachán seo, ba cheart dá bhrí sin d’ardáin an-mhór ar líne réasúnú a dhéanamh ar rioscaí córasacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus úsáid a seirbhíse, chomh maith le mí-úsáidí féideartha ag faighteoirí na seirbhíse, agus bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh i gcás ina bhfuil maolú indéanta gan dochar a dhéanamh do chearta bunúsacha. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 57
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(57) Ba cheart measúnú a dhéanamh go mion ar thrí chatagóir rioscaí córasacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le mí-úsáid a seirbhíse trí scaipeadh ábhar neamhdhleathach, cosúil le scaipeadh ábhar mí-úsáide leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí góchumtha, a dhíol. Mar shampla, agus gan dochar don fhreagracht phearsanta a bhíonn ar fhaighteoir seirbhíse ardáin an-mhór ar líne i gcomhair neamhdhleathacht féideartha a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta faoin dlí is infheidhme, d’fhéadfadh scaipeadh nó gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ionann le riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfaí rochtain ar ábhar den sórt sin a mhéadú trí chuntais a mbeadh rochtain an-leathan orthu. Baineann dara catagóir le tionchar na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh córas algartamach arna úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó mí-úsáid a sheirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht. Baineann tríú catagóir rioscaí le hionramháil d’aon turas agus, go minic, comhordaithe ar sheirbhís an ardáin, le tionchar intuartha ar shláinte, dioscúrsa sibhialta, próisis thoghchánaíochta, slándáil phoiblí agus cosaint mionaoiseach, ag féachaint don ghá le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, trí chuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid, agus iompraíochtaí eile uathoibrithe nó uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh tapa agus fairsing faisnéise ar ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a bheith mar thoradh air. |
(57) Ba cheart measúnú a dhéanamh go mion ar cheithre chatagóir rioscaí córasacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le mí-úsáid a seirbhíse trí scaipeadh agus méadú ábhar neamhdhleathach, cosúil le scaipeadh ábhar mí-úsáide leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí contúirteacha agus góchumtha, agus ainmhithe arna dtrádáil go neamhdhleathach a dhíol. Mar shampla, agus gan dochar don fhreagracht phearsanta a bhíonn ar fhaighteoir seirbhíse ardáin an-mhór ar líne i gcomhair neamhdhleathacht féideartha a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta faoin dlí is infheidhme, d’fhéadfadh scaipeadh nó gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ionann le riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfaí rochtain ar ábhar den sórt sin a mhéadú trí chuntais a mbeadh rochtain an-leathan orthu. Baineann dara catagóir le tionchar iarbhír agus ionchasach na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, saoirse an phreasa, dínit an duine, an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart chun comhionannais inscne, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh córas algartamach arna úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó mí-úsáid a sheirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht. Baineann tríú catagóir rioscaí le hionramháil d’aon turas agus, go minic, comhordaithe ar sheirbhís an ardáin, le tionchar intuartha ar shláinte, dioscúrsa sibhialta, próisis thoghchánaíochta, slándáil phoiblí agus cosaint mionaoiseach, ag féachaint don ghá le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, trí chuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid, agus iompraíochtaí eile uathoibrithe nó uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh tapa agus fairsing faisnéise ar ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a bheith mar thoradh air. Baineann ceathrú catagóir rioscaí le haon éifeachtaí iarbhír agus diúltacha ar chosaint na sláinte poiblí, lena n-áirítear andúil iompraíochta mar gheall ar ró-úsáid seirbhíse nó éifeachtaí diúltacha eile ar dhea-bhail fhisiciúil, mheabhrach, shóisialta agus airgeadais an duine. |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 58
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(58) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne na modhanna riachtanacha a úsáid chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh sa mheasúnú riosca a mhaolú go dícheallach. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne faoi bhearta maolaithe den sórt sin breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar dhearadh agus ar fheidhmiú a modhnaithe ábhair, a gcórais mholtóra algartamacha agus a gcomhéadain ar líne a bhreisiú nó a chur in oiriúint ar bhealach eile, ionas go ndíspreagann siad agus go dteorannaíonn siad scaipeadh ábhar neamhdhleathach, go gcuireann siad a bpróisis chinnteoireachta in oiriúint, nó go gcuireann siad a dtéarmaí agus coinníollacha in oiriúint. D’fhéadfaí a áireamh iontu freisin bearta, cosúil le deireadh a chur le hioncam fógraíochta d’ábhar sonrach, nó gníomhaíochtaí eile, amhail sofheictheacht foinsí faisnéise údarásacha a fheabhsú. Féadfaidh ardáin an-mhór ar líne a bpróisis inmheánacha nó a gcuid maoirseachta ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a atreisiú, go háirithe maidir le rioscaí sistéamacha a bhrath. Féadfaidh siad freisin comhar a chur ar bun nó a mhéadú le comharthóirí iontaofa, seisiúin oiliúna agus malartuithe le heagraíochtaí comharthóirí iontaofa a eagrú, agus comhoibriú le soláthraithe seirbhíse eile, lena n-áirítear trí chóid iompair nó bearta féinrialála eile a thosú nó tabhairt faoi chóid iompair nó bearta féinrialála eile atá ann cheana. Ba cheart d’aon bhearta a dhéantar urraim a léiriú do cheanglais díchill chuí an Rialacháin seo agus a bheith éifeachtach agus iomchuí chun na rioscaí sonracha a sainaithníodh a mhaolú, ar mhaithe le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac, agus ba cheart go mbeidís comhréireach i bhfianaise cumas eacnamaíoch an ardáin an-mhór ar líne agus an gá atá le srianta gan ghá a sheachaint maidir le húsáid a seirbhíse, agus aird chuí á tabhairt ar na tionchair dhiúltacha féideartha a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta bunúsacha faighteoirí na seirbhíse. |
(58) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne na modhanna riachtanacha a úsáid chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh sa mheasúnú riosca a mhaolú go dícheallach i gcás ina bhfuil maolú indéanta gan dochar a dhéanamh do chearta bunúsacha. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne faoi bhearta maolaithe den sórt sin breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar dhearadh agus ar fheidhmiú a modhnaithe ábhair, a gcórais mholtóra algartamacha agus a gcomhéadain ar líne a bhreisiú nó a chur in oiriúint ar bhealach eile, ionas go ndíspreagfaidh siad agus go dteorannóidh siad scaipeadh ábhar neamhdhleathach agus ábhar atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh freisin ar bhearta maolaithe i gcás ina mífheidhmíonn an tseirbhís nó ina ndéantar í a ionramháil agus a dhúshaothrú d’aon ghnó, nó i gcás rioscaí a bhaineann le hoibriú beartaithe na seirbhíse, lena n-áirítear méadú ar ábhar neamhdhleathach, ar ábhar a sháraíonn a dtéarmaí agus a gcoinníollacha nó aon ábhar eile a bhfuil éifeachtaí diúltacha aige, trína bpróisis chinnteoireachta a oiriúnú, nó a dtéarmaí agus a gcoinníollacha agus a mbeartais modhnaithe ábhair a oiriúnú agus an chaoi a ndéantar na beartais sin a fhorfheidhmiú, agus iad lántrédhearcach d’fhaighteoirí na seirbhíse ag an am céanna. D’fhéadfaí a áireamh iontu freisin bearta, cosúil le deireadh a chur le hioncam fógraíochta d’ábhar sonrach, nó gníomhaíochtaí eile, amhail sofheictheacht foinsí faisnéise údarásacha a fheabhsú. Féadfaidh ardáin an-mhór ar líne a bpróisis inmheánacha nó a gcuid maoirseachta ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a atreisiú, go háirithe maidir le rioscaí sistéamacha a bhrath. Féadfaidh siad freisin comhar a chur ar bun nó a mhéadú le comharthóirí iontaofa, seisiúin oiliúna agus malartuithe le heagraíochtaí comharthóirí iontaofa a eagrú, agus comhoibriú le soláthraithe seirbhíse eile, lena n-áirítear trí chóid iompair nó bearta féinrialála eile a thosú nó tabhairt faoi chóid iompair nó bearta féinrialála eile atá ann cheana. Ba cheart gur faoin ardán an-mhór ar líne a bheidh sé an cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a roghnú. Ba cheart d’aon bhearta a dhéantar urraim a léiriú do cheanglais díchill chuí an Rialacháin seo agus a bheith éifeachtach agus iomchuí chun na rioscaí sonracha a sainaithníodh a mhaolú, ar mhaithe le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac, agus ba cheart go mbeidís comhréireach i bhfianaise cumas eacnamaíoch an ardáin an-mhór ar líne agus an gá atá le srianta gan ghá a sheachaint maidir le húsáid a seirbhíse, agus aird chuí á tabhairt ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta bunúsacha faighteoirí na seirbhíse. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht na mbeart maolaitheach agus moltaí a eisiúint nuair a mheastar go bhfuil na bearta a chuirtear chun feidhme míchuí nó neamhéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sistéamach atá i gceist. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne, i gcás inarb iomchuí, a measúnuithe riosca a dhéanamh agus a mbearta maolaithe riosca a dhearadh le rannpháirtíocht ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, ionadaithe ó ghrúpaí a bhféadfadh tionchar a bheith a seirbhísí orthu, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
(59) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne, i gcás inarb iomchuí, a measúnuithe riosca a dhéanamh agus a mbearta maolaithe riosca a dhearadh le rannpháirtíocht ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 60
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(60) Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart go mbeadh ardáin an-mhór ar líne cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna ndéanamh de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. Ba cheart dóibh rochtain a thabhairt don iniúchóir ar na sonraí ábhartha ar fad is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do na hiniúchóirí rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach acu i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith neamhspleách, ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leordhóthanach agus iontaofa. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta. |
(60) Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart go mbeadh ardáin an-mhór ar líne cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách seachtrach, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. Go háirithe, le hiniúchtaí ba cheart measúnú a dhéanamh ar shoiléireacht, comhleanúnachas agus forfheidhmiú intuartha na dtéarmaí seirbhíse, iomláine, modheolaíocht agus comhsheasmhacht na n-oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta, cruinneas, intuarthacht agus soiléireacht obair leantach an tsoláthraí d’fhaighteoirí na seirbhíse agus d’fhógróirí maidir le fógraí um ábhar neamhdhleathach agus sáruithe ar théarmaí seirbhíse, cruinneas an aicmithe faisnéise a baineadh anuas, an sásra inmheánach um láimhseáil gearán, an idirghníomhaíocht le comharthóirí iontaofa agus meastóireacht ar a gcruinneas, an dícheall maidir le hinrianaitheacht trádálaithe a fhíorú, leordhóthanacht agus cruinneas an mheasúnaithe riosca, leordhóthanacht agus cruinneas na mbeart maolaithe riosca arna ndéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna ndéanamh de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. Ba cheart dóibh rochtain a thabhairt don iniúchóir grinnfhiosraithe ar na sonraí ábhartha ar fad is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do na hiniúchóirí grinnfhiosraithe rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach acu i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Níor cheart go mbeadh an ráthaíocht sin ina modh chun dul timpeall ar infheidhmeacht na n-oibleagáidí iniúchta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le hardáin an-mhór ar líne. Ba cheart d’iniúchóirí a bheith neamhspleách ó thaobh dlí agus airgeadais de agus níor cheart coinbhleacht leasa a bheith acu maidir leis an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann agus le hardáin an-mhór ar líne eile, ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach leordhóthanach iontaofa. Ina theannta sin, níor cheart aon seirbhís a bheith soláthraithe ag iniúchóirí grinnfhiosraithe ná ag a gcuid fostaithe don ardán an-mhór ar líne arna iniúchadh 12 mhí roimh an iniúchadh. Ba cheart dóibh freisin gealltanas a thabhairt nach n-oibreoidh siad, go ceann 12 mhí tar éis deireadh a theacht lena bpost san eagraíocht iniúchóireachta, don ardán an-mhór ar líne ar a ndearnadh iniúchadh ná d’eagraíocht ghairmiúil nó comhlachas gnó dá bhfuil an t-ardán ina bhall. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta. |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 61
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(61) Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta, ionas go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart go gcabhródh sé le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí feabhsúcháin a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag an ardán an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an tuarascáil a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an mBord gan mhoill, mar aon leis an measúnú riosca agus na bearta maolaithe, chomh maith le pleananna an ardáin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil. Ba cheart tuairim dhearfach a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le tuairim dhearfach i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart tuairim dhiúltach a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis an Rialachán seo nó leis na gealltanais ar tugadh fúthu. |
(61) Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta, ionas go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart go gcabhródh sé le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí feabhsúcháin a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag an ardán an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an tuarascáil a tharchur chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta agus chuig an mBord gan mhoill, mar aon leis an measúnú riosca agus na bearta maolaithe, chomh maith le pleananna an ardáin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil cur síos ar ghnéithe sonracha nach bhféadfaí a iniúchadh, agus míniú ar an bhfáth nach bhféadfaí iad sin a iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil. Ba cheart tuairim dhearfach a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le tuairim dhearfach i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart tuairim dhiúltach a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis an Rialachán seo nó leis na gealltanais ar tugadh fúthu. I gcás sa tuairim iniúchóireachta nach bhféadfaí teacht ar chonclúid maidir le gnéithe sonracha a thagann faoi raon feidhme an iniúchta, ba cheart ráiteas maidir leis na cúiseanna nár thángthas ar chonclúid den sórt sin a chur san áireamh sa tuairim iniúchóireachta. |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(62) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais mholtóra den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá dheasca sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin an-mhór ar líne atá go gcuirtear faighteoirí ar an eolas go hiomchuí, agus gur féidir leo tionchar a imirt ar an bhfaisnéis a chuirtear os a gcomhair. Ba cheart dóibh na príomh-pharaiméadair do chórais mholtóra den sórt sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach intuigthe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go mbíonn teacht ag na faighteoirí ar roghanna malartacha le haghaidh na bpríomh-pharaiméadar, lena n-áirítear roghanna nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú an fhaighteora. |
(62) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais mholtóra den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Is minic a éascaíonn siad ábhar ábhartha a chuardach d’fhaighteoirí na seirbhíse agus a rannchuidíonn siad le heispéireas níos fearr an úsáideora. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá bhrí sin, ba cheart d’ardáin ar líne lamháil do na faighteoirí cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar mhian leo a bheith faoi réir córais mholtóra atá bunaithe ar phróifíliú agus a áirithiú go mbeidh rogha nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú ann. Ina theannta sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne go gcuirtear faighteoirí ar an eolas go hiomchuí maidir le húsáid córas moltaí agus gur féidir leis na faighteoirí tionchar a imirt ar an bhfaisnéis a chuirtear os a gcomhair trí roghanna gníomhacha a dhéanamh. Ba cheart dóibh na príomh-pharaiméadair do chórais mholtóra den sórt sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach atá intuigthe agus soláimhsithe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh, agus an chúis leis, agus conas gur féidir na paraiméadair a mhodhnú, ar paraiméadair iad a úsáidtear chun an t-ábhar a chuirtear i láthair do na faighteoirí a choimeád. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéantar córais mholtóra a dhearadh ar bhealach atá fabhrach do thomhaltóirí agus nach mbíonn tionchar acu ar iompar na n-úsáideoirí deiridh trí phatrúin dhorcha. |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 63
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(63) Tá rioscaí ar leith ag baint leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an-mhór ar líne agus teastaíonn maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála uathu mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n-iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin sin agus lasmuigh de. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórais fógraí a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla i ndáil le fógraí neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis le tionchar diúltach fíor agus intuartha ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil phoiblí, an dioscúrsa sibhialta, rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhionannas. Ba cheart ábhar na bhfógraí agus sonraí lena mbaineann faoin bhfógróir agus seachadadh na fógraíochta a áireamh, go háirithe i gcás fógraíocht spriocdhírithe. |
(63) Tá rioscaí ar leith ag baint leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an-mhór ar líne agus teastaíonn maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála uathu mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n-iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin sin agus lasmuigh de. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórtha fógraí a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla i ndáil le fógraí neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis le tionchar diúltach fíor agus intuartha ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil phoiblí, an dioscúrsa sibhialta, rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhionannas. Ba cheart a áireamh i stórtha ábhar na bhfógraí, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus cuspóir an fhógra, agus sonraí gaolmhara faoin bhfógróir, agus, murab ionann iad, an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógra, agus seachadadh na fógraíochta, go háirithe i gcás fógraíocht spriocdhírithe. Ina theannta sin, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne aon fhíseán, comhad fuaime nó comhad eile ar eol dóibh gur domhainbhrionniú atá ann a lipéadú. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 64
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(64) Chun comhlíontacht ardáin an-mhór ar líne le hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú go hiomchuí, d’fhéadfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar shonraí sonracha nó a dtuairisciú a éileamh. D’fhéadfaí a áireamh le ceanglas den sórt sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnóireacht inneachair, córais mholtóra nó córais fógraíochta nó sonraí maidir le próisis agus aschuir ó mhodhnóireacht ábhair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a líonadh agus córas athléimneachta de mhaolú riosca a bhunú, buntaca a thabhairt d’ardáin ar líne, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, d’údaráis inniúla eile, don Choimisiún agus don phobal. Cuirtear creat ar fáil sa Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhair rochtain fhíorláidir ar shonraí ó ardáin an-mhór ar líne a thabhairt do thaighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do gach ceanglas maidir le rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha a chosaint go hiomchuí, lena n-áirítear rúin trádála agus faisnéis rúnda eile, an ardáin agus aon pháirtí eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse. |
(64) Chun comhlíontacht ardáin an-mhór ar líne le hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú go hiomchuí, d’fhéadfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar shonraí sonracha agus algartaim nó a dtuairisciú a éileamh. D’fhéadfaí a áireamh le ceanglas den sórt sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnóireacht inneachair, córais mholtóra nó córais fógraíochta nó sonraí maidir le próisis agus aschuir ó mhodhnóireacht ábhair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí grinnfhiosraithe, comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais atá seachbhrabúsach agus grinnfhiosraithe, maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a dhúnadh agus córas athléimneachta de mhaolú riosca a chur ar bun, lena ndéantar ardáin ar líne, Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile, an Coimisiún agus an pobal a chur ar an eolas. Cuirtear creat ar fáil sa Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhair rochtain fhíorláidir ar shonraí ó ardáin an-mhór ar líne a thabhairt do thaighdeoirí grinnfhiosraithe agus do chomhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais atá seachbhrabúsach. Ba cheart do na ceanglais uile maidir le rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha, lena n-áirítear sonraí pearsanta, rúin trádála agus faisnéis eile rúnda, an ardáin agus aon pháirtí eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse, a chosaint go hiomchuí. Ba cheart go ráthódh taighdeoirí grinnfhiosraithe, comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais atá seachbhrabúsach rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 66
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(66) Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhsheasmhach na n-oibleagáidí sa Rialachán seo a éascú a bhféadfadh forfheidhmiú trí mhodhanna teicneolaíochta a bheith de dhíth maidir leo, tá sé tábhachtach caighdeáin tionscail dheonacha a chur chun cinn a chumhdaíonn nósanna imeachta teicniúla áirithe, i gcás inar féidir leis an tionscal modhanna caighdeánaithe a fhorbairt chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, amhail cur isteach fógraí a cheadú, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, nó maidir le hidir-inoibritheacht na stórtha fógraíochta. D’fhéadfadh caighdeáin den chineál sin a bheith úsáideach go háirithe do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá réasúnta beag. D’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh sna caighdeáin idir cineálacha éagsúla ábhar neamhdhleathach nó cineálacha éagsúla seirbhísí idirghabhálacha, de réir mar is iomchuí. |
(66) Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhsheasmhach na n-oibleagáidí sa Rialachán seo a éascú a bhféadfadh forfheidhmiú trí mhodhanna teicneolaíochta a bheith de dhíth maidir leo, tá sé tábhachtach caighdeáin tionscail dheonacha a chur chun cinn a chumhdaíonn nósanna imeachta teicniúla áirithe, i gcás inar féidir leis an tionscal modhanna caighdeánaithe a fhorbairt chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, amhail cur isteach fógraí a cheadú, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, maidir le hidir-inoibritheacht na stórtha fógraíochta, nó maidir le téarmaí agus coinníollacha. D’fhéadfadh caighdeáin den chineál sin a bheith úsáideach go háirithe do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá réasúnta beag. D’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh sna caighdeáin idir cineálacha éagsúla ábhar neamhdhleathach nó cineálacha éagsúla seirbhísí idirghabhálacha, de réir mar is iomchuí. In éagmais na gcaighdeán ábhartha a chomhaontaítear laistigh de [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann sonraíochtaí teicniúla a bhunú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme go dtí go gcomhaontófar caighdeán deonach. |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 67
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(67) Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cé gur cheart go mbeadh cur chun feidhme na gcód iompair intomhaiste agus faoi réir formhaoirseachta poiblí, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar chineál deonach na gcód sin agus ar shaoirse páirtithe leasmhara chun cinneadh a dhéanamh maidir le bheith rannpháirteach. In imthosca áirithe, tá sé tábhachtach go ngabhfadh ardáin an-mhór ar líne i gcomhar chun cóid iompair shonracha a tharraingt suas agus cloí leo. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo soláthraithe seirbhíse eile cloí leis na caighdeáin chéanna um dhícheall cuí, glacadh leis na cleachtais is fearr agus tairbhe a bhaint as an treoraíocht arna cur ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an mBord, trí bheith rannpháirteach sna cóid iompair chéanna. |
(67) Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair mar aon le comhlíonadh fhorálacha na gcód sin chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord go ndéanfaí cineál chuspóirí leas an phobail a bhfuil aghaidh á dtabhairt orthu a shainiú go soiléir sna cóid iompair, go mbeidh sásraí iontu chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí sin agus go saineofar ról na n-údarás inniúil go soiléir. Cé gur cheart go mbeadh cur chun feidhme na gcód iompair intomhaiste agus faoi réir formhaoirseachta poiblí, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar chineál deonach na gcód sin agus ar shaoirse páirtithe leasmhara chun cinneadh a dhéanamh maidir le bheith rannpháirteach. In imthosca áirithe, tá sé tábhachtach go ngabhfadh ardáin an-mhór ar líne i gcomhar chun cóid iompair shonracha a tharraingt suas agus cloí leo. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo soláthraithe seirbhíse eile cloí leis na caighdeáin chéanna um dhícheall cuí, glacadh leis na cleachtais is fearr agus tairbhe a bhaint as an treoraíocht arna cur ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an mBord, trí bheith rannpháirteach sna cóid iompair chéanna. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 68
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(68) Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do chóid iompair den chineál sin. Go háirithe, ba cheart bearta um maolú riosca a bhaineann le cineálacha éagsúla ábhar neamhdhleathach a fhiosrú trí chomhaontaithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchar diúltach na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis nó gníomhaíochta ionramhála agus mí-úsáideacha. Áirítear anseo oibríochtaí comhordaithe dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid as róbait nó cuntais bhréige chun faisnéis bhréige nó mhíthreorach a chruthú, uaireanta chun críche gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail leanaí. Maidir le réimsí den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí is ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. D’fhéadfaí an diúltú gan mínithe cuí a dhéanann ardán ar líne ar chuireadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm cód iompair den sórt sin a thabhairt san áireamh, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar sháraigh an t-ardán ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
(68) Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do chóid iompair den chineál sin. Go háirithe, ba cheart bearta um maolú riosca a bhaineann le cineálacha sonracha ábhar neamhdhleathach a fhiosrú trí chomhaontaithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchar diúltach na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis, nó gníomhaíochtaí ionramhála agus mí-úsáideacha. Áirítear leis sin oibríochtaí comhordaithe atá dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid róbat nó cuntas bréige chun faisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach d’aon ghnó a chruthú, uaireanta chun críche gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail leanaí. Maidir le réimsí den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí is ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 69
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(69) D’fhéadfadh na rialacha maidir le cóid iompair faoin Rialachán seo a bheith mar bhunús le haghaidh iarrachtaí féinrialála atá bunaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Gealltanas um Shábháilteacht Táirge, an Meabhrán Tuisceana in aghaidh earraí góchumtha, an Cód Iompair in aghaidh fuathchaint neamhdhleathach chomh maith leis an gCód cleachtais maidir le bréagaisnéis. Go háirithe i gcás an chinn dheiridh, eiseoidh an Coimisiún treoraíocht chun an Cód cleachtais maidir le bréagaisnéis a neartú mar a fógraíodh é sa Phlean Gníomhaíochta um Dhaonlathas Eorpach. |
(69) D’fhéadfadh na rialacha maidir le cóid iompair faoin Rialachán seo a bheith mar bhunús le haghaidh iarrachtaí féinrialála atá bunaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Gealltanas um Shábháilteacht Táirge, an Meabhrán Tuisceana in aghaidh earraí góchumtha, an Cód Iompair in aghaidh fuathchaint neamhdhleathach chomh maith leis an gCód cleachtais maidir le bréagaisnéis. Ba cheart don Choimisiún forbairt cód iompair a spreagadh freisin chun comhlíonadh oibleagáidí a éascú i réimsí amhail mionaoisigh a chosaint nó cíos gearrthéarmach. Is iad éagsúlacht na faisnéise a chur chun cinn trí thacú le hiriseoireacht ar ardchaighdeán agus creidiúnacht faisnéise a chothú, agus rúndacht foinsí iriseoireachta á hurramú ag an am céanna, réimsí eile a bhféadfaí breithniú orthu. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach comhsheasmhacht a áirithiú leis na sásraí forfheidhmiúcháin atá ann cheana, amhail iad siúd i réimse na cumarsáide leictreonaí nó na meán agus ag a bhfuil struchtúir rialála neamhspleácha sna réimsí sin mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta. |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 70
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(70) Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhairí, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála a nascann foilsitheoirí fógraíochta le fógróirí. Ba cheart go dtacódh agus go gcomhlánódh cóid iompair na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht d’ardáin ar líne agus d’ardáin an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an comhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a bhreisiú, go suntasach mar a bhaineann sé le coinníollacha tharchur na faisnéise ábhartha. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan páirtithe leasmhara go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. |
(70) Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhairí, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála a nascann foilsitheoirí fógraíochta le fógróirí. Ba cheart go dtacódh agus go gcomhlánódh cóid iompair na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht d’ardáin ar líne agus d’ardáin an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an comhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a bhreisiú, go suntasach mar a bhaineann sé le módúlachtaí tharchur na faisnéise ábhartha. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan páirtithe leasmhara go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. Ba cheart measúnú rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na gcód iompair. Murab ionann agus reachtaíocht, níl cóid iompair faoi réir grinnscrúdú daonlathach agus níl a gcomhlíonadh le cearta bunúsacha faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Chun go ndéanfar cuntasacht, rannpháirtíocht agus trédhearcacht a fheabhsú, tá gá le coimircí nós imeachta chun cóid iompair a tharraingt suas. Sula dtionscnófar nó sula n-éascófar cóid iompair a dhréachtú nó a athbhreithniú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh, i gcás inarb iomchuí, ar an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha nó ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a dtuairim a chur in iúl. |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 71
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(71) I gcás imthosca urghnácha a mbíonn tionchar acu ar shlándáil phoiblí nó ar shláinte phoiblí, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le prótacail ghéarchéime a tharraingt suas chun freagairt thapa, chomhchoiteann agus trasteorann a chomhordú sa timpeallacht ar líne. D’fhéadfaí aon imeacht gan choinne a chuimsiú le himthosca urghnácha, cosúil le creathanna talún, hairicíní, paindéim agus bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann don tsláinte phoiblí, cogadh agus gníomhartha sceimhlitheoireachta, ina bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne, mar shampla, i gcomhair ábhar neamhdhleathach nó bréagaisnéis a scaipeadh go mear nó i gcás ina mbíonn gá le faisnéis iontaofa a scaipeadh go mear. I bhfianaise an ról tábhachtach atá ag ardáin an-mhór ar líne chun faisnéis a scaipeadh inár sochaithe agus thar theorainneacha, ba cheart ardáin den sórt sin a spreagadh chun prótacail ghéarchéime sonracha a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm. Níor cheart prótacail ghéarchéime den sórt sin a ghníomhachtú ach amháin ar feadh tréimhse teoranta ama agus ba cheart go mbeadh na bearta a rinneadh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis le dul i ngleic leis an toisc urghnách. Ba cheart go mbeadh na bearta sin comhsheasmhach leis an Rialachán seo, agus níor cheart gurb ionann é agus oibleagáid ghinearálta chun páirt a ghlacadh in ardáin an-mhór ar líne chun faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná níor cheart go lorgóidís fíorais ná cúinsí go gníomhach a thugann ábhar neamhdhleathach le fios. |
(71) I gcás imthosca urghnácha a mbíonn tionchar acu ar shlándáil phoiblí nó ar shláinte phoiblí, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le prótacail ghéarchéime dheonacha a tharraingt suas chun freagairt thapa, chomhchoiteann agus trasteorann a chomhordú sa timpeallacht ar líne. D’fhéadfaí aon imeacht gan choinne a chuimsiú le himthosca urghnácha, cosúil le creathanna talún, hairicíní, paindéim agus bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann don tsláinte phoiblí, cogadh agus gníomhartha sceimhlitheoireachta, ina bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne, mar shampla, i gcomhair ábhar neamhdhleathach nó bréagaisnéis a scaipeadh go mear nó i gcás ina mbíonn gá le faisnéis iontaofa a scaipeadh go mear. I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag ardáin an-mhór ar líne i dtaobh faisnéis a scaipeadh inár sochaithe agus thar theorainneacha, ba cheart ardáin den sórt sin a spreagadh chun prótacail ghéarchéime shonracha a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm. Níor cheart prótacail ghéarchéime den sórt sin a ghníomhachtú ach amháin ar feadh tréimhse teoranta ama agus ba cheart go mbeadh na bearta a rinneadh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis le dul i ngleic leis an toisc urghnách. Ba cheart go mbeadh na bearta sin comhsheasmhach leis an Rialachán seo, agus níor cheart gurbh ionann iad agus oibleagáid ghinearálta ar pháirt ardáin an-mhór ar líne rannpháirteacha faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais ná cúinsí a lorg go gníomhach a thugann ábhar neamhdhleathach le fios. |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 72
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(72) Ba cheart an cúram maidir le formhaoirseacht agus forfheidhmiú leordhóthanach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a shannadh i bprionsabal do na Ballstáit. Chuige seo, ba cheart dóibh údarás amháin ar a laghad a cheapadh agus é mar chúram orthu an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, mar sin féin, cúraimí agus inniúlachtaí maoirseachta nó forfheidhmithe sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar iontaoibh níos mó ná údarás inniúil amháin, mar shampla i gcomhair earnálacha sonracha, cosúil le rialaitheoirí cumarsáide leictreonaí, rialaitheoirí meán nó údaráis um chosaint tomhaltóirí, a léireoidh a struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin. |
(72) Ba cheart an cúram maidir le formhaoirseacht agus forfheidhmiú leordhóthanach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a shannadh i bprionsabal do na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart dóibh údarás amháin ar a laghad a ainmniú agus é mar chúram air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, mar sin féin, cúraimí agus inniúlachtaí maoirseachta nó forfheidhmithe sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar iontaoibh níos mó ná údarás inniúil amháin, mar shampla i gcomhair earnálacha sonracha, cosúil le rialaitheoirí cumarsáide leictreonaí, rialaitheoirí meán nó údaráis um chosaint tomhaltóirí, a léireoidh a struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 73
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(73) Mar gheall ar chineál na seirbhísí atá i gceist agus an réimse cothrománach oibleagáidí a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart an t-údarás a cheaptar chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm, agus i gcás inar gá, forfheidhmiú an Rialacháin seo a shainaithint mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát. I gcás ina gceaptar níos mó ná údarás inniúil amháin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, níor cheart ach údarás amháin a shainaithint sa Bhallstát sin mar Chomhordaithe Seirbhísí Digiteacha. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha mar phointe teagmhála aonair maidir le gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo don Choimisiún, don Bhord, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha Ballstáit eile, agus d’údaráis inniúla eile an Bhallstáit atá i gceist. Go háirithe, i gcás ina gcuirtear cúraimí faoin Rialachán seo ar iontaoibh údaráis inniúla i mBallstát ar leith, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha comhordú agus dul i gcomhar leis na húdaráis sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun a gcúraimí faoi seach a leagan amach, agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbíonn gach údarás ábhartha rannpháirteach go héifeachtach i maoirseacht agus i bhforfheidhmiú ar leibhéal an Aontais. |
(73) I bhfianaise chineál na seirbhísí trasteorann atá i gceist agus réimse cothrománach na n-oibleagáidí a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart an t-údarás a cheaptar chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm, agus i gcás inar gá, forfheidhmiú an Rialacháin seo a shainaithint mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát. I gcás ina gceaptar níos mó ná údarás inniúil amháin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, níor cheart ach údarás amháin a ainmniú sa Bhallstát sin mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha mar phointe teagmhála aonair maidir le gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo don Choimisiún, don Bhord, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha Ballstáit eile, agus d’údaráis inniúla eile an Bhallstáit atá i gceist. Go háirithe, i gcás ina gcuirtear cúraimí faoin Rialachán seo ar iontaoibh údaráis inniúla i mBallstát ar leith, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha comhordú agus dul i gcomhar leis na húdaráis sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos a gcúraimí faoi seach, agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh gach údarás ábhartha rannpháirteach go héifeachtach i maoirseacht agus i bhforfheidhmiú ar leibhéal an Aontais. |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 74
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(74) Tá ról ríthábhachtach ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, chomh maith le húdaráis inniúla eile atá ainmnithe faoin Rialachán seo, chun éifeachtacht na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus baint amach a chuspóirí a áirithiú. Dá réir sin, is gá a áirithiú go bhfeidhmíonn na húdaráis sin go hiomlán neamhspleách ó chomhlachtaí príobháideacha agus poiblí, gan an oibleagáid ná an fhéidearthacht chun treoracha a lorg nó a fháil, lena n-áirítear ón rialtas, agus gan dochar do na dualgais shonracha le dul i gcomhar le húdaráis inniúla eile, na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Bord agus an Coimisiún. Ar an lámh eile, níor cheart go gciallódh neamhspleáchas na n-údarás seo, nach mbeidís faoi réir, i gcomhréir le bunreachtanna náisiúnta agus gan gnóthachtáil chuspóirí an Rialacháin seo a chur i mbaol, rialú náisiúnta nó sásraí faireacháin maidir lena gcaiteachas airgeadais nó athbhreithniú breithiúnach, nó nár cheart an fhéidearthacht a bheith acu dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta eile, lena n-áirítear údaráis um fhorfheidhmiú an dlí nó údaráis um bainistiú géarchéime, i gcás inarb iomchuí. |
(74) Tá ról ríthábhachtach ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, chomh maith le húdaráis inniúla eile atá ainmnithe faoin Rialachán seo, chun éifeachtacht na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus baint amach a chuspóirí a áirithiú. Dá réir sin, is gá a áirithiú go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá ag na húdaráis sin chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Is gá a áirithiú freisin go bhfeidhmeoidh na húdaráis sin go hiomlán neamhspleách ó chomhlachtaí príobháideacha agus poiblí, gan an oibleagáid ná an fhéidearthacht chun treoracha a lorg nó a fháil, lena n-áirítear ón rialtas, agus gan dochar do na dualgais shonracha le dul i gcomhar le húdaráis inniúla eile, na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Bord agus an Coimisiún. Ar an lámh eile, níor cheart go gciallódh neamhspleáchas na n-údarás sin, nach bhféadfadh siad a bheith faoi réir, i gcomhréir le bunreachtanna náisiúnta agus gan gnóthachtáil chuspóirí an Rialacháin seo a chur i mbaol, rialú náisiúnta nó sásraí faireacháin maidir lena gcaiteachas airgeadais nó athbhreithniú breithiúnach, nó nár cheart go mbeadh an fhéidearthacht acu dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta eile, lena n-áirítear údaráis um fhorfheidhmiú an dlí nó údaráis um bainistiú géarchéime, i gcás inarb iomchuí. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 75
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(75) Is féidir leis na Ballstáit feidhm mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó cúraimí sonracha a shannadh d’údarás náisiúnta reatha, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, ar choinníoll go gcloíonn aon údarás ceaptha den sórt sin leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i ndáil lena neamhspleáchas, mar shampla. Thairis sin, ní choisctear na Ballstáit i bprionsabal ó fheidhmeanna a chónascadh laistigh d’údarás reatha, i gcomhréir le dlí an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis na bearta sin, inter alia, bac a chur ar dhífhostú an Uachtaráin nó comhalta boird de chomhlacht coláisteach in údarás reatha roimh dhul in éag a dtéarmaí oifige, ar an bhforas amháin gur tharla athchóiriú institiúideach a bhaineann le feidhmeanna éagsúla a chumasc laistigh d’údarás amháin, in éagmais aon rialacha a ráthaíonn nach gcuireann dífhostuithe den sórt sin neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcomhaltaí sin i mbaol. |
(75) Is féidir leis na Ballstáit feidhm mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó cúraimí sonracha a shannadh d’údarás náisiúnta reatha, chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhaoirsiú agus chun an Rialachán a fhorfheidhmiú, ar choinníoll go gcloíonn aon údarás ceaptha den sórt sin leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i ndáil lena neamhspleáchas, mar shampla. Thairis sin, ní choisctear na Ballstáit i bprionsabal ó fheidhmeanna a chónascadh laistigh d’údarás reatha, i gcomhréir le dlí an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis na bearta sin, inter alia, bac a chur ar dhífhostú an Uachtaráin nó comhalta boird de chomhlacht coláisteach in údarás reatha roimh dhul in éag a dtéarmaí oifige, ar an bhforas amháin gur tharla athchóiriú institiúideach a bhaineann le feidhmeanna éagsúla a chumasc laistigh d’údarás amháin, in éagmais aon rialacha a ráthaíonn nach gcuireann dífhostuithe den sórt sin neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcomhaltaí sin i mbaol. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 76
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(76) In éagmais ceanglas ginearálta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun láithreacht fhisiceach a áirithiú laistigh de chríoch Ballstáit amháin, is gá soiléireacht a áirithiú maidir leis an dlínse Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe sin chun críocha na rialacha arna leagan síos ag údaráis náisiúnta inniúla i gCaibidlí III agus IV a fhorfheidhmiú. Ba cheart do sholáthraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht suite, is é sin, san áit ina bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an soláthraí ina bhfeidhmítear na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil laistigh de. I dtaca le soláthraithe nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas agus dá bhrí sin a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag an mBallstát inar cheap na soláthraithe sin a n-ionadaí dlí, ag tabhairt feidhm ionadaithe dlí faoin Rialachán seo san áireamh. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag gach Ballstát, áfach, i leith soláthraithe ar mhainnigh orthu ionadaí dlí a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil urraim don phrionsabal ne bis in idem. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát a fheidhmíonn dlínse i leith soláthraithe den sórt sin, gan moill mhíchuí, gach Ballstát eile a chur ar an eolas faoi na bearta a rinne siad i bhfeidhmiú na dlínse sin. |
(76) In éagmais ceanglas ginearálta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun láithreacht fhisiceach a áirithiú laistigh de chríoch Ballstáit amháin, is gá soiléireacht a áirithiú maidir leis an dlínse Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe sin chun críocha na rialacha arna leagan síos ag údaráis náisiúnta inniúla sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Ba cheart do sholáthraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht suite, is é sin, san áit ina bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an soláthraí ina bhfeidhmítear na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil laistigh de. I dtaca le soláthraithe nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas agus dá bhrí sin a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag an mBallstát inar cheap na soláthraithe sin a n-ionadaí dlí, le haird ar fheidhm ionadaithe dlí faoin Rialachán seo. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag gach Ballstát, áfach, i leith soláthraithe ar mhainnigh orthu ionadaí dlí a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil urraim don phrionsabal ne bis in idem. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát a fheidhmíonn dlínse i leith soláthraithe den sórt sin, gan moill mhíchuí, gach Ballstát eile a chur ar an eolas faoi na bearta a rinne siad i bhfeidhmiú na dlínse sin. |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 77
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(77) Ba cheart do na Ballstáit cumhachtaí leordhóthanacha agus bealaí chun imscrúdú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, agus ar aon údarás inniúil eile arna ainmniú faoin Rialachán seo. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith in ann go háirithe faisnéis a chuardach agus a fháil atá lonnaithe ina gcríocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe comhpháirteacha, agus aird chuí ar gur cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát eile sin bearta formhaoirseachta agus forfheidhmithe a bhaineann le soláthraí faoi dhlínse Ballstáit eile a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann le comhar trasteorann. |
(77) Ba cheart do na Ballstáit cumhachtaí leordhóthanacha agus bealaí chun imscrúdú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, agus ar aon údarás inniúil eile arna ainmniú faoin Rialachán seo. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith in ann go háirithe bearta eatramhacha comhréireacha a ghlacadh i gcás go mbeadh riosca díobhála tromchúisí ann, mar aon le faisnéis a chuardach agus a fháil atá lonnaithe ina gcríocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe comhpháirteacha, agus aird chuí ar an bhfíoras gur cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát eile sin bearta formhaoirseachta agus forfheidhmithe a bhaineann le soláthraí faoi dhlínse Ballstáit eile a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann le comhar trasteorann. |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 78
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(78) Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe i gcomhair feidhmiú cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus údaráis inniúla eile i gcás inarb ábhartha, faoin Rialachán seo, a leagan amach ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe an Rialachán agus an Chairt seo. |
(78) Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe i gcomhair feidhmiú cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus údaráis inniúla eile i gcás inarb ábhartha, faoin Rialachán seo, a leagan amach ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe an Rialachán seo agus an Chairt. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún treoir a ghlacadh maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 79
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(79) Le linn do na cumhachtaí sin a bheith á bhfeidhmiú, ba cheart do na húdaráis inniúla sin na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le nósanna imeachta agus ábhair a chomhlíonadh, amhail an gá do réamhúdarú breithiúnach chun dul isteach in áitreabh áirithe agus i gcomhair pribhléid ghairmiúil dlí. Ba cheart do na forálacha sin a áirithiú, go háirithe, go mbeidh urraim do na cearta bunúsacha maidir le leigheas éifeachtach agus triail chóir, lena n-áirítear cearta cosanta agus, an ceart le hurraim a thabhairt don saol príobháideach. I dtaca leis sin, d’fhéadfadh na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i ndáil le himeachtaí an Choimisiúin de bhun an Rialacháin seo a bheith mar phointe tagartha iomchuí. Ba cheart nós imeachta roimh ré, cóir agus neamhchlaonta a ráthú sula nglactar le haon chinneadh críochnaitheach, lena n-áirítear ceart éisteachta do na daoine lena mbaineann, agus an ceart le rochtain a fháil ar an gcomhad, fad is a bhíonn urraim do rúndacht ghairmiúil agus ghnó, chomh maith leis an oibleagáid chun cúiseanna bríocha a thabhairt ar na cinntí. Níor cheart go gcoiscfí leis seo cearta a ghlacadh, áfach, i gcásanna práinne a bhfuil bunús iomchuí leo agus faoi réir coinníollacha agus socruithe nós imeachta iomchuí. Ba cheart don fheidhmiú cumhachta a bheith comhréireach freisin, inter alia, le cineál an tsáraithe nó an tsáraithe a bhfuil amhras ina leith agus leis an díobháil iarbhír nó fhéideartha fhoriomlán a tharla de bharr an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta. Ba cheart do na húdaráis inniúla, i bprionsabal, fíorais agus cúinsí ábhartha uile an cháis a chur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis a bhailíonn údaráis inniúla i mBallstáit eile. |
(79) Le linn do na cumhachtaí sin a bheith á bhfeidhmiú, ba cheart do na húdaráis inniúla sin na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le nósanna imeachta agus ábhair a chomhlíonadh, amhail an gá do réamhúdarú breithiúnach chun dul isteach in áitreabh áirithe agus i gcomhair pribhléid ghairmiúil dlí. Ba cheart do na forálacha sin a áirithiú, go háirithe, go mbeidh urraim do na cearta bunúsacha maidir le leigheas éifeachtach agus triail chóir, lena n-áirítear cearta cosanta agus, an ceart le hurraim a thabhairt don saol príobháideach. I dtaca leis sin, d’fhéadfadh na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i ndáil le himeachtaí an Choimisiúin de bhun an Rialacháin seo a bheith mar phointe tagartha iomchuí. Ba cheart nós imeachta roimh ré, cóir agus neamhchlaonta a ráthú sula nglactar le haon chinneadh críochnaitheach, lena n-áirítear ceart éisteachta do na daoine lena mbaineann, agus an ceart le rochtain a fháil ar an gcomhad, fad is a bhíonn urraim do rúndacht ghairmiúil agus ghnó, chomh maith leis an oibleagáid chun cúiseanna bríocha a thabhairt ar na cinntí. Níor cheart go gcoiscfí leis sin cearta a ghlacadh, áfach, i gcásanna práinne a bhfuil bunús iomchuí leo agus faoi réir coinníollacha agus socruithe nós imeachta iomchuí. Ba cheart go mbeadh an feidhmiú cumhachtaí comhréireach freisin, inter alia, le cineál an tsáraithe nó an tsáraithe a bhfuil amhras ina leith agus leis an díobháil iarbhír nó fhéideartha fhoriomlán a tharla de bharr an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta. Ba cheart do na húdaráis inniúla fíorais agus cúinsí ábhartha uile an cháis a chur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú údaráis inniúla i mBallstáit eile. |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 80
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(80) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir smachtbhannaí a ghearradh de bharr sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus é sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, ag tabhairt san áireamh cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, i bhfianaise an leasa phoiblí arna shaothrú, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, chomh maith le hacmhainn eacnamaíoch an tsáraitheora. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh leis na pionóis cibé an mainníonn nó nach mainníonn soláthraí na seirbhísí idirghabhála lena mbaineann a oibleagáidí a thagann ón Rialachán seo a chomhlíonadh go córasach nó arís agus arís eile, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, cibé an bhfuil nó nach bhfuil an soláthraí gníomhach i roinnt Ballstát. |
(80) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir smachtbhannaí a ghearradh de bharr sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus é sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, ag cur san áireamh cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, i bhfianaise an leasa phoiblí arna shaothrú, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh, chomh maith le hacmhainn eacnamaíoch an tsáraitheora. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh leis na pionóis cibé an mainníonn nó nach mainníonn an soláthraí seirbhísí idirghabhála lena mbaineann a oibleagáidí a thagann ón Rialachán seo a chomhlíonadh go córasach nó arís agus arís eile, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, líon na bhfaighteoirí a ndéantar difear dóibh, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil an soláthraí gníomhach i roinnt Ballstát. Ba cheart don Choimisiún treoir a eisiúint do na Ballstáit maidir leis na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le pionóis chomhréireacha a fhorchur. |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 81
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(81) Chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí ionadaíocha a bheith in ann aon ghearán a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a thaisceadh leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa chríoch ina bhfuair siad an tseirbhís, gan dochar do rialacha an Rialacháin seo maidir le dlínse. Ba cheart léargas dílis a thabhairt i ngearáin ar ábhar imní a bhaineann le comhlíontacht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí áirithe agus go bhféadfaí leis freisin an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chur ar an eolas faoi aon saincheisteanna cothrománacha eile. Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha leas a bhaint freisin as údaráis náisiúnta inniúla eile chomh maith le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha as Ballstát eile, agus go háirithe Comhordaithe de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann bunaithe, má éilítear comhar trasteorann maidir leis an tsaincheist. |
(81) Chun forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí, a leagtar síos sa Rialachán seo, a áirithiú, ba cheart do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí ionadaíocha a bheith in ann aon ghearán a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a thaisceadh leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa chríoch ina bhfuair siad an tseirbhís, gan dochar do rialacha an Rialacháin seo maidir le dlínse. Ba cheart léargas dílis a thabhairt i ngearáin ar ábhar imní a bhaineann le comhlíontacht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí áirithe agus go bhféadfaí leis freisin an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chur ar an eolas faoi aon saincheisteanna cothrománacha eile. Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha leas a bhaint freisin as údaráis náisiúnta inniúla eile chomh maith le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha as Ballstát eile, agus go háirithe Comhordaithe de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann bunaithe, má éilítear comhar trasteorann maidir leis an tsaincheist. Ba cheart do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an ngearán go tráthúil agus Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an bhfaighteoir nó ina bhfuil sé bunaithe a chur ar an eolas faoin gcaoi ar déileáladh leis an ngearán. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 82
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(82) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bearta a dhéanamh atá éifeachtach maidir le dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha agus comhsheasmhacha áirithe agus go bhfuil siad i gcomhréir leis na sáruithe sin. Go háirithe i gcás inar féidir leis na bearta sin difear a dhéanamh do chearta agus leasanna tríú páirtithe, de réir mar a bheidh go háirithe i gcás ina bhfuil an rochtain ar chomhéadain ar líne srianta, is iomchuí a éileamh go ndéanfadh údarás breithiúnach inniúil na bearta a ordú ar iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus go mbeidís faoi réir coimircí breise. Go háirithe, ba cheart deis éisteachta a thabhairt do thríú páirtithe dá bhféadfaí difear a dhéanamh agus níor cheart orduithe den sórt sin a eisiúint ach amháin nuair nach bhfuil na cumhachtaí chun bearta den sórt sin a ghlacadh ar fáil go réasúnach, mar a fhoráiltear le gníomhartha eile de dhlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, mar shampla chun leasanna comhchoiteann tomhaltóirí a chosaint, lena áirithiú go mbaintear go tapa leathanaigh ghréasáin ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí nó ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí á scaipeadh, nó chun rochtain ar sheirbhísí atá á n-úsáid ag tríú páirtí chun ceart maoine intleachtúla a shárú, a dhíchumasú. |
(82) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bearta a dhéanamh atá éifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha agus comhsheasmhacha áirithe ar an Rialachán seo agus go bhfuil siad i gcomhréir leis na sáruithe sin. Go háirithe i gcás inar féidir leis na bearta sin difear a dhéanamh do chearta agus leasanna tríú páirtithe, de réir mar a bheidh go háirithe i gcás ina bhfuil an rochtain ar chomhéadain ar líne srianta, is iomchuí a éileamh go ndéanfadh údarás breithiúnach inniúil na bearta a ordú ar iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus go mbeidís faoi réir coimircí breise. Go háirithe, ba cheart deis éisteachta a thabhairt do thríú páirtithe dá bhféadfaí difear a dhéanamh agus níor cheart orduithe den sórt sin a eisiúint ach amháin nuair nach bhfuil na cumhachtaí chun bearta den sórt sin a ghlacadh ar fáil go réasúnach, mar a fhoráiltear le gníomhartha eile de dhlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, mar shampla chun leasanna comhchoiteann tomhaltóirí a chosaint, lena áirithiú go mbaintear go tapa leathanaigh ghréasáin ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí nó ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí á scaipeadh, nó chun rochtain ar sheirbhísí atá á n-úsáid ag tríú páirtí chun ceart maoine intleachtúla a shárú, a dhíchumasú. |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 83 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(83a) Gan dochar do na forálacha maidir leis an díolúine ó dhliteanas, dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ndáil leis an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a stóráiltear arna iarraidh sin ag faighteoir na seirbhíse, ba cheart soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a bheith faoi dhliteanas i leith shárú a n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu i dteideal rochtain a bheith acu ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha. Ba cheart go mbeadh sé de cheart acu go háirithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, cúiteamh a lorg ó na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha sin in aghaidh aon damáiste díreach nó aon chaillteanais a fulaingíodh mar gheall ar shárú a rinne soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar oibleagáidí a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 84
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(84) Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a fhoilsiú go rialta maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo. Ós rud é gur gcuirtear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar an eolas freisin maidir le horduithe chun beart a dhéanamh in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a chur ar fáil arna rialú ag an Rialachán seo tríd an gcóras comhroinnte faisnéise comhchoiteann, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha líon agus catagóirí na n-orduithe sin arna gcur faoi bhráid soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha arna n-eisiúint ag údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin ina Bhallstát a áireamh ina thuarascáil bhliantúil. |
(84) Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a fhoilsiú go rialta i bhformáid chaighdeánaithe agus inléite ag meaisín maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo. Ós rud é go gcuirtear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar an eolas freisin maidir le horduithe chun beart a dhéanamh in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a chur ar fáil arna rialú ag an Rialachán seo tríd an gcomhchóras comhroinnte faisnéise, atá bunaithe ar chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha líon agus catagóirí na n-orduithe sin arna gcur faoi bhráid soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha arna n-eisiúint ag údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin ina Bhallstát a áireamh ina thuarascáil bhliantúil. |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 86
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(86) Chun maoirseacht agus imscrúduithe trasteorann ina bhfuil roinnt Ballstát rannpháirteach a éascú, ba cheart go mbeadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in ann páirt a ghlacadh, ar bhonn buan nó sealadach, i ngníomhaíochtaí maoirseachta agus imscrúdaithe comhpháirtí a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Féadfar a áireamh leis na gníomhaíochtaí sin údaráis inniúla eile agus féadfar go leor saincheisteanna éagsúla a chumhdach iontu, idir ghníomhaíochtaí bailithe sonraí comhordaithe go dtí iarrataí ar fhaisnéis nó iniúchtaí ar áitreabh, laistigh de theorainneacha agus raon feidhme na gcumhachtaí atá ar fáil do gach údarás rannpháirteach. Féadfar iarraidh ar an mBord comhairle a chur ar fáil i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin, mar shampla trí threochláir agus amlínte a mholadh i gcomhair gníomhaíochtaí nó tascfhórsaí ad-hoc a mholadh le rannpháirtíocht na n-údarás lena mbaineann. |
(86) Chun maoirseacht agus imscrúduithe trasteorann ina bhfuil roinnt Ballstát rannpháirteach a éascú, ba cheart go mbeadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in ann páirt a ghlacadh, ar bhonn buan nó sealadach, i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha maoirseachta agus imscrúdaithe a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar bhonn comhaontaithe idir na Ballstáit lena mbaineann, agus in éagmais comhaontaithe, faoi údarás Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta. Féadfar a áireamh leis na gníomhaíochtaí sin údaráis inniúla eile agus féadfar go leor saincheisteanna éagsúla a chumhdach iontu, ó ghníomhaíochtaí bailithe sonraí comhordaithe go dtí iarrataí ar fhaisnéis nó iniúchtaí ar áitreabh, laistigh de theorainneacha agus raon feidhme na gcumhachtaí atá ar fáil do gach údarás rannpháirteach. Féadfar iarraidh ar an mBord comhairle a chur ar fáil i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin, mar shampla trí threochláir agus amlínte a mholadh i gcomhair gníomhaíochtaí nó tascfhórsaí ad-hoc a mholadh le rannpháirtíocht na n-údarás lena mbaineann. |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 88
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(88) D’fhonn a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, is gá grúpa comhairleach neamhspleách a bhunú ar leibhéal an Aontais, ar cheart dó tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus cuidiú chun gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chomhordú. Ba cheart don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha a bheith comhdhéanta de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan dochar don fhéidearthacht go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha cuireadh ina chruinnithe do thoscairí ad hoc ó údaráis inniúla eile a bhfuil iontaoibh orthu i leith cúraimí sonracha faoin Rialachán seo nó go gceapfaidís toscairí ad hoc, i gcás ina bhfuil gá leis sin de bhun a leithdháileadh náisiúnta cúraimí agus inniúlachtaí. I gcás ilrannpháirtithe ó Bhallstát amháin, ba cheart go mbeadh an ceart vótála fós teoranta d’ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit. |
(88) D’fhonn a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, is gá grúpa comhairleach neamhspleách a bhunú ar leibhéal an Aontais, ar cheart dó tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus cuidiú chun gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chomhordú. Ba cheart don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha a bheith comhdhéanta de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan dochar don fhéidearthacht go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha cuireadh ina chruinnithe do thoscairí ad hoc ó údaráis inniúla eile a bhfuil iontaoibh orthu i leith cúraimí sonracha faoin Rialachán seo nó go gceapfaidís toscairí ad hoc, i gcás ina bhfuil gá leis sin de bhun a leithdháileadh náisiúnta cúraimí agus inniúlachtaí. I gcás ilrannpháirtithe ó Bhallstát amháin, ba cheart go mbeadh an ceart vótála fós teoranta d’ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit. Ba cheart go n-áiritheofaí le rialacha nós imeachta an Bhoird urraim a thabhairt do rúndacht na faisnéise. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 90
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(90) Chun na críche sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann glacadh le tuairimí, le hiarrataí agus le moltaí arna gcur faoi bhráid Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile. Cé nach bhfuil sé ceangailteach ó thaobh dlí de, ba cheart an cinneadh chun atreorú uaidh sin a mhíniú i gceart agus d’fhéadfadh an Coimisiún é a thabhairt san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhlíontacht na mBallstát lena mbaineann leis an Rialachán seo. |
(90) Chun na críche sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann glacadh le tuairimí, le hiarrataí agus le moltaí arna gcur faoi bhráid Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile. Cé nach bhfuil sé ceangailteach ó thaobh dlí de, ba cheart an cinneadh chun atreorú uaidh sin a mhíniú i gceart agus d’fhéadfadh an Coimisiún é a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhlíontacht na mBallstát lena mbaineann leis an Rialachán seo. Ba cheart don Bhord tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena ghníomhaíochtaí. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 91
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(91) Ba cheart don Bhord ionadaithe na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile féideartha a thabhairt le chéile faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, d’fhonn measúnú a áirithiú ar ábhair arna sheoladh isteach chuige i ngné iomlán Eorpach. I bhfianaise gnéithe cothrománacha féideartha a bhféadfadh ábharthacht a bheith leo i gcomhair creataí rialála eile ar leibhéal an Aontais, ba cheart deis a thabhairt don Bhord dul i gcomhar le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a bhfuil freagracht orthu i réimsí amhail comhionannas, lena n-áirítear comhionannas idir mná agus fir, agus neamh-idirdhealú, cosaint sonraí, cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc, calaoisí in aghaidh bhuiséad an Aontais a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim, nó cosaint tomhaltóirí, de réir mar is gá chun a chúraimí a fheidhmiú. |
(91) Ba cheart don Bhord ionadaithe na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile féideartha a thabhairt le chéile faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, d’fhonn measúnú a áirithiú ar ábhair arna seoladh isteach chuige i ngné iomlán Eorpach. I bhfianaise gnéithe cothrománacha féideartha a bhféadfadh ábharthacht a bheith leo i gcomhair creataí rialála eile ar leibhéal an Aontais, ba cheart deis a thabhairt don Bhord dul i gcomhar le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a bhfuil freagracht orthu i réimsí amhail comhionannas, lena n-áirítear comhionannas idir mná agus fir, agus neamh-idirdhealú, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú, díothú cineálacha uile foréigin i gcoinne ban agus cailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe, cosaint sonraí, urraim do mhaoin intleachtúil, iomaíocht, cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc, faireachas margaidh, calaoisí in aghaidh bhuiséad an Aontais a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim, nó cosaint tomhaltóirí, de réir mar is gá chun a chúraimí a fheidhmiú. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 96
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(96) I gcás nach dtéann an t-ardán sin i ngleic leis an sárú ar an bhforáil a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne amháin, de bhun an phlean gníomhaíochta, ní fhéadfaidh ach amháin an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar chomhairle ón mBord, cinneadh a dhéanamh maidir le himscrúdú breise a dhéanamh ar an sárú lena mbaineann agus na bearta ar ghlac an t-ardán sin leo ina dhiaidh sin, chun an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a eisiamh. Tar éis na himscrúduithe is gá a bheith déanta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cinntí a eisiúint ina bhfaightear sárú agus smachtbhannaí a fhorchur i leith ardáin an-mhór ar líne i gcás ina bhfuil bunús leis sin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith aige freisin idirghabháil a dhéanamh i gcásanna trasteorann i gcás nár ghlac an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta le haon bhearta d’ainneoin iarraidh an Choimisiúin, nó i gcásanna inar iarr an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta féin ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, i leith sárú ar aon fhoráil eile den Rialachán seo a rinne ardán an-mhór ar líne. |
(96) I gcás nach dtéann an t-ardán sin i ngleic leis an sárú ar an bhforáil a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne amháin, de bhun an phlean gníomhaíochta, níor cheart ach an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar chomhairle ón mBord, imscrúdú breise a thionscnamh ar an sárú lena mbaineann agus na bearta ar ghlac an t-ardán sin leo ina dhiaidh sin, d’eisiamh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta. Tar éis na n-imscrúduithe is gá a bheith déanta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cinntí a eisiúint ina bhfaightear sárú agus smachtbhannaí a fhorchur i leith ardáin an-mhór ar líne i gcás ina bhfuil bunús leis sin. Ba cheart dó idirghabháil a dhéanamh freisin i gcásanna trasteorann i gcás nár ghlac Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta aon bhearta d’ainneoin iarraidh an Choimisiúin, nó i gcásanna inar iarr Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta féin ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, i leith sárú ar aon fhoráil eile den Rialachán seo a rinne ardán an-mhór ar líne. Ba cheart don Choimisiún imeachtaí a thionscnamh i bhfianaise go bhféadfaí cinntí a ghlacadh maidir le hiompar ábhartha an ardáin an-mhór ar líne, mar shampla i gcás ina bhfuil amhras ann gur sháraigh an t-ardán sin an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcás ina bhfuarthas amach nach ndéanann an t-ardán na moltaí oibríochtúla ón iniúchadh neamhspleách a d’fhormhuinigh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta a chur chun feidhme agus i gcás nach ndearna Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta aon bhearta imscrúdaithe nó forfheidhmiúcháin. |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 97
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(97) Ba cheart saoirse a bheith ag an gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé ar mian nó nach mian leis idirghabháil a dhéanamh in aon cheann de na cásanna ina bhfuil cumhacht aige sin a dhéanamh faoin Rialachán seo. A luaithe is a thionscnaíonn an Coimisiún na himeachtaí, ba cheart cosc a chur ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena mbaineann óna gcumhachtaí iniúchta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú i leith iompar ábhartha an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, chun dúbláil, neamhréireachtaí agus rioscaí ó dhearcadh an phrionsabail ne bis in idem a sheachaint. Mar sin féin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, níor cheart na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin a chosc óna gcumhachtaí a fheidhmiú le cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ar iarraidh sin dó i bhfeidhmiú a chúraimí maoirseachta, nó i leith iompar eile, lena n-áirítear iompar de chuid an ardáin an-mhór ar líne chéanna a bhfuil amhras ann gurb ionann é agus sárú nua. Ba cheart go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin, chomh maith leis an mBord agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis agus an cúnamh ar fad is gá don Choimisiún chun a cheadú dó a chúraimí a fheidhmiú go héifeachtach, agus os a choinne sin, ba cheart don Choimisiún iad a choinneáil ar an eolas maidir le feidhmiú a chumhachtaí de réir mar is iomchuí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, aon mheasúnuithe ábhartha arna ndéanamh ag an mBord nó ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann agus aon fhianaise agus aon fhaisnéis ábhartha a bhailigh siad a chur san áireamh, gan dochar do chumhachtaí agus d’fhreagracht an Choimisiúin maidir le himscrúduithe breise a dhéanamh de réir mar is gá. |
(97) A luaithe is a thionscnaíonn an Coimisiún na himeachtaí, ba cheart cosc a chur ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena mbaineann óna gcumhachtaí iniúchta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú i leith iompar ábhartha an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, chun dúbláil, neamhréireachtaí agus rioscaí ó dhearcadh an phrionsabail ne bis in idem a sheachaint. Mar sin féin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, níor cheart na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin a chosc óna gcumhachtaí a fheidhmiú le cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ar iarraidh sin dó i bhfeidhmiú a chúraimí maoirseachta, nó i leith iompar eile, lena n-áirítear iompar de chuid an ardáin an-mhór ar líne chéanna a bhfuil amhras ann gurb ionann é agus sárú nua. Ba cheart go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin, chomh maith leis an mBord agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis agus an cúnamh ar fad is gá don Choimisiún chun a cheadú dó a chúraimí a fheidhmiú go héifeachtach, agus os a choinne sin, ba cheart don Choimisiún iad a choinneáil ar an eolas maidir le feidhmiú a chumhachtaí de réir mar is iomchuí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, aon mheasúnuithe ábhartha arna ndéanamh ag an mBord nó ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann agus aon fhianaise agus aon fhaisnéis ábhartha a bhailigh siad a chur san áireamh, gan dochar do chumhachtaí agus d’fhreagracht an Choimisiúin maidir le himscrúduithe breise a dhéanamh de réir mar is gá. |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 97 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(97a) Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil sé neamhspleách agus neamhchlaonta ina chinnteoireacht maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus soláthraithe seirbhísí araon faoin Rialachán seo. |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 99
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(99) Go háirithe, ba cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar aon doiciméid, sonraí agus faisnéis ábhartha is gá chun iniúchtaí a oscailt agus a reáchtáil agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo, gan beann ar cén duine a bhfuil na doiciméid ina sheilbh, na sonraí nó an fhaisnéis atá i gceist, agus gan beann ar a bhfoirm nó a bhformáid, an bealach a stóráiltear iad, nó an áit bheacht ina stóráiltear iad. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann éileamh a dhéanamh go díreach go soláthraíonn an t-ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó tríú páirtithe ábhartha, nó daoine aonair, aon fhianaise, sonraí agus faisnéis ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí laistigh den Bhallstát, nó ó aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun rochtain ar bhunachair shonraí agus algartaim na ndaoine ábhartha, agus mínithe a bhaineann leo a éileamh, agus chun agallamh a dhéanamh, lena dtoiliú, ar aon duine a bhféadfadh seilbh a bheith acu ar fhaisnéis úsáideach agus chun na ráitis a dhéantar a thaifeadadh. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun tabhairt faoi imscrúduithe den sórt sin de réir mar is gá chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Tá sé mar aidhm ag na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a bheith comhlántach leis an bhféidearthacht don Choimisiún cúnamh a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis Bhallstáit eile, mar shampla trí fhaisnéis a sholáthar nó i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin |

Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 100
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(100) Ba cheart don chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith in-fhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla. Chuige sin, ba cheart na leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla a leagan síos maidir le neamhchomhlíonadh leis na hoibleagáidí agus sárú na rialacha nós imeachta, faoi réir tréimhsí teorann iomchuí. |
(100) Ba cheart don chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith in-fhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla. Chuige sin, ba cheart na leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla a leagan síos maidir le neamhchomhlíonadh leis na hoibleagáidí agus sárú na rialacha nós imeachta, faoi réir tréimhsí teorann iomchuí. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go háirithe go mbeidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe á gcur san áireamh, i bhfianaise an leasa phoiblí arna shaothrú, raon feidhme agus cineál na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh, líon na bhfaighteoirí a ndéantar difear dóibh, cineál an tsáraithe arna dhéanamh d’aon ghnó nó le faillí chomh maith le hacmhainn eacnamaíoch an tsáraitheora. |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 102
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(102) Ar mhaithe le héifeachtacht agus éifeachtúlacht, chomh maith le meastóireacht ghinearálta ar an Rialachán, a bheidh le déanamh laistigh de cúig bliana ó thagann sé i bhfeidhm, tar éis na céime tosaigh tionscanta agus ar bhonn na gcéad trí bliana d’fheidhmiú an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Bhoird agus ar a struchtúr. |
(102) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht ghinearálta ar an Rialachán seo a dhéanamh agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa tuarascáil sin, ba cheart aghaidh a thabhairt go háirithe ar an sainmhíniú ar ardáin an-mhór ar líne agus ar mheánlíon míosúil fhaighteoirí gníomhacha na seirbhíse. Sa tuarascáil sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar chur chun feidhme na gcód iompair, chomh maith leis an oibleagáid ionadaí atá bunaithe san Aontas a ainmniú agus measúnú a dhéanamh ar éifeacht oibleagáidí comhchosúla arna bhforchur ag tríú tíortha ar sholáthraithe seirbhísí Eorpacha atá ag oibriú thar lear. Go háirithe, ba cheart don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar aon tionchar atá ag na costais atá ag soláthraithe seirbhísí Eorpacha faoi aon cheanglais chomhchosúla, lena n-áirítear ionadaí dlíthiúil a ainmniú, arna dtabhairt isteach ag tríú tíortha agus ar aon bhacainní nua ar rochtain ar mhargadh neamh-Aontais tar éis ghlacadh an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an tionchar ar chumas gnólachtaí agus tomhaltóirí Eorpacha táirgí agus seirbhísí a rochtain agus a cheannach ó lasmuigh den Aontas. Ar mhaithe le héifeachtacht agus éifeachtúlacht, chomh maith le meastóireacht ghinearálta ar an Rialachán, a bheidh le déanamh laistigh de thrí bliana ó thagann sé i bhfeidhm, tar éis na céime tosaigh tionscanta agus ar bhonn na gcéad trí bliana d’fheidhmiú an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Bhoird agus ar a struchtúr. |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ábhar agus raon feidhme |
Ábhar |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) rialacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla. |
(c) rialacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na gceanglas a leagtar amach sa Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gcomhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla. |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) rialacha aonfhoirmeacha a leagan amach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne i gcás ina dtugtar cosaint go héifeachtach do chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt. |
(b) rialacha comhchuibhithe a leagan amach i gcomhair timpeallacht shábháilte, inrochtana, intuartha agus iontaofa ar líne i gcás ina dtugtar cosaint go héifeachtach do chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt. |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a chur chun cinn agus rannchuidiú le rogha mhéadaithe do thomhaltóirí agus, ag an am céanna, nuálaíocht a éascú, an t-aistriú digiteach a thacú agus fás eacnamaíoch a spreagadh laistigh den mhargadh inmheánach. |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna soláthar d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaithe nó chónaithe acu san Aontas, gan beann ar áit bhunaíochta soláthraithe na seirbhísí sin. |
scriosta |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhíse den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid. |
scriosta |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos leis an méid seo a leanas: |
scriosta |
(a) Treoir 2000/31/CE; |
|
(b) Treoir 2010/13/CE; |
|
(c) Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara; |
|
(d) Rialachán (AE) …/…. chun scaipeadh ábhar ar líne a bhaineann le sceimhlitheoireacht a chosc [TCO arna ghlacadh]; |
|
(e) Rialachán (AE) …/… maidir le hOrduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha i dtaca le fianaise leictreonach in ábhair choiriúla agus Treoir (AE) .../… ina leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlí a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla [r-fhianaise arna ghlacadh] |
|
(f) Rialachán (AE) 2019/1148; |
|
(g) Rialachán (AE) 2019/1150; |
|
(h) Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/2394; |
|
(i) Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. |
|
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 1a |
|
Raon feidhme |
|
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna soláthar d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta nó chónaithe acu san Aontas, gan beann ar áit bhunaíochta soláthraithe na seirbhísí sin. |
|
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé a sholáthraítear nó nach soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid. |
|
3. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos sna foinsí seo a leanas: |
|
(a) Treoir 2000/31/CE; |
|
(b) Treoir 2010/13/CE; |
|
(c) Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, go háirithe Treoir (AE) 2019/790 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach; |
|
(d) Rialachán (AE) 2021/78 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireacht ar líne; |
|
(e) Rialachán (AE) …/… maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus maidir le hOrduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla agus Treoir (AE) .../… lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla [r-fhianaise a luaithe a ghlacfar é] |
|
(f) Rialachán (AE) 2019/1148; |
|
(g) Rialachán (AE) 2019/1150; |
|
(h) Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/2394, Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir 2001/95/EC maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí; |
|
(i) Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. |
|
(j) Treoir (AE) 2019/882; |
|
(k) Treoir (AE) 2018/1972; |
|
(l) Treoir 2013/11/AE. |
|
4. Faoi [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis an ngaol idir an Rialachán seo agus na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 1a (3). |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ciallaíonn ‘seirbhísí na sochaí faisnéise’ seirbhísí de réir bhrí Airteagal 1(1)(b) de Threoir (AE) 2015/1535; |
(a) ciallaíonn ‘seirbhísí na sochaí faisnéise’ seirbhísí mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1)(b) de Threoir (AE) 2015/1535; |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ciallaíonn ‘faighteoir na seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann an tseirbhís idirghabhálach ábhartha; |
(b) ciallaíonn ‘faighteoir na seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann an tseirbhís idirghabhálach ábhartha chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana; |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin; |
(c) ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin; |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ciallaíonn ‘chun seirbhísí a thairiscint san Aontas’ é a chur ar a gcumas do dhaoine dlíthiúla nó nádúrtha i mBallstát amháin nó níos mó chun seirbhísí sholáthraí seirbhísí na sochaí faisnéise a bhfuil nasc substaintiúil aige leis an Aontas a úsáid; meastar gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí san Aontas; in éagmais bunaíocht den sórt sin, tá an measúnú ar nasc substaintiúil bunaithe ar chritéir fhíorasacha shonracha, amhail: |
(d) ciallaíonn ‘chun seirbhísí a thairiscint san Aontas’ é a chur ar a gcumas do dhaoine dlíthiúla nó nádúrtha i mBallstát amháin nó níos mó chun seirbhísí de sholáthraí seirbhísí sochaí faisnéise a bhfuil nasc substaintiúil aige leis an Aontas a úsáid; |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó; nó |
scriosta |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d – fleasc 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. |
scriosta |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) ciallaíonn ‘nasc substaintiúil leis an Aontas’ an nasc atá ag soláthraí le Ballstát amháin nó níos mó a eascraíonn as a bhunaíocht san Aontas nó, in éagmais bunaíocht den sórt sin, as an bhfíoras go ndíríonn an soláthraí a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó; |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil siad faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag feidhmiú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhaineann lena thrádáil, ghnólacht, cheird nó ghairm; |
(e) ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil siad faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag feidhmiú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhaineann go díreach lena thrádáil, ghnólacht, cheird nó ghairm; |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— ciallaíonn ‘cainéal fórach’ seirbhís ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide; |
— ciallaíonn ‘cainéal fórach’ seirbhís ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide lena n-áirítear seirbhísí feidhmiúla cúnta teicniúla; |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f – fleasc 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— seirbhís ‘taiscthe’ ina gcuimsítear tarchur a dhéanamh i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse, arna iarraidh sin dóibh, a dhéanamh níos éifeachtúla; |
— seirbhís ‘taiscthe’ ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla; |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) ciallaíonn ‘ábhar neamhdhleathach’ aon fhaisnéis nach bhfuil as féin ná trína thagairt do ghníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin; |
(g) ciallaíonn ‘ábhar neamhdhleathach’ aon fhaisnéis nó gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin; |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) ciallaíonn ‘ardán ar líne’ soláthraí seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann ar an bpobal, ar iarraidh ó fhaighteoir na seirbhíse, faisnéis, murar mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo. |
(h) ciallaíonn ‘ardán ar líne’ soláthraí seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann ar an bpobal, ar iarraidh ó fhaighteoir na seirbhíse, faisnéis, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó feidhmiúlacht den phríomhsheirbhís atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo. |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe k
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(k) ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste; |
(k) ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste a chuireann ar chumas fhaighteoirí na seirbhíse rochtain a fháil ar an tseirbhís idirghabhálach ábhartha agus idirghníomhú léi; |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe k a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ka) ciallaíonn ‘comharthóir iontaofa’ eintiteas ar bhronn Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an stádas sin air; |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe n
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(n) ciallaíonn ‘fógraíocht’ faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála, agus a thaispeántar ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn; |
(n) ciallaíonn ‘fógraíocht’ faisnéis a dearadh agus a scaipeadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála, agus a thaispeántar ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach mar mhalairt ar an teachtaireacht sin a chur chun cinn; |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe n a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(na) ciallaíonn ‘luach saothair’ cúiteamh eacnamaíoch arb ionann é agus íocaíocht dhíreach nó indíreach as an tseirbhís arna soláthar, lena n-áirítear i gcás nach dtugann faighteoir na seirbhíse cúiteamh go díreach don soláthraí seirbhíse idirghabhálach nó i gcás ina soláthraíonn faighteoir na seirbhíse sonraí don soláthraí seirbhíse, seachas i gcás ina mbailítear na sonraí sin chun críche ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin; |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe o
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(o) ciallaíonn ‘córas moltóra’ córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain an faighteoir nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
(o) ciallaíonn ‘córas moltóra’ córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh, a chur in ord tosaíochta agus a choimeád ina chomhéadan ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear de thoradh cuardaigh a thionscain an faighteoir nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe p
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(p) ciallaíonn ‘modhnú ábhair’ na gníomhaíochtaí a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus dul i ngleic leo, ar ábhar nó faisnéis atá i gceist a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an ábhair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó cumas na bhfaighteoirí chun an fhaisnéis sin a sholáthar a bhaint, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí; |
(p) ciallaíonn ‘modhnú ábhair’ na gníomhaíochtaí, atá uathoibrithe nó nach bhfuil uathoibrithe, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus dul i ngleic leo, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an ábhair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, rochtain uirthi a dhíchumasú, í a dhíliostú, luach airgid a bhaint di nó í a bhaint, nó cumas na bhfaighteoirí chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí; |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe q
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(q) ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ gach téarma agus coinníoll nó sonraíocht, gan beann ar a n-ainm nó a gcineál, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí. |
(q) ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ gach téarma agus coinníoll nó sonraíocht atá ag soláthraí seirbhíse gan beann ar a n-ainm nó a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí. |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 –mír 1 – pointe q a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qa) ciallaíonn ‘daoine faoi mhíchumas’ daoine faoi mhíchumas de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/882. |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina soláthraítear seirbhís na sochaí faisnéise ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla, ar choinníoll: |
1. I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla nó sláine, ar choinníoll go ndeánann an soláthraí an méid seo a leanas: |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis; |
(a) nach modhnaíonn sé an fhaisnéis; |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) go gcloíonn an soláthraí le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise; |
(b) go gcloíonn sé le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise; |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) go gcloíonn an soláthraí leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal; |
(c) go gcloíonn sé leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach arna aithint go forleathan agus arna úsáid ag an tionscal; |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) nach gcuireann an soláthraí isteach ar úsáid dhleathach na teicneolaíochta, a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus |
(d) nach gcuireann sé isteach ar úsáid dhleathach teicneolaíochta, arna haithint go forleathan agus arna húsáid ag an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) go ngníomhaíonn an soláthraí go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú tráth a bhfaigheann sé eolas iarbhír gur baineadh an fhaisnéis ag foinse tosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh cúirt nó údarás riaracháin an bhaint nó an díchumasú sin. |
(e) go ngníomhaíonn sé go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú ar fháil eolais iarbhír dó gur baineadh an fhaisnéis ag foinse thosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh cúirt nó údarás riaracháin go ndéanfaí an bhaint nó an díchumasú sin. |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
2. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Níl feidhm ag mír 1 maidir le dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin i láthair mír shonrach faisnéise nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios don ghnáth-tomhaltóir a mbeadh eolas réasúnach aige go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht. |
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin i láthair mír shonrach faisnéise nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios do thomhaltóir go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht. |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 mar gheall go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. |
1. Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 mar gheall go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó bearta eile atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear an Chairt agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go mbeidh na himscrúduithe féintionscnaimh deonacha agus na bearta a dhéanfar de bhun mhír 1 éifeachtach agus sonrach. Ba cheart coimircí iomchuí a bheith ag gabháil le himscrúduithe féintionscnaimh deonacha agus bearta den sórt sin, amhail formhaoirseacht dhaonna, doiciméadacht nó aon bhearta breise chun a áirithiú go mbeidh na himscrúduithe agus na bearta sin cruinn, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, trédhearcach agus nach mbeidh róbhaint anuas ábhair mar thoradh orthu. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a ndícheall a áirithiú, i gcás ina n-úsáidtear modhanna uathoibrithe, go bhfuil an teicneolaíocht iontaofa go leordhóthanach chun an ráta earráidí a theorannú a mhéid is féidir i gcás ina meastar go mícheart gur ábhar neamhdhleathach í an fhaisnéis. |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhorchuirfear ar na soláthraithe sin aon oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ná níor cheart go lorgóidís fíorais ná cúinsí go gníomhach a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios. |
1. Ní fhorchuirfear ar na soláthraithe sin aon oibleagáid ghinearálta, de jure ná de facto, trí mhodhanna uathoibrithe nó neamh-uathoibrithe, chun faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna tarchur nó arna stóráil ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ná chun fíorais nó cúinsí a lorg go gníomhach lena dtugtar gníomhaíocht neamhdhleathach le fios ná chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht daoine nádúrtha. |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha uirlisí uathoibrithe a úsáid le haghaidh modhnú ábhair ná chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht daoine nádúrtha. |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha seirbhísí criptithe ó cheann go ceann a thairiscint. |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1c. Ní dhéanfaidh na Ballstáit oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun teorainn a chur leis an úsáid anaithnid a bhainfear as a gcuid seirbhísí. Ní chuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha sonraí pearsanta fhaighteoirí a gcuid seirbhísí a choinneáil ar bhonn ginearálta nó neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh údarás breithiúnach aon choinneáil spriocdhírithe ar shonraí faighteora ar leith a ordú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach d’ábhar neamhdhleathach, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh do na horduithe, gan moill mhíchuí, ina sonraítear an gníomh a glacadh agus an móimint ar glacadh an gníomh sin. |
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil trí chainéal cumarsáide slán chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’ábhar neamhdhleathach, arna fháil ó údaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha agus arna eisiúint ag na húdaráis sin, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, gan moill mhíchuí, ina sonraítear na gníomhaíochtaí a rinneadh agus an móimint a rinneadh na gníomhaíochtaí sin. |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— tagairt don bhunús dlí le haghaidh an ordaithe; |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— ráiteas maidir leis na cúiseanna ina mínítear an chúis arb ábhar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt d’fhoráil shonrach an Aontais nó an dlí náisiúnta a sáraíodh; |
— ráiteas mionsonraithe go leordhóthanach maidir leis na cúiseanna ina mínítear an fáth gur ábhar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt d’fhoráil shonrach dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— céannacht an údaráis eisiúna lena n-áirítear dáta, stampa ama agus síniú leictreonach an údaráis, lena gcuirtear ar chumas an fhaighteora an t-ordú agus sonraí teagmhála de dhuine teagmhála laistigh den údarás sin a fhíordheimhniú; |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena mbítear in ann an t-ábhar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint; |
— léiriú soiléir ar láthair leictreonach chruinn na faisnéise sin, amhail an URL cruinn nó URLanna cruinne i gcás inarb iomchuí nó i gcás nach bhfuil an láthair leictreonach chruinn inaitheanta go beacht; aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne cruinn amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena mbítear in ann an t-ábhar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint; |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-ábhar; |
— faisnéis atá éasca le tuiscint maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-ábhar, lena n-áirítear sprioc-amanna chun achomharc a dhénamh; |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— i gcás inar gá agus inar comhréireach, an cinneadh gan faisnéis a nochtadh maidir leis an rochtain ar an ábhar a bhaint anuas nó a dhíchumasú ar chúiseanna slándála poiblí, amhail coir thromchúiseach a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, nach faide ná 6 seachtaine ó thráth an chinnidh sin; |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ní sháraíonn raon feidhme críochach an ordaithe, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach; |
(b) ní sháraíonn raon feidhme críochach an ordaithe, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach; beidh raon feidhme críochach an ordaithe teoranta do chríoch an Bhallstáit a eisíonn an t-ordú mura rud é go n-eascraíonn neamhdhleathacht an ábhair go díreach ó dhlí an Aontais nó go n-éilíonn raon feidhme críochach níos leithne ó na cearta atá i gceist, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta; |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10. |
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10 nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a eisíonn an t-ordú i gcoinne na míre sonraí d’ábhar neamhdhleathach; i gcás den sórt sin, féadfaidh pointe teagmhála an tsoláthraí seirbhíse a iarraidh ar an údarás inniúil aistriúchán a sholáthar sa teanga a dhearbhaigh an soláthraí; |
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) tá an t-ordú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2000/31/CE; |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cb) i gcás ina bhfuil níos mó ná soláthraí seirbhísí idirghabhálacha amháin freagrach as míreanna sonracha d’ábhar neamhdhleathach a óstáil, eiseofar an t-ordú chuig an soláthraí is iomchuí a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige gníomhú i gcoinne na míreanna sonracha sin. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, lena leagfar síos teimpléad sonrach agus foirm shonrach le haghaidh na n-orduithe, dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Beidh ceart chun leighis éifeachtaigh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a fuair ordú. Féadfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta a roghnú idirghabháil a dhéanamh thar ceann an tsoláthraí in aon sásamh, achomharc nó próisis dlí eile i ndáil leis an ordú. |
|
Féadfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta a iarraidh ar an údarás a eisíonn an t-ordú an t-ordú a tharraingt siar nó a aisghairm nó raon feidhme críochach an ordaithe a choigeartú don mhéid a bhfuil fíor-ghá leis. I gcás ina ndiúltófar iarraidh den sórt sin, beidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta i dteideal a iarraidh go ndéanfaí éifeacht an ordaithe a neamhniú, a scor nó a choigeartú os comhair údaráis bhreithiúnacha na mBallstát a eisíonn an t-ordú. Tabharfar imeachtaí den sórt sin chun críche gan moill mhíchuí. |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Mura féidir leis an soláthraí an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann chun é a fhorghníomhú, cuirfidh sé an t-údarás breithiúnach nó riaracháin a d’eisigh an t-ordú ar an eolas gan moill mhíchuí agus iarrfaidh sé an soiléiriú is gá. |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2d. Déanfaidh an t-údarás a eisíonn an t-ordú an t-ordú agus an fhaisnéis arna fáil ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha i dtaobh na héifeachta a thugtar don ordú a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna. |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta agus an dlí nós imeachta riaracháin i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt. Ní rachaidh na húdaráis thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a bhaint amach agus iad ag gníomhú i gcomhréir leis na dlíthe sin. |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis ábhartha, arna iarraidh sin don iarratasóir a ndéantar sárú ar a chearta trí bhíthin ábhar neamhdhleathach, ordú urghaire a eisiúint i gcoinne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ábhartha i gcomhréir leis an Airteagal seo chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint anuas nó a dhíchumasú. |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil chun mír shonrach faisnéise a sholáthar maidir le faighteoir seirbhíse sonrach aonair amháin nó níos mó, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas gan moill mhíchuí go bhfuarthas é agus an éifeacht a tugadh don ordú. |
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil trí chainéal cumarsáide slán chun mír shonrach faisnéise a sholáthar maidir le faighteoir seirbhíse sonrach aonair amháin nó níos mó, arna fháil ó údaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha agus arna eisiúint ag na húdaráis sin ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas gan moill mhíchuí go bhfuarthas é agus an éifeacht a tugadh don ordú. |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— sonraí aitheantais an údaráis bhreithiúnaigh nó riaracháin a eisíonn an t-ordú agus fíordheimhniú an ordaithe ag an údarás sin, lena n-áirítear an dáta, stampa ama agus síniú leictreonach an údaráis a eisíonn an t-ordú chun faisnéis a sholáthar; |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc -1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— tagairt don bhunús dlí le haghaidh an ordaithe; |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc -1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— léiriú soiléir ar an láthair leictreonach chruinn, ainm cuntais, nó aitheantóir uathúil an fhaighteora a bhfuil faisnéis á lorg ina leith; |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— ráiteas de na cúiseanna ina mínítear an cuspóir dá n-éilítear an fhaisnéis agus an chúis ar gá leis an gceanglas chun an fhaisnéis a sholáthar agus go bhfuil sé comhréireach le comhlíontacht faighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha a chinneadh le rialacha is infheidhme de chuid an Aontais nó le rialacha náisiúnta, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; |
— ráiteas atá mionsonraithe go leordhóthanach maidir leis na cúiseanna ina mínítear an cuspóir dá n-éilítear an fhaisnéis agus an chúis ar gá leis an gceanglas chun an fhaisnéis a sholáthar agus go bhfuil sé comhréireach le comhlíontacht faighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha a chinneadh le rialacha is infheidhme de chuid an Aontais nó le rialacha náisiúnta, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— i gcás gurb ionann an fhaisnéis atá á lorg agus sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680, réasúnú go bhfuil an t-ordú i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le sonraí a chosaint; |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann; |
— faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann lena n-áirítear sprioc-amanna chun achomharc a dhéanamh; |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— léiriú i dtaobh ar cheart don soláthraí faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas gan moill mhíchuí, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí atá á lorg; i gcás ina n-iarrfar faisnéis i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, beidh an iarraidh ar an bhfaisnéis sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680, agus féadfar moill a chur ar an bhfaisnéis a chuirfear chuig faighteoir na seirbhíse lena mbaineann faoin iarraidh sin a fhad is gá agus comhréireach chun go seachnófaí bac a chur ar na himeachtaí coiriúla ábhartha, agus cearta na ndaoine atá faoi amhras agus atá cúisithe á gcur san áireamh agus gan dochar do chearta cosanta agus do leigheasanna éifeachtacha dlí. Beidh údar cuí le hiarraidh den sórt sin, sonrófar fad na hoibleagáide rúndachta agus beidh sí faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil. |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dréachtaítear an t-ordú i dteanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é arna cheapadh ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 10; |
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10 nó i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a eisíonn an t-ordú i gcoinne na míre d’ábhar neamhdhleathach; i gcás den sórt sin, féadfaidh an pointe teagmhála a iarraidh ar an údarás inniúil aistriúchán a sholáthar sa teanga a dhearbhaigh an soláthraí; |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, lena leagfar síos teimpléad sonrach agus foirm shonrach le haghaidh na n-orduithe dá tagraítear i mír 1. |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Beidh sé de cheart ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a fuair ordú leigheas éifeachtach a fháil. Áireofar leis an gceart sin an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe os comhair údaráis bhreithiúnacha de Bhallstát an údaráis inniúil eisiúna, go háirithe i gcás nach bhfuil ordú den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2000/31/CE. Féadfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta a roghnú idirghabháil a dhéanamh thar ceann an tsoláthraí in aon sásamh, achomharc nó imeachtaí dlí eile i ndáil leis an ordú. |
|
Féadfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta a iarraidh ar an údarás a eisíonn an t-ordú an t-ordú a tharraingt siar nó a aisghairm. I gcás ina ndiúltófar iarraidh den sórt sin, beidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit bunaíochta i dteideal a iarraidh go ndéanfaí éifeacht an ordaithe a neamhniú, a scor nó a choigeartú os comhair údaráis bhreithiúnacha de Bhallstáit an ordaithe. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thabhairt chun críche gan moill mhíchuí. |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Mura féidir leis an soláthraí an t-ordú a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann chun go bhféadfar é a fhorghníomhú, cuirfidh sé an t-údarás breithiúnach nó riaracháin a d’eisigh an t-ordú faisnéise sin ar an eolas gan moill mhíchuí agus iarrfaidh sé na soiléirithe is gá. |
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2d. Déanfaidh an t-údarás a eisíonn an t-ordú chun mír shonrach faisnéise a sholáthar an t-ordú sin agus an fhaisnéis a fuarthas ón soláthraí seirbhísí idirghabhálacha i dtaobh na héifeachta a thugtar don ordú a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna. |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta nó an dlí nós imeachta riaracháin i gcomhréir le dlí an Aontais. |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 9a |
|
Leigheasanna éifeachtacha d’fhaighteoirí na seirbhíse |
|
1. Faighteoirí na seirbhíse ar baineadh anuas a n-ábhar de réir Airteagal 8 nó a raibh a bhfaisnéis á lorg de réir Airteagal 9, beidh sé de cheart acu leigheasanna éifeachtacha i gcoinne orduithe den sórt sin a fháil, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, athbhunú ábhair i gcás ina raibh an t-ábhar sin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha, ach gur mheas an soláthraí seirbhíse go hearráideach é a bheith neamhdhleathach, gan dochar do na leigheasanna atá ar fáil faoi Threoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2016/679. |
|
2. Déanfar ceart den sórt sin chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú os comhair údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus áireofar leis an fhéidearthacht agóid a dhéanamh maidir le dlíthiúlacht an bhirt, lena n-áirítear a riachtanas agus a chomhréireacht. |
|
3. Forbróidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha uirlisí agus treoir náisiúnta d’fhaighteoirí na seirbhíse a mhéid a bhaineann le sásraí gearáin agus sásaimh is infheidhme ina gcríoch féin. |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Caibidil III – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Oibleagáidí um dhícheall cuí i gcomhair timpeallacht thrédhearcach agus shábháilte ar líne |
Oibleagáidí um dhícheall cuí i gcomhair timpeallacht thrédhearcach, inrochtana agus shábháilte ar líne |
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Pointí teagmhála |
Pointí teagmhála d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Bunóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun cumarsáid dhíreach a cheadú, trí mheán leictreonach, le húdaráis Bhallstáit, an Coimisiún agus an Bord dá dtagraítear in Airteagal 47 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
1. Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair lena gcuirfear ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go díreach, trí mhodhanna leictreonach, le húdaráis na Ballstát, an Coimisiún agus an Bord dá dtagraítear in Airteagal 47 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. |
2. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha in iúl d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord an fhaisnéis is gá chun pointí teagmhála aonair a shainaithint agus chun cumarsáid a dhéanamh leo go héasca, lena n-áirítear an t-ainm, an seoladh ríomhphoist, an seoladh fisiciúil agus an uimhir theileafóin, agus áiritheoidh siad go gcoimeádfar an fhaisnéis cothrom le dáta. |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála céanna a bhunú don Rialachán seo agus pointe teagmhála aonair eile mar a cheanglaítear faoi dhlí eile de chuid an Aontais. Agus é sin á dhéanamh aige, cuirfidh an soláthraí an Coimisiún ar an eolas faoin gcinneadh sin. |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 10a |
|
Pointí teagmhala d’fhaighteoirí seirbhísí |
|
1. Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a chuirfidh ar chumas faighteoirí seirbhísí cumarsáid a dhéanamh go díreach leo. |
|
2. Go háirithe, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar chumas faighteoirí seirbhísí cumarsáid a dhéanamh leo trí mhodhanna teagmhála tapa, díreacha agus éifeachtúla a chur ar fáil dóibh, amhail uimhir ghutháin, seoltaí ríomhphoist, foirmeacha teagmhála leictreonacha, ríomhróbait chomhrá nó córas teachtaireachtaí meandracha mar aon le seoladh bunaíochta fisiciúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha, ar bhealach soláimhsithe agus so-rochtana. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar chumas faighteoirí seirbhísí modhanna cumarsáide dírí a roghnú, nach mbeidh ag brath ar uirlisí uathoibrithe amháin. |
|
3. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha gach iarracht réasúnach chun a rathú go ndéanfar acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha a leithdháileadh chun a áirithiú go ndéanfar an chumarsáid dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. |
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí. |
1. Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí. |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí ionas go ndéanfaidh údaráis an Bhallstáit, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá n-ionadaí dlí chun dul i gcomhar le húdaráis na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus na cinntí sin a chomhlíonadh. |
2. Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí ionas go ndéanfaidh údaráis an Bhallstáit, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlíthiúil chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad aon cheann de na cinntí sin. |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta. |
4. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go gcoinneofar an fhaisnéis cothrom le dáta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe, ar an bhfaisnéis sin a fháil, iarrachtaí réasúnacha chun a bailíocht a mheasúnú. |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Beidh an tAirteagal seo gan dochar don fhíoras, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhféadfaidh níos mó ná soláthraí seirbhísí idirghabhálacha amháin sainordú a thabhairt d’ionadaí dlíthiúil, ar choinníoll go gcáilíonn na soláthraithe sin mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga nó mar fhiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE. |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as an tseirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnú ábhair, lena n‑áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna. Leagfar amach é i dteanga shoiléir agus gan débhrí agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid a bheidh inrochtana go héasca. |
1. Bainfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha úsáid as téarmaí agus coinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na téarmaí agus na coinníollacha sin a dhréachtú i dteanga atá soiléir, soláimhsithe agus gan débhrí agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad i bhformáid atá inrochtana agus inléite ag meaisín i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ar chuige a dhírítear an tseirbhís. |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Ina dtéarmaí agus coinníollacha, áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis maidir le haon srianta nó modhnuithe a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaintear as an tseirbhís a bhíonn á soláthar acu i ndáil le hábhar arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse. Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha freisin faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le ceart na bhfaighteoirí úsáid na seirbhíse a fhoirceannadh. Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis freisin maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáideann an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha chun críche modhnú ábhair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna. |
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoirí na seirbhíse ar an eolas go tapa maidir le haon athrú suntasach ar na téarmaí agus coinníollacha agus tabharfaidh siad míniú air sin. |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1c. I gcás ina bhfuil seirbhís idirghabhálach dírithe go príomha ar mhionaoisigh nó arb iad an dream is mó iad a bhíonn á n-úsáid, míneoidh an soláthraí na coinníollacha maidir le húsáid na seirbhíse agus na srianta maidir léi ar bhealach a d’fhéadfadh mionaoisigh a thuiscint. |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha is infheidhme maidir le faighteoirí na seirbhíse mar a chumhdaítear sa Chairt. |
2. Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach cothrom, comhleanúnach, dícheallach, tráthuil, neamhthreallach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha is infheidhme maidir le faighteoirí na seirbhíse mar a chumhdaítear sa Chairt. |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha achoimre ghearr, a bheidh inrochtana go héasca, agus i bhformáid inléite ag meaisín, ar na téarmaí agus coinníollacha d’fhaighteoirí na seirbhísí i dteanga atá soiléir, soláimhsithe agus gan débhrí. Sainaithneofar príomhghnéithe na gceanglas faisnéise san achoimre sin, lena n-áirítear an fhéidearthacht roghnú gan a bheith páirteach i gclásail roghnacha agus na leigheasanna agus na sásraí sásaimh atá ar fáil. |
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. D’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha úsáid a bhaint as eilimintí grafacha amhail deilbhíní nó íomhánna chun príomheilimintí na gceanglas faisnéise a léiriú. |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 25 a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla na mBallstát uile ina dtairgeann siad a seirbhísí. |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2d. Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha de cheangal ar fhaighteoirí na seirbhíse seachas trádálaithe a gcéannacht dhlíthiúil a phoibliú chun an tseirbhís a úsáid. |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascálacha soiléire, intuigthe agus mionsonraithe maidir le haon ábhar modhnaithe ar thug siad faoi i rith na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme: |
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, i bhformáid chaighdeánaithe a bheidh inléite ag meaisín agus ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascálacha soiléire, intuigthe agus mionsonraithe maidir le haon mhodhnú ábhair ar thug siad faoi i rith na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme: |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an líon orduithe a fhaightear ó údaráis Bhallstáit, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9, agus an meánam a theastaíonn chun an ghníomhaíocht arna sonrú sna horduithe sin a ghlacadh; |
(a) an líon orduithe a fhaightear ó údaráis Bhallstáit, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9, agus an meánam a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an ordú a fháil agus leis an éifeacht a tugadh don ordú; |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) i gcás inarb infheidhme, an líon iomlán modhnóirí ábhair a leithdháiltear ar gach teanga oifigiúil de réir an Bhallstáit, agus tuairisc chainníochtúil an amhlaidh atá úsáid á baint as uirlisí uathoibrithe le haghaidh modhnú ábhair, agus conas a dhéantar sin, i ngach teanga oifigiúil; |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó théarmaí agus ar bhonn choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, agus an meánam a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh; |
(b) an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, líon na bhfógraí a chuir comharthóirí iontaofa isteach, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh; féadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis bhreise a chur leis na cúiseanna leis an meán-am a thóg sé chun an gníomh a ghlacadh; |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) an modhnú ábhair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhísí agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, arna chatagóiriú de réir cineál na cúise agus an bhunúis a bhí leis na bearta sin a ghlacadh; |
(c) faisnéis fhiúntach agus shothuigthe faoin modhnú ábhair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid na n-uirlisí uathoibrithe, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhísí agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, arna chatagóiriú de réir chineál na cúise agus an bunús a bhí leis na bearta sin a dhéanamh, mar aon leis, i gcás inarb infheidhme, na bearta arna ndéanamh chun oiliúint agus cúnamh a chur ar fáil do bhaill foirne atá i mbun modhú ábhair, agus chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar ábhar neamhsháraithe; |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i ndáil leis na gearáin sin, an meánam a theastaíonn chun na cinntí sin a ghlacadh agus an líon cásanna inar aisiompaíodh na cinntí sin. |
(d) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i ndáil leis na gearáin sin, an meánam agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun na cinntí sin a ghlacadh agus an líon cásanna inar aisiompaíodh na cinntí sin. |
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Tíolacfar an fhaisnéis de réir an Bhallstáit ina dtairgtear seirbhísí agus san Aontas ina iomláine. |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, nach gcáilíonn mar ardáin an-mhór ar líne freisin. |
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 13a |
|
Dearadh agus eagrú an chomhéadain ar líne |
|
1. Ní bhainfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha úsáid as struchtúr, feidhm ná modh oibríochta a gcomhéadan ar líne, ná aon chuid de, chun saobhadh nó lagú a dhéanamh ar chumas faighteoirí seirbhísí cinneadh nó rogha atá saor, neamhspleách agus feasach a dhéanamh. Go háirithe, staonfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ó na nithe seo a leanas a dhéanamh: |
|
(a) níos mó dearscnaitheachta ó thaobh feiceálachta de a thabhairt d’aon cheann de na roghanna toilithe agus cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir na seirbhíse; |
|
(b) iarraidh a dhéanamh arís agus arís eile go dtoilíonn faighteoir na seirbhíse le próiseáil sonraí, i gcás inar diúltaíodh toiliú den sórt sin, de bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2016/679, beag beann ar raon feidhme nó ar chríoch na próiseála sin, go háirithe trí fhuinneog aníos a chuireann isteach ar thaithí úsáideora; |
|
(c) iarraidh a dhéanamh ar fhaighteoir na seirbhíse ar athrú ar shuíomh nó ar chumraíocht na seirbhíse tar éis don fhaighteoir rogha a bheith déanta cheana féin; |
|
(d) an nós imeachta a bhaineann le seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh i bhfad níos anásta ná clárú don tseirbhís.; nó |
|
(e) toiliú a iarraidh i gcás ina bhfeidhmíonn faighteoir na seirbhíse a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh trí mhodhanna uathoibrithe trí úsáid a bhaint as sonraíochtaí teicniúla, i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
Ní dochar an mhír seo do Rialachán (AE) 2016/679. |
|
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an liosta de chleachtais dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt cothrom le dáta. |
|
3. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a ngnéithe deartha a oiriúnú chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála trí dhearadh do mhionaoisigh a áirithiú. |
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh na sásraí dá dtagraítear i mír 1 amhlaidh ionas go n-éascóidh siad fógraí a bhfuil bunús leo atá beacht agus oiriúnach go leordhóthanach a chur isteach, ar an mbonn gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch dícheallach neamhdhleathacht an ábhair atá i gceist a shainaithint. Chuige sin, glacfaidh na soláthraithe na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú: |
2. Leis na sásraí dá dtagraítear i mír 1, is fusa a bheidh sé fógraí a bheidh beacht a ndóthain agus a mbeidh bunús leordhóthanach leo a thíolacadh. Chuige sin, glacfaidh na soláthraithe na bearta is gá chun cur isteach fógraí bailí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú: |
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) i gcás inar féidir, fianaise lena dtugtar bunús leis an éileamh; |
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 - mír 2 - pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) léiriú soiléir de láthair leictreonach na faisnéise sin, go háirithe an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an ábhair neamhdhleathaigh; |
(b) i gcás inarb iomchuí, léiriú soiléir de láthair bheacht leictreonach na faisnéise sin, mar shampla, an URL beacht nó URLanna beachta, nó, i gcás inar gá faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an ábhair neamhdhleathaigh de réir mar is infheidhme maidir le cineál an ábhair agus le cineál sonrach na seirbhíse óstála; |
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 5 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann as fógraí ina n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2. |
3. Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 5 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann as fógraí ina n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2, ar a mbonn atá soláthraí seirbhísí óstála dícheallach in ann neamhdhleathacht an ábhair i dtrácht a shuíomh gan scrúdú dlíthiúil nó fíorasach a dhéanamh. |
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Faisnéis a bhí ina hábhar d’fhógra, leanfaidh sí de bheith inrochtana fad a bheidh an measúnú ar a dlíthiúlacht fós ar feitheamh, gan dochar do cheart na soláthraithe seirbhísí óstála a gcuid téarmaí agus coinníollacha a chur i bhfeidhm. Ní bheidh soláthraithe seirbhísí óstála faoi dhliteanas as mainneachtain faisnéis ar tugadh fógra ina leith a bhaint, fad a bheidh measúnú na dlíthiúlachta fós ar feitheamh. |
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. I gcás ina bhfuil ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a sheol isteach é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe go pras maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an eintiteas sin. |
4. I gcás ina bhfuil ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a sheol isteach é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála, gan mhoill mhíchuí, admháil deimhnithe maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an eintiteas sin. |
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin. |
5. Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin faoina ghníomhaíocht i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh. |
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Déanfar anaithnideacht daoine aonair a chuir isteach fógra a áirithiú i leith fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-ábhar, ach amháin i gcásanna sáruithe líomhnaithe ar chearta pearsantachta nó ar chearta maoine intleachtúla. |
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, agus glacfaidh siad lena gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 4. |
6. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, agus glacfaidh siad a gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhthreallach. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 4. I gcás nach bhfuil aon chumas teicniúil, oibríochtúil nó conarthach ag an soláthraí gníomhú i gcoinne míreanna sonracha d’ábhar neamhdhleathach, féadfaidh sé fógra a thabhairt don soláthraí a bhfuil rialú díreach aige ar mhíreanna sonracha d’ábhar neamhdhleathach, agus an duine nó an t-eintiteas a thugann fógra agus an Comhordaitheoir ábhartha Seirbhísí Digiteacha chur ar an eolas ag an am céanna. |
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála rochtain ar mhíreanna faisnéise sonracha arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú, d’ainneoin na bealaí a úsáideadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhrath, a shainaithint nó a bhaint nó a dhíchumasú agus an chúis lena chinneadh, cuirfidh sé an faighteoir ar an eolas, ar a dhéanaí tráth a bhaintear nó a dhíchumasaítear an rochtain, maidir lena chinneadh agus tabharfaidh sé ráiteas cúiseanna soiléir agus sonrach leis an gcinneadh sin. |
1. I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála rochtain ar mhíreanna faisnéise sonracha arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a bhaint, a dhíchumasú nó bearta eile a fhorchur maidir leo, d’ainneoin na bealaí a úsáideadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhrath, a shainaithint nó a bhaint nó a dhíchumasú agus an chúis lena chinneadh, cuirfidh sé an faighteoir ar an eolas, ar a dhéanaí tráth a bhaintear nó a dhíchumasaítear an rochtain, maidir lena chinneadh agus tabharfaidh sé ráiteas cúiseanna soiléir agus sonrach leis an gcinneadh sin. |
|
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás inarb ábhar tráchtála ardtoirt calaoiseach atá san ábhar, nó inar iarr údarás breithiúnach nó údarás forfheidhmithe dlí gan an faighteoir a chur ar an eolas faoi imscrúduithe coiriúla atá ar siúl go dtí go ndúnfar na himscrúduithe coiriúla. |
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cibé acu an mbaineann an cinneadh le baint, nó díchumasú rochtana ar an bhfaisnéis agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach dhíchumasú na rochtana; |
(a) cibé acu an mbaineann an ghníomhaíocht le baint, nó díchumasú rochtana, ísliú céime na faisnéise, nó bearta eile a fhorchur maidir le faisnéis agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach na gníomhaíochta agus a ré, lena n-áirítear, i gcás ina ndearnadh gníomhaíocht de bhun Airteagal 14, míniú ar an bhfáth nár sháraigh an ghníomhaíocht an méid a bhí fíor-riachtanach chun a cuspóir a bhaint amach; |
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an cinneadh á ghlacadh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha cibé ar glacadh an cinneadh de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14; |
(b) na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an ghníomhaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha cibé an ndearnadh an ghníomhaíocht de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 nó arna bunú ar imscrúduithe deonacha féintionscnaimh nó ar ordú a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 agus, i gcás inarb iomchuí, céannacht an fhógróra; |
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibríocha chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear i gcás inar glacadh leis an gcinneadh i leith ábhar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibríocha; |
(c) i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibríocha chun an ghníomhaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás ina ndearnadh an ghníomhaíocht i leith ábhar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibríocha; |
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) i gcás ina mbaineann an cinneadh le hábhar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina ábhar neamhdhleathach ar an bhforas sin; |
(d) i gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht le hábhar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina ábhar neamhdhleathach ar an bhforas sin; |
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) i gcás ina bhfuil an cinneadh bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina ábhar neamhoiriúnach leis an bhforas sin; |
(e) i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina ábhar neamhoiriúnach leis an bhforas sin; |
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) faisnéis maidir leis na féidearthachtaí sásaimh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearáin, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach. |
(f) faisnéis shoiléir, sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí sásaimh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith na gníomhaíochta, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach. |
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí óstála na cinntí agus na ráitis chúiseanna, dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus a bhainisteoidh an Coimisiún. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin. |
4. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí óstála uair sa bhliain ar a laghad na gníomhaíochtaí agus na ráitis chúiseanna, dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, inléite ag meaisín, a bhainisteoidh agus a fhoilseoidh an Coimisiún. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin. |
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15a |
|
Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla |
|
1. I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí óstála faoi deara gur ann d’aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion tromchúiseach coiriúil lenar bhain gharbagairt do shaol nó do shábháilteacht daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó go bhfuil sé pleanáilte go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoina amhras agus soláthróidh sé, arna iarraidh acu, an fhaisnéis ábhartha uile. |
|
2. I gcás nach féidir le soláthraí na seirbhíse óstála an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlí ar an eolas agus féadfaidh sé Europol a chur ar an eolas. |
|
Chun críche an Airteagail seo, is é an Ballstát a bhfuil amhras gur tharla an cion ann an Ballstát lena mbaineann, nó ina bhfuil an cion a bhfuil amhras faoi tar éis tarlú, ag tarlú nó ina bhfuil sé pleanáilte go dtarlóidh sé, nó an Ballstát ina bhfuil an duine faoi amhras ina chónaí nó lonnaithe, nó an Ballstát ina bhfuil íospartach an chiona amhrasta ina chónaí nó lonnaithe. Chun críche an Airteagail seo, cuirfidh na Ballstáit liosta dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla nó dá n-údaráis bhreithiúnacha inniúla in iúl don Choimisiúin. |
|
3. Mura n-ordaíonn an t-údarás feasach a mhalairt, déanfaidh soláthraí seirbhísí óstála an t-ábhar a bhaint anuas nó a dhíchumasú. |
|
4. Ní bhainfear úsáid as faisnéis a fhaigheann údarás forfheidhmithe dlí nó údarás breithiúnach Ballstáit i gcomhréir le mír 1 chun aon chríche eile seachas na críocha sin a bhaineann go díreach leis an gcion coiriúil tromchúiseach aonair ar tugadh fógra ina leith. |
|
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos teimpléad le haghaidh fógraí faoi mhír 1. |
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. |
1. Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo le hardáin ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hiarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE agus nach gcáilíonn mar ardáin an-mhór ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 25 den Rialachán seo. |
|
2. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha iarratas a chur isteach maille le bonn cirt le tarscaoileadh ó cheanglais na roinne seo ar choinníoll:
|
|
(a) nach bhfuil rioscaí sistéamacha suntasacha i gceist agus nach bhfuil ach nochtadh teoranta d’ábhar neamhdhleathach i gceist; agus |
|
(b) go gcáilíonn siad mar fhiontair neamhbhrabúsacha nó go gcáilíonn siad mar fhiontair mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. |
|
3. Cuirfear an t-iarratas faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta a dhéanfaidh réamh-mheasúnú. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta an t-iarratas a tharchur chuig an gCoimisiún agus a m(h)easúnú ag gabháil leis agus i gcás inarb infheidhme, moladh ag gabháil leis maidir le cinneadh an Choimisiúin. scrúdóidh an Coimisiún an t-iarratas sin agus, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, féadfaidh sé tarscaoileadh iomlán nó páirteach a eisiúint ar cheanglais na Roinne seo. |
|
4. I gcás ina ndeonóidh an Coimisiún tarscaoileadh den sórt sin, déanfaidh sé faireachán ar úsáid an tarscaoilte ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha chun a áirithiú go n-urramaítear na coinníollacha maidir leis an tarscaoileadh a úsáid. |
|
5. Arna iarraidh sin don Bhord, do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó don soláthraí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar tharscaoileadh nó tarscaoileadh a chúlghairm go hiomlán nó go páirteach. |
|
6. Coimeádfaidh an Coimisiún liosta de na tarscaoiltí uile a eisíodh agus de na coinníollacha a ghabhann leo agus cuirfidh sé an liosta ar fáil go poiblí. |
|
7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 69 maidir leis an bpróiseas agus an nós imeachta chun an córas tarscaoilte a chur chun feidhme i ndáil leis an Airteagal seo. |
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cinntí chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú; |
(a) cinntí chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint, a ísliú, a dhíchumasú nó bearta eile a fhorchur lena gcuirtear srian le hinfheictheacht, infhaighteacht nó inrochtaineacht na faisnéise; |
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) cinntí chun soláthar seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí; |
(b) cinntí chun soláthar seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó teorainn a chur leis, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí; |
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) cinntí chun an acmhainn a shrianadh luach airgid a chur ar ábhar a sholáthair na faighteoirí. |
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Measfar go dtosóidh an tréimhse 6 mhí ar a laghad, arna leagan amach i mír 1, ar an lá a chuirtear faighteoir na seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15. |
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Áiritheoidh na hardáin ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn iad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leordhóthanach leo a sheoladh isteach. |
2. Áiritheoidh na hardáin ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas agus do mhionaoisigh, neamh-idirdhealaitheach agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn siad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leordhóthanach leo a sheoladh isteach. Leagfaidh na hardáin ar líne amach rialacha nós imeachta a gcóras inmheánach um láimhseáil gearán ina gcuid téarmaí agus coinníollacha ar bhealach atá soiléir, furasta a úsáid agus éasca le rochtain. |
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Láimhseálfaidh na hardáin ar líne gearáin trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán, agus déanfaidh siad é sin ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh an t-ardán ar líne nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann lena dtugtar le fios nach dtuilleann iompar an ghearánaí an tseirbhís nó an cuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 a aisiompú gan moill mhíchuí. |
3. Láimhseálfaidh na hardáin ar líne gearáin arna dtíolacadh trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán chun déileáil le gearáin ar bhealach tráthúil, neamh-idirdhealaitheach, dícheallach agus neamhthreallach agus laistigh de 10 lá oibre dar tús an dáta a fuair an t-ardán ar líne an gearán. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh an t-ardán ar líne nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann lena dtugtar le fios nach dtuilleann iompar an ghearánaí an tseirbhís nó an cuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 a aisiompú gan moill mhíchuí. |
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Áiritheoidh na hardáin ar líne nach nglactar na cinntí, dá dtagraítear i mír 4, ar bhonn modhanna uathoibrithe amháin. |
5. Áiritheoidh na hardáin ar líne go dtugtar deis, i gcás inar gá, d’fhaighteoirí na seirbhíse dul i dteagmháil le teagmhálaí ar duine é nó í tráth a dhéanann siad an gearán a chur isteach agus nach ar bhonn modhanna uathoibrithe amháin a ghlacfar na cinntí, dá dtagraítear i mír 4. Áiritheoidh an t-ardán ar líne gur foireann cháilithe a dhéanfaidh na cinntí. |
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Beidh an deis ag faighteoirí na seirbhíse sásamh breithiúnach tapa a lorg i gcomhréir le dlíthe na mBallstát lena mbaineann. |
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh faighteoirí na seirbhíse a dtéann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) i ngleic léi, i dteideal aon díospóid lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 2 chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin. Rachaidh na hardáin ar líne i ngleic, de mheon macánta, leis an gcomhlacht a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach agus beidh sé faoi cheangal ag aon chinneadh a ghlacann an comhlacht. |
1. Beidh faighteoirí na seirbhíse a dtéann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) i ngleic léi, arna ndéanamh ag an ardán ar líne ar an bhforas gur ábhar neamhdhleathach an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí nó nach bhfuil sí ag luí lena théarmaí agus lena choinníollacha, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 2 chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin. |
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Rachaidh an dá pháirtí i ngleic, de mheon macánta, leis an gcomhlacht deimhnithe, neamhspleách, seachtrach a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach agus beidh sé faoi cheangal ag aon chinneadh a ghlacann an comhlacht. Beidh an fhéidearthacht aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú, éasca a rochtain ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar bhealach soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir. |
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Deimhneoidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar iarraidh ón gcomhlacht sin, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas ar fad: |
2. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar iarraidh ón gcomhlacht sin, an comhlacht a dheimhniú go ceann 3 bliana ar a mhéad, ar féidir é a athnuachan, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht agus na daoine atá i gceannas an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas ar fad: |
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tá sé neamhchlaonta agus neamhspleách ar ardáin ar líne agus ar fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthar ag na hardáin ar líne; |
(a) tá sé neamhspleách, lena n-áirítear neamhspleách ó thaobh airgeadais de, agus neamhchlaonta i leith ardáin ar líne, fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthair ag na hardáin ar líne, agus i dtaobh daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu; |
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) déantar luach saothair a thabhairt dá chomhaltaí ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta; |
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe b b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(bb) geallann na daoine nádúrtha atá i gceannas ar réiteach díospóidí nach n-oibreoidh siad don ardán ar líne ná d’eagraíocht ghairmiúil ná do chomhlachas gnó a bhfuil an t-ardán ar líne ina chomhalta díobh go ceann tréimhse 3 bliana tar éis deireadh a theacht lena bpost sa chomhlacht, agus nár oibrigh siad don eagraíocht sin ar feadh 2 bhliain roimh dóibh dul i mbun an róil sin; |
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí; |
(c) tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht gearán agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne; |
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) déantar an díospóid a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma. |
(e) déantar an díospóid a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá le feiceáil go soiléir agus atá inrochtana go héasca agus go poiblí; |
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha athmheasúnú ar bhonn bliantúil ar cé acu atá nó nach bhfuil an comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ag leanúint de choinníollacha, dá dtagraítear i mír 2, a chomhlíonadh. Murab amhlaidh an cás, cúlghairfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha stádas an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt. |
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a tharraingt suas gach 2 bhliain ina liostaítear líon na ngearán a fuair an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gach bliain, torthaí na gcinntí a dhéantar, aon fhadhbanna córasacha nó earnála a sainaithníodh, agus an meán-am a thóg sé chun na díospóidí a réiteach. Beidh sa tuarascáil seo go háirithe: |
|
(a) dea-chleachtais na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a shainaithint; |
|
(b) tuairisc a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar aon easnaimh, a mbeidh staidreamh mar thaca leo, a chuireann bac ar fheidhmiú na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcás díospóidí intíre agus díospóidí trasteorann araon; |
|
(c) moltaí a dhéanamh faoi cé mar is féidir feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí. |
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Déanfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí imeachtaí réitithe díospóidí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an dáta a mbeidh an gearán faighte ag an gcomhlacht deimhnithe. Measfar go bhfuil deireadh leis an nós imeachta ar an dáta a bheidh an cinneadh ar an nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt curtha ar fáil ag an gcomhlacht deimhnithe. |
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, aisíocfaidh an t-ardán ar líne aon táille agus costais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, leis an bhfaighteoir. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar an ardáin ar líne, ní bheidh gá don fhaighteoir aon táillí ná costais réasúnacha eile a d’íoc an t-ardán ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc. |
3. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, na ndaoine aonair nó na n-eintiteas atá sainordaithe faoi Airteagal 68 agus a bhfuil fógraí curtha isteach acu, aisíocfaidh an t-ardán ar líne aon táille agus costais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir nó na daoine aonair nó na heintitis a bhfuil fógraí curtha isteach acu nó atá le híoc i ndáil le réiteach na díospóide, leis an bhfaighteoir. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar an ardáin ar líne, agus mura gcinneann an comhlacht gur ghníomhaigh an faighteoir de mheon mímhacánta sa díospóid, ní bheidh de cheangal ar an bhfaighteoir ná ar na daoine aonair ná ar na heintitis a bhfuil fógraí curtha isteach acu aon táillí ná costais réasúnacha eile a d’íoc an t-ardán ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc. |
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht maidir leis an díospóid réasúnach agus ní sháróidh siad na costais a bhain leis an díospóid in aon chás. |
Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht maidir leis an díospóid réasúnach agus ní sháróidh siad na costais a bhain leis an díospóid in aon chás d’ardáin ar líne. Beidh nósanna imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt saor in aisce nó ar fáil ar tháille ainmniúil d’fhaighteoir na seirbhíse. |
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 2, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta. |
5. Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 2, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin chomh maith leis na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhfuil a stádas cúlghairthe. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta. |
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh ardáin ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan mhoill. |
1. Déanfaidh ardáin ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus go gasta, agus próis chuí á cur san áireamh. |
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Déanfaidh ardáin ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh comharthóirí iontaofa fógraí ceartúcháin a eisiúint maidir le baint mhícheart, srianadh nó díchumasú rochtana ar ábhar, nó maidir le fionraí nó foirceannadh cuntas, agus go ndéanfar na fógraí sin chun faisnéis a chur ar ais a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith ar bhonn tosaíochta agus gan mhoill. |
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na gcomharthóirí iontaofa faoin Rialachán seo, ar iarratas ó eintitis ar bith, i gcás inar léirigh an t-iarratasóir go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: |
2. Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na gcomharthóirí iontaofa faoin Rialachán seo, ar iarratas ó eintiteas ar bith, i gcás inar léirigh an t-iarratasóir go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: |
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 - mír 2 - pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. |
(c) tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach ar bhealach beacht oibiachtúil. |
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) tá struchtúr cistiúcháin trédhearcach aige, lena n-áirítear foinsí agus méideanna an ioncaim ar fad a fhoilsiú gach bliain; |
Leasú 249
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cb) foilsíonn sé tuarascálacha atá soiléir, mionsonraithe agus caighdeánaithe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar gach fógra a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar an méid seo a leanas sa tuarascáil: |
|
- na fógraí aicmithe de réir chéannacht sholáthraí na seirbhísí óstála; |
|
- an cineál ábhair ar tugadh fógra ina leith; |
|
- na forálacha dlíthiúla sonracha a líomhnaítear a bheith sáraithe ag an ábhar ar tugadh fógra ina leith; |
|
- an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí; |
|
- aon choinbhleachtaí leasa agus foinsí cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, agus míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas. |
|
Cuirfear na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (cb) chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal iad. |
Leasú 250
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar a bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord. |
3. Bronnfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an stádas comharthóra iontaofa ar feadh tréimhse 2 bhliain, ar a bhféadfar an stádas a athnuachan i gcás ina leanfaidh an comharthóir iontaofa lena mbaineann de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar a bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó ónar chúlghairm siad an stádas sin i gcomhréir le mír 6 in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Rachaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-ardán bunaithe i mbun idirphlé le hardáin agus le geallsealbhóirí chun cruinneas agus éifeachtúlacht córais comharthóirí iontaofa a chothabháil. |
Leasú 251
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta. |
4. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta. |
Leasú 252
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. I gcás ina bhfuil faisnéis ag ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán tríd na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. |
5. I gcás ina bhfuil faisnéis ag ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, míchruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán tríd na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó na hardáin ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. |
Leasú 253
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir ardán ar líne ar fáil de bhun mír 5, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm |
6. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, a rinneadh gan moill mhíchuí, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 5 nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm |
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoraíocht a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’ardáin ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhír 5 agus 6. |
7. Eiseoidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoraíocht chun cúnamh a thabhairt d’ardáin ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 5 agus 6. |
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 19a |
|
Ceanglais inrochtaineachta d’ardáin ar líne |
|
1. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a thairgeann seirbhísí san Aontas go ndéanfaidh siad seirbhísí a dhearadh agus a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn III, Roinn IV, Roinn VI, agus Roinn VII d’Iarscríbhinn I de Threoir (AE) 2019/882. |
|
2. Ullmhóidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis is gá i gcomhréir le hIarscríbhinn V de Threoir (AE) 2019/882 agus míneoidh siad an chaoi a gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Coimeádfaidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis sin ar feadh thréimhse oibrithe na seirbhíse. |
|
3. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go ndéanfar faisnéis, foirmeacha agus bearta a sholáthraítear de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil ar shlí go mbeidh siad éasca a aimsiú, sothuigthe agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. |
|
4. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a thairgeann seirbhísí san Aontas go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go mbeidh an soláthar seirbhísí i gcomhréir i gcónaí leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Maidir le hathruithe ar thréithe sholáthar na seirbhíse, le hathruithe ar na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, agus le hathruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla trína ndearbhaítear go gcomhlíonann seirbhís na ceanglais inrochtaineachta, cuirfidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha san áireamh go leormhaith iad. |
|
5. I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. |
|
6. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin do na húdaráis sin, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun an tseirbhís sin a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin. |
|
7. Toimhdeofar go bhfuil ardáin ar líne atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh a dhíorthófar ó Threoir (AE) 2019/882, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go gcumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh. |
|
8. Measfar ardáin ar líne atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla nó le codanna díobh arna nglacadh le haghaidh Threoir (AE) 2019/882 a bheith i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go gcumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí teicniúla sin nó le codanna díobh. |
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh na hardáin ar líne soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann ábhar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach ar fáil go minic, ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt. |
1. Beidh ardáin ar líne i dteideal, ar feadh tréimhse réasúnach ama agus tar éis réamhfhógra a thabhairt soláthar a gcuid seirbhísí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann ábhar neamhdhleathach ar fáil go minic a chur ar fionraí, ar féidir neamhdhleathacht a bhunú ina leith gan scrúdú dlíthiúil nó fíorasach a dhéanamh nó a bhfuil dhá ordú nó níos mó ná sin faighte acu chun gníomhú i dtaca le hábhar neamhdhleathach sna 12 mhí roimhe sin, mura rud é gur cuireadh na horduithe sin ar ceal ina dhiaidh sin. |
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cuirfidh ardáin ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí gníomhaíochta agus fógra agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 17, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt. |
2. Beidh ardáin ar líne i dteideal, ar feadh tréimhse réasúnach ama agus tar éis réamhfhógra a thabhairt, an phróiseáil ar fhógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí fógra agus gníomhaíochta agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 17, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach arís agus arís eile ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh a chur ar fionraí. |
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh ardáin ar líne measúnú, ar bhonn cás ar chás agus ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar cibé an ngabhann an faighteoir, an duine aonair, an t-eintiteas nó an gearánach don mhí-úsáid dá dtagraítear i mír 1 agus 2, ag cur na bhfíoras agus na gcoinníollacha uile ábhartha is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil don ardán ar líne san áireamh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna coinníollacha sin: |
3. Agus iad i mbun cinneadh a dhéanamh faoin bhfionraí, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne measúnú, de réir an cháis agus ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar cibé a ghabhann faighteoir, duine aonair, eintiteas nó gearánach don mhí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ag cur na bhfíoras agus na dtosca uile ábhartha is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraí an ardáin ar líne san áireamh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna coinníollacha sin: |
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) dearbh-líon na nithe d’ábhar ar follasach gurb ábhar neamhdhleathach é nó fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach le bliain anuas; |
(a) dearbh-líon na nithe d’ábhar neamhdhleathach nó d’fhógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach le bliain anuas; |
Leasú 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) rún an fhaighteora, an duine aonair an eintitis nó an ghearánaigh. |
(d) i gcás inarb inaitheanta rún an fhaighteora, an duine aonair, an eintitis nó an ghearánaigh; |
Leasú 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) cibé an ndearna úsáideoir aonair nó eintiteas nó daoine ag a bhfuil saineolas sonrach a bhaineann leis an ábhar atá i gceist fógra a chur isteach nó an ndearnadh fógra a chur isteach tar éis córas uathoibrithe um aithint ábhair a úsáid. |
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Féadfar fionraíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhearbhú go buan sna cásanna seo a leanas: |
|
(a) tá cúiseanna láidre dlí nó beartais phoiblí ann, lena n-áirítear imscrúduithe leanúnacha coiriúla; |
|
(b) ba chuid d’fheachtais ardtoirte iad na hítimí a baineadh anuas chun dallamullóg a chur ar úsáideoirí nó chun iarrachtaí modhnóireachta ábhair ardáin a chúbláil; |
|
(c) tá earraí agus seirbhísí á dtairiscint arís agus arís eile ag trádálaí nach gcomhlíonann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta; |
|
(d) bhain na hítimí a baineadh anuas le coireanna tromchúiseacha. |
Leasú 263
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Leagfaidh ardáin ar líne a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, ina dtéarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid é iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta. |
4. Leagfaidh soláthraithe ardán ar líne, agus aird chuí á tabhairt ar a n-oibleagáidí faoi Airteagal 12(2), a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 amach, ar bhealach soiléir, furasta a úsáid agus mionsonraithe ina dtéarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear samplaí de na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid é iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta. |
Leasú 264
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina gceadaíonn ardán ar líne do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh sé nach féidir le trádálaithe a sheirbhísí a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an faisnéis seo a leanas faighte ag an ardán ar líne sula mbaineann sé úsáid as a sheirbhísí: |
1. Ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe a seirbhísí a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas curtha ar fáil dóibh sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin: |
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, de réir bhrí Airteagal 3(13) agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle51 nó aon ionstraim ábhartha de dhlí an Aontais; |
(d) ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, de réir bhrí Airteagal 3(13) agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle51 nó aon ionstraim ábhartha de dhlí an Aontais, lena n-áirítear i réimse sábháilteachta táirge; |
__________________ |
__________________ |
51 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |

Leasú 266
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint. |
(f) féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint, agus i gcás inarb infheidhme, lena ndeimhnítear gur seiceáladh gach táirge le hais gach bunachair sonraí atá ar fáil, amhail Córas Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX); |
Leasú 267
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) na cineálacha táirgí nó seirbhísí atá beartaithe ag an trádálaí a thairiscint ar an ardán ar líne. |
Leasú 268
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh an t-ardán ar líne, tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, iarrachtaí réasúnta chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 1 iontaofa trí aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a sholáthraíonn Ballstát nó an tAontas a úsáid nó trí iarrataí a dhéanamh leis an trádálaí doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar. |
2. Déanfaidh an t-ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil agus sula gceadaíonn sé an táirge nó an tseirbhís a thaispeáint ar a chomhéadan ar líne, agus go dtí deireadh an chaidrimh chonarthaigh, a dhícheall a mheas an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (fa) de mhír 1 iontaofa agus iomlán. Déanfaidh an t-ardán ar líne a dhícheall an fhaisnéis arna soláthar ag an trádálaí a sheiceáil trí aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a sholáthraíonn riarthóir údaraithe nó Ballstát nó an tAontas a úsáid nó trí iarrachtaí díreacha a dhéanamh leis an trádálaí doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar. |
|
Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, foilseoidh an Coimisiún liosta de na bunachair sonraí ar líne agus de na comhéadain ar líne a luaitear sa mhír thuas agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí maidir le hardáin ar líne dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 maidir le trádálaithe nua agus trádálaithe atá ann cheana. |
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an t-ardán ar líne a dhícheall scaipeadh tairiscintí ar tháirgí nó ar sheirbhísí nach gcomhlíonann dlí an Aontais nó dlí náisiúnta, ag trádálaithe a úsáideann a sheirbhís, a shainaithint agus a chosc trí bhearta amhail seiceálacha randamacha ar na táirgí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí i dteannta na n-oibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. |
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I gcás ina léirítear d’ardán ar líne go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn nó neamhiomlán, iarrfaidh an t-ardán sin ar an trádálaí an fhaisnéis a cheartú a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile cruinn agus iomlán, gan mhoill nó laistigh den tréimhse ama arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta. |
3. I gcás ina léirítear d’ardán ar líne go leormhaith nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn nó neamhiomlán, iarrfaidh an t-ardán sin ar an trádálaí an fhaisnéis a cheartú a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile cruinn agus iomlán, gan mhoill nó laistigh den tréimhse ama arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta. |
Leasú 271
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás go mainníonn ar an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó nach líonann sé isteach í, cuirfidh an t-ardán ar líne soláthar a sheirbhíse don trádálaí ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar an iarraidh sin. |
I gcás ina mainníonn ar an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh an t-ardán ar líne soláthar a sheirbhíse don trádálaí ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin. |
Leasú 272
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Má dhiúltaíonn ardán ar líne d’iarratas ar sheirbhísí nó má chuireann sé seirbhísí do thrádálaí ar fionraí, rachaidh an trádálaí in iontaoibh na sásraí faoi Airteagal 17 agus Airteagal 43 den Rialachán seo. |
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3b. Ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí conarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad go mbeidh céannacht, amhail trádmharc nó lógó, an úsáideora gnó a sholáthraíonn ábhar, earraí nó seirbhísí infheicthe go soiléir taobh leis an ábhar, na hearraí nó na seirbhísí a thairgtear. Chun na críche sin, cuirfidh an t-ardán ar líne comhéadan caighdeánaithe d’úsáideoirí gnó ar bun. |
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3c. Is iad na trádálaithe amháin a bheidh faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise agus cuirfidh siad an t-ardán ar líne ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear. |
Leasú 275
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Stórálfaidh an t-ardán ar líne an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus 2 ar bhealach slán fad a mhairfidh a gcaidreamh conarthach leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin. |
4. Stórálfaidh an t-ardán ar líne an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus 2 ar bhealach slán fad a mhairfidh a gcaidreamh conarthach leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis cianchonradh a thabhairt i gcrích go críochnaitheach. |
Leasú 276
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Cuirfidh an t-ardán ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d), (e) agus (f) de mhír 1 ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. |
6. Cuirfidh an t-ardán ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d), (e), (f), agus (fa) de mhír 1 ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. |
Leasú 277
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 22a |
|
An oibleagáid tomhaltóirí agus údaráis a chur ar an eolas faoi tháirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha |
|
1. I gcás inarb eol d’ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, beag beann ar na modhanna a úsáidtear, go bhfuil táirge nó seirbhís a thairgeann trádálaí ar chomhéadan an ardáin sin neamhdhleathach maidir leis na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, déanfaidh sé an méid seo a leanas: |
|
(a) an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach a bhaint dá gcomhéadan go gasta agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis ábhartha, amhail an t-údarás um fhaireachais margaidh nó an t-údarás custaim, a chur ar an eolas faoin gcinneadh a rinneadh; |
|
(b) i gcás ina bhfuil sonraí teagmhála fhaighteoirí a sheirbhísí ag an t-ardán ar líne, déanfaidh sé faighteoirí na seirbhíse sin a fuair an táirge nó an tseirbhís sin a chur ar an eolas faoi neamhdhleathacht, faoi chéannacht an trádálaí agus faoi na roghanna atá ann sásamh a lorg; |
|
(c) stór a thiomsú agus a chur ar fáil go poiblí trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir ina bhfuil faisnéis faoi tháirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha a baineadh anuas óna ardán le 12 mhí anuas, mar aon le faisnéis faoin trádálaí lena mbaineann agus na roghanna atá ann chun sásamh a lorg. |
|
2. Déanfaidh ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe bunachar sonraí inmheánach a choimeád de tháirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha a baineadh anuas agus/nó d’fhaighteoirí a cuireadh ar fionraí de bhun Airteagal 20. |
Leasú 278
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i ndáil leis na gearáin sin, an meánam a theastaíonn chun na cinntí sin a ghlacadh agus an líon cásanna inar aisiompaíodh na cinntí sin; |
Leasú 279
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 20, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as ábhar ar follasach gurb ábhar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach; |
(b) an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 20, agus idirdhealú á dhéanamh idir fionraíochtaí a achtaíodh as ábhar neamhdhleathach a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach; |
Leasú 280
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) líon na bhfógrán a rinne an t-ardán ar líne a bhaint anuas, a lipéadú nó a dhíchumasú agus an bonn cirt atá leis na cinntí; |
Leasú 281
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Foilseoidh na hardáin ar líne, uair amháin ar a laghad gach sé mhí, faisnéis maidir le meán-líon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse sé mhí anuas, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 25(2). |
2. Foilseoidh na hardáin ar líne, uair amháin ar a laghad gach 12 mhí, faisnéis maidir le meán-líon fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse 6 mhí anuas, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 25(2). |
Leasú 282
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Staonfaidh na Ballstáit ó oibleagáidí breise maidir le tuairisciú trédhearcachta a fhorchur ar na hardáin ar líne, seachas iarrataí sonracha i ndáil le feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta. |
Leasú 283
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, ábhar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1. |
4. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun tacar de phríomhtháscairí feidhmíochta a bhunú agus teimpléid a leagan síos maidir le foirm, ábhar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1. |
Leasú 284
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh na hardáin ar líne a thaispeánann fógraíocht ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, le haghaidh gach fógrán sonrach a thaispeántar do gach faighteoir aonair, ar bhealach soiléir, gan débhrí agus i bhfíor-am: |
1. Déanfaidh na hardáin ar líne a thaispeánann fógraíocht ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, le haghaidh gach fógrán sonrach a thaispeántar do gach faighteoir aonair, ar bhealach soiléir, gonta, gan débhrí agus i bhfíor-am: |
Leasú 285
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) gur fógrán atá san fhaisnéis a thaispeántar; |
(a) gur fógrá ar líne í an fhaisnéis a thaispeántar ar an gcomhéadan nó ar chodanna de, lena n-áirítear trí mharcáil fheiceálach chomhchuibhithe; |
Leasú 286
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaoiníonn an fógra, más éagsúil an duine sin leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (b); |
Leasú 287
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis bhríoch faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí dá dtaispeánfar an fógrán a chinneadh. |
(c) faisnéis shoiléir, bhríoch agus aonfhoirmeach faoi na paraiméadair a úsáideadh chun an faighteoir dá dtaispeánfar an fógrán a chinneadh, agus i gcás inarb infheidhme faoi conas na paraiméadair sin a athrú. |
Leasú 288
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Áiritheoidh ardáin ar líne go mbeidh faighteoirí na seirbhíse in ann rogha eolasach a dhéanamh gan stró agus a dtoiliú á fheidhmiú acu chun a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán 2016/679 chun críocha fógraíochta spriocdhírithe trí fhaisnéis fhóinteach a sholáthar dóibh, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi a gcuirfear luach airgid ar a gcuid sonraí. Déanfaidh ardáin ar líne a áirithiú nach mbeidh diúltú toiliú a thabhairt níos deacra nó níos ídithí ó thaobh ama de don fhaighteoir ná toiliú a thabhairt. |
Leasú 289
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Ní úsáidfear na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 chun críocha tráchtála a bhaineann le margaíocht dhíreach, próifíliú agus fógraíocht atá dírithe ar iompraíocht mionaoiseach. |
Leasú 290
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 24a |
|
Trédhearcacht córais moltóra |
|
1. Leagfaidh ardáin ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha agus trí acmhainn ar líne ainmnithe is féidir teacht uirthi go díreach agus go héasca ó chomhéadan ar líne an ardáin ar líne nuair a mholtar ábhar, ar bhealach atá soiléir, inrochtana agus éasca le tuiscint, príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais mholtaí, mar aon le haon roghanna atá ann d’fhaighteoir na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair atá ar fáil dóibh a leasú nó tionchar a imirt orthu. |
|
2. Áireofar na nithe seo a leanas, ar a laghad, ar na príomhpharaiméadair dá dtagraítear i mír 1: |
|
(a) na príomhchritéir a úsáidtear sa chóras ábhartha, ar critéir iad is suntasaí, ina n-aonar nó le chéile, maidir le moltaí a chinneadh; |
|
(b) tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin; |
|
(c) cé na cuspóirí ar lena n-aghaidh a rinneadh an córas ábhartha a bharrfheabhsú; agus |
|
(d) más infheidhme, míniú ar an ról atá ag iompar fhaighteoirí na seirbhíse maidir le conas a tháirgeann an córas ábhartha a aschuir. |
|
Beidh na ceanglais a leagtar amach i mír 2 gan dochar do na rialacha maidir le rúin trádála agus cearta maoine intleachtúla a chosaint. |
|
3. I gcás ina bhfuil roghanna iomadúla ar fáil de bhun mhír 1, soláthróidh ardáin ar líne feidhm shoiléir ar féidir teacht go héasca uirthi ar a gcomhéadan ar líne ag lamháil d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha thosaíochta a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith le haghaidh gach ceann de na córais mholtóra lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise a chuirtear faoina mbráid. |
Leasú 291
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 24b |
|
Oibleagáidí breise ar ardáin a úsáidtear go príomha chun ábhar pornagrafach arna ghiniúint ag an úsáideoirí a scaipeadh |
|
I gcás ina n-úsáidtear ardán ar líne go príomha chun ábhar pornagrafach arna ghiniúint ag an úsáideoir a scaipeadh, déanfaidh an t-ardán na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú: |
|
(a) go bhfuil na húsáideoirí a scaipeann ábhar tar éis iad féin a fhíorú trí chlárú dúbailte roghnach ríomhphoist agus fóin póca; |
|
(b) modhnú gairmiúil ábhair ag duine, oilte chun mí-úsáid ghnéasach bunaithe ar íomhánna a shainaithint, lena n-áirítear ábhar a bhfuil dóchúlacht ard ann go bhfuil sé neamhdhleathach; |
|
(c) go ndéantar inrochtaineacht nós imeachta cáilithe um fhógra a thabhairt san fhoirm, de bhreis ar an sásra dá dtagraítear in Airteagal 114, ina bhféadfaidh daoine aonair fógra a thabhairt don ardán leis an líomhain go bhfuil ábhar íomhá ar an ardán lena léirítear iad nó a airbheartaíonn iad a bheith á léiriú á scaipeadh gan a dtoiliú agus fianaise prima facie a sholáthar ar a gcéannacht fhisiceach a sholáthar don ardán; déanfar ábhar a dtugtar fógra ina leith tríd an nós imeachta sin a chur ar fionraí gan moill mhíchuí. |
Leasú 292
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a chuireann a seirbhísí ar fáil do mheánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3. |
1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne: |
|
(a) a chuireann a seirbhísí ar fáil, ar feadh 4 mhí ar a laghad as a chéile, do mheánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3. I modheolaíocht den sórt sin, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe: |
|
(i) beidh líon na bhfaighteoirí gníomhacha bunaithe ar gach seirbhís aonair; |
|
(ii) ní dhéantar faighteoirí gníomhacha atá nasctha le níos mó ná feiste amháin a chomhaireamh ach uair amháin; |
|
(iii) ní dhéantar úsáid indíreach seirbhíse, trí thríú páirtí nó nascadh, a chomhaireamh; |
|
(iv) i gcás ina bhfuil ardán ar líne á óstáil ag soláthraí seirbhísí idirghabhála eile, go sanntar na faighteoirí gníomhacha don ardán ar líne is gaire don fhaighteoir amháin; |
|
(v) nach n-áirítear idirghníomhaíochtaí, cuntais nó scanadh sonraí uathoibrithe (“róbait”) neamhdhaonna. |
Leasú 293
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 69, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, chun modheolaíocht shonrach a leagan síos chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1. Sonróidh an mhodheolaíocht sin, go háirithe, conas daonra an Aontais a chinneadh agus na critéir chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a chinneadh, ag cur na ngnéithe rochtana éagsúla san áireamh. |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 69, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, chun modheolaíocht shonrach a leagan síos chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1(a). Sonróidh an mhodheolaíocht sin, go háirithe, conas daonra an Aontais a chinneadh agus na critéir chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a chinneadh, ag cur na ngnéithe rochtana éagsúla san áireamh. |
Leasú 294
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne aon rioscaí sistéamacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus ón úsáid a bhaintear as a seirbhísí san Aontas a shainaithint, a anailísiú agus a mheas, ó dháta an chur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(4), uair amháin sa bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de: |
1. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne dóchúlacht agus déine aon rioscaí sistéamacha a eascraíonn ó dhearadh, córais algartamacha, saintréithe intreacha, feidhmiú agus ón úsáid a bhaintear as a seirbhísí san Aontas a shainaithint, a anailísiú agus a mheas go héifeachtach agus go dícheallach, ó dháta an chur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(4), uair amháin sa bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin, agus in aon chás sula seolfar seirbhísí nua. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca rioscaí de réir an Bhallstáit ina dtairgtear seirbhísí agus san Aontas ina iomláine, go háirithe do theanga nó réigiún ar leith. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus lena gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear dearadh teicneolaíochta, roghanna ó thaobh na samhla gnó, agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de: |
Leasú 295
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) scaipeadh ábhar neamhdhleathach trína seirbhísí; |
(a) scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh trína seirbhísí nó ábhair a sháraíonn a dtéarmaí agus a gcoinníollacha; |
Leasú 296
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) aon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach maidir le hómós a thabhairt do shaol príobháideach duine agus do shaol an teaghlaigh, maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an toirmeasc ar idirdhealú agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear in Airteagail 7, 11, 21 agus 24 den Chairt faoi seach; |
(b) aon éifeachtaí diúltacha iarbhír agus intuartha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, lena n-áirítear maidir le cosaint tomhaltóirí, meas ar dhínit an duine, ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, mar aon le saoirse agus iolrachas na meán, an toirmeasc ar idirdhealú, an ceart chun comhionannais inscne, agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear in Airteagail 1, 7, 8, 11, 21, 23, 24 agus 38 den Chairt faoi seach; |
Leasú 297
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ionramháil a seirbhíse d’aon ghnó, lena n-áirítear trí úsáid bhréagach a bhaint as an tseirbhís nó le huathshaothrú na seirbhíse, lena mbaineann éifeacht dhiúltach iarbhír nó intuartha ar chosaint na sláinte poiblí, mionaoiseach, an dioscúrsa shibhialta, nó lena mbaineann éifeachtaí iarbhír nó intuartha a bhaineann le próisis thoghchánacha agus leis an tslándáil phoiblí. |
(c) aon mhífheidhmiú nó ionramháil a seirbhíse d’aon ghnó, lena n-áirítear trí úsáid bhréagach a bhaint as an tseirbhís nó le huathshaothrú na seirbhíse nó rioscaí a bhaineann le hoibriú beartaithe na seirbhíse, lena n-áirítear méadú ar ábhar neamhdhleathach, ábhar atá ag sárú a dtéarmaí agus a gcoinníollacha nó aon ábhar eile lena mbaineann éifeacht dhiúltach iarbhír nó intuartha ar chosaint mionaoiseach agus grúpaí leochaileacha eile d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar luachanna daonlathacha, saoirse na meán, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus an dioscúrsa sibhialta, nó lena mbaineann éifeachtaí iarbhír nó intuartha a bhaineann le próisis thoghchánacha agus leis an tslándáil phoiblí; |
Leasú 298
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) aon éifeachtaí diúltacha iarbhír agus intuartha ar chosaint na sláinte poiblí mar aon le handúil iompraíochta nó iarmhairtí tromchúiseacha eile diúltacha ar dhea-bhail choirp, mheabhrach, shóisialta agus airgeadais an duine. |
Leasú 299
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Le linn do na measúnuithe riosca a bheith á ndéanamh, cuirfidh ardáin an-mhór ar líne, go háirithe, an tionchar atá ag a gcórais mhodhnaithe ábhar, a gcórais mholtaí agus a gcórais chun fógraíocht a roghnú agus a thaispeáint ar aon cheann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear i mír 1 san áireamh lena n-áirítear scaipeadh ábhar neamhdhleathach agus faisnéise atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha agus a d’fhéadfadh a bheith mear agus forleathan. |
2. Le linn do na measúnuithe riosca a bheith á ndéanamh, cuirfidh ardáin an-mhór ar líne san áireamh, go háirithe, an bhfuil tionchar ag a gcórais mhodhnaithe ábhar, a dtéarmaí agus coinníollacha, a gcaighdeáin chomhphobail, a gcórais algartamacha, a gcórais moltaí, agus a gcórais chun fógraíocht a roghnú agus a thaispeáint, chomh maith le bailiú, próiseáil agus próifíliú sonraí bunúsach, agus conas atá tionchar acu sin, ar aon cheann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear i mír 1 san áireamh lena n-áirítear scaipeadh ábhar neamhdhleathach agus faisnéise atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha agus a d’fhéadfadh a bheith mear agus forleathan. |
Leasú 300
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu, rachaidh ardáin an-mhór ar líne i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le hionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, ionadaithe ó ghrúpaí a bhféadfadh tionchar a bheith ag a seirbhísí orthu, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Déanfar a rannpháirtíocht a chur in oiriúint do na rioscaí sistéamacha sonracha arb é is aidhm don ardán an-mhór ar líne a mheasúnú. |
Leasú 301
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Cuirfear doiciméid tacaíochta an mheasúnaithe riosca in iúl do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta agus don Choimisiún. |
Leasú 302
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Ní thiocfaidh oibleagáid faireacháin ghinearálta as na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar aon slí. |
Leasú 303
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh ardán an-mhór ar líne bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 26 i bhfeidhm. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme: |
1. Cuirfidh ardán an-mhór ar líne bearta maolaithe réasúnta, trédhearcacha, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 26 i bhfeidhm. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme: |
Leasú 304
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) córais mhodhnaithe ábhar nó córais mholtaí, na próisis chinnteoireachta a bhaineann leo, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí, nó a dtéarmaí agus coinníollacha, a oiriúnú; |
(a) córais mhodhnaithe ábhar, córais algartamacha, nó córais moltaí agus comhéadain ar líne, na próisis chinnteoireachta a bhaineann leo, an dearadh, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí, a samhail fógraíochta nó a dtéarmaí agus coinníollacha, a oiriúnú; |
Leasú 305
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) acmhainní iomchuí a áirithiú chun déileáil le fógraí agus gearáin inmheánacha, lena n-áirítear bearta teicniúla agus oibríochtúla iomchuí nó acmhainneachtaí iomchuí; |
Leasú 306
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) bearta spriocdhírithe a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad; |
(b) bearta spriocdhírithe a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad, nó suíomh agus taispeáint malartach fógraí seirbhíse poiblí nó faisnéise fíorasaí eile; |
Leasú 307
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) i gcás inarb ábhartha, bearta spriocdhírithe atá dírithe ar chomhéadain agus gnéithe ar líne a oiriúnú chun mionaoisigh a chosaint; |
Leasú 308
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) na próisis inmheánacha nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath; |
(c) na próisis inmheánacha, agus na hacmhainní, an tástáil, an doiciméadacht, nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath; |
Leasú 309
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Dearfaidh ardáin an-mhór ar líne, i gcás inarb iomchuí, a a mbearta maolaithe riosca le rannpháirtíocht ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. I gcás nach bhfuil aon rannpháirtíocht den sórt sin beartaithe, déanfar é sin a shoiléiriú sa tuarascáil trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 33. |
Leasú 310
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne liosta mionsonraithe de na bearta maolaithe riosca a rinneadh agus an bonn cirt atá leo a chur ar fáil do na hiniúchóirí neamhspleácha chun an tuarascáil iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a ullmhú. |
Leasú 311
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1c. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na mbeart maolaitheach arna ndéanamh ag ardáin an-mhór ar líne dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus nuair is gá, féadfaidh sé moltaí a eisiúint. |
Leasú 312
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain, a mbeidh na nithe seo a leanas mar chuid díobh: |
2. Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha sin: |
Leasú 313
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó ardáin an-mhór ar líne nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 33; |
(a) sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó ardáin an-mhór ar líne nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 30, 31 agus 33; |
Leasú 314
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Tíolacfar na tuarascálacha de réir an Bhallstáit inar tharla na rioscaí sistéamacha agus san Aontas ina iomláine. Foilseofar na tuarascálacha i dteangacha oifigiúla uile Bhallstáit an Aontais. |
Leasú 315
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte ginearálta a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt na bpáirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin. |
3. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus tar éis comhairliúchán poiblí treoirlínte ginearálta a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt na bpáirtithe uile lena mbaineann. |
Leasú 316
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Ní thiocfaidh oibleagáid faireacháin ghinearálta ná oibleagáidí gníomhacha aimsithe fíoras as an gceanglas bearta maolaithe a chur i bhfeidhm. |
Leasú 317
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh ardáin an-mhór ar líne faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchóireachtaí chun comhlíontacht leis na nithe seo a leanas a mheas: |
1. Beidh ardáin an-mhór ar líne faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchóireachtaí neamhspleácha chun comhlíontacht leis na nithe seo a leanas a mheas: |
Leasú 318
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Áiritheoidh ardáin an-mhór ar líne go mbeidh rochtain ag iniúchóirí ar na sonraí ábhartha uile is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. |
Leasú 319
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Maidir leis na hiniúchóireachtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad: |
2. Maidir leis na hiniúchóireachtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a aithníonn agus a rinne an Coimisiún grinnfhiosrú orthu agus a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad: |
Leasú 320
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tá siad neamhspleách ón ardán an-mhór ar líne lena mbaineann; |
(a) tá siad neamhspleách, ó thaobh dlí agus airgeadais de, ón ardán an-mhór ar líne lena mbaineann agus ó ardáin an-mhór eile ar líne, agus níl coinbhleachtaí leasa acu leo; |
Leasú 321
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) nach ndearna iniúchóirí agus a gcuid fostaithe aon seirbhís eile a sholáthar don ardán an-mhór ar líne ar a ndearnadh iniúchadh sa 12 mhí roimh an iniúchadh agus go dtugann siad gealltanas nach n-oibreoidh siad, go ceann 12 mhí tar éis deireadh a theacht lena bpost san eagraíocht iniúchóireachta, don ardán an-mhór ar líne ar a ndearnadh iniúchadh ná d’eagraíocht ghairmiúil nó comhlachas gnó dá bhfuil an t-ardán ina bhall; |
Leasú 322
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Bunóidh na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchóireachtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchóireacht. Beidh an tuarascáil sin i scríbhinn agus an méid seo a leanas ar a laghad inti: |
3. Bunóidh na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchóireachtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach ábhar iniúchóireachta, amhail dá dtagraítear i mír1. Beidh an tuarascáil sin i scríbhinn agus an méid seo a leanas ar a laghad inti: |
Leasú 323
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) dearbhú leasanna; |
Leasú 324
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) tuairisc ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchóireacht; |
(d) tuairisc ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchadh agus achoimre ar na príomhthorthaí; |
Leasú 325
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) tuairisc ar na tríú páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den iniúchadh; |
Leasú 326
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) tuairisc ar ghnéithe sonracha nach bhféadfaí a iniúchadh agus míniú ar an bhfáth nach bhféadfaí iad a iniúchadh. |
Leasú 327
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe f b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fb) i gcás inarb amhlaidh, sa tuairim iniúchóireachta, nach bhféadfaí teacht ar chonclúid maidir le gnéithe sonracha a thagann faoi raon feidhme an iniúchta, ráiteas maidir leis na cúiseanna nár thángthas ar chonclúid den sórt sin. |
Leasú 328
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Déanfaidh an Coimisiún liosta d’eagraíochtaí grinnfhiosraithe a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta. |
Leasú 329
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. I gcás ina bhfaighidh ardán an-mhór ar líne tuarascáil dhearfach iniúchóireachta, beidh sé i dteideal séala barr feabhais a iarraidh ar an gCoimisiún. |
Leasú 330
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Leagfaidh ardán an-mhór ar líne a úsáideann córais mholtóra amach ina dtéarmaí agus coinníollacha, ar bhealach atá soiléir, inrochtana agus éasca le tuiscint, príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais mholtóra, mar aon le haon roghanna atá ann d’fhaighteoirí na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh a leasú nó tionchar a imirt orthu, lena n-áirítear rogha amháin ar a laghad nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, de réir bhrí Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/679. |
1. Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal24a, soláthróidh ardáin an-mhór ar líne a úsáideann córais mholtóra córas moltóra amháin ar a laghad nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, de réir bhrí Airteagal4(4) de Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le feidhmiúlacht atá inrochtana go héasca ar a gcomhéadan ar líne agus lena gceadaítear d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha thosaíochta a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith i gcás gach ceann de na córais mholtóra lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise a chuirtear os a gcomhair. |
Leasú 331
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina bhfuil roghanna iomadúla ar fáil de bhun mhír 1, soláthróidh ardáin an-mhór ar líne feidhmiúlacht ar féidir teacht go héasca uirthi ar a gcomhéadan ar líne ag ceadú d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha thosaíochta a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith le haghaidh gach ceann de na córais mholtóra lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise a chuirtear faoina mbráid. |
scriosta |
Leasú 332
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tiomsóidh ardáin an-mhór ar líne a thaispeánann fógraíocht ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus cuirfidh siad an stór sin ar fáil go poiblí trí chomhéadain feidhmchláir, go ceann bliana tar éis an dáta a raibh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne. Áiritheoidh siad nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar taispeánadh an fógrán dóibh nó a bhféadfadh sé gur taispeánadh an fógrán dóibh sa stór sin. |
1. Tiomsóidh ardáin an-mhór ar líne a thaispeánann fógraíocht ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh siad an stór sin a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inchuardaithe, trí uirlisí so-rochtana, éifeachtúla agus iontaofa, trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, go ceann bliana tar éis an dáta a raibh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne. Áiritheoidh siad gur féidir cuardaigh ilchritéir a dhéanamh de réir fógróra agus gach pointe sonraí atá san fhógrán, de réir sprioc an fhógráin agus de réir an lucht féachana is mian leis an bhfógróir a bheith aige. Áiritheoidh siad nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar taispeánadh an fógrán dóibh nó a bhféadfadh sé gur taispeánadh an fógrán dóibh sa stór, agus déanfaidh siad iarrachtaí réasúnta a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus iomlán. |
Leasú 333
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ábhar an fhógráin; |
(a) ábhar an fhógráin, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus cuspóir an fhógráin; |
Leasú 334
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógrán, i gcás nach ionann an duine sin agus an duine dá dtagraítear i bpointe (b); |
Leasú 335
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) cibé an raibh sé mar rún an fógrán a thaispeáint go sonrach do ghrúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse nó do níos mó ná grúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse agus má bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin; |
(d) cibé an raibh sé mar rún an fógrán a thaispeáint go sonrach do ghrúpa áirithe amháin nó níos mó d’fhaighteoirí na seirbhíse agus, má bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n-áirítear aon pharaiméadair a úsáideadh chun grúpaí áirithe a eisiamh; |
Leasú 336
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) i gcás ina nochtar é, cóip d’ábhar na gcumarsáidí tráchtála a fhoilsítear ar na hardáin an-mhór ar líne nach ndéanann an t-ardán an-mhór ar líne a mhargú, a dhíol ná a chóiriú agus a dearbhaíodh amhlaidh, trí bhealaí iomchuí, don ardán an-mhór ar líne; |
Leasú 337
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe e a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ea) cásanna inar baineadh an fógrán ar bhonn fógra a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 nó ar bhonn ordú a eisíodh de bhun Airteagal 8. |
Leasú 338
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le taighdeoirí grinnfhiosraithe, treoirlínte a fhoilsiú maidir le struchtúr agus eagar na stór a chruthófar de bhun mhír 1. |
Leasú 339
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 30a |
|
Domhainbhrionnuithe |
|
I gcás ina dtuigtear d’ardán an-mhór ar líne gur ábhar íomhá, fuaime nó físe atá ginte nó ionramháilte é píosa ábhair, ar ábhar é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine go bhfuil sé barántúil nó fíreannach (domhainbhrionnuithe), déanfaidh an soláthraí an t-ábhar a lipéadú ar bhealach ina dtugtar le fios go bhfuil an t-ábhar neamhbharántúil agus atá le feiceáil go soiléir ag faighteoir na seirbhísí. |
Leasú 340
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne ar fáil do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, rochtain ar shonraí atá riachtanach chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo. Is chun na gcríoch sin amháin a úsáidfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún an fhaisnéis sin. |
1. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá an Rialachán seo á chomhlíonadh a sholáthar, gan mhoill, don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uaidh agus laistigh de thréimhse réasúnta a shonraítear san iarraidh. Ní dhéanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún na sonraí sin a iarraidh, a rochtain ná a úsáid ach chun na gcríoch sin. |
Leasú 341
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Beidh sé d’oibleagáid ar an ardán an-mhór ar líne dearadh, loighic agus feidhmiú na n-algartam a mhíniú arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. |
Leasú 342
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó ón gCoimisiún, cuirfidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 4 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha mar a leagtar amach in Airteagal 26(1). |
2. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó ón gCoimisiún, déanfaidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí a sholáthar, laistigh de thréimhse réasúnta, faoi mar a shonraítear san iarraidh, do thaighdeoirí grinnfhiosraithe nó do chomhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha ghrinnfhiosraithe, a chomhlíonann na ceanglais i mír 4 den Airteagal seo, chun taighde a dhéanamh lena gcuirtear le sainaithint, maolú agus tuiscint na rioscaí sistéamacha a leagtar amach in Airteagal 26(1) agus in Airteagal 27(1), agus chun na críche sin amháin. |
Leasú 343
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Beidh rochtain ag taighdeoirí grinnfhiosraithe agus ag comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúsacha ghrinnfhiosraithe ar uimhreacha comhiomlána i gcás amhairc iomlána agus ráta amhairc ábhair sula ndearnadh é a bhaint ar bhonn orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8 nó ar bhonn modhnóireacht ábhair arna déanamh ar fhéintionscnamh an tsoláthraí agus faoina théarmaí agus coinníollacha. |
Leasú 344
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí de bhun mhír 1 agus mír 2 ar fáil trí bhunachair sonraí ar líne nó trí chomhéadain feidhmchláir, de réir mar is iomchuí. |
3. Soláthróidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 2 trí bhunachair sonraí ar líne nó trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, de réir mar is iomchuí, lena mbeidh meicníocht sho-rochtana sholáimhsithe ag gabháil chun critéir iolracha a chuardach. |
Leasú 345
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. D’fhonn a bheith grinnfhiosraithe, ní mór do thaighdeoirí a bheith cleamhnaithe le hinstitiúid acadúil, a bheith neamhspleách ó leasa trádála, taifid chruthaithe ar shaineolas sna réimsí a bhaineann leis na rioscaí a ndéantar imscrúdú orthu a bheith acu, agus geallfaidh siad agus beidh siad ábalta na ceanglais maidir le slándáil sonraí agus rúndacht a ghabhann le gach iarraidh a chaomhnú. |
4. Chun go ndéanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún grinnfhiosrú orthu, caithfidh taighdeoirí agus comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha: |
|
(a) a bheith cleamhnaithe le hinstitiúidí acadúla nó le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a théann chun leas an phobail agus a chomhlíonann na ceanglais faoi Airteagal 68; |
|
(b) a bheith neamhspleách ar leasanna tráchtála, lena n-áirítear ar aon ardán an-mhór ar líne; |
|
(c) an cistiú lena maoinítear an taighde a nochtadh; |
|
(d) a bheith neamhspleách ar aon chomhlachtaí rialtais, riaracháin nó stáit eile lasmuigh d’institiúid acadúil na cleamhnachta, má tá sí poiblí; |
|
(e) taifid chruthaithe ar shaineolais a bheith acu sna réimsí a bhaineann leis na rioscaí arna n-imscrúdú nó ar mhodheolaíochtaí taighde gaolmhara; agus |
|
(f) na ceanglais shonracha maidir le slándáil sonraí agus rúndacht a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chaomhnú. |
Leasú 346
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. I gcás ina mbeidh forais ag ardán an-mhór ar líne le creidiúint nach bhfuil taighdeoir nó comhlacht, eagraíocht nó comhlachas neamhbhrabúsach ag gníomhú de bhun na críche atá le mír 2 nó nach bhfuil coinníollacha mhír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici, déanfaidh sé an t-údarás ábhartha, bíodh sin an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún, a chur ar an eolas láithreach, agus cinnfidh seisean gan moill mhíchuí cibé a tharraingeofar siar rochtain agus cathain a dhéanfar rochtain a thabhairt ar ais agus na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh. |
Leasú 347
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. I gcás ina mbeidh forais ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó ag an gCoimisiún le creidiúint nach bhfuil taighdeoir nó comhlacht, eagraíocht nó comhlachas neamhbhrabúsach ag gníomhú de bhun na críche atá le mír 2 nó nach bhfuil coinníollacha mhír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici, déanfaidh sé an t-ardán an-mhór ar líne a chur ar an eolas láithreach. Ar an bhfaisnéis sin a fháil, beidh an t-ardán an-mhór ar líne i dteideal rochtain ar shonraí a tharraingt siar. Is é an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún a chinnfidh cibé a thabharfar rochtain ar ais agus na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh. |
Leasú 348
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Glacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, gníomhartha tarmligthe ina leagtar síos na coinníollacha teicniúla faoina bhfuil ar ardáin an-mhór ar líne sonraí a roinnt de bhun mhír 1 agus 2 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí grinnfhiosraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ag cur san áireamh cearta agus leasa na n-ardán an-mhór ar líne agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil. |
5. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, agus tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta seo, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leagtar síos na coinníollacha teicniúla faoina bhfuil ar ardáin an-mhór ar líne sonraí a chomhroinnt de bhun mhíreanna 1 agus 2 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a chomhroinnt le taighdeoirí grinnfhiosraithe nó le comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha ghrinnfhiosraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ag cur san áireamh cearta agus leasanna na n-ardán an-mhór ar líne agus cearta agus leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint agus slándáil a seirbhíse a chothabháil. |
Leasú 349
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 6 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin. |
(b) bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin; |
Leasú 350
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Uair sa bhliain, déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún tuairisciú ar an bhfaisnéis seo a leanas: |
|
(a) líon na n-iarrataí a cuireadh faoina mbráid, amhail dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 6; |
|
(b) líon na n-iarrataí sin ar dhiúltaigh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó an Coimisiún dóibh nó a tharraing siad siar, agus na cúiseanna ar diúltaíodh dóibh nó ar tarraingíodh siar iad, lena n-áirítear tar éis d’ardán an-mhór ar líne a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó ar an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 6. |
Leasú 351
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7b. Tar éis dóibh a gcuid taighde a chríochnú, déanfaidh na taighdeoirí grinnfhiosraithe ar tugadh rochtain ar shonraí dóibh a dtorthaí a fhoilsiú, gan sonraí rúnda a nochtadh agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. |
Leasú 352
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní ainmneoidh ardáin an-mhór ar líne ach amháin daoine a bhfuil na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an inniúlacht is gá acu mar oifigigh chomhlíontachta chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a fheidhmiú. Féadfaidh oifigigh chomhlíontachta a bheith ina mbaill foirne den ardán an-mhór ar líne lena mbaineann, nó féadfaidh siad na cúraimí sin a fheidhmiú ar bhonn conartha leis an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann. |
2. Ní ainmneoidh ardáin an-mhór ar líne ach daoine a bhfuil na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an cumas is gá acu chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh mar oifigigh chomhlíontachta. Féadfaidh oifigigh chomhlíontachta a bheith ina mbaill foirne den ardán an-mhór ar líne lena mbaineann, nó féadfaidh siad na cúraimí sin a fheidhmiú ar bhonn conartha leis an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann. |
Leasú 353
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) comhoibriú le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta agus leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo; |
(a) comhoibriú leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, leis an mBord agus leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo; |
Leasú 354
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Foilseoidh ardáin an-mhór ar líne na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 13 laistigh de sé mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 25(4), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin. |
1. Foilseoidh ardáin an-mhór ar líne na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 13 laistigh de 6 mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 25(4), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin, i bhformáid atá caighdeánaithe, inléite ag meaisíní agus éasca le rochtain. |
Leasú 355
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis maidir le modhnóireacht ábhair arna scaradh agus arna cur i láthair de réir gach Ballstáit ina dtairgtear na seirbhísí agus don Aontas ina iomláine. Foilseofar na tuarascálacha i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla Bhallstáit an Aontais ina dtairgtear seirbhísí. |
Leasú 356
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na bearta maolaithe riosca gaolmhara a sainaithníodh agus a cuireadh chun feidhme de bhun Airteagal 27; |
(b) na bearta maolaithe sonracha a sainaithníodh agus a cuireadh chun feidhme de bhun Airteagal 27; |
Leasú 357
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a ndeachthas i gcomhairle leo, i gcomhréir le hAirteagal 26, maidir leis an measúnú riosca. |
Leasú 358
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I gcás ina measann ardán an-mhór ar líne go mbeadh nochtadh faisnéise rúnda an ardáin sin nó fhaighteoirí na seirbhíse mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 2, nó go mbeadh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go ndéanfadh sé dochar do shlándáil phoiblí nó go ndéanfadh sé díobháil d’fhaighteoirí, féadfaidh an t-ardán faisnéis den sórt sin a bhaint as na tuarascálacha. I gcás mar sin, tarchuirfidh an t-ardán na tuarascálacha iomlána chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha poiblí ag gabháil leo. |
3. I gcás ina measfaidh ardán an-mhór ar líne go mbeadh nochtadh faisnéise rúnda an ardáin sin nó fhaighteoirí na seirbhíse mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 2, go mbeadh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse ann dá bharr, go ndéanfadh sé dochar do shlándáil phoiblí nó go ndéanfadh sé díobháil d’fhaighteoirí, féadfaidh an t-ardán faisnéis den sórt sin a bhaint as na tuarascálacha. Sa chás sin, tarchuirfidh an t-ardán na tuarascálacha iomlána chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha poiblí ag gabháil leo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. |
Leasú 359
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tacóidh an Coimisiún le forbairt agus cur chun feidhme caighdeáin tionsclaíochta deonacha agus cuirfidh sé chun cinn iad, arna leagan amach ag comhlachtaí ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad: |
1. Tacóidh an Coimisiún le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán deonach arna leagan amach ag comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú agus cuirfidh sé chun cinn iad, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad: |
Leasú 360
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) téarmaí agus coinníollacha faoi Airteagal 12, lena n-áirítear maidir le glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha sin agus athruithe orthu; |
Leasú 361
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 – pointe a b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ab) faisnéis maidir le hinrianaitheacht trádálaithe faoi Airteagal 22; |
Leasú 362
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 – pointe a c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ac) cleachtais fógraíochta faoi Airteagal 24 agus córais mholtóra faoi Airteagal 24a; |
Leasú 363
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) oibleagáidí maidir le tuairisciú trédhearcachta de bhun Airteagal 13; |
Leasú 364
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 – pointe f b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fb) sonraíochtaí teicniúla chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí idirghabhálacha inrochtana ag daoine faoi mhíchumas i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882. |
Leasú 365
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Maidir le caighdeáin dheonacha arna leagan síos ag comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú agus arb é is aidhm leo mionaoisigh a chosaint, tacóidh an Coimisiún lena bhforbairt agus lena gcur chun feidhme, agus cuirfidh sé an fhorbairt agus an cur chun feidhme sin chun cinn. |
Leasú 366
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na n-ítimí a liostaítear i bpointe (a) go pointe (fb) de mhír 1, i gcás inar iarr an Coimisiún ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú agus nár foilsíodh an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh. |
Leasú 367
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún cóid iompair a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais chun cur le cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo, ag cur na ndúshlán sonrach a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla ábhar neamhdhleathach agus rioscaí sistéamacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, san áireamh, go háirithe maidir le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint. |
1. Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód iompair deonach ar leibhéal an Aontais a spreagadh agus a éascú chun cur le cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo agus, go háirithe, na dúshláin shonracha a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla ábhair neamhdhleathaigh agus rioscaí sistéamacha á gcur san áireamh, i gcomhréir le dlí an Aontais. Tabharfar aird ar leith ar sheachaint éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht chóir, ar rochtain ar shonraí agus ar shlándáil, ar an toirmeasc ar fhaireachán ginearálta agus ar chosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta. Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord athbhreithniú agus oiriúnú rialta ar na cóid iompair a spreagadh agus a éascú chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm. |
Leasú 368
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina dtagann riosca sistéamach suntasach de réir bhrí Airteagal 26(1) chun cinn agus go mbaineann sé le roinnt ardán an-mhór ar líne, féadfaidh am Coimisiún iarraidh ar na hardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, ar ardáin an-mhór ar líne eile agus soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha eile, de réir mar is iomchuí, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar pháirtithe leasmhara eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas na gcód iompair, lena n-áirítear gealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a ghlacadh, chomh maith le gnáthchreat tuairiscithe maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí. |
2. I gcás ina dtagann rioscaí sistéamacha suntasacha de réir bhrí Airteagal 26(1) chun cinn agus ina mbaineann siad le roinnt ardáin an-mhór ar líne, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, ar ardáin an-mhór ar líne eile agus soláthraithe eile seirbhísí idirghabhálacha, de réir mar is iomchuí, agus freisin ar údaráis inniúla ábhartha, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar gheallsealbhóirí ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas cód iompair, lena n-áirítear trí ghealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a dhéanamh, chomh maith le creat um thuairisciú rialta maidir le haon bhearta a dhéantar agus lena dtorthaí. |
Leasú 369
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Le linn éifeacht a thabhairt do mhír 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go leagtar a gcuspóirí amach go soiléir sna cóid iompair, go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus chun aird chuí a thabhairt do riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear saoránaigh, ar leibhéal an Aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairiscíonn rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh, freisin. |
3. Agus éifeacht á tabhairt do mhíreanna 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú, maidir leis na cóid iompair, go ndéanfar a gcuspóirí sonracha a leagan amach go soiléir iontu, go déanfar nádúr an chuspóra beartais phoiblí atá á shaothrú agus, i gcás inarb iomchuí, ról na n-údarás inniúil a shainiú iontu, go mbeidh príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus go ndéanfar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile agus, go háirithe, na saoránach a chur san áireamh go hiomlán iontu, ar leibhéal an Aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairisceoidh rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a dhéantar agus lena dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh. Déanfar éagsúlachtaí méide agus acmhainne idir rannpháirtithe éagsúla a chur san áireamh i bpríomhtháscairí feidhmíochta agus i gceangaltais tuairiscithe. |
Leasú 370
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord meastóireacht ar cibé an gcomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i mír 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht tráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí. Foilseoidh siad a gconclúidí. |
4. Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord meastóireacht ar cibé a chomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí. Foilseoidh siad a gconclúidí agus iarrfaidh siad ar na heagraíochtaí atá rannpháirteach a gcóid iompair a leasú dá réir sin. |
Leasú 371
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Déanfaidh an Bord faireachán agus meastóireacht ar ghnóthachtáil chuspóirí na gcód iompair go tráthrialta, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith mar chuid díobh. |
5. Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord faireachán agus meastóireacht ar ghnóthachtáil chuspóirí na gcód iompair go tráthrialta, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith mar chuid díobh. I gcás mainneachtain chórasach na cóid iompair a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus an Bord cinneadh a dhéanamh ardáin nach gcomhlíonann a ngealltanais mar shínitheoirí leis na cóid iompair a chur ar fionraí go sealadach nó a eisiamh go cinntitheach. |
Leasú 372
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún tarraingt suas na gcód iompair ar leibhéal an Aontais idir, ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile, amhail soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fógraíochta ar líne nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tseirbhís agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha, chun cur le trédhearcacht bhreise i bhfógraíocht ar líne a ghabhann thar cheanglais Airteagail 24 agus 30. |
1. Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód iompair deonach a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais idir ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile, amhail soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fógraíochta ar líne nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tseirbhís agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha, chun cur le trédhearcacht bhreise don uile ghníomhaí san éiceachóras fógraíochta ar líne, ar trédhearcacht í a ghabhann thar cheanglais Airteagail 24 agus 30. |
Leasú 373
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go saothraíonn na cóid iompair tarchur éifeachtach faisnéise, agus lánurraim á tabhairt do chearta agus leasanna na bpáirtithe rannpháirteacha, agus timpeallacht iomaíoch, thrédhearcach agus chothrom le haghaidh fógraíocht ar líne, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe i ndáil le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtéitear i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair: |
2. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go saothraíonn na cóid iompair tarchur éifeachtach faisnéise, agus lánurraim á tabhairt do chearta agus leasanna na bpáirtithe lena mbaineann, agus timpeallacht iomaíoch, thrédhearcach agus chothrom le haghaidh fógraíocht ar líne, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe i ndáil le hiomaíocht agus le príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtéitear i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair: |
Leasú 374
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) na cineálacha éagsúla sonraí is féidir a úsáid. |
Leasú 375
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair a spreagadh laistigh de bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a gcur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta sin. |
3. Déanfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair a spreagadh laistigh de bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a gcur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta sin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcód sin 3 bliana tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
Leasú 376
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Spreagfaidh an Coimisiún na gníomhaithe uile san éiceachóras fógraíochta ar líne dá dtagraítear i mír 1 na gealltanais a luaitear sna cóid iompair a fhormhuiniú agus a chomhlíonadh. |
Leasú 377
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Bord an Coimisiún a mholadh maidir le tarraingt suas, i gcomhréir le mír 2, 3 agus 4, prótacal géarchéime chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime atá teoranta go docht d’imthosca urghnácha a dhéanfaidh difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí, a thionscnamh. |
1. Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún tarraingt suas prótacal deonach géarchéime, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, a thionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime atá teoranta go docht d’imthosca urghnácha lena ndéantar difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí. |
Leasú 378
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 4 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) bearta chun inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a áirithiú le linn do phrótacail a bheith á gcur chun feidhme, lena n-áirítear trí thuairisc inrochtana faoi na prótacail sin a sholáthar; |
Leasú 379
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Má mheasann an Coimisiún nach n-éiríonn le prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, ná feidhmiú na gceart bunúsach dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 4 a chosaint, féadfaidh sé iarraidh ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear bearta breise a dhéanamh. |
5. Má mheasann an Coimisiún nach n-éiríonn le prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, ná feidhmiú na gceart bunúsach dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 4 a chosaint, iarrfaidh sé ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh. |
Leasú 380
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus, go háirithe, ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. |
Leasú 381
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun a gcúraimí a chur i gcrích. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. |
Leasú 382
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh dlínse ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe chun críocha Chaibidil III agus IV den Rialachán seo. |
1. Beidh dlínse ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe chun críocha na maoirseachta agus an fhorfheidhmithe a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcomhréir leis an gCaibidil seo, ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar idirghabhálaithe faoin Rialachán seo. |
Leasú 383
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Measfar soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, chun críocha Chaibidil III agus Chaibidil IV, a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil ina chónaí nó bunaithe. |
2. Measfar soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, chun críocha an Airteagail seo, a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil ina chónaí nó bunaithe. |
Leasú 384
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh dlínse ag na Ballstáit uile chun críocha Chaibidil III agus Chaibidil IV. I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse faoin mír seo a fheidhmiú, cuirfidh sé na Ballstáit uile eile ar an eolas agus áiritheoidh sé go n-urramófar prionsabal ne bis in idem. |
3. I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh dlínse ag na Ballstáit uile chun críocha an Airteagail seo. I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse faoin mír seo a fheidhmiú, cuirfidh sé na Ballstáit uile eile ar an eolas agus áiritheoidh sé go n-urramófar an prionsabal ne bis in idem. |
Leasú 385
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an chumhacht chun ceangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críocha a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 agus 50(3), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta; |
(a) an chumhacht é a chur de cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críocha a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm agus a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta ar an Rialachán seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 50(3), an fhaisnéis sin a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de 3 mhí ar a dhéanaí; |
Leasú 386
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) an chumhacht le bearta eatramhacha a dhéanamh chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint. |
(e) an chumhacht bearta eatramhacha comhréireacha a ghlacadh, nó a iarraidh ar an údarás breithiúnach ábhartha amhlaidh a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint. |
Leasú 387
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse ama is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus aon féidearthachtaí sásaimh, a chur ar fáil do na daoine sin in am trátha. |
Maidir le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin i ndáil leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse ama is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí sásaimh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha. |
Leasú 388
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi dhlínse a mBallstáit, i gcás go bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun stop a chur le sárú spíonta, leanfar leis an sárú agus beidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú: |
3. I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, i ndáil le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi dhlínse a mBallstáit, i gcás inar ídíodh gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun stop a chur le sárú, ina leantar den sárú nó ina ndéantar arís agus arís eile é agus i gcás ina bhfuil sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú: |
Leasú 389
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe, laistigh de thréimhse ama réasúnta, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh; |
(a) a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe, laistigh de thréimhse ama réasúnta, nach rachaidh thar 3 mhí i gcás ar bith, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanfaidh an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a dhéanfar; |
Leasú 390
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon an soláthraí ceanglais na chéad fleisce go leordhóthanach, go bhfuil an sárú fós á dhéanamh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion tromchúiseach coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil an Bhallstáit sin ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh. |
(b) i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon an soláthraí ceanglais na chéad fleisce, ina leantar den sárú nó ina ndéantar arís agus arís eile é, agus i gcás ina bhfuil sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach agus ina gcuimsítear cion tromchúiseach coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar a iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil an Bhallstáit sin ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur le rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, agus sa chás sin amháin, srian a chur le comhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh. |
Leasú 391
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte faoin [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir le cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus maidir leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir leo. |
Leasú 392
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. |
2. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Bhord maidir leis na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dóibh, gan mhoill, faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. |
Leasú 393
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bpionós a fhorchuirtear maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % d’ioncam ná de láimhdeachas bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Ní rachaidh pionóis maidir le faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ná mainneachtain freagra a thabhairt ar fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach ná í a cheartú agus mainneachtain géilleadh do chigireacht ar an láthair thar 1 % d’ioncam ná de láimhdeachas bliantúil an tsoláthraí lena mbaineann. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bpionós a fhorchuirtear maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % de láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Ní rachaidh pionóis maidir le faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, maidir le mainneachtain freagra a thabhairt i ndáil le faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach nó í a cheartú, agus mainneachtain géilleadh do chigireacht ar an láthair thar 1 % de láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí lena mbaineann. |
Leasú 394
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid íocaíochta pionóis tréimhsiúla thar 5 % de mheánláimhdeachas laethúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a sonraíodh sa chinneadh lena mbaineann. |
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid íocaíochta pionóis tréimhsiúla thar 5 % de mheánláimhdeachas domhanda laethúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann sa bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena mbaineann. |
Leasú 395
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha a eisíonn orduithe de bhun Airteagail 8 agus 9 pionóis nó fíneálacha a eisiúint ach i gcomhréir leis an Airteagal seo. |
Leasú 396
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ina líomhnófar sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina Bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. |
1. Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse, , gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ina líomhnaítear go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe. Le linn na n-imeachtaí sin, beidh sé de cheart ag an dá pháirtí éisteacht a fháil agus faisnéis iomchuí a fháil faoi stádas na n-imeachtaí. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé é gan moill mhíchuí chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údaráis inniúil eile ina Bhallstát, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é a tharchur gan moill mhíchuí chuig an údarás sin. |
Leasú 397
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Ar an ngearán a tarchuireadh de bhun mhí 1 a fháil, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú ar an ábhar go tráthúil agus déanfaidh sé Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe a chur ar an eolas laistigh de 6 mhí más amhlaidh go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh le himscrúdú. Má sheolann sé imscrúdú, soláthróidh sé nuashonrú gach 3 mhí ar a laghad. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe an faighteoir a chur ar an eolas dá bharr sin. |
Leasú 398
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 43a |
|
Cúiteamh |
|
Gan dochar d’Airteagal 5, beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse cúiteamh a lorg, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, mar gheall ar aon damáiste díreach a rinneadh nó aon chaillteanas a tharla toisc gur sháraigh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha oibleagáidí a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
Leasú 399
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil bhliantúil suas ar a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo. Cuirfidh siad na tuarascálacha ar fáil go poiblí, agus cuirfidh siad iad in iúl don Choimisiún agus don Bhord. |
1. Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil bhliantúil suas ar a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo. Cuirfidh siad na tuarascálacha ar fáil go poiblí, i bhformáid chaighdeánaithe agus atá inléite ag meaisíní, agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus don Bhord iad. |
Leasú 400
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de Bhallstát an Chomhordaitheora Sheirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 a sholáthar; |
(a) líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de Bhallstát an Chomhordaitheora Sheirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis faoi ainm an údaráis eisiúna, ainm an tsoláthraí agus an cineál gníomhaíochta a shonraítear san ordú, chomh maith le bonn cirt go gcomhlíonann an t-ordú Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE; |
Leasú 401
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na héifeachtaí a bhí ag na horduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 8 agus 9. |
(b) na héifeachtaí a bhí ag na horduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 8 agus 9, líon na n-achomharc a rinneadh i gcoinne na n-orduithe sin, chomh maith le toradh na n-achomharc. |
Leasú 402
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí tuarascáil dhébhliantúil ina ndéanfar anailís ar na tuarascálacha bliantúla, arna gcur in iúl de bhun mhír 1, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. |
Leasú 403
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina bhfuil cúiseanna ag an mBord a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhísí idirghabhálacha an Rialachán seo, ar bhealach a bhaineann le trí Bhallstát ar a laghad, féadfaidh sé moladh do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú. |
I gcás ina bhfuil cúiseanna ag an mBord a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhísí idirghabhálacha an Rialachán seo, ar bhealach a bhaineann le trí Bhallstát ar a laghad, féadfaidh sé iarraidh ar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú. |
Leasú 404
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad in iarraidh nó moladh de bhun mhír 1: |
2. Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad in iarraidh de bhun mhír 1: |
Leasú 405
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Cuirfear iarraidh de bhun mhír 1 in iúl don Choimisiún an tráth céanna. I gcás ina gcreideann an Coimisiún nach bhfuil údar maith leis an iarraidh nó i gcás ina bhfuil an Coimisiún ag déanamh beart faoi láthair maidir leis an gceist chéanna, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go dtarraingeofar siar an iarraidh. |
Leasú 406
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta lánaird ar an iarraidh nó ar an moladh de bhun mhír 1. I gcás ina measann sé nach bhfuil easpa faisnéise aige chun gníomhú ar an iarraidh nó ar an moladh agus go bhfuil cúiseanna aige le meas gur féidir leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh sé faisnéis den sórt sin a iarraidh. Cuirfear an tréimhse ama a leagtar síos i mír 4 ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil. |
3. Tabharfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta lánaird ar an iarraidh de bhun mhír 1. I gcás ina measann sé nach bhfuil easpa faisnéise aige chun gníomhú ar an iarraidh agus go bhfuil cúiseanna aige lena mheas gur féidir leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh sé faisnéis den sórt sin a iarraidh. Cuirfear an tréimhse ama a leagtar síos i mír 4 ar fionraí go dtí go soláthrófar an fhaisnéis bhreise sin. |
Leasú 407
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná dhá mhí ón iarraidh ná ón moladh a fháil, a mheasúnú ar an sárú amhrasta, nó measúnú aon údarás inniúil eile de bhun an dlí náisiúnta i gcás inarb ábhartha, in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó don Bhord, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a glacadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíontacht an Rialacháin seo a áirithiú. |
4. Cuirfidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná dhá mhí ón iarraidh a fháil, a mheasúnú ar an sárú amhrasta, nó measúnú aon údarás inniúil eile de bhun an dlí náisiúnta i gcás inarb ábhartha, in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó don Bhord, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a glacadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíontacht an Rialacháin seo a áirithiú. |
Leasú 408
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. I gcás nach bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó, i gcás inarb iomchuí, an Bord, freagra laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i mír 4 nó i gcás nach n-aontaíonn sé le measúnú Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile. Beidh an iarraidh nó an moladh a seoladh chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, aon fhaisnéis eile a soláthraíodh de bhun mhír 3 agus an chumarsáid dá dtagraítear i mír 4 mar chuid den fhaisnéis sin ar a laghad. |
5. I gcás nach bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó, i gcás inarb iomchuí, an Bord, freagra laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i mír 4 nó i gcás nach n-aontaíonn sé le measúnú Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile. Beidh an iarraidh a seoladh chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, aon fhaisnéis eile a soláthraíodh de bhun mhír 3 agus an chumarsáid dá dtagraítear i mír 4 mar chuid den fhaisnéis sin ar a laghad. |
Leasú 409
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. I gcás, de bhun mhír 6, ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta measúnaithe ná imscrúdaithe ná forfheidhmithe a rinneadh ná a beartaíodh de bhun mhír 4 ar chomhréir leis an Rialachán seo, iarrfaidh sé ar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an ábhar agus na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú, agus é a chur ar an eolas faoi na bearta sin a rinneadh laistigh de dhá mhí ón iarraidh sin. |
7. I gcás, de bhun mhír 6, ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta measúnaithe ná imscrúdaithe ná forfheidhmithe a rinneadh ná a beartaíodh de bhun mhír 4 ar chomhréir leis an Rialachán seo, iarrfaidh sé ar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an ábhar agus na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú, agus é a chur ar an eolas faoi na bearta sin a rinneadh laistigh de dhá mhí ón iarraidh sin. Tarchuirfear an fhaisnéis seo freisin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó chuig an mBord a thionscain na himeachtaí de bhun mhír 1. |
Leasú 410
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tá imscrúduithe comhpháirteacha den sórt sin gan dochar do chúraimí agus do chumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha rannpháirteacha agus do na ceanglais is infheidhme d’fheidhmiú na gcúraimí sin agus d’fheidhmiú na gcumhachtaí sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha rannpháirteacha torthaí na n-imscrúduithe comhpháirteacha ar fáil do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Bhord tríd an gcóras dá bhforáiltear in Airteagal 67 le haghaidh comhlíonadh a gcúraimí faoi seach faoin Rialachán seo. |
scriosta |
Leasú 411
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. I gcás ina bhfuil cúiseanna ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhísí idirghabhálacha an Rialachán seo ar bhealach a raibh baint ag Ballstát amháin eile ar a laghad leis, féadfaidh sé a mholadh do Chomhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann imscrúdú comhpháirteach a sheoladh. Beidh an t-imscrúdú comhpháirteach bunaithe ar chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann. |
Leasú 412
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Arna iarraidh sin do Chomhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha a bhfuil cúiseanna aige a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí seirbhísí idirmheánacha an Rialachán seo ina Bhallstát, féadfaidh an Bord a mholadh do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta imscrúdú comhpháirteach a sheoladh leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann. Beidh an t-imscrúdú comhpháirteach bunaithe ar chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann. |
|
I gcás nach bhfuil aon chomhaontú ann laistigh de mhí amháin, beidh an t-imscrúdú comhpháirteach faoi mhaoirseacht Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta. |
|
Tá na himscrúduithe comhpháirteacha sin gan dochar do chúraimí agus do chumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha rannpháirteacha agus do na ceanglais is infheidhme d’fheidhmiú na gcúraimí sin agus do chomhlíonadh na gcumhachtaí sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha rannpháirteacha torthaí na n-imscrúduithe comhpháirteacha ar fáil do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Bhord tríd an gcóras dá bhforáiltear in Airteagal 67 le haghaidh comhlíonadh a gcúraimí faoi seach faoin Rialachán seo. |
Leasú 413
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) comhordú agus cur le treoraíocht agus anailís an Choimisiúin agus na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údarás inniúil eile maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo; |
(b) comhordú agus soláthar threoir agus anailís an Choimisiúin agus na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údarás inniúil eile maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo; |
Leasú 414
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) rannchuidiú le hAirteagal 3 de Threoir 2000/31/CE a chur i bhfeidhm go héifeachtach chun ilroinnt an mhargaidh aonair dhigitigh a chosc; |
Leasú 415
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) rannchuidiú le comhar éifeachtach le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
Leasú 416
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord, a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. I gcás ina bhforáiltear ina leith sa dlí náisiúnta, beidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta eile le freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo. |
1. Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord, a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. I gcás ina bhforáiltear ina leith sa dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta eile le freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo. Measfar an cruinniú a bheith bailí má bhíonn ar a laghad dhá thrian dá chomhaltaí i láthair. |
Leasú 417
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus lena rialacha nós imeachta. |
Leasú 418
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh vóta amháin ag gach Ballstát. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún. |
2. Beidh vóta amháin ag gach Ballstát, a bheidh le caitheamh ag Comhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún. |
Leasú 419
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus lena rialacha nós imeachta. |
scriosta |
Leasú 420
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe, agus féadfaidh sé comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí. |
5. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnóirí freastal ar a chruinnithe, agus comhoibreoidh sé le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí. |
Leasú 421
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. I gcás inarb iomchuí, rachaidh an Bord i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé torthaí an chomhairliúcháin sin ar fáil go poiblí. |
Leasú 422
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Glacfaidh an Bord lena rialacha nós imeachta, i ndiaidh toiliú a fháil ón gCoimisiún. |
6. Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta féin trí thromlach dhá thrian a chomhaltaí, tar éis thoiliú an Choimisiúin. |
Leasú 423
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) moltaí sonracha a eisiúint maidir le hAirteagal 13ú a chur chun feidhme; |
Leasú 424
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) molfar don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 51 a dhéanamh agus, i gcás ina n-iarrann an Coimisiún é, tuairimí a ghlacadh maidir le dréachtbhearta de chuid an Choimisiúin a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
(d) molfar don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 51 a dhéanamh agus tuairimí a ghlacadh maidir le dréachtbhearta de chuid an Choimisiúin a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
Leasú 425
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) déanfar faireachán ar chomhlíonadh Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE maidir le bearta arna nglacadh ag Ballstát lena gcuirtear srian ar an tsaoirse chun seirbhísí soláthraithe seirbhísí idirmheánacha ó Bhallstát eile a sholáthar agus áiritheofar go bhfuil fíorghá leis na bearta sin agus nach gcuireann siad srian ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo; |
Leasú 426
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) tacófar le forbairt agus le cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte, tuarascálacha, teimpléad agus cód iompair Eorpach agus cuirfidh chun cinn í dá bhforáiltear sa Rialachán seo, mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
(e) tacófar le forbairt agus le cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte, tuarascálacha, teimpléad agus cód iompair Eorpach agus cuirfidh chun cinn iad i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí thuairimí, moltaí nó comhairle a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hAirteagal 34, mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
Leasú 427
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cuirfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis náisiúnta inniúla eile nach leanann na tuairimí, iarrataí ná moltaí a dhírítear orthu agus ar ghlac an Bord iad cúiseanna leis an rogha sin ar fáil agus iad ag tuairisciú de bhun an Rialacháin seo nó nuair atá a gcinntí ábhartha á nglacadh, de réir mar is iomchuí. |
2. Cuirfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis náisiúnta inniúla eile nach leanann na tuairimí, iarrataí ná moltaí a dhírítear orthu agus ar ghlac an Bord iad cúiseanna leis an rogha sin ar fáil agus míniú ar na himscrúduithe, na gníomhartha agus na bearta atá curtha i bhfeidhm acu agus iad ag tuairisciú de bhun an Rialacháin seo nó nuair atá a gcinntí ábhartha á nglacadh, de réir mar is iomchuí. |
Leasú 428
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 49a |
|
Tuarascálacha |
|
1. Déanfaidh an Bord tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena ghníomhaíochtaí. Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. |
|
2. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil, i measc faisnéis eile, athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil na dtuairimí, na dtreoirlínte, na moltaí agus aon bhearta eile arna ndéanamh faoi Airteagal 49(1). |
Leasú 429
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, nó an Bord, ag gníomhú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha cinn scríbe ar a laghad, i gcás ina bhfuil cúiseanna ann le bheith amhrasach gur sháraigh ardán an-mhór ar líne aon cheann de na forálacha sin, moladh do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta imscrúdú a dhéanamh ar an sárú amhrasta d’fhonn go nglacfadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin le cinneadh den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta. |
Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, nó an Bord, ag gníomhú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha cinn scríbe ar a laghad, i gcás ina bhfuil cúiseanna ann le bheith amhrasach gur sháraigh ardán an-mhór ar líne aon cheann d’fhorálacha Roinn 4 de Chaibidil III, iarraidh ar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta imscrúdú a dhéanamh ar an sárú amhrasta d’fhonn go nglacfadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin le cinneadh den sórt sin laistigh de thréimhse ama réasúnta agus tráth nach déanaí ná trí mhí. |
Leasú 430
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Le linn don chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bheith á chur in iúl don ardán an-mhór ar líne lena mbaineann, iarrfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta air plean gníomhaíochta ina sonraítear conas a bheartaíonn an t-ardán an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, a tharraingt suas agus a chur in iúl do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, don Choimisiún agus don Bhord, laistigh de mhí amháin ón dáta a rinneadh an cinneadh sin. Féadfaidh rannpháirtíocht i gcód iompair mar a fhoráiltear in Airteagal 35 a bheith mar chuid de na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta, i gcás inarb iomchuí. |
2. Le linn don chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bheith á chur in iúl don ardán an-mhór ar líne lena mbaineann, iarrfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta air plean gníomhaíochta ina sonraítear conas a bheartaíonn an t-ardán an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, a tharraingt suas agus a chur in iúl do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta, don Choimisiún agus don Bhord, laistigh de mhí amháin ón dáta a rinneadh an cinneadh sin. Féadfaidh rannpháirtíocht i gcód iompair mar a fhoráiltear in Airteagal 35 a bheith molta sna bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta, i gcás inarb iomchuí. |
Leasú 431
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Idirghabháil ón gCoimisiún agus tionscnamh imeachtaí |
Tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún |
Leasú 432
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar mholadh ón mBord nó ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 58 agus 59 i leith iompar an ardáin an-mhór ar líne: |
1. Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar mholadh ón mBord nó ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 58 agus 59 i leith iompar an ardáin an-mhór ar líne: |
Leasú 433
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina gcinneann an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun mhír 1, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Bhord agus don ardán an-mhór ar líne lena mbaineann. |
2. I gcás ina dtionscnaíonn an Coimisiún imeachtaí de bhun mhír 1, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Bhord agus don ardán an-mhór ar líne lena mbaineann. |
Leasú 434
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. D’fhonn tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún le hiarraidh shimplí nó le cinneadh éileamh ar na hardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine eile a ghníomhaíonn chun críocha a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta nó leis an sárú, mar is infheidhme, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 agus 50(3), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta. |
1. D’fhonn tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún le hiarraidh réasúnaithe nó le cinneadh éileamh ar na hardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, a n-ionadaithe dlíthiúla chomh maith le haon duine eile a ghníomhaíonn chun críocha a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta nó leis an sárú, mar is infheidhme, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 agus 50(3), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta. |
Leasú 435
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Áireofar le cuspóir na hiarrata réasúnú ar an bhfáth agus ar an gcaoi a bhfuil an fhaisnéis riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú agus ar an bhfáth nach féidir í a fháil ar mhodh eile. |
Leasú 436
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh úinéirí an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1) nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1). Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach. |
4. Cuirfidh úinéirí an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1) nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1). |
Leasú 437
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcomhthéacs imeachtaí as a bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh de bhun Airteagal 58(1) a ghlacadh dá bharr, i gcás ina bhfuil práinn mar gheall ar riosca damáiste tromchúiseach d’fhaighteoirí na seirbhíse, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, bearta eatramhacha a ordú in aghaidh an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann ar bhonn cinneadh prima facie go ndearnadh sárú. |
1. I gcomhthéacs imeachtaí as a bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh de bhun Airteagal 58(1) a ghlacadh dá bharr, i gcás ina bhfuil práinn mar gheall ar riosca damáiste tromchúiseach d’fhaighteoirí na seirbhíse, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, bearta eatramhacha comhréireacha atá i gcomhréir le cearta bunúsacha a ordú in aghaidh an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann ar bhonn cinneadh prima facie go ndearnadh sárú. |
Leasú 438
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a ationscnamh: |
2. Déanfaidh an Coimisiún na himeachtaí a ationscnamh: |
Leasú 439
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 55; |
(b) bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 55; nó |
Leasú 440
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ordóidh an Coimisiún sa chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don ardán an-mhór ar líne lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíontacht leis an gcinneadh de bhun mhír 1 a áirithiú laistigh de thréimhse ama réasúnta agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta atá i gceist ag an ardán a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh. |
3. Ordóidh an Coimisiún sa chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1 don ardán an-mhór ar líne lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíontacht leis an gcinneadh de bhun mhír 1 a áirithiú laistigh de mhí amháin agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta atá i gceist ag an ardán a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh. |
Leasú 441
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 comhlíonta, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú trí chinneadh. |
5. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 comhlíonta, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú trí chinneadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh le héifeacht láithreach. |
Leasú 442
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha a fhorchur ar an ardán an-mhór ar líne nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh de bhun Airteagal 58, i gcás ina measann sé go ndearna an t-ardán sin an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
1. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha a fhorchur ar an ardán an-mhór ar líne nach mó ná 6 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh de bhun Airteagal 58, i gcás ina measann sé go ndearna an t-ardán an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
Leasú 443
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur trí chinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), i gcás ina measann sé go ndearnadh an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
2. Féadfaidh an Coimisiún trí chinneadh agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, fíneálacha nach mó ná 1 % den láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), i gcás ina measann sé go ndearnadh an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
Leasú 444
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe agus, maidir le fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí. |
4. Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe, aon fhíneálacha arna n-eisiúint faoi Airteagal 42 i leith an tsáraithe chéanna agus, maidir le fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí. |
Leasú 445
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur le cinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), mar is infheidhme, nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas laethúil, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, chun iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh: |
1. Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur le cinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), mar is infheidhme, nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, d’fhonn iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh: |
Leasú 446
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 64 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagal 55(1), 56(1), 58, 59 agus 60. Luafar i bhfoilseachán den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh. |
1. Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagal 55(1), 56(1), 58, 59 agus 60. Luafar i bhfoilsiú den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis arna bhforchur, agus, i gcás inar féidir agus ina bhfuil údar cuí leo, le doiciméid neamhrúnda nó cineálacha eile faisnéise ar a bhfuil an cinneadh bunaithe. |
Leasú 447
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse ama nach mbeidh níos lú ná dhá sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag aithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. |
Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse ama nach mbeidh níos lú ná 14 lá oibre, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag aithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. |
Leasú 448
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 66 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) forbairt agus cur chun feidhme na gcaighdeán dá bhforáiltear in Airteagal 34. |
Leasú 449
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan dochar do Threoir 2020/XX/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle52, beidh an ceart ag faighteoirí seirbhísí idirghabhálacha sainordú a thabhairt do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas na cearta dá dtagraítear in Airteagail 17, 18 agus 19 a fheidhmiú thar a gceann, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht, eagraíocht nó comhlachas gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: |
Gan dochar do Threoir (AE) 2020/1818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle52, beidh an ceart ag faighteoirí seirbhísí idirghabhálacha sainordú a thabhairt do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas na cearta dá dtagraítear in Airteagail 8, 12, 13, 14, 15, 17, 18, 19, 43 agus 43a a fheidhmiú thar a gceann, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht, eagraíocht nó comhlachas gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: |
__________________ |
__________________ |
52 [Tagairt]: |
52 [Tagairt]: |
Leasú 450
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 23, 25 agus 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [dáta ar a bhfuiltear ag súil le glacadh leis an Rialachán]. |
2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 13a, 16, 23, 25 agus 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann cúig bliana ón [dáta ar a bhfuiltear ag súil le glacadh leis an Rialachán]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. |
Leasú 451
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 23, 25 agus 31 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun an chúlghairm a dhéanamh deireadh leis an tarmligean cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 13a,16, 23, 31 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun an chúlghairm a dhéanamh deireadh leis an tarmligean cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
Leasú 452
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 23, 25 agus 31 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 3 mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 13a, 16, 23, 25, 31 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse ceithre mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
Leasú 453
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tabharfaidh an Coiste Seirbhísí Digiteacha cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
1. Tabharfaidh an Coiste Seirbhísí Digiteacha cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
Leasú 454
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Laistigh de cúig bliana tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. |
1. Laistigh de thrí bliana tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil: |
|
(a) cur i bhfeidhm Airteagal 25, lena n-áirítear maidir le líon na bhfaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse; |
|
(b) cur i bhfeidhm Airteagal 11. |
|
(c) cur i bhfeidhm Airteagal 14. |
|
(d) cur i bhfeidhm Airteagail 35 agus 36. |
Leasú 455
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 456
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh acu, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh. |
3. Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh acu, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua. |
Leasú 457
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 74 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh feidhm aige ón [dáta - trí mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm]. |
2. Beidh feidhm aige ón [dáta - sé mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm]. |
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Réamhrá
Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an togra ón gCoimisiún maidir le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Is cnámh droma tábhachtach dár ngeilleagar iad seirbhísí digiteacha, ag tabhairt deiseanna nua do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon, a úsáideann na seirbhísí digiteacha éagsúla ar bhonn laethúil.
Ag an am céanna chruthaigh seirbhísí digiteacha dúshláin agus rioscaí tromchúiseacha. Tá athrú mór tagtha ar chineál, ar scála agus ar thábhacht na seirbhísí digiteacha don gheilleagar agus don tsochaí ó cuireadh an reachtaíocht reatha i bhfeidhm. Tá gá le creat rialála nuashonraithe maidir le seirbhísí digiteacha, lena mbunaítear freagrachtaí soiléire chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun machaire comhréidh a áirithiú sa Mhargadh Aonair digiteach agus spás digiteach níos sábháilte do na húsáideoirí.
Aithníonn an Rapóirtéir cineál cothrománach an Rialacháin seo, ach measann sé ag an am céanna nach n-éiríonn leis an aon chur chuige amháin do chách dul i ngleic leis na fadhbanna le táirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha a dhíoltar trí mhargaí ar líne. Tá an Rapóirtéir den tuairim go gcaithfear rialacha níos déine maidir le margaí ar líne a thabhairt isteach chun machaire comhréidh a chruthú agus chun a áirithiú gur cheart go mbeadh an prionsabal “an rud atá neamhdhleathach as líne, ba cheart é a bheith neamhdhleathach ar líne freisin”.
Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh aidhm an Choimisiúin trédhearcacht na gcóras fógraíochta agus moltóra ar líne a mhéadú, ach tá sé den tuairim go bhfuil oibleagáidí nithiúla de dhíth sa togra ón gCoimisiún chun cuntasacht a áirithiú agus chun aimpliú ábhair neamhdhleathaigh a chosc. Dá bhrí sin, measann an Rapóirtéir go bhfuil gá le bearta agus ceanglais trédhearcachta breise a mholadh chun cosaint d’úsáideoir a áirithiú trí dhearadh agus mar réamhshocrú.
Ar deireadh, fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an bhfócas ar na forálacha cur chun feidhme agus forfheidhmithe agus creideann sé, i bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí digiteacha, go bhféadfadh an tsamhail forfheidhmithe hibrideach a mhol an Coimisiún forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú. Measann an Rapóirtéir, áfach, gur gá roinnt forálacha a neartú chun a áirithiú nach mbeidh aon Bhallstát ina thearmann d’ardáin ar líne.
Cosaint tomhaltóirí agus margaí ar líne
Cé go n-admhaíonn an Rapóirtéir cur chuige cothrománach an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, caithfear gníomhaíochtaí níos sainiúla a éileamh ó mhargaí ar líne lena áirithiú gur féidir le tomhaltóirí táirgí agus seirbhísí sábháilte a cheannach ar líne. Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh ghnéithe áirithe den togra ón gCoimisiúin, eadhon inrianaitheacht trádálaithe, an coinníoll sonrach leis an díolúine ó dhliteanas a dhíríonn ar mhargaí ar líne agus go measfar go dtabharfaidh fógraí faoi choinníollacha áirithe eolas iarbhír agus ar an gcaoi sin ardáin ar líne a chur faoi dhliteanas mura mbaineann siad an t-ábhar anuas.
Chun dul i ngleic le ceist na dtáirgí neamhdhleathacha, áfach, agus ar an gcaoi sin a áirithiú gur mó ná focail an prionsabal “an rud atá neamhdhleathach as líne, ba cheart é a bheith neamhdhleathach ar líne freisin”, tá an Rapóirtéir den tuairim nach mór coinníollacha breise maidir le díolúine ar dhliteanas agus oibleagáidí a thabhairt isteach chun cosaint tomhaltóirí agus machaire comhréidh a áirithiú do ghnólachtaí Eorpacha laistigh den Mhargadh Aonair digiteach.
Molann an Rapóirtéir Airteagal nua a leagann síos coinníollacha níos déine maidir leis na díolúintí ar dhliteanas a dhíríonn go sonrach ar mhargaí ar líne. Cuimsíonn na coinníollacha sin ceanglais i measc rudaí eile chun oibleagáidí agus coinníollacha áirithe díchill chuí a chomhlíonadh a áirithíonn, más rud é nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch ag trádálaí ó thríú tír faoi dhliteanas as sábháilteacht an táirge, nach mbainfidh an margadh leas as díolúine ar dhliteanas. Déantar é sin chun dliteanas aon táirge a dhíoltar le tomhaltóirí Eorpacha, lena n-áirítear ó ríomhthráchtáil, a áirithiú. Ina theannta sin, beidh tomhaltóirí in ann sásamh a lorg as aon damáiste a rinne na táirgí nó na seirbhísí ón ardán ar líne.
Ar deireadh, molann an Rapóirtéir an oibleagáid maidir le hinrianaitheacht trádálaithe a neartú, trí airteagal nua a thabhairt isteach ag leathnú raon feidhme na bhforálacha áirithe a chuirtear i láthair in Airteagal 22 chuig gach seirbhís idirghabhálach agus trí fhorálacha nua a thabhairt isteach a dhíríonn ar mhargaí ar líne. Cuimsíonn na forálacha sin oibleagáidí chun cosc a chur ar tháirgí contúirteacha agus/nó neamhchomhlíontacha a thairiscint ar líne agus oibleagáidí chun comhoibriú le húdaráis náisiúnta nuair is gá maidir le táirgí contúirteacha a díoladh cheana.
Ábhar neamhdhleathach a bhaint
Tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart ábhar neamhdhleathach a bhaint de sheirbhísí idirghabhálaacha chomh tapa agus is féidir agus cearta bunúsacha á gcur i gcuntas. Creideann an Rapóirtéir gur cheart go leagfaí síos creat um fhógairt agus baint le DSA le nósanna imeachta atá sainithe go soiléir, coimircí agus sceideal chun gníomhú maidir le fógraí faoi ábhar neamhdhleathach agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha a áirithiú i ngach Ballstát. Cé gur gá am a thabhairt d’ardáin dhigiteacha measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ábhair, bíonn tionchar an-trom ag ábhar áirithe agus d’fhéadfadh an t-ábhar sin a bheidh ina bhagairt níos mó don tsochaí nó dochar suntasach a dhéanamh don duine aonair. Mar sin tá sé réasúnta dhá shraith amlínte a bheith acu le tráthchláir níos giorra d’ábhar ardtionchair den sórt sin. Chun comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ann a áirithiú, sonraíonn an Rapóirtéir go bhfuil na spriocdhátaí sin gan dochar do spriocdhátaí a leagtar síos i reachtaíocht earnála nó in orduithe dlí.
Ina theannta sin, fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an oibleagáid a tugadh isteach in Airteagal 20 maidir le bearta agus cosaint i gcoinne mí-úsáide. Nuair a chuireann úsáideoir ábhar neamhdhleathach ar fáil go minic ar chomhéadan ardáin, e.g. táirgí a thairiscint nach gcomhlíonann dlíthe an Aontais, ba cheart don ardán an t-úsáideoir a chur ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnta ama. Níor cheart go mbeadh an méid sin teoranta d’abhar, agus don ábhar sin amháin, ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach.
Cearta úsáideoirí
Fáiltíonn an Rapóirtéir freisin roimh an moladh ón gCoimisiúin maidir le córas inmheánach um láimhseáil gearán agus an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt. Chun nós imeachta éifeachtach a chinntiú, áfach, mhol an Rapóirtéir tráthchláir a áireamh. Ina theannta sin, níor cheart an córas inmheánach chun déileáil le gearáin a bheith ar fáil ach amháin dóibh siúd ar baineadh anuas a n-ábhar, ach freisin dóibh siúd ar diúltaíodh dá bhfógra.
Creideann an Rapóirtéir nár cheart go mbeadh rochtain ag údaráis náisiúnta agus ag an gCoimisiún, agus iad sin amháin, ar mhodhanna cumarsáide díreacha agus éifeachtúla le seirbhísí idirghabhálacha, ach gur cheart go mbeadh rochtain freisin ag faighteoirí seirbhísí. Molann an Rapóirtéir Airteagal nua a lamhálann d’fhaighteoirí seirbhísí rogha a dhéanamh idir modhanna cumarsáide leis na seirbhísí idirghabhálacha.
Ar deireadh, tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart go mbeadh na hoibleagáidí breise a fhorchuirtear ar ardáin ar líne faoin Rialachán seo caibidil a dó, roinn a trí, infheidhme maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga freisin seachas Airteagal 23. Ní dhéanann an dlí um chosaint tomhaltóirí idirdhealú idir fiontair bheaga agus fiontair mhóra, agus dá bhrí sin níor cheart na hoibleagáidí a theorannú d’ardáin níos mó.
Fógraíocht ar líne
Creideann an Rapóirtéir go láidir go bhfuil bailiú agus úsáid forleathan sonraí úsáideoirí chun fógraíocht spriocdhírithe, micri-spriocdhírithe agus iompraíochta a sholáthar imithe as smacht. Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh na hoibleagáidí trédhearcachta nua maidir leis an tsaincheist sin, ach creideann sé nach féidir leis an trédhearcacht amháin na fadhbanna a bhaineann le fógra spriocdhírithe ar líne a réiteach.
Molann an Rapóirtéir airteagal nua a bhfuil sé mar aidhm aige lamháil do thomhaltóirí nascleanúint a dhéanamh trí ardáin ar líne gan a bheith faoi réir fógraíocht spriocdhírithe. Molann an Rapóirtéir, dá bhrí sin, go ndéanfaí fógraíocht spriocdhírithe a fhritháireamh de réir réamhshocrú agus gur féidir le tomhaltóirí rogha an diúltaithe a dhéanamh. Molann an Rapóirtéir freisin, nuair a phróiseálann idirghabhálaithe ar líne sonraí le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe, nach ndéanfaidh siad gníomhaíochtaí a bhféadfadh rianú forleathan a bheith mar thoradh orthu.
Ina theannta sin, molann an Rapóirtéir raon feidhme an Airteagail maidir le trédhearcacht fógraíochta ar líne a leathnú chuig gach seirbhís idirghabhálach agus molann sé forálacha nua maidir le trédhearcacht. Molann an Rapóirtéir gur cheart go sonrófaí leis na seirbhísí idirghabhálacha, i measc nithe eile, an duine a mhaoiníonn an fógra agus cá bhfuil an fógra curtha ar taispeáint. Ina theannta sin, ba cheart go lamhálfadh an tseirbhís idirghabhálach rochtain ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, taighdeoirí agus údaráis phoiblí, arna iarraidh sin dóibh, ar fhaisnéis faoi íocaíocht dhíreach agus indíreach nó faoi aon luach saothair a fhaightear.
Ar deireadh, chun feasacht na dtomhaltóirí ar ábhar tráchtála a fheabhsú molann an Rapóirtéir gur cheart marcálacha fógraíochta feiceálacha agus comhchuibhithe orthu. Sa lá atá inniu ann, is faoin trádálaí aonair atá sé cinneadh a dhéanamh conas an fógra a nochtadh chomh fada agus a mheastar go bhfuil sé seo soiléir go leor do ghnáth-thomhaltóir an spriocghrúpa ionchasaigh. Tá marcálacha éagsúla mar thoradh ar an tsaoirse sin a fhágann go mbíonn sé deacair ar thomhaltóirí fógra a aithint. Dá bhrí sin, tá gá le marcáil fheiceálach agus chomhchuibhithe le haghaidh fógraíochta.
Córais mholtóra agus cuntasacht algartamach
Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh aitheantas an Choimisiúin gur féidir le córais mholtóra tionchar suntasach a bheith acu ar chumas an úsáideora faisnéis a roghnú, agus go bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún airteagal a thiomnú chun dul i ngleic le saincheisteanna gaolmhara. Mar sin féin, measann an Rapóirtéir go bhfuil gá atá le cumhachtú na dtomhaltóirí a neartú tuilleadh maidir le córais mholtóra.
Molann an Rapóirtéir raon feidhme an Airteagail a leathnú chuig gach ardán ar líne mar go mbíonn tionchar suntasach freisin ar úsáideoirí ag córais mholtóra a úsáidtear ar ardáin le níos lú ná 45 mhilliún úsáideoir gníomhach. Ina theannta sin, molann an Rapóirtéir nár cheart, de réir réamhshocrú, go mbeadh aon chóras moltóra bunaithe ar phróifíliú, agus gur cheart go mbeadh tomhaltóirí atá faoi réir an chórais moltóra a úsáideann próifíliú in ann féachaint ar aon phróifílí a úsáidtear chun an t-ábhar a fheiceann siad a choimeád agus na próifílí sin a scriosadh. Ina theannta sin, creideann an Rapóirtéir gur cheart na halgartaim a úsáidtear sa chóras mholtóra a dhearadh ar bhealach a choisceann patrúin dhorcha agus mearbhall tarlú. Thairis sin, molann an Rapóirtéir oibleagáid tarchuir “nach mór a iompar” chun a áirithiú go ndéantar faisnéis a bhfuil spéis ag an bpobal inti a rangú go hard sna halgartaim ardáin.
Ar deireadh, measann an Rapóirtéir gur cheart níos mó cuntasachta maidir le halgartaim a thabhairt isteach sa togra. Molann an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh an Coimisiún in ann na halgartaim a úsáideann ardáin ar líne an-mhór a mheas agus a chinneadh an gcomhlíonann siad roinnt riachtanas. Lamhálfaí don Choimisiún smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcás sárú ar riachtanais áirithe.
Cur chun feidhme agus forfheidhmiú
Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an tsamhail forfheidhmithe a mhol an Coimisiún. Rinneadh roinnt athruithe, áfach, chun an tsamhail a neartú. Ag glacadh inspioráide ó Rialachán (AE) 2017/2394, molann an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag Comhordaitheoir na Seirbhíse Digití agus ag an gCoimisiún rochtain ar chomhéadan seirbhíse idirghabhálaí a shrianadh, má sháraíonn an soláthraí arís agus arís eile na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán sin. Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an gCoimisiún gníomhú, agus é sin amháin, ach ba cheart go mbeadh oibleagáid air gníomhú má tá cúiseanna aige a chreidiúint go sáraíonn ardán an-mhór ar líne an Rialachán seo.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (29.9.2021)
chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE
(COM(2020)0825 – C9-0418/2020 – 2020/0361(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Henna Virkkunen
(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
RÉASÚNÚ GEARR
Sa togra uaidh le haghaidh an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, leag an Coimisiún Eorpach roinnt bealaí amach chun feabhas a chur ar chosaint na gceart bunúsach ar líne agus chun oibleagáid níos láidre a chruthú i dtaca le trédhearcacht agus cuntasacht le haghaidh ardáin ar líne.
Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an Rialachán nua seo an daonlathas a neartú, iomaíocht chóir a mhéadú agus dlús a chur leis an nuálaíocht. Ní mór don domhan digiteach cloí leis na luachanna Eorpacha céanna agus a chloíonn an chuid eile dár sochaithe leo: an daonlathas, saoirse cainte agus cearta an duine. Ba cheart don mhéid atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne freisin. Tá sé ríthábhachtach do ghnó Eorpach freisin, go háirithe FBManna, go gcloífeadh cuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha ach a fheidhmíonn sa mhargadh inmheánach leis na rialacha céanna agus a chloíonn cuideachtaí Eorpacha leo.
Sa dréacht-tuairim, níor phléigh mé ach codanna den Rialachán a thagann faoi inniúlacht ITRE. Rogha chomhfhiosach ab ea é, a mholaim do na Rapóirtéirí uile agus do chomhghleacaithe eile é a leanúint, agus anailís á déanamh ar an togra ón gCoimisiún agus athruithe air á moladh. Mar an coiste tionsclaíochta, taighde, fuinnimh, TFC agus FBM den Pharlaimint, tá an-spéis againn in go leor codanna den Rialachán agus tá inniúlacht shoiléir againn lena n-aghaidh, ach ba cheart dúinn freisin an ról tábhachtach atá ag coistí eile gaolmhara agus ag an gcoiste ceannais a aithint.
Áirítear sa togra oibleagáidí chun ábhar neamhdhleathach a bhaint ó ardáin, inrianaitheacht úsáideoirí gnó, bealaí chun cinntí maidir le modhnóireacht a cheistiú, agus rochtain taighdeoirí ar shonraí. In go leor codanna den Rialachán, ní mór dúinn an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir leasanna dlisteanacha éagsúla agus argóintí. Tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún, tá sé tugtha faoi deara agam, i roinnt mhaith de na cásanna sin, go bhfuil údar maith leis an gcinneadh a rinne an Coimisiún ina thogra, agus go bhfuil sé dea-réasúnaithe. I gcás na nAirteagal sin, níl athruithe á moladh agam, fiú má mheasaim go dtagann cuid mhaith díobh faoi inniúlacht ITRE.
I mo dhréacht-tuairim, dírítear ar mhéid an ualaigh riaracháin agus ar na ceanglais atá á leagadh amach againn, ní hamháin do na cuideachtaí móra ach do na cuideachtaí beaga ach go háirithe. Sa dréacht-tuairim, d’aithin mé roinnt mhaith ceanglas, ar ceanglais iad, mar gheall ar a nádúr, a leibhéal mionsonraithe, nó méid ionchasach an chostais chomhlíontachta a bhaineann leo, nár cheart feidhm a bheith acu maidir le micreaghnóthais agus gnóthais bheaga. Creidim go bhfuil an méid sin i gcomhréir freisin leis an ionchur a fuair mé ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla sular foilsíodh an dréacht-tuairim seo.
Chomh maith leis an mbéim ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga, tá soiléirithe agus athruithe áirithe de chineál níos teicniúla tugtha isteach agam. Ba cheart dúinn a áirithiú go bhfuil na caighdeáin a leagaimid síos sa Rialachán seo soiléir agus go gcuireann siad an deimhneacht dhlíthiúil is gá ar fáil do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. Ba cheart dúinn a áirithiú freisin go bhfuil na sásraí atá á dtabhairt isteach againn sa reachtaíocht seo éifeachtúil agus go gcomhlíonann siad an ról a sannadh dóibh.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Tá tionchar diúltach ag na dlíthe náisiúnta difriúla sin ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh, de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bhunaíochta, ag tabhairt san áireamh cineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus ar dheiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, fad is a cheadaítear do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó a bheith acu. |
(2) Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Tá tionchar diúltach ag na dlíthe náisiúnta difriúla sin ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh, de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bhunaíochta, ag tabhairt san áireamh cineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus ar dheiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, fad is a cheadaítear do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó, gan éifeachtaí na gceangal trádála, a bheith acu. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa agus le ligean do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a fheidhmiú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe. |
(3) Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa agus le ligean do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a fheidhmiú, go háirithe an ceart chun príobháideachais, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo do sheirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi sini agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Ach úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh. |
(4) Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, soiléire, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo do sheirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Ach úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí áirithe na sochaí faisnéise mar a shainítear i dTreoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, is é sin, aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth i gcomhair luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair faighteora. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha comhdhéanta de sheirbhísí ar a dtugtar seirbhísí ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ agus ‘óstála’, ós rud é gur mhéadaigh fás easpónantúil na húsáide a bhaintear as na seirbhísí sin, go príomha chun críocha dlisteanacha agus chun tairbhe na sochaí de gach cineál, a ról freisin in idirghabháil agus scaipeadh faisnéise agus gníomhaíochtaí atá neamhdhleathach nó díobhálach ar bhealach eile. |
(5) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí áirithe na sochaí faisnéise mar a shainítear i dTreoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26, is é sin, aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth i gcomhair luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair faighteora. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha comhdhéanta de sheirbhísí ar a dtugtar seirbhísí ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ agus ‘óstála’, ós rud é gur mhéadaigh fás easpónantúil na húsáide a bhaintear as na seirbhísí sin, go príomha chun críoch dlisteanach agus chun tairbhe na sochaí de gach cineál, a ról freisin sa fhreagracht atá orthu cearta bunúsacha a chaomhnú. |
__________________ |
__________________ |
26 Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch.1). |
26 Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch.1). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Ba cheart féachaint ar nasc substaintiúil den chineál sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, ina éagmais sin, ar an mbonn go bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. Is féidir spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca cosúil le húsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht chun táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann náisiúnta barrleibhéil a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil cosúil le seirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27. Ar an lámh eile, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh ghréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas. |
(8) Ba cheart féachaint ar nasc substaintiúil den chineál sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, ina éagmais sin, ar an mbonn go bhfuil go bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú aige i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. Is féidir spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca cosúil le húsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht chun táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann náisiúnta barrleibhéil a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil cosúil le seirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27. Ar an lámh eile, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh ghréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas. |
__________________ |
__________________ |
27 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1). |
27 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1). |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Ba cheart go gcomhlánódh an Rialachán seo, ach nach n-imreodh sé tionchar ar chur i bhfeidhm rialacha a eascraíonn as ionstraimí eile de dhlí an Aontais a rialaíonn gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe Treoir 2000/31/CE, cé is moite de na hathruithe sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 arna leasú,28 agus Rialachán (AE) …/.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne Dá bhrí sin, níl tionchar ag an Rialachán seo ar na hionstraimí eile sin, a mheastar a bheith ina lex specialis i ndáil leis an gcreat is infheidhme go ginearálta mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Tá feidhm ag rialacha an Rialacháin seo, áfach, maidir le saincheisteanna nach dtéitear i ngleic leo nó nach dtéitear i ngleic leo go hiomlán sna hionstraimí eile sin chomh maith le saincheisteanna ar a bhfágann na hionstraimí eile sin Ballstáit leis an bhféidearthacht chun bearta áirithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. |
(9) Ba cheart nach n-imreodh an Rialachán seo tionchar ar chur i bhfeidhm rialacha a eascraíonn as ionstraimí eile de dhlí an Aontais a rialaíonn gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe Treoir 2000/31/CE, cé is moite de na hathruithe sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú28 agus Rialachán (AE) …/.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne Dá bhrí sin, níl tionchar ag an Rialachán seo ar na hionstraimí eile sin, a mheastar a bheith ina lex specialis i ndáil leis an gcreat is infheidhme go ginearálta mar a leagtar amach sa Rialachán seo.I gcás ina mbeidh coimhlint idir reachtaíocht lex specialis, lena n-áirítear bearta náisiúnta cur chun feidhme, agus an Rialachán seo , beidh forlámhas ag na forálacha lex specialis. |
__________________ |
__________________ |
28 Treoir 2010/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos i ndlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit a bhaineann le soláthar seirbhísí meán closamhairc (An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (Téacs le hábharthacht EEA), IO L 95 15.4.2010, lch. 1. |
28 Treoir 2010/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos i ndlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit a bhaineann le soláthar seirbhísí meán closamhairc (An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (Téacs le hábharthacht EEA), IO L 95 15.4.2010, lch. 1. |
29 Rialachán (AE) …/.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
29 Rialachán (AE) …/.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu. |
(11) Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, agus d’aon fhorálacha sa dlí náisiúnta maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara arna nglacadh i gcomhréir le dlí an Aontais chun an leibhéal cosanta is airde a áirithiú do na cearta sin, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) D’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críche an Rialacháin seo ba cheart coincheap an ‘ábhair neamhdhleathaigh’ a shainiú go leathan agus cumhdaíonn sé freisin faisnéis a bhaineann le hábhar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a fhoirm, atá faoin dlí is infheidhme neamhdhleathach ann féin, cosúil le fuathchaint nó ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus ábhar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí atá neamhdhleathach, cosúil le comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid gnéis leanaí, comhroinnt íomhánna príobháideacha neamhthoiliúil neamhdhleathach, cibearstalcaireacht, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha nó góchumtha, úsáid neamhúdaraithe ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó gníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe dlí um chosaint tomhaltóirí. I ndáil leis sin, tá sé neamhábhartha an dtagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais agus céard é cineál beacht nó ábhar an dlí atá i gceist. |
(12) D’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críche an Rialacháin seo ba cheart coincheap an ‘ábhair neamhdhleathaigh’ a shainiú amhail is go gcumhdódh sé faisnéis a bhaineann le hábhar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a chineál, atá neamhdhleathach ann féin faoin dlí AE nó náisiúnta is infheidhme, cosúil le fuathchaint nó ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus ábhar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí atá neamhdhleathach, cosúil le comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid ghnéasach leanaí, comhroinnt íomhánna príobháideacha neamhdhleathach neamhthoiliúil, cibearstalcaireacht, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha, dainseáracha nó góchumtha, agus ainmhithe arna dtrádáil go neamhdhleathach, úsáid neamhúdaraithe ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó gníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe dlí um chosaint tomhaltóirí. Ina leith sin, tá sé neamhábhartha an dtagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais agus céard é cineál beacht nó ábhar an dlí atá i gceist. Ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar maidir le conas ábhar neamhdhleathach a shainaithint. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) I bhfianaise saintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an gá comhfhreagrach leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe sonracha, is gá idirdhealú a dhéanamh, laistigh den chatagóir níos leithne de sholáthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, ar an bhfochatagóir d’ardáin ar líne. Ba cheart ardáin ar líne, cosúil le líonraí sóisialta nó margaí ar líne, a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála ní hamháin a stórálann faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal, arís arna iarraidh sin dóibh. Ach, d’fhonn forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne inar mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile atá i scaipeadh ar an bpobal agus nach féidir an ghné sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin le dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir go bhfuil sé coimhdeach don phríomhsheirbhís a léiríonn an foilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. |
(13) I bhfianaise saintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an gá comhfhreagrach leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe sonracha, is gá idirdhealú a dhéanamh, laistigh den chatagóir níos leithne de sholáthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, ar an bhfochatagóir d’ardáin ar líne. Ba cheart ardáin ar líne, cosúil le líonraí sóisialta , ardáin comhroinnte ábhair, ardáin bheoshruthaithe nó margaí ar líne, a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála ní hamháin a stórálann faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal, arís arna iarraidh sin dóibh, nó ar shlí ar bith eile ról gníomhach a bheith acu i scaipeadh ábhair arna ghiniúint ag úsáideoirí.. Féadfar a mheas freisin gur ardáin ar líne iad innill chuardaigh agus seirbhísí coibhéiseacha, má chomhlíonann na seirbhísí sin an sainmhíniú ar ardán ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo. Ach, d’fhonn forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne, ar feadh a seirbhíse ina hiomláine nó cuid de, inar mionghné agus gné choimhdeach amháin den phríomhsheirbhís atá i scaipeadh ar an bpobal agus nach féidir an ghné sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin le dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir go bhfuil sé coimhdeach don phríomhsheirbhís a léiríonn an foilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh roghanna i ndáil le comhroinnt naisc nó gnéithe comhchosúla de réitigh néalbhunaithe chun ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a stóráil a bheith ina ngné den sórt sin, i gcás inar léir gur gné choimhdeach den phríomhsheirbhís maidir le faisnéis agus inneachar a storáil é an fhéidearthacht ábhar a scaipeadh ar an bpobal. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an gcoincheap ‘scaipeadh ar an bpobal’, mar a úsáidtear sa Rialachán seo, faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta a bheith le déanamh ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis riachtanach, gan beann ar an féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist nó nach féidir. Níor cheart a thuiscint leis an bhféidearthacht chun grúpaí úsáideoirí seirbhíse ar leith a chruthú, as féin, nach ndéantar an fhaisnéis a scaiptear ar an mbealach sin a scaipeadh ar an bpobal. Ach, ba cheart scaipeadh faisnéise laistigh de ghrúpaí dúnta ina bhfuil líon teoranta daoine réamhchinntithe a eisiamh sa choincheap. Tagann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39, cosúil le ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé sin ar iarratas díreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil. |
(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an gcoincheap ‘scaipeadh ar an bpobal’, mar a úsáidtear sa Rialachán seo, faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta a bheith le déanamh ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis riachtanach, gan beann ar an féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist nó nach féidir. Dá réir sin, i gcás ina mbeidh gá le clárú nó cead isteach do ghrúpa úsáideoirí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, níor cheart an fhaisnéis sin a mheas a bheith scaipthe ar an bpobal ach amháin i gcás ina gclárófar nó ina ligfear isteach go huathoibríoch úsáideoirí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis gan cinneadh ó dhuine nó gan roghnú cé dó ar cheart rochtain a cheadú. Níor cheart a thuiscint leis an bhféidearthacht chun grúpaí úsáideoirí seirbhíse ar leith a chruthú, as féin, nach ndéantar an fhaisnéis a scaiptear ar an mbealach sin a scaipeadh ar an bpobal. Mar sin féin, ba cheart go n-eisiafaí leis an gcoincheap scaipeadh faisnéise laistigh de ghrúpaí iata ina bhfuil líon teoranta daoine réamhchinntithe, agus an cás go bhféadfadh grúpaí a bheith ina n-uirlisí chun ábhar a scaipeadh go forleathan i measc an phobail á chur san áireamh. Tagann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39, cosúil le ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, lasmuigh den sainmhíniú ar ardán ar líne sa Rialachán seo. A mhéid a cháilíonn siad mar ‘chainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí ‘óstála,’ ba cheart go mbeadh na seirbhísí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé sin ar iarratas díreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil. |
__________________ |
__________________ |
39 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú), IO L 321, 17.12.2018, lch. 36 |
39 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú), IO L 321, 17.12.2018, lch. 36. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15a) Tá sé ríthábhachtach criptiú éifeachtach inn ar inn a chur i bhfeidhm ar shonraí ar mhaithe le muinín as an Idirlíon agus slándáil ar an Idirlíon, toisc go seachnaítear leis rochtain tríú páirtí neamhúdaraithe a bheag nó a mhór agus go gcabhraíonn sé le rúndacht na cumarsáide a áirithiú. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí, maidir le próiseáil theicniúil agus uathoibríoch amháin na faisnéise a sholáthraigh faighteoir na seirbhíse, go bhfuil a ról gníomhach ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a thugann eolas, nó smacht ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálacha féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin. |
(18) Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí, maidir le próiseáil theicniúil, uathoibríoch agus éighníomhach amháin na faisnéise a sholáthraigh faighteoir na seirbhíse, go bhfuil a ról gníomhach ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a thugann eolas, nó smacht ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálacha féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin nó i gcás ina ndéanann soláthraí na seirbhíse idirghabhálaí tagairt don ábhar sin nó ina ndéanann sé an t-ábhar sin a chur chun cinn. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) Ní sholáthraíonn soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a théann i gcomhar d’aon turas le faighteoir seirbhísí d’fhonn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a sheirbhís go neodrach agus dá bhrí sin níor cheart go mbeadh sé in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas arna bhforáil sa Rialachán seo. |
(20) I gcás gurb é príomhchuspóir sheirbhís na sochaí faisnéise páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó iad a éascú nó i gcás ina dtéann soláthraí seirbhísí idirghabhálacha i gcomhar d’aon turas le faighteoir na seirbhísí d’fhonn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, ba cheart a mheas nár soláthraíodh an tseirbhís go neodrach agus dá bhrí sin níos cheart go mbeadh sé in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do ‘chainéal fórach’ agus do sheirbhísí ‘taiscthe’ nuair nach mbaineann sé in aon chor leis an bhfaisnéis a tharchuirtear. Éilítear dó seo, i measc nithe eile, nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis arna tharchur aige. Ach, níor cheart go dtuigfí an ceanglas seo amhail go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil a tharlaíonn i rith an tarchuir, cosúil le hionramhálacha nach n-athraíonn sláine na faisnéise a tharchuirtear. |
(21) Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do ‘chainéal fórach’ agus do sheirbhísí ‘taiscthe’ nuair nach mbaineann sé in aon chor le hábhar na faisnéise a tharchuirtear. Éilítear dó seo, i measc nithe eile, nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis arna tharchur aige. Ach, níor cheart go dtuigfí an ceanglas seo amhail go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil a tharlaíonn i rith an tarchuir, cosúil le hionramhálacha nach n-athraíonn sláine na faisnéise a tharchuirtear. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, nuair a fhaigheann sé eolas nó feasacht maidir le hábhar neamhdhleathach, feidhmiú go tapa chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar phrionsabal na saoirse chun tuairimí a nochtadh. Féadfaidh an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht iarbhír sin a fháil trí, go háirithe, a imscrúduithe féintionscnaimh féin nó fógraí seolta isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhfuil na fógraí sin beacht go leordhóthanach agus go bhfuil bunús oiriúnach leo le ceadú d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach iad a shainaithint, a mheasúnú agus i gcás inarb iomchuí feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach líomhnaithe. |
(22) Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, nuair a fhaigheann sé eolas nó feasacht iarbhír maidir le hábhar neamhdhleathach, feidhmiú go tapa chun measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú, agus, nuair is gá sin, dul ar aghaidh agus rochtain ar gach cóip den ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus saoirse chun tuairimí a nochtadh. Féadfaidh an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht iarbhír sin a fháil trí, go háirithe, a imscrúduithe tréimhsiúla féintionscnaimh féin nó fógraí seolta isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhfuil na fógraí sin beacht go leordhóthanach agus go bhfuil bunús oiriúnach leo le ceadú d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach iad a shainaithint, a mheasúnú agus i gcás inarb iomchuí feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach líomhnaithe. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair atáthar ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe áirithe seirbhísí óstála, eadhon, ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt chun críche le trádálaithe, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a chuirtear ar bun sa Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí a chreidiúint gur sholáthair na hardáin ar líne sin iad féin nó faighteoirí na seirbhíse ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú an fhaisnéis, agus dá bhrí sin go bhfuil an t-eolas nó rialú ar an eolas ag na hardáin ar líne, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Chuige sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, cibé an bhféadfadh an cur i láthair a bheith mar bhunús le creidiúint de chuid gnáth-thomhaltóra atá réasúnta eolach. |
(23) Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair atáthar ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe áirithe seirbhísí óstála, eadhon, margaí, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a chuirtear ar bun sa Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí a chreidiúint gur sholáthair na hardáin ar líne sin iad féin nó faighteoirí na seirbhíse ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú an fhaisnéis, agus dá bhrí sin go bhfuil an t-eolas nó rialú ar an eolas ag na hardáin ar líne, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Ina leith sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, cibé an bhféadfadh an cur i láthair a bheith mar bhunús le creidiúint gnáth-thomhaltóra. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) Níor cheart go ndéanfadh na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo difear don fhéidearthacht urghairí de chineálacha éagsúla in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, fiú i gcás ina sásaíonn siad na coinníollacha a leagtar amach mar chuid de na díolúintí sin. D’fhéadfadh na hurghairí sin a bheith comhdhéanta de, go háirithe, cúirteanna nó údaráis riaracháin ag éileamh deireadh a chur le haon sárú nó aon sárú a chosc, lena n-áirítear baint ábhar neamhdhleathach sonrach sna horduithe sin, arna n-eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, nó rochtain chuige a dhíchumasú. |
(24) Níor cheart go ndéanfadh na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo difear don fhéidearthacht urghairí de chineálacha éagsúla in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, i gcás ina sásaíonn siad na coinníollacha a leagtar amach mar chuid de na díolúintí sin. D’fhéadfadh na hurghairí sin a bheith comhdhéanta de, go háirithe, cúirteanna nó údaráis riaracháin ag éileamh deireadh a chur le haon sárú nó aon sárú a chosc, lena n-áirítear baint ábhar neamhdhleathach sonrach sna horduithe sin, arna n-eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, nó rochtain chuige a dhíchumasú. Mar riail ghinearálta, ba cheart urghairí atá dírithe ar sheirbhísí idirmheánacha a mheas mar rogha dheireanach, i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht eile atá réasúnta agus comhréireach níos gaire d’úinéir an ábhair ar fáil. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú agus gan gníomhaíochtaí atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh a dhíspreagadh, gníomhaíochtaí ar féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach hionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe sin bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí sin ó dhliteanas ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí agus bearta den chineál sin a bhféadfadh soláthraí ar leith tabhairt fúthu a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail seo ag tabhairt le fios gur féidir leis an soláthraí braith uirthi. |
(25) Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú agus gan gníomhaíochtaí uathoibrithe nó neamh-uathoibrithe atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh a dhíspreagadh, ar gníomhaíochtaí iad ar féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach hionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin ar bhealach dícheallach, d’fhonn ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh. Ba cheart coimircí breise a bheith ag gabháil leis na gníomhaíochtaí sin. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe sin bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais nó dlí náisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chur chun feidhme, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí agus bearta den chineál sin a bhféadfadh soláthraí ar leith tabhairt fúthu a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail seo ag tabhairt le fios gur féidir leis an soláthraí braith uirthi. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Cé go ndíríonn na rialacha i gCaibidil II den Rialachán seo ar an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, tá sé tábhachtach a mheabhrú, d’ainneoin an ról tábhachtach a imríonn na soláthraithe seo go ginearálta, nár cheart déileáil le fadhb an ábhair agus na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne díreach trí dhíriú ar a ndliteanas agus a bhfreagrachtaí. Nuair is féidir, ba cheart do thríú páirtithe dá ndéanann ábhar neamhdhleathach arna tharchur nó arna stóráil ar líne difear iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí a réiteach maidir leis an ábhar sin gan soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha atá i gceist a bheith páirteach. Ba cheart d’fhaighteoirí na seirbhíse a bheith faoi dhliteanas, i gcás ina bhforáiltear sin i rialacha is infheidhme an Aontais agus sa dlí náisiúnta lena gcinntear an dliteanas sin, maidir leis an ábhar neamhdhleathach a sholáthraíonn siad agus a d’fhéadfaidís a scaipeadh trí sheirbhísí idirghabhálacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do ghníomhaithe eile, cosúil le modhnóirí grúpa i dtimpeallachtaí dúnta ar líne, go háirithe i gcás grúpaí móra, cuidiú chun scaipeadh ábhar neamhdhleathach ar líne a sheachaint, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, nuair is gá do sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ba cheart aon iarraidh nó ordú maidir le rannpháirtíocht den sórt sin, mar riail ghinearálta, a chur chuig an ngníomhaire a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige le gníomhú in aghaidh na míreanna sonracha den ábhar neamhdhleathach, chun aon éifeachtaí diúltacha féideartha maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht faisnéise nach ábhar neamhdhleathach é a chosc agus a íoslaghdú. |
(26) Cé go ndíríonn na rialacha i gCaibidil II den Rialachán seo ar an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, tá sé tábhachtach a mheabhrú, d’ainneoin an ról tábhachtach a imríonn na soláthraithe seo go ginearálta, nár cheart déileáil le fadhb an ábhair agus na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne díreach trí dhíriú ar a ndliteanas agus a bhfreagrachtaí. Nuair is féidir, ba cheart do thríú páirtithe dá ndéanann ábhar neamhdhleathach arna tharchur nó arna stóráil ar líne difear iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí a réiteach maidir leis an ábhar sin gan soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha atá i gceist a bheith páirteach. Ba cheart d’fhaighteoirí na seirbhíse a bheith faoi dhliteanas, i gcás ina bhforáiltear sin i rialacha is infheidhme an Aontais agus sa dlí náisiúnta lena gcinntear an dliteanas sin, maidir leis an ábhar neamhdhleathach a sholáthraíonn siad agus a d’fhéadfaidís a scaipeadh trí sheirbhísí idirghabhálacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do ghníomhaithe eile, cosúil le modhnóirí grúpa i dtimpeallachtaí dúnta ar líne, go háirithe i gcás grúpaí móra, cuidiú chun scaipeadh ábhar neamhdhleathach ar líne a sheachaint, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, nuair is gá do sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ba cheart aon iarraidh nó ordú maidir le rannpháirtíocht den sórt sin, mar riail ghinearálta, a chur chuig an ngníomhaire a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige le gníomhú in aghaidh na míreanna sonracha den ábhar neamhdhleathach, chun aon éifeachtaí diúltacha féideartha maidir le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht faisnéise nach ábhar neamhdhleathach é a chosc agus a íoslaghdú. I gcás nár fhreagair an t-idirghabhálaí sin ar an iarraidh, agus sa chás sin amháin, ba cheart iarrataí nó orduithe a sheoladh, mar rogha dheireanach, chuig idirghabhálaithe atá níos ísle sa chruach idirlín, chun rochtain ar ábhar a bhaint nó a bhlocáil, lena n-áirítear an fhaisnéis go léir is gá chun an t-ábhar neamhdhleathach a logánú chomh beacht agus is féidir. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) Ó 2000, tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, inniúlachtaí agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur agus a stóráil, rud a mhéadaíonn éiceachóras ar líne atá ag éirí níos casta. Chuige seo, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil bhunúsach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a seirbhísí mar ‘chainéil fhóracha’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí óstála. Áirítear le seirbhísí den sórt sin, de réir mar a bheidh, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córas ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, nó líonraí seachadta ábhair, a chumasaíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun cíocha cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne cosúil le IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhís ríomhphoist gréasánbhunaithe, i gcás ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála. |
(27) Tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, inniúlachtaí agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur agus a stóráil, rud a mhéadaíonn éiceachóras ar líne atá ag éirí níos casta. Chuige seo, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil bhunúsach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a seirbhísí mar ‘chainéil fhóracha’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí óstála. Áirítear le seirbhísí den sórt sin, de réir mar a bheidh, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córais ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, seirbhísí bonneagair néil nó líonraí seachadta ábhair nó soláthraithe seirbhísí níos doimhne i gcruachás an idirlín, amhail seirbhísí bonneagair TF (ar réamh-am, réitigh óstála néalbhunaithe agus hibrideacha),, a chumasaíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile na seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun cíocha cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne cosúil le IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhís ríomhphoist gréasánbhunaithe, i gcás ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála. D’fhéadfaí a cheangal ar sheirbhísí níos doimhne sa chruach idirlín a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe ar líne gníomhaíocht chomhréireach a dhéanamh i gcás ina mainníonn an custaiméir an t-ábhar neamhdhleathach a bhaint, ach amháin i gcás nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi réir oibleagáid faireacháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta. Ní bhaineann sé seo le hoibleagáidí faireacháin i gcás ar leith agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart a fhorléiriú le ní ar bith sa Rialachán seo amhail oibleagáid faireacháin ghinearálta nó oibleagáid ghníomhach aimsithe fíoras a fhorchur, nó mar oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hábhar neamhdhleathach. |
(28) Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi réir oibleagáid faireacháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta ná níor cheart go mbeadh sé de cheangal orthu uirlisí uathoibrithe a úsáid le haghaidh measarthacht ábhair. Ní bhaineann sé seo le hoibleagáidí faireacháin i gcás ar leith agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart gurb é a bheadh i gceist leis na horduithe sin ceangal a chur ar sholáthraí seirbhíse córas scagtha a thabhairt isteach, ar a chostas féin amháin, lena ngabhann faireachán ginearálta agus buan chun aon sárú amach anseo a chosc. D’fhéadfadh na horduithe sin, áfach, a cheangal ar sholáthraí óstach faisnéis a stórálann sé a bhaint, ar faisnéis í a bhfuil a ábhar comhionann nó coibhéiseach le hábhar na faisnéise a dearbhaíodh roimhe sin a bheith neamhdhleathach, nó rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhlocáil, is cuma cé a d’iarr stóráil na faisnéise sin, ar choinníoll go bhfuil an faireachán agus an cuardach ar an bhfaisnéis lena mbaineann teoranta d’fhaisnéis arna sainaithint go cuí san urghaire, amhail ainm an duine lena mbaineann an sárú a cinneadh roimhe sin, na himthosca ina ndearnadh an sárú sin a chinneadh agus ábhar a measadh a bheith coibhéiseach leis an ábhar a dearbhaíodh a bheith neamhdhleathach, agus nach gceanglaítear ar an soláthraí óstach measúnú neamhspleách ar an ábhar sin a dhéanamh. Níor cheart aon ní sa Rialachán seo a fhorléiriú mar fhorchur oibleagáide ginearálta faireacháin. Níor cheart a mheas go gcuireann an Rialachán isteach ar chumas na soláthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh chun ábhar neamhdhleathach a shainaithint agus a bhaint agus chun cosc a chur le hathléiriú an ábhair sin. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(30) Ba cheart orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar a eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus an cosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Tá na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe le feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais ina bhforáiltear do chórais chosúla i gcomhair gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha ábhar neamhdhleathach, amhail Rialachán (AE) .../... [Rialachán beartaithe a phléann le scaipeadh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, nó Rialachán (AE) 2017/2394 a thugann cumhachtaí sonracha chun ordú a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú dlí tomhaltóirí i mBallstát chun faisnéis a sholáthar, cé go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe chun faisnéis a sholáthar gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart do na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. |
(30) Ba cheart orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar a eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus an cosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Ba cheart go bhféadfaí in ann leis na horduithe gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha céimeanna a ghlacadh, i gcásanna sonracha, chun ábhar neamhdhleathach comhionann nó coibhéiseach a bhaint, laistigh den chomhthéacs céanna. Ba cheart go mbeadh sé indéanta dóibh freisin a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha céimeanna a ghlacadh chun cosc a chur ar athléiriú an ábhair neamhdhleathaigh. Tá na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe le feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais ina bhforáiltear do chórais chosúla i gcomhair gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha ábhar neamhdhleathach, amhail Rialachán (AE) .../... [Rialachán beartaithe a phléann le scaipeadh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, nó Rialachán (AE) 2017/2394 a thugann cumhachtaí sonracha chun ordú a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú dlí tomhaltóirí i mBallstát chun faisnéis a sholáthar, cé go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe chun faisnéis a sholáthar gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart do na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(31) Ba cheart go leagfaí amach raon feidhme críochach na n-orduithe sin go soiléir ar bhonn an dlí is infheidhme san Aontas nó an dlí náisiúnta, a chumasaíonn eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart go gcothromódh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a eisíonn an t-ordú an cuspóir a bhfuil sé mar aidhm leis an aidhm a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, le cearta agus leasanna dlisteanacha gach tríú páirtí a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Ina theannta sin, i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ordú dá dtagraítear san fhaisnéis shonrach lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás lena mbaineann, ba cheart don údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i gceist gur dóchúil go mbeidh sé comhdhéanta d’ábhar neamhdhleathach i mBallstáit eile lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha ábhartha de dhlí an Aontais nó den dlí idirnáisiúnta agus leasa cúirtéise idirnáisiúnta a thabhairt san áireamh. |
(31) Ba cheart go leagfaí amach raon feidhme críochach na n-orduithe sin go soiléir ar bhonn an dlí is infheidhme san Aontas nó an dlí náisiúnta, a chumasaíonn eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart go gcothromódh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a eisíonn an t-ordú an cuspóir a bhfuil sé mar aidhm leis an aidhm a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, le cearta agus leasanna dlisteanacha gach tríú páirtí a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Ina theannta sin, i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ordú dá dtagraítear san fhaisnéis shonrach lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás lena mbaineann, ba cheart don údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i gceist gur dóchúil go mbeidh sé comhdhéanta d’ábhar neamhdhleathach i mBallstáit eile lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha ábhartha de dhlí an Aontais, den dlí náisiúnta, nó den dlí idirnáisiúnta agus leasa cúirtéise idirnáisiúnta a thabhairt san áireamh. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) Níl orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus chun faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht na mBallstát san áit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus ag leagan síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe atá i gceist le míreanna sonracha ábhair neamhdhleathaigh agus faisnéisí neamhdhleathaí, faoi seach, i gcás ina bhfuil siad bainteach le soláthraithe seirbhísí idirghabhálaí atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann siad srian i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngá chun bunús a thabhairt le bearta a mhaolaíonn ó inniúlacht an Bhallstáit i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe ar fhorais shonraithe áirithe agus maidir le fógairt na mbeart sin, maidir leis na horduithe sin. |
(33) Níl orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus chun faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht na mBallstát san áit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus ag leagan síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe atá i gceist le míreanna sonracha ábhair neamhdhleathaigh agus faisnéisí neamhdhleathaí, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, faoi seach, i gcás ina bhfuil siad bainteach le soláthraithe seirbhísí idirghabhálaí atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann siad srian i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngá chun bunús a thabhairt le bearta a mhaolaíonn ó inniúlacht an Bhallstáit i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe ar fhorais shonraithe áirithe agus maidir le fógairt na mbeart sin, maidir leis na horduithe sin. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(34) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibleagáidí sin go háirithe cuspóirí difriúla an bheartais phoiblí a ráthú cosúil le sábháilteacht agus iontaobhas faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear mionaoisigh agus úsáideoirí leochaileacha, na cearta bunúsacha ábhartha a chumhdaítear sa Chairt a chosaint, chun cuntasacht bhríoch na soláthraithe sin a áirithiú agus chun faighteoirí agus páirtithe eile dá ndéantar difear a chumhachtú, fad is a éascaítear an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla. |
(34) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir, éifeachtach agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibleagáidí sin go háirithe reachtaíocht agus cearta, a threisiú agus a ráthú cosúil le sábháilteacht agus iontaobhas faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear mionaoisigh agus úsáideoirí leochaileacha, na cearta bunúsacha ábhartha a chumhdaítear sa Chairt a chosaint, chun cuntasacht bhríoch na soláthraithe sin a áirithiú agus chun faighteoirí agus páirtithe eile dá ndéantar difear a chumhachtú, fad is a éascaítear an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(36) Chun cumarsáide réidh agus éifeachtúil a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo a éascú, ba cheart go n-éileofaí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a bhunú agus faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir lena bpointe teagmhála, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid i gcumarsáid den sórt sin. Is féidir le comharthóirí iontaofa agus eintitis ghairmiúla atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála a úsáid freisin. I gcodarsnacht leis an ionadaí dlí, ba cheart don phointe teagmhála a bheith ann chun críocha oibríochtúla agus ní gá go mbeadh láthair fhisiciúil aige. |
(36) Chun cumarsáide réidh agus éifeachtúil a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo a éascú, ba cheart go n-éileofaí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a bhunú agus faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir lena bpointe teagmhála, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid i gcumarsáid den sórt sin. Is féidir le heintitis ghairmiúla agus le húsáideoirí seirbhísí atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála a úsáid freisin. I gcodarsnacht leis an ionadaí dlí, ba cheart don phointe teagmhála a bheith ann chun críoch oibríochtúil agus ní gá go mbeadh láthair fhisiciúil aige. . |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlí atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-ionadaithe dlí, chun gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart don ionadaí dlí sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. |
(37) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlí atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-ionadaithe dlí, chun gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart don ionadaí dlí sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. Ní chuireann aon ní sa Rialachán seo toirmeasc ar sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha ionadaíocht chomhchoiteann a bhunú nó seirbhísí ionadaí dlí a fháil ar bhealaí eile, lena n-áirítear bealaí conarthacha, ar choinníoll gur féidir leis an ionadaí dlí an ról a shanntar dó sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Maidir le soláthraithe seirbhísí idirmheánacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus nár éirigh leo seirbhísí ionadaí dlí a fháil tar éis iarracht réasúnach a dhéanamh, ba cheart go mbeadh siad in ann a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, a bhfuil sé ar intinn acu ionadaí dlí a bhunú ina Bhallstát, tuilleadh comhair a éascú agus réitigh fhéideartha a mholadh, lena n-áirítear deiseanna le haghaidh ionadaíochta comhchoitinne. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéise arna soláthar agus arna iarraidh ag faighteoirí na seirbhísí agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuireann gach soláthraí seirbhísí óstála, beag beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh furasta i bhfeidhm atá éasca a úsáid agus a éascaíonn fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí fógartha a bheith ina ábhar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (‘fógra’), lenar féidir leis an soláthraí sin cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an measúnú sin dá bhun agus cibé ar mian leis rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna ábhar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid chun sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, mar shampla, ar sheirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid is a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
(40) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéise arna soláthar agus arna iarraidh ag faighteoirí na seirbhísí agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh gach soláthraí seirbhísí óstála, gan beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh i bhfeidhm atá éasca a úsáid agus a éascaíonn fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí fógartha a bheith ina ábhar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (‘fógra’), ar dá bhun ar cheart don soláthraí neamhdhleathacht an ábhair arna shainaithint a mheasúnú, agus ar bhonn an mheasúnaithe sin, gur féidir leis cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an bhfógra maidir le hábhar neamhdhleathach agus cibé ar mian leis rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). I gcás ina measfaidh an soláthraí seirbhísí óstála, ar bhonn measúnú, go bhfuil fógra dearfach maidir le hábhar neamhdhleathach ann agus go gcinneann sé, dá bhrí sin, rochtain air a bhaint nó a dhíchumasú, áiritheoidh sé nach mbeidh an t-ábhar sin inrochtana i gcónaí tar éis é a bhaint. Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna ábhar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid chun sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, mar shampla, ar sheirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid is a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(41) Ba cheart na rialacha maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta den sórt sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil na bhfógraí ar bhonn rialacha atá aonfhoirmeach, trédhearcach agus soiléir agus a fhorálann to choimircí láidre chun sainleasanna cearta agus dlisteanacha gach páirtí dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe a gcearta bunúsacha mar a ráthaítear sa Chairt, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na páirtithe sin bunaithe nó ina gcónaíonn siad ná an réimse dlí atá i gceist. Áirítear leis na cearta bunúsacha, de réir mar a bheidh, an ceart maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart maidir leis an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart le sonraí pearsanta a chosaint, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil d’fhaighteoirí na seirbhíse; an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear saoirse conarthachta, soláthraithe seirbhíse; chomh maith leis an gceart maidir le dínit an duine, cearta an linbh, an ceart maidir le cosaint maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, agus an ceart maidir le neamh-idirdhealú páirtithe dá ndéanann an t-ábhar neamhdhleathach difear. |
(41) Ba cheart na rialacha maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta den sórt sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil na bhfógraí ar bhonn rialacha atá aonfhoirmeach, trédhearcach agus soiléir agus a fhorálann do choimircí láidre chun sainleasanna cearta agus dlisteanacha gach páirtí dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe a gcearta bunúsacha mar a ráthaítear sa Chairt, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na páirtithe sin bunaithe nó ina gcónaíonn siad ná an réimse dlí atá i gceist. Áirítear leis na cearta bunúsacha, de réir mar a bheidh, an ceart maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart maidir leis an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart le sonraí pearsanta a chosaint, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil d’fhaighteoirí na seirbhíse; an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear saoirse conarthachta, soláthraithe seirbhíse; chomh maith leis an gceart maidir le dínit an duine, cearta an linbh, an ceart maidir le cosaint maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, agus an ceart maidir le neamh-idirdhealú páirtithe dá ndéanann an t-ábhar neamhdhleathach difear. Cé nach ann d’ordlathas daingean idir na cearta sin, ba cheart saoirse cainte a aithint mar bhunchloch na sochaí daonlathaí. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(42a) Níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a bheith faoi réir na hoibleagáide ráiteas ar chúiseanna a sholáthar i gcás ina mbeadh sé ina chúis imní neamhbheartaithe i dtaca le sábháilteacht d’fhaighteoir na seirbhíse, dá ndéanfaí amhlaidh. Go sonrach i gcás ardáin comhéadain ‘duine ar dhuine’, amhail feidhmchláir a dhátú agus seirbhísí eile comhchosúla, ba cheart a mheas gur dócha go mbeadh soláthar ráitis ar chúiseanna ina chúis imní neamhbheartaithe i dtaca le sábháilteacht ag an bpáirtí tuairiscithe. Mar thoradh air sin, ba cheart do na seirbhísí sin, mar réamhshocrú, staonadh ó ráiteas ar chúiseanna a sholáthar. Sa bhreis air sin, ba cheart do sholáthraithe eile seirbhísí óstála iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun a mheas an bhféadfadh ráiteas ar chúiseanna a bheith ina chúis imní neamhbheartaithe i dtaca le sábháilteacht a chur faoi bhráid an pháirtí tuairiscithe agus, más amhlaidh an cás, ba cheart dóibh staonadh ó ráiteas ar chúiseanna a sholáthar.. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(42b) Ba cheart don soláthraí seirbhíse a áirithiú go bhfaighidh ball foirne a dhéanann cinneadh bunaithe ar ábhar neamhdhleathach nó a chuirtear faoi réir ábhar neamhdhleathach ar bhealach eile oiliúint leormhaith mar aon le dálaí oibre iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inar gá, an deis tacaíocht ghairmiúil agus cúnamh síceolaíoch cáilithe a lorg. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(43a) Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí breise a fhorchuirtear ar ardáin ar líne faoin Rialachán seo maidir le stórtha eolaíochta nó oideachasúla neamhbhrabúsacha ná maidir le hardáin ar líne a thairgeann táirgí agus seirbhísí ó thrádálaithe tríú páirtí, atá bunaithe san Aontas Eorpach, i gcás ina bhfuil rochtain na dtrádálaithe sin eisiach, coimeádta agus rialaithe go hiomlán ag soláthraithe an ardáin ar líne agus go ndéanann soláthraithe an ardáin ar líne athbhreithniú agus réamhcheadú ar a dtáirgí agus a seirbhísí sula dtairgtear iad ar an ardán. |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(43b) Chun ualach rialála nach bhfuil gá leis a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí áirithe maidir le margaí ar líne a thairgeann táirgí agus seirbhísí ó thrádálaithe tríú páirtí atá bunaithe san Aontas Eorpach, i gcás ina bhfuil rochtain na dtrádálaithe sin eisiach, coimeádta agus rialaithe go hiomlán ag soláthraithe an mhargaidh ar líne agus go ndéanann soláthraithe an mhargaidh ar líne athbhreithniú agus formheas roimh ré ar a dtáirgí agus a seirbhísí sula dtairgtear iad ar an margadh. Is minic a thagraítear do na hardáin ar líne sin mar ardáin ar líne iata. Ós rud é go ndéanann na hardáin ar líne na táirgí agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil a athbhreithniú agus a fhormheas roimh ré, tá leitheadúlacht ábhair neamhdhleathaigh agus táirgí ar na hardáin sin íseal, agus ní féidir leis na hardáin sin tairbhe a bhaint, i bhformhór na gcásanna, as díolúintí ábhartha dliteanais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ina dhiaidh sin, níor cheart na hardáin ar líne sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí atá riachtanach d’ardáin a bhfuil samhlacha oibríochtúla éagsúla acu i gcás ina bhfuil leitheadúlacht ábhair neamhdhleathaigh níos minice agus ina bhfuil díolúintí ábhartha ó dhliteanas ar fáil. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(44) Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann cur in aghaidh cinntí áirithe de chuid ardáin ar líne a dhéanann difear diúltach dóibh go héasca agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a éileamh ar ardáin ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe dírithe ar a áirithiú go bhfuil na córais seo inrochtana go héasca agus go mbíonn torthaí tapa agus cothroma mar thoradh orthu. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht chun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom, tapa agus cost-éifeachtach. Ba cheart do na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí na n-ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin a bheith comhlántach, ach nach ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith, don fhéidearthacht chun sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann. |
(44) Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann cur in aghaidh cinntí áirithe de chuid ardáin ar líne a dhéanann difear diúltach dóibh go héasca agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a éileamh ar ardáin ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe dírithe ar a áirithiú go bhfuil na córais seo inrochtana go héasca agus go mbíonn torthaí tapa agus cothroma mar thoradh orthu. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht chun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu, lena n-áirítear maidir le saoirse cainte chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom agus cost-éifeachtach agus laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart do na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí na n-ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin a bheith comhlántach, ach nach ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith, don fhéidearthacht chun sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(44a) Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, ba cheart don ardán ar líne aon táillí agus costais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc leis an bhfaighteoir. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar an ardáin ar líne, níor cheart go mbeadh ceangal ar an bhfaighteoir táillí ná costais réasúnacha eile a d’íoc an t-ardán ar líne nó a mbeadh air a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht gur léir go bhfuil an gearán gan bhunús agus maslach. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(46) Is féidir gníomhaíocht in aghaidh ábhar neamhdhleathach a ghlacadh níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann ardáin ar líne na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí a chuirtear isteach chuig comharthóirí iontaofa trí na sásraí fógra agus gnímh a éilítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. Níor cheart stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach, go léiríonn siad leasanna comhchoiteanna agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil. Is féidir le heintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, i gcás ábhar sceimhlitheoireachta mar shampla, aonaid tarchuir idirlín in údaráis um fhorfheidhmiú an dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) nó d’fhéadfaidís a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ina gcomhlachtaí leathphoiblí, cosúil leis na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun ábhar mí-úsáide leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Maidir le cearta maoine intleachtúla, d’fhéadfaí stádas comharthóir iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí tionscail agus ar shealbhóirí cearta, i gcás inar léirigh siad go gcomhlíonann siad na coinníollacha is infheidhme. Níor cheart go dtuigfí le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa go gcoisceann siad ardáin ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43. |
(46) Is féidir gníomhaíocht in aghaidh ábhar neamhdhleathach a ghlacadh níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann ardáin ar líne, tar éis dóibh treoir a fháil ó údaráis phoiblí maidir le conas ábhar neamhdhleathach a shainaithint, na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí a chuirtear isteach chuig comharthóirí iontaofa trí na sásraí fógra agus gnímh a éilítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. Níor cheart stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach agus , go léiríonn siad leasanna comhchoiteanna agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil, arb eol gur minic a chomharthaíonn siad ábhar le ráta ard cruinnis agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach, éifeachtach agus oibiachtúil. Is féidir le heintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, i gcás ábhar sceimhlitheoireachta mar shampla, aonaid tarchuir idirlín in údaráis um fhorfheidhmiú an dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) nó d’fhéadfaidís a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ina gcomhlachtaí leathphoiblí, cosúil leis na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun ábhar mí-úsáide leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Maidir le cearta maoine intleachtúla, d’fhéadfaí stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí tionscail a dhéanann ionadaíocht ar chomhleasanna agus sealbhóirí cearta a cruthaíodh chun na críche sainiúla sin amháin, i gcás inar léireodh siad go gcomhlíonfaidís na coinníollacha is infheidhme, go n-áiritheoidís ionadaíocht neamhspleách comhleasa agus go mbeadh a measúnú ar cad is sárú ar CMI ann neamhchlaonta agus comhsheasmhach. Níor cheart go dtuigfí le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa go gcoisceann siad ardáin ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43. |
_________________ |
_________________ |
43 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53 |
43 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53 |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(47) Ach mí-úsáid a bhaint as seirbhísí ardáin ar líne trí ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a sholáthar go minic nó trí fhógraí nó gearáin ar soiléir go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, déantar dochar d’iontaoibh agus déantar díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí agus comhréireacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart breithniú go bhfuil faisnéis ar follasach go bhfuil sí neamhdhleathach agus fógraí nó gearáin ar follasach go bhfuil siad gan bhunús i gcás inar léir don ghnáthdhuine, gan aon anailís substainteach, go bhfuil an t-ábhar neamhdhleathach faoi seach agus go bhfuil na fógraí nó gearáin gan bhunús. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’ardáin ar líne a ngníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go sealadach i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag ardáin ar líne chun a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht seo a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart go mbeadh sásamh oscailte i gcónaí do na cinntí arna nglacadh chuige seo ag ardáin ar líne agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir formhaoirseachta ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar ardáin ar líne ó bhearta eile a dhéanamh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht chun na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a choinneáil faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. |
(47) Ach mí-úsáid a bhaint as seirbhísí ardán ar líne trí ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a sholáthar nó a scaipeadh go minic nó trí fhógraí nó gearáin ar soiléir go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, baintear an bonn d’iontaoibh agus déantar díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí agus comhréireacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’ardáin ar líne a ngníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go sealadach i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag ardáin ar líne chun a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht seo a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart go mbeadh sásamh oscailte i gcónaí do na cinntí arna nglacadh chuige seo ag ardáin ar líne agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir formhaoirseachta ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar ardáin ar líne ó bhearta eile a dhéanamh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht chun na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a choinneáil faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 49
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(49) D’fhonn cur le timpeallacht shábháilte, iontaofa agus thrédhearcach ar líne do thomhaltóirí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí cearta maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe den sórt sin go bhfuil na trádálaithe sin inrianaithe. Ba cheart a cheangal ar an trádálaí dá bhrí sin eolas fíor-riachtanach áirithe a sholáthar don ardán ar líne, lena n-áirítear chun críocha teachtaireachtaí a chur chun cinn nó táirgí a thairiscint. Ba cheart don cheanglas sin a bheith infheidhme maidir le trádálaithe freisin a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach slán ar feadh tréimhse réasúnach ama nach sáraíonn an méid is gá, ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu í a rochtain, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí bhíthin na n-orduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
(49) D’fhonn cur le timpeallacht shábháilte, iontaofa agus thrédhearcach ar líne do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí eile, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí ceart maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol agus a scaipeadh, ba cheart go n-áiritheodh margaí ar líne go bhfuil na trádálaithe sin inrianaithe. Ba cheart a cheangal ar an trádálaí dá bhrí sin eolas fíor-riachtanach áirithe a sholáthar do sholáthraí an mhargaidh ar líne, lena n-áirítear chun críocha teachtaireachtaí a chur chun cinn nó táirgí a thairiscint. Ba cheart don cheanglas sin a bheith infheidhme maidir le trádálaithe freisin a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na margaí ar líne sin an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach slán ar feadh tréimhse réasúnach ama nach sáraíonn an méid is gá, ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu í a rochtain, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí bhíthin na n-orduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. Níor cheart trádálaithe ócáideacha ar daoine nádúrtha iad a bheith faoi réir ceanglais dhíréireacha sainaitheantais ar ardáin ar líne. Níor cheart do sholáthraithe margaí ar líne faisnéis a iarraidh ar dhaoine nádúrtha, ar faisnéis í a théann níos faide ná clárú bunúsach úsáideoirí an mhargaidh. |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(50) Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do na hardáin ar líne a chumhdaítear iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann a fhíorú, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL45, nó trí iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis bhainc deimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun críche an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, níor cheart go n-éileofaí ar na hardáin ar líne atá cumhdaithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe a dhéanamh ar an toirt. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil ardáin ar líne den sórt sin, a bhfuil iarrachtaí réasúnacha déanta acu a éilítear sa Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile. Ba cheart d’ardáin ar líne den sórt sin freisin a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuireann ar a chumas do thrádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47 agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48. |
(50) Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann a fhíorú, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL 45, nó trí iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis bhainc deimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun críche an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, níor cheart go n-éileofaí ar na soláthraithe margaí ar líne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe a dhéanamh ar an toirt, toisc go mbeadh an méid sin díréireach. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil soláthraithe margaí ar líne den sórt sin, a bhfuil iarrachtaí réasúnacha déanta acu a éilítear sa Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile, ná nár cheart dóibh a bheith faoi dhliteanas i leith na faisnéise sin i gcás ina gcruthaítear go bhfuil sé míchruinn. Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne den sórt sin freisin a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach soláimhsithe a chuireann ar a chumas do thrádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47 agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48. Leis an gcomhéadan ar líne, ba cheart go mbeadh trádálaithe in ann an fhaisnéis a sholáthar lenar féidir an táirge nó an tseirbhís lena n-áirítear na ceanglais lipéadaithe, a shainaithint go haonchiallach, i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le sláinte an táirge agus comhlíonadh táirgí. |
__________________ |
__________________ |
45 https://ec.europa.eu/taxation_customs/vies/vieshome.do?selectedLanguage=en |
45 https://ec.europa.eu/taxation_customs/vies/vieshome.do?selectedLanguage=en |
46 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
46 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
47 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |
47 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |
48 Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí agus léiriú phraghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí |
48 Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí agus léiriú phraghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(50a) Gan dochar do na díolúintí ábhartha do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga, agus chun oibleagáidí na margaí ar líne a neartú, ba cheart tuilleadh forálacha ex-ante a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá ag tomhaltóirí maidir le tairiscintí táirgí, chun táirgí agus catagóirí táirgí neamhshábháilte agus neamhchomhlíontacha a chosc, chun gníomhaíochtaí ex-ante i gcoinne góchumadh táirgí a neartú agus chun comhoibriú (ex post) i gcás inar gá maidir leis na táirgí contúirteacha a díoladh cheana féin. Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne faighteoirí a seirbhíse a chur ar an eolas i gcás ina bhfuil an tseirbhís nó an táirge a fuair siad trína seirbhísí neamhdhleathach. A luaithe is a bheidh cinneadh glactha acu chun tairiscint neamhdhleathach a bhaint dá seirbhís, ba cheart do sholáthraithe na margaí ar líne bearta a dhéanamh chun tairiscintí neamhdhleathacha den sórt sin a chosc, agus chun cosc a chur ar thairiscintí comhionanna nó coibhéiseacha a bheith á n-uaslódáil arís ar a margadh. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 51
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(51) I bhfianaise na bhfreagrachtaí agus na n-oibleagáidí ar leith atá ar ardáin ar líne, ba cheart dóibh a bheith faoi réir oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta, a bhfuil feidhm leo sa bhreis ar na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha faoin Rialachán seo. Chun críocha a chinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil ardáin ar líne ina n-ardáin an-mhór ar líne atá faoi réir oibleagáidí breise áirithe faoin Rialachán seo, ba cheart go n-áireofaí leis na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta d’ardáin ar líne oibleagáidí áirithe maidir le foilsiú agus cumarsáid faisnéise ar mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas. |
(51) I bhfianaise na bhfreagrachtaí agus na n-oibleagáidí ar leith atá ar ardáin ar líne, ba cheart dóibh a bheith faoi réir oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta, a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha faoin Rialachán seo. Chun críocha a chinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil ardáin ar líne ina n-ardáin an-mhór ar líne atá faoi réir oibleagáidí breise áirithe faoin Rialachán seo, ba cheart go n-áireofaí leis na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta d’ardáin ar líne oibleagáidí áirithe maidir le foilsiú agus cumarsáid faisnéise ar mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, i bhformáidí caighdeánaithe agus trí chomhéadain feidhmchláir chaighdeánaithe. |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(52) Tá ról tábhachtach ag fógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar seirbhísí ardáin ar líne. Ach, is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fhógraíocht ar ábhar neamhdhleathach ann féin é, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun ábhar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó ábhar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraíochta le tionchar ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna cothroma saoránach. Chomh maith leis na ceanglais ar ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar ardáin ar líne dá bhrí sin a áirithiú go mbíonn faisnéis aonair áirithe ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair agus cén duine a bhfuil an fógra á thaispeáint thar a cheann. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh eolas ag faighteoirí na seirbhíse ar na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógraíocht shonrach le taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é seo ar phróifíliú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. |
(52) Tá ról tábhachtach ag fógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar seirbhísí ardáin ar líne. Ach, is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fhógraíocht ar ábhar neamhdhleathach ann féin é, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun ábhar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó ábhar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraíochta a d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna cothroma saoránach araon agus ar bhuanú steiréitíopaí agus norm díobhálach. Le samhlacha nua fógraíochta, rinneadh athruithe a ghiniúint maidir leis an gcaoi a gcuirtear faisnéis i láthair agus cruthaíodh patrúin nua bailithe sonraí pearsanta agus samhlacha gnó a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phríobháideachas, don neamhspleáchas pearsanta, don daonlathas, do thuairisciú nuachta ar ardchaighdeán agus a d’fhéadfadh ionramháil agus idirdhealú a éascú. Dá bhrí sin, ní mór níos mó trédhearcachta a bheith ann i margaí fógraíochta ar líne agus taighde neamhspleách a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fógraí spriocaimsithe. Chomh maith leis na ceanglais ar ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar ardáin ar líne dá bhrí sin a áirithiú go gcoimeádfar bailiú sonraí chomh híseal agus is féidir, nach gcuireann an t-uasmhéadú ioncaim ó fhógraíocht teorainn le cáilíocht na seirbhíse agus go mbíonn faisnéis aonair fhairsing ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair agus cén duine a bhfuil an fógra á thaispeáint thar a cheann. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh eolas ag faighteoirí na seirbhíse ar na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógraíocht shonrach le taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é seo ar phróifíliú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(52a) Tá rioscaí ar leith ag baint leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an-mhór ar líne agus teastaíonn maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála uathu mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n-iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin sin agus lasmuigh de. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórais fógraí a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla i ndáil le fógraí neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis le tionchar diúltach fíor agus intuartha ar an tsláinte phoiblí, an tslándáil phoiblí, an dioscúrsa sibhialta, rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhionannas. Ba cheart ábhar na bhfógraí agus sonraí lena mbaineann faoin bhfógróir agus seachadadh na fógraíochta a áireamh i stórtha, go háirithe i gcás fógraíocht spriocdhírithe. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 53
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(53) Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar na hardáin sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar ardáin an-mhór ar líne riachtanach le dul i ngleic leis an ábhar imní sin maidir leis an mbeartas poiblí, mar gheall nach ann d’aon bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. |
(53) Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar na hardáin sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar ardáin an-mhór ar líne riachtanach le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le cearta bunúsacha, mar gheall nach ann d’aon bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. Níor cheart rochtain ar ardán an-mhór ar líne a dhiúltú go buan d’úsáideoirí ach amháin i gcásanna fíor-eisceachtúla. Ba cheart go mbeadh cúirt inniúil in ann an cinneadh chun rochtain a dhiúltú go buan a chúlghairm. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 54
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(54) Is féidir le hardáin an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Nuair a shroicheann an líon faighteoirí ar ardán cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, bíonn tionchar diúltach neamhréireach ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon faighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 milliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil a choinneáil suas chun dáta trí leasuithe arna n-achtú le gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne den sórt sin dá bhrí sin an caighdeán is airde oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar agus lena n-acmhainn shochaíoch. |
(54) Is féidir le hardáin an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Nuair a shroicheann an líon faighteoirí ar ardán cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, bíonn tionchar diúltach neamhréireach ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon faighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 milliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil a choinneáil suas chun dáta trí leasuithe arna n-achtú le gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne den sórt sin dá bhrí sin an caighdeán is airde oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar agus lena n-acmhainn shochaíoch. I gcásanna áirithe, ba cheart go mbeifí in ann a mheas gur ardán an-mhór ar líne é ardán ar líne nach sáraíonn líon a fhaighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 10% de dhaonra an Aontais mar gheall ar a láimhdeachas, a ról maidir le héascú a dhéanamh ar an díospóireacht phoiblí, ar idirbhearta eacnamaíocha agus ar scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointí agus mar gheall ar a thionchar ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne. |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 56
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(56) Úsáidtear ardáin an-mhór ar líne ar bhealach a imríonn tionchar láidir ar shábháilteacht ar líne, a chuireann cruth ar thuairimí an phobail agus ar an dioscúrsa poiblí, chomh maith le trádáil ar líne. Go ginearálta, barrfheabhsaítear an chaoi a ndearann siad a seirbhísí chun tairbhe a bhaint as a samhlacha gnó a bhíonn tiomanta ag fógraíocht go minic agus ar féidir leo imní a chruthú i measc na sochaí. In éagmais rialáil agus forfheidhmiú éifeachtach, is féidir leo rialacha an chluiche a leagan síos, gan na rioscaí a shainaithint agus an díobháil shochaíoch agus eacnamaíoch a bhíonn mar thoradh orthu a mhaolú go héifeachtúil. Faoin Rialachán seo, ba cheart dá bhrí sin d’ardáin an-mhór ar líne réasúnú a dhéanamh ar rioscaí córasacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus úsáid a seirbhíse, chomh maith le mí-úsáidí féideartha ag faighteoirí na seirbhíse, agus bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh. |
(56) Úsáidtear ardáin an-mhór ar líne ar bhealach a imríonn tionchar láidir ar shábháilteacht ar líne, a chuireann cruth ar thuairimí an phobail agus ar an dioscúrsa poiblí, chomh maith le trádáil ar líne. Go ginearálta, barrfheabhsaítear an chaoi a ndearann siad a seirbhísí chun tairbhe a bhaint as a samhlacha gnó a bhíonn tiomanta ag fógraíocht go minic agus ar féidir leo imní a chruthú i measc na sochaí. In éagmais rialáil agus forfheidhmiú éifeachtach, bhí siad in ann rialacha an chluiche a leagan síos, gan na rioscaí a shainaithint agus an díobháil shochaíoch agus eacnamaíoch a bhíonn mar thoradh orthu a mhaolú go héifeachtúil. Faoin Rialachán seo, ba cheart dá bhrí sin d’ardáin an-mhór ar líne réasúnú a dhéanamh ar rioscaí córasacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus úsáid a seirbhíse, chomh maith le mí-úsáidí féideartha ag faighteoirí na seirbhíse, agus bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bholgáin agus éifeachtaí scagtha. |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 57
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(57) Ba cheart measúnú a dhéanamh go mion ar thrí chatagóir rioscaí córasacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le mí-úsáid a seirbhíse trí scaipeadh ábhar neamhdhleathach, cosúil le scaipeadh ábhar mí-úsáide leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí góchumtha, a dhíol. Mar shampla, agus gan dochar don fhreagracht phearsanta a bhíonn ar fhaighteoir seirbhíse ardáin an-mhór ar líne i gcomhair neamhdhleathacht féideartha a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta faoin dlí is infheidhme, d’fhéadfadh scaipeadh nó gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ionann le riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfaí rochtain ar ábhar den sórt sin a mhéadú trí chuntais a mbeadh rochtain an-leathan orthu. Baineann dara catagóir le tionchar na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh córas algartamach arna úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó mí-úsáid a sheirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht. Baineann tríú catagóir rioscaí le hionramháil d’aon turas agus, go minic, comhordaithe ar sheirbhís an ardáin, le tionchar intuartha ar shláinte, dioscúrsa sibhialta, próisis thoghchánaíochta, slándáil phoiblí agus cosaint mionaoiseach, ag féachaint don ghá le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, trí chuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid, agus iompraíochtaí eile uathoibrithe nó uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh tapa agus fairsing faisnéise ar ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a bheith mar thoradh air. |
(57) Ba cheart measúnú a dhéanamh go mion ar thrí chatagóir rioscaí córasacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le mí-úsáid a seirbhíse trí scaipeadh ábhar neamhdhleathach, cosúil le scaipeadh ábhar mí-úsáide leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí góchumtha, agus ainmhithe arna dtrádáil go neamhdhleathach a dhíol. Mar shampla, agus gan dochar don fhreagracht phearsanta a bhíonn ar fhaighteoir seirbhíse ardán an-mhór ar líne i gcomhair neamhdhleathacht féideartha a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta faoin dlí is infheidhme, d’fhéadfadh scaipeadh nó gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ionann le riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfaí rochtain ar ábhar den sórt sin a mhéadú trí chuntais a mbeadh rochtain an-leathan orthu. Baineann dara catagóir le tionchar na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh córas algartamach arna n-úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó mí-úsáid a sheirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht. Baineann tríú catagóir rioscaí le hionramháil d’aon turas agus, go minic, comhordaithe ar sheirbhís an ardáin, le tionchar intuartha ar shláinte, dioscúrsa sibhialta, próisis thoghchánaíochta, slándáil phoiblí agus cosaint mionaoiseach, ag féachaint don ghá le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, trí chuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid, agus iompraíochtaí eile uathoibrithe nó uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh tapa agus fairsing faisnéise ar ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a bheith mar thoradh air. |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 60
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(60) Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart go mbeadh ardáin an-mhór ar líne cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna ndéanamh de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. Ba cheart dóibh rochtain a thabhairt don iniúchóir ar na sonraí ábhartha ar fad is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do na hiniúchóirí rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach acu i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith neamhspleách, ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leordhóthanach agus iontaofa. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta. |
(60) Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart go mbeadh ardáin an-mhór ar líne cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách sheachtrach, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna ndéanamh de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. Ba cheart dóibh rochtain a thabhairt don iniúchóir ar na sonraí ábhartha ar fad is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do na hiniúchóirí rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach acu i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith neamhspleách, ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leordhóthanach agus iontaofa. Mar léiriú ar neamhspleáchas, tráth a dhéantar an t-iniúchadh, níor cheart go mbeadh seirbhísí, seachas seirbhísí iniúchóireachta, soláthraithe ag iniúchóirí, don ardán an-mhór ar líne le linn na 12 mí roimhe sin. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta. |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 61
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(61) Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta, ionas go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart go gcabhródh sé le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí feabhsúcháin a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag an ardán an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an tuarascáil a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an mBord gan mhoill, mar aon leis an measúnú riosca agus na bearta maolaithe, chomh maith le pleananna an ardáin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil. Ba cheart tuairim dhearfach a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le tuairim dhearfach i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart tuairim dhiúltach a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis an Rialachán seo nó leis na gealltanais ar tugadh fúthu. |
(61) Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta, ionas go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart go gcabhródh sé le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí feabhsúcháin a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag an ardán an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, gan dochar don fhíoras go leanann an t-ardán, agus an t-ardán amháin, de bheith freagrach as an Rialachán seo a chomhlíonadh agus gan dochar dá shaoirse chun gnó a sheoladh agus, go háirithe, dá chumas bearta éifeachtacha a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar bearta iad atá ailínithe lena shamhail shonrach ghnó. Ba cheart an tuarascáil a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an mBord gan mhoill, mar aon leis an measúnú riosca agus na bearta maolaithe, chomh maith le pleananna an ardáin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil. Ba cheart tuairim dhearfach a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le tuairim dhearfach i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart tuairim dhiúltach a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis an Rialachán seo nó leis na gealltanais ar tugadh fúthu. Ba cheart séanadh a chur le tuairim i gcás nach bhfuil dóthain faisnéise ag an iniúchóir a thuairim a thabhairt i gcrích mar gheall ar úrnuacht na saincheisteanna atá á n-iniúchadh. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(62) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais mholtóra den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá dheasca sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin an-mhór ar líne atá go gcuirtear faighteoirí ar an eolas go hiomchuí, agus gur féidir leo tionchar a imirt ar an bhfaisnéis a chuirtear os a gcomhair. Ba cheart dóibh na príomh-pharaiméadair do chórais mholtóra den sórt sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach intuigthe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go mbíonn teacht ag na faighteoirí ar roghanna malartacha le haghaidh na bpríomh-pharaiméadar, lena n-áirítear roghanna nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú an fhaighteora. |
(62) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais mholtóra den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá dheasca sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin an-mhór ar líne go gcuirtear faighteoirí ar an eolas go hiomchuí maidir le húsáid córas moltaí, agus gur féidir leis na faighteoirí rialú a dhéanamh go héasca ar an mbealach a gcuirtear faisnéis os a gcomhair. Ba cheart dóibh na príomh-pharaiméadair do chórais mholtóra den sórt sin a chur i láthair go soiléir agus ar leithligh ar bhealach soiléir, gonta, inrochtana agus intuigthe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go mbíonn teacht ag na faighteoirí ar roghanna malartacha le haghaidh na bpríomh-pharaiméadar, lena n-áirítear roghanna nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú an fhaighteora. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go ndéanfar a gcomhéadan ar líne a cheapadh ar bhealach a fhágfaidh nach mbeidh baol ann go ndéanfaidh an comhéadan faighteoirí na seirbhíse a chur amú ná a chúbláil. |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 63
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(63) Tá rioscaí ar leith ag baint leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an-mhór ar líne agus teastaíonn maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála uathu mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n-iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin sin agus lasmuigh de. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórais fógraí a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla i ndáil le fógraí neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis le tionchar diúltach fíor agus intuartha ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil phoiblí, an dioscúrsa sibhialta, rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhionannas. Ba cheart ábhar na bhfógraí agus sonraí lena mbaineann faoin bhfógróir agus seachadadh na fógraíochta a áireamh, go háirithe i gcás fógraíocht spriocdhírithe. |
scriosta |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 63 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(63a) Trí fhógraí a cheangal le hábhar arna uaslódáil ag úsáideoirí, d’fhéadfadh sé go leanfadh cur chun cinn ábhair neamhdhleathaigh go hindíreach as ardán an-mhór ar líne, nó ábhar a sháraíonn a théarmaí agus coinníollacha, rud a d’fhéadfadh damáiste suntasach a dhéanamh do cheannaitheoirí an spáis fhógraíochta. Chun cleachtas den sórt sin a chosc, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne bearta a dhéanamh, lena n-áirítear trí ráthaíochtaí conarthacha do cheannaitheoirí an spáis fhógraíochta, chun a áirithiú go bhfuil an t-ábhar a bhfuil siad ceangailte leis dleathach agus go gcomhlíonann sé a théarmaí agus coinníollacha. Leis na bearta sin, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí iniúchtaí neamhspleácha lena mbaineann measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ar chásanna ina bhfuil baint ag fógraíocht le hábhar neamhdhleathach nó le hábhar nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán. |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 63 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(63b) Ba cheart d'ardáin an-mhór ar líne a ndícheall a dhéanamh gan fógraíocht spriocaimsithe agus mhicri-spriocdhírithe i leith leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a cheadú, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 64
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(64) Chun comhlíontacht ardáin an-mhór ar líne le hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú go hiomchuí, d’fhéadfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar shonraí sonracha nó a dtuairisciú a éileamh. D’fhéadfaí a áireamh le ceanglas den sórt sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnú ábhair, córais mholtóra nó córais fógraíochta nó sonraí maidir le próisis agus aschuir modhnú ábhair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a líonadh agus córas athléimneachta de mhaolú riosca a bhunú, buntaca a thabhairt d’ardáin ar líne, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, d’údaráis inniúla eile, don Choimisiún agus don phobal. Cuirtear creat ar fáil sa Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhair rochtain fhíorláidir ar shonraí ó ardáin an-mhór ar líne a thabhairt do thaighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do gach ceanglas maidir le rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha a chosaint go hiomchuí, lena n-áirítear rúin trádála agus faisnéis rúnda eile, an ardáin agus aon pháirtí eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse. |
(64) Chun comhlíontacht ardán an-mhór ar líne le hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú go hiomchuí, d’fhéadfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar fhaisnéis nó sonraí sonracha nó a dtuairisciú a éileamh. D’fhéadfaí a áireamh le ceanglas den sórt sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnú ábhair, córais mholtóra nó córais fógraíochta nó sonraí maidir le próisis agus aschuir modhnú ábhair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a líonadh agus córas athléimneachta de mhaolú riosca a bhunú, buntaca a thabhairt d’ardáin ar líne, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, d’údaráis inniúla eile, don Choimisiún agus don phobal. Cuirtear creat ar fáil sa Rialachán seo, dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh ardáin an-mhóra ar líne faisnéis agus rochtain ar shonraí a thabhairt do thaighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do gach ceanglas maidir le faisnéis a sholáthar agus rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha a chosaint go hiomchuí, lena n-áirítear rúin trádála agus faisnéis rúnda eile, an ardáin agus aon pháirtí eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse. Ba cheart go mbeadh an taighde a dhéantar faoin gcóras sin déanta ar bhonn phrionsabail na rochtana oscailte, i gcás inar féidir, agus go n-úsáidfí leis tacair sonraí chaighdeánaithe chun ardleibhéal trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú a mhéid a bhaineann le húsáid na sonraí a chuirtear ar fáil. |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 65 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(65a) Tá idir-inoibritheacht le hardáin an-mhór ar líne inmhianaithe toisc gur féidir deiseanna nua a chruthú leis chun seirbhísí nuálacha a fhorbairt, an éifeacht ghlasála a shárú agus iomaíocht agus rogha úsáideoirí a áirithiú. Leis na deiseanna sin, d’fhéadfadh faighteoirí a bheith in ann leas a bhaint as idirghníomhú trasardáin. Féadfaidh ardáin an-mhór ar líne comhéadan feidhmchláir a chur ar fáil trínar féidir le hardáin tríú páirtí agus a bhfaighteoirí idiroibriú le príomhfheidhmiúlachtaí agus faighteoirí na gcroísheirbhísí a chuireann an t-ardán ar fáil. Is féidir a áireamh ar na príomhfheidhmeanna an cumas faisnéis a fháil ó chuntais áirithe, an t-ábhar atá ar fáil a chomhroinnt agus freagairt dó. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ardáin an-mhór ar líne príomhfheidhmiúlachtaí a gcuid seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach le hardáin eile ar líne chun cumarsáid thrasardáin a chumasú. Níor cheart go gcuirfeadh an oibleagáid sin teorainn, bac ná moill ar chumas an ardáin an-mhór ar líne saincheisteanna slándála a réiteach agus ba cheart go mbeadh sí i gcomhréir lena bhfreagrachtaí go léir, go háirithe maidir le cearta bunúsacha agus cosaint príobháideachais. Ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar chomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú na caighdeáin theicniúla is gá maidir le hidir-inoibritheacht a fhorbairt, amhail prótacal maidir le hidir-inoibritheacht agus idir-inoibritheacht agus inaistritheacht sonraí. |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 65 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(65b) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne inaistritheacht na n-athbhreithnithe ar chóras clú oibreora ardáin eile a áirithiú nuair a fhoirceannfar an conradh d’úsáideoir ardáin. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart go ndéanfaí faisnéis faoi na próisis, na ceanglais theicniúla, na tréimhsí ama agus na muirir a bhfuil feidhm acu i gcás inar mian le húsáideoir ardáin athbhreithnithe a aistriú chuig córas clú oibreora ardáin eile a sholáthar roimh ré. Agus athbhreithnithe a iompórtáiltear ó árdán eile á dtaispeáint, ba cheart don oibreoir ardáin glactha tionscnamh na n-athbhreithnithe sin a chur in iúl, i gcás inar féidir. |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 68
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(68) Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do chóid iompair den chineál sin. Go háirithe, ba cheart bearta um maolú riosca a bhaineann le cineálacha éagsúla ábhar neamhdhleathach a fhiosrú trí chomhaontaithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchar diúltach na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis nó gníomhaíochta ionramhála agus mí-úsáideacha. Áirítear anseo oibríochtaí comhordaithe dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid as róbait nó cuntais bhréige chun faisnéis bhréige nó mhíthreorach a chruthú, uaireanta chun críche gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail leanaí. Maidir le réimsí den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí is ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. D’fhéadfaí an diúltú gan mínithe cuí a dhéanann ardán ar líne ar chuireadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm cód iompair den sórt sin a thabhairt san áireamh, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar sháraigh an t-ardán ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
(68) Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do chóid iompair den chineál sin. Go háirithe, ba cheart bearta um maolú riosca a bhaineann le cineálacha éagsúla ábhair neamhdhleathaigh a fhiosrú trí chomhaontaithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchar diúltach na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis nó gníomhaíochtaí ionramhála agus mí-úsáideacha. Áirítear anseo oibríochtaí comhordaithe dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid róbat chun faisnéis bhréige nó mhíthreorach a chruthú, uaireanta chun críche gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail leanaí. Maidir le réimsí den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí gurb ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. D’fhéadfaí an diúltú gan mínithe cuí a dhéanann ardán ar líne do chuireadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm cód iompair den sórt sin a thabhairt san áireamh, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar sháraigh an t-ardán ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 70
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(70) Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhairí, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála a nascann foilsitheoirí fógraíochta le fógróirí. Ba cheart go dtacódh agus go gcomhlánódh cóid iompair na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht d’ardáin ar líne agus d’ardáin an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an comhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a bhreisiú, go suntasach mar a bhaineann sé le coinníollacha tharchur na faisnéise ábhartha. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan páirtithe leasmhara go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. |
(70) Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhairí, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhálacha a nascann foilsitheoirí fógraíochta le fógróirí. Ba cheart go dtacódh agus go gcomhlánódh cóid iompair na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht d’ardáin ar líne agus d’ardáin an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an comhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a bhreisiú, go suntasach mar a bhaineann sé le coinníollacha tharchur na faisnéise ábhartha. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan páirtithe leasmhara go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. Ba cheart go mbeadh cuspóirí soiléire agus beachta maidir le cosaint an tomhaltóra agus cearta an duine sna cóid agus ba cheart rialú a dhéanamh orthu ar bhealach trédhearcach. Ba cheart measúnú rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na gcód iompair. |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 97
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(97) Ba cheart saoirse a bheith ag an gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé ar mian nó nach mian leis idirghabháil a dhéanamh in aon cheann de na cásanna ina bhfuil cumhacht aige sin a dhéanamh faoin Rialachán seo. A luaithe is a thionscnaíonn an Coimisiún na himeachtaí, ba cheart cosc a chur ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena mbaineann óna gcumhachtaí iniúchta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú i leith iompar ábhartha an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, chun dúbláil, neamhréireachtaí agus rioscaí ó dhearcadh an phrionsabail ne bis in idem a sheachaint. Mar sin féin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, níor cheart na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin a chosc óna gcumhachtaí a fheidhmiú le cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ar iarraidh sin dó i bhfeidhmiú a chúraimí maoirseachta, nó i leith iompar eile, lena n-áirítear iompar de chuid an ardáin an-mhór ar líne chéanna a bhfuil amhras ann gurb ionann é agus sárú nua. Ba cheart go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin, chomh maith leis an mBord agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis agus an cúnamh ar fad is gá don Choimisiún chun a cheadú dó a chúraimí a fheidhmiú go héifeachtach, agus os a choinne sin, ba cheart don Choimisiún iad a choinneáil ar an eolas maidir le feidhmiú a chumhachtaí de réir mar is iomchuí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, aon mheasúnuithe ábhartha arna ndéanamh ag an mBord nó ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann agus aon fhianaise agus aon fhaisnéis ábhartha a bhailigh siad a chur san áireamh, gan dochar do chumhachtaí agus d’fhreagracht an Choimisiúin maidir le himscrúduithe breise a dhéanamh de réir mar is gá. |
(97) Ba cheart saoirse a bheith ag an gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé ar mian nó nach mian leis idirghabháil a dhéanamh in aon cheann de na cásanna ina bhfuil cumhacht aige sin a dhéanamh faoin Rialachán seo. Ba cheart dó, áfach, údar a thabhairt d’aon neamhghníomhaíocht. A luaithe is a thionscnaíonn an Coimisiún na himeachtaí, ba cheart cosc a chur ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena mbaineann óna gcumhachtaí iniúchta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú i leith iompar ábhartha an ardáin an-mhór ar líne lena mbaineann, chun dúbláil, neamhréireachtaí agus rioscaí ó dhearcadh an phrionsabail ne bis in idem a sheachaint. Mar sin féin, ar mhaithe le héifeachtúlacht, níor cheart na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin a chosc óna gcumhachtaí a fheidhmiú le cúnamh a thabhairt don Choimisiún, arna iarraidh sin dó i bhfeidhmiú a chúraimí maoirseachta, nó i leith iompar eile, lena n-áirítear iompar de chuid an ardáin an-mhór ar líne chéanna a bhfuil amhras ann gurb ionann é agus sárú nua. Ba cheart go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sin, chomh maith leis an mBord agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis agus an cúnamh ar fad is gá don Choimisiún chun a cheadú dó a chúraimí a fheidhmiú go héifeachtach, agus os a choinne sin, ba cheart don Choimisiún iad a choinneáil ar an eolas maidir le feidhmiú a chumhachtaí de réir mar is iomchuí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, aon mheasúnuithe ábhartha arna ndéanamh ag an mBord nó ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann agus aon fhianaise agus aon fhaisnéis ábhartha a bhailigh siad a chur san áireamh, gan dochar do chumhachtaí agus d’fhreagracht an Choimisiúin maidir le himscrúduithe breise a dhéanamh de réir mar is gá. |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) ceanglais idir-inoibritheachta d’ardáin an-mhór ar líne. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha; |
(a) cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí digiteacha, lena n-áirítear trí mhachaire comhréidh a chruthú; |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) rialacha aonfhoirmeacha a leagan amach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne i gcás ina dtugtar cosaint go héifeachtach do chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt. |
(b) rialacha aonfhoirmeacha a leagan amach i gcomhair timpeallacht shábháilte, inrochtana, intuartha agus iontaofa ar líne i gcás ina dtugtar cosaint go héifeachtach do chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt; |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) nuálaíocht a éascú, tacú leis an aistriú digiteach, fás eacnamaíoch a spreagadh agus iomaíochas do sheirbhisí digiteacha a spreagadh, agus cearta úsáideoirí agus tomhaltóirí a chosaint ag an am céanna. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 – pointe i a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ia) Treoir (AE) 2019/882; |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ciallaíonn ‘chun seirbhísí a thairiscint san Aontas’ é a chur ar a gcumas do dhaoine dlíthiúla nó nádúrtha i mBallstát amháin nó níos mó chun seirbhísí sholáthraí seirbhísí na sochaí faisnéise a bhfuil nasc substaintiúil aige leis an Aontas a úsáid; meastar gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí san Aontas; in éagmais bunaíocht den sórt sin, tá an measúnú ar nasc substaintiúil bunaithe ar chritéir fhíorasacha shonracha, amhail: |
(d) ciallaíonn ‘chun seirbhísí a thairiscint san Aontas’ é a chur ar a gcumas do dhaoine dlíthiúla nó nádúrtha i mBallstát amháin nó níos mó chun seirbhísí sholáthraí seirbhísí na sochaí faisnéise a bhfuil nasc substaintiúil aige leis an Aontas a úsáid; meastar gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí san Aontas nó in éagmais bunaíocht den sórt sin, i gcás ina ndéanann an soláthraí a ghníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó; nó |
scriosta |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe d – fleasc 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. |
scriosta |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) ciallaíonn ‘ardán ar líne’ soláthraí seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann ar an bpobal, ar iarraidh ó fhaighteoir na seirbhíse, faisnéis, murar mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo. |
(h) ciallaíonn ‘ardán ar líne’ soláthraí seirbhís óstála a chuireann téarmaí agus coinníollacha sonracha i bhfeidhm agus, arna iarraidh sin ó fhaighteoir na seirbhíse, a stórálann agus scaipeann ar an bpobal, faisnéis, murar mionghné agus gné choimhdeach amháin den phríomhsheirbhís atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ha) ciallaíonn “margadh ar líne” ardán ar líne a ligeann do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí ar an ardán; |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe l
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(l) ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta’ Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhíse idirghabhálaí bunaithe nó ina gcónaíonn a ionadaí dlí nó ina bhfuil a ionadaí dlí bunaithe; |
(l) ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta’ Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag soláthraí seirbhíse idirghabhálaí nó, i gcás nach bhfuil an tseirbhís idirghabhálach bunaithe san Aontas Eorpach, ina bhfuil a ionadaí dlí bunaithe; |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe n
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(n) ciallaíonn ‘fógraíocht’ faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála, agus a thaispeántar ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn; |
(n) ciallaíonn ‘fógraíocht’ faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála, agus a thaispeántar ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh cineálacha indíreacha agus díreacha luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn; |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe o
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(o) ciallaíonn ‘córas moltóra’ córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, lena n-áirítear de thoradh cuardaigh a thionscain an faighteoir nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
(o) ciallaíonn ‘córas moltóra’ córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a rangú, a chur in ord tosaíochta agus a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain an faighteoir nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina soláthraítear seirbhís na sochaí faisnéise ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla, ar choinníoll: |
1. I gcás ina soláthraítear seirbhís na sochaí faisnéise ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla, ar choinníoll go ndéanfaidh an soláthraí na nithe seo a leanas: |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis; |
(a) nach modhnaíonn sé an fhaisnéis; |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) go gcloíonn an soláthraí le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise; |
(b) go gcloíonn sé le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise; |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) go gcloíonn an soláthraí leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal; |
(c) go gcloíonn sé leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach arna aithint go forleathan agus arna úsáid ag an tionscal; |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) nach gcuireann an soláthraí isteach ar úsáid dhleathach na teicneolaíochta, a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus |
(d) nach gcuireann sé isteach ar úsáid dhleathach teicneolaíochta, arna haithint go forleathan agus arna húsáid ag an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) go bhfeidhmíonn an soláthraí go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú tráth a bhfaigheann sé eolas iarbhír gur baineadh an fhaisnéis ag foinse tosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh cúirt nó údarás riaracháin an bhaint nó an díchumasú sin. |
(e) go ngníomhaíonn sé go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú ar fháil eolais iarbhír dó gur baineadh an t-ábhar neamhdhleathach ag foinse thosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh cúirt nó údarás riaracháin go ndéanfaí an bhaint nó an díchumasú sin. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Ní bheidh feidhm ag mír 1 nuair is é príomhchuspóir sheirbhís na sochaí faisnéise dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó iad a éascú nó nuair a chomhoibríonn soláthraí sheirbhís na sochaí faisnéise d’aon turas le faighteoir na seirbhíse chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Níl feidhm ag mír 1 maidir le dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin i láthair mír shonrach faisnéise nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios don ghnáth-tomhaltóir a mbeadh eolas réasúnach aige go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht. |
3. Níl feidhm ag mír 1 maidir le dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe ar an ardán, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin i láthair mír shonrach faisnéise nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios don ghnáth-tomhaltóir a mbeadh eolas réasúnach aige go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht. |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 mar gheall go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. |
Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 mar gheall go ndéanann siad bearta imscrúdaitheacha deonacha féintionscnaimh chun críche ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint, nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú, lena n-áirítear trí uirlisí agus ionstraimí teicneolaíochta a úsáid, chun ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go mbeidh coimircí iomchuí ag gabháil le himscrúduithe deonacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá, formhaoirseacht dhaonna, chun a áirithiú go mbeidh siad trédhearcach, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
— faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-ábhar; |
— faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-ábhar; |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) tá comhlíonadh na mbeart san ord indéanta go teicniúil, agus cumais theicniúla an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann a bhfuil fáil orthu á gcur san áireamh. |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. D’fhéadfadh na horduithe chun gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha céimeanna a ghlacadh, sa chás sonrach, chun ábhar neamhdhleathach comhionann nó coibhéiseach a bhaint. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Déanfar aon iarrataí chuig soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, arna ndéanamh ar bhonn an Rialacháin seo, a tharchur tríd an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i mBallstát na bunaíochta, atá freagrach as iarrataí agus faisnéis a bhailiú ó na foinsí ábhartha go léir. |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó mheánméide (FBManna) de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus nár éirigh leo seirbhísí ionadaí dlí a fháil tar éis iarracht réasúnach a dhéanamh, beidh siad in ann a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhfuil sé ar intinn ag an bhfiontar ionadaí dlí a bhunú ina Bhallstát, tuilleadh comhair a éascú agus réitigh fhéideartha a mholadh, lena n-áirítear deiseanna le haghaidh ionadaíochta comhchoitinne. |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as an tseirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnú ábhair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna. Leagfar amach é i dteanga shoiléir agus gan débhrí agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid a bheidh inrochtana go héasca. |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as an tseirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnú ábhair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna. Leagfar amach é i dteanga shoiléir agus gan débhrí agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid a bheidh inrochtana go héasca. |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha is infheidhme maidir le faighteoirí na seirbhíse mar a chumhdaítear sa Chairt. |
2. Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhleanúnach, intuartha, dícheallach, neamhthreallach, riachtanach agus comhréireach chun na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha is infheidhme maidir le faighteoirí na seirbhíse mar a chumhdaítear sa Chairt. |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Na codanna sin de na téarmaí agus na coinníollacha nach gcomhlíonann an tAirteagal seo, ní bheidh siad ceangailteach ar fhaighteoirí na seirbhísí. Cuirfidh soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha faighteoirí a seirbhísí ar an eolas maidir leis na hathruithe uile ar théarmaí agus coinníollacha roimh ré. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. I gcás ina lamhálann ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 25 den Rialachán seo do scaipeadh preasfhoilseachán ar an bpobal de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir (AE) 2019/790, ní dhéanfaidh na hardáin sin ábhar den sórt sin nó an tseirbhís ghaolmhar a bhaint, a chur ar fionraí, cuir isteach air ar bhealach eile nó rochtain air a dhíchumasú nó an cuntas gaolmhar a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ar bhonn neamhréireacht líomhnaithe an ábhair sin lena théarmaí agus coinníollacha. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Maidir le haon srianta a fhorchuireann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha i ndáil le húsáid a seirbhíse agus an fhaisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, beidh siad i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha fhaighteoirí na seirbhísí mar a chumhdaítear sa Chairt. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascálacha soiléire, intuigthe agus mionsonraithe maidir le haon ábhar modhnaithe ar thug siad faoi i rith na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme: |
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascálacha soiléire, intuigthe agus mionsonraithe maidir le haon ábhar modhnaithe ar thug siad faoi i rith na tréimhse ábhartha. I gcás inar féidir, déanfar an fhaisnéis a fhoilsítear a mhiondealú de réir an Bhallstáit ina dtairgtear seirbhísí. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme: |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an líon orduithe a fhaightear ó údaráis Bhallstáit, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9, agus an meánam a theastaíonn chun an ghníomhaíocht arna sonrú sna horduithe sin a ghlacadh; |
(a) an líon orduithe a fhaightear ó údaráis Ballstát, arna gcatagóiriú, i gcás inar féidir, de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9; |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó théarmaí agus ar bhonn choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, agus an meánam a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh; |
(b) an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an líon fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh; |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) an modhnú ábhair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhísí agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, arna chatagóiriú de réir cineál na cúise agus an bhunúis a bhí leis na bearta sin a ghlacadh; |
(c) an modhnú ábhair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear líon agus cineál na mbeart a rinneadh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, chomh maith leis na bearta a rinneadh chun modhnóirí ábhair a oiliúint agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar ábhar neamhsháraithe; |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i ndáil leis na gearáin sin, an meánam a theastaíonn chun na cinntí sin a ghlacadh agus an líon cásanna inar aisiompaíodh na cinntí sin. |
(d) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, i gcás inar féidir é a shainaithint, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i ndáil leis na gearáin sin agus an líon cásanna ina ndearnadh na cinntí sin maidir le modhnóireacht ábhair a fhreaschur. |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun ceadú d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina ábhar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh na sásraí sin éasca le rochtain, furasta a úsáid, agus ba cheart go gceadódh siad fógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin. |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun ceadú d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina ábhar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh na sásraí sin éasca le rochtain, furasta a úsáid, agus ba cheart go gceadódh siad fógraí ar scála a chur isteach agus trí mheán leictreonach amháin. Ní fhéadfadh na sásraí sin teacht in ionad cinneadh ó údarás breithiúnach agus riaracháin neamhspleách maidir le cibé an bhfuil ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil. |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh na sásraí dá dtagraítear i mír 1 amhlaidh ionas go n-éascóidh siad fógraí a bhfuil bunús leo atá beacht agus oiriúnach go leordhóthanach a chur isteach, ar an mbonn gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch dícheallach neamhdhleathacht an ábhair atá i gceist a shainaithint. Chuige sin, glacfaidh na soláthraithe na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú: |
2. Beidh na fógraí dá dtagraítear i mír 1 beacht agus oiriúnach go leordhóthanach, ar an mbonn gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch dícheallach neamhdhleathacht an ábhair atá i gceist a shainaithint agus a mheasúnú. Chuige sin, glacfaidh na soláthraithe na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú: |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) léiriú soiléir de láthair leictreonach na faisnéise sin,go háirithe an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an ábhair neamhdhleathaigh; |
(b) léiriú soiléir de shainaithint leictreonach na faisnéise sin, amhail an URL nó URLanna i gcás inar féidir agus, i gcás inar gá faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an ábhair neamhdhleathaigh; |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ráiteas ina ndeimhnítear go gcreideann an duine aonair nó an t-eintiteas a bhfuil an fógra á chur isteach aige de mheon macánta go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí atá ann beacht agus iomlán. |
(d) ráiteas ina ndeimhnítear go gcreideann an duine aonair nó an t-eintiteas a bhfuil an fógra á chur isteach aige de mheon macánta go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí atá ann beacht agus iomlán, chomh fada agus is eol dóibh. |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 5 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann as fógraí ina n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2. |
3. Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 5 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann as fógraí ina n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 agus ar fógraí iad atá beacht agus oiriúnach go leordhóthanach, ar ar a mbonn gur féidir le soláthraí dícheallach seirbhísí óstála neamhdhleathacht ábhair shonraigh a shainaithint . |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. I gcás ina bhfuil ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a sheol isteach é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe go pras maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an eintiteas sin. |
4. I gcás ina bhfuil ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a sheol isteach é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe go pras maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an eintiteas sin. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin. |
5. Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin agus don soláthraí ábhair i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, agus glacfaidh siad lena gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 4. |
6. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a chuirfear ar fáil sách soiléir, gníomhú de réir aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1, agus a gcumas teicniúil agus oibríochtúil chun gníomhú i gcoinne míreanna sonracha ábhair neamhdhleathaigh á chur san áireamh, agus glacfaidh siad lena gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach agus neamhthreallach. I gcás ina mbaineann siad úsáid as modh uathoibrithe don phróiseáil sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 4. |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Ní bheidh feidhm ag mír 4 ná mír 5 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag mír 4 ná mír 5 maidir le fiontair a cháiligh roimhe sin don stádas mar fhiontar beag nó micrifhiontar de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE le linn an dá mhí dhéag tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de. |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála rochtain ar mhíreanna faisnéise sonracha arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú, d’ainneoin na bealaí a úsáideadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhrath, a shainaithint nó a bhaint nó a dhíchumasú agus an chúis lena chinneadh, cuirfidh sé an faighteoir ar an eolas, ar a dhéanaí tráth a bhaintear nó a dhíchumasaítear an rochtain, maidir lena chinneadh agus tabharfaidh sé ráiteas cúiseanna soiléir agus sonrach leis an gcinneadh sin. |
1. I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála rochtain ar mhíreanna faisnéise sonracha arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú nó gan an rochtain air a bhaint nó a dhíchumasú, nó srian a chur ar bhealach eile le cineál nó scaipeadh na míreanna sin, d’ainneoin na bealaí a úsáideadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhrath, a shainaithint nó a bhaint nó a dhíchumasú agus an chúis lena chinneadh, cuirfidh sé an faighteoir ar an eolas, gan mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 24 uair tar éis an rochtain a bhaint nó a dhíchumasú nó tar éis beart eile modhnaithe ábhair agus coimeádaíochta ábhair, maidir lena chinneadh agus tabharfaidh sé ráiteas cúiseanna soiléir agus sonrach leis an gcinneadh sin. |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cibé acu an mbaineann an cinneadh le baint, nó díchumasú rochtana ar an bhfaisnéis agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach dhíchumasú na rochtana; |
(a) cibé acu a bhaineann an cinneadh le baint, nó díchumasú rochtana ar an bhfaisnéis agus raon feidhme críochach dhíchumasú na rochtana; |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibríocha chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear i gcás inar glacadh an cinneadh i leith ábhar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibríocha; |
(c) i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis na modhanna a úsáidtear chun an cinneadh a ghlacadh; |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí óstála na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna, dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus a bhainisteoidh an Coimisiún. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin. |
scriosta |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Ní bheidh oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí óstála an ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar i gcás ina bhféadfadh ábhair imní neamhbheartaithe i leith sábháilteachta don pháirtí tuairiscithe a bheith mar thoradh ar an ráiteas ar chúiseanna. Ina theannta sin, ní bheidh oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí óstála an ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar i gcás inar féidir leis an soláthraí a léiriú go bhfuil ábhar neamhdhleathach curtha ar fáil arís agus arís eile ag faighteoir na seirbhíse. |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag na míreanna sin maidir le fiontair a cháiligh roimhe sin do stádas micrifhiontar nó fiontar beag de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE le linn an dá mhí dhéag tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de. |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15a |
|
Cosaint ar mhí-úsáid arís agus arís eile agus cionta coiriúla |
|
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, tar éis dóibh réamhrabhadh a eisiúint, soláthar a gcuid seirbhísí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann ábhar neamhdhleathach ar fáil go minic tar éis míniú cuimsitheach a sholáthar dóibh a chur ar fionraí nó, in imthosca iomchuí, a fhoirceannadh, |
|
2. I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí idirghabhálacha faoi deara go bhfuil aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion tromchúiseach coiriúil lenar bhain bagairt do bheatha nó do shábháilteacht daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas láithreach faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil. I gcás nach féidir leis an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil a phríomháit ghnó nó a ionadaí dlíthiúil ar an eolas, agus tarchuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig Europol le haghaidh obair leantach iomchuí. |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15b |
|
Cosaint iontrála sa mhargadh |
|
Ní dhéanfar na forálacha sa Roinn seo a fhorfheidhmiú i gcoinne micrifhiontar ná fiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ar feadh tréimhse bliana tar éis a mbunaithe. I rith na tréimhse sin, déanfaidh na fiontair sin gach iarracht réasúnach forálacha na roinne seo a chomhlíonadh agus gníomhóidh siad de mheon macánta. |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. |
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, mura gcomhlíonann siad na critéir chun cáiliú mar ardáin an-mhór ar líne faoin Rialachán seo. Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le fiontair a cháiligh roimhe sin do stádas micrifhiontar nó fiontar beag de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE le linn an dá mhí dhéag tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, mura gcomhlíonann siad na critéir chun cáiliú mar ardáin an-mhór ar líne faoin Rialachán seo. |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Soláthróidh ardáin ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, an rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach um láimhseáil gearán, a chumasaíonn do na gearáin a sheoladh isteach go leictreonach agus saor in aisce, in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac an t-ardán ar líne ar an bhforas gur dóchúil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí ina ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil sé comhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha: |
1. Soláthróidh ardáin ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse agus d’eintitis cháilithe de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2020/1828, ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, an rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach um láimhseáil gearán, a chumasaíonn do na gearáin a sheoladh isteach go leictreonach agus saor in aisce, in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac an t-ardán ar líne ar an bhforas gur dóchúil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí ina ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil sé comhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha: |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cinntí chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú; |
(a) Cinntí chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint, a dhíchumasú, a dhíshamhlú nó a shrianadh nó chun smachtbhannaí a fhorchur ina coinne ar shlí eile; |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Áiritheoidh na hardáin ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn siad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leordhóthanach leo a sheoladh isteach. |
2. Áiritheoidh na hardáin ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid, agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn siad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leormhaith leo a sheoladh isteach agus go n-áirítear leo athbhreithniú ó dhuine daonna. |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Láimhseálfaidh na hardáin ar líne gearáin trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán, agus déanfaidh siad é sin ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh an t-ardán ar líne nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann a thugann le fios nach gá an tseirbhís nó an cuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, aisiompóidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí. |
3. Déanfaidh na hardáin ar líne gearáin a dhéanfar trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán a láimhseáil ar bhealach tráthúil, dícheallach agus neamhthreallach. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh an t-ardán ar líne nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann a thugann le fios nach gá an tseirbhís nó an cuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 a fhreaschur gan moill mhíchuí. Má iarrann an t-eintiteas gearánach é, cuirfidh an t-ardán ar líne freaschur an chinnidh in iúl don phobal. |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh na hardáin ar líne gearánaithe ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh a ghlac siad i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus cuirfidh siad gearánaithe ar an eolas faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus aon fhéidearthachtaí sásaimh eile atá ar fáil. |
4. Cuirfidh na hardáin ar líne gearánaithe ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh a ghlac siad i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus cuirfidh siad gearánaithe ar an eolas faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus aon fhéidearthachtaí sásaimh eile atá ar fáil. Ní rachaidh an mhoill sin thar thrí seachtaine ó thaisceadh an ghearáin. |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh faighteoirí na seirbhíse a dtéann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) i ngleic léi, i dteideal aon díospóid lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 2 chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin. Rachaidh na hardáin ar líne i ngleic, de mheon macánta, leis an gcomhlacht a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach agus beidh sé faoi cheangal ag aon chinneadh a ghlacann an comhlacht. |
Nuair a bheidh na sásraí inmheánacha chun gearáin a láimhseáil ídithe, beidh faighteoirí na seirbhíse a dtéann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) i ngleic léi agus na heintitis cháilithe de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2020/1828, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 2 chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin. Rachaidh na hardáin ar líne i ngleic, de mheon macánta, leis an gcomhlacht a roghnaigh an faighteoir d’fhonn an díospóid a réiteach agus beidh sé faoi cheangal ag aon chinneadh a ghlacann an comhlacht. |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) tá an saineolas is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’ábhar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí; |
(b) tá an saineolas dlíthiúil is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’ábhar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí; |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí; |
(c) cuireann sé réiteach díospóide ar fáil a bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí; |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) tá sé ábalta díospóid a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad; |
(d) tá sé ábalta díospóid a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil, trédhearcach agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad; |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) déantar an díospóid a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma. |
(e) cuireann sé réiteach díospóide ar fáil a tharlaíonn i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma agus le coimircí rúndachta leordhóthanacha. |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe e a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ea) i gcás inarb infheidhme, tá saineolas dlí ar leith aici maidir leis na dlíthe is infheidhme a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus maidir lena teorainneacha agus maidir leis an gcásdlí is infheidhme, lena n-áirítear cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, aisíocfaidh an t-ardán ar líne aon táille agus costais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, leis an bhfaighteoir. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar an ardáin ar líne, ní bheidh gá don fhaighteoir aon táillí ná costais réasúnacha eile a d’íoc an t-ardán ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc. |
Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, aisíocfaidh an t-ardán ar líne aon táille agus costais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, leis an bhfaighteoir. Má chinneann an comhlacht an díospóid a réiteach i bhfabhar an ardáin ar líne, ní bheidh gá don fhaighteoir aon táillí ná costais réasúnacha eile a d’íoc an t-ardán ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht gur léir go bhfuil an gearán gan bhunús agus maslach. |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin Treoir sin. |
6. Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin Treoir sin. Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú lasmuigh den chúirt maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta seirbhísí ardáin ar líne ná faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann chun imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, lena linn nó ina dhiaidh. |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh ardáin ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan mhoill. |
1. Déanfaidh ardáin ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan mhoill. Féadfar tosaíocht den chineál céanna a thabhairt d’fhógraí eile, i gcás ina meastar go bhfuil iontaofacht na ndaoine a chuireann isteach iad agus déine agus práinn na gcásanna lena mbaineann eisceachtúil. |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith; |
(a) léirigh sé saineolas agus cruinneas sonrach chun ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith; |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. |
(c) tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach ar bhealach oibiachtúil. |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) i gcás inarb infheidhme, tá saineolas dlí ar leith aici maidir leis na dlíthe is infheidhme a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus maidir lena teorainneacha agus maidir leis an gcásdlí is infheidhme, lena n-áirítear cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Féadfaidh Comhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha an stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ar eintiteas atá bunaithe i mBallstát eile, má tá stádas mar chomharthóir iontaofa ag an eintiteas sin cheana féin sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. I gcás ina bhfuil an stádas sin bronnta ag roinnt Ballstát ar an eintiteas céanna, féadfar tagairt don eintiteas mar chomharthóir iontaofa Eorpach. |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord. |
3. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Rachaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-ardán bunaithe i mbun idirphlé le hardáin agus le geallsealbhóirí chun cruinneas agus éifeachtúlacht córais comharthóirí iontaofa a chothabháil. |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. I gcás ina bhfuil faisnéis ag ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán tríd na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. |
5. I gcás ina bhfuil faisnéis ag ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht ná leorbhunaithe nó fógraí a bhaineann le hábhar dleathach trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Tabharfaidh ardáin ar líne, i gcás inar féidir, rochtain do chomharthóirí iontaofa ar mhodhanna teicniúla a chuideoidh leo ábhar neamhdhleathach a bhrath ar mhórscála. |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh na hardáin ar líne soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann ábhar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach ar fáil go minic, ar feadh tréimhse réasúnach ama agus tar éis réamhfhógra a thabhairt. |
1. Maidir le soláthar a gcuid seirbhísí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann ábhar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach, déanfaidh na hardáin ar líne é sin a fhionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama, nó é a fhoirceannadh in imthosca iomchuí, agus tar éis réamhrabhadh a thabhairt agus tar éis míniú cuimsitheach a sholáthar. Féadfar foirceannadh na seirbhíse a eisiúint i gcás ina dteipeann ar na faighteoirí na forálacha is infheidhme a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh nó i gcás inar tharla an fhionraí trí huaire ar a laghad tar éis soláthar an ábhair neamhdhleathaigh arís agus arís eile a fhíorú. |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cuirfidh ardáin ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí gníomhaíochta agus fógra agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 17, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt. |
2. Cuirfidh ardáin ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí gníomhaíochta agus fógra agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 17, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt. |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) dearbh-líon na nithe d’ábhar ar follasach gur ábhar neamhdhleathach é nó fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach le bliain anuas; |
(a) dearbh-líon na nithe d’ábhar neamhdhleathach nó fógraí nó gearáin atá gan bhunús, a cuireadh isteach le bliain anuas; |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) rún an fhaighteora, an duine aonair an eintitis nó an ghearánaigh. |
(d) i gcás inarb inaitheanta, rún an fhaighteora, an duine aonair, an eintitis nó an ghearánaigh. |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Leagfaidh ardáin ar líne a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, ina dtéarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid é iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta. |
4. Leagfaidh ardáin ar líne a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, ina dtéarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid é iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta, agus na himthosca ina ndéanfaidh siad na seirbhísí a fhoirceannadh. |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás nach féidir leis an ardán ar líne an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil ar an eolas nó cuirfidh sé Europol ar an eolas. |
I gcás nach féidir leis an ardán ar líne an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil a phríomháit ghnó nó a ionadaí dlíthiúil ar an eolas, agus tarchuirfidh sé an fhaisnéis sin freisin chuig Europol le haghaidh obair leantach iomchuí. |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina gceadaíonn ardán ar líne do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh sé nach féidir le trádálaithe a sheirbhísí a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag an ardán ar líne sula mbaineann sé úsáid as a sheirbhísí: |
1. Áiritheoidh soláthróirí margaí ar líne nach bhféadfaidh trádálaithe a sheirbhísí a úsáid chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas ach sa chás go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na margaí ar líne sula mbaintear úsáid as a seirbhísí: |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) sonraí chuntas bainc an trádálaí, i gcás gur duine nádúrtha é an trádálaí; |
scriosta |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, de réir bhrí Airteagal 3(13) agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle51 nó aon ionstraim ábhartha de dhlí an Aontais; |
(d) a mhéid a bhaineann an conradh le táirgí atá faoi réir Rialacháin an Aontais a liostaítear in Airteagal 4(5) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, atá bunaithe san Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 nó aon ghníomh ábhartha de dhlí an Aontais; |
__________________ |
__________________ |
51 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |
51 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh an t-ardán ar líne, tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, iarrachtaí réasúnta chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 1 iontaofa trí aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a sholáthraíonn Ballstát nó an tAontas a úsáid nó trí iarrataí a dhéanamh leis an trádálaí doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar. |
2. Déanfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, céimeanna éifeachtacha a ghlacfadh oibreoir dícheallach le réasún de réir ardchaighdeáin díchill ghairmiúil tionscail chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 1 cruinn, reatha agus iontaofa trí úsáid foinsí neamhspleácha agus iontaofa lena n-áirítear aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil saor-rochtain air nó comhéadan ar líne a sholáthraíonn riarthóir údaraithe, Ballstát nó an tAontas a úsáid nó trí iarrataí a dhéanamh leis an trádálaí doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar. |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina léirítear d’ardán ar líne go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn nó neamhiomlán, iarrfaidh an t-ardán sin ar an trádálaí an fhaisnéis a cheartú a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile cruinn agus iomlán, gan mhoill nó laistigh den tréimhse ama arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta. |
I gcás ina léirítear do sholáthraí an mhargaidh ar líne go bhfuil aon mhír faisnéise dá dtagraítear i mír 1 míchruinn nó neamhiomlán ar mír faisnéise í a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann, iarrfaidh an margadh sin ar an trádálaí an fhaisnéis a cheartú a mhéid is gá gan mhoill nó laistigh den tréimhse ama a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile cruinn agus iomlán. |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás go mainníonn ar an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó nach líonann sé isteach í, cuirfidh an t-ardán ar líne soláthar a sheirbhíse don trádálaí ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar an iarraidh sin. |
scriosta |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Cuirfidh soláthraí an mhargaidh ar líne de cheangal ar thrádálaithe iad a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcásanna den sórt sin, déanfaidh siad na céimeanna ábhartha dá dtagraítear i mír 2 an athuair. I gcás ina bhfaighidh soláthraí an mhargaidh ar líne léiriú go bhfuil mír faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22 míchruinn, iarrfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne ar an trádálaí fianaise a sholáthar maidir le cruinneas na míre faisnéise sin nó í a cheartú gan mhoill. I gcás ina mainníonn ar an trádálaí fianaise ar chruinneas a sholáthar, an fhaisnéis sin a cheartú nó an fhaisnéis a chomhlánú, cuirfidh an t-ardán ar líne soláthar a sheirbhíse don trádálaí ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar an iarraidh sin. |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Stórálfaidh an t-ardán ar líne an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus 2 ar bhealach slán fad a mhairfidh a gcaidreamh conarthach leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin. |
4. Stórálfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne an fhaisnéis a fuarthas de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán fad a mhairfidh a gcaidreamh conarthach leis an trádálaí lena mbaineann, lena n-áirítear an tréimhse le haghaidh sásaimh. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin. |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Gan dochar do mhír 2, ní nochtfaidh an t-ardán an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 9 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. |
5. Gan dochar do mhír 2, ní nochtfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 9 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó ag an gCoimisiún chun a gcúraimí a fheidhmiú faoin Rialachán seo. |
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Cuirfidh an t-ardán ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d), (e) agus (f) de mhír 1 ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. |
6. Cuirfidh soláthraí an mhargaidh ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (d), (e) agus (f) de mhír 1 ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, so-rochtana agus sothuigthe. |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Dearfaidh agus eagróidh an t-ardán ar líne a chomhéadan ar líne ar bhealach a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach agus faisnéis sábháilteachta táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme san Aontas. |
7. Déanfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne a chomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach cothrom agus so-úsáidte a chumasaíonn do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach agus faisnéis sábháilteachta táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme san Aontas. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Déanfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne a sheirbhís a dhearadh ar bhealach a chuirfidh ar chumas trádálaithe gach faisnéis ábhartha a chur in iúl dá gcustaiméirí chun an táirge nó an tseirbhís a shainaithint, agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a bhaineann le lipéadú, lena n-áirítear comhartha CE. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7b. Áiritheoidh ardáin ar líne go ndéanfar trádálaithe a fhormheas gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus na céimeanna dá dtagraítear i mír 2 faighte ag an ardán ar líne. |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 22a |
|
Forálacha breise do mhargaí ar líne a bhaineann le tairiscintí neamhdhleathacha |
|
1. I gcás ina dtagann soláthraí an mhargaidh ar líne ar an eolas faoi chineál neamhdhleathach táirge nó seirbhíse a thairgtear trína sheirbhísí, cuirfidh sé na faighteoirí sin ar an eolas i dtaobh na seirbhíse a fuair an táirge sin nó a fuair an tseirbhís sin ar conradh. |
|
2. Déanfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne soláthar a sheirbhísí do thrádálaithe a sholáthraíonn tairiscintí neamhdhleathacha le haghaidh táirge nó seirbhíse arís is arís eile nó go leanúnach a fhionraí gan moill mhíchuí. Cuirfidh sé a chinneadh in iúl don trádálaí láithreach. |
|
3. I gcás táirgí, catagóirí nó grúpaí táirgí, a bhféadfadh riosca tromchúiseach do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí a bheith ag gabháil leo, bunaithe ar thionóiscí atá cláraithe in Safety Business Gateway, i staidreamh Safety Gate, ar thorthaí na gcomhghníomhaíochtaí maidir le sábháilteacht táirgí agus ar tháscairí nó fianaise ábhartha eile, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) [.../...] maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE agus le Treoir 2001/95/CE, fíoróidh soláthraí an mhargaidh ar líne, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7a d’Airteagal 22, agus sula gcuirfear tairiscint an trádálaí ar fáil ar an margadh ar líne, má luaitear an tairiscint is mian leis an trádálaí a mholadh do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas ar liosta, nó liostaí, táirgí nó catagóirí táirgí a shainaithnítear a bheith neamhchomhlíontach, mar atá aicmithe in aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne nó comhéadan ar líne a bhfuil saor-rochtain air, agus ní údaróidh sé don trádáil an tairiscint a sholáthar má tá an táirge ar an liosta sin. |
|
4. Áiritheoidh soláthraí an mhargaidh ar líne nach mbeidh rochtain ar ábhar a shainaithnítear mar ábhar neamhdhleathach tar éis é a bhaint anuas, agus déanfaidh sé bearta, sa chás sonrach sin, chun ábhar neamhdhleathach comhionann nó coibhéiseach a bhaint. |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 20, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as ábhar ar follasach gur ábhar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach; |
(b) an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 20, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as ábhar neamhdhleathach a sholáthar, fógraí atá gan bhunús a chur isteach agus gearáin atá gan bhunús a chur isteach; |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Trédhearcacht fógraíochta ar líne |
Ceanglais trédhearcachta fógraíochta ar líne |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh na hardáin ar líne a thaispeánann fógraíocht ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, le haghaidh gach fógrán sonrach a thaispeántar do gach faighteoir aonair, ar bhealach soiléir, gan débhrí agus i bhfíor-am: |
1. Déanfaidh na hardáin ar líne a thaispeánann fógraíocht ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, le haghaidh gach fógráin shonraigh a thaispeántar do gach faighteoir aonair, ar bhealach soiléir, fónta gan débhrí agus gach tráth: |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) gur fógrán é an fhaisnéis a thaispeántar; |
(a) gur fógrán í an fhaisnéis nó cuid di a thaispeántar; |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaoiníonn an fógra, más éagsúil leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a shainaithnítear de bhun phointe (b); |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis bhríoch faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí dá dtaispeánfar an fógrán a chinneadh. |
(c) Faisnéis shoiléir, fhónta faoi na paraiméadair a úsáideadh chun na faighteoirí dá dtaispeánfar an fógrán a chinneadh, agus conas na paraiméadair sin a athrú; |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) cibé ar roghnaíodh an fógra ag baint úsáid as córas uathoibrithe agus, sa chás sin, céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an gcóras. |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Tabharfaidh ardáin ar líne deis d’úsáideoirí diúltú go héasca do rianú micri-spriocdhírithe agus fógraí atá bunaithe ar a sonraí iompraíochta nó ar theicnící próifílithe eile, de réir bhrí Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/679. |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a chuireann a seirbhísí ar fáil do mheánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3. |
1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a chuireann a seirbhísí ar fáil do mheánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, nó i gcás inar ainmníodh an t-ardán mar ardán ar líne an-mhór i gcomhréir le mír 4a. |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 69, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, chun modheolaíocht shonrach a leagan síos chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1. Sonróidh an mhodheolaíocht sin, go háirithe, conas daonra an Aontais a chinneadh agus na critéir chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a chinneadh, ag cur na ngnéithe rochtana éagsúla san áireamh. |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 69, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, chun modheolaíocht shonrach a leagan síos chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh agus chun a fháil amach an bhfuil an láimhdeachas, samhail oibriúcháin agus cineál an ardáin ina riosca sistéamach, chun críocha mhír 1. Sonróidh an mhodheolaíocht sin, go háirithe, conas daonra an Aontais a chinneadh agus na critéir chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a chinneadh, ag cur na ngnéithe rochtana éagsúla san áireamh, chomh maith le conas is féidir a chinneadh an bhfuil an láimhdeachas, samhail oibriúcháin agus méid an ardáin ina riosca sistéamach. |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór lena mbaineann ó cheithre mhí tar éis an fhoilsithe sin ar aghaidh. |
scriosta |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 69 chun ardáin ar líne a ainmniú, a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí do líon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá níos lú ná 45 mhilliún ach a bhfuil riosca sistéamach an-ard ag baint leo, mar ardáin ar líne an-mhór. Beidh an measúnú ar riosca sistéamach bunaithe ar na critéir seo a leanas: |
|
(a) láimhdeachas bliantúil an ardáin ar líne, a bhfuil EUR 50 milliún ann mar thairseach a shárófar chun go gcáileoidh ardán ar líne do bhreis measúnaithe bunaithe ar phointe b) go pointe e). |
|
(b) ról an ardáin ar líne mar fhóram poiblí; |
|
(c) ról, cineál agus méid na n-idirbheart eacnamaíoch ar an ardán ar líne; |
|
(d) ról an ardáin ar líne maidir le faisnéis, tuairimí agus smaointe a scaipeadh agus maidir le tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí na seirbhíse faisnéis ar líne, agus mar a chuireann siad in iúl í; agus |
|
(e) doimhneacht agus raon feidhme na rioscaí sistéamacha a eascraíonn as feidhmiú agus úsáid sheirbhísí an ardáin ar líne, mar a shainmhínítear in Airteagal 26, mar aon le leitheadúlacht stairiúil an ábhair neamhdhleathaigh atá ar an tseirbhís. |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór lena mbaineann ó cheithre mhí tar éis an fhoilsithe sin ar aghaidh. |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne aon rioscaí sistéamacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus ón úsáid a bhaintear as a seirbhísí san Aontas a shainaithint, a anailísiú agus a mheas, ó dháta an chur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(4), uair amháin sa bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de: |
1. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne aon rioscaí sistéamacha a eascraíonn ó fheidhmiú agus ón úsáid a bhaintear as a seirbhísí san Aontas a shainaithint, a anailísiú agus a mheas, ó dháta an chur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(4), uair amháin sa bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin. Déanfar an measúnú riosca a mhiondealú de réir an Bhallstáit ina dtairgtear seirbhísí agus san Aontas ina iomláine. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de: |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) aon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach maidir le hómós a thabhairt do shaol príobháideach duine agus do shaol an teaghlaigh, maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an toirmeasc ar idirdhealú agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear in Airteagail 7, 11, 21 agus 24 den Chairt faoi seach; |
(b) aon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, lena n-áirítear na cearta maidir le hómós a thabhairt do shaol príobháideach duine agus do shaol an teaghlaigh, maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse agus iolrachas na meán, an toirmeasc ar idirdhealú agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear in Airteagail 7, 11, 21 agus 24 den Chairt, chomh maith le haon chearta bunúsacha eile a chumhdaítear sa Chairt ar féidir le rioscaí den sórt sin tionchar diúltach a imirt orthu anois nó sa todhchaí; |
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ionramháil a seirbhíse d’aon ghnó, lena n-áirítear trí úsáid bhréagach a bhaint as an tseirbhís nó le huathshaothrú na seirbhíse, lena mbaineann éifeacht dhiúltach iarbhír nó intuartha ar chosaint na sláinte poiblí, mionaoiseach, an dioscúrsa shibhialta, nó lena mbaineann éifeachtaí iarbhír nó intuartha a bhaineann le próisis thoghchánacha agus leis an tslándáil phoiblí. |
(c) ionramháil a dhéanamh d’aon ghnó ar a seirbhís le héifeachtaí diúltacha sistéamacha iarbhír nó intuartha ar chosaint na sláinte poiblí, mionaoiseacha, dioscúrsa sibhialta, nó éifeachtaí iarbhír nó intuartha a bhaineann le próisis toghcháin agus leis an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear an riosca go ndéanfar a seirbhís a chúbláil trí úsáid bhréagach, trí dhomhainbhrionnuithe nó trí shaothrú uathoibrithe na seirbhíse. |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 26 i bhfeidhm. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme: |
1. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne bearta réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha chun na rioscaí sistéamacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 26 i bhfeidhm a scor, a chosc agus a mhaolú. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme: |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) foireann iomchuí chun déileáil le fógraí agus le gearáin a áirithiú; |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) comhar a thionscnamh nó a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 19; |
(d) comhar a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 19; |
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) dea-chleachtais d’ardáin an-mhór ar líne chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a mhaolú. |
(b) dea-chleachtais d’ardáin an-mhór ar líne chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a scor, a chosc agus a mhaolú. |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte ginearálta a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt na bpáirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin. |
3. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, moltaí ginearálta a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt na bpáirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na moltaí sin. |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne agus áireofar iontu sonraí oscailte caighdeánaithe lena ndéantar cur síos ar na riosca sistéamacha, go háirithe na rioscaí i leith cearta bunúsacha. |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh ardáin an-mhór ar líne faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchóireachtaí chun comhlíontacht leis na nithe seo a leanas a mheas: |
1. Beidh ardáin an-mhór ar líne faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchóireachtaí neamhspleácha chun comhlíontacht leis na nithe seo a leanas a mheas: |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Maidir leis na hiniúchóireachtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad: |
2. Maidir le hiniúchóireachtaí arna ndéanamh de bhun mhír 1, déanfaidh eagraíochtaí nó comhlachais a bunaíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit iad agus a mbaineann na nithe seo a leanas leo: |
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tá siad neamhspleách ón ardán an-mhór ar líne lena mbaineann; |
(a) tá siad neamhspleách ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann agus níor sholáthair siad aon seirbhís seachas iniúchóireachtaí nó seirbhísí coimhdeacha ábhartha don ardán sin le 12 mhí anuas; |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) ní dhearna siad iniúchadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann le níos mó ná trí bliana as a chéile. |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) i gcás nach bhfuil an tuairim iniúchóireachta dearfach, moltaí oibríochtúla ar bhearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach. |
(f) I gcás inar tuairim dhiúltach í an tuairim iniúchóireachta, moltaí maidir le bearta sonracha chun amlínte comhlíonta agus feabhsúchán riosca-bhunaithe a bhaint amach, agus béim á leagan ar cheartú saincheisteanna a d’fhéadfadh an dochar is mó a dhéanamh d’úsáideoirí na seirbhíse mar thosaíocht; |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) sa chás nach bhfuil dóthain faisnéise ag an eagraíocht a dhéanann an obair iniúchóireachta chun an tuairim iniúchóireachta a thabhairt chun críche de bharr úrnuacht na saincheisteanna a ndearnadh iniúchadh orthu, séanadh ábhartha. |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh ardáin an-mhór ar líne a fhaigheann tuarascáil iniúchóireachta nach bhfuil dearfach aird chuí ar aon mholtaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil chur chun feidhme iniúchóireachta ina leagtar na bearta sin amach. I gcás nach gcuireann siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, ní mór dóibh na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme a thabhairt agus aon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta a leagadh amach sa tuarascáil chur chun feidhme iniúchóireachta. |
4. Maidir le hardáin an-mhór ar líne a fhaigheann tuarascáil ina bhfuil fianaise nach bhfuil an t-ardán ag déanamh measúnú nó maolú i gceart ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as feidhmiú agus an úsáid a dhéantar as a gcuid seirbhísí san Aontas, tabharfaidh siad aird chuí ar aon mholtaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil chur chun feidhme iniúchóireachta ina leagtar na bearta sin amach. I gcás nach gcuireann siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, ní mór dóibh na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme a thabhairt agus aon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta a leagadh amach sa tuarascáil chur chun feidhme iniúchóireachta. |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha plean iniúchóireachta bliantúil ar fáil d’ardáin an-mhór ar líne faoina ndlínse ina leagfar amach na príomhréimsí fócais don timthriall iniúchóireachta atá le teacht. |
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. Déanfar na hiniúchóireachtaí a chur faoi bhráid na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus an Choimisiúin. Déanfar achoimre na dtorthaí iniúchóireachta, nach bhfuil aon fhaisnéis íogair san áireamh iontu, a chur ar fáil go poiblí. Féadfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus an Coimisiún tráchtaireacht phoiblí a dhéanamh maidir leis na hiniúchóireachtaí. |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Leagfaidh ardán an-mhór ar líne a úsáideann córais mholtóra amach ina dtéarmaí agus coinníollacha, ar bhealach atá soiléir, inrochtana agus éasca le tuiscint, príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais mholtóra, mar aon le haon roghanna atá ann d’fhaighteoirí na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh a leasú nó tionchar a imirt orthu, lena n-áirítear rogha amháin ar a laghad nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, de réir bhrí Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/679. |
1. Ní chuirfidh ardáin an mhór ar líne faighteoirí a seirbhísí faoi réir córais mholtóra atá bunaithe ar phróifíliú, mura rud é go mbeidh toiliú sonrach, feasach agus neamh-dhébhríoch tugtha faoi shaoirse ag faighteoir na seirbhíse. Leagfaidh ardáin an-mhór ar líne a úsáideann córais mholtóra amach ina dtéarmaí agus coinníollacha, ar bhealach atá soiléir, inrochtana agus éasca le tuiscint, na príomhpharaiméadair theicniúla a úsáidtear ina gcórais mholtóra, agus soláthróidh siad roghanna d’fhaighteoirí na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair theicniúla a chuirfidh siad ar fáil a leasú nó tionchar a imirt orthu, lena n-áirítear rogha amháin ar a laghad nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, de réir bhrí Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/679, agus, i gcás inar féidir, loga a choinneáil de na hathruithe suntasacha a cuireadh i bhfeidhm ar an gcóras moltóra. |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina bhfuil roghanna iomadúla ar fáil de bhun mhír 1, soláthróidh ardáin an-mhór ar líne feidhmiúlacht ar féidir teacht go héasca uirthi ar a gcomhéadan ar líne ag ceadú d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha tosaíocht a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith le haghaidh gach ceann de na córais mholtóra lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise a chuirtear faoina mbráid. |
2. I gcás ina bhfuil roghanna iomadúla ar fáil de bhun mhír 1, soláthróidh ardáin an-mhór ar líne feidhmiúlacht ar féidir teacht go héasca uirthi agus so-úsáidte ar a gcomhéadan ar líne ag ceadú d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha tosaíocht a roghnú agus a mhodhnú aon tráth le haghaidh gach ceann de na córais mholtóra lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise a chuirtear faoina mbráid. |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Folóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas: |
|
(a) cibé an córas uathoibrithe é an córas moltóra agus, sa chás sin, céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an gcóras moltóra, más éagsúil é ó sholáthraí an ardáin; |
|
(b) faisnéis shoiléir faoi na príomhchritéir a úsáideann córais mholtóra; |
|
(c) i gcás inar féidir, ábharthacht agus meáchan gach príomhchritéar as a leanann an fhaisnéis a mholtar; |
|
(d) na spriocanna ar lena n-aghaidh a rinneadh an córas a bharrfheabhsú; |
|
(e) más infheidhme, míniú ar an ról atá ag iompraíocht fhaighteoirí na seirbhíse maidir le conas a tháirgeann an córas ábhartha a aschuir. |
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 29a |
|
Iniomparthacht sonraí agus athbhreithnithe |
|
1. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne iniomparthacht éifeachtach sonraí arna nginiúint trí ghníomhaíocht úsáideora gnó nó úsáideora deiridh a sholáthar agus, go sonrach, soláthróidh siad uirlisí d’úsáideoirí deiridh chun feidhmiú iniomparthachta sonraí a éascú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear trí rochtain atá leanúnach agus i bhfíor-am a sholáthar; |
|
2. Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne inaistritheacht na n-athbhreithnithe ar chóras clú oibreora ardáin eile a áirithiú nuair a fhoirceannfar an conradh d’úsáideoir ardáin. |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaoiníonn an fógra, más éagsúil leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a shainaithnítear de bhun phointe (b); |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) líon iomlán d’fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhreacha comhiomlána don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar ar díríodh an fógrán go sonrach. |
(e) líon iomlán d’fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhreacha comhiomlána don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar ar díríodh an fógrán go sonrach, agus i dtaobh an bhfuil grúpaí eile eisiata go sainráite. |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne ar fáil do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, rochtain ar shonraí atá riachtanach chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo. Is chun na gcríoch sin amháin a úsáidfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún an fhaisnéis sin. |
1. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne ar fáil do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, faisnéis agus rochtain ar shonraí atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo. Is chun na gcríoch sin amháin a úsáidfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún an fhaisnéis sin. |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó ón gCoimisiún, cuirfidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 4 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha mar a leagtar amach in Airteagal 26(1). |
2. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta nó ón gCoimisiún, cuirfidh ardáin an-mhór ar líne faisnéis agus rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe, comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúis a bunaíodh i gcomhréir le dlí na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais i mír 4 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a éascú agus a dhéanamh a chuireann le sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha mar a leagtar amach in Airteagal 26(1) agus chun fíorú a chumasú ar éifeachtacht agus comhréireacht na mbeart maolaithe mar a leagtar amach in Airteagal 27 (1). |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí de bhun mhír 1 agus mír 2 ar fáil trí bhunachair sonraí ar líne nó trí chomhéadain feidhmchláir, de réir mar is iomchuí. |
3. Cuirfidh ardáin an-mhór ar líne rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar fáil trí bhunachair sonraí ar líne nó trí chomhéadain feidhmchláir, de réir mar is iomchuí. Déanfar an tréimhse a mbeidh faisnéis agus sonraí le soláthar ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 a shonrú san iarraidh. Beidh na sonraí arna soláthar do thaighdeoirí grinnfhiosrúcháin chomh himdhealaithe agus is féidir, mura n-iarrfaidh an taighdeoir a mhalairt. |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. D’fhonn a bheith grinnfhiosraithe, ní mór do thaighdeoirí a bheith cleamhnaithe le hinstitiúid acadúil, a bheith neamhspleách ó leasa trádála, taifid chruthaithe ar shaineolas sna réimsí a bhaineann leis na rioscaí a ndéantar imscrúdú orthu a bheith acu, agus geallfaidh siad agus beidh siad ábalta na ceanglais maidir le slándáil sonraí agus rúndacht a ghabhann le gach iarraidh a chaomhnú. |
4. Chun a bheith grinnfhiosraithe, ní mór do thaighdeoirí a bheith cleamhnaithe le hinstitiúid acadúil, a bheith neamhspleách ó leasanna trádála, an cistiú lena maoinítear an taighde a nochtadh, taifid chruthaithe ar shaineolas sna réimsí a bhaineann leis na rioscaí a ndéantar imscrúdú orthu a bheith acu, agus geallfaidh siad agus beidh siad ábalta na ceanglais maidir le slándáil sonraí agus rúndacht a ghabhann le gach iarraidh a chaomhnú. |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Tar éis dóibh a gcuid taighde a chríochnú, foilseoidh na taighdeoirí grinnfhiosraithe ar tugadh rochtain dóibh ar shonraí a dtorthaí, gan sonraí pearsanta a nochtadh. |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) faisnéis ábhartha maidir le modhnóireacht ábhair arna miondealú de réir an Bhallstáit ina dtairgtear seirbhísí agus san Aontas ina iomláine. |
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I gcás ina measann ardán an-mhór ar líne go mbeadh nochtadh faisnéise rúnda an ardáin sin nó fhaighteoirí na seirbhíse mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 2, nó go mbeadh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go ndéanfadh sé dochar do shlándáil phoiblí nó go ndéanfadh sé díobháil d’fhaighteoirí, féadfaidh an t-ardán faisnéis den sórt sin a bhaint de na tuarascálacha. I gcás mar sin, tarchuirfidh an t-ardán na tuarascálacha iomlána chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha poiblí ag gabháil leo. |
3. I gcás ina measann ardán an-mhór ar líne go mbeadh nochtadh faisnéise rúnda an ardáin sin nó fhaighteoirí na seirbhíse mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 2, nó go mbeadh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go ndéanfadh sé dochar do shlándáil phoiblí nó go ndéanfadh sé díobháil d’fhaighteoirí, féadfaidh an t-ardán faisnéis den sórt sin a bhaint de na tuarascálacha. Sa chás sin, tarchuirfidh an t-ardán na tuarascálacha iomlána chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis de na tuarascálacha poiblí ag gabháil leo. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-ardán in iúl gur baineadh an fhaisnéis den tuarascáil, raon feidhme na faisnéise a baineadh agus an chúis ar baineadh í. |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) na cineálacha éagsúla sonraí is féidir a úsáid. |
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Beidh an Coimisiún freagrach as na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú agus grinnscrúdú a dhéanamh orthu. Tabharfaidh sí tuarascáil bhliantúil ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa. |
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh saineolas ábhartha ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír sa réimse maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí nó rialáil inneachair arna ghiniúint ag úsáideoirí. |
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 1 – fomhír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfear de chúram ar na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) 2016/679 bearta a bhaineann le próiseáil sonraí a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. |
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin freagrach as gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa Bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as cur le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. |
Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin freagrach as cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa Bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a bhaineann leis an Rialachán seo a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as cur le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. |
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun na críche sin, comhoibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus an Coimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le malairtí tuairimí le húdaráis eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh feidhmiú chúraimí na n-údarás eile sin agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha. |
Chun na críche sin, comhoibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus an Coimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le malairtí tuairimí le húdaráis eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh fheidhmiú chúraimí na n-údarás eile sin agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha, lena n-áirítear faisnéis a roinnt maidir le cásanna trasteorann agus tacaíocht a sholáthar dá chéile le linn idirghabhálacha agus imscrúduithe leanúnacha. |
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cruthóidh an Bord liosta de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus na húdaráis inniúla ar fad a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu. Tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta go rialta agus déanfaidh sé faireachán air. |
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 3 – fomhír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis an gcaoi ar cheart d’údaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha a bheith bainteach lena gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. |
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 3 – fomhír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Foilseoidh an Coimisiún clár agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é ina mbeidh ainm agus faisnéis teagmhála an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha atá freagrach i ngach Ballstát. |
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun a gcúraimí a chur i gcrích. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, neamhspleách, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna go léir is gá ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, lena n-áirítear forbairt scileanna agus inniúlachta, chomh maith leis an mbonneagar chun a gcúraimí a chur i gcrích. Féadfar a bheith san áireamh sna hacmhainní sin rochtain ar oiliúint agus malartuithe rialta le soláthraithe seirbhíse chun sainiúlachtaí a samhla gnó a thuiscint. |
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Agus a gcúraimí á ndéanamh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach. |
2. Agus a gcúraimí á ndéanamh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, agus ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach. |
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Féadfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faisnéis a lorg ó údarás poiblí nó ó pháirtí príobháideach má mheasann siad gur gá sin chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, gan cur as dá neamhspleáchas ná dá neodracht. |
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil aon fheidhmiú ar na cumhachtaí de bhun mír 1, 2 agus 3 faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil. |
6. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil aon fheidhmiú ar na cumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 faoi réir na gcoimircí is airde a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir go hiomlán leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil. |
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bpionós a fhorchuirtear maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % d’ioncam ná de láimhdeachas bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Ní rachaidh pionóis maidir le faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ná mainneachtain freagra a thabhairt ar fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach ná í a cheartú agus mainneachtain géilleadh do chigireacht ar an láthair thar 1 % d’ioncam ná de láimhdeachas bliantúil an tsoláthraí lena mbaineann. |
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bpionós a fhorchuirtear maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % d’ioncam ná de láimhdeachas domhanda an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Ní rachaidh pionóis maidir le faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ná mainneachtain freagra a thabhairt ar fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach ná í a cheartú agus mainneachtain géilleadh do chigireacht ar an láthair thar 1 % d’ioncam ná de láimhdeachas domhanda an tsoláthraí lena mbaineann. |
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid íocaíochta pionóis tréimhsiúla thar 5 % de mheánláimhdeachas laethúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a sonraíodh sa chinneadh lena mbaineann. |
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid íocaíochta pionóis thréimhsiúil thar 5 % de mheánláimhdeachas laethúil domhanda an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a sonraíodh sa chinneadh lena mbaineann. |
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ina líomhnófar sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina Bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. |
Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse, chomh maith le páirtithe eile a bhfuil leas dlisteanach acu agus atá neamhspleách ar aon soláthraí seirbhíse idirghabhálaí, gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ina líomhnófar sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina Bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. |
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe e a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ea) (tuairimí féintionscnaimh a eisiúint) |
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha a fhorchur ar an ardán an-mhór ar líne nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh de bhun Airteagal 58, i gcás ina measann sé go ndearna an t-ardán an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
1. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha a fhorchur ar an ardán an-mhór ar líne nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh de bhun Airteagal 58, i gcás ina measann sé go ndearna an t-ardán an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur trí chinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), i gcás ina measann sé go ndearnadh an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
2. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur trí chinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), i gcás ina measann sé go ndearnadh an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí: |
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur le cinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), mar is infheidhme, nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas laethúil, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, d’fhonn iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh: |
1. Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur le cinneadh ar an ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 52(1), mar is infheidhme, nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas laethúil domhanda, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, d’fhonn iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh: |
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 64 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagal 55(1), 56(1), 58, 59 agus 60. Luafar i bhfoilseachán den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh. |
1. Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagail 55(1), 56(1), 58, 59 agus 60. Luafar i bhfoilsiú den sórt sin ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis arna bhforchur, agus, i gcás inar féidir, le doiciméid neamhrúnda nó cineálacha eile faisnéise ar a bhfuil an cinneadh bunaithe. |
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh acu, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh. |
3. Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh acu, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua. |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE |
|||
Tagairtí |
COM(2020)0825 – C9-0418/2020 – 2020/0361(COD) |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
IMCO 8.2.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 8.2.2021 |
|||
Coistí comhlachaithe – dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
20.5.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Henna Virkkunen 15.12.2020 |
|||
Pléite sa choiste |
17.6.2021 |
15.7.2021 |
|
|
Dáta an ghlactha |
27.9.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
46 22 6 |
||
Na Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Martina Dlabajová, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Nicolás González Casares, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Marisa Matias, Joëlle Mélin, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Manuela Ripa, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Viktor Uspaskich, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Erik Bergkvist, Izaskun Bilbao Barandica, Cornelia Ernst, Valérie Hayer, Elena Lizzi, Jutta Paulus, Sandra Pereira, Angelika Winzig |
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
46 |
+ |
NI |
Viktor Uspaskich# |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Andrius Kubilius, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Angelika Winzig |
Renew |
Nicola Beer, Izaskun Bilbao Barandica, Nicola Danti, Martina Dlabajová, Valter Flego, Claudia Gamon, Christophe Grudler, Valérie Hayer, Ivars Ijabs, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen |
S&D |
Erik Bergkvist, Carlo Calenda, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho |
22 |
- |
ECR |
Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Robert Roos, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski, Evžen Tošenovský |
ID |
Paolo Borchia, Markus Buchheit, Elena Lizzi, Isabella Tovaglieri |
The Left |
Marc Botenga, Sandra Pereira |
Verts/ALE |
Michael Bloss, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Jutta Paulus, Mikuláš Peksa, Manuela Ripa, Marie Toussaint |
6 |
0 |
ID |
Thierry Mariani, Joëlle Mélin |
NI |
András Gyürk, Clara Ponsatí Obiols |
The Left |
Cornelia Ernst, Marisa Matias |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (11.10.2021)
chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE
(COM(2020)0825 – C9-0418/2020 – 2020/0361(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Geoffroy Didier
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
RÉASÚNÚ GEARR
Ba cheart go gcumhdófaí leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha na seirbhísí digiteacha uile a bhfuil ról tábhachtach acu sa scaipeadh a dhéantar ar inneachar neamhdhleathach, chun go ndéanfar rialú leordhóthanach ar a gcleachtais modhnaithe inneachair. Sin an fáth a ndearna mé raon feidhme na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha a shoiléiriú chun díriú go sainráite ar 3 chineál seirbhísí a mbíonn mór-ról acu sa scaipeadh inneachair: innill chuardaigh, seirbhísí beoshruthaithe inneachair ó úsáideoirí agus seirbhísí teachtaireachtaí.
Ba cheart na trí chatagóir seirbhísí sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a sholáthraítear do na seirbhísí idirghabhála uile faoi láthair sa chéad áit, agus sa dara háit, faoi réir na n-oibleagáidí maidir le measúnú agus maolú riosca a fheidhmítear ar ardáin an-mhór, i gcás ina sáraíonn siad na tairseacha ábhartha. Ba cheart seirbhísí beoshruthaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí freisin a bheith ag teacht faoi oibleagáidí áirithe is infheidhme do sheirbhísí óstála agus ardáin ar líne, a mhéid is féidir na hoibleagáidí sin a chur i bhfeidhm orthu. D’fhéadfadh na seirbhísí sin oibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le cuntais a fhionraí agus le ráthaíochtaí a thairgtear d’úsáideoirí i gcás smachtbhannaí mar shampla, agus ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith á gcomhlíonadh acu.
Mar chúlra leis an mborradh tapa le blianta beaga anuas agus le linn phaindéim Covid-19 go háirithe, chothaigh na margaí ar líne bagairtí a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, ó thaobh cearta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus sábháilteacht táirgí agus comhlíontacht táirgí, araon. Thairis sin, is údar imní breise na margaí sin i dtaca le cearta maoine tionsclaíochta agus góchumadh, agus i dtaca le héagothroime iomaíochta i gcoitinne, trína méadaítear ar an neamhchothroime iomaíochta a gcaithfidh cuideachtaí comhlíontacha cur suas leis ó chuideachtaí neamhchomlíontacha.
Mar shampla, sna himscrúduithe ar na 10 bpríomh-mhargadh ar líne fuarthas go raibh 63% de na táirgí, ar an meán, a bhí á moladh do thomhaltóirí Eorpacha, neamhchomhlíontach agus go raibh 28% de na táirgí sin contúirteach go hiarbhír, ráta cuid mhaith níos airde ná i gcás miondíoltóirí a mbíonn siopa fisiciúil acu.
Is cinnte go bhfuil baint ag a leithéid le bealach éalaithe dlíthiúil sa chreat dlí reatha trína ligtear do mhargaí ar líne éalú ó roinnt de na riachtanais bhunúsacha nach féidir leibhéal réasúnach agus sásúil cosanta a áirithiú dá n-uireasa do na tomhaltóirí Eorpacha a dhéanann ceannach ar líne. Dá fhorleithne an sciar den mhargadh atá ag na margaí ar líne, is ea is airde an riosca agus is mó d’ábhar buartha é.
I bhfianaise an mhéid thuas, chun deireadh a chur leis an mbealach éalaithe dlíthiúil sin agus an riosca breise sin a chur as an áireamh, dealraíonn sé go gcaithfear forálacha breise sonracha maidir le hardáin ar líne a thairgeann seirbhísí margaidh a chur leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.
Fadhb eile atá ann ná cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh, mar a thugtar air, agus an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin, i bhfianaise bunú reatha ardáin inneachair san Aontas, ná nach mbeadh ach dornán beag údarás náisiúnta ann a mbeadh de chumhacht acu an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú. B’fhéidir nach mbeadh na húdaráis sin in ann a róil a chomhlíonadh. Thairis sin, faoin scéim atá beartaithe, ní fhéadfadh sainiúlachtaí náisiúnta a bheith á gcur san áireamh i gceart maidir le hinneachar a rialú. Caithfear an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha a choigeartú dá bhrí sin chun go dtabharfar sainphribhléidí idirghabhála go sainráite d’údaráis inniúla na tíre cinn scríbe (e.g. an chumhacht chun rochtain a fháil ar shonraí, rannpháirtíocht san imscrúdú agus sa chinnteoireacht, an chumhacht chun gníomhú maidir le fadhb a dhéanann difear dá gcríoch, idirghabháil dhíreach i gcás neamhghníomh gan údar ag údarás na tíre bunaíochta).
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Tá seirbhísí na sochaí faisnéise agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha anois ina gcuid thábhachtach de gheilleagar an Aontais agus de shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Scór bliain tar éis glacadh leis an gcreat dlíthiúil reatha is infheidhme maidir le seirbhísí den sórt sin a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, thug samhlacha agus seirbhísí nua agus nuálacha gnó, cosúil le líonraí sóisialta agus margaí ar líne, deis d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí faisnéis a thabhairt agus a rochtain agus tabhairt faoi idirbhearta ar bhealaí nua. Úsáideann tromlach saoránach an Aontais na seirbhísí sin ar bhonn laethúil anois. Ach, tá an claochlú digiteach agus an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na seirbhísí sin anois ina fhoinse rioscaí agus dúshlán nua, d’úsáideoirí aonair agus don tsochaí ina hiomláine. |
(1) Tá seirbhísí na sochaí faisnéise agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha anois ina gcuid thábhachtach de gheilleagar an Aontais agus de shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Fiche bliain tar éis ghlacadh an chreata dhlíthiúil reatha is infheidhme maidir leis na seirbhísí sin a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, thug samhlacha agus seirbhísí nua agus nuálacha gnó, amhail líonraí sóisialta agus margaí ar líne, deis d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí faisnéis a thabhairt agus a rochtain agus tabhairt faoi idirbhearta ar bhealaí nua agus nuálacha, lena gclaochlaítear a ngnásanna cumarsáide, nasctha, tomhaltais agus gnó ar thaobh amháin, agus lena mbaintear amach claochluithe sochaíocha agus eacnamaíocha san Aontas ar an taobh eile. Úsáideann formhór shaoránaigh an Aontais na seirbhísí sin ar bhonn laethúil anois. Tá an claochlú digiteach agus an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na seirbhísí sin anois ina fhoinse rioscaí agus dúshlán nua, áfach, d’úsáideoirí aonair, mar shampla i bhfoirm calaois agus camscéimeanna airgeadais ar líonraí sóisialta agus don tsochaí ina hiomláine araon. |
_________________ |
_________________ |
25 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir maidir le tráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). |
25 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Tá tionchar diúltach ag na dlíthe náisiúnta difriúla sin ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh, de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bhunaíochta, ag tabhairt san áireamh cineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus ar dheiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, fad is a cheadaítear do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó a bheith acu. |
(2) Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Cruthaíonn na dlíthe náisiúnta difriúla sin ilroinnt rialála agus bíonn tionchar diúltach acu ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh, de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bunaíochta, ag cur san áireamh chineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus ar dheiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, fad is a cheadaítear do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó a bheith acu, lena mbaintear amach cothromaíocht chuí idir tacaíocht don nuálaíocht, ar thaobh amháin, agus cosaint do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí eile seirbhíse ar an taobh eile. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa agus le ligean do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a fheidhmiú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe. |
(3) Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht shábháilte, inrochtana, intuartha agus iontaofa agus chun go ligfear do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a fheidhmiú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun príobháideachais agus go gcosnófaí sonraí pearsanta, an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus an ceart chun rochtana ar an gceartas. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo do sheirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi sini agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Ach úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh. |
(4) Dá bhrí sin, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo faoinar féidir le seirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus deireadh a chur léi agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Trí úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh agus ba cheart go n-urramófaí cearta bunúsacha. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Ba cheart féachaint ar nasc substaintiúil den chineál sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, ina éagmais sin, ar an mbonn go bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. Is féidir spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca cosúil le húsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht chun táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann náisiúnta barrleibhéil a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil cosúil le seirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27. Ar an lámh eile, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh ghréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas. |
(8) Ba cheart féachaint ar an nasc substaintiúil sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, ina éagmais sin, ar an mbonn go bhfuil go bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann náisiúnta barrleibhéil a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil amhail seirbhís do chustaiméirí a sholáthar sa teanga a úsáidtear sa Bhallstát sin i gcoitinne. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27. Ar an taobh eile den scéal, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh ghréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas. |
_________________ |
_________________ |
27 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1). |
27 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1). |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Ba cheart go gcomhlánódh an Rialachán seo, ach nach n-imreodh sé tionchar ar chur i bhfeidhm rialacha a eascraíonn as ionstraimí eile de dhlí an Aontais a rialaíonn gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe Treoir 2000/31/CE, cé is moite de na hathruithe sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú,28 agus Rialachán (AE) Uimh.../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne – beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Dá bhrí sin, níl tionchar ag an Rialachán seo ar na hionstraimí eile sin, a mheastar a bheith ina lex specialis i ndáil leis an gcreat is infheidhme go ginearálta mar a leagtar amach sa Rialachán seo.Ach, tá feidhm ag rialacha an Rialacháin seo maidir le saincheisteanna nach dtéitear i ngleic leo nó nach dtéitear i ngleic leo go hiomlán sna hionstraimí eile sin chomh maith le saincheisteanna ar a bhfágann na hionstraimí eile sin Ballstáit leis an bhféidearthacht chun bearta áirithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. |
(9) Ba cheart go gcomhlánódh an Rialachán seo cur i bhfeidhm rialacha a eascraíonn as ionstraimí eile de dhlí an Aontais a rialaíonn gnéithe áirithe de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha, ach nach n-imreodh sé tionchar air sin, go háirithe Treoir 2000/31/CE, cé is moite de na hathruithe sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna leasú,28 agus Rialachán (AE) .../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 – Rialachán beartaithe maidir le hInneachar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Dá bhrí sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear do na hionstraimí eile sin, i measc ionstraimí eile, arna meas mar lex specialis i ndáil leis an gcreat is infheidhme go ginearálta mar a leagtar amach sa Rialachán seo.Ba cheart go n-urramófaí leis an Rialachán seo freisin inniúlachtaí na mBallstát dlíthe a ghlacadh lena gcuirtear saoirse agus iolrachas na meán chun cinn chomh maith le héagsúlacht chultúrtha agus teanga. Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do shaoirse na mBallstát rialáil níos láidre a dhéanamh ar shaincheisteanna lena bhfágann na gníomhartha eile sin deis do na Ballstáit bearta áirithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. I gcás ina mbeidh coimhlint idir Treoir 2010/13/AE arna leasú agus an Rialachán seo, ba cheart forlámhas a bheith ag Treoir 2010/13/AE chomh maith leis na bearta náisiúnta arna ndéanamh i gcomhréir leis an Treoir sin. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus do sholáthraithe, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a sholáthar maidir le conas an idirghníomhaíocht idir gníomhartha éagsúla de chuid an Aontais a léirmhíniú agus conas cosc a chur ar aon dúbláil ceanglas ar sholáthraithe nó aon choinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus ceanglais chomhchosúla á léirmhíniú. |
_________________ |
_________________ |
28 Treoir 2010/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos i ndlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit a bhaineann le soláthar seirbhísí meán closamhairc (An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (Téacs le hábharthacht EEA), IO L 95 15.4.2010, lch. 1. |
28 Treoir 2010/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos i ndlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit a bhaineann le soláthar seirbhísí meán closamhairc (An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (Téacs le hábharthacht EEA), IO L 95 15.4.2010, lch. 1. |
29 Rialachán (AE) Uimh.../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Rialachán beartaithe maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
29 Rialachán (AE) Uimh.../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle – Rialachán beartaithe maidir le hInneachar Sceimhlitheoireachta ar Líne |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú freisin go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 agus Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 agus Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe na Treorach 2002/58/CE33 chomh maith le dlí an Aontais ar chosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34, Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 agus Treoir 93/13/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37, agus ar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38. Rialaítear cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi rialacha dhlí an Aontais amháin ar an ábhar sin, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Tá an Rialachán seo freisin gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le coinníollacha oibre. |
(10) Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú freisin go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 agus Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 agus Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe na Treorach 2002/58/CE33 chomh maith le dlí an Aontais ar chosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34, Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 agus Treoir 93/13/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37, Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37a, Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37b,agus ar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38. Rialaítear cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi rialacha dhlí an Aontais ar an ábhar sin, agus faoi na rialacha sin amháin, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Tá an Rialachán seo freisin gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le coinníollacha oibre. |
_________________ |
_________________ |
30 Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1). |
30 Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1). |
31 Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). |
31 Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57). |
32 Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. |
32 Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. |
33 Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe na Treorach 2002/58/CE. |
33 Rialachán [.../...] ar mhaolú sealadach ó fhorálacha áirithe Threoir 2002/58/CE. |
34 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |
34 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |
35 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
35 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
36 Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóirí |
36 Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóirí. |
37 Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 98/6/CE , 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú agus nuachóiriú rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais |
37 Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 98/6/CE , 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú agus nuachóiriú rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais |
|
37a Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63). |
|
37b Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36). |
38 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). |
38 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu. |
(11) Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do rialacha dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, go háirithe Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu agus ar lex speialis iad, a bhfuil tús áite acu ar an Rialachán seo. |
|
________________ |
|
1a Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch 92). |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) D’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críche an Rialacháin seo ba cheart coincheap an ‘ábhair neamhdhleathaigh’ a shainiú go leathan agus cumhdaíonn sé freisin faisnéis a bhaineann le hábhar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a fhoirm, atá faoin dlí is infheidhme neamhdhleathach ann féin, cosúil le fuathchaint nó ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus ábhar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí atá neamhdhleathach, cosúil le comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid gnéis leanaí, comhroinnt íomhánna príobháideacha neamhthoiliúil neamhdhleathach, cibearstalcaireacht, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha nó góchumtha, úsáid neamhúdaraithe ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó gníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe dlí um chosaint tomhaltóirí. I ndáil leis sin, tá sé neamhábhartha an dtagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais agus céard é cineál beacht nó ábhar an dlí atá i gceist. |
(12) Dá bhrí sin, chun an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, inrochtanta, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críche an Rialacháin seo, ba cheart coincheap an ‘inneachair neamhdhleathaigh’ a bheith mar bhonn taca leis an tuairim ghinearálta gur cheart an rud atá neamhdhleathach as líne a bheith neamhdhleathach ar líne freisin. Ba cheart an coincheap a shainiú go leathan freisin chun go gcumhdófaí faisnéis a bhaineann le hinneachar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a fhoirm, atá faoin dlí is infheidhme neamhdhleathach ann féin, cosúil le fuathchaint nó inneachar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus inneachar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais toisc go dtagraíonn sé do ghníomhaíochtaí atá neamhdhleathach, cosúil le comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid gnéis leanaí, comhroinnt neamhthoiliúl neamhdhleathach íomhánna príobháideacha, cibearstalcaireacht, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha contúirteacha nó góchumtha, trádáil neamhdhleathach ainmhithe, plandaí agus substaintí, úsáid neamhúdaraithe inneachair atá faoi chosaint cóipchirt, soláthar seirbhísí neamhdhleathacha amhail seirbhísí óstála ar ardáin do chóiríocht ghearrthéarmach ar cíos nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta, nó gníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe dlí um chosaint tomhaltóirí. I ndáil leis sin, is neamhábhartha má thagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais agus céard é cineál beacht nó ábhar an dlí atá i gceist. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12a) Inneachar a scaiptear chun críoch oideachais, iriseoireachta, ealaíne nó taighde nó chun inneachar neamhdhleathach a chosc nó a chomhrac, lena n-áirítear an t-inneachar arb ionann é agus tuairimí poileimiciúla nó conspóideacha a léiriú le linn díospóireacht phoiblí, níor cheart go measfaí gur inneachar neamhdhleathach é. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart inneachar, amhail físeán d‘fhinné súl coire a d’fhéadfadh a bheith ann, a mheas mar ábhar neamhdhleathach, díreach mar go léirítear gníomh neamhdhleathach leis. Ba cheart go gcinnfí le measúnú an fíorchuspóir a bhaineann leis an scaipeadh sin agus an amhlaidh go scaiptear é ar an bpobal chun na gcríoch sin. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) I bhfianaise saintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an gá comhfhreagrach leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe sonracha, is gá idirdhealú a dhéanamh, laistigh den chatagóir níos leithne de sholáthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, ar an bhfochatagóir d’ardáin ar líne. Ba cheart ardáin ar líne, cosúil le líonraí sóisialta nó margaí ar líne, a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála ní hamháin a stórálann faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal, arís arna iarraidh sin dóibh. Ach, d’fhonn forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne inar mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile atá i scaipeadh ar an bpobal agus nach féidir an ghné sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin le dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir go bhfuil sé coimhdeach don phríomhsheirbhís a léiríonn an foilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. |
(13) I bhfianaise shaintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an ghá comhfhreagraigh leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe sonracha, is gá, laistigh den chatagóir níos leithne soláthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear í sa Rialachán seo, fochatagóir na n-ardán ar líne a aithint. Ba cheart ardáin ar líne, innill chuardaigh, líonraí sóisialta, ardáin do chomhroinnt inneachair, nó margaí ar líne agus ardáin beoshruthaithe nó soláthraithe teachtaireachtaí príobháideacha a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála ní hamháin a stórálann faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal, arís arna iarraidh sin dóibh. Ach, chun forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne inar mionghné agus gné choimhdeach amháin den phríomhsheirbhís atá i scaipeadh ar an bpobal agus nach féidir an ghné sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin le dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir go bhfuil sé coimhdeach don phríomhsheirbhís a léiríonn an foilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an gcoincheap ‘scaipeadh ar an bpobal’, mar a úsáidtear sa Rialachán seo, faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta a bheith le déanamh ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis riachtanach, gan beann ar an féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist nó nach féidir. Níor cheart a thuiscint leis an bhféidearthacht chun grúpaí úsáideoirí seirbhíse ar leith a chruthú, as féin, nach ndéantar an fhaisnéis a scaiptear ar an mbealach sin a scaipeadh ar an bpobal. Ach, ba cheart scaipeadh faisnéise laistigh de ghrúpaí dúnta ina bhfuil líon teoranta daoine réamhchinntithe a eisiamh sa choincheap. Tagann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39, cosúil le ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé sin ar iarratas díreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil. |
(14) Ba cheart go n-áireofaí leis an gcoincheap ‘scaipeadh ar an bpobal’, mar a úsáidtear sa Rialachán seo, faisnéis a chur ar fáil do líon mór daoine nó líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta a bheith le déanamh ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis riachtanach, gan beann ar an féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist nó nach féidir. Níor cheart a thuiscint leis an bhféidearthacht grúpaí úsáideoirí seirbhíse ar leith a chruthú, nach ndéantar an fhaisnéis a scaiptear ar an mbealach sin a scaipeadh ar an bpobal. Ach, ba cheart scaipeadh faisnéise laistigh de ghrúpaí dúnta ina bhfuil líon daoine réamhchinntithe a eisiamh sa choincheap. Tagann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39, cosúil le ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé sin ar iarratas díreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil. |
_________________ |
_________________ |
39 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú), IO L 321, 17.12.2018, lch. 36 |
39 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú), IO L 321, 17.12.2018, lch. 36 |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Mar gheall ar an deimhneacht dhlíthiúil arna soláthar ag an gcreat cothrománach le haghaidh díolúintí coinníollacha ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, mar a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE, tháinig go leor seirbhísí nua chun cinn agus tháinig méadú orthu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an creat a chaomhnú dá bhrí sin. D’fhonn na héagsúlachtaí agus na rialacha ábhartha a bheith á dtrasuí agus á gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, áfach, agus ar mhaithe le soiléireacht agus comhleanúnachas, ba cheart an creat sin a ionchorprú sa Rialachán sin. Is gá freisin gnéithe áirithe den chreat sin a shoiléiriú, ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
(16) Mar gheall ar an deimhneacht dhlíthiúil arna soláthar ag an gcreat cothrománach le haghaidh díolúintí coinníollacha ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE, tháinig go leor seirbhísí nua chun cinn agus tháinig méadú orthu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an creat a chaomhnú dá bhrí sin. Chun na héagsúlachtaí agus na rialacha ábhartha a bheith á dtrasuí agus á gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, áfach, agus ar mhaithe le soiléireacht, comhsheasmhacht, intuarthacht, inrochtaineacht agus comhleanúnachas, ba cheart an creat sin a ionchorprú sa Rialachán sin. Is gá freisin gnéithe áirithe den chreat sin a shoiléiriú, ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí, maidir le próiseáil theicniúil agus uathoibríoch amháin na faisnéise a sholáthraigh faighteoir na seirbhíse, go bhfuil a ról gníomhach ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a thugann eolas, nó smacht ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálacha féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin. |
(18) Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí, maidir le próiseáil theicniúil uathoibríoch amháin na faisnéise a sholáthraigh faighteoir na seirbhíse, go bhfuil a ról gníomhach ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a thugann eolas, nó smacht ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálacha féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin. Meastar ról gníomhach a bheith á imirt ag soláthraí seirbhísí idirghabhála a dhéanann an t-inneachar a eagrú agus a dhéanann tagairt don inneachar, gan beann ar mhodhanna uathoibríocha nó eile a bheith in úsáid. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) Ní sholáthraíonn soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a théann i gcomhar d’aon turas le faighteoir seirbhísí d’fhonn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a sheirbhís go neodrach agus dá bhrí sin níos cheart go mbeadh sé in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas arna bhforáil sa Rialachán seo. |
(20) Níl seirbhís á soláthar go neodrach ag soláthraí seirbhísí idirghabhála arb é an príomhchuspóir atá leo gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh nó a éascú agus níor cheart dá bhrí sin go bhféadfadh sé tairbhiú de na díolúintí ó dhliteanas dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do ‘chainéal fórach’ agus do sheirbhísí ‘taiscthe’ nuair nach mbaineann sé in aon chor leis an bhfaisnéis a tharchuirtear. Éilítear dó seo, i measc nithe eile, nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis arna tharchur aige. Ach, níor cheart go dtuigfí an ceanglas seo amhail go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil a tharlaíonn i rith an tarchuir, cosúil le hionramhálacha nach n-athraíonn sláine na faisnéise a tharchuirtear. |
(21) Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do ‘chainéal fórach’ agus do sheirbhísí ‘taiscthe’ nuair nach mbaineann sé in aon chor leis an bhfaisnéis a tharchuirtear. Éilítear leis sin, i measc nithe eile, nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis arna tarchur aige. Ach, níor cheart go dtuigfí an ceanglas seo amhail go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil, amhail bainistiú líonraí, a tharlaíonn i rith an tarchuir, cosúil le hionramhálacha nach n-athraíonn sláine na faisnéise a tharchuirtear. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, nuair a fhaigheann sé eolas nó feasacht maidir le hábhar neamhdhleathach, feidhmiú go tapa chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar phrionsabal na saoirse chun tuairimí a nochtadh. Féadfaidh an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht iarbhír sin a fháil trí, go háirithe, a imscrúduithe féintionscnaimh féin nó fógraí seolta isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhfuil na fógraí sin beacht go leordhóthanach agus go bhfuil bunús oiriúnach leo le ceadú d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach iad a shainaithint, a mheasúnú agus i gcás inarb iomchuí feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach líomhnaithe. |
(22) Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, nuair a fhaigheann sé eolas nó feasacht maidir le hinneachar neamhdhleathach, feidhmiú go tapa chun rochtain ar an inneachar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear prionsabal na saoirse chun tuairimí a nochtadh. Féadfaidh an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht iarbhír sin a fháil trí fhógraí seolta isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid a bhfuil na fógraí sin beacht go leordhóthanach agus go bhfuil bunús oiriúnach leo le ceadú d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach iad a shainaithint, a mheasúnú agus i gcás inarb iomchuí feidhmiú in aghaidh inneachar neamhdhleathach líomhnaithe. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair atáthar ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe áirithe seirbhísí óstála, eadhon, ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt chun críche le trádálaithe, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a chuirtear ar bun sa Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí a chreidiúint gur sholáthair na hardáin ar líne sin iad féin nó faighteoirí na seirbhíse ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú an fhaisnéis, agus dá bhrí sin go bhfuil an t-eolas nó rialú ar an eolas ag na hardáin ar líne, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Chuige sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, cibé an bhféadfadh an cur i láthair a bheith mar bhunús le creidiúint de chuid gnáth-thomhaltóra atá réasúnta eolach. |
(23) Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair atáthar ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, lena n-áirítear idirbhearta airgeadais ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí óstála, ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhíse eile amhail margaí a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt chun críche le trádálaithe, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a chuirtear ar bun sa Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair, lena n-áirítear idirbhearta airgeadais ar líne, ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí a chreidiúint gur sholáthair na hardáin ar líne sin iad féin nó faighteoirí na seirbhíse ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú an fhaisnéis, agus dá bhrí sin go bhfuil an t-eolas nó rialú ar an eolas ag na hardáin ar líne, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Chuige sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, cibé an bhféadfadh an cur i láthair a bheith mar bhunús le creidiúint de chuid gnáth-thomhaltóra atá réasúnta eolach. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú agus gan gníomhaíochtaí atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh a dhíspreagadh, gníomhaíochtaí ar féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach hionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe sin bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí sin ó dhliteanas ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí agus bearta den chineál sin a bhféadfadh soláthraí ar leith tabhairt fúthu a thabhairt san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail seo ag tabhairt le fios gur féidir leis an soláthraí braith uirthi. |
(25) Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú, ag áirithiú go gcuirtear na forálacha maidir leis an gcreat rialála i bhfeidhm ar bhealach comhréireach, agus gan gníomhaíochtaí atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh a dhíspreagadh, gníomhaíochtaí ar féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach ionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach agus go bhfuil coimircí breise ag gabháil leo. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe sin bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí sin ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí agus bearta den chineál sin a bhféadfadh gur thug soláthraí ar leith tabhairt fúthu chun inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh ar bhonn deonach a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé an soláthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail seo ag tabhairt le fios gur féidir leis an soláthraí brath uirthi. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) Ó 2000, tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, inniúlachtaí agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur agus a stóráil, rud a mhéadaíonn éiceachóras ar líne atá ag éirí níos casta. Chuige seo, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil bhunúsach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a seirbhísí mar ‘chainéil fhóracha’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí óstála. Áirítear le seirbhísí den sórt sin, de réir mar a bheidh, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córas ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, nó líonraí seachadta ábhair, a chumasaíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun cíocha cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne cosúil le IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhís ríomhphoist gréasánbhunaithe, i gcás ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála. |
(27) Ó 2000, tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, acmhainneacht agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur agus a stóráil, rud a fhágann gurb ann d’éiceachóras ar líne atá ag éirí níos casta. Chuige seo, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil fholuiteach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a seirbhísí mar ‘chainéil fhóracha’, ‘taisceadh’ nó seirbhísí óstála. Áirítear i measc na seirbhísí sin, de réir mar a bheidh, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córas ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, nó líonraí seachadta ábhair, a chumasaíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun críoch cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne cosúil le IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe, ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, cé nach dtagann siad faoi raon feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar ‘cainéal fórach’, ‘taisceadh’ nó seirbhís óstála. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi réir oibleagáid faireacháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta. Ní bhaineann sé seo le hoibleagáidí faireacháin i gcás ar leith agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart a fhorléiriú le ní ar bith sa Rialachán seo amhail oibleagáid faireacháin ghinearálta nó oibleagáid ghníomhach aimsithe fíoras a fhorchur, nó mar oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hábhar neamhdhleathach. |
(28) Coisctear ar Bhallstáit oibleagáid faireacháin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse amháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta, ag forchur sainaithint leanúnach inneachair ó iomlán an inneachair atá ar fáil. Ní bhaineann sé sin le hoibleagáidí faireacháin i gcás ar leith, i gcás ina leagtar síos é i ngníomhartha de chuid an Aontais agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe a thugann údaráis náisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, lena gcuirtear chun feidhme gníomhartha de chuid an Aontais i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus lex specialis eile de chuid an Aontais. Níor cheart a fhorléiriú le ní ar bith sa Rialachán seo amhail oibleagáid faireacháin ghinearálta nó oibleagáid ghníomhach aimsithe fíoras a fhorchur, nó mar oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar neamhdhleathach nó mar oibleagáid chun uirlisí uathoibrithe scagtha inneachair a úsáid. Chomh maith céanna, níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar sholáthraithe a gcuid seirbhísí a chriptiú ó cheann ceann. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(28a) Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse uirlisí uathoibrithe a úsáid i modhnóireacht inneachair toisc go mbíonn deacrachtaí ag na huirlisí sin tuiscint éifeachtach a fháil ar chaolchúis an chomhthéacs agus na brí a bhaineann le cumarsáid dhaonna, rud atá riachtanach chun a chinneadh an sáraíonn an t-inneachar a ndearnadh measúnú air an dlí nó na téarmaí seirbhíse. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(29) Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus an réimse dlí atá i gceist, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gníomhú in aghaidh nithe sonracha ar leith d’ábhar neamhdhleathach, nó míreanna áirithe faisnéise sonraithe a sholáthar. Tá éagsúlacht mhór idir na dlíthe náisiúnta ar a n-eisítear na horduithe sin agus táthar ag tabhairt aghaidh níos mó ar orduithe i gcásanna trasteorann. Chun a áirithiú gur féidir cloí leis na horduithe sin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí lena mbaineann tabhairt faoina gcúraimí agus nach mbíonn na soláthraithe faoi réir aon ualach neamhréireach, gan tionchar gan ghá a imirt ar chearta agus ar leasanna dlisteanacha aon tríú páirtithe, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na horduithe sin iad a chomhlíonadh chomh maith le ceanglais chomhlántacha áirithe maidir le próiseáil na n-orduithe sin. |
(29) Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus an réimse dlí atá i gceist, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gníomhú in aghaidh nithe sonracha ar leith d’inneachar neamhdhleathach, nó míreanna áirithe faisnéise sonraithe a sholáthar. Tá difríochtaí móra idir na dlíthe náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar ar a mbonn a eisítear na horduithe sin agus is minice a thugtar aghaidh ar na horduithe i gcásanna trasteorann, as a n-eascraíonn go minic ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh. Chun a áirithiú gur féidir cloí leis na horduithe sin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí lena mbaineann tabhairt faoina gcúraimí agus nach mbeadh na soláthraithe faoi réir aon ualach neamhréireach, gan tionchar gan ghá a imirt ar chearta agus ar leasanna dlisteanacha aon tríú páirtithe, is gá coinníollacha aonchineálacha áirithe a leagan síos ar cheart do na horduithe sin iad a chomhlíonadh chomh maith le ceanglais chomhlántacha áirithe maidir le próiseáil éifeachtach na n-orduithe sin. Níor cheart go ndéanfaí difear do na rialacha is infheidhme maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí cúirte. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(30) Ba cheart orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar a eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus an cosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Tá na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe le feidhmiú in aghaidh ábhar neamhdhleathach gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais ina bhforáiltear do chórais chosúla i gcomhair gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha ábhar neamhdhleathach, amhail Rialachán (AE) .../... [Rialachán beartaithe a phléann le scaipeadh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, nó Rialachán (AE) 2017/2394 a thugann cumhachtaí sonracha chun ordú a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú dlí tomhaltóirí i mBallstát chun faisnéis a sholáthar, cé go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe chun faisnéis a sholáthar gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart do na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. |
(30) Ba cheart orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar a eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus an cosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó cúinsí a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Tá na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe le feidhmiú in aghaidh inneachar neamhdhleathach gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais ina bhforáiltear do chórais chomhchosúla i gcomhair gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha d’inneachar neamhdhleathach, amhail Rialachán (AE) .../... [Rialachán beartaithe a phléann le scaipeadh inneachair sceimhlitheoireachta ar líne, nó Rialachán (AE) 2017/2394 a thugann cumhachtaí sonracha chun ordú a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú dlí tomhaltóirí i mBallstát chun faisnéis a sholáthar, cé go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe chun faisnéis a sholáthar gan dochar d’ionstraimí eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart do na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis forfheidhmithe dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(31) Ba cheart go leagfaí amach raon feidhme críochach na n-orduithe sin go soiléir ar bhonn an dlí is infheidhme san Aontas nó an dlí náisiúnta, a chumasaíonn eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart go gcothromódh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a eisíonn an t-ordú an cuspóir a bhfuil sé mar aidhm leis an aidhm a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, le cearta agus leasanna dlisteanacha gach tríú páirtí a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Ina theannta sin, i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ordú dá dtagraítear san fhaisnéis shonrach lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás lena mbaineann, ba cheart don údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i gceist gur dóchúil go mbeidh sé comhdhéanta d’ábhar neamhdhleathach i mBallstáit eile lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha ábhartha de dhlí an Aontais nó den dlí idirnáisiúnta agus leasa cúirtéise idirnáisiúnta a thabhairt san áireamh. |
(31) Ba cheart go leagfaí amach raon feidhme críochach na n-orduithe sin gníomhú i gcoinne inneachar neamhdhleathach go soiléir ar bhonn an dlí is infheidhme san Aontas nó an dlí náisiúnta, lena gcumasaítear eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. I ndáil leis sin, ba cheart go gcothromódh an t-údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a eisíonn an t-ordú an cuspóir a bhfuil sé mar aidhm leis an gcuspóir a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, le cearta agus leasanna dlisteanacha gach tríú páirtí a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Ina theannta sin, i gcás ina bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ordú dá dtagraítear san fhaisnéis shonrach lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás lena mbaineann, ba cheart don údarás measúnú a dhéanamh ar cibé an dócha nó nach dócha gurb ionann an faisnéis atá i gceist agus inneachar neamhdhleathach i mBallstáit eile lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha ábhartha de dhlí an Aontais nó den dlí idirnáisiúnta agus leasanna cúirtéise idirnáisiúnta a thabhairt san áireamh. Sa chomhthéacs sin agus chun comhréireacht a choinneáil, ba cheart orduithe a dhírítear ar sholáthraí a bhfuil a phríomhbhunaíocht aige i mBallstát eile nó lasmuigh den Aontas a theorannú don Bhallstát a eisíonn an t-ordú, ach amháin más dlí an Aontais an bunús dlí leis an ordú. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(32) Baineann na horduithe chun faisnéis a sholáthar arna rialáil ag an Rialachán seo le faisnéis shonrach a tháirgeadh maidir le faighteoirí aonair na seirbhíse idirghabhálaí lena mbaineann a sainaithnítear sna horduithe sin chun críocha comhlíontacht faighteoirí na seirbhísí le rialacha an Aontais nó le rialacha náisiúnta is infheidhme a chinneadh. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh rialacha an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise aon difear d’orduithe maidir le faisnéis ar ghrúpa faighteoirí na seirbhíse nach sainaithnítear go sonrach, lena n-áirítear orduithe chun faisnéis chomhiomlán is gá chun críocha staitistiúla nó ceapadh beartais fianaisebhunaithe a sholáthar. |
(32) Baineann na horduithe chun faisnéis a sholáthar arna rialáil ag an Rialachán seo le faisnéis shonrach a tháirgeadh maidir le faighteoirí aonair na seirbhíse idirghabhálaí lena mbaineann a sainaithnítear sna horduithe sin chun críoch chomhlíontacht fhaighteoirí na seirbhísí le rialacha an Aontais nó le rialacha náisiúnta is infheidhme a chinneadh. Ba cheart go gcuimseofaí san fhaisnéis sin faisnéis a bailíodh go dlíthiúil, amhail seoltaí ríomhphoist ábhartha, uimhreacha teileafóin, agus na sonraí teagmhála eile is gá chun an comhlíonadh sin a áirithiú. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh rialacha an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise aon difear d’orduithe maidir le faisnéis ar ghrúpa faighteoirí na seirbhíse nach sainaithnítear go sonrach, lena n-áirítear orduithe chun faisnéis chomhiomlán is gá chun críoch staitistiúil nó ceapadh beartais fianaisebhunaithe a sholáthar. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) Níl orduithe le gníomhú in aghaidh ábhar neamhdhleathach agus chun faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht na mBallstát san áit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus ag leagan síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe atá i gceist le míreanna sonracha ábhar agus faisnéis neamhdhleathach, faoi seach, i gcás ina bhfuil siad bainteach le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann siad srian i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngá chun bunús a thabhairt le bearta a mhaolaíonn ó inniúlacht an Bhallstáit i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe ar fhorais shonraithe áirithe agus maidir le fógairt na mbeart sin, maidir leis na horduithe sin. |
(33) Níl orduithe maidir le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus lena leagtar síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe atá i gceist le míreanna sonracha inneachair neamhdhleathaigh agus faisnéise neamhdhleathaí, mar a shainmhínítear iad i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, faoi seach, i gcás ina gcuirtear iad chuig soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann siad srian i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Dá bhrí sin, níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngá chun bunús a thabhairt le bearta a mhaolaíonn ó inniúlacht an Bhallstáit i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe ar fhorais shonraithe áirithe agus maidir le fógairt na mbeart sin, maidir leis na horduithe sin. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(34) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibleagáidí sin go háirithe cuspóirí difriúla an bheartais phoiblí a ráthú cosúil le sábháilteacht agus iontaobhas faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear mionaoisigh agus úsáideoirí leochaileacha, na cearta bunúsacha ábhartha a chumhdaítear sa Chairt a chosaint, chun cuntasacht bhríoch na soláthraithe sin a áirithiú agus chun faighteoirí agus páirtithe eile dá ndéantar difear a chumhachtú, fad is a éascaítear an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla. |
(34) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht inrochtana, shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir, intuartha agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis na hoibleagáidí sin go háirithe cuspóirí difriúla an bheartais phoiblí a ráthú cosúil le sábháilteacht agus iontaobhas faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear mionaoisigh agus úsáideoirí leochaileacha amhail iad siúd a bhfuil saintréithe cosanta acu faoi Airteagal 21 den Chairt, na cearta bunúsacha ábhartha a chumhdaítear sa Chairt a chosaint, chun cuntasacht fhónta na soláthraithe sin a áirithiú agus chun faighteoirí agus páirtithe eile dá ndéantar difear a chumhachtú, fad is a éascaítear an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla, ag áirithiú go bhfuil an chothromaíocht cheart ann idir tacaíocht don nuálaíocht ar thaobh amháin agus cosaint do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí ar an taobh eile. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) Chuige sin, tá sé tábhachtach go gcuirtear na hoibleagáidí díchill chuí in oiriúint i gcomhair chineál na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Leagtar amach sa Rialachán seo dá bhrí sin oibleagáidí bunúsacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, chomh maith le hoibleagáidí breise do sholáthraithe seirbhísí óstála agus, go sonrach, ardáin ar líne agus ardáin an-mhór ar líne. A mhéid a thagann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha laistigh de na catagóirí éagsúla sin i bhfianaise cineál a seirbhísí agus a méid, ba cheart dóibh oibleagáidí comhfhreagracha ar fad an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Tá na hoibleagáidí díchill chuí chomhchuibhithe sin, ar cheart dóibh a bheith réasúnach agus neamhthreallach, ag teastáil chun ábhar imní sainaitheanta maidir leis an mbeartas poiblí a bhaint amach, cosúil le coimirciú sainleasanna dlisteanacha faighteoirí na seirbhísí, dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha agus cearta bunúsacha ar líne a chosaint. |
(35) Chun a áirithiú nach gcuirfear na hoibleagáidí i bhfeidhm ach i leith na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha sin i gcás inar mhó an sochar ná an t-ualach ar an soláthraí, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún tarscaoileadh a eisiúint ó cheanglais chaibidil III, go hiomlán nó go páirteach, do na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha sin ar soláthraithe neamhbhrabúis iad nó a bhfuil misean chun leas an phobail á shaothrú acu agus ar FBManna iad gan aon riosca sistéamach a bhaineann le hinneachar neamhdhleathach. Tabharfaidh soláthraithe cúiseanna réasúnaithe leis an gcúis gur cheart tarscaoileadh a eisiúint dóibh. Ba cheart don Choimisiún iarratas den sórt sin a scrúdú agus an t-údarás aige tarscaoileadh a eisiúint nó a chúlghairm tráth ar bith. Ba cheart don Choimisiún liosta poiblí a choimeád de na tarscaoiltí uile a eisíodh agus de na coinníollacha a ghabhann leo ina mbeidh tuairisc ar an bhfáth a bhfuil bonn cirt le tarscaoileadh a thabhairt don soláthraí. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(36) Chun cumarsáide réidh agus éifeachtúil a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo a éascú, ba cheart go n-éileofaí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a bhunú agus faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir lena bpointe teagmhála, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid i gcumarsáid den sórt sin. Is féidir le comharthóirí iontaofa agus eintitis ghairmiúla atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála a úsáid freisin. I gcodarsnacht leis an ionadaí dlí, ba cheart don phointe teagmhála a bheith ann chun críocha oibríochtúla agus ní gá go mbeadh láthair fhisiciúil aige. |
(36) Chun cumarsáid réidh agus éifeachtúil a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo a éascú, ba cheart go n-éileofaí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a bhunú agus faisnéis ábhartha agus cothrom le dáta a fhoilsiú maidir lena bpointe teagmhála, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid sa chumarsáid sin. Is féidir le comharthóirí iontaofa agus eintitis ghairmiúla atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála a úsáid freisin. I gcodarsnacht leis an ionadaí dlí, ba cheart don phointe teagmhála a bheith ann chun críoch oibríochtúil agus ní gá go mbeadh láthair fhisiciúil aige. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlí atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-ionadaithe dlí, chun gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart don ionadaí dlí sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. |
(37) Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlí atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-ionadaithe dlí, chun gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart don ionadaí dlí sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. Chun ualach díréireach a sheachaint, ba cheart go mbeadh díolúine ag micrifhiontair agus fiontair bheaga, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún1a ón oibleagáid ionadaí dlíthiúil a ainmniú. |
|
____________ |
|
1a Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(38) Cé gur cheart meas a bheith ar shaoirse conartha soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha i bprionsabal, tá sé iomchuí rialacha áirithe a leagan síos maidir le hábhar, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú théarmaí agus coinníollacha na soláthraithe sin ar mhaithe le trédhearcacht, cosaint faighteoirí na seirbhíse agus torthaí míchothroma nó treallacha a sheachaint. |
(38) Cé gur cheart meas a bheith ar shaoirse conartha sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha i bprionsabal, is iomchuí rialacha áirithe a leagan síos maidir le hinneachar, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú théarmaí agus choinníollacha na soláthraithe sin ar mhaithe le trédhearcacht, cosaint fhaighteoirí na seirbhíse agus torthaí míchothroma nó treallacha a sheachaint. Go háirithe, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, agus go ndréachtófar iad i dteanga shoiléir gan débhrí i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Ba cheart go n-áireofaí sna téarmaí agus coinníollacha freisin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun na críche inneachar a mhodhnú, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach, athbhreithniú daonna, na hiarmhairtí dlí a mbeidh ar na húsáideoirí déileáil leo as inneachar neamhdhleathach a stóráil nó a uaslódáil go feasach mar aon leis an gceart atá acu úsáid na seirbhíse a fhoirceannadh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha achoimre bheacht ar phríomhghnéithe na dtéarmaí agus coinníollacha a sholáthar d’fhaighteoirí seirbhísí freisin, ar achoimre í is féidir a léamh go héasca. |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(38a) Is féidir le soláthraithe bearta deonacha a dhéanamh le haghaidh measúnuithe riosca ginearálta ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann lena seirbhísí, mar shampla i gcaidreamh le mionaoisigh. Níor cheart go leanfadh aon oibleagáid nua phróifílithe, rianaithe nó sainaitheantais ar soláthraithe seirbhísí idirghabhála as na bearta sin. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(38b) Níor cheart na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo a bheith ar fáil do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála nach gcomhlíonann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. D’fhéadfadh an neamhchomhlíonadh difear a dhéanamh don fhéidearthacht tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas, toisc gurb é aidhm an Rialacháin seo a áirithiú go rannchuidíonn na caighdeáin chun cáiliú do na díolúintí sin le hardleibhéal sábháilteachta agus iontaoibhe sa timpeallacht ar líne. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(39) Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuairisciú go bliantúil, i gcomhréir leis na ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán seo, maidir leis an modhnú ábhair a nglacann siad páirt ann, lena n-áirítear na bearta ar glacadh leo de thoradh cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú a dtéarmaí agus coinníollacha. Ach, chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, níor cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le soláthraithe ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún40. |
(39) Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuairisciú go bliantúil, i gcomhréir leis na ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán seo, maidir leis an modhnú inneachair a nglacann siad páirt ann, lena n-áirítear na bearta ar glacadh leo de thoradh chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú a dtéarmaí agus coinníollacha. Chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, áfach, níor cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le soláthraithe ar micrifhiontair agus fiontair bheaga iad mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE. In aon leaganacha poiblí de na tuarascálacha sin, ba cheart aon fhaisnéis a bhaint a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí leanúnacha chun inneachar neamhdhleathach nó inneachar atá ina shárú ar théarmaí agus coinníollacha soláthraí óstála a chosc, a bhrath nó a bhaint anuas. |
_________________ |
|
40 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). |
|
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéise arna soláthar agus arna iarraidh ag faighteoirí na seirbhísí agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuireann gach soláthraí seirbhísí óstála, beag beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh furasta i bhfeidhm atá éasca a úsáid agus a éascaíonn fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí fógartha a bheith ina ábhar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (‘fógra’), lenar féidir leis an soláthraí sin cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an measúnú sin dá bhun agus cibé ar mian leis rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna ábhar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid chun sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, mar shampla, ar sheirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid is a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
(40) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne, toisc go ndéanann siad stóráil ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhísí agus arna hiarraidh sin dóibh agus go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi de ghnáth, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuireann gach soláthraí seirbhísí óstála, gan beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh furasta i bhfeidhm atá éasca a rochtain, cuimsitheach, éasca a úsáid agus a éascaíonn fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí fógartha a bheith ina n-inneachar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (‘fógra’), ar féidir leis an soláthraí sin cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar a mheasúnú féin, cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an measúnú sin dá bhun agus cibé ar mian leis rochtain ar an inneachar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair. Ba cheart d’ardáin ar líne iarracht a dhéanamh cosc a chur ar inneachar a sainaithníodh a bheith neamhdhleathach cheana agus a baineadh ar bhonn fógra roimh ré, ó theacht ar ais arís. Níor cheart go dtiocfadh aon oibleagáid as a chur i bhfeidhm agus ba cheart go mbeadh an cur i bhfeidhm faoi réir athbhreithniú daonna. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chun sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur ar bun, mar shampla, maidir le seirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart an sásra fógra agus gnímh a chomhlánú le forálacha ‘gan taispeáint arís’ lenar cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála a ndícheall a dhéanamh chun cosc a chur le hinneachar a bheith ar taispeáint arís atá comhionann le hinneachar eile a sainaithníodh cheana agus a bhain siad anuas mar go raibh sé neamhdhleathach. Níor cheart go mbeadh aon oibleagáid ghinearálta faireacháin mar thoradh ar chur i bhfeidhm an cheanglais sin. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(40a) Ba cheart fógraí a dhíriú ar an ngníomhaí a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige gníomhú agus an gaol is dlúithe le faighteoir na seirbhíse a chuir an fhaisnéis nó an t-inneachar ar fáil, amhail ardán ar líne agus ní leis an soláthraí seirbhísí óstála a sholáthraíonn seirbhísí don ardán ar líne sin. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála sin na fógraí sin a atreorú chuig an t-ardán ar líne ar leith agus an páirtí a thug an fógra a chur ar an eolas faoi sin. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(40b) Níor cheart do sholáthraithe óstála féachaint le gníomhú ach amháin i gcoinne na míreanna faisnéise ar tugadh fógra fúthu. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí amhail hipearnascadh chuig na míreanna faisnéise a dhíchumasú a bheith san áireamh anseo. I gcás nach féidir míreanna faisnéise aonair a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú go teicniúil nó go hoibríochtúil ar chúiseanna dlíthiúla, conarthacha nó teicneolaíocha, amhail seirbhísí criptithe comhad agus stórála agus comhroinnte sonraí, ba cheart do na soláthraithe óstála faighteoir na seirbhíse a chur ar an eolas faoin bhfógra agus gníomhú a iarraidh. Má theipeann ar fhaighteoir gníomhú nó má chuireann sé moill ar ghníomhú, nó má tá cúis ag an soláthraí lena chreidiúint nár ghníomhaigh sé nó má ghníomhaíonn sé ar shlí eile de mheon mímhacánta, féadfaidh an soláthraí óstála a sheirbhís a chur ar fionraí i gcomhréir lena théarmaí agus coinníollacha. |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(41a) I gcás ina gcinnfidh soláthraí seirbhísí óstála faisnéis a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil a bhaint nó a dhíchumasú, toisc í a bheith neamhdhleathach nó toisc nach gceadaítear sin faoina théarmaí agus coinníollacha, ba cheart dó é sin a dhéanamh go tráthúil, agus aird á tabhairt ar an díobháil a d’fhéadfadh an sárú a dhéanamh agus ar chumas teicniúil an tsoláthraí. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(42) I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhís óstála faisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú, mar shampla tar éis fógra a fháil nó gníomhú ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as modhanna uathoibríocha, ba cheart don soláthraí sin an faighteoir a chur ar an eolas faoina chinneadh, na cúiseanna lena chinneadh agus na féidearthachtaí sásaimh atá ar fáil le cur in aghaidh an chinnidh sin, d’fhonn na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí den sórt sin ar an bhfaighteoir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann sé lena cheart bunúsach ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh, a fheidhmiú. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid sin gan beann ar na cúiseanna leis an gcinneadh, go háirithe cibé ar glacadh an gníomh mar gheall go meastar go bhfuil ábhar neamhdhleathach nó go dtagann sé salach ar na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme san fhaisnéis ar tugadh fógra ina leith. Ba cheart sásamh breithiúnach a áireamh i gcónaí sna hiontaoibh atá ar fáil le dúshlán a thabhairt do chinneadh soláthraí seirbhíse óstála. |
(42) I gcás ina gcinnfidh soláthraí seirbhísí óstála faisnéis a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil a bhaint nó a dhíchumasú, mar shampla tar éis fógra a fháil nó ag gníomhú ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear trí mhodhanna uathoibrithe, ar cruthaíodh iad a bheith éifeachtúil, comhréireach agus iontaofa, féadfaidh an soláthraí sin cosc a chur le hathléiriú na faisnéise neamhdhleathaí a fógraíodh nó a coibhéis. Ba cheart don soláthraí freisin an faighteoir a chur ar an eolas faoina chinneadh, na cúiseanna lena chinneadh agus na féidearthachtaí sásaimh atá ar fáil le cur in aghaidh an chinnidh sin, chun na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag na cinntí sin ar an bhfaighteoir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann sé lena cheart bunúsach maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh, a fheidhmiú. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin gan beann ar na cúiseanna leis an gcinneadh, go háirithe cibé an ndearnadh nó nach ndearnadh an gníomh mar gheall go meastar gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis ar tugadh fógra ina leith nó go dtagann sí salach ar na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme. Ba cheart sásamh breithiúnach a áireamh i gcónaí sna cearta cúitimh atá ar fáil le dúshlán a thabhairt do chinneadh soláthraí seirbhíse óstála. Níor cheart go n-éileofaí an fhaisnéis don fhaighteoir, áfach, má bhaineann sí le turscar, inneachar a bhaint anuas atá comhchosúil nó comhionann le hinneachar a baineadh cheana ón bhfaighteoir céanna, a bhfuil ráiteas faighte aige cheana féin. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(43) Chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí breise a fhorchuirtear ar ardáin ar líne faoin Rialachán seo maidir le micrifhiontair nó fiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún41, murab amhlaidh a rochtain agus a dtionchar agus go gcomhlíonann siad na critéir chun cáiliú mar ardáin an-mhór ar líne faoin Rialachán seo. Cabhraíonn na rialacha comhdhlúite a leagtar síos sa Rialachán sin chun a áirithiú go gcoisctear aon teacht timpeall ar na hoibleagáidí breise sin. Níor cheart a thuiscint leis an díolúine a fhaigheann micrifhiontair agus fiontair bheaga ó na hoibleagáidí breise sin amhail difear a dhéanamh dá gcumas córas a bhunú, ar bhonn deonach, a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí sin. |
(43) Chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí breise a fhorchuirtear ar ardáin ar líne faoin Rialachán seo maidir le micrifhiontair nó fiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún41, murab amhlaidh a rochtain agus a dtionchar agus go gcomhlíonann siad na critéir chun cáiliú mar ardáin an-mhór ar líne faoin Rialachán seo nó atá i seilbh nó faoi rialú eintiteas atá bunaithe lasmuigh den Aontas. Cabhraíonn na rialacha comhdhlúite a leagtar síos sa Rialachán sin chun a áirithiú go gcoisctear aon teacht timpeall ar na hoibleagáidí breise sin. Níor cheart a thuiscint leis an díolúine a fhaigheann micrifhiontair agus fiontair bheaga ó na hoibleagáidí breise sin amhail difear a dhéanamh dá gcumas córas a bhunú, ar bhonn deonach, a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí sin. |
_________________ |
_________________ |
41 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). |
41 Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(43a) Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála maidir le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéise arna soláthar agus arna iarraidh ag faighteoirí na seirbhísí agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála uile, gan beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh so-úsáidte a chur ar bun lena n-éascaítear fógra a thabhairt do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann faoi mhíreanna sonracha faisnéise a measann an páirtí fógartha ina leith gur inneachar neamhdhleathach iad (‘fógra’), a bhféadfaidh an soláthraí sin cinneadh dá bhun, bunaithe ar a mheasúnú féin, cé acu a n-aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an measúnú sin agus an mian leis an rochtain ar an inneachar sin a bhaint nó a dhíchumasú (‘gníomh’). Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chun sásraí fógra agus gnímh a chur ar bun, mar shampla, maidir le seirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid a cháilíonn siad mar sholáthraithe seirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(43b) Ba cheart na rialacha maidir leis na sásraí fógra agus gnímh sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil thráthúil, dhícheallach agus oibiachtúil na bhfógraí ar bhonn rialacha atá aonfhoirmeach, trédhearcach agus soiléir agus a fhorálann do choimircí láidre chun sainleasanna cearta agus dlisteanacha gach páirtí dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe a gcearta bunúsacha mar a ráthaítear sa Chairt, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na páirtithe sin bunaithe nó ina gcónaíonn siad ná an réimse dlí atá i gceist. Áirítear ar na cearta bunúsacha, de réir mar a bheidh, an ceart maidir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart maidir leis an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart maidir le sonraí pearsanta a chosaint, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil d’fhaighteoirí na seirbhíse; an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear saoirse conarthachta, soláthraithe seirbhíse; chomh maith leis an gceart chun dhínit an duine, cearta an linbh, an ceart chun cosanta maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, agus an ceart chun neamh-idirdhealú páirtithe dá ndéanann an t-inneachar neamhdhleathach difear. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(44) Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann cur in aghaidh cinntí áirithe de chuid ardáin ar líne a dhéanann difear diúltach dóibh go héasca agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a éileamh ar ardáin ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe dírithe ar a áirithiú go bhfuil na córais seo inrochtana go héasca agus go mbíonn torthaí tapa agus cothroma mar thoradh orthu. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht chun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom, tapa agus cost-éifeachtach. Ba cheart do na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí na n-ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin a bheith comhlántach, ach nach ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith, don fhéidearthacht chun sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann. |
(44) Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann cur in aghaidh cinntí áirithe de chuid ardáin ar líne a dhéanann difear diúltach dóibh go héasca agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a éileamh ar ardáin ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe dírithe ar a áirithiú go bhfuil na córais sin inrochtana go héasca agus go mbíonn torthaí tapa agus cothroma mar thoradh orthu. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht chun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe atá lonnaithe i mBallstát a fhaighteora nó an tsoláthraí agus a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom, tapa agus cost-éifeachtach. Ba cheart imeachtaí réitithe díospóide a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta ama. Ba cheart do na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí na n-ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin a bheith comhlántach, ach nach ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith, don fhéidearthacht chun sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(46) Is féidir gníomhaíocht in aghaidh ábhar neamhdhleathach a ghlacadh níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann ardáin ar líne na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí a chuirtear isteach chuig comharthóirí iontaofa trí na sásraí fógra agus gnímh a éilítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. Níor cheart stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach, go léiríonn siad leasanna comhchoiteanna agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil. Is féidir le heintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, i gcás ábhar sceimhlitheoireachta mar shampla, aonaid tarchuir idirlín in údaráis um fhorfheidhmiú an dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) nó d’fhéadfaidís a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ina gcomhlachtaí leathphoiblí, cosúil leis na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun ábhar mí-úsáide leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Maidir le cearta maoine intleachtúla, d’fhéadfaí stádas comharthóir iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí tionscail agus ar shealbhóirí cearta, i gcás inar léirigh siad go gcomhlíonann siad na coinníollacha is infheidhme. Níor cheart go dtuigfí le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa go gcoisceann siad ardáin ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43. |
(46) Is féidir gníomhaíocht in aghaidh inneachar neamhdhleathach a dhéanamh ar bhonn níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann ardáin ar líne na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí a chuirtear isteach chuig comharthóirí iontaofa trí na sásraí fógra agus gnímh a éilítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. Níor cheart stádas mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach, gur léiriú iad ar leasanna comhchoiteanna nó ar leasanna ceartsealbhóirí aonair agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach agus oibiachtúil. Is féidir le heintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, amhail, i gcás inneachar sceimhlitheoireachta, aonaid tarchuir idirlín in údaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) nó is féidir leo a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ina gcomhlachtaí leathphoiblí, amhail na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun inneachar mí-úsáide leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Maidir le cearta maoine intleachtúla, d’fhéadfaí stádas comharthóra iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí tionscail agus ar cheartsealbhóirí, i gcás inar léirigh siad go gcomhlíonann siad na coinníollacha is infheidhme. Ba cheart an rud céanna a dheonú d’iarratasóirí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 nó i gcás gearáin de bhun Rialachán (AE) 2019/1020 chun a áirithiú go ndéantar na rialacha reatha maidir leis an bhforghníomhú ó údaráis chustaim nó cosaint do thomhaltóirí a chur chun feidhme go héifeachtach i gcás díol ar líne. Níor cheart go dtuigfí le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa go gcoisceann siad ardáin ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.43 |
__________________ |
__________________ |
43 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53 |
43 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, IO L 135, 24.5.2016, lch. 53 |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(47) Ach mí-úsáid a bhaint as seirbhísí ardáin ar líne trí ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a sholáthar go minic nó trí fhógraí nó gearáin ar soiléir go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, déantar dochar d’iontaoibh agus déantar díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí agus comhréireacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart breithniú go bhfuil faisnéis ar follasach go bhfuil sí neamhdhleathach agus fógraí nó gearáin ar follasach go bhfuil siad gan bhunús i gcás inar léir don ghnáthdhuine, gan aon anailís substainteach, go bhfuil an t-ábhar neamhdhleathach faoi seach agus go bhfuil na fógraí nó gearáin gan bhunús. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’ardáin ar líne a ngníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go sealadach i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag ardáin ar líne chun a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás ábhar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht seo a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart go mbeadh sásamh oscailte i gcónaí do na cinntí arna nglacadh chuige seo ag ardáin ar líne agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir formhaoirseachta ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar ardáin ar líne ó bhearta eile a dhéanamh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht chun na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a choinneáil faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. |
(47) Mí-úsáid a bhaint as seirbhísí ardáin ar líne trí éascú a dhéanamh ar inneachar neamhdhleathach a sholáthar arís is arís eile, éascú a dhéanamh ar uaslódáil inneachair neamhdhleathaigh nó trí fhógraí nó gearáin ar soiléir go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, déantar dochar d’iontaoibh agus déantar díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí agus comhréireacha agus éifeachtacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart a mheas gur inneachar neamhdhleathach í faisnéis agus ba cheart a mheas nach bhfuil bunús le fógraí nó gearáin i gcás inar léir don ghnáthdhuine, gan aon anailís shubstainteach, go bhfuil an t-inneachar neamhdhleathach faoi seach agus go bhfuil na fógraí nó na gearáin gan bhunús. Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart d’ardáin ar líne a ngníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go sealadach i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag ardáin ar líne chun a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás inneachar ar soiléir go bhfuil sé neamhdhleathach a bhaineann le coireanna tromchúiseacha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht sin a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart go mbeadh sásamh oscailte i gcónaí do na cinntí arna nglacadh chuige sin ag ardáin ar líne agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir formhaoirseacht ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar ardáin ar líne ó bhearta eile a dhéanamh chun dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht chun na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a chur faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta. |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(48) Féadfaidh ardán ar líne i gcásanna áirithe eolas a fháil, amhail trí fhógra ó pháirtí dá dtugtar fógra nó trína bhearta deonacha féin, faoi fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht áirithe de chuid fhaighteoir na seirbhíse, amhail cineálacha áirithe ábhar neamhdhleathach a sholáthar, a thugann údar réasúnach, ag féachaint do na cúinsí ábhartha ar fad a bhfuil an t-ardán ar líne feasach orthu, go bhféadfadh sé go ndearna an faighteoir cion tromchúiseach coiriúil a bhaineann le bagairt ar shaol nó ar shábháilteacht duine, go bhféadfadh an faighteoir a bheith ag déanamh an chiona sin nó gur dóchúil go ndéanfaidh sé an cion sin, amhail cionta a shonraítear i dTreoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don ardán ar líne údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí a chur ar an eolas gan mhoill faoin amhras sin, agus an fhaisnéis ar fad atá ar fáil a sholáthar dó, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha an t-ábhar atá i gceist agus míniú maidir lena amhras. Ní sholáthraítear an bunús dlí le próifíliú a dhéanamh ar fhaighteoirí na seirbhísí sa Rialachán seo d’fhonn cionta coiriúla arna ndéanamh ag ardáin ar líne a shainaithint. Ba cheart d’ardáin ar líne meas a bheith acu freisin ar rialacha eile is infheidhme san Aontas nó sa dlí náisiúnta maidir le cosaint cearta agus saoirsí daoine aonair le linn dóibh údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a chur ar an eolas. |
(48) Féadfaidh ardán ar líne i gcásanna áirithe eolas a fháil, amhail trí fhógra ó pháirtí a thugann fógra nó trína bhearta deonacha féin, faoi fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht áirithe de chuid fhaighteoir na seirbhíse, amhail cineálacha áirithe inneachair neamhdhleathaigh a sholáthar, a thugann údar réasúnach, ag féachaint do na cúinsí ábhartha ar fad a bhfuil an t-ardán ar líne feasach orthu, go bhféadfadh sé go ndearna an faighteoir cion tromchúiseach coiriúil a bhaineann le garbhagairt ar shaol nó ar shábháilteacht duine, go bhféadfadh an faighteoir a bheith ag déanamh an chiona sin nó gur dóchúil go ndéanfaidh sé an cion sin, amhail cionta a shonraítear i dTreoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don ardán ar líne údaráis inniúla forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas gan mhoill faoin amhras sin, agus an fhaisnéis ar fad atá ar fáil a sholáthar dóibh, arna iarraidh sin dóibh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha an t-inneachar atá i gceist agus míniú maidir lena amhras. Ní sholáthraítear an bunús dlí le próifíliú a dhéanamh ar fhaighteoirí na seirbhísí sa Rialachán seo d’fhonn cionta coiriúla arna ndéanamh ag ardáin ar líne a shainaithint. Ba cheart d’ardáin ar líne urraim a thabhairt freisin do rialacha eile is infheidhme dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cosaint cearta agus saoirsí daoine aonair le linn dóibh údaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas. |
_________________ |
_________________ |
44 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1). |
44 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1). |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(48a) I gcás ina dtugann ardán ar líne faoi deara go bhfuil aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion tromchúiseach coiriúil lenar bhain bagairt do shaol nó do shábháilteacht daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, bainfidh sé an t-inneachar sin agus déanfaidh sé é a dhíchumasú agus cuirfidh sé údaráis fhorfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas go pras faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil. |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 49
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(49) D’fhonn cur le timpeallacht shábháilte, iontaofa agus thrédhearcach ar líne do thomhaltóirí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí cearta maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe den sórt sin go bhfuil na trádálaithe sin inrianaithe. Ba cheart a cheangal ar an trádálaí dá bhrí sin eolas fíor-riachtanach áirithe a sholáthar don ardán ar líne, lena n-áirítear chun críocha teachtaireachtaí a chur chun cinn nó táirgí a thairiscint. Ba cheart don cheanglas sin a bheith infheidhme maidir le trádálaithe freisin a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach slán ar feadh tréimhse réasúnach ama nach sáraíonn an méid is gá, ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu í a rochtain, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí bhíthin na n-orduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
(49) Chun cur le timpeallacht shábháilte, iontaofa agus thrédhearcach ar líne do thomhaltóirí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí cearta maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol, ba cheart go n-áiritheodh margaí ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích leis na trádálaithe sin go bhfuil na trádálaithe sin inrianaithe. Ba cheart a cheangal ar an trádálaí dá bhrí sin eolas fíor-riachtanach agus beacht áirithe a sholáthar do sholáthraithe an mhargaidh ar líne, lena n-áirítear chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó táirgí a thairiscint. Ba cheart don cheanglas sin a bheith infheidhme maidir le trádálaithe freisin a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na margaí ar líne sin an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach slán ar feadh tréimhse réasúnach ama nach sáraíonn an méid is gá, ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu í a rochtain, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí bhíthin na n-orduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(50) Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do na hardáin ar líne a chumhdaítear iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann a fhíorú, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL 45, nó trí iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis bhainc deimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun críche an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, níor cheart go n-éileofaí ar na hardáin ar líne atá cumhdaithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe a dhéanamh ar an toirt. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil ardáin ar líne den sórt sin, a bhfuil iarrachtaí réasúnacha déanta acu a éilítear sa Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile. Ba cheart d’ardáin ar líne den sórt sin freisin a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuireann ar a chumas do thrádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47 agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48. |
(50) Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do na margaí ar líne a chumhdaítear iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann a fhíorú, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL 45, nó trí iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis bhainc deimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis sin a chuireann an trádálaí ar fáil a bheith sonrach go leor agus ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt di, i gcás inar féidir. Níor cheart go n-éileofaí, áfach, ar na margaí ar líne atá cumhdaithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe a dhéanamh ar an toirt. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil na margaí ar líne sin, a bhfuil iarrachtaí réasúnacha déanta acu a éilítear sa Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile. Ba cheart do na margaí ar líne sin freisin a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach soláimhsithe a chuireann ar a chumas do thrádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle47 agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48. |
_________________ |
_________________ |
45 https://ec.europa.eu/taxation_customs/vies/vieshome.do?selectedLanguage=en |
45 https://ec.europa.eu/taxation_customs/vies/vieshome.do?selectedLanguage=en |
46 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
46 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
47 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |
47 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) |
48 Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí agus léiriú phraghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí |
48 Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí agus léiriú praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(52) Tá ról tábhachtach ag fógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar seirbhísí ardáin ar líne. Ach, is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fhógraíocht ar ábhar neamhdhleathach ann féin é, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun ábhar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó ábhar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraíochta le tionchar ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna cothroma saoránach. Chomh maith leis na ceanglais ar ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar ardáin ar líne dá bhrí sin a áirithiú go mbíonn faisnéis aonair áirithe ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair agus cén duine a bhfuil an fógra á thaispeáint thar a cheann. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh eolas ag faighteoirí na seirbhíse ar na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógraíocht shonrach le taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é seo ar phróifíliú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. |
(52) Tá ról tábhachtach ag fógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar seirbhísí ardáin ar líne. Ach, is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fhógraíocht ar inneachar neamhdhleathach ann féin é, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun inneachar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó inneachar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraíochta le tionchar ar chóir chomhionann agus ar dheiseanna cothroma saoránach. Chomh maith leis na ceanglais ar ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar ardáin ar líne dá bhrí sin a áirithiú go mbíonn faisnéis aonair áirithe ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair agus cén duine a bhfuil an fógra á thaispeáint thar a cheann. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh rochtain éasca ar ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis maidir leis na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógraíocht shonrach le taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é seo ar phróifíliú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 53
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(53) Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar na hardáin sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar ardáin an-mhór ar líne riachtanach le dul i ngleic leis an ábhar imní sin maidir leis an mbeartas poiblí, mar gheall nach ann d’aon bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. |
(53) Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus airgeadais agus scaipeadh faisnéise, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar na hardáin sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar ardáin an-mhór ar líne riachtanach le dul i ngleic leis an ábhar imní sin maidir leis an mbeartas poiblí, lena n-áirítear i ndáil le faisnéis mhíthreorach nó aon chineál eile d’inneachar neamhdhleathach mar gheall nach ann d’aon bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 54
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(54) Is féidir le hardáin an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Nuair a shroicheann an líon faighteoirí ar ardán cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, bíonn tionchar diúltach neamhréireach ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon faighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 milliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil a choinneáil suas chun dáta trí leasuithe arna n-achtú le gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne den sórt sin dá bhrí sin an caighdeán is airde oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar agus lena n-acmhainn shochaíoch. |
(54) Is féidir le hardáin an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Nuair a shroicheann an líon faighteoirí ar ardán cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, féadfaidh tionchar diúltach neamhréireach a bheith ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán san Aontas. Ba cheart a mheas gur ann don rochtain shuntasach sin i gcás ina sáraíonn an líon faighteoirí an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 mhilliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil a choinneáil cothrom le dáta trí leasuithe arna n-achtú le gníomhartha tarmligthe, i gcás inar gá. Ba cheart do na hardáin an-mhór ar líne sin dá bhrí sin an caighdeán is airde oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar agus lena n-acmhainn shochaíoch. |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 57
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(57) Ba cheart measúnú a dhéanamh go mion ar thrí chatagóir rioscaí córasacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le mí-úsáid a seirbhíse trí scaipeadh ábhar neamhdhleathach, cosúil le scaipeadh ábhar mí-úsáide leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí góchumtha, a dhíol. Mar shampla, agus gan dochar don fhreagracht phearsanta a bhíonn ar fhaighteoir seirbhíse ardáin an-mhór ar líne i gcomhair neamhdhleathacht féideartha a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta faoin dlí is infheidhme, d’fhéadfadh scaipeadh nó gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ionann le riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfaí rochtain ar ábhar den sórt sin a mhéadú trí chuntais a mbeadh rochtain an-leathan orthu. Baineann dara catagóir le tionchar na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh córas algartamach arna úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó mí-úsáid a sheirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht. Baineann tríú catagóir rioscaí le hionramháil d’aon turas agus, go minic, comhordaithe ar sheirbhís an ardáin, le tionchar intuartha ar shláinte, dioscúrsa sibhialta, próisis thoghchánaíochta, slándáil phoiblí agus cosaint mionaoiseach, ag féachaint don ghá le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, trí chuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid, agus iompraíochtaí eile uathoibrithe nó uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh tapa agus fairsing faisnéise ar ábhar neamhdhleathach nó nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a bheith mar thoradh air. |
(57) Ba cheart measúnú a dhéanamh go mion ar thrí chatagóir rioscaí sistéamacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le mí-úsáid a seirbhíse trí scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh, cosúil le scaipeadh inneachar ina léirítear mí-úsáid leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí contúirteacha agus góchumtha a dhíol nó inneachar a thaispeáint a sháraíonn cóipcheart. Mar shampla, agus gan dochar don fhreagracht phearsanta a bhíonn ar fhaighteoir seirbhíse ardáin an-mhór ar líne i gcomhair neamhdhleathacht féideartha a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta faoin dlí is infheidhme, d’fhéadfadh an scaipeadh nó na gníomhaíochtaí sin a bheith ionann le riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfaí rochtain ar ábhar den sórt sin a mhéadú trí chuntais a mbeadh rochtain an-leathan orthu. Baineann dara catagóir le tionchar na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, an ceart chun saoil phríobháidigh, an ceart maidir le neamh-idirdhealú agus cearta an linbh. D’fhéadfadh na rioscaí sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh córas algartamach arna úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó mí-úsáid a sheirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht nó mí-úsáid théarmaí agus coinníollacha na n-ardán, lena n-áirítear beartais chun modhnóireacht a dhéanamh ar inneachar, nuair a fhorfheidhmítear iad Baineann tríú catagóir rioscaí le hionramháil d’aon turas agus, go minic, comhordaithe ar sheirbhís an ardáin, le tionchar intuartha ar shláinte, cearta bunúsacha dioscúrsa sibhialta, próisis thoghchánaíochta, slándáil phoiblí agus cosaint mionaoiseach, ag féachaint don ghá le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac. D’fhéadfadh na rioscaí sin teacht chun cinn, mar shampla, trí chuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid, agus iompraíochtaí eile uathoibrithe nó uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh tapa agus fairsing faisnéise ar inneachar neamhdhleathach nó nach bhfuil comhoiriúnach le téarmaí agus coinníollacha ardán ar líne a bheith mar thoradh air. |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 58
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(58) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne na modhanna riachtanacha a úsáid chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh sa mheasúnú riosca a mhaolú go dícheallach. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne faoi bhearta maolaithe den sórt sin breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar dhearadh agus ar fheidhmiú a modhnaithe ábhair, a gcórais mholtóra algartamacha agus a gcomhéadain ar líne a bhreisiú nó a chur in oiriúint ar bhealach eile, ionas go ndíspreagann siad agus go dteorannaíonn siad scaipeadh ábhar neamhdhleathach, go gcuireann siad a bpróisis chinnteoireachta in oiriúint, nó go gcuireann siad a dtéarmaí agus coinníollacha in oiriúint. D’fhéadfaí a áireamh iontu freisin bearta, cosúil le deireadh a chur le hioncam fógraíochta d’ábhar sonrach, nó gníomhaíochtaí eile, amhail sofheictheacht foinsí faisnéise údarásacha a fheabhsú. Féadfaidh ardáin an-mhór ar líne a bpróisis inmheánacha nó a gcuid maoirseachta ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a atreisiú, go háirithe maidir le rioscaí sistéamacha a bhrath. Féadfaidh siad freisin comhar a chur ar bun nó a mhéadú le comharthóirí iontaofa, seisiúin oiliúna agus malartuithe le heagraíochtaí comharthóirí iontaofa a eagrú, agus comhoibriú le soláthraithe seirbhíse eile, lena n-áirítear trí chóid iompair nó bearta féinrialála eile a thosú nó tabhairt faoi chóid iompair nó bearta féinrialála eile atá ann cheana. Ba cheart d’aon bhearta a dhéantar urraim a léiriú do cheanglais díchill chuí an Rialacháin seo agus a bheith éifeachtach agus iomchuí chun na rioscaí sonracha a sainaithníodh a mhaolú, ar mhaithe le hord poiblí a choimirciú, príobháideachas a chosaint agus cleachtais tráchtála chalaoiseacha agus mheabhlacha a chomhrac, agus ba cheart go mbeidís comhréireach i bhfianaise cumas eacnamaíoch an ardáin an-mhór ar líne agus an gá atá le srianta gan ghá a sheachaint maidir le húsáid a seirbhíse, agus aird chuí á tabhairt ar na tionchair dhiúltacha féideartha a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta bunúsacha faighteoirí na seirbhíse. |
(58) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne na modhanna riachtanacha agus comhréireacha a úsáid chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh sa mheasúnú riosca a mhaolú go dícheallach. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne faoi na bearta maolaithe sin breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar dhearadh agus ar fheidhmiú a modhnaithe inneachair, a gcórais mholtóra algartamacha agus a gcomhéadain ar líne a bhreisiú nó a chur in oiriúint ar bhealach eile, ionas go ndíspreagann siad agus go dteorannaíonn siad scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh, go gcuireann siad cosc ar ionramháil agus saothrú intinniúil na seirbhíse, lena n-áirítear trí mhéadú ar inneachar neamhdhleathach, |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne, i gcás inarb iomchuí, a measúnuithe riosca a dhéanamh agus a mbearta maolaithe riosca a dhearadh le rannpháirtíocht ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, ionadaithe ó ghrúpaí a bhféadfadh tionchar a bheith a seirbhísí orthu, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
(59) Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne, i gcás inarb iomchuí, a measúnuithe riosca a dhéanamh agus a mbearta maolaithe riosca a dhearadh le rannpháirtíocht ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, ionadaithe ó ghrúpaí a bhféadfadh tionchar a bheith a seirbhísí orthu, saineolaithe neamhspleácha agus gníomhaithe poiblí ábhartha. |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 60
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(60) Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart go mbeadh ardáin an-mhór ar líne cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna ndéanamh de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. Ba cheart dóibh rochtain a thabhairt don iniúchóir ar na sonraí ábhartha ar fad is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do na hiniúchóirí rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach acu i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith neamhspleách, ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leordhóthanach agus iontaofa. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta. |
(60) Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart go mbeadh ardáin mhóra ar líne cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna ndéanamh de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. Ba cheart dóibh rochtain a thabhairt don iniúchóir ar na sonraí ábhartha ar fad is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí atá grinnfhiosraithe ag údaráis inniúla. Ba cheart do na hiniúchóirí rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach acu i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith neamhspleách, ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leordhóthanach agus iontaofa. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta. |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 61
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(61) Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta, ionas go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart go gcabhródh sé le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí feabhsúcháin a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag an ardán an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an tuarascáil a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an mBord gan mhoill, mar aon leis an measúnú riosca agus na bearta maolaithe, chomh maith le pleananna an ardáin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil. Ba cheart tuairim dhearfach a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le tuairim dhearfach i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart tuairim dhiúltach a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis an Rialachán seo nó leis na gealltanais ar tugadh fúthu. |
(61) Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta agus go mbeadh sí neamhspleách, ionas go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart go gcabhródh sé le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí feabhsúcháin a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag an ardán an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an tuarascáil a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus chuig an mBord gan mhoill, mar aon leis an measúnú riosca agus na bearta maolaithe, chomh maith le pleananna an ardáin chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil. Ba cheart tuairim dhearfach a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le tuairim dhearfach i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart tuairim dhiúltach a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn an t-ardán an-mhór ar líne leis an Rialachán seo nó leis na gealltanais ar tugadh fúthu. |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(62) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais mholtóra den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá dheasca sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin an-mhór ar líne atá go gcuirtear faighteoirí ar an eolas go hiomchuí, agus gur féidir leo tionchar a imirt ar an bhfaisnéis a chuirtear os a gcomhair. Ba cheart dóibh na príomh-pharaiméadair do chórais mholtóra den sórt sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach intuigthe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go mbíonn teacht ag na faighteoirí ar roghanna malartacha le haghaidh na bpríomh-pharaiméadar, lena n-áirítear roghanna nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú an fhaighteora. |
(62) Croíchuid de ghnó ardáin an-mhór ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir leis na córais mholtóra sin tionchar a imirt ar chumas na bhfaighteoirí faisnéis ar líne a aisghabháil agus idirghníomhú léi. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá dheasca sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin an-mhór ar líne go gcuirtear faighteoirí ar an eolas go hiomchuí, agus gur féidir leo tionchar a imirt ar an bhfaisnéis a chuirtear ina láthair. Ba cheart dóibh na príomh-pharaiméadair do na córais mholtóra sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach intuigthe lena áirithiú go dtuigeann na faighteoirí an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfuil teacht ag na faighteoirí ar roghanna malartacha le haghaidh na bpríomh-pharaiméadar, lena n-áirítear roghanna nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú an fhaighteora. |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(62a) D'fhéadfadh go n-eascródh ón gcleachtas atá ag ardáin an-mhór ar líne fógraíocht a cheangal le hinneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí, go gcuirfí luach airgid ar inneachar neamhdhleathach, nó inneachar a sháraíonn a dtéarmaí agus coinníollacha, agus go ndéanfaí é a chur chun cinn go hindíreach, lena bhféadfaí dochar suntasach a dhéanamh d’íomhá branda cheannaitheoirí an spáis fógraíochta. Chun an cleachtas sin a chosc, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne bearta a áirithiú, lena n-áirítear trí ráthaíochtaí caighdeánacha conarthacha do cheannaitheoirí an spáis fógraíochta go bhfuil an t-inneachar a bhfuil siad ceangailte leis dleathach agus go gcomhlíonann sé a théarmaí agus coinníollacha. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh na hardáin an-mhór ar líne ar chumas fógróirí rochtain dhíreach a bheith acu ar thorthaí na n-iniúchtaí a dhéantar go neamhspleách agus meastóireacht a dhéanamh ar ghealltanais agus ar uirlisí na n-ardán lena ndéantar íomhá bhranda cheannaitheoirí an spáis fógraíochta a chosaint (‘sábháilteacht bhranda’). |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 63
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(63) Tá rioscaí ar leith ag baint leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an-mhór ar líne agus teastaíonn maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála uathu mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n-iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin sin agus lasmuigh de. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórais fógraí a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla i ndáil le fógraí neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis le tionchar diúltach fíor agus intuartha ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil phoiblí, an dioscúrsa sibhialta, rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhionannas. Ba cheart ábhar na bhfógraí agus sonraí lena mbaineann faoin bhfógróir agus seachadadh na fógraíochta a áireamh, go háirithe i gcás fógraíocht spriocdhírithe. |
(63) D‘fhéadfadh rioscaí ar leith a bheith ag baint le córais fógraíochta a úsáideann ardáin mhóra ar líne agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh maoirseachta poiblí agus rialála de dhíth. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórais fógraí a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla i ndáil le fógraí neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis le tionchar diúltach fíor agus intuartha ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil phoiblí, an dioscúrsa sibhialta, rannpháirtíocht pholaitiúil agus comhionannas. Ba cheart inneachar na bhfógraí agus sonraí lena mbaineann faoin bhfógróir agus seachadadh na fógraíochta a áireamh. Ina theannta sin, ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne aon fhíseán, comhad fuaime nó comhad físe ar eol dóibh gur domhainbhrionniú atá ann, a lipéadú. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 64
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(64) Chun comhlíontacht ardáin an-mhór ar líne le hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú go hiomchuí, d’fhéadfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar shonraí sonracha nó a dtuairisciú a éileamh. D’fhéadfaí a áireamh le ceanglas den sórt sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnú ábhair, córais mholtóra nó córais fógraíochta nó sonraí maidir le próisis agus aschuir modhnú ábhair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a líonadh agus córas athléimneachta de mhaolú riosca a bhunú, buntaca a thabhairt d’ardáin ar líne, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, d’údaráis inniúla eile, don Choimisiún agus don phobal. Cuirtear creat ar fáil sa Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhair rochtain fhíorláidir ar shonraí ó ardáin an-mhór ar líne a thabhairt do thaighdeoirí grinnfhiosraithe. Ba cheart do gach ceanglas maidir le rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha a chosaint go hiomchuí, lena n-áirítear rúin trádála agus faisnéis rúnda eile, an ardáin agus aon pháirtí eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse. |
(64) Chun comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú go hiomchuí, d’fhéadfadh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar shonraí sonracha nó a dtuairisciú a éileamh. D’fhéadfaí a áireamh leis an gceanglas sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha, amhail inneachar neamhdhleathach a scaipeadh nó a mhéadú, a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnóireacht inneachair, córais mholtóra nó córais fógraíochta nó sonraí maidir le próisis agus aschuir modhnóireachta inneachair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a líonadh agus córas athléimneachta de mhaolú riosca a bhunú, buntaca a thabhairt d’ardáin ar líne, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, d’údaráis inniúla eile, don Choimisiún agus don phobal. Dá bhrí sin, soláthraítear leis an Rialachán seo creat chun faisnéis a sholáthar nó chun rochtain láidir a thabhairt ar shonraí ó ardáin an-mhóra ar líne chuig taighdeoirí grinnfhiosraithe, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, i gcás inarb ábhartha maidir le tionscadal taighde. Ba cheart do gach iarraidh maidir le soláthar faisnéise nó rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha a chosaint go hiomchuí, lena n-áirítear rúin trádála agus faisnéis rúnda eile, an ardáin agus aon pháirtí eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse. |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 65 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(65a) D‘fhéadfadh íosriachtanais idir-inoibritheachta d’ardáin an-mhór ar líne deiseanna nua a chruthú chun seirbhísí nuálacha a fhorbairt, éifeachtaí glasála na n-ardán atá ann cheana a theorannú de bharr éifeacht an ghréasáin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís iomaíocht agus rogha d’úsáideoirí a fheabhsú. Chun saor-rogha na bhfaighteoirí idir seirbhísí éagsúla a éascú, ba cheart idir-inoibritheacht a mheas le haghaidh gnéithe tionscal-chaighdeánacha atá ag ardáin an-mhór ar líne. D’fhéadfadh an idir-inoibritheacht sin a chur ar chumas faighteoirí seirbhís a roghnú bunaithe ar fheidhmiúlacht agus ar ghnéithe na seirbhíse sin. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 67
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(67) Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cé gur cheart go mbeadh cur chun feidhme na gcód iompair intomhaiste agus faoi réir formhaoirseachta poiblí, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar chineál deonach na gcód sin agus ar shaoirse páirtithe leasmhara chun cinneadh a dhéanamh maidir le bheith rannpháirteach. In imthosca áirithe, tá sé tábhachtach go ngabhfadh ardáin an-mhór ar líne i gcomhar chun cóid iompair shonracha a tharraingt suas agus cloí leo. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo soláthraithe seirbhíse eile cloí leis na caighdeáin chéanna um dhícheall cuí, glacadh leis na cleachtais is fearr agus tairbhe a bhaint as an treoraíocht arna cur ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an mBord, trí bheith rannpháirteach sna cóid iompair chéanna. |
(67) Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le comhlíontacht na n-ardán ar líne le forálacha na gcód sin. Cé gur cheart go mbeadh cur chun feidhme na gcód iompair intomhaiste agus faoi réir formhaoirseacht phoiblí, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar chineál deonach na gcód sin agus ar shaoirse páirtithe leasmhara chun cinneadh a dhéanamh maidir le bheith rannpháirteach. In imthosca áirithe, tá sé tábhachtach go ngabhfadh ardáin an-mhór ar líne i gcomhar chun cóid iompair shonracha a tharraingt suas agus cloí leo. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo soláthraithe seirbhíse eile cloí leis na caighdeáin chéanna um dhícheall cuí, glacadh leis na cleachtais is fearr agus tairbhe a bhaint as an treoraíocht arna cur ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an mBord, trí bheith rannpháirteach sna cóid iompair chéanna. |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 68
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(68) Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do chóid iompair den chineál sin. Go háirithe, ba cheart bearta um maolú riosca a bhaineann le cineálacha éagsúla ábhar neamhdhleathach a fhiosrú trí chomhaontaithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchar diúltach na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis nó gníomhaíochta ionramhála agus mí-úsáideacha. Áirítear anseo oibríochtaí comhordaithe dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid as róbait nó cuntais bhréige chun faisnéis bhréige nó mhíthreorach a chruthú, uaireanta chun críche gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail leanaí. Maidir le réimsí den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí is ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. D’fhéadfaí an diúltú gan mínithe cuí a dhéanann ardán ar líne ar chuireadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm cód iompair den sórt sin a thabhairt san áireamh, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar sháraigh an t-ardán ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
(68) Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do na cóid iompair sin. Go háirithe, ba cheart bearta um maolú riosca a bhaineann le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh a fhiosrú trí chomhaontuithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchar diúltach na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis, inneachar neamhdhleathach nó gníomhaíochta ionramhála agus mí-úsáideacha. Áirítear anseo oibríochtaí comhordaithe dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid as róbait nó cuntais bhréige chun faisnéis bhréige nó mhíthreorach a chruthú, uaireanta chun gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail leanaí. Maidir leis na réimsí sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí is ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. D’fhéadfaí an diúltú gan mínithe cuí a dhéanann ardán ar líne ar chuireadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm an chóid iompair sin a chur i gcuntas, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé ar sháraigh an t-ardán ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 69
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(69) D’fhéadfadh na rialacha maidir le cóid iompair faoin Rialachán seo a bheith mar bhunús le haghaidh iarrachtaí féinrialála atá bunaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Gealltanas um Shábháilteacht Táirge, an Meabhrán Tuisceana in aghaidh earraí góchumtha, an Cód Iompair in aghaidh fuathchaint neamhdhleathach chomh maith leis an gCód cleachtais maidir le bréagaisnéis. Go háirithe i gcás an chinn dheiridh, eiseoidh an Coimisiún treoraíocht chun an Cód cleachtais maidir le bréagaisnéis a neartú mar a fógraíodh é sa Phlean Gníomhaíochta um Dhaonlathas Eorpach. |
(69) D’fhéadfadh na rialacha maidir le cóid iompair faoin Rialachán seo a bheith mar bhunús le haghaidh iarrachtaí féinrialála atá bunaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Gealltanas um Shábháilteacht Táirge, an Meabhrán Tuisceana in aghaidh earraí góchumtha, an Cód Iompair in aghaidh fuathchaint neamhdhleathach. |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 70
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(70) Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhairí, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála a nascann foilsitheoirí fógraíochta le fógróirí. Ba cheart go dtacódh agus go gcomhlánódh cóid iompair na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht d’ardáin ar líne agus d’ardáin an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an comhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a bhreisiú, go suntasach mar a bhaineann sé le coinníollacha tharchur na faisnéise ábhartha. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan páirtithe leasmhara go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. |
(70) Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhairí, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhála a nascann foilsitheoirí fógraíochta le fógróirí. Ba cheart go dtacódh agus go gcomhlánódh cóid iompair na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht d’ardáin ar líne agus d’ardáin an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo chun foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an comhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a bhreisiú. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan geallsealbhóirí go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 76
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(76) In éagmais ceanglas ginearálta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun láithreacht fhisiceach a áirithiú laistigh de chríoch Ballstáit amháin, is gá soiléireacht a áirithiú maidir leis an dlínse Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe sin chun críocha na rialacha arna leagan síos ag údaráis náisiúnta inniúla i gCaibidlí III agus IV a fhorfheidhmiú. Ba cheart do sholáthraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht suite, is é sin, san áit ina bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an soláthraí ina bhfeidhmítear na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil laistigh de. I dtaca le soláthraithe nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas agus dá bhrí sin a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag an mBallstát inar cheap na soláthraithe sin a n-ionadaí dlí, ag tabhairt feidhm ionadaithe dlí faoin Rialachán seo san áireamh. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag gach Ballstát, áfach, i leith soláthraithe ar mhainnigh orthu ionadaí dlí a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil urraim don phrionsabal ne bis in idem. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát a fheidhmíonn dlínse i leith soláthraithe den sórt sin, gan moill mhíchuí, gach Ballstát eile a chur ar an eolas faoi na bearta a rinne siad i bhfeidhmiú na dlínse sin. |
(76) In éagmais ceanglas ginearálta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála chun láithreacht fhisiceach a áirithiú laistigh de chríoch Ballstáit amháin, is gá soiléireacht a áirithiú maidir leis an dlínse Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe sin chun na rialacha arna leagan síos ag údaráis náisiúnta inniúla i gCaibidlí III agus IV agus Airteagail 8 agus 9 a fhorfheidhmiú. Ba cheart do sholáthraí a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht suite, is é sin, san áit ina bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an soláthraí ina bhfeidhmítear na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil. I dtaca le soláthraithe nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas agus dá bhrí sin a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag an mBallstát inar cheap na soláthraithe sin a n-ionadaí dlí, le haird ar fheidhm ionadaithe dlí faoin Rialachán seo. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag gach Ballstát, áfach, i leith soláthraithe ar mhainnigh orthu ionadaí dlí a ainmniú, ar choinníoll go ndéantar an prionsabal ne bis in idem a urramú. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát a fheidhmíonn dlínse i leith na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, gach Ballstát eile a chur ar an eolas faoi na bearta a rinne siad i bhfeidhmiú na dlínse sin. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 77
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(77) Ba cheart do na Ballstáit cumhachtaí leordhóthanacha agus bealaí chun imscrúdú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, agus ar aon údarás inniúil eile arna ainmniú faoin Rialachán seo. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith in ann go háirithe faisnéis a chuardach agus a fháil atá lonnaithe ina gcríocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe comhpháirteacha, agus aird chuí ar gur cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát eile sin bearta formhaoirseachta agus forfheidhmithe a bhaineann le soláthraí faoi dhlínse Ballstáit eile a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann le comhar trasteorann. |
(77) Ba cheart do na Ballstáit cumhachtaí leordhóthanacha agus bealaí chun imscrúdú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, agus ar aon údarás inniúil eile arna ainmniú faoin Rialachán seo. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith in ann go háirithe faisnéis a chuardach agus a fháil atá lonnaithe ina gcríocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe comhpháirteacha, agus aird chuí ar gur cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát eile sin bearta formhaoirseachta agus forfheidhmithe a bhaineann le soláthraí faoi dhlínse Ballstáit eile a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann le comhar trasteorann. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar oiliúint speisialaithe, i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta ábhartha, go háirithe údaráis riaracháin, atá freagrach as orduithe a eisiúint chun gníomhú i gcoinne inneachar neamhdhleathach agus faisnéis a sholáthar. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 78
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(78) Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe i gcomhair feidhmiú cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus údaráis inniúla eile i gcás inarb ábhartha, faoin Rialachán seo, a leagan amach ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe an Rialachán agus an Chairt seo. |
(78) Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe i gcomhair feidhmiú cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus údaráis inniúla eile i gcás inarb ábhartha, faoin Rialachán seo, a leagan amach ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe faoin Rialachán seo. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún treoir a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta agus na rialacha a bhaineann le cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha. |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 91
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(91) Ba cheart don Bhord ionadaithe na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile féideartha a thabhairt le chéile faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, d’fhonn measúnú a áirithiú ar ábhair arna sheoladh isteach chuige i ngné iomlán Eorpach. I bhfianaise gnéithe cothrománacha féideartha a bhféadfadh ábharthacht a bheith leo i gcomhair creataí rialála eile ar leibhéal an Aontais, ba cheart deis a thabhairt don Bhord dul i gcomhar le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a bhfuil freagracht orthu i réimsí amhail comhionannas, lena n-áirítear comhionannas idir mná agus fir, agus neamh-idirdhealú, cosaint sonraí, cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc, calaoisí in aghaidh bhuiséad an Aontais a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim, nó cosaint tomhaltóirí, de réir mar is gá chun a chúraimí a fheidhmiú. |
(91) Ba cheart don Bhord ionadaithe na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile féideartha a thabhairt le chéile faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, d’fhonn measúnú a áirithiú ar ábhair arna seoladh isteach chuige i ngné iomlán Eorpach. I bhfianaise gnéithe cothrománacha féideartha a bhféadfadh ábharthacht a bheith leo i gcomhair creataí rialála eile ar leibhéal an Aontais, ba cheart deis a thabhairt don Bhord dul i gcomhar le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a bhfuil freagracht orthu i réimsí amhail comhionannas, lena n-áirítear comhionannas idir mná agus fir, agus neamh-idirdhealú, cosaint sonraí, urraim do mhaoin intleachtúil, iomaíocht, cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc, calaoisí in aghaidh bhuiséad an Aontais a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim, nó cosaint tomhaltóirí, de réir mar is gá chun a chúraimí a fheidhmiú. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 97 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(97a) Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil sé neamhspleách agus neamhchlaonta ina chinnteoireacht maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus soláthraithe seirbhísí araon faoin Rialachán seo. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 99
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(99) Go háirithe, ba cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar aon doiciméid, sonraí agus faisnéis ábhartha is gá chun iniúchtaí a oscailt agus a reáchtáil agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo, gan beann ar cén duine a bhfuil na doiciméid ina sheilbh, na sonraí nó an fhaisnéis atá i gceist, agus gan beann ar a bhfoirm nó a bhformáid, an bealach a stóráiltear iad, nó an áit bheacht ina stóráiltear iad. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann éileamh a dhéanamh go díreach go soláthraíonn an t-ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó tríú páirtithe ábhartha, nó daoine aonair, aon fhianaise, sonraí agus faisnéis ábhartha. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí laistigh den Bhallstát, nó ó aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun rochtain ar bhunachair shonraí agus algartaim na ndaoine ábhartha, agus mínithe a bhaineann leo a éileamh, agus chun agallamh a dhéanamh, lena dtoiliú, ar aon duine a bhféadfadh seilbh a bheith acu ar fhaisnéis úsáideach agus chun na ráitis a dhéantar a thaifeadadh. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun tabhairt faoi imscrúduithe den sórt sin de réir mar is gá chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Tá sé mar aidhm ag na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a bheith comhlántach leis an bhféidearthacht don Choimisiún cúnamh a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis Bhallstáit eile, mar shampla trí fhaisnéis a sholáthar nó i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin |
(99) Go háirithe, ba cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar aon doiciméid, sonraí agus faisnéis ábhartha is gá chun iniúchtaí a oscailt agus a reáchtáil agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcás inar féidir leis a léiriú go bhfuil forais ann lena chreidiúint go bhfuil ardán an-mhór ar líne nach bhfuil ag comhlíonadh an Rialacháin seo, gan beann ar cén duine a bhfuil na doiciméid ina sheilbh, na sonraí nó an fhaisnéis atá i gceist, agus gan beann ar a bhfoirm nó a bhformáid, an bealach a stóráiltear iad, nó an áit bheacht ina stóráiltear iad. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann éileamh a dhéanamh go díreach go soláthraíonn an t-ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó tríú páirtithe ábhartha, nó daoine aonair, aon fhianaise, sonraí agus faisnéis ábhartha a bhaineann leis na cúiseanna imní sin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí laistigh den Bhallstát, nó ó aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun rochtain ar bhunachair sonraí agus algartaim na ndaoine ábhartha, agus mínithe a bhaineann leo a éileamh, agus chun agallamh a dhéanamh, lena dtoiliú, ar aon duine a bhféadfadh seilbh a bheith acu ar fhaisnéis úsáideach agus chun na ráitis a dhéantar a thaifeadadh. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun tabhairt faoi na himscrúduithe sin de réir mar is gá chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Tá sé mar aidhm ag na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a bheith comhlántach leis an bhféidearthacht don Choimisiún cúnamh a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis Bhallstáit eile, mar shampla trí fhaisnéis a sholáthar nó i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 106 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(106a) Chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus iolrachas na meán ar líne a chur chun cinn, ní mór tábhacht an inneachair eagarthóireachta agus na seirbhísí eagarthóireachta a aithint, lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhála staonadh ó rochtain uirthi a bhaint, a fhionraí nó a dhíchumasú. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse idirghabhála a bheith díolmhaithe ó dhliteanas as inneachar eagarthóireachta agus as seirbhísí eagarthóireachta. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse idirghabhála sásraí a chur ar bun chun cur i bhfeidhm praiticiúil a éascú, mar shampla, ar inneachar eagarthóireachta dleathach agus seirbhísí dleathacha a mharcáil ag soláthraithe inneachair. Ba cheart don Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe soláthraithe inneachair eagarthóireachta agus seirbhísí eagarthóireachta a shainaithint. Ba cheart a thuiscint go ndéanann na soláthraithe sin gníomhaíocht eacnamaíoch de réir bhrí Airteagal 56 agus Airteagal 57 CFAE. |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh aonair. Bunaítear leis, go háirithe: |
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le seirbhísí idirghabhála a sholáthar chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus, ag an am céanna, na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach. Bunaítear leis, go háirithe: |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) rialacha aonfhoirmeacha a leagan amach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne i gcás ina dtugtar cosaint go héifeachtach do chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt. |
(b) rialacha aonfhoirmeacha, comhréireach, comhchuibhithe a leagan amach i gcomhair timpeallacht shábháilte, intuartha, inrochtana agus iontaofa ar líne i gcás ina dtugtar cosaint go héifeachtach do chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) nuálaíochtaí a éascú, tacú leis an aistriú digiteach, fás eacnamaíoch a spreagadh agus cothrom iomaíochta a chruthú do sheirbhísí digiteacha laistigh den mhargadh inmheánach; |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(bb) tomhaltóirí a bhaineann úsáid as seirbhísí a thagann faoin Rialachán seo a chosaint. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí teachtaireachtaí meandracha a úsáidtear chun críocha eile seachas críocha príobháideacha nó neamhthráchtála. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) Treoir 2010/13/CE; |
(b) Treoir 2010/13/CE arna leasú le Treoir 2018/1808/AE; |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara; |
(c) Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, go háirithe Treoir (AE) 2019/790; |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/2394; |
(h) Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialachán (AE)2017/2394, Rialachán (AE) 2019/1020 agus Rialachán XXX (An Rialachán maidir le Sábháilteacht Táirtí); |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 – pointe i a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ia) Treoir (AE) 2019/882; |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 – pointe i b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ib) Treoir 2006/123/CE. |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Déanfaidh an Coimisiún, faoi ... [laistigh de bhliain amháin ó ghlacadh an Rialacháin seo], treoirlínte a fhoilsiú maidir leis an ngaol idir an Rialachán seo agus na gníomhartha reachtacha a liostaítear i mír 5. Soiléireoidh na treoirlínte sin aon choinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na coinníollacha agus na hoibleagáidí a liostaítear sna gníomhartha reachtacha sin agus cén gníomh ag a bhfuil an tosaíocht i gcás ina gcomhlíonann gníomhaíochtaí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, oibleagáidí gnímh reachtaigh eile agus cén t-údarás rialála atá inniúil. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 1a |
|
Forálacha conarthacha |
|
Aon fhorálacha conarthacha idir soláthraí seirbhíse idirghabhála agus trádálaí, úsáideoir gnó, nó faighteoir a sheirbhíse, ar forálacha iad atá contrártha don Rialachán seo, beidh siad neamh-infheidhmithe. |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh gníomhach’ duine aonair a bhfuil rochtain rathúil aige ar chomhéadan ar líne agus a bhfuil idirghníomhaíocht shuntasach aige leis, lena tháirge nó lena sheirbhís; |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin; |
(c) ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin; |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil siad faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag feidhmiú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhaineann lena thrádáil, ghnólacht, cheird nó ghairm; |
(e) ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil siad faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag feidhmiú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag margú táirgí agus/nó seirbhísí ina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhaineann lena thrádáil, ghnólacht, cheird nó ghairm, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann earraí, inneachar digiteach nó seirbhísí ar scála tráchtála; |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) ciallaíonn ‘seirbhís idirghabhálach’ ceann de na seirbhísí seo a leanas: |
(f) ciallaíonn ‘seirbhís idirghabhála’ ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas: |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f – fleasc 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
‒ seirbhís ‘óstála’ ina gcuimsítear stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh ag an bhfaighteoir sin; |
‒ seirbhís ‘óstála’ arb é atá inti faisnéis a stóráil arna soláthar ag faighteoir de chuid na seirbhíse, agus arna iarraidh sin d’fhaighteoir de chuid na seirbhíse, agus gan ról gníomhach aici sa phróiseáil sonraí; |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f – fleasc 4 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
‒ ardán ar líne de réir bhrí phointe (h); |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f – fleasc 5 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
‒ inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear é i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1150; |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) ciallaíonn “seirbhísí ardáin beoshruthaithe” seirbhísí sochaí faisnéise arb é a bpríomhchuspóir nó ceann dá bpríomhchuspóirí rochtain a thabhairt don phobal ar chlosábhar nó ábhar físe a chraolann a úsáideoirí beo, ar seirbhís í a eagraíonn sí agus a chuireann sí chun cinn chun brabús a dhéanamh; |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) ciallaíonn ‘ábhar neamhdhleathach’ aon fhaisnéis nach bhfuil as féin ná trína thagairt do ghníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin; |
(g) ciallaíonn ‘inneachar neamhdhleathach’ aon fhaisnéis, aisti féin, nó mar go dtagraíonn sí d’inneachar, táirgí, seirbhísí nó gníomhaíocht neamhdhleathach, lena n-áirítear calaois airgeadais nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, nó leis an gcreat coiriúil, riaracháin nó dlí shibhialta, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin; |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) ciallaíonn ‘ardán ar líne’ soláthraí seirbhís óstála a stórálann agus a scaipeann ar an bpobal, ar iarraidh ó fhaighteoir na seirbhíse, faisnéis, murar mionghné agus gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an phríomhsheirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo. |
(h) ciallaíonn ‘ardán ar líne’ soláthraí seirbhíse óstála a dheanann faisnéis a stóráil agus a scaipeadh ar an bpobal agus a dhéanann a hinneachar a bharrfheabhsú, mura mionghné agus gné choimhdeach dáiríre den tseirbhís nó d’fheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna oibiachtúla agus teicniúla, nach féidir í a úsáid gan an phríomhsheirbhís sin, agus nach bhfuil comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin sa tseirbhís eile ina bealach timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo. |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ha) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís ina n-úsáidtear bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann chun gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile. |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(hb) ciallaíonn ‘ardán eagarthóireachta’ seirbhís idirghabhála a bhfuil baint aige le foilseachán preasa de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir (AE) 2019/790 nó le seirbhís meán eagarthóireachta eile agus lenar féidir le húsáideoirí topaicí a chumhdaítear go ginearálta leis na meáin ábhartha a phlé nó trácht a dhéanamh ar inneachar eagarthóireachta agus atá faoi mhaoirseacht fhoireann eagarthóireachta an fhoilseacháin nó meáin eagarthóireachta eile; |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe h c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(hc) ciallaíonn ‘seirbhís líonraithe shóisialta ar líne’ ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh, comhroinnt, fionnachtain agus cumarsáid a dhéanamh le chéile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí; |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) ciallaíonn ‘scaipeadh ar an bpobal’ faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh ag faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta; |
(i) ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” ról gníomhach a ghlacadh i bhfaisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin ag faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon suntasach tríú páirtithe agus líon a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta; |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe i a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ia) ciallaíonn ‘domhainbhrionnú’ íomhá ghinte nó ionramháilte’, ar inneachar fuaime nó físe é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach; |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe o
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(o) ciallaíonn ‘córas moltóra’ córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, lena n-áirítear de thoradh cuardaigh a thionscain an faighteoir nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
(o) ciallaíonn ‘córas moltóra’ córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán an-mhór ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh, a aicmiú, a chur in ord tosaíochta nó a eagrú d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, lena n-áirítear de thoradh cuardaigh a thionscain an faighteoir nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh; |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe p
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(p) ciallaíonn ‘modhnú ábhair’ na gníomhaíochtaí a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu atá dírithe ar ábhar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus dul i ngleic leo, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an ábhair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó cumas na bhfaighteoirí chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí; |
(p) ciallaíonn ‘modhnóireacht inneachair’ na gníomhaíochtaí a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu, bídís uathoibrithe nó próiseáilte ag an duine, atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus dul i ngleic leo, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an ábhair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó cumas na bhfaighteoirí chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí; |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe q
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(q) ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ gach téarma agus coinníoll nó sonraíocht, gan beann ar a n-ainm nó a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí. |
(q) ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ gach téarma agus coinníoll nó sonraíocht arna sholáthar ag soláthraí seirbhíse idirghabhála, gan beann ar a n-ainm nó a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála agus faighteoirí na seirbhísí. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 –mír 1 – pointe q a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qa) ciallaíonn ‘patrún dorcha’ comhéadan úsáideora a dheartar nó a ndéantar ionramháil air agus a bhfuil sé d’éifeacht shuntasach aige neamhspleáchas, cinnteoireacht nó rogha úsáideora a threascairt nó a dhochrú. |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 2a |
|
Príobháideachas digiteach |
|
1. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cumasóidh soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise an tseirbhís sin a úsáid agus íoc aisti gan sonraí pearsanta an fhaighteora a bhailiú. |
|
2. Ní dhéanfaidh soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise sonraí pearsanta a bhaineann le húsáid na seirbhíse ag faighteoir a phróiseáil ach a mhéid is fíorghá chun a chur ar chumas an fhaighteora an tseirbhís a úsáid nó muirear a ghearradh ar an bhfaighteoir as an tseirbhís a úsáid. |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna sholáthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas an fhaisnéis a tharchuirtear, ar choinníoll: |
1. I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise ina gcuimsítear tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide, nó feabhas a chur ar shlándáil an tarchuir sin, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas maidir leis an bhfaisnéis a tharchuirtear, ar choinníoll: |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
3. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin atá neamhspleách ó thaobh feidhme de, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
2. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin atá neamhspleách ó thaobh feidhme de, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) nuair a fhaigheann an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht sin, go bhfeidhmíonn sé go tapa chun rochtain ar an ábhar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú. |
(b) tar éis an t-eolas nó an fheasacht sin a fháil rochtain ar an inneachar neamhdhleathach sin a bhaint go gasta, go cinntitheach agus go buan i gcás ina meastar an t-inneachar nó an ghníomhaíocht sin a bheith neamhdhleathach faoi de réir bhrí Airteagal 2(g); |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Gan dochar do spriocdhátaí sonracha, arna leagan amach i ndlí an Aontais nó laistigh d’orduithe riaracháin nó dlíthiúla, déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála, ar fháil eolais nó feasachta iarbhír dóibh, rochtain ar ábhar neamhdhleathach ar líne a bhaint nó a dhíchumasú a luaithe agus is féidir agus i gcás ar bith: |
|
(a) tráth nach déanaí ná 30 nóiméad ar aon nós i gcás ina mbainfeadh an t-inneachar neamhdhleathach le beochraoladh ócáide spóirt nó siamsaíochta. |
|
(b) laistigh de 24 uair an chloig i gcás inar féidir leis an inneachar neamhdhleathach ar líne dochar tromchúiseach a dhéanamh don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí nó don tsábháilteacht phoiblí nó dochar tromchúiseach a dhéanamh do shláinte nó do shábháilteacht tomhaltóirí; |
|
(c) laistigh de 72 uair an chloig i ngach cás eile nuair nach ndéanann an t-inneachar neamhdhleathach ar líne dochar tromchúiseach don bheartas poiblí, don tslándáil phoiblí nó don tsábháilteacht phoiblí nó do shláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí; |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag feidhmiú faoi údarás nó smacht an tsoláthraí. |
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a leanas: |
|
(a) i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag gníomhú faoi údarás nó smacht an tsoláthraí; |
|
(b) i gcás inarb é príomhchuspóir sheirbhís na sochaí faisnéise dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó iad a éascú nó i gcás ina gcomhoibríonn soláthraí sheirbhís na sochaí faisnéise d’aon turas le faighteoir na seirbhísí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha; |
|
(c) i gcás ina mbeidh ról gníomhach á imirt ag soláthraí na seirbhísí idirghabhála ó thaobh, mar shampla, an t-inneachar a sholáthar, a rialú, a bharrfheabhsú, a aicmiú agus a eagrú, nó tagairt dó nó é a chur chun cinn. |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Níl feidhm ag mír 1 maidir le dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin i láthair mír shonrach faisnéise nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios don ghnáth-tomhaltóir a mbeadh eolas réasúnach aige go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht. |
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le dliteanas margadh ar líne, i gcás ina gcuireann an margadh sin an mhír shonrach faisnéise i láthair nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios do ghnáth-tomhaltóir a mbeadh eolas réasúnach aige go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoi údarás nó faoi smacht an ardáin ar líne. |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin, i gcomhréir le córais dlí Ballstát, le héileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht do chúirt nó d’údarás riaracháin atá neamhspleách ó thaobh feidhme de, i gcomhréir le córais dlí na mBallstát, le ceangal ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc. |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 mar gheall go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint anuas nó rochtain ar an inneachar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. |
1. Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 mar gheall go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint anuas nó rochtain ar an inneachar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dlí an Aontais, nó an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás ina mbeidh seirbhísí idirghabhálacha comhlíontach leis na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar síos sa Rialachán seo. |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Ní bheidh bearta rialaithe ex ante atá bunaithe ar uirlisí uathoibríocha modhnóireachta inneachair mar thoradh ar imscrúduithe féintionscnaimh deonacha. |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1c. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go mbeidh na bearta a ghlacfar de bhun mhír 1 éifeachtach, sonrach agus spriocdhírithe. Ba cheart coimircí iomchuí a bheith ag gabháil leis na bearta sin, amhail maoirseacht dhaonna, doiciméadacht, inrianaitheacht nó aon bhearta breise chun a áirithiú go mbeidh imscrúduithe féintionscnaimh cruinn, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, trédhearcach agus níor cheart go mbeadh róbhaint anuas inneachair mar thoradh air sin. |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan oibleagáidí ginearálta faireacháin nó aimsithe fíoras gníomhacha |
Gan oibleagáidí ginearálta faireacháin nó modhnóireacht uathoibríoch inneachair nó aimsithe fíoras gníomhacha |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhorchuirfear ar na soláthraithe sin aon oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ná níor cheart go lorgóidís fíorais nó cúinsí go gníomhach a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios. |
1. Ní fhorchuirfear ar na soláthraithe sin aon oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, nó níor cheart go lorgóidís fíorais nó cúinsí go gníomhach a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha úsáid a bhaint as uirlisí uathoibrithe le haghaidh modhnóireacht inneachair. |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar sholáthraithe seirbhísí criptithe inn ar inn a thairiscint. Ní bheidh soláthar na seirbhísí sin ina chúis le dliteanas ná le teacht chun bheith neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas. |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach d’inneachar neamhdhleathach, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh do na horduithe, gan moill mhíchuí, ina sonraítear an gníomh a glacadh agus an móimint ar glacadh an gníomh sin. |
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach d’inneachar neamhdhleathach, a fuarthas ó agus arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh do na horduithe, gan moill mhíchuí, ina sonraítear an gníomh a glacadh agus an móimint ar glacadh an gníomh sin. |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Mura féidir leis an soláthraí an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann chun é a fhorghníomhú, cuirfidh sé an t-údarás a d’eisigh an t-ordú ar an eolas gan moill mhíchuí. |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
– céannacht an údaráis bhreithiúnaigh inniúil nó an údaráis riaracháin inniúil; |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
– tagairt don bhunús dlí le haghaidh an ordaithe; |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a – fleasc 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
– faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar; |
– faisnéis maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar; |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10. |
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10, nó i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a eisíonn an t-ordú i gcoinne na míre sonraí den inneachar neamhdhleathach. I gcás den sórt sin, féadfaidh an pointe teagmhála a iarraidh ar an údarás inniúil aistriúchán a sholáthar sa teanga a dhearbhaigh an soláthraí; |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) ní eisítear an t-ordú ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun scor nó toirmeasc a chur leis an sárú; |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 69, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun teimpléad sonrach agus foirm shonrach a leagan síos le haghaidh na n-orduithe sin. |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag soláthraithe achomharc agus agóid a dhéanamh i gcoinne chur chun feidhme an ordaithe agus go n-éascóidh siad úsáid an chirt sin agus an rochtain air. |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do chinntí na cúirte sibhialta agus do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais maidir le rúndacht sonraí agus rúndacht tráchtála, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Amendment |
|
4b. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena n-eagrófar córas Eorpach malartaithe faisnéise, lena lamhálfar d’orduithe údaraithe a chur in iúl agus a fhíordheimhniú go slán idir na húdaráis ábhartha, Comhordaitheoirí agus soláthraithe Seirbhísí Digiteacha, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), in Airteagal 8a(1) agus in Airteagal 9(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 70. |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 8a |
|
Orduithe chun inneachar dleathach a aischur |
|
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil trí chainéal cumarsáide slán chun mír shonrach nó míreanna iomadúla d’inneachar a baineadh anuas a aischur, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh do na horduithe, gan moill mhíchuí, ina sonraítear an gníomh a glacadh agus an móimint ar glacadh an gníomh sin. |
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann na horduithe dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha seo a leanas: |
|
(a) tá na gnéithe seo a leanas sna horduithe: |
|
(i) ráiteas maidir leis na cúiseanna ina dtugtar míniú ar an gcúis gur inneachar neamhdhleathach atá san inneachar i dtrácht, trí thagairt d’fhoráil shonrach de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta nó de rialú cúirte; |
|
(ii) aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena gcumasaítear an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint; |
|
(iii) faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhíse a bhain anuas an t-inneachar agus d’fhaighteoir na seirbhíse a thug fógra faoin inneachar; |
|
(b) ní théann raon feidhme críochach an ordaithe, ar bhonn rialacha is infheidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, thar a bhfuil géarghá leis chun a chuspóir a bhaint amach; agus |
|
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10. |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil chun mír shonrach faisnéise a sholáthar maidir le faighteoir seirbhíse sonrach aonair amháin nó níos mó, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas gan moill mhíchuí go bhfuarthas é agus an éifeacht a tugadh don ordú. |
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar ordú a fháil chun mír shonrach faisnéise a sholáthar maidir le faighteoir seirbhíse sonrach aonair amháin nó níos mó, a fuarthas ó agus arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas gan moill mhíchuí go bhfuarthas é agus an éifeacht a tugadh don ordú. Sa chás nár tugadh aon éifeacht don ordú, míneofar le ráiteas ón soláthraí na cúiseanna nach bhféadfar an fhaisnéis a sholáthar don údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta a d’eisigh an t-ordú. |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Mura féidir leis an soláthraí an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha ann nó nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann chun é a fhorghníomhú, cuirfidh sé an t-údarás a d’eisigh an t-ordú ar an eolas gan moill mhíchuí. |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
– ráiteas de na cúiseanna ina mínítear an cuspóir dá n-éilítear an fhaisnéis agus an chúis a bhfuil an ceanglas chun an fhaisnéis a sholáthar riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht fhaighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha le rialacha is infheidhme an Aontais nó le rialacha náisiúnta a chinneadh, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; |
– ráiteas de na cúiseanna ar dá réir a éilítear an fhaisnéis agus an chúis a bhfuil an ceanglas seo riachtanach agus chun comhlíontacht fhaighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha le rialacha is infheidhme an Aontais nó le rialacha náisiúnta a chinneadh, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna oifigiúla a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
– céannacht an údaráis bhreithiúnaigh inniúil nó an údaráis riaracháin inniúil; |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
– tagairt don bhunús dlí le haghaidh an ordaithe; |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe a – fleasc 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
– faisnéis maidir leis an sásamh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann; |
– faisnéis maidir leis na sásraí sásamh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann; |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ní éilítear san ordú ar an soláthraí ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an tseirbhís a sholáthar agus atá faoina smacht; |
(b) ní éilítear san ordú ar an soláthraí ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe go dleathach cheana féin chun críocha an tseirbhís a sholáthar agus atá faoina smacht, amhail seoltaí ríomhphoist, uimhreacha teileafóin agus sonraí teagmhála eile is gá chun an comhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (a) a chinneadh; |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dréachtaítear an t-ordú i dteanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é arna cheapadh ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 10; |
(c) dréachtaítear an t-ordú sa teanga arna dearbhú ag an soláthraí agus seoltar chuig an bpointe teagmhála é, arna cheapadh ag an soláthraí, i gcomhréir le hAirteagal 10, nó i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a eisíonn an t-ordú i gcoinne na míre sonraí den inneachar neamhdhleathach. I gcás den sórt sin, féadfaidh an pointe teagmhála a iarraidh ar an údarás inniúil aistriúchán a sholáthar sa teanga a dhearbhaigh an soláthraí; |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) ní eisítear an t-ordú ach amháin i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun an mhír shonrach chéanna faisnéise a fháil; |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 69, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun teimpléad sonrach agus foirm shonrach a leagan síos le haghaidh na n-orduithe sin. Áiritheoidh sé gurb é a bheidh san fhoirm sin ná na caighdeáin a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le [XXX an rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus maidir le hOrduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla]. |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. |
4. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do chinntí na cúirte sibhialta agus do na ceanglais faoin dlí nós imeachta coiriúil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais maidir le rúndacht sonraí agus rúndacht tráchtála, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. Ní chuirfear d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha leis na hoibleagáidí faoin Airteagal seo teicnící nua maidir le rianú próifílithe a thabhairt isteach d’fhaighteoirí na seirbhíse chun orduithe a chomhlíonadh maidir le faisnéis a chur ar fáil. |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal -10 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal -10 |
|
Tarscaoileadh |
|
1. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar tharscaoileadh ó cheanglais Chaibidil III, má chruthaíonn siad: |
|
(a) gur micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, lena n-áirítear nuair a bhíonn a gcuid gníomhaíochtaí á ndéanamh acu ar bhonn neamhbhrabúsach nó de bhun misin chun leas an phobail nó; |
|
(b) gur fiontair mheánmhéide iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE gan aon riosca córasach a bhaineann le hábhar neamhdhleathach. Tabharfaidh na Soláthraithe cúiseanna réasúnaithe lena n-iarratas; |
|
(c) ardáin eagarthóireachta de réir bhrí Airteagal 2 (ha) den Rialachán seo; |
|
2. beidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí ar bhonn neamhbhrabúsach nó de bhun misin chun leas an phobail neamhspleách ar aon eintiteas a oibríonn ar bhonn brabúsach chun críocha an Airteagail seo; |
|
3. scrúdóidh an Coimisiún an t-iarratas sin agus, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, féadfaidh sé tarscaoileadh a eisiúint go hiomlán nó go páirteach ar cheanglais na Caibidle seo. |
|
4. Arna iarraidh sin don Bhord nó don soláthraí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar tharscaoileadh a eisíodh agus an tarscaoileadh a chúlghairm go hiomlán nó go páirteach. |
|
5. Coimeádfaidh an Coimisiún liosta de na tarscaoiltí uile a eisíodh agus de na coinníollacha a ghabhann leo agus foilseoidh sé an liosta sin don phobal. |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí. |
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, duine dlítheanach nó duine nádúrtha a ainmniú ina n-ionadaí dlí, a luaithe is féidir i gcás na soláthraithe atá cheana ann, roimh an mbunaíocht i gcás na soláthraithe a bheidh le bunú, i scríbhinn, i gceann de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí. Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal ar ardáin an-mhór ar líne ionadaí dlí a ainmniú ina mBallstát. |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí ionas go ndéanfaidh údaráis an Bhallstáit, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá n-ionadaí dlí chun dul i gcomhar le húdaráis na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus na cinntí sin a chomhlíonadh. |
2. Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha gur lena n-ionadaithe dlí a dhéanfaidh údaráis an Bhallstáit, an Coimisiún agus an Bord teagmháil, mar aon leis an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá n-ionadaí dlíthiúil chun a gcomhar iomchuí agus tráthúil a ráthú le húdaráis na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfar na cinntí sin. |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta. |
4. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe, ar an bhfaisnéis sin a fháil, iarrachtaí réasúnacha chun a bailíocht a mheasúnú. |
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, agus nár éirigh leo seirbhísí ionadaí dlí a fháil tar éis iarracht réasúnach a dhéanamh, beidh siad in ann a iarraidh go ndéanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil sé ar intinn ag an bhfiontar ionadaí dlí a fháil tuilleadh comhair a éascú agus réitigh fhéideartha a mholadh, lena n-áirítear féidearthachtaí maidir le hionadaíocht chomhchoiteann. |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5b. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne a ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 25 ionadaí dlí a ainmniú le bheith faoi cheangal na n-oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo arna iarraidh sin do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na mBallstát ina dtairgeann an soláthraí sin a sheirbhísí. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaintear as a seirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna. Leagfar amach í i dteanga shoiléir agus gan débhrí agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid a bheidh inrochtana go héasca. |
1. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go dtoirmeascfar ina dtéarmaí agus coinníollacha ar fhaighteoirí a seirbhísí inneachar a sholáthar nach gcomhlíonann dlí an Aontais nó dlí an Bhallstáit ina ndéantar an fhaisnéis sin a chur ar fáil. |
|
Áireofar sna téarmaí agus coinníollacha aon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaintear as a seirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna. Leagfar amach í i dteanga atá soiléir, glan, intuigthe agus gan débhrí agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid atá inrochtana go héasca, sna teangacha ina dtairgtear an tseirbhís agus áireofar leis cartlann inchuardaithe de leaganacha roimhe seo le dáta chur i bhfeidhm théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha achoimre bheacht a bheidh inléite go héasca ar na téarmaí agus coinníollacha a sholáthar d’fhaighteoirí seirbhísí, lena n-áireofar faisnéis maidir leis na réitigh atá ar fáil agus na féidearthachtaí i gcás rogha an diúltaithe, i gcás inarb ábhartha. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha is infheidhme maidir le faighteoirí na seirbhíse mar a chumhdaítear sa Chairt iad. |
2. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go ndéanfar aon srianta breise a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhainfear as a seirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a cheapadh agus aird chuí á tabhairt ar na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt iad. |
|
Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na srianta breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann. |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. I gcás ina lamhálann ardáin an-mhór ar líne de réir bhrí Airteagal 25 den Rialachán seo do scaipeadh preasfhoilseachán ar an bpobal de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir (AE) 2019/790, agus seirbhísí meán closamhairc de réir bhrí Airteagal 1(a) de Threoir (AE) 2018/1808, ní dhéanfaidh na hardáin sin inneachar den sórt sin nó an tseirbhís ghaolmhar a bhaint anuas, rochtain air a dhíchumasú, a chur ar fionraí, cuir isteach air ar bhealach eile nó an cuntas gaolmhar a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ar bhonn neamhréireacht líomhnaithe an inneachair sin lena théarmaí agus coinníollacha, murab inneachar neamhdhleathach é. |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 22 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Tá sé de cheart ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gach Ballstáit a iarraidh ar ardáin an-mhór ar líne bearta agus uirlisí modhnóireachta inneachair a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna mar léiriú ar chomhthéacs soch-chultúrtha an Bhallstáit. Féadfar creat don chomhar seo chomh maith le bearta sonracha lena mbaineann a leagan síos sa reachtaíocht náisiúnta agus fógra ina leith a thabhairt don Choimisiún. |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Staonfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ó aon phatrúin dhorcha nó teicnící eile chun glacadh le téarmaí agus coinníollacha a spreagadh, lena n-áirítear toiliú a thabhairt i leith sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta a chomhroinnt. |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2d. Féadfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gach Ballstáit, trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta, iarraidh ar ardán an-mhór ar líne comhoibriú le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit i dtrácht agus cásanna á láimhseáil aige a bhaineann le hinneachar dleathach ar líne a bhaintear anuas go hearráideach. |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 12a |
|
Measúnú Riosca Ginearálta agus Bearta Maolaithe |
|
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ar a laghad uair sa bhliain, an mhí-úsáid fhéideartha nó rioscaí eile a eascraíonn as feidhmiú agus úsáid a gcuid seirbhísí san Aontas a shainaithint, a anailísiú agus a mheasúnú. Bainfidh an measúnú riosca ginearálta sin go sonrach le gach ceann dá seirbhísí agus áireofar leis, ar a laghad, na rioscaí a bhaineann le hinneachar neamhdhleathach a scaipeadh trína seirbhísí agus aon inneachar a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar fhaighteoirí féideartha na seirbhíse. |
|
2. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha iarracht, nuair is féidir, bearta maolaithe réasúnacha, comhréireacha agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir leis an riosca a shainaithneofar i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus lena dtéarmaí agus coinníollacha. |
|
3. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, arna iarraidh sin dóibh, míniú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil, faoin gcaoi ar thug sé faoin measúnú riosca sin agus faoi na bearta maolaithe a rinne sé. |
|
4. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha aon tionchar diúltach iarbhír, féideartha nó intuartha ar chearta bunúsacha, ar chomhionannas inscne, agus ar chosaint mionaoiseach agus daoine faoi mhíchumais a bhreithniú go speisialta agus a gcuid seirbhísí á ndearadh, á bhfeidhmiú agus á n-úsáid acu. |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascálacha soiléire, intuigthe agus mionsonraithe maidir le haon ábhar modhnaithe ar thug siad faoi i rith na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme: |
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, uair sa bhliain ar a laghad, tuarascálacha a bheidh inrochtana go héasca, intuigthe agus mionsonraithe maidir le haon inneachar modhnaithe ar thug siad faoi i rith na tréimhse ábhartha. Beidh na tuarascálacha ar fáil sna cartlanna inchuardaithe. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme: |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an líon orduithe a fhaightear ó údaráis Bhallstáit, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9, agus an meánam a theastaíonn chun an ghníomhaíocht arna sonrú sna horduithe sin a ghlacadh; |
(a) an líon orduithe a fhaightear ó údaráis Bhallstáit, arna gcatagóiriú, i gcás inar féidir, de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9, agus an meánam a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú a chur ar an eolas maidir leis an ordú a fháil agus an t-am a theastaíonn chun an ghníomhaíocht arna sonrú sna horduithe sin a ghlacadh; |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14, arna gcatagóiriú de réir chineál an ábhair neamhdhleathaigh lena mbaineann, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó théarmaí agus ar bhonn choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, agus an meánam a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh; |
(b) an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an líon fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh; |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i ndáil leis na gearáin sin, an meánam a theastaíonn chun na cinntí sin a ghlacadh agus an líon cásanna inar aisiompaíodh na cinntí sin. |
(d) an líon gearán a fuarthas tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17, i gcás inarb inaitheanta, an bunús atá leis na gearáin sin, cinntí arna nglacadh i leith na ngearán sin, an meánam a theastaíonn chun na cinntí sin a ghlacadh agus an líon cásanna inar aisiompaíodh na cinntí sin. |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go mbeidh na céannachtaí, amhail trádmharc/lógó nó saintréithe eile na n-úsáideoirí trádála a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí ar sheirbhísí idirghabhálacha infheicthe go soiléir taobh leis na hearraí nó na seirbhísí a sholáthraítear. |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. I gcás ina gcuirfear ar fáil don phobal iad, ní bheidh faisnéis sna tuarascálacha bliantúla trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí leanúnacha chun inneachar neamhdhleathach nó inneachar atá ina shárú ar théarmaí agus coinníollacha soláthraí óstála a chosc, a bhrath nó a bhaint anuas. |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 13a |
|
Dearadh comhéadain ar líne |
|
1. Staonfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ó chinnteoireacht uathrialaitheach nó saor-rogha an fhaighteora seirbhíse a threascairt nó a urbhearnú trí dhearadh, feidhmiú nó oibriú comhéadan ar líne nó cuid díobh. Go háirithe, staonfaidh soláthraithe ó na nithe seo a leanas a dhéanamh: |
|
(a) dearscnaitheacht ó thaobh feiceálachta de a thabhairt do rogha amháin agus toiliú nó cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir na seirbhíse; |
|
(b) toiliú i leith próiseáil sonraí a iarraidh arís agus arís eile nó iarraidh a dhéanamh ar athrú ar shuíomh nó ar chumraíocht na seirbhíse tar éis d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha a bheith déanta cheana féin; |
|
(c) diúltú don toiliú i leith próiseáil sonraí a dhéanamh níos deacra nó níos fadálaí d’fhaighteoir na seirbhíse ná toiliú a thabhairt; |
|
(d) an méid a bhaineann le seirbhís a chur ar ceal a dhéanamh níos deacra ná clárú don tseirbhís. |
|
2. Aon rogha nó cinneadh a dhéanfaidh faighteoir na seirbhíse agus úsáid á baint aige nó aici as comhéadan ar líne nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1 den Airteagal seo, ní hionann an rogha nó an cinneadh sin agus toiliú de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. |
|
3. Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte le liosta de phatrúin deartha shonracha a cháilíonn mar threascairt nó urbhearnú ar neamhslpeáchas, cinnteoireacht, nó rogha fhaighteoirí na seirbhíse. |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 13b |
|
Comhlíonadh na n-oibleagáidí don mhargadh ar líne |
|
Áiritheoidh an margadh ar líne go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, chun cuspóirí na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach ar bhealach éifeachtach. |
|
Féadfaidh neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán difear a dhéanamh don deis atá ann don mhargadh ar líne leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas mar a leagtar síos in Airteagal 5(1). |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Caibidil III – Roinn 2 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne |
Forálacha breise is infheidhme i leith soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne, agus i leith soláthraithe seirbhísí ardáin beoshruthaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí meandracha a úsáidtear chun críoch eile seachas chun críoch príobháideach nó neamhthráchtála |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun lamháil d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina inneachar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh rochtain éasca ar na sásraí sin, beidh siad furasta a úsáid, agus lamhálfar leo d’fhógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin. |
1. Cuirfidh seirbhísí teachtaireachtaí meandracha a úsáidtear chun críoch eile seachas chun críoch príobháideach nó neamhthráchtála agus soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne, sásraí i bhfeidhm chun lamháil d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise ar a seirbhís a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina inneachar neamhdhleathach, nó inneachar a sháraíonn a dtéarmaí agus coinníollacha. Beidh na sásraí sin so-rochtana, soláimhsithe agus sofheicthe ar an gcomhéadan seirbhíse óstála, soláimhsithe agus suite i ngar don inneachar atá i gceist lena dtabharfar deis fógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin i dteanga an duine aonair nó eintiteas atá i mbun an fógra a thíolacadh. |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh na sásraí dá dtagraítear i mír 1 amhlaidh ionas go n-éascóidh siad fógraí a bhfuil bunús leo atá beacht agus oiriúnach go leordhóthanach a chur isteach, ar an mbonn gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch dícheallach neamhdhleathacht an inneachair atá i gceist a shainaithint. Chuige sin, glacfaidh na soláthraithe na bearta is gá chun cumasú agus éascú a dhéanamh ar chur isteach na bhfógraí ina bhfuil na gnéithe seo uile a leanas: |
2. Beidh na fógraí a chuirfear isteach faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 amhlaidh ionas go ndéanfar éascú ar chur isteach na bhfógraí a bhfuil bunús leo agus atá beacht agus oiriúnach go leordhóthanach, ar an mbonn gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch dícheallach neamhdhleathacht an inneachair atá i gceist a shainaithint. Chuige sin, glacfaidh na soláthraithe na bearta is gá chun cumasú agus éascú a dhéanamh ar chur isteach na bhfógraí ina bhfuil na gnéithe seo uile a leanas: |
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) míniú ar na cúiseanna go measann an duine aonair nó an t-eintiteas gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist; |
(a) míniú atá oiriúnach go leordhóthanach ar na cúiseanna go measann an duine aonair nó an t-eintiteas gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist, nó inneachar a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha na soláthraithe; |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) léiriú soiléir de láthair leictreonach na faisnéise sin, go háirithe an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an inneachair neamhdhleathaigh; |
(b) léiriú soiléir ar láthair leictreonach na faisnéise sin, lena gcumasaítear sainaithint an inneachair neamhdhleathaigh, agus an chúis go bhfuil an t-inneachar, amhail an trádmharc/lógó nó na saintréithe eile, ina sárú ar théarmaí agus coinníollacha na soláthraithe; |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 5 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann as fógraí ina n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2. |
3. Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 5 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann as fógraí ina n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 ar ar a mbonn gur féidir le soláthraí dícheallach eacnamaíoch neamhdhleathacht an inneachair i dtrácht a shainaithint. |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, agus glacfaidh siad lena gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 4. |
6. Déanfaidh seirbhísí teachtaireachtaí meandracha a mbaintear úsáid astu chun críoch eile seachas chun críoch príobháideacha nó neamhthráchtála agus soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne, gan dochar d’Airteagal 5(b), aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, agus déanfaidh siad a gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach mear, neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig ar a mhéad. I gcás ina ndéantar cinntí maidir le rochtain ar inneachar a bhaint anuas nó a dhíghníomhachtú, féadfaidh soláthraithe seirbhísí óstála gach beart is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar an inneachar neamhdhleathach céanna nó ar inneachar coibhéiseach neamhdhleathach teacht ar ais ar a seirbhís. Ní thiocfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm na míre seo agus beidh sé faoi réir athbhreithniú daonna. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 4. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, príomhfhaisnéis faoin nós imeachta a leanadh, an teicneolaíocht ar baineadh úsáid as, na critéir agus an réasúnú is bonn leis an gcinneadh agus an réasúnaíocht is bonn le haon chinnteoireacht uathoibrithe. |
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 5 ón bhfógra a fháil ar a dhéanaí, tomhaltóirí a bhfuil táirgí neamhdhleathacha ceannaithe acu a chur ar an eolas ón nóiméad a uaslódáladh na táirgí ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí go dtí an nóiméad a mbainfidh an t-ardán an liostú anuas, tar éis fógra bailí. Ní leanfaidh aon oibleagáid nua próifílithe, rianaithe nó sainaitheantais de chuid soláthraithe as na bearta sin. |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 6 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6b. I gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhísí óstála, seirbhís ardáin beoshruthaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí meandracha a úsáidtear chun críoch eile seachas chun críoch príobháideach nó neamhthráchtála tar éis rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhaint anuas, a dhíchur, nó a dhíghníomhachtú de thoradh fógra agus nós imeachta éilimh bailí nach raibh achomharc rathúil mar thoradh air, féadfaidh siad gach beart réasúnach comhréireach a dhéanamh chun an t-inneachar neamhdhleathach nó aon inneachar comhionann a chosc, a dhíghníomhachtú nó a bhaint anuas go buan. |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6c. Féadfar baint anuas, díchur nó díghníomhachtú rochtana mar a shainmhínítear i mír 6 a neamhniú leis na bearta seo a leanas: achomharc rathúil, nó rialú breithiúnach arna dhéanamh ag cúirt a bhfuil dlínse aici i mBallstát, sa Chúirt Ghinearálta nó i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6d. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i leith inneachar eagarthóireachta arna sholáthar ag trádálaí a ghlacann freagracht eagarthóireachta as an inneachar sin agus a chomhlíonann rialacha atá i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus leis an dlí náisiúnta. |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 19 |
Airteagal 14a |
Comharthóirí iontaofa |
Comharthóirí iontaofa |
1. Déanfaidh ardáin ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith mar thosaíocht agus gan mhoill. |
1. Déanfaidh ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhísí óstála na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, a phróiseáil láithreach agus go ndéanfar cinneadh ina leith láithreach, gan dochar do chur chun feidhme sásra gearáin agus sásaimh. |
2. Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na gcomharthóirí iontaofa faoin Rialachán seo, ar iarratas ó eintitis ar bith, i gcás inar léirigh an t-iarratasóir go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: |
2. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas comharthóirí iontaofa, faoin Rialachán seo, a bhronnadh, ar iarratas ó aon eintitis, i gcás inar léirigh an t-iarratasóir go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas uile, gan dochar do chur chun feidhme sásra gearáin agus sásaimh: |
(a) tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críoch inneachair neamhdhleathaigh a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith; |
(a) tá saineolas agus inniúlacht ar leith aige a d’ fhéadfaí a fheidhmiú i mBallstát amháin nó níos mó chun inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith, mar aon le cúbláil agus dúshaothrú na seirbhíse d’aon ghnó de réir bhrí Airteagal 26(1)(c); |
(b) léiríonn sé leasa comhchoiteann agus tá sé neamhspleách ar aon ardán ar líne; |
(b) léiríonn sé leasanna comhchoiteanna agus mar shealbhóir cirt aonair tá sé neamhspleách ar aon ardán ar líne, ar fhorfheidhmiú an dlí, nó ar rialtas nó eintiteas tráchtála ábhartha eile; |
(c) tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. |
(c) tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críoch fógraí a chur isteach ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus tá sé neamhspleách; |
|
(ca) foilsíonn sé tuarascálacha mionsonraithe atá soiléir agus intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar aon fhógra a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil fógraí arna gcatagóiriú de réir chéannacht an tsoláthraí seirbhísí óstála, de réir chineál an inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus lena ndéantar sárú ar na téarmaí agus coinníollacha lena mbaineann, agus cén beart a rinne an soláthraí. Ina theannta sin, sainaithneofar sna tuarascálacha an ghaolmhaireacht atá idir an comharthóir iontaofa agus aon ardán ar líne, aon fhorfheidhmiú an dlí, nó aon rialtas nó aon eintiteas tráchtála ábhartha eile, agus míneofar iontu na bealaí trína gcoinníonn an comharthaí iontaofa a neamhspleáchas. |
|
2a. Faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, lamhálfar d’fógraí ó chomharthóirí iontaofa a bheith leordhóthanach chun an t-inneachar a dtugann siad fógra ina leith a bhaint anuas nó a dhíchumasú láithreach. |
3. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar a bhronn siad stádas mar chomharthóir iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord. |
3. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar a bhronn siad stádas mar chomharthóir iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Áireofar sa chumarsáid sin an raon feidhme geografach ar laistigh di a sainaithníodh inniúlacht an chomharthóra iontaofa bunaithe ar fhormheas Comhordaitheora Seirbhísí Digiteacha ar leith agus ar fhaisnéis maidir le saineolas agus inniúlacht arna ndearbhú ag an gcomharthóir iontaofa. |
|
3a. Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eintitis ar ar bronnadh stádas mar chomharthóirí iontaofa i mBallstát eile mar chomharthóir iontaofa ar a gcríoch féin. Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Bord stádas comharhthóra iontaofa Eorpaigh a bhronnadh ar chomharthóirí iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 48(2). Coimeádfaidh an Coimisiún clár de na comharthóirí iontaofa Eorpacha. |
4. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta. |
4. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta. |
5. I gcás ina bhfuil faisnéis ag ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i dtaca le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, agus na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá á gcur ar fáil aige. |
5. I gcás ina bhfuil faisnéis ag ardán ar líne nó ag soláthraí seirbhísí óstála a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí isteach nach bhfuil sách beacht ná leorbhunaithe, nó fógraí míchearta, nó fógraí lena sáraítear cearta bunúsacha na bhfaighteoirí, nó atá dírithe ar iomaíocht a shaobhadh, trí bhíthin na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i dtaca le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas comharthóra iontaofa sin ar an eintiteas lena mbaineann, agus na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta riachtanacha á gcur ar fáil aige. |
6. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir ardán ar líne ar fáil de bhun mír 5, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm |
6. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir ardán ar líne nó soláthraí seirbhísí óstála ar fáil de bhun mír 5, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freisin aon fhianaise a chur san áireamh ar dá réir go ndéanfadh an t-eintiteas úsáid a bhaint as a stádas chun iomaíocht a shaobhadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm |
7. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoraíocht a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’ardáin ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhír 5 agus 6. |
7. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoraíocht a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’ardáin ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 4a, 6 agus 7. |
(Tá Airteagal 19 i ndiaidh Airteagal 14 agus é leasaithe.)
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála rochtain ar mhíreanna faisnéise sonracha arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú, d’ainneoin na bealaí a úsáideadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhrath, a shainaithint nó a bhaint anuas nó a dhíchumasú agus an chúis lena chinneadh, cuirfidh sé an faighteoir ar an eolas, ar a dhéanaí tráth a bhaintear nó a dhíchumasaítear an rochtain, maidir lena chinneadh agus tabharfaidh sé ráiteas cúiseanna a bheidh soiléir agus sonrach leis an gcinneadh sin. |
1. I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála rochtain ar mhíreanna faisnéise sonracha arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse a bhaint anuas, a dhíchumasú nó seachas sin srian a chur leis an infheictheacht ar na míreanna faisnéise sin, gan beann ar na bealaí a úsáideadh chun an rochtain ar an bhfaisnéis sin a bhrath, a shainaithint, a bhaint anuas nó a dhíchumasú nó an infheictheacht ar an bhfaisnéis sin a laghdú agus ar an gcúis lena chinneadh, cuirfidh sé an faighteoir ar an eolas, tráth a bhaintear anuas nó a dhíchumasaítear an rochtain nó a dhéantar an infheictheacht a shrianadh, faoina chinneadh agus tabharfaidh sé ráiteas soiléir agus sonrach ar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. I gcás ina ndéantar míreanna sonracha faisnéise a tharchur tar éis an rochtain ar na míreanna sonracha sin a bhaint anuas nó a dhíchumasú i gcomhréir le hAirteagal 15a, féadfar an ceanglas chun an faighteoir a chur ar an eolas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur ar arthló ar feadh tréimhse 6 seachtaine chun nach gcuirfear isteach ar imscrúduithe coiriúla leanúnacha féideartha. Ní fhéadfar an tréimhse 6 seachtaine sin a athnuachan ach amháin tar éis cinneadh réasúnaithe ón údarás inniúil a ndearnadh na míreanna sonracha faisnéise a tharchur chuige. |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cibé acu an mbaineann an cinneadh le baint anus, nó díchumasú rochtana ar an bhfaisnéis agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach dhíchumasú na rochtana; |
(a) cibé acu a bhaineann an cinneadh leis an bhfaisnéis a bhaint anuas, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú, le srian a chur ar infheictheacht na faisnéise agus, i gcás inarb ábhartha, le raon feidhme críochach dhíchumasú na rochtana nó an tsriain ar infheictheacht na faisnéise; |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí óstála na cinntí agus na ráitis chúiseanna, dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí agus a bhainisteoidh an Coimisiún. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin. |
4. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí óstála na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna, dá dtagraítear i mír 1 i mbunachar sonraí a bheidh faoi bhainistiú an Choimisiúin agus a bheidh inrocthana do na húdaráis náisiúnta agus Eorpacha. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin. |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4 i leith soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag na míreanna sin i leith fiontair a cháiligh roimhe sin do stádas micrifhiontair nó fiontair bhig de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh. |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15a |
|
Inneachar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú, agus tarchur sainráite míreanna sonracha faisnéise |
|
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála an t-inneachar neamhdhleathach a baineadh anuas nó ar díchumasaíodh an rochtain air mar thoradh ar mhodhnóireacht inneachair, nó mar thoradh ar ordú gníomhú in aghaidh míre sonraí ina bhfuil inneachar neamhdhleathach amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, mar aon le haon sonraí gaolmhara a baineadh anuas ag éirí as an inneachar neamhdhleathach sin a bhaint anuas, a mbeidh gá leis sna cásanna seo a leanas: |
|
(a) athbhreithniú riaracháin nó breithiúnach nó réiteach díospóide lasmuigh den chúirt in aghaidh cinnidh an rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhaint anuas nó a dhíchumasú agus an dáta gaolmhar; nó |
|
(b) chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. |
|
2. Ciallaíonn inneachar neamhdhleathach dá dtagraítear san Airteagal seo, inneachar a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine agus pornagrafaíocht leanaí, chomh maith le hinneachar lena ndéantar gríosú go poiblí chun foréigin atá dírithe i gcoinne grúpa daoine nó ball de ghrúpa den sórt sin a shainítear trí thagairt do chine, dath, reiligiún, sliocht nó bunadh náisiúnta nó eitneach i gcomhréir le Cinneadh Réime 2008/913/CGB1a ón gComhairle agus Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b. |
|
3. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála an t-inneachar neamhdhleathach agus na sonraí gaolmhara de bhun mhír 1 a stóráil go ceann 6 mhí ó dháta a bhainte anuas nó na rochtana air a dhíchumasú. Ní dhéanfar an t-inneachar neamhdhleathach a stóráil, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don chúirt, ar feadh tréimhse shonraithe ach amháin i gcás inar gá sin agus chomh fada is gá le haghaidh athbhreithniú riaracháin nó athbhreithniú bhreithiúnach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. |
|
4. Áiritheoidh na soláthraithe seirbhísí óstála go bhfuil an t-inneachar neamhdhleathach agus na sonraí gaolmhara arna stóráil de bhun mhír 1 faoi réir coimircí teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí. Leis na coimircí teicniúla agus eagraíochtúla sin, áiritheofar nach ndéanfar an t-inneachar neamhdhleathach ná na sonraí gaolmhara lena mbaineann atá á stóráil a rochtain ná a phróiseáil ach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus áiritheofar ardleibhéal slándála i dtaca leis na sonraí pearsanta lena mbaineann. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála athbhreithniú agus nuashonrú ar na coimircí sin i gcás inar gá. |
|
5. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála an t-inneachar neamhdhleathach a baineadh anuas nó ar díchumasaíodh an rochtain air a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát, bíodh an bhaint anuas nó an díchumasú ar an rochtain mar thoradh ar mhodhnóireacht inneachair dheonach nó mar thoradh ar úsáid an tsásra fógra agus gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14. Déanfaidh siad an t-inneachar neamhdhleathach sin a tharchur faoi na coinníollacha seo a leanas: |
|
(a) an t-inneachar neamhdhleathach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo; agus |
|
(b) is é údarás an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an duine a chuir an t-inneachar neamhdhleathach ar fáil nó ina bhfuil sé bunaithe an t-údarás forfheidhmithe dlí inniúil chun inneachar neamhdhleathach den sórt sin a fháil, nó, seachas sin, is é údarás an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí na seirbhísí óstála bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil an t-udarás forfheidhmithe dlí nó, seachas sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí óstála Europol a chur ar an eolas; |
|
(c) sa chás gur ardán an-mhór ar líne atá sa soláthraí seirbhísí óstála i gcomhréir le Roinn 4 de Chaibidil III, cuirfidh sé comhartha leis an inneachar neamhdhleathach agus é á tharchur, lena léirítear go bhfuil bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine san inneachar neamhdhleathach. |
|
6. Cuirfidh gach Ballstát liosta dá údarás forfheidhmithe dlí inniúil in iúl don Choimisiún chun críocha mhír 5. |
|
_______________ |
|
1a Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 55). |
|
1b Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghabhann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1). |
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15b |
|
Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla tromchúiseacha |
|
1. I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí óstála faoi deara gur ann d’aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion tromchúiseach coiriúil lenar bhain bagairt do shaol nó do shábháilteacht daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile. |
|
2. I gcás nach féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil ar an eolas nó cuirfidh sé Europol ar an eolas. |
|
3. Ní bhainfear úsáid as faisnéis a fhaigheann údarás forfheidhmithe dlí nó údarás breithiúnach Ballstáit i gcomhréir le mír 1 chun aon chríche eile seachas na críocha sin a bhaineann go díreach leis an gcion coiriúil tromchúiseach aonair ar tugadh fógra ina leith. |
|
4. Chun críche an Airteagail seo, is éard a bheidh sa Bhallstát lena mbaineann ná an Ballstát a bhfuil amhras gur tharla an cion coiriúil tromchúiseach ann, ina bhfuil an cion ag tarlú agus gur dóchúil gur ann a tharlóidh an cion, nó an Ballstát ina bhfuil an duine atá faoi amhras ina chónaí nó lonnaithe, nó an Ballstát ina bhfuil íospartach an chiona amhrasta ina chónaí nó lonnaithe. |
|
5. Chun críche an Airteagail seo, cuirfidh gach Ballstát liosta dá údaráis forfheidhmithe dlí inniúla nó dá údaráis bhreithiúnacha inniúla in iúl don Choimisiúin. |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15c |
|
Prionsabail le haghaidh bainistiú inneachair |
|
1. Déanfar bainistiú inneachair a chur i gcrích ar shlí chothrom, dhleathach agus thrédhearcach. Beidh cleachtais bainistithe inneachair iomchuí, comhréireach le cineál agus méid an inneachair, ábhartha agus teorannaithe dá bhfuil riachtanach i ndáil leis na cuspóirí dá bhfuil an t-inneachar á bhainistiú. Beidh ardáin óstála inneachair cuntasach as a áirithiú go mbeidh a gcleachtais bainistithe inneachair cothrom, trédhearcach agus comhréireach. |
|
2. Ní bheidh úsáideoirí faoi réir cleachtais idirdhealaitheacha, dúshaothraithe nó eisiaimh chun críoch modhnóireachta inneachair ag na hardáin óstála inneachair, amhail inneachar arna ghiniúint ag úsáideoir a dhíchur bunaithe ar dhreach, bunadh eitneach, inscne, gnéaschlaonadh, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois, ar dhuine a bheith torrach nó ag tógáil clainne, ar theanga nó ar aicme shóisialta. |
|
3. Déanfaidh ardáin óstála inneachair faisnéis leordhóthanach a sholáthar do na húsáideoirí maidir lena bpróifílí coiméadachta inneachair agus maidir leis na critéir aonair ar dá réir a dhéanann ardáin óstála inneachair coimeádacht ar inneachar dóibh, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh cibé an úsáidtear nó nach n-úsáidtear algartaim agus na cuspóirí atá leo. |
|
4. Déanfaidh ardáin óstála inneachair leibhéal iomchuí tionchair ar choimeádacht inneachair is infheicthe do na húsáideoirí a sholáthar dóibh, lena n-áirítear an rogha díliostáil ón gcoimeádacht inneachair ar fad. Go háirithe, ní dhéanfar úsáideoirí a chur faoi réir coimeádacht inneachair gan réamhthoiliú sonrach, feasach agus neamh-dhébhríoch agus atá tugtha faoi shaoirse a fháil uathu. |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE. |
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ná maidir le hardáin ar líne nach gcáilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga a thuilleadh, agus nach bhfuil faoi úinéireacht eintiteas a bhfuil a mbunaíocht lonnaithe lasmuigh den Aontas. |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Soláthróidh ardáin ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, an rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach um láimhseáil gearán, faoina gcumasaítear na gearáin a sheoladh isteach go leictreonach agus saor in aisce, in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac an t-ardán ar líne ar an bhforas gur dóchúil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí ina inneachar neamhdhleathach nó nach bhfuil sé comhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha: |
1. Soláthróidh ardáin ar líne rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach láimhseála gearán d’fhaighteoirí na seirbhíse agus do dhaoine aonair nó eintitis a chuir fógra isteach, ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, faoina gcumasaítear na gearáin a sheoladh isteach go leictreonach agus saor in aisce, ar gearáin iad a dhéantar in aghaidh an chinnidh a ghlac an t-ardán ar líne gan gníomhú i ndiaidh dó fógra a fháil, agus in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac an t-ardán ar líne ar an bhforas gur inneachar neamhdhleathach a bhí san fhaisnéis a sholáthair na faighteoirí, nó nach bhfuil sí comhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha: |
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cinntí chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint anuas nó a dhíchumasú; |
(a) cinntí i dtaobh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint anuas nó gan í a bhaint anuas, an deis atá ann an fhaisnéis a cheannach nó a fháil ar cíos a fhionraí, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú nó srian a chur le hinfheictheacht na faisnéise; |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal17 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) cinntí chun soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí; |
(b) cinntí i dtaobh sholáthar na seirbhíse a fhionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí; |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) cinntí chun cuntas faighteoirí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. |
(c) cinntí i dtaobh cuntas faighteoirí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh. |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) cinntí i dtaobh srian a chur nó gan srian a chur ar an gcumas luach airgid a chur ar inneachar a sholáthair na faighteoirí. |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cb) cinntí na margaí ar líne i dtaobh soláthairtí a gcuid seirbhísí do thrádálaithe a chur ar fionraí; |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe c c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cc) cinntí lena ndéantar difear díobhálach do rochtain an fhaighteora ar ghnéithe suntasacha sheirbhísí rialta an ardáin; |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe c d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cd) cinntí gan gníomhú ar fhógra a fháil; |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 – pointe c e (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ce) cinntí i dtaobh lipéid bhreise nó faisnéis bhreise a chur i bhfeidhm ar an inneachar a sholáthraíonn na faighteoirí nó gan iad a chur i bhfeidhm. |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. I gcás ina leanann tarchur na faisnéise seo i gcomhréir le hAirteagal 15a, cinneadh an rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint anuas nó a dhíchumasú, measfar go dtosóidh an tréimhse 6 mhí ar a laghad dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar an lá a cuireadh an faighteoir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 15(2). |
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Láimhseálfaidh na hardáin ar líne gearáin trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán, agus déanfaidh siad é sin ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh an t-ardán ar líne nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann a thugann le fios nach gá an tseirbhís nó an cuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, aisiompóidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí. |
3. Déanfaidh na hardáin ar líne gearáin a dhéanfar trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán a láimhseáil ar bhealach tráthúil, dícheallach agus neamhthreallach agus gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh an t-ardán ar líne nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann lena dtugtar le fios nach gá an tseirbhís nó an cuntas a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, aisiompóidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí. |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh na hardáin ar líne gearánaithe ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh a ghlac siad i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus cuirfidh siad gearánaithe ar an eolas faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóide lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus aon fhéidearthachtaí sásaimh eile atá ar fáil. |
4. Cuirfidh na hardáin ar líne gearánaithe ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh a ghlac siad i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus cuirfidh siad gearánaithe agus an duine aonair nó na comhlachtaí a thíolaic an tarchur atá nasctha le hiarraidh an ghearánaí ar an eolas faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóide lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus faoi aon fhéidearthachtaí sásaimh eile atá ar fáil. Áireofar an méid seo a leanas freisin sa chinneadh a luaitear sa mhír seo: |
|
– |