MOLADH DON DARA LÉAMH maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar áirithe a úsáid
18.1.2022 - (10542/1/2021 – C9‑0423/2021 – 2017/0114(COD)) - ***II
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Giuseppe Ferrandino
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar áirithe a úsáid
(10542/1/2021 – C9‑0423/2021 – 2017/0114(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (10542/1/2021 – C9‑0423/2021),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2017[1],
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Feabhra 2018[2],
– ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2021)0693),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[3] ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0275),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0006/2022),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÉASÚNÚ GEARR
Cúlra agus caibidlíocht idirinstitiúideach
Ba é a bhí mar aidhm leis an Treoir ‘Eoraifínéid’bhunaidh (Treoir 1999/62/CE maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair áirithe a úsáid, arna leasú in 2011) ná deireadh a chur le saobhadh iomaíochta idir tarlóirí bóthair ar mhaithe lena áirithiú gur fheidhmigh an margadh inmheánach go cuí agus go raibh feidhm ag prionsabal na saorghluaiseachta earraí. Mar sin féin, ní chuirtear i gcuntas go leordhóthanach sa Treoir atá ann faoi láthair seachtrachtaí diúltacha an iompair de bhóthar, amhail truailliú aeir, torann agus brú tráchta. Inniu, ní chumhdaítear ach thart ar 25 % den ghréasán bóithre tras-Eorpach ina iomláine le muirir acharbhunaithe ar fheithiclí tromshaothair.
An 31 Bealtaine 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra chun an Treoir ‘Eoraifínéad’ a leasú agus chun neartú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal ‘íoc mar a úsáidtear’ agus ‘íoc mar a thruaillítear’.
An 24 Bealtaine 2018, ghlac Coiste TRAN a thuarascáil le 35 vóta i bhfábhar, 2 i gcoinne agus 3 staonadh. Glacadh an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh sa suí iomlánach an 25 Deireadh Fómhair 2018 le 398 vóta i bhfábhar, 179 i gcoinne agus 32 staonadh. Ina seasamh, rinne Parlaimint na hEorpa cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ a neartú tuilleadh. Ag tús an téarma pharlaimintigh nua an 24 Meán Fómhair 2019, ghlac Coiste TRAN cinneadh chun tús a chur le caibidlíocht idirinstitiúideach ar bhonn na tuarascála ar an gcéad léamh le 39 vóta i bhfábhar agus 8 i gcoinne.
Ar thaobh na Comhairle, ghlac sí a cur chuige ginearálta maidir leis an gcaibidlíocht an 18 Nollaig 2020.
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach an 29 Eanáir 2021 agus tugadh i gcrích go rathúil í an 15 Meitheamh 2021, le linn Uachtaránacht na Portaingéile, tar éis trí chruinniú thríthaobhacha.
An 30 Meitheamh 2021, d’fhormhuinigh Coreper an comhaontú sealadach agus an 12 Iúil 2021, dhearbhaigh Coiste TRAN é le 28 vóta i bhfabhar agus 21 vóta ina choinne.
Tar éis fíorú dlítheangeolaíoch, ghlac an Chomhairle a céad seasamh ar an gcéad léamh go foirmiúil an 9 Samhain i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach. Iarrtar anois ar Pharlaimint na hEorpa dul ar aghaidh leis an dara léamh agus glacadh leis an seasamh ón gComhairle chun an comhaontú a dhearbhú.
Príomhghnéithe an chomhaontaithe
Leis an gcomhaontú ar thángthas air, cuirtear feabhas suntasach ar fhorálacha na Treorach atá ann cheana maidir le
roinnt saincheisteanna amhail:
Deireadh a chur de réir a chéile le fínéid (‘muirir ambhunaithe’) i gcás trucailí atá ar an gcroíghréasán Tras-Eorpach agus aistriú chuig muirearú acharbhunaithe, le roinnt díolúintí tiomnaithe agus an fhéidearthacht córas comhcheangailte a bheith ann. Áirítear an méid sin chun na prionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ agus ‘íoc mar a úsáidtear’ a chumhdach agus b’in pointe a bhí thar a bheith tábhachtach do Pharlaimint na hEorpa sa chaibidlíocht;
‘Glasú’ maidir le muirearú bóthair ar thrucailí agus ar fheithiclí tráchtála éadroma tríd an oibleagáid a thabhairt isteach i leith muirir bhóthair a éagsúlú ar bhonn astaíochtaí CO2 agus/nó fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle, mar aon le muirearú éigeantach ar chostais sheachtracha ar thrucailí chun costas seachtrach truaillithe aeir a chumhdach. Dreasacht mhór a bheidh sa mhéid sin chun trucailí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a ghlacadh agus chun an flít a athnuachan;
Aghaidh a thabhairt ar phlódú tríd an bhféidearthacht a thabhairt isteach muirear brú tráchta a ghearradh ar gach feithicil;
Uasteorainneacha a thabhairt isteach ar phraghsanna le haghaidh fínéid ghearrthéarmacha i gcás gluaisteáin paisinéirí, lena n-áirítear an oibleagáid fínéad lae a thairiscint do thaistealaithe idirthurais. Tá tábhacht leis sin do go leor taistealaithe, mar shampla nuair a thrasnaíonn siad roinnt tíortha chun a gceann scríbe saoire a bhaint amach;
An t-ioncam ó na muirir brú tráchta a bheidh le caitheamh ar iompar inbhuanaithe a chur in áirithe ar bhonn éigeantach. Gné an-tábhachtach é sin a bhí thar a bheith deacair a bhaint amach sa chaibidlíocht ós rud é gur minic leis na Ballstáit diúltú do choincheap an chur in áirithe éigeantaigh;
Leathnú substaintiúil ar an raon feidhme. Cé go mbaineann na rialacha atá ann faoi láthair go heisiach nach mór le trucailí atá os cionn 12 thonna, cumhdaítear trucailí, busanna agus feithiclí tráchtála éadroma uile sa chomhaontú. Ciallaítear leis sin, má chinneann na Ballstáit muirir bhóthair a chur i bhfeidhm ar na feithiclí sin, ní foláir do na muirir sin a bheith neamh-idirdhealaitheach, glas agus cothrom. Tugadh isteach roinnt clásail athbhreithnithe freisin chun an Coimisiún a spreagadh céimeanna breise a ghlacadh amach anseo maidir le feithiclí tráchtála éadroma agus gluaisteáin paisinéirí;
Clásal athbhreithnithe agus éagtha a thabhairt isteach, i gcás ina n-áireofar iompar de bhóthar i sásra praghsála carbóin amach anseo, chun muirearú dúbailte a sheachaint.
Céim mhór chun tosaigh ionsar chóras muirearaithe bóithre níos comhchuibhithe in AE. Tá an staid thar a bheith éagsúil faoi láthair sna Ballstáit ina bhfuil go leor íogaireachtaí polaitiúla. Cé go gceadaítear solúbthacht agus idirthréimhsí áirithe, tá treoir an chomhaontaithe thar a bheith soiléir, eadhon athrú ó 27 gcóras aonair i dtreo rialacha comhchoiteanna a bhfuil feidhm i leith cách acu, rud atá i gcomhréir ar bhonn níos fearr leis an margadh inmheánach don iompar de bhóthar atá i bhfeidhm.
Moladh
Ós rud é go bhfuil an seasamh ón gComhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach a tugadh chun críche le linn na
caibidlíochta idirinstitiúidí, molann an Rapóirtéir é a fhormheas gan leasuithe.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Title |
Muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma |
|||
References |
10542/1/2021 – C9-0423/2021 – 2017/0114(COD) |
|||
Dáta don chéad léamh ag an bParlaimint – P-uimhir |
25.10.2018 T8-0423/2018 |
|||
Dréachtghníomh arna bhreithniú ar an gcéad léamh |
COM(2017)0275 - C8-0171/2017 |
|||
Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh |
25.11.2021 |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 25.11.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Giuseppe Ferrandino 26.9.2019 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
2.12.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
13.1.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
30 16 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Lars Patrick Berg, Izaskun Bilbao Barandica, Paolo Borchia, Karolin Braunsberger-Reinhold, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Henna Virkkunen, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Clare Daly, Maria Grapini, Roman Haider, Kathleen Van Brempt |
|||
Dáta don chur síos |
18.1.2022 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
30 |
+ |
ECR |
Lars Patrick Berg, Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
ID |
Paolo Borchia, Marco Campomenosi |
NI |
Mario Furore |
PPE |
Karolin Braunsberger-Reinhold, Jens Gieseke, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Elissavet Vozemberg-Vrionidi |
Renew |
José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet |
S&D |
Andris Ameriks, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Kathleen Van Brempt, Petar Vitanov |
The Left |
Elena Kountoura |
16 |
- |
ECR |
Peter Lundgren |
ID |
Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Gheorghe Falcă, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Barbara Thaler, Lucia Vuolo |
Verts/ALE |
Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz |
3 |
0 |
PPE |
Henna Virkkunen |
The Left |
Clare Daly, Kateřina Konečná |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 81, 2.3.2018, lch. 188.
- [2] IO C 176, 23.5.2018, lch. 66.
- [3] Téacsanna arna nglacadh an 25.10.2018, P8_TA(2018)0423.