Tuarascáil - A9-0010/2022Tuarascáil
A9-0010/2022

TUARASCÁIL ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn

8.2.2022 - (2021/2101(INI))

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Cristina Maestre Martín De Almagro

Nós Imeachta : 2021/2101(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0010/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0010/2022
Téacsanna arna nglacadh :


PR_INI

CLÁR

Leathanach

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH



 

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn

(2021/2101(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí[1] (Rialachán na bhForálacha Coiteanna), agus go háirithe a chéad chuspóir beartais mar a leagtar amach in Airteagal 5,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe[2],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 1296/2013[4],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus chun téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU)[5],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir[6],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017[7],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach (an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach)[8], atá dírithe ar thacú leis an gclaochlú digiteach in AE,

 ag féachaint d’ionstraim téarnaimh an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal‘Shaping Europe’s digital future’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach] (COM(2021)0118),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘An SME Strategy for a sustainable and digital Europe’ [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] (COM(2020)0103),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience’ [Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (COM(2020)0274),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 – Athshocrú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint don ré dhigiteach’ (COM(2020)0624),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 maidir le fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040 (COM(2021)0345),

 ag féachaint do thuarascálacha an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, 2020, ón gCoimisiún,

 ag féachaint do staidéar an 15 Meitheamh 2018 óna Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Comhtháthaithe dar teideal ‘Digital Agenda and Cohesion Policy’ [Clár Oibre Digiteach agus Beartas Comhtháthaithe],

 ag féachaint do Dhearbhú Gealltanais an 9 Aibreán 2019 maidir le Mná sa Ré Dhigiteach arna shíniú ag Airí AE agus ionadaithe na mBallstát móide an Iorua agus RA,

 ag féachaint do Dhearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe, an 8 Nollaig 2020,

 ag féachaint don tuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne an 16 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Gender Equality Index 2020: Digitalisation and the future of work’ [Innéacs Comhionannais Inscne 2020: Digitiú agus todhchaí na hoibre],

 ag féachaint don mholadh ó Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Nascacht Leathanbhanda arna leasú an 24 Feabhra 2021,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 2 Deireadh Fómhair 2020, maidir le COVID-19, maidir leis an margadh aonair, maidir leis an mbeartas tionsclaíoch agus digiteach, agus maidir leis an gcaidreamh seachtrach, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gclaochlú digiteach,

 ag féachaint do dhréacht-chonclúidí ón gComhairle an 11 Nollaig 2020 maidir leis an digitiú ar mhaithe leis an gcomhshaol,

 ag féachaint do dhréacht-chonclúidí ón gComhairle an 7 Aibreán 2021 maidir leis an teilea-obair i gcomhthéacs na cianoibre,

 ag féachaint do chomhphlean Chathair na Bruiséile maidir leis an teilea-obair agus maidir leis an aeráid,

 ag féachaint do staidéar an 30 Aibreán 2021 óna Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha dar teideal ‘The impact of teleworking and digital work on workers and society: Special focus on surveillance and monitoring, as well as on mental health of workers’ [Tionchar na teilea-oibre agus na hoibre digití ar oibrithe agus ar an tsochaí: Béim ar leith ar fhaireachas agus ar fhaireachán, agus freisin ar mheabhairshláinte na n-oibrithe],

 ag féachaint don tionscnamh ón gCoimisiún i dtaca le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Sráidbhailte Cliste,

 ag féachaint do staidéar an 30 Meán Fómhair 2020 óna Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Comhtháthaithe dar teideal ‘EU Lagging Regions: state of play and future challenges’ [Réigiúin AE atá tite ar gcúl: staid reatha agus dúshláin amach anseo’,

 ag féachaint do Dhearbhú Chorcaí 2.0 an 5 agus an 6 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘A Better Life in Rural Areas’ [Saol Níos Fearr i gCeantair Thuaithe],

 ag féachaint do staidéar comhpháirteach Choiste na Réigiún agus an Choimisiúin an 18 Eanáir 2018 dar teideal ‘Innovation camp methodology handbook: realising the potential of the entrepreneurial discovery process for territorial innovation and development’ [Lámhleabhar modheolaíochta campa nuálaíochta: acmhainneacht an phróisis fionnachtana fiontraíochta a bhaint amach le haghaidh nuálaíochta críche agus forbartha][9],

 ag féachaint do bheartas forbartha tuaithe na hÉireann do 2021-2025 dar teideal ‘Our Rural Future’ [A bhfuil i ndán don tuath] agus don bhéim a leagtar ann ar an teilea-obair i gceantair thuaithe,

 ag féachaint don tuarascáil ón bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú an 28 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Living, working and COVID-19’ [Maireachtáil, obair agus COVID-19],

 ag féachaint don staidéar a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Lúnasa 2019 dar teideal ‘The changing nature of work and skills in the digital age’ [Cineál athraitheach na hoibre agus scileanna sa ré dhigiteach][10],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún i mí na Nollag 2011 dar teideal ‘The Geography of EU Discontent’ [Leagan amach tíreolaíoch Mhíshástacht AE][11],

 ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú: deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh agus feabhas a chur ar úsáid IS do thomhaltóirí Eorpacha[12],

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[13],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide[14],

 ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin AE ina n-úsáidtear ionstraimí an bheartais comhtháthaithe[15],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0010/2022),

A. de bhrí gurb é uaillmhian AE beartais dhigiteacha a shaothrú lena gcumhachtaítear na daoine agus na gnólachtaí uile chun todhchaí dhigiteach inbhuanaithe agus rathúil i ngach réigiún a bhaint amach;

B. de bhrí nach mór don chlaochlú digiteach a bheith cothrom agus cuimsitheach, deiseanna a chruthú agus comhionannas, cáilíocht saoil, iomaíochas réigiúnach agus nuachóiriú an gheilleagair a chur chun cinn trína bhíthin;

C. de bhrí nach mór an t-aistriú digiteach a bheith fite fuaite leis an aistriú glas leanúnach (dá ngairtear an dá aistriú i dteannta a chéile); de bhrí nach ceart neamhaird a thabhairt ar an ngné shóisialta de sin;

D. de bhrí go bhfuil sé i gceist le geilleagar nua-aimseartha samhlacha nua gnó a thabhairt isteach i gcomhréir le treochtaí arb ionann iad agus an Ceathrú Réabhlóid Thionsclaíoch, a fhreagróidh do na dúshláin nua-aimseartha a ghabhann leis an gclaochlú digiteach agus an claochlú glas;

E. de bhrí gurb iondúil gur sna réigiúin Eorpacha sin ina bhfuil an gá is mó le haistriú inbhuanaithe a bhíonn na leibhéil is airde bhochtaineachta agus eisiata; de bhrí go bhfuil gá le bearta cinntitheacha agus le hinfheistíocht chun téarnamh mear a bhaint amach, ar cheart go ndíreofaí leo ar éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime a mhaolú, ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, ar an bhfhorbairt inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach a chothú agus ar phrionsabail beartais Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, d’fhonn feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa;

F. de bhrí go bhfuil an creat airgeadais ilbhliantúil nua, in éineacht le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, ar an bpacáiste spreagtha is mó riamh in AE agus go gcuideoidh sé le hAontas níos glaise, níos digití agus níos athléimní a atógáil sa ré iar-COVID-19; de bhrí, ag an am céanna, gur deis gan fasach é an beartas comhtháthaithe nua do na Ballstáit dlús a chur leis an digitiú mar go gceanglaíonn sé orthu íosmhéid a leithdháileadh don aistriú digiteach agus a áirithiú go bhfuil coinníollacha áirithe i bhfeidhm, mar a leagtar amach i gcreat infheistíochta an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse 2021‑2027, chun cistiú den sórt sin a fháil;

G. de bhrí go bhfuil deighilt dhigiteach fós ann in AE maidir le tíreolaíocht, aois, inscne, leibhéal oideachais, stádas socheacnamaíoch agus ioncam, rud a chuireann cosc ar roinnt daoine aonair agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as an gclaochlú digiteach; de bhrí gur féidir leis an deighilt dhigiteach seo réigiúin atá thíos le meath déimeagrafach a choimhthiú tuilleadh, agus, ar an gcaoi sin, cur le míchothromaíochtaí críochacha AE;

H. de bhrí go léiríonn leibhéal an chlúdaigh leathanbhanda san Eoraip go bhfuil gá fós le hinfheistíocht shuntasach, go háirithe i gceantair thuaithe, áit nach bhfuil 10 % de theaghlaigh cumhdaithe ag aon chineál líonra fhosaithe agus ina bhfuil easpa teicneolaíochta leathanbhanda tapa de chineál ar bith ag 41 % díobh, agus nach bhfuil ach 59 % ann a bhfuil rochtain leathanbhanda den chéad ghlúin eile acu (30Mbps ar a laghad), i gcomparáid le 87 % de theaghlaigh sa chuid eile de AE[16]; de bhrí, anuas ar dhroch-nascacht TFC, go mbíonn dúshláin struchtúracha eile roimh limistéir thuaithe agus fhorimeallacha amhail easpa bonneagair agus seirbhísí, ioncam íseal, nó easpa saoráidí oideachais agus sócmhainní cultúrtha, rud a fhágann go bhfuil daoine ardoilte ag bogadh chuig limistéir a bhfuil gealladh níos fearr fúthu (imirce daoine oilte)[17]; de bhrí go n-éascaíonn cistí AE soláthar bonneagair bhunriachtanaigh chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha;

I. de bhrí gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar na hEorpa, arb ionann iad agus 99 % de na gnólachtaí uile in AE agus ina bhfostaítear thart ar 100 milliún duine; de bhrí gurb ionann iad agus níos mó ná leath d’olltáirgeacht intíre na hEorpa agus go bhfuil siad ríthábhachtach ní hamháin maidir le dá aistriú AE chuig geilleagar inbhuanaithe agus digiteach a bhaint amach ach freisin maidir le luach a chur le gach earnáil den gheilleagar; de bhrí, áfach, nár éirigh ach le 17 % de FBManna teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú ina ngnólachtaí, i gcomparáid le 54 % de na cuideachtaí móra; de bhrí go bhfuil roinnt tionscal agus earnálacha traidisiúnta amhail tógáil, agraibhia, teicstílí agus cruach ag titim chun deiridh ina gclaochluithe digiteacha[18];

J. de bhrí, cé go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar theilea-obair agus obair shoghluaiste bunaithe ar TFC (TICTM)[19] mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a chuireann an-acmhainneacht ar fáil chun ionaid oibre a nascadh tuilleadh ó ionaid uirbeacha go dtí bailte beaga, bruachbhailte agus ceantair thuaithe, go bhfuil difríochtaí suntasacha idir an cumas teilea-obair a dhéanamh idir oibrithe ar phá ard agus oibrithe ar phá íseal, oibrithe bóna bháin agus oibrithe láimhe agus idir na hinscní[20]; de bhrí gur féidir TICTM agus digitiú seirbhísí, faoi choinníollacha áirithe, dáileadh geografach níos cothroime ó thaobh na fostaíochta agus an phobail de a éascú;

K. de bhrí, chun rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur cheart do CSE+ tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus i gcórais i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna chun feabhas a chur ar an gcáilíocht, cuimsitheacht, éifeachtacht agus ábharthacht leis an margadh saothair a ghabhann leis na córais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear foghlaim dhigiteach a chur chun cinn agus forbairt ghairmiúil na foirne teagaisc; de bhrí go dtacódh sé sin le comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

L. de bhrí gur léiríodh leis an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19 a thábhachtaí atá forbairt an bhonneagair dhigitigh d’fheidhmiú na ngeilleagar agus na sochaithe lena n-áirítear seirbhísí sláinte poiblí, oideachas poiblí agus riarachán poiblí; de bhrí gur thug sé go leor de na fadhbanna atá ann cheana i gceantair thuaithe chun suntais agus gur chuir sé béim ar leochaileacht na réigiún sin, go háirithe i dtéarmaí na hacmhainne digití, cháilíocht agus sholáthar na seirbhísí sláinte, an oideachais, rochtain ar leathanbhanda, athléimneacht na slabhraí luacha agus scileanna digiteacha;

M. de bhrí, cé gur leagadh síos mar chuspóir sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua go mbeadh ar a laghad bunscileanna digiteacha ag 70 % de dhaoine fásta an Aontais Eorpaigh faoi 2025, nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 42 % de dhaonra AE fós agus go bhfuil easpa scileanna digiteacha leordhóthanacha ar 37 % d’oibrithe i gcónaí de réir an Choimisiúin; de bhrí go bhfuil mór-éagothromaíochtaí geografacha fós ann i scileanna TFC; de bhrí nach bhfuil dóthain ionadaíochta ag mná in earnáil TFC in AE, ós rud é nach bhfuil ach 17 %[21] de róil speisialaithe TFC acu agus gur lú an dóchúlacht go mbeidh sainscileanna digiteacha agus obair acu i réimsí a bhaineann le TFC; de bhrí gur chuir níos lú ná 25 % d’fhiontair AE-27 oiliúint TFC ar fáil dá bpearsanra in 2019, le difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit[22]; de bhrí go bhfuil an deighilt inscne seasta i gcónaí i gcás gnólachtaí nuathionscanta go háirithe, agus 91 % den chaipiteal iomlán arna infheistiú i dteicneolaíocht na hEorpa in 2020 ag dul chuig foirne bunaitheacha nach bhfuil iontu ach fir[23];

N. de bhrí go bhfuil gá freisin le forbairt na hearnála TFC agus le bearta chun an nuálaíocht a chur chun cinn chun tacú leis an digitiú eacnamaíoch agus shóisialta i gcoitinne agus leis an digitiú sna hearnálacha tionsclaíocha go háirithe;

O. de bhrí nach mór go mbeadh digitiú na seirbhísí poiblí fite fuaite leis na cearta chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí[24];

An beartas comhtháthaithe don tréimhse ó 2021 go 2027 agus na dúshláin a bhaineann leis an dá aistriú

1. á chur in iúl gur geal léi an pacáiste beartais comhtháthaithe don tréimhse ó 2021 go 2027 agus a chéad chuspóir beartais (PO 1) lena ndírítear ar ‘Eoraip níos iomaíche agus níos cliste a fhorbairt trí chlaochlú eacnamaíoch nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn’[25];

2. ag leagan béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe maidir leis an aistriú digiteach agus an aistriú glas a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go mbeidh na gnéithe digiteacha agus nuálaíochta den bheartas comhtháthaithe nua ríthábhachtach chun claochlú inbhuanaithe agus cuimsitheach na sochaí i dtreo geilleagar níos sóisialta agus níos iomaíche agus chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Dheacáid Dhigiteach na hEorpa a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le bonneagar digiteach maith agus inacmhainne in éineacht le bearta chun scileanna digiteacha na ngrúpaí úsáideoirí go léir a fhorbairt, ar cheart é a spreagadh freisin trí chineálacha éagsúla tacaíochta agus maoinithe a chur in úsáid ar bhealach solúbtha agus comhlántach;

3. á mheabhrú go bhfuil tacaíocht trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus tríd an gCiste Comhtháthaithe (CFRE-CF) faoi PO 1 ar fáil do na Ballstáit chun infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht i gcomhréir le coincheap an speisialaithe chliste; á iarraidh ar údaráis náisiúnta agus réigiúnacha a gcur chuige maidir le speisialú cliste a uasghrádú trí dhíriú ar na réimsí agus ar na tionscadail is mó a bhfuil gealladh fúthu i dtéarmaí deiseanna nuálaíochta agus forbartha inbhuanaithe;

4. ag cur béim ar a thábhachtaí atá coincheap na sráidbhailte cliste chun dul i ngleic leis na dúshláin dhigiteacha agus aeráide agus á chur in iúl gur geal léi go ndéanfar é a chomhtháthú sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus sna beartais chomhtháthaithe agus réigiúnacha a bheidh ann amach anseo; á áitiú go n-áiríonn na Ballstáit cur chuige na sráidbhailte cliste ina gcláir beartais chomhtháthaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;

5. á mheabhrú go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit, faoi Rialachán CFRE-CC, 8 % dá n-acmhainní ar a laghad a leithdháileadh ar infheistíocht le haghaidh post agus fáis chun forbairt uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach; ag cáineadh nach bhféadfaí leithdháileadh den chineál céanna a bhunú do limistéir thuaithe go fóill; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go luaitear sa rialachán go dtabharfar aird ar leith ar dhul i ngleic le hathruithe comhshaoil agus aeráide agus ar leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha chun críocha nuálaíochta, lena gceadófar d’údaráis réigiúnacha cistiú a dhíriú i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí;

6. á mheabhrú go leagtar síos leis an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach go gcaithfidh an ghníomhaíocht chomhpháirteach idir an ionstraim seo agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (CFRE-CC) rannchuidiú le forbairt agus neartú éiceachóras nuálaíochta réigiúnach agus áitiúil, leis an gclaochlú tionsclaíoch agus le claochlú digiteach na sochaí agus na riarachán poiblí;

7. ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos d‘fhorbairt dhigiteach réigiúin uile an Aontais agus á iarraidh go mbeidh plean gníomhaíochta digiteach Eorpach ann do na réigiúin uile ina leagfar síos spriocanna agus bearta meántéarmacha do 2025 agus moltaí sonracha do AE agus na Ballstáit chun torthaí nithiúla a bhaint amach faoi 2030;

8. ag cur béim ar an ngá atá lena áirithiú go dtabharfar aird chuí sna próisis a bhaineann leis an digitiú ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus ar riachtanais ar leith; á mheabhrú go bhféadfadh cur chuige a oireann do chách cur leis an mbearna atá ann idir réigiúin agus críocha le leibhéil éagsúla forbartha;

9. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé comhsheasmhacht a áirithiú idir an iliomad tionscnamh agus clár de chuid an Aontais lena gcuirtear an digitiú chun cinn agus a thábhachtaí atá sé sineirgí a chruthú le hionstraimí beartais comhtháthaithe dá réir sin d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna sa réimse sin; á áitiú ar na Ballstáit a chur san áireamh gur gá d’infheistíochtaí a bhaineann leis an digitiú cuspóir fáis a áireamh atá i gcomhréir le straitéisí forbartha inbhuanaithe eacnamaíocha, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna;

10. ag tabhairt dá haire go bhfuil córas soghluaisteachta éifeachtach ar cheann de na coinníollacha le haghaidh forbairt eacnamaíoch réigiúnach, comhtháthú críochach agus forbairt na hacmhainneachta réigiúnaí; á chur i bhfios gur riachtanach, dá bhrí sin, an cistiú is gá a chur ar fáil chun idirbhealaí iompair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ar phraghas réasúnta a fhorbairt agus a chothabháil, lena bhféadfaí an ghlúin níos aosta a spreagadh chun fanacht sa talmhaíocht ar feadh tréimhse níos faide agus daoine óga ó ionaid réigiúnacha a mhealladh chun a bheith ag obair faoin tuath;

11. á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin shonracha os comhair na réigiún lagfhorbartha in AE; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh saincheaptha a chur ar fáil do na réigiúin sin lena ndíreofar ar chumas riaracháin, eolas agus saineolas teicneolaíocht-bhunaithe a neartú chun a áirithiú go n-aistreofar go rathúil a ngeilleagair agus a sochaithe chuig todhchaí atá ag éirí níos digití;

12. á chur in iúl gur geal léi an seasamh ón gComhairle lena dtacaítear leis an aitheantas a thug an Coimisiún don ‘dá dúshlán’ a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an gclaochlú digiteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag an dá aistriú poist nua ghlasa agus dhigiteacha a chruthú atá riachtanach don téarnamh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 agus á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go mbeidh an ghné dhigiteach ríthábhachtach chun uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, mar a leagtar amach i straitéis dhigiteach an Aontais ‘Todhchaí digiteach na hEorpa a mhúnlú’;

13. ag cur béim ar an ngá atá ann tacú le forbairt réiteach digiteach ní hamháin chun an t-athrú aeráide a chosc, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí éifeachtúlacht acmhainní digiteacha agus trí nuálaíocht chliste, ach freisin le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide; á thabhairt chun suntais gur gá uirlisí agus aipeanna digiteacha rabhaidh a fhorbairt chun na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ag tubaistí nádúrtha amhail tuilte, sleamhnaithe láibe, tonnta teasa agus dóiteáin foraoise a laghdú;

Bearnaí digiteacha a shárú

14. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcruinneoidh an fhaireachlann tuaithe a bheidh ann amach anseo sonraí cuimsitheacha agus cothrom le dáta maidir leis an deighilt dhigiteach chun cabhrú leis na Ballstáit riachtanais a réigiún agus a gcathracha a shainaithint; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis chothrom le dáta ar dhul chun cinn an digitithe i réigiúin uile na hEorpa agus á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach a chur ar fáil ar leibhéal NUTS 2;

15. á chur i bhfáth go bhfuil dhá thaobh sa deighilt dhigiteach: bonneagar agus acmhainn, go bhfuil an bunús acu éagsúil, agus nach mór beartais éagsúla a chur i bhfeidhm maidir leo agus a chur in oiriúint dá ngnéithe faoi seach;

16. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ann do scoilt dhigiteach fós sna Ballstáit, agus eatarthu; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe an deighilt dhigiteach idir ceantair uirbeacha agus thuaithe i dtéarmaí cháilíocht agus inacmhainneacht na líonraí leathanbhanda[26]; á mheabhrú, go háirithe, gur cheart go gcuirfeadh infheistíochtaí amach anseo faoi CFRE-CC le forbairt líonraí bonneagair dhigitigh ardluais; á thabhairt chun suntais gur gá tosaíocht a thabhairt do limistéir thuaithe i ndáil leis an méid sin;

17. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do na hardáin agus do na tionscadail atá ann cheana i réimse an digitithe chuimsithigh agus chothroim mar ionstraimí chun limistéir uile an Aontais, lena n-áirítear ceantair iargúlta agus ceantair thuaithe, a thabhairt isteach sa 21ú haois;

18. ag tabhairt dá haire go bhfuil deighilt scileanna digiteacha criticiúla ann idir daoine fásta i gceantair thuaithe agus daoine fásta atá ina gcónaí i gcathracha, a dhéanann difear ar leith do dhaoine a bhfuil ioncam íseal acu, do mhná agus do dhaoine scothaosta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an deighilt sin níos suntasaí i mBallstáit áirithe agus go bhfágann sí go bhfuil sé níos deacra fós post a fháil i gceantair thuaithe; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbearta spriocdhírithe uas-scilithe agus oideachais chun bearnaí digiteacha a dhúnadh agus á thabhairt chun suntais go bhfuil nasc idir na bearnaí sin agus easpa rochtana ar líonraí ardacmhainneachta, i measc cúiseanna eile;

19. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol suime di, Compás Digiteach an Choimisiúin, a dhéanfaidh iarracht uaillmhian dhigiteach an Aontais do 2030 a thiontú ina spriocanna nithiúla i gceithre phríomhearnáil: scileanna, bonneagar digiteach slán agus inbhuanaithe, claochlú digiteach gnó, agus digitiú na seirbhísí poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt go tráthrialta ar an dul chun cinn a dhéantar sna ceithre réimse sin;

20. á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur deis é an digitiú chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil agus chun deiseanna oideachais, cruthú post, nuálaíocht agus inrochtaineacht níos fearr ar sheirbhísí poiblí i réigiúin tuaithe agus i réigiúin atá tite ar gcúl a chur chun cinn, rud a chabhraíonn chun treochtaí an dídhaonraithe a aisiompú agus imirce daoine oilte a chomhrac;

21. á chur in iúl gur geal léi cuspóir Chlár Beartais Dhigitigh 2030 a áirithiú go gcumhdófar gach limistéar daonra san Aontas faoi 5G faoi dheireadh na deich mbliana seo; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a chur chun cinn sa reachtaíocht atá le teacht chun imlonnú líonraí 5G i gceantair thuaithe a éascú, go háirithe trí nósanna imeachta riaracháin troma a laghdú nó a bhaint;

22. á thabhairt chun suntais gur gá an scoilt dhigiteach leanúnach idir ceantair thuaithe agus uirbeacha a shárú agus leas a bhaint as acmhainneacht na nascachta agus an digitithe i gceantair thuaithe trí straitéis chothrománach a fhorbairt; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as acmhainní an bheartais chomhtháthaithe, CBT agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun coincheap de shráidbhailte cliste a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt ó 2020 ar aghaidh, rud a chuirfidh le digitiú, le hatreisiú na hacmhainneachta eacnamaíche, na nuálaíochta agus an chuimsithe shóisialta i gceantair thuaithe agus le cumhachtú pobal tuaithe trí thionscadail shaincheaptha lena ndírítear ar nascacht agus bonneagar leathanbhanda a fheabhsú; á mheabhrú, áfach, gur cheart na straitéisí digitithe a oiriúnú don chomhthéacs tuaithe agus a chur chun feidhme le rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal tuaithe iad féin agus le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha agus róbataice sa talmhaíocht; á chur i bhfáth gur féidir sprioc 2030 maidir le haistriú chuig talmhaíocht inbhuanaithe a bhaint amach trí theicneolaíochtaí, taighde agus nuálaíocht nua a chur chun cinn agus trí eolas a aistriú chuig an tuath ar bhonn leanúnach;

23. ag tathant ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh araon a mhéid is iomláine agus is éifeachtúla chun an tacaíocht spriocdhírithe atá de dhíth orthu a chur ar fáil do réigiúin chun teacht suas leis an deighilt dhigiteach i gceantair thuaithe agus idir na glúine, agus an deighilt sin a shárú; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, tacú le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imlonnú trí scéimeanna cistiúcháin phoiblí leormhaithe i réimsí nach bhfreastalaíonn an margadh orthu agus réitigh thrasearnála agus chuimsitheacha a chur ar fáil, amhail sráidbhailte cliste agus moil nuálaíochta tuaithe; ag tacú leis na hiarrachtaí chun an digitiú a chur chun cinn trí dhíriú téamach sa bheartas comhtháthaithe a neartú, agus, ag an am céanna, comhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta nó le bainc forbartha eile a chur chun cinn; ag tarraingt aird ar an mbaol go dtiocfaidh méadú ar éagothromaíochtaí toisc nach dtugtar tacaíocht chuí do na limistéir is leochailí, ar minic a bhfuil cumas níos laige iontu cistí a phleanáil agus a chaitheamh go héifeachtach, in ainneoin gur acu is géire an gá;

24. á iarraidh, ina theannta sin, go gcuirfear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun feidhme go hiomlán, a mbeidh ról ríthábhachtach ag a hionstraim nua maoinithe dhigitigh chomh maith le nascacht dhigiteach trasteorann chun deireadh a chur le scoilteanna eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha, lena gcuirfear an-chuid deiseanna nua ar fáil do réigiúin agus do cheantair thuaithe na hEorpa;

Digitiú cuimsitheach agus cothrom

25. á chur i bhfáth go bhfuil gá le próiseas digitithe inbhuanaithe agus cuimsitheach atá cóir ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de agus nach bhfágfar aon duine ar lár leis; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh an tacaíocht faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le forbairt na hacmhainneachta agus na nuálaíochta digití in earnáil FBManna chun feabhas a chur ar acmhainní agus scileanna digiteacha sa phobal, agus gur cheart go dtacódh sí le cuimsiú sa tsochaí dhigiteach agus go gcothódh sí comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i réigiúin uile an Aontais, agus béim á leagan ar na réigiúin bheagfhorbartha;

26. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh digitiú na seirbhísí poiblí fite fuaite le bearta lena n-éascaítear cumas daoine rochtain a fháil ar an idirlíon gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach; á mheabhrú go bhfuil nasc idirlín ardacmhainneachta cobhsaí inacmhainne ag teastáil le haghaidh aistriú digiteach rathúil;

27. ag cur béim ar na dúshláin atá os comhair réigiúin fhorimeallacha na hEorpa, lena n-áirítear a n-oileáin, ó thaobh nascacht dhigiteach de; á mheas go bhfuil an nascacht dhigiteach ar cheann de na colúin riachtanacha d’aon straitéis d’oileáin na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise chun an t-aistriú digiteach a dhéanamh cuimsitheach do na pobail áitiúla uile;

28. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb amhlaidh, mar gheall ar úsáid mhéadaithe réiteach digiteach agus TICTM mar thoradh ar phaindéim COVID-19, is measa atá an éagothroime a bhí ann roimhe seo mar gheall ar dheighiltí digiteacha i measc grúpaí sa phobal; á chur i bhfáth, áfach, go bhféadfadh an digitiú dul chun tairbhe do ghrúpaí imeallaithe atá leochaileach go sóisialta agus go heacnamaíoch faoi réir coinníollacha áirithe; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil dé-eisiamh i ndán dóibh siúd atá eisiata ar bhonn digiteach toisc go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu freisin ó thaobh rochtain ar oideachas, ar mhargadh an tsaothair nó ar sheirbhísí poiblí bunriachtanacha; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sráidbhailte cliste, go háirithe, a bheith ina réiteach praiticiúil chun na seirbhísí atá ar fáil i gceantair thuaithe a mhéadú, agus ar an gcaoi sin éagothromaíochtaí atá ann cheana a laghdú;

29. á chur i bhfáth go bhfuil béim curtha ag paindéim COVID-19 ar an tábhacht a bhaineann le réitigh dhigiteacha, go háirithe i gcás na teilea-oibre; ag tathant ar an gCoimisiún treoir a thíolacadh maidir le caighdeáin agus coinníollacha íosta i dtaca le teilea-obair chothrom chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint agus dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú, lena n-áirítear cineál deonach na teilea-oibre, urraim d’uaireanta oibre, saoire, cothromaíocht oibre is saoil agus cearta digiteacha eile ag an obair amhail an ceart chun dícheangail agus cosaint phríobháideacht na n-oibrithe, lena n-áirítear trí chianfhaireachán nó rianú digiteach d’aon chineál eile a thoirmeasc agus trí úsáid na faisnéise saorga i bpróisis earcaíochta, agus Creat-Chomhaontú Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa maidir leis an Digitiú á chur san áireamh;

30. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis dhomhanda a fhorbairt, ina gcomhtháthófar peirspictíocht iomlánaíoch ar gach leibhéal chun dul i ngleic leis na neamhionannais shóisialta agus leis an idirdhealú a bhaineann leis an digitiú agus leis an teilea-obair nó le hobair hibrideach d’fhonn feabhas a chur ar a iarmhairtí dearfacha;

31. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach saoránaigh a chumhachtú, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla maidir le straitéisí digiteacha réigiúnacha a phleanáil agus a chur chun feidhme mar is ceart;

Digitiú fiontar beag agus meánmhéide agus seirbhísí poiblí

32. á iarraidh go ndéanfar obair leantach ar an bplean gníomhaíochta ríomhrialtais a bhfuil dhá phríomhchuspóir uileghabhálacha ann: claochlú digiteach éifeachtúil a áirithiú agus an rómhaorlathas a laghdú, agus ar an gcaoi sin cáilíocht saoil na saoránach a fheabhsú, trí bhearta a fheabhsaíonn rochtain agus seirbhísí poiblí i ngach Ballstát agus a chuireann borradh faoin trédhearcacht; agus bearta a bhunú chun scileanna digiteacha a mhéadú d’oibrithe san earnáil phoiblí; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfí san áireamh, leis an obair leantach sin, an iliomad ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, inar cuireadh seirbhísí riaracháin phoiblí ar fáil go heisiach ar líne, nach mór;

33. ag tabhairt dá haire gur léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil ár sochaí i mbaol cibear-ionsaithe mar thoradh ar an méadú ar TICTM san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon; á mheabhrú go bhfuil réitigh chibearshlándála nua ag teastáil chun cianrochtain a fháil ar líonraí na hearnála príobháidí nó poiblí;

34. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul chun cinn níos gasta a dhéanamh le digitiú na seirbhísí poiblí, lena n-áirítear scoileanna, ollscoileanna, institiúidí taighde, iompar poiblí, ríomhsheirbhísí rialtais agus riarachán éifeachtúil;

35. ag tabhairt dá haire gur chuir paindéim COVID-19 dlús le teacht chun cinn seirbhísí poiblí leictreonacha agus réiteach ríomhshláinte; á thabhairt chun suntais gur gá dul i ngleic leis an mbearna ríomhscileanna i measc gairmithe sláinte agus cumhacht a thabhairt d’othair, go háirithe daoine scothaosta agus saoránaigh atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, an tsláinte dhigiteach a úsáid; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfaí roinnt daoine a bhfuil cumas níos lú acu na teicneolaíochtaí atá de dhíth orthu a úsáid nó íoc astu, amhail daoine scothaosta nó daoine faoi mhíbhuntáiste sóisialta, a fhágáil ar chúl; á chur i bhfios go bhfuil gá le hinfheistíocht phoiblí i réimsí amhail acmhainní daonna, tairiscintí poiblí digiteacha agus bearta tacaíochta réamhghníomhacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach, mhear agus ar ardchaighdeán ar sheirbhísí poiblí digiteacha do chách, lena n-áirítear seirbhísí sláinte; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé, sa chomhthéacs sin, gníomhaíocht maidir leis an oideachas agus forbairt scileanna digiteacha a chur chun cinn agus a neartú, go háirithe i gceantair thuaithe; ag cur béim ar an ngá atá ann leas iomlán a bhaint as uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha nua le haghaidh sochaí shláintiúil;

36. á aithint go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh obair chothrom atá inbhuanaithe go sóisialta agus rannpháirtíocht iarbhír na bhfostaithe a áirithiú i ndálaí oibre a mhúnlú – in ardáin dhigiteacha mar a dhéantar i ngach earnáil eile – agus go gcaithfidh tionchar daonlathach a bheith ag oibrithe ar rialachas na hoibre; á chur i bhfios go láidir nach foláir tairbhí an digitithe a chomhroinnt ar bhealach leathan agus cothrom agus nach foláir d’oibrithe san earnáil dhigiteach na cearta agus na dálaí oibre céanna a theachtadh agus atá amhlaidh in earnálacha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh maidir le dálaí agus cearta cuibhiúla oibre sa gheilleagar digiteach;

37. ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) maidir le poist chuibhiúla, fás inbhuanaithe agus forbairt tuaithe a chruthú agus á chreidiúint go rannchuideoidh infheistíochtaí poiblí tríd an mbeartas comhtháthaithe agus trí ionstraimí eile le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach níos fearr i réigiúin uile an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfuil rochtain ar airgeadas ar cheann de na ceisteanna is mó práinn do go leor micreafhiontair agus fiontair bheaga agus go bhfuil cineálacha tacaíochta agus dreasachtaí atá saincheaptha don duine aonair ag teastáil ó chineálacha éagsúla FBManna ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, ag brath ar a n-imthosca agus ar a mhéid atá an teicneolaíocht glactha acu; ag tathant ar réigiúin straitéisí nuálaíochta a bhunú atá dírithe ar FBManna agus atá i gcomhréir lena gcuid straitéisí um speisialú cliste maidir le taighde agus nuálaíocht;

38. á chur in iúl gurb oth léi nár ghlac formhór mór na FBManna san Aontas Eorpach go hiomlán leis an gclaochlú digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-úsáidfidh na Ballstáit a gcláir oibríochtúla chun díriú ar FBManna i réimsí ina bhfuil forbairt dhigiteach níos ísle;

39. ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht mhór ag an ríomhthráchtáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide faoin tuath agus do tháirgeoirí áitiúla toisc go gcuireann sí lena bhfor-rochtain agus go laghdaíonn sí na bacainní a bhaineann le réigiúin a bhfuil dúshláin mhóra bhuana gheografacha nó dhéimeagrafacha rompu; á iarraidh ar réigiúin agus ar Bhallstáit AE treoirthionscadail agus straitéisí digitithe a bhunú chun ríomhthráchtáil a chomhtháthú laistigh de shamhlacha gnó na bhfiontar beag agus meánmhéide tuaithe;

40. ag aithint na hacmhainneachta a bhaineann leis an digitiú chun cuideachtaí, go háirithe FBManna, a nascadh le chéile agus ag cur béim ar an tionchar dearfach atá ag an digitiú ar sholáthar seirbhísí sóisialta amhail réitigh iompair chliste, ríomhsheirbhísí sláinte, seirbhísí baincéireachta ar líne agus réitigh foghlama saincheaptha do mhic léinn leochaileacha; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé oideachas maidir le scileanna digiteacha a chur ar fáil ag an am céanna chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár;

41. á mheabhrú go leagtar síos leis an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach gur cheart go rannchuideodh na sineirgí idir an clár seo agus CFRE-CF le forbairt agus neartú éiceachóras nuálaíochta réigiúnacha agus áitiúla, claochlú tionsclaíoch agus claochlú digiteach na sochaí agus na riarachán poiblí;

42. ag cur béim ar thuairim Chúirt na nIniúchóirí[27] maidir le CFRE-CC, eadhon go soláthraíonn FBManna réitigh nuálacha ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, éifeachtúlacht acmhainní agus comhtháthú sóisialta agus go gcuidíonn siad leis an nuálaíocht sin a scaipeadh ar fud réigiúin na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil siad ríthábhachtach d’aistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach;

43. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil easpa fostaithe oilte ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar FBManna seanbhunaithe agus á thabhairt chun suntais go bhfuil mórghanntanas scileanna ann i gcás scileanna a bhaineann leis an digitiú agus le teicneolaíochtaí nua, ós rud go bhfuil 35 % den lucht saothair[28] ar bheagán scileanna digiteacha nó nach bhfuil scileanna digiteacha ar bith acu; á chreidiúint gur cheart tionscnaimh a sheoladh chun tacú le FBManna a bhfuil dúshláin ar leith rompu agus chun inniúlachtaí agus scileanna a fhorbairt sa lucht saothair atá ríthábhachtach don gheilleagar nua-aimseartha, lena n-áirítear i dtéarmaí tallann dhigiteach a mhealladh agus a choinneáil, agus scileanna digiteacha solúbtha agus deiseanna uas-scilithe agus athoiliúna do chách á gcothú ag an am céanna, gan beann ar stádas fostaíochta, aois, oideachas nó gairm;

44. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé líon na ngnólachtaí nuálacha a mhéadú trí rochtain ar theicneolaíochtaí nua a áirithiú, ag teacht le caighdeáin an gheilleagair in earnáil Tionsclaíocht 4.0 agus le caighdeáin an gheilleagair inbhuanaithe, trí chaipiteal príobháideach a úsáid, trí acmhainní daonna a fhorbairt agus trí thacú le tionscnaimh um chathracha cliste;

Scileanna don ré dhigiteach a chur chun cinn

45. á chur i bhfáth gur gá na bearnaí scileanna digiteacha ar fud an Aontais a líonadh ionas gur féidir leis an uile dhuine agus na gnólachtaí go léir an leas is fearr a bhaint as an gclaochlú digiteach; á iarraidh go gcuirfear chun feidhme, de réir a chéile, Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Oideachas Digiteach le haghaidh scileanna digitithe níos fearr a chur chun cinn, 2021-2027, lena ráthófaí go mbeadh deiseanna oideachais, oiliúna agus fostaíochta ann do chách, lena n-áirítear an fhiontraíocht; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag na Ballstáit agus na rialtais réigiúnacha maidir le tacaíocht a thabhairt d’údaráis tuaithe ina gcuid iarrachtaí chun cuimsiú digiteach a mhúnlú agus a áirithiú trí shonraí na saoránach a chosaint agus trí dhaoine agus gnólachtaí áitiúla a chumhachtú trí rochtain ar shonraí; á chur i bhfáth gur gá scileanna digiteacha ar feadh an tsaoil agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn ó aois óg; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a spreagadh do chláir agus do thionscnaimh oideachais litearthachta sna meáin dhigiteacha i scoileanna, i mbunaíochtaí gairmoiliúna agus in ollscoileanna; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá CSE+ maidir le tionscadail a mhaoiniú lena gcuidítear le hoibrithe nó le daoine dífhostaithe scileanna nua a fháil, i bhfianaise chuspóirí an chiste scileanna nua a thabhairt dóibh chun feabhas a chur ar a gcéim ag an obair (uasoiliúint) nó scileanna chun cabhrú leo obair eile a aimsiú (athoiliúint); á mheas go bhfuil sé tábhachtach samhlacha foghlama hibrideacha a bhunú lena dtugtar rochtain ar uasoiliúint do dhaoine a bhfuil scileanna bunúsacha nó scileanna digiteacha acu;

46. á chur in iúl gur geal léi an moladh sa Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg gur cheart do dhaoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna dul faoi mheasúnú scileanna digiteacha agus – i gcás ina sainaithnítear bearnaí – oiliúint a fháil chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna digiteacha;

47. ag tabhairt dá haire go bhfuil deighilt scileanna digiteacha criticiúla ann idir daoine fásta a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus daoine fásta a bhfuil cónaí orthu i gcathracha, agus idir na glúine freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, leitheadúlacht dhíréireach TICTM i measc fostaithe san earnáil seirbhísí atá dea-oilte, atá lonnaithe sa chathair, agus a bhfuil scileanna digiteacha láidre acu; ag breathnú ar an easpa deiseanna chun scileanna digiteacha a shealbhú i gceantair thuaithe; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leas a bhaint as CSE+ agus CFRE chun bearta a ghlacadh chun an mhíchothromaíocht sin a fhritháireamh agus chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i réigiúin atá i mbaol an dídhaonraithe; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sráidbhailte cliste a bheith ina réiteach praiticiúil, mar go n-ionchorpraíonn siad ionstraimí foghlama digiteacha sa chur chuige digiteach ó bhun aníos a chuireann siad i bhfeidhm;

48. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag cur chun cinn agus forbairt na ríomhscileanna chun cumas níos fearr a fhorbairt i margadh an tsaothair, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, tacú le héagsúlú teicneolaíochta agus deiseanna fostaíochta a chruthú, go háirithe i gceantair thuaithe agus i réigiúin bheagfhorbartha; ag spreagadh an Choimisiúin dlús a chur lena iarrachtaí chun dul i ngleic leis na bearnaí scileanna digiteacha trí dhul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí uile tríd an gComhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post;

49. ag tabhairt dá haire gurb é atá in CSE+, dá dtagraítear faoi chuspóir beartais a ceathair (PO4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, cuspóir sonrach lena gcumhdaítear scileanna digiteacha, cuimsitheacht agus córais oiliúna, lena n-áirítear tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú;

50. ag cur béim ar an bhfíoras go n-iarrtar sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua go ndéanfaí infheistíocht i mbonneagar a bhfuil ardtionchar sóisialta aige, lena n-áirítear bonneagar digiteach, trí CFRE-CC agus tríd an gClár InvestEU; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar digiteach trí CFRE-CC agus tríd an gClár InvestEU a chuireann le tionscnaimh chun scileanna digiteacha a chur chun cinn amhail an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, 2021-2027;

51. á athdhearbhú gur dúshlán bunúsach don Aontas é dul i ngleic leis an athrú déimeagrafach, agus gur cheart tosaíocht a thabhairt dó i ndearadh agus i gcur chun feidhme na gclár; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sé ar cheann de na príomhchuspóirí a leagtar síos in CFRE-CF don tréimhse 2021-2027 tacú le limistéir uirbeacha agus tuaithe a bhfuil míbhuntáistí geografacha nó déimeagrafacha acu, agus go mbeidh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais ón Aontas a leithdháileadh do thionscadail a chuireann forbairt dhigiteach sna réigiúin lena mbaineann agus nascacht TFC chun cinn; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur cheart tacaíocht ar leith a thabhairt do limistéir leibhéal NUTS 3 nó do bhraislí d’aonaid riaracháin áitiúla ag a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12.5 áitritheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh nó meánlaghdú bliantúil ar an daonra os cionn 1 % idir 2007 agus 2017, ar cheart iad a bheith faoi réir measúnuithe sonracha réigiúnacha agus náisiúnta;

52. á chur in iúl gur geal léi seoladh an Chiste um Aistriú Cóir agus an fócas atá aige ar oiliúint agus ar scileanna; á chur in iúl gur mór léi gur féidir infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar sóisialta amhail ionaid oiliúna le haghaidh deiseanna fostaíochta níos fearr agus fostaíocht ar ardchaighdeán do na réigiúin uile san aistriú chuig an aeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí, agus béim á leagan aici ar an ngá atá ann díriú go háirithe ar scileanna digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le Ciste athbhreithnithe um Aistriú Cóir, agus a indéanta a bheadh sé é sin a dhéanamh, chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair;

53. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis bhainistíochta rochtain ar chistí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a éascú agus a shimpliú do cheantair thuaithe; á mheas gur gá a áirithiú go ndéanfar faireachán cúramach ar na gníomhaithe institiúideacha ábhartha uile maidir le cistí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid ar an leibhéal críochach chun a áirithiú go ndáiltear an cistiú go cothrom idir na réigiúin;

54. á chur in iúl gur cúis imní di go ndéanfar go leor tairiscintí poiblí ar chláir dhigiteacha a leithdháileadh trí ghlao ar thograí, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chumas na gceantar tuaithe rochtain a fháil ar chistí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, ós rud é go bhfuil a bhforbairt acmhainní agus a dtacaíocht theicniúil i gcláreagrú agus i gcaiteachas cistí AE níos laige de ghnáth;

55. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na conclúidí ón gComhairle maidir le cearta an duine, rannpháirtíocht agus dea-bhail daoine scothaosta i ré an digitithe a chur chun feidhme go mear, lena n-áirítear ardán maidir le rannpháirtíocht agus obair dheonach i ndiaidh shaol na hoibre a chruthú agus malartuithe agus naisc idirghlúine a chur chun cinn;

°

° °

56. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún agus chuig na Ballstáit.



RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá an beartas comhtháthaithe agus an fhorbairt réigiúnach ar cheann de na réimsí beartais is túisce agus is lárnaí den Aontas Eorpach. Leis na deicheanna de bhlianta anuas, tá sé curtha in oiriúint go seasta do dhálaí agus riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chríochacha na linne. Is cuid fhíor-riachtanach de bheartas réigiúnach nua-aimseartha le tamall maith anuas é claochlú nuálach agus cliste agus nascacht teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) réigiúnach a chur chun cinn, ar beartas é lena ndírítear ar dhigitiú ar mhaithe leis an bpobal agus ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe.

A áirithiú go mbeidh an Eoraip ‘Oiriúnach don Aois Dhigiteach,’ sin é ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag an mbeartas comhtháthaithe do na blianta 2021-2027, mar aon le spriocanna na haeráide agus na forbartha inbhuanaithe (‘Fit for 55’); sin é an fáth a dtagraítear mó sa mhó don digitiú agus don aeráid mar ‘dhá dhúshlán’ nó mar ‘dhá dheis’. Ní hionann an digitiú agus cur chuige laissez-faire trína leagann monaplachtaí móra síos an chaoi a bhfeidhmíonn na margaí agus an tsochaí, ach cur chuige atá bunaithe ar rannpháirtíocht dhaonlathach agus phoiblí trí chinntí beartais agus infheistíochtaí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Tá os cionn aon trian de bhuiséad fadtéarmach an Aontais, an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI), dírithe ar infheistíochtaí do phoist agus don fhás inbhuanaithe. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an tuarascáil seo a leanas léargas a thabhairt ar fhís de straitéis claochlaithe atá cothrom go sóisialta, atá inbhuanaithe agus atá cliste, chun úsáid ghníomhach a bhaint as an digitiú mar spreagadh d’Eoraip atá níos fearr fós.

Is é Clár Oibre Digiteach reatha an Choimisiúin Eorpaigh an clár oibre is uaillmhianaí i stair an Aontais Eorpaigh gan aon agó. Sa chomhthéacs sin, thug paindéim COVID-19 chun suntais uair amháin eile a thábhachtaí atá sé teicneolaíochtaí nuálacha a chothú chun aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne aineoil, agus ní mór ról bunriachtanach a bheith ag beartais chomhtháthaithe ina leith sin. Tá an claochlú digiteach ina phrionsabal beartais chothrománaigh feasta do na réimsí uile de reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear an fhorbairt réigiúnach. Go sonrach, cuirtear san áireamh i gcuspóirí beartais PO 1 (Eoraip níos cliste) agus PO 3 (Eoraip níos nasctha) CFRE-CF a thábhachtaí atá sé beartais dhigiteacha a phríomhshruthú i gclár oibre an bheartais chomhtháthaithe ina iomláine agus, dá réir sin, tá sé d’aidhm acu a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar lár i bpróiseas claochlaithe dhigitigh chothroim.

Mar sin féin, baineann dúshláin leis an digitiú nach féidir faillí a dhéanamh iontu agus tá aghaidh á tabhairt orthu faoi láthair in obair roinnt comhlachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa. Ina leith sin, ní hé amháin gur féidir an fhorbairt réigiúnach a bheith ina cur chuige trínar féidir aghaidh níos mó a thabhairt ar na bearnaí sa chlaochlú digiteach, ach ní mór í a bheith ina treoirlíne lárnach i bhforbairt agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua freisin, agus aird á tabhairt ar na réimsí sin agus ar na saoránaigh sin nach bhfuil leas iomlán á bhaint acu as an digitiú.

Tá bearnaí agus éagothromaíochtaí ann i bpróiseas an chlaochlaithe chliste i réimsí iomadúla. Sa tuarascáil seo, cuirtear in iúl go bhfuil imní ann faoin deighilt dhigiteach idir ceantair uirbeacha agus thuaithe ó thaobh cháilíocht agus inacmhainneacht líonraí leathanbhanda, in ainneoin cumhdach bunúsach a bheith ar fáil do chách ó bhí 2015 ann. Thairis sin, tugtar chun suntais inti go bhfuil deighilt fhorleathan scileanna digiteacha ann idir daoine fásta a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus daoine fásta a bhfuil cónaí orthu i gcathracha, atá níos suntasaí i measc na mban nach bhfuil chomh rannpháirteach céanna i bpoist agus i ngníomhaíochtaí a dteastaíonn scileanna digiteacha ina leith.

Tá an tuarascáil seo ina léiriú ar an ngá atá ann an clár oibre Eorpach um an gclaochlú digiteach a ailíniú leis an gcomhtháthú réigiúnach, leis an gcuimsiú sóisialta agus leis an struchtúrú críochach. Aithnítear inti gur deis mhór é an claochlú digiteach arb amhlaidh, d’ainneoin a acmhainneachta, a mbaineann rioscaí agus dúshláin leis, ar rioscaí agus dúshláin iad a d’fhéadfadh, mura dtugtar aghaidh orthu, an éagothroime bhunúsach a dhoimhniú tuilleadh.

Sa chiall sin, agus ag cur le spiorad an chomhtháthaithe, ní mór deontais agus ionstraimí airgeadais faoin mbeartas comhtháthaithe a bheith ar fáil do chách agus fónamh go háirithe do na saoránaigh agus na réigiúin sin atá ag titim ar gcúl, agus fós sraitheanna uile na héagothroime a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ar bhonn níos sonraí, ní mór bearnaí nascachta a shainaithint leo agus caithfidh siad rannchuidiú le taispeáint leathanbhanda thapa do theaghlaigh agus do FBManna, agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú le geilleagar na hEorpa a mhéadú. Ní mór úsáid thrédhearcach agus chruinn airgid phoiblí a áirithiú i rith an phróisis infheistíochta.

Thairis sin, agus tar éis bearna inscne agus aoise shoiléir Eorpach a shainaithint sa phróiseas chun scileanna digiteacha a shealbhú, ní mór an beartas comhtháthaithe a bheith ina shlí le haghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin agus rannchuidiú le hAontas inar féidir leis na saoránaigh uile leas a bhaint as an nuálaíocht dhigiteach.

Tá an nuálaíocht dhigiteach fite fuaite leis an aistriú comhshaoil, agus braitheann an dara ceann acu sin ar theicneolaíochtaí nua chun go n-éireoidh leis. Is deis iad an dá aistriú sin do cheantair réigiúnacha agus uirbeacha araon, agus ní mór iad a fheabhsú trí bhíthin an bheartais comhtháthaithe. Mar gheall ar fhorbairtí nua, amhail an méadú atá tagtha ar an teilea-obair agus ar an obair il-ionaid atá bunaithe ar TFC (TICTM), tá dúshláin nua ann, ach freisin deiseanna ann, do cheantair thuaithe agus do cheantair á mbánú faoi láthair. Ba cheart é a bheith mar aidhm i gcónaí réitigh a mbainfeadh cách uile tairbhe astu a shainaithint inarb amhlaidh an digitiú ina shiocair le feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre, le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) a laghdú, agus le leibhéal scileanna digiteacha a ardú tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil chun críocha tuilleadh forbartha. Aidhm eile ina leith sin is ea éifeachtaí diúltacha a laghdú amhail imirce daoine oilte. Is bunriachtanach iad seirbhísí poiblí nua-aimseartha agus inrochtana (Ríomhrialtas, scoileanna, ollscoileanna, teilileigheas, iompar poiblí etc.) agus FBManna iomaíocha.

Ba cheart, i bhfad na haimsire, go measfaí an digitiú a bheith ina chomhlánú ar an saol analóige nó as líne, ní mar rud atá ar neamhréir leis. I ndeireadh na dála, is féidir linn samhail hibrideach a bhaint amach inar mar a chéile deiseanna analóige agus deiseanna digiteacha in Eoraip nasctha agus aontaithe.


LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA (23.11.2021)

Younous Omarjee

Cathaoirleach

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn (2021/2101(INI))

A Chathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, iarradh ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta tuairim a chur faoi bhráid do choiste. Sa chruinniú a bhí aige an 18 Samhain 2021, ghlac an coiste a thuairim i bhfoirm litreach.

Ag an gcruinniú sin, chinn an Coiste a iarraidh ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

Le dea-mhéin,

Lucia Ďuriš Nicholsonová

 

 


 

MOLTÁÍ

Ionchur ó Choiste EMPL do thuarascáil féintionscnaimh Choiste REGI ‘Ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn’

A.  de bhrí gurb iondúil gur sna réigiúin Eorpacha sin ina bhfuil an gá is mó le haistriú inbhuanaithe a bhíonn na leibhéil bhochtaineachta agus eisiata is airde; de bhrí go bhfuil gá le bearta cinntitheacha agus le hinfheistíocht chun téarnamh mear a bhaint amach, ar cheart go ndíreofaí leo ar éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime a mhaolú, ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, ar an bhfhorbairt inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach a chothú agus ar phrionsabail beartais Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme chun stáit leasa níos éifeachtaí agus níos láidre a bhaint amach; de bhrí nach foláir d’Eoraip atá iomaíoch go hidirnáisiúnta a bheith bunaithe ar Eoraip shóisialta láidir chun bealach a chruthú i dtreo an fháis inbhuanaithe, poist ardcháilíochta agus córais láidre leasa shóisialta do chách;

B.  de bhrí gur glacadh téacs na dtreoirlínte athbhreithnithe maidir le beartais fostaíochta na mBallstát le Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle chun iad a ailíniú le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, d’fhonn iomaíochas na hEorpa a neartú agus í a dhéanamh níos oiriúnaí don infheistíocht, do phoist a chruthú agus don chomhtháthú sóisialta a chothú;

C.  de bhrí, chun rannchuidiú le cur chun feidhme an Cholúin, le CSE+ gur cheart tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus i gcórais i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta, lena dtacófar, dá bhrí sin, leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

D.  de bhrí gur cheart CSE+ a úsáid chun tacú le feabhas a chur ar cháilíocht, cuimsitheacht, éifeachtacht agus ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna don mhargadh saothair, lena n-áirítear tríd an bhfoghlaim dhigiteach agus forbairt ghairmiúil ball foirne teagaisc a chur chun cinn chun éascú a dhéanamh ar shealbhú na bpríomhinniúlachtaí, go háirithe maidir leis na scileanna bunúsacha, lena n-áirítear litearthacht sláinte, litearthacht na meán, scileanna fiontraíochta, scileanna teanga, scileanna digiteacha agus inniúlachtaí le haghaidh na forbartha inbhuanaithe, a bhfuil gá ag gach duine leo le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach;

E.  de bhrí gur cheart cláir, tionscadail agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear straitéisí um aosú gníomhach chun cinn a léiriú i ngach réimse beartais agus de bhrí gur cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as gach ionstraim AE atá ar fáil, amhail cistí struchtúracha agus infheistíochta Eorpacha, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha; de bhrí go n-éascaíonn cistí AE soláthar an bhonneagair bhunriachtanaigh;

F.  de bhrí gur cheart do na Ballstáit agus pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme agus á cheapadh acu in CED agus é mar aidhm leis éascú a dhéanamh ar athimeascadh na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh agus na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach agus machnamh a dhéanamh, dá bhrí sin, ar scileanna a leathadh mar ghné chothrománach d’aon phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe;

1. ag aithint go bhfuil obair chothrom atá inbhuanaithe go sóisialta agus fíor-rannpháirtíocht na bhfostaithe i dtaobh dálaí oibre a mhúnlú níos tábhachtaí ná riamh, in ardáin dhigiteacha mar atá amhlaidh i ngach earnáil eile, agus go gcaithfidh tionchar daonlathach a bheith ag oibrithe ar rialachas na hoibre; á chur i bhfios go láidir nach foláir tairbhí an digitithe a chomhroinnt ar bhealach leathan agus cothrom agus nach foláir d’oibrithe san earnáil dhigiteach na cearta agus na dálaí oibre céanna a theachtadh agus atá amhlaidh in earnálacha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh maidir le dálaí agus cearta maithe oibre sa gheilleagar digiteach, lena gcumhdaítear gach oibrí, lena n-áirítear oibrithe neamhchaighdeánacha ar chonraí neamhthipiciúla, oibrithe i gcuideachtaí ardáin agus daoine féinfhostaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú sa treoir sin go gcomhlíonfaidh gnólachtaí ardáin an reachtaíocht náisiúnta agus an reachtaíocht Eorpach atá cheana ann, stádas fostaíochta na n-oibrithe ardánbhunaithe a shoiléiriú trí ghlacadh leis go bhfuil caidreamh fostaíochta ann, agus a ndálaí oibre, a gcosaint shóisialta agus a sláinte agus a sábháilteacht a choimirciú, mar aon lena gceart chun eagrúcháin, ionadaíocht a bheith acu ó cheardchumainn agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil, lena n-áirítear do dhaoine féinfhostaithe;

2. á chur i bhfáth go bhfuil béim curtha ag paindéim COVID-19 ar an tábhacht a bhaineann le réitigh dhigiteacha, go háirithe teilea-obair; ag tathant ar an gCoimisiún treoir a thíolacadh maidir le caighdeáin agus coinníollacha íosta i dtaca le teilea-obair chothrom, sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint agus dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú, lena n-áirítear cineál deonach na teilea-oibre, urraim d’uaireanta oibre, saoire, cothromaíocht oibre is saoil agus cearta digiteacha eile ag an obair amhail an ceart chun dícheangail, príobháideachas an oibrí a chosaint, lena n-áirítear i gcoinne cianfhaireacháin nó aon rianú eile, agus toirmeasc ar ionchlannáin mhicrishlis ar oibrithe agus ar úsáid na faisnéise saorga i bpróisis earcaíochta, agus Creat-Chomhaontú Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa maidir leis an Digitiú á chur san áireamh;

3. á iarraidh go gcuirfí cleachtais a bhaineann le hoibrithe ar postú san áireamh freisin; ag tathant ar na Ballstáit comhordú leormhaith i dtaca le slándáil shóisialta a áirithiú, lena n-áirítear trí athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, agus trí inaistritheacht na gceart a neartú chomh maith; á iarraidh go ndéanfaí digitiú na gcóras slándála sóisialta a chur chun cinn tuilleadh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cosaint na n-oibrithe uile dá ndéantar difear a áirithiú i gcás aistriú gnóthas, agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Gnóthais a Aistriú;

4. ag tabhairt dá haire go bhfuil córas soghluaisteachta éifeachtach ar cheann de na réamhriachtanais le haghaidh forbairt eacnamaíoch réigiúnach, comhtháthú críochach agus chun acmhainneacht réigiúnach a fhorbairt; á chur i bhfios gur riachtanach, dá bhrí sin, an cistiú is gá a chur ar fáil chun idirbhealaí iompair a fhorbairt agus a chothabháil, rud a d’fhéadfadh an ghlúin is sine a spreagadh chun fanacht sa talmhaíocht tréimhse níos faide agus daoine óga a mhealladh ó ionaid réigiúnacha chun bheith ag obair faoin tuath;

5. á iarraidh ar na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó CSE+ a infheistiú mar bhearta chun tacú le fostaíocht agus scileanna don aos óg, lena n-áirítear trí scéimeanna faoin Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme chun téarnamh eacnamaíoch cuimsitheach a éascú tar éis géarchéim tromchúiseach agus chun tacú le fostaíocht don aos óg i ndomhan atá ag athrú;

6. á iarraidh ar na Ballstáit fostaíocht ar ardcháilíocht agus bealaí ath-lánpháirtiúcháin san oideachas a chur chun cinn tuilleadh trí thús áite a thabhairt do dhaoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach, atá neamhghníomhach agus faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear trí obair óige, ag tógáil ar na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg leo sa chlárthréimhse ó 2014 go 2020;

7. á chur i bhfios go láidir, tríd an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chomhtháthú go hiomlán le CSE+, beidh soláthar gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le fostaíocht le haghaidh daoine óga níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus leathnófar an raon feidhme chun bearta struchtúracha agus athchóirithe a chuimsiú agus, lena n-áiritheofar, dá bhrí sin, go mbeidh comhoiriúnú níos fearr ann idir tacaíocht ó chistiú an Aontais agus cur chun feidhme na Ráthaíochta atreisithe don Aos Óg.

8. á mheabhrú go ndíreofar le CSE+ ar rannchuidiú a dhéanamh le hEoraip níos cliste a bhaint amach, trí fhorbairt a dhéanamh ar scileanna do speisialú cliste, ar scileanna do na príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, ar an aistriú tionsclaíoch, ar an gcomhar earnálach i leith scileanna agus fiontraíochta, ar oiliúint taighdeoirí, ar ghníomhaíochtaí líonrúcháin agus comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, mar aon le lárionaid, fiontair agus braislí taighde agus teicneolaíochta, agus tacaíocht do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus don gheilleagar sóisialta;

9. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na conclúidí ón gComhairle maidir le cearta an duine, rannpháirtíocht agus dea-bhail daoine scothaosta i ré an digitithe a chur chun feidhme go mear, lena n-áirítear ‘ardán maidir le rannpháirtíocht agus obair dheonach i ndiaidh shaol na hoibre’ a chruthú agus malartuithe agus naisc idirghlúine a chur chun cinn;

10. á chur i bhfios go láidir tionchar riachtanach na dteicneolaíochtaí digiteacha síorathraitheacha ar shaol laethúil na ndaoine, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá idirlíon ardluais agus trealamh teicneolaíoch ríthábhachtach agus cothrom le dáta a bheith ann i scoileanna, in ospidéil agus i saoráidí ábhartha eile seirbhísí poiblí, lena n-áirítear ríomhrialachas éifeachtach; á mheas go bhfuil na deiseanna a chruthaítear le foghlaim ar feadh an tsaoil, i gcomhar leis an digitiú, bunriachtanach chun deiseanna éagsúla a sholáthar don daonra atá ag dul in aois i gceantair thuaithe agus iargúlta, lena n-áirítear ioncam forlíontach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cláir oideachais agus oiliúna a chuideoidh leis an daonra atá ag dul in aois scileanna a fhorbairt agus saineolas a fháil i réimsí amhail ríomhthráchtáil, margaíocht ar líne agus TFC; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach teaghlach ar threalamh idirlín agus digiteach ardluais agus sealbhú scileanna digiteacha a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha;

11. á iarraidh ar na Ballstáit cistí CSE+ agus CFRE a úsáid chun tacú le poist ardcháilíochta a chruthú, chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn agus chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i réigiúin atá i mbaol a ndídhaonraithe, agus aird ar leith á tabhairt ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá seirbhísí comhairliúcháin, foghlaim ar feadh an tsaoil agus cláir le haghaidh athoiliúint agus uas-sciliú d’oibrithe ag gach aois;

12. á chreidiúint nach foláir aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha na seirbhísí sóisialta agus na gcóras cosanta sóisialta agus a n-athléimneacht a neartú, leis an bhfás inbhuanaithe agus le hathchóirithe feabhsaithe cothroime agus le hinfheistíochtaí a leagtar amach sna NRRPanna; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an beartas comhtháthaithe, a thuigeann sí mar straitéis chun ‘forbairt chomhchuí fhoriomlán’ na mBallstát agus na réigiún a chur chun cinn agus chun tacú léi, agus é d’aidhm aige forbairt eacnamaíoch agus chríochach agus comhtháthú sóisialta a neartú trí éagothromaíochtaí laistigh de AE a laghdú, agus béim á leagan ar na réigiúin is boichte; sa chiall sin, á chur i bhfios gur cheart go gcuideodh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sa chomhtháthú sóisialta agus críochach freisin leis an mbochtaineacht a chomhrac agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht, go gcruthófaí poist chobhsaí ardcháilíochta agus go ndéanfaí grúpaí faoi mhíbhuntáiste a cuimsiú agus a lánpháirtiú, agus go bhféadfaí an t-idirphlé sóisialta, an fhiontraíocht, an bonneagar sóisialta, an chosaint shóisialta agus na córais leasa shóisialta a neartú;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraim a thíolacadh chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag suaitheadh neamhshiméadrach atá éifeachtach san fhadtéarma, amhail scéim um (ath)árachas dífhostaíochta leormhaith agus inoibrithe a bheadh in ann tacú le scéimeanna náisiúnta i gcás ina mbeadh suaitheadh eacnamaíoch sealadach ag tarlú i gcuid de AE; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé tacú le hinfheistíocht agus le rochtain ar mhaoiniú in AE chun cabhrú le FBManna a bhfuil deacrachtaí sócmhainneachta acu, fostaíocht ardcháilíochta a chruthú in earnálacha straitéiseacha agus comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn in AE.

 

 

 

 

 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

25.1.2022

 

 

 

Toradh an vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

3

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Mathilde Androuët, Pascal Arimont, Adrian-Dragoş Benea, Isabel Benjumea Benjumea, Tom Berendsen, Erik Bergkvist, Stéphane Bijoux, Vlad-Marius Botoş, Rosanna Conte, Andrea Cozzolino, Rosa D’Amato, Christian Doleschal, Raffaele Fitto, Chiara Gemma, Mircea-Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Peter Jahr, Ondřej Knotek, Cristina Maestre Martín De Almagro, Nora Mebarek, Martina Michels, Alin Mituța, Andżelika Anna Możdżanowska, Niklas Nienaß, Andrey Novakov, Alessandro Panza, Tsvetelina Penkova, Caroline Roose, Marcos Ros Sempere, André Rougé, Susana Solís Pérez, Irène Tolleret, Valdemar Tomaševski, Monika Vana

Feisirí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniel Buda, Dimitrios Papadimoulis, Peter Pollák, Bronis Ropė, Tomislav Sokol

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

37

+

ECR

Raffaele Fitto, Andżelika Anna Możdżanowska, Valdemar Tomaševski

ID

Mathilde Androuët, André Rougé

NI

Chiara Gemma

PPE

Pascal Arimont, Isabel Benjumea Benjumea, Tom Berendsen, Daniel Buda, Christian Doleschal, Mircea‑Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Peter Jahr, Andrey Novakov, Peter Pollák, Tomislav Sokol

Renew

Stéphane Bijoux, Vlad‑Marius Botoş, Ondřej Knotek, Alin Mituța, Susana Solís Pérez, Irène Tolleret

S&D

Adrian‑Dragoş Benea, Erik Bergkvist, Andrea Cozzolino, Cristina Maestre Martín De Almagro, Nora Mebarek, Tsvetelina Penkova, Marcos Ros Sempere

Grúpa na Clé

Martina Michels, Dimitrios Papadimoulis

Verts/ALE

Rosa D'Amato, Niklas Nienaß, Caroline Roose, Bronis Ropė, Monika Vana

 

3

-

ID

Matteo Adinolfi, Rosanna Conte, Alessandro Panza

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear::

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 25 Feabhra 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais