Tuarascáil - A9-0018/2022Tuarascáil
A9-0018/2022

TUARASCÁIL ar rannpháirteachas leis na saoránaigh: an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

3.2.2022 - (2020/2275(INI))

An Coiste um Achainíocha
Rapóirtéir: Marie-Pierre Vedrenne
Rapóirtéir don tuairim (*):
Helmut Scholz, an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


Nós Imeachta : 2020/2275(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0018/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0018/2022
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar rannpháirteachas leis na saoránaigh: an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

(2020/2275(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 10 agus 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint d’Airteagail 24 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina léirítear go leagtar tábhacht ar leith sa Chonradh ar an gceart atá ag saoránaigh agus cónaitheoirí an Aontais a gcúiseanna buartha a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 228 CFAE, maidir le ról agus feidhmeanna an Ombudsman Eorpaigh,

 ag féachaint do bheart ón gComhairle lena ndéantar an Creat Athbhreithnithe ar leibhéal AE a Cheanglaítear le hAirteagal 33.2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas,

 ag féachaint d’Airteagail 11, 41, 42, 43 agus 44 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’fhorálacha CFAE a bhaineann leis an nós imeachta um shárú, go háirithe Airteagal 258 agus 260 CFAE de,

 ag féachaint do na rúin uaithi maidir le conclúidí phléití an Choiste um Achainíocha,

 ag féachaint do Rialacha 222, 230 agus 216 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagal 10(3) CAE,

 ag féachaint d’Airteagal 20 CFAE maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais in aon cheann de theangacha na gConarthaí agus chun freagra a fháil sa teanga chéanna,

 ag féachaint do Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman[1],

 ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh[2],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1042 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19[3],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A9-0018/2022),

A. de bhrí go leagtar síos, le hAirteagal 10(3) CAE, go ‘mbeidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais’ agus go ‘nglacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach’;

B. de bhrí go bhfuil ‘ról cosanta’ ag an gCoiste um Achainíocha chun comhlíonadh AE le CRPD a áirithiú laistigh de na gníomhaíochtaí ceaptha beartais agus reachtacha ar leibhéal AE; de bhrí gur iarradh ar Choiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa creat AE a tharraingt suas in éineacht leis an Ombudsman Eorpach, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus leis an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas, mar a ghlac an Chomhairle iad ag an 3513ú cruinniú a tionóladh an 16 Eanáir 2017;

C. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar rannpháirtíocht agus trédhearcacht na saoránach ar leibhéal AE chun an bhearna a mheastar a bheith ann idir AE agus a shaoránaigh, agus eagraíochtaí ionadaíocha, a dhúnadh;

D. de bhrí go bhfuil an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa ar cheann de chearta bunúsacha shaoránaigh AE, a chumhdaítear in Airteagail 44 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

E. de bhrí go bhfuil líon na n-achainíocha measartha i gcónaí i ndáil le daonra iomlán AE, ag deimhniú an gá atá le móriarrachtaí agus bearta saincheaptha chun feasacht an phobail a mhéadú agus chun feabhsuithe suntasacha a bhaint amach maidir le feidhmiú an chirt chun achainí a dhéanamh; de bhrí go gcuirtear tuairim is 1 200 achainí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ar an meán in aghaidh na bliana;

F. de bhrí gur shroich líon na n-achainíocha a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa buaicphointe in 2013 agus go bhfuil an líon sin anois ag laghdú; de bhrí go bhfuil líon iomadúil de shaoránaigh na hEorpa nach bhfuil eolach fós faoin gceart chun achainí a dhéanamh;

G. de bhrí go leagtar síos na critéir incháilitheachta le haghaidh achainíocha in Airteagal 227 CFAE agus i Riail 226 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, lena gceanglaítear gurb iad saoránaigh nó cónaitheoirí AE, ar a bhfuil tionchar díreach ag gnóthaí a thagann faoi réimsí gníomhaíochta AE, na daoine a chaithfidh achainíocha a thíolacadh;

H. de bhrí go bhfuil an nós imeachta achainíocha is oscailte agus is trédhearcaí in AE ag Parlaimint na hEorpa, nós imeachta lena lamháiltear d’achainígh a bheith rannpháirteach ina gníomhaíochtaí, lena n-áirítear díospóireachtaí coiste agus éisteachtaí;

I. de bhrí go scrúdaítear agus go bpróiseáiltear gach achainí leis an gCoiste um Achainíocha agus gurb é an t-aon choiste amháin é a choinníonn idirphlé laethúil leis na saoránaigh;

J. de bhrí gur minic daoine aonair a fheidhmíonn an ceart chun achainí a dhéanamh;

K. de bhrí nach féidir feabhas a chur ar an gceart chun achainí a dhéanamh ach amháin trí fheabhas a chur ar chumas institiúidí AE agus na mBallstát teacht ar réitigh thráthúla agus éifeachtacha ar shaincheisteanna arna n-ardú ag na hachainígh, agus cosaint iomlán ar chearta bunúsacha na saoránach á háirithiú ag an am céanna;

L. de bhrí go ndearbhaítear roinnt achainíocha a bheith neamh-inghlactha i ngeall ar easpa faisnéise nó mearbhall i measc saoránach i dtaobh inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh;

M. de bhrí go bhfuil mainnithe fós ag an gCoimisiún fós faisnéis chuimsitheach a sholáthar maidir le líon na n-achainíocha a raibh tionscnamh nós imeachta um shárú nó aon ghníomh reachtach nó neamhreachtach eile mar thoradh orthu;

N. de bhrí go bhfuil gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa chun feabhas a chur ar na rialacha ábhartha maidir leis an bpróiseas achainíocha d’fhonn feabhas a chur ar infheictheacht agus obair leantach achainíocha, lena n-áirítear i ngníomhaíochtaí iomlánacha Pharlaimint na hEorpa, chun na saincheisteanna a ardaítear trí achainíocha a chomhtháthú ar bhealach níos éifeachtaí i dtosaíochtaí chlár oibre polaitiúil AE;

O. de bhrí gur bhunaigh an Choimisiúin a straitéis chun dul i ngleic le hachainíocha ar a theachtaireacht ó 2016 dar teideal EU law: Better results through better application [Dlí AE: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr’] atá d’uireasa forálacha lena mbunaítear nósanna imeachta riaracháin nó cleachtas maidir le hachainíocha;

P. de bhrí, le CFAE, go neartaítear saoránacht an Aontais agus go bhfeabhsaítear tuilleadh feidhmiú daonlathach an Aontais trína fhoráil, inter alia, go bhfuil an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais trí bhíthin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES);

Q. de bhrí gur cheart béim a leagan ar a thábhachtaí atá TES i dtaca le tionscnaimh agus forbairtí beartais AE mhúnlú;

R. de bhrí go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh an Aontais dul i dteagmháil leis an gCoimisiún go díreach, chun iarraidh air togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme;

S. de bhrí nach foláir do AE an ceart a bheith rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí daonlathacha an Aontais Eorpaigh ina dteanga dhúchais a ráthú do na saoránaigh chun aon idirdhealú de chineál ar bith a sheachaint;

T. de bhrí go gcabhraítear le TES, dá bhrí sin, le feidhmiú daonlathach an Aontais a neartú trí rannpháirtíocht na saoránach ina shaol daonlathach agus polaitiúil; de bhrí gur cheart breathnú ar TES mar cheann de na bealaí inar féidir leis na saoránaigh aird institiúidí AE a tharraingt ar shaincheisteanna ar leith agus iarraidh orthu reachtaíocht a rith maidir le saincheisteanna atá faoi inniúlacht AE agus a dhéanann difear do na saoránaigh, in éineacht le hidirphlé le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta, comhairliúchán le geallsealbhóirí, an ceart chun achainí a dhéanamh agus an ceart chun gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh;

U. de bhrí, le Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, go bhfuil TES níos inrochtana agus níos éasca a chur chun feidhme d’eagraithe, go háirithe trí thionscnaimh a aistriú go teangacha oifigiúla uile AE;

V. de bhrí gur liostaigh an Coimisiún líon fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2011/211 agus de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le Rialachán nua (AE) 2019/788 aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin go mion a mhéid a bhaineann le héifeachtacht TES mar ionstraim agus feabhas a chur ar an mbealach ina bhfeidhmíonn sé; de bhrí gur gá measúnú éifeachtach agus tráthúil a dhéanamh ar a chur chun feidhme; de bhrí, in aon chás, gur cheart don Choimisiún tuarascáil fhoirmiúil a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin;

W. de bhrí, ar mhaithe leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus lánacmhainneacht TES a bhaint amach, ba cheart go n-áiritheofaí leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha atá ina gceangal don TES go ndéanfar na tionscnaimh atá bailí de réir bhrí Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 788/2019 a bhreithniú agus go bhfaighidh siad freagra iomchuí ón gCoimisiún; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún ó thaobh dlí de an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh maidir le TES bailí a lua, más ann dó, agus na cúiseanna le gníomhaíocht a dhéanamh nó gan é a dhéanamh a lua ar bhealach soiléir, sothuigthe agus mionsonraithe; de bhrí go bhfuil gá le milliún síniú ar a laghad ó aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad chun go mbeidh TES bailí agus chun go ndéanfar é a chur faoi bhráid an Choimisiúin; de bhrí go bhfuil na teorainneacha ama do chéimeanna an bhailithe, an fhíoraithe agus an scrúdaithe níos solúbtha le Rialachán (AE) 2020/1042 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 trí bhearta sealadacha a thabhairt isteach; de bhrí gur leathnaíodh cur i bhfeidhm na mbeart sin trí ghníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún; de bhrí nach bhfuil sa rialachán seo ach rialachán sealadach agus nach bhfuil sé infheidhme ach go dtí deireadh 2022, arb é an dáta é freisin faoina gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na córais bhailithe ar líne ar leithligh dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/788;

X. de bhrí gur ceart polaitiúil do shaoránaigh an Aontais é TES a eagrú agus tacú leis agus gur ionstraim uathúil é chun tosaíochtaí a shainiú i gcás daonlathas rannpháirteach in AE, lena lamháiltear do shaoránaigh ról ghníomhach a ghlacadh i dtionscadail agus i bpróisis a bhaineann leo; de bhrí go raibh ann do shé cinn de TESanna go dtí seo, a fuair freagra uile ón gCoimisiún agus gurb iad Minority SafePack agus End the Cage Age na tionscnaimh is déanaí; de bhrí gurbh iad na tionscnaimh sin na chéad TESanna a ndearnadh díospóireacht ina dtaobh i bParlaimint na hEorpa tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán nua (AE) 2019/788 agus i gcomhréir le Riail 222(8) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a tugadh isteach le déanaí; de bhrí gur ghlac Parlaimint na hEorpa na rúin ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2020 agus i mí an Mheithimh 2021 faoi seach le tromlaigh ollmhóra 76 % agus 82 % de na vótaí a caitheadh;

Y. de bhrí go bhfuair an Coiste um Achainíocha 107 iarraidh ar TES a sheoladh, ar measadh 83 díobh a bheith incháilithe agus cáilithe le haghaidh clárúcháin, agus ar éirigh le sé cinn díobh sin;

Z. de bhrí gur gá go mbeadh sé ar cheann de phríomhchuspóirí AE neartú a dhéanamh ar dhlisteanacht dhaonlathach a chuid institiúidí agus trédhearcacht iomlán phróisis chinnteoireachta AE a áirithiú, mar aon le cearta bunúsacha na saoránach a chosaint go héifeachtach agus rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú i dtaca le clár oibre polaitiúil AE a mhúnlú trí ionstraimí rannpháirtíochta ó na saoránaigh, ar ionstraimí iad a neartófar agus a bheidh níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí;

AA. de bhrí go dtugann Airteagail 20, 24 agus 228 CFAE agus Airteagal 43 den Chairt údarás don Ombudsman Eorpach gearáin a ghlacadh a bhaineann le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina ról breithiúnach;

AB. de bhrí go ndírítear le fiosrúcháin an Ombudsman go príomha ar thrédhearcacht agus cuntasacht, cultúr seirbhíse, úsáid chuí na discréide agus urraim do chearta nós imeachta;

AC. de bhrí go ndearnadh comóradh 25 bliana bhunú oifig an Ombudsman Eorpaigh a cheiliúradh in 2020; de bhrí, ó osclaíodh oifig an Ombudsman, gur déileáladh le 57 000 gearán, as ar eascair breis agus 7 600 fiosrúchán;

AD. de bhrí gur uirlisí rannpháirtíochta iad an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach, agus TES lena spreagtar trédhearcacht, daonlathas rannpháirteach agus saoránacht ghníomhach Eorpach;

Ceart chun achainí a dhéanamh

 

1. á mheabhrú gurb é an ceart chun achainí a dhéanamh an ionstraim is sine a bhaineann le rannpháirtíocht dhíreach na saoránach ar leibhéal AE agus gurb é an bealach is simplí agus is dírí é do shaoránaigh teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí AE agus a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an reachtaíocht agus na roghanna beartais a ghlactar ar leibhéal an Aontais, mar aon le gearáin a dhéanamh faoi lúba ar lár agus droch-chur chun feidhme; á mheabhrú go bhfuil líon na n-achainíocha a fhaightear i leith dhaonra AE fós measartha agus go bhfuil difríochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit, na réigiúin agus na teangacha a mhéid a bhaineann leis an gceart chun achainí a dhéanamh; á chreidiúint gur féidir le feachtais spriocdhírithe faisnéise agus oideachas sibhialta faoi chearta shaoránacht AE daonra níos leithne a shroicheadh agus torthaí nithiúla a bhaint amach maidir le feasacht a mhúscailt i dtaobh chearta na saoránach ar leibhéal AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil raon leathan ionstraimí ar fáil don Choiste um Achainíocha, eadhon dréachtú tuarascálacha agus rún, éisteachtaí poiblí, ceardlanna téamacha agus misin aimsithe fíoras, lena bhféadfar freagairt d’ábhair imní na saoránach agus chun Parlaimint na hEorpa, na hinstitiúidí Eorpacha eile agus údaráis náisiúnta a spreagadh chun gníomhú; á iarraidh ar an gCoiste um Achainíocha treisiú a dhéanamh ar an gcomhar leis na parlaimintí náisiúnta agus comhpháirtíocht a chruthú lena lamhálfar do dhea-chleachtais a mhalartú;

2. á mheabhrú go bhfuil tionchar cinntitheach ar shaoránaigh ag an gcaoi a gcaitear leis na saincheisteanna a ardaítear in achainíocha maidir le hurraim éifeachtach don cheart chun achainí a dhéanamh amhail a chumhdaítear i gConarthaí AE, agus ar thuairim na saoránach i dtaobh institiúidí an Aontais;

3. á chur in iúl gurb oth léi gurb ionann diúltú an Choimisiúin do ghníomhú ar shaincheisteanna a tarraingíodh anuas in achainíocha aonair agus sárú ar fhorálacha Chonarthaí reatha AE a bhaineann leis an gceart chun achainí a dhéanamh, ó rud é nach bhfuil sé teoranta do shaincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo nó lena léirítear fadhbanna struchtúracha;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chur chuige straitéiseach reatha maidir le hachainíocha a láimhseáil ar bhealach tráthúil, ós rud é gurb é an toradh a bhíonn air go bhfágfar, inter alia, saincheisteanna maidir le sáruithe tromchúiseacha ar dhlí AE gan réiteach, ar saincheisteanna iad atá díobhálach do chosaint chearta na saoránach;

5. ag tathant ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún comhaontú idirinstitiúideach ceangailteach a ghlacadh maidir le láimhseáil achainíocha chun creat dlíthiúil soiléir, intuartha agus trédhearcach a áirithiú, ar creat é a bheidh dírithe ar an gceart chun achainí a dhéanamh arna bhunú i gConarthaí AE a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus ar chearta bunúsacha na saoránach a chosaint go héifeachtach;

6. á chur i bhfios go láidir gur príomhghné den daonlathas rannpháirteach é an ceart chun achainí a dhéanamh; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an ceart chun achainí a dhéanamh a aithint mar uirlis bhunúsach chumarsáide idir saoránaigh agus institiúidí an Aontais, mar aon le gné bhunriachtanach de rialachas daonlathach agus trédhearcach ar leibhéal AE;

7. á mheabhrú go bhfuil a gceart chun achainí a dhéanamh á cheilt ar a lán saoránach Eorpach, mar nach gcomhlíonann a n-ardáin na caighdeáin inrochtaineachta agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 33.2 de CPRD na Náisiún Aontaithe;

8. ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le feabhsuithe móra, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i gConarthaí AE, chun freastal d’ionchais na saoránach agus an ceart chun achainí a dhéanamh á fheidhmiú acu ar mhaithe le fadhbanna aonair a réiteach, ionas go gcoiscfear cásanna ina mbraitheann an pobal díomá le hinstitiúidí AE; á iarraidh go gcuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil do shaoránaigh maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh agus an comhar le húdaráis na mBallstát a fheabhsú chun cosaint iomlán a dhéanamh ar chearta na saoránach a eascraíonn as dlí AE; á iarraidh ar institiúidí AE faisnéis shoiléir a chur ar fáil maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh agus dul i muinín na hionstraime sin a spreagadh go córasach;

9. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé tábhachtach na modhanna cumarsáide a éagsúlú agus feasacht na saoránach a ardú, i ndlúthchomhar le comhlachais náisiúnta agus áitiúla, trí fheachtais faisnéise agus díospóireacht phoiblí leanúnach ar réimsí beartais an Aontais; á chreidiúint gur cheart fóraim idirghníomhacha ar líne a fhorbairt inar féidir le saoránaigh faisnéis a fháil, tuairimí a mhalartú agus iad féin a chur in iúl gan bhac, go háirithe d’fhonn díriú ar dhaoine óga;

10. á chur i bhfios gur féidir le frustrachas na n-achainíoch i ngeall ar easpa fíor-réiteach ar a gcuid fadhbanna a bheith ina shiocair le fuaraigeantacht i leith institiúidí AE, mar aon le braistint Eoraisceipteach i ngeall ar easpa freagraí;

11. á iarraidh go mbeidh ann do chritéir choiteanna agus déileáil á dhéanamh leis na hachainíocha éagsúla chun a ráthú go ndéileálfar go caighdeánaithe agus go comhleanúnach leis na hachainíocha agus chun úsáid threallach nó pháirtíneach iarrataí ó na saoránaigh a sheachaint; á chur i bhfáth gur féidir leis an easpa aonchineálachta sa chaoi a ndéileáiltear le hachainíocha mearbhall a chruthú i measc na n-achainíoch agus a bheith ina siocair le toil theoranta i measc na saoránach go ginearálta i dtaobh feidhmiú a dhéanamh ar an gceart chun achainí a dhéanamh;

12. á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go ndéantar coimhthíos a chruthú idir na saoránaigh agus AE trí léirmhíniú atá róchúng nó neamhsheasmhach ar Airteagal 51 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a ullmhú lena n-áiritheofar go gcuirfear forálacha Airteagal 51 i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus leathan agus á iarraidh go ndéanfar staidéar ar an tsaincheist sin ag Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;

13. ag tarraingt aird ar an acmhainneacht a ghabhann leis an gceart chun achainí a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí AE a chur ar an airdeall faoi lúba ar lár a d’fhéadfadh a bheith i ndlí an Aontais, nó faoi sáruithe nó droch-chur chun feidhme ina leith sin, ar bhonn córasach agus a mhéid a bhaineann le cásanna sonracha araon; á áitiú go bhféadfadh achainíocha aonair a bheith ina n-uirlis chun dlí AE a chur i bhfeidhm agus a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, aird níos géire a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaítear in achainíocha, lena n-áirítear saincheisteanna aonair, agus a áirithiú go ndéanfar fiosrúcháin chuí ina dtaobh ionas gur féidir fíorfheabhsuithe a dhéanamh i bhfeidhmiú ceart dhlí AE fud fad an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras, i gcásanna nach bhfuil cumhachtaí reachtacha ag an gCoimisiún, nach foláir dó úsáid éifeachtach a bhaint as an deis chun gníomhú trí chomhordú nó tacaíocht a thabhairt chun freagairt dhícheallach a thabhairt ar fhadhbanna agus ar riachtanais na n-achainíoch;

14. ag tabhairt faoi deara gur dhéileáil an Coiste um Achainíocha le go leor achainíocha maidir le COVID-19, go príomha faoin nós imeachta práinne; ag tréaslú leis an gCoiste um Achainíocha as a láimhseáil mhear agus éifeachtach ar achainíocha in aimsir na mórghéarchéime, rud atá ina réamhriachtanas do mhuinín na saoránach as institiúidí an AE;

15. á chur i bhfios gur gné bhunriachtanach de shaoránacht AE é an ceart chun achainí a dhéanamh; á chur in iúl gur oth go mór léi nach luaitear an ceart chun achainí a dhéanamh sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le tuarascáil 2020 ar shaoránacht AE ná sa phlean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach; á mheas gur deis chaillte a bhí ann infheictheacht ceann de ghnéithe na saoránachta Eorpaí a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún an ceart chun achainí a dhéanamh a áireamh ina dhoiciméid bheartais;

16. á iarraidh go gcuirfear chun feidhme anailís mhionsonraithe lena léireofaí na cúiseanna a bhfuil laghdú tagtha ar líon na n-achainíocha cláraithe le blianta beaga anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh leis an gCoiste um Achainíocha chun staidéar a dhéanamh chun na príomhbhacainní a thagann chun cinn agus an ceart chun achainí a dhéanamh á fheidhmiú, mar aon le haon fhadhbanna cumarsáide a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh go gcuirfear chun feidhme na sásraí riachtanacha chun na heasnaimh agus na fadhbanna a d’fhéadfadh a theacht chun cinn sa staidéar a réiteach;

17. ag cáineadh an Choimisiúin i ngeall ar an easpa córas cuí atá aige chun faisnéis maidir le hachainíocha a bhailiú agus ar an gcaoi a nasctar iad le nósanna imeachta um shárú nó le gníomhartha AE, rud a dhearbhaítear freisin leis na heasnaimh i dtuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí AE, ina dtagraítear d’achainíocha ar bhealach thar a bheith ghinearálta;

18. á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar achainíocha ar déileáladh leo agus a áirithiú go gcuirfear an méid sin san áireamh sa chinnteoireacht pholaitiúil ar leibhéal an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún laghdú a dhéanamh ar an am is gá chun freagra a thabhairt ar iarrataí Parlaimint na hEorpa maidir le hachainíocha;

19. á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach a léiriú agus a bheith rannpháirteach i bpléití agus i ndíospóireachtaí maidir le hachainíocha agus freagraí a thabhairt ar na saincheisteanna arna n-ardú ag achainígh ar leibhéal AE, go háirithe trí achainíocha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis ábhartha agus inniúla, lena n-áiritheofar obair leantach leormhaith agus rannpháirteachas i ndíospóireachtaí parlaiminteacha;

20. á chur i bhfios go bhfuil gá lena áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar achainíocha san obair pharlaiminteach agus reachtach; á mheabhrú go bhféadfaí achainíocha a mheas mar uirlis straitéiseach chun cothú a dhéanamh ar an gceart maidir le tionscnamh reachtach de chuid Pharlaimint na hEorpa, a chumhdaítear in Airteagal 225 CFAE, lena dtabharfar aghaidh, dá bhrí sin, ar na lúba ar lár agus ar neamhréireachtaí dhlí AE a thugtar chun suntais trí achainíocha ar mhaithe lena áirithiú go ndéanfar cosaint iomlán ar chearta na saoránach;

21. á iarraidh ar institiúidí AE agus ar choistí Pharlaimint na hEorpa, mar aon leis na Ballstáit, comhoibriú níos fearr leis an gCoiste um Achainíocha chun freagra a thabhairt go héifeachtúil ar achainígh agus chun a n-iarrataí a shásamh; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh ionadaithe na mBallstát i láthair agus go mbeidh siad rannpháirteach i rith phlé na n-achainíocha sa choiste; ag tathant ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, freagraí ginearálta a sheachaint agus freagraí spriocdhírithe agus saincheaptha a chur ar fáil do na hachainígh agus dá n-iarrataí;

22. á iarraidh ar an tsochaí shibhialta ina hiomláine leas iomlán a bhaint as an gceart chun achainí a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hathruithe beartais agus reachtacha a chur chun feidhme ar leibhéal AE; ag spreagadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta úsáid níos fearr a bhaint as achainíocha mar ionstraimí daonlathais dhírigh chun a n-ábhair imní, mar aon le neamhchomhlíonadh dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann, a chur in iúl do na hinstitiúidí Eorpacha;

23. á iarraidh ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa machnamh a dhéanamh ar an gceart chun achainí a dhéanamh, agus díospóireacht a thionól ina leith, agus, in éineacht le baill an phobail, breathnú ar bhealaí chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an rochtain ar an gceart chun achainí a dhéanamh, ar mhaithe le hionstraim níos daonlathaí agus níos úsáidí a dhéanamh de do shaoránaigh agus do chónaitheoirí in AE lena gcuirfear i dteagmháil dhíreach le hinstitiúidí AE iad agus lena dtarchuirfear a ngearáin; á iarraidh ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa moltaí a chur ar fáil chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an chirt chun achainí a dhéanamh ar leibhéal AE;

24. á iarraidh go neartófar seasamh an Choiste um Achainíocha laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus ina chaidreamh idirinstitiúideach, ós rud é gurb é an t-aon choiste amháin é a dhéanann cumarsáid dhíreach leis na saoránaigh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá níos mó pearsanra agus acmhainní a chur ar fáil don Choiste um Achainíocha, i bhfianaise scála a chuid oibre;

25. á iarraidh ar na coistí eile rannchuidiú go tráthúil le hiarrachtaí Pharlaimint na hEorpa freagra níos mire agus níos éifeachtaí a thabhairt ar ábhair imní na saoránach agus na fadhbanna a ardaíonn na hachainígh a chur i gcuntas san obair reachtach leanúnach; á iarraidh ar na coistí eile na hachainíocha a bhaineann lena réimsí inniúlachta i ngníomhaíochtaí reachtacha laethúla Pharlaimint na hEorpa a chur i gcuntas, agus freagra foirmiúil agus sonrach a thabhairt ar ionchais a ardaítear trí achainíocha na saoránach;

26. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur uirlis riachtanach é líonra na n-achainíocha chun éascú a dhéanamh ar an obair leantach ar achainíocha mar chuid den ghnó parlaiminteach agus reachtach, mar aon le malartú faisnéise agus dea-chleachtas a chur chun cinn i measc a chomhaltaí, ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon; á chreidiúint gur cheart don líonra sin idirphlé agus an comhar leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí eile AE a fheabhsú;

27. i bhfianaise, de réir na dTreoirlínte[4], nuair a iarrtar air a thuairim a thabhairt, déanfaidh coiste an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun achainí a dhéanamh agus a ualach oibre reachtaíochta a mheas sula ndéanfaidh sé cinneadh i dtaobh tuairim a thabhairt nó gan tuairim a thabhairt, agus gurbh ann don riail sin sular aontaíodh Conradh Liospóin agus go léirítear léi seantuiscint ar thábhacht achainíocha in obair pharlaiminteach, á iarraidh go ndéanfar nuashonrú ar na Treoirlínte chun an t-údarás riachtanach a chur ar fáil don Choiste um Achainíocha agus do choistí eile chun go bhféadfar a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach;

28. á iarraidh go ndéanfar suirbhé Eorabharaiméadair chun tomhas a dhéanamh ar an méid atá ar eolas ag saoránaigh AE faoin gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, leis an aidhm sonraí a bhailiú a úsáidfear mar bhunús i gcomhair feachtas feasachta láidir agus inrochtana a chur ar bun; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcabhraítear le feasacht na n-institiúidí Eorpacha a ardú i leith ábhair imní na saoránach trí shuirbhéanna rialta ar fud AE atá bunaithe ar phobalbhreitheanna trasteorann;

29. á iarraidh go gcuirfear bunachar sonraí coiteann ar bun idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún chun faisnéis a roinnt, ar bhealach trédhearcach agus comhoibritheach, faoi na gníomhaíochtaí leantacha ar fad a dhéanann an Coimisiún maidir le hachainíocha, lena n-áirítear Threoirthionscadail AE agus nósanna imeachta um shárú, tograí reachtacha agus aon ghníomh eile AE;

30. á iarraidh go ndéanfar an ceart chun achainí a dhéanamh, chomh maith le Thairseach Ghréasáin Achainíocha Pharlaimint na hEorpa a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí trí na meáin shóisialta, trí fheachtais feasachta, trí oiliúint a chur ar iriseoirí agus tríd an tairseach sin a cheangal leis na tairseacha achainíocha a mheastar a mbaineann na saoránaigh úsáid astu chun tacaíocht a fháil ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta;

31. á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a suíomhanna gréasáin agus suíomh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a nascadh le Tairseach Ghréasán na nAchainíocha agus an tairseach sin a chur chun cinn trína gcainéil, lena n-áirítear ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit, ar cheart iad a spreagadh chun comhoibriú le hoifigí idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa;

32. á iarraidh go gcuirfear feabhas ar Thairseach Ghréasán na nAchainíocha chun go mbeidh sé níos infheicthe don phobal, níos soláimhsithe, níos éasca nascleanúint a dhéanamh air agus inrochtana do na saoránaigh uile, go háirithe daoine faoi mhíchumais; á iarraidh go gcuirfear feabhas ar fheidhm anailíse sonraí sa bhunachar sonraí ePetition chun éascú a dhéanamh ar achainíocha a bhí ann roimhe seo ar an ábhar céanna a aisghabháil ó ePetition; á iarraidh go mbeidh próiseas simplithe ann do shaoránaigh chun tacú le hachainí a thíolactar tríd an tairseach ar líne, lena bhféadfaí úsáid níos fearr a bhaint as a gceart chun achainí a dhéanamh;

33. ag tabhairt faoi deara nach bhfuil rochtain fíor-ama ag achainígh ar fhaisnéis maidir le stádas a n-achainíocha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar tuilleadh faisnéise a chur ar fáil go poiblí agus a phostáil ar Thairseach Ghréasán na nAchainíocha lena n-áirítear, mar shampla, an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an achainí agus na fiosrúcháin a seoladh le hinstitiúidí eile ina leith; á iarraidh go mbeidh ann do shineirge níos mó idir an tairseach agus bunachar sonraí inmheánach Pharlaimint na hEorpa chun trédhearcacht níos fearr a chur chun cinn agus achainíocha á láimhseáil;

34. á iarraidh go mbaileofar tuilleadh faisnéise maidir le próifíl na n-achainíoch, agus lánurraim á tabhairt do rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, ar mhaithe leis na grúpaí atá faoi ghannionadaíocht a shainaithint a mhéid a bhaineann le feidhmiú an chirt chun achainí a dhéanamh agus chun díriú ar na grúpaí sin trí bhíthin feachtais for-rochtana oiriúnaithe;

Feidhm an Ombudsman Eorpaigh

35. á chur i bhfios an tábhacht a bhaineann leis an gceart atá ag aon saoránach AE agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó uirthi in AE gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach faoi chásanna drochriaracháin laistigh d’institiúidí AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gné bhunriachtanach de dhaonlathas rannpháirteach agus de dhlisteanacht phróiseas cinnteoireachta an Aontais gurb ea gearáin na saoránach a dhéantar chuig an Ombudsman; á chur i bhfios, leis an gceart chun ábhar a tharchur chuig an Ombudsman go méadaítear rannpháirtíocht na saoránach le hinstitiúidí AE agus muinín na saoránach ina dtaobh, ós rud é go ndéantar trédhearcacht agus dea-rialachas a chur chun cinn in institiúidí agus i gcomhlachtaí AE;

36. ag cur béim ar an bhforbairt ar ról an Ombudsman, ar féidir leis úsáid a bhaint as cumhachtaí féintionscnaimh chun cabhrú dul i ngleic leis na fadhbanna córasacha i riarachán AE agus iarrachtaí a dhéanamh chun dea-rialachas a chur chun cinn, i.e. lena n-áirithítear go gcomhlíonfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais na caighdeáin is airde; agus an méid sin á chur san áireamh, á mheas go bhfuil ról an Ombudsman níos tábhachtaí ná riamh i bhfianaise go bhfuil riarachán AE, trína ghníomhaireachtaí, ag glacadh le ról atá ag éirí níos tábhachtaí i saol na saoránach a mhéid a bhaineann le saincheisteanna amhail an imirce agus an tsláinte;

37. á mheabhrú go bhfuil de chumhacht ag an Ombudsman Eorpach moltaí, moltaí le haghaidh réiteach agus moltaí le haghaidh feabhsúcháin a dhéanamh d’fhonn fadhb a réiteach i gcásanna éagsúla drochriaracháin; ag tabhairt faoi deara, i gcás nach dtagann gearán faoina sainordú, féadfaidh an tOmbudsman a mholadh don ghearánach é a tharchur chuig údarás eile nó chuig an gCoiste um Achainíocha; ag tabhairt dá haire go bhfuair an tOmbudsman breis agus1 400 gearán in 2020 nach raibh faoina sainordú, go príomha toisc nach raibh baint acu le gníomhaíochtaí a bhain le riarachán ar leibhéal AE;

38. á iarraidh ar an Ombudsman breathnú níos grinne ar an gcaoi a gcaitear cistí agus buiséad AE agus seiceáil nach mbaintear an bonn ó leasanna an Aontais de dheasca sáruithe ar an smacht reachta, aon sárú ar phrionsabail agus ar luachanna AE, éilliú nó coinbhleachtaí leasa, go háirithe i gcomhthéacs phlean téarnaimh AE, Next Generation EU; á chur i bhfios go láidir gur coinníoll bunriachtanach é urraim a thabhairt don smacht reachta chun rochtain a fháil ar chistí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an choinníollacht sin maidir le hurraim a thabhairt don smacht reachta, agus de bhrí nach ngéilleann an tAontas Eorpach i dtaca lena luachanna, ina tosca lena neartaítear muinín na saoránach as an Aontas agus go léirítear tiomantas daingean AE i leith na cáilíochta daonlathaí ar fud a chríche;

39. á mheabhrú go bhfuil an caidreamh leis an Ombudsman Eorpach ar cheann de na freagrachtaí a thugtar don Choiste um Achainíocha le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa;

40. á chur in iúl gur geal léi na hathruithe is déanaí ar Reacht an Ombudsman Eorpaigh, lena dtugtar feidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman i gcomhréir le Conradh Liospóin agus lena neartófar tuilleadh an ceart atá ag saoránaigh agus cónaitheoirí an Aontais gearán a dhéanamh faoi dhrochriarachán, go háirithe maidir le cosaint sceithirí, ciapadh agus coinbhleachtaí leasa ag institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE; á mheabhrú, le Reacht nua an Ombudsman freisin go soiléirítear na coinníollacha faoinar féidir leis an Ombudsman fiosrúcháin féintionscnaimh a dhéanamh, á athdhearbhú go bhféadfaidh an tOmbudsman comhoibriú le húdaráis na mBallstát agus le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an AE; á chreidiúint go láidir, sa chomhthéacs seo, gur cheart buiséad méadaithe a leithdháileadh ar an Ombudsman, lena soláthrófar na hacmhainní riachtanacha di chun déileáil go héifeachtach leis an ualach méadaithe oibre agus chun leanúint ag obair go cumasach chun seirbhís a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa; ag tathant ar na hinstitiúidí, ar na comhlachtaí agus ar na gníomhaireachtaí Eorpacha cloí le moltaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht agus saincheisteanna eiticiúla eile;

41. á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh AE rochtain a fháil ar dhoiciméid institiúidí AE; ag moladh an Ombudsman as an obair iontach atá déanta aici maidir le hinrochtaineacht doiciméid AE, go háirithe cur i bhfeidhm an nós imeachta mhear chun déileáil le hiarrataí den sórt sin; á iarraidh ar na comhreachtóirí cloí le moltaí an Ombudsman maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus leasú an Rialacháin sin a spreagadh; á mheas gur tosaíocht é an t-athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, ar mhaithe le trédhearcacht iomlán agus rochtain iomlán phoiblí ar na doiciméid atá i seilbh institiúidí AE a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cúraimí trédhearcachta an Ombudsman do dhaonlathas na hEorpa, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hinrochtaineacht doiciméad do shaoránaigh na hEorpa, chun a chur ar a gcumas a gceart chun faisnéise a fheidhmiú go hiomlán agus chun muinín na saoránach as an tionscadal Eorpach a mhéadú; á iarraidh ar an Ombudsman leanúint dá hiarrachtaí ina leith sin, ós rud é go bhfuil rochtain thráthúil ar dhoiciméid i 24 theanga oifigiúla AE bunriachtanach chun rannpháirtíocht chuí na saoránach agus na sochaí sibhialta sa phróiseas cinnteoireachta a áirithiú;

42. ag tréaslú an Ombudsman as an obair a rinneadh chun an t-ilteangachas do shaoránaigh a chur chun cinn agus as sraith moltaí a fhoilsiú do riarachán AE maidir le húsáid teangacha oifigiúla AE agus cumarsáid á déanamh aici leis an bpobal, moltaí a thugann treoir maidir le conas agus cén uair cumarsáid a dhéanamh agus cén teanga a úsáid ar mhaithe le héagsúlacht teanga AE a chosaint;

43. á mheabhrú go bhfuil tuiscint níos intuigthe agus níos trédhearcaí ar AE ar cheann de na bealaí chun feabhas a chur ar an tuiscint atá ag na saoránaigh ar an Aontas Eorpach; á mheas gur cheart don Chomhairle leanúint den obair ar a trédhearcacht a fheabhsú agus á iarraidh uirthi cuid de na moltaí a d’eisigh Parlaimint na hEorpa agus an tOmbudsman arís agus arís eile a chur chun feidhme;

44. á mheas go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach leanúint d’fhaisnéis leormhaith a chur ar fáil do shaoránaigh AE faoi ról agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an Ombudsman agus faoina tionchar ar fhorbairt institiúidí AE; á iarraidh ar an Ombudsman leanúint d’fhaisnéis a scaipeadh maidir le torthaí na bhfiosrúchán, as ar eascair trédhearcacht mhéadaithe i gcaibidlíocht trádála AE, torthaí trialacha cliniciúla na gcógas a ndearnadh meastóireacht orthu in AE a phoibliú, sásraí gearán a chur ar bun d’iarrthóirí tearmainn agus na rialacha eiticiúla is infheidhme maidir le Coimisinéirí Eorpacha a neartú;

45. á iarraidh ar an Ombudsman Líonra Eorpach na nOmbudsman a neartú tuilleadh chun an ceart ábhair a tharchur chuig an Ombudsman a úsáid ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon a chur chun cinn agus chun leanúint de bheith nasctha agus airdeallach maidir le réaltachtaí náisiúnta na saoránach; á chreidiúint go bhfuil gá le dlús a chur le hidirghníomhaíochtaí agus le malartú dea-chleachtas idir ombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha agus an tOmbudsman Eorpach chun a áirithiú go mbeidh eolas níos fearr ag saoránaigh faoina gcearta agus go mbeidh treoir níos fearr acu agus gearáin á ndéanamh acu;

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

46. ag cur béim ar an bhfíoras gur ionstraim uathúil den daonlathas rannpháirteach in AE gurb ea TES; á chur i bhfáth go dtugann TES deis eisceachtúil do shaoránaigh an Aontais chun na saincheisteanna nó ábhair atá ina gcúis bhuartha dóibh a shainaithint agus iad a chur ar an gclár oibre polaitiúil Eorpach, mar aon lena n-uaillmhianta a chur in iúl agus a iarraidh ar AE gníomhú agus reachtaíocht a rith, agus nach foláir a úsáid a spreagadh agus tacú leis trí na modhanna uile atá ar fáil; á mheabhrú, chuige sin, na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2019/788, go háirithe i leith feasacht a ardú i measc shaoránaigh an Aontais maidir le TES a bheith ann, maidir leis na cuspóirí atá aige agus maidir lena fheidhmiú agus chun cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil d’eagraithe TES; á mheas, ina leith sin, gur cheart rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa le hoibleagáidí cumarsáide an Choimisiúin a shoiléiriú;

47. á iarraidh ar an gCoimisiún teagmháil níos fearr a dhéanamh leis na TESanna bailí, agus an easpa obair leantach ar bhonn reachtach a leigheas, ionas go mbainfear amach an sprioc maidir le dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a fheabhsú trí rannpháirtíocht fheabhsaithe na saoránach ina shaol daonlathach agus polaitiúil; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún ina ionad sin tuiscint agus tiomantas iarbhír a léiriú ó thaobh freastal ar ionchais na saoránach de i ndáil le TESanna bailí;

48. á mheabhrú nár éirigh ach le roinnt TESanna rathúla obair leantach leormhaith a fháil ón gCoimisiún;

49. á mheas go bhfuil sé bunriachtanach go bhfuil na saoránaigh in ann rannchuidiú le feidhmiú shainphribhléid reachtacha an Aontais agus go bhfuil baint dhíreach acu le tograí reachtacha a thionscnamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú críochnúil a dhéanamh ar na tograí ó gach TES atá bailí, agus a oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh go hiomlán maidir leis na cúiseanna atá aige le gníomh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, rud ar cheart dó a dhéanamh ar bhealach soiléir, sothuigthe agus mionsonraithe; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar Pharlaimint na hEorpa measúnú a dhéanamh ar gach TES atá bailí agus ar na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/788 agus le Riail 222(9) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, go háirithe nuair a mhainníonn an Coimisiún aon tograí den sórt sin a chur ar aghaidh nó nuair a mhainníonn air iad a chur chun feidhme;

50. á iarraidh go ndéanfar ról Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú tuilleadh agus go bhfeabhsófar a naisc le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le TESanna sonracha bailí agus maidir lena gcur chun feidhme ag an gCoimisiún; á chreidiúint, sna cásanna ina mainníonn an Coimisiún a bhfuil ar intinn aige a fhoilsiú laistigh den spriocdháta atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/788, nó ina bhfuil sé leagtha amach i dteachtaireacht aige nach bhfuil sé ar intinn aige beart a dhéanamh maidir le TES a chomhlíonann na ceanglais nós imeachta, eadhon go n-urramaíonn an tionscnamh dlí príomha AE agus nach bhfuil sé i gcontrárthacht le luachanna an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 2 CAE agus leis na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha AE, go bhféadfadh Parlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh i dtaobh obair leantach a dhéanamh ar an TES le tuarascáil féintionscnaimh reachtach (INL) i gcomhréir le Riail 222 dá Rialacha Nós Imeachta; ag tathant ar an gCoimisiún gealltanas a thabhairt go dtíolacfaidh sé togra reachtach tar éis do Pharlaimint na hEorpa INL den sórt sin a ghlacadh; á creidiúint, dá mba rud é go dtarlódh cás mar sin, gur cheart don Choimisiún athmheastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar a fhreagra tosaigh, agus lánurraim á tabhairt, dá bhrí sin, do INL Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh go ndéanfar Rialachán (AE) 2019/788 a leasú lena ndreasófar an Coimisiún chun togra le haghaidh gníomh dlíthiúil a chur síos ar choinníoll go gcomhlíonann aighneacht TES na ceanglais ábhartha;

51. á iarraidh ar an gCoimisiún an pobal a chur ar an eolas go soiléir faoi chomhroinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfidh TESanna le hábhair agus le saincheisteanna a thagann faoi shainchúram inniúlachtaí an Choimisiúin i leith gníomhartha dlí a mholadh, agus comhairle phraiticiúil thráthúil a chur ar fáil do na heagraithe maidir le dréachtú TESanna agus úsáid leormhaith a bhaint as an bhféidearthacht TES a chlárú ar bhonn páirteach; ag cur béim ar an bhfíoras gur iarr TESanna a cláraíodh le déanaí agus atá ar siúl go leanúnach ar AE a bheith níos gníomhaí ar bhonn níos mire, go háirithe i réimsí chosaint an chomhshaoil, na sláinte, leasa ainmhithe, amhail na tionscnaimh Minority SafePack agus End the Cage Age, a fuair tacaíocht thar a bheith suntasach; ag athdhearbhú an ghá, dá bhri sin, atá leis an léirmhíniú is leithne is féidir a thabhairt do chreat chumhachtaí an Choimisiúin i leith gníomh dlí a mholadh;

52. ag moladh an Choimisiúin as seimineáir faisnéise a reáchtáil agus as Seachtain an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a eagrú in 2020, inar tugadh le chéile ionadaithe ó na hinstitiúidí, comhaltaí na sochaí sibhialta agus eagraithe na dtionscnamh a bhí ann roimhe seo agus na dtionscnamh reatha, agus é mar aidhm leis machnamh a dhéanamh ar conas feabhas a chur ar an ionstraim sin; á mheas, áfach, gur beag eolais fós atá ar TES; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, infheictheacht na huirlise rannpháirtíochta sin sna meáin a mhéadú, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/788;

53. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na bearta sealadacha i Rialachán (AE) 2020/1042, go háirithe maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí bailiúcháin agus an tionchar a bhí aige sin ar chumas na n-eagraithe i leith tacaíocht a shlógadh dá dTESanna, ar mhaithe le, inter alia, an próiseas athbhreithnithe a chur ar an eolas faoi Rialachán (AE) 2019/788; á mheas má bhíonn fianaise dhearfach mar thoradh ar an meastóireacht sin, go bhféadfaí a bheartú go gcuirfí síneadh leis na bearta sealadacha sin ar feadh tréimhse níos faide;

54. á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar uirlis TES chun go mbeidh rochtain níos fearr ag saoránaigh ar rannpháirtíocht, i bhfianaise líon íseal TESanna ar éirigh leo gníomhartha dlí a thionscnamh; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/788 chun feabhas a chur ar an gcaoi ar féidir le saoránaigh an Aontais a gceart chun tacú le TES a fheidhmiú, agus á iarraidh go ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme na mbeart sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar fheidhmiú an chirt sin sa chéad tuarascáil eile ar shaoránacht AE agus achoimre a thabhairt ar bhearta reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun feidhmiú an chirt sin a fheabhsú tuilleadh;

55. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an gcaoi a bhfuil freagraí oifigiúla ón gCoimisiún ar thionscnaimh rathúla ó na saoránaigh foirmlithe ar an gcaoi a ndéanann na saoránaigh meastóireacht ar an ionstraim agus go bhfuil iarracht níos mó agus scrúdú níos stuama ag teastáil i gcás gach tionscnaimh rathúil chun a áirithiú go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim leormhaith do thograí ó na saoránaigh;

56. á chur i bhfáth go bhfuil gá le buansásraí rannpháirtíochta lena lamhálfar do shaoránaigh a bheith rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta AE;

57. á thabhairt chun suntais an gá atá le sásra leantach cuí a chur ar bun le haghaidh TESanna nár éirigh leo chun measúnú sollúnta agus éifeachtach a dhéanamh ar ionchur na saoránach, lena n-áirítear saoránaigh a atreorú chuig an gCoiste um Achainíocha, ós rud é go bhféadfadh díscor a bheith mar thoradh ar an easpa tionchair; á chur i bhfios go láidir an ról neartaithe nach foláir a bheith ag an gCoiste um Achainíocha le linn próisis éisteachta; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú go tráthúil le Parlaimint na hEorpa tar éis a mheas go bhfuil TES bailí, chun a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa leas iomlán a bhaint as an tréimhse 3 mhí chun éisteachtaí a eagrú ag na coistí ábhartha agus chun díospóireachtaí sa suí iomlánach agus rúin maidir le TESanna bailí a ullmhú; á áitiú gurb é an cuspóir go bunúsach atá leis an tréimhse ama níos faide faoi Rialachán (AE) 2019/788 faoinar cheart don Choimisiún freagra a thabhairt ar TESanna bailí ná chun a chur ar chumas an Choimisiúin na tuairimí agus na seasaimh a cuireadh in iúl maidir leis na TESanna le linn chéim an scrúdaithe a chur i gcuntas go hiomlán agus aird chuí a thabhairt ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann do na tograí le haghaidh gníomhartha dlí;

58. á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin i leith an Fóram don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fheabhsú agus a neartú, ar oibleagáid dhlíthiúil é freisin a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/788; á áitiú gur cheart don fhóram treoir phraiticiúil agus tacaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil do na heagraithe agus fónamh mar uirlis fothaithe acmhainneachta chun TESanna a sheoladh, chun tacú leo agus chun iad a chothabháil le linn chéim an bhailiúcháin agus chun TES a chur chun cinn mar uirlis le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais;

59. á iarraidh ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa guth díreach a thabhairt do shaoránaigh an Aontais chun éifeachtacht chur chun feidhme TES agus an chreata dhlíthiúil atá aige faoi láthair a phlé agus chun TES a chur chun cinn mar uirlis úsáideach chun a chur ar chumas na saoránach a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme bheartais phoiblí an Aontais;

60. á chur i bhfios go láidir go gcuirtear deis ar fáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun tuiscint níos fearr a fháil ar an ngá atá le bheith rannpháirteach i gclár oibre AE agus go bhféadfadh sé freisin, dá bhrí sin, gur deis a bheadh ann chun plé a dhéanamh ar conas an próiseas rannpháirtíochta poiblí a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú; á chur i bhfios go láidir , leis an gcomhdháil, go dtabharfar spreagadh nua don phlé Eorpach maidir leis an daonlathas a neartú, go háirithe TESanna; á iarraidh ar an gCoimisiún saoránaigh, nár áiríodh na tograí a rinne siad i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa sna tograí ón gCoimisiún, a spreagadh chun úsáid a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil dóibh, lena n-áirítear TESanna;

Conclúidí

61. ag cur béim ar ról na dtrí ionstraim rannpháirtíochta, ar ról é a n-éascaíonn agus a spreagann rannpháirtíocht shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais, lena mbaintear amach, dá bhrí sin, tionchar nithiúil díreach ar chlár oibre polaitiúil AE; á iarraidh go gcruthófar agus go gcuirfear chun cinn suíomh gréasáin idirinstitiúideach ilfhreastail ar mhórscála a bheidh inrochtana do shaoránaigh AE (agus feidhmchlár ar cheart dó a bheith soláimhsithe) chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hionstraimí uile a lamhálann do shaoránaigh a bheith rannpháirteach go díreach agus tionchar a imirt ar an gcinnteoireacht ar leibhéal an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach é amháin go mbeadh na saoránaigh níos feasaí ar a gcearta le hardán ilfhreastail den sórt sin, ach go gcuirfí comhlántacht idir na hionstraimí éagsúla chun cinn freisin;

62. á chur i bhfáth go gcabhródh fiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh agus TESanna le réitigh a fháil níos mire mar thoradh ar bhailiú rialta faisnéise maidir le hábhair a bhfuil spéis ag saoránaigh iontu agus saincheisteanna a thagann chun cinn arís is arís eile in achainíocha, agus comhleanúnachas bheartais an AE á áirithiú ag an am céanna dá saoránaigh;

63. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach anailís a dhéanamh ar na fadhbanna cumarsáide idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na saoránaigh a chruthaíonn tearcúsáid ag Eorpaigh maidir le sásraí rannpháirtíochta na saoránach; á iarraidh go gcuirfear na hacmhainní is gá ar fáil chun faisnéis maidir leis na huirlisí sin a bheith ann agus maidir le feidhmiú na n-uirlisí sin a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne;

64. á iarraidh go n-ardófar feasacht an phobail maidir leis na trí ionstraim rannpháirtíochta sin, go háirithe i measc daoine óga, chun a áirithiú go mbeidh siad ina n-uirlisí éifeachtacha agus úsáideacha le haghaidh rannpháirtíocht dhaonlathach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do na hinstitiúidí Eorpacha uile an leas is mó is féidir a bhaint as a n-iarrachtaí cumarsáide ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh a oiread saoránach agus is féidir ar an eolas faoi, agus go spreagfar iad chun bheith rannpháirteach sna trí ionstraim, eadhon an TES, gearáin chuig an Ombudsman Eorpach agus an ceart achainí a dhéanamh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cúnamh a thabhairt do shaoránaigh, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal áitiúil araon, trí ionaid faisnéise Europe Direct agus trí Thithe na hEorpa[5], chun achainíocha, TESanna agus gearáin a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh;

65. á chur i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach oideachasúil nach foláir do gheallsealbhóirí acadúla a bheith acu chun oideachas sibhialta Eorpach a chur ar fáil; ag tathant ar na Ballstáit daltaí a mhúineadh i mbunscoileanna agus i meánscoileanna agus in ollscoileanna faoi thrí ionstraim rannpháirtíochta AE chun go mbeidh siad ar an eolas faoi phróiseas cinnteoireachta AE agus faoin gcaoi le bheith rannpháirteach go gníomhach; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna chlár Erasmus+ a neartú maidir le rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa saol daonlathach, go háirithe trí ghníomhaíochtaí foghlama chun scileanna sibhialta agus tuiscint ar bheartais Eorpacha a fhorbairt; á mheabhrú go bhfuil rannpháirtíocht shibhialta daoine óga ríthábhachtach do thodhchaí na ndaonlathas uile;

66. á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le rochtain iomlán a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas ar na hionstraimí éagsúla a sholáthraíonn AE do shaoránaigh, go háirithe trí ateangaireacht agus aistriúchán córasach go teanga Chomharthaíochta agus go teanga Soléite;

67. á iarraidh ar institiúidí AE aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair grúpaí leochaileacha daoine atá faoi ghannionadaíocht agus nach bhfuil in ann aghaidh a thabhairt ar a gcuid saincheisteanna, agus iad a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht;

68. á iarraidh ar an gCoimisiún na trí ionstraim rannpháirtíochta a áireamh i gcur chun feidhme Straitéis Óige 2019-2027 ‘Rannpháirtíocht, Nascadh, Cumhachtú daoine óga: Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh’, go háirithe faoi na réimsí gníomhaíochta ‘Rannpháirtíocht’ agus ‘Nascadh’;

69. á mheabhrú gur gné ríthábhachtach é beartas cumarsáide ilteangach AE agus foilsiú faisnéise agus doiciméad i dteangacha oifigiúla uile AE chun cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh na mBallstát uile agus chun a bheith rannpháirteach iontu, ar gá é a neartú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé i gcainéil chumarsáide uile, lena n-áirítear na meáin shóisialta, chun nascadh níos fearr le saoránaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le riachtanais speisialta daoine atá faoi mhíchumais; á chur in iúl gur geal léi na treoirlínte a d’fhoilsigh an tOmbudsman lena dtugtar treoir do na hinstitiúidí maidir le conas a mbeartas teanga a fhorbairt ar an mbealach is saoráidí do shaoránaigh;

70. á áitiú gur gá do Pharlaimint na hEorpa ról agus méid an Choiste um Achainíocha a phlé; á chur i bhfios nach féidir níos mó airde a thabhairt ar éilimh na saoránach ach amháin má ghlacann comhlacht inniúil cúram den obair leantach; á thabhairt chun suntais nach bhfuil an Coiste um Achainíocha mór go leor faoi láthair ná nach bhfuil cumhachtaí leormhaithe aige chun an t-éileamh ar chúnamh a fháil i measc saoránach a shásamh;

71. á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar easnaimh chóras achainíocha AE, agus riachtanais speisialta daoine atá faoi mhíchumais á gcur i gcuntas, ionas go n-áiritheofar a acmhainneacht iomlán dhaonlathach agus a ról maidir le clár oibre a shocrú; á iarraidh ar institiúidí AE a n-acmhainní a úsáid chun tarraingteacht na huirlise sin a mhéadú agus rannpháirtíocht na saoránach i reachtóireacht AE a chur chun cinn; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá tuilleadh cistithe AE a leithdháileadh ar chur chun cinn sásraí rannpháirtíochta;

72. ag cur béim ar a riachtanaí atá sé go mbeadh treoir shoiléir ag na saoránaigh nuair a bheidh an uirlis rannpháirtíochta is iomchuí á roghnú acu d’fhonn rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú; á mheas gur gá tuiscint a fháil ar na bacainní a bhíonn ag saoránaigh, go háirithe Eorpaigh faoi mhíchumais, agus achainí chuig Parlaimint na hEorpa, gearán chuig an Ombudsman agus tionscnamh chuig an gCoimisiún á dtarraingt suas, agus na bacainní sin a shárú;

73. á chur i bhfios go láidir, thairis sin, i gcás ina bhfuil tionchar ag TESanna agus ag achainíocha – go háirithe a mhéid a bhaineann le cumhdach na mórmheán nó breithniú ag an gCoimisiún nó ag Parlaimint na hEorpa – gur cheart iad a scrúdú chun straitéisí rathúla agus dea-chleachtais a shainiú a d’fhéadfaí a úsáid mar uirlisi foghlama sa todhchaí;

74. ag cur béim ar a thábhachtaí atá trédhearcacht sa phróiseas chun gearáin agus tionscnaimh ó na saoránaigh a láimhseáil; á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun trédhearcacht iomlán a áirithiú; á chur in iúl a tacaíocht d’iarrachtaí an Ombudsman Eorpaigh institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí do shaoránaigh AE;

75. á chreidiúint go láidir go bhfuil rochtain na saoránach ar dhoiciméid na n-institiúidí Eorpacha bunriachtanach don daonlathas rannpháirtíochta; á chur i bhfáth, ina leith sin, an gá atá ag na saoránaigh le trédhearcacht agus cuntasacht na n-institiúidí;

76. á chur i bhfáth gur cheart go bhfeabhsófaí ionstraimí rannpháirtíochta na saoránach mar thoradh ar an díospóireacht ar thodhchaí AE, lena bhfágfar go mbeifear in ann Aontas a bhaint amach a bheidh níos daonlathaí, níos trédhearcaí agus níos oscailte dá shaoránaigh;

°

° °

77. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig a n-ombudsmain nó chuig na comhlachtaí inniúla comhchosúla.


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA (9.11.2021)

chuig an gCoiste um Achainíocha

ar rannpháirteachas leis na saoránaigh: an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

(2020/2275(INI))

Rapóirtéir don tuairim (*): Helmut Scholz

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla ar an gCoiste um Achainíocha, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

Ba cheart aithris H den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

1. ós rud é gurb iad toghcháin dhaonlathacha chuig Parlaimint na hEorpa an phríomhionstraim ón mbun aníos atá ag saoránaigh chun bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais; de bhrí go rannchuidíonn TES le feidhmiú daonlathach an Aontais; de bhrí go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh an Aontais dul i dteagmháil leis an gCoimisiún go díreach, ar ceart é a chumhdaítear in Airteagal 11(4) CAE, chun iarraidh air, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun críoch na gConarthaí a chur chun feidhme; de bhrí gur dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cásdlí nár cheart an coincheap ‘gníomh dlí chun críoch na gConarthaí a chur chun feidhme’ a léirmhíniú go sriantach agus gur féidir, de bhua Airteagal 288 CFAE, bearta reachtacha agus neamhreachtacha araon a bheith i gceist le gníomh den sórt sin; de bhrí, den mheon céanna, nár cheart creat chumhachtaí an Choimisiúin chun gníomh dlí a mholadh a léirmhíniú go sriantach ach oiread’;

Ba cheart aithris J den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

2. ‘de bhrí gur liostaigh an Coimisiún líon fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2011/211 agus de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le Rialachán nua (AE) 2019/788 aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin go mion a mhéid a bhaineann le héifeachtacht TES mar ionstraim agus feabhas a chur ar an mbealach ina bhfeidhmíonn sé; de bhrí gur gá measúnú éifeachtach agus tráthúil a dhéanamh ar a chur chun feidhme; de bhrí, in aon chás, gur cheart don Choimisiún tuarascáil fhoirmiúil a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin’;

Ba cheart aithris K den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

3. ‘de bhrí, ar mhaithe leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus lánacmhainneacht TES a bhaint amach, ba cheart go n-áiritheofaí leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha atá ina gceangal don TES go ndéanfar na tionscnaimh atá bailí de réir bhrí Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 788/2019 a bhreithniú agus go bhfaighidh siad freagra iomchuí ón gCoimisiún; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún ó thaobh dlí de an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh maidir le TES bailí a lua, más ann dó, agus na cúiseanna le gníomhaíocht a dhéanamh nó gan é a dhéanamh a lua ar bhealach soiléir, sothuigthe agus mionsonraithe; de bhrí go bhfuil gá le milliún síniú ar a laghad ó aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad chun go mbeidh TES bailí agus chun go ndéanfar é a chur faoi bhráid an Choimisiúin; de bhrí go bhfuil na teorainneacha ama do chéimeanna an bhailithe, an fhíoraithe agus an scrúdaithe níos solúbtha le Rialachán (AE) 2020/1042 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 trí bhearta sealadacha a thabhairt isteach; de bhrí gur leathnaíodh cur i bhfeidhm na mbeart sin trí ghníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún; de bhrí nach bhfuil sa rialachán seo ach rialachán sealadach agus nach bhfuil sé infheidhme ach go dtí deireadh 2022, arb é an dáta é freisin faoina gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na córais bhailithe ar líne ar leithligh dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/788’;

Ba cheart aithris L den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

4. ‘de bhrí gur ceart polaitiúil do shaoránaigh an Aontais é TES a eagrú agus tacú leis agus gur ionstraim uathúil é chun tosaíochtaí a shainiú i gcás daonlathas rannpháirteach in AE, lena lamháiltear do shaoránaigh ról ghníomhach a ghlacadh i dtionscadail agus i bpróisis a bhaineann leo; de bhrí go raibh ann do shé cinn de TESanna go dtí seo, a fuair freagra uile ón gCoimisiún agus gurb iad Minority SafePack agus End the Cage Age na tionscnaimh is déanaí; de bhrí gurbh iad na tionscnaimh sin na chéad TESanna a ndearnadh díospóireacht ina dtaobh i bParlaimint na hEorpa tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán nua (AE) 2019/788 agus i gcomhréir le Riail 222(8) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a tugadh isteach le déanaí; de bhrí gur ghlac Parlaimint na hEorpa na rúin ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2020 agus i mí an Mheithimh 2021 faoi seach le tromlaigh ollmhóra 76 % agus 82 % de na vótaí a caitheadh’;

Ba cheart an chéad chlásal de Mhír 22 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

5. ‘á iarraidh ar an Ombudsman a áirithiú nach mbainfear an bonn ó leasanna an Aontais trí chásanna drochriaracháin laistigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE, go háirithe iad siúd a bhaineann le cásanna éillithe nó coinbhleachtaí leasa, lena n-áirítear i gcomhthéacs Next Generation EU’;

Ba cheart Mír 27 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

6. ‘ag cur béim ar an bhfíoras gur ionstraim uathúil den daonlathas rannpháirteach in AE gurb ea TES; á chur i bhfáth go dtugtar deis uathúil do shaoránaigh an Aontais le TES a n-uaillmhianta a shainaithint agus a chur in iúl agus chun iarraidh ar AE gníomhartha dlí a ghlacadh, agus go gcaithfear spreagadh a thabhairt dá úsáid agus tacú leis trí na modhanna uile atá ar fáil; á mheabhrú, chuige sin, na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2019/788, go háirithe i leith feasacht a ardú i measc shaoránaigh an Aontais maidir le TES a bheith ann, maidir leis na cuspóirí atá aige agus maidir lena fheidhmiú agus chun cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil d’eagraithe TES; á mheas, ina leith sin, gur cheart rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa le hoibleagáidí cumarsáide an Choimisiúin a shoiléiriú’;

Ba cheart Mír nua 27 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

7. ‘á chur in iúl gur oth léi mainneachtain an Choimisiúin dul i mbun rannpháirtíocht chríochnúil le TESanna bailí; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún ina ionad sin tuiscint agus tiomantas iarbhír a léiriú ó thaobh freastal ar ionchais na saoránach de i ndáil le TESanna bailí’;

Ba cheart Mír 28 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

8. ‘á mheas a bhunriachtanaí atá sé go mbeidh ar chumas na saoránach rannchuidiú a dhéanamh le feidhmiú inniúlachtaí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú críochnúil a dhéanamh ar na tograí ó gach TES atá bailí, agus a oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh go hiomlán maidir leis na cúiseanna atá aige le gníomh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, rud ar cheart dó a dhéanamh ar bhealach soiléir, sothuigthe agus mionsonraithe; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar Pharlaimint na hEorpa measúnú a dhéanamh ar gach TES atá bailí agus ar na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/788 agus le Riail 222(9) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, go háirithe nuair a mhainníonn an Coimisiún aon tograí den sórt sin a chur ar aghaidh nó nuair a mhainníonn air iad a chur chun feidhme’;

Ba cheart Mír nua 28a den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

9. á iarraidh go ndéanfar ról Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú tuilleadh agus go bhfeabhsófar a naisc le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le TESanna sonracha bailí agus maidir lena gcur chun feidhme ag an gCoimisiún; á chreidiúint, sna cásanna ina mainníonn an Coimisiún a bhfuil ar intinn aige a fhoilsiú laistigh den spriocdháta atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/788, nó ina bhfuil sé leagtha amach i dteachtaireacht aige nach bhfuil sé ar intinn aige beart a dhéanamh maidir le TES a chomhlíonann na ceanglais nós imeachta, eadhon go n-urramaíonn an tionscnamh dlí príomha AE agus nach bhfuil sé i gcontrárthacht le luachanna an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 2 CAE agus leis na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha AE, go bhféadfadh Parlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh i dtaobh obair leantach a dhéanamh ar an TES le tuarascáil féintionscnaimh reachtach (INL) i gcomhréir le Riail 222 dá Rialacha Nós Imeachta; ag tathant ar an gCoimisiún gealltanas a thabhairt go dtíolacfaidh sé togra reachtach tar éis do Pharlaimint na hEorpa INL den sórt sin a ghlacadh; á creidiúint, sa chás sin, gur cheart don Choimisiún athmheastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar a fhreagra tosaigh, agus lánurraim á tabhairt, dá bhrí sin, do INL Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh go ndéanfar Rialachán (AE) 2019/788 a leasú lena ndreasófar an Coimisiún chun togra le haghaidh gníomh dlíthiúil a chur síos ar choinníoll go gcomhlíonann aighneacht TES na ceanglais ábhartha’;

Ba cheart Mír 29 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

10. ‘á iarraidh ar an gCoimisiún an pobal a chur ar an eolas go soiléir faoi roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfidh TESanna le hábhair agus le saincheisteanna a thagann faoi shainchúram inniúlachtaí an Choimisiúin i leith gníomhartha dlí a mholadh, agus comhairle phraiticiúil thráthúil a chur ar fáil do na heagraithe maidir le dréachtú TESanna agus úsáid leormhaith a bhaint as an bhféidearthacht TES a chlárú ar bhonn páirteach; ag cur béim ar an bhfíoras gur iarr TESanna a cláraíodh le déanaí agus atá ar siúl go leanúnach ar AE a bheith níos gníomhaí, go háirithe i réimsí chosaint an chomhshaoil, na sláinte, leasa ainmhithe, agus na gceart sibhialta agus polaitiúil, lena n-áirítear cearta mionlach; ag athdhearbhú an ghá, dá bhri sin, atá leis an léirmhíniú is leithne is féidir a thabhairt do chreat chumhachtaí an Choimisiúin i leith gníomh dlí a mholadh’;

Ba cheart Mír nua 29a den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

11. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na bearta sealadacha i Rialachán (AE) 2020/1042, go háirithe maidir le síneadh a chur leis na tréimhsí bailiúcháin agus an tionchar a bhí aige sin ar chumas na n-eagraithe i leith tacaíocht a shlógadh dá dTESanna, ar mhaithe le, inter alia, an próiseas athbhreithnithe a chur ar an eolas faoi Rialachán (AE) 2019/788; á mheas má bhíonn fianaise dhearfach mar thoradh ar an meastóireacht sin, go bhféadfaí a bheartú go gcuirfí síneadh leis na bearta sealadacha sin ar feadh tréimhse níos faide’;

Ba cheart Mír 30 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

12. á thabhairt chun suntais na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/788 i dtaobh feabhas a chur ar an gcaoi ar féidir le saoránaigh an Aontais a gceart chun tacú le TES a fheidhmiú, i bhfianaise an lín ísil TESanna bailí ar éirigh leo sa deireadh agus a bhí ina siocair le gníomhartha dlí a thionscnamh; á iarraidh go ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme na mbeart sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar fheidhmiú an chirt sin sa chéad tuarascáil eile ar shaoránacht AE agus achoimre a thabhairt ar bhearta reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun feidhmiú an chirt sin a fheabhsú tuilleadh’;

Ba cheart an tríú agus an ceathrú clásal de Mhír 32 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

13. ‘á thabhairt chun suntais an gá atá le sásra leantach cuí a chur ar bun le haghaidh TESanna nár éirigh leo chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar ionchur na saoránach, lena n-áirítear saoránaigh a atreorú chuig an gCoiste um Achainíocha, ós rud é go bhféadfadh díscor a bheith mar thoradh ar an easpa tionchair; á chur i bhfios go láidir an ról nach mór a bheith ag an gCoiste um Achainíocha le linn próisis éisteachta; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú go tráthúil le Parlaimint na hEorpa tar éis a mheas go bhfuil TES bailí, chun a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa leas iomlán a bhaint as an tréimhse 3 mhí chun éisteachtaí a eagrú agus chun díospóireachtaí sa suí iomlánach agus rúin maidir le TESanna bailí a ullmhú; á áitiú gurb é an cuspóir go bunúsach atá leis an tréimhse níos faide faoi Rialachán (AE) 2019/788 faoinar cheart don Choimisiún freagra a thabhairt ar TESanna bailí ná chun a chur ar chumas an Choimisiúin na tuairimí agus na seasaimh a cuireadh in iúl maidir leis na TESanna le linn chéim an scrúdaithe a chur i gcuntas go hiomlán agus aird chuí a thabhairt ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann do na tograí le haghaidh gníomhartha dlí’;

Ba cheart Mír 33 den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

14. ‘á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin i leith an Fóram don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fheabhsú agus a neartú, ar oibleagáid dhlíthiúil é freisin a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/788; á áitiú gur cheart don fhóram treoir phraiticiúil agus tacaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil do na heagraithe agus fónamh mar uirlis fothaithe acmhainneachta chun TESanna a sheoladh, chun tacú leo agus chun iad a chothabháil le linn chéim an bhailiúcháin agus chun TES a chur chun cinn mar uirlis le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais’;

Ba cheart Mír nua 33a den dréacht-tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha ina dtráchtar ar inniúlachtaí eisiacha AFCO a athrú mar seo a leanas:

15. á iarraidh ar an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa guth díreach a thabhairt do shaoránaigh an Aontais chun éifeachtacht chur chun feidhme TES agus an chreata dhlíthiúil atá aige faoi láthair a phlé agus chun TES a chur chun cinn mar uirlis úsáideach chun a chur ar chumas na saoránach a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme bheartais phoiblí an Aontais’.

 

 

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

9.11.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

20

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Damian Boeselager, Fabio Massimo Castaldo, Gwendoline Delbos-Corfield, Pascal Durand, Daniel Freund, Esteban González Pons, Giuliano Pisapia, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Jacek Saryusz-Wolski, Helmut Scholz, Pedro Silva Pereira, Sven Simon, Antonio Tajani, Guy Verhofstadt, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Angel Dzhambazki, Alin Mituța

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Stelios Kympouropoulos, Ljudmila Novak

 

 

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

20

+

ID

Gerolf Annemans, Antonio Maria Rinaldi

NI

Fabio Massimo Castaldo

PPE

Esteban González Pons, Stelios Kympouropoulos, Ljudmila Novak, Sven Simon, Antonio Tajani, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Renew

Pascal Durand, Alin Mituța, Guy Verhofstadt

S&D

Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira

The Left

Helmut Scholz

Verts/ALE

Damian Boeselager, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund

 

 

1

-

ID

Gunnar Beck

 

 

2

0

ECR

Angel Dzhambazki, Jacek Saryusz Wolski

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

27.1.2022

 

 

 

Toradh an vótála críochnaithí

+:

–:

0:

21

1

12

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Margrete Auken, Alexander Bernhuber, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Tamás Deutsch, Francesca Donato, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Malte Gallée, Gianna Gancia, Alexis Georgoulis, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Emil Radev, Sira Rego, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio, Yana Toom, Loránt Vincze, Michal Wiezik, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski

Feisirí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Demetris Papadakis, Ramona Strugariu, Marie-Pierre Vedrenne

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

21

+

ID

Markus Buchheit, Gianna Gancia

NI

Francesca Donato

Renew

Ulrike Müller, Ramona Strugariu, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne, Michal Wiezik

S&D

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Cristina Maestre Martín De Almagro, Demetris Papadakis, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio

The Left

Alexis Georgoulis, Sira Rego

Verts/ALE

Margrete Auken, Eleonora Evi, Malte Gallée, Tatjana Ždanoka

 

1

-

NI

Tamás Deutsch

 

12

0

ECR

Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski#

PEE

Alexander Bernhuber, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Dolors Montserrat, Emil Radev, Loránt Vincze

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 2 Márta 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais