Tuarascáil - A9-0019/2022Tuarascáil
A9-0019/2022

TUARASCÁIL ar Thuarascáil ar Shaoránacht AE 2020: saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint

3.2.2022 - (2021/2099(INI))

An Coiste um Achainíocha
Rapóirtéir: Yana Toom


Nós Imeachta : 2021/2099(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0019/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0019/2022
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar Thuarascáil ar Shaoránacht AE 2020: saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint

(2021/2099(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 2, 6 agus 9-12 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagail 18-25 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint d’Airteagal 21 agus d’Airteagail 39-46 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),

 ag féachaint don cheart chun achainí chuig Parlaimint na hEorpa a dhéanamh, a chumhdaítear in Airteagail 24(2) agus 227 CFAE agus in Airteagal 44 den Chairt,

 ag féachaint do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát[1] (Treoir um Shaoirse Gluaiseachta),

 ag féachaint do Threoir 94/80/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad[2], agus do Threoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad[3],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)[4],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora[5],

 ag féachaint do Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad[6],

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 dar teideal ‘Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020: Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint’ (COM(2020)0730),

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 faoi Airteagal 25 CFAE dar teideal ‘Maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le saoránacht éifeachtach AE 2016-2020’ (COM(2020)0731),

 ag féachaint do thorthaí chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin 2020 maidir le cearta saoránachta, agus do thorthaí shuirbhé Flais-Eorabharaiméadar 485 ar Shaoránacht agus Daonlathas an Aontais Eorpaigh a foilsíodh i mí Iúil 2020, lena léirítear go raibh deacrachtaí ag go leor shaoránaigh AE le linn phaindéim COVID-19 rochtain a fháil ar thacaíocht cúraim sláinte, ar thacaíocht cúraim leanaí, ar fhaisnéis mar gheall ar shrianta teorann, etc.,

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Nollaig 2017 maidir le Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2017: Cearta Saoránach a Neartú in Aontas atá i mbun Athrú Daonlathach[7],

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 ar chur chun feidhme fhorálacha na gConarthaí a bhaineann le saoránacht AE[8],

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 maidir le tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí[9],

 ag féachaint do Straitéis 2021-2030 ón gCoimisiún maidir le cearta daoine faoi mhíchumas,

 ag féachaint don Pháipéar Uaine ar aosú an 27 Eanáir 2021 dar teideal Fostering solidarity and responsibility between generations [Dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúine] (COM(2021)0050),

 ag féachaint do thuarascáil faisnéise ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Mhárta 2019 maidir le fíorchearta daoine faoi mhíchumas chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2020 maidir le córas Schengen agus do bhearta a glacadh le linn ghéarchéim COVID-19[10] agus an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair[11],

 ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19[12],

 ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh le linn ghéarchéim COVID-19[13],

 ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2020 maidir le dul i ngleic le rátaí easpa dídine in AE[14],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 dar teideal ‘an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh “Minority SafePack – milliún amháin sínithe le haghaidh éagsúlacht san Eoraip”’[15] agus rún an 7 Feabhra 2018 maidir le cosaint agus neamh-idirdhealú i ndáil le mionlaigh i mBallstáit AE[16],

 ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le réigiúin atá tite ar gcúl in AE[17],

 ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Staid na ndaoine faoi mhíchumas a chosaint trí achainíocha: ceachtanna a foghlaimíodh’[18],

 ag féachaint do rúin uaithi an 11 Márta 2021 dar teideal ‘Gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh – tuarascáil bhliantúil 2019’[19] agus an 16 Eanáir 2020 dar teideal ‘Gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh – tuarascáil bhliantúil 2018’[20],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 dar teideal ‘torthaí phléití an Choiste um Achainíocha’ le linn 2019[21],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2021 maidir le torthaí phléití an Choiste um Achainíocha le linn 2020[22],

 ag féachaint do dhréacht-tuarascáil an 17 Iúil 2021 ó PETI dar teideal ‘Ag dul i ngleic le saoránaigh: an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart tarchur a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’,

 ag féachaint do dhréacht-tuarascáil PETI maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2020(A9-0342/2021),

 ag féachaint do na héisteachtaí poiblí maidir le cúrsaí a bhaineann le saoránacht AE arna n-eagrú ag PETI ó 2018 i leith, go háirithe éisteacht an 26 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Caidreamh idirinstitiúideach i láimhseáil achainíocha: ról an Choimisiúin’; an 29 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Saoránacht an Aontais: cumhachtú, cuimsiú, rannpháirtíocht’, arna reáchtáil go comhpháirteach leis an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, leis an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE); an 1 Feabhra 2018 maidir le ‘Cearta na Saoránach tar éis Brexit’ arna reáchtáil go comhpháirteach leis an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus LIBE; agus an 21 Feabhra 2018 maidir leis an ‘Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: measúnú a dhéanamh ar an Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’ arna reáchtáil go comhpháirteach leis an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

 ag féachaint d’éisteacht phoiblí an 15 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Minority SafePack – aon mhilliún síniú don éagsúlacht san Eoraip’ a d’eagraigh an Coiste um Chultúr agus um Oideachas agus LIBE i gcomhar le PETI,

 ag féachaint do chruinniú coiste idirpharlaiminteach an 27 Samhain 2018 a chomheagraigh PETI agus an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir le ‘Parlaimintí a chumhachtú agus cearta saoránach a fhorfheidhmiú i gcur chun feidhme agus i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais’,

 ag féachaint do na staidéir a choimisiúnaigh an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla in 2019, 2020 agus 2021, arna iarraidh sin do PETI, dar teideal ‘Ról agus tionchar achainíocha mar ionstraim de dhaonlathas rannpháirteach a neartú – Ceachtanna arna bhfoghlaim ó dhearcadh saoránaigh 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin’ (29 Deireadh Fómhair 2021), ‘Bacainní ar Shaorghluaiseacht teaghlaigh bogha báistí in AE’ (8 Márta 2021), ‘Bacainní ar rannpháirtíocht i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha, laistigh de AE’ (15 Meán Fómhair 2020) agus ‘Gnóthachtálacha an Choiste um Achainíocha le linn théarma parlaiminteach 2014-2019 agus dúshláin don todhchaí’ (3 Iúil 2019),

 ag féachaint do na ceardlanna maidir le cearta LGBTI+ in AE agus maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a d’eagraigh an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla do PETI an 22 Márta 2021 agus an 28 Deireadh Fómhair 2020 faoi seach,–  ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach[23] (an Comhaontú um Tharraingt Siar),

 ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Achainíocha (A9-0019/2022),

A. de bhrí go bhfuil saoránacht AE ar cheann de na héachtaí is inbhraite atá déanta ag AE agus go dtugann sí tacar de chearta bunúsacha do shaoránaigh AE, lena n-áirítear saorghluaiseacht in AE, an ceart chun páirt a ghlacadh i saol daonlathach AE agus an ceart chun cosaint a fháil ar idirdhealú, agus comhdheiseanna á n-áirithiú;

B. de bhrí gur tharraing Brexit aird ar an tábhacht a bhaineann le cearta saoránachta AE agus ar an ról ríthábhachtach atá acu i saol laethúil na milliún saoránach de chuid AE, agus gur mhéadaigh sé feasacht in AE maidir le cailliúint na gceart sin agus na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, mar a léiríodh leis an líon mór achainíocha arna dtíolacadh ag saoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí i dtír AE maidir le hiarmhairtí Brexit ar a stádas mar shaoránaigh AE;

C. de bhrí go bhfuil an smacht reachta ar na luachanna atá mar bhonn taca ag an Aontas, agus de bhrí go n-áirithítear urraim le cosaint an smachta reachta do chearta bunúsacha agus don daonlathas;

D. de bhrí go bhfuil saoirse gluaiseachta, lena gceadaítear d’aon saoránach de chuid AE cónaí, oibriú nó staidéar agus rochtain a fháil ar chúram sláinte in aon Bhallstát, ar cheann de bhunchlocha AE;

E. de bhrí go n-áirithítear saoránacht ghníomhach ar bhealach níos fearr má chomhlíontar riachtanais bhunúsacha na saoránach; de bhrí go bhfuil tábhacht mhór leis an gcosaint a thugtar le pá íosta, dá bhrí sin, agus gur réamhriachtanas í chun sprioc AE a bhaint amach gan aon duine a fhágáil ar lár;

F. de bhrí gur minic a bhraitheann daoine a bhfuil dálaí oibre agus maireachtála forbhásacha ag bagairt orthu imeallaithe agus go mbíonn siad rannpháirteach an oiread céanna nó ar chor ar bith sa saol sóisialta, sa tsochaí shibhialta agus i dtoghcháin;

G. de bhrí nach amháin go mbíonn dálaí maireachtála forbhásacha ag daoine gan dídean, ach gur minic gur beag rochtain atá acu ar fhaisnéis maidir lena gcearta agus maidir leis na huirlisí chun iad a chosaint;

H. de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ann idir na sainmhínithe ar ghrúpaí leochaileacha, faoi mhíbhuntáiste nó faoi ghannionadaíocht idir na Ballstáit agus gur féidir leo brath fiú ar an staid pholaitiúil agus shóisialta i mBallstát ar leith ag am ar leith;

I. de bhrí go bhfuil dálaí oibre deacra, míshláintiúla agus neamhshábháilte le sárú ag go leor oibrithe trasteorann agus séasúracha, nach bhfuil mórán slándála poist ann agus nach bhfuil dóthain slándála sóisialta acu nó nach bhfuil cumhdach slándála sóisialta ar bith acu ná rochtain ar shochair shóisialta; de bhrí gur de ghrúpaí sóisialta agus réigiúin leochaileacha iad go leor oibrithe trasteorann agus séasúracha; de bhrí gur ghéaraigh géarchéim COVID-19 ar staideanna forbhásacha an iliomad oibrithe trasteorann agus séasúracha a bhí ann cheana, lenar cruthaíodh bearnaí i gcur chun feidhme na reachtaíochta atá ann cheana;

J. de bhrí gur chuir ráig COVID-19 roinnt dúshlán gan fasach roimh an tsaorghluaiseacht ar fud an Aontais, agus go bhfuil srianta taistil agus rialuithe ag teorainneacha inmheánacha á bhforchur mar bhearta éigeandála ag go leor Ballstát; de bhrí gur chuir saoránaigh AE líon suntasach achainíocha isteach a léiríonn ábhair imní thromchúiseacha faoin tionchar atá ag bearta náisiúnta éigeandála ar a saoirse taistil, oibre agus staidéir thar lear, agus a gcumas naisc theaghlaigh trasteorann a thógáil agus a chothabháil;

K. de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ar leith ag an bpaindéim ar staid daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta, rud a chuireann srian suntasach ar a gcumas a gcearta a fheidhmiú;

L. de bhrí go bhfuil líon mór achainíocha faighte ag PETI a léiríonn ábhair imní maidir leis an idirdhealú a d’fhulaing daoine LGBTIQ in AE i gcoitinne, agus teaghlaigh bogha báistí (i.e. teaghlaigh ina bhfuil ball amháin ar a laghad ina ndaoine LGBTIQ) go háirithe, agus a saorghluaiseacht in AE á feidhmiú acu, rud a fhágann go mbíonn iarmhairtí díobhálacha ann do chearta agus do leasanna a leanaí;

M. de bhrí, le hAirteagal 21 den Chairt, go dtoirmeasctar go sainráite ‘aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach’ mar phríomhshloinneadh shaoránacht an Aontais; de bhrí go bhfuil sé, ag an am céanna, ina chomhpháirt bhunriachtanach de chleachtadh rathúil na saoirse gluaiseachta mar is léir ó na hachainíocha thuasluaite;

N. de bhrí go mbaineann thart ar 50 milliún duine le mionlach náisiúnta nó le pobal teangacha mionlaigh in AE; de bhrí nach bhfuil aon bhearta reachtacha glactha ag an gCoimisiún mar fhreagairt ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Minority SafePack – aon mhilliún síniú don éagsúlacht san Eoraip’, in ainneoin gur thacaigh tromlach mór FPEnna leis;

O. de bhrí gur inniúlacht de chuid na mBallstát fós é saoránacht a dheonú agus a bhaint;

P. de bhrí gur léirigh achainíocha go bhfuil deacrachtaí fós ag saoránaigh shoghluaiste agus cónaitheoirí soghluaiste AE a gcearta toghcháin a fheidhmiú, mar gheall ar ualaí riaracháin, maorlathas agus bacainní teanga i mBallstáit áirithe, agus mífhaisnéis nó easpa comhair ó údaráis Ballstát áirithe;

Q. de bhrí go bhfuil bacainní dlíthiúla, praiticiúla agus fisiciúla fós roimh dhaoine faoi mhíchumas a gceart vótála a fheidhmiú go héifeachtach agus a bheith tofa agus a gceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le rialacháin toghcháin, nósanna imeachta, cláir agus díospóireachtaí i bhformáidí atá oiriúnaithe do riachtanais daoine le cineálacha éagsúla míchumais, agus dá bhrí sin go bhfuil siad fós faoi ghannionadaíocht i dtoghcháin; de bhrí go bhfuil teorainn i gcónaí leis na sonraí maidir le rannpháirtíocht toghcháin na ngrúpaí atá faoi ghannionadaíocht;

R. de bhrí go dtéann an ceart atá ag saoránaigh AE chun páirt a ghlacadh i saol daonlathach AE níos faide ná vóta a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha; de bhrí go gcuireann na Conarthaí roinnt uirlisí rannpháirtíochta ar fáil a bhfuil sé mar aidhm leo teagmháil dhíreach na saoránach le AE a spreagadh, lena n-áirítear an ceart chun achainí a dhéanamh, an ceart teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach agus an ceart chun Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a thíolacadh;

S. de bhrí nach bhfuil baint iomlán ag daoine gan stát a bhfuil stádas cónaithe fadtéarma acu le rannpháirtíocht dhaonlathach i mBallstáit áirithe in AE agus, go háirithe, nach bhfuil an ceart acu páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha agus/nó i dtoghcháin Eorpacha; de bhrí nár tháinig an Coimisiún féin ar an moladh maidir le comhionannas a chomhfhogasú do mhionlaigh gan stát, amhail na Romaigh: i ndáiríre, moladh é sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Minority SafePack – aon mhilliún síniú don éagsúlacht san Eoraip’;

T. de bhrí go gcaithfidh AE cosaint a thabhairt do shaoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe, i gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar;

U. de bhrí gur grúpa tiomanta saoránach iad daoine scothaosta a chuireann go mór leis an tsochaí ar bhealach tábhachtach agus luachmhar trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí deonacha, tionscnaimh shóisialta, agus trí thacaíocht a thabhairt do chleithiúnaithe agus trí chúram a thabhairt dóibh;

V. de bhrí go dteastaíonn scileanna digiteacha níos mó agus níos mó chun rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí;

W. de bhrí go dtugann an claochlú digiteach deiseanna do gach glúin agus go bhfuil sé ina bhagairt do na glúnta uile, go háirithe do dhaoine scothaosta; de bhrí go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag athruithe teicneolaíochta ar dhaoine scothaosta nach bhfuil eolas, scileanna agus rochtain leordhóthanach acu ar an teicneolaíocht dhigiteach; de bhrí gur minic a bhíonn daoine scothaosta thíos le hidirdhealú, foréigean, leithlisiú agus uaigneas, eisiamh agus teorainneacha ar a neamhspleáchas, i.e. mar thoradh ar thabhairt isteach réiteach digiteach nach gcuireann a gcuid riachtanas san áireamh;

1. ag cur sonrú sa tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal ‘Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 – Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint’ agus á chur in iúl gur geal léi a thiomanta atá sé i gcónaí seasamh le cearta shaoránaigh AE, lena n-áirítear trí mheasúnuithe rialta a dhéanamh ar na deiseanna agus ar na bacainní atá ann chun cearta sibhialta a fheidhmiú do dhaoine ó ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta; á chur in iúl gur oth léi nach de chineál reachtach iad ach 2 as 18 ngníomhaíocht a mhol an Coimisiún; á chur i bhfáth gur gá measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chearta shaoránaigh AE agus gealltanais, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh reachtacha dhea-shainithe agus nithiúla do na trí bliana amach romhainn; á chur i bhfios go láidir gurb é an cuspóir deiridh a bheadh le tuairisciú ar shaoránacht AE, de réir nós imeachta Airteagal 25 CFAE, ná tionscnaimh nithiúla a dhéanamh arb é is aidhm dóibh cearta agus saoirsí a bhaineann go sonrach le saoránaigh a chomhdhlúthú faoi reacht saoránachta AE, cosúil le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear, i measc nithe eile, na cearta bunúsacha agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt, na cearta sóisialta a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na luachanna a bhunaítear in Airteagal 2 CAE mar ghnéithe de ‘spás poiblí’ na hEorpa, lena n-áirítear, i measc nithe eile, an múnla rialachais atá ábhartha don spás poiblí, don dínit, don tsaoirse, don smacht reachta, don daonlathas, don iolrachas, don chaoinfhulaingt, don cheartas, don dlúthpháirtíocht, don chomhionannas agus don neamh-idirdhealú, a gcuirfí san áireamh é in athchóiriú amach anseo ar na Conarthaí;

2. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún ag díriú an athuair ar urraim don smacht reachta sna Ballstáit;

3. ag cur béim ar an bhfíoras gur gnéithe ríthábhachtacha den smacht reachta iad an bhreithiúnacht neamhspleách, an rochtain ar an gceartas, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun teacht ar fhaisnéis, í a ghlacadh agus a roinnt, agus iolrachas sna meáin; á iarraidh ar an gCoimisiún na croíluachanna sin de chuid AE a chaomhnú nuair a sháraíonn na Ballstáit iad;

4. á thabhairt le fios nach mór ní hamháin bunús dlí a bheith ag aon ionstraimí a chuireann isteach ar an gceart chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint, ach go gcaithfidh siad a bheith riachtanach agus comhréireach freisin, mar a cheanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis an gCairt;

5. á mheabhrú, cé go bhfuil sí i gcroílár thionscadal AE, go bhfuil an tsaoirse gluaiseachta buailte go dona ag an ngéarchéim shláinte gan fasach a tháinig as ráig COVID-19 agus na bearta éigeandála náisiúnta gaolmhara, lena n-áirítear srianta taistil agus rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach go sealadach; á athdhearbhú go raibh tionchar diúltach suntasach ag na bearta sin ar an saol príobháideach, ar an obair, ar theaghlaigh agus ar dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta mar a léirítear le líon mór achainíocha; á chur i bhfáth gur cheart do na bearta náisiúnta éigeandála uile a bheith i gcomhréir leis an aidhm thosaigh atá acu ráig COVID-19 a choinneáil faoi smacht; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar bhearta COVID-19 agus ar a n-éifeacht ar chearta saoránachta AE; ag tathant ar na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le bearta éigeandála náisiúnta a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil drochthionchar ag paindéim COVID-19 ar fholláine agus ar mheabhairshláinte na saoránach, go háirithe daoine óga agus daoine scothaosta;

6. á mheabhrú gur ndearna tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas difear den chuid is mó do shaoránaigh de chuid an Aontais atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a bhí ina gcónaí i gceann de 27 mBallstát an Aontais ag deireadh na hidirthréimhse; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí Chuid 2 den Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir le cearta na saoránach chun cearta na saoránach a choimirciú go hiomlán agus go héifeachtach, ar saoránaigh iad a d’fheidhmigh a saoirse gluaiseachta roimh dheireadh na hidirthréimhse;

7. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an iliomad bacainní a bhíonn roimh theaghlaigh bogha báistí fós nuair a fheidhmíonn siad a gceart bogadh go Ballstát eile mar thoradh ar dhifríochtaí sna dlíthe náisiúnta maidir le lánúineacha comhghnéis agus a gcaidreamh tuismitheora-linbh a aithint; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na moltaí a leagtar síos sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cearta LGBTIQ in AE a chur chun feidhme, lena n-áirítear a hiarraidh go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú an gcomhlíonann na Ballstáit uile breithiúnas an 5 Meitheamh 2018 ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás C-673/16, Relu Adrian Coman agus Daoine Eile v Inspectoratul General pentru Imigrări agus Ministerul Afacerilor Interne[24], agus an breithiúnas sin a áireamh san athbhreithniú atá le teacht ar threoirlínte 2009 maidir le saorghluaiseacht;

8. á chur in iúl gur oth léi nach ionann na roghanna maidir le sásamh atá ar fáil do thuismitheoirí agus do leanaí i gcás idirscartha nó colscartha i ngach Ballstát, agus mar thoradh air sin go ndeachaigh na céadta tuismitheoir in AE i dteagmháil leis an gCoiste um Achainíocha chun tacú leo ina ndíospóidí teaghlaigh trasteorann agus ina gcásanna a bhaineann le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córais a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar chásanna a bhaineann le leanaí atá páirteach i gcoimeád trasteorann atá neamh-idirdhealaitheach agus lena n-urramaítear go hiomlán cearta bunúsacha an linbh;

9. á mheabhrú nach iad mórimeachtaí domhanda amháin a thugann dúshlán na saoirse gluaiseachta; ag tabhairt dá haire agus is oth léi an fíoras, ar léir é ón líon mór achainíocha atá faighte aici ar an ábhar seo, go mbíonn bacainní dlíthiúla, riaracháin agus praiticiúla fós roimh shaoránaigh AE, cónaitheoirí fadtéarma ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad agus baill teaghlaigh de shaoránaigh AE nach náisiúnaigh AE iad, go háirithe maidir le nósanna imeachta cónaithe, ábhair shibhialta nó shóisialta amhail dlí teaghlaigh nó pinsin, comhordú idir scéimeanna slándála sóisialta, rochtain ar sheirbhísí sláinte, árachas sláinte, córais oideachais agus chánach, agus aithint cáilíochtaí gairmiúla; á thabhairt chun suntais gur minic a áirítear ar na bacainní sin ceanglais riaracháin idirdhealaitheacha nó ceanglais threallacha le haghaidh doiciméid nach n-eisítear de ghnáth i mBallstáit eile; á chur i bhfáth gur minic a eascraíonn na bacainní sin as easpa sainmhíniú soiléir ar choincheapa áirithe sa Treoir maidir le Saoirse Gluaiseachta, amhail ‘árachas cuimsitheach breoiteachta’ agus ‘acmhainní leordhóthanacha’; á iarraidh ar an gCoimisiún cleachtais riaracháin idirdhealaitheacha sna Ballstáit a áireamh, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, agus faireachán á dhéanamh aige ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Saoirse Gluaiseachta, na gníomhaíochtaí forfheidhmithe is gá a dhéanamh i gcoinne na gcleachtas sin agus soiléiriú a thabhairt ar na coincheapa nach bhfuil sainithe go soiléir sa Treoir maidir le Saoirse Gluaiseachta sna treoirlínte athbhreithnithe; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh comhair a chur chun cinn i gcásanna ina bhfaigheann oibrithe sochair agus ina n-íocann siad ranníocaíochtaí i mBallstáit éagsúla AE, trí mhalartú faisnéise trasteorann idir na húdaráis slándála sóisialta éagsúla a threisiú ionas gur féidir na ranníocaíochtaí uile a chur san áireamh go cuí agus cearta pinsin á ríomh;

10. á iarraidh ar na Ballstáit bearta comhordúcháin agus comhair a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic go héifeachtach le saincheisteanna an chánachais dhúbailte ar chlárúcháin gluaisteán, ar idirdhealú cánach agus ar chánachas dúbailte in aon chomhthéacs trasteorann, agus aird níos fearr a thabhairt ar na réaltachtaí a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann oibrithe; á mheas nach dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cánachas dúbailte go leordhóthanach trí choinbhinsiúin dhéthaobhacha chánach atá ann cheana nó trí ghníomhaíocht aontaobhach ag na Ballstáit agus go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe thráthúil ar leibhéal an Aontais ina leith;

11. á chur i bhfáth go bhfuil bheith gan stát ina bhac ar chearta saoránachta AE a theachtadh; á chur in iúl gur oth léi easpa na gceart a thugtar trí stádas cónaitheora fadtéarma AE agus an deis atá ag na Ballstáit teorainneacha a fhorchur ar shaorghluaiseacht; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach ndéantar ach saoránaigh AE a chosaint ar idirdhealú faoi acquis AE; á chur i bhfáth, mar thoradh air sin, nach féidir le daoine gan stát a bhfuil stádas cónaithe fadtéarma acu saorghluaiseacht daoine ná seirbhísí a theachtadh, nach gcumhdaítear iad faoin gCód Víosaí agus nach dteachtann siad cearta atá comhionann leis na cearta atá leagtha síos, mar shampla, i Rialachán IIa na Bruiséile; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2003/109/CE ón gComhairle agus deiseanna a thabhairt isteach chun stádas cónaitheora fadtéarma san Aontas a chomhfhogasú do stádas saoránach san Aontas;

12. á mholadh go dtabharfaí isteach rialacha comhchoiteanna maidir le saoránacht AE a dheonú, a mbeadh feidhm acu i ngach Ballstát;

13. á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar na rialacha maidir le cosaint chonsalach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú ar inrochtaineacht na cosanta consalaí do dhaoine a bhfuil cineálacha éagsúla míchumais acu a áireamh san athbhreithniú seo; ag tathant ar an gCoimisiún cúnamh a áirithiú do shaoránaigh AE ó Bhallstáit nach bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an ceart chun cosanta consalaí a thabhairt isteach do dhaoine dá n-eisítear doiciméad taistil ó Bhallstát fiú mura saoránach den stát sin iad;

14. á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag an íosphá maidir lena áirithiú go gcuirfear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme agus nach bhfágfar aon duine ar lár; ag cur sonrú sna dálaí forbhásacha atá roimh oibrithe trasteorann agus séasúracha, go háirithe ó thosaigh géarchéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí atá roimh oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 agus a áirithiú go dtabharfar ardleibhéil cosanta sóisialta do gach oibrí san Aontas agus go dtabharfar poist chothroma dóibh, le híocaíocht chuí, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair a áirithiú agus an ceart chun pá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach; á mheas go bhfuil an cur chuige sin ríthábhachtach chun imeallú shaoránaigh AE a chosc, chun iad a chumhachtú chun páirt iomlán agus ghníomhach a ghlacadh inár ndaonlathais agus chun a gcearta a eascraíonn as saoránacht AE a chosaint;

15. á thabhairt dá haire go bhfuil easpa sásra um aitheantas frithpháirteach do stádas duine faoi mhíchumas ar na cúiseanna atá leis na deacrachtaí atá os comhair daoine faoi mhíchumas maidir lena gcearta chun saorghluaiseachta, rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht agus ar earraí cultúrtha a fheidhmiú; ag tacú le forbairt chárta míchumais AE a aithnítear go frithpháirteach chun rochtain chomhionann ar shochair áirithe a áirithiú laistigh de AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cárta míchumais AE a thabhairt isteach chun saoirse gluaiseachta a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas;

16. ag tathant ar na Ballstáit uile Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a dhaingniú agus an Prótacal a shíniú; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs dhaingniú an choinbhinsiúin sin, na bearta is gá a dhéanamh chun daoine faoi mhíchumas a chumasú chun a lán-chearta mar shaoránaigh AE a theachtadh, gan aon chineál idirdhealaithe;

17. á chur in iúl gur cúis bhuartha di imeallú daoine gan dídean mar gheall ar na dálaí deacra maireachtála agus an easpa faisnéise a bhíonn rompu; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun daoine gan dídean agus a gcearta a chosaint, chun teagmháil a dhéanamh leo le feachtais faisnéise faoi na bearta sin agus, ar an gcaoi sin, chun a gcuimsiú sa saol sóisialta agus polaitiúil agus sa tsochaí shibhialta a éascú;

18. á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin, a fógraíodh i dTuarascáil uaidh ar Shaoránacht AE 2020, nuashonrú a dhéanamh ar na treoracha maidir le cearta vótála saoránach soghluaiste de chuid AE i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Eorpacha (Treoracha 94/80/CE agus 93/109/CE ón gComhairle); á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, a phráinní atá sé deireadh a chur leis na bacainní agus na deacrachtaí go léir a chuireann bac ar fheidhmiú na gceart vótála ag saoránaigh shoghluaiste AE, lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas, soláthar faisnéise maidir le toghcháin bhardasacha agus Eorpacha agus nósanna imeachta vótála a mhéadú agus a éascú (b’fhéidir trí ardán faisnéise lán-inrochtana amháin ar fud an Aontais), na Ballstáit a spreagadh, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, chun feidhmiú na gceart vótála ag saoránaigh shoghluaiste AE a éascú, agus roghanna cianvótála a fhiosrú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear vótáil leictreonach, chun rannpháirtíocht dhaonlathach a mhéadú agus a éascú; á chur i bhfios go láidir, chun críche na cianvótála, go gcaithfidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ann do thrédhearcacht i ndearadh agus in úsáid córas leictreonach agus idirlín, don fhéidearthacht athchomhaireamh de láimh nó athchomhaireamh leictreonach a dhéanamh gan cur isteach ar rúndacht na vótála agus do chosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais; á mheabhrú go ndéantar daoine faoi mhíchumas faoi bhearta cosanta, amhail caomhnóireacht, a eisiamh go huathoibríoch ó rannpháirtíocht pholaitiúil i roinnt Ballstát agus, ar an gcaoi sin, go ndiúltaítear an ceart vótála dóibh; á chur i bhfáth gur gá imeacht ón réiteach as cuimse sin i bhfabhar tacú le daoine faoi mhíchumas i réimsí roghnaithe saoil; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an dearbhú ón gCoimisiún go n-oibreoidh sé leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint chun cearta polaitiúla daoine faoi mhíchumas a ráthú ar bhonn comhionann le daoine eile agus go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar an ceart sin a theachtadh sna chéad toghcháin Eorpacha eile;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú agus a chur chun cinn, laistigh den Líonra Eorpach Comhair maidir le Toghcháin, maidir le conas dul i ngleic le riachtanais shonracha thoghchánacha grúpaí saoránach atá faoi mhíbhuntáiste, chun a rannpháirtíocht i dtoghcháin a mhéadú agus a áirithiú go bhfuil sé de chumhacht acu a gcearta vótála a fheidhmiú go héifeachtach sna chéad toghcháin Eorpacha eile; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá sonraí cuimsitheacha maidir le catagóirí vótálaithe atá faoi ghannionadaíocht agus gur gá teacht ar chomhaontú maidir le tacar bunúsach sainmhínithe coiteanna ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, lena bhféadfaí grúpaí amhail daoine LGBTIQ, imircigh agus dídeanaithe, daoine ó theaghlaigh ar ioncam íseal, mionlaigh chiníocha, eitneacha nó theanga, agus daoine faoi mhíchumas a áireamh;

20. á mheabhrú, ina theannta sin, gur minic a bhíonn cearta toghcháin shaoránaigh AE atá ina gcónaí thar lear ina n-ábhar d’achainíocha; á thabhairt dá haire go gceileann roinnt Ballstát ceart vótála ar a saoránaigh i dtoghcháin pharlaiminteacha náisiúnta nuair a bhogann siad chuig Ballstát eile; ag creidiúint go bhféadfadh cearta vótála a bhaint de shaoránaigh AE ar an bhforas go bhfuil cónaí orthu thar lear, agus neamh-aithint a gceart chun vótála i dtoghcháin náisiúnta ina dtír chónaithe, bac a chur ar an tsaoirse gluaiseachta agus go bhféadfadh a bheith mar thoradh air sin go ndiúltófaí an ceart bunúsach chun rannpháirtíochta polaitiúla; á thabhairt chun suntais go bhfuil roinnt Ballstát tar éis cearta vótála a bhaint de chónaitheoirí fadtéarmacha ar saoránaigh de Bhallstát AE eile iad i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha;

21.  ag cur béim ar an bhfíoras gur cheap breis is 60 % de na freagróirí a bhí rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí maidir leis an Tuarascáil ar Shaoránacht Eorpach 2020 nach bhfuil go leor á dhéanamh chun saoránaigh a chur ar an eolas faoina gcearta mar shaoránaigh AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit saoránaigh AE a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir lena gcearta agus lena ndualgais, i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine faoi chineálacha éagsúla míchumais, agus a áirithiú go n-urramaítear an teidlíocht ar na cearta sin go cothrom ina dtír thionscnaimh agus in aon Bhallstát eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá suíomhanna gréasáin ar leibhéal tíre a bheith ann ina mínítear cearta shaoránaigh AE agus conas teagmháil a dhéanamh le FPEnna agus faireachán a dhéanamh ar a vótaí agus ar a gcinntí;

22. ag spreagadh na mBallstát chun níos mó spáis a thabhairt don oideachas polaitiúil maidir le gnóthaí AE, inter alia maidir le cearta shaoránaigh AE, ina gcuraclaim scoile agus chun oiliúint múinteoirí a chur in oiriúint dá réir sin; á mheas gur cheart do na Ballstáit cuairteanna scoile ar institiúidí AE a chur chun cinn trína gcórais oideachais; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag oideachas inrochtana maidir le faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh thodhchaíocha;

23. á aithint go bhféadfadh an chaoi ina bhfuil creat rannpháirtíochta AE curtha ar bun faoi láthair amhras a chur ar dhaoine faoin mbealach is mó a oireann dá riachtanais agus, ar an gcaoi sin, iad a dhíspreagadh ó úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil chun cumarsáid a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ionstraimí iomchuí a chur ar bun chun a áirithiú go gcuirfear saoránaigh agus cónaitheoirí AE go hiomlán ar an eolas faoina gceart achainíocha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoina gceart dul i muinín an Ombudsman Eorpaigh chun seasamh lena gcearta agus chun sáruithe a thuairisciú, i gcomhréir le hAirteagal 44 den Chairt agus Airteagal 227 CFAE;

24. á iarraidh go mbunófaí ionad ilfhreastail ar líne lena ndéanfaí ionstraimí rannpháirtíochta uile AE a lárú agus lena gcuirfí faisnéis, comhairle agus tacaíocht ar fáil maidir le dul i dteagmháil le AE, i ngach teanga oifigiúil AE, agus i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine faoi chineálacha éagsúla míchumais, agus ar an gcaoi sin cabhrú le húsáideoirí an bealach is iomchuí a shainaithint agus a úsáid, ar mhaithe le saoránaigh a thabhairt níos cóngaraí do AE agus a rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú; á chur in iúl go gcreideann sí go ndéanfadh ionad ilfhreastail den sórt sin úsáid na n-ionstraimí rannpháirtíochta éagsúla a chuíchóiriú agus a n-acmhainneacht á díghlasáil go hiomlán;

25. ag meabhrú a tacaíochta don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa; á chreidiúint go láidir gur deis í an chomhdháil le haghaidh rannpháirtíocht ón mbonn aníos i bpróiseas daonlathach AE; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfeadh an chomhdháil moltaí nithiúla ar fáil a dtabharfaidh na hinstitiúidí aghaidh orthu agus a ndéanfar gníomhaíochtaí astu; á iarraidh ar na rannpháirtithe uile sa chomhdháil fíor-obair leantach ar a toradh a áirithiú;

26. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus tuarascáil an Choiste um Achainíocha a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig a gcoistí um achainíocha, chuig a n-ombudsman náisiúnta nó chuig comhlachtaí inniúla comhchosúla.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá saoránacht AE ar na nithe is inbhraite atá bainte amach ag an Aontas Eorpach agus tá sí ag croílár na féiniúlachta Eorpaí comhchoitinne atá bunaithe ar chomhionannas, neamh-idirdhealú agus cuimsiú. Sa fhlais-Eorabharaiméadar is déanaí, bhí 8 as 10 bhfreagróir ar an eolas faoina gcearta saoránachta agus léirigh freagróirí go ginearálta go raibh siad ag tacú go mór le saorghluaiseacht agus le cearta breise toghcháin do shaoránaigh shoghluaiste, rud a chuir in iúl go raibh siad ag iarraidh Cearta Saoránachta AE a éileamh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh institiúidí an Aontais go gníomhach nach mbainfear an bonn ó chearta saoránachta AE ar bhealach ar bith. Chuige sin, ní mór faireachán a dhéanamh ar aon sáruithe agus ar aon ghníomhaíochtaí nithiúla ar féidir leo aon easnaimh a mhaolú.

Chruthaigh géarchéim sláinte COVID-19 bacainní ar theachtadh na gceart agus leag sí béim ar thábhacht na gceart sin i saol laethúil na milliún saoránach de chuid AE, ar fianaise í le líon mór achainíocha a fuair an Pharlaimint. Bhí tionchar suntasach ag bearta éigeandála, agus cé go mbíonn údar maith leo go minic, tá sé fíor-riachtanach nach mbeidh sna bearta sin ach bearta sealadacha.

Is minic nach mbíonn saoirse gluaiseachta, cnámh droma shaoránacht AE, inrochtana ag líon mór daoine. Ní mór bearta nithiúla a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar cóir chomhionann do gach saoránach agus do gach cónaitheoir fadtéarma i gcomhréir lena gcearta a thugtar le Conarthaí AE.

Tá roinnt uirlisí ar fáil do shaoránaigh an Aontais a chuireann ar a gcumas páirt a ghlacadh i bpróiseas daonlathach an Aontais. Ós rud é go bhfuil siad scaipthe amach ar ardáin éagsúla, d’fhéadfadh úsáid na n-ardán a bheith ina cúis mhearbhaill do shaoránaigh AE. Chun níos mó rannpháirtíochta a spreagadh i bpróiseas daonlathach an Aontais agus chun úsáid níos fearr a bhaint as na huirlisí rannpháirtíochta, ní mór dúinn úsáid na n-ardán sin a éascú, lena n-áirítear trí ardán aonair a chruthú ina bhfuil faisnéis maidir le cuspóir sonrach agus tairbhí gach uirlise.

I measc na gceart atá ag saoránaigh an Aontais a bheith rannpháirteach sa phróiseas daonlathach Eorpach, is é an ceart chun achainí a dhéanamh an ionstraim is fadmharthanaí, is inrochtana agus is soláimhsithe don daonlathas rannpháirteach in AE, a bhfuil an raon feidhme is leithne aige, lena gcuirtear ar chumas shaoránaigh agus chónaitheoirí AE a n-ábhair imní a chur in iúl go díreach dá n-ionadaithe tofa, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil agus maidir le saincheisteanna a thagann chun cinn le linn fheidhmiú a gceart ó lá go lá. Dá réir sin, tá ról lárnach ag achainíocha maidir le formhaoirseacht pholaitiúil ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chumasú agus maidir le rannchuidiú leis an gclár oibre reachtach agus beartais ar leibhéal AE. Dá bhrí sin, is trua, mar a tharla i dTuarascáil ar Shaoránacht AE 2017 freisin, nach bhfuil measúnú cuimsitheach ar an gceart chun achainí á chur ar fáil i dTuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar Shaoránacht AE.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

27.1.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

31

3

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Margrete Auken, Alexander Bernhuber, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Tamás Deutsch, Francesca Donato, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Malte Gallée, Gianna Gancia, Alexis Georgoulis, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Emil Radev, Sira Rego, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio, Yana Toom, Loránt Vincze, Michal Wiezik, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Demetris Papadakis, Ramona Strugariu, Marie-Pierre Vedrenne

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

31

+

ECR

Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski

NI

Francesca Donato

PPE

Gheorghe Falcă, Dolors Montserrat, Loránt Vincze, Radan Kanev, Emil Radev, Agnès Evren, Peter Jahr, Stelios Kympouropoulos, Alexander Bernhuber

Renew

Michal Wiezik, Ramona Strugariu, Marie-Pierre Vedrenne, Ulrike Müller, Yana Toom

S&D

Andris Ameriks, Demetris Papadakis, Marc Angel, Alfred Sant, Cristina Maestre Martín De Almagro, Alex Agius Saliba, Massimiliano Smeriglio

The Left

Sira Rego, Alexis Georgoulis

Verts/ALE

Margrete Auken, Eleonora Evi, Malte Gallée, Tatjana Ždanoka

 

3

-

ID

Gianna Gancia, Markus Buchheit

NI

Tamás Deutsch

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 23 Feabhra 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais