Tuarascáil - A9-0027/2022Tuarascáil
A9-0027/2022

TUARASCÁIL ar ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais

15.2.2022 - (2021/2057(INI))

An Coiste um Chultúr agus um Oideachas
Rapóirtéir: Salima Yenbou
PR_INI

Nós Imeachta : 2021/2057(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0027/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0027/2022
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais

(2021/2057(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe an dara, ceathrú, cúigiú, séú agus seachtú fleasc den bhrollach, Airteagal 2, Airteagal (3), an dara fomhír, agus Airteagal 6 de,

 ag féachaint d’Airteagail 10 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 2, 3, 4, 5 agus 21, di,

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear an tríú prionsabal ar comhdheiseanna agus an plean gníomhaíochtaí comhfhreagrach,

 ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar bhunús ciníoch nó eitneach[1] (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch),

 ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[2],

 ag féachaint do bhunú i mí an Mheithimh 2016 de Ghrúpa Ardleibhéil AE um chiníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac;

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal Building a stronger Europe: the role of youth, education and culture policies [Eoraip níos láidre a thógáil: an ról atá ag beartais maidir le daoine óga, oideachas agus cultúr] (COM(2018)0268),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 [Aontas den Chomhionannas: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025] (COM(2020)0565),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM(2020)0784),

 ag féachaint do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc)[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt[4],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ (2021 go 2027)[5],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach[6],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna[7],

 ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,

 ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach[8],

 ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil[9],

 ag féachaint don tuarascáil ar chearta bunúsacha an 9 Meitheamh 2020 ó Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha agus don dara suirbhé a rinne sí maidir le mionlaigh AE agus idirdhealú agus don tuarascáil agus achoimre lena mbaineann dar teideal ‘Saol an Duine Ghoirm san Aontas Eorpach’ ón 23 Samhain 2018 agus 15 Samhain 2019 faoi seach, ina ndéantar cur síos ar thaithí ar an idirdhealú ciníoch agus ar foréigean ciníoch i measc daoine de bhunadh Afracach san Aontas Eorpach,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101),

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 15 Samhain 2018 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022[10],

 ag féachaint do chreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030 ón 7 Deireadh Fómhair 2020,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life [Straitéis AE maidir leis an bhFrithsheimíteachas a chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú] (COM(2020)0615),

 ag féachaint dá rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd[11],

 ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le luachanna coiteanna, an t-oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn[12],

 ag féachaint dá rún an 26 Márta 2019 maidir le cearta bunúsacha daoine de bhunadh Afracach san Eoraip[13],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac[14],

 ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir le cearta an linbh i bhfianaise Straitéis AE maidir le cearta an linbh[15],

 ag féachaint do na himeachtaí um shárú a thionscain an Coimisiún maidir le neamh-chomhréireacht leis an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch i gcoinne leanaí Romacha san oideachas (uimhreacha sáruithe 20142174, 20152025 agus 20152206)

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta Plus (ESF+)[16],

 ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 maidir le beartas spóirt an Aontais: measúnú agus bealaí féideartha chun cinn[17],

 ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga) agus gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais a leasú (COM(2021)0206),

 ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann[18],

 ag féachaint don staidéar a tharraing an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe dá hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha suas i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais,

 ag féachaint do na moltaí ginearálta beartas ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe agus de chuid Comhairle na hEorpa, go háirithe moladh uimh. 10 ón 15 Nollaig 2006 maidir le ciníochas agus idirdhealú i scoileanna a chomhrac trí oideachas scoile,

 ag féachaint do threochlár an 27 Meán Fómhair 2019 ón gCoimisiúin Eorpaigh i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe i dtreo an chomhionannais éifeachtaigh;

 ag féachaint don séú measúnú ón gCoimisiún ar Chód Iompair maidir le Fuathchaint Neamhdhleathach Ar Líne a Chomhrac,

 ag féachaint do Sprioc 10 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe: an neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus i measc tíortha,

 ag féachaint don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa,

 ag féachaint do na moltaí a d’eisigh Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Líonraí agus um Sheirbhísí maidir le Cumarsáidí Leictreonacha i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar an gCód Cleachtais nua maidir le Bréagaisnéis,

 ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0027/2022),

A.  de bhrí go mbaineann idirdhealú agus ciníochas an bonn de dhínit an duine, de dheiseanna saoil, den rathúnas, den fholláine agus den tsábháilteacht go minic; de bhrí gur minic a leanann steiréitíopaí ciníocha ar aghaidh thar na glúnta; de bhrí go bhfuil cosc ar idirdhealú ar fhorais tionscnaimh chine nó eitnigh in AE; de bhrí go gcuirtear imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, i measc daoine eile, faoi réir ciníochais agus iompraíocht idirdhealaitheach;

B. de bhrí, de réir Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha[19], go bhfuil idirdhealú agus ciapadh ciníoch fós coitianta ar fud an Aontais Eorpaigh; de bhrí gur rómhinic a chuirtear mionlaigh chine, reiligiúnacha agus eitneacha faoi réir ciaptha, foréigin, próifíliú ciníoch agus eitneach, lena n-áirítear trí fhorghníomhú an dlí agus fuathchaint ar líne agus as líne araon; de bhrí nach ndéanann na híospartaigh tuairisciú ar fhormhór na dteagmhas ciníoch agus seineafóibeach fuathspreagtha[20]; de bhrí go bhfuil idirdhealú struchtúrach agus i gcásanna áirithe idirdheighilt i réimsí áirithe den saol laethúil, lena n-áirítear tithíocht, cúram sláinte, fostaíocht, oideachas agus córais bhreithiúnacha, roimh mhionlaigh chine agus eitneacha in AE aghaidh a thabhairt ar ;

C. de bhrí go dtagraíonn plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025 do chiníochas struchtúrach mar na hiompraíochtaí idirdhealaitheacha is féidir a leabú in institiúidí sóisialta, airgeadais agus polaitiúla, rud a imríonn tionchar ar sheifteanna cumhachta agus ar cheapadh beartas;

D. de bhrí go sainíonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine idirdhealú struchtúrach mar na rialacha, noirm, gnáthaimh, agus patrúin meoin agus iompraíochta in institiúidí agus i struchtúir shochaíocha eile atá ina mbacainní ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair maidir leis na cearta agus na deiseanna céanna atá ar fáil don tromlach den daonra a bhaint amach;

E. de bhrí go bhfuil rochtain theoranta ag imircigh, dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn polaitiúla agus baill de mhionlaigh chine, reiligiúnacha agus eitneacha ar an margadh saothair agus gur minic a chuirtear faoi réir dúshaothraithe iad;

F. de bhrí gur léir go bhfuil sé soiléir go bhfuil bailiú sonraí d’ardcháilíocht ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun anailís a dhéanamh ar fhadhbanna sóisialta – go cainníochtúil agus go cáilíochtúil araon – agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun freagairtí beartais phoiblí atá bunaithe ar fhianaise ar na fadhbanna sin a cheapadh, a oiriúnú agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorbairt;

G. de bhrí go nglacann ceannairí tuairimíochta agus polaiteoirí áirithe ar fud AE le dearcthaí ciníocha agus seineafóibeacha, rud a spreagann timpeallacht shóisialta le bonn torthúil don chiníochas, don idirdhealú agus do choireanna fuatha; de bhrí go bhfuil an timpeallacht sin á spreagadh tuilleadh ag gluaiseachtaí antoisceacha amhail gluaiseachtaí faisisteacha agus antoisceacha na heite deise a fhéachann lenár sochaithe a dheighilt; de bhrí go bhfuil na gníomhartha sin ag teacht salach ar luachanna agus idéil chomhchoiteanna Eorpacha an daonlathais agus an chomhionannais atá geallta ag na Ballstáit uile a chaomhnú;

H. de bhrí go gcaithfidh go leor grúpaí mionlaigh foréigean póilíneachta a fhulaingt, lena n-áirítear pionós comhchoiteann agus próifíliú ciníoch; de bhrí go bhfuil gá le bearta sonracha chun an feiniméan sin a chomhrac; de bhrí, mar thoradh ar easnaimh sa smacht reachta agus sa cheartas coiriúil, nach bhfuil cosaint ná rochtain leordhóthanach ar cheartas ag íospartaigh fhoréigean na bpóilíní agus gur minic a dhéanann údaráis an stáit géarleanúint orthu; de bhrí gur tharla foréigean agus marú mar thoradh ar chiníochas i gcoinne mionlaigh eitneacha agus chine;

I. de bhrí gur féidir steiréitíopaí diúltacha a threisiú leis an gcaoi a léirítear daoine sna meáin, gan beann ar a gcúlra cine nó eitneach; de bhrí go bhfuil sé de chumhacht ag earnáil an chultúir agus ag na meáin cuimsiú a chur chun cinn agus ciníochas a chomhrac agus steiréitíopaí den sórt sin a chomhrac;

J. de bhrí gur gá dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe as líne agus ar líne inár sochaithe, bíodh sé follasach nó neamhfhollasach, agus gur freagracht chomhroinnte atá ann; de bhrí gur gá don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit tuilleadh machnaimh a dhéanamh, gealltanas a thabhairt agus leanúint dá gcuid oibre maidir le dul i ngleic leis an gciníochas struchtúrach agus leis an idirdhealú a bhíonn os comhair a lán grúpaí mionlaigh;

K. de bhrí gur minic a dhíríonn bréagaisnéis ar mhionlaigh agus go dtionscnaítear corraíl shóisialta mar thoradh uirthi; de bhrí go bhfónann meáin neamhspleácha agus iolraíocha a chuireann insintí cothroma chun cinn chun sochaithe cuimsitheacha a chothú;

L. de bhrí gur luachanna iad an dlúthpháirtíocht agus urraim do shaol an duine agus do dhaoine eile a thugtar ó ghlúin go glúin; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an oideachas scoile sa phróiseas seo;

M. de bhrí gur saincheist do phobail ar a ndéantar ciníochú ar fud na hEorpa í rochtain ar oideachas agus gnóthachtáil oideachais; de bhrí gur saincheist shuntasach san Eoraip fós í an idirdheighilt san oideachas; de bhrí go bhfuil sé fós ar siúl i roinnt Ballstát go gcuirtear leanaí i scoileanna idirdheighilte agus go gcuirtear leanaí de mhionlaigh eitneacha agus chine i scoileanna do leanaí faoi mhíchumas meabhrach, ar cleachtas idirdhealaitheach de;

N. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag scoileanna maidir le taithí a sholáthar ar luach na héagsúlachta, an cuimsiú a chur chun cinn, ciníochas a chomhrac agus steiréitíopaí agus réamhchlaonadh ciníoch a laghdú;

O. de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go bhfeicfeadh leanaí agus daoine óga go ndéantar ionadaíocht orthu ar fud na sochaí, lena n-áirítear san oideachas a thugtar dóibh, sna clubanna agus sna gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt ina mbíonn siad rannpháirteach, agus ar an idirlíon agus ar na meáin a úsáideann siad;

P. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an spórt sa saol sóisialta, cultúrtha agus oideachais agus go bhfuil sé de chumhacht aige daoine ó chiníocha, eitneachtaí agus reiligiúin éagsúla a aontú, agus cé gur féidir é a úsáid chun pobail a thabhairt le chéile agus luachanna an chomhionannais, na rochtana agus na hurraime a spreagadh, bíonn eachtraí ciníocha arís agus arís eile ag imeachtaí spóirt agus laistigh den spórt ar fud na hEorpa i gcoitinne, agus go mbaineann go leor dúshlán leis an gciníochas; de bhrí nach mór sainaithint agus comhrac a dhéanamh ar an radacú atá ag tarlú i ngrúpaí a bhaineann le spórt;

Q. de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag iarmhairtí diúltacha phaindéim COVID-19 orthu siúd ó phobail mionlaigh chine agus eitnigh, as a n-eascraíonn neamhionannais, lena gcuirtear béim orthu agus lena méadaítear iad, lena n-áirítear neamhionannais sa chultúr, sna meáin, san oideachas agus sa spórt; de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar chiapadh fuathspreagtha agus ar choireanna fuatha nuair a bhris paindéim COVID‑19 amach;

Comhthéacs ginearálta

1. á chur i bhfáth gurb ann don chiníochas i ngach réimse dár saol laethúil agus gur iomaí cineál ciníochais a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh go mbeadh cur chuige neamhfhulaingthe ann i leith na saincheiste sin; á aithint go gcuirtear grúpaí, pobail agus daoine aonair éagsúla faoi réir ciníochais, seineafóibe agus idirdhealaithe; á aithint go bhfuil tréithe sainiúla ag gach cineál ciníochais ar leith, go bhfuil cineálacha áirithe ciníochais níos feiceálaí i roinnt Ballstát ná a chéile mar gheall ar thosca stairiúla nó polaitiúla, i measc cúiseanna eile;

2. ag aithint phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas; chur in iúl gur geal léi an rannóg ar leith atá ann maidir leis an oideachas agus na tagairtí sonracha do na meáin, don spórt agus don chultúr; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus cistiú agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun gealltanais an phlean a bhaint amach gan dochar don chistiú le haghaidh na gclár agus na ngníomhaíochtaí atá ann cheana, agus luachanna na hEorpa á gcosaint ag an am céanna;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar dóthain acmhainní don chomhordaitheoir frithchiníochais agus go roinnfear an obair maidir le príomhshruthú comhionannais chiníoch ar fud bheartais AE idir na hArd-Stiúrthóireachtaí ar fad;

4. ag tnúth le measúnú ar chreat dlíthiúil AE atá ann cheana chun idirdhealú, ciníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata sin, cinneadh a dhéanamh maidir le conas feabhas a chur air i gcás inar gá, agus páirt a ghlacadh in idirphlé rialta agus i malartú dea-chleachtas leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, go háirithe iad siúd a chuireann in iúl imní na ndaoine atá thíos leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ciníoch;

5. á mheabhrú gur uirlis éifeachtach iad pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun freagairt don chiníochas, don idirdhealú ciníoch agus eitneach agus don éadulaingt a bhaineann leis sna Ballstáit, toisc go bhféadfar gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh leo mar fhreagairt ar chásanna sonracha; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil pleananna den sórt sin i bhfeidhm ach ag 15 Bhallstát[21]; ag tathant ar an gCoimisiún treoirphrionsabail phleanáilte a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme pleananna gníomhaíochta náisiúnta i gcoinne ciníochais agus idirdhealú ciníoch chomh maith le huirlisí eile chun cabhrú leis na hiarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh go n-áireofaí i bhforbairt na bpleananna sin cuspóirí sonracha lena léirítear éagsúlacht iomlán na sochaí sa chultúr, san oideachas, sna meáin agus sa spórt; á mheas go bhfuil sé riachtanach, chuige sin, dea-chleachtais a bhailiú agus a mhalartú ar fud na mBallstát chun forbairt a bpleananna náisiúnta gníomhaíochta a éascú agus chun malartú taithí idir na gníomhaireachtaí náisiúnta a chur chun cinn;

6. á chur in iúl gur geal léi foilsiú agus cur chun feidhme threoirlínte sonracha AE maidir le sonraí comhionannais a bhailiú bunaithe ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, mar a shainítear sa Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch mar shonraí atá deonach agus anaithnid agus lena n-áirithítear cosaint sonraí pearsanta, féin-sainaithint agus comhairliúchán le pobail ábhartha; á iarraidh ar na Ballstáit staidreamh náisiúnta a chur in oiriúint agus bacainní a bhaint díobh, agus nuair is ábhartha, bailiú córasach sonraí atá stóinsithe, imdhealaithe agus sonrach do thíortha ar leith maidir le comhionannas a éascú agus a fheabhsú chun bunchúiseanna an chiníochais agus an idirdhealaithe a shainaithint agus chun oibriú chun é a chomhrac agus chun tacú le beartais atá bunaithe ar fhianaise ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sonraí sin a úsáid chun beartais a fhorbairt chun ceartas ciníoch a bhaint amach agus chun go mbeadh rochtain ag an bpobal ar na sonraí sin, agus lánurraim á tabhairt don cheart bunúsach chun príobháideachais, do chosaint sonraí pearsanta agus do reachtaíocht ábhartha AE lena n-áirítear an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí[22] agus an Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas[23] atá beartaithe, chomh maith leis na creataí dlíthiúla náisiúnta ábhartha;

7. á chur in iúl gur geal léi an tiomantas don éagsúlacht agus don chuimsiú laistigh de Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, tionscnamh nua Eorpach Bauhaus, CSE+ agus an Ráthaíocht Eorpach don Aos Óg; ag cur béim ar an ngá atá ann leanúint agus anailís chórasach a dhéanamh ar an rannchuidiú a dhéanann gach ceann de na cláir sin leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais agus chun forléargas ar dhea-chleachtais a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na straitéisí um chuimsiú a foilsíodh le déanaí a phríomhshruthú ar fud na gclár ábhartha uile de chuid an Aontais agus i ngach tionscnamh ábhartha oideachais, cultúrtha, meán agus spóirt agus go ndéanfar faireachán ar a gcur chun feidhme agus ar a dtionchar;

8. á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún go bhfuil gá le cur chuige trasnach maidir le ceapadh beartas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na cuspóirí ábhartha frithchiníochais chun feidhme i ngach réimse beartais;

9. ag tabhairt dá haire agus is cúis imní di an easpa comhaontaithe sa Chomhairle i dtaca le togra ón gCoimisiún an 2 Iúil 2008 le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis[24]; ag tathant ar na Ballstáit teacht ar chomhsheasamh maidir leis sin a luaithe is féidir; ag tacú leis an gCoimisiún dul chun cinn a spreagadh i dtreo na haontoilíochta a theastaíonn ón gComhairle chun an togra seo a ghlacadh;

10. á mholadh go mbeadh tuilleadh comhair ann idir an Coimisiún Eorpach in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, comhlachtaí comhionannais na mBallstát, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), agus rialtais agus geallsealbhóirí, go háirithe iad siúd a chuireann in iúl imní na ndaoine atá thíos leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ciníoch; á iarraidh ar na Ballstáit, go háirithe, na moltaí ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe a chur chun feidhme ina n-iomláine;

11. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a dtacaíocht do Chomhaontas Sibhialtach NA a threisiú d’fhonn idirphlé agus comhar idirnáisiúnta, idirchultúrtha agus idirchreidimh a neartú;

12. á chur i bhfáth go bhfuil an rochtain theoranta ar theicneolaíochtaí agus ar bhonneagar digiteach san oideachais, sa chultúr, sna meáin agus sa spórt ina cineál nua idirdhealaithe agus neamhionannais, ar gá don Choimisiún agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt air go cuí agus go pras;

13. á iarraidh ar na Ballstáit línte cabhracha, comhlachtaí idirghabhála agus oiliúint foirne a eagrú chun aghaidh a thabhairt mar is ceart ar an bhforéigean nó ar theagmhais eile de chineál ciníoch nó eitneach san oideachas, sa chultúr, sna meáin agus sa spórt agus tuairisc cheart a thabhairt ina leith;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis fheabhsaithe a cheapadh chun lánpháirtiú daoine ó cheantair thuaithe, sléibhe agus iargúlta, go háirithe daoine óga agus mná, a chur chun cinn san oideachas, sa chultúr, sna meáin agus sa spórt, agus bonneagar áitiúil agus oiriúnaithe á bhforbairt agus á infheistiú ann ag an am céanna;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean gníomhaíochta comhleanúnach a cheapadh chun aghaidh cuí a thabhairt ar an mbaol idirdhealaithe a bhíonn roimh oibrithe taistil agus a leanaí go háirithe, lena n-áirítear rochtain theoranta ar oideachas ardcháilíochta, ar chultúr, ar na meáin agus ar spórt;

Cultúr

16. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht i sochaithe na hEorpa ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar an sciar den daonraí a rugadh thar lear agus a sliochtaigh; á chreidiúint go bhfuil an cultúr, an t-oideachas agus an spórt bunriachtanach chun sochaí a chothú atá oscailte agus fáiltiúil do chách; á mheas go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do rannchuidiú agus leagáid na ndaoine sin i dtaca le cultúr Eorpach agus le heolas sa stair trí chéile;

17. á aithint go bhfuil an ciníochas leabaithe go láidir sa tsochaí agus go bhfuil sé fite fuaite le fréamhacha cultúrtha, le hoidhreacht agus le noirm shóisialta; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an gcultúr chun an t-idirdhealú agus an ciníochas a chomhrac agus chun cuimsiú sóisialta, éagsúlacht, comhionannas agus caoinfhulaingt a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé foghlaim idirchultúrtha a chothú;

18. ag tabhairt dá haire an rannchuidiú ollmhór atá déanta ag pobail éagsúla le héagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa;

19. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil bacainní ann ar rannpháirtíocht na mionlach sa chultúr, eadhon steiréitíopaí, réamhchlaontaí, idirdheighilt agus bunú geiteonna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh a chur chun cinn i dtreo rannpháirtíocht níos éagsúla in earnáil an chultúir do phobail chiníocha agus daoine aonair ar a ndéantar ciníochú, go háirithe trí leas a bhaint as cistiú ó na cláir ábhartha uile chun deireadh a chur leis na bacainní sin; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht níos fearr do na bealaí atá ann cheana agus go gcruthófaí líonraí tacaíochta agus gníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear dóibh siúd atá i réigiúin fho-uirbeacha, réigiúin tuaithe, réigiúin is forimeallaí agus i réigiúin eile atá faoi mhíbhuntáiste;

20. á iarraidh ar na Ballstáit tionscnaimh a sheoladh atá ceaptha chun daoine ó chúlraí éagsúla cine agus eitneacha a spreagadh chun páirt a ghlacadh in imeachtaí cultúrtha, amhail scéimeanna dearbhán nó iarrachtaí cosúla;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar fhaireachán agus ar mheastóireacht, lena n-áirítear trí uirlisí rannpháirtíochta agus dea-chleachtais a thástáil, a chomhroinnt agus a mhalartú, ar féidir leo na héifeachtaí a léiriú a bhaineann leis an gcuimsiú agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn agus ciníochas a chomhrac tríd an gcultúr agus cabhrú chun beartais níos cuimsithí a chruthú;

22. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí ábhartha éagsúlacht a chothú in institiúidí cultúrtha idir fhostaithe agus bhainistíocht, trí chritéir incháilitheachta agus dhámhachtana a thabhairt isteach in eagraíochtaí a fhaigheann cistiú poiblí agus trína áirithiú go n-íocfar gach oibrí ó thús a ngairmréime;

23. á chur in iúl gur geal léi obair Mheitheal Shaineolaithe na mBallstát um Modh Oscailte an Chomhordaithe (MOC) maidir le comhionannas inscne in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta; á iarraidh ar na Ballstáit Meitheal MOC de Shaineolaithe na mBallstát maidir leis an gciníochas a chomhrac trí na healaíona agus an cultúr a chur san áireamh sa chéad phlean oibre eile don chultúr; á iarraidh ar Mheitheal MOC staidéar a dhéanamh maidir leis an ról atá ag an gcultúr agus ag earnáil na cruthaitheachta i gcur chun cinn an chomhionannais chiníoch laistigh dá n-earnálacha;

24. á chur in iúl gur geal léi cuimsiú na ndaoine agus na n-áiteanna is mó atá i ngátar mar cheann amháin d’aiseanna straitéiseacha Bauhaus Eorpach Nua; á iarraidh go gcuirfí san áireamh leis an tionscnamh seo cuimsiú sóisialta na n-imirceach chun rochtain chomhionann ar dheiseanna a thabhairt dóibh;

25. ag tacú go láidir leis an admháil ó Bhallstáit áirithe gur gá saothair chultúrtha agus déantáin chultúrtha a chur ar ais chuig a n-áiteanna tionscnaimh, ós rud é go gcuirfeadh sé sin meas ar oidhreacht chultúrtha a chéile agus tuiscint fhrithpháirteach uirthi chun cinn, chomh maith lena luach a fheabhsú, go háirithe trí rochtain phoiblí ar na saothair agus na déantáin sin; á iarraidh go ndéanfaí an taighde, na staidéir agus na malartuithe riachtanacha chun cláir chomhtháite a bhunú chun saothair agus déantáin chultúrtha a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh nó chuig institiúidí cultúrtha iomchuí eile, mar atá ainmnithe ag an stát tionscnaimh, i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint; á mholadh don Choimisiún idirphlé a éascú chun comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit, tíortha nach Ballstáit de AE iad, músaeim agus institiúidí cultúrtha eile a chur chun cinn;

Oideachas

26. ag aithint an róil chinntithigh atá ag an oideachas agus ag an oiliúint maidir le dul i ngleic le ciníochas struchtúrach agus le hidirdhealú, sochaithe cuimsitheacha a thógáil, réamhchlaonadh agus steiréitíopaí a bhreagnú, agus caoinfhulaingt, tuiscint agus éagsúlacht a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais ról an Limistéir Eorpaigh Oideachais nua sa chomhrac i gcoinne gach cineál idirdhealaithe laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, go háirithe maidir le spásanna ardcháilíochta agus  cuimsitheacha a fhorbairt don oideachas;

27. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gnéithe áirithe de stair na hEorpa, lena n-áirítear an coilíneachas, an sclábhaíocht agus an cinedhíothú, go háirithe an tUileloscadh, mar aon le léirithe eile ciníochais, a bhfuil tionchar buan acu ar shochaí an lae inniu, lena n-áirítear i gcórais oideachais agus i bhforbairt curaclam oideachais; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar churaclaim oideachais chun stair ár sochaithe a mhíniú trí chur chuige atá dírithe agus bunaithe ar chomhthéacs ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar na naisc atá aici leis an am i láthair agus oibriú chun na steiréitíopaí as a dtagann an t-idirdhealú atá ann inniu a dhíothú;

28. á chur i bhfáth an gá atá le níos mó spáis a chur i leataobh i gcuraclaim staire chun foghlaim go hoibiachtúil agus go fíorasach faoi idé-eolaíochtaí éagsúla ciníocha nó eitneacha, faoina gcineálacha agus faoina mbunús, lena n-áirítear an sclábhaíocht, an coilíneachas agus an faisisteachas agus mí-úsáid na heolaíochta chun údar a thabhairt do na hidé-eolaíochtaí sin, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann leo agus na hiarsmaí a d’fhéadfadh a bheith ann i láthair na huaire;

29. á mholadh do na Ballstáit go gcothófar forbairt curaclam oideachais agus uirlisí nó gníomhaíochtaí oideachais atá éagsúil agus cuimsitheach chun a áirithiú go ndéanfar údair, staraithe, eolaithe, ealaíontóirí agus figiúirí eile ó chúlraí cine agus eitneacha éagsúla a chur san áireamh sna hábhair sin agus in ábhair thábhachtacha eile;

30. ag cur béim ar ról an oideachais maidir leis an tsaoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sineirgí a chruthú idir oideachas saoránachta ar fud na hEorpa agus ar fud bheartais AE chun ciníochas agus idirdhealú a chomhrac; á mholadh do na Ballstáit béim níos mó a leagan ar stair AE san oideachas ar mhaithe le comhtháthú a chothú; á chreidiúint sí gur cheart go mbeadh na réimsí sin ina ndlúthchodanna de churaclaim oideachais don tsaoránacht;

31. á iarraidh ar na Ballstáit teangacha, cultúir agus stair mionlach a chur chun cinn i gcuraclaim scoile, i músaeim agus i gcineálacha eile de léiriú cultúrtha agus stairiúil, agus aitheantas a thabhairt don mhéad a chur a gcultúir leis an oidhreacht Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta comhleanúnacha agus comhsheasmhacha a fhorbairt, a mbeidh cistiú iomchuí mar thaca leo, chun na healaíona agus cultúr na ngrúpaí ciníocha agus eitneacha a spreagadh, chun tacú leo agus chun iad a chur chun cinn, agus chun taighde a dhéanamh ar oidhreacht ábhartha agus doláimhsithe chultúir na bpobal traidisiúnta agus chun an oidhreacht sin a chaomhnú;

32. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-ilteangachas a chur chun cinn mar uirlis thábhachtach a thugann daoine le chéile;

33. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht chuí a thabhairt do leanaí oibrithe taistil ar fud na mBallstát ionas go mbeidh siad in ann a dteanga dhúchais a fhoghlaim agus foghlaim faoi chultúr a dtíre féin agus a dtíre nua cónaithe ar mhaithe le comhtháthú níos fearr a áirithiú;

34. á iarraidh go ndéanfaí staidéar níos doimhne ar na daonnachtaí, an stair, an fhealsúnacht, na teangacha agus an litríocht choiteann, a d’fhéadfadh cabhrú le spiorad an chomhaontaithe Eorpaigh a chur chun cinn; á iarraidh go mbainfí úsáid i gcuraclaim staire as cur chuige dírithe ar stair na bpobal cine agus eitneach atá ina gcónaí san Eoraip chun dearcadh níos leithne agus níos fíriciúla ar stair na hEorpa agus ar stair an domhain a spreagadh agus chun tuiscint níos fearr ar na hidirghníomhaíochtaí idir ilchríocha éagsúla roimh, le linn agus tar éis an choilínithe Eorpaigh a chruthú; á iarraidh go gcuirfí béim i leabhair staire ar an méid a chuireann pobail ar a ndéantar ciníochú le forbairt agus múnlú na hEorpa sa lá atá inniu ann;

35. á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic go gníomhach le claontacht i leabhair scoile, in uirlisí oideachais, i scannáin agus i gcláir nuachta do leanaí agus do dhaoine óga, agus sa spórt; á iarraidh ar na Ballstáit na spriocanna sin a áireamh i gcur chun feidhme Bhliain Eorpach na hÓige 2022;

36. ag cáineadh go láidir cleachtas na hidirdheighilte ciníche agus eitní i scoileanna, atá fós i láthair san Eoraip; ag tabhairt rabhadh go mbíonn imeallú, luathfhágáil na scoile, rátaí íseal rollaithe agus cruthú spásanna sóisialta comhthreomhara mar thoradh ar chleachtais den sórt sin, go mbuanaíonn siad idirdhealú struchtúrach agus go gcuireann siad bac ar rochtain chothrom ar cháilíocht na beatha; á iarraidh ar na Ballstáit go léir beartais chuimsitheacha a thabhairt isteach nó a neartú chun cosc a chur ar ghrúpaí imeallaithe foghlaimeoirí ón réamhscoil go dtí an t-ardoideachas a bheith curtha i scoileanna, in institiúidí nó i ranganna ar leithligh, bíodh sin d’aon ghnó nó ná bíodh, chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus comhdheiseanna do chách a ráthú, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag gach leanbh ar oideachas ardchaighdeáin agus ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim lena n-áirítear cultúr agus spórt; ag spreagadh na mBallstát cuimsiú leanaí ó ghrúpaí mionlaigh i scoileanna agus i bpobail áitiúla a chur chun cinn go gníomhach agus nádúr tuata an oideachais phoiblí a chosaint, agus féiniúlachtaí cultúrtha agus reiligiúnacha á n-urramú ag an am céanna;

37. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit céimeanna a ghlacadh chun tacú le leanaí ó mhionlaigh chine agus eitneacha agus ó chúlraí socheacnamaíocha forbhásacha ar a mbealaí chun sármhaitheasa trí chabhrú leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim (e.g. na healaíona agus an spórt) ar ardleibhéal, trína chur ar a gcumas dul isteach i scoileanna a chomhlíonann a riachtanais ar leith, trí dheiseanna oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil, agus tríd an maoiniú is gá a chur ar fáil;

38. á iarraidh ar na Ballstáit an ceart chun oideachais do gach leanbh a ráthú agus bearta a bhunú chun luathfhágáil na scoile a chomhrac agus a chosc, agus chun rochtain atá cothrom ó thaobh inscne de ar oideachas cuimsitheach atá ar ardchaighdeán ón luath-óige go dtí an óg-óige a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nó fochláir cistiúcháin nua a dhearadh ar cheart a bheith comhlántach leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstát, arb é is aidhm dóibh tacaíocht spriocdhírithe agus shaincheaptha in oideachas ardcháilíochta a thabhairt do leanaí ó 3 bliana d’aois ar aghaidh, ar leanaí iad a bhfuil orthu déileáil le fíorbhochtaineacht agus nach bhfuil incháilithe le haghaidh tionscnaimh cistiúcháin oideachais agus cuimsithe shóisialta atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo ón Aontas, amhail Erasmus+, an Rathaíocht Eorpach do Leanaí nó CSE+;

39. á aithint a thábhachtaí atá sé leanaí agus daoine óga a theagasc chun iad a chur ar an eolas faoi thionchar diúltach na héadulaingthe agus chun a gcuid scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go dtosaíonn an t-oideachas ar chearta an duine ó aois an-luath agus go léiríonn an t-ábhar teagaisc éagsúlacht agus iolrachas na sochaí agus nach n-áirítear aon ábhar ciníoch ann;

40. á iarraidh ar an gCoimisiún taighde ar chórais luathrabhaidh agus ar mhodhanna éifeachtacha múinteoireachta a chur chun cinn chun ciníochas agus idirdhealú a chomhrac i scoileanna, chun aird a thabhairt ar dhea-chleachtais ó gach cearn den Eoraip, agus chun scaipeadh na dtorthaí a chur chun cinn chun an bhulaíocht ar fhorais chiníocha a dhíothú;

41. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom agus chóir ag foireann teagaisc ó ghrúpaí mionlaigh chine agus eitneacha ar phoist teagaisc agus ar phoist oideachais ar gach leibhéal oideachais agus go gcuirfear bearta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcosnófar oideachasóirí agus foghlaimeoirí araon ar idirdhealú ciníoch sa chóras scoile;

42. ag cáineadh an idirdhealaithe struchtúraigh a fhulaingíonn na mílte leanaí is dídeanaithe san Eoraip, ar leanaí iad nach bhfuil mórán rochtana nó nach bhfuil aon rochtain acu ar oideachas; á dhearbhú nach féidir le ranganna idirdheighilte i gcampaí glactha, a bhíonn á reáchtáil ag saorálaithe go minic, dul in ionad na scolaíochta; á iarraidh go ndéanfaí oideachas éigeantach ar leanaí dídeanaithe i gcóras scoile na tíre aíochta mar réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar mhaoiniú AE i réimse na himirce;

43. á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint oiriúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí, gan beann ar a n-ábhar, ar a speisialtóireacht, ar aois a mac léinn, nó ar an gcineál saoráide ina mbeidh siad ag múineadh, chun go mbeidh siad in ann na scileanna agus na cumais chultúrtha a fháil a theastaíonn uathu chun cuimsiú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn agus chun an t-idirdhealú sa chóras oideachais a chomhrac; á iarraidh go dtabharfaí am do gach oideachasóir agus oibrí óige páirt a ghlacadh in oideachas tosaigh múinteoirí agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach atá dírithe ar theagasc i gcomhthéacs ilchultúrtha agus ilchíníoch, lena n-áirítear oiliúint maidir le claontacht neamh-chomhfhiosach; á iarraidh ar na Ballstáit cláir foghlama ar feadh an tsaoil a thabhairt isteach do státseirbhísigh agus d’fhórsaí slándála stáit go háirithe chun iompraíocht chiníoch agus sheineafóbach a dhíothú;

44. á mheabhrú go meastar i gcásanna áirithe gur ‘ardriosca’ iad córais intleachta saorga (AI) atá beartaithe lena n-úsáid san oideachas agus sa ghairmoiliúint agus sna próisis chun foireann oideachais a earcú; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe riosca cuí sula n-úsáidfear na huirlisí sin;

45. á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí cuimhneacháin sa Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus ar an ngá atá le cistiú leordhóthanach agus infheictheacht do thionscadail atá deartha chun comóradh, taighde agus teagasc a dhéanamh ar imeachtaí i stair na hEorpa le déanaí, agus feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh na hEorpa maidir lena stair choiteann, a gcultúr, a n-oidhreacht chultúrtha agus a luachanna, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an tuiscint atá acu ar AE agus ar a bhunús, a aidhm agus a éagsúlacht;

46. á aithint gur leas don fhorbairt oideachasúil, shóisialta, phearsanta agus ghairmiúil iad cláir shoghluaisteachta amhail Erasmus+ agus gur chabhraigh siad le tuiscint ar dhaoine eile a chothú; á mholadh formhuiniú leanúnach na gclár sin;

47. á chur i bhfios go láidir an luach a bhaineann le hoideachas saoránachta AE ar mhaithe le comhthuiscint agus comhtháthú sóisialta, diongbháilteacht atá comhroinnte ag na saoránaigh a chuir a n-ionchur ar fáil don Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa, a chuirfear san áireamh freisin sna conclúidí ón gcomhdháil atá le foilsiú i mbliana;

48. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aitheantas a thabhairt don oideachas seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus aitheantas uathoibríoch a thabhairt do dhioplómaí agus do cháilíochtaí mar phríomhuirlisí chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine aonair ó ghrúpaí cine agus eitneacha, chun dul i ngleic leis an gciníochas struchtúrach agus leis an idirdhealú agus chun éagsúlacht a chothú;

49. ag aithint thábhacht na n-eiseamláirí maidir le gnóthachtáil oideachais; á mholadh go gcruthófaí ardán uile-Eorpach de dhaoine aonair agus de ghrúpaí daoine ó chúlraí mionlaigh chine agus eitneacha ar féidir leo a gcuid taithí a roinnt le foghlaimeoirí;

50. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feasacht a mhúscailt i measc an phobail i gcoitinne agus i measc thuairimí an phobail maidir le héagsúlacht ár sochaithe trí theagasc agus ábhair ábhartha eile;

51. á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó chiorruithe buiséid a dhéanamh ar chláir oideachais, toisc go bhféadfaí níos lú plé ar fheasacht thraschultúrtha agus ar fhrithchiníochas a bheith ann dá ndéanfaí amhlaidh[25];

52. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cláir shóisialta atá maoinithe ag an AE, go háirithe scéimeanna béilí scoile, maidir le lánpháirtiú leanaí agus daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta;

Na meáin

53. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an ionadaíocht agus an éagsúlacht i bhforbairt sochaithe cuimsitheacha; á mheabhrú go bhfuil sé de fhreagracht ar na meáin sochaithe a léiriú ina n-éagsúlacht ar fad agus is oth léi easpa éagsúlachta cine agus eitní ag go leor eagraíochtaí meán; á iarraidh ar earnáil an chultúir agus ar earnáil na meán diúltú do chleachtais a dhéanann steiréitíopaí diúltacha maidir le mionlaigh eitneacha agus chine a bhuanú nó a atreisiú agus á mholadh dóibh baill na bpobal sin a bhfuil róil dhearfacha acu a léiriú; á iarraidh ar na geallsealbhóirí ábhartha aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht agus ar an ionadaíocht laistigh dá gcuid eagraíochtaí, lena n-áirítear trí ról a chruthú a bheidh freagrach as an éagsúlacht agus trí thionscnaimh a chur chun feidhme arb é an aidhm atá leo feabhas a chur ar litearthacht ghairmithe na meán maidir le saincheisteanna na héagsúlachta agus na cuimsitheachta chun neamhspleáchas agus iolraíochas a gcúraimí a léiriú ar bhealach níos fearr;

54. á chur in iúl gur geal léi an feachtas cumarsáide agus múscailte feasachta ón gCoimisiún chun éagsúlacht a chothú san earnáil chlosamhairc, idir fheachtas cumarsáide agus fheachtas ar an scáileán; á iarraidh go ndíreodh an feachtas seo ar éagsúlacht agus ar stair na bpobal ar a ndearna ciníochú agus pobal imeallaithe eile agus chun aird a tharraingt ar an gcaoi ar féidir le ceartas ciníoch cur le hEoraip a bheidh níos comhtháite, níos síochánta agus níos daonlathaí do chách;

55. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh de chúram ar Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus le gníomhaíocht atá dírithe ar phobail mionlaigh; á chur i bhfáth a phráinní atá sé béim níos mó a chur ar fhorbairt a dhéanamh ar smaointeoireacht chriticiúil, ar litearthacht sna meáin agus ar scileanna digiteacha i gcláir oideachais; ag tabhairt chun suntais na héifeachtaí ríthábhachtacha a d’fhéadfadh a bheith ag feachtais agus tionscnaimh litearthachta sna meáin maidir le maolú a dhéanamh ar idirdhealú ciníoch a fhorleathadh tríd an mbréagaisnéis; ag tabhairt chun suntais an gá atá ann uirlisí anailíseacha agus oibríochtúla a chur ar fáil do dhaoine óga chun scaipeadh fuathchainte ar líne a aithint agus a chomhrac;

56. ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar sainmhíniú na fuathchainte as líne nó ar líne agus coiriúlú na coireachta fuatha a thrasuí go hiomlán agus i gceart i ndlíthe náisiúnta na mBallstát, agus nósanna imeachta um shárú a thionscnamh nuair is gá;

57. á chur in iúl gur geal léi an séú meastóireacht ar an gCód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac agus an dul chun cinn atá déanta maidir le fuathchaint ar líne a bhaint; á chur in iúl gurb léi, áfach, cé go bhfuil meánráta na bhfógraí a athbhreithníodh laistigh de 24 uair an chloig fós ard (81 %), gur thit sé ó 2020 (90.4 %), agus go bhfuil meánráta na bhfógraí a baineadh tite go 62.5 % ó 2019 agus 2020; ag tathant ar an gCoimisiún leanúint dá chomhar le hardáin chun deireadh a chur leis an bhfuathchaint ar líne agus feabhas a chur ar rátaí na bhfógraí a bhaintear, ar an trédhearcacht agus ar aiseolas d’úsáideoirí;

58. á chur a himní in iúl maidir leis an intleacht shaorga agus na halgartaim lena gcumasaítear an fhuathchaint agus an bhréagaisnéis, lena n-áirítear ábhar ciníoch agus idirdhealaitheach; ag tabhairt dá haire go gcuirtear isteach ar ár sochaithe láithreach leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagaisnéis; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí sin, go háirithe trí intleacht shaorga agus algartaim thiomnaithe a dhearadh agus é mar sprioc dheiridh acu srian a chur leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagaisnéis agus na hiarmhairtí a bhaineann léi a mhaolú;

59. ag tabhairt faoi deara go bhfuil Béarla forleathan i bhforbairt, in imscaradh agus in úsáid IS, lena n-áirítear scagairí inneachair; ag tabhairt rabhadh go bhfuil fuathchaint ar líne á cleachtadh i dteangacha eile freisin, nach bhfuil a scagairí inneachair chomh héifeachtach céanna; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun an fhuathchaint a chomhrac i ngach teanga;

60. á chur in iúl gur geal léi an cleachtas a bhunaigh soláthraithe idirnáisiúnta closamhairc áirithe chun séanadh a chur isteach maidir le hábhar díobhálach agus ciníoch roimh chraoltaí meán; ag spreagadh fhorbairt na gcleachtas sin laistigh den réimse closamhairc Eorpach;

61. ag tabhairt dá haire go bhfuil comhlachtaí rialála closamhairc ag roinnt Ballstát a bhfuil sé de chumhacht acu smachtbhannaí a eisiúint i leith cláir a chuireann ábhar idirdhealaitheach nó ciníoch chun cinn; ag spreagadh na mBallstát a gcuid gníomhaireachtaí rialála a chumhachtú sa chiall sin; á iarraidh go dtabharfaí rochtain ar acmhainní do Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc chun comhordú ceart a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta maidir le sonraí ardcháilíochta a bhailiú agus a chomhroinnt, mar aon le faireachán a dhéanamh ar chúraimí den sórt sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le maoiniú AE agus stáit le haghaidh eagraíochtaí meán faoina bhfuil sé faighte amach ag údaráis inniúla rialála go bhfuil caighdeáin dhlíthiúla á sárú acu chun fuathchaint agus seineafóibe a chur chun cinn;

62. ag cáineadh na reitrice ciníche atá ag eagraíochtaí meáin áirithe a dhéanann stiogmatú ar phobail chiníocha, mar shampla trí dhíriú ar imircigh mar fhoinse fadhbanna éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta agus trí chlúdach díréireach a thabhairt do choireanna a dhéanann imircigh; á iarraidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a ghlacadh chun na meáin a chosc ó reitric aithiseach, fuathchaint, insintí bréagacha agus léirithe diúltacha a bhaineann le grúpaí eitneacha nó cine ar leith a scaipeadh, nach ndéanann ach na daoine lena mbaineann a dhídhaonnú;

63. á chur i bhfáth an gá atá le cuntasacht na n-ardán digiteach agus na líonraí sóisialta a mhéadú chun leathadh an ghríosaithe chun fuatha chiníoch agus chun tuairimí frith‑inimirceach agus frithmhionlaigh a chomhrac;

Spórt

64. á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag clubanna spóirt agus ag cónaidhmeanna spóirt maidir leis an gciníochas a chomhrac, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt; á mheabhrú go spreagann an spórt agus spórt foirne go háirithe an cuimsiú sóisialta, an comhionannas agus cur chun cinn luachanna an Aontais, dá dtagraítear i rialachán Erasmus+; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh maoiniú náisiúnta agus AE ar fáil chun cur ar chumas daoine atá i mbochtaineacht, go háirithe mionlaigh agus leanaí, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt;

65. ag tabhairt dá haire go luaitear ciníochas faoin tosaíocht earnáilsonrach maidir le comhpháirtíochtaí don spórt i bPríomhbheart 2 den chlár oibre bliantúil 2022 le haghaidh Erasmus+ agus gur féidir tionscnaimh spóirt an phobail lena ndírítear ar chuimsiú agus ar an gcomhrac i gcoinne an chiníochais a mhaoiniú faoin scéim nua comhpháirtíochtaí ar mhionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tionscnaimh sin agus faireachán córasach a dhéanamh ar líon agus ar chineál na dtionscadal spóirt arb é an comhrac i gcoinne an chiníochais a bpríomhfhócais, agus ar mhéid an mhaoinithe a leithdháiltear orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún cuimsiú imirceach agus daoine ó chúlraí mionlaigh chine agus eitneacha a chur chun cinn i gclubanna spóirt an phobail;

66. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí atá déanta ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobail i mBallstáit éagsúla leas a bhaint as an spórt chun daoine a thabhairt le chéile agus chun cuimhne chomhchoiteann a chothú agus é mar aidhm leo urraim agus cuimsiú a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún bunachar sonraí de dhea-chleachtais a fhorbairt san oideachas spóirt agus sna meáin chun a bhforbairt a chur chun cinn ar fud AE;

67. á aithint gur cheart aird níos mó a thabhairt ar ionadaíocht na ngrúpaí éagsúla sa spórt i gcoitinne agus i bpoist bhainistíochta in eagraíochtaí spóirt, lena n-áirítear mná agus iad siúd ar lú na deiseanna atá acu amhail dídeanaithe, mionlaigh eitneacha agus chine agus an pobal LADTIA; ag tathant ar chomhlachtaí idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta rialaithe spóirt bearta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú a chur chun feidhme, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar líon íseal na mban agus na mionlach eitneach i bpoist cheannaireachta agus ar bhoird; á iarraidh ar na Ballstáit beartais chuimsitheacha spóirt a fhorbairt leis an maoiniú iomchuí chun a áirithiú go mbeidh an spórt inrochtana do chách, gan beann ar eitneacht, cine, míchumas nó cúlra socheacnamaíoch;

68. ag áitiú cur chuige neamhfhulaingthe i leith an chiníochais, na fuathchainte, foréigin agus iompraíocht chiníoch eile sa spórt agus ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar chónaidhmeanna spóirt bearta a fhorbairt chun teagmhais den sórt sin a chosc agus pionóis agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun tacú le híospartaigh, chomh maith le bearta chun cosaint a thabhairt ar lúthchleasaithe frithbheartaíochta a cháineann ciníochas nó a labhraíonn amach ar son na héagsúlachta;

69. ag tathant ar an gCoimisiún moltaí nó treoirlínte a fhorbairt sa spórt chun ciníochas sa spórt a chomhrac ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach agus chun cuimsiú agus urraim a chothú, lena n-áirítear dóibh siúd a bhfuil éadaí sonracha ag teastáil uathu, ar gach leibhéal spóirt; á iarraidh ar eagraíochtaí spóirt agus ar gheallsealbhóirí ar gach leibhéal rannchuidiú go gníomhach le cód den sórt sin, síntiús a ghlacadh leis, agus é a ionchorprú ina reachtanna; ag spreagadh eagraíochtaí chun feasacht a mhúscailt maidir le cód den sórt sin agus maidir lena bhfuil ann i measc a mball agus a dteaghlach, agus i measc an phobail i gcoitinne;

°

° °

70. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cúlra

 

Tá ciníochas agus idirdhealú bunaithe ar bhunadh cine agus eitneach fós ann go forleathan ar fud an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. Tá idirdhealú den sórt sin ann ní hamháin mar thoradh ar iompar agus réamhchlaonadh daoine aonair, ach tá sé leabaithe freisin inár sochaí ag leibhéal struchtúrtha níos doimhne. De réir Eorabharaiméadar 2019, creideann os cionn leath de mhuintir na hEorpa go bhfuil idirdhealú ciníoch forleathan ina dtír, agus ba iad na trí fhoras idirdhealaithe is mó a d’aithin saoránaigh in AE ná ‘Bheith ina Romach’ (61 % de fhreagróirí), ‘bunadh eitneach’ (59 %) agus ‘dath craicinn’ (59 %)[26]. De réir Dara Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar Mhionlaigh agus ar Idirdhealú (EU MIDIS II), de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), rinneadh idirdhealú ar 45 % de dhaoine de bhunadh na hAfraice Thuaidh, ar 41 % de Romaigh agus ar 39 % ar dhaoine de bhunadh na hAfraice Fo-Shaháracha bunaithe ar a gcúlra eitneach nó inimirce. Tuairiscítear freisin gur íospartach ciapadh fuatha iad 30 % de Romaigh agus 29 % de dhaoine de chúlra na hAfraice Thuaidh[27].

 

Sa bhliain 2020 chonacthas feasacht mhéadaithe ar chiníochas leanúnach inár sochaithe tar éis dhúnmharú George Floyd ag póilín i Minneapolis, SAM. D’eascair sraith léirsithe as faoi stiúir na gluaiseachta Black Lives Matter, rud a spreag gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear rún AE ón bParlaimint a ghlacadh agus Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas a chur le chéile. Tugadh aird athnuaite ní hamháin ar shaincheisteanna amhail brúidiúlacht na bpóilíní agus próifíliú ciníoch, ach freisin ar stair an chiníochais agus ar a hoidhreacht chultúrtha san Eoraip.

 

Léirigh paindéim COVID-19 a mhéid is féidir an t-idirdhealú ciníoch a chórasú ar bhealaí éagsúla. Ar an gcéad dul síos, agus rud a léiríodh go han-soiléir, spreag leathadh an víris in earrach na bliana 2020 rabharta foréigin agus ionsaithe ciníocha agus seineafóibeacha agus ionsaithe, go háirithe i dtreo phobal na hÁise; d’fhormhuinigh ceannairí polaitiúla áirithe ar fud an domhain le ráitis chiníocha a chuir milleán ar imircigh, dídeanaithe agus eachtrannaigh agus rinne na ceannairí sin na ráitis sin a chur chun cinn fiú[28]. Ar an dara dul síos, tá sé cruthaithe ag sonraí ó gach cearn den domhan go raibh tionchar mór díréireach ag COVID-19 ar mhionlaigh chine agus eitneacha[29].

 

 

Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas, 2020-2025

 

Tar éis thráth na cinniúna bunaithe na hagóidí in 2020, spreagadh institiúidí AE chun machnamh a dhéanamh ar an gciníochas atá i láthair in AE agus ina Bhallstáit. Ba léir go raibh gá le ceartas cine a shaothrú go gníomhach agus le comhrac go gníomhach i gcoinne gach cineál idirdhealaithe. Ba léir go raibh gá níos mó a dhéanamh chun sochaí atá bunaithe ar iolrachas, caoinfhulaingt agus neamh-idirdhealú a chothú, agus go ndéanfaidh an tAontas mar a deir sé ina mhana féin, ‘Aontaithe san Éagsúlacht’, mar a thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, le fios san óráid a thug sí os comhair Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2020.

 

An 18 Meán Fómhair 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a theachtaireacht dar teideal A Union of equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 [Aontas den Chomhionannas: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025][30]. Go nithiúil, iarrtar sa Phlean Gníomhaíochta go ndéanfaí dlí an Aontais a fhorfheidhmiú níos fearr, go ndéanfaí comhordú níos dlúithe, lena n-áirítear trí Chomhordaitheoir don Fhrithchiníochas a cheapadh, trí phleananna gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an chiníochais agus an idirdhealaithe chiníoch a ghlacadh, go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun meon idirdhealaitheach na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí a chosc, agus go gcuirfí leis an éagsúlacht foirne in institiúidí an Aontais.

 

I measc na mbeart eile a luaitear sa Phlean Gníomhaíochta tá iarraidh go gcuirfí feabhas ar bhailiú sonraí maidir le tionscnamh eitneach nó ciníoch agus ar shonraí a imdhealaítear dá réir, agus feasacht a ardú agus aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí ciníocha agus eitneacha trí na meáin, oideachas, cultúr agus spórt. Is é seo comhthéacs na tuarascála féintionscnaimh seo, chun obair leantach a dhéanamh ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, agus chun dearcadh choiste CULT a thabhairt maidir le conas steiréitíopaí a chomhrac, oideachas cuimsitheach a fhorbairt, feasacht a mhúscailt ar stair agus ar leagáid an chiníochais san Eoraip, agus dul i ngleic le gannionadaíocht na mionlach cine agus eitneach sna meáin agus in earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha.

 

 

Ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais

 

Tráth a bhfuil an ciníochas struchtúrach tagtha chun solais mar cheann de na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais, tá sé níos tábhachtaí ná riamh an frithchiníochas a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais, lena n-áirítear beartas cultúir, oideachais, spóirt agus meán. Baineann na réimsí sin le saol gach duine in AE agus tá sé de chumas uathúil acu teagmháil a dhéanamh le gach duine againn, agus comhthéacs agus brí a thabhairt dár n-idirghníomhaíochtaí laethúla lena chéile. Is éascairtheoirí iad an t-oideachas, taithí cultúrtha agus spóirt, agus an fhaisnéis a fhaighimid trí na meáin, lena ndéantar athruithe sochaíocha agus iompraíochta a mhúnlú agus a spreagadh. Is mian linn forbairt beartais a spreagadh a éascaíonn agus a chuireann leis na hathruithe iompraíochta seo. Ar an mbonn chéanna, is réimsí iad seo ina bhfuil tábhacht mhór le hionadaíocht ar éagsúlacht, go háirithe chun daoine aonair ó chúlraí éagsúla eitneacha nó cine, agus go háirithe daoine óga, a spreagadh chun a spriocanna pearsanta féin a bhaint amach.

 

Ar an iomlán, féachtar sa tuarascáil leis an gCoimisiún Eorpach agus na Ballstáit a spreagadh chun cloí leis an dea-chleachtas a bunaíodh lena straitéisí comhionannais inscne agus lena n-iarrachtaí comhionannas inscne a phríomhshruthú ar fud réimsí beartais. Ar an gcuma chéanna, leagtar béim sa tuarascáil sin ar an ngá atá le príomhshruthú an cheartais chiníoch i mbeartais chultúrtha, oideachais, spóirt agus meán uile an Aontais.

 

Go dtí seo, thug Coiste CULT faoi shaincheist an chiníochais ó dhearcthaí éagsúla ach ní dhearna sé tuarascáil uilechuimsitheach ar an saincheist. Is é uaillmhian na tuarascála seo ná leigheas a fháil ar an gcás sin agus cur chuige cothrománach a chur chun cinn maidir leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais i ngach réimse inniúlachta de chuid Choiste CULT.

 

Sna hanailísí cúlra a choimisiúnaigh Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe[31], déantar measúnú ar oiriúnacht Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020-2025, laistigh d’inniúlachtaí beartais AE, chun ciníochas a chomhrac i réimse an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt, agus leagtar amach na hionstraimí agus sna cláir uathscothacha atá ann cheana chun dul i ngleic leis an gciníochas laistigh de na réimsí sin.

 

Go háirithe, baintear de thátal as an staidéar maidir leis na trí chlár de chuid an Aontais a thagann faoi inniúlacht Choiste CULT, Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, nach bhfuil na cuspóirí sonracha acu i dtaca leis an gcomhrac in aghaidh an chiníochais agus an idirdhealaithe , agus cumhdaítear leis na tosaíochtaí sin den chuid is mó mar phrionsabail chothrománacha. Dá bhrí sin, ní shainítear aon táscairí sonracha chun an méid a chuireann na cláir leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais a thomhas, ach gan ach eisceacht fhánach i réimse an spóirt faoi Erasmus+. Mar sin, ní leor an bhéim a chuirtear ar fhaireachán agus ar mheastóireacht ar théama sonrach an chiníochais, agus eascraíonn sé sin ó easpa cuspóirí sonracha a thomhas, agus ó dhrogall na mBallstát sonraí maidir le tionscnamh eitneach nó cine a bhailiú agus a imdhealú go ginearálta.

 

Tá sonraí agus táscairí atá cruinn agus inchomparáide ríthábhachtach do chinnteoirí chun beartais i ngach réimse a dhearadh, agus monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ní eisceacht iad sonraí maidir le comhionannas agus idirdhealú. Ní haon iontas é, dá bhrí sin, go n-iarrann eagraíochtaí agus saineolaithe na sochaí sibhialta go mbaileofar sonraí maidir le héagsúlacht agus comhionannas sna Ballstáit. Is freagairt í an tuarascáil seo ar an iarraidh sin trí fháilte a chur roimh an Nóta Treorach maidir le bailiú agus úsáid sonraí comhionannais bunaithe ar thionscnamh cine nó eitneach[32], a d’eisigh Grúpa Ardleibhéil an Choimisiúin Eorpaigh um Neamh-idirdhealú, Comhionannas agus Éagsúlacht i mí Mheán Fómhair 2021, agus iarrtar ar na Ballstáit dlús a chur lena rannpháirtíocht maidir leis sin.

 

Iarrtar sa tuarascáil freisin ní hamháin go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun an éagsúlacht chine agus eitneach a éascú agus chun steiréitíopaí agus idirdhealú i réimsí an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt a chomhrac, ach iarrtar freisin go gcuirfí tús le comhrá agus le machnamh níos leithne faoi stair agus faoi leagáid an chiníochais san Eoraip agus faoina nádúr struchtúrach agus sistéamach.

 

Níl sé i gceist go mbeadh an tuarascáil uileghabhálach, ach tá sé i gceist go mbeadh sí ina céad chéim i dtreo sochaí atá cothrom, cuimsitheach agus cóir a bhaint amach. D’fhéadfaí é a bheartú fiú maidir leis an tuarascáil seo go ndéanfaí obair leantach rialta ó Choiste CULT maidir le tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh chun dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú i réimse an chultúir, an oideachais, an spóirt agus na meán.

_______________________


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

7.2.2022

 

 

 

Toradh an vótála críochnaithí

+:

–:

0:

21

3

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Ilana Cicurel, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Alexis Georgoulis, Catherine Griset, Sylvie Guillaume, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Predrag Fred Matić, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Monica Semedo, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Salima Yenbou, Theodoros Zagorakis

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Christian Ehler, Loucas Fourlas, Elżbieta Kruk, Viola Von Cramon-Taubadel

 

 


VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

21

+

ECR

Dace Melbārde

PPE

Christian Ehler, Loucas Fourlas, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Sabine Verheyen, Theodoros Zagorakis

Renew

Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva, Monica Semedo

S&D

Sylvie Guillaume, Hannes Heide, Predrag Fred Matić, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Massimiliano Smeriglio

The Left

Alexis Georgoulis, Niyazi Kizilyürek

Verts/ALE

Viola Von Cramon-Taubadel, Salima Yenbou

 

3

-

ECR

Elżbieta Kruk, Andrey Slabakov

ID

Catherine Griset

 

4

0

ID

Gianantonio Da Re

PPE

Asim Ademov, Michaela Šojdrová

S&D

Petra Kammerevert

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 4 Márta 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais