Tuarascáil - A9-0038/2022Tuarascáil
A9-0038/2022

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive

2.3.2022 - (COM(2022)0020 – C9‑0015/2022 – 2022/0010(BUD))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Monika Vana

Nós Imeachta : 2022/0010(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0038/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0038/2022
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive

(COM(2022)0020 – C9‑0015/2022 – 2022/0010(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do thogra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0020 – C9‑0015/2022),

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2021/691[1] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (‘Rialachán CED’),

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[2] (‘Rialachán CAI’), agus go háirithe Airteagal 8 de,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár ionsar acmhainní dílse[3] nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,

 ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0038/2022),

A. de bhrí go ndearna an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha a chur ar bun chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe atá buailte ag iarmhairtí an domhandaithe agus na n-athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú ionsar gheilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar dhigitiú nó uathoibriú;

B. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm dóibh tairbhithe a athimeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach a bheidh níos glaise agus níos digití;

C. de bhrí go nderana an Spáinn iarratas EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive a chur isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón CED, tar éis do 705 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear[4] faoi NACE Athbhreithniú 2, Rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí), i réigiún NUTS 2 Cataluña (ES51) sa Spáinn, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021;

D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 346 oibrí iomarcacha ar tháinig a ngníomhaíocht chun deiridh le linn na tréimhse tagartha san earnáil eacnamaíoch, agus gur cuireadh 359 oibrí ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh mar thoradh ar na teagmhais chéanna a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha agus go measfar, dá bhrí sin, gur tairbhithe incháilithe iad freisin;

E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) de Rialachán CED, faoina gceanglaítear deireadh a bheith tagtha le gníomhaíocht 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 6 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú in Athbhreithniú NACE rannán 2, agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 i mBallstát;

F.  de bhrí gur fhógair Nissan, an 28 Bealtaine 2020, go ndúnfaí a ghléasra in Barcelona, lenar fágadh gur cuireadh 2 500 oibrí de chuid an ghléasra ar iomarcaíocht agus gur cailleadh 8 000 post i measc a soláthraithe; de bhrí go bhfuil na hiomarcaíochtaí dá dtagraítear san iarratas seo, comhchruinnithe i gceithre chontae de chúige Barcelona (Barcelonès, Alt Penedés, Baix Llobregat agus Vallés Oriental), contaetha ina bhfuil líon mór fiontar gluaisteán suite. de bhrí, maidir le líon na n-oibrithe a scaoileadh chun bealaigh de bharr nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2021 sa Chatalóin (7 993 dhuine), gur mó an líon sin ná líon na n-oibrithe a scaoileadh chun bealaigh sa bhliain 2020 (7 936 dhuine), agus gur tháinig méadú ar scriosadh na fostaíochta sa réigiún le linn na tréimhse 2018-2020;

G. de bhrí nach rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán CAI[5];

1. ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) de Rialachán CED agus go bhfuil an Spáinn i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 2 795 156 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % de chostas iomlán EUR 3 288 419, lena gcuimsítear caiteachas EUR 3 138 300 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 150 119 as CED a chur chun feidhme[6];

2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Spáinne an t-iarratas isteach an 23 Meán Fómhair 2021, agus gur thug an Coimisiún a mheasúnú chun críche an 20 Eanáir 2022 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 705 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Spáinn ag dréim leis go mbeidh 450 tairbhí as na tairbhithe incháilithe iomlána rannpháirteach sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe); á chur i bhfios go láidir an gá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta agus á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme agus meastóireacht an phacáiste seirbhísí;

4. á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta na n-iomarcaíochtaí tábhachtach do Cataluña, áit arb é tionscal na ngluaisteán an tríú earnáil is tábhachtaí (i ndiaidh ceimiceán agus bia) ó thaobh láimhdeachais agus fostaíochta de araon;

5. á chur i bhfios go bhfuil 34,9 % de na tairbhithe spriocdhírithe os cionn 54 bliana d’aois, gur mná iad 44,4 % díobh agus go bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí ar níos lú ná 50,4 % díobh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbaineann dúshláin shonracha don athfhostaíocht le próifíl aoise agus leibhéal oideachais na dtairbhithe spriocdhírithe agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear sainiúlachtaí aoise, leibhéal an oideachais agus an ceangal atá eatarthu san áireamh go cuí agus pacáiste na seirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme;

6. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Spáinn ar sheirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe spriocdhírithe an 17 Eanáir 2022 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón CED ón 17 Eanáir 2022 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm;

7.  á mheabhrú go bhfuil na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist le seirbhísí pearsantaithe a chuirtear ar fáil do na hoibrithe iomarcacha, ar fiú 37,8 % den tacaíocht airgeadais iomlán iad: ceardlanna ar mhodheolaíochtaí cuardaigh poist, gairmthreoir, oiliúint (inniúlachtaí cothrománacha, athsciliú, uas-sciliú agus intéirneachtaí, mar aon le gairmoiliúint), tacaíocht fiontraíochta, deontais cruthaithe gnó, dianchúnamh cuardaigh poist, lena n-áirítear ionchais fostaíochta áitiúila agus réigiúnacha a shainaithint, teagasc tar éis ath-imeascadh san obair agus dreasachtaí airgeadais éagsúla;

8. á chur in iúl gur geal léi gur beartaíodh go mbeadh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhréir le Straitéis Geilleagair Chiorclaigh na Spáinne[7], nach mór a bheith bunaithe ar thimthriallta ábhair neamhthocsaineacha, agus an Straitéis maidir le Forbairt Inbhuanaithe na Catalóine[8] agus gur thacaigh ionadaithe SOC[9], CIAC[10], agus Agència per la Competitivitat de l’Empresa (ACCIÓ)[11] le hiarratas CED, i bpróiseas a raibh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann[12]; ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfreastalódh bearta oiliúna ar an gceanglas i dtaobh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch a scaipeadh agus i ngeilleagar glas a bheadh tíosach ar acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán maidir le CED;

9. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear leis na dreasachtaí costais ranníocaíochta suas le EUR 20 in aghaidh an lae d’oibrithe iomarcacha nó EUR 350 in aghaidh na míosa do na daoine a fhilleann ar an obair, ar feadh 3 mhí ar a mhéad; á chur i bhfios go láidir gurb é is aidhm don dreasacht ná spreagadh a thabhairt d’athfhostaíocht mhear agus d’oibrithe scothaosta fanacht sa mhargadh saothair;

10. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Spáinne nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais an Aontais;

11. á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta fhaighteoirí leithdháileadh CED chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;

12. á mheabhrú go bhfuil dícharbónú na hearnála iompair ar tí tarlú; ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar freisin ag an gclaochlú digiteach agus glas ar mhargadh an tsaothair agus go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar suntasach aige ar earnáil na ngluaisteán; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil don athrú cóir i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag tacú go láidir le CED in 2021-2027 agus go leanfaidh sé de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndearnadh difear dóibh, agus an fócas a choinneáil ar an tionchar atá ag athstruchtúrú ar oibrithe agus á iarraidh go ndéanfar comhleanúnachas beartais a uasmhéadú sna hiarratais a dhéanfar sa todhchaí; á mheas gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an oideachas cáilithe, lena n-áirítear an ghairmoiliúint agus an córas déphrintíseachta mar a thugtar air a chur chun cinn, ar córas é a bhfuil sé léirithe go bhfuil sé éifeachtach i roinnt Ballstát;

13. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile; á chur i bhfios go láidir an gá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sa mheitheal a cuireadh ar bun chun an pacáiste beart a n-iarrtar cómhaoiniú CED ina leith a shainiú agus á iarraidh go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i bpacáiste na seirbhísí a chur chun feidhme agus a mheas;

14. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

15. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

16. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;


IARSCRÍBHINN: CINNEADH ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ón gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Spáinn (EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013[13], agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

 

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[14], agus go háirithe pointe 9 de,

 

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,


De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.

(2) Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle[15].

(3) An 23 Meán Fómhair 2021, thíolaic an Spáinn iarratas ar CED a úsáid i ndáil le hiomarcaíochtaí san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE[16] (Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach) Athbhreithniú 2 Rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí) i réigiún NUTS leibhéal 2[17] na Catalóine (ES51) sa Spáinn. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/691. Comhlíontar san iarratas sin na coinníollacha le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691.

(4) Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 795 156 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Spáinn isteach.


(5) Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

 

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2022, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 2 795 156 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

 


 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

I. Cúlra

Cruthaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun cúnamh breise a thabhairt d’oibrithe atá thíos le hiarmhairtí mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda.

De réir fhorálacha Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[18] agus fhorálacha Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/691[19], ní rachaidh an Ciste thar uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018).

Maidir leis an nós imeachta, de réir phointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[20], chun an Ciste a ghníomhachtú, cuireann an Coimisiún, i gcás measúnú dearfach ar iarratas, togra faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh chun an Ciste a shlógadh agus, ag an am céanna, iarraidh chomhfhreagrach ar aistriú.

II. An t-iarratas ón Spáinn agus an togra ón gCoimisiún

An 23 Meán Fómhair 2021, rinne an Spáinn an t-iarratas EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive a chur isteach, iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca 705 iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2, rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí) i gCatalóin (ES51) na Spáinne, ar réigiún leibhéal 2 NUTS é.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán CED, go gcomhlíontar na coinníollacha chun ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

An 20 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh chun tacú le 450 tairbhí spriocdhírithe a ath-imeascadh sa mhargadh saothair, agus chuir sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle é.

Mheas an Coimisiún go raibh an t-iarratas inghlactha faoi chritéir idirghabhála Airteagal 4(2)(b) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfear de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 6 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ag rannán NACE Athbhreithniú 2, ar fiontair iad atá lonnaithe i réigiún amháin nó dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 i mBallstát.

Is é sin an séú hiarratas ó 2021 agus an dara ceann a scrúdaíodh faoi bhuiséad 2022, lena n-áirítear CAI (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021 go 2027[21] agus IIA an 16 Nollaig 2020.

Scor ghníomhaíochtaí na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021, rinneadh é a ríomh ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó ó dháta éaga an chonartha sin.

Baineann an t-iarratas le 450 oibrí iomarcacha spriocdhírithe agus tagraíonn sé do shlógadh méid iomlán EUR 2 795 156 ón CED don Spáinn, arb ionann é agus 85 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí beartaithe.

Is iad cuspóirí CED dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí chúnamh a thairiscint i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, go háirithe iad siúd ar dúshláin a bhaineann leis an domhandú is siocair leo, amhail athruithe ar phatrúin na trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha i gcaidreamh trádála an Aontais nó i gcomhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, chomh maith leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar dhigitiú nó uathoibriú[22].

An 27 Bealtaine 2020, chuir Renault, Nissan agus Mitsubishi a bplean straitéiseach nua i láthair, ar dá réir a dhíreodh Nissan ar an tSín, ar Mheiriceá Thuaidh agus ar an tSeapáin; díreoidh Renault ar an Eoraip, ar an Rúis, ar Mheiriceá Theas agus ar an Afraic Thuaidh; agus díreoidh Mitsubishi ar an Áis Thoir Theas agus ar an Aigéine. An lá dár gcionn, dhearbhaigh Nissan go raibh sé ar intinn aige a láithreacht san Eoraip a laghdú chun díriú ar mhargaí níos brabúsaí agus d’fhógair go ndúnfaí a ghléasra in Barcelona, céim a cuireadh i gcrích ag deireadh 2021. Is soláthraithe don chuideachta Nissan iad na fiontair a bhain leis an iarratas seo. Ba é an fógra maidir le dúnadh Nissan ba chúis le dúnadh páirteach roinnt de na soláthraithe sin (amhail Faurencia nó Continental) agus le laghdú 31-53 % ar a lucht saothair, agus dúnadh soláthraithe eile síos ina n-iomláine, amhail Aludyne, Magna Seating nó Robert Bosch.

Is ionann láimhdeachas thionscal na ngluaisteán in Cataluña (23.8 billiún euro) agus níos mó ná 10 % d’OTI an réigiúin[23]. Soláthraíonn an earnáil thart ar 143 000 post (poist dhíreacha, poist indíreacha agus poist cruthaithe), de réir sonraí ó Chnuasach Thionscal Gluaisteán na Catalóine (CIAC)[24]. Mar thoradh ar dhúnadh ghléasra Nissan in Barcelona, tharla níos mó ná 2 500 iomarcaíocht dhíreach agus cailleadh 8 000 post i measc a sholáthraithe (3 000 post i measc soláthraithe ardleibhéil, iad siúd a théann i mbun caibidlíocht go díreach le monaróirí feithiclí, agus 5 000 post eile i measc soláthraithe níos lú)[25].

Is éard a bheidh sna naoi gcineál gníomhaíochta a chuirfear ar fáil d’oibrithe iomarcacha, arb ina leith a iarrfar cómhaoiniú CED, ná:

a. Seisiún faisnéise ginearálta agus seisiún fáiltithe: áirítear leis sin faisnéis ghinearálta maidir leis na cláir chomhairleachta agus oiliúna, na liúntais agus na dreasachtaí atá ar fáil; agus próifíliú na n-oibrithe. Ós rud é go gcuirtear an beart chun feidhme i gcomhar le Cnuasach Thionscal Gluaisteán na Catalóine, beidh deis ag na hoibrithe iomarcacha soiléiriú a dhéanamh ar a n-ionchais ghairme laistigh den earnáil mótarfheithiclí agus cinneadh a dhéanamh uas-sciliú a dhéanamh agus fanacht san earnáil nó athoiliúint a dhéanamh chun fostaíocht a fháil in earnálacha eile.

b. Le ceardlanna ullmhúcháin, díríodh ar mhodheolaíochtaí éagsúla agus ar ghnéithe tábhachtacha a bhaineann le post a chuardach, amhail dréachtú CVanna, agallaimh phoist agus dinimic ghrúpa, etc. Comhlánaítear sin le faisnéis níos doimhne ar ath-imlonnú, ar earnálacha óna dteastaíonn ceadúnú nó deimhnithe inniúlachta gairmiúla, agus deimhniú inniúlachtaí agus scileanna boga a fhaightear i gcásanna oibre. Dóibh siúd atá ag smaoineamh ar an bhféinfhostaíocht, beidh ceardlanna ann maidir le gnólacht a chur ar bun.

c. Cuirfear gairmthreoir ar fáil i seisiúin dhéthaobhacha le comhairleoir. Réiteoidh an comhairleoir agus an t-oibrí, i dteannta a chéile, bealach pearsantaithe chuig an bhfostaíocht nó chuig an bhféinfhostaíocht. Le linn na seisiún sin, saineofar freisin riachtanais oiliúna.

d. Oiliúint: áireofar leis sin (1) oiliúint maidir le hinniúlachtaí cothrománacha amhail forbairt phearsanta, rioscaí ceirde a chosc, teangacha iasachta, agus oiliúint le bheith i d’oiliúnóir; (2) gairmoiliúint athscilithe chun freastal ar riachtanais shainaitheanta de chuid an mhargaidh saothair áitiúil amhail cothabháil foirgneamh agus trealaimh uirbigh, oibríochtaí trádstórais, lóistíochtaí trádstórais, HACCP, sábháilteacht bia, láimhseáil bia, etc.; agus (3) uas-sciliú ar ghairmoiliúint chun freastal ar scileanna san earnáil mótarfheithiclí, amhail teicnící táthaithe, dearadh tionsclaíoch, meaisíniú, agus cothabháil; agus (4) intéirneachtaí i bhfiontair. Is é is aidhm dó sin taithí oiliúna i bhfíorthimpeallacht oibre a éascú.

e. Tacaíocht fiontraíochta chun gnó inmharthana nó tionscadail féinfhostaíochta a fhorbairt, is i bhfoirm oiliúna agus teagaisc phearsantaithe le linn phróiseas an ghnó nuathionscanta a thabharfar tacaíocht d’oibrithe a bhfuil suim acu a bheith féinfhostaithe. D’fhéadfadh sé go gcumhdófaí ann pleanáil, staidéir indéantachta, pleananna gnó, cabhair le deiseanna maoinithe a shainaithint, etc.

f. Gnólacht a chur ar bun na hoibrithe iomarcacha a chuireann tús lena ngníomhaíocht ghnó nó féinfhostaíochta féin, gheobhaidh siad suas le EUR 5 000 chun na costais bhunaithe a chumhdach.

g. Dianchúnamh cuardaigh poist, lena n-áirítear cuardach gníomhach a dhéanamh ar na deiseanna fostaíochta áitiúla agus réigiúnacha (do dhaoine féinfhostaithe freisin) agus meaitseáil post.

h. Teagasc tar éis ath-imeascadh san obair. Na hoibrithe a dhéanfar a ath-imeascadh san fhostaíocht, déanfar iad a threorú le linn na chéad mhíonna chun fadhbanna a sheachaint a d’fhéadfadh teacht chun cinn ina bpoist nua.

i. Dreasachtaí: táthar ag dréim le (1) ranníocaíocht le haghaidh costais chomaitéireachta. Déantar an méid a ríomh in aghaidh an lae rannpháirtíochta agus cuirfear san áireamh cibé acu an lárionad uirbeach nó idiruirbeach atá i gceist leis an timaistear nó nach ea. (2) Dreasachtaí socrúcháin sheachtraigh. Is EUR 350 in aghaidh na míosa ar feadh 3 mhí ar a mhéad a gheobhaidh na daoine sin a fhilleann ar an bhfostaíocht. Ceapadh an dreasacht chun athfhostaíocht mhear a spreagadh agus chun oibrithe scothaosta a spreagadh chun fanacht i margadh an tsaothair. (3) Liúntas intéirneachta. Faigheann oibrithe ar intéirneachtaí i bhfiontair EUR 10 in aghaidh na huaire intéirneachta. (4) Ranníocaíocht maidir le speansais i leith cúramóirí cleithiúnaithe. Oibrithe iomarcacha a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu (i leith leanaí, seanóirí nó daoine faoi mhíchumais), faigheann siad suas le EUR 20 in aghaidh an lae ar feadh na tréimhse a mbeidh siad rannpháirteach sna bearta. Is é is aidhm dó sin na costais bhreise a chlúdach a bhíonn ar rannpháirtithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu chun bheith rannpháirteach sna bearta.

 

De réir an Choimisiúin, is ionann na bearta a bhfuil tuairisc orthu anseo agus bearta gníomhacha sa mhargadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED agus ní dhéantar ionadú leo ar bhearta cosanta sóisialta éighníomhacha.

Sholáthair an Spáinn an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach do na fiontair lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh siad nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

 

Nós imeachta

Chun an Ciste a shlógadh, tá iarraidh curtha ag an gCoimisiún faoi bhráid an Údaráis Bhuiséadaigh chun méid iomlán de EUR 2 795 156 ó chúlchiste CED (30 04 02) a aistriú chuig líne bhuiséid CED (16 02 02).

De réir comhaontú inmheánach, ba cheart baint a bheith ag an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach leis an bpróiseas, chun tacaíocht chuiditheach a thabhairt agus chun rannchuidiú leis an measúnú ar na hiarratais ón gCiste.


LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA (7.2.2022)

Johan Van Overtveldt

A Chathaoirligh

An Coiste um Buiséid

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a Shlógadh – EGF/2021/006 ES/Cataluna Automotive – An Spáinn (2022/0010(BUD))

A Cathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, iarradh ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta tuairim a chur faoi bhráid do choiste agus chinn sé an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Rinne an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta breithniú ar an ábhar ag an gcruinniú a bhí aige an7 Feabhra 2022. Ag an gcruinniú sin, chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Buiséid, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

Le dea-mhéin,

Dragoş Pîslaru


MOLTAÍ

Tá pléití Choiste EMPL bunaithe ar na breithnithe seo a leanas:

A. de bhrí, an 23 Meán Fómhair 2021, go ndearna an Spáinn iarratas EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive a chur isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis do 705 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear[26] faoi NACE Athbhreithniú 2, Rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí), i réigiún NUTS 2 Cataluña (ES51) sa Spáinn, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021;

B. de bhrí gur mheas an Coimisiún go raibh an t-iarratas inghlactha faoi chritéir idirghabhála Airteagal 4(2)(b) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go scoirfear de ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 6 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ag rannán Athbhreithniú 2 NACE, ar fiontair iad atá lonnaithe i réigiún amháin nó dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 i mBallstát.

C. de bhrí, an 20 Eanáir 2022, gur ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le CED a shlógadh chun tacú le 450 tairbhí spriocdhírithe a ath-imeascadh i margadh an tsaothair, agus gur chuir sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle é an lá céanna;

D. de bhrí gurbh é cinneadh Nissan stop a chur le gníomhaíochtaí agus a mhonarchana a dhúnadh sa Chatalóin ba shiocair leis na hiomarcaíochtaí sin; de bhrí go raibh na fiontair atá i gceist ina soláthraithe do Nissan agus go raibh an cinneadh sin ina chúis le dúnadh páirteach roinnt de na soláthraithe sin agus le laghdú 31-53 % ar a lucht saothair, agus gur dúnadh soláthraithe eile go hiomlán;

E. de bhrí gurb é tionscal na ngluaisteán an tríú hearnáil is tábhachtaí sa Chatalóin (i ndiaidh ceimiceán agus bia) ó thaobh an láimhdeachais agus na fostaíochta araon. de bhrí gurb ionann láimhdeachas thionscal na ngluaisteán agus níos mó ná 10 % de OTI[27] an réigiúin agus go soláthraíonn an earnáil thart ar 143 000 post (poist dhíreacha, poist indíreacha agus poist chruthaithe), poist arb ionann iad agus 4.2 % den daonra atá fostaithe sa Chatalóin, de réir sonraí ó Chnuasach Thionscal Gluaisteán na Catalóine (CIAC)[28];

F. de bhrí, maidir le líon na n-oibrithe a leagadh as a bpost de bharr nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2021 sa Chatalóin (7 993 dhuine), gur mó an líon sin ná líon na n-oibrithe a leagadh as a bpost sa bhliain 2020 (7 936 dhuine)[29];

G. de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[30];

Iarrann an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta ar an gCoiste um Buiséid, dá bhrí sin, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a chomhtháthú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) de Rialachán CED agus go bhfuil an Spáinn i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 2 795 156 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % de chostas iomlán EUR 3 288 419, a chuimsíonn caiteachas EUR 3 138 300 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 150 119 as CED a chur chun feidhme[31];

2. Ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile; ag leagan béim ar an ngá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sa mheitheal a cuireadh ar bun chun an pacáiste beart a n-iarrtar cómhaoiniú CED ina leith a shainiú agus á iarraidh go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i bpacáiste na seirbhísí a chur chun feidhme agus a mheas;

3. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Spáinne nach bhfaighidh na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraim eile airgeadais an Aontais;

4. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 705 oibrí iomarcach a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Spáinn ag dréim leis go nglacfaidh 450 tairbhí as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe);

5. ag meabhrú go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar mór ag na hiomarcaíochtaí ar réigiún Cataluña; á chur i bhfáth go bhfuil 34,9 % de na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú os cionn 54 bliana d’aois, gur mná iad 44,4 % díobh; ag tabhairt dá haire go bhfuil meánoideachas sóisearach nó níos lú ar 50,4 % de na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé go mbeadh sé níos deacra athfhostú a dhéanamh de bharr na próifíle aoise agus an leibhéil oideachais sin; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear riachtanais shonracha na dtairbhithe os cionn 54 agus iad siúd ar a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó oideachas is lú ná sin san áireamh agus an pacáiste de sheirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme;

6. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe go mbeadh an pacáiste de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhréir le Straitéis Geilleagair Chiorclaigh na Spáinne agus leis an Straitéis maidir le Forbairt Inbhuanaithe na Catalóine i bpróiseas a raibh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann agus go gcuirfear ar fáil é do na hoibrithe iomarcacha agus ina mbeidh na gníomhaíochtaí seo a leanas: faisnéis ghinearálta agus seisiún fáiltithe, ceardlanna ullmhúcháin, gairmthreoir, oiliúint, tacaíocht fiontraíochta, cruthú gnó, dianchúnamh chun post a chuardach, teagasc a dhéanamh tar éis ath-lánpháirtiú san obair agus dreasachtaí éagsúla, lena n-áirítear rannchuidiú le costais chomaitéireachta, dreasachtaí socrúcháin, liúntais intéirneachta agus ranníocaíocht le speansais do chúramóirí daoine cleithiúnacha atá coinníollach ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe spriocdhírithe i ngníomhaíochtaí cuardaigh poist nó oiliúna dá bhforáiltear in Airteagal 7.2 b de Rialachán CED chun rannpháirtíocht cuardaitheoirí poist sna gníomhaíochtaí atá beartaithe a éascú; ag tabhairt dá haire ina theannta sin go bhfuil liúntais cúraim leanaí indéanta faoi na bearta speisialta a bhfuil teorainn ama leo; ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfreastalódh bearta oiliúna ar an gceanglas na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch a scaipeadh agus i ngeilleagar glas a bheadh tíosach ar acmhainní agus inbhuanaithe, i gcomhréir le hAirteagal 7.2 den Rialachán CED;

7. á mheabhrú gurb é is cuspóir don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe (CED) tacú le tairbhithe dlúthpháirtíocht a léiriú fostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe a ath-imeascadh go mear laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di;

8. á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

28.2.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

1

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, Andor Deli, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Elisabetta Gualmini

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

37

+

ECR

Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte

NI

Andor Deli, Lefteris Nikolaou‑Alavanos

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Renew

Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nils Torvalds, Nicolae Ştefănuță

S&D

Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu

The Left

Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro

 

1

-

ID

Joachim Kuhs

 

0

0

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Márta 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais