TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive
15.3.2022 - (COM(2022)0004 – C9‑0007/2022 – 2021/0438(COD)) - ***I
An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Markéta Gregorová
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive
(COM(2022)0004 – C9‑0007/2022 – 2021/0438(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0004),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0007/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an ... .... 2020 go ndéanfaí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0043/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá dlúthchaidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch forbartha ag an Aontas agus ag Poblacht na Moldóive le blianta beaga anuas, agus tugadh i gcrích an Comhaontú Comhlachais, lena n-áirítear an Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, a síníodh an 27 Meitheamh 2014 agus a tháinig i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016.
Tá naisc mhaithe eacnamaíocha ag an Moldóiv leis an Aontas agus is é an tAontas fós an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv.
Tá staid mhaicreacnamaíoch na Moldóive fós leochaileach: tá sé sin amhlaidh, i bpáirt, mar gheall ar phaindéim COVID-19, ar an ngéarchéim gáis a bhí ann le déanaí agus ar roinnt laigí suntasacha in earnálacha éagsúla (amhail acmhainn theoranta riaracháin, an gá le rialachas a fheabhsú tuilleadh, an gá le leanúint de na hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne an éillithe).
Tá an Coimisiún tar éis togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun cúnamh macrairgeadais nua EUR 150 milliún a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive, agus EUR 120 milliún de i bhfoirm iasachtaí agus EUR 30 milliún i bhfoirm deontas.
Dhéanfaí an eisíocaíocht i dtrí thráinse. Tá scaoileadh gach tráinse nasctha le dul chun cinn maith maidir le cur chun feidhme chlár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus roinnt beart beartais breise araon a bheidh le comhaontú idir an Coimisiún agus na húdaráis agus a liostófar i Meabhrán Tuisceana. Is dócha go ndíreofar sa Mheabhrán Tuisceana ar athchóirithe beartais lena dtabharfar aghaidh ar aisghabháil sócmhainní a bhaineann le calaois na mbanc in 2014, athchóirithe leanúnacha ar Bhainistíocht Airgeadais Phoiblí, athchóiriú earnáil an cheartais lena n-áirítear feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht, athchóirithe soláthair phoiblí, feabhas a chur ar chosaint na gceart saothair agus digitiú, earnáil an fhuinnimh agus an timpeallacht ghnó.
Mar is gnách i gcás cúnaimh macrairgeadais, bheadh na heisíocaíochtaí ag brath ar athbhreithnithe sásúla faoi chlár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus ar dhul chun cinn maidir le Comhaontú Comhlachais an Aontais leis an Moldóiv agus an Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur chun feidhme.
Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cinneadh AE 2020/701[1] an 25 Bealtaine 2020, maidir leis an gcúnamh macrairgeadais arna chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive roimhe seo mar chuid den phacáiste cúnaimh macrairgeadais do thíortha an mhéadaithe agus do thíortha comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, arb é EUR 100 milliún in iasachtaí a bhí i gceist leis. Rinneadh an cúnamh a eisíoc go hiomlán le linn 2020 agus 2021.
Tá tíortha atá cumhdaithe ag Beartas Comharsanachta na hEorpa incháilithe le haghaidh cúnamh macrairgeadais. Chomhlánódh cúnamh macrairgeadais na deontais faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus faoi chláir eile de chuid an Aontais. Trí thacú le húdaráis na Moldóive creat iomchuí le haghaidh beartas maicreacnamaíoch agus athchóirithe struchtúracha a ghlacadh, threiseodh an cúnamh macrairgeadais seo breisluach agus éifeachtacht idirghabhálacha airgeadais foriomlána an Aontais, (lena n-áirítear idirghabhálacha trí mheán ionstraimí airgeadais eile).
I bhfianaise na mbreithniúchán thuas, tá an rapóirtéir den tuairim gur cheart do Pharlaimint na hEorpa aontú leis an togra ón gCoimisiún chun cúnamh mhacrairgeadais a thabhairt don Mholdóiv. Dá bhrí sin, níl an Rapóirtéir ag cur na leasuithe síos, ós rud é, tar éis na dtoghchán is déanaí, go bhfuil Poblacht na Moldóive ar chonair mhaith athchóirithe, agus cé go bhfuil gá fós le roinnt réimsí a neartú, go gcomhlíontar na coinníollacha cearta faoi láthair le go dtabharfadh an tAontas tacaíocht láidir don rialtas agus don tír.
Ina theannta sin, cuireann an rapóirtéir i dtreis a thábhachtaí atá sé go n-urramóidh an Mholdóiv na coinníollacha go léir a shonraítear i réimsí éagsúla atá le tabhairt faoi deara sa Mheabhrán Tuisceana. Cuireann an Rapóirtéir i bhfios go láidir gur cheart eisíocaíocht gach tráthchoda a nascadh le coinníollacha soiléire agus le hurramú na gcoinníollacha sin. Is trua fós, áfach, nach bhfuil baint níos mó ag an bParlaimint le coinníollachtaí an chúnaimh macrairgeadais a shocrú, agus ar an gcúis sin go bhfuil sé fós tábhachtach, mar chomhreachtóir, go gcuirfidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas go cuí le linn don chlár cúnaimh macrairgeadais a bheith á eisíoc. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin agus rialú dian a dhéanamh orthu agus an Pharlaimint a chur ar an eolas go cuí le linn an phróisis cúnaimh macrairgeadais go léir.
AN NÓS IMEACHTA – AN COISTE FREAGRACH
Teideal: |
Cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive |
|||
Tagairtí |
COM(2022)0004 – C9-0007/2022 – 2021/0438(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
4.1.2022 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 20.1.2022 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET 20.1.2022 |
BUDG 20.1.2022 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
AFET 21.2.2022 |
BUDG 15.2.2022 |
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Markéta Gregorová 26.1.2022 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
28.2.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
14.3.2022 |
|
|
|
Toradh an vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
35 0 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Markéta Gregorová, Roman Haider, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Margarida Marques, Gabriel Mato, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Ernő Schaller-Baross, Helmut Scholz, Sven Simon, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Juan Ignacio Zoido Álvarez |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jérémy Decerle, Svenja Hahn, Javier Moreno Sánchez |
|||
Dáta don chur síos |
15.3.2022 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
35 |
+ |
ECR |
Sergio Berlato, Geert Bourgeois |
ID |
Roman Haider, Herve Juvin, Danilo Oscar Lancini |
NI |
Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó, Ernő Schaller-Baross |
PPE |
Anna-Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Juan Ignacio Zoido Álvarez |
Renew |
Barry Andrews, Jérémy Decerle, Svenja Hahn, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Marie-Pierre Vedrenne |
S&D |
Udo Bullmann, Paolo De Castro, Margarida Marques, Javier Moreno Sánchez, Inma Rodríguez-Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt |
The Left |
Helmut Scholz |
Verts/ALE |
Saskia Bricmont, Markéta Gregorová |
0 |
- |
|
|
2 |
0 |
ECR |
Emmanouil Fragkos |
ID |
Maximilian Krah |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID‐19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31).