TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030.
16.3.2022 - (COM(2021)0571 – C9‑0325/2021 – 2021/0202(COD)) - ***I
An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir don tuairim: Cyrus Engerer
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030.
(COM(2021)0571 – C9‑0325/2021 – 2021/0202(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0571),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0325/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 08 Nollaig 2021[1],
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0045/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’)3. D’aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’)3. D’aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gheall siad go neartófaí a spriocanna do 2030 faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh, i gcomhréir le torthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach atá cothrom agus lena n-urramaítear prionsabal na bhfreagrachtaí agus na gcumas faoi seach atá coiteann ach difreáilte, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla. Is deis uathúil é an t-athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE), lena n-áirítear a chúltaca cobhsaíochta margaidh, chun rannchuidiú le dlús a chur le gníomhaíocht aeráide an Aontais roimh an 27ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP 27) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide san Éigipt. |
__________________ |
__________________ |
3 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
3 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
Leasú 2
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) Tá a phráinní atá sé go gcoinneofaí sprioc Chomhaontú Pháras de 1,5°C beo níos suntasaí anois mar thoradh ar thorthaí IPCC ina thuarascáil an 7 Lúnasa 2021 dar teideal ‘Climate Change 2021: The Physical Science Basis’ [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta Fisiciúla]. Fuair IPCC amach go sroichfidh nó go sáróidh an teocht dhomhanda marc 1,5°C níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo, eadhon sna 20 bliain amach romhainn. Fuarthas amach freisin, mura mbeidh laghduithe láithreacha uaillmhianacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, nach mbeifear in ann an téamh domhanda a theorannú a thuilleadh gar do 1,5°C nó fiú 2°C. |
Leasú 3
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1b) Ina rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil1d, d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gníomhú láithreach agus uaillmhianach chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C agus chun caillteanas ollmhór bithéagsúlachta a sheachaint, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí na mbeartas reatha de chuid an Aontais maidir le héigeandálaí aeráide agus comhshaoil agus trína áirithiú go mbeidh gach togra reachtach agus buiséadach is ábhartha don todhchaí ailínithe go hiomlán leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C agus nach gcuirfidh siad le cailliúint na bithéagsúlachta. |
|
__________________ |
|
1a IO C 232, 16.6.2021, lch. 28 |
Leasú 4
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1c) Treisítear an gá le gníomhaíocht phráinneach tríd an méadú ar mhinicíocht agus ar dhéine na ndálaí adhaimsire mar thoradh díreach ar an athrú aeráide. De réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go bhfuil beagnach méadú faoi dhó tagtha ar líon na dtubaistí ar fud an domhain a taifeadadh agus ar scála na gcaillteanas eacnamaíoch domhanda le 20 bliain anuas, agus gur tháinig ardú suntasach ar líon na dtubaistí a bhaineann leis an aeráid mar gheall ar an méid sin. |
Leasú 5
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1d) Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus prionsabail an chothromais agus freagrachtaí agus inniúlachtaí comhchoiteanna ach difreáilte, mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Chomhaontú Pháras, á léiriú ag an am céanna. |
Leasú 6
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 20194. |
(2) Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 20194. |
__________________ |
__________________ |
4 COM(2019)640 críochnaitheach: |
4 COM(2019)640 críochnaitheach: |
Leasú 7
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. |
(3) Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an túsphointe chun cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di an tAontas a iompú ina shochaí chothrom agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, éifeachtúil ó thaobh acmhainní agus iomaíoch de, agus gan aon duine a fhágáil ar lár in aistriú cóir a dhíreoidh ar bhochtaineacht fuinnimh freisin. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Déanann an t-aistriú seo difear leis an aistriú sin d’oibrithe ó earnálacha éagsúla agus ó gach inscne ar leith bíonn tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus atá leochaileach, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad agus daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal nó ioncam íseal acu. Ina theannta sin, cuireann sé dúshláin níos mó roimh réigiúin áirithe, go háirithe réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrach agus ar réigiúin fhorimeallacha, agus oileáin chomh maith. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach. |
|
_______________ |
|
1a Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
Leasú 8
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre, agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais, a léiríonn gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar bheith níos athléimní in aghaidh suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun iad a chosc nó a mhaolú. Leanann saoránaigh na hEorpa de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide5. |
(4) Tá fás tagtha ar riachtanas agus ar luach Comhaontaithe Ghlais don Eoraip atá curtha chun feidhme go maith, ach níor tharla sin ach i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre, agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais, a léiríonn gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar bheith níos athléimní in aghaidh suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun iad a chosc nó a mhaolú ar bhealach atá cóir agus a fhágann nach bhfágfar aon duine ar lár, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh. Leanann saoránaigh na hEorpa de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide5. |
__________________ |
__________________ |
5 Eorabharaiméadar Speisialta 513 maidir leis an Athrú Aeráide, 2021 (https://ec.europa.eu/clima/citizens/support_en). |
5 Eorabharaiméadar Speisialta 513 maidir leis an Athrú Aeráide, 2021 (https://ec.europa.eu/clima/citizens/support_en). |
Leasú 9
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) I dtuarascáil uaidh an 29 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Bithéagsúlacht agus Paindéimí’, chuir an tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), gurb iad cúiseanna bunúsacha na bpaindéimí ná na hathruithe comhshaoil domhanda céanna is cúis le cailliúint bithéagsúlachta agus athrú aeráide. Ba cheart an t-athrú aeráide a mhaolú, dá bhrí sin, chun sláinte na bithéagsúlachta a chothú agus a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin sláinte an duine a chosaint. |
Leasú 10
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle7 cumhdaíonn an tAontas an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. |
(6) I Rialachán (AE) 2021/1119 tá sprioc neodracht aeráide ar fud an gheilleagair cumhdaithe sa reachtaíocht ag an Aontas faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Ba cheart é sin a dhéanamh mar aistriú nach bhfágfar aon duine ar lár ann. |
__________________ |
|
7 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
|
Leasú 11
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle8, a choigeartú chun bheith ar aon dul leis an ngealltanas chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair le haghaidh 2030. |
(7) Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle8, a choigeartú chun bheith ar aon dul leis an ngealltanas chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair le haghaidh 2030, le cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide atá le baint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. |
__________________ |
__________________ |
8 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32). |
8 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32). |
Leasú 12
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh, bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta margaidh (an ‘cúlchiste) faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle9 in 2018 atá i bhfeidhm ó 2019. |
(8) Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh, rud a lagaigh CTA AE maidir le Trádáil Astaíochtaí trí phraghsanna carbóin níos ísle, agus ar an gcaoi sin rud cosc á chur ar CTA AE dreasachtaí láidre a sholáthar chun astaíochtaí a laghdú, bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta margaidh (an ‘cúlchiste’) faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle9 in 2018 atá i bhfeidhm ó 2019. Chuidigh cruthú an chúlchiste leis an mbarrachas lamháltas i gcúrsaíocht a laghdú 29 % in 2019 ón leibhéal taifid a bhí ann in 2013. De réir Thuarascáil 2021 ar Mhargadh Carbóin, áfach, mhéadaigh líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht arís in 2020 go 1 579 billiún lamháltas, i gcomparáid le 1 385 billiún lamháltas in 2019. Bhí an méadú mór sin ar an mbarrachas foriomlán nasctha le héileamh níos ísle de bharr ghéarchéim COVID-19. Measann an Coimisiún go dtógfaidh sé suas le ceithre bliana ar an mbarrachas breise 2020 a ionsú, rud a chuirfidh moill bhreise ar an ngá atá leis an mbarrachas stairiúil a ionsú agus CTA AE a chur in oiriúint dá fheidhm. Dá bhrí sin, agus gan dochar d’athbhreithnithe breise ar an gcúlchiste mar chuid den athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus ar Chinneadh (AE) 2015/1814 a dhéanfar in 2022, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste agus a áirithiú go gcoimeádfar an cúlchiste oiriúnach don fheidhm i gcás suaitheadh seachtrach nach bhféadfaí a thuar amach anseo. |
__________________ |
__________________ |
9 Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1–5). |
9 Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1–5). |
Leasú 13
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) Tá cúlchiste stóinsithe réamhbhreathnaitheach ríthábhachtach chun sláine CTA AE a áirithiú agus chun é a stiúradh go héifeachtach chun go rannchuideoidh sé, mar uirlis bheartais, le cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart CTA AE, agus dá bhrí sin, an cúlchiste, a ailíniú freisin leis na hiarrachtaí chun an méadú ar an teocht dhomhanda a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus é á aithint go laghdódh sé sin go suntasach na rioscaí agus na tionchair a bhaineann leis an athrú aeráide, agus cothromas agus prionsabal na bhfreagrachtaí agus na n-inniúlachtaí faoi seach atá coiteann ach difreáilte á léiriú ag an am céanna, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla, mar a leagtar síos in Airteagal 2 de Chomhaontú Pháras. |
Leasú 14
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) I gcás ina bhfuil líon na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn na huastairsí bunaithe, déantar méid lamháltas a chomhfhreagraíonn do chéatadán áirithe de na lamháltais sin a asbhaint de mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant agus cuirtear sa chúlchiste é. Idir an dá linn, scaoiltear líon comhfhreagrach lamháltas ón gcúlchiste chuig Ballstáit, agus cuirtear é le líon na lamháltas atá le cur ar ceant, má thiteann líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoi bhun na híostairsí bunaithe. |
(10) Faoi láthair, i gcás ina bhfuil líon na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn na huastairsí bunaithe, déantar méid lamháltas a chomhfhreagraíonn do chéatadán áirithe de na lamháltais sin a asbhaint de mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant agus cuirtear sa chúlchiste é. Idir an dá linn, scaoiltear líon comhfhreagrach lamháltas ón gcúlchiste chuig Ballstáit, agus cuirtear é le líon na lamháltas atá le cur ar ceant, má thiteann líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoi bhun na híostairsí bunaithe. |
Leasú 15
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1814 tríd an ráta céatadáin atá le húsáid chun cinneadh a dhéanamh maidir le líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain a dhúbailt ó 12 % go 24 % go dtí an 31 Nollaig 2023. |
(11) Le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1814 tríd an ráta céatadáin atá le húsáid chun cinneadh a dhéanamh maidir le líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain a dhúbailt ó 12 % go 24 % go dtí an 31 Nollaig 2023, mar bhealach chun an barrachas stairiúil a ionsú go mear chun comhartha praghsanna níos láidre a sholáthar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtúil. Rinneadh an cinneadh sin i gcomhthéacs sprioc aeráide an Aontais a bhí ann roimhe seo don bhliain 2030, is é sin astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú 40 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990. |
__________________ |
__________________ |
10 Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3–27). |
10 Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3–27). |
Leasú 16
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Léiríonn an anailís a rinneadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcúlchiste agus na bhforbairtí ionchasacha atá ábhartha don mhargadh carbóin nach leor ráta 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht le cur sa chúlchiste gach bliain tar éis 2023 chun méadú suntasach ar an mbarrachas lamháltas sa EU ETS a chosc. Dá bhrí sin, tar éis 2023 ba cheart gur 24 % a bheadh san fhigiúr céatadáin fós agus ba cheart líon íosta de 200 milliún lamháltas a chur sa chúlchiste fós. |
(14) Léiríonn an anailís a rinneadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcúlchiste agus na bhforbairtí ionchasacha atá ábhartha don mhargadh carbóin nach leor ráta 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht le cur sa chúlchiste gach bliain tar éis 2023 chun méadú suntasach ar an mbarrachas lamháltas sa EU ETS a chosc. Más rud é go bhfillfidh ráta iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a chuirfear sa chúlchiste gach bliain go 12 % tar éis 2023, d’fhéadfadh barrachas suntasach dochrach lamháltas in CTA AE cur isteach ar chobhsaíocht an mhargaidh agus ar fheidhmiú cuí in CTA AE, agus dá thoradh sin go gcuirfí baint amach na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá chun spriocanna aeráide atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach, dá dtagraítear sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún don Chinneadh seo. |
Leasú 17
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Má théann ráta líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht atá le cur sa chúlchiste gach bliain ar ais go 12 % tar éis 2023, d’fhéadfadh sé go mbeadh barrachas lamháltas i Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, rud a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus a d’fhéadfadh cur isteach ar chobhsaíocht an mhargaidh. Ina theannta sin, ba cheart an ráta de 24 % tar éis 2023 a bhunú ar leithligh ón athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a neartú ar aon dul le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030 chun intuarthacht an mhargaidh a áirithiú. |
(15) Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfillfidh an ráta faoi bhun 24 % tar éis 2023 agus nach dtiteann an líon íosta liúntas atá le cur sa chúlchiste faoi bhun 200 milliún. Ina theannta sin, ba cheart é sin a dhéanamh ar leithligh ón athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a neartú ar aon dul le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030 chun a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am trátha agus intuarthacht an mhargaidh a áirithiú dá réir sin trí dheireadh a chur leis an mbaol go dtitfeadh an ráta faoi bhun 24 % arís. Ba cheart an ráta 24 % sa Chinneadh seo a choinneáil gan dochar d’aon athbhreithniú breise a dhéanfaí ar an gcúlchiste, lena n-áirítear, más iomchuí, ráta na lamháltas atá le cur sa chúlchiste, a dhéanfar mar chuid den athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 in 2022. |
Leasú 18
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15a) Ba cheart an ráta de 24 % tar éis 2023 a bhunú ar leithligh ón athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 chun CTA AE a neartú ar aon dul le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030 chun a áirithiú gurb ann d’intuarthacht an mhargaidh. |
Leasú 19
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 15 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15b) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon leanúint de pharaiméadair reatha an chúlchiste cobhsaíochta margaidh arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2018/410 a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Is éigeandáil dhomhanda é an t-athrú aeráide, a bhfuil tionchar aici ar thíortha ar fud na mór-roinne trí chur isteach ar an ngeilleagar, adhaimsir agus ardú ar leibhéil na farraige. De réir na Tuarascála ó IPCC[2] a eisíodh le déanaí i mí Lúnasa 2021, tá athruithe ar ár n-aeráid gan fasach le feiceáil faoi láthair sna mílte, nó sna céadta míle bliain. Tá tionchar ag an athrú aeráide cheana féin ar shaol na milliún duine ar fud an domhain agus tá gach duine againn go léir ag bagairt air.
Tá gá le hiarrachtaí domhanda má táimid chun éifeachtaí millteacha an fheiniméin sin a mhaolú. Is é an tionscadal polaitiúil is mó dár linne iarracht a dhéanamh éifeachtaí a theorannú trí laghduithe uaillmhianacha a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ag an am céanna aistriú cothrom a áirithiú agus ár ngeilleagair a choinneáil iomaíoch. Ní bheidh rath ar an scéal sin ach amháin má bhíonn iarracht idirnáisiúnta ina thacaíocht leis.
Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i gcomhrac an athraithe aeráide. Tá dlús curtha ag an Aontas lena chuid iarrachtaí agus tá na huirlisí is gá aige a léiríonn an uaillmhian is gá chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda atá ann. Trí ghlacadh le Teachtaireacht an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas, tá conair á treabhadh aige i dtreo aistriú glas bunaithe ar gheilleagar atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch, agus a áirithíonn nach bhfágfar aon duine ar lár. Táthar tar éis comhartha soiléir domhanda a chur chuig an Eoraip faoin mbliain 2050 chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn atá neodrach ó thaobh na haeráide de.
Tá an claochlú atá á leagan amach tríd an gComhaontú Glas don Eoraip idirnasctha go dlúth leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19. Chuir an paindéim iallach ar an domhan athmhachnamh a dhéanamh ar a chuid tosaíochtaí agus tá sé níos soiléire anois ná riamh go bhfuil sláinte an duine agus sláinte an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta nasctha go bunúsach agus spleách ar a chéile. Is é an toradh atá air ná tiomantas athnuaite do chaomhnú ár gcomhshaol agus an gá atá ann ár ngeilleagair a neartú ar bhealach a spreagann ár dtodhchaí chun slí dhifriúil, níos inbhuanaithe, níos inbhuanaithe a bhaint amach ar mhaithe lenár bpláinéad, agus ina dhiaidh sin, ár sláinte. Tá an tiomantas athnuaite sin ag teacht chun cinn agus léirithe trí NextGenerationEU – ceann de na hionstraimí airgeadais lena gcuirfear an Comhaontú Glas don Eoraip chun feidhme.
Trí dhlí an Aontais maidir leis an aeráid a ghlacadh, lean an Eoraip de bheith toilteanach dul ó fhocail go gníomh trí ghealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí a dhaingniú chun ilchríoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de a dhéanamh den Eoraip faoi 2050. Ag an am céanna, ní mór astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Ní mór an uaillmhian mhéadaithe aeráide sin a chur chun feidhme go praiticiúil anois agus ní mór don Aontas féachaint arís ar a bheartais agus ar na sásraí atá ann cheana chun na spriocanna nua sin a léiriú. Ní mór dó a áirithiú go gcuireann gach earnáil eacnamaíoch leis an uaillmhian sin agus dá bhrí sin tá sé ar cheann de na príomhthosaíochtaí rannchuidiú comhshaoil a Chórais Trádála Astaíochtaí a neartú. Go deimhin, tá sé sin ar cheann de na príomh-athbhreithnithe atá á saothrú sa phacáiste Fit for 55, a fhéachann arís ar chreat aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais chun é a chur i gcomhréir leis na spriocanna nua aeráide atá leagtha amach sa dlí Aeráide.
Mar iarracht chun lagú chóras CTA a sheachaint i bhfianaise barrachas lamháltas astaíochtaí a d’fhabhraigh ó 2009 i leith, bhunaigh an Coimisiún Eorpach Cúlchiste Cobhsaíochta Margaidh in 2018 mar réiteach fadtéarmach a bhí i bhfeidhm ó 2019. Tar éis dó an cúlchiste sin a bhunú in 2018, rinne an Coimisiún coigeartú freisin ar na rialacha maidir le liúntais a chur sa chúlchiste agus iad a scaoileadh amach uaidh go sealadach go dtí 2023 trí Threoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Mhéadaigh sé faoi dhó an céatadán ó líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht (an ráta iontógála) a fhorchoimeádtar ó 12 % go 24 %, agus an t-íosmhéid atá le cur sa chúlchiste ó 100 go 200 milliún lamháltas.
Ba chéimeanna tábhachtacha iad tabhairt isteach an chúlchiste agus an coigeartú a rinneadh ina dhiaidh sin ina rialacha oibríochtúla chun córas trádála astaíochtaí a choinneáil atá oiriúnach dá fheidhm agus lena gcuirtear in oiriúint do riachtanais dhinimiciúla na n-earnálacha eacnamaíocha a chumhdaítear le CTA, amhail tionchar phaindéim COVID-19 ar na hearnálacha sin. Ba é an aidhm a bhí leo, i ndeireadh thiar, aghaidh a thabhairt ar bharrachas na liúntas agus feabhas a chur ar athléimneacht CTA ó thaobh turraingí móra de. Tá na spriocanna sin níos ábhartha fós sa lá atá inniu ann i bhfianaise an ghá atá ann a bheith ag teacht leis an uaillmhian mhéadaithe i leith na haeráide agus chun staid a sheachaint ina ndéanfaí CTA a lagú trí phraghsanna carbóin níos ísle, rud a mbeadh níos lú dreasachtaí ann chun astaíochtaí a laghdú.
Leis an togra ón gCoimisiún atá os ár gcomhair, féachtar leis na coigeartuithe sealadacha ar an gcúlchiste a glacadh trí Threoir 2018/410 a choimeád go dtí deireadh Chéim IV de Scéim an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí an 31 Nollaig 2030. Is léir go bhfuil gá leis an gcoigeartú sealadach sin a shíneadh. Mura mbogtar ar aghaidh leis an síneadh sin go tráthúil, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú díobhálach ar an mbarrachas de lamháltais astaíochtaí agus rachaidh sé i gcoinne na huaillmhéine méadaithe a leagtar amach sa Chomhaontú Glas agus a ritheadh sa Dlí Aeráide.
Ní mór don Eoraip a bheith ag dréim leis an aeráid trí na huirlisí atá aici a neartú agus iad a dhéanamh níos athléimní i gcoinne cúinsí seachtracha. Ní féidir anois CTA AE a lagú trí aon chéimeanna siar a ghlacadh maidir leis an uaillmhian atá againn i dtaca leis an aeráid. Dá bhrí sin, tá an síneadh ar na coigeartuithe sealadacha atá á gcur chun cinn leis an togra seo ón gCoimisiún riachtanach agus práinneach agus i gcomhréir go hiomlán le ról domhanda na hEorpa sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (4.3.2022)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030.
(COM(2021)0571 – C9‑0325/21 – 2021/0202(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Claudia Gamon
RÉASÚNÚ GEARR
Is é an t-athrú aeráide an dúshlán domhanda is mó agus is tábhachtaí dár nglúnta agus do na glúnta amach romhainn. Is gá fíor-athchóirithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trínár sochaí a dhearadh ar bhealach níos inbhuanaithe, níos fadmharthanaí agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid. Ní mór machnamh a dhéanamh ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol i gcomhar lena chéile agus mar chonairí chun neodracht aeráide a bhaint amach.
Leagtar síos sa Dlí Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, mar ghné lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip, an sprioc cheangailteach astaíochtaí GCT an Aontais a laghdú 55 % faoi 2030 agus, ar deireadh, go mbeidh sé ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
Tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach í Scéim Trádála Astaíochtaí (CTA) AE chun a chuid Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a laghdú trí chonair shoiléir a tharraingt i dtreo spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Chun a áirithiú go leanfaidh CTA de bheith ina uirlis éifeachtach, láidir agus frithsheasmhach in aghaidh turrainge, bhunaigh an tAontas Eorpach in 2018, de bhun Chinneadh 2015/1814, Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh (CCM), a tháinig i bhfeidhm ó 2019 ar aghaidh. Leis an gCinneadh seo cuirtear rialacha soiléire i dtoll a chéile chun aghaidh a thabhairt ar bharrachas lamháltas trí shásra a chur i ngníomh chun liúntais a chur sa chúlchiste agus chun iad a scaoileadh saor más gá. Chun a sheachaint go ndéanfaí CTA a lagú mar gheall ar phraghsanna ísealcharbóin, tháinig méadú faoi dhó ar mhéid na lamháltas a bhí le cur in CCM nuair a d’athbhreithnigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle CTA trí Threoir 2018/410: maidir leis an íosmhéid iontógála a tiomsaíodh, ardaíodh é ó 100 go 200 milliún lamháltas, agus maidir le céatadán na lamháltas, ardaíodh é ó 12 % go 24 % D’fhanfadh na bearta sin i bhfeidhm go dtí 2023.
Sa mheasúnú tionchair a rinne siad i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar chinneadh CCM, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, chun barrachas liúntas agus lagú ar an Scéim Trádála Astaíochtaí a sheachaint, gurb é an réiteach is fabhraí leanúint leis na bearta reatha go dtí 2030 (ráta iontógála de 24 % agus íosmhéid na lamháltas atá le cur isteach i gchúlchiste 200 milliún lamháltas). Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mura nglacfar na bearta sin go tráthúil, go bhféadfadh baol a bheith ann go dtiocfadh méadú díobhálach ar bharrachas na lamháltas as.
Ar na cúiseanna sin, molann an Rapóirtéir go gcoinneofaí na bearta mar atá molta chun cur chun feidhme gasta a chumasú agus chun feidhmiú rianúil an BMC a áirithiú.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’)25. D’aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’)25. Sna Tuarascálacha Speisialta uaidh a foilsíodh idir 2018 agus 2021, léirigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) gur gá astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú go práinneach i ngach earnáil den gheilleagar chun teorainn 1,5 °C a chur leis an téamh domhanda agus gan dul thar an tairseach sin. Mura ndéanfar laghdú mór ar astaíochtaí gás ceaptha teasa láithreach, ní bheifear in ann an téamh domhanda a theorannú a thuilleadh i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh, d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go ndéanfadh teorannú an mhéadaithe ar an meánteocht dhomhanda go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch laghdú suntasach ar rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide agus gheall siad a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh. Is deis ar leith é an t-athbhreithniú ar Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, lena n-áirítear ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh atá mar chuid di, chun cuidiú le dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais ar son na haeráide roimh COP27 san Éigipt. |
__________________ |
__________________ |
25 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
25 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
Leasú 2
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) Treisítear an gá le gníomhaíocht phráinneach tríd an méadú ar mhinicíocht agus ar dhéine na ndálaí adhaimsire mar thoradh díreach ar an athrú aeráide. De réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go bhfuil beagnach méadú faoi dhó tagtha ar líon na dtubaistí ar fud an domhain a taifeadadh agus ar scála na gcaillteanas eacnamaíoch domhanda le 20 bliain anuas, agus gur tháinig ardú suntasach ar líon na dtubaistí a bhaineann leis an aeráid mar gheall ar an méid sin. |
Leasú 3
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1b) Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. |
Leasú 4
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. |
(3) Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin d’oibrithe ó earnálacha éagsúla agus do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. |
Leasú 5
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Rannchuideoidh an taighde agus nuálaíocht go mór le spriocanna uaillmhianacha an ‘Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’ a bhaint amach, leis an gcéad limistéar eacnamaíoch ar domhan atá aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050 agus le deiseanna a dhéanamh de na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Tá géarghá le hinfheistíocht sa nuálaíocht d’fhonn réitigh thionsclaíocha agus teicneolaíochtaí atá saor ó charbón a chur ar fáil ar an margadh chun an Eoraip a dhícharbónú agus chun tacú lena haistriú chuig an aeráidneodracht. Go háirithe, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht a bheith dírithe ar theicneolaíochtaí atá thar a bheith nuálach agus ar thacú le gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), chun poist mhaithe atá ar fáil go háitiúil agus a sheasfaidh an aimsir a chruthú, agus chun ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a threisiú ar fud an domhain. |
Leasú 6
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh, bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta margaidh (an ‘cúlchiste) faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31 in 2018 atá i bhfeidhm ó 2019. |
(8) Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh, a bhfuil an baol ann go lagófaí Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí dá barr trí phraghsanna carbóin níos ísle a d’fhágfadh gur lú spreagadh a bheadh ann infheistíocht fhadtéarmach a dhéanamh d’fhonn astaíochtaí a laghdú, bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta margaidh (an ‘cúlchiste’) faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31 in 2018 atá i bhfeidhm ó 2019. |
__________________ |
__________________ |
31 Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1–5). |
31 Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1–5). |
Leasú 7
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) Chun trádáil astaíochtaí a ailíniú go héifeachtach le spriocanna aeráide 2030, chun a mhéid atá Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí in ann suaitheadh de bharr praghsanna a sheasamh, agus chun cur leis an deimhneacht pleanála a bhaineann le forbairt teicneolaíochtaí dícharbónaithe agus le hinfheistíocht a dhéanamh iontu, ba cheart grinnscrúdú cúramach a dhéanamh ar idirghabhálacha ad hoc sa chúlchiste cobhsaíochta margaidh agus iad a sheachaint i gcás inar féidir. |
Leasú 8
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 11 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(11a) Ba ghá coigeartú a dhéanamh ar an ráta céatadáin atá le húsáid chun cinneadh a dhéanamh maidir le líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain chun a áirithiú go mbeadh Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí oiriúnach don fheidhm i gcónaí agus go mbeadh teacht aniar inti in aghaidh tosca seachtracha a d’fhéadfadh a bheith ina mbac ar an mbealach atá brúite chun cinn ag an Aontas ina chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. |
Leasú 9
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12a) Ba cheart é a bheith mar aidhm le haon athbhreithniú agus coigeartú a dhéanfaí ar an gcúlchiste cobhsaíochta margaidh an chastacht rialála agus an amhantraíocht sa mhargadh a íoslaghdú, agus, san am céanna, a áirithiú go mbeidh an oiread intuarthachta is féidir sa mhargadh agus go mbeidh Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí oiriúnach don fheidhm i gcomhréir le spriocanna méadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030. |
Leasú 10
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Má théann ráta líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht atá le cur sa chúlchiste gach bliain ar ais go 12 % tar éis 2023, d’fhéadfadh sé go mbeadh barrachas lamháltas i Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, rud a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus a d’fhéadfadh cur isteach ar chobhsaíocht an mhargaidh. Ina theannta sin, ba cheart an ráta de 24 % tar éis 2023 a bhunú ar leithligh ón athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a neartú ar aon dul le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030 chun intuarthacht an mhargaidh a áirithiú. |
(15) Má théann ráta líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht atá le cur sa chúlchiste gach bliain ar ais go 12 % tar éis 2023, d’fhéadfadh sé go mbeadh barrachas lamháltas i Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, rud a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus a d’fhéadfadh cur isteach ar chobhsaíocht an mhargaidh. Ina theannta sin, ba cheart an ráta 24 % tar éis 2023 a bhunú ar leithligh ón athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a neartú ar aon dul le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030 chun a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am trátha agus intuarthacht an mhargaidh a áirithiú dá réir sin trí dheireadh a chur leis an mbaol go dtitfeadh an ráta faoi bhun 24 % arís. Ní dochar an méid sin d’aon athbhreithniú a dhéanfaí ar an gcúlchiste, lena n-áirítear, más iomchuí, ráta na lamháltas atá le cur sa chúlchiste, a dhéanfar mar chuid den athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 in 2022. |
Leasú 11
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15a) Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go bhfuil méadú tagtha ar líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht i gcomparáid leis na trí bliana roimhe sin, ba cheart dó, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a dhéanamh chun an Rialachán seo a leasú chun feidhmiú cuí an chúlchiste a áirithiú agus an éagothroime struchtúrach idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh a cheartú go tapa agus de réir a chéile. |
Leasú 12
Togra le haghaidh Cinnidh
Aithris 15 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(15b) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon leanúint de pharaiméadair reatha an chúlchiste cobhsaíochta margaidh arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2018/410 a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Leasú ar Chinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0571 – C9-0325/2021 – 2021/0202(COD) |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 13.9.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 13.9.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Claudia Gamon 7.10.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
26.1.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
3.3.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
52 13 5 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Matteo Adinolfi, Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Thierry Mariani, Marisa Matias, Eva Maydell, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Pina Picierno, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Manuela Ripa, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jakop G. Dalunde, Francesca Donato, Adriana Maldonado López |
|||
VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
52 |
+ |
NI |
Clara Ponsatí Obiols |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss |
Renew |
Nicola Beer, Nicola Danti, Valter Flego, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen |
S&D |
Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Nicolás González Casares, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Adriana Maldonado López, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Pina Picierno, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho |
Verts/ALE |
Michael Bloss, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Manuela Ripa, Marie Toussaint |
13 |
- |
ECR |
Zdzisław Krasnodębski, Robert Roos, Jessica Stegrud, Grzegorz Tobiszowski, Evžen Tošenovský |
ID |
Matteo Adinolfi, Paolo Borchia, Markus Buchheit, Thierry Mariani, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Isabella Tovaglieri |
NI |
Francesca Donato |
5 |
0 |
NI |
András Gyürk |
Renew |
Martina Dlabajová |
The Left |
Manuel Bompard, Marc Botenga, Marisa Matias |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Leasú ar Chinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0571 – C9-0325/2021 – 2021/0202(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
15.7.2021 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 13.9.2021 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 13.9.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Cyrus Engerer 16.9.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
9.9.2021 |
13.1.2022 |
|
|
Dáta an ghlactha |
15.3.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
65 20 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mathilde Androuët, Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurélia Beigneux, Monika Beňová, Hildegard Bentele, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Eleonora Evi, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Malte Gallée, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ştefan Motreanu, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Nicola Procaccini, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Linea Søgaard-Lidell, Maria Spyraki, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Maria Arena, Marlene Mortler, Susana Solís Pérez |
|||
Dáta don chur síos |
16.3.2022 |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
65 |
+ |
NI |
Athanasios Konstantinou, Edina Tóth |
PPE |
Bartosz Arłukowicz, Traian Băsescu, Hildegard Bentele, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin-Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Ewa Kopacz, Esther de Lange, Peter Liese, Liudas Mažylis, Marlene Mortler, Dan-Ştefan Motreanu, Ljudmila Novak, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Maria Spyraki# |
Renew |
Pascal Canfin, Andreas Glück, Martin Hojsík, Jan Huitema, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Susana Solís Pérez, Linea Søgaard-Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, Emma Wiesner, Michal Wiezik |
S&D |
Nikos Androulakis, Maria Arena, Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Jytte Guteland, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Günther Sidl, Tiemo Wölken |
The Left |
Malin Björk, Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Mick Wallace |
Verts/ALE |
Margrete Auken, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Malte Gallée, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus |
20 |
- |
ECR |
Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Joanna Kopcińska, Nicola Procaccini, Rob Rooken, Alexandr Vondra, Anna Zalewska |
ID |
Mathilde Androuët, Simona Baldassarre, Aurélia Beigneux, Marco Dreosto, Catherine Griset, Teuvo Hakkarainen, Sylvia Limmer, Joëlle Mélin, Silvia Sardone |
PPE |
Fulvio Martusciello, Dolors Montserrat, Luisa Regimenti |
1 |
0 |
NI |
Ivan Vilibor Sinčić |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh