TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire
1.4.2022 - (COM(2021)0472 – C9‑0350/2021 – 2021/0266(NLE)) - *
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Peter Kofod
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire
(COM(2021)0472 – C9‑0350/2021 – 2021/0266(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0472),
– ag féachaint d’Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, ar dá bun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0350/2021),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0082/2022),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag an bParlaimint a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
A. Cúlra
An 28 Bealtaine 2019, dhearbhaigh an Chipir go bhfuil sí toilteannach agus tiomanta gach cuid de acquis Schengen a chur i bhfeidhm agus a bheith faoi réir mheastóireachtaí Schengen, a mhéid is féidir ag féachaint do chúinsí speisialta na Cipire mar a aithnítear i bPrótacal Uimh. 10 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003.
I gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (2) d’Ionstraim Aontachais 2003[1], tá feidhm cheana ag forálacha áirithe acquis Schengen sa Chipir ó dháta an aontachais i leith, ach níl feidhm ag forálacha eile ach de bhun cinneadh ón gComhairle chuige sin tar éis d’fhíorú a bheith déanta gur comhlíonadh na coinníollacha is gá maidir le gach cuid den acquis sin a chur i bhfeidhm. Is i gcomhréir le nósanna imeachta meastóireachta ábhartha Schengen a dhéantar an fíorú sin. Déantar foráil do na nósanna imeachta meastóireachta Schengen sin le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis[2] Schengen a fhíorú.
Ní féidir meastóireacht Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen (CFS) a dhéanamh ach nuair a bheidh CFS curtha i bhfeidhm sa Chipir. Chun na críche sin, ní mór don Chomhairle cinneadh a ghlacadh maidir le héifeacht a thabhairt d’fhorálacha acquis Schengen i réimse CFS sa Chipir. Ní fhéadfar an cinneadh sin a dhéanamh ach tar éis don Chipir na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá a dhéanamh, lena n-áirítear socruithe a bhaineann le cosaint sonraí, chun sonraí CFS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú. Dá réir sin, rinneadh meastóireacht Schengen i mí na Samhna 2019 chun leibhéal na cosanta sonraí sa Chipir a fhíorú. An 5 Samhain 2020, rinne an Coimisiún, trí bhíthin Cinneadh Cur Chun Feidhme[3] ón gCoimisiún, an tuarascáil mheastóireachta, lena ndeimhnítear go bhfuil leibhéal sásúil cosanta sonraí á chomhlíonadh, a ghlacadh.
B. Seasamh an Rapóirtéara
A bhuí le teacht i bhfeidhm an Chinnidh ón gComhairle, ba cheart go bhféadfaí sonraí CFS a aistriú chuig an gCipir. Ach sonraí CFS a bheith á n-úsáid sa Chipir, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún a fhíorú, i gcomhréir le nósanna imeachta meastóireachta Schengen, go bhfuil na forálacha a bhaineann le CFS á gcur i bhfeidhm i gceart.
Forchuirfear srianta áirithe maidir le húsáid CFS sa Chipir go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gComhairle maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán sa Chipir agus maidir leis na seiceálacha ag pointí trasnaithe idir na limistéir i bPoblacht na Cipire a ndéanann Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach orthu agus na limistéir nach ndéanann sé rialú éifeachtach orthu. Ní dhéanfar an cinneadh sin ach nuair a bheidh sé fíoraithe go ndearnadh na coinníollacha is gá a chomhlíonadh chun gach cuid den acquis ábhartha a chur i bhfeidhm sa Chipir i gcomhréir le hAirteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.
I bhfianaise na ndúshlán atá os comhair na Cipire le déanaí, eadhon an rabharta imirceach neamhdhleathach atá ag teacht isteach faoi stiúir smuigléirí ón gcuid ó thuaidh dá críoch agus ós rud é go dtrasnaíonn siad an Líne Ghlas, mar a thugtar uirthi agus atá 184 chiliméadar ar fad, go neamhdhleathach agus gach seiceáil teorann á seachaint acu ag na pointí trasnaithe idir na limistéir i bPoblacht na Cipire a ndéanann Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach orthu agus na limistéir nach ndéanann sé rialú éifeachtach orthu, measann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach go bhféadfadh údaráis na Cipire faisnéis a fhíorú in CFS. Mar thoradh air sin, féadfaidh na húdaráis rialaithe teorann agus na húdaráis forfheidhmithe dlí foláirimh maidir le daoine nó ábhair a iontráil agus a cheadú in CFS chun leibhéal níos airde slándála poiblí a áirithiú.
Cuireann an Rapóirtéir i bhfios go láidir, áfach, go mbeidh measúnú ar aontachas na Cipire le limistéar Schengen fós le déanamh go neamhspleách ar a rannpháirtíocht in CFS. Níor cheart meastóireacht a dhéanamh ar aon aontachas le limistéar Schengen amach anseo ach i bhfianaise a chumais teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a choinneáil slán sábháilte.
Ar an mbonn sin, molann an Rapóirtéir go ndéanfadh an Pharlaimint an dréacht-téacs ón gComhairle a fhormhuiniú gan aon leasú chun na Ballstáit a spreagadh an Cinneadh a ghlacadh go pras.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0472 – C9-0350/2021 – 2021/0266(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
12.8.2021 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 13.9.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Peter Kofod 13.1.2022 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
16.3.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
31.3.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
46 5 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Karolin Braunsberger-Reinhold, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Clare Daly, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Hélène Laporte, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Nuno Melo, Nadine Morano, Maite Pagazaurtundúa, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Karlo Ressler, Diana Riba i Giner, Sara Skyttedal, Vincenzo Sofo, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Yana Toom, Tom Vandendriessche, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Bartosz Arłukowicz, Christian Doleschal, Anne-Sophie Pelletier, Miguel Urbán Crespo |
|||
Dáta don chur síos |
1.4.2022 |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
46 |
+ |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Vincenzo Sofo, Jadwiga Wiśniewska |
ID |
Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Peter Kofod, Hélène Laporte, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche |
NI |
Laura Ferrara |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Bartosz Arłukowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Karolin Braunsberger-Reinhold, Christian Doleschal, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Nuno Melo, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Sara Skyttedal, Tomas Tobé, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Javier Zarzalejos |
Renew |
Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Anna Júlia Donáth, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Sophia in 't Veld, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Ramona Strugariu, Yana Toom |
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik |
5 |
- |
ID |
Marcel de Graaff |
The Left |
Clare Daly, Cornelia Ernst, Anne-Sophie Pelletier, Miguel Urbán Crespo |
2 |
0 |
NI |
Martin Sonneborn |
Renew |
Fabienne Keller |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh