Tuarascáil - A9-0092/2022Tuarascáil
A9-0092/2022

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

6.4.2022 - (COM(2021)0656 – C9‑/0396/2021- 2021/0340(COD)) - ***I

An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir don tuairim: Martin Hojsík
PR_COD_1amCom


Nós Imeachta : 2021/0340(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0092/2022

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

(COM(2021)0656 – C9‑0396/2021 – 2021/0340(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0656),

 ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0396/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 08 Nollaig 2021[1],

 tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don togra ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0092/2022),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Ag an seachtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 4 go dtí an 15 Bealtaine 2015, comhaontaíodh peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir (‘peinteaclóraifeanól’) a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an naoú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 29 Aibreán go dtí an 10 Bealtaine 2019, comhaontaíodh déchófól chomh maith le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. I bhfianaise na leasuithe sin ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, is gá Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú freisin trí pheinteaclóraifeanól, déchófól agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua.

(2) Ag an seachtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 4 go dtí an 15 Bealtaine 2015, comhaontaíodh peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir (‘peinteaclóraifeanól’) a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an naoú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 29 Aibreán go dtí an 10 Bealtaine 2019, comhaontaíodh déchófól chomh maith le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. I bhfianaise na leasuithe sin ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, is gá Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú freisin trí pheinteaclóraifeanól, déchófól agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua freisin.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Liostaíodh peinteaclóraifeanól roimhe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 le Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún24, agus luach 100 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn IV agus luach 1 000 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn V. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 le Rialachán (AE) 2019/1021, ach fágadh peinteaclóraifeanól ar lár go neamhbheartaithe ón Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú chun peinteaclóraifeanól a chur san áireamh.

(3) Liostaíodh peinteaclóraifeanól roimhe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 le Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún24, agus luach 100 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn IV agus luach 1 000 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn V. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 le Rialachán (AE) 2019/1021, ach fágadh peinteaclóraifeanól ar lár go neamhbheartaithe ón Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú chun peinteaclóraifeanól a chur san áireamh anois.

_________________

_________________

23 Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).

23 Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).

24 Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 109, 24.4.2019, lch. 6).

24 Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 109, 24.4.2019, lch. 6).

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Tá teorainneacha tiúchana cheana féin ann in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir leis na substaintí nó na grúpaí substaintí seo a leanas: a) suim na tiúchana éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile (seachas an t-éitear deiridh, éitear nach liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin); b) Heicseabrómaiciogladóideacán; c) Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna); agus d) débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF). De bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, is iomchuí na teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn IV a leasú maidir leis na substaintí sin chun a dteorainnluachanna a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Chun bheith comhsheasmhach leis an liosta d’éitir défheinile pholabróimínithe (PBDEnna) a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an tsubstaint éitear deacabrómaidhéfheinile a chuimsiú i measc na PBDEnna a liostaítear sa tríú colún d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

(4) Tá teorainneacha tiúchana cheana féin ann in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir leis na substaintí nó na grúpaí substaintí seo a leanas: a) suim na tiúchana éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile (seachas an t-éitear deiridh, éitear nach liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin); b) Heicseabrómaiciogladóideacán; c) Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna); agus d) débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF). De bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, is iomchuí na teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn IV a leasú maidir leis na substaintí sin chun a dteorainnluachanna a oiriúnú i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Chun bheith comhsheasmhach leis an liosta d’éitir défheinile pholabróimínithe (PBDEnna) a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an tsubstaint éitear deacabrómaidhéfheinile a chuimsiú i measc na PBDEnna a liostaítear sa tríú colún d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Tá aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara molta ag an gCoiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC) lena liostú faoi Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún gan díolúintí sonracha5a tar éis an phróifíl riosca agus an mheastóireacht ar bhainistiú riosca a chur i gcrích maidir leis na substaintí sin. Tá sé beartaithe go ndéanfar cinneadh maidir le PFHxS, a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara a áireamh, ag Coinbhinsiún Stócólm, a bhí le bheith ar siúl ar dtús i mí Iúil 2021, agus atá le bheith ar siúl i mí an Mheithimh 2022 anois mar thoradh ar éabhlóid dhiúltach phaindéim COVID-19 i roinnt mhaith tíortha Eorpacha. Maidir le cuspóirí an Choinbhinsiúin, is iomchuí, dá bhrí sin, bunaithe ar an measúnú tionchair reatha5b agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú cheana féin trí aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua. Ba cheart don Choimisiún na leasuithe sin ar Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a léiriú in Iarscríbhinní eile de Rialachán (AE) 2019/1021 chun comhsheasmhacht a áirithiú.

 

_________________

 

5a POPRC-15/1

5b SWD(2021) 300 final

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Na teorainneacha tiúchana a mholtar in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, socraíodh iad trí bhíthin na modheolaíochta céanna lenar bunaíodh na teorainneacha tiúchana i leasuithe a rinneadh roimhe seo ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004. Na teorainneacha tiúchana a mholtar, ba cheart iad a bheith sa chaoi go mbainfear amach leo an cuspóir maidir le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol, cosaint lena ngabhann scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe na substaintí lena mbaineann. Agus na teorainneacha sin á socrú, ba cheart an cuspóir beartais leathan a chur san áireamh, eadhon gnóthú an chuspóra maidir le geilleagar aeráidneodrach ciorclach, a chumhdaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip26 .

(6) Na teorainneacha tiúchana a mholtar in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, socraíodh iad trí bhíthin na modheolaíochta céanna lenar bunaíodh na teorainneacha tiúchana i leasuithe a rinneadh roimhe seo ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004. Ba cheart prionsabal an réamhchúraim, mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) é a bheith mar bhuntaca leis na teorainneacha tiúchana atá beartaithe agus ba cheart é a bheith mar aidhm leo deireadh a chur, nuair is féidir, le scaoileadh POPanna sa chomhshaol, chun go mbainfear amach leo an cuspóir maidir le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol, cosaint lena ngabhann scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe na substaintí lena mbaineann. Agus na teorainneacha sin á socrú, ba cheart an cuspóir beartais leathan a chur san áireamh maidir leis an uaillmhian truailliú nialasach a bhaint amach chun críche timpeallacht atá saor ó thocsainí, athchúrsáil a mhéadú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, timthriallta ábhair neamhthocsaineacha a fhorbairt i gcás nár cheart substaintí atá faoi thoirmeasc a thabhairt isteach an athuair ar mhargadh AE trí ghníomhaíochtaí athchúrsála, agus geilleagar ciorclach, a chumhdaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip26.

__________________

__________________

26 COM(2019) 640 críochnaitheach

26 COM(2019) 640 críochnaitheach

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart iad a bheith stuama agus go gcuirfidh siad le cur i bhfeidhm chumarsáid an choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair dar teideal ‘Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí’  ina moltar sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le húsáid nó éilliú substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS).

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) Chun cosc a chur ar dhramhaíl éillithe a mheascadh le dramhaíl nó ábhair eile agus chun inrianaitheacht níos fearr agus cóireáil éifeachtach dramhaíola ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a áirithiú, is gá neamh-chomhsheasmhacht a sheachaint idir na forálacha maidir le dramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a leagadh amach i dtosach i Rialachán (CE) Uimh. 850/2004, a aisghairtear anois le Rialachán (AE) 2019/1021, agus na forálacha sin a leagtar amach ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a mheas an bhfuil sé iomchuí a aithint go bhfuil dramhaíl ina bhfuil aon truailleáin orgánacha mharthanacha a sháraíonn na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 le haicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach agus togra reachtach a chur ar aghaidh, i gcás inarb iomchuí, chun Treoir 2009/98/CE nó Cinneadh 2014/955/AE, nó iad araon, a leasú dá réir;

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 1 a

 

‘Déanfaidh an Coimisiún a mheas an mbeadh sé iomchuí Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl nó Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún1a, nó iad araon, a leasú chun a aithint go bhfuil dramhaíl ina bhfuil aon truailleáin orgánacha mharthanacha a sháraíonn na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 le haicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach, agus, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an measúnú sin agus tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta seo, togra reachtach a chur ar aghaidh chun an Treoir nó an Cinneadh, nó iad araon, a leasú dá réir.

 

_________________

 

1a Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE maidir leis an liosta dramhaíola de bhun Threoir 2008/98/CE

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe a– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

‘Peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir

87-86-5 agus eile

201-778-6 agus eile

100 mg/kg

Déchófól

115-32-2

204-082-0

50 mg/kg

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

335-67-1 agus eile

206-397-9 agus eile

1 mg/kg

 

 

 

(PFOA agus a shalainn),

 

 

 

40 mg/kg

 

 

 

(comhdhúile PFOA-ghaolmhara)’

Leasú

‘Peinteaclóraifeanól (PCP), a shalainn agus a eistir

87-86-5 agus eile

201-778-6 agus eile

100 mg/kg

Déchófól

115-32-2

204-082-0

50 mg/kg

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

335-67-1 agus eile

206-397-9 agus eile

0.1 mg/kg

 

 

 

(PFOA agus a shalainn),

 

 

 

20 mg/kg

 

 

 

(suim de chomhdhúile PFOA-ghaolmhara)’

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara

355-46-4 agus eile

355-46-4 agus eile

0.1 mg/kg

 

 

 

(PFHxS agus a shalainn),

 

 

 

20 mg/kg

 

 

 

(comhdhúile PFHxS-ghaolmhara)’

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe a– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

‘Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna)

85535-84-8

287-476-5

1 500 mg/kg

Leasú

‘Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna)

85535-84-8

287-476-5

420 mg/kg

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe c– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O

40088-47-9
agus eile

254-787-2
agus eile

Suim na dtiúchaintí éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile:

Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O

32534-81-9
agus eile

251-084-2
agus eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O

36483-60-0
agus eile

253-058-6
agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O

68928-80-3
agus eile

273-031-2
agus eile

Éitear bis(peinteabrómaifeinil) (éitear deacabrómaidhéfheinile; decaBDE) C12Br10O

1163-19-5
agus eile

214-604-9
agus eile

 

 

 

(a) go dtí an [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh an dáta atá sa phointe seo a leanas], 500 mg/kg

 

 

 

(b) ón [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] amach, 200 mg/kg nó, más airde, suim thiúchan na substaintí sin i gcás inarb ann dóibh i meascáin nó in earraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, an ceathrú colún, pointe 2, maidir leis na substaintí éitear teitreabrómaidhéfheinile, éitear peinteabrómaidhéfheinile, éitear heicseabrómaidhéfheinile, éitear heipteabrómaidhéfheinile agus éitear deacabrómaidhéfheinile.’

Leasú

Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O

40088-47-9
agus eile

254-787-2
agus eile

‘Suim na dtiúchaintí éitir teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O, éitir peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O, éitir heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O, éitir heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O agus éitir deacabrómaidhéfheinile C12Br10O:

Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O

32534-81-9
agus eile

251-084-2
agus eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O

36483-60
agus eile

253-058-6
agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O

68928-80-3
agus eile

273-031-2
agus eile

Éitear bis(peinteabrómaifeinil) (éitear deacabrómaidhéfheinile; decaBDE) C12Br10O

1163-19-5
agus eile

214-604-9
agus eile

 

 

 

(a) go dtí an [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh an dáta atá sa phointe seo a leanas], 200 mg/kg

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú tráth nach déanaí ná [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

 

 

(b) scriosta

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe d– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

‘Débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna)

 

 

5 µg/kg (2)

________________

(2) Ríomhtar an teorainn de réir shuim na PCDDanna, na PCDFanna agus na dl-PCBanna agus de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) a leagtar amach sa tríú fomhír, sa tábla, de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V.’

Leasú

‘Débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna)

 

 

1 µg/kg (2)

_______________

(2) Ríomhtar an teorainn de réir shuim na PCDDanna, na PCDFanna agus na dl-PCBanna agus de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) a leagtar amach sa tríú fomhír, sa tábla, de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V.’

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe e – tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

‘Heicseabrómaiciogladóideacán(4)

25637-99-4, 3194-55-6, 134237-50-6, 134237-51-7, 134237-52-8

247-148-4 221-695-9

500 mg/kg

Leasú

‘Heicseabrómaiciogladóideacán(4)

25637-99-4, 3194-55-6, 134237-50-6, 134237-51-7, 134237-52-8

247-148-4 221-695-9

(a) go dtí an [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh an dáta atá sa phointe seo a leanas], 200 mg/kg

 

 

 

Athbhreithneoidh an Coimisiún an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú go 100 mg/kg tráth nach déanaí ná [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

 

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2  – pointe a – pointe iv (nua)

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn V – mír 2 – Tábla

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara: 50 mg/kg (PFHxS agus a shalainn), 2 000 mg/kg (comhdhúile PFHxS-ghaolmhara).


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá sé molta ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 (Rialachán POPanna) chun a n-ailíniú leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta a chinntiú, go háirithe Coinbhinsiún Stócólm a bhfuil sé mar príomhaidhm aige ‘sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha’ (Airteagal 1 de) a chur san áireamh. Mar go bhfuil POPanna áirithe leis na ceimiceáin is contúirtí ar domhan agus baint acu le tionchair dóchúlaithe ar shláinte poiblí agus ar an gcomhshaol, éilíonn Coinbhinsiún Stócólm ar Pháirtithe táirgeacht agus úsáid ceimiceán araon atá liostaithe in Iarscríbhinn A a chosc agus/nó na bearta dlíthiúla agus riaracháin riachtanacha a ghlacadh chun deireadh a chur leis, agus allmhairiú agus onnmhairiú na gceimiceán seo.  

 

Na teorainneacha a mholann an Rapóirtéir ar na hIarrscríbhinní IV faoi seach (a bhaineann le bainistiú dramhaíola ar POPanna), ní hamháin go leanfaidh cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta AE ar bhealach níos fearr, ach cinnteoidh siad ailíniú níos fearr idir Rialacháin POPanna agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip - go sonrach, an uaillmhian do thimpeallacht saor ó thocsainí agus fíorgheilleagar ciorclach. Agus rud eile, tá a chuid moltaí bunaithe ar sheasaimh shoiléire ó Pharlaimint na hEorpa, a leag béim ar an riachtanas cosaint leordhóthanach do shláinte agus don chomhshaol ar shubstaintí tocsainí a chinntiú arís agus arís eile san am atá thart, chomh maith le Coinbhinsiún Basel, a bhfuil sé mar aidhm aige sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a thagann as giniúint, bainistiú, bogadh trasteorann agus diúscairt dramhaíola guaisí agus dramhaíola eile.

 

1. Seasamh fadtéarmach Pharlimint na hEorpa maidir le saincheist éillithe ó cheimiceáin thocsaineacha, lena n-áirítear POPanna:

 

 I Rún uaithi an 9 Iúil 2015 ar ‘éifeachtúlacht acmhainne: conas geilleagar ciorclach a bhaint amach’ (2014/2208(INI)) ina luaitear ‘níor cheart d’athchúrsáil buanú na húsáide de shubstaintí leagáide guaiseacha’ a dhlisteanú;

 I seasamh uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 ar na ‘roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht um cheimiceáin, um tháirgí agus um an dramhaíl’ (P8_TA(2018)0353) ina ndearbhaítear gurb iad substaintí ar ábhar imní iad siúd a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 57 de REACH mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad, substaintí atá toirmiscthe faoi Choinbhinsiún Stócólm (POPanna), substaintí ar leith atá srianta in airteagail liostaithe in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le REACH agus substaintí ar leith rialáilte faoi reachtaíocht shonrach earnálach agus/nó táirge;

 I Rún uaithi an 15 Eanáir 2020 ar an gComhaontú Glas don Eoraip (P9_TA(2020)0005), leag sí béim ar ‘an tábhacht atá le timthriallta ábhar neamhthocsaineach a fhorbairt’, d’iarr sí ‘dlús a chur le malartú substaintí ar ábhar mór imní iad’ agus ar an gCoimisiún ‘bearta a mheas chun dul i ngleic le tairgí allmhairithe a bhfuil substaintí nó comhpháirteanna atá faoi thoirmeasc laistigh de AE’. Luaitear go sainráite ann, chomh maith, nár cheart substaintí atá faoi thoirmeasc ‘a thabhairt isteach arís i dtáirgí tomhaltais ar mhargadh AE trí ghníomhaíochtaí athchúrsála’.

 I Rún an 10 Iúil 2020 ar an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (P9_TA(2020)0201) léirigh sí an tábhacht atá le ‘timthriallta ábhar neamhthocsaineach a fhorbairt’ agus mheas sí ‘gur cheart earraí a dhéantar as óghábhair agus iad siúd a dhéantar as ábhair athchúrsáilte na caighdeáin cheimiceáin chéanna a chomhlíonadh’ agus d’athdhearbhaigh sí gur i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, mar atá sainmhínithe sa Treoir Réime Dramhaíola, ‘tá cosc níos tábhachtaí ná athchúrsáil agus dá réir sin, níor cheart d’athchúrsáil buanú na húsáide de shubstaintí leagáide guaiseacha’ a dhlisteanú. Chomh maith leis sin, d’athdhearbhaigh sí ‘gur cheart deileáil leis an gceist faoi tháirgí a bhfuil substaintí leagáide ar ábhar imní iad iontu trí chóras éifeachtúil rianaithe agus diúscartha’.

 Agus ar ndóigh, i rún uaithi an 10 Feabhra 2021 ar an bPlean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (2020/2077(INI)) léirigh sí go bhfuil sé tábhachtach don aistriú go fíorgheilleagar ciorclach agus margadh aonair inbhuanaithe timthriallta ábhar glana, saor ó thocsaíní agus athchóiritheacha agus chun sreafaí bailithe ábhar, athúsáid agus athchúrsáil ar ardchaighdeán a chur chun cinn, chun ábhair a choinneáil ag a luach is airde. Ar deireadh, d’iarr sí go ndéanfaí ‘gníomhaíochtaí go gasta chun an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí a chur chun feidhme’.

 

2. Dul i ngleic le himní maidir le tionchair ar shláinte poiblí agus ar an gcomhshaol agus éilliú an gheilleagair chiorclaigh ó POPanna

 

Fad is a bhíonn POPanna ann sa chomhshaol agus iad ag bithbhailiú, is bagairt iad ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine ar fud an domhain. Má scaoiltear iad, iompraítear na truailleáin seo thar theorainneacha idirnáisiúnta i bhfad óna bhfoinsí agus bailíonn siad i réigiúin nár úsáideadh nó nár táirgeadh riamh iad. Bíonn éilliú ar athchúrsáil ó POPanna ann de bharr teorainneacha arda a ghlacadh, agus téann POPanna ar ais sa gheilleagar in ionad a bheith faighte réidh leo. Mar sin, tá an rapóirtéir ag moladh thairseacha an Choimisiúin in Iarscríbhinní IV agus V a neartú a thuilleadh. Déantar seo i gcead do na teorainneacha ar cad is féidir a chur i bhfeidhm go réalaíoch i bhfianaise sonraí atá ann cheana agus féidearthachtaí bainstithe dramhaíola.

 

Do shuim na PBDEnna, molann an rapóirtéir teorainn 200 mg/kg le teorainn eile go 100 laistigh de 5 bliana. Don SCPP, molann sé srian a chur leis go 420 mg/kg mar nach mbeidh aon scrogall toillte diúscartha agus téarnaimh in AE mar thoradh air. Don HBCDD, molann sé 200 mg/kg le teorainn bhreise go 100 laistigh de 5 bliana. Agus ar ndóigh, do na PCDD/Fanna + dl PCBanna, molann sé luach láir 0.003 mg TEQ/kg lena léirítear tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar theaghlaigh agus ar bhardais.

 

Chomh maith leis sin, tá an rapóirtéir ag cur tairseacha don aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara san áireamh in Iarscríbhinn IV, mar a aithníonn an Coimisiún, chomh maith, ina mheasúnú tionchair ar an athbhreithniú seo go mbeidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle iad a chur san áireamh go luath mar go mbeidh siad liostaithe i gCoinbhinsiún Stócólm in 2022, tar éis mholtaí an Choiste um athbhreithniú ar POPanna in 2019. Tá an rapóirtéir den tuairim go dtabharfaidh áireamh an PFHxS sainordú caibidlíochta soiléire roimh chruinniú na bPáirtithe, ach go spárálfaidh sé acmhainneachtaí riaracháin na gcomhreachtóirí chomh maith. Tá an tairseach socraithe de réir na tairsí íslithe do PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara chun go mbeidh sé ag teacht leis an gceangaltas sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht chun an t-éilliú ó PFAS a laghdú. 

 

Agus ar ndóigh, cuireann an rapóirtéir ceangaltas san áireamh chun dul i ngleic le neamhréireacht idir Cinneadh (AE) 2014/955 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh (CE) 2000/532 ar an liosta dramhaíola de bhun Threoir 2008/98/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán POP (AE) 2019/1021 maidir le teorainneacha tiúchana a cháilíonn dramhaíl mar dhramhaíl POP nó iad siúd lena mbíonn dramhaíl ghuaiseach agus í os a gcionn.

 

Tá an rapóirtéir den tuairim go gcabhróidh a thogra fáil réidh leis an riosca ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú trí dhramhaíl an Aontais go tíortha i mbéal forbartha, mar a shainaithnítear ag Cruinniú Réigiúnach na hAfraice roimh chruinnithe Chomhdhálacha na bPáirtithe do choinbhinsiúin Basel, Rotterdam agus Stócolm (18-20 Márta, 2019, Nairobi), a thacaigh go láidir leis na leibhéil is déine POPanna a ghlacadh do shainmhínithe ar leibhéil ísle de thruailleán orgánach marthanach mar chuid de threoirlínte teicniúla ó Choinbhinsiún Basel.

 


 

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

Tagairtí

COM(2021)0656 – C9-0396/2021 – 2021/0340(COD)

Dáta tíolactha chun PE

28.10.2021

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

10.11.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Martin Hojsík

15.12.2021

 

 

 

Pléite sa choiste

3.3.2022

 

 

 

Dáta an ghlactha

31.3.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

66

9

10

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mathilde Androuët, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Aurélia Beigneux, Monika Beňová, Hildegard Bentele, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Cornelia Ernst, Eleonora Evi, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Malte Gallée, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Marian-Jean Marinescu, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Alessandra Moretti, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Nicola Procaccini, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Linea Søgaard-Lidell, Maria Spyraki, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Maria Arena, Nicolás González Casares, Dan-Ştefan Motreanu, Manuela Ripa, Tomislav Sokol

Dáta don chur síos

6.4.2022

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

66

+

PPE

Bartosz Arłukowicz, Hildegard Bentele, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin-Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Ewa Kopacz, Esther de Lange, Peter Liese, Marian-Jean Marinescu, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Dan-Ştefan Motreanu, Ljudmila Novak, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Tomislav Sokol, Maria Spyraki, Pernille Weiss

Renew

Pascal Canfin, Andreas Glück, Martin Hojsík, Jan Huitema, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Linea Søgaard-Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, Emma Wiesner, Michal Wiezik

S&D

Maria Arena, Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Nicolás González Casares, Jytte Guteland, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Günther Sidl, Petar Vitanov, Tiemo Wölken

The Left

Malin Björk, Cornelia Ernst, Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Mick Wallace

Verts/ALE

Margrete Auken, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Malte Gallée, Yannick Jadot, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus, Manuela Ripa

 

9

-

ECR

Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Joanna Kopcińska, Nicola Procaccini, Rob Rooken, Alexandr Vondra, Anna Zalewska

ID

Sylvia Limmer

 

10

0

ID

Mathilde Androuët, Simona Baldassarre, Aurélia Beigneux, Marco Dreosto, Catherine Griset, Teuvo Hakkarainen, Joëlle Mélin, Silvia Sardone

The Left

Ivan Vilibor Sinčić, Edina Tóth

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 27 Aibreán 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais