Tuarascáil - A9-0095/2022Tuarascáil
A9-0095/2022

TUARASCÁIL maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

7.4.2022 - (2021/2118(DEC))

An Coiste um Rialú Buiséadach
Rapóirtéir: Tomáš Zdechovský

Nós Imeachta : 2021/2118(DEC)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0095/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0095/2022
Téacsanna arna nglacadh :

1. TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

(2021/2118(DEC))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020,

 ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí[1],  IO C 439, 29.10.2021, lth. 3.

 ag féachaint don ráiteas dearbhaithe[2] i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,  OJ C 439, 29.10.2021, p. 3.

 ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 – C9‑0073/2022),

 ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012[3], agus go háirithe Airteagal 70 de,

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh[4], agus go háirithe Airteagal 14 de,

 ag féachaint do Rialachán arna Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an gcreatrialachán airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5], agus go háirithe Airteagal 105 de,

 ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2022),

1. ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir gníomhach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ionaid don bhliain airgeadais 2020;

2. ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir gníomhach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 


 

2. TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le dúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

(2021/2118(DEC))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020,

 ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí[6],  IO C 439, 29.10.2021, lth. 3.

 ag féachaint don ráiteas dearbhaithe[7] i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,  OJ C 439, 29.10.2021, p. 3.

 ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 – C9‑0073/2022),

 ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012[8], agus go háirithe Airteagal 70 de,

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh[9], agus go háirithe Airteagal 14 de,

 ag féachaint do Rialachán arna Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an gcreatrialachán airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10], agus go háirithe Airteagal 105 de,

 ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2022),

1. ag formheas dhúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir gníomhach Ghníomhaireacht Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 


 

3. TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020

(2021/2118(DEC))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020,

 ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2022),

A. de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais[11], gur EUR 46 804 684 a bhí i mbuiséad críochnaitheach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (‘an tIonad’) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn méadú de 2,30 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go n-eascraíonn 88,74 % de bhuiséad an Ionaid ó ranníocaíochtaí díreacha ó institiúidí agus ó ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile;

B. de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’), gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Ionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Buiséad agus bainistiú airgeadais

1. ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 89,99 %, a léiríonn laghdú de 3,05 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 83,36 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 1,75 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire go raibh éiginnteachtaí suntasacha ann maidir le hioncam an Ionaid de bharr ghéarchéim COVID-19 mar gheall ar an bpatrún neamhlíneach a bhí á leanúint ag réamhaisnéisí buiséadacha na gcliant; ag tabhairt dá haire le buíochas gur éirigh leis an Ionad a bhuiséad do 2020 a chomhardú in ainneoin na n-éiginnteachtaí sin;

2. á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón Ionad go ndearnadh cur chun feidhme iomlán geall leis (98 %) ar a phlean claochlaithe a forbraíodh ar bhonn moltaí ag éirí as staidéar seachtrach dar teideal Study on the Translation Centre as the Shared Linguistic Service Provider for the EU Agencies and Bodies, [Staidéar ar an Ionad Aistriúcháin mar Sholáthraí Seirbhíse Teangeolaíochta Comhroinnte do Ghníomhaireachtaí agus Comhlachtaí AE];

Feidhmíocht

3. á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn an tIonad, a cheiliúir a chomóradh 25 bliana in 2020, go mór le seasamh le bunphrionsabal an ilteangachais san Aontas, agus ar an gcaoi sin ní hamháin go gcuireann sé ar chumas institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais feidhmiú go rianúil, ach tugann sé de chumhacht freisin do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus oideachais atá ar fáil dóibh; ag tréaslú leis an Ionad as na feabhsuithe a ndearnadh maidir lena mhisean a bhaint amach agus á iarraidh air a rannchuidiú leis an ilteangachas san Aontas a choinneáil;

4. ag tabhairt dá haire go raibh fócas an Ionaid ar thorthaí díreacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an Ionaid; ag tabhairt dá haire na heochairtháscairí feidhmíochta airgeadais a thugann léiriú maith ar fheidhmíocht oibríochtúil an Ionaid; ag aithint go dtugann na heochairtháscairí feidhmíochta straitéiseacha peirspictíocht iltreoch ar fheidhmíocht an Ionaid, ar peirspictíocht í a théann níos faide ná aschur; ag moladh don Ionad leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar an dá leibhéal, aschur díreach gníomhaíochtaí agus feidhmíocht straitéiseach;

5. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ionaid in 2020 chun caighdeán na n-aistriúchán a chuir a sholáthraithe seachtracha seirbhíse teanga ar fáil a áirithiú, chomh maith leis na bearta diana a rinneadh i gcoinne roinnt conraitheoirí a measadh go raibh a gcuid doiciméad míshásúil arís agus arís eile; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur geal léi gur cuireadh ar bun, faoi Lúnasa 2020, córas aiseolais lán-athbhreithnithe ó chliaint, lena n-athraítear an bhéim ó shásamh cliant a thomhas trí fhoirmeacha sástachta go dtí soláthar leaganacha nuashonraithe; á iarraidh ar an Ionad an córas a nuashonrú agus a choigeartú ar bhonn leanúnach bunaithe ar an aiseolas a fhaightear;

6. ag tabhairt dá haire maidir le líon na leathanach doiciméad a aistríodh, a modhnaíodh, a cuireadh in eagar agus a athbhreithníodh, 635 269 leathanach, go raibh sé réasúnta cobhsaí i gcomparáid le 2019 (639 525 leathanach), mar thoradh, go príomha, ar laghdú ar líon na leathanach de thrádmhairc an Aontais a aistríodh le haghaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (titim 47 928 leathanach, nó 13,8 % i gcomparáid le 2019) agus méadú ar líon na leathanach de dhoiciméid nach mairc thrádála Aontais iad (méadú 43 672 leathanach, nó 15 %, i gcomparáid le 2019);

7. ag moladh an Ionaid as a phunann cliant a leathnú, punann a ndeachaigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh leis i mí na Samhna 2020;

8. á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an tIonad seirbhísí teanga nua agus modhanna oibre dá chliaint, amhail aistriúchán uathoibríoch, meaisínaistriúchán saincheaptha, tras-scríobh le agus gan idirghabháil ó dhuine agus fotheidealú barrfheabhsaithe;

9. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thosaigh an tIonad ag úsáid na huirlise ríomh-earcaíochta ‘Systal’ in 2020 agus gur ghlac an tIonad páirt in dhá nós imeachta roghnúcháin comhpháirteacha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, rud a d’fhág go rabhthas in ann acmhainní a chomhroinnt agus iarrachtaí a dhéanamh chun liostaí cúltaca a bhunú do phróifílí cothrománacha riaracháin;

Beartas foirne

10. ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 95,85 %, go ndearnadh ceapacháin i gcás 47 n-oifigeach agus 138 ngníomhaire shealadacha as 52 oifigeach agus 141 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 193 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 22 ghníomhaire ar conradh don Ionad in 2020 (agus 28 bpost arna n-údarú);

11. ag tabhairt dá haire gur cuireadh Plean Claochlaithe 2019-2020 an Ionaid agus an Doiciméad Tionscnaimh Cláir chun feidhme go rathúil, clár ar glacadh é chun athruithe a dhéanamh ar struchtúr an Ionaid; ag spreagadh don Ionad, i ndáil leis sin, a infheistíocht in oiliúint foirne a neartú;

12. ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne, gur ag fir a bhí 100 % de na poist ardbhainistíochta, agus gan ach aon bhall foirne amháin a tuairiscíodh a bheith i bpost ardbhainistíochta, agus an bord bainistíochta comhdhéanta de 53 % ar fir iad agus 47 % ar mhná iad; ag tabhairt dá haire go bhfuil tearcionadaíocht ag na fir i bhfoireann an Ionaid i gcoitinne (37 % ar fir iad agus 63 % ar mná iad); á iarraidh ar an Ionad oibriú i dtreo cothromaíocht inscne ar leibhéal na foirne;

13. á chur i bhfáth gur gá go leanfaidh an tIonad ar aghaidh lena chlaochlú uaillmhianach a bhaineann leis an digiteáil agus leis an intleacht shaorga chun freagairt do riachtanais cumarsáide ilteangaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, a bhfuil líon ard d’ábhar éagsúil agus speisialaithe os a gcomhair le haistriú le hacmhainní buiséadacha teoranta; á chur i bhfios, ag an am céanna, go bhfuil an baol ann trí chéile go mbeidh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 go háirithe ar bhaill foirne ar conradh agus á iarraidh go dtiocfaí ar bhealaí chun cásanna éiginnteachta i ndáil leis sin a mhaolú agus a chosc;

14. ag spreagadh an Ionaid chun dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach acmhainní daonna lena rachfar i ngleic le cothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais;

Soláthar

15. ag tabhairt dá haire go ndearnadh an cur chun feidhme a chur siar i gcás tairiscint leictreonach agus tíolacadh leictreonach, a bheadh ina gcomhlánú ar an sonrascadh leictreonach a tugadh isteach, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19; á iarraidh ar an Ionad an tairiscint leictreonach agus an tíolacadh leictreonach a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi, tar éis ghéarchéim COVID-19, gur iarr an tIonad ar a sholáthraithe seirbhíse teanga a gcuid sonrasc uile a sheoladh i bhformáid leictreonach; á chur in iúl gur geal léi, in 2021, gur ghlac an tIonad nósanna imeachta ríomhsholáthair ina n-iomláine agus gur ghlac sé den chéad uair riamh an ríomhaighneacht;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

16. ag tabhairt dá haire nach bhfoilsíonn an tIonad ach dearbhuithe leasa ar a shuíomh gréasáin agus nach bhfoilsíonn sé CVanna a bhoird bainistíochta ar a shuíomh gréasáin mar gheall ar mhéid an bhoird bainistíochta (thart ar 130 comhalta agus comhalta malartach); á chur i bhfáth go bhfoilsíonn gníomhaireachtaí eile CVanna chomhaltaí a mboird bainistíochta faoi seach, fiú sna cásanna sin ina bhfuil níos mó comhaltaí ar na boird bhainistíochta ná i gcás an Ionaid; á iarraidh arís ar an Ionad CVanna chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta a fhoilsiú agus na bearta a rinneadh ina leith a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh CV agus dearbhú leasa an stiúrthóra ar shuíomh gréasáin an Ionaid;

Rialú inmheánach

17. ag tabhairt dá haire an measúnú ó chóras rialaithe inmheánaigh an Ionaid agus breithniú ó bhainistíocht an Ionaid nár léirigh na hathbhreithnithe faireacháin aon samplaí de rialuithe neamhleora nó neamhéifeachtacha a nochtfadh an tIonad ar phríomhrioscaí agus á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh athbhreithnithe ar bhonn na 17 bprionsabal a bhaineann le cúig chomhchuid chreat rialaithe inmheánaigh nua an Ionaid; á chur in iúl gur geal léi an chonclúid ón Ionad go bhfuil a chuid córas rialaithe lánéifeachtach ar an iomlán, agus go bhfuil feabhsuithe ag teastáil chun cur le hathléimneacht an Ionaid a thuilleadh;

18. ag tabhairt dá haire go dtéann straitéis frithchalaoise an Ionaid siar go dtí 2016 agus go ndearnadh pleananna gníomhaíochta frithchalaoise 2019-2020 a chur chun feidhme go huile, agus go ndéantar faireachán ar na gníomhartha frithchalaoise trína mbeith san áireamh i gclár oibre bliantúil an Ionaid; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur forbraíodh liosta le bratacha dearga maidir le TF, agus á iarraidh ar an Ionad a thaithí sa mhéid sin a chomhroinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile Aontais a bhfuil timpeallacht TF inchomparáide acu; á iarraidh ar an Ionad a mheas arbh fhiú a straitéis frithchalaoise a uasdátú ar bhonn measúnú riosca calaoise chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí frithchalaoise an Ionaid dírithe i gcónaí ar na rioscaí calaoise is ábhartha;

An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó

19. ag tabhairt dá haire gur fhéach an tIonad, mar freagairt ar shrianta COVID-19, leis na nósanna imeachta riaracháin ar fad geall leis a chur á ndéanamh gan pháipéar sa chéad choicís den ghéarchéim, agus gur luathaíodh go mór uirlisí cumarsáide éagsúla agus córais físchomhdhála a bheith á dtionscnamh agus gur cuireadh timpeallacht teilea-oibrithe ar bun le haghaidh na foirne uile laistigh den chéad chúpla lá, faoina raibh 98 % d’fheidhmeanna an Ionaid indéanta;

Barúlacha eile

20. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil creatchonradh idirinstitiúideach sínithe ag an Ionad chun leictreachas a cheannach ó fhoinse ghlas;

21. á chur in iúl gurb oth léi nach gcuireann roinnt de na rialacháin bhunaidh de chuid comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais de cheangal orthu seirbhísí an Ionaid a úsáid; á mheabhrú go bhfreagraíonn an tIonad, bunaithe ar a rialacháin bhunaidh, do riachtanais seirbhíse teanga chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais;

22. á chur in iúl gur saoth léi líon ard na gcomhaltaí atá ar an mbord bainistíochta, ar rud é nach n-éascaíonn cinnteoireacht nó bainistíocht shimplithe;

23. á iarraidh ar an Ionad leanúint dá shineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú i dtaca le, mar shampla, acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí agus slándáil TF;

24. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Ionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ionad leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

25. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tIonad ag déanamh staidéir faoi láthair ar an bhféidearthacht tús a chur leis an nós imeachta chun deimhniú ISO 14001 nó EMAS a fháil go luath amach anseo chun a fheidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú; á chur in iúl, den mheon sin, gur díol sásaimh di an t-ullmhúchán a rinne an tIonad in 2020 maidir lena athbhreithniú comhshaoil tosaigh.

°

° °

26. ag tagairt, maidir le barúlacha eile de chineál trasnearnálach a ghabhann lena cinneadh um urscaoileadh, dá rún an [...] Bealtaine 2022[12] maidir le feidhmíocht, bainistiú airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (27.1.2022)

chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2020

(2021/2118(DEC))

Rapóirtéir don tuairim: Petra Kammerevert

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um Rialú Buiséadach, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an ‘tIonad’), a cheiliúir a chomóradh 25 bliana in 2020, go mór le seasamh le bunphrionsabal an ilteangachais san Aontas, agus ar an gcaoi sin ní hamháin go gcuireann sé ar chumas institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais feidhmiú go rianúil, ach tugann sé de chumhacht freisin do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus oideachais atá ar fáil dóibh; ag tréaslú leis an Ionad as na feabhsuithe a ndearadh maidir lena mhisean a bhaint amach agus á iarraidh air a rannchuidiú leis an ilteangachas san Aontas a choinneáil;

2. á chur in iúl gur geal léi go ndeimhníonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, sa tuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla an Ionaid do 2020, dlíthiúlacht agus rialtacht de bhun-ioncam agus bun-íocaíochtaí chuntais an Ionaid;

3. á chur in iúl gur geal léi gur ghnóthaigh an tIonad in 2020, tar éis roinnt blianta d’easnaimh bhuiséid, a chumas chun a bhuiséad a chomhardú; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta agus go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta chun na cumais aistriúcháin atá dírithe ar sheirbhísí a leathnú;

4. ag moladh an Ionaid as a phunann cliant a leathnú, punann a ndeachaigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh i bpáirt leis i mí na Samhna 2020;

5. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ionaid in 2020 chun caighdeán na n-aistriúchán a chuir a sholáthraithe seachtracha seirbhíse teanga ar fáil a áirithiú, chomh maith leis na bearta diana a rinneadh i gcoinne roinnt conraitheoirí a measadh go raibh a gcuid doiciméad míshásúil arís agus arís eile; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur geal léi gur cuireadh ar bun, faoi Lúnasa 2020, córas aiseolais lán-athbhreithnithe ó chliaint, lena n-athraítear an bhéim ó shásamh cliant a thomhas trí fhoirmeacha sástachta go dtí soláthar leaganacha nuashonraithe; á iarraidh ar an Ionad an córas a nuashonrú agus a choigeartú ar bhonn leanúnach bunaithe ar an aiseolas a fhaightear;

6. ag tabhairt dá haire gur cuireadh Plean Claochlaithe 2019-2020 an Ionaid agus an Doiciméad Tionscnaimh Cláir chun feidhme go rathúil, clár ar glacadh é chun athruithe a dhéanamh ar struchtúr an Ionaid; ag spreagadh don Ionad leanúint ar aghaidh ar bhealach an chlaochlaithe teicneolaíochta, agus é mar aidhm leis sin oiriúnú go leanúnach do riachtanais na gcliant agus lánúsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí nua atá ar fáil; ag spreagadh don Ionad, i ndáil leis sin, a infheistíocht in oiliúint foirne a neartú;

7. á chur i bhfáth gur gá go leanfaidh an tIonad ar aghaidh lena chlaochlú uaillmhianach a bhaineann leis an digiteáil agus leis an intleacht shaorga chun freagairt do riachtanais cumarsáide ilteangaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, a bhfuil líon ard d’ábhar éagsúil agus speisialaithe os a gcomhair le haistriú le hacmhainní buiséadacha teoranta; á chur i bhfios, ag an am céanna, go bhfuil an baol ann trí chéile go mbeidh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 go háirithe ar bhaill foirne ar conradh agus á iarraidh go dtiocfaí ar bhealaí chun cásanna éiginnteachta i ndáil leis sin a mhaolú agus a chosc;

8. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an tIonad ag déanamh staidéir faoi láthair ar an bhféidearthacht tús a chur leis an nós imeachta chun deimhniú ISO 14001 nó EMAS a fháil go luath amach anseo chun a fheidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú; á chur in iúl, den mheon sin, gur díol sásaimh di an t-ullmhúchán a rinne an tIonad in 2020 maidir lena athbhreithniú comhshaoil tosaigh.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

27.1.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

28

0

2

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Andrea Bocskor, Ilana Cicurel, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Alexis Georgoulis, Sylvie Guillaume, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Ryszard Antoni Legutko, Predrag Fred Matić, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Niklas Nienaß, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Monica Semedo, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Maria Walsh, Salima Yenbou, Theodoros Zagorakis, Milan Zver

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Catherine Griset, Viola Von Cramon-Taubadel

 


 

VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

28

+

ECR

Ryszard Antoni Legutko, Dace Melbārde, Andrey Slabakov

NI

Andrea Bocskor

PPE

Asim Ademov, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Maria Walsh, Theodoros Zagorakis, Milan Zver

Renew

Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva, Monica Semedo

S&D

Sylvie Guillaume, Hannes Heide, Petra Kammerevert, Predrag Fred Matić, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Massimiliano Smeriglio

The Left

Alexis Georgoulis, Niyazi Kizilyürek

Verts/ALE

Niklas Nienaß, Viola Von Cramon-Taubadel, Salima Yenbou

 

0

-

 

 

 

2

0

ID

Gianantonio Da Re, Catherine Griset

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

31.3.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

3

1

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Gilles Boyer, Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Lefteris Christoforou, Corina Crețu, Ryszard Czarnecki, José Manuel Fernandes, Raffaele Fitto, Luke Ming Flanagan, Isabel García Muñoz, Monika Hohlmeier, Jean-François Jalkh, Pierre Karleskind, Mislav Kolakušić, Joachim Kuhs, Ryszard Antoni Legutko, Claudiu Manda, Alin Mituța, Jan Olbrycht, Younous Omarjee, Markus Pieper, Michèle Rivasi, Petri Sarvamaa, Angelika Winzig, Lara Wolters, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Bas Eickhout, Tsvetelina Penkova, Viola Von Cramon-Taubadel

 


 

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

26

+

ECR

Ryszard Czarnecki, Raffaele Fitto, Ryszard Antoni Legutko

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Monika Hohlmeier, Jan Olbrycht, Markus Pieper, Petri Sarvamaa, Angelika Winzig, Tomáš Zdechovský

Renew

Gilles Boyer, Olivier Chastel, Pierre Karleskind, Alin Mituța

S&D

Caterina Chinnici, Corina Crețu, Isabel García Muñoz, Claudiu Manda, Tsvetelina Penkova, Lara Wolters

The Left

Luke Ming Flanagan, Younous Omarjee

Verts/ALE

Bas Eickhout, Michèle Rivasi, Viola Von Cramon-Taubadel

 

3

-

ID

Matteo Adinolfi, Jean-François Jalkh, Joachim Kuhs

 

1

0

NI

Mislav Kolakušić

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 26 Aibreán 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais