TUARASCÁIL maidir le cur chun feidhme Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh
19.5.2022 - (2021/2168(INI))
An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Caroline Roose
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le cur chun feidhme Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagail 3, 11, 38, 120 agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
– ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)[1],
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (Rialachán CBI), lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle[2], agus go háirithe Airteagal 17 de,
– ag féachaint don seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Aibreán 2021 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (AE) 2017/2107 agus Rialachán (AE) 2019/833 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627[3],
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004[4],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol[5],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol[6],
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2020 maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) (COM(2020)0259),
– ag féachaint do thuarascáil an 30 Meán Fómhair 2019 ó Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach an Choimisiúin (STECF) dar teideal Social data in the EU fisheries sector [Sonraí sóisialta in earnáil iascaigh AE] (STECF 19-03),
– ag féachaint do thuarascáil STECF an 17 Nollaig 2020 dar teideal Social dimension of the CFP [An ghné shóisialta de CBI],
– ag féachaint do thuarascáil eacnamaíoch bhliantúil STECF 2021 maidir le cabhlach iascaireachta an Aontais, a foilsíodh an 8 Nollaig 2021,
– ag féachaint do thuarascáil STECF an 28 Aibreán 2021 maidir le critéir agus táscairí chun gnéithe inbhuanaitheachta do tháirgí bia mara a ionchorprú sna caighdeáin mhargaíochta faoin gComheagraíocht Mhargaidh,
– ag féachaint do staidéar 2015 arna iarraidh ag an gCoiste um Iascach maidir leis na critéir chun rochtain ar iascaireacht a leithdháileadh in AE,
– ag féachaint do bhreithiúnas Bhinse Riaracháin Montpellier an 15 Iúil 2021 i gcás uimh. 1801790,
– ag féachaint do thuarascáil Fhondúireacht Nua Eacnamaíochta (NEF) Mheán Fómhair 2021 dar teideal 'Cé a fhaigheann an deis iascaireacht in AE? Nuashonrú in 2021 ar an gcaoi a leithdháileann Ballstáit AE deiseanna iascaireachta',
– ag féachaint do thuarascáil 2018 ón gCiste Domhanda Fiadhúlra, dar teideal Evaluating Europe’s course to sustainable fisheries by 2020 [Meastóireacht a dhéanamh ar Bhealach na hEorpa chun an iascaigh inbhuanaithe faoi 2020],
– ag féachaint do thuarascáil ó Low Impact Fishers of Europe and Our Fish an 27 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal How the EU can Transition to Low Environmental Impact, Low Carbon, Socially Just Fishing [Conas is féidir le AE aistriú chuig Iascaireacht ag a bhfuil Tionchar Íseal ar an gComhshaol, Ísealcharbóin, agus atá Cóir go Sóisialta],
– ag féachaint do thuarascáil 2020 ón Meitheal um Thrálaeireacht Leictreach de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus ó Chomhairle Speisialta ICES an 20 Bealtaine 2020 mar fhreagairt ar an iarraidh ón Ísiltír maidir leis an tionchar atá ag iascaireacht leictreach ar an éiceachóras agus ar an gcomhshaol ó iascach sól (Solea solea) sa Mhuir Thuaidh,
– ag féachaint d’Airteagal 6.18 de Chód Iompair Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le hIascach Freagrach, a bhaineann le cearta na n-iascairí ceardaíochta agus mionscála a chosaint agus rochtain fhabhrach a bheith acu, i gcás inarb iomchuí, ar thailte agus ar acmhainní traidisiúnta iascaireachta,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0152/2022),
A. de bhrí, in CBI, go n-áirítear na cuspóirí maidir lena áirithiú go mbeidh ‘gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobarshaothraithe neamhdhíobhálach don chomhshaol san fhadtéarma agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí maidir le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht na soláthairtí bia, maidir le ‘cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú iascaigh, agus ... [féachaint lena] áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara pobail speiceas saothraithe a choinneáil thar leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh’, agus luaitear na cuspóirí maidir le ‘cur chuige bunaithe ar éiceachóras i leith bhainistiú ar iascaigh a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar íoslaghdú ar dhrochthionchair na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras mhuirí’, maidir le rannchuidiú le caighdeán cothrom maireachtála dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus iascaireacht chósta agus gnéithe socheacnamaíocha’ á gcur san áireamh agus ‘gníomhaíochtaí iascaireachta cósta, agus gnéithe socheacnamaíocha’ á gcur chun cinn’;
B. de bhrí go n-iarrtar le cuspóir 14.b de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) na Náisiún Aontaithe go ndéanfaidh páirtithe ‘rochtain a thabhairt d’iascairí ar mionscála ar acmhainní muirí agus ar mhargaí muirí’;
C. de bhrí go bhfuil an Chomhairle freagrach as deiseanna iascaireachta a shocrú (na gabhálacha incheadaithe iomlána nó na hiarrachtaí iascaireachta iomlána), a dháiltear i measc na mBallstát ina dhiaidh sin, rud lena n-áirithítear prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta; de bhrí gur gné thábhachtach de CBI í an chobhsaíocht choibhneasta a cruthaíodh a bheith iontaofa san fhadtéarma agus a chuireann infheictheacht ar fáil d’iascairí, agus nár cheart an bonn a bhaint di; de bhrí go ndáileann gach Ballstát na deiseanna iascaireachta sin ar a iascairí agus ar a eagraíochtaí táirgeoirí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;
D. de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go bhfuil na Ballstáit freagrach as deiseanna iascaireachta a leithdháileadh; de bhrí go bhféadfadh difríochtaí móra a bheith ann idir na hearnálacha i dtíortha éagsúla, agus nach inmhianaithe cur chuige ‘aon réiteach amháin do chách’ mar thoradh air sin;
E. de bhrí, de réir Airteagal 17 de Rialachán CBI, nach mór do na Ballstáit leas a bhaint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, amhail dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán CBI; de bhrí go bhféadfadh tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol, stair an chomhlíonta, an rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil agus leibhéil gabhála stairiúla a bheith san áireamh sna critéir sin;
F. de bhrí, le hAirteagal 17, nach n-eisiatar iascaigh áineasa óna raon feidhme agus gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh faoi conas deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta;
G. de bhrí go luaitear in Airteagal 17 go ‘ndéanfaidh na Ballstáit iarracht ar dhreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaitheach nó as teicnící iascaireachta ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó damáiste laghdaithe don ghnáthóg’;
H. de bhrí, de réir Airteagal 16, nach mór do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an modh chun na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh orthu, ar modhanna iad nach bhfuil faoi réir córas lamháltas iascaireachta inaistrithe, agus nach mór do gach Ballstát an modh leithdháilte a chur in iúl don Choimisiún;
I. de bhrí gur cheart sonraí maidir le leithdháiltí cuótaí iascaireachta a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha maidir le cosaint sonraí;
J. de bhrí, i measúnú STECF ar an ngné shóisialta de CBI, gur fionnadh gurb amhlaidh, in 2020, nár thug ach 16 Bhallstát as 23 Bhallstát chósta freagra ar an iarraidh ón gCoimisiún é a chur ar an eolas faoin modh leithdháilte arna úsáid;
K. de bhrí nár chomhlíon AE an spriocdháta chun dea-stádas comhshaoil d’uiscí muirí AE a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; de bhrí gur suíodh sa tuarascáil a ghlac an Coimisiún in 2020 maidir leis an gcéad timthriall de chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, agus cineál iomlánaíoch na Treorach sin á chur san áireamh, go bhfuil córas cosanta AE ar cheann de na córais cosanta is uaillmhianaí ar domhan agus gur thángthas ar an gconclúid gur gá é a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna amhail ró-iascaireacht i bhfarraigí áirithe agus cleachtais iascaireachta neamh-inbhuanaithe, dramhaíl phlaisteach, cothaithigh bhreise, torann faoi uisce, agus cineálacha eile truaillithe;
L. de bhrí nár chomhlíon AE spriocdháta 2020 maidir le ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach le haghaidh gach stoic iascaireachta; de bhrí, áfach, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i dtreo sprioc UTI a bhaint amach, go háirithe san Atlantach Thoir Thuaidh agus sa Mhuir Bhailt, áit a raibh 99 % de ghabhálacha a tugadh i dtír arna mbainistiú ag AE amháin, a raibh comhairle eolaíoch ar fáil ina leith, in 2020, ina ‘stoic a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe’;
M. de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas maidir le Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 a bhaint amach, lena n-áirítear SFI 14: ‘na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe’;
N. de bhrí, sa rún uaithi maidir leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, gur iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ‘tacú go leormhaith leis an aistriú chuig an iascach ísealtionchair’ lena n-áirítear ‘trí chéatadán na gcuótaí náisiúnta arna leithdháileadh ar iascaigh chósta ar mhionscála’ a mhéadú;
O. de bhrí go sainmhínítear ‘iascaireacht chósta ar mhionscála’ i rialachán an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF) mar ghníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta mara agus intíre ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán agus nach n-úsáideann trealamh tarraingthe, nó ag iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc;
P. de bhrí, i Straitéis Bithéagsúlachta AE do 2030, go n-áirítear cuspóir maidir le tionchair dhiúltacha iascaigh agus gníomhaíochtaí eastósctha ar ghnáthóga muirí íogaire agus ar speicis, lena n-áirítear grinneall na farraige, a laghdú d’fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach;
Q. de bhrí go n-áirítear ar chuspóirí straitéis bithéagsúlachta AE foghabhálacha speiceas a laghdú go leibhéal lenar féidir iad a ghnóthú agus a chaomhnú;
R. de bhrí gur earnáil straitéiseach de chuid an Aontais í iascach AE, lena soláthraítear líon suntasach post díreach agus indíreach san iascaireacht agus i limistéir chósta, agus geilleagar inbhuanaithe á chothabháil trí fhostaíocht agus slite beatha daoine a nascadh leis an gcríoch agus le cothabháil na dtraidisiún cultúrtha;
S. de bhrí go gcuireann CEMID tacaíocht airgeadais ar fáil d’iascairí óga atá ag dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta, cé nach bhfuil aon ráthaíocht ina dhiaidh sin maidir le deiseanna iascaireachta a fháil;
T. de bhrí go gcuireann iascaireacht go mór le slándáil bia an Aontais;
U. de bhrí go gcruthaíonn an iascaireacht poist ar muir agus ar tír araon; de bhrí go mbraitheann roinnt réigiún ar ghabhálacha a bheith ag teacht i dtír go háitiúil chun inmharthanacht go leor gnólachtaí a áirithiú agus chun pobail chósta bhríomhara a chothabháil;
V. de bhrí nach bhfuil aon tuarascáil chuimsitheach ann ar chur chun feidhme Airteagal 17 de CBI ag an gCoimisiún, rud a fhágann gurb iad na meastóireachtaí amháin atá ar fáil don mheasúnú tosaigh cur chun feidhme sin na meastóireachtaí atá foilsithe ag STECF, carthanachtaí, earnáil an iascaigh féin, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus geallsealbhóirí;
W. de bhrí, de réir an mheasúnaithe is déanaí ó STECF maidir le gné shóisialta CBI, in iarraidh 2020 ón gCoimisiún ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoina gcóras leithdháilte, gur áiríodh ceist maidir le measúnú tionchair agus nár thuairiscigh ach dhá Bhallstát (an tSualainn agus an Danmhairg) go ndearna siad measúnú den sórt sin; de bhrí, sa tuarascáil chéanna, gur fionnadh gurb amhlaidh, in 2020, nár thug ach 16 Bhallstát as 23 Bhallstát chósta freagra ar an iarraidh ón gCoimisiún é a chur ar an eolas faoin modh leithdháilte arna úsáid; de bhrí nach bhfuil ach úsáid an-teoranta ag baint le roinnt mhaith de na freagairtí sin toisc nach raibh iontu ach cur síos leathan ar an gcabhlach náisiúnta iascaireachta nó toisc nach ndearna siad ach béim a chur ar chuspóir a leithdháiltí gan cur síos a dhéanamh ar na critéir ‘thrédhearcacha agus oibiachtúla’;
X. de bhrí gurbh é 3.03 % san Iodáil, 11.6 % sa Chróit, 11.89 % sa Fhrainc, 13.68 % sa Phortaingéil agus 36.93 % sa Spáinn dáileadh an cuóta don tuinnín gorm do bhiaiste an éisc, 2020;
Y. de bhrí go ndírítear ar an gcuid is mó de stoic le cineálacha cabhlaigh éagsúla, go príomha, ach go bhfuil go leor stoc eile ann a ndíríonn cabhlaigh ar mhionscála agus ar mhórscála araon orthu;
Z. de bhrí, trí Airteagal 17 de CBI a chur chun feidhme agus trí chuótaí iascaireachta a leithdháileadh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha oibiachtúla de chineál comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíoch, gur féidir le AE aistriú cothrom chuig cabhlach iascaireachta ísealcharbóin lena ngabhann tionchar íseal a bhaint amach; de bhrí nach mór don chuspóir sin a bheith fite fuaite leis an gcuspóir tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia;
AA. de bhrí go bhfuil an Coimisiún ag forbairt plean gníomhaíochta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus chun éiceachórais mhuirí a chosaint, nach mór dóibh rannchuidiú le ceann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip trí inbhuanaitheacht iascach agus cosaint leormhaith a n-éiceachóras muirí agus a mbithéagsúlacht a áirithiú;
AB. de bhrí gur tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú an 10 Samhain 2020 maidir leis an Rialachán lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir; de bhrí gur dhiúltaigh an Chomhairle don chomhaontú sin sa vótáil ina dhiaidh sin, rud a tháinig salach ar chinneadh a comhaontaíodh cheana féin leis an dá institiúid eile;
AC. de bhrí go raibh tionchar ag Brexit freisin ar dháileadh na gceart iascaireachta in AE;
1. á mheabhrú gur acmhainn phoiblí nádúrtha iad na stoic éisc, gur sócmhainn iad gníomhaíochtaí iascaireachta agus bainistiú iascaireachta atá bunaithe ar an acmhainn sin agus go mbaineann siad leis an oidhreacht choiteann atá againn, agus gur cheart stoic éisc a bhainistiú ar bhealach a ráthaíonn na tairbhí fadtéarmacha is airde don tsochaí, a íoslaghdaíonn an tionchar ar éiceachórais agus a ráthaíonn slándáil an tsoláthair bia trí bhia sláintiúil a chur ar fáil; á mheabhrú gur cheart brabúsacht eacnamaíoch an chabhlaigh Eorpaigh a áirithiú trí shaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de agus bunaithe ar chomhairle eolaíoch iontaofa agus ar phrionsabal an réamhchúraim;
2. á chur i bhfáth, in iascach atá faoi bhainistiú cuótaí, gurb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag fadhb na speiceas scoir go gcuirfí deireadh le hoibríochtaí iascaireachta roimh dheireadh an tséasúir, rud as a bhféadfadh impleachtaí eacnamaíocha suntasacha d’iascairí eascairt; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur cheart leibhéal cothrom solúbthachta a áireamh i gcóras maith cuótaí toisc go gceadódh sé d’iascairí a bhfuil cuótaí breise de dhíth orthu i ndáil le speiceas scoir agus d’iascairí a bhfuil cuótaí ar fáil dóibh teacht ar thoradh a bheadh chun tairbhe an dá thaobh;
3. á chur i bhfáth gur faoi na Ballstáit atá sé na critéir a úsáideann siad agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu a chinneadh;
4. á thabhairt dá haire nár thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh aon Bhallstáit maidir le comhlíonadh Airteagal 17 de CBI;
Critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha a úsáid
5. á chur i bhfáth nach bhfuil aon staidéar ón gCoimisiún lena ndéantar anailís ar chur i bhfeidhm na gcritéar maidir le leithdháileadh cuótaí faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 17 de CBI; á thabhairt dá haire go bhfuil easpa trédhearcachta ann agus nach ndéanann roinnt Ballstát na critéir a chuireann siad i bhfeidhm agus iad ag dáileadh deiseanna iascaireachta a chur ar fáil don phobal agus ag moladh dóibh na critéir sin a dhéanamh poiblí agus inrochtana go héasca, á mheabhrú go bhfuil cur síos soiléir gan débhrí i gceist le modh leithdháilte oibiachtúil ar na critéir leithdháilte dea-shainithe lena n-áirítear cur síos soiléir ar ualú coibhneasta na gcritéar nó na coinníollacha lena n-úsáid i gcás ilchritéar maidir le leithdháileadh;
6. á mholadh don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas, más gá, maidir le cur i bhfeidhm chritéir Airteagal 16 agus Airteagal 17 de CBI ag gach ceann de na Ballstáit;
7. á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a thionscnamh in aghaidh Ballstát nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí i dtéarmaí trédhearcachta maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta;
8. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil critéir leithdháilte thrédhearcacha ar cheann de na paraiméadair lena gcuirtear cobhsaíocht agus deimhneacht dhlíthiúil ar fáil d’oibreoirí; á chur i bhfios go láidir gurb inmhianaithe dul chun cinn a dhéanamh maidir le trédhearcacht ar fud an Aontais maidir leis na critéir agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh rochtain éasca ag cách ar fhaisnéis maidir le feidhmiú chóras na ndeiseanna iascaireachta, lena n-áirítear an modh leithdháilte, agus gur cheart go mbeadh cách in ann í a thuiscint, agus go háirithe oibreoirí agus geallsealbhóirí, d’fhonn modh leithdháilte a bheidh comhsheasmhach agus bunaithe ar rialacha a éascú lena bhféadfar grinnscrúdú níos fearr a dhéanamh, deiseanna comhionanna a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara uile agus níos mó intuarthachta a chur ar fáil d’iascairí;
9. á iarraidh ar na Ballstáit a modhanna faoi seach deiseanna iascaireachta a dháileadh a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí;
10. á mheas go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí, a ráthú go dtabharfar urraim iomlán do na saintreoracha a chumhdaítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit uile foráil cheangailteach trédhearcachta d’Airteagal 17 i bhfeidhm i gceart maidir le próisis náisiúnta leithdháilte cuótaí trí ghníomhaíocht faireacháin ghníomhach agus leanúnach agus, más gá, nós imeachta um shárú a thionscain in aghaidh Ballstáit nach gcomhlíonann an ceanglas sin;
11. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí, comharchumainn agus úinéirí cuóta a leithdháileadh cuóta a nochtadh ar bhonn deonach, ach nach féidir oibleagáid a chur orthu é sin a dhéanamh ar bhealach ar bith, i ngeall ar reachtaíocht maidir le cosaint sonraí;
12. á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag cuallachtaí iascairí maidir le cuótaí iascaireachta a dháileadh agus a bhainistiú i measc na soithí éagsúla; á thabhairt dá haire gur beag iascaire ar mhionscála a bhaineann le heagraíochtaí táirgeoirí i roinnt mhaith Ballstát, agus go bhfuil a n-eagraíochtaí tiomnaithe féin ag líon níos lú iascairí ar mhionscála, rud a chuireann teorainn lena gcumas leas a bhaint as an gcainéal sin chun rochtain a fháil ar chuótaí iascaireachta; ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit cruthú eagraíochtaí táirgeoirí d’iascairí ar mhionscála a éascú agus cumas iascairí ar mhionscála eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú a éascú;
13. á mheas gur cheart na modhanna leithdháilte a fhorbairt le rannpháirtíocht na bpobal iascaireachta, na n-údarás réigiúnach agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áiritheofar go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar chodanna uile na gcabhlach, na n-eagraíochtaí táirgeoirí, na gcuallachtaí iascaigh agus na n-eagraíochtaí oibrithe, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus gur cheart go n-áireofaí leo coimircí amhail tréimhsí fógra chun gur féidir le hiascairí oiriúnú a dhéanamh i gcás ina gcinneann na Ballstáit a modh leithdháilte a athrú;
14. á iarraidh ar na Ballstáit córais leithdháilte a dhearadh chun simplíocht a ráthú, próisis mhaorlathacha troma a sheachaint agus, i ndeireadh thiar, chun ligean d’oibreoirí agus do gheallsealbhóirí faireachán a dhéanamh ar na critéir leithdháilte agus ar an bpróiseas leithdháilte;
15. á iarraidh ar na Ballstáit cothrom iomaíochta agus comhdheiseanna a áirithiú do gach iascaire chun rochtain chothrom ar acmhainní mara a cheadú;
Critéir chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a úsáid
16. á thabhairt dá haire nach bhfuil aon taifead ar chás ina ndearna an Coimisiún nó na Ballstáit athrú ar a gcuid modhanna leithdháilte ó tháinig an CBI athchóirithe agus Airteagal 17 i bhfeidhm, rud a thugann le fios nach raibh tionchar an-mhór ag an athchóiriú ar CBI a rinneadh in 2013 ar mhodhanna leithdháilte; á thabhairt dá haire go dtugann STECF le fios ina thuarascáil maidir leis an ngné shóisialta de CBI, cé nach bhfuil nasc díreach cruthaithe ag na Ballstáit idir Airteagal 17 agus a gcórais náisiúnta leithdháilte cuótaí, go n-úsáideann siad critéir sa phróiseas leithdháilte a d’fhéadfaí a lipéadú mar chritéir shóisialta;
17. á thabhairt dá haire gurb iad na leibhéil gabhálacha stairiúla na critéir is coitianta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun deiseanna iascaireachta a dháileadh; á mheas go gcuireann na critéir sin cobhsaíocht ar fáil agus go n-aithnítear go bhfuil an cabhlach agus na pobail iascaireachta ag brath ar acmhainní iascaireachta agus go bhfuil sé tábhachtach do na cabhlaigh agus do na pobail iascaireachta go mbeadh rochtain chobhsaí agus intuartha acu ar acmhainní iascaireachta;
18. ag tabhairt dá haire go léiríonn na sonraí atá ar fáil nach n-úsáideann ach cuid de na Ballstáit critéir de chineál comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíoch chun deiseanna iascaireachta a dháileadh agus, má úsáidtear iad, nach mbíonn mórán tionchair acu ar an dáileadh deiridh;
19. á mheabhrú go luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 17 de CBI: ‘Agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16, á gcionroinnt ar na Ballstáit, bainfidh na Ballstáit leas as critéir trédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch’; á thabhairt dá aire go bhfuil an focal ‘shall’ ar áireamh sa leagan Béarla; á thabhairt dá haire go bhfuil neamhréireachtaí idir na leaganacha teanga éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le léirmhínithe difriúla ar riachtanas na heiliminte sin atá ceangailteach ó thaobh dlí; á thabhairt dá haire, áfach, gurb é conclúid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina rialú i gcás Spika (C-540/16)[7], nach mór do na Ballstáit ‘critéir thrédhearcacha oibiachtúla’ a úsáid agus na deiseanna atá ar fáil dóibh faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á leithdháileadh acu; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa chéad tuarascáil eile uaidh maidir le feidhmiú CBI;
20. á chur in iúl gur geal léi go gceadaíonn na modhanna leithdháilte atá ann faoi láthair, atá bunaithe den chuid is mó ar chearta stairiúla, leibhéal áirithe cobhsaíochta eacnamaíche in earnáil na hiascaireachta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina choinníoll a chuireann ar chumas na n-oibreoirí teicnící níos inbhuanaithe a nuáil agus a ghlacadh, ach á aithint, i gcásanna áirithe, go rannchuidíonn siad le treochtaí a threisiú amhail dlúthú eacnamaíoch san earnáil iascaireachta, ar treochtaí iad a shaobhann iomaíocht, a chuireann bacainní ar iontrálaithe nua agus a dhéanann an earnáil neamhtharraingteach d’iascairí óga nua; á mheas, thairis sin, i gcásanna áirithe, nach bhfuil na modhanna sin ina ndreasachtaí leordhóthanacha d’iascairí a chuireann cleachtais iascaireachta chun feidhme ar lú a dtionchar comhshaoil, agus nach gcuireann siad deiseanna cothroma ar fáil d’iascairí uile, lena n-áirítear iascairí ar mhionscála; ag spreagadh na mBallstát, i ndáil leis an méid sin, a ráthú go ndáilfear cuótaí go cothrom idir na ranna cabhlaigh éagsúla, agus riachtanais na n-iascairí go léir á gcur san áireamh;
21. á thabhairt dá haire, i gcás stoc a bhfuil na gabhálacha iomlána is incheadaithe ag méadú ina leith, mar shampla i gcás dea-bhainistíocht stoic nó plean rathúil téarnaimh, go bhféadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na cuótaí breise a dháileadh bunaithe ar chritéir eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, i gcomhréir le hAirteagal 17;
22. á chur i bhfáth gur gné bhunúsach den tsochaí áitiúil, den gheilleagar, den chultúr agus den traidisiún i roinnt mhaith limistéar cósta agus oileán ar fud an Aontais iad iascaigh thraidisiúnta agus iascaigh ar mionscála agus a gcomhlachais, amhail iascaigh Cofradias, agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt orthu agus cóir speisialta a chur orthu;
23. á mheas gur gné thábhachtach gurb ea gach cineál critéar dá dtagraítear in Airteagal 17 a úsáid (critéir eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil) agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh chun na cuspóirí a leagtar amach in CBI, sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus sa straitéis bhithéagsúlachta do 2030 a bhaint amach ina n-iomláine; á mheabhrú gurb iad na Ballstáit atá freagrach as na critéir leithdháilte a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
24. á mheabhrú gur minic a bhíonn sonraí cáilíochta maidir le tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha na n-iascach áineasa in easnamh nó neamhiomlán, rud a chiallaíonn nach féidir critéir maidir leis an gcomhshaol agus critéir de chineál sóisialta agus eacnamaíoch a fhorbairt mar a cheanglaítear faoi Airteagal 17;
25. ag tathant ar an gCoimisiún bailiú sonraí den sórt sin maidir le hiascach áineasa a fheabhsú agus a neartú trí chreat feabhsaithe bailithe sonraí agus ionstraimí beartais eile;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leithdháilfidh gach Ballstát lena mbaineann deiseanna iascaireachta i gcomhréir le CBI agus go háirithe le hAirteagal 17, agus úsáid á baint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus critéir de chineál sóisialta agus eacnamaíoch; á mheas gur cheart do gach Ballstát, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a áirithiú go bhfuil na critéir inbhuanaithe agus cothrom d’fhonn sainiúlachtaí agus dúshláin áitiúla nach mór dul i ngleic leo a chur san áireamh;
27. á mheas go bhfuil éagsúlachtaí móra idir na cineálacha iascaigh agus na réaltachtaí atá os a gcomhair ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon chritéir de chineál eacnamaíoch, sóisialta nó critéir maidir leis an gcomhshaol ann a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud AE;
28. ag meabhrú go bhfuil cúlchistí cuótaí cruthaithe ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí táirgeoirí i roinnt tíortha a d’fhéadfaí a dháileadh ar iascairí bunaithe ar chritéir chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta;
29. á iarraidh ar na Ballstáit na hiascairí a dhreasú leas a bhaint as na cleachtais, na modhanna agus na nuálaíochtaí iascaireachta is inbhuanaithe agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol; á chreidiúint gur cheart dreasachtaí den sórt sin a chur san áireamh agus an modh leithdháilte á cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus ag spreagadh na mBallstát breithnithe aeráide agus éiceachórais a chur san áireamh ina bpróisis leithdháilte, ar bhonn sraith critéar trédhearcach; á mheabhrú, de réir Airteagal 17, nach mór do na Ballstáit iarracht a dhéanamh dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch nó as teicnící iascaireachta ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó maolú ar an damáiste a dhéantar don ghnáthóg;
30. á iarraidh ar na Ballstáit oibreoirí a dhreasú, trína bpróisis leithdháilte, idirphlé sóisialta a bhunú agus a neartú le ceardchumainn agus le heagraíochtaí oibrithe chomh maith le comhaontuithe cómhargála a chur i bhfeidhm go hiomlán d’fhonn an inbhuanaitheacht shóisialta agus dálaí cothroma oibre a chur chun cinn laistigh d’earnáil an iascaigh;
31. á mheabhrú nach mór do na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shoithí iascaireachta a mbíonn trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbíonn teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol; á thabhairt dá haire go bhfuil dreasachtaí den sórt sin á gcur ar fáil ag roinnt Ballstát; á iarraidh ar Bhallstáit eile dreasachtaí den sórt sin a chur ar fáil;
32. ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuideofar leis an líon éisc a athbhunú ar leibhéal inbhuanaithe agus go gcuirfear feabhas ar chosaint na bithéagsúlachta má dhéantar deiseanna iascaireachta a leithdháileadh trí úsáid a bhaint as critéir amhail tionchar níos lú ar an gcomhshaol agus má dhéantar breithniú ar a dhíograisí a bhí oibreoirí maidir le comhlíonadh san am a chuaigh thart;
33. á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán CBI, tacú le hiascairí óga agus nua a bheith ag dul i mbun gnó, trí mhachnamh a dhéanamh ar chritéir aoise a úsáid chun cion cothrom deiseanna iascaireachta atá ar fáil a leithdháileadh orthu, d’fhonn bacainní ar iontráil a laghdú, teipeanna sa mhargadh a cheartú, agus athnuachan glúine a bhfuil géarghá léi a éascú in earnáil an iascaigh; á iarraidh ar na Ballstáit, ina theannta sin, leas a bhaint as na deiseanna ar fad laistigh de CEMID chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na hathnuachana ó ghlúin go glúin;
34. á iarraidh ar an gCoimisiún obair níos réamhghníomhaí a dhéanamh leis na Ballstáit lena mbaineann maidir le cur chun feidhme na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán CBI; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le leas iomlán a bhaint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil agus a modheolaíocht chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh á ndearadh acu, mar shampla trí threoirlínte a fhoilsiú; á chur i bhfios go láidir nach mór machnamh a dhéanamh ar chobhsaíocht agus ionchais eacnamaíocha a thairiscint d’iascairí amach anseo;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún, ina phlean gníomhaíochta atá le teacht, acmhainní iascaigh a chaomhnú, éiceachórais mhuirí a chosaint, slí bheatha iascairí a áirithiú agus sprioc deonach maidir le deiseanna iascaireachta a áireamh a bheidh le dáileadh de réir critéir chomhshaoil agus a fhorbrófar bunaithe ar mheasúnú tionchair;
36. á iarraidh ar an gCoimisiún, sa tuarascáil uaidh atá le teacht ar fheidhmiú CBI, anailís a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 17 ag na Ballstáit agus moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir feabhas a chur air;
37. á chur i bhfáth go bhfuil uirlis reachtach fós in easnamh ag AE d’fhonn na cinntí a rinne an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha a chur chun feidhme le linn na seisiún is déanaí; á chur i bhfáth, agus an-imní uirthi, go bhfuil baol ann, mar gheall ar an bhfolús normatach sin, go gcuirfí leithdháileadh na gcuótaí tábhachtacha d’earnáil iascaigh AE i mbaol; á áitiú ar Uachtaránacht na Comhairle, dá bhrí sin, togra eile a chur i dtoll a chéile maidir leis an gcomhaontú ar thángthas air cheana idir na páirtithe a dhéanann ailíniú le seasamh na Parlaiminte;
°
° °
38. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Leis an tuarascáil cur chun feidhme seo ar Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI), ba é an aidhm a bhí agam, mar an Rapóirtéir, scrúdú a dhéanamh ar conas atá na Ballstáit ag dáileadh deiseanna iascaireachta a leithdháiltear orthu ar leibhéal AE agus féachaint an bhfuil sé sin i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin gComhbheartas Iascaigh agus i gcomhchuibheas le mórchuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh.
Is é is aidhm don Chomhbheartas Iascaigh cuspóirí éagsúla de chineál comhshaoil agus socheacnamaíoch a bhaint amach. I measc na gcuspóirí a chumhdaítear in Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 1380/2013 maidir le CBI tá, go háirithe, na cuspóirí seo a leanas: ‘go ndéanfaí tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a íoslaghdú, ‘go ndéanfaí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach’, ‘rannchuidiú le caighdeán maireachtála cóir dóibh siúd atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus aird á tabhairt ar an iascach cósta agus ar ghnéithe socheacnamaíocha’ agus ‘gníomhaíochtaí iascaireachta cósta a chur chun cinn, agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh’;
Ina leith sin, is uirlis an-chumhachtach é deiseanna iascaireachta a dháileadh (na cuótaí gabhála nó cuótaí na hiarrachta iascaireachta). Tá an tAontas Eorpach freagrach as na Gabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) agus an iarracht iascaireachta iomlán a shocrú agus é de chuspóir leis sin leibhéal saothraithe inbhuanaithe a bhaint amach acmhainní bitheolaíocha muirí a bhaint amach. Déantar na cuótaí sin a dháileadh ina dhiaidh sin i measc na mBallstát de réir phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta, rud a thugann le fios go bhfaigheann gach Ballstát sciar cobhsaí de na cuótaí iascaireachta comhaontaithe. Is laistigh de gach Ballstát a dháiltear na deiseanna iascaireachta sin i measc na n-iascairí agus na n-eagraíochtaí táirgeoirí éagsúla. Cé gur inniúlacht de chuid na mBallstát i gcónaí é deiseanna iascaireachta a leithdháileadh, leagtar síos le hAirteagal 17 de Rialachán 1380/2013 roinnt oibleagáidí nach mór do na Ballstáit a leanúint.
Critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla a úsáidIs é an chéad oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 17 ná critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla a úsáid agus fós deiseanna iascaireachta á leithdháileadh. Is minic, áfach, a bhíonn sé deacair a thuiscint go beacht conas atá na deiseanna sin á ndáileadh. I roinnt mhaith Ballstát, is beag eolas oifigiúil atá ar fáil go poiblí lena mínítear modhanna leithdháilte cuótaí. Is annamh a fhoilsíonn na Ballstáit mionsonraí faoi na córais atá glactha acu nó is annamh cláir phoiblí a bheith acu ina dtaispeántar na scaireanna cuóta atá i seilbh soithí/úinéirí.
Luaitear in Airteagal 17 gur cheart go mbeadh na critéir leithdháilte ‘trédhearcach’, rud a thugann le fios go bhfuil rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis. De réir staidéar a rinne Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa in 2015, áfach, níor fhreagair 40 % de Bhallstáit AE ceisteanna suirbhé maidir le trédhearcacht. Fós in 2017, fionnadh i dtuarascáil ó NEF nach n-éascaíonn a lán Ballstát rochtain ar fhaisnéis chomhsheasmhach don phobal, rud a fhágann go bhfuil sé deacair na rialtais a choinneáil cuntasach faoin Airteagal a chur chun feidhme. Ag an am céanna, feidhmíonn roinnt tíortha sách maith ó thaobh thrédhearcacht na gcóras de ach níl ach dhá thír (an Danmhairg agus an Eastóin) ann a bhfuil clár cuótaí atá ar fáil go poiblí acu.
Ina theannta sin, ainneoin gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh faoi conas a leithdháiltear na deiseanna iascaireachta ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, le hAirteagal 16.6 de CBI, ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoin modh leithdháilte agus, dá bhrí sin, faoi conas atá Airteagal 17 á chur chun feidhme. Fionnadh sa mheasúnú a rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) ar an ngné shóisialta de CBI, áfach, gurb amhlaidh, in 2020, nach ndearna ach 16 Bhallstát as 23 Bhallstát a bhfreagraí ar iarrataí faoi seach an Choimisiúin a thíolacadh. Léiríonn CETEI doiléire na bhfreagairtí a chuireann bac ar dhul chun cinn na mBallstát i ndáil le hAirteagal 17 a chur chun feidhme.
Critéir chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a úsáidIs é an dara hoibleagáid ar na Ballstáit a chumhdaítear in Airteagal 17 de Rialachán CBI ná critéir de chineál eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a úsáid chun deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a leithdháileadh. San Airteagal freisin, liostaítear na cineálacha critéar a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh: ‘tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol, stair an chomhlíonta, an rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil agus leibhéil gabhála stairiúla’.
Sa chomhthéacs sin, is díol suntais é gurb amhlaidh, ó glacadh an t-athchóiriú deireanach ar CBI, nach ndearna ach cúpla Ballstát a gcóras leithdháilte um dheiseanna iascaireachta a athrú chun na critéir sin a thabhairt isteach. Is iad na leibhéil gabhálacha stairiúla fós na critéir is coitianta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun deiseanna iascaireachta a dháileadh, cé gurb é méid an tsoithigh (fad, cumhacht agus meáchan) atá sa dara háit ó thaobh na gcritéar is mó a chuirtear i bhfeidhm. Is fíorbheagán dreasachtaí atá sna córais leithdháilte sin d’iascairí a bhfuil teicnící iascaireachta lena ngabhann tionchar íseal á gcur chun feidhme acu de réir mar a fhoráiltear sa Chomhbheartas Iascaigh, amhail trealamh iascaireachta roghnaíoch a úsáid nó teicnící iascaireachta a úsáid a bhfuil tionchar laghdaithe acu ar an gcomhshaol (amhail damáiste don ghnáthóg).
In 2018, rinne an Ciste Domhanda Fiadhúlra (WWF) meastóireacht ar na córais a úsáidtear chun deiseanna iascaireachta a dháileadh agus tháinig sé ar an tátal nach ndearna 69 % de Bhallstáit chósta AE (16 thír as 23 thír) na critéir maidir le ‘dáileadh cóir agus inbhuanaithe deiseanna iascaireachta a chur chun feidhme’ a chur chun feidhme go fóill. Sa tuarascáil uaithi in 2021 dar teideal ‘Who gets to Fish’, tugann Fondúireacht Nua Eacnamaíochta (NEF) dá haire gurb amhlaidh, as measc 22 Bhallstát, nach n-úsáideann ach 12 Bhallstát critéir shóisialta (e.g. aois an iascaire, conarthaí fostaíochta) agus nach n-úsáideann ach 11 Bhallstát critéir chomhshaoil (e.g. an cineál trealaimh, clingirí).
Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 17 freisin: ‘Déanfaidh na Ballstáit iarracht ar dhreasachtaí a sholáthar i gcomhair soithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch nó as teicnící iascaireachta a laghdaíonn an tionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó maolú ar an damáiste a dhéantar don ghnáthóg’. Mar sin féin, ní chuirtear na critéir sin san áireamh i bhformhór na gcóras laistigh de Bhallstáit AE agus ní féidir cur síos orthu mar chórais atá bunaithe ar dhreasachtaí.
Mar an Rapóirtéir, measaim go bhfuil sé níos deacra do Bhallstáit AE agus d’iascairí cuspóirí CBI agus cuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (MSFD) a bhaint amach toisc Airteagal 17 gan a bheith curtha chun feidhme. Is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh, laistigh den chreat dlíthiúil Eorpach reatha, chun leas a bhaint as leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta mar uirlis chun cuspóirí CBI, cuspóirí MSFD agus cuspóirí Straitéis Bhithéagsúlachta AE a bhaint amach.
Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na trédhearcachta, iarraim ar na Ballstáit a modh faoi seach chun deiseanna iascaireachta a dháileadh agus leithdháileadh cuóta deiridh gach eagraíochta táirgeoirí agus gach soithigh a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
Chun aghaidh a thabhairt ar an easpa cur chun feidhme a bhaineann le critéir de chineál eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a úsáid, iarraim ar an gCoimisiún a áirithiú go leithdháilfidh gach Ballstát deiseanna iascaireachta trí mheascán de chritéir chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a úsáid, agus fós a chinntiú go mbeidh na critéir cothromaithe ag brath ar na sainiúlachtaí áitiúla. Ba cheart don Choimisiún dul i mbun oibre níos réamhghníomhaí leis na Ballstáit chun scrúdú a dhéanamh ar shlite le deiseanna iascaireachta a dháileadh i gcomhréir leis na moltaí a leagtar síos in Airteagal 17, agus ba cheart dó treoirlínte a fhoilsiú maidir le critéir shóisialta agus chomhshaoil a úsáid le haghaidh deiseanna iascaireachta a leithdháileadh.
Ba cheart modhanna leithdháilte nua a fhorbairt i gcomhar le pobail iascaireachta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, agus ba cheart tréimhsí fógra a bheith ar áireamh iontu a fhágfaidh iascairí a bheith in ann oiriúnú; Creidim nach féidir formhór na gcritéar a chur i bhfeidhm gan staonadh ar fud an Aontais mar gheall ar shainiúlachtaí gach cabhlaigh. Ós rud é gur dúshlán ar fud na hEorpa é saincheist na hathnuachana glúine, iarraim ar na Ballstáit úsáid a bhaint as critéir a bhaineann le haois agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, chun tacú le hiascairí óga dul i mbun gnó.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
11.5.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
18 7 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Maria da Graça Carvalho, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, Jan Huitema, Ladislav Ilčić, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Grace O’Sullivan, João Pimenta Lopes, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nicolás González Casares, Ivo Hristov, Ska Keller, Gabriel Mato, Emma Wiesner |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
18 |
+ |
ID |
France Jamet |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon |
Renew |
Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind |
S&D |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Giuseppe Ferrandino, Ivo Hristov, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro |
The Left |
Anja Hazekamp |
Verts/ALE |
Rosa D'Amato, Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose |
7 |
- |
ECR |
Ladislav Ilčić, Bert-Jan Ruissen |
ID |
Rosanna Conte |
PPE |
Maria da Graça Carvalho, Peter van Dalen, Annie Schreijer-Pierik, Theodoros Zagorakis |
2 |
0 |
Renew |
Jan Huitema |
The Left |
João Pimenta Lopes |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.
- [2] IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
- [3] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0142.
- [4] IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.
- [5] IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.
- [6] IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.
- [7] Breithiúnas an 12 Iúil 2018, UAB ‘Spika’ agus Eile v Žuvininkystės tarnyba prie Lietuvos Respublikos žemės ūkio ministerijos, C-540/16, ECLI:EU:C:2018:565.