Tuarascáil - A9-0158/2022Tuarascáil
A9-0158/2022

TUARASCÁIL maidir le cur chun feidhme beart cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020

23.5.2022 - (2021/2009(INI))

An Coiste um Chultúr agus um Oideachas
Rapóirtéir: Laurence Farreng
PR_INI_ImplReport

Nós Imeachta : 2021/2009(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0158/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0158/2022
Téacsanna arna nglacadh :

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR THORTHAÍ

1. Réamhrá

Is é cuspóir na tuarascála cur chun feidhme seo maidir le “Bearta cuimsithe laistigh de Chlár Erasmus+ 2014-2020” ná measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil bearta a bhaineann le cuimsiú laistigh de chlár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020 á gcur chun feidhme, d’fhonn dea-chleachtais a shainaithint agus chun cuidiú le tabhairt faoi dhúshláin in eagrán reatha 2021-2027 de chlár Erasmus+.

Tháinig clár Erasmus+ 2014-2020 i gcomharbacht ar an gclár um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil (2007-2013), lenar cuimsíodh cláir ar leith faoi scáthchlár amháin, eadhon:

- an clár um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil:

 Erasmus le haghaidh Ardoideachais,

 Leonardo da Vinci le haghaidh gairmoideachais agus gairmoiliúna,

 Comenius le haghaidh oideachas scoile,

 Grundtvig le haghaidh foghlaim aosach,

 Jean Monnet le haghaidh lannpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn;

- Cúig chlár um chomhar idirnáisiúnta: Erasmus Mundus, Tempus, Alfa, Edulink, agus cláir um chomhar déthaobhach i réimse an ardoideachais (leis na stáit a leanas: Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn agus an Chóiré Theas);

- an clár dar teideal “An Óige ag Gníomhú”.

In 2014, tugadh an Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht don Óige (IDS) isteach faoi Erasmus+ agus é mar aidhm léi líon agus cáilíocht na dtionscadal maidir le cuimsiú agus éagsúlacht a mhéadú, tacaíocht a thabhairt do thionscadail ina bhfuil rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu i gcomparáid lena bpiaraí, daoine óga san áireamh.

Bhailigh an Rapóirtéir faisnéis agus dréachtaíodh an tuarascáil cur chun feidhme seo tar éis comhairliúchán dian a dhéanamh le geallsealbhóirí agus le gníomhaireachtaí náisiúnta, agus bunaithe ar na foinsí i scríbhinn a leanas:

- Staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) a foilsíodh i Meán Fómhair 2021 dar teideal “Inclusion measures within the Erasmus+ programme 2014-2020” (Bearta cuimsithe laistigh de chlár Erasmus+ 2014-2020).

- Dhá shuirbhé:

 Suirbhé amháin a cuireadh amach chuig 42 ghníomhaireacht náisiúnta ó na tíortha rannpháirteacha i gclár Erasmus+ le linn chlár 2014-2020. Tháinig 26 shuirbhé comhlánaithe ar ais ó 17 dtír rannpháirteacha. Bíonn an chuid is mó de na gníomhaireachtaí náisiúnta a ghlac páirt sa suirbhé sin ag plé le hoideachas scoile, le gairmoideachas agus gairmoiliúint, le hardoideachas, le hoideachas aosach agus leis an óige. Bhí roinnt acu dírithe go sainiúil ar an óige, agus bhí cúpla ceann eile ann a bhí ag plé le gach réimse eile seachas an óige. Bhí gníomhaireacht náisiúnta amháin ann a thug freagra – ceann as Éirinn – nach raibh ag plé ach leis an Ardoideachas amháin.

 Suirbhé amháin a cuireadh amach chuig geallsealbhóirí éagsúla ó thíortha rannpháirteacha i clár Erasmus+ le linn chlár 2014-2020. Cuireadh 10 suirbhé comhlánaithe ar ais. Bhí réimse freagrachtaí thar a bheith leathan á chlúdach ag cuid acu, agus bhí cuid eile acu dírithe ar chatagóirí foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu.

Sa bhreis ar an suirbhé ar gheallsealbhóirí, eagraíodh cruinniú idir Scáth-Rapóirtéirí agus geallsealbhóirí i bhFeabhra 2022, nuair a rinne geallsealbhóirí ó chumainn áitiúla, ó eagraíochtaí uile-Eorpacha agus ó ghníomhaireachtaí náisiúnta plé ar chur chun feidhme na mbeart a bhaineann le cuimsiú i gcláir Erasmus+.

Leis an tuarascáil cur chun feidhme seo, beifear ag díriú ar ról na ngníomhaireachtaí náisiúnta maidir le tacaíocht a thabhairt don chaoi a ndéantar bearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme, mar aon leis an tacaíocht bhreise a bhíonn á soláthar ag ionaid acmhainní SALTO-YOUTH (Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna don Óige), go háirithe an t-ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO, agus ag príomh-gheallsealbhóirí a oibríonn le daoine aonair ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste nó ag a bhfuil riachtanais speisialta. Bunaithe ar staidéar EPRS, ar na freagairtí ón suirbhé agus ar chruinniú na Scáth-Rapóirtéirí a eagraíodh le geallsealbhóirí, pléifear na pointí a leanas sa chéad roinn den tuarascáil seo:

- Sainmhíniú a thabhairt ar fhoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus ag a bhfuil riachtanais speisialta;

- An straitéis for-rochtana a dhéanann gníomhaireachtaí náisiúnta agus geallsealbhóirí a chur chun feidhme, in éineacht leis an tacaíocht for-rochtana a chuireann an Coimisiún agus SALTO ar fáil;

- Cásanna ina raibh rath ar bhearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme, easnaimh a sonraíodh sa chur chun feidhme sin, agus constaicí a sainaithníodh ina leith;

- An ról atá ag oifigigh um chuimsiú.

2. Sainmhíniú ar fhoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus ar fhoghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta

2.1. Sainmhíniú leathan

Úsáideadh an sainmhíniú céanna sa staidéar agus sna suirbhéanna araon ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus rannpháirtithe ag a bhfuil riachtanais speisialta, bunaithe ar ‘Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht Erasmus+’ arna cur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach in 2014, leis na catagóirí seo a leanas:

- Míchumas (i.e. rannpháirtithe ag a bhfuil riachtanais speisialta): daoine óga ag a bhfuil míchumais mheabhracha (míchumais intleachtúla, cognaíocha, foghlama), fhisiciúla, chéadfacha nó míchumais eile.

- Fadhbanna sláinte: daoine óga ag a bhfuil fadhbanna sláinte atá in ainseal, breoiteachtaí dórainneacha nó riochtaí síciatracha etc.

- Deacrachtaí oideachasúla: daoine óga le deacrachtaí foghlama, luathfhágálaithe scoile, daoine le cáilíochtaí ísle, daoine óga nach ndearna go maith ag an scoil etc.

- Difríochtaí cultúrtha: inimircigh, dídeanaithe nó sliochtaigh ó theaghlaigh inimirceach nó dídeanaithe, daoine óga atá ina gcuid de mhionlach náisiúnach nó eitneach, daoine óga ag a bhfuil deacrachtaí maidir le hoiriúnú don teanga nó le himeascadh cultúrtha etc.

- Constaicí eacnamaíocha: daoine óga ag a bhfuil caighdeán íseal maireachtála, ioncam íseal, spleáchas ar an gcóras leasa shóisialaigh, daoine óga atá i ndífhostaíocht fhadtréimhseach nó i mbochtaineacht, daoine óga atá gan dídean, i bhfiachas nó ag a bhfuil fadhbanna airgeadais etc.

- Constaicí sóisialta: daoine óga atá faoi lé idirdhealú mar gheall ar inscne, aois, eitneachas, reiligiún, gnéaschlaonadh, míchumas etc.; daoine óga ag a bhfuil scileanna sóisialta teoranta nó iompraíochtaí frithshóisialta nó ardriosca, daoine óga atá i staid fhorbhásach, ciontóirí (iar-chiontóirí), mí-úsáideoirí (nó iar-mhí-úsáideoirí) drugaí nó alcóil, tuismitheoirí óga agus/nó aonair, dílleachtaí etc.

- Constaicí geografacha: daoine óga ó limistéir iargúlta nó tuaithe, daoine óga atá ina gcónaí ar oileáin bheaga nó i réigiúin fhorimeallacha, daoine óga ó chriosanna uirbeacha faoi mhíbhuntáiste, daoine óga ó limistéir nach bhfuil seirbhísí leordhóthanacha iontu (iompar poiblí teoranta, easpa saoráidí) etc.

Ba í an t-aon difríocht a bhí idir an staidéar agus na suirbhéanna ná gur baineadh úsáid as na catagóirí sin sna suirbhéanna chun na foghlaimeoirí go léir a shainaithint, agus ní foghlaimeoirí óga amháin.

Léirítear sa staidéar gur bhain an chuid is mó de na gníomhaireachtaí náisiúnta úsáid as na catagóirí thuasluaite, ar tátal é sin a fhaigheann tacaíocht ó thorthaí an tsuirbhé a seoladh chuig gníomhaireachtaí náisiúnta i mí Eanáir 2022. Is é an sainmhíniú agus léirmhíniú leathan maidir leis an ngrúpa foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta nó ar lú na deiseanna atá acu a theastaíonn ó na gníomhaireachtaí náisiúnta. Bhí na geallsealbhóirí mórán den tuairim chéanna sna freagraí a thug siadsan ar an suirbhé.

2.2. Breithnithe breise maidir le foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu

Breithnítear saintréithe breise maidir le foghlaimeoirí faoi míbhuntáiste i suirbhé na Parlaiminte, eadhon daoine nach bhfuil scileanna digiteacha acu (44% de dhaonra na hEorpa in 2020, d’aois 16-74), daoine a d’fhág an scoil go luath (9.9% de dhaonra na hEorpa in 2020, d’aois 18-24) agus daoine le scileanna ísle ar fearr leo spriocanna gearrthéarmacha.[1]

Sa bhreis air sin, iarradh sa staidéar go dtabharfaí aird bhreise ar dhaoine scothaosta, ar rannpháirtithe faoi mhíchumais mheabhracha agus ar dhaoine dífhostaithe atá breoite.

2.3. Na grúpaí foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu a ndearnadh an ionadaíocht is mó agus is lú orthu

Léiríodh i suirbhé 2022 gur mó a bhí na gníomhaireachtaí náisiúnta a d’fhreagair ag freastal ar rannpháirtithe faoi mhíchumas, le deacrachtaí oideachasúla agus le constaicí eacnamaíocha, ach gur lú a bhí siad ag freastal ar rannpháirtithe le constaicí geografacha, le fadhbanna sláinte agus le constaicí sóisialta. Sa bhreis air sin, chuir formhór na ngníomhaireachtaí náisiúnta in iúl gur mó a bhí siad ag obair le rannpháirtithe faoi mhíchumas agus le deacrachtaí eacnamaíocha, agus lú a bhí siad ag obair le rannpháirtithe le constaicí geografacha. Léirigh geallsealbhóirí gur mó a bhí siadsan ag obair freisin le rannpháirtithe le constaicí eacnamaíocha, ach go raibh constaicí sóisialta go mór i gceist lena gcuid oibre chomh maith. Is iad na daoine le constaicí sláinte is lú a tháinig i gceist sna freagraí.

2.4. Saincheist na sainaitheanta

Luaigh roinnt gníomhaireachtaí náisiúnta saincheist na sainaitheanta. Luaigh siad líon áirithe cásanna de rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu nach raibh taifeadta agus go bhféadfadh sé nach raibh siad sainaitheanta amhlaidh ag na tairbhithe ina gcuid tuarascálacha. Mar an gcéanna, d’fhéadfadh sé nach ndéanfadh rannpháirtithe áirithe iad féin a shainaithint mar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, nó go bhféadfadh sé nach gcreideann daoine ar lú na deiseanna atá acu gur rud dóibhsean atá in Erasmus+, rud a thabharfadh le tuiscint go ndéanann grúpaí áirithe iad féin a eisiamh ón gclár ar bhonn ex ante.

3. Ag freastal ar fhoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus ar fhoghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta

3.1. For-rochtain

De ghnáth oibríonn gníomhaireachtaí náisiúnta le heagraíochtaí, cumainn áitiúla agus struchtúir atá gníomhach i réimsí a bhaineann le cuimsiú daoine ar lú na deiseanna atá acu chun spriocdhíriú ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu a d’fhéadfadh a bheith ina rannpháirtithe. Trí dhul i dteagmháil leis na heagraíochtaí agus cumainn áitiúla sin, imrítear tionchar dearfach ar chumas na ngníomhaireachtaí náisiúnta a áirithiú go bhfuil cur amach ag cách ar Erasmus+. Tá na nithe seo a leanas ar áireamh i modhanna for-rochtana eile: ábhar ar na meáin shóisialta, suíomhanna gréasáin, cruinnithe duine le duine, imeachtaí, teistiméireachtaí, daoine eiseamláireacha, ardán Eurodesk agus na hambasadóirí Ríomhnasctha. Ba cheart a thabhairt ar aire, áfach, nach bhfuil acmhainní agus foilseacháin ina bhfuil faisnéis faoi thacaíocht do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu in úsáid go coitianta sna teangacha nó formáidí ábhartha. Bíonn imeachtaí spriocdhírithe a eagrú do ghrúpaí sainiúla (agus tacaíocht shaincheaptha ann chun freastal ar a leithéid d’imeachtaí), fócasghrúpaí agus cruinnithe le comhordaitheoirí tionscadail in úsáid freisin mar straitéisí for-rochtana.

Chruthaigh gníomhaireachtaí náisiúnta réimse ilghnéitheach d’ábhair faisnéise chun cláir Erasmus+ a chur chun cinn i measc foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta. I measc na n-ábhar sin, tá bileoga eolais, físeáin, ábhar ar na Meáin Shóisialta, scéalta teistiméireachta ó thionscadail lena mbaineann daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, foilseacháin éagsúla ó spriocghrúpaí difriúla maidir le gnéithe éagsúla de chláir agus féidearthachtaí maoinithe, nuachtlitreacha, leabhrán, ailt, seimineáir ghréasáin, ábhair foghlama, ábhair cheardlainne, etc.

Bíonn teagmháil dhlúth ag geallsealbhóirí le heagrais dara leibhéal agus tríú leibhéal. Mar shampla, bhí obair le haonaid phobail ar cheann de na freagraí ba choitianta, agus luaigh geallsealbhóirí aonair comhoibriú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus le grúpaí óige. Luaigh siad freisin go raibh scéala a scaipeadh ó bhéal go béal i measc an phobail ina bhealach úsáideach chun daoine aonair a shainaithint. Ar an láimh eile, níor luadh oibriú le hionaid dífhostaíochta chomh minic céanna leis na roghanna eile.

Chuir geallsealbhóirí béim láidir ar an tábhacht a bhaineann le cruinnithe duine le duine, le cóitseáil agus le ceardlanna. Bhí siad ag brath go mór freisin ar imeachtaí spriocdhírithe agus ar theistiméireachtaí. Ba roghanna coitianta ag roinnt geallsealbhóirí iad cuairteanna agus ionaid chomhairle. Cosúil le gníomhaireachtaí náisiúnta, ní raibh úsáid acmhainní amhail faisnéis i scríbhinn chomh coitianta céanna le roghanna eile. Luaigh roinnt geallsealbhóirí freisin treoirthástáil shaincheaptha a chur ar fáil do chúrsaí.

3.2. Tacaíocht chumarsáide ón gCoimisiún agus ó SALTO

Déanann an t-ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO YOUTH roinnt cineálacha tacaíochta a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí náisiúnta, amhail oiliúint maidir le cuimsiú, uirlisí oiliúna agus uirlisí a bhaineann le hobair don aos óg, faisnéis maidir le cuimsiú agus deiseanna tionscadail, foilseacháin phraiticiúla agus geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun tionscadail maidir le cuimsiú a éascú.

Thug an Coimisiún agus ionad acmhainní SALTO tacaíocht freisin do ghníomhaíochtaí for-rochtana na ngníomhaireachtaí náisiúnta ar dhóigheanna éagsúla, lena n-áirítear bileoga, físeáin, ‘leabhar cócaireachta’ ina raibh ‘oidis don chuimsiú’, arna chruthú ag ionaid acmhainní SALTO, podchraoltaí, treoirlínte, treoirleabhair Erasmus+ nó foilseacháin spriocdhírithe. Chuir gníomhaireacht náisiúnta amháin fáilte roimh acmhainní aistrithe agus mheas siad go raibh siad sin úsáideach dóibh. Chuir gníomhaireacht náisiúnta eile in iúl, áfach, nach raibh sí ar an eolas faoi go leor de na hábhair a bhí ar fáil.

Ar an tacaíocht bhreise ón gCoimisiún agus ó SALTO le haghaidh gníomhaíochtaí for-rochtana, áiríodh lámhleabhair agus treoirleabhair, fóraim idir gníomhaireachtaí náisiúnta agus seimineáir. Cé gur cuireadh oiliúint le haghaidh gníomhaíochtaí for-rochtana ar fáil, dealraíonn sé níor ghlac formhór na ngníomhaireachtaí náisiúnta páirt inti. Bhí trí ghníomhaireacht náisiúnta ann, áfach, a luaigh oiliúint i ngníomhaíochtaí oiliúna agus comhair le haghaidh na straitéisí don chuimsiú.

Uirlis amháin a bhfuil fógraíocht déanta ag ionad acmhainní SALTO uirthi is ea bosca uirlisí SALTO, a chuirtear ar fáil do ghníomhaireachtaí náisiúnta mar dhóigh chun uirlisí oiliúna úsáideacha a chomhroinnt agus chun cuidiú leo uirlisí oiliúna agus uirlisí le haghaidh obair don aos óg a dhearadh chun tacú le tionscadail a bhaineann le cuimsiú. Is beag a rannchuidigh gníomhaireachtaí náisiúnta, áfach, leis an mbosca uirlisí sin.

Ba cheart a chur in iúl i dtaobh an ionaid acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO, agus dá réir sin i dtaobh na cumarsáide atá cruthaithe aige chun tacú le gníomhaireachtaí náisiúnta, gur don chuid den chlár a bhaineann le gníomhaíochtaí ar son na hóige – agus dó sin amháin – a dearadh é. Chuir roinnt gníomhaireachtaí náisiúnta ar a ndearnadh suirbhé in iúl go raibh siad ag tnúth le forbairt ar an ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO a d’fhágfadh go gcuimseodh an t-ionad sin gach uile réimse agus aois.

3.3. Comhoibriú gníomhaireachtaí náisiúnta le geallsealbhóirí

Dúirt 80% de na freagróirí ar an suirbhé a seoladh chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta go raibh siad ag obair le cumainn áitiúla agus le comhlachtaí eile den tsochaí shibhialta le linn thréimhse 2014-2020. As na 21 freagróir, bhí straitéis curtha ar bun ag 10 gcinn acu le cumainn áitiúla chun teagmháil a dhéanamh le daoine ar lú na deiseanna atá acu. Rinne 80% de na freagróirí teagmháil as a stuaim féin le cumainn áitiúla, agus dúirt 65% go ndearna cumainn áitiúla teagmháil leosan.

Eagraíochtaí neamhrialtasacha ó spriocghrúpaí, daoine teagmhála i meánscoileanna agus gníomhaireachtaí náisiúnta eile a bhíonn ag déileáil leis na spriocghrúpaí céanna ab ea na phríomh-gheallsealbhóirí a mbíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta ag obair leo, de réir na dtorthaí ar shuirbhé 2022. Ba iad cumainn ógra na bpáirtithe polaitiúla, mar aon le heagraíochtaí spóirt agus oifigí fostaíochta, na roghanna is lú a roghnaíodh. Luaigh na gníomhaireachtaí náisiúnta geallsealbhóirí eile nach raibh liostaithe sa suirbhé, amhail:

- Institiúidí oideachais tríú leibhéal trína n-oifigí Erasmus+;

- Scoileanna speisialta;

- Eagraíochtaí saineolaithe, e.g. maidir le hobair dheonach le daoine faoi mhíchumas nó i gcomhthéacs obair le dídeanaithe (faoi chuimsiú dhá thionscadal comhair idir gníomhaireachtaí náisiúnta);

- Scátheagraíochtaí le haghaidh obair shóisialta leis an aos óg;

- Údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta atá freagrach as oideachas scoile;

- Oifigigh um chaidreamh idirnáisiúnta agus comhairleoirí staidéir ag Institiúidí Ardoideachais;

- Ionad tacaíochta do mhic léinn ag a bhfuil riachtanais speisialta.

3.4. Comhoibriú geallsealbhóirí le gníomhaireachtaí náisiúnta

Ag teacht le dearcthaí na ngníomhaireachtaí náisiúnta, dúirt 80% de na geallsealbhóirí a d’fhreagair an suirbhé go raibh teagmháil déanta acu leis na gníomhaireachtaí náisiúnta. Freagra diúltach a thug an tromlach, áfach, ar an gceist faoi an bhfuair siad tacaíocht ón ngníomhaireacht náisiúnta chun Erasmus+ a chur chun cinn. Dúirt 5 cinn as 10 nach bhfuair, agus dúirt 4 cinn as 10 go bhfuair, agus bhí geallsealbhóir amháin ann nár thug freagra ar bith.

Maidir leis na geallsealbhóirí sin a fuair tacaíocht, is comhroinnt eolais agus saineolas is mó a fuair siad de ghnáth. Fuair dhá gheallsealbhóir cistiú/oiliúint. Níor luaigh ceachtar acu an rogha ‘foireann bhreise’. Ba é sin ceann de na lochtanna a luaigh na geallsealbhóirí i ranna eile den suirbhé, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí breathnú air sin mar dhóigh chun feabhsú a dhéanamh.

Cé go bhfuil fianaise shoiléir ann ar iarrachtaí for-rochtana, luadh sna moltaí atá i staidéar EPRS gur chóir ionstraim a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar a rathúla agus atá an spriocrochtain i gcás foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta agus foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu.

 

4. Torthaí: Cásanna rathúla, easnaimh agus constaicí a sainaithníodh;

4.1 Líon na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu nó ag a bhfuil riachtanais speisialta.

Mar atá luaite anseo thuas, ní heol cad é líon na rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu nó ag a bhfuil riachtanais speisialta, mar nach ndearnadh an líon sin a thaifeadadh. Mar thoradh air sin, nuair a cuireadh ceist orthu faoi shonraí sainiúla, chuir na gníomhaireachtaí náisiúnta a d’fhreagair an suirbhé a cuireadh amach i Feabhra 2022 in iúl gur garmheastacháin a bhí ina gcuid freagraí. Mar sin féin, is léir go n-athraíonn céatadán na rannpháirtithe ó thír go tír, ag dul ó 1% go dtí thart ar 40%.

Bhí éagsúlacht leathan sna freagraí a thug na geallsealbhóirí, ag dul ó 1200+ rannpháirtí ar moladh dóibh páirt a ghlacadh sa chlár agus 1300+ atá páirteach go díreach sa chlár trína n-eagraíocht síos go dtí go 50 ar tugadh moladh dóibh agus 35 atá páirteach. Is léiriú í an éagsúlacht mhór sin ar mhéid agus acmhainneacht na ngeallsealbhóirí, ach taispeánann sí freisin go raibh an clár in ann freastal chomh maith céanna ar líon beag rannpháirtithe agus ar líon mór rannpháirtithe.

Ó thaobh cásanna rathúla de, nuair a cuireadh ceist orthu faoina mhéid a bhí rannpháirtíocht in Erasmus+ ag cuidiú le foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu chun feabhas a chur ar a gcuid deiseanna foghlama, is freagra dearfa a thug na geallsealbhóirí go léir – ag dul ó fheabhas measartha go dtí feabhas an-mhór. Ag breathnú air seo in éineacht le líon na rannpháirtithe ó na heagraíochtaí geallsealbhóra, is féidir béim a chur arís eile ar an tionchar dearfach atá ag an gclár.

4.2. Gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme: cásanna rathúla agus easnaimh

I dtréimhse 2014-2020, d’fhorbair gníomhaireachtaí náisiúnta straitéisí chun feabhas a chur ar chuimsiú daoine ar lú na deiseanna atá acu. Bhí na gníomhaireachtaí náisiúnta dearfach ina ndearcadh ar a rathúla a bhí na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme. Ag breathnú ar an dearcadh sin, ach ag breathnú freisin ar shamplaí de ghníomhaíochtaí, is cruthúnas é go raibh gníomhaireachtaí náisiúnta tar éis gníomhaíochtaí a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme go rathúil i dtréimhse 2014-2020. Mar sin féin, tá acmhainní daonna agus airgeadais neamhleora luaite ag gníomhaireachtaí náisiúnta mar rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a rathúla is féidir gníomhaíochtaí a chur chun feidhme. Thug siad chun suntais freisin go bhfuil gá le comhoibriú níos fearr idir an Coimisiún agus gníomhaireachtaí náisiúnta chun feabhas a chur ar chuimsiú i ngach ceann de ghníomhaíochtaí Erasmus+, agus chun malartuithe leanúnacha a bhunú idir an Coimisiún, gníomhaireachtaí náisiúnta agus geallsealbhóirí ó réimsí ábhartha/saineolaithe a mhéid a bhaineann le cé chomh cuimsitheach atá an clár.

Is fiú a rá freisin nach é amháin go ndéanann gníomhaireachtaí náisiúnta straitéisí for-rochtana a fhorbairt ó thaobh daoine ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú i gclár Erasmus+, ach go mbíonn siad ag obair freisin i dtreo feabhas a chur ar líon na dtionscadal a bhaineann le cuimsiú a fhaigheann cistiú faoi Erasmus+. Go deimhin, faoi chlár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020, bhí comhchuid a bhain le cuimsiú i gceist le 11,045 thionscadal a fuair cistiú[2].

Rinneadh anailís i staidéar EPRS ar na tosca a d’fhéadfadh rannchuidiú go rathúil le féidearthachtaí foghlama a fheabhsú do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu. I measc na dtosca sin, bhí an méid seo a leanas: an timpeallacht máguaird, inniúlachtaí ó fhoghlaim roimhe sin a shainaithint, cóitseálaí a bheith ann chun treorú pearsanta a chur ar fáil i gcaitheamh an tionscadail, spriocanna foghlama féinaitheanta, agus an cumas inniúlachtaí sealbhaithe a aistriú go dtína gcomhthéacs féin ar a theacht abhaile dóibh.

4.3. Constaicí ar rannpháirtíocht foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta:

I staidéar EPRS, sainaithníodh roinnt bacainní a bhí ag stopadh foghlaimeoirí áirithe ar lú na deiseanna atá acu agus foghlaimeoirí áirithe ag a bhfuil riachtanais speisialta ó bheith rannpháirteach sa chlár. Ina measc sin, tá teanga agus bacainní airgeadais, síciatracha agus riaracháin; ach fadhb eile a bhí ann freisin ná gan cur amach a bheith ag daoine ar an gclár.

Tá bacainní riaracháin á lua arís agus arís eile ag na gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag na geallsealbhóirí, agus go sonrach tá siad ag tagairt do dheacrachtaí le huirlisí TF agus le linn an phróisis iarratais. Cruthaíonn siad sin ciseal eile d’ualaí i gcás daoine ar lú na deiseanna atá acu agus ar mhian leo páirt a ghlacadh sa chlár. Is féidir an chonstaic sin a threascairt trí na próisis agus na hardáin a shimpliú, nó trí rochtain éasca ar chóras tacaíochta do rannpháirtithe agus do chomhlachais a bhunú.

Cheap geallsealbhóirí gurbh é an t-easnamh ba mó a bhí ann ó thaobh níos mó foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu a mhealladh ná easpa foirne. Luaigh os cionn 80% díobh sin a d’fhreagair suirbhé 2022 é sin. Cheap siad freisin go raibh easpa cistithe agus an t-ualach riaracháin ina dtosca criticiúla. Tá gach ceann de na tosca sin nasctha le chéile agus caithfear iad a bhreithniú go cúramach.

5. Obair na n-oifigeach um chuimsiú

5.1. Ról, misean agus ualach oibre, bacainní

Tá oifigeach um chuimsiú, nó foireann a bhíonn ag plé le nithe a bhaineann le cuimsiú, ceaptha ag formhór na ngníomhaireachtaí náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl ag an ngníomhaireacht náisiúnta a mhéid a bhaineann le cuimsiú agus éagsúlacht.

Dá bhrí sin, bhí suirbhé 2022 a cuireadh chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta dírithe go príomha chuig oifigigh um chuimsiú, nó chuig daoine den fhoireann a bhí ag déileáil le ceist an chuimsithe. As na 26 fhreagróir, thug 22 le fios gur oifigeach um chuimsiú a bhí iontu. I measc na bhfreagróirí eile, bhí duine amháin ann a bhí ag feidhmiú mar chomhordaitheoir do ghníomhaíochtaí oiliúna agus comhair, duine amháin a bhí ag feidhmiú mar Shaineolaí um Shoghluaisteacht na hÓige, duine amháin a bhí ag feidhmiú mar cheannasaí foirne agus duine amháin a bhí ag feidhmiú mar oifigeach ad interim le haghaidh tosaíochtaí cothrománacha Eorpacha.

Bíonn cúraimí éagsúla á mbainistiú ag an oifigeach um chuimsiú, lena n-áirítear bearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun cinn laistigh de chlár Erasmus+, agus spriocghrúpaí a shainaithint. Nuair a fhiafraíodh díobh cad iad na sainchúraimí a ndéanann na hoifigigh um chuimsiú maoirseacht orthu, is iad na roghanna seo a leanas is minice a roghnaigh na gníomhaireachtaí náisiúnta:

- Feasacht ar chuimsiú a choimeád mar thosaíocht sa ghníomhaireacht náisiúnta;

- Seisiún oiliúna d’eagraithe;

- Sonraí a bhailiú don Choimisiún Eorpach;

- Líonrú le hoifigigh um chuimsiú ó ghníomhaireachtaí náisiúnta eile.

Bhí éagsúlacht le sonrú idir na tíortha rannpháirteacha ó thaobh líon na n-oifigeach um chuimsiú de, agus bhí sé sin ag dul ó náid go 5 le linn chlár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020. De réir na ngníomhaireachtaí náisiúnta, ní raibh dóthain oifigeach um chuimsiú ann don ualach oibre. Sa bhreis air sin, ba mhinic róil eile ag oifigigh um chuimsiú, mar shampla iad seo a leanas (cé go raibh róil eile i gceist freisin): oifigigh thionscadail, riarthóir cláir, faireachán ar an bhfoireann. Dúirt na gníomhaireachtaí náisiúnta freisin go raibh cúraimí a bhain le cuimsiú dáilte go minic i measc daoine éagsúla ar an bhfoireann bainistíochta.

Ba mhinic easpa ama chun gníomhaíochtaí a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme, bíodh sin mar gheall ar easpa foirne nó mar gheall ar líon na nósanna imeachta a bhí i gceist, luaite mar cheann de na saincheisteanna ba mhó. Go minic, bhí daoine den fhoireann a bhí ag obair ar ghnóthaí a bhain le cuimsiú agus éagsúlacht ag déileáil freisin le cúraimí eile a measadh a bheith níos práinní, rud a d’fhág gur beag ama a bhí fanta acu chun obair a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt. Mhol na gníomhaireachtaí náisiúnta gur cheart duine amháin ar a laghad a thiomnú go hiomlán don chúram bearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme.

5.2. Tacaíocht ón gCoimisiún agus ó SALTO

Chuir an t-ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht um an óige atá ag SALTO an deis ar fáil d’oifigigh um chuimsiú páirt a ghlacadh i seisiúin oiliúna, i seimineáir nó i ngrúpaí tacaíochta de chomhghleacaithe. De réir cosúlachta ba iad na grúpaí tacaíochta an cineál tacaíochta is mó ar a raibh an tóir air ag oifigigh um chuimsiú. Eagraíodh iad sin de ghnáth mar laethanta oibre de thacaíocht ó phiaraí dírithe ar shaincheist ar leith a bhain le cuimsiú, agus an aidhm ann machnamh a dhéanamh le chéile ar dhúshláin choiteanna agus teacht ansin ar réitigh choiteanna. Maidir leis na seisiúin oiliúna, d’fhéadfaidís a bheith sonrach do réimse amháin, amhail oiliúint le haghaidh gníomhaíochtaí for-rochtana, agus iad eagraithe chun gníomhaíochtaí a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme, chun tacú le ceannairí tionscadail nó chun straitéisí náisiúnta a fhorbairt.

Cuireadh oiliúint ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear ceardlanna, fóraim, comhdhálacha agus seimineáir.

Is é réimse na hóige amháin, áfach, a clúdaíodh san oiliúint, agus d’fhág sé sin teorainn ar an líon gníomhaireachtaí náisiúnta agus daoine den fhoireann le cúraimí um chuimsiú a bhí in ann páirt a ghlacadh inti.

6. Conclúid

Ar an iomlán, is féidir an cás seo a leanas a dhéanamh: cé gur díríodh tábhacht níos mó ar nithe a bhaineann le cuimsiú ar an iomlán i gclár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020, agus cé go ndeachthas i ngleic leo ar dhóigh níos cuimsithí agus níos spriocdhírithe ná mar a rinneadh i gcláir roimhe sin, bhí dúshláin agus easnaimh shuntasacha fós ann. Tá sé seo ag teacht leis an dearcadh gur gá foghlaim ó nithe a tháinig chun cinn roimhe seo le haghaidh bearta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cuimsiú, agus gur gá aird níos mó a thabhairt ar bhearta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cuimsiú sa ghlúin nua de chlár Erasmus+ do thréimhse 2021-2027, a bhfuil cur chun cinn an ‘chuimsithe’ sainaitheanta go soiléir mar cheann de phríomhchuspóirí an chláir i mbunús dlí na glúine sin den chlár.

 


 

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le cur chun feidhme beart cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020

(2021/2009(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 6, 10, 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013[4],

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 dar teideal ‘Measúnú lár‑théarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020)’ (COM(2018)0050),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 dar teideal ‘Féiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr – Rannchuidiú an Choimisiúin Eorpaigh do chruinniú na gCeannairí in Göteborg, an 17 Samhain 2017’ (COM(2017)0673),

 ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta[5],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas LADTIA 2020-2025’ (COM(2020)0698), atá ag tógáil ar na Conclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2016 maidir le comhionannas LADTIA,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025 (COM(20200565), a fhéachann le nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine, gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach[6] (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch),

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’[7],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0158/2022),

A. de bhrí gur cuid fhíorthábhachtach den fhoghlaim dhigiteach agus den fhoghlaim i bpearsa í an tsoghluaisteacht; de bhrí gur gné dhílis de bhunluachanna an Aontais é deiseanna comhionanna agus cuimsitheacha a chur ar fáil do chách, agus go gcaithfidh sé leanúint ar aghaidh mar sin, agus de bhrí go gcaithfidh daoine ó gach cúlra agus gach aicme den tsochaí a bheith in ann tairbhe iomlán agus chomhionann a bhaint as Erasmus+; ag tabhairt chun suntais nach é amháin go dtéann Erasmus+ chun tairbhe dá rannpháirtithe, ach go dtéann sé chun tairbhe freisin do phobail agus sochaithe iomlána agus go ndéanann sé Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 na Náisiún Aontaithe a chomhall; á thabhairt dá haire gur sochaithe atá níos daonlathaí, níos láidre agus níos comhtháite a leanann as sin, mar aon le sochaithe a bhfuil teacht aniar níos fearr iontu;

B. de bhrí go gcuirtear béim i Rialachán Erasmus+ 2014-2020 ar chuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus ar rannpháirtíocht daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta nó daoine ar lú na deiseanna atá acu, de réir mar a shainmhínítear é sin i ‘Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht Erasmus+’, lena gcuimsítear daoine a mbíonn orthu dul i ngleic le míchumais, le fadhbanna sláinte, le deacrachtaí oideachasúla, le difríochtaí cultúrtha, agus le constaicí eacnamaíocha, geografacha agus sóisialta; á chur i bhfios go láidir go dtéann clár Erasmus+ (2021-2027) lámh ar láimh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

C. de bhrí go raibh tionchar ollmhór ag paindéim COVID-19 ar an earnáil oideachais ina hiomláine, rud a chuir go mór leis na héagothromaíochtaí a bhí ann cheana féin ó thaobh oideachas a rochtain agus rud a tharraing aird ar an ngá atá ann bearta a bhaineann le cuimsiú a choimeád in Erasmus+ agus aon fheabhsúcháin is gá a dhéanamh;

D. de bhrí nach ndearnadh aon straitéis um chuimsiú, atá comhchuibhithe agus éigeantach, a leagan síos ar an leibhéal Eorpach do chlár Erasmus+ le haghaidh 2014-2020, agus gur easnamh é sin a chuir teorainn leis an tionchar a bhí ag bearta a bhaineann le cuimsiú laistigh den chlár;

E. de bhrí go gcuireann soghluaisteacht fhisiciúil ar chumas daoine iad féin a thumadh i gcultúir eile agus go dtugann sí an deis dóibh an t-idirghníomhú is fearr le cultúir eile a bhlaiseadh, agus de bhrí go gcuireann malartuithe fíorúla agus foghlaim fhíorúil go mór le soghluaisteacht fhisiciúil, ach fós nach bhfuil an cháilíocht chéanna ó thaobh éispéiris de ná ó thaobh sochar de le fáil acu as sin;

F. de bhrí gur chuir an phaindéim dlús leis an aistriú digiteach agus gur tharraing sé aird ar an tábhacht atá le dea-scileanna digiteacha a bheith ag daoine; á chur i bhfios go láidir gur féidir le Erasmus+ rannchuidiú go suntasach le huas-sciliú agus ath-sciliú digiteach;

G. de bhrí gur féidir le heispéaras na soghluaisteachta a éiríonn as Erasmus+ athrú as cuimse a thabhairt isteach i saol na rannpháirtithe, agus gur féidir leis an eispéaras sin tionchar dearfach a imirt ar a scileanna cumarsáide, ar a bhféinmhuinín, ar a suáilceas, ar a smaointeoireacht chriticiúil, ar a bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil, ar a n-infhostaitheacht, ar a ndea‑bhail agus ar a dtuiscint ar na tairbhí a bhaineann le hEoraip aontaithe trí dheiseanna foghlama cuimsitheacha a sholáthar ina ndéantar a saol a shaibhriú agus a ligeann dóibh blaiseadh den oidhreacht teanga agus chultúrtha san Eoraip a fháil le linn dóibh eolas a ghnóthú a seasfaidh dóibh ar feadh a saoil;

H. de bhrí go ndearna an measúnú mheántéarma ar chlár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún in 2018, béim a chur ar an ngá le teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine ar lú na deiseanna atá acu agus le heagraíochtaí beaga sna réigiúin go léir;

1. á thabhairt dá haire le sástacht go bhfuil dearcadh dearfach ar an iomlán ann faoin gcaoi a ndearnadh bearta a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt i gcaitheamh chlárthréimhse Erasmus+ 2014-2020;

2. á thabhairt chun suntais gur cheart do Erasmus+ tacú leis na pleananna idirnáisiúnaithe atá ag geallsealbhóirí agus ag rannpháirtithe an chláir atá ag rannchuidiú le deireadh a chur le bacainní fisiciúla, síceolaíocha, sóisialta, socheacnamaíocha, teanga agus digiteacha, mar aon le bacainní eile, ar shoghluaisteacht foghlama agus ar thionscadail Eorpacha, ar pleananna iad sin a thugann faisnéis shoiléir agus mhionsonraithe, mar aon le tacaíocht cháilíochtúil, do rannpháirtithe ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht nó ag a bhfuil riachtanais shonracha;

3. á chur i bhfáth go bhfuil gá fíor-riachtanach ann le haghaidh cistiú agus deontais sainoiriúnaithe, amhail réamh-mhaoiniú, deontais bhreise, íocaíochtaí roimh ré agus cnapshuimeanna, chun go méadófar a mhéid atá daoine ar lú na deiseanna atá acu nó daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste rannpháirteach sa chlár, mar go bhfuil bacainní airgeadais fós ar cheann de na constaicí is mó atá ar dhaoine ó thaobh páirt a ghlacadh in Erasmus+; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá rialacha solúbtha a chur i bhfeidhm chun suim airgeadais leordhóthanach a sholáthar a chlúdóidh a gcuid riachtanas, go háirithe a gcostais mhaireachtála;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar uirlisí maoinithe Erasmus+ agus sineirgí le cláir eile a bhunú;

5. á chur i bhfáth go bhfuil an méid airgid a íoctar amach trí dheontais soghluaisteachta fós neamhdhóthanach i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis sin a bheith ina chúis le heisiamh sóisialta do na mic léinn agus teaghlaigh sin nach bhfuil sé ar a n-acmhainn costais na soghluaisteachta a sheasamh; á iarraidh go mbeadh méadú i mbuiséad 2023 chun go bhféadfar bearta a bhaineann le cuimsiú in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán;

6. ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbíonn na huirlisí digiteacha atá cheana ann ag obair go cuí agus go hiomlán, agus ag tathant freisin air dul i ngleic gan mhoill leis na saincheisteanna tromchúiseacha atá fós ann a bhaineann le huirlisí TF Erasmus+, a bhfuil siad sin ag cur bac suntasach ar a mhéid a bhíonn eagraíochtaí beaga, daoine ar lú na deiseanna atá acu, rannpháirtithe scothaosta agus daoine den fhoireann a chuidíonn le páipéarachas riaracháin ag glacadh páirt sa chlár, ach freisin go bhfuil siad ag cur bac ar an uile chineál tairbhí a bheith páirteach ann; á iarraidh ar an gCoimisiún an próiseas a ghabhann le huirlisí TF a thugtar isteach as an nua a dhéanamh níos éasca agus inrochtana do na grúpaí go léir, agus iad a thástáil ar scála sách mór sula gcuirtear chun feidhme iad;

7. á thabhairt dá haire go stopann na bacainní riaracháin go leor foghlaimeoirí féideartha ó pháirt a ghlacadh sa chlár; ag tathant ar an gCoimisiún an maorlathas a laghdú agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar chistiú a shimpliú d’fhonn sruthlíniú a dhéanamh ar an bpróiseas, agus an próiseas sin a dhéanamh níos éasca le tuiscint agus níos inrochtana; á chur i bhfios go láidir gur bacainn ar rochtain do chách atá san ualach riaracháin agus gur mó a dhéanann sé sin difear do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu nó do dhaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh na nósanna imeachta chun cur isteach ar Erasmus ar fáil i ngach ceann de na teangacha Eorpacha;

8. ag moladh an róil atá ag múinteoirí, oibrithe óige agus sóisialta, eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, cumainn agus an fhoireann oideachais mar threallús d’institiúidí rannpháirteacha ó thaobh feasacht ar an gclár a mhúscailt, trí fhoghlaimeoirí a bheidh ann amach anseo a chur ar an eolas, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus trí dhaoine ar lú na deiseanna atá acu a shainaithint; á thabhairt dá haire nach mbeadh formhór na rannpháirtithe, go háirithe daoine ar lú na deiseanna atá acu, in ann páirt a ghlacadh in Erasmus+ dá n-uireasa; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta meas a bheith acu ar an obair a dhéanann siad sin, a dhéantar ar bhonn deonach go minic, agus aitheantas a thabhairt don obair sin, agus tacú leo trína soghluaisteacht féin a éascú agus maoiniú agus tacaíocht leormhaith a chur ar fáil dóibh nuair a bhíonn siad i dtionlacan rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus nuair a bhíonn oiliúint shainiúil atá oiriúnaithe dá riachtanais á tairiscint acu do na rannpháirtithe sin; ag tabhairt dá haire an tábhacht atá le nuashonrú a dhéanamh ar uirlisí éagsúla a úsáideann siad chun rannpháirtithe féideartha a shainaithint agus an tábhacht atá le heispéaras Erasmus+ a shainoiriúnú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag gach rannpháirtí aonair;

9. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oiliúint agus tacaíocht iomchuí a thabhairt do theagascóirí faoin gcaoi le déileáil go héifeachtach le dúshláin agus deiseanna, agus faoin gcaoi le dea-chleachtais phraiticiúla a mhalartú le chéile;

10. ag tathant ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta níos mó seimineár oideachais a éascú d’fhoireann Erasmus+ ó thaobh tionscadail a chur i gcrích, modhanna a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt agus breathnú isteach i mbealaí nua chun rochtain a fháil ar thairbhithe an chláir amach anseo;

11. á chur i bhfáth go gcaithfidh an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí náisiúnta tacaíocht níos fearr a sholáthar d’eagraíochtaí pobail i ngach limistéar, lena n-áirítear eagraíochtaí faoi threoir an phobail agus eagraíochtaí beaga, go háirithe sna réigiúin i forimeallaí, in oileáin agus i limistéir iargúlta, sléibhtiúla, tuaithe agus ísealrochtana, agus chun a áirithiú go ndéantar acmhainní agus tionscadail a leithdháileadh go cothrom i ngach Ballstát;

12. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht leormhaith airgeadais agus ábhair a sholáthar don fhoireann, sa bhreis ar bhreisoiliúint agus saineolas breise, ionas gur féidir leo a bheith gníomhach le rannpháirtithe, lena dteaghlaigh agus le tairbhithe agus gur féidir leo feabhas a chur ar rochtain agus borradh a chur faoi rath agus tionchar na dtionscadal, agus fós a áirithiú go dtarlaíonn an tsoghluaisteacht agus na tionscadail ar bhonn rianúil; á thabhairt dá haire gur féidir leis na gníomhaireachtaí náisiúnta sna Ballstáit cúnamh suntasach a thabhairt trí riachtanais eagraíochtaí agus institiúidí ar an gceist seo a shainaithint agus tríd an tacaíocht is gá a sholáthar;

13. ag tabhairt dá haire go bhfuil éifeacht dhearfach ag soghluaisteacht ghearrthéarmach ar leanaí scoile ó thaobh bacainní meabhracha agus síceasóisialta a chur díobh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta tionscadail soghluaisteachta atá dírithe ar leanaí agus ar dhéagóirí a chothú;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise spriocdhírithe a eagrú, ar mhodh ar líne chomh maith lena dhéanamh ar mhodh den líne, chun feasacht agus for-rochtain i measc na saoránach maidir le tairbhí Erasmus+ a mhéadú trí chomhar leis na meáin agus leis na meáin shóisialta i saoráidí foghlama poiblí amhail leabharlanna, scoileanna agus ollscoileanna;

15. á iarraidh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta go léir daoine a cheapadh le bheith ina n-oifigigh um chuimsiú agus éagsúlacht, agus iad a bheith tiomnaithe go hiomlán don ról sin, chun teagmháil a dhéanamh go díreach le foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta agus/nó foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh, ina leith seo, ar na heagraíochtaí sin a roghnaíodh chun gníomhaíochtaí Erasmus+ a chur chun feidhme daoine teagmhála a ainmniú a bheidh tiomnaithe go hiomlán don ról teagmháil a choinneáil le daoine ar lú na deiseanna atá acu, agus ag meabhrú go gcaithfidh faisnéis i dtaobh seirbhísí tacaíochta do dhaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta a bheith soiléir, cothrom le dáta, iomlán agus éasca le rochtain;

16. á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na treoirlínte do bheartais náisiúnta a chumasóidh rannpháirtíocht fheabhsaithe foghlaimeoirí a chaitheann dul i ngleic le fadhbanna sláinte, le difríochtaí cultúrtha agus le bacainní eacnamaíocha, geografacha agus sóisialta, agus á iarraidh freisin air cur chun feidhme na mbeartas náisiúnta sin a ghrinnscrúdú agus tuairisciú orthu;

17. ag tacú le gach uile thionscnaimh AE atá dírithe ar shoghluaisteacht mac léinn a éascú, amhail aip mhóibíleach Erasmus+, ‘Erasmus gan pháipéar’ agus an Cárta Mic Léinn Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún a fhiosrú an féidir Erasmus+ a nascadh níos dlúithe le cláir eile agus comhar treas-earnálach, lena n-áirítear Interrail, a chothú ionas go bhféadfar níos mó cuimsitheachta agus comhionannais a chothú ar mhaithe le feabhas a chur ar rochtain ar roghanna soghluaisteachta atá níos fearr agus níos glaise, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh DiscoverEU a dhéanamh níos cuimsithí, rud a ligfeadh do níos mó daoine páirt a ghlacadh ann;

18. á chur i bhfáth gur cheart fócas speisialta a bheith ar inniúlachtaí teanga, go háirithe do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tacaíocht spriocdhírithe agus grúpshonrach ann d’foghlaim teanga mar ullmhúchán don tsoghluaisteacht agus á áitiú nár cheart go mbeadh an tacaíocht sin teoranta do chúrsaí ar líne;

19. ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag an ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO (Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna) ó thaobh bearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme don snáithe ‘An Óige’ faoi Erasmus+, agus á thabhairt dá haire nach mór súil ghéar a choinneáil ar an gcaoi a ndéantar straitéisí um chuimsiú a leathnú amach go dtí an snáithe ‘Oideachas & Oiliúint’ sa chlárthréimhse reatha, mar go bhfuil difríocht idir na spriocghrúpaí; á chur bhfáth gur gá do ghníomhaireachtaí náisiúnta oibriú níos dlúithe le gníomhaireachtaí fostaíochta agus le geallsealbhóirí eile i réimse an oideachais aosaigh ionas go n-éascófar an próiseas chun foghlaimeoirí i réimse an oideachais aosaigh a chuimsiú i gclár Erasmus+ do thréimhse 2021-2027;

20. á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí iontaofa atá ann – idir shonraí chainníochtúla agus sonraí cáilíochtúla – maidir le rannpháirtíocht daoine ar lú na deiseanna atá acu i gclár Erasmus+, amhail sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun a shainaithint cad iad grúpaí ar cheart bearta a bhaineann le cuimsiú a spriocdhíriú orthu; á chur i bhfios go láidir gur gá scéimeanna meastóireachta a fhorbairt chun staitisticí soiléire a tháirgeadh agus gur gá measúnú iomchuí a dhéanamh ar fhadhbanna eile chun uirlis bhainistíochta agus stiúrtha a chruthú do bhearta a bhaineann le cuimsiú, ag úsáid modhanna a léiríonn urraim iomlán do rialacháin cosanta príobháideachais agus sonraí agus nach gcuireann ualaí riaracháin míchuí ar eagraíochtaí agus ar rannpháirtithe; ag athdhearbhú go bhfuil gá le forbairt acmhainneachta níos mó do dhaoine den fhoireann i ndáil le táscairí agus córais faireacháin don chuimsiú;

21. ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí taighde agus staidéir uile-Eorpacha maidir le cuimsiú a mhaoiniú sa chlárthréimhse reatha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag geallsealbhóirí ó thaobh a bheith páirteach le heagraíochtaí agus le daoine ar lú na deiseanna atá acu; á chur in iúl go láidir go bhfuil tábhacht le taifid agus staitisticí a choimeád a d’fhéadfadh fónamh mar bhonn do chomhairliúcháin ar chláir amach anseo;

22. á iarraidh go gcuirfí riachtanais shainiúla daoine faoi mhíchumas san áireamh chun a rannpháirtíocht sa chlár a éascú trí shoghluaisteacht hibrideach a thairiscint dóibh trí bhíthin ullmhúchán a dhéanamh don tréimhse shoghluaisteachta, tríd an deis a thabhairt dóibh duine a bheith in éineacht leo, agus trí chóiríocht oiriúnach agus inrochtana mar aon le seirbhísí tacaíochta speisialta a sholáthar dóibh bunaithe ar a gcuid riachtanas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le haiseolas a bhailiú uathu tar éis na tréimhse soghluaisteachta chun rannpháirtíocht tairbhithe sa todhchaí a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht, treoraíocht agus uirlisí sonracha a ligeann do dhaoine faoi mhíchumas clárú do chlár Erasmus+ agus páirt a ghlacadh ann; á mheabhrú gur cheart go mbeadh rochtain ar chistí agus deontais ag daoine tionlacain ionas go bhféadfaidh siadsan páirt a ghlacadh sa chlár soghluaisteachta;

23. á chur i bhfáth cé chomh tábhachtach atá clár Erasmus+ ó thaobh luachanna na caoinfhulaingthe agus na hilghnéitheachta a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí a bhunú idir plean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais agus Erasmus+ chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha agus chun an ciníochas a chomhrac is cuma cén chaoi a dtagann sé chun cinn;

24. á chur in iúl gur díol sásaimh di an fhorbairt atá déanta ar thionscadail Erasmus+ atá ag baint le agus ag díriú isteach ar fheabhas a chur ar chomhionannas inscne agus mná a chuimsiú i ngach earnáil den oideachas, go háirithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM), agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint d’infheictheacht a thabhairt don chomhionannas inscne ina gcuid beartas agus gníomhaíochtaí;

25. á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscadail a dhéanann éagsúlacht ghnéasach a chur chun cinn, agus feasacht air sin a mhúscailt, agus a spreagann meas ar dhaoine LADTIA+, agus á iarraidh ar an gCoimisiún fíornaisc a chruthú idir Straitéis Chomhionannais LADTIA an Aontais agus clár Erasmus+;

26. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le réitigh spriocdhírithe mar aon le cur chuige bunaithe ar riachtanais i leith deiseanna soghluaisteachta a bhaineann leis an bhfoghlaim do daoine ó ghrúpaí imeallaithe chun a rannpháirtíocht sa chlár a fheabhsú agus chun a áirithiú go bhfaigheann siad tacaíocht leormhaith, á mheabhrú go bhfuil bacainní airgeadais agus institiúideacha fós ar cheann de na constaicí is mó dá rannpháirtíocht;

27. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le Erasmus+ inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe trí uirlisí ar líne atá oiriúnaithe agus saor ó bhac a bheith ar fáil i ngach teanga Eorpach; á mheabhrú gur cheart go mbeadh próisis phleanála agus meastóireachta saor ó bhac; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bunaíodh ‘Laethanta Erasmus’ agus á chur i bhfáth cé chomh tábhachtach atá ról iar-rannpháirtithe Erasmus+ agus líonraí d’iar-mhic léinn chun an clár a chur chun cinn go forleitheadach agus a bheith ag fónamh mar ionad ilfhreastail do gach duine a bheidh ina bhfoghlaimeoirí amach anseo;

28. á iarraidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid beartas reatha, agus cláir agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a ghlacadh le haghaidh foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta, ó gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra, chun rannpháirtíocht in Erasmus+ a mhéadú, go háirithe ó thaobh na soghluaisteachta de, agus chun malartú ar dhea-chleachtais phraiticiúla a chothú; á thabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag eagraíochtaí deonacha in éascú an phróisis sin;

29. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar dearfach chlár Erasmus+ i dtríú tíortha ina thoisc do phróiseas lánpháirtithe na hEorpa agus do neartú infheictheacht an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhpháirtíochtaí níos fearr agus cuimsitheacht mhéadaithe i dtionscadail Erasmus+ i dtíortha comhlachaithe agus i dtíortha incháilithe eile, go sonrach sna Balcáin Thiar agus i gComharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt; á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúchán idirnáisiúnta a éascú – go digiteach agus freisin i bpearsa – idir gníomhaireachtaí náisiúnta sna Ballstáit agus i dtíortha rannpháirteacha d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú; á thabhairt dá haire go neartóidh sé seo tuilleadh an comhar eatarthu agus go ligfidh sé dóibh réitigh nua, smaointe agus ceachtanna atá foghlamtha go praiticiúil a chur chun feidhme, rud a mhéadóidh an líon rannpháirtithe i gclár Erasmus+;

30. á chur i bhfáth go bhfuil gá le níos mó solúbthachta i leith chlár Erasmus+ i gcás géarchéime, mar a chonacthas ó thús an chogaidh san Úcráin; á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta atá fógartha ag an gCoimisiún a ligeann do mhic léinn agus do dhaoine den fhoireann oideachais ón Úcráin a bhfuil tionchar imeartha ag an gcogadh orthu leanúint dá n-oideachas agus dá ngníomhaíochtaí gairmiúla san Úcráin agus in aon cheann de na Ballstáit; á iarraidh go dtabharfaí níos mó cúnaimh do mhic léinn na hÚcráine agus go ndéanfaí tacaíocht bhreise a sholáthar chun institiúidí ardoideachais agus pobal acadúil na hÚcráine a chothú;

31. á chur in iúl gur oth léi cinneadh Rialtas na Ríochta Aontaithe gan páirt a ghlacadh in Erasmus+ don chlárthréimhse reatha tar éis di imeacht as an Aontas Eorpach, arb ionann é sin agus caillteannas deiseanna do dhaoine óga san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe araon;

32. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht a chothú do mhic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó gach cúlra, agus á thabhairt dá haire le sástacht gur cruthaíodh níos mó deiseanna dá soghluaisteacht ar bhonn fhadtéarmach le linn chlárthréimhse 2014-2020;

33. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid a bhaint as Bliain Eorpach na hÓige agus as imeachtaí gaolmhara chun na deiseanna a éiríonn as clár Erasmus+ a chur chun cinn go héifeachtach, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus do dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, d’fhonn a áirithiú go bhfuil tionchar éifeachtach ag Bliain Eorpach na hÓige, go háirithe maidir le dálaí maireachtála, deiseanna oideachais agus rannpháirtíocht dhaonlathach daoine óga; á chur in iúl gur oth léi nach leor an buiséad atá leithdháilte ar Bhliain Eorpach na hÓige chun riachtanais an tionscnaimh a shásamh;

34. á mheabhrú go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint lena áirithiú go dtugtar aitheantas go huathoibríoch do cháilíochtaí agus do thréimhsí foghlama i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais mar uirlis chomhlántach chun éifeacht iomlán a thabhairt do bhearta a bhaineann le cuimsiú laistigh de Erasmus+ agus den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

35. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac an Coimisiún le déanaí creat de bhearta le haghaidh thréimhse 2021-2027 atá dírithe ar éagsúlacht agus cuimsiú a mhéadú i gclár Erasmus+ agus i gclár an Chóir Eorpaigh Dlúthpháirtíochta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dlúth a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta an chreata sin sa todhchaí agus á iarraidh freisin air an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas ar bhonn bliantúil; á chur i bhfios go láidir gur féidir le cur chun feidhme iomlán an chreata tiomnaithe de bhearta a bhaineann le cuimsiú fónamh mar thaithí úsáideach agus mar thagairt úsáideach do chláir eile de chuid an Aontais a bhfuil tionchar díreach acu ar shaol na saoránach, amhail Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

36. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA (8.2.2022)

chuig an gCoiste um Chultúr agus um Oideachas

maidir le cur chun feidhme beart cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020

(2021/2009(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Jordi Cañas

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Achainíocha ar an gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh cuimsiú, éagsúlacht, comhionannas deiseanna agus inrochtaineacht i gcroílár chur chun feidhme Erasmus+, ar ceann de na cláir is rathúla de chuid AE é; á thabhairt chun suntais gur gné dhílis de bhunluachanna an Aontais é deiseanna comhionanna a chur ar fáil do chách agus nach mór go leanfadh comhionannas deiseanna de bheith mar dhlúthchuid de na bunluachanna sin; á thabhairt chun suntais an gá atá ann sainmhíniú agus léirmhíniú ‘ar fhoghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó a bhfuil níos lú deiseanna acu’[8] a shonrú agus a leathnú tuilleadh ar fud na mBallstát chun daoine scothaosta a chur san áireamh, i measc daoine eile; á chur i bhfáth na deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar shonraí iontaofa maidir le próifílí thairbhithe an chláir agus le faireachán a dhéanamh orthu; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart ionstraim a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar cibé an gcumhdaítear rannpháirtithe ó ghrúpaí leochaileacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste leis an gclár, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár[9];

2. á chur i bhfios go n-ardaítear le roinnt achainíocha a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte an tsaincheist maidir leis na bacainní riaracháin a bhíonn roimh mhic léinn Erasmus+ nuair a thagann siad chuig a dtíortha óstacha[10]; á thabhairt chun suntais gur cheart Erasmus+ tacú le pleananna idirnáisiúnaithe geallsealbhóirí agus rannpháirtithe an chláir lena ndéantar bacainní fisiceacha, síceolaíocha, sóisialta, socheacnamaíocha, teanga agus bacainní de chineálacha eile ar shoghluaisteacht foghlama a bhaint agus lena gcuirtear tacaíocht cháilíochtúil atá soiléir agus mionsonraithe ar fáil, lena n-áirítear meantóireacht fheabhsaithe, do rannpháirtithe ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus/nó a bhfuil riachtanais shonracha acu roimh agus le linn tréimhse thar lear agus ina diaidh; ag tacú le tionscnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar shoghluaisteacht mac léinn a éascú, amhail aip mhóibíleach Erasmus +, ‘Erasmus gan pháipéar’ agus an Cárta Mac Léinn Eorpach, lena ndéantar bainistiú na bpróiseas riaracháin níos solúbtha agus lena gcuirtear ar chumas gach mac léinn tairbhe a bhaint as na seirbhísí céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról iar-rannpháirtithe Erasmus+ agus líonraí alumni chun an clár a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne;

3. ag tarraingt aird ar an easpa acmhainní agus an easpa foirne i ngníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus ar na hiarrachtaí neamhleordhóthanacha chun bacainní riaracháin ar shoghluaiseacht a bhaint faoi chlár 2014-2020; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh tionscadail chomh cuimsitheach agus is féidir agus go bhfuil a oiread éagsúlachta agus is féidir iontu; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart d’údaráis náisiúnta feachtais faisnéise spriocdhírithe a eagrú agus oifigeach cuimsithe agus éagsúlachta a cheapadh chun teagmháil a dhéanamh le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó deiseanna níos lú acu d’fhonn an rochtain atá acu ar fhaisnéis a mhéadú agus chun iad a chur ar an eolas níos mó faoi na deiseanna atá ann agus conas rochtain a fháil orthu, chomh maith le comhairle a chur ar fáil do na foghlaimeoirí seo maidir leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu le linn a gclár Erasmus+, amhail aisíocaíochtaí moillithe[11] nó aon chonstaicí arbh iad gnéithe seachtracha nó gnéithe nach rabhthas ag súil leo amhail géarchéim COVID-19 ina gcúis leo[12]; á chur i bhfáth go bhfuil cur chuige tacúil maidir le tairbhithe a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó níos lú deiseanna acu ríthábhachtach chun deireadh a chur le bacainní lena gcuirtear cosc orthu a bheith rannpháirteach go hiomlán sa chlár;

4. á chreidiúint gur cheart do Erasmus+ geallsealbhóirí a spreagadh chun a gcuid saineolais a roinnt ar leibhéal institiúideach, foghlaim óna chéile agus nascadh lena chéile, acmhainneacht riaracháin a fhorbairt agus uirlisí nuálacha oideachais a chruthú a chothaíonn éagsúlacht agus lánpháirtiú rannpháirtithe a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó níos lú deiseanna; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, iarrachtaí sonracha chun tacú le comhar idir geallsealbhóirí éagsúla agus chun beartais chuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena bhféachtar le daoine a raibh níos lú deiseanna acu mar thoradh ar thosca eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, sláinte, míchumais nó geografacha a chomhtháthú; á chur i bhfáth ról tiomána na múinteoirí agus na n-institiúidí maidir le feasacht ar an gclár a ardú agus maidir le foghlaimeoirí amach anseo a chur ar an eolas agus tacú leo;

5. á chur in iúl gurb oth léi go raibh roinnt éifeachtaí diúltacha ag paindéim COVID-19[13] ar an oideachas agus ar chur chun feidhme chlár Erasmus+; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil sé riachtanach fós, in ainneoin mheastóireacht chlár 2014-2020 a bheith níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí agus i gcomhréir leis na riachtanais atá ag teacht chun cinn, an clár reatha a dhéanamh níos cuimsithí agus go mbeadh an cumas ann teagmháil a dhéanamh le daoine atá níos leochailí agus faoi mhíbhuntáiste agus rannpháirtíocht eagraíochtaí níos lú a éascú tuilleadh; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre maidir le clár Erasmus+ a dhéanamh níos cuimsithí ina chur chun feidhme geografach agus tacaíocht airgeadais spriocdhírithe;

6. á chreidiúint go bhféadfadh riosca an stiogmataithe i dtír chónaithe na rannpháirtithe iad a dhíspreagadh ó iad féin a fhéinaithint mar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar a saorghluaiseacht, ar bhailiú sonraí iontaofa ag na húdaráis agus ar fhaireachán ar a rannpháirtíocht in Erasmus+[14]; á iarraidh go ndéanfar stádas míchumais a aithint ar fud an Aontais agus á mholadh d’institiúidí óstacha an chóiríocht réasúnta agus na saoráidí céanna agus atá ag institiúidí baile a ráthú do rannpháirtithe Erasmus+; á mheas nach mór riachtanais shonracha na ndaoine atá faoi mhíchumas a chur san áireamh d’fhonn a rannpháirtíocht sa chlár a éascú trí chóiríocht oiriúnach agus inrochtana agus sainseirbhísí tacaíochta a chur ar fáil dóibh bunaithe ar a riachtanais roimh imeacht dóibh agus le linn a dtréimhse thar lear;

7. á mheabhrú do na Ballstáit gur ann do phrionsabail phróiseas Bologna agus do na prionsabail agus na treoirlínte chun gné shóisialta an ardoideachais i Limistéar Eorpach an Ardoideachais a neartú, lena n-iarrtar ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta agus pleananna a dhréachtú chun feabhas a chur ar chuimsiú;

8. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh cur chuige comhtháite comhleanúnach ann maidir le cuimsiú laistigh de chláir éagsúla an Aontais don óige agus don oideachas, lena n-áirítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, agus tá sí ag tnúth leis an gcur chuige sin; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige agus á mheas gur deis é an togra chun an cur chuige comhtháite sin a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú go géar ar an bhféidearthacht maidir le clár Erasmus+ agus an clár Interrail a chomhcheangal[15], agus ar an gcaoi sin tacú le mic léinn, go háirithe san ardoideachas, d’fhonn níos mó comhionannais agus cuimsithe a chothú, agus ioncam reatha na dtairbhithe á chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún naisc a fhorbairt idir clár Erasmus+ agus beartais ábhartha idirnáisiúnta a bhaineann le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó níos lú deiseanna acu; á thabhairt chun suntais gur féidir teacht ar ailíniú a d’fhéadfadh a bheith ann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le tosaíochtaí agus beartais UNESCO;

9. á chur i bhfáth gur cheart an ceapadh beartais náisiúnta maidir le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó níos lú deiseanna acu a spreagadh tuilleadh; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le tionscadail Erasmus+ chun rannpháirtithe faoi mhíchumas agus foghlaimeoirí ó ghrúpaí leochaileacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste a mhealladh chuig a dtíortha; á iarraidh ar na Ballstáit tionscadail soghluaisteachta aonair agus taithí daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a thaispeáint;

10. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur lena n-iarrachtaí trí Erasmus+ chun tacú le rochtain na mban ar an matamaitic, faisnéis, eolaíochtaí nádúrtha agus teicneolaíocht agus dul chun cinn na mban sna hábhair sin;

11. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh ‘Laethanta Erasmus’, lena bhféadfar cumarsáid níos fearr a dhéanamh le pobal níos leithne, daoine atá ag fágáil don cheann scríbe céanna a nascadh le chéile, taithí a roinnt go neamhfhoirmiúil agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar thairbhí na soghluaisteachta; á chreidiúint, d’fhonn an clár a dhéanamh níos cuimsithí, gur gá faisnéis iomchuí agus inrochtana a chur ar fáil, agus úsáid a bhaint as raon leathan modhanna cumarsáide, amhail líonraí sóisialta nó imeachtaí áitiúla, i gcomhpháirtíocht le struchtúir áitiúla agus eagraíochtaí speisialaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar an bhfaisnéis ábhartha uile maidir le Erasmus+; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar infheictheacht rannpháirtithe a bhfuil riachtanais speisialta acu agus/nó níos lú deiseanna acu chun éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an easpa eolais ar chlár Erasmus+ i gceart, le bacainní faisnéise, le constaicí ar an bpróiseas iarratais, le fadhbanna cóiríochta, le seirbhísí tacaíochta leordhóthanacha thar lear agus leis na dúshláin a bhaineann le hinaistritheacht deontas a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas agus a gcúramóirí, chomh maith le rannpháirtithe eile ó ghrúpaí leochaileacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chinntiú cibé an bhfuiltear ag dul chomh fada le foghlaimeoirí ó na grúpaí seo;

13. á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur ghlac an Coimisiún le déanaí creat beart 2021-2027 lena ndírítear ar an éagsúlacht agus ar an gcuimsiú a mhéadú i gclár Erasmus+ agus i gclár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh reatha; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata sin amach anseo ar an leibhéal náisiúnta;


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

27.1.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

28

5

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Margrete Auken, Alexander Bernhuber, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Tamás Deutsch, Francesca Donato, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Malte Gallée, Gianna Gancia, Alexis Georgoulis, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Emil Radev, Sira Rego, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio, Yana Toom, Loránt Vincze, Michal Wiezik, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Demetris Papadakis, Ramona Strugariu, Marie-Pierre Vedrenne

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

28

+

NI

Francesca Donato

EPP

Alexander Bernhuber, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Dolors Montserrat, Emil Radev, Loránt Vincze

Renew

Ulrike Müller, Ramona Strugariu, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne, Michal Wiezik

S&D

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Cristina Maestre Martín De Almagro, Demetris Papadakis, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio

An Chlé

Alexis Georgoulis, Sira Rego

Na Glasaigh/SCE

Margrete Auken, Eleonora Evi, Malte Gallée, Tatjana Ždanoka

 

5

-

ECR

Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski

ID

Markus Buchheit, Gianna Gancia

 

1

0

NI

Tamás Deutsch

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh



 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

17.5.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

2

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Christine Anderson, Andrea Bocskor, Ilana Cicurel, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Alexis Georgoulis, Catherine Griset, Sylvie Guillaume, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Peter Pollák, Diana Riba i Giner, Marcos Ros Sempere, Monica Semedo, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Maria Walsh, Theodoros Zagorakis, Milan Zver

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Elżbieta Kruk, Domènec Ruiz Devesa, Viola Von Cramon-Taubadel

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

 

26

+

ECR

Dace Melbārde

ID

Gianantonio Da Re

NI

Andrea Bocskor

EPP

Asim Ademov, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Maria Walsh, Theodoros Zagorakis, Milan Zver

Renew

Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva, Monica Semedo

S&D

Sylvie Guillaume, Hannes Heide, Petra Kammerevert, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Massimiliano Smeriglio

An Chlé

Alexis Georgoulis, Niyazi Kizilyürek

Na Glasaigh/SCE

Diana Riba i Giner, Viola Von Cramon-Taubadel

 

2

-

ECR

Elżbieta Kruk, Andrey Slabakov

 

2

0

ID

Christine Anderson, Catherine Griset

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

An nuashonrú is déanaí: 9 Meitheamh 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais