Tuarascáil - A9-0160/2022Tuarascáil
A9-0160/2022

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

23.5.2022 - (COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD)) - ***I

An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir don tuairim: Mohammed Chahim
Rapóirtéirí don tuairim (*):
Fernandes José Manuel, Hayer Valérie, an Coiste um Buiséid Kloc Izabela-Helena, an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


Nós Imeachta : 2021/0214(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0564),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0328/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021[1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 28 Aibreán 2022[2],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0160/2022),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip31, straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’32 go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

(1) Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip31, straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050 ar a dhéanaí, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú32 go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

__________________

__________________

31 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final).

31 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final).

32 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021) 400).

32 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021) 400).

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Tháinig Comhaontú Pháras33 , a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. Tá aontaithe ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras, in Airteagal 2 den Chomhaontú, an méadú ar an mheánteocht dhomhanda a choimeád roinnt mhaith níos ísle ná 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(2) Tháinig Comhaontú Pháras33, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. Tá aontaithe ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras, in Airteagal 2 den Chomhaontú, an méadú ar an mheánteocht dhomhanda a choimeád roinnt mhaith níos ísle ná 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Faoi Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú, a glacadh an 13 Samhain 2021, d’aithin na Páirtithe freisin go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gur gheall siad spriocanna 2030 a neartú faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh.

__________________

__________________

33 IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

33 IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 cumhdaítear sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear freisin leis an Rialachán seo gealltanas atá ceangailteach ar an Aontas astaíochtaí GCT a laghdú 55 faoin gcéad ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(5) Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 cumhdaítear sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí. Bunaítear freisin leis an Rialachán seo gealltanas atá ceangailteach ar an Aontas astaíochtaí GCT a laghdú 55 faoin gcéad ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

__________________

__________________

35 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

35 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin36, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1.5°C.

(6) Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin36, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Dearbhaítear sa tuarascáil sin go mbeidh tionchair dhiúltacha an athraithe aeráide agus an gá atá le bearta oiriúnaithe i bhfad níos airde má tá an méadú ar an meánteocht dhomhanda os cionn 1,5 °C, agus go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú.

__________________

__________________

36 an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, 2018: Téamh Domhanda 1.5°C. Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].

36 an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, 2018: Téamh Domhanda 1.5°C. Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Baineann thart ar 27 % de na hastaíochtaí CO2 domhanda ó dhóchán breosla faoi láthair le hearraí arna dtrádáil go hidirnáisiúnta agus, cé gur laghdaigh an tAontas a chuid astaíochtaí intíre GCT go suntasach, tá na hastaíochtaí GCT atá leabaithe in allmhairí isteach san Aontas ag dul i méid i gcónaí, rud a bhaineann an bonn ó iarrachtaí an Aontais a lorg domhanda GCT a laghdú. Tá freagracht ar an Aontas leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú domhanda ar son na haeráide, i gcomhar le geilleagair uile eile an domhain, ós rud é nach féidir leis na páirtithe uile na cuspóirí a leagtar amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíochtaí de chuid na bpáirtithe uile.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Fad agus atá éagsúlacht cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais agus éagsúlacht dá réir sin maidir leis an leibhéal uaillmhéine aeráide a bhíonn mar thoradh ar a gcur chuige, tá riosca sceite carbóin ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(8) Fad agus a bhaineann líon mór chomhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais an leibhéal céanna uaillmhéine aeráide amach, agus de réir mar a mhéadaíonn an tAontas a uaillmhian aeráide, d’fhéadfadh riosca sceite carbóin a bheith ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, agus, ag an am céanna, d’fhéadfaí an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht bheartais laghdaithe astaíochtaí an Aontais, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) tá sé ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

(9) An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) tá sé ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí chosc a chur leis an sceiteadh carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais. Féadfaidh sé rannchuidiú freisin le cothrom iomaíochta a bhunú i gcomhair costas dícharbónaithe, leis an éileamh ar tháirgí agus ar phróisis ísealcharbóin a mhéadú, agus le saobhadh iomaíochta a sheachaint agus trádáil chóir a chur chun cinn.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Is ionstraim beartais é leithdháileadh saor in aisce ar leibhéal na dtíortha is fearr d’earnálacha tionsclaíocha áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin in éagmais cothroime iomaíochta. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE agus le cúiteamh ar chostais astaíochtaí indíreacha, lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh nó an cúiteamh, i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, déantar na dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí a laghdú leo.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a) Tá ar shuiteálacha faoi CTA AE aghaidh a thabhairt ar phraghas carbóin atá ag ardú agus tá gá ag cuideachtaí le léiriú fadtéarmach, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil chun a gcinntí infheistíochta a dhéanamh. Ba cheart, dá bhrí sin, bealach soiléir a bhunú chun na hearnálacha agus na fo-earnálacha atá fós i mbaol sceitheadh carbóin a chuimsiú de réir a chéile. Leis sin, neartófar an creat dlíthiúil nua chun sceitheadh carbóin a chomhrac, tabharfar an t-am is gá chun a áirithiú go gcuirfear SCCT chun feidhme go rianúil agus beidh suiteálacha agus cuideachtaí in ann na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh i ndícharbónú próiseas tionsclaíoch i gcomhthéacs dlí atá cobhsaí agus intuartha.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir. Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh SCCT a bheith ina bheart éifeachtach chun astaíochtaí a laghdú i dtríú tíortha agus cothrom iomaíochta a áirithiú do thionscal an Aontais ag an am céanna.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é SCCT agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin, rud a mbeadh praghsáil choibhéiseach carbóin ar allmhairí agus ar tháirgí intíre agus cothrom iomaíochta mar thoradh air. Is beart aeráide é SCCT ar cheart dó a bheith ina thacú le hastaíochtaí san Aontas a laghdú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc leis agus, san am céanna, comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na costais riaracháin arna dtabhú ag SCCT agus a áirithiú, san am céanna, go gcuirfear oiliúint leormhaith ar an bhfoireann oiliúint chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Leasú  13

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha a dhéanfaí a chomhtháthú go hiomlán, nó a nascadh, de bharr aon chomhaontuithe a dhéanfaí amach anseo, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas.

(15) I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha a dhéanfaí a chomhtháthú go hiomlán, nó a nascadh, de bharr aon chomhaontuithe a dhéanfaí amach anseo, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himchéimniú i dtríú tíortha agus tabharfaidh sé aghaidh orthu.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a) D’fhonn a áirithiú go mbeidh comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta ag gabháil leis an aistriú éiceolaíoch sna réigiúin is forimeallaí, ba cheart measúnú tionchair a dhéanamh roimh dheireadh na hidirthréimhse ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta a d’fhéadfadh a bheith acu atá sonrach do na réigiúin sin. Ba cheart don Choimisiún comhlíonadh Airteagal 349 CFAE a áirithiú agus bearta iomchuí a mholadh do na réigiúin is forimeallaí agus SCCT á chur chun feidhme acu, go háirithe mar gheall ar na socruithe sonracha custaim agus cánach a bhfuil feidhm acu maidir leis na réigiúin is forimeallaí.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (CO2’) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (‘N2O’) agus sárfhluaracarbóin (‘PFCanna’). Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar dtús, agus tar éis idirthréimhse agus tar éis measúnú breise a dhéanamh, feidhm a bheith aige maidir le hastaíochtaí indíreacha, amhail raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(17) Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (CO2’) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (‘N2O’) agus sárfhluaracarbóin (‘PFCanna’). Ba cheart go léireodh SCCT athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar CTA AE i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa rialáilte. Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, agus freisin maidir le hastaíochtaí indíreacha, faoi mar atá faoi raon feidhme CTA AE. Tá comhleanúnachas idir SCCT agus CTA AE bunriachtanach chun prionsabail EDT a urramú.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Mar sin féin, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar na hastaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (dá ngairtear ‘córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí’), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun a áirithiú nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(19) Mar sin féin, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar astaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme le CTA AE, agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (‘córas teorannaithe agus trádála’ mar a thugtar air), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú le SCCT, chun a áirithiú nach ndéanfar sreabha trádála a shrianadh nó a shuaitheadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun an riosca sceite carbóin a chosc agus chun comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú ag an am céanna.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú.

(20) Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) D’fhonn a éifeachtacht mar bheart sceite carbóin a chaomhnú, ní mór an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ó thaobh praghais de. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú.

(21) Chun a éifeachtacht mar bheart sceite carbóin a chaomhnú agus chun comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú, ní mór do SCCT a bheith ina mhionléiriú ar CTA AE ó thaobh praghais de. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(23) Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas simplí agus inrochtana dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

 

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a) I bhfianaise chineál uathúil an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus an gá atá le dlúthchomhar ar leibhéal an Aontais, ba cheart údarás SCCT a bhunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gceart agus faireachán ceart a dhéanamh air.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) I dtaca le smachtbhannaí, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionóis atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE.

(24) Ba cheart d’údarás SCCT agus d’údaráis chustaim, inter alia, SCCT a dhearadh agus a mhaoirsiú go cúramach chun aon chineál cleachtas imchéimniúcháin a chosc, a shainaithint agus pionós a ghearradh ina leith, lena n-áirítear mí-úsáid nó calaois. Ba cheart d’údarás SCCT agus do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, pionóis riaracháin nó choiriúla a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh méid na bpionós do dhearbhóirí údaraithe nach dtugann suas, faoin 31 Bealtaine gach bliain, roinnt deimhnithe SCCT a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin a chuireann faisnéis bhréagach a bhaineann le hastaíochtaí leabaithe chuig údarás SCCT d’fhonn cóireáil fhabhrach aonair a fháil, ba cheart go mbeadh sé comhionann le trí oiread mheánphraghas na ndeimhnithe SCCT sa bhliain roimhe sin do gach deimhniú SCCT nár thug an dearbhóir údaraithe suas i gcomhréir le hAirteagal 22. Fiú amháin agus go n-íocfadh an dearbhóir údaraithe an pionós, ní scaoilfidh sé sin é ón oibleagáid cibé líon deimhnithe SCCT a bheidh fós gan tabhairt suas a thabhairt suas d’údarás SCCT.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Ba cheart cumhdach táirgí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ina léiriú ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arae tá an scéim sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóir comhshaoil Threoir 2003/87/CE agus toisc gurb é an córas rialála astaíochtaí GCT is cuimsithí dá bhfuil san Aontas é.

(26) Ba cheart cumhdach táirgí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ina léiriú ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arae tá an scéim sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóir comhshaoil Threoir 2003/87/CE agus toisc gurb é an córas rialála astaíochtaí GCT is cuimsithí dá bhfuil san Aontas é. Ba cheart don Choimisiún amlíne a bhunú chun na hearraí go léir a chuimsiú de réir a chéile faoi na hearnálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE faoin 1 Eanáir 2030. Ba cheart tús áite a thabhairt do na hearraí is mó a nochtar do sceitheadh carbóin agus arb iad is déine ó thaobh carbóin de.

 

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Ba cheart na hearraí faoin Rialachán seo a roghnú tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar a n-ábharthacht i dtéarmaí astaíochtaí GCT carntha agus i dtéarmaí riosca sceite carbóin sna hearnálacha CTA AE comhfhreagracha agus, san am céanna, castacht agus an t-ualach riaracháin a theorannú. Go háirithe, ba cheart bunábhair agus buntáirgí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh sa roghnúchán iarbhír, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go mbeidh allmhairiú táirgí dianfhuinnimh isteach san Aontas ar comhchéim le táirgí AE i dtéarmaí praghsála carbóin CTA AE, agus chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú. Seo a leanas critéir ábhartha eile ba cheart a bheith ann chun an roghnúchán a chaolú: ar an gcéad dul síos, ábharthacht na n-earnálacha i dtéarmaí astaíochtaí, is é sin cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil ar cheann de na hastaírí astaíochtaí comhiomlána GCT is mó; ar an dara dul síos, neamhchosaint na hearnála ar riosca suntasach sceite carbóin, mar a shainmhínítear de bhun Threoir 2003/87/CE; ar an tríú dul síos, an gá atá le cothromaíocht a bheith ann idir cumhdach leathan i dtéarmaí astaíochtaí GCT agus, san am céanna, an chastacht agus an iarracht riaracháin a theorannú.

(29) Ba cheart na hearraí faoin Rialachán seo a roghnú tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar a n-ábharthacht i dtéarmaí astaíochtaí GCT carntha agus i dtéarmaí riosca sceite carbóin sna hearnálacha CTA AE comhfhreagracha agus castacht agus an t-ualach riaracháin do thionscal an Aontais, do chuideachtaí agus do FBManna a theorannú ag an am céanna. Go háirithe, ba cheart bunábhair agus buntáirgí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh sa roghnúchán iarbhír, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go mbeidh allmhairiú táirgí dianfhuinnimh isteach san Aontas ar comhchéim le táirgí AE i dtéarmaí praghsála carbóin CTA AE, agus chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú. Seo a leanas critéir ábhartha eile ba cheart a bheith ann chun an roghnúchán a chaolú: ar an gcéad dul síos, ábharthacht na n-earnálacha i dtéarmaí astaíochtaí, is é sin cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil ar cheann de na hastaírí astaíochtaí comhiomlána GCT is mó; ar an dara dul síos, neamhchosaint na hearnála ar riosca suntasach sceite carbóin, mar a shainmhínítear de bhun Threoir 2003/87/CE; ar an tríú dul síos, an gá atá le cothromaíocht a bheith ann idir cumhdach leathan i dtéarmaí astaíochtaí GCT agus, san am céanna, an chastacht agus an iarracht riaracháin a theorannú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin chun aon riosca a sheachaint de shaobhadh margaidh idir na hearnálacha éagsúla a chumhdaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Le húsáid an chéad chritéir, ceadaítear na hearnálacha seo a leanas a liostú i dtéarmaí astaíochtaí carntha: iarann agus cruach, scaglanna, stroighin, ceimiceáin bhunúsacha orgánacha, agus leasacháin.

(30) Le húsáid an chéad chritéir, ceadaítear na hearnálacha seo a leanas a liostú i dtéarmaí astaíochtaí carntha: iarann agus cruach, scaglanna, stroighin, alúmanam, ceimiceáin bhunúsacha orgánacha, hidrigin, polaiméirí, agus leasacháin.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Go háirithe, ní áirítear ceimiceáin orgánacha i raon feidhme an Rialacháin seo i ngeall ar shrianta teicniúla a fhágann nach féidir astaíochtaí leabaithe earraí allmhairithe a shainiú go soiléir. I gcás na n-earraí sin, is bunpharaiméadar é an tagarmharc is infheidhme faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann nach féidir astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe aonair a leithdháileadh ar mhodh cinnte. Teastaíonn tuilleadh sonraí agus anailíse chun leithdháileadh lamháltas níos spriocdhírithe a chur i bhfeidhm maidir le ceimiceáin orgánacha.

scriosta

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Tá feidhm ag srianta teicniúla comhchosúla maidir le táirgí scaglainne, óir is é mar atá i gcás na dtáirgí sin nach féidir astaíochtaí GCT a shannadh ar mhodh cinnte do na táirgí aschuir aonair. An tráth céanna, ní le táirgí sonracha, amhail peitreal, díosal nó ceirisín, atá baint dhíreach ag an tagarmharc ábhartha i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, ach leis an aschur scaglainne ina iomláine.

(33) Tá feidhm ag roinnt srianta teicniúla maidir le táirgí scaglainne, óir is é mar atá i gcás na dtáirgí sin nach féidir astaíochtaí GCT a shannadh ar mhodh cinnte do na táirgí aschuir aonair. An tráth céanna, ní le táirgí sonracha, amhail peitreal, díosal nó ceirisín, atá baint dhíreach ag an tagarmharc ábhartha i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, ach leis an aschur scaglainne ina iomláine. Chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú go tráthúil, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht chóir a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe ó tháirgí scaglainne a ríomh roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Mar sin féin, ba cheart táirgí alúmanaim a chuimsiú sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Cuimsiú an alúmanaim, rud é atá ábhartha freisin toisc go bhféadfadh sé go leathnófaí raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha sa todhchaí chun astaíochtaí indíreacha a chumhdach freisin.

(34) Ba cheart táirgí alúmanaim a chumhdach in SCCT toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Tá áireamh alúmanaim ábhartha freisin toisc go gcumhdaítear astaíochtaí indíreacha freisin faoi raon feidhme SCCT.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí áirithe nach bhfuil astaíochtaí suntasacha i gceist lena dtáirgeadh amhail dramh feiriúil (faoi chód AC 7204), fearó-chóimhiotal (cód AC 7202) agus leasacháin áirithe (faoi chód AC 3105 60 00).

(36) Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ag an gcéad chéim maidir le táirgí áirithe nach bhfuil astaíochtaí suntasacha i gceist lena dtáirgeadh amhail dramh feiriúil (faoi chód AC 7204), fearó-chóimhiotal (cód AC 7202) agus leasacháin áirithe (faoi chód AC 3105 60 00).

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40) Ba cheart dearbhóir údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin a íocadh i leith na n-astaíochtaí sin i ndlínsí eile cheana.

(40) Ba cheart dearbhóir údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin sainráite a íocadh i leith na n-astaíochtaí sin i ndlínsí eile cheana.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 45

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Tá údar le dearadh atá beagán difriúil le haghaidh an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha i ngeall ar shaintréithe fisiceacha an leictreachais mar tháirge, go háirithe toisc nach indéanta sreabhadh iarbhír na leictreon a leanúint. Ba cheart luachanna réamhshocraithe a úsáid mar chur chuige caighdeánach agus ba cheart é a bheith d’fhéidearthacht ag dearbhóirí údaraithe a éileamh go ríomhfaí a n-oibleagáidí SCCT ar bhonn a gcuid astaíochtaí iarbhír. Tá difríocht idir trádáil an leictreachais agus trádáil earraí eile, go háirithe toisc go ndéantar an trádáil trí eangacha leictreachais idirnasctha, a bhaineann úsáid as malartáin chumhachta agus as cineálacha sonracha trádála. An mhargadhchúpláil, foirm trádála leictreachais is ea í a ndéantar rialáil dhlúth uirthi agus inar féidir tairiscintí agus ofrálacha a chomhiomlánú ar fud an Aontais.

(45) Tá údar le dearadh atá beagán difriúil le haghaidh an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha i ngeall ar shaintréithe fisiceacha an leictreachais mar tháirge, go háirithe toisc nach indéanta sreabhadh iarbhír na leictreon a leanúint. Ba cheart é a bheith d’fhéidearthacht ag dearbhóirí údaraithe a éileamh go ríomhfaí a n-oibleagáidí SCCT ar bhonn a gcuid astaíochtaí fíoraithe iarbhír. Níor cheart luachanna réamhshocraithe a úsáid ach amháin mura bhfuil sonraí ar na hastaíochtaí iarbhír ar fáil. Tá difríocht idir trádáil an leictreachais agus trádáil earraí eile, go háirithe toisc go ndéantar an trádáil trí eangacha leictreachais idirnasctha, a bhaineann úsáid as malartáin chumhachta agus as cineálacha sonracha trádála. An mhargadhchúpláil, foirm trádála leictreachais is ea í a ndéantar rialáil dhlúth uirthi agus inar féidir tairiscintí agus ofrálacha a chomhiomlánú ar fud an Aontais.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(46a) Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus chun cothrom na Féinne a áirithiú do thionscal an Aontais, ba cheart toirmeasc a chur ar gach cleachtas imchéimniúcháin. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cleachtais inchéimniúcháin i ngach earnáil a áirítear in Iarscríbhinn I, go háirithe an dóchúlacht go ndéanfar trasloingsiú, patrúin trádála mhodhnaithe i leith táirgí iartheachtacha, chomh maith le hathdháileadh acmhainní, costáil ionsú, ionramháil sonraí astaíochtaí, lipéadú éagórach earraí agus mionathruithe ar an táirge chun táirge a allmhairiú faoi chód ainmníochta comhcheangailte (‘AC’) difriúil. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun bearta frith-imchéimniúcháin a neartú.

Leasú  32

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 49

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49) Nuair a bheidh tríú tíortha comhtháite go dlúth isteach i margadh leictreachais an Aontais tríd an margadhchúpláil, ba cheart teacht ar réitigh theicniúla chun cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a áirithiú maidir le leictreachas a onnmhairítear ó na tíortha sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mura féidir teacht ar réitigh theicniúla, ba cheart díolúine a thabhairt do thríú tíortha atá margadhchúpláilte, díolúine a mbeadh teorainn ama léi, ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha go dtí 2030 ar a dhéanaí, agus an díolúine sin a bheith ag baint le honnmhairiú an leictreachais agus leis sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar sin féin, ba cheart do na tríú tíortha sin treochlár a fhorbairt agus geallúint go gcuirfidh siad sásra praghsála carbóin chun feidhme lena ndéanfar foráil le haghaidh praghas a bheidh coibhéiseach le CTA AE, agus ba cheart dóibh gealltanas a thabhairt go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050 agus chun ailíniú le reachtaíocht an Aontais i réimsí an chomhshaoil, na haeráide, na hiomaíochta agus an fhuinnimh. Ba cheart an díolúine sin a aistarraingt tráth ar bith má bhíonn cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann an tír atá i gceist a gealltanais nó nach bhfuil CTA glactha aici faoi 2030 atá coibhéiseach le CTA AE.

(49) Nuair a bheidh tríú tíortha comhtháite go dlúth isteach i margadh leictreachais an Aontais tríd an margadhchúpláil, ba cheart teacht ar réitigh theicniúla chun cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a áirithiú maidir le leictreachas a onnmhairítear ó na tíortha sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mura féidir teacht ar réitigh theicniúla, ba cheart díolúine a thabhairt do thríú tíortha atá margadhchúpláilte, díolúine a mbeadh teorainn ama léi, ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha go dtí 2030 ar a dhéanaí, agus an díolúine sin a bheith ag baint le honnmhairiú an leictreachais agus leis sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar sin féin, ba cheart do na tríú tíortha sin treochlár a fhorbairt agus geallúint go gcuirfidh siad sásra praghsála carbóin sainráite chun feidhme lena ndéanfar foráil le haghaidh praghas a bheidh coibhéiseach le CTA AE, agus ba cheart dóibh gealltanas a thabhairt go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí chun ailíniú le reachtaíocht an Aontais i réimsí an chomhshaoil, na haeráide, na hiomaíochta agus an fhuinnimh. Ba cheart an díolúine sin a aistarraingt tráth ar bith má bhíonn cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann an tír atá i gceist a gealltanais nó nach bhfuil CTA glactha aici faoi 2030 atá coibhéiseach le CTA AE.

Leasú  33

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024. Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil agus ar thionscal an Aontais a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Chun feidhmiú cuí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51a) Is gá a áirithiú go mbeidh rochtain ag na páirtithe a ndéanann cinntí arna ndéanamh ag údarás SCCT difear dóibh ar na réitigh is gá. Dá bhrí sin, ba cheart sásra oiriúnach achomhairc a bhunú le go bhféadfaidh cinntí údarás SCCT a bheith faoi réir achomharc chuig Bord Achomhairc, bord a bhféadfaidh a chuid cinntí a bheith faoi réir caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le CFAE.

Leasú  36

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil47.

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascálacha an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den chéad mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun raon feidhme Iarscríbhinn I a leathnú tuilleadh, más féidir, ionas go gcumhdófaí earraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, amhail táirgí iartheachtacha, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil47. Ba cheart don Choimisiún a chuid measúnuithe ina dhiaidh sin a dhíriú ar an tionchar ar iomaíochas thionscal an Aontais agus ar thionscal iartheachtach, ar an tionchar ar FBManna, ar an ualach díréireach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann, ar chleachtais inchéimniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, ar shaobhadh i bpatrúin trádála agus ar dheiseanna chun gníomhaíochtaí ar son na haeráide a fheabhsú i dtreo Aontas a bheidh aeráidneodrach faoi 2050 agus a ghabhfaidh leis na measúnuithe sin, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha.

__________________

__________________

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

Leasú  37

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52a) Chun go bhféadfar freagairt thapa agus éifeachtach a thabhairt ar imthosca neamh-intuartha, eisceachtúla agus gan chúis a mbeidh iarmhairtí scriosacha acu ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh, de réir mar is iomchuí, lena leasófar an Rialachán seo. Ba cheart go leagfaí amach i dtogra reachtach den sórt sin na bearta is iomchuí i bhfianaise na gcúinsí atá ag an tríú tír nó na tríú tíortha, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcaomhnú ag an am céanna. Ba cheart go mbeadh teorainn ama leis na bearta sin.

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a) Mar aon le hidirphlé le tríú tíortha, ba cheart don Choimisiún, ag gach céim tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara uile na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ionadaithe tionscail, ceardchumainn agus an tsochaí shibhialta.

 

 

 

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 54 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(54a) Ba cheart go saothródh an Coimisiún, ar bhonn gníomhach, ‘club carbóin’ idirnáisiúnta a bhunú chun malartú leanúnach de mheon macánta le comhpháirtithe trádála an Aontais a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé sin ina fhóram idirnáisiúnta neamheisiach oscailte, a d’fhéadfadh feidhmiú faoi eagraíocht iltaobhach iomchuí amhail EDT nó comhlacht ábhartha agus oscailte ECFE mar shampla. Ba cheart é a bheith mar chuspóir aige go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir bearta praghsála carbóin agus bearta praghsála neamh-charbóin ag a mbíonn tionchar ar laghdú astaíochtaí, agus comhordú a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, ba cheart go dtacódh an club carbóin le hinchomparáideacht na mbeart aeráide trí cháilíocht an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an fhíoraithe ar an aeráid a áirithiú i measc a chomhaltaí. Ba cheart go mbeadh ballraíocht an chlub neamhfhoirmiúil, oscailte agus ar bhonn deonach do thíortha a bhfuil arduaillmhian i leith na haeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras mar sprioc acu. Ós rud é gur beart ceannródaíoch é SCCT, atá ceaptha le bheith ina uirlis chomhair a dearadh chun sceitheadh carbóin a chomhrac, cuireann club carbóin den sórt sin deis ar fáil le haghaidh comhair agus trédhearcachta idir an tAontas agus a chomhpháirtithe trádála.

 

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú.

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú. Cé go ndéanfar an t-ioncam arna ghiniúint as deimhnithe SCCT a dhíol a chur isteach i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta agus nár cheart iad a shannadh d’aon chaiteachas sonrach ar bhuiséad an Aontais, i bhfianaise phrionsabal na huilíochta lena rialaítear buiséad an Aontais, ba cheart don Aontas iarrachtaí na dtíortha is lú forbairt a mhaoiniú i dtreo dhícharbónú a dtionscal monaraíochta a mbeidh méid bliantúil ag gabháil leis a chomhfhreagraíonn ar a laghad do leibhéal an ioncaim a ghintear le deimhnithe SCCT a dhíol. Ba cheart cistiú den sórt sin a chur ar fáil tríd an tacaíocht airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil don mhaoiniú idirnáisiúnta don aeráid agus do na cláir gheografacha ábhartha agus tríd an gclár téamach An Ionstraim um Dhúshláin Dhomhanda maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Ba cheart na coigeartuithe is gá ar leithreasú buiséadach na hIonstraime sin a dhéanamh trí nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais go dtí 2027 agus ba cheart iad a áireamh ansin sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

 

__________________

 

1a Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 57 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(57a) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar aon athruithe ar na sreabha trádála ó na tíortha is lú forbairt atá inchurtha i leith SCCT chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear a rannchuidiú le sceitheadh carbóin a chosc agus a thionchar ar shreabha trádála idir an tAontas agus na tíortha is lú forbairt. Ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar an gcúnamh teicniúil a chuirtear ar fáil do na tíortha is lú forbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht ó thaobh rannchuidiú leis an bpróiseas dícharbónaithe sna tíortha sin de.

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201651. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe ábhartha agus na n-earnálacha tionsclaíocha ábhartha, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201651. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

51 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

51 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(61) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh. De réir Europol, tá caillteanas de níos mó ná EUR 5 billiún d’ioncam poiblí mar thoradh ar chalaois creidmheasa carbóin. Dá bhrí sin, ba cheart do SCCT sásraí iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun caillteanais ioncaim phoiblí a sheachaint.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(61a) Ba cheart údarás SCCT a chistiú ar bhealach chun a fheidhmiú inmharthana a ráthú agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a chumasú. Ba cheart gur ar ioncam ginearálta bhuiséad an Aontais a thitfeadh aon chostais a bhaineann le bunú agus oibriú an údaráis.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc.

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú agus chun tacú le cur chun feidhme spriocanna Chomhaontú Pháras trí aon riosca sceite carbóin ón Aontas a chosc agus trí laghdú astaíochtaí i dtríú tíortha a dhreasú. Chun na críche sin, tá sé mar aidhm ag SCCT praghsáil charbóin a chothromú le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. De réir a chéile éireoidh an sásra sin ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

3. Beartaítear go gcuirfear an sásra in ionad na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE de réir a chéile chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Faoin 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hearnálacha uile a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE.

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí amlíne a bhunú chun na hearraí uile faoi na hearnálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE a chur san áireamh de réir a chéile. Tabharfaidh an Coimisiún sa ghníomh tarmligthe sin tús áite do na hearraí is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin agus arb iad is déine ó thaobh carbóin de. Glacfar an gníomh tarmligthe sin faoin 30 Meitheamh 2025.

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar Iarscríbhinn I trí na hearraí uile faoi na hearnálacha a chumhdaítear in CTA AE a chur leis.

 

Faoin... [3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar Iarscríbhinn I trí tháirgí iartheachtacha na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur leis. Beidh sciar suntasach de cheann amháin ar a laghad de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I sna táirgí iartheachtacha sin.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha a chinneadh maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm i leith earraí dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan amach i ndáil le SCCT a chur i bhfeidhm maidir leis na hearraí dá dtagraítear i mír 2.

Leasú  49

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le cúpláil margaí leictreachais;

(b) cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, le cúpláil margaí leictreachais, agus cuirtear chun feidhme leis acquis aeráide, comhshaoil agus iomaíochta an Aontais, agus na spriocdhátaí a comhaontaíodh á n-urramú go hiomlán;

Leasú  50

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) agus an treochlár á chur chun feidhme aici de bhun phointe (c), tá dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais ar a laghad. Maidir le córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, tabharfar chun críche é faoin 1 Eanáir 2030;

(e) agus an treochlár á chur chun feidhme aici de bhun phointe (c), tá dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais ar a laghad. Maidir le córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, tabharfar chun críche é faoin 1 Eanáir 2028;

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 7, pointí (a) go (f), a liostú in Iarscríbhinn II, Roinn B, den Rialachán seo, agus cuirfidh sí isteach dhá thuarascáil maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha de bhun mhír 7, pointí (a) go (f), ceann amháin roimh an 1 Iúil 2025 agus an ceann eile roimh an 1 Iúil 2029. Faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, go háirithe ar bhonn an treochláir de bhun mhír 7, pointe (c), agus ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas ón tríú tír nó ón tríú críoch, cé acu atá an tríú tír nó an tríú críoch sin fós ag urramú na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7 nó nach bhfuil.

8. Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 7, pointí (a) go (f), a liostú in Iarscríbhinn II, Roinn B, den Rialachán seo, agus cuirfidh sí isteach trí thuarascáil chuimsitheacha maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha de bhun mhír 7, pointí (a) go (f), ceann amháin roimh an 1 Iúil 2024, ceann roimh an 1 Iúil 2027 agus an ceann eile roimh an 1 Iúil 2029. Faoin 31 Nollaig 2024, faoin 31 Nollaig 2027 agus faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, go háirithe ar bhonn an treochláir de bhun mhír 7, pointe (c), agus ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas ón tríú tír nó ón tríú críoch, cé acu atá an tríú tír nó an tríú críoch sin fós ag urramú na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7 nó nach bhfuil.

Leasú  52

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 9 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) má tá fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil méadú tagtha ar na hastaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais sa tír nó sa chríoch mar thoradh ar onnmhairí leictreachais chuig an Aontas.

Leasú  53

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9.

12. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9. Ní bheidh mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin cóir fhabhrach mhíchuí allmhairí ó na tríú tíortha i ndáil le deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas agus cuirfear san áireamh leo aon mheicníochtaí praghsála carbóin a mheastar a bheith ina gcleachtais imchéimniúcháin de réir bhrí Airteagal 27(2).

Leasú  54

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás, arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;

(11) ciallaíonn ‘údarás SCCT’ an t-údarás arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;

Leasú  55

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) ciallaíonn ‘astaíochtaí díreacha’ astaíochtaí ó na próisis táirgthe earraí a bhfuil rialú díreach ag an táirgeoir orthu;

(15) ciallaíonn ‘astaíochtaí díreacha’ astaíochtaí ó phróisis táirgthe na n-earraí a bhfuil rialú díreach ag an táirgeoir orthu, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh téimh agus fuaraithe a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe;

Leasú  56

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) ciallaíonn ‘astaíochtaí leabaithe’ astaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(16) ciallaíonn ‘astaíochtaí leabaithe’ astaíochtaí díreacha agus indíreacha a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí agus an leictreachas a ídítear le linn phróisis táirgthe na n-earraí, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

Leasú  57

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) ciallaíonn ‘deimhniú SCCT’ deimhniú i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;

(18) ciallaíonn ‘deimhniú SCCT’ deimhniú atá i gcoiteann ag na Ballstáit go léir agus atá i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;

Leasú  58

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) ciallaíonn ‘astaíochtaí iarbhír’ na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí;

(22) ciallaíonn ‘astaíochtaí iarbhír’ na hastaíochtaí a ríomhtar agus a fhíoraítear bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí agus ó tháirgeadh leictreachais a ídítear le linn phróisis táirgthe na n-earraí;

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) ciallaíonn ‘praghas carbóin’ an tsuim airgid a íoctar i dtríú tír i bhfoirm cánach nó lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí;

(23) ciallaíonn ‘praghas carbóin’ an tsuim airgid a íoctar i dtríú tír i bhfoirm cánach, táille nó lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí;

 

Leasú  60

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n-earraí.

(28) ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí gás ceaptha teasa ó phróisis táirgthe an leictreachais a ídítear le linn phróisis táirgthe na n-earraí;

Leasú  61

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a) ciallaíonn ‘tír is lú forbairt’ tír atá ar áireamh sa liosta de thíortha den sórt sin arna bhunú ag Comhairle Eacnamaíoch agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe;

Leasú  62

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28b) ciallaíonn ‘fachtóir SCCT’ fachtóir lena laghdaítear leithdháileadh lamháltas saor in aisce le haghaidh na suiteálacha a tháirgeann na hearraí a chumhdaítear in Iarscríbhinn I;

Leasú  63

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28c) ciallaíonn ‘táirgí iartheachtacha’ táirgí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as earraí mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Leasú  64

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní dhéanfaidh ach dearbhóir atá údaraithe ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17 (‘dearbhóir údaraithe’) earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Ní dhéanfaidh ach dearbhóir atá údaraithe ag údarás SCCT i gcomhréir le hAirteagal 17 (‘dearbhóir údaraithe’) earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

 

(Tá feidhm ag an ainmniú ‘údarás SCCT’ ar fud an téacs. Má ghlactar é, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha tríd síos)

Leasú  65

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Sula ndéanfaidh aon dearbhóir earraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a allmhairiú, déanfaidh sé iarratas ar údarú chuig an údarás áitiúil ag an áit a bhfuil sé bunaithe chun na hearraí sin a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

1. Sula ndéanfaidh aon dearbhóir earraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a allmhairiú, déanfaidh sé iarratas ar údarú chuig údarás SCCT ag an áit a bhfuil sé bunaithe chun na hearraí sin a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Leasú  66

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) dearbhú ar onóir nach raibh an dearbhóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná in aon sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(e) dearbhú ar onóir nach raibh an dearbhóir ná, i gcás inarb infheidhme, comhalta boird den dearbhóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná in aon sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch an dearbhóra;

Leasú  67

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

(f) an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann údarás SCCT ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

Leasú  68

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar tráth ar bith.

4. Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a mhodhnú nó a tharraingt siar tráth ar bith.

Leasú  69

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Cuirfidh an dearbhóir údaraithe an t-údarás inniúil ar an eolas gan mhoill mar gheall ar aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh faoi mhír 3, a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh don chinneadh a bheith déanta, agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17 nó ar ábhar an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17.

5. Cuirfidh an dearbhóir údaraithe údarás SCCT ar an eolas gan mhoill mar gheall ar aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh faoi mhír 3, a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh don chinneadh a bheith déanta, agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17 nó ar ábhar an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17.

Leasú  70

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag an údarás inniúil agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag an údarás inniúil na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag údarás SCCT agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag údarás SCCT na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  71

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh gach dearbhóir údaraithe dearbhú (‘dearbhú SCCT’), le haghaidh na bliana féilire roimh an dearbhú, faoi bhráid an údaráis inniúil.

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh gach dearbhóir údaraithe dearbhú (‘dearbhú SCCT’), le haghaidh na bliana féilire roimh an dearbhú, a thíolacadh d’údarás SCCT.

Leasú  72

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) cóip den tuarascáil fíorúcháin a d’eisigh an fíoraitheoir creidiúnaithe faoi Airteagal 8 agus Iarscríbhinn V.

Leasú  73

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

5. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas do na fíoraitheoirí creidiúnaithe na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus chun cur ar a chumas d’údarás SCCT athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT i gcomhréir le hAirteagal 19(1). Coinneoidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ina bhféadfaidh údarás SCCT athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT.

Leasú  74

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht. acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht, acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.

Leasú  75

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le sainmhíniú ar mhodh chun astaíochtaí indíreacha leabaithe a ríomh le haghaidh táirgí simplí agus casta agus luachanna réamhshocraithe ábhartha, chomh maith le modh chun praghas SCCT ar astaíochtaí leabaithe indíreacha a chinneadh.

Leasú  76

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6 a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

1. Áiritheoidh dearbhóir údaraithe SCCT go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagail 6 agus 35, chomh maith leis an modheolaíocht, agus na sonraí agus na doiciméid tacaíochta a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Leasú  77

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Údaraítear údarás SCCT cruinneas na faisnéise arna soláthar i ndearbhú SCCT a fhíorú de bhun an Airteagail seo.

Leasú  78

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar na hearraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha nó nach bhfuil agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo, a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar earraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábharach nó nach bhfuil, agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bhféidearthacht an oibleagáid ar an bhfíoraitheoir creidiúnaithe cuairt a thabhairt ar an tsuiteáil nuair a tháirgtear earraí ábhartha a úsáid ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil próifíl chaighdeánach aitheanta ag an tsuiteáil maidir le táirgeadh agus teicneolaíocht, lena bhféadfar meastachán iontaofa a dhéanamh ar astaíochtaí leabaithe. Leanfaidh údarás SCCT de bheith údaraithe chun cruinneas na faisnéise a sholáthraítear i ndearbhú SCCT a fhíorú i ngach cás. Beidh na forálacha a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe den sórt sin coibhéiseach leis na forálacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Leasú  79

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

scriosta

Leasú  80

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Praghas carbóin a íocadh i dtír thionscnaimh

Praghas carbóin sainráite a íocadh i dtír thionscnaimh

Leasú  81

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh dearbhóir údaraithe éileamh a dhéanamh ina dhearbhú SCCT ar laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas chun go gcuirfí san áireamh an praghas carbóin a íocadh sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe údaraithe.

1. Féadfaidh dearbhóir údaraithe éileamh a dhéanamh ina dhearbhú SCCT ar laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas chun go gcuirfí san áireamh an praghas carbóin sainráite a íocadh sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe údaraithe. Féadfaidh an laghdú sin a bheith cothrom le 100 % freisin má tá an praghas carbóin a íocfar sa tír thionscnaimh coibhéiseach le praghas carbóin an Aontais nó níos airde ná é.

Leasú  82

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid ar an doiciméadacht, arna deimhniú ag fíoraitheoir creidiúnaithe, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin sainráite i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh díreach nó indíreach de chineál ar bith eile ar onnmhairiú. Beidh ainm agus sonraí teagmhála an fhíoraitheora chreidiúnaithe le feiceáil ar an doiciméadacht. Déanfaidh an dearbhóir údaraithe an doiciméadacht sin a tharchur chuig údarás SCCT.

Leasú  83

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun an laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas a ríomh, maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag meánráta malairte bliantúil i gcomhréir le mír 1, agus maidir le cáilíochtaí an duine neamhspleách a dheimhníonn an fhaisnéis chomh maith le míreanna cruthúnais maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh agus an easpa lacáistí onnmhairiúcháin nó cineálacha eile cúitimh ar onnmhairiú a chur i fheidhm dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun an laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas a ríomh, maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag meánráta malairte bliantúil i gcomhréir le mír 1, agus maidir le cáilíochtaí an fhíoraitheora chreidiúnaithe a dheimhníonn an fhaisnéis chomh maith le míreanna cruthúnais maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh agus an easpa lacáistí onnmhairiúcháin nó cineálacha eile cúitimh dhírigh agus indírigh ar onnmhairiú a chur i fheidhm dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  84

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

1. Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14.

Leasú  85

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’aon údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c), mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’údarás SCCT athbhreithniú agus fíorú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

Leasú  86

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis mar gheall ar fhíorú astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i mír 5 a nochtadh do dhearbhóir údaraithe. Beidh an dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as an bhfaisnéis nochta chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

7. Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí leabaithe fíoraithe dá dtagraítear i mír 5 trí chlárlann SCCT. Beidh an dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as an bhfaisnéis chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil III – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Údarás SCCT

 

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Údarás SCCT

Leasú  89

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

Bunóidh an Coimisiún údarás SCCT chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla go léir ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

scriosta

Leasú  91

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.

scriosta

Leasú  92

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 12

scriosta

Coimisiún

 

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú.

 

Leasú  93

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

Cinntí údarás SCCT

 

1.  Déanfaidh údarás SCCT, gan mhoill, cinntí chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

 

2.  Gabhfaidh éifeacht le cinneadh arna dhéanamh ag údarás SCCT ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin don seolaí.

 

3.  Más amhlaidh go measann údarás SCCT nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá aige chun cinneadh a dhéanamh, rachaidh sé i dteagmháil le seolaí an chinnidh agus sonróidh sé an fhaisnéis bhreise atá de dhíth. Sa chás sin, déanfaidh seolaí an chinnidh, gan mhoill, an fhaisnéis is gá a thíolacadh d’údarás SCCT.

 

4.  Cuirfidh seolaí an chinnidh údarás SCCT ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe a thiocfaidh ar an bhfaisnéis a soláthraíodh tar éis don chinneadh a bheith déanta. Sa chás sin, déanfaidh údarás SCCT athmheasúnú ar a chinneadh i bhfianaise na faisnéise sin agus déanfaidh sé an cinneadh sin a dhearbhú nó a mhodhnú.

 

5.  I gcás ina mbeartóidh údarás SCCT cinneadh a dhéanamh lena ndéanfar dochar do sheolaí an chinnidh, leagfaidh sé amach na forais ar a bhfuil an cinneadh beartaithe bunaithe agus áireoidh sé sa chinneadh tagairt don cheart achomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 27a. Sula ndéanfar an cinneadh sin, tabharfaidh údarás SCCT an deis do sheolaí an chinnidh a thuairim a chur in iúl dó laistigh de thréimhse shocraithe ama. Ar dhul in éag don tréimhse sin, tabharfaidh údarás SCCT fógra faoin gcinneadh don seolaí.

 

6.  Féadfaidh údarás SCCT, tráth ar bith, a chinneadh a neamhniú, a chúlghairm nó a leasú tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó sheolaí an chinnidh nó ar a thionscnamh féin, más iomchuí.

 

7.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh socruithe mionsonraithe agus rialacha nós imeachta a bhaineann leis an Airteagal seo a shonrú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28.

Leasú  94

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gach faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Gach faisnéis a fhaigheann údarás SCCT agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh údarás SCCT faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Leasú  95

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 14

scriosta

Clárlanna náisiúnta agus bunachar sonraí lárnach

 

1. Bunóidh údarás inniúil gach Ballstáit clárlann náisiúnta dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rúndacht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13.

 

2. Beidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis mar gheall ar gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:

 

(a) ainm agus sonraí teagmhála an dearbhóra údaraithe;

 

(b) uimhir EORI an dearbhóra údaraithe;

 

(c) an uimhir chuntais SCCT;

 

(d) líon, praghas díola, dáta ceannaithe, dáta tugtha suas, nó dáta athcheannaigh, nó an dáta a chuir an t-údarás inniúil ar ceal dheimhnithe SCCT gach dearbhóra údaraithe.

 

3. Is faoi rún a bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2.

 

4. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 10 (2). Féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan a ainm, a sheoladh agus a shonraí teagmhála a bheith ar fáil don phobal.

 

Leasú  96

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14a

 

Clárlann SCCT

 

1.  Déanfaidh údarás SCCT clárlann SCCT a chur ar bun, i gcomhréir le hAirteagail 20, 21 agus 22, chun próisis a bhaineann le deimhnithe SCCT a fhorghníomhú.

 

2.  I gclárlann SCCT beidh bunachar sonraí leictreonach ina mbeidh faisnéis faoi gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:

 

(a)  Ainm agus sonraí teagmhála;

 

(b)  uimhir EORI

 

(c)  uimhir chuntais SCCT;

 

(d)  líon, praghas agus dáta ceannaigh na ndeimhnithe SCCT arna sealbhú.

 

3.  Beidh i gclárlann SCCT freisin, i roinn ar leithligh den bhunachar sonraí, ainmneacha agus mionsonraí breise na n-oibreoirí agus na suiteálacha i dtríú tíortha, arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 10. Beidh sa roinn sin den bhunachar sonraí go háirithe, i gcás inarb infheidhme, astaíochtaí fíoraithe na suiteála.

 

4.  Beidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí faoi rún, seachas ainmneacha na ndearbhóirí agus na n-oibreoirí údaraithe, suíomh agus, i gcás inarb iomchuí, ainm na suiteálacha i dtríú tíortha agus a n-astaíochtaí fíoraithe, a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu i bhformáid idir-inoibritheach.

 

5.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le bonneagar agus próisis shonracha chlárlann SCCT agus na bunachair sonraí leictreonacha ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  97

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 15

scriosta

Riarthóir lárnach

 

1. Gníomhóidh an Coimisiún mar riarthóir lárnach chun loga idirbheartaíochta neamhspleách a choinneáil ar bun ina gcoimeádfar taifead de cheannach deimhnithe SCCT, dá sealbhaíocht, dá dtabhairt suas, dá n-athcheannach agus dá gcur ar ceal, agus áiritheoidh sé comhordú na gclárlann náisiúnta.

 

2. Déanfaidh an riarthóir lárnach rialuithe rioscabhunaithe ar idirbhearta a gcoimeádtar taifead orthu i gclárlanna náisiúnta trí loga idirbheartaíochta neamhspleách chun a áirithiú nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann i gceannach, sealbhaíocht, tabhairt suas, athcheannach agus cur ar ceal deimhnithe SCCT.

 

3. Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú.

 

Leasú  98

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuntais sna clárlanna náisiúnta

Cuntais i gclárlann SCCT

Leasú  99

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Sannfaidh an t-údarás inniúil uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.

1. Sannfaidh údarás SCCT uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.

Leasú  100

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas sa chlárlann.

2. Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas i gclárlann SCCT.

Leasú  101

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Cuirfidh an t-údarás inniúil an cuntas ar bun a luaithe a bhronnfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.

3. Cuirfidh údarás SCCT an cuntas ar bun a luaithe a bhronnfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.

Leasú  102

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an t-údarás inniúil cuntas an dearbhóra sin.

4. Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh údarás SCCT cuntas an dearbhóra sin.

Leasú  103

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Dearbhóir a chuirfidh iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh an t-údarás inniúil é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

1. Dearbhóir a thíolacfaidh iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh údarás SCCT é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú  104

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a sholáthar a liostaítear in Airteagal 5(3), diúltófar an dearbhóir a údarú.

2. I gcás ina gcinnfidh údarás SCCT nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(3) a sholáthar, diúltófar an dearbhóir a údarú.

Leasú  105

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Má dhiúltaíonn an t-údarás inniúil dearbhóir a údarú, féadfaidh an dearbhóir a bhfuil an t-údarú á iarraidh aige agóid a chur faoi bhráid an údaráis ábhartha faoin dlí náisiúnta, sula ndéanfar achomharc, agus tabharfaidh an t-údarás ábhartha sin treoir don riarthóir náisiúnta an cuntas a oscailt nó seasfaidh sé leis an diúltú i gcinneadh réasúnaithe, faoi réir cheanglais an dlí náisiúnta lena saothraítear cuspóir dlisteanach atá ag luí leis an Rialachán seo agus ar ceanglais iad atá comhréireach.

scriosta

Leasú  106

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh an údaráis inniúil lena n-údaraítear dearbhóir

4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh údarás SCCT lena n-údaraítear dearbhóir:

Leasú  107

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Éileoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Éileoidh údarás SCCT go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Leasú  108

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Socróidh an t-údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an uasmhéid sin de réir mheastachán an údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 22.

Socróidh údarás SCCT méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an t-uasmhéid sin de réir mheastachán údarás SCCT, i gcomhréir le hAirteagal 22.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid na n-oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid na n-oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.

7. Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn údarás SCCT nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Scaoilfidh an t-údarás inniúil an ráthaíocht díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar thug an dearbhóir údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.

8. Scaoilfidh údarás SCCT an ráthaíocht díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar thug an dearbhóir údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.

Leasú  111

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a. Féadfaidh údarás SCCT cruinneas agus iomláine na faisnéise arna tabhairt ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 5(3) a fhíorú mar aon le marthain, barántúlacht, cruinneas agus bailíocht aon doiciméid tacaíochta. Féadfaidh údarás SCCT na rialuithe sin a dhéanamh ag áitreabh an iarratasóra.

Leasú  112

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin.

9. Déanfaidh údarás SCCT údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin, nó má fhaightear amach go ndearna sé sárú arís agus arís eile nó sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo.

Leasú  113

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socraithe praiticiúla chun na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  114

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Measfar gur fíoraitheoir creidiúnaithe faoin Rialachán seo é duine ar bith a creidiúnaíodh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.

1. Measfar gur fíoraitheoir creidiúnaithe faoin Rialachán seo é duine dlítheanach ar bith a creidiúnaíodh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.

Leasú  115

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. De bhreis ar mhír 1, féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, arna iarraidh sin dó, duine a chreidiúnú mar fhíoraitheoir faoin Rialachán seo tar éis an doiciméadacht a sheiceáil lena bhfianaítear a inniúlacht na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm chun oibleagáidí rialúcháin na n-astaíochtaí leabaithe a bhunaítear in Airteagail 8, 10 agus 38 a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú  116

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh an chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír 2, lena sonraítear coinníollacha maidir le rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, maidir le creidiúnú a tharraingt siar agus maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí na gcomhlachtaí creidiúnúcháin.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh an chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír 1, lena sonraítear coinníollacha maidir le rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, maidir le creidiúnú a tharraingt siar agus maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí na gcomhlachtaí creidiúnúcháin.

Leasú  117

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana ba cheart an dearbhú a chur isteach. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.

1. Féadfaidh údarás SCCT athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana inar cheart an dearbhú a thíolacadh. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.

Leasú  118

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina bhfuil sé suite ag an údarás inniúil go bhfuil an líon dearbhaithe de dheimhnithe SCCT atá le tabhairt suas mícheart, nó nár cuireadh isteach aon dearbhú SCCT de bhun mhír 2, déanfaidh sé coigeartú ar an líon deimhnithe SCCT atá dlite ag an dearbhóir údaraithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir údaraithe faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin.

3. I gcás ina bhfuil sé suite ag údarás SCCT go bhfuil an líon dearbhaithe de dheimhnithe SCCT atá le tabhairt suas mícheart, nó nár cuireadh isteach aon dearbhú SCCT de bhun mhír 2, déanfaidh sé coigeartú ar an líon deimhnithe SCCT atá dlite ag an dearbhóir údaraithe. Tabharfaidh údarás SCCT fógra don dearbhóir údaraithe faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go ndéanfaidh an dearbhóir údaraithe deimhnithe SCCT breise a thabhairt suas laistigh de thréimhse aon mhí amháin.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.

scriosta

Leasú  120

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. I gcás inar tugadh suas níos mó deimhnithe SCCT ná an líon dlite, déanfaidh an t-údarás inniúil luach na ndeimhnithe SCCT breise a tugadh suas, arna ríomh ag an meánphraghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as deimhnithe SCCT le linn na bliana allmhairiúcháin, a aisíoc gan mhoill leis an dearbhóir údaraithe.

5. I gcás inar tugadh suas níos mó deimhnithe SCCT ná an líon dlite, déanfaidh údarás SCCT luach na ndeimhnithe SCCT breise a tugadh suas, arna ríomh ag an meánphraghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as na deimhnithe SCCT sin tráth an cheannaigh, a aisíoc gan mhoill leis an dearbhóir údaraithe.

Leasú  121

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Díolfaidh údarás inniúil gach Ballstáit deimhnithe SCCT le dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin ag an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

1. Díolfaidh údarás SCCT deimhnithe SCCT le dearbhóirí údaraithe ar an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe sa chlárlann náisiúnta i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

2. Áiritheoidh údarás SCCT go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe i gclárlann SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun meánphraghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh agus ar shocruithe praiticiúla chun an praghas sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an mhodheolaíocht dá bhforáiltear i mír 1 a chur chun feidhme, chun meánphraghas dheimhnithe SCCT a ríomh agus chun na socruithe praiticiúla maidir le foilsiú an phraghais sin a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  124

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don údarás inniúil, líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon na ndeimhnithe SCCT a thabhairt suas d’údarás SCCT, líon a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a ríomhadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IIIa agus a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas.

Leasú  125

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil an líon deimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta. Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad atá allmhairithe aige ó bhí tús na bliana féilire ann.

2. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil líon na ndeimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas i gclárlann SCCT. Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn líon na ndeimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad a d’allmhairigh sé ó bhí tús na bliana féilire ann.

Leasú  126

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, an dara habairt, tabharfaidh an t-údarás sin fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de mhí amháin.

3. I gcás ina gcinneann údarás SCCT inniúil nach bhfuil líon na ndeimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, an dara habairt, tabharfaidh an t-údarás sin fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de mhí amháin.

Leasú  127

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.

scriosta

Leasú  128

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Athcheannóidh údarás inniúil gach Ballstáit, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe sa Bhallstát sin, an farasbarr de dheimhnithe SCCT a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra sa chlárlann náisiúnta tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

1. Athcheannóidh údarás SCCT, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe, deimhnithe SCCT iomarcacha a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra i gclárlann SCCT tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntais clárlainne náisiúnta na ndearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin.

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh údarás SCCT aon deimhnithe SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a d’fhan i gcuntais na ndearbhóirí údaraithe i gclárlann SCCT agus cuirfidh sé na dearbhóirí údaraithe lena mbaineann ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

Leasú  130

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

Ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol

 

1.  Ní ioncam sannta a bheidh san ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol a shainmhíniú mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311 CFAE agus a iontráil i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta.

 

2.  Lena áirithiú go gcomhlíonann SCCT an aidhm atá aige chun astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú agus cabhrú le cuspóirí aeráide agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear Comhaontú Pháras, cuirtear tacaíocht airgeadais an Aontais ar fáil chun tacú le maolú agus oiriúnú aeráide sna tíortha is lú forbairt, lena n-áirítear a n-iarrachtaí chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú agus a athrú ó bhonn, gan dochar do mhír 1. Cuirtear cistiú den sórt sin ar fáil trí bhuiséad an Aontais chun rannchuidiú leis an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid trí éascú a dhéanamh ar oiriúnú na dtionscal lena mbaineann do na hoibleagáidí nua arna mbunú leis an Rialachán seo agus arna gcomhlánú le cúnamh teicniúil, faoi réir cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán ceart saothair agus ceart sóisialta a aithnítear go hidirnáisiúnta amhail chroíchaighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair sa tír is faighteoir.

 

Ba cheart an tacaíocht airgeadais nua ó bhuiséad an Aontais a chur ar fáil faoi chlár geografach agus téamach ábhartha na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/947 agus ba cheart méid na tacaíochta airgeadais sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, ar cheart di a bheith ag teacht, ar a laghad, le leibhéal an ioncaim a ghintear ó dheimhnithe SCCT a dhíol.

 

3.  Chun trédhearcacht a áirithiú agus úsáid á baint as an ioncam a ghintear ó dheimhnithe SCCT a dhíol, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach bliain faoin gcaoi ar baineadh úsáid as méid coibhéiseach luach airgeadais an ioncaim sin ón mbliain roimhe sin agus faoin gcaoi a raibh sé sin ina rannchuidiú le dícharbónú an tionscail déantúsaíochta sna tíortha is lú forbairt.

Leasú  131

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 25

scriosta

Nósanna imeachta ag an teorainn nuair a dhéantar earraí a allmhairiú

 

1. Ní cheadóidh na húdaráis chustaim earraí a allmhairiú mura bhfuil an dearbhóir údaraithe ag údarás inniúil tráth a scaoiltear na hearraí i saorchúrsaíocht ar a dhéanaí.

 

2. Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl go tréimhsiúil, d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe, faisnéis faoi na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairithe, lena n-áirítear uimhir EORI agus uimhir chuntais SCCT an dearbhóra, cód AC 8 ndigit na n-earraí, an líon, an tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.

 

3. Déanfaidh na húdaráis chustaim rialuithe ar na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n-áirítear cód AC 8 ndigit, líon agus tír thionscnaimh na n-earraí allmhairithe. Cuirfidh an Coimisiún na rioscaí a bhaineann le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha san áireamh i ndearadh na gcritéar riosca comhchoiteann agus na gcaighdeán comhchoiteann de bhun de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

 

4. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fuair na húdaráis chustaim agus a ndualgas á chomhlíonadh acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe. Déileálfaidh údaráis inniúla na mBallstát leis an bhfaisnéis seo agus malartóidh siad í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

 

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear an fhaisnéis, an t-uainiú agus an modh chun an fhaisnéis a chur in iúl de bhun mhír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

 

Leasú  132

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 25a

 

Nósanna imeachta ag an teorainn nuair a dhéantar earraí a allmhairiú

 

1.  Áiritheoidh na húdaráis chustaim go mbeidh dearbhóir na n-earraí cláraithe le húdarás SCCT tráth a dhearbhófar na hearraí chun a n-allmhairithe agus, ar a dhéanaí, tráth a scaoilfear na hearraí i saorchúrsaíocht.

 

2.  Déanfaidh na húdaráis chustaim faisnéis shonrach maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a dhearbhaítear chun a n-allmhairithe a chur in iúl go tráthrialta d’údarás SCCT. Áireofar san fhaisnéis sin méid, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n-earraí, ar a laghad. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chur in iúl d’údarás SCCT chun críche an Rialacháin seo.

 

3.  Measfar gur earraí de thionscnamh tríú tíortha iad earraí allmhairithe i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh neamhfhabhair earraí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

 

4.  Déanfaidh an Coimisiún an tréimhsiúlacht agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

 

5.  Amhail ó dháta tionscnaimh gníomhaíochta faoi Airteagal 26a nó faoi Airteagal 27, agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas in am trátha, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ón dáta clárúcháin sin ar aghaidh. Féadfaidh an Coimisiún allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ón tionscal de chuid an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt chuige sin nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin. Is le cinneadh ón gCoimisiún a thabharfar clárú isteach agus sonrófar ann cuspóir na gníomhaíochta agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 26

scriosta

Pionóis

 

1. Dearbhóir údaraithe a dteipeann air, faoin 31 Bealtaine gach bliain, líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin, dlífear pionós a chur air atá comhionann leis an bpionós i leith astaíochtaí iomarcacha a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE, agus a ardaíodh de bhun Airteagal 16(4) den Treoir sin, sa bhliain a allmhairíodh na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an dearbhóir údaraithe.

 

2. Aon duine seachas dearbhóir údaraithe a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan deimhnithe SCCT a thabhairt suas de réir an Rialacháin seo, dlífear an pionós dá dtagraítear i mír 1 a chur air sa bhliain a tugadh isteach na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an duine.

 

3. I gcás ar bith, ní fhágfaidh íoc an phionóis go scaoilfear an dearbhóir údaraithe ón oibleagáid an líon deimhnithe SCCT gan íoc i mbliain ar leith a thabhairt suas d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe.

 

4. Má chinneann an t-údarás inniúil gur theip ar an dearbhóir údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas mar a shonraítear i mír 1, nó gur thug duine earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais mar a shonraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe nó, sa chás faoi mhír 2, don duine mar a leanas:

 

(a) go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir údaraithe nó ar an duine an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcás bliain ar leith;

 

(b) na cúiseanna atá lena chonclúid;

 

(c) méid an phionóis atá á fhorchur ar an dearbhóir údaraithe nó ar an duine;

 

(d) an dáta óna mbeidh an pionós dlite;

 

(e) an gníomh a mheasann an t-údarás inniúil ba cheart don dearbhóir údaraithe nó don duine a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

 

(f) go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe nó ag an duine achomharc a dhéanamh faoi rialacha náisiúnta.

 

5. Féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain an reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena rialacha náisiúnta i dteannta pionóis dá dtagraítear i mír 2. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

 

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 26a

 

Pionóis

 

1.  Dearbhóir údaraithe a mhainníonn, faoin 31 Bealtaine gach bliain, líon na ndeimhnithe SCCT a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin nó a chuireann faisnéis bhréagach, a bhaineann le hastaíochtaí iarbhír, faoi bhráid an údaráis d’fhonn cóir fhabhrach a fháil dó féin, beidh sé faoi dhliteanas pionós a íoc.

 

2.  Beidh méid an phionóis comhionann le trí oiread an mheánphraghais ar dheimhnithe SCCT sa bhliain roimhe sin i gcás gach deimhniú SCCT nár thug an dearbhóir údaraithe suas i gcomhréir le hAirteagal 22. Fiú amháin agus go n-íocfadh an dearbhóir údaraithe an pionós, ní scaoilfidh sé sin é ón oibleagáid cibé líon deimhnithe SCCT a bheidh fós gan tabhairt suas a thabhairt suas d’údarás SCCT.

 

3.  I gcás ina ndéantar cionta arís agus arís eile, féadfaidh údarás SCCT cinneadh a dhéanamh cuntas SCCT an dearbhóra údaraithe a chur ar fionraí.

 

4.  Sa bhreis ar na bpionós dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na Ballstáit pionóis riaracháin nó choiriúla i bhfeidhm as mainneachtain SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

 

5.  Má chinneann údarás SCCT nár chomhlíon dearbhóir údaraithe an oibleagáid maidir le deimhnithe SCCT a thabhairt suas nó gur chuir sé faisnéis bhréagach faoi bhráid an údaráis, déanfaidh údarás SCCT an pionós dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe mar a leanas:

 

(a)  go bhfuil údarás SCCT tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcás bliain ar leith i gcomhréir le hAirteagal 22 nó gur chuir sé faisnéis bhréagach faoi bhráid an údaráis;

 

(b)  na cúiseanna atá lena chonclúid;

 

(c)  méid an phionóis atá á fhorchur ar an dearbhóir udaruithe;

 

(d)  an dáta óna mbeidh an pionós dlite;

 

(e)  an ghníomhaíocht a mheasann an t-údarás inniúil gur cheart don dearbhóir údaraithe a dhéanamh chun a oibleagáidí faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

 

(f)  go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe achomharc a dhéanamh faoin dlí náisiúnta.

Leasú  135

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áirítear ar na cleachtais imchéimniúcháin cásanna nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le hathrú sa phatrún trádála i ndáil le hearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo ach gurb é is cúis leis an athrú oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus is éard a bhíonn sna cleachtais sin táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin.

2. Is éard a bheidh i gcleachtais imchéimniúcháin ná aon bhearta arb é is cuspóir leo aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint. Is éard a bheidh sna cásanna sin ná cásanna a eascraíonn as cleachtas, as próiseas nó as obair gan cúis chuí leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch seachas oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint nó a mhaolú agus d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leo, ach gan a bheith teoranta dóibh:

Leasú  136

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a) fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha, amhail socruithe fabhracha cánach, praghsáil fuinnimh, lacáistí onnmhairiúcháin nó cúiteamh de chineálacha eile ar onnmhairiú, le haghaidh earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun codanna nó iomlán na gcostas a bhaineann le praghas CO2 arna íoc sa tríú tír a ionsú;

Leasú  137

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b) praghas CO2 arna íoc i dtríú tír nach gcuirtear ach ar earraí atá le honnmhairiú chuig an Aontas;

Leasú  138

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c) táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin;

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d) seachfhoinsiú ar tháirgeadh táirgí iartheachtacha ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I d’fhonn íocaíocht an phraghais CO2 san Aontas a sheachaint;

Leasú  140

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e) loingsiú an táirge lena mbaineann trí na tríú tíortha nach bhfuil feidhm ag oibleagáidí nó oibleagáidí níos fabhraí maidir leo; nó

Leasú  141

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe f (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(f) atheagrú ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí ar a bpatrúin agus bealaí díolacháin agus táirgthe, nó aon chineálacha eile dé-chleachtais táirgthe agus díolacháin.

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic, thar thréimhse dhá mhí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, le laghdú mór ar an méid earraí allmhairithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo agus le méadú ar an méid allmhairí táirgí atá modhnaithe de bheagán nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar aon athrú mór patrúin i dtrádáil earraí agus táirgí atá modhnaithe de bheagán ar leibhéal an Aontais.

3. Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann aon cheann de na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic le cleachtais inchéimniucháin. Maidir le páirtithe leasmhara nach páirtithe dá ndéantar difear díreach iad, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, a aimsíonn fianaise nithiúil maidir le himchéimniú an Rialacháin seo, féadfaidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún freisin. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach d’fhonn cleachtais imchéimniúcháin a shainaithint, lena n-áirítear trí fhaireachas margaidh nó ar bhonn aon fhoinse ábhartha faisnéise, amhail aighneachtaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tuairisciú uathu.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha maidir leis na hearraí agus na táirgí dá dtagraítear i mír 2.

4. Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha lena dtugtar bunús leis an líomhain maidir le himchéimniú an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú ar líomhain den chineál sin a leagtar amach i bhfógra ó Bhallstát, ó pháirtí dá ndéantar difear nó ó pháirtí leasmhar, ar choinníoll go gcomhlíonann an fógra na ceanglais dá dtagraítear sa mhír seo, nó i gcás ina gcinneann an Coimisiún féin go bhfuil gá leis an imscrúdú sin. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 9 mí ó dháta an fhógra. I gcás ina dtionscnaítear imscrúdú, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis inniúla go léir.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 3 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán a chur san áireamh chun críocha frith-imchéimnithe.

5. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 2 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28, d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán nó táirgí iartheachtacha a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I os cionn na tairsí íosta iontu a chur san áireamh chun críocha frith-imchéimnithe.

Leasú  145

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Foilseoidh an Coimisiún i dtuarascáil bhliantúil gach cás ina bhfuil imscrúduithe maidir le himchéimniú agus torthaí na n-imscrúduithe sin. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le stádas na nósanna imeachta achomhairc atá ar siúl i gcoinne pionós agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí in aghaidh na tíre tionscnaimh i gcás na n-earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I.

 

Leasú  146

 

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil VI a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Caibidil VIa

 

Achomhairc

Leasú  147

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 27a

 

Achomhairc i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag údarás SCCT

 

1.  Féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag Údarás SCCT. Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne chinntí údarás SCCT a théann chun dochair d’aon duine leasmhar, lena n-áirítear cinntí maidir le pionóis, imchéimniú agus luachanna astaíochta iarbhír. Ní bheidh éifeacht ag na cinntí sin ach ó dháta dhul in éag thréimhse 2 mhí an achomhairc.

 

2.  Beidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.

 

3.  Beidh na táirgí lena mbaineann achomharc faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 25a(5).

 

4.  Féadfaidh aon pháirtí in imeachtaí a dtéann cinneadh chun dochair dó achomharc a dhéanamh. Beidh aon pháirtithe eile sna himeachtaí ina bpáirtithe sna himeachtaí achomharc ipso jure.

 

5.  Bunófar an Bord Achomhairc agus beidh triúr lánchomhaltaí air, cathaoirleach agus beirt chomhaltaí mhalartacha. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún comhalta an ceann. Is í an Chomhairle a cheapfaidh an cathaoirleach. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle comhalta malartach breise an ceann.

 

6.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun comhdhéanamh, ceapadh agus rialacha nós imeachta an Bhoird Achomhairc a bhunú, d’fhonn neamhspleáchas a chomhaltaí a áirithiú, lena n-áirítear le linn na hidirthréimhse. Is ag an gCoimisiún a bheidh feidhmeanna an Bhoird Achomhairc le linn na hidirthréimhse.

Leasú  148

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 27b

 

Scrúdú ar achomhairc

 

1.  Scrúdóidh an Bord Achomhairc an bhfuil achomharc inghlactha.

 

2.  Le linn dó scrúdú a dhéanamh ar achomharc, tabharfaidh an Bord Achomhairc cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 27a(4) barúlacha a chomhdú, laistigh de thréimhse a shocróidh an Bord Achomhairc, i dtaca le haighneachtaí arna ndéanamh ag na páirtithe eile san achomharc nó i dtaca le cumarsáidí arna n-eisiúint ag an mBord Achomhairc.

 

3.  Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar a inghlactha atá achomharc, déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh maidir leis an achomharc. Féadfaidh an Bord Achomhairc aon chumhacht atá faoi inniúlacht údarás SCCT a fheidhmiú nó an cás a tharchur chuig an údarás sin chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

 

4.  Más rud é go ndéanann an Bord Achomhairc an cás a tharchur chuig údarás SCCT chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, beidh an t-údarás sin faoi cheangal ag conclúidí an Bhoird Achomhairc, a mhéid gurb ionann na fíorais.

 

5.  Ní bheidh éifeacht ag cinneadh ón mBord Achomhairc ach ón dáta a rachaidh tréimhse 2 mhí in éag tar éis don chinneadh a bheith curtha in iúl nó, más rud é go bhfuil caingean tugtha os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, ón dáta a dhíbhfear an caingean sin nó ó dháta aon achomhairc a dhéanfar leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne an chinnidh ón gCúirt Ghinearálta.

Leasú  149

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 27c

 

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

 

1.  Féadfar caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta nó os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, lena gconspóidfear cinneadh a rinne an Bord Achomhairc.

 

2.  Mura ndéanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh, féadfaidh imeachtaí de bharr neamhghnímh a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

 

3.  Ceanglófar ar údarás SCCT gach beart is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.

Leasú  150

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

2. Is go ceann tréimhse neamhchinntithe ama a thabharfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 2(1a), 2(6), 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3), 12a(7), 18(3), 27(5), 27a(6), 31(2) agus 35(6) .

Leasú  151

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a chúlghairm aon tráth.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(1a), 2(6), 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3), 12a(7), 18(3), 27(5), 27a(6), 31(2) agus 35(6) a chúlghairm tráth ar bith.

Leasú  152

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail2(1a), 2(6), 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3), 12 a(7) 18(3), 27(5), 27a(6), 31(2) agus 35(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  153

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, agus forbróidh sé modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

1. Baileoidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, an fhaisnéis is gá chun an raon feidhme a leathnú chuig earnálacha eile agus chuig táirgí iartheachtacha a leagtar síos in Airteagal 2(1a) den Rialachán seo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna maidir le lorg comhshaoil.

Leasú  154

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Díreofar sa chéad tuarascáil, go háirithe, ar na féidearthachtaí chun an Rialachán seo a fheabhsú i dtreo an chuspóra Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus déanfar measúnú inti ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí leabaithe ó sheirbhísí iompair a chumhdach.

Leasú  155

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Faoin 1 Eanáir 2028, cuirfidh an Coimisiún an dara tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunaithe ar na chéad bhlianta de chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa dara tuarascáil sin:

 

(a)  cumas SCCT astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú agus an méid a rannchuidíonn sé le hiarrachtaí domhanda i dtreo oiriúnú aeráide;

 

(b)  feidhmiú rialachas SCCT;

 

(c)  na cleachtais imchéimniúcháin a shainaithnítear;

 

(d)  tionchar SCCT ar iomaíochas thionscal an Aontais, lena n-áirítear an tionscal iartheachtach agus ar FBManna, agus leibhéal an ualaigh riaracháin;

 

(e)  deiseanna chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide chun críche Aontas a bheidh aeráidneodrach faoi 2050 a bhaint amach; agus

 

(f)  tionchar SCCT ar onnmhairí na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Leasú  156

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Beidh togra reachtach ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún, más iomchuí, chun gur féidir fachtóir SCCT dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán seo a choigeartú, má mheastar gur gá sin chun cuspóirí SCCT a bhaint amach go cuí.

Leasú  157

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún.

3. Tar éis 2028, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú SCCT agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 2 bhliain maidir le feidhmiú SCCT, bunaithe ar na gnéithe a leagtar síos i mír 2a.

Leasú  158

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. I gcás inar tharla imeacht gan choinne, eisceachtúil agus gan chúis nach bhfuil smacht ag tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT air, agus a bhfuil iarmhairtí scriosacha ag an imeacht sin ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch na dtíortha lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid agus cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, de réir mar is iomchuí, lena leasaítear an Rialachán seo, chun na bearta sealadacha is gá a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla sin.

Leasú  159

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh san Aontas amhail ó dháta chur i bhfeidhm SCCT, dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

 

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, go dtí an 31 Nollaig 2030, tairbheoidh táirgeadh na n-earraí sin de leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Déanfar fachtóir SCCT lena laghdófar an leithdháileadh le haghaidh tháirgeadh na n-earraí sin a chur i bhfeidhm. Beidh fachtóir SCCT comhionann le 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024, 90 % in 2025, 80 % in 2026, 70 % in 2027, 50% in 2028, 25% in 2029 agus sroichfidh sé 0 % in 2030.

 

Beidh fachtóir SCCT maidir le hearraí a áirítear sa Rialachán seo tar éis...[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach faoi Airteagal 2(1a) comhionann le 100 % an chéad bhliain, 70 % an dara bliain, 40 % an tríú bliain, agus sroichfidh sé 0 % tar éis 4 bliana.

 

Déanfar an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce a ríomh gach bliain mar an meánsciar den éileamh ar leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcomparáid leis an éileamh iomlán ar leithdháileadh saor in aisce a ríomhtar le haghaidh na suiteálacha ar fad, don tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE. Cuirfear fachtóir SCCT i bhfeidhm.

Leasú  160

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos modheolaíocht ríofa i ndáil leis an laghdú dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhodheolaíocht ríofa a leagan síos don laghdú dá dtagraítear i mír 1.

Leasú  161

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Gach bliain ó 2025, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht SCCT maidir le haghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE nó sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar fhorbairt onnmhairí an Aontais in earnálacha SCCT agus ar na forbairtí maidir le sreafaí trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig na tríú tíortha sin nach gcuireann CTA AE nó sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach a chomhlíonann rialacha EDT agus a gcuireann dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.

Leasú  162

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin faisnéis mar gheall ar earraí allmhairithe, lena n-áirítear táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin uimhir EORI an dearbhóra, cód AC 8 ndigit, líon, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n-earraí, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.

3. Trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirfidh na húdaráis chustaim faisnéis in iúl d’údarás SCCT maidir le hearraí allmhairithe, lena n-áirítear táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin uimhir EORI an dearbhóra, cód AC 8 ndigit, líon, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n-earraí, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.

Leasú  163

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Cuirfidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (‘tuarascáil SCCT’) ina bhfuil faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin nó, sa chás gur allmhairíodh na hearraí go dtí níos mó ná Ballstát amháin, faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit a roghnóidh an dearbhóir, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.

1. Déanfaidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (‘tuarascáil SCCT’) ina mbeidh faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin a thíolacadh d’údarás SCCT, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.

Leasú  164

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) iomlán na n-astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6;

(c) iomlán na n-astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6;

Leasú  165

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil.

3. Cuirfidh údarás SCCT an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil.

Leasú  166

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh an t-údarás inniúil pionós comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhearbhóirí nach gcuirfidh isteach tuarascáil SCCT.

4. Déanfaidh údarás SCCT pionós comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhearbhóirí nach dtíolacann tuarascáil SCCT.

Leasú  167

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Má chinneann an t-údarás inniúil nár chomhlíon dearbhóir an oibleagáid tuarascáil SCCT a chur isteach mar a shonraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir mar a leanas:

5. Má chinneann údarás SCCT nár chomhlíon dearbhóir an oibleagáid tuarascáil SCCT a thíolacadh mar a shonraítear i mír 1, déanfaidh údarás SCCT an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir mar a leanas:

Leasú  168

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 5 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir an oibleagáid a chomhlíonadh tuarascáil a chur isteach do ráithe ar leith;

(a) gur tháinig údarás SCCT ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir an oibleagáid a chomhlíonadh tuarascáil a thíolacadh do ráithe ar leith;

Leasú  169

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 5 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) an gníomh a mheasann an t-údarás inniúil gur cheart don dearbhóir a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

(e) an ghníomhaíocht a mheasann údarás SCCT gur cheart don dearbhóir a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

Leasú  170

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun modh a fhorbairt chun na hastaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earraí allmhairithe a ríomh.

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun modh a fhorbairt chun na hastaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earraí allmhairithe a ríomh.

Leasú  171

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(a) Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Leasú  172

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Beidh feidhm ag Airteagal 35 go dtí an 28 Feabhra 2026.

(b) Beidh feidhm ag Airteagal 35 go dtí an 28 Feabhra 2025.

Leasú  173

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) Beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 17 ón 1 Meán Fómhair 2025.

(c) Beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 17 ón 1 Meán Fómhair 2024.

Leasú  174

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2026.

(d) Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2025.

Leasú  175

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Liosta na n-earraí agus na ngás ceaptha teasa

1. Chun earraí a shainaithint, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a liostaítear sna hearnálacha seo a leanas a thagann faoi láthair faoi na cóid ainmníochta comhcheangailte (‘AC’) a liostaítear thíos, agus is éard a bheidh iontu na cóid atá i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).

2. Chun críocha an Rialacháin seo, na gáis cheaptha teasa a bhaineann le hearraí atá sna hearnálacha a liostaítear thíos, is éard a bheidh sna gáis sin na cinn a liostaítear thíos le haghaidh gach cineál earraí.

Stroighin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2523 10 00 – Clincir stroighne

Dé-ocsaíd charbóin

2523 21 00 – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh

Dé-ocsaíd charbóin

2523 29 00 – Cineálacha eile stroighne Portland

Dé-ocsaíd charbóin

2523 90 00 – Stroighneacha hiodrálacha eile

Dé-ocsaíd charbóin

Leictreachas

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2716 00 00 – Fuinneamh leictreach

Dé-ocsaíd charbóin

Leasacháin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2808 00 00 – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

2814 – Amóinia, í ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

2834 21 00 - Níotráití potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3102 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3105 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan

- Cé is moite de: 3105 60 00 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Iarann agus Cruach

Cód AC

Gás ceaptha teasa

72 – Iarann agus cruach

Cé is moite de:

7202 – Fearó-chóimhiotail

7204 – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá

Dé-ocsaíd charbóin

7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh na n-iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, plátaí leaba, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

Dé-ocsaíd charbóin

7303 00 –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

Dé-ocsaíd charbóin

7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

Dé-ocsaíd charbóin

7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7308 – Foirgnimh (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna d’fhoirgnimh (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7309 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7311 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

Cód AC

Gás ceaptha teasa

7601 – alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603 – Púdair agus calóga alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7605 – Sreang alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

____________

1 Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

Leasú

Liosta na n-earraí agus na ngás ceaptha teasa

1. Chun earraí a shainaithint, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a liostaítear sna hearnálacha seo a leanas a thagann faoi láthair faoi na cóid ainmníochta comhcheangailte (‘AC’) a liostaítear thíos, agus is éard a bheidh iontu na cóid atá i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).

2. Chun críocha an Rialacháin seo, na gáis cheaptha teasa a bhaineann le hearraí atá sna hearnálacha a liostaítear thíos, is éard a bheidh sna gáis sin na cinn a liostaítear thíos le haghaidh gach cineál earraí.

Stroighin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2523 30 00 – Stroighin alúmanach

Dé-ocsaíd charbóin

2523 10 00 – Clincir stroighne

Dé-ocsaíd charbóin

2523 21 00 – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh

Dé-ocsaíd charbóin

2523 29 00 – Cineálacha eile stroighne Portland

Dé-ocsaíd charbóin

2523 90 00 – Stroighneacha hiodrálacha eile

Dé-ocsaíd charbóin

Leictreachas

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2716 00 00 – Fuinneamh leictreach

Dé-ocsaíd charbóin

Leasacháin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2808 00 00 – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

2814 – Amóinia, í ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

2834 21 00 - Níotráití potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3102 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3105 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan

- Cé is moite de: 3105 60 00 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Iarann agus Cruach

Cód AC

Gás ceaptha teasa

72 – Iarann agus cruach

Cé is moite de:

7202 – Fearó-chóimhiotail

7204 – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá

Dé-ocsaíd charbóin

7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh na n-iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, plátaí leaba, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

Dé-ocsaíd charbóin

7303 00 –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

Dé-ocsaíd charbóin

7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

Dé-ocsaíd charbóin

7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4 mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7308 – Foirgnimh (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna d’fhoirgnimh (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7309 – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7311 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

Cód AC

Gás ceaptha teasa

7601 – alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603 – Púdair agus calóga alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7605 – Sreang alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2 mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

 

Ceimiceáin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

Ceimiceáin Orgánacha

Dé-ocsaíd charbóin

2804 10 000 - Hidrigin

Dé-ocsaíd charbóin

2814 10 000 - Aimóinia ainhidriúil

Dé-ocsaíd charbóin

2814 20 00 - Amóinia i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

Polaiméirí

Cód AC

Gás ceaptha teasa

39 - Plaistigh agus earraí díobh

dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

_______________

1 Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

Leasú  176

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Na hastaíochtaí leabaithe díreacha iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí

2. Na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí

Leasú  177

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, ní thabharfar sa chuntas ach na hastaíochtaí díreacha. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, déanfar na hastaíochtaí díreacha agus na hastaíochtaí indíreacha araon a thabhairt sa chuntas. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Attrg = DirEm + Emel–Emel,exp

 

Leasú  178

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

ciallaíonn ‘astaíochtaí sannta’ an chuid d’astaíochtaí díreacha na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(6). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh: 𝐴𝑡𝑡𝑟𝐸𝑚𝑔=𝐷𝑖𝑟𝐸𝑚

ciallaíonn ‘astaíochtaí sannta’ an chuid d’astaíochtaí na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(6). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh: 𝐴𝑡𝑡𝑟𝐸𝑚𝑔=𝐷𝑖𝑟𝐸𝑚

 

Leasú  179

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 3 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Na hastaíochtaí leabaithe díreacha iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha

3. Na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha

 

Leasú  180

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 4 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Foilseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an gcur chuige chun ceartú a dhéanamh i ndáil le gáis cheaptha teasa nó dramhgháis a úsáidtear mar ionchur próisis, sula mbaileofar na sonraí is gá chun na luachanna réamhshocraithe ábhartha a chinneadh le haghaidh gach cineál earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Athbhreithneofar iad go tréimhsiúil trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.

Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír ón tír inar tharla na hastaíochtaí, chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír nó más rud é go dtiocfadh luachanna réamhshocraithe ísle a chuirfeadh iompar saorthairbhithe chun cinn as úsáid sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Foilseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an gcur chuige chun ceartú a dhéanamh i ndáil le gáis cheaptha teasa nó dramhgháis a úsáidtear mar ionchur próisis, sula mbaileofar na sonraí is gá chun na luachanna réamhshocraithe ábhartha a chinneadh le haghaidh gach cineál earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Beidh na sonraí atá ar fáil bunaithe, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis iontaofa agus atá ar fáil go poiblí maidir leis an gcineál teicneolaíochta agus próiseas a mbaintear úsáid as, dearadh plandaí, tionscnamh na n-ábhar ionchuir agus na n-earraí simplí a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, foinse fuinnimh agus sonraí eile. Déanfar luachanna réamhshocraithe a athbhreithniú go tréimhsiúil trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(6) a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.

Leasú  181

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 4 – pointe 4.1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach féidir leis an dearbhóir údaraithe na hastaíochtaí iarbhír a chinneadh ar mhodh leormhaith, úsáidfear luachanna réamhshocraithe. Socrófar na luachanna sin ag meándéine astaíochta gach tíre onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus iad arna méadú trí chorrlach a chur leo, corrlach a chinnfear i ngníomhartha cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí an 10 faoi gcéad is measa feidhmíocht de na suiteálacha AE le haghaidh an chineáil sin earraí.

I gcás nach féidir leis an dearbhóir údaraithe na hastaíochtaí iarbhír a chinneadh ar mhodh leormhaith, úsáidfear luachanna réamhshocraithe. Socrófar na luachanna sin ag meándéine astaíochta an 10% de shuiteálacha is measa feidhmíocht i ngach tír onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus iad arna méadú trí chorrlach a chur leo, corrlach a chinnfear i ngníomhartha cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí an 5 faoin gcéad is measa feidhmíocht de na suiteálacha AE le haghaidh an chineáil sin earraí. Ní bheidh na luachanna réamhshocraithe níos ísle i gcás ar bith ná na hastaíochtaí is dóchúla atá leabaithe agus ní bhainfidh an t-onnmhaireoir leas as mainneachtain sonraí iontaofa a chur ar fáil maidir le hastaíochtaí iarbhír ionas go mbainfear úsáid as luachanna réamhshocraithe.

Leasú  182

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 4 – pointe 4.2 – pointe 4.2.1. – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ar na sonraí is fearr atá le fáil ag an gCoimisiún agus lena gcinntear meán an fhachtóra astaíochta CO2 i dtonaí CO2 ina aghaidh na meigeavatuaire ó fhoinsí a shocraíonn na praghsanna sa tríú tír, sa ghrúpa de thríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír.

Bunófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ar an 10% de shuiteálacha is measa feidhmíocht a tháirgeann leictreachas sa tríú tír, sa ghrúpa de thríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír.


 

Leasú  183

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

 

Leasú

Iarscríbhinn IIIa

Modheolaíocht chun an laghdú ar dheimhnithe SCCT a ríomh de bharr leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE

 


 

An líon deimhnithe  Praghas deimhnithe  Oibleagáid

  agus coigeartú

 

[  -  ] x  x =

 

 

  

 

 

 

  -

 

 

 

 

 

 

 

   = 


 

Leasú  184

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – Cuid 1 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) beidh sé éigeantach go dtabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an tsuiteáil ach amháin i gcás ina dtarscaoiltear ón éigeantas sin é trí bhíthin critéir shonracha a chomhlíonadh;

(c) beidh sé éigeantach go dtabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an tsuiteáil ach amháin i gcás ina dtarscaoiltear ón éigeantas sin é trí bhíthin na critéir shonracha faoi Airteagal 8(3) a chomhlíonadh;


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

 

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rath ar bheartais praghsála carbóin ionas go ndéanfaidh an tAontas cuspóirí aeráide 2030 dá chuid a bhaint amach agus go mbeidh sé aeráidneodrach faoi 2050. Ciallaíonn praghsáil cheart gás ceaptha teasa gurb é údar an truaillithe, seachas an dúlra agus an tsochaí i gcoitinne, a íocann as na seachtrachtaí diúltacha a bhíonn ann mar gheall ar thionscail atá dian ar charbón (an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as). Ach praghsáil cheart carbóin a bheith ann, ráthaítear freisin go mbíonn dreasachtaí leordhóthanacha ann don tionsclaíocht chun dul i mbun nuálaíochta agus infheistíocht a dhéanamh i réitigh inbhuanaithe. Thar aon ní eile, is cuspóir comhshaoil agus aeráide é a áirithiú go n-íocann cuideachtaí, san Aontas agus i dtríú tíortha, an praghas ceart carbóin chun rochtain a fháil ar an margadh aonair, ach is cuspóir é freisin a mbeidh tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha don Aontas agus don domhan ag baint leis.

 

Aithníodh ag Comhdháil Aeráide COP 26 i nGlaschú a lárnaí atá praghsáil carbóin i mbeartais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus rinneadh dul chun cinn ar na rialacha maidir le margadh domhanda carbóin a bhunú agus leis an mbealach chun trádáil dhéthaobhach carbóin a rialú. Ach tá an dul chun cinn ar bhearta domhanda támáilte i gcónaí. Is féidir ról lárnach a bheith ag an togra nua le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) maidir lena thabhairt ar thríú tíortha praghas carbóin sainráite a chur i bhfeidhm. A bhuí le SCCT, tá athrú tagtha ar an dearcadh atá ag roinnt comhpháirtithe de chuid an Aontais, agus sin i bhfad roimh a theacht i bhfeidhm. Ní mór breith ar an bhfuinneamh sin chun praghsáil carbóin a chlaochlú ina treocht dhomhanda.

 

Bheadh ceithre thairbhe ag roinnt le SCCT uaillmhianach agus éifeachtúil i dtaca le beartais maidir le beartais maolaithe aeráide: (1) is treise a bheadh córas trádála astaíochtaí an Aontais dá bharr, (2) thiocfadh sé in ionad lamháltais saor in aisce do na hearnálacha a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo agus thiocfadh méadú, dá bhrí sin, ar líon na suiteálacha a chumhdaítear faoin gcóras i ndáiríre, (3) dhéanfaí praghsáil carbóin do na táirgí lena mbaineann agus a allmhairítear isteach san Aontas a áirithiú go héifeachtach leis agus, ar deireadh, (4) leanfadh sé de sceitheadh carbóin a chosc.

 

Tá sé comhoiriúnach do phrionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) gan SCCT a cheapadh ach mar bheart aeráide agus comhshaoil. Tá an rapóirtéir den tuairim nach féidir le leithdháiltí saor in aisce agus le SCCT a bheith ann i gcomhthráth nuair a thiocfaidh SCCT chun bheith iomlán oibríoch. Caithfear laghdú a dhéanamh de réir a chéile ach go mear ar leithdháiltí saor in aisce d’earnálacha SCCT de réir mar a bheidh an sásra á chéimniú isteach.

 

Is geal leis an rapóirtéir dearadh foriomlán an tsásra a rinne an Coimisiún agus measann sé gur túsphointe fónta é don phróiseas reachtach. Mar sin féin, tá sé mar aidhm ag an rapóirtéir uaillmhian aeráide an tsásra, a éifeachtacht fhadtéarmach agus a rialachas a neartú tuilleadh trí bhíthin roinnt leasuithe spriocdhírithe.

 

Ar an gcéad dul síos, beartaíonn an rapóirtéir raon feidhme an togra a leathnú chun ceimiceáin, hidrigin agus polaiméirí orgánacha a chumhdach, chomh maith le hastaíochtaí indíreacha i ngach earnáil a chumhdaítear le SCCT.

 

Ar an dara dul síos, molann an rapóirtéir go ndéanfaí SCCT a chéimniú isteach diaidh ar ndiaidh agus ar bhealach níos gasta ionas gur rogha eile ar lamháltais saor in aisce a bheidh sa chóras agus go mbeidh sé ag oibriú go hiomlán amhail ón 1 Eanáir 2029, agus é á thabhairt ar aon dul le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais.

 

Ar an tríú dul síos, measann an rapóirtéir gur údarás lárnach SCCT, seachas córas díláraithe ina bhfuil 27 n-údarás inniúla, is mó a bheadh éifeachtúil, trédhearcach agus costéifeachtach mar ionstraim chun cur chun feidhme cuí an rialacháin a áirithiú.

Ar an gceathrú dul síos, ba mhian leis an rapóirtéir go mbeadh SCCT ina ionstraim lena ndreasaítear comhar seachas coimhlint le comhpháirtithe an Aontais, go háirithe leis na tíortha is lú forbairt (LDCanna) agus molann sé go mbeadh an córas ina rannchuidiú lena n-iarrachtaí maidir le dícharbónú.

 

Ar an gcúigiú dul síos, measann an rapóirtéir go bhfuil na cumhachtaí atá á lorg ag an gCoimisiún róleathan agus nach leor an creat atá orthu, agus molann sé athruithe i ndáil leis an méid sin.

 

SCCT uaillmhianach agus oiriúnach don fheidhm

 

I bhfianaise na héigeandála reatha aeráide, measann an rapóirtéir gur cheart an uaillmhian is airde is féidir a thabhairt do SCCT ón tús chun a áirithiú go ndéanfar lamháltais saor in aisce a chéimniú amach chomh gasta agus is féidir. Is iomaí buntáirge a bhfuil na saintréithe cearta aige chun bheith á chlúdach le SCCT i gcomhréir le critéir na déine carbóin agus na neamhchosanta ar sceitheadh carbóin. Ba cheart táirgí atá dian ar charbón agus a ndéantar trádáil mhór orthu a áireamh in SCCT Cé go dtuigeann an rapóirtéir go bhfuil gá le tuilleadh obair theicniúil chun a áirithiú go saineofar luach ceart na n-astaíochtaí leabaithe d’earnálacha sonracha, níor ghá go n-eisiafaí ón sásra iad ar an gcúis sin amháin. Measann an rapóirtéir, go háirithe, gur cheart ceimiceáin, hidrigin agus polaiméirí orgánacha a áireamh i bhfianaise a ndéine carbóin agus trádála.

 

Thairis sin, ní bheadh feidhm ag an togra ón gCoimisiún, ag an gcéim sin, ach maidir le hastaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn phróiseas táirgthe na n-earraí a chumhdaítear. Ní bheadh astaíochtaí indíreacha, amhail astaíochtaí arna nginiúint ó leictreachas a úsáidtear le haghaidh monaraíochta, téimh nó fuaraithe, ina gcuid de SCCT. Measann an rapóirtéir gur gá SCCT a leathnú chuig astaíochtaí indíreacha atá ag an gcéim sin cheana chun uaillmhian aeráide an togra a ardú.

 

Céimniú isteach SCCT agus deireadh na lamháltas saor in aisce

 

Bheadh cur chun feidhme níos gasta SCCT, in éineacht le raon feidhme méadaithe, ina rannchuidiú freisin le cuspóir aeráide an togra. I gcomhréir leis an gcéimniú isteach a bheartaigh an Coimisiún, ní bheadh SCCT ag feidhmiú go hiomlán go dtí tús 2036, thart ar 15 bliana tar éis an togra tosaigh. I bhfianaise na héigeandála aeráide agus chuspóir 2030 an Aontais féin, measann an rapóirtéir go bhfuil sé sin ró-mhall mar luas cur chun feidhme.

 

Molann an rapóirtéir go ngearrfaí bliain amháin den idirthréimhse agus go gcuirfí deireadh léi an 31 Nollaig 2024. Thairis sin, molann sé luas incriminteach maidir leis an gcóras a chéimniú isteach do gach earnáil, cé is moite d’earnáil na stroighne. Déanfar fachtóir SCCT lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí sin a chur i bhfeidhm. Beidh fachtóir SCCT comhionann le 90 % in 2025, 70 % in 2026 agus 40 % in 2027, agus sroichfidh sé 0 % faoi dheireadh 2028.

 

Measann an rapóirtéir gur cás ar leith í stroighin agus gur cheart déileáil ar bhealach éagsúil leis. Is í an stroighin an earnáil ina bhfuil an déine trádála is ísle (10,1 %) i measc na n-earraí a chumhdaítear le SCCT. Dá bhrí sin, tá an riosca sceite carbóin íseal agus tá údar le cur chun feidhme níos gasta. Dá bhrí sin, bheadh feidhm ag fachtóir SCCT 0 % maidir le stroighin chomh luath leis an 1 Eanáir 2025.

 

Údarás lárnach SCCT amháin le haghaidh cur chun feidhme preas, comhleanúnach agus costéifeachtach

 

Déantar foráil sa togra ón gCoimisiún do chóras hibrideach díláraithe ina bhfuil 27 n-údarás SCCT i gceannas ar bhainistiú an chórais. Chuirfí roinnt cúraimí nua ar na húdaráis inniúla sin, idir clárlanna náisiúnta le haghaidh dearbhóirí údaraithe a chur ar bun agus deimhnithe SCCT a dhíol.

 

Tá an rapóirtéir den tuairim go bhfágfadh córas díláraithe den sórt sin go mbeadh an rialachán á chur chun feidhme go míchothrom ag na 27 n-údarás inniúla, go mbeadh éagsúlachtaí ann maidir lena thapúla a bheadh sé á chur chun feidhme agus, sa deireadh thiar, go mbeadh ardriosca ann go rachfaí i mbun ‘siopadóireacht dlínse’, a bheadh díobhálach do shláine an mhargaidh aonair. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeartódh allmhaireoirí allmhairiú trí údarás inniúil amháin seachas trí cheann eile nuair atá údaráis inniúla éagsúla níos tapúla maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT agus le farasbarr dheimhnithe SCCT a athcheannach. D’fhéadfadh na neamhréireachtaí sin a bheith ina gcúis le saobhadh trádála.

 

Thairis sin, beidh SCCT ag brath ar roinnt bearta neamhreachtacha casta, eadhon gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe, ar ghá iad a chur in iúl agus a mhíniú go críochnúil do na 27 n-údarás náisiúnta. Is airde an riosca i gcóras díláraithe go mbeadh an cur i bhfeidhm míchothrom agus go mbeadh éagsúlachtaí sa chumarsáid le geallsealbhóirí, rud nach ndéanfadh ach cur le castacht an tsásra.

 

Creideann an rapóirtéir go mbeadh barainneachtaí scála ann ach údarás láraithe SCCT amháin a chur ar bun agus gurbh ísle na costais do cháiníocóirí an Aontais a bheadh ag roinnt leis.

 

Sásra lena gcuirtear comhar chun cinn

 

Ba cheart do SCCT a bheith ina chóras lena gcothaítear comhar seachas coimhlint i ndáil le beartais aeráide agus le trádáil. Leis an sásra, tá bealach soiléir á thairiscint chun muirear SCCT a sheachaint nuair is féidir leis an allmhaireoir a thaispeáint gur íocadh praghas carbóin sainráite atá coibhéiseach leis an bpraghas atá i bhfeidhm san Aontas.

 

Measann an rapóirtéir nach bhfuil lacáistí sainráite onnmhairiúcháin ag teacht le prionsabail EDT. Tá an méid sin á chur leis an gclásal athbhreithnithe ag an rapóirtéir, áfach, chun a áirithiú nach mbeidh aon sceitheadh breise carbóin ag roinnt le honnmhairí earnálacha Eorpacha a chumhdaítear in SCCT. Ba cheart don Choimisiún a mheas, le linn an chéad dá bhliain, an bhfuil togra reachtach chun déileáil le tionchar diúltach SCCT ar onnmhairí Eorpacha iomchuí.

 

Tá an rapóirtéir den tuairim gur cheart don chóras a bheith ina thacú níos fearr le LDCanna, ós iad is lú atá freagrach as an éigeandáil aeráide iad agus, ina theannta sin, ós rud é gur gá léim chun cinn sa nuálaíocht inbhuanaithe. Molann an rapóirtéir go dtabharfadh an tAontas tacaíocht airgeadais do LDCanna chun dícharbónú a dtionsclaíochta a spreagadh. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht airgeadais sin coibhéiseach, ar a laghad, leis an ioncam bliantúil a ghintear trí dheimhnithe SCCT a dhíol. Bheadh sé sin comhoiriúnach agus gan dochar don togra maidir le acmhainní dílse chun NextGenerationEU a mhaoiniú.

 

An leibhéal ceart cumhachtaithe á áirithiú

 

Fágtar roinnt gnéithe sa togra ón gCoimisiún ar trí ghníomhartha cur chun feidhme a shaineofar iad. Cé go bhfuil údar le cuid de na cumhachtaí sin a bheith á dtabhairt, creideann an rapóirtéir nach bhfuil creat leordhóthanach ar chuid eile acu agus go bhfuil siad ródhoiléir agus ró-fhairsing, i ndáil, mar shampla, leis na rialacha mionsonraithe maidir le gnéithe na modhanna ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Leis na leasuithe atá á moladh aige, tá sé mar aidhm ag an rapóirtéir a áirithiú go mbeidh cothromaíocht níos mó ann idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, bunaithe ar mheasúnú dlíthiúil agus fíorasach. Ina theannta sin, is mian leis raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún a shainiú ar bhealach níos fearr chun a áirithiú go mbeidh na comhreachtóirí fós freagrach as gnéithe riachtanacha an rialacháin.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Rinneadh an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

AEGIS Europe

AFEP - French Association of Large Companies

Agora Energiewende

AGPB/FNSEA

APPLiA Europe

ArcelorMittal

CAN Europe

Carbon Market Watch

Cem’in’EU

Cembureau

Confederation of FinnishIndustries - EK

Copa-Cogeca

CPME

Denso

DOW

E3G

Ecocem 

EEB

ERCST

Eurelectric

Eurofer

Eurometax

Euromines

Europe Jacques Delors

European Automobile Manufacturers’ Association

European Chemical Industry Council

European Express Association

european-aluminium.eu

ExxonMobil Petroleum & Chemical BVBA

Fertilizers Europe

France Industrie

Fuels Europe

German Watch

Heidelberg cement

Honda Motor Europe

Hydrogen Europe

IEEP

IG Metall

Industriall

IOGP - International Association of Oil & Gas Producers

LKAB

Meststoffen Nederland

Mission of Ukraine to the European Union

National Grid Ventures

NLMK International

Norsk Hydro

OCI

Oxfam

TIC Council

Ukrainian Business and Trade Association

University of Cambridge Institute for Sustainability Leadership (CISL)

WindEurope

WWF EPO

YARA

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (20.4.2022)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD))

Comhrapóirtéirí don tuairim (*): José Manuel Fernandes, Valérie Hayer

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

 

Áitíonn na comhrapóirtéirí go gcuirfí ceithre phríomhtheachtaireacht in iúl. Ar an gcéad dul síos, tacaíonn siad le cur chuige an Choimisiúin maidir le gan úsáid ioncaim SCCT a shainiú i rialachán SCCT, chun gur féidir an t-ioncam a shannadh do bhuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta de réir an Chinnidh maidir le hAcmhainní Dílse. Dá bhrí sin, ba mhaith leo cosc a chur ar aon chur chuige neamhsheasmhach lena gcuirfí ioncam SCCT ar leataobh chun críoch ar leith agus, ar an gcaoi sin, cosc a chur ar a sainiú mar acmhainní dílse. Thar aon ní eile, is é atá i gceist leis na leasuithe atá beartaithe sa tuairim seo ná an teachtaireacht seo a chur ar aghaidh agus débhríocht pholaitiúil maidir lena seasamh a sheachaint. Ar an dara dul síos, ba cheart don Aontas urraim a thabhairt dá ghealltanas fiachas Next Generation EU a aisíoc trí acmhainní dílse nua, lena n-áirítear SCCT, chun ciorruithe suntasacha i gcláir de chuid an Aontais a sheachaint i gcreataí airgeadais amach anseo. Ar an tríú dul síos, meabhraíonn na comhrapóirtéirí nár cheart aon chinneadh chun cabhrú le próiseas dícharbónaithe de chuid tríú tíortha a dhéanamh ach ar thaobh an chaiteachais de bhuiséad an Aontais. Ar an gceathrú dul síos, níor cheart aon chiste nua a chruthú lasmuigh de bhuiséad an Aontais ná níor cheart é a mhaoiniú le hioncam sannta a thagann as deimhnithe SCCT a dhíol. Ba cheart do reachtóirí iomadú na gcistí idir-rialtasacha ar chostas na haontachta buiséadaí a sheachaint.

 

 

SCCT mar iarrthóir seanbhunaithe ar acmhainní dílse

 

Is mian leis na comhrapóirtéirí don choiste BUDG go mairfeadh an tionscnamh SCCT mar bhloc tógála tábhachtach do thionscnaimh aeráide an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, agus mar bhonn d’acmhainn dhílis araon. Is fada an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (ar a dtugtaí ‘cáin teorann charbóin’ roimhe seo) ina rogha seanbhunaithe le haghaidh ciseán d’acmhainní dílse nua. De thairbhe an naisc atá aige le beartais aeráide an Aontais agus le hinniúlachtaí an Aontais maidir le tráchtáil agus trádáil idirnáisiúnta, teorainneacha seachtracha agus rialú custaim, is fíor-iarrthóir é.

 

In 2021, d’éirigh leis an gcoiste BUDG freisin caibidil chuimsitheach ar ghné na n-acmhainní dílse a chur isteach i dtuarascáil féintionscnaimh na Parlaiminte maidir le SCCT AE atá comhoiriúnach do EDT[3] agus glacadh an chaibidil sin le tromlach mór sa suí iomlánach.

 

Dá bhrí sin, tháinig SCCT chun bheith ina chuid lárnach den treochlár i dtreo acmhainní dílse a thabhairt isteach, rud ar céim chinniúnach é in iarrachtaí na Parlaiminte institiúidí an Aontais a ghríosú chun obair leantach a dhéanamh ar a uaillmhianta chun córas ioncaim buiséid níos láidre, níos athléimní agus níos neamhspleáiche a bhaint amach. Idir an dá linn, is é an príomhaidhm atá ann ioncam breise leordhóthanach a ghiniúint ón mbuiséad ginearálta chun costais aisíocaíochta meántéarmacha go fadtéarmacha iasachtaíochta NGEU a chumhdach, gan baol a bheith ann go ndéanfaí laghduithe dá réir ar chláir chaiteachais thraidisiúnta faoi CAInna amach anseo.

 

Sa mheabhrán míniúcháin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán SCCT, agus sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis, mínítear conas agus cén fáth a mbeidh ioncam SCCT le bheith ina acmhainn dhílis agus tugtar údar leis an méid sin. Idir an dá linn, tá tionscnaimh reachtacha tíolactha ag an gCoimisiún chun an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a leasú agus chun ‘Glúin Nua d’acmhainní dílse an Aontais’ a thabhairt isteach, lena n-áirítear ceann a bheidh bunaithe ar SCCT nua, nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

 

Na leasuithe atá beartaithe: dírithe ar ghnéithe buiséadacha

 

Ní hionann rialachán SCCT é féin agus bunghníomh na n-acmhainní dílse; áirítear na forálacha ábhartha lena sainítear taobh ioncam bhuiséad an Aontais sa chinneadh maidir le hacmhainní dílse agus sa reachtaíocht ábhartha cur chun feidhme.

 

Tá an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán SCCT go hiomlán comhoiriúnach leis na tionscnaimh maidir le hacmhainní dílse. Dá bhrí sin is leasuithe i gcuid na n-aithrisí, den chuid is mó, atá á moladh i dtuairim BUDG chun an méid seo a leanas a dhearbhú agus a thabhairt chun suntais:

 

1) Cineál dlíthiúil agus cuspóir deiridh SCCT: Aontaíonn an coiste BUDG gur ionstraim beartais aeráide é SCCT agus, dá réir sin, nach ionstraim fhioscach é; mar sin féin, is bonn é a oireann go maith d’acmhainn dhílis do bhuiséad an Aontais. Níl sé riachtanach, agus bheadh fadhbanna ag gabháil leis fiú ó thaobh comhoiriúnacht do ETD de, leasuithe a chur isteach ann a mbeadh sé mar chuspóir leo an leibhéal ioncaim a thagann ó SCCT a mhéadú.

 

2) Ba cheart an t-ioncam a úsáid, dá bhrí sin, mar acmhainní dílse chun buiséad an Aontais a mhaoiniú mar ioncam ginearálta, uilíoch. Le hioncam nua breise, éascófar sa deireadh aisíoc chostais NGEU. Ní dhéanfar aon chur in áirithe teicniúil, áfach. Is iomchuí meabhrúchán faoi threochlár IIA a thabhairt. 

 

3) Le linn na cinnteoireachta amach anseo, d’fhéadfadh éileamh láidir a bheith ann ar leas a bhaint as ioncaim SCCT chun tacú le tríú tíortha, go háirithe na tíortha is lú forbairt, le dícharbónú na n-earnálacha tionsclaíocha dá gcuid atá buailte. Mar sin féin, is féidir acmhainní airgeadais do chabhair den sórt sin a chruinniú le chéile trí úsáid a bhaint as cláir bhuiséid an Aontais faoi cheannteideal an chaiteachais sheachtraigh atá ann cheana nó atá atreisithe, gan dul i muinín ioncam sannta (cleachtas ba cheart a sheachaint ionas nach mbainfí an bonn ó inniúlachtaí an Údaráis Bhuiséadaigh).

 

 

Ní mian le rapóirtéirí BUDG idirghabháil a dhéanamh maidir le ceisteanna a bhaineann le ceapadh beartais. Mar sin féin, féachfaidh siad le bheith cabhrach agus cuiditheach a mhéid a bhaineann le hathruithe reachtacha a dhéanamh ag na céimeanna níos faide anonn, mar shampla maidir le raon feidhme SCCT agus struchtúr údarás SCCT ionas go mbeidh na forálacha sa rialachán comhoiriúnach le gnéithe praiticiúla rialachais ar thaobh ioncam bhuiséad an Aontais agus a mhéid a bhaineann le ról na Parlaiminte sa chinnteoireacht a chosaint.

 


LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus le díobháil bhreise don chomhshaol a chosc, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna. Dá bhrí sin, ní ionstraim fhioscach é SCCT, ar aon chor, atá spreagtha ag an deis ioncam poiblí a ghiniúint agus, dá bhrí sin, tá sé comhoiriúnach do rialacha EDT.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) Ba cheart an t-ioncam a ghinfear a shannadh do bhuiséad an Aontais mar acmhainn dhílis i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 311 CFAE, de bhun Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 20201d agus mar a mhol an Coimisiún an 22 Nollaig 2021 ina thogra reachtach chun an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a leasú1b. Dá bhrí sin, bheadh an acmhainn dhílis atá bunaithe ar SCCT ina chuid de chiseán d’acmhainní dílse ar cheart an t-ioncam iomlán uaidh a bheith leordhóthanach chun leibhéal an chaiteachais ionchasaigh fhoriomláin a chumhdach i gcomhair chostais aisíocaíochta na príomhshuime agus ús na hiasachtaíochta arna dtabhú faoin ionstraim Next Generation EU, agus prionsabal na huilíochta á urramú leis ag an am céanna. In éineacht leis an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CTA, ba cheart don dá acmhainn dílse ghlasa sin buiséad an Aontais a nascadh freisin le tosaíochtaí beartais an Aontais agus, dá bhrí sin, breisluach a chur leo. Ba cheart dóibh rannchuidiú leis na cuspóirí maidir le príomhshruthú aeráide agus le hathléimneacht bhuiséad an Aontais mar uirlis le haghaidh infheistíochtaí agus ráthaíochtaí.

 

__________________

 

1A Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28).

 

1b COM(2021)0570.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13b) Tugtar le tuiscint le prionsabal na huilíochta nach féidir aon acmhainn dhílis ar leith a chur in áirithe ná a shannadh chun cineál sonrach caiteachais a chumhdach. A bhuí le SCCT agus freisin leis an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CTA agus leis an acmhainn dhílis atá bunaithe ar Cholún a hAon de Chomhaontú ECFE/G201a, déantar tosaíochtaí beartais an Aontais a dhaingniú, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus rannchuidiú an Aontais le cánachas cothrom ar thaobh ioncaim bhuiséad an Aontais chun breisluach AE a sholáthar. Le hacmhainní dílse nua, ba cheart rannchuidiú le príomhshruthú aeráide, athléimneacht bhuiséad an Aontais a fheabhsú mar uirlis le haghaidh infheistíochtaí agus ráthaíochtaí agus, trí líon na bhfoinsí ioncaim a éagsúlú, na rioscaí do bhuiséad an Aontais ar thaobh an ioncaim a mhaolú agus ualach na n-aisíocaíochta fiachais ar bhuiséid náisiúnta a laghdú.

 

__________________

 

1a Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a Thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as an nGeilleagar a Dhigitiú, Tionscadal ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, an 8 Deireadh Fómhair 2021.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13c) Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na costais riaracháin arna dtabhú ag SCCT agus a áirithiú, san am céanna, go gcuirfear oiliúint leormhaith ar an bhfoireann oiliúint chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú.

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú. A mhéid atá an tacaíocht sin infheidhme agus incháilithe, ba cheart tacaíocht d’iarrachtaí na dtíortha is lú forbairt dícharbónú a dhéanamh ar a gcuid tionscal monaraíochta a mhaoiniú faoi chláir chaiteachais ábhartha bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear trí chaiteachas ar an aeráid a threisiú laistigh de chláir gheografacha agus théamacha ábhartha na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

 

__________________

 

1A Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 60 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(60a) A luaithe a dhéanfar an t-ioncam a ghintear le SCCT a shannadh do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse, ba cheart d’údaráis na mBallstát a bhfuil baint acu le buiséad an Aontais a bhainistiú prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh i dtaca le tobhach, bailiú agus cur ar fáil na n-ioncam a urramú. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh trí bhíthin faisnéis ábhartha, tacaíocht theicniúil agus riaracháin agus comhairle faoi riachtanais SCCT.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(61a) Tá sé tábhachtach nach gcuirfí ualach ná costais iomarcacha riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a mhéid a bhaineann le SCCT a chur chun feidhme, agus an córas a shimpliú a mhéid is féidir agus, san am céanna, a fheidhmiú ceart agus a thrédhearcacht a áirithiú. Ba cheart Údarás SCCT a chistiú ar bhealach lena ráthófar a fheidhmiú inmharthana agus lena gcumasófar bainistíocht fhónta airgeadais. Ba cheart na costais a bhaineann le cruthú agus oibriú an údaráis a chumhdach le hioncam ginearálta bhuiséad an Aontais.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil III – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Údarás SCCT

 

(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar é, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha tríd síos).

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

1. Bunóidh an Coimisiún údarás SCCT chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla go léir ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

scriosta

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.

scriosta

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

Ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol

 

Ní ioncam sannta a bheidh san ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol a shainmhíniú mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311 CFAE agus a iontráil i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Ag bunú sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tagairtí

COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2021

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

13.9.2021

Coistí comhlachaithe – dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

11.11.2021

Pléite sa choiste

1.2.2022

 

 

 

Dáta an ghlactha

20.4.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

31

5

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Pietro Bartolo, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Andor Deli, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Camilla Laureti, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Petros Kokkalis, Jan Olbrycht, Petri Sarvamaa

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

31

+

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Petri Sarvamaa, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Renew

Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

S&D

Pietro Bartolo, Robert Biedroń, Eider Gardiazabal Rubial, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Camilla Laureti, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

The Left

Petros Kokkalis, Dimitrios Papadimoulis

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro

 

5

-

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca

ID

Joachim Kuhs

NI

Andor Deli, Lefteris Nikolaou-Alavanos

 

4

0

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte

Renew

Moritz Körner

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (21.4.2022)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Izabela‑Helena Kloc

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

RÉASÚNÚ GEARR

Tá an dréacht den togra reachtach maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Iúil 2020 ina fhreagra tábhachtach ar go leor ceisteanna a tarraingíodh anuas sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Tháinig an réamhthuairim maidir le SCCT chun cinn le linn an phlé agus tugadh isteach i roinnt tuarascálacha neamhreachtacha ó Pharlaimint na hEorpa le blianta beaga anuas é, agus dá bhrí sin, ar ócáid an togra reachtaigh ón gCoimisiún, is deis é sin céim thábhachtach chun tosaigh trí shásra éifeachtach, trédhearcach agus láidir ag an am céanna a bhaint amach a bheidh éifeachtach, trédhearcach lena seachnófar an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus lena gcuirfear le tacú le hiomaíochas thionscal na hEorpa i leith tríú tíortha, lena spreagfar freisin laghduithe ar astaíochtaí i dtríú tíortha atá tábhachtach chun astaíochtaí allmhairithe AE a laghdú, agus comhoiriúnacht EDT á háirithiú.

I gcomhthráth, tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil réiteach neamhiomlán fós ag gabháil leis an téacs atá beartaithe ag an gCoimisiún, creideann sí ag an am céanna gur cheart aghaidh a thabhairt ar roinnt pointí sa togra reachtach chun go mbeidh SCCT oiriúnach dá chuspóir agus chun freagairt do na dúshláin atá cheana ann a bhaineann leis na cuspóirí uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a bhaint amach.

Ar an gcéad dul síos, leagann an Rapóirtéir béim ina dréacht-tuairim ar an nasc atá idir Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus SCCT agus á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur féidir leis an sásra nuabhunaithe na sásraí coiscthe sceite carbóin atá ann faoi CTA a chomhlánú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise an mhéadaithe mhear atá ag teacht ar phraghas CTA AE, a sháraigh cheana na hionsamhlúcháin sa Mheasúnú Tionchair, lena gcruthaítear baol go bhféadfaí an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar liúntas saor in aisce ar mharthanas tionscail dianfhuinnimh AE a mheas faoina luach.

Ós rud é go ndeimhnítear sa Mheasúnú Tionchair go laghdófar iomaíochas onnmhairiúcháin AE de dheasca lamháltais saor in aisce a tharraingt siar, rud a fhágann go dtitfidh onnmhairí AE i gcás earnálacha SCCT, creideann an Rapóirtéir nár cheart tús a chur le lamháltais saor in aisce faoi CTA a chéimniú amach go dtí go mbunóidh an Coimisiún sásra chun sceitheadh carbóin den sórt sin ar mhargaí onnmhairiúcháin a chosc. Go dtí go dtiocfar ar réiteach maidir le honnmhairí, is iad na bearta sceite carbóin atá ann faoi láthair an t-aon uirlis amháin lena n-áirithítear sceitheadh carbóin ó thitim in onnmhairí AE in earnáil SCCT agus san earnáil iartheachtach araon.

Ar an dara dul síos, fágann an Rapóirtéir creat ama na hidirthréimhse mar a moladh ar dtús é don tréimhse 2023-2025, ach leagann sí béim ar thábhacht na tuarascála ón gCoimisiún ar cheart dó anailís chuí a dhéanamh ar na sonraí atá faighte le linn na hidirthréimhse chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag SCCT ar an earnáil iartheachtach agus chun raon feidhme na n-astaíochtaí leabaithe a leathnú chuig astaíochtaí indíreacha agus béim ar leith á leagan ar earnálacha dianfhuinnimh.

Ar an tríú dul síos, tá sé ríthábhachtach nár cheart dul timpeall ar SCCT agus nach mór aghaidh a thabhairt go cuí ar aon chineál imchéimnithe chun dlús SCCT a áirithiú, agus chun comhlíonadh oibleagáidí SCCT a neartú, chomh maith le cur i bhfeidhm luachanna réamhshocraithe a neartú.

Ar deireadh, molann an Rapóirtéir go neartófaí an córas chun suiteálacha tríú tíortha a chlárú, agus go ndéanfaí trédhearcacht an chórais a mhéadú.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Fad agus atá éagsúlacht cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais agus éagsúlacht dá réir sin maidir leis an leibhéal uaillmhéine aeráide a bhíonn mar thoradh ar a gcur chuige, tá riosca sceite carbóin ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach nach bhfuil chomh dian céanna ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i mbaol, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(8) Fad is nach mbaineann líon suntasach de chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais an leibhéal céanna uaillmhéine aeráide amach, beidh ann do riosca sceite carbóin, lena ndéanfaí an bonn a bhaint ó iomaíochas an Aontais. Trí shásra éifeachtach coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) a chur chun feidhme, ba cheart go n-áiritheofaí go gcruthófar machaire comhréidh agus go ndéanfar comhpháirtithe trádála a spreagadh chun dícharbónú a dhéanamh. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn dá mba rud é go ndéanfadh gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó dá mba rud é go nglacfadh allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach nach bhfuil chomh dian céanna ó thaobh astaíochtaí GCT de ar an margadh inmheánach, mar aon leis na margaí onnmhairiúcháin, nó gur chuig tíortha atá lasmuigh den Aontas den chuid is mó a shreabhfadh infheistíocht in earnálacha agus fo-earnálacha den sórt sin. Bheadh, dá thoradh sin, méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i mbaol, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a) Is gá gníomhú ar bhonn domhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le sceitheadh carbóin. Ní hamháin gur cheart don Aontas dea-shampla a thabhairt trí dheireadh a chur lena astaíochtaí féin, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin atá leabaithe sna táirgí a allmhairíonn sé, ach ba cheart dó freisin treisiú a dhéanamh ar a thaidhleoireacht aeráide agus ar an bplé oscailte le tríú tíortha a bhfuil suim acu bearta a ghlacadh atá cosúil le SCCT, chun a n-ionstraimí a chomhchuibhiú, i gcomhréir le rialacha EDT, agus chun córas domhanda atá oscailte, iltaobhach agus comhoibritheach a chruthú.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Tá an togra le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Fónfaidh an sásra sin mar eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

(9) Tá SCCT mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Fónfaidh an sásra sin mar eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí chosc a chur le sceitheadh carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais, agus an fhorbairt ar thionscail Eorpacha á caomhnú agus á cur chun cinn agus lena n-áiritheofar machaire comhréidh cothrom a mhéid a bhaineann lena n-iomaíochas ar mhargaí an Aontais agus an domhain.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a) Beidh an nuálaíocht ríthábhachtach chun borradh a chur faoin bhfás agus faoin iomaíochas trí ghnóthais an Aontais, go háirithe FBManna, a chumhachtú le bheith ina gceannairí domhanda i bhforbairt teicneolaíochtaí nua agus glana. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit dreasachtaí agus beartais le haghaidh nuálaíocht a chur chun cinn.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE lagaítear an comhartha praghais a thugann an córas le haghaidh na suiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.

(10) Maidir leis na sásraí atá cheana ann lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Ionstraim leormhaith beartais ab ea leithdháileadh saor in aisce na lamháltas ar leibhéal na dtíortha is fearr le haghaidh earnálacha tionsclaíocha áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le sceitheadh carbóin in éagmais cothroime iomaíochta agus tá sé fós riachtanach do chothromaíocht eacnamaíoch agus d’iomaíochas na n-earnálacha lena mbaineann.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Féachann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le hionadú a dhéanamh ar na sásraí sin atá ann faoi láthair trí aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú diaidh ar ndiaidh ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Maidir le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, níor cheart é a bheith mar thoradh orthu sin, i gcás ar bith, go bhfaigheadh earraí AE cóir níos fabhraí i gcomparáid leis an gcóir a fhaigheann earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(11) Is é is intinn fholuiteach le tabhairt isteach SCCT ná na sásraí atá ann faoi láthair a chomhlánú agus a ionadú de réir a chéile trí dhíriú ar ghnéithe áirithe de sceitheadh carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú de réir a chéile ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur de réir a chéile leis an gcóras lamháltas saor in aisce atá ann faoi láthair ar mhaithe le haistriú cothrom a áirithiú do na hearnálacha dianfhuinnimh. Tá gá le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm SCCT chun lamháil do tháirgeoirí, d’allmhaireoirí agus do thrádálaithe oiriúnú do SCCT agus chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach SCCT agus níor cheart i gcás ar bith go gcaithfí ar bhealach níos fabhraí le hearraí an Aontais i gcomparáid le hearraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais, toisc go bhfuil trádáil leanúnach le tríú tíortha riachtanach don Aontas agus dá shlabhraí soláthair éagsúlaithe. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag cur i bhfeidhm na bhforálacha sin ar iomaíochas earraí an Aontais, go háirithe ar onnmhairiú na n-earraí sin.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.

(12) Cé gurb é is cuspóir do SCCT ná an riosca sceite carbóin ón margadh inmheánach, ó mhargaí onnmhairiúcháin, agus ó sceitheadh infheistíochta a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh ag an am céanna do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir. D’fhéadfadh SCCT a bheith ina bheart éifeachtach, dá bhrí sin, chun astaíochtaí a laghdú i dtríú tíortha agus iomaíochas tionsclaíochta na hEorpa á áirithiú ag an am céanna. Bealach éifeachtach is ea astaíochtaí a laghdú san Aontas agus i dtríú tíortha chun an riosca maidir le sceitheadh carbóin a laghdú. Ba cheart breathnú ar SCCT mar chéim i dtreo praghsáil dhomhanda astaíochtaí carbóin, lena laghdófaí tuilleadh an riosca maidir le sceitheadh carbóin ar fud an domhain.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13) Mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart do SCCT a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi CTA AE murach sin, ina bhfuil cothromú i gcostas carbóin idir táirgí náisiúnta agus táirgí allmhairithe mar thoradh air. Is beart aeráide is ea SCCT ar cheart dó an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, agus comhoiriúnacht EDT agus iomaíochas tionsclaíoch á áirithiú ag an am céanna.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Mar sin féin, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar na hastaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (dá ngairtear ‘córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí’), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun a áirithiú nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(19) Mar sin féin, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar astaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme le CTA AE, agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (‘córas teorannaithe agus trádála’ mar a thugtar air), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú le SCCT, chun a áirithiú nach ndéanfar sreabha trádála a shrianadh nó a shuaitheadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag CTA AE i leith suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag SCCT i leith earraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais chun machaire comhréidh a áirithiú do na hearraí allmhairithe sin i gcomparáid le hearraí an Aontais agus chun an riosca maidir le sceitheadh carbóin a chosc agus comhoiriúnacht le rialacha EDT á háirithiú ag an am céanna.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23b) Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus chun machaire comhréidh a áirithiú do thionscal na hEorpa, ba cheart toirmeasc a chur ar gach cleachtas imchéimniúcháin. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cleachtais imchéimniúcháin, go háirithe an dóchúlacht go ndéanfar patrúin trádála mhodhnaithe i leith táirgí iartheachtacha, mar aon le hathdháileadh acmhainní, costais a ionsú, sonraí astaíochtaí a ionramháil, earraí a lipéadú go héagórach agus mionathruithe ar tháirge chun an táirge sin a thagann faoi na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairiú faoi chód custaim difriúil. Ba cheart don Choimisiún a mheas freisin an dtugann tíortha tionscnaimh praghas carbóin isteach, agus sa chomhthéacs sin, ba cheart dó foráil a dhéanamh freisin d’aisíoc nó do chúiteamh trí bhearta indíreacha nó díreacha amhail cánacha eile a laghdú. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar mhaithe le bearta frith-imchéimniúcháin a neartú nuair is iomchuí.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) I dtaca le smachtbhannaí, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionóis atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE.

(24) Ó thaobh smachtbhannaí de, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm i leith sáruithe nó cleachtais inchéimniúcháin ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionóis atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear CTA AE de réir Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, i gcás cleachtais imchéimniúcháin nó i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ar an Rialachán seo, ba cheart pionóis níos láidre a chur i bhfeidhm ionas nach mbainfear an bonn ó éifeachtacht SCCT.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40) Ba cheart dearbhóir údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin a íocadh i leith na n-astaíochtaí sin i ndlínsí eile cheana.

(40) Ba cheart go lamhálfaí do dhearbhóir údaraithe éileamh a dhéanamh ar laghdú ar líon na ndeimhnithe CBAM atá le tabhairt suas a chomhfhreagraíonn do phraghas an charbóin a íocadh cheana i leith na n-astaíochtaí sin i ndlínsí eile, ar chruthúnas a sholáthar nár úsáideadh aon mhodhanna imchéimniúcháin chun na hearraí dearbhaithe a tháirgeadh nó i gcás inar féidir leis an dearbhóir a léiriú nach raibh aon astaíochtaí ann de shiocair an táirgthe.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42) Faoin gcóras, ba cheart an deis a bheith ann d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i mbunachar sonraí lárnach agus a n-astaíochtaí GCT leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí údaraithe. Ba cheart d’oibreoir a bheith in ann a roghnú nach dtabharfaí rochtain don phobal ar a ainm, a sheoladh ná a shonraí teagmhála sa bhunachar sonraí lárnach.

(42) Leis an gcóras, ba cheart go lamhálfaí d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i mbunachar sonraí lárnach agus a n-astaíochtaí GCT leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí údaraithe. Ba cheart d’oibreoir trédhearcacht a áirithiú sa rochtain ar fhaisnéis, go háirithe lena léirítear a ainm, a sheoladh agus a shonraí teagmhála sa bhunachar sonraí lárnach.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(42a) Má dhearbhaíonn táirgeoir cláraithe figiúirí bréagacha i leith astaíochtaí GCT nó má tá baint aige le haon chleachtas inchéimniúcháin i dtaca le rialacha SCCT, ba cheart é a scriosadh ón mbunachar sonraí lárnach de dhearbhóirí údaraithe agus é a bheith faoi réir pionós. I gcás ina meastar é a bheith iomchuí, ba cheart údarú allmhairiúcháin a tharraingt siar ar mhargadh an Aontais mar chuid den phionós go dtí go ndearbhófar figiúirí fíora agus infhíoraithe astaíochtaí.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

(50) Ba cheart idirthréimhse riaracháin a bheith i bhfeidhm le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2026 agus ba cheart go mbainfí úsáid as le haghaidh bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh ar thionchar SCCT ar na tionscail lena mbaineann agus chun sceitheadh carbóin a chosc, agus béim ar leith ar thionchar ionchasach chéimniú amach na leithdháiltí saor in aisce. Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil agus ar thionscail na hEorpa a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse riaracháin a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50a) Ba cheart feidhm a bheith ag idirthréimhse chuimsitheach le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027, leis an gcuspóir feidhmiú rianúil SCCT a éascú, rud a laghdódh an baol go mbeadh tionchar díréireach ar thionscal na hEorpa. I gcás ina gcruthófar go bhfuil an idirthréimhse chuimsitheach ar neamhréir le rialacha EDT, ba cheart síneadh a chur leis an idirthréimhse riaracháin go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50b) Ba cheart don Choimisiún measúnú agus fíorú dearfach a dhéanamh ar éifeachtacht iomlán SCCT ó thaobh dul i ngleic leis an riosca maidir le sceitheadh carbóin ar mhargadh an Aontais agus ar mhargaí onnmhairiúcháin araon trí fhaireachán láidir a dhéanamh ar na tionchair ar ghnólachtaí an Aontais, d’fhonn an Rialachán seo a leasú, más gá.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50c) Ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar shásra sábháilteachta a chur ar bun chun cosaint dhúbailte a sheachaint agus ag an am céanna freagairtí meara a chumasú i gcás ina mbeadh aon bhearnaí gan choinne i gcosaint sceitheadh carbóin, a bheadh nasctha le sásra athbhreithnithe rollach.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Chun feidhmiú cuí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

(51) Chun feidhmiú cuí SCCT a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún cabhrú le gnóthais, go háirithe FBManna, oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo agus grúpa saineolaithe a chur ar bun chun faisnéis agus dea-chleachtais a roinnt leis na húdaráis náisiúnta inniúla.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil19.

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse riaracháin agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheastóireacht sin, measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I chun a áirithiú gur cuireadh san áireamh go hiomchuí na próisis chasta táirgthe agus slabhraí luacha atá comhtháite go domhain sna hearnálacha sonracha a liostaítear san Iarscríbhinn sin. Sa tuarascáil ón gCoimisiún, ba cheart díriú go háirithe ar na féidearthachtaí atá ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí aeráide chun Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 agus ar na deiseanna atá ann bearta sceite carbóin a fheabhsú chun machaire comhréidh a áirithiú idir an tAontas agus tríú tíortha. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, chuig astaíochtaí indíreacha, earnálacha agus earraí seachas mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil19.

__________________

__________________

19 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

19 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52a) Ag deireadh na chéad bhliana tar éis na hidirthréimhse cuimsithí, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndíreofar go háirithe ar iomaíochas na dtáirgí a onnmhairítear lasmuigh den Aontas. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil sin ón gCoimisiún ar an riosca go gcuirfí earraí atá níos déine ó thaobh carbóin nó earraí nach bhfuil faoi réir costas coibhéiseach carbóin in ionad onnmhairí an Aontais ar mhargaí domhanda. Ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún chun réitigh atá comhoiriúnach le EDT a fhorbairt amhail sásraí coigeartaithe onnmhairiúcháin atá le cur chun feidhme chun éifeachtaí sceite carbóin ar onnmhairí an Aontais a sheachaint, agus na spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí á gcaomhnú ag an am céanna.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52b) Más rud é, tar éis na hidirthréimhse cuimsithí, go léiríonn an fhianaise a bhailigh an Coimisiún gur mó na costais a d’fhéadfadh a bheith ag SCCT ná na sochair a bhaineann leis agus nach féidir le SCCT na tionscail Eorpacha a thagann faoina raon feidhme a chosaint go héifeachtach ar sceitheadh carbóin, ba cheart moill a chur ar chéimniú isteach eile de SCCT go dtí go dtiocfar ar réiteach éifeachtach.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52c) Má dhéanann EDT agóid in aghaidh SCCT agus mar thoradh air sin nach gcuirtear chun feidhme é, ba cheart don Choimisiún togra reachtach athbhreithnithe a thíolacadh a mbeidh sé d’aidhm aige sceitheadh carbóin a laghdú.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52d) Tá sé beartaithe tús a chur le saorlamháltais a chéimniú amach, i gcomhréir le hAirteagal 10ú de Threoir 2003/87/CE, an 1 Eanáir 2028.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 54

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh, ar bhealach cóir agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dul i gcomhairle le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá dtrádáil leis an Aontas chun na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le hidirphlé agus comhar i dtaca le cur chun feidhme ghnéithe sonracha an tSásra a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún freisin, na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun a sásra praghsála carbóin a chur san áireamh.

(54) Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh, ar bhealach cóir agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dul i gcomhairle le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá dtrádáil leis an Aontas chun na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le hidirphlé agus comhar i dtaca le cur chun feidhme ghnéithe sonracha an tSásra a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann. Ba cheart dó freisin na féidearthachtaí a fhiosrú i dtaobh comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun a sásra praghsála carbóin a chur san áireamh, ar choinníoll go gcuireann siad laghduithe coibhéiseacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus srianta ar chostas carbóin ar fáil.

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(55a) Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go tráthrialta maidir lena dhul chun cinn maidir le hidirphlé le tríú tíortha agus maidir le haon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag SCCT ar na tionscail Eorpacha a ndéanann an Rialachán seo difear dóibh.

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 58

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(58) Chun a áirithiú nach ndéanfar forálacha an Rialacháin seo a imchéimniú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta d’earraí in Iarscríbhinn I a fhorlíonadh.

(58) Chun go mbeidh SCCT éifeachtúil maidir le sceitheadh carbóin a laghdú, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar na cleachtais imchéimniúcháin ar fad a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun a áirithiú nach ndéanfar forálacha an Rialacháin seo a imchéimniú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an liosta d’earraí in Iarscríbhinn I a fhorlíonadh.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201623. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus an tionscail, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201623. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

23 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

23 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc.

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe teorann carbóin (‘SCCT’)chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar a n-allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó ar a n-onnmhairiú amach as, chun astaíochtaí allmhairithe an Aontais a laghdú de réir a chéile, iomaíochas thionscail an Aontais a chaomhnú, an riosca maidir le sceitheadh carbóin a chosc agus rannchuidiú le hastaíochtaí carbóin domhanda a laghdú in earnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear comhpháirtithe trádála seachtracha.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Comhlánaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an córas arna bhunú le Treoir 2003/87/CE maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas trí shraith choibhéiseach rialacha a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí, ar earraí iad dá dtagraítear in Airteagal 2, isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

2. Comhlánaítear le SCCT an córas arna bhunú le Treoir 2003/87/CE maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas trí shraith choibhéiseach rialacha a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí nó onnmhairiú earraí, ar earraí iad dá dtagraítear in Airteagal 2, isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó amach aisti.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. De réir a chéile éireoidh an sásra sin ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

3. De réir a chéile, beidh an sásra ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca maidir le sceitheadh carbóin a chosc, go háirithe leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10ú den Treoir sin, más léir, tar éis anailís chríochnúil agus ionsamhlú a dhéanamh, go bhfuil an sásra éifeachtach i ndáil leis an riosca sceitheadh carbóin a chosc i gcás allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó onnmhairí amach aisti, agus lamháltais CTA AE á gcoimeád ar bun go dtí go mbeidh a leithéid éifeachtach.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Beidh SCCT comhoiriúnach le rialacha EDT.

Leasú  33

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn A.

3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn A nó a onnmhairítear chucu.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Measfar gur earraí de thionscnamh tríú tíortha iad earraí allmhairithe i gcomhréir le rialacha tionscnaimh neamhfhabhair mar a shainmhínítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

4. Measfar gur earraí de thionscnamh tríú tíortha iad earraí allmhairithe i gcomhréir le rialacha tionscnaimh neamhfhabhair mar a shainmhínítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Déanfar luachanna réamhshocraithe is infheidhme faoi Airteagal 7(2) agus Iarscríbhinn III den Rialachán seo a chur i bhfeidhm bunaithe ar an tír inar tharla na hastaíochtaí, gan beann ar thionscnamh na n-earraí allmhairithe.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 5 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) go bhfuil an oibleagáid rialála agus an glanualach rialála a fhorchuirtear sa tír óna dtionscnaíonn na hearraí cosúil nó coibhéiseach leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi CTA AE.

Leasú  36

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na hiomaíochta;

(a) tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le beartais éifeachtúlachta fuinnimh agus maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na hiomaíochta;

Leasú  37

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le cúpláil margaí leictreachais;

(b) cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear maidir le beartais éifeachtúlachta fuinnimh, an fhorbairt ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus le cúpláil margaí leictreachais;

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) tá treochlár curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ina bhfuil amchlár chun bearta a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (d) agus (e) a chur chun feidhme;

(c) tá treochlár atá ar fáil go poiblí agus infhíoraithe curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ina bhfuil amchlár chun bearta a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (d) agus (e) a chur chun feidhme;

Leasú  39

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) tá gealltanas tugtha ag an tríú tír nó ag an tríú críoch i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus dá réir sin, i gcás inarb infheidhme, tá straitéis forbartha fhadtéarmach, le haghaidh lár an chéid agus ailínithe leis an gcuspóir sin, foirmlithe aici maidir le híseal-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus curtha in iúl go foirmiúil aici do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus tá an oibleagáid sin curtha chun feidhme aici ina reachtaíocht intíre;

(d) tá gealltanas tugtha ag an tríú tír nó ag an tríú críoch i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus dá réir sin, i gcás inarb infheidhme, tá straitéis forbartha fhadtéarmach, le haghaidh lár an chéid agus ailínithe leis an gcuspóir sin, foirmlithe aici maidir le híseal-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus curtha in iúl go foirmiúil aici do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus tá an oibleagáid sin curtha chun feidhme go hinchreidte agus go héifeachtach aici ina reachtaíocht intíre;

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) tá córais éifeachtacha curtha ar bun ag an tríú tír nó ag an tríú críoch chun allmhairiú indíreach leictreachais a chosc san Aontas ó thríú tíortha eile nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a) go (e).

(f) tá córais láidre agus éifeachtacha curtha ar bun agus curtha i bhfeidhm ag an tríú tír nó ag an tríú críoch chun allmhairiú indíreach leictreachais a chosc san Aontas ó thríú tíortha eile nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a) go (e).

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 9 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) má tá cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach léirithe ag an tír nó ag an gcríoch chun ceann de na ceanglais a liostaítear i mír 7, pointí (a) go (f) a chomhlíonadh, nó má tá beart déanta ag an tír nó ag an gcríoch a bhí ar neamhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais;

(a) má tá cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas nach bhfuil dul chun cinn leormhaith cruthaithe ag an tír nó ag an gcríoch chun ceann de na ceanglais a liostaítear i mír 7, pointí (a) go (f) a chomhlíonadh, nó má tá beart d’aon chineál déanta ag an tír nó ag an gcríoch a bhí ar neamhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais;

Leasú  42

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9.

12. Déanfaidh an tAontas tús áite a thabhairt do chomhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9. Ní thabharfar cóir fhabhrach mhíchuí leis na comhaontuithe sin d’allmhairí ó thríú tíortha maidir le deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas ná ní chuirfear san áireamh iontu aon sásraí praghsála carbóin a mheastar a bheith ina gcleachtais imchéimniúcháin de réir bhrí Airteagal 27.

Leasú  43

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

12a. Féadfaidh an tAontas cur chuige comhlántach a shaothrú maidir le SCCT trí chomhar agus idirphlé le tríú tíortha, d’fhonn comhaontuithe a thabhairt i gcrích maidir le cur chuige oscailte, iltaobhach agus comhoibritheach chun dul i ngleic le sceitheadh carbóin agus dícharbónú domhain tionscal atá dian ar fhuinneamh a bhaint amach, lena n-áirítear trí bheartais neamhphraghsála.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás, arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;

(11) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás SCCT a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an údaráis náisiúnta arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n-earraí.

(28) ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí gás ceaptha teasa ó phróisis táirgthe leictreachais, téimh agus fuaraithe, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n-earraí.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) cainníocht iomlán gach cineál earraí nó cion na n-earraí sin i dtáirgí a phróiseáiltear as na hearraí sin, da dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, a allmhairíodh le linn na bliana féilire roimh an dearbhú, arna sloinneadh in uaireanta meigeavata i gcás leictreachais agus i dtonnaí i gcás earraí eile;

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) cóip den tuarascáil fíorúcháin a d’eisigh an fíoraitheoir faoi Airteagal 8 agus Iarscríbhinn V.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfar astaíochtaí leabaithe i leictreachas allmhairithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 4.2, mura roghnaíonn an dearbhóir údaraithe na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis an iarscríbhinn sin, pointe 5.

3. Déanfar astaíochtaí leabaithe i leictreachas allmhairithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 4.2, nó trí na hastaíochtaí leabaithe atá bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis an iarscríbhinn sin, pointe 5.

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Bunófar astaíochtaí leabaithe d’earraí a onnmhairítear chuig an Aontas, mura bhfuil feidhm ag pointe (c) d’Airteagal 27(5).

Leasú  50

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid ar an bhfaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas d’fhíoraitheoirí atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hIarscríbhinn V agus chun cur ar a chumas d’údarás SCCT an dearbhú SCCT a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 19(1).

4. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid ar an bhfaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas d’fhíoraitheoirí atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hIarscríbhinn V agus chun cur ar a chumas údarás SCCT agus ar chumas an údaráis náisiúnta inniúil an dearbhú SCCT a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 19(1).

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ar cheart an dearbhú SCCT a bheith curtha isteach.

5. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ar cheart an dearbhú SCCT a bheith curtha isteach. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas do na fíoraitheoirí creidiúnaithe na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus chun cur ar a chumas údarás SCCT agus ar chumas an údaráis náisiúnta inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT i gcomhréir le hAirteagal 19(1). Coinneofar na taifid sin go ceann na tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh údarás SCCT agus an t-údarás náisiúnta inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht. acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.

6. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a ghlacadh a bhaineann le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe tírshonracha a chinneadh le haghaidh earraí aonair in Iarscríbhinn I chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad ar dá mbun a chinnfear na hastaíochtaí iarbhír agus na luachanna réamhshocraithe, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. Sula nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin phoiblí le honnmhaireoirí, le hallmhaireoirí, le rialtais tríú tíortha agus le geallsealbhóirí eile. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht. acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6 a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

1. Áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6, chomh maith leis an modheolaíocht, agus na sonraí agus na doiciméid tacaíochta a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Beidh údarás SCCT agus an t-údarás náisiúnta inniúil údaraithe chun cruinneas na faisnéise i ndearbhú SCCT a fhíorú.

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I dtaca le hastaíochtaí leabaithe in earraí a táirgeadh i suiteálacha cláraithe i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 10, féadfaidh an dearbhóir údaraithe rogha a dhéanamh faisnéis fhíoraithe a úsáid a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

2. I dtaca le hastaíochtaí leabaithe in earraí a táirgeadh i suiteálacha cláraithe i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 10, déanfaidh an dearbhóir údaraithe faisnéis fhíoraithe a úsáid a nochtadh go poiblí dó i gcomhréir le hAirteagal 10 chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Leasú  55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar na hearraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha nó nach bhfuil agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann leis na tairseacha a leagan síos chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil neamh-chomhréireachtaí ábhartha agus maidir leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin. Beidh na forálacha a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme den sórt sin coibhéiseach leis na forálacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/20671d ón gCoimisiún1a.

 

__________________

 

1a Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 8(1), maidir le fíorú astaíochtaí leabaithe ag fíoraitheoir creidiúnaithe de bhun Airteagal 18. Ceanglófar ar an bhfíoraitheoir creidiúnaithe a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí faoi na dlíthe is infheidhme sa tríú tír, go ndearnadh an praghas carbóin a íoc amach go hiarbhír agus nach raibh an íocaíocht iarbhír as an bpraghas carbóin sin faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile.

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin dá dtagraítear i mír 2, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh an dearbhú SCCT isteach lena linn nó ar cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

3. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin dá dtagraítear i mír 2, go dtí deireadh an chúigiú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh an dearbhú SCCT isteach lena linn nó ar cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh sa tír thionscnaimh, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh diúltú don iarraidh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas a laghdú.

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

1. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi oibreoirí suiteálacha atá lonnaithe i dtríú tíortha agus faoina gcuid suiteálacha a chlárú i mbunachar sonraí lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárúchán dá dtagraítear i mír 1, tá an fhaisnéis seo a leanas a bheidh le háireamh sa bhunachar sonraí tráth an chláraithe:

2. Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárúchán dá dtagraítear i mír 1, tá an fhaisnéis seo a leanas a bheidh le háireamh sa bhunachar sonraí poiblí tráth an chláraithe:

Leasú  61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) astaíochtaí leabaithe an oibreora.

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) cóip den tuarascáil fíorúcháin a d’eisigh an fíoraitheoir faoi Airteagal 8 agus Iarscríbhinn V a chur ar fáil;

Leasú  63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) cóip a choimeád de thuarascáil an fhíoraitheora chomh maith le taifid den fhaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV le haghaidh tréimhse 4 bliana tar éis an fíorú a dhéanamh.

(c) cóip a choimeád de thuarascáil an fhíoraitheora chomh maith le taifid den fhaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV le haghaidh tréimhse 5 bliana tar éis an fíorú a dhéanamh.

Leasú  64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Comhlíonfaidh an t-oibreoir ceanglas mhír 5 faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.

Leasú  65

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’aon údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’údarás SCCT nó d’aon údarás náisiúnta inniúil fíorú agus athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

Leasú  66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis mar gheall ar fhíorú astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i mír 5 a nochtadh do dhearbhóir údaraithe. Beidh an dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as an bhfaisnéis nochta sin chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

7. Beidh dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as faisnéis ar astaíochtaí leabaithe oibreora atá cláraithe sa bhunachar sonraí poiblí lárnach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh, tráth ar bith, go ndíchlárófaí ón mbunachar sonraí é.

8. Féadfaidh an t-oibreoir, tar éis 10 mbliana ón dáta clárúcháin sa bhunachar sonraí, a iarraidh go ndíchlárófar ón mbunachar sonraí é.

Leasú  68

 

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil III – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Údarás SCCT

Leasú  69

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Ceapadh údarás SCCT

Leasú  70

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Bunaítear údarás lárnach CBAM ar leibhéal an Aontais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a bhainistiú.

Leasú  71

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla go léir ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus chun dul i mbun comhair le húdarás SCCT agus cuirfidh siad údarás SCCT ar an eolas ina leith sin.

Leasú  72

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla go léir ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leasú  73

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis náisiúnta inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú trí líonra a chuirtear ar bun faoi fhreagracht údarás SCCT.

Leasú  74

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An Coimisiún

Údaráis náisiúnta inniúla

Leasú  75

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú.

Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla cúnamh d’údarás SCCT, a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú. Déanfaidh údarás SCCT rialacha agus nósanna imeachta a bheith soiléir agus simplithe a leagan síos.

Leasú  76

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Soláthróidh na húdaráis náisiúnta inniúla comhairle theicniúil agus cúnamh teicniúil do na gnóthais, go háirithe FBManna, chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú.

Leasú  77

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gach faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Gach faisnéis a fhaigheann údarás SCCT agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus a ndualgais á chomhlíonadh acu, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní dhéanfaidh údarás SCCT nó na húdaráis náisiúnta inniúla an fhaisnéis a nochtadh gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Leasú  78

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Clárlanna náisiúnta agus bunachar sonraí lárnach

Clárlann SCCT

Leasú  79

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunóidh údarás inniúil gach Ballstáit clárlann náisiúnta dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rúndacht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13.

1. Déanfaidh údarás SCCT Clárlann SCCT a chur ar bun, chun próisis a bhaineann le deimhnithe SCCT a fhorghníomhú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 22 go 24.

Leasú  80

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis mar gheall ar gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:

2. I gClárlann SCCT beidh bunachar sonraí ina mbeidh faisnéis faoi gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:

Leasú  81

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) líon, praghas díola, dáta ceannaithe, dáta tugtha suas, nó dáta athcheannaigh, nó an dáta a chuir an t-údarás inniúil ar ceal dheimhnithe SCCT gach dearbhóra údaraithe.

(d) an líon, an praghas díola, an dáta ceannaithe,an dáta deimhnithe atá i seilbh gach dearbhóir údaraithe.

Leasú  82

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Is faoi rún a bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2.

3. Beidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don phobal, ach amháin má chruthaítear gur faisnéis rúnda gnó í i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Áireofar i bhfaisnéis rúnda achoimrí bríocha neamhrúnda. Déanfar faisnéis atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí maidir le nósanna imeachta an Aontais faoi bhunachar sonraí lárnach CTA AE a phoibliú.

Leasú  83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 10 (2). Féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan a ainm, a sheoladh agus a shonraí teagmhála a bheith ar fáil don phobal.

4. Déanfaidh údarás SCCT bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air a chur ar bun ina mbeidh ainmneacha, seoltaí, sonraí teagmhála na n-oibreoirí, suíomh a suiteálacha i dtríú tíortha, agus a n-astaíochtaí leabaithe, i gcomhréir le hAirteagal 10 (2).

Leasú  84

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gníomhóidh an Coimisiún mar riarthóir lárnach chun loga idirbheartaíochta neamhspleách a choinneáil ar bun ina gcoimeádfar taifead de cheannach deimhnithe SCCT, dá sealbhaíocht, dá dtabhairt suas, dá n-athcheannach agus dá gcur ar ceal, agus áiritheoidh sé comhordú na gclárlann náisiúnta.

1. Gníomhóidh údarás SCCT mar riarthóir lárnach chun loga idirbheartaíochta neamhspleách a choinneáil ar bun ina gcoimeádfar taifead de cheannach deimhnithe SCCT, dá sealbhaíocht, dá dtabhairt suas, dá n-athcheannach agus dá gcur ar ceal, agus áiritheoidh sé comhordú na gclárlann náisiúnta.

Leasú  85

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú.

3. Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú. Déanfar neamhrialtachtaí arna sainaithint a cheartú ar a dhéanaí laistigh d’aon mhí amháin ón lá a sainaithníodh iad, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh feidhm ag pionóis de bhun Airteagal 26.

Leasú  86

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuntais sna clárlanna náisiúnta

Cuntais i gclárlann SCCT

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Sannfaidh an t-údarás inniúil uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.

1. Sannfaidh údarás SCCT uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas sa chlárlann.

2. Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas i gclárlann SCCT chun a oibleagáidí de bhun Airteagal 10 a chomhlíonadh.

Leasú  89

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Cuirfidh an t-údarás inniúil an cuntas ar bun a luaithe a bhronnfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.

3. Cuirfidh údarás SCCT an cuntas ar bun tráth an údaraithe tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an t-údarás inniúil cuntas an dearbhóra sin.

4. Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má dhéantar údarú SCCT a tharraingt siar, dúnfaidh údarás SCCT cuntas an dearbhóra sin.

Leasú  91

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta a leagan síos maidir le cuntais Chlárlann CBAM a bhainistiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  92

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Dearbhóir a chuirfidh iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh an t-údarás inniúil é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

1. Dearbhóir a chuirfidh iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh an t-údarás náisiúnta inniúil é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú  93

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) ní raibh an dearbhóir páirteach i sárú tromchúiseach ná i sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh agus níl aon taifead ina leith maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;

(a) nach raibh an dearbhóir agus oibreoirí na suiteálacha atá lonnaithe i dtríú tíortha as a bhfoinsíonn na dearbhóirí earraí páirteach i sárú tromchúiseach ná i sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, i ndleachtanna frithdhumpála nó i ndleachtanna frithchúitimh a sheachaint, i rialacha cánachais ná rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh a shárú agus nach bhfuil aon taifead ina leith maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;

Leasú  94

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) nár mhainnigh an dearbhóir arís agus arís eile oibleagáidí CBAM a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 26 agus nach raibh baint aige le cleachtais imchéimnithe i gcomhréir le hAirteagal 27.

Leasú  95

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina gcinnfidh údarás SCCT nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(3) a sholáthar, diúltófar an dearbhóir a údarú.

2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás náisiúnta inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar mhainnigh an t-iarratasóir an fhaisnéis  a liostaítear in Airteagal 5(3) a sholáthar, diúltófar an dearbhóir a údarú.

Leasú  96

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Má dhiúltaíonn an t-údarás inniúil dearbhóir a údarú, féadfaidh an dearbhóir a bhfuil an t-údarú á iarraidh aige agóid a chur faoi bhráid an údaráis ábhartha faoin dlí náisiúnta, sula ndéanfar achomharc, agus tabharfaidh an t-údarás ábhartha sin treoir don riarthóir náisiúnta an cuntas a oscailt nó seasfaidh sé leis an diúltú i gcinneadh réasúnaithe, faoi réir cheanglais an dlí náisiúnta lena saothraítear cuspóir dlisteanach atá ag luí leis an Rialachán seo agus ar ceanglais iad atá comhréireach.

3. Má dhiúltaíonn an t-údarás náisiúnta inniúil dearbhóir a údarú, féadfaidh an dearbhóir a bhfuil an t-údarú á iarraidh aige agóid a chur faoi bhráid an údaráis ábhartha faoin dlí náisiúnta, sula ndéanfar achomharc, agus tabharfaidh an t-údarás ábhartha sin treoir don riarthóir náisiúnta an cuntas a oscailt nó seasfaidh sé leis an diúltú i gcinneadh réasúnaithe, faoi réir cheanglais an dlí náisiúnta lena saothraítear cuspóir dlisteanach atá ag luí leis an Rialachán seo agus ar ceanglais iad atá comhréireach.

Leasú  97

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh an údaráis inniúil lena n-údaraítear dearbhóir

4. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh an údaráis náisiúnta inniúil lena n-údaraítear dearbhóir

Leasú  98

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 4 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) an uimhir chuntais SCCT.

(c) an uimhir chuntais i gclár SCCT

Leasú  99

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Éileoidh údarás SCCT go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain inar tíolacadh an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

6. Éileoidh an t-údarás náisiúnta inniúil go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Leasú  100

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Socróidh an t-údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an uasmhéid sin de réir mheastachán an údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 22.

Socróidh an t-údarás náisiúnta inniúil méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an uasmhéid sin de réir mheastachán an údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 22.

Leasú  101

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid na n-oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin nó leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid na n-oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.

7. Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn an t-údarás náisiúnta inniúil nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid na n-oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin nó leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid na n-oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.

Leasú  102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Scaoilfidh an t-údarás inniúil an ráthaíocht díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar thug an dearbhóir údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.

8. Scaoilfidh an t-údarás náisiúnta inniúil an ráthaíocht tar éis don dearbhóir údaraithe deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22 agus tar éis don dearbhú SCCT a tíolacadh de bhun Airteagal 6 a bheith fíoraithe de bhun Airteagal 8.

Leasú  103

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a. Féadfaidh an t-údarás CBAM cruinneas agus iomláine na faisnéise arna soláthar ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 5(3) a fhíorú mar aon le marthain, barántúlacht, cruinneas agus bailíocht aon doiciméid tacaíochta. Féadfar na rialuithe sin a dhéanamh ag áitreabh an iarratasóra.

Leasú  104

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin.

9. Déanfaidh an t-údarás náisiúnta inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin.

Leasú  105

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socraithe mionsonraithe chun na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  106

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh an chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír 2, lena sonraítear coinníollacha maidir le rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, maidir le creidiúnú a tharraingt siar agus maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí na gcomhlachtaí creidiúnúcháin.

scriosta

Leasú  107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana ba cheart an dearbhú a chur isteach. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchadh a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.

1. Féadfaidh údarás SCCT agus an t-údarás náisiúnta inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an cúigiú bliain i ndiaidh na bliana inar cheart an dearbhú a chur isteach. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchadh a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.

Leasú  108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás nár cuireadh isteach dearbhú SCCT i gcomhréir le hAirteagal 6, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe bunaithe measúnú ar oibleagáidí SCCT an dearbhóra sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó agus ríomhfaidh sé an líon iomlán deimhnithe SCCT atá dlite faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den cheathrú bliain i ndiaidh na bliana ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

2. I gcás nár cuireadh isteach dearbhú SCCT i gcomhréir le hAirteagal 6, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe bunaithe measúnú ar oibleagáidí SCCT an dearbhóra sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó agus ríomhfaidh sé an líon iomlán deimhnithe SCCT atá dlite faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den chúigiú bliain i ndiaidh na bliana inar cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe sa chlárlann náisiúnta i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

2. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe i gclárlann SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

Leasú  110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don údarás inniúil, líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don údarás inniúil, líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas. Sainaithneoidh an dearbhóir údaraithe na deimhnithe sonracha SCCT atá le tabhairt suas agus úsáid á baint as na cóid aitheantais aonaid uathúla atá acu.

Leasú  111

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil an líon deimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta. Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad atá allmhairithe aige ó bhí tús na bliana féilire ann.

2. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil an líon deimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas i gclárlann SCCT. Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad atá allmhairithe aige ó bhí tús na bliana féilire ann.

Leasú  112

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.

scriosta

Leasú  113

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Athcheannóidh údarás inniúil gach Ballstáit, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe sa Bhallstát sin, an farasbarr de dheimhnithe SCCT a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra sa chlárlann náisiúnta tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

1. Athcheannóidh údarás inniúil gach Ballstáit, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe sa Bhallstát sin, an farasbarr de dheimhnithe SCCT a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra i gclárlann SCCT tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

Leasú  114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Aon trian den líon iomlán deimhnithe SCCT a cheannaigh an dearbhóir údaraithe le linn na bliana féilire roimhe sin, sin é an teorainn a bheidh leis an líon deimhnithe atá faoi réir an athcheannaigh dá dtagraítear i mír 1.

2. Aon trian den líon iomlán deimhnithe SCCT a cheannaigh an dearbhóir údaraithe le linn na bliana féilire roimhe sin, sin é an teorainn a bheidh leis an líon deimhnithe atá faoi réir an athcheannaigh dá dtagraítear i mír 1. Sainaithneoidh an dearbhóir údaraithe cóid aitheantais aonaid uathúla na ndeimhnithe SCCT a bheidh le hathcheannach.

Leasú  115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Is é an praghas athcheannaigh a bheidh ar gach deimhniú SCCT ná an praghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as an deimhniú sin tráth an cheannaigh.

3. Is é an praghas athcheannaigh a bheidh ar gach deimhniú SCCT ar leith ná an praghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as an deimhniú sin tráth an cheannaigh.

Leasú  116

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntais clárlainne náisiúnta na ndearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin.

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntais i gclárlann SCCT na ndearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin.

Leasú  117

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. A luaithe a bheidh tús curtha leis na himscrúduithe faoi Airteagal 27, agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas in am trátha, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ón dáta clárúcháin sin ar aghaidh. Déanfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ó thionscal an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt do ghníomh den sórt sin. Féadfar allmhairí a chur freisin faoi réir clárúchán ar thionscnamh rialacháin ón gCoimisiúin. Déanfar cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shonrú i rialachán den sórt sin. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí. Cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 4 mhí.

Leasú  118

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Pionóis

Pionóis i ndáil le hallmhairí earraí

Leasú  119

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bpionós dá dtagraítear i mír 1 maidir le haon dearbhóir údaraithe a mhainníonn, laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 19(3), deimhnithe CBAM a ghéilleadh a chomhfhreagraíonn don uimhir arna cur in iúl ag an gCoimisiún ar bhonn na forála sin.

Leasú  120

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 4 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe nó ag an duine achomharc a dhéanamh faoi rialacha náisiúnta.

(f) go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe nó ag an duine achomharc a dhéanamh.

Leasú  121

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. I gcás ina mainnítear arís agus arís eile roinnt deimhnithe CBAM a fhreagraíonn do na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin a thabhairt suas, nó i gcás faisnéis bhréagach a chur isteach i ndearbhú CBAM, féadfar dearbhóir údaraithe, nó aon cheann dá pháirtithe gaolmhara, a eisiamh go huathoibríoch ón gclár ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta eisiaimh. An fíoraitheoir faoi seach – agus aon pháirtí gaolmhar dá chuid – a mbeidh cruinneas na faisnéise i ndearbhú CBAM deimhnithe aige, déanfaidh an t-údarás inniúil a dheimhniú a tharraingt siar.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain an reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena rialacha náisiúnta i dteannta pionóis dá dtagraítear i mír 2. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

5. Féadfaidh údarás SCCT smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain an reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i dteannta pionóis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4a. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh an Coimisiún beart, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun dul i ngleic le cleachtais lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.

1. Déanfaidh an Coimisiún beart ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Bhallstát, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.

Leasú  124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áirítear ar na cleachtais imchéimniúcháin cásanna nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le hathrú sa phatrún trádála i ndáil le hearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo ach gurb é is cúis leis an athrú oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus is éard a bhíonn sna cleachtais sin táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin.

2. Áirítear ar na cleachtais imchéimniúcháin go háirithe cásanna nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leormhaith le hathrú sa phatrún trádála i ndáil le hearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo seachas na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus gurb éard a bhíonn sna cleachtais sin:

 

(a) táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin;

 

(b) trasloingsiú na n-earraí sin trí thríú tíortha agus é de thoradh na hearraí sin a eisiamh ó SCCT faoi Airteagal 2(3) nó astaíochtaí leabaithe níos ísle a dhaingniú de thoradh Airteagal 7 a chur i bhfeidhm maidir le luachanna réamhshocraithe (trasloingsiú);

 

(c) díolacháin earraí arna gcumhdach ag SCCT le hastaíochtaí leabaithe níos ísle a díoladh le margaí eile le linn tréimhse tagartha a atreorú chuig an Aontas, agus díolacháin earraí arna gcumhdach ag SCCT le hastaíochtaí leabaithe níos airde a onnmhairíodh chuig an Aontas le linn na tréimhse tagartha céanna a atreorú chuig margaí eile, gan laghdú comhfhreagrach ar na hastaíochtaí iomlána leabaithe le haghaidh earraí arna gcumhdach ag SCCT an táirgeora i dtrácht (athdháileadh acmhainní).

 

(d) modhnú beag ar tháirge chun é a chur faoi chód custaim eile nach bhfuil faoi réir oibleagáidí an Rialacháin seo;

 

(e) dearbhuithe bréagacha maidir le céannacht tháirgeoir an táirge lena mbaineann, nó maidir le cineál an táirge lena mbaineann, nó maidir leis an bpróiseas táirgthe;

 

(f) earraí a chur in ionad earraí ag a bhfuil cion carbóin níos ísle ná na hearraí sin a tháirgtear de ghnáth sa tír is onnmhaireoir, chun críche onnmhairiú go heisiach chuig críoch chustaim an Aontais, mar shampla trí chleachtais athdháilte acmhainní.

Leasú  125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic, thar thréimhse dhá mhí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, le laghdú mór ar an méid earraí allmhairithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo agus le méadú ar an méid allmhairí táirgí atá modhnaithe de bheagán nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar aon athrú mór patrúin i dtrádáil earraí agus táirgí atá modhnaithe de bheagán ar leibhéal an Aontais.

3. Féadfaidh Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic, nuair a dhéantar comparáid idir é agus tréimhse thagartha, le laghdú mór ar an méid:

 

(a) earraí allmhairithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo agus le méadú ar an méid allmhairí táirgí atá modhnaithe de bheagán nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I;

 

(b) earraí allmhairithe a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a onnmhairítear ó thír onnmhairithe amháin nó níos mó agus méadú ar mhéid na n-earraí allmhairithe arna n-onnmhairiú ó thíortha onnmhairíochta éagsúla, mar atá leagtha amach i mír 2, pointe (b);

 

(c) earraí allmhairithe ag a bhfuil astaíochtaí ard leabaithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, arna dtáirgeadh ag táirgeoir tríú tír agus méadú comhfhreagrach ar mhéid na n-earraí allmhairithe a bhfuil astaíochtaí ísle leabaithe acu arna dtáirgeadh ag an táirgeoir eachtrach céanna, mar atá leagtha amach i mír 2, pointe (c).

 

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar aon athrú mór patrúin i dtrádáil earraí ar leibhéal an Aontais.

Leasú  126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 3 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán a chur san áireamh chun críocha frith-imchéimniúcháin.

5. I gcás ina bhfuil cúiseanna leormhaithe ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear:

 

(a) i mír 2, pointe(a), molfaidh sé raon feidhme an Rialacháin seo a leasú chun táirgí atá modhnaithe de bheagán a áireamh chun críocha frith-imchéimniúcháin;

 

(b) go bhfuil mír 2, pointe (b) ag tarlú, ordóidh sé clárú allmhairí láithreach agus tionscnóidh sé fíorú ar dhearbhuithe SCCT maidir le hearraí arna n-allmhairiú ó na tíortha ábhartha, le fócas ar leith ar dheimhniú na tíre tionscnaimh agus ar chur i bhfeidhm cuí na luachanna iarbhír agus réamhshocraithe faoi Airteagal 7 agus Iarscríbhinn V;

 

(c) go bhfuil mír 2, pointe (c) ag tarlú, bunóidh sé astaíochtaí leabaithe chun críocha Airteagal 7 ar leibhéal an táirgeora tríú tír gan beann ar an áit ina ndíoltar earraí, seachas astaíochtaí leabaithe a bhunú le haghaidh na n-earraí a onnmhairítear chuig an Aontas, agus le haghaidh na n-earraí sin amháin.

Leasú  127

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh an Choimisiúin nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon pháirtí leasmhar ar bhonn fianaise leormhaith maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún imscrúduithe agus forchuirfidh sé pionós ar dhearbhóir údaraithe a bhfuil baint aige leis na cleachtais imchéimniúcháin. I gcás inarb iomchuí, beidh i gceist freisin leis an bpionós go dtarraingeofar siar an t-údarú allmhairiúcháin.

Leasú  128

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b. Beidh cinntí ón gCoimisiún maidir le pionóis dá dtagraítear i mír 5ú faoi réir nós imeachta achomhairc.

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5c. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais imchéimniúcháin nach bhfuil bunaithe ar mhodhnú táirgí atá ar áireamh i liosta na n-earraí in Iarscríbhinn I.

Leasú  130

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, agus forbróidh sé modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

1. Baileoidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig astaíochtaí indíreacha agus chuig earraí eile atá i mbaol ó sceitheadh carbóin amhail plaistigh, hidrigin, earraí críochnaithe agus táirgí iartheachtacha, agus modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 31 Nollaig 2025.

Leasú  131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse riaracháin an 1 Eanáir 2023 - an 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm idirthréimhseach an Rialacháin seo. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

 

(a) measúnú ar na féidearthachtaí chun raon feidhme na n-astaíochtaí leabaithe a leathnú tuilleadh, ag díriú go háirithe ar earnálacha dianfhuinnimh agus ar aon chaillteanas a d’fhéadfadh a bheith ann do chúiteamh ar chostas CTA indíreach faoi Airteagal 10a(6) de Threoir 2003/87/CE;

 

(b) meastóireacht ar an tionchar ar na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I chun a áirithiú gur cuireadh san áireamh go hiomchuí na próisis chasta táirgthe agus slabhraí luacha atá comhtháite go domhain sna hearnálacha sonracha sin.

 

(c) measúnú domhain, arna fhorbairt i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, ar na féidearthachtaí chun raon feidhme Iarscríbhinn I a leathnú tuilleadh chuig astaíochtaí indíreacha agus chuig earraí eile atá i mbaol ó sceitheadh carbóin, amhail plaistigh, hidrigin, earraí críochnaithe agus táirgí iartheachtacha, agus modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

 

(d) measúnú ar an tionchar ar iomaíochas an tionscail Eorpaigh agus aibíocht na dteicneolaíochtaí nua, chomh maith leis an tionscal iartheachtach, go háirithe an tionchar ar FBManna, le togra chun aon tionchar diúltach ar iomaíochas úsáideoirí den sórt sin a leigheas, agus aon ualach díréireach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann;

 

(e) sainaithint na gcleachtas imchéimniúcháin agus calaoise agus bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun iad a leigheas;

 

(f) measúnú ar an gcóras rialachais.

 

Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

Leasú  132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2, chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig earnálacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chuig astaíochtaí indíreacha dá bhforáiltear i mír 2, pointe (c).

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Bunófar idirthréimhse chuimsitheach ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027. Bunóidh an Coimisiún creat chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na bearta a chuirfear i bhfeidhm i rith na tréimhse sin rialacha EDT.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2c. Roimh dheireadh na hidirthréimhse riaracháin da dtagraítear i mír 2b, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh a mheasúnú maidir le cur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo. Leagfar béim sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:

 

(a) an tionchar ar thionscal na hEorpa agus ar thionscal iartheachtach na n-earnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus ar FBManna, agus aon ualach breise riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás FBManna;

 

(b) tionchar SCCT ar thrádáil earraí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ar chleachtais inchéimniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann;

 

(c) measúnú ar cibé ar tharla athrú ar phatrún trádála in earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I i dtíortha a onnmhairíonn na hearraí sin chuig an Aontas agus cibé a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn athdháileadh acmhainní;

 

(d) measúnú ar thionchar SCCT ar astaíochtaí ó earnálacha a tháirgeann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí san Aontas agus astaíochtaí leabaithe in allmhairí an Aontais de na hearraí sin, mar aon le honnmhairí na n-earraí sin chuig tríú tíortha ó shuiteálacha tríú tíortha a onnmhairíonn chuig an Aontas;

 

(e) measúnú ar éifeachtúlacht an tuairiscithe astaíochtaí i ndearbhuithe SCCT, fíoruithe ar dhearbhuithe SCCT ag fíoraitheoirí, cigireachtaí tríú tír, bailiú agus úsáid sonraí iarbhír agus réamhshocraithe i leith astaíochtaí, mar aon le comhsheasmhacht na sonraí tuairiscithe ó na hallmhairí céanna as measc allmhaireoirí éagsúla agus Ballstáit éagsúla;

 

(f) an riosca maidir le sceitheadh carbóin ar mhargaí onnmhairiúcháin agus réitigh atá comhoiriúnach le EDT amhail sásraí coigeartaithe onnmhairiúcháin a dhéanfadh costais charbóin a chothromú;

 

(g) measúnú a dhéanamh de réir earnála féachaint an bhfuil SCCT fós éifeachtach agus praiticiúil don earnáil lena mbaineann, go háirithe i gcás tionscail déantúsaíochta a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu.

Leasú  135

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2d. Déanfar faireachán leanúnach ar chur chun feidhme éifeachtach SCCT agus ar chéimniú amach na saor-leithdháiltí de réir a chéile. Féadfaidh an Coimisiún sásraí athbhreithnithe a bhreithniú chun aghaidh iomchuí a thabhairt ar thorthaí an nós imeachta faireacháin san Airteagal seo.

Leasú  136

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún.

scriosta

Leasú  137

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfar coigeartú ar na deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22 chun go gcuirfear san áireamh a mhéid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ar shuiteálacha a tháirgeann, laistigh den Aontas, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

1. Faoin 31 Nollaig 2026, déanfar deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22. Déanfaidh an Coimisiún na bearta sin a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha EDT.

Leasú  138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Faoin 31 Nollaig 2027, déanfar deimhnithe SCCT a choigeartú freisin chun léiriú a thabhairt ar thús céimniú amach lamháltas saor in aisce CTA AE i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE do shuiteálacha a tháirgeann, laistigh den Aontas, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Chun machaire comhréidh a áirithiú do tháirgí an Aontais atá le honnmhairiú, sna hearnálacha a chumhdaítear faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2027, tuarascáil, a mbeidh bearta reachtacha ag gabháil léi más gá, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar a bheidh ag onnmhairí Aontais na n-earnálacha sin sna margaí domhanda, lena ndéanfar measúnú ar shásra coigeartaithe onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann lena gcomhardófar/lena gcúiteoidh costais CO2 le scéimeanna praghsála éagsúla tríú tíortha, faoi réir rialacha EDT.

Leasú  140

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe -a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a) Beidh feidhm ag Airteagal 30 ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leasú  141

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(a) Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2026.

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Beidh feidhm ag Airteagail 35 go dtí an 28 Feabhra 2026.

(b) Beidh feidhm ag Airteagail 35 go dtí an 28 Feabhra 2027.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2026.

(d) Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2027.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) Beidh feidhm ag Airteagal 31(1a) ón 31 Nollaig 2027.


NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Ag bunú sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tagairtí

COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2021

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

13.9.2021

Coistí comhlachaithe – dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

11.11.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Izabela-Helena Kloc

1.10.2021

Pléite sa choiste

2.2.2022

 

 

 

Dáta an ghlactha

20.4.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

57

16

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Vasile Blaga, Michael Bloss, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Jens Geier, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Marisa Matias, Eva Maydell, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Niklas Nienaß, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Pina Picierno, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Manuela Ripa, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Cornelia Ernst, Klemen Grošelj, Alicia Homs Ginel, Nora Mebarek, Jutta Paulus, Ernő Schaller-Baross, Susana Solís Pérez

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

57

+

ECR

Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski

ID

Matteo Adinolfi, Paolo Borchia, Thierry Mariani, Joëlle Mélin, Isabella Tovaglieri

NI

András Gyürk, Ernő Schaller-Baross

PPE

Pascal Arimont, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

Renew

Nicola Beer, Nicola Danti, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Susana Solís Pérez

S&D

Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Robert Hajšel, Alicia Homs Ginel, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Nora Mebarek, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Pina Picierno, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

 

16

-

ID

Markus Buchheit, Georg Mayer

NI

Clara Ponsatí Obiols

The Left

Manuel Bompard, Marc Botenga, Cornelia Ernst, Marisa Matias

Verts/ALE

Michael Bloss, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Niklas Nienaß, Ville Niinistö, Jutta Paulus, Mikuláš Peksa, Manuela Ripa

 

3

0

ECR

Robert Roos, Jessica Stegrud

S&D

Ivo Hristov

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT (28.3.2022)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Evin Incir

 

RÉASÚNÚ GEARR

Cé go ndearna an Coimisiún SCCT a cheapadh agus a thíolacadh chun ‘sceitheadh carbóin’ a sheachaint, tá tábhachtach ag baint leis an acmhainneacht atá aige chun cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i dtíortha nach tíortha AE iad, gan beann ar ‘sceitheadh carbóin’, agus ba cheart díriú uirthi sin freisin. 

 

Ní chabhraítear leis an aeráid a chosaint leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as ioncam SCCT chun cludach a dhéanamh ar sciar de na híocaíochtaí ó creidiúnaithe príobháideacha ar na hiasachtaí dar luach € 450 milliún a fuarthas ó Next Generation EU agus tá easpa cinnteachta, dá bhrí sin, i gceist le SCCT. Má úsáidtear ioncam SCCT le haghaidh bearta nua cosanta aeráide i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil riachtanais ar leith acu, feabhsófar a dhlisteanacht mar shocrú incheadaithe faoi Airteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil.

 

Trí ioncaim a athinfheistiú in athléimneacht aeráide, bhunófaí fasach do chórais SCCT amach anseo. Is chun leasa ár bpláinéid, na bpobal leochaileach agus an Aontais Eorpaigh go mbainfí úsáid as ioncaim ó na córais sin ar mhaithe le gníomhú ar son na haeráide seachas ar mhaithe le laghdú ar chaiteachas poiblí a cheadú. Tá gá freisin le hioncam SCCT a dhíriú go sonrach ar thacaíocht do thíortha i mbéal forbartha as siocair go bhforchuireann an córas roinnt cineálacha costas ar thríú tíortha, amhail: an praghas ba cheart a íoc as astaíochtaí gás ceaptha teasa, na costais a bhaineann leis an obair shuntasach riaracháin is gá chun comhlíonadh (astaíochtaí a ríomh, tuairisciú, fíorú), caillteanais ioncaim ó onnmhairí nuair a éiríonn earraí neamhiomaíoch, costais na n-infheistíochtaí is gá chun iomaíochas a bhaint amach arís.

 

Aon tíortha agus aon táirgeoirí a bhfuil sé ar a gcumas na costais a iompar a bhaineann lena n-astaíochtaí a laghdú, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh agus is féidir pionós a ghearradh orthu, rud ba cheart a dhéanamh, mura gcomhlíonfaidh siad na ceanglais atá orthu. Ní hamhlaidh atá i gcás tíortha atá ar bheagán acmhainní agus a bhfuil riachtanais phráinneacha acu chun díriú ar oiriúnú don athrú aeráide, ionas go gcuirfí teorainn le caillteanais daoine agus ábhair a tharlaíonn mar shampla mar gheall ar hairicíní, tuilte, triomach, fairsingiú fásaigh, plánna ag iomadú mar thoradh ar dhíchobhsú nó cliseadh éiceachóras, ardú ar leibhéal na mara, creimeadh cósta agus sailíniú. Níor cheart na tíortha sin a chosaint ó ualaí breise mar gheall ar SCCT amháin. Ba cheart tacú leo freisin chun déileáil le tionchair an athraithe aeráide, nach bhfuil ach beagán freagrachta orthu ina leith, nó nach bhfuil aon fhreagracht orthu ina leith.

 

Ba cheart gurb iad na 46 Thír is Lú Forbairt na tíortha atá incháilithe don tacaíocht a ghintear as ioncam SCCT. Mar sin féin, beidh tionchar ag an ualach riaracháin agus airgeadais a eascraíonn as SCCT ar thíortha amhail Camarún, Gána agus an tSiombáib, ar tíortha iad atá i mbéal forbartha, ach gan bheith ar na tíortha is lú forbairt. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí Tíortha Íseal-Mheánioncaim a mbíonn tionchar ag SCCT orthu leis na tíortha incháilithe.

 

I rún uaithi an 10 Márta 2021 maidir le SCCT, d’aithin Parlaimint na hEorpa gur gá méadú a dhéanamh ar ranníocaíocht AE le maoiniú don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide do thíortha i mbéal forbartha. Bíonn roinnt coistí, Rapóirtéirí agus Comhaltaí eile a bhaineann le roinnt grúpaí á iarraidh go ndíreofaí ioncam SCCT ar na tíortha sin agus is ábhar dóchais é sin. Mar sin féin, níor tugadh aghaidh go dtí seo ar conas é sin a dhéanamh. 

 

Níor cheart, le cúiteamh ar chostais SCCT, nach bhfágfaí spás do chúnamh le haghaidh seirbhísí cúraim sláinte bhunúsaigh, slándáil bia, oideachas etc. nó le haghaidh caiteachas eile i gcatagóir 6 den CAI: ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do ghealltanas Chruinniú Mullaigh Aeráide na Náisiún Aontaithe (COP15) i gCóbanhávan 2009, go ndéanfar 100 billiún USD in aghaidh na bliana a chruinniú chun gníomhú ar son na haeráide i dtíortha i mbéal forbartha.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b) Tugann an tAontas chun cuimhne Sásra Idirnáisiúnta Vársá do Chaillteanas agus Damáiste a bhaineann le Tionchair an Athraithe Aeráide.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Tá an tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

(9) Tá an tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus d’fhreagairt fhoriomlán an Aontais ar an éigeandáil aeráide dhomhanda. Beidh SCCT ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.

(12) Is é is cuspóir do SCCT tacú le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus rannchuidiú le gníomhú an Aontais ar son na haeráide tríd an riosca sceite carbóin a chosc, lena n-áirítear trí úsáid a bheith á baint ag táirgeoirí i dtríú tíortha as teicneolaíochtaí atá níos éifeachtúla ó thaobh astaíochtaí GCT de agus trí phraghsáil astaíochtaí GCT agus socruithe ábhartha eile a ghlacadh ina leith sna tíortha sin, ionas go ndéanfar níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir a ghiniúint.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a) Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit féachaint le cosc a chur le glantionchair dhiúltacha shocheacnamaíocha SCCT ar na tíortha is lú forbairt. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith solúbtha i gcur chun feidhme na bhforálacha sa Rialachán seo agus tacaíocht theicniúil agus airgeadais spriocdhírithe a sholáthar dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 24a. Ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a chur chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar na TLFanna agus solúbthacht a sholáthar i gcás inar féidir, agus oibleagáidí géillte SCCT á laghdú aige i ndáil le hearraí a allmhairítear ó na tíortha is lú forbairt, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le rialacha EDT. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na solúbthachta agus na tacaíochta, tuairisciú go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena thorthaí ina leith sin agus gníomhú de réir mar is gá.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13) Mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart go n-áiritheofaí le SCCT go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi CTA AE murach sin. Is beart aeráide é SCCT agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart dó a bheith comhoiriúnach le EDT, aird chuí a thabhairt ar thionchair ar thíortha atá aitheanta ag na Náisiúin Aontaithe mar thíortha is lú forbairt nó ar tíortha iad atá sainaitheanta ag an mBanc Domhanda mar thíortha íseal-mheánioncaim agus a bhfuil difear mór déanta dóibh ag SCCT. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do thíortha sna catagóirí sin, i leith prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt a leagtar síos in Airteagal 208 CFAE, agus ba cheart rannchuidiú le comhlíonadh ghealltanas an Aontais agus tíortha forbartha eile cistiú nua agus breise, intuartha agus leordhóthanach a chur ar fáil le haghaidh gníomhú ar son na haeráide i dtíortha i mbéal forbartha.

Réasúnú

Tugadh an gealltanas dá dtagraítear i mír 8 de Chomhaontú Chóbanhávan den chéad uair i gcomhthéacs phróiseas UNFCCC do ghníomhú idirnáisiúnta ar son na haeráide. Níltear á chomhlíonadh go fóill, mar ní féidir a rá go bhfuil an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a chuirtear ar fáil sa bhreis ar an gcúnamh oifigiúil forbartha a chuirtear ar fáil chun críoch éagsúil. Ná ní leor an maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide, i bhfianaise dhianriachtanais ollmhóra na dtíortha bochta.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Tá sé de chuspóir coiteann ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha astaíochtaí GCT atá leabaithe sna hearnálacha agus sna hearraí céanna a phraghsáil trí lamháltais shonracha nó trí dheimhnithe sonracha a úsáid. Is de chineál rialála an dá chóras agus tá údar leo de thoradh an ghá le srian a chur ar astaíochtaí GCT, i gcomhréir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach san Aontas.

(18) Tá sé de chuspóir coiteann ag CTA AE agus ag SCCT astaíochtaí GCT atá leabaithe sna hearnálacha agus sna hearraí céanna a phraghsáil trí úsáid a bhaint as lamháltais shonracha nó as deimhnithe sonracha. Is de chineál rialála an dá chóras agus tá údar leo de thoradh an ghá atá le srian a chur ar astaíochtaí GCT, i gcomhréir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach san Aontas. Ba cheart an t-ioncam a ghintear nuair a dhíoltar deimhnithe SCCT a úsáid chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide i dtíortha ina bhforchuireann SCCT íosphraghas le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le táirgeadh earraí ábhartha arna n-onnmhairiú chuig an Aontas. Déantar leis sin éifeachtacht agus le sláine SCCT a mhéadú go mór mar shocrú cosanta aeráide agus cuideofar leis le glacadh agus tacaíocht a spreagadh don chóras seo ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear in EDT. Méadaítear leis freisin an chomhréir le CTA AE.

Réasúnú

Ní haon leas é don aeráid úsáid a bhaint as SCCT chun iasachtaí Next Generation EU a aisíoc, lena ndéantar, dá bhrí sin. laghdú beag ar ualach íocaíochta na mBallstát. Lagaíonn sé inchreidteacht SCCT mar bheart trádála dlisteanach faoi Airteagal XX de CGTT. Forchuirtear praghas ar astaíochtaí GCT le SCCT agus méadaítear leis riachtanais infheistíochta agus cruthaítear leis dúshláin agus costais chomhlíonta. Aithnítear sa mheasúnú tionchair go bhfuil ‘an-chuid tíortha sa Domhan Theas, agus ar mhór-roinn na hAfraice go háirithe, atá neamhchosanta ar rioscaí measartha ard’ (cuid 2, Iarscríbhinn III, lch 21-22). Ba cheart tíortha bochta a chúiteamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil47 .

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhú ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe go mbeidh ann d’Aontas aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart dó freisin meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar na Tíortha is Lú Forbairt agus ar an gcaoi ar féidir leis cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseas dícharbónaithe sna tíortha sin. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil47 .

_________________

_________________

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú.

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag SCCT próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun cúnamh teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil chun tacú le dícharbónú na dtionscal déantúsaíochta i dtíortha ísealioncaim agus i dtíortha íseal-mheánioncaim. Úsáidfear ioncam SCCT chun tacaíocht airgeadais a sholáthar freisin do na tíortha is lú forbairt, agus do thíortha nach mbaineann leis an gcatagóir sin, ach atá sainithe ag an mBanc Domhanda mar thír íseal-mheánioncaim a bhfuil costais an-suntasach roimpi a bhaineann le SCCT, lena n-áirítear costais chomhlíontachta agus costais le haghaidh infheistíochtaí chun astaíochtaí ábhartha a laghdú i dtreo leibhéil atá cosúil leo siúd atá ag táirgeoirí iomaíocha san Aontas nó i dtríú tíortha eile. I bhfianaise an mhéid sin, níor cheart do SCCT dochar ná bac a chur ar dhul chun cinn socheacnamaíoch na dtíortha is lú forbairt.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 57 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(57a) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar aon athruithe ar na sreabha trádála ó na Tíortha is Lú Forbairt atá inchurtha i leith SCCT chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear a rannchuidiú le sceitheadh carbóin a chosc agus a thionchar ar shreabha trádála idir an tAontas agus na Tíortha is Lú Forbairt. Ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar an gcúnamh teicniúil a chuirtear ar fáil do na Tíortha is Lú Forbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht ó thaobh rannchuidiú leis an bpróiseas dícharbónaithe sna tíortha sin de.

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201651 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201651 agus go ráthófar rannpháirtíocht eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta, rialtas agus geallsealbhóirí eile i dtíortha i mbéal forbartha. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

_________________

_________________

51 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

51 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc.

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc agus rannchuidiú a dhéanamh leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bhonn domhanda. Dreasaítear agus tacaítear leis an Rialachán le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí i dtríú tíortha, gan dochar á dhéanamh ná bac á chur ar dhul chun cinn socheacnamaíoch na dtíortha is lú forbairt.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a) Ciallaíonn ‘tír is lú forbairt’ tír atá ar áireamh sa liosta de thíortha den sórt sin arna bhunú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe;

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28b) ciallaíonn ‘tír íseal-mheánioncaim’ tír atá aicmithe amhlaidh ag an mBanc Domhanda;

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

Úsáid an ioncaim ó dheimhnithe SCCT a dhíol

 

1. An t-ioncam a ghintear ó dheimhnithe SCCT a dhíol, nó a gcoibhéis i luach airgeadais, bainfear úsáid as le haghaidh infheistíochtaí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun éascú a dhéanamh ar aistrithe chuig geilleagair agus sochaithe atá tíosach ar acmhainní, ar aistrithe iad a bhfuil athléimneacht mhéadaithe acu i gcoinne iarmhairtí an athraithe aeráide sna tíortha is lú forbairt agus sna tíortha íseal-mheánioncaim. Ag an am céanna, fónfaidh sé chun cúnamh teicniúil agus tacaíochta a mhaoiniú agus chun costais chomhlíonta sna tíortha sin a chúiteamh a mhéid is ga chun na costais a bhaineann le hoibriú, cothabháil agus forfheidhmiú SCCT a chumhdach.

 

2. Ní dhéanfar beag is fiú de chúnamh forbartha agus daonnúil eile leis an maoiniú a dhéanfar ar ghníomhú ar son na haeráide agus comhlíonadh, beidh an tacaíocht arna soláthar i dtríú tíortha á treorú ag na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar leis na spriocanna a leagtar sios sa Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda-ICFCI agus i gComhaontú Pháras.

 

3. Roghnófar na tíortha is tairbhithe as measc na dtíortha is lú forbairt, agus as measc na dtíortha íseal-mheánioncaim a mbeidh tionchar ag SCCT orthu go háirithe.

 

4. Maidir leis na cinntí a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 agus mír 4, beidh siad á dtreorú ag prionsabail Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, ag na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ag príomhchuspóir bheartas forbartha an Aontais maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus a dhíothú, agus ag na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda – ICFCI, lena n-áirithítear comhleanúnachas le straitéis na Tairsí Domhanda. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gcur chun feidhme seo ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear maidir leis na torthaí a baineadh amach, ar mhaithe le trédhearcacht a áirithiú.

Réasúnú

Ba cheart an t-ioncam a úsáid le haghaidh gníomhú ar son na haeráide i dtríú tíortha. Moltar go ndéanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar an gcaoi ar caitheadh na hacmhainní sin lena áirithiú nach ndeanfar cúnamh forbartha nó daonnúil eile a bhrú amach. Tá íogaireacht inscne tábhachtach toisc gur féidir le tionchair an athraithe aeráide agus na ngníomhaithe ar son na haeráide araon a bheith an-éagsúil ó thaobh na mban agus na bhfear de, agus ba cheart féachaint le comhionannas inscne a bhaint amach, mar a leagtar amach i SFI 5.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo. Ar deireadh, beidh anailís ann freisin ar thionchar airgeadais, comhshaoil agus sóisialta SCCT sna tíortha is lú forbairt.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar aon athruithe ar na sreabha trádála ó na Tíortha is Lú Forbairt (TLFanna) atá inchurtha i leith SCCT chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear a rannchuidiú le sceitheadh carbóin a chosc agus a thionchar ar shreabha trádála idir an tAontas agus na Tíortha is Lú Forbairt. Ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar an gcúnamh teicniúil a chuirtear ar fáil do TLFanna chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht ó thaobh rannchuidiú leis an bpróiseas dícharbónaithe sna tíortha sin de.


NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Ag bunú sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tagairtí

COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2021

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

16.12.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Evin Incir

24.1.2022

Dáta an ghlactha

22.3.2022

 

 

 

Toradh an vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

3

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Eric Andrieu, Anna-Michelle Asimakopoulou, Hildegard Bentele, Dominique Bilde, Udo Bullmann, Catherine Chabaud, Antoni Comín i Oliveres, Ryszard Czarnecki, Gianna Gancia, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Karsten Lucke, Pierfrancesco Majorino, Erik Marquardt, Christian Sagartz, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo, Chrysoula Zacharopoulou, Bernhard Zimniok

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Benoît Biteau, Marlene Mortler

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

23

+

ID

Dominique Bilde, Gianna Gancia

NI

Antoni Comín i Oliveres

PPE

Anna-Michelle Asimakopoulou, Hildegard Bentele, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Marlene Mortler, Christian Sagartz, Tomas Tobé

Renew

Barry Andrews, Catherine Chabaud, Charles Goerens, Chrysoula Zacharopoulou

S&D

Eric Andrieu, Udo Bullmann, Mónica Silvana González, Karsten Lucke, Pierfrancesco Majorino

The Left

Miguel Urbán Crespo

Verts/ALE

Benoît Biteau, Pierette Herzberger-Fofana, Erik Marquardt

 

3

-

ECR

Ryszard Czarnecki, Beata Kempa

ID

Bernhard Zimniok

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA (6.4.2022)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Damien Carême

 

RÉASÚNÚ GEARR

In 2015, shínigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras, inar thug tíortha gealltanas go ndéanfaidís an t-ardú sa teocht a theorannú go 1.5 °C. Anois agus 6 bliana caite ó shin, is léir go bhfuil pointí iompaithe laistigh d’éiceachórais á spreagadh leis an téamh domhanda[4] agus nach leor sprioc an Aontais laghdú 55 % a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 chun bealach Comhaontú Pháras a sheasamh: tá gá le bearta níos uaillmhianaí.

Ós rud é go mbraitear éifeachtaí an athraithe aeráide i ngach áit agus go dtéann éigeandáil na haeráide thar theorainneacha, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar fud an domhain. Is é sin ceann de phríomhchuspóirí an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT): uaillmhian aeráide idirnáisiúnta níos fearr a spreagadh trí chiorcal óir carbóin agus praghsáil eile ar gháis ceaptha teasa. Chun an gealltanas sin a chomhlíonadh, ní mór an sásra a cheapadh sa chaoi go mbeidh fíordhreasacht ann do thionscail, san Eoraip agus in áiteanna eile, chun a gcuid astaíochtaí a laghdú agus chun dlús a chur lena n-aistriú.

D’fhonn na laghduithe sin ar astaíochtaí a dhreasú san Aontas agus ar fud an domhain, ní mór SCCT a chur in ionad na mbeart atá ann faoi láthair chun cosaint i gcoinne rioscaí sceite carbóin. Níl cuspóirí SCCT comhoiriúnach le cothabháil go dtí 2035 lamháltas a leithdháiltear saor in aisce ar na hearnálacha a chumhdaítear leis an sásra. Ní hamháin go gcuirfeadh cothabháil den sórt sin isteach ar chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gurb e údar an truaillithe a íocfaidh as’, ach lagódh sé go mór an dreasacht le haghaidh gníomhú ar son na haeráide laistigh den Aontas agus lasmuigh de, toisc go bhfuil níos mó ná 95 % d’astaíochtaí tionsclaíocha[5] cumhdaithe le saor-leithdháileadh anois. Ba cheart foráil a dhéanamh d’idirthréimhse dhá bhliain chun freagairt don éigeandáil i ndáil leis an aeráid, agus an gá atá le bailiú faisnéise agus réamhaíocht ag na tionscail lena mbaineann á chur san áireamh. Ba cheart do SCCT teacht i bhfeidhm go hiomlán amhail ón 1 Eanáir 2025, i gcomhthráth le deireadh a bheith á chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce.

Thairis sin, mar uirlis dár mbeartas aeráide, ba cheart do SCCT díriú ní hamháin ar earnálacha CTA ina bhfuil an baol is airde maidir le sceitheadh carbóin, ach freisin, agus thar aon rud eile, ar na hearnálacha sin is mó a chuireann leis an téamh domhanda. Cé go bhfuil roinnt de na hearnálacha is déine ó thaobh carbóin san áireamh sa togra ón gCoimisiún, tá cinn eile, amhail ceimiceáin agus plaistigh, in easnamh: ba cheart togra a chur ar aghaidh roimh dheireadh na hidirthréimhse chun earnálacha atá ar iarraidh agus táirgí iartheachtacha a chumhdach. Ina theannta sin, ba cheart an raon feidhme a leathnú, a luaithe a bheidh sé infheidhme, d’astaíochtaí indíreacha, ós rud é go léireoidh a gcuimsiú costas an charbóin a iompraíonn tionsclaíocht na hEorpa agus go spreagfar tríú tíortha a onnmhairíonn chuig an Aontas próisis táirgthe nach n-astaíonn an oiread sin astaíochtaí a ghlacadh.

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear SCCT chun feidhme go héifeachtach agus go cóir. Dá bhrí sin, ba cheart aon chalaois a scrúdú go cúramach agus smachtbhannaí tromchúiseacha a ghearradh ina leith. Más gá, ba cheart an SCCT a oiriúnú chun na cleachtais sin a chosc agus a chomhrac. Tá comhordú níos dlúithe idir údaráis inniúla na mBallstát ríthábhachtach freisin i ndáil leis sin. Ba cheart scrúdú dáiríre a dhéanamh ar Údarás SCCT Eorpach a chruthú d’fhonn cur chun feidhme an tsásra a éascú agus an comhordú idir na húdaráis a neartú: roimh dheireadh na hidirthréimhse, beidh ar an gCoimisiún scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an tsaincheist, mar aon le togra reachtach chuige sin, más iomchuí.

Ar deireadh, agus é mar aidhm ag SCCT níos mó uaillmhéine idirnáisiúnta aeráide a chur chun cinn, ba cheart tionscnaimh iltaobhacha agus dhéthaobhacha maidir leis an gcomhar aeráide a bheith ag gabháil le cur chun feidhme an tsásra sin. Chuige sin, ba cheart ar a laghad sciar den ioncam a ghinfear le SCCT a úsáid chun tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide sna tíortha is lú forbairt. Treisítear leis sin comhleanúnachas chuspóirí an tsásra sin agus a chomhoiriúnacht le prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ba cheart a aithint freisin go bhféadfadh tionchar na praghsála carbóin a bheith i bhfad níos airde ar thíortha ar ioncam íseal. Ar an gcúis sin, caithfear tíortha atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar Thíortha is Lú Forbairt a dhíolmhú ó chuid d’oibleagáidí SCCT, agus sainordú á thabhairt don Choimisiún ag an am céanna a áirithiú nach mbeidh cásanna imchéimnithe mar thoradh air sin.

Tá SCCT ríthábhachtach chun astaíochtaí a laghdú ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal domhanda, agus tionscail a chosaint ar iomaíocht éagórach atá contúirteach don aeráid ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach, áfach, a aithint nach leor SCCT leis féin chun tionsclaíocht na hEorpa a dhícharbónú agus chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a bhaint amach ar deireadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda, caithfidh SCCT a bheith mar chuid de bheartas níos leithne maidir le dícharbónú a dhéanamh ar an tionsclaíocht, astaíochtaí a laghdú agus bithéagsúlacht a chaomhnú.

 

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip31, straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’32 go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

(1) Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip31, straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha, oscailte, iomaíoch agus a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, sláinte agus dea-bhail na saoránach agus na nglúnta a bheidh ann amach anseo a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol agus rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht, chomh maith le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, a bhaint amach. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’32 go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

__________________

__________________

31 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 0640 final).

31 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 0640 final).

32 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021) 0400).

32 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021) 0400).

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) Faoi réir chomhlíonadh na bhforálacha sonracha a leagtar amach in Airteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, ní chuirfidh aon ní cosc ar aon Chomhalta EDT na bearta is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint nó a bhaineann le hacmhainní nádúrtha finideacha a chaomhnú, a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Is éard atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Is mó arís anois an luach atá ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip i bhfianaise thionchair an-tromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar dhea-bhail eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

(3) Is éard atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Is mó arís anois an luach atá ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip i bhfianaise thionchair an-tromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar an tsláinte phoiblí, ar chórais sláinte náisiúnta agus ar shlándáil sláinte na saoránach, agus freisin ar athléimneacht na ngeilleagar, ar iomaíochas cuideachtaí san Aontas agus ar dhea-bhail eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais, go háirithe maidir le dálaí fostaíochta agus oibre.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin36, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1.5°C.

(6) Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin36, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú, agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1.5°C. Ní fhéadfar na cuspóirí a leagtar amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach mura rud é go ndéantar iarrachtaí iltaobhacha agus go gcuireann an tAontas agus a phríomh-chomhpháirtithe trádála dlús lena n-iarrachtaí.

__________________

__________________

36 an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, 2018: Téamh Domhanda 1.5°C. Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].

36 an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, 2018: Téamh Domhanda 1.5°C. Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Tá sé de fhreagracht ar an Aontas leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú domhanda ar son na haeráide, i gcomhar le geilleagair uile an domhain.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Fad agus atá éagsúlacht cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais agus éagsúlacht dá réir sin maidir leis an leibhéal uaillmhéine aeráide a bhíonn mar thoradh ar a gcur chuige, riosca sceite carbóin ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(8) Chomh fada agus a léiríonn na cineálacha cur chuige a ghlac líon suntasach de chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais an leibhéal céanna uaillmhéine aeráide agus gníomhaíochta maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, agus de réir mar a mhéadaíonn an tAontas a uaillmhian aeráide, d’fhéadfadh rioscaí sceite ​​carbóin a bheith ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile nach ngearrann cáin ar astaíochtaí GCT nó a ghearrann cáin orthu ar ráta níos ísle, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Tá riosca an sceithe carbóin forleathan go háirithe in earnálacha tionsclaíocha atá neamhchosanta ar thrádáil agus atá dian ar charbón.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) tá sé ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

(9) An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’), tá sé ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas atá iomlán aeráidneodrach a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le rialacha EDT trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais, agus cothrom na Féinne á áirithiú san am céanna laistigh den mhargadh aonair, agus trí gníomhaíocht níos uaillmhianaí ar son na haeráide a dhreasú go hidirnáisiúnta.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, tá leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE agus cúiteamh as costais astaíochta indírí ina rannchuidiú le riosca an sceite carbóin a bheith á laghdú ach lagaítear leo an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh agus an cúiteamh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus lán-íocaíocht costas astaíochta indírí agus, dá réir sin, déanann siad dochar do dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí. Ina theannta sin, d’aimsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dtuarascáil iniúchóireachta 2020 uaithi, nach raibh leithdháileadh idirthréimhseach lamháltas saor in aisce faoi CTA AE idir 2013 agus 2018 sách spriocdhírithe chun laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a spreagadh. Thairis sin, lagaíonn leithdháiltí saor in aisce faoi CTA comhoiriúnacht SCCT le rialacha EDT. Dá bhrí sin, tabharfar SCCT isteach i gcomhthráth le céimniú amach lamháltas saor in aisce.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Féachann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le hionadú a dhéanamh ar na sásraí sin atá ann faoi láthair trí aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú diaidh ar ndiaidh ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Maidir le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, níor cheart é a bheith mar thoradh orthu sin, i gcás ar bith, go bhfaigheadh earraí AE cóir níos fabhraí i gcomparáid leis an gcóir a fhaigheann earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(11) Féachann SCCT le teacht, de réir a chéile, in ionad na sásraí sceite carbóin atá ann cheana, trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach a áirithiú le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú agus, ag an am céanna, a áirithiú nach ndéanfar táirgí atá níos déine ó thaobh carbóin a chur in ionad táirgí an Aontais a onnmhairítear chuig an margadh domhanda, rud a bhainfeadh an bonn ón gcuspóir astaíochtaí domhanda a laghdú. Ba cheart leithdháileadh lamháltas saor in aisce a chéimniú amach i gcomhthráth le SCCT a bheith á chéimniú isteach.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a) Ba cheart tacú leis an aistriú de réir a chéile sin trí bhíthin sásra athbhreithnithe trína ndéanann an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na hionstraime i dtéarmaí cosaint a thabhairt ar riosca an sceite carbóin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar thionchar an tsásra ar mhargaí onnmhairithe agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta tacaíochta a thabhairt isteach le haghaidh onnmhairithe a bheadh ag cloí i gcónaí le rialacha EDT agus a bheadh comhsheasmhach i gcónaí le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais nó le bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar riosca an sceite carbóin ar mhargaí onnmhairithe.

 

.

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.

(12) Le SCCT, dhéanfaí laghdú astaíochtaí allmhairithe an Aontais a chur chun cinn freisin trí tháirgeoirí ó thríú tíortha a spreagadh freisin teicneolaíochtaí atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT a imscaradh agus a úsáid, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir. Beidh sé ábhartha, dá bhrí sin, táirgí níos inbhuanaithe a mhonaraítear san Aontas a onnmhairiú agus táirgí ionadacha a bhfuil lorg carbóin níos airde acu a sheachaint ar an leibhéal domhanda, agus iomaíochas eacnamaíoch agus tionsclaíoch an Aontais á chaomhnú ar an dóigh sin.

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a) Cé gurb é is príomhaidhm SCCT, in éineacht le CTA athbhreithnithe, astaíochtaí GCT a laghdú laistigh den Aontas agus lasmuigh de, d’fhonn spriocanna Chomhaontú Pháras agus sprioc dícharbónaithe 2050 a bhaint amach, d’fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha agus aeráide eile a bheith mar thoradh ar SCCT freisin. Trí bheith ina rannchuidiú le praghsáil éifeachtach fhóinteach carbóin a áirithiú, is féidir leis an Rialachán seo gníomhú mar dhreasacht eacnamaíoch chun infheistíochtaí a spreagadh i ndícharbónú gheilleagair an Aontais agus an domhain, agus chun laghdú astaíochtaí allmhairithe an Aontais a chur chun cinn. Is féidir leis an Rialachán seo gníomhú freisin mar dhreasacht ar mhaithe le huaillmhian aeráide níos mó agus idirphlé iltaobhach a chothú d’fhonn íosphraghas domhanda carbóin a shocrú.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide agus cosanta comhshaoil é SCCT agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha a dhéanfaí a chomhtháthú go hiomlán, nó a nascadh, de bharr aon chomhaontuithe a dhéanfaí amach anseo, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas.

(15) I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha atá comhtháthaithe go hiomlán le CTA AE nó atá nasctha leo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh SCCT i gcás comhaontuithe amach anseo agus i gcás ina bhfuil ualach an chostais carbóin coibhéiseach le hualach an chostais carbóin faoi CTA AE. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas. Ba cheart don Choimisiún faireachán comhsheasmhach a dhéanamh ar stádas tríú tíortha chun go bhféadfar aicmiú iomchuí a dhéanamh.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (CO2’) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (‘N2O’) agus sárfhluaracarbóin (‘PFCanna’). Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar dtús, agus tar éis idirthréimhse agus tar éis measúnú breise a dhéanamh, feidhm a bheith aige maidir le hastaíochtaí indíreacha, amhail raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(17) Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (CO2’) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (‘N2O’) agus sárfhluaracarbóin (‘PFCanna’). Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar dtús, agus tar éis idirthréimhse, feidhm a bheith aige maidir le hastaíochtaí indíreacha, amhail raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Má táthar le gáis bhreise a chumhdach le CTA, ba cheart léiriú a thabhairt ar an athrú sin le SCCT agus go leathnófaí SCCT chun astaíochtaí na ngás sin a chumhdach freisin.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Tá sé de chuspóir coiteann ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha astaíochtaí GCT atá leabaithe sna hearnálacha agus sna hearraí céanna a phraghsáil trí lamháltais shonracha nó trí dheimhnithe sonracha a úsáid. Is de chineál rialála an dá chóras agus tá údar leo de thoradh an ghá le srian a chur ar astaíochtaí GCT, i gcomhréir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach san Aontas.

(18) Tá sé de chuspóir coiteann ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha astaíochtaí GCT atá leabaithe sna hearnálacha agus sna hearraí céanna a phraghsáil trí lamháltais shonracha nó trí dheimhnithe sonracha a úsáid. Is de chineál rialála an dá chóras agus tá údar leo de thoradh an ghá phráinnigh le srian a chur ar astaíochtaí GCT, i gcomhréir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach san Aontas agus i gComhaontú Pháras.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú.

(20) Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht SCCT a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí agus ar fhiontair an Aontais, go háirithe FBManna agus micrifhiontair, agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi CTA AE a chaomhnú.

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) D’fhonn a éifeachtacht mar bheart sceite carbóin a chaomhnú, ní mór an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ó thaobh praghais de. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú.

(21) Chun éifeachtacht SCCT mar bheart sceite carbóin a chaomhnú, ní mór dá phraghas astaíochtaí díreacha a bheith ar aon dul le praghas CTA AE. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas CTA AE agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú. Ba cheart do na húdaráis inniúla an córas SCCT a dhearadh agus a mhaoirsiú go cúramach chun gach cineál mí-úsáide nó calaoise a chosc agus a shainaithint agus pionós a ghearradh ina leith.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, is é líon iomlán na lamháltas a eisítear (an ‘chaidhp’) a chinneann soláthar na lamháltas astaíochtaí agus a thugann deimhneacht maidir leis na hastaíochtaí uasta GCT. Is í an chothromaíocht idir an soláthar sin agus éileamh an mhargaidh a chinneann an praghas carbóin. Tá gá le ganntanas chun dreasacht phraghais a bheith ann. Toisc nach féidir teorainn a fhorchur ar líon na ndeimhnithe SCCT atá ar fáil d’allmhaireoirí, dá bhféadfadh allmhaireoirí deimhnithe SCCT a thabhairt ar aghaidh agus a thrádáil, d’fhéadfadh sé dá thoradh sin go dtiocfadh ann do chásanna nach mbeadh praghas na ndeimhnithe SCCT ina léiriú a thuilleadh ar an éabhlóid ar an bpraghas i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Lagódh sé sin an dreasacht chun dícharbónú a dhéanamh le haghaidh earraí baile agus earraí allmhairithe, rud a chuirfeadh an sceitheadh carbóin chun cinn agus a chuirfeadh isteach ar chuspóir aeráide uileghabhálach an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha. D’fhéadfadh praghsanna difriúla d’oibreoirí ó thíortha difriúla a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, de bharr gur gá a sheachaint nach mbaintear an bonn d’éifeachtacht agus de chuspóir aeráide an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus gur gá a áirithiú go dtugtar an chóir chéanna d’oibreoirí ó thíortha eile, tá údar le teorainneacha ar na deiseanna deimhnithe SCCT a thrádáil agus a thabhairt ar aghaidh. Mar sin féin, chun an deis d’allmhaireoirí a chaomhnú a gcostais a optamú, ba cheart soláthar a dhéanamh sa Rialachán seo le haghaidh córas inar féidir le húdaráis méid áirithe deimhnithe breise a athcheannach ó na hallmhaireoirí. Socraítear an méid áirithe sin ar leibhéal a thugann corrlach réasúnta d’allmhaireoirí chun a gcostais a ghiaráil thar thréimhse bhailíochta na ndeimhnithe agus a chaomhnaíonn an éifeacht fhoriomlán ar tharchur praghsanna san am céanna, rud a áirithíonn go gcaomhnaítear cuspóir comhshaoil an bhirt.

(22) Faoi CTA AE, is é líon iomlán na lamháltas a eisítear (an ‘chaidhp’) a chinneann soláthar na lamháltas astaíochtaí agus a thugann deimhneacht maidir leis na hastaíochtaí uasta GCT. Is í an chothromaíocht idir an soláthar sin agus éileamh an mhargaidh a chinneann an praghas carbóin. Tá gá le ganntanas chun dreasacht phraghais a bheith ann. Toisc nach féidir teorainn a fhorchur ar líon na ndeimhnithe SCCT atá ar fáil d’allmhaireoirí, dá bhféadfadh allmhaireoirí deimhnithe SCCT a thabhairt ar aghaidh agus a thrádáil, d’fhéadfadh sé dá thoradh sin go dtiocfadh ann do chásanna nach mbeadh praghas na ndeimhnithe SCCT ina léiriú a thuilleadh ar an éabhlóid ar an bpraghas in CTA AE. Lagódh sé sin an dreasacht chun dícharbónú a dhéanamh le haghaidh earraí baile agus earraí allmhairithe, rud a chuirfeadh an sceitheadh carbóin chun cinn agus a chuirfeadh isteach ar chuspóir aeráide uileghabhálach SCCT. D’fhéadfadh praghsanna difriúla d’oibreoirí ó thíortha difriúla a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, de bharr gur gá a sheachaint nach mbaintear an bonn d’éifeachtacht agus de chuspóir aeráide SCCT agus gur gá a áirithiú go dtugtar an chóir chéanna d’oibreoirí ó thíortha eile, tá údar le teorainneacha ar na deiseanna deimhnithe SCCT a thrádáil agus a thabhairt ar aghaidh. Mar sin féin, chun an deis d’allmhaireoirí a chaomhnú a gcostais a optamú, ba cheart soláthar a dhéanamh sa Rialachán seo le haghaidh córas inar féidir leis an gCoimisiún méid áirithe deimhnithe breise a athcheannach ó na hallmhaireoirí. Socraítear an méid áirithe sin ar leibhéal a thugann corrlach réasúnta d’allmhaireoirí chun a gcostais a ghiaráil thar thréimhse bhailíochta na ndeimhnithe agus a chaomhnaíonn an éifeacht fhoriomlán ar tharchur praghsanna san am céanna, rud a áirithíonn go gcaomhnaítear cuspóir comhshaoil an bhirt.

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(23) Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas simplí agus inrochtana dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) I dtaca le smachtbhannaí, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionóis atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE.

(24) I dtaca le smachtbhannaí, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionós atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE. Maidir le pionóis i leith sáruithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear i leith iarrachtaí imchéimniú, ba cheart dóibh a bheith athchomhairleach chun a sheachaint go mbainfí an bonn ó éifeachtacht SCCT.

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Cé gurb é cuspóir foriomlán an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha cumhdach táirgí leathan a bheith ann, ba stuama tosú le líon áirithe earnálacha le táirgí atá measartha aonchineálach mar a bhfuil riosca sceite carbóin. Liostaítear na hearnálacha AE a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo i gCinneadh Tarmligthe 2019/708 ón gCoimisiún.

(28) Cé gurb é cuspóir foriomlán SCCT cumhdach iomlán táirgí a bheith ann, ba stuama tosú le líon roghnaithe earnálacha atá freagrach as an sciar is mó d’astaíochtaí GCT. Ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh roimh dheireadh na hidirthréimhse chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig táirgí eile seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart an togra sin a bhunú ar mheasúnú tionchair ar na héifeachtaí a bheadh ag féidearthachtaí agus amlínte éagsúla ar leathnú breise sin an raoin feidhme chuig an gcuid eile de na hearnálacha dá dtagraítear i gCinneadh Tarmligthe 2019/708 ón gCoimisiún42, lena n-áirítear, i measc gnéithe eile, leathnú chuig ola, páipéar, gloine, plaistigh, ceimiceáin agus táirgí iartheachtacha, agus freisin chuig comhchodanna críochtháirgí lena n-úsáidtear táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún na tionchair shóisialta a d’fhéadfadh a bheith ag leathnú an raoin feidhme a chur san áireamh agus bearta a mholadh chun na héifeachtaí sin a íoslaghdú, i gcás inarb iomchuí.

__________________

__________________

42 Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo sa tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 2).

42 Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo sa tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 2).

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Mar sin féin, ba cheart táirgí alúmanaim a chuimsiú sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Cuimsiú an alúmanaim, rud é atá ábhartha freisin toisc go bhféadfadh sé go leathnófaí raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha sa todhchaí chun astaíochtaí indíreacha a chumhdach freisin.

(34) Mar sin féin, ba cheart táirgí alúmanaim a chuimsiú sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Tá sé ábhartha freisin alúmanam a áireamh freisin ós rud é gur cheart don Choimisiún togra a dhéanamh maidir le raon feidhme SCCT a leathnú chuig astaíochtaí indíreacha, ar togra é lena mbeadh measúnú tionchair ag gabháil i ndeireadh na hidirthréimhse.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(39a) Cé go bhfuil na húdaráis inniúla freagrach as iarrataí ar údaruithe a láimhseáil agus as clárlanna náisiúnta a bhainistiú, ba cheart an fhaisnéis agus na sonraí uile is gá a tharchur chuig an gCoimisiún trí bhunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé de fhreagracht ar an gCoimisiún comhordú na gclárlann náisiúnta a áirithiú, lena n-áirítear cuntais na ndearbhóirí údaraithe agus na bhfíoraitheoirí creidiúnaithe, agus deimhnithe SCCT a bhainistiú, ba cheart dó gníomhú mar riarthóir lárnach agus ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla, aon uair a mheasann sé a bheith ábhartha, chun dul i ngleic le cleachtais imchéimnithe agus chun rioscaí a sheachaint maidir le dearbhuithe agus deimhnithe SCCT a bheith á míbhainistiú, chomh maith le calaois.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42) Faoin gcóras, ba cheart an deis a bheith ann d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i mbunachar sonraí lárnach agus a n-astaíochtaí GCT leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí údaraithe. Ba cheart oibreoir a bheith in ann a roghnú nach dtabharfaí rochtain don phobal ar a ainm, a sheoladh ná a shonraí teagmhála sa bhunachar sonraí lárnach.

(42) Faoin gcóras, ba cheart an deis a bheith ann d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i mbunachar sonraí lárnach agus a n-astaíochtaí GCT leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí údaraithe. Ba cheart oibreoir a bheith in ann a roghnú nach dtabharfaí rochtain don phobal ar a sheoladh ná a shonraí teagmhála sa bhunachar sonraí lárnach.

Leasú  26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) Tá difríocht idir deimhnithe SCCT agus lamháltais CTA AE, arae is gné fhíor-riachtanach de na lamháltais sin an cheantáil laethúil. An gá atá le praghas soiléir a shocrú le haghaidh deimhnithe SCCT, rud é sin a fhágann go gcuireann an foilsiú laethúil ualach rómhór agus mearbhall ar oibreoirí, de dheasca an riosca go gcaillfeadh na praghsanna laethúla a mbailíocht tráth a bhfoilsithe. Dá réir sin, bheadh foilsiú na bpraghsanna SCCT ar bhonn seachtainiúil ina léiriú cruinn ar threocht phraghsála lamháltais CTA AE agus shaothródh sé an cuspóir aeráide céanna. Dá bhrí sin, ba cheart ríomh phraghsanna deimhnithe SCCT a bhunú ar bhonn fráma ama níos faide (ar bhonn seachtainiúil) ná an fráma ama a bunaíodh le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (ar bhonn laethúil). Ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún an meánphraghas sin a ríomh agus a fhoilsiú.

(43) Tá difríocht idir deimhnithe SCCT agus lamháltais CTA AE, arae is gné fhíor-riachtanach de na lamháltais sin an cheantáil laethúil. An gá atá le praghas soiléir a shocrú le haghaidh deimhnithe SCCT, rud é sin a fhágann go gcuireann an foilsiú laethúil ualach rómhór agus mearbhall ar oibreoirí, de dheasca an riosca go gcaillfeadh na praghsanna laethúla a mbailíocht tráth a bhfoilsithe. Dá réir sin, bheadh foilsiú phraghsanna SCCT ar astaíochtaí díreacha ar bhonn seachtainiúil ina léiriú cruinn ar threocht phraghsála lamháltais CTA AE agus shaothródh sé an cuspóir aeráide céanna. Dá bhrí sin, ba cheart ríomh phraghsanna deimhnithe SCCT a bhunú ar bhonn fráma ama níos faide (ar bhonn seachtainiúil) ná an fráma ama a bunaíodh le CTA AE (ar bhonn laethúil). Ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún an meánphraghas sin a ríomh agus a fhoilsiú.

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 44

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44) Chun solúbthacht a thabhairt do na dearbhóirí údaraithe maidir lena n-oibleagáidí SCCT a chomhlíonadh agus chun ligean dóibh tairbhiú de luaineachtaí i bpraghas na lamháltas CTA AE, ba cheart na deimhnithe SCCT a bheith bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta an cheannaigh. Ba cheart deis a bheith ann don dearbhóir údaraithe cuid de na deimhnithe a ceannaíodh de bharraíocht a athdhíol leis an údarás náisiúnta. Ba cheart don dearbhóir údaraithe an méid deimhnithe a bheidh ag teastáil tráth an tabhairt suas a thiomargadh i rith na bliana, de réir tairseacha arna leagan síos ag deireadh gach ráithe.

(44) Chun solúbthacht a thabhairt do na dearbhóirí údaraithe maidir lena n-oibleagáidí SCCT a chomhlíonadh agus chun ligean dóibh tairbhiú de luaineachtaí i bpraghas na lamháltas CTA AE, ba cheart na deimhnithe SCCT a bheith bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta an cheannaigh. Ba cheart deis a bheith ann don dearbhóir údaraithe cuid de na deimhnithe a ceannaíodh de bharraíocht a athdhíol leis an gCoimisiún. Ba cheart don dearbhóir údaraithe an méid deimhnithe a bheidh ag teastáil tráth an tabhairt suas a thiomargadh i rith na bliana, de réir tairseacha arna leagan síos ag deireadh gach ráithe.

Leasú  28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí tuairisc ar na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairítear le linn na hidirthréimhse a thíolacadh gach ráithe, ar tuairisc í a bheidh soléite agus inrochtana a tharraingeofar suas i gcomhréir le teimpléad comhchoiteann, agus ina mionsonrófar na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch.

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil47.

(52) Roimh dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart don Choimisiún faisnéis a bhailiú, meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna an loirg comhshaoil, agus ba cheart dó tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na hábhair sin. Ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh roimh dheireadh na hidirthréimhse chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig earraí eile seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chóras rialachais an tsásra, lena n-áirítear i ndáil le hÚdarás Eorpach SCCT a bhunú, agus measúnú tionchair a thíolacadh, a mbeidh togra reachtach le haghaidh córas rialachais níos lárnaí ag gabháil leis, más iomchuí. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú faoi dheireadh na hidirthréimhse agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheastóireacht sin, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí imchéimnithe agus calaoise a shainaithnítear agus, i gcás inarb iomchuí, bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt orthu agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sóisialta a bhaineann le leathnú an rialacháin agus ar éifeachtacht an tsásra maidir le riosca an sceite carbóin, agus ba cheart dó tús a chur le bailiú na faisnéise is gá chun saobhadh na hiomaíochta san Aontas agus ar na margaí domhanda a chosc. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar aon dúshláin a thugtar i ndáil le comhoiriúnacht SCCT i gcomhthéacs EDT agus barúil a thabhairt ina leith.

__________________

 

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

 

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53) I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart leanúint den idirphlé le tríú tíortha agus ba cheart spás a bheith ann do chomhar agus do réitigh a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn faisnéise le haghaidh roghanna sonracha a dhéanfar maidir leis na sonraí faoi dhearadh an bhirt le linn a chur chun feidhme, go háirithe le linn na hidirthréimhse.

(53) I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart leanúint den idirphlé le tríú tíortha agus ba cheart spás a bheith ann do chomhar agus do réitigh a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn faisnéise le haghaidh roghanna sonracha a dhéanfar maidir leis na sonraí faoi dhearadh an bhirt le linn a chur chun feidhme, go háirithe le linn na hidirthréimhse. I dtaca leis sin, ba cheart don Choimisiún oibriú chun meitheal idirnáisiúnta a chruthú, go háirithe le EDT agus le ECFE, chun na treoirphrionsabail a chinneadh maidir le modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh agus maidir le rialacha idirnáisiúnta i ndáil le sásraí praghsála carbóin.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 54

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh, ar bhealach cóir agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dul i gcomhairle le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá dtrádáil leis an Aontas chun na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le hidirphlé agus comhar i dtaca le cur chun feidhme ghnéithe sonracha an tSásra a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún freisin, na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun a sásra praghsála carbóin a chur san áireamh.

(54) Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh, ar bhealach cóir agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dul i gcomhairle le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá dtrádáil leis an Aontas chun na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le hidirphlé agus comhar i dtaca le cur chun feidhme ghnéithe sonracha an tSásra a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, idirphlé buan a choinneáil le tríú tíortha a bhfuil praghsáil carbóin socraithe acu agus a áirithiú nach ngearrfar pionós ar thríú tíortha a bhfuil beartais aeráide choibhéiseacha acu. Ba cheart don Choimisiún freisin na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun a sásra praghsála carbóin a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta le tríú tíortha a bhfuil an uaillmhian chéanna acu chun trádáil i dtáirgí a chumhdaítear le SCCT a éascú, ar choinníoll go ndéanfaidh tíortha comhpháirtíochta coigeartú carbóin maidir le tíortha eile agus praghsáil carbóin a chur i bhfeidhm mar a dhéanann an tAontas. Ba cheart don Choimisiún freisin glacadh córais dhomhanda praghsála carbóin a chur chun cinn, mar shampla trí phlé faoi chuimsiú chreat ECFE cuimsitheach, agus i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú.

(55) Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm le SCCT próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú agus na doiciméid straitéiseacha agus an cúnamh teicniúil is gá a sholáthar dóibh, agus cuidiú leo a gcuid teicneolaíochtaí agus caighdeán comhshaoil a neartú, chun gur fusa a bheidh sé oiriúnú do na hoibleagáidí nua arna mbunú leis an rialachán seo chun an riosca a sheachaint go ndéanfaí SCCT a imchéimniú.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(55a) Is féidir leis na tionchair choibhneasta a bhíonn ag praghsanna carbóin a bheith i bhfad níos airde i gcás tíortha ísealioncaim agus d’fhéadfadh sé go n-eascródh rioscaí eacnamaíocha neamhbheartaithe as SCCT mar gheall ar chostais bhreise d’onnmhaireoirí agus toisc téarmaí trádála a bheith ag dul in olcas, go háirithe sna tíortha is lú forbairt (LDCanna). Chun na tionchair dhiúltacha sin a bhainistiú, is gá na hearnálacha atá dian ar charbón sna tíortha sin a dhícharbónú go tapa. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar i bhfabhar na dtíortha is lú forbairt chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chun oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide, agus chun taighde agus forbairt ar mhaolú agus oiriúnú a mhaoiniú.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(55b) Ba cheart an t-ioncam ar fad ó dhíolachán dheimhnithe SCCT a aistriú mar acmhainní dílse chuig buiséad an Aontais, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 311 CFAE, de bhun Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 20201a idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, atá ceangailteach ó thaobh dlí de, agus mar a mhol an Coimisiún an 22 Nollaig 2021 ina thogra reachtach chun an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a leasú1b.

 

__________________

 

1A Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28).

 

1B COM(2021) 0570 final

Leasú  35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 58 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(58a) Ós rud é go ndéanfar costais bhreise chomhlíontachta a ghiniúint leis an Rialachán seo do na hearnálacha lena mbaineann, is gá gníomhaíochtaí cúiteacha a dhéanamh chun a chosc go dtiocfaidh méadú ar leibhéal iomlán na n-ualaí rialála. Sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tograí a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, chun na hualaí rialála a thugtar isteach leis an Rialachán seo a fhritháireamh.

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201651. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(59) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe ábhartha agus na n-earnálacha tionsclaíocha ábhartha, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201651. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

_________________

_________________

51 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

51 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(61) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh. De réir Europol, tá caillteanas de níos mó ná EUR 5 billiún d’ioncam poiblí mar thoradh ar chalaois creidmheasa carbóin. Dá bhrí sin, ba cheart don chóras SCCT sásraí iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun caillteanais ioncaim phoiblí a sheachaint.

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc.

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc agus chun laghdú ar astaíochtaí GCT ar an leibhéal domhanda a spreagadh.

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Comhlánaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an córas arna bhunú le Treoir 2003/87/CE maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas trí shraith choibhéiseach rialacha a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí, ar earraí iad dá dtagraítear in Airteagal 2, isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

2. Comhlánaítear le SCCT creat rialála an Aontais chun a spriocanna a bhaint amach maidir le gáis ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus neodracht aeráide a bhaint amach i ngach earnáil eacnamaíoch ar a dhéanaí faoi 2050 ar bhonn tacar rialacha a bheidh coibhéiseach leis na rialacha sin a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas trí thacar coibhéiseach rialacha a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ar earraí iad dá dtagraítear in Airteagal 2.

Leasú  40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. De réir a chéile éireoidh an sásra sin ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

3. De réir a chéile éireoidh an sásra sin ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc, eadhón an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn I, de thionscnamh tríú tír, nuair a dhéantar na hearraí sin, nó táirgí próiseáilte ó na hearraí sin ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle53, a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn I, de thionscnamh tríú tír, nuair a dhéantar na hearraí sin, nó táirgí próiseáilte ó na hearraí sin ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle53, a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Déanfar Iarscríbhinn I a mheasúnú agus a athbhreithniú go tráthrialta, i gcás inarb iomchuí.

_________________

_________________

53 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

53 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

a) tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na hiomaíochta;

(a) tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil, na haeráide agus na hiomaíochta;

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 –mír 9 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) más rud é gur shainaithin an Coimisiún nó na húdaráis inniúla cásanna calaoise de thionscnamh an tríú tír nó an tríú críoch sin arís agus arís eile agus deimhnithe acu.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun ceanglais agus nósanna imeachta a leagan amach le haghaidh tíortha nó críocha a scriostar ón liosta in Iarscríbhinn II, Roinn B, chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a gcríocha a áirithiú maidir le leictreachas. Má tharlaíonn sé i gcásanna mar sin go bhfuil an mhargadhchúpláil fós ar neamhréir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh na tríú tíortha nó na tríú críocha a eisiamh ó mhargadhchúpláil an Aontais agus féadfaidh sé a cheangal go mbeadh leithdháileadh acmhainne sainráite ann ag an teorainn idir an tAontas agus an tríú tír, ionas gur féidir an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm.

10. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun ceanglais agus nósanna imeachta a leagan amach le haghaidh tíortha nó críocha a scriostar ón liosta in Iarscríbhinn II, Roinn B, chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a gcríocha a áirithiú maidir le leictreachas. Má tharlaíonn sé i gcásanna mar sin go bhfuil an mhargadhchúpláil fós ar neamhréir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, trí bhíthin gníomh tarmligthe, na tríú tíortha nó na tríú críocha a eisiamh ó mhargadhchúpláil an Aontais agus féadfaidh sé a cheangal go mbeadh leithdháileadh acmhainne sainráite ann ag an teorainn idir an tAontas agus an tríú tír, ionas gur féidir an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9.

12. Tionscnóidh Choimisiún idirphlé rialta leis na húdaráis i dtríú tíortha atá freagrach as praghsáil carbóin a bhailiú. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9. Ní thabharfar cóir fhabhrach mhíchuí leis na comhaontuithe sin, áfach, d’allmhairí ó thríú tíortha maidir le deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas ná ní chuirfear san áireamh iontu aon sásraí praghsála carbóin a mheastar a bheith ina gcleachtais imchéimnithe de réir bhrí Airteagal 27(2).

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a) Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit chun údaráis, cuideachtaí agus, i gcás inar gá, saoránaigh i ngach Ballstát a chur ar an eolas go héifeachtúil faoin inneachar rialála agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le cur chun feidhme SCCT, agus áiritheoidh sé go gcomhroinnfear an fhaisnéis sin go hiomchuí.

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) ciallaíonn ‘astaíochtaí leabaithe’ astaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(16) ciallaíonn ‘astaíochtaí leabaithe’ astaíochtaí díreacha agus indíreacha a scaoiltear le agus earraí á dtáirgeadh, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus an fuinneamh arna thomhailt ag an táirgeoir agus earraí á dtáirgeadh de bhun na modhanna atá le sainiú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(7a);

Leasú  48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) ciallaíonn ‘deimhniú SCCT’ deimhniú i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;

(18) ciallaíonn ‘deimhniú SCCT’ deimhniú atá i gcoiteann ag na Ballstáit go léir agus atá i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) ciallaíonn ‘astaíochtaí iarbhír’ na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí;

(22) ciallaíonn ‘astaíochtaí iarbhír’ na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí agus ón bhfuinneamh a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe earraí;

Leasú  50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

(f) an fhaisnéis uile a bhfuil fíorghá léi lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

Leasú  51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5– mír 3 – pointe h a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha) ainm agus sonraí teagmhála údarás inniúil an tríú tír atá i gceannas ar bhailiú an phraghais charbóin arna íoc ag an oibreoir sa tríú tír sin, i gcás inarb ábhartha;

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. I gcás neamhchomhlíonadh arís agus arís eile ag dearbhóir formheasta leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann an t-údarú a deonaíodh don dearbhóir a tharraingt siar.

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag an údarás inniúil agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag an údarás inniúil na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach aonair an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag an údarás inniúil agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag an údarás inniúil na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. A bhuí le formáid an iarratais, lamhálfar do mheaisín-inléiteacht chun malartú faisnéise ar fud na mBallstát a éascú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a. Comhlánóidh na dearbhóirí údaraithe an fhoirm dhearbhúcháin chaighdeánaithe atá ar áireamh ina gcuntais aonair ag an gclárlann náisiúnta arna bhunú ag na húdaráis inniúla. Ach a tharchuirfear an fhaisnéis chuig clárlann lárnach an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na húdaráis inniúla eile aon chruthúnas maidir leis an bhfaisnéis is gá faoi mhír 3(d) a sholáthar.

Leasú  55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

1. Déanfar astaíochtaí díreacha leabaithe in earraí a ríomh de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí seachas leictreachas a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointí 2 agus 3. Nuair nach féidir astaíochtaí iarbhír a chinneadh go leormhaith, déanfar na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 4.1.

2. Déanfar astaíochtaí díreacha leabaithe in earraí seachas leictreachas a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointí 2 agus 3. Nuair nach féidir astaíochtaí iarbhír a chinneadh go leormhaith, déanfar na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 4.1.

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir le modh a shainiú chun astaíochtaí leabaithe indíreacha i gcás earraí simplí agus casta agus luachanna réamhshocraithe ábhartha a ríomh, mar aon le modh chun praghas SCCT d’astaíochtaí leabaithe indíreacha a chinneadh.

Leasú  58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 7 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7b. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 faoin 31 Nollaig 2023, d’fhonn a gcur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 a áirithiú. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 7a tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh ag deireadh na hidirthréimhse.

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar na hearraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha nó nach bhfuil agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann le cruinneas na faisnéise i ndearbhú SCCT, leis an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar na hearraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha nó nach bhfuil agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin.

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid agus seolfaidh sé an doiciméadacht chuig na húdaráis inniúla, arna deimhniú ag fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a bhunaítear in Airteagal 8(1) maidir le fíorú astaíochtaí leabaithe. Ceanglófar ar an bhfíoraitheoir creidiúnaithe a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin a choimeád nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile.

Leasú  61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

1. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi oibreoirí suiteálacha atá lonnaithe i dtríú tíortha agus faoina gcuid suiteálacha a chlárú i mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 14(4) agus a bheidh inrochtana ag na húdaráis náisiúnta.

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) ainm agus sonraí teagmhála údarás inniúil an tríú tír atá i gceannas ar bhailiú an phraghais charbóin arna íoc ag an oibreoir sa tríú tír sin, i gcás inarb ábhartha;

Leasú  63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’aon údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

6. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’aon údarás inniúil fíorú agus athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

Leasú  64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Cuirfidh na húdaráis inniúla clárlanna náisiúnta ar bun ina mbeidh cuntais na ndearbhóirí údaraithe. Beidh na cuntais sin nasctha agus inmhalartaithe leis na húdaráis inniúla go léir agus déanfar iad a chomhtháthú go huathoibríoch i mbunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais arna bhainistiú ag an gCoimisiún.

Leasú  65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú, cibé go huathoibríoch trí bhunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais nó, arna iarraidh sin dóibh agus laistigh de sprioc 3 mhí, tráth a dhéanann údarás inniúil eile nó an Coimisiún iarraidh den sórt sin ar fhaisnéis shonrach a bhaineann le deimhnithe SCCT a ríomh.

Leasú  66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanann na húdaráis inniúla forbairt ar scileanna a bhfoirne agus go gcuireann siad oiliúint speisialaithe sa réimse sin orthu.

Leasú  67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú.

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún treoir agus doiciméadacht teagaisc i dtoll a chéile chun cuidiú leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Nuair is iomchuí, nuashonróidh an Coimisiún na doiciméid sin.

Leasú  68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Clárlanna náisiúnta agus bunachar sonraí lárnach

Clárlanna náisiúnta agus bunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais

Leasú  69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunóidh údarás inniúil gach Ballstáit clárlann náisiúnta dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rúndacht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13.

1. Bunóidh údarás inniúil gach Ballstáit clárlann náisiúnta dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rúndacht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13. Tógfar an bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe sin ionas go mbeidh sé comhoiriúnach le bunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais arna thógáil ag an gCoimisiún, sa chaoi go bhféadfar na sonraí a uaslódáil go huathoibríoch sa bhunachar sonraí lárnach.

Leasú  70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) an praghas carbóin arna íoc i dtríú tír as astaíochtaí leabaithe gaolmhara;

Leasú  71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) tuarascáil an fhíoraitheora chreidiúnaithe;

Leasú  72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Is faoi rún a bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2.

3. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a bhailiú go huathoibríoch agus beidh rochtain uathoibríoch ag údaráis inniúla gach Ballstáit uirthi. Is faoi rún a bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2.

Leasú  73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Beidh sé d’aidhm le bunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais bainistiú éifeachtúil agus trédhearcach a áirithiú ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an dearbhóir údaraithe agus is é an Coimisiún a bhainisteoidh í. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh ar na húdaráis inniúla chun comhsheasmhacht na faisnéise arna soláthar ag an dearbhóir a áirithiú agus chun críocha a thuarascálacha.

Leasú  74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 10 (2). Féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan a ainm, a sheoladh agus a shonraí teagmhála a bheith ar fáil don phobal.

4. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 10 (2). Féadfaidh oibreoir roghnú gan a sheoladh agus a shonraí teagmhála a phoibliú, ach cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla i gcónaí.

Leasú  75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh an riarthóir lárnach rialuithe rioscabhunaithe ar idirbhearta a gcoimeádtar taifead orthu i gclárlanna náisiúnta trí loga idirbheartaíochta neamhspleách chun a áirithiú nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann i gceannach, sealbhaíocht, tabhairt suas, athcheannach agus cur ar ceal deimhnithe SCCT.

2. Déanfaidh an riarthóir lárnach rialuithe rioscabhunaithe ar idirbhearta a gcoimeádtar taifead orthu i gclárlanna náisiúnta trí loga idirbheartaíochta neamhspleách chun a áirithiú nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann i ríomh, ceannach, sealbhaíocht, tabhairt suas, athcheannach agus cur ar ceal deimhnithe SCCT.

Leasú  76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú.

3. Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú laistigh de 3 mhí.

Leasú  77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an t-údarás inniúil cuntas an dearbhóra sin.

4. Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an t-údarás inniúil cuntas an dearbhóra sin faoi cheann 2 bhliain.

Leasú  78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) ní raibh an dearbhóir páirteach i sárú tromchúiseach ná i sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh agus níl aon taifead ina leith maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;

(a) ní raibh an dearbhóir páirteach i sárú tromchúiseach ná i sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh agus níl aon taifead ina leith maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas; nach bhfuil an dearbhóir ina chónaí chun críoch cánach i ndlínsí atá ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha ná nach bhfuil sé corpraithe faoi dhlíthe na ndlínsí sin;

Leasú  79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) nach raibh baint ag an dearbhóir le sárú tromchúiseach nó ar an Rialachán seo, arbh é a bhí mar thoradh air gur tharraing údarás inniúil Ballstáit eile siar a údarú i gcomhréir le hAirteagal 5(5a);

Leasú  80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a sholáthar a liostaítear in Airteagal 5(3), diúltófar an dearbhóir a údarú.

2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a sholáthar a liostaítear in Airteagal 5(3), diúltófar an dearbhóir a údarú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir faoin diúltú sin a luaithe is féidir.

Leasú  81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin.

9. Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil an Coimisiún agus na húdaráis inniúla eile a chur ar an eolas faoi aon diúltú nó cúlghairm tríd an bhfaisnéis is gá a thabhairt isteach sa chlárlann náisiúnta agus déanfar an fhaisnéis sin a aistriú láithreach chuig an gclárlann lárnach.

Leasú  82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena sonraítear na coinníollacha d’fhíoraitheoirí creidiúnaithe a bheith in ann Airteagail 21, 32 agus 34 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 maidir le cuairteanna ar an láthair nuair atá an suíomh lonnaithe i dtríú tír a chomhlíonadh.

Leasú  83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 19 a

 

Tairseach faisnéise do dhearbhóirí údaraithe

 

1.  An... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tairseach gréasáin ar bun chun tacú leis na dearbhóirí údaraithe, go háirithe FBManna agus micrifhiontair, an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a dhearbhú. 

 

2.  Sa tairseach dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar sonraí maidir leis an méid seo a leanas:

 

(i) praghas CO2 a ghearrtar i dtríú tíortha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 9;

 

(ii) aon chomhaontú a thugann an tAontas i gcrích le tríú tír agus lena ndéantar difear do dheimhnithe SCCT atá le tabhairt suas le haghaidh allmhairithe ón tríú tír sin agus an chaoi a ndéantar difear do dheimhnithe SCCT;

 

(iii) freagraí ar cheisteanna sonracha ó chuideachtaí maidir le conas a ndearbhuithe a líonadh amach i gceart;

 

(iv) údaráis inniúla náisiúnta gach Ballstáit.

 

3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthrialta ar an bhféidearthacht feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar an gcúnamh a sholáthraítear leis an tairseach gréasáin.

Leasú  84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Díolfaidh údarás inniúil gach Ballstáit deimhnithe SCCT le dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin ag an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

1. Díolfaidh an Coimisiún deimhnithe SCCT le dearbhóirí údaraithe ar an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

Leasú  85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe sa chlárlann náisiúnta i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

2. Áiritheoidh an Coimisiún go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe i mbunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach. Léireofar an fhaisnéis sin go huathoibríoch sa chlárlann náisiúnta.

Leasú  86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun meánphraghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh agus ar shocruithe praiticiúla chun an praghas sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun meánphraghas dheimhnithe SCCT a ríomh agus ar shocruithe praiticiúla chun an praghas sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don údarás inniúil, líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas

1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don Choimisiún, líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas

Leasú  88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, an dara habairt, tabharfaidh an t-údarás sin fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de mhí amháin.

3. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, an dara habairt, tabharfaidh fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de mhí amháin.

Leasú  89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Athcheannóidh údarás inniúil gach Ballstáit, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe sa Bhallstát sin, an farasbarr de dheimhnithe SCCT a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra sa chlárlann náisiúnta tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

1. Athcheannóidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe, deimhnithe SCCT iomarcacha a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra sa chlárlann náisiúnta agus i mbunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear an iarraidh ar athcheannach isteach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtabharfar suas deimhnithe SCCT.

Leasú  90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntais clárlainne náisiúnta na ndearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin.

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún aon deimhnithe SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a d’fhan i gcuntais na ndearbhóirí údaraithe i gclárlann SCCT.

Leasú  91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Déanfar fíoraitheoir creidiúnaithe a sholáthair faisnéis bhréagach ina dhearbhú SCCT a eisiamh ón gclárlann náisiúnta. Maidir le fíoraitheoir creidiúnaithe a dheimhnigh go raibh faisnéis bhréagach i ndearbhú SCCT cruinn, déanfaidh an t-údarás náisiúnta ábhartha a dheimhniú a chúlghairm.

Leasú  92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Aon duine seachas dearbhóir údaraithe a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan deimhnithe SCCT a thabhairt suas de réir an Rialacháin seo, dlífear an pionós dá dtagraítear i mír 1 a chur air sa bhliain a tugadh isteach na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an duine.

2. I dteannta na smachtbhannaí riaracháin agus coiriúla dá dtagraítear i mír 5, aon duine seachas dearbhóir údaraithe a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé faoi réir an phionóis dá dtagraítear i mír 1 sa bhliain inar tugadh na hearraí isteach, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an duine.

Leasú  93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ar bith, ní fhágfaidh íoc an phionóis go scaoilfear an dearbhóir údaraithe ón oibleagáid an líon deimhnithe SCCT gan íoc i mbliain ar leith a thabhairt suas d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe.

3. Fiú amháin agus go n-íocfadh an dearbhóir údaraithe an pionós, ní scaoilfidh sin é ón oibleagáid cibé líon deimhnithe SCCT a bheidh fós gan tabhairt suas a thabhairt suas don Choimisiún.

Leasú  94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. I gcás ina mainneoidh dearbhóir formheasta arís agus arís eile na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann údarú allmhairiúcháin an dearbhóra a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 5(5a).

Leasú  95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain an reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena rialacha náisiúnta i dteannta pionóis dá dtagraítear i mír 2. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

5. Sa bhreis ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena rialacha náisiúnta. I ngach cás, déanfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó choiriúla a chur i bhfeidhm ar aon duine, seachas dearbhóir údaraithe, a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan deimhnithe SCCT a thabhairt suas. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leasú  96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, treoirlínte a sholáthar do na Ballstáit lena ndíreofar ar chóras comhchuibhithe éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach smachtbhannaí riaracháin agus coiriúla a chothú.

Leasú  97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Imchéimniú

Calaois agus imchéimniú

Leasú  98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh an Coimisiún beart, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun dul i ngleic le cleachtais lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.

1. Déanfaidh an Coimisiún beart ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Bhallstát, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun dul i ngleic le cleachtais chalaoise agus lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.

Leasú  99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áirítear ar na cleachtais imchéimniúcháin cásanna nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le hathrú sa phatrún trádála i ndáil le hearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo ach gurb é is cúis leis an athrú oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus is éard a bhíonn sna cleachtais sin táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin.

2. Is éard atá i gcleachtais chalaoise agus imchéimnithe bearta arb é is cuspóir leo na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint. Is cásanna iad sin a eascraíonn as cleachtas, as próiseas oibre gan cúis chuí leordhóthanach nó as bonn cirt eacnamaíoch seachas oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus áirítear na nithe seo a leanas orthu, ach gan a bheith teoranta dóibh:

Leasú  100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a) cásanna ina ndéantar táirgí atá modhnaithe beagán a chur in ionad na n-earraí sin, nach bhfuil san áireamh i liosta na n-earraí in Iarscríbhinn I, ach a bhaineann le hearnáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

Leasú  101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b) cásanna ina ndéantar na hearraí sin a ionadú le hearraí ag a bhfuil cion carbóin is ísle ná na hearraí sin a tháirgtear de ghnáth sa tír is onnmhaireoir, chun onnmhairiú chuig an Aontas agus chun na críche sin amháin;

Leasú  102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c) cásanna ina seoltar na hearraí sin chuig tír nó réigiún dá dtagraítear in Airteagal 2(3) nó chuig aon tír idirmheánach nó aon réigiún idirmheánach eile sula n-allmhairítear iad isteach i margadh an Aontais, agus é mar aidhm leis sin oibleagáidí an Rialacháin seo a sheachaint nó a laghdú.

Leasú  103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d) dearbhuithe bréagacha maidir le céannacht tháirgeoir an táirge lena mbaineann, nó maidir le cineál an táirge lena mbaineann, nó maidir leis an bpróiseas táirgthe a bhaineann lena dhéanamh;

Leasú  104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e) aon bheart eile lena bhféadfaí oibleagáidí faoin Rialachán seo a sheachaint nó a imghabháil, nó chun an bonn a bhaint óna n-éifeachtaí, lena n-áirítear ar astaíochtaí foriomlána GCT.

Leasú  105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún cásanna calaoise nó imchéimnithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, agus é mar aidhm aige na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 26 a fhorchur, i gcás inarb iomchuí.

Leasú  106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic, thar thréimhse dhá mhí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, le laghdú mór ar an méid earraí allmhairithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo agus le méadú ar an méid allmhairí táirgí atá modhnaithe de bheagán nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar aon athrú mór patrúin i dtrádáil earraí agus táirgí atá modhnaithe de bheagán ar leibhéal an Aontais.

3. Tar éis dó gearán a fháil ó pháirtí leasmhar nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tar éis dó imscrúdú a dhéanamh, na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a leathnú cibé slí is gá chun cosc a chur ar aon imchéimniú nó calaois amach anseo maidir le SCCT, nuair atá imchéimniú nó calaois ar bun, agus tabharfaidh sé aird, san am céanna, ar ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe na gealltanais sin faoi chomhaontuithe ábhartha EDT.

Leasú  107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha maidir leis na hearraí agus na táirgí dá dtagraítear i mír 2.

scriosta

Leasú  108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 3 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán a chur san áireamh chun críocha frith-imchéimnithe.

5. Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh an Choimisiúin nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon pháirtí leasmhar ar bhonn fianaise leordhóthanach maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 2. Beidh an Coimisiún freagrach as imscrúdú a thionscnamh agus beidh sé de chumhacht aige freisin treoir a thabhairt d’údaráis chustaim na mBallstát allmhairí a chur faoi réir clárúcháin. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis freisin do na Ballstáit ag iarraidh a bheith tíolactha ag páirtí leasmhar nó ag Ballstát iarraidh lena dtugtar bonn cirt le himscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó i gcás ina mbeidh cinneadh déanta as a stuaim féin ag an gCoimisiún gur gá imscrúdú a thionscnamh.

Leasú  109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-imscrúdú agus féadfaidh údaráis chustaim cúnamh a thabhairt dó. Cuirfidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcrích in am trátha.

Leasú  110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b. I gcás inar braitheadh cás imchéimnithe mar thoradh ar an imscrúdú, forchuirfidh an Coimisiún pionós de bhun Airteagal 26 ar dhearbhóir údaraithe a bhfuil baint aige le haon imchéimniú agus, más iomchuí, ar oibreoir na suiteála atá lonnaithe sa tríú tír a bhfuil nasc aige leis an dearbhóir údaraithe sin. I gcás inarb iomchuí, beidh i gceist freisin leis an bpionós go dtarraingeofar siar an t-údarú allmhairiúcháin agus leathnófar an pionós chun an t-oibreoir a chuimsiú.

Leasú  111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5 c. Tuairisceoidh an Coimisiún gach 2 bhliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na príomhchleachtais chalaoise agus imchéimnithe a bheidh sainaitheanta aige. I gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun na cleachtais sin a chosc agus a mhaolú.

Leasú  112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

2. Tabharfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3) agus (3a), 18(3) agus 27(5) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

Leasú  113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a chúlghairm aon tráth.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3) agus (3a), 18(3) agus 27(5) a chúlghairm aon tráth.

Leasú  114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3) agus (3a), 18(3) agus 27(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, agus forbróidh sé modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

1. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna loirg comhshaoil. Tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach roimh dheireadh na hidirthréimhse chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig táirgí eile seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I. Beidh an togra sin bunaithe ar mheasúnú tionchair ar na héifeachtaí a bheadh ag féidearthachtaí agus amlínte éagsúla ar leathnú breise sin an raoin feidhme chuig an gcuid eile de na hearnálacha faoi Chinneadh Tarmligthe 2019/708 ón gCoimisiún, lena n-áirítear, i measc gnéithe eile, leathnú chuig ola, páipéar, gloine, plaistigh, ceimiceáin agus táirgí iartheachtacha, agus freisin chuig comhchodanna críochtháirgí lena n-úsáidtear táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Leasú  116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chóras rialachais SCCT, lena n-áirítear maidir le hÚdarás Eorpach SCCT a chur ar bun. Mar thoradh ar an measúnú sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, a mbeidh togra reachtach maidir le córas rialachais níos láraithe ag gabháil léi, más iomchuí.

Leasú  117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, nó tráth ar bith arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

 

- measúnú ar na tionchair shóisialta a bheadh ag síneadh SCCT chuig earraí seachas na hearraí sin a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus bearta a dhéanamh arb é is aidhm leo na héifeachtaí sin a íoslaghdú;

 

- sainaithint cleachtas imchéimnithe agus calaoise agus bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun na cleachtais sin a leigheas;

 

- measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir riosca an sceite carbóin a chumhdach;

 

- scrúdú ar aon ghearáin a d’fhéadfadh tríú tíortha a dhéanamh i ndáil le comhoiriúnacht an Rialacháin seo le rialacha infheidhme EDT;

 

- measúnú ar éifeachtacht SCCT maidir le riosca an sceite carbóin.

Leasú  118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún.

3. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2, más iomchuí, chun na hathruithe bunaithe ar an bhfaisnéis ón tuarascáil a thabhairt isteach.

Leasú  119

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil IX – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Comhordú a dhéanamh le leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Comhordú a dhéanamh ar chéimniú amach leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi CTA AE

Leasú  120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus an oibleagáid deimhnithe SCCT a thabhairt suas

Céimniú amach leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi CTA AE

Leasú  121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfar coigeartú ar na deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22 chun go gcuirfear san áireamh a mhéid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ar shuiteálacha a tháirgeann, laistigh den Aontas, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

1. Déanfar leithdháileadh lamháltas saor in aisce a ailíniú le céimniú isteach SCCT. Léireofar sna deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22 an praghas a íocann suiteálacha a tháirgeann laistigh den Aontas faoi Threoir XXXX/XX/XX (CTA AE athbhreithnithe).

Leasú  122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos modheolaíocht ríofa i ndáil leis an laghdú dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos modheolaíocht ríofa i ndáil leis an laghdú dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoi dheireadh na hidirthréimhse agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú  123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Cuirfidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (‘tuarascáil SCCT’) ina bhfuil faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin nó, sa chás gur allmhairíodh na hearraí go dtí níos mó ná Ballstát amháin, faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit a roghnóidh an dearbhóir, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.

1. Cuirfidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (‘tuarascáil SCCT’) ina bhfuil faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin nó, sa chás gur allmhairíodh na hearraí go dtí níos mó ná Ballstát amháin, faoi bhráid gach údaráis inniúil de chuid na mBallstát ina ndearna an dearbhóir earraí a allmhairiú, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.

Leasú  124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) iomlán na n-astaíochtaí leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2, in aghaidh an tona de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(b) iomlán na n-astaíochtaí díreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2, in aghaidh an tona de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

Leasú  125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) iomlán na n-astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6;

(c) iomlán na n-astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(7a);

Leasú  126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, nach bhfuil faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

(d) an praghas carbóin atá dlite sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, nach bhfuil faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

Leasú  127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil.

3. Cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún ar a dhéanaí 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil agus beidh an fhaisnéis sin ar fáil i mbunachar sonraí chlárlann lárnach an Aontais.

Leasú  128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun modh a fhorbairt chun na hastaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earraí allmhairithe a ríomh.

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin.

Leasú  129

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – cuid 2 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, ní thabharfar sa chuntas ach na hastaíochtaí díreacha. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:


AN NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Ag bunú sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tagairtí

COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2021

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

13.9.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Damien Carême

1.9.2021

Dáta an ghlactha

31.3.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

41

12

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Carlo Calenda, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Valentino Grant, Claude Gruffat, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Michiel Hoogeveen, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, France Jamet, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Ioannis Lagos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoş Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Dorien Rookmaker, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Damien Carême, Roman Haider, Chris MacManus, Jessica Stegrud

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

41

+

NI

Enikő Győri

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Markus Ferber, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Aušra Maldeikienė, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Ralf Seekatz, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Carlo Calenda, Engin Eroglu, Luis Garicano, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Dragoş Pîslaru, Stéphanie Yon-Courtin

S&D

Jonás Fernández, Aurore Lalucq, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

Verts/ALE

Damien Carême, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun

 

12

-

ECR

Michiel Hoogeveen, Dorien Rookmaker, Jessica Stegrud, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle

ID

Gunnar Beck, Roman Haider, France Jamet

NI

Ioannis Lagos, Lefteris Nikolaou-Alavanos

An Chlé

Manon Aubry, Chris MacManus

 

3

0

ID

Valentino Grant, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE (12.1.2022)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

(COM(2021)0564 – C9‑0328/2021 – 2021/0214(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Zbigniew Kuźmiuk

 

 

 

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip31, straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’32 go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

(1) Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip31, straitéis nua fáis inbhunaithe a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir, rathúil agus athléimneach ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha, ciorclach, iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé mar aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, meath na bithéagsúlachta a chomhrac agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cothrom, cóir agus cuimsitheach, ní mór dó fás inbhuanaithe agus poist a chruthú agus gan duine ar bith a fhágáil ar lár. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip tacú leis na hiarrachtaí domhanda i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (SDGanna na Náisiún Aontaithe) agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’32 go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

__________________

__________________

31 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final).

31 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final).

32 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021) 400).

32 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021) 400).

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) Ceadaítear do chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), a bhuí le hAirteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT), bearta atá riachtanach chun cosaint a thabhairt do bheatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó chun acmhainní nádúrtha a chaomhnú, a chur chun feidhme;

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Fad agus atá éagsúlacht cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais agus éagsúlacht dá réir sin maidir leis an leibhéal uaillmhéine aeráide a bhíonn mar thoradh ar a gcur chuige, tá riosca sceite carbóin ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(8) Fad is a bheidh líon nach beag de chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais ag feidhmiú cur chuige an-éagsúil beartais nach mbíonn an leibhéal uaillmhéine aeráide céanna agus an leibhéal uaillmhéine aeráide atá ag an Aontas mar thoradh air, ná nach mbíonn éagsúlachtaí suntasacha i bpraghas na n-astaíochtaí GCT mar thoradh air, mairfidh an riosca sceite carbóin. Tá an riosca sin ann ní hamháin d’earraí tionsclaíocha, ach d’fhéadfadh sé a bheith ann freisin do tháirgí talmhaíochta. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe trádála, ar chúiseanna costais a bhaineann le leibhéil éagsúla uaillmhéine i mbeartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, agus, ag an am céanna, d’fhéadfaí an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht bheartais laghdaithe astaíochtaí an Aontais , rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) tá sé ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

(9) An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) tá sé ina chuid lárnachden phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais agus ar chóras deimhnithe feabhsaithe ETS de chuid AE. Ba cheart an tionscnamh sin a chomhcheangal le dreasachtaí maidir le nuálaíocht, arb é is aidhm dóibh an próiseas dícharbónaithe a éascú agus le beartais arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí i bpróisis thionsclaíocha ísealcharbóin a chur chun cinn.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.

(10) Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, ba cheart leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE a chéimniú amach de réir a chéile, i gcomhréir le gealltanas agus spriocanna an Aontais maidir leis an dí-charbónú agus chun cloí le rialacha trádála EDT agus cúiteamh dúbailte a sheachaint.

 

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Féachann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le hionadú a dhéanamh ar na sásraí sin atá ann faoi láthair trí aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú diaidh ar ndiaidh ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Maidir le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, níor cheart é a bheith mar thoradh orthu sin, i gcás ar bith, go bhfaigheadh earraí AE cóir níos fabhraí i gcomparáid leis an gcóir a fhaigheann earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(11) Féachann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le hionadú a dhéanamh ar na sásraí sin atá ann faoi láthair trí aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú diaidh ar ndiaidh ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Ba cheart go mbeadh SCCT trédhearcach, comhréireach agus éasca a riar agus ba cheart dó aon ualach airgeadais nó riaracháin míchuí ar ghnólachtaí a sheachaint, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Maidir le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, níor cheart é a bheith mar thoradh orthu sin, i gcás ar bith, go bhfaigheadh earraí AE cóir níos fabhraí i gcomparáid leis an gcóir a fhaigheann earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais ná níor cheart aon saobhadh margaidh a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú trí lamháltais saor in aisce a chéimniú amach san Aontas, rud a áiritheoidh go gcaithfear mar a chéile táirgí intíre agus táirgí allmhairithe, bunaithe ar phrionsabal an neamhidirdhealaithe.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.

(12) Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, agus cleachtais athghiniúnacha, mar shampla sa talmhaíocht, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir. Thabharfadh sé spreagadh freisin do phraghsáil carbóin ar fud an domhain, rud a chuirfeadh feabhas ar mhachaire comhréidh domhanda. Ag an am céanna, ba cheart breathnú ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha mar bhealach chun tacú leis an tionsclaíocht trí nuálaíocht agus cistiú infheistíochta, chun rannchuidiú go héifeachtach le haistriú cóir chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus chun deiseanna fostaíochta nua agus fás geilleagrach a chruthú, agus san am céanna na coimircí riachtanacha a choinneáil chun iomaíochas tionsclaíoch san Aontas a chosaint.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a) Mar sin féin, ní mór féachaint ar fhadhb an sceite carbóin i gcomhthéacs níos leithne maidir le tionchar carnach uaillmhianta comhshaoil an Aontais atá ag dul i méid, mar a cuireadh in iúl, inter alia, i straitéisí comhpháirte an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ar iomaíochas gheilleagar an Aontais ina iomláine. Is léir gurb ann d’éagothromaíocht sna caighdeáin agus sna ceanglais táirgthe idir an tAontas agus a chomhpháirtithe trádála seachtracha, ní hamháin sna hearnálacha a chumhdaítear le scéim CTA AE, ach sa talmhaíocht freisin, inter alia. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige déthaobhach: maidir leis an gcomhrac i gcoinne sceitheadh carbóin trí CBAM, ba cheart coinníollacha fabhracha infheistíochta agus táirgthe san Aontas a bheith ag gabháil leis, ar coinníollacha iad lena mbaineann, mar shampla, úsáid níos éifeachtúla ábhair orgánaigh ón talmhaíocht, amhail aoileach beostoic chun teacht in ionad leasachán ceimiceach; dreasachtaí airgeadais le haghaidh nuálaíochta, chun bithleasacháin agus feabhsaitheoirí ithreach ón mbithmhais talmhaíochta a tháirgeadh agus chun díleáiteán ón mbithghás a tháirgeadh; bacainní riaracháin a bhaint agus costais choigeartaithe a laghdú, go háirithe do FBManna agus don earnáil talmhaíochta chun a áirithiú go gcaomhnófar a n-iomaíochas. Ba cheart foinsí nua chun na críche sin a chur ar fáil.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13) Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide agus cosanta comhshaoil é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc, praghsáil carbóin a chur chun cinn ar fud an domhain, feabhas a chur ar dhícharbónú ar bhealach costéifeachtúil agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna. Ba cheart bearta tacaíochta d’fheirmeoirí maidir le dul in oiriúint d'athruithe ar phraghsáil nó foinsiú leasachán a chur ar fáil faoi ionstraimí iomchuí atá ann cheana féin, eadhon CBT agus an clár NextGenerationEU, seachas éifeachtúlacht agus comhoiriúnacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le EDT a chur i mbaol.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) Cé nach é an príomhchuspóir atá leis, d’fhéadfadh an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha rannchuidiú indíreach a dhéanamh le feabhas a chur ar athléimneacht agus uathriail straitéiseach an Aontais, le slabhraí soláthair an Aontais a ghearradh, le hiad a dhéanamh níos inbhuanaithe agus le hiad a éagsúlú chun róspleáchas ar líon beag margaí a laghdú, le táirgeadh tionsclaíoch a athlonnú in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint leo, agus le poist ar ardchaighdeán a chruthú ar an leibhéal áitiúil.

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Mar sin féin, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar na hastaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (dá ngairtear ‘córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí’), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun a áirithiú nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(19) Mar sin féin, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar na hastaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (dá ngairtear ‘córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí’), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun a áirithiú nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh agus go gcuirfear cosc ar aon iomaíochas éagórach. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Cé gurb é cuspóir foriomlán an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha cumhdach táirgí leathan a bheith ann, ba stuama tosú le líon áirithe earnálacha le táirgí atá measartha aonchineálach mar a bhfuil riosca sceite carbóin. Liostaítear na hearnálacha AE a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo i gCinneadh Tarmligthe 2019/708 ón gCoimisiún42.

(28) Cé gurb é cuspóir foriomlán an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha cumhdach táirgí leathan a bheith ann, ba stuama tosú le líon áirithe earnálacha le táirgí atá measartha aonchineálach mar a bhfuil riosca féideartha sceite carbóin. Liostaítear na hearnálacha AE a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo i gCinneadh Tarmligthe (AE)  2019/708 ón gCoimisiún.420842. Ba cheart aon leathnú breise ar na hearnálacha agus ar na táirgí arna gcumhdach leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a dhéanamh tar éis mionanailís eolaíoch agus measúnú riosca a dhéanamh, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil. Ba cheart an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ag leathnú den sórt sin agus na drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh freisin, chomh maith leis na héifeachtaí ar chobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh.

__________________

__________________

42 Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo sa tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 2).

42 Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo sa tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 2).

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31a) Ba cheart raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a leathnú chuig táirgí talmhaíochta tar éis thréimhse an chéimnithe isteach. Idir an dá linn, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chobhsaíocht mhargaí talmhaíochta an Aontais agus a bheith ag súil le hinmharthanacht an táirgthe talmhaíochta mar thoradh a leanfaidh as cur chun feidhme dheimhnithe an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha do na hearnálacha lena mbaineann.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37a) D’fhéadfadh sceitheadh breise carbóin i dtríú tíortha agus caillteanas iomaíochas tháirgeoirí an Aontais a bheith mar thoradh ar chuspóirí an Chomhaontuithe Ghlais san earnáil talmhaíochta. Ina theannta sin, trí leasacháin a áireamh sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, d’fhéadfaí costais an táirgthe talmhaíochta a mhéadú tuilleadh. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, a thacaíocht a mhéadú chun bainistiú inbhunaithe leasachán ag feirmeoirí a chur chun cinn agus chun tomhaltas leasacháin a laghdú trí chórais digiteacha a úsáid, cleachtais fheabhsaithe feirmeoireachta, infheistíochtaí i bhfeirmeoireacht bheacht, saothrú barr léagúmach a mhéadú, tacaíocht d’fheirmeoireacht orgánach agus maoiniú do thionscadail talmhaíochta ísealcharbóin.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37b) Tá earnáil talmhaíochta an Aontais ar cheann de na hearnálacha is táirgiúla agus is forbartha ar domhan ó thaobh a tiomantais do chosaint an chomhshaoil agus na haeráide. Mar sin féin, ar cheann de na príomhdhúshláin a bheidh os a comhair a luaithe a bheidh straitéisí an Chomhaontaithe Ghlais Eorpaigh forbartha, tá dumpáil aeráide ó thíortha a dhéanann dul chun cinn mall maidir lena dtalmhaíocht ghlas a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme CBAM a leathnú chun táirgí talmhaíochta a chumhdach gan aon mhoill mhíchuí, ar choinníoll go ndéanfar é sin tar éis measúnú tionchair cuimsitheach agus comhairliúchán leathan trasearnála, agus go mbeidh sé i gcomhréir le córas taraife an Aontais. Tá sé níos tábhachtaí táirgí talmhaíochta a chuimsiú faoi raon feidhme CBAM ós rud é go mbeidh tionchar díreach agus indíreach ag cuimsiú táirgí eile ar earnáil na talmhaíochta, go háirithe leasacháin, cruach agus alúmanam. Tá an Coimisiún tiomanta d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar chobhsaíocht mhargadh inmheánach an Aontais, lena n-áirítear margaí talmhaíochta go háirithe, agus do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha láidre a dhéanamh, lena n-áirítear trí chúiteamh airgeadais d’fheirmeoirí, má dhéanann cur chun feidhme an tsásra nua difear tromchúiseach do bhrabúsacht agus d’inmharthanacht an táirgthe talmhaíochta.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37c) Trí raon feidhme CBAM a leathnú chuig táirgí talmhaíochta allmhairithe, d’fhéadfaí comhlánú úsáideach a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil arb é is aidhm dó íoslaghdú a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoisí ar fud an domhain, chun lorg carbóin iomlán an Aontais a laghdú go suntasach, agus chun claochlú agrai-éiceolaíoch chórais agraibhia an Aontais agus a chomhpháirtithe trádála a spreagadh, lena n-áirítear trí chabhair talmhaíochta a athdháileadh. Dá ndéanfaí claochlú agrai-éiceolaíoch den sórt sin, thiocfadh laghdú ar astaíochtaí CGT, chosnófaí éiceachórais agus d’athbhunófaí iad, thiocfaí laghdú ar úsáid na n-agraiceimiceán agus ar an truailliú a bhaineann leis agus dhéanfaí tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus biafhlaitheas a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le CBAM a leathnú ar an gcaoi sin chuig táirgí talmhaíochta allmhairithe faoi 2030 ar a dhéanaí.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

(50) Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil agus ar iomaíochas an mhargaidh inmheánaigh a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50a) Dá gcuimseofaí buntáirgí áirithe in CBAM, amhail leasacháin, bheadh tionchar suntasach aige ar earnálacha iartheachtacha san Aontas. Mar sin féin, i bhfianaise thionchar na gcostas breise ar iomaíochas earnálacha eacnamaíocha an Aontais, lena n-áirítear earnáil na feirmeoireachta, ní féidir riosca an sceite carbóin a chur as an áireamh láithreach. Is cosúil gurb iomchuí a mholadh go n-úsáidfí an t-ioncam ó CBAM mar ioncam atá curtha in áirithe i mbuiséad an Aontais d’fhonn an costas a bhaineann leis an sásra a chur ar bun agus le deireadh a chur le lamháltais saor in aisce a fhritháireamh, agus chun cabhrú le bearta idirthréimhseacha a mhaoiniú d’earnálacha eacnamaíocha an Aontais, a ndéanfar difear dá n-iomaíochas. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún na socruithe maidir le sásra den sórt sin a shocrú.

Réasúnú

Dá gcuimseofaí buntáirgí áirithe in CBAM, amhail leasacháin, bheadh tionchar suntasach aige ar earnálacha iartheachtacha Eorpacha. Mar sin féin, i bhfianaise thionchar na gcostas breise ar iomaíochas earnálacha eacnamaíocha an Aontais, lena n-áirítear earnáil na feirmeoireachta, ní féidir riosca an sceite carbóin a chur as an áireamh láithreach. Is cosúil gurb iomchuí a mholadh go n-úsáidfí an t-ioncam ó CBAM mar ioncam atá curtha in áirithe i mbuiséad an Aontais d’fhonn an costas a bhaineann leis an sásra a chur ar bun agus le deireadh a chur le lamháltais saor in aisce a fhritháireamh.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Chun feidhmiú cuí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

(51) Chun feidhmiú cuí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadhagus chomh maith leis sin ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar costais bhreise riaracháin na mBallstát a aisíoc mar thoradh ar an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51a) Ba cheart don Choimisiún rialacha agus nósanna imeachta soiléire agus simplithe a bhunú chun ualaí iomarcacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme CBAM, go háirithe do FBManna.

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51b) Chun feidhmiú cuí CBAM a éascú agus a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint nó ualach iomarcach riaracháin do ghnóthas, go háirithe FBManna, ba cheart don Choimisiún comhairle theicniúil agus cúnamh teicniúil a sholáthar dóibh chun a n-oiriúnú a éascú do na hoibleagáidí nua arna mbunú leis an Rialachán seo agus chun nach mbeidh aon bhacainní teicniúla ar thrádáil.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil47.

(52) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Sa tuarascáil ón gCoimisiún, ba cheart measúnú a dhéanamh, go háirithe, chomh cruinn agus is féidir ar an tionchar iarbhír atá ag sásra CBAM ar an aeráid agus ar chosaint an chomhshaoil, ar iomaíochas agus ar inmharthanacht gheilleagar an Aontais, go háirithe in earnáil na talmhaíochta agus maidir le FBManna, agus maidir le costais iarbhír chomhlíontachta. Sa tuarascáil, ba cheart freisin scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an nuálaíocht inbhuanaithe agus ar athruithe ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair, go háirithe maidir le leasacháin, chomh maith leis na héifeachtaí ar phraghsanna na leasachán agus ar tháirgeadh talmhaíochta. Ba cheart go ndéanfaí measúnú ann freisin ar an bhféidearthacht ioncaim arna bhfáil trí CBAM a spriocdhíriú ar mhaoiniú na mbeart arb é is aidhm dóibh astaíochtaí carbóin a laghdú agus úsáid níos inbhuanaithe leasachán san Aontas a chur chun cinn. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh freisin ar na héifeachtaí a bheadh ann dá leathnófaí raon feidhme an Rialacháin seo chuig talmhaíocht agus táirgí agrabhia, chuig táirgí eile atá i mbaol an sceite carbóin, agus chuig astaíochtaí indíreacha freisin. Ba cheart don Choimisiún modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna an loirg chomhshaoil47 .

__________________

__________________

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

47 Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52a) Is earnáil í an talmhaíocht a bhfuil fíorthábhacht ag baint léi ó thaobh soláthar bia, slándáil bia agus neamhspleáchas bia. Dá réir sin, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ann ar thalmhaíocht, soláthar bia, slándáil bia agus neamhspleáchas bia dá n-áireofaí leasacháin in CBAM, roimh theacht i bhfeidhm an tsásra sin, lena n-áirítear an coigeartú airgeadais maidir le leasacháin.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52b) Chun dul i ngleic le saincheisteanna maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, go háirithe an t-athrú aeráide, ar údair imní iad ar bhonn domhanda, tá an tAontas ag ardú a chuid caighdeán le roinnt blianta anuas. Mar gheall ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis ‘On bhFeirm go dtí an Forc,” d’fhéadfadh na caighdeáin san Aontas a ardú tuilleadh d’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, beidh ar earnálacha feirmeoireachta san Aontas dul i ngleic le sceitheadh carbóin i dtíortha nach bhfuil ceanglais aeráide chomh dian céanna acu. Mar thoradh air sin, ní mór machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht CBAM a leathnú chuig táirgí áirithe talmhaíochta agus agraibhia atá i mbaol an sceite carbóin ar bhonn na faisnéise arna bailiú le linn na hidirthréimhse. Tá sé níos tábhachtaí táirgí talmhaíochta agus agraibhia a chuimsiú faoi raon feidhme CBAM ós rud é gur dócha go mbeidh tionchar díreach agus indíreach ag cuimsiú táirgí eile ar earnáil na feirmeoireachta, ar táirgí iad a úsáidtear mar ionchuir a imreoidh tionchar ar a costais táirgthe.

Réasúnú

Ní mór mionanailís a dhéanamh maidir le CBAM ar earnálacha iartheachtacha na feirmeoireachta agus maidir le cibé táirgí talmhaíochta a chuimsiú i raon feidhme CBAM nó gan iad a áireamh.  Dá leathnófaí raon feidhme CBAM chun earnálacha iartheachtacha na feirmeoireachta a chumhdach, d’fhéadfadh sé a bheith éifeachtach chun riosca an sceite carbóin a sheachaint, ach tá saincheisteanna ann maidir le hindéantacht nach mór aghaidh a thabhairt orthu sula ndéantar aon chinneadh.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a) Chun gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo a éascú, chun gníomhú ar son na haeráide a dhreasú, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, agus chun tacú le margadh d’earraí ísealcharbóin, ba cheart plé leanúnach a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus le comhpháirtithe trádála an Aontais.

Leasú  26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(59a) Ní mór don Choimisiún béim ar leith a leagan ar allmhaireoirí a choinneáil ar an eolas, rud a chumasóidh dóibh na costais inmheánacha a bheadh ag baint le cur chun feidhme CBAM a chur san áireamh, amhail costais a bhaineann le tuarasciú ar astaíochtaí, taifid a choinneáil, ríomh agus doiciméadú.

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(59b) Ba cheart don Choimisiún a mholadh go dtabharfaí maoiniú chun infheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú earnálacha móra atá dian ar GCT, trí bhearta chun cabhrú le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, go háirithe maidir leis na Ballstáit a bhfuil ioncaim níos ísle acu.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc.

1. Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun rannchuidiú le hastaíochtaí allmhairithe a laghdú de réir a chéile, lorg comhshaoil iomlán an Aontais a laghdú, an riosca féideartha go dtarlóidh sceitheadh carbóin a chosc agus praghsáil carbóin ar fud an domhain a spreagadh.

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 5 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) tá feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE maidir leis an tír sin nó leis an gcríoch sin nó tugadh comhaontú i gcrích idir an tríú tír sin nó idir an tríú críoch sin agus an tAontas ar comhaontú é lena ndéantar nasc iomlán idir Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus córas trádála astaíochtaí an tríú tír nó an tríú críoch;

(a) tá feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE maidir leis an tír sin nó leis an gcríoch sin nó tugadh comhaontú i gcrích idir an tríú tír sin nó idir an tríú críoch sin agus an tAontas ar comhaontú é lena ndéantar nasc iomlán idir Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus córas trádála astaíochtaí an tríú tír nó an tríú críoch agus lena ráthaítear coinníollacha comhionanna do rannpháirtithe Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus táirgeoirí sna tíortha sin;

Réasúnú

Tá praghsáil carbóin tugtha isteach ag roinnt stát ar bhonn fhógra CBAM. Tá Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm ar feadh níos mó ná 10 mbliana, agus rinneadh é a mhionchoigeartú ar feadh cúig bhliana le linn na tréimhse sin. Beidh feidhm ag CBAM ó 2023 go dtí 2026. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na córais praghsála i dtaca le hastaíochtaí CO2 i dtíortha eile comhréireach in aon chor leis an ualach arbh é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ba chúis leis.

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 5 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) an praghas a íoctar i dtír thionscnaimh na n-earraí, muirearaítear go héifeachtach é ar na hearraí sin gan aon lacáiste seachas na cinn sin a chuirtear i bhfeidhm i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh freisin.

(b) an praghas a íoctar i dtír thionscnaimh na n-earraí, muirearaítear go héifeachtach é ar na hearraí sin gan aon lacáiste seachas na cinn sin a chuirtear i bhfeidhm i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh freisin, agus is follas gur féidir a mheas go bhfuil na coinníollacha do rannpháirtithe i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus táirgeoirí ó na tíortha sin coibhéiseach.

Réasúnú

Tá praghsáil carbóin tugtha isteach ag roinnt stát ar bhonn fhógra CBAM. Tá Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm ar feadh níos mó ná deich mbliana. Beidh feidhm ag CBAM ó 2023 go 2026. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na córais praghsála i dtaca le hastaíochtaí CO2 i dtíortha eile comhréireach in aon chor leis an ualach arbh é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ba chúis leis.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n-earraí.

(28) ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí ó tháirgeadh na n-earraí a úsáidtear dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n-earraí eile.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a) ciallaíonn ‘táirgí talmhaíochta agus bia’ táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, chomh maith leis na táirgí nach liostaítear san Iarscríbhinn sin ach a próiseáiltear lena n-úsáid mar bhia lena n-úsáidtear na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn sin;

Réasúnú

Ní mór sainmhíniú soiléir a thabhairt ar choincheap na dtáirgí bia agus talmhaíochta. Tagann an sainmhíniú thuasluaite ó threoir 2019 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

2. Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.

2. Déanfaidh na húdaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú. Tacóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh leis an gcomhordú idir na húdaráis inniúla.

Leasú  35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú.

Áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh gníomhaíocht na n-údarás inniúil ualach iomarcach riaracháin nó costais comhlíontachta ar na Ballstáit. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú trí thacaíocht a sholáthar nuair a iarrtar sin.

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Chun críche na chéad mhíre, bunóidh an Coimisiún rialacha agus nósanna imeachta soiléire agus simplithe, chun nach mbeidh aon ualaí iomarcacha riaracháin agus airgeadais ann a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme CBAM, go háirithe do FBManna.

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Soláthróidh an Coimisiún comhairle theicniúil agus cúnamh teicniúil do na gnóthais chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo a éascú.

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Faoin [1 Eanáir 2024], foilseoidh an Coimisiún treoirlínte mionsonraithe lena leagtar amach freagrachtaína n-údarás inniúil, na foinsí agus na prionsabail i dtaca lena ngníomhaíochtaí a mhaoiniú chun na hoibleagáidí arna bhforchur leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, chomh maith le tuairisc bheacht ar fhreagrachtaí na n-údarás inniúil agus nósanna imeachta dóibh, i gcásanna ina gcruthaítear nár comhlíonadh an Rialachán seo.

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gach faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Gach faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh na húdaráis inniúla ná an riarthóir lárnach faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Leasú  40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ríomhfaidh an Coimisiún praghas na ndeimhnithe SCCT mar mheánphraghas phraghsanna scoir lamháltais CTA AE ar an gcomhardán ceantála i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1031/201054 ón gCoimisiún in aghaidh gach seachtaine féilire.

Ríomhfaidh an Coimisiún praghas na ndeimhnithe SCCT mar mheánphraghas phraghsanna scoir lamháltais CTA AE ar an gcomhardán ceantála i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1031/201054 ón gCoimisiún in aghaidh gach seachtaine féilire. Trí Chinneadh (AE) 2015/1814 a chur i bhfeidhm, bunaíonn an Coimisiún íosphraghsanna agus uasphraghsanna i leith lamháltais CTA AE chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus smacht a choinneáil ar thionchair shóisialta an aistrithe agus chun nach mbeifear in ann teacht timpeall ar chóras dheimhnithe SCCT.

_________________

_________________

 54 Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiúchán, riarachán agus gnéithe eile de cheantáil ar lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

 54 Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiúchán, riarachán agus gnéithe eile de cheantáil ar lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, agus forbróidh sé modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

1. Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn faireachán a dhéanamh ar thionchar SCCT ar an aeráid agus ar chosaint an chomhshaoil, ar iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe in earnáil na talmhaíochta agus earnáil an bhia agus maidir le FBManna, ar inmharthanacht na saoráidí táirgthe sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán, ar struchtúr agus ar mhéid allmhairí an Aontais, agus ar na costais ar na custaiméirí deiridh agus ar thíortha atá i mbéal forbartha. Bunaithe ar thoradh an ghrinnscrúdaithe sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar a indéanta agus a ábhartha atá sé raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ann dá n-áireofaí táirgí talmhaíochta agus agraibhia. Déanfaidh an Coimisiún modhanna a fhorbairt freisin chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil agus áiritheoidh sé go mbeidh córas éifeachtúil agus trédhearacach fíoraithe agus rialaithe ann chun cruinneas na faisnéis arna fáil ó tháirgeoirí tríú tíortha a ráthú.

Leasú  42

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

2. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

 

(a)  measúnú ar na féidearthachtaí chun raon feidhme na n-astaíochtaí leabaithe a leathnú tuilleadh chun earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhach;

 

(b)  measúnú ar an gcóras rialachais;

 

(c)  measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo;

 

(d)  measúnú ar an bhfíorthionchar ar chosaint na haeráide agus an chomhshaoil;

 

(e)  measúnú ar an tionchar ar iomaíochas agus ar indéantacht gheilleagar an Aontais;

 

(f)  measúnú ar thionchar allmhairí an Aontais;

 

(g)  na héifeachtaí ar nuálaíocht inbhuanaithe a shainaithint mar aon le hathruithe ar shreafaí trádála, slabhraí soláthair agus praghsanna maidir le leasacháin agus earnáil na talmhaíochta;

 

(h)  na héifeachtaí ar ghnóthais an Aontais a shainaithint, lena n-áirítear measúnú cainníochtúil ar thionchair, go háirithe ar FBManna agus ar chostais comhlíontachta iarbhír;

 

(i)  measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ann dá leathnófaí raon feidhme an Rialacháin seo chun earraí talmhaíochta agus bia a chumhdach agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall air sin;

 

(j)  measúnú ar cibé ar cheart an carbón atá leabaithe i dtáirgí gearrshaolacha adhmaid lománaithe, a chuirtear san áireamh in earnáil na húsáide talún, an athraithe san úsáid talún agus na foraoiseachta, a chumhdach leis an Rialachán seo;

 

(k)  meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht ioncaim ó SCCT a chur in áirithe chun bearta a chur chun cinn lena rannchuidítear le hastaíochtaí carbóin an Aontais a laghdú agus le spleáchas na talmhaíochta ar leasacháin a laghdú.

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tráth a scaoilfear na hearraí sin i saorchúrsaíocht, ar a dhéanaí, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhóir ar an eolas faoin oibleagáid dá dtagraítear i mír 1.

2. Tráth a scaoilfear na hearraí sin i saorchúrsaíocht, ar a dhéanaí, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhóir ar an eolas faoin oibleagáid dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na hoibleagáidí nua a fhorchuirfear ar údaráis chustaim faoin Rialachán seo ualach riaracháin iomarcach ná nach gcruthóidh siad costas suntasach comhlíontachta.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, nach bhfuil faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

(d) an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, nach bhfuil faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(a) Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí deireadh na bliana ina ndearna an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, inar thug sé tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus inar thug Parlaimint na hEorpa a toiliú do chur i bhfeidhm iomlán CBAM.

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2026.

(d) Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ó 1 Eanáir na bliana ina ndearna an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, inar thug sé tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus inar thug Parlaimint na hEorpa a toiliú do chur i bhfeidhm iomlán CBAM, lena n-áirítear an sásra airgeadais.

 

 


NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Ag bunú sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tagairtí

COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2021

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.11.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Zbigniew Kuźmiuk

17.9.2021

Dáta an ghlactha

11.1.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

27

3

18

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mazaly Aguilar, Clara Aguilera, Atidzhe Alieva-Veli, Álvaro Amaro, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Benoît Biteau, Mara Bizzotto, Daniel Buda, Asger Christensen, Angelo Ciocca, Ivan David, Paolo De Castro, Jérémy Decerle, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Dino Giarrusso, Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Martin Hlaváček, Krzysztof Jurgiel, Jarosław Kalinowski, Elsi Katainen, Gilles Lebreton, Norbert Lins, Chris MacManus, Colm Markey, Alin Mituța, Marlene Mortler, Ulrike Müller, Maria Noichl, Juozas Olekas, Pina Picierno, Maxette Pirbakas, Bronis Ropė, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Marc Tarabella, Veronika Vrecionová, Sarah Wiener, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Eric Andrieu, Manuel Bompard, Petros Kokkalis, Zbigniew Kuźmiuk, Cristina Maestre Martín De Almagro

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

27

+

ECR

Mazaly Aguilar, Krzysztof Jurgiel, Zbigniew Kuźmiuk, Veronika Vrecionová

ID

Mara Bizzotto, Angelo Ciocca, Gilles Lebreton, Maxette Pirbakas

PPE

Colm Markey, Anne Sander, Annie Schreijer-Pierik

Renew

Atidzhe Alieva-Veli, Asger Christensen, Jérémy Decerle, Martin Hlaváček, Elsi Katainen, Alin Mituța, Ulrike Müller

S&D

Clara Aguilera, Eric Andrieu, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Paolo De Castro, Cristina Maestre Martín De Almagro, Juozas Olekas, Pina Picierno, Marc Tarabella

 

3

-

S&D

Maria Noichl

The Left

Manuel Bompard, Petros Kokkalis

 

18

0

ID

Ivan David

NI

Dino Giarrusso

PPE

Álvaro Amaro, Daniel Buda, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Jarosław Kalinowski, Norbert Lins, Marlene Mortler, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Juan Ignacio Zoido Álvarez

The Left

Chris MacManus

Verts/ALE

Benoît Biteau, Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Bronis Ropė, Sarah Wiener

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

 

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Ag bunú sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tagairtí

COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)

Dáta tíolactha chun PE

15.7.2021

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.9.2021

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

16.12.2021

INTA

13.9.2021

BUDG

13.9.2021

ECON

13.9.2021

 

ITRE

13.9.2021

IMCO

13.9.2021

AGRI

11.11.2021

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

IMCO

1.9.2021

 

 

 

Coistí comhlachaithe

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

11.11.2021

ITRE

11.11.2021

INTA

11.11.2021

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Mohammed Chahim

16.9.2021

 

 

 

Pléite sa choiste

9.9.2021

2.2.2022

22.3.2022

 

Dáta an ghlactha

17.5.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

49

33

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mathilde Androuët, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurélia Beigneux, Monika Beňová, Hildegard Bentele, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Marian-Jean Marinescu, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Nicola Procaccini, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Linea Søgaard-Lidell, Maria Spyraki, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Michael Bloss, Manuel Bompard, Milan Brglez, Stelios Kympouropoulos, Manuela Ripa, Christel Schaldemose, Vincenzo Sofo, Idoia Villanueva Ruiz

Dáta don chur síos

24.5.2022

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

49

+

PPE

Nathalie Colin-Oesterlé, Agnès Evren, Stelios Kympouropoulos, Maria Spyraki

Renew

Pascal Canfin, Martin Hojsík, Jan Huitema, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Nicolae Ştefănuță, Linea Søgaard-Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, Emma Wiesner, Michal Wiezik

S&D

Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Milan Brglez, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Jytte Guteland, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Christel Schaldemose, Günther Sidl, Petar Vitanov, Tiemo Wölken

The Left

Malin Björk, Manuel Bompard, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Idoia Villanueva Ruiz, Mick Wallace

Verts/ALE

Margrete Auken, Michael Bloss, Bas Eickhout, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus, Manuela Ripa

 

33

-

ECRx

Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Nicola Procaccini, Rob Rooken, Vincenzo Sofo, Alexandr Vondra, Anna Zalewska

ID

Mathilde Androuët, Simona Baldassarre, Aurélia Beigneux, Marco Dreosto, Catherine Griset, Teuvo Hakkarainen, Sylvia Limmer, Joëlle Mélin, Silvia Sardone

NI

Edina Tóth

PPE

Traian Băsescu, Hildegard Bentele, Alexander Bernhuber, Christian Doleschal, Adam Jarubas, Ewa Kopacz, Esther de Lange, Peter Liese, Marian-Jean Marinescu, Liudas Mažylis, Ljudmila Novak, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Pernille Weiss

 

5

0

NI

Ivan Vilibor Sinčić

PPE

Fulvio Martusciello, Dolors Montserrat, Luisa Regimenti

Renew

Andreas Glück

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

 

An nuashonrú is déanaí: 5 Meitheamh 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais