TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
24.5.2022 - (COM(2021)0555 – C9‑0321/2021 – 2021/0200(COD)) - ***I
An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir don tuairim: Jessica Polfjärd
- DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH
- NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE
- NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
(COM(2021)0555 – C9‑0321/2021 – 2021/0200(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0555),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0321/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021[1],
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an xxx[2],
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0163/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta, agus a bheith faoi threoir, inter alia, prionsabail an chothromais agus na bhfreagrachtaí agus na n-inniúlachtaí faoi seach atá coiteann ach difreáilte ag an am céanna. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh i mí na Samhna 2021, d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go ndéanfadh coinneáil an mhéadaithe ar an meánteocht dhomhanda go 1,5 °C laghdú suntasach ar rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide agus gheall siad a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú faoi dheireadh 2022. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) Tá práinn mhéadaitheach ag teacht ar an ngá gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú, mar a luaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), sna tuarascálacha is déanaí uaidh dar dáta an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta-Fisiciúla] agus an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht]. Dúirt IPCC go hardmhuiníneach go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt ar dhea-bhail an duine agus ar shláinte an phláinéid, agus gurb amhlaidh, má chuirtear moill bhreise ar ghníomhaíocht dhomhanda chomhbheartaithe atá réamhbheartaithe maidir le hoiriúnú agus maolú, a chaillfear an deis todhchaí inbhuanaithe ar féidir linn maireachtáil inti a dhaingniú do chách, ar deis ghearrshaolach í atá á dúnadh go gasta. Cuireann IPCC meastacháin nua ar fáil maidir leis an seans go sárófar leibhéal téimh dhomhanda 1,5 °C sna blianta amach romhainn, agus tuigtear leis nach mbeifear in ann an téamh a theorannú go gar do 1,5 °C nó fiú 2 °C mura ndéanfar laghdú láithreach, mear agus ar mhórscála ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. |
(3) Túsphointe atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip31 chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, ar aidhm í a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31a. Nascann sé sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus leagann sé amach straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do gach inscne ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine faoi bhochtaineacht fuinnimh nó iompair, agus daoine agus teaghlaigh ar ioncam níos ísle agus daoine ar de chine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Déanann an t-aistriú difear freisin do na Ballstáit agus do réigiúin ar bhealaí difriúla. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. |
__________________ |
__________________ |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019. |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019. |
|
31a Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Chun go mbeidh sí inghlactha go sóisialta, ba cheart go gcuirfí uaillmhian shóisialta choibhéiseach leis an uaillmhian aeráide a leagtar amach sa Rialachán seo. Tugann leibhéal méadaithe na huaillmhéine le tuiscint go bhfuil athruithe substaintiúla sna hearnálacha a ndéantar difear dóibh a bhféadfadh tionchar sóisialta agus saothair a bheith acu. Ní mór bearta leordhóthanacha airgeadais agus beartais a bheith ag gabháil leis na spriocanna athbhreithnithe maidir le laghdú astaíochtaí chun a áirithiú gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach ar bhealach atá cothrom go sóisialta. Féadfar a áireamh i measc na mbeart, inter alia, measúnuithe tionchair ar fhostaíocht a dhéanamh lena ndéantar meastóireacht ar an tionchar ar phoist agus ar dhálaí oibre ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon, mar aon le hacmhainní náisiúnta agus acmhainní de chuid an Aontais a leithdháileadh chun bearta oiriúnaithe sóisialta agus cruthú post ar ardchaighdeán, comhionannas inscne, foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoiliúint agus cosaint shóisialta a chistiú, agus cómhargáil éifeachtach a áirithiú. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfar comhairliúchán tráthúil agus rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta sna hearnálacha a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo maidir le bearta náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3b) Leis an aistriú chuig geilleagar san Aontas a bheadh ag luí le sprioc na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, d’fhéadfadh tionchar ar leith a bheith aige, thairis sin, ar earnálacha eacnamaíocha áirithe, go mór mór micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide leochaileacha sna hearnálacha sin. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, tá sé tábhachtach go gcruthóidh na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin do na fiontair sin chun aistriú chuig cleachtais lena ngabhann níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus de réir a chéile nach ngabhann astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bith leo. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3c) Is é an tátal ar thángthas air faoi Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus ag Fóram Domhanda ECFE maidir leis an gComhshaol go bhfuil tionchar inscne-shonrach ag athruithe comhshaoil. Mar thoradh ar róil inscne-dhifreáilte, bíonn leochaileachtaí difreáilte ag gach inscne i leith éifeachtaí an athraithe aeráide freisin, agus fágann tionchair an athraithe aeráide gur measa a bhíonn neamhionannais inscne. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Thairis sin, bunaítear leis agus an sprioc á cur chun feidhme, go dtabharfaidís tús áite do laghduithe tapa agus intuartha ar astaíochtaí agus, ag an am céanna, go gcuirfidís feabhas ar aistrithe trí linnte nádúrtha. Tá rannchuidiú glan-aistrithe le sprioc 2030 teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2, agus tá an chuid eile den sprioc le baint amach trí laghduithe díreacha ar astaíochtaí. |
__________________ |
__________________ |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |

Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. |
(5) Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais arna gcinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. |
__________________ |
__________________ |
33 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
33 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. |
(7) Cé go bhféadfaidh feidhm a bheith ag trádáil astaíochtaí freisin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. Mar sin féin, is amhlaidh, le blianta beaga anuas, a tháinig méadú ar na hastaíochtaí de chuid earnálacha áirithe nó a d’fhan siad seasmhach. |
__________________ |
__________________ |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |

Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Ina conclúidí an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, fad agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh. |
(9) I gconclúidí uaithi an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcaomhnófar iomaíochas an Aontais agus ina ndéanfar, maidir leis na Ballstáit, a dtúsphointí éagsúla, na laghduithe ar astaíochtaí atá bainte amach acu cheana agus a gcúinsí náisiúnta sonracha agus a n-acmhainneacht um laghdú astaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh, a chur san áireamh. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9a) Tar éis 2030, is gá go mbainfidh an tAontas agus gach aon Bhallstát an cuspóir aeráidneodrachta ar fud an Aontais amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus go mbeidh sé d’aidhm acu astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ba cheart go n-áiritheofaí le Rialachán (AE) 2018/842 go dtabharfar gach Ballstát ar chonairí astaíochta, agus go nglacfaidh siad beartais nithiúla fhadtéarmacha, arb é a bheidh mar thoradh astu go mbainfear an cuspóir sin amach. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) D’fhonn an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. |
(10) Chun gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme agus an sprioc laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do gach earnáil a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005. |
(11) Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. San athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa úsáidtear an mhodheolaíocht chéanna agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Mar sin féin, ní chomhtháthaítear dáileadh spriocanna na mBallstát, ar cheart iad a mheas nuair a dhéantar measúnú ar an gcaoi a gcuireann na spriocanna náisiúnta le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí ar bhealach costéifeachtach agus cothrom. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(11a) Tugadh chun suntais i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis de chuid an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú gur gás ceaptha teasa cumhachtach é meatán, atá sa dara háit i ndiaidh dé-ocsaíd charbóin ó thaobh rannchuidiú foriomlán leis an athrú aeráide; Ar leibhéal móilíneach, tá meatán i bhfad níos cumhachtaí ná dé-ocsaíd charbóin Cé go maireann meatán san atmaisféar ar feadh tréimhse ama níos giorra ná dé-ocsaíd charbóin, tá éifeacht shuntasach aige ar an aeráid. I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhógair an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Domhanda Meatáin, a bhfuil níos mó ná 100 tír san iomlán páirteach ann ó shin. Tá sé mar aidhm ag sínitheoirí an ghealltanais go ndéanfar an sprioc chomhchoiteann maidir le laghdú 30 % ar a laghad ar astaíochtaí meatáin domhanda ó leibhéil 2020 a bhaint amach faoi 2030 agus go bhfeabhsófar caighdeáin tuairiscithe. Is ionann meatán, ocsaíd nítriúil agus gáis-F mar a thugtar orthu le chéile agus os cionn 20 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. I bhfianaise na ngealltanas sin agus cineál gearrshaolach go leor de na gáis ceaptha teasa sin, is iomchuí sprioc amháin nó níos mó de chuid an Aontais a leagan síos le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uile nach astaíochtaí CO2 iad i ngach earnáil. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá. |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, a bhfuil sé mar aidhm leis téarnamh glas a áirithiú agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ag an am céanna ar leibhéal na n-astaíochtaí freisin. Is iomchuí conair rialála chobhsaí, intuartha agus uaillmhianach a bheith ann maidir le hastaíochtaí i rith na ndeich bliana reatha chun na laghduithe ar astaíochtaí is gá agus an tslándáil pleanála araon a áirithiú. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Is iomchuí dá bhrí sin na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 le haghaidh na mblianta 2026 go 2030. Ba cheart é sin a bhunú ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh. |
scriosta |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(14a) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha, ar gá iad a chomhlánú le haistrithe méadaithe CO2 ar mhaithe leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Aithnítear le Rialachán (AE) 2021/1119 go bhfuil réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha san áireamh i linnte carbóin. Tugtar aghaidh ar ról na réiteach teicneolaíoch le haghaidh aistriú carbóin i roinnt tuarascálacha de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide freisin, go háirithe sa mhéid a chuir Grúpa Oibre III leis an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí scéim de chuid an Aontais a chur ar bun chun aistrithe carbóin a stóráiltear go sábháilte agus go buan a dheimhniú trí réitigh theicneolaíocha, rud a thabharfadh soiléireacht do na Ballstáit agus d’oibreoirí margaidh chun na haistrithe sin a fheabhsú. Ach scéim deimhniúcháin den sórt sin a bheith i bhfeidhm, beifear in ann anailís a dhéanamh ar chuntasaíocht na n-aistrithe sin faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear an ndéanann cuntasaíocht na n-aistrithe sin difear do na hastaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842, agus lánurraim á tabhairt do na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Is aistrithe breise iad na haistrithe sin agus ní dhéantar na laghduithe is gá ar astaíochtaí a fhritháireamh leo i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar Olltáirgeacht Intíre per capita ná a chumas dí-ocsaídithe costéifeachtach, is iomchuí dá bhrí sin rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí. |
(15) Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar olltáirgeacht intíre per capita ná a chumas dí-ocsaídithe costéifeachtach, agus is iomchuí, dá bhrí sin, rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí. Na Ballstáit atá i dteideal na solúbthachta sin ach nár bhain feidhm aisti i gcomhthéacs 2019 Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart an deis a thabhairt dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin chun aird a thabhairt ar na spriocanna laghdaithe náisiúnta a moladh le déanaí. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit lena mbaineann in ann athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn níos rialta ar na céatadáin a dtugann siad fógra fúthu. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(16a) Chun comhlíonadh na mBallstát a áirithiú agus a dhreasú maidir leis na ranníocaíochtaí is lú a dhéanfaidh siad don tréimhse ó 2021 go 2030 faoi Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú, ba cheart gníomhaíochtaí ceartaitheacha a neartú agus a nascadh ar bhealach níos dlúithe leis na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Má théann Ballstát thar a leithdháiltí bliantúla d’astaíochtaí ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile, ba cheart don Bhallstát sin athbhreithniú a dhéanamh ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a tíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, agus deis a thabhairt don phobal a bheith rannpháirteach sa phróiseas ag an am céanna. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(16b) Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar an gCeartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’). Is cuid lárnach de luachanna daonlathacha an Aontais iad grinnscrúdú poiblí agus rochtain ar an gceartas agus is uirlís chun an smacht reachta a choimirciú iad. I dteachtaireacht an Choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Improving access to justice in environmental matters in the EU and its Member States [‘Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit], d’aithin an Coimisiún nach ráthaítear rochtain ar an gceartas i ngach Ballstát agus d’iarr sé ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa forálacha sainráite maidir le rochtain ar an gceartas a thabhairt isteach sa reachtaíocht earnála. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a leagan síos lena n-áiritheofar rochtain an phobail ar an ceartas maidir leis na gníomhaíochtaí lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú chun feidhme. |
|
__________________ |
|
1a IO L 124, 17.5.2005, lch. 4. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(16c) Chun na cuspóirí faoi Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú agus faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a bhaint amach, go háirithe na cuspóirí sin faoi Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit leas a bhaint as an eolaíocht is déanaí tráth beartais á gcur chun feidhme acu. Ba cheart, dá bhrí sin, an chomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, a mheas ar fud Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú, de réir mar is iomchuí. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. |
scriosta |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18a) I bhfianaise na gné fadtéarmaí a bhaineann le cosaint éifeachtach ar an aeráid a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 agus i bhfianaise thiomantas an Aontais do chuspóirí Chomhaontú Pháras, is cruinne a bheadh pleanáil beartais ach soiléireacht faoi chonairí laghdaithe fadtéarmacha aonair na mBallstát tar éis 2030 a bheith ann. Is iomchuí, dá bhrí sin, próiseas a áireamh lena socrófar conairí laghdaithe náisiúnta do gach Ballstát maidir le haeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Teideal
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(-1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: |
Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 |
‘Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 agus ina dhiaidh sin lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013’ |
Réasúnú
Ba cheart a chur in iúl go soiléir sa teideal go gcumhdaítear leis an Rialachán seo ní hamháin an tráth go dtí 2030, ach freisin an tréimhse ina dhiaidh sin.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) In Airteagal 1, cuirtear ‘30 %’ in ionad ‘40 %’; |
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: |
|
‘Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Cuireann sé leis an sprioc fhadtéarmach maidir leis an aeráidneodracht san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir leis na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh agus an bealach a réiteach chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i ndiaidh 2030 a shocrú sna hearnálacha a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo.’ |
(32018R0842)
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 2 – mír 1a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2a) In Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: |
|
‘1a. Chun críche an Rialacháin seo, is iad bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, agus iad sin amháin, ar féidir a mheas go bhfuil astaíochtaí nialasacha acu. Más mó an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear le linn iompair, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha ná an sciar uasta a bhunaítear in Airteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001, ní mheasfar astaíochtaí nialasacha a bheith ag na breoslaí agus na leachtanna sin chun críche an Rialacháin seo. Faoi Eanáir 2024, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun leasú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le cinneadh agus ceanglais tuairiscithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2018/1999 de bhun an Airteagail seo.’ |
|
_________ |
|
1a Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82). |
Réasúnú
In aghaidh an aonaid fuinnimh, astaíonn suiteálacha a dhónn bithmhais níos mó dé-ocsaíde carbóin ná a gcoibhéisí breosla iontaise. Nuair a chuirtear astaíochtaí díreacha agus indíreacha le chéile, tarlaíonn astaíochtaí a bhfuil dé-ocsaíd charbóin níos mó iontu ná a gcomhghleacaithe iontaise mar thoradh ar roinnt bithbhreoslaí. Níor cheart, dá bhrí sin, na teicneolaíochtaí sin a bheith nialas‑rátaithe.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 – míreanna 2 agus 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: |
(3) In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: |
‘2. Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) de, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát: |

(a) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin. |
(a) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin; |
(b) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(b) nach rachfar thar a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023 go 2030 an teorainn a shainítear le conair líneach ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin. |
(c) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2024 le meán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
scriosta |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2. |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme tar éis dlúthchomhairliúcháin leis na Ballstáit, ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2. |
Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh. |

Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír. |
Do na blianta 2023 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír. |
Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999. |
scriosta |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) In Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
5a. ‘Déanfar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú mar a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme i gcomhréir le haistriú cothrom cóir do chách. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte comhchoiteanna lena sainaithneofar modhanna chun tacú leis na Ballstáit an t-aistriú cothrom cóir sin a chur chun feidhme do chách.’ |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3b) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: |
|
‘Airteagal 4a |
|
Rannchuidiú íosta maidir le laghdú astaíochtaí ó gháis cheaptha teasa neamh-CO2 don bhliain 2030 |
|
1. Faoi mhí Iúil 2023, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena socrófar sprioc uile-Aontais amháin nó níos mó maidir le laghdú astaíochtaí neamh-CO2 a chumhdaítear faoi Airteagal 2(1) den Rialachán seo faoi 2030. Beidh an sprioc nó na spriocanna ailínithe le laghduithe astaíochtaí measta is gá chun an sprioc a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo agus an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 a chomhlíonadh agus déanfar é nó iad a mholadh tar éis dlúthchomhairliúchán leis an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide. |
|
2. Faoin 31 Iúil 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar measúnú ar na laghduithe astaíochtaí neamh-CO2 a bhí beartaithe agus a cuireadh chun feidhme ar fud an Aontais faoi dlíthe agus beartais ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, lena n-áirítear na Pleananna comhtháite Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Pleananna Straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. I gcás ina dtíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach de bhun mhír 1 agus ina measann sé nach bhfuiltear ag súil go mbainfidh laghduithe astaíochtaí neamh-CO2 amach an sprioc nó na spriocanna dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh an Coimisiún moltaí maidir le bearta maolaithe breise agus déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí iomchuí. |
|
3. Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag an Aontas i dtreo an rannchuidiú íosta astaíochtaí a bhaint amach i dtaca leis na hastaíochtaí neamh-CO2 de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfaidh spriocanna earnálacha nó bearta a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a bheith san áireamh iontu, nó an dá rud.’ |
|
___________ |
|
1a Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1). |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 c (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 5 – míreanna 1 agus 2
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3c) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: |
1. I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn. |
“1. I ndáil leis na blianta 2021 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.’ |
2. I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn. |
scriosta |
(32018R0842)
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 d (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 5 – mír 3 – pointe a
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3d) In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): |
(a) i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus |
‘(a) i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 5 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2025; agus’ |
(32018R0842)
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 e (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 5 – mír 3 – pointe (b)
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3e) In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b): |
(b) i ndáil leis na blianta 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 30 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
(b) i ndáil leis na blianta 2022 go 2024, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 10 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2025. |
(32018R0842)
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 f(nua)
Rialachán (AE) Uimh. 2018/842
Airteagal 5 – mír 3 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3f) In Airteagal 5(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis: |
|
‘(ba) i ndáil leis na blianta 2026 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 10 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.’ |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 g (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 2018/842
Airteagal 5 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3g) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: |
4. Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
‘4. Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2025. |
|
Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó sna blianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
|
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo, agus faoi phraghas an aistrithe in aghaidh an tona de choibhéis CO2.’ |
(32018R0842)
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 h (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 5 – mír 6
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3h) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: |
Féadfaidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo. |
Úsáidfidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí i bhfoirm atá inrochtana go héasca. Ballstát a aistríonn leithdháiltí bliantúla astaíochtaí chuig Ballstát eile, foilseoidh sé taifead an aistrithe agus poibleoidh sé an luach saothair a fuarthas do na leithdháiltí sin.’ |
(32018R0842)
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 i (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 2
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3i) In Airteagal 6(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2: |
I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith agus é a ísliú uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. Más mar sin a tharlaíonn, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach. |
‘I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh maidir le fógra a thabhairt faoi 2023 agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith agus é a ísliú uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. Más mar sin a tharlaíonn, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023, faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.’ |
(32018R0842)
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 8
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(5a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: |
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
Gníomhaíocht cheartaitheach |
Gníomhaíocht cheartaitheach |
1. Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas: |
‘1. Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáid faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas: |
|
(-a) míniú mionsonraithe lena sainaithnítear na fáthanna a mhainníonn an Ballstát dul chun cinn leormhaith a dhéanamh maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh; |
|
(-ab) an méid iomlán de chistiú ón Aontas a fuair an Ballstát do chaiteachas agus d’infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an aistriú glas, an chaoi ar rannchuidigh úsáid an chistithe sin lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige an cistiú sin a úsáid chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh; |
(a) gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme; |

(b) clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. |
(b) clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. i gcás inar bhunaigh Ballstát comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta, iarrfaidh sé comhairle ar an gcomhlacht sin chun gníomhaíochtaí is gá a shainaithint; |
|
(ba) ráiteas maidir le cainníocht na laghduithe breise astaíochtaí a mheasann an Ballstát a bhainfear amach leis na beartais sin agus an modh a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar na laghduithe breise astaíochtaí sin; |
|
(bb) an chaoi a neartóidh an plean gníomhaíochta ceartaithí plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit a glacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
1a. Má théann Ballstát thar a lamháltas bliantúil astaíochtaí dhá bhliain nó níos mó i ndiaidh a chéile, tabharfaidh sé faoi athbhreithniú ar a Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFA) agus ar a Straitéis Fhadtéarmach Náisiúnta faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfidh an Ballstát an t-athbhreithniú sin i gcrích laistigh de 6 mhí. Déanfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint lena sainaithneofar an chaoi a ndéanfar athbhreithniú ar an bplean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid nó ar an straitéis fhadtéarmach náisiúnta, nó orthu araon. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi na pleananna athbhreithnithe mar aon le ráiteas ina leagfar amach an chaoi a réiteoidh na hathbhreithnithe atá beartaithe neamhchomhlíonadh a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus an chaoi ar thug sé freagra ar mholtaí an Choimisiúin i gcás inarb ábhartha. Má tá an plean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid nó an straitéis fhadtéarmach gan athrú go mór, foilseoidh an Ballstát míniú ina leagfar amach an réasúnú atá aige. |
2. I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin. |
2. I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119 cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin. |
3. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. |
3. Déanfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus déanfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar an moladh nó ar chuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin réasúnú don Choimisiún. |
|
3a. Maidir leis na pleananna gníomhaíochta ceartaithí agus tuairimí an Choimisiúin mar aon leis na freagraí agus na réasúnuithe arna bhfáil ó na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 1, 1a agus 3, beidh rochtain ag an bpobal orthu. |
|
3b. Agus a phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Airteagal 14 de Rialachán AE (2018)1999 á thabhairt cothrom le dáta acu, déanfaidh na Ballstáit tagairtí dá gcuid pleananna ceartaitheacha de bhun mhír 1 agus 1a agus d’aon tuairimí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún faoin Airteagal seo, de réir mar is iomchuí.’ |
(32018R0842)
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (AE) Uimh. 2018/842
Airteagal 9 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha. |
“2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 nó le linn na tréimhse idir 2026 agus 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha. |
(32018R0842)
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 11a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: |
scriosta |
Airteagal 11a |
|
Cúlchiste breise |
|
1. Más rud é go laghdaíonn an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad faoin 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, agus uasmhéid an rannchuidithe ó ghlan-aistrithe á chur san áireamh, bunófar cúlchiste breise i gclárlann an Aontais. |
|
2. Maidir leis na Ballstáit a chinneann gan rannchuidiú leis an gcúlchiste breise ná tairbhiú de, tabharfaidh siad fógra maidir lena gcinneadh don Choimisiún tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
3. Is é a bheidh sa chúlchiste breise glan-aistrithe arna nginiúint ag na Ballstáit rannpháirteacha sa tréimhse 2026 go 2030 de bhreis ar a spriocanna ar leithligh de bhun Rialachán (AE) 2018/841, tar éis an dá ní seo a asbhaint: |
|
(a) aon solúbthacht arna húsáid faoi Airteagal 11 go hAirteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841; |
|
(b) na cainníochtaí arna gcur san áireamh le haghaidh comhlíontachta de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo. |
|
4. Má bhunaítear cúlchiste breise de bhun mhír 1, féadfaidh Ballstát rannpháirteach tairbhiú de má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: |
|
(a) sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030; |
|
(b) tá na solúbthachtaí de bhun Airteagal 5(2) agus (3) ídithe ag an mBallstát; |
|
(c) tá an úsáid is mó is féidir bainte ag an mBallstát as glan-aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 7, fiú más lú an chainníocht sin ná an leibhéal a shocraítear in Iarscríbhinn III; agus |
|
(d) níl aon ghlan-aistriú déanta ag an mBallstát chuig Ballstáit eile faoi Airteagal 5. |
|
5. Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste breise, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíontachta faoi Airteagal 9. |
|
Maidir leis an gcainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, más rud é go sáraíonn sí an chainníocht a leithdháiltear don chúlchiste breise faoi mhír 3 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata. |
|
_________ |
|
**Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
|
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 15
|
||
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
(7a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 15 |
|
Athbhreithniú |
Athbhreithniú |
|
1. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta agus ar chora idirnáisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach. |
‘1. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach. |
|
2. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le sprioc fhoriomlán an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí. |
|
|
Cuirfear san áireamh sna tuarascálacha sin na straitéisí a ullmhaíodh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 d’fhonn cur le stráitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais a cheapadh. |
Cuirfear san áireamh sna tuarascálacha sin na straitéisí a ullmhaíodh de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999 d’fhonn cur le stráitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais a cheapadh. |
|
(32018R0842)
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 b (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(7b) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: |
|
‘Airteagal 15a |
|
Ailíniú le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus na mBallstát |
|
1. Trí ghlacadh an ghnímh reachtaigh lena mbunaítear sprioc aeráide 2040 an Aontais de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1119, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach an méid seo a leanas: |
|
(a) oiriúnacht na spriocanna náisiúnta reatha faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir lena rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ar bhealach costéifeachtach agus cothrom; |
|
(b) bealach laghdaithe do gach Ballstát ar leith maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo atá ag luí le cuspóir na haeráidneodrachta do gach Ballstát faoi 2050 ar a dhéanaí. |
|
2. Laistigh de shé mhí ó fhoilsiú na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún tograí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú do na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Leis na tograí sin, áiritheofar dáileadh costéifeachtach agus cothrom na n-iarrachtaí maidir le laghdú ar fud an Aontais bunaithe ar na conairí laghdaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.’ |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 c (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 15b (nua)
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(7c) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: |
|
‘Airteagal 15b |
|
Rochtain ar an gceartas |
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí, ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirte dlí, nó os comhair comhlachta neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha: |
|
(a) nach gcomhlíonann na hoibleagáidí dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 4 go hAirteagal 8 den Rialachán seo; nó |
|
(b) atá faoi réir Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
Chun críocha na míre seo, áirítear ar ghníomh nó neamhghníomh nach gcomhlíonann na hoibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as Airteagail 4 nó 8 gníomh nó neamhghníomh maidir le beartas nó beart arna ghlacadh chun críocha na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme, i gcás nach rannchuidíonn an beartas nó an beart sin go leordhóthanach leis an gcur chun feidhme sin. |
|
2. Measfar go gcomhlíonann daoine den phobal lena mbaineann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas: |
|
(a) tá leas leordhóthanach acu; nó |
|
(b) coinníonn siad sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit. |
|
Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a thabhairt do bhaill an phobail lena mbaineann i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus. Chuige sin, measfar leas leordhóthanach chun críocha na míre seo a bheith ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta. |
|
3. Ní eisiafar, le mír 1 agus mír 2, go bhféadfaí dul i muinín nós imeachta um athbhreithniú tosaigh os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh siad difear don cheanglas maidir le nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sceite sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás inarb ann do cheanglas den sórt sin faoin dlí náisiúnta. Beidh aon nós imeachta den sórt sin cóir, cothrom agus tráthúil, agus ní bheidh sé róchostasach. |
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil go héasca don phobal maidir le rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach.’ |
(32018R0842)
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 d (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 16 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(7d) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: |
|
‘Airteagal 16a |
|
Comhairle eolaíoch maidir leis na hearnálacha ESR/CARE |
|
I gcomhréir lena shainordú a leagtar amach faoi Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2021/1119, iarrfar ar an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide (ESABCC), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a chur ar fáil agus tuarascálacha a eisiúint maidir le conair an Rialacháin seo, maidir le leibhéil bhliantúla astaíochtaí agus solúbthachtaí, agus maidir lena gcomhsheasmhacht le cuspóirí aeráide, go háirithe d’fhonn faisnéis a thabhairt faoi aon athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán seo ina dhiaidh sin. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chomhairle CECBCC nó tabharfaidh sé údar go poiblí maidir leis na cúiseanna le neamhaird a thabhairt uirthi.’ |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
An t-athrú aeráide a chomhrac le breis uaillmhéine
In 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/1119, an Dlí Aeráide Eorpach. Leis an tionscnamh ríthábhachtach seo, cuirtear de cheangal ar an Aontas astaíochtaí a laghdú 55 % faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Mar thoradh ar an gcomhaontú sin, is gá struchtúr bheartas aeráide an Aontais a nuashonrú.
Tá an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ina bhunchloch den struchtúr sin agus faoi láthair rialaítear leis tuairim is 60 faoin gcéad d’astaíochtaí laistigh den Aontas. Mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tá sé molta ag an gCoimisiún Eorpach leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun a rannchuidiú a ailíniú le cuspóirí an Dlí Aeráide.
Faoi láthair, cumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile nach gcumhdaítear le córas AE i ndáil le trádáil astaíochtaí (ETS) ná leis an Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF). Ciallaíonn sé sin go gcumhdaíonn sé faoi láthair astaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa ó roinnt príomhearnálacha: iompar (seachas eitlíocht agus loingseoireacht neamh-intíre), foirgnimh, talmhaíocht, suiteálacha tionsclaíocha agus gáis nach gcumhdaítear le EU ETS agus dramhaíl chomh maith le hastaíochtaí nach mbaineann le dóchán, arb astaíochtaí iad ó úsáid fuinnimh agus ó úsáid táirgí. Cumhdaítear leis astaíochtaí CO2 chomh maith le sciar suntasach d’astaíochtaí neamh-CO2 araon.
Is é cuspóir ginearálta an togra ón gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ionas go rannchuideofar leis le huaillmhian chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 ar bhealach costéifeachtach comhleanúnach agus an gá le haistriú cóir agus an gá atá ann do gach earnáil rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide á gcur san áireamh. Is é an aidhm atá ann conair réidh chothrom a dhéanamh i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.
Éilítear leis sin gníomhaíocht níos forasaí sna hearnálacha a chumhdaítear sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Leis an togra déantar na spriocanna náisiúnta a uasghrádú i gcomhréir le hísliú 40 % ar fud an Aontais sna hearnálacha i dtaca leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, i gcomparáid le 2005, faoi 2030. Cuireann na Ballstáit leis an laghdú foriomlán sin le spriocanna ó -10 go -50 faoin gcéad. Is ar OTI per capita den chuid is mó atá na spriocanna náisiúnta sin bunaithe.
Méadú ar ghníomhaíocht ar son na haeráide don Eoraip.
Tacaíonn an Rapóirtéir leis an togra ón gCoimisiún spriocanna an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill a uasghrádú i gcomhréir le sprioc 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair. Mar sin féin, is é tuairim láidir an Rapóirtéara nach féidir cuspóirí aeráide AE a bhaint amach ach amháin le creat reachtach níos láidre lena gceanglófar ar na Ballstáit go léir gníomhaíocht a dhéanamh.
Dá bhrí sin, tá roinnt beart déanta ag an Rapóirtéir chun an togra ón gCoimisiún a neartú chun go mbeidh sé oiriúnach ní hamháin do sprioc 2030 AE, ach freisin do chuspóir uileghabhálach na haeráidneodrachta faoi 2050.
Ní mór do na Ballstáit uile rannchuidiú le huaillmhianta nua AE maidir leis an aeráid.
Ní chuireann na spriocanna náisiúnta reatha faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ceangal ar gach Ballstát a gcuid astaíochtaí a laghdú. Leis an togra nua ón gCoimisiún, athraítear an méid seo a leanas: ní mór do na Ballstáit uile a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht anois. Is é sin rud a d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí le fada, agus tá sé thar am é a dhéanamh.
Tacaíonn an Rapóirtéir leis na hathbhreithnithe sin ach tugann sí dá haire go bhfuil neamhréir shuntasach ann fós idir spriocanna náisiúnta na mBallstát. Is gá, dá bhrí sin, an cóineasú idir iarrachtaí na mBallstát laistigh de na spriocanna bunaithe a neartú. Chun na críche sin, tá na spriocanna náisiúnta is déine agus is féidir socraithe ag an Rapóirtéir chun a áirithiú go dtabharfaidh na Ballstáit uile faoi iarrachtaí leordhóthanacha dícharbónaithe.
Baint amach spriocanna 2030 a áirithiú.
Tá sé ríthábhachtach sláine na spriocanna nua laghdaithe astaíochtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a choinneáil agus a áirithiú go mbainfidh na Ballstáit amach iad.
Dá bhrí sin, tá an Rapóirtéir tar éis roinnt bealaí éalaithe féideartha sa Rialachán a scriosadh nó a shrianadh. Áirítear leis sin srianta ar chumas na mBallstát lamháltais astaíochtaí ‘a fháil ar iasacht’ óna mbuiséad astaíochtaí amach anseo agus ar chumas na mBallstát lamháltais a thrádáil. Chuir an Rapóirtéir ceanglas isteach freisin nach mór aon fháltais ó thrádáil astaíochtaí laistigh den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a leithdháileadh ar ghníomhaíocht ar son na haeráide – céim thábhachtach chun béim chuíchóirithe ar ghníomhaíocht ar son na haeráide a áirithiú ar fud an Rialacháin.
Ina theannta sin, d’aisghair an Rapóirtéir an togra maidir le cúlchiste sábháilteachta breise a thabhairt isteach, cúlchiste a bheadh comhdhéanta d’aistrithe barrachais arna nginiúint ag na Ballstáit de bhreis ar a spriocanna i Rialachán LULUCF. Áiritheofar leis sin freisin bearta dícharbónaithe ar fud na n-earnálacha uile a chumhdaítear leis an Rialachán.
Na spriocanna náisiúnta a chur in oiriúint d’aeráidneodracht faoi 2050.
Leis an Rialachán leagtar amach spriocanna laghdaithe astaíochtaí do na Ballstáit go dtí 2030. Mar sin féin, tá sé inmhianaithe nasc soiléir a bhunú idir an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus cuspóir na haeráidneodrachta a chumhdaítear sa Dlí Aeráide. Tá seasamh soiléir glactha ag Parlaimint na hEorpa cheana gur cheart do gach Ballstát ar leith cuspóirí an Dlí Aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá nasc soiléir cruthaithe ag an Rapóirtéir idir an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus an Dlí Aeráide chun roinnt céimeanna a chódú a bheidh le déanamh ag na Ballstáit tar éis 2030 agus an tAontas a chur ar an mbóthar ceart i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.
Lig do na Ballstáit a gcuid spriocanna a bhaint amach ar an mbealach is fearr dóibh.
Tá AE éagsúil, agus tá tréithe ar leith ag na Ballstáit agus tá comhdhéanaimh eacnamaíocha éagsúla acu. Dá bhrí sin, ba cheart roinnt solúbthachta a bheith ag na Ballstáit chun a spriocanna aeráide a bhaint amach ar an mbealach is fearr dóibh. Leis an togra reachtach nua, beidh roinnt solúbthachta ag na Ballstáit astaíochtaí a laghdú sna hearnálacha ina mbeidh sé níos costéifeachtaí.
Creideann an Rapóirtéir go ndéanfaidh na tograí comhcheangailte sin an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a neartú, bearta dícharbónaithe a chur chun cinn ar fud an Aontais ina iomláine agus beartais AE a chur ar an mbóthar ceart chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán aeráide le huaillmhian aontaithe.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (29.4.2022)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
(COM(2021)0555 – C9‑0321/2021 – 2021/0200(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Angel Dzhambazki
RÉASÚNÚ GEARR
Togra ón gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill
Leis an Dlí Aeráide Eorpach, tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus a bheith ar an gcéad ghrúpa de náisiúin atá neodrach ó thaobh na haeráide de ar domhan faoin mbliain 2050. I samhradh na bliana 2020, mhol an Coimisiún an pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, lena nuashonraítear creat beartais aeráide an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair, chun na laghduithe breise astaíochtaí a cheanglaítear leis an uaillmhian sin a bhaint amach.
Tá ról lárnach ag an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR) sa chreat beartais seo, lena gcumhdaítear astaíochtaí ó earnálacha amhail an t-iompar (ach ní eitlíocht agus loingseoireacht neamh-intíre), foirgnimh, talmhaíocht, bainistiú dramhaíola agus foinsí éagsúla eile nach gcumhdaítear faoi chóras AE i ndáil le trádáil astaíochtaí (ETS) atá ann faoi láthair, chomh maith le hastaíochtaí nach mbaineann le dóchán ó úsáid fuinnimh agus ó úsáid táirgí. Dá bhrí sin, leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, cumhdaítear 60 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána an Aontais. Don tréimhse 2021-2030, d’achtaigh an ESR atá ann faoi láthair in 2018 sprioc chomhchoiteann i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa don Aontas ina iomláine a laghdú -30 % i gcomparáid le leibhéil 2005. Déanann na Ballstáit an iarracht astaíochtaí a laghdú ar fud an Aontais a chomhroinnt trí bhíthin spriocanna náisiúnta ceangailteacha maidir le laghdú, spriocanna a chinntear ar bhonn OTI per capita den chuid is mó.
Tríd an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a ailíniú leis an uaillmhian aeráide níos airde do 2030, ardaítear an sprioc agus is é astaíochtaí ar fud an Aontais a laghdú -40 % in 2030 an sprioc agus, dá réir sin, na spriocanna náisiúnta i ndáil le hastaíochtaí ar fud an Aontais a laghdú -10 % go -50 % faoi bhun leibhéil 2005. Faoin togra, coinníonn na Ballstáit solúbthachtaí áirithe chun a gcuid iarrachtaí riachtanacha i ndáil le laghdú a chomhlíonadh ó bhliain go bliain. Ina theannta sin, tá earnáil an iompair de bhóthar agus earnáil na bhfoirgneamh cumhdaithe leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, agus mhol an Coimisiún i dtionscnamh ar leith na hearnálacha sin a chur san áireamh in ETS nua uile-Aontais.
Measúnú an Rapóirtéara ar an togra
Aithníonn an Rapóirtéir go bhfuil sé mar aidhm leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ uaillmhianta níos misniúla a bhaint amach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa AE a laghdú go tapa chun an aeráidneodracht a bhaint amach sa tríocha bliain amach romhainn. Is oth leis an Rapóirtéir, áfach, sna tionscnaimh atá beartaithe nach bhfuil anailís chríochnúil déanta chun aghaidh a thabhairt go macánta ar na drochtionchair a bhaineann le haistriú brostaithe (nach ndéantar in áiteanna eile ar domhan) ar iomaíochas an gheilleagair agus ar phoist sna Ballstáit. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir leis an tsoghluaisteacht, agus é fós éiginnte an mbeidh réitigh mhalartacha astaíochtaí ísle agus nialasacha agus an fuinneamh chun iad a oibriú ar fáil go forleathan agus go tapa chun an tsoghluaisteacht inacmhainne a áirithiú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, ar bunchloch d’fheidhmiú ár sochaithe í. Mar sin, laistigh dá bheartas aeráide agus fuinnimh, ní mór don Aontas a dhícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú riachtanach chuig teicneolaíochtaí agus bonneagar breoslaí malartacha, lena n-áirítear fuinneamh leictreach agus breoslaí hidriginbhunaithe, ag dul ar aghaidh ar luas a chuspóirí aeráide. Agus í ag éirí níos inbhuanaithe sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, braitheann earnáil an iompair ar choinníollacha rialála a thacaíonn go mór le teicneolaíochtaí nuálacha agus le hinfheistíochtaí iontu.
Tugann an Rapóirtéir rabhadh go gcuirfidh an costas breise a mheastar a bheadh ar shaoránaigh agus ar theaghlaigh, i ngeall ar an moladh iompar de bhóthar agus foirgnimh a bheith san áireamh in ETS, agus go hindíreach freisin i ngeall ar an uaillmhian mhéadaithe aeráide de chuid ESR, i ngeall orthu siúd go ngéarófar boilsciú praghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair, rud a chuirfidh leis an mbochtaineacht fuinnimh agus iompair atá ann cheana féin. I gcomhthéacs an Chiste Aeráide Shóisialta a mhol an Coimisiún, is gá, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar shásraí tacaíochta níos buaine.
Tá an Rapóirtéir i bhfabhar an togra chun na hearnálacha iompair de bhóthar (agus earnálacha na bhfoirgneamh) a choimeád faoi raon feidhme ESR ós rud é gurb iad na Ballstáit is fearr atá in ann bearta rialála iomchuí a ghlacadh – agus a staid shonrach agus riachtanais soghluaisteachta agus tithíochta na saoránach á gcur san áireamh – chun na laghduithe ar astaíochtaí atá beartaithe a bhaint amach i ngach earnáil. Tacaíonn an Rapóirtéir freisin leis an moladh go mbeadh solúbthacht ag na Ballstáit i gcónaí chun a n-astaíochtaí a laghdú agus chun a n-oibleagáidí maidir le hastaíochtaí a laghdú a chomhlíonadh go héifeachtach.
Measann an Rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach conair intuartha agus chobhsaí a sholáthar do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí sna hearnálacha ábhartha le haghaidh na laghduithe astaíochtaí is gá, ar réamhchoinníoll é chun infheistíochtaí agus nuálaíocht a chothú i réitigh atá neamhdhíobhálach don aeráid. Níor cheart, dá bhrí sin, na conairí leithdháilte astaíochtaí a bhaineann go sonrach le tír ar leith a shocrú ach aon uair amháin ag tús na tréimhse ó 2021 go 2030. Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí iarrachtaí a dháileadh go cóir agus go cothrom idir na Ballstáit agus laistigh díobh chun an sprioc uile-Aontais a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar ghnéithe eile den chost-éifeachtúlacht agus den chothroime ná OTI per capita, agus na gnéithe sin a chur san áireamh agus conairí náisiúnta á socrú aige. Ar deireadh, i bhfianaise go bhféadfaí iompar de bhóthar a áireamh in ETS, leagann an Rapóirtéir béim ar an ngá atá le gach riail ar leibhéal AE in ESR agus ETS a choimeád faoi athbhreithniú, chun ró-rialáil a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Ina leith sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar bhealach níos cuimsithí ar na laghduithe iarbhír astaíochtaí ar leibhéal na hearnála, e.g. sna tuarascálacha ar dhul chun cinn faoin rialachán maidir le fuinneamh agus rialachas aeráide.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. |
(1) Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta, agus léiriú á dhéanamh ag an am céanna ar phrionsabal an chothromais agus ar an bprionsabal gur comhchoiteann ach difreáilte atá na freagrachtaí agus na cumais, ar cumais faoi seach iad. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) Ina rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil, d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gníomhú láithreach agus uaillmhianach chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C agus chun caillteanas ollmhór bithéagsúlachta a sheachaint, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí i mbeartais reatha de chuid an Aontais maidir le héigeandálaí aeráide agus comhshaoil agus trína áirithiú go mbeidh gach togra reachtach agus buiséadach is ábhartha don todhchaí ailínithe go hiomlán leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú go 1,5° C agus nach gcuirfidh siad le cailliúint na bithéagsúlachta. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint. Leis an aistriú sin, déantar difear do Bhallstáit, réigiúin, earnálacha eacnamaíocha agus saoránaigh ar bhealaí éagsúla agus braitheann sé ar a staid shonrach. Cuir i gcás, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú Glas don Eoraip chun feidhme ar bhealach lena gcuirfear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun cinn san Aontas, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus go ndéanfar an t-aistriú ar bhealach cóir agus cuimsitheach, le haird chuí ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine lena mbaineann bochtaineacht fuinnimh nó iompair, micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide atá leochaileach, agus daoine a bhfuil cúlra mionlaigh acu. Go háirithe, ní mór a áirithiú go seachnófar suaitheadh in earnálacha ríthábhachtacha a chomhlíonann bunriachtanais an gheilleagair agus na sochaí, amhail an tsoghluaisteacht. |
__________________ |
__________________ |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019. |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Tá earnáil iompair an Aontais ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais agus d’inrochtaineacht chríochach agus nascacht réigiúin uile an Aontais a áirithiú. Ag an am céanna, tá dícharbónú na hearnála ríthábhachtach chun go ndéanfaidh an tAontas a sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030 agus a cuspóir fadtéarmach maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ní mór don Aontas, mar sin, iompar inbhuanaithe a réadú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíochas an Aontais ar fud an domhain á n-áirithiú, agus suaitheadh a sheachaint agus caighdeáin shóisialta a chosaint. Ní mór iarrachtaí a dhíriú go háirithe ar chur chun cinn a dhéanamh ar earnáil iompair athléimneach a sheasfaidh slán i bhfad na haimsire agus spriocanna aeráide na mBallstát arna socrú do 2030 mar a bhunaítear leis an Rialachán seo á mbaint amach acu. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as gach ciste de chuid an Aontais atá ar fáil chun dul in éineacht leis an tionscal iompair ina dhícharbónú agus a chur san áireamh ag an am céanna go bhfuil an t-aistriú ísealcharbóin i roinnt modhanna iompair fós deacair ó thaobh na teicneolaíochta de agus go bhfuil dúshláin ag baint leo maidir le héifeachtúlacht agus iomaíochas. Maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo dhícharbónú na n-earnálacha iompair, ní mór prionsabal neodracht na teicneolaíochta a urramú. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3b) Ní mór tionchar sóisialta agus eacnamaíoch atá ag an ngeilleagar saor ó charbón a chur san áireamh. Ní mór prionsabal an dícharbónaithe a bheith ag teacht le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus a áirithiú nach bhfágfar aon réigiún ar lár. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. |
__________________ |
__________________ |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) Mar earnáil lárnach san aistriú chuig an inbhuanaitheacht, ní mór an t-iompar a choinneáil i Rialachán (AE) 2018/842 gan bheann ar aon fhorbairt bhreise ar an gcóras trádála astaíochtaí. Ag an am céanna, níor cheart aon réiteach margadhbhunaithe breise agus a bheidh ann amach anseo a bheith ina bhacainn roimh bhearta reachtacha eile agus breise ar leibhéal náisiúnta ná ar leibhéal an Aontais maidir le hastaíochtaí iompair a laghdú tuilleadh. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag earnáil an iompair ina hiomláine, lena n-áirítear earnáil an iompair de bhóthar, iompar d’iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre, muiriompar agus aeriompar) maidir le feidhmiú ár sochaithe, táthar ag dréim go mbeidh ról suntasach ag an earnáil i ngnóthú na spriocanna aeráide a bhunaítear leis an Dlí Aeráide Eorpach. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5b) Féadfar hidrigin a úsáid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh i bpróisis thionsclaíocha agus cheimiceacha agus in aeriompar agus i muiriompar chun earnálacha a dhícharbónú, ar earnálacha iad nach mbeidh sé indéanta ná iomaíoch, ó thaobh na teicneolaíochta de, leictriú díreach a dhéanamh orthu, agus féadfar í a úsáid le haghaidh stóráil fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, i gcás inar gá, rud a d’fhágfadh go mbeadh ról suntasach ag an hidrigin i gcomhtháthú córas fuinnimh. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5c) Ba cheart an hidrigin ísealcharbóin agus an hidrigin inathnuaite araon forbairt i margadh fuinnimh na hEorpa, agus é á chur san áireamh go bhfuil riachtanais éagsúla bhonneagair agus infheistíochta acu, agus tús áite á thabhairt don ghá atá le hinfheistíocht a dhéanamh a dhéanfaidh an táirgeadh inathnuaite a uas-scálú tapa go leor chun spriocanna aeráide agus spriocanna comhshaoil an Aontais do 2030 agus 2050 a bhaint amach, agus trí hidrigin ísealcharbóin a shaothrú mar theicneolaíocht idirlinne sa ghearrthéarma. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid hidrigine ísealcharbóin a bheidh ag teastáil chun críoch dícharbónaithe go dtí gur féidir an ról sin a chomhlionadh le hidrigin inathnuaite amháin, ar cé na cásanna inar féidir déanamh amhlaidh, agus ar cá fhad; Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar bhacainní rialála agus eacnamaíocha chun glacadh gasta hidrigine inathnuaite a chothú. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5d) Tá sé molta ag an gCoimisiún faoi chreat tacsanomaíochta AE a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a dréachtrialacha maidir le gás nádúrtha agus cumhacht núicléach a aicmiú mar fhoinse ghlas i gcomhthéacs cuspóirí a bhaineann leis an athrú aeráide. Chabhródh an t-aicmiú sin go mór leis an earnáil iompair a lorg carbóin a laghdú agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a bhaint amach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ó tharla go bhféadfaí cosc a chur ar tháirgeadh feithiclí ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh tar éis 2030, toisc go mbraitheann feithiclí astaíochtaí nialasacha go mór ar chumhacht leictreach le haghaidh luchtú agus ní bheadh ach cumhacht núicléach shábháilte agus iontaofa in ann freastal ar riachtanais feithiclí astaíochtaí nialasacha.
|
|
_______________ |
|
1a Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13). |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 e (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5e) Le creat tacsanomaíochta AE a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2020/852 déantar sainmhínithe iomchuí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a sholáthar do chuideachtaí, d’infheisteoirí agus do lucht déanta beartas, ar sainmhínithe iad ar féidir a mheas gur inbhuanaithe iad ó thaobh an chomhshaoil de. Ar an gcaoi sin, féadfar slándáil a chruthú d’infheisteoirí, infheisteoirí príobháideacha a chosaint ar an nglas-snasú, cabhrú le cuideachtaí a bheith níos neamhdhíobhálaí don aeráid, ilroinnt an mhargaidh a mhaolú agus infheistíochtaí a threorú chuig na háiteanna is mó a bhfuil gá leo. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. |
(7) Coimeádtar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 . D‘fhonn an t-ualach rialála a laghdú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú cuí a dhéanamh ar an gcreat reachtach lena dtugtar aghaidh ar laghduithe astaíochtaí, go háirithe in earnálacha amhail earnáil an iompair atá faoi réir reachtaíocht éagsúil agus ionstraimí praghsála éagsúla, agus, más gá, oiriúnuithe a mholadh chun ró-rialáil a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. |
__________________ |
__________________ |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |
|
(Raon feidhme ESR) |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9a) Agus Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh, ba cheart na hiarrachtaí agus na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur in oiriúint do na réigiún is forimeallaí, a bhfuil iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht dheacair agus aeráid achrannach mar shaintréith acu, agus spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) D’fhonn an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. |
(10) D’fhonn an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do Bhallstáit le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad an cuspóir uile-Aontais de -40 % amach ar bhonn comhchoiteann in 2030, i gcomparáid le leibhéil 2005. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12a) D’fhonn a áirithiú go ndéanfar laghdú costéifeachtach agus cothrom ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i ngach earnáil a thagann faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faoi Threoir 2003/87/CE, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cothromaíocht a bhaint amach idir na laghduithe a bhaineann siad amach sna hearnálacha sin faoi na hionstraimí sin. I gcás inar laghdaigh Ballstáit do bhliain ar leith a n-astaíochtaí sna hearnálacha sin níos mó ná a bheadh comhréireach faoi Rialachán (AE) 2018/842, is cóir go bhféadfaidh na Ballstáit sin cúiteamh a sholáthar do na hearnálacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sna cásanna sin líon teoranta leithdháilte lamháltas saor in aisce a dheonú faoi Threoir 2003/87/CE sna hearnálacha sin, agus á áirithiú ag an am céanna go gcuirfí na buntáistí costais faoi seach ar aghaidh chuig saoránaigh agus chuig gnólachtaí. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, tagarmharcanna astaíochtaí ar bhonn bliantúil agus de réir earnála a leagan amach i ndáil leis na hearnálacha sin a bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe na mBallstát ina gcoinne. Níor cheart na tagarmhairc astaíochta ar bhonn bliantúil agus de réir earnála sin a thuiscint mar sprioc íosta earnála ach mar thairseach chun solúbthacht a cheadú le Treoir 2003/87/CE. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12b) Ba cheart go leanfadh na hiarrachtaí maidir le laghdú atá le déanamh ag na Ballstáit de bheith bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit agus ar an ngá atá le fás inbhuanaithe eacnamaíoch ar fud an Aontais, agus OTI coibhneasta per capita na mBallstát á chur san áireamh. Ba cheart, dá réir sin, na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na Ballstáit a leagan síos i gcomhréir le prionsabail na cothroime agus na cost-éifeachtúlachta, agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar acmhainn eacnamaíoch agus ar acmhainn choibhneasta agus an costas maidir le laghdú astaíochtaí. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá. |
(13) Tá bagairtí nua amhail cogadh na Rúise san Úcráin agus paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar an Aontas agus ar a Bhallstáit agus ar a leibhéil astaíochtaí ar bhealaí éagsúla agus ar feadh tréimhsí nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag na géarchéimeanna sin ar an gcaoi ar féidir leis na Ballstáit a leibhéil astaíochtaí a laghdú. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí go ndéantar foráil le Rialachán (AE) 2018/842 conairí intuartha a sholáthar do na Ballstáit agus d’earnálacha maidir leis na laghduithe astaíochtaí is gá go dtí 2030. I gcás inar gá, maidir le cásanna éigeandála straitéiseacha nó géarchéimeanna, ba cheart go bhféadfaí coigeartuithe sealadacha a dhéanamh ar na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, ar choinníoll go n-urramófar na spriocanna náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí a leagtar amach do 2030 agus go gcuirfear san áireamh go cuí na solúbthachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2018/842. Thairis sin, i gcás ina sáróidh Ballstát a leithdháiltí bliantúla, ba cheart nach mbeadh i gceist leis ach nós imeachta ceartaitheach i gcomhréir leis an Rialachán sin. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(13a) Léirigh paindéim COVID-19 an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hearnáil an iompair. Ba dhea-chleachtas é na lánaí glasa a chur chun feidhme, a rinneadh slabhraí soláthair slána do sheirbhísí cúraim sláinte agus éigeandála, soláthar riachtanach bia agus táirgí cógaisíochta a áirithiú agus ba cheart tosaíocht a bheith aige sin amach anseo ar astaíochtaí a laghdú aimsir géarchéime. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Is iomchuí dá bhrí sin na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 le haghaidh na mblianta 2026 go 2030. Ba cheart é sin a bhunú ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh. |
scriosta |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) Agus teacht isteach córais comhlíontachta níos láidre le Rialachán (AE) 2018/841 ón 2026 amach á chur san áireamh, is iomchuí díothú a dhéanamh ar asbhaint na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag gach Ballstát sa tréimhse 2026 go 2030 san earnáil talún de bhreis ar a aistrithe. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 9(2) a leasú dá réir sin. |
(17) Ba cheart forálacha Rialachán 2018/842 maidir le comhlíonadh a neartú chun, ar thaobh amháin, tíortha a dhíspreagadh ó shárú a dhéanamh ar a gcuid leithdháiltí astaíochtaí, lena n-áirítear pionóis airgeadais, agus, ar an taobh eile, trédhearcacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha a mhéadú. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. |
scriosta |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18a) Beidh ar roinnt Ballstát dul i ngleic le dúshláin mhóra maidir le spriocanna Rialachán (AE) 2018/842. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, solúbthacht, réamhaíocht agus inaistritheacht a áirithiú. Chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a laghdú agus chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart le measúnuithe ar an dul chun cinn faoi Rialachán (AE) 2018/1999 meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh, go háirithe, ar na laghduithe astaíochtaí na hearnála iompair agus na hastaíochtaí bliantúla iarbhír san earnáil sin á lua mar aon leis na méideanna comhfhreagracha de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Rialachán (AE) 2018/842. Mar sin féin, níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go dtabharfaí rannchuidithe íosta isteach de réir na hearnála ar bhealach ar bith mar ní amháin go gcuirfí na spriocanna i mbaol ach ní bheifí in ann iad a bhaint amach ach oiread. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18b) Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de shé mhí de gach athbhreithniú domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Páras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo (AE) 2018/842. Agus an tuarascáil sin á dréachtú, ba cheart don Choimisiún féachaint, i gcás inarb ábhartha, leis an gcomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1119, ó chomhlachtaí neamhspleácha agus, nuair a bheidh sí ar fáil, ó chomhlachtaí neamhspleácha agus ó chomhlachtaí náisiúnta comhairleacha aeráide a chur san áireamh.
|
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 – míreanna 2 agus 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: |
(3) In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: |
‘2. Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) de, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát: |
‘2. Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) de, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát: |
a) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin; |
a) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin; |
(b) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(b) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(c) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2024 le meán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2. |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2. |
Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh. |
Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh. |
Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír. |
Do na blianta 2023 go 2030 cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar chonair líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin don bhliain sin, arna chinneadh de bhun an dara fomhír, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn don Bhallstát sin a leagtar amach i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999. |
|
|
Agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí á leagan amach aige do gach Ballstát faoin mír seo, áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear amach sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoin Rialachán seo ar bhealach cóir agus costéifeachtach ar fud na mBallstát, agus na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán seo á gcur san áireamh. |
|
Maidir leis na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus le Treoir 2003/87/CE i gcomhthráth, agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta 2026 go 2030, sonróidh an Coimisiún freisin do gach Ballstát an sciar de na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí ó na hearnálacha sin ('tagarmharc astaíochtaí ar bhonn bliantúil de réir earnála’).’ |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 2018/842
Airteagal 4 - mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) In Airteagal 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: |
|
‘4a. Ag tosú láithreach ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, faireachán leanúnach ar an riosca go sáródh na Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí i ngeall ar astaíochtaí níos airde atá dírithe ar riachtanas a thabhaítear i ndáil le bearta lena dtugtar aghaidh ar éigeandálaí straitéiseacha nó ar ghéarchéimeanna, mar shampla chun rioscaí fuinnimh agus soláthair breosla a mhaolú, téarnamh a áirithiú nó cúnamh daonnúil a sholáthar.
|
|
Gan dochar d’Airteagal 4(1), i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur féidir nó nach féidir leithdháiltí bliantúla astaíochtaí Ballstáit a chomhlíonadh ar na forais a luaitear i bhfomhír 1 den mhír seo, déanfaidh sé leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin a choigeartú go sealadach trí ghníomh cur chun feidhme, lena gcumhdófar astaíochtaí níos airde atá dírithe ar an ngá atá leo, agus an aird chuí á tabhairt ar úsáid solúbthachtaí faoi Airteagal 5 agus ar an gcúlchiste sábháilteachta faoi Airteagal 11.' |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3 b (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 - mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3b) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 4: |
|
‘5a. Agus tuairisciú á dhéanamh aige ar a mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999, leagfaidh an Coimisiún amach na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán sin agus luafaidh sé go háirithe leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus na hastaíochtaí bliantúla ón earnáil iompair. Cuirfear imthosca náisiúnta san áireamh sa tuarascáil freisin, agus liostófar inti bearta náisiúnta a rinneadh chun astaíochtaí a laghdú, agus cuirfear béim ar bhreisluach AE.’ |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 c (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 5
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: |
Airteagal 5 |
‘Airteagal 5 |
Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe |
Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe |
1. I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn. |
1. I ndáil leis na blianta 2021 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn. |
2. I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn. |
|
3. Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh: |
3. Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh: |
(a) i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus |
(a) i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus |
(b) i ndáil leis na blianta 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 30 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
(b) i ndáil leis na blianta 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 30 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
4. Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
4. Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. |
5. I gcás Ballstát a bhfuil líon athbhreithnithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa aige do bhliain áirithe faoi bhun an leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain áirithe sin, féadfaidh an Ballstát sin, agus an úsáid a bhaintear as solúbthachtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 6 á cur san áireamh, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |

6. Féadfaidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo. |
6. Úsáidfidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le bochtaineacht fuinnimh agus iompair san Aontas i ndáil leis na hearnálacha a shonraítear in Airteagal 2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. |
7. I dtaca le haon aistriú de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a dhéantar de bhun mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh tionscadal nó clár a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair leis an aistriú sin, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint agus an inrianaitheacht a áirithiú. |

8. Féadfaidh na Ballstáit creidmheasanna ó thionscadail, arna n-eisiúint de bhun Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE, a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, gan aon teorainn chainníochtúil, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint. |

8a. Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe ó na hearnálacha a chumhdaítear i gcomhthráth leis an Rialachán seo agus le Treoir 2003/87/CE do bhliain ar leith sa tréimhse 2026 go 2030 faoi bhun a thagarmharca astaíochtaí earnála bliantúla*** don bhliain sin, féadfaidh sé lamháltais astaíochtaí a dheonú in aisce d’eintitis rialáilte faoi Threoir 2003/87/CE sa 24 mhí tar éis na bliana sin. Beidh méid an tsaor-leithdháilte teoranta don difríocht idir an tagarmharc astaíochta ar bhonn bliantúil de réir earnála agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe ó na hearnálacha lena mbaineann. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid an tsaor-leithdháilte a bhfuil sé ar intinn aige a úsáid. Cuirfear an méid sin ar ceal ó leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit.’ |
(Rialachán (AE) 2018/842)
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 5 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 8
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(5 a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: |
Airteagal 8 |
‘Airteagal 8 |
Gníomhaíocht cheartaitheach |
Gníomhaíocht cheartaitheach |
1. Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas: |
1. Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú a dhéantar gach dara bliain faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáid faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas: |
|
(-a) anailís dhomhain ar an staid sa Bhallstát, lena n-áirítear measúnú socheacnamaíoch lena ndéantar meastóireacht ar chumas an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí a laghdú; |
(a) gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme; |
(a) gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme, agus á áirithiú ag an am céanna go bhfuil bearta inbhuanaithe ó thaobh na sochaí, an gheilleagair agus an chomhshaoil de; |
(b) clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. |
(b) clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. |
2. I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin. |
2. I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin. |
3. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. |
3. Déanfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1 laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. I gcás nach dtugann an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar mholadh nó ar chuid shuntasach de, soláthróidh sé a míniú. |
|
Beidh rochtain ag an bpobal ar na pleananna gníomhaíochta ceartaithí, chomh maith le haon leasú, agus ar na tuairimí ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír.’ |
(Rialachán (AE) 2018/842)
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 6
Rialachán (AE) Uimh. 2018/842
Airteagal 9 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2 do na blianta ábhartha. |
2. Má théann Ballstát thar a liúntas bliantúil astaíochtaí dhá bhliain nó níos mó na dhá bhliain i ndiaidh a chéile tabharfaidh sé faoi athbhreithniú ar a Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus ar an Straitéis Fhadtéarmach náisiúnta. Críochnófar an t-athbhreithniú sin laistigh de 12 mhí. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint ina sainaithneofar conas is ceart athbhreithniú a dhéanamh ar Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus ar Straitéis Fhadtéarmach an Bhallstáit lena mbaineann. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin bplean athbhreithnithe mar aon le ráiteas ina leagfar amach conas a réiteoidh na hathbhreithnithe atá beartaithe neamhchomhlíonadh na lamháltas náisiúnta bliantúil astaíochtaí agus cén chaoi ar fhreagair siad do na moltaí ón gCoimisiún i gcás inarb ábhartha. Má fhanann an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an straitéis náisiúnta fhadtéarmach gan athrú ar an mórgóir, cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, tús le nós imeachta um shárú. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 7 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 15
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(7a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: |
Airteagal 15 |
‘Airteagal 15 |
Athbhreithniú |
Athbhreithniú |
1. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta agus ar chora idirnáisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach. |
1. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an Rialachán seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta agus ar imthosca idirnáisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar fhorás na hearnála iompair, ar chostais agus ar bhuntáistí na mbeart comhfhreagrach i leith earnálacha éagsúla den gheilleagar agus i leith shaoránach, lena n-áirítear an reachtaíocht ábhartha uile maidir leis an aeráid, forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, agus an t-ualach rialála á íoslaghdú agus rórialáil á seachaint ag an am céanna. |
2. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le sprioc fhoriomlán an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí. |
2. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le sprioc fhoriomlán an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, nó an gá atá le beartais agus bearta atá ann cheana a tharraingt siar nuair a tharlaíonn rórialáil ar earnálacha sonracha, eadhon na hearnálacha bóithre agus muirí sa Rialachán seo, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí.’ |
(Rialachán (AE) 2018/842)
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoin gComhaontú Pháras a chomhlíonadh |
|||
Tagairtí |
(COM(2021)0555 – C9-0321/2021 – 2021/0200(COD)) |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 13.9.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 13.9.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Angel Dzhambazki 10.11.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
7.2.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
28.4.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
28 8 12 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Erik Bergkvist, Izaskun Bilbao Barandica, Paolo Borchia, Karolin Braunsberger-Reinhold, Marco Campomenosi, Massimo Casanova, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Carlo Fidanza, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Henna Virkkunen, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Leila Chaibi, Clare Daly, Pär Holmgren |
|||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
28 |
+ |
ECR |
Carlo Fidanza, Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
ID |
Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Massimo Casanova |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Karolin Braunsberger-Reinhold, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo |
Renew |
José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet |
S&D |
István Ujhelyi |
8 |
- |
NI |
Mario Furore |
The Left |
Leila Chaibi, Clare Daly, Elena Kountoura |
Verts/ALE |
Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Pär Holmgren, Tilly Metz |
12 |
0 |
ECR |
Peter Lundgren |
ID |
Julie Lechanteux, Philippe Olivier |
S&D |
Andris Ameriks, Erik Bergkvist, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, Petar Vitanov |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH (21.3.2022)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
(COM(2021)0555 – C9‑0321/2021 – 2021/0200(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Vlad‑Marius Botoş
RÉASÚNÚ GEARR
I gComhaontú Pháras, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé gníomhú chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an tionchar suntasach ar an mbeatha ar domhan agus ar thodhchaí an chine dhaonna a laghdú. Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach dea-shampla a thabhairt agus dul in oiriúint do chur chuige atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i ngach earnáil den gheilleagar agus sna Ballstáit agus sna réigiúin uile.
Ní mór a chur san áireamh sna beartais chomhtháthaithe nach mór do gach réigiún a ndícheall a dhéanamh chun spriocanna Eorpacha a bhaint amach agus rannchuidiú le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, agus díriú ar an bhforbairt réigiúnach ag an am céanna. Ní mór na straitéisí a oiriúnú, agus ní mór tosaíocht a thabhairt sna cláir chomhtháthaithe do na réitigh chun na spriocanna a bhaint amach, go háirithe sna réigiúin ina bhfuil an geilleagar truaillithe is mó.
Ní mór cosaint an chomhshaoil agus laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith mar phríomhchuspóir i ngach straitéis forbartha ar gach leibhéal. Tá tacaíocht agus cúnamh teicniúil de dhíth ar na réigiúin chun a spriocanna comhshaoil a bhaint amach sna hearnálacha truaillitheacha go léir ó earnálacha tionsclaíocha agus iompair go dtí na hearnálacha baile agus sóisialta. Ní bheifear in ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach amháin le cabhair agus tiomantas na sochaí ar fad, truaillitheoirí intíre san áireamh.
Caithfidh na spriocanna a leagtar amach ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta a bheith réadúil, insroichte agus ní mór sonraí cruinne a bheith mar thaca leo. Ní mór an fardal náisiúnta sonraí a chomhthacú leis na sonraí arna gcarnadh ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eolaíocha éagsúla ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cuideoidh sé sin le tomhais níos fearr a dhéanamh, go háirithe do na limistéir trasteorann, chun spriocanna agus bealaí réalaíocha a leagan amach do straitéisí forbartha agus comhtháthaithe ar an leibhéal réigiúnach agus sainiúlachtaí na réigiún uile á gcur san áireamh, maidir leis na hiarrachtaí chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú agus maidir leis an ngá atá ann gan aon duine a fhágáil ar lár.
Ní mór an uaillmhian aeráide a bheith ar aon dul le beartais chomhtháthaithe agus le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na réigiún uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear na réigiúin tearcfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus a bheidh bunaithe ar thaighde agus nuálaíocht agus poist ghlasa, ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach i ngach réigiúna chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine agus teaghlaigh ar ioncam níos ísle agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ina theannta sin, tugann an t-aistriú dúshlán do réigiúin ar bhealaí éagsúla. Ní mór a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-aistriú sin cóir agus cuimsitheach agus go gcuirfear san áireamh ann na réigiúin, na tionscail agus na hearnálacha intíre, a mbeidh na dúshláin is mó os a gcomhair amach, agus nach bhfágfaidh sé aon duine ar lár. Ba cheart pointí tosaigh éagsúla na mBallstát, na réigiún, na gcathracha agus a gcumais éagsúla freagartha a chur san áireamh chun cumhacht a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus cistí leordhóthanacha agus acmhainní riaracháin a sholáthar dóibh chun neodracht aeráide a bhaint amach trí chur chuige cuimsitheach lena n-urramaítear na prionsabail a leagtar amach sa tionscnamh “An Comhaontú Glas ar Bhonn Áitiúil” de chuid Choiste na Réigiún. |
_________________ |
_________________ |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019. |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final an 11 Nollaig 2019. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050, fad is a áiritheofaí go gcothófaí iomaíochas agus neodracht teicneolaíochta gheilleagar an Aontais. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach intíre an Aontais maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis asbhaint na n-aistrithe) atá 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030, agus na pointí tosaigh éagsúla sna Ballstáit agus i réigiúin á gcur san áireamh chomh maith leis an bprionsabal nár cheart aon duine a fhágáil ar lár san idirthréimhse. Leagtar síos leis an Rialachán sin freisin oibleagáid ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun tuilleadh sprioc idirmheánach le haghaidh 2040 a thabhairt isteach, chun a áirithiú go ndéanfar laghdú tapa agus do-aisiompaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le himeacht ama chun cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. |
_________________ |
_________________ |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras33 arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. |
(5) Chun na gealltanais sin a chur chun feidhme chomh maith le rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras33 a glacadh faoi UNFCCC, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun sprioc an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach chomh maith leis na straitéisí forbartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus a thábhachtaí atá éifeachtúlacht fuinnimh intíre, neamhthuilleamaíocht agus neamhspleáchas á gcur san áireamh, chomh maith le hiarmhairtí sóisialta an aistrithe. Chuige sin, tá sé tábhachtach gníomhaithe príobháideacha agus poiblí ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil a bheith rannpháirteach chun éifeachtacht agus inghlacthacht na mbeart is gá a áirithiú. Ba cheart fuinneamh inbhuanaithe a tháirgtear go háitiúil, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh a chruthaíonn éifeachtaí dearfacha ar an ngeilleagar réigiúnach, a chur san áireamh. |
_________________ |
_________________ |
33 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
33 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) I Rialachán (AE) 2018/842 leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Leagtar síos sa Rialachán sin freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú is íosta uathu a chomhlíonadh. |
(6) I Rialachán (AE) 2018/842 leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Leagtar síos sa Rialachán sin freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú is íosta uathu a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart solúbthacht iomchuí a thabhairt do na Ballstáit maidir le bealaí agus modhanna a roghnú chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ba cheart go ndéanfaí breithniú i gclársceidealú Chistí an Bheartais Chomhtháthaithe ar na straitéisí forbartha nuashonraithe a bhfuil sé d’aidhm acu borradh a chur faoi chumais na mBallstát maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cóineasú níos fearr sna spriocanna atá acu cheana féin sa chlárthréimhse sin. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 . |
(7) Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 comhthacaithe leis na sonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfear na sonraí is déanaí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh don tseiceáil comhlíontachta, lena dtugtar léargas réalaíoch ar chúrsaí mar atá. |
_________________ |
_________________ |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Ina Theachtaireacht an 17 Meán Fómhair 202035 , chuir an Coimisiún in iúl nach féidir sprioc mhéadaithe fhoriomlán 2030 a bhaint amach ach amháin le rannchuidiú ó gach earnáil. |
(8) Ina Theachtaireacht an 17 Meán Fómhair 202035 , chuir an Coimisiún in iúl nach féidir sprioc mhéadaithe fhoriomlán 2030 a bhaint amach ach amháin le rannchuidiú ó gach earnáil. Mar sin féin, ní mór gné shóisialta an aistrithe a chur san áireamh, chun a áirithiú go gcoinneofar poist ghlasa nó go gcruthófar poist ghlasa, lena n-áirítear trí thaighde agus nuálaíocht, agus nach mbeidh bochtaineacht fuinnimh mar thoradh ar na spriocanna foriomlána a bhaint amach, suíomh inarb na daoine is laige go heacnamaíoch is mó a ndéantar difear dóibh. |
_________________ |
_________________ |
35 COM/2020/562 final. |
35 COM/2020/562 final. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Ina conclúidí an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, fad agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh. |
(9) Ina conclúidí an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, fad agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas eacnamaíoch an Aontais, lena n-áirítear tionscal agus talmhaíocht, agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha, saintréithe geografacha agus dálaí nádúrtha chomh maith leis an gcumas um laghdú astaíochtaí na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin agus réigiúin iargúlta, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) D’fhonn an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. |
(10) Chun an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad ar a laghad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach iomaíochas tionsclaíoch a choimeád trí theicneolaíochtaí nuálacha atá neodrach ó thaobh na haeráide de a chur chun feidhme. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005. |
(11) Chun na críche sin, is gá an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú do gach Ballstát, agus aird chuí á tabhairt ar an ngné shóisialta agus ar an tionchar sóisialta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar iarmhairtí na mbeart laghdaithe astaíochtaí. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta agus chun comhtháthú agus forbairt shóisialta a áirithiú laistigh de gach tír agus ar leibhéal an Aontais. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(11a) Is gá na straitéisí forbartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a oiriúnú chomh maith chun na spriocanna a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i gComhaontú Pháras a bhaint amach chun cuspóirí soiléire agus intomhaiste a chur san áireamh, agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún agus ar na riachtanais forbartha agus arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i ngach réigiún chun ní hamháin rannchuidiú le baint amach na spriocanna ach freisin chun cáilíocht an chomhshaoil a mhéadú ar fud an Aontais. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Mar thoradh air sin, beidh gá le teorainneacha náisiúnta ceangailteacha nua a shocrú, ón mbliain a ghlacfar an Rialachán seo, ar teorainneacha iad a léireofar mar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, lena rachfar i dtreo sprioc 2030 i gcás gach Ballstáit ar bhonn céimnitheach, fad agus a choimeádtar i bhfeidhm na teorainneacha bliantúla arna mbunú le haghaidh na mblianta roimhe sin mar a shocraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún36 . |
(12) Mar thoradh air sin, beidh gá le teorainneacha náisiúnta ceangailteacha nua a shocrú, ón mbliain a ghlacfar an Rialachán seo, ar teorainneacha iad a léireofar mar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, lena rachfar i dtreo sprioc 2030 i gcás gach Ballstáit ar bhonn céimnitheach agus le solúbthacht do na Ballstáit faoi conas an teorainn sin a bhaint amach, fad agus a choimeádtar i bhfeidhm na teorainneacha bliantúla arna mbunú le haghaidh na mblianta roimhe sin mar a shocraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún36 . |
_________________ |
_________________ |
36 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát a leagadh amach don tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2018, lch. 58). |
36 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát a leagadh amach don tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2018, lch. 58). |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12a) Chun a áirithiú go n-íoslaghdófar an t-ualach riaracháin ar an dá thír agus ar an ngeilleagar agus go mbainfear spriocanna 2030 amach go héifeachtach i ngach Ballstát, is iomchuí cur chuige neamhcheangailteach comhchuibhithe a leagan amach ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit uile nó togra a bheith ann ón gCoimisiún maidir le bearta cur chun feidhme bonnlíne féideartha agus, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht theicniúil a chur ar fáil a d’fhéadfadh cabhrú leis na Ballstáit na spriocanna a bhaint amach. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá. |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. Mar gheall ar na héiginnteachtaí sin, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí na sonraí astaíochtaí a athbhreithniú agus, más gá, na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú ar bhealach atá réalaíoch agus freagrach go sóisialta, agus na sonraí is déanaí á gcur san áireamh. Níor cheart cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 a chur i mbaol leis sin. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(13a) Más gá coigeartú a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a straitéisí forbartha a oiriúnú dá réir sin, agus sainiúlachtaí agus riachtanais forbartha gach réigiúin á gcur san áireamh agus freisin clársceidealú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a oiriúnú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na cuspóirí a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus cúnamh teicniúil a áirithiú maidir le cuspóirí intomhaiste a leagan síos, na straitéisí forbartha a athbhreithniú agus an bealach is fearr a bhunú chun na cuspóirí sin a bhaint amach nuair is gá, go háirithe i gcás na réigiún ina bhfuil diantionscail thruaillitheacha, chun a áirithiú go mbainfidh gach Ballstát na spriocanna amach. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Is iomchuí dá bhrí sin na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 le haghaidh na mblianta 2026 go 2030. Ba cheart é sin a bhunú ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh. |
(14) A mhéid a imíonn sonraí na mBallstát go suntasach ón teorainn a shainítear le conair líneach, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta 2026 go 2030 a thabhairt cothrom le dáta in 2025. Ba cheart é sin a bheith bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar shonraí fardail náisiúnta arna gcomhthacú leis na sonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i ngach Ballstát a chinneadh. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. |
(18) Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí, ach réadúil, faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18a) Chun an sprioc de 1,5 °C atá sonraithe i gComhaontú Pháras a bhaint amach, is gá iarracht chomhpháirteach a dhéanamh i ngach earnáil den gheilleagar, lena n-áirítear earnáil na talmhaíochta, mar a leagtar amach san fhís straitéiseach fhadtéarmach ón gCoimisiún chun geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach1d. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt chun a ngealltanais maidir le cuspóirí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus chun laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar aistriú linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na straitéisí sin, chomh maith le pleananna agus tuarascálacha eile na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/1999, chun comhghnóthacht spriocanna earnála atá sonraithe sa Rialachán maidir le Comhroinnt Iarrachta ar leibhéal AE a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) In Airteagal 1, cuirtear ‘30 %’ in ionad ‘40 %’; |
(1) In Airteagal 1, cuirtear ‘30 %’ in ionad ‘ar a laghad 40 %’; |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(b) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2024 le meán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
scriosta |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 - mír 3 - fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh. |
Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 arna gcomhthacú leis na sonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéal idirnáisiúnta agus léireoidh sé an luach comhfhreagrach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 ag gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 - mír 3 - fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír. |
Do na blianta 2023 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír arna gcomhthacú leis na sonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 - mír 3 - fomhír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999. |
scriosta |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 - mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. I gcás ina mbeidh Ballstát tar éis na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a shárú ar feadh trí bliana, cuirfidh an Coimisiún cúnamh teicniúil ar fáil maidir leis na cuspóirí agus na spriocanna intomhaiste a shocrú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, na straitéisí forbartha a oiriúnú agus bealaí a bhunú chun na cuspóirí sin a bhaint amach go háirithe do na réigiúin ina bhfuil tionscail dhiantruaillitheacha agus earnálacha intíre, agus a áirithiú go bhfuil an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, go laghdaíonn sé an bhochtaineacht fuinnimh agus nach bhfágann sé aon duine ar lár. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 5 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 8 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: |
|
3. Déanfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint, atá inrochtana don phobal, maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann na cúiseanna le nach ndeachaigh sé i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de mholadh agus cuirfidh sé na cúiseanna sin ar fáil don phobal. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 6
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 9 - mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Má théann Ballstát thar a liúntas bliantúil astaíochtaí dhá bhliain i ndiaidh a chéile tabharfaidh sé faoi athbhreithniú ar a Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus ar an Straitéis Fhadtéarmach náisiúnta. Críochnófar an t-athbhreithniú sin laistigh de 12 mhí. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin bplean athbhreithnithe mar aon le ráiteas ina leagfar amach conas a réiteoidh na hathbhreithnithe atá beartaithe neamhchomhlíonadh na lamháltas náisiúnta bliantúil astaíochtaí. Má fhanann an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an straitéis náisiúnta fhadtéarmach gan athrú ar an mórgóir, foilseoidh an Ballstát míniú ina leagfar amach a réasúnú. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 7
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 11 a - mír 4 - pointe 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) go bhfuil na straitéisí forbartha oiriúnaithe faoi mhír 3a d’Airteagal 4 curtha chun feidhme ag an mBallstát. |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoin gComhaontú Pháras a chomhlíonadh |
|||
Tagairtí |
(COM(2021)0555 – C9-0321/2021 – 2021/0200(COD)) |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 13.9.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
REGI 13.9.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Vlad-Marius Botoş 27.9.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
6.12.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
15.3.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
23 7 11 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Matteo Adinolfi, François Alfonsi, Pascal Arimont, Adrian-Dragoş Benea, Tom Berendsen, Erik Bergkvist, Stéphane Bijoux, Franc Bogovič, Vlad-Marius Botoş, Rosanna Conte, Andrea Cozzolino, Corina Crețu, Rosa D’Amato, Christian Doleschal, Raffaele Fitto, Chiara Gemma, Mircea-Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Peter Jahr, Manolis Kefalogiannis, Ondřej Knotek, Constanze Krehl, Cristina Maestre Martín De Almagro, Nora Mebarek, Martina Michels, Alin Mituța, Dan-Ştefan Motreanu, Niklas Nienaß, Andrey Novakov, Younous Omarjee, Alessandro Panza, Tsvetelina Penkova, Caroline Roose, Marcos Ros Sempere, André Rougé, Susana Solís Pérez, Irène Tolleret, Valdemar Tomaševski, Monika Vana |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mathilde Androuët, Daniel Buda |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
23 |
+ |
NI |
Chiara Gemma |
Renew |
Stéphane Bijoux, Vlad-Marius Botoş, Ondřej Knotek, Alin Mituța, Susana Solís Pérez, Irène Tolleret |
S&D |
Adrian-Dragoş Benea, Erik Bergkvist, Andrea Cozzolino, Corina Crețu, Constanze Krehl, Cristina Maestre Martín De Almagro, Nora Mebarek, Tsvetelina Penkova, Marcos Ros Sempere |
The Left |
Martina Michels, Younous Omarjee |
Verts/ALE |
François Alfonsi, Rosa D'Amato, Niklas Nienaß, Caroline Roose, Monika Vana |
7 |
- |
ECR |
Raffaele Fitto, Valdemar Tomaševski |
ID |
Matteo Adinolfi, Mathilde Androuët, Rosanna Conte, Alessandro Panza, André Rougé |
11 |
0 |
PPE |
Pascal Arimont, Tom Berendsen, Franc Bogovič, Daniel Buda, Christian Doleschal, Mircea-Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Peter Jahr, Manolis Kefalogiannis, Dan‑Ştefan Motreanu, Andrey Novakov |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE (24.3.2022)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
(COM(2021)0555 – C9‑0321/2021 – 2021/0200(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Norbert Lins
RÉASÚNÚ GEARR
Cúlra - an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’
I mí Iúil 2020, thíolaic an Coimisiún Eorpach a phacáiste maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55,’ arb ionann é agus an sraith is mó beart maidir leis an aeráid i stair an Aontais Eorpaigh, athbhreithniú a dhéanamh ar chodanna éagsúla den reachtaíocht chun sprioc nua an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55% ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Leis an bpacáiste atá beartaithe, déantar foráil do laghdú 52.8 % ar a laghad ar astaíochtaí agus ar a laghad 310 Mt de ghlanasitrithe trí linnte carbóin faoi 2030. Chun a bheith i gcomhréir leis an eolaíocht, ní mór an sprioc sin a bheith níos uaillmhéine agus ní mór bearta nithiúla a bheith ag baint léi.
Tá rabhadh á thabhairt ag IPCC leis na blianta: tá téamh domhanda 1.5°C uafásach, bheadh téamh domhanda 2°C tubaisteach. Tá an téamh 1.2°C atá ann anois ina chúis cheana féin le tubaistí nádúrtha, le heasáitiú an daonra, le cliseadh ar an mbarr agus le cailliúint na bithéagsúlachta, san Aontas agus níos faide i gcéin. Tá toradh an UNFCCC deireanach a bhí ann, COP26, an-soiléir freisin: de réir NDCanna reatha, táthar ag súil go méadóidh astaíochtaí domhanda go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin, ach ba cheart laghdú - 45% ar a laghad teacht orthu faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2010 chun an téamh domhanda a theorannú go dtí 1.5°C. Tar éis COP26 ach go háirithe, is léir go bhfuil oibleagáid ar an Aontas Eorpach dlús a chur lena laghduithe ar astaíochtaí sna deich mbliana atá romhainn, agus uaillmhianta níos airde a léiriú chun dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide.
Ní mór tús áite a thabhairt do ghníomhaíocht luath trí chonair uaillmhianach. Is léir ó thromlach mór staidéar eolaíoch, ar staidéir iad lena léirítear an chomhthoil dhomhanda, lena n-áirítear an tuarascáil IPCC deireanach a bhí ann[3], go mbeidh na deich mbliana idir 2020 agus 2030 cinntitheach chun gníomhú i gcoinne na géarchéime aeráide agus bithéagsúlachta.
Comhroinnt Díchill sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’
Mar chuid den phacáiste sin, leagtar spriocanna síos leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR) agus déantar faireachán ar iarrachtaí na mBallstát chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha nach gcumhdaítear le córas AE i ndáil le trádáil astaíochtaí. Rialachán a chumhdaíonn 60% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa is ea ESR, atá ar cheann de bhunchlocha bheartas aeráide an Aontais agus ní mór dó laghduithe suntasacha ar astaíochtaí a bhaint amach. Deis atá san athbhreithniú seo chun spriocanna AE agus spriocanna na mBallstát a thabhairt i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, agus san am céanna deireadh a chur leis na lúba ar lár lena ndéantar an bonn a bhaint d’éifeachtacht an dlí faoi láthair.
Iarrachtaí ESR a choinneáil i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide
In ESR leagtar síos spriocanna ceangailteacha do na Ballstáit maidir le hastaíochtaí a laghdú, lena gcumhdaítear earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an talmhaíocht. Leis an togra ón gCoimisiún, coinnítear raon feidhme ESR agus déantar sprioc foriomlán laghdaithe astaíochtaí an Aontais a mhéadú ó laghdú 30 % go laghdú 40 % i gcomparáid le 2005 faoi 2030. Tá na Ballstáit freagrach i gcónaí as laghduithe astaíochtaí a bhaint amach in earnálacha uile ESR.
Cé gur díol sásamh é an t-athbhreithniú sin, fós níl leibhéal na huaillmhéine a áirítear in ESR athbhreithnithe ailínithe le sprioc Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, ná baol air – is sprioc é a mbeadh laghdú astaíochtaí 55 % san iomlán ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 2005 in earnálacha a chumhdaítear le ESR ag teastáil ina leith.
Ní mór uaillmhianta méadaithe a bheith fite fuaite le dreasú na n-earnálacha nár bhain aon laghdú suntasach ar astaíochtaí amach go fóill, amhail an talmhaíocht - nár rannchuidigh ach le 1 % den iarracht laghdaithe talmhaíochta do na hearnálacha coimhroinnte díchill idir 2005 agus 2018, cé gurb í an tríú astaíre is mó atá ann[4]. Ba mhinic a roghnaigh na Ballstáit a n-iarrachtaí laghdaithe a dhéanamh in earnálacha eile, ach anois ní mór don talmhaíocht rannchuidiú go suntasach le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Ní mór aitheantas a thabhairt don deis atá ann rannchuidithe íosta earnálacha ar leibhéal an Aontais a fhorbairt, ionas gur féidir linn an t-ualach a roinnt ar bhealach cothrom agus chun gur féidir leis na hearnálacha uile a gcion féin a dhéanamh.
ESR a chur ar an gconair i dtreo aeráidneodracht AE 2050
Faoin Rialachán atá ann faoi láthair, deonaíodh go leor solúbthachtaí do na Ballstáit d’fhonn a spriocanna foriomlána comhroinnte díchill a bhaint amach. Tá sé cruthaithe go ndéanann na solúbthachtaí sin an bonn a bhaint de chuspóir foriomlán an Rialacháin trí mhoill a chur leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit uile ar earnálacha ESR a dhícharbónú, go háirithe an talmhaíocht. Dá gcuirfí leis na solúbthachtaí sin, dhéanfaí an bonn a bhaint tuilleadh de ghníomhaíocht AE ar son na haeráide. Go háirithe, maidir leis an togra chun glanaistrithe méadaithe a úsáid ó earnáil LULUCF d’fhonn an easpa laghdaithe ar astaíochtaí in earnálacha ESR a chúiteamh, tagann sé salach ar an bprionsabal maidir lena áirithiú go rannchuideoidh gach earnáil leis an sprioc aeráide a chumhdaítear i nDlí Aeráide AE. Ní mór méadú teacht ar aistrithe trí linnte carbóin nádúrtha an tráth céanna a thagann laghdú suntasach ar astaíochtaí iontaoise.
Chun intuarthacht agus muinín a sholáthar do gach gníomhaí eacnamaíoch, lena n-áirítear gnólachtaí, oibrithe, infheisteoirí agus tomhaltóirí, agus chun laghdú pras agus do-athraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa thar thréimhse ama a áirithiú d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, ní mór don Choimisiún Eorpach spriocanna a leagan síos tar éis 2030. Faoi dheireadh 2025, agus an buiséad d’astaíochtaí gás ceaptha teasa á chur san áireamh a leagtar amach faoi Dhlí Aeráide AE, chomh maith leis an gcomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ba cheart don Choimisiún togra a chur i dtoll a chéile maidir le spriocanna ESR an Aontais agus na mBallstát, agus maidir le rannchuidithe íosta earnálacha ar leibhéal AE, don tréimhse tar éis 2030. Ba cheart gur spriocanna cúig bliana a bheadh sna spriocanna sin chun go mbeidh siad ailínithe leis na tréimhsí coitianta a comhaontaíodh le linn COP26, chun gealltanais aeráide AE a bhaint amach go hiomlán agus chun an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach mar a leagtar amach é i nDlí Aeráide AE.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach,ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. |
(3) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip31 nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh éifeachtúil agus cothrom a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, arb ionann é sin agus dúshlán mór, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach de réir a chéile agus ar bhealach freagrach, bunaithe ar thaighde agus nuálaíocht agus poist ghlasa, ina mbeidh geilleagar atá ceaptha le bheith nua-aimseartha, iomaíoch, tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an geilleagar agus dea-bhail daoine díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Ag an am céanna, bunaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip an gá chun aistriú éifeachtúil agus cothrom a áirithiú, intuarthacht a thabhairt d’infheisteoirí agus dochúlaitheacht an phróisis aistrithe a áirithiú. Tá tionchair éagsúla ag an aistriú sin ar Bhallstáit éagsúla agus réigiúin éagsúla, ag brath go háirithe ar shaintréithe geografacha fisiciúla agus ar ghnéithe nádúrtha. Déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, bunaithe ar spriocanna réadúla agus ar dháileadh cóir agus cothrom iarrachtaí i measc Ballstát, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. Maidir le hearnáil na talmhaíochta, ba cheart tábhacht an chóineasaithe sheachtraigh in CBT a aithint toisc go dtairbhíonn na Ballstáit ar leibhéil éagsúla d’íocaíochtaí CBT faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31a, agus toisc go bhfuil tionchar aige sin ar sheasamh eacnamaíoch a bhfeirmeoirí agus ar a gcumas páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí atá ag teastáil chun a rannchuidiú faoin Rialachán seo a thabhairt. |
__________________ |
__________________ |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 0640 final an 11 Nollaig 2019. |
31 Teachtaireacht ón gCoimisiún - An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 0640 final an 11 Nollaig 2019. |
|
31 Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1). |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. |
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Leagtar síos leis an Rialachán sin oibleagáid ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun tuilleadh spriocanna idirmheánacha a thabhairt isteach, chun laghdú gear agus dochúlaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú thar thréimhse ama chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Áirithítear leis an Rialachán seo go ndéanfaidh na hearnálacha nach gcumhdaítear le ETS a gcion féin chun spriocanna an dlí aeráide a bhaint amach, agus túsphointí éagsúla na mBallstát, gné shóisialta an aistrithe, measúnuithe ar thionchair dáileacháin agus a n-éifeachtaí ar iomaíochas earnáilshonrach á gcur san áireamh. Leis an Rialachán seo, réitítear an bealach freisin chun spriocanna an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tar éis 2030 a leagan síos sna hearnálacha a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo agus chun rannchuidithe íosta na mBallstát le comhlíonadh na spriocanna Aontais sin tar éis 2030 a leagan síos; |
__________________ |
__________________ |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
32 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1). |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras33 arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. |
(5) Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras33 arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, suas go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin. Ba cheart dó, go háirithe, a áirithiú go mbainfear cothromaíocht amach idir an gá spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach, ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, leibhéal optamach dáileacháin iarrachtaí idir earnálacha sna Ballstáit a áirithiú chun dul in oiriúint do na spriocanna d’fhonn cóineasú idir na réigiúin a áirithiú. I gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe (b) de Chomhaontú Pháras, bainfear aeráidneodracht amach faoi 2050 ar bhealach lena n-áirithítear táirgeadh fadtéarmach bia, lena ráthaítear aistriú cóir, nach gcuireann slándáil an tsoláthair bia i mbaol agus lena ndéantar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag earnáil na talmhaíochta cheana féin a chur san áireamh. |
__________________ |
__________________ |
33 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
33 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4). |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. |
(7) Déantar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun agus ba cheart bearta náisiúnta maidir le hastaíochtaí a laghdú a bheith ag gabháil le trádáil astaíochtaí, chun tionchair dhiúltacha na praghsála carbóin ar chustaiméirí a mhaolú. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34, agus tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na sonraí is déanaí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh chun comhlíóntacht a fhíorú, ionas go dtabharfar léiriú réadúil ar an staid reatha. |
__________________ |
__________________ |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |
34 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9a) Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart aird a thabhairt ar Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-aithnítear leochaileacht na réigiún is forimeallaí, ar leochaileacht í atá ann mar gheall ar a n-iargúltacht i gcomparaid le réigiúin na mórthíre, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid achrannach agus spleáchas aeráide agus eacnamaíoch ar líon beag táirgí, ar meascán é lena gcuirtear teorainn lena bhforbairt agus lena ngintear costais bhreise shuntasacha i roinnt mhaith réimsí, go háirithe don iompar. Na hiarrachtaí a dhéantar agus na spriocanna a leagtar síos ar leibhéal an Aontais chun gáis ceaptha teasa a laghdú, ní mór dóibh a bheith oiriúnaithe don staid achrannach sin, trí chothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí comhshaoil agus costais shóisialta arda do na réigiúin sin. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005. |
(11) Chun na críche sin is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit, agus aird chuí á tabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta a d’fhéadfadh leanúint as dinimicí na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, chun go mbeidh siad in ann ról a bheith acu maidir le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán trasnáisiúnta sin. San athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa, ba cheart go n-urramófaí an prionsabal nach bhfágfar aon duine ar lár agus níor cheart ualach na freagrachta a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil na dushláin chlaochlaitheacha is mó rompu. Ba cheart eilimintí na modheolaíochta céanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005. Ós rud é nach mór do na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach trí bhearta náisiúnta, ba cheart solúbthacht áirithe a thabhairt do na Ballstáit ó thaobh rogha na modhanna chun na spriocanna sin a bhaint amach. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Mar thoradh air sin, beidh gá le teorainneacha náisiúnta ceangailteacha nua a shocrú, ón mbliain a ghlacfar an Rialachán seo, ar teorainneacha iad a léireofar mar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, lena rachfar i dtreo sprioc 2030 i gcás gach Ballstáit ar bhonn céimnitheach, fad agus a choimeádtar i bhfeidhm na teorainneacha bliantúla arna mbunú le haghaidh na mblianta roimhe sin mar a shocraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún36. |
(12) Mar thoradh air sin, beidh gá le teorainneacha náisiúnta ceangailteacha nua a shocrú, ón mbliain a ghlacfar an Rialachán seo, agus i gcomhréir leis an staidéar tionchair ábhartha maidir leis an gcomhshaol ar teorainneacha iad a léireofar mar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, lena rachfar i dtreo sprioc 2030 i gcás gach Ballstáit ar bhonn céimnitheach, fad agus a choimeádtar i bhfeidhm na teorainneacha bliantúla arna mbunú le haghaidh na mblianta roimhe sin mar a shocraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/212636 ón gCoimisiún agus fad agus a chuirtear an cóimheas ceart costais is tairbhe san áireamh do gach réigiún. |
__________________ |
__________________ |
36 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát a leagadh amach don tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2018, lch. 58). |
36 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát a leagadh amach don tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2018, lch. 58). |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá. |
(13) Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. Ba cheart aird a thabhairt chun a áirithiú nach mbeidh na spriocanna faoin Rialachán seo ina gcúis le hathshocrú tháirgeadh an bhia chuig áit lasmuigh den Aontas agus go leanfaidh na hearnálacha lena mbaineann de bheith iomaíoch ar bhonn idirnáisiúnta. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar Olltáirgeacht Intíre per capita ná a chumas dí-ocsaídithe costéifeachtach, is iomchuí dá bhrí sin rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí. |
(15) Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar Olltáirgeacht Intíre per capita ná a chumas dí-ocsaídithe costéifeachtach, is iomchuí dá bhrí sin rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí. Na Ballstáit atá i dteideal na solúbthachta sin ach nár bhain feidhm as i gcomhthéacs 2019, ba cheart an deis a thabhairt dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin chun aird a thabhairt ar na spriocanna laghdaithe náisiúnta nua sin. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na céatadáin ar thug siad fógra fúthu ar bhealach níos spriocdhírithe. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Sa bhreis ar an tsolúbthacht sin, féadfar líon teoranta glanaistrithe agus glanastaíochtaí ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (‘LULUCF’) a chur san áireamh maidir le comhlíontacht na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 (‘solúbthacht LULUCF’). Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha suas go dtí 2030, is iomchuí úsáid sholúbthacht LULUCF a theorannú trí úsáid na solúbthachta sin a dheighilt in dhá thréimhse ama ar leithligh, tréimhsí a dhéantar a uasteorannú le teorainn a chomhfhreagraíonn do leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842. Is iomchuí freisin teideal Iarscríbhinn III a thabhairt i gcomhréir leis an leasú ar Rialachán (AE) 2018/841 a rinneadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 202037. Mar thoradh air sin, ní gá do Rialachán (AE) 2018/842 foráil a dhéanamh a thuilleadh maidir le bunús dlí lena gceadaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú. Ba cheart Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh dá bhrí sin. |
(16) Sa bhreis ar an tsolúbthacht sin, i bhfianaise an dlúthchaidrimh atá ann idir earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta, nuair atá creat nua polaitiúil agus dlíthiúil á bhunú chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, féadfar líon teoranta glanaistrithe agus glanastaíochtaí ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (‘LULUCF’) a chur san áireamh maidir le comhlíontacht na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 (‘solúbthacht LULUCF’). Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha suas go dtí 2030, is iomchuí úsáid sholúbthacht LULUCF a theorannú trí úsáid na solúbthachta sin a dheighilt in dhá thréimhse ama ar leithligh, tréimhsí a dhéantar a uasteorannú le teorainn a chomhfhreagraíonn do leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842. Is iomchuí freisin teideal Iarscríbhinn III a thabhairt i gcomhréir leis an leasú ar Rialachán (AE) 2018/841 a rinneadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 202037. Mar thoradh air sin, ní gá do Rialachán (AE) 2018/842 foráil a dhéanamh a thuilleadh maidir le bunús dlí lena gceadaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú. Ba cheart Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh dá bhrí sin. |
__________________ |
__________________ |
37 Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (IO L 60, 22.2.2021, lch. 21). |

Aithris 17 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17a) Ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis inniúla buiséid shonracha a shannadh chun feirmeoirí a dhreasú laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach, agus infheistíocht sa bhonneagar a sholáthar do theicneolaíochtaí dícharbónaithe, lena n-áirítear d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide. Ba cheart d’údaráis an Aontais agus do na húdaráis náisiúnta oibriú i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile chun timpeallacht cumasúcháin agus sásraí ríthábhachtacha tacaíochta maoiniúcháin a fhorbairt don aistriú chuig an aeráidneodracht ionas gur féidir leis an earnáil rannchuidiú go hiomlán leis an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17b) Tá ríthábhacht ag baint le huirlisí amhail na treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (CEEAG) chun a áirithiú go mbeidh ról iomlán ag earnáil na talmhaíochta maidir le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, agus táirgeadh bia a choinneáil ar phraghasanna inacmhainne ag an am céanna. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear fo-earnálacha nua leis na treoirlínte a mhéid is gá, amhail na fo-earnálacha sin a chumhdaítear leis an gCóras Trádála Astaíochtaí nó na fo-earnálacha a áirítear ar liosta an sceite carbóin. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. |
(18) Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar an mbealach is costéifeachtaí. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18a) Beidh ar roinnt Ballstát dul i ngleic le dúshláin mhóra maidir leis na spriocanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, solúbthacht, réamhaíocht agus inaistritheacht a áirithiú. Dá dtabharfaí rannchuidithe íosta isteach de réir na hearnála, ní hamháin go gcuirfí na spriocanna i mbaol ach ní bheifí in ann iad a bhaint amach ach oiread. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18b) Agus na spriocanna don Rialachán seo á leagan síos, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras nach bhfuil machaire comhréidh ag na Ballstáit idir earnálacha éagsúla nó laistigh d’earnálacha éagsúla agus iad ag tosú amach. Má bhaintear spriocanna laghdaithe amach, níor cheart cumas na hearnála talmhaíochta maidir le slándáil an tsoláthair bia san Eoraip agus ar domhan a áirithiú a chur i mbaol. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18c) Iarrtar ar an gCoimisiún treochlár a bhunú chun spriocanna an Aontais a chinneadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tar éis 2030 in earnálacha áirithe. Iarrtar ar an gCoimisiún freisin scrúdú a dhéanamh ar cén chaoi ar féidir earnáil na talmhaíochta a chónascadh le hearnálacha LULUCF tar éis 2030. Ba cheart measúnú tionchair rialála a dhéanamh sula dtabharfar aon bheart reachtach isteach. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 1
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) In Airteagal 1, cuirtear ‘30 %’ in ionad ‘40 %’; |
scriosta |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 1 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(1a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Ábhar |
Ábhar |
Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo, agus cuidíonn sé le cuspóirí Chomhaontú Pharás a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh. |
1. Leis an Rialachán seo, rannchuidítear le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 ar a dhéanaí a bhaint amach, ar cuspóirí iad a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’); |
|
Agus na spriocanna maidir le laghduithe líneacha á leagan amach, iarrtar ar an gCoimisiún a chur san áireamh gur gá comhroinnt dualgas a ailíniú de réir a chéile i measc na mBallstát. Is é an cuspóir do 2050 go mbeidh na Ballstáit uile aeráidneodrach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, nach gcruthófaí aon bhacainní móra idir na Ballstáit. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an gcaoi a ndéanfar an t-ualach a chomhroinnt, cuirfear cost-éifeachtúlacht agus cothromaíocht san áireamh níos mó agus níos mó in éineacht le OTI per capita, tar éis 2030 freisin. |
|
2. Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 faoi 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin; |
(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:32018R0842&from=EN#d1e508-26-1)
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2a) Cuirtear Airteagal 3a isteach: |
|
‘Airteagal 3a |
|
Tá aicmiú na gcritéar inbhuanaitheachta maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise faoi rialú ag Treoir (AE) 2018/2001.’ |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 4 - mír 3 - fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2. |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2, agus cost-éifeachtúlacht agus comhréireacht á gcur san áireamh. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 5 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3a) Leasaítear Airteagal 5(4) mar a leanas: |
(4) Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
‘(4) Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo, agus faoi phraghas an aistrithe in aghaidh an tona de choibhéis CO2.’ |
(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:32018R0842&from=EN#d1e636-26-1)
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 5 - pointe b - pointe ii
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 7 - mír 1 - pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2021 go 2025 ná leath an uasmhéid glan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin; |
(a) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2021 go 2025 ná 75% an uasmhéid glan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin; |
(aa) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2026 go 2030 ná leath an uasmhéid glan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;. |
(aa) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2026 go 2030 ná 75% an uasmhéid glan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin; |
|
(aa a) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2021 go 2030 ná uasmhéid na nglan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 5 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/842
Airteagal 8 - mír 3
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(5 a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 8: |
3. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. |
3. Déanfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus déanfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é. |
(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:32018R0842&from=EN#d1e508-26-1)
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 - mír 1 - pointe 6
Rialachán (AE) Uimh. 2018/842
Airteagal 9 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.’. |
(2) Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.’. Má sháraíonn Ballstát a leithdháiltí astaíochtaí ar feadh dhá bhliain as a chéile, tabharfaidh sé réasúnú i dtuarascáil chuig an gCoimisiún agus míneoidh sé céard iad na hathruithe a dhéanfaidh sé ar a straitéis náisiúnta fadtéarmach. |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoin gComhaontú Pháras a chomhlíonadh |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0555 – C9-0321/2021 – 2021/0200(COD) |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 13.9.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AGRI 13.9.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Norbert Lins 23.3.2022 |
|||
An rapóirtéir don tuairim a bhí ann roimhe sin |
Pär Holmgren |
|||
Pléite sa choiste |
25.1.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
22.3.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
30 14 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mazaly Aguilar, Clara Aguilera, Atidzhe Alieva-Veli, Álvaro Amaro, Carmen Avram, Adrian-Dragoş Benea, Mara Bizzotto, Daniel Buda, Isabel Carvalhais, Asger Christensen, Angelo Ciocca, Ivan David, Paolo De Castro, Jérémy Decerle, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Luke Ming Flanagan, Dino Giarrusso, Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Martin Hlaváček, Krzysztof Jurgiel, Jarosław Kalinowski, Elsi Katainen, Camilla Laureti, Gilles Lebreton, Julie Lechanteux, Norbert Lins, Colm Markey, Ulrike Müller, Maria Noichl, Juozas Olekas, Eugenia Rodríguez Palop, Bronis Ropė, Bert-Jan Ruissen, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Marc Tarabella, Veronika Vrecionová, Sarah Wiener, Juan Ignacio Zoido Álvarez |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pär Holmgren, Cristina Maestre Martín De Almagro, Alin Mituța, Christine Schneider |
|||
VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
30 |
+ |
ID |
Ivan David |
PPE |
Álvaro Amaro, Daniel Buda, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Jarosław Kalinowski, Norbert Lins, Colm Markey, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Christine Schneider, Annie Schreijer-Pierik, Juan Ignacio Zoido Álvarez |
Renew |
Atidzhe Alieva-Veli, Asger Christensen, Jérémy Decerle, Martin Hlaváček, Elsi Katainen, Alin Mituța, Ulrike Müller |
S&D |
Clara Aguilera, Carmen Avram, Adrian-Dragoş Benea, Isabel Carvalhais, Paolo De Castro, Camilla Laureti, Cristina Maestre Martín De Almagro, Juozas Olekas, Marc Tarabella |
14 |
- |
ECR |
Mazaly Aguilar, Krzysztof Jurgiel, Bert-Jan Ruissen, Veronika Vrecionová |
ID |
Gilles Lebreton, Julie Lechanteux |
S&D |
Maria Noichl |
The Left |
Luke Ming Flanagan, Eugenia Rodríguez Palop |
Verts/ALE |
Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Pär Holmgren, Bronis Ropė, Sarah Wiener |
3 |
0 |
ID |
Mara Bizzotto, Angelo Ciocca |
NI |
Dino Giarrusso |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoin gComhaontú Pháras a chomhlíonadh |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0555 – C9-0321/2021 – 2021/0200(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
14.7.2021 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 13.9.2021 |
|
|
|
Na coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 13.9.2021 |
ITRE 13.9.2021 |
TRAN 13.9.2021 |
REGI 13.9.2021 |
|
AGRI 13.9.2021 |
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
BUDG 31.8.2021 |
ITRE 15.9.2021 |
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Jessica Polfjärd 17.9.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
27.9.2021 |
10.2.2022 |
|
|
Dáta an ghlactha |
17.5.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
61 20 6 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mathilde Androuët, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Hildegard Bentele, Alexander Bernhuber, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Marian-Jean Marinescu, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Nicola Procaccini, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Linea Søgaard-Lidell, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Michael Bloss, Manuel Bompard, Milan Brglez, Stelios Kympouropoulos, Manuela Ripa, Christel Schaldemose, Vincenzo Sofo, Idoia Villanueva Ruiz |
|||
Dáta don chur síos |
24.5.2022 |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
61 |
+ |
NI |
Ivan Vilibor Sinčić |
PPE |
Hildegard Bentele,Alexander Bernhuber,Nathalie Colin‑Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Ewa Kopacz, Stelios Kympouropoulos, Peter Liese, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Dolors Montserrat, Ljudmila Novak, Jessica Polfjärd, Stanislav Polčák, Luisa Regimenti, Christine Schneider, Maria Spyraki, Pernille Weiss, Esther de Lange |
Renew |
Pascal Canfin, Andreas Glück, Martin Hojsík, Jan Huitema, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Linea Søgaard‑Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet‑Lenoir, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Nicolae Ştefănuță |
S&D |
Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Milan Brglez, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Jytte Guteland, César Luena, Javi López, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Christel Schaldemose, Günther Sidl, Petar Vitanov, Tiemo Wölken |
Verts/ALE |
Margrete Auken, Michael Bloss, Bas Eickhout, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus, Manuela Ripa |
20 |
- |
ECR |
Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Raffaele Fitto, Nicola Procaccini, Rob Rooken, Vincenzo Sofo, Alexandr Vondra, Anna Zalewska |
ID |
Mathilde Androuët, Simona Baldassarre, Aurélia Beigneux, Marco Dreosto, Catherine Griset, Teuvo Hakkarainen, Sylvia Limmer, Joëlle Mélin, Silvia Sardone |
NI |
Edina Tóth |
PPE |
Traian Băsescu, Marian‑Jean Marinescu |
6 |
0 |
The Left |
Malin Björk, Manuel Bompard, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Idoia Villanueva Ruiz, Mick Wallace |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
- [2] Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
-
[3] https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/
-
[4] an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, National action across all sectors needed to reach greenhouse gas Effort Sharing targets [Gníomhaíocht náisiúnta ar fud na n-earnálacha uile ag teastáil chun spriocanna comhroinnte díchill maidir le gáis ceaptha teasa a bhaint amach], Faisnéisiú, an 10 Márta 2020 - https://www.eea.europa.eu/themes/climate/trends-and-projections-in-europe/national-action-across-all-sectors