Tuarascáil - A9-0178/2022Tuarascáil
A9-0178/2022

TUARASCÁIL ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia

17.6.2022 - (2021/2249(INI))

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Vladimír Bilčík


Nós Imeachta : 2021/2249(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0178/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0178/2022
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia

(2021/2249(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013[1],

 ag féachaint d’iarratas na Seirbia an 19 Nollaig 2009 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,

 ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hiarratas na Seirbia ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2011)0668), agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 1 Márta 2012 chun stádas iarrthóra a dheonú don tSeirbia agus do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 27-28 Meitheamh 2013 tús a chur le caibidlíocht leis an tSeirbia maidir le haontachas le AE,

 ag féachaint do chonclúidí Uachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,

 ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018,

 ag féachaint do Dhearbhú Shágraib ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Bealtaine 2020,

 ag féachaint do Dhearbhú Brdo ón gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Deireadh Fómhair 2021,

 ag féachaint do Phróiseas Bheirlín a seoladh an 28 Lúnasa 2014 agus don ochtú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín an 5 Iúil 2021,

 ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, do Dhearbhú Cheannairí na mBalcán Thiar maidir le Cómhargadh Réigiúnach an 9 Samhain agus do Dhearbhú Shóifia maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar an 10 Samhain 2020,

 ag féachaint do Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999, do Thuairim Chomhairleach an 22 Iúil 2010 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus do Rún 64/298 an 9 Meán Fómhair 2010 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, inar aithníodh inneachar thuairim CBI, agus inar gcuireadh fáilte roimh thoilteanas AE chun an t-idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv a éascú,

 ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lenar rialaíodh normalú an chaidrimh idir rialtas na Seirbia agus rialtas na Cosaive an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag AE chun an caidreamh a normalú,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú - Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),

 ag féachaint do theachtaireacht an 6 Deireadh Fómhair ón gCoimisiún dar teideal Economic and Investment Plan for the Western Balkans (COM(2020)0641) [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar], agus an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Guidelines for the Implementation of the Green Agenda for the Western Balkans (SWD(2020)0223) [Treoirlínte maidir le Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar a Chur Chun Feidhme],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um chúnamh Réamhaontachais (IPA III)[2],

 ag féachaint do theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2021 ón gCoimisiún dar teideal 2021 Communication on EU Enlargement Policy (COM(2021)0644) [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas um Méadú AE], agus doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Serbia 2021 Report (SWD(2021)0288) [Tuarascáil 2021 ar an tSeirbia],

 ag féachaint don mheasúnú ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 ar Chlár Athchóirithe Eacnamaíoch na Seirbia 2021-2023 (SWD(2021)0096), agus do na conclúidí comhpháirteacha ón idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc, a ghlac an Chomhairle an 12 Bealtaine 2021,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery’ [Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach] (COM(2020)0315),

 ag féachaint don 12ú cruinniú agus don 13ú cruinniú den Chomhdháil Aontachais leis an tSeirbia ar leibhéal aireachta, a bhí ar siúl an 22 Meitheamh 2021 agus an 14 Nollaig 2021 agus a raibh oscailt bhraisle a 4 - an Clár Oibre Glas agus nascacht inbhuanaithe, ina dtoradh orthu,

 ag féachaint do na bearta chun stiúradh an phróisis thoghchánaigh arna gcomhaontú an 18 Meán Fómhair 2021 ag na comhéascaitheoirí le linn na dara céime den Idirphlé Idirpháirtí, a d’éascaigh Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don séú cruinniú de Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-na Seirbia a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 25 Eanáir 2022,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle maidir le Méadú agus maidir leis an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an 14 Nollaig 2021,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine[3],

 ag féachaint do rún ES-11/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le hionsaí i gcoinne na hÚcráine, a glacadh an 2 Márta 2022,

 ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],

 ag féachaint do Thuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Meitheamh 2021 dar teideal Disinformation affecting the EU: tackled but not tamed [An Bhréagaisnéis a théann i bhfeidhm ar an AE: tugtha fúithi seachas ceansaithe]

 ag féachaint don Dara Tuarascáil Eatramhach ar Chomhlíonadh ó Ghrúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) maidir leis an gCeathrú Babhta Meastóireachta maidir leis an tSeirbia, arna glacadh i Márta 2022,

 ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tír,

 ag féachaint dá moladh an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020[4],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbia[5],

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar[6],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2021 maidir le hobair éigeantais i monarcha Linglong agus na hagóidí um an gcomhshaol sa tSeirbia[7],

 ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le cur isteach eachtrach i bpróisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear an bhréagaisnéis[8],

 ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an 13ú cruinniú de Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-na Seirbia, a reáchtáladh an 28 Deireadh Fómhair 2021 sa Bhruiséil agus go cianda,

 ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Dhara Cruinniú Mullaigh Pharlaimint na hEorpa – Spéicéirí na mBalcán Thiar an 28 Meitheamh 2021, a thionóil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis na ceannairí ó pharlaimintí na mBalcán Thiar,

 ag féachaint don ráiteas ar réamhthorthaí agus ar chonclúidí ó mhisean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán ESCE/ODIHR de chuid luaththoghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta na Seirbia an 3 Aibreán 2022,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0178/2022),

A. de bhrí go ndéantar gach tír atá sa phróiseas méadaithe a mheas ar a bhfiúntas féin, agus de bhrí gurb é comhlíonadh na gcritéar um mhéadú, cur chun feidhme na n-athchóirithe riachtanacha, go háirithe i réimse na ‘mbuntosca’agus an ailínithe reachtaigh a chinneann an tráthchlár agus dul chun cinn an aontachais;

B. de bhrí gur ghlac an tSeirbia le cuspóirí agus beartais an Aontais Eorpaigh a ghlacadh de réir a chéile le linn an phróisis caibidlíochta;

C. de bhrí gurb iad an daonlathas, an urraim do chearta an duine agus an smacht reachta na luachanna bunúsacha ar a bhfuil AE bunaithe; de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe inbhuanaithe agus lena gcur chun feidhme chun dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann sna réimsí sin;

D. de bhrí, ó cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an tSeirbia, rinneadh 22 chaibidil a oscailt, péire díobh sin atá dúnta go sealadach; de bhrí go bhfuil an dul chun cinn maidir le caibidlí éagsúla caibidlíochta mall go leor le blianta beaga anuas; de bhrí gur oscail an tSeirbia braisle 4 maidir leis an gClár Oibre Glas agus an nascacht inbhuanaithe i mí na Nollag 2021;

E. de bhrí go leanann Teach na Saoirse den tSeirbia a liostú mar thír atá ‘saor go páirteach’ agus go dtugann sé faoi deara go raibh scór daonlathais na tíre ar cheann de na cora chun donais is mó le 10 mbliana anuas ar fud an domhain; de bhrí gur cúis imní í staid shaoirse an phreasa sa tSeirbia agus in 2021 bhí an tír sa 93ú háit as 180 in innéacs na dTuairisceoirí gan Teorainneacha;

F. de bhrí, de réir an Ceathrú Babhta de Thuarascáil Meastóireachta GRECO a foilsíodh an 30 Márta 2022, gur chuir an tSeirbia ocht gcinn as na 13 mholadh ó GRECO chun feidhme go sásúil nó gur dhéileáil sí leo ar bhealach sásúil;

G. de bhrí go bhfuil dul chun cinn agus tiomantas na Seirbia sna caibidlíochtaí maidir le saincheisteanna oscailte leis an gCosaiv fós ina thagarmharc tábhachtach le haghaidh dul chun cinn amach anseo ina caibidlíochtaí aontachais le AE;

H. de bhrí nach mór don tSeirbia sláine agus ceannasacht iomlán na dtíortha comharsanachta uile a urramú agus nach mór di staonadh ó thionchar a imirt ar a ngnóthaí polaitiúla inmheánacha;

I. de bhrí nár chomhlíon an tSeirbia na hiarrataí a rinneadh arís agus arís eile a beartas eachtrach agus slándála a chomhchuibhiú leis an Aontas, agus nár fhorchuir sí smachtbhannaí ar an Rúis tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí gur bac ar a haontachas a seasamh sa chaidreamh idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil leibhéal íseal ailínithe ag an tSeirbia le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) AE;

J. de bhrí, i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, gur vótáil an tSeirbia i bhfabhar na rún lena gcáintear ionsaí na Rúise san Úcráin agus gur mhol sí, ag an am céanna, sláine críche agus ceannasacht na hÚcráine a urramú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

K. de bhrí gurb é AE an soláthraí is mó cúnamh airgeadais atá ag an tSeirbia trí IPA; de bhrí gur thairbhigh an tSeirbia de chúnamh ó AE faoi IPA II dar luach EUR 539 billiún ina iomláine ó 2014 i leith;

L. de bhrí gurb é an tAontas Eorpach an t-infheisteoir agus an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSeirbia, agus gurb ag AE atá an caidreamh is mó idir piaraí leis an tSeirbia, arb ionann é agus 65 % d’iomlán na n-onnmhairí agus 59 % d’iomlán na n-allmhairí in 2020;

M. de bhrí go ndearna AE EUR 3.3 billiún a shlógadh chun aghaidh a thabhairt láithreach ar an ngéarchéim sláinte agus chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú; de bhrí gur ghlac an Coimisiún pacáiste de EUR 70 milliún faoi IPA II chun cabhrú le cistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag tíortha na mBalcán Thiar ar vacsaíní COVID-19 arna soláthar ag Ballstáit AE;

N. de bhrí go bhfuil an cúnamh faoi IPA III bunaithe ar choinníollacht dhocht agus go ndéantar foráil ann do mhodhnú agus cur ar fionraí cúnaimh má tharlaíonn aon chás maidir le tarraingt siar ón daonlathas, ó chearta an duine agus ón smacht reachta; de bhrí gur sholáthair AE EUR 2.79 billiún ar an iomlán idir 2007 agus 2020 faoi chláir IPA a bhí ann roimhe sin;

O. de bhrí gur ábhar mór imní é staid na mban sa tSeirbia, ós rud é go ndearnadh cineál éigin foréigin ar leath na mban agus gur maraíodh níos mó ná 300 bean le blianta beaga anuas mar thoradh ar fhoréigean inscne;

P. de bhrí go bhfuil coinbhinsiúin bhunúsacha uile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair daingnithe ag an tSeirbia;

Tiomantas d’Aontachas leis an AE

1. á chur in iúl go dtacaíonn sí le ballraíocht na Seirbia san AE sa todhchaí agus á mheabhrú, a mhéid a bhaineann le peirspictíocht inchreidte maidir le méadú go dteastaíonn toil pholaitiúil, iarrachtaí inbhuanaithe agus athchóirithe do-aisiompaithe san réimsí uile, go háirithe sna réimsí atá nasctha leis an smacht reachta, mar aon le tiomantas daingean do chaighdeáin agus luachanna Eorpacha; á iarraidh ar údaráis na Seirbia na hathchóirithe riachtanacha a dhéanamh agus an tír a thabhairt ar ais ar an mbóthar ceart i dtreo lánpháirtiú AE, agus toilmhianta na Seirbia, dá bhrí sin, á gcomhlíonadh;

2. á chur in iúl go bhfuil an dul chun cinn sa phróiseas aontachais dírithe ar thorthaí agus ar athchóiriú agus go bhfuil sé bunaithe ar ailíniú breise ar an smacht reachta, ar dhea-rialachas, ar chearta bunúsacha agus ar urraim do chearta agus luachanna na hEorpa; ag cur béim ar na naisc atá ann idir pobail an Aontais Eorpaigh agus muintir na Seirbia;

3. á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh braisle 4 i mí na Nollag 2021; á athdhearbhú go gcinnfear luas an aontachais leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na caibidlí maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha, i gcomhréir iomlán le beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, agus maidir le normalú chaidreamh na Seirbia leis an gCosaiv;

4. ag tabhairt dá haire na réamhchonclúidí ón ráiteas ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine ó mhisean breathnóireachta idirnáisiúnta um thoghcháin de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE/ODIHR) gur cuireadh i láthair roghanna polaitiúla éagsúla sna toghcháin pharlaiminteacha an 3 Aibreán 2022, ach go raibh míchothrom iomaíochta ann mar thoradh ar roinnt easnamh, rud a bhí ar son na ndaoine a bhí ann cheana; á chur i bhfios, ina leith sin, ról na bhfeachtas bréagaisnéise státurraithe arb é is aidhm dóibh tuairimí a athrú maidir leis na toghcháin sin; á iarraidh ar údaráis na Seirbia aghaidh a thabhairt go hiomlán ar mholtaí ODIHR i bhfad roimh na chéad toghcháin eile; á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) a bhfuil saineolas acu ar choinníollacha toghcháin de bheith rannpháirteach sa phróiseas sin;

5. á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar an líon vótálaithe a bhí ag vótáil ag na toghcháin ar an 3 Aibreán 2022 agus an filleadh ar Thionól Náisiúnta níos iolraíche, ina n-áirítear anois go leor páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta; á chur in iúl gurb oth léi timpeallacht pholaitiúil thar a bheith deighilte an fheachtais, a raibh an easpa cothroim iomaíochta, iolrachas teoranta na meán agus brú forleathan ar vótálaithe mar shaintréithe aici; á chur in iúl gurb oth léi go raibh mí-úsáid na hoifige poiblí ag comhaltaí páirtí rialaithe ina fhadhb leanúnach le linn an fheachtais é;

6. ag cáineadh ionsaithe ar chomhaltaí an fhreasúra, ar iriseoirí, ar chomhaltaí ESSanna agus ar chomhaltaí de na misin éagsúla faireacháin toghcháin, chomh maith le teagmhais eile a bhain an bonn ó shláine an phróisis toghcháin; ag cáineadh an ionsaithe fhoréignigh ar Pavle Grbović, duine de cheannairí an fhreasúra agus á iarraidh ar na húdaráis déantóirí na coire a thabhairt chun cuntais;

7. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil aon ról níos réamhghníomhaí ag Coimisiún Toghcháin na Poblachta (REC) agus ag Coimisiún Toghcháin Chathair Bhéalgrád nuair a tháinig sé chun torthaí na dtoghchán a chinneadh agus a chur in iúl; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh dhá sheachtain sa bhreis caite tar éis na dtoghchán sular foilsíodh réamhthorthaí iomlána na dtoghchán áitiúil i mBéalgrád; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le meath ar mhuinín na saoránach as neamhspleáchas an riaracháin toghcháin; á chur in iúl gurb oth léi an chumarsáid mhíshoiléir ón REC maidir le réamhthorthaí toghcháin tar éis dhúnadh na stáisiún vótála;

8. á chur in iúl gurb oth léi nár réitíodh na saincheisteanna maidir le cruinneas an Rolla Aonair Toghcháin roimh ré don timthriall toghcháin seo, rud a fhágann go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as;

9. á iarraidh ar an tromlach nua cinntí polaitiúla a glacadh roimhe seo maidir le próiseas aontachais AE a urramú agus dlús a chur le hailíniú na Seirbia le beartais agus luachanna Eorpacha; á iarraidh go leithdháilfear seasaimh pharlaiminteacha chun an t-iolrachas polaitiúil sa Tionól Náisiúnta a léiriú; ag tabhairt dá haire go ndearnadh na parlaimintí Sheirbiacha uile ach ceann amháin a dhíscaoileadh go luath le 10 mbliana anuas agus nach rannchuideodh aon toghchán tobann eile nach bhfuil gá leo leis an gcobhsaíocht pholaitiúil; á chur i bhfios go láidir a hullmhacht chun tuilleadh oibre a dhéanamh leis an Tionól Náisiúnta agus lena ghrúpaí parlaiminteacha i gcomhthéacs an Idirphlé Idirpháirtí agus á chur i bhfáth go bhfuil cinntí soiléire ag teastáil maidir le treo straitéiseach na Seirbia;

10. á chur in iúl gurb oth go mór léi nach bhfuil an tSeirbia ailínithe fós le smachtbhannaí AE tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin; á chur i bhfáth go bhfuil an tSeirbia ar cheann de líon an-bheag tíortha Eorpacha nach bhfuil ailínithe le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise; á iarraidh ar na húdaráis nuathofa tiomantas soiléir a léiriú go mear do luachanna, do chaighdeáin agus do rialacha an Aontais agus iad féin a ailíniú go práinneach le cinntí agus seasaimh an Aontais sa bheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear ailíniú mear iomlán le bearta sriantacha i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise, lena n-áirítear smachtbhannaí ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí agus ar eintitis;

11. ag tabhairt dá haire tacaíocht na Seirbia do shláine agus ceannasacht chríochach na hÚcráine agus a vóta i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe lena gcáintear ionradh na Rúise agus go dtacaíonn sí leis an Rúis a eisiamh ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 7 Aibreán 2022; ag tabhairt dá haire ag an am céanna gur sheachain ionadaithe na Seirbia an vóta maidir le heisiamh na Rúise ó Chomhairle na hEorpa;

12. ag athdhearbhú a thábhachtaí atá an t-ailíniú le CBES an Aontais, ar gá dó a bheith ina dhlúthchuid de bheartas eachtrach na Seirbia de réir a chéile mar choinníoll don phróiseas aontachais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ráta íseal ailínithe na Seirbia, arb é an ráta is ísle sa réigiún é; á chur in iúl gurb oth léi ráitis ó na ceannairí polaitiúla ó am go chéile ina gcuirtear ceist faoi threoshuíomh na Seirbia maidir le beartas eachtrach; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go dtugtar deis leis an móiminteam a cruthaíodh de dheasca an tsainordaithe nua i ndiaidh thoghcháin an 3 Aibreán 2022 sa tSeirbia, dul chun cinn nach beag a dhéanamh ionsar pheirspictíocht Eorpach na tíre; á iarraidh ar fhórsaí polaitiúla na Seirbia a gcaidreamh comhoibritheach le páirtithe polaitiúla forlámhacha sa Rúis a chur ar fionraí;

13. ag moladh nár cheart tuilleadh caibidlí caibidlíochta a oscailt ach amháin nuair a dhéanfaidh an tSeirbia na bearta is gá i ndáil leis sin, lena n-áirítear maidir leis an smacht reachta;

14. á iarraidh ar an tSeirbia athmheasúnú a dhéanamh ar a comhar eacnamaíoch leis an Rúis agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil ag leanúint de na heitiltí idir Béalgrád agus Moscó tráth atá aerspás AE dúnta ar eitiltí chuig an Rúis agus ón Rúis;

15. ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú 70 % ar chaiteachas míleata na Seirbia idir 2015 agus 2021, de bharr ceannacháin ón mBealarúis, ón Rúis agus ón tSín go príomha; á chur in iúl gurb oth léi an dlúthchomhar atá aici le Cónaidhm na Rúise maidir le cúrsaí míleata; ag tathant ar an tSeirbia athmhachnamh a dhéanamh ar a caidreamh leis an Rúis maidir le beartas cosanta agus deireadh a chur leis an gcomhar míleata ar fad leis an Rúis, amhail an ‘ionad daonnúil réigiúnach’ in Niš; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin comhar méadaithe na Seirbia leis an tSín, lena n-áirítear córas ollfhaireachais a shuiteáil i mBéalgrád a ceannaíodh ón tSín, an seachadadh le déanaí ar chóras diúracán dromchla go haer, ceannach arm agus trealamh míleata de dhéanamh na Síne agus freachnaimh chomhpháirteacha le fórsaí slándála na Síne ar chríoch na Seirbia;

16. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na líomhaintí maidir le cúléisteacht ar chomhaltaí fhreasúra na Rúise i mBéalgrád ag údaráis na Seirbia agus maidir le haistriú líomhnaithe an ábhair chuig seirbhísí slándála na Rúise ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth go ndéanfadh aon chomhar a rannchuideodh le cleachtais fhorlámhacha agus fhrithdhaonlathacha sa Rúis nó sa tSeirbia dochar don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an tSeirbia;

17. á chur in iúl gur cúis bhuartha bhreise di gur bhunaigh rialtais na Seirbia agus na Rúise an mheitheal chun an comhrac i gcoinne ‘réabhlóidí datha’, a bhfuil a gcuspóir agus a spriocanna fós doiléir;

18. á chur in iúl gur geal léi glacadh na mbeart lena bhfeabhsaítear coinníollacha toghcháin agus spás sna meáin roimh na toghcháin in Aibreán 2022 mar thoradh ar an Idirphlé Idirpháirtí arna éascú ag Parlaimint na hEorpa; ag tabhairt dá haire an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na mbeart a comhaontaíodh agus á iarraidh go neartófar tuilleadh iolrachas na meán agus rochtain chomhionann ar spás na meán; á chur in iúl gurb oth léi gur cuireadh a lán beart chun feidhme le moilleanna agus gan rannpháirtíocht na ngníomhaithe ábhartha uile; á chur in iúl gurb oth léi nár glacadh bearta níos uaillmhianaí a bhféadfadh feabhsuithe níos substaintiúla a bheith mar thoradh orthu ar choinníollacha na dtoghchán;

19. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón bhfreasúra neamhpharlaiminteach a bheith rannpháirteach sna toghcháin i mí Aibreáin 2022; ag athdhearbhú gurb é an t-aon bhealach amháin chun ionadaíocht pholaitiúil a ráthú ná a bheith rannpháirteach i bpróisis pholaitiúla agus toghcháin; á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile leanúint de bheith rannpháirteach sna próisis sin agus oibriú le chéile chun tuilleadh feabhais a chur ar choinníollacha toghcháin agus ar chur chun feidhme na rialachán toghchánach; á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile gníomhú i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus na cuimsitheachta; á iarraidh ar an gComhthionól Náisiúnta nuathofa úsáid a bhaint as an móiminteam atá ann faoi láthair agus tús a chur le maoirseacht iomlán reachtach ar obair an rialtais;

20. ag athdhearbhú a tacaíochta d’obair na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun próisis dhaonlathacha na Seirbia a neartú agus lena gcothófar glúin nua de cheannairí polaitiúla;

21. á chur in iúl gur cúis bhuartha di chomh thar a bheith theoranta agus atá infheictheacht phróisis lánpháirtíochta na hEorpa sa tSeirbia; ag athdhearbhú a hiarrata ar an tSeirbia, ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar Bhallstáit an Aontais straitéis cumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí a shaothrú maidir leis na tairbhí a ghabhann le méadú AE agus maidir leis an tacaíocht a thugtar trí chistiú AE, agus an dea-shampla de thíortha comharsanachta na Seirbia, ar Ballstáit de chuid an Aontais iad cheana, a chur i láthair;

22. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an tacaíocht phoiblí do bhallraíocht AE sa tSeirbia i bhfad níos ísle ná sa chuid eile den réigiún agus, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, go bhfuil tromlach de shaoránaigh na Seirbia in aghaidh dul isteach san Aontas Eorpach; á iarraidh ar cheannairí polaitiúla na Seirbia a dtiomantas do luachanna AE a chur in iúl ar bhealach níos gníomhaí agus gan débhrí i ndíospóireacht phoiblí agus dul i dteagmháil le saoránaigh na Seirbia lasmuigh de na príomhchathracha maidir leis na sochair inbhraite a bhaineann le haontachas AE; á chur in iúl an athuair gur cúis bhuartha di ról na meán a mhaoinítear go poiblí i scaipeadh na reitrice frith-AE; á iarraidh ar an gComhthionól Náisiúnta nua tacú le todhchaí Eorpach na Seirbia, inter alia trína chumarsáid straitéiseach féin; á athdhearbhú go bhfuil Parlaimint na hEorpa ullamh chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cumarsáide in éineacht le Teachtaí Parlaiminte na Seirbia chun an tAontas agus an tSeirbia a thabhairt níos gaire dá chéile; á iarraidh ar oifigigh áirithe rialtais stop a chur le tacaíocht a thabhairt d’fheachtais bhréagaisnéise i gcoinne an Aontais;

23. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil ballraíocht AE fós ina sprioc straitéiseach ag an tSeirbia, gurb oth léi, áfach, go bhfuil easpa dul chun cinn déanta i roinnt mhaith réimsí de chlár oibre athchóirithe na Seirbia agus go bhfuil cúlú á dhéanamh ar shaincheisteanna atá bunriachtanach d’aontachas leis an AE;

24. ag tabhairt dá haire nár cuireadh dlús suntasach faoi phróiseas aontachais na Seirbia le glacadh na modheolaíochta nua aontachais agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán é; ag tathant arChoimisinéir AE um Chomharsanacht agus um Méadú a bheith níos réamhghníomhaí maidir le próiseas aontachais na Seirbia, go háirithe maidir le saoirsí bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta, agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na líomhaintí poiblí go bhfuil laghdú á dhéanamh ag Coimisinéir AE um Chomharsanacht agus um Méadú ar roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta i dtíortha aontachais agus ag spreagadh an Coimisiúin chun obair leantach chuí a dhéanamh ar iarrataí Pharlaimint na hEorpa ina leith sin;

25. á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil próiseas lánpháirtíochta na hEorpa sa tSeirbia trédhearcach go leor le blianta anuas, mar dhoiciméid thábhachtacha, amhail na tuarascálacha maidir le cur chun feidhme an Chláir Náisiúnta um Ghlacadh an Acquis, nár foilsíodh le blianta;

26. á chur i bhfios go láidir gurb é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSeirbia, ag treisiú a gcaidreamh frithpháirteach bunaithe ar mhuinín agus ó thaobh ballraíochta de, agus gurb oth léi, dá bhrí sin, gur chuir Rialtas na Seirbia níos mó béime ar na naisc atá aige leis an tSín agus leis an Rúis ná mar atá leis an Aontas Eorpach;

27. ag tabhairt dá haire tionscnamh Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle AE chun Comhdháil AE-na Balcáin Thiar a eagrú agus tá súil aici go n-úsáidfear é chun dlús a chur le próiseas an mhéadaithe agus chun peirspictíocht shoiléir aontachais a thabhairt do thíortha na mBalcán Thiar; ag dréim le hUachtaránacht Phoblacht na Seice ar Chomhairle an AE agus lena tacaíocht bhreise do bheartas AE maidir le méadú; á chur in iúl gur geal léi  rannchuidiú na Seirbia le Comhdháil Thodhchaí na hEorpa i bhfoirm 52 mholadh;

Daonlathas agus an smacht reachta

28. ag tathant ar an tromlach nua-thofa chun díriú ar thabhairt faoi easnaimh struchtúracha agus torthaí nithiúla agus ábhartha a bhaint amach sa smacht reachta, i gcearta bunúsacha, i saoirse cainte, sa chomhrac i gcoinne na héillitheachta, na bréagaisnéise agus i bhfeidhmiú na n-institiúidí daonlathacha agus an riaracháin phoiblí; á chur in iúl gurb oth léi roinnt uaireanta go ndearna an easpa maoirseachta ar an bhfeidhmeannas agus an easpa comhairliúcháin phoiblí fhiúntaigh difear do cháilíocht na reachtaíochta agus go ndearnadh roinnt na gcumhachtaí a shaobhadh dá bharr; á iarraidh ar an tSeirbia scaradh na gcumhachtaí a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir lena Bunreacht agus le caighdeáin dhaonlathacha; á chur i bhfáth gur réamhchoinníoll é seiceálacha agus cothromaíochtaí a bhunú chun comhchruinniú iomarcach na cumhachta polaitiúla a chosc agus á mheabhrú gur bunchloch na díospóireachta daonlathaí sláintiúla iad na meáin neamhspleácha;

29. á chur in iúl gur geal léi na hathruithe a rinneadh le déanaí ar an mBunreacht tar éis an reifrinn i mí Eanáir 2022, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar neamhspleáchas an chórais cheartais; á chur i bhfáth gur cheart leanúint den phróiseas athchóirithe chun neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú, go háirithe trí leasuithe reachtacha chun cur chun feidhme éifeachtach na leasuithe bunreachtúla sin a cheadú, i gcomhréir le dea-chleachtais Eorpacha agus le moltaí Choimisiún na Veinéise agus ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach; á chur in iúl gurb oth léi an brú leanúnach ar na breithiúna agus ag cáineadh shéanadh an phobail ar fhíoraisc idirnáisiúnta i gcás coireanna cogaidh; á iarraidh ar an tromlach nuathofa na coimircí do neamhspleáchas agus d’éifeachtúlacht na mbreithiúna a neartú mar ábhar tosaíochta; ag cur béim ar an ngá atá le bearta breise chun neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthú go hiomlán i gcomhréir leis na hathruithe bunreachtúla a rinneadh le déanaí;

30. á thabhairt chun suntais na buntáistí a bhaineann le próiseas an díláraithe agus á iarraidh go neartófar inniúlachtaí Chúige Uathrialach Vojvodina; á mheabhrú gur cheart, faoi Bhunreacht na Seirbia, go mbeadh an dlí maidir le maoiniú Chúige Uathrialach Vojvodina glactha faoi dheireadh 2008 agus ag moladh don rialtas a bheidh ann amach anseo an t-ábhar a chur faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta gan a thuilleadh moille;

31. ag aithint roinnt feabhsuithe ar obair an Tionóil Náisiúnta, go háirithe úsáid laghdaithe a bhaint as nósanna imeachta práinneacha agus Cód Iompair nua a ghlacadh do chomhaltaí an Tionóil Náisiúnta a dréachtaíodh i gcomhar le GRECO; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go n-úsáidtear teanga athlastach i gcoinne freasúraí polaitiúla, na sochaí sibhialta, na meán agus ionadaithe institiúidí eile a léiríonn tuairimí polaitiúla éagsúla le linn pléití parlaiminteacha, lena n-áirítear ag oifigigh rialtais; á iarraidh ar an Tionól Náisiúnta nua gan glacadh leis na cleachtais sin agus a Chód Iompair a fhorfheidhmiú go héifeachtach; ag dréim leis nach ndéanfar athchromadh ar na cleachtais dhiúltacha a bhí mar shaintréith ag na Chomhthionóil Náisiúnta a bhí ann roimhe seo, lena n-áirítear ró-úsáid nósanna imeachta reachtacha práinneacha agus plé constaiceach, agus ag moladh don rialtas freastal ar sheisiúin an Tionóil Náisiúnta ar bhonn níos rialta;

32. á chur in iúl gurb oth léi gur cuireadh bac ar obair an Tionóil Náisiúnta mar gheall ar easpa fíordhíospóireachta polaitiúla idir tromlach agus páirtithe an fhreasúra; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhdhearcadh traspháirtí maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas chun a áirithiú go ndéanfaidh an tír dul chun cinn ar a conair AE; á chur i bhfios gur cúis bhuartha nach bhfuil an Tionól Náisiúnta ag feidhmiú a ról maoirseachta agus gurb é an feidhmeannas amháin a rialaíonn an clár oibre reachtach; á iarraidh ar an gceannaireacht nua pharlaiminteach agus ar ghrúpaí parlaiminteacha díriú ar dhíospóireachtaí cuiditheacha sa Tionól Náisiúnta ar mhaithe leis na saoránaigh;

33. á chur in iúl gur geal léi go mbeidh 13 ionadaí san iomlán ag na páirtithe mionlaigh agus ag na comhghuaillíochtaí i dTionól Náisiúnta na Seirbia nua a dhéanfaidh ionadaíocht ar phobail náisiúnta na mBoisniacach, na hUngáire agus an Chróta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbeidh a n-ionadaithe féin ag na Romaigh sa Tionól Náisiúnta;

34. á iarraidh ar Thionól Náisiúnta na Seirbia a áirithiú go dtabharfar de chumhacht do chomhlachtaí rialála neamhspleácha a róil mhaoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach trí thacú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme thorthaí agus mholtaí na gcomhlachtaí rialála neamhspleácha;

35. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an dul chun cinn teoranta sa chomhrac i gcoinne na héillitheachta agus i gcoinne na coireachta eagraithe agus á iarraidh ar an tSeirbia a cuid iarrachtaí a threisiú chun tabhairt faoi na fadhbanna sin go héifeachtach; á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur lena hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar bhealach éifeachtach; á iarraidh ar na húdaráis staonadh ó thrácht a dhéanamh ar imscrúduithe agus trialacha leanúnacha, lena gcuirtear brú ar na breithiúna;

36. á chur in iúl gur geal léi an Dara Tuarascáil Eatramhach ar Chomhlíonadh ó GRECO maidir leis an gCeathrú Babhta Meastóireachta ar an tSeirbia, lena ndéileáiltear le héilliú a chosc i measc chomhaltaí an Tionóil Náisiúnta, breithiúna agus ionchúisitheoirí, agus gurb é conclúid na tuarascála gur chuir an tSeirbia chun feidhme go sásúil nó gur dhéileáil sí go sásúil le hocht gcinn de na 13 mholadh atá sa Cheathrú Tuarascáil Bhabhta Meastóireachta; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na moltaí atá fós gan réiteach; ag tabhairt dá haire gur glacadh Dlí nua maidir le hÉilliú a Chosc, a leasaíodh le déanaí i gcomhréir le moltaí GRECO;

37. ag tathant ar an tSeirbia torthaí diongbháilte a bhaint amach, lena n-áirítear cuntas teiste diongbháilte d’imscrúduithe éifeachtacha sa chomhrac i gcoinne an éillithe, go háirithe i gcásanna lena mbaineann leas an phobail, agus feabhas a chur ar a cuntas teiste maidir le himscrúduithe i gcásanna éillithe ardleibhéil, ar cheart urghabháil agus coigistiú sócmhainní coiriúla a bheith i gceist leo; ag tabhairt dá haire agus é ina chúis imní di nach bhfuil aon fhaisnéis maidir le himscrúduithe foirmiúla ar fáil i gcásanna Krušik agus Telekom Srbija; ag tabhairt da haire go bhfuil cás Jovanjica á thriail in dhá dhíotáil ar leith agus go bhfuil cásanna nua d’éilliú ardleibhéil tagtha chun solais sna meáin imscrúdaitheacha, go háirithe na Páipéir Pandora, mar a thugtar orthu;

38. ag athdhearbhú a hiarrata ar cheartas maidir leis an maoin phríobháideach a leagadh go neamhdhleathach i gcomharsanacht Savamala i mBéalgrád; ag tabhairt dá haire líomhaintí an oifigigh phóilíneachta ar cuireadh pianbhreith air, agus ar cuireadh iallach air freagracht a ghlacadh as an gcás ina iomláine; ag athdhearbhú gur cúis bhuartha di an fhéidearthacht go rachaidh an cás seo in éag sna blianta amach romhainn; ag tathant ar na húdaráis imscrúdú iomlán a dhéanamh ar an gcás agus gach duine atá freagrach a ionchúiseamh;

39. ag tathant ar na húdaráis na naisc líomhnaithe go léir le grúpa coiriúil Belivuk a imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ina leith; á chur in iúl gur cúis bhuartha di líomhaintí a rinneadh le déanaí go raibh eagraíocht choiriúil idirnáisiúnta á reáchtáil ag Darko Saric agus é i bpríosún sa tSeirbia;

40. á chur i bhfáth go bhforáiltear le IPA III do mhodhnú nó d’fhionraí cistí fiú má tá cúlchéimniú suntasach nó easpa leanúnach dul chun cinn ann maidir le bunphrionsabail, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, chomh maith le saoirse na meán; á iarraidh, sa chomhthéacs seo, ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú rathúil idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus tíortha na mBalcán Thiar a chur ar bun, chun a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí maidir le cistí IPA III a fheidhmiú go héifeachtach sna Balcáin Thiar;

41. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh athruithe ar an Dlí maidir le Saor-Rochtain ar Fhaisnéis maidir le Tábhacht Phoiblí, ag freagairt do na hiarrataí ar thrédhearcacht fheabhsaithe i gceapadh beartas poiblí, lena gcuirtear ar chumas na saoránach faisnéis a fháil atá chun leas an phobail gan bhacainní nach bhfuil gá leo, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go mear é;

42. ag tabhairt dá haire gur glacadh an straitéis le haghaidh fhorbairt na sochaí sibhialta ach gurb oth léi nach bhfuil aon phlean gníomhaíochta ag gabháil léi; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS leanúint den dlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta agus leis na meáin sa tSeirbia agus tacú lena gcuid gníomhaíochtaí; á mheabhrú gur cuid bhunriachtanach d’aon daonlathas í sochaí shibhialta atá láidir agus neamhspleách; á iarraidh ar údaráis na Seirbia an tsochaí shibhialta a chur san áireamh sa phróiseas ceaptha beartais agus sa chinnteoireacht, staonadh ó thrasnaíocht eachtrach a thabhairt ar aon cháineadh ón tsochaí shibhialta agus timpeallacht a chothú a bheidh fabhrach d’obair na ESSanna uile ionas gur féidir leo oibriú gan eagla roimh imeaglú nó fiú coiriúlú;

43. ag tathant ar an gCoimisiún torthaí Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh tionchar éifeachtach ag cúnamh airgeadais AE ar an smacht reachta sna Balcáin Thiar, go háirithe trí forbairt a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha IPA III maidir le modhnú agus grinnscrúdú parlaiminteach níos déine a dhéanamh ar na cistí; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a nascadh ar bhealach níos dlúithe le dul chun cinn maidir leis an smacht reachta, tacaíocht a mhéadú do ESSanna agus d’eagraíochtaí na meán neamhspleácha, agus feabhas a chur ar thuairisciú agus ar fhaireachán tionscadal, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa go mion minic cheana; á iarraidh, ina leith sin, go n-áiritheofar go ndéanfar comhordú níos fearr ar chláir an smachta reachta, ar cláir iad a fhaigheann tacaíocht ó dheontóirí idirnáisiúnta;

44. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil codanna áirithe de chartlanna stairiúla na hiar-Iúgslavacha fós dorochtana; ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis rochtain ar na cartlanna sin a éascú, go háirithe na cartlanna sin de chuid Sheirbhísí Rúnda na hiar-Iúgslaive (UDBA) agus Sheirbhís Rúnda Arm Phobal na hIúgslaive (KOS), ar mhaithe le dian-imscrúdú a dhéanamh ar choireanna cumannacha agus aghaidh a thabhairt orthu, chun an próiseas athmhuintearais a éascú agus á iarraidh go gcuirfear na cartlanna sin ar ais chuig rialtais na stát comharba faoi seach má iarrann siad amhlaidh;

45. á iarraidh ar an tSeirbia a hoibleagáidí a urramú agus comhoibriú go hiomlán leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (ICTY) agus leis an Sásra Frithpháirteach Idirnáisiúnta le haghaidh Binsí Coiriúla (IRMCT), agus a gcinntí uile a chur chun feidhme;

Saoirsí bunúsacha agus cearta daonna

46. ag cáineadh na srianta ar shaoirse agus ar neamhspleáchas na meán agus mí-úsáid na meán ag an móramh atá i gcumhacht chun buntáiste pholaitiúil mhíchothrom a ghnóthú, ionsaí a dhéanamh ar chéilí comhraic polaitiúla agus bréagaisnéis a scaipeadh; ag cur béim ar thionchar diúltach na srianta sin ar phróisis dhaonlathacha sa tír; ag tabhairt dá haire go gcuirtear feabhas ar iolrachas na meán leis an iomaíocht in earnáil na meán;

47. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Rialtais a straitéis meán a chur chun feidhme ach ag an am céanna gurb oth léi cleachtais a léiríonn go bhfuil moill á cur ag na húdaráis d’aon ghnó ar a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur cheart céimeanna breise a dhéanamh chun saoirse na meán a mhéadú tuilleadh agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia bearta a dhéanamh láithreach chun saoirse cainte, neamhspleáchas na meán agus iolrachas na meán a áirithiú;

48. ag tabhairt dá haire go meastar go bhfuil an mhí-úsáid a bhaintear as airgead poiblí chun úinéireacht a fháil ar eagraíochtaí meán ar cheann de na príomhshásraí chun na meáin a ghabháil sa tSeirbia; á mheabhrú gur cheart go mbeadh faisnéis faoi úinéireacht na meán ar fáil don phobal agus á iarraidh go mbeadh trédhearcacht níos fearr ann i dtaca le húinéireacht agus maoiniú na meán, agus go gcruthófar timpeallacht ina mbeidh na meáin neamhspleácha agus imscrúdaitheacha in ann maoiniú a rochtain agus feidhmiú go sábháilte; á iarraidh go gcuirfear le trédhearcacht mhaoiniú poiblí na meán;

49. ag tabhairt dá haire gur measadh go raibh conspóid ag baint le roinnt toghchán a bhí ann le déanaí maidir le comhaltaí an Údaráis Rialála do na Meáin Leictreonacha (REM), chomh maith le comhaltaí de bhord rialaithe Raidió na Seirbia i mí an Mheithimh 2021; ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha dí gur ann do mheasúnuithe poiblí a thugann le fios go bhfuil an chinnteoireacht in REM claonta ó thaobh na polaitíochta de; ag tabhairt dá haire an iarraidh oscailte nua go leithdháilfear minicíochtaí náisiúnta agus ceadúnais náisiúnta teilifíse agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá próiseas cothrom agus trédhearcach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí na saincheisteanna a bhaineann le comhchruinniú na meán i gcás Telekom Srbija; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar fheidhmiú agus ar neamhspleáchas MTC de réir mholtaí an Idirphlé Idir-Pháirtí chun iolrachas na meán a neartú agus straitéis na meán a chur chun feidhme;

50. ag tabhairt dá haire an infheictheacht dhíréireach a thugann an tSeirbia do thríú tíortha agus gurb iad na meáin áirithe príomhfhoinse insintí frith-AE agus tuairiscí ar son na Rúise sa tSeirbia;

51. á chur in iúl gur saoth léi na hionsaithe fisiciúla leanúnacha, an imeaglú, an fhuathchaint agus na cluichí polaitiúla i gcoinne iriseoirí agus na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ag Teachtaí Parlaiminte agus oifigigh rialtais; á iarraidh ar na húdaráis gach cás de na hionsaithe sin a imscrúdú, pionós a ghearradh ar lucht déanta na n-ionsaithe go cuí agus feabhas a chur ar shábháilteacht iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine; á chur in iúl gur cúis bhuartha di míchlú agus díriú leanúnach ar chosantóirí chearta an duine, ar iriseoirí iniúchacha, ar eagraíochtaí meán agus ar ESSanna atá criticiúil i ndáil le beartais rialtais; á iarraidh ar an tSeirbia institiúidí chearta an duine a neartú, a neamhspleáchas a ráthú, na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá a leithdháileadh orthu agus a áirithiú go ndéanfar obair leantach thráthúil ar a gcuid moltaí;

52. á iarraidh ar údaráis na Seirbia neamhspleáchas iomlán airgeadais agus oibríochtúil na rialálaithe do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus poist (RATEL) agus do na meáin leictreonacha (REM) a áirithiú, i gcomhréir le acquis AE; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn maidir leis an bplean gníomhaíochta a chur chun feidhme bunaithe ar straitéis na meán, gan mhoill agus ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach;

53. á iarraidh go n-urramófar go ginearálta an ceart bunúsach chun cruinnithe síochánta agus go staonfadh oifigigh forfheidhmithe dlí ó fhorneart iomarcach a úsáid; ag cáineadh an fhoréigin ó ghrúpaí d’antoiscigh agus ó amhais le linn agóidí síochánta, amhail agóidí mhí na Samhna 2021 i gcoinne múrphictiúr Ratko Mladić i mBéalgrád agus agóidí comhshaoil i mí na Nollag 2021 in Šabac agus i mBéalgrád; á chur in iúl gur cúis bhuartha di fós na tuairiscí nár chomhlíon na póilíní a bhfeidhm chosanta le linn na n-agóidí comhshaoil sin; á iarraidh ar an Rialtas a áirithiú go gcuirfear deireadh leis an múrphictiúr de choirpigh chogaidh chiontaithe, agus go ndéanfar imscrúdú éifeachtach ar ionsaithe ar lucht agóide, lena n-áirítear ar oifigigh phoiblí ar bith lena mbaineann; á iarraidh go ndéanfar imscrúdú iomlán ar na naisc idir na hamhais agus na póilíní; á chur in iúl gurb oth léi go raibh roinnt saoránach i ngleic le cúisimh mhíghnímh; á iarraidh go gcuirfear deireadh leis na teorainneacha díréireacha sin ar an gceart chun tionóil shíochánta;

54. á chur in iúl gur geal léi glacadh an Dlí maidir le Comhionannas Inscne agus na leasuithe ar an Dlí maidir le Toirmeasc ar Leithcheal agus á iarraidh ar an rialtas a áirithiú go ndéanfar na dlíthe sin a chur chun feidhme go mear; á athdhearbhú go bhfuil gá le comhordú, struchtúr institiúideach éifeachtach agus comhar leis an tsochaí shibhialta chun feabhas a chur ar staid chearta an duine agus saoirsí polaitiúla do mhná agus do ghrúpaí leochaileacha; á iarraidh ar an tSeirbia feabhas a chur ar chomhionannas inscne agus ar staid chearta na mban, lena n-áirítear trí thosaíocht a thabhairt do phríomhshruthú inscne agus comhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí na mban;

55. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis nua maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá le cur chun feidhme agus feabhsuithe, agus á iarraidh go mbeidh cur chuige comhleanúnach beartais ann maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl, bunaithe ar thosaíocht a thabhairt d’acmhainní leordhóthanacha agus leithdháileadh a dhéanamh ar acmhainní leordhóthanacha chun foréigean inscnebhunaithe a chosc, íospartaigh na coireachta a chosaint agus déantóirí coireanna a ionchúiseamh;

56. á chur in iúl gurb oth léi, le linn an téarma pharlaimintigh roimhe seo nár ghlac an Tionól Náisiúnta an Dlí maidir le Lánúin Chomhghnéis a dhréachtaigh an Aireacht um Chearta an Duine agus um Chearta Mionlaigh agus um Idirphlé Sóisialta; á iarraidh ar an gComhthionól Náisiúnta nua agus níos iolraíche, déanamh amhlaidh;

57. á iarraidh ar údaráis na Seirbia dlús a chur leis na hiarrachtaí chun a áirithiú go gcaithfear go neamh-idirdhealaitheach le mionlaigh eitneacha, reiligiúnacha agus gnéasacha agus le grúpaí leochaileacha eile, agus leanúint de chlár oibre dearfach maidir leis an tsaincheist sin a chur chun feidhme, i gcomhréir iomlán le prionsabail agus reachtaíocht an Aontais; ag tathant ar na húdaráis imscrúduithe agus ciontuithe a shaothrú go gníomhach i gcás coireanna fuathspreagtha; ag cáineadh fuath eitneach atá á scaipeadh ag oifigigh áirithe rialtais agus ag polaiteoirí áirithe;

58. á iarraidh ar an tSeirbia a áirithiú go mbeidh comhdheiseanna ag grúpaí mionlaigh, go háirithe san oideachas, in úsáid teangacha mionlaigh, sa rochtain ar na meáin agus seirbhísí reiligiúnacha i dteangacha mionlaigh, in ionadaíocht leordhóthanach sa saol polaitiúil agus cultúrtha, sna meáin atá faoi úinéireacht phoiblí, sa riarachán agus sna breithiúna, chun atmaisféar dearfach a chruthú don oideachas i dteangacha mionlaigh agus chun cur le priontáil téacsleabhar i dteangacha mionlaigh; á iarraidh ar an tSeirbia oidhreacht chultúrtha, teangacha agus traidisiúin a mionlach náisiúnta a chosaint agus a chur chun cinn; á iarraidh ar an tSeirbia gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go léireoidh comhdhéanamh gach leibhéil rialtais comhdhéanamh náisiúnta an daonra ina gcríocha faoi seach;

59. ag cáineadh na cúblála ar ilroinnt na ngrúpaí mionlaigh agus á chur in iúl gur cúis imní di neamhthoil údaráis na Seirbia an comhaontú idir-rialtasach maidir le mionlaigh a chosaint agus a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go hiomlán; ag tabhairt dá haire go gcaithfear níos mó a dhéanamh chun reachtaíocht frith-idirdhealaithe a chur chun feidhme go gníomhach;

60. á chur in iúl gur geal léi gealltanas údaráis na Seirbia tacú le heagrú EuroPride i mBéalgrád mar phríomhphointe do phobal LADTI+ sa tSeirbia agus sa réigiún; á iarraidh ar an Rialtas agus ar na fórsaí póilíneachta pleanáil agus eagrú rianúil an chláir a áirithiú, chomh maith le sábháilteacht agus leas na rannpháirtithe; á iarraidh go ndéanfar bearta méadaithe chun dul i ngleic leis an gciapadh, leis an bhfuathbholscaireacht agus leis an bhfuathchoireanna in aghaidh daoine LADTI +;

61. á athdhearbhú a cáinte ar an úsáid líomhnaithe as obair éigeantais agus an sárú ar chearta daonna agus an gháinneáil ar dhaoine i gcás thart ar 500 saoránach ó Vítneam ag láithreán tógála mhonarcha Linglong de chuid na Síne sa tSeirbia; ag tabhairt dá haire go ndearnadh céimeanna tosaigh agus cigireachtaí, agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia an cás a fhiosrú agus a áirithiú go n-urramófar cearta saothair na saoránach agus na gcónaitheoirí; á iarraidh ar an tSeirbia feabhas a chur ar ailíniú le dlí saothair AE agus coinbhinsiúin ábhartha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair atá daingnithe aici a chomhlíonadh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh feidhm freisin ag reachtaíocht saothair agus chomhshaoil na Seirbia maidir le cuideachtaí na Síne atá ag feidhmiú sa tír;

62. á chur in iúl gur saoth léi go ndearnadh náisiúnach Bairéanach a dhíbirt chuig a thír dhúchais d’ainneoin an rialaithe eatramhaigh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine gur cheart a eiseachadadh a chur siar; á mheabhrú go gcaithfidh an tSeirbia cearta bunúsacha gach duine ar a críoch a chosaint; ag tathant ar údaráis na Seirbia a hoibleagáidí idirnáisiúnta a urramú, agus gach rialú ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme go hiomlán;

63. ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé oibriú i gcomhar leis an Aontas sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus i gcoinne smuigléireacht imirceach trí ‘bhealach na mBalcán’; á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an tSeirbia agus a comharsana agus Ballstáit AE maidir leis an imirce a bhainistiú, agus béim á leagan aici ar an ngá atá ann cearta an duine agus caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta a urramú go hiomlán;

64. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leathadh na bréagaisnéise faoi ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear ag eagraíochtaí meán atá gar don rialtas; á iarraidh ar údaráis na Seirbia bearta cinntitheacha a dhéanamh chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun míchlú a chur ar an mbréagnuacht is mó a scaiptear; á iarraidh ar an tSeirbia agus ar an gCoimisiún bonneagar a threisiú chun an bhréagaisnéis, bolscaireacht na Rúise agus bagairtí hibrideacha eile a chomhrac, agus tacú le freagairtí fianaise-bhunaithe ar bhagairtí bréagaisnéise gearrthéarmacha agus fadtéarmacha sna Balcáin Thiar; á chur i bhfáth go bhfuil sé de fhreagracht ar na ceannairí polaitiúla uile deireadh a chur le scaipeadh na bréagaisnéise mailíseacha faoi ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar diúltach tromchúiseach a bheith ag dearcadh fulangach i leith tionchair sheachtracha urchóideacha ar ionchais na Seirbia maidir le haontachas leis an Aontas;

65. á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di na tuairiscí bréagaisnéise a thagann as an gCreimil agus a scaiptear trí Sputnik Serbia agus trí ghníomhaithe intíre eile; á iarraidh ar údaráis na Seirbia ailíniú le smachtbhannaí AE agus bearta a ghlacadh chun cosc a chur ar an Rúis Today agus ar Sputnik Serbia bréagfhaisnéis agus bréagaisnéis a scaipeadh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go n-áirítear ar phríomhfhoinsí na bréagaisnéise nuachtáin táblóideacha agus roinnt bealaí teilifíse a fhaigheann tacaíocht ón rialtas agus a bhfuil cumhdach náisiúnta ag gabháil leo; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil teanga bholscaireachta na Rúise, amhail ‘oibríocht mhíleata speisialta’, á húsáid ag an gcraoltóir poiblí, ó cuireadh tús le hionradh gan údar na Rúise ar an Úcráin;

66. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil tíortha aontachais an Aontais sna Balcáin Thiar ag fulaingt go dona mar gheall ar chur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise de thionscnamh na Rúise agus na Síne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an tSeirbia agus an Ungáir ag cuidiú leis an Rúis agus leis an tSín lena gcuspóirí geopholaitiúla; á iarraidh ar SEGS seasamh níos réamhghníomhaí a ghlacadh, lena ndíreofar ar inchreidteacht AE sa réigiún a fhorbairt agus lena leathnófar an faireachán a dhéanfaidh Tascfhórsa Cumarsáide Straitéisí SEGS (StratCom) chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann a thagann as tíortha na mBalcán Thiar agus as a gcomharsana;

67. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an t-idirphlé le sochaí shibhialta na Seirbia agus leis an earnáil phríobháideach chun iarrachtaí frith-mhífhaisnéise a chomhordú sa tSeirbia agus sa réigiún araon; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go mbainfeadh an tSeirbia tairbhe as rannpháirtíocht bhreise i ngrúpaí saineolaithe de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA);

68. á chur in iúl gur mór aici an obair a rinne Tascfhórsa StratCom SEGS do na Balcáin Thiar, arb é is cúram dó cumarsáid chomhordaithe agus chomhsheasmhach ón Aontas a áirithiú, athléimneacht a fhorbairt agus déileáil le bréagaisnéis agus cúbláil faisnéise i gcoinne an Aontais; á iarraidh go neartófar gníomhaíochtaí cumarsáide straitéisí agus go méadófar an líon foirne, lena n-áirítear an fhéidearthacht post cumarsáide straitéisí réigiúnacha a bhunú atá lonnaithe i réigiún na mBalcán Thiar;

Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta

69. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Seirbia i sásraí comhair réigiúnaigh agus ag moladh di iarracht níos mó a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcaidreamh déthaobhach le tíortha eile an mhéadaithe agus le Ballstáit chomharsanachta an AE; ag moladh a cinnidh chun tuairim is 600 000 vacsaín COVID-19 a thabhairt don réigiún, lena n-áirítear an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; ag moladh di obair a dhéanamh ar gach leibhéal chun athmhuintearas a chur chun cinn agus chun dea-chaidreamh comharsanachta a fheabhsú, chun comhaontuithe déthaobhacha a chur chun feidhme agus chun saincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach lena chomharsana a réiteach, go háirithe críochú teorann, comharbas, maoin chultúrtha a fháil ar ais agus cartlanna míleata a oscailt;

70. ag cur béim ar thiomantas na Seirbia oibriú le tíortha comharsanachta chun aghaidh a thabhairt ar cheist na ndaoine atá ar iarraidh agus ag cur béim ar an bhfíoras gur réamhchoinníoll é athmhuintearas a dhéanamh le tíortha comharsanachta chun caidreamh réigiúnach a normalú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di glacadh an Dlí maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha; á iarraidh go ndéanfar an oidhreacht chultúrtha a urramú go hiomlán agus go gcuirfear comhar cultúrtha chun cinn agus ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé teangacha na mionlach náisiúnta a chosaint sa tSeirbia i gcomhréir le dlíthe agus le comhaontuithe déthaobhacha le tíortha comharsanachta;

71. á chur in iúl gur geal léi na hiarrataí ó údaráis na Seirbia go bhfillfeadh Seirbiaigh na Boisnia ar obair institiúidí na Boisnia agus na Heirseagaivéine;

72. á athdhearbhú go dtacaíonn sí go haonchiallach leis an idirphlé Béalgrád-Pristine a d’éascaigh an tAontas agus ag moladh na hoibre atá déanta ag Ionadaí Speisialta an Aontais don Idirphlé Bhéalgrád-Pristine, Miroslav Lajčák; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chuiditheach ar thaobh údaráis na Seirbia agus na Cosaive araon chun comhaontú cuimsitheach normalaithe a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaint amach, a bheidh bunaithe ar aitheantas frithpháirteach, rud atá ríthábhachtach chun gur féidir leis an dá thír dul chun cinn a dhéanamh ar a mbealaí faoi seach chun AE agus a rannchuideoidh le cobhsaíocht agus le rathúlacht réigiúnach; á iarraidh go n-urramófar comhaontuithe Bhéalgrád-Pristine uile a rinneadh roimhe seo agus go gcuirfear chun feidhme iad ina n-iomláine, lena n-áirítear Comhlachas na mBardas ina bhfuil Móramh Seirbiach;

73. á iarraidh ar SEGS sásra a chur ar bun chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe uile ar thángthas orthu go dtí seo agus chun tuairisciú a dhéanamh ó am go chéile do Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na himeartha; á iarraidh ar ghníomhaithe AE tacú leis na húdaráis áitiúla agus iad ag obair i dtreo Chomhlachas/Comhphobal na mBardas ina bhfuil Móramh Seirbiach mar chuid de chomhaontú frithpháirteach;

74. á iarraidh go mbeidh tuilleadh rannpháirtíochta, níos gníomhaí agus níos cuidithí san idirphlé a bheidh á éascú ag an Aontas; ag tathant ar Rialtais na Seirbia agus na Cosaive staonadh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón iontaobhas atá idir na comhpháirtithe, agus a bheadh ina bhaol don idirphlé leanúint ar aghaidh ar bhonn cuiditheach; ag athdhearbhú a hiarrata feabhas a chur ar cháilíocht phróiseas an idirphlé trí rannpháirtíocht na mban, trédhearcacht mhéadaithe i leith rannpháirtíocht an phobail agus rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta;

75. á iarraidh ar údaráis na Seirbia agus na Cosaive teagmhálacha duine le duine a chur chun cinn idir pobail áitiúla ar mhaithe leis an idirphlé a neartú, lena n-áirítear ar leibhéal neamhrialtasach; ag moladh tionscnaimh chultúrtha agus tionscnaimh don óige, amhail an fhéile bhliantúil ealaíne trasteorann ‘Mirëdita, Dobar Dan!’, a chuireann an comhar idir Albánaigh na Cosaive agus Seirbiaigh chun cinn;

76. á iarraidh ar an tSeirbia agus ar an gCosaiv dlús a chur le hiarrachtaí agus le réiteach a fháil ar na saincheisteanna maidir le daoine atá ar iarraidh agus maidir le ceartas as coireanna cogaidh a rinneadh le linn chogaí na hIúgslaive sna 1990idí; á iarraidh ar an rialtas aghaidh a thabhairt freisin ar na hábhair sin mar chuid d’idirphlé Bhéalgrád-Pristine agus comhar a bhunú idir an Chosaiv agus an tSeirbia; á iarraidh ar rialtas na Seirbia agus na Cosaive araon teacht ar réiteach inbhuanaithe ar na socruithe leictreachais i dtuaisceart na Cosaive;

77. á chur in iúl gurb oth léi cinneadh Rialtas na Cosaive diúltú do mholadh ó idirghabhálaithe idirnáisiúnta lena bhféadfaí ballóidí vótálaithe incháilithe a bhailiú chun go bhféadfaidís vótáil i gcríoch na Cosaive sa reifreann bunreachtúil an 16 Eanáir 2022 agus i dtoghcháin na Seirbia an 3 Aibreán 2022, mar a bhí amhlaidh roimhe sin;

78. á chur in iúl gurb oth léi na gníomhaíochtaí díchobhsaithe ar an teorainn i dtuaisceart na Cosaive i mí Mheán Fómhair 2021 agus a iarraidh ar Bhéalgrád agus Pristine aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile trí idirphlé; á chur in iúl gurb oth léi nár thángthas ar aon chomhaontú sa mheitheal a raibh sé de chúram uirthi teacht ar réiteach maidir le húsáid plátaí ceadúnais feithicle; á iarraidh ar an dá pháirtí teacht ar réiteach buan lena gcuirfear normalú an chaidrimh eacnamaíoch agus pholaitiúil chun cinn faoi chuimsiú an idirphlé atá á éascú ag an Aontas a luaithe is féidir; á chur in iúl gur saoth léi go raibh roinnt cásanna ann nár tugadh cead d’d’oifigigh dul isteach i gcríocha na Cosaive nó na Seirbia; á iarraidh ar an dá pháirtí caitheamh leis na cuairteanna uile ar bhealach a théann chun tairbhe don phróiseas normalaithe;

79. ag tabhairt dá haire na gearáin a rinne Albánaigh eitneacha ó ghleann Presevo, ar diúltaíodh an ceart vótála dóibh agus a scriosadh, de réir dealraimh, ón gclárlann shibhialta ag a n-áit chónaithe, agus ceilt á déanamh, dá bhrí sin, ag údaráis na Seirbia ar a gcearta bunúsacha agus polaitiúla; á chur in iúl gur díol mór imní di na líomhaintí agus na staidéir lena léirítear go bhfuil sárú á dhéanamh ag údaráis na Seirbia ar an dlí maidir le cónaí saoránach agus seoltaí cónaithe saoránach de bhunadh na hAlbáine a bhfuil cónaí orthu i ndeisceart na Seirbia a bheith á neamhghníomhú ar bhealach córasach agus idirdhealaitheach; á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe neamhspleácha, críochnúla ar na líomhaintí sin agus á iarraidh ar údaráis na Seirbia deireadh a chur le gach cleachtas idirdhealaitheach agus ionsaí dírithe;

80. á chur in iúl gur geal léi glacadh na Straitéise Náisiúnta um Choireanna Cogaidh a Ionchúiseamh don tréimhse 2021-2026 agus an tús a cuireadh le hobair comhlachtaí éagsúla le déanaí agus na sásraí tuairiscithe a bhaineann lena cuid oibre; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an Straitéis a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus cuimsitheach; ag tathant ar údaráis na Seirbia chun gníomhú go cinntitheach i gcoinne ghlóiriú na gcoirpeach cogaidh ciontaithe agus chun deireadh a chur le reitric achrannach agus le gníomhaíochtaí achrannacha uile trína mbaintear an bonn ó shláine na dtíortha sa chomharsanacht agus atá ina mbagairt ar chobhsaíocht réigiúnach agus ar athmhuintearas; ag tathant ar údaráis na Seirbia a léiriú go bhfuil siad tiomanta dáiríre cásanna coireanna cogaidh a imscrúdú agus a thabhairt os comhair cúirte; ag athdhearbhú nach bhfuil aon áit san Eoraip do chinedhíothú a shéanadh;

81. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar réigiúnach maidir le coireanna cogaidh agus daoine atá ar iarraidh, á iarraidh ar údaráis na Seirbia cáineadh a dhéanamh ar gach cineál fuathchainte, feachtais imeaglaithe agus formheas poiblí agus séanadh an chinedhíothaithe, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil roinnt údarás Seirbiach agus roinnt polaiteoirí Seirbiacha ann a leanann de chinedhíothú Srebrenica a shéanadh; á iarraidh ar údaráis na Seirbia a áirithiú go leanfar de thrialacha coireanna cogaidh, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus ceartas a bhaint amach d’íospartaigh trí fhíoraisc chúirte maidir le coireanna cogaidh a aithint agus a urramú, trí chomhrac a dhéanamh i gcoinne saoirse ó phionós i leith coireanna cogaidh, trí chásanna a imscrúdú maidir le daoine atá ar iarraidh, trí láithreáin uaighe a imscrúdú, agus trí thacú le hionchúisitheoirí intíre lucht déanta na coire a thabhairt os comhair cúirte;

82. ag cáineadh an mhéadaithe atá ag teacht ar choirpigh cogaidh chiontaithe, amhail Veselin Šljivančanin, Dragoljub Ojdanić agus Nikola Šainović, i spás na meán, a úsáideann siad chun fuath agus éadulaingt a scaipeadh ar mhionlaigh náisiúnta sa tSeirbia;

83. á iarraidh ar an AE agus ar a chuid comhghuaillithe a gcuid oibre ar athmhuintearas a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite chomhghuaillithe AE, go háirithe ceapachán thoscairí speisialta na Stát Aontaithe, na Ríocht Aontaithe agus na Gearmáine do na Balcáin Thiar, á iarraidh orthu a bheith rannpháirteach i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhordú le toscaire an Aontais d’fhonn an ghiaráil a neartú agus comhairle agus tacaíocht chomhleanúnach a chur ar fáil;

84. á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh faoina mbunófar an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM);

85. á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh limistéar saor ó tháillí fánaíochta a chur chun feidhme sna Balcáin Thiar ar fad an 1 Iúil 2021, lena gcuirtear feabhas ar an nascacht agus lena dtugtar tairbhí ábhartha agus nithiúla do shaoránaigh agus do ghnolachtaí sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Dearbhú Brdo a shínigh oifigigh an Aontais agus ceannairí thíortha na mBalcán Thiar, inar aithníodh a thábhachtaí atá an t-éacht sin; ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún oibriú le húdaráis thíortha na mBalcán Thiar chun deireadh a chur le táillí fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus an tAontas Eorpach;

86. ag tathant ar údaráis na Seirbia tacaíocht shoiléir a thabhairt do chómhargadh réigiúnach a chur ar bun laistigh de chreat Phróiseas Bheirlín mar chéim chúnta ar a conair aontachais le AE; ag cur béim ar an bhfíoras go mba cheart go mbeadh gach scéim comhair eacnamaíoch réigiúnaigh sna Balcáin Thiar ionchuimsitheach agus inghlactha ag na sé thír go léir, lena ndéantar comhar ar chomhchéim idir na sé thír uile a chur ar bun, agus neartú á dhéanamh ar ailíniú sa bhreis le caighdeáin agus le acquis AE;

Athchóirithe socheacnamaíocha

87. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le geilleagar margaidh feidhmiúil a fhorbairt, cé go bhfuil lorg láidir ag an stát, agus gur maolaíodh tionchar na géarchéime COVID-19 ar an ngeilleagar trí, inter alia, bearta tráthúla tacaíochta fioscaí agus airgeadaíochta; á iarraidh, mar sin féin, ar údaráis na Seirbia tacaíocht spriocdhírithe a bhaineann leis an bpaindéim a chur ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí leochaileacha; ag tabhairt dá haire go leanann an tAontas de thacaíocht bhunriachtanach a chur ar fáil don tSeirbia chun go mbeidh sí in ann téarnamh socheacnamaíoch a dhéanamh agus ar mhaithe le riachtanais leighis láithreacha, lena n-áirítear tacaíocht bhreise EUR 10 milliún;

88 ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di nach ndearnadh imscrúdú ar aon cheann de na líomhaintí a luadh sa tuarascáil roimhe seo a rinne iriseoirí imscrúdaitheacha maidir le hionramháil rialtais ar staidreamh COVID-19 chun críocha polaitiúla; á chur i bhfáth go bhfuil muinín agus trédhearcacht thar a bheith tábhachtach in iarrachtaí an rialtais i gcoinne COVID-19 agus á iarraidh ar rialtas na Seirbia, dá bhrí sin, an staidreamh ábhartha uile a chur ar fáil do na saoránaigh;

89. ag tabhairt dá haire go bhfuil fadhbanna struchtúracha agus dúshláin dhéimeagrafacha agus imirce fós ag bagairt ar mhargadh an tsaothair, d’ainneoin na bhfeabhsuithe; á iarraidh ar an tSeirbia seasamh na mban i margadh an tsaothair a fheabhsú agus oideachas agus oiliúint bhreise a chur in oiriúint do riachtanais mhargadh an tsaothair, go háirithe i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus a bheidh nasctha leis an aistriú glas agus digiteach;

90. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid shocheacnamaíoch i roinnt ceantar i ndeisceart na Seirbia; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia gach líomhain faoi úsáid ionstraimí cúnaimh shóisialta a fhiosrú chun brú a chur ar vótálaithe, go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha agus ar bhaill den mhionlach Romach; á iarraidh ar Rialtas na Seirbia freagairt do dhúshláin na bochtaineachta agus na dífhostaíochta sna tíortha sin agus i gcodanna eile den tír agus a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus institiúideacha ag beartais shóisialta agus fostaíochta;

91. á iarraidh ar an tSeirbia feabhas a chur ar a hacmhainneachtaí chun staidreamh a sholáthar agus an daonáireamh a chur i gcrích in am trátha, lena gcloífear leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus le rannpháirtíocht breathnóirí neamhspleácha;

92. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an dídhaonrú agus eisimirce leanúnach chaipiteal daonna na Seirbia; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh rialtais na Seirbia agus cuir chuige nuálacha chun na treochtaí sin a chomhrac, lena n-áirítear an t-athrú déimeagrafach, trí bheith ag obair le heagraíochtaí idirnáisiúnta trí shraith beartas spriocdhírithe thar earnálacha chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí déimeagrafacha, toisc gur dúshlán mór i gcónaí don fhorbairt eacnamaíoch é an meath seasta ar an daonra; á iarraidh ar an rialtas nua aird níos mó a thabhairt ar bheartais na hóige; ag tabhairt dá haire gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh i bhforbairt shocheacnamaíoch na réigiún teorann d’fhonn cosc a chur ar dhídhaonrú; á mheabhrú go bhféadfaí cláir um chomhar trasteorann IPA III a úsáid chun na críche sin;

93. á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme na gclár chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe an laghdú ar an gcostas iasachtaíochta do FBManna; á iarraidh ar an tSeirbia aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá fós ann, lena n-áirítear timpeallacht luaineach ghnó agus iomaíocht éagórach; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Seirbia i bpróiseas comhtháthaithe réigiúnach an mhargaidh sna Balcáin Thiar, a mheallfaidh na hinfheistíochtaí is gá ina dhiaidh sin le comhtháthú eacnamaíoch breise le margadh aonair an Aontais agus a ghinfidh deiseanna nua do shaoránaigh agus do lucht gnó;

94. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di spleáchas méadaitheach na Seirbia ar infheistíochtaí na Síne agus faoi scála na n-iasachtaí a bheidh ar an tSeirbia a íoc ar ais chuig an tSín; ag tathant ar údaráis na Seirbia feabhas a chur ar thrédhearcacht na gceanglas maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus comhlíonadh dlíthiúil na gceanglas sin a neartú i dtionscail an-truaillitheacha i gcás infheistíochtaí coigríche na Síne, na Rúise agus infheistíochtaí neamhdhaonlathacha eile a eascraíonn as comhaontuithe déthaobhacha maidir le comhar straitéiseach; á chur in iúl gurb oth léi córais diúracán na Síne a seachadadh chun na Seirbia le déanaí;

95. á chur i bhfáth nach mór tíortha na mBalcán Thiar a chur i gcroílár thionscnamh Thairseach Dhomhanda an Aontais agus infheistíocht thrédhearcach agus inbhuanaithe a chur ar fáil atá malartach d’infheistíochtaí agus d’iasachtaí ón tSín agus ó réimis fhorlámhacha eile;

96. á thabhairt dá haire tarraingt siar Dhlí an Díshealbhaithe agus á iarraidh go mbeidh díospóireacht phoiblí níos leithne ann maidir leis an tsaincheist sin;

97. á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ach á iarraidh go gcuirfear feabhas ar chuntas teiste in imscrúduithe i gcásanna sciúrtha airgid; ag tabhairt dá haire gur foinsí suntasacha airgid aindleathach iad an bonneagar agus an tógáil agus ag moladh don tSeirbia an riosca a bhaineann le sreafaí aindleathacha airgeadais i dtionscal na tógála a íoslaghdú chomh maith le himghabháil chánach agus éilliú a laghdú in earnáil an bhonneagair; á iarraidh ar an tSeirbia a áirithiú go n-úsáidfear moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) de mheon macánta;

98. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa dul chun cinn ar chás an ‘Liosta’, ar mí-úsáid é ar an gcreat dlíthiúil ag údaráis stáit chun díriú ar ESSanna ar leith agus ar na meáin a cháineann beartais rialtais; ag meabhrú an iarrata ar Riarachán na Seirbia um Chosc ar Sciúradh Airgid de chuid Aireacht Airgeadais na Seirbia chun imscrúdú iomlán a dhéanamh ar na saincheisteanna sin;

99. á mheabhrú an choinníollacht a bhaineann le cistiú faoi IPA III agus faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar (EIP); á aithint a thábhachtaí atá IPA III agus an EIP chun tacú leis an bpróiseas athchóirithe, leis an aistriú glas, leis an nascacht inbhuanaithe, leis an gcaipiteal daonna, leis an iomaíochas agus leis an bhfás cuimsitheach, agus maidir le comhar réigiúnach agus trasteorann a atreisiú;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

100. á chur in iúl gur geal léi na céimeanna nithiúla a glacadh chun deireadh a chur le gléasraí cumhachta guail de réir a chéile; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil an tSeirbia fós ag infheistiú i ngléasra cumhachta guail nua, in ainneoin na ndúshlán atá ann faoi láthair i ndáil leis an aeráid agus leis an gcomhshaol; ag tathant ar na húdaráis plean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a ghlacadh a bheidh comhsheasmhach le sprioc nialasach astaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip do 2050 agus leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar;

101. á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta an Dlí maidir le hÚsáid Foinsí Fuinnimh In-athnuaite a chur chun feidhme go mear agus á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta díospóireacht phoiblí níos leithne a dhéanamh maidir leis an aistriú fuinnimh agus le tógáil na ndosaenacha de stáisiún hidrileictreach bheag atá ar siúl faoi láthair;

102. á iarraidh ar an tSeirbia dlús a chur lena hiarrachtaí chun a soláthar fuinnimh agus a meascán fuinnimh iomlán a éagsúlú, go háirithe chun a spleáchas ar an Rúis a laghdú, chomh maith le hinfheistíochtaí a mhéadú agus an bonneagar fuinnimh a nuachóiriú chun an t-aistriú is gá ó bhreoslaí iontaise go foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá tógáil an idirnascaire leis an mBulgáir; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuideoidh cistí IPA le geilleagar atá aeráidneodrach a thógáil sa tSeirbia, i gcomhréir go hiomlán le Comhaontuithe Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe an Aontais, agus an tacaíocht theicniúil is gá a thabhairt chun an sprioc sin a bhaint amach;

103. á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar criticiúil ag an easpa éifeachtúlachta in earnáil an fhuinnimh ar iomaíochas eacnamaíoch foriomlán na tíre agus a iarraidh ar an tír oibriú go dúthrachtach i dtreo an aistrithe chuig geilleagar glas ciorclach trí dheireadh a chur de réir a chéile le foinsí fuinnimh iontaise agus trí ráta athchúrsála acmhainní agus ábhar a mhéadú go mór;

104. ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di an easpa comhsheasmhach comhlíonta agus an sárú a rinneadh dá bharr ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh (ECT) agus á iarraidh ar an tSeirbia na moltaí ó ECT a leanúint agus a cuid gníomhaíochtaí a chur i gcomhréir leis an Tríú Pacáiste Fuinnimh agus i gcomhréir le beartas fuinnimh an Aontais;

105. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di ardleibhéil an aerthruaillithe agus ag tathant ar na húdaráis dlús a chur le feidhmiú na bpleananna um cháilíocht an aeir; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil roinnt áiteanna sa tSeirbia, go háirithe Béalgrád, Smederevo, Bor agus an Kolubara agus gleannta Tamnava, go minic ar an liosta de na limistéir is truaillithe ar domhan ó thaobh cháilíocht an aeir de; ag tathant ar na húdaráis bearta a dhéanamh go mear chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, go háirithe i gcathracha móra agus i limistéir thionsclaíocha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé réitigh inbhuanaithe a aimsiú agus úsáid ligníte agus guail eile ar bheagán calraí a theorannú i dtáirgeadh fuinnimh agus téimh;

106. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionscadail giniúna cumhachta guail arna maoiniú ag an tSín agus a dtionchar ar an gcomhshaol agus ar cháilíocht an aeir; ag tabhairt dá haire go bhfuil próiseas glactha an chláir maidir le cosaint an aeir ar siúl faoi láthair agus á chur in iúl gur geal léi na deontais ar mhionscála do bhardais le haghaidh feabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus ar bhainistiú dramhaíola agus cur chun feidhme tionscadal chun truailliú aeir a laghdú sa tSeirbia a mhaoiniú;

107. ag athdhearbhú gurb oth léi an easpa gníomhaíochta maidir le truailliú abhainn Dragovishtitsa ó mhianaigh atá ag oibriú sa réigiún agus an tionchar díobhálach atá aige sin ar shláinte an phobail áitiúil agus ar shláinte an chomhshaoil;

108. á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola, go háirithe i dtaca le deighilt agus athchúrsáil dramhaíola, agus gur gá bearta maidir leis an ngeilleagar ciorclach a thabhairt isteach chun dramhaíl a laghdú;

109. á thabhairt dá haire tarraingt siar na gceadúnas taiscéalaíochta le haghaidh an tionscadail eastósctha agus próiseála litiam in Iarthar na Seirbia; á iarraidh ar údaráis na Seirbia a bheith iomlán trédhearcach sa phróiseas sin agus go ndéanfar measúnú tionchair cuimsitheach, lena n-áirítear comhairliúcháin phoiblí leis na pobail áitiúla lena mbaineann agus ceadúnais á n-eisiúint acu;

110. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na fadhbanna tromchúiseacha a bhaineann le héilliú agus leis an smacht reachta maidir le saincheisteanna comhshaoil agus an easpa trédhearcachta agus measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol agus ar an gcomhshaol do thionscadail bhonneagair; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur osclaíodh cnuasach 4 (an Clár Oibre Glas agus an Nascacht Inbhuanaithe) sa chaibidlíocht maidir le haontachas leis an Aontas Eorpach; á iarraidh go ndéanfar obair leantach maidir leis na hábhair imní dhlisteanacha a cuireadh in iúl in agóidí comhshaoil agus go dtabharfar aghaidh orthu sin le linn na caibidlíochta;

111. á iarraidh go méadófar limistéar iomlán chríoch na Seirbia atá faoi chosaint agus go n-áiritheofar cur chun feidhme na mbeart agus maoiniú leordhóthanach ar chosaint an dúlra; á iarraidh go ndéanfar an Dlí maidir le Cosaint an Dúlra agus an Dlí maidir le hÚsáid Foinsí Fuinnimh In-athnuaite a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach d’fhonn deireadh a chur le haon tionscadail dhíobhálacha i limistéir faoi chosaint;

112. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Clár Bainistithe Dramhaíola agus ag tabhairt dá haire go bhfuil an próiseas cur i láthair poiblí do phlean gníomhaíochta an Chláir um Bainistiú Dramhaíola don tréimhse ó 2022 go 2024 fós ar siúl; ag tabhairt dá haire gur cuireadh an Córas Faisnéise Éiceolaíochta i bhfeidhm, lena gceadaítear do shaoránaigh fadhbanna comhshaoil a thuairisciú;

113. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar na tionscadail bheaga uile hidreahidríde (SHPPanna) a tógadh go dtí seo chun a fháil amach ar urramaíodh an dlí agus na nósanna imeachta go cuí tráth ar eisíodh na ceadanna; á iarraidh go ndéanfar bearta láithreach chun na haibhneacha a thabhairt ar ais chuig an staid ina raibh siad sular tógadh SHPPanna i ngach cás inar soiléir gur sáraíodh an dlí, amhail i gcás Rakita; á iarraidh go mbainfear anuas saoráidí a chuireann cladaigh, lochanna, sruthchúrsaí agus screamhuisce i mbaol; á thabhairt chun suntais an gá atá le maoirseacht a dhéanamh ar aon tionscadal a chuireann acmhainní uisce i mbaol, rud ba cheart a chur ar liosta na dtionscadal a bhfuil gá le staidéar measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol ina leith; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar phríobháidiú Institiúid Bainistíochta Uisce Jaroslav Cerni;

114. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an tSeirbia maidir lena córas iarnróid a athchóiriú; ag moladh di a áirithiú go gcomhlíonann infheistíochtaí ina bhonneagar iompair straitéis an Aontais maidir le soghluaisteacht chliste agus inbhuanaithe agus go gcuireann siad an tairbhe is mó is féidir ar fáil do gheilleagar na Seirbia;

°

° °

115. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais don Bheartas Eachtrach agus Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Náisiúnta na Seirbia.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

14.6.2022

 

 

 

Toradh na vótala críochnaithí

+:

–:

0:

50

5

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alexander Alexandrov Yordanov, François Alfonsi, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Katalin Cseh, Kinga Gál, Giorgos Georgiou, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Peter Kofod, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, David Lega, Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, Claudiu Manda, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Matjaž Nemec, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Jacek Saryusz-Wolski, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Dominik Tarczyński, Viola Von Cramon-Taubadel, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Vladimír Bilčík, Corina Crețu, Angel Dzhambazki, Nicolaus Fest, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Karsten Lucke, Erik Marquardt, Marisa Matias, Alessandra Moretti, Paulo Rangel, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Stéphane Bijoux, Andor Deli, Liudas Mažylis, Bettina Vollath

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

50

+

ECR

Angel Dzhambazki, Jacek Saryusz-Wolski, Dominik Tarczyński

ID

Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi

PPE

Asim Ademov, Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Andrius Kubilius, David Lega, Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Lukas Mandl, Liudas Mažylis, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Paulo Rangel, Isabel Wiseler-Lima, Javier Zarzalejos

RENEW

Petras Auštrevičius, Stéphane Bijoux, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Javier Nart, Salima Yenbou

S&D

Maria Arena, Corina Crețu, Raphaël Glucksmann, Dietmar Köster, Karsten Lucke, Claudiu Manda, Sven Mikser, Alessandra Moretti, Matjaž Nemec, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Sergei Stanishev, Bettina Vollath

VERTS/ALE

François Alfonsi, Erik Marquardt, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel

 

5

-

ID

Nicolaus Fest, Thierry Mariani, Bernhard Zimniok

NI

Andor Deli, Kinga Gál

 

3

0

ID

Peter Kofod

THE LEFT

Giorgos Georgiou, Marisa Matias

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfábhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 1 Iúil 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais