TUARASCÁIL maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún ar an gCosaiv
17.6.2022 - (2021/2246(INI))
An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Viola Von Cramon‑Taubadel
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún ar an gCosaiv
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile, a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016[1],
– ag féachaint don chreat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Chosaiv maidir leis na prionsabail ghinearálta le haghaidh rannpháirtíocht na Cosaive i gcláir an Aontais, atá i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2017[2],
– ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
– ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018,
– ag féachaint do Dhearbhú Shágraib ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Bealtaine 2020,
– ag féachaint do Dhearbhú Brdo ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do Phróiseas Bheirlín a seoladh an 28 Lúnasa 2014 agus don ochtú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín an 5 Iúil 2021,
– ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, do Dhearbhú Cheannairí na mBalcán Thiar maidir le Cómhargadh Réigiúnach an 9 Samhain agus do Dhearbhú Shóifia maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar an 10 Samhain 2020,
– ag féachaint do Rún 1244 an 10 Meitheamh 1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, do Thuairim Chomhairleach an 22 Iúil 2010 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir leis an dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus do Rún 64/298 an 9 Meán Fómhair 2010 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, inar aithníodh ábhar thuairim CBI agus á chur in iúl gur gheal léi toilteanas an Aontais i dtaobh éascú a dhéanamh ar an idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv,
– ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lenar rialaíodh normalú an chaidrimh idir rialtas na Seirbia agus rialtas na Cosaive an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag AE chun an caidreamh a normalú,
– ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/904 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO)[3], a chuir síneadh le sainordú an mhisin go dtí an 14 Meitheamh 2023,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair dar teideal Economic and Investment Plan for the Western Balkans [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641), agus do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Guidelines for the Implementation of the Green Agenda for the Western Balkans [Treoirlínte maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar a Chur Chun Feidhme] (SWD(2020)0223),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)[4],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal 2021 Communication on EU Enlargement Policy [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas AE um Méadú] (COM(2021)0644) agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Kosovo 2021 Report [Tuarascáil 2019 ar an gCosaiv] (SWD(2020)0292),
– ag féachaint do mheasúnú ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le clár athchóirithe eacnamaíoch don Chosaiv 2021-2023 (SWD(2021)0093) agus do na conclúidí comhpháirteacha ón idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais idir AE agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2021,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery [Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus an téarnamh iar-phaindéimeach] (COM(2020)0315),
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv) (COM(2016)0277), agus dá seasamh an 28 Márta 2019 maidir leis an togra ón gCoimisiún[5],
– ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ó Mhisean Breathnóireachta AE um Thoghcháin maidir le toghcháin bhardasacha 2021 sa Chosaiv,
– ag féachaint don cheathrú cruinniú den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Chosaiv a tionóladh sa Bhruiséil an 7 Nollaig 2021,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais,
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
– ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020[6],
– ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an seachtú cruinniú agus an t-ochtú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir AE agus an Chosaiv, a reáchtáladh an 4 agus an 5 Samhain 2021 agus an 9 agus an10 Márta 2022,
– ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Dhara Cruinniú Mullaigh Pharlaimint na hEorpa-Spéicéirí na mBalcán Thiar an 28 Meitheamh 2021, a thionóil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis na ceannairí ó pharlaimintí na mBalcán Thiar,
– ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an tír,
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún ar an gCosaiv[7],
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar[8],
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0179/2022),
A. de bhrí go ndéantar gach tír atá sa phróiseas méadaithe a mheas ar a fiúntas féin, agus de bhrí gur de réir chur chun feidhme na n-athchóirithe riachtanacha a chinntear tráthchlár agus dul chun cinn an aontachais;
B de bhrí nár thug cúig Bhallstát aitheantas mar stát neamhspleách don Chosaiv;
C. de bhrí gurb iad an daonlathas agus an smacht reachta na luachanna bunúsacha ar a bhfuil AE bunaithe; de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe doimhne agus cuimsitheacha chun dul i ngleic leis na dúshláin atá fós ann sna réimsí sin;
D. de bhrí go bhfuil comhaontú cuimsitheach normalaithe idir an tSeirbia agus an Chosaiv ríthábhachtach chun gur féidir leis an dá thír dul chun cinn a dhéanamh ar a mbealaí faoi seach chun AE; de bhrí go rannchuideodh comhaontú den sórt sin go mór le feabhas a chur ar chobhsaíocht fhoriomlán an réigiúin;
E. de bhrí nár deonaíodh léirscaoileadh víosaí don Chosaiv, cé go bhfuil gach tagarmharc comhlíonta ó 2018;
F. de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta substaintiúil ag an gCosaiv sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe;
G. de bhrí gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó atá ag an gCosaiv, arbh ionann agus 33% líon na n-onnmhairí uile agus 50% líon na n-allmhairí uile in 2020;
H. de bhrí gurb é AE an príomh-chomhpháirtí straitéiseach atá ag an gCosaiv i gcónaí agus go dtacaíonn sé le tiomantas na Cosaive i leith lánpháirtiú Eorpach, go háirithe trí IPA III, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus trí chúnamh macra-airgeadais;
I. de bhrí gurb é AE an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá ag an gCosaiv agus de bhrí go mbaineann an Chosaiv leas as cúnamh réamhaontachais faoi IPA, agus EUR 1.21 milliún ar an iomlán faighte aici idir 2007 agus 2020;
J. de bhrí gur ghlac an Coimisiún pacáiste de EUR 70 milliún faoi IPA II chun cabhrú le cistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag tíortha na mBalcán Thiar ar vacsaíní COVID-19 arna soláthar ag Ballstáit AE;
K. de bhrí go bhfuil an cúnamh faoi IPA III bunaithe ar choinníollacht dhocht agus go ndéantar foráil ann do mhodhnú agus cur ar fionraí cúnaimh má tharlaíonn aon tarraingt siar ón daonlathas, ó chearta an duine agus ón smacht reachta;
Tiomantas don mhéadú
1. á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach na Cosaive i leith athchóirithe a bhaineann le AE agus an comhdhearcadh thar na bearta i measc páirtithe polaitiúla i leith lánpháirtiú Eorpach agus an tacaíocht mhór phoiblí atá sa tír do lánpháirtiú Eorpach agus d’féiniúlacht Eorpach a ghlacadh; ag tabhairt dá haire tromlach láidir an rialtais i bParlaimint na Cosaive tar éis an olltoghcháin agus ag iarraidh ar an rialtas leas a bhaint as a thromlach cobhsaí chun na hathchóirithe riachtanacha a chur chun cinn go práinneach;
2. á iarraidh ar Bhallstáit AE tosaíocht a thabhairt don mhéadú agus na sochair a gealladh a chur i gcrích a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha, chomh maith le feabhas a chur ar an malartú faisnéise le saoránaigh AE maidir le méadú;
3. á chur in iúl gur geal léi an chobhsaíocht pholaitiúil mhéadaithe agus tiomantas láidir an rialtais dul chun cinn breise a dhéanamh ar a chonair Eorpach, mar a léirítear le glacadh Phlean Gníomhaíochta an Chlár Oibre Eorpach don Athchóiriú II agus an Clár Náisiúnta le haghaidh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais 2022-2026 a Chur Chun Feidhme; á chur i bhfios go láidir gur gá na cumais riaracháin a neartú agus struchtúr comhordaithe comhleanúnach a chur ar bun laistigh d’institiúidí na Cosaive chun go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach iad;
4. ag moladh stiúradh síochánta agus ordúil thoghcháin reachtacha an 14 Feabhra 2021 agus thoghcháin bhardasacha an 17 Deireadh Fómhair agus an 14 Samhain 2021; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, tearcionadaíocht na mban agus a theoranta atá an iomaíocht pholaitiúil agus an tsaoirse rogha agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i mbardais na Cosaive-na Seirbia, mar a tugadh faoi deara i dtuarascálacha misin breathnóireachta AE um thoghcháin;
5. á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh Tionól na Cosaive Coimisiún ad hoc don athchóiriú toghcháin ar an 13 Aibreán 2021; á iarraidh ar an gCosaiv aghaidh a thabhairt go práinneach ar na heasnaimh sheanbhunaithe atá sa phróiseas toghcháin, go háirithe maidir le rialacha feachtais, vótáil ag saoránaigh thar lear agus cruinneas na liostaí vótálaithe; á chur in iúl gurb oth léi nach dtugtar aghaidh ar go leor de na moltaí a d’eisigh misin bhreathnóireachta AE um thoghcháin a bhí ann roimhe seo ó 2013 i leith agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tiomantas láidir polaitiúil agus rannpháirtíocht fhiúntach na bpáirtithe polaitiúla agus na sochaí sibhialta i dtaca leis na hathchóirithe sin agus go bhfuil sé thar am déanamh amhlaidh;
6. á chur in iúl gurb oth go mór léi nár éirigh leis an gComhairle beart a dhéanamh de réir an réimis gan víosa don Chosaiv; ag cur béim ar a dlúthpháirtíocht iomlán agus ar a báúlacht le saoránaigh na tíre; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit sa Chomhairle leanúint ar aghaidh go práinneach le réimeas gan víosa a ghlacadh do shaoránaigh na Cosaive, toisc gurb í an Chosaiv an t-aon tír sna Balcáin Thiar nach bhfuil córas léirscaoilte víosaí aici, in ainneoin na tagarmharcanna go léir atá comhlíonta ó 2018 i leith;
7. á chur i bhfios go láidir go gcuireann an easpa léirscaoilte víosaí bac ar chur chun feidhme chláir AE agus go bhfuil tionchar díreach aige ar shaoránaigh na Cosaive agus go ndéantar leis uchtach a thabhairt do líonraí coiriúla; ag tabhairt dá haire go mbaintear an bonn ó inchreidteacht agus ó chlú an Aontais mar chomhpháirtí iontaofa agus mar ghníomhaí mórgheopholaitiúil trí thuilleadh moille, agus go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, tionchar a bheith aige ar an idirphlé idir an Chosaiv agus an tSeirbia; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé d’acmhainneacht ag léirscaoileadh víosaí an Chosaiv a thabhairt níos gaire don AE trí éascú a dhéanamh ar mhalartuithe taistil, cultúrtha agus oideachais, mar aon le gnó;
8. ag tacú go hiomlán le hiarratas na Cosaive ar bhallraíocht i gComhairle na hEorpa agus á iarraidh ar Bhallstáit uile AE tacú lena tairiscint, chomh maith lena tairiscintí dul isteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;
9. ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCosaiv iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas Eorpach in 2022, agus é mar aidhm aici stádas mar iarrthóir a bhaint amach, ach á chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon nós imeachta mear ann d’aon tír is iarrthóir ná d’aon tír is iarrthóir ionchasach agus á mheabhrú go ndéanfar gach tír ar mian leo a bheith ina mBallstát a mheas de réir a bhfiúntas féin ó thaobh tacar critéar agus comhluachanna Eorpacha de a shásamh, a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh;
10. á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll riachtanach é dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh leis an tSeirbia a normalú bunaithe ar aitheantas frithpháirteach ionas go bhféadfaidh an dá thír dul chun cinn a dhéanamh ar a gconair Eorpach; ag aithint go bhfuil an Chosaiv go hiomlán tiomanta do dhul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht leis an tSeirbia maidir leis na saincheisteanna atá fós ann a réiteach ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus ag moladh d’údaráis na Cosaive athdhíriú ar a n-iarrachtaí maidir le próiseas idirphlé Pristina-Béalgrád a chur chun cinn agus a chur i gcrích, agus gan údar eile díomá a chruthú dá saoránaigh trí iarratas a dhéanamh roimh ré ar bhallraíocht AE;
11. á chur i bhfáth go bhfuil neamhspleáchas na Cosaive do-athraithe; á chur in iúl gur geal léi gur thug Iosrael aitheantas don Chosaiv an 4 Meán Fómhair 2020; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil aitheantas tugtha ag cúig Bhallstát AE don Chosaiv go fóill, agus ag athdhearbhú a hiarrata orthu déanamh amhlaidh láithreach agus peirspictíocht AE na Cosaive a athdhearbhú; ag tabhairt dá haire gurb é AE an deontóir, an comhpháirtí trádála agus an t-infheisteoir is mó atá ag an gCosaiv;
12. ag tabhairt dá haire go bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin ina ábhar mór imní do na Balcáin Thiar, go háirithe do shaoránaigh na Cosaive; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an rún ó Thionól na Cosaive lena gcáintear go láidir an t-ionsaí míleata agus an t-ionradh atá déanta ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin, agus ag moladh na Cosaive as seasamh go mear le AE trí smachtbhannaí i gcoinne na Rúise a ghlacadh agus as an dlúthpháirtíocht láidir leis an Úcráin a chuir sí in iúl, lena léirítear a seasamh mar chomhpháirtí ardiontaofa, atá fréamhaithe go domhain sa chomhghuaillíocht Eorpach agus trasatlantach; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Chosaiv sásta dídeanaithe ón Úcráin a óstáil agus bearta a ghlacadh chun tacú leo, lena n-áirítear cur chun feidhme chlár ‘na nIriseoirí Cónaithe’, inar féidir le hiriseoirí ón Úcráin cónaí agus obair a dhéanamh sa Chosaiv; ag tabhairt dá haire gur údar faoisimh di nár tuairiscíodh aon bhagairt thromchúiseach ar shlándáil ná ar shláine críche na Cosaive le déanaí; á chur i bhfios go láidir gur féidir le comhtháthú rathúil an tuaiscirt agus iarrachtaí breise chun feabhas a chur ar shaol laethúil Sheirbiaigh na Cosaive rannchuidiú go mór leis an staid chobhsaíochta agus slándála fhoriomlán sa tír;
An daonlathas agus an smacht reachta
13. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí méadaithe atá á ndéanamh chun an t-éilliú a chomhrac, lena n-áirítear trí straitéis an smachta reachta agus plean gníomhaíochta don tréimhse 2021-2026 a ghlacadh agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil cur chun feidhme ríthábhachtach; ag moladh na Cosaive as 17 n-áit chun cinn ar Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International a bhaint amach don bhliain 2021; ag moladh don Chosaiv leanúint uirthi ag cur feabhas ar a cuntas teiste sa chomhrac i gcoinne an éillithe ardleibhéil agus na coireachta eagraithe agus na naisc uile a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gcumhacht pholaitiúil a fhiosrú go hiomlán; á iarraidh ar údaráis na Cosaive leanúint dá n-imscrúdú agus dá n-ionchúiseamh ar chásanna coireachta eagraithe a neartú, lena n-áirítear cásanna gáinneála ar dhaoine agus gáinneáil ar dhrugaí, agus a bheith níos gníomhaí sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid;
14. ag moladh iarrachtaí na Cosaive chun an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac agus chun trodaithe eachtracha a aisdúichiú agus a lánpháirtiú; ag spreagadh na Cosaive straitéis nua a ghlacadh chun an t-antoisceachas foréigneach agus an radacachas as a dtagann an sceimhlitheoireacht a chosc, agus é á chur san áireamh go raibh easpa comhordaithe institiúide agus uirlisí airgeadais ag gabháil le cur chun feidhme na straitéise roimhe sin; á iarraidh go mbeidh comhar réigiúnach gníomhach ann chun cur i gcoinne gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus lena gcuirfí isteach ar shreabha airgeadais atá ceaptha do mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, chomh maith le comhordú agus malartú faisnéise níos fearr a bheith ann idir seirbhísí agus gníomhaireachtaí slándála ábhartha Phoblacht na Cosaive agus an Aontais Eorpaigh;
15. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil na breithiúna neamhéifeachtúil agus leochaileach i gcónaí i leith an chur isteach pholaitiúil; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na tograí le haghaidh athchóiriú ar an gcóras ionchúisimh agus á chur i bhfios go láidir gur cheart an tuairim ó Choimisiún na Veinéise a chur san áireamh go hiomlán agus iad á gcur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach neamhspleáchas polaitiúil agus sláine pholaitiúil do-athraithe na mbreithiúna a áirithiú agus cuntasacht agus trédhearcacht chóras breithiúnach na Cosaive a fheabhsú;
16. ag moladh don Chosaiv dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun acmhainneachtaí gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a mhéadú, dearbhuithe sócmhainní a fhorfheidhmiú agus sócmhainní coiriúla a choigistiú; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs seo, an togra le haghaidh gníomhaireacht nua maidir le sócmhainní a choigistiú ar bhonn sibhialta agus á athdhearbhú gur gá tuairim Choimisiún na Veinéise a chur i gcuntas go hiomlán sula leanfar ar aghaidh leis an reachtaíocht;
17. ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an rialtas na breithiúna agus ionchúisitheoirí a chur faoi ghrinnfhiosrú, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tuairim ó Choimisiún na Veinéise; á chur i bhfáth nár cheart an grinnfhiosrú a úsáid ach mar rogha dheiridh agus á áitiú nár cheart neamhaird a thabhairt ar na húdair imní atá ag AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtaobh pairilis a d’fhéadfadh tarlú sa chóras ceartais; ag moladh go láidir d’údaráis Kosovar leas iomlán a bhaint as na sásraí agus as na hionstraimí atá cheana ann chun neamhspleáchas, gairmiúlacht, éifeachtacht agus sláine chóras ceartais na tíre a fheabhsú láithreach; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, comhar údaráis na Cosaive;
18. á chur in iúl gurb oth léi, d’ainneoin na n-iarrataí a rinne AE go mion agus go minic go roghnófaí an Príomh-Ionchúisitheoir Stáit ar bhealach cothrom, trédhearcach agus fiúntas-bhunaithe, gur thug Comhairle Ionchúisitheora na Cosaive neamhaird ar na prionsabail sin agus an próiseas roghnúcháin á thabhairt chun críche aici;
19. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh státseirbhís agus córais riaracháin phoiblí na Cosaive a dhípholaitiú agus a ghairmiúlú, agus á iarraidh ar an gCosaiv dlús a chur lena cuid athchóirithe ar an gcóras riaracháin phoiblí agus ar an airgeadas poiblí ar bhealach forchéimnitheach agus comhréireach; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá riarachán poiblí atá fónta, dípholaitithe agus dírithe ar shaoránaigh agus a cheapfar trí phróiseas iomaíoch, fiúntas-bhunaithe trédhearcach agus cothrom; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gClárlann Náisiúnta Láraithe um Thaifid Choiriúla a bhunú, le tacaíocht ón Aontas, agus á iarraidh ar an gCosaiv aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós gan réiteach;
20. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac Tionól na Cosaive na dlíthe maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla agus dearbhú sócmhainní rud a bhfuiltear ag dréim leis le fada agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go docht iad; á chur in iúl gur saoth léi an baghcat leanúnach ó ionadaithe Srpska Lista ar Uachtaránacht Thionól na Cosaive agus ráta ard neamhláithreachta na dteachtaí i seisiúin an Tionóil, lena gcuirtear bac ar roinnt pointí den chlár oibre; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh ar an gcéad léamh an Rialachán nua ón Tionól lena dtugtar isteach smachtbhannaí airgeadais i gcoinne parlaiminteoirí nach dtugann údar cuí lena neamhláithreacht agus á iarraidh go nglacfear agus go gcuirfear chun feidhme go críochnaitheach go mear é;
21. ag moladh shochaí shibhialta bhríomhar agus chuiditheach na Cosaive as a cuid oibre agus rannpháirtíochta; ag moladh don rialtas caidreamh comhoibritheach oibre a bhunú léi atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, agus urraim á tabhairt aige dá neamhspleáchas, agus a áirithiú go dtabharfar rannpháirt fhiúntach di sna tionscadail athchóirithe faoi seach, go háirithe i gcás reachtaíocht thábhachtach;
22. ag tathant ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar na húdair imní go hiomchuí agus rialú na Cúirte Bunreachtúla ó 2016 a chur chun feidhme lena ndeonaítear dáileachtaí talún do Mhainistir Visoki Dečani; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár chuir na húdaráis cinneadh sin na cúirte chun feidhme go fóill, lena mbaintear an bonn, dá bhrí sin, ó ghealltanas an rialtais i leith an smacht reachta a fhorfheidhmiú agus i leith na hurraime a thugann sé do na breithiúna neamhspleácha, mar aon le cáil idirnáisiúnta na tíre; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé gach cinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil a chur chun feidhme; á iarraidh ar an rialtas cur chuige neamhroghnach a chur i bhfeidhm i leith choincheap an smachta reachta;
23. ag moladh obair Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX), rud atá ina chabhair d’údaráis na Cosaive institiúidí smachta reachta atá inbhuanaithe agus neamhspleách a bhunú; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh le sainordú EULEX, agus gur cuireadh aonad sealadach in úsáid le déanaí chun acmhainneachtaí Aonad Póilíneachta Foirmithe EULEX a neartú; ag mholadh don Chosaiv leanúint dá comhar le EULEX agus leis na Dlísheomraí Speisialaithe agus le hOifig an Ionchúisitheora Speisialaithe, mar léiriú tábhachtach ar a tiomantas don smacht reachta;
24. á chur in iúl gur geal léi an socrú oibre idir Póilíní na Cosaive agus Europol i mí Iúil 2020, a bheidh mar bhonn do chomhar feabhsaithe sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais, agus á iarraidh ar údaráis Cosaive leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht sin; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur ionstraim thábhachtach é Interpol sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an Chosaiv fós ina ball de Interpol, in ainneoin na n-iarrachtaí iomadúla atá déanta aici teacht isteach san eagraíocht agus á iarraidh go gcuirfear an Chosaiv san áireamh in Interpol agus ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh tacaíocht réamhghníomhach a thabhairt do thairiscint na Cosaive dul isteach san eagraíocht sin;
25. ag tathant ar an gCoimisiún torthaí Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh tionchar éifeachtach ag cúnamh airgeadais AE ar an smacht reachta sna Balcáin Thiar, go háirithe trí forbairt a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha IPA III maidir le modhnú agus grinnscrúdú parlaiminteach níos déine a dhéanamh ar na cistí; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a nascadh ar bhealach níos dlúithe le dul chun cinn maidir leis an smacht reachta, tacaíocht a mhéadú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus d’eagraíochtaí na meán neamhspleácha, agus feabhas a chur ar thuairisciú agus ar fhaireachán tionscadal, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa go mion minic cheana; á iarraidh, ina leith sin, go n-áiritheofar go ndéanfar comhordú níos fearr ar chláir an smachta reachta, ar cláir iad a fhaigheann tacaíocht ó dheontóirí idirnáisiúnta;
26. á iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú rathúil idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus tíortha na mBalcán Thiar a chur ar bun, chun a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí i réimse chistí AE a fheidhmiú go héifeachtach, go háirithe cisti IPA III;
Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a urramú
27. ag tabhairt dá haire go ráthaítear go ginearálta le creat dlíthiúil agus institiúideach na Cosaive go dtabharfar cosaint do chearta an duine, do chearta mionlach agus do na cearta bunúsacha, ach go bhfuil ríthábhacht lena chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCosaiv leanaí faoi mhíchumais a lánpháirtiú níos fearr in institiúidí oideachasúla; á chur i bhfáth go bhfuil le hiarracht níos fearr a dhéanamh chun rochtain ar oideachas ardcháilíochta a chur ar fáil do leanaí faoi mhíchumais;
28. á chur in iúl gurb oth léi mainneachtain Thionól na Cosaive an dréacht-Chód Sibhialta a ghlacadh ar an gcéad léamh, agus á iarraidh go nglacfar é a luaithe a chuirfear an Cód Sibhialta faoi bhráid an tseisiúin iomlánaigh arís, lena dtabharfaí dul chun cinn a raibh géarghá leis do shaoránaigh na Cosaive, go háirithe maidir le feabhas a chur ar dhálaí na gcodanna is leochailí de shochaí na Cosaive, go háirithe mná, leanaí agus daoine LADTI+, agus a mbeadh tionchar dearfach aige ar fhorbairt eacnamaíoch na Cosaive; ag cur a tacaíochta in iúl maidir le comhpháirtíochtaí comhghnéis a áireamh sa reachtaíocht, i gcomhréir le bunreacht na Cosaive;
29. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, cé go bhfuil dul chun cinn déanta i reachtaíocht agus i mbeartais le haghaidh daoine LADTI+, go bhfuil easnamh ann ó thaobh cur chun feidhme de; ag cáineadh gach óráid idirdhealaitheach agus táireach i gcoinne phobal LADTI+, lena n-áirítear ó roinnt polaiteoirí ardleibhéil; á iarraidh, ina leith sin, ar cheannaireacht na Cosaive cearta bunúsacha an duine a chur chun cinn ar bhealach níos poiblí do gach saoránach, lena n-áirítear daoine LADTI+;
30. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil na tionscnaimh i dtaobh rannpháirt a thabhairt do phobal na Seirbiach i struchtúir pholaitiúla, shóisialta agus eacnamaíocha na Cosaive fíortheoranta; á iarraidh ar Rialtas na Cosaive agus ar ionadaithe Sheirbiaigh na Cosaive a ngealltanas a chomhlíonadh i leith dul i mbun idirphlé inmheánach agus caidreamh iarbhír a chur ar bun le heagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta i bpobail na Seirbia, go háirithe sa tuaisceart, agus é mar aidhm acu iad a lánpháirtiú go rathúil; á iarraidh ar AE cláir idirphobail a éascú tuilleadh agus tacú leo; á cur in iúl gur geal léi iarrachtaí údaráis na Cosaive an ciníochas a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar theagmhais idir-eitneacha;
31. á athdhearbhú go bhfuil ríthábhacht le hinstitiúidiú fhoghlaim na dteangacha oifigiúla sa Chosaiv agus leis an rochtain chomhionann ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis sna teangacha oifigiúla; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, bunú Roinn Staidéir na mBalcán ag Ollscoil Pristine agus an cinneadh chun lárionad teanga a oscailt chun teangacha oifigiúla na Cosaive a fhoghlaim;
32. ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfar daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear pobail na Romach, na nAisceailíoch, na nÉigipteach, na mBoisniacach, na Tuirce agus na nGoráineach, chomh maith le daoine faoi mhíchumais agus daoine easáitithe, a chuimsiú ar bhonn níos fearr, trí rochtain a thabhairt dóibh ar chúram sláinte leormhaith, cosaint shóisialta, oideachas, ceartas, tithíocht, deiseanna fostaíochta agus seirbhísí sóisialta agus poiblí eile, agus trína rochtain ar chinnteoireacht pholaitiúil agus shóisialta a áirithiú, agus ag dul i ngleic go héifeachtúil ag an am céanna leis na cineálacha idirdhealaithe trasnaí a mbíonn ar na grúpaí sin aghaidh a thabhairt orthu trí chur chuige institiúideach córasach; ag tathant go ndéanfar iarrachtaí níos fearr chun an Frithghiofógachas a chomhrac; ag moladh don rialtas dlús a chur leis an obair ar straitéis nua 2021-2026 agus ar phlean gníomhaíochta chun pobail na Romach, na nAisceailíoch agus na nÉigipteach a chuimsiú sa Chosaiv;
33. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú práinneach ar théacsleabhair ardscoile, ina gcuirtear mífhaisnéis ar fáil agus ina n-úsáidtear teanga agus tuairiscí atá idirdhealaitheach do mhionlaigh eitneacha, do mhionlaigh gnéis agus do mhná; ag spreagadh údaráis an rialtais saothrú a dhéanamh ar thionscnamh AE ‘Tacaíocht an Aontais Eorpaigh don Bhunoideachas agus don Mheánoideachas’, ar cuireadh tús leis ag deireadh na bliana 2021 agus a bhfuil sé mar aidhm aige na téacsleabhair sin a thabhairt cothrom le dáta;
34. ag moladh na Cosaive as cómhaireachtáil shíochánta na bpobal reiligiúnach agus á iarraidh uirthi dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le deiseanna comhionanna a chur ar fáil do ghrúpaí mionlaigh, le hionadaíocht leordhóthanach sa saol polaitiúil agus cultúrtha agus le hoidhreacht chultúrtha, teangacha agus traidisiúin na mionlach náisiúnta agus reiligiúnach a chosaint agus a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Rialtas na Cosaive chun dul i mbun comhairle go rialta agus casadh leis na pobail uile a bhfuil cónaí orthu sa Chosaiv mar chuid den idirphlé inmheánach agus á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh post nua rialtais an Leas-Phríomh-Aire do Shaincheisteanna Mionlaigh agus do Chearta an Duine;
35. á aithint go bhfuil bunreacht na Cosaive thar a bheith forchéimneach ó thaobh cearta mionlaigh de; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, nár breithníodh fós an achainí a shínigh beagnach 500 duine a bhféiniúlacht ag luí go stairiúil mar Bhulgáraigh, a cláraíodh i dTionól na Cosaive i mBealtaine 2018, agus ag moladh go ndéanfar na cearta sin a chumhdach sa dlí agus a áirithiú go hiarbhír;
36. á chur i bhfios go láidir go bhfuil na meáin chumarsáide shaora ar cheann de cholúin bhunriachtanacha an daonlathais agus nach foláir iriseoirí a chosaint ar bhrú polaitiúil; ag cáineadh an bhrú pholaitiúil a bhfuil siad faoina réir agus an úsáid a bhaintear as cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail chun imeaglú a dhéanamh orthu, rud atá ina shiocair freisin le féinchinsireacht; á chur i bhfáth nach féidir glacadh le teanga chlúmhillteach a bheith á húsáid i gcoinne iriseoirí; ag tabhairt rabhadh i gcoinne aon ráitis lena ndéantar na meáin a stiogmatú, go háirithe ó oifigigh agus ó dhaoine poiblí ar cheart dóibh dea-shampla a thabhairt;
37. ag tabhairt dá haire gur cuireadh tírdhreach na meán as a riocht le blianta beaga anuas de dheasca infheistíochtaí mórscála, lenar fágadh go raibh an earnáil phríobháideach in ann tionchar níos mó a imirt ar mhóreagraíochtaí na meán agus úsáid á baint go minic as na meáin ar líne chun dúmháil tráchtála agus pholaitiúil a dhéanamh; á athdhearbhú gur gá trédhearcacht na meán a ráthú, lena n-áirítear i dtaca le húinéireacht na meán; á chur in iúl gur geal léi ceapadh an bhoird nua den chraoltóir poiblí RTK trí phróiseas trédhearcach agus fiúntas-bhunaithe; á iarraidh go n-aimseofar réiteach inbhuanaithe chun neamhspleáchas eagarthóireachta RTK a áirithiú;
38. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leibhéal ard leanúnach an fhoréigin teaghlaigh agus inscnebhunaithe, mar aon leis an bhforéigean in aghaidh leanaí, sa Chosaiv, líon na gcásanna feimeamharaithe agus feidhmíocht mhíshásúil na mbreithiúna i gcásanna feimeamharaithe agus foréigin inscnebhunaithe a ionchúiseamh go héifeachtúil; á iarraidh go ndéanfar an straitéis náisiúnta i gcoinne foréigean baile agus inscnebhunaithe a chur chun feidhme go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil oideachas ríthábhachtach chun an t-idirdhealú inscnebhunaithe a chomhrac; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas cosanta, coisc agus breithnithe mar is ceart maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear trí líon na ngníomhairí agus na mbreithiúna um fhorfheidhmiú an dlí atá íogair ó thaobh inscne de a mhéadú, trí thacaíocht a thabhairt d’ionaid dídine do mhná, do chúnamh dlíthiúil d’íospartaigh agus trí fheachtais múscailte feasachta poiblí;
39. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis náisiúnta maidir le cosaint in aghaidh foréigean teaghlaigh agus foréigean in aghaidh na mban, an dréachtdlí maidir le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta agus glacadh na n-athbhreithnithe ar chúnamh dlí saor in aisce, lena ráthaítear cúnamh dlíthiúil saor in aisce d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh, d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Cosaive comhordú foriomlán maidir le comhionannas inscne a fheabhsú, ach á iarraidh ar an gCosaiv tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhionannas inscne a bhaint amach agus cearta na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thús áite a thabhairt do phríomhshruthú inscne agus do chomhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe eagraíochtaí na mban;
40. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil tíortha aontachais an Aontais sna Balcáin Thiar ag fulaingt go dona mar gheall ar chur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise de thionscnamh na Rúise agus na Síne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Ungáir agus an tSeirbia ag cuidiú leis an tSín agus leis an Rúis lena gcuspóirí geopholaitiúla; ag cáineadh, go háirithe, na feachtais bhréagaisnéise atá ar siúl le fada an lá ag ionad teanga na Seirbia, Sputnik Serbia, atá faoi úinéireacht stáit na Rúise, lena scaiptear mífhaisnéis go rialta chun teannas eitneach a chur os comhair an phobail, agus iarracht á dhéanamh stát na Cosaive a dhídhlisteanú, chun a rialachas a dhíchobhsú agus an bonn a bhaint ó chaidreamh na Cosaive leis an Aontas;
41. ag moladh go dtionólfaí plé le heagraíocht shibhialta na mBalcán Thiar agus leis an earnáil phríobháideach chun iarrachtaí frith-bhréagaisnéise sa réigiún a chomhordú, agus béim ar leith á leagan ar thaighde agus ar anailís agus ar chuimsiú saineolais réigiúnaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an mbonneagar atá ag teastáil chun freagairtí fianaise-bhunaithe a sholáthar ar bhagairtí bréagaisnéise gearrthéarmacha agus fadtéarmacha sna Balcáin Thiar; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) seasamh níos réamhghníomhaí a ghlacadh, lena ndíreofar ar inchreidteacht AE sa réigiún a fhorbairt, in ionad a bheith á cosaint, agus lena leathnófar an faireachán a dhéanfaidh Tascfhórsa Cumarsáide Straitéisí SEGS (StratCom) chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann a thagann as tíortha na mBalcán Thiar agus as a gcomharsana;
42. á iarraidh, i bhfianaise an mhéid sin, ar an Aontas Eorpach neartú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugann sé don Chosaiv ar bhonn práinneach agus leis an gcomhar a dhéanann sé léi ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar ghníomhaíochtaí hibrideacha mailíseach a chomhrac, go háirithe ón Rúis agus ón tSín;
Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta
43. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na Cosaive sna sásraí um chomhar réigiúnach, lena n-áirítear Cómhargadh Réigiúnach na mBalcán Thiar (CRM) agus an Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar; á chur in iúl gur geal léi na comhaontuithe éagsúla comhair dhéthaobhaigh idir an Chosaiv agus an Mhacadóin Thuaidh agus an Albáin;
44. á chur in iúl gur geal léi an comhar idir na sé thír de chuid na mBalcán Thiar laistigh de CRM; ag tabhairt dá haire go bhfuil margadh comhtháite de 18 milliún duine á chruthú ag CRM agus go bhfuil sé thar a bheith iomaíoch; á iarraidh ar Rialtas na Cosaive páirt chuiditheach a ghlacadh i gcur chun feidhme an treochláir do CRM, go háirithe i ndáil le caibidlíocht gan réiteach maidir le ceithre chomhaontú maidir le soghluaisteacht agus aitheantas dioplóma;
45. ag cur béim ar an bhfíoras go mba cheart go mbeadh aon chomhar eacnmaíoch réigiúnach sna Balcáin Thiar ionchuimsitheach agus inghlactha ag na sé thír go léir, lena gcuirtear ar bun comhar atá ar chomhchéim, agus neartú á dhéanamh ar ailíniú sa bhreis le caighdeáin agus le acquis an Aontais; á chur in iúl, sa chomhthéacs seo, an dearcadh faichilleach atá aici maidir le Tionscnamh na mBalcán Oscailte, nach gcuimsíonn na sé thír go léir, agus ag cur in iúl a tuairim go mba cheart go mbeadh sé bunaithe ar rialacha AE agus nach mbeadh ach tionchar dearfach aige ar phróiseas lánpháirtithe AE;
46. á athdhearbhú go dtacaíonn sí go haonchiallach leis an idirphlé Béalgrád-Pristina a d’éascaigh an tAontas agus ag moladh na hoibre atá déanta ag Ionadaí Speisialta an Aontais don Idirphlé Bhéalgrád-Pristina, Miroslav Lajčák; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chuiditheach ar thaobh údaráis na Seirbia agus na Cosaive araon chun comhaontú cuimsitheach normalaithe a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaint amach, a bheidh bunaithe ar aitheantas frithpháirteach, rud atá ríthábhachtach chun gur féidir leis an dá thír dul chun cinn a dhéanamh ar a mbealaí faoi seach chun AE agus a rannchuideoidh le cobhsaíocht agus le rathúlacht réigiúnach; ag dréim leis go ndéanfaidh AE idirghabháil níos éifeachtaí idir na páirtithe, agus é mar aidhm aige an tsáinn reatha a shárú agus á iarraidh go ndéanfar na comhaontuithe uile i mBéalgrád-Pristina a urramú agus a chur chun feidhme go hiomlán de mheon macánta agus ar bhealach tráthúil, lena n-áirítear Comhlachas/Comhphobal na mBardas ina bhfuil Móramh Seirbiach, ar cuid thábhachtach é den phróiseas iomlán normalúcháin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phobal na Seirbia, ach nár cheart go ndéanfaí leis an bonn a bhaint ó fheidhmiú institiúidí na Cosaive;
47. á iarraidh ar SEGS sásra a chur ar bun chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe uile ar thángthas orthu go dtí seo agus chun tuairisciú a dhéanamh ó am go chéile do Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na himeartha; á iarraidh ar ghníomhaithe AE tacú le húdaráis na Cosaive, lena n-áirítear trí ráthaíochtaí agus deiseanna nithiúla slándála a chur ar fáil don lánpháirtiú socheacnamaíoch, agus iad ag obair i dtreo Comhlachas/Comhphobal na mBardas ina bhfuil Móramh Seirbiach, i gcomhréir le bunreacht na Cosaive, agus mar chuid de chomhaontú frithpháirteach;
48. á iarraidh go mbeidh ionadaithe na Cosaive rannpháirteach go gníomhach, go cuiditheach agus go fírinneach san idirphlé arna éascú ag Ionadaí Speisialta AE, lena lorgófar comhaontú cuimsitheach, inbhuanaithe agus ceangailteach ó thaobh an dlí de i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; ag athdhearbhú a hiarrata feabhas a chur ar cháilíocht phróiseas an idirphlé trí rannpháirtíocht na mban, lena n-áirítear san fhoireann caibidlíochta, trédhearcacht mhéadaithe i leith rannpháirtíocht an phobail agus rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta;
49. á chur in iúl gurb oth léi nár osclaíodh Droichead Mitrovica do gach trácht go fóill, d’ainneoin gur cuireadh na hoibreacha athchóirithe i gcrích; á chur i bhfios go bhfuil sé fíorthábhachtach an droichead a athoscailt do shaorghluaiseacht na saoránach agus ar mhaithe le deighiltí idirphobail a shárú agus próiseas an athmhuintearais a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis na hiarrachtaí chun an tionscadal atá maoinithe ag an Aontas a thabhairt chun críche agus a chur chun feidhme ina iomláine; á iarraidh ar údaráis na Seirbia agus na Cosaive teagmhálacha duine le duine a chur chun cinn idir pobail áitiúla ar mhaithe leis an idirphlé a neartú, lena n-áirítear ar leibhéal neamhrialtasach;
50. á chur in iúl gurb oth léi an cinneadh a rinne Rialtas na Cosaive diúltú do thogra ó idirghabhálaithe idirnáisiúnta lena bhféadfaí ballóidí vótálaithe incháilithe a bhailiú chun go bhféadfaidís vótáil i gcríoch na Cosaive i dtoghcháin an 3 Aibreán 2022 de chuid na Seirbia, mar a bhí amhlaidh roimhe sin, lena mbaintear an bonn, dá bhri sin, ó ghealltanas an rialtais i leith cosaint a dhéanamh ar chearta sibhialta agus polaitiúla a saoránach uile, lena n-áirítear baill de ghrúpaí mionlaigh;
51. á iarraidh ar an tSeirbia agus ar an gCosaiv araon dlús a chur leis na hiarrachtaí agus réitigh a chur ar fáil maidir le saincheisteanna faoi dhaoine atá ar iarraidh agus maidir le ceartas as coireanna cogaidh, chomh maith le rochtain a cheadú ar shuíomhanna ábhartha ina bhfuil taisí na ndaoine atá ar iarraidh lonnaithe; á iarraidh ar Rialtas na Cosaive aghaidh a thabhairt freisin ar na hábhair sin mar chuid d’idirphlé Bhéalgrád-Pristina agus comhar a bhunú idir an Chosaiv agus an tSeirbia; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé mar thosaíocht cúirt speisialta iarchogaidh a chruthú agus comhar a bhunú léi; ag cur a mórbhróin in iúl do theaghlaigh na ndaoine atá ar iarraidh agus ag tathant ar an rialtas aird ar leith a thabhairt ar iad a choinneáil ar an eolas agus modh cumarsáide níos íogaire a chur i bhfeidhm;
52. á chur in iúl gurb oth léi na gníomhaíochtaí díchobhsaithe ar an teorainn i dtuaisceart na Cosaive i mí Mheán Fómhair 2021; ag cáineadh go láidir léiriú bhagairtí míleata na Seirbia agus á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile trí idirphlé; á chur in iúl gur saoth léi go raibh roinnt cásanna ann nár tugadh cead d’d’oifigigh dul isteach i gcríocha na Cosaive nó na Seirbia; á iarraidh ar an dá pháirtí caitheamh leis na cuairteanna uile ar bhealach a théann chun tairbhe don phróiseas normalaithe;
53. á mheabhrú gur gá cartlanna sheirbhís rúnda na hIúgslaive (UDBA) agus sheirbhís rúnda Arm na hIúgslaive (KOS) a oscailt ar fud an réigiúin chun taighde críochnúil a dhéanamh ar choireanna ón ré chumannach agus ar eagraíochtaí coiriúla agus aghaidh a thabhairt orthu; ag tabhairt dá haire gur céim i dtreo tuilleadh daonlathaithe, cuntasachta agus láidreachta institiúidí i réigiún na mBalcán Thiar ina iomláine é láimhseáil thrédhearcach a dhéanamh ar an am atá thart;
54. á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an tionscnamh lena ndéanfar an Coimisiún Réigiúnach um Theacht ar an bhFírinne faoi Choireanna Cogaidh agus faoi Sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i gcríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM) a chur ar bun; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an obair a dhéanann an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO), agus a chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na Cosaive; á chur in iúl gur geal léi an tús rathúil a bhí ag clár RYCO le déanaí maidir le malartuithe déthaobhacha idir ranganna scoile sna Balcáin Thiar; ag athdhearbhú an ghá atá le teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó bhardais an tuaiscirt, agus iad a lánpháirtiú i struchtúir shocheacnamaíocha na tíre;
55. á iarraidh ar Rialtas na Seirbia agus na Cosaive araon teacht ar réiteach inbhuanaithe ar na socruithe leictreachais i dtuaisceart na Cosaive;
56. á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh limistéar saor ó tháillí fánaíochta a chur chun feidhme sna Balcáin Thiar, lena n-áiritear an Chosaiv, ar fad an 1 Iúil 2021, lena gcuirtear feabhas ar an nascacht agus lena dtugtar tairbhí ábhartha agus nithiúla do shaoránaigh agus do ghnolachtaí sa réigiún; ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún oibriú le húdaráis thíortha na mBalcán Thiar chun deireadh a chur le táillí fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus an tAontas Eorpach;
57. ag moladh tionscnaimh chultúrtha agus tionscnaimh don óige, amhail an fhéile bhliantúil ealaíne trasteorann ‘Mirëdita, Dobar Dan!’, a chuireann an comhar idir ealaíontóirí agus gníomhaithe sa Chosaiv agus sa tSeirbia chun cinn; ag spreagadh údaráis na Cosaive agus na Seirbia, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscnaimh dhearfacha den sórt sin agus an oidhreacht chultúrtha a úsáid chun pobail éagsúla a thabhairt le chéile; ag moladh go mbunófar craoltóir poiblí ilnáisiúnta agus ilteangach a chuirfidh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas chun cinn i measc thíortha an mBalcán Thiar, lena leanfar sampla ARTE;
58. á iarraidh ar AE an comhar sa bheartas eachtrach agus i gcúrsaí slándála, an taidhleoireacht phoiblí agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú tuilleadh chun dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh an athmhuintearais de; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite chomhghuaillithe AE, go háirithe ceapachán thoscairí speisialta na Stát Aontaithe, na Ríocht Aontaithe agus na Gearmáine do na Balcáin Thiar; á iarraidh orthu páirt a bheith rannpháirteach i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhordú le toscaire AE d’fhonn an ghiaráil a neartú agus comhairle agus tacaíocht chomhleanúnach a chur ar fáil;
59. ag aithint rannchuidiú tábhachtach Fhórsa na Cosaive (KFOR) agus na Stát rannpháirteach le timpeallacht shlán agus shábháilte a fhorbairt agus a choimeád do gach saoránach sa Chosaiv, agus chun éascú a dhéanamh ar lánpháirtiú Eora-Atlantach na mBalcán Thiar; á mheabhrú a thábhachtaí atá KFOR d’fhorbairt leanúnach Fhórsa Slándála na Cosaive trí chomhairle, oiliúint agus fothú acmhainní a chur ar fáil;
60. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Oifig AE sa Chosaiv dlús a chur lena n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar infheictheacht agus an ról, iarrachtaí agus sochair a bhaineann le comhpháirtíocht níos dlúithe a bheith ann idir AE agus an Chosaiv a chur chun cinn;
Athchóirithe socheacnamaíocha
61. á chur in iúl gur geal léi na forbairtí dearfacha i bhfás eacnamaíoch na Cosaive; á chur in iúl gur geal léi go mbainfidh an Chosaic freisin tairbhe as margadh aonair digiteach an Aontais, i bhfianaise acmhainneacht mhór an digitithe chun geilleagar na Cosaive a fhorbairt;
62. á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a ghlac an rialtas lenar díríodh ar an ngeilleagar neamhfhoirmiúil a laghdú; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, go bhfuil geilleagar mór neamhfhoirmiúil na Cosaive fós ag cur bac ar fhorbairt na hearnála príobháidí sa tír; ag tabhairt dá haire gur ann do straitéis agus plean gníomhaíochta comhfhreagrach chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil, ach á iarraidh go mbeidh ann do chur chun feidhme níos éifeachtaí; ag tabhairt dá haire an céatadán mór d’insreabhadh íocaíochtaí pearsanta in OTI na Cosaive;
63. ag moladh na Cosaive as an mbainistiú rathúil a rinne sí ar phaindéim COVID-19, lena n-áirítear an próiseas vacsaínithe; á chur in iúl gur geal léi nach ndearna an Chosaiv ach vacsaíní COVID-19 atá táirgthe agus deimhnithe ag AE, ag an Riocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe a cheannach agus go bhfuil dul chun cinn a dhéanamh ar an obair chun go gcáileoidh an Chosaiv don teastas digiteach COVID Eorpach;
64. á chur in iúl gur geal léi bearta éigeandála an rialtais agus an 25 000 post nua a cruthaíodh trína phacáiste téarnaimh; á chur i bhfios go láidir, áfach, go raibh an cúnamh a tugadh do na grúpaí is mó a ndearna an paindéim difear dóibh teoranta; ag moladh don Chosaiv tacaíocht fhioscach atá dea-dhírithe agus sealadach a sholáthar do theaghlaigh agus do ghnólachtaí leochaileacha; á chur i bhfáth go mbeidh an téarnamh iar-phaindéimeach ag brath go mór ar chumas na n-údarás aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha agus ar chur chun feidhme éifeachtach na bpacáistí tacaíochta eacnamaíche;
65. á chur in iúl gur geal léi eisíocaíocht EUR 60 milliún ó phacáiste um chúnamh macrairgeadais COVID-19 atá dírithe ar thionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú agus ar cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomnú, chomh maith le EUR 14.2 billiún ó IPA III a slógadh chun tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar chun na ceanglais maidir le ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach;
66. á chur i bhfios go láidir go bhfuil cur chun feidhme na n-athchóirithe bunúsacha agus struchtúracha araon ríthábhachtach i gcónaí don téarnamh eacnamaíoch agus don fhorbairt shóisialta, ós rud é go rannchuideoidh iarrachtaí chun dul i ngleic leis an éilliú, feabhas a chur ar an smacht reachta, trédhearcacht a fheabhsú agus institiúidí agus an t-idirphlé sóisialta a neartú le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a mhealladh chuig an tír; á iarraidh ar an gCosaiv tuilleadh ailínithe le acquis mhargadh aonair AE agus a iarraidh ar údaráis na Cosaive agus ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun geilleagar níos láidre agus níos athléimní a fhorbairt;
67. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an soláthar leictreachais neamhleor agus neamhiontaofa ar cheann de na srianta ar iomaíochas na Cosaive agus go n-eascraíonn costais shuntasacha as an easpa cinnteachta fuinnimh do ghnólachtaí agus gur constaic mhór é ó thaobh infheistíocht dhíreach choigríche ardcháilíochta de a mhealladh; ag tathant ar an gCosaiv dlús a chur leis na hiarrachtaí chun leas a bhaint as an acmhainneacht don éifeachtúlacht fuinnimh;
68. ag tathant ar na húdaráis leanúint dá gcuid iarrachtaí an córas oideachais a athchóiriú ionas go gcuirfear na scileanna agus an t-eolas a theastaíonn ó mhargadh an tsaothair ar fáil do dhaltaí agus do mhic léinn; á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar cháilíocht agus ar ábharthacht an chórais oideachais chun an fhostaíocht a mhéadú agus mí-oiriúint scileanna a mhaolú; á iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad a áireamh i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbeart fostaíochta agus oideachas stáit comhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil i dteangacha mionlaigh;
69. á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí méadaithe chun mná a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dul chun cinn maidir le cearta saothair na mban a chur chun feidhme, ar steiréitíopáil ar bhonn inscne, ar mhíchothromaíochtaí inscne agus ar an mbearna phá idir na hinscní i margadh an tsaothair; á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí suntasacha inscne ann ó thaobh rannpháirtíochta agus cháilíocht na hoibre de, gníomhaíocht neamhleor maidir le gnéaschiapadh san ionad oibre, idirdhealú i bhforálacha dlíthiúla a bhaineann le saoire mháithreachais agus easpa acmhainneachta cúraim leanaí agus réamhscoile; á chur i bhfios gur geal léi an méadú atá ag teacht ar líon na scoláireachtaí do mhic léinn baineanna in ábhair STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic);
70. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an imirce leanúnach agus an meath déimeagrafach, lena gceiltear ar an gChosaiv oibrithe ardoilte a bhfuil géarghá leo, lena n-áirítear oibrithe cúraim sláinte, rud a bhfuil drochthionchar aige ar an gcóras cúraim sláinte, agus á iarraidh ar an gCosaiv bearta cuimsitheacha socheacnamaíocha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin; á chur in iúl gur geal léi seoladh na n-athchóirithe chun feabhas a chur ar acmhainneacht sheirbhísí fostaíochta na Cosaive agus ar chur chun feidhme beart gníomhach ábhartha maidir le margadh an tsaothair, lena n-áirítear uas-sciliú agus oiliúint sa láthair oibre;
71. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún straitéis réigiúnach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíocht leanúnach i measc na hóige agus ar an eisimirce mhéadaitheach trí dhul i ngleic leis an neamhréir scileanna idir an córas oideachais agus margadh an tsaothair, lena bhfeabhsófar cáilíocht an teagaisc, agus lena n-áiritheofar cistiú leordhóthanach do bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair agus do scéimeanna gairmoiliúna, mar aon le saoráidí leormhaithe oideachais do chúram leanaí agus don réamhscolaíocht; ag spreagadh chlár scoláireachta Choláiste na hEorpa a leathnú chun go n-áireofar mic léinn ó thíortha na mBalcán Thiar freisin, in éineacht leis na mic léinn ó thíortha Chomharsanacht na hEorpa;
72. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hinfheistíocht a dhéanamh sa digiteáil chun an bhearna dhigiteach a íoslaghdú, agus rochtain chomhionann ar an idirlíon a áirithiú, lena n-áirítear do na grúpaí is leochailí agus i gceantair thuaithe; ag tabhairt dá haire acmhainneacht mhór dhaonra óige na Cosaive agus an digitithe chun geilleagar na Cosaive a fhorbairt; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil ardeolas ag daonra óige na Cosaive i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus go bhféadfadh an Chosaiv, dá bhrí sin, a bheith ar an gcéad Silicon Valley eile de chuid na hEorpa;
73. ag spreagadh na Cosaive a hearnáil talmhaíochta a athrú ar mhaithe le táirgeadh bia áitiúil a mhéadú agus allmhairí bunearraí bia a laghdú;
74. á chur i bhfáth go bhfuil gá le sruthlíniú a dhéanamh ar an gcóras slándála sóisialta agus córas cúitimh don fhostaíocht phoiblí a bheidh comhleanúnach, cothrom agus ar phraghas réasúnta a bhunú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé de rún ag Rialtas na Cosaive dul i ngleic leis an athbhreithniú ar scéim pinsin na n-iarthrodaithe cogaidh;
75. go ndéanfar faireachán géar ar an gcomhaontú maidir le daoránaigh a aistriú ón Danmhairg chun téarma a bpianbhreith a dhéanamh in ionaid cheartúcháin na Cosaive, a thiocfaidh i bhfeidhm in 2023; á iarraidh go mbeidh téarmaí agus bainistiú an chomhaontaithe sin go hiomlán trédhearcach agus ag moladh d’údaráis inniúla na Cosaive aghaidh a thabhairt ar an difríocht a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinníollacha coinneála i saoráidí na Cosaive idir daoránaigh na Danmhairge agus Cosaive;
An comhshaol, fuinneamh agus cúrsaí iompair
76. á chur i bhfios go láidir gur gá dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le mianta an Aontais i dtaca leis an aeráid agus dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar a bheidh aeráidneodrach, athléimneach, inbhuanaithe, ciorclach agus tíosach ar acmhainní, ós rud é go bhfuil an dul chun cinn sna réimsí agus an ailíniú le caighdeáin AE fós íseal;
77. á iarraidh ar an rialtas dlús a chur lena chuid oibre ar straitéis fuinnimh 2022-2030, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta, agus aird ar leith á tabhairt aige ar sholáthar fuinnimh inbhuanaithe agus inacmhainne, ar éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh agus ar éagsúlú breise na bhfoinsí fuinnimh i gcomhréir le Clár Oibre an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Comhaontú Pháras; á chur in iúl gurb oth léi an mhoill leanúnach ar fhoilsiú na straitéise;
78. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ón ngual a thagann tromlach mór d’fhuinneamh na Cosaive agus á iarraidh go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais ghuail neamhchomhlíontacha uile, go ndéanfar an táirgthe fuinnimh a dílárú agus aistriú i dtreo foinsí in-athnuaite fuinnimh; á aithint go bhfuil gá leis an gcuid thuaidh den Chosaiv a lánpháirtiú go hiomlán i gcóras billeála na tíre;
79. ag spreagadh na Cosaive a margadh fuinnimh, lena n-áirítear leictreachas miondíola a athchóiriú agus a oscailt chun rogha a thabhairt do thomhaltóirí agus an mhonaplacht atá san earnáil cheana a bhriseadh; á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh gléasra nua téimh ceantair in Gjakova, a mhaoinítear le cistí AE, arb é an t-aon mhonarcha sa Chosaiv é a úsáideann bithmhais, agus a bhfuiltear ag dréim go laghdóidh sé truailliú sa cheantar faoi níos mó ná 90 %;
80. á chur in iúl gur cúis bhuartha di cáilíocht an aeir sa chuid is mó de cheantair uirbeacha na Cosaive; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, go bhfuil uasteorainneacha á sárú ag an gCosaiv, le blianta beaga anuas, maidir le truailleáin aeir, ar bagairt thromchúiseach iad ar shláinte shaoránaigh na Cosaive; á iarraidh ar an gCosaiv cloí lena plean náisiúnta maidir le hastaíochtaí a laghdú, plean a chomhlíonann ceanglais na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha[9];
81. á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhshaol sláintiúil agus le hacmhainní uisce a bheith ann agus le héiceachórais a chosaint, agus béim ar leith á leagan ar aibhneacha chun talmhaíocht a fhorbairt agus ar shlándáil bia agus uisce a neartú; ag moladh na n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht bhainistiú na n-imchuach uisce agus na gceadanna gaolmhara; á chur in iúl gur geal léi fíorasc Chúirt Uachtarach na Cosaive lena gcuirfear cead uisce gléasra hidreachumhachta in Shtërpca ar fionraí; á iarraidh go gcuirfear stop le gach tionscadal damba laistigh de limistéir chosanta, lena n-áirítear láithreáin Natura 2000 a bheidh ann amach anseo (Emerald);
82. á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola, go háirithe i dtaca le deighilt agus athchúrsáil dramhaíola, agus gur gá bearta maidir leis an ngeilleagar ciorclach a thabhairt isteach chun dramhaíl a laghdú;
83. ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfar beartais le haghaidh córas iompair phoiblí agus soghluaisteacht inbhuanaithe a chur chun feidhme agus go dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh atá sa bhonneagar le fada; á chur in iúl gur geal léi na pleananna chun nuachóiriú a dhéanamh ar iarnróid le hiasachtaí ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus deontais ó AE;
84. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta ar fiú EUR 3.2 billiún é do na Balcáin Thiar agus á iarraidh ar an gCosaiv úsáid éifeachtach a bhaint as; á chur in iúl gur geal léi an t-ullmhúchán leanúnach atá á dhéanamh ar chúig thionscadal shuaitheanta maidir le fuinneamh, bonneagar, uisce glan agus aer, lena n-áirítear roinn Pristina-Merdare den ‘Peace Highway’ agus an t-ullmhúchán d’infheistíochtaí nua sa soláthar uisce agus sa chóireáil fuíolluisce;
85. á chur in iúl gur geal léi na hoibríochtaí a rinne Póilíní na Cosaive i gcomhar le EULEX chun cur isteach ar an lománaíocht neamhdhleathach ar fud na Cosaive; ag moladh do na húdaráis ábhartha agus do na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí i dtuaisceart agus i ndeisceart na tíre an comhar eatarthu a mhéadú chun an méid sin agus coireanna eile a chomhrac;
°
° °
86. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Cosaive.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
14.6.2022 |
|
|
|
Toradh na vótala críochnaithí |
+: –: 0: |
43 9 5 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alexander Alexandrov Yordanov, François Alfonsi, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Katalin Cseh, Kinga Gál, Giorgos Georgiou, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Peter Kofod, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, David Lega, Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, Claudiu Manda, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Matjaž Nemec, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Jacek Saryusz-Wolski, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Dominik Tarczyński, Viola Von Cramon-Taubadel, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Bernhard Zimniok |
|||
Comhaltaí ionad a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Vladimír Bilčík, Corina Crețu, Angel Dzhambazki, Nicolaus Fest, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Karsten Lucke, Erik Marquardt, Marisa Matias, Alessandra Moretti, Paulo Rangel, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Asim Ademov, Stéphane Bijoux, Liudas Mažylis, Bettina Vollath |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
43 |
+ |
ECR |
Angel Dzhambazki, Jacek Saryusz-Wolski, Dominik Tarczyński |
ID |
Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi |
PPE |
Asim Ademov, Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Andrius Kubilius, David Lega, David McAllister, Lukas Mandl, Liudas Mažylis, Paulo Rangel, Isabel Wiseler-Lima |
RENEW |
Petras Auštrevičius, Stéphane Bijoux, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Javier Nart, Salima Yenbou |
S&D |
Maria Arena, Corina Crețu, Raphaël Glucksmann, Dietmar Köster, Karsten Lucke, Claudiu Manda, Sven Mikser, Alessandra Moretti, Matjaž Nemec, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Sergei Stanishev, Bettina Vollath |
VERTS/ALE |
François Alfonsi, Erik Marquardt, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel |
9 |
- |
ID |
Nicolaus Fest, Thierry Mariani, Bernhard Zimniok |
PPE |
Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, Francisco José Millán Mon, Javier Zarzalejos |
THE LEFT |
Giorgos Georgiou, Marisa Matias |
5 |
0 |
ID |
Peter Kofod |
NI |
Kinga Gál |
PPE |
Vangelis Meimarakis |
S&D |
Demetris Papadakis, Nacho Sánchez Amor |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 71, 16.3.2016, lch. 3.
- [2] IO L 195, 27.7.2017, lch. 3.
- [3] IO L 197, 4.6.2021, lch. 114.
- [4] IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.
- [5] IO C 108, 26.3.2021, lch. 877.
- [6] IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.
- [7] IO C 494, 8.12.2021, lch. 149.
- [8] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0506.
- [9] Treoir 2010/75/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).