TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
24.6.2022 - (COM(2021)0346 – C9‑0245/2021 – 2021/0170(COD)) - ***I
An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir: Dita Charanzová
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(COM(2021)0346 – C9‑0245/2021 – 2021/0170(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0346),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C‑0245/2021),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021[1],
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0191/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Cé go bhfuil forbairt déanta ar reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, reachtaíocht a bhaineann le gnéithe sábháilteachta de tháirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, níl sé indéanta go praiticiúil ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh i leith gach táirge tomhaltais atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Fágann sin go bhfuil gá fós le creat reachtach de chineál cothrománach chun bearnaí a líonadh agus chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú i gcás nach bhfuil sin áirithe ar shlí eile, go háirithe d’fhonn ardleibhéal cosanta do shábháilteacht agus sláinte tomhaltóirí a áirithiú, arna cheangal le hAirteagal 114 agus le hAirteagal 169 den Chonradh. |
(6) Cé go bhfuil forbairt déanta ar reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, reachtaíocht a bhaineann le gnéithe sábháilteachta de tháirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, níl sé indéanta go praiticiúil ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh i leith gach táirge tomhaltais atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Fágann sin go bhfuil gá, dá bhrí sin, le creat reachtach leathan de chineál cothrománach chun bearnaí a líonadh agus, dá bhrí sin, chun forálacha i reachtaíocht earnáilsonrach an Aontais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhchuibhiú a chomhlánú agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú i gcás nach bhfuil sin áirithe ar shlí eile leis an reachtaíocht sin, go háirithe d’fhonn ardleibhéal cosanta do shábháilteacht agus sláinte tomhaltóirí a bhaint amach, arna cheangal le hAirteagal 114 agus le hAirteagal 169 den Chonradh. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Cé nár cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha, amhail na forálacha a bhaineann leis an gcuid is mó d’oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú ós rud é go gcumhdaítear iad cheana féin leis an reachtaíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag líon áirithe forálacha eile chun reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú a chomhlánú. Go háirithe, an ceanglas maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus na forálacha a bhaineann leis sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí tomhaltais a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú nuair nach gcumhdaítear cineálacha áirithe rioscaí leis an reachtaíocht sin. Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na hoibleagáidí ar mhargaí ar líne, leis na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí, an ceart chun faisnéis do thomhaltóirí chomh maith le haisghairmeacha táirgí tomhaltais, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú i gcás nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu sa reachtaíocht sin. Mar an gcéanna, tá RAPEX in úsáid cheana chun críocha reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú, rud dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, agus ó tharla go bhfuil sin amhlaidh, forálacha an Rialacháin seo lena rialaítear an córas Safety Gate agus a feidhmiú, ba cheart do na forálacha sin a bheith infheidhme i ndáil le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú. |
(8) Cé nár cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha, amhail na forálacha a bhaineann leis an gcuid is mó d’oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú ós rud é go gcumhdaítear iad cheana féin leis an reachtaíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag líon áirithe forálacha eile chun reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú a chomhlánú. Go háirithe, an ceanglas maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus na forálacha a bhaineann leis sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí tomhaltais a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú nuair nach gcumhdaítear cineálacha áirithe rioscaí leis an reachtaíocht sin. Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na hoibleagáidí ar mhargaí ar líne, leis na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí, an ceart chun faisnéise agus leighis do thomhaltóirí chomh maith le haisghairmeacha táirgí tomhaltais, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu sa reachtaíocht sin. Mar an gcéanna, tá RAPEX in úsáid cheana chun críocha reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú, rud dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, agus ó tharla go bhfuil sin amhlaidh, forálacha an Rialacháin seo lena rialaítear an córas Safety Gate agus a feidhmiú, ba cheart do na forálacha sin a bheith infheidhme i ndáil le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú. |
__________________ |
__________________ |
25 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1) |
25 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1) |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Forálacha Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena mbunaítear na rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, is forálacha iad atá infheidhme go díreach cheana féin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus níl sé beartaithe leis an Rialachán seo na forálacha sin a mhodhnú. Tá tábhacht ar leith le cobhsaíocht an Rialacháin chéadluaite de bhrí go ndéanfaidh na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe sin (arb iad na húdaráis chustaim i mbeagnach gach Ballstát iad) na rialuithe sin a chur i gcrích ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais), agus ar bhonn na reachtaíochta cur chun feidhme agus na treoraíochta comhfhreagraí. Tá an cur chuige rioscabhunaithe sin ríthábhachtach do rialuithe custaim i bhfianaise líon suntasach na n-earraí a thagann isteach sa chríoch chustaim agus a fhágann an chríoch sin, agus dá bharr sin déantar bearta rialaithe nithiúla a chur i bhfeidhm ag brath ar thosaíochtaí sainaitheanta. Ós rud é nach modhnaítear leis an Rialachán Caibidil VII de Rialachán 2019/1020, ina dtagraítear go díreach don chur chuige rioscabhunaithe a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ciallaíonn sé go praiticiúil gur cheart do na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais (lena n áirítear údaráis chustaim) a rialuithe a theorannú do na táirgí is mó riosca, ag brath ar dhóchúlacht agus ar thionchar an riosca, agus ar an gcaoi sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht a gcuid gníomhaíochtaí a áirithiú chomh maith lena n acmhainneacht a chosaint chun rialuithe den sórt sin a chur i gcrích. |
(9) Forálacha Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena mbunaítear na rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, is forálacha iad atá infheidhme go díreach cheana féin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe sin iad a chur i gcrích ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais), agus ar bhonn na reachtaíochta cur chun feidhme agus na treoraíochta comhfhreagraí. Dá bhrí sin, ní mhodhnaítear leis an Rialachán seo Caibidil VII de Rialachán 2019/1020 ná an chaoi a n-eagraíonn na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais iad féin nó a ndéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9a) An creat dlíthiúil le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020 agus an creat dlíthiúil maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart an dá chreat sin a bheith chomh comhleanúnach agus is féidir. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais margaidh, oibleagáidí, cumhachtaí, bearta, agus comhar idir na húdaráis um fhaireachas margaidh, an dá thacar d’fhorálacha a ailíniú. Chun na críche sin, ba cheart Airteagail 10 go 16, Airteagail 18 agus 19 agus Airteagail 21 go 24 de Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith infheidhme freisin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) Is bunphrionsabal é prionsabal an réamhchúraim chun sábháilteacht táirgí agus tomhaltóirí a áirithiú agus dá bhrí sin ba cheart do na gníomhaithe ábhartha go léir aird chuí a thabhairt air agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. |
scriosta |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) I bhfianaise an raoin feidhme leathain a thugtar do choincheap na sláinte freisin26 , ba cheart an riosca don chomhshaol a bhaineann le táirge a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid is féidir ar deireadh thiar, riosca a bheith ann do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí mar thoradh air. |
scriosta |
__________________ |
|
26 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ‘Healthy environment, healthy lives: how the environment influences health and well-being in Europe’, [Comhshaol folláin, beatha shláintiúil: an tionchar atá ag an gcomhshaol ar shláinte agus ar fholláine an duine san Eoraip] Tuarascáil EEA Uimh. 21/2019, 8 Meán Fómhair 2020. |
|
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgí athláimhe nó táirgí deisithe, athchóirithe agus athchúrsáilte a théann isteach arís sa slabhra soláthair le linn gníomhaíocht tráchtála, ach amháin i gcás na dtáirgí sin nach féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta leis go gcomhlíonfaidís na caighdeáin sábháilteachta is úire, e.g. seandachtaí nó táirgí atá le deisiú nó le hathchóiriú. |
(16) Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgí athláimhe nó táirgí deisithe, athchóirithe nó athchúrsáilte a théann isteach arís sa slabhra soláthair le linn gníomhaíocht tráchtála, ach amháin i gcás na dtáirgí sin nach féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta leis go gcomhlíonfaidís na caighdeáin sábháilteachta is úire, e.g. seandachtaí nó táirgí a gcuirtear in iúl go sainráite go bhfuil siad le deisiú nó le hathchóiriú, nó a chuirtear ar fáil mar ítimí a bhfuil tábhacht stairiúil leo. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Níor cheart seirbhísí a chumhdach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, chun a áirithiú go gcosnófar sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, táirgí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí mar chuid de sholáthar seirbhísí, lena n-áirítear táirgí a nochtar tomhaltóirí go díreach dóibh agus seirbhís á soláthar, ba cheart do na táirgí sin teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Trealamh a oibríonn soláthraí seirbhíse ar trealamh é a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air, ba cheart é a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ráite nach mór déileáil leis in éindí le sábháilteacht na seirbhíse arna soláthar. |
(18) Níor cheart seirbhísí a chumhdach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, chun a áirithiú go gcosnófar sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, táirgí a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí mar chuid de sholáthar seirbhísí, lena n-áirítear táirgí a nochtar tomhaltóirí go díreach dóibh agus seirbhís á soláthar, ba cheart do na táirgí sin teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, maidir le trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air nuair atá sé á oibriú go díreach ag soláthraí seirbhíse i gcomhthéacs seirbhís iompair, ba cheart é a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ráite nach mór déileáil leis in éindí le sábháilteacht na seirbhíse arna soláthar. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) I ngeall ar theicneolaíochtaí nua freisin bíonn rioscaí nua ann do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, nó athraíonn na teicneolaíochtaí nua an chaoi a bhféadfadh na rioscaí atá ann cheana teacht chun cinn, amhail idirghabháil sheachtrach chun an táirge a haiceáil nó a shaintréithe a athrú. |
(20) D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua freisin a bheith ina gcúis le rioscaí nua do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, nó athrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na rioscaí atá ann cheana teacht chun cinn, amhail idirghabháil sheachtrach chun an táirge a haiceáil nó a shaintréithe a athrú. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua, amhail trí nuashonrú bogearraí, modhnú substaintiúil a dhéanamh ar an mbuntáirge, a d’fhéadfaí a chur faoi mheasúnú riosca nua más rud é go bhfuil tionchar ag an modhnú substaintiúil sin ar shábháilteacht an táirge. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Is éard atá i sainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ‘sláinte’, staid iomlán fhisiceach, intinne agus folláine sóisialta, agus ní amháin go bhfuil galar nó éiglíocht in easnamh. Tacaíonn an sainmhíniú seo leis an bhfíric go bhféadfadh rioscaí nua sláinte a bheith ann do thomhaltóirí de dheasca forbairt teicneolaíochtaí nua, amhail riosca síceolaíochta, rioscaí forbartha, go háirithe do leanaí, rioscaí meabhracha, dúlagar, cailliúint codlata, nó feidhm inchinne athraithe. |
(21) Is éard atá i sainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ‘sláinte’, staid iomlán fhisiceach, intinne agus folláine sóisialta, agus ní amháin go bhfuil galar nó éiglíocht in easnamh. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Is féidir déileáil le rioscaí sonracha cibearshlándála a dhéanann difear do shábháilteacht tomhaltóirí agus do phrótacail agus deimhniúcháin trí bhíthin na reachtaíochta earnálaí. Ba cheart a áirithiú, áfach, i gcás bearnaí sa reachtaíocht earnálach, go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis náisiúnta ábhartha rioscaí atá nasctha le teicneolaíochtaí nua san áireamh, nuair a bheidh na táirgí á ndearadh acu agus nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu orthu, chun a áirithiú nach gcuirfear sábháilteacht an táirge i mbaol i ngeall ar athruithe a bheith déanta air. |
(22) Is féidir déileáil le rioscaí sonracha cibearshlándála a dhéanann difear do shábháilteacht tomhaltóirí agus do phrótacail agus deimhniúcháin trí bhíthin na reachtaíochta earnálaí. Ba cheart a áirithiú, áfach, i gcás nach féidir reachtaíocht earnálach a chur i bhfeidhm, go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis náisiúnta ábhartha rioscaí atá nasctha le teicneolaíochtaí nua san áireamh, nuair a bheidh na táirgí á ndearadh acu agus nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu orthu, chun a áirithiú nach gcuirfear sábháilteacht an táirge i mbaol i ngeall ar athruithe a bheith déanta air. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí agus na gnéithe ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe a saintréithe agus a gcur i láthair, mar aon leis na riachtanais shonracha agus rioscaí do chatagóirí tomhaltóirí is dealraitheach a d'úsáidfeadh na táirgí, go háirithe leanaí, seanóirí, agus daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, má theastaíonn faisnéis shonrach chun táirgí a dhéanamh sábháilte do chatagóir áirithe daoine, ba cheart a chur san áireamh freisin sa mheasúnú ar shábháilteacht na dtáirgí an fhaisnéis sin a bheith ar fáil agus rochtain a bheith ann uirthi. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí agus aird á tabhairt ar an ngá leis an táirge a bheith sábháilte le linn a shaolré ar fad. |
(23) Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí agus na gnéithe ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe a saintréithe, amhail saintréithe fisiciúla, meicniúla agus ceimiceacha, agus a gcur i láthair, mar aon leis na riachtanais shonracha agus rioscaí, a bhféadfadh riosca don chomhshaol a bheith san áireamh leo freisin sa mhéid go mbaineann riosca leis do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, do chatagóirí tomhaltóirí is dealraitheach a d’úsáidfeadh na táirgí, go háirithe leanaí, seanóirí, agus daoine faoi mhíchumas. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sin an riosca don tsláinte a bhaineann le táirgí digiteacha nasctha, lena n-áirítear ar mheabhairshláinte, go háirithe i gcás tomhaltóirí leochaileacha amhail leanaí. Dá bhrí sin, agus sábháilteacht na dtáirgí digiteacha nasctha a mheas ar dócha go mbeidh tionchar acu ar leanaí, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a chuireann siad ar fáil ar an margadh na caighdeáin is airde sábháilteachta, slándála agus príobháideachta trí dhearadh a dhéanamh ar mhaithe le leas leanaí. Thairis sin, má theastaíonn faisnéis shonrach chun táirgí a dhéanamh sábháilte do chatagóir áirithe daoine, ba cheart a chur san áireamh freisin sa mheasúnú ar shábháilteacht na dtáirgí an fhaisnéis sin a bheith ar fáil agus rochtain a bheith ann uirthi. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí ar fad agus aird á tabhairt ar an ngá leis an táirge a bheith sábháilte le linn a shaolré ar fad. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) Ba cheart oibleagáidí a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha as sábháilteacht a dtáirgí, i ndáil leis an ról atá ag gach oibreoir sa slabhra soláthair, d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú. Na hoibreoirí eacnamaíocha a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá sábháilte agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. |
(24) Ba cheart oibleagáidí comhréireacha a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha as sábháilteacht a dtáirgí, i ndáil leis an ról atá ag gach oibreoir sa slabhra soláthair, d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú, agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna. Na hoibreoirí eacnamaíocha a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá sábháilte agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir ualaí riaracháin, ba cheart go mbeadh uirlisí digiteacha faisnéise do thomhaltóirí in ann faisnéis a sholáthar ar bhealach inbhuanaithe agus inrochtana le himeacht ama. Laistigh den chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí agus ag údaráis um fhaireachas margaidh ar fhaisnéis teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha uile a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte agus go mbeidh an doiciméadacht ábhartha ag gabháil le táirgí. D’fhéadfadh na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis sin a sholáthar freisin i bhfoirm dhigiteach trí bhíthin réitigh leictreonacha, amhail cód QR nó cód maitríse sonraí. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(24a) Chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna agus micreaghnólachtaí iad in ann déileáil leis na hoibleagáidí nua a fhorchuirtear leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla agus treoir shaincheaptha a sholáthar dóibh, mar shampla, bealach díreach le nascadh le saineolaithe i gcás ina bhfuil ceisteanna acu, agus an gá le hualaí riaracháin a shimpliú agus a theorannú á chur san áireamh. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Ba cheart an ciandíol, lena n-áirítear díol ar líne, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Tá fás tagtha ar dhíol ar líne ar bhonn leanúnach comhsheasmhach, rud a chruthaigh samhlacha nua gnó agus gníomhaithe nua sa mhargadh amhail na margaí ar líne. |
(25) Ba cheart an ciandíol, lena n-áirítear díol ar líne, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Tá fás tagtha ar dhíol ar líne ar bhonn leanúnach comhsheasmhach, rud a chruthaigh samhlacha nua gnó, dúshláin nua maidir le sábháilteacht táirgí agus gníomhaithe nua sa mhargadh amhail na margaí ar líne. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(25a) I gcás táirge a tháirgtear lena dhíol trí chiandíolachán, ba cheart a mheas go bhfuil an táirge curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díolacháin dírithe ar thomhaltóirí san Aontas. I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, ba cheart anailís de réir an cháis a dhéanamh chun a shuí an bhfuil tairiscint dírithe ar thomhaltóirí san Aontas. Ba cheart a mheas go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar thomhaltóirí san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, trí aon mhodh, ar Bhallstát. Maidir leis an anailís de réir an cháis, is gá imthosca ábhartha a chur san áireamh, amhail na ceantair gheografacha ar féidir seachadadh chucu, na teangacha atá ar fáil, a úsáidtear don tairiscint nó don ordú, nó modhanna íocaíochta. I gcás na ndíolachán ar líne, ní leor díreach go mbeadh suíomh gréasáin na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na n-idirghabhálaithe inrochtana sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Tá ról ríthábhachtach ag margaí ar líne sa slabhra soláthair – rud a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha teacht ar líon tomhaltóirí gan teorainn – agus, dá bhrí sin, tá ról tábhachtach acu sa chóras sábháilteachta táirgí freisin. |
(26) Tá ról ríthábhachtach ag margaí ar líne sa slabhra soláthair - rud a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha teacht ar líon tomhaltóirí gan teorainn - agus, dá bhrí sin, tá ról tábhachtach acu sa chóras sábháilteachta táirgí freisin. D’fhéadfaí margaí ar líne, ag brath ar an tsamhail ghnó atá acu agus ar an ról atá acu i slabhra soláthair agus a rannpháirtíocht i slabhra soláthair, a mheas freisin mar mhonaróir, allmhaireoir, dáileoir, soláthraí seirbhíse comhlíonta nó ionadaí údaraithe agus, sa chás sin, ba cheart iad a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na bhfreagrachtaí dlíthiúla is infheidhme maidir leis na gníomhaithe sin mar a leagtar síos sa Rialachán seo nó i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú. Mar shampla, má léiríonn margadh ar líne gurb é féin an monaróir trína ainm, trína thrádmharc nó trí mharc sainiúil eile a ghreamú den táirge, nó má dhéanann sé a athchóiriú nó má dhéanann a ghníomhaíocht difear do airíonna sábháilteachta an táirge, ba cheart é a mheas mar mhonaróir agus ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith air. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) Leis an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí, a síníodh in 2018 agus a thosaigh roinnt margaí a chur i bhfeidhm ó shin i leith, foráiltear maidir le roinnt gealltanais dheonacha maidir le sábháilteacht táirgí. Is léir go bhfuil fiúntas mór ag an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar tháirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne. Mar sin féin, is amhlaidh a laghdaítear a éifeachtacht mar gheall ar a ghné dheonach agus an chaoi nach nglacann ach líon teoranta margaí ar líne páirt dheonach ann, rud a fhágann nach féidir cothrom iomaíochta a áirithiú leis. |
(28) Leis an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí, a síníodh in 2018 agus a thosaigh roinnt margaí a chur i bhfeidhm ó shin i leith, foráiltear do roinnt gealltanais dheonacha maidir le sábháilteacht táirgí agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar tháirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne. Mar sin féin, léiríodh lena ghné deonach agus le rannpháirtíocht dheonach líon teoranta margaí ar líne easpa dul chun cinn maidir le cuid de na gealltanais dheonacha, rud a laghdaíonn a éifeachtacht maidir le cosaint tomhaltóirí agus a fhágann nach féidir cothrom iomaíochta a áirithiú leis. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(28a) Ba cheart forálacha a leagan síos sa Rialachán seo freisin lena spreagfaí margaí ar líne chun meabhráin tuisceana dheonacha a dhéanamh le húdaráis um fhaireachas margaidh nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí chun gealltanais dheonacha a dhéanamh maidir leis na táirgí a dhíoltar ar líne a théann níos faide ná na hoibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i ndlí an Aontais. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(30a) Ba cheart do na margaí ar líne pointe teagmhála aonair a ainmniú do thomhaltóirí chun fónamh mar ionad ilfhreastail do chumarsáid tomhaltóirí maidir le saincheisteanna sábháilteachta táirgí, a d’fhéadfaí a atreorú ansin chuig an aonad seirbhíse cuí de mhargadh ar líne. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar phointí teagmhála breise le haghaidh seirbhísí sonracha a chur ar fáil do thomhaltóirí. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(32) Níor cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar mhargaí ar líne a bheith ina n-oibleagáidí ginearálta maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léirítear gníomhaíocht neamhdhleathach, amhail díol na dtáirgí contúirteacha ar líne. Mar sin féin, ba cheart do mhargaí ar líne inneachar a thagraíonn do tháirgí contúirteacha a bhaint go gasta óna gcomhéadan ar líne, tar éis dóibh eolas iarbhír a fháil nó, i gcás éileamh ar dhamáistí, tar éis dóibh feasacht faoin inneachar neamhdhleathach a fháil, go háirithe sna cásanna inar cuireadh an margadh ar líne ar an eolas faoi fhíricí nó imthosca ar cheart d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach an neamhdhleathacht i gceist a bheith sainaitheanta aige ar a mbonn sin, chun leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas as seirbhísí a óstáil faoin ‘Treoir maidir le ríomhthráchtáil’ agus faoin [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Ba cheart do mhargaí ar líne fógraí a phróiseáil a bhaineann le hinneachar a thagraíonn do tháirgí neamhshábháilte, fógraí a fhaightear i gcomhréir le [hAirteagal 14] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], laistigh de na tréimhsí ama breise a bhunaítear leis an Rialachán seo. |
(32) Níor cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar mhargaí ar líne a bheith ina n-oibleagáidí ginearálta maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léirítear gníomhaíocht neamhdhleathach, amhail díol na dtáirgí contúirteacha ar líne. Mar sin féin, ba cheart do mhargaí ar líne inneachar a thagraíonn do tháirgí contúirteacha a bhaint go gasta óna gcomhéadan ar líne, tar éis dóibh eolas iarbhír a fháil nó, i gcás éileamh ar dhamáistí, tar éis dóibh feasacht faoin inneachar neamhdhleathach a fháil, go háirithe sna cásanna inar cuireadh an margadh ar líne ar an eolas faoi fhíricí nó imthosca ar cheart d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach an neamhdhleathacht i gceist a bheith sainaitheanta aige ar a mbonn sin, chun leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas as seirbhísí a óstáil faoin ‘Treoir maidir le ríomhthráchtáil’ agus faoin [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Ba cheart do mhargaí ar líne fógraí a phróiseáil a bhaineann le hinneachar a thagraíonn do tháirgí neamhshábháilte, fógraí a fhaightear i gcomhréir le [hAirteagal 14] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], laistigh de na tréimhsí ama breise a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, moltar go láidir do mhargaí ar líne táirgí a sheiceáil leis an gcóras Safety Gate sula gcuirtear ar a suíomh gréasáin iad. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) I gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur le riosca tromchúiseach, le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/1020 tugtar de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh a éileamh go mbainfí inneachar a thagraíonn do na táirgí gaolmhara ó chomhéadan ar líne nó a éileamh go dtaispeánfaí rabhadh go sainráite d’úsáideoirí deiridh nuair a bheidh rochtain acu ar chomhéadan ar líne. Na cumhachtaí a thugtar do na húdaráis um fhaireachas margaidh le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an Rialachán seo freisin. Ionas go ndéanfar faireachas éifeachtach ar an margadh faoin Rialachán seo agus go gcuirfear cosc le táirgí contúirteacha ar mhargadh an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht sin maidir le gach cás atá riachtanach agus comhréireach agus i gcás táirgí freisin nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh margaí ar líne orduithe den sórt sin mar ábhar práinne. Dá bhrí sin, tugtar isteach leis an Rialachán seo teorainneacha ama ceangailteacha ina leith sin, gan dochar don deis teorainn ama níos giorra a leagan síos san ordú féin. Ba cheart an chumhacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le [Airteagal 8] den Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. |
(33) I gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur le riosca tromchúiseach, le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/1020 tugtar de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh a éileamh go mbainfí inneachar a thagraíonn do na táirgí gaolmhara ó chomhéadan ar líne nó a éileamh go dtaispeánfaí rabhadh go sainráite d’úsáideoirí deiridh nuair a bheidh rochtain acu ar chomhéadan ar líne. Na cumhachtaí a thugtar do na húdaráis um fhaireachas margaidh le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an Rialachán seo freisin. Ionas go ndéanfar faireachas éifeachtach ar an margadh faoin Rialachán seo agus go gcuirfear cosc le táirgí contúirteacha ar mhargadh an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht sin maidir le gach cás atá riachtanach agus comhréireach agus i gcás táirgí freisin nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh margaí ar líne orduithe den sórt sin mar ábhar práinne. Dá bhrí sin, tugtar isteach leis an Rialachán seo teorainneacha ama ceangailteacha ina leith sin. Ba cheart an chumhacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le [Airteagal 8] den Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(34) Fiú i gcás nach bhfuil aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne cruinn (URL) san fhaisnéis ón gcóras Safety Gate agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do mhargaí ar líne, mar sin féin, an fhaisnéis a tarchuireadh a chur san áireamh, amhail aitheantóirí táirgí, nuair a bhíonn siad ar fáil, agus faisnéis inrianaitheachta eile, i gcomhthéacs aon bhirt arna ghlacadh ag margaí ar líne ar a dtionscnamh féin a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar tháirgí contúirteacha atá ar tairiscint ar a margadh féin a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó a dhíchumasú, i gcás inarb infheidhme. |
(34) Fiú i gcás nach bhfuil aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne cruinn (URL) san fhaisnéis ón gcóras Safety Gate agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do mhargaí ar líne, mar sin féin, an fhaisnéis a tarchuireadh a chur san áireamh, amhail aitheantóirí táirgí, nuair a bhíonn siad ar fáil, agus faisnéis inrianaitheachta eile, i gcomhthéacs aon bhirt arna ghlacadh ag margaí ar líne ar a dtionscnamh féin a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar tháirgí contúirteacha atá ar tairiscint ar a margadh féin a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó a dhíchumasú, i gcás inarb infheidhme. Mar sin féin, ba cheart an córas Safety Gate a nuachóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta chun é a dhéanamh níos éasca do mhargaí ar líne táirgí neamhshábháilte a bhrath agus, leis an aidhm sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta na forálacha a chur chun feidhme maidir le hinneachar neamhdhleathach a thagraíonn do tháirgí contúirteacha a bhaint de mhargaí ar líne trí chóras fógartha de chuid an Aontais arna dhearadh agus arna fhorbairt laistigh den chóras Safety Gate. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) Chun críocha [Airteagal 19] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], agus a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhíoltar ar líne, eagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar son leas tomhaltóirí go háirithe, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iad a mheas mar chomharthóirí iontaofa, arna iarraidh sin dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin. |
(35) Chun críocha [Airteagal 19] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], agus a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhíoltar ar líne, eagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar son leas tomhaltóirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile go háirithe, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iad a mheas mar chomharthóirí iontaofa, arna iarraidh sin dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(36) Is rud ríthábhachtach í an inrianaitheacht táirgí chun faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí contúirteacha agus chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha ar an gcaoi chéanna sna bealaí díolacháin as líne agus ar líne, agus nuair a bhíonn siad ag ceannach táirgí ar mhargaí ar líne freisin. D’fhonn cur le forálacha Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] a bhaineann le hinrianaitheacht trádálaithe, níor cheart do mhargaí ar líne tairiscintí ar a n-ardán a cheadú mura rud é gur chuir an trádálaí an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus inrianaitheacht táirgí ar fáil mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart faisnéis den sórt sin a thaispeáint in éineacht le tairiscint an táirge ionas gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as an bhfaisnéis chéanna a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne. Mar sin féin, níor cheart don mhargadh ar líne a bheith freagrach as iomláine, cruinneas agus beachtas na faisnéise féin a fhíorú, ós rud é gur ar an trádálaí atá an oibleagáid inrianaitheacht táirgí a áirithiú i gcónaí. |
(36) Is rud ríthábhachtach í an inrianaitheacht táirgí chun faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí contúirteacha agus chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha ar an gcaoi chéanna sna bealaí díolacháin as líne agus ar líne, agus nuair a bhíonn siad ag ceannach táirgí ar mhargaí ar líne freisin. D’fhonn cur le forálacha Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] a bhaineann le hinrianaitheacht trádálaithe, níor cheart do mhargaí ar líne tairiscintí ar a n-ardán a cheadú mura rud é gur chuir an trádálaí an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus inrianaitheacht táirgí ar fáil mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart faisnéis den sórt sin a thaispeáint in éineacht le tairiscint an táirge ionas gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as an bhfaisnéis chéanna a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreoidh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, leis na húdaráis forfheidhmithe dlí agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí. Déantar oibleagáid maidir le comhar le húdaráis um fhaireachas margaidh a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil le táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán sin agus ba cheart, dá bhrí sin, an oibleagáid a leathnú amach chun gach táirge tomhaltais a chumhdach. Mar shampla, tá na húdaráis um faireachas margaidh ag cur feabhas i rith an ama ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais mhargaidh ar líne chun táirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadan. Ina theannta sin, ar mhaithe le sábháilteacht táirgí, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne. |
(37) Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreoidh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, leis na húdaráis forfheidhmithe dlí agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí. Déantar oibleagáid maidir le comhar le húdaráis um fhaireachas margaidh a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil le táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán sin agus ba cheart, dá bhrí sin, an oibleagáid a leathnú amach chun gach táirge tomhaltais a chumhdach. Mar shampla, tá na húdaráis um fhaireachas margaidh ag cur feabhas go leanúnach ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais margaidh ar líne chun táirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadan. Ina theannta sin, ar mhaithe le sábháilteacht táirgí, agus ar mhaithe leis sin amháin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh agus ar údaráis inniúla eile, arna iarraidh sin go sonrach, sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(39a) Is bunphrionsabal é prionsabal an réamhchúraim chun sábháilteacht táirgí agus tomhaltóirí a áirithiú agus, dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh aird chuí a thabhairt air ar bhealach comhréireach agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) I gcás ina bhfuil rogha de bhearta ceartaitheacha éagsúla ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag údaráis um fhaireachas margaidh, ba cheart tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht is inbhuanaithe a mbeadh an tionchar is ísle ar an gcomhshaol aici, amhail deisiú an táirge, ar choinníoll nach lú an leibhéal sábháilteachta dá thoradh sin. |
(40) I gcás ina bhfuil rogha de bhearta ceartaitheacha éagsúla ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag údaráis um fhaireachas margaidh, ba cheart tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht is inbhuanaithe a mbeadh an tionchar is ísle ar an gcomhshaol aici, amhail deisiú an táirge, ar choinníoll nach lú an leibhéal sábháilteachta dá thoradh sin nó nach ndéanann sí difear do chearta atá ag tomhaltóirí faoi reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(43) Agus táirgí á gcur ar fáil ar an margadh, mar chuid den tairiscint ábhartha, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis íosta a sholáthar maidir le sábháilteacht agus inrianaitheacht na dtáirgí. Ba cheart sin a bheith gan dochar do na ceanglais faisnéise a leagtar síos le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, maidir le príomhthréithe na n-earraí, mar shampla, a mhéid is iomchuí don mheán agus do na hearraí. |
scriosta |
__________________ |
|
31 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). |
|
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(44) Trí shainaithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a áirithiú, is fusa oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint agus bearta ceartaitheacha éifeachtacha a dhéanamh i gcoinne táirgí contúirteacha amhail aisghairmeacha spriocdhírithe. Ar an dóigh sin áirithíonn sainaithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí go bhfaigheann tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn faoi tháirgí contúirteacha, rud a mhéadaíonn ar an muinín as an margadh agus a sheachnaíonn cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bheith léirithe ar tháirgí ionas gur féidir na táirgí féin agus a monaróir, agus más infheidhme, an t-allmhaireoir, a shainaithint. D’fhéadfaí na ceanglais inrianaitheachta sin a dhéanamh níos déine i gcás cineálacha áirithe táirgí. Ba cheart do mhonaróirí doiciméadacht theicniúil maidir lena dtáirgí a leagan síos freisin, ar doiciméadacht í ar cheart an fhaisnéis is gá a bheith iontu chun a chruthú go bhfuil a dtáirge sábháilte. |
(44) Trí aithint táirgí agus faisnéis faoin monaróir agus faoi oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile ó cheann ceann an tslabhra soláthair a áirithiú, is fusa oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint agus, i gcás inarb infheidhme, bearta ceartaitheacha éifeachtacha agus comhréireacha a dhéanamh i gcoinne táirgí neamhshábháilte, amhail aisghairmeacha spriocdhírithe. Ar an dóigh sin áirithíonn sainaithint táirgí agus faisnéis faoin monaróir agus faoi oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile go bhfaigheann tomhaltóirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus údaráis um fhaireachas margaidh faisnéis chruinn faoi tháirgí contúirteacha, rud a mhéadaíonn ar an muinín as an margadh agus a sheachnaíonn cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bheith ar tháirgí lena bhféadfaí iad féin agus a monaróir, agus de réir mar is infheidhme, an t-allmhaireoir agus oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile, a shainaithint. D’fhéadfaí na ceanglais sin a dhéanamh níos déine i gcás cineálacha áirithe táirgí, a d’fhéadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, trí bhíthin córas bailithe agus stórála sonraí ionas gur féidir, anuas ar an táirge a shainaithint, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu lena shlabhra soláthair a shainaithint. Ba cheart sin a bheith gan dochar do na ceanglais faisnéise a leagtar síos le Treoir 2011/83/AE1a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le príomhthréithe na n-earraí, mar shampla, a mhéid is iomchuí don mheán agus do na hearraí. |
|
_______________ |
|
1a Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(44a) Ba cheart do mhonaróirí doiciméadacht theicniúil maidir lena dtáirgí a bhunú freisin, ar doiciméadacht í ar cheart an fhaisnéis is gá a bheith inti chun a chruthú go bhfuil a dtáirge sábháilte. Ba cheart an méid faisnéise atá le soláthar a bheith comhréireach le castacht an táirge agus leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Go háirithe, ba cheart do mhonaróirí cur síos ginearálta ar an táirge agus ar a n-airíonna riachtanacha atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge a sholáthar; I gcás táirgí casta nó táirgí a bhfuil rioscaí níos airde ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cur síos níos mionsonraithe ar an táirge a sholáthar, lena n-áirítear anailís ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus na modhanna teicniúla a glacadh chun rioscaí a mhaolú nó chun deireadh a chur leo. I gcásanna den sórt sin, má chomhlíonann an táirge caighdeáin Eorpacha nó eilimintí eile a chuirtear i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a chomhlíonadh, ba cheart liosta na n-eilimintí sin a léiriú freisin. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 45
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(45) An creat dlíthiúil le haghaidh faireachas margaidh ar tháirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020 agus an creat dlíthiúil maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart an dá chreat sin a bheith chomh comhleanúnach agus is féidir. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais margaidh, oibleagáidí, cumhachtaí, bearta, agus comhar idir na húdaráis um fhaireachas margaidh, an bhearna idir an dá thacar d’fhorálacha a dhúnadh. Chun na críche sin, ba cheart Airteagail 10 go 16, Airteagail 18 agus 19 agus Airteagail 21 go 24 de Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith infheidhme freisin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
scriosta |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(47a) Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh cigireachtaí a dhéanamh ar tháirgí a fhaightear faoi chéannacht cheilte ar bhonn rialta, go háirithe ar na táirgí sin a chuirtear ar fáil ar mhargaí ar líne agus ar tháirgí is minice a dtugtar fógra fúthu ar an gcóras Safety Gate. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(48) Ba cheart malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhunú ar bhonn táscairí aschuir lena bhféadfaí éifeachtacht na mBallstát i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí a thomhas agus a chur i gcomparáid le chéile. |
(48) Ba cheart malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhunú ar bhonn táscairí aschuir lena bhféadfaí éifeachtacht reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí a thomhas. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 49
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(49) Ba cheart malartú faisnéise atá cruinn, éifeachtach agus tapa a bheith ann maidir le táirgí contúirteacha. |
(49) Ba cheart malartú faisnéise atá cruinn, éifeachtach agus tapa a bheith ann maidir le táirgí contúirteacha chun a áirithiú go ndéantar bearta iomchuí i ndáil leis na táirgí sin agus chun tomhaltóirí a chosaint go hiomlán. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(50) Is ríléir go bhfuil córas mearmhalartaithe faisnéise an Aontais (RAPEX) éifeachtach agus éifeachtúil. Is rud é trínar féidir bearta ceartaitheacha a dhéanamh ar fud an Aontais maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, riosca a théann thar chríoch Bhallstáit aonair. Tá sé tráthúil, áfach, an t-ainm giorraithe a úsáidtear a athrú ó RAPEX go dtí an córas Safety Gate ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus caidreamh níos fearr a chothú le tomhaltóirí. Is éard atá sa chóras Safety Gate córas mear-rabhaidh maidir le táirgí neamhbhia contúirteacha lenar féidir le húdaráis náisiúnta agus leis an gCoimisiún faisnéis a mhalartú maidir le táirgí den sórt sin, tairseach ghréasáin chun an pobal a chur ar an eolas (an córas Safety Gate) agus comhéadan chun é a chur ar chumas gnólachtaí a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le húdaráis agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha (an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht). |
(50) Ba cheart córas mearmhalartaithe faisnéise an Aontais (RAPEX) a nuachóiriú chun glacadh bearta ceartaitheacha níos éifeachtúla a chumasú ar fud an Aontais maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, riosca a théann thar chríoch Bhallstáit aonair. Tá sé tráthúil, áfach, an t-ainm giorraithe a úsáidtear a athrú ó RAPEX go dtí an córas Safety Gate ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus caidreamh níos fearr a chothú le tomhaltóirí. Is éard atá sa chóras Safety Gate córas mear-rabhaidh maidir le táirgí neamhbhia contúirteacha lenar féidir le húdaráis náisiúnta agus leis an gCoimisiún faisnéis a mhalartú maidir le táirgí den sórt sin, tairseach ghréasáin chun an pobal a chur ar an eolas (an tairseach Safety Gate) agus comhéadan chun é a chur ar chumas gnólachtaí a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le húdaráis agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha (an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht). Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún comhéadan idir-inoibritheach a fhorbairt chun a chur ar chumas margaí ar líne a gcomhéadain a nascadh leis an gcóras Safety Gate ar bhealach éasca, tapa agus iontaofa. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(52) Faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, ní mór d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt faoi bhearta a glacadh i gcoinne táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo, agus an fógra sin a thabhairt tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear san Airteagal céanna, ach is tríd an gcóras Safety Gate ba cheart fógra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a glacadh in aghaidh táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí a bhaineann le táirgí a chur ar fáil don phobal. Tá sé tráthúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí gur sa chóras Safety Gate atá an fhaisnéis ar fad maidir le bearta ceartaitheacha a glacadh i gcoinne táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, rud a fhágann gur féidir faisnéis ábhartha maidir le táirgí contúirteacha a chur ar fáil don phobal tríd an gcóras Safety Gate. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit fógra a thabhairt sa chóras Safety Gate maidir leis na bearta ceartaitheacha ar fad a bhaineann le táirgí a chuireann sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol. |
(52) Faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, ní mór d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt faoi bhearta a glacadh i gcoinne táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo, agus an fógra sin a thabhairt tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear san Airteagal céanna, ach is tríd an gcóras Safety Gate ba cheart fógra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a glacadh in aghaidh táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí a bhaineann le táirgí a chur ar fáil don phobal. Tá sé tráthúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí gur sa chóras Safety Gate atá an fhaisnéis ar fad maidir le bearta ceartaitheacha a glacadh i gcoinne táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, rud a fhágann gur féidir faisnéis ábhartha maidir le táirgí contúirteacha a chur ar fáil don phobal tríd an tairseach Safety Gate. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin ar fad ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla Bhallstát cónaithe an tomhaltóra agus go scríobhtar i dteanga shoiléir intuigthe í. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit fógra a thabhairt sa chóras Safety Gate maidir leis na bearta ceartaitheacha ar fad a bhaineann le táirgí a chuireann sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol. Ba cheart bunachar sonraí agus suíomh gréasáin an chórais Safety Gate a bheith inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 54
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(54) Ba cheart don Choimisiún tairseach ghréasáin Safety Gate a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh, rud a chuirfeadh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le húdaráis um fhaireachas margaidh agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha atá curtha ar an margadh acu nó atá curtha ar fáil ar an margadh acu. Ba cheart go gcuirfeadh an uirlis sin ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi thionóiscí a tharlaíonn de dheasca táirgí atá curtha ar an margadh acu nó atá curtha ar fáil ar an margadh acu. Ba cheart go gcumasódh sé faisnéis a mhalartú go tapa agus go héifeachtúil idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta, agus go n-éascódh sé d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí. |
(54) Ba cheart don Choimisiún tairseach ghréasáin na Tairsí Gnó maidir le Sábháilteacht a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh, rud a chuirfeadh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le húdaráis um fhaireachas margaidh agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha atá curtha ar fáil ar an margadh acu. Ba cheart go gcuirfeadh an uirlis sin ar chumas oibreoirí eacnamaíocha na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi thionóiscí a tharlaíonn de dheasca táirgí atá curtha ar fáil ar an margadh acu. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag oibreoirí eacnamaíocha gearáin agus faisnéis faoi thionóiscí ó thomhaltóirí a imscrúdú a luaithe is féidir chun malartú faisnéise tráthúil agus éifeachtúil le húdaráis náisiúnta a áirithiú, agus chun faisnéis ó oibreoirí eacnamaíocha a éascú do thomhaltóirí. |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 55
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(55) D’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar gá déileáil le riosca tromchúiseach ar leibhéal an Aontais nuair nach féidir an riosca a smachtú go sásúil trí bhearta arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann nó trí aon nós imeachta eile faoi reachtaíocht an Aontais. D’fhéadfadh sin a bheith i gceist go háirithe i gcás rioscaí nua atá ag teacht chun cinn nó iad sin a bhfuil tionchar acu ar thomhaltóirí leochaileacha. Ar an gcúis sin, is féidir leis an gCoimisiún bearta a ghlacadh as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do na Ballstáit. Ba cheart bearta den sórt sin a chur in oiriúint do thromchúis agus do phráinn an cháis. Ina theannta sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le sásra leordhóthanach trína bhféadfadh an Coimisiún bearta idirlinne atá infheidhme ar bhonn láithreach a ghlacadh. |
(55) D’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar gá déileáil le riosca tromchúiseach ar leibhéal an Aontais nuair nach féidir an riosca a smachtú go sásúil trí bhearta arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann nó trí aon nós imeachta eile faoi reachtaíocht an Aontais. D’fhéadfadh sin a bheith i gceist go háirithe i gcás rioscaí nua atá ag teacht chun cinn nó iad sin a bhfuil tionchar acu ar thomhaltóirí leochaileacha. Ar an gcúis sin, is féidir leis an gCoimisiún bearta a ghlacadh as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do na Ballstáit nó na páirtithe leasmhara ábhartha. Ba cheart bearta den sórt sin a chur in oiriúint do thromchúis agus do phráinn an cháis. Ina theannta sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le sásra leormhaith trína bhféadfadh an Coimisiún bearta idirlinne atá infheidhme ar bhonn láithreach a ghlacadh. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 56
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(56) Is ar bhonn measúnú riosca a dhéanann gníomhaithe ábhartha a chinntear an riosca a bhaineann le táirge agus leibhéal an riosca sin. Agus measúnú riosca á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit torthaí éagsúla a bhaint amach a mhéid a bhaineann le riosca a bheith ann nó le leibhéal an riosca sin. D’fhéadfadh sé sin feidhmiú ceart an mhargaidh aonair agus cothrom iomaíochta do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart sásra eadrána a chur ar fáil do na Ballstáit, ar bhonn deonach, a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin, tuairim a thabhairt maidir leis an tsaincheist atá faoi dhíospóid. |
(56) Tá cinneadh an riosca a bhaineann le táirge agus leibhéal an riosca sin bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ag na gníomhaithe ábhartha. Agus measúnú riosca á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit torthaí éagsúla a bhaint amach a mhéid a bhaineann le riosca a bheith ann nó le leibhéal an riosca sin. D’fhéadfadh sé sin feidhmiú ceart an mhargaidh aonair agus cothrom iomaíochta do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart sásra eadrána a bhunú chun lamháil don Choimisiúin, tuairim a thabhairt maidir leis an tsaincheist atá faoi dhíospóid. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 56 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(56a) Ba cheart don Choimisiún tuarascáil thréimhsiúil a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm an tsásra eadrána le haghaidh measúnuithe riosca, agus ba cheart an tuarascáil sin a thíolacadh don Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí. Ba cheart go ndéanfaí na príomhchritéir arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh measúnú riosca agus a dtionchar ar an margadh inmheánach agus ar leibhéal comhionann cosanta do thomhaltóirí a shainaithint sa tuarascáil sin, agus é mar aidhm na Ballstáit agus an Coimisiúin a chur ar a gcumas na cuir chuige agus na critéir don mheasúnú riosca a chomhchuibhiú. |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 57
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(57) Feabhsaíonn an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí an comhar idir na Ballstáit maidir le sábháilteacht táirgí a fhorfheidhmiú. Go háirithe, éascaíonn sé gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise, eagrú na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha um fhaireachas margaidh, malartú saineolais agus an dea-chleachtas. Ba cheart ionadaíocht chuí a bheith ag an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus ba cheart dó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhordúcháin agus comhair de chuid Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020 nuair is gá comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm an dá Rialachán chun a n-éifeachtacht a áirithiú. |
(57) Feabhsaíonn an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí an comhar idir na Ballstáit maidir le sábháilteacht táirgí a fhorfheidhmiú. Go háirithe, éascaíonn sé gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise, eagrú na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha um fhaireachas margaidh, malartú saineolais agus an dea-chleachtas. Ba cheart go rannchuideodh sé freisin le comhchuibhiú na modheolaíochtaí lena mbailítear sonraí maidir le sábháilteacht táirgí, chomh maith le méadú ar an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise réigiúnacha, earnálacha, náisiúnta agus Eorpacha le haghaidh sábháilteacht táirgí. Ba cheart ionadaíocht chuí a bheith ag an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus ba cheart dó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhordúcháin agus comhair de chuid Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020 nuair is gá comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm an dá Rialachán chun a n-éifeachtacht a áirithiú. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 58
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(58) Is féidir le húdaráis um fhaireachais margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis nó le heagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann oibreoirí eacnamaíocha nó úsáideoirí deiridh, d’fhonn sábháilteacht táirgí a chur chun cinn agus táirgí contúirteacha a shainaithint, lena n-áirítear iad sin a thairgtear lena ndíol ar líne. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, nach gcruthófar staid a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh nó difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas agus do neamhchlaontacht na bpáirtithe mar gheall ar rogha na dtáirgí agus na dtáirgeoirí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. |
(58) Ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis nó le heagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann oibreoirí eacnamaíocha nó úsáideoirí deiridh, d’fhonn sábháilteacht táirgí a chur chun cinn agus táirgí contúirteacha a shainaithint, lena n-áirítear iad sin a thairgtear lena ndíol ar líne. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, nach gcruthófar staideanna a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh nó difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas agus do neamhchlaontacht na bpáirtithe mar gheall ar rogha na dtáirgí agus na dtáirgeoirí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) Is é atá i gceist le gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha lena bhféadfar sábháilteacht táirgí a fheabhsú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh i gcás ina dtabharfaidh treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile le tuiscint gur minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach le catagóirí áirithe táirgí. |
(59) Is éard atá i ngníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha lena bhféadfar sábháilteacht táirgí a fheabhsú a thuilleadh agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a dhéanamh ar bhonn rialta chun sáruithe ar líne agus as líne ar an Rialachán seo a bhrath. Go háirithe, ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh i gcás ina dtabharfaidh treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile le tuiscint gur minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach le catagóirí áirithe táirgí. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 60
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(60) Le comhéadan poiblí Safety Gate, an tairseach Safety Gate, is féidir an pobal i gcoitinne, lena n-áirítear tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne, a chur ar an eolas faoi bhearta ceartaitheacha a dhéantar i gcoinne táirgí contúirteacha atá ar mhargadh an Aontais. Le roinn ar leith den tairseach Safety Gate, cuirtear ar chumas tomhaltóirí an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí atá ar fáil ar an margadh ar táirgí iad a bhfuil riosca ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí. I gcás inarb ábhartha, ba cheart don Choimisiún bearta leantacha leordhóthanacha a dhéanamh, go háirithe tríd an bhfaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann. |
(60) Le comhéadan poiblí Safety Gate, an tairseach Safety Gate, is féidir an pobal i gcoitinne, lena n-áirítear tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne, a chur ar an eolas faoi bhearta ceartaitheacha a dhéantar i gcoinne táirgí contúirteacha atá ar mhargadh an Aontais. Le roinn ar leith den tairseach Safety Gate, cuirtear ar chumas tomhaltóirí an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí atá ar fáil ar an margadh ar táirgí iad a bhfuil riosca ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí. I gcás inarb ábhartha, ba cheart don Choimisiún bearta leantacha leormhaithe a dhéanamh, go háirithe tríd an bhfaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh rochtain éasca ag daoine faoi mhíchumas ar bhunachar sonraí agus ar shuíomh gréasáin an chórais Safety Gate. |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 61
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(61) Agus faisnéis maidir le sábháilteacht táirgí á cur ar fáil don phobal, ba cheart rúndacht ghairmiúil, rud dá dtagraítear in Airteagal 339 den Chonradh, a chosaint ar bhealach atá comhoiriúnach leis an ngá atá le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus na mbeart cosanta a áirithiú. |
(61) Ba cheart, mar riail ghinearálta, rochtain phoiblí ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na húdaráis maidir le sábháilteacht táirgí a áirithiú. Agus faisnéis maidir le sábháilteacht táirgí á cur ar fáil don phobal, áfach, ba cheart rúndacht ghairmiúil, rud dá dtagraítear in Airteagal 339 den Chonradh, a chosaint ar bhealach atá comhoiriúnach leis an ngá atá le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh agus na mbeart cosanta a áirithiú. |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(62) I gcás inar léir go bhfuil táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin contúirteach, d’fhéadfadh sé gur ghá é a aisghairm chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil táirge aisghairthe acu. D’fhonn cur le héifeachtacht i dtaca le haisghairm táirgí, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain níos fearr ann ar na tomhaltóirí lena mbaineann. Is é teagmháil dhíreach an modh is éifeachtaí chun feasacht na dtomhaltóirí a mhéadú maidir le haisghairmeacha agus chun gníomhaíocht a spreagadh. Is é an bealach cumarsáide is fearr le tomhaltóirí é freisin ar fud gach grúpa tomhaltóirí. Chun sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú, tá sé tábhachtach iad a chur ar an eolas ar bhealach tapa iontaofa. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, na sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh a úsáid chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta a bhaineann le táirgí a cheannaigh siad. Dá bhrí sin, tá gá le hoibleagáid dhlíthiúil chun é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as aon sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh cheana féin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus faoi rabhaidh shábháilteachta. I ndáil leis sin, áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go bhféadfar teagmháil dhíreach a dhéanamh le custaiméirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta a dhéanfaidh difear dóibh trí bhíthin cláir dhílseachta do chustaiméirí agus córais cláraithe táirgí, ar córais iad trína n-iarrtar ar chustaiméirí, tar éis dóibh táirge a cheannach, roinnt faisnéise amhail a n-ainm, a bhfaisnéis teagmhála, samhail an táirge nó an tsraithuimhir a chur in iúl don mhonaróir ar bhonn deonach. |
(62) I gcás inar léir go bhfuil táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin contúirteach, d’fhéadfadh sé gur ghá é a aisghairm chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil táirge aisghairthe acu. D’fhonn cur le héifeachtacht i dtaca le haisghairm táirgí, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain níos fearr ann ar na tomhaltóirí lena mbaineann. Is é teagmháil dhíreach an modh is éifeachtaí chun feasacht na dtomhaltóirí a mhéadú maidir le haisghairmeacha agus chun gníomhaíocht a spreagadh. Is é an bealach cumarsáide is fearr le tomhaltóirí é freisin ar fud gach grúpa tomhaltóirí. Chun sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú, tá sé tábhachtach iad a chur ar an eolas ar bhealach tapa iontaofa. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb infheidhme, do mhargaí ar líne, dá bhrí sin, na sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh a úsáid chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta a bhaineann le táirgí a cheannaigh siad. Dá bhrí sin, tá gá le hoibleagáid dhlíthiúil chun é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar mhargaí ar líne úsáid a bhaint as aon sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh cheana féin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus faoi rabhaidh shábháilteachta. I ndáil leis sin, áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne go bhféadfar teagmháil dhíreach a dhéanamh le custaiméirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta a dhéanfaidh difear dóibh trí bhíthin cláir dhílseachta do chustaiméirí agus córais cláraithe táirgí, ar córais iad trína n-iarrtar ar chustaiméirí, tar éis dóibh táirge a cheannach, roinnt faisnéise amhail a n-ainm, a bhfaisnéis teagmhála, samhail an táirge nó an tsraithuimhir a chur in iúl don mhonaróir ar bhonn deonach. |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 64 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(64a) Ba cheart don Choimisiún treoir a fhoilsiú d’údaráis um fhaireachas margaidh chun forfheidhmiú níos aonfhoirmí a áirithiú agus iad ag déileáil le haisghairmeacha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil a ndóthain saineolais agus acmhainní ag na húdaráis dá ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ar fad. |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 65
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(65) D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach comhsheasmhach an cheanglais sábháilteachta ghinearálta a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbainfear úsáid as caighdeáin Eorpacha a chumhdaíonn táirgí agus rioscaí áirithe sa chaoi gur i gcás táirge a chomhlíonann caighdeán Eorpach den chineál sin, a bhfuil a thagairt foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar é a bheith i gcomhréir leis an gceanglas sin. |
(65) D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach comhsheasmhach an cheanglais sábháilteachta ghinearálta a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbainfear úsáid as caighdeáin Eorpacha a chumhdaíonn táirgí agus rioscaí áirithe. Caighdeáin Eorpacha a bhfuil a dtagairtí foilsithe i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart iad a mheas mar chaighdeáin Eorpacha um shábháilteacht táirgí agus ba cheart go soláthróidís toimhde comhréireachta i ndáil leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach sa Rialachán seo. Iarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart a mheas gur iarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo iad. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 66 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(66a) D’fhéadfadh rioscaí éagsúla a bheith ag baint le táirgí d’inscní éagsúla agus ba cheart gníomhaíochtaí caighdeánaithe é sin a chur san áireamh chun neamhréitigh i dtéarmaí sábháilteachta a sheachaint agus, dá bhrí sin, bearna idir na hinscní maidir le sábháilteacht a sheachaint. Leagtar amach sa Dearbhú maidir le Caighdeáin Inscne-Fhreagrúla roinnt gníomhaíochtaí ar cheart do chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin agus d’eagraíochtaí forbartha caighdeán a áireamh ina bplean gníomhaíochta inscne maidir le caighdeáin inscne-fhreagrúla agus forbairt caighdeán, chun caighdeáin atá cothrom ó thaobh inscne de, ionadaíoch agus cuimsitheach a bhaint amach. |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 69
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(69) Caighdeáin Eorpacha a bhfuil a dtagairtí foilsithe i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart go leanfaidís de thoimhde comhréireachta a thabhairt i ndáil leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach sa Rialachán seo. Iarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart iad a mheas ina n-iarrataí ar chaighdeánú arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
scriosta |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 70
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(70) Ba cheart an deis a bheith ag an Aontas comhoibriú le húdaráis rialála tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chuimsiú comhaontuithe a cuireadh i gcrích idir an Coimisiún agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ba cheart an deis a bheith ag an Aontas faisnéis a bhaineann le sábháilteacht táirgí a mhalartú leo sin. Ba cheart don chomhar sin agus don mhalartú faisnéise sin rialacha an Aontais maidir le rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta a urramú. |
(70) Ba cheart an deis a bheith ag an Aontas comhoibriú le húdaráis rialála tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chuimsiú comhaontuithe a cuireadh i gcrích idir an Coimisiún agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ba cheart an deis a bheith ag an Aontas faisnéis a bhaineann le sábháilteacht táirgí a mhalartú leo sin, d’fhonn cúrsaíocht táirgí contúirteacha ar mhargadh an Aontais a chosc freisin. Ba cheart don chomhar sin agus don mhalartú faisnéise sin rialacha an Aontais maidir le rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta a urramú. |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 71
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(71) Chun oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne a dhíspreagadh go héifeachtach ionas nach gcuirfidh siad táirgí contúirteacha ar an margadh, ba cheart do na pionóis a bheith in oiriúint don chineál sáraithe, don leas a d’fhéadadh an t-oibreoir eacnamaíoch nó an margadh ar líne a bhaint as, agus do chineál agus do thromchúis na díobhála a bhain don tomhaltóir. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach leibhéal aonchineálach na bpionós a bheith ann chun cothrom iomaíochta a áirithiú, sa dóigh nach ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha nó margaí ar líne formhór a ngníomhaíochtaí i gcríocha ina bhfuil leibhéal na bpionós níos ísle. |
(71) Chun oibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb infheidhme, margaí ar líne a dhíspreagadh go héifeachtach ionas nach gcuirfidh siad táirgí contúirteacha ar an margadh, ba cheart do na pionóis a bheith in oiriúint don chineál sáraithe, don leas a d’fhéadadh an t-oibreoir eacnamaíoch nó an margadh ar líne a bhaint as, agus do chineál agus do thromchúis na díobhála a bhain don tomhaltóir. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach leibhéal aonchineálach na bpionós a bheith ann chun cothrom iomaíochta a áirithiú, sa dóigh nach ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha nó margaí ar líne formhór a ngníomhaíochtaí i gcríocha ina bhfuil leibhéal na bpionós níos ísle. |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 72
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(72) Agus pionóis á ngearradh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe atá i gceist. Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus ba cheart dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, lena n áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus na prionsabail i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. |
(72) Agus pionóis á ngearradh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe atá i gceist. Ba cheart pionóis a ghearradh atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus a chomhlíonann dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear bearta coimirce nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte um Chearta Bunúsacha. |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 74
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(74) D’fhonn comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú, ba cheart a chur san áireamh liosta de na sáruithe sin ba cheart a bheith faoi réir pionós. |
scriosta |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 75
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(75) Ba cheart éifeacht dhíspreagthach na bpionós a threisiú tríd an bhféidearthacht an fhaisnéis a bhaineann leis na pionóis arna bhforchur ag na Ballstáit a fhoilsiú. I gcás ina ngearrfar na pionóis sin ar dhaoine nádúrtha nó i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta iontu, féadfar iad a fhoilsiú ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint sonraí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35. An tuarascáil bhliantúil maidir leis na pionóis a ghearrann na Ballstáit, ba cheart go gcuirfeadh sí le cothrom iomaíochta agus le cosc a chur le sáruithe a dhéantar arís agus arís eile. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na cásanna a shonrú nár cheart foilsiú a dhéanamh ina leith. Maidir le daoine nádúrtha, níor cheart sonraí pearsanta a fhoilsiú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla a mbeidh bonn cirt leo de bharr thromchúis an tsáraithe, mar shampla i gcás inar forchuireadh pionós ar oibreoir eacnamaíoch a sainaithníonn a ainm duine nádúrtha agus gur mhainnigh an t-oibreoir eacnamaíoch sin arís agus arís eile an ceanglas ginearálta maidir le sábháilteacht táirge a chomhlíonadh. |
(75) Ba cheart éifeacht dhíspreagthach na bpionós a threisiú tríd an bhféidearthacht an fhaisnéis a bhaineann leis na pionóis arna bhforchur ag na Ballstáit a fhoilsiú. An tuarascáil bhliantúil maidir leis na pionóis a ghearrann na Ballstáit, ba cheart go gcuirfeadh sí le cothrom iomaíochta agus le cosc a chur le sáruithe a dhéantar arís agus arís eile. |
__________________ |
|
34 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). |
|
35 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
|
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 78
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(78) Chun ardleibhéal sláinte agus sábháilteachta do thomhaltóirí a choinneáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sainaithint agus inrianaitheacht táirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr37. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(78) Chun ardleibhéal sláinte agus sábháilteachta do thomhaltóirí a choinneáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sainaithint na dtáirgí, na gcatagóirí nó ghrúpaí na dtáirgí ar cheart don duine freagrach atá bunaithe san Aontas seiceálacha a dhéanamh ina leith, agus i ndáil le sainaithint agus inrianaitheacht táirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr37. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
__________________ |
__________________ |
37 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1. |
37 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1. |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 80
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(80) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críoch an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. I gcás ina dtuairisceoidh tomhaltóirí táirge sa chóras Safety Gate, ní stórálfar ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun an táirge contúirteach a thuairisciú agus ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis na sonraí sin a ionchódú. Níor cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí an clár de ghearáin ó thomhaltóirí a choimeád ach amháin fad is gá chun críoch an Rialacháin seo. Ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí, nuair is daoine nádúrtha iad, a n-ainmneacha a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil an tomhaltóir in ann an táirge a shainaithint chun críche inrianaitheachta. |
(80) Más gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart próiseáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Beidh aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, de réir mar is infheidhme. I gcás ina dtuairisceoidh tomhaltóirí táirge sa chóras Safety Gate, ní stórálfar ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun an táirge contúirteach a thuairisciú agus ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis na sonraí sin a ionchódú. Níor cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí an clár de ghearáin ó thomhaltóirí a choimeád ach amháin fad is gá chun críoch an Rialacháin seo. Ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí, nuair is daoine nádúrtha iad, a n-ainmneacha a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil an tomhaltóir in ann an táirge a shainaithint chun críche inrianaitheachta. |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ábhar |
Ábhar agus cuspóir |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is Rialachán é seo a leagann síos rialacha riachtanacha maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh. |
Tá sé mar chuspóir leis an Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal sláinte, sábháilteachta agus cosanta tomhaltóirí a choinneáil trí rialacha bunriachtanacha a leagan síos chun sábháilteacht táirgí tomhaltais a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais a áirithiú. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí a shainmhínítear in Airteagal 3(1), ar táirgí iad a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach a bhfuil an cuspóir céanna aici i rialacha dhlí an Aontais, foráil lena rialaítear sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann. |
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí a shainmhínítear in Airteagal 3(1), ar táirgí iad a chuirtear ar fáil ar an margadh, a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach a bhfuil an cuspóir céanna aici i rialacha dhlí an Aontais, foráil lena rialaítear sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air, ar trealamh é a oibríonn soláthraí seirbhíse i gcomhthéacs seirbhíse a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí; |
(g) trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air i gcás ina n-oibríonn soláthraí seirbhíse an trealamh sin go díreach i gcomhthéacs seirbhís iompair a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí agus nach bhfuil á oibriú ag na tomhaltóirí iad féin; |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Is Rialachán é seo a mbeidh feidhm aige maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, bíodh siad nua, úsáidte, deisithe nó athchóirithe. Ní bheidh feidhm aige maidir le táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar táirgí iad atá le deisiú nó le hathchóiriú sula n-úsáidfear iad. |
3. Is Rialachán é seo a mbeidh feidhm aige maidir le táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh, bíodh siad nua, úsáidte, deisithe nó athchóirithe. Ní bheidh feidhm aige maidir le táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar táirgí iad atá le deisiú nó le hathchóiriú sula n-úsáidfear iad. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Cuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim. |
scriosta |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim, í idirnasctha nó gan í a bheith idirnasctha le hítimí eile, a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil, bíodh sin ar íocaíocht nó ná bíodh, i rith gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear i gcomhthéacs seirbhís a sholáthar – ar ítim í atá beartaithe do thomhaltóirí, sin nó a d’fhéadfadh tomhaltóirí a úsáid, faoi dhálaí a mbeifí ag súil go réasúnta leo, fiú mura bhfuil sí beartaithe dóibh; |
1. ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim, í idirnasctha nó gan í a bheith idirnasctha le hítimí eile, a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil, bíodh sin ar íocaíocht nó ná bíodh, i rith gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear i gcomhthéacs seirbhís a sholáthar – ar ítim í atá beartaithe do thomhaltóirí nó ar dócha go n-úsáidfidh tomhaltóirí í, faoi dhálaí a mbeifí ag súil go réasúnta leo, fiú mura bhfuil sí beartaithe dóibh; |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. ciallaíonn ‘táirge sábháilte’ aon táirge nach mbíonn riosca ag baint leis, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó mí-úsáide, sin nó faoi dhálaí úsáide nó mí-úsáide a mbeifí ag súil go réasúnta leo, lena n-áirítear le linn fad úsáide iarbhír an táirge, sin nó nach mbíonn ach na rioscaí is lú ag baint lena úsáid, ar rioscaí iad a mheastar a bheith inghlactha agus ag teacht le hardleibhéal cosanta maidir le sláinte agus sábháilteachta na dtomhaltóirí; |
2. ciallaíonn ‘táirge sábháilte’ aon táirge nach mbíonn riosca ag baint leis, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide a mbeifí ag súil go réasúnta leo, lena n-áirítear le linn fad úsáide iarbhír an táirge, sin nó nach mbíonn ach na rioscaí is lú ag baint lena úsáid, ar rioscaí iad a mheastar a bheith inghlactha agus ag teacht le hardleibhéal cosanta maidir le sláinte agus sábháilteachta na dtomhaltóirí; |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin maidir le cúraimí sonraithe; |
9. ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin maidir le cúraimí sonraithe; |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
14. ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirmheánach a úsáideann bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, seirbhís a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, trínar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a dhéanamh le trádálaithe nó tomhaltóirí eile chun na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhíol; |
14. ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirmheánach a úsáideann comhéadan ar líne, lena dtugtar rochtain do thomhaltóirí ar tháirgí na dtrádálatithe agus trínar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a dhéanamh leis na trádálaithe sin chun na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhíol; |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
15. ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn oibreoir eacnamaíoch nó a oibrítear thar a cheann, lena dtugtar rochtain d’úsáideoirí deiridh ar tháirgí an oibreora eacnamaíoch; |
15. ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste; |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
15a. ciallaíonn ‘cianchonradh’ cianchonradh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Threoir 2011/83/AE; |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
23. ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don tomhaltóir a fháil ar ais; |
23. ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don úsáideoir deiridh a fháil ar ais; |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 25 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
25a. ciallaíonn ‘seandachtaí’ táirgí, amhail earraí inbhailithe agus saothair ealaíne, nach féidir le tomhaltóirí a bheith ag súil go réasúnta go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta úrscothacha. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar thomhaltóirí san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar thomhaltóirí san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát amháin nó níos mó. |
1. Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar thomhaltóirí san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar thomhaltóirí san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát amháin nó níos mó. |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Chun a chinneadh an bhfuil tairiscint á díriú ar thomhaltóirí san Aontas, cuirfear san áireamh na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas: |
scriosta |
(a) teanga oifigiúil nó airgeadra oifigiúil de chuid na mBallstát a bheith in úsáid, |
|
(b) ainm fearainn a bheith cláraithe i gceann de na Ballstáit, |
|
(c) na limistéir gheografacha ar féidir na táirgí a sheoladh chucu. |
|
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Na táirgí a chuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar mhargadh an Aontais nó a chuirfidh siad ar fáil ar mhargadh an Aontais, is táirgí sábháilte amháin a bheidh iontu. |
1. Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha ach táirgí sábháilte a chur nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais. |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 5a |
|
Gnéithe a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí |
|
1. Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil táirge sábháilte, cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh go háirithe: |
|
(a) saintréithe an táirge, lena n-áirítear a dhearadh, a ghnéithe teicniúla, a chomhdhéanamh, a phacáistíocht, na treoracha maidir lena chóimeáil agus, i gcás inarb infheidhme, lena shuiteáil, úsáid agus chothabháil; |
|
(b) an éifeacht ar tháirgí eile, i gcás a mbeifí ag dréim go réasúnta leis go mbeidh an táirge sin in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear idirnascadh na dtáirgí le chéile; |
|
(c) an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí eile ar an táirge a bhfuil measúnú le déanamh air, i gcás a mbeifí ag dréim go réasúnta leis go mbeidh an táirge sin in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear éifeacht na n-ítimí neamhleabaithe atá ceaptha le hoibriú táirge eile a chinneadh, a athrú nó a chomhlánú, táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ar éifeachtaí iad nach mór a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht an táirge eile sin; |
|
(d) an chaoi a gcuirtear an táirge i láthair, an lipéadú, lena n-áirítear an lipéadú maidir le hoiriúnacht aoise le haghaidh leanaí, aon rabhadh agus treoir le haghaidh a úsáide agus a dhiúscartha sábháilte, agus aon tásc nó faisnéis eile maidir leis an táirge; |
|
(e) catagóirí na dtomhaltóirí a bheadh i mbaol agus an táirge á úsáid, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar an riosca do thomhaltóirí leochaileacha amhail leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, chomh maith leis an tionchar éagsúil ar shláinte agus ar shábháilteacht inscní éagsúla; |
|
(f) cuma an táirge, agus go háirithe i gcás táirge, cé nach bia-ábhar é, a bhfuil cuma bia-ábhair air agus a bhféadfaí é a thabhairt in amhlachas bia-ábhair mar gheall ar a fhoirm, boladh, dath, cuma, pacáistíocht, lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile agus go bhféadfadh an tomhaltóir, dá bhrí sin, é a chur i mbéal, a dhiúl nó a ionghabháil, go háirithe ag leanaí; |
|
(g) más dócha go n-úsáidfidh leanaí an táirge nó má tá sé cosúil le rud nó táirge a aithnítear go coitianta mar rud atá tarraingteach do leanaí nó atá ceaptha lena úsáid ag leanaí i ngeall ar a dhearadh, a phacáistíocht nó a shaintréithe, cé nach bhfuil sé deartha ná ceaptha lena úsáid ag leanaí; |
|
(h) i gcás ina gceanglaítear sin de réir chineál an táirge, gnéithe cibearshlándála is iomchuí atá ag teastáil chun an táirge a chosaint ar thionchar seachtrach, lena n-áirítear tríú páirtithe mailíseacha, i gcás ina bhféadfadh tionchar den sórt sin difear a dhéanamh do shábháilteacht an táirge, lena n-áirítear an chailliúint fhéideartha idirnaisc; |
|
(i) feidhmiúlachtaí athraitheacha, foghlama agus tuartha táirge nuair a bhíonn tionchar ag na feidhmiúlachtaí sin ar shábháilteacht an táirge. |
|
2. Ní bheidh an fhéidearthacht leibhéil níos airde sábháilteachta a bhaint amach nó fáil a bheith ar tháirgí eile ar lú an riosca a ghabhann leo mar fhoras lena mheas nach bhfuil an táirge sábháilte. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Toimhde na sábháilteachta |
Toimhde comhréireachta i ndáil leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) má tá sé i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó codanna díobh a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (AE) 1025/2012; |
(a) má tá sé i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha maidir le sábháilteacht táirgí nó codanna de a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) in éagmais na gcaighdeán Eorpach dá dtagraítear i bpointe (a), a mhéid a bhaineann leis na rioscaí atá cumhdaithe ag na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, más rud é go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta sin. |
(b) in éagmais na gcaighdeán Eorpach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca atá cumhdaithe ag na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, ar ceanglais iad atá i gcomhréir leis na Conarthaí, agus go háirithe le hAirteagail 34 agus 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, más rud é go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta sin. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Na táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na ceanglais sábháilteachta shonracha atá ag teastáil chun go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na táirgí sin an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
2. Na táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha maidir le sábháilteacht táirgí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na ceanglais sábháilteachta shonracha atá ag teastáil chun go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na táirgí sin an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Mar sin féin, toimhde na sábháilteachta faoi mhír 1, ní choiscfidh sí na húdaráis um fhaireachas margaidh ar ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann, d’ainneoin na comhréireachta sin, go bhfuil an táirge contúirteach. |
3. Mar sin féin, toimhde go bhfuiltear i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta faoi mhír 1, ní choiscfidh sí na húdaráis um fhaireachas margaidh ar bhearta iomchuí ar fad a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann, d’ainneoin na comhréireachta sin, go bhfuil an táirge contúirteach. |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gnéithe a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí |
Gnéithe breise a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás nach bhfuil feidhm ag toimhde na sábháilteachta a leagtar síos in Airteagal 5, cuirfear san áireamh na gnéithe seo a leanas, go háirithe nuair a bheidh measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge: |
scriosta |
(a) saintréithe an táirge, lena n-áirítear a dhearadh, a ghnéithe teicniúla, a chomhdhéanamh, a phacáistíocht, na treoracha maidir lena chóimeáil agus, i gcás inarb infheidhme, lena shuiteáil agus a chothabháil; |
|
(b) an éifeacht ar tháirgí eile, i gcás a mbeifí ag súil go réasúnta leis go mbeidh an táirge sin in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear idirnascadh na dtáirgí le chéile; |
|
(c) an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag táirgí eile ar an táirge a bhfuil measúnú le déanamh air, lena n-áirítear éifeacht na n-ítimí neamhleabaithe atá ceaptha le hoibriú táirge eile a chinneadh, a athrú nó a chomhlánú, táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ar éifeachtaí iad nach mór a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht an táirge eile sin; |
|
(d) an chaoi a gcuirtear an táirge i láthair, an lipéadú, aon rabhadh agus treoir le haghaidh a úsáide agus a dhiúscartha sábháilte agus aon tásc nó faisnéis eile maidir leis an táirge; |
|
(e) catagóirí na dtomhaltóirí a bheadh i mbaol agus an táirge á úsáid, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha amhail leanaí, seanóirí agus daoine atá faoi mhíchumas; |
|
(f) cuma an táirge, agus go háirithe i gcás táirge, cé nach bia-ábhar é, a bhfuil cuma bia-ábhar air agus a bhféadfaí é a thabhairt in amhlachas bia-ábhair mar gheall ar a fhoirm, boladh, dath, cuma, pacáistíocht, lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile; |
|
(g) más cosúil le rud a aithnítear go coitianta mar rud atá tarraingteach do leanaí nó rud atá ceaptha lena úsáid ag leanaí é an táirge i ngeall ar a dhearadh, a phacáistíocht nó a shaintréithe, cé nach bhfuil sé deartha ná ceaptha lena úsáid ag leanaí; |
|
(h) na gnéithe cibearshlándála is iomchuí atá ag teastáil chun an táirge a chosaint ar thionchar seachtrach, lena n-áirítear tríú páirtithe mailíseacha, i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfadh an tionchar sin difear do shábháilteacht an táirge; |
|
(i) feidhmiúlachtaí éabhlóideacha, foghlama agus réamh-mheasta an táirge. |
|
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní bheidh an fhéidearthacht leibhéil níos airde sábháilteachta a bhaint amach nó fáil a bheith ar tháirgí eile ar lú an riosca a ghabhann leo mar fhoras lena mheas nach bhfuil an táirge sábháilte. |
scriosta |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Chun críoch mhír 1, agus measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht an táirge, cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh, nuair atá siad ar fáil, go háirithe: |
3. Chun críoch Airteagal 5a agus i gcás nach bhfuil feidhm ag toimhde na sábháilteachta faoi Airteagal 6, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil táirge sábháilte, cuirfear na gnéithe seo a leanas, nuair atá siad ar fáil, san áireamh, go háirithe: |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh monaróirí imscrúdú ar na gearáin a fhaightear maidir le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh, ar táirgí iad arna sainaithint mar tháirgí contúirteacha ag an ngearánach, agus coimeádfaidh siad clár de na gearáin sin mar aon leis na haisghairmeacha táirgí. |
scriosta |
Cuirfidh monaróirí bealaí teagmhála ar fáil do thomhaltóirí go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin lenar féidir le tomhaltóirí gearáin a dhéanamh agus na monaróirí a chur ar an eolas faoi aon tionóisc ar bhain dóibh i ngeall ar an táirge nó aon fhadhb sábháilteachta a bhfuil acu leis. |
|
Ní stórálfar i gclár na ngearán ach amháin na sonraí pearsanta is gá chun gur féidir leis an allmhaireoir imscrúdú a dhéanamh ar an ngéarán faoin táirge a líomhnaítear gur táirge contúirteach atá ann. Ní choinneofar na sonraí sin ach chomh fada agus is gá chun críoch an imscrúdaithe agus ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis iad a ionchódú. |
|
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Dáileoirí, allmhaireoirí, agus margaí ar líne sa slabhra soláthair lena mbaineann, coinneoidh monaróirí ar an eolas iad faoi aon fhadhb sábháilteachta arna sainaithint acu. |
scriosta |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh monaróirí doiciméadacht theicniúil an táirge a tharraingt suas. Is éard a bheidh sa doiciméadacht theicniúil, de réir mar is iomchuí: |
Sula gcuirfear táirge ar an margadh, déanfaidh monaróirí doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ina mbeidh, ar a laghad, cur síos ginearálta ar an táirge agus ar a airíonna bunriachtanacha atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a shábháilteacht. |
|
I gcás go measfar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le táirge, beidh an méid seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin: |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tuairisc ghinearálta ar an táirge agus a n-airíonna riachtanacha atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge; |
scriosta |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) liosta de na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe a, nó de na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 7(3), arna gcur i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh. |
(c) liosta de na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe a, nó de na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1) pointe b nó Airteagal 7, arna gcur i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás nach gcuirfear aon cheann de na caighdeáin Eorpacha, nó na ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 7(3) i bhfeidhm ach go páirteach, déanfar na codanna a cuireadh i bhfeidhm a shainaithint. |
I gcás nach gcuirfear aon cheann de na caighdeáin Eorpacha, na ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó Airteagal 7 i bhfeidhm ach go páirteach, déanfar na codanna a cuireadh i bhfeidhm a shainaithint. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh í ach a n-iarrfar sin orthu. |
5. Áiritheoidh monaróirí go bhfuil an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i mír 4 cothrom le dáta. Coimeádfaidh siad í ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh agus beidh sí ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh an táirgeadh srathach i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Is éard a léireoidh monaróirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a seoladh poist agus a seoladh leictreonach teagmhála, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge a léireofar iad. Ní mór aon phointe teagmhála amháin don mhonaróir a bheith luaite leis an seoladh. |
7. Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an suíomh gréasáin nó seoladh leictreonach ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge. Beidh pointe teagmhála amháin luaite sa seoladh ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir. |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh an táirgeadh srathach i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. |
scriosta |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
10. Na monaróirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach táirge sábháilte é an táirge a chuir siad ar an margadh, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. |
10. Na monaróirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach táirge sábháilte é an táirge a chuir siad ar an margadh, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta go héifeachtach, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, déanfaidh monaróirí iad a chur ar an eolas láithreach ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 33 agus, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, cuirfidh siad údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar cuireadh an táirge ar fáil ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, maidir leis an riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí agus maidir le haon bheart ceartaitheach atá déanta cheana féin, agus, má tá fáil air, maidir le cainníocht na dtáirgí, de réir Ballstáit, atá fós i gcúrsaíocht ar an margadh. |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
11. Tabharfaidh na monaróirí foláireamh do thomhaltóirí gan mhoill, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, maidir leis an riosca dá sláinte agus dá sábháilteacht a bhaineann le táirge a mhonaraíonn siad, agus cuirfidh siad an méid sin in iúl gan mhoill do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit inar cuireadh an táirge ar fáil, agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe maidir leis an riosca do sláinte agus do shábháilteacht na dtomhaltóirí agus maidir le haon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
scriosta |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 11 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
11a. Cuirfidh na monaróirí na dáileoirí, na hallmhaireoirí agus, i gcás inarb ábhartha, na daoine freagracha, na soláthraithe seirbhíse comhlíonta agus na margaí ar líne sa slabhra soláthair ar an eolas maidir le haon fhadhb sábháilteachta arna sainaithint acu. |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 11 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
11b. Cuirfidh monaróirí bealaí cumarsáide ar fáil go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh, lena lamhálfar do thomhaltóirí gearáin a dhéanamh a bhaineann le táirgí a chuir monaróirí ar fáil ar an margadh agus lena gcuirfear ar chumas monaróirí a bheith ar an eolas faoi aon tionóisc nó aon saincheist faoi shábháilteacht a bhfuil ag tomhaltóirí leis na táirgí sin. |
|
Déanfaidh monaróirí imscrúdú ar na gearáin agus an fhaisnéis maidir le tionóiscí a fhaightear a bhaineann le táirgí arna sainaithint mar tháirgí contúirteacha ag an ngearánach, agus coimeádfaidh siad clár inmheánach de na gearáin sin mar aon leis na haisghairmeacha táirgí. |
|
Ní stórálfar i gclár na ngearán ach amháin na sonraí pearsanta is gá chun gur féidir leis an monaróir imscrúdú a dhéanamh ar an ngéarán faoin táirge a líomhnaítear gur táirge contúirteach atá ann. Ní choinneofar na sonraí sin ach chomh fada agus is gá chun críoch an imscrúdaithe agus i gcás ar bith, ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis iad a ionchódú. |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh an t ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú ón monaróir i gcrích. Is rud é an sainordú a ligfidh don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a chur i gcrích: |
Cuirfidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú ón monaróir i gcrích. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin dóibh. Is rud é an sainordú a ligfidh don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas, ar a laghad, a chur i gcrích: |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint go mbaineann riosca leis an táirge i dtrácht, an monaróir a chur ar an eolas faoi sin; |
(b) i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil an táirge i dtrácht sábháilte, an monaróir a chur ar an eolas faoi sin; |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta, ach a n-iarrfaidh siad sin, maidir le haon bheart a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear lena sainordú. |
(c) comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun deireadh a chur go héifeachtach leis na rioscaí a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear lena sainordú. |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina measfaidh allmhaireoir nó i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 8(4), (6) agus (7), ní chuirfidh sé an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir ar an eolas faoi sin, agus áiritheoidh sé go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi freisin. |
2. I gcás ina measfaidh allmhaireoir nó i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 8(4), (6) agus (7), ní chuirfidh sé an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir ar an eolas faoi sin, agus áiritheoidh sé go gcuirfear na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi freisin gan moill mhíchuí. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Is éard a léireoidh allmhaireoirí ar an táirge, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a seoladh poist agus a seoladh leictreonach teagmhála, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge a léireofar iad. Áiritheoidh siad nach mbeidh aon fhaisnéis ar an lipéad arna sholáthar ag an monaróir faoi cheilt ag aon lipéad breise. |
3. Is éard a léireoidh allmhaireoirí ar an táirge, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an suíomh gréasáin nó a seoladh leictreonach teagmhála, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge a léireofar iad. Áiritheoidh siad nach mbeidh aon fhaisnéis ar an lipéad arna sholáthar ag an monaróir faoi cheilt ag aon lipéad breise. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 6 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil na bealaí cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an dara fomhír, ar fáil do thomhaltóirí trínar féidir leo gearáin a dhéanamh agus aon tionóisc a bhain dóibh i ngeall ar an táirge nó aon fhadhb sábháilteachta a bhí acu leis a chur in iúl. Murab ann do na bealaí sin, cuirfidh an t-allmhaireoir ar fáil iad. |
Fíoróidh allmhaireoirí an bhfuil na bealaí cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8(11b), an chéad fhomhír, ar fáil go poiblí agus an lamháiltear leo gearáin agus cumarsáid a dhéanamh maidir le haon tionóisc nó saincheist faoi shábháilteacht a bhí ag tomhaltóirí leis an táirge, agus riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh. Murab ann do na bealaí sin, cuirfidh an t-allmhaireoir ar fáil iad. |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 6 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh allmhaireoirí imscrúdú ar ghearáin maidir le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh agus déanfaidh siad na gearáin sin mar aon leis na haisghairmeacha táirgí a thaifeadadh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, nó ina gcuid clár féin. Coimeádfaidh allmhaireoirí an monaróir agus na dáileoirí ar an eolas faoin imscrúdú a rinneadh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe. |
Déanfaidh allmhaireoirí imscrúdú ar ghearáin agus ar fhaisnéis maidir le tionóiscí a bhaineann le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh, ar táirgí iad atá sainaitheanta ag an ngearánach mar tháirgí contúirteacha, agus déanfaidh siad na gearáin sin, mar aon leis na haisghairmeacha táirgí, a chomhdú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 8(11b), an dara fomhír, agus ina gclár inmheánach féin. Coimeádfaidh allmhaireoirí an monaróir, na dáileoirí agus, i gcás inarb ábhartha, na soláthraithe seirbhíse comhlíonta agus na margaí ar líne ar an eolas faoin imscrúdú arna dhéanamh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe. |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Na hallmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach táirge sábháilte é an táirge a chuir siad ar an margadh, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. I gcás nár glacadh na bearta sin cheana, is bearta iad a ghlacfaidh an t-allmhaireoir. Áiritheoidh na hallmhaireoirí go dtabharfar foláireamh do thomhaltóirí gan mhoill agus go héifeachtach tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, maidir leis an riosca, i gcás inarb infheidhme, agus go gcuirfear an méid sin in iúl gan mhoill do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit inar chuir siad an táirge ar fáil, agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe maidir leis an riosca do shláinte agus do shábháilteacht na dtomhaltóirí agus maidir le haon bheart a rinneadh cheana. |
8. Na hallmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach táirge sábháilte é an táirge a chuir siad ar an margadh, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas láithreach agus áiritheoidh siad go nglacfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta go héifeachtach, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. I gcás nár glacadh na bearta sin cheana, is bearta iad a ghlacfaidh an t-allmhaireoir. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, áiritheoidh allmhaireoirí go dtabharfar foláireamh láithreach ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 33 agus go gcuirfear údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas láithreach ina leith sin tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta cheana, agus, má tá fáil air, cainníocht na dtáirgí, de réir Ballstáit, atá fós i gcúrsaíocht ar an margadh. |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. Coimeádfaidh na hallmhaireoirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4) ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus cuirfidh siad ar fáil í do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ach a n-iarrfar sin orthu. |
9. Coimeádfaidh na hallmhaireoirí cóip den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4), an chéad fomhír, ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh a bheidh ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 8(4), an dara fomhír, pointí (a) agus (b), i gcás inarb infheidhme, a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin. |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach bhfuil táirge i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfidh siad an táirge sin ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an dáileoir an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir nó don allmhaireoir de réir mar is infheidhme, agus áiritheoidh sé, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin freisin. |
3. Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfidh siad an táirge sin ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an dáileoir an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir nó don allmhaireoir de réir mar is infheidhme, agus áiritheoidh sé, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin freisin. |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Na dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise a bhfuil acu, nach sábháilte an táirge a chuir siad ar fáil ar an margadh nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 8(6), (7) agus (8), ná le hAirteagal 10(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, áiritheoidh siad go nglacfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh dáileoirí an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir nó don allmhaireoir, de réir mar is infheidhme agus áiritheoidh siad, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh sa Bhallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas faoi sin freisin agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe faoi na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
4. Na dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise a bhfuil acu, nach sábháilte an táirge a chuir siad ar fáil ar an margadh nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 8(6), (7) agus (8), ná le hAirteagal 10(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, áiritheoidh siad go nglacfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta go héifeachtach, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh dáileoirí an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir nó don allmhaireoir, de réir mar is infheidhme agus áiritheoidh siad, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh sa Bhallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas faoi sin freisin agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe faoi na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
-1. Measfar duine nádúrtha nó dlítheanach a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 8 i gcás ina gcuirfidh an duine nádúrtha nó dlítheanach sin táirge ar an margadh faoi ainm nó trádmharc an duine nádúrtha nó dlítheanaigh sin. |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ní athruithe iad a rinne an tomhaltóir le haghaidh a úsáide féin. |
(c) ní athruithe iad a rinne an tomhaltóir le haghaidh a úsáide féin nó athruithe a dhéantar ar iarratas sonrach ón tomhaltóir maidir le gnéithe sábháilteachta riachtanacha an táirge |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha gur éifeachtach é an beart ceartaitheach a rinneadh ó thaobh deireadh a chur leis na rioscaí nó iad a mhaolú. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a chur faoina mbráid agus is iad a chinnfidh an amhlaidh atá an beart ceartaitheach curtha i gcrích, sin nó an uair is féidir a mheas go bhfuil sé curtha i gcrích. |
scriosta |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Sa bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh sé tástáil shamplach go tráthrialta ar tháirgí arna roghnú go randamach, ar táirgí iad a cuireadh ar fáil ar an margadh. Táirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh, sa chás go raibh siad faoi réir cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh faoi Airteagal 26(1) den Rialachán seo, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh sé, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar feadh thréimhse iomlán an chinnidh, tástáil shamplach ionadaíoch ar na táirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh, táirgí arna roghnú faoi rialú oifigigh bhreithiúnaigh nó aon duine cáilithe eile arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch lonnaithe. |
2. Sa bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, maidir leis na táirgí, na catagóirí nó na grúpaí táirgí a bhunaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 tástálacha go tráthrialta ar tháirgí arna roghnú go randamach, ar táirgí iad a cuireadh ar fáil ar an margadh. |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Faoi... [sé mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 41 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na táirgí, na catagóirí nó na grúpaí táirgí a bhunú a mbeidh feidhm ag oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo maidir leo. |
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun liosta na dtáirgí, na gcatagóirí nó na ngrúpaí táirgí a bhunaítear a leagtar amach sa chéad fhomhír a leasú. |
|
Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír á n-ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte agus do shábháilteacht na dtomhaltóirí, arb iad na táirgí lena mbaineann is cúis leis, bunaithe ar an bhfaisnéis ó Safety Gate, a bhaineann go háirithe leis na táirgí is minice a liostaítear ann, agus ar fhianaise ábhartha eile. |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán 2019/1020, lena n-áirítear a sheoladh poist agus a sheoladh leictreonach, is faisnéis í a léireofar ar an táirge, nó ar a phacáistíocht, a bheartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis. |
3. Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán 2019/1020, lena n-áirítear a sheoladh poist agus a shuíomh gréasáin nó a sheoladh r-phoist, is faisnéis í a léireofar ar an táirge, nó ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis. |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta i bhfeidhm chun faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fáil saor in aisce d’oibreoirí eacnamaíocha ach a n-iarrfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin. |
Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta i bhfeidhm chun faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus rialacha náisiúnta ar shábháilteacht táirgí is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Airteagal 9(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2019/515. |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte sonracha maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe na hoibreoirí sin atá incháilithe mar FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, maidir leis an gcaoi leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh sé d’aidhm acu, go háirithe, an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí beaga a shimpliú agus a theorannú agus cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach a áirithiú ag an am céanna i gcomhréir leis an gcuspóir ginearálta sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú. |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás táirgí áirithe, catagóirí nó grúpaí de tháirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo i ndáil le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, ar bhonn tionóiscí a cláraíodh sa Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht, staidreamh ón gcóras Safety Gate, thorthaí na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha i leith sábháilteachta táirgí, sin nó táscairí nó fianaise ábhartha eile, féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar oibreoirí eacnamaíocha córas inrianaitheachta a bhunú, sin nó cloí le córas den chineál sin, ar oibreoirí eacnamaíocha iad a chuireann na táirgí sin ar an margadh nó a chuireann ar fáil ar an margadh iad. |
1. I gcás táirgí áirithe, catagóirí nó grúpaí de tháirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo i ndáil le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, bunaithe ar thionóiscí atá cláraithe sa Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht, i staidreamh Safety Gate, ar thorthaí na gcomhghníomhaíochtaí i leith sábháilteacht táirgí agus ar tháscairí nó fianaise ábhartha eile, agus tar éis dul i gcomhairle leis an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 28, le grúpaí saineolaithe ábhartha agus geallsealbhóirí ábhartha, féadfaidh an Coimisiún córas inrianaitheachta a bhunú a ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann na táirgí sin ar fáil ar an margadh cloí leis. |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Is éard a bheidh i gceist leis an gcóras inrianaitheachta sonraí a bhailiú agus a stóráil, lena n-áirítear trí mhodh leictreonach, trínar féidir an táirge, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá bainteach lena shlabhra soláthair a shainaithint, mar aon le modhanna chun na sonraí sin a thaispeáint agus rochtain a thabhairt orthu, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis. |
2. Is éard a bheidh i gceist leis an gcóras inrianaitheachta sonraí a bhailiú agus a stóráil, lena n-áirítear trí mhodh leictreonach, trínar féidir an táirge, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá bainteach lena shlabhra soláthair a shainaithint, mar aon le módúlachtaí chun na sonraí sin a thaispeáint agus rochtain phoiblí orthu a cheadú, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis. |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) na módúlachtaí chun sonraí a thaispeáint agus chun rochtain a thabhairt orthu, lena n-áirítear trí iompróir sonraí a chur ar an táirge, a phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis, rud dá dtagraítear i mír 2. |
(c) na módúlachtaí chun sonraí a thaispeáint agus chun rochtain phoiblí orthu a cheadú, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, a phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis dá dtagraítear i mír 2. |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 4 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) a gcomhoiriúnacht leis na córais inrianaitheachta atá ar fáil ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
(b) an chomhoiriúnacht agus an idir-inoibritheacht le córais eile inrianaitheachta táirgí atá curtha ar bun cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon lena seoladh poist nó lena seoladh leictreonach teagmhála; |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist agus an suíomh gréasáin nó seoladh r-phoist ar féidir dul i dteagmháil leis; |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas: ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh leictreonach an duine fhreagraigh de réir bhrí Airteagal 15(1); |
(b) i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas: ainm, seoladh, agus an suíomh gréasáin nó seoladh r-phoist an duine fhreagraigh de réir bhrí Airteagal 15(1); |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, má tá siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile; |
(c) pictiúir agus faisnéis eile lena gceadaítear an táirge a shainaithint, lena n-áirítear a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) aon rabhadh nó faisnéis sábháilteachta atá le greamú ar an táirge nó atá le gabháil leis i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le comhchuibhiú, agus iad i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí. |
(d) aon rabhadh nó faisnéis sábháilteachta atá le greamú ar an táirge nó ar an bpacáistíocht nó atá le gabháil leis i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le comhchuibhiú, agus iad i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí. |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí nó fadhbanna sábháilteachta a bhaineann le táirgí |
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí a bhaineann le sábháilteacht táirgí |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh an monaróir, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, i gcás tionóisc arb é is cúis léi táirge a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh, laistigh de dhá lá oibre ón uair a bhíonn a fhios aige faoin tionóisc, go dtabharfar fógra faoin tionóisc sin do na húdaráis inniúla sa Bhallstát inar tharla an tionóisc. Is éard a bheidh san fhógra cineál agus uimhir aitheantais an táirge mar aon le dálaí na tionóisce más eol sin. Tabharfaidh an monaróir fógra do na húdaráis inniúla faoi aon fhaisnéis eile atá ábhartha, ach a n-iarrfar sin air. |
1. Áiritheoidh an monaróir, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, i gcás tionóisc arb é is cúis dhíreach léi táirge a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh, go dtabharfar fógra faoin tionóisc sin láithreach tar éis fáil amach faoi, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó maidir le torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(11b), de réir mar is infheidhme, do na húdaráis inniúla sa Bhallstát inar tharla an tionóisc. Is éard a bheidh san fhógra cineál agus uimhir aitheantais an táirge mar aon le dálaí na tionóisce más eol sin. Tabharfaidh an monaróir fógra do na húdaráis inniúla faoi aon fhaisnéis eile atá ábhartha, ach a n-iarrfar sin air. |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Na hallmhaireoirí agus na dáileoirí a bhfuil ar an eolas faoi thionóisc arb é is cúis léi táirge a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi sin, agus is féidir leis an monaróir a ordú don allmhaireoir nó do cheann de na dáileoirí an fógra a thabhairt. |
2. Na hallmhaireoirí agus na dáileoirí a bhfuil ar an eolas faoi thionóisc arb é is cúis léi táirge a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi sin láithreach, agus is féidir leis an monaróir fógra a thabhairt i gcomréir le mír 1 nó a ordú don allmhaireoir nó do cheann de na dáileoirí fógra den chineál sin a thabhairt. |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 19a |
|
Ceanglais faisnéise i bhformáid leictreonach |
|
Gan dochar d’Airteagal 8(6), (7) agus (8), Airteagal 10(3) agus Airteagal 15(3), féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sna hAirteagail sin a sholáthar freisin i bhformáid dhigiteach trí bhíthin réitigh leictreonacha, amhail cód QR nó cód maitríse, atá le feiceáil go soiléir ar an táirge nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Beidh an fhaisnéis sin i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí, teanga arna cinneadh de réir an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil, agus i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair trínar féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na húdaráis um fhaireachas margaidh de chuid na mBallstát maidir le fadhbanna sábháilteachta táirgí, agus go háirithe maidir le horduithe a bhaineann le tairiscintí táirgí contúirteacha. |
Gan dochar do na hoibleagáidí ginearálta dá bhforáiltear in [Airteagal 10 de Rialachán (AE) [.../...]] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, ainmneoidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair trínar féidir teagmháil dhíreach thapa a dhéanamh leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis inniúla eile de chuid na mBallstát maidir le fadhbanna sábháilteachta táirgí, agus go háirithe maidir le horduithe a bhaineann le tairiscintí táirgí contúirteacha. |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cláróidh margaí ar líne leis an tairseach Safety Gate agus léireoidh siad an fhaisnéis maidir lena bpointe teagmhála aonair sa tairseach. |
Cláróidh margaí ar líne go héasca leis an tairseach Safety Gate agus léireoidh siad an fhaisnéis maidir lena bpointe teagmhála aonair sa tairseach. |
|
Bainfidh margaí ar líne úsáid as an bpointe teagmhála aonair arna ainmniú i gcomhréir le [hAirteagal 10a de Rialachán (AE) [.../...]] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, chun a chur ar chumas tomhaltóirí cumarsáid a dhéanamh leo go díreach agus go tapa. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge contúirteacha a bhaint óna chomhéadan ar líne, sin nó rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. Cuimseoidh orduithe den sórt sin ráiteas ar na cúiseanna atá leo agus sonrófar iontu aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne beacht amháin nó níos mó, agus i gcás inar gá, faisnéis bhreise lenar féidir an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint. Féadfar iad a tharchur trí bhíthin na tairsí Safety Gate. |
2. Maidir leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht dá n-údaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, orduithe a eisiúint i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in [Airteagal 8(2)] de Rialachán [DSA…/…] do mhargaí ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge contúirteach a bhaint óna chomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. |
Glacfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe a eisítear i gcomhréir leis an mír seo a fháil agus a phróiseáil. Gníomhóidh siad gan moill mhíchuí de bhun an ordaithe a eisíodh, agus, ar aon chás, laistigh de dhá lá oibre ó fuarthas an t-ordú sa Bhallstát ina bhfuil an margadh ar líne ag oibriú. Cuirfidh siad an t-údarás um fhaireachas margadh a d’eisigh an t-ordú ar an eolas faoin éifeacht a tugadh don ordú trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa chóras Safety Gate. |
Glacfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe a eisítear i gcomhréir leis an mír seo a fháil agus a phróiseáil. Gníomhóidh siad go tapa de bhun an ordaithe a eisíodh. Má tá an fhaisnéis a chuirfidh na húdaráis faireachais margaidh ar fáil cruinn go leor chun gur féidir an t-ábhar neamhdhleathach lena dtagraítear do tháirge contúirteach a shainaithint láithreach agus a shuíomh láithreach, gníomhóidh na margaí ar líne laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis dóibh an t-ordú a fháil. Má chaithfidh na margaí ar líne taighde breise a dhéanamh chun an táirge a shainaithint, gníomhóidh siad laistigh de dhá lá oibre ó fuarthas an t-ordú. Cuirfidh siad an t-údarás um fhaireachas margadh a d’eisigh an t-ordú ar an eolas faoin éifeacht a tugadh don ordú trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa chóras Safety Gate. Chun na críche sin, ceadóidh na húdaráis faireachais margaidh cumarsáid trí ríomhphost nó trí mhodhanna leictreonacha eile. |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Cuirfidh margaí ar líne an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha ar an eolas, i gcás inar féidir, faoin gcinneadh rochtain ar an ábhar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú. |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Féadfar a cheangal le horduithe arna n-eisiúint de bhun mhír 2, le linn na tréimhse a luaitear san ordú, ar an soláthraí margaidh ar líne an t-ábhar mídhleathach comhionann ar fad a thagraíonn don táirge contúirteach atá i gceist a bhaint dá chomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh, ar choinníoll go bhfuil an cuardach ar an ábhar lena mbaineann teoranta don fhaisnéis a shainaithnítear san ordú agus nach gceanglaítear ar an soláthraí measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an ábhar sin, agus gur féidir é a dhéanamh trí uirlisí cuardaigh uathoibrithe atá iontaofa agus comhréireach. |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. I gcás ina ndiúltaíonn soláthraí margaí ar líne cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 2b, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150 agus in [Airteagal 17 de... Rialachán DSA]. |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2d. Tar éis don trádálaí an táirge nó an tseirbhís a thairiscint, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne iarrachtaí réasúnacha chun seiceáil randamach a dhéanamh i dtaobh ar sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí contúirteacha in aon bhunachair sonraí ar líne nó comhéadain ar líne atá oifigiúil, inrochtana agus inléite ag meaisín, go háirithe an tairseach Safety Gate. |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfaidh margaí ar líne aird ar fhaisnéis a fhaightear go tráthrialta faoi tháirgí contúirteacha ar thug na húdaráis um fhaireachas margaidh fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 24, ar faisnéis í a fhaightear tríd an tairseach Safety Gate, d’fhonn a mbearta deonacha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó an rochtain air a dhíchumasú i gcás inarb infheidhme, ar inneachar neamhdhleathach é a thagraíonn do tháirgí contúirteacha atá á dtairiscint ar a margadh ar líne. Cuirfidh siad an t-údarás a thug an fógra sa chóras Safety Gate ar an eolas faoi aon bheart a rinneadh trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa chóras Safety Gate. |
3. Tabharfaidh margaí ar líne aird ar fhaisnéis a fhaightear go tráthrialta faoi tháirgí contúirteacha ar thug na húdaráis um fhaireachas margaidh fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 24, ar faisnéis í a fhaightear tríd an tairseach Safety Gate, d’fhonn a mbearta deonacha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó an rochtain air a dhíchumasú i gcás inarb infheidhme, ar inneachar neamhdhleathach é a thagraíonn do tháirgí contúirteacha atá á dtairiscint ar a margadh ar líne, agus trí úsáid a bhaint as an gcomhéadan idir-inoibritheach ar Safety Gate arna fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 23 Cuirfidh siad an t-údarás a thug an fógra sa chóras Safety Gate ar an eolas faoi aon bheart a rinneadh trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa chóras Safety Gate. |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh margaí ar líne freagra iomchuí gan moill mhíchuí, agus ar aon chás, laistigh de chúig lá oibre sa Bhallstát ina bhfuil an margadh ar líne ag oibriú, freagra ar fhógraí a bhaineann le fadhbanna sábháilteachta táirgí agus táirgí contúirteacha, fógraí a fuarthas i gcomhréir le [Airteagal 14] de Rialachán (AE) [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE. |
4. Déanfaidh margaí ar líne, gan moill mhíchuí, agus ar aon chás laistigh de thrí lá oibre, próiseáil ar fhógraí a bhaineann le saincheisteanna sábháilteachta táirgí maidir leis an táirge a tháirgtear lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí, ar fógraí iad a fuarthas i gcomhréir le [Airteagal 14] de Rialachán (AE) [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE. |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críoch na gceanglas in Airteagal 22(7) de Rialachán [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lenar féidir le trádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhair gach táirge a thairgtear, agus ar bhealach a áirithíonn go bhfuil sí ar taispeáint, sin nó go bhfuil rochtain éasca ag tomhaltóirí uirthi ar shlí eile ar thairiscint an táirge: |
Chun críoch na gceanglas in [Airteagal 24(c) de Rialachán […/…]] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lenar féidir le trádálaithe a úsáideann a seirbhísí an Rialachán seo a chomhlíonadh. |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Áiritheoidh na margaí ar líne go ndéanfar an fhaisnéis seo a leanas arna cur ar fáil ag trádálaithe i gcomhair gach táirge a thaispeáint go soiléir agus go mbeidh sí infheicthe nó go mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí uirthi ar an liostú táirge: |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon lena seoladh poist nó lena seoladh leictreonach teagmhála; |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist agus an suíomh gréasáin nó seoladh r-phoist lenar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir; |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas: ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh leictreonach an duine fhreagraigh de réir bhrí Airteagal 15(1); |
(b) i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas: ainm, seoladh, suíomh gréasáin nó seoladh leictreonach an duine fhreagraigh i gcomhréir le hAirteagal 15(1); |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, má tá siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile; |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Comhoibreoidh na margaí ar líne leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha chun éascaíocht a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí nó, mura féidir sin a dhéanamh, chun na rioscaí sin a mhaolú. Is éard a bheidh i gceist leis an gcomhar sin go háirithe: |
Comhoibreoidh na margaí ar líne leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha chun éascaíocht a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí nó, mura féidir sin a dhéanamh, chun na rioscaí sin a mhaolú. |
|
Go háirithe, déanfaidh margaí ar líne an méid seo a leanas: |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) comhoibriú lena áirithiú go n-aisghairfear táirgí ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur ar aisghairmeacha táirgí; |
(a) comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha chun a áirithiú go n-aisghairfear táirgí ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur ar aisghairmeacha táirgí agus trí thomhaltóirí a chur ar an eolas faoi sin, lena n-áirítear trí fhógra aisghairme a fhógairt ar a gcomhéadan; |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) oibreoirí eacnamaíocha a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis a chuireann tomhaltóirí in iúl tríd an bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear i mír 1a maidir le tionóiscí nó saincheisteanna sábháilteachta i ndáil leis an táirge a tháirgeann na hoibreoirí eacnamaíocha sin lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí; |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe a b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ab) fógra a thabhairt go gasta, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, maidir le haon tionóisc a bhfuil eolas iarbhír acu ina leith go bhfuil riosca tromchúiseach nó damáiste iarbhír do shláinte nó do shábháilteacht tomhaltóra mar thoradh air mar thoradh ar tháirge a chuirtear ar fáil ar a margadh agus an monaróir a chur ar an eolas faoin méid sin. |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh; |
(b) údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar cuireadh an táirge ábhartha ar fáil a chur ar an eolas faoi tháirgí neamhshábháilte a tairgeadh ar a gcomhéadan tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25 faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh; |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) comhoibriú leis na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta agus ar bhealach struchtúrtha maidir leis na tairiscintí a baineadh de na margaí ar líne ar bhonn an Airteagail seo; |
(c) comhoibriú leis na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta agus ar bhealach struchtúrtha maidir leis na tairiscintí a bhain na margaí ar líne ar bhonn an Airteagail seo; |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) rochtain ar a gcomhéadan a cheadú do na huirlisí ar líne a úsáideann na húdaráis um fhaireachas margaidh chun táirgí contúirteacha a shainaithint; |
(d) rochtain ar a gcomhéadan a cheadú do na huirlisí ar líne a úsáideann na húdaráis um fhaireachas margaidh chun táirgí contúirteacha a shainaithint; |
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) comhoibriú chun slabhra soláthair táirgí contúirteacha a shainaithint, a mhéid is féidir, trí fhreagra a thabhairt ar iarrataí ar shonraí, má tharlaíonn sé nach bhfuil faisnéis ábhartha ar fáil go poiblí; |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) ach a n-iarrfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh sin, nuair atá bacainní teicniúla curtha i bhfeidhm ag na margaí ar líne nó na díoltóirí ar líne roimh shonraí a asbhaint óna gcomhéadan ar líne (camchóipeáil sonraí), é a cheadú do na húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí sin a chamchóipeáil chun críoch sábháilteachta táirgí, ar bhonn paraiméadair aitheantais arna soláthair ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a rinne an iarraidh. |
(e) ar iarraidh bheacht ó na húdaráis um fhaireachas margaidh nó údarás inniúil eile, nuair atá bacainní teicniúla curtha i bhfeidhm ag na margaí ar líne nó ag na díoltóirí ar líne roimh shonraí a asbhaint óna gcomhéadan ar líne (camchóipeáil sonraí), é a cheadú do na húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí sin a chamchóipeáil chun críoch sábháilteachta táirgí amháin, bunaithe ar pharaiméadair aitheantais arna soláthair ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a rinne an iarraidh. |
|
Chun críche phointe (d) agus phointe (e) den dara mír den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/1020. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 20a |
|
Meabhráin tuisceana |
|
1. Féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh meabhráin tuisceana dheonacha a chur chun cinn le margaí ar líne agus le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus do thomhaltóirí chun gealltanais dheonacha a dhéanamh maidir leis na táirgí a thairgtear le díol ar líne trína seirbhísí agus é mar aidhm acu sábháilteacht táirgí a fheabhsú. |
|
2. Beidh gealltanais dheonacha faoi na meabhráin tuisceana gan dochar do na hoibleagáidí atá ar mhargaí ar líne faoin Rialachán seo agus faoi reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
-1. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus aird chuí á tabhairt acu ar phrionsabal an réamhchúraim ar bhealach comhréireach. |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh scéimeanna a bhunú lena ndíreofar ar rialú a dhéanamh ar phróisis inmheánacha maidir le sábháilteacht táirgí arna mbunú ag oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 13. |
4. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 28, scéimeanna a bhunú lena ndíreofar ar rialú a dhéanamh ar phróisis inmheánacha maidir le sábháilteacht táirgí arna mbunú ag oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 13. |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh cigireachtaí, ar bhonn rialta, ar shamplaí de tháirgí, de chatagóirí nó de ghrúpaí táirgí a gheofar faoi chéannacht cheilte. |
|
Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír go háirithe ar tháirgí agus ar chatagóirí nó ar ghrúpaí táirgí a chuirtear ar fáil i margaí ar líne agus táirgí agus catagóirí nó grúpaí táirgí is minice a dtugtar fógra ina leith sa chóras Safety Gate. |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. Maidir le haon bheart a ghlacann údaráis inniúla lena gcuirtear srian ar tháirge a chur ar an margadh nó lena n-éilítear an táirge sin a aistarraingt nó a aisghairm, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh an bhirt sin os comhair na gcúirteanna inniúla. |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cur chun feidhme |
Tuairisciú |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Uair amháin sa bhliain, cuirfidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo in iúl don Choimisiún. |
1. Uair amháin sa bhliain, cuirfidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo in iúl don Choimisiún. |
|
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair a tharraingt suas agus cuirfidh sé ar fáil don phobal í. |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na táscairí aschuir ar ar a mbonn is gá do na Ballstáit na sonraí sin a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
2. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na táscairí aschuir ar ar a mbonn is gá do na Ballstáit na sonraí sin a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 42(2). |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Caibidil VI – Teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
VI An Córas Mear-rabhaidh Safety Gate |
Safety Gate |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Safety Gate |
An córas mear-rabhaidh Safety Gate |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh an Coimisiún córas mear-rabhaidh a fhorbairt agus a chothabháil a thuilleadh chun faisnéis a mhalartú maidir le bearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí contúirteacha (‘an córas Safety Gate’). |
1. Déanfaidh an Coimisiún córas mear-rabhaidh a fhorbairt agus a nuachóiriú a thuilleadh chun faisnéis a mhalartú maidir le bearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí contúirteacha (‘an córas Safety Gate’), chomh maith le feabhas a chur ar a éifeachtúlacht. |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Faoi... [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], forbróidh an Coimisiún comhéadan idir-inoibritheach lenar féidir le margaí ar líne a gcomhéadan a nascadh leis an gcóras Safety Gate dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar cur chun feidhme an chomhéadain idir-inoibritheach ar an gcóras Safety Gate de réir mhír 1a, go háirithe maidir le rochtain ar an gcóras agus ar oibriú an chórais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tar éis dó fógra a fháil, seiceálfaidh an Coimisiún an gcomhlíonann sé an tAirteagal seo agus na ceanglais a bhaineann le hoibriú an chórais Safety Gate, arna sainiú ag an gCoimisiún ar bhonn mhír 7, agus tarchuirfidh sé é chuig na Ballstáit eile más rud é go gcomhlíontar na ceanglais. |
3. Tar éis dó fógra a fháil, seiceálfaidh an Coimisiún an gcomhlíonann sé an tAirteagal seo agus na ceanglais a bhaineann le hoibriú an chórais Safety Gate, arna sainiú ag an gCoimisiún ar bhonn mhír 7, agus tarchuirfidh sé é chuig na Ballstáit eile gan moill mhíchuí más rud é go gcomhlíontar na ceanglais. |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra maidir le bearta ceartaitheacha a rinneadh i ndáil le táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo, tabharfaidh na Ballstáit eile fógra tríd an gcóras Safety Gate faoi na bearta agus na gníomhaíochtaí a rinneadh ina dhiaidh sin maidir leis na táirgí céanna agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear torthaí aon tástála nó anailíse a rinneadh, laistigh de dhá lá oibre ón dáta a ghlacfar na bearta nó na gníomhaíochtaí. |
5. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra maidir le bearta ceartaitheacha a rinneadh i ndáil le táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo, tabharfaidh na Ballstáit eile fógra tríd an gcóras Safety Gate faoi na bearta agus na gníomhaíochtaí a rinneadh ina dhiaidh sin maidir leis na táirgí céanna agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear torthaí aon tástála nó anailíse a rinneadh, gan mhoill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná dhá lá oibre ón dáta a ghlacfar na bearta nó na gníomhaíochtaí. |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Má shainaithníonn an Coimisiún táirgí ar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach ag baint leo agus nach bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith tríd an gcóras Safety Gate, cuirfidh sé é sin in iúl do na Ballstáit. Déanfaidh na Ballstáit na fíoruithe iomchuí agus, má ghlacann siad bearta, déanfaidh siad iad a chur in iúl tríd an gcóras Safety Gate i gcomhréir le mír 1. |
6. Má shainaithníonn an Coimisiún, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise a fuarthas ó thomhaltóirí nó eagraíochtaí tomhaltóirí, táirgí ar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach ag baint leo agus nach bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith tríd an gcóras Safety Gate, cuirfidh sé é sin in iúl do na Ballstáit agus do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann dá réir sin. Déanfaidh na Ballstáit na fíoruithe iomchuí agus, má ghlacann siad bearta, déanfaidh siad iad a chur in iúl tríd an gcóras Safety Gate i gcomhréir le mír 1. |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Déanfaidh an Coimisiún comhéadan idir an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus an córas Safety Gate a fhorbairt chun go seachnófar iontráil dhúbailte sonraí agus chun gur féidir dréachtfhógra faoin gcóras Safety Gate a spreagadh ón gcóras faisnéise agus cumarsáide sin. |
7. Fágfaidh an Coimisiún an comhéadan dá dtagraítear in Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) 2019/1020 a chur chun feidhme idir an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus an córas Safety Gate chun go mbeifear in ann dréachtfhógra faoin gcóras Safety Gate a spreagadh ón gcóras faisnéise agus cumarsáide sin chun iontráil dhúbailte sonraí a sheachaint. |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar cur chun feidhme an Airteagail seo, agus go háirithe an rochtain ar an gcóras, oibriú an chórais, an fhaisnéis atá le cur isteach sa chóras, na ceanglais is gá do na fógraí a chomhlíonadh, agus critéir chun an leibhéal riosca a mheasúnú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh lena sonrófar an Airteagal seo a chur chun feidhme, agus go háirithe an méid seo a leanas: |
|
(a) rochtain ar an gcóras; |
|
(b) oibriú an chórais; |
|
(c) an fhaisnéis atá le hiontráil sa chóras; |
|
(d) na ceanglais nach mór fógraí a chomhlíonadh; |
|
(e) na critéir chun leibhéal an riosca a mheasúnú. |
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8a. Faoi... [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, den chóras Safety Gate dá dtagraítear sa Rialachán seo agus maidir le cur chun feidhme an chomhéadain idir an dá chóras, lena n-áirítear faisnéis maidir lena bhfeidhmiúlachtaí faoi seach agus maidir le forbairt na gcóras nua, amlínte, buiséad agus líon na foirne tiomnaithe, i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraíonn na córais sin. |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh an Coimisiún tairseach ghréasáin a chothabháil lena gcuirfear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8(11), 9(2) pointe (c), 10(8), 11(3), 11(4) agus in Airteagal 19 a sholáthar do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do thomhaltóirí. |
1. Déanfaidh an Coimisiún tairseach ghréasáin (‘an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht’) a chothabháil lena gcuirfear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha bealach éasca chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8(10), 9(2) pointe (c), 10(8), 11(3), 11(4) agus in Airteagal 19 a sholáthar do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do thomhaltóirí. |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfar a áireamh ar na bearta sin bearta lena dtoirmisctear, lena gcuirtear ar fionraí nó lena sriantar táirgí den sórt sin a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó lena leagtar síos coinníollacha speisialta maidir lena margú, chun ardleibhéal cosanta le haghaidh shábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú. |
Féadfar a áireamh ar na bearta sin bearta lena dtoirmisctear, lena gcuirtear ar fionraí nó lena sriantar táirgí den sórt sin a chur ar fáil ar an margadh nó lena leagtar síos coinníollacha speisialta maidir lena measúnú comhréireachta maidir leis an gceanglas sábháilteachta, de réir mar is infheidhme, nó maidir le margú, chun ardleibhéal cosanta le haghaidh shábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú. |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Beidh toirmeasc ar onnmhairiú táirge ón Aontas atá toirmiscthe a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais de bhun beart a glacadh i gcomhréir le mír 1 nó 3, ach amháin má cheadaíonn an beart é sin a dhéanamh go sainráite. |
4. Beidh toirmeasc ar onnmhairiú táirge ón Aontas atá toirmiscthe a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais de bhun beart a glacadh i gcomhréir le mír 1 nó 3, ach amháin má cheadaíonn an beart é sin a dhéanamh go sainráite. |
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Féadfaidh aon Bhallstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun scrúdú a dhéanamh ar an ngá le beart dá dtagraítear i mír 1 nó 3 a ghlacadh. |
5. Féadfaidh aon Bhallstát nó páirtithe leasmhara ábhartha iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun scrúdú a dhéanamh ar an ngá le beart dá dtagraítear i mír 1 nó 3 a ghlacadh. |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina dtabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit eile ar chonclúid éagsúil ó thaobh sainaitheanta de nó ó thaobh leibhéal an riosca de ar bhonn a n-imscrúdaithe agus a measúnaithe riosca féin, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún eadráin a dhéanamh. Sa chás sin, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit go léir moladh a chur in iúl. |
2. I gcás ina dtabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit eile ar chonclúid éagsúil ó thaobh sainaitheanta de nó ó thaobh leibhéal an riosca de ar bhonn a n-imscrúdaithe agus a measúnaithe riosca féin, déanfaidh an gCoimisiún próiseas eadrána a thosú. Chun na críche sin, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit go léir moladh a chur in iúl. |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 5 – fomhír 1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil thréimhsiúil a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm an tsásra eadrána, agus déanfar an tuarascáil sin a thíolacadh don Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 28. |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Is é a bheidh mar chuspóir don Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a bheith ina ardán le haghaidh comhordú agus comhar struchtúrtha idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún chun sábháilteacht táirgí a fheabhsú san Aontas. |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh sé mar chuspóir ag an Líonra sin um Shábháilteacht Tomhaltóirí an méid seo a leanas, go háirithe, a éascú: |
Beidh sé mar chuspóir ag an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí an méid seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh: |
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) faisnéis a mhalartú maidir le measúnuithe riosca, táirgí contúirteacha, modhanna tástála agus torthaí, forbairtí nua eolaíocha chomh maith le gnéithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe; |
(a) éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú reatha faisnéise maidir le measúnú riosca, táirgí contúirteacha, modhanna tástála agus torthaí, caighdeáin, modheolaíochtaí chun sonraí a bhailiú, idir-inoibritheacht faisnéise agus córas cumarsáide, forbairtí nua eolaíocha agus úsáid teicneolaíochtaí nua chomh maith le gnéithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe; |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) tionscadail chomhpháirteacha faireachais agus tástála a bhunú agus a chur i bhfeidhm; |
(b) teacht ar chomhaontú maidir le comhthionscadail faireachais agus tástála a bhunú agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcomhthéacs ríomhthráchtála; |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú agus comhar i ngníomhaíochtaí oiliúna; |
(c) malartú saineolais agus dea-chleachtas a chur chun cinn agus comhar a dhéanamh i ngníomhaíochtaí oiliúna; |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) comhar feabhsaithe ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí contúirteacha a rianú, a tharraingt siar agus a aisghairm; |
(d) feabhas a chur ar an gcomhar ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí contúirteacha a rianú, a aistarraingt agus a aisghairm. |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) comhar feabhsaithe idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú sábháilteachta táirgí, go háirithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30 a éascú. |
(e) éascaíocht a dhéanamh ar chomhar feabhsaithe agus struchtúrtha idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú sábháilteachta táirgí, go háirithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 a chomhordú agus a éascú. |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a ghníomhaíocht a chomhordú le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais atá ann cheana. |
4. Déanfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a ghníomhaíocht a chomhordú le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais atá ann cheana agus, i gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh sé le líonraí, grúpaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus malartóidh sé faisnéis leo. |
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Glacfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí a chlár oibre débhliantúil, lena leagtar amach, inter alia, na tosaíochtaí maidir le sábháilteacht na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, san Aontas. |
|
Tiocfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí le chéile ar bhonn rialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát. |
|
Féadfaidh an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do thríú páirtithe eile, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí, freastal ar a chuid cruinnithe. |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Déanfar ionadaíocht chuí ar an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus glacfaidh sé páirt i ngníomhaíochtaí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a bunaíodh faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus rannchuideoidh sé lena ghníomhaíochtaí i ndáil le sábháilteacht táirgí chun comhordú leordhóthanach ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh i réimsí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe araon a áirithiú. |
5. Déanfar ionadaíocht chuí ar an Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus glacfaidh sé páirt rialta i ngníomhaíochtaí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a bunaíodh faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus rannchuideoidh sé lena ghníomhaíochtaí i ndáil le sábháilteacht táirgí chun comhordú leormhaith ar ghníomhaíochtaí faireachais margaidh i réimsí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe araon a áirithiú. |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 28(3), pointe (b), féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh comhaontú a dhéanamh le húdaráis ábhartha eile nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha nó ar thomhaltóirí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar an tsábháilteacht agus ar shláinte an tomhaltóra a chosaint i dtaca le catagóirí sonracha táirgí a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh, go háirithe catagóirí na dtáirgí ar minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach leo. |
1. Faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 28(3), pointe (b), féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh comhaontú a dhéanamh le húdaráis ábhartha eile nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha nó ar thomhaltóirí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh atá dírithe ar an tsábháilteacht agus ar shláinte an tomhaltóra a chosaint i dtaca le catagóirí sonracha táirgí arna gcur ar fáil ar an margadh, go háirithe catagóirí na dtáirgí ar minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach leo. |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chinneadh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe comhuaineacha a dhéanamh (‘scuab-imscrúduithe’) ar chatagóirí táirgí áirithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath. |
1. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe comhuaineacha go rialta (‘scuab-imscrúduithe’) ar chatagóirí táirgí áirithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath. |
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Féadfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal. |
2. Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Déanfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal. |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ní chuirfidh cosaint na rúndachta gairmiúla cosc ar scaipeadh faisnéise ábhartha chuig údaráis inniúla na mBallstát chun éifeachtúlacht gníomhaíochtaí faireacháin agus faireachais margaidh a áirithiú. Na húdaráis a fhaigheann faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil, áiritheoidh siad cosaint na faisnéise sin. |
3. Ní chuirfidh cosaint na rúndachta gairmiúla cosc ar scaipeadh faisnéise ábhartha chuig údaráis inniúla na mBallstát agus chuig an gCoimisiún chun éifeachtúlacht gníomhaíochtaí faireacháin agus faireachais margaidh a áirithiú. Na húdaráis a fhaigheann faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil, áiritheoidh siad cosaint na faisnéise sin. |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh na Ballstáit deis do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sábháilteacht táirgí agus maidir le faireachas agus gníomhaíochtaí rialaithe agus tabharfar freagra ar na gearáin sin de réir mar is iomchuí. |
4. Tabharfaidh na Ballstáit deis do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sábháilteacht táirgí, agus tabharfar freagra ar na gearáin sin de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an t-údarás ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas má tá sé i gceist aige dul ar aghaidh le himscrúdú agus, má dhéanann sé imscrúdú a thionscnamh, maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí agus na cinntí a rinneadh. |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Beidh comhéadan iomasach ag an tairseach dá dtagraítear i mír 1 d’úsáideoirí agus beidh rochtain éasca ag an bpobal i gcoitinne ar an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas. |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh an deis ag tomhaltóirí an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí a bhfuil riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí ag baint leo trí roinn ar leithligh den tairseach Safety Gate. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis a fhaightear agus áiritheoidh sé go ndéanfar obair leantach ina leith, i gcás inarb iomchuí. |
2. Beidh an deis ag tomhaltóirí agus ag páirtithe leasmhara eile an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí, a bhféadfadh riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí a bheith ag baint leo trí roinn ar leithligh den tairseach Safety Gate. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis a fhaightear agus, tar éis a cruinneas a fhíorú, áiritheoidh sé go ndéanfar obair leantach ina leith agus cuirfidh sé tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile ar an eolas maidir lena chinneadh. |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Faisnéis ó oibreoirí eacnamaíocha chuig tomhaltóirí |
Faisnéis ó oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne chuig tomhaltóirí |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás aisghairm nó i gcás nach mór aird na dtomhaltóirí a dhíriú ar fhaisnéis áirithe chun úsáid shábháilte táirge a áirithiú (‘rabhadh sábháilteachta’), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10 agus 11, fógra a thabhairt do na tomhaltóirí uile is féidir a shainaithint a ndearnadh difear dóibh. Na hoibreoirí eacnamaíocha a bhailíonn sonraí pearsanta a gcustaiméirí, bainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin le haghaidh aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta. |
1. I gcás aisghairm nó i gcás nach mór aird na dtomhaltóirí a dhíriú ar fhaisnéis áirithe chun úsáid shábháilte táirge a áirithiú (‘rabhadh sábháilteachta’), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, agus, i gcás inarb infheidhme, margaí ar líne, i gcomhréir lena n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10, 11 agus 20, fógra a thabhairt go díreach agus gan mhoill mhíchuí do na tomhaltóirí uile is féidir a shainaithint a ndearnadh difear dóibh. Na hoibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne, i gcás inarb infheidhme, a bhailíonn sonraí pearsanta a gcustaiméirí, bainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin le haghaidh aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta. |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina mbeidh córais cláraithe táirgí nó cláir dhílseachta do chustaiméirí i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha chun críoch eile seachas chun teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí le faisnéis sábháilteachta, tabharfaidh siad an deis dá gcustaiméirí sonraí teagmhála ar leithligh a sholáthar chun críoch sábháilteachta amháin. Na sonraí pearsanta a bhaileofar chun na críche sin, beidh siad teoranta don íosmhéid is gá agus ní fhéadfar na sonraí sin a úsáid ach chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí i gcás aisghairm nó rabhadh sábháilteachta. |
2. I gcás ina mbeidh córais cláraithe táirgí nó cláir dhílseachta do chustaiméirí i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne chun críoch eile seachas chun teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí le faisnéis sábháilteachta, tabharfaidh siad an deis dá gcustaiméirí sonraí teagmhála ar leithligh a sholáthar chun críoch sábháilteachta amháin. Na sonraí pearsanta a bhaileofar chun na críche sin, beidh siad teoranta don íosmhéid is gá agus ní dhéanfar na sonraí sin a úsáid ach chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta. |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Más rud é nach féidir dul i dteagmháil go díreach leis na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí féin, fógra a scaipeadh maidir le haisghairm nó rabhadh sábháilteachta trí bhealaí iomchuí eile, lena n-áiritheofar an raon is leithne is féidir de thomhaltóirí, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu: suíomh gréasáin na cuideachta, cainéil na meán sóisialta, nuachtlitreacha agus asraonta miondíola agus, de réir mar is iomchuí, fógraí sna mórmheáin agus cainéil chumarsáide eile. Beidh an fhaisnéis ar fáil do thomhaltóirí faoi mhíchumas. |
4. Más rud é nach féidir dul i dteagmháil leis na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí féin, fógra a scaipeadh maidir le haisghairm nó rabhadh sábháilteachta trí bhealaí iomchuí eile, lena n-áiritheofar an raon is leithne is féidir de thomhaltóirí, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu: suíomh gréasáin na cuideachta, cainéil na meán sóisialta, nuachtlitreacha agus asraonta miondíola agus, de réir mar is iomchuí, fógraí sna mórmheáin agus cainéil chumarsáide eile. Beidh an fhaisnéis ar fáil do thomhaltóirí faoi mhíchumas. Cuirfear eagraíochtaí tomhaltóirí ar an eolas freisin chun tacú le scaipeadh na faisnéise. |
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2 – pointe b – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) grianghraf, ainm agus branda an táirge; |
(i) grianghraf nó léiriúchán, ainm agus branda an táirge; |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad le haghaidh fógra maidir le haisghairm a leagan amach, agus forbairtí eolaíocha agus margaidh á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 42(2). |
3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad le haghaidh fógra maidir le haisghairm a leagan amach, lena n-áirítear i bhfoirmeacha inrochtana, agus forbairtí eolaíocha agus margaidh á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 42(2). |
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) luach an táirge aisghairthe a aisíoc. |
(c) praghas ceannaigh tosaigh an táirge aisghairthe a aisíoc. |
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. I gcás nach dtairgfidh aon oibreoir eacnamaíoch leigheas don tomhaltóir, beidh an tomhaltóir i dteideal gearán a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 31(4). |
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir leis an méid seo a leanas: |
1. Chun feabhas a chur leibhéal foriomlán sábháilteachta táirgí tomhaltais arna gcur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann ar an leibhéal idirnáisiúnta, féadfaidh an Coimisiún comhoibriú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú, le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.Beidh aon chineál comhair bunaithe ar chómhalartú, lena n-áirítear forálacha maidir le rúndacht a chomhfhreagraíonn do na forálacha sin is infheidhme san Aontas, agus áiritheofar leo go ndéanfar aon mhalartú faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Féadfaidh baint a bheith ag an gcomhar nó ag an malartú faisnéise leis an méid seo a leanas, inter alia: |
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) gníomhaíochtaí agus bearta forfheidhmiúcháin a bhaineann le sábháilteacht, lena n-áirítear faireachas margaidh; |
(a) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus bearta a bhaineann le sábháilteacht, d’fhonn cúrsaíocht táirgí contúirteacha a chosc chomh maith, lena n-áirítear faireachas margaidh; |
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) cúrsaí eolaíocha, teicniúla agus rialála, chun feabhas a chur ar shábháilteacht táirgí; |
(d) cúrsaí eolaíocha, teicniúla agus rialála, chun feabhas a chur ar shábháilteacht táirgí agus forbairt a dhéanamh ar chomhthosaíochtaí agus cuir chuige ar an leibhéal idirnáisiúnta; |
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1 – pointe e a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ea) teicneolaíochtaí nua a úsáid chun feabhas a cur ar shábháilteacht táirgí agus inrianaitheacht a mhéadú sa slabhra soláthair; |
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) malartú oifigeach. |
(g) malartú oifigeach agus clár oiliúna. |
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhar le tríú tíortha agus cur chun cinn agus feabhsú bheartais agus chórais faireachais margaidh an Aontais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
(f) gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhar le tríú tíortha agus cur chun cinn agus feabhsú bheartais agus chórais faireachais margaidh an Aontais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí tomhaltóirí chun feabhas a cur ar fhaisnéis do thomhaltóirí. |
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Is iad seo a leanas na cineálacha sáruithe ag oibreoirí eacnamaíocha nó margaí ar líne, i gcás inarb infheidhme, faoi réir pionós: |
scriosta |
(a) sárú ar an gceanglas ginearálta maidir le sábháilteacht táirgí; |
|
(b) mainneachtain an t-údarás a chur ar an eolas go tráthúil faoi tháirge contúirteach a chuir siad ar an margadh; |
|
(c) mainneachtain aon chinneadh, ordú, beart eatramhach, gealltanas oibreora eacnamaíoch nó aon bheart eile arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh; |
|
(d) mainneachtain oibleagáidí inrianaitheachta agus faisnéise de chuid oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 8, 9, 10, 11 agus 18 agus 19 a chomhlíonadh; |
|
(e) faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a chur ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh ó na húdaráis um fhaireachas margaidh; |
|
(f) mainneachtain an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil laistigh den teorainn ama is gá; |
|
(g) diúltú géilleadh do chigireachtaí; |
|
(h) mainneachtain na doiciméid nó na táirgí is gá a chur ar fáil le linn cigireachtaí; |
|
(i) torthaí tástála a fhalsú. |
|
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur freisin chun iallach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha nó ar mhargaí ar líne an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme: |
Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur freisin chun iallach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha nó ar mhargaí ar líne an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme, chun deireadh a chur le sárú tromchúiseach agus athshárú ar an Rialachán seo. |
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) deireadh a chur le sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo; |
scriosta |
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) cinneadh lena n-ordaítear beart ceartaitheach a chomhlíonadh; |
scriosta |
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis iomlán cheart a sholáthar; |
scriosta |
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) géilleadh do chigireacht; |
scriosta |
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 5 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) cead a thabhairt do na húdaráis um fhaireachas margaidh camchóipeáil sonraí a dhéanamh ar chomhéadain ar líne. |
scriosta |
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cineál agus méid na bpionós arna bhforchur faoin Rialachán seo, sainaithneoidh siad sáruithe iarbhír an Rialacháin seo, agus léireoidh siad céannacht oibreoirí eacnamaíocha nó margaí ar líne ar forchuireadh pionóis orthu. |
6. Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cineál agus méid na bpionós arna bhforchur faoin Rialachán seo agus sainaithneoidh siad sáruithe iarbhír an Rialacháin seo. |
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Gach bliain, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na pionóis a d'fhorchuir na Ballstáit agus cuirfidh sé í ar fáil don phobal. |
7. Gach bliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair le sonraí comhiomlánaithe ar na pionóis arna bhforchur ag na Ballstáit a tharraingt suas. |
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, ní fhoilseofar í sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 7 in aon cheann de na cásanna seo a leanas: |
scriosta |
(a) i gcás inar gá an rúndacht a bhaineann le himscrúdú nó a bhaineann le nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú; |
|
(b) i gcás ina ndéanfadh an foilsiú sin damáiste díréireach don oibreoir eacnamaíoch nó don mhargadh ar líne; |
|
(c) i gcás ina mbeidh duine nádúrtha i gceist, mura mbeidh bonn cirt le sonraí pearsanta a fhoilsiú de bharr imthosca eisceachtúla, inter alia, de bharr thromchúis an tsáraithe. |
|
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [cuir an dáta isteach - dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. |
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear Airteagal 15(3a) agus Airteagal 17(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [cuir an dáta isteach - dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. |
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3a) agus Airteagal 17(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr47 . |
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát, bainfidh sé úsáid as grúpaí saineolaithe ábhartha agus rachaidh sé i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201647 . |
__________________ |
__________________ |
47 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1 |
47 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1 |
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15(3a) agus Airteagal 17(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Meastóireacht |
Meastóireacht agus athbhreithniú |
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Faoin [cuir isteach an dáta cúig bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa tuarascáil déanfar a mheasúnú go háirithe ar bhain an Rialachán seo an cuspóir amach maidir le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú i gcoinne táirgí contúirteacha, agus a thionchar ar ghnólachtaí agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh. |
1. Faoin ... [cuir isteach an dáta cúig bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa tuarascáil déanfar a mheasúnú, agus go háirithe Airteagail 17, 20 agus 23, ar bhain an Rialachán seo an cuspóir amach maidir le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú i gcoinne táirgí contúirteacha agus na dúshláin ó teicneolaíochtaí nua agus a thionchar ar ghnólachtaí agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh. |
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Faoi... [cuir isteach an dáta cúig bliana tar éis dháta an teachta i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi chur chun feidhme na bhforálacha maidir le hAirteagal 15. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar raon feidhme, éifeachtaí, agus costais agus tairbhí an Airteagail sin. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil. |
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1b. Faoi... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le hábhar neamhdhleathach a bhaint de na margaí ar líne dá dtagraítear in Airteagal 20(2b) trí chóras fógartha de chuid an Aontais arna cheapadh agus arna fhorbairt laistigh den chóras Safety Gate. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an measúnú. |
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 mar a leanas: |
1. Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 mar a leanas: |
|
Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2(1): |
|
‘(e) Ciallaíonn ‘caighdeán ginearálta Eorpach um shábháilteacht táirgí’ caighdeán Eorpach arna ghlacadh ar bhonn iarraidh ón gCoimisiún mar thaca le Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán seo (GPSR)];’; |
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 1
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
Airteagal 10 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. I gcás ina gcomhlíonfaidh caighdeán Eorpach arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48 [an Rialachán seo (GPSR)] an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán sin agus na ceanglais shonracha sábháilteachta dá dtagraítear in [Airteagal [6] den Rialachán sin], foilseoidh an Coimisiún tagairt don chaighdeán Eorpach sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
7. I gcás ina gcomhlíonfaidh caighdeán Eorpach um shábháilteacht ghinearálta táirgí an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán sin agus na ceanglais shonracha sábháilteachta dá dtagraítear in [Airteagal [6(2)] den Rialachán sin], foilseoidh an Coimisiún tagairt don chaighdeán Eorpach sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’ |
__________________ |
|
48 Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO...)’ |
|
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 2
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
Airteagal 11 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina measfaidh Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe nó caighdeán Eorpach arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE).../... [an Rialachán seo (GPSR)] na ceanglais arb é is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú nó sa Rialachán sin, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thabhairt dó. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann di, nó leis an gcoiste arna bhunú le Rialachán (AE).../... [an Rialachán seo (GPSR)], nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chinneadh: |
1. I gcás ina measfaidh Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe nó caighdeán Eorpach um shábháilteacht ghinearálta táirgí na ceanglais arb é is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le comhchuibhiú nó sa Rialachán sin, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thabhairt dó. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú le reachtaíocht chomhfhreagrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, más ann di, nó leis an gcoiste arna bhunú le Rialachán (AE).../... [an Rialachán seo (GPSR)], nó tar éis cineálacha eile comhairliúcháin le saineolaithe earnálacha, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chinneadh: |
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 2
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
Airteagal 11 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe nó don chaighdeán Eorpach lena mbaineann arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) .../... [GPSR] a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú inti faoi shrianta; |
(a) na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann nó don chaighdeán Eorpach um shábháilteacht ghinearálta táirgí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó gan iad a fhoilsiú inti nó iad a fhoilsiú faoi shrianta inti; |
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 2
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
Airteagal 11 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe nó don chaighdeán Eorpach lena mbaineann arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) .../... [GPSR] a choinneáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó na tagairtí sin a choinneáil faoi shrianta inti nó iad a tharraingt siar uaithi. |
(b) na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann nó don chaighdeán Eorpach um shábháilteacht ghinearálta táirgí a choimeád in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iad a choimeád inti faoi shrianta nó iad a tharraingt siar ón Iris Oifigiúil sin. |
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 2Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
Airteagal 11 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin faisnéis faoi na caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) .../... [GPSR], caighdeáin atá faoi réir an chinnidh dá dtagraítear i mír 1. |
2. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin faisnéis faoi na caighdeáin chomhchuibhithe agus na caighdeáin Eorpacha um shábháilteacht ghinearálta táirgí, caighdeáin atá faoi réir an chinnidh dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 2Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
Airteagal 11 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh an Coimisiún an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus, más gá, iarrfaidh sé go ndéanfar athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar na caighdeáin Eorpacha lena mbaineann arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) .../...[GPSR].’ |
3. Cuirfidh an Coimisiún an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus, más gá, iarrfaidh sé go ndéanfar athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar na caighdeáin Eorpacha um shábháilteacht ghinearálta táirgí lena mbaineann.’ |
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 44a |
|
Leasuithe ar Threoir 2020/1828/AE |
|
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Iarscríbhinn I, pointe 8 de Threoir 2020/1828/AE: |
|
‘(8) Rialachán (AE) [.../...] maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’ |
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh feidhm aige ón [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. |
Beidh feidhm aige ón … [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Barúlacha ginearálta
An 30 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSR) a thiocfadh in ionad na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSD).
Tríd is tríd, is geal leis an Rapóirtéir an togra, ós rud é go dteastaíonn creat reachtach nuashonraithe agus níos éifeachtaí uainn chun sábháilteacht na dtáirgí go léir atá i gcúrsaíocht sa mhargadh aonair a áirithiú.
Tháinig an treoir reatha i bhfeidhm in 2001 agus rinneadh na príomhfhorálacha inti a chomhlánú thar na blianta le roinnt gníomhartha reachtacha agus cinntí eile agus is é a bhí mar thoradh air sin gur cruthaíodh creat dlíthiúil a bhí an-chasta agus neamhchinnte uaireanta, go háirithe i gcomhair oibreoirí eacnamaíocha.
Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, an ‘líontán sábhála’ seo a dhéanamh níos soiléire, níos éifeachtaí agus slán i bhfad na haimsire.
Agus an dréacht-tuarascáil á hullmhú aige, rinne an Rapóirtéir taighde ar an obair a rinneadh san am a chuaigh thart maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir agus ar na seasaimh phoiblí éagsúla a bhí ag go leor geallsealbhóirí amhail oibreoirí eacnamaíocha, údaráis agus tomhaltóirí. Ar an mbonn sin, molann an Rapóirtéir na breiseanna agus na hathruithe seo a leanas ar an togra ón gCoimisiún.
Soiléirithe ar shainmhínithe agus oibleagáidí is comhréirí ar oibreoirí eacnamaíocha
Is geal leis an Rapóirtéir go bhfuil sé de phríomhuaillmhian ag an togra na rialacha atá ann cheana a shimpliú agus iad a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos comhleanúnaí.
Is gá tacú leis an gcuspóir atá ann na rialacha agus na gníomhaíochtaí maidir le faireachas margaidh atá i bhfeidhm cheana le haghaidh táirgí comhchuibhithe a ailíniú le táirgí neamh-chomhchuibhithe: a bhuí leis an gcur chuige sin, b’fhéidir saol na n-údarás inniúil a bheith níos fusa agus b’fhéidir fíorchoigilteas costais a bheith ann do ghnólachtaí agus do na hoibreoirí eacnamaíocha uile lena mbaineann.
Is amhlaidh, áfach, a thug an Rapóirtéir roinnt soiléirithe riachtanacha ar phríomhshainmhínithe isteach amhail na sainmhínithe ar ‘táirge’ agus ‘táirge sábháilte’ chun go mbeadh breis cinnteachta ann do na húdaráis agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Mar gheall ar na sainmhínithe athbhreithnithe, ba cheart go seachnófaí cur i bhfeidhm ilchineálach agus cásanna cúirte.
Ina theannta sin, rinneadh Caibidil II maidir le ceanglais sábháilteachta a athstruchtúrú chun soiléiriú níos fearr a thabhairt ar na céimeanna uile is siocair le measúnú sábháilteachta ón oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus toimhde na sábháilteachta.
Cé go bhfuil an Rapóirtéir i bhfách le liosta nuashonraithe na n-oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha, tá gá le cur chuige comhréireach a bheith ann nuair a bhítear ag déileáil le táirgeoirí beaga agus earnálacha táirgeachta lena mbaineann riosca íseal. Sin é an phríomhchúis ar tugadh isteach roinnt leasuithe ar liosta na n-oibleagáidí, amhail ar na forálacha do mhonaróirí maidir le doiciméadacht theicniúil agus gearáin arna bhfáil (Airteagal 8).
Teicneolaíochtaí nua agus sábháilteacht táirgí
Ceann de phríomhchuspóirí an athbhreithnithe ar GPSD is ea aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin nua a bhaineann le teicneolaíochtaí nua agus sábháilteacht táirgí ar líne a áirithiú.
Tá géarghá leis an treoir reatha maidir le sábháilteacht táirgí a chur in oiriúint do tháirgí nasctha, agus tá géarghá leis na critéir liosta nuashonraithe chun meastóireacht a dhéanamh ar a sábháilteacht. Tríd is tríd, is geal leis an Rapóirtéir an nasc atá bunaithe cheana tríd an togra seo leis an gcreat reachtach a bheidh ann amach anseo maidir leis an Intleacht Shaorga agus maidir le táirgí nasctha, agus déanfaidh sé meastóireacht bhreise ar an tsaincheist.
Tá sé ríthábhachtach freisin leas iomlán a bhaint as réitigh dhigiteacha chun an córas faireachais margaidh reatha a nuachóiriú agus a dhéanamh níos éifeachtaí chun an leibhéal foriomlán sábháilteachta san Aontas a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha roinnt faisnéise bunriachtanaí a sholáthar i bhformáid dhigiteach (amhail doiciméadacht theicniúil, treoir agus faisnéis sábháilteachta): méadóidh sé sin an trédhearcacht agus, uime sin, sábháilteacht na dtáirgí agus fós maorlathas d’oibreoirí eacnamaíocha a laghdú. Chun na críche sin, tugadh isteach airteagal sonrach nua (Airteagal 19a).
Táirgí a dhíoltar go díreach ar líne ó thríú tíortha
Níor cheart táirgí neamhshábháilte a dhíoltar go díreach ar líne ó thríú tíortha, amhail ó aon fhoinse eile, a bheith sa mhargadh aonair. Tá sé ríthábhachtach, áfach, bealach pragmatach agus comhréireach a aimsiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a bhaineann go sonrach le táirgí a dhíoltar go díreach ar líne ó thríú tíortha. Ní mór dúinn a bheith cúramach gan ualach díréireach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha, agus gan de thoradh air sin ach fás na ríomhthráchtála a mhúchadh agus cosc a chur ar oibreoirí na dtríú tíortha margadh AE a rochtain. Ag an am céanna, is gá dúinn freisin aghaidh a thabhairt go nithiúil ar na rioscaí sin agus ár seacht ndícheall a dhéanamh a áirithiú nach dtiocfaidh ach táirgí sábháilte isteach sa mhargadh aonair. Ba cheart fadú an ‘duine fhreagraigh’, mar a thugtar air, dá bhforáiltear in Airteagal 15 den togra a theorannú ach do na catagóirí táirgí sin ar ina leith a thugann fianaise le tuiscint gur gá foráil den sórt sin a bheith ann. Is amhlaidh an cás cheana i gcomhair táirgí comhchuibhithe agus ba cheart go leanfadh an GPSR nua an cur chuige rioscabhunaithe sin.
Margaí ar líne
Aontaíonn an Rapóirtéir gur gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a eascraíonn as an ríomhthráchtáil agus an méid a bhí in easnamh sa reachtaíocht roimhe seo a leigheas sa togra seo. A bhuí le sraith rialacha nuashonraithe spriocdhírithe do mhargaí ar líne, méadófar an tsábháilteacht, tabharfar cosaint níos fearr do thomhaltóirí agus cuideofar le cothrom iomaíochta a bhaint amach idir an earnáil ar líne agus an earnáil as líne agus fós iomaíochas ár n-oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe na hoibreoirí beaga, a chaomhnú.
Thairis sin, tá an Rapóirtéir lánchinnte de go bhfuil an togra nua i gcomhréir go hiomlán le DSA. Ba cheart GPSR a bheith ina lex specialis atá dírithe go sonrach ar shaincheisteanna sábháilteachta táirgí, mar a mhol an Coimisiún Eorpach. I bhfianaise an mhéid sin, déantar foráil cheana in Airteagal 20 den togra seo do liosta cuimsitheach oibleagáidí do mhargaí ar líne ina agus béim ar leith inti ar shábháilteacht táirgí.
Chun éifeachtacht GPSR a mhéadú, cuireadh oibleagáidí breise spriocdhírithe ar mhargaí ar líne le buntéacs an togra, agus na dea-chleachtais agus tionscnaimh dheonacha atá i bhfeidhm cheana ina mbonn leo. Mar gheall air sin, is fearr a bheidh tomhaltóirí ar an eolas, go háirithe faoi bhearta arna ndéanamh i ndáil le táirgí contúirteacha agus faoi réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. Sa bhreis air sin, neartaíodh an malartú faisnéise idir ardáin, trádálaithe agus údaráis faireachais margaidh.
Molann an Rapóirtéir freisin go dtabharfadh margaí ar líne gealltanais bhreise agus dheonacha, agus na gealltanais sin ina ‘meabhráin tuisceana’, gníomhaíochtaí nithiúla breise a chur ar bun chun sábháilteacht na dtáirgí a neartú. Áireofar orthu sin bearta lena gcoiscfear táirgí contúirteacha a bheith ar líne athuair, leas a bhaint as an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as teicneolaíochtaí nua le haghaidh faireachas margaidh feabhsaithe, agus infheistíocht in oiliúint do thrádálaithe ar líne.
I gcás ina n-aimsíonn an Coimisiún go bhfuil rioscaí córasacha ann don tsábháilteacht ar Ardáin Ollmhóra ar Líne, d’fhéadfadh sé iallach a chur ar mhargaí ar líne na ‘meabhráin tuisceana’ úd a bhunú mar bhearta maolaithe.
Malartú faisnéise agus fógraí
Tá malartú faisnéise dea-fheidhmiúil ríthábhachtach chun faireachas éifeachtach margaidh a áirithiú. Is díol sásaimh iad na forálacha nuashonraithe maidir le Safety Gate; cé gur cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as Safety Gate agus as na bunachair sonraí eile atá ann cheana amhail ICSMS chun fógra a thabhairt faoi na gníomhaíochtaí ábhartha uile arna ndéanamh, ba cheart comhordú níos fearr a bhaint amach i measc na n-uirlisí atá ann cheana agus ba cheart iliontráil sonraí a sheachaint. Ba cheart malartú faisnéise agus fógraí a spreagadh trí nósanna imeachta a shimpliú.
An Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí agus comhar idirnáisiúnta
Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an comhar atá ann cheana idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún a neartú; sin é an fáth a ndearnadh an t-airteagal atá beartaithe maidir leis an ‘líonra um shábháilteacht an tomhaltóra’ a fhorbairt tuilleadh chun réimsí nua comhair a chur leis agus chun na cuspóirí a shoiléiriú.
Ar an gcuma chéanna, rinneadh an t-airteagal maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta le húdaráis rialála na dtríú tíortha a shonrú tuilleadh, ag díriú go háirithe ar chúrsaíocht táirgí contúirteacha a chosc, ar theicneolaíochtaí nua a úsáid agus ar an malartú maidir le cúrsaí rialála chun cothroime iomaíochta a ráthú.
Aisghlaonna agus an ceart chun leigheasanna
Is geal leis an Rapóirtéir an creat feabhsaithe le haghaidh aisghlaonna chun leasa na dtomhaltóirí. Caithfidh na haisghlaonna a bheith níos éifeachtaí, ba cheart leigheasanna a bheith sásúil agus tráthúil agus ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr. Go háirithe, moltar go soiléireofaí go ndéantar luach an táirge aisghairthe a ríomh ar bhonn an phraghais ceannaigh tosaigh.
Pionóis agus teacht i bhfeidhm
Tacaíonn an Rapóirtéir leis na príomhfhorálacha maidir le pionóis. Rinneadh athruithe ar an togra bunaidh, áfach, chun cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.
Ar deireadh, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán nua i bhfeidhm a luaithe is féidir chun an tsábháilteacht fhoriomlán san Aontas Eorpach a mhéadú. Tá an tréimhse riachtanach dá bhforáiltear chun forálacha nua a chur i bhfeidhm róghearr i bhfianaise na n-athruithe suntasacha dá bhforáiltear sa togra. Dá bhrí sin, moltar dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin a fhadú ó 6 mhí go 12 mhí ar é a theacht i bhfeidhm.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (18.3.2022)
chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(COM(2021)0346 – C9‑0245/2021 – 2021/0170(COD))
Rapóirtéir don tuairim: René Repasi
RÉASÚNÚ GEARR
I. Réamhrá
Tháinig an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSD) i bhfeidhm in 2001. Cé go bhfuil ceann de na píosaí reachtaíochta lárnacha lena n-áirithítear go bhfuil gach táirge neamhbhia a thairgtear do thomhaltóirí i margadh AE sábháilte, tá an Treoir maidir le Sábháilteacht Táirgí as dáta anois agus is gá í a athbhreithniú chun sábháilteacht thomhaltóirí na hEorpa a ráthú. Tá trí threocht lárnacha ann nach mór a chur san áireamh san athbhreithniú ar an reachtaíocht ghinearálta maidir le sábháilteacht táirgí: ar an gcéad dul síos, tá dúshláin nua slándála agus sábháilteachta ag baint le digitiú agus idirnascthacht táirgí, agus ar an dara dul síos, tá athrú ag teacht ar iompraíocht tomhaltóirí agus táirgí á gceannach acu, agus ar an tríú dul síos, athruithe ar shlabhraí soláthair agus ar bhealaí dáileacháin go dtí dtéann táirge chomh fada leis an tomhaltóir.
Is díol sásaimh don Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún Eorpach mar go gcuireann sé túsphointí soiléire ar fáil don díospóireacht ar conas a d’fhéadfaí na dúshláin sin maidir le sábháilteacht táirgí agus tomhaltóirí a fhreagairt. Mar sin féin, ó thaobh dhearcadh an Rapóirtéara de, níl aon athrú tagtha ar ábhair agus réimsí áirithe. Tá sé ar intinn ag an Rapóirtéir, dá bhrí sin, an téacs reachtach atá beartaithe a neartú agus ionchur a sholáthar maidir leis an gcaoi ar cheart don rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Is iad na príomhsmaointe ná tomhaltóirí a choinneáil sábháilte agus cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí ar fud an Mhargaidh Aonair ó thaobh na gceanglas agus na n-oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht táirgí de.
II. Príomhghnéithe na dréacht-tuairime
An Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSR) mar líontán sábhála ginearálta
Feidhmíonn an GPSD reatha mar líontán sábháilteachta nuair a tharlaíonn bearnaí sábháilteachta sa chreat Eorpach um shábháilteacht táirgí. Níl an togra maidir le GPSR chomh huaillmhianach ina leith sin. Leagtar síos ann an ceanglas sábháilteachta agus an measúnú riosca i gcás gach táirge nach ann do reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais ina leith. Ag an am céanna, oibríonn sé mar líontán sábhála má dhéantar an reachtaíocht chomhchuibhithe a athrú ó bhonn. Déanann an Rapóirtéir tograí maidir le feidhm líonra sábhála GPSR a neartú agus creat reachtach leathan a áirithiú chun sábháilteacht gach táirge ar an Margadh Aonair a ráthú, go háirithe i gcás nach ann do reachtaíocht chomhchuibhithe.
Táirgí Nua-aimseartha
Tugadh an GPSD chun críche ag tráth a raibh táirgí a raibh intleacht shaorga leabaithe iontu agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla annamh. Cuireann forbairtí den sórt sin dúshlán roimh an sainmhíniú reatha ar tháirgí agus tugann siad rioscaí nua nó athraíonn siad an chaoi a bhféadfadh rioscaí atá ann cheana teacht chun cinn, rud ba cheart a léiriú agus a chur san áireamh go cuí. Ós rud é go bhfuil ceanglas sábháilteachta ginearálta ag GPSR, atá leagtha amach thuas, molann an Rapóirtéir go gcuirfí leis na critéir um measúnú sábháilteachta chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí a bhfuil intleacht shaorga leabaithe iontu, atá idirnasctha nó a bhfuil bogearraí iontu, ionas nach bhfuil aon lúb ar lár i rialáil na dtáirgí nua-aimseartha sin i gcreat sábháilteachta táirgí AE agus go bhfuil coimircí riachtanacha ag tomhaltóirí chun a sábháilteacht a áirithiú. Ina theannta sin, molann an Rapóirtéir go bhféadfaí measúnú riosca nua a dhéanamh ar tháirgí a modhnaíodh go substaintiúil le linn a saolré.
Tomhaltóirí a choinneáil sábháilte ar mhargaí ar líne
Ó 2001 i leith, tá tomhaltóirí ag ceannach níos mó agus níos mó ar líne, áit nár féidir leo taithí fhisiciúil a fháil ar tháirge. Le teacht chun cinn margaí ar líne, taithí siopadóireachta ar ardáin na meán sóisialta agus deiseanna seolta díreacha feabhsaithe ó thríú tíortha, tá dúshláin nua ann maidir le sábháilteacht táirgí agus tomhaltóirí. Tháinig méadú ar tháirgí neamh-chomhchuibhithe neamhshábháilte ar mhargadh na hEorpa mar thoradh ar allmhairí díreacha go háirithe. Chun freastal air sin, molann an Rapóirtéir roinnt athruithe ar an togra tosaigh, i measc athruithe eile, ag iarraidh go mbeadh oibleagáidí soiléire ann do sholáthraithe margaí ar líne agus do thrádálaithe ar líne. Gné thábhachtach do shábháilteacht tomhaltóirí is ea infhaighteacht táirgí contúirteacha ar an margadh. Dá bhrí sin, beidh ar mhargaí ar líne an fhaisnéis a thugann trádálaithe amhail faisnéis teagmhála nó faisnéis faoin monaróir agus sonraí sábháilteachta táirge a rialú agus a fhíorú, agus ar an gcaoi sin faisnéis bhréagach nó neamhiomlán atá ar fáil do thomhaltóirí a sheachaint agus cosc a chur ar dhíol táirgí contúirteacha. Chun tomhaltóirí a chosaint, ní mór gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh chun a áirithiú nach bhfuil táirgí contúirteacha ar fáil le freagairt thapa ar ordú ó Údarás um Fhaireachas Margaidh, tar éis fógra a eisiúint i gcomhréir leis an gcóras fógartha agus gníomhaíochta DSA nó trí oibleagáidí chun cosc a chur ar tháirgí contúirteacha a baineadh a tháirgeadh do thomhaltóirí arís.
Áiritheoidh na rialacha sin go mbeidh cothromaíocht chóir ann idir na gníomhaithe éagsúla sa slabhra soláthair agus, ag an am céanna, tacófar le muinín na dtomhaltóirí agus cosnófar a sábháilteacht. Is táirgí sábháilte amháin is féidir le tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí a cheannach ar an margadh aonair ar líne agus as líne. Dá bhrí sin, is gné lárnach í sábháilteacht táirgí chun margadh aonair dea-fheidhmiúil agus folláine tomhaltóirí a áirithiú.
III. Conclúid
Molann an Rapóirtéir roinnt athruithe ar an togra ón gCoimisiún mar phointe tosaigh chun tuilleadh machnaimh agus modhnuithe a dhéanamh feadh an phróisis reachtaíochta sa Pharlaimint.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an coiste freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Is é is aidhm don ionstraim seo a bheith ina chuidiú chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 169 den Chonradh a bhaint amach. Go háirithe, ba cheart é a bheith dírithe ar shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú mar aon le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le táirgí atá beartaithe do thomhaltóirí. |
(4) Is é is aidhm don ionstraim seo a bheith ina chuidiú chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 169 den Chonradh a bhaint amach. Go háirithe, ba cheart é a bheith dírithe ar shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú, agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a sholáthar, lena n-áirítear trí cheart na dtomhaltóirí chun faisnéise a chur chun cinn, agus trí feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le táirgí atá beartaithe do thomhaltóirí. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) Leis an Rialachán seo, réitítear an chothromaíocht idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, ar thaobh amháin, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, ar an taobh eile, i dtimpeallacht an iomaíochais agus na hiomaíochta córa, gan ualaí míréasúnta riaracháin agus airgeadais a fhorchur ar ghnólachtaí Eorpacha. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Ba cheart don Rialachán seo a bheith dírithe ar thomhaltóirí agus a sábháilteacht a chosaint, rud atá ar cheann de bhunphrionsabail chreat dlíthiúil an Aontais arna chumhdach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is féidir iarmhairtí an-diúltach a bheith ag táirgí contúirteacha ar thomhaltóirí agus ar shaoránaigh. Tá an ceart ag gach tomhaltóir táirgí sábháilte a fháil, lena n-áirítear na tomhaltóirí is leochailí, amhail leanaí, daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas. Ba cheart fáil a bheith ag tomhaltóirí ar mhodhanna leordhóthanacha chun na cearta sin a fhorfheidhmiú, agus ba cheart fáil a bheith ag na Ballstáit ar ionstraimí agus ar bhearta leordhóthanacha chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. |
(5) Ba cheart don Rialachán seo a bheith dírithe ar thomhaltóirí agus a sábháilteacht a chosaint, rud atá ar cheann de bhunphrionsabail chreat dlíthiúil an Aontais arna chumhdach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is féidir iarmhairtí an-diúltach a bheith ag táirgí contúirteacha neamhbhia ar thomhaltóirí agus ar shaoránaigh. Tá an ceart ag gach tomhaltóir táirgí sábháilte a fháil, lena n-áirítear na tomhaltóirí is leochailí, amhail leanaí, daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas. Ba cheart fáil a bheith ag tomhaltóirí ar mhodhanna leordhóthanacha chun na cearta sin a fhorfheidhmiú, agus ba cheart fáil a bheith ag na Ballstáit ar ionstraimí agus ar bhearta leordhóthanacha chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) Bíonn leanaí go háirithe neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le táirgí. De na táirgí go léir ar tugadh fógra ina leith go bhfuil siad contúirteach sa chóras Safety Gate sa bhliain 2020, bhí cuid chomh mór le 29 % díobh ina mbréagáin nó dtáirgí cúraim leanaí. Ar an gcúis sin, tá gá le ceanglais sábháilteachta láidre maidir le caighdeáin do tháirgí do leanaí. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Cé go bhfuil forbairt déanta ar reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, reachtaíocht a bhaineann le gnéithe sábháilteachta de tháirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, níl sé indéanta go praiticiúil ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh i leith gach táirge tomhaltais atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Fágann sin go bhfuil gá fós le creat reachtach de chineál cothrománach chun bearnaí a líonadh agus chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú i gcás nach bhfuil sin áirithe ar shlí eile, go háirithe d’fhonn ardleibhéal cosanta do shábháilteacht agus sláinte tomhaltóirí a áirithiú, arna cheangal le hAirteagal 114 agus le hAirteagal 169 den Chonradh. |
(6) Cé go bhfuil forbairt déanta ar reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais maidir le comhchuibhiú, reachtaíocht a bhaineann le gnéithe sábháilteachta de tháirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, níl sé indéanta go praiticiúil ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh i leith gach táirge tomhaltais atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Fágann sin go bhfuil gá fós le creat reachtach leathan de chineál cothrománach chun bearnaí a líonadh sa reachtaíocht shonrach atá ann cheana agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú i gcás nach bhfuil sin áirithe ar shlí eile, go háirithe d’fhonn ardleibhéal cosanta do shábháilteacht agus sláinte tomhaltóirí a áirithiú, arna cheangal le hAirteagal 114 agus le hAirteagal 169 den Chonradh. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Cé nár cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha, amhail na forálacha a bhaineann leis an gcuid is mó d’oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú ós rud é go gcumhdaítear iad cheana féin leis an reachtaíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag líon áirithe forálacha eile chun reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú a chomhlánú. Go háirithe, an ceanglas maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus na forálacha a bhaineann leis sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí tomhaltais a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú nuair nach gcumhdaítear cineálacha áirithe rioscaí leis an reachtaíocht sin. Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na hoibleagáidí ar mhargaí ar líne, leis na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí, an ceart chun faisnéis do thomhaltóirí chomh maith le haisghairmeacha táirgí tomhaltais, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú i gcás nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu sa reachtaíocht sin. Mar an gcéanna, tá RAPEX in úsáid cheana chun críocha reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú, rud dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, agus ó tharla go bhfuil sin amhlaidh, forálacha an Rialacháin seo lena rialaítear an córas Safety Gate agus a feidhmiú, ba cheart do na forálacha sin a bheith infheidhme i ndáil le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú. |
(8) Cé nár cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha, amhail na forálacha a bhaineann leis an gcuid is mó d’oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú ós rud é go gcumhdaítear iad cheana féin leis an reachtaíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag líon áirithe forálacha eile chun reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú a chomhlánú. Go háirithe, an ceanglas maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus na forálacha a bhaineann leis sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí tomhaltais a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú nuair nach rialaítear cineálacha áirithe rioscaí go sonrach agus go leordhóthanach leis an reachtaíocht sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar na gnéithe a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na dtáirgí a leagtar amach in Airteagal 7. Forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis na hoibleagáidí ar mhargaí ar líne, leis na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha i gcás tionóiscí, an ceart chun faisnéis do thomhaltóirí chomh maith le haisghairmeacha táirgí tomhaltais, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú i gcás nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu sa reachtaíocht sin. Mar an gcéanna, tá RAPEX in úsáid cheana chun críocha reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú, rud dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, agus ó tharla go bhfuil sin amhlaidh, forálacha an Rialacháin seo lena rialaítear an córas Safety Gate agus a feidhmiú, ba cheart do na forálacha sin a bheith infheidhme i ndáil le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú. |
__________________ |
__________________ |
25 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1) |
25 Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1) |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Forálacha Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena mbunaítear na rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, is forálacha iad atá infheidhme go díreach cheana féin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus níl sé beartaithe leis an Rialachán seo na forálacha sin a mhodhnú. Tá tábhacht ar leith le cobhsaíocht an Rialacháin chéadluaite de bhrí go ndéanfaidh na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe sin (arb iad na húdaráis chustaim i mbeagnach gach Ballstát iad) na rialuithe sin a chur i gcrích ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais), agus ar bhonn na reachtaíochta cur chun feidhme agus na treoraíochta comhfhreagraí. Tá an cur chuige rioscabhunaithe sin ríthábhachtach do rialuithe custaim i bhfianaise líon suntasach na n-earraí a thagann isteach sa chríoch chustaim agus a fhágann an chríoch sin, agus dá bharr sin déantar bearta rialaithe nithiúla a chur i bhfeidhm ag brath ar thosaíochtaí sainaitheanta. Ós rud é nach modhnaítear leis an Rialachán Caibidil VII de Rialachán 2019/1020, ina dtagraítear go díreach don chur chuige rioscabhunaithe a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ciallaíonn sé go praiticiúil gur cheart do na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais (lena n-áirítear údaráis chustaim) a rialuithe a theorannú do na táirgí is mó riosca, ag brath ar dhóchúlacht agus ar thionchar an riosca, agus ar an gcaoi sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht a gcuid gníomhaíochtaí a áirithiú chomh maith lena n-acmhainneacht a chosaint chun rialuithe den sórt sin a chur i gcrích. |
(9) Forálacha Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena mbunaítear na rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, is forálacha iad atá infheidhme go díreach cheana féin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus níl sé beartaithe leis an Rialachán seo na forálacha sin a mhodhnú. Tá tábhacht ar leith le cobhsaíocht an Rialacháin chéadluaite de bhrí go ndéanfaidh na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe sin (arb iad na húdaráis chustaim i mbeagnach gach Ballstát iad) na rialuithe sin a chur i gcrích ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais), agus ar bhonn na reachtaíochta cur chun feidhme agus na treoraíochta comhfhreagraí. Tá an cur chuige rioscabhunaithe sin ríthábhachtach do rialuithe custaim i bhfianaise líon suntasach na n-earraí a thagann isteach sa chríoch chustaim agus a fhágann an chríoch sin, agus dá bharr sin déantar bearta rialaithe nithiúla a chur i bhfeidhm ag brath ar thosaíochtaí sainaitheanta. Ós rud é nach modhnaítear leis an Rialachán Caibidil VII de Rialachán 2019/1020, ina dtagraítear go díreach don chur chuige rioscabhunaithe a leagtar síos sa reachtaíocht chustaim, ciallaíonn sé go praiticiúil gur cheart do na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais (lena n-áirítear údaráis chustaim) a rialuithe a theorannú do na táirgí is mó riosca, ag brath ar dhóchúlacht agus ar thionchar an riosca, agus ar an gcaoi sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht a gcuid gníomhaíochtaí a áirithiú chomh maith lena n-acmhainneacht a chosaint chun rialuithe den sórt sin a chur i gcrích. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na dtáirgí allmhairithe, go háirithe mar thoradh ar úsáid na ríomhthráchtála, rud a bhfuil méadú ag teacht air, tá an comhar idir údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim ríthábhachtach ionas nach dtiocfaidh táirgí neamhshábháilte ar an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, tá gá le níos mó acmhainní airgeadais agus daonna do na húdaráis sin atá i gceannas ar rialuithe chun sábháilteacht tomhaltóra a áirithiú agus chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gceart agus chun sábháilteacht tomhaltóra a áirithiú. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) I bhfianaise an raoin feidhme leathain a thugtar do choincheap na sláinte freisin26, ba cheart an riosca don chomhshaol a bhaineann le táirge a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid is féidir ar deireadh thiar, riosca a bheith ann do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí mar thoradh air. |
(11) I bhfianaise an raoin feidhme leathain a thugtar do choincheap na sláinte freisin26 , ba cheart an riosca don chomhshaol chomh maith le guaiseacha sábháilteachta, amhail frithsheasmhacht fhisiceach agus mheicniúil, inadhainteacht, airíonna ceimiceacha, leictreacha nó bitheolaíocha, sláinteachas agus radaighníomhaíocht a bhaineann le táirge a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid is féidir ar deireadh thiar, riosca a bheith ann do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí mar thoradh air. |
__________________ |
__________________ |
26 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ‘Healthy environment, healthy lives: how the environment influences health and well-being in Europe’, [Comhshaol folláin, beatha shláintiúil: an tionchar atá ag an gcomhshaol ar shláinte agus ar fholláine an duine san Eoraip] Tuarascáil EEA Uimh. 21/2019, 8 Meán Fómhair 2020. |
26 An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ‘Healthy environment, healthy lives: how the environment influences health and well-being in Europe’, [Comhshaol folláin, beatha shláintiúil: an tionchar atá ag an gcomhshaol ar shláinte agus ar fholláine an duine san Eoraip] Tuarascáil EEA Uimh. 21/2019, 8 Meán Fómhair 2020. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Le reachtaíocht an Aontais maidir le bia, beatha agus réimsí gaolmhara, bunaítear córas sonrach a áirithíonn sábháilteacht na dtáirgí a chumhdaítear leis an reachtaíocht sin. Dá bhrí sin, ba cheart bia agus beatha a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, cé is moite d’ábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, a mhéid a bhaineann le rioscaí nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27 ná le reachtaíocht eile a bhaineann go sonrach le bia agus nach gcumhdaíonn ach rioscaí ceimiceacha agus bitheolaíocha a bhaineann le bia. |
(13) Le reachtaíocht an Aontais maidir le bia, beatha agus réimsí gaolmhara, bunaítear córas sonrach a áirithíonn sábháilteacht na dtáirgí a chumhdaítear leis an reachtaíocht sin. Dá bhrí sin, ba cheart bia agus beatha a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Cumhdaítear rialáil ábhar agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia le GPSR i gcásanna a bhaineann le rioscaí nach gcumhdaítear cheana le Rialachán (CE) Uimh 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27 ná le reachtaíocht eile a bhaineann go sonrach le bia agus nach gcumhdaíonn ach rioscaí ceimiceacha agus bitheolaíocha a bhaineann le bia. |
__________________ |
__________________ |
27 Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4). |
27 Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4). |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgí athláimhe nó táirgí deisithe, athchóirithe agus athchúrsáilte a théann isteach arís sa slabhra soláthair le linn gníomhaíocht tráchtála, ach amháin i gcás na dtáirgí sin nach féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta leis go gcomhlíonfaidís na caighdeáin sábháilteachta is úire, e.g. seandachtaí nó táirgí atá le deisiú nó le hathchóiriú. |
(16) Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le táirgí athláimhe nó táirgí deisithe, athchóirithe agus athchúrsáilte a théann isteach arís sa slabhra soláthair le linn gníomhaíocht tráchtála, ach amháin i gcás na dtáirgí sin nach féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta leis go gcomhlíonfaidís na caighdeáin sábháilteachta is úire, e.g. seandachtaí nó táirgí atá le deisiú nó le hathchóiriú. Ní chomhlíonann gníomhaíochtaí tomhaltóirí an ceanglas maidir le gníomhaíocht tráchtála agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ón Rialachán seo. Tá an méid sin gan dochar do na hoibleagáidí atá ar mhargaí ar líne faoi Airteagal 20 den Rialachán seo. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) I ngeall ar theicneolaíochtaí nua freisin bíonn rioscaí nua ann do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, nó athraíonn na teicneolaíochtaí nua an chaoi a bhféadfadh na rioscaí atá ann cheana teacht chun cinn, amhail idirghabháil sheachtrach chun an táirge a haiceáil nó a shaintréithe a athrú. |
(20) I ngeall ar theicneolaíochtaí nua freisin d’fhéadfadh rioscaí nua a bheith ann do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, nó athraíonn na teicneolaíochtaí nua an chaoi a bhféadfadh na rioscaí atá ann cheana teacht chun cinn, amhail idirghabháil sheachtrach chun an táirge a haiceáil nó a shaintréithe a athrú nó earráidí bogearraí a chruthú i ríomhchláir. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua, amhail trí nuashonrú bogearraí, modhnú suntasach a dhéanamh ar an mbuntáirge, rud a d’fhéadfaí a chur faoi bhráid measúnaithe riosca nua ina dhiaidh sin. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Is éard atá i sainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ‘sláinte’, staid iomlán fhisiceach, intinne agus folláine sóisialta, agus ní amháin go bhfuil galar nó éiglíocht in easnamh. Tacaíonn an sainmhíniú seo leis an bhfíric go bhféadfadh rioscaí nua sláinte a bheith ann do thomhaltóirí de dheasca forbairt teicneolaíochtaí nua, amhail riosca síceolaíochta, rioscaí forbartha, go háirithe do leanaí, rioscaí meabhracha, dúlagar, cailliúint codlata, nó feidhm inchinne athraithe. |
(21) Is éard atá i sainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ‘sláinte’, staid iomlán fhisiceach, intinne agus folláine sóisialta, agus ní amháin go bhfuil galar nó éiglíocht in easnamh. Tacaíonn an sainmhíniú seo leis an bhfíric go bhféadfadh rioscaí nua sláinte a bheith ann do thomhaltóirí de dheasca forbairt teicneolaíochtaí nua, amhail riosca síceolaíochta, rioscaí forbartha, go háirithe do leanaí, rioscaí meabhracha, dúlagar, cailliúint codlata, nó feidhm inchinne athraithe. Dá bhrí sin, ní mór na gnéithe sin a chur san áireamh i measúnuithe sábháilteachta na monaróirí agus na n-údarás um fhaireachas margaidh i gcás ina bhfuil an méid sin ábhartha, go háirithe i bhfianaise measúnú a dhéanamh ar theacht chun cinn na rioscaí a bhaineann le táirgí bainteacha. Táirgí a mbaineann riosca suntasach leo do shláinte leanaí, ba cheart rabhadh a bheith ag gabháil leo, lena n-áirítear moltaí eolaíocha maidir leis an am úsáide agus na rioscaí a thabhaítear i gcás nach leantar na moltaí. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(23a) Ba cheart go dtiocfadh táirgí inláimhsithe agus doláimhsithe, i bhfoirm bogearraí leabaithe [réamhshuiteáilte nó a suiteáladh ina dhiaidh sin] nó i bhfoirm bogearraí neamhspleácha, faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir le bogearraí, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na leibhéil éagsúla oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo i dtreo gnólachtaí móra agus beaga a fhorbraíonn bogearraí, ach i dtreo forbróirí ‘bogearraí saora’, mar a thugtar orthu, freisin. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) Ba cheart oibleagáidí a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha as sábháilteacht a dtáirgí, i ndáil leis an ról atá ag gach oibreoir sa slabhra soláthair, d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú. Na hoibreoirí eacnamaíocha a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá sábháilte agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. |
(24) Ba cheart oibleagáidí comhréireacha a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha as sábháilteacht a dtáirgí, i ndáil leis an ról atá ag gach oibreoir sa slabhra soláthair, ar mhaithe le hardleibhéal sábháilteachta do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú, agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú ag an am céanna. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha uile a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh siad táirgí ar fáil ar an margadh ach amháin táirgí atá sábháilte agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. D’fhonn ualaí riaracháin a chothromú, ba cheart go gceadófaí úsáid uirlisí faisnéise digití do thomhaltóirí chun bealach inbhuanaithe faisnéise a áirithiú. Arna iarraidh sin don tomhaltóir, áfach, ba cheart an fhaisnéis ábhartha a sholáthar saor in aisce ar pháipéar freisin. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(24a) Chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna agus micreaghnólachtaí iad in ann déileáil leis na hoibleagáidí nua a fhorchuirtear leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla agus treoir shaincheaptha a sholáthar dóibh, mar shampla bealach díreach chun nascadh le saineolaithe i gcás ina bhfuil ceisteanna acu. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Tá ról ríthábhachtach ag margaí ar líne sa slabhra soláthair – rud a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha teacht ar líon tomhaltóirí gan teorainn – agus, dá bhrí sin, tá ról tábhachtach acu sa chóras sábháilteachta táirgí freisin. |
(26) Tá ról ríthábhachtach ag margaí ar líne sa slabhra soláthair – rud a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha teacht ar líon tomhaltóirí gan teorainn – agus, dá bhrí sin, tá ról tábhachtach acu sa chóras sábháilteachta táirgí freisin. Ba cheart oibleagáidí soiléire maidir le sábháilteacht táirgí agus tomhaltóirí a thabhairt dóibh, lena n-áirítear i gcásanna nach ngníomhaíonn gníomhaithe eacnamaíocha eile sa slabhra soláthair. Is seirbhísí iad margaí ar líne lena gcumasaítear nó lena n-éascaítear oibreoirí eacnamaíocha a dtáirgí a chur ar fáil do thomhaltóirí. Chun críche shábháilteacht na dtáirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh, níor cheart nach dtuigfí margaí ar líne ach amháin mar ardáin lena n-éascaítear go díreach táirgí a dhíol. D’fhéadfaí margaí ar líne a mheas freisin mar oibreoirí eacnamaíocha más iad monaróir, allmhaireoir, dáileoir nó soláthraí seirbhíse comhlíonta an táirge lena mbaineann. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag margaí ar líne nuair a dhéantar díolacháin táirgí a idirghabháil idir trádálaithe agus tomhaltóirí, ba cheart níos mó freagrachtaí a bheith ar na gníomhaithe sin maidir le dul i ngleic le díol táirgí contúirteacha ar líne. Le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29, foráiltear maidir leis an gcreat ginearálta le haghaidh ríomhthráchtála agus leagtar síos oibleagáidí áirithe le haghaidh ardáin ar líne. Le Rialachán [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE30, rialaítear freagracht agus cuntasacht na soláthraithe seirbhísí idirmheánacha ar líne maidir le hinneachar neamhdhleathach, lena n-áirítear táirgí neamhshábháilte. Tá feidhm ag an Rialachán sin gan dochar do na rialacha a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí. Dá réir sin, d’fhonn cur leis an gcreat dlíthiúil cothrománach dá bhforáiltear leis an Rialachán sin, ba cheart ceanglais shonracha a thabhairt isteach, ar ceanglais iad atá bunriachtanach chun dul i ngleic go héifeachtach le díol na dtáirgí contúirteacha ar líne, i gcomhréir le hAirteagal [1(5), pointe (h)] den Rialachán sin. |
(27) Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag margaí ar líne nuair a dhéantar díolacháin nó cur chun cinn táirgí a idirghabháil idir trádálaithe agus tomhaltóirí, ba cheart níos mó oibleagáidí a bheith ar na gníomhaithe sin maidir le dul i ngleic le díol táirgí contúirteacha ar líne. Le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29, foráiltear don chreat ginearálta le haghaidh ríomhthráchtála agus leagtar síos oibleagáidí áirithe le haghaidh ardáin ar líne. Le Rialachán [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE30, rialaítear oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí idirmheánacha ar líne maidir le hinneachar neamhdhleathach, lena n-áirítear táirgí neamhshábháilte. Tá feidhm ag an Rialachán sin gan dochar do na rialacha a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí. Dá réir sin, ag cur leis an gcreat dlíthiúil cothrománach a chuirtear ar fáil leis an Rialachán sin, ba cheart ceanglais shonracha a thabhairt isteach, ar ceanglais iad atá bunriachtanach chun dul i ngleic go héifeachtach le díol na dtáirgí contúirteacha ar líne, i gcomhréir le hAirteagal [1(5), pointe (h)] den Rialachán sin. Tá feidhm ag Airteagal 20 den Rialachán seo mar lex specialis gan dochar do na rialacha a leagtar síos san Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha chun dul i ngleic go héifeachtach le táirgí contúirteacha a dhíol ar líne. |
__________________ |
__________________ |
29 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir ríomhthráchtáil’) IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1-16. |
29 Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir ríomhthráchtáil’) - IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1-16. |
30 Rialachán (AE) […/...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE. |
30 Rialachán […/...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) Leis an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí, a síníodh in 2018 agus a thosaigh roinnt margaí a chur i bhfeidhm ó shin i leith, foráiltear maidir le roinnt gealltanais dheonacha maidir le sábháilteacht táirgí. Is léir go bhfuil fiúntas mór ag an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar tháirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne. Mar sin féin, is amhlaidh a laghdaítear a éifeachtacht mar gheall ar a ghné dheonach agus an chaoi nach nglacann ach líon teoranta margaí ar líne páirt dheonach ann, rud a fhágann nach féidir cothrom iomaíochta a áirithiú leis. |
(28) Leis an nGealltanas um Shábháilteacht Táirgí, a síníodh in 2018 agus a chuaigh roinnt margaí ina bhun ó shin i leith, déantar foráil maidir le roinnt gealltanais dheonacha maidir le sábháilteacht táirgí. Tá sé cruthaithe nach leor an Gealltanas um Shábháilteacht Táirgí agus, dá bhrí sin, níor éirigh leis an ngealltanas an aidhm tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne a bhaint amach go dtí seo. Laghdaítear a éifeachtacht mar gheall ar a ghné dheonach agus an chaoi nach nglacann ach líon teoranta margaí ar líne páirt dheonach ann, agus ní féidir machaire comhréidh a áirithiú mar gheall ar an méid sin. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(29) Ba cheart do mhargaí ar líne gníomhú leis an gcúram is cuí i ndáil leis an inneachar a dhéantar a óstáil ar a gcomhéadan ar líne agus a bhaineann le sábháilteacht táirgí, i gcomhréir leis na hoibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart oibleagáidí díchill chuí le haghaidh gach margaidh ar líne a bhunú i ndáil leis an inneachar a dhéantar a óstáil ar a gcomhéadan ar líne ar inneachar é a bhaineann le sábháilteacht táirgí. |
(29) Ba cheart do mhargaí ar líne gníomhú leis an gcúram is cuí i ndáil leis an inneachar a dhéantar a óstáil ar a gcomhéadain ar líne agus a bhaineann le sábháilteacht táirgí, i gcomhréir leis na hoibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá réir sin, ba cheart oibleagáidí díchill chuí le haghaidh gach margaidh ar líne a bhunú i ndáil leis an inneachar a dhéantar a óstáil ar a gcomhéadain ar líne ar inneachar é a bhaineann le sábháilteacht táirgí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé de cheangal orthu, ar a laghad, táirgí a tuairiscíodh ar an tairseach Safety Gate nó a thuairiscíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh náisiúnta a sheiceáil agus a dhíliostú agus a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh siad ar fáil arís do na tomhaltóirí agus nach gcuirfear ar fáil ar an margadh iad. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(31) Ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le horduithe ó údaráis phoiblí a chomhlíonadh go tráthúil agus go héifeachtach, fógraí ó thríú páirtithe eile a phróiseáil, agus comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh i gcomhthéacs bearta ceartaitheacha arna n-iarraidh sin, ba cheart sásra inmheánach a bheith ag margaí ar líne chun saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil. |
(31) Ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le horduithe ó údaráis phoiblí a chomhlíonadh go tráthúil agus go héifeachtach, fógraí ó thríú páirtithe eile a phróiseáil, agus comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh i gcomhthéacs bearta ceartaitheacha arna n-iarraidh sin, ba cheart sásra inmheánach a bheith ag margaí ar líne chun saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh comhéadan an mhargaidh ar líne ar chumas tomhaltóirí fógra a thabhairt go héasca faoi shaincheisteanna sábháilteachta táirgí agus a gcearta a bheith acu i leith an oibreora eacnamaíoch atá freagrach, arna mhíniú ar bhealach intuigthe agus inrochtana. D’fhéadfadh margaí ar líne na fógraí sin a roinnt leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(32) Níor cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar mhargaí ar líne a bheith ina n-oibleagáidí ginearálta maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léirítear gníomhaíocht neamhdhleathach, amhail díol na dtáirgí contúirteacha ar líne. Mar sin féin, ba cheart do mhargaí ar líne inneachar a thagraíonn do tháirgí contúirteacha a bhaint go gasta óna gcomhéadan ar líne, tar éis dóibh eolas iarbhír a fháil nó, i gcás éileamh ar dhamáistí, tar éis dóibh feasacht faoin inneachar neamhdhleathach a fháil, go háirithe sna cásanna inar cuireadh an margadh ar líne ar an eolas faoi fhíricí nó imthosca ar cheart d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach an neamhdhleathacht i gceist a bheith sainaitheanta aige ar a mbonn sin, chun leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas as seirbhísí a óstáil faoin ‘Treoir maidir le ríomhthráchtáil’ agus faoin [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Ba cheart do mhargaí ar líne fógraí a phróiseáil a bhaineann le hinneachar a thagraíonn do tháirgí neamhshábháilte, fógraí a fhaightear i gcomhréir le [hAirteagal 14] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], laistigh de na tréimhsí ama breise a bhunaítear leis an Rialachán seo. |
(32) Níor cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar mhargaí ar líne a bheith ina n-oibleagáid ghinearálta maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach lena léirítear gníomhaíocht neamhdhleathach, amhail díol na dtáirgí contúirteacha ar líne. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar mhargaí ar líne oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh chun díol táirgí contúirteacha ar líne a chosc. Áirítear leis sin oibleagáid chun táirgí contúirteacha a bhaint go gasta óna gcomhéadain ar líne, tar éis dóibh eolas iarbhír a fháil nó, i gcás éileamh ar dhamáistí, tar éis dóibh feasacht faoin inneachar neamhdhleathach a fháil, go háirithe sna cásanna inar cuireadh an margadh ar líne ar an eolas faoi fhíricí nó imthosca ar cheart d’oibreoir eacnamaíoch dícheallach an neamhdhleathacht i gceist a bheith sainaitheanta aige ar a mbonn sin, chun leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas as seirbhísí a óstáil faoin ‘Treoir maidir le ríomhthráchtáil’ agus faoin [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. Ba cheart do mhargaí ar líne fógraí a phróiseáil a bhaineann le hinneachar a thagraíonn do tháirgí neamhshábháilte, fógraí a fhaightear i gcomhréir le [hAirteagal 14] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], laistigh de na tréimhsí ama breise a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do mhargaí ar líne a n-iarrachtaí is fearr a léiriú chun táirgí comhionanna a sheachaint, a thuairiscigh údaráis um fhaireachas margaidh roimhe sin iad mar tháirgí neamhshábháilte, ó bheith ar fáil arís ar a suíomhanna gréasáin, i gcomhréir leis an bprionsabal nach bhfuil aon oibleagáid ghinearálta faireacháin agus na hoibleagáidí atá leagtha síos san Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(34) Fiú i gcás nach bhfuil aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne cruinn (URL) san fhaisnéis ón gcóras Safety Gate agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do mhargaí ar líne, mar sin féin, an fhaisnéis a tarchuireadh a chur san áireamh, amhail aitheantóirí táirgí, nuair a bhíonn siad ar fáil, agus faisnéis inrianaitheachta eile, i gcomhthéacs aon bhirt arna ghlacadh ag margaí ar líne ar a dtionscnamh féin a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar tháirgí contúirteacha atá ar tairiscint ar a margadh féin a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó a dhíchumasú, i gcás inarb infheidhme. |
(34) Ba cheart an Safety Gate a nuachóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta chun é a dhéanamh níos éasca do na hoibreoirí eacnamaíocha agus do na margaí ar líne táirgí neamhshábháilte a bhrath. Ba cheart go mbeadh aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne cruinn (URL) san fhaisnéis ón Safety Gate agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an táirge neamhshábháilte a shainaithint, Ina theannta sin, ba cheart do mhargaí ar líne, mar sin féin, an fhaisnéis a tarchuireadh a chur san áireamh, amhail aitheantóirí táirgí, nuair a bhíonn siad ar fáil, agus faisnéis inrianaitheachta eile, i gcomhthéacs aon bhirt arna ghlacadh ag margaí ar líne ar a dtionscnamh féin a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar tháirgí contúirteacha atá ar tairiscint ar a margadh féin a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó a dhíchumasú, i gcás inarb infheidhme. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) Chun críocha [Airteagal 19] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], agus a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhíoltar ar líne, eagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar son leas tomhaltóirí go háirithe, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iad a mheas mar chomharthóirí iontaofa, arna iarraidh sin dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin. |
(35) Chun críocha [Airteagal 19] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], agus a mhéid a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhíoltar ar líne, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha comhar a áirithiú, nuair is gá, le heagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar son leas tomhaltóirí maidir le sábháilteacht táirgí agus geallsealbhóirí eile. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(36) Is rud ríthábhachtach í an inrianaitheacht táirgí chun faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí contúirteacha agus chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha ar an gcaoi chéanna sna bealaí díolacháin as líne agus ar líne, agus nuair a bhíonn siad ag ceannach táirgí ar mhargaí ar líne freisin. D’fhonn cur le forálacha Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] a bhaineann le hinrianaitheacht trádálaithe, níor cheart do mhargaí ar líne tairiscintí ar a n-ardán a cheadú mura rud é gur chuir an trádálaí an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus inrianaitheacht táirgí ar fáil mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart faisnéis den sórt sin a thaispeáint in éineacht le tairiscint an táirge ionas gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as an bhfaisnéis chéanna a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne. Mar sin féin, níor cheart don mhargadh ar líne a bheith freagrach as iomláine, cruinneas agus beachtas na faisnéise féin a fhíorú, ós rud é gur ar an trádálaí atá an oibleagáid inrianaitheacht táirgí a áirithiú i gcónaí. |
(36) Is rud ríthábhachtach í an inrianaitheacht táirgí chun faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh ar tháirgí contúirteacha agus chun bearta ceartaitheacha a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí contúirteacha ar an gcaoi chéanna sna bealaí díolacháin as líne agus ar líne, agus nuair a bhíonn siad ag ceannach táirgí ar mhargaí ar líne freisin. D’fhonn cur le forálacha Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha] a bhaineann le hinrianaitheacht trádálaithe agus táirgí, níor cheart do mhargaí ar líne tairiscintí ar a n-ardán a cheadú mura rud é gur chuir an trádálaí an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus inrianaitheacht táirgí ar fáil mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart do mhargaí ar líne iomláine agus iontaofacht na faisnéise sin a fhíorú mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart faisnéis den sórt sin a thaispeáint ar bhealach sothuigthe agus inrochtana in éineacht le tairiscint an táirge ionas gur féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as an bhfaisnéis chéanna a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreoidh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, leis na húdaráis forfheidhmithe dlí agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí. Déantar oibleagáid maidir le comhar le húdaráis um fhaireachas margaidh a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil le táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán sin agus ba cheart, dá bhrí sin, an oibleagáid a leathnú amach chun gach táirge tomhaltais a chumhdach. Mar shampla, tá na húdaráis um faireachas margaidh ag cur feabhas i rith an ama ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais mhargaidh ar líne chun táirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadan. Ina theannta sin, ar mhaithe le sábháilteacht táirgí, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne. |
(37) Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreoidh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, leis na húdaráis forfheidhmithe dlí agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha maidir le sábháilteacht táirgí. Déantar oibleagáid maidir le comhar le húdaráis um fhaireachas margaidh a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil le táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán sin agus ba cheart, dá bhrí sin, an oibleagáid a leathnú amach chun gach táirge tomhaltais a chumhdach. Mar shampla, tá na húdaráis um faireachas margaidh ag cur feabhas i rith an ama ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais mhargaidh ar líne chun táirgí contúirteacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadain. Ina theannta sin, ar mhaithe le sábháilteacht táirgí, mura féidir le húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí riachtanacha a aisghabháil ón oibreoir eacnamaíoch atá freagrach go príomha, d’fhéadfadh sé go mbeidh orthu sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne bunaithe ar iarraidh spriocdhírithe. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) I gcás ina bhfuil rogha de bhearta ceartaitheacha éagsúla ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag údaráis um fhaireachas margaidh, ba cheart tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht is inbhuanaithe a mbeadh an tionchar is ísle ar an gcomhshaol aici, amhail deisiú an táirge, ar choinníoll nach lú an leibhéal sábháilteachta dá thoradh sin. |
(40) I gcás ina bhfuil rogha de bhearta ceartaitheacha éagsúla ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag údaráis um fhaireachas margaidh, ba cheart tosaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht is inbhuanaithe a mbeadh an tionchar is ísle ar an gcomhshaol aici, amhail deisiú an táirge, ar choinníoll nach lú an leibhéal sábháilteachta dá thoradh sin ná nach ndéanann sí difear do chearta agus leasanna tomhaltóirí áirithe. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(44) Trí shainaithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a áirithiú, is fusa oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint agus bearta ceartaitheacha éifeachtacha a dhéanamh i gcoinne táirgí contúirteacha amhail aisghairmeacha spriocdhírithe. Ar an dóigh sin áirithíonn sainaithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí go bhfaigheann tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn faoi tháirgí contúirteacha, rud a mhéadaíonn ar an muinín as an margadh agus a sheachnaíonn cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bheith léirithe ar tháirgí ionas gur féidir na táirgí féin agus a monaróir, agus más infheidhme, an t-allmhaireoir, a shainaithint. D’fhéadfaí na ceanglais inrianaitheachta sin a dhéanamh níos déine i gcás cineálacha áirithe táirgí. Ba cheart do mhonaróirí doiciméadacht theicniúil maidir lena dtáirgí a leagan síos freisin, ar doiciméadacht í ar cheart an fhaisnéis is gá a bheith iontu chun a chruthú go bhfuil a dtáirge sábháilte. |
(44) Trí shainaithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a áirithiú, is fusa oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint agus, nuair is infheidhme, bearta ceartaitheacha agus comhréireacha éifeachtacha a dhéanamh i gcoinne táirgí contúirteacha amhail aisghairmeacha spriocdhírithe. Ar an dóigh sin áirithíonn sainaithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí go bhfaigheann tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn faoi tháirgí contúirteacha, rud a mhéadaíonn ar an muinín as an margadh agus a sheachnaíonn cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bheith léirithe ar tháirgí ionas gur féidir na táirgí féin agus an monaróir, agus más infheidhme, an t-allmhaireoir, a shainaithint. D’fhéadfaí na ceanglais inrianaitheachta sin a dhéanamh níos déine i gcás cineálacha áirithe táirgí ar dócha go mbaineann riosca tromchúiseach leo. Ba cheart do mhonaróirí doiciméadacht theicniúil maidir lena dtáirgí a leagan síos freisin, ar doiciméadacht í ar cheart an fhaisnéis is gá a bheith inti chun a chruthú go bhfuil a dtáirge sábháilte. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(47a) Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh rúnsiopadóireacht a dhéanamh ar bhonn rialta, uair amháin sa bhliain ar a laghad, lena n-áirítear ar mhargaí ar líne agus go háirithe i dtaca le táirgí atá liostaithe ar an Safety Gate den chuid is mó. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 50
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(50) Is ríléir go bhfuil córas mearmhalartaithe faisnéise an Aontais (RAPEX) éifeachtach agus éifeachtúil. Is rud é trínar féidir bearta ceartaitheacha a dhéanamh ar fud an Aontais maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, riosca a théann thar chríoch Bhallstáit aonair. Tá sé tráthúil, áfach, an t-ainm giorraithe a úsáidtear a athrú ó RAPEX go dtí an córas Safety Gate ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus caidreamh níos fearr a chothú le tomhaltóirí. Is éard atá sa chóras Safety Gate córas mear-rabhaidh maidir le táirgí neamhbhia contúirteacha lenar féidir le húdaráis náisiúnta agus leis an gCoimisiún faisnéis a mhalartú maidir le táirgí den sórt sin, tairseach ghréasáin chun an pobal a chur ar an eolas (an córas Safety Gate) agus comhéadan chun é a chur ar chumas gnólachtaí a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le húdaráis agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha (an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht). |
(50) Ní mór córas mearmhalartaithe faisnéise an Aontais (RAPEX) a nuashonrú agus a nuachóiriú d’fhonn bearta ceartaitheacha níos éifeachtúla a dhéanamh ar fud an Aontais maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, riosca a théann thar chríoch Bhallstáit aonair. Tá sé tráthúil, áfach, an t-ainm giorraithe a úsáidtear a athrú ó RAPEX go dtí Safety Gate ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus caidreamh níos fearr a chothú le tomhaltóirí. Is éard atá in Safety Gate ná córas mear-rabhaidh maidir le táirgí neamhbhia contúirteacha lenar féidir le húdaráis náisiúnta agus leis an gCoimisiún faisnéis a mhalartú maidir le táirgí den sórt sin, tairseach ghréasáin chun an pobal a chur ar an eolas (tairseach Safety Gate) agus comhéadan chun é a chur ar chumas gnólachtaí a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le húdaráis agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháirgí contúirteacha (an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht). Ina theannta sin, ní mór dó comhéadan idir-inoibritheach a chur ar fáil chun margaí ar líne a chumasú chun seiceáil a dhéanamh ar na táirgí ar a suíomh gréasáin leis na táirgí atá liostaithe ar Safety Gate ar bhealach éasca, tapa agus iontaofa. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 51
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(51) Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt sa chóras Safety Gate faoi bhearta ceartaitheacha éigeantacha agus deonacha lena gcuirtear cosc agus srian le táirge a d’fhéadfaí a mhargú, nó lena bhforchuirtear coinníollacha sonrach ar mhargú an táirge sin, mar gheall ar riosca tromchúiseach do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, nó i gcás táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, riosca do leasanna poiblí ábhartha eile de chuid na n-úsáideoirí deiridh freisin. |
(51) Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt sa Safety Gate faoi bhearta ceartaitheacha éigeantacha agus deonacha lena gcuirtear cosc agus srian le táirge a d’fhéadfaí a mhargú, nó lena bhforchuirtear coinníollacha sonracha ar mhargú an táirge sin, mar gheall ar riosca tromchúiseach do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, nó i gcás táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/1020, riosca do leasanna poiblí ábhartha eile de chuid na n-úsáideoirí deiridh freisin. Chun geallsealbhóirí eile a chur ar an eolas faoi bhunús teagmhas a tharla roimhe seo, ba cheart a mhíniú sna fógraí sa Safety Gate conas a tharla riosca tromchúiseach agus ba cheart faisnéis níos mionsonraithe a áireamh nuair is féidir, amhail Uimhir Earra Eorpach. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 52
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(52) Faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, ní mór d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt faoi bhearta a glacadh i gcoinne táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo, agus an fógra sin a thabhairt tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear san Airteagal céanna, ach is tríd an gcóras Safety Gate ba cheart fógra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a glacadh in aghaidh táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí a bhaineann le táirgí a chur ar fáil don phobal. Tá sé tráthúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí gur sa chóras Safety Gate atá an fhaisnéis ar fad maidir le bearta ceartaitheacha a glacadh i gcoinne táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, rud a fhágann gur féidir faisnéis ábhartha maidir le táirgí contúirteacha a chur ar fáil don phobal tríd an gcóras Safety Gate. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit fógra a thabhairt sa chóras Safety Gate maidir leis na bearta ceartaitheacha ar fad a bhaineann le táirgí a chuireann sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol. |
(52) Faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020, ní mór d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt faoi bhearta a glacadh i gcoinne táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, táirgí nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo, agus an fógra sin a thabhairt tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear san Airteagal céanna, ach is tríd an Safety Gate ba cheart fógra a thabhairt faoi bhearta ceartaitheacha a glacadh in aghaidh táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo nach bhfuil riosca chomh tromchúiseach sin ag baint leo. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí a bhaineann le táirgí a chur ar fáil don phobal. Tá sé tráthúil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí gur sa Safety Gate atá an fhaisnéis ar fad maidir le bearta ceartaitheacha a glacadh i gcoinne táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, rud a fhágann gur féidir faisnéis ábhartha maidir le táirgí contúirteacha a chur ar fáil don phobal tríd an tairseach Safety Gate. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin ar fad ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla thír chónaithe an tomhaltóra agus go scríobhtar i dteanga shoiléir intuigthe í. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit fógra a thabhairt sa Safety Gate maidir leis na bearta ceartaitheacha ar fad a bhaineann le táirgí a chuireann sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol. Ba cheart bunachar sonraí agus suíomh gréasáin an Safety Gate a bheith inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 58
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(58) Is féidir le húdaráis um fhaireachais margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis nó le heagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann oibreoirí eacnamaíocha nó úsáideoirí deiridh, d’fhonn sábháilteacht táirgí a chur chun cinn agus táirgí contúirteacha a shainaithint, lena n-áirítear iad sin a thairgtear lena ndíol ar líne. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, nach gcruthófar staid a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh nó difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas agus do neamhchlaontacht na bpáirtithe mar gheall ar rogha na dtáirgí agus na dtáirgeoirí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. |
(58) Ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis nó le heagraíochtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann oibreoirí eacnamaíocha nó úsáideoirí deiridh, d’fhonn sábháilteacht táirgí a chur chun cinn agus táirgí contúirteacha a shainaithint, lena n-áirítear iad sin a thairgtear lena ndíol ar líne. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, nach gcruthófar staideanna a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh nó difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas agus do neamhchlaontacht na bpáirtithe mar gheall ar rogha na dtáirgí agus na dtáirgeoirí chomh maith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar. |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) Is é atá i gceist le gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha lena bhféadfar sábháilteacht táirgí a fheabhsú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh i gcás ina dtabharfaidh treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile le tuiscint gur minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach le catagóirí áirithe táirgí. |
(59) Is é atá i gceist le gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha lena bhféadfar sábháilteacht táirgí a fheabhsú a thuilleadh agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a dhéanamh ar bhonn rialta chun sáruithe ar an Rialachán seo ar líne agus as líne a bhrath. Ina theannta sin, ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh i gcás ina dtabharfaidh treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile le tuiscint gur minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach le catagóirí áirithe táirgí. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(62) I gcás inar léir go bhfuil táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin contúirteach, d’fhéadfadh sé gur ghá é a aisghairm chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil táirge aisghairthe acu. D’fhonn cur le héifeachtacht i dtaca le haisghairm táirgí, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain níos fearr ann ar na tomhaltóirí lena mbaineann. Is é teagmháil dhíreach an modh is éifeachtaí chun feasacht na dtomhaltóirí a mhéadú maidir le haisghairmeacha agus chun gníomhaíocht a spreagadh. Is é an bealach cumarsáide is fearr le tomhaltóirí é freisin ar fud gach grúpa tomhaltóirí. Chun sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú, tá sé tábhachtach iad a chur ar an eolas ar bhealach tapa iontaofa. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, na sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh a úsáid chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta a bhaineann le táirgí a cheannaigh siad. Dá bhrí sin, tá gá le hoibleagáid dhlíthiúil chun é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as aon sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh cheana féin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus faoi rabhaidh shábháilteachta. I ndáil leis sin, áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go bhféadfar teagmháil dhíreach a dhéanamh le custaiméirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta a dhéanfaidh difear dóibh trí bhíthin cláir dhílseachta do chustaiméirí agus córais cláraithe táirgí, ar córais iad trína n-iarrtar ar chustaiméirí, tar éis dóibh táirge a cheannach, roinnt faisnéise amhail a n-ainm, a bhfaisnéis teagmhála, samhail an táirge nó an tsraithuimhir a chur in iúl don mhonaróir ar bhonn deonach. |
(62) I gcás inar léir go bhfuil táirge a díoladh le tomhaltóirí cheana féin contúirteach, d’fhéadfadh sé gur ghá é a aisghairm chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tomhaltóirí ar an eolas go bhfuil táirge aisghairthe acu. D’fhonn cur le héifeachtacht i dtaca le haisghairm táirgí, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain níos fearr ann ar na tomhaltóirí lena mbaineann. Is é teagmháil dhíreach an modh is éifeachtaí chun feasacht na dtomhaltóirí a mhéadú maidir le haisghairmeacha agus chun gníomhaíocht a spreagadh. Is é an bealach cumarsáide is fearr le tomhaltóirí é freisin ar fud gach grúpa tomhaltóirí. Chun sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú, tá sé tábhachtach iad a chur ar an eolas ar bhealach tapa iontaofa. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, na sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh a úsáid chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta a bhaineann le táirgí a cheannaigh siad. Dá bhrí sin, tá gá le hoibleagáid dhlíthiúil chun é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as na sonraí custaiméirí atá ar fáil dóibh cheana féin a bhfuil gá leo chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aisghairmeacha agus faoi rabhaidh shábháilteachta. I ndáil leis sin, áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go bhféadfar teagmháil dhíreach a dhéanamh le custaiméirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta a dhéanfaidh difear dóibh trí bhíthin cláir dhílseachta do chustaiméirí agus córais cláraithe táirgí, ar córais iad trína n-iarrtar ar chustaiméirí, tar éis dóibh táirge a cheannach, roinnt faisnéise amhail a n-ainm, a bhfaisnéis teagmhála, samhail an táirge nó an tsraithuimhir a chur in iúl don mhonaróir ar bhonn deonach. Cé gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha atá freagrach go príomha as aisghairmeacha a chur i gcrích, ba cheart do mhargaí ar líne ar a laghad faisnéis a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis um fhaireachas margaidh agus tacú leis an gcumarsáid le tomhaltóirí. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 64 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(64a) Foilseoidh an Coimisiún treoraíocht d’údaráis um fhaireachas margaidh chun forfheidhmiú níos aonfhoirmí agus cumarsáid atá cinnte de réir an dlí a áirithiú nuair a bheidh sé ag déileáil le fógraí maidir le haisghairm agus le hiarrataí faoi seach ó údaráis inniúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil a ndóthain saineolais agus acmhainní ag na húdaráis chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 71
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(71) Chun oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne a dhíspreagadh go héifeachtach ionas nach gcuirfidh siad táirgí contúirteacha ar an margadh, ba cheart do na pionóis a bheith in oiriúint don chineál sáraithe, don leas a d’fhéadadh an t-oibreoir eacnamaíoch nó an margadh ar líne a bhaint as, agus do chineál agus do thromchúis na díobhála a bhain don tomhaltóir. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach leibhéal aonchineálach na bpionós a bheith ann chun cothrom iomaíochta a áirithiú, sa dóigh nach ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha nó margaí ar líne formhór a ngníomhaíochtaí i gcríocha ina bhfuil leibhéal na bpionós níos ísle. |
(71) Chun oibreoirí eacnamaíocha a dhíspreagadh go héifeachtach ionas nach gcuirfidh siad táirgí contúirteacha ar an margadh, ba cheart do na pionóis a bheith in oiriúint don chineál sáraithe, don leas a d’fhéadadh an t-oibreoir eacnamaíoch a bhaint as, agus do chineál agus do thromchúis na díobhála a bhain don tomhaltóir. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach leibhéal aonchineálach na bpionós a bheith ann chun machaire comhréidh a áirithiú, sa dóigh nach ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha formhór a ngníomhaíochtaí i gcríocha ina bhfuil leibhéal na bpionós níos ísle. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 80
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(80) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críoch an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. I gcás ina dtuairisceoidh tomhaltóirí táirge sa chóras Safety Gate, ní stórálfar ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun an táirge contúirteach a thuairisciú agus ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis na sonraí sin a ionchódú. Níor cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí an clár de ghearáin ó thomhaltóirí a choimeád ach amháin fad is gá chun críoch an Rialacháin seo. Ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí, nuair is daoine nádúrtha iad, a n-ainmneacha a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil an tomhaltóir in ann an táirge a shainaithint chun críche inrianaitheachta. |
(80) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críoch an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679, (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí. I gcás ina dtuairisceoidh tomhaltóirí táirge sa Safety Gate, ní stórálfar ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun an táirge contúirteach a thuairisciú agus ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana tar éis na sonraí sin a ionchódú. Níor cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí an clár de ghearáin ó thomhaltóirí a choimeád ach amháin fad is gá chun críoch an Rialacháin seo. Ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí, nuair is daoine nádúrtha iad, a n-ainmneacha a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil an tomhaltóir in ann an táirge a shainaithint chun críche inrianaitheachta. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ábhar |
Ábhar agus cuspóir |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is Rialachán é seo a leagann síos rialacha riachtanacha maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh. |
Is é cuspóir an Rialacháin seo a áirithiú go mbeidh táirgí a chuirfear ar fáil ar an margadh sábháilte do shláinte agus do shlándáil na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, is Rialachán é seo a leagann síos rialacha riachtanacha maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina mbeidh táirgí faoi réir ceanglais sábháilteachta shonracha arna bhforchur le reachtaíocht an Aontais, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir leis na gnéithe agus na rioscaí nó le catagóirí na rioscaí nach gcumhdaítear leis na ceanglais sin. |
I gcás ina mbeidh táirgí faoi réir ceanglais sábháilteachta shonracha arna bhforchur le reachtaíocht an Aontais, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir leis na gnéithe agus na rioscaí nó le catagóirí na rioscaí nach gcumhdaítear leis na ceanglais sin agus ar an gcaoi sin is bagairt mhór iad do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ní bheidh feidhm ag Caibidil II a mhéid a bhaineann leis na rioscaí nó le catagóirí na rioscaí a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú; |
(a) ní bheidh feidhm ag Caibidil II a mhéid a bhaineann leis na rioscaí nó le catagóirí na rioscaí a chumhdaítear go leordhóthanach le reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú; |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air, ar trealamh é a oibríonn soláthraí seirbhíse i gcomhthéacs seirbhíse a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí; |
(g) trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad air, ar trealamh é nach dtiomáineann na tomhaltóirí féin ach a oibríonn soláthraí seirbhíse i gcomhthéacs seirbhís a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí agus a bhfuil sé de chuspóir aige tomhaltóirí a iompar ó shuíomh amháin go suíomh eile; |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Cuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim. |
scriosta |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim, í idirnasctha nó gan í a bheith idirnasctha le hítimí eile, a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil, bíodh sin ar íocaíocht nó ná bíodh, i rith gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear i gcomhthéacs seirbhís a sholáthar – ar ítim í atá beartaithe do thomhaltóirí, sin nó a d’fhéadfadh tomhaltóirí a úsáid, faoi dhálaí a mbeifí ag súil go réasúnta leo, fiú mura bhfuil sí beartaithe dóibh; |
1. ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim, inláimhsithe nó doláimhsithe, amhail bogearra nó táirge a bhfuil bogearra leabaithe ann, í idirnasctha nó gan í a bheith idirnasctha le hítimí eile, a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil, bíodh sin ar íocaíocht nó ná bíodh, i rith gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear i gcomhthéacs seirbhís a sholáthar – ar ítim í atá beartaithe do thomhaltóirí, sin nó a d’fhéadfadh tomhaltóirí a úsáid, faoi dhálaí a mbeifí ag súil go réasúnta leo, fiú mura bhfuil sí beartaithe dóibh; |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
23. ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don tomhaltóir a fháil ar ais; |
23. ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge contúirteach atá curtha ar fáil cheana do na húsáideoirí deiridh is tomhaltóirí a fháil ar ais; |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Toimhde na sábháilteachta |
Toimhde comhréireachta i ndáil leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) in éagmais na gcaighdeán Eorpach dá dtagraítear i bpointe (a), a mhéid a bhaineann leis na rioscaí atá cumhdaithe ag na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, más rud é go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta sin. |
(b) in éagmais na gcaighdeán Eorpach dá dtagraítear i bpointe (a), a mhéid a bhaineann leis na rioscaí atá cumhdaithe ag na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, más rud é go bhfuil sé i gcomhréir leis na caighdeáin náisiúnta sin arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais. |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Na táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na ceanglais sábháilteachta shonracha atá ag teastáil chun go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na táirgí sin an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
2. Maidir leis na táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na ceanglais sábháilteachta shonracha atá ag teastáil chun go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na táirgí sin an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5, agus na critéir a liostaítear in Airteagal 7 á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3). |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Mar sin féin, toimhde na sábháilteachta faoi mhír 1, ní choiscfidh sí na húdaráis um fhaireachas margaidh ar ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann, d’ainneoin na comhréireachta sin, go bhfuil an táirge contúirteach. |
3. Mar sin féin, ní choiscfidh toimhde go bhfuiltear i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta faoi mhír 1 na húdaráis um fhaireachas margaidh ar ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann, d’ainneoin na comhréireachta sin, go bhfuil an táirge contúirteach. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás nach bhfuil feidhm ag toimhde na sábháilteachta a leagtar síos in Airteagal 5, cuirfear san áireamh na gnéithe seo a leanas, go háirithe nuair a bheidh measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge: |
1. I gcás nach bhfuil feidhm ag an toimhde go bhfuiltear i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 6, cuirfear san áireamh na gnéithe seo a leanas, go háirithe nuair a bheidh measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge: |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) saintréithe an táirge, lena n-áirítear a dhearadh, a ghnéithe teicniúla, a chomhdhéanamh, a phacáistíocht, na treoracha maidir lena chóimeáil agus, i gcás inarb infheidhme, lena shuiteáil agus a chothabháil; |
(a) saintréithe an táirge, lena n-áirítear a dhearadh, a ghnéithe teicniúla, a chomhdhéanamh agus a chomhábhair cheimiceacha, a phacáistíocht, na treoracha maidir lena chóimeáil agus, i gcás inarb infheidhme, lena shuiteáil, úsáid, cothabháil, athchúrsáil agus deisiú; |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an éifeacht ar tháirgí eile, i gcás a mbeifí ag súil go réasúnta leis go mbeidh an táirge sin in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear idirnascadh na dtáirgí le chéile; |
(b) an éifeacht ar tháirgí eile agus a úsáideoirí, i gcás a mbeifí ag súil go réasúnta leis go mbeidh an táirge sin in úsáid le táirgí eile, lena n-áirítear roghanna maidir le hidirnascadh idir táirgí chomh maith leis an bhféidearthacht go gcaillfí an t-idirnascadh; |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) nascacht táirge, lena n-áirítear na gnéithe slándála iomchuí is gá chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nasctha agus dínasctha; |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cb) na coimircí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shonraí lochtacha chomh maith leis an tsaincheist maidir le hiontaofacht sonraí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht an táirge; |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) catagóirí na dtomhaltóirí a bheadh i mbaol agus an táirge á úsáid, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha amhail leanaí, seanóirí agus daoine atá faoi mhíchumas; |
(e) catagóirí na dtomhaltóirí a bheadh i mbaol agus an táirge á úsáid, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha amhail leanaí, lena n-áirítear lipéadú aoise ar tháirgí maidir lena n-oiriúnacht nó a ndlíthiúlacht do leanaí, agus seanóirí agus daoine atá faoi mhíchumas agus leochaileacht bunaithe ar rioscaí sonracha an táirge á cur san áireamh; |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) cuma an táirge, agus go háirithe i gcás táirge, cé nach bia-ábhar é, a bhfuil cuma bia-ábhar air agus a bhféadfaí é a thabhairt in amhlachas bia-ábhair mar gheall ar a fhoirm, boladh, dath, cuma, pacáistíocht, lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile; |
(f) cuma an táirge, agus go háirithe i gcás táirge, cé nach bia-ábhar é, a bhfuil cuma bia-ábhar air agus a bhféadfaí é a thabhairt in amhlachas bia-ábhair mar gheall ar a fhoirm, boladh, dath, cuma, pacáistíocht, lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile agus gur féidir leis an tomhaltóir, dá bhrí sin, é a chur i mbéal, a dhiúl nó a ionghabháil, go háirithe leanaí, agus a d’fhéadfadh plúchadh, nimhiú, polladh nó bac i gconair an díleá, mar shampla, a bheith mar thoradh air; |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) na gnéithe cibearshlándála is iomchuí atá ag teastáil chun an táirge a chosaint ar thionchar seachtrach, lena n-áirítear tríú páirtithe mailíseacha, i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfadh an tionchar sin difear do shábháilteacht an táirge; |
(h) na gnéithe cibearshlándála a chumhdaíonn an saolré iomlán is iomchuí atá ag teastáil chun an táirge a chosaint ar thionchar seachtrach, lena n-áirítear tríú páirtithe mailíseacha, i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfadh an tionchar sin difear do shábháilteacht an táirge; |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) feidhmiúlachtaí éabhlóideacha, foghlama agus réamh-mheasta an táirge. |
(i) feidhmiúlachtaí éabhlóideacha, foghlama agus réamh-mheasta an táirge; |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe i a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ia) na guaiseacha fisiceacha, meicniúla, leictreacha, inadhainteachta, sláinteachais agus radaighníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí; |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – pointe i b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ib) An riosca meabhairshláinte a bhaineann le táirgí bainteacha, lena n-áirítear a n-éifeachtaí carnacha agus fadtéarmacha ar an tsláinte. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) scéimeanna deimhniúcháin deonacha nó creata tríú páirtí um measúnú comhréireachta den chineál céanna, go háirithe na cinn atá ceaptha chun tacú le reachtaíocht an Aontais; |
(d) scéimeanna deimhniúcháin deonacha nó creata tríú páirtí um measúnú comhréireachta den chineál céanna, nuair atá na cinn sin ceaptha chun tacú le reachtaíocht an Aontais; |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh monaróirí imscrúdú ar na gearáin a fhaightear maidir le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh, ar táirgí iad arna sainaithint mar tháirgí contúirteacha ag an ngearánach, agus coimeádfaidh siad clár de na gearáin sin mar aon leis na haisghairmeacha táirgí. |
2. Déanfaidh monaróirí imscrúdú ar na gearáin a fhaightear maidir le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh, ar táirgí iad arna sainaithint mar tháirgí contúirteacha ag an ngearánach, agus coimeádfaidh siad clár poiblí de na haisghairmeacha táirgí. |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh monaróirí bealaí teagmhála ar fáil do thomhaltóirí go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin lenar féidir le tomhaltóirí gearáin a dhéanamh agus na monaróirí a chur ar an eolas faoi aon tionóisc ar bhain dóibh i ngeall ar an táirge nó aon fhadhb sábháilteachta a bhfuil acu leis. |
Cuirfidh monaróirí bealaí teagmhála ar fáil do thomhaltóirí go poiblí amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe, amhail seirbhís custaiméara, ar a suíomh gréasáin lenar féidir le tomhaltóirí gearáin a dhéanamh ar bhealach éasca agus inrochtana agus monaróirí a chur ar an eolas faoi aon tionóisc ar bhain dóibh i ngeall ar an táirge nó aon fhadhb shábháilteachta a bhfuil acu leis. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Dáileoirí, allmhaireoirí, agus margaí ar líne sa slabhra soláthair lena mbaineann, coinneoidh monaróirí ar an eolas iad faoi aon fhadhb sábháilteachta arna sainaithint acu. |
3. Maidir le dáileoirí, allmhaireoirí, margaí ar líne agus soláthraithe seirbhíse comhlíonta sa slabhra soláthair lena mbaineann, cuirfidh monaróirí ar an eolas iad gan moill mhíchuí faoi aon fhadhb shábháilteachta arna sainaithint acu. |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh monaróirí doiciméadacht theicniúil an táirge a tharraingt suas. Is éard a bheidh sa doiciméadacht theicniúil, de réir mar is iomchuí: |
4. Déanfaidh monaróirí doiciméadacht theicniúil an táirge a tharraingt suas sula gcuireann siad ar an margadh é. Is éard a bheidh sa doiciméadacht theicniúil, ar a laghad, tuairisc ghinearálta ar an táirge agus a airíonna riachtanacha atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge. I gcás go meastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le táirge, is éard a bheidh sa doiciméadacht theicniúil: |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tuairisc ghinearálta ar an táirge agus a n-airíonna riachtanacha atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge; |
scriosta |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) liosta de na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe a, nó de na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 7(3), arna gcur i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh. |
(c) liosta de na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe a, nó de na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1) pointe b, nó Airteagal 7(1) agus 7(3), arna gcur i bhfeidhm chun an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a chomhlíonadh; |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) Uimhir Earra Eorpach, i gcás inarb ábhartha. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás nach gcuirfear aon cheann de na caighdeáin Eorpacha, nó na ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 7(3) i bhfeidhm ach go páirteach, déanfar na codanna a cuireadh i bhfeidhm a shainaithint. |
I gcás nach gcuirfear aon cheann de na caighdeáin Eorpacha, nó na ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó na heilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus Airteagal 7(3) i bhfeidhm ach go páirteach, déanfar na codanna a cuireadh i bhfeidhm a shainaithint. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh í ach a n-iarrfar sin orthu. |
5. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil cothrom le dáta ar feadh deich mbliana tar éis an táirge a bheith curtha ar fáil ar an margadh, agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh í ach a n-iarrfar sin orthu. |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Áiritheoidh monaróirí go léireofar ar a dtáirgí uimhir chineáil, baiscuimhir, nó uimhir sraithe, nó eilimint eile lena sainaithneofar iad, agus a bheidh sofheicthe agus soléite do thomhaltóirí, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó nádúr an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. |
6. Áiritheoidh monaróirí go léireofar ar a dtáirgí uimhir chineáil, baiscuimhir, nó uimhir sraithe, nó eilimint eile lena sainaithneofar iad, agus a bheidh sofheicthe, soléite agus sothuigthe do thomhaltóirí, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó nádúr an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad digiteach a ghabhann leis an táirge. Arna iarraidh sin don tomhaltóir, ba cheart í a chur ar fáil ar pháipéar agus saor in aisce. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Is éard a léireoidh monaróirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a seoladh poist agus a seoladh leictreonach teagmhála, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge a léireofar iad. Ní mór aon phointe teagmhála amháin don mhonaróir a bheith luaite leis an seoladh. |
7. Is éard a léireoidh monaróirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus a seoladh poist agus a seoladh leictreonach teagmhála, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge a léireofar iad. Ní mór aon phointe teagmhála amháin, agus uimhir theileafóin don mhonaróir a bheith luaite leis an seoladh. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh an táirgeadh srathach i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5. |
9. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh an táirgeadh srathach i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 agus go n-urramóidh sé Airteagal 6 agus Airteagal 7. |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
9a. Áiritheoidh monaróirí go leanfaidh táirgí nasctha ag feidhmiú go sábháilte ar feadh a saolré ionchasaí. Chuige sin, cuirfidh siad coimircí sonracha ar fáil chun cosc a chur ar an riosca go n-uaslódálfaí bogearraí nó aon athruithe digiteacha eile a d’fhéadfadh sábháilteacht táirgí a chur i mbaol. |
|
Maidir leis na táirgí digiteacha sin is dócha a mbeidh tionchar acu ar leanaí, déanfaidh monaróirí measúnú riosca do leanaí lena áirithiú go gcomhlíonann a dtáirgí na caighdeáin is airde ó thaobh sábháilteachta, slándála agus príobháideachais trí dhearadh. |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
11. Tabharfaidh na monaróirí foláireamh do thomhaltóirí gan mhoill, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, maidir leis an riosca dá sláinte agus dá sábháilteacht a bhaineann le táirge a mhonaraíonn siad, agus cuirfidh siad an méid sin in iúl gan mhoill do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit inar cuireadh an táirge ar fáil, agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe maidir leis an riosca do sláinte agus do shábháilteacht na dtomhaltóirí agus maidir le haon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
11. Tabharfaidh na monaróirí foláireamh do thomhaltóirí gan mhoill maidir leis an riosca dá sláinte agus dá sábháilteacht a bhaineann le táirge a mhonaraíonn siad i gcomhréir le hAirteagal 33. Cuirfear tomhaltóirí ar an eolas láithreach trí fhaisnéis shoiléir spriocdhírithe i dteangacha oifigiúla a dtíre cónaithe ar a laghad, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha a úsáid, ach ní modhanna digiteacha amháin. Ina theannta sin, déanfaidh monaróirí na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas gan mhoill, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, sna Ballstáit inar chuir siad táirge contúirteach ar fáil, agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe maidir leis an riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus maidir le haon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint go mbaineann riosca leis an táirge i dtrácht, an monaróir a chur ar an eolas faoi sin; |
(b) i gcás ina mbeidh cúis acu lena chreidiúint go mbaineann riosca leis an táirge i dtrácht, an monaróir a chur ar an eolas faoi sin agus, más gá, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an soláthraí seirbhíse comhlíonta a chur ar an eolas agus fógra a thabhairt gan moill mhíchuí maidir leis an táirge tríd an Tairseach Sábháilteachta Gnó; |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Sula gcuirfidh siad táirge ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach in Airteagal 5 agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 (4), (6) agus (7). |
1. Sula gcuirfidh siad táirge ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach in Airteagal 5 agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 (4), (6), (7) agus (8). |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina measfaidh allmhaireoir nó i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 8(4), (6) agus (7), ní chuirfidh sé an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir ar an eolas faoi sin, agus áiritheoidh sé go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi freisin. |
2. I gcás ina measfaidh allmhaireoir nó i gcás ina mbeidh cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 8(4), (6) agus (7), ní chuirfidh sé an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi gan moill mhíchuí. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 6 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Déanfaidh allmhaireoirí imscrúdú ar ghearáin maidir le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh agus déanfaidh siad na gearáin sin mar aon leis na haisghairmeacha táirgí a thaifeadadh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, nó ina gcuid clár féin. Coimeádfaidh allmhaireoirí an monaróir agus na dáileoirí ar an eolas faoin imscrúdú a rinneadh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe. |
6. Déanfaidh allmhaireoirí imscrúdú ar ghearáin maidir le táirgí a chuir siad ar fáil ar an margadh agus déanfaidh siad na haisghairmeacha táirgí a thaifeadadh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, agus ina gclár féin. Coimeádfaidh allmhaireoirí an monaróir agus na dáileoirí ar an eolas faoin imscrúdú a rinneadh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Comhoibreoidh na hallmhaireoirí leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus leis an monaróir chun a áirithiú go bhfuil táirge sábháilte. |
7. Comhoibreoidh na hallmhaireoirí leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, an monaróir agus, más gá, oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile chun a áirithiú go bhfuil táirge sábháilte. |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Na hallmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach táirge sábháilte é an táirge a chuir siad ar an margadh, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. I gcás nár glacadh na bearta sin cheana, is bearta iad a ghlacfaidh an t-allmhaireoir. Áiritheoidh na hallmhaireoirí go dtabharfar foláireamh do thomhaltóirí gan mhoill agus go héifeachtach tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, maidir leis an riosca, i gcás inarb infheidhme, agus go gcuirfear an méid sin in iúl gan mhoill do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit inar chuir siad an táirge ar fáil, agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe maidir leis an riosca do shláinte agus do shábháilteacht na dtomhaltóirí agus maidir le haon bheart a rinneadh cheana. |
8. Na hallmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach táirge sábháilte é an táirge a chuir siad ar an margadh, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. I gcás nár glacadh na bearta sin cheana, is bearta iad a ghlacfaidh an t-allmhaireoir. Tabharfaidh na hallmhaireoirí foláireamh gan mhoill, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit inar chuir siad an táirge ar fáil, agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe maidir leis an riosca do shláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus maidir le haon bheart a rinneadh cheana. Sa bhreis air sin, tabharfaidh siad foláireamh do thomhaltóirí i gcomhréir le hAirteagal 33. |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. Coimeádfaidh na hallmhaireoirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4) ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus cuirfidh siad ar fáil í do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ach a n-iarrfar sin orthu. |
9. Coimeádfaidh na hallmhaireoirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4) ar feadh deich mbliana tar éis dóibh an táirge a chur ar fáil ar an margadh, agus cuirfidh siad ar fáil í do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ach a n-iarrfar sin orthu. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Sula gcuirfidh siad táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8(6), (7) agus (8) agus in Airteagal 10(3) agus (4), de réir mar is infheidhme. |
1. Sula gcuirfidh siad táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8(6), (7) agus in Airteagal 10(3) agus (4), de réir mar is infheidhme. |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach bhfuil táirge i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfidh siad an táirge sin ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an dáileoir an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir nó don allmhaireoir de réir mar is infheidhme, agus áiritheoidh sé, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin freisin. |
3. Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise atá acu, nach bhfuil táirge i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfidh siad an táirge sin ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh an dáileoir an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir agus don allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, agus áiritheoidh sé, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin freisin. |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Na dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise a bhfuil acu, nach sábháilte an táirge a chuir siad ar fáil ar an margadh nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 8(6), (7) agus (8), ná le hAirteagal 10(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, áiritheoidh siad go nglacfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh dáileoirí an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir nó don allmhaireoir, de réir mar is infheidhme agus áiritheoidh siad, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, go bhfuil na húdaráis um fhaireachas margaidh sa Bhallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas faoi sin freisin agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe faoi na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
4. Na dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint, ar bhonn na faisnéise a bhfuil acu, nach sábháilte an táirge a chuir siad ar fáil ar an margadh nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 8(6), (7) agus (8), ná Airteagal 10(3) agus (4), de réir mar is infheidhme, áiritheoidh siad go nglacfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge a thabhairt chun comhréireachta, lena n-áirítear é a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás nach sábháilte an táirge, cuirfidh dáileoirí an méid sin in iúl gan mhoill don mhonaróir agus don allmhaireoir, de réir mar is infheidhme agus tabharfaidh siad foláireamh gan mhoill, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, do na húdaráis um fhaireachas margaidh sa Bhallstát inar chuir siad an táirge ar fáil freisin agus tabharfaidh siad mionsonraí go háirithe faoi na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh cheana. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. I gcás ina ndearnadh modhnú substaintiúil ar tháirge de réir bhrí an Airteagail seo, d’fhéadfaí measúnú sábháilteachta nua a dhéanamh ar an táirge sin de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil próisis inmheánacha maidir le sábháilteacht táirgí i bhfeidhm acu lenar féidir leo an ceanglas sábháilteacht ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a urramú. |
Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil próisis inmheánacha maidir le sábháilteacht táirgí i bhfeidhm acu lenar féidir leo na hoibleagáidí ar fad a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5, a urramú. Áireofar ar na próisis inmheánacha sin, ar a laghad, cláir taifeadta agus imscrúdaithe tionóiscí, próiseas fíoraithe comhlíontachta agus measúnú riosca. Déanfar iniúchadh neamhspleách orthu nuair is gá. Déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha achoimre ar an tuarascáil iniúchóireachta sin a chur ar fáil go poiblí. |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Comhoibreoidh na húdaráis eacnamaíocha leis na húdaráis faireachais margaidh maidir le bearta lena bhféadfaí deireadh a chur le rioscaí a bhaineann le táirgí a chuireann na hoibreoirí sin ar fáil ar an margadh nó iad a mhaolú. |
1. Oibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha i gcomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis eile maidir le bearta lena bhféadfaí deireadh a chur le rioscaí a bhaineann le táirgí a chuireann na hoibreoirí sin ar fáil ar an margadh nó iad a mhaolú. |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha gur éifeachtach é an beart ceartaitheach a rinneadh ó thaobh deireadh a chur leis na rioscaí nó iad a mhaolú. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a chur faoina mbráid agus is iad a chinnfidh an amhlaidh atá an beart ceartaitheach curtha i gcrích, sin nó an uair is féidir a mheas go bhfuil sé curtha i gcrích. |
5. Áiritheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha gur éifeachtach é an beart ceartaitheach a rinneadh ó thaobh deireadh a chur leis na rioscaí nó iad a mhaolú ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh an táirge sábháilte de réir bhrí Airteagail 5, 6 agus 7. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a chur faoina mbráid agus is iad a chinnfidh an amhlaidh atá an beart ceartaitheach curtha i gcrích, sin nó an uair is féidir a mheas go bhfuil sé curtha i gcrích. |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh feidhm ag Airteagal 4(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020 freisin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun críocha an Rialacháin seo, na tagairtí do ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ in Airteagal 4(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, is tagairtí iad a léifear mar ‘Rialachán [...]’. |
1. Beidh na hoibreoirí eacnamaíocha bunaithe san Aontas nó beidh duine freagrach acu san Aontas chun táirge a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar an margadh, agus, dá bhrí sin, beidh feidhm ag Airteagal 4(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020 is infheidhme maidir le táirgí comhchuibhithe freisin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun críoch an Rialacháin seo, maidir leis na tagairtí do ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ in Airteagal 4(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, is tagairtí iad a léifear mar ‘Rialachán [...]’. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Sa bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh sé tástáil shamplach go tráthrialta ar tháirgí arna roghnú go randamach, ar táirgí iad a cuireadh ar fáil ar an margadh. Táirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh, sa chás go raibh siad faoi réir cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh faoi Airteagal 26(1) den Rialachán seo, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh sé, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar feadh thréimhse iomlán an chinnidh, tástáil shamplach ionadaíoch ar na táirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh, táirgí arna roghnú faoi rialú oifigigh bhreithiúnaigh nó aon duine cáilithe eile arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch lonnaithe. |
2. Sa bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh sé tástáil shamplach go tráthrialta ar na catagóirí táirgí is minice a liostaítear ar an Safety Gate, ar táirgí iad a cuireadh ar fáil ar an margadh. Roghnófar na táirgí sin go randamach agus áireofar orthu táirgí a bhfuil na méideanna díolacháin ina leith suntasach i dtaca leis an meánmhéid díolacháin táirgí sa chatagóir chéanna. Táirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh, sa chás go raibh siad faoi réir cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh faoi Airteagal 26(1) den Rialachán seo, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh sé, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar feadh thréimhse iomlán an chinnidh, tástáil shamplach ionadaíoch ar na táirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh, táirgí arna roghnú faoi rialú oifigigh bhreithiúnaigh nó aon duine cáilithe eile arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch lonnaithe. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán 2019/1020, lena n-áirítear a sheoladh poist agus a sheoladh leictreonach, is faisnéis í a léireofar ar an táirge, nó ar a phacáistíocht, a bheartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis. |
3. Ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán 2019/1020, lena n-áirítear a sheoladh poist agus a sheoladh leictreonach mar aon lena uimhir theileafóin, is faisnéis í a léireofar ar an táirge, nó ar a phacáistíocht, a bheartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 15a |
|
Fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus micrifhiontair |
|
1. Chun go mbeidh na hoibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus micreaghnólachtaí iad in ann na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19 agus 20 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte praiticiúla agus treoraíocht shaincheaptha a sholáthar dóibh lena n-áirítear simpliú praiticiúil ar na hoibleagáidí nua, i gcás inar féidir, chun an t-ualach riaracháin a bhaineann leo a theorannú. Cuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil ag an am céanna. |
|
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun tacaíocht do FBManna agus do mhicreaghnólachtaí mar a leagtar amach i mír 1 a ráthú. |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás táirgí áirithe, catagóirí nó grúpaí de tháirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo i ndáil le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, ar bhonn tionóiscí a cláraíodh sa Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht, staidreamh ón gcóras Safety Gate, thorthaí na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha i leith sábháilteachta táirgí, sin nó táscairí nó fianaise ábhartha eile, féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar oibreoirí eacnamaíocha córas inrianaitheachta a bhunú, sin nó cloí le córas den chineál sin, ar oibreoirí eacnamaíocha iad a chuireann na táirgí sin ar an margadh nó a chuireann ar fáil ar an margadh iad. |
1. I gcás táirgí áirithe, catagóirí nó grúpaí de tháirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag baint leo i ndáil le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí, ar bhonn tionóiscí a cláraíodh sa Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht, staidreamh ón Safety Gate, torthaí na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha i leith sábháilteacht táirgí, sin nó táscairí nó fianaise ábhartha eile, déanfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar oibreoirí eacnamaíocha córas inrianaitheachta a bhunú, sin nó cloí le córas den chineál sin, ar oibreoirí eacnamaíocha iad a chuireann na táirgí sin ar an margadh nó a chuireann ar fáil ar an margadh iad, nó ceanglóidh sé gur gá measúnú comhréireachta neamhspleách tríú páirtí a dhéanamh. |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Is éard a bheidh i gceist leis an gcóras inrianaitheachta sonraí a bhailiú agus a stóráil, lena n-áirítear trí mhodh leictreonach, trínar féidir an táirge, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá bainteach lena shlabhra soláthair a shainaithint, mar aon le modhanna chun na sonraí sin a thaispeáint agus rochtain a thabhairt orthu, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis. |
2. Is éard a bheidh i gceist leis an gcóras inrianaitheachta sonraí a bhailiú agus a stóráil, lena n-áirítear trí mhodh leictreonach, trínar féidir an táirge, a chomhpháirteanna nó na hoibreoirí eacnamaíocha atá bainteach lena shlabhra soláthair a shainaithint, mar aon le modhanna chun na sonraí sin a thaispeáint agus rochtain a thabhairt orthu, lena n-áirítear iompróir sonraí a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis. Leis na módúlachtaí taispeána, déanfar an inrianaitheacht a áirithiú trí fhaisnéis atá soiléir, inléite agus intuigthe a chur ar fáil. |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 41, tríd an méid seo a leanas: |
3. I gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 41 sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a dhéanaí, tríd an méid seo a leanas: |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 –mír 3 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) an tréimhse a shonrú ar lena haghaidh atá na sonraí a bhaileoidh agus a stórálfaidh oibreoirí eacnamaíocha trí bhíthin an chórais inrianaitheachta dá dtagraítear i mír 2 le coinneáil. Ní mór urraim a thabhairt leis an tréimhse agus na módúlachtaí coinneála do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon lena seoladh poist nó lena seoladh leictreonach teagmhála; |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon lena sheoladh poist nó ríomhphoist agus a uimhir theileafóin; |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, má tá siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile; |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh an monaróir, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, i gcás tionóisc arb é is cúis léi táirge a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh, go dtabharfar fógra faoin tionóisc sin do na húdaráis inniúla sa Bhallstát inar tharla an tionóisc. Is éard a bheidh san fhógra cineál agus uimhir aitheantais an táirge mar aon le dálaí na tionóisce más eol sin. Tabharfaidh an monaróir fógra do na húdaráis inniúla faoi aon fhaisnéis eile atá ábhartha, ach a n-iarrfar sin air. |
1. Déanfaidh an monaróir, tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 25, fógra a thabhairt faoi thionóisc as ar tháinig riosca tromchúiseach nó damáiste iarbhír do shláinte nó sábháilteacht tomhaltóra agus arb é ba chúis léi táirge a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh, gan moill mhíchuí ón uair a bheidh sé curtha ar an eolas faoin tionóisc sin ar a dhéanaí, do na húdaráis inniúla sa Bhallstát inar tharla an tionóisc. Is éard a bheidh san fhógra cineál agus uimhir aitheantais an táirge mar aon le dálaí na tionóisce más eol sin. Tabharfaidh an monaróir fógra do na húdaráis inniúla faoi aon fhaisnéis eile atá ábhartha, ach a n-iarrfar sin air. |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Na hallmhaireoirí agus na dáileoirí a bhfuil ar an eolas faoi thionóisc arb é is cúis léi táirge a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi sin, agus is féidir leis an monaróir a ordú don allmhaireoir nó do cheann de na dáileoirí an fógra a thabhairt. |
2. Maidir leis na hallmhaireoirí agus na dáileoirí atá ar an eolas faoi thionóisc arb é ba chúis léi táirge a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad ar fáil ar an margadh, tabharfaidh siad fógra faoin bhfaisnéis sin tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht gan moill mhíchuí ón uair a bheidh siad curtha ar an eolas faoin tionóisc agus cuirfidh siad an monaróir ar an eolas fúithi gan moill mhíchuí. |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair trínar féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na húdaráis um fhaireachas margaidh de chuid na mBallstát maidir le fadhbanna sábháilteachta táirgí, agus go háirithe maidir le horduithe a bhaineann le tairiscintí táirgí contúirteacha. |
1. Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair chun a áirithiú gur féidir teagmháil thapa agus dhíreach a dhéanamh leis na húdaráis inniúla um fhaireachas margaidh agus um chustam de chuid na mBallstát maidir le fadhbanna sábháilteachta táirgí, agus go háirithe maidir le horduithe a bhaineann le tairiscintí táirgí contúirteacha. |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cláróidh margaí ar líne leis an tairseach Safety Gate agus léireoidh siad an fhaisnéis maidir lena bpointe teagmhála aonair sa tairseach. |
Cláróidh margaí ar líne leis an tairseach Safety Gate agus léireoidh siad an fhaisnéis maidir lena bpointe teagmhála aonair sa tairseach. |
|
Áireofar ar an bhfaisnéis sin ainm, seoladh poist agus ríomhphoist agus uimhir theileafóin a bpointe teagmhála aonair. Áiritheoidh na margaí ar líne go bhfuil an fhaisnéis maidir lena bpointe teagmhála cothrom le dáta agus tabharfaidh siad an fhaisnéis cothrom le dáta gan mhoill, más gá. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge contúirteacha a bhaint óna chomhéadan ar líne, sin nó rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. Cuimseoidh orduithe den sórt sin ráiteas ar na cúiseanna atá leo agus sonrófar iontu aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne beacht amháin nó níos mó, agus i gcás inar gá, faisnéis bhreise lenar féidir an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint. Féadfar iad a tharchur trí bhíthin na tairsí Safety Gate. |
2. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge contúirteacha a bhaint óna chomhéadan ar líne, sin nó rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. Cuimseoidh orduithe den sórt sin ráiteas soiléir ar na cúiseanna atá leo agus sonrófar iontu aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne beacht amháin nó níos mó, agus i gcás inar gá, faisnéis bhreise atá ar fáil lenar féidir an táirge contúirteach lena mbaineann a shainaithint. Féadfar iad a tharchur trí bhíthin na tairsí Safety Gate. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Glacfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe a eisítear i gcomhréir leis an mír seo a fháil agus a phróiseáil. Gníomhóidh siad gan moill mhíchuí de bhun an ordaithe a eisíodh, agus, ar aon chás, laistigh de dhá lá oibre ó fuarthas an t-ordú sa Bhallstát ina bhfuil an margadh ar líne ag oibriú. Cuirfidh siad an t-údarás um fhaireachas margadh a d’eisigh an t-ordú ar an eolas faoin éifeacht a tugadh don ordú trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa chóras Safety Gate. |
Glacfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe a eisítear i gcomhréir leis an mír seo a fháil agus a phróiseáil. Gníomhóidh siad gan moill mhíchuí de bhun an ordaithe a eisíodh. Más leor na sonraí atá san fhaisnéis atá soláthartha ag na húdaráis um fhaireachas margaidh chun an táirge contúirteach a shainaithint láithreach, gníomhóidh na margaí ar líne laistigh d’aon lá oibre amháin. Má chaithfidh na margaí ar líne taighde breise a dhéanamh chun an táirge a shainaithint, gníomhóidh siad laistigh de dhá lá oibre ó fuarthas an t-ordú sa Bhallstát ina bhfuil siad ag oibriú. Cuirfidh siad an t-údarás um fhaireachas margadh a d’eisigh an t-ordú ar an eolas faoin éifeacht a tugadh don ordú trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa Safety Gate. |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfaidh margaí ar líne aird ar fhaisnéis a fhaightear go tráthrialta faoi tháirgí contúirteacha ar thug na húdaráis um fhaireachas margaidh fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 24, ar faisnéis í a fhaightear tríd an tairseach Safety Gate, d’fhonn a mbearta deonacha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint, a bhaint nó an rochtain air a dhíchumasú i gcás inarb infheidhme, ar inneachar neamhdhleathach é a thagraíonn do tháirgí contúirteacha atá á dtairiscint ar a margadh ar líne. Cuirfidh siad an t-údarás a thug an fógra sa chóras Safety Gate ar an eolas faoi aon bheart a rinneadh trí úsáid a bhaint as sonraí teagmhála an údaráis um fhaireachas margaidh a foilsíodh sa chóras Safety Gate. |
scriosta |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh margaí ar líne freagra iomchuí gan moill mhíchuí, agus ar aon chás, laistigh de chúig lá oibre sa Bhallstát ina bhfuil an margadh ar líne ag oibriú, freagra ar fhógraí a bhaineann le fadhbanna sábháilteachta táirgí agus táirgí contúirteacha, fógraí a fuarthas i gcomhréir le [Airteagal 14] de Rialachán (AE) [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE. |
4. Tabharfaidh margaí ar líne freagra iomchuí gan moill mhíchuí, agus ar aon chás, laistigh de dhá lá oibre sa Bhallstát ina bhfuil an margadh ar líne ag oibriú, freagra ar fhógraí a bhaineann le fadhbanna sábháilteachta táirgí agus táirgí contúirteacha, fógraí a fuarthas i gcomhréir le [Airteagal 14] de Rialachán (AE) [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE. |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Chun críoch na gceanglas in Airteagal 22(7) de Rialachán [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lenar féidir le trádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhair gach táirge a thairgtear, agus ar bhealach a áirithíonn go bhfuil sí ar taispeáint, sin nó go bhfuil rochtain éasca ag tomhaltóirí uirthi ar shlí eile ar thairiscint an táirge: |
5. Chun críoch na gceanglas in Airteagal 22(7) de Rialachán [.../...] maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lenar féidir le trádálaithe a úsáideann a seirbhís an Rialachán seo a chomhlíonadh. Áiritheoidh na margaí ar líne go ndéanfaidh na trádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhair gach táirge a thairgtear agus áiritheoidh siad go bhfuil sí ar taispeáint do thomhaltóirí ar an margadh tríd an gcomhéadan ar líne, sin nó go bhfuil rochtain éasca ag tomhaltóirí uirthi ar shlí eile agus go bhfuil sí sothuigthe: |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon lena seoladh poist nó lena seoladh leictreonach teagmhála; |
(a) ainm, trádainm cláraithe nó/agus trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist nó ríomhphoist agus an uimhir theileafóin lenar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir; |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh leictreonach an duine fhreagraigh de réir bhrí Airteagal 15(1); |
(b) i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh leictreonach an duine fhreagraigh de réir bhrí Airteagal 15(1) den Rialachán seo; |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, má tá siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile; |
(c) an fhaisnéis is gá chun an táirge a shainaithint, lena n-áirítear a chineál agus, má tá siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile; |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) aon rabhadh nó faisnéis sábháilteachta atá le greamú ar an táirge nó atá le gabháil leis i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le comhchuibhiú, agus iad i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí. |
(d) aon rabhadh nó faisnéis sábháilteachta a ghreamófar den táirge nó atá le gabháil leis i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le comhchuibhiú, agus iad i dteanga atá sothuigthe ag tomhaltóirí. |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
a. Áiritheoidh na margaí ar líne go bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i mír 5 atá soláthartha ag an trádálaí iomlán sula gceadófar táirgí a thairiscint ar an margadh trína gcomhéadain ar líne. |
|
b. Tar éis don mhargadh ar líne an fhaisnéis a liostaítear i mír 5 a fháil agus go deireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí, déanfaidh sé a dhícheall an fhaisnéis atá soláthartha ag an trádálaí a sheiceáil trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air nó comhéadan ar líne a sholáthraíonn Ballstát nó an tAontas nó trína iarraidh ar an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar. |
|
c. I gcás ina bhfaigheadh an margadh ar líne fianaise leordhóthanach nó ina mbeadh cúis aige a chreidiúint go bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i mír 5 míchruinn nó mícheart, iarrfaidh sé ar an trádálaí an fhaisnéis a cheartú láithreach a mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ar fad cruinn agus iomlán chun gur féidir an táirge a thairiscint ar a chomhéadan. I gcás nach ndéanann an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a iomlánú, déanfaidh an margadh ar líne soláthar a sheirbhíse don trádálaí a chur ar fionraí go sealadach i dtaca le táirgí a thairiscint do thomhaltóirí go dtí go gcomhlíonfar an iarraidh ina hiomláine. |
|
Tabharfaidh margaí ar líne tuairisc faoi na trádálaithe sin d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún Eorpach tríd an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht. |
|
d. Déanfaidh na margaí ar líne cigireachtaí amhairc agus tástáil shamplach go tráthrialta ar tháirgí arna roghnú go randamach agus aird á tabhairt ar thuarascálacha, bunachair sonraí agus athbhreithnithe a bhí ann cheana mar aon le rioscaí agus díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí. |
|
e. Bunóidh na margaí ar líne nasc leis an Safety Gate, mar shampla trí chomhéadan feidhmchláir (API), lenar féidir leo comparáid thapa agus éifeachtúil a dhéanamh idir na táirgí nó na catagóirí táirgí atá á dtairiscint ar a margadh i gcás ina bhfuil cúis acu a chreidiúint go bhfuil táirgí contúirteach. Le linn an phróisis sin, má aimsítear táirge a measadh cheana go raibh sé contúirteach, cuirfidh an margadh ar líne an trádálaí ar an eolas agus scriosfaidh sé an t-inneachar go gasta. Sa bhreis air sin, bunóidh an margadh ar líne bunachar sonraí inmheánach le haghaidh na dtáirgí contúirteacha sin a baineadh anuas roimhe sin agus déanfaidh sé a dhícheall a chinntiú nach mbeidh na táirgí sin ar a chomhéadan ar líne arís. Cuirfidh an margadh ar líne an t-údarás inniúil eisiúna ar an eolas faoi aon bhearta leantacha a dhéanfaidh sé ina leith sin. |
|
Ní thiocfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm na míre seo agus beidh sé faoi réir athbhreithniú daonna. |
|
f. Margaí ar líne a cuireadh ar an eolas faoi thionóisc as ar tháinig riosca tromchúiseach nó damáiste iarbhír do shláinte nó sábháilteacht tomhaltóra agus arb é ba chúis léi táirge a cuireadh ar fáil ar an margadh, tabharfaidh siad fógra faoi sin gan moill mhíchuí don Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht agus cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi. |
|
g. Áiritheoidh na margaí ar líne go mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí óna gcomhéadain ar líne ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 5 agus go mbeidh sí sothuigthe. Trí chomhéadan ar líne na margaí ar líne, beidh tomhaltóirí in ann a gcearta a thuiscint i gcás saincheist a bhaineann le sábháilteacht táirgí. |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) comhoibriú lena áirithiú go n-aisghairfear táirgí ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur ar aisghairmeacha táirgí; |
(a) comhoibriú chun a áirithiú go n-aisghairfear táirgí ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur ar aisghairmeacha táirgí, agus an fógra aisghairme a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) rochtain ar a gcomhéadan a cheadú do na huirlisí ar líne a úsáideann na húdaráis um fhaireachas margaidh chun táirgí contúirteacha a shainaithint; |
(d) rochtain ar a gcomhéadan a cheadú do na huirlisí ar líne a úsáideann na húdaráis um fhaireachas margaidh chun táirgí contúirteacha a shainaithint agus urraim á tabhairt d’fhaisnéis íogair ghnó san am céanna; |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
-1. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus aird chuí á tabhairt acu ar phrionsabal an réamhchúraim ar bhealach comhréireach. |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh rúnsiopadóireacht, lena n-áirítear ar mhargaí siopadóireachta ar líne, ar bhonn rialta chun sábháilteacht na gcatagóirí táirgí is minice a dtarraingítear aird orthu ar an Safety Gate a sheiceáil go háirithe; |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 22a |
|
Maidir le haon bheart a ghlacann údaráis inniúla lena gcuirtear srian ar tháirge a chur ar an margadh nó lena n-éilítear an táirge sin a aistarraingt nó a aisghairm, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar agóid a dhéanamh in aghaidh an bhirt sin os comhair na gcúirteanna inniúla. |
Réasúnú
Tugtha isteach arís ón Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSD).
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh an Coimisiún córas mear-rabhaidh a fhorbairt agus a chothabháil a thuilleadh chun faisnéis a mhalartú maidir le bearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí contúirteacha (‘an córas Safety Gate’). |
1. Déanfaidh an Coimisiún córas mear-rabhaidh a fhorbairt agus a nuachóiriú a thuilleadh chun faisnéis a mhalartú maidir le bearta ceartaitheacha a bhaineann le táirgí contúirteacha (‘an Safety Gate’), agus cuirfidh sé feabhas ar a éifeachtúla atá sé, go háirithe trí chomhéadan idir-inoibritheach a sholáthar do mhargaí ar líne chun a suíomh gréasáin a nascadh leis an Safety Gate ionas gur féidir leo táirgí agus catagóirí táirgí a sheiceáil go héasca, go tapa agus go hiontaofa. |
Réasúnú
Ní mór an RAPEX atá ann cheana (Safety Gate) a thabhairt cothrom le dáta. Má iarrtar ar na margaí ar líne níos mó freagrachta a ghlacadh, caithfimid a chinntiú mar sin gur féidir leo an méid a iarrtar orthu a dhéanamh. Ní féidir iarraidh ar na margaí ar líne an Safety Gate a sheiceáil sula gcuirfear an táirge ar líne ach amháin más féidir teacht ar fhaisnéis thapa, iontaofa agus bheacht faoi tháirge contúirteach ar an gcóras sin.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Beidh rochtain ag tomhaltóirí ar an Safety Gate faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32. Beidh rochtain acu ar fhaisnéis faoi tháirgí a d‘fhéadfadh a bheith ina riosca don tsláinte agus ar limistéar ar leith ar an gcóras inar féidir leo an Coimisiún a chur ar an eolas faoi tháirgí a d’fhéadfadh a bheith ina riosca dá sláinte. |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Tabharfaidh an Coimisiún achoimre ar leithligh ar na monaróirí agus na trádálaithe ar tugadh fógra faoina gcuid táirgí agus a fuarthas amach go raibh siad neamhshábháilte sa Safety Gate níos mó ná trí huaire, agus ar na monaróirí a scriosadh ó mhargaí ar líne mar thoradh ar sháruithe leantacha. |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8a. Cuirfear oibreoirí eacnamaíocha ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcinneadh a dtáirge a chur sa Safety Gate. I gcás ina bhfuil oibreoir eacnamaíoch den tuairim gur cuireadh a tháirge sa Safety Gate go héagórach, ba cheart dó a bheith in ann barúlacha a sholáthar don údarás cuí um fhaireachas margadh. Ní chuirfear stop leis an nós imeachta aisghairme go dtí go suífear go raibh údar cuí le héileamh an oibreora eacnamaíoch. |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 8 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8b. Foilseoidh an Coimisiún treoraíocht d’údaráis um fhaireachas margaidh chun forfheidhmiú níos aonfhoirmí agus cumarsáid atá cinnte de réir an dlí a áirithiú nuair a bheidh sé ag déileáil le fógraí maidir le haisghairm agus le hiarrataí faoi seach ó údaráis inniúla. |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh an Coimisiún tairseach ghréasáin a chothabháil lena gcuirfear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8(11), 9(2) pointe (c), 10(8), 11(3), 11(4) agus in Airteagal 19 a sholáthar do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do thomhaltóirí. |
1. Déanfaidh an Coimisiún tairseach ghréasáin a bhfuil rochtain éasca uirthi a chothabháil lena gcuirfear ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8(11), 9(2) pointe (c), 10(8), 11(3), 11(4) agus in Airteagal 19 a sholáthar do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do thomhaltóirí, faisnéis a mbeidh rochtain ag daoine atá faoi mhíchumas uirthi. |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Má thagann an Coimisiún ar an eolas faoi tháirge, nó faoi chatagóir shonrach táirgí nó grúpa sonrach táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, féadfaidh sé aon bheart iomchuí a dhéanamh, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bearta iad a chuirfear in oiriúint do thromchúis agus práinn an cháis, más rud é, an tráth céanna: |
1. Má thagann an Coimisiún ar an eolas faoi tháirge, nó faoi chatagóir shonrach táirgí nó grúpa sonrach táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí, féadfaidh sé aon bheart iomchuí a dhéanamh, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bearta iad a chuirfear in oiriúint do thromchúis agus práinn an cháis, más rud é: |
Réasúnú
Más critéir charnacha atá i gceist, tá sainordú an Choimisiúin i dtaca le gníomhaíocht a dhéanamh rótheoranta.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) nach féidir deireadh a chur leis an riosca go héifeachtach ach amháin le bearta iomchuí is infheidhme ar leibhéal an Aontais a ghlacadh, chun cosaint atá comhsheasmhach agus ar ardleibhéal a áirithiú do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. |
(c) nach féidir deireadh a chur leis an riosca go héifeachtach ach amháin le bearta iomchuí agus comhréireacha is infheidhme ar leibhéal an Aontais a ghlacadh, chun cosaint atá comhsheasmhach agus ar ardleibhéal a áirithiú do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) faisnéis a mhalartú maidir le measúnuithe riosca, táirgí contúirteacha, modhanna tástála agus torthaí, forbairtí nua eolaíocha chomh maith le gnéithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe; |
(a) faisnéis a mhalartú maidir le measúnuithe riosca, táirgí contúirteacha, modhanna tástála agus torthaí, forbairtí nua eolaíocha chomh maith le gnéithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe amhail aird a thabhairt ar na caighdeáin Eorpacha a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an Rialachán seo; |
Réasúnú
Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoin gcaighdeánú i réimse na sábháilteachta táirgí.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chinneadh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe comhuaineacha a dhéanamh (‘scuab-imscrúduithe’) ar chatagóirí táirgí áirithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath. |
1. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe comhuaineacha (‘scuab-imscrúduithe’) ar bhonn rialta, uair sa bhliain ar a laghad, ina ndéanfaidh siad comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó sáruithe ar líne agus as líne ar an Rialachán seo a bhrath. |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Faisnéis atá ar fáil d'údaráis na mBallstát nó don Choimisiún a bhaineann le bearta ar tháirgí a bhfuil riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí ag baint leo, déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le trédhearcacht agus gan dochar do na srianta is gá le haghaidh gníomhaíochtaí faireacháin agus imscrúdúcháin. Beidh rochtain ag an bpobal, go háirithe, ar fhaisnéis maidir le sainaithint táirgí, cineál an riosca agus na bearta arna ndéanamh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas. |
1. Faisnéis atá ar fáil d’údaráis na mBallstát nó don Choimisiún a bhaineann le bearta maidir le táirgí a bhfuil riosca do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí ag baint leo nó faisnéis a mheastar a bheith ábhartha chun leasanna úsáideoirí deiridh a chosaint, déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le trédhearcacht agus gan dochar do na srianta is gá le haghaidh gníomhaíochtaí faireacháin agus imscrúdúcháin. Beidh rochtain ag an bpobal, go háirithe, ar fhaisnéis maidir le sainaithint táirgí, cineál an riosca agus na bearta arna ndéanamh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas. |
Réasúnú
Ba cheart faisnéis a bhaineann le bearta maidir le táirgí nó sábháilteacht táirgí a bheith ar fáil do gach úsáideoir deiridh.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tabharfaidh na Ballstáit deis do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sábháilteacht táirgí agus maidir le faireachas agus gníomhaíochtaí rialaithe agus tabharfar freagra ar na gearáin sin de réir mar is iomchuí. |
4. Tabharfaidh na Ballstáit deis do thomhaltóirí nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le sábháilteacht táirgí agus maidir le faireachas agus gníomhaíochtaí rialaithe agus tabharfar freagra ar na gearáin sin de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an t-údarás ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí agus an cinneadh a rinneadh. |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Chun críoch Airteagal 31(1) agus Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún an tairseach Safety Gate a chothabháil, agus tabharfaidh sé rochtain saor in aisce don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis roghnaithe a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24. |
1. Chun críoch Airteagal 31(1) agus Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún an tairseach Safety Gate a chothabháil, agus tabharfaidh sé rochtain saor in aisce don phobal i gcoitinne ar fhaisnéis roghnaithe a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24. Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir teacht go héasca ar an suíomh gréasáin sin agus go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal i gcoitinne air. |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás aisghairm nó i gcás nach mór aird na dtomhaltóirí a dhíriú ar fhaisnéis áirithe chun úsáid shábháilte táirge a áirithiú (‘rabhadh sábháilteachta’), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10 agus 11, fógra a thabhairt do na tomhaltóirí uile is féidir a shainaithint a ndearnadh difear dóibh. Na hoibreoirí eacnamaíocha a bhailíonn sonraí pearsanta a gcustaiméirí, bainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin le haghaidh aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta. |
1. I gcás aisghairm nó i gcás nach mór aird na n-úsáideoirí deiridh a dhíriú ar fhaisnéis áirithe chun úsáid shábháilte táirge a áirithiú (‘rabhadh sábháilteachta’), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi seach dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10, 11 agus 12, fógra a thabhairt do na tomhaltóirí uile is féidir a shainaithint a ndearnadh difear dóibh. Na hoibreoirí eacnamaíocha a bhailíonn sonraí pearsanta a gcustaiméirí, bainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin is gá le haghaidh aisghairmeacha agus rabhaidh shábháilteachta. Agus aird chuí á tabhairt ar chosaint sonraí, cuideoidh margaí ar líne le hoibreoirí eacnamaíocha i gcás inar dhíol siad an táirge faoi seach ar a margadh féin chun na sonraí sonracha faoi chustaiméirí a fháil agus atá ag teastáil chun aisghairm éifeachtúil a dhéanamh. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina mbeidh córais cláraithe táirgí nó cláir dhílseachta do chustaiméirí i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha chun críoch eile seachas chun teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí le faisnéis sábháilteachta, tabharfaidh siad an deis dá gcustaiméirí sonraí teagmhála ar leithligh a sholáthar chun críoch sábháilteachta amháin. Na sonraí pearsanta a bhaileofar chun na críche sin, beidh siad teoranta don íosmhéid is gá agus ní fhéadfar na sonraí sin a úsáid ach chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí i gcás aisghairm nó rabhadh sábháilteachta. |
2. I gcás ina mbeidh córais cláraithe táirgí nó cláir dhílseachta do chustaiméirí i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha chun críoch eile seachas chun teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí le faisnéis sábháilteachta, tabharfaidh siad an deis dá gcustaiméirí sonraí teagmhála ar leithligh a sholáthar chun críoch sábháilteachta amháin. Na sonraí pearsanta a bhaileofar chun na críche sin, beidh siad teoranta don íosmhéid is gá agus ní dhéanfar na sonraí sin a úsáid ach chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí i gcás aisghairme nó rabhadh sábháilteachta. |
Réasúnú
Níor cheart sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil do chórais cláraithe táirgí a úsáid ach amháin i gcás aisghairme.
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Más rud é nach féidir dul i dteagmháil go díreach leis na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí féin, fógra a scaipeadh maidir le haisghairm nó rabhadh sábháilteachta trí bhealaí iomchuí eile, lena n-áiritheofar an raon is leithne is féidir de thomhaltóirí, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu: suíomh gréasáin na cuideachta, cainéil na meán sóisialta, nuachtlitreacha agus asraonta miondíola agus, de réir mar is iomchuí, fógraí sna mórmheáin agus cainéil chumarsáide eile. Beidh an fhaisnéis ar fáil do thomhaltóirí faoi mhíchumas. |
4. Más rud é nach féidir dul i dteagmháil go díreach leis na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh, fiú le cabhair na margaí ar líne i gcomhréir le mír 1, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí féin, fógra a scaipeadh maidir le haisghairm nó rabhadh sábháilteachta trí bhealaí iomchuí eile, lena n-áiritheofar an raon is leithne is féidir de thomhaltóirí, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu: suíomh gréasáin na cuideachta, cainéil na meán sóisialta, nuachtlitreacha agus asraonta miondíola agus, de réir mar is iomchuí, fógraí sna mórmheáin agus cainéil chumarsáide eile. Beidh an fhaisnéis inrochtana do thomhaltóirí faoi mhíchumas. |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tuairisc shoiléir ar an nguais a bhaineann leis an táirge aisghairthe ina seachnaítear aon eilimint a d’fhéadfadh tuiscint na dtomhaltóirí ar an riosca a laghdú, lena n-áirítear téarmaí agus nathanna amhail ‘deonach’, ‘réamhchúramach’, ‘lánroghnach’, ‘i gcásanna neamhchoitianta/sonracha’ mar aon lena léiriú nach raibh aon tionóisc tuairiscithe ann; |
(c) tuairisc shoiléir ar an nguais a bhaineann leis an táirge aisghairthe gan aon eilimint a d’fhéadfadh tuiscint na dtomhaltóirí ar an riosca a laghdú, lena n-áirítear téarmaí agus nathanna amhail ‘deonach’, ‘réamhchúramach’, ‘lánroghnach’, ‘i gcásanna neamhchoitianta/sonracha’ mar aon lena léiriú nach raibh aon tionóisc tuairiscithe ann; |
Réasúnú
D’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus, dá bhrí sin, ní hamháin gur cheart na gnéithe míthreoracha sin a sheachaint ach níor cheart iad a úsáid ar chor ar bith.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Gan dochar do Threoir (AE) 2019/771, i gcás aisghairm, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm leigheas atá éifeachtach, saor in aisce agus tráthúil a thairiscint don tomhaltóir. Is éard a bheidh sa leigheas sin ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas: |
1. Gan dochar do Threoir (AE) 2019/771, i gcás aisghairm, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm leigheas atá éifeachtach, saor in aisce agus tráthúil a thairiscint don tomhaltóir. Chun na hearraí a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir ceann amháin de na nithe seo a leanas: |
Réasúnú
Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann rogha a dhéanamh idir na leigheasanna mar is amhlaidh sa reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le tomhaltóirí.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Más rud é go ndéanfaidh tomhaltóirí táirge a dheisiú, a dhiúscairt nó a dhíothú, ní mheasfar gur leigheas éifeachtach é sin ach amháin i gcás inar féidir leis an tomhaltóir é sin a dhéanamh go héasca agus go sábháilte. I gcásanna den sórt sin, is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm a dhéanfaidh na treoracha is gá agus/nó, i gcás féindheisiú, páirteanna athsholáthair saor in aisce nó nuashonruithe bogearraí saor in aisce a chur ar fáil do thomhaltóirí. |
2. Más rud é go ndéanfaidh tomhaltóirí táirge a dheisiú, a dhiúscairt nó a dhíothú, ní mheasfar gur leigheas éifeachtach é sin ach amháin i gcás inar féidir leis an tomhaltóir é sin a dhéanamh go héasca agus go sábháilte. I gcásanna den sórt sin, is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an aisghairm a dhéanfaidh na treoracha is gá agus/nó, i gcás féindheisiú, páirteanna athsholáthair saor in aisce nó nuashonruithe bogearraí saor in aisce a chur ar fáil do thomhaltóirí lena n-áirítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar aon leis na hiarmhairtí atá leo. |
Réasúnú
Ba cheart go mbeadh na tomhaltóirí eolach agus obair dheisiúcháin ar bun acu féin.
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Ní dochar an ceart chun leighis a leagtar síos san Airteagal seo do Threoir (AE) 85/374/CEE. |
Réasúnú
Is soiléiriú é seo nach gcuirfear isteach ar an gceart atá ag tomhaltóirí cúiteamh a éileamh as damáistí faoin Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí, fiú i gcás ina bhfaigheann siad leigheas i leith táirge aisghairthe faoin Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí.
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) mainneachtain oibleagáidí inrianaitheachta agus faisnéise de chuid oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 8, 9, 10, 11 agus 18 agus 19 a chomhlíonadh; |
(d) mainneachtain oibleagáidí inrianaitheachta agus faisnéise de chuid oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 8, 9, 10, 11 agus 18, 19 agus 20 a chomhlíonadh; |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8a. i gcás nach gcumhdófar ach méid íseal leis na pionóis. |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Faoin [cuir isteach an dáta cúig bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa tuarascáil déanfar a mheasúnú go háirithe ar bhain an Rialachán seo an cuspóir amach maidir le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú i gcoinne táirgí contúirteacha, agus a thionchar ar ghnólachtaí agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh. |
1. Faoin [cuir isteach an dáta cúig bliana tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa tuarascáil, déanfar a mheasúnú go háirithe ar bhain an Rialachán seo an cuspóir amach maidir le feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí ar tháirgí contúirteacha, go háirithe i dtaca le hinrianaitheacht fheabhsaithe, leibhéal agus feidhmiú an fhaireachais margaidh, an obair chaighdeánaithe, feidhmiú an Safety Gate mar aon leis na dúshláin a bhaineann le teicneolaíochtaí nua agus margaí ar líne. |
Réasúnú
Ba cheart go ndéanfaí cuid de na gnéithe is ábhartha de shábháilteacht tomhaltóirí a chumhdach go sonrach sa mheastóireacht.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0346 – C9-0245/2021 – 2021/0170(COD) |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
IMCO 13.9.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
JURI 13.9.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
René Repasi 2.2.2022 |
|||
An rapóirtéir don tuairim a bhí ann roimhe seo |
Evelyne Gebhardt |
|||
Pléite sa choiste |
28.10.2021 |
1.12.2021 |
|
|
Dáta an ghlactha |
15.3.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
21 0 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pascal Arimont, Manon Aubry, Gunnar Beck, Ilana Cicurel, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Jean-Paul Garraud, Gilles Lebreton, Sabrina Pignedoli, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Raffaele Stancanelli, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Patrick Breyer, Daniel Buda, Caterina Chinnici, Heidi Hautala, René Repasi, Nacho Sánchez Amor, Stéphane Séjourné |
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
21 |
+ |
PPE |
Pascal Arimont, Daniel Buda, Geoffroy Didier, Jiří Pospíšil, Axel Voss, Marion Walsmann, Javier Zarzalejos |
S&D |
René Repasi, Franco Roberti, Nacho Sánchez Amor, Lara Wolters, Tiemo Wölken |
Renew |
Ilana Cicurel, Pascal Durand, Stéphane Séjourné, Adrián Vázquez Lázara |
ID |
Jean‑Paul Garraud, Gilles Lebreton |
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Marie Toussaint |
ECR |
Raffaele Stancanelli |
0 |
- |
|
|
1 |
0 |
ID |
Gunnar Beck, |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0346 – C9-0245/2021 – 2021/0170(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
1.7.2021 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
IMCO 13.9.2021 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 13.9.2021 |
ENVI 13.9.2021 |
ITRE 13.9.2021 |
JURI 13.9.2021 |
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
INTA 14.7.2021 |
ENVI 6.9.2021 |
ITRE 14.7.2021 |
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Dita Charanzová 15.7.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
27.9.2021 |
10.1.2022 |
28.2.2022 |
21.4.2022 |
Dáta an ghlactha |
16.6.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
41 1 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Andrea Caroppo, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Krzysztof Hetman, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Beata Mazurek, Leszek Miller, René Repasi, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marco Campomenosi, Maria da Graça Carvalho, Geoffroy Didier, Malte Gallée, Stelios Kouloglou, Karen Melchior, Tsvetelina Penkova, Antonio Maria Rinaldi, Marc Tarabella, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nicola Beer, Rosanna Conte, Vlad Gheorghe, Ondřej Kovařík |
|||
Dáta don chur síos |
24.6.2022 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
41 |
+ |
ECR |
Adam Bielan, Eugen Jurzyca, Beata Mazurek, Kosma Złotowski |
ID |
Alessandra Basso, Marco Campomenosi, Rosanna Conte, Virginie Joron, Antonio Maria Rinaldi |
PPE |
Pablo Arias Echeverría, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Deirdre Clune, Geoffroy Didier, Krzysztof Hetman, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Marion Walsmann |
RENEW |
Nicola Beer, Dita Charanzová, Vlad Gheorghe, Sandro Gozi, Ondřej Kovařík, Karen Melchior, Róża Thun und Hohenstein |
S&D |
Brando Benifei, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Tsvetelina Penkova, René Repasi, Christel Schaldemose, Marc Tarabella |
VERTS/ALE |
Anna Cavazzini, Malte Gallée, Alexandra Geese, Kim Van Sparrentak |
1 |
- |
VERTS/ALE |
Marcel Kolaja |
2 |
0 |
THE LEFT |
Kateřina Konečná, Stelios Kouloglou |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO C xxx, xx.xx.xxxx, lch.x.