TUARASCÁIL ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua ar an gcánachas: criptea-airgeadra agus blocshlabhra
11.7.2022 - (2021/2201(INI))
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Lídia Pereira
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua ar an gcánachas: criptea-airgeadra agus blocshlabhra
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 dar teideal An action plan for fair and simple taxation supporting the recovery strategy [Plean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh] (COM(2020)0312),
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí criptea-shócmhainní (COM(2020)0593),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 maidir le straitéis airgeadais dhigitigh (COM(2020)0591),
– ag féachaint do thuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an 12 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Taxing Virtual Currencies: An Overview of Tax Treatments and Emerging Tax Policy Issues [Cáin a ghearradh ar Airgeadraí Fíorúla: Forléargas ar Chóireálacha Cánach agus Saincheisteanna Beartais Cánach atá ag Teacht Chun Cinn],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 dar teideal Business taxation for the 21st century [Cánachas gnó don 21ú céad] (COM/2021/0251),
– ag féachaint do pháipéar oibre 2021 maidir le cánachas agus athchóirithe struchtúracha ó Ionad Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin dar teideal Cryptocurrencies: an empirical view from a tax perspective [Criptea-airgeadraí: dearcadh eimpíreach ó thaobh cánach de],
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 20 Iúil 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus criptea-shócmhainní áirithe (COM(2021)422),
– ag féachaint don pháipéar oibre ón mBanc Dhomhanda dar teideal Crypto-Assets Activity around the World: Evolution and Macro-Financial Drivers [Gníomhaíocht Chriptea-shócmhainní ar fud an Domhain: Éabhlóid agus Spreagthóirí Macra-airgeadais] a foilsíodh an 8 Márta 2022,
– ag féachaint do dhoiciméad comhairliúcháin phoiblí ECFE a eisíodh an 22 Márta 2022 dar teideal Crypto-Asset Reporting Framework and Amendments to the Common Reporting Standard [Creat Tuairiscithe Chriptea-Shócmhainne agus Leasuithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe],
– ag féachaint do staidéar uaithi an 15 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal VAT fraud: economic impact, challenges and policy issues [Calaois CBL: tionchar eacnamaíoch, dúshláin agus saincheisteanna beartais], do staidéar uaithi mhí Iúil 2018 dar teideal Cryptocurrencies and blockchain – context and implications for financial crime, money laundering and tax evasion [Criptea-airgeadraí agus blocshlabhra – an comhthéacs dlíthiúil, sciúradh airgid agus imghabháil cánach] agus do staidéar uaithi an 15 Feabhra 2018 dar teideal Impact of Digitalisation on International Tax Matters [Tionchar an Digitithe ar Chúrsaí Cánach Idirnáisiúnta],
– ag féachaint do staidéar uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Exploring the opportunities and challenges of new technologies for EU tax administration and policy [Fiosrú a dhéanamh ar dheiseanna agus ar dhúshláin teicneolaíochtaí nua maidir le riarachán agus beartas cánach AE],
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0204/2022),
A. de bhrí go bhfuil an caidreamh idir cáiníocóirí, eadhon saoránaigh agus cuideachtaí, ar thaobh amháin, agus údaráis chánach náisiúnta ar an taobh eile, á athrú ó bhonn ag úsáid teicneolaíochtaí nua i margadh aonair an Aontais agus ag digitiú na riarachán cánach ar fud na hEorpa; de bhrí go bhféadfadh an tAontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir lena áirithiú go ndéantar na gnéithe nós imeachta agus teicniúla a bhaineann le digitiú na riarachán cánach a chomhordú chun bacainní ar idir-inoibritheacht na n-ardán teicniúil náisiúnta a sheachaint;
B. de bhrí go bhféadfadh na saintréithe éagsúla a bhaineann le cineálacha éagsúla criptea-shócmhainní agus na teorainneacha idir cineálacha éagsúla criptea-shócmhainní a bheith ábhartha chun a gcóireáil chánach a chinneadh;
C. de bhrí go léiríonn dinimic mhargaidh na gcriptea-shócmhainní gur gá creat dlíthiúil soiléir, cobhsaí agus trédhearcach a chruthú;
D. de bhrí go bhfuil a lán dúshlán roimh údaráis chánach sa lá atá inniu ann maidir le forfheidhmiú éifeachtach cánach agus go háirithe comhar trasteorann, i bhfianaise an dlúis le hidirbhearta digiteacha, shoghluaisteacht mhéadaithe na gcáiníocóirí, líon na n-idirbheart trasteorann agus idirnáisiúnú na n-oibríochtaí eacnamaíocha agus samhlacha gnó, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le cánachas dúbailte nó scéimeanna casta teanntásacha cánach;
E. de bhrí nach mór do na húdaráis chánach cos a choinneáil leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hinbhuaine na gcóras cánach agus a gcumas creataí dlíthiúla náisiúnta agus Eorpacha cánachais a fhorfheidhmiú;
F. de bhrí gur féidir le riaracháin chánach réitigh theicneolaíocha nua, amhail blocshlabhra, a úsáid chun freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais cáiníocóirí, chun faisnéis a mhalartú idir dlínsí, le haghaidh cineálacha éagsúla coinneála taifead, agus chun éilliú a dhíspreagadh agus/nó chun aghaidh a thabhairt air, cé gur féidir mí-úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí sin agus feidhm a bhaint astu mar fheithiclí le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha, agus é an aidhm choiriúil ann gan cánacha a íoc; de bhrí go bhféadfadh infheictheacht mhéadaithe na n-idirbheart blocshlabhra, go háirithe, cuidiú le hiarrachtaí na riarachán cánach an chalaois chánach a chomhrac;
G. de bhrí go bhfuil céimeanna tábhachtacha á nglacadh cheana féin ag roinnt riaracháin chánach ar fud na hEorpa chun próisis a dhigitiú, cé go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla, agus dá chionn sin go bhfuil an chomhlíontacht chánach níos fusa, níos tapúla agus níos éifeachtaí; de bhrí go bhfuil éagsúlachtaí móra fós idir na Ballstáit maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua; de bhrí gur gá do riaracháin chánach náisiúnta, i gcoitinne, tuilleadh dreasachtaí agus bearta múscailte feasachta a éileamh chun barr cumais a bhaint amach i réimse an chlaochlaithe teicneolaíochta agus dhigitigh; de bhrí gur féidir leis an teicneolaíocht cabhrú leis an gcomhar idir comhlachtaí rialtais éagsúla a éascú, eadhon maidir le hábhair a bhaineann le cánachas;
H. de bhrí go bhfuil úsáid mhéadaitheach criptea-shócmhainní ag cur iallach ar riaracháin chánach na cleachtais chánach a oiriúnú reatha laistigh den mhargadh aonair; de bhrí, laistigh den mhargadh criptea-shócmhainní, gur díol castachta é gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin a shainaithint, ós rud é go mbraitheann sé ar bhonn níos lú ar idirghabhálaithe airgeadais traidisiúnta, a sholáthraíonn faisnéis chun críocha cánach de ghnáth;
I. de bhrí go bhfuil forálacha dlíthiúla sonracha ag cúig cinn de na 27 mBallstát maidir le cánachas criptea-shócmhainní; de bhrí go bhfuil treoraíocht riaracháin ag 19 mBallstát maidir le cánachas criptea-shócmhainní;
J. de bhrí go bhfuil feabhas curtha ag Comhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) ECFE ar an trédhearcacht chánach idirnáisiúnta trí cheangal a chur ar dhlínsí faisnéis a fháil maidir le sócmhainní eischósta atá á gcoinneáil ag institiúidí airgeadais agus an fhaisnéis sin a mhalartú go huathoibríoch le dlínsí cónaithe na gcáiníocóirí ar bhonn bliantúil; de bhrí, i bhformhór na gcásanna, áfach, nach dtiocfaidh criptea-shócmhainní faoi raon feidhme CRS, a bhfuil feidhm aige maidir le sócmhainní airgeadais traidisiúnta agus airgeadraí fiat;
K. de bhrí go bhfuil iarracht agus tiomantas idirnáisiúnta ann maidir le rialú níos fearr a dhéanamh ar chánachas cothrom an gheilleagair dhigitigh; de bhrí go bhféadfaí teacht i dtír ar chriptea-shócmhainní chun an bonn a bhaint de thionscnaimh idirnáisiúnta trédhearcachta cánach atá ann cheana, mar atá aitheanta ag ECFE; de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur den ríthábhacht é go mbeadh an tAontas ar thús cadhnaíochta, go háirithe trí dhlúthchomhar idir na Ballstáit chun cáin a ghearradh ar chriptea-shócmhainní ar bhealach cothrom trédhearcach;
L. de bhrí go bhfuil an geilleagar domhanda ag athrú agus go bhfuil sé ag éirí digitithe de réir a chéile, agus de bhrí go bhfuil na prionsabail is bonn leis an gcreat cánach idirnáisiúnta atá ann faoi láthair ag dul as dáta de réir a chéile agus nach féidir leo a áirithiú a thuilleadh go ngearrfar cáin ar bhrabúis san áit a ndéantar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena ngintear na brabúis sin agus a gcruthaítear luach;
M. de bhrí nach bhfuil aon ionstraim idirnáisiúnta ann maidir le cánachas criptea-shócmhainní agus go bhfuil raon leathan cineálacha cur chuige maidir leis an ábhar sin glactha ag tíortha éagsúla; de bhrí nach mór don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta i dtreo rannpháirtíocht airgeadais níos cuimsithí ag na saoránaigh, laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha, sna hardáin idirnáisiúnta ábhartha;
N. de bhrí go sainaithníonn ECFE, ina thuarascáil in 2020 ar chánachas airgeadraí fíorúla, roinnt pointí ábhartha a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu, eadhon an sainmhíniú ar theagmhais inchánach, na cineálacha ioncaim a bhfuil baint acu le hairgeadraí fíorúla, agus an chaoi ar féidir cánachas a choigeartú i leith chineál agus dhinimic na gcriptea-shócmhainní chun brabúis a ghabháil ar bhealach cothrom éifeachtúil, i measc gnéithe eile;
O. de bhrí go bhfuil céimeanna tábhachtacha curtha i gcrích ag an Aontas cheana féin i dtreo sainmhíniú soiléir ar chriptea-shócmhainní áirithe agus ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní áirithe agus, ar bhonn níos leithne, i dtreo creat rialála oiriúnach a bhunú le haghaidh criptea-shócmhainní — an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCA); de bhrí go n-éascófar leis an gcreat sin agus leis na sainmhínithe sin cánachas cothrom simplí na sócmhainní sin; de bhrí nach mór sainmhínithe ar chriptea-shócmhainní den sórt sin a ailíniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta, eadhon na caighdeáin sin arna bhforbairt ag ECFE agus ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais;
P. de bhrí gur gá sainmhínithe ar chriptea-shócmhainní a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus iad a bheith ailínithe leis na caighdeáin idirnáisiúnta; de bhrí go bhféadfar an chriptea-shócmhainn chéanna a aicmiú mar ‘oibiacht chánach’ ar roinnt bealaí éagsúla ar fud an Aontais, agus cóireáil chánach de chineálacha éagsúla ann dá chionn sin;
Q. de bhrí gur inniúlacht náisiúnta iad réimsí áirithe den bheartas cánach agus go bhfuil an comhar idir na Ballstáit fós bunriachtanach agus gá leis chun freagairt do na dúshláin a bhaineann le sláine an mhargaidh aonair agus le hinbhuaine na gcóras cánach, inter alia an úsáid mhéadaitheach atá á baint as criptea-shócmhainní; de bhrí go bhféadfadh bacainní suntasacha ar chomhlíonadh chuspóirí an mhargaidh aonair dhigitigh a bheith mar thoradh ar chreat ina bhfuil 27 gcur chuige atá an-difriúil lena chéile maidir le cánachas criptea-shócmhainní; de bhrí go bhfuil cás soiléir ann, dá bhrí sin, le haghaidh comhordú agus comhar ar leibhéal an Aontais;
R. de bhrí nach mór don Aontas agus dá mhargadh aonair timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht a áirithiú le haghaidh cuideachtaí (go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta) maidir le teicneolaíochtaí nua i réimse na seirbhísí airgeadais agus na gcriptea-shócmhainní; de bhrí go n-éilítear leis an bpríomhsprioc sin tiomantas láidir ó na Ballstáit maille le beartais, eadhon beartais maidir le cánachas, chun creat rialála cobhsaí, soiléir agus slán a áirithiú le go mbeidh rath ar ghnólachtaí agus go gcuirfidh siad leis an bhfás eacnamaíoch; de bhí, ar deireadh, go n-éilítear leis an iarracht sin tiomantas láidir chun cearta na saoránach a choimirciú, mar cháiníocóirí agus mar thomhaltóirí seirbhísí airgeadais;
S. de bhrí go bhfuil treoirlínte soiléire bunriachtanach ionas go mbeidh córas cánachais cothrom éifeachtúil ann lena bhféadfaí, dá gcuirfeadh na Ballstáit chun feidhme go héifeachtúil iad, athchóirithe tairbhiúla a bhaint amach trí chostais agus am riaracháin a laghdú, trí bhacainní ar iontráil a ísliú agus trí chinnteacht agus cobhsaíocht, ar réamhriachtanais iad don iomaíochas agus chun bearnaí i measc cuideachtaí a dhúnadh, i gcás FBManna go háirithe, a áirithiú;
T. de bhrí gur timpeallacht atá ag athrú go tapa iad criptea-shócmhainní agus gur gá do lucht déanta beartas an beart a dhéanamh ar théarmaí comhionanna; de bhrí gur gá fós breathnú go géar ar na himpleachtaí beartais cánach agus imghabhála cánach, ós rud é gur gné thábhachtach den chreat foriomlán rialála iad;
U. de bhrí gur chuir an Pharlaimint i bhfios go láidir cheana féin ‘nach bhfuil na rialacha cánach corparáidí idirnáisiúnta atá ann faoi láthair oiriúnach a thuilleadh i gcomhthéacs dhigitiú agus dhomhandú an gheilleagair’, agus ‘le forbairtí sa digitiú agus le spleáchas níos mó ar shócmhainní doláimhsithe agus leis an méadú atá ag teacht orthu sna slabhraí luacha cruthaítear ionchais agus dúshláin ó thaobh inrianaitheacht na n-oibríochtaí eacnamaíocha agus na dteagmhas inchánach, lena n-áirítear cumasú cleachtas seachanta cánach, go háirithe nuair is oibríochtaí trasteorann iad na hoibríochtaí sin nó nuair a tharlaíonn siad lasmuigh den Aontas’[1];
V. de bhrí, murab ionann agus réimse an airgeadais thraidisiúnta, go n-eagraítear an criptea-réimse ar bhealach díláraithe uaireanta, agus gur deacra dá chionn sin leas a bhaint as idirghabhálaithe chun cabhrú le húdaráis chánach; de bhrí gur minic a fhónann idirghabhálaithe den sórt sin mar sholáthraithe faisnéise ábhartha i gcórais tuairiscithe cánach tríú páirtí traidisiúnta; de bhrí, maidir leis an áit a dtagann an chriptea-earnáil agus an córas airgeadais traidisiúnta i dteagmháil lena chéile, gur gnách go mbíonn idirghabhálaí amhail malartán i gceist;
An gealladh atá faoi theicneolaíochtaí nua amhail blocshlabhra chun freastal níos fearr a dhéanamh ar cháiníocóirí, chun cleachtais éillitheacha a dhíspreagadh, chun riaracháin chánach a chumhachtú agus chun dul i ngleic le calaois agus le himghabháil cánach
1. á mheas gur cheart na hacmhainní leordhóthanacha a bheith ag na riaracháin náisiúnta chánach ar shlí níos fearr chun bailiú éifeachtúil cánach a éascú, chun rialacha a fhorfheidhmiú, chun freastal níos fearr a dhéanamh ar cháiníocóirí agus chun comhlíontacht a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt, i bhfianaise dhúshláin mhéadaithe an aistrithe dhigitigh, go ndéanfaidh siad infheistíochtaí leordhóthanacha in acmhainní daonna, lena n-áirítear oiliúint, bonneagair dhigiteacha agus pearsanra agus trealamh speisialaithe;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh i dtograí reachtacha amach anseo ar an gcaoi ar féidir a áirithiú go mbeidh an teicneolaíocht atá mar bhonn taca ag reachtaíocht nua-ghlactha nasctha go dlúth le cur chun feidhme ceart na reachtaíochta;
3. á chur i bhfios gurb amhlaidh, le hoiriúnú acmhainneachtaí TF na n-údarás cánach trí theicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn, amhail teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte amhail blocshlabhra nó intleacht shaorga, a ghealltar nósanna imeachta cánach agus riaracháin atá cliste, éifeachtach agus éifeachtúil a chothú, éilliú a dhíspreagadh agus a theorannú, comhlíontacht chánach ag saoránaigh agus ag gnólachtaí a éascú, agus inrianaitheacht agus sainaithint idirbheart inchánach agus úinéireacht sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a mhéadú i dtimpeallacht dhomhandaithe ina bhfuil méadú tagtha ar idirbhearta trasteorann, agus deiseanna á gcruthú dá chionn sin le haghaidh córais chánach níos fearr agus níos cothroime chun cáin a ghearradh ar cháiníocóirí soghluaiste agus ar shócmhainní araon; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí ar chosaint sonraí agus ar ioncam a bhainfeadh le cáin fhéideartha ar stóráil sonraí pearsanta a chur chun feidhme;
4. á chur i bhfáth gurb amhlaidh, le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus blocshlabhra, trína ngnéithe uathúla amhail inrianaitheacht agus tríd an acmhainneacht atá iontu sonraí do-athraithe iontaofa a stóráil, sláine na sonraí sin a chosaint, a d’fhéadfaí bealach nua a chur ar fáil chun bailiú cánach a uathoibriú; á chreidiúint go n-áiritheofaí leis sin go n-íocfadh daoine a bhfuil dlite uathu, go n-áiritheofaí comhlíontacht éifeachtúil chánach agus go n-éascófaí bailiú ioncam cánach ag foinse na gcéimeanna éagsúla de shaolré táirge nó seirbhíse ar bhealach tráthúil, agus sonraí pearsanta na saoránach á gcosaint agus ardchaighdeán cosanta sonraí á ráthú ag an am céanna;
5. á thabhairt chun suntais gur gá na bealaí is fearr chun úsáid a bhaint as an teicneolaíocht a shainaithint chun acmhainneacht anailíseach na riarachán cánach a neartú (trí anailís sonraí níos fearr), chun sonraí a chaighdeánú chun comhlíontacht chánach a éascú do FBManna agus do cháiníocóirí (lena n-áirítear trí chaighdeáin tuairiscithe choiteanna), agus chun a áirithiú go léireofar ar bhealach níos fearr leis an gcánachas an timpeallacht ghnó sa ré dhigiteach agus go ráthófar leis ardleibhéil cosanta sonraí ag an am céanna;
6. ag tabhairt dá haire gur seoladh Ard-Chomhphobal AE um Chomhar Riaracháin Idirnáisiúnta (Comhphobal AIAC AE) agus go ndearna Cruinniú Mullaigh AE de chuid na Riarachán Cánach (TADEUS) rannchuidiú luachmhar leis an díospóireacht ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua ar obair na n-údarás cánach náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, rannpháirtíocht a thabhairt do na fóraim sin i ndearadh cláir oiliúna speisialta do bhaill foirne na riarachán cánach maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua sa chomhrac i gcoinne calaois chánach agus imghabháil cánach chomh maith le tógáil ar a ról maidir le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na gcóras cánach ó thaobh caighdeánú sonraí agus comhroinnt uathoibríoch fíor-ama sonraí i gcomhthéacs trasteorann; á mheabhrú nach mór clár den sórt sin a chomhtháthú i ngníomhaíocht chlár Fiscalis;
7. á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil fiúntas agus rioscaí ag baint le húsáid blocshlabhra, na hintleachta saorga agus uirlisí digiteacha eile ag riaracháin chánach, nach mór a mhaolú go cuí, go háirithe chun cosc a chur ar sháruithe ar phríobháideachas agus ar chóireáil chlaonta idirdhealaitheach cáiníocóirí;
8. á thabhairt chun suntais go háirithe go mbaineann rioscaí le cáilíocht sonraí; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, go bhfuil blocshlabhra arna cheadú, lena ngabhann ceadanna srianta arna ndeonú d’idirghabhálaithe, ríthábhachtach i gcomhthéacs na riarachán cánach agus go bhféadfaí dá chionn cabhrú le feabhas a chur ar shláine an chórais toisc go bhféadtar dá bharr faisnéis chánach, i measc sonraí eile, a chomhroinnt i dtimpeallacht shlán;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na bealaí a ngearrann Ballstáit dhifriúla cáin ar chriptea-shócmhainní agus ar na beartais náisiúnta éagsúla maidir leis an gcomhrac i gcoinne calaois chánach agus imghabháil cánach i réimse na gcriptea-shócmhainní, agus béim á leagan ar dhea-chleachtais agus ar na bealaí éalaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus leas á bhaint as ardáin chomhair i réimse an chánachais, eadhon clár Fiscalis; á iarraidh ar an gCoimisiún, le tacaíocht ón Meitheal um an gCód Iompair maidir le cánachas gnó, dul i ngleic le cleachtais dhíobhálacha chánach i réimse na gcriptea-shócmhainní san Aontas;
10. á aithint gur féidir féachaint ar bhealaí éagsúla ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua amhail blocshlabhra ar chúrsaí cánach ag brath ar an mbéim a bheith ar chánachas díreach (cáin shiarchoinneála, mar shampla), ar chánachas indíreach (CBL nó dleachtanna custaim) nó ar chomhlíontacht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gealladh faoin teicneolaíocht mórleabhar dáilte chun an córas cánach iarchoimeádta a dhéanamh níos éifeachtúla i ngach tír, ach freisin chun nósanna imeachta rianúla trasteorann a éascú agus gníomhaíocht chalaoiseach a chosc; á mholadh don Choimisiún saintréithe gach gné a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún na réitigh dhigiteacha atá ann cheana sna Ballstáit a chur san áireamh agus meastóireacht a dhéanamh ar an deis réitigh atá bunaithe ar bhlocshlabhra a chomhtháthú ar ardáin malartaithe faisnéise chun iniúchadh fíor-ama agus malartú faisnéise fíor-ama a chur chun cinn agus rialacha cosanta sonraí AE á n-urramú go hiomlán ag an am céanna;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar ardán nua a chruthú le haghaidh oiliúna agus comhroinnt dea-chleachtais idir na húdaráis náisiúnta chánach i réimse an chomhraic i gcoinne calaois chánach agus imghabháil cánach sa gheilleagar digiteach, go háirithe trí úsáid a bhaint as criptea-shócmhainní; á thuiscint di go bhféadfaí an t-ardán nua sin a chomhtháthú i dtionscnaimh reatha amhail clár Fiscalis;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de mheastóireacht a dhéanamh ar an tionchar oibríochtúil agus ar na gnéithe rialachais cánach a bhaineann le teicneolaíocht bhlocshlabhra agus le teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte eile, go háirithe trí chlár Fiscalis;
13. á mheabhrú go ndearna sí togra le haghaidh tionscnamh ón gCoimisiún i dtaobh ‘caighdeán maidir le tuairisciú sonraí ar líne a cheapadh agus a mholadh le haghaidh trádáil trasteorann san Aontas (ar an gcéad dul síos), trí shonraí ó r-shonrascú a úsáid más féidir (nó ó rogha eile, ach ag coinneáil an phrionsabail nach gá na sonraí a sholáthar ach aon uair amháin), lena n-áirítear próiseáil sonraí láraithe/díláraithe atá éifeachtúil agus thar a bheith slán chun calaois a bhrath’[2];
14. á áitiú go n-iarrann sí ar na Ballstáit ‘leanúint de bheith ag athchóiriú na n-údarás cánach, dlús a chur leis an digitiú agus tús a chur le cur chuige straitéiseach a chur chun feidhme chun tacú le FBManna ó thaobh comhlíontacht chánach de agus teacht ar dheiseanna chun an t-ualach a laghdú’[3];
15. á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna uile a chruthaítear leis an mBonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blocshlabhra (EBSI) – líonra idir piaraí de nóid idirnasctha a bhfuil bonneagar seirbhísí blocshlabhra-bhunaithe á rith aige – le haghaidh údaráis chánach náisiúnta, go príomha i réimse na comhlíontachta CBL, agus na caighdeáin is airde cosanta sonraí agus príobháideachais á n-urramú go hiomlán, agus é mar aidhm aige prótacail bhlocshlabhra iomadúla agus nuálacha a chur ar fáil dóibh, agus é mar mhisean aige cúnamh a thabhairt do na riaracháin náisiúnta chánach agus iad á n-oiriúnú féin le haghaidh úsáid na dteicneolaíochtaí sin;
16. ag meabhrú a thábhachtaí atá an Uimhir Aitheantais Cánach Eorpach (TIN) agus á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar bhreisluach na dteicneolaíochtaí bhlocshlabhra-bhunaithe chun céannacht chuí trasteorann chánach a áirithiú, maille le caighdeáin arda cosanta sonraí agus coimircí príobháideachais;
Dúshláin chánachais i ndáil le criptea-shócmhainní
17. á mheas nach mór criptea-shócmhainní a bheith faoi réir cánachas cothrom, trédhearcach agus éifeachtach chun iomaíocht chothrom agus cothroime iomaíochta a ráthú idir an chóireáil chánach a dhéantar ar shócmhainní agus ar tháirgí airgeadais agus idir soláthraithe seirbhísí airgeadais; á chur in iúl go dtuigeann sí gur faoi na Ballstáit atá cinntí maidir le cánachas criptea-shócmhainní, i gcomhréir leis na Conarthaí; á iarraidh ar na húdaráis a machnamh a dhéanamh ar chóireáil chánach shimplithe le haghaidh trádálaithe ócáideacha nó trádálaithe beaga agus idirbhearta beaga; ag seasamh ar son timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht sa mhargadh aonair digiteach, inar féidir le fiontraithe, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a bheith faoi rath, inar féidir borradh a chur faoin bhfás, poist a chruthú agus rannchuidiú le téarnamh eacnamaíoch trí ioncaim chánach faoi chreat rialála éifeachtach;
18. ag tabhairt dá haire gur féidir le hoibreoirí an gheilleagair dhigitigh dul i mbun gníomhaíochtaí suntasacha gnó i mBallstát gan láithreacht fhisiciúil a bhunú ann, agus dá bhrí sin nach léirítear leis na cánacha a íoctar in aon dlínse amháin an luach agus na brabúis a chruthaítear sa Bhallstát sin a thuilleadh; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur gá coincheap na buanbhunaíochta a oiriúnú, eadhon le sainmhíniú soiléir ar bhuanbhunaíocht fhíorúil, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta; ag meabhrú, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé colún a haon de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis a thrasuí go héifeachtach;
19. á aithint go bhfuil an sainmhíniú ar an mbonn cánach le haghaidh criptea-shócmhainní ar cheann de na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas cánach; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú caighdeánach a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta ann faoi láthair ar chriptea-shócmhainní ná ar na cineálacha sócmhainní ba cheart a áireamh sa téarma; ag tuiscint go bhfuil gá le sainmhíniú den sórt sin mar phríomhthosaíocht sa chreat reachtach Eorpach chun seasamh príomhúil a ráthú don Aontas ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil ECFE, arna shainordú ag G20, ag obair ar chreat nua domhanda trédhearcachta cánach chun foráil a dhéanamh maidir le tuairisciú agus malartú faisnéise i ndáil le criptea-shócmhainní;
20. á mheas gur gá sainmhíniú soiléir, a nglactar leis go forleathan, a bheith ann ar chriptea-shócmhainní chun críocha cánach; á chur i bhfios go láidir gur cheart an sainmhíniú sin a ailíniú le sainmhíniú Rialachán MiCA; á áitiú gur gá comhleanúnachas córasach a ráthú idir na hionstraimí dlíthiúla éagsúla lena rialaítear nó lena rialófar criptea-shócmhainní (mar shampla Rialachán MiCA, an Rialachán maidir le hAistriú Cistí[4], an Treoir maidir le Comhar Riaracháin[5] agus tionscnaimh eile a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid) agus, thar aon ní eile, chun deimhneacht dhlíthiúil agus cobhsaíocht an dlí choimirciú;
21. á chur i bhfios gurb amhlaidh, maidir le criptea-shócmhainní, a d’fhéadfadh roghanna éagsúla a bheith ann chun teagmhas inchánach ábhartha a shainmhíniú amhail boinn a chruthú trí mhianadóireacht, criptea-shócmhainní a mhalartú ina n-airgeadra fiat nó ina gcriptea-shócmhainní eile, forc crua nó criptea-shócmhainní a chur i ngeall; ag tabhairt dá haire gur gá teacht ar shainmhíniú comhleanúnach ar theagmhas inchánach chun leibhéal cuí cánachais a áirithiú, agus cásanna cánachais dhúbailte á seachaint ag an am céanna;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a thíolacadh maidir le cineál amháin criptea-shócmhainne a chomhshó ina chineál difriúil criptea-shócmhainne agus roghanna a chur i láthair maidir leis an teagmhas inchánach a shainmhíniú, agus aird á tabhairt ar an riosca go gcuirfí méadú suntasach ar líon na dteagmhas inchánach agus fadhbanna suntasacha luachála á gcruthú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an rogha go bhféadfadh comhshó criptea-shócmhainne ina airgeadra fiat a bheith ina rogha níos iomchuí le haghaidh teagmhas inchánach, más rud é go ndearnadh gnóthachain;
23. ag tabhairt dá haire go mbíonn claonadh ag gach tír a téarmaíocht féin a úsáid agus a réitigh rialála náisiúnta á gceapadh acu i leith criptea-shócmhainní, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héiginnteacht dhlíthiúil do shaoránaigh agus do chuideachtaí, a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar shláine mhargadh aonair an Aontais toisc go bhféadfaí dochar suntasach a dhéanamh don chomhar trasteorann, a d’fhéadfadh bealaí éalaithe a chruthú de thaisme agus deiseanna á dtabhairt dá chionn sin le haghaidh mí-úsáid cánach agus seachaint cánach agus teacht i dtír á dhéanamh orthu chun an bonn a bhaint de na caighdeáin idirnáisiúnta trédhearcachta cánach atá ann cheana amhail CRS;
24. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfágann dinimic na margaí criptea-shócmhainní[6] gur díol práinne é rialacha a bheith i bhfeidhm lena sainmhínítear an cineál cánachais atá le cur i bhfeidhm, an sainmhíniú ar an teagmhas inchánach, uainiú cathain a tharlaíonn agus cá háit a dtarlaíonn teagmhas inchánach agus a luacháil;
25. á chur i bhfios go bhfuil cánachas criptea-shócmhainní i gcásanna trasteorann nasctha le gnéithe éagsúla den bheartas cánach amhail cáin ioncaim agus CBL agus go ndáiltear na gnéithe sin faoi láthair idir inniúlachtaí náisiúnta agus inniúlachtaí Eorpacha, ach go bhféadfadh na tairbhí a bhaineann le cur chuige comhchoiteann Eorpach a bheith níos suntasaí i réimsí a bhaineann, i measc réimsí eile, le comhar riaracháin, le malartú faisnéise agus le cánachas corparáideach;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar ghné na gcriptea-shócmhainní, an digitithe agus na dteicneolaíochtaí nua sna tograí reachtacha uile atá beartaithe aige agus a bheidh aige amach anseo maidir le cúrsaí cánach, go háirithe sa togra atá ar na bacáin dar teideal ‘Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim’ (BEFIT); á iarraidh ar na Ballstáit, sa chomhthéacs sin, a bheith uaillmhianach agus a bheith ina gcinn feadhna ar an díospóireacht idirnáisiúnta;
27. á iarraidh ar na Ballstáit sainiúlachtaí úsáid criptea-shócmhainní a mheas ina gcuid athchóirithe cánach náisiúnta, agus a machnamh a dhéanamh ar chórais níos éifeachtaí a chur chun feidhme lena n-áirithítear costais chomhlíontachta níos lú agus ualaigh riaracháin níos lú, ach lena ráthaítear, ag an am céanna, cánachas cothrom, trédhearcach agus éifeachtach criptea-shócmhainní; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh dreasachtaí cánach atá sealadach agus a bhfuil údar cuí leo a bheith iomchuí chun nuálaíocht agus forbairt theicneolaíoch a chur chun cinn, in earnáil na teicneolaíochta blocshlabhra go háirithe; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá comhchaighdeáin tuairiscithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní agus le haghaidh daoine aonair agus eintiteas;
28. á iarraidh ar na Ballstáit cóireáil a dhéanamh ar chineálacha éagsúla criptea-shócmhainní ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcóireáil chánach a dhéantar ar shócmhainní comhchosúla nach criptea-shócmhainní iad;
29. á iarraidh ar na Ballstáit a machnamh a dhéanamh ar chuspóirí beartais an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 3 CAE iad, go háirithe geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil, faoi chuimsiú na roghanna reachtacha atá acu maidir le cóireáil chánach criptea-shócmhainní;
30. á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil an chóireáil chánach a dhéantar ar chriptea-shócmhainní i gcomparáid leis an gcóireáil chánach a dhéantar ar shócmhainní eile comhsheasmhach cothrom, go háirithe maidir le cóireáil CBL na sócmhainní sin;
Bogadh ar aghaidh le creat éifeachtach rialála/dlíthiúil a fhorbairt
31. á chur i bhfios gur tírdhreach domhanda é tírdhreach na gcriptea-shócmhainní agus go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe idirnáisiúnta chun cóireáil chánach a dhéanamh ar chriptea-shócmhainní; á thuiscint, i ndáil leis an méid sin, gur gá ionstraimí idirnáisiúnta a chaibidliú tuilleadh maidir leis an ábhar; á mheas go bhféadfadh ECFE, a bhfuil obair shuntasach déanta aige cheana féin ar chánachas criptea-shócmhainní agus ar chóireáil criptea-shócmhainní araon, a bheith ina fhóram oiriúnach i ndáil leis sin, go háirithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar CRS;
32. ag tabhairt dá haire go bhfuil tús curtha cheana féin ag ECFE le hobair ar chreat tuairiscithe nua maidir le criptea-shócmhainní;
33. á mheas, in éagmais comhaontú idirnáisiúnta maidir le cánachas criptea-shócmhainní, go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit fágtha gan bonn ar a bhféadfaí cur chuige atá cliste agus á thiomáint ag an todhchaí a fhorbairt;
34. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a thíolacadh ar mhórtheagmhais inchánach agus ar chineálacha ioncaim a bhfuil baint ag criptea-shócmhainní leo, ag díriú ar iarmhairtí cánach roinnt príomhoibríochtaí amhail eisiúint criptea-shócmhainní, malartú criptea-shócmhainní ar airgeadraí fiat, earraí nó seirbhísí, agus deonú trí bhíthin bronntanais nó oidhreachta, chomh maith le caillteanas nó goid, etc.;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar na dea-chleachtais a sainaithníodh chun cáin a ghearradh go cothrom agus go héifeachtach ar chriptea-shócmhainní, agus sraith inniúlachtaí an Aontais i gcúrsaí cánach á hurramú, chun ról na soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a scrúdú agus a mhéid atá criptea-shócmhainní oiriúnach laistigh den chreat cánach atá ann cheana a chinneadh; á chur in iúl gurb é a tuairim gur cheart an beartas cánach a chomhtháthú laistigh de chreat rialála fónta le haghaidh criptea-shócmhainní agus gur cheart dó a bheith comhleanúnach le gnéithe eile den bheartas lena n-áirítear trédhearcacht chánach agus ceanglais dhlíthiúla, airgeadais agus cosanta tomhaltóirí;
36. á mheabhrú go n-éilítear le margadh aonair Eorpach atá comhtháite go hiomlán cur chuige comhchoiteann maidir le cánachas criptea-shócmhainní, agus na hinniúlachtaí a shainítear sna Conarthaí á n-urramú; á iarraidh ar an gComhairle, dá bhrí sin, agus í i bhfoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, tús a chur le hidirphlé struchtúrtha leis an bParlaimint maidir leis an ábhar sin; á iarraidh freisin ar Uachtarán an Ghrúpa Euro díospóireacht maidir le cánachas criptea-shócmhainní a chur ar aghaidh le hairí airgeadais an limistéir euro;
37. á chreidiúint gur gá raon feidhme na Treorach maidir le Comhar Riaracháin a leasú ionas go n-áireofar criptea-shócmhainní agus ríomh-airgead sa chreat malartaithe faisnéise i réimse an chánachais; á iarraidh ar ECFE sainmhíniú nua ar chaighdeán tuairiscithe le haghaidh malartú faisnéise a ghlacadh gan a thuilleadh moille; á mheas gur tosaíocht i réimse an chánachais é an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Comhar Riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí amach anseo ó ECFE maidir le tuairisciú criptea-shócmhainní agus athbhreithnithe ar CRS, chomh maith leis na moltaí ón bParlaimint mar atá leagtha amach ina rún maidir le cur chun feidhme cheanglais an Aontais maidir le malartú faisnéise cánach, a áireamh ina athbhreithniú amach anseo ar an Treoir[7]; á iarraidh ar an gComhairle na hathruithe sin atá beartaithe a ghlacadh go pras;
38. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a ráthú go gcomhlánófar, le hathbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir maidir le Comhar Riaracháin, oibleagáidí tuairiscithe faoi ionstraimí dlíthiúla eile, trí chabhrú leis na húdaráis sonraí faoi chriptea-shócmhainní agus ríomh-airgead a mhalartú go huathoibríoch ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar ioncam agus lánioncam a fhaightear ó infheistíochtaí agus ó íocaíochtaí trí úsáid a bhaint as criptea-shócmhainní agus ríomh-airgead; á chur i bhfios go láidir gur gá comhleanúnachas córasach, lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí agus treoraíocht theicniúil do na húdaráis chánach náisiúnta, a choimirciú;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis phoiblí náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonfar cearta bunúsacha leis an teicneolaíocht bhlocshlabhra a úsáidtear chun rialacha a fhorfheidhmiú nó chun seirbhísí poiblí a sholáthar, agus go gcomhlíonfar léi freisin na caighdeáin a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;
40. ag spreagadh an Choimisiúin chun na réitigh dhigiteacha, na forálacha dlíthiúla agus an treoraíocht riaracháin atá ann cheana agus a úsáidtear sna Ballstáit a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar conas teicneolaíocht bhlocshlabhra agus teicneolaíochtaí mórleabhair dháilte eile a ghiaráil chun calaois chánach agus seachaint cánach a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar éilliú; ag tacú le forbairt bonneagair Eorpaigh seirbhísí blocshlabhra;
41. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar conas tacú le comhlíontacht chánach fheabhsaithe, agus luachanna luaineacha na gcriptea-shócmhainní á gcur san áireamh chomh maith leis an easpa aistriúchán follasach go hairgeadra fiat i gcásanna áirithe, ach freisin an dúshlán atá roimh na riaracháin chánach faisnéis iontaofa thráthúil a fháil maidir leis na hidirbhearta sin;
42. á mheas, toisc go bhfuil an chriptea-earnáil ag athrú faoi láthair agus nach bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh cobhsaíocht inti go ceann tamaill, nár cheart go mbeadh de thoradh ar an ngá atá ann measúnú a dhéanamh ar an staid go gcuirfí cosc ar institiúidí an Aontais reachtaíocht a rith maidir le maoirseacht níos fearr ar chriptea-shócmhainní agus cánachas níos fearr criptea-shócmhainní;
43. á chur i bhfios gur gá athbhreithniú agus oiriúnú rialta a dhéanamh ar an mbeartas cánach ionas go mbeifear in ann freagairt d’éabhlóidí na hearnála agus chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith ábhartha i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus margaidh a bhaineann le hairgeadraí fíorúla agus le cineálacha sócmhainní eile atá ag teacht chun cinn;
°
° °
44. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
30.6.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
40 0 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Rasmus Andresen, Anna-Michelle Asimakopoulou, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Engin Eroglu, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Claude Gruffat, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, France Jamet, Aurore Lalucq, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Alfred Sant, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Stéphanie Yon-Courtin |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marc Angel, Nicola Beer, Lefteris Christoforou, Agnès Evren, Niels Fuglsang, Christophe Hansen, Monika Hohlmeier, Georgios Kyrtsos, Margarida Marques, Monica Semedo |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Delara Burkhardt, José Manuel Fernandes, Liudas Mažylis, Alin Mituța, Maite Pagazaurtundúa |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
40 |
+ |
ID |
France Jamet |
NI |
Enikő Győri |
EPP |
Anna-Michelle Asimakopoulou, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Lefteris Christoforou, Agnès Evren, José Manuel Fernandes, José Manuel García-Margallo y Marfil, Christophe Hansen, Monika Hohlmeier, Danuta Maria Hübner, Aušra Maldeikienė, Liudas Mažylis, Lídia Pereira |
An Grúpa Renew |
Nicola Beer, Gilles Boyer, Engin Eroglu, Luis Garicano, Georgios Kyrtsos, Alin Mituța, Maite Pagazaurtundúa, Monica Semedo, Stéphanie Yon-Courtin |
S&D |
Marc Angel, Delara Burkhardt, Niels Fuglsang, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Margarida Marques, Pedro Marques, Alfred Sant, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli |
Grúpa na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí |
Rasmus Andresen, Claude Gruffat, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun |
0 |
- |
|
|
1 |
0 |
EPP |
Frances Fitzgerald |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 maille le moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom simplí lena dtacaítear leis an straitéis téarnaimh (obair leantach de chuid Pharlaimint na hEorpa ar Phlean Gníomhaíochta mhí Iúil ón gCoimisiún agus ar na 25 thionscnamh a ghabhann leis i réimse CBL, agus cánachas gnólachtaí agus cánachas daoine aonair). Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0082.
- [2] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0082.
- [3] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 maidir le tionchar na n-athchóirithe cánach náisiúnta ar gheilleagar an Aontais, Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0023.
- [4] Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí. IO L 141, 5.6.2015, lch. 1.
- [5] Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais. IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.
- [6] Ba é EUR 2.2 trilliún luach eacnamaíoch mhargadh na gcriptea-airgeadraí i mí na Bealtaine 2021, agus baineadh buaicphointe EUR 2.5 trilliún amach i mí Dheireadh Fómhair 2021 (Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, 2021).
- [7] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chun feidhme cheanglais AE maidir le faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, ceachtanna a foghlaimíodh agus bacainní atá le sárú. IO C 117, 11.3.2022, lch. 120.