Tuarascáil - A9-0214/2022Tuarascáil
A9-0214/2022

TUARASCÁIL maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas

19.7.2022 - (2022/2008(INI))

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Tom Berendsen
PR_INI

Nós Imeachta : 2022/2008(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0214/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0214/2022
Téacsanna arna nglacadh :

CLÁR

Leathanach

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

TUAIRIM MHIONLAIGH

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA N-EINTITEAS NÓ NA NDAOINE ÓNA BHFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH


TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas

(2022/2008(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 9, 151, 152, 153(1) agus (2) de sin, mar aon le hAirteagal 173 de sin, a bhaineann le beartas tionsclaíoch AE agus a thagraíonn, i measc nithe eile, d’iomaíochas earnáil tionsclaíochta an Aontais,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe d’Airteagal 5(3) de sin agus do Phrótacal Uimh. 2 de sin maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘Shaping Europe’s digital future’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘A New Industrial Strategy for Europe’ [Straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip] (COM(2020)0102),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘An SME Strategy for a sustainable and digital Europe’ [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] (COM(2020)0103),

 ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 maidir le ‘Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach - I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098),

 ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’[Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a Fhorbairt do théarnamh na hEorpa] (COM(2021)0350),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ [Oiriúnach do 55: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach] (COM(2021)0550),

 ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Eanáir 2022 dar teideal ‘Industrial ecosystems, strategic autonomy and well-being’ [Éiceachórais thionsclaíocha, uathriail straitéiseach agus folláine],

 ag féachaint do thuairim Choiste Eorpach na Réigiún an 2 Nollaig 2021 dar teideal ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’[1][Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a Fhorbairt do théarnamh na hEorpa],

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Annual Single Market Report 2021’ [Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir leis an Margadh Aonair] (SWD(2021)0351),

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Strategic dependencies and capacities’ [Spleáchais agus cumais straitéiseacha] (SWD(2021)0352),

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Towards competitive and clean European steel’ (SWD(2021)0353) [I dtreo cruach Eorpach iomaíoch agus ghlan],

 ag féachaint do thuarascáil 2019 ó Ghrúpa Ardleibhéil an Choimisiúin um Thionscail Dianfhuinnimh dar teideal ‘Masterplan for a Competitive Transformation of EU Energy-Intensive Industries – Enabling a Climate-neutral, Circular Economy by 2050’ [Máistirphlean le haghaidh claochlú iomaíoch thionscail dianfhuinnimh an Aontais Eorpaigh le go mbeifear in ann geilleagar aeráidneodrach ciorclach a bhaint amach faoi 2050],

 ag féachaint do thuarascáil speisialta 2021 ón nGníomhaireacht Fuinnimh Idirnáisiúnta dar teideal ‘ ‘Net Zero by 2050: A Roadmap for the Global Energy Sector’ [Aeráidneodrach faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda],

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Bealtaine 2018 maidir le ‘Straitéis Beartais Tionsclaíochta de chuid an Aontais don Todhchaí’,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2019 maidir le straitéis beartais tionsclaíochta de chuid an Aontais: fís do 2030,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Samhain 2020 maidir le téarnamh lena gcuirtear chun cinn an t-aistriú i dtreo tionscal Eorpach níos dinimiciúla, níos athléimní agus níos iomaíche,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir leis an téarnamh a bheith ciorclach agus glas,

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[2],

 ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[3],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip[4],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir le straitéis nua do FBManna Eorpacha[5],

 ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an bplean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach[6],

 ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le hidrigin[7],

 ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le comhtháthú córas fuinnimh[8],

 ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le hamhábhair chriticiúla[9],

 ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘A new ERA for Research and Innovation’ [LET (Limistéar Eorpach Taighde) nua don Taighde agus don Nuálaíocht] (COM(2020)0628),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip’ (COM(2020)0761),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2022 dar teideal ‘Dearbhú Eorpach a bhunú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha don Deacáid Dhigiteach’ (COM(2022)0027),

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 8 Aibreán 2019 dar teideal ‘Bonneagar Teicneolaíochta’ (SWD(2019)0158),

 ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2016 maidir le beartas comhleanúnach AE do thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta[10],

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas – Treoirlínte agus samplaí dá chur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin,

 ag féachaint don tuarascáil ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide an 4 Aibreán 2022 dar teideal ‘Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide’,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus Cosaint Tomhaltóirí, agus ón gCoiste um Iompar agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0214/2022),

A. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach cur ar chumas na hearnála tionsclaíochta an t-aistriú dúbailte a chur chun feidhme, agus poist ardcháilíochta a chruthú ag an am céanna agus iomaíochas agus acmhainneacht na hearnála a áirithiú chun táirgí, seirbhísí agus próisis táirgthe ghlana a fhorbairt agus a tháirgeadh;

B. de bhrí nach mór é a bheith mar aidhm ag an Straitéis Tionsclaíochta an margadh aonair a neartú agus dul chun cinn teicneolaíochta a chothú chun go mbeidh AE ina cheannaire domhanda i dteicneolaíochtaí glasa agus digiteacha;

C. de bhrí gurb iad na próisis thionsclaíocha agus mhonaraíochta cnámh droma mhargadh saothair AE agus gur cheart dóibh cruthú post ardcháilíochta a chothú;

D. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, i ndomhan geopholaitiúil atá ag athrú, neamhspleáchas straitéiseach a neartú agus spleáchais AE ar ábhair chriticiúla, táirgí, fuinneamh, acmhainneachtaí monaraíochta agus teicneolaíochtaí criticiúla a laghdú, agus ag an am céanna geilleagar a choinneáil chomh hoscailte agus is féidir agus chomh dúnta is gá;

E. de bhrí gur léirigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine arís go bhfuil AE ag brath go mór ar sholáthar fuinnimh ó thríú tíortha; de bhrí gur gá do AE a bheartais thionsclaíocha agus fuinnimh a athdhíriú agus é mar aidhm aige a fhoinsí fuinnimh a éagsúlú a luaithe is féidir, coigilteas fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú, chomh maith le méideanna ollmhóra foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid agus cur chuige i bhfad níos láidre maidir leis an ngeilleagar ciorclach a ghlacadh ar fud na dtionscal atá bunaithe ar shlabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe;

F. de bhrí gur féidir le hardleibhéal spleáchais ar sholáthar fuinnimh, amhail ar an Rúis, agus praghsanna arda fuinnimh dochar a dhéanamh d’acmhainneachtaí táirgeachta cuideachtaí Eorpacha; de bhrí go bhfuil infhaighteacht ábhar agus comhpháirteanna, agus acmhainneacht monaraíochta san Eoraip bunriachtanach chun spleáchas fabhraithe in ionad spleáchas fuinnimh AE a sheachaint chun mianraí tearc-chré, miotail chriticiúla eile, trealamh nó cumais mhonaraíochta a sholáthar;

G. de bhrí go bhfuil institiúidí taighde, cuideachtaí agus daoine oilte ar thús cadhnaíochta ar domhan in AE agus go bhfuil sé d’acmhainn aige a bheith ina cheannaire domhanda sa nuálaíocht thionsclaíoch;

H. de bhrí gur fhógair an Coimisiún, tar éis dó a spleáchais straitéiseacha a shainaithint sna héiceachórais thionsclaíocha is íogaire, go molfaidh sé bearta sistéamacha (eacnamaíocha agus rialála) nithiúla chun na spleáchais sin a laghdú, lena n-áirítear trí tháirgeadh agus infheistíocht san Eoraip a dhaingniú agus a chur chun cinn;

I. de bhrí gur gá do AE aghaidh a thabhairt ar athléimneacht slabhraí soláthair, agus éiceachóras monaraíochta agus soláthair ardluacha tarraingteach, nuálach a chruthú ag an am céanna, atá ailínithe le spriocanna taighde agus forbartha (T&F), nuálaíochta, aeráide agus comhshaoil na hEorpa;

J. de bhrí go bhfuil laghdú 35 % tagtha ar astaíochtaí CO2 ón tionscal ó 1990, i bpáirt mar gheall ar athlonnú an táirgthe;

K. de bhrí gurb ionann an acmhainneacht eacnamaíoch mheasta a bhaineann le tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú faoi 2030, i gcomparáid le gnó mar is gnách, agus 23.5 % do thionscal na hEorpa[11];

L. de bhrí gur aithin an Coimisiún go bhfuil níos mó earnálacha eacnamaíocha amhail earnáil na sláinte, an earnáil agraibhia, tionscal eastósctha na mianadóireachta agus na n-amhábhar agus tionscal na teicneolaíochta digití ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach AE a bhaint amach;

M. de bhrí gur aithin an Coimisiún sa straitéis tionsclaíochta nuashonraithe nua go bhféadfadh comhdhlúthú margaidh teacht as beartais neamh-inbhuanaithe margaidh, lena n-áirítear beartais maidir le soláthar poiblí;

1. á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú ar an straitéis tionsclaíochta; á chur i bhfáth, chun go mbeidh an Comhaontú Glas ina fhíorstraitéis fáis inbhuanaithe agus claochlaitheach, go laghdóidh sé spleáchais agus go gcoinneoidh sé cothrom na Féinne do thionscal na hEorpa le linn an dá aistriú, nach mór beartas tionsclaíoch uaillmhianach a bheith ag gabháil leis chun a bheith ina cheannródaí iomaíoch in astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) glan-nialasacha agus i ngeilleagar inbhuanaithe, agus chun sineirgí a chruthú idir gnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta, agus gur gá tacú leis le beartas uaillmhianach T&F agus le creat atá oiriúnach do FBManna; á chur i bhfáth go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ngá sin mar thoradh ar an ngéarchéim leanúnach aeráide agus fuinnimh agus ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, an gá atá le bearta faoisimh spriocdhírithe do chustaiméirí leochaileacha sa chomhthéacs tionsclaíoch, go háirithe FBManna leochaileacha agus micrifhiontair, a ndearna éifeachtaí phaindéim COVID-19 difear mór dóibh freisin;

2. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thionscal na hEorpa agus ar a hacmhainneachtaí i dtionscnaimh agus cuspóirí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh nuair a chruthaíonn sé dreasachtaí chun tacú le hearnálacha straitéiseacha tionsclaíocha agus lena slabhraí soláthair, a bhfuil méadú mór le sárú acu ar chostais fuinnimh, iompair agus amhábhar; á aithint go bhfuil go leor beart ann a d’fhéadfadh cabhrú chun na tionchair sin a laghdú, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir a laghdú ag an am céanna;

3. á chur i bhfáth gur sócmhainn thábhachtach é margadh aonair Eorpach feidhmiúil chun athléimneacht thionsclaíoch, tarraingteacht na hEorpa mar cheann scríbe infheistíochta agus iomaíochas AE a neartú, chomh maith leis an dá aistriú a fheabhsú mar bhonn don fhás nua in earnálacha tionsclaíocha;

4. á chur i bhfios go láidir nach féidir leis an Aontas a bheith ag brath ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le haghaidh táirgí, fuinnimh, acmhainneachtaí monaraíochta agus teicneolaíochtaí atá bunriachtanach dár ngeilleagar agus dár sochaí amach anseo; á chur i bhfáth gur gá do AE seasamh láidir a fháil ar ais i slabhraí luacha domhanda ríthábhachtacha agus soláthar amhábhar criticiúil a dhaingniú i dtréimhsí géarchéime, agus trí úsáid mhéadaithe a bhaint as samhlacha gnó ciorclacha freisin; á thabhairt chun suntais an tairbhe a bhaineann le slabhraí soláthair níos giorra d’athléimneacht ár ngeilleagair agus d’uaillmhianta aeráide an Aontais a bhaint amach;

5. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhar idirnáisiúnta, comhpháirtíochtaí comhionanna agus trádáil chóir dhomhanda oscailte do gheilleagar na hEorpa, agus á thabhairt dá haire gur ceann de na bealaí is éifeachtúla chun athléimneacht thionsclaíoch na hEorpa a neartú agus spleáchas a laghdú is ea slabhraí soláthair a éagsúlú trí bhearta uaillmhianacha beartais trádála, lena n-áirítear comhaontuithe straitéiseacha trádála agus infheistíochta;

6. ag iarraidh ar an gCoimisiún conairí aistrithe soiléire atá bunaithe ar an eolaíocht don éiceachóras tionsclaíoch a chur i láthair a luaithe is féidir, lena n-áirítear trí na riachtanais le haghaidh aistriú rathúil a shainaithint ó thaobh bonneagair, teicneolaíochtaí agus scileanna de; ag iarraidh ar an gCoimisiún comhsheasmhacht, comhordú agus sineirgí a áirithiú ar fud na dtionscnamh, na gcuspóirí, an mhaoinithe agus na n-ionstraimí rialála uile a thacóidh leis an tionscal trí na haistrithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hailíniú idir na conairí aistrithe, na treochláir teicneolaíochta tionsclaíche agus Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht na gComhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gclár Fís Eorpach; á iarraidh go ndéanfar faireachán agus tuairisciú bliantúil ar iomaíochas, dul chun cinn teicneolaíoch, infhostaitheacht agus athléimneacht ár n-éiceachóras tionsclaíoch agus ar dhul chun cinn conairí aistrithe earnálacha aonair, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le spriocanna aeráide AE, ionas gur féidir ionstraimí a oiriúnú go tapa nuair is gá; á chur i bhfáth gur cheart do na geallsealbhóirí uile sa slabhra luacha, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an pobal acadúil, eagraíochtaí tomhaltóirí, ceardchumainn agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bheith rannpháirteach ar bhealach trédhearcach i bpróiseas na gconairí aistrithe lena n-áiritheofar faireachán leanúnach eolaíochtbhunaithe ar dhul chun cinn;

7. ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a thíolacadh a bheidh dírithe ar aistriú na dtionscal is déine ar fhuinneamh lena gcuirfí ar a gcumas a n-iomaíochas a chaomhnú agus, ag an am céanna, tacú le neamhspleáchas straitéiseach AE níos fearr, ós rud é go mbíonn tábhacht straitéiseach ag baint leis na tionscail sin go minic;

8. á mheabhrú go mbraitheann iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa den chuid is mó ar a cumas nuálaíochta; á thabhairt dá haire go sáraíonn feidhmíocht chumhachtaí eacnamaíocha eile feidhmíocht an Aontais i gcaiteachas T&F mar chéatadán OTI; á athdhearbhú a thábhachtaí atá leibhéal uaillmhianach infheistíochta i T&F chun seasamh iomaíoch AE sa domhan a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh an sprioc de 3% d’infheistíochtaí OTI in T&F a bhaint amach go fóill i bhformhór na mBallstát; ag iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí na mBallstát tuilleadh tiomantais a dhéanamh do spriocanna infheistíochta náisiúnta T&F, go háirithe do chistiú náisiúnta poiblí agus príobháideach don nuálaíocht thionsclaíoch agus don taighde tionsclaíoch chun dul i dtreo taighde ar leibhéal ullmhachta teicneolaíochta atá bunaithe ar fhiosracht agus ar leibhéal íseal ullmhachta teicneolaíochta chun an bonn eolais lena gcothaítear nuálaíocht thionsclaíoch na hEorpa a chothabháil agus a fheabhsú; ag tabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag comhpháirtíochtaí eolaíochta oscailte; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh infheistíocht in T&F dírithe freisin ar rannpháirtíocht micrifhiontar;

9. á chur i bhfios go bhfuil gá le cláir oibre Horizon Europe agus na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha na himthosca nua a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin a chur san áireamh, go háirithe braislí 4 agus 5 maidir le ‘tionscal, digiteach agus spás’ agus maidir le ‘aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht’, agus chun T&F atá dírithe ar an tionscal a dhíriú ar bhreoslaí iontaise a athsholáthar agus ar spleáchas thionscail an AE ar allmhairí fuinnimh a laghdú;

10. ag iarraidh ar an gCoimisiún rannchuidiú chun an bearna infheistíochta a dhúnadh le hiomaitheoirí domhanda le haghaidh eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Ionstraim Eorpach um Shliseanna agus bunú na Comhghuaillíochta Eorpaí um shonraí tionsclaíocha, an imeall-ríomhaireacht agus an néalríomhaireacht; ag iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur go pras le hobair mhoillithe Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch na hEorpa um próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra; ag iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh sin a leathnú go pras chuig ionstraimí eile taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN) agus chuig príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, amhail ceallraí, intleacht shaorga, cibearshlándáil, uathoibriú agus róbataic, biteicneolaíocht, imeall ríomhaireacht, fótónaic agus ríomhaireacht chandamach agus teicneolaíocht chandamach;

11. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin i ndáil le héiceachóras leathsheoltóra na hEorpa, lena n-áirítear acmhainneacht táirgeachta áitiúil mhéadaithe, línte píolótacha agus láithreáin mhonaraíochta den chéad scoth le haghaidh ardteicneolaíocht sliseanna, dearadh sliseanna agus córais; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach mbeidh laghdú ar mhaoiniú do chláir ghaolmhara eile de chuid an Aontais mar thoradh ar chistiú na Ionstraime Eorpaí um Shliseanna; á chur in iúl gur geal léi an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna (SWD(2022)0147); ag iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin féin, measúnú tionchair a dhéanamh, lena n-áirítear an tionchar ar an gcomhshaol, agus anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo le haghaidh sliseanna, ar an mbuntáiste iomaíoch a bhaineann le cineálacha éagsúla agus ar an acmhainneacht chun slisíní a tháirgeadh san Eoraip;

12. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht (SRIA) de chuid an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (KDT JU) atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán, ós rud é gur clár oibre ríthábhachtach é sin le haghaidh uathriail straitéiseach an Aontais i roinnt príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin; á mheas gur cheart go ndéanfaí cistiú Chomhghnóthas KDT a atreorú chuig taighde ar shliseanna go sonrach faoi chuimsiú an SRIA atá ann cheana;

13. á chur i bhfáth gur gá ‘Déanta in AE’ a neartú agus dlús a chur le glacadh theicneolaíochtaí Tionscal 4.0, go háirithe ag FBManna; ag iarraidh ar an gCoimisiún an chomhpháirtíocht ‘Déanta san Eoraip’ a leabú go láidir sa chlár Fís Eorpach agus é sin a dhéanamh trí chomhar FBManna le hollscoileanna agus le heagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta a chothú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go seasfadh ‘Déanta san Eoraip’ ní hamháin ar son na cáilíochta agus na nuálaíochta, ach freisin ar mhaithe le táirgí, próisis agus seirbhísí tionsclaíocha atá an-inbhuanaithe agus cothrom ó thaobh na sochaí de, agus téarnamh deiseanna fostaíochta agus monaraíochta ar ardchaighdeán a chur chun cinn ar fud an Aontais, chun tacú le forbairt chothrom agus inbhuanaithe réigiúin uile an Aontais;

14. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Fóram Tionsclaíoch a bunaíodh leis an straitéis thionsclaíoch agus á thabhairt dá haire, i measc na gcúig thascfhórsa a cruthaíodh, go bhfuil ceann amháin acu ábhartha go díreach don mhargadh aonair agus go ndéanann sé anailís ar ghnéithe cothrománacha an mhargaidh aonair agus ar bhacainní a bhaint, agus go bhfuil fócas sonrach ag ceann eile ar ardmhonaraíocht mar chumasóir cothrománach do raon leathan éiceachóras;

15. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá uaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach agus geilleagar ciorclach lán-chomhtháite chun tionscal éifeachtúil agus dícharbónaithe a chruthú; ag iarraidh ar an gCoimisiún anailísí a dhéanamh ar athchúrsáil agus ar thabhairt isteach an athuair sa timthriall táirgí; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar dheiseanna cistiúcháin agus tairisceana do thionscadail cuideachtaí atá ina gceannródaithe nuálacha sa gheilleagar ciorclach, chomh maith leis an ngá atá le forbairt na bpríomhmhargaí a spreagadh; á mheas go bhfuil cosc ar dhramhaíl agus laghdú ar thomhaltas fuinnimh agus acmhainní a bhaineann le dramhaíl, chomh maith le hathchúrsáil lúbiata feadh earnálacha tionsclaíocha iomlána, fíor-riachtanach le haghaidh geilleagar ciorclach; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá caighdeáin, sainorduithe ceannaigh, cuótaí, inbhuanaitheacht agus indeisitheacht trí dhearadh lena n-éascaítear athchúrsáil agus athúsáid amhábhar (criticiúil) tábhachtach, chomh maith le húsáid fheabhsaithe agus fad saoil táirgí;

16. á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún lena n-eisítear treoir maidir le soláthar poiblí agus a iarrachtaí cómhalartacht a chur chun cinn maidir le rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí; á chur i bhfáth gur ionstraim riachtanach é an soláthar poiblí don tslándáil náisiúnta agus eacnamaíoch, don bheartas tionsclaíoch, don inbhuanaitheacht shóisialta agus éiceolaíoch agus chun tacú le glacadh táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe agus leis an éileamh orthu; á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtacódh sásraí soláthair phoiblí tuilleadh le claochlú thionscal na hEorpa trí tháirgeadh earraí agus seirbhísí éiceanuálaíocha, costéifeachtacha agus inbhuanaithe a chothú, agus tríd an éileamh ar amhábhair thánaisteacha a eascraíonn as próisis táirgthe chiorclacha a chur in úsáid a mhéadú; ag iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha soláthair phoiblí agus iomaíochta i gcás inar gá, agus feidhmiú cuí an mhargaidh aonair á áirithiú ag an am céanna; á mheabhrú a thábhachtaí atá na treoirlínte a d’fhorbair an Coimisiún maidir leis an gcaoi ar cheart do na Ballstáit spriocanna feidhmíochta agus critéir cháilíochta a áireamh, chomh maith leis an gcritéar maidir leis an tairisicint is buntáistí go heacnamaíoch (MEAT), sna conarthaí a bhronntar; ag iarraidh ar an gCoimisiún rochtain do FBManna a choimirciú agus critéir soláthair a chomhrac lena leagtar síos ceanglais nó cáilíochtaí thar chroíghnéithe na seirbhíse nó na n-earraí a cheannaítear, ionas go mbeidh deis chothrom ag FBManna a bheith rannpháirteach sa mhargadh substaintiúil don soláthar poiblí; á iarraidh go mbeadh an leibhéal forairdill is airde ann maidir le gníomhaithe neamh-Eorpacha a fhaigheann bonneagar criticiúil;

17. á mheabhrú go bhfuil ról ag cleachtais soláthair inbhuanaithe maidir le ganntanais cógas leighis a chosc, slándáil an tsoláthair a áirithiú agus infheistíochtaí monaraíochta a dhaingniú; ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit trí rialacha spriocdhírithe AE a fhorbairt maidir le cógais leighis a sholáthar, faoin treoir reatha maidir le soláthar poiblí, arb é is aidhm dó inbhuanaitheacht fhadtéarmach, iomaíocht, slándáil an tsoláthair a áirithiú agus infheistíochtaí sa mhonaraíocht a spreagadh;

18. ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na soláthairtí comhpháirteacha a seoladh le linn ráig COVID-19, iad a chur i gcomparáid leis an gcomhaontú réamhcheannaigh, agus úsáid a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh chun an uirlis sin a fheabhsú trí aon mhíshocracht sa mhargadh inmheánach a sheachaint;

19. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oideachas, uas-sciliú agus athsciliú a áireamh sna conairí aistrithe mar uirlisí tábhachtacha i gclaochlú thionscal an Aontais agus sna hiarrachtaí chun táirgiúlacht níos airde a bhaint amach, agus riachtanais mhargadh saothair na réigiún atá i mbun athbheochan eacnamaíoch á gcur san áireamh, chun cosc a chur ar réigiúin a bheith bochtaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis a fhorbairt le haghaidh comhpháirtíochtaí gairmoideachais agus gnó-oideachais in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe laistigh de bhraislí tionsclaíocha réigiúnacha, chun borradh a chur faoi scileanna agus feabhas a chur ar ghlacadh nuálaíochtaí atá réidh don mhargadh ag FBManna, agus trí dhreasachtaí a bhunú do FBManna chun scileanna a bpearsanra agus a n-oibrithe a oiliúint agus a fheabhsú, go háirithe i réimse na scileanna digiteacha; á thabhairt chun suntais gur gá an comhar idir T&F agus an tionsclaíocht a neartú, go háirithe i bhfoirm aistrithe teicneolaíochta chuig FBManna; á chur i bhfáth gur cheart cur chun cinn an chomhionannais inscne, príomhshruthú inscne, comhdheiseanna agus rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus fiontraíocht a áirithiú;

20. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá beartais réamhghníomhacha oideachais agus oiliúna lena gcothaítear earcú agus coinneáil tallainne in AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le taighdeoirí agus múinteoirí den chéad scoth in AE a bheith i gceannas ar chlár oibre oideachais, taighde, forbartha agus oiliúna an lucht saothair a bheidh ann amach anseo agus feabhas a chur ar an gcomhar idir an t-oideachas agus an oiliúint, an taighde agus an earnáil ghnó;

21. á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit an Comhshocrú um Scileanna agus tionscnaimh eile an Aontais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh deiseanna athscilithe agus uas-scilithe a chruthú don lucht saothair, na scileanna is gá a thabhairt do dhaoine aonair a mbeidh éagsúlú gairmiúil mar thoradh orthu agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus dlús a chur le hathoiliúint agus uas-sciliú oibrithe agus daoine dífhostaithe, go háirithe na hoibrithe is leochailí ó thaobh an aistrithe de; á thabhairt chun suntais gur gá na tionscnaimh a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an Limistéar Eorpach Taighde, an Limistéar Eorpach Oideachais agus na hÉiceachórais Nuálaíochta Eorpacha a threisiú, lena ndéanfar margadh inmheánach láidir Eorpach a thógáil don taighde agus don nuálaíocht;

22. á chur i bhfáth go bhfuil oibrithe nach bhfuil chomh cáilithe sin thar a bheith leochaileach; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a ábhartha atá an Ciste um Aistriú Cóir, in ainneoin a raon feidhme teoranta;

23. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in éiceachórais thionsclaíocha an Aontais, go háirithe i ndigitiú an Aontais, agus gur foinse chriticiúil iad de shamhlacha gnó agus nuálaíocht táirgí atá inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú náisiúnta agus ar mhaoiniú AE, go háirithe in earnálacha traidisiúnta nach bhfuil an aistriú digiteach forbartha iontu go fóill; á chur in iúl gur oth léi an bhearna mhaoinithe d’fhiontraithe arb iad inscne, gnéaschlaonadh nó tionscnamh is cúis léi; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach maidir le héiceachóras nuathionscanta agus infheistíochta Eorpach a chothú atá níos fabhraí d’fhorbairt nuálaíochtaí teicneolaíochta doimhne, ardriosca agus ardluacha;

24. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go rannchuideoidh na tionscnaimh chun an Deacáid Dhigiteach a bhaint amach le claochlú digiteach gnólachtaí, go háirithe FBManna, atá tite ar gcúl ar chuideachtaí móra maidir le scileanna digiteacha agus maidir le digitiú a n-oibríochtaí;

25. á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana sa mhargadh aonair atá ag cur bac ar fhás FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta san Eoraip, chomh maith leis an ngá atá le creat dlíthiúil agus rialála feabhsaithe agus, dá bhrí sin, beartais atá fabhrach do FBManna a thabhairt isteach;

26. á chur i bhfáth gur gá an creat rialála a nuachóiriú agus a dhaingniú i bhfad na haimsire chun cobhsaíocht agus intuarthacht rialála a áirithiú, lena n-éascaítear nuálaíocht, infheistíochtaí, formheas táirgí agus seirbhísí nuálacha, agus lena gcumasaítear an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de agus chun iomaíochas agus poist ardcháilíochta na hEorpa a dhaingniú, agus na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil, inscne agus sóisialta á gcur san áireamh ag an am céanna; ag iarraidh ar an gCoimisiún treochláir a áireamh sna conairí aistrithe, le spriocanna cainníochtúla agus cáilíochtúla ceangailteacha, tar éis measúnú tionchair a thabhairt i gcrích, agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú do ghnólachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna; á chur i bhfáth an prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’;

27. á thabhairt chun suntais gur gá ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú do chuideachtaí, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus na caighdeáin is airde do thomhaltóirí, d’oibrithe, do shláinte agus do chosaint an chomhshaoil á gcoinneáil ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil cor cinniúnach san Eoraip mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus iarmhairtí na paindéime COVID-19; ag iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an gcuirfeadh tograí reachtacha nua ualach rialála nó riaracháin míchuí ar chuideachtaí;

28. ag meabhrú an ról atá ag an riarachán poiblí chun timpeallacht eacnamaíoch atá fabhrach do lucht gnó a áirithiú agus chun ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar fhiontair a laghdú, agus na caighdeáin trédhearcachta is airde agus sábháilteacht oibrithe á n-áirithiú ag an am céanna; á chreidiúint gur cheart uirlisí ríomhrialtais, beartais nuálaíochta digití agus feabhsú scileanna digiteacha a chur chun cinn laistigh den earnáil phoiblí agus i measc a fostaithe;

29. ag cur i bhfios go láidir gnéithe náisiúnta agus réigiúnacha an bheartais thionsclaíoch agus ról na straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste, go háirithe i dtéarmaí fostaíochta agus forbartha eacnamaíche agus tionsclaíche ar fud chríoch na mBallstát; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí anailís ar a bhfuil bainte amach ag straitéisí um speisialtóireacht chliste mar ardán do bhearta amach anseo ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rannpháirtíocht thrédhearcach na ngeallsealbhóirí áitiúla uile, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ón bpobal, in ullmhú agus i gcur chun feidhme straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste; ag iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí a áireamh chun úsáid ‘Déanta san Eoraip’ a mhéadú ar leibhéal réigiúnach;

30. ag iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar éiceachórais réigiúnacha a ghlacann leas as a speisialtóireacht chliste féin, a chuidíonn le héagothromaíochtaí réigiúnacha a líonadh agus a bhfuil baint ag an riarachán poiblí, institiúidí ardoideachais, eolaithe, an tsochaí shibhialta agus lucht tionscail leo chun a gcuid eolais a chomhcheangal agus inneachar, comhthéacs agus eispéiris foghlama a chomhchruthú;

31. á áitiú gur gá cothroime shóisialta an aistrithe thionsclaíoch a áirithiú agus bearta leormhaithe a fhorbairt chun tacú le haththionsclú na réigiún atá i mbun aistrithe trí thionscadail infheistíochta idir-réigiúnacha straitéiseacha agus trí phleananna athfhorbartha do réigiúin leochaileacha, go háirithe limistéir thuaithe agus iargúlta;

32. á chur i bhfáth gur gá ár mbeartas fuinnimh Eorpach a atreorú ó bhonn mar fhreagairt ar ionradh foréigneach na Rúise ar an Úcráin; á iarraidh go ndéanfaí laghdú suntasach ar spleáchas fuinnimh AE, go háirithe ar ghás, ola, gual agus breosla núicléach na Rúise; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hacmhainneachtaí táirgthe atá ag fuinneamh inbhuanaithe, inacmhainne, slán agus flúirseach inathnuaite agus ísealcharbóin idirthréimhseach, agus coigilteas fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú ar bhealach níos éifeachtaí le forbairt foinsí fuinnimh lena bhféadfar freastal ar na riachtanais mhéadaitheacha leictreachais agus comhordú phleanáil agus mhaoiniú an bhonneagair is gá a mhéadú, go háirithe don bhonneagar leictreachais, fuinnimh, cliste, hidrigine, CO2 agus téimh/fuaraithe is gá;

33. á chur i bhfáth go bhfuil soláthar cobhsaí fuinnimh bunriachtanach d’fheidhmiú cuí éiceachóras tionsclaíoch na hEorpa; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith ag crapadh soláthair fuinnimh ar bhonneagar táirgiúil; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go bhfuil gá le córas comhordúcháin lena ndéanfaí faireachán córasach ar infhaighteacht an gháis in aimsir géarchéime, chun straitéisí comhchoiteanna Eorpacha a éascú lena mbeifear ábalta déileáil leis an ngéarchéim;

34. á chur i bhfios go bhfuil na próisis téimh agus fuaraithe fós ar cheann de na húsáidí fuinnimh is suntasaí san earnáil thionsclaíoch; á chur i bhfios go láidir, chun dlús a chur le laghdú astaíochtaí GCT sa tionscal, nach mór leas iomlán a bhaint as na hacmhainneachtaí éifeachtúlachta fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú tionsclaíoch; á chur i bhfáth gur gá úsáid níos fearr a bhaint as dramhtheas agus dramhfhuacht dosheachanta, chomh maith le braislí agus siombóisí tionsclaíocha lena dtairgtear sineirgí suntasacha agus acmhainneacht coigilte fuinnimh in go leor earnálacha, lena n-áirítear teicstílí, ceimiceáin, próiseáil bia agus innealra;

35. ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí acmhainneacht an bhithgheilleagair chiorclaigh a scaoileadh, ina n-úsáidtear acmhainní inbhuanaithe agus inathnuaite chun tionscail iomaíocha agus athléimneacha a chur chun cinn san fhadtéarma; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, gur féidir úsáid dramhaíola bithmhaise a chur in ionad breoslaí iontaise go héifeachtach, agus an lorg CO2 a laghdú ag an am céanna; ag tathant, dá bhrí sin, ar AE, ar údaráis náisiúnta agus áitiúla cur chuige ciorclach den sórt sin a spreagadh i ngach beartas;

36. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-am is gá chun ceadanna a eisiúint a laghdú go mór agus nósanna imeachta meara ceadaithe a chruthú le haghaidh bonneagar a thacaíonn leis an tionscal san aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de, gan dochar do thrédhearcacht, do dhlisteanacht agus do dhlíthiúlacht na nósanna imeachta atá ann cheana; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an ngá atá le cnámh droma hidrigine a fhorbairt san Eoraip, na hidirnaisc ar fud ár mór-roinne a fhorbairt tuilleadh agus tacú le húsáid fhorleathan teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh amhail saoráidí áitiúla giniúna fuinnimh inathnuaite atá thar a bheith éifeachtúil a shuiteáil agus comhghiniúint, go háirithe do FBManna;

37. á athdhearbhú go bhfuil gá le creat cumasúcháin chun soghluaisteacht inbhuanaithe a fhorbairt agus chun tacú le cúpláil earnála;

38. ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur le cur chun feidhme chláir agus ionstraimí TFN, bonneagair agus digiteacha uile an Aontais ar bhealach cliste agus roghnaitheach, lena n-áirítear tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne chun díriú ar theipeanna margaidh, agus comhghuaillíochtaí tionsclaíocha, chomh maith le bonneagair teicneolaíochta chun réitigh theicneolaíocha nua a thástáil, a bhailíochtú agus a uas-scálú, go háirithe iad siúd lena bhforbraítear na teicneolaíochtaí ceannródaíocha nuálacha is gá don dá aistriú, go háirithe iad siúd a bhaineann le táirgeadh fuinnimh, breoslaí agus eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, agus chun geilleagar ciorclach éifeachtúil a chur chun feidhme, amhail cruach ghlan, eitlíocht ghlan, breoslaí sintéiseacha, leasacháin ghlana agus ríomhchraiceáil;

39. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún feidhmchláir thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) a mheasúnú go pras le haghaidh athléimneacht thionscal na hEorpa; ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire, éifeachtacha, simplí agus cuimsitheacha a bhunú maidir le IPCEInna; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go mbainfí an riosca de chistiú, amhail trí InvestEU nó tríd an gCiste don Nuálaíocht, rud atá bunriachtanach chun feabhas a chur ar chumais mhonaraíochta AE i bpríomhearnálacha straitéiseacha, amhail tionscal na gréine, lena gcuirtear ar a chumas bonn monaraíochta Eorpach láidir a atógáil;

40. á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht mhór ag Conarthaí Difríochta Carbóin (CCfDanna) mar ionstraim ríthábhachtach chun laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise sa tionscal a laghdú; á mheas a thábhachtaí atá siad go háirithe d’earnálacha ar deacair iad a mhaolú, do theicneolaíochtaí a uas-scálú agus tacú lena scaipeadh laistigh d’earnálacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh CCfDanna comhréireach, i gcomhréir le reachtaíocht AE, comhlíontach le EDT agus nár cheart go mbeadh saobhadh míchuí ar mhargadh inmheánach AE mar thoradh orthu;

41. á chur in iúl gur geal léi anailís an Choimisiúin ar spleáchais straitéiseacha agus ar acmhainneachtaí straitéiseacha, i gcomhréir le haidhm an neamhspleáchais straitéisigh; ag iarraidh ar an gCoimisiún bailchríoch a chur ar na hanailísí agus ar na treochláir teicneolaíochta tionsclaíche a luaithe is féidir agus gníomhaíochtaí a mholadh chun spleáchas ar na táirgí criticiúla arna sainaithint a laghdú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí athchúrsála agus éifeachtúlachta acmhainní, agus soláthairtí, lena n-áirítear soláthróirí fuinnimh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhriseadh ag trealamh riachtanach leighis agus cúraim sláinte ar chómhargadh AE, tar éis na taithí a fuarthas ó na ganntanais tosaigh ag tús phaindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le straitéis atá bunaithe ar anailís dhomhain bhreise ar spleáchais fhrithpháirteacha chun acmhainneacht an Aontais i slabhraí luacha criticiúla agus monaraíocht chriticiúil a neartú; á chur in iúl, ag an am céanna, go bhfuil sí tiomanta don iltaobhachas agus don tsaorthrádáil;

42. ag iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige iomlánaíoch an tslabhra luacha a ghlacadh agus anailís á déanamh ar na spleáchais straitéiseacha ar fud na 14 éiceachóras tionsclaíocha criticiúla a shainaithin sé ina Thuarascáil Bhliantúil 2021 ar an Margadh Aonair; á mholadh go leathnófaí na grinnscrúduithe sin chuig na hearnálacha uile a mheastar a bheith straitéiseach; ag iarraidh ar an gCoimisiún tionchar na mbeart seach-chríochach arna ndéanamh ag tíortha nach bhfuil san Aontas ar thionscail AE a chur san áireamh, go háirithe ó thaobh rialuithe onnmhairiúcháin de; á chur i bhfios, ionas nach gcruthófar spleáchais agus leochaileachtaí nua, gur cheart acmhainní agus cumais theicneolaíocha Eorpacha a bheith mar bhonn leis an Straitéis Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe;

43. á chur i bhfios go láidir nach mór ról ríthábhachtach a bheith ag an athchúrsáil maidir le soláthar amhábhar agus ábhar tánaisteach a mhéadú, agus ar an gcaoi sin spleáchas AE ar allmhairí ó thíortha nach tíortha den Aontas iad a laghdú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do bhearta chun teorainn a chur leis an méadú ar an éileamh ar amhábhair phríomhúla, amhail an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, tacú le T&N le haghaidh ionadú ábhair, lena n-áirítear soláthairtí inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála, agus trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha le haghaidh amhábhair;

44. ag iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla a leathnú chun faireachán, meastóireacht agus tuairisciú leanúnach a chur san áireamh maidir le táscairí athléimneachta do thionscail an Aontais, amhail spleáchais fhrithpháirteacha i bpríomhtheicneolaíochtaí, acmhainneachtaí monaraíochta, córas réamhrabhaidh do ghanntanais fhéideartha, spleáchais straitéiseacha agus fóirdheontais eachtracha in earnálacha straitéiseacha;

45. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dreasachtaí ad hoc a chruthú le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh earraí criticiúla, amhail cógais bhunriachtanacha, chun a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a bhaint amach, chomh maith le teicneolaíocht monaraíochta i ndáil le haon chineál géarchéime, lena n-áirítear cogadh, agus slabhraí soláthair athléimneacha fadtéarmacha á n-áirithiú ag an am céanna;

46. ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áiritheofar leis na bearta a mholtar i Straitéis Chógaisíochta an Aontais ról an Aontais mar nuálaí in T&F, chomh maith le hiomaíochas a ráthú, soláthairtí iontaofa agus inacmhainne, rochtain ar chógais nua-aimseartha a chur ar fáil agus go spreagfaidh siad nuálaíocht agus infheistíocht in T&F; ag tabhairt dá haire go dtacófar freisin le hathléimneacht AE trí thionscal cógaisíochta láidir atá bunaithe ar thaighde a mhealladh chuig an Aontas; á chur i bhfáth gur gá tacú le hinfheistíochtaí tiomnaithe in T&N, i monarú cógas agus comhábhar gníomhach in AE agus saoráidí bríomhara taighde-bhunaithe agus táirgthe a choinneáil ar a chríoch;

47. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iomaíocht, infheistíochtaí agus táthcheangail éagóracha ag cuideachtaí neamh-AE arna maoiniú ag a stát ar an margadh aonair, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail an soláthar fuinnimh, a bhfuil gá leo chun neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh an Aontais a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcur isteach sin, chun cothrom na Féinne a ráthú, go háirithe do FBManna, chun bearta oiriúnacha agus fónta ó thaobh an dlí de a fhorbairt chun cur isteach a chosc, agus ag an am céanna, ar an iomlán, a áirithiú nach mbainfear an bonn de chreat seanbhunaithe bheartas iomaíochta AE agus go gcuirfear iomaíocht chóir chun cinn i measc cuideachtaí neamh-AE agus AE araon atá ag feidhmiú i margadh aonair AE;

48. á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún lena ndírítear ar chothrom na Féinne a bhunú do chuideachtaí Eorpacha agus neamh-Eorpacha araon; á chur i bhfáth gur gá iomaíochas onnmhairiúcháin na gcuideachtaí Eorpacha a choinneáil i ndáil leis na tograí sin;

49. ag iarraidh ar an gCoimisiún, d’fhonn an chéad athbhreithniú eile a dhéanamh, raon feidhme agus sainmhínithe an chreata le haghaidh infheistíocht dhíreach choigríche a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar éifeacht fóirdheontas eachtrach ar shlándáil eacnamaíoch in AE agus ar éifeacht aistrithe teicneolaíochta ag cuideachtaí AE i dtíortha nach bhfuil san Aontas in earnálacha straitéiseacha;

50. ag iarraidh ar an gCoimisiún aistriú teicneolaíochtaí comhshaoil chuig tíortha i mbéal forbartha a chur chun cinn chun an t-aistriú glas ar scála domhanda a éascú;

51. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar spleáchas ar tháirgeoirí neamh-AE do threalamh slándála i gcodanna ríthábhachtacha agus íogaire dár sochaí, amhail slándáil teorann, cibearshlándáil agus cosanta; á chur i bhfáth gur gá teicneolaíocht slándála agus trealamh slándála a ainmniú mar earnáil straitéiseach; á iarraidh go mbeadh plean gníomhaíochta ann chun borradh a chur faoin tionscal sin san Aontais, lena n-áirítear trí rialacha oiriúnaithe maidir le soláthar poiblí;

52. ag tabhairt chun suntais conclúidí thuarascáil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le moilleanna i gcur chun feidhme líonraí 5G agus na rioscaí a bhaineann le díoltóirí neamh-AE[12]; ag iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm comhordaithe 5G san Aontas a spreagadh agus spleáchais sheachtracha agus rioscaí trasnaíochta i dteicneolaíocht chumarsáide 5G agus 6G a laghdú trí thacaíocht chomhordaithe chun cur ar chumas gníomhaithe Eorpacha acmhainneachtaí T&F do chórais 6G a thógáil agus príomhmhargaí a fhorbairt do bhonneagar 5G mar bhonn do na claochluithe digiteacha agus glasa; ag iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal leordhóthanach iomaíochais a áirithiú i réimse na dteicneolaíochtaí 5G, agus slándáil líonraí 5G á ráthú ag an am céanna;

53. á thabhairt chun suntais go bhfuil tionscail agus earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta lárnach do ghluaiseacht Bauhaus Eorpach Nua, a bheidh ina thionscnamh ríthábhachtach; á thabhairt dá haire gur fórsa tiomána iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta don nuálaíocht agus don fhorbairt san Eoraip; ag iarraidh ar an gCoimisiún creat beartais tionsclaíochta cuimsitheach, comhleanúnach agus fadtéarmach a fhorbairt le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

54. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Ghnímh um Shonraí agus an tionscnamh maidir le spás coiteann Eorpach sonraí a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir an ról a bheidh ag spásanna sonraí idir-inoibritheacha, iomaíocha agus uile-Eorpacha do roinnt earnálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear forbairt na hintleachta saorga, soghluaisteacht, an comhshaol, sláinte agus monaraíocht chliste; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige difreáilte lena gcuirtear saintréithe gach earnála san áireamh; á chreidiúint go bhféadfadh ról ceannasach cuideachtaí neamh-AE/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i dtionscnaimh spásanna sonraí AE an sprioc maidir le ceannasacht theicneolaíoch AE a neartú, a laghdú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an geilleagar sonraí agus ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na tionscnaimh uile a bhaineann le sonraí agus tacú le teacht chun cinn éiceachórais Eorpaigh spáis sonraí atá bunaithe ar iontaofacht, ar iomaíochas agus ar idir-inoibritheacht, agus cruthú bonneagar comhroinnte Eorpach a chothú chun úsáid agus malartú sonraí a éascú ar fud earnálacha tionsclaíocha, na héiceachórais sonraí, néal-éiceachórais agus imeall-éiceachórais a neartú agus infheistíochtaí sa chumarsáid ardluais a threisiú; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá deimhneacht dhlíthiúil, rud atá ríthábhachtach d’acmhainneacht nuálach chuideachtaí AE;

55. á thabhairt chun suntais gur gá athléimneacht na líonraí cumarsáide agus slándáil spásanna sonraí a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, imscaradh tapa líonraí snáithín a spreagadh a d’fhéadfadh ilchonairí agus athléimneacht in aghaidh ionsaithe fisiciúla agus cibirionsaithe a áirithiú;

56. ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfidh an t-aistriú digiteach úsáid as modhanna úrscothacha agus as dea-chleachtais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus castachtaí ríomhaireachta a laghdú, agus éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht sonraí na gcóras atá in úsáid tháirgiúil a mhéadú; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil gá le modh chun measúnú inbhuanaitheachta comhshaoil a áireamh san aistriú digiteach, lena n-áirítear maidir le húsáid fuinnimh, le linn shaolré iomlán na dtáirgí agus na gcóras;

57. ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a thabhairt isteach chun cosc a chur ar úinéireacht neamh-AE ar chomhlachtaí AE faoina dtugtar fógra, atá ainmnithe ag tír AE chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí áirithe sula gcuirtear ar an margadh iad;

58. á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach um chaighdeánú a bhfuil sé d’aidhm aici tacú leis an gclaochlú digiteach agus leis an aistriú glas, agus ag teacht leis an uaillmhian cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh i leith caighdeáin a shocrú, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, le príomh-chomhpháirtithe trádála;

59. á thabhairt dá haire, chun uathriail straitéiseach a bhaint amach, gur gá do AE a chumais chosanta a fhorbairt; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé treoir bheartais a sholáthar agus cláir phoiblí uaillmhianacha a fhorbairt chun tacú le hinfheistíochtaí sna tionscail spáis agus cosanta agus chun borradh a chur fúthu; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach margadh Eorpach um threalamh cosanta atá iontaofa, measartha agus éifeachtúil a oibríochtú, lena n-áirítear ardleibhéal ceannasachta teicneolaíochta;

60. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá tionscail Eorpacha ríthábhachtach maidir le rathúnas shochaí an lae inniu agus na sochaí sa todhchaí. Ní hamháin go gcuireann siad 35 mhilliún post ar fáil, ach cruthaíonn siad agus táirgeann siad nuálaíochtaí, ábhair inbhuanaithe agus na táirgí a theastaíonn uainn dár ngeilleagar agus dár sochaí sa todhchaí.

 

Chun dul i ngleic leis an athrú aeráide teastaíonn aistriú gasta uainn maidir le fuinneamh, mar aon le taighde agus forbairt luathaithe ar theicneolaíochtaí agus ar phróisis nua, agus glacadh agus cur i bhfeidhm gasta na réiteach riachtanach. Creideann an Rapóirtéir gur riachtanas é beartas iomaíoch agus nuálach um thionsclaíocht Eorpach d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an AE maidir le hathrú aeráide a bhaint amach.

 

Ní mór don AE a ghealltanas a chur i gcrích maidir leis an gComhaontú Glas a bheith ina straitéis fáis, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach araon á gcothú. Mar ghné lárnach cruthófar creat comhoibrithe idir earnáil na tionsclaíochta agus Ballstáit lena gcumasófar nuálaíochtaí Eorpacha den chéad scoth a fhorbairt, a chur in úsáid agus a onnmhairiú. Mar thoradh air sin, ní hamháin go ndéantar astaíochtaí a laghdú go héifeachtach ach forbraítear go comhuaineach na teicneolaíochtaí, na hearraí, agus na seirbhísí a theastaíonn ónár sochaí agus ón gcuid eile den domhan. Tá straitéis fáis Eorpach dháiríre á cruthú leis sin.

 

Cruthaítear roinnt dúshlán leis na pleananna do bhunathrú tionsclaíoch an AE. Tá sé soiléir, ar feadh an aistrithe, nach mór don AE agus dá Bhallstáit iad féin a thiomnú chun tionscail a éascú, a chomhordú agus a chosaint nuair is gá. Ionas gur féidir athruithe a dhéanamh, ní mór réitigh shaincheaptha agus ionstraimí saincheaptha a chur i bhfeidhm, atá in oiriúint do na héiceachórais thionsclaíocha éagsúla atá ann san AE.

 

Le tiomantas poiblí maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh ghlan, le clár nuálaíochta straitéiseach, leis an t-ualach riaracháin a laghdú agus le húsáid cistí poiblí, táimid ag súil le cómhalartacht trí thiomantas fadtéarma ó na cuideachtaí glactha chun infheistíocht a dhéanamh ina réigiúin, ina ndaoine agus ina dtimpeallacht dá ar mhaithe le sochaithe áitiúla.

 

Iomaíoch & Glan

 

Is riachtanas é iomaíochas na tionsclaíochta san Aontas Eorpach a neartú i ndomhan broidiúil atá ag athrú. Tá an AE mar bhaile d’institiúidí taighde, do chuideachtaí agus do dhaoine ard-oilte. Tá acmhainn mhór ag cuideachtaí Eorpacha chun poist, onnmhairí agus fás inbhuanaithe a chruthú. Ní mór láidreachtaí Eorpacha i slabhraí breisluacha domhanda a choimeád agus a mhéadú i ndomhan ina bhfuil an réaltacht gheopholaitiúil ag athrú.

 

Tá comhar Eorpach idir an earnáil tionsclaíochta, ollscoileanna agus institiúidí oideachais eile, eintitis taighde agus nuálaíochta agus rialtais ríthábhachtach chun an bonneagar is gá a chur i bhfeidhm agus na teicneolaíochtaí ceannródaíocha is gá a fhorbairt chun riachtanais laethúla a tháirgeadh amhail cruach ghlan, ceimiceáin ghlana, leasachán glan, breoslaí sintéiseacha, painéil ghréine, tuirbíní gaoithe agus cógais riachtanacha. Teastaíonn conairí aistrithe uainn do gach éiceachóras lena gcruthaítear clár oibre coiteann chun na teicneolaíochtaí ceannródaíocha sin a fhorbairt agus feidhm a bhaint astu.

 

Is dúshlán ar leith ollmhór é a chinntiú gur féidir linn ár riachtanais fuinnimh a shásamh dár dtionscail sa todhchaí. Tá sé soiléir anois nach féidir sin a dhéanamh le fuinneamh in-athnuaite a tháirgtear san Eoraip amháin. Dá bhrí sin, ní mór dúinn páirt a ghlacadh i ‘dTaidhleoireacht Fuinnimh’ le tíortha eile chun soláthar ar an toirt breoslaí sintéiseacha mar shampla a chinntiú.

 

Athléimneach

 

Tugadh le fios dúinn níos mó le géarchéim COVID go bhfuil an tAontas Eorpach ró-spleách ar chodanna eile den domhan maidir le táirgí agus acmhainní ríthábhachtacha. Tugadh tús áite rófhada, inár gcur chuige maidir le táirgeadh inmheánach, do chostais ghearrthéarma seachas slándáil, inbhuanaitheacht agus athléimneacht. Ní féidir linn ligean d’ infhaighteacht agus d’inacmhainneacht táirgí agus teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach inár ngeilleagar agus dár sochaí sa todhchaí a bheith ró-spleách ar chodanna eile den domhan. Ní mór don Aontas Eorpach suíomh láidir a bhaint amach arís i slabhraí breisluacha domhanda ríthábhachtacha agus soláthar ábhar criticiúil a dhaingniú i dtréimhsí géarchéimeanna.

 

Thug an AE neamhaird rófhada ar an réaltacht go gcloíonn an tSín, an Rúis agus náisiúin eile le sraith dhifriúil rialacha. Ní bhíonn aon leisce ar thíortha áirithe infheistíochtaí poiblí straitéiseacha comhcheangailte comhcheangailte le foscadh a úsáid chun curaidh thionsclaíocha a chruthú. Ní féidir san AE maoiniú stáit a thabhairt do gach earnáil, agus mar thoradh air sin tá sraith uirlisí de dhíth chun cothrom na Féinne na tionsclaíochta Eorpaí ar ár margadh féin a choimeád, fóirdheontais eachtracha shuaiteacha a chomhrac, iomaíocht éagórach ó chuideachtaí ag a bhfuil fóirdheontais ó stát eachtrach a chosc agus earnálacha agus teicneolaíochtaí Eorpacha ríthábhachtacha a chosaint. Ba cheart go mbeadh idirghabhálacha straitéiseacha misniúla ag gabháil leis sin chun cumais AE a neartú.

 

Tá tionscal iomaíoch, glan agus athléimneach ríthábhachtach do na glúnta atá le teacht san Aontas Eorpach.

 

 


TUAIRIM MHIONLAIGH

Buaileadh réigiúin ar fud an Aontais Eorpaigh go dona leis an díthionsclú. D’fhonn brabúis agus iomaíochas, mar a thugtar air, a uasmhéadú, dhún nó athshocraigh corparáidí cumas monaraíochta ar toil. Ina theannta sin, leanann an tionscal de bheith ina phríomhthiománaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Trí chinntí bunúsacha a fhágáil faoin margadh agus faoi na corparáidí, chuaigh beartais thionsclaíocha an Aontais chun donais ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus ar ghéarchéimeanna sóisialta agus aeráide. Ar an drochuair, ní bhriseann an tuarascáil seo le cur chuige traidisiúnta an AE maidir le Straitéis Thionsclaíoch, straitéis ina leagtar síos an clár oibre d'uasmhéadú brabúis, seachas na riachtanais shóisialta agus aeráide. Tacaíonn an tuarascáil le haistriú ollmhór na bhfóirdheontas poiblí chuig corparáidí príobháideacha, ag tabhairt fóirdheontais do dhíbhinní, gan toradh cothrom ráthaithe ar infheistíocht don tsochaí nó coinníollachtaí maidir le maoiniú poiblí. Ní chruthóidh an “treisiú” atá beartaithe don tionscal míleata síocháin ná slándáil. Ach ní gá go mbeadh cúrsaí mar seo. ó thaobh na ndaoine agus an phláinéid, ní mór dúinn - agus is féidir linn - rudaí a athrú. Trí leas an phobail a chur chun tosaigh, trí thionscnamh poiblí agus infheistíocht phoiblí a chomhcheangal, is féidir le straitéis thionsclaíoch poist ardchaighdeáin a ráthú ar fud an Aontais, agus sócmhainn a dhéanamh den tionscal sa streachailt in aghaidh an athraithe aeráide. Teastaíonn plean poiblí uaillmhianach uainn le haghaidh earnálacha straitéiseacha amhail sláinte, iompar, tithíocht, digitiú agus fuinneamh.

 

Marc BOTENGA

Marisa MATIAS

Sira REGO

Sandra PEREIRA

Giorgos GEORGIOU

 

 

 


 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA N-EINTITEAS NÓ NA NDAOINE ÓNA BHFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an dréacht-tuarascáil á hullmhú:

 

Eintiteas agus/nó duine

Alstom

ASD

ASML

BASF

Cecimo

Damen Shipyards

E3G

ECFR

EFPIA

ERT

Eurometaux

FME

France Industrie

HydrogenEurope

Industriall

Katapult

NXP

SeaEurope

SEMI Europe

Signify

SolarPower Europe

Tata Steel

TenneT

TNO

UNIFE

VNO-NCW

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA (19.5.2022)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar chur chun feidhme na straitéise nua tionsclaíochta nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas

(2022/2008(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Angelika Winzig 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á mheas, chun go mbeidh an tAontas in ann áit lárnach a choinneáil i ngeilleagar an domhain, a sheasamh láidir roimhe seo i slabhraí soláthair tábhachtacha domhanda a fháil ar ais agus a bheith iomaíoch i margaí oscailte, gur gá tacaíocht leordhóthanach spriocdhírithe a thabhairt do gach earnáil chun bonn teicneolaíoch a fhorbairt atá dírithe ar inbhuanaitheacht agus chun na hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh ag geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha a mhéadú agus a éascú;

2 á mheas nach mór straitéis tionsclaíochta an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach comhordaithe i gcomhréir le cuspóirí uaillmhianacha chun slabhraí soláthair an Aontais a neartú; á chur i bhfáth go ndéanfar bonn tionsclaíoch an Aontais a threisiú le trádáil shaor, chothrom, inbhuanaithe agus luachbhunaithe lena réitítear i gceart an gá atá le margaí oscailte agus ceannasacht straitéiseach lena n-urramaítear an dlí idirnáisiúnta, chomh maith le hiarrachtaí chun dlúthpháirtíocht straitéiseach a fhorbairt le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo maidir le hábhair amhail caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos; ag áitiú ar an gCoimisiún clár oibre uaillmhianach trádála a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

3. á thabhairt dá haire gurb iad tionscal an Aontais agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar an Aontais agus a rath; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag FBManna maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht iomlán a thabhairt don tionscal agus do FBManna tríd an dá aistriú agus trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt trí rochtain shaincheaptha ar mhaoiniú agus ar chistí leordhóthanacha a sholáthar dóibh agus trí thacaíocht spriocdhírithe a thabhairt don taighde agus don fhorbairt, don nuálaíocht agus don oideachas i scileanna digiteacha d’fhostaithe, ar athrú é nach féidir a bhaint amach ar mhórscála ach amháin má chuirtear na dreasachtaí riachtanacha ar fáil do réitigh nuálacha aeráide agus dhigiteacha;

4. á chur i bhfios go láidir gur gá cobhsaíocht rialála agus intuarthacht lena ndéantar an nuálaíocht agus an infheistíocht i dteicneolaíochtaí nua a chur chun cinn agus lena dtugtar luach saothair dóibh; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí bearta cibearshlándála a neartú ar gach leibhéal; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé clár oibre digiteach AE a chur i gcrích chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta straitéiseacha a thógáil amhail an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, lena n-áiritheofar seasamh ceannasach don Aontas Eorpach sa trádáil dhigiteach; á iarraidh go leanfaí le caibidlíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le ríomhthráchtáil, lenar cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna agus ar thomhaltóirí; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh gnímh ón gCoimisiún maidir le sliseanna, lena ndéanfar soláthar leathsheoltóirí chuig an Aontas a dhaingniú, rud a chuideoidh leis neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach; á mholadh freisin go ndéanfaí straitéis maidir le hábhair, atá ríthábhachtach don aistriú dúbailte, a fhorbairt, lena n-áirítear tearc-chré ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tionscnaimh den chineál sin a chur laistigh de chreat níos leithne lenar cheart príomhspleáchas an tslabhra soláthair a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu mar gharsprioc ríthábhachtach de straitéis thionsclaíoch AE atá comhtháite agus inbhuanaithe, ar príomhchuid é den Chomhaontú Glas don Eoraip;

5. á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil an iomarca bacainní riaracháin agus maorlathacha i gceist leis an reachtaíocht AE atá ann faoi láthair agus atá beartaithe do ghnólachtaí an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur gá ualaí riaracháin neamhriachtanacha agus an rómhaorlathas a laghdú do ghnólachtaí AE, agus do FBManna go háirithe; á chur in iúl gur geal léi an prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’; ag iarraidh ar an gCoimisiún clár oibre AE, atá ann cheana, maidir le rialáil níos fearr a chur chun feidhme go hiomlán agus treochláir a bhfuil spriocanna cainníochtúla agus cáilíochtúla acu chun ualaí riaracháin ar ghnólachtaí AE, go háirithe FBManna, a laghdú 30 % ar a laghad; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le faireachán a dhéanamh ar dhreasachtaí rialála agus airgeadais atá réamhbhreathnaitheach agus leis na dreasachtaí sin a sholáthar chun an t-aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe a éascú; á mheabhrú don Choimisiún an prionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’ a chur i bhfeidhm agus an tástáil FBM a chur san áireamh ina mheasúnuithe tionchair agus ina obair reachtach, go háirithe maidir leis an earnáil aistrithe fuinnimh agus earnálacha eacnamaíocha atá dírithe ar onnmhairiú;

6. á thabhairt chun suntais go bhfuil sé tábhachtach samhail an ‘héilics cheathrúil’ de chomhair idir ollscoileanna, ionaid taighde, gnólachtaí agus an earnáil phoiblí a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú le chéile chun straitéis tionsclaíochta an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme d‘fhonn ailíniú méadaithe le beartas trádála an Aontais a áirithiú trí shineirgí a éagsúlú agus a shaothrú agus d’fhonn earnálacha éagsúla a dhéanamh níos iomaíche ar an leibhéal idirnáisiúnta; ag iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha cur chun feidhme atá le cur faoi bhráid na Parlaiminte a tharraingt suas;

7. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún treoir a eisiúint maidir le soláthar poiblí; ag cur béim ar an bhfíoras gur ionstraim fhíor-riachtanach é an soláthar poiblí don tslándáil náisiúnta agus eacnamaíoch; á chur i bhfáth, maidir leis sin, gur gá a chur in iúl do thíortha nach bhfuil san Aontas go mbeidh margaí soláthair phoiblí an Aontais fós oscailte agus iarrachtaí á ndíriú ag an am céanna ar chothrom na Féinne a chruthú agus ar ualaí maorlathacha a theorannú do ghnólachtaí agus d’údaráis chonarthacha;

8. á chur i bhfáth gur gá príomhthionscnaimh bheartais an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, Deacáid Dhigiteach na hEorpa agus spriocanna athléimneachta AE a chur chun feidhme, agus iomaíochas thionscal an Aontais á chur san áireamh, i bhfianaise a bhfuil ag titim amach le déanaí ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

9. ag athdhearbhú a tacaíochta do chlár oibre iltaobhach caibidlíochta trádála agus ag tathant ar chomhaltaí EDT teacht ar chomhaontú ag an 12ú comhdháil aireachta atá le teacht maidir le plean oibre chun leabhar rialacha EDT a nuashonrú agus chun dálaí cothroma iomaíochta a athbhunú do ghnólachtaí agus d’fhostaithe;

10. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tuilleadh caibidlíochta a dhéanamh chun comhaontuithe saorthrádála uaillmhianacha, nua-aimseartha, dírithe ar an todhchaí agus inbhuanaithe a bhaint amach a mbeidh caibidlí uaillmhianacha, in-fhorfheidhmithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe ag baint leo, agus chun na spriocanna a bhaint amach maidir le cothrom na Féinne agus cómhalartacht vis-à-vis comhpháirtithe móra trádála eile trí úsáid a bhaint as bosca uirlisí trádála an Aontais, lena n-áirítear an Ionstraim um Sholáthar Idirnáisiúnta, dícheall cuí, frith-chomhéigean agus fóirdheontais eachtracha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta agus an trádáil oscailte dhomhanda do gheilleagar an Aontais;

11. á chur i bhfios go bhfuil infheistíocht, trádáil agus rochtain inbhuanaithe isteach agus amach ar mhargaí neamh-AE ríthábhachtach chun tacú le téarnamh eacnamaíoch an Aontais tar éis phaindéim COVID-19 agus chun athléimneacht fhadtéarmach a áirithiú, agus é mar aidhm ceannasacht an Aontais a neartú trí phlean uathrialach straitéiseach uaillmhianach agus spleáchais ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú, lena n-áirithítear an úsáid is fearr is féidir a bhaint as táirgeadh inmheánach an Aontais, geilleagar ciorclach an Aontais agus geilleagar ciorclach domhanda a neartú, a shlabhraí soláthair a éagsúlú, a chuid táirgí a bhunú sa bhaile, nó i ngar nó a athbhunú i gcás inarb ábhartha, lena ráthaítear a neamhspleáchas ó aon táirgeoir aonair, go háirithe maidir le táirgí agus ábhair chriticiúla amha agus idirmheánacha, lena n-áirítear bia agus táirgí talmhaíochta, agus slabhraí soláthair inbhuanaithe a dhaingniú i gcomhréir le Comhaontú Pháras;

12. á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht dhíreach choigríche a éascú a chuideoidh le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach; á chur in iúl gur gá aghaidh a thabhairt ar éagsúlú an mhargaidh, go háirithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, agus clár oibre trádála uaillmhianach a choinneáil i gcomhar le comhpháirtithe domhanda;

13. ag áitiú go láidir gur príomhthosaíocht i gcónaí é an comhrac i gcoinne na trádála neamhdhleathaí, cosc ar iomaíocht éagórach, deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá thar a bheith díobhálach don chomhshaol agus infheistíochtaí straitéiseacha a bheadh bunoscionn leis an tslándáil náisiúnta nó leis an ord poiblí chun neamhspleáchas tionsclaíoch agus iomaíochas an Aontais a chosaint; ag tarraingt aird, anuas air sin, ar an ngá atá ann déileáil leis an mbearna rialála atá ann faoi láthair maidir le rannpháirtíocht AE i gcomhfhiontair atá bunaithe ar an gcoigríoch; ag tathant ar an gCoimisiún clár oibre trádála agus infheistíochta a shaothrú chun dul i ngleic le beartais agus cleachtais éagóracha;

14. ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun an soláthar fuinnimh is gá a áirithiú do thionscal AE trí fhoinsí agus soláthróirí fuinnimh a éagsúlú agus trí spleáchas seachtrach a laghdú – go háirithe trí naisc a fhorbairt le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo – agus trí spleáchas an Aontais ar fhuinneamh iontaise a laghdú i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, go háirithe ar ghual, ola agus gás na Rúise;

15. á chur i bhfios go láidir gur gá, go háirithe, don Aontas deireadh a chur, de réir a chéile, lena spleáchas ar allmhairiú ola, guail agus gáis trí dhlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus a spriocanna aeráide idirmheánacha a bhaint amach, agus gur gá deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise d’fhonn a spriocanna fadtéarmacha aeráide a bhaint amach;

16. ag iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, tús a chur láithreach leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe trádála agus comhair le comhpháirtithe idirnáisiúnta ionchasacha maidir le táirgeadh agus trádáil hidrigine inbhuanaithe d’fhonn soláthar breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áirithiú in earnálacha an tionscail, an téimh agus an iompair san Aontas amach anseo;

17. á chur i bhfáth gur gá an bonneagar gáis agus an nascacht atá ag AE cheana idir na Ballstáit a uasghrádú, lena n-áirítear na críochfoirt is gá ag a mbeidh cumas leordhóthanach chun go bhféadfar amóinia agus hidrigin a allmhairiú agus a iompar ar fud AE, ionas go mbeidh an geilleagar hidrigine in ann fás; á chur i bhfios go láidir go n-áirithítear le forbairt líonraí lóistíochta agus bonneagair atá éifeachtúil agus comhtháite go mbeidh rochtain níos réidhe ar iompar, ar fhuinneamh agus ar sheirbhísí digiteacha, go méadaítear iomaíochas gnólachtaí agus go laghdaítear bacainní trádála trí thrádáil oscailte atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn leis an gcuid eile den domhan;

18. á chur i bhfios go láidir go mbeidh gá, leis an dá aistriú, rochtain ar mhianadóireacht agus ar phróiseáil amhábhar straitéiseach agus criticiúil amhail litiam, tearc-chré agus cóbalt a dhaingniú agus a uas-scálú, ar gá iad a allmhairiú agus a mbeidh iomaíocht gheopholaitiúil ag dul i méid ina leith;

19.  á mholadh freisin go ndréachtófaí gníomh tearc-chré Eorpach.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

16.5.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

0

5

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczyński, Jan Zahradil

ID

Herve Juvin, Danilo Oscar Lancini

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó, Ernő Schaller‑Baross

PPE

Anna‑Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Angelika Winzig, Juan Ignacio Zoido Álvarez

RENEW

Jordi Cañas, Svenja Hahn, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Catharina Rinzema, Marie‑Pierre Vedrenne

S&D

Paolo De Castro, Agnes Jongerius, Miapetra Kumpula‑Natri, Bernd Lange, Margarida Marques, Inma Rodríguez‑Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

NA GLASAIGH/SCE

Anna Cavazzini, Heidi Hautala, Sara Matthieu

 

0

-

 

 

 

5

0

ID

Markus Buchheit, Roman Haider

S&D

Raphaël Glucksmann

AN CHLÉ

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (20.6.2022)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas

(2022/2008(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Maria da Graça Carvalho

 


MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

Straitéis nua tionsclaíochta i ré hiar-Covid

1. á mheabhrú go ndearnadh an Straitéis Thionsclaíoch nua a nuashonrú chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a léiriú agus chun borradh a chur faoi théarnamh an mhargaidh aonair, agus go mbeidh an straitéis sin ríthábhachtach chun feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais, chun na haistrithe glasa agus digiteacha a chur i gcrích agus chun a áirithiú gur fearr an cumas a bheidh sa mhargadh aonar chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sa todhchaí; á mheabhrú go bhfuil córas rialachais láidir agus córas faireachais margaidh digitithe láidir bunriachtanach chun an margadh aonair a athsheoladh agus a fheidhmiú cuí agus a dhoimhniú a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún díriú ar a áirithiú go gcuideoidh an straitéis tionsclaíochta le bacainní gan údar ar an margadh aonair a bhaint agus go gcuideoidh sí le tuilleadh ilroinnte agus cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta a sheachaint, agus ag an am céanna an gá atá le cosaint tomhaltóirí a neartú á chur san áireamh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le hiomarca maorlathas agus le costais iomarcacha do FBManna agus micrifhiontair a oibríonn sa mhargadh aonair;

2. ag cur béim ar an ngá atá ann príomhbheartais an Aontais a bhreithniú ar bhealach iomlánaíoch laistigh den straitéis tionsclaíochta, ar cheart go mbeadh sé d’aidhm leis na hionstraimí éagsúla a ailíniú agus a chomhtháthú go hiomlán le tionscnaimh atá ann cheana; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór don straitéis tionsclaíochta a bheith comhleanúnach agus iomaíochas na tionsclaíochta a chosaint agus a chothú i ngach réimse den bheartas Eorpach, agus go n-áiritheofaí cosaint tomhaltóirí agus dul chun cinn i dtreo cuspóirí comhshaoil freisin; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé ceannaireacht na hEorpa in earnálacha straitéiseacha a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh, go háirithe do na hearnálacha sin a léiríodh go raibh siad riachtanach le linn phaindéim COVID 19; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do bheartas tionsclaíoch na hEorpa a bheith chun tairbhe na mBallstát uile; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé idirphlé oscailte a choinneáil leis na hearnálacha tionsclaíochta agus na geallsealbhóirí ábhartha uile;

3. ag méabhrú na srianta neamhchomhordaithe a chur isteach go mór ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh le linn na paindéime agus a chuir isteach go mór ar shlabhraí soláthair in go leor eiceachórais thionsclaíocha, go háirithe sna hearnálacha bia agus cógaisíochta; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá míchothromaíochtaí i slabhra soláthair bia na hEorpa a chosc agus slándáil bia a áirithiú, agus athléimneacht maidir le táirgeadh cógaisíochta agus leighis a ráthú; á mhéabhrú chomh maith go raibh deacrachtaí ag oibrithe trasteorann nó séasúracha mar thoradh ar rialuithe teorann agus ar iaimh agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá gluaiseacht shaor ó bhacainní; ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an gcur isteach a bhaineann leis an bpaindéim ar shlabhraí luacha trasteorann mar nach mór foráil a dhéanamh sa straitéis tionsclaíochta do chomhlánú slabhraí luacha i dtionscail áirithe chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte AE a chur chun cinn;

4. á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Coimisiún straitéis an Aontais Eorpaigh um theicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha; á mheabhrú go bhfuil tionscal na dteicstílí ag dul i ngleic le téarnamh mall ón turnamh le linn na paindéime, atá thíos freisin le hathlonnú ollmhór láithreán táirgthe i dtríú tíortha; á chur i bhfios go láidir gur gá díriú ar FBManna mar na príomhghníomhaithe san earnáil;

Straitéis tionsclaíochta agus staid na hÚcráine

5. á chur i bhfios go láidir go gcuireann cogadh neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine leis an bpráinn chun bonn eacnamaíoch níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos láidre a fhorbairt san AE agus an margadh aonair a chomhlánú i bpríomhearnálacha tionsclaíochta agus straitéiseacha; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé soláthairtí a éagsúlú agus róspleáchas a chosc i réimsí amhail fuinneamh, amhábhair agus táirgí criticiúla toisc go bhféadfadh leochaileachtaí a bheith mar thoradh air sin agus cumas an Aontais gníomhú a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe Eorpach i réimsí an táirgthe fuinnimh agus an bhonneagair iompair (TEN-T) agus éifeachtúlacht acmhainní á bhfeabhsú ag an am céanna agus an geilleagar ciorclach á chur chun cinn, chun an straitéis thionsclaíoch a neartú;

6. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus dreasachtaí á gcruthú aige chun tacú le hearnálacha tionsclaíochta straitéiseacha agus a slabhraí soláthair, amhail bia, táirgí cógaisíochta agus eile, a bhfuil aghaidh á thabhairt acu ar mhéadú mór sna costais fuinnimh, iompair agus amábhar mar gheall ar an gcogadh san Úcráin; ag iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, straitéis a chur chun feidhme maidir le hamábhair agus acmhainní criticiúla atá ag teastáil do na heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin; digitiú agus an t-aistriú glas; ag tacú, chomh maith leis sin, le spriocbhearta díolúine do chustaiméirí agus do chuideachtaí leochaileacha sa chomhthéacs tionsclaíoch, go háirithe FBManna agus micrifhiontair leochaileacha, chun na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta is measa atá ag praghsanna arda fuinnimh a mhaolú;

Neamhspleáchas straitéiseach oscailte a fheabhsú

7. á athdhearbhú gur gá neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar shuaití agus ar leochaileachtaí slabhraí soláthair agus a n-athléimneacht a áirithiú agus trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna, i gcáilíochtaí gairmiúla, sa chibearshlándáil, i mbonneagar digiteacha, sa gheilleagar sonraí agus i bpríomhtheicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga, 5G agus 6G, micreaphróiseálaithe agus leathsheoltóirí, ceallraí, táirgeadh 3D ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí candamacha; á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé teicneolaíochtaí tionsclaíocha ceannródaíocha nuálacha a mhéadú ar fud an Aontais, go háirithe i gcás tionscail chriticiúla dianfhuinnimh, agus d’fhonn lúba carbóin a dhúnadh ar fud shlabhraí luacha na dtionscal dianfhuinnimh trí acmhainní a athúsáid agus a athchúrsáil; á thabhairt da haire gur gá an úsáid is mó is féidir a bhaint as an intleacht shaorga ar bhealach freagrach; á chur i bhfios go láidir nach mór do na ceantair thuaithe, iargúlta agus na ceantair is forimeallaí tairbhe a bhaint as na hinfheistíochtaí sin freisin;

8. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé infhaighteacht sonraí a fheabhsú, agus urraim á tabhairt do rialacha cosanta sonraí, agus á mholadh go mbeadh margadh aonar do shonraí chun tacú le forbairt tionscail an Aontais, chun nuálaíocht a chothú agus chun an margadh aonair digiteach ina iomláine a neartú; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis na tionscnaimh uile a bhaineann le sonraí, feabhas a chur ar chomhroinnt agus ar mhalartú sonraí, tacú le forbairt spásanna coiteanna Eorpacha sonraí agus cruthú bonneagair chomhroinnte Eorpaigh a chothú; á chreidiúint gur cheart do AE comhoibriú go héifeachtach le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun caighdeáin dhigiteacha chomhoiriúnacha a bhaint amach;

An t-aistriú glas agus digiteach

9. á mhéabhrú nach mór dlús a chur leis na haistrithe glasa agus digiteacha ar fud AE chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearna ollmhór infheistíochta sna tionscail teicneolaíochta lena gcumasaítear claochlú digiteach agus glas ár sochaí agus á athdhearbhú gur gá infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a neartú; ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus ar na Ballstáit, tacaíocht iomlán a thabhairt don chur chuige cothrománach sin, chun a áirithiú go mbeidh an Eoraip ina ceannaire domhanda i gcónaí maidir le teicneolaíochtaí cumasúcháin ríthábhachtacha;

10. á mheabhrú nach féidir an Comhaontú Glas a bhaint amach ach amháin le méadú ar tháirgeadh agus ar úsáid fuinnimh inathnuaite agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don tábhacht a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, as a dtiocfaidh laghduithe ar thomhaltas príomhúil fuinnimh, agus lena n-áiritheofar rochtain leordhóthanach ar fhuinneamh glan inacmhainne, slán agus éagsúlaithe chun aistriú glas thionscal na hEorpa agus a iomaíochas domhanda a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi freisin seoladh Thionscnamh Bauhaus Nua Eorpach i gcomhthéacs na straitéise tionsclaíche d’fhonn inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus a fhorbairt, go háirithe maidir leis na hearnálacha ailtireachta, tógála agus tithíochta, agus díriú ag an am céanna ar phleanáil agus ar fhorbairt inbhuanaithe cathrach agus a áirithiú go n-áireofar saoránaigh uile na hEorpa;

11. á chur i bhfios go láidir gur cheart don straitéis tionsclaíochta aghaidh a thabhairt ar na príomhbhacainní ar fhorbairt níos tapúla ar fhoinsí in-athnuaite agus tomhaltas inbhuanaithe a mhéadú, inter alia trí bhealaí a aimsiú chun FBManna agus táirgeoirí fuinnimh a nascadh ar bhealach níos fearr leis an gcóras; á chur i bhfios go láidir go bhfuil faisnéis chomhshaoil iontaofa infhíoraithe, chomh maith le faisnéis maidir le marthanacht agus indeisitheacht táirgí, ríthábhachtach chun patrúin tomhaltais a chlaochlú i dtreo na hinbhuanaitheachta;

An margadh inmheánach a neartú

12. á iarraidh go ndéanfaí an straitéis don mhargadh aonair a sheoladh an athuair chun níos mó tairbhe a bhaint as na mórdheiseanna atá ann don mhargadh aonair trí chur chuige rialála a dhíbhloghadh, trí reachtaíocht chomhréireach a ghlacadh, trí údaráis riaracháin phoiblí a nuachóiriú agus ualaí maorlathacha a mhaolú do ghnólachtaí, trí bhacainní atá ann cheana ar infheistíocht a shárú chun costais chomhlíonta rialála a laghdú, trí iomaíocht a spreagadh, trí thaobhú le nuálaíocht faoi stiúir an mhargaidh agus AE a chur chun cinn mar cheannaire domhanda i gcosaint tomhaltóirí; á chur i bhfáth go bhfuil iomaíochas tionsclaíoch an Aontais ag brath ar mhargadh aonair lánfheidhmithe agus athléimneach a théann chun tairbhe do na Ballstáit uile agus dá saoránaigh, go háirithe trí dhíriú ar chearta tomhaltóirí, chomh maith leis na riachtanais atá ag gnólachtaí, lena n-áirítear FBManna, micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta;

13. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar a fheabhsú eatarthu féin agus le hoibreoirí eacnamaíocha agus teicneolaíochta nua a úsáid chun bacainní rialála agus neamh-rialála gan údar agus ualaí riaracháin sa mhargadh aonair a bhaint, lena n-áirítear i seirbhísí; á chur i bhfáth na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leis an margadh aonair a chomhlánú, agus aird á tabhairt go háirithe ar mheastacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún go bhféadfadh tuilleadh feabhsuithe sa mhargadh aonair do tháirgí tionsclaíocha idir EUR 183 billiún agus EUR 269 billiún sa bhliain a ghiniúint, agus d’fhéadfadh brabúis de EUR 297 billiún sa bhliain a bhaint amach as comhtháthú breise ar mhargaí seirbhísí, lena mhéadófaí, leis sin amháin, na tairbhí eacnamaíocha ó 8-9 % go dtí thart ar 12 % de OTI breise[13];

14. ag iarraidh ar an gCoimisiún Ionstraim Éigeandála uaillmhianach le haghaidh an Mhargadh Aonair a chur chun cinn lena neartófar athléimneacht agus lena n-áiritheofar margadh aonair dea-fheidhmiúil le linn tréimhsí géarchéime agus bearta láidre ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna á bhforbairt ag an am céanna gan an bonn a bhaint d’iarrachtaí chun deireadh a chur le bacainní gan údar sa mhargadh aonair; ag iarraidh ar an gCoimisiún, chomh maith leis sin, feabhas a chur ar éifeachtacht uirlisí rialachais atá ann cheana;

15. á mheabhrú, sa bhreis ar na héiceachórais ingearacha, go bhfuil gá le cineálacha cur chuige cothrománacha, amhail maidir le teicneolaíochtaí cumasúcháin, agus nach mór an t-éiceachóras digiteach a chomhtháthú leis na héiceachórais thionsclaíocha eile ar fad go cothrománach; á mhéabhrú gurb é éiceachóras na turasóireachta is measa a bhí buailte le linn na paindéime, agus go bhfuil téarnamh mall roimh roinnt éiceachóras eile chomh maith, amhail an tionscal teicstíle agus an tionscal cultúir agus cruthaitheachta, idir an dá linn tháinig méadú ar láimhdeachas an éiceachórais dhigitigh le linn na géarchéime; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Fóram Tionsclaíoch a bunaíodh leis an straitéis tionsclaíochta agus ag tabhairt dá haire as na cúig thascfhórsa a cruthaíodh, go bhfuil ceann amháin a bhaineann go díreach leis an margadh aonair agus go ndéanann sé anailís ar ghnéithe cothrománacha an mhargaidh aonair agus ar bhacainní gan údar a bhaint, agus go bhfuil fócas sonrach ag ceann eile ar ardmhonaraíocht mar chumasóir cothrománach do raon leathan éiceachóras;

16 á chur i bhfios go láidir gur gá tionscal na cluichíochta a áireamh sa straitéis thionsclaíoch mar cheann de na tionscail lena mbaineann an acmhainneacht forbartha is airde, á mheabhrú nach gníomhaithe Eorpacha iad formhór na dtáirgeoirí agus na bhforbróirí cluiche; á iarraidh go mbeadh conairí follasacha ann ar ar an leibhéal Eorpach chun an tionscal a chumasú dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith ina cheannaire san earnáil;

Caighdeánú a chur chun cinn

17. ag aithint na straitéise Eorpaí um chaighdeánú agus á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh caighdeáin chomhchuibhithe mar aon le nuálaíocht leas eacnamaíoch, sochaíoch, comshaoil a mhéadú, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus oibrithe; á mheas go bhfuil caighdeáin a fheidhmíonn go maith riachtanach, dá bhrí sin do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil, do shábháilteact táirgí, d’iomaíochas domhanda agus na haistrithe glasa agus digiteacha agus do chosaint tomhaltóirí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá trédhearcacht agus cuimsitheacht agus iomarca maorlathas sa chaighdeánú a sheachaint; á mheas gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an straitéis um chaighdeánú cabhrú le hathúsáid ábhair agus le hathchúrsáil a fheabhsú agus glacadh acmhainní tánaisteacha a chothú;

18. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go leanann an straitéis um chaighdeánú leis na saineolaithe is fearr a mhealladh agus ag moladh cur chuige níos comhordaithe i dtéarmaí caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos, agus go bpléifear agus go gcomhaontófar cuspóirí straitéiseacha le rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile lena mbaineann;

19. á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún tograí uaillmhianacha maidir leis an athchóiriú custaim atá le teacht, lena n-áirítear maidir le Cód Custaim an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanann rialú custaim ar fud an Aontais na caighdeáin chéanna a leanúint; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú lena n-áiritheofar trádáil oscailte, chothrom agus inbhuanaithe agus lena gcosnófar tomhaltóirí i gcoinne táirgí contúirteacha agus neamhchomhlíontacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún an Tuarascáil ón nGrúpa Saoithe maidir le hAthchóiriú Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh ina athchóiriú[14];

Soláthar poiblí agus iomaíochas FBManna

20. á chur i bhfios go láidir gur gá iomaíochas FBManna, micrifhiontair agus tionscail a neartú trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí soláthair, ar spleáchais, ar shuaitheadh agus ar leochaileachtaí, go háirithe sna geilleagair ghlasa agus dhigiteacha; á chur i bhfáth gur féidir ról tábhachtach a bheith ag creat soláthair phoiblí atá éifeachtach, oscailte, cothrom agus comhoibritheach in éineacht le hinfheistíocht phoiblí chun tacú le poist, fás inbhuanaithe, iomaíochas, infheistíochtaí nuálacha agus tomhaltas inbhuanaithe agus glacadh táirgí inbhuanaithe a chothú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de bheith ag obair ar reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais a chur chun feidhme go cuí lena léirítear tosca eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, chun margadh aonair dea-fheidhmiúil comhchuibhithe a chruthú; á mheabhrú a thábhachtaí atá treoir an Choimisiúin maidir le soláthar poiblí glas, rud a chabhróidh le hiarrachtaí an Aontais chun a bheith ina gheilleagair atá tíosach ar acmhainní agus a chabhróidh le héileamh a spreagadh le haghaidh earraí agus seirbhísí atá níos inbhuanaithe agus ag an am céanna éicea-nuálaíocht a chothú;

21. á mheabhrú a thábhachtaí atá na treoirlínte arna bhforbairt ag an gCoimisiún a thugann tásca praiticiúla faoin mbealach gur cheart do na Ballstáit spriocanna feidhmíochta agus critéir cháilíochta, amhail an Tairisicint is Buntáistí go hEacnamaíoch (MEAT) a chur isteach sna conarthaí arna ndámhachtain trí sholáthar poiblí agus an bealach chun iolracht monaróirí a tharraingt isteach ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit seasamh FBManna maidir le rannpháirtíocht i soláthar poiblí a bhreithniú go mion; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá FBManna don iomaíochas agus don nuálaíocht sa mhargadh inmheánach agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don seasamh atá acu mar tháirgeoirí agus freisin mar sholáthraithe seirbhísí tionsclaíocha do mhonaróirí eile; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le FBManna, micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú agus ag an am céanna cuidiú le ceannach amach agus táthcheangail cuideachtaí Eorpacha a laghdú, i gcás ina gcuireann ceannach amach nó táthcheangail den sórt sin nuálaíocht na hEorpa i mbaol, agus treoir shoiléir a chur ar fáil maidir le conas rialacha earnála AE a chomhlíonadh, i gcás inarb ábhartha;

22. á mheabhrú a thábhachtaí atá cleachtais soláthair phoiblí éifeachtacha agus inbhuanaithe, go hairithe i gcomhthéacs éicheachóras na sláinte; ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit i bhforbairt rialacha spriocdhírithe, maidir le comhsholáthar earraí riachtanacha amhail leigheasanna, a mbeidh sé mar aidhm leo inbhuanaitheacht fhadtéarmach, slándáil an tsoláthair, iomaíocht chóir agus infheistíocht i gcumas monaraíochta a áirithiú;

23. á mheabhrú a thábhachtaí atá rialacha iomaíochta oiriúnaithe do dhinimic nua mhargadh AE agus do chomhthéacs domhanda atá ag athrú chun iomaíocht éifeachtach agus chóir sa mhargadh aonair a áirithiú agus chun rogha do thomhaltóirí a fheabhsú;

Taighde, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha

24. ag meabhrú na ngealltanas chun infheistíochtaí T&F a mhéadú go 3 % den OTI agus chun an Limistéar Eorpach Taighde a neartú chun margadh aonair a fhorbairt le haghaidh taighde agus nuálaíochta; á chur in iúl gur geal léi bunú comhghuaillíochtaí tionsclaíocha in earnálacha éagsúla agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil na comhghuaillíochtaí sin mar aon le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha tábhachtach chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt; á chur i bhfáth go bhfuil fíorghá le hinfheistíocht mhéadaithe i dTaighde agus Forbairt (T&F) má tá AE le bheith iomaíoch i gcónaí; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh infheistíocht T&F dírithe ar na hearnálacha tionsclaíochta go léir, agus ní amháin ar an earnáil monaraíochta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht níos mó FBManna agus micrifhiontair sa mhargadh T&F a éascú; ag iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht, cuimsitheacht, comhsheasmhacht agus sineirgíocht a áirithiú i ngach tionscnamh, cistiú agus ionstraim rialála a thacaíonn leis an tionsclaíocht, FBManna agus micrifhiontair, go háirithe maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún Limistéar Eorpach Nuálaíochta a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm aige táirgí tráchtála a dhéanamh de thorthaí eolaíocha, tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna agus gnólachtaí a choinneáil laistigh de mhargadh aonair an Aontais;

25. á thabhairt chun suntais gur gá na tionscnaimh a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an Limistéar Eorpach Taighde, an Limistéar Eorpach Oideachais agus na hÉiceachórais Nuálaíochta Eorpacha a threisiú, agus é mar aidhm acu margadh inmheánach láidir Eorpach a thógáil don taighde agus don nuálaíocht;

26. ag iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire, éifeachtacha, simplí agus cuimsitheacha a bhunú maidir leis na hionstraimí atá ann cheana ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí beartais i roinnt earnálacha tionsclaíochta, go háirithe na Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, na comhghuaillíochtaí éagsúla (sonraí tionsclaíocha, lainseálaithe spáis, eitlíocht saor ó astaíochtaí, ceallraí, agus eile), an Cuibhreannas don Bonneagar Digiteach Eorpach, agus eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na sineirgí cearta a áirithiú idir na hionstraimí, na cláir agus na cistí éagsúla, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go dtí na cistí struchtúracha, agus á chur i bhfios go láidir gur gá iad a chomhtháthú níos fearr leis na comhghnóthais agus le tionscnaimh eile a eascraíonn as Fís Eorpach, amhail an Institiúid Eorpach um Theicneolaíocht agus Nuálaíocht agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach;

Scileanna a neartú

27. ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a fhorbairt chun tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseáil scileanna in earnálacha áirithe agus dálaí oibre córa a chur chun cinn freisin; á iarraidh go ndéanfaí imirce tallann, saineolaithe teicneolaíochta agus fios gnó a athchothromú laistigh den mhargadh aonair agus go bhfeabhsófaí cistiú don taighde, don nuálaíocht agus don fhorbairt theicneolaíoch; á chur i bhfáth, chomh maith leis sin, gur gá do na Ballstáit gníomhú go héifeachtach trína gcreataí náisiúnta chun an Comhaontú um Scileanna agus tionscnaimh eile an Aontais a chur chun feidhme go cuí arb é is aidhm dóibh deiseanna athoiliúna agus uasoiliúna a chruthú don lucht saothair; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé oideachas agus oiliúint a neartú, go háirithe chun na scileanna is gá a fhorbairt chun tacú le haistrithe glasa agus digiteacha an mhargaidh aonair;

28. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hidirphlé buan i measc na n-údarás ábhartha agus na n-oibreoirí eacnamaíocha chun a áirithiú go mbeidh an lucht saothair ullmhaithe níos fearr do na riachtanais thionsclaíocha nua; á mheabhrú go n-éilítear le haistrithe glasa agus digiteacha na n-earnálacha tionsclaíocha aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla gairmithe ardoilte agus oilte

29. á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn fadhb na heaspa ban atá fostaithe san earnáil thionsclaíoch leis an mbearna phá agus phinsin idir na hinscní; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht i gcomhthéacs na straitéise tionsclaíche chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna inscne i dtionscail na hEorpa agus ar an easpa deiseanna do mhná, go háirithe i réimsí ETIM; á mheabhrú, thairis sin, go bhféadfadh cruthú post i dtionscail nua a bheith mar thoradh ar dhigitiú na dtionscal traidisiúnta, ach go bhféadfadh sé freisin cur isteach ar phoist reatha agus go bhféadfadh dálaí oibre forbhásacha a bheith mar thoradh air i gcásanna áirithe; á mheabhrú go n-éilítear leis na dúshláin sin gníomhaíocht agus infheistíocht airgeadais iomchuí i gcomhthéacs na straitéise tionsclaíche.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

16.6.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

36

0

6

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Andrea Caroppo, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Krzysztof Hetman, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Andrey Kovatchev, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Beata Mazurek, Leszek Miller, René Repasi, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Campomenosi, Maria da Graça Carvalho, Geoffroy Didier, Malte Gallée, Karen Melchior, Tsvetelina Penkova, Antonio Maria Rinaldi, Marc Tarabella, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nicola Beer, Rosanna Conte, Vlad Gheorghe, Ondřej Kovařík

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

36

+

ECR

Adam Bielan, Beata Mazurek, Kosma Złotowski

PPE

Pablo Arias Echeverría, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Deirdre Clune, Geoffroy Didier, Krzysztof Hetman, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Marion Walsmann

RENEW

Nicola Beer, Dita Charanzová, Vlad Gheorghe, Sandro Gozi, Ondřej Kovařík, Karen Melchior, Róża Thun und Hohenstein

S&D

Brando Benifei, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Tsvetelina Penkova, René Repasi, Christel Schaldemose, Marc Tarabella

NA GLASAIGH/SCE

Anna Cavazzini, Malte Gallée, Alexandra Geese, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak

 

0

-

 

 

 

6

0

ECR

Eugen Jurzyca

ID

Alessandra Basso, Marco Campomenosi, Rosanna Conte, Virginie Joron, Antonio Maria Rinaldi

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (21.6.2022)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe don Eoraip ag ailíniú caiteachas le beartas

(2022/2008(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Carlo Fidanza

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an10 Márta 2020 dar teideal teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip] (COM(2020)0102), agus rún comhfhreagrach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2020[15],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘An SME Strategy for a sustainable and digital Europe’ [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] (COM(2020)0103),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’[Straitéis nua tionsclaíochta 2020 a nuashonrú: margadh aonair níos láidre a thógáil ar mhaithe le téarnamh na hEorpa] (COM(2021)0350),

 ag féachaint don rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le straitéis AE do thurasóireacht inbhuanaithe a bhunú[16],

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Annual Single Market Report 2021’ [Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir leis an Margadh Aonair] (SWD(2021)0351),

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Strategic dependencies and capacities’ [Spleáchais agus cumais straitéiseacha] (SWD(2021)0352),

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 21 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Scenarios towards co-creation of transition pathway for tourism for a more resilient, innovative and sustainable ecosystem’ [Cásanna i dtreo comhchruthú conaire aistrithe don turasóireacht ar mhaithe le héiceachóras níos athléimní, níos nuálaí agus níos inbhuanaithe] (SWD(2021)0164),

 ag féachaint do tuarascáil bheartais ón gCoimisiún dar teideal ‘Transition Pathway for Tourism’ [Conair Aistrithe don Turasóireacht] a foilsíodh an 4 Feabhra 2022,

A. de bhrí gurb é tionscal na turasóireachta agus an iompair an tionscal is mó a bhí buailte ag na srianta a tugadh isteach mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, rud a d’fhág in 2021 gur tháinig laghdú 72 % ar líon na dturasóirí idirnáisiúnta ag teacht isteach i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim[17];

B. de bhrí gurbh ionann earnáil na turasóireachta agus 11.6 % de na poist ar fad in 2019; de bhrí gur thuairiscigh an Chomhairle Dhomhanda um Thaisteal agus Turasóireacht gur cailleadh 3.6 milliún post a bhain leis an turasóireacht san Eoraip in 2020[18]; de bhrí go raibh tionchar gan fasach ag paindéim COVID-19 ar earnáil na turasóireachta, toisc gur laghdaigh sé go mór an sreabhadh turasóireachta agus, dá bhrí sin, ioncam na ngnólachtaí a bhaineann le turasóireacht; de bhrí gur tháinig laghdú faoina leath ar rannchuidiú foriomlán na turasóireachta le OTI iomlán san Eoraip ó 9.9 % in 2019 go 4.9 % in 2020; de bhrí gur ar earnáil an iompair agus an bonneagar iompair a mhaireann geilleagar na hEorpa; de bhrí gur réamhriachtanais bhunúsacha iad gréasáin bhonneagair láidre agus gnólachtaí iompair inmharthana do gach gné d’iomaíochas na sochaí;

C. de bhrí go bhfuil tionchar díreach ag dálaí eacnamaíocha in earnáil an iompair ar ghnólachtaí tionsclaíocha, ós rud é go ndéanann na costais a bhaineann le hiompar amhábhar, earraí ionchuir agus táirgí críochnaithe difear do phraghsanna táirgí, a bheidh le híoc ag tomhaltóirí ar deireadh; de bhrí, i bhfianaise an ardú géar atá tagtha ar phraghsanna breosla agus fuinnimh le déanaí, a chuireann leis an mboilsciú agus a bhaineann an bonn ó chumhacht ceannaigh teaghlaigh, go bhfuil gá le straitéis choiteann ar leibhéal AE, atá comhchuibhithe le bearta láidre ar leibhéal na mBallstát, chun an t-ardú ar phraghsanna agus an tionchar diúltach eacnamaíoch ar iomaíochas ghnólachtaí Eorpacha agus ar chumhacht ceannaigh theaghlaigh na hEorpa a laghdú;

D. de bhrí go bhfuil formhór na ngnólachtaí in earnáil an iompair comhdhéanta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus de bhrí go bhfuil siad thar a bheith íogair i leith luaineachtaí timthriallacha, athruithe ar phraghsanna agus ualaí rialála méadaithe; de bhrí nach foláir do straitéis thionsclaíoch na hEorpa aird chuí a thabhairt ar dhálaí do ghnólachtaí beaga agus a bheith deartha i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’;

E. de bhrí go dtugtar chun suntais i dtuarascáil bheartais an Choimisiúin dar teideal ‘Transition Pathway for Tourism’ [Conair Aistrithe don Turasóireacht] an gá atá le dlús breise a chur le haistriú glas agus digiteach éiceachóras na turasóireachta sna Ballstáit, agus de bhrí gur FBManna agus micrifhiontair iad breis agus 99 % de ghnólachtaí in earnáil na turasóireachta san Aontas; de bhrí go bhfuil gá le bearta chun athfhostú a dhéanamh ar oibrithe a d’fhág an earnáil, le scéimeanna dífhostaíochta d’oibrithe agus le dálaí cothroma saothair san earnáil;

F. de bhrí go bhfuil athrú tagtha ar phatrúin taistil i ngeall ar an éigeandáil sláinte, leis an treocht i measc lucht taistil cinn scríbe neamhphlódaithe agus áitiúla a roghnú; de bhrí go bhfuil dúshláin nua ann mar gheall ar an staid gheopholaitiúil;

G. de bhrí go leagtar béim i dtuarascáil bheartais an Choimisiúin dar teideal ‘Transition Pathway for Tourism’ [Conair Aistrithe don Turasóireacht] gur cheart do straitéisí turasóireachta na mBallstát a bheith bunaithe ar phrionsabail forbartha inbhuanaithe lena n-áirithítear inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta;

H. de bhrí gur tionscal tábhachtach agus ilghnéitheach í an turasóireacht a bhfuil éifeachtaí suntasacha iolraitheora aige ar thionscail eile, rud a fhágann gur tosaíocht í i gClár Oibre AE, agus de bhrí gur gá turasóireacht a áireamh tuilleadh i gcláir airgeadais agus i mbeartais AE;

I. de bhrí go bhfuil ar chinn scríbe i réigiúin fhorimeallacha, i gceantair thuaithe agus ar oileáin, lena n-áirítear na réigiún is forimeallaí san Aontas, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha a bhaineann leis na roghanna iompair atá ar fáil agus go bhfuil siad, dá bhrí sin, níos leochailí i leith aon drochthionchair shocheacnamaíocha a bhaineann leis an aistriú glas;

J. de bhrí gur cheart go n-áiritheodh an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus inrochtaineacht ar fud AE agus a réigiún, lena n-áirítear réigiúin tuaithe, iargúlta agus shléibhtiúla, réigiúin ina bhfuil dlús daonra an-íseal, réigiúin fhorimeallacha, oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí, lena spreagfaí fás eacnamaíoch agus cruthú post agus lena laghdófaí neamhionannais, a chothódh an digitiú agus an nuálaíocht agus a chuirfeadh feabhas ar an inoiriúnaitheacht agus ar an athléimneacht ag a mbeadh tionchar díreach ar thionscal na turasóireachta;

K. de bhrí gur gá forbairt chothrom a dhéanamh ar chonairí iompair lena n-áirithítear nascacht thuaidh-theas agus thoir-thiar ar fud na hEorpa ar fad chun borradh a chur faoi théarnamh agus athléimneacht na turasóireachta; de bhrí go gcuireann earnáil na soghluaisteachta agus an iompair acmhainneacht ollmhór ar fáil d’infheistíocht tháirgiúil sna Ballstáit, go háirithe trí ath-thionsclú na hearnála, trí mhonarú agus deisiú trealaimh a chomhcheangal le hiompar poiblí, iompar d’iarnród, soghluaisteacht inbhuanaithe agus cliste agus trí phleanáil spásúil a chur chun cinn atá bunaithe ar nascacht, comhtháthú agus forbairt;

L. de bhrí nach gcuirtear san áireamh, le glacadh phacáiste an Choimisiúin ‘Oiriúnach do 55’, a bhfuil sé mar aidhm aige aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050, an tionchar atá ag roinnt píosaí sonracha reachtaíochta ar an éiceachóras turasóireachta agus ar a iomaíochas;

M. de bhrí nach n-áirítear sa tuarascáil bheartais ón gCoimisiún dar teideal ‘Transition Pathway for Tourism’ [Conair Aistrithe don Turasóireacht] treoirlínte maidir le rialachas soiléir nó plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin turasóireachta agus réitigh choiteanna a mholadh;

1. á chur in iúl gur geal léi an Transition Pathway for Tourism [Conair Aistrithe don Turasóireacht] agus ag iarraidh ar an gCoimisiún é a bhaint amach agus obair leantach a dhéanamh air trí shraith gníomhaíochtaí nithiúla a chur i láthair do réimsí éagsúla, amhail taighde agus forbairt, bonneagar agus forbairt theicneolaíoch agus scileanna, chun forbairt na turasóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn i ngach ceann scríbe Eorpach do thurasóirí agus do dhaonraí áitiúla araon, agus comhsheasmhacht agus ailíniú á n-áirithiú idir beartais agus cuspóirí, ionstraimí cistiúcháin agus ionstraimí rialála AE chun tacú le tionscail ina n-aistrithe inbhuanaithe;

2. ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh le tuilleadh comhair sa phróiseas comhpháirteach faireacháin agus cur chun feidhme don Chonair Aistrithe don Turasóireacht leis an bParlaimint (go príomha leis an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus lena Thascfhórsa Turasóireachta) agus le hinstitiúidí eile AE, amhail Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa; ag iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, Tascfhórsa Turasóireachta na Parlaiminte a rannpháirtiú i gcruinnithe rialta an Choiste Chomhairligh um Thurasóireacht chun straitéis turasóireachta na hEorpa a neartú;

3. ag iarraidh ar an gCoimisiún ardán ar líne le haghaidh comhoibriú idir geallsealbhóirí a bhunú agus a oibriú chun an próiseas comhchruthaithe a chur chun cinn tuilleadh;

4. á chur i bhfáth gur deis stairiúil í an fhreagairt ar phaindéim COVID-19 chun an turasóireacht in AE a nuachóiriú agus chun í a dhéanamh níos inbhuanaithe, lena n-áirítear maidir le soghluaisteacht, agus níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas; ag iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a fhoilsiú maidir le ‘turasóireacht inbhuanaithe’ lena n-áirítear cuspóirí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, lena gcumhdaítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus á chur i bhfáth gur gá na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn i gcomhordú le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit; á athdhearbhú go gcreideann sí nach mór do chinn scríbe agus saoráidí turasóireachta a bheith inrochtana go fisiciúil do gach duine sa tsochaí, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, agus ag tacú leis an seasamh a léirítear sa Chonair Aistrithe don Turasóireacht gur cheart saoráidí inrochtana turasóireachta i ngach ceann scríbe, chomh maith le faisnéis shoiléir agus inrochtana faoi na saoráidí sin, a chur ar fáil do thaistealaithe agus a gcuid tréimhsí agus gníomhaíochtaí á bpleanáil agus á gcur in áirithint acu;

5. á mheas nach foláir do thurasóireacht inbhuanaithe, mar aon le forbairt eacnamaíoch agus cruthú post a chur chun cinn, rannchuidiú a dhéanamh leis an gcosaint agus leis an athbhunú ar éiceachórais nádúrtha agus ar an mbithéagsúlacht, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngá atá le feiniméan na ró-turasóireachta a theorannú, agus forbairt samhlacha malartacha agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún rochtain ar chistiú AE a éascú do gheallsealbhóirí turasóireachta, go háirithe chun cabhrú le gnóthais beaga cóiríochta a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus a gcoigilteas fuinnimh a mhéadú;

6. á mheas gur cheart don straitéis sláine an mhargaidh aonair a neartú tuilleadh maidir le hearnálacha na turasóireachta agus an iompair; á iarraidh go ndéanfar an straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip a ailíniú le huaillmhianta beartais gaolmhara amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus an digitiú a bhaint amach, cothrom na Féinne a áirithiú do thionscal agus do ghnólachtaí na hEorpa, dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus iompair, feabhas a chur ar chomhtháthú sóisialta, ilmhódúlacht a neartú agus tacú leis an éiceachóras turasóireachta, mar shampla trí dhea-chleachtais a chomhroinnt chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le conas feabhas a chur ar bheartais don dá earnáil;

7. ag iarraidh ar an gCoimisiún sásra bainistithe géarchéime a mholadh chun a áirithiú go bhfuil earnáil na turasóireachta ullmhaithe go leordhóthanach do ghéarchéimeanna a bheidh ann sa todhchaí, i gcás ina léirítear nach leor freagairtí náisiúnta;

8. ag athdhearbhú a hiarrata go gcruthófaí Gníomhaireacht Eorpach don Turasóireacht, a bheidh freagrach as, inter alia:

– forléargas fíorasach agus sonraí a thabhairt don Aontas agus dá Bhallstáit le haghaidh lucht ceaptha beartas, rud a chuirfidh ar chumas lucht ceaptha beartas straitéisí eolasacha a cheapadh bunaithe ar shonraí turasóireachta a bailíodh agus a ndearnadh anailís orthu, lena n-áirítear maidir leis an tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag na straitéisí sin ar an earnáil;

– sásra bainistithe géarchéime a oibriú chun a áirithiú go bhfuil an earnáil turasóireachta ullmhaithe go leordhóthanach do ghéarchéimeanna amach anseo i gcás inar léiríodh nach leor freagairtí náisiúnta;

– tacaíocht theicniúil agus riaracháin a chur ar fáil do mhicrifhiontair agus do FBManna chun cur lena gcumas rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar ionstraimí airgeadais an Aontais agus úsáid a bhaint astu;

– tacú leis an éiceachóras turasóireachta, mar shampla, trí dhea-chleachtais a chomhroinnt chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar bheartais turasóireachta;

– branda na hEorpa a chur chun cinn i dtríú tíortha agus díriú ar éagsúlú tháirge turasóireachta na hEorpa;

9. ag iarraidh ar an gCoimisiún beartas cuimsitheach turasóireachta Eorpach a fhorbairt d’fhonn Aontas Turasóireachta Eorpach a chruthú;

10. ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach Eorpach turasóireachta a fhorbairt (an Clár Oibre Eorpach don Turasóireacht 2030/2050) i gcompháirtíocht le húdaráis éagsúla ar gach leibhéal rialachais agus le gníomhaithe tionscail a bhfuil aidhmeanna, cuspóirí, deiseanna cistiúcháin agus pleananna cur chun feidhme soiléire acu;

11. á mheas gur oth léi nár leithdháil creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais agus NextGenerationEU cistiú sonrach ar earnáil na turasóireachta, earnáil a raibh tionchar diúltach ar leith uirthi ag paindéim COVID-19, an cogadh leanúnach san Úcráin, boilsciú ard agus praghsanna méadaithe fuinnimh agus breosla, cé gur chuir an earnáil sin 9.9 % le OTI AE in 2019; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil infheistíochtaí poiblí ón AE agus ó na Ballstáit bunriachtanach chun bonneagar agus soghluaisteacht a fhorbairt chun tacú le hearnáil na turasóireachta;

12. á chur in iúl gur geal léi an treoir maidir le cistiú ón Aontas don turasóireacht; ag iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, deiseanna cistiúcháin faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi chreat airgeadais ilbhliantúil AE 2021-2027 a chórasú agus a scaipeadh chun tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí sonracha a fhorbairt; á iarraidh go gcuirfí deiseanna airgeadais ar fáil do gheallsealbhóirí turasóireachta sna Ballstáit;

13. ag moladh do na Ballstáit rochtain ar éiceachóras na turasóireachta a éascú d’infheistíochtaí trí ionstraimí éagsúla cistiúcháin AE, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oiliúint earnálach a bhaineann le cúrsaí airgeadais a chur ar fáil do gheallsealbhóirí in éiceachóras na turasóireachta mar bhealach breise chun rochtain ar chistiú a mhéadú;

14. á chur i bhfáth go ndéanann na muirir bhreise san earnáil iompair difear do dhaoine, go háirithe dóibh siúd atá i gceantair ina bhfuil daonra íseal agus i gceantair fhíorimeallacha, agus do ghnólachtaí a bhfuil na corrlaigh airgeadais is ísle acu (go háirithe gnólachtaí beaga); á mheas gur bagairt thromchúiseach é an t-ardú as cuimse ar phraghsanna breosla agus fuinnimh d’iomaíochas an Aontais agus do staid airgeadais theaghlaigh an Aontais; á iarraidh ar institiúidí ábhartha AE agus ar na Ballstáit tacú le bearta agus le scéimeanna lena rachfar i ngleic le praghsanna níos airde, mar shampla trí aistrithe chuig modhanna inbhuanaithe iompair a chur chun cinn, amhail soghluaisteacht iarnróid agus ghníomhach, trí iompar poiblí a dhreasú agus trí scéimeanna soghluaisteachta comhroinnte agus tionscnaimh ghaolmhara a spreagadh;

15. ag meabhrú don Choimisiún an deis a chuirtear ar fáil trí threoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a chur i láthair faoi bhuiséad an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go tráthrialta agus comhoibriú léi maidir leis obair ullmhúcháin agus leis an dul chun cinn atá déanta maidir le treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a fhorbairt agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a choinneáil rannpháirteach sa phróiseas;

16. ag iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do FBManna agus do mhicrifhiontair (lena n-áirítear ceardaithe) in earnáil na turasóireachta trí thionscnaimh nuálacha inbhuanaithe a chothú, maorlathas a shimpliú, oideachas agus oiliúint a spreagadh agus cistiú a chur ar fáil chun uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair a chur chun cinn, go háirithe maidir le scileanna digiteacha nua, chun tairiscintí nua turasóireachta a spreagadh ó thaobh cinn scríbe agus taithí de agus rannchuidiú le luach táirgí réigiúnacha agus le traidisiúin áitiúla a mhéadú; á chur i bhfáth gur gá an ualach riaracháin ar FBManna a laghdú go suntasach agus creat rialála an Aontais a oiriúnú ar bhealach níos fearr chuige sin;

17. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta breise don digitiú a chur san áireamh agus tacú leo; á mheabhrú go bhfuil an t-aistriú digiteach ar cheann de phríomhthosaíochtaí cothrománacha an Aontais lena gcuirfear borradh faoi iomaíochas ghnólachtaí an Aontais chun fiontraíocht, nuálaíocht agus taighde a chothú, réitigh chruthaitheacha agus nuálacha a fhorbairt agus chun oibriú le hollscoileanna, scoileanna turasóireachta agus ionaid eolais chun eolas a aistriú agus a tháirgeadh don tionscal, lena neartófar tuilleadh athléimneacht na ngnólachtaí sin i gcoinne géarchéimeanna eacnamaíocha nó géarchéimeanna eile;

18. ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscal na turasóireachta a áireamh sa straitéis sonraí Eorpach agus tacú le spásanna sonraí a bhunú a rachaidh chun tairbhe na hearnála trí chreat poiblí a chur ar bun le haghaidh comhroinnt sonraí agus inrochtaineacht fheabhsaithe; ag iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún na rialacha maidir le bailiú sonraí i ndáil le staidreamh turasóireachta a chomhchuibhiú;

19. ag tabhairt dá haire go bhfuil rochtain mhaith ar shonraí ríthábhachtach chun teicneolaíocht na hintleachta saorga (IS) a fhorbairt a bheidh ag éirí níos suntasaí in earnáil an iompair agus in earnáil na turasóireachta, i gcomhréir le leathadh amach na gcabhlach cliste agus nasctha, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don iliomad dúshlán atá fós le sárú maidir le feidhmchláir IS atá sábháilte, slán agus trédhearcach a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go dtugann forbairtí teicneolaíochta i réimse an iompair agus na soghluaisteachta, go háirithe feidhmchláir IS agus feithiclí uathrialaitheacha, acmhainneacht mhór chun saol laethúil daoine agus gnólachtaí a shimpliú, amanna taistil a ghiorrú, brú tráchta a laghdú, tionóiscí a chosc, astaíochtaí a ísliú agus costais a laghdú;

20. ag tacú le huathoibriú níos leithne in earnáil an iompair d’fhonn í a dhéanamh níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche;

21. ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le glacadh feithiclí atá saor ó astaíochtaí, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí úsáid modhanna iompair astaíochtaí ísle agus nialasacha a spreagadh, agus úsáid réitigh iompair malartacha inbhuanaithe atá ar fáil don phobal agus do ghnólachtaí a spreagadh trí thacú leis an digitiú agus leis an uathoibriú agus trí nascacht agus rochtain a fheabhsú faoin straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste;

22. á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht phoiblí in ationsclú na mBallstát chun cabhrú lena bhforbairt agus chun tacú lena gceannasacht, go háirithe trí thógáil agus deisiú rothra agus soithí a spreagadh agus trína áirithiú go rannchudeoidh athchumrú fuinnimh na hearnála iompair le táirgeadh fuinnimh intíre agus go mbeidh cur chun cinn na soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste ina spreagthóir do ghníomhaíocht tháirgiúil;

23. á mheas gur cheart go ndíreodh cur chun cinn bhranda na hEorpa i dtríú tíortha ar thairiscint AE a éagsúlú i dtéarmaí, inter alia, oidhreacht chultúrtha, stairiúil agus nádúrtha, gastranómachas agus sláinte áitiúil, i gcomhar le cinn scríbe agus tionscnóirí turas; á áitiú gur cheart cinn scríbe shonracha a chur chun cinn go straitéiseach d’fhonn turasóireacht a fhorbairt i rith na bliana d’fhonn bealaí taistil ad hoc a chruthú chun luach na ceardaíochta agus na n-áiteanna ina n-oibríonn ceardaithe a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin ag freagairt do chaighdeánú an tsoláthair turasóireachta agus do dhídhaonrú leanúnach go leor pobal áitiúil, ós rud é gurb iad sin na nithe is mó díol spéise do thurasóirí agus go bhfuil siad riachtanach d’athbheochan iomlán thairiscint turasóireachta thíortha na hEorpa; á mheabhrú go bhfuil gá le straitéisí cuimsitheacha turasóireachta cliste do réigiúin iargúlta agus go bhfuil gá le deiseanna nua turasóireachta a spreagadh;

24. á mheas go bhféadfadh na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann agus na costais mhéadaitheacha a bhaineann leis an aistriú glas do na hearnálacha iompair, go háirithe iompar aeir agus muirí, difear a dhéanamh don éileamh ar earnálacha na turasóireachta; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar thionchair shocheacnamaíocha na ndúshlán sin, lena n-áirítear iomaíochas an aistrithe sin, agus na bearta go léir a mholtar in earnálacha na turasóireachta sna Ballstáit á gcur san áireamh;

25. á chur i bhfáth gur gá go mbeadh gréasán TEN-T atá dea-fhorbartha, cliste, sábháilte agus inbhuanaithe ag na Ballstáit uile lena n-éascaítear iompar inbhuanaithe, nascacht agus inrochtaineacht chríochach ar fud an Aontais, go háirithe i réigiúin fhorimeallacha, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí, chun turasóireacht Eorpach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a threisiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar naisc thrasteorann atá in easnamh agus ar thabhairt chun críche na nasc sin, agus ar nascacht chomh maith; ag iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as NextGenerationEU agus as acmhainní na Saoráide um Chónascadh na hEorpa chun dlús a chur leis na hinfheistíochtaí bonneagair sin agus chun acmhainneacht infheistíochta mhéadaithe a bhaint amach go tapa sa chóras iompair, rud a rachaidh chun tairbhe d’iomaíochas na tionsclaíochta agus do staid airgeadais na dteaghlach; á mheas go mbeidh ról lárnach ag forbairt TEN-T agus a nasc talún le limistéir uirbeacha, áitiúla agus chósta maidir le réitigh iompair sholúbtha inbhuanaithe a sholáthar don taisteal agus don turasóireacht, lena n-áirítear thar achair fhada i gcás nach réiteach barrmhaith nó riachtanach é an t-aeriompar;

26. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, mar a leagtar amach ina rún an 16 Nollaig 2020[19], treochlár a ghlacadh ina mbeidh spriocanna agus táscairí nithiúla ceangailteacha chun rialáil agus simpliú níos fearr an ualaigh riaracháin a áirithiú agus é mar aidhm leis sin borradh a chur faoin téarnamh eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais a neartú; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil gealltanas tugtha aige oibriú i gcomhréir leis an bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’; ag tabhairt dá haire, de réir an phrionsabail sin, nach mór gach ualach nua rialála a thugtar isteach a fhritháireamh trí dheireadh a chur le hualach costais coibhéiseach sa réimse beartais céanna; ag tathant ar an gCoimisiún freagra a thabhairt a luaithe is féidir le plean cuimsitheach chun an t-ualach rialála a chuirtear ar earnáil an iompair a fhritháireamh, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’;

27. ag iarraidh ar an gCoimisiún pleanáil turais a éascú, lena n-áirítear trí nósanna imeachta simplithe a sholáthar chun ticéid ilmhódacha a eisiúint trí sheirbhísí digiteacha agus trí chearta tionlacain, a luaithe is féidir, agus rialáil níos fearr á déanamh ar ghníomhaíocht na n-ardán áirithinte ar líne agus a n-idirghabhálaithe; ag iarraidh go ndéanfaí creat AE le haghaidh léasanna gearrthéarmacha a neartú agus a bheith comhréireach agus go gcuirfí beartais nua chun feidhme chun trédhearcacht, iomaíocht chóir in earnáil an fháilteachais agus cosaint custaiméirí ar amhantraíocht a fheabhsú;

28. ag tathant ar na Ballstáit agus ar thionscal na turasóireachta, agus a straitéisí turasóireachta á gcur chun cinn acu, aird ar leith a thabhairt ar láidreachtaí sonracha na gceann scríbe turasóireachta maidir le héiceachóras agus acmhainní nádúrtha a chosaint agus a athbhunú, oidhreacht chultúrtha agus stairiúil agus an acmhainneacht chun taithí uathúil agus bharántúil a thabhairt do chustaiméirí, agus maidir le cuimsitheacht agus inrochtaineacht, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas; ag tathant ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do FBManna agus do na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha ina bpríomhról in éiceachóras na turasóireachta, agus á iarraidh go gcuirfí cúnamh teicniúil ar fáil agus an cistiú is gá chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh tionscnaimh nuálacha níos leithne ann chun oideachas i scileanna digiteacha a spreagadh;

29. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar staid na n-oibrithe ar fud shlabhra luacha iomlán earnáil na turasóireachta, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na gnólachtaí, trí idirphlé cuiditheach maidir leis na dálaí oibre san earnáil, a bhfuil séasúracht agus úsáid na gcineálacha fostaíochta páirtaimseartha mar shaintréithe aici; á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí diúltacha ag an easpa oibrithe ar earnáil na turasóireachta i roinnt Ballstát agus ag tathant orthu aghaidh a thabhairt go mear ar na cúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha;

30. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rátaí pá agus saothair in aghaidh na huaire san earnáil turasóireachta i bhfad níos ísle ná mar atá sa gheilleagar ina iomláine, agus go bhfuil céatadán sách ard de chonarthaí ar théarma seasta agus tréimhsí fostaíochta níos giorra ann; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtuilleann mná atá ag obair in earnáil na turasóireachta tuairim is 15 % níos lú ná a gcomhghleacaithe fir; ag iarraidh ar an gCoimisiún fostaíocht chothrom, agus chuimsitheach a chur chun cinn san earnáil;

31. á chreidiúint go bhfuil an geilleagar gorm ríthábhachtach chun tionscal turasóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm cothrom agus neamh-idirdhealaitheach Threoir 2006/123/CE[20] a áirithiú nuair a bhaineann siad le lamháltais mhuirí faoi úinéireacht stáit chun críocha turasóireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach éiceachórais na limistéar tuaithe agus cósta a chosaint chun saibhreas na bithéagsúlachta agus na héiceathurasóireachta a chaomhnú agus a fheabhsú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí cuimsitheacha don turasóireacht chliste a sholáthar do na réigiúin iargúlta agus do na réigiúin is forimeallaí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le hiompar teoranta agus nascacht dhigiteach.

32. á thabhairt chun suntais an tionchar dearfach atá ag an tsoghluaisteacht chomhroinnte ar an turasóireacht, lena n-áirítear comhroinnt gluaisteán, comhroinnt scútar agus comhroinnt rothar, mar chuid de straitéis soghluaisteachta a chomhtháthaítear le seirbhísí poiblí (sceidealaithe agus neamhsceidealaithe) agus le seirbhísí príobháideacha iompair.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

15.6.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

0

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Paolo Borchia, Karolin Braunsberger-Reinhold, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Carlo Fidanza, Mario Furore, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Elena Kountoura, Peter Lundgren, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, João Pimenta Lopes, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Vera Tax, Barbara Thaler, Petar Vitanov, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Tom Berendsen, Maria Grapini, Roman Haider, Pär Holmgren, Ondřej Kovařík, Colm Markey, Dorien Rookmaker, Annalisa Tardino

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alessandra Basso

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

ECR

Carlo Fidanza, Peter Lundgren, Dorien Rookmaker, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

ID

Alessandra Basso, Paolo Borchia, Roman Haider, Annalisa Tardino

NI

Mario Furore

PPE

Tom Berendsen, Karolin Braunsberger-Reinhold, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Colm Markey, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, Lucia Vuolo

RENEW

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Elsi Katainen, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Giuseppe Ferrandino, Maria Grapini, Vera Tax, Petar Vitanov

AN CHLÉ

Elena Kountoura

NA GLASAIGH/SCE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Pär Holmgren, Tilly Metz

 

0

-

 

 

 

1

0

AN CHLÉ

João Pimenta Lopes

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

13.7.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

70

0

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Jens Geier, Nicolás González Casares, Christophe Grudler, Henrike Hahn, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Marisa Matias, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Niklas Nienaß, Ville Niinistö, Mauri Pekkarinen, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Sira Rego, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Andrus Ansip, Pascal Arimont, Tiziana Beghin, Franc Bogovič, Gheorghe Falcă, Andreas Glück, Klemen Grošelj, Elżbieta Kruk, Adriana Maldonado López, Sandra Pereira, Bronis Ropė, Ernő Schaller-Baross, Jordi Solé, Marion Walsmann

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Biljana Borzan, Rosanna Conte, Erik Marquardt, Liudas Mažylis, Matjaž Nemec, Antonio Maria Rinaldi, Christel Schaldemose, Alexandr Vondra

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

70

+

ECR

Zdzisław Krasnodębski, Elżbieta Kruk, Robert Roos, Grzegorz Tobiszowski, Alexandr Vondra

ID

Matteo Adinolfi, Paolo Borchia, Markus Buchheit, Rosanna Conte, Antonio Maria Rinaldi, Isabella Tovaglieri

NI

Tiziana Beghin, Ernő Schaller-Baross

PPE

Pascal Arimont, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Franc Bogovič, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Gheorghe Falcă, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Liudas Mažylis, Angelika Niebler, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Marion Walsmann, Pernille Weiss

RENEW

Andrus Ansip, Nicola Beer, Nicola Danti, Claudia Gamon, Andreas Glück, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen

S&D

Biljana Borzan, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Adriana Maldonado López, Matjaž Nemec, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Christel Schaldemose, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

NA GLASAIGH/SCE

Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Erik Marquardt, Niklas Nienaß, Ville Niinistö, Bronis Ropė, Jordi Solé, Marie Toussaint

 

4

-

AN CHLÉ

Marc Botenga, Marisa Matias, Sandra Pereira, Sira Rego

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 31 Lúnasa 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais