Tuarascáil - A9-0215/2022Tuarascáil
A9-0215/2022

TUARASCÁIL maidir le hiarracht a dhéanamh dobharshaothrú inbhuanaithe agus iomaíoch a bhaint amach san Aontas Eorpach: an bealach chun cinn

19.7.2022 - (2021/2189(COD))

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Clara Aguilera
PR_INI


Nós Imeachta : 2021/2189(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0215/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0215/2022
Téacsanna arna nglacadh :

CLÁR

Leathanach

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

 



 

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le hiarracht a dhéanamh dobharshaothrú inbhuanaithe agus iomaíoch a bhaint amach san Aontas Eorpach: an bealach chun cinn

(2021/2189(COD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le treoirlínte straitéiseacha le haghaidh dobharshaothrú AE níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030 (COM(2021)0236),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 maidir le plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt (COM(2021)0141),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal 'A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system' [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381), agus do rún ón bParlaimint an 20 Deireadh Fómhair 2021[1] ina leith,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal 'EU Biodiversity Strategy for 2030 — Bringing nature back into our lives' [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 — An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380), agus do rún ón bParlaimint an 9 Meitheamh 2021[2] ina leith sin,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020[3] ina leith,

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle[4],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004[5],

 ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat maidir le pleanáil spásúlachta mhuirí[6],

 ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú[7] (an Treoir maidir le hÉin’),

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe[8],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar agus oibríochtaí gaolmhara[9],

 ag féachaint do Threoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta[10],

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2021 maidir le treoirlínte straitéiseacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe dhobharshaothrú AE,

 ag féachaint don dréacht-tuairim ó Choiste na Réigiún an 1-3 Nollaig 2021 maidir leis an ngeilleagar gorm inbhuanaithe agus an dobharshaothrú,

 ag féachaint do Thuairim ó Choiste na Réigiún an 17 Nollaig 2015 maidir le todhchaí dhobharshaothrú na hEorpa,

 ag féachaint don Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir de chuid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) 2030 maidir le hiascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh,

 ag féachaint don mheastóireacht eatramhach ar an Modh Oscailte Comhordúcháin do dhobharshaothrú AE[11],

 ag féachaint d’Eorabharaiméadar Speisialta 515 de 2021 maidir le nósanna tomhaltóirí AE i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe,

 ag féachaint don staidéar a d’iarr a Coiste um Iascach (PECH) maidir le tionchair phaindéim COVID-19 ar iascach agus dobharshaothrú AE, a foilsíodh an 7 Iúil 2021,

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Meitheamh 2018 dar teideal ‘i dtreo earnáil dobharshaothraithe Eorpach atá inbhuanaithe agus iomaíoch:  stádas reatha agus dúshláin amach anseo’[12],

 ag féachaint do rún uaithi an 4 Nollaig 2008 maidir le Plean Eorpach um Bainistiú Broigheall a ghlacadh chun an tionchar méadaitheach a imríonn na broighill ar stoic éisc, ar iascaireacht agus ar dhobharshaothrú a íoslaghdú[13],

 ag féachaint d’Airteagail 3, 4, 38 agus 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0215/2022),

A. de bhrí go luaitear sa chomhbheartas iascaigh gur cheart don dobharshaothrú rannchuidiú le caomhnú na hacmhainneachta táirgthe bia ar bhonn inbhuanaithe ar fud an Aontais chun slándáil fhadtéarmach bia a ráthú, lena n-áirítear soláthairtí bia, fás agus fostaíocht do shaoránaigh an Aontais, agus chun rannchuidiú leis an éileamh méadaitheach domhanda ar bhia uisceach a shásamh;  de bhrí gur cheart don chomhbheartas iascaigh lánaird a thabhairt ar shláinte ainmhithe, ar leas ainmhithe, ar shábháilteacht bia agus beatha;  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach an t-ualach riaracháin a laghdú agus dlí an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla atá níos freagrúla do riachtanais na ngeallsealbhóirí;

B. de bhrí go bhfuil ról tábhachtach agus luachmhar ag na hearnálacha sliogéisc agus dobharshaothraithe in AE ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil de, agus go gcabhraíonn siad le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha sna réigiúin chósta, sna réigiúin inmheánacha agus sna réigiúin is forimeallaí san Aontas;

C. de bhrí go bhfuil an tslándáil bia agus na slite beatha a chuireann na tionscail sin ar fáil ríthábhachtach in go leor réigiún cósta, abhann, oileánda, intíre agus murlaigh;

D. de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip, ag an straitéis bhithéagsúlachta agus ag an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ Eoraip atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 agus córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ar fud an Aontais; de bhrí gur féidir le dobharshaothrú bia sláintiúil a sholáthar a bhfuil aeráid agus lorg comhshaoil níos lú aige ná mar a bhaineann le feirmeoireacht neamh-uisceach ar talamh;

E. de bhrí go n-aithnítear i nDearbhú FAO maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus Dobharshaothrú gurb é an dobharshaothrú an tionscal táirgthe bia is mó fás ar fud an domhain le caoga bliain anuas, agus gurb é atá freagrach as tomhaltas éisc domhanda per capita a dhúbailt ó 1960 agus gur chuir sé bia agus slite beatha ar fáil de réir a chéile do dhaonra atá ag fás;

F. de bhrí go mbunaítear cuspóirí leasa ainmhithe sa dobharshaothrú chun tacú le táirgeoirí agus tomhaltóirí le treoirlínte straitéiseacha AE le haghaidh dobharshaothrú AE níos inbhuanaithe agus níos iomaíche, le Dearbhú Shanghai FAO i Meán Fómhair 2021 maidir le dobharshaothrú le haghaidh bia agus forbairt inbhuanaithe, agus le Cód Sláinte Ainmhithe Uiscí 2021 na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe;

G. de bhrí nach ionann táirgeadh dobharshaothraithe AE ach 1.15 % den táirgeadh domhanda, de réir na bhfigiúirí is déanaí (2018)[14];

H. de bhrí go bhfuil gá le ceadúnais agus údaruithe éagsúla chun feirm dhobharshaothraithe a bhunú nó a leathnú in AE agus gur nós imeachta mall casta é a mbíonn deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht eacnamaíoch in easnamh ann uaireanta;  de bhrí go gcuireann an staid sin bac ar fhorbairt na hearnála, rud a dhíspreagann infheistíocht chorparáideach agus a ghineann costais iomarcacha don earnáil, agus allmhairí ó thríú tíortha á gcur chun cinn ag an am céanna;

I. de bhrí go léirítear i dtuarascáil FAO 2020 maidir le staid an iascaigh agus an dobharshaothraithe dhomhanda, go bhfuil cion na mban sa lucht saothair dobharshaothraithe iomlán (19 %) ar fud an domhain, níos mó ná an cion san iascach (12 %) agus, ar an iomlán, go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná ar fud shlabhra luacha an éisc agus an dobharshaothraithe agus go soláthraíonn siad saothar a bhaineann le cleachtais tráchtála ghinearálta agus cleachtais cheardaíochta araon;  de bhrí go bhfostaíonn earnáil an dobharshaothraithe go ginearálta níos mó ná 74 000 duine go díreach in AE i níos mó ná 12 000 cuideachta[15];

J. de bhrí gur ón dobharshaothrú a thagann táirge bia mara amháin as gach ceithre tháirge bia mara a itear san Eoraip; de bhrí, idir 2018 agus 2019, gur tháinig méadú 2 % ar thomhaltas dealraitheach na dtáirgí saothraithe per capita;  de bhrí, ós rud é go raibh AE 41.2 % neamhthuilleamaíoch in 2019 ó thaobh éisc agus bia mara de, ní thagann ach 10 % de thomhaltas bia mara AE ó dhobharshaothrú AE, arb ionann é agus níos lú ná 2 % den táirgeadh domhanda;

K. de bhrí go bhfuil beagnach 70 % de tháirgeadh dobharshaothraithe in AE comhchruinnithe i gceithre Bhallstát (an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghréig), agus is iad diúilicíní, breac, garbhánach, oisrí, doingean mara, carbán agus breallaigh is cúis le formhór mór na táirgeachta;  de bhrí go bhfuil a lán acmhainneachta ann fós maidir le tuilleadh fáis agus éagsúlaithe ó thaobh tíortha táirgthe agus speicis a shaothraítear;

L. de bhrí, cé go ndearna beagnach dhá thrian de mhuintir na hEorpa táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a ithe sa bhaile uair sa mhí ar a laghad in 2021, is treocht í sin atá ag laghdú i gcomparáid le 2018;  de bhrí go raibh tomhaltóirí roinnte in 2021 maidir lena rogha táirgí fiáine nó saothraithe, agus gurbh fhearr le thart ar an tríú díobh táirgí fiáine, an tríú táirgí saothraithe agus líon comhchosúil nach raibh aon rogha acu;

M. de bhrí go léiríonn roinnt meastachán tosaigh laghdú 17 % ar mhéid na ndíolachán agus laghdú 18 % ar ioncam iomlán, le tionchar géar ar earnáil an sliogéisc go háirithe;

N. de bhrí gur moilisc, go háirithe diúilicíní, oisrí agus breallaigh, atá i dtáirgeadh sliogéisc AE den chuid is mó, agus gur gníomhaíocht dobharshaothraithe thraidisiúnta, dhlúthshaothair í a dhéanann gnólachtaí teaghlaigh, atá comhtháite go hiomlán sa timpeallacht áitiúil;

O. de bhrí go sonraítear i straitéis 2030 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir le haghaidh iascaigh agus dobharshaothraithe inbhuanaithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh nach mór do tháirgeadh dobharshaothraithe freastal ar éileamh, fás ar bhealach inbhuanaithe, leas a bhaint as nuálaíocht, digitiú agus comhroinnt eolais agus a tharraingteacht don infheistíocht a fheabhsú; de bhrí go luaitear sa straitéis freisin go bhfuil sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar lorg comhshaoil na hearnála agus é a laghdú, aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar thruailliú agus sláinte agus leas ainmhithe a dhaingniú chun inbhuanaitheacht a bhaint amach;

P. de bhrí go léirítear i dtuarascáil eacnamaíoch 2020 ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach maidir le hearnáil dobharshaothraithe AE gur micrifhiontair iad beagnach 80 % de na fiontair dobharshaothraithe uile in AE a bhfuil níos lú ná 10 fostaithe acu;

Q. de bhrí gur thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht eatramhach ar an Modh Oscailte Comhordúcháin gur cheart do na Ballstáit iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun earnáil dobharshaothraithe AE a leathnú, a athléimneacht agus a hiomaíochas a fheabhsú, agus rochtain ar spás agus ar uisce go háirithe, agus creat rialála agus riaracháin atá trédhearcach agus éifeachtúil, a ráthú;

R. de bhrí, in ainneoin acmhainneacht na hearnála, go bhfuil forbairt an dobharshaothraithe sna réigiúin is forimeallaí fós ag titim ar gcúl;

S. de bhrí go léirítear i dtuarascáil Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um min éisc agus ola éisc ó Mheán Fómhair 2021 gur san Áise a usáidtear an chuid is mó de mhin éisc i mbeatha dobharshaothraithe agus gur úsáideadh 34 % de mhin éisc sa tSín in 2019, 35 % i dtíortha eile san Áise, agus gur úsáideadh 9 % de mhin éisc san Eoraip;  de bhrí go ngabhtar 20 milliún tona d’iasc fiáin gach bliain chun críocha beatha neamhdhaonna;  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an iomaíocht do mhin éisc ar na margaí domhanda do bheatha ainmhithe idir táirgeoirí dobharshaothraithe agus táirgeoirí beostoic;  de bhrí go méadaíonn praghsanna beatha níos airde an gá atá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar tháirgí malartacha beatha chomh maith le héifeachtúlacht beatha chun brabúsacht a áirithiú do tháirgí dobharshaothraithe ardluacha;

T. de bhrí go léirítear i bpáipéar teicniúil FAO an 19 Feabhra 2019 dar teideal ‘A third assessment of global marine fisheries discards’ [An tríú measúnú ar ábhar muirí aischurtha domhanda] gurb ionann ábhair mhuirí aischurtha agus 9.1 milliún tona san iomlán, arb ionann é sin agus 10.8 % den mheánghabháil éisc bhliantúil idir 2010 agus 2014;

U. de bhrí go léirítear i dtuarascáil Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe i mí na Bealtaine 2017, maidir le dobharshaothrú orgánach AE, go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar tháirgeadh dobharshaothraithe orgánaigh i roinnt Ballstát, agus go bhfuil cinn eile fós sna céimeanna luatha den mhodh táirgthe sin a fhorbairt;

V. de bhrí go bhfuil an dobharshaothrú thar a bheith íogair i leith teagmhais adhaimsire i leapacha abhann agus i limistéir chósta atá ag tarlú níos mó ná riamh mar gheall ar an téamh domhanda, lena n-áirítear triomaigh, tuilte, stoirmeacha agus tonnta, a dhéanann damáiste tromchúiseach do bhonneagair dobharshaothraithe agus do na speicis a shaothraítear;

W. de bhrí, le Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúlachta mhuirí, go n-iarrtar ar gach Ballstát cósta pleananna spásúlachta muirí náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ‘a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí faoin 31 Márta 2021’;

X. de bhrí go bhfuil na réigiúin is forimeallaí go háirithe neamhchosanta ar aeráidí éagobhsaí agus ar theagmhais adhaimsire, rud a d’fhéadfadh acmhainneacht na hearnála sna réigiúin sin a chur i mbaol;

Y. de bhrí go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar dhaonra na mbroigheall;  de bhrí go bhfuil an méadú sin ina chúis le damáiste tromchúiseach do go leor earnálacha muirí, lena n-áirítear dobharshaothrú;

Z. de bhrí, ina rún maidir le Plean Eorpach um Bainistiú Broigheall a ghlacadh chun íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar méadaitheach na mbroigheall ar stoic éisc, ar iascaireacht agus ar dhobharshaothrú, a glacadh 13 bliana ó shin, gur mhol an Pharlaimint roinnt gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun na fadhbanna leanúnacha a bhaineann leis na broighill a réiteach;

AA. de bhrí go leagtar béim ina rún dar teideal ‘I dtreo earnáil dobharshaothraithe Eorpach atá inbhuanaithe agus iomaíoch’ ar a thábhachtaí atá sé, i measc go leor gníomhaíochtaí eile, tionchar méadaitheach na mbroigheall ar dhobharshaothrú a íoslaghdú;

AB. de bhrí go bhfuil cúiteamh airgeadais ar fáil d’oibreoirí dobharshaothraithe agus iascaigh as caillteanais a eascraíonn as idirghníomhaíocht na mbroigheall le hiascaigh;

AC. de bhrí go mbeidh ar earnáil iomlán an dobharshaothraithe san Eoraip an t-ualach a bhaineann le costais mhéadaitheacha leictreachais agus gáis a sheasamh, le hionchas níos measa fós mar gheall ar chostais táirgthe atá ag dul i méid agus éiginnteacht mhargaíochta a eascraíonn freisin as géarchéim phaindéim COVID-19;

AD. de bhrí go bhfuil sé beartaithe ag táirgeoirí móra éisc agus táirgí éisc i limistéar comharsanachta AE a dtáirgeadh dobharshaothraithe a dhúbailt faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2020, rud a d’fhéadfadh cur leis an mbrú ar tháirgeadh AE;

AE. de bhrí nach bhfuil aird leordhóthanach á tabhairt ag na Ballstáit uile ar acmhainneacht na forbartha dobharshaothraithe ná ar na héifeachtaí socheacnamaíocha agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige;

AF. de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir tomhaltas bliantúil táirgí éisc per capita in AE, ó thart ar 6 kg go tuairim is 60 kg;  de bhrí go bhféadfadh méadú teacht ar an t-éileamh ar tháirgí dobharshaothraithe in AE, dá bhrí sin, amach anseo;

AG. de bhrí go bhfuil sé deacair ar go leor fiontar a sciar den mhargadh a choinneáil, sa bhaile agus thar lear araon;

AH. de bhrí, de réir na sonraí is déanaí ó Eurostat agus FAO, in 2019 go raibh thart ar 76 % de na héisc a úsáideadh in AE fiáin agus go ndearnadh 24 % díobh a shaothrú; 

AI. de bhrí nach bhfuil ach 62 tháirge a bhfuil tásc geografach faoi chosaint (TGFC) acu cláraithe in Aicme 1.7. — Iasc úr, moilisc, agus crústaigh agus táirgí a fhaightear uathu sin, as 1 382 táirge PGI san iomlán;  de bhrí go bhfuil nósanna imeachta cosanta ar bun do 14 tháirge eile;  de bhrí nach bhfuil ach ceithre tháirge san aicme sin i gclár na mbianna um Shainearraí Traidisiúnta faoi Ráthaíocht (STR); de bhrí gur le haghaidh táirgí dobharshaothraithe a rinneadh cuid de na cláruithe rathúla;

AJ. de bhrí gur chuir cistí iascaigh an AE (an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)) tacaíocht airgeadais ar fáil d’earnáil dobharshaothraithe an AE;

AK. de bhrí gur féidir le héalaithigh ó bhunaíochtaí dobharshaothraithe athruithe géiniteacha a chruthú i ndaonraí fiáine;

Rannchuidiú an dobharshaothraithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip

1. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na treoirlínte straitéiseacha do dhobharshaothrú AE atá níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030;  á mheas go bhfuil na treoirlínte sin cuimsitheach, fónta agus oiriúnach chun dobharshaothrú inbhuanaithe agus iomaíoch AE a chur chun cinn agus béim fhadtéarmach á leagan ar inbhuanaitheacht na hearnála dobharshaothraithe agus ar a rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip;  á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil siad dírithe go mór ar ghnéithe comhshaoil agus go bhfuil gá le níos mó uaillmhéine leo chun borradh a chur faoin táirgeadh inbhuanaithe agus faoi fhorbairt earnáil dobharshaothraithe AE atá rathúil agus iomaíoch;  á mheas go bhfuil sé tábhachtach cuspóirí cainníochtúla a bhunú le haghaidh fás na hearnála sin faoi chuimsiú na dtreoirlínte, díreach mar a leagtar síos spriocanna comhshaoil leis an straitéis bhithéagsúlachta, leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus le straitéisí eile an Chomhaontaithe Ghlais;  ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gComhairle Chomhairleach um dhobharshaothrú na gníomhaíochtaí a mholtar sna treoirlínte a chur chun feidhme; ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh na moltaí sin agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas;

2. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh na Ballstáit na treoirlínte a chur chun feidhme go cuí agus ar bhealach comhordaithe chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach;  á chur i bhfios a thábhachtaí atá ról an Choimisiúin maidir le cúnamh agus comhordú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme i measc na mBallstát chun cothrom na féinne a áirithiú d’fheirmeoirí dobharshaothraithe AE;  ag moladh don Choimisiún cur chun feidhme na dtreoirlínte sin agus gníomhartha dlíthiúla eile a dhéanann difear do dhobharshaothrú a leanúint ar bhonn leanúnach amhail an Rialachán maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha[16] agus, más iomchuí, leasuithe ar an rialachán seo a thíolacadh, agus b’fhéidir leasuithe eile, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní a chuireann bac ar bhaint amach chuspóirí AE maidir le táirgeadh orgánach, amhail iad siúd a leagtar amach sa straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’;

3. á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag baint le rannchuidiú earnáil an dobharshaothraithe le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus á thabhairt chun suntais gur gá inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach na hearnála a áirithiú, go háirithe i bhfianaise ghéarchéim COVID-19;  á mheas gur gá don aistriú chuig córas bia inbhuanaithe san Eoraip leas a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe in earnáil an dobharshaothraithe ós rud é gur féidir léi ról tábhachtach agus níos mó fós a imirt sa gheilleagar ciorclach agus mar ghlan-rannchuiditheoir le claochlú na gcothaitheach iomarcach ina bpróitéin ardcháilíochta;

4. á chur i bhfios go láidir go gcomhlíonann dobharshaothrú AE ardchaighdeáin maidir le cáilíocht táirgí agus sláinte ainmhithe, ach go bhfuil lamháil fós ann chun feabhas a chur ar éagsúlú, iomaíochas agus feidhmíocht chomhshaoil;  ag tabhairt dá haire gur féidir le dobharshaothrú ísiltionchair (amhail dobharshaothrú ísealtrófach, iltrófach agus orgánach), agus seirbhísí comhshaoil ón dobharshaothrú, má dhéantar iad a fhorbairt tuilleadh, cur go mór leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus le geilleagar gorm inbhuanaithe[17];

5. á chur i bhfios go meastar go rannchuideoidh dobharshaothrú leis an soláthar bia agus leis an tslándáil bia tríd an mbearna éisc a athchothromú, ós rud é go n-allmhairíonn AE 70 % den bhia uisceach ar fad a úsáideann sé agus gurb é is cúis le heasnamh trádála bliantúil EUR 21 bhilliún (in 2019);  á mheas go bhfuil acmhainneacht shuntasach forbartha agus fáis ag an dobharshaothrú nach mór a fheabhsú agus ag an am céanna fanacht laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, ionas gur féidir leis táirgí bia inbhuanaithe agus ardcháilíochta a sholáthar, ár spleáchas ar allmhairí bia uisceach a laghdú agus níos mó post agus deiseanna socheacnamaíocha eile a chruthú, go háirithe i réigiúin chósta ach i gceantair thuaithe freisin;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat dlíthiúil láidir, iontaofa, intuartha, cuíchóirithe agus fabhrach do ghnó a chur ar fáil, agus leas iomlán a bhaint as na hacmhainní maoinithe atá ar fáil ó CEMID, ós rud é gurb é sin an ionstraim chistiúcháin atá tiomnaithe go sonrach do chuspóirí bhainistiú iascaigh agus dobharshaothraithe AE;  ag tathant ar na Ballstáit cistiú leordhóthanach a chur i leataobh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú le nuálaíocht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht earnáil dobharshaothraithe an Aontais;

6. á chur i bhfios go láidir gur forbraíodh dobharshaothrú mar riachtanas sóisialta chun soláthar leanúnach de bhia uisceach úr a chur ar fáil le linn séasúir agus i réigiúin inar theip ar iascach gabhála é a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin ceann de na róil is tábhachtaí don tsochaí a chomhlíonadh:  bia úr sláintiúil a sholáthar don mhargadh áitiúil nó réigiúnach go príomha;  á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil nasc láidir idir leathnú an dobharshaothraithe san Eoraip agus cleachtais chultúrtha thraidisiúnta, atá sonrach, a bheag nó a mhór, dá gcuid féin den mhór-roinn;

7. á chur i bhfios a thábhachtaí atá sonraí agus staidreamh beacht do tháirgí dobharshaothraithe, go háirithe maidir le tomhaltas, allmhairí agus onnmhairí, chun a áirithiú go bhfuil na spriocanna agus na cuspóirí atá á leagan síos againn don earnáil á mbaint amach againn;  á iarraidh go gcuirfí tuilleadh sonraí ar fáil agus go mbeadh rochtain orthu i ndáil leis sin;

8. á chur i bhfios nach féidir glacadh leis an éagothroime trádála seachtraí i dtáirgí uisceacha a tháirgtear san Aontas, ó thaobh na heacnamaíochta de, i bhfianaise an easnaimh trádála atá i gceist leis sin, agus ó thaobh na sochaí de, i bhfianaise na ndeiseanna fostaíochta atá á gcailleadh;

9. á chur i bhfáth nach mór an dul chun cinn i dtreo chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a ailíniú le slándáil bia tríú tíortha a áirithiú;

10. ag tacú le sásra nua AE um chúnamh dobharshaothraithe a bhunú mar uirlis nuálach chun cabhrú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit, leis na húdaráis réigiúnacha, leis an tionscal agus le geallsealbhóirí eile treoir bhreise a fhorbairt agus dea-chleachtais a chomhdhlúthú maidir le réimsí ábhartha éagsúla;  á mheas gur cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear an Pharlaimint, rannpháirteach i gcruthú an tsásra sin, go háirithe comhaltaí uile na Comhairle Comhairlí um Dhobharshaothrú, i gcomhréir le hAirteagal 11 CAE lena n-aithnítear an daonlathas rannpháirtíochta mar bhunphrionsabal daonlathach; á iarraidh go gcruthófaí idirphlé fónta leis an tsochaí shibhialta;

11. á chur i bhfáth nach mór acmhainneacht fáis earnáil dobharshaothraithe AE a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, agus gach ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta – an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol – á gcur san áireamh; á chur i bhfios gur gá earnáil atá tarraingteach agus dírithe ar an margadh a bheith ann d’fheirmeoirí nua éisc freisin, le creat dlíthiúil chun infheistíochtaí gnó a mhealladh, dálaí maithe oibre a chruthú agus a chothabháil, agus an comhshaol a chosaint trí fhoinsí beatha inbhuanaithe a úsáid agus trí shláinte uisceach, leas ainmhithe agus bithshlándáil a fheabhsú, chomh maith le húsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, cleachtais fhreagracha stuama a spreagadh, i gcomhréir leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’;

12. á mheas go bhfuil earnáil an dobharshaothraithe in ann rannchuidiú go comhsheasmhach le seirbhísí éiceachórais don tsochaí, agus gur féidir le dobharshaothrú locháin, algaí agus sliogéisc rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar an Aontais agus leis an athrú aeráide a mhaolú;  á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil ceapadh carbóin ag feirmeoireacht algaí agus sliogéisc teoranta ag brath ar an modh táirgthe agus ar an úsáid nuair a shaothraítear an táirge;  ag tacú leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe maidir leis an athrú aeráide ach á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le modheolaíocht chomhchoiteann chun lorg carbóin feirmeacha dobharshaothraithe aonair a thomhas agus á iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair maidir leis na bearta uile atá beartaithe lena n-áirítear a dtionchar ar earnálacha dobharshaothraithe aonair;  ag iarraidh ar na Ballstáit slabhraí soláthair gearra éifeachtúla a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide;

13. á chreidiúint go bhfuil gá le hinfheistíocht ar mhórscála trí bhearta maolaithe agus oiriúnaithe chun tionchar tubaistí agus eachtraí adhaimsire ar na hearnálacha iascaireachta agus dobharshaothraithe a chosc agus a laghdú, d’fhonn éiceachórais uisceacha atá táirgiúil agus athléimneach a neartú agus tairbhí do thomhaltóirí agus do leas ainmhithe a chothabháil;

14. á chur i bhfios gur cheart, le cur chun feidhme na dtreoirlínte straitéiseacha, aird níos mó a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair dhobharshaothraithe bheaga agus ar a riachtanais shonracha;

15. ag tathant ar an gCoimisiún tacú le bunú cúrsaí gairmoiliúna d’earnáil an dobharshaothraithe trí acmhainní teicniúla agus airgeadais a sholáthar, chun daoine óga a mhealladh agus chun ligean d’iascairí athoiliúint a dhéanamh, rud a chuideoidh le poist a chruthú i réigiúin chósta agus oileánacha a bhíonn níos spleáiche go traidisiúnta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta;

16. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach a éascú, a spreagadh agus a chur ar fáil do dhobharshaothrú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail dobharshaothrú orgánach, córais dobharshaothraithe iata, algaí, sliogéisc, feirmeoireacht éisc linne agus córais chomhtháite dobharshaothraithe iltrófacha agus uiscephónaice;

17. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart tacaíocht a chur ar fáil chun córais uiscephónaice a fhorbairt, ar córais táirgeachta iad atá dúnta ar thalamh ina gcomhcheanglaítear táirgeadh dobharshaothraithe agus táirgeadh barr, agus ina n-úsáidtear an t-ábhar orgánach san uisce don táirgeadh barr, rud a laghdóidh éifeachtaí an truaillithe a thagann as ábhar orgánach iomarcach;

18. á mheas go bhfuil dobharshaothrú fionnuisce an-tábhachtach i roinnt mhaith réigiún tuaithe san Eoraip, agus go soláthraíonn sé ní hamháin bia agus fostaíocht ar ardchaighdeán, ach seirbhísí éiceachórais spéisiúla freisin;  ag iarraidh ar an gCoimisiún úsáid an téarma ‘bia uisceach’ a fhorleathnú, ar téarma é atá níos cuimsithí agus níos uileghabhálaí agus nach bhfágann feirmeoirí fionnuisce ar lár;

19. á chur i bhfios, maidir le dobharshaothrú fionnuisce go háirithe, gur dúshlán iad creachadóirí agus triomach freisin, a léirítear i gcainníocht, i méid agus i gcáilíocht na n-iasc saothraithe, agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar bhrabúsacht na hearnála ar deireadh;

20. á athdhearbhú go bhfuil gá le córas inrianaitheachta bia san Aontas lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht na hearnála dobharshaothraithe agus lena bhfreagrófar d’éilimh na dtomhaltóirí trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le cá háit, cathain, conas agus cén cineál iasc nó bia uisceach a saothraíodh, go príomha chun sábháilteacht bia a fheabhsú ach freisin chun seiceálacha ar fud shlabhra tháirgí agus allmhairí AE ó lasmuigh den Aontas a chumasú agus chun calaois a chomhrac;  á chreidiúint gur cheart go mbeadh na gníomhaithe uile sa slabhra luacha rannpháirteach sa chóras sin, ionas gur féidir leo comhoibriú lena chéile trí chórais dhigiteacha, intleacht shaorga agus nuálaíochtaí teicneolaíochta eile a úsáid;

21. á thabhairt chun suntais an luach a chuireann tomhaltóirí Eorpacha ar shonrúcháin cháilíochta, lena n-áirítear sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha faoi chosaint araon;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-úsáid a spreagadh i dtáirgí dobharshaothraithe lena gcuirtear na cáilíochtaí riachtanacha ar fáil agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán Eorpach maidir le cáilíocht, mar shampla Mexillón de Galicia PDO;

22. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tacú le samhlacha gnó glasa, amhail na samhlacha sin atá bunaithe ar cheapadh carbóin, chun slabhraí soláthair a dhéanamh níos inbhuanaithe; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur féidir le cleachtais áirithe dobharshaothraithe, amhail feirmeoireacht diúilicín nó oisrí agus ilsaothrú críche linne, a bheith ina samhlacha rathúla do chórais chreidmheasa astaíochtaí amach anseo, i gcomhthéacs reachtaíocht aeráide AE;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an gcineál sin gnó glas i bhfianaise chuspóirí na straitéise;

23. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé caighdeáin agus idirghabhálacha fianaisebhunaithe a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar leas éisc le linn coimeád, iompar agus marú, lena n-áirítear cáilíocht an uisce a choinneáil laistigh de theorainneacha atá ábhartha don leas agus don chomhshaol, mar bhealach chun leitheadúlacht agus leathadh galar a laghdú agus tuilleadh laghdaithe a dhéanamh ar an ngá atá le húsáid antaibheathach, rud ar cheart a laghdú tuilleadh ar aon nós;  á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar mhodhanna beathaithe chun leibhéil an ábhair orgánaigh a rialú, cibé acu i gciorcad oscailte nó i gciorcad iata, agus é mar aidhm dea-chleachtais chomhshaoil a chothabháil agus a fheabhsú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé leanúint d’fheabhas a chur ar mhodhanna feirmeoireachta i gcomhréir leis an eolas eolaíoch is déanaí atá ar fáil chun leas ainmhithe a bhaint amach a rannchuidíonn le torthaí comhshaoil níos fearr, athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide agus optamú úsáid acmhainní;

24. á athdhearbhú nach mbaineann moltaí éagsúla maidir le leas ainmhithe leis na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe mar gheall ar a nádúr;

25. ag iarraidh ar na Ballstáit leanúint de chur chun cinn feirmeoireachta algaí a spreagadh agus úsáid agus forbairt algaí mar bhia agus mar bheatha a éascú, lena n-áirítear trí phróisis údaraithe níos éasca a chumasú, gan faillí a dhéanamh ar speicis eile saothraithe dobharshaothraithe;  á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht neamhshaothraithe i bhfeirmeoireacht algaí chun poist nua a chruthú agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar agus bia agus beatha atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol; á mheas go bhféadfadh bainistiú níos fearr a dhéanamh ar phobail algaí a bheith ina bhealach éifeachtach go pointe áirithe, chomh maith lena bhfeirmeoireacht, chun cabhrú le heotrófú a chomhrac agus chun an iomarca nítrigine agus fosfair a bhaint as uisce, chomh maith le breis carbóin má fhanann na halgaí san uisce agus má fhágtar iad mar shil-leagan ar ghrinneall na farraige;  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún tionscnamh sonrach a thíolacadh chun tacú le tomhaltas algaí san Aontas;  á chur i bhfios go bhféadfadh cosaint níos fearr a thabhairt do phobail feamainne seirbhísí éiceachórais a sholáthar, feidhmiú mar linn charbóin agus rannchuidiú leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú;

26. á chur in iúl gur geal léi ról na mban i slabhraí luacha dobharshaothraithe agus ag tathant, dá réir sin, go ndéanfaí dálaí oibre cuibhiúla a ráthú dóibh agus go n-urramófar prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach;  á mheas thairis sin gur cheart feabhas a chur ar a n-infheictheacht agus a n-ionadaíocht sna struchtúir agus sna próisis chinnteoireachta;

Na príomhbhacainní ar dhobharshaothrú san Aontas agus réitigh fhéideartha

27. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna pleananna d’fhorbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe na príomhbhacainní ar fhorbairt acmhainneacht na hearnála agus aitheantas a thabhairt don ghá atá le spás a leithdháileadh ar dhobharshaothrú trí phleanáil spásúlachta iomchuí;  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sásra trédhearcach agus rannpháirteach, i gcomhréir le Treoir 2014/89/AE maidir le pleanáil spásúlachta mhuirí, chun spás a leithdháileadh, lena n-áirítear ar mheánna agus feirmeacha dobharshaothraithe atá ann cheana agus nua agus ar limistéir mhuirí faoi chosaint chomh maith le limistéir shrianta iascaigh ar na geallsealbhóirí uile ar bhealach cothrom;  á chur in iúl gur oth léi nár chuir roinnt Ballstát a bpleananna spásúlachta mhuirí náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, in ainneoin an spriocdháta a leagtar síos sa treoir, agus ag tathant orthu a bpleananna a chur i láthair a luaithe is féidir;

28. ag tacú leis an aidhm atá ag an gCoimisiún tús a chur le feachtais cur chun cinn chun tomhaltas tháirgí dobharshaothraithe AE a spreagadh agus chun aird a tharraingt ar dhobharshaothrú AE agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá fhorbairt inbhuanaithe;  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá, i ndáil leis sin, le faisnéis chuimsitheach ar féidir a rochtain go héasca do thomhaltóirí lena n-áirítear maidir le haistí bia sláintiúla, tairbhí don chomhshaol agus paraiméadair inbhuanaitheachta eile amhail tionchar ar an aeráid;

29. á mheas nár cheart go mbeadh láithreáin táirgthe dobharshaothraithe, atá pleanáilte agus bunaithe in uisce oscailte, i gcomhthráth le limistéir iascaireachta nó ina gcoinbhleacht leo;  á mheas, thairis sin, gur cheart go mbeadh an earnáil iascaigh agus a hoibreoirí agus a hionadaithe rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas sin;

30. á chur i bhfios go bhfuil táirgeadh dobharshaothraithe AE fós an-chomhchruinnithe ó thaobh na mBallstát agus na speiceas a ndéantar feirmeoireacht orthu araon, agus mar sin tá acmhainneacht shuntasach ann le haghaidh éagsúlú;

31. á chur i bhfios go bhfuil an phleanáil spásúlachta ar cheann de na príomhuirlisí chun réamhchoinníollacha a chruthú le haghaidh forbairt fhadtéarmach an dobharshaothraithe agus gur cheart go n-áiritheofaí léi suíomhanna pleanála oiriúnacha don dobharshaothrú, agus gníomhaíochtaí eile sna limistéir lena mbaineann á gcur san áireamh;

32. á chur i bhfáth go n-éilíonn forbairt an dobharshaothraithe creat dlíthiúil láidir, iontaofa, soiléir agus simplí ó thaobh riaracháin de chun spás agus ceadúnais a úsáid lena soláthraítear muinín agus slándáil don infheistíocht san earnáil;  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh plean éifeachtach agus solúbtha mar thoradh ar phleanáil spásúlachta ina gcuirtear san áireamh na timpeallachtaí muirí agus fionnuisce, a bhíonn ag athrú de shíor, ina bhfeidhmíonn dobharshaothrú, agus go bhféadfadh criosú róshriantach infheistíocht agus forbairt a dhíspreagadh;

33. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht infheistíochta le haghaidh fás inbhuanaithe earnáil dobharshaothraithe an Aontais;  á chur i bhfáth nach mór do na bearta uile arna nglacadh ag na húdaráis phoiblí éagsúla sna Ballstáit cuidiú le spriocdhátaí agus nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, ionas go gcomhlíonfaidh riaracháin phoiblí a gceanglais, go réiteoidh siad saincheisteanna in am agus go seachnófar moilleanna neamhriachtanacha i nósanna imeachta údarúcháin nó ceadúnúcháin; ag diúltú do ghníomhaíocht chúlghabhálach lena laghdaítear tréimhse bhailíochta na gceadúnas nó na síntí, agus ag iarraidh ar na Ballstáit muinín agus ionchais dhlisteanacha sealbhóirí ceadúnais a choimirciú;

34. á chur i bhfios, maidir le ceadúnú agus pleanáil, go mbíonn costais bhreise ar infheisteoirí féideartha mar thoradh ar chastacht mhaorlathach agus moilleanna atá ann cheana;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit nósanna imeachta ceadúnaithe soiléire agus trédhearcacha a áirithiú chun infheisteoirí a spreagadh;

35. á chur i bhfáth gur cheart an Modh Oscailte Comhordúcháin a chur chun feidhme tuilleadh chun comhordú a bhaint amach le riaracháin phoiblí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil inniúlachtaí acu san earnáil dobharshaothraithe; á mheas go bhfuil an comhordú sin fíor-riachtanach chun reachtaíocht náisiúnta a shruthlíniú agus chun treoir a thabhairt maidir leis an gcreat rialála is infheidhme maidir leis an earnáil; ag iarraidh ar an gCoimisiún moltaí tírshonracha a fhoilsiú chun treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le forbairt dhobharshaothrú AE;

36. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhordú níos fearr a áirithiú maidir le hinniúlachtaí comhroinnte AE, agus comhordú idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

37. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhábhair bheatha inbhuanaithe don dobharshaothrú san Aontas;  á mheas nach féidir leis an dobharshaothrú an bhearna éisc a líonadh ach amháin má chuireann gach speiceas a shaothraítear glanmhéadú ar phróitéin éisc ar fáil, rud a chiallaíonn nach mbaintear níos mó iasc fiáin ó na haigéin ná ó dhobharlaigh eile le haghaidh beatha leis an dobharshaothrú ná mar a tháirgtear leis;  á thabhairt chun suntais go ndéantar sciar mór d’iasc a úsáidtear chun min éisc agus ola éisc a tháirgeadh a ghabháil i limistéir eacnamaíocha eisiacha na dtíortha i mbéal forbartha ar fud an domhain;  á chur i bhfáth gur gá próitéiní agus olaí muirí atá inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de a chur chun cinn mar bheatha i bhfoirm seachtháirgí agus ciumhsóga, próitéiní eile agus réitigh nuálacha, amhail min feithidí agus miocralga, agus roghanna malartacha neamhmhuirí a tháirgtear go hinbhuanaithe a chur in ionad cuid de phróitéiní agus olaí muirí;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht chun aistriú chuig foinsí inbhuanaithe agus nua próitéine a chur chun cinn agus ag iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil gá le haon athruithe reachtacha ina leith sin;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus céatadán na mine éisc agus na hola éisc atá deimhnithe go neamhspleách a mhéadú laistigh de bheathaithe, agus deimhniú á dhéanamh ag scéimeanna deimhniúcháin comhshaoil agus sóisialta atá inchreidte agus neamhspleách a úsáideann critéir mheasúnaithe innéacs trófach íseal agus cód iompair FAO;

38. ag aithint nach bhfuil sé indéanta faoi láthair dóthain mine éisc agus ola éisc a sholáthar don dobharshaothrú gan ach ábhar muirí aischurtha agus seachtháirgí ó thionscal na hiascaireachta a chur ar fáil dó, i bpáirt mar gheall ar an éileamh méadaitheach ar mhargadh na mine éisc;  ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit táirgeadh inbhuanaithe mine éisc agus ola éisc a áirithiú agus dlús comhpháirteach a chur leis na hiarrachtaí maidir le taighde agus nuálaíocht chun fadhb an éilimh mhéadaithe ar mhargadh na mine éisc a réiteach trí roghanna malartacha inbhuanaithe a fhorbairt;

39. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na monarchana mine éisc agus ola éisc feadh chósta na hAfraice Thiar, atá á bhainistiú go príomha ag cuideachtaí Síneacha a bhfuil a dtáirgeadh neamh-inbhuanaithe ina gcúis le fadhbanna eiseacha d’iascaigh réigiúnacha agus neamhthionsclaíocha, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú nach n-úsáidfear aon bheatha ón táirgeadh sin i saoráidí dobharshaothraithe laistigh de AE;

40. ag iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as córais dhigiteacha agus as an intleacht shaorga chun inrianaitheacht agus inbhuanaitheacht táirgí dobharshaothraithe a fheabhsú agus chun inrianaitheacht a leathnú chuig an mbeatha a úsáidtear;

41. ag iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le feachtais chumarsáide ar fud AE a sheoladh maidir le dobharshaothrú inbhuanaithe AE agus a thábhachtaí atá táirgeadh le cistí faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le cuspóirí na dtreoirlínte straitéiseacha;  ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún eagrú feachtas faisnéise agus cumarsáide a áireamh i ngach clár oibríochtúil, i gcomhréir le cuspóirí na dtreoirlínte straitéiseacha, maidir le fo-earnálacha sonracha de dhobharshaothrú inbhuanaithe AE;

42. ag tathant ar an gCoimisiún cláir a chur chun cinn faoi bheartas cur chun cinn talmhaíochta AE trínar féidir táirgí dobharshaothraithe a chur chun cinn go sonrach agus go leithleach;  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé úsáid a bhaint as an athbhreithniú reatha ar an mbeartas cur chun cinn talmhaíochta chun seasamh níos fearr a bhaint amach maidir le táirgí dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn agus ag spreagadh an Choimisiúin leas a bhaint as an mbeartas cur chun cinn talmhaíochta chun tacú le hearnálacha agus le hoibreoirí a rannchuidíonn go bunúsach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, nó a stiúrann an t-aistriú chuig na cuspóirí sin;

43. á chur in iúl gur geal léi cáilíocht na hoibre a rinne Faireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA); ag iarraidh ar an gCoimisiún cistiú spriocdhírithe breise a thabhairt do EUMOFA chun tuarascálacha na Faireachlainne a aistriú go teangacha oifigiúla uile AE toisc gur minic nach mbíonn siad ar fáil ach i dteanga oifigiúil amháin nó i gcúig theanga oifigiúla AE ar a mhéad; á chreidiúint go gcuideoidh an fhaisnéis sin le hearnáil an dobharshaothraithe faisnéis atá cothrom le dáta agus ar ardchaighdeán a fháil chun a feidhmíocht mhargaíochta a fheabhsú;

44. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit méadú suntasach a dhéanamh ar chistí don taighde agus don nuálaíocht in earnáil an dobharshaothraithe (idir earnáil na mara agus an fhionnuisce), go háirithe réimsí eolais nua amhail staidéar ar an micribhithóm nó faireachán eolaíoch ar sheirbhísí comhshaoil dobharshaothraithe; ag iarraidh ar na Ballstáit cistiú a chur ar fáil nó a mhéadú le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil an dobharshaothraithe, agus feabhas a chur ar aistriú eolais eolaíoch chuig an earnáil agus chuig geallsealbhóirí eile;

45. ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar a lucht riaracháin a áirithiú go mbainfear úsáid níos forleithne as acmhainneacht na dtáirgí talmhaíochta agus na scéimeanna cáilíochta bia le haghaidh táirgí dobharshaothraithe;  á mheabhrú go bhféadfaí scéimeanna cáilíochta réigiúnacha nó náisiúnta a bhunú, ar scéimeanna iad a d’fhéadfadh cabhrú le táirgeoirí feabhas a chur ar a n-infheictheacht agus, ar an gcaoi sin, a bhfeidhmíocht mhargaíochta agus a n-ioncam a fheabhsú;

46. á chur i bhfios go láidir go bhfuil eolas agus nuálaíocht (lena n-áirítear úsáid na teicneolaíochta digití) ríthábhachtach chun na cuspóirí eile a leagtar amach le haghaidh earnáil dobharshaothraithe an Aontais a bhaint amach agus go dtugann Fís Eorpach, clár réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht, deis shuntasach chun dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin;

47. ag tathant ar an gCoimisiún faisnéis a fheabhsú agus a bhailiú maidir le hacmhainneacht earnáil an dobharshaothraithe sna réigiúin is forimeallaí trí staidéir inmharthanachta agus aiseolas a thabhairt, agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta ar mian leo oibriú san earnáil sin sna réigiúin sin;

48. á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le nuálaíocht agus dul chun cinn maidir le pórú speiceas nua dobharshaothraithe;

49. ag tabhairt dá haire go n-éilíonn earnáil nuálach dobharshaothraithe freisin go bhforbrófaí scileanna iomchuí a bhainfear amach trí chur chun cinn curaclam speisialaithe agus eolas ar dhobharshaothrú (e.g. staidéir speisialaithe tréidliachta d’iasc agus oiliúint ar shláinte éisc d’oibreoirí dobharshaothraithe), chomh maith le hoiliúint ar feadh an tsaoil d’fheirmeoirí maidir le cineálacha cur chuige nuálacha d’earnáil an dobharshaothraithe;

50. ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh oibre a dhéanamh chun cothrom na Féinne a bhaint amach do dhobharshaothrú AE vis-a-vis táirgeoirí tríú tíortha trí athbhreithniú a dhéanamh ar chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta agus trí chomhaontuithe nua a shíniú amach anseo, i ndáil le hallmhairiú táirgí nach bhfuil an rochtain chéanna acu ar an margadh, an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta, nó caighdeáin leasa éisc cosúil leo siúd a tháirgtear in AE, lena n-áirítear trí rialacha a nuashonrú chun lipéadú do bhia uisceach a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;  á mheas, i gcásanna sonracha amhail lipéadú caibheáir, gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le faisnéis do thomhaltóirí; ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh, trí bhíthin measúnú tionchair, ar earnálacha dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur san áireamh i Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha AE chun dreasachtaí a chruthú do thionscail Eorpacha agus do chomhpháirtithe trádála AE chun a dtionscail a dhícharbónú i bhfabhar bearta a chur chun feidhme a chuideoidh go dearfach le gáis cheaptha teasa a laghdú agus é mar aidhm leis sin glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach, agus, dá bhrí sin, tacú le beartais aeráide AE agus dhomhanda araon i dtreo neodracht gás ceaptha teasa, agus ag an am céanna, gan a bheith idirdhealaitheach ná srian faoi cheilt a bheith ann ar thrádáil idirnáisiúnta;

51. á mheabhrú go bhfuil deiseanna ag an earnáil dlús a chur leis an trádáil i dtáirgí dobharshaothraithe, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin ina bhfuil tomhaltas na dtáirgí sin íseal;

52. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le heolas eolaíoch maidir le leas éisc, dea-chleachtais dobharshaothraithe maidir le folláine éisc a chur chun cinn agus cruthú ionaid tagartha AE do leas éisc a chur chun cinn;  á chur i bhfáth gurb iad dea-chleachtais leasa ainmhithe an chéim choisctheach is fearr chun an gá atá le cógais leighis a laghdú agus chun sláinte agus leas éisc a áirithiú;  ag spreagadh tuilleadh úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí agus nuálaíocht chun aghaidh a thabhairt ar bhreoiteachtaí ar bhealach níos spriocdhírithe, rud a laghdóidh an méid cógas is gá;  á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar infhaighteacht cógas tréidliachta, nuair is gá sin d’earnáil an dobharshaothraithe;53.  ag moladh don Choimisiún tograí reachtacha a cheapadh ar bhonn an eolais eolaíoch is déanaí maidir le riachtanais éisc agus ainmhithe uisceacha eile agus maidir le modhanna iompair chun a bhfulaingt le linn iompair a íoslaghdú;  á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí seicliosta mionsonraithe ar fáil leis na forálacha nua maidir le pleanáil agus ullmhú réamhiompair, forálacha sonracha maidir le paraiméadair cháilíocht an uisce, dlús, láimhseáil le linn luchtú agus díluchtú, agus rialuithe leasa iariompair;  ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na treoirlínte a fhoilsíonn sé a nuashonrú ar bhonn na fianaise eolaíche is déanaí agus go mbeidh siad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus á iarraidh go mbeidh ceanglais shonracha ann maidir le gluaiseacht tráchtála éisc;  á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart oiliúint agus deimhniú sonrach a chur ar fáil maidir le hiompar éisc;

54. ag tacú le hacmhainneacht Copernicus agus an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach a mhéadú chun breathnú, samhail agus réamhaisnéis a dhéanamh chun éifeachtaí theagmhais adhaimsire ar tír agus ar muir araon, a bhfuil saoráidí dobharshaothraithe thar a bheith íogair ina leith, a thuar ar bhealach níos fearr;

55. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá oiliúint leordhóthanach d’údaráis inniúla agus d’fheirmeoirí araon maidir le conas tionchar na gcleachtas dobharshaothraithe ar an gcomhshaol a theorannú agus go n-áirithítear go n-urramófar caighdeáin arda leasa ainmhithe agus sláinte;

56. ag iarraidh ar an gCoimisiún togra a ullmhú le haghaidh Plean Eorpach um Bainistiú Broigheall lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt go cuí agus go cinntitheach ar an bhfadhb atá os comhair earnáil an dobharshaothraithe le blianta fada, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch agus ar an taithí eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar na cleachtais a tástáladh cheana sna Ballstáit;  ag tathant go ndearfaí an plean chun a n-éifeacht ar fheirmeacha dobharshaothraithe a mhaolú agus a rialú go héifeachtach, d’fhonn a dtionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta ar tháirgeadh agus ar bhithéagsúlacht a laghdú;  á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí sa phlean liosta de bhearta incháilithe maidir le réitigh chómhaireachtála choisctheacha agus cúiteamh leordhóthanach ar chaillteanais agus ar bhearta, arna maoiniú le cistí an Aontais nó le cistí náisiúnta; á áitiú go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht airgeadais do thaighde saincheaptha atá dírithe ar bhearta coisctheacha a aimsiú agus a thástáil, ach freisin chun faireachán cuí a cheadú, lena n-áirítear taifeadadh agus anailís a dhéanamh ar éifeachtaí na mbeart arna ndéanamh;  ag iarraidh ar na Ballstáit na bearta sin a chur chun feidhme ar bhonn áitiúil cás ar chás agus tuarascáil a thabhairt don Choimisiún gach bliain maidir le cur chun feidhme an phlean, lena n-áirítear éifeachtacht na mbeart a roghnaíodh;  ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bPlean Eorpach um Bainistiú Broigheall gach cúig bliana agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint; ag tathant ar an gCoimisiún treoirdhoiciméad a ullmhú, mar bheart láithreach, maidir le conas maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir maidir le hÉin a chur i bhfeidhm, agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann an reachtaíocht reatha a mhodhnú i gcás inar léir nach leor bearta coisctheacha agus nach gceadaíonn an tionchar airgeadais agus sóisialta réitigh chómhaireachtála, de réir na comhairle eolaíche is fearr;

57. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit nósanna imeachta ceadúnúcháin a shimpliú, agus iarrachtaí breise a dhéanamh agus an chabhair bhreise is gá a chur ar fáil chun a chur ar chumas úsáideoirí CEMID rochtain a fháil ar chistiú;

Dobharshaothrú orgánach

58. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt agus na 23 ghníomhaíocht a áirítear san iarscríbhinn a ghabhann leis; á chur i bhfios nach mór ról lárnach a bheith ag an dobharshaothrú orgánach san fhás atá beartaithe in earnáil an dobharshaothraithe, i bhfianaise a mhóracmhainneachta neamhshaothraithe ó thaobh forbartha de, i gcomhréir leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe san Eoraip, agus ar cheart tacú leis trí EMFAF;

59. ag aontú go bhfuil acmhainneacht ag dobharshaothrú orgánach, ach ag cur béim ar na difríochtaí i dtáirgeadh dobharshaothraithe orgánach ar fud na mBallstát;

60. ag aontú leis an gcuspóir méadú suntasach a dhéanamh ar dhobharshaothrú orgánach faoi 2030 gan aon chéatadán nithiúil a leagan síos sa phlean sin, ós rud é gur earnáil sách nua í sin agus nach furasta a fás a thuar;  ag moladh do na Ballstáit, áfach, spriocanna a leagan síos, más iomchuí, agus an t-eolas atá acu ar shainiúlachtaí áitiúla agus réigiúnacha agus ar fhorbairtí sa mhargadh á chur san áireamh;  á chur i bhfios, cé go bhfuil méadú tagtha ar dhobharshaothrú orgánach AE i bhfeirmeoireacht speiceas áirithe agus i dtíortha áirithe le blianta beaga anuas (lena n-áirítear bradán in Éirinn agus diúilicíní sa Danmhairg agus in Éirinn), go bhfuil an t-éileamh ar dhobharshaothrú orgánach AE éiginnte agus, thairis sin, nach leor fós feidhmíocht eacnamaíoch an dobharshaothraithe orgánaigh i réimsí áirithe;

61. á mheas go mbeidh ról lárnach ag dobharshaothrú inbhuanaithe, go ginearálta, agus ag dobharshaothrú orgánach, go háirithe, maidir le huaillmhian an Aontais maidir le hEoraip atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus rannchuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú, agus tairbhí breise á gcur ar fáil ag an am céanna don chomhshaol agus don bhithéagsúlacht;

62. á chur i bhfios gur féidir le dobharshaothrú inbhuanaithe, i gcoitinne, agus dobharshaothrú orgánach, go háirithe, cabhrú le freastal ar éilimh na dtomhaltóirí ar bhia éagsúlaithe ardcháilíochta a tháirgtear ar bhealach lena n-urramaítear an comhshaol agus lena n-áirithítear leas éisc, agus ar an gcaoi sin an bhearna idir éileamh agus soláthar táirgí iascaigh in AE a líonadh, agus brú ar stoic fhiáine a mhaolú;

63. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, faoi chuimsiú pleananna náisiúnta d’fhorbairt inbhuanaithe an dobharshaothraithe, anailís a dhéanamh ar na príomhbhacainní ar fhorbairt an dobharshaothraithe orgánaigh agus bearta iomchuí a mholadh; ag iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit méadú ar dhobharshaothrú orgánach a áireamh, bunaithe ar mheasúnú tionchair ex-ante, i measc chuspóirí a bpleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla athbhreithnithe don dobharshaothrú;  á mheas gur cheart úsáid a bhaint as CEMID chun cleachtais dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear táirgeadh orgánach, agus chun tacaíocht a chur ar fáil le linn na tréimhse tiontaithe, lena dtabharfaí cothrom na Féinne d’fheirmeoirí orgánacha eile;

64. ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht mhéadaithe don taighde agus don nuálaíocht maidir le foinsí malartacha cothaitheach, cóireálacha, pórúcháin agus leasa ainmhithe sa dobharshaothrú; á mheas gur gá infheistíochtaí a chur chun cinn i gcórais oiriúnaithe ilsaothraithe críche agus i gcórais dobharshaothraithe il-thrófacha agus gur gá gorlanna agus gníomhaíochtaí gorlainne d’ógánaigh orgánacha a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an Modh Oscailte Comhordúcháin chun dea-chleachtais agus nuálaíocht sa dobharshaothrú orgánach a mhalartú;

65. á thabhairt chun suntais go bhfuil forbairt tagtha ar an nuálaíocht, lena n-áirítear cineálacha éagsúla dobharshaothraithe, ón uair a glacadh an Rialachán maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha;  á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil forálacha áirithe, amhail na forálacha maidir le hatáirgeadh, neamhfheistithe le haghaidh na modhanna nua dobharshaothraithe a forbraíodh, atá nuálach agus inbhuanaithe; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh dá réir sin ar an Rialachán sin agus na leasuithe is gá a thíolacadh;

66. ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar na rialacha maidir le dobharshaothrú orgánach a léirmhíniú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu i ngach Ballstát; ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a fhoilsiú do na Ballstáit, do chomhlachtaí deimhniúcháin agus d’fheirmeoirí éisc, lena ndíreofar ar ilchineálacht a laghdú agus an rialachán orgánach á chur chun feidhme, bunaithe ar chonclúidí na hanailíse sin;

67. ag tathant ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar athúdarú a dhéanamh ar úsáid 30 % de chion laethúil na mine éisc agus na hola éisc ó chiumhsóga dobharshaothraithe neamhorgánacha, nó ciumhsóga d’éisc a ghabhtar lena gcaitheamh ag an duine a thagann ó tháirgí iascaigh inbhuanaithe AE, ar feadh idirthréimhse cúig bliana do gach duine nua in earnáil an dobharshaothraithe orgánaigh, i bhfianaise a tionchair dhearfaigh ar an ngeilleagar ciorclach agus mar bheart tacaíochta riachtanach i bhfianaise infhaighteacht íseal agus praghsanna arda na beatha orgánaí;  ag iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh freisin ar úsáid a bhaint as speicis (a bhféadfadh sé nach sceithfeadh siad go nádúrtha san Eoraip) a ndéantar atáirgeadh spreagtha ina leith trí eastóscáin phituiteacha a úsáid, speicis a úsáidtear i gcleachtais ilsaothraithe chun nideoige trófaice eile den timpeallacht chultúir a úsáid, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le ceapadh carbóin, le heotrófú a mhaolú, le táirgiúlacht fhoriomlán linn a mhéadú agus le hualach cothaitheach na feirmeoireachta éisc a laghdú;

68. á thabhairt chun suntais gur gá cothrom na Féinne a bheith ann d’fheirmeoirí orgánacha AE ar fud an Aontais, chomh maith le táirgí orgánacha allmhairithe, trí na rialacha céanna a chur ar fáil, trí thacú le cóireálacha do ghalair a úsáidtear sa dobharshaothrú orgánach agus san fheirmeoireacht orgánach beostoic agus trí na cóireálacha sin a chomhchuibhiú;

69. á mheabhrú go moltar i rún ón bParlaimint dar teideal ‘I dtreo earnáil dobharshaothraithe Eorpach atá inbhuanaithe agus iomaíoch:  stádas reatha agus dúshláin amach anseo’ 92 ghníomhaíocht chun acmhainneacht dhobharshaothraoithe an Aontais a scaoileadh tríd an méid seo a leanas:  nósanna imeachta riaracháin a shimpliú; cothromas a áirithiú san idirghníomhaíocht le hearnálacha eile;  iomaíochas dhobharshaothrú an Aontais a fheabhsú laistigh agus lasmuigh de theorainneacha an Aontais;  feabhas a chur ar fhaisnéis do thomhaltóirí; leas ainmhithe agus infhaighteacht táirgí tréidliachta a áirithiú;  feachtais promóisin agus cumarsáid níos fearr a shaothrú;  tacú le taighde agus nuálaíocht; oiliúint agus fostaíocht a spreagadh; inbhuanaitheacht earnáil dobharshaothraithe an AE a mhéadú; maoiniú leordhóthanach a áirithiú trí CEMI agus trí chistí struchtúracha eile;  agus siombóis chomhchuí le hiascaigh a bhaint amach; ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme;

70. á chur i bhfios nach bhfuil aon chiall leis an gcoinbhleacht idir an iascaireacht eastóscach agus an dobharshaothrú sa chomhthéacs reatha, ina bhfuil an t-éileamh ar tháirgí muirí ag méadú agus an brú ar líon na n-iasc fiáin ag laghdú de réir a chéile san Aontas, agus á chur i bhfáth go gcomhlánaíonn an dá ghníomhaíocht sin a chéile;

71. á chur i bhfáth gur féidir leis an gcomhar idir dobharshaothrú, ar thaobh amháin, agus an earnáil cannaithe agus próiseála, ar an taobh eile, breisluach suntasach a ghiniúint do tháirgí dobharshaothraithe má dhéantar an comhar i sineirgíocht agus má chuireann sé an dá ghníomhaíocht chun cinn;

°

° °

72. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Comhairlí Comhairleacha an chomhbheartais iascaigh.

 



 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

De réir State of World Aquaculture 2020[Staid an Dobharshaothraithe Dhomhanda 2020] ó FAO, in 2018, b’ionann táirgeadh dobharshaothraithe domhanda, lena n-áirítear plandaí uisceacha, agus 114.5 milliún tona, le luach measta de USD 263 billiún. Is éard a bhí sa táirgeadh ainmhithe uisceacha saothraithe, plandaí uisceacha agus táirgí neamhbhia. Tá réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise fós ar an bpríomhtháirgeoir, agus níl ach ceithre cinn de na 15 thír is mó táirgthe lasmuigh den réigiún (an Bhrasaíl, an tSile, an Éigipt agus an Iorua). Ar fud an domhain, cuireann an dobharshaothrú os cionn 50 % d’iasc ar fáil lena gcaitheamh ag an duine. Tá soláthar bia ar fud an domhain agus tomhaltas dealraitheach per capita éisc agus táirgí éisc ag méadú ag ráta níos tapúla ná fás dhaonra an domhain.

In 2018, b’ionann táirgeacht dobharshaothraithe AE agus 1.32 milliún tona, le luach iomlán de EUR 4.80 billiún. B’ionann sin agus laghdú 4 % nó 50.330 tona ar an méid agus laghdú 5 % nó EUR 348 milliún ar an luach i gcomparáid le 2017 – is cúlú é sin ar an treocht in airde a chonacthas le linn na gceithre bliana roimhe sin. I gcomparáid le 10 mbliana roimhe sin, tháinig méadú 3 % ar an táirgeadh, méadú a bhí níos lú ná 40.000 tona, agus tháinig méadú suntasach 36 % ar an luach, méadú arbh ionann é agus beagnach EUR 1.30 billiún.

Tháinig méadú ar an luach a tháinig ar dhobharshaothrú AE le linn na tréimhse deich mbliana 2009-2018 mar thoradh ar tháirgeadh méadaithe speiceas ardluacha, amhail bradáin, doingin mhara agus tuinníní gorma, mar aon leis an méadú mór ar phraghas roinnt speiceas mór, amhail bradáin, doingin mhara, garbhánaigh órcheannacha, oisrí agus breallaigh, de réir EUMOFA 2020 The EU fish market[Margadh éisc AE 2020 ó EUMOFA]. D’fhéadfadh go bhfuil méadú ar phraghsanna nasctha le méadú ar an éileamh, sa bhreis ar ghnéithe eile, amhail táirgí ar chaighdeán níos airde, lena n-áirítear táirgí orgánacha, chomh maith le laghdú ar sholáthar, mar gheall ar bhásmhaireacht ard speiceas áirithe, amhail oisrí. Ba cheart a mheas freisin gur mionéagsúlacht a bhí sa mhéadú 3 % ar mhéid sna deich mbliana sin, mar gheall ar shaincheisteanna ceadúnúcháin agus coinbhleacht leasa maidir le pleanáil spásúlachta. Chuir an méadú beag sin ar an méid, in éineacht leis an éileamh méadaithe, le méadú ar an bpraghas.

Tá an Comhaontú Glas don Eoraip i gcroílár chlár oibre beartais an Aontais. Is é is príomhchuspóir di Eoraip inbhuanaithe atá aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, agus í ag feidhmiú mar spreagthóir don infheistíocht agus don fhás. Sa Straitéis maidir leis an mBithéagsúlacht agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, cuirtear in iúl go láidir go bhfuil sé ‘barrthábhachtach’ an t-aistriú chuig córas bia níos inbhuanaithe a bhainistiú, go háirithe trí na hiarrachtaí a neartú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, chun an comhshaol a chosaint agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú. Tá ról ríthábhachtach ag an bpobal feirmeoireachta dobharshaothraithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

An 12 Bealtaine 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht COM(2021) 236 ar threoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE atá níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030. Leis an doiciméad sin, soláthraítear cur chuige straitéiseach agus fadtéarmach maidir le fás inbhuanaithe dhobharshaothrú AE, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i bhfianaise ghéarchéim COVID-19. Bunaithe ar na Treoirlínte Straitéiseacha, déanfaidh Ballstáit AE athbhreithniú ar a bPleananna Straitéiseacha Náisiúnta Ilbhliantúla (MNSPanna) le tacaíocht ón gCiste Eorpach um Iascach Muirí agus Dobharshaothrú (EMFAF).

Creideann an rapóirtéir go bhfuil na treoirlínte sin cuimsitheach, fónta agus oiriúnach don fheidhm chun dobharshaothrú inbhuanaithe iomaíoch AE a chur chun cinn, lena ndíreofar go fadtéarmach ar inbhuanaitheacht earnáil an dobharshaothraithe agus ar an méid a chuireann sí leis an gComhaontú Glas don Eoraip; Leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe san Eoraip, is gá earnáil an dobharshaothraithe a áireamh mar chuid thábhachtach den gheilleagar ciorclach agus mar rannchuiditheoir glan leis an gclaochlú cothaitheach iomarcach i bpróitéin ardcháilíochta;

D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta a bhuí leis an ‘Modh Oscailte Comhordúcháin’ a leagtar síos leis an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh chomh maith le cistiú ón Aontas Eorpach, tá an earnáil dobharshaothraithe fós i bhfad óna lánacmhainneacht a bhaint amach ó thaobh fáis de agus freastal ar an éileamh méadaitheach ar bhia mara níos inbhuanaithe. Allmhairíonn an tAontas os cionn 70 % den bhia mara a gcaitheann sé. Is ionann táirgí dobharshaothraithe ar an iomlán (lena n-áirítear allmhairí) agus 25 % de thomhaltas bhia mara AE, agus ní hionann táirgí dobharshaothraithe an Aontais ach 10 % de thomhaltas AE. Níl i ndobharshaothrú AE ach níos lú ná 2 % de tháirgeadh dobharshaothraithe an domhain.

Ní dhéanfar acmhainneacht fáis na hearnála a fhorbairt ach amháin i gcreat dlíthiúil atá intuartha, cuíchóirithe agus fabhrach don ghnó, agus na trí cholún den inbhuanaitheacht á gcur san áireamh: an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol, a cheadóidh táirgí bia atá inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil, ár spleáchas ar allmhairí bia uisceach a laghdú agus tuilleadh post a chruthú, go háirithe i réigiúin chósta, dar leis an rapóirtéir.

Is uirlis nuálach é an sásra nua AE um chúnamh dobharshaothraithe chun cabhrú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit, leis an tionscal agus le geallsealbhóirí eile treoir bhreise a fhorbairt agus dea-chleachtais a chomhdhlúthú i réimsí ábhartha éagsúla. Measann an Rapóirtéir gurb é an rud is tábhachtaí chun go n-éireoidh leis an uirlis sin go bhfuil na geallsealbhóirí ábhartha go léir rannpháirteach ina cruthú, go háirithe gach comhalta den Chomhairle Chomhairleach um Dhobharshaothrú (AAC).

Creideann an rapóirtéir gur féidir leis an earnáil dobharshaothraithe rannchuidiú go comhsheasmhach le seirbhísí éiceachórais don tsochaí, agus, le feirmeoireacht algaí agus sliogéisc go háirithe, cur le dícharbónú gheilleagar AE agus an t-athrú aeráide a mhaolú; Tá an dobharshaothrú fionnuisce an-tábhachtach i roinnt mhaith réigiún tuaithe san Eoraip. I ndáil leis sin, is gnéithe tábhachtacha freisin iad inrianaitheacht bia, samhlacha gnó glasa agus leas éisc, agus is gá aghaidh a thabhairt orthu dá bharr.

Ba cheart do na MNSPanna na príomhbhacainní ar fhorbairt acmhainneacht na hearnála a chur san áireamh agus aitheantas a thabhairt don ghá atá ann spás a leithdháileadh ar dhobharshaothrú trí phleanáil spásúlachta iomchuí, a mbeidh plean éifeachtach agus solúbtha mar thoradh air lena gcuirtear san áireamh an timpeallacht mhuirí agus fionnuisce a bhíonn ag síorathrú agus ina bhfeidhmíonn an dobharshaothrú, agus ag cur san áireamh go bhféadfadh criosú róshriantach infheistíocht agus forbairt a dhíspreagadh. De réir an rapóirtéara, tá géarghá leis an gcomhordú le riaracháin phoiblí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil inniúlachtaí acu i bhforbairt an dobharshaothraithe chun sruthlíniú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta agus chun treoir a thabhairt ar an gcreat rialála is infheidhme maidir leis an earnáil.

Dar leis an rapóirtéir, tá an tábhacht a bhaineann le comhábhair inbhuanaithe beatha don dobharshaothrú san Aontas ar cheann de na príomhghnéithe dá rannchuidiú iomlán leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Ní mór don dobharshaothrú úsáid a bhaint as próitéiní agus olaí muirí, seachtháirgí agus ciumhsóga muirí atá inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de, próitéiní ainmmhithe talún eile agus réitigh nuálacha, amhail min feithidí agus miocralgaí, agus roghanna neamh-mhuirí a chur in ionad próitéiní agus olaí muirí go páirteach;

Gné ríthábhachtach eile chun go mbeidh rath ar fhorbairt earnáil an dobharshaothraithe is ea feachtais chumarsáide a eagrú ar fud an Aontais maidir le hearnáil dobharshaothraithe agus táirgeadh AE le cistí faoi bhainistíocht dhíreach, chomh maith le feachtais eile faisnéise agus cumarsáide atá san áireamh sna Cláir Oibríochtúla go léir i gcomhréir leis na cuspóirí treoirlínte straitéiseacha, maidir le hearnálacha sonracha ó earnáil dobharshaothraithe AE, i dtuairim an rapóirtéara.

Le blianta fada anuas, bhí tionchar eacnamaíoch agus sóisialta ag na broighill ar dhobharshaothrú. Tá sé in am bearta buana a bhunú chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Creideann an rapóirtéir go mb’fhéidir gurb é an réiteach ná an mórbhroigheall Phalacrocorax carbo sinensis a áireamh in Iarscríbhinn II, Cuid A den Treoir um Éin 2009/147/CE, ina bhfuil liosta speiceas a fhéadfar a fhiach faoin reachtaíocht náisiúnta.

Ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht COM(2021) 141 maidir le Plean Gníomhaíochta chun Táirgeacht Orgánach a fhorbairt ar an 25 Márta 2021 lena bhforáiltear 23 ghníomhaíocht chun éileamh a spreagadh agus chun muinín tomhaltóirí a áirithiú, comhshó a spreagadh agus an slabhra luacha iomlán a threisiú, agus rannchuidiú na feirmeoireachta leis an inbhuanaitheacht a fheabhsú.

Measann an Rapóirtéir gur cheart do na Pleananna Gníomhaíochta nua (2021-2027), a chuirfidh na Ballstáit isteach, na dúshláin atá roimh earnáil an dobharshaothraithe orgánaigh a chur san áireamh. Ní mór ról lárnach a bheith ag an dobharshaothrú orgánach san fhás atá beartaithe in earnáil an dobharshaothraithe, i bhfianaise a mhóracmhainneachta neamhshaothraithe ó thaobh forbartha de, i gcomhréir leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe san Eoraip, agus ar cheart tacú leis tríd an gCiste Eorpach um Iascach Muirí agus Dobharshaothrú (EMFAF).

Cé go bhfuil méadú tagtha ar dhobharshaothrú orgánach AE le blianta beaga anuas i gcás speiceas áirithe agus tíortha áirithe (bradáin in Éirinn, agus diúilicíní sa Danmhairg agus in Éirinn), tá an earnáil sin measartha nua agus ní léir fós an t-éileamh atá leis an dobharshaothrú orgánach. Féachann tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh ar iasc fiáin mar rogha níos nádúrtha agus níos sláintiúla ná táirgí dobharshaothraithe orgánaigh. Ar deireadh, ach go suntasach, ní leor fós feidhmíocht eacnamaíoch an dobharshaothraithe orgánaigh i réimsí áirithe.

Is gné thábhachtach iad taighde agus nuálaíocht chun réitigh eolasbhunaithe a chur ar fáil ar na príomhbhacainní atá os comhair na hearnála. I measc na bpríomhréimsí ina molann an rapóirtéir gur cheart díriú orthu, tá foinsí malartacha cothaitheach, cóireálacha, pórúcháin agus leasa ainmhithe sa dobharshaothrú. Cibé ar bith, is gá infheistíochtaí a chur chun cinn i gcórais oiriúnaithe ilsaothraithe críche agus i gcórais dobharshaothraithe il-thrófacha, agus gorlanna agus gníomhaíochtaí gorlainne d’ógánaigh orgánacha a chur chun cinn. Sa chiall sin, d’fhéadfadh an Modh Oscailte Comhordúcháin maidir le malartú dea-chleachtas agus nuálaíochta maidir le dobharshaothrú orgánach a bheith ina ardán ina bhféadfaí teacht ar réitigh.

Creideann an Rapóirtéir go bhféadfaí cur chun feidhme na rialacha orgánacha san Aontas a chomhchuibhiú dá bhfoilseofaí treoirlínte áirithe do na gníomhaithe uile atá páirteach sa dobharshaothrú orgánach (na Ballstáit, comhlachtaí deimhniúcháin agus feirmeoirí éisc). Ba cheart go mbeadh na bearta agus na rialuithe mar an gcéanna i ngach Ballstát chun cothrom iomaíochta a bhaint amach.

I bhfianaise na heaspa beatha orgánaí, molann an Rapóirtéir go n-athúdarófaí úsáid 30 % den chiondáil laethúil de mhin éisc agus d’ola éisc ó chiumhsóga dobharshaothraithe neamhorgánacha, nó fuíollchiumhsóga éisc a gabhadh lena gcaitheamh ag an duine agus a thagann ó tháirgí iascaigh inbhuanaithe AE, ar feadh idirthréimhse 5 bliana do gach duine nua san earnáil dobharshaothraithe orgánaigh, i bhfianaise an tionchair dhearfaigh atá aige ar an ngeilleagar ciorclach agus mar bheart tacaíochta riachtanach.

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

12.7.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0.

20

5

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Søren Gade, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, Jan Huitema, Ladislav Ilčić, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, João Pimenta Lopes, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Benoît Biteau, Cláudia Monteiro de Aguiar

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Agnès Evren, Claude Gruffat

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

20

+

ECR

Ladislav Ilčić, Bert‑Jan Ruissen

ID

Rosanna Conte, France Jamet

PPE

Agnès Evren, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Annie Schreijer‑Pierik, Theodoros Zagorakis, Peter van Dalen

RENEW

Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade. Jan Huitema, Pierre Karleskind

S&D

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro

 

5

-

An CHLÉ

Anja Hazekamp

NA GLASAIGH/SCE

Benoît Biteau, Rosa D'Amato, Claude Gruffat, Caroline Roose

 

1

0

An CHLÉ

João Pimenta Lopes

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 31 Lúnasa 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais