TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) - CARE
21.9.2022 - (COM(2022)0325 – C9‑0218/2022 – 2022/0208(COD)) - ***I
An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Niklas Nienaß
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) - CARE
(COM(2022)0325 – C9‑0218/2022 – 2022/0208(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2022)0325),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9 0218/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0232/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
A. Cúlra dlíthiúil
Sonraítear in Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha le sainiú ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Tá an togra reachtach ón gCoimisiún, a glacadh an 29 Meitheamh 2022, bunaithe ar an Airteagal Conartha seo, agus tá sé mar aidhm leis Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) 2021/1060 a leasú, lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Cistí don tréimhse 2014-2021 agus don tréimhse 2021-2027, faoi seach.
B. Cuspóir agus ábhar an togra reatha
I bhfianaise raon feidhme méadaitheach agus thionchar méadaitheach fhogha míleata na Rúise, tá sé mar aidhm leis an togra sraith solúbthachtaí a sholáthar chun aghaidh a thabhairt orthu. Baineann siad le roinnt príomhghnéithe a chumhdaítear leis an dá Rialachán, amhail na gnéithe seo a leanas:
• maolú ar na ceanglais maidir le suíomh le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise,
• ráta réamh-mhaoinithe do CFRE, CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe in 2022 agus 2023 arna mhéadú faoi 0.5 % breise (suas go dtí leibhéal 1 %) den tacaíocht iomlán,
• ráta cómhaoinithe suas le 100 % le haghaidh na haise tosaíochta atá tiomnaithe do lánpháirtiú náisiúnach tríú tír; ag an am céanna, beidh gá le 30 % ar a laghad den tacaíocht faoin tosaíocht sin a dheonú d’údaráis áitiúla agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú i bpobail áitiúla,
• solúbthachtaí idir na cistí - lena lamhálfar an Ciste Comhtháthaithe a úsáid le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce a eascraíonn as fogha na Rúise, agus idir cuspóirí téamacha - lena lamhálfar aistrithe laistigh de chláir,
• an fhéidearthacht caiteachas a dhearbhú le haghaidh oibríochtaí atá curtha i gcrích cheana agus a bhaineann le dúshláin imirce,
• solúbthachtaí breise maidir le hoibríochtaí arna gcéimniú idir tréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027.
D. An nós imeachta in REGI
Fógraíodh an togra reachtach sa suí iomlánach an 4 Iúil 2022, agus tarchuireadh é chuig REGI mar an coiste ceannais. Rinne an Coimisinéir Elisa Ferreira é a chur i láthair sa choiste an 12 Iúil, agus ina dhiaidh sin rinne an coiste é a scrúdú go cúramach, ar leibhéal polaitiúil agus teicniúil araon.
Ag cruinniú urghnách an 15 Meán Fómhair, chinn coiste REGI an nós imeachta simplithe a úsáid gan leasuithe (Riail 52(1)) le haghaidh an togra reachtaigh seo. Ní dhearnadh aon agóid i gcoinne an chinnidh sin.
E. Measúnú an Rapóirtéara
Measann an Rapóirtéir go bhfuil údar cuí leis an togra reachtach agus go bhfuil gá leis chun tacú leis na Ballstáit agus lena saoránaigh aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá sé ríthábhachtach go dtiocfaidh na bearta atá beartaithe i bhfeidhm gan moill neamhriachtanach. Dá bhrí sin, molann sé go ndéanfadh an Pharlaimint an togra reachtach a fhormheas gan leasú, faoin nós imeachta simplithe a leagtar amach i Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) - CARE |
|||
Tagairtí |
COM(2022)0325 – C9-0218/2022 – 2022/0208(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
30.6.2022 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
REGI 4.7.2022 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 4.7.2022 |
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
BUDG 12.7.2022 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Niklas Nienaß 12.7.2022 |
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
15.9.2022 |
|||
Pléite sa choiste |
12.7.2022 |
1.9.2022 |
15.9.2022 |
|
Dáta an ghlactha |
15.9.2022 |
|
|
|
Dáta don chur síos |
21.9.2022 |