Tuarascáil - A9-0252/2022Tuarascáil
A9-0252/2022

TUARASCÁIL ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an staid sa Libia

18.10.2022 - (2021/2064(INI))

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Giuliano Pisapia


Nós Imeachta : 2021/2064(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0252/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0252/2022
Téacsanna arna nglacadh :


PR_INI_RecommCFSP

CLÁR

Leathanach

DRÉACHTMHOLADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

SEASAMH MIONLAIGH

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH


DRÉACHTMHOLADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an staid sa Libia

(2021/2064 (INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 25 Meitheamh 2021,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,

 ag féachaint don ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) an 24 Nollaig 2021 maidir le cur siar na dtoghchán,

 ag féachaint do dhearbhú ón VP/HR an 11 Márta 2021 thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le formheas an Rialtais Aontachta Náisiúnta nua,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe,

 ag féachaint do Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic  (EUTF),

 ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Feabhra 2021 dar teideal ‘Renewed Partnership with the Southern Neighbourhood – A New Agenda for the Mediterranean’ [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre Nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal ‘I mbun athrú – Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac (Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe),

 ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a glacadh le cinneadh 1/CP.21, don 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus don 11ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (CMP11), a reáchtáladh i bPáras, an Fhrainc, ón 30 Samhain go dtí an 11 Nollaig 2015,

 ag féachaint do Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú an 18 Meán Fómhair 1997,

 ag féachaint do Choinbhinsiún maidir le Cnuasmhuinisin an 30 Bealtaine 2008,

 ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989,

 ag féachaint do Chairt na hAfraice um Chearta agus Leas an Linbh an 1 Iúil 1990,

 ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 26 Feabhra 2011 agus na rúin ina dhiaidh sin maidir leis an trádbhac arm sa Libia,

 ag féachaint do rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 29 Aibreán 2022 agus an 28 Iúil 2022 maidir leis an Libia,

 ag féachaint do thuarascáil ón Ard-Rúnaí an 20 Bealtaine 2022 maidir le Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL),

 ag féachaint do 23ú Tuarascáil ó Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 28 Aibreán 2022 de bhun Rún 1970 (2011),

 ag féachaint do rún ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 22 Meitheamh 2020 lena mbunaítear misean aimsithe fíoras chuig an Libia agus rún an 8 Iúil 2022 lena gcuirtear síneadh naoi mí lena sainordú,

 ag féachaint do na tuarascálacha ón Misean Neamhspleách Aimsithe Fíoras maidir leis an Libia chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 29 Samhain 2021, an 23 Márta 2022, an 27 Meitheamh 2022 agus an 1 Iúil 2022,

 ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 16 Nollaig 1966,

 ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le cosaint chearta an duine agus beartas seachtrach imirce an Aontais[1],

 ag féachaint do mholadh uaithi an 30 Bealtaine 2018 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an Libia[2],

 ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0252/2022),

A. de bhrí, le deich mbliana anuas, go bhfuil deacrachtaí leanúnacha cumhachta ann mar thoradh ar dheighiltí doimhne agus coimhlintí idir mór-gheallsealbhóirí na Libia, ar measa fós iad mar gheall ar chur isteach ó ghníomhaithe eachtracha, agus gur chuir siad bac suntasach ar an bpróiseas athmhuintearais náisiúnta;

B. de bhrí gur éascaigh UNSMIL, i mí na Samhna 2020, an chéad bhabhta d’Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia (LPDF), arbh é a bhí ann 75 rannpháirtí de chuid na Libia a dhéanann ionadaíocht ar speictream iomlán sóisialta agus polaitiúil shochaí na Libia; de bhrí gur tháinig LPDF ar chomhaontú maidir le treochlár maidir le toghcháin náisiúnta inchreidte, chuimsitheacha agus dhaonlathacha, a bheidh ar siúl an 24 Nollaig 2021; de bhrí gur thogh LPDF Abdul Hamid Dbeibeh i mí Feabhra 2021 chun bheith i gceannas ar an Rialtas Eatramhach Aontachta Náisiúnta; de bhrí gur tugadh aghaidh go sealadach ar an tsáinn pholaitiúil agus ar staid na dlisteanachta faoi chonspóid sa tír le formheas bhunú Rialtais Aontachta Náisiúnta (GNU) ag Teach Ionadaithe na Libia atá lonnaithe in Tobruk i mí an Mhárta 2021;

C. de bhrí gur dhearbhaigh Teach na nIonadaithe i mí Eanáir 2022 go raibh an téarma dlíthiúil do shainordú GNU dulta in éag i mí na Nollag 2021; de bhrí gur ainmnigh Teach na nIonadaithe, dá bhrí sin, an t-iar-aire gnóthaí baile, Fathi Bashagha, mar Phríomh-Aire i mí Feabhra 2022; de bhrí gur dhiúltaigh ceannairí GNU do cheapachán Bashagha agus bunú rialtais nua ina dhiaidh sin, agus nár éirigh siad as oifig; de bhrí gurb é an GNU an t-aon rialtas atá aitheanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta fós;

 

D. de bhrí go bhfuil an staid sa Libia tar éis dul in olcas ó cuireadh na toghcháin ar atráth ar feadh tréimhse éiginnte ag deireadh 2021, go háirithe mar gheall ar easpa comhaontaithe roimh ré maidir leis an mbunús dlí do thoghcháin agus maidir le critéir ghrinnfhiosrúcháin d’iarrthóirí chomh maith leis an mainneachtain tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt ráthaíochtaí bunriachtanacha le haghaidh toghcháin inchreidte agus thrédhearcacha, lena ndéantar an dúsháinn pholaitiúil agus an ilroinnt náisiúnta a dhoimhniú;

E. de bhrí gur cúis mhór díomá é gur cuireadh siar na toghcháin do bhreis agus 2.8 milliún saoránach de chuid na Libia a chláraigh chun vótáil, agus go háirithe na toghthóirí óga, agus go bhfuil an baol ann go gcuirfí tuilleadh leis an laghdú muiníne as institiúidí poiblí;

F. de bhrí, in ainneoin gur eascair leibhéal comhdhearcaidh gan fasach as na cainteanna a d’éascaigh na Náisiúin Aontaithe idir Teach Ionadaí na Libia agus comhlachtaí reachtacha na Comhairle Stáit i gCaireo agus sa Ghinéiv i mí an Mheithimh 2022 maidir le roinnt saincheisteanna seanbhunaithe, lena n-áirítear maidir le suíocháin a dháileadh don dá sheomra reachtacha, maidir le dáileadh cumhachta i measc údaráis feidhmiúcháin éagsúla agus maidir le teorannú cúigí, nach raibh siad in ann teacht ar chomhaontú maidir le bunreacht a dtacaítear leis go ginearálta nó creat dlíthiúil do thoghcháin;

G. de bhrí nach féidir le toghcháin a bheith ina gcríoch iontu féin ach gur cheart athchóirithe suntasacha polaitiúla, eacnamaíocha agus institiúideacha a bheith ag gabháil leo; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht na mban, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, bardas agus geallsealbhóirí áitiúla ríthábhachtach chun stát feidhmiúil a thógáil agus chun rialachas cuí a áirithiú sa Libia; de bhrí gur cheart do pháirtithe uile na Libia dul i mbun fíor-idirphlé chun aghaidh a thabhairt ar an tsáinn pholaitiúil leanúnach agus gan fórsa a úsáid chun a ndifríochtaí a réiteach; de bhrí gur cosúil go léiríonn an easpa tiomantais ó gheallsealbhóirí na Libia treochlár comhroinnte nua a thógáil i dtreo toghchán go bhfuil easpa leasa chomhroinnte ann maidir le hinstitiúidí polaitiúla feidhmiúla agus ionadaíocha a thógáil;

H. de bhrí, ó thús mhí Iúil 2022, go ndearnadh ollagóidí i gcoinne mhíbhainistiú na n-institiúidí polaitiúla agus an mheatha ar dhálaí maireachtála ar fud na tíre, lena n-áirítear i dTripilí, Tobruk, Benghazi agus Misrata; de bhrí gur iarr agóideoirí go dtionólfaí toghcháin gan mhoill;

I. de bhrí, tar éis na n-agóidí, gur mhol an Chomhairle Uachtaránachta plean gníomhaíochta chun aontacht na tíre a chur chun cinn agus a chaomhnú, lena n-áirítear toghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta laistigh de thréimhse shonrach ama chun an tsáinn a shárú;

J. de bhrí go raibh caismirtí i dTripilí le déanaí idir mílístí atá dílis do Dbeibeh agus mílístí atá dílis do Bashagha ina gcúis le bás roinnt daoine, lena n-áirítear i measc an phobail shibhialta, agus gur leagadh béim leis sin arís eile ar an staid leochaileach sa tír;

K. de bhrí go bhfuil an tslándáil agus an chobhsaíocht sa Libia comhghaolaithe go dlúth leis an ionchas go mbeidh fíor-aistriú chuig an daonlathas ann trína bhféadfaí beart a dhéanamh ar son phobal na Libia ar fad; de bhrí gur toisc shuntasach í an éagobhsaíocht fhadtéarmach agus an tsaoirse ó phionós sistéamach i mborradh na gcoimhlintí míleata chomh maith le mórléirsithe ar fud na tíre; de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta agus cuntasacht as sáruithe ar chearta an duine bunriachtanach chun cobhsaíocht pholaitiúil agus síocháin inbhuanaithe a áirithiú sa Libia agus sa réigiún ar fad;

L. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhordódh na Ballstáit a ngníomhaíochtaí agus go labhróidís d’aon ghuth, ag neartú iarrachtaí idirghabhála an Aontais agus ag cur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag na Náisiúin Aontaithe;

M. de bhrí, ó ionradh na hÚcráine, go bhfuil an Rúis tar éis dochar suntasach a dhéanamh d’acmhainneacht gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe trí dhiúltú páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh maidir le tograí le haghaidh sainordú níos faide UNSMIL agus maidir le hIonadaí Speisialta nua de chuid na Náisiún Aontaithe don Libia a ainmniú;

N. de bhrí, tar éis naoi mí de sháinn pholaitiúil laistigh de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, gur fhógair Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, an 2 Meán Fómhair 2022, go gceapfaí Abdoulaye Bathily na Seineagáile ina Ionadaí Speisialta don Libia agus ina cheannaire ar UNSMIL;

O. de bhrí, i mí na Samhna 2019, gur shínigh an Libia meabhrán tuisceana (MT) leis an Tuirc maidir le teorannú dlínsí muirí sa Mheánmhuir; de bhrí go sáraítear cearta ceannasacha tríú stáit leis an gcomhaontú sin agus nach gcomhlíontar leis Dlí na Farraige, agus nach féidir leis, dá bhrí sin, aon iarmhairtí dlíthiúla a bheith aige do thríú stáit, mar a luaigh an Chomhairle Eorpach; de bhrí gur shínigh an Libia agus an Tuirc comhaontú maidir le hidreacarbóin an 3 Deireadh Fómhair 2022 bunaithe ar Mheabhrán Tuisceana 2019 idir an Tuirc agus an Libia;

P. de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht leanúnach grúpaí armtha áitiúla agus eachtracha sa choinbhleacht, amhail grúpa Wagner na Rúise mar aon le rannpháirtíocht fórsaí eachtracha, ina bagairt do chobhsaíocht agus slándáil na Libia agus don réigiún ar fad;

Q. de bhrí gur gheall na tíortha uile a ghlac páirt i gComhdhálacha Bheirlín maidir leis an Libia agus i gComhdháil Idirnáisiúnta Pháras don Libia, lena n-áirítear an Rúis agus an Tuirc a bhfuil láithreacht mhíleata acu sa Libia, gan cur isteach ar ghnóthaí na Libia agus gur thacaigh siad le cur chun feidhme plean gníomhaíochta chun amhais, trodaithe eachtracha agus fórsaí eachtracha a tharraingt siar ó chríoch na Libia gan mhoill;

R. de bhrí go ndearna pearsana sinsearacha míleata na Libia iarrachtaí le déanaí arm aontaithe sa Libia a athbhunú;

S. de bhrí go bhfuil athchóiriú cuimsitheach ar an earnáil slándála ríthábhachtach chun fórsaí slándála náisiúnta, póilíneachta agus míleata na Libia atá aontaithe, cuimsitheach agus cuntasach a bhunú faoi údarás lárnach sibhialta, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le sáruithe ar chearta an duine amach anseo a chosc, an smacht reachta a neartú, deireadh a chur le saoirse ó phionós agus cobhsaíocht pholaitiúil a ráthú sa tír agus sa réigiún; de bhrí go ndíríonn forbairtí ar an talamh ag deireadh mhí Lúnasa ar an drochuair sa treo eile, agus go bhfuil méadú ag teacht ar an gcomhrac i gcoinne an ghéaraithe mhíleata;

T. de bhrí gur bac tromchúiseach ar théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta na tíre é láithreacht shuntasach mianach talún agus ordanás neamhphléasctha, chomh maith le bás daoine a bheith mar thoradh air;

U. de bhrí go méadaíonn iomadú mionarm, arm éadrom agus stoc-charn armlóin tréigthe éagobhsaíocht toisc gur minic a atreoraítear iad laistigh den Libia agus thar a teorainneacha araon, rud a dhéanann difear suntasach don tslándáil réigiúnach agus áitiúil de réir mar a fhaigheann grúpaí armtha áitiúla rochtain ar na hairm sin, go háirithe i réigiún na Saiheile;

V. de bhrí go bhfuil an smacht reachta agus cuntasacht as sáruithe ar chearta an duine bunriachtanach chun cobhsaíocht pholaitiúil agus síocháin inbhuanaithe a áirithiú; de bhrí go rannchuidíonn easpa córais bhreithiúnaigh láidir, sárú sistéamach ar an smacht reachta, an t-éilliú forleathan a eascraíonn as sin agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine le timpeallacht saoirse ó phionós a chruthú sa tír atá ina bac suntasach ar chómhaireachtáil shíochánta agus ar fhilleadh sábháilte daoine easáitithe ina dtír féin;

W. de bhrí gurb í an Libia an tír a bhfuil na cúltaiscí ola is mó san Afraic aici, gur comhalta í d’Eagraíocht na dTíortha Onnmhairithe Peitriliam agus go bhfuil sí ar cheann de na príomhsholáthraithe ola chuig na margaí domhanda; de bhrí go mbraitheann geilleagar na Libia go mór ar earnáil na hola; de bhrí gur minic a rinne gníomhaithe éagsúla a bhfuil saoráidí ola dúnta síos arís agus arís eile acu chun críoch polaitiúil an táirgeadh ola a ionstraimiú; de bhrí gur bagairt do shíocháin, do shlándáil agus do chobhsaíocht na Libia é an cleachtas maidir le táirgí amhola agus peitriliam scagtha a fhorleathadh agus a onnmhairiú go haindleathach agus nach mór, dá bhrí sin, é a shárú;

X. de bhrí, le dúnadh páirteach míosa ar shaoráidí ola na Libia leis na fórsaí atá dílis do Mharascal Machaire Khalifa Haftar, dúnadh a thosaigh i mí Aibreáin 2022, gur laghdaíodh táirgeadh na tíre go suntasach, rud a bhí ina chúis le laghdú ioncaim chuig buiséad an stáit, agus go raibh iarmhairtí suntasacha aige thar theorainneacha na Libia, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh atá ard cheana féin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin; de bhrí, i mí Iúil 2022, gur thángthas ar chomhaontú idir geallsealbhóirí iarthar agus oirthear na Libia chun táirgeadh ola agus onnmhairí ola a atosú i ngach réimse ola agus calafort blocáilte sa Libia;

Y. de bhrí go bhfuil an Mheitheal Oibre Eacnamaíoch (EWG) den Choiste Leantach Idirnáisiúnta maidir leis an Libia, a ndéanann AE, an Éigipt, na Stáit Aontaithe agus UNSMIL comhchathaoirleacht uirthi, ag obair le húdaráis na Libia chun príomhsheirbhísí bunúsacha a sholáthar do phobal na Libia, ag neartú institiúidí eacnamaíocha, ag athbheochan na hearnála príobháidí agus ag cur feabhas ar an bpróiseas buiséadach; de bhrí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an EWG chun cuidiú le hathaontú Bhanc Ceannais na Libia;

Z. de bhrí go bhfuil Misean Cúnaimh Teorann AE sa Libia (EUBAM na Libia) tar éis tacú le húdaráis na Libia ó 2013 i leith bainistiú teorainneacha agus slándáil a fhorbairt sa Libia; de bhrí gur cuireadh síneadh le EUBAM na Libia go dtí an 30 Meitheamh 2023;

AA. de bhrí gur seoladh Oibríocht Irini Fhórsa Cabhlaigh an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED Irini) an 31 Márta 2020 agus gur cuireadh síneadh léi go dtí an 31 Márta 2023; de bhrí gurb é a ról ríthábhachtach i gcur chun feidhme an trádbhaic arm maidir leis an Libia arna bhunú le rún 1973 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; de bhrí, maidir le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe, go ndearna roinnt gníomhaithe sáruithe iomadúla agus leanúnacha air;

AB. de bhrí, an 15 Eanáir 2021, gur shínigh Irini agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) socrú oibre trína malartóidh siad, inter alia, faisnéis maidir le coireacht trasteorann amhail gáinneáil ar airm agus smuigleáil daoine; de bhrí go ndéanann Frontex faisnéis maidir le cásanna anacra iarbhír nó féideartha ar muir i réigiún cuardaigh agus tarrthála na Libia (SAR) a mhalartú leis na húdaráis ábhartha agus leis na lárionaid chomhordúcháin ábhartha, lena n-áirítear lárionaid chomhordúcháin tarrthála muirí na hIodáile, Mhálta agus na Túinéise (MRCCanna), chomh maith le Lárionad Comhordúcháin na Libia i ndáil le tarrtháil (MRCC) agus comhionad comhordaithe tarrthála, arna maoiniú ag AE trí EUTF agus arna oibriú ag garda cósta agus cabhlach na Libia;

AC. de bhrí go bhfuil cobhsaíocht agus slándáil na Libia bunriachtanach do chobhsaíocht agus slándáil réigiún na Meánmhara i gcoitinne;

AD. de bhrí go bhfuil comhpháirtíocht athnuaite glactha ag AE le Comharsanacht an Deiscirt lena ndírítear ar fhorbairt an duine, ar dhea-rialachas agus ar an smacht reachta, ar athléimneacht, ar rathúnas agus an aistriú digiteach, ar an tsíocháin agus ar an tslándáil, ar an imirce agus ar an tsoghluaisteacht,  agus ar an aistriú glas, ar an athléimneacht aeráide, ar fhuinneamh agus ar an gcomhshaol;

AE. de bhrí go bhfuil EUR 37 milliún ar an meán á leithdháileadh ag AE in aghaidh na bliana idir 2021 agus 2024 ar iarrachtaí cothaithe stáit, ar riachtanais forbartha daonna agus ar sheirbhísí bunúsacha sláinte sa Libia;

AF. de bhrí nach mór ról lárnach a bheith ag sochaí shibhialta na Libia maidir le todhchaí a tíre a chinneadh; de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar an spás don tsochaí shibhialta le míonna beaga anuas, ar cúis imní é seo agus arb é is saintréith de dlíthe agus rialacháin dhiana.  de bhrí gur bagraíodh, gur fuadaíodh, gur coinníodh go treallach, gur céasadh agus gur maraíodh mórán gníomhaithe polaitiúla, cosantóirí chearta an duine, pearsanra daonnúla, iriseoirí, giúistísí agus dlíodóirí; de bhrí nach gceadaítear d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine leigheasanna dlíthiúla a shaothrú mar gheall ar easpa córais cheartais uathrialaitheacha  agus neamhspleácha;

AG. de bhrí gur íospartaigh sáruithe forleathana córasacha ar chearta an duine amhail gáinneáil ar dhaoine, gabháil threallach, coinneáil, sracadh, éigniú, sclábhaíocht, agus fuadach le haghaidh dúmháil agus dúshaothrú, ag údaráis stáit agus grúpaí armtha araon iad imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn ;

AH. de bhrí gur príomhphointe idirthurais agus imeachta í an Libia d’imircigh atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach, go háirithe ón Afraic fho-Shahárach; de bhrí gur cailleadh na mílte daoine agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú chun an Eoraip a bhaint amach;

AI. de bhrí go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí thacaíocht AE do bhainistiú teorainneacha sa Libia bás daoine sa Mheánmhuir a chosc; de bhrí gur minic a bhí ról inmholta ag ENRanna maidir le beatha daoine a shábháil sa Mheánmhuir; de bhrí go raibh iarmhairtí marfacha ag an laghdú géar ar líon na soithí SAR do dhaoine atá ag lorg sábháilteachta; de bhrí go ndéanann líonraí smuigleála daoine leas a bhaint as prionsabal SAR chun tairbhe neamhdhleathach a bhaint as daoine atá ag éalú ó ainghníomhartha sa Libia, agus ar an gcaoi sin go mbuanaíonn siad ainnise an duine agus go bhfuil siad freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine; de bhrí gur athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach nach mór do gach soitheach atá ag oibriú sa Mheánmhuir an dlí idirnáisiúnta agus dlí AE a urramú; de bhrí go bhfuil sáruithe ar chearta an duine i gcoinne daoine atá ag iarraidh éalú ón Libia ar muir doiciméadaithe ag comhlachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha tábhachtacha araon; de bhrí gur minic a chuirtear daoine a dhéanann garda cósta na Libia a idircheapadh agus a dhíbhordáiltear tar éis tarrtháil ar muir faoi choinneáil inimirce agus go ndéantar a gcearta daonna a shárú; de bhrí go bhfuil AE ag dréim leis go ndéanfaidh údaráis na Libia, lena n-áirítear garda cósta na Libia lena gcomhoibríonn sé, a áirithiú go n-urramófar cearta an duine agus dínit na n-imirceach, go ndéanfaidh siad imscrúdú ar theagmhais foréigin agus go n-áiritheofar gníomhaíochtaí leantacha iomchuí i gcoinne na ndaoine atá freagrach as; de bhrí, áfach, go bhfuil na sáruithe sin fós ann, go háirithe mar gheall ar shásraí faireacháin agus cuntasachta neamhéifeachtacha;

AJ. de bhrí nach bhfuil cosaint agus cúnamh leordhóthanach fós ag thart ar 160 000 duine easáitithe ina dtír féin sa Libia;

AK. de bhrí go bhfuil mná agus leanaí i mbaol níos mó dúshaothraithe, gáinneála, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, striapachas éigeantach agus coinneáil neamhdhleathach;

AL. de bhrí go bhfuil foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe forleathan agus go spreagann sé saoirse ó phionós; de bhrí gur minic a bhíonn marthanóirí foréigin ghnéasaigh imeallaithe agus stiogmataithe ag a dteaghlaigh agus ag a bpobail; de bhrí nach ndéantar forail go cuí leis an gcreat dlíthiúil baile do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh a chosaint;

AM. de bhrí gur chinn Misean Neamhspleách Aimsithe Fíoras na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia ina thuarascálacha go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go ndearnadh coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh agus go bhfuil siad fós á ndéanamh sa Libia; de bhrí, an 8 Iúil 2022, go ndearna Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine sainordú an mhisin a athnuachan ar feadh tréimhse chríochnaitheach naoi mí, nach féidir síneadh a chur léi, chun a moltaí deiridh a thíolacadh;

1. ag moladh don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas a dhéanamh agus beartas AE maidir leis an Libia á chur chun feidhme acu:

(a) a áirithiú go dtabharfar an tacaíocht is mó agus is féidir do phróiseas athmhuintearais náisiúnta ionchuimsitheach arna éascú ag na Náisiúin Aontaithe agus faoi stiúir agus faoi úinéireacht na Libia d’fhonn cobhsaíocht agus slándáil níos fadtéarmaí a chur ar fáil agus an bonn a leagan síos d’aistriú síochánta agus daonlathach ina nglacfaidh gach geallsealbhóir de chuid na Libia páirt, lena n-áirítear mná, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, ionas go mbeidh an próiseas síochána ionadaíoch ar dhaonra iomlán na Libia;

(b) leanúint de bheith ag comhoibriú go dlúth le UNSMIL agus tacú go gníomhach le síneadh suntasach a chur lena shainordú tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2022 chun rannchuidiú go héifeachtach leis an bpróiseas bunreachtúil agus le heagrú na dtoghchán, chun an sos comhraic a chur chun feidhme, chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil d’institiúidí na Libia; á chur i bhfáth, i bhfianaise na sáinne polaitiúla atá ann faoi láthair, go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí leanúint leis an gcaibidlíocht le tacaíocht ó na Náisiúin Aontaithe maidir le treochlár do thoghcháin shaora, chothroma, inchreidte agus thrédhearcacha, agus ag tathant ar gheallsealbhóirí uile na Libia botúin a rinneadh san am a chuaigh thart a sheachaint, amhail gan critéir ghrinnfhiosrúcháin a bheith ann d’iarrthóirí, na torthaí toghcháin a urramú agus aistriú síochánta cumhachta a ráthú; misean breathnóireachta toghcháin AE a imscaradh chun faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas toghchánaíochta;

(c) bealaí taidhleoireachta le gníomhaithe idirnáisiúnta a threisiú agus iarrachtaí a mhéadú chun idirghabháil a dhéanamh agus teacht ar straitéis aontaithe idirnáisiúnta i dtreo Libia shíochánta, chobhsaí agus aontaithe; breithniú a dhéanamh ar chomhdháil eile maidir leis an Libia a óstáil, agus iarrachtaí taidhleoireachta ‘Cur Chuige 2’, mar a thugtar orthu, a chothú;

(d) dlús a chur le hiarrachtaí taidhleoireachta an Aontais an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú sa tír, agus a áirithiú go labhraíonn na Ballstáit d’aon ghuth, go ngníomhóidh siad ar bhealach níos aontaithe agus go dtacóidh siad le hiarrachtaí uile-náisiúnta, cuimsitheacha agus comhoibríocha chun an t-aistriú polaitiúil inmhianaithe a bhaint amach, maille leis na hathchóirithe riachtanacha; chun na críche sin, ionadaí speisialta AE don Libia a ainmniú mar ábhar tosaíochta;

(e) a áirithiú go mbeidh ról níos gníomhaí ag Toscaireacht AE chun na Libia agus, a luaithe is féidir de réir na gcoinníollacha slándála, go n-éascóidh sí níos mó misean d’institiúidí AE chun na Libia, lena n-áirítear chuig Parlaimint na hEorpa, chun an t-idirphlé idir AE agus an Libia a mhéadú tuilleadh;

(f) a áirithiú go mbeidh gach comhaontú nó gach beart comhair idir an Libia agus an tAontas nó a Bhallstáit comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais;

(g) tathant ar údaráis na Libia dul ar aghaidh le cealú Mheabhrán Tuisceana 2019 idir an Tuirc agus an Libia maidir le teorannú na ndlínsí muirí sa Mheánmhuir, agus gan aon chlásal a áirítear sa chomhaontú ina dhiaidh sin maidir le hidreacarbóin a síníodh an 3 Deireadh Fómhair 2022 a chur chun feidhme, ina ndéantar foráil do ghníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha i gcriosanna eacnamaíocha eisiacha tríú tíortha, lena n-áirítear criosanna eacnamaíocha na Cipire agus na Gréige;

(h) an glao a rinneadh le linn chomhdhálacha Bheirlín agus Pháras maidir leis an Libia go dtarraingeofaí na hamhais, na trodaithe eachtracha agus na fórsaí eachtracha ar fad amach as críoch na Libia a threisiú; tathant ar na gníomhaithe idirnáisiúnta uile lena mbaineann, lena n-áirítear an Rúis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc, gan cur isteach ar an Libia agus an iarraidh sin a chomhlíonadh, staonadh ó theannas agus troideanna a spreagadh trí idirghabháil mhíleata dhíreach nó urraithe agus aon amhais atá fós ann, amhail grúpa Wagner na Rúise agus ar bagairt iad ar chobhsaíocht na Libia agus an réigiúin ar fad  a tharraingt siar láithreach;

(i) cur leis an tacaíocht a thugtar d’údaráis na Libia le haghaidh chur chun feidhme athchóiriú cuimsitheach na hearnála slándála agus le haghaidh na mbeartas i réimse na dí-armála, an díshlógtha agus an athimeasctha do ghrúpaí armtha, bunaithe ar dhaonáireamh phearsanra na ngrúpaí armtha agus le grinnfhiosrúchán gairmiúil, le cúnamh ón NA; obair a dhéanamh chun a ráthú go mbeidh na haidhmeanna críochnaitheacha ag na beartais sin chun fórsaí slándála, póilíneachta agus míleata náisiúnta na Libia atá aontaithe, cuimsitheach agus cuntasach a bhunú faoi údarás sibhialta agus lamháil d’iarchomhraiceoirí a n-airm a leagan síos agus a bheith athimeasctha ina bpobail, agus ar an gcaoi sin síocháin níos inbhuanaithe a chothú;

(j) tathant ar údaráis na Libia aontú don Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú agus don Choinbhinsiún maidir le Cnuasmhuinisin. cistí leordhóthanacha AE a leithdháileadh ar thionscadail atá dírithe ar mhianaigh talún agus ordanáis neamhphléasctha eile a bhaint, ar oideachas riosca mianach a chur ar fáil agus ar thacú le híospartaigh mianach, lena n-áirítear trí rochtain ar chúram sláinte, athshlánú, tacaíocht shíceolaíoch agus shíceasóisialta a ráthú dóibh, chun tionóiscí amach anseo a chosc agus forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta a chumasú;

(k) aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar shlándáil an duine agus ar chobhsaíocht réigiúnach a bhaineann le mionairm, armáin éadroma agus armlón a atreorú chuig an margadh aindleathach, lena n-áirítear trí thacú le bainistiú arm agus armlón agus le hathchóiriú na hearnála slándála ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;

(l) an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar d’údaráis na Libia chun athchóiriú cuimsitheach na hearnála breithiúnaí a achtú, athchóiriú a bhfuil sé mar aidhm leis freisin an tsaoirse ó phionós struchtúrtha atá i réim sa tír a dhíchur agus an bealach a réiteach le haghaidh athmhuintearas agus síocháin inbhuanaithe;

(m) breithniú a dhéanamh ar bhearta sriantacha spriocdhírithe breise a fhorchur, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, ar dhaoine agus ar eintitis a bhfuil a ngníomhaíochtaí ina gcúis le sáruithe tromchúiseacha ar chearta agus saoirsí an duine agus a chuireann an smacht reachta i mbaol;

(n) a iarraidh ar na gníomhaithe uile staonadh ó ola a úsáid mar ionstraim don choimhlint pholaitiúil agus gach tobar agus críochfort ola a choinneáil ar oscailt; dlús breise a chur le hiarrachtaí laistigh den EWG chun a áitiú ar údaráis na Libia a áirithiú go n-athdháilfear ioncaim ola ar bhealach cóir, trédhearcach, ionchuimsitheach agus inbhuanaithe trí fhís de rathúnas comhroinnte eacnamaíoch a shaothrú do na saoránaigh uile sa tír;

(o) tacú le hinstitiúidí eacnamaíocha na Libia, rialachas eacnamaíoch na tíre a threisiú agus éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn;

(p) oibriú i dtreo comhpháirtíocht fuinnimh níos cobhsaí leis an Libia, rud a chuideodh le cumas na Libia san earnáil a mhéadú agus foinsí fuinnimh AE a éagsúlú; i ndáil leis an méid sin, an cúnamh teicniúil is gá a sholáthar d’údaráis na Libia chun tacú leis an tír agus í ag aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de chun teorainn a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, ar rioscaí iad atá ag cur isteach go mór ar an tír, i gcomhréir leis an ngné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus de Chomhaontú Pháras;

(q) tacú le hobair luachmhar EUBAM na Libia agus EUNAVFOR MED Irini, dhá mhisean de chuid an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC), chun rannchuidiú le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht inbhuanaithe; leanúint, go háirithe, de thacaíocht a thabhairt do phríomhchúram Irini an trádbhac arm ar an Libia arna fhorchur ag na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme; a áirithiú go gcomhlíonfaidh an dá mhisean a lánacmhainneacht, rud nárbh amhlaidh go dtí seo; na cumais theicniúla is gá a thabhairt d’Irini chun cosc a chur ar airm a thagann isteach sa Libia ar tír, ar muir nó san aer agus dlús a chur le hiarrachtaí EUBAM ag teorainn theas na Libia;

(r) an sainordú le haghaidh dhá mhisean seo CBSC a athnuachan, más gá, chun rannchuidiú le dálaí slándála ar an láthair a fheabhsú, lena n-áirítear trí chosc a chur ar sceimhlitheoirí, ar gháinneálaithe ar dhaoine agus ar ghrúpaí armtha gníomhaíochtaí trasteorann a dhéanamh, amhail gáinneáil aindleathach arm; a ráthú go n-urramóidh gach gníomhaíocht a dhéanann nó a éascaíonn an dá mhisean seo cearta an duine agus go mbeidh siad i gcomhréir le dlíthe idirnáisiúnta agus le dlíthe AE, go háirithe le prionsabal an non-refoulement agus cuntasacht a sholáthar le haghaidh sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann; feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar obair EUBAM chun aon mhíbhainistíocht maidir lena ghníomhaíochtaí agus an misean á chur i gcrích aige a chosc; measúnaithe tionchair agus meastóireachtaí ar chearta an duine a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí ar fad agus iad a chur ar fáil don Pharlaimint; a ráthú go mbeidh aon tacaíocht do theorainn nó d’fhearas slándála na Libia coinníollach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar dhlí an Aontais a urramú;

(s) acmhainní leormhaithe a áirithiú do ghníomhaíochtaí SAR feadh bhealach na Meánmhara Láir, lena n-áirítear patrólú réamhghníomhach muirí agus aeir ag an Aontas agus ag na Ballstáit, chun cosaint iomlán shaol agus dhínit na ndaoine a ráthú; a áirithiú go gcomhlíonann soithí príobháideacha a dhéanann gníomhaíochtaí SAR an dlí ábhartha idirnáisiúnta agus AE, agus go gcomhoibreoidh siad le húdaráis inniúla na mBallstát agus le Frontex chun sábháilteacht daoine atá i nguais ar muir a chosaint; a áirithiú go ndéanfar imircigh a tarrtháladh ar muir a dhíbhordáil in áiteanna sábháilteachta, agus nach bhfágfar Ballstáit an deiscirt ina n-aonar chun freagracht díbhordála agus glactha a bheith orthu;

(t) leas a bhaint as cistí leormhaithe AE bunaithe ar athbhreithnithe ar chláir a bhí ann cheana sa tír faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda chun tacú le hiarrachtaí daonlathaithe na Libia agus le tionscadail atá dírithe ar an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, feabhas a chur ar acmhainneachtaí seachadta seirbhíse poiblí na Libia, tacú le hiarrachtaí díláraithe, cobhsú sa tír a chothú, tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, cuimsiú sóisialta a neartú agus neamhionannais a chomhrac, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na ndaoine óga a chur chun cinn, córas sláinte na Libia a neartú, an t-athrú aeráide a chomhrac agus coincheap shlándáil an duine agus an fháis chuimsithigh, chothroim agus inbhuanaithe a chur chun cinn; cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na tionscadail sin agus a áirithiú go gcuirfidh institiúidí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil taithí acu sa Libia chun feidhme iad; a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin i gcomhréir le tosaíochtaí an Chláir Oibre Nua don Mheánmhuir agus Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus go gcomhlíonfaidh siad critéir Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; a ráthú go mbeidh cistí uile an Aontais faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda coinníollach ar urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta, agus go mbeidh cumhacht leormhaith ag an bParlaimint chun grinnscrúdú a dhéanamh ar a n-úsáid agus chun cuntasacht a áirithiú;

(u) leanúint de chúnamh daonnúil a chur ar fáil don Libia, agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí is leochailí;

(v) leanúint de bheith ag tacú le sochaí shibhialta na Libia agus ag comhoibriú go gníomhach léi; áiteamh ar údaráis na Libia stop a chur leis an gcos ar bolg foréigneach ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí ghabhálacha, coinneálacha, fuadaigh fhorfheidhmithe agus céastóireacht, agus srianta a ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur i leataobh, ar srianta iad a leanann de bhacainní tromchúiseacha a chur ar an tsaoirse cainte, comhlachais agus comhthionóil shíochánta, mar a ráthaítear freisin leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, arna dhaingniú ag an Libia;

(w) tathant ar údaráis na Libia deireadh a chur le srianta víosaí do bhaill den phreas eachtrach agus áitiúil agus sábháilteacht iriseoirí a ráthú;

(x) tathant ar údaráis na Libia go n-aisghairmfí Dlí Uimh. 19  2001 agus Foraithne Uimh. 286 2019 ón gComhairle Uachtaránachta lena gcuirtear srian ar chumas ghníomhaithe na sochaí sibhialta a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, agus Dlí Uimh.76 1972 maidir le foilseacháin, lena gcuirtear srian ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; tathant ar údaráis na Libia stop a chur saoirsí bunúsacha a choiriúlú trí úsáid a bhaint as airteagail de Chód Coiriúil na Libia, amhail Airteagail 206 agus 207, lena ndéantar foráil do phionós an bháis; tathant ar údaráis na Libia gach duine a choinnítear go míchóir faoi na cúisimh sin a scaoileadh saor láithreach;

(y) a iarraidh ar údaráis na Libia moratóir a thabhairt isteach maidir le húsáid phionós an bháis, agus é mar chuspóir deireadh a chur leis i ndeireadh na dála;

(z) a iarraidh ar údaráis na Libia ionadaíocht iomlán agus rannpháirtíocht iomlán na mban a fheabhsú agus iad a chosaint ar gach cineál foréigin; tacú le tionscnaimh atá dírithe ar phlean gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, i gcomhréir le rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000;

(aa) tathant ar údaráis na Libia bearta a fhorbairt agus a ghlacadh chun deireadh a chur le sáruithe ar leanaí agus iad a chosc agus oibleagáidí na Libia a chomhlíonadh maidir le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint, agus aird ar leith á tabhairt ar na hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh agus faoin gCairt Afracach um Chearta agus Leas an Linbh;

(ab) tathant ar údaráis na Libia deireadh a chur le dlíthe agus cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne daoine de mhionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha;

(ac) cúnamh a thabhairt d’údaráis na Libia chun a áirithiú go bhfillfidh daoine easáitithe ina dtír féin go deonach, go sábháilte agus go díniteach ar a dtithe féin agus tacú leis na geallsealbhóirí ábhartha uile a chuireann cúnamh daonnúil ar fáil do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin agus do dhaoine a fhilleann ina dtír féin, lena n-áirítear rochtain ar chúram sláinte bunúsach, ar oideachas agus ar sheirbhísí cosanta;

(ad) tathant ar údaráis na Libia an éagsúlacht chultúrtha, teanga agus stairiúil a urramú agus deireadh a chur le srianta agus bacainní ar thoilmhianta na bpobal áitiúil a chur in iúl go síochánta maidir le cearta agus freagrachtaí cothroma agus comhionanna faoi chuimsiú Libia aontaithe; leanúint de chúnamh agus de chistí a chur ar fáil do phobail áitiúla, go háirithe do phobail imeallaithe, chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, comhtháthú sóisialta agus slándáil an duine a chothú; comhpháirtíochtaí le bardais na Libia a fhorbairt tuilleadh agus tacú leo a gcórais rialachais áitiúil a neartú agus seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil, lena n-áirítear oideachas agus cúram sláinte ach gan a bheith teoranta dóibh;

 

(ae) tathant ar údaráis na Libia a áirithiú go dtabharfar cosaint d’imircigh, do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmann agus a ráthú go mbeidh rochtain iomlán, slán agus neamhchoinníollach ag eagraíochtaí daonnúla, a chuireann cúnamh ríthábhachtach ar fáil do na catagóirí leochaileacha daoine seo, ar phointí díbhordála agus ar sheomraí uile na n-ionad coinneála; údaráis na Libia a spreagadh chun deireadh a chur le srianta ar víosaí do gach pearsanra daonnúil idirnáisiúnta beag beann ar náisiúntacht; acmhainní airgeadais leormhaithe a sholáthar do na gníomhaithe daonnúla sin chun freagairt dhaonnúil éifeachtach a áirithiú laistigh de na hionaid choinneála agus i limistéir uirbeacha;

(af) tathant ar údaráis na Libia Coinbhinsiún 1951 na Ginéive maidir le Dídeanaithe a shíniú agus a dhaingniú, agus tacaíocht a thabhairt chun na bearta tionlacain a chur chun feidhme;

(ag) tathant ar údaráis na Libia deireadh a chur le coinneáil threallach inimirceach agus roghanna malartacha ar choinneáil bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm, inter alia trí ionaid coinneála inimirce a dhúnadh agus ionaid ghlactha a oscailt, trí ionaid trí shásraí idirinstitiúideacha scagtha agus tarchuir a fhorbairt agus trí roghanna tithíochta comhphobail a chur ar fáil; chuige sin, tacú go gníomhach le tionscnaimh chun creat reachtach na Libia maidir le himirce agus tearmann a leasú agus iad a chistiú chun é a ailíniú leis an dlí idirnáisiúnta agus le caighdeáin agus prionsabail a aithnítear go hidirnáisiúnta;

(ah) tathant ar údaráis na Libia chun a áirithiú go gcoinneofar mná faoi choinneáil i saoráidí ina bhfuil banghardaí oilte go leordhóthanach, agus leanaí ar leithligh ó dhaoine fásta neamhghaolmhara;

(ai) leanúint d’údaráis na Libia a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha comharsanachta maidir le cruthú conairí slána agus dlíthiúla don imirce;

(aj) údaráis na Libia a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar le tíortha eile agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce maidir le filleadh deonach, sábháilte agus díniteach na n-imirceach atá sáinnithe sa Libia ar thíortha tionscnaimh agus maidir lena n-athimeascadh sna sochaithe agus sna pobail a fhaigheann iad;

(ak) caibidlíocht ó Bhallstáit AE a spreagadh maidir le beartas imirce agus tearmainn AE níos uaillmhianaí a fhorbairt ionas nach n-éascófar tarraingt siar neamhdhleathach ag teorainn na Libia nó gaireas slándála na Libia go hindíreach agus filleadh daoine chuig campaí mídhaonna sa Libia, agus gan cistiú a thabhairt do gheallsealbhóirí na Libia agus comhoibriú leo, ar geallsealbhóirí iad a bhfuil líomhaintí inchreidte ina gcoinne maidir le sáruithe tromchúiseacha agus rannpháirtíocht i ngáinneáil ar dhaoine; bealaí sábháilte dleathacha don imirce chuig an Aontas a threisiú, lena n-áirítear trí mhacasamhlú a dhéanamh ar na dea-chleachtais atá ann cheana agus trí acmhainneachtaí na Sásraí Idirthurais Éigeandála agus ghealltanais athlonnaithe na mBallstát a mhéadú;

(al) tacú go gníomhach, má mheastar gur gá sin, le hathnuachan bhreise ar Mhisean Neamhspleách aimsithe fíoras na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia agus le cur chun feidhme na moltaí a áirítear ina thuarascálacha; a áirithiú go mbeidh acmhainní leormhaithe ag an misean chun a shainordú a chomhlíonadh agus tathant ar údaráis na Libia comhoibriú go hiomlán leis an misean agus rochtain iomlán a thabhairt dá chomhaltaí chun a gcuid imscrúduithe a dhéanamh gan mhoill;

(am) leanúint de thacaíocht a thabhairt do shainordú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus dá hiarrachtaí lucht déanta coireanna ainghníomhartha a thabhairt os comhair na cúirte, lena n-áirítear sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, leanaí a earcú agus a bheith rannpháirteach go díreach i gcogaíocht, i bhfuadach forfheidhmithe, i maruithe seachbhreithiúnacha agus i gcineálacha eile foréigin i gcoinne pobail leochaileacha;

2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig Coiste na Réigiún.


 

SEASAMH MIONLAIGH

de bhun Riail 55(4) de na Rialacha Nós Imeachta

Susanna Ceccardi

 

Le blianta beaga anuas, tá an Libia anois ar thús cadhnaíochta maidir le sreabha imirce scáfara.

 

Chomh maith leis an gcoimhlint shibhialta dhrámatúil atá ar siúl leis na blianta, tá airm agus fórsaí a bhfuil dearcadh ionsaitheach nó naimhdeach acu, amhail an Tuirc agus an Rúis, fós ar an gcríoch. Is mian leis na tíortha sin a dtionchar sa Libia a mhéadú níos mó fós agus, dá bhrí sin, a ról geopholaitiúil i limistéar na Meánmhara a mhéadú, limistéar atá anois, idir an dá linn, ina theorainn theas nua de ECAT.

 

Cé go n-aithnítear i dtéacs na tuarascála roinnt pointí tábhachtacha de réaltacht na Libia amhail a cineál straitéiseach agus a thábhachtaí atá an tsaincheist fuinnimh, ní leagtar béim iomlán ar a thromchúisí atá na sreabha neamhrialta imirce ó chóstaí na Libia go dtí an Eoraip.

Thairis sin, ní chuirtear béim leis an téacs ar an riosca, mar a tharla san am atá caite go bhféadfadh sceimhlitheoirí Ioslamacha a bheith i bhfolach i measc na n-imirceach atá ag imeacht.

 

Dá bhrí sin, bheadh níos mó acmhainní agus cistí ag teastáil ó na húdaráis idirnáisiúnta agus ó fhórsaí póilíneachta na Libia, nach féidir a ionadú, gan amhras, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, chun an Mheánmhuir a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi.

Ina theannta sin, dá gcruthófaí ionaid aitheantais i ndeisceart na Libia, chuideofaí le cosc a chur ar chóstaí na Libia a bheith ina gcalafort imeachta do shreabha imirce.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

13.10.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

47

9

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Bernard Guetta, Sandra Kalniete, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, Miriam Lexmann, Leopoldo López Gil, Jaak Madison, Claudiu Manda, Lukas Mandl, Thierry Mariani, Pedro Marques, Marisa Matias, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Matjaž Nemec, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Jacek Saryusz-Wolski, Mounir Satouri, Dominik Tarczyński, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Viola von Cramon-Taubadel, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Markéta Gregorová, Christophe Grudler, Evin Incir, Manolis Kefalogiannis, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Georgios Kyrtsos, Sergey Lagodinsky, Pierfrancesco Majorino, Juozas Olekas, Ramona Strugariu, Tom Vandenkendelaere, Mick Wallace

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Bas Eickhout, Javier Moreno Sánchez, Piernicola Pedicini, Miguel Urbán Crespo, Juan Ignacio Zoido Álvarez

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

47

+

NI

Fabio Massimo Castaldo

PPE

Asim Ademov, Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Michael Gahler, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Manolis Kefalogiannis, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Andrius Kubilius, Miriam Lexmann, Leopoldo López Gil, Lukas Mandl, Vangelis Meimarakis, Tom Vandenkendelaere, Isabel Wiseler-Lima, Juan Ignacio Zoido Álvarez

RENEW

Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Christophe Grudler, Bernard Guetta, Georgios Kyrtsos, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Evin Incir, Dietmar Köster, Pierfrancesco Majorino, Claudiu Manda, Pedro Marques, Sven Mikser, Javier Moreno Sánchez, Matjaž Nemec, Juozas Olekas, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor

VERTS/ALE

Bas Eickhout, Markéta Gregorová, Sergey Lagodinsky, Piernicola Pedicini, Mounir Satouri, Viola von Cramon-Taubadel

 

9

-

ECR

Charlie Weimers

ID

Jaak Madison, Harald Vilimsky

NI

Kinga Gál, Kostas Papadakis

THE LEFT

Marisa Matias, Manu Pineda, Miguel Urbán Crespo, Mick Wallace

 

5

0

ECR

Anna Fotyga, Jacek Saryusz-Wolski, Dominik Tarczyński, Witold Jan Waszczykowski

ID

Thierry Mariani

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 18 Samhain 2022
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais