TUARASCÁIL ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo
9.11.2022 - (2021/2252(INI))
An Coiste um Fhorbairt
Rapóirtéir: Charles Goerens
Rapóirtéir don tuairim ó choiste comhlachaithe de bhun Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta:
Angelika Winzig, an Coiste um Buiséid
PR_INI
CLÁR
Leathanach
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh an 30 Eanáir 2008 dar teideal The European Consensus on Humanitarian Aid [Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil][1],
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 30 Aibreán 2014 dar teideal Tool-box – A rights-based approach, encompassing all human rights for EU development cooperation [Bosca uirlisí – Cur chuige atá bunaithe ar chearta, lena gcuimsítear cearta uile an duine ar mhaithe le comhar AE um fhorbairt] (SWD(2014)0152),
– ag féachaint do rún ó na Náisiúin Aontaithe an 21 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athrú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac, agus do na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),
– ag féachaint don Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta a tionóladh in Addis Ababa an 13 go dtí an 16 Iúil 2015, agus do Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa,
– ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2017 dar teideal The New European Consensus on Development – Our world, our dignity, our future [An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí][2],
– ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saoithe i nDeireadh Fómhair 2019 ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt dar teideal Europe in the World – The future of the European Architecture for Development [An Eoraip sa Domhan – an tOllstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo],
– ag féachaint do Staidéar Féidearthachta ón gComhairle an 14 Aibreán 2021 maidir le roghanna chun an tOllstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a neartú,
– ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2021 maidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a fheabhsú,
– ag féachaint do threochlár ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn (COM(2022)0139),
– ag féachaint do Thuarascáil Chomhpháirteach ó BEI-BEAF an 25 Samhain 2021 maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhthéacs na gConclúidí ón gComhairle maidir leis an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt (EFAD),
– ag féachaint do thuairim Uimh. 7/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2020 a ghabhann leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 dar teideal A new EU-Africa Strategy – a partnership for sustainable and inclusive development [Straitéis nua idir AE agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach][3],
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais AE agus an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc[4],
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal The Global Gateway (JOIN(2021)0030),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle[5],
– ag féachaint don 6ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach an 17-18 Feabhra 2022 agus don ráiteas deiridh gaolmhar dar teideal A Joint Vision for 2030 [Fís chomhpháirteach do 2030],
– ag féachaint d’Airteagal 209 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus do reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), atá i gceangal leis na Conarthaí agus lena leagtar síos gurb é BEI institiúid airgeadais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil sé faoi úinéireacht eisiach na 27 mBallstát go léir de AE agus go bhfuil sé de chúram air rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas forbartha AE,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0270/2022),
A. de bhrí go bhfuil paindéim COVID-19 tar éis cur leis an mbearna shuntasach mhaoiniúcháin atá ann cheana féin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus gur tháinig laghdú foriomlán USD 700 billiún ar acmhainní, agus, ag an am céanna, go bhfuil méadú USD 1 trilliún tagtha ar na riachtanais (ar a dtugtar ‘éifeacht siosúir’), rud a fhágann go meastar go dtiocfaidh méadú 70 % ar an mbearna bhliantúil chistiúcháin i dtíortha atá i mbéal forbartha, ó USD 2.5 trilliún a bhí ann roimh an bpaindéim go USD 4.2 trilliún (EUR 3.7 trilliún)[6];
B. de bhrí go bhfuil bearna bhliantúil mhaoiniúcháin USD 148 mbilliún i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ísil i dtaca le SDG 4 a bhaint amach idir seo agus 2030; de bhrí go bhféadfadh costais bhreise a bhaineann le dúnadh scoileanna de dheasca COVID-19 an bhearna mhaoiniúcháin sin a mhéadú faoina trian;
C. de bhrí go bhfuil cogadh na Rúise san Úcráin tar éis cás na SDGanna san Úcráin agus sna tíortha máguaird a dhéanamh i bhfad níos measa; de bhrí go mbeidh tionchar ag cogadh na Rúise san Úcráin ar chur chun feidhme na SDGanna ar fud an domhain, go háirithe i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an ocrais, rud a chuireann leis an mbaol go mbeidh níos mó corraíl shibhialta, coinbhleachtaí agus imirce neamhrialta ann; de bhrí go bhfuil na hacmhainní a bhaineann leis an gcabhair um fhorbairt, atá gann cheana féin, curtha ar atreo i ngeall ar an scrios atá déanta ag gníomh coiriúil Putin; de bhrí nach eol fós iarmhairtí fadtéarmacha an chogaidh sin; de bhrí go bhfuil freagairt leanúnach neamhghnách ó ghníomhaithe uile AE agus athbhreithniú uilechórais ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt (EFAD) ag teastáil de dheasca an laghdaithe mhóir atá tagtha ar mhaoiniú na SDGanna agus iarmhairtí phaindéim COVID-19;
D. de bhrí nach leor an cheannaireacht pholaitiúil agus airgeadais atá ann faoi láthair agus na hiarrachtaí atá déanta ag AE chun na SDGanna agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin dhomhanda eile, go háirithe an t-athrú aeráide atá ag dul in olcas, an méadú mór atá tagtha ar ualach fiachais na dtíortha comhpháirtíochta, iarmhairtí COVID-19 agus coinbhleachtaí foréigneacha, agus, dá bhrí sin, gur gá oibriú i gcomhar le chéile ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh EFAD in ann freagairt do na dúshláin sin atá ag teacht chun cinn;
E. de bhrí, chun na SDGanna a bhaint amach agus paindéim COVID-19 a shárú, go bhfuil géarghá le comhtháthú beartas agus dlúthchomhar idir na hinstitiúidí oifigiúla maoinithe forbraíochta uile, a gcuid scairshealbhóirí rialtais, institiúidí AE agus na comhpháirtithe uile atá ann cheana chun a áirithiú go n-úsáidfear airgead poiblí atá gann ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach caipiteal breise, idir chaipiteal príobháideach agus chaipiteal poiblí, a shlógadh go rathúil, mar aon le cúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) agus cineálacha eile maoinithe forbraíochta atá ann cheana, agus gur gá é sin a ailíniú le cuspóirí an bheartais forbartha, go háirithe d’fhonn an neamhionannas agus an bhochtaineacht a laghdú mar an chéad sprioc atá ag Clár Oibre 2030;
F. de bhrí, ag féachaint d’fhorbairt inbhuanaithe an Domhain Theas freisin, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí sreafaí fuinnimh an domhain a atheagrú amach anseo agus go n-imreodh mór-roinn na hAfraice ról tábhachtach; de bhrí, trína ról maidir le giniúint, úsáid agus onnmhairiú fuinnimh inbhuanaithe a neartú, go n-éascófar an fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe atá dírithe ar an todhchaí agus go bhféadfaí feabhas a chur ar dhálaí maireachtála fhormhór mór an daonra;
G. de bhrí gur bac mór í an neamhshlándáil bia ar bhaint amach na SDGanna, go háirithe san Afraic, áit nach bhfuil a ndóthain cothaithe á fáil ag beirt as gach deichniúr; de bhrí go mbeidh an dúshlán sin níos géire amach anseo mar thoradh ar fhás an daonra; de bhrí gur gá do AE dul i ngleic go héifeachtach leis an dúshlán sin ar bhealach inbhuanaithe trí oibriú i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta;
H. de bhrí gurb iad institiúidí AE agus na 27 mBallstát le chéile an deontóir is mó cabhair do thíortha atá i mbéal forbartha – is uathusan a thagann thart ar 46 % den chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) iomlán a thugann ballstáit uile na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) do thíortha atá i mbéal forbartha;
I. de bhrí go bhféadfadh bunú chur chuige Fhoireann na hEorpa, mar fhreagairt dhomhanda AE ar COVID-19, cabhrú chun creat aonair um chomhordú straitéiseach a bhunú le haghaidh fhreagairt sheachtrach AE ar an bpaindéim agus ar mhórdhúshláin eile, amhail iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin, chun tacú le tíortha comhpháirtíochta; de bhrí gur próiseas a bhfuil gealladh faoi é an cur chuige sin i dtaca le tuilleadh comhair a éascú idir institiúidí AE, na Ballstáit agus institiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), rud a mhéadaíonn éifeachtacht agus infheictheacht AE i gcoitinne ar bhonn leanúnach;
J. de bhrí gurb ionann teacht i bhfeidhm na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI – an Eoraip Dhomhanda), ag a bhfuil buiséad foriomlán EUR 79.5 billiún, agus athrú stairiúil ar bheartais sheachtracha agus forbartha AE, rud a fhágann go bhfuil caiteachas AE ar an bhforbairt á chuíchóiriú agus á chomhdhlúthú agus go bhfuiltear ag spreagadh comhar níos fearr idir gníomhaithe Eorpacha na forbartha an athuair; de bhrí go ndéanann NDICI – an Eoraip Dhomhanda modhnú suntasach ar an gcreat infheistíochta seachtraí, rud a thugann maoiniú cumaiscthe agus ráthaíochtaí faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) – an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (EAG) le chéile; de bhrí go gcuireann CEFI+ go mór le raon feidhme geografach agus imchlúdach airgeadais a réamhtheachtaí, CEFI, agus go mbeidh sé in ann oibríochtaí suas le EUR 53.4 billiún a ráthú trí EAG; de bhrí gurb ionann an prionsabal ‘tús áite don bheartas’ atá i gcroílár NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus aistriú i dtreo comhar atá bunaithe ar chuspóirí beartais agus go n-áirithítear leis go gcuirtear an úsáid a bhaintear as ráthaíochtaí buiséadacha AE san áireamh sa phróiseas clársceidealaithe;
K. de bhrí go gcuireann CEFI+, a bunaíodh faoin Ionstraim NDICI – an Eoraip Dhomhanda, cistiú ar fáil d’oibríochtaí maoinithe cumaiscthe agus d’oibríochtaí ráthaíochta buiséadaí, atá le cur chun feidhme ag comhpháirtithe incháilithe i gcur chuige oscailte agus comhoibríoch;
L. de bhrí go leagtar amach in Airteagal 36 de NDICI – an Eoraip Dhomhanda an ról sonrach atá ag BEI faoin ionstraim sin;
M. de bhrí go raibh ar chuideachtaí agus institiúidí maoiniúcháin AE atá ag feidhmiú i dtíortha atá i mbéal forbartha le deich mbliana anuas dul i ngleic le hiomaíocht éagórach ó ghníomhaithe domhanda atá ag oibriú lasmuigh den chóras iltaobhach maoinithe forbraíochta ina bhfuil sraith idirnáisiúnta rialacha agus rialachán, amhail ceanglais shonracha maidir le ODA, creidmheasanna a fhaigheann tacaíocht oifigiúil, iasachtú inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht fiachais, fóirdheontais onnmhairiúcháin a bhfuil toirmeasc orthu agus caighdeáin idirnáisiúnta chun breabaireacht agus éilliú a chomhrac;
N. de bhrí go bhfuil Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt atá ag feidhmiú mar is ceart agus an tacaíocht do Shlógadh Acmhainní Intíre ina ndlúthchuid den bhainistíocht fhónta airgeadais agus go bhfuil siad dírithe ar a éifeachtaí atá cabhair a mhéadú trí thionscnaimh nithiúla, amhail tacú leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe, córais fhorásacha chánach a fhorbairt agus dul i ngleic le seachaint agus imghabháil cánach;
O. de bhrí go ndearnadh moladh sa tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saoithe a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, i measc moltaí eile, go mbunófaí Banc Eorpach na hAeráide agus na Forbartha Inbhuanaithe, rogha ar dhiúltaigh na Ballstáit di láithreach de bharr go mbeadh sí ródhaor agus go dtógfadh sé rófhada í a chur chun feidhme laistigh den tréimhse bhuiséadach nua; de bhrí, ina ionad sin, gur ghlac an Chomhairle le rogha eile a mhol an Grúpa Ardleibhéil Saoithe, ar a dtugtar ‘Status Quo+’, rogha nach ndéanann athrú bunúsach ar na struchtúir atá ann cheana ach a bhfuil sé mar aidhm léi feabhas a chur orthu; de bhrí go bhfuil na feabhsuithe seo a leanas beartaithe faoin rogha Status Quo+, gan aon chostas breise a bheith á chur ar na Ballstáit: feabhas a chur ar láithreacht BEI ar an talamh agus a shamhail ghnó a athrú i dtreo ceann atá níos dírithe ar bhanc forbartha, cur le raon gníomhaíochta BEAF de réir a chéile chun go mbeidh sé ag feidhmiú san Afraic fho-Shahárach agus acmhainn an Choimisiúin, na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus thoscaireachtaí AE a mhéadú;
P. de bhrí gur iarr na Ballstáit ar na bainc Eorpacha forbartha agus ar na hinstitiúidí airgeadais uile cur leis an gcomhar agus leis an gcomhordú a dhéanann siad eatarthu féin agus le hinstitiúidí airgeadais iltaobhacha agus idirnáisiúnta eile, ag tógáil ar láidreachtaí agus saineolas gach institiúide, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtúlacht, infheictheacht agus tionchar EFAD agus a thabharfadh spreagadh breise don earnáil phríobháideach a bheith rannpháirteach agus rannpháirtíocht na hearnála poiblí á comhlánú agus tacaíocht á tabhairt di ag an am céanna;
Prionsabail agus cuspóirí an Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh don Fhorbairt
1. ag leagan béim ar na conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar EFAD agus maidir leis an treochlár ón gCoimisiún le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn an 24 Márta 2022 (COM(2022)0139); ag leagan béim ar an ról lárnach atá ag NDICI – an Eoraip Dhomhanda, ag CEFI+ agus ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha maidir le creat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh maoiniú cumaiscthe, chun na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí agus ráthaíochtaí a laghdú agus chun acmhainní ón earnáil phríobháideach a chur chun úsáide le tacaíocht ó bhuiséad AE, go háirithe i bhfianaise na hiomaíochta geopholaitiúla agus eacnamaíche atá ag dul i méid;
2. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do EFAD ollstruchtúr éifeachtúil, éifeachtach, comhleanúnach agus cuimsitheach a sholáthar, atá bunaithe ar an bprionsabal ‘tús áite don bheartas’ atá mar chrann taca ag struchtúr EFAD, agus i gcomhréir le leasanna agus luachanna straitéiseacha an Aontais; á éileamh go gcuirfeadh na comhpháirtithe cur chun feidhme uile atá mar chuid de EFAD agus a bhfuil rochtain acu ar chistí buiséid AE faoi CEFI+ i bhfeidhm raon iomlán chaighdeáin, bheartais agus nósanna imeachta AE a bhaineann leis an tsochaí, cearta an duine, soláthar, trédhearcacht, an comhshaol agus an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin de chuid AE; á chur i bhfáth gur cheart do EFAD, ina dtugtar tús áite don bheartas, a bheith bunaithe ar na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, i gComhaontú Pháras agus i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa agus gur cheart dó rannchuidiú le baint amach na SDGanna; á athdhearbhú nach mór tionscadail a bhfuil baint ag gníomhaithe EFAD leo a dhíonadh ó thaobh na haeráide, an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta sóisialta de d’fhonn aon drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú agus an tairbhe atá ag baint le gnéithe na haeráide agus an chomhshaoil agus leis an gné shóisialta a uasmhéadú, i gcomhréir leis na gealltanais a thug an tAontas agus a Bhallstát faoi Airteagal 2.1(c) de Chomhaontú Pháras; ag éileamh go láidir go rannchuideodh oibríochtaí faoin EFAD nua leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú dó; ag éileamh thairis sin, sa chomhthéacs sin, nach ndéanfadh oibríochtaí a bhfuil baint ag gníomhaithe EFAD leo maoiniú ar earnálacha a chuireann leis an ngéarchéim aeráide ach, ina ionad sin, go ndéanfaidís maoiniú ar earnálacha a rannchuidíonn leis an aistriú chuig giniúint fuinnimh inbhuanaithe; á mheabhrú gur cheart rannpháirtíocht pholaitiúil AE a chorprú ina Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus a léiriú go hiomlán ina Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt;
3. ag éileamh go láidir go neartófaí le EFAD na comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe domhanda forbartha; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh na comhpháirtíochtaí sin bunaithe i gcónaí ar chóimheas agus dínit agus ar leasanna agus luachanna coiteanna, go háirithe cearta an duine, an comhionannas inscne, an fhreagracht chomhshaoil, shóisialta agus aeráide, an tsláinte agus an tslándáil, a bhfuil sé mar aidhm leo an neamhionannas agus an bhochtaineacht a laghdú; á athdhearbhú gur cheart na comhpháirtíochtaí sin a bhunú i gcónaí agus aird á tabhairt ar na SDGanna agus ar mhaithe le hiad a bhaint amach; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil tionchar ilghnéitheach ag mór-roinn na hAfraice ar réimeas Putin agus go bhfaigheann sé tacaíocht uaithi agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit teagmháil a dhéanamh leis na tíortha comhpháirtíochta sin san Afraic agus comhpháirtíochtaí iontaofa a bhunú leo; á iarraidh ar an gCoimisiún ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla, i mbunú agus cur chun feidhme na gcomhpháirtíochtaí sin; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é do na tionscadail chomhpháirtíochta a mhaoinítear trí EFAD go ndéanfaidís forbairt agus breisíocht airgeadais a áirithiú, mar aon le freagracht tíre agus éifeachtacht forbartha; á chur in iúl go bhfuil sí i bhfách leis na beartais agus na tionscnaimh de chuid AE a thugann tacaíocht don chomhordú agus an comhar idir na Ballstáit i réimse an bheartais forbartha agus leis na gníomhaíochtaí de chuid AE a chomhlánaíonn tionscnaimh na mBallstát agus a thacaíonn leo; á chur i bhfáth, maidir le díothú na bochtaineachta (SDG 1), dea-shláinte agus dea-bhail a chothú (SDG 3), rochtain ar oideachas ardcháilíochta a áirithiú do chách (SDG 4), neamhionannais a laghdú (SDG 10) agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn (SDG 13), agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí is imeallaithe agus ar an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, gur dúshláin iad sin atá níos deacra a bhaint amach i saol an lae inniu; ag éileamh, thairis sin, gur cheart tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun freastal ar na riachtanais infheistíochta atá ag tionscail inbhuanaithe na n-aigéan, ós rud é go bhfuil SDG 14 maidir le ‘beathra faoin uisce’ fós ar cheann de na spriocanna forbartha inbhuanaithe is lú maoiniú;
4. ag cur béim ar an nasc atá idir an chabhair dhaonnúil, an comhar um fhorbairt agus an tsíocháin; á thabhairt chun suntais go n-imríonn an fhorbairt ról i dtaobh coinbhleachtaí a chosc, bealaí amach marthanacha ó choinbhleachtaí a áirithiú agus bainistiú géarchéime a neartú; á áitiú a thábhachtaí atá sé nasc triarach saincheaptha a fhorbairt tuilleadh, nasc a bheadh dírithe ar théarnamh fadtéarmach struchtúrach agus inbhuanaithe a bheadh dírithe ar an duine chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a bhaineann le géarchéimeanna fadtréimhseacha agus intuartha agus cásanna foréigneacha; á mheabhrú, gan an tsíocháin agus an tslándáil, nach féidir forbairt agus díothú na bochtaineachta a bhaint amach, agus, gan an fhorbairt agus díothú na bochtaineachta, nach féidir síocháin inbhuanaithe, slándáil an duine ná slándáil an stáit a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann easpa slándála leis na leochaileachtaí atá ann cheana i dtíortha atá i mbéal forbartha agus go méadaíonn sí an bhearna chistiúcháin i dtaca leis na SDGanna a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tslándáil, an smacht reachta agus institiúidí a bhfuil teacht aniar iontu ríthábhachtach d’infheistíochtaí agus don fhorbairt inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire go ndéanann geallsealbhóirí áitiúla, lena n-áirítear comhlachtaí rialtais áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí creideamhbhunaithe, gníomhaíochtaí chun coinbhleachtaí a réiteach agus a bhainistiú, rud a chothaíonn síocháin agus slándáil; á mheabhrú gur cheart ODA a úsáid i gcónaí i gcomhréir leis na cuspóirí forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus NDICI – an Eoraip Dhomhanda;
5. ag cur béim ar an ról atá ag cur chuige coiteann agus comhleanúnach de chuid AE a bhfuil tacaíocht faighte aige ó Bhallstáit uile an Aontais, cur chuige atá feasach ó thaobh na polaitíochta de agus atá curtha in oiriúint do shainghnéithe na tíre comhpháirtíochta agus a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach ó thaobh leathnú a dhéanamh ar na córais cosanta sóisialta atá i gcomhréir le coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus ar na seirbhísí poiblí bunriachtanacha i dtíortha atá i mbéal forbartha; á chur i bhfios go gcabhródh cur chuige den sórt sin de chuid AE lena chinntiú go mbeadh an chosaint shóisialta ar cheann de bhunchlocha an chonartha shóisialta, rud a réiteodh an bealach chun feabhas a chur ar an teacht aniar; á mheas gur rogha é an maoiniú cumaiscthe ó bhosca uirlisí an mhaoinithe forbraíochta a d’fhéadfadh infheistíocht phoiblí a chomhlánú i gcomhthéacs buiséid shrianta; á iarraidh go ndéanfaí oibríochtaí measctha a theorannú do na réimsí inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil, agus á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí measúnú cúramach, go háirithe nuair a dhírítear ar na tíortha is lú forbairt, d’fhonn ualaí fiachais a theorannú, seirbhísí riachtanacha poiblí amhail an tsláinte, an t-oideachas agus an chosaint shóisialta a choimirciú, agus gan cur leis na neamhionannais atá ann cheana;
6. á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhsheasmhacht idir beartais, straitéisí, tionscnaimh agus ionstraimí maoinithe uile an Aontais, go háirithe an ionstraim nua ‘NDICI – an Eoraip Dhomhanda’, an tionscnamh ‘Foireann na hEorpa’ agus an straitéis nua ‘Global Gateway’, mar aon le hailíniú dlúth le straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt (PCD) agus Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe (PCSD) ríthábhachtach chun a chinntiú go dtabharfaidh AE an fhreagairt dhomhanda is fearr is féidir ar mhaithe leis an bhfás inbhuanaithe, an fhorbairt agus an tsíocháin; den tuairim gur cheart go gcuirfeadh EFAD feabhas ar a infheicthe atá AE agus ar thionchar a mhaoinithe forbraíochta ar fud an domhain, chun a áirithiú go mbeidh an ról a mheastar atá ag AE ar fud an domhain ag teacht le méid a chuid tacaíochta;
7. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an chaoi ar nocht paindéim COVID-19 na struchtúir sheanbhunaithe a chuireann leis an neamhionannas sláinte; den tuairim gur cheart go rannchuideodh EFAD le hinfheistíochtaí i gcórais sláinte poiblí a bhfuil teacht aniar iontu, i gcúram sláinte, i seirbhísí cúraim sláinte, agus sa taighde ar theicneolaíochtaí nua sláinte, vacsaíní agus cóireálacha agus ina bhforbairt, agus béim á cur ar ghalair a thagann chun cinn arís agus arís eile i dtíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh go mbeadh an deis ann ardán a chruthú chun nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, eolas agus saineolas a chomhroinnt, rud a thacódh le comhpháirtíochtaí ina bhfuil geallsealbhóirí éagsúla, a chothódh idirphlé príobháideach poiblí agus a mholfadh réitigh nuálacha ghnó chun dlús a chur leis an bhforbairt inbhuanaithe; ag cur béim ar ról na n-infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha agus na gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus ar an tábhacht atá le hacmhainní intíre a shlógadh i dtíortha comhpháirtíochta agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as cistiú ón Aontas chun an bhearna chistiúcháin USD 2.5 trilliún a dhúnadh, rud a theastaíonn chun na SDGanna a bhaint amach faoi 2030, agus an dea-rialachas á neartú agus an t-éilliú á chomhrac ag an am céanna;
Dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu
8. á chur i bhfios go láidir gur ar thíortha forbartha agus ar thíortha atá i mbéal forbartha araon atá an fhreagracht na SDGanna a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go bhfágfadh ranníocaíocht airgeadais AE leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta gur féidir le tíortha comhpháirtíochta rannchuidiú lena bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta féin agus na SDGanna a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá an fhreagracht ar an leibhéal náisiúnta sa chomhthéacs sin; á chur i bhfáth nach mór go ndéanfadh EFAD agus straitéis AE maidir leis na SDGanna, a bhfuiltear ag dréim léi le fada, tacar beartas agus gealltanas inmheánach agus seachtrach de chuid AE atá comhordaithe agus comhleanúnach a léiriú agus a éascú, lena n-áirítear trí thacar uirlisí an bheartais forbartha atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir nach mór an maoiniú poiblí agus príobháideach a chur i gcomhréir le cuspóirí na SDGanna agus Comhaontú Pháras; á chur in iúl gurb oth léi, sa chomhthéacs sin, nach bhfuil straitéis chomhtháite agus iomlánaíoch maidir le cur chun feidhme na SDGanna curtha le chéile ag an gCoimisiún go fóill, rud a chuireann bac mór ar an mian go ndéanfaí comhtháthú beartas a bhaint amach, cheal spriocanna soiléire agus intomhaiste uile-Aontais atá faoi cheangal ama le haghaidh na SDGanna uile mar thagarmharc tuairiscithe;
9. den tuairim gur cheart go mbeadh EFAD bunaithe ar shaineolas agus líonraí reatha a chuid gníomhaithe éagsúla uile (i.e. BEI, BEAF, na hInstitiúidí Eorpacha Maoinithe Forbraíochta agus eile); á aithint go ndearnadh dul chun cinn agus feabhsuithe maidir leis an EFAD a bheidh ann amach anseo ó thug an Chomhairle a cuid conclúidí, ach ag tabhairt dá haire gur príomhthréith den status quo reatha i gcónaí iad an easpa stiúrtha agus comhordaithe a dhéantar ar bheartais, an ilroinnt, an dúbláil agus an iomaíocht nach iomaíocht chuiditheach í idir na gníomhaithe thuasluaite; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí comhordú agus comhar níos fearr a bhaint amach chun an córas atá ann faoi láthair a dhéanamh níos éifeachtúla, níos comhoibríche agus níos dírithe ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní, lena mbaintear an leas is fearr is féidir as saineolas ábhartha geografach, earnálach agus airgeadais na bpríomh-chomhpháirtithe ar mhaithe le toradh níos fearr ar airgead cháiníocóirí AE agus tionchar forbartha níos láidre a bhaint amach;
10. á aithint gur gá leagan amach institiúideach an Aontais a fheabhsú, agus aghaidh a thabhairt ar ‘easnamh éifeachtacht na forbartha’, chun an comhordú trom maorlathach a laghdú agus chun an tsolúbthacht institiúideach a neartú d’fhonn acmhainn EFAD a uasmhéadú agus a thionchar forbartha a mhéadú;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú ar rialachas éifeachtach na straitéise ‘Global Gateway’, a chaithfear a chur chun cinn faoi stiúir ghinearálta Uachtarán an Choimisiúin, agus comhordú go dlúth ina leith sin leis an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le SEGS, leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an straitéis ag teacht le EFAD agus nach iomchuí leas a bhaint as cúlchiste maoinithe na hionstraime NDICI – an Eoraip Dhomhanda i dtaca le dúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn; ag tathant ar an gCoimisiún faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir leis an ríomh atá déanta aige ar an gcóimheas giarála le haghaidh oibríochtaí infheistíochta na straitéise ‘Global Gateway’ de chuid AE a fógraíodh le déanaí;
12. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil na príomhghnéithe de phrionsabail an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe (PCSD) in easnamh go córasach ó thionscnaimh rialála AE; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun na prionsabail sin a chomhlíonadh go hiomlán, chun cuspóirí na héifeachtachta cabhrach a bhaint amach; á éileamh go ndéanfaí na sásraí chun PCSD a áirithiú a chumhdach in EFAD; á iarraidh go ndéanfaí níos mó measúnuithe tionchair ex ante agus go mbunófaí córas réamhrabhaidh le haghaidh neamhréireachtaí beartais ag toscaireachtaí AE; ag moladh d’institiúidí ábhartha uile AE agus do na Ballstáit PCSD a úsáid ar bhealach níos córasaí agus níos éifeachtúla, lena n-áirítear ar an leibhéal polaitiúil is airde, agus go ndéanfaí é a phríomhshruthú i gceapadh agus cur chun feidhme gach sórt beartais de chuid AE chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag beartais ar bhaint amach na SDGanna; á mheabhrú gur cheart do BEI, do BEAF, do na hinstitiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta agus dá n-idirghabhálaithe sásraí PCSD a chur chun feidhme freisin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá PCSD a phríomhshruthú i mbeartais sheachtracha AE go háirithe agus gur gá aghaidh a thabhairt air chun na SDGanna a bhaint amach;
13. ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr a bhaint amach agus é d’aidhm aige infheistíochtaí inbhuanaithe fadtéarmacha a chruthú lena gcuirtear sláinte agus folláine na ndaoine agus an phláinéid araon chun cinn, agus lena gcosnaítear cearta an duine; á éileamh go mbeadh EFAD comhsheasmhach leis an reachtaíocht de chuid AE maidir le dícheall cuí agus freagracht chorparáideach a bheidh ann amach anseo, rud a áiritheoidh go mbeidh caighdeáin chearta an duine agus forbairtí rialála á gcomhlíonadh ag corparáidí, go mbeidh an dícheall cuí éigeantach agus go mbeifear ag cloí leis na gealltanais idirnáisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine; á chur i bhfios go láidir nach mór do EFAD na caighdeáin is airde maidir le trédhearcacht agus cuntasacht a chomhlíonadh; á iarraidh ar chomhaltaí EFAD dícheall cuí a gcuid oibríochtaí a neartú, comhairliúchán fóinteach leis an bpobal áitiúil i rith chur chun feidhme na dtionscadal a áirithiú, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcuid saineolais forbartha agus ar a n-acmhainn thiomnaithe agus a gcuid acmhainní daonna ar an talamh, an príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus cearta an duine a chosaint i ngach oibríocht, sásraí daingne cuntasachta a bheith acu do na pobail a ndéantar difear dóibh agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar easnaimh a gcuid rannpháirtíochta agus ar ról a n-idirghabhálaithe i dtionscadail a raibh drochthionchar acu ar phobail áitiúla i dtíortha atá i mbéal forbartha agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid sin;
14. á athdhearbhú nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme agus na hidirghabhálaithe airgeadais uile atá rannpháirteach i dtionscadail a bhaineann le ráthaíochtaí AE nó atá á maoiniú ó bhuiséad AE caighdeáin, beartais, rialacha agus nósanna imeachta sóisialta, comhshaoil, cánach, trédhearcachta, frithchalaoise agus frithéillitheachta a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) grinnscrúdú iomlán agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar oibríochtaí a bhfuil ráthaíochtaí ó bhuiséad AE mar thaca leo, agus aghaidh á tabhairt aici ar aon easnaimh ina cuid modhanna oibre atá ag cur cosc uirthi faoi láthair é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé meastóireacht neamhspleách a dhéanamh in am trátha ar CEFI+ agus ar an gcur chuige ‘Foireann na hEorpa’ chun a n-éifeachtacht, a bhfeidhmíocht agus a dtionchar forbartha a mheasúnú;
15. ag tabhairt dá haire gur tháinig cur chuige Fhoireann na hEorpa chun cinn mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19; den tuairim gur cheart go mbeadh ról lárnach ag cur chuige Fhoireann na hEorpa maidir le feabhas breise a chur ar chomhar straitéiseach, ar chomhordú domhanda agus ar chomhleanúnachas agus éifeachtacht na n-iarrachtaí forbartha, go háirithe ar leibhéal na tíre comhpháirtíochta, agus ar leibhéal AE agus na mBallstát freisin, lena n-áirítear ar leibhéal an rialtais réigiúnaigh; ag dréim le fócas agus treo níos láidre i dtaca le beartais, agus le sásraí níos láidre maidir leis an gcumarsáid agus an infheictheacht a mhéid a bhaineann leis an ionstraim CEFI+/NDICI – an Eoraip Dhomhanda; á éileamh, thairis sin, go ndéanfaí sásra grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa a chur chun feidhme go hiomchuí chun dlisteanacht dhaonlathach a thabhairt do ghníomhaíochtaí Fhoireann na hEorpa;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún treo cumhachtach beartais de chuid AE a chur chun tosaigh maidir le beartais forbartha agus EFAD a chomhordú ar bhealach lena bhféadfaí gníomhaíochtaí na nInstitiúidí Eorpacha Maoinithe Forbraíochta a ailíniú tuilleadh laistigh den ollstruchtúr nua oscailte, comhoibríoch, trédhearcach agus cuimsitheach chun cuspóirí beartais forbartha AE a bhaint amach, chun na dlúth-chomhpháirtíochtaí le réigiúin a neartú agus chun cur lena bhforbairt;
17. ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann próiseas clársceidealaithe na hionstraime NDICI – an Eoraip Dhomhanda deis ar fáil chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as ráthaíochtaí buiséadacha AE, go háirithe CEFI+; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh an t-ollstruchtúr airgeadais a bheidh ann amach anseo ar chumas na ngníomhaithe maoinithe forbraíochta ar fad a bhfuil suim acu ann a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear gníomhaithe beaga agus meánmhéide agus bainc agus geallsealbhóirí forbartha nach bainc agus geallsealbhóirí as AE iad; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh cothrom iomaíochta daingean ann ó thaobh rialachas CEFI+ agus rochtain ar acmhainní AE de; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh ann do chreat bainistíochta riosca leormhaith, bainistiú éifeachtach agus maoirseacht ar chur chun feidhme na n-ionstraimí maoinithe forbraíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos éifeachtaí a bhaint as a chuid acmhainní maidir le saineolas baincéireachta agus as a chuid acmhainní airgeadais agus teicniúla;
18. á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Coimisiún an chéad treochlár uaidh le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn; á mheabhrú, faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda, go gcuirtear ceangal ar an gCoimisiún comhdhéanamh, téarmaí tagartha agus rialacha nós imeachta an ghrúpa measúnaithe theicniúil a chur in iúl don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa agus a áirithiú go bhfuil comhaltaí an ghrúpa neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa acu; ag tathant ar an gCoimisiún bearta comhchosúla a chur i bhfeidhm chun trédhearcacht agus neamhchlaontacht an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe a áirithiú, grúpa a chuirfidh moltaí ar fáil don Choimisiún maidir le dlús breise a chur le sreabhadh an chaipitil phríobháidigh chuig tíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcloífidh EFAD leis an sprioc maidir leis an gcóras iltaobhach maoinithe forbraíochta a athbhunú chun cabhrú le deireadh a chur leis na cleachtais iasachtaithe neamh-inbhuanaithe atá ag roinnt tíortha atá ag feidhmiú lasmuigh den chóras sin, cleachtais a chuireann ní hamháin cothrom iomaíochta AE agus tíortha comhlíontacha eile i mbaol, ach a dhéanann méadú mór freisin ar an bhfiachas ard seachtrach atá ag go leor tíortha atá i mbéal forbartha, tíortha atá níos leochailí fós mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais sa chomhthéacs sin go bhfuil an t-ualach fiachais i roinnt mhaith tíortha atá i mbéal forbartha ag dul in olcas de dheasca chogadh na Rúise san Úcráin; á thabhairt chun suntais nach bhfuil na tíortha is lú forbairt in ann na SDGanna a chur chun feidhme gan tacaíocht airgeadais agus, dá bhrí sin, á iarraidh go láidir go ndéanfaí bearta faoisimh fiachais i gcomhréir leis na gealltanais inbhuanaitheachta;
20. á mheas gur cheart do thacsanomaíocht AE rannchuidiú le sreafaí caipitil a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht a thabhairt isteach i measc na gcritéar atá le cur san áireamh le haghaidh bainistiú riosca; á iarraidh ar an gCoimisiún tacsanomaíocht AE a fhorbairt tuilleadh agus institiúidí maoinithe forbraíochta, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon, mar aon le gníomhaithe príobháideacha atá gníomhach san fhorbairt, a spreagadh chun a gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe na gníomhaíochtaí sin i dtíortha atá i mbéal forbartha, a ailíniú le cuspóirí na SDGanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras;
Institiúidí Eorpacha agus náisiúnta airgeadais
21. á athdhearbhú go bhfuil ról sonrach ag BEI ar leibhéal AE agus ar bhonn domhanda – mar a leagtar amach é in Airteagal 209 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 36 den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag BEI maidir le hinfheistíochtaí AE a chur i gcrích agus dul i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún chun an straitéis ‘Global Gateway’ a chur chun feidhme;
22. ag aithint go bhfuil ról suaitheanta ag BEI sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa gheilleagar gorm inbhuanaithe agus gur rannchuidigh sé go mór le freagairt eacnamaíoch AE ar phaindéim COVID-19; á iarraidh ar AE cumas BEI a uasmhéadú tuilleadh mar uirlis chun neamhspleáchas straitéiseach AE a threisiú agus chun a chuid leasanna agus tosaíochtaí maidir leis an mbeartas seachtrach a chur chun cinn ina chaidreamh le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a chuid beartas agus cleachtas agus ar a thrédhearcacht, go háirithe trí na moltaí a chuir an tOmbudsman Eorpach le chéile a chur chun feidhme chun roinnt céimeanna trédhearcachta a ghlacadh chun é a chur ar chumas an phobail an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail a mhaoiníonn sé ar an gcomhshaol a fheiceáil ar bhealach níos éasca, mar a leagtar amach i gcásanna 1065/2020/PB, 1251/2020/PB agus 1252/2020/PB;
23. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh BEI Domhanda, brainse laistigh de Ghrúpa BEI atá tiomnaithe don fhorbairt mar atá sainmhínithe ag BEI, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 i leith; á iarraidh ar BEI a láithreacht ar an talamh a neartú agus leas á bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le SEGS, le toscaireachtaí AE, le BEAF agus le hinstitiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta eile; á chur i bhfios go gcuireann an easpa faisnéise faoin gcaoi a maoinítear BEI Domhanda a shainordú i mbaol ón tús, agus freisin mar gheall ar ghealltanais an eintitis nua sin ó thaobh na gcuspóirí forbartha de; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh sainordú nithiúil agus láidir forbartha ann don BEI Domhanda; ag dréim leis go mbeidh an struchtúr nua sin agus a bhord comhairleach, a chuid spriocanna agus forálacha buiséadacha, feidhmiú eagraíochtúil agus spriocanna sonracha an bhrainse, mar aon lena chuid sásraí comhordaithe le hinstitiúidí eile maoinithe forbraíochta, go hiomlán trédhearcach, lena n-áirítear trí dhoiciméid a fhoilsiú go réamhghníomhach, trí ionadaíocht fhiúntach na dtíortha is faighteoirí a áirithiú agus trí mhalartuithe rialta le Parlaimint na hEorpa agus trí idirphlé oscailte le geallsealbhóirí, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe áitiúla;
24. ag spreagadh BEI chun leanúint de pháirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt pleanála, faireacháin agus meastóireachta ar leibhéal na tíre, i gcomhar le toscaireachtaí AE agus trí chómhaoiniú leis na hinstitiúidí maoinithe forbraíochta; á iarraidh go mbeadh comhordú níos láidre ann idir an Coimisiún agus SEGS agus á iarraidh ar thoscaireachtaí AE plé agus comhar leis na gníomhaithe ábhartha ar an talamh a éascú chun na tionscadail is fearr a chomhlíonann cuspóirí éifeachtacht na forbartha a shainaithint;
25. ag moladh do BEI agus BEAF a gcomhlántacht agus a gcuid samhlacha gnó a threisiú tuilleadh trí thionscnaimh níos fearr maidir le spleáchas frithpháirteach, ós rud é gur mó na riachtanais ná a gcuid comhacmhainní; á iarraidh ar BEI agus BEAF a gcuid oibre a chomhordú feadh conairí éagsúla agus roinnt a gcuid saothair a shoiléiriú chun cabhrú le gach banc díriú ar a chuid chroí-inniúlachtaí faoi seach, agus dúbláil agus sladghearradh praghsanna a sheachaint ar an gcaoi sin; ag tabhairt dá haire gur gá modhanna oibre agus uirlisí BEI agus BEAF a chur in oiriúint do na riachtanais infheistíochta san Afraic, go háirithe chun infheistíochtaí mórscála a éascú, agus tacaíocht AE do thionscadail áitiúla ar scála níos lú á coinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh láithreacht AE le feiceáil agus go mbeadh idirphlé leanúnach polaitiúil ann i gcás infheistíochtaí Eorpacha; ag tabhairt dá haire gur gá do EFAD an leas is fearr is féidir a bhaint as na buntáistí a bhaineann le cúlraí struchtúracha agus modhanna oibre éagsúla na mbanc forbartha agus na n-institiúidí airgeadais atá ann cheana ar an leibhéal Eorpach chun a éifeachtúla atá rannchuidiú AE leis an bhforbairt inbhuanaithe a mhéadú; ag dréim leis go n-áiritheoidh agus go soláthróidh BEI, BEAF agus institiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta eile fianaise i bhfoirm measúnuithe tionchair ex ante go rannchuidíonn gach tionscadal, agus go háirithe tionscadail maoinithe chumaiscthe, le cuspóirí forbartha AE, lena n-áirítear na cuspóirí sin a bhaineann leis na tíortha is lú forbairt, agus go gcomhlíonann sé caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar BEI, ar BEAF agus ar institiúidí Eorpacha maoinithe forbraíochta a áirithiú go mbeidh a bhfoirne comhairleacha agus cúnaimh theicniúil in ann an comhionannas inscne agus an fhorbairt ionchuimsitheach a chur chun cinn;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar BEI, ar an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus ar bhainc forbartha agus institiúidí airgeadais eile ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear institiúidí beaga maoinithe forbraíochta, a gcomhar a neartú, go háirithe faoi chuimsiú NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus a chuid cuspóirí, agus ó thaobh spriocanna Chlár Oibre 2030 a bhaint amach ar fud an domhain freisin, agus acmhainní agus maoiniú a chomhthiomsú, agus feabhas a chur ar an gcomhordú agus ar an gcumarsáid i gcomhthionscadail, trí leas a bhaint as a gcuid saineolais airgeadais faoi seach; á iarraidh ar an gCoimisiún ról níos láidre a imirt ó thaobh cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thionscadail agus cúnamh a thabhairt d’institiúidí maoinithe forbraíochta agus do ghníomhaithe forbartha eile leis an gcomhordú; á iarraidh go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann i leith institiúidí beaga maoinithe forbraíochta na mBallstát ó thaobh rochtain a fháil ar chistiú faoin ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt;
27. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint le sineirgí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar thionscnaimh mhaoiniúcháin BEAF, BEI agus institiúidí maoinithe forbraíochta eile atá ag díriú ar thíortha comharsanachta na hEorpa, agus tábhacht á leagan go háirithe ar thíortha is iarrthóirí AE; á mheabhrú, i bhfianaise an chogaidh atá fós ar siúl san Úcráin, go bhfuil an maoiniú Eorpach i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha is iarrthóirí ina chuid fhíor-riachtanach de na hathchóirithe is gá chun na critéir aontachais a chomhlíonadh, i gcomhréir le leasanna AE i réimse an bheartais eachtraigh;
28. á iarraidh ar BEI oibriú ar bhealach níos dlúithe le Banc Forbartha na hAfraice agus measúnú a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le fochuideachta chomhpháirteach a bhunú tar éis do phlean gníomhaíochta comhpháirtíochta BEI-Bhanc Forbartha na hAfraice a bhfuiltear ina bhun faoi láthair a bheith curtha chun feidhme; á iarraidh ar BEI tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na chéad chéimeanna eile atá le glacadh; á chur i bhfios go láidir gur gá maoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí fadtéarmacha a chothaíonn forbairt inbhuanaithe agus a chuireann leis an gcomhar go dtí seo, chun tuilleadh deiseanna forbartha inbhuanaithe a chur ar fáil do mhór-roinn na hAfraice; ag moladh go gcruthófaí moil tionscadail agus chomhairleacha, arna n-oibriú go comhpháirteach ag BEI agus Banc Forbartha na hAfraice, chun pointí teagmhála éifeachtacha a chruthú do ghníomhaithe áitiúla ar mhaithe le comhairle a fháil agus tionscadail a thionscnamh agus chun freastal níos fearr ar na riachtanais forbartha ar an talamh, chomh maith le feabhas a chur ar an rannpháirtíocht áitiúil i dtionscadail choiteanna forbartha; á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfaí tacaíocht d’fhorbairt na hearnála príobháidí áitiúla san Afraic, go háirithe trí níos mó cistí a sholáthar do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide san Afraic;
29. á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le rannpháirtíocht áitiúil agus le cur chuige comhoibríoch agus cuimsitheach agus gur cheart creat láidir a bheith mar bhonn leis do chomhairliúcháin áitiúla chórasacha le geallsealbhóirí agus tairbhithe chun tionchar buan a fhágáil ar an bhforbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an creat do chomhairliúcháin áitiúla chórasacha leis na geallsealbhóirí agus na tairbhithe a fheabhsú tuilleadh;
30. á iarraidh ar institiúidí maoinithe forbraíochta na mBallstát an cuimsiú airgeadais a leathnú tuilleadh chun tacú leis an rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe dóibh siúd is mó atá i ngátar, lena n-áirítear mná, toisc go gcuireann sé lena gcumhachtú eacnamaíoch; á iarraidh ar EFAD, sa chomhthéacs sin, rannchuidiú leis an tríú plean gníomhaíochta inscne de chuid AE a chur chun feidhme ina iomláine; ag meabhrú na sprice maidir leis an gcomhionnanas inscne a bheith mar phrionsabal nó mar chuspóir tábhachtach ag 85 % ar a laghad de ghníomhaíochtaí, ar cheart go mbeadh comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag 5 % díobh ar a laghad; á iarraidh go mbeadh oibleagáid ann, i gcás na n-oibríochtaí ar fad a dhéantar faoi EFAD, sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus meastóireachtaí tionchair inscne ex ante agus meastóireachtaí tionchair inscne ex post a áireamh iontu;
31. ag moladh do na bainc agus na hinstitiúidí forbartha uile gealltanais inbhuanaithe a thabhairt agus infheistíochtaí misniúla a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí an bheartais forbartha, go háirithe an neamhionannas a laghdú agus an bhochtaineacht a dhíothú, seachas ó thaobh toradh ar infheistíocht de; á aithint, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a spreagadh lena mbaineann níos mó riosca i suíomhanna forbartha atá níos dúshlánaí, amhail tíortha leochaileacha nó tíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu, agus earnálacha tearcfhreastail amhail earnáil na haeráide, earnáil na bithéagsúlachta, earnáil an oideachais agus earnáil na sláinte; á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, nach mór aon rioscaí gaolmhara a bhaineann le buiséad AE, amhail éileamh méadaithe ar ráthaíochtaí buiséadacha AE, a íoslaghdú, agus nach mór rátáil ard chreidmheasa BEI a chaomhnú; ag moladh d’institiúidí maoinithe forbraíochta níos mó riosca a ghlacadh ina gcláir infheistíochta trí CEFI+, ionas go mbainfidh siad na geilleagair is leochailí amach; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, ról níos mó a ghlacadh maidir le tionchar intomhaiste agus breise na forbartha a áirithiú gan an margadh áitiúil a shaobhadh ná gan dul in iomaíocht go héagórach le gníomhaithe áitiúla eacnamaíocha, agus maidir le cabhrú le tionscadail a fhorbairt ó thaobh an tsoláthair de trí thacaíocht a chur ar fáil d’ullmhú tionscadal agus trí chabhrú le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta comhordú a dhéanamh, agus lánpháirtiú na n-institiúidí beaga maoinithe forbraíochta á áirithiú ag an am céanna;
32. ag aithint a thábhachtaí atá bainc forbartha na mBallstát laistigh de struchtúr EFAD agus an acmhainneacht a bhaineann leo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, ról na n-idirghabhálaithe atá i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta, go háirithe maidir le sáruithe ar chearta an duine a tuairiscíodh; á chur i bhfáth go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag forbairt na hearnála príobháidí áitiúla san Afraic fho-Shahárach ó thaobh cumhacht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta iad féin a chur ar bhealach na forbartha inbhuanaithe;
33. á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar thionscnaimh Fhoireann na hEorpa bunaithe ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla faoi chuimsiú NDICI – an Eoraip Dhomhanda, agus meastóireacht á déanamh ag an am céanna ar na hacmhainní a shlógtar, ar phleanáil agus tionchar na forbartha, ar chomhchuibhiú agus cur i bhfeidhm chaighdeáin AE, ar ghné na lánpháirtíochta Eorpaí agus ar rannpháirtíocht na mBallstát; á éileamh go ndéanfaí an tuairisciú sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa agus go gcuirfí ar fáil go poiblí é; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa ó thaobh grinnscrúdú a dhéanamh ar na cuspóirí polaitiúla atá le tionscnaimh Fhoireann na hEorpa agus ar na torthaí orthu a bhfuiltear ag dréim leo, ar an leibhéal ginearálta agus ar leibhéal an tionscadail araon, ar bhealach a áirithíonn go bhfuil tionscnaimh Fhoireann na hEorpa ag obair in éineacht leis na sásraí atá ann cheana agus go gcuireann siad leis na cláir tháscacha ilbhliantúla seachas a bheith ina bhforlíonadh orthu;
34. á athdhearbhú go gcothaíonn rialú agus grinnscrúdú institiúideach ar mhaoiniú AE díospóireacht dhaonlathach agus go gcuidíonn sé le hinchreidteacht agus trédhearcacht AE a threisiú; ag tarraingt aird ar ról tábhachtach Parlaimint na hEorpa agus ar a ról grinnscrúdaithe faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda ina leith sin; á iarraidh go mbeadh oibleagáidí ann lena n-áiritheofaí go bhfuil cur chun feidhme EFAD le feiceáil go hiomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus tráthúil i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin; á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascálacha rialta a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme EFAD, a chuirfear ar fáil go poiblí agus as a dtiocfaidh moltaí beartais, lena n-áirítear maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh ar mhaithe le feabhsuithe; á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le ról AE ó thaobh tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla agus ag moladh go ndéanfaí cumarsáid níos fearr leis an bpobal;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar institiúidí EFAD an trédhearcacht a chur chun cinn ina gcuid nósanna imeachta soláthair; á mheabhrú gur cheart go mbeadh gnólachtaí AE in ann dul san iomaíocht ar an mbonn céanna le gnólachtaí atá lonnaithe i dtíortha nach bhfuil in AE;
36. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus inchomparáide a fháil go tráthúil chun dul chun cinn agus torthaí iarbhír a thomhas, agus chun a shuí an raibh maoiniú forbraíochta AE éifeachtach agus sa bhreis ar mhaoiniú eile; á chur in iúl gurb oth léi nach ann do chreat aontaithe maidir le tuairisciú agus tomhas torthaí lena ngabhann táscairí inchomparáide le haghaidh CEFI+; ag spreagadh an Choimisiúin creat den sórt sin a fhorbairt chun gur féidir bainistiú torthaí a chomhchuibhiú; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-eolas is déanaí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir le hábhar agus cur chun feidhme an chreata sin;
37. á chur in iúl go bhfuil sí ag súil leis an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cúnamh forbartha don chlársceidealú, ina ndéanfar a mheas ar leithdháileadh cúnamh forbartha AE do 2021-2027 de réir straitéis dhea-shainithe; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar bhreisíocht an mhaoinithe chumaiscthe chun éifeachtacht na n-ionstraimí sin a chinneadh ó thaobh torthaí forbartha agus cuspóirí beartais a bhaint amach bunaithe ar luachanna AE; á iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí machnamh a dhéanamh ar mheasúnú den sórt sin a dhéanamh;
Maoiniú forbraíochta
38. ag éileamh ar na Ballstáit seasamh leis an ngealltanas a thug siad go gcaithfidís 0.7 % dá n-ollioncam náisiúnta ar chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA); á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach raibh sa chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) ó gheilleagair ardfhorbartha in 2020 ach 0.32 % dá n-ollioncam náisiúnta (OIN) ar an meán – níos lú ná leath den ghealltanas 0.7 %, gealltanas nach bhfuil bainte amach ach ag ceithre Bhallstát; á thabhairt chun suntais go gcuirfidh tionchar chogadh na Rúise san Úcráin ar an gcaiteachas rialtais ar fud an domhain tuilleadh brú ar na buiséid chabhrach, buiséid atá íseal cheana féin; ag tabhairt dá haire gur gheall na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas tar éis 2002 go ndéanfaidís a ndícheall ODA/OIN a dtíre a mhéadú go 0.33 %; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta go dtí seo ag na Ballstáit sin agus ag Ballstáit eile a gcaiteachas ar ODA a mhéadú de réir a chéile; ag moladh dóibh leanúint orthu ar an mbealach sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag ODA mar spreagthóir an athraithe agus mar luamhán chun acmhainní eile a shlógadh; á mheas gur cheart do AE a dhícheall a dhéanamh a sheasamh mar cheannaire domhanda i dtaca le ODA a choinneáil; á mheabhrú nach mór do 93 % ar a laghad den chaiteachas faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda na critéir le haghaidh ODA a chomhlíonadh;
39. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gealltanas AE go ndéanfaidh sé acmhainní a shlógadh ar mhaithe leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus ról BEI agus chomhaltaí eile EFAD ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Chomhairle gealltanas go ndéanfadh sí EFAD a stiúradh i dtreo Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, na SDGanna agus Comhaontú Pháras a bhaint amach chun teorainn 1.5 °C a chur leis an téamh domhanda; ag meabhrú na sprice atá leagtha síos faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda gur ar mhaithe leis an aeráid a bheadh 30 % den chaiteachas iomlán agus na sprice gur ar an mbithéagsúlacht a chaithfí 7.5 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi 2024 mar a leagtar amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil gealltanais níos sonraí i ndáil le spriocanna an bheartais aeráide tugtha ag an gCoimisiún sa treochlár uaidh, agus á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfar é sin a leigheas i ndoiciméad clársceidealaithe atá ar na bacáin; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar na hoibríochtaí uile lena maoinítear earnálacha a chuireann leis an ngéarchéim aeráide, tionscal na mbreoslaí iontaise den chuid is mó; á aithint gur cheart do EFAD a bheith cuimsitheach le haghaidh na réigiún agus na dtíortha comhpháirtíochta uile, agus á aithint ag an am céanna go bhfuil sciar suntasach den infheistíocht á dhíriú chuig na Balcáin Thiar agus chuig Comharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt;
40. ag aithint ról na micrifhiontar áitiúil, na bhfiontar beag agus meánmhéide, na gcomharchumann, na samhlacha cuimsitheacha gnó agus na n-institiúidí taighde mar nithe a thiomáineann an fás, an fhostaíocht agus an nuálaíocht áitiúil, rud a chuideoidh, dá réir sin, le baint amach na SDGanna; á chur i bhfios go láidir gur gá an rochtain ar mhaoiniú a shimpliú, an ionchuimsitheacht a neartú agus tacú le gníomhaithe beaga, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rochtain ar shonraí ábhartha atá ar fáil go poiblí; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach mór rochtain éasca a bheith ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) áitiúla ar sheirbhísí airgeadais i gcreat EFAD; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh sé mar thoradh ar bheartais AE go spreagfaí comhar idir cuideachtaí agus fiontair, go háirithe FBManna, chun go mbeidh ról gníomhach acu i dtionscnaimh a chuireann leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha;
41. á iarraidh ar an gCoimisiún nasc a bhunú idir gníomhaíochtaí laghdaithe riosca a d’fhéadfadh a bheith ann agus an tacaíocht airgeadais le haghaidh rochtain ar an oideachas agus ar an ngairmoiliúint, go háirithe ar mhaithe le bonneagar agus oiliúint chuí a chur ar fáil do mhúinteoirí, faoi NDICI – an Eoraip Dhomhanda, chun baint amach SDG 4 a éascú;
42. ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ar leith le hinfheistíochtaí AE i réimse na talmhaíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear cleachtais agrai-éiceolaíocha, i gcás ina bhfuil infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí in easnamh; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfidh rochtain a bheith ag feirmeoirí áitiúla, feirmeoirí beaga agus feirmeacha teaghlaigh ar sheirbhísí airgeadais, agus, go háirithe, ar mhicreamhaoiniú;
43. ag tabhairt dá haire go bhfuil an easpa rochtana ar an margadh de dheasca deacrachtaí nascachta ar cheann de na príomhbhaic atá ar an tslándáil bia i roinnt mhaith réigiún san Afraic; á mheas go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag infheistíochtaí AE sa réimse sin;
44. ag cur sonrú sa réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú agus domhandú an gheilleagair, mar a chomhaontaigh comhaltaí Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú go bhfuil an t-íosráta cánach corparáide 15 % a comhaontaíodh le haghaidh fiontair ilnáisiúnta ar an leibhéal domhanda á chur i bhfeidhm go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir, de réir na meastachán, go bhfuiltear ag dréim leis go nginfidh an cháin íosta sin thart ar USD 150 billiún d’ioncam breise cánach ar domhan gach bliain;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún comhar idirnáisiúnta i gcúrsaí cánach a chur chun cinn chun imghabháil cánach, sreabhadh aindleathach airgeadais agus an t-éilliú a chomhrac chun maoiniú forbraíochta a chothú atá fiúntach agus inbhuanaithe agus a rannchuidíonn leis an neamhionannas agus an bhochtaineacht a laghdú;
°
° °
46. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus chuig na Náisiúin Aontaithe.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Le cúig bliana déag anuas, buaileadh an domhan, go leanúnach, le géarchéim bhaincéireachta, eacnamaíoch agus airgeadaíochta na bliana 2008, géarchéim COVID ó 2019 i leith agus, le déanaí, cogadh ionsaitheach na Rúise san Úcráin. Go deimhin, d’fhéadfaí plé a dhéanamh ar feadh i bhfad i dtaobh an raibh na suaití sin intuartha. Is léir nach raibh siad intuartha. Chomh maith leis sin, chuir gach ceann acu isteach ar an gclár oibre idirnáisiúnta polaitiúil agus chaith siad amhras ar na gealltanais a tugadh ag comhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir le cúnamh oifigiúil um fhorbairt a mhaoiniú in Addis Ababa in 2015, ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i Nua Eabhrac agus ag Comhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide.
Léiríodh go raibh éifeacht mhéadaithe ag na géarchéimeanna sin go léir ós rud é go bhfuil maoiniú ollmhór de dhíth chun freagairt ar na fadhbanna forbartha. I bhfianaise na dtosaíochtaí nua, is dócha go gcuirfear moill mhór, ar a laghad, ar bhaint amach SDGanna faoi 2030. Is spriocanna iad seo is féidir a bhaint amach: díothú an ocrais, díothú na bochtaineachta, dea-shláinte, oideachas ar ardchaighdeán, uisce glan agus sláintíocht, gan trácht ar rochtain ar fhuinneamh inacmhainne.
Ós rud é go measann UNCTAD go bhfuil infheistíocht de EUR 4200 billiún ag teastáil, arb ionann é agus 4.2 % OTI domhanda, ní mór dul i ngleic leis na dúshláin sin le diongbháilteacht eisceachtúil. Is cinnte nach bhfuil an tAontas Eorpach in ann acmhainní suntasacha den sórt sin a shlógadh as féin.
Is cinnte nach bhfuil an tAontas Eorpach in ann acmhainní suntasacha den sórt sin a shlógadh as féin. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil taithí, saineolas agus seasamh aige mar an deontóir cabhrach um fhorbairt is mó ar domhan, fágann sé go bhfuil ról mar cheannródaí aige sa réimse seo. Tá ionstraim chistiúcháin (NDICI – an Eoraip Dhomhanda) níos simplí, níos solúbtha agus, dá bhrí sin, níos éifeachtaí ag baint lena chomhar um fhorbairt anois, ar comhar é a bhfuil an-mheas air. Tá a Bhallstáit, freisin, ina gcomhúinéirí ar an mBanc Eorpach Infheistíochta, an soláthróir is mó maidir le maoiniú aeráide ar an leibhéal domhanda, rud a fhágann institiúidí airgeadais, amhail an Banc Domhanda, i bhfad ar gcúl. Dá bhrí sin, tá gníomhaí ag an Aontas Eorpach atá éifeachtach, iontaofa agus fréamhaithe go hiomlán i luachanna na samhla Eorpaí. Dá bhrí sin, is comhpháirtí institiúideach pribhléideach é i gcur chun feidhme bheartas AE maidir le comhar um fhorbairt. Ós rud é go ndearna BEI brainse áirithe um fhorbairt a chur ar bun le déanaí, léirítear go bhfuil sé toilteanach páirt iomlán a ghlacadh sa Domhan Theas.
Gníomhaí tábhachtach eile is ea an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha. Más fíor é go bhfuil sé toilteanach páirt níos mó a ghlacadh i réimse na forbartha, is cinnte go n-iarrfar go láidir air cuid shuntasach dá chuid acmhainní a dhíriú ar atógáil na hÚcráine, a ndearna dhá cheann dá scairshealbhóirí dochar di. Is ann do bhainc um fhorbairt na mBallstát freisin.
Tá roinnt acu, lena n-áiritear Banc um Fhorbairt na Fraince (AFD) nó KFW go háirithe, i measc na bpríomhsholáthróirí d’institiúidí maoinithe forbraíochta, mar aon le roinnt gníomhaithe comhchosúla.
Tá an cumas céanna ag na gníomhaithe sin go léir cistí suntasacha, príobháideacha den chuid is mó, a chur i dtreo tionscadail nó cláir infheistíochta ar mhaithe le tíortha i mbéal forbartha. Tá a gcuid saineolais agus a bhfios gnó ríthábhachtach má theastaíonn uainn na gealltanais a tugadh in 2015 ag comhdhálacha suntasacha na Náisiún Aontaithe maidir le maoiniú forbraíochta, SDGanna agus comhaontuithe Pháras maidir leis an athrú aeráide a chomhlíonadh.
Maidir le haon ollstruchtúr, amhail ceann a bhfuil sé de chúram air maoiniú forbraíochta a eagrú, glactar leis go bhfuil fís agus toilteanas ann ón tús chun spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach. Is ar an mbonn sin nach mór soiléiriú a dhéanamh ar an gcur chuige Eorpach maidir lena ghealltanais forbartha a bhaint amach. Tá an fhís atá aige fréamhaithe go daingean inár mbunluachanna, lena ráthaítear sochaithe atá níos saoire, níos cothroime agus a chorpraíonn samhail an gheilleagair margaidh shóisialta. Tá Parlaimint na hEorpa ag dréim leis go mbeidh gach institiúid airgeadais ar mian leo páirt a ghlacadh san ollstruchtúr sin go hiomlán i gcomhréir leis an tsamhail Eorpach atá sainithe mar sin.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (17.5.2022)
chuig an gCoiste um Fhorbairt
maidir leis an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo
Rapóirtéir don tuairim (*): Angelika Winzig
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Fhorbairt, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. ag leagan béim ar na conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt (EFAD) agus maidir le treochlár an Choimisiúin le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn an 24 Márta 2022 (COM(2022)0139); ag leagan béim ar an ról lárnach atá ag an ‘Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda’ (NDICI – an Eoraip Dhomhanda), ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha maidir le creat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh maoiniú cumaiscthe, chun na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí agus ráthaíochtaí a laghdú agus chun acmhainní ón earnáil phríobháideach a chur chun úsáide le tacaíocht ó bhuiséad AE, go háirithe i bhfianaise iomaíocht gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag dul i méid;
2. á thabhairt chun suntais gur cheart do EFAD tacú le leasanna straitéiseacha AE agus luachanna AE a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; á chur i bhfios go láidir nach mór oibríochtaí lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear tionscadail maoinithe chumaiscthe, a bheith i gcomhréir le cuspóirí beartais sheachtraigh an Aontais agus nach mór dóibh a bheith ina gcuidiú chun spriocanna forbartha AE a bhaint amach;
3. ag tabhairt dá haire gurb é AE an deontóir is mó ar domhan; á thabhairt chun suntais gur gá infheictheacht agus feasacht níos fearr ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail forbartha an Aontais a chur chun cinn; á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne maidir le ról AE tacaíocht a thairiscint do phobail áitiúla; ag moladh dóibh siúd uile atá rannpháirteach dlús a chur lena n-iarrachtaí comhpháirteacha cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal;
4. á aithint go ndearnadh dul chun cinn agus feabhsuithe maidir leis an EFAD a bheidh ann amach anseo ó thug an Chomhairle a cuid conclúidí, ach á thabhairt dá haire gur príomhthréith den status quo gurb ea easpa stiúrtha beartais, easpa comhordaithe, ilroinnt, dúbláil agus iomaíocht nach iomaíocht chuiditheach í idir an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus institiúidí Eorpacha forbartha agus airgeadais; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí chun an córas atá ann faoi láthair a dhéanamh níos éifeachtúla, níos comhoibríche agus níos dírithe ar úsáid optamach acmhainní a áirithiú, lena mbaintear an leas is fearr is féidir as saineolas ábhartha geografach, earnálach agus airgeadais na bpríomh-chomhpháirtithe, ar mhaithe le toradh níos fearr ar airgead cháiníocóirí AE agus tionchar forbartha níos láidre a bhaint amach;
5. á chur in iúl gur geal léi na gealltanais ón gComhairle EFAD a stiúradh i dtreo Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, na SDGanna agus Comhaontú Pháras a bhaint amach d’fhonn an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C; ag meabhrú sprioc dhomhanda NDICI – an Eoraip Dhomhanda maidir le 30 % caiteachas domhanda a chaitheamh ar an aeráid agus an sprioc 7.5 % de OTI a chaitheamh ar bhithéagsúlacht faoi 2024 mar a leagtar amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil, agus á iarraidh go dtabharfaí tús áite do thionscadail lena gcruthaítear comhthairbhí agus lena mbaintear amach cuspóirí iolracha; á iarraidh go ndéanfar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm go dian; á chur in iúl gurb oth léi nach ndéanann an Coimisiún gealltanais níos sonraí i ndáil le spriocanna beartais aeráide ina threochlár, agus á chur in iúl go bhfuil sí ag súil go ndéanfar é sin a leigheas i ndoiciméad clársceidealaithe atá ar na bacáin; á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar na hoibríochtaí uile lena maoinítear earnálacha a rannchuidíonn leis an ngéarchéim aeráide, tionscal na mbreoslaí iontaise den chuid is mó;
6. á aithint gur cheart EFAD a dhíriú den chuid is mó ar na tíortha is lú forbairt, ar thíortha leochaileacha nó ar thíortha ina bhfuil coinbhleacht, ina bhfuil na riachtanais is mó, go háirithe san Afraic fho-Shahárach; á mheabhrú, áfach, go bhfuil sciar suntasach d’infheistíochtaí dírithe ar na Balcáin Thiar agus ar Chomharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt, agus á chur i bhfios go láidir gur gá cistiú a chur ar fáil chun dul i ngleic le dúshláin nua agus chun tacú le tosaíochtaí nua sna réigiúin sin;
7. ag tabhairt chun suntais go bhfuil tionchar suntasach ag an ionsaí míleata a rinne Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar, ar an timpeallacht forbartha agus ar an staid eacnamaíoch agus slándála in AE agus ina chomharsanacht; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar BEI, ar BEAF agus ar institiúidí Eorpacha forbartha agus airgeadais oibriú ar phleananna gníomhaíochta chun an Úcráin a atógáil ar bhealach níos fearr, níos glaise agus níos cuimsithí; á aithint, ina theannta sin, go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus bia mar thoradh ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a chuireann leis na riachtanais dhaonnúla, go háirithe san Afraic fho-Shahárach; ag leagan béim ar an ngá práinneach atá le cistiú breise, lena n-áirítear trí chúlchiste NDICI – an Eoraip Dhomhanda, chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca gan choinne sin;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar BEI, ar BEAF agus ar institiúidí Eorpacha forbartha agus airgeadais a gcomhar a neartú laistigh d’ollstruchtúr oscailte CEFI+ trí chur chuige ‘Foireann na hEorpa’ a ghlacadh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le speisialtóireacht níos fearr agus roinnt saothair níos fearr chun sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú;
9. á chur i bhfios go láidir gur cheart don ollstruchtúr airgeadais a bheidh ann amach anseo a bheith oscailte agus comhoibríoch agus gur cheart go gcuirfeadh sé ar chumas na ngníomhaithe airgeadais don fhorbairt ar fad a bhfuil suim acu ann páirt a ghlacadh, lena n-áirítear gníomhaithe beaga agus meánmhéide agus bainc agus geallsealbhóirí forbartha nach bainc agus geallsealbhóirí AE iad; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeidh cothrom na Féinne ann a mhéid a bhaineann le rialachas CEFI+ agus le rochtain ar acmhainní AE, lena n-áirítear trí fhothú acmhainneachta agus tacaíocht a thabhairt do bhainc forbartha bheaga agus d’institiúidí airgeadais, toisc go bhfuil sé sin ríthábhachtach do chomhar tairbheach i measc institiúidí Eorpacha forbartha agus airgeadais; á chur i bhfios go láidir gur gá imeacht ón gcur chuige tionscadalbhunaithe atá ann faoi láthair i dtreo clársceidealú earnáilbhunaithe a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ann ón tús, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta, chun trédhearcacht, giaráil agus tionchar a mhéadú;
10. á chur i bhfáth go bhfuil gá le húinéireacht áitiúil agus le cur chuige comhoibríoch agus cuimsitheach agus gur cheart creat láidir a bheith mar bhonn leis do chomhairliúcháin áitiúla córasacha le geallsealbhóirí agus tairbhithe, chun tionchar buan a bhaint amach ar an bhforbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an creat do chomhairliúcháin áitiúla córasacha leis na geallsealbhóirí agus na tairbhithe a fheabhsú tuilleadh;
11. á athdhearbhú go bhfuil ról fabhraithe ag BEI mar chomhpháirt infheistíochta an Aontais agus á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh a bhrainse forbartha le déanaí, BEI Domhanda; á chur i bhfios go láidir go bhfuil láithreacht áitiúil ríthábhachtach le haghaidh oibríochtaí rathúla maoiniúcháin agus á iarraidh ar BEI leas a bhaint as sampla an BEAF agus a láithreacht ar an láthair a neartú trí oibrithe áitiúla agus baill foirne a earcú a bheidh dírithe ar an dícheall cuí comhshaoil, an dícheall cuí um chearta an duine, agus ar dhícheall cuí sóisialta, agus leas á bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le toscaireachtaí an Aontais, le BEAF agus le hinstitiúidí Eorpacha forbartha agus airgeadais eile; ag dréim leis go mbeidh an struchtúr nua sin agus a bhord comhairleach iomlán trédhearcach, lena n-áirítear trí dhoiciméid a fhoilsiú go réamhghníomhach, agus go n-áiritheofar idirphlé oscailte rialta leis na geallsealbhóirí, agus go háirithe le heagraíochtaí na sochaí sibhialta;
12. á thabhairt chun suntais gur gá go mbeadh stiúradh beartais agus treoir pholaitiúil níos láidre agus níos soiléire ag an gCoimisiún maidir le EFAD a chur chun feidhme, agus go bhféadfadh Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar a bheith ag fónamh mar shamhail i ndáil leis sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh ann do chreat bainistíochta riosca leormhaith, bainistiú éifeachtach agus maoirseacht ar chur chun feidhme na n-ionstraimí maoinithe forbraíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos éifeachtaí a bhaint as a acmhainní maidir le saineolas baincéireachta agus as a acmhainní airgeadais agus teicniúla; á aithint go bhfuil an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ag dul i ngleic le dúshláin bhainistíochta agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil acmhainní agus saineolas leormhaith ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach le hinstitiúidí forbartha agus airgeadais agus chun maoirseacht a dhéanamh ar ráthaíochtaí agus ar ionstraimí casta maoinithe chumaiscthe;
13. ag leagan béim ar thionscnamh na Tairsí Domhanda a chuir an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun cinn agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé i gcomhréir le EFAD; á iarraidh go gcuirfear faisnéis chuimsitheach ar fáil láithreach maidir le maoiniú na Tairsí Domhanda, ag tabhairt dá haire go bhfuil an tionscnamh ag brath go mór ar acmhainní a ghiaráil ó lasmuigh de bhuiséad AE agus go bhfuil luach na ráthaíochtaí buiséadacha atá i gceist agus foinse agus cuspóir an EUR 750 milliún breise a fógraíodh don tionscnamh doiléir; á athdhearbhú nach iomchuí don Tairseach Dhomhanda leas a bhaint as cúlchiste NDICI – an Eoraip Dhomhanda maidir leis na dúshláin agus na tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn;
14. á aithint a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a spreagadh lena mbaineann níos mó riosca i suíomhanna forbartha atá níos dúshlánaí, amhail tíortha leochaileacha nó tíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu, agus earnálacha tearcfhreastail amhail earnáil na haeráide, earnáil na bithéagsúlachta, earnáil an oideachais agus earnáil na sláinte; á chur i bhfios go láidir, ag an am céanna, nach mór aon rioscaí gaolmhara a bhaineann le buiséad AE, amhail éileamh méadaithe ar ráthaíochtaí buiséadacha AE, a íoslaghdú, agus nach mór rátáil ard chreidmheasa BEI a chaomhnú;
15. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá slógadh na hearnála príobháidí maidir le dul i ngleic le dúshláin forbartha; á mheas gur rogha é an maoiniú cumaiscthe ó bhosca uirlisí an mhaoinithe forbraíochta a d’fhéadfadh infheistíocht phoiblí a chomhlánú i gcomhthéacs buiséid shrianta; á mheabhrú gur cheart go n-urramódh sí prionsabal na breisíochta; á iarraidh go ndéanfar oibríochtaí measctha a theorannú do réimsí inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil, agus á iarraidh go ndéanfar measúnú cúramach, go háirithe nuair a dhírítear ar na tíortha is lú forbairt, d’fhonn ualaí fiachais a theorannú, seirbhísí riachtanacha poiblí amhail an tsláinte, an t-oideachas agus an chosaint shóisialta a choimirciú, agus gan na neamhionannais atá ann cheana a leathnú; ag aithint na hábharthachta leanúnaí a bhaineann le cabhair atá dírithe ar dheontais sna comhthéacsanna sin; á mheas gur cheart rialacha maidir le maoiniú cumaiscthe a shocrú de réir na gcomhthéacsanna éagsúla forbartha, rud a fhágfaidh go mbeidh solúbthacht ann i gcothromaíocht na n-eilimintí cumaiscthe; ag dréim leis go n-áiritheoidh BEI, BEAF agus institiúidí Eorpacha forbartha agus airgeadais eile go rannchuideoidh gach tionscadal, agus go háirithe tionscadail maoinithe chumaiscthe, le spriocanna forbartha AE, lena n-áirítear na spriocanna a bhaineann leis na tíortha is lú forbairt;
16. á athdhearbhú nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme agus na hidirghabhálaithe airgeadais uile atá rannpháirteach i dtionscadail a bhaineann le ráthaíochtaí AE nó atá á maoiniú ó bhuiséad AE caighdeáin, beartais, rialacha agus nósanna imeachta sóisialta, comhshaoil, cánach, trédhearcachta, frithchalaoise agus frithéillitheachta a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus faireachán a dhéanamh ar na gnéithe sin agus tuairisciú orthu agus ar leormhaitheas na ráthaíochtaí buiséadacha, lena n-áirítear trí mheasúnuithe riosca a bhaineann go sonrach le tír ar leith; ag leagan béim ar an ngá atá le trédhearcacht mhéadaithe maidir leis na tairbhithe deiridh;
17. á thabhairt chun suntais gur gá trédhearcacht an chreata reatha a mhéadú, lena n-áirítear clársceidealú agus próisis tuairiscithe, agus gur gá ról níos mó a bheith ag an bParlaimint, chun feabhas a chur ar chuntasacht dhaonlathach agus ar ghrinnscrúdú; á mheabhrú, le Comhaontú Tríthaobhach an 15 Samhain 2021 idir an Coimisiún Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta, go dtugtar rochtain don Chúirt Iniúchóirí ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le ráthaíochtaí ó bhuiséad an Aontais; á iarraidh ar CIE grinnscrúdú iomlán agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar oibríochtaí a bhfuil ráthaíochtaí ó bhuiséad AE mar thaca leo, agus aghaidh á tabhairt aici ar aon easnaimh ina modhanna oibre atá ag cur cosc uirthi faoi láthair é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé meastóireacht neamhspleách a dhéanamh in am trátha ar CEFI+ agus ar an gcur chuige ‘Foireann na hEorpa’ chun a n-éifeachtacht, a bhfeidhmíocht agus a dtionchar forbartha a mheasúnú; ag leagan béim ar an ngá atá lena áirithiú go n-éascóidh CEFI+ foghlaim faoi na cleachtais is fearr do thionscadail earnáilsonracha agus do thionscadail a bhaineann go sonrach le réigiún ar leith;
18. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar institiúidí EFAD trédhearcacht a chur chun cinn ina nósanna imeachta soláthair; á mheabhrú gur cheart go mbeadh gnólachtaí AE in ann dul san iomaíocht i ndálaí comhionanna le gnólachtaí atá bunaithe i dtíortha nach bhfuil in AE;
19. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus inchomparáide a fháil go tráthúil chun dul chun cinn agus torthaí iarbhír a thomhas, agus chun a shainaithint an raibh maoiniú AE don fhorbairt éifeachtach agus sa bhreis ar mhaoiniú eile; á chur in iúl gurb oth léi nach ann do chreat aontaithe maidir le tuairisciú agus tomhas torthaí le táscairí inchomparáide do CEFI+; ag spreagadh an Choimisiúin creat den sórt sin a fhorbairt chun gur féidir bainistiú torthaí a chomhchuibhiú; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-eolas is déanaí a thabhairt don Pharlaimint maidir le hábhar agus cur chun feidhme an chreata sin;
20. á chur in iúl go bhfuil sí ag súil le tuarascáil speisialta na Cúirte Iniúchóirí maidir le cúnamh forbartha don chlársceidealú, ina ndéanfar measúnú ar cibé ar leithdháileadh cúnamh forbartha AE do 2021-2027 de réir straitéis dhea-shainithe; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar bhreisíocht an mhaoinithe chumaiscthe chun éifeachtacht na n-ionstraimí sin a chinneadh ó thaobh torthaí forbartha agus cuspóirí beartais a bhaint amach bunaithe ar luachanna AE; á iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí machnamh a dhéanamh ar mheasúnú den sórt sin a dhéanamh;
21. ag meabhrú thiomantas domhanda AE maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn, ar cearta iad atá doroinnte, uilíoch agus idirspleách; á chur in iúl go bhfuil sí ag súil go n-urramóidh gach páirtí rannpháirteach cosaint chearta an duine nó na nósanna imeachta go hiomlán chun sáruithe ar chearta an duine a chosc, tar éis iarrataí leantacha, inter alia ón bParlaimint;
22. á chur i bhfáth go bhfeabhsaítear éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na mbeartas forbartha le hinfheistíochtaí a fhreagraíonn do chúrsaí inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar BEI, ar BEAF agus ar institiúidí Eorpacha airgeadais don fhorbairt a áirithiú go mbeidh a bhfoirne comhairleacha agus cúnaimh theicniúil in ann comhionannas inscne agus forbairt chuimsitheach a chur chun cinn, go háirithe trí speisialtóirí inscne a fhostú;
23. á iarraidh ar EFAD rannchuidiú le tríú plean gníomhaíochta inscne an Aontais a chur chun feidhme ina iomláine; ag meabhrú na sprice maidir leis an gcomhionnanas inscne a bheith mar phrionsabal nó mar chuspóir tábhachtach ag 85 % ar a laghad de ghníomhaíochtaí, ar cheart go mbeadh comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag 5 % díobh ar a laghad; á iarraidh go mbeidh oibleagáid ar gach oibríocht EFAD sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus meastóireachtaí tionchair inscne ex ante agus meastóireachtaí tionchair inscne ex post a áireamh ann.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
17.5.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
34 2 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Andor Deli, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Pierre Larrouturou, Camilla Laureti, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Andrey Novakov, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jan Olbrycht |
|||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
34 |
+ |
ECR |
Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt |
NI |
Andor Deli |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
Renew |
Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds |
S&D |
Robert Biedroń, Eider Gardiazabal Rubial, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Camilla Laureti, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs |
The Left |
Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis |
Verts/ALE |
Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro |
2 |
- |
ID |
Joachim Kuhs |
NI |
Lefteris Nikolaou-Alavanos |
2 |
0 |
ID |
Anna Bonfrisco, Valentino Grant |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA (12.5.2022)
chuig an gCoiste um Fhorbairt
maidir leis an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo
Rapóirtéir don tuairim: Isabel Santos
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Fhorbairt, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-aitheantas a thug an Chomhairle gur cheart go leanfadh ollstruchtúr airgeadais Eorpach nua don fhorbairt (EFAD) prionsabal ‘tús áite’ an bheartais agus á chur i bhfáth nach mór d’iarrachtaí ríthábhachtacha an Aontais sa chomhar um fhorbairt leasanna tíortha comhpháirtíochta a urramú agus a bheith comhsheasmhach le gníomhaíochtaí seachtracha eile an Aontais agus i gcomhréir lena leasanna straitéiseacha, claochlú tionsclaíoch, agus go háirithe le luachanna an Aontais, lena n-áirítear an smacht reachta, an daonlathas, cearta daonna, comhionannas inscne agus an aeráid;
2. ag tabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI-An Eoraip Dhomhanda), lena n-áirítear a Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (EFSD+), agus an gá a bhaineann le cuspóirí, treoirlínte agus spriocanna caiteachais na hionstraime a urramú, amhail cuspóirí maidir leis an aeráid, an bhithéagsúlacht agus príomhshruthú inscne do EFAD; á chur in iúl gurb eol di gur cheart dlúthbhaint a bheith ag an bParlaimint le treoshuíomh straitéiseach a shocrú agus grinnscrúdú ginearálta a chumasú ar an gclársceidealú agus cur chun feidhme;
3. á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an tAontas sásta chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní trí infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt inbhuanaithe an bhonneagair dhomhanda, go háirithe i dteicneolaíochtaí glasa agus i nascacht dhigiteach trí Thairseach Dhomhanda AE, agus lánurraim á tabhairt do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, do Chomhaontú Pháras, do chosaintí láidre bithéagsúlachta agus do chearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfar obair ar rialachas éifeachtach na Straitéise Tairsí Domhanda, a chaithfear a chur chun cinn faoi stiúir fhoriomlán Uachtarán an Choimisiúin, go ndéanfar comhordú go dlúth i ndáil leis sin le Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, leis an gComhairle agus leis an bParlaimint, ag áirithiú go dtabharfar úinéireacht ghníomhach d’institiúidí AE agus do Bhallstáit faoi chur chuige Fhoireann na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún ról cuí a thabhairt don Pharlaimint sna cinntí maidir le cláir infheistíochta na Tairsí Domhanda agus í a choimeád ar an eolas go rialta maidir leis na forbairtí gaolmhara, lena n-áirítear impleachtaí buiséadacha, de réir mar a thagann siad chun cinn; go háirithe trí ghrinnscrúdú arNDICI-An Eoraip Dhomhanda;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gníomhaithe nua i maoiniú domhanda tar éis teacht chun cinn, lena n-áirítear tíortha a bhfuil leasanna eacnamaíocha agus geopholaitiúla acu a théann i gcoinne leasanna an Aontais go minic agus a chuireann i gcoinne choincheap an daonlathais, na smachta reachta, na síochána agus na hinbhuanaitheachta san Aontas; á iarraidh, ina leith sin, ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus institiúidí maoinithe fobraíochta eile chun creat a chruthú maidir le comhar feabhsuithe ar thionscadail agus ardáin chómhaoinithe chomhpháirteacha agus chun iad a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla i dtíortha taobh amuigh den Aontas a bhuí leis an dícheall cuí neartaithe maidir le cearta sóisialta comhshaoil agus daonna ar a gcuid oibríochtaí, chomh maith le sásraí daingne cuntasachta do phobail a bhfuil tionchar acu;
5. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint le sineirgí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar thionscnaimh mhaoiniúcháin BEAF, BEI agus ICD eile atá spriocdhírithe ar thíortha de chuid Chomharsanacht na hEorpa, agus tábhacht á leagadh go háirithe ar thíortha is iarrthóirí AE; á mheabhrú, i bhfianaise an chogaidh leanúnaigh san Úcráin, go bhfuil maoiniú Eorpach i dtíortha comharsanachta agus tíortha is iarrthóirí fíor-riachtanach sna hathchóirithe is gá a dhéanamh chun critéir aontachais a chomhlíonadh, i gcomhréir le leasanna beartais eachtraigh an Aontais;
6. á chur in iúl gurb oth léi gur laghdaíodh an leithdháileadh buiséid do réigiúin áirithe i gcreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais le haghaidh 2021-2027; á chur in iúl gur eol di, ag an am céanna, nach gá go mbraitheann an tionchar geopholaitiúil ag cistí arna leithdháileadh ar réigiúin, amhail Meiriceá Laidineach, ar mhéid iomlán an bhuiséid; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart go ndéanfaidh an Coimisiúin stiúradh beartais leordhóthanaigh le háirithiú go mbaintear úsáid as na hionstraimí atá ar fáil a sholáthraíonn EFSD+ chun dlúth-chomhpháirtíocht a neartú le réigiúin agus chun cur lena gcuid forbartha;
7. ag tabhairt dá haire conclúidí ón gComhairle an 4 Meitheamh 2021, nuair a rinne na Ballstáit rogha Status Quo Plus a fhormhuiniú chun feabhas a chur ar an staid reatha chun comhar níos dlúithe idir BEI agus BEAF a chumasú, in éineacht le ICDanna i gcur chuige Fhoireann na hEorpa; á athdhearbhú go bhféadfadh cur chuige Fhoireann na hEorpa cur go mór le cumas an Aontais a chuspóirí forbartha a bhaint amach i gcomhthéacs airgeadais domhanda atá iomaíoch; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an treochlár le déanaí chun feabhas a chur ar EFAD agus á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun acmhainní agus maoiniú a chomhthiomsú agus chun obair a dhéanamh le chéile maidir le comhordú agus cumarsáid i gcomhthionscadail (tionscnaimh Fhoireann na hEorpa); ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do EFAD bearnaí agus forluí a sheachaint ionas nach mbainfear an bonn de thionchar agus de cheannaireacht an Aontais maidir leis an bhforbairt;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún chun bogadh ar aghaidh ón status quo atá ann faoi láthair agus beartais a stiúradh go láidir agus go soiléir, faoi threoir iomchuí ar an leibhéal polaitiúil is airde, chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht AE mar Fhoireann na hEorpa a áirithiú trí mholadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nithiúla agus ar threochlár maidir le EFAD atá feabhsaithe a chur i bhfeidhm i gcur chun feidhme rathúil na dtionscnamh Eorpacha, amhail straitéis na Tairsí Domhanda, an Comhaontú Glas nó an Compás Straitéiseach tar éis a ghlactha, chun go neartófar neamhspleáchas agus dlúthpháirtíocht straitéiseach an Aontais le tíortha atá ar aon intinn, agus a chumas chun cur leis an gcobhsaíocht, leis an tslándáil agus leis an tsíocháin idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a urramú, i ndlúthchomhar le NA, ECAT, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, an tAontas Afracach agus tíortha chomhpháirtíochta, nó más gá, as féin; á iarraidh ar an gCoimisiún luachanna an Aontais a chur chun cinn trína chomhpháirtíochtaí;
9. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil struchtúr ilcholúin EFAD ann, lena dtreisítear saineolas agus ról a gcomhaltaí, i.e. BEI, BEAF, institiúidí Eorpacha um maoiniú déthaobhach agus ICDanna Eorpacha; á iarraidh go ndéanfar tuilleadh comhordúcháin agus comhair i measc na gcomhaltaí EFAD i gcomhréir le conclúidí na Comhairle maidir le EFAD; á mheabhrú nach mór do EFAD a bheith bunaithe ar ollstruchtúr cuimsitheach, obair le bainc forbartha na hEorpa agus institiúidí airgeadais, cur lena gcuid saineolais agus breisluacha faoi seach, agus cur le tionchar forbartha agus breisíocht níos láidre; á iarraidh ar an gCoimisiun gníomhaíochtaí nithiúla tráthúla a mholadh chun comhar a neartú i measc na ngníomhaithe sin agus chun comhpháirtíochtaí cuimsitheacha le ICDanna Eorpacha níos lú a chur chun cinn de réir mheon Fhoireann na hEorpa, lena n-áirítear trí chur chuige saincheaptha chun tacú leis na comhpháirtíochtaí sin rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ina n-iarratais maidir le measúnú na gcolún;
10. á chur i bhfáth go ndéanfar ICDanna a spreagadh chun níos mó riosca a ghlacadh ina gcláir infheistíochta trí EFSD+, ionas go mbainfidh siad na geilleagair is leochailí freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, go ndéanfar ról níos mó a ghlacadh maidir le tionchair forbartha intomhaiste agus bhreise a áirithiú gan an margadh áitiúil a shaobhadh nó gan dul in iomaíocht go héagórach le gníomhaithe eacnamaíocha áitiúla, agus maidir le cabhair a thabhairt do thionscadail ó thaobh an tsoláthair de a fhorbairt trí thacaíocht a chur ar fáil d’ullmhúchán tionscadal agus trí chabhrú le ICDanna comhordú a dhéanamh, agus comhtháthú ICDanna níos lú á áirithiú ag an am céanna;
11. á athdhearbhú go bhfuil ról sonrach agus freagracht ag BEI mar ghné airgeadais an Aontais ar fud an domhain; á iarraidh go ndéanfaí BEI a chaipitliú a thuilleadh mar uirlis atá faoi úinéireacht AE amháin chun a chuid oibríochtaí a threisiú ríochtaí chun tacú le tosaíochtaí beartais sheachtraigh AE agus chun comhar cuimsitheach a áirithiú le bainc forbartha na hEorpa agus na hinstitiúidí airgeadais; á chur in iúl gur díol sásaimh di, ina leith sin, bunú BEI Dhomhanda; á iarraidh go ndéanfaí cumais BEI ar an láthair a neartú chun tacú leis an gCoimisiún in idirphlé beartais agus in aithint tionscadal;
12. á chur in iúl gur geal léi an t-ollstruchtúr oscailte atá feabhsaithe go mór faoi CEFI+ agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit timpeallacht oibríochtúil atá iontaofa agus feabhsaithe a chur ar fáil do BEI, BEAF, institiúidí Eorpacha um maoiniú déthaobhach agus ICDanna Eorpacha a bheidh bunaithe ar chothrom na Féinne ó thaobh rialachais agus rochtana ar acmhainní an Aontais, áit ar féidir leo tabhairt faoina róil neartaithe in oibríochtaí iasachtaithe sheachtraigh agus acmhainní ón earnáil phríobháideach a úsáid, agus trédhearcacht á n-áirithiú agus cuntasacht agus grinnscrúdú cuí á ráthú acu, mar a éilítear le NDICI-An Eoraip Dhomhanda agus trí thuilleadh feabhais a chur ar na sásraí gearán neamhspleácha agus tríd an gcreat neamhspleách díchill a fheabhsú; á thabhairt dá haire nach mbainfear amach acmhainní den mhéid is gá le haghaidh na dtionscnamh ábhartha, amhail an Tairseach Dhomhanda, in éagmais gníomhaithe poiblí agus príobháideacha oibriú as lámha a chéile;
13. á iarraidh go mbeadh cothromaíocht gheografach níos fearr in úsáid chumasc agus ráthaíocht CEFI+ i gcomhréir le NDICI-An Eoraip Dhomhanda agus go dtabharfaí tacaíocht do na tíortha is leochailí agus is lú forbairt; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá do BEI a chumas a neartú chun tacú le forbairt na hearnála príobháidí san Afraic agus, i ndáil leis an méid sin, iarrann sí ar BEI níos mó cistí a thiomnú do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide na hAfraice trí bhuiséad cumaisc CEFI+;
14. á thabhairt dá haire go soláthraítear deis uathúil le cur chuige Fhoireann na hEorpa chun tionchar agus infheictheacht AE a ghiaráil sa domhan i bhfad níos mó ná mar atá faoi láthair agus chun ár luachanna agus ár leasanna a chur chun cinn a thuilleadh agus, ag an am céanna, gan aon duine a fhágáil ar lár; á chur in iúl go bhfuil gá le spiorad uilechuimsitheach Fhoireann na hEorpa a bheidh le cur i ngníomh in EFAD freisin; á thabhairt dá haire go n-éireoidh le cur chuige Fhoireann na hEorpa go príomha mar gheall ar chomhar agus ar chomhordú beartais-treoraithe ag AE i dtimpeallacht thrédhearcach, chuimsitheach. lena n-áirítear an fhaisnéis atá i dtionscnaimh Fhoireann na hEorpa a chur ar fáil go poiblí, amhail costais idirghabhála, ionstraimí airgeadais a úsáidtear agus na hinfheistíochtaí atá faoi chomhúinéireacht na dtíortha comhpháirtíochta; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dlúth-rannpháirtíocht luath na Parlaiminte i dtreoshuíomh straitéiseach, próiseas clársceidealaithe agus grinnscrúdú thionscnaimh Fhoireann na hEorpa ríthábhachtach chun a ndlisteanacht dhaonlathach a chaomhnú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, gur cheart don Pharlaimint feidhmiú EFAD faoi chur chuige Fhoireann na hEorpa a threisiú a thuilleadh; á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach EFAD a dhéanamh níos ábhartha, níos comhsheasmhaí agus níos freagrúla, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda an lae inniu, ach nach féidir leis sin a bheith ar chostas chearta grinnscrúdaithe na Parlaiminte maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear cistí do ghníomhaíochtaí seachtraí agus maidir le tosaíochtaí polaitiúla a leagan síos, ar cheart freastal leordhóthanach a dhéanamh orthu;
15. á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go bhfuil cur chuige díláraithe ag teastáil ó EFAD a chuirfear chun feidhme go rathúil, agus á mheabhrú, ar an gcaoi sin, gur gá ról thoscaireachtaí an Aontais a neartú mar phointí fócasacha chun plé réamhtheachtach a éascú leis na Ballstáit, le BEI, le ICDanna Eorpacha, gníomhaithe san earnáil phríobháideach agus comhpháirtithe eile ar an láthair i gcur chuige Fhoireann na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht ag baint le comhordú níos láidre idir an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus toscaireachtaí an Aontais, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil na geilleagair is leochailí acu, chun plé agus comhar a éascú le gníomhaithe ábhartha ar an láthair chun na tionscadail is éifeachtaí a shainaithint;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na hinstitiúidí airgeadais prionsabal na coinníollachta a chur chun feidhme, maidir le hIonstraim an Aontais Eorpaigh um Chúnamh Réamhaontachais, NDICI-An Eoraip Dhomhanda agus na hionstraimí airgeadais ábhartha eile go léir, trína nascadh leis an urraim don smacht reachta, do chearta an duine agus don daonlathas agus é a dhaingniú go domhain in EFAD; á chur i bhfios go láidir nach mór go mbeadh comhionannas inscne, go háirithe, cumhachtú eacnamaíoch na mban, agus príomhshruthú inscne, i gcomhréir le ceanglais NDICI-An Eoraip Dhomhanda, ina bpríomhfhócas EFAD;
17. á aithint go bhfuil EFAD dírithe ar na réigiúin is leochailí agus is mó atá i ngátar, go háirithe tíortha leochaileacha agus is lú forbairt, go háirithe san Afraic Fho-Shahárach, ach á iarraidh go gcuirfí san áireamh go bhfuil thart ar dhá thrian de na comhoibríochtaí seachtracha de chuid BEI agus BEAF dírithe ar thíortha aontachais agus comharsanachta nach mór don Aontas na Pleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar a seoladh le déanaí agus i gComharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt a chomhlíonadh, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, cosaintí láidre bitheolaíochta agus urramú na bpobal áitiúil lena mbaineann; á iarraidh, ina leith sin, ar BEI agus BEAF a ról a neartú trí comhoibriú a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí nithiúla.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
12.5.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
61 12 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alviina Alametsä, Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Malin Björk, Anna Bonfrisco, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Giorgos Georgiou, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Balázs Hidvéghi, Sandra Kalniete, Peter Kofod, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, Jean-Lin Lacapelle, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, Claudiu Manda, Thierry Mariani, Pedro Marques, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Mounir Satouri, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Dominik Tarczyński, Hermann Tertsch, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Bernhard Zimniok, Željana Zovko |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Vladimír Bilčík, Marc Botenga, Erik Marquardt, Gabriel Mato, Paulo Rangel, Ramona Strugariu |
|||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
61 |
+ |
ECR |
Anna Fotyga, Jacek Saryusz-Wolski, Dominik Tarczyński, Witold Jan Waszczykowski |
NI |
Fabio Massimo Castaldo, Kinga Gál, Márton Gyöngyösi, Balázs Hidvéghi |
PPE |
Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík, Michael Gahler, Sunčana Glavak, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, David Lega, Miriam Lexmann, Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Gabriel Mato, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe-Vlad Nistor, Paulo Rangel, Radosław Sikorski, Željana Zovko |
Renew |
Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans |
S&D |
Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Dietmar Köster, Claudiu Manda, Pedro Marques, Sven Mikser, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev |
Verts/ALE |
Alviina Alametsä, Erik Marquardt, Mounir Satouri, Jordi Solé, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz |
12# |
- |
ECR |
Hermann Tertsch, Charlie Weimers |
ID |
Peter Kofod, Jean-Lin Lacapelle, Thierry Mariani, Harald Vilimsky, Bernhard Zimniok |
NI |
Kostas Papadakis |
The Left |
Marc Botenga, Giorgos Georgiou, Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz |
3 |
0 |
ID |
Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi |
The Left |
Malin Björk |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
26.10.2022 |
|
|
|
Toradh na vótala críochnaithí |
+: –: 0: |
23 0 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Barry Andrews, Eric Andrieu, Hildegard Bentele, Stéphane Bijoux, Dominique Bilde, Udo Bullmann, Gianna Gancia, Charles Goerens, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Pierfrancesco Majorino, Erik Marquardt, Janina Ochojska, Michèle Rivasi, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Ádám Kósa, Maria Noichl, María Soraya Rodríguez Ramos |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alexander Bernhuber, Loucas Fourlas, Dietmar Köster, Aušra Maldeikienė |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
23 |
+ |
ID |
Dominique Bilde, Gianna Gancia |
NI |
Ádám Kósa |
PPE |
Hildegard Bentele, Alexander Bernhuber, Loucas Fourlas, György Hölvényi, Aušra Maldeikienė, Janina Ochojska, Tomas Tobé |
RENEW |
Barry Andrews, Stéphane Bijoux, Charles Goerens, María Soraya Rodríguez Ramos |
S&D |
Eric Andrieu, Udo Bullmann, Dietmar Köster, Pierfrancesco Majorino, Maria Noichl |
THE LEFT |
Miguel Urbán Crespo |
VERTS/ALE |
Pierrette Herzberger-Fofana, Erik Marquardt, Michèle Rivasi |
0 |
- |
|
|
0 |
0 |
|
|
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh