MOLADH maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
16.11.2022 - (07910/2022 – C9‑0296/2022 – 2022/0098(NLE)) - ***
An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Daniel Caspary
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
(07910/2022 – C9‑0296/2022 – 2022/0098(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07910/2022),
– ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (07911/2022),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0296/2022),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0273/2022),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na Nua-Shéalainne.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
I bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (AE), i mí Dheireadh Fómhair 2018, sheol AE caibidlíochtaí go foirmiúil faoi Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 le roinnt Comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), lena n-áirítear an Nua-Shéalainn. Is é bunphrionsabal na gcaibidlíochtaí ná ‘cur chuige comhpháirteach’ a forbraíodh idir AE agus an Ríocht Aontaithe in 2017 maidir le conas na gealltanais chainníochtúla atá i sceideal AE28 de chuid EDT don 143 chuóta ráta taraife (TRQanna) talmhaíochta, éisc agus tionsclaíocha de chuid AE a ‘chionroinnt’. Is é bunús an chur chuige seo ná go gcoimeádfaí méid reatha gach TRQ ina iomláine i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE, ach go ndéanfaí iad a roinnt idir dhá chríoch chustaim éagsúla: AE27 agus an Ríocht Aontaithe.
Ní mór do na comhaontuithe a caibidlíodh faoi Airteagal XXVIII de CGTT a áirithiú nach gcuirfear isteach ar shreafaí trádála isteach san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe a tugadh faoi deara le déanaí i gcás na trádála lena mbaineann faoi na TRQanna. Dá bhrí sin, tá an ‘cur chuige comhpháirteach’ ceaptha a ráthú go gcothófar cearta na gcomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena mbaineann ar rochtain ar an margadh sa staid seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Mar sin féin, cheistigh roinnt comhpháirtithe trádála, lena n-áirítear an Nua-Shéalainn, prionsabal agus modheolaíocht na cionroinnte atá beartaithe, rud a d’fhág go raibh caibidlíocht fhairsing ann.
Cumhdaíodh sna caibidlíochtaí leis an Nua-Shéalainn TRQanna maidir le táirgí íogaire amhail caoireoil, feoil bó-ainmhithe agus táirgí déiríochta, lena n-áirítear im, cáis le haghaidh próiseála agus cáis chéadair. Ar deireadh, níor tháinig aon athrú ar mhéideanna na TRQanna a shainmhínítear le modheolaíocht an ‘chur chuige chomhpháirtigh’, seachas dhá TRQ thírshonracha feola a coigeartaíodh bunaithe ar shonraí níos déanaí, agus dhá TRQ thírshonracha déiríochta a cuireadh in oiriúint d’fhonn feabhas a chur ar bhainistiú na TRQanna sin.
I gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, tá gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa chun go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena dtabharfar an Comhaontú i gcrích agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am trátha.
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, molann an Rapóirtéir go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú an comhaontú a thabhairt i gcrích, gan dochar dá ceart daonlathach maidir le grinnscrúdú leanúnach.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach |
|||
Tagairtí |
07910/2022 – C9-0296/2022 – 2022/0098(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin nó na hiarrata ar thoiliú |
20.7.2022 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 12.9.2022 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AGRI 12.9.2022 |
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
AGRI 23.5.2022 |
|
|
|
Rapóirtéirí: Dáta an cheapacháin |
Daniel Caspary 20.4.2022 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
24.10.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
14.11.2022 |
|
|
|
Toradh na vótala críochnaithí |
+: –: 0: |
29 0 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Arnaud Danjean, Raphaël Glucksmann, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Karin Karlsbro, Bernd Lange, Margarida Marques, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Catharina Rinzema, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Mihai Tudose, Iuliu Winkler, Jan Zahradil |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Anna Cavazzini, Svenja Hahn, Javier Moreno Sánchez, Annie Schreijer-Pierik, Joachim Schuster, Massimiliano Smeriglio, Angelika Winzig |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Stefan Berger, Andreas Schwab |
|||
Dáta don chur síos |
16.11.2022 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
29 |
+ |
ECR |
Jan Zahradil |
NI |
Carles Puigdemont i Casamajó |
PPE |
Anna-Michelle Asimakopoulou, Stefan Berger, Arnaud Danjean, Danuta Maria Hübner, Massimiliano Salini, Annie Schreijer-Pierik, Andreas Schwab, Iuliu Winkler, Angelika Winzig |
RENEW |
Barry Andrews, Jordi Cañas, Svenja Hahn, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Catharina Rinzema |
S&D |
Udo Bullmann, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Margarida Marques, Javier Moreno Sánchez, Inma Rodríguez-Piñero, Joachim Schuster, Massimiliano Smeriglio, Mihai Tudose |
VERTS/ALE |
Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Heidi Hautala |
0 |
- |
|
|
1 |
0 |
THE LEFT |
Helmut Scholz |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh: