Tuarascáil - A9-0295/2022Tuarascáil
A9-0295/2022

TUARASCÁIL le moltaí don Choimisiún maidir le hAthbhreithniú ar an Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha

14.12.2022 - (2019/2183(INL))

An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir: Dennis Radtke
(Tionscnamh – Riail 47 de na Rialacha Nós Imeachta)
(Údar an togra: Dennis Radtke)


Nós Imeachta : 2019/2183(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0295/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0295/2022
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

le moltaí don Choimisiún maidir le hAthbhreithniú ar an Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha

(2019/2183(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint d’Airteagal 9, d’Airteagal 151, d’Airteagal 153(1)(e) agus (f) agus d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint d’Airteagail 12, 27, 28, 30, 31 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),

 ag féachaint do Threoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críoch fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo[1],

 ag féachaint do Threoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo[2],

 ag féachaint do Threoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht um Chuideachta Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe agus Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht um Chomharchumann Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe[3],

 ag féachaint do Threoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna[4],

 ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[5],

 ag féachaint do Threoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí[6],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach[7],

 ag féachaint do Mheasúnuithe Breisluacha Eorpaigh na Parlaiminte ó mhí na Samhna 2012 dar teideal European added value of an EU measure on information and consultation of workers, anticipation and management of restructuring processes [An breisluach Eorpach a ghabhann le beart AE maidir le hoibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, réamhaíocht agus bainistiú próiseas athstruchtúraithe] agus ó mhí Eanáir 2021 dar teideal European works councils (EWCs) – Legislative-initiative procedure: Revision of European Works Councils Directive [Comhairlí Oibreacha Eorpacha (EWCanna) – Nós imeachta tionscnaimh reachtaigh: Athbhreithniú ar an Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha],

 ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne[8],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2021 maidir leis an daonlathas ag an obair: creat Eorpach do chearta rannpháirtíochta na bhfostaithe agus an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha[9],

 ag féachaint do staidéar ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Lúnasa 2020 dar teideal An EU legal framework on safeguarding and strengthening workers’ information, consultation and participation [Creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le coimirciú agus neartú a dhéanamh ar cheart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle leo, agus a gceart rannpháirtíochta],

 ag féachaint do thionscadal taighde Ollscoil Leuven ó mhí na Bealtaine 2016 dar teideal European Works Councils on the Move: Management Perspectives on the Development of a Transnational Institution for Social Dialogue,

 ag féachaint do staidéar ón gCoimisiún an 16 Samhain 2018 dar teideal Monitoring the application of the EU Quality Framework for anticipation of change and restructuring [Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais um réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú],

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/38/CE ag na Ballstáit maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críoch fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (Athmhúnlú),

 ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 14 Bealtaine 2018, dar teideal Evaluation, accompanying the document Report from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee Report on the implementation by Member States of Directive 2009/38/EC on the establishment of a European Works Council or a procedure in Community-scale undertakings and Community-scale groups of undertakings for the purposes of informing and consulting employees (Recast) [Meastóireacht, a ghabhann leis an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/38/CE ag na Ballstáit maidir le Comhairle Oibreacha Eorpacha a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críoch fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (Athmhúnlú)],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [An Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102) (an ‘Colún’),

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018 maidir leis an bpacáiste ar dhlí Eorpach na gcuideachtaí[10],

 ag féachaint do Ghealltanas Sóisialta Porto ón gComhairle Eorpach an 7 Bealtaine 2021 agus do Dhearbhú Porto uaithi an 8 Bealtaine 2021,

 ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta, ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0295/2022),

A. de bhrí go raibh líon na ngnóthas ilnáisiúnta a raibh sócmhainní nó gléasraí acu i roinnt tíortha in 2015 thart ar 45 huaire níos airde ná mar a bhí le linn na 1990í[11];

B. de bhrí gur bunluachanna de chuid an Aontais iad an daonlathas agus an daonlathas ag an obair; de bhrí gur cearta bunúsacha a chosnaítear leis an gCairt iad an tsaoirse comhthionóil, ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle, agus an ceart chun cómhargála agus chun caingne agus go rannchuidíonn siad le todhchaí atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de; de bhrí go mbeartaítear le Prionsabal 8 den Cholún a thábhachtaí atá rannpháirtíocht oibrithe maidir le hábhair a bhaineann leo;

C. de bhrí, de réir Airteagal 151 CFAE, go bhfuil de chuspóirí ag an Aontas agus ag na Ballstáit an fhostaíocht a chur chun cinn agus dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú; de bhrí, chuige sin, go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit le bearta a chur chun feidhme lena gcuirfear san áireamh éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh chonarthaigh agus an gá atá le hiomaíochas gheilleagar an Aontais a choimeád ar bun; de bhrí go sonraítear in CFAE go leanfaidh forbairt den sórt sin ní hamháin as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ach freisin as na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta agus as comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin;

D. de bhrí gur príomhghné den mhúnla sóisialta Eorpach é an t-idirphlé sóisialta, lena n-áirítear fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, agus de bhrí go léiríonn Comhairlí Oibreacha Eorpacha (EWCanna) an tábhacht a bhaineann le hionadaíocht oibrithe; de bhrí go bhfuil an smacht reachta ar cheann de bunluachanna an Aontais, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus gur réamhriachtanas é chun gach bunluach eile de chuid an Aontais a chosaint, lena n-áirítear cearta bunúsacha, an daonlathas, agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais maidir le hoibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

E. de bhrí go bhfuil ról suntasach ag EWCanna dea-fheidhmiúla i mbainistiú cuí gnóthas ilnáisiúnta a áirithiú;

F. de bhrí bhfuil thart ar 1 200 EWC san Aontas faoi láthair, a bhfuil 18 000 ionadaí aonair mar chuid díobh[12];

G. de bhrí, faoi Airteagal 2 CAE, gur bunluach an Aontais é an comhionannas agus de bhrí, faoi Airteagal 3(3) CAE, go ndéanfaidh an tAontas comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn; de bhrí go luaitear i bPrionsabal 2 den Cholún nach mór cóir chomhionann agus comhionannas deiseanna idir mná agus fir a áirithiú, lena n-áirítear maidir le rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn gairme;

H. de bhrí, de réir figiúirí ó shuirbhé ETUI[13] in 2018, gur fir iad formhór mór chomhaltaí EWC, agus nach mná iad 15,4 % de chomhaltaí EWC; de bhrí gur lú seans go n-aimseofar comhaltaí mná EWC i bpoist níos sinsearaí; de bhrí go bhfuil bearnaí pá idir na hinscní fós ann i gcomhlachtaí cinnteoireachta, rud a chuireann cosc ar rannpháirtíocht iomlán na mban sa saol eacnamaíoch agus sóisialta agus ar rannchuidiú na mban leis;

I. de bhrí go bhfuil éagsúlacht shuntasach i bhforbairt EWCanna ar fud na n-earnálacha tionsclaíocha ar fud na mBallstát; de bhrí go léirítear le sonraí go bhfuil 992 EWC gníomhach agus gur díscaoileadh thart ar 400 EWC le himeacht ama mar thoradh ar fhachtóirí amhail cumaisc, féimheacht nó díscaoileadh[14];

J. de bhrí gur léiríodh i staidéar go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag EWCanna ar an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus gur féidir leo feabhas a chur ar eagrú na hoibre agus ar an bpróiseas cinnteoireachta[15];

K. de bhrí, in ainneoin an ceart a bheith acu tuairim a nochtadh, gur cosúil gur beag an tionchar atá ag comhaltaí EWC ar an bpróiseas cinnteoireachta ina ngnóthais, go háirithe i gcásanna athstruchtúraithe11;

L. de bhrí gur cheart d’fhostóirí a mheas gur uirlisí úsáideacha iad EWCanna, ar uirlisí iad a rachadh chun tairbhe do gach páirtí ar go leor bealaí, amhail comhthuiscint ar shaincheisteanna agus ar chinntí a fheabhsú, agus rannchuidiú le hidirphlé sóisialta trasnáisiúnta ar leibhéal an ghnóthais;

M. de bhrí go bhfuil pionóis airgeadais idir EUR 23 agus EUR 187 515[16] i gceist leis na pionóis as mainneachtain dul i gcomhairle le hoibrithe i bhformhór na mBallstát agus dá bhrí sin nach mbíonn siad éifeachtach, athchomhairleach ná comhréireach in go leor cásanna;

N. de bhrí go n-athraíonn an chaoi ar féidir le EWCanna agus comhlachtaí caibidlíochta speisialta rochtain a fháil ar cheartas sna Ballstáit éagsúla de réir a gcóras náisiúnta faoi seach; deonaíonn roinnt Ballstát pearsantacht dhlítheanach do EWCanna agus ceadaíonn Ballstáit eile do EWCanna páirt a ghlacadh in imeachtaí trína gcomhaltaí nó trí cheardchumann[17];

O. de bhrí nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach iomlán ag EWCanna ach i gceithre Bhallstát (an Ostair, an Fhrainc, an Rómáin agus an tSualainn), lena gceadaítear do chomhaltaí EWC imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh thar ceann EWC agus ionadaíocht a dhéanamh do EWC i gcaidreamh le tríú páirtithe[18]; de bhrí nach bhfuair an Coimisiún ach gearán foirmiúil amháin maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/38/CE; de bhrí go bhfuil dlíthíocht fós teoranta ar an leibhéal náisiúnta mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar cheartas agus leis an easpa forálacha soiléire maidir le EWCanna agus le comhlachtaí caibidlíochta speisialta i dTreoir 2009/38/CE;

P. de bhrí go n-éilítear le rath agus tionchar dearfach EWCanna go mbeadh caidreamh iontaoibhe ann idir EWC agus an bhainistíocht bunaithe ar idirphlé cuiditheach a bhféadfadh tionchar a bheith ag cultúr an chaidrimh thionsclaíoch i ngach Ballstát air; de bhrí go bhfuil fianaise ann go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag luathchomhairliúchán ar shlándáil poist le linn próisis athstruchtúraithe agus go bhfuil comhairliúchán le hoibrithe agus rannpháirtíocht oibrithe ríthábhachtach chun folláine oibrithe a áirithiú agus go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag an dá rud ar cháilíocht poist[19]; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag EWCanna in Eorpú caidrimh thionsclaíoch;

Q. de bhrí go bhfuil baint ag bearnaí agus easpa forfheidhmithe Threoir 2009/38/CE le glacadh ilroinnte chearta na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle maidir le hábhair thrasnáisiúnta ar fud an Aontais;

R. de bhrí go bhfuil coincheap na trasnáisiúntachta fós ina choincheap teibí ar deacair do chomhaltaí EWC agus don bhainistíocht lárnach araon léirmhíniú a dhéanamh air i gcásanna nithiúla[20];

S. de bhrí, go bhféadfadh údar cuí a bheith le clásail rúndachta a úsáid i gcásanna áirithe, bunaithe ar Airteagal 8 de Threoir 2009/38/CE, gur bac ar chearta éifeachtacha chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle é spleáchas mí-úsáideach ar an airteagal sin[21];

T. de bhrí go raibh ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar phaindéim COVID-19 san ionad oibre a mhaolú, amhail bearta sláinte agus sábháilteachta a thabhairt isteach, scéimeanna chun poist a choinneáil a chur chun feidhme, agus cineálacha nua eagrúcháin oibre; de bhrí go bhfuil líon suntasach próiseas athstruchtúraithe ar siúl faoi láthair mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19[22]; de bhrí go bhfuil comhairliúchán le hoibrithe agus a gcumas páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht agus i gcómhargáil ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhearfacha agus dhiúltacha an athstruchtúraithe;

U. de bhrí gur léirigh taighde a rinne Eurofound le déanaí an tionchar a bhí ag géarchéim COVID-19 ar fheidhmiú agus ar bhunú EWC, lenar chuir srianta soghluaisteachta arna bhforchur le bearta sláinte poiblí stop le dul chun cinn sa phlé maidir le bunú EWCanna nua; de bhrí, cé go bhfuil cruinnithe EWCanna atá ann cheana á reáchtáil ar líne den chuid is mó, rud a chumasaíonn malartú níos gníomhaí agus a rannchuidíonn leis, gur cheart go mbeadh cruinnithe fisiciúla mar ghnáthnós ar choinníoll nach n-éilítear a mhalairt le bearta sláinte poiblí;

V. de bhrí go bhfuil cur chun feidhme dhlí an Aontais sa réimse a bhaineann le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ilroinnte agus go bhféadfadh easpa deimhneacht dhlíthiúil d’fhostóirí agus d’fhostaithe a bheith mar thoradh air sin; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach sraith straitéisí an Aontais a threisiú trí athbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh ar Threoir 2009/38/CE lena dtreisítear cearta na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle agus a gceart rannpháirtíochta;

W. de bhrí go bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir le modhanna níos struchtúrtha agus níos réamhghníomhaí chun ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo agus straitéisí agus beartais chorparáideacha nua á n-ullmhú, agus aird chuí á tabhairt ar chlásail rúndachta; de bhrí gur cheart dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a chur chun feidhme;

X. de bhrí, i rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis ‘An iarraidh ar Choinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí’[23], gur iarr an Pharlaimint ar an gComhairle tagairt don dul chun cinn sóisialta a ionchorprú in Airteagal 9 CFAE, trí nasc chuig prótacal maidir le dul chun cinn sóisialta, arb é is aidhm don tagairt an t-idirphlé sóisialta a fheabhsú agus tacú le hiomaíochas agus athléimneacht gheilleagar an Aontais a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheiceálacha iomaíochais agus infheistíochtaí atá dírithe ar an todhchaí a bhfuil béim acu ar an aistriú cóir, an aistriú glas agus an aistriú digiteach;

Y. de bhrí gur cheart go mbeadh athbhreithniú ar chleachtais agus ionstraimí reachtacha an Aontais ag gabháil leis an tionchar suaiteach ar an ngeilleagar agus ar mhargadh an tsaothair a eascraíonn as claochluithe leanúnacha amhail forbairt theicneolaíoch, digitiú, an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, bearta coisctheacha phaindéim COVID-19 agus an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch ón bpaindéim, chomh maith le cineálacha nua fostaíochta amhail obair ardáin agus cianobair, ar athbhreithniú é a thabharfadh aghaidh ar na dúshláin atá ann cheana agus leas á bhaint as acmhainneacht na gclaochluithe sin ag an am céanna;

Z. de bhrí gur cheart úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha amhail córais físchomhdhála mar bhealach chun na cearta dá bhforáiltear i dTreoir 2009/38/CE agus cur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach a threisiú, ach nár cheart riamh go n-úsáidfí iad in ionad na n-oibleagáidí nós imeachta chun oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, amhail cruinnithe rialta, fisiciúla a thionól idir EWCanna agus an bhainistíocht lárnach;

Iarraidh ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú a bhfuiltear ag súil leis le fada a dhéanamh ar Threoir 2009/38/CE

1. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag cearta na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle agus a gceart rannpháirtíochta i bhfeidhmiú geilleagair shóisialta margaidh, go háirithe i gcomhthéacs na gclaochluithe i margadh an tsaothair a eascraíonn as an aistriú glas agus an aistriú digiteach; á chur i bhfáth go bhfuil EWCanna ar cheann de na príomhionstraimí trína ndéantar an daonlathas san ionad oibre maidir le hábhair thrasnáisiúnta a fheabhsú, cearta oibrithe a fhorfheidhmiú, rannpháirtíocht fostaithe a mhéadú, agus iontaoibh fhrithpháirteach idir an bhainistíocht agus fostaithe a chur chun cinn; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach go neartaítear EWCanna agus a gcumas a gcearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle a fheidhmiú, chomh maith le líon EWCanna a mhéadú, agus na córais éagsúla caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit á gcur san áireamh;

2. á athdhearbhú gur gá feasacht a mhúscailt agus infheictheacht EWCanna agus na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo a mhéadú i measc ionadaithe fostaithe agus bainistíochta agus go gcruthófaí dreasachtaí atá i bhfabhar EWCanna a fhorbairt, úsáid níos leithne a bhaint astu agus a bhforfheidhmiú éifeachtach; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a bhailiú maidir leis na gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/38/CE; á iarraidh ar an gCoimisiún comhdháil ardleibhéil a eagrú in 2023 chun gnóthais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/38/CE, EWCanna, comhpháirtithe sóisialta laistigh d’earnálacha éagsúla chomh maith le hinstitiúidí náisiúnta mhargadh an tsaothair a shlógadh maidir le tábhacht EWCanna chun tús áite a thabhairt don ábhar seo ar an gclár oibre beartais;

 

3. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh malartú eolais, taithí agus dea-chleachtas rannchuidiú go suntasach le EWCanna a fhorbairt tuilleadh agus le feabhas a chur ar fheidhmiú na nEWCanna, lena n-áirítear ardán a chruthú le haghaidh malartú struchtúrtha agus rialta ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha maidir le dea-chleachtais, go háirithe chun infheictheacht EWCanna a mhéadú in earnálacha agus i mBallstáit ina bhfuil siad teoranta;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le heagraíochtaí ceardchumainn Eorpaigh, agus ar na Ballstáit tacú le formhór na n-eagraíochtaí ionadaíocha oibrithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, sainoiliúint ar chearta EWCanna a eagrú ionas go mbeidh siad in ann a gcomhaltaí a chur ar an eolas go cuí faoi fheidhmiúlacht EWCanna, chomh maith le hacmhainní a leithdháileadh ar fheachtais múscailte feasachta;

5. á mheabhrú gur comhlachtaí trasnáisiúnta uathúla iad EWCanna a cuireadh ar bun chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo agus chun féiniúlacht chorparáideach a fhorbairt agus a chur chun cinn agus gur féidir le rannpháirtíocht EWC cultúr agus comhtháthú corparáideach a fhorbairt agus a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ionadaithe na bhfostaithe, go háirithe EWCanna, a bhíonn rannpháirteach go fóinteach, tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas go héifeachtach agus tar éis dul i gcomhairle leo, i dtarraingt suas agus cur chun feidhme na gcinntí a bhaineann le hábhair thrasnáisiúnta a bhfuil tionchar suntasach acu ar leasanna oibrithe;

6. á chur in iúl gurb oth go mór léi nach i gcónaí a sholáthraíonn an bhainistíocht lárnach na hacmhainní airgeadais, ábhartha agus dlíthiúla a bhfuil gá leo chun a chur ar chumas EWCanna a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach iomchuí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí atá ag EWCanna rochtain a fháil ar thacaíocht airgeadais arna soláthar ag an gCoimisiún agus á chur i bhfáth go bhfuil géarghá leis an nós imeachta iarratais a éascú agus gach ualach riaracháin a bhaineann le rochtain a fháil ar an gcistiú sin a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí Threoir 2009/38/CE agus nósanna imeachta um shárú a thionscnamh i gcás inarb iomchuí;

7. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún togra a chur chun cinn chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/38/CE d’fhonn a cuspóirí, a sainmhínithe agus a nósanna imeachta a shoiléiriú, lena neartófaí ceart ionadaithe na bhfostaithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle, go háirithe le linn próisis athstruchtúraithe, de réir na moltaí atá i rún uaithi an 16 Nollaig 2021;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le teacht, féachaint an bhféadfaí conarthaí a áireamh lena gcuirfí ar chumas gnóthas atá neamhspleách ó thaobh struchtúir de tionchar a imirt ar chinntí oibríochta agus gnó a chéile (amhail conarthaí saincheadúnais nó bainistíochta)[24] faoi raon feidhme Threoir 2009/38/CE chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint;

Comhairliúchán tráthúil agus fóinteach a áirithiú

9. á aithint go bhfuil feabhsuithe tagtha ar bhunú agus feidhmiú EWCanna mar thoradh ar Threoir 2009/38/CE; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, go bhfuil deacrachtaí móra fós roimh EWCanna maidir le forfheidhmiú a gceart, go háirithe i dtaca le faisnéis thráthúil agus comhairliúchán éifeachtach roimh ré maidir le hábhair de chineál trasnáisiúnta a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar phoist agus ar dhálaí oibre an luchta saothair san Eoraip, lena n-áirítear athruithe a eascraíonn as an aistriú glas agus an aistriú digiteach;

10. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an sainmhíniú agus an léirmhíniú iarmhartach ar na hábhair a mheasfar gur ‘saincheisteanna trasnáisiúnta’ iad fós doiléir agus faoi réir léirmhíniú, agus go bhfuil trasuí agus cur chun feidhme ilroinnte Threoir 2009/38/CE ag na Ballstáit agus cur i bhfeidhm ilroinnte ag gnóthais mar thoradh air sin; á thabhairt chun suntais gur gá go mbeadh an sainmhíniú beacht agus cuimsitheach agus go bhfuil raon feidhme na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith leis an leibhéal ábhartha bainistíochta agus ionadaíochta a bhaineann leis, in easnamh, ar gnéithe iad nach mór a chur san áireamh agus an cineál trasnáisiúnta ábhair á chinneadh; ag athdhearbhú a hiarrata soiléiriú a dhéanamh ar choincheap ‘an chineáil trasnáisiúnta ábhair’ i dTreoir 2009/38/CE;

11. á chur in iúl gurb oth léi gur saincheist fós í tráthúlacht an chomhairliúcháin agus gurb amhlaidh a fhéadfar tuairim ionadaithe na bhfostaithe a iarraidh nó a thabhairt tráth nach féidir aon bhreithniú fóinteach a dhéanamh nó a ndearnadh cheana féin an cinneadh bainistíochta maidir leis an mbeart atá beartaithe; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil oibleagáid ar an lucht bainistíochta tuairim a chur san áireamh agus gur minic a tharlaíonn sé go ndéantar neamhaird ar an ionchur nó nach mbíonn tionchar iarbhír aige ar an mbeart beartaithe atá i gceist; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit neartú na gceart chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle, agus próisis chomhairliúcháin fhóinteacha a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí an sainmhíniú ar an téarma ‘comhairliúchán’ i dTreoir 2009/38/CE a athbhreithniú, chun a áirithiú go gcuirfear tuairim EWC san áireamh i gcinntí na ngnóthas agus go dtabharfar an tuairim sin sula dtabharfar an comhairliúchán chun críche ar an leibhéal ábhartha, sula dtiocfaidh comhlachtaí rialaithe an ghnóthais ar chinneadh, agus ar bhealach a chuirfidh ar chumas EWC freagra réasúnaithe a fháil ar a thuairim i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE;

12. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur féidir le gnóthais nó grúpaí gnóthas cinntí a dhéanamh go héifeachtach;

13. á chur i bhfios go láidir gur gá rochtain thráthúil a bheith ag comhaltaí EWC ar fhaisnéis atá fóinteach agus cothrom le dáta faoi chinntí de chineál trasnáisiúnta atá beartaithe, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá am agus acmhainní leordhóthanacha chun measúnú, meastóireacht agus plé a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear le tacaíocht ó shaineolaithe atá ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dea-chumarsáid agus dea-chomhar a áirithiú idir an bhainistíocht lárnach agus EWC, lena n-áirítear ionadaíocht fostaithe ar leibhéal an bhoird, chun a áirithiú go n-urramófar go cuí cearta na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle agus a gceart rannpháirtíochta;

Ceanglais choimhdeacha a neartú

14. ag tabhairt dá haire, maidir leis an tréimhse trí bliana ón iarraidh ar chur i bhfeidhm na gceanglas coimhdeach, i gcás ina mainnítear comhaontú a thabhairt i gcrích, go bhfuil an tréimhse sin iomarcach, baintear úsáid éifeachtach aisti den chuid is mó agus go bhfuil sí chun míbhuntáiste na n-oibrithe; ag athdhearbhú a hiarrata go neartófaí na ceanglais choimhdeacha i dTreoir 2009/38/CE lena soláthraítear bonn do chomhaontuithe caibidlithe; á chur i bhfios go láidir nach leor an ceart atá ag EWCanna cruinniú bliantúil a bheith acu leis an mbainistíocht lárnach agus gur cheart é sin a mhéadú chun foráil a dhéanamh do chruinnithe débhliantúla chun feidhmiú praiticiúil, tionchar agus bainistiú EWCanna a fheabhsú;

Raon feidhme na rúndachta a shoiléiriú

15. á thabhairt chun suntais go bhfuil cur chun feidhme na bhforálacha rúndachta ag na Ballstáit ilroinnte toisc nach bhfuil sainmhíniú soiléir ann agus, dá bhrí sin, á iarraidh go dtabharfaí sainmhíniú soiléir ar fhaisnéis rúnda; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le hiarrachtaí breise ó na Ballstáit chun sonrú agus soiléiriú beacht a dhéanamh ar na coinníollacha nach gceanglaítear fúthu ar an mbainistíocht lárnach faisnéis a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a chur ar aghaidh; ag athdhearbhú a hiarrata[25] cosc a chur ar mhí-úsáid rialacha rúndachta mar bhealach chun rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht éifeachtach a theorannú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir 2009/38/CE, a cheangal ar na Ballstáit na cásanna ina bhfuil bonn cirt le rúndacht a shainiú go soiléir chun srian a chur le rochtain ar fhaisnéis;

Réiteach díospóidí a fheabhsú

16. á chur i bhfáth, i gcásanna ina mbíonn easaontas ann maidir le tabhairt faoi nós imeachta faisnéise nó comhairliúcháin nó gan é sin a dhéanamh, go bhfuil easpa treorach ann maidir le conas na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag na heasaontais sin ar chomhaltaí EWC agus ar ionadaithe fostaithe a réiteach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, an breisluach a d’fhéadfadh a bheith ag tionscnaimh an Aontais maidir leis an treoir sin a sholáthar;

Pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a thabhairt isteach

17. á chur in iúl gur cúis bhuartha di comhlíonadh ilroinnte agus neamhleor Threoir 2009/38/CE ar fud an Aontais agus á chur i bhfáth gur gá comhlíonadh, cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach ar bhealach cuí, éifeachtach agus tráthúil a áirithiú ar mhaithe le hoibrithe ar fud an Aontais;

18. á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí rialacha agus nósanna imeachta treisithe agus go nglacfaí bearta eile, amhail ceart a thabhairt isteach i dTreoir 2009/38/CE chun réamhurghaire a iarraidh i gcúirteanna náisiúnta nó in údaráis inniúla eile chun cur chun feidhme cinntí bainistíochta a chur ar fionraí go sealadach go dtí go ndéanfaidh an nós imeachta maidir le EWC a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leis ar an leibhéal ábhartha bainistíochta agus ionadaíochta agus ar bhealach lena gcumasófar freagra réasúnaithe a fháil ón mbainistíocht i gcomhréir leis an Treoir sin;

19. á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil pionóis i leith neamhchomhlíonadh, i mórán Ballstát, éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach mar a cheanglaítear le Treoir 2009/38/CE; á chur i bhfáth gur gá na forálacha lena rialaítear pionóis na mBallstát a neartú chun comhlíonadh Threoir 2009/38/CE a fheabhsú, agus a áirithiú ag an am céanna nach gcruthófar ualach ar an ngnólacht leo; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/38/CE d’fhonn pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a thabhairt isteach chun comhlíonadh a áirithiú;

Deireadh a chur leis an díolúine ó chomhaontuithe réamhthreorach

20. a chur i bhfáth go bhfuil go leor comhaontuithe réamhthreorach fós i bhfeidhm, breis agus 25 bliana tar éis ghlacadh na chéad Treorach maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha[26], agus nár cuireadh in oiriúint iad do cheanglais Threoir 2009/38/CE; á chreidiúint go bhfuil sé bunriachtanach go rialófar gach comhaontú EWC leis na cearta agus na hoibleagáidí céanna, chun cóir chomhionann oibrithe, rochtain ar chur i bhfeidhm ardchaighdeáin an Aontais, agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú; ag athdhearbhú a hiarrata roimhe seo ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur leis an díolúine ó na comhaontuithe réamhthreorach deonacha, mar a thugtar orthu, agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar fhorálacha ábhartha Threoir 2009/38/CE d’fhonn cothrom iomaíochta rialála a chruthú lena rialófar feidhmiú EWCanna;

Rochtain ar cheartas a áirithiú

21. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh rochtain ag EWCanna ar chúirteanna nó ar údaráis náisiúnta inniúla saothair; á chur in iúl gur saoth léi go mbíonn bacainní roimh EWCanna maidir lena gceart chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle a fheidhmiú, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/38/CE; á chur in iúl gurb oth léi, i roinnt Ballstát, nach bhfuil an saineolas is gá maidir leis na saincheisteanna dá bhforáiltear sa Treoir sin ag na cúirteanna ná na húdaráis atá inniúil ar chomhairle a sholáthar nó ar dhíospóidí a bhaineann le EWC a éisteacht nó a chinneadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit imeachtaí riaracháin agus dlíthiúla éascaithe a áirithiú le haghaidh rochtain éifeachtach ar cheartas do EWCanna agus do chomhlachtaí caibidlíochta speisialta, go háirithe maidir lena stádas dlíthiúil a shainiú, lena n-áirítear pearsantacht dhlítheanach a dheonú, mar chuid de mheasúnú tionchair an Choimisiúin;

22. á chur i bhfáth go bhfuil sé de cheart ag oibrithe agus ag fostóirí, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, chun dul i mbun cómhargála agus chun saoirse tionóla, agus nár cheart go mbeadh aon chur isteach ó fhostóirí a chuirfeadh srian leis na cearta sin agus gur cheart ionadaithe na bhfostaithe in EWCanna a chosaint agus iad ag feidhmiú a gceart i gcoinne cleachtais frithbhirt;

23. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá margaí saothair uilechuimsitheacha agus gur gá cur chuige cuimsitheach chun comhionannas inscne san ionad oibre a bhaint amach; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil go leor fós le déanamh chun comhdheiseanna a áirithiú agus á chur i bhfáth an gá a áirithiú go mbeidh mná agus daoine faoi mhíchumas níos rannpháirtí i margadh an tsaothair; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh comhdhéanamh atá cothrom ó thaobh inscne de sna EWCanna agus á chur i bhfáth go bhféadfadh comhaltaí EWC agus comhlachtaí eile ionadaithe fostaithe a bheith ina n‑uirlisí úsáideacha sa chomhthéacs sin;

24. á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún, ar bhonn Airteagal 153(1)(e) de CFAE, togra le haghaidh athbhreithniú ar Threoir 2009/38/CE a thíolacadh faoin 31 Eanáir 2024, ag leanúint na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

25. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

 


 

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN: MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH

Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún togra a thíolacadh lena leasaítear Treoir 2009/38/CE maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críoch fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, bunaithe ar na moltaí seo a leanas:

(1) Cruthaíonn na haistrithe digiteacha agus glasa deiseanna agus dúshláin do mhargaí saothair, d’fhostóirí agus d’fhostaithe. D'fhonn teacht ar réitigh inbhuanaithe ar athruithe ar an margadh saothair, ba cheart fostaithe, fostóirí agus saoránaigh a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna córais dhaonlathacha agus sna próisis chinnteoireachta.

 

(2) Níl aon amhras ann ach go raibh rath ar Chomhairlí Oibreacha Eorpacha agus gur colún tábhachtach den mhúnla sóisialta Eorpach iad. Tá beagnach tríocha bliain ann ó glacadh agus trasuíodh Treoir 94/45/CE agus tá breis agus 10 mbliana ann ó glacadh Treoir 2009/38/CE. Níl aon bhonn cirt a thuilleadh le comhaontuithe a síníodh roimh Threoir 94/45/CE a dhíolmhú, ná an Treoir, a bheadh imithe i léig seachas sin, le haghaidh comhaontuithe a síníodh nó a leasaíodh le linn thréimhse trasuí Threoir 2009/38/CE, a choimeád. Dá bhrí sin, ba cheart comhaontuithe a dhíolmhaítear faoi Airteagal 14 de Threoir 2009/38/CE a thabhairt isteach faoi raon feidhme na Treorach sin.

(3) Ní mór cinntí áirithe a bhfuil éifeacht shuntasach ionchasach dhíreach nó indíreach acu ar leasanna na bhfostaithe, a bheith ina n-ábhar faisnéise agus comhairliúcháin ag ionadaithe ceaptha na bhfostaithe a luaithe is féidir.

(4) Cé gur le Treoracha 94/45/CE agus 2009/38/CE a bunaíodh cearta trasnáisiúnta comhchoiteanna saothair maidir le faisnéis agus comhairliúchán, ní minic a urramaítear na cearta sin go hiarbhír agus tá sé léirithe go bhfuil sé an-deacair iad a fhorfheidhmiú. I gcuid mhór cásanna chuir fostóirí bearta le saincheisteanna trasnáisiúnta chun feidhme gan an Chomhairle Oibreacha Eorpacha a chur ar an eolas ná gan dul i gcomhairle léi (Renault Vilvoorde)[27], agus is minic nach gcuirtear Comhairlí Oibreacha Eorpacha ar an eolas agus nach dtéitear i gcomhairle leo ach amháin tar éis bearta le saincheisteanna trasnáisiúnta a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha lena gcumasaítear forfheidhmiú éifeachtach, a bhunú;

(5) I mBallstáit áirithe ní léir cén chúirt náisiúnta atá inniúil chun rialú maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó an comhlacht speisialta caibidlíochta. Mar gheall ar chineál na gceart comhchoiteann saothair, is cúirt oibreachais í an chúirt naisiúnta oibreachais atá inniúil. Ba cheart do na Ballstáit cúirt naisiúnta oibreachais atá inniúil a chinneadh agus fógra a thabhairt don Choimisiún, ar cúirt í a bhfuil rochtain dhíreach ag an gComhairle Oibreacha Eorpacha agus an comhlacht speisialta caibidlíochta uirthi.

Leasaítear Treoir 2009/38/CE mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Measfar gur nithe trasnáisiúnta iad nithe más rud é go mbaineann a n-éifeachtaí ionchasacha, go díreach nó go hindíreach, le gnóthas ar leibhéal an Aontais nó le grúpa gnóthas ar leibhéal an Aontais ina iomláine, nó le dhá ghnóthas nó dhá bhunaíocht ar a laghad de chuid an ghnóthais nó an ghrúpa atá lonnaithe in dhá Bhallstát éagsúla.

4a. Chun gné thrasnáisiúnta an ní a chinneadh, ní mór raon feidhme a éifeachtaí féideartha agus an leibhéal bainistíochta agus ionadaíochta lena mbaineann a chur san áireamh. Áirítear leis sin nithe is ábhar imní d’oibrithe, beag beann ar líon na mBallstát lena mbaineann, maidir le raon feidhme an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu, chomh maith le nithe a bhaineann le haistriú gníomhaíochtaí idir dhá Bhallstát nó níos mó. Meastar gnóthais nó bunaíochtaí atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla a bheith bainteach i gcás inar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeidh éifeachtaí ar ghnóthais nó ar bhunaíochtaí i mBallstáit eile ag baint le hábhar a dhéanann difear do ghnóthas amháin nó do bhunaíocht amháin, nó go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag an ábhar sin amach anseo, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar cinntí arna mbeartú ag gnóthas nó ag grúpa gnóthas i mBallstát seachas an Ballstát ina dtáirgtear na héifeachtaí sin.”;

 

(2) in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) ciallaíonn ‘ionadaithe na bhfostaithe’ ceardchumainn nó ionadaithe na bhfostaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtas”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

(g) ciallaíonn ‘comhairliúchán’ idirphlé agus malartú tuairimí a bhunú idir ionadaithe na bhfostaithe agus an lucht bainistíochta lárnach nó aon leibhéal bainistíochta atá níos iomchuí, cibé tráth, cibé slí agus lena ngabhann cibé inneachar lena gcuirtear ar chumas ionadaithe na bhfostaithe réamhthuairim a thabhairt ar bhonn na faisnéise arna soláthar faoi na bearta beartaithe a mbaineann an comhairliúchán leo, gan dochar do fhreagrachtaí an lucht bainistíochta, agus laistigh de thréimhse réasúnach ama, atá le cur san áireamh laistigh den ghnóthas ar leibhéal an Aontais nó den ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Aontais. Déanfar comhairliúchán a chur i gcrích ar bhealach lena gcumasófar d’ionadaithe na bhfostaithe freagairt réasúnaithe a fháil in am trátha ón lucht bainistíochta lárnach sula nglacfar an cinneadh;”;

(3) leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(1) a bhaint amach, déanfaidh an lucht bainistíochta lárnach caibidlíocht a thionscnamh lena mbunaítear Comhairle Oibreacha Eorpacha nó nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin i scríbhinn, i gcomhpháirt nó go leithleach, ag ar a laghad 100 fostaí nó a n-ionadaithe in dhá ghnóthas nó dhá bhunaíocht ar a laghad in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad.”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití de mhír 2:

“2. Chun na críche sin, bunófar comhlacht speisialta caibidlíochta laistigh de shé mhí ón dáta iarrata de bhun mhír 1, le síneadh féideartha 6 mhí, i gcomhréir leis na treoirlínte seo a leanas:”;

(c) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) Toghfar nó ceapfar comhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta i gcomhréir le líon na bhfostaithe atá fostaithe i ngach Ballstát ag gnóthas ar scála an Aontais nó ag grúpa gnóthas ar scála an Aontais, ar bhealach a fhéachann le hionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach, trína leithdháileadh maidir le gach Ballstát suíochán amháin in aghaidh sciar d'fhostaithe atá fostaithe sa Bhallstát sin arb ionann agus 10 %, nó codán de, líon na bhfostaithe atá fostaithe i mBallstáit uile an Aontais nuair a chuirtear le chéile iad;”;

(d) i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an tríú fomhír:

‘Chun críche na caibidlíochta, féadfaidh an comhlacht speisialta caibidlíochta cúnamh a iarraidh ar iondadaithe eagraíochtaí inniúla aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Aontais agus, más gá, tuilleadh saineolaithe dá rogha. Féadfaidh na saineolaithe agus na hionadaithe ceardchumainn sin a bheith i láthair ag cruinnithe caibidlíochta i gcáil chomhairleach arna iarraidh sin ag an gcomhlacht speisialta caibidlíochta.”;

(e) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcomhréir leis an bprionsabal sin, féadfaidh na Ballstáit rialacha buiséadacha a leagan síos maidir le hoibriú an chomhlachta speisialta caibidlíochta. Féadfaidh siad go háirithe teorainn a chur leis an gcistiú ionas nach gcumhdófar leis ach saineolaí amháin sa bhreis ar ionadaí ó eagraíocht aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Aontais.”;

(4) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 5a

Cuspóirí maidir le cothromaíocht inscne ar Chomhairlí Oibreacha Eorpacha agus ar roghchoistí.

1. Déanfaidh an bhainistíocht lárnach agus an comhlacht speisialta caibidlíochta, agus Comhairle Oibreacha Eorpacha nua á bunú, nó an bhainistíocht lárnach agus an Chomhairle Oibreacha Eorpacha, agus comhaontú ón gComhairle Oibreacha Eorpacha á athchaibidliú acu, na socruithe is gá a chaibidil de mheon fíorchomhair d’fhonn a áirithiú go mbeidh Comhairlí Oibreacha Eorpacha faoi réir na gcuspóirí seo a leanas:

(a) Is ionann an gnéas tearcionadaithe agus 40 % ar a laghad de chomhaltaí Comhairle Oibreacha Eorpacha;

(b) Is ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 40 % ar a laghad de phoist an roghchoiste.

Is é an líon comhaltaí de Chomhairle Oibreacha Eorpacha agus post roghchoiste a mheasfar is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa chéad fhomhír a bhaint amach an líon is gaire don chion 40 %, ach nach mó ná 49 %.”;

 

(5) In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) comhdhéanamh den Chomhairle Oibreacha Eorpacha, líon na gcomhaltaí, leithdháileadh na suíochán, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, an gá atá le hionadaíocht chothrom fostaithe maidir lena ngníomhaíochtaí agus lena gcatagóir, agus an téarma oifige, lena n-áirítear, agus na suíocháin á leithdháileadh, sraith ceanglas nós imeachta chun ionadaíocht chothrom inscne a bhaint amach;”;

(6) in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú habairt:

“- más rud é nach dtionóltar an chéad chruinniú den chomhlacht speisialta caibidlíochta laistigh de shé mhí tar éis iarraidh a fháil de bhun Airteagal 5(1),

- más rud é, tar éis 18 mí ó dháta na hiarrata, nach mbeidh siad in ann comhaontú a thabhairt i gcrích mar a leagtar síos in Airteagal 6 agus nach mbeidh an cinneadh dá bhforáiltear in Airteagal 5(5) glactha ag an gcomhlacht speisialta caibidlíochta.”;

(7) in Airteagal 8 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2[28]:

 

“1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach n-údarófar do chomhaltaí de chomhlachtaí speisialta caibidlíochta nó de Chomhairlí Oibreacha Eorpacha ná d’aon saineolaithe a chuidíonn leo, faoi na coinníollacha agus faoi na teorainneacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus faoi réir critéir oibiachtúla, aon fhaisnéis a nochtadh a cuireadh ar fáil go sainráite dóibh i modh rúin, ar leas dlisteanach an ghnóthais nó na bunaíochta;

Beidh feidhm ag an gcéanna maidir le hionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin.

Leanfaidh an oibleagáid sin d’fheidhm a bheith aici, cibé áit a bhfuil na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, fiú tar éis dá dtéarmaí oifige dul in éag:

Ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le comhaltaí den Chomhairle Oibreacha Eorpacha a nochtann faisnéis do chomhairlí oibre náisiúnta nó áitiúla lena bhféadfaí difear a dhéanamh do chás na n-oibrithe más rud é gur cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil dóibh i modh rúin agus í faoi réir rialacha náisiúnta maidir le rúndacht.

Soláthróidh an lucht bainistíochta lárnach critéir oibiachtúla dá dtagraítear i mír 2 do chomhaltaí den Chomhairle Oibreacha Eorpacha agus cinnfidh sé fad na gceanglas rúndachta.

2. Sainmhíneoidh gach Ballstát, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta, nach mbeidh sé d’oibleagáid ar an lucht bainistíochta lárnach atá suite ar a chríoch faisnéis a tharchur nuair is de chineál í, de réir critéir oibiachtúla, go ndéanfaí díobháil thromchúiseach léi d’fheidhmiú na ngnóthas lena mbaineann.

Déanfaidh Ballstát an dispeansáid sin a chur faoi réir údarú riaracháin nó breithiúnach roimh ré.”;

(8) in Airteagal 9, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘Tionscnófar nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin laistigh de thréimhse ama agus ar bhealach a chuirfidh ar chumas na Comhairle Oibreacha Eorpacha dul i gcomhairle go fóinteach le hionadaithe ábhartha na bhfostaithe ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil d’fhonn a tuairim a thabhairt roimh dheireadh an nós imeachta comhairliúcháin ar an leibhéal ábhartha.

Má bhíonn díospóid ann idir an lucht bainistíochta lárnach agus an Chomhairle Oibreacha Eorpach nó ionadaithe na bhfostaithe maidir le cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis agus comhairliúchán le cur i gcrích, tabharfaidh an lucht bainistíochta lárnach forais chuí-réasúnaithe i scríbhinn leis na cúiseanna nach bhfuil feidhm ag na ceanglais faisnéise agus chomhairliúcháin faoin Treoir seo nó faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích dá bun, lena n-áirítear cúiseanna lena dtugtar údar le saincheisteanna trasnáisiúnta a bheith ar lár.

A mhéid is gá don Chomhairle Oibreacha Eorpacha a cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle Oibreacha Eorpacha nó an roghchoiste cúnamh a iarraidh ar shaineolaithe dá rogha féin. Féadfaidh ionadaithe ó eagraíochtaí aitheanta ceardchumainn inniúla ar leibhéal an Aontais a bheith ar na saineolaithe sin. Arna iarraidh sin ag an gComhairle Oibreacha Eorpacha, beidh na saineolaithe sin i láthair ag cruinnithe Comhairle Oibreacha Eorpacha agus ag cruinnithe leis an lucht bainistíochta lárnach i gcáil chomhairleach.

I gcomhréir leis an Airteagal sin, féadfaidh na Ballstáit rialacha buiséadacha a leagan síos maidir le hoibriú Comhairle Oibreacha Eorpacha. Féadfaidh siad go háirithe teorainn a chur leis an gcistiú ionas nach gcumhdófar leis ach cúnamh a lorg ó shaineolaí amháin sa bhreis ar ionadaí ó eagraíocht aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Aontais.”;

(9) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Ról agus cosaint ionadaithe na bhfostaithe

1. Gan dochar d’inniúlacht comhlachtaí nó eagraíochtaí eile i ndáil leis sin, beidh ag comhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta agus ag comhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpacha na hacmhainní agus an inniúlacht dhlíthiúil is gá chun na cearta a eascraíonn as an Treoir seo a chur i bhfeidhm, chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna fhostaithe an ghnóthais ar leibhéal an Aontais nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Aontais.;

2. Gan dochar d’Airteagal 8, beidh sé de cheart ag comhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpacha agus beidh na hacmhainní is gá acu chun ionadaithe fhostaithe na mbunaíochtaí nó na ngnóthas i ngrúpa gnóthas ar leibhéal an Aontais nó, i gcás ionadaithe a bheith ar lár, an lucht saothair ina iomláine, a chur ar an eolas maidir le hábhar agus toradh na faisnéise agus an nós imeachta comhairliúcháin a rinneadh agus aon uair a mheasann sé gur gá a chúraimí a dhéanamh a eascraíonn as an Treoir seo, go háirithe roimh a chruinnithe agus ina dhiaidh.

3. Maidir le comhaltaí de chomhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus ionadaithe fostaithe a fheidhmíonn a bhfeidhmeanna faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3), i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, lena n-áirítear an ceart chun ceardchumainn a bhunú agus dul isteach iontu, beidh cosaint acu, go háirithe ar fhrithbhearta díoltais nó ar dhífhostú, agus beidh ráthaíochtaí acu atá comhchosúil leis na ráthaíochtaí a thugtar d’ionadaithe na bhfostaithe leis an reachtaíocht náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm ina dtír fostaíochta.

Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le freastal ar chruinnithe de chomhlachtaí speisialta caibidlíochta nó Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó aon chruinnithe eile faoi chuimsiú an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), agus pá a íoc le comhaltaí atá ar fhoireann an ghnóthais ar leibhéal an Aontais nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Aontais ar feadh na tréimhse neamhláithreachta is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Beidh comhalta de chomhlacht speisialta caibidlíochta nó de Chomhairle Oibreacha Eorpacha, nó comhalta malartach comhalta den sórt sin, ar comhalta é de chriú soithigh farraige, i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinniú den chomhlacht speisialta caibidlíochta nó den Chomhairle Oibreacha Eorpacha, nó in aon chruinniú eile faoi aon nósanna imeachta arna mbunú de bhun Airteagal 6(3), i gcás nach mbeidh an comhalta nó an comhalta malartach sin ar muir nó i gcalafort i dtír seachas an tír ina bhfuil sainchónaí ar an gcuideachta loingseoireachta, nuair a bheidh an cruinniú ar siúl.

 

Déanfar cruinnithe a sceidealú, i gcás inarb indéanta é, ionas go n-éascófar rannpháirtíocht comhaltaí nó comhaltaí malartacha, ar comhaltaí de chriúnna soithigh farraige iad.

 

I gcásanna nach féidir le comhalta de chomhlacht speisialta caibidlíochta nó de Chomhairle Oibreacha Eorpacha, nó comhalta malartach den sórt sin, ar comhalta de chriú soithigh farraige é, freastal ar chruinniú, breithneofar an fhéidearthacht úsáid a bhaint, i gcás inar féidir, as teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide.

4. A mhéid is gá chun a ndualgais ionadaíocha a fheidhmiú i dtimpeallacht idirnáisiúnta, cuirfear oiliúint ar chomhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta agus ar chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpacha saor in aisce agus gan aon phá a chailleadh.”;

(10) leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2[29]:

“2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mainnítear an Treoir seo a chomhlíonadh, go bhfuil nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leormhaithe ar fáil agus rochtain éasca orthu chun na cearta a eascraíonn as an Treoir seo a fheidhmiú agus chun na hoibleagáidí a fhorfheidhmiú ar bhealach tráthúil éifeachtach.

Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta breithiúnacha éifeachtacha ar féidir rochtain a fháil orthu go tráthúil, chun iarratas a dhéanamh ar an bhfaisnéis nó chun iad a fhoirceannadh lena n-áirítear an fhéidearthacht réamhurghaire a iarraidh go bhféadfar cinntí an luchta bainistíochta lárnaí a chur ar fionraí go sealadach i gcás ina ndéantar agóid in aghaidh na gcinntí sin ar an mbonn go ndearnadh sárú ar na ceanglais faisnéise agus chomhairliúcháin faoin Treoir seo nó faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích dá bun. Déanfar éifeachtaí na gcinntí a bhfuiltear ag agóid ina gcoinne ar chonarthaí fostaíochta nó ar chaidrimh fostaíochta na bhfostaithe lena mbaineann a chur ar fionraí dá réir”;

(b) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3. I gcás ina gcuireann na Ballstáit Airteagal 8 i bhfeidhm, déanfaidh siad foráil maidir le nósanna imeachta achomhairc riaracháin nó breithiúnacha a fhéadfaidh comhaltaí Chomhairle Oibreacha Eorpacha agus/nó ionadaithe na bhfostaithe a thionscnamh nuair a éilíonn an lucht bainistíochta lárnach rúndacht nó nuair nach dtugann sí faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal sin. Áiritheofar leis na nósanna imeachta sin cinneadh tráthúil ionas gur féidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha a cearta faisnéise agus comhairliúcháin a fheidhmiú go héifeachtach.”;

‘Íocfaidh an lucht bainistíochta lárnach na costais bhreithiúnacha arna dtabhú agus na nósanna imeachta á gcur i gcrích, costais na hionadaíochta dlíthiúla agus costais thánaisteacha amhail speansais chothaithe agus taistil le haghaidh ionadaí amháin ar a laghad de chuid na bhfostaithe.’

(11) cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 11a

Pionóis

1. Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Treoir seo nó ar chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích dá bun. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2. Áireofar ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas:

(a) pionóis airgeadais atá comhréireach le cineál, tromchúis agus fad ama an tsáraithe arna dhéanamh ag an ngnóthas agus a mhéadófaí ar mhéid de réir líon na bhfostaithe lena mbaineann;

(b) orduithe lena n-eisiatar an gnóthas ó theidlíocht chun sochar poiblí, chun cabhracha nó chun fóirdheontas poiblí áirithe, go páirteach nó go hiomlán, lena n-áirítear cistí de chuid an Aontais arna mbainistiú ag na Ballstáit ábhartha, ar feadh tréimhse suas le trí bliana;

(c) orduithe lena n-eisiatar an gnóthas ó a bheith rannpháirteach i gconradh poiblí mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[30].

3. I gcás sáruithe dá dtagraítear i mír 1 nach ndéantar d’aon ghnó iad, beidh na pionóis airgeadais dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), substainteach agus coibhéiseach leis na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 83(4) de Rialachán (AE) 2016/679[31].

4. I gcás sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéantar d’aon ghnó iad, beidh na pionóis airgeadais dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), substainteach agus coibhéiseach leis na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 83(5) de Rialachán (AE) 2016/679.”;

(12) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Na comhaontuithe atá i bhfeidhm

1. Beidh feidhm iomlán ag na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo maidir le gach gnóthas ar leibhéal an Aontais nó grúpaí gnóthas ar leibhéal an Aontais trí ... [dhá bhliain tar éis spriocdháta thrasuí na Treorach leasaithí seo].

2. Tiocfaidh gach comhaontú a tugadh i gcrích de bhun Airteagal 13(1) de Threoir 94/45/CE agus gach comhaontú a tugadh i gcrích de bhun Airteagal 6 de Threoir 94/45/CE agus a síníodh nó a athbhreithníodh idir an 5 Meitheamh 2009 agus an 5 Meitheamh 2011 faoi raon feidhme na Treorach seo gan aon oibleagáid dul i mbun caibidlíochta an athuair. Féadfar comhaontuithe atá ann cheana a athchaibidliú i gcónaí agus na forálacha ábhartha sna comhaontuithe féin agus mar a leagtar síos in Airteagal 5 agus in Airteagal 13 den Treoir seo á gcur i bhfeidhm.

3. Ní dhéanfaidh an Treoir sin difear d'fhorálacha i gcomhaontuithe atá ann cheana atá níos fabhraí do Chomhairlí Oibreacha Eorpacha.”;

(13) in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta a glacadh dá dtagraítear in Airteagail 11(2) a luaithe is féidir.”;

 

(14) leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2. Beidh de cheart ag an gComhairle Oibreacha Eorpacha bualadh leis an lucht bainistíochta lárnach faoi dhó sa bhliain, go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo, ar bhonn tuarascáil arna tarraingt suas ag an lucht bainistíochta lárnach ar an dul chun cinn i ngnó an ghnóthais ar leibhéal an Aontais nó i ngrúpa gnóthas ar leibhéal an Aontais agus ar a ionchais. Cuirfear gach lucht bainistíochta áitiúil ar an eolas dá réir sin.”

(b) i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“3.  I gcás ina bhfuil imthosca eisceachtúla nó cinntí eisceachtúla ann a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do leasanna na bhfostaithe, agus i gcás práinne nach féidir faisnéis ná comhairliúchán a dhéanamh ag an gcéad chruinniú sceidealta eile den Chomhairle Oibreacha Eorpacha, go háirithe i gcás athshuímh, dúnadh bunaíochtaí nó gnóthas nó comhiomarcaíochtaí, beidh sé de cheart ag an roghchoiste nó, i gcás nach ann do choiste den sórt sin, ag an gComhairle Oibreacha Eorpacha go gcuirfí ar an eolas go tráthúil iad. Beidh sé de cheart aige, arna iarraidh sin dó, bualadh leis an lucht bainistíochta lárnach nó aon leibhéal bainistíochta eile níos iomchuí laistigh den ghnóthas ar leibhéal an Aontais nó den ghrúpa gnóthas a bhfuil a chumhachtaí cinnteoireachta féin acu, chun go gcuirfear ar an eolas é agus go rachfar i gcomhairle leis. I dteannta an roghchoiste, beidh sé de cheart ag comhaltaí Comhairle Oibreacha Eorpacha arna n-ainmniú sna Ballstáit a bhfuil baint dhíreach acu nó a d’fhéadfadh baint a bheith acu leis na himthosca eisceachtúla a bheith rannpháirteach sna cruinnithe urghnácha.”;

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

“5. Féadfaidh Comhairle Oibreacha Eorpacha nó an roghchoiste cúnamh a fháil ó shaineolaithe is rogha leo, a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh. Féadfaidh ionadaithe ó eagraíochtaí aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Aontais a bheith ar na saineolaithe sin. Arna iarraidh sin ag an gComhairle Oibreacha Eorpacha, beidh na saineolaithe sin i láthair ag cruinnithe Comhairle Oibreacha Eorpacha agus ag cruinnithe leis an lucht bainistíochta lárnach i gcáil chomhairleach.”;

(d) i bpointe 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“6. I gcomhréir leis na prionsabail sin, féadfaidh na Ballstáit rialacha buiséadacha a leagan síos maidir le hoibriú Comhairle Oibreacha Eorpacha. Féadfaidh siad go háirithe teorainn a chur leis an gcistiú ionas nach gcumhdófar leis ach saineolaí amháin sa bhreis ar ionadaí ó eagraíocht aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Aontais.”


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

30.11.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

33

6

8

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

João Albuquerque, Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Sylvie Brunet, David Casa, Leila Chaibi, Ilan De Basso, Özlem Demirel, Klára Dobrev, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Helmut Geuking, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Irena Joveva, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Sara Matthieu, Kira Marie Peter-Hansen, Dragoş Pîslaru, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Guido Reil, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Monica Semedo, Eugen Tomac, Romana Tomc, Nikolaj Villumsen, Marianne Vind, Stefania Zambelli, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Krzysztof Hetman, Peter Lundgren, Samira Rafaela, Eugenia Rodríguez Palop

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Virginie Joron

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

33

+

NI

Daniela Rondinelli

PPE

David Casa, Jarosław Duda, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Helmut Geuking, Krzysztof Hetman, Stelios Kympouropoulos, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Romana Tomc

RENEW

Irena Joveva, Monica Semedo

S&D

João Albuquerque, Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Ilan De Basso, Klára Dobrev, Estrella Durá Ferrandis, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Marianne Vind

THE LEFT

Leila Chaibi, Özlem Demirel, Eugenia Rodríguez Palop, Nikolaj Villumsen

VERTS/ALE

Katrin Langensiepen, Sara Matthieu, Kira Marie Peter-Hansen, Mounir Satouri

 

6

-

ECR

Peter Lundgren, Elżbieta Rafalska

ID

Virginie Joron, Guido Reil

NI

Ádám Kósa

RENEW

Abir Al-Sahlani

 

8

0

ID

Elena Lizzi, Stefania Zambelli

PPE

Miriam Lexmann, Tomáš Zdechovský

RENEW

Sylvie Brunet, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Dragoş Pîslaru, Samira Rafaela

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 11 Eanáir 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais