TUARASCÁIL ar chosaint tomhaltóirí i bhfíschluichí ar líne cur chuige don mhargadh aonair Eorpach
19.12.2022 - (2022/2014(INI))
An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir: Adriana Maldonado López
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar chosaint tomhaltóirí i bhfíschluichí ar líne cur chuige don mhargadh aonair Eorpach
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989, agus do bharúil Ghinearálta Uimh. 25 (2021) ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le cearta leanaí i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2008 maidir le tomhaltóirí a chosaint, go háirithe mionaoisigh, i ndáil le físchluichí a úsáid (COM(2008)0207),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘Shaping Europe’s digital future ‘[Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis de chuid an Aontais i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids (BIK+)’ [Deich mBliana Digiteacha do leanaí agus don óige :an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+)] (COM(2022)0212),
– ag féachaint do rún ón gComhairle an 1 Márta 2002 maidir le tomhaltóirí a chosaint, go háirithe daoine óga, trí fhíschluichí áirithe agus cluichí ríomhaireachta áirithe a lipéadú de réir aoisghrúpa[1],
– ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh[2],
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar[3],
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí[4],
– ag féachaint do Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5],
– ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún an 29 Nollaig 2021 dar teideal ‘Guidance on the interpretation and application of Directive 2005/29/EC of the European Parliament and of the Council concerning unfair business-to-consumer commercial practices in the internal market’ [Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach][6],
– ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún an 29 Nollaig 2021 dar teideal ‘Guidance on the interpretation and application of Directive 2011/83/EU of the European Parliament and of the Council on consumer rights’[Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta tomhaltóirí][7],
– ag féachaint don tseiceáil oiriúnachta ón gCoimisiún ar dhlí thomhaltóirí AE maidir leis an gcothroime dhigiteach, a seoladh le glao ar fhianaise an 17 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)[8],
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)[9],
– ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint, go háirithe mionaoisigh, i ndáil le físchluichí a úsáid[10],
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Samhain 2012 maidir le leanaí a chosaint sa saol digiteach[11],
– ag féachaint do rún reachtach uaithi an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go dtí 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013[12],
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 maidir le straitéis Eorpach a fhorbairt d’éiceachóras na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach[13],
– ag féachaint don staidéar a rinne an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha in Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha Pharlaimint na hEorpa i mí Iúil 2020 dar teideal ‘Loot boxes in online games and their effect on consumers, in particular young consumers’ [Boscaí éadála i gcluichí ar líne agus an tionchar atá acu ar thomhaltóirí, go háirithe ar thomhaltóirí óga],
– ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0300/2022),
A. de bhrí go n-imríonn gach aoisghrúpa san Eoraip físchluichí, agus go bhfuil leath de mhuintir na hEorpa idir 6 agus 64 bliana d’aois ag imirt físchluichí agus go bhfuil an t-aoisghrúpa is mó idir 45-64 bliana d’aois; de bhrí go n-imríonn 73 % de leanaí idir 6-10 mbliana d’aois, 84 % díobh siúd idir 11-14 bliana d’aois agus 74 % de na daoine óga idir 15-24 bliana d’aois físchluichí[14];
B. de bhrí gurb í earnáil na bhfíschluichí Eorpacha an earnáil chultúrtha agus chruthaitheach is mó fás san Eoraip, le méid measta de EUR 23.3 billiún sa mhargadh Eorpach in 2020 agus le láimhdeachas domhanda níos airde i gcomparáid le cuideachtaí ceoil agus scannán[15], de bhrí gur acmhainneacht thábhachtach í an earnáil sin d’fhás agus do chruthú post, agus go rannchuidíonn sí le margadh aonair digiteach na hEorpa; de bhrí gurb í earnáil na bhfíschluichí an t-aon tionscal cultúrtha agus cruthaitheach a raibh fás tagtha ar láimhdeachas le linn ghéarchéim COVID-19[16];
C. de bhrí go bhfuil luach cruthaitheach uathúil ag físchluichí i gcomparáid le ríomhchláir, mar a aithníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[17], agus go bhfuil siad cosanta faoi Threoir 2009/24/CE[18] maidir le cosaint dhlíthiúil ríomhchlár agus Treoir 2001/29/CE[19] maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise, ar a bhfuil an slabhra luacha bunaithe;
D. de bhrí, in ainneoin an róil lárnaigh atá aici in éiceachóras cultúrtha agus cruthaitheach na hEorpa, go ndéanann lucht déanta beartas faillí fós in earnáil na bhfíschluichí i gcomparáid le tionscail eile na meán, go háirithe táirgí scannán agus táirgí closamhairc eile, a fhaigheann níos mó maoinithe go ginearálta agus a úsáidtear mar shamhail chun rialacháin agus beartais a mhúnlú maidir le físchluichí, cur chuige nach ndéantar breithniú ann ar na difríochtaí eatarthu;
E. de bhrí gur fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta den chuid is mó atá i dtionscal fhíschluichí na hEorpa, eintitis a bhfuil ról tábhachtach acu sa nuálaíocht agus san fhás san earnáil sin[20];
F. de bhrí go bhfuil slabhra luacha iomlán ag tionscal na bhfíschluichí atá bunaithe ar an nuálaíocht agus ar an gcruthaitheacht, lena gcuimsítear raon leathan scileanna agus saineolais; de bhrí go bhfuil forbairtí teicneolaíochta in earnáil na bhfíschluichí ar líne ag éirí níos tábhachtaí agus go bhfuil tionchar acu ar earnálacha agus ar thionscail eile amhail tógáil, dearadh, miondíol, oideachas, margaíocht, réaltacht fhíorúil/fheabhsaithe agus siopadóireacht ar líne;
G. de bhrí go mbaineann roinnt de na cuideachtaí san earnáil úsáid as inneachar a chruthaíonn mionaoisigh agus leanaí óga; de bhrí gur cheart bearta a chur i bhfeidhm chun mionaoisigh agus leanaí óga a chosaint ar shaothrú tráchtála a dhéanamh orthu mar chruthaitheoirí inneachair cluiche ar líne[21];
H. de bhrí go bhfuil físchluichí ar cheann de na cineálacha siamsaíochta is coitianta san Eoraip, in éineacht le gníomhaíochtaí eile siamsaíochta, mar gur léirigh staidéar Eorabharaiméadair ó 2019 go n-imríonn 27 % de mhuintir na hEorpa cluichí ar líne uair sa mhí ar a laghad i gcomparáid le 48 % a shruthaíonn ceol agus 47 % a bhreathnaíonn ar scannáin nó ar thaispeántais teilifíse ar ardáin ar líne;
I. de bhrí go mbraitheann feidhmiú an chearrbhachais ar líne ar nascacht chun eispéireas cobhsaí agus ardcháilíochta a chur ar fáil; de bhrí go n-athraíonn leibhéal sástachta mhuintir na hEorpa maidir le luasanna uaslódála agus íoslódála a nasc idirlín ar fud na hEorpa, os cionn 90 % i roinnt Ballstát agus a shroicheann chomh híseal le 65 % i mBallstáit eile[22]; de bhrí, i gceantair thuaithe, go bhfuil míshástacht le nascacht idirlín 30 % níos airde ná i gceantair uirbeacha;
J. de bhrí gur féidir físchluichí ar líne a imirt ar a lán gléasanna éagsúla agus gur féidir taitneamh a bhaint astu trí leas a bhaint as roinnt feidhmiúlachtaí, roghanna dearaidh agus uirlisí, amhail mód ilimreora, córais físchomrá fíor-ama, siopadóireacht ar líne, réaltacht bhreisithe, réaltacht fhíorúil, ábhar in-íoslódála saor in aisce nó íoctha, síntiúis agus boscaí éadála, ar féidir leo an t-eispeireas cluichíochta a mhúnlú d’imreoirí; de bhrí nach gcumasaíonn na físchluichí uile idirghníomhaíocht ar líne le himreoirí eile; de bhrí go bhfuil uirlisí rialaithe do thuismitheoirí ann chun aon idirghníomhaíocht le gníomhaithe eile a dhíchumasú;
K. de bhrí gur gnách go mbíonn rochtain tríd an gcluiche ar bhoscaí éadála mar a thugtar orthu ina bhfuil réada atá randamach nó gur féidir íoc astu le fíor-airgead; de bhrí gur féidir iad a dhíol trí úsáid a bhaint as dearaí cluiche, ar a dtugtar patrúin dhorcha de ghnáth, a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha síceolaíocha agus airgeadais a bheith acu trí cheannacháin gan iarraidh nó neamhrialaithe, go háirithe do mhionaoisigh agus do leanaí óga; de bhrí go bhfuil cás cúirte fós ar siúl san Ísiltír maidir leis na bearta a mbeidh feidhm acu maidir le boscaí éadála; de bhrí go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag an tSlóvaic freisin ar na bearta iomchuí atá le glacadh; de bhrí go n-eascraíonn ilroinnt an mhargaidh le haghaidh físchluichí laistigh de AE as an easpa cur chuige comhchuibhithe sin; de bhrí nach bhfuil aon sásraí sonracha cosanta tomhaltóirí ann ar an leibhéal Eorpach chun cosaint na ngníomhaithe uile a áirithiú, go háirithe mionaoisigh agus leanaí óga, a mhéid a bhaineann le boscaí éadála íoctha;
L. de bhrí go bhfuil forbairt tagtha ar thionscal an chearrbhachais le blianta beaga anuas ó shamhail stuara agus ioncaim boscaí o dtí an tsamhail ghnó atá forleathan anois, ‘games-as-a-service', 'pay-to-win' nó 'freemium; de bhrí, in ainneoin costais forbartha a bheith ag méadú as cuimse, go bhfuil praghsanna na gcluichí cobhsaithe mar gheall ar an bhféidearthacht na costais sin a scaipeadh trí shíntí cluichí; ag tabhairt dá haire, áfach, gur féidir leis an gcostas deiridh don eispéireas sínte cluichí méadú go suntasach le himeacht ama;
M. de bhrí go bhfuil roinnt físchluichí ar líne bunaithe ar luach airgid a chur ar úsáideoirí trí bhailiú sonraí agus fógraí, rud a chruthaíonn dreasacht d’úsáideoirí, lena n-áirítear mionaoisigh agus leanaí óga, an oiread ama agus is féidir a chaitheamh ar chluichí;
N. de bhrí gur féidir andúil a chruthú agus ‘neamhord cearrbhachais’ a bheith mar thoradh ar mhéideanna iomarcacha ama a chaitheamh ag imirt físchluichí ar líne, ar cluichí iad atá níos measa de bharr dearadh ionramhála, mar a shainítear in Aicmiú Idirnáisiúnta Galar na hEagraíocht Domhanda Sláinte (EDS)[23];
O. de bhrí go bhféadfadh saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a bheith ann agus físchluichí á n-imirt, go háirithe maidir le mionaoisigh agus leanaí óga, gan beann ar an méid ama a chaitear ag imirt;
P. de bhrí go bhfuil sé de cheart ag mionaoisigh agus leanaí óga faoi mhaoirseacht a dtuismitheoirí agus a gcúramóirí páirt a ghlacadh sa saol digiteach ar bhealach atá comhsheasmhach le cumais athraitheacha an linbh;
Q. de bhrí go luaitear in Airteagal 31 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh go bhfuil an ceart ag gach leanbh súgradh agus páirt iomlán gan bhac a ghlacadh i saol cultúrtha agus i ngníomhaíochtaí a oireann dá n-aois;
R. de bhrí gur féidir le ceannacháin i bhfíschluichí ligean d’imreoirí, mar shampla, earraí cosmaideacha amhail craicne nó ábhar a d’fhéadfadh buntáiste a thabhairt dóibh sa chluiche, chun fógraíocht a sheachaint, chun uaineadóirí fuaraithe a bhaint nó chun amanna feithimh iomarcacha a sheachaint agus chun éalú ó ‘mheilt’;
S. de bhrí go n-úsáideann tromlach na dtuismitheoirí uirlis scagaire teaghlaigh de chineál éigin; de bhrí go bhfuil formhór na dtuismitheoirí buartha faoin am a chaitheann a leanaí ag imirt físchluichí agus faoi na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’ábhar díobhálach, bulaíocht, teagmháil le strainséirí ar daoine fásta iad agus ceannacháin i bhfíschluichí;
T. de bhrí go bhfuil a lán tuismitheoirí san Eoraip ar an eolas faoin gcóras Uile-Eorpach Faisnéise maidir le Cluichí (PEGI) agus go measann siad go bhfuil lipéad PEGI úsáideach agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a cheannóidh siad cluich dá leanaí nó nach gceannóidh[24];
U. de bhrí go léiríonn figiúirí tionscail go bhfuil an t-am a chaitear ag imirt físchluichí cobhsaí ar an iomlán, agus go gcaitheann Eorpaigh 9 uair an chloig sa tseachtain ar an meán ag imirt físchluichí in 2021, 9.5 uair an chloig in 2020, 8.6 uair an chloig in 2019, 8.8 uair an chloig in 2018 agus 9.2 uair an chloig in 2017[25]; de bhrí go bhfuil an t-am a chaitear ag imirt físchluichí níos lú fós ná an t-am scáileáin a chaitear ar ghníomhaíochtaí eile, amhail breathnú ar an teilifís, arbh é a bhí ann 25 uair an chloig sa tseachtain ar an meán in 2020;
V. de bhrí gur staid iomlán fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta í an tsláinte agus nach é amháin go bhfuil galar nó míchumas in easnamh; de bhrí gur saincheisteanna gaolmhara iad an mheabhairshláinte agus an dea-bhail agus gur cheart iad a chur i gcuntas i ngach réimse amhail oideachas, sláinte, fostaíocht, cuimsiú sóisialta; de bhrí gur féidir le físchluichí a bheith ina n-uirlisí tábhachtacha chun tacú leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine agus gur féidir iad a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin, chomh maith le cuidiú le scileanna a fhorbairt atá riachtanach i sochaí dhigiteach agus chun an margadh aonair digiteach a fhorbairt;
W. de bhrí, in 2019, gur mhná iad 20 % de na daoine a bhí fostaithe ag tionscal na bhfíschluichí; de bhrí gur saincheist aitheanta agus chórasach í easpa ionadaíochta na mban i ndisciplíní na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice, lena n-áirítear in earnáil na bhfíschluichí, sa tionscal féin agus san léiriú hipirghnéasach ar go leor bancharachtar i ndearadh cluichí; de bhrí go bhfulaingíonn 37 % de chailíní ar imreoirí físchluichí iad ciapadh mar thoradh ar a n-inscne i gcluichí il-imreora ar líne[26]; de bhrí, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh maidir le hionadaíocht chruinn, chomhionann agus neamh-steiréitipiciúil na mban i bhfíschluichí, nach mór leanúint den dul chun cinn agus é a bheith fite fuaite le láithreacht chomhionann na mban i ngach post sa slabhra luacha, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach agus idirdhealú gnéasach;
X. de bhrí gur daoine faoi mhíchumas a bhí sa chúigiú cuid de dhaonra AE in 2020; de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta dá staideanna sóisialta agus eacnamaíocha a fheabhsú, lena n-áirítear ar líne; de bhrí go bhfuil míchumais áirithe ann a d’fhéadfadh a bheith dúshlánach go háirithe d’ fhíschluichí ar líne, amhail daille datha, dúshláin amhairc nó lagú soghluaisteachta láimhe; de bhrí go bhfuil daille datha ag 10 % de dhaonra na bhfear;
Físchluichí ar líne san Aontas Eorpach
1. ag cur béim ar an luach a bhaineann le físchluichí don imirt ar líne agus as líne araon mar shiamsaíocht a bhfuil tóir air ag líon suntasach Eorpach ngach aoisghrúpa agus i ngach Ballstát agus mar léirithe cultúrtha ag a gcruthaitheoirí, ag a n-imreoirí aonair agus ag a bpobail chearrbhachais i gcoitinne;
2. ag cur béim ar an bhfíoras gur earnáil dhigiteach an-nuálach in AE iad físchluichí agus go bhfuil an earnáil freagrach as níos mó ná 90 000 post díreach san Eoraip; á chur i bhfios go láidir go gcuireann earnáil na bhfíschluichí líon méadaitheach deiseanna nua fostaíochta ar fáil do go leor cruthaitheoirí cultúrtha, amhail forbróirí cluichí, dearthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí ceoil agus ealaíontóirí eile, ar cheart aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais sa réimse sin, go háirithe gníomhaíochtaí cistiúcháin, a chur san áireamh; á chur i bhfáth go bhfuil físchluichí ag dul i ngleic leis na hearnálacha digiteacha agus cultúrtha araon, ós rud é gur cuid ríthábhachtach den éiceachóras cultúrtha agus cruthaitheach iad físchluichí freisin, arb ionann iad agus os cionn 50 % de bhreisluach mhargadh foriomlán AE d’ábhar closamhairc;
3. ag leagan béim ar a thábhachtaí atá tionscal na bhfíschluichí chun tacú leis an nuálaíocht san Eoraip; á chur i bhfáth gur chuidigh earnáil na bhfíschluichí le teicneolaíochtaí nua a fhorbairt amhail an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí réaltachta fíorúla agus breisithe, agus teicneolaíochtaí eile;
4. á mheabhrú a thábhachtaí atá FBManna i slabhra luacha na bhfíschluichí Eorpacha agus an tsuntasacht dhomhanda atá ag go leor cuideachtaí Eorpacha atá ag forbairt do chonsól, ríomhaire pearsanta agus margaí cearrbhachais soghluaiste; á chur in iúl gur cúis díomá di gur minic a dhéantar dearmad ar an rath idirnáisiúnta agus ar an achomharc cultúrtha sin agus breithniú á dhéanamh ar cheannaireacht Eorpach i dteicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha;
5. á chur in iúl gur geal léi seoladh treoirthionscadal molta na Parlaiminte dar teideal ‘Tuiscint ar Luach Sochaí Eorpach Cluichí’, arb é is aidhm dó sonraí cuimsitheacha a bhailiú chun tacú le ceapadh beartas a dhéanann difear don earnáil; ag tabhairt dá haire go n-áirítear i gcuid de na fadhbanna atá os comhair na hearnála forbairt agus coinneáil tallainne, creat rialála casta agus ilroinnte i margadh domhanda, rochtain ar mhaoiniú agus tionchair shóisialta agus chultúrtha físchluichí;
Cosaint a neartú do thomhaltóirí i bhfíschluichí ar líne
6. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cosaint tomhaltóirí bunriachtanach chun timpeallacht shábháilte agus iontaofa ar líne a áirithiú le haghaidh físchluichí agus cluichirí agus gur féidir borradh a chur faoi fhás eacnamaíoch thionscal na bhfíschluichí trí mhuinín a chothú i measc tomhaltóirí; á chreidiúint, áfach, go bhféadfaí cosaint tomhaltóirí a fheabhsú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún saincheisteanna cosanta tomhaltóirí a chur san áireamh i bhfíschluichí ar líne mar chuid dá sheiceáil oiriúnachta leanúnach ar dhlí thomhaltóirí AE chun cothroime chomhionann ar líne agus as líne a áirithiú;
7. á aithint go ndéantar foráil le acquis an Aontais maidir le dlí tomhaltóirí do chosaint láidir tomhaltóirí, atá infheidhme go hiomlán maidir le físchluichí; ag cur sonrú i bhfógra ón gCoimisiún an 29 Nollaig 2021 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh aonair, lena dtugtar treoir maidir le cur i bhfeidhm dhlí thomhaltóirí AE maidir le cur chun cinn agus fógraíocht i bhfíschluichí, lena n-áirítear maidir le leanaí, ceannacháin i bhfíschluichí agus ábhar randamach íoctha a bheith ann; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le cur chuige comhsheasmhach agus comhordaithe idir na Ballstáit agus na húdaráis cosanta tomhaltóirí chun ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint agus chun tomhaltóirí san Eoraip a chosaint;
8. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta um chosaint tomhaltóirí laistigh den Ghréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí a áirithiú go ndéanfar dlí tomhaltóirí na hEorpa a urramú agus a fhorfheidhmiú go hiomlán in earnáil na bhfíschluichí;
9. ag tabhairt dá haire gur ann d’ardáin físchluichí ar líne a chuireann ar chumas imreoirí, lena n-áirítear mionaoisigh agus leanaí óga, a gcluichí féin a chruthú trí úsáid a bhaint as na huirlisí a sholáthraíonn agus atá faoi úinéireacht an fhorbróra; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta rialála a ghlacadh, más gá, chun úsáideoirí, go háirithe mionaoisigh agus leanaí óga, a chosaint ar chleachtais neamhdhleathacha ina bhféadfadh na hardáin sin a bheith rannpháirteach;
10. á chur in iúl gur geal léi go mbeidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/770, ó mhí Eanáir 2022, maidir le físchluichí, lena n-áirítear cluichí saor in aisce, agus ar an gcaoi sin go soláthrófar cosaint bhreise léi do thomhaltóirí; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nár thrasuigh roinnt Ballstát an treoir go fóill agus ag tathant ar na Ballstáit sin í a chur chun feidhme gan mhoill chun cosaint níos fearr do thomhaltóirí a áirithiú ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an bpróiseas trasuímh don treoir, idirphlé dlúth a choinneáil ar bun leis na Ballstáit atá ag titim ar gcúl maidir lena cur chun feidhme agus breithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta um shárú a sheoladh, i gcás inar gá;
11. á chur in iúl gur geal léi forbairt agus cur chun feidhme uirlisí scagaire teaghlaigh lena gcuidítear le hábhar agus físchluichí a scagadh de réir aoise, faireachán a dhéanamh ar an am a chaitear ag imirt cluichí, caiteachas ar líne a dhíchumasú nó a theorannú agus cumarsáid le daoine eile nó féachaint ar ábhar atá cruthaithe ag gníomhaithe eile a shrianadh; á mheabhrú nach iad rialuithe tuismitheoirí ar leibhéal an ardáin an t-aon mhodh a úsáideann tuismitheoirí chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar rochtain a leanaí ar ábhar; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh sé nach mbeadh tuismitheoirí ar an eolas faoi na huirlisí sin a chur chun feidhme nó go bhféadfadh deacracht a bheith acu iad a chur chun feidhme, fiú nuair atá siad ar fáil, rud a laghdaíonn a n-éifeachtacht; á chreidiúint gur ar an tionscal atá an fhreagracht as sásraí den sórt sin a fhorbairt; á mheas nach mór do shásraí den sórt sin a bheith éasca le húsáid, le tuiscint agus le bunú agus nach mór iad a bheith cosanta do thomhaltóirí ‘trí dhearadh’ agus ‘mar réamhshocrú’; á chreidiúint gur ag tuismitheoirí agus ag an tionscal araon atá cur chun feidhme rialuithe tuismitheoirí; á iarraidh go gcuirfí sásraí i bhfeidhm chun smacht níos déine a bheith ag tuismitheoirí ar an méid ama agus airgid a chaitheann mionaoisigh agus leanaí óga ar chluichí, i measc nithe eile, agus cearta agus forbairt mionaoiseach á n-urramú; ag spreagadh na n-ardán chun feasacht agus faisnéis a mhéadú maidir le conas uirlisí den sórt sin a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le feachtais phoiblí agus phríobháideacha oideachais agus faisnéise atá dírithe ar thuismitheoirí agus ar fheighlithe a chur chun cinn chun iad a chur ar an eolas faoi na huirlisí atá i bhfeidhm, amhail feidhmchlár teileafóin PEGI, agus chun a n-úsáid a spreagadh;
12. á chur i bhfios go bhfuil éagsúlacht samhlacha gnó glactha in earnáil na bhfíschluichí; ag tabhairt dá haire go ligeann roinnt físchluichí ar líne dá n-úsáideoirí ceannacháin i bhfíschluichí a dhéanamh trí úsáid a bhaint as airgeadraí i bhfíschluichí, airgeadraí ar féidir iad a cheannach le fíor-airgead nó a thuilleamh sa chluiche, chun míreanna a fháil trí bhoscaí éadála nó trí aon chineál eile ceannaigh a mheastar a bheith randamach i bhfíschluichí, agus nach féidir leis an imreoir a bheith ar an eolas faoina ábhar sula n-íocann sé; á chur i bhfios go bhfuil cineálacha éagsúla boscaí éadála ann[27], ag tabhairt dá haire nach bhfuil córais den sórt sin gan iarmhairtí do thomhaltóirí agus gur mheall cluichí le samhail ‘íoc le buachan’, go háirithe samhlacha ionsaitheacha ‘íoc le buachan’, nó samhlacha a chuireann glasáil ar ábhar a bhfuil tóir orthu taobh thiar de bhallaí íocaíochta frithghníomhartha diúltacha ó phobail chearrbhachais, as a n-eascraíonn athbhreithnithe diúltacha agus fiú athruithe ar chluichí roimh iad a scaoileadh nó go luath ina dhiaidh sin;
13. á chur i bhfáth go raibh ceannacháin i bhfíschluichí ag baint le físchluichí le blianta fada; ag tacú leis an treoir ón gCoimisiún a glacadh le déanaí maidir leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha[28], lena soiléirítear na rialacha maidir le míreanna a íoctar ar cosúil gur míreanna randamacha iad atá i bhfíschluichí; á chur i bhfáth nach mór do chórais cheannaigh i gcluichí a bheith i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha agus leis an treoir a glacadh le déanaí chun a áirithiú nach mbeidh cleachtais dhíobhálacha a dhéanann difear do thomhaltóirí, go háirithe mionaoisigh agus leanaí óga, mar thoradh orthu; á iarraidh go gcomhlíonfar an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha agus go gcuirfear chun feidhme go pras í chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú sa mhargadh aonair, go háirithe do mhionaoisigh agus do leanaí óga;
14. ag aithint a staidéir choimisiúnaithe ar bhoscaí éadála agus a n-éifeachtaí ar thomhaltóirí, go háirithe mionaoisigh agus leanaí óga; ag tabhairt dá haire gur moladh sa staidéar go ndéanfaí scrúdú ar bhoscaí éadála ó thaobh reachtaíocht cosanta tomhaltóirí chun éifeachtaí díobhálacha agus cleachtais dhúshaothraithe boscaí éadála a sheachaint, go háirithe i gcás mionaoiseach agus leanaí óga[29]; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcaoi a ndíoltar boscaí éadála, agus na bearta is gá a dhéanamh chun cur chuige comhchoiteann Eorpach a thabhairt i gcrích maidir le boscaí éadála chun cosaint leormhaith a áirithiú do thomhaltóirí, go háirithe mionaoisigh agus leanaí óga;
15. á chur i bhfios go bhfuil roinnt dearaí cluiche a úsáidtear do cheannacháin i bhfísfchluichí cúblálach agus dúshaothraithe trí dhearadh, toisc go n-úsáideann siad cleachtais ionsaitheacha tráchtála a chuireann isteach go mór ar shaoirse rogha an tomhaltóra agus a spreagann iad chun cinntí airgeadais a dhéanamh nach ndéanfaidís murach sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil toirmeasc soiléir ar chleachtais den sórt sin faoi Threoir (AE) 2019/2161; á iarraidh ar fhorbróirí agus díoltóirí físchluichí a áirithiú go n-urramóidh cluichí a dhírítear ar mhionaoisigh cearta mionaoiseach agus leanaí óga, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le príobháideachas, fógraíocht spriocdhírithe agus cleachtais ionramhála; á mheas gur cheart go mbainfeadh mionaoisigh agus leanaí óga, agus iad ag imirt físchluichí ar líne, tairbhe as leibhéal cosanta comhionann leis an leibhéal dá ndéantar foráil leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha;
16. ag tabhairt dá haire, seachas córais ceannacháin i bhfíschluichí agus míreanna randamacha íoctha, go dtarlaíonn dearaí meabhlacha eile i bhfíschluichí freisin agus gur féidir leo iompraíocht tomhaltóirí a shaobhadh; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta dlíthe cosanta tomhaltóirí Eorpacha agus náisiúnta a fhorfheidhmiú go héifeachtach, go háirithe an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha, agus an treoir chomhfhreagrach ina leith, lena gcuirtear toirmeasc ar phatrúin dhorcha áirithe, ar chleachtais ionsaitheacha mhargaíochta agus ar thrédhearcacht mhíthreorach maidir le faisnéis a cheanglaítear a sholáthar do thomhaltóirí; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar na saincheisteanna sin, go háirithe patrúin dhorcha, mar chuid den tseiceáil oiriúnachta leanúnach ar dhlí thomhaltóirí AE maidir leis an gcothroime dhigiteach agus tionscnaimh leormhaithe a thíolacadh má mheastar gá a bheith leo;
17. á chur i bhfáth nach mór d’fhorbróirí cluichí ar líne atá dírithe ar mhionaoisigh agus ar leanaí óga a n-aoiseanna, a gcearta agus a leochaileachtaí a chur i gcuntas; á chur i bhfáth nach mór dóibh na caighdeáin is airde is féidir a chomhlíonadh trí dhearadh agus mar réamhshocrú a mhéid a bhaineann le sábháilteacht, slándáil, príobháideachas agus teorainneacha ama a shocrú, ag tabhairt dá haire, chomh maith leis na caighdeáin a fhorlíonadh mar réamhshocrú, gur féidir le tuismitheoirí ról tábhachtach a imirt maidir le mionaoisigh agus leanaí óga a chosaint agus físchluichí á n-imirt acu; á chur i bhfios, áfach, gur cheart don tionscal cearrbhachais feachtais feasachta a chur i gcrích agus tacaíocht a thabhairt maidir le húsáid uirlisí agus faisnéise iomchuí maidir le conas cosaint níos fearr a thabhairt dá mionaoisigh agus dá leanaí óga;
18. á chur i bhfáth gur uirlisí iad físchluichí chun imirt agus saothair ealaíne araon a bhfuil luach cultúrtha ag baint leo;
19. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an fhaisnéis uile is gá ag tomhaltóirí maidir le físchluiche ar líne, lena n-áirítear maidir le ceannacháin i bhfíschluichí a bheith i ann, amhail boscaí éadála agus ceannacháin eile a mheastar a bheith randamach i bhfíschluichí, agus gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoin gcineál inneachair sula dtosaíonn siad ag imirt agus le linn an chluiche, á chur i bhfáth gur cheart faisnéis den sórt sin a thaispeáint go soiléir agus a bheith intuigthe do gach tomhaltóir sula gceannaítear an cluiche agus roimh gach ceannachán i bhfíschluichí chun tomhaltóirí, go háirithe mionaoisigh agus leanaí óga, a chosaint ar bhealach níos fearr, agus chun cabhrú le tuismitheoirí a gcaiteachas a thuiscint agus a rialú; ag tabhairt dá haire, nuair a úsáidtear airgeadraí fíorúla i gcluichí ar líne, gur cheart a luach san fhíorairgeadra a chur in iúl go soiléir agus go feiceálach i gcónaí do thomhaltóirí i gcás gach ceannacháin; ag tabhairt dá haire go bhfuil toirmeasc soiléir ar an bhfaisnéis sin a bheith fágtha ar lár faoi Threoir (AE) 2019/2161;
20. á chur i bhfios go gcaithfidh físchluichí ar líne a thugann an rogha d’imreoirí buntáiste a fháil mar chúiteamh ar íocaíochtaí i samhlacha ‘íoc le buachan’ imreoirí a chur ar an eolas go soiléir faoin ngné sin sula dtosaíonn siad ag imirt; á mheas gur féidir le samhlacha ‘íoc le buachan’ den sórt sin difríocht a chruthú idir imreoirí ag brath ar a n-acmhainn; ag moladh do chluichí ina n-úsáidtear samhlacha den sórt sin, dá bhrí sin, modh imeartha a áireamh gan idirbhearta ‘íoc le buachan’;
21. á chur in iúl gur geal léi go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú ar athnuachaintí uathoibríocha le haghaidh síntiús agus conarthaí sa tseiceáil oiriúnachta ar reachtaíocht cosanta tomhaltóirí atá ar na bacáin; ag tabhairt dá haire gur féidir le hathnuachaintí uathoibríocha a bheith tairbheach don úsáideoir agus don trádálaí araon, trí áisiúlacht d’úsáideoirí a fheabhsú agus riarachán síntiúsóirí a theorannú don trádálaí, ach gur féidir fadhbanna a bheith ag baint leo freisin má théann na hathnuachaintí uathoibríocha i gcoinne rúin an tomhaltóra ar feadh tréimhse éiginnte; ag moladh don Choimisiún, ina scrúdú, agus do thrádálaithe, ina mbeartais chuideachta, dea-chleachtais ó na Ballstáit nó ó chuideachtaí a bhfuil beartais athnuachana uathoibríche atá fabhrach don tomhaltóir i bhfeidhm acu cheana féin a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáid a thabhairt isteach ar leibhéal AE faoina gcaithfidh trádálaithe togra um rogha a bheith páirteach a chur ar fáil d’úsáideoirí tráth an cheannaigh seachas é a bheith ina ghné réamhshocraithe, chomh maith le faisnéis shoiléir atá inrochtana go héasca maidir le conas athnuachaintí uathoibríocha a chur ar ceal tráth ar bith, agus faoina gcaithfidh siad an próiseas chun na hathnuachaintí uathoibríocha a chur ar ceal a dhéanamh simplí agus chomh héasca céanna leis an bpróiseas clárúcháin;
22. á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann ó fhorbróirí físchluichí maidir leis na dóchúlachtaí i sásraí boscaí éadála, lena n-áirítear faisnéis i dteanga shimplí faoi thorthaí beartaithe algartam;
23. á chur i bhfios go láidir gur bunchloch de chearta tomhaltóirí an Aontais iad beartais maidir le ráthaíocht aisfhillidh agus aisíocaíochta, agus go bhfuil an ceart céanna ag tomhaltóirí aisfhilleadh agus aisíocaíocht a iarraidh le haghaidh ceannacháin ar líne is atá acu do cheannacháin ar an láthair; ag tabhairt dá haire, i gcás inneachar ar líne agus inneachar digiteach, cibé acu a íoslódáiltear nó a shruthaítear é, go bhfuil feidhm ag an gceart chun aisíocaíochta má bhíonn an táirge nó an tseirbhís lochtach nó mura bhfaigheann an tomhaltóir rochtain ar an táirge mar a bhíothas ag dréim leis; á iarraidh ar thrádálaithe rialacha cosanta tomhaltóirí AE a chomhlíonadh go hiomlán agus faisnéis shoiléir, thrédhearcach agus iontaofa a chur ar fáil maidir le conas aisíocaíocht a iarraidh nó úsáid a bhaint as an gceart tarraingt siar;
24. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh daoine faoi mhíchumas in ann gach cineál físchluiche ar líne a imirt; agus nach mór gnéithe teicniúla agus cumarsáide físchluichí ar líne agus aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le himirt nó ceannach an chluiche a bheith cuimsitheach agus inrochtana; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a thíolacadh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht físchluichí ar líne do dhaoine faoi mhíchumas; ag spreagadh soláthraithe físchluichí ar líne chun cluichí a dhéanamh inrochtana trí cheanglais inrochtaineachta Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/882 a chur i bhfeidhm[30];
25. á chur i bhfios go láidir, a luaithe a fhaightear mír i bhfíschluiche, gur féidir, i gcásanna áirithe, í a mhalartú laistigh den chluiche nó trí shuíomhanna gréasáin tríú páirtí ar fhíor-airgead, rud atá contrártha leis na téarmaí agus na coinníollacha a chuireann foilsitheoirí físchluichí i bhfeidhm; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta deireadh a chur le cleachtais neamhdhleathacha lena gceadaítear do dhuine ar bith tabhairt faoi mhalartú, díol nó gealltóireacht ar shuíomhanna i bhfíschluichí; á thabhairt chun suntais, de bhreis ar na saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, go bhféadfadh sciúradh airgid a bheith mar thoradh ar na seirbhísí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur leis an gcleachtas sin; á mheas go bhféadfaidh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an fhadhb sin a mhaolú, go háirithe trí na hoibleagáidí ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí gnó’ a chur chun feidhme;
26. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh baint a bheith ag feirmeoireacht óir le saothar agus dúshaothrú éignithe i dtíortha i mbéal forbartha agus le sciúradh airgid; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar úsáid feirmeoireachta óir i ndáil le coireanna airgeadais agus sáruithe ar chearta an duine agus tionscnaimh iomchuí a thíolacadh más gá;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis Eorpach físchluichí a chur ar aghaidh lena mbainfear leas as acmhainneacht eacnamaíoch, shóisialta, oideachasúil, chultúrtha agus nuálach na hearnála sin chun cur ar a cumas a bheith ina ceannaire i margadh domhanda na bhfíschluichí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, le linn dó tabhairt faoin tseiceáil oiriúnachta atá ar na bacáin dó ar dhlí tomhaltóirí AE maidir leis an gcothroime dhigiteach, i dtaobh an leor an creat reatha um dhlí tomhaltóirí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile maidir le dlí tomhaltóirí a ardaítear le boscaí éadála agus le ceannacháin i bhfíschluichí agus, murar leor, á iarraidh air togra reachtach a chur i láthair chun an creat reatha um dhlí tomhaltóirí AE maidir le físchluichí ar líne a oiriúnú nó togra reachtach neamhspleách a thíolacadh maidir le físchluichíocht ar líne chun creat rialála Eorpach comhchuibhithe a bhunú lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, go háirithe do mhionaoisigh agus do leanaí óga; á mheas gur cheart a mheas leis na tograí sin ar cheart oibleagáid a mholadh lena ndéanfaí sásraí íocaíochtaí agus boscaí éadála i bhfíschluichí a dhíchumasú trí réamhshocrú nó toirmeasc ar bhoscaí éadála íoctha a mholadh chun mionaoisigh a chosaint, ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint agus a áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as an leibhéal céanna cosanta, gan beann ar a n-áit chónaithe;
28. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ceangal a chur ar sholáthraithe físchluichí ar líne atá dírithe ar mhionaoisigh agus ar leanaí óga measúnuithe tionchair ex-ante ar leanaí a fhorbairt bunaithe ar chreat na gceithre C (‘content, contact, conduct, contract’ [inneachar, teagmháil, iompar, conradh]) chun riosca a aicmiú, agus aon rioscaí arna sainaithint do chearta mionaoiseach a mhaolú go héifeachtach;
Buntáistí agus rioscaí breise do thomhaltóirí
29. ag cur béim ar a thábhachtaí atá an mheabhairshláinte, go háirithe i gcás mionaoiseach agus leanaí óga; ag tabhairt dá haire gur chuir físchluichí faoiseamh ar fáil le linn tréimhsí dianghlasála COVID-19; á mheabhrú go raibh ról dearfach ag an nascacht ar líne chun a áirithiú go bhféadfadh Eorpaigh cumarsáid a dhéanamh, idirghníomhú agus cruthú lena chéile fós, lena n-áirítear trí fhíschluichí ar líne; á mheabhrú gur féidir leis an gcluichíocht bealaí idirghníomhacha a chur ar fáil do dhaoine aonair a bhíonn thíos le dícheangal nó leithlisiú sóisialta acu i dtimpeallachtaí fíorshaoil; ag tabhairt dá haire go raibh sé sin fíor go háirithe i gcás daoine scothaosta, atá i measc na ndaoine is mó a bhí thíos le bheith scoite amach le linn phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go gcreideann EDS gur féidir le cluichí ar líne a bheith ina bpríomhuirlis chun ár gceangal le daoine eile a chothú[31]; ag tabhairt dá haire go bhfuil buntáistí i gceist le cluichí trasardáin ar líne d’eispéireas an úsáideora trí chur ar chumas imreoirí idirghníomhú go héasca ar fud ardáin éagsúla agus d’fhorbróirí cluichí, agus á iarraidh ar thionscal na bhfíschluichí gach iarracht a dhéanamh an úsáid is iomláine is féidir a bhaint as an ngné sin; ag tabhairt dá haire ar bhonn níos ginearálta go ngintear deiseanna agus peirspictíochtaí nua le rochtain ar léiriú cruthaitheach agus ar inneachar cultúrtha, go háirithe i gcás mionaosach agus leanaí óga; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag gníomhú chun bonneagar digiteach na hEorpa a fheabhsú, rud a thacaíonn ní hamháin leis na tionscail chruthaitheacha maidir le hinneachar ardcháilíochta a fhorbairt, ach freisin le rochtain shaoránaigh na hEorpa ar na saothair sin atá suntasach ó thaobh an chultúir de;
30. á chreidiúint go n-úsáideann a lán daoine físchluichí ní hamháin mar ghníomhaíocht fóillíochta, ach freisin mar chleachtaí meabhracha, amhail trí thascanna agus puzail éilitheacha a réiteach, páirt a ghlacadh i gcomórtais le himreoirí eile a éilíonn ardleibhéal airde agus scileanna a fhorbairt amhail réiteach fadhbanna, comhordú spásúil agus comhordú lámh is súl, obair foirne, géire amhairc agus luas;
31. á mholadh go ndéanfaí duais bhliantúil AE d’fhíschluichí ar líne a eagrú sa Pharlaimint sa Bhruiséil, ar a dtabharfar an Gradam Eorpach i bhfíschluichí ar líne, chun aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá cuideachtaí a tháirgeann físchluichí ar líne do mhargadh aonair digiteach na hEorpa, ar FBManna iad go leor acu, ó thaobh post, fáis, nuálaíochta agus cur chun cinn luachanna Eorpacha de; á mheas gur cheart go mbeadh sé d’aidhm leis an dámhachtain físchluichí ar líne lena n-urramaítear cearta tomhaltóirí nó a bhfuil tionchar dearfach acu ar réimsí sonracha, amhail an t-oideachas, nó ar fhorbairt scileanna, a chur chun cinn;
32. á chur in iúl gur geal léi an tionscadal taighde nuálach EU Kids Online, lena mbailítear sonraí ardcháilíochta ó gach cearn den Eoraip a bhaineann le dearcthaí leanaí maidir lena n-eispéiris ar líne; á iarraidh go ndéanfaí nuashonrú níos minice ar an tionscnamh ceannródaíoch domhanda sin; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh sin agus tionscnaimh chomhchosúla a chistiú amach anseo;
33. á chur i bhfáth go bhfuil físchluichí ar líne tábhachtach don oideachas, ós rud é gur féidir leo a bheith ina n-uirlis úsáideach le linn próisis foghlama, agus go ndéantar go leor cluichí a dhearadh go sonrach chun críoch oideachais, amhail chun díospóireachtaí a spreagadh faoi shaincheisteanna sochaíocha nó tuiscint ar imeachtaí stairiúla nó cultúrtha a fheabhsú; á mheabhrú go bhfuil físchluichí mar chuid de churaclaim oideachais náisiúnta; ag tabhairt dá haire go n-úsáidtear físchluichí tráchtála freisin chun críoch oideachais; á thabhairt dá haire go n-úsáidtear físchluichí freisin chun smaointeoireacht chriticiúil agus scileanna a fhorbairt agus chun cruthaitheacht a spreagadh; á chur i bhfáth freisin go mbaineann feidhmeanna eile le físchluichí níos déanaí sa saol, ós rud é gur féidir leo spreagadh meabhrach agus deiseanna nascachta a chur ar fáil do dhaoine scothaosta;
34. á chur i bhfios go láidir gur féidir tionchar diúltach a bheith ag imirt físchluichí ar líne go rómhinic ar chaidrimh shóisialta, ar an obair, ar rátaí luathfhágála scoile, ar an tsláinte fhisiciúil agus ar an meabhairshláinte agus, ar dhrochfheidhmíocht acadúil, cé go léiríonn an taighde gur féidir le físchluichí tionchar dearfach a bheith acu; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, gur gá cothromaíocht shláintiúil a bhaint amach;
35. á chur i bhfios go láidir gur fadhb do roinnt imreoirí é andúil físchluichí, ar a dtugtar ‘neamhord cluichíochta’ freisin; ag tabhairt dá haire go bhfuil neamhord cluichíochta aicmithe ag EDS mar chineál andúile arb iad na príomhthréithe di smacht lagaithe ar an gcluichíocht, tosaíocht mhéadaithe a thabhairt don chluichíocht ar ghníomhaíochtaí eile a mhéid a bhíonn tosaíocht ag an gcluichíocht ar leasanna eile agus ar ghníomhaíochtaí laethúla, agus cluichíocht leanúnach nó géaraithe in ainneoin iarmhairtí diúltacha;
36. ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart do thionscal na bhfíschluichí, d’úsáideoirí ná do thuismitheoirí gannmheastachán a dhéanamh ar na rioscaí agus ar na héifeachtaí a eascraíonn as neamhord cearrbhachais; á mheabhrú go bhfuil sé léirithe i dtaighde eolaíoch gur tréimhsí saoil iad an caithreachas agus an ógántacht ina bhfuil daoine níos leochailí i leith iompraíochtaí andúileacha; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh obair chomhoibríoch i measc dearthóirí, foilsitheoirí agus ardáin físchluichí mar aon leis an bpobal geallsealbhóirí i gcoitinne, lena n-áirítear údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, chun cuidiú leis na rioscaí a bhaineann le neamhoird chluichíochta a mhaolú; á mholadh gur cheart tuilleadh feachtais feasachta a sheoladh chun a áirithiú go mbeidh tuismitheoirí agus cluichirí óga ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le neamhord cearrbhachais agus á iarraidh ar fhorbróirí cluichí dearadh láimhsithe cluichí a sheachaint ar féidir andúil sa chluichíocht, leithlisiú agus cibearchiapadh a bheith mar thoradh air;
37. ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa sonraí imdhealaithe uile-Aontais ann maidir leis an meán-am a chaitear ag imirt cluichí, an meánmhéid a chaitear i gcluichí, taithí ghinearálta chluichíochta agus éifeachtaí soch-shíceolaíocha dá bharr sin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a bhailiú ar bhonn bliantúil agus tuarascáil ina leith a chur faoi bhráid na Parlaiminte;
38. ag tabhairt dá haire go bhfuil rochtain ag tionscal na cluichíochta ar líon ollmhór sonraí pearsanta, ar sonraí iad a bhíonn íogair uaireanta; á chur i bhfáth nach mór dó a áirithiú go ndéanfar próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus nach n-úsáidfear próifílí úsáideoirí a chruthaítear trí shonraí iompraíochta a úsáid chun críoch cúblála agus idirdhealaitheach; á iarraidh ar na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanfar dlí ábhartha AE agus dlí ábhartha náisiúnta a fhorfheidhmiú go dian; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh anailís a dhéantar ar phatrúin cluichirí trí shonraí a bhailiú i bhfabhar teicnící arb é is aidhm leo cluichirí a mhealladh, ach gur cheart go ndíreofaí léi ina ionad sin ar an eispéireas cluichíochta a fheabhsú; ag spreagadh forbróirí chun dearadh cluiche a mheas i gcaibidlí nó i bpointí sábhála rialta chun sosanna aire a éascú, ar sosanna iad a mbeidh cluichirí in ann dícheangal lena linn;
39. á chur i bhfios gur féidir le calaoiseoirí úsáid a bhaint as ardáin físchluichí ar líne le haghaidh fioscaireachta; á iarraidh go reáchtálfar feachtais faisnéise chun feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí atá i gceist, go háirithe i measc mionaoiseach agus daoine óga;
40. ag tathant ar thionscal na bhfíschluichí, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean gníomhaíochta a fhorbairt chun cothromaíocht inscne a áirithiú i ngach céim den fhorbairt i dtionscal na gcluichí ar líne; á iarraidh, ina theannta sin, ar an tionscal oibiachtú na mban a sheachaint mar aon le cruthú, athrá nó géarú steiréitíopaí inscne; á chur i bhfáth go gcruthaíonn na cleachtais sin atá ró-choitianta timpeallacht naimhdeach do mhná agus do chailíní i gcluichí ar líne;
Timpeallacht shábháilte ar líne a áirithiú d’úsáideoirí físchluichí ar líne
41. á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh atá faoi stiúir an tionscail, amhail PEGI, a úsáidtear in 38 dtír; á mheas gur féidir le córas rátála den sórt sin a bheith an-tairbheach ó thaobh tuairisceoirí inneachair agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis an aois mholta chun cluiche a imirt, rud a chabhraíonn le tuismitheoirí cluichí iomchuí a roghnú dá leanaí; á chur i bhfios go láidir gur cuid amháin de Chód Iompair foriomlán PEGI é an córas rátála, agus go bhfuil sé mar aidhm leis an gcód i gcoitinne timpeallacht shábháilte a áirithiú do chluichirí; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige nuashonraithe ó PEGI, lena gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas anois má áirítear gnéithe íoctha ar cosúil gur gnéithe randamacha iad i gcluiche; á chur i bhfios go láidir nach ionann inneachar íoctha a bheith ann i bhfíschluichí, lena n-áirítear inneachar íoctha ar cosúil gur inneachar randamach é, agus bac a bheith ar thuismitheoirí rochtain ar an gcineál sin inneachair a bhainistiú, agus cead á thabhairt do leanbh rochtain a fháil ar an mbunchluiche má mheastar é a bheith oiriúnach ó thaobh aoise de; ag tabhairt dá haire go bhfuil córas PEGI ina dhlí ag roinnt tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil córas PEGI á chur chun feidhme sna cineálacha éagsúla cluichí atá ar fáil ar an margadh agus ar fud an Aontais agus féachaint an bhféadfaí é a chumhdach i ndlí AE chun go mbeidh córas PEGI agus a Chód Iompair ar an gcóras comhchuibhithe éigeantach aoise is infheidhme maidir le gach forbróir físchluichí, gach aipmhargadh agus gach ardán ar líne chun ilroinnt sa mhargadh aonair a sheachaint agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do thionscal na bhfíschluichí;
42. ag aithint acmhainneacht chóras PEGI faisnéis thábhachtach réamhchonarthach a chur ar fáil do thomhaltóirí; á mheas, áfach, gur cheart an tionscnamh sin faoi stiúir an tionscail a chomhlánú le bearta breise chun an leibhéal is airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus chun réiteach a fháil ar na saincheisteanna maidir le dlí tomhaltóirí a chruthaítear le ceannacháin i bhfíschluichí agus sásraí boscaí éadála;
43. ag spreagadh an tionscail, lena n-áirítear ardáin agus foilsitheoirí cluichí, mar aon le comhpháirtithe ar saineolaithe neamhspleácha iad agus gníomhaireachtaí rátála leanúint d’fheachtais múscailte feasachta maidir le córas PEGI, ionas go mbeidh níos mó tuismitheoirí ar an eolas gur ann dó, agus leanúint de bheith frithghníomhach chun an córas rátála a oiriúnú mar fhreagairt ar fhorbairtí i bhfíschluichí agus ar an inneachar i bhfíschluichí ar mhaithe le leanúint de rogha tuismitheoirí a éascú;
44. á iarraidh ar an gCoimisiún íoschaighdeáin maidir le caomhnú príobháideachais a fhorbairt agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le córas dearbhaithe aoise atá slán agus cuimsitheach;
45. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go mbaineann rioscaí le húsáid na fuathchainte agus leis an gcibearbhulaíocht ar ardáin físchluichí ar líne, rud atá an-chontúirteach go háirithe nuair a bhítear ag díriú ar mhionaoisigh agus ar leanaí óga;
46. á chur i bhfáth go gcaithfidh físchluichí ar líne timpeallacht dhigiteach shábháilte a chur ar fáil d’úsáideoirí; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le déanaí, lena ndéantar nuashonrú ar na rialacha maidir le modhnú inneachair san Eoraip chun gur féidir dul i ngleic níos fearr le hinneachar neamhdhleathach ar líne, lena n-áirítear i gcás físchluichí; á iarraidh go ndéanfaí é a thrasuí sa dlí náisiúnta agus a chur chun feidhme go pras;
47. ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur féidir inneachar neamhdhleathach, agus inneachar díobhálach freisin, a scaipeadh i bhfíschluichí trí ghnéithe cumarsáide an chluiche nó ar ardáin meán sóisialta cluichíochta; ag cur i dtábhacht gur cheart do thionscal na bhfíschluichí bearta agus uirlisí iomchuí a ghlacadh chun gach úsáideoir a chosaint ar ábhar díobhálach, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme;
48. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis cosanta tomhaltóirí na mBallstát a áirithiú go ndéanfar an dlí tomhaltóirí a urramú agus a fhorfheidhmiú go hiomlán, lena n-áirítear in earnáil na bhfíschluichí, trí ‘scuabadh’ earnálach a dhéanamh nó trí ghníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe a sheoladh, faoi Rialachán (AE) 2017/2394 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú[32], nuair is gá;
°
° °
49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Ráitis tosaigh
Is cineál siamsaíochta ar a bhfuil an-tóir iad físchluichí i measc saoránaigh Eorpacha, daoine scothaosta agus mionaoiseach. Tá iarracht déanta ag an Rapóirtéir aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar an earnáil sin, ar na laigí agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shaoránaigh Eorpacha agus ar acmhainneacht nuálaíochta na hearnála sin do mhargadh inmheánach AE agus dá chumhacht sa mhargadh.
Chun na críche sin, chuir an rapóirtéir san áireamh na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le físchluichí ar líne ó thaobh cosaint tomhaltóirí de, go háirithe mionaoisigh, agus é mar aidhm aici timpeallacht shábháilte ar líne a áirithiú d’úsáideoirí.
Cosaint a neartú do thomhaltóirí i bhfíschluichí ar líne
Faoin gceannteideal seo, tugadh aghaidh ar ghnéithe éagsúla d’fhonn cosaint tomhaltóirí a neartú agus a áirithiú i bhfíschluichí ar líne. Chuir an rapóirtéir san áireamh ina dréacht-tuarascáil an gá atá le huirlisí scagaire teaghlaigh a bheith ar fáil agus a sholáthar do thuismitheoirí ar mian leo iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an am a chaitheann leanaí ag imirt físchluichí agus chun imirt físchluichí ar líne go rómhinic a chosc.
Ag an am céanna, i dtuairim an rapóirtéara, tugadh aghaidh ar na féidearthachtaí éagsúla ceannacháin i bhfíschluichí agus iarrann sí go mbeadh cur chuige comhchoiteann Eorpach ann chun comhchuibhiú rialála a bhaint amach sa mhargadh aonair agus chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí uile na hEorpa.
Ina theannta sin, creideann an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh an fhaisnéis ar cheart a bheith ag na tomhaltóirí sula n-imríonn siad físchluiche soiléir, trédhearcach agus inrochtana, ionas go mbeadh a fhios acu roimh ré cén t-ábhar atá i gcluiche ar leith go díreach. Tugann an rapóirtéir aghaidh freisin ar fhógraíocht atá dírithe ar mhionaoisigh agus iarrann sí go mbunófaí córas d’fhorbróirí físchluichí bunaithe ar shlándáil agus ar phríobháideachas mar réamhshocrú.
Rioscaí agus buntáistí a bhaineann le físchluichí ar líne
Tá iarracht déanta ag an Rapóirtéir aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le físchluichí ar líne do shaoránaigh Eorpacha a úsáideann iad, agus béim ar leith á leagan ar mhionaoisigh. Dá bhrí sin, leag an rapóirtéir béim ar an tábhacht a bhaineann le dea-bhail na meabhairshláinte, is measa anois de dheasca phaindéim COVID-19.
Creideann an Rapóirtéir gur cheart na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le físchluichí ar líne ó thaobh na sochaí de agus a úsáidí atá siad, mar shampla le linn próisis foghlama agus oideachais, a chur san áireamh. Mar sin féin, leagann sí béim freisin ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar an andúil físchluichí agus ar neamhord cluichíochta, a rangaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur cineál andúile iad; tá sé ríthábhachtach tacú le feachtais faisnéise agus feasachta agus iad a fhorbairt.
Ar deireadh, léiríonn an rapóirtéir a thábhachtaí atá an nuálaíocht in earnáil na bhfíschluichí ar líne agus an tábhacht a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh i ndearadh agus i bhforbairt físchluichí. Earnáil atá ag dul i méid agus a rannchuidíonn le claochlú digiteach an Aontais Eorpaigh.
Timpeallacht shábháilte ar líne a áirithiú d’úsáideoirí físchluichí ar líne
Aithníonn an rapóirtéir na córais féinrialála atá chun tosaigh san earnáil go dtí seo, amhail córas PEGI. Dar léi, mar gheall ar nuashonrú agus oiriúnú leanúnach na dtionscadal sin do réaltacht na bhfíschluichí, táthar in ann córais a bhunú a aithnítear i bhformhór na mBallstát, agus a aithníonn saoránaigh Eorpacha, amhail córas lipéadaithe aoise agus ábhair fhíschluichí PEGI.
Molann rapóirtéir na tuarascála seo freisin go bhfuil gá le córas comhchoiteann Eorpach um fhíorú céannachta a fhorbairt lena bhféadfar aois an imreora a fhíorú, córas ba cheart a bheith bunaithe ar chóras a mbeadh leibhéal ard slándála aige agus lena ndeimhnítear cosaint sonraí an imreora ionchasaigh. Chun na críche sin, molann an rapóirtéir freisin go mbeadh lipéadú coiteann ann lena gcuirfí san áireamh an aois íosta atá molta agus téama físchluiche, deiseanna ceannaigh sa chluiche agus fógraíocht aníos, i measc gnéithe eile.
Ar deireadh, tá an Rapóirtéir den tuairim, agus é mar aidhm aici timpeallacht shábháilte ar líne a áirithiú do gach úsáideoir, go gcuirfidh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha go dearfach leis an sprioc sin a bhaint amach trí dhul i ngleic le teacht chun cinn ábhair neamhdhleathaigh ar an ngréasán agus trí chosc a chur ar scaipeadh ábhair dhíobhálaigh, i gcomhréir leis an méid a comhaontaíodh.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
12.12.2022 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
35 0 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Alessandra Basso, Adam Bielan, Biljana Borzan, Anna Cavazzini, Lara Comi, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Andrey Kovatchev, Maria-Manuel Leitão-Marques, Morten Løkkegaard, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Beata Mazurek, Anne-Sophie Pelletier, René Repasi, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Róża Thun und Hohenstein, Tom Vandenkendelaere, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann, Marco Zullo |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marco Campomenosi, Maria da Graça Carvalho, Malte Gallée, Claude Gruffat, Antonio Maria Rinaldi |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jarosław Duda, Cristina Maestre Martín De Almagro, Francisco José Millán Mon, Inma Rodríguez-Piñero |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
35 |
+ |
ID |
Alessandra Basso, Marco Campomenosi, Virginie Joron, Antonio Maria Rinaldi |
PPE |
Maria da Graça Carvalho, Lara Comi, Jarosław Duda, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Francisco José Millán Mon, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Tom Vandenkendelaere, Marion Walsmann |
Renew |
Andrus Ansip, Sandro Gozi, Svenja Hahn, Morten Løkkegaard, Róża Thun und Hohenstein, Marco Zullo |
S&D |
Alex Agius Saliba, Biljana Borzan, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Cristina Maestre Martín De Almagro, Adriana Maldonado López, René Repasi, Inma Rodríguez-Piñero, Christel Schaldemose |
The Left |
Anne-Sophie Pelletier |
VERTS/ALE |
Anna Cavazzini, Malte Gallée, Alexandra Geese, Claude Gruffat, Kim Van Sparrentak |
0 |
- |
|
|
3 |
0 |
ECR |
Adam Bielan, Eugen Jurzyca, Beata Mazurek |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO C 65, 14.3.2002, lch. 2.
- [2] IO L 303, 28.11.2018, lch. 69.
- [3] IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.
- [4] IO L 328, 18.12.2019, lch. 7.
- [5] IO L 304, 22.11.2011, lch. 64.
- [6] IO C 526, 29.12.2021, lch. 1. (níl leagan Gaeilge ann)
- [7] IO C 525, 29.12.2021, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).
- [8] IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
- [9] IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.
- [10] IO C 87 E, 1.4.2010, lch. 122.
- [11] IO C 419, 16.12.2015, lch. 33.
- [12] IO C 108, 26.3.2021, lch. 934 (níl leagan Gaeilge ann).
- [13] IO C 160, 13.4.2022, lch. 13.
- [14] COM(2022)0212.
- [15] Cónaidhm Bhogearraí Idirghníomhacha na hEorpa agus Cónaidhm Fhorbróirí Chluichí na hEorpa, ‘Príomhfhíricí ó 2021: Físchluichí – fórsa chun maitheasa’, arna rochtain an 19 Nollaig 2022.
- [16] EY, ‘Rebuilding Europe: the cultural and creative economy before and after the COVID-19 crisis [EY, An Eoraip a atógáil: Geilleagar an chultúir agus na cruthaitheachta roimh ghéarchéim COVID-19 agus ina diaidh], Eanáir 2021.
- [17] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 23 Eanáir 2014, Nintendo Co. Ltd and Others v PC Box Srl and 9Net Srl, C-355/12, ECLI: EU:C:2014:25.
- [18] Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).
- [19] Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).
- [20] An Coimisiún Eorpach, ‘Luach shochaí fhíschluichí na hEorpa’, 30 Bealtaine 2022.
- [21] Parker, S.,‘The trouble with Roblox, the video game empire built on child labour’ [an trioblóid le Roblox, an Impireacht físchluiche tógtha ar shaothar leanaí], The Guardian, 9 Eanáir 2022.
- [22] Kantar arna iarraidh sin ag an gCoimisiún Eorpach,‘Eorabharaiméadar Speisialta — Tuarascáil — Ríomhchumarsáid sa Mhargadh Aonair’, Meitheamh 2021.
- [23] WHO, ‘Gaming disorder’, arna rochtain an 15 Nollaig 2022.
- [24] Cónaidhm Bhogearraí Idirghníomhacha na hEorpa agus Cónaidhm Fhorbróirí Chluichí na hEorpa, ‘Príomhfhíricí ó 2020: An bhliain a d’imríomar le chéile’, an 24 Lúnasa 2021.
- [25] Cónaidhm Bhogearraí Idirghníomhacha na hEorpa agus Cónaidhm Fhorbróirí Chluichí na hEorpa, ‘Príomhfhíricí ó 2021: Físchluichí – fórsa chun maitheasa’, arna rochtain an 19 Nollaig 2022.
- [26] Fianaise i scríbhinn a chuir an Léig Frith-Chlúmhillte faoi bhráid Chomhchoiste Pharlaimint na Ríochta Aontaithe ar an mBille um Shábháilteacht Ar Líne (OSB0030), ‘How Algorithms Influence Harmful Online Conduct’, [Conas a imríonn Algartaim Tionchar ar Iompar Díobhálach ar Líne’, Meán Fómhair 2021].
- [27] Is féidir leis na cineálacha boscaí éadála a bheith difriúil ag brath ar choinníollacha incháilitheachta éagsúla (am ag fanacht, fógraí a thaispeáint, ag íoc le fíor-airgead), an luach saothair, a thrédhearcacht, an seans go bhfaighidh tú an t-earra agus an fhéidearthacht an mhír a fhaightear a thiontú ina airgeadra cluiche nó fíor-airgead, i measc rudaí eile.
- [28] Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
- [29] Forbrukerrådet,‘Insert coin –How the gaming industry exploits consumers using loot boxes’ [Cuir isteach bonn –Conas a bhaineann tionscal an chearrbhachais leas as boscaí éadála], an 31 Bealtaine 2022.
- [30] Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
- [31] Bloomberg, Games Industry Unites to Promote World Health Organization Messages Against COVID-19; Launch #PlayApartTogether Campaign [Tagann Tionscal na Cluichíochta le chéile chun Teachtaireacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte i gcoinne COVID-19 a chur chun cinn; Seoladh an Fheachtais #PlayApartTogether], 10 Aibreán 2020.
- [32] Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).