Tuarascáil - A9-0301/2022Tuarascáil
A9-0301/2022

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

21.12.2022 - (COM(2021)0762 – C9‑0454/2021 – 2021/0414(COD)) - ***I

An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir: Elisabetta Gualmini


Nós Imeachta : 2021/0414(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0301/2022
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0301/2022
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(COM(2021)0762 – C9‑0454/2021 – 2021/0414(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0762),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), agus Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0454/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0301/2022),

 ag féachaint don Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair (SWD(2021)0396);

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is iad cuspóirí an Aontais inter alia, folláine mhuintir an Aontais a chur chun cinn agus oibriú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa a bheidh bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus a bhfuil sé mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach.

(1) De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is iad cuspóirí an Aontais inter alia, folláine mhuintir an Aontais a chur chun cinn agus oibriú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa a bheidh bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothromaithe agus ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus a bhfuil sé mar aidhm aige lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Leis an Treoir seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 31 den Chairt don cheart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. Le hAirteagal 27 den Chairt cosnaítear ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas. Le hAirteagal 8 den Chairt, déantar foráil go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Le hAirteagal 16 den Chairt aithnítear an tsaoirse fiontraíochta.

(2) Leis an Treoir seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 31 den Chairt don cheart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre cothroma agus córa lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. Le hAirteagal 27 den Chairt cosnaítear ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas. Le hAirteagal 8 den Chairt, déantar foráil go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta chomh maith le rochtain a fháil ar shonraí a bailíodh a bhaineann leis nó léi a chosaint agus an ceart go ndéanfaí é a cheartú. Le hAirteagal 12 den Chairt, déantar foráil go bhfuil ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil agus comhlachais ar gach leibhéal. Aithnítear in Airteagal 15 den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus chun gabháil do shlí bheatha atá roghnaithe nó glactha faoi shaoirse agus chun seirbhísí a sholáthar. Le hAirteagal 16 den Chairt aithnítear an tsaoirse fiontraíochta. Foráiltear le hAirteagal 21 den Chairt don cheart chun neamh-idirdhealaithe.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Foráiltear le Prionsabal Uimh. 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Göteborg53, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe ná ar ré an chaidrimh sin, go bhfuil an ceart acu cóir chothrom agus chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, le rochtain ar chosaint shóisialta agus le hoiliúint; go n-áiritheofar i gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe comhchoiteanna an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch; agus go gcothófar cineálacha nuálacha oibre lena n-áirithítear dálaí oibre ardcháilíochta, go spreagfar an fhiontraíocht agus an fhéinfhostaíocht, agus go n-éascófar an tsoghluaisteacht ghairme. D’fháiltigh Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto mhí na Bealtaine 2021 roimh an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an gColún Sóisialta54 mar threoir maidir lena chur chun feidhme.

(3) Foráiltear le Prionsabal Uimh. 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Colún’), a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Göteborg53, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe ná ar ré an chaidrimh sin, go bhfuil an ceart acu cóir chothrom agus chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, le rochtain ar chosaint shóisialta agus le hoiliúint; go n-áiritheofar i gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe comhchoiteanna an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch; agus go gcothófar cineálacha nuálacha oibre lena n-áirithítear dálaí oibre ardcháilíochta, go spreagfar an fhiontraíocht agus an fhéinfhostaíocht, agus go n-éascófar an tsoghluaisteacht ghairme, agus ar an gcaoi sin go n-athdhearbhófar an ceart faoi Airteagal 15 den Chairt, agus go gcoiscfear caidrimh fostaíochta as a n-eascróidh dálaí oibre neamhbhuana, lena n-áirítear trí chosc a chur ar mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla. D’fháiltigh Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto mhí na Bealtaine 2021 roimh an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an gColún Sóisialta54 mar threoir maidir lena chur chun feidhme.

__________________

__________________

53 An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

53 An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

54 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’,COM(2021)102 final, 4.3.2021.

54 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’,COM(2021)102 final, 4.3.2021.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Foráiltear le Prionsabal Uimh. 7 den Cholún go bhfuil sé de cheart ag oibrithe faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta, go bhfuil sé de cheart ag oibrithe, roimh aon dífhostú, go gcuirfí ar an eolas iad faoi na cúiseanna atá leis agus go dtabharfaí tréimhse réasúnta fógra dóibh agus an ceart chun rochtain a fháil ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart chun sásaimh acu, lena n-áirítear cúiteamh leordhóthanach. Foráiltear le Prionsabal Uimh. 10 den Cholún go bhfuil an ceart ag oibrithe chun ardleibhéal cosanta a fháil dá sláinte agus dá sábháilteacht ag an obair agus go bhfuil sé de cheart acu a gcuid sonraí pearsanta a chosaint i gcomhthéacs na fostaíochta. Foráiltear le Prionsabal Uimh. 12 den Cholún, gan beann ar chineál agus fad a gcaidreamh fostaíochta, go bhfuil an ceart chun cosaint shóisialta leormhaith ag oibrithe, agus, faoi choinníollacha inchomparáide, ag daoine féinfhostaithe.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Leis an digitiú, tá athrú ag teacht ar shaol na hoibre, tá feabhas á chur ar an táirgiúlacht agus ar an tsolúbthacht agus baineann rioscaí áirithe leis ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de ag an am céanna. Leis na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar algartaim, lena n-áirítear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, rinneadh teacht chun cinn agus fás na n-ardán saothair digiteach a chumasú.

(4) Leis an digitiú, tá athrú ag teacht ar shaol na hoibre, tá feabhas á chur ar an táirgiúlacht agus an tsolúbthacht á déanamh níos fearr. Is féidir leis an nuálaíocht in uirlisí digiteacha rannchuidiú leis an bhfás in aimsir géarchéime agus téarnaimh. D’fhéadfadh cineálacha nua idirghníomhaíochta digití agus teicneolaíochtaí nua i saol na hoibre, lena n-áirítear an treocht i dtreo na cianoibre in go leor earnálacha, má dhéantar iad a rialáil agus a chur chun feidhme go maith, deiseanna a chruthú le haghaidh rochtain ar phoist chuibhiúla agus ardcháilíochta do dhaoine nach raibh rochtain den sórt sin acu go traidisiúnta, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Mar sin féin, baineann rioscaí freisin leis an digitiú ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de, do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe agus do chosaint a gceart bunúsach, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais, agus do chur chun feidhme éifeachtach an dlí náisiúnta saothair agus cánach is infheidhme, rud a chuireann brú freisin ar an gcóras cosanta sóisialta atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht. Leis na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar algartaim, lena n-áirítear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, rinneadh teacht chun cinn agus fás na n-ardán saothair digiteach a chumasú ach is féidir míchothromaíochtaí cumhachta agus teimhneacht maidir le cinnteoireacht a bheith mar thoradh orthu, chomh maith le faireachas teicneolaíochta-chumasaithe, rud a d’fhéadfadh cleachtais idirdhealaitheacha a ghéarú agus lena mbaineann rioscaí don phríobháideachas, do shláinte agus sábháilteacht oibrithe agus do dhínit an duine agus a bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha do dhálaí oibre agus do dhúshaothrú oibrithe a bheith mar thoradh orthu.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Is daoine aonair a dhéanann obair ardáin trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair digiteach a chuireann seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí. Trí bhíthin na n-algartaim, féadfaidh na hardáin saothair dhigiteacha rialú a dhéanamh a bheag nó a mhór – ag brath ar a samhail ghnó – ar fheidhmiú na hoibre, ar a luach saothair agus ar an gcaidreamh idir a gcustaiméirí agus na daoine a dhéanann an obair. Is féidir obair ardáin a dhéanamh ar líne trí uirlisí leictreonacha amháin (‘obair ardáin ar líne’) nó ar dhóigh hibrideach ina gcomhcheanglaítear próiseas cumarsáide ar líne le gníomhaíocht ina dhiaidh sin sa domhan fisiciúil (‘obair ardáin ar an láthair’). Is gníomhaithe gnó idirnáisiúnta iad go leor de na hardáin saothair dhigiteacha atá ann cheana a úsáideann a gcuid gníomhaíochtaí agus samhlacha gnó i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha.

(5) Is daoine aonair a dhéanann obair ardáin trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair digiteach a chuireann seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí. Soláthraítear í, i bpáirt ar a laghad, go cianda trí mheán leictreonach, amhail suíomh gréasáin nó feidhmchlár móibíleach, ar féidir leis a bheith dofheicthe don chliant, fiú amháin, toisc go bhfuil sé comhtháite sa suíomh gréasáin a úsáideann faighteoir na seirbhíse. Déantar i raon leathan réimsí í agus is saintréith dí ardleibhéal ilchineálachta a bheith sna cineálacha ardáin saothair dhigitigh, sna hearnálacha a chumhdaítear agus sna gníomhaíochtaí a dhéantar agus i bpróifílí na ndaoine aonair a dhéanann obair ardáin. Trí bhíthin na n-algartam agus na hintleachta saorga, déanann na hardáin dhigiteacha saothair maoirseacht, faireachán agus meastóireacht, a bheag nó a mhór – ag brath ar a samhail ghnó – ar fheidhmíocht na hoibre, ar a luach saothair agus ar an gcaidreamh idir a gcustaiméirí agus na daoine a dhéanann an obair chomh maith leis na daoine iad féin agus iad i mbun oibre agus, i gcásanna áirithe, lasmuigh dá n-am oibre freisin, de shárú ar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus ar an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí. I bprionsabal, bíonn gairmeacha liobrálacha rialaithe traidisiúnta saor ó mhaoirseacht, treorú agus rialú ó aon ghnóthas eile. Déantar obair ardáin den chuid is mó ar líne trí uirlisí leictreonacha amháin (‘obair ardáin ar líne’) nó ar dhóigh hibrideach ina gcomhcheanglaítear próiseas cumarsáide ar líne le gníomhaíocht ina dhiaidh sin sa domhan fisiciúil (‘obair ardáin ar an láthair’). Is gníomhaithe gnó idirnáisiúnta iad go leor de na hardáin saothair dhigiteacha atá ann cheana a úsáideann a gcuid gníomhaíochtaí agus samhlacha gnó i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha.

 

__________________

 

1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

Leasú  7

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Is féidir le hobair ardáin deiseanna a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar an margadh saothair ar bhealach níos éasca, ina ngnóthaítear ioncam breise trí ghníomhaíocht thánaisteach nó roinnt solúbthachta i ndáil le heagrú ama oibre. Ag an am céanna, tá dúshláin ag baint le hobair ardáin toisc gur féidir leis na teorainneacha a dhoiléiriú idir an caidreamh fostaíochta agus gníomhaíocht féinfhostaíochta agus idir freagrachtaí na bhfostóirí agus na n-oibrithe. Bíonn iarmhairtí ag mí-aicmiú an stádais fostaíochta do na daoine a ndéantar difear dóibh, toisc gur dócha go gcuirfidh sé srian le rochtain ar chearta saothair agus sóisialta atá ann cheana. Fágann sé freisin go mbíonn éagothroime iomaíochta ann maidir le gnólachtaí a dhéanann a gcuid oibrithe a aicmiú i gceart, agus tá impleachtaí aige sin do chórais chaidrimh thionsclaíoch na mBallstát, dá mbonn cánach agus do chumhdach agus d’inbhuanaitheacht a gcóras cosanta sóisialta. Cé go bhfuil na dúshláin sin níos ginearálta ná obair ardáin, tá siad thar a bheith géar agus práinneach i ngeilleagar na n-ardán.

(6) Is féidir le hobair ardáin deiseanna fostaíochta a chur ar fáil agus deiseanna chun rochtain a fháil ar an margadh saothair ar bhealach níos éasca, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, ina ngnóthaítear ioncam breise trí ghníomhaíocht thánaisteach nó roinnt solúbthachta i ndáil le heagrú ama oibre. Bíonn post eile nó foinse eile ioncaim ag formhór na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus is iondúil go mbíonn siad ar phá íseal1d. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine óga trína áirithiú go mbíonn an leibhéal is airde cosanta sóisialta acu agus iad i mbun obair ardáin. Ag an am céanna, tá dúshláin ag baint le hobair ardáin toisc gur féidir uaireanta oibre dothuartha a bheith mar thoradh uirthi agus is féidir léi na teorainneacha a dhoiléiriú idir an caidreamh fostaíochta agus gníomhaíocht féinfhostaíochta agus idir freagrachtaí na bhfostóirí agus na n-oibrithe. Bíonn iarmhairtí ag mí-aicmiú an stádais fostaíochta do na daoine a ndéantar difear dóibh, toisc go gcuirfidh sé srian le rochtain ar chearta saothair agus sóisialta atá ann cheana. D’fhéadfadh a bheith ina chúis freisin le dúshaothrú saothair, iomaíocht éagórach, agus tionchar acu sin ar FBManna go háirithe, agus éagothroime iomaíochta maidir le gnólachtaí a dhéanann a gcuid oibrithe a aicmiú i gceart, agus tá impleachtaí aige sin do chórais chaidrimh thionsclaíoch na mBallstát, dá mbonn cánach agus do chumhdach agus d’inbhuanaitheacht a gcóras cosanta sóisialta. Cé go bhfuil na dúshláin sin níos ginearálta ná obair ardáin, tá siad thar a bheith géar agus práinneach i ngeilleagar na n-ardán.

 

__________________

 

1a Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feabhas a chur ar na dálaí oibre in obair ardáin san Aontas Eorpach, (SWD(2021)396 final/2, lch. 6; Cosaint Shóisialta Oibrithe i nGeilleagar na nArdán, Staidéar arna choimisiúnú ag Coiste EMPL, Parlaimint na hEorpa, 2017 (https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/614184/IPOL_STU(2017)614184_EN.pdf)

Leasú  8

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) De ghnáth, níl reachtaíocht saothair agus cosanta sóisialta de chuid fhormhór na mBallstát ullamh do dhúshláin an tsaoil dhigitigh agus, go háirithe, do mhargadh an tsaothair dhigitithe, rud is cúis le rioscaí tromchúiseacha do dhaoine atá ag gabháil d’obair dhigiteach agus do shamhlacha cúraim sláinte agus slándála sóisialta atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Mura rachfar i ngleic leo ar bhealach iomchuí, d’fhéadfadh na rioscaí sin samhail shóisialta na hEorpa agus spriocanna an Cholúin a chur i mbaol, ach, os a choinne sin, d’fhéadfadh an dul chun cinn teicneolaíoch réitigh a chur ar fáil freisin chun an tsamhail shóisialta Eorpach a chur in oiriúint do réaltachtaí an 21ú haois. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuideodh na réitigh atá beartaithe le cás na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chosaint agus a ndálaí oibre a fheabhsú.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Léiríodh i gcásanna cúirte i roinnt Ballstát go bhfuil mí-aicmiú leanúnach ann maidir le stádas fostaíochta i gcineálacha áirithe d'obair ardáin, go háirithe in earnálacha ina bhfuil leibhéal áirithe smachta ag ardáin saothair dhigiteacha ar an luach saothair agus ar fheidhmiú na hoibre. Cé gur minic a aicmíonn ardáin saothair dhigiteacha na daoine a oibríonn tríothu mar fhéinfhostaithe nó mar ‘chonraitheoirí neamhspleácha’, chinn roinnt mhaith cúirteanna go ndéanann na hardáin na daoine sin a threorú agus a rialú de facto, agus go minic go ndéanann siad iad a chomhtháthú ina bpríomhghníomhaíochtaí gnó agus leibhéal an luacha saothair a chinneadh go haontaobhach. Dá bhrí sin, rinne na cúirteanna sin daoine atá in ainm a bheith ina ndaoine féinfhostaithe a athaicmiú mar oibrithe atá fostaithe ag na hardáin. Mar sin féin, tá torthaí éagsúla mar thoradh ar chásdlí náisiúnta agus tá a samhail ghnó curtha in oiriúint ag ardáin saothair dhigiteacha ar bhealaí éagsúla, agus dá bharr sin tá méadú ar an easpa deimhneachta dlíthiúla i dtaca leis an stádas fostaíochta.

(7) Léiríodh i gcásanna cúirte i roinnt Ballstát go bhfuil mí-aicmiú leanúnach ann maidir le stádas fostaíochta i gcineálacha áirithe d'obair ardáin, go háirithe in earnálacha ina bhfuil leibhéal áirithe treoraithe nó smachta ag ardáin saothair dhigiteacha ar an luach saothair agus ar fheidhmiú na hoibre. Cé gur minic a aicmíonn ardáin saothair dhigiteacha na daoine a oibríonn tríothu mar fhéinfhostaithe nó mar ‘chonraitheoirí neamhspleácha’, chinn roinnt mhaith cúirteanna go ndéanann na hardáin na daoine sin a threorú agus a rialú de facto, agus go minic go ndéanann siad iad a chomhtháthú ina bpríomhghníomhaíochtaí gnó agus leibhéal an luacha saothair a chinneadh go haontaobhach. Dá bhrí sin, rinne na cúirteanna sin daoine atá in ainm a bheith ina ndaoine féinfhostaithe a athaicmiú mar oibrithe atá fostaithe ag na hardáin. Mar sin féin, tá torthaí éagsúla mar thoradh ar chásdlí náisiúnta agus tá a samhail ghnó curtha in oiriúint ag ardáin saothair dhigiteacha ar bhealaí éagsúla, agus dá bharr sin tá méadú ar an easpa deimhneachta dlíthiúla i dtaca leis an stádas fostaíochta, agus chuir sé bac ar chothroime iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach agus idir ardáin dhigiteacha saothair agus gnólachtaí traidisiúnta araon.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Diaidh ar ndiaidh cuirtear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chumhachtaítear le halgartaim in ionad feidhmeanna a bhíonn ag bainisteoirí i ngnólachtaí, amhail cúraimí a shannadh, treoracha a thabhairt, meastóireacht ar an obair a dhéantar, dreasachtaí a chur ar fáil nó smachtbhannaí a fhorchur. Úsáideann ardáin saothair dhigiteacha córais algartamacha den sórt sin mar bhealach caighdeánach chun obair ardáin a eagrú agus a bhainistiú trína mbonneagar. Is minic nach mbíonn faisnéis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin atá faoi réir bainistithe algartamach den sórt sin, maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim, cé na sonraí pearsanta atá á n-úsáid ná an tionchar a bhíonn ag a n-iompar ar chinntí a dhéantar le córais uathoibrithe. Ní bhíonn rochtain ag ionadaithe na n-oibrithe ná ag cigireachtaí saothair ar an bhfaisnéis sin ach oiread. Thairis sin, is minic nach mbíonn daoine a dhéanann obair ardáin ar an eolas faoi na cúiseanna a bhíonn le cinntí a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe agus nach mbíonn an deis acu na cinntí sin a phlé le duine teagmhála nó agóid a dhéanamh ina gcoinne.

(8) Diaidh ar ndiaidh cuirtear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chumhachtaítear le halgartaim in ionad feidhmeanna a bhíonn ag bainisteoirí i ngnólachtaí, amhail cúraimí a shannadh, sannacháin aonair agus am oibre a phraghsáil, treoracha a thabhairt, meastóireacht ar an obair a dhéantar, dreasachtaí a chur ar fáil nó smachtbhannaí a fhorchur. Úsáideann ardáin saothair dhigiteacha go háirithe córais algartamacha den sórt sin mar bhealach caighdeánach chun obair ardáin a eagrú agus a bhainistiú trína mbonneagar. Is minic nach mbíonn faisnéis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin atá faoi réir bainistithe algartamach den sórt sin, maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim, cé na sonraí pearsanta atá á n-úsáid ná an tionchar a bhíonn ag a n-iompar ar chinntí a dhéantar le córais uathoibrithe. Ní bhíonn rochtain ag ionadaithe na n-oibrithe, ag ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin, ná ag cigireachtaí saothair ná ag údaráis mhaoirseachta inniúla ar an bhfaisnéis sin ach oiread. Thairis sin, is minic nach mbíonn daoine a dhéanann obair ardáin ar an eolas faoi na cúiseanna a bhíonn le cinntí a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe agus nach mbíonn an deis acu míniú a fháil ar na cinntí sin, na cinntí sin a phlé le duine teagmhála nó agóid a dhéanamh ina gcoinne agus ceartú agus, i gcás inarb ábhartha, sásamh a lorg. Is minic nach bhfaigheann daoine a dhéanann obair ardáin agus a n-ionadaithe faisnéis thráthúil ná an deis chun plé a dhéanamh, chun go rachfaí i gcomhairle go héifeachtach leo, chun dul i mbun caibidlíochta agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na córais algartamacha a mbíonn tionchar díreach acu ar a ndálaí oibre.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena n-áirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha is infheidhme, lena n-airítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus an chosaint shóisialta.

(9) Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin, go háirithe obair ardáin bunaithe ar líne. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena n-áirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha naisiúnta agus Eorpacha is infheidhme, lena n-airítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus na cánach agus an chosaint shóisialta.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a) Tháinig méadú ar líon na n-ardán atá gníomhach san Aontas ó 463 ardán in 2016 go 516 i mí an Mhárta 2021. Tháinig méadú faoi chúig, nach mór, ar gheilleagar na n-ardán san Aontas le linn na tréimhse céanna, ó thart ar EUR 3,4 billiún in 2016 go tuairim is EUR 14 bhilliún in 2020. Baineann formhór ghníomhaíocht na n-ardán sin le seirbhísí tacsaí agus le seirbhísí seachadta bia, a raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 orthu araon (- 35 % agus + 125 %, faoi seach). Tá ról tábhachtach ag ardáin a bhfuil a mbunús lasmuigh den Aontas i ngeilleagar ardáin an Aontais.

Leasú  13

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Le corpas ionstraimí dlí déantar foráil maidir le híoschaighdeáin i dtaca le dálaí oibre agus cearta saothair ar fud an Aontais. Áirítear leis sin go háirithe Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle56 maidir le ham oibre, Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, agus ionstraimí sonracha eile a bhaineann le gnéithe amhail sláinte agus sábháilteacht ag an obair, oibrithe toircheasacha, cothromaíocht oibre is saoil, obair ar théarma seasta, obair pháirtaimseartha, oibrithe a phostú, faisnéis agus comhairliúchán le hoibrithe, i measc cinn eile. Cé go gcuireann na hionstraimí sin leibhéal cosanta ar fáil d'oibrithe, níl feidhm acu maidir leis na fíor-fhéinfhostaithe.

(10) Le corpas ionstraimí dlí déantar foráil maidir le híoschaighdeáin i dtaca le dálaí oibre agus cearta saothair ar fud an Aontais. Áirítear leis sin go háirithe Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle56 maidir le ham oibre, Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, agus ionstraimí sonracha eile a bhaineann le gnéithe amhail sláinte agus sábháilteacht ag an obair, oibrithe toircheasacha, cothromaíocht oibre is saoil, obair ar théarma seasta, obair pháirtaimseartha, oibrithe a phostú, faisnéis agus comhairliúchán le hoibrithe, i measc cinn eile. Léirmhínigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) na hionstraimí dlíthiúla sin i gcásdlí atá thar ar bith ábhartha, ar dá réir a mheasfar gur am oibre é an t-am ‘ar fuireachas’, a bhfuil srian suntasach ar dheiseanna an oibrí gníomhaíochtaí eile a dhéanamh lena linn57a. Tá léirmhíniú na Cúirte Breithiúnais ábhartha go háirithe d’oibrithe ardáin a chaitheann 8,9 n-uair an chloig in aghaidh na seachtaine57b i mbun cúraimí gan phá, amhail taighde a dhéanamh ar thascanna, fanacht ar shannacháin, ag glacadh páirt gcomórtais chun sannacháin a fháil agus ag déanamh athbhreithnithe ar fhógraí oibre, cúraimí nach gcuirtear san áireamh mar am oibre nuair a aicmítear na daoine sin go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe. Cé go gcuireann na hionstraimí sin leibhéal cosanta ar fáil doibrithe, níl feidhm acu maidir le daoine atá féinfhostaithe go fírinneach.

__________________

__________________

55 Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach, (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).

55 Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach, (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).

56 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

56 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

57 Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

57 Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

 

57a Breithiúnas na Cúirte an 21 Feabhra 2018 in Ville de Nivelles v Rudy Matzak, C-518/15, ECLI: AE:C:2018:82; Deimhníodh agus méadaíodh an líne réasúnaíochta sin in dhá bhreithiúnas ó 2021 (Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) an 9 Márta 2021 in RJ v Stadt Offenbacham Main, C-580/19, ECLI:EU:C:2021:183; Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 9 Márta 2021 in -D.J. v Radiotelevizija Slovenija, C-344/19, ECLI:AE:C:2021:182.

 

57a DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN, TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR, A ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feabhas a chur ar na dálaí oibre in obair ardáin san Aontas Eorpach, SWD(2021) 396 final/2.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) I Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle58 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, moltar do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cumhdach foirmiúil agus éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht na scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus do gach duine féinfhostaithe. Tá leibhéil éagsúla de chosaint shóisialta á gcur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe sna Ballstáit faoi láthair.

(11) Is líontán sábhála atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht í an chosaint shóisialta a théann chun tairbhe ní hamháin don duine aonair ach don tsochaí ina hiomláine freisin. I Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle58 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, moltar do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cumhdach foirmiúil agus éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht na scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus do gach duine féinfhostaithe. Tá leibhéil éagsúla de chosaint shóisialta á gcur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe sna Ballstáit faoi láthair. Tá sé ríthábhachtach rochtain ar chosaint shóisialta a áirithiú, agus i gcás inar gá í a leathnú, do dhaoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear do dhaoine atá ag aistriú ó stádas amháin go stádas eile chun inaistritheacht ceart sóisialta agus teidlíochtaí carntha a áirithiú.

__________________

__________________

58 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

58 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

Leasú  15

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59 (‘an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’) áirithítear go gcosnaítear daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus go háirithe cuireann sé cearta agus oibleagáidí áirithe ar fáil mar aon le coimircí i dtaca le próiseáil ar shonraí pearsanta a bheith dleathach, cothrom agus trédhearcach, lena n-airítear maidir le cinnteoireacht aonair uathoibrithe. Déanann Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60 cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn ‘d'úsáideoirí gnó’ a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála a chuireann oibreoirí ardán ar líne ar fáil. Mhol an Coimisiún Eorpach tuilleadh reachtaíochta lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga61.

(12) Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áirithítear go gcosnaítear daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus go háirithe cuireann sé cearta agus oibleagáidí áirithe ar fáil mar aon le coimircí i dtaca le próiseáil ar shonraí pearsanta a bheith dleathach, cothrom agus trédhearcach, lena n-airítear maidir le cinnteoireacht aonair uathoibrithe. Déanann Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60 cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn ‘d'úsáideoirí gnó’ a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála a chuireann oibreoirí ardán ar líne ar fáil. Mhol an Coimisiún Eorpach tuilleadh reachtaíochta lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh soláthraithe agus úsáideoirí córas intleachta saorga61, a mbeidh feidhm aici gan dochar do na rialacha níos sonraí a leagtar amach sa Treoir seo.

__________________

__________________

59 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

 

60 Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

60 Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

61 COM(2021) 206 final, 21.4.2021.

61 COM(2021) 206 final, 21.4.2021.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Cé go bhforáiltear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe maidir le coimircí ginearálta áirithe, tá gá le roinnt beart sonrach breise chun dul i ngleic leis na dúshláin san obair ardáin. Chun forbairt na hoibre ardáin a dhíriú go leordhóthanach ar bhealach inbhuanaithe, is gá don Aontas íoschaighdeáin nua a leagan síos i dtaca le dálaí oibre chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as obair ardáin. Ba cheart roinnt ceart íosta a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin san Aontas, cearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trédhearcacht, cothroime agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le bainistiú algartamach, agus an trédhearcacht a fheabhsú san obair ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. Ba cheart é sin a dhéanamh d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, cothrom iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha agus soláthraithe seirbhísí as líne agus chun tacú le fás inbhuanaithe na n-ardán digiteach saothair san Aontas.

(13) Cé go bhforáiltear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe maidir le coimircí ginearálta áirithe, tá gá le roinnt beart sonrach breise chun dul i ngleic leis na dúshláin san obair ardáin. Chun forbairt na hoibre ardáin a dhíriú go leordhóthanach ar bhealach inbhuanaithe, is gá don Aontas íoschaighdeáin nua a leagan síos i dtaca le dálaí oibre chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as obair ardáin agus chun cearta oibrithe ardáin a chosaint. Ba cheart roinnt ceart íosta a chur ar fáil d’oibrithe ardáin agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine a dhéanann obair ardáin, ba cheart a stádas conarthach a chinneadh i gceart agus ba cheart dálaí oibre cothroma agus córa a chur ar fáil dóibh, agus trédhearcacht, cothroime, cuntasacht agus neamh-idirdhealú á gcur chun cinn, agus rioscaí sláinte agus sábháilteachta á gcosc i mbainistiú algartamach, agus trédhearcacht in obair ardáin á feabhsú, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, agus an ceart chun cómhargála á áirithiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ba cheart é sin a dhéanamh d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, cothrom iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha agus soláthraithe seirbhísí as líne agus chun tacú le fás inbhuanaithe na n-ardán digiteach saothair san Aontas. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart daoine atá ag obair trí ardáin saothair dhigiteacha a aicmiú i gceart i ndáil lena stádas conarthach chun rochtain a fháil ar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint saothair agus cosaint shóisialta.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach áfach gníomhú ar leibhéal an Aontais sa réimse sin tríd an creat dlíthiúil reatha a oiriúnú d'obair ardáin atá ag teacht chun cinn.

(14) Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhú ar leibhéal an Aontais sa réimse sin tríd an gcreat dlíthiúil reatha a oiriúnú dobair ardáin atá ag teacht chun cinn agus don úsáid a bhaintear as córas uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Ina theannta sin, bhí malartuithe fairsinge ag an gCoimisiún le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ardáin saothair dhigiteacha, comhlachais daoine a dhéanann obair ardáin, saineolaithe ón saol acadúil, ó na Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta.

(15) Ina theannta sin, bhí malartuithe fairsinge ag an gCoimisiún le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ardáin saothair dhigiteacha, comhlachais daoine a dhéanann obair ardáin, na comhpháirtithe sóisialta, saineolaithe ón saol acadúil, ó na Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta nó go bhféadfaí a mheas bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin cásanna nach léir cén stádas fostaíochta atá ag an duine a dhéanann obair ardáin, ionas gur féidir an stádas sin a chinneadh i gceart. Na forálacha maidir le bainistiú algartamach a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le fíor-fhéinfhostaithe agus daoine eile a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu.

(16) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta nó go bhféadfaí a mheas bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin cásanna nach léir cén stádas fostaíochta atá ag an duine a dhéanann obair ardáin, ionas gur féidir an stádas sin a chinneadh i gceart. Na forálacha maidir le bainistiú algartamach a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le daoine atá féinfhostaithe go fírinneach agus maidir le daoine eile a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a) Na daoine idirghabhálacha féinfhostaithe a chumhdaítear le Treoir 86/653/CEE ón gComhairle1d, a bhfuil údarás leanúnach acu chun díol nó ceannach earraí a chaibidliú thar ceann duine eile nó chun idirbhearta den sórt sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích thar ceann an duine sin agus in ainm an duine sin, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo, ar choinníoll nach n-eagraíonn ardán saothair digiteach obair gníomhairí tráchtála ná nach ndéanann sé idirghabháil idir na gníomhairí tráchtála sin agus a bpríomhaithe.

 

__________________

 

1a Treoir 86/653/CEE ón gComhairle maidir le comhordú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le gníomhairí tráchtála féinfhostaithe (IO L 382, 31.12.1986, lch. 17).

Leasú  21

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b) Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir seirbhísí seolta tacsaí, mar a rialaítear faoin dlí agus faoin gcleachtas náisiúnta, agus ardáin saothair dhigiteacha glaoite turais, nuair nach bhfuil iontu ach ‘forlíontán’ le seirbhís atá ann cheana agus nach ndéanann siad ach tiománaithe tacsaí ceadúnaithe atá féinfhostaithe go fírinneach a nascadh lena gcustaiméirí, ag seoladh cumarsáidí a fuarthas ó dhaoine atá ag lorg seirbhíse tacsaí chuig tiománaithe ceadúnaithe tacsaí, ar choinníoll nach bhfeidhmíonn siad aon chineál rialaithe nó treoraithe, i gcomhréir leis an Treoir seo, ar na tiománaithe ceadúnaithe tacsaí, eadhon, inter alia, nach socraíonn agus nach mbailíonn an soláthraí seirbhíse an táille don turas agus nach bhfuil rialú acu ar cháilíocht na bhfeithiclí ná ar na tiománaithe ná ar a bhfeidhmíocht na hoibre. Is iondúil go mbíonn saorchead ag tiománaithe tacsaí féinfhostaithe a roghnú conas a láimhdeachas a ghiniúint mar gheall ar na cearta a fhaightear de ghnáth lena gceadúnas, amhail an ceart chun rochtain a fháil ar chliaint trí ghlaonna ar an tsráid, trí stadanna tiomnaithe tacsaí poiblí nó trí bhealaí coibhéiseacha.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17c) Is féidir slua-obair a shainmhíniú mar eagrú seachfhoinsithe nó leithdháileadh cúraimí a d’fhéadfaí a sholáthar do líon mór custaiméirí nó fostóirí, trí ardáin ar líne. Tá go leor cosúlachtaí idir an tslua-obair agus cineálacha eile fostaíochta neamhchaighdeánacha amhail obair shealadach, obair pháirtaimseartha nó obair ghníomhaireachta shealadach. Déantar de ghnáth i ar an idirlíon trí idirghabhálaí teicneolaíochta ar minic gur ardán é. Déanann micrea-ardáin nó ardáin slua-oibre comhordú ar thascanna beaga ar líne. Is cineál ardáin saothair dhigitigh ar líne iad na hardáin mhicreatáca sin a thugann rochtain do ghnólachtaí agus do chliaint eile ar lucht saothair mór solúbtha (‘slua’) chun cúraimí beaga a chur i gcrích is féidir a chur i gcrích go cianda trí nasc ríomhaire agus idirlín a úsáid. Déantar cúraimí a dháileadh ar líon mór daoine – an slua mar a thugtar orthu – ar féidir leo gníomhaíochtaí aonair a dhéanamh go haisioncronach agus go cianda trína ríomhairí pearsanta. Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a eagraíonn slua-obair teacht faoi raon feidhme na Treorach seo.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Tá ardáin saothair dhigiteacha difriúil le hardáin eile ar líne sa mhéid is go n-eagraíonn siad obair a dhéanann daoine aonair arna iarraidh sin, iarraidh aonuaire nó iarraidh rialta a dhéanann faighteoir na seirbhíse a chuireann an t-ardán ar fáil. Agus an obair a dhéanann daoine aonair á heagrú ba cheart ról suntasach ar a laghad a thabhairt maidir leis an éileamh ar sheirbhís a mheaitseáil le soláthar an tsaothair a dhéanann an duine aonair a bhfuil caidreamh conarthach aige leis an ardán saothair digiteach agus atá ar fáil chun cúram sonrach a dhéanamh agus d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile amhail próiseáil íocaíochtaí a bheith ar áireamh ann. Ardáin ar líne nach n-eagraíonn an obair a dhéanann daoine aonair ach nach soláthraíonn ach na modhanna trínar féidir le soláthraithe seirbhísí dul i dteagmháil leis an úsáideoir deiridh, mar shampla trí thairiscintí nó iarrataí ar sheirbhísí a fhógairt nó trí sholáthraithe seirbhíse atá ar fáil i réimse áirithe a chomhiomlánú, gan aon rannpháirtíocht bhreise a bheith acu, níor cheart iad a mheas mar ardán saothair digiteach. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha, níor cheart soláthraithe seirbhíse a áireamh ann arb é is príomhchuspóir dóibh sócmhainní a shaothrú nó a roinnt, amhail cóiríocht a fháil ar cíos go gearrthéarmach. Ba cheart é a bheith teoranta do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, amhail daoine nó earraí a iompar nó glanadh, ina cuid riachtanach agus go bhfuil gá leis an obair agus nach mionghné agus gné choimhdeach amháin é.

(18) Tá ardáin saothair dhigiteacha difriúil le hardáin eile ar líne sa mhéid is go n-eagraíonn siad an obair a dhéanann daoine aonair arna iarraidh sin d’fhaighteoir seirbhíse nó trí leithdháileadh oibre trí ghlao oscailte, aonuaire nó rialta, trí mhodhanna leictreonacha, amhail suíomh gréasáin nó aip mhóibíleach. Agus an obair a dhéanann daoine aonair á heagrú ba cheart ról suntasach ar a laghad a thabhairt maidir leis an éileamh ar sheirbhís a mheaitseáil le soláthar an tsaothair a dhéanann an duine aonair a bhfuil caidreamh conarthach aige leis an ardán saothair digiteach, gan beann ar ainmniú conarthach an chaidrimh idir an duine aonair sin agus an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís, agus atá ar fáil chun cúram sonrach a dhéanamh agus d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile amhail próiseáil íocaíochtaí a bheith ar áireamh ann. Ardáin ar líne nach n-eagraíonn an obair a dhéanann daoine aonair ach nach soláthraíonn ach na modhanna le haghaidh tairiscintí nó iarrataí ar sheirbhísí a fhógairt nó trí sholáthraithe seirbhíse atá ar fáil i réimse áirithe a chomhiomlánú, gan aon rannpháirtíocht bhreise a bheith acu, níor cheart iad a mheas mar ardán saothair digiteach. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha, níor cheart soláthraithe seirbhíse a áireamh ann arb é is príomhchuspóir dóibh sócmhainní a shaothrú nó a roinnt, amhail cóiríocht a fháil ar cíos go gearrthéarmach nó earraí a athdhíol.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a) Mar gheall ar an mí-aicmiú a dhéantar go minic ar dhaoine a dhéanann obair ardáin, mar aon leis an easpa ionaid choitinn oibre inar féidir le hoibrithe ardáin aithne a chur ar a chéile agus a bheith i dteagmháil le chéile, lena n-áirítear chun a leasanna a chosaint i gcoinne an fhostóra, is tromchúiseach é, go háirithe san obair ardáin, feiniméan na gceardchumann cuideachta nó na n-ionadaithe oibrithe atá bunaithe ag an bhfostóir féin, nó á rialú ag an bhfostóir, a fheidhmíonn chun leasa an fhostóra seachas chun leasa na n-oibrithe1a. Tá ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe den sórt sin contrártha d’Airteagal 2 de Choinbhinsiún Uimh. 98 ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus do Threoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Agus socruithe praiticiúla maidir le faisnéis agus comhairliúchán á mbunú nó á gcur chun feidhme, ba cheart d’fhostóirí agus d’ionadaithe na n-oibrithe oibriú de mheon an chomhair agus le haird chuí ar a gcearta agus a n-oibleagáidí cómhalartacha, agus leasanna an ghnóthais nó na bunaíochta agus leasanna na n-oibrithe araon á gcur san áireamh. Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a áirithiú, in éineacht leis na ceardchumainn is ionadaíche, go gcomhlíonfaidh toghcháin d’ionadaithe na n-oibrithe cearta agus saoirsí bunúsacha agus go mbeidh siad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta is infheidhme.

 

__________________

 

1a Sainmhíniú Eurofound, https://www.eurofound.europa.eu/observatories/eurwork/industrial-relations-dictionary/company-union

 

1b Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 2).

Leasú  25

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18b) Tá an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil ríthábhachtach chun spriocanna na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart sainphribhléidí eisiacha ceardchumann a chaomhnú, amhail a gceart a bheith rannpháirteach sa chómhargáil agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích. Ba cheart cearta agus sainchearta na gceardchumann agus ionadaithe oibrithe eile a leagtar amach sa Treoir seo a áirithiú agus a urramú i gcomhréir le coinbhinsiúin EIS1a chomh maith le Cairt Shóisialta na hEorpa de chuid Chomhairle na hEorpa.

 

__________________

 

1a Go háirithe, Coinbhinsiún Uimh. 87 maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Coinbhinsiún EIS Uimh. 98 maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus an Chómhargála, agus ag féachaint go cuí do Choinbhinsiún EIS Uimh. 135 maidir le hIonadaithe Oibrithe, do Choinbhinsiún EIS Uimh. 151 maidir le Caidreamh Saothair (an tSeirbhís Phoiblí), do Choinbhinsiún EIS Uimh. 154 maidir le Cómhargáil agus do Mholtaí gaolmhara EIS.

Leasú  26

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18c) Ba cheart a áireamh i gcórais chinnteoireachta agus faireacháin uathoibrithe aon sásra ríomhaireachta a úsáideann teicnící ríomheolaíochta nó tacair sonraí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhálaí oibre, ar eagrú an tsaothair, agus gníomhaíochtaí nó moltaí réitigh fadhbanna a chumasú a mbíonn tionchar suntasach acu ar na daoine atá i mbun obair ardáin. Áirítear le cinnteoireacht uathoibrithe den sórt sin, inter alia, faireachán, meastóireacht feidhmíochta, próifíliú aonair, agus sannadh cúraimí. Meastar, i bprionsabal, gur modh cumarsáide é feidhmchláir ríomhaire-bhunaithe a úsáid chun teachtaireachtaí a mhalartú (amhail ríomhphoist) agus, dá bhrí sin, ní thugtar le tuiscint leis gur cinntí uathoibrithe iontu féin iad na feidhmchláir sin.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Chun féinfhostaíocht bhréagach san obair ardáin a chomhrac agus chun cinneadh ceart maidir leis an stádas fostaíochta a éascú, ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar mhí-aicmiú stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin agus chun aghaidh a thabhairt air sin. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na nósanna imeachta sin a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear é sa dlí náisiúnta, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh agus i gcás inarb ann do chaidreamh fostaíochta den sórt sin, go n-áirithítear go gcomhlíonfar go hiomlán dlí an Aontais agus an dlí saothair náisiúnta is infheidhme d’oibrithe, comhaontuithe comhchoiteanna agus rialacha cosanta sóisialta. I gcás inarb é féinfhostaíocht nó stádas fostaíochta idirmheánach – mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta – an stádas ceart fostaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag na cearta agus na hoibleagáidí de bhun an stádais sin.

(19) D’fhéadfadh sé gur oibrí ardáin nó duine atá féinfhostaithe go fireannach é duine a dhéanann obair ardáin. Chun féinfhostaíocht bhréagach san obair ardáin a chomhrac agus chun cinneadh ceart maidir leis an stádas fostaíochta a éascú, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar mhí-aicmiú stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin agus chun aghaidh a thabhairt air sin. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na nósanna imeachta sin a áirithiú go ndéanfar an stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, agus a fháil amach  an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear é sa dlí náisiúnta agus sa dlí idirnáisiúnta is infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh agus i gcás inarb ann do chaidreamh fostaíochta den sórt sin, go n-áirithítear go gcomhlíonfar go hiomlán dlí an Aontais agus an dlí saothair náisiúnta is infheidhme d’oibrithe, comhaontuithe comhchoiteanna agus rialacha cosanta sóisialta. I gcás inarb í féinfhostaíocht – mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta – an stádas ceart fostaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag na cearta agus na hoibleagáidí de bhun an stádais sin.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Ina cásdlí, bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais critéir chun stádas oibrí a chinneadh62 . Ba cheart léiriú na Cúirte Breithiúnais ar na critéir sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme na Treorach seo. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í mí-úsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhaineann sé sin le hobair neamhdhearbhaithe. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint.

(20) Ina cásdlí, bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais critéir chun stádas oibrí a chinneadh62 . Ba cheart léiriú na Cúirte Breithiúnais ar na critéir sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme na Treorach seo. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í mí-úsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhaineann sé sin le hobair neamhdhearbhaithe. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint, rud a chruthaíonn staid iomaíochta éagóraí i ndáil le cuideachtaí atá géilliúil don dlí. Ba cheart go dtiocfadh na daoine sin faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo.

__________________

__________________

62 Breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum v Land Baden-Württemberg, C-66/85, ECLI:EU:C:1986:284; An 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère v Príomh-Aire agus Eile, C-428/09, ECLI:EU:C:2010:612; An 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411; An 9 Iúil 2015, Ender Balkaya v Kiesel Abbruch- und Recycling Technik GmbH, C-229/14, ECLI:EU:C:2015:455; An 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik gGmbH v Ruhrlandklinik gGmbH, C-216/15, ECLI:EU:C:2016:883; An 16 Iúil 2020, UX v Governo della Repubblica italiana, C-658/18, ECLI:EU:C:2020:572; agus ordú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 22 Aibreán 2020, B v Yodel Delivery Network Ltd, C-692/19, ECLI:EU:C:2020:288.

62 Breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum v Land Baden-Württemberg, C-66/85, ECLI:EU:C:1986:284; An 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère v Príomh-Aire agus Eile, C-428/09, ECLI:EU:C:2010:612; An 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411; An 9 Iúil 2015, Ender Balkaya v Kiesel Abbruch- und Recycling Technik GmbH, C-229/14, ECLI:EU:C:2015:455; An 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik gGmbH v Ruhrlandklinik gGmbH, C-216/15, ECLI:EU:C:2016:883; An 16 Iúil 2020, UX v Governo della Repubblica italiana, C-658/18, ECLI:EU:C:2020:572; agus ordú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 22 Aibreán 2020, B v Yodel Delivery Network Ltd, C-692/19, ECLI:EU:C:2020:288.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) I gcás ina suitear gur ann do chaidreamh fostaíochta bunaithe ar fhíorais, ba cheart an páirtí atá ag gníomhú mar fhostóir a shainaithint go soiléir agus ba cheart don pháirtí sin na hoibleagáidí uile a eascraíonn as a ról mar fhostóir a chomhlíonadh.

(22) I gcás ina suitear gur ann do chaidreamh fostaíochta bunaithe ar fhíorais, ba cheart an páirtí nó na páirtithe atá ag gníomhú mar fhostóir a shainaithint go soiléir, na hoibleagáidí uile a eascraíonn as a ról mar fhostóir faoin dlí náisiúnta agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna ábhartha náisiúnta nó earnála is infheidhme maidir le hearnáil na gníomhaíochta a chomhlíonadh, ar comhaontuithe iad atá le cinneadh ag na Ballstáit i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. I gcás ina gcinneann ardán saothair digiteach – ar bhonn deonach amháin nó i gcomhaontú leis na daoine lena mbaineann – íoc as cosaint shóisialta, árachas tionóisce nó cineálacha eile árachais, bearta oiliúna nó sochair chomhchosúla do dhaoine féinfhostaithe atá ag obair tríd an ardán sin, níor cheart na sochair sin iontu féin a mheas mar shochair lena gcinntear gnéithe lena léirítear gurb ann do chaidreamh fostaíochta.

(23) Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta, níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre daoine atá féinfhostaithe go fireannach a dhéanann obair ardáin. Is uirlis thábhachtach í an chómhargáil chun feabhas a chur ar dhálaí oibre daoine a dhéanann obair ardáin, gan beann ar ainmniú conarthach an chaidrimh agus ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit í a spreagadh. Chun na críche sin, is féidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022, ina bhfuil Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe comhchoiteanna i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair, fónamh mar threoir úsáideach gan dochar don dlí náisiúnta agus don chleachtas náisiúnta maidir le raon feidhme agus cineál na hionadaíochta comhchoitinne agus ar choinníoll go gcumhdaíonn na comhaontuithe sin daoine atá féinfhostaithe go fírinneach. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosaint éifeachtach a áirithiú do dhaoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe oibrithe ar mná iad, chomh maith leis na hoibrithe is leochailí, oibrithe óga, oibrithe scothaosta, oibrithe sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, oibrithe imirceacha agus oibrithe faoi mhíchumas.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) I gcás ina rialaíonn ardáin saothair dhigiteacha gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad ar nós fostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treorú agus rialú nó fo-ordú dlí. Dá bhrí sin, caidrimh chonarthacha ina bhfuil leibhéal áirithe rialaithe ag ardáin saothair dhigiteacha ar ghnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, ba cheart a mheas de bhua toimhde dhlíthiúil, gur caidreamh fostaíochta é idir an t-ardán agus an duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin. Mar thoradh air sin, ba cheart an duine sin a aicmiú mar oibrí ag a bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí uile i gcomhréir leis an stádas sin, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus sa chleachtas. Ba cheart feidhm a bheith ag an toimhde dhlíthiúil maidir leis na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla ábhartha uile agus ba cheart go rachadh sí chun tairbhe don duine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart go mbeadh na húdaráis atá i gceannas ar a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha amhail cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta nó údaráis chánach á comhlíonadh nó á forfheidhmiú in ann brath ar an toimhde sin freisin. Ba cheart do na Ballstáit creat náisiúnta a chur ar bun chun dlíthíocht a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú.

(24) I gcás ina ndéanann ardáin saothair dhigiteacha maoirseacht nó rialú de chineál éigin ar ghnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad ar nós fostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treorú agus rialú nó fo-ordú. Dá bhrí sin, an caidreamh conarthach idir daoine a dhéanann obair ardáin agus an t-ardán saothair digiteach, ba cheart a mheas, de bhua toimhde dhlíthiúil, gur caidreamh fostaíochta é. Ní mór d’údaráis náisiúnta an toimhde a chur i bhfeidhm nuair a mheasann siad go bhféadfadh sé go bhfuil aicmiú mícheart á dhéanamh ar dhaoine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart an toimhde a chur i bhfeidhm freisin nuair a bhíonn a aicmiú in imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla á cheistiú ag duine a dhéanann obair ardáin nó ag ceardchumann atá ag gníomhú thar ceann roinnt daoine a dhéanann obair ardáin nó chun tacú leo. Ba cheart feidhm a bheith ag an toimhde dhlíthiúil maidir leis na nósanna imeachta riaracháin ar fad agus na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla ábhartha uile agus ba cheart go rachadh sí chun tairbhe don duine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart do na húdaráis atá i gceannas ar a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha amhail cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta nó údaráis chánach á comhlíonadh nó á forfheidhmiú an toimhde a chur i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit creat náisiúnta a chur ar bun chun dlíthíocht a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú lena n-áirithítear aicmiú ceart na ndaoine a dhéanann obair ardáin ó thús an chaidrimh chonarthaigh. Níor cheart é a bheith mar thoradh ar thoimhde dlíthiúil caidrimh fostaíochta go ndéanfaí gach duine a dhéanann obair ardáin mar oibrithe a aicmiú go huathoibríoch, toisc go bhféadfadh an t-ardán i gcónaí diúltú don toimhde sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil riaracháin nó dlíthiúil cinneadh maidir leis an athaicmiú. Níor cheart go gcumhdófaí leis an toimhde cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart cead a bheith ag daoine a dhéanann obair ardáin atá féinfhostaithe go fírinneach fanacht amhlaidh agus a bheith in ann rochtain a fháil ar obair trí ardáin. Bíonn na daoine iad féin atá féinfhostaithe go fírinneach freagrach vis-à-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a n-aschur.

Leasú  32

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Ba cheart critéir lena léirítear go rialaíonn ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre a chur san áireamh sa Treoir chun an toimhde dhlíthiúil a dhéanamh oibríochtúil agus chun forfheidhmiú cearta oibrithe a éascú. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bunaithe ar chásdlí an Aontais agus coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta a chur san áireamh. Ba cheart go n-áireofaí leis na critéir, gnéithe nithiúla lena léirítear mar shampla go ndéanann an t-ardán saothair digiteach an luach saothair nó na dálaí oibre nó an dá rud a chinneadh sa chleachtas agus ní hamháin go moltar iad, go dtugann sé treoracha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair nó go gcuireann sé cosc ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha. Chun go mbeidh sé éifeachtach sa chleachtas, ba cheart dhá chritéar a chomhlíonadh i gcónaí chun cur i bhfeidhm na toimhdean a spreagadh. Ag an am céanna, níor cheart go gcumhdófaí leis na critéir cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Is iad na fíor-féinfhostaithe féin atá freagrach vis-à-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a n-aschur. Saintréith d'fhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh d'aon tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart srianadh na ndiscréidí sin de facto trí roinnt coinníollacha nó trí chóras smachtbhannaí, a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ba cheart maoirseacht ghéar ar fheidhmiú na hoibre nó fíorú iomlán ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha nach é amháin atá i gceist leis athbhreithnithe agus rátálacha fhaighteoirí na seirbhíse a úsáid, ba cheart iad sin a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun dea-eispéireas tomhaltóirí a áirithiú. Bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí nó atá riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a chosaint, níor cheart go dtuigfí leo go rialaítear feidhmiú na hoibre.

(25) Maidir leis na húdaráis agus na hinstitiúidí inniúla a chinnfidh, bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil, aicmiú ceart na ndaoine a dhéanann obair ardáin i ndáil le caidreamh fostaíochta a bheith ann mar a shainítear sa dlí is infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát i dtrácht, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ba cheart gnéithe fíorasacha a bheith mar threoir acu lena léirítear go gcuireann an t-ardán digiteach saothair rialú agus treorú i bhfeidhm maidir le déanamh na hoibre. Ba cheart na gnéithe sin a bheith spreagtha ag cásdlí an Aontais agus ag an gcásdlí náisiúnta chomh maith le Moladh EIS maidir le Caidreamh Fostaíochta, 2006 (Uimh. 198) agus ba cheart coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta, agus éabhlóid leanúnach an chaidrimh fostaíochta, a chur san áireamh, agus aird á tabhairt freisin ar éabhlóid na gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe. I measc na ngnéithe nithiúla ar féidir a léiriú leo go bhfuil feidhmíocht na hoibre á rialú agus á treorú ag an ardán digiteach saothair, tá na gnéithe sin a léiríonn go ndéanann an t-ardán saothair digiteach, mar shampla: na dálaí oibre nó an luach saothair nó an dá rud a chinneadh; íocaíochtaí tréimhsiúla a eisiúint don oibrí; a cheangal go n-urramófar rialacha maidir le láithreas nó iompar; treoracha a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair; cosc a chur ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha, lena n-áirítear tríd an gcumarsáid idir an duine a dhéanann obair ardáin agus faighteoir na n-earraí nó na seirbhísí a rialú nó a shrianadh, le linn fheidhmiú na hoibre agus ina dhiaidh; maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre trí mhodhanna leictreonacha; an duine a dhéanann obair ardáin a rianú nó maoirseacht a dhéanamh air agus an obair á déanamh aige; an ghníomhaíocht ghnó atá nasctha leis an obair ardáin a dhéanann daoine aonair a rialú agus a eagrú nó an fhreagracht a choinneáil as infheistíocht ghaolmhar agus as an mbainistíocht ghaolmhar; na huirlisí, modhanna digiteacha, ábhair nó innealra atá riachtanach chun an obair ardáin a dhéanamh a chur ar fáil don duine a dhéanann í; nó srian a chur le saoirse atá ag an duine a dhéanann obair ardáin chun cosaint shóisialta, árachas tionóisce, scéim pinsin nó cineálacha eile árachais a roghnú, lena n-áirítear trí iarmhairtí díobhálacha. Saintréith dfhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh daon tríú páirtí, ach ní cruthúnas í inti féin gur fíor-fhéinfhostaíocht atá ann. Dá bhrí sin, má chuirtear srian de facto ar na discréidí sin chun duine a bheith in ann a chuid oibre féin a eagrú, go háirithe an rogha maidir le huaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta duine a roghnú, glacadh le cúraimí, nó diúltú dóibh, nó úsáid a bhaint as fochonraitheoirí nó ionadaithe trí roinnt coinníollacha nó trí chóras pionós, lena n-áirítear rochtain ar obair a shrianadh, nó córais rátála custaiméara a úsáid mar uirlis rialaithe agus mar bhunús le pionóis nó mar uirlis chun sannacháin oibre a leithdháileadh, ba cheart é sin a chur san áireamh freisin mar ghné lena léirítear rialú agus treorú ar dhéanamh na hoibre. Ba cheart fíorú ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, a chur san áireamh freisin mar ghné lena léirítear rialú agus treorú ar fheidhmiú na hoibre. Ní liosta uileghabhálach é an liosta sin agus d’fhéadfaí a léiriú le haon ghné ábhartha eile go ndéanann an t-ardán digiteach saothair rialú agus treorú ar fheidhmiú na hoibre. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun a áirithiú nár cheart go dtuigfí le bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí go ndéantar maoirseacht ar fheidhmiú na hoibre leo.

Leasú  33

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Tá sé fíor-riachtanach an toimhde dhlíthiúil a chur chun feidhme go héifeachtach trí bhearta iomchuí, amhail faisnéis a scaipeadh ar an bpobal, treoir a fhorbairt agus rialuithe agus cigireachtaí allamuigh a neartú chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart cás sonrach na ngnólachtaí nuathionscanta a chur san áireamh sna bearta sin chun tacú le hacmhainneacht fiontraíochta agus leis na coinníollacha maidir le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach san Aontas.

(26) Tá sé fíor-riachtanach an toimhde dhlíthiúil a chur chun feidhme go héifeachtach trí bhearta iomchuí chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin faisnéis a scaipeadh ar an bpobal, treoir chuimsitheach a fhorbairt i bhfoirm moltaí nithiúla agus praiticiúla, rialuithe a neartú, comhar idir údaráis náisiúnta éagsúla, sásraí do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus ardáin dhigiteacha saothair chun dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus cigireachtaí allamuigh. Ba cheart cás sonrach FMBanna a chur san áireamh i bhforbairt inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Ar mhaithe le cothroime, níor cheart go mbeadh mar thoradh ar an toimhde dhlíthiúil go n-ionchorpraíonn roinnt ardán digiteach gealltanas fochonraitheoireachta idir an t-ardán agus an tseirbhís a sholáthraíonn daoine chun dul timpeall ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart an t-ardán saothair digiteach a bhfuil an fostóir ina fhochonraitheoir dá chuid a chur faoi dhliteanas, sa bhreis ar an bhfostóir nó in áit an fhostóra, as aon sárú ar chearta oibrithe ardáin dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear i ndáil le haon luach saothair gan íoc agus ranníocaíochtaí atá dlite do chistí nó institiúidí comhchoiteanna na gcomhpháirtithe sóisialta.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a) Chun a áirithiú go ndéanfar cigireachtaí saothair go héifeachtach, ba cheart líon leordhóthanacha cigirí saothair a bheith ag na Ballstáit, i gcomhréir le Coinbhinsiún EIS Uimh. 81 maidir le Cigireacht Saothair agus i gcomhréir le Tuarascáil III ó EIS maidir leis an 95ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair in 2006, ina moltar gur cheart cigire saothair amháin in aghaidh gach 10 000 oibrí a bheith ann. Ba cheart na Ballstáit sprioc náisiúnta a chinneadh, gach bliain, do líon na gcigireachtaí a dhéanfar i ndáil leis na hearnálacha gníomhaíochta ina n-oibríonn ardáin saothair dhigiteacha chun aicmiú ceart oibrithe a áirithiú. Le aicmiú duine a dhéanann obair ardáin a athrú ó dhaoine féinfhostaithe go hoibrí ardáin, ba cheart cigireacht ar na húdaráis ábhartha a ghiniúint láithreach chun stádas na ndaoine eile a dhéanann obair ardáin don ardán digiteach saothair céanna a fhíorú go tapa.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26b) D’fhonn éifeachtacht cigireachtaí a mhéadú chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le cumhachtaí leordhóthanacha a thabhairt do na húdaráis inniúla chun cigireachtaí a dhéanamh; go mbailítear agus go bpróiseáiltear faisnéis faoi fhéinfhostaíocht bhréagach, lena n-áirítear torthaí cigireachtaí roimhe sin, chun an Treoir seo a chur chun feidhme go héifeachtach; agus go bhfuil go leor ball foirne ar fáil leis na scileanna agus na cáilíochtaí is gá chun iniúchtaí a dhéanamh go héifeachtach. I bhfianaise a mhinice a tharlaíonn an mí-aicmiú, ba cheart ceangal a chur ar chigirí saothair rialuithe réamhghníomhacha a fhorbairt.

Leasú  36

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart aon éifeachtaí dlíthiúla cúlghabhálacha a bheith ag an toimhde dhlíthiúil roimh dháta thrasuí na Treorach seo agus níor cheart feidhm a bheith aici dá bhrí sin ach amháin maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin, lena n-áirítear maidir le caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta sin agus atá fós ar siúl ar an dáta sin. Níor cheart measúnú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar éilimh a bhaineann le caidreamh fostaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann roimh an dáta sin agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as sin go dtí an dáta sin ach amháin ar bhonn an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais a bhí ann roimh an Treoir seo.

(27) Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart aon éifeachtaí dlíthiúla cúlghabhálacha a bheith ag an toimhde dhlíthiúil agus, dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith aici ach amháin ón dáta a leagtar síos sa reachtaíocht trasuite, lena n-áirítear maidir le caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta sin agus atá fós ar siúl ar an dáta sin. Níor cheart measúnú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar éilimh a bhaineann le caidreamh fostaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann roimh an dáta sin agus ar na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as sin go dtí an dáta sin ach amháin ar bhonn an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais a bhí ann roimh an Treoir seo agus go háirithe ar Threoir (AE) 2019/1152.

Leasú  37

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) An caidreamh idir an duine a dhéanann obair ardáin agus ardán saothair digiteach d’fhéadfaí nach gcomhlíonfadh sé na ceanglais maidir le caidreamh fostaíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát faoi seach agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, cé go rialaíonn an t-ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre ar ghné ar leith. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann, trína chruthú ar bhonn an tsainmhínithe thuasluaite nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh atá i gceist. Tá údar leis an athrú sa dualgas cruthúnais chuig ardáin saothair dhigiteacha toisc go bhfuil forbhreathnú iomlán acu ar na gnéithe fíorasacha uile lena gcinntear an caidreamh, go háirithe na halgartaim trína mbainistíonn siad a n-oibríochtaí. Na himeachtaí dlíthiúla agus riaracháin a thionscnaíonn na hardáin saothair dhigiteacha chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, níor cheart éifeacht fionraíochta a bheith acu ar chur i bhfeidhm na toimhdean dlíthiúla. Má dhéantar an toimhde in imeachtaí riaracháin a fhrisnéis go rathúil, níor cheart go gcuirfí bac ar an toimhde a chur i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin. An duine atá i mbun obair ardáin arb é an duine is ábhar don toimhde, má fhéachann sé leis an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, ba cheart a cheangal ar an ardán saothair digiteach cuidiú leis an duine sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá i seilbh an ardáin i ndáil leis an duine sin a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit an treoir is gá a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis.

(28) An caidreamh idir an duine a dhéanann obair ardáin agus ardán saothair digiteach d’fhéadfaí nach gcomhlíonfadh sé na ceanglais maidir le caidreamh fostaíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát faoi seach agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon cheann de na comhpháirtithe an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann, trína chruthú ar bhonn an tsainmhínithe thuasluaite nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh atá i gceist. Tá údar leis an athrú sa dualgas cruthúnais chuig ardáin saothair dhigiteacha toisc go bhfuil forbhreathnú iomlán acu ar na gnéithe fíorasacha uile lena gcinntear an caidreamh, go háirithe na halgartaim trína mbainistíonn siad a n-oibríochtaí. I gcás ina ndéanfaidh ardán saothair digiteach agóid in aghaidh cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena gcinntear stádas fostaíochta duine a dhéanann obair ardáin, níor cheart go mbeadh éifeacht fionraíochta ar an gcinneadh sin ag imeachtaí a eascraíonn as agóid den sórt sin. Má dhéantar an toimhde in imeachtaí riaracháin a fhrisnéis go rathúil, níor cheart go gcuirfí bac ar an toimhde a chur i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin. An duine atá i mbun obair ardáin arb é an duine is ábhar don toimhde, má fhéachann sé leis an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, ba cheart a cheangal ar an ardán saothair digiteach cuidiú leis na nósanna imeachta, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá i seilbh an ardáin i ndáil leis an duine sin a chur ar fáil. Laistigh de chreat comhchoiteann Eorpach, ba cheart do na Ballstáit an treoir is gá a chur ar fáil le haghaidh nósanna imeachta chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis agus chun a chruthú go bhfuil duine atá ag déanamh obair ardáin féinfhostaithe go fírinneach  Ba cheart go n-áireofaí sa Treoir seo roinnt gnéithe lena léirítear rialú agus treorú atá le cur san áireamh i bpróiseas an fhrisnéise. Ba cheart do na Ballstáit na critéir sin a mheasúnú go rialta, iad a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, iad a chomhlánú, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 28 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a) Ba cheart go mbeadh forálacha forfheidhmiúcháin ag na Ballstáit lena n-áiritheofar úsáid toimhdí fabhracha i gcás mí-aicmiú oibrithe a dhéanann obair ardáin agus iad á n-athaicmiú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leis ag an oibrí ardáin, nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann agus go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí ardáin sa ghnóthas.

Leasú  39

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Sa bhreis ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, leanfaidh na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 d’fheidhm a bheith acu agus sonraí pearsanta á bpróiseáil. Le hAirteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí trédhearcacht a áirithiú i ndáil le hábhair sonraí maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil. Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2016/679 do cheart na n-ábhar sonraí gan bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena n-imrítear éifeacht shuntasach chomhchosúil air nó uirthi, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2 den airteagal sin. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le hardáin saothair dhigiteacha.

(30) Sa bhreis ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, leanfaidh na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 d’fheidhm a bheith acu agus sonraí pearsanta á bpróiseáil. Déantar foráil in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le rialacha sonracha a mhéid a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil. I bhfianaise na gné cunóraí a bhaineann le próiseáil sonraí bithmhéadracha, go háirithe i gcaidreamh oibre, níor cheart sainaithint bhithmhéadrach a bheith éigeantach choíche. Ba cheart d’fhostóirí bealaí nach bhfuil chomh cunórach céanna a ráthú i gcónaí chun cuspóir beartaithe na sainaitheanta a bhaint amach. Ba cheart i gcónaí go dtairgfí do dhaoine a dhéanann obair ardáin bealach malartach atá inrochtana go héasca, ar fáil saor in aisce agus éifeachtach chun iad féin a shainaithint, amhail le doiciméid chéannachta, taistil nó eile nó fíorú ar an láthair agus níor cheart aon dreasachtaí a thairiscint dóibh chun an sásra um shainaithint bhithmhéadrach a úsáid ná a bheith thíos le haon chineál iarmhairte díobhálaí. Le hAirteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ceanglaítear ar rialaitheoirí sonraí trédhearcacht a áirithiú i ndáil le hábhair sonraí maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil. Le hAirteagal 16 go hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/679 tugtar isteach na cearta maidir le ceartú, scriosadh, srianadh ar phróiseáil sonraí, iniomparthacht sonraí agus cur i gcoinne phróiseáil sonraí pearsanta. Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2016/679 do cheart na n-ábhar sonraí gan bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena n-imrítear éifeacht shuntasach chomhchosúil air nó uirthi, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear i mír 2 den airteagal sin. . Dá bhrí sin, bainistiú algartamach, a mbaineann cinnteoireacht uathoibrithe leis, a bhfuil éifeachtaí suntasacha aici ar dhaoine aonair gan ionchur ó bhainisteoirí daonna neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais. Tugtar sainordú le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2016/679 don rialaitheoir sonraí bearta iomchuí a chur chun feidhme chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an duine is ábhar do na sonraí a choimirciú, ar a laghad ceart an rialaitheora chun idirghabháil daoine a fháil, chun a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Tá feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí sin freisin maidir le hardáin saothair dhigiteacha agus maidir le daoine a dhéanann obair ardáin.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 30 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a) Nuair a úsáidtear córais sceidealúcháin algartamacha méadaítear an úsáid a bhaintear as sealanna forbhásacha, gearra agus sceidil éagobhsaí agus dothuartha1a. Géaraíonn an treo algartamach, an mheastóireacht agus an smacht ar an iarracht oibre trí fhaireachán a mhéadú, an luas a theastaíonn ó oibrithe a ardú, bearnaí sa sreabhadh oibre a íoslaghdú, agus gníomhaíocht oibre a leathnú amach ón áit oibre agus ó uaireanta oibre traidisiúnta. Maidir le halgartaim neamhthrédhearcacha a úsáid chun cinntí bainistíochta a dhéanamh, cruthaítear éiginnteacht i measc oibrithe agus d’fhéadfadh sé go gcaithfí go míchothrom leo agus go ndiúltaítear próiseas cuí nós imeachta ag an obair dá bharr. Is dócha go méadóidh an fhoghlaim theoranta ag an obair agus an tionchar ar chúraimí i ngeall ar algartaim neamhthrédhearcacha a úsáid, ar ghéarú oibre agus ar éiginnteacht a luaitear thuas strus agus imní an lucht saothair agus dochar a dhéanamh don fholláine agus don tsláinte agus do dhínit an duine agus do chearta bunúsacha eile.

 

__________________

 

1a Bainistiú Algartamach. Iarmhairtí d’Eagraíochtaí Oibre agus Dálaí Oibre, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coimisiún Eorpach (Sevilla, an Spáinn)

Leasú  41

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) Tá an Treoir seo gan dochar d'Airteagail 13, 14, 15 agus 22 de Rialachán (AE) 2016/679, seachas Airteagal 13(2)(f), Airteagal 14(2)(g) agus Airteagal 15(1)(h) de, ar ina leith a fhoráiltear le hAirteagal 6 den Treoir seo do rialacha níos sonraí i gcomhthéacs obair ardáin, lena n-áirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

(31) Tá an Treoir seo gan dochar dAirteagail 13, 14, 15 agus 22 de Rialachán (AE) 2016/679, seachas Airteagal 13(2)(f), Airteagal 14(2)(g) agus Airteagal 15(1)(h) de, ar ina leith a fhoráiltear le hAirteagal 6 den Treoir seo do rialacha níos sonraí i gcomhthéacs obair ardáin, lena n-áirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679, lena gceadaítear rialacha níos sonraí chun cosaint do chearta agus saoirsí fostaíochta a áirithiú maidir le próiseáil sonraí pearsanta fostaithe sa chomhthéacs fostaíochta, go háirithe chun críocha earcaíochta, fheidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear urscaoileadh oibleagáidí a leagtar síos le dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna, bainistíocht, pleanáil agus eagrú oibre, comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, agus éagsúlacht san áit oibre, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, cosaint maoin fostóirí nó custaiméirí agus chun críocha cearta agus sochair a bhaineann le fostaíocht a fheidhmiú agus tairbhiú díobh, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta. Ceadaítear le hAirteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679 rialacha níos sonraí i gcomhthéacs na fostaíochta. Leis an Treoir seo, bunaítear bearta sonracha i gcomhthéacs obair ardáin chun dínit, leasanna dlisteanacha agus cearta bunúsacha daoine a dhéanann obair ardáin a choimirciú, go háirithe maidir le trédhearcacht na próiseála, aistriú sonraí pearsanta laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus i gcórais faireacháin san ionad oibre. Chun cothromaíocht na cumhachta i dtrédhearcacht algartam agus sa chaidreamh fostaíochta a áirithiú, níl toiliú feasach an oibrí le cur in ionad oibleagáidí na ngnóthas maidir le cosaint sonraí dá bhforáiltear sa Treoir seo.

Leasú  42

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a bheith faoi réir oibleagáidí trédhearcachta i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre trí mhodhanna leictreonacha; agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre, lena n-áirítear rochtain ag daoine a dhéanann obair ardáin ar thascanna oibre, a dtuilleamh, a sláinte agus a sábháilteacht ag an obair, a n-am oibre, a n-ardú céime agus a stádas conartha, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart faisnéis a bhaineann leis na córais sin a chur ar fáil freisin i gcás nach ar phróiseáil uathoibrithe amháin a bhunaítear cinntí, ar choinníoll go dtacaíonn córais uathoibrithe leo. Ba cheart a shonrú freisin cén cineál faisnéise ba cheart a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin maidir leis na córais uathoibrithe sin agus maidir leis an bhfoirm inar cheart í a chur ar fáil agus cathain ba cheart í a chur ar fáil. An oibleagáid atá ar an rialaitheoir faoi Airteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2016/679 faisnéis áirithe a chur ar fáil d'ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin agus a bhaineann le rochtain ar na sonraí sin, ba cheart go leanfadh sí d'fheidhm a bheith aici i gcomhthéacs obair ardáin. Ba cheart faisnéis faoi chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chur ar fáil freisin d'ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus do na húdaráis náisiúnta saothair ar iarraidh uathu, chun cur ar a gcumas a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.

(32) Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a bheith faoi réir oibleagáidí trédhearcachta i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre trí mhodhanna leictreonacha nó chun faireachán a dhéanamh ar na daoine a dhéanann an obair ardáin iad féin; agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre, lena n-áirítear rochtain ag daoine a dhéanann obair ardáin ar thascanna oibre, a dtuilleamh, a sláinte agus a sábháilteacht ag an obair, a n-am oibre, a n-ardú céime, a dteidlíochtaí cosanta sóisialta agus a stádas conartha, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart faisnéis agus comhairliúchán a bhaineann leis na córais sin a chur ar fáil freisin i gcás nach ar phróiseáil uathoibrithe amháin a bhunaítear cinntí, ar choinníoll go dtacaíonn córais uathoibrithe leo. Ba cheart a shonrú freisin cén cineál faisnéise ba cheart a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin maidir leis na córais uathoibrithe sin agus maidir leis an bhfoirm inar cheart í a chur ar fáil agus cathain ba cheart í a chur ar fáil. An oibleagáid atá ar an rialaitheoir faoi Airteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2016/679 faisnéis áirithe a chur ar fáil d'ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin agus a bhaineann le rochtain ar na sonraí sin, ba cheart go leanfadh sí d'fheidhm a bheith aici i gcomhthéacs obair ardáin. Ba cheart faisnéis faoi chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chur ar fáil freisin dionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus do na húdaráis náisiúnta saothair agus na húdaráis mhaoirseachta inniúla, chun cur ar a gcumas a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, agus d’údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart d’oibrithe ardáin aonair an fhaisnéis sin a fháil i bhfoirm ghonta, shimplí agus intuigthe, a mhéid a dhéanann na córais agus a ngnéithe difear díreach dóibh agus dá ndálaí oibre, ionas go gcuirfear ar an eolas go héifeachtach iad. Ós rud é go bhfuil gá le faisnéis níos mionsonraithe le haghaidh trédhearcacht iomlán, le haghaidh comhairliúchán agus caibidlíocht éifeachtach idir na páirtithe agus le haghaidh forfheidhmiú, ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha tuarascáil mhionsonraithe agus théagartha a sholáthar freisin ina mbeidh an fhaisnéis sin d’oibrithe ardáin, dá n-ionadaithe agus do na húdaráis inniúla.

Leasú  43

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 32 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32a) Maidir le cinntí áirithe, amhail na cinntí sin a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht agus ar an gcaidreamh conarthach nó lena dtugtar isteach athruithe ar an gcaidreamh fostaíochta, chomh maith le cinntí bearta araíonachta a chur i bhfeidhm, nó an caidreamh conarthach agus an duine a dhéanann obair ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó aon chinneadh chun dochair choibhéisigh, ba cheart gur daoine, seachas córais uathoibrithe, a dhéanfaidh na cinntí sin i gcónaí. I bhfianaise thionchar na gcinntí sin ar oibrithe, lena n-áirítear a slí bheatha agus a gcearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta sóisialta, ba cheart go mbeadh duine freagrach i gcónaí as na cinntí sin.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 32 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32b) D’fhéadfadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-oibrithe a bheith mar thoradh ar chineálacha áirithe próiseála sonraí ar ardáin saothair dhigiteacha. Bunaítear le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 go ndéanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála atá beartaithe ar chosaint sonraí pearsanta. Foráiltear leis freisin go n-iarrfaidh an rialaitheoir, i gcás inarb iomchuí, ar ábhair sonraí nó ar a n-ionadaithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe, gan dochar d’fhaisnéis arna tarchur ar bhonn rúnda. Ba cheart an comhairliúchán sin a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus leis an inneachar iomchuí chun go mbeidh ionadaithe na n-oibrithe, go háirithe, in ann staidéar leordhóthanach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, ullmhú don chomhairliúchán. Roimh gach imscaradh de chóras faireacháin uathoibrithe nó de chóras chun cinnteoireacht a dhéanamh nó chun cuidiú le cinnteoireacht agus sula ndéanfar aon athruithe a dhéanann difear do dhálaí oibre, d’eagrú na hoibre nó d’fhaireachán ar fheidhmíocht oibre, ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha measúnú tionchair a dhéanamh ar thionchar an chórais ar chosaint sonraí.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Níor cheart a cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha feidhmiú mionsonraithe a gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a nochtadh, lena n-áirítear algartaim, nó mionsonraí eile ina bhfuil rúin tráchtála nó atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla. Mar sin féin, níor cheart é a bheith mar thoradh ar na breithnithe sin go ndiúltófaí an fhaisnéis uile a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur ar fáil.

(33) Ba cheart a cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha feidhmiú mionsonraithe a gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a nochtadh, lena n-áirítear algartaim, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na cearta a chumhdaítear leis an Treoir seo. Níor cheart d’fhaisnéis a tharchuirtear mar fhaisnéis rúnda chuig ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin agus chuig aon saineolaithe a chuidíonn leo a bheith ina húdar le diúltú na faisnéise uile a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit liosta critéar oibiachtúil a chinneadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh chineál rúnda na faisnéise sin nach bhfuil údarú ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin agus aon saineolaithe a nochtadh, mar a chuirtear ar fáil go sainráite dóibh faoi rún.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 34 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34a) Níor cheart d’ardáin saothair dhigiteacha foráil a dhéanamh, in imthosca ar bith, do chleachtais idirdhealaitheacha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil. Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha uirlisí oibrithe agus ionadaithe oibrithe a áirithiú chun inaistritheacht sonraí meaisín-inléite atá saor in aisce a éascú chun a gcearta faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú, go háirithe na cearta faoi Chaibidil 3 den Rialachán sin. Ba cheart an ceart a bheith ag daoine a dhéanann obair ardáin sonraí a aistriú agus gan sonraí a aistriú toisc go bhféadfadh sé iad a chur i mbaol, mar shampla i ndáil le sonraí clú.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 35

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Baineann ardáin dhigiteacha saothair úsáid fhorleathan as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe chun a gcuid acmhainní daonna a bhainistiú. Is féidir le faireachán trí mhodhanna leictreonacha a bheith cunórach agus bíonn tionchar díreach ag cinntí a dhéanann na córais sin nó a fhaigheann tacaíocht uathu ar na daoine a dhéanann obair ardáin nach mbeadh teagmháil dhíreach acu le bainisteoir nó maoirseoir daonna. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar an tionchar ar dhálaí oibre a bhíonn ag cinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe nó a dtacaíonn siad leo. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha acmhainní leordhóthanacha daonna a áirithiú chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá chun an fheidhm sin a fheidhmiú ag na daoine a bhfuil feidhm faireacháin acu tríd an ardán digiteach saothair agus ba cheart iad a chosaint ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile i gcás ina sáraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe i ndáil le cinntí. Sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 7(1) agus (3) den Treoir seo déantar foráil maidir le hoibleagáidí ar leith ar ardáin saothair dhigiteacha i ndáil le faireachán daonna ar an tionchar a bhíonn ag cinntí aonair a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe, a bhfuil feidhm acu mar rialacha sonracha i gcomhthéacs obair ardáin, lena n-áirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

(35) Baineann ardáin dhigiteacha saothair úsáid fhorleathan as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe chun a gcuid acmhainní daonna a bhainistiú. Is féidir le faireachán trí mhodhanna leictreonacha a bheith cunórach agus bíonn tionchar díreach ag cinntí a dhéanann na córais sin nó a fhaigheann tacaíocht uathu ar na daoine a dhéanann obair ardáin nach mbeadh teagmháil dhíreach acu le bainisteoir nó maoirseoir daonna. Dá bhrí sin, ba cheart dardáin saothair dhigiteacha maoirseacht dhaonna a áirithiú agus meastóireacht a dhéanamh, in éineacht le hionadaithe na n-oibrithe, ar an tionchar ar dhálaí oibre a bhíonn ag cinntí aonair a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe maidir le dálaí oibre agus cearta agus saoirsí bunúsacha oibrithe, lena n-áirítear a ndínit dhaonna agus a sláinte agus sábháilteacht. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha acmhainní leordhóthanacha daonna a áirithiú chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá chun an fheidhm sin a fheidhmiú ag na daoine a bhfuil feidhm maoirseachta acu tríd an ardán digiteach saothair agus ba cheart iad a chosaint ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile i gcás ina sáraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe i ndáil le cinntí. Sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 7(1) agus (3) den Treoir seo déantar foráil maidir le hoibleagáidí ar leith ar ardáin saothair dhigiteacha i ndáil le faireachán daonna ar an tionchar a bhíonn ag cinntí aonair a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe, a bhfuil feidhm acu mar rialacha sonracha i gcomhthéacs obair ardáin, lena n-áirítear cosaint na gceart agus na saoirsí a áirithiú i ndáil le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36a) Na daoine atá i gceannas ar athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre, ba cheart dóibh a bheith páirteach i seiceáil a dhéanamh ar mholadh an chórais agus níor cheart dóibh an moladh uathoibrithe a chur i bhfeidhm ar dhuine aonair; Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht na n-athbhreithneoirí gníomhach agus nach beart siombalach amháin a bheadh ann. Ba cheart go mbeadh tionchar nithiúil iarbhír acu ar an gcinneadh, lena n-áirítear an t-údarás agus an inniúlacht chun dul ina choinne, é a chúlghairm agus é a ionadú; Ba cheart d’athbhreithneoirí an moladh a thomhas agus a léirmhíniú, na sonraí ionchuir ar fad atá ar fáil a mheas, agus tosca breise eile a chur san áireamh freisin chun cearta daoine a dhéanann obair ardáin a chosaint chomh maith lena sláinte agus lena sábháilteacht.

Leasú  49

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Sa chomhthéacs sin, ba cheart an ceart a bheith ag daoine a dhéanann obair ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach ar chinneadh, easpa cinnidh nó ar thacar cinntí a dhéanann córais uathoibrithe nó a dtacaíonn siad leo agus a dhéanann difear suntasach dá ndálaí oibre. Chun na críche sin, ba cheart don ardán saothair digiteach an deis a thabhairt dóibh na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna atá leis na cinntí a phlé agus a shoiléiriú le duine teagmhála daonna san ardán saothair digiteach. Ina theannta sin, ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn a chur ar fáil don duine a dhéanann obair ardáin i dtaca leis na cúiseanna atá le haon chinneadh maidir le cuntas an duine sin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, an luach saothair as obair a dhéanann an duine sin a dhiúltú, nó a dhéanann difear dá stádas conarthach, toisc gur dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha ag na cinntí sin ar dhaoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe ar a n-acmhainneacht tuillimh. I gcás nach bhfuil an míniú nó na cúiseanna a fhaightear sásúil nó i gcás ina measann daoine a dhéanann obair ardáin go ndearnadh a gcearta a shárú, ba cheart an ceart a bheith acu freisin a iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus freagra cuí-réasúnaithe a fháil laistigh de thréimhse ama réasúnach. I gcás ina sáraíonn cinntí den sórt sin cearta na ndaoine sin, amhail cearta saothair nó an ceart chun neamh-idirdhealaithe, ba cheart don ardán saothair digiteach na cinntí sin a cheartú gan mhoill nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cúiteamh leordhóthanach a chur ar fáil.

(37) Sa chomhthéacs sin, ba cheart an ceart a bheith ag daoine a dhéanann obair ardáin athbhreithniú daonna agus míniú a fháil ón ardán saothair digiteach ar chinneadh, easpa cinnidh nó ar thacar cinntí a dhéanann córais uathoibrithe, nó a dtacaíonn siad leo, a dhéanann difear suntasach dá ndálaí oibre a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an lá a mbeidh éifeacht ag na cinntí sin. Chun na críche sin, ba cheart don ardán saothair digiteach an deis a thabhairt dóibh na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna atá leis na cinntí a phlé agus a shoiléiriú le duine teagmhála daonna san ardán saothair digiteach. Ina theannta sin, ba cheart dardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn a sholáthar don duine a dhéanann obair ardáin maidir leis na cúiseanna atá le haon chinneadh rochtain ar shannacháin oibre a shrianadh, cuntas an duine sin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, obair a dhiúltú agus luach saothair a dhiúltú as obair a dhéanann an duine sin, nó a dhéanfaidh difear dá stádas conarthach a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an lá ar a mbeidh éifeacht ag cinntí den sórt sin, toisc gur dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha suntasacha ag na cinntí sin ar a n-acmhainneacht tuillimh. Is féidir an ráiteas i scríbhinn a sholáthar agus a tharchur ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, ar choinníoll go bhfuil sé inrochtana don duine a dhéanann obair ardáin, gur féidir é a stóráil agus a phriontáil, agus go gcoinníonn an t-ardán cruthúnas tarchuir nó fála. I gcás nach bhfuil an míniú nó na cúiseanna a fhaightear sásúil nó i gcás ina measann daoine a dhéanann obair ardáin go ndearnadh idirdhealú orthu nó go ndearnadh a gcearta a shárú, ba cheart an ceart a bheith acu freisin a iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus freagra cuí-réasúnaithe a fháil laistigh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de choicís ón iarraidh a fháil, nó laistigh de mhí amháin i gcás micrifhiontar, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide. I gcás ina sáraíonn cinntí den sórt sin cearta na ndaoine sin, amhail cearta agus saoirsí bunúsacha, cearta saothair nó an ceart chun neamh-idirdhealaithe, ba cheart don ardán saothair digiteach na cinntí sin a cheartú gan mhoill nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, cúiteamh leordhóthanach a chur ar fáil.

Leasú  50

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38) Le Treoir 89/391/CEE ón gComhairle63 tugtar isteach bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar fhostóirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair. Ós rud é go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar shláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte na ndaoine a dhéanann obair ardáin, ba cheart do na hardáin saothair dhigiteacha meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí sin, a mheas an bhfuil coimircí na gcóras iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus bearta coisctheacha agus cosanta iomchuí a dhéanamh.

(38) Le Treoir 89/391/CEE ón gComhairle63 tugtar isteach bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar fhostóirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair. Ós rud é go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar shábháilteacht oibrithe agus ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na ndaoine a dhéanann obair ardáin, ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha na rioscaí sin a sheachaint, na rioscaí nach féidir a sheachaint a chomhrac, na rioscaí ag an bhfoinse a chomhrac, a mheas an bhfuil coimircí na gcóras iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus bearta coisctheacha, cosantacha agus ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh. Tá an oibleagáid atá ar an bhfostóir an obair a oiriúnú don duine aonair go háirithe ábhartha sa chomhthéacs sin, go mór mór maidir le dearadh na n-áiteanna oibre, rogha an trealaimh oibre agus rogha na modhanna oibre agus táirgthe, d’fhonn, go háirithe, saothar agus obair mhonatónach a mhaolú ar ráta oibre réamhshocraithe agus a n-iarmhairtí ar an tsláinte a laghdú. Ceanglaítear leis an Treoir seo ar fhostóirí dul i gcomhairle le hoibrithe agus le hionadaithe na n-oibrithe agus cead a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh sa phlé ar gach ceist a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte ag an obair. Go háirithe, ba cheart pleanáil agus tabhairt isteach teicneolaíochtaí nua a bheith faoi réir dul i gcomhairle leis na hoibrithe agus le hionadaithe na n-oibrithe, maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le trealamh a roghnú, leis na dálaí oibre agus leis an timpeallacht oibre ar shábháilteacht agus ar shláinte an oibrí. Leis sin, glactar leis go rachfar i gcomhairle le hoibrithe, le ceart na n-oibrithe agus le cearta ionadaithe oibrithe tograí a dhéanamh agus rannpháirtíocht chothrom a ghlacadh i gcomhréir leis an Treoir seo agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart don fhostóir a áirithiú go bhfaighidh gach oibrí oiliúint sábháilteachta agus sláinte leormhaith, go háirithe i bhfoirm faisnéise agus treoracha a bhaineann go sonrach lena stáisiún oibre nó lena bpost i gcás ina dtugtar isteach aon teicneolaíocht nua.

__________________

__________________

63 Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

63 Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

 

 

Leasú  51

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(38a) Uair sa bhliain ar a laghad, ba cheart do na hardáin saothair dhigiteacha measúnú a dhéanamh ar thionchar cinntí aonair arna ndéanamh ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe nó cinntí aonair ar thacaigh siad leo ar dhálaí oibre, ar an tsláinte agus an tsábháilteacht agus ar chearta bunúsacha agus ba cheart dóibh bearta a áireamh chun aon tionchar ar chearta bunúsacha agus ar an tsláinte agus an tsábháilteacht, lena n-áirítear an mheabhairshláinte, a chomhrac. I gcás nach féidir an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chearta bunúsacha, ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht, lena n-áirítear an mheabhairshláinte, a mhaolú, níor cheart na córais a chur in úsáid.

Leasú  52

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(38b) Cruthaíonn obair ardáin, go háirithe obair ardáin ar líne, raon rioscaí sábháilteachta agus sláinte ceirde, ar rioscaí arb ann dóibh cheana agus rioscaí nua araon iad, atá idir fhisiciúil agus síceasóisialta. Ina theannta sin, bíonn daoine a oibríonn trí ardáin neamhchosanta ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta ar leith. De ghnáth, is beag oiliúint a fhaigheann siad nó ní fhaigheann siad aon oiliúint agus bíonn ionchais ísle acu maidir le dul chun cinn gairme1a. Níor cheart d’ardáin saothair dhigiteacha córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáid ar aon bhealach a chuireann brú míchuí ar dhaoine a dhéanann obair ardáin nó a chuireann sláinte fhisiciúil agus mheabhrach oibrithe ardáin i mbaol, mar shampla trí dhreasachtaí a úsáid, amhail bónais eisceachtúla, nó cleachtais phionósacha, amhail rátálacha a mbíonn tionchar acu ar am oibre agus a mbíonn níos lú oibre mar thoradh orthu. Ba cheart dóibh a áirithiú go seachnaíonn córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe aon chinntí idirdhealaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann arna n-eisiúint ar bhonn claontachtaí nó cleachtais atá ann cheana.

 

__________________

 

1a Protecting Workers in EU Platform Economy [Oibrithe a Chosaint i nGeilleagar Ardán AE], EU-OSHA 2017, lch. 28

Leasú  53

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 39

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39) Le Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle64 bunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe san Aontas a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo. Nuair a thugtar isteach nó má dhéantar athruithe móra ar an úsáid a bhaineann ardáin saothair dhigiteacha as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, bíonn tionchar díreach aige sin ar an eagrú oibre agus ar dhálaí oibre aonair na n-oibrithe ardáin. Tá gá le bearta breise chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin nó a n-ionadaithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo sula ndéanfar na cinntí sin, ar an leibhéal iomchuí agus castacht theicniúil na gcóras bainistithe algartamach á cur san áireamh, le cuidiú ó shaineolaí a roghnóidh oibrithe an ardáin nó a n-ionadaithe ar bhealach comhbheartaithe i gcás inar gá sin.

(39) Le Treoir 2002/14/CE bunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe san Aontas a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo. Nuair a thugtar isteach nó má dhéantar athruithe móra ar an úsáid a bhaineann ardáin saothair dhigiteacha as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, bíonn tionchar díreach aige sin ar an eagrú oibre agus ar dhálaí oibre aonair na n-oibrithe ardáin. Tá gá le bearta breise chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha ionadaithe oibrithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo go héifeachtach de mheon macánta sula ndéanfar na cinntí sin, ar an leibhéal iomchuí agus castacht theicniúil na gcóras bainistithe algartamach á cur san áireamh, in am trátha chun go bhféadfar dul i mbun comhairliúchán éifeachtach le cuidiú ó shaineolaí a roghnóidh ionadaithe na n-oibrithe ar bhealach comhbheartaithe i gcás inar gá sin. I gcomhréir le Treoir 2002/14/CE, tá sé i gceist leis na forálacha sin idirphlé sóisialta éifeachtach a chothú maidir leis na gnéithe sin agus, toisc go mbíonn tionchar díreach ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar dhálaí oibre, ba cheart go bhféadfaí iad a chur faoi réir cómhargála.

__________________

 

64 Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29.

 

Leasú  54

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 39 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(39a) I bPlean Gníomhaíochta 2021 don Gheilleagar Sóisialta, d’aithin an Coimisiún an ról suntasach eacnamaíoch agus sóisialta atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta mar shampla de ghnólachtaí faoi rialú rannpháirteach a úsáideann ardáin dhigiteacha chun rannpháirtíocht na saoránach agus díol earraí agus seirbhísí a tháirgtear go háitiúil a éascú, arb é is aidhm dóibh dálaí oibre níos fearr a bhaint amach dá gcomhaltaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh comharchumainn a bheith ina n-ionstraim thábhachtach d’eagrú oibre ardáin ón mbonn aníos agus d’fhéadfaidís iomaíocht a spreagadh idir na hardáin; Ba cheart do na Ballstáit comhghnóthais agus gnólachtaí beaga a chosaint agus a chur chun cinn ar bhealach a bhfuil sé mar aidhm leis fostaíocht a choimirciú agus a n-acmhainneacht maidir le forbairt agus fás inbhuanaithe a áirithiú.

Leasú  55

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 40

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40) Is cuid shuntasach de líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin iad daoine nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu. An tionchar a bhíonn ag córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáideann ardáin saothair dhigiteacha ar dhálaí oibre na ndaoine nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu agus ar a ndeiseanna tuillimh, bíonn tionchar mar sin ar oibrithe ardáin freisin. Dá bhrí sin, na cearta in Airteagail 6, 7 agus 8 den Treoir seo a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs bainistiú algartamach, eadhon iad siúd a bhaineann le trédhearcacht i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, srianta ar shonraí pearsanta a phróiseáil nó a bhailiú, faireachán agus athbhreithniú daonna ar chinntí suntasacha, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le daoine san Aontas a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu. Na cearta a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus faisnéis a thabhairt d'oibrithe ardáin nó dá n-ionadaithe agus dul i gcomhairle leo, ar cearta iad a bhaineann go sonrach le hoibrithe i bhfianaise dhlí an Aontais, níor cheart feidhm a bheith acu maidir leo. Cuireann Rialachán (AE) 2019/1150 coimircí ar fáil maidir le cothroime agus trédhearcacht do dhaoine féinfhostaithe a dhéanann obair ardáin, ar choinníoll go meastar gur úsáideoirí gnó iad de réir bhrí an Rialacháin sin. I gcás ina bhfuil na coimircí sin ag teacht salach ar ghnéithe de chearta agus d'oibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha sonracha Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le húsáideoirí gnó.

(40) Na cearta in Airteagail 6, 7 agus 8 den Treoir seo a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs bainistiú algartamach, eadhon iad siúd a bhaineann le trédhearcacht i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, srianta ar shonraí pearsanta a phróiseáil nó a bhailiú, faireachán agus athbhreithniú daonna ar chinntí suntasacha, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le daoine san Aontas a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu. Na cearta a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus faisnéis a thabhairt d'oibrithe ardáin nó dá n-ionadaithe agus dul i gcomhairle leo, ar cearta iad a bhaineann go sonrach le hoibrithe i bhfianaise dhlí an Aontais, níor cheart feidhm a bheith acu maidir leo. Cuireann Rialachán (AE) 2019/1150 coimircí ar fáil maidir le cothroime agus trédhearcacht do dhaoine féinfhostaithe a dhéanann obair ardáin, ar choinníoll go meastar gur úsáideoirí gnó iad de réir bhrí an Rialacháin sin. I gcás ina bhfuil na coimircí sin ag teacht salach ar ghnéithe de chearta agus d'oibleagáidí sonracha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha sonracha Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le húsáideoirí gnó.

Leasú  56

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 41

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41) Chun a áirithiú go gcomhlíonann ardáin saothair dhigiteacha reachtaíocht agus rialacháin saothair, oibleagáidí rannchuidithe slándála sóisialta, comhordú na slándála sóisialta agus rialacha ábhartha eile go háirithe má tá siad bunaithe i dtír eile seachas sa Bhallstát ina ndéanann an oibrí ardáin an obair, ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha an obair a dhéanann oibrithe ardáin a dhearbhú d'údaráis inniúla saothair agus d'údaráis cosanta sóisialta an Bhallstáit ina ndéantar an obair, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí na mBallstát lena mbaineann.

(41) Chun a áirithiú go gcomhlíonann ardáin saothair dhigiteacha reachtaíocht agus rialacháin saothair, oibleagáidí rannchuidithe cánachais agus slándála sóisialta, comhordú na slándála sóisialta agus rialacha ábhartha eile, agus d’fhonn iomaíocht éagórach a chosc go háirithe má tá siad bunaithe i dtír eile seachas sa Bhallstát ina ndéanann an oibrí ardáin an obair, ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha an obair a dhéanann oibrithe ardáin a dhearbhú d'údaráis inniúla saothair agus d'údaráis cosanta sóisialta an Bhallstáit ina ndéantar an obair, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí na mBallstát lena mbaineann. Maidir leis na cásanna trasteorann sin, bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair chun comhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta i bhforfheidhmiú dhlí ábhartha an Aontais a éascú agus chun tacú leis an gcomhar sin, chun rochtain ar fhaisnéis a áirithiú d’fhostóirí agus d’oibrithe faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí faoi chuimsiú shoghluaisteacht an lucht saothair, chun an líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) a chomhordú agus chun malartú faisnéise idir na Ballstáit a chothú, lena n-áirítear trí úsáid uirlisí malartaithe sonraí leictreonacha idir údaráis náisiúnta a chur chun cinn amhail Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh de chuid an Choimisiúin agus an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta, agus cigireachtaí comhbheartaithe nó comhpháirteacha a chomhordú agus tacú leo chun dlí ábhartha an Aontais a fhorfheidhmiú.

Leasú  57

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 42

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42) An fhaisnéis maidir le líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin trí ardáin saothair dhigiteacha ar bhonn rialta, a stádas conarthach nó fostaíochta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme do na caidrimh chonarthacha sin, tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun tacú le cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile chun stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí dlíthiúla chomh maith le hionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna ionadaíocha agus ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis agus ag na hionadaithe sin freisin soiléiriú agus mionsonraí breise a iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha, amhail sonraí bunúsacha maidir le dálaí oibre, am oibre agus luach saothair.

(42) Ba cheart ardáin saothair dhigiteacha a liostú sa chlár gnó poiblí is infheidhme, ar cheart faisnéis ábhartha a áireamh ann maidir leis na hardáin saothair dhigiteacha uile atá ag feidhmiú sa tír. Faisnéis maidir le líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin trí ardáin saothair dhigiteacha, a stádas conarthach nó fostaíochta, cóip den chonradh fostaíochta, meánfhad gníomhaíochta agus meánioncam ó ghníomhaíocht, agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir leis na caidrimh chonarthacha sin. Tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun tacú le cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile chun stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí dlíthiúla chomh maith le hionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear ceardchumainn, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna ionadaíocha agus ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis agus ag na hionadaithe sin freisin soiléiriú agus mionsonraí breise a iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha, amhail sonraí bunúsacha maidir le dálaí oibre, am oibre agus luach saothair. Ba cheart don Fhoras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus don Údarás Eorpach Saothair, i gcomhréir lena sainphribhléidí agus lena sainorduithe faoi seach, tacú le bailiú agus comhroinnt na sonraí sin chun uirlisí iomchuí um measúnú riosca a fhorbairt.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 42 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(42a) Is léir ón taithí atá faighte go dtí seo, i gcásanna ina bhfuil toimhde maidir le caidreamh fostaíochta tugtha isteach d’ardáin dhigiteacha, go bhfuil úsáid bainte as slabhraí fochonraitheoireachta chun dul timpeall ar chur i bhfeidhm dhlí an tsaothair maidir le hoibrithe ardáin1a. Tá fianaise ann i roinnt Ballstát freisin maidir le húsáid oibre neamhdhearbhaithe in ardáin seachadta. Cuirtear an cleachtas seo i gcrích trí chéannachtaí ar cíos: déanann oibrithe ardáin nó daoine a bhfuil an ceart chun obair a dhéanamh acu atá cláraithe leis an ardán a gcuntais a chur ar cíos d’imircigh gan doiciméid agus mionaoisigh den chuid is mó1b. Chun obair neamhdhearbhaithe a chosc chomh maith le mí-úsáid fochonraitheoireachta mar bhealach chun dul timpeall ar an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit forálacha dlíthiúla a thabhairt isteach maidir le fochonraitheoireacht lena bhforáiltear do dhliteanas comhpháirteach agus leithleach agus do rochtain éifeachtach ar shásamh thar shlabhraí fochonraitheoireachta, lena n-áiritheofar go bhféadfar na conraitheoirí i slabhra fochonraitheoireachta a chur faoi dhliteanas pá, ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus pionóis airgeadais a íoc i dteannta an fhostóra dhírigh nó ina ionad. I gcásanna sonracha a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, féadfaidh na conraitheoirí uile a bhfuil baint acu leis an slabhra fochonraitheoireachta a bheith faoi dhliteanas cionta coiriúla dá bhforáiltear i dTreoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1c. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le himircigh gan doiciméid rochtain a bheith acu ar an gceartas gan eagla a bheith orthu aon fhrithbheart nó aon bhaol go ndéanfaí iad a dhíbirt, i gcomhréir le Treoir 2009/52/CE freisin. Chun obair ardáin neamhdhearbhaithe a chomhrac, ba cheart d’ardáin dhigiteacha saothair próisis iontaofa fíorúcháin maidir le céannacht oibrithe ardáin a áirithiú.

 

__________________

 

1a EU-OSHA, Spain: the ‘riders’ law’, new regulation on digital platform work [An Spáinn: dlí na rothaithe, rialachán nua maidir le hobair ardáin dhigitigh], 16.02.2022

 

1b CESE, The definition of worker in the platform economy: Exploring workers’ risks and regulatory solutions [An sainmhíniú ar oibrí i ngeilleagar na n-ardán: Rioscaí agus réitigh rialála oibrithe a fhiosrú], 13.09.2021; An tArdán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe (ELA WG), Thematic review workshop: Undeclared work in the collaborative economy [Ceardlann athbhreithnithe théamaigh: Obair neamhdhearbhaithe sa gheilleagar comhoibríoch], 19-20.05.2021.

 

1c Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tíor atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).

Leasú  59

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) Tá córas cuimsitheach forálacha forfheidhmiúcháin forbartha don acquissóisialta san Aontas, ar cheart gnéithe de a chur i bhfeidhm maidir leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ardáin ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach agus neamhchlaonta agus ceart chun sásaimh acu, cúiteamh leormhaith san áireamh. Go sonrach, ag féachaint do chineál bunúsach an chirt cosaint dlí éifeachtach a fháil, ba cheart leanúint den chosaint sin a thabhairt do dhaoine a dhéanann obair ardáin fiú agus deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta nó le caidreamh conarthach eile as a dtagann sárú líomhnaithe ar chearta faoin Treoir seo.

(43) Tá córas cuimsitheach forálacha forfheidhmiúcháin forbartha don acquissóisialta san Aontas, ar cheart gnéithe de a chur i bhfeidhm maidir leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ardáin ar phróiseas réitigh díospóidí iomchuí, tráthúil, éifeachtach agus neamhchlaonta agus ceart chun sásaimh acu, cúiteamh leormhaith san áireamh. Ba cheart rochtain ar réiteach díospóidí den sórt sin agus an ceart chun sásaimh a bheith saor in aisce ar a laghad do dhaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu. Go sonrach, ag féachaint do chineál bunúsach an chirt cosaint dlí éifeachtach a fháil, ba cheart leanúint den chosaint sin a thabhairt do dhaoine a dhéanann obair ardáin fiú agus deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta nó le caidreamh conarthach eile as a dtagann sárú líomhnaithe ar chearta faoin Treoir seo.

Leasú  60

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 44

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44) Ba cheart d'ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh ar dhuine amháin nó ar roinnt daoine a dhéanann obair ardáin in aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Bealach chun imeachtaí a éascú is ea éilimh a thionscnamh thar ceann roinnt oibrithe a dhéanann obair ardáin nó tacaíocht a thabhairt dóibh nach ndéanfaí murach sin de bharr bacainní nós imeachta agus airgeadais nó mar gheall ar eagla go ndéanfaí íospairt.

(44) Ba cheart dionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear ceardchumainn, a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh ar dhuine amháin nó ar roinnt daoine a dhéanann obair ardáin in aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Bealach chun imeachtaí a éascú is ea éilimh a thionscnamh thar ceann roinnt oibrithe a dhéanann obair ardáin nó tacaíocht a thabhairt dóibh nach ndéanfaí murach sin de bharr bacainní nós imeachta agus airgeadais nó mar gheall ar eagla go ndéanfaí íospairt.

Leasú  61

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 45

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Saintréith den obair ardáin is ea an easpa ionaid oibre choitianta inar féidir le hoibrithe aithne a chur ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh le chéile agus lena n-ionadaithe, d'fhonn a leasanna a chosaint i leith an fhostóra freisin. Is gá dá bhrí sin, bealaí cumarsáide digiteacha a chruthú, i gcomhréir le heagrú oibre na n-ardán saothair digiteach, inar féidir le daoine a dhéanann obair ardáin malartú le chéile agus inar féidir lena n-ionadaithe teagmháil a dhéanamh leo. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha na bealaí cumarsáide sin a chruthú laistigh dá mbonneagar digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha ar an gcuma chéanna agus cosaint sonraí pearsanta á hurramú ag an am céanna agus staonadh ó rochtain a fháil ar na teachtaireachtaí sin nó faireachán a dhéanamh orthu.

(45) Saintréith den obair ardáin is ea an easpa ionaid oibre choitianta inar féidir le hoibrithe aithne a chur ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh le chéile agus lena n-ionadaithe, d'fhonn a leasanna a chosaint i leith an fhostóra freisin. I réimsí áirithe atá forleathan in obair ardáin, amhail cianseirbhísí digiteacha nó obair dheartha, níl eagraíochtaí d’ionadaithe oibrithe ná ceardchumainn sheanbhunaithe in go leor Ballstát. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, ba cheart an tsaoirse a bheith ag daoine a dhéanann obair ardáin a bheith in ann ionadaithe a eagrú, a roghnú agus a chur san áireamh san idirphlé sóisialta agus sna próisis chómhargála, gan beann ar a stádas fostaíochta. Is féidir le daoine a dhéanann obair ardáin a bheith neamhchosanta ar an mbaol méadaithe foréigin, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe agus ciapadh. Is gá dá bhrí sin, bealaí cumarsáide digiteacha agus tuairiscithe atá príobháideach agus slán, trí chriptiú b’fhéidir, a chruthú, i gcomhréir le heagrú oibre na n-ardán saothair digiteach, inar féidir le daoine a dhéanann obair ardáin malartú le chéile agus inar féidir lena n-ionadaithe teagmháil a dhéanamh leo agus teagmhais foréigin nó ciaptha a thuairisciú. Ba cheart dardáin saothair dhigiteacha na bealaí cumarsáide agus tuairiscithe sin a chruthú laistigh dá mbonneagar digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha ar an gcuma chéanna agus cosaint sonraí pearsanta á hurramú ag an am céanna agus staonadh ó rochtain a fháil ar na teachtaireachtaí sin nó faireachán a dhéanamh orthu. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart cómhargáil a chur chun cinn trína áirithiú gur féidir le ceardchumainn a ról a fheidhmiú go héifeachtach.

Leasú  62

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 46

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46) I nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha maidir le stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, na heilimintí a bhaineann le heagrú na hoibre lena bhféadfar an stádas fostaíochta a bhunú agus go háirithe maidir le an rialaíonn an t-ardán saothair digiteach eilimintí áirithe d'fheidhmiú na hoibre, is féidir na heilimintí sin a bheith i seilbh an ardáin saothair dhigitigh agus nach mbeidh rochtain éasca ag daoine a dhéanann obair ardáin agus ag údaráis inniúlachta orthu. Ba cheart mar sin go mbeadh na cúirteanna náisiúnta nó na húdaráis inniúla in ann ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach aon fhianaise ábhartha atá faoina rialú a nochtadh lena n-áirítear faisnéis rúnda, faoi réir bearta éifeachtacha chun faisnéis den sórt sin a chosaint.

(46) I nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha maidir le stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, na heilimintí a bhaineann le heagrú na hoibre lena bhféadfar an stádas fostaíochta a bhunú agus go háirithe i dtaobh an rialaíonn an stiúrann an t-ardán saothair digiteach eilimintí áirithe dfheidhmiú na hoibre, is féidir na heilimintí sin a bheith i seilbh an ardáin saothair dhigitigh agus nach mbeidh rochtain éasca ag daoine a dhéanann obair ardáin agus ag údaráis inniúlachta orthu. Ba cheart mar sin go mbeadh na cúirteanna náisiúnta nó na húdaráis inniúla in ann ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach aon fhianaise ábhartha atá faoina rialú a nochtadh lena n-áirítear faisnéis rúnda, faoi réir bearta éifeachtacha chun faisnéis den sórt sin a chosaint.

Leasú  63

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 47

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Ós rud é go ndéantar foráil in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagal 8 den Treoir seo maidir le rialacha sonracha i gcomhthéacs obair ardáin chun a áirithiú go ndéantar sonraí pearsanta fostaithe a chosaint de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679 agus go gcuirtear na coimircí sin i bhfeidhm le hAirteagal 10 den Treoir seo freisin i gcás daoine nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 a bheith inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoimircí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag Caibidlí VI, VII agus VIII de Rialachán (AE) 2016/679 i dtéarmaí an chreata nós imeachta chun na coimircí sin a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le maoirseacht, meicníochtaí comhair agus meicníochtaí um chomhsheasmhacht, leigheasanna, dliteanas agus pionóis, lena n-áirítear an inniúlacht chun fíneálacha riaracháin a fhorfheidhmiú suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

(47) Ós rud é go ndéantar foráil in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagal 8 den Treoir seo maidir le rialacha sonracha i gcomhthéacs obair ardáin chun a áirithiú go ndéantar sonraí pearsanta fostaithe a chosaint de réir bhrí Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/679 agus go gcuirtear na coimircí sin i bhfeidhm le hAirteagal 10 den Treoir seo freisin i gcás daoine nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 a bheith inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoimircí sin. Ba cheart feidhm a bheith ag Caibidlí VI, VII agus VIII de Rialachán (AE) 2016/679 i dtéarmaí an chreata nós imeachta chun na coimircí sin a fhorfheidhmiú mar aon leis na bealaí cumarsáide agus tuairiscithe a bhunaítear in Airteagal 15 den Treoir seo, go háirithe maidir le maoirseacht, meicníochtaí comhair agus meicníochtaí um chomhsheasmhacht, leigheasanna, dliteanas agus pionóis, lena n-áirítear an inniúlacht chun fíneálacha riaracháin a fhorfheidhmiú suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

Leasú  64

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 48

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48) Na córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear i gcomhthéacs obair ardáin, baineann siad le próiseáil sonraí pearsanta agus bíonn tionchar acu ar dhálaí oibre agus ar chearta daoine a dhéanann obair ardáin. Dá bhrí sin ardaíonn siad saincheisteanna maidir leis an dlí cosanta sonraí mar aon leis an dlí saothair agus an dlí cosanta sóisialta. Ba cheart d'údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí agus údaráis ábhartha cosanta saothair agus cosanta sóisialta comhoibriú chun an Treoir seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, gan dochar do neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

(48) Na córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear i gcomhthéacs obair ardáin, baineann siad le próiseáil sonraí pearsanta agus bíonn tionchar acu ar dhálaí oibre agus ar chearta daoine a dhéanann obair ardáin. Dá bhrí sin ardaíonn siad saincheisteanna maidir leis an dlí cosanta sonraí mar aon leis an dlí saothair agus an dlí cosanta sóisialta. Ba cheart d'údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí agus údaráis ábhartha cosanta saothair agus cosanta sóisialta comhoibriú, lena n-áirítear ar an leibhéal trasteorann, chun an Treoir seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, gan dochar do neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

Leasú  65

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 48 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(48a) Ós rud é gur féidir dochar tromchúiseach a dhéanamh do chearta agus saoirsí daoine aonair le faireachán uathoibrithe nó le córais chinnteoireachta, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh rochtain fhiúntach ag daoine aonair a ndéantar difear dóibh ar shásraí tuairiscithe agus sásaimh leis an údarás náisiúnta ábhartha, bíodh sin leis an údarás cosanta sonraí nó leis an gcigireacht saothair. Ba cheart dóibh a bheith in ann sáruithe féideartha ar an Treoir seo a thuairisciú chuig an údarás inniúil náisiúnta agus ba cheart an ceart a bheith acu éisteacht a fháil agus a bheith ar an eolas faoi thoradh a ngearáin mar aon leis an gceart chun cinneadh tráthúil a fháil.

Leasú  66

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 49

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr gur gá comhcheanglais íosta a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(49) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit ceann de chuspóirí na Treorach seo, eadhon dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr gur gá comhcheanglais íosta a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá gá le comhchuibhiú íosta ar leibhéal an Aontais chun dálaí oibre in obair ardáin a fheabhsú agus chun cearta oibrithe ar fud an Aontais a chosaint i bhfianaise na gné uile-Aontais a bhaineann le go leor ardáin saothair dhigiteacha, chun sodar uile-Aontais go grinneall a sheachaint a mhéid a bhaineann le dálaí oibre agus chun cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí a urramaíonn caighdeáin shóisialta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

Leasú  67

Togra le haghaidh treorach

Aithris 51

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar, fiontar beaga agus meánmhéide. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta trasuite ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú freisin.

scriosta

Leasú  68

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a dhéanann obair ardáin trína áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht, ar an gcothroime agus ar an gcuntasacht maidir le bainistiú algartamach na hoibre ardáin, agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na hoibre ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna tacú leis na dálaí chun go bhfásfaidh ardáin saothair dhigiteacha go hinbhuanaithe san Aontas.

1. Is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a dhéanann obair ardáin trína áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht, ar an gcothroime, ar an maoirseacht dhaonna, ar an tsábháilteacht agus ar an gcuntasacht maidir le bainistiú algartamach na hoibre ardáin, agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na hoibre ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna fás inbhuanaithe ardán saothair digiteach san Aontas a chothú.

Leasú  69

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcomhréir le hAirteagal 10, cearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhainistithe algartamaigh, tá feidhm acu freisin maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu.

I gcomhréir le hAirteagal 10, cearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i gcomhthéacs an bhainistithe algartamaigh, tá feidhm acu freisin maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu.

Leasú  70

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) go soláthraítear é arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse;

(b) go soláthraítear é arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse nó go mbaineann sé le leithdháileadh oibre trí ghlao oscailte;

Leasú  71

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) go mbaineann léi, mar chuid fhíor-riachtanach a bhfuil gá leis, eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, gan beann ar an ndéantar an obair sin ar líne nó i suíomh áirithe;

(c) go mbaineann léi eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, gan beann ar an ndéantar an obair sin ar líne nó i suíomh áirithe agus gan beann ar ainmniú conarthach an chaidrimh idir an duine aonair sin agus an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís;

Leasú  72

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn ‘obair ardáin’ aon obair a eagraítear trí ardán digiteach saothair agus a dhéanann duine aonair san Aontas ar bhonn caidreamh conarthach idir an t-ardán digiteach saothair agus an duine aonair, gan beann ar chaidreamh conarthach a bheith ann idir an duine aonair agus faighteoir na seirbhíse;

(2) ciallaíonn ‘obair ardáin’ aon obair a eagraítear trí ardán digiteach saothair agus a dhéanann duine aonair, gan beann ar chaidreamh conarthach a bheith ann idir an duine aonair agus faighteoir na seirbhíse;

Leasú  73

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) ciallaíonn ‘ionadaithe’ eagraíochtaí na n-oibrithe nó a n-ionadaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtais náisiúnta, nó leis an dá cheann díobh;

(5) ciallaíonn ‘ionadaithe na n-oibrithe’ ionadaithe ceardchumann aitheanta i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta nó daoine eile saorthofa nó a ainmníonn na hoibrithe in eagraíocht chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta, nó leis an dá cheann díobh;

Leasú  74

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) ciallaíonn ‘ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin’ na hionadaithe ó ceardchumainn aitheanta i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta nó daoine eile atá saorthofa nó a ainmníonn na hoibrithe nó ag na daoine féinfhostaithe a dhéanann obair ardáin in eagraíocht chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta, nó leis an dá cheann díobh;

Leasú  75

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b) ciallaíonn ‘córais faireacháin uathoibrithe’ aon chórais uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú oibre nó lena dtacaíctear leis an bhfaireachán, maoirseacht nó meastóireacht sin;

Leasú  76

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5c) ciallaíonn ‘córais chinnteoireachta uathoibrithe’ aon chóras uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinnteoireacht;

Leasú  77

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5d) ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (14), de Rialachán (AE) 2016/679;

Leasú  78

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5e) ciallaíonn ‘sonraí atá bunaithe ar bhithmhéadracht’ sonraí a eascraíonn as próiseáil theicniúil shonrach agus a bhaineann le gnéithe, comharthaí nó saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail gothaí gnúise, gluaiseachtaí, minicíocht bíogtha, guth, eochairbhuillí nó coisíocht.

Leasú  79

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha a leagtar síos i mír 1, pointe (1), ní chuimseoidh sé soláthraithe seirbhíse arb é a bpríomhchuspóir sócmhainní a shaothrú nó a roinnt. Soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís nach cuid bheag agus iomlán coimhdeach di eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, is leis na soláthraithe sin amháin a bhainfidh an sainmhíniú.

2. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha a leagtar síos i mír 1, pointe (1), ní chuimseoidh sé soláthraithe seirbhíse arb é a bpríomhchuspóir sócmhainní a shaothrú nó a roinnt nó a ligeann do dhaoine aonair príobháideacha earraí a athdhíol. Soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís nach cuid bheag agus iomlán coimhdeach di eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, is leis na soláthraithe sin amháin a bhainfidh an sainmhíniú.

Leasú  80

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhíorú agus a áirithiú go ndéantar stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, d’fhonn a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, agus a áirithiú go dteachtann siad na cearta a eascraíonn as dlí an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

1. Beidh nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhíorú agus a áirithiú go ndéantar stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, d’fhonn toimhde caidrimh fostaíochta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4(1) chun a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainítear sa dlí is infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, agus a áirithiú go dteachtann na daoine sin na cearta a eascraíonn as dlí an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

Leasú  81

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. An cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann, beidh sé á threorú go príomha ag na fíorais a bhaineann le feidhmiú iarbhír na hoibre, agus úsáid algartaim in eagrú na hoibre ardáin á cur san áireamh, gan beann ar aicmiú an chaidrimh in aon socrú conarthach a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe idir na páirtithe lena mbaineann. Má shuitear bunaithe ar na fíorais gurb ann do chaidreamh fostaíochta, sainaithneofar go soiléir, i gcomhréir leis na córais dlí náisiúnta, an páirtí a ghlacann le hoibleagáidí an fhostóra.

2. An cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann, beidh sé á threorú go príomha ag na fíorais a bhaineann le feidhmiú iarbhír na hoibre, agus úsáid algartaim in eagrú na hoibre ardáin á cur san áireamh, gan beann ar aicmiú an chaidrimh in aon socrú conarthach a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe idir na páirtithe lena mbaineann. Más bunaithe ar na fíorais sin a shuitear gur ann do chaidreamh fostaíochta, sainaithneofar go soiléir, i gcomhréir leis na córais dlí náisiúnta agus le hAirteagal 12b, an páirtí nó na páirtithe a ghlacann le hoibleagáidí an fhostóra, agus comhlíonfaidh an páirtí nó na páirtithe sin na hoibleagáidí sin go cuí.

Leasú  82

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. I gcás ina n-aithnítear go bhfeidhmíonn ardáin saothair dhigiteacha sainphribhléidí fostaithe, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí comhfhreagracha atá ar fhostóirí faoin dlí náisiúnta is infheidhme agus faoi na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme in earnáil na gníomhaíochta, lena n-áirítear maidir le dlí an tsaothair, cáin ioncaim agus maoiniú cosanta sóisialta. Beidh stádas iomlán oibrí ag oibrithe ardáin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear an ceart ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann, an ceart eagrúcháin agus an ceart cómhargála.

Leasú  83

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Tá feidhm ag an Treoir seo ina hiomláine maidir le hardáin saothair dhigiteacha a bhfuil feidhm gníomhaireachtaí oibre sealadaí á feidhmiú acu, sa bhreis ar Threoir 2008/104/CE.

Leasú  84

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An caidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach a rialaíonn, de réir bhrí mhír 2, feidhmiú na hoibre agus duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta.

Oibrí ardáin nó duine atá féinfhostaithe go fireannach a bheidh i nduine a dhéanann obair ardáin. An caidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach agus duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann agus, dá bhrí sin, toimhdeofar gur fostóirí iad ardáin saothair dhigiteacha. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta, chun a áirithiú, maidir leis na húdaráis agus na comhlachtaí inniúla a fhíoraíonn an bhfuil an reachtaíocht ábhartha á comhlíonadh nó a fhorfheidhmíonn í, agus leis na daoine a dhéanann obair ardáin agus a n-ionadaithe, go bhféadfaidh siad brath ar an toimhde dhlíthiúil.

Leasú  85

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcás ina measann údaráis inniúla agus comhlachtaí inniúla, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as nósanna imeachta riaracháin a chlárú, go bhféadfadh sé go ndéanfaí duine a dhéanann obair ardáin a aicmiú go mícheart, cuirfidh siad an toimhde i bhfeidhm. I gcás ina ndéanann duine a dhéanann obair ardáin, nó ceardchumann atá ag gníomhú thar ceann roinnt daoine a dhéanann obair ardáin nó atá ag tacú leo, a n-aicmiú in imeacht riaracháin nó dlíthiúil a dhíospóid, cuirfear an toimhde i bhfeidhm.

Leasú  86

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil maidir le gach nós imeachta riaracháin agus dlíthiúil ábhartha. Údaráis inniúla a fhíoraíonn go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha nó a fhorfheidhmíonn an reachtaíocht sin, beidh siad in ann brath ar an toimhde sin.

Ní eascróidh athaicmiú uathoibríoch gach duine a dhéanann obair ardáin mar oibrithe ardáin as cur i bhfeidhm na toimhdean dlíthiúla. Beidh an deis ag ardáin saothair dhigiteacha an toimhde fostaíochta a fhrisnéis sula ndéanfar cinneadh maidir le hathaicmiú in imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla. Beidh feidhm ag an toimhde infhrisnéise fostaíochta maidir le gach nós imeachta riaracháin agus imeacht riaracháin agus dlíthiúil ábhartha. Déanfaidh údaráis agus comhlachtaí inniúla, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as nósanna imeachta riaracháin a chlárú, as a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha nó as an reachtaíocht sin a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna, an toimhde sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, ceanglóidh na húdaráis agus na comhlachtaí inniúla ar ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar chun go bhféadfaidh na húdaráis aicmiú ceart na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh, bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil.

Leasú  87

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Rialú fheidhmiú na hoibre de réir bhrí mhír 1, tuigfear go gcomhlíonann sé dhá cheann ar a laghad díobh seo a leanas:

scriosta

(a) uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos, i bhfírinne, maidir le leibhéal an luacha saothair;

 

(b) a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha ceangailteacha sonracha maidir lena gcuma, lena n-iompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre;

 

(c) maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre nó caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha;

 

(d) srian a chur, i bhfírinne, le saoirse daoine, lena n-áirítear trí smachtbhannaí, chun a n-obair féin a eagrú, go háirithe an discréid chun a n-uaireanta oibre nó a dtréimhsí neamhláithreachta féin a roghnú, chun glacadh le tascanna nó diúltú dóibh, nó chun fochonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid;

 

(e) srian a chur, i bhfírinne, leis an deis chun bonn cliant a chothú nó obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí.

 

Leasú  88

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1, agus ag an am céanna cuirfidh siad an tionchar ar ghnólachtaí nuathionscanta san áireamh, seachnóidh siad daoine fíor-fhéinfhostaithe a áireamh, agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

3. Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1, chun cosaint éifeachtach oibrithe a dhéanann obair i gcomhthéacs caidreamh fostaíochta a áirithiú. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

Leasú  89

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir lena fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b) treoir chuimsitheach a fhorbairt, lena n-áirítear i bhfoirm moltaí nithiúla praiticiúla, d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do na comhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena n-áirítear na nósanna imeachta lena frisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

Leasú  90

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) treoir a fhorbairt d’údaráis forfheidhmiúcháin chun go ndíreoidh siad go gníomhach ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha agus chun go rachaidh siad sa tóir ar na hardáin sin;

(c) Treoir, fothú acmhainneachta agus oiliúint a fhorbairt agus nósanna imeachta a bhunú d’údaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis forfheidhmiúcháin náisiúnta chun ardáin saothair dhigiteacha a shainaithint, chun díriú orthu agus chun iad a shaothrú chun comhlíonadh éifeachtach na Treorach seo a áirithiú, lena n-áirítear trí phionóis athchomhairleacha a fhorchur ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha;

Leasú  91

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) treoir a fhorbairt agus nósanna imeachta a bhunú d’institiúidí agus údaráis inniúla riaracháin chun an toimhde dhlíthiúil a chur i bhfeidhm go réamhghníomhach sna nósanna imeachta riaracháin agus chun sonraí a chomhroinnt le húdaráis ábhartha eile chun an toimhde dhlíthiúil a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil agus clárú caidreamh conarthach agus sonraí a bhaineann le slándáil shóisialta;

Leasú  92

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) neartú a dhéanamh ar na rialuithe agus na hiniúchtaí allamuigh a dhéanann cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as forfheidhmiú an dlí saothair, agus ag an am céanna a áirithiú go mbíonn rialuithe agus iniúchtaí comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

(d) neartú a dhéanamh ar na rialuithe agus na hiniúchtaí allamuigh a dhéanann cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as forfheidhmiú an dlí saothair, agus ag an am céanna a áirithiú go mbíonn rialuithe agus iniúchtaí comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus sprioc náisiúnta a bhunú, gach bliain, maidir le líon na gcigireachtaí atá le déanamh i ndáil leis na hearnálacha gníomhaíochta ina n-oibríonn ardáin saothair dhigiteacha, chun aicmiú ceart oibrithe a chinneadh;

Leasú  93

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) soláthar a dhéanamh do chigireacht a dhéanfaidh cigirí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as dlí an tsaothair a fhorfheidhmiú gach uair a aithnítear duine a dhéanann obair ardáin mar oibrí ardáin, laistigh de mhí amháin tar éis an aitheantais sin, chun stádas na ndaoine eile a dhéanann obair ardáin don ardán digiteach céanna a fhíorú;

Leasú  94

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) soláthar a dhéanamh d’acmhainní agus cúrsaí oiliúna leordhóthanacha do chigirí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as dlí an tsaothair a fhorfheidhmiú chun a gcumas a neartú, go háirithe i réimse na teicneolaíochta, chun gur féidir leo pointí (ca) agus (da) a chomhlíonadh go héifeachtach, lena n-áirítear trí ghnáthchuairteanna nó cuairteanna fógartha a dhéanamh;

Leasú  95

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe d c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc) a áirithiú go dtabharfaidh saineolaithe agus speisialtóirí teicniúla atá cáilithe go cuí cúnamh, nuair is gá, do na cigireachtaí saothair ina gcuid oibre, go háirithe maidir le bainistiú algartamach;

 

Leasú  96

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Maidir leis na caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus atá ar siúl fós ar an dáta sin, ní bheidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1 ach maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin.

4. Maidir leis na caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus atá ar siúl fós ar an dáta sin, ní bheidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1 ach maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin, gan dochar do Threoir (AE) 2019/1152 a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm roimh an dáta sin.

Leasú  97

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu.

(Tá mír 1 i dtéacs an Choimisiúin anois ina fomhír 1 de mhír 1 sa leasú ó Pharlaimint na hEorpa.)

Leasú  98

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina n-áitóidh an t-ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag imeachtaí den chineál sin ar chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla.

I gcás ina n-áitóidh an t-ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus amhail a shainmhínítear é mar infheidhme de réir an dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais.

(Tá mír 2 i dtéacs an Choimisiúin anois ina fomhír 2 de mhír 1 sa leasú ó Pharlaimint na hEorpa.)

Leasú  99

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina n-áitóidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n-imeachtaí, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar.

I gcás ina n-áitóidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist i gcomhréir le hAirteagal 4(1), agus mar a shainmhínítear é de réir an dlí is infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n-imeachtaí, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar.

(Tá mír 3 i dtéacs an Choimisiúin anois ina fomhír 3 de mhír 1 sa leasú ó Pharlaimint na hEorpa.)

Leasú  100

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an toimhde dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis trína léiriú go bhfuil an duine a dhéanann obair ardáin féinfhostaithe go hiarbhír toisc go gcomhlíontar an dá chritéar seo a leanas:

Leasú  101

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 a – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a) ní caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach mar a shainmhínítear sa dlí is infheidhme é, i gcomhaontuithe comhchoiteanna ná sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, agus go bhfuil an duine atá i mbun na hoibre ardáin saor ó rialú agus ó threo an ardáin saothair dhigitigh i dtaca le feidhmíocht na hoibre, faoin gconradh chun an obair a dhéanamh agus go deimhin;

Leasú  102

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 a – pointe b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b) gurb iondúil go mbíonn an duine a dhéanann obair ardáin ag gabháil do cheird, gairm nó gnó atá bunaithe go neamhspleách ar den chineál céanna í lena mbaineann an obair a dhéantar.

Leasú  103

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Cuirfear san áireamh na heilimintí seo a leanas lena léirítear rialú agus treo i dtaca le hobair a dhéantar, de réir bhrí Airteagal 5(2), pointe (a):

Leasú  104

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a)  leibhéal an luacha saothair a chinneadh go héifeachtach, nó uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos ina leith, nó íocaíochtaí tréimhsiúla an luacha saothair a eisiúint;

Leasú  105

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b)  dálaí oibre a chinneadh nó a rialú go héifeachtach, lena n-áirítear an sceideal ama agus fad ama na hoibre a shrianadh, nó feidhmíocht na hoibre a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis nó dreasachtaí, rochtain ar obair a shrianadh, nó úsáid a bhaint as córais rátála mar uirlis rialaithe agus mar bhonn do phionóis agus mar uirlis chun sannacháin oibre a leithdháileadh;

Leasú  106

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c)  cosc a chur go héifeachtach ar an duine a dhéanann obair ardáin ó theagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha, lena n-áirítear tríd an gcumarsáid idir an duine a dhéanann obair ardáin agus faighteoir na n-earraí nó na seirbhísí a rialú nó a shrianadh, le linn fheidhmiú na hoibre agus ina dhiaidh;

Leasú  107

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d)  an duine a dhéanann obair ardáin a rianú nó maoirseacht a dhéanamh air agus an obair á déanamh aige;

Leasú  108

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e)  a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha sonracha maidir lena gcuma, lena n-iompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre;

Leasú  109

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(f)  srian chur go héifeachtach leis an úsáid a bhaintear as fochonraitheoirí nó ionadaithe chun an obair a dhéanamh;

Leasú  110

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(g)  srian a chur go héifeachtach leis an deis atá ag an duine a dhéanann obair ardáin obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí, lena n-áirítear iomaitheoirí na n-ardán saothair digiteach;

Leasú  111

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 b – pointe h

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(h)  nó srian a chur leis an tsaoirse atá ag an duine a dhéanann obair ardáin chun cosaint shóisialta, árachas tionóisce, scéim pinsin nó cineálacha eile árachais a roghnú, lena n-áirítear trí iarmhairtí díobhálacha.

Leasú  112

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c.  Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú, measúnú agus, i gcás inar gá, comhlánú rialta ar na gnéithe a leagtar amach i mír 1b, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta. I gcás ina ndéanfaidh ardán saothair digiteach agóid in aghaidh cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena gcinntear stádas fostaíochta duine a dhéanann obair ardáin, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag imeachtaí a eascraíonn as an agóid sin ar an gcinneadh sin.

Leasú  113

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar d’oibleagáidí ná do chearta na n-ardán saothair digiteach agus na n-oibrithe ardáin faoi Threoir (AE) 2019/1152, ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

1. Gan dochar d’oibleagáidí ná do chearta na n-ardán saothair digiteach agus na n-oibrithe ardáin faoi Rialachán (AE) 2016/679, agus Treoracha 89/391/CEE, 2009/38/CE agus (AE) 2019/1152, ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin, ionadaithe oibrithe agus na cigirí saothair agus údaráis inniúla eile a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  114

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) córais faireacháin uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú oibre na n-oibrithe ardáin trí mhodhanna leictreonacha;

(a) córais faireacháin uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú oibre na n-oibrithe ardáin, nó chun tacú leis, trí mhodhanna leictreonacha;

Leasú  115

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) córais cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú leo, ar cinntí iad a bhfuil tionchar suntasach orthu ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin sin, go háirithe a rochtain ar shannacháin oibre, a dtuilleamh, a sábháilteacht agus a sláinte ag an obair, a n-am oibre, arduithe céime agus a stádas conarthach, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh.

(b) córais cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú leo, ar cinntí iad a bhfuil tionchar suntasach acu ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin sin, go háirithe a n-earcaíocht, a rochtain ar shannacháin oibre agus ar a n-eagrú, a dtuilleamh lena n-áirítear praghsáil sannachán aonair, a sábháilteacht agus a sláinte ag an obair, a n-am oibre, arduithe céime agus a stádas conarthach, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh.

Leasú  116

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) gan beann ar na córais faireacháin agus chinnteoireachta uathoibrithe atá á mbainistiú ag an ardán saothair digiteach nó ag aon soláthraí seirbhíse a dhíolann a sheirbhísí bainistíochta leis an ardán.

Leasú  117

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) catagóirí na ngníomhaíochtaí a ndéanann córais den chineál sin faireachán, maoirseacht nó meastóireacht orthu, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanann faighteoir na seirbhíse;

(ii) na catagóirí sonraí agus gníomhaíochtaí a ndéanann córais den chineál sin faireachán, maoirseacht nó meastóireacht orthu, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanann faighteoir na seirbhíse;

Leasú  118

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a – pointe ii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia) aidhm an fhaireacháin agus conas mar dhéanfaidh an córas é a bhaint amach;

Leasú  119

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a – pointe ii b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iib) feidhmiú agus modh oibríochta gnéithe a dhéanann difear don chaidreamh fostaíochta, go háirithe earcaíocht, rochtain ar shannacháin oibre, tuilleamh, sláinte agus sábháilteacht, am oibre, ardú céime, rangú, agus srian, fionraí nó foirceannadh cuntas;

Leasú  120

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe b – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) na príomhpharaiméadair a chuireann córais den chineál sin san áireamh agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin sa chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear an bealach a mbíonn tionchar ag sonraí pearsanta nó iompar an oibrí ardáin ar na cinntí sin;

(iii) na catagóirí sonraí agus príomhpharaiméadair a chuireann córais den chineál sin san áireamh agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin sa chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear an bealach a mbíonn tionchar ag sonraí pearsanta nó iompar an oibrí ardáin ar na cinntí sin agus ar aon sásraí meastóireachta feidhmíochta;

Leasú  121

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe b – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) forais na gcinntí maidir le cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, le diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, le stádas conarthach an oibrí ardáin nó le haon chinneadh ag a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna.

(iv) forais na gcinntí maidir le cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, le diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, le stádas conarthach an oibrí ardáin nó le haon chinneadh ag a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna, na forais le haghaidh ardú céime, le haghaidh cúraimí a shannadh agus, i gcás ina dtacaítear le cinnteoireacht trí fhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht nó ina bhfuil sí bunaithe ar fhaireachán agus meastóireacht ar fheidhmíocht, conas a rinneadh an mheastóireacht ar iompar agus na cúiseanna a bhí leis an meastóireacht.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cinntí a dhéanann difear do dhálaí oibre, don tsláinte agus sábháilteacht agus don chaidreamh conarthach nó lena dtugtar isteach athruithe ar théarmaí comhaontaithe an chaidrimh fostaíochta, agus cinntí lena ndéantar an caidreamh conarthach agus cuntas an oibrí ardáin a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ní dhéanfar iad le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus déanfar iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus comhaontuithe comhchoiteanna.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin ar an gcéad lá oibre ar a dhéanaí, agus i gcás athruithe substaintiúla agus aon tráth má iarrann an t-oibrí ardáin é. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach agus intuigthe agus ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí.

3. Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm trédhearcach, intuigthe agus atá inrochtana go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí. Maidir le córais uathoibrithe nua-imscartha, cuirfear faisnéis ar fáil sula n-úsáidfear iad agus sula ndéanfar aon athruithe a dhéanfaidh difear do dhálaí oibre, d’eagrú na hoibre nó d’fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na hoibre.

 

Gheobhaidh oibrithe ardáin aonair an fhaisnéis sin ón ardán saothair digiteach a mhéid a dhéanann na córais agus a ngnéithe difear díreach dóibh agus dá ndálaí oibre ar a dhéanaí ar an gcéad lá oibre, nó sula dtabharfar isteach na hathruithe a dhéanann difear do dhálaí oibre, d’eagrú na hoibre nó d’fhaireachán ar fheidhmíocht na hoibre agus tráth ar bith ar iarraidh ó oibrithe ardáin. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach agus intuigthe agus atá inrochtana go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir agus shimplí. Ní bheidh an fhaisnéis sin faoi réir rialacha rúndachta arna mbunú le hAirteagal 6a.

Leasú  124

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh ardáin saothair dhigiteacha ar fáil í d’ionadaithe oibrithe ardáin agus d’údaráis saothair náisiúnta má iarrann siad í.

4. Cuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil i gcónaí d’ionadaithe oibrithe ardáin agus d’údaráis saothair náisiúnta eile arna iarraidh sin dóibh.

Leasú  125

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) aon sonraí pearsanta maidir le staid mhothúchánach nó shíceolaíoch an oibrí ardáin a phróiseáil;

(a) aon sonraí pearsanta maidir le staid mhothúchánach nó shíceolaíoch an oibrí ardáin a phróiseáil nó cur síos a dhéanamh ar staid mhothúchánach nó shíceolaíoch an oibrí ardáin trí úsáid a bhaint as aon sonraí pearsanta a bhailítear;

Leasú  126

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) aon sonraí pearsanta a bhaineann le comhráite príobháideacha a phróiseáil, lena n-áirítear comhráite le hionadaithe na n-oibrithe ardáin;

(c) aon sonraí pearsanta a bhaineann le comhráite príobháideacha a phróiseáil, lena n-áirítear malartuithe le nó idir oibrithe ardáin agus ionadaithe oibrithe, agus maidir leis an bhféidearthacht eagrú i dteannta a chéile agus a gcearta a chosaint;

Leasú  127

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) aon sonraí pearsanta a phróiseáil lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, míchumais nó bail sláinte, lena n-áirítear galar ainsealach nó stádas VEID, ballraíocht i gceardchumann, agus sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine;

Leasú  128

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) úsáid a bhaint as sainaithint bhithmhéadrach nó faireachas díréireach nó míchuí ar fheidhmíocht na hoibre;

Leasú  129

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) foráil a dhéanamh, in imthosca ar bith, do chleachtais idirdhealaitheacha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil;

Leasú  130

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe d c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc) sonraí pearsanta a phróiseáil chun feidhmiú na gceart bunúsach a thuar, a chosc nó a shrianadh, go háirithe cearta sóisialta, amhail an ceart chun comhlachais, an ceart chun cómhargála agus gníomhaíochta nó an ceart chun faisnéise agus comhairliúcháin;

Leasú  131

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe d d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dd) sonraí atá bunaithe ar bhithmhéadracht a phróiseáil.

Leasú  132

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag cosaint sonraí pearsanta dá dtagraítear sa mhír seo i leith gach oibrí ardáin ó chéimeanna na hearcaíochta sula gcuirfear tús leis an gcaidreamh fostaíochta.

Leasú  133

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Déanfaidh ardáin saothair dhigiteacha measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus lorgóidh siad tuairimí na n-ábhar sonraí nó a n-ionadaithe maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe. Déanfar an measúnú aon uair amháin, sula ndéanfar na hoibríochtaí próiseála a thabhairt isteach agus sula ndéanfar aon athruithe a dhéanfaidh difear do dhálaí oibre, d’eagrú na hoibre nó d’fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na hoibre. Cuirfear an fhaisnéis atá sa mheasúnú tionchair i láthair i bhfoirm atá achomair, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca agus i dteanga shoiléir agus shimplí, chun ligean d’oibrithe ardáin agus d’ionadaithe oibrithe ullmhú don chomhairliúchán, i gcás inar gá.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b. Cuirfidh ardáin saothair dhigiteacha na hoibrithe ardáin agus ionadaithe oibrithe ar an eolas faoi aon aistriú sonraí pearsanta laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa gnóthas atá i mbun comhghníomhaíocht eacnamaíoch agus leas á bhaint as córais faireacháin uathoibrithe.

Leasú  135

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5c. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha comhéadan agus uirlisí ar fáil d’oibrithe ardáin chun iniomparthacht sonraí éifeachtach, meaisín-inléite atá saor in aisce a éascú, lena n-áirítear maidir le sonraí clú, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, léirscriosadh agus go ndéanfaí ligean i ndearmad, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Beidh an ceart freisin ag oibrithe ardáin nach ndéanfar na sonraí sin a aistriú.

Leasú  136

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6a

 

Faisnéis rúnda

 

1. Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhthéacs na bpróiseas faisnéise agus comhairliúcháin agus faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus faoi réir critéir oibiachtúla, nach n-údarófar d’ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin ná d’aon saineolaithe a thugann cúnamh dóibh aon fhaisnéis a nochtadh atá, ar mhaithe le leas dlisteanach an ghnóthais nó na bunaíochta, arna soláthar go sainráite dóibh i modh rúin.

 

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)  cumarsáid idir ionadaithe na n-oibrithe agus comhairlí oibreacha Eorpacha, náisiúnta nó áitiúla agus na heagraíochtaí ceardchumainn aitheanta inniúla maidir le faisnéis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phoist nó do dhálaí oibre oibrithe;

 

(b)  faisnéis maidir le heilimintí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na cearta a chosnaítear leis an Treoir seo.

 

2.  Sonrófar san ardán saothair digiteach d’ionadaithe na n-oibrithe na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun cinneadh a dhéanamh maidir le cineál rúnda na faisnéise, chomh maith leis an bhfad a bheidh feidhm ag an rúndacht. Cinnfidh na Ballstáit de réir dlí liosta na gcritéar oibiachtúil sin agus áiritheoidh siad go mbeidh an deis ag ionadaithe oibrithe athbhreithniú a dhéanamh ar aicmiú ábhair trí bhíthin cinneadh práinneach riaracháin nó breithiúnach.

Leasú  137

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faireachán daonna ar chórais uathoibrithe

Faireachán daonna ar chórais uathoibrithe

Leasú  138

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír -1 (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ardáin saothair dhigiteacha foráil maidir le formhaoirseacht dhaonna ar gach cinneadh a dhéanann difear do dhálaí oibre.

Leasú  139

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ardáin saothair dhigiteacha faireachán agus meastóireacht go rialta ar thionchar na gcinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), nó na gcinntí aonair a dtacaíonn na córais sin leo i dtaca le dálaí oibre.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ardáin saothair dhigiteacha, le rannpháirtíocht na n-ionadaithe oibrithe faireachán agus maoirseacht go rialta agus go bliantúil ar a laghad, ar thionchar na gcinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), nó na gcinntí aonair a dtacaíonn na córais sin leo i dtaca le dálaí oibre, sláinte agus sábháilteacht agus cearta bunúsacha.

Leasú  140

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do shábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, go háirithe na rioscaí a bhaineann le timpistí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

(a) na rioscaí atá ann do shábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a sheachaint, nó meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí nach féidir a sheachaint agus iad a chosc, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le tionóiscí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

Leasú  141

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) meastóireacht a dhéanamh ar an riosca idirdhealaithe a eascraíonn as cinntí arna ndéanamh ag na córais sin, lena n-áirítear claontachtaí inscne, claontachta ciníocha agus claontachtaí sóisialta eile a mhacasamhlú i roghnú agus i gcóireáil grúpaí éagsúla;

Leasú  142

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) bearta iomchuí coisctheacha agus cosantacha a thabhairt isteach.

(c) bearta iomchuí coisctheacha, ceartaitheacha agus cosantacha a thabhairt isteach.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Áireofar sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear i mír 1 na hábhair dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus cuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil saothair agus cosanta sonraí iad, agus faoi bhráid ionadaithe na n-oibrithe.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Má aimsítear sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear i mír 1 rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha nach féidir a sheachaint ná a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2, scoirfidh an t-ardán saothair digiteach láithreach d’úsáid an chórais uathoibrithe.

Leasú  145

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2c. Ní úsáidfidh ardáin saothair dhigiteacha córais faireacháin ná cinnteoireachta uathoibrithe ar aon bhealach a chuirfeadh brú míchuí ar oibrithe ardáin, nó a chuirfeadh sláinte choirp agus meabhairshláinte na n-oibrithe ardáin i mbaol ar bhealach eile.

Leasú  146

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha a áirithiú go mbeidh go leor acmhainní daonna ann chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na gcinntí a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, nó na gcinntí a dtacaíonn na córais sin leo, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Na daoine a leagann an t-ardán saothair digiteach de chúram orthu an fheidhm faireacháin a dhéanamh, beidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun an fheidhm sin a fheidhmiú. Cosnófar iad ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile má sháraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe maidir le cinntí.

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha a áirithiú go mbeidh acmhainní daonna leordhóthanacha ann chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar thionchar na gcinntí aonair a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, nó na gcinntí a dtacaíonn na córais sin leo, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Maidir leis na daoine a leagann an t-ardán saothair digiteach de chúram orthu feidhm an mheasúnaithe dá dtagraítear san Airteagal seo a chur i gcrích agus maoirseacht nó athbhreithniú a dhéanamh ar chinnteoireacht arna déanamh nó arna tacú ag córais faireacháin uathoibrithe nó ag córais cinnteoireachta uathoibrithe, beidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun an fheidhm sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an fhéidearthacht idirghabháil a dhéanamh ar na cinntí sin agus iad a athrú. Cosnófar iad ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile má sháraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe maidir le cinntí.

Leasú  147

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. I gcás ina bhfaightear amach go bhfuil measúnú tionchair dá dtagraítear i mír 1 neamhchomhlíontach leis an Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis ábhartha sláinte agus sábháilteachta, na húdaráis ábhartha cosanta sonraí, an lucht saothair agus údaráis inniúla eile bearta comhordaithe chun na forálacha sin a fhorfheidhmiú.

Leasú  148

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 8 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faireachán daonna ar chinntí suntasacha

Athbhreithniú daonna ar chinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre

Leasú  149

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag oibrithe ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach maidir le haon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe nó le haon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin, ar cinneadh é a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhálaí oibre an oibrí ardáin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b). Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha rochtain d’oibrithe ardáin ar dhuine teagmhála a ainmneoidh an t-ardán saothair digiteach chun na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna a bhí taobh thiar den chinneadh a phlé agus a shoiléiriú. Áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha go mbeidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá ag an duine sin chun an fheidhm sin a fheidhmiú.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag oibrithe ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach maidir le haon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe nó le haon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin, ar cinneadh é a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhálaí oibre an oibrí ardáin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b). Cuirfear an míniú i láthair ar bhealach trédhearcach intuigthe, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir agus shimplí in am trátha agus ar a dhéanaí ar an gcéad lá a chuirfear an cinneadh i bhfeidhm. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha rochtain d’oibrithe ardáin ar dhuine teagmhála atá ainmnithe ag an ardán saothair digiteach chun na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna a bhí taobh thiar den chinneadh a phlé agus a shoiléiriú. Áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha go mbeidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá ag an duine sin chun an fheidhm sin a fheidhmiú.

Leasú  150

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Aon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe, nó aon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin, chun cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, chun diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, aon chinneadh maidir le stádas conarthach an oibrí ardáin aon chinneadh a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu, tabharfaidh ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn don oibrí ardáin ina gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an gcinneadh sin.

Tabharfaidh ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn don oibrí ardáin in am trátha agus ar an gcéad lá den fheidhmiú ar a dhéanaí ina gcuirfear in iúl na cúiseanna atá le haon chinneadh a dtacaíonn córas cinnteoireachta uathoibrithe leis maidir le rochtain ar shannacháin oibre a shrianadh, nó cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, aon chinneadh maidir le diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, aon chinneadh maidir le stádas conarthach an oibrí ardáin, aon chinneadh lena n-imrítear tionchar ar théarmaí comhaontaithe an chaidrimh fostaíochta nó a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna aige. Déanfar na cinntí sin i gcomhréir leis an dlí nó an cleachtas náisiúnta agus comhaontuithe comhchoiteanna infheidhme.

Leasú  151

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach bhfuil oibrithe ardáin sásta leis an míniú nó leis an ráiteas i scríbhinn ar na cúiseanna a fuarthas nó i gcás ina measann siad go sáraíonn an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a gcearta, beidh sé de cheart acu iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin. Tabharfaidh an t-ardán saothair digiteach freagra ar aon iarraidh den chineál sin trí fhreagra cuí-réasúnaithe a sholáthar don oibrí ardáin gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de sheachtain amháin tar éis an iarraidh a fháil.

Beidh sé de cheart ag oibrithe ardáin agus ionadaithe oibrithe iarraidh ar an ardán saothair digiteach athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh an t-ardán saothair digiteach freagra ar aon iarraidh den chineál sin trí fhreagra atá beacht a dhóthain agus cuí-réasúnaithe go leormhaith a sholáthar don oibrí ardáin gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de choicís tar éis an iarraidh a fháil.

Leasú  152

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Maidir le hardáin saothair dhigiteacha ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide iad, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh leis an spriocdháta le freagra a thabhairt dá ndéantar tagairt sa chéad fhomhír chun gur dhá sheachtain a bheidh ann.

Maidir le hardáin saothair dhigiteacha ar micrifhiontair, fiontair bheaga fiontair mheánmhéide iad, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh míosa leis an spriocdháta sin le freagra a thabhairt.

Leasú  153

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina sáraíonn an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 cearta an oibrí ardáin, ceartóidh an t-ardán saothair digiteach an cinneadh sin gan mhoill nó, murar féidir an ceartú sin a dhéanamh, cuirfidh sé cúiteamh leormhaith ar fáil.

3. I gcás ina sáraíonn an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 cearta an oibrí ardáin, ceartóidh an t-ardán saothair digiteach an cinneadh sin gan mhoill nó, murar féidir an ceartúchán sin a dhéanamh, cuirfidh sé cúiteamh leormhaith ar fáil, a bheidh comhréireach le tromchúis an tsáraithe.

Leasú  154

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – fomhír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na nósanna imeachta maidir le dífhostú a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

4. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na nósanna imeachta maidir le dífhostú nó aon nósanna imeachta araíonachta a leagtar síos sa dlí nó sa chleachtas náisiúnta nó i gcomhaontuithe cómhargála infheidhme.

Leasú  155

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Threoir 2002/14/CE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha ionadaithe oibrithe ardáin ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leis na hionadaithe sin nó, murab ann d’ionadaithe den sórt sin, go ndéanfar amhlaidh leis na hoibrithe ardáin lena mbaineann, maidir le cinntí ar dócha go dtabharfaí isteach córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) dá mbarr, nó ar dócha go dtiocfaí athruithe suntasacha ar úsáid na gcóras sin dá mbarr, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

1. Gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Threoracha 89/391/CEE, 2002/14/CE agus 2009/38/CE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear oibrithe ardáin agus ionadaithe oibrithe ar an eolas go tráthúil agus go rachfar i gcomhairle leo go héifeachtach maidir le cinntí ar dócha go dtabharfaí isteach athruithe substaintiúla dá mbarr lena ndéanfaí difear do dhálaí oibre agus do shláinte agus sábháilteacht san úsáid a bhainfear as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1), i gcomhréir leis an Airteagal seo. Agus socruithe praiticiúla maidir le faisnéis agus comhairliúchán á sainiú nó á gcur chun feidhme, oibreoidh an t-ardán saothair digiteach agus ionadaithe oibrithe de mheon an chomhair agus le haird chuí ar a gcearta agus a n-oibleagáidí cómhalartacha, agus leasanna an ardáin saothair dhigitigh agus na n-oibrithe araon á gcur san áireamh.

Leasú  156

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘faisnéis’ agus ar ‘comhairliúchán’ mar a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (f) agus (g), de Threoir 2002/14/CE. Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), (3) agus (4), Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2002/14/CE dá réir sin.

2. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘faisnéis’ agus ar ‘comhairliúchán’ mar a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (f) agus (g), de Threoir 2002/14/CE. Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), (3) agus (4), agus in Airteagal 7 de Threoir 2002/14/CE dá réir sin.

Leasú  157

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), (2), (5a) agus (5b) agus in Airteagal 7 ar fáil d’ionadaithe na n-oibrithe le dóthain ama chun gur féidir scrúdú críochnúil agus comhairliúchán éifeachtach a dhéanamh. Maidir le córais uathoibrithe nua-imscartha, cuirfear comhairliúchán ar fáil sula n-úsáidfear iad agus sula ndéanfar aon athruithe lena ndéanfar difear do dhálaí oibre, d’eagrú na hoibre nó d’fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na hoibre.

Leasú  158

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh ionadaithe na n-oibrithe ardáin nó na hoibrithe ardáin lena mbaineann tacaíocht a fháil ón saineolaí is rogha leo a mhéid is gá chun go scrúdóidh siad ábhar na faisnéise agus an chomhairliúcháin agus go gceapfaidh siad tuairim. I gcás ina bhfuil níos mó ná 500 oibrí ardáin i mBallstát ag ardán saothair digiteach, íocfaidh an t-ardán saothair digiteach as costais an tsaineolaí, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach.

3. Féadfaidh ionadaithe na n-oibrithe ardáin nó na hoibrithe ardáin lena mbaineann tacaíocht a fháil ón saineolaí is rogha leo a mhéid is gá chun go scrúdóidh siad ábhar na faisnéise agus an chomhairliúcháin agus go gceapfaidh siad tuairim. I gcás ina bhfuil níos mó ná 250 oibrí i mBallstát ag ardán saothair digiteach, íocfaidh an t-ardán saothair digiteach as costais an tsaineolaí, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach.

Leasú  159

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Áiritheofar faisnéis agus comhairliúchán éifeachtach gan beann ar na córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe atá á mbainistiú ag an ardán saothair digiteach nó ag soláthraí seirbhíse a dhíolann a sheirbhísí bainistíochta leis an ardán.

Leasú  160

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagal 8 freisin maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu.

1. Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7, 8 freisin maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu.

Leasú  161

 

Togra le haghaidh Treorach

Caibidil III a (nua) – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Caibidil IIIa

 

CUR CHUN CINN NA CÓMHARGÁLA

Leasú  162

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10a

 

Cómhargáil in obair ardáin a chur chun cinn

 

1. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, cómhargáil a chur chun cinn in obair ardáin, lena n-áirítear maidir le gnéithe an fhaireacháin uathoibrithe agus na gcóras cinnteoireachta uathoibrithe, chun dálaí oibre a fheabhsú, trí gach ceann díobh seo a leanas:

 

(a) a áirithiú go ndéanfaidh ardáin saothair dhigiteacha, agus méid agus acmhainneacht an ghnóthais lena mbaineann á gcur san áireamh, an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil d’ionadaithe na n-oibrithe chun a gceart chun cómhargála a fheidhmiú;

 

(b) a áirithiú go mbeidh an ceart ag ceardchumainn rochtain a fháil ar oibrithe ardáin, bualadh le hoibrithe agus teagmháil a dhéanamh leo ina n-aonar nó le chéile chun oibrithe a eagrú, chun pá a chaibidliú thar a gceann agus chun ionadaíocht a dhéanamh orthu;

 

(c) bearta a sholáthar chun a áirithiú nach mbainfidh aon chleachtas an bonn ón gceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochta cómhargála.

 

2. Beidh an Treoir gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán, agus dá gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích chomh maith.

Leasú  163

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 883/200469 agus Uimh. 987/200970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha ar fostóirí iad obair a dhéanann oibrithe ardáin a dhearbhú d’údaráis inniúla saothair agus cosanta sóisialta na mBallstát ina ndéantar an obair agus sonraí ábhartha a roinnt leis na húdaráis sin, i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí na mBallstát lena mbaineann.

Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 883/6969 agus Uimh. 987/200970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha obair a dhéanann daoine a dhéanann obair ardáin a dhearbhú d’údaráis inniúla saothair, chánach agus cosanta sóisialta na mBallstát ina ndéantar an obair, na húdaráis sin a chur ar an eolas faoin obair arna déanamh ag daoine agus obair ardáin á feidhmiú acu, agus a stádas fostaíochta agus sonraí ábhartha a chomhroinnt leis na húdaráis sin, i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí na mBallstát lena mbaineann, ar mhaithe freisin lena n-oibleagáidí cosanta airgeadais agus sóisialta a chomhlíonadh i gcomhréir leis an dlí nó leis an gcleachtas náisiúnta.

__________________

__________________

69 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

69 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

70 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

70 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

Leasú  164

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis saothair, cosanta sóisialta agus ábhartha eile a gcuid feidhmeanna maidir lena áirithiú go gcomhlíontar oibleagáidí dlíthiúla is infheidhme i dtaca le stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus i gcás ina bhfeidhmíonn ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin a gcuid feidhmeanna ionadaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dóibh:

1. I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis saothair, sláinte agus sábháilteachta, cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile a gcuid feidhmeanna maidir lena áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme i leith stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus i gcás ina bhfeidhmíonn ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin a gcuid feidhmeanna ionadaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dóibh, gan beann ar an tír ina bhfuil an t-ardán bunaithe:

(a) líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán saothair digiteach lena mbaineann ar bhonn rialta agus a stádas conarthach nó fostaíochta;

(a) líon na ndaoine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán saothair digiteach lena mbaineann agus a stádas conarthach nó fostaíochta;

 

(aa) cóip de na conarthaí fostaíochta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;

(b) na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir leis na caidrimh chonarthacha sin, ar choinníoll go socraíonn an t-ardán saothair digiteach na téarmaí agus coinníollacha sin go haontaobhach agus go mbaineann siad le líon mór caidreamh conarthach.

(b) na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta is infheidhme i leith na gcaidreamh conarthach sin;

 

(ba) meánfhad na gníomhaíochta, meánlíon uaireanta an chloig a oibríodh in aghaidh an duine agus meánioncam na ndaoine a dhéanann obair ardáin ar bhonn rialta tríd an ardán saothair digiteach lena mbaineann.

Leasú  165

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Údaráis saothair, údaráis cosanta sóisialta agus údarás ábhartha eile agus ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, beidh sé de cheart acu iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha soiléiriú agus sonraí breise a chur ar fáil maidir le haon sonraí a soláthraíodh. Tabharfaidh na hardáin saothair dhigiteacha freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar.

3. Beidh sé de cheart ag údaráis saothair, údaráis cosanta sóisialta agus údarás ábhartha eile agus ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin a iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha soiléiriú agus sonraí breise a chur ar fáil maidir le haon sonraí a soláthraíodh. Tabharfaidh an t-ardán saothair digiteach freagra ar aon iarraidh den chineál sin trí fhreagra cuí-réasúnaithe a sholáthar gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an spriocdháta sin i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga.

Leasú  166

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

Comhar i gcásanna trasteorann

 

1. Déanfaidh na húdaráis inniúla saothair, cosanta sóisialta agus chánach faisnéis a mhalartú maidir le daoine atá i mbun obair ardáin i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát ina bhfuil an t-ardán saothair digiteach bunaithe. Chuige sin, beidh údaráis náisiúnta inniúla in ann brath ar na córais ábhartha atá cheana ann chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear Córas Faisnéise an Choimisiúin um an Margadh Inmheánach agus EURES.

 

2. Gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1149, i gcásanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, déanfaidh an tÚdarás Eorpach Saothair comhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a éascú agus tacóidh sé leis an gcomhar sin, chomh maith le tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, rochtain ar fhaisnéis maidir le cearta agus oibleagáidí maidir le soghluaisteacht an lucht saothair a éascú ar fud an Aontais, lena n-áirítear na cearta agus na hoibleagáidí sin a eascraíonn as dlí an Aontais, comhar agus malartú faisnéise éifeachtach idir na Ballstáit a chur chun cinn, agus cigireachtaí comhbheartaithe agus cigireachtaí comhpháirteacha a chomhordú agus tacú leo, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó.

Leasú  167

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12b

 

Dliteanas fochonraitheoireachta

 

1.  Tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun a áirithiú go mbeidh leigheas éifeachtach le fáil ag daoine a dhéanann obair ardáin i slabhraí fochonraitheoireachta inar féidir an t-ardán saothair digiteach a bhfuil an fostóir ina fhochonraitheoir dá chuid a chur faoi dhliteanas, sa bhreis ar an bhfostóir nó in áit an fhostóra, as aon sárú ar chearta oibrithe ardáin dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear i ndáil le haon luach saothair gan íoc agus ranníocaíochtaí atá dlite do chistí nó institiúidí comhchoiteanna na gcomhpháirtithe sóisialta.

 

2.  Beidh dliteanas na n-ardán saothair digiteach faoin Airteagal seo teoranta do chearta oibrithe a fuarthas le linn an chaidrimh chonarthaigh idir an conraitheoir agus an fochonraitheoir.

 

3.  Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, foráil a dhéanamh do rialacha níos déine maidir le dliteanas faoin dlí náisiúnta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach i ndáil le raon feidhme agus raon dliteanais fochonraitheoireachta.

 

4. Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh na Ballstáit bearta forfheidhmithe iomchuí eile a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena ndéanfar foráil, i gcaidreamh fochonraitheoireachta, maidir le pionóis éifeachtacha agus comhréireacha i gcoinne an chonraitheora, chun dul i ngleic le calaois agus le mí-úsáid, i ndálaí ina mbíonn deacrachtaí ag oibrithe a gcearta a bhaint amach.

Leasú  168

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gan dochar d’Airteagail 79 agus 82 de Rialachán (AE) 2016/679, daoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochtaí nó conarthach eile, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh, cúiteamh leormhaith san áireamh, i gcás ina sáraítear a gcearta a eascraíonn as an Treoir seo.

1.  Gan dochar d’Airteagail 79 agus 82 de Rialachán (AE) 2016/679 agus d’Airteagal 13 de Threoir 2009/52/CE, maidir le daoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochtaí nó conarthach eile, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu ar réiteach díospóidí iomchuí, tráthúil, éifeachtach agus neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh, cúiteamh leormhaith san áireamh, i gcás ina sáraítear a gcearta a eascraíonn as an Treoir seo. Beidh rochtain ar réiteach díospóidí den sórt sin agus an ceart chun sásaimh saor in aisce ar a laghad do dhaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu.

Leasú  169

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 13 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag daoine a dhéanann obair ardáin gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil maoirseachta.

Leasú  170

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar d’Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2016/679, ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil leas dlisteanach, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta, leas dlisteanach i gcearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na hionadaithe sin dul i mbun aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann duine a dhéanann obair ardáin, nó gníomhú chun tacú leis an duine sin, i gcás sárú ar aon cheart nó oibleagáid a eascraíonn as an Treoir seo, le formheas an duine sin.

1. Gan dochar d’Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2016/679 agus d’Airteagal 13 de Threoir 2009/52/CE, agus i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta, leas dlisteanach i gcearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chosaint, dul i mbun aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin chun aon cheann de na cearta nó na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann duine a dhéanann obair ardáin, nó gníomhú chun tacú leis an duine sin, i gcás sárú ar aon cheart nó oibleagáid a eascraíonn as an Treoir seo, le formheas an duine sin i gcás inarb ábhartha agus i gcomhréir leis an dlí nó cleachtas náisiúnta.

Leasú  171

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, beidh sé de cheart acu freisin gníomhú thar ceann roinnt daoine a dhéanann obair ardáin, nó gníomhú chun tacú leis na daoine sin, le formheas na ndaoine sin.

2. Beidh sé de cheart freisin ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, gníomhú thar ceann roinnt daoine a dhéanann obair ardáin, nó gníomhú chun tacú leis na daoine sin, i gcomhréir leis an dlí nó cleachtas náisiúnta.

Leasú  172

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 gan dochar d’inniúlachtaí na gceardchumann mar a leagtar amach iad sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta.

Leasú  173

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 14 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 gan dochar do rialacha nós imeachta náisiúnta a bhaineann le hionadaíocht agus cosaint in imeachtaí cúirte.

Leasú  174

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 15

Airteagal 15

Cainéil chumarsáide do dhaoine a dhéanann obair ardáin

Cainéil chumarsáide agus tuairiscithe do dhaoine a dhéanann obair ardáin

Leasú  175

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an deis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus an deis teagmháil a bheith déanta leo ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, trí infreastruchtúr digiteach na n-ardán saothair digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh ag an am céanna. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha gan rochtain a fháil ar na teagmhálacha agus cumarsáidí sin ná faireachán a dhéanamh orthu.

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an deis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin chun teagmháil agus cumarsáid phríobháideach agus shlán a dhéanamh le chéile, agus an deis teagmháil a bheith déanta leo ag ceardchumainn agus ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail, ar bhealach atá infheicthe agus inrochtana láithreach, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh ag an am céanna. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha staonadh ó rochtain a fháil ar na cainéil sin seachas le haghaidh a gcothabhála feidhmiúla nó staonadh ó rochtain a fháil ar na teagmhálacha agus cumarsáidí sin ná faireachán a dhéanamh orthu.

Leasú  176

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Chun daoine a dhéanann obair ardáin a chosaint ar fhoréigean, lena n-áirítear foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhforbróidh ardáin saothair dhigiteacha beartais i gcoinne an fhoréigin agus an chiaptha agus go ndéanfaidh siad bearta coisctheacha, go háirithe trí bhealaí tuairiscithe éifeachtacha a chruthú trí na hardáin dhigiteacha saothair, an bonneagar digiteach nó modhanna éifeachtacha den chineál céanna, le rannpháirtíocht ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh ag an am céanna. Áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha go ndéanfar príobháideachas na ndaoine aonair sin agus rúndacht na dtuarascálacha a chosaint go cuí. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha bearta coisctheacha agus cosantacha agus sásraí imscrúdaithe éifeachtacha agus tráthúla a bheith acu chun aghaidh a thabhairt ar thuarascálacha den sórt sin.

Leasú  177

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. In imeachtaí a bhaineann le héileamh i ndáil le cinneadh maidir le stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúirteanna náisiúnta nó údaráis inniúla náisiúnta in ann ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach aon fhianaise ábhartha atá faoina rialú a nochtadh.

1. Áiritheoidh na Ballstáit, in imeachtaí a bhaineann le forálacha na Treorach seo, go mbeidh cúirteanna náisiúnta nó údaráis inniúla ábalta ordú a thabhairt don ardán saothair digiteach aon fhianaise ábhartha atá faoina smacht a nochtadh, gan beann ar an áit a bhfuil an t-ardán digiteach saothair bunaithe agus ar cibé acu an ndéanann an t-ardán digiteach saothair nó soláthraí seirbhíse a dhíolann a sheirbhísí bainistíochta leis an ardán na córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a bhainistiú.

Leasú  178

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 17

Airteagal 17

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun daoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear ionadaithe na ndaoine sin, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann ardán saothair digiteach agus ar aon chóir dhíobhálach a thagann as iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an ardáin saothair dhigitigh mar thoradh ar aon imeachtaí ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

1.  Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun daoine a dhéanann obair ardáin, lena n-áirítear ionadaithe na ndaoine sin, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann ardán saothair digiteach agus ar aon chóir dhíobhálach a thagann as iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an ardáin saothair dhigitigh mar thoradh ar aon imeachtaí ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

 

1a.  Staonfaidh ardáin saothair dhigiteacha ó aon ghníomh nó neamhghníomh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint go díreach nó go hindíreach ón gceart chun comhlachais nó chun dul isteach i gceardchumann nó ón gceart chun cómhargála agus chun caingne, nó a dhéanann idirdhealú in aghaidh oibrithe agus ionadaithe ceardchumainn atá rannpháirteach sa chómhargáil nó ar mian leo a bheith rannpháirteach sa chómhargáil.

Leasú  179

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar dhaoine a dhéanann obair ardáin a dhífhostú, ar a chomhionann, agus ar gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú nó a chomhionann, ar na forais go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar foirceannadh fostaíochta nó a chomhionann, agus ar na hullmhúcháin uile le haghaidh foirceannadh fostaíochta nó a chomhionann, lena n-áirítear cuntas na ndaoine a dhéanann obair ardáin a chur ar fionraí, ar na forais go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

Leasú  180

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. An t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as Rialachán (AE) 2016/679 a chur i bhfeidhm, beidh sé nó siad freagrach freisin as Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagail 8 agus 10 den Treoir seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i gCaibidlí VI, VII agus VIII de Rialachán (AE) 2016/679. Beidh siad inniúil maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

1. Beidh an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as Rialachán (AE) 2016/679 a chur i bhfeidhm, freagrach freisin as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus (3) agus Airteagail 8, 10 agus 15 den Treoir seo, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha i gCaibidlí VI, VII agus VIII de Rialachán (AE) 2016/679, i gcomhair leis na húdaráis náisiúnta saothair. Beidh an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 inniúil chun fíneálacha riaracháin a fhorchur suas go dtí an méid dá dtagraítear in Airteagal 83 (4), (5) agus (6) den Rialachán sin.

Leasú  181

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus na húdaráis saothair agus cosanta sóisialta náisiúnta, comhoibreoidh siad, i gcás inarb ábhartha, chun an Treoir seo a fhorfheidhmiú, faoi raon a n-inniúlachtaí faoi seach, go háirithe i gcás ina dtiocfaidh ceisteanna chun cinn maidir le tionchar na gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar dhálaí oibre nó ar chearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis sin faisnéis ábhartha a mhalartú le chéile, lena n-áirítear faisnéis a gheofar i gcomhthéacs iniúchtaí nó imscrúduithe, má iarrtar é nó ar a dtionscnamh féin.

2. Comhoibreoidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus na húdaráis náisiúnta cosanta sóisialta, i gcás inarb ábhartha, i bhforfheidhmiú na Treorach seo, faoi raon a n-inniúlachtaí faoi seach, go háirithe i gcás ina dtiocfaidh ceisteanna chun cinn maidir le tionchar na gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe ar dhálaí oibre nó ar chearta na ndaoine a dhéanann obair ardáin. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis sin faisnéis ábhartha a mhalartú le chéile, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann agus lena n-áirítear faisnéis a gheofar i gcomhthéacs iniúchtaí nó imscrúduithe, má iarrtar é nó ar a dtionscnamh féin.

Leasú  182

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun fhorálacha na Treorach seachas iad dá dtagraítear i mír 1 nó de bhun na bhforálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis, lena n-áirítear pionóis airgeadais, is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun fhorálacha na Treorach seo seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1 nó de bhun na bhforálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leasú  183

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Áireofar ar ná pionóis dá dtagraítear i mír 3 pionóis airgeadais a bheidh comhréireach le cineál, tromchúis agus fad ama an tsáraithe arna dhéanamh ag an ngnóthas agus lena méadófar ar a méid de réir líon na bhfostaithe lena mbaineann;

 

I gcás sáruithe a bhaineann le diúltú na n-ardán saothair digiteach cloí le rialú dlí lena gcinntear stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis shuntasacha airgeadais, a bheidh coibhéiseach leo sin a bhaineann le sáruithe ar Rialachán (AE) 2016/679, lena bhféadfaí céatadán a shocrú de láimhdeachas bliantúil iomlán an ardáin saothair dhigitigh sa bhliain airgeadais roimhe sin a bheith san áireamh leis.

Leasú  184

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 3 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b. Féadfar a áireamh ar na pionóis dá dtagraítear i mír 3, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

 

(a) orduithe lena n-eisiatar an gnóthas ó theidlíocht chun sochar poiblí, chun cabhracha nó chun fóirdheontas poiblí áirithe, go páirteach nó go hiomlán, lena n-áirítear cistí de chuid an Aontais arna mbainistiú ag na Ballstáit ábhartha, ar feadh tréimhse suas le 3 bliana;

 

(b) orduithe lena n-eisiatar an gnóthas ó a bheith rannpháirteach i gconradh poiblí mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

 

_______________________

 

1aTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

Leasú  185

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo. Maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach a mhéid atá rialacha náisiúnta den chineál sin comhoiriúnach leis na rialacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe cómhargála atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo.

Leasú  186

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20a

 

Faisnéis a scaipeadh

 

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis an ábhar amhail a leagtar amach in Airteagal 1, a thabhairt ar aird do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus ardáin saothair dhigiteacha a fheidhmiú, lena n-áirítear FBManna mar aon leis an bpobal i gcoitinne. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach cuimsitheach sorochtana, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumais agus, i gcás inar gá, sa teanga nó sna teangacha is ábhartha, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá obair ardáin ar na príomhchlaochluithe atá á ndéanamh ag teicneolaíochtaí digiteacha ar mhargaí saothair ar fud an domhain. Tá roinnt earnálacha ag aistriú go geilleagar na n-ardán saothair, ó iompar go seirbhísí gaireachta go tionscail chruthaitheacha. Chuir paindéim Covid-19 dlús leis an treocht sin, ag cur chun cinn earnálacha a bhí ag dul cheana féin i dtreo obair ardáin amhail seachadadh bia. Léiríonn na sonraí an treocht sin: de réir mheastacháin an Choimisiúin, tá breis agus 28 milliún duine san Aontas rannpháirteach in obair na n-ardán, agus faoi 2025 méadóidh an líon sin go 43 mhilliún.

Tá riosca ann le solúbthacht agus fás easpónantúil na hoibre ardáin, áfach, gan an feiniméan a bheith á rialú go cuí, go gcruthófaí dálaí oibre neamhbhuana, agus na daoine atá i mbun na hoibre sin thíos leis. Léiríonn fianaise ar fud an Aontais gur minic nach mbíonn na cearta céanna ag daoine a dhéanann obair ardáin agus atá ag oibrithe sa gheilleagar traidisiúnta, mar nach n-aithnítear iad mar sin fiú, fiú dá gcruthófaí amhlaidh le fíricí agus, mar gheall go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le heagrú na n-ardán, a bhaineann le bainistiú algartamach, faoi réir saothrú go háirithe. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú nach gcuirfidh forbairtí a thagann as teicneolaíochtaí nua bac ar na cearta atá ag oibrithe san Aontas Eorpach le blianta beaga anuas.

 

Stádas fostaíochta

Ar an gcéad dul síos, is rómhinic nach mbíonn dálaí oibre daoine a dhéanann obair ardáin ag teacht leis an stádas fostaíochta atá acu. Tá mí-aicmiú an chaidrimh fostaíochta ina spreagadh mór do chásanna Cúirte ar fud an Aontais, ag iarraidh stádas fostaíochta iomchuí na n-oibrithe a chinneadh bunaithe ar a gcúraimí agus ar leibhéal an rialaithe agus na maoirseachta a fheidhmíonn an t-ardán orthu. Chinn an chuid is mó de na Cúirteanna go raibh na hoibrithe faoi thriail féinfhostaithe go bréagach, rud a chiallaíonn gur shínigh siad conradh féinfhostaíochta leis an ardán saothair, ach cruthaíodh - i bhfírinne - go bhfuil na coinníollacha oibre a bhaineann le caidreamh fostaíochta acu. Dá bhrí sin, bhí fírinne dhifriúil le baint as na fíricí ná a bhí le baint as an gcaidreamh foirmiúil idir iad agus an t-ardán. Leis an bhféinfhostaíocht bhréagach, cuirtear na gnéithe is measa den dá thaobh le chéile, ós rud é nach bhfuil neamhspleáchas na féinfhostaíochta ag na daoine sin ó thaobh a gcliaint, a bpá agus eagrú a gcuid oibre a chinneadh, ach go bhfuil riosca gnó an ardáin saothair ag baint leo fós gan na cearta agus an chosaint a thugtar d’oibrithe i gcaidreamh fostaíochta a bheith acu. Is ábhar imní í saincheist an mhí-aicmithe chomh maith don mhachaire comhréidh sa Mhargadh Aonair, ós rud é go dtabhaíonn ardáin a bhaineann úsáid as féinfhostaíocht bhréagach costais saothair níos ísle ná mar a thabhaíonn a n-iomaitheoirí, ag baint úsáid as folús dlíthiúil i rialáil na hoibre ardáin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur feiniméan casta í obair ardáin, agus go ndéantar a lán daoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe i measc na ndaoine ard-oilte, a rangú go cuí mar dhaoine féinfhostaithe. Is é is cuspóir don chéad chuid den treoir agus den dréacht-tuarascáil seo, dá bhrí sin, a sheachaint go ndéanfaí stádas fostaíochta na ndaoine atá i mbun obair ardáin a mhí-aicmiú. I bhfianaise an riosca sin, is é an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ná toimhde dhlíthiúil infhrisnéise i ndáil leis an gcaidreamh fostaíochta a thabhairt isteach chun cearta oibrithe a chosaint agus an stádas fostaíochta iomchuí a thabhairt dóibh, gan dul i gcóngar dóibh siúd atá féinfhostaithe i bhfírinne. Ag an am céanna, áiritheofar leis sin go n-urramóidh ardáin dleachtanna fioscacha agus scéimeanna slándála sóisialta i gcás ina n-aithnítear mar fhostóirí iad, agus foráil á déanamh maidir le hiomaíocht chothrom san Aontas. Chun nach dtabharfar isteach idirdhealú i measc gnólachtaí inchomparáide agus chun a áirithiú go mbainfear cuspóirí na Treorach amach agus go bhforfheidhmeofar go cuí í, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an sainmhíniú ar ardán saothair digiteach ag teacht le réaltacht éifeachtach agus éagsúlacht na n-ardán.

Is é an toradh a bhíonn ar fhéinfhostaíocht bhréagach i ngeilleagar na n-ardán ná neamhshláine, pá íseal, rioscaí slándála, agus séanadh na gceart uile a eascraíonn as an stádas fostaíochta, an chosaint shóisialta san áireamh. Is minic gur ó chúlraí leochaileacha oibrithe a théann i mbun na bpost sin agus go mbíonn an t-ioncam breise de dhíth orthu mar nach n-íocann a gcéad phost go leor, agus ní cheistíonn siad a stádas fostaíochta fiú. 

Tabharfar treoir iomchuí do na húdaráis a chuirfidh an toimhde dhlíthiúil i bhfeidhm agus bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta chun próisis mheara agus réidhe a shainaithint, dlíthíocht a laghdú agus ag an am céanna gan dul i gcóngar dóibh siúd atá féinfhostaithe i bhfírinne. Cuirfear oiliúint leordhóthanach ar chigireachtaí saothair nó ar eagraíochtaí atá ag forfheidhmiú an dlí saothair sa réimse ábhartha teicneolaíochta, sa chaoi gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtach. Cinnteofar i gcónaí an fhéidearthacht an toimhde dhlíthiúil a bhréagnú d’ardáin a thugann dúshlán di agus, dá bhrí sin, is orthu a bheidh dualgas an chruthúnais. Bunófar an breithiúnas críochnaitheach ar fhíorais agus ní ar fhoirmiúlachtaí. Is é seo an nós imeachta is éifeachtaí agus is cothroime toisc gur ag an oibrí an taobh is laige sa dlíthíocht, agus toisc go bhfuil an t-eolas iomlán ar an tsamhail ghnó agus feidhmiú an algartam i seilbh na n-ardán.

 

Bainistiú algartamach

Cé go leagtar síos na caighdeáin saothair sa gheilleagar traidisiúnta le rialacháin chómhargála nó saothair ar fud an Aontais, glacann daoine a bhíonn i mbun obair ardáin le coinníollacha oibre atá socraithe go haontaobhach trí chórais faireacháin agus chinnteoireachta uathoibrithe agus leath-uathoibrithe, agus uaireanta ní bhíonn siad ann fiú amháin mí-úsáid a aithint. Go deimhin, níl siad ar an eolas faoi fheidhmiú an algartam agus faoi na cinntí a dhéanann sé maidir lena n-am oibre, faoi na cliaint a sanntar dóibh, faoin meastóireacht ar a bhfeidhmíocht, faoina ráthaíochtaí sláinte agus slándála agus fiú faoin rochtain atá acu ar an obair. Sa lá atá inniu ann, is beag maoirseacht dhaonna a úsáideann formhór na n-ardán ar chinntí a dhéantar lena n-algartam agus níl aon fhorálacha aonfhoirmeacha agus soiléire ann lena gcinntear rialú ar chomhlíonadh na rialachán cosanta sonraí ag na córais sin, ná maidir leis an tionchar a bhíonn acu ar shláinte agus ar shábháilteacht. Ina theannta sin, ní saincheist é an bainistiú algartamach a bhaineann go heisiach le hardáin saothair dhigiteacha, toisc go nglacann níos mó agus níos mó fostóirí uirlisí algartamacha inniu chun maoirseacht a dhéanamh ar oibrithe, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a rialú. Is é sin an fáth go bhfuil caibidil shaibhir den Tuarascáil tiomanta do shraith rialacha a bhunú chun gach oibrí a chosaint ar chleachtais mhí-úsáideacha bainistíochta algartamaí ar fud an Aontais.

Is léir láithreach an chaoi ina bhfuil an chaibidil sin an-ábhartha, ní hamháin do dhaoine a dhéanann obair ardáin (ar bhonn neamhspleách ar a stádas fostaíochta) ach do gach oibrí a ndéanann na córais sin difear dá ndálaí oibre. Go deimhin, tá dlús curtha fiú ag an bpaindéim le feiniméan ar a dtugtar ‘ardánú’ an gheilleagair, lena dtagraítear d’úsáid mhéadaitheach na gcóras sin chun obair a eagrú agus a rialú i bhfad níos faide ná gnó na n-ardán. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na forálacha a thugtar isteach sa roinn seo maidir le gach oibrí a ndéanann faisnéis ó chórais chinnteoireachta agus faireacháin uathoibrithe nó leath-uathoibrithe difear dóibh. Ní mór oibrithe a bhíonn ag déileáil le bainistiú algartamach agus a gcuid ionadaithe a chur ar an eolas roimh ré maidir leis na gnéithe ar fad a bhaineann le dálaí oibre agus sláinte agus slándáil ag an obair, ionas go mbeidh an deis acu feidhmiú an algartaim a thuiscint agus cómhargáil a dhéanamh air. Is daoine daonna a dhéanfaidh na cinntí go léir a mbíonn tionchar acu ar na téarmaí sin, agus ag an am céanna ní mór formhaoirseacht dhaonna a dheonú ar chinntí a dhéantar leis an algartam. Ag an am céanna, ní mór d’ardáin a ráthú go n-urramófar go hiomlán cosaint sonraí na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus nach ndéanann an t-algartam sonraí a rochtain nó a bhailiú nach bhfuil nasctha go príomha leis an bhfeidhmíocht oibre. 

 

Trédhearcacht agus leigheasanna maidir le hobair ardáin

Toisc gur beag obair ardáin a dhéantar, is deacair d’oibrithe ardáin teacht le chéile agus gníomhú i gcomhar le chéile chun a gcás a fheabhsú. Tá díspreagadh á dhéanamh ar cheardchumannú go gníomhach ag roinnt ardáin saothair a bhraitheann ar fhéinfhostaíocht bhréagach dá samhail ghnó.

Mar sin, tá obair ardáin ina feiniméan an-deacair le feiceáil toisc nach bhfuil aon láthair oibre soiléir aici agus gur minic nach bhfuil daoine atá ag obair don ardán céanna ar an eolas gur ann do dhaoine eile. Is ionann an méid sin agus saincheist ní hamháin do na daoine sin ach do na húdaráis náisiúnta freisin, go háirithe institiúidí cánach agus cosanta sóisialta. A luaithe a aithnítear an caidreamh fostaíochta mar fhofhostaíocht, aithneofar an t-ardán mar ghnóthas agus dá bhrí sin beidh feidhm ag an reachtaíocht agus ag na forálacha uile is infheidhme a eascraíonn as comhaontuithe cómhargála atá nasctha leis an earnáil gníomhaíochta. Go deimhin, tá an chuid dheireanach den dréacht-tuarascáil dírithe ar thrédhearcacht in obair ardáin agus ar leigheasanna, a bhfuil gá leo i bhfianaise chineál thuasluaite na hoibre ardáin.

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (5.10.2022)

chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(COM(2021)0762 – C9‑0454/2021 – 2021/0414(COD))

Rapóirtéir don tuairim:Karima Delli 

RÉASÚNÚ GEARR

De réir mheastacháin an Choimisiúin, tá breis agus 28 milliún duine san Aontas rannpháirteach in obair ardáin, agus faoi 2025 méadóidh an líon sin go 43 mhilliún. Chuir paindéim COVID-19 dlús leis an treocht sin, ag cur earnálacha chun cinn a bhí ag dul i dtreo obair ardáin cheana féin, amhail obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin agus a éilíonn scileanna ísle in earnáil iompair na hEorpa, amhail seachadadh bia, seirbhísí tacsaithe agus iompar lastais. Tá méadú ag teacht ar an acmhainneacht atá ag an ngeilleagar ardáin ó thaobh deiseanna fostaíochta a chruthú do dhaoine atá ar imeall mhargadh an tsaothair; mar sin féin, tá an baol ann go dtiocfaidh dálaí oibre neamhbhuana chun cinn do na daoine a dhéanann obair ardáin gan rialáil chuí de bharr sholúbthacht agus fhás an-sciobtha na hoibre sin. Ina theannta sin, ní féidir glacadh le geilleagair ardáin atá bunaithe ar mhí-aicmiú oibrithe, cosaint shóisialta neamhleor agus seachaint cánach agus bíonn siad costasach do na Ballstáit de bharr go bhfuil luach saothair cánach á chailleadh acu agus cruthaíonn siad míchothroime iomaíochta idir ardáin ar líne agus samhlacha gnó traidisiúnta atá ag feidhmiú in earnáil an iompair agus in earnáil na turasóireachta san Aontas. 

Bunaithe ar thuairim na bliana seo caite, féachann an Rapóirtéir le dálaí oibre cothroma agus córa a áirithiú, lena ndéantar sláinte shíceasóisialta agus coirp, sábháilteacht agus dínit na n-oibrithe ardáin a urramú. Baineann sé sin go háirithe le hearnálacha iompair na hEorpa agus go háirithe le hobair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin agus a éilíonn scileanna ísle, áit a bhfuil méadú suntasach tagtha ar obair ardáin mar gheall ar phaindéim COVID-19. 

Sláinte agus sábháilteacht

Chomh maith leis na rioscaí coitianta a bhaineann leis an obair, amhail tuirse, strus agus traochadh, bíonn daoine a dhéanann obair ardáin in earnáil an iompair agus in earnáil na turasóireachta neamhchosanta ar riosca síceasóisialta mar gheall ar neamhbhuaine na hoibre ardáin, amhail brú de dheasca faireachán ar líne, rátáil, agus sprioc-amanna dochta. Le paindéim COVID-19, léiríodh freisin go raibh daoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe iad siúd a dhéanann obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin agus a éilíonn scileanna ísle in earnáil iompair agus turasóireachta na hEorpa, i mbaol ó thaobh sábháilteachta agus sláinte de agus gur cheart, dá bhrí sin, trealamh cosanta, árachais tionóisce agus cosaint shóisialta, amhail rochtain ar shaoire bhreoiteachta agus ar chosaint dífhostaíochta, a bheith acu. Bíonn tionchar ar leith ag neamhchinnteacht an chaidrimh fostaíochta agus ag na rioscaí sláinte agus sábháilteachta ar oibrithe leochaileacha, amhail oibrithe imirceacha agus oibrithe óga, agus is é sin an fáth a dteastaíonn cosaint éifeachtach uathu. 

Bainistiú algartamach

Is dlúthchuid de shamhail ghnó na n-earnálacha ardáin é an bainistiú algartamach, lena n-áirítear na cuideachtaí ardáin in earnáil iompair agus turasóireachta na hEorpa. Féachann an rapóirtéir le cearta bunúsacha, sláinte agus dínit na n-oibrithe go léir atá faoi réir bainistiú algartamach a chosaint ar bhonn níos leithne, lena n-áirítear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus leath-uathoibrithe. Áirítear leis sin an gá atá le maoirseacht dhaonna a dhéanamh ar gach cinneadh a dhéanann difear do dhálaí oibre nó don tsláinte agus sábháilteacht nó lena dtugtar isteach athruithe ar théarmaí comhaontaithe an chaidrimh fostaíochta. 

Idirphlé sóisialta

Ina theannta sin, baineann an easpa ionaid oibre choitinn do na daoine a dhéanann obair ardáin le hobair ardán in earnáil iompair agus turasóireachta na hEorpa. Dá bhrí sin, féachann an rapóirtéir leis an idirphlé sóisialta a áirithiú tríd an ionadaíocht chuí, lena n-áirítear an ceart dul isteach i gceardchumann, an ceart eagrúcháin agus an ceart chun cómhargála.

Rochtain ar oiliúint agus ar uas-sciliú

Mar gheall ar chineál neamhbhuan na hoibre ardáin agus ar na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann léi, go háirithe san obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin agus a éilíonn scileanna ísle in earnáil iompair agus turasóireachta na hEorpa, tá gá le hoiliúint slándála éigeantach rialta a fhorbairt agus bealaí gairmiúla forbartha a chur ar fáil chun cur leis na roghanna gairmiúla atá ag daoine a oibríonn trí na hardáin sin, rudaí lena n-áiritheofaí sábháilteacht, slándáil agus sláinte ag an obair.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Leis an Treoir seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 31 den Chairt don cheart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. Le hAirteagal 27 den Chairt cosnaítear ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas. Le hAirteagal 8 den Chairt, déantar foráil go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Le hAirteagal 16 den Chairt aithnítear an tsaoirse fiontraíochta.

(2) Leis an Treoir seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 31 den Chairt maidir leis an gceart atá ag gach oibrí dálaí oibre cothroma agus córa a bheith acu, lena n-urramaítear sláinte, sábháilteacht agus dínit na ndaoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe in earnálacha iompair agus turasóireachta na hEorpa agus go háirithe i gcás obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin, amhail seirbhísí tiomána agus seachadta. Le hAirteagal 27 den Chairt cosnaítear ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas. Le hAirteagal 8 den Chairt, déantar foráil go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Le hAirteagal 16 den Chairt aithnítear an tsaoirse fiontraíochta. Foráiltear le hAirteagal 21 den Chairt don cheart chun neamh-idirdhealaithe.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Leis an digitiú, tá athrú ag teacht ar shaol na hoibre, tá feabhas á chur ar an táirgiúlacht agus ar an tsolúbthacht agus baineann rioscaí áirithe leis ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de ag an am céanna. Leis na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar algartaim, lena n-áirítear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, rinneadh teacht chun cinn agus fás na n-ardán saothair digiteach a chumasú.

(4) Leis an digitiú, tá athrú ag teacht ar shaol na hoibre, tá feabhas á chur ar tháirgiúlacht agus ar an tsolúbthacht, agus tá sé ina chúis le deiseanna nua fostaíochta agus gnó, go háirithe in earnálacha an iompair agus na tuarasóireachta, ach d’fhéadfadh roinnt rioscaí a bheith ag baint leis freisin don fhostaíocht agus do dhálaí oibre ó thaobh aicmiú an stádais chirt fostaíochta de agus ó thaobh trédhearcacht, cothroime agus sábháilteacht a chur chun cinn, ó thaobh sláinte agus sábháilteacht oibrithe de, agus ó thaobh a gceart bunúsach chun príobháideachais a chosaint. Leis na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar algartaim, lena n-áirítear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, rinneadh teacht chun cinn agus fás na n-ardán saothair digiteach a chumasú, ar ardáin iad lenar cruthaíodh deiseanna eacnamaíocha do na céadta míle saoránach agus gnóthaí de chuid an Aontais, agus roghanna agus luach á dtairiscint san am céanna leo do thomhaltóirí san Aontas. Mar sin féin, tá iarmhairtí móra ag samhail ghnó na n-ardán saothair digiteach ar cheart do na hardáin iad a mhaolú chun drochdhálaí oibre a d’fhéadfadh a bheith ann d’oibrithe a sheachaint.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Is féidir le cuideachtaí ardáin ról a imirt maidir leis an tsoghluaisteacht mar sheirbhís (MaaS), an lóistíocht mar sheirbhís (LaaS) agus an tsoghluaisteacht chomhoibríoch a éascú. D’fhéadfadh réitigh dhigiteacha agus nuálacha nua deiseanna a chruthú d’aistriú módach san iompar i limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha, trí aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an gcomhshaol agus leis an tsláinte, trí am agus iarrachtaí a shábháil do thomhaltóirí agus trí iomaíochas na ngnólachtaí gaolmhara a fheabhsú. Ina theannta sin, is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha nua cabhrú linn úsáid acmhainní a bhainistiú agus a rianú ar bhealach níos fearr, éifeachtúlacht a fheabhsú, agus comhoibriú chun spriocanna uaillmhianacha comhshaoil an Aontais a bhaint amach.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b) Le paindéim COVID-19, tá méadú suntasach tagtha ar ráta fáis thionscal na n-ardán saothair digiteach, go háirithe i gcás obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin, lena n-áirítear tiomáint agus seachadadh. Tá sé léirithe leis an bpaindéim go raibh na hoibrithe sin neamhchosanta ar rioscaí sábháilteachta agus sláinte agus gur cheart, dá bhrí sin, trealamh cosanta, árachais tionóisce agus cosaint shóisialta, amhail rochtain ar shaoire bhreoiteachta agus cosaint dífhostaíochta, a chur ar fáil dóibh.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Is daoine aonair a dhéanann obair ardáin trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair digiteach a chuireann seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí. Trí bhíthin na n-algartaim, féadfaidh na hardáin saothair dhigiteacha rialú a dhéanamh a bheag nó a mhór – ag brath ar a samhail ghnó – ar fheidhmiú na hoibre, ar a luach saothair agus ar an gcaidreamh idir a gcustaiméirí agus na daoine a dhéanann an obair. Is féidir obair ardáin a dhéanamh ar líne trí uirlisí leictreonacha amháin (‘obair ardáin ar líne’) nó ar dhóigh hibrideach ina gcomhcheanglaítear próiseas cumarsáide ar líne le gníomhaíocht ina dhiaidh sin sa domhan fisiciúil (‘obair ardáin ar an láthair’). Is gníomhaithe gnó idirnáisiúnta iad go leor de na hardáin saothair dhigiteacha atá ann cheana a úsáideann a gcuid gníomhaíochtaí agus samhlacha gnó i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha.

(5) Is daoine aonair a dhéanann obair ardáin trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair digiteach a chuireann seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí. Trí bhíthin na n-algartam agus na hintleachta saorga, féadfaidh na hardáin saothair dhigiteacha rialú a dhéanamh a bheag nó a mhór – ag brath ar a samhail ghnó – ar fheidhmiú na hoibre, ar a luach saothair agus ar an gcaidreamh idir a gcustaiméirí agus na daoine a dhéanann an obair. Is féidir obair ardáin a dhéanamh ar líne trí uirlisí leictreonacha amháin (‘obair ardáin ar líne’) nó ar dhóigh hibrideach ina gcomhcheanglaítear próiseas cumarsáide ar líne le gníomhaíocht ina dhiaidh sin sa domhan fisiciúil (‘obair ardáin ar an láthair’). Is gníomhaithe gnó idirnáisiúnta iad go leor de na hardáin saothair dhigiteacha atá ann cheana a úsáideann a gcuid gníomhaíochtaí agus samhlacha gnó i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Chomh maith leis na gnáthrioscaí a bhaineann le hobair ar líne agus as líne, is féidir le daoine aonair a dhéanann obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin in earnálacha iompair agus turasóireachta na hEorpa a bheith neamhchosanta freisin ar rioscaí síceasóisialta breise, amhail strus agus imní a bhaineann le bainistiú algartamach agus faireachán feidhmíochta ar ghníomhaíochtaí oibre, rud atá in ann brú iomarcach a chur ar oibrithe agus a bhfuil impleachtaí aige do shábháilteacht na n-oibrithe féin agus don tsábháilteacht ar bhóithre;

Leasú  7

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Is féidir le hobair ardáin deiseanna a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar an margadh saothair ar bhealach níos éasca, ina ngnóthaítear ioncam breise trí ghníomhaíocht thánaisteach nó roinnt solúbthachta i ndáil le heagrú ama oibre. Ag an am céanna, dúshláin ag baint le hobair ardáin toisc gur féidir leis na teorainneacha a dhoiléiriú idir an caidreamh fostaíochta agus gníomhaíocht féinfhostaíochta agus idir freagrachtaí na bhfostóirí agus na n-oibrithe. Bíonn iarmhairtí ag mí-aicmiú an stádais fostaíochta do na daoine a ndéantar difear dóibh, toisc gur dócha go gcuirfidh sé srian le rochtain ar chearta saothair agus sóisialta atá ann cheana. Fágann sé freisin go mbíonn éagothroime iomaíochta ann maidir le gnólachtaí a dhéanann a gcuid oibrithe a aicmiú i gceart, agus tá impleachtaí aige sin do chórais chaidrimh thionsclaíoch na mBallstát, dá mbonn cánach agus do chumhdach agus d’inbhuanaitheacht a gcóras cosanta sóisialta. Cé go bhfuil na dúshláin sin níos ginearálta ná obair ardáin, tá siad thar a bheith géar agus práinneach i ngeilleagar na n-ardán.

(6) Is féidir le hobair ardáin deiseanna a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar an margadh saothair ar bhealach níos éasca, ina ngnóthaítear ioncam breise trí ghníomhaíocht thánaisteach nó roinnt solúbthachta i ndáil le heagrú ama oibre. Maidir leis an méid sin, tá geilleagar na n-ardán anois ina chuid lárnach d’earnálacha iompair agus turasóireachta na hEorpa agus tá sé ag fás go tapa, agus samhlacha nua gnó, tallann agus deiseanna oibre á soláthar leis. Ag an am céanna, bíonn dúshláin ag baint le hobair ardáin nuair nach gcomhlíonann ardáin dhigiteacha an reachtaíocht ábhartha, toisc gur féidir leis na teorainneacha a dhoiléiriú idir an caidreamh fostaíochta agus gníomhaíocht féinfhostaíochta, agus idir freagrachtaí na bhfostóirí agus na n-oibrithe. Bíonn iarmhairtí ag mí-aicmiú an stádais fostaíochta do na daoine a ndéantar difear dóibh, toisc gur dócha go gcuirfidh sé srian le rochtain ar chearta saothair agus sóisialta atá ann cheana. Fágann sé freisin go mbíonn éagothroime iomaíochta ann maidir le gnólachtaí a dhéanann a gcuid oibrithe a aicmiú i gceart, agus tá impleachtaí aige sin do chórais caidrimh thionsclaíoch na mBallstát, dá mbonn cánach, agus do chumhdach agus d’inbhuanaitheacht a gcóras cosanta sóisialta. Cé go bhfuil na dúshláin sin níos ginearálta ná obair ardáin, tá siad thar a bheith géar agus práinneach i ngeilleagar na n-ardán.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na réitigh a mholtar ina gcuidiú le hoibrithe ardáin leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla leis an tsolúbthacht is fearr leo chun a stádas féin, a n-ualach oibre féin agus a sceideal féin a eagrú agus a rialú (e.g. mar fhoinse bhreise ioncaim).

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) Á chur i bhfios go láidir go bhfuil post eile nó foinse eile ioncaim ag formhór na n-oibrithe ardáin agus nach ionann gníomhaíochtaí ardáin agus a bpríomhfhostaíocht don chuid is mó díobh1a. De réir taighde, is gnách go mbíonn oibrithe ardáin ar phá íseal, ach go mbíonn cuid acu ag tuilleamh ioncam sách maith. Ina theannta sin, is gnách go mbíonn oibrithe i ngeilleagar na n-ardán níos óige agus níos ardoilte ná an pobal i gcoitinne1b.

 

________________

 

1a Staidéar ar Luach na hOibre Solúbtha do Chúiréirí Seachadta Áitiúla, lch. 5

 

1b Cosaint Shóisialta Oibrithe i nGeilleagar na nArdán https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/614184/IPOL_STU(2017)614184_EN.pdf

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Léiríodh i gcásanna cúirte i roinnt Ballstát go bhfuil mí-aicmiú leanúnach ann maidir le stádas fostaíochta i gcineálacha áirithe d'obair ardáin, go háirithe in earnálacha ina bhfuil leibhéal áirithe smachta ag ardáin saothair dhigiteacha ar an luach saothair agus ar fheidhmiú na hoibre. Cé gur minic a aicmíonn ardáin saothair dhigiteacha na daoine a oibríonn tríothu mar fhéinfhostaithe nó mar ‘chonraitheoirí neamhspleácha’, chinn roinnt mhaith cúirteanna go ndéanann na hardáin na daoine sin a threorú agus a rialú de facto, agus go minic go ndéanann siad iad a chomhtháthú ina bpríomhghníomhaíochtaí gnó agus leibhéal an luacha saothair a chinneadh go haontaobhach. Dá bhrí sin, rinne na cúirteanna sin daoine atá in ainm a bheith ina ndaoine féinfhostaithe a athaicmiú mar oibrithe atá fostaithe ag na hardáin. Mar sin féin, tá torthaí éagsúla mar thoradh ar chásdlí náisiúnta agus tá a samhail ghnó curtha in oiriúint ag ardáin saothair dhigiteacha ar bhealaí éagsúla, agus dá bharr sin tá méadú ar an easpa deimhneachta dlíthiúla i dtaca leis an stádas fostaíochta.

(7) Léiríodh i gcásanna cúirte i roinnt Ballstát gur ann do chásanna mí-aicmithe maidir le stádas fostaíochta i gcineálacha áirithe oibre ardáin, go háirithe in earnálacha ina bhfuil leibhéal áirithe smachta ag ardáin saothair dhigiteacha ar an luach saothair agus ar fheidhmiú na hoibre. Cé gur minic a aicmíonn ardáin saothair dhigiteacha na daoine a oibríonn tríothu mar fhéinfhostaithe nó mar ‘chonraitheoirí neamhspleácha’, chinn roinnt mhaith cúirteanna go ndéanann na hardáin na daoine sin a threorú agus a rialú de facto, agus gur minic a dhéanann siad iad a chomhtháthú ina bpríomhghníomhaíochtaí gnó agus leibhéal an luacha saothair a chinneadh go haontaobhach. Dá bhrí sin, rinne na cúirteanna sin daoine atá in ainm a bheith ina ndaoine féinfhostaithe a athaicmiú mar oibrithe atá fostaithe ag na hardáin. Mar sin féin, ós rud é gur ann do shainmhínithe éagsúla ar an rud is fostaí agus caidreamh fostaíochta ann, tá torthaí éagsúla mar thoradh ar chásdlí náisiúnta agus tá a samhail ghnó curtha in oiriúint ag ardáin saothair dhigiteacha ar bhealaí éagsúla, agus dá bharr sin tá méadú ar an easpa deimhneachta dlíthiúla i dtaca leis an stádas fostaíochta.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Diaidh ar ndiaidh cuirtear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chumhachtaítear le halgartaim in ionad feidhmeanna a bhíonn ag bainisteoirí i ngnólachtaí, amhail cúraimí a shannadh, treoracha a thabhairt, meastóireacht ar an obair a dhéantar, dreasachtaí a chur ar fáil nó smachtbhannaí a fhorchur. Úsáideann ardáin saothair dhigiteacha córais algartamacha den sórt sin mar bhealach caighdeánach chun obair ardáin a eagrú agus a bhainistiú trína mbonneagar. Is minic nach mbíonn faisnéis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin atá faoi réir bainistithe algartamach den sórt sin, maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim, cé na sonraí pearsanta atá á n-úsáid ná an tionchar a bhíonn ag a n-iompar ar chinntí a dhéantar le córais uathoibrithe. Ní bhíonn rochtain ag ionadaithe na n-oibrithe ná ag cigireachtaí saothair ar an bhfaisnéis sin ach oiread. Thairis sin, is minic nach mbíonn daoine a dhéanann obair ardáin ar an eolas faoi na cúiseanna a bhíonn le cinntí a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe agus nach mbíonn an deis acu na cinntí sin a phlé le duine teagmhála agóid a dhéanamh ina gcoinne.

(8) Diaidh ar ndiaidh cuirtear córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chumhachtaítear le halgartaim in ionad feidhmeanna a bhíonn ag bainisteoirí i ngnólachtaí, amhail cúraimí a shannadh, treoracha a thabhairt, meastóireacht ar an obair a dhéantar, dreasachtaí a chur ar fáil nó smachtbhannaí a fhorchur. Úsáideann ardáin saothair dhigiteacha córais algartamacha den sórt sin mar bhealach caighdeánach chun obair ardáin a eagrú agus a bhainistiú trína mbonneagar. Is minic nach mbíonn faisnéis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin atá faoi réir bainistiú algartamach den sórt sin, maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na halgartaim, cé na sonraí pearsanta atá á n-úsáid ná an tionchar a bhíonn ag a n-iompar ar chinntí a dhéantar le córais uathoibrithe. Ní bhíonn rochtain ag ionadaithe na n-oibrithe ná ag cigireachtaí saothair ar an bhfaisnéis sin ach oiread. Thairis sin, is minic nach mbíonn daoine a dhéanann obair ardáin ar an eolas faoi na cúiseanna a bhíonn le cinntí a dhéantar nó a dtacaítear leo le córais uathoibrithe agus nach mbíonn an deis acu míniú ar na cinntí sin a fháil, na cinntí sin a phlé le duine teagmhála agóid a dhéanamh ina gcoinne agus sásamh a lorg. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an Treoir seo feabhas a chur, i measc nithe eile, ar an rochtain atá ag daoine a dhéanann obair ardáin ar fhaisnéis, ar mhínithe agus, nuair is gá, ar chonspóid agus sásamh na gcinntí sin.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a) Ba cheart go dtairbheodh oibrithe ardáin d’fhíoriomaíocht idir ardáin trí rochtain níos fearr ar shonraí agus trí chaighdeánú ar nascacht sonraí chun dálaí d’oibrithe ardáin a fheabhsú agus, san am céanna, acmhainn dhinimiciúil gheilleagar na n-ardán a chothabháil;

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9b) De réir na faisnéise atá ar fáil, tá formhór mór na ndaoine atá ag obair trí na hardáin roghnaithe saor chun a gcuid ama oibre a roghnú agus a athrú, sa mhéid gur féidir leo logáil isteach ar an ardán nuair is mian leo féin nó gur féidir leo féin a n-uaireanta infhaighteachta a roghnú. Meastar nach bhfuil ach 3 % de thuilleamh na ndaoine a oibríonn trí ardáin roghnaithe faoi ghlas in am oibre comhaontaithe. Thairis sin, ní raibh foráil ‘eisiachas seirbhísí’ ar áireamh ina gcuid téarmaí agus coinníollacha ag ceann ar bith de na hardáin a ndearnadh suirbhé orthu1a.

 

__________________

 

1aArdáin Saothair Dhigiteacha san Aontas Eorpach. Mapáil agus Samhlacha Gnó, lch. 11.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) I Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle58 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, moltar do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cumhdach foirmiúil agus éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht na scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus do gach duine féinfhostaithe. Tá leibhéil éagsúla de chosaint shóisialta á gcur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe sna Ballstáit faoi láthair.

(11) I Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle58 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, moltar do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cumhdach foirmiúil agus éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht na scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí agus do gach duine féinfhostaithe. Tá leibhéil éagsúla cosanta sóisialta á soláthar do dhaoine féinfhostaithe sna Ballstáit faoi láthair agus is inniúlacht eisiach de chuid na mBallstát i gcónaí í saincheist na slándála sóisialta.

_________________

_________________

58 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

58 Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

Leasú  15

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Cé go bhforáiltear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana nó atá beartaithe maidir le coimircí ginearálta áirithe, tá gá le roinnt beart sonrach breise chun dul i ngleic leis na dúshláin san obair ardáin. Chun forbairt na hoibre ardáin a dhíriú go leordhóthanach ar bhealach inbhuanaithe, is gá don Aontas íoschaighdeáin nua a leagan síos i dtaca le dálaí oibre chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as obair ardáin. Ba cheart roinnt ceart íosta a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin san Aontas, cearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trédhearcacht, cothroime agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le bainistiú algartamach, agus an trédhearcacht a fheabhsú san obair ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. Ba cheart é sin a dhéanamh d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, cothrom iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha agus soláthraithe seirbhísí as líne agus chun tacú le fás inbhuanaithe na n-ardán digiteach saothair san Aontas.

(13) Cé go bhforáiltear le gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana nó a bheartaítear maidir le coimircí ginearálta áirithe, tá gá le roinnt bearta sonracha breise chun dul i ngleic leis na dúshláin san obair ardáin. Chun forbairt na hoibre ardáin a dhíriú go leordhóthanach ar bhealach inbhuanaithe, is gá don Aontas íoschaighdeáin nua a leagan síos i dtaca le dálaí oibre chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as obair ardáin. Ba cheart roinnt cearta íosta a sholáthar do dhaoine a dhéanann obair ardáin san Aontas, ar cearta iad arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trédhearcacht, cothroime agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le bainistiú algartamach, agus an trédhearcacht a fheabhsú san obair ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. Ba cheart é sin a dhéanamh d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, cothroime iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha éagsúla agus i leith soláthraithe seirbhísí as líne, agus chun tacú le forbairt ardán ar bhealach inbhuanaithe san Aontas.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) Tá an geilleagar comhroinnte ina shiocair le samhlacha gnó éagsúla agus leanfaidh sé de bheith ag forbairt de réir mar a fhorbraíonn an teicneolaíocht agus a athraíonn iompar. Ní mór na forbairtí sin a chomhtháthú san iompar agus i bpleanáil soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, agus barrfheabhsú á dhéanamh ar an ngá atá le haistriú módach agus ar cháilíocht an tsoláthair seirbhíse. Tá tionscal na n-ardán ina rannchuidiú le cruthú gnó agus le fás post, tá sé ina shiocair le samhlacha oibre solúbtha, amhail poist pháirtaimseartha, agus laghdaíodh bacainní ar dhul isteach i margadh an tsaothair a bhuí leis.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir leis na hardáin saothair dhigiteacha uile, gan beann ar a n-áit bhunaíochta agus ar an dlí is infheidhme ar shlí eile, ar choinníoll gur san Aontas a dhéantar an obair ardáin a eagraítear tríd an ardán saothair digiteach sin. Ba cheart tacar rialacha éigeantacha spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun cearta íosta maidir le dálaí oibre san obair ardáin a áirithiú.

(17) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir leis na hardáin saothair dhigiteacha uile, gan beann ar a n-áit bhunaíochta ar an dlí is infheidhme ar shlí eile, ar choinníoll gur san Aontas a dhéantar an obair ardáin a eagraítear tríd an ardán saothair digiteach sin. Ba cheart tacar rialacha éigeantacha spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun cearta íosta maidir le dálaí oibre san obair ardáin a áirithiú, agus deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú san am céanna do na hearnálacha is mó lena mbaineann, amhail i réimsí an iompair agus na turasóireachta.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a) Agus socruithe praiticiúla maidir le faisnéis agus comhairliúchán á mbunú nó á gcur chun feidhme, ba cheart d’fhostóirí agus d’ionadaithe na n-oibrithe oibriú de mheon an chomhair agus le haird chuí ar a gcearta agus a n-oibleagáidí cómhalartacha, agus leasanna an ghnóthais nó na bunaíochta agus leasanna na n-oibrithe araon á gcur san áireamh.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. I gcás ina gcinneann ardán saothair digiteach – ar bhonn deonach amháin nó i gcomhaontú leis na daoine lena mbaineann – íoc as cosaint shóisialta, árachas tionóisce nó cineálacha eile árachais, bearta oiliúna nó sochair chomhchosúla do dhaoine féinfhostaithe atá ag obair tríd an ardán sin, níor cheart na sochair sin iontu féin a mheas mar shochair lena gcinntear gnéithe lena léirítear gurb ann do chaidreamh fostaíochta.

(23) Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta, níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre cothroma agus córa fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. Ba cheart do na Ballstáit aire ar leith a thabhairt ina mbeartais náisiúnta chun cosaint éifeachtach a áirithiú d’oibrithe a ndéanann an éiginnteacht difear ar leith dóibh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann, lena n-áirítear na hoibrithe is leochailí. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis an méid sin d’imircigh agus d’oibrithe óga in earnáil an seachadta. Is fíor an méid sin freisin i gcás na mban, nach ionann iad ach 22 % de na hoibrithe in earnáil an iompair agus atá ina mionlach i measc oibrithe ardán in earnálacha an iompair agus na turasóireachta.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a) Tacóidh an Coimisiún agus na Ballstáit le cuideachtaí ardáin agus spreagfaidh sé iad chun oiliúint agus conairí forbartha gairmiúla a fhorbairt chun roghanna gairmiúla a n-oibrithe a leathnú; Oiliúint slándála éigeantach rialta maidir le rialacha tráchta agus sábháilteacht ar bhóithre agus oiliúint shonrach in earnáil an iompair, agus a áirithiú go ngníomhóidh ardáin ar líne agus oibrithe ardáin ar bhealach freagrach, go háirithe maidir le gnéithe a bhaineann le sábháilteacht, slándáil, sláinte, cosaint príobháideachais agus soláthar faisnéise cruinne; bíonn oibrithe ardáin in earnáil an iompair neamhchosanta ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta agus, dá bhrí sin, is gá trealamh cosanta leormhaith a thabhairt dóibh; Tá árachas tionóisce, seiceálacha teicniúla agus cothabháil agus deisiú a gcuid feithiclí ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonann na feithiclí arna n-úsáid ag oibrithe ardáin, lena n-áirítear rothair leictreacha, scútair agus gluaisrothair, na rialacháin agus na caighdeáin ábhartha. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an digitiú a chur san áireamh ina gcláir oideachais agus oiliúna chun iad a chur in oiriúint don ré dhigiteach.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23b) Á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé líontáin sábhála a chruthú d’oibrithe ardáin chun cosaint a thabhairt ar thionóiscí agus ar dhífhostaíocht agus le haghaidh pinsean i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le hinniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, agus gur cheart aird a thabhairt ar na sochair dheonacha a d’fhéadfadh ardáin saothair dhigiteacha a dhéanamh;

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23c) Á chur i bhfáth gur cheart gnéithe uathúla na hoibre ardáin a urramú le critéir na Treorach seo; á chur san áireamh go ndearna Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh measúnú ar stádas an chaidrimh fostaíochta i gcás Yodel (C-692/19) i mí Aibreáin 2020, agus ag tabhairt treoir do na comhreachtóirí na critéir sin, lena sainaithnítear sainiúlachtaí na hoibre ardáin, a chomhlíonadh go comhsheasmhach;

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) I gcás ina rialaíonn ardáin saothair dhigiteacha gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad ar nós fostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treoir agus rialú nó fo-ordú dlí. Dá bhrí sin, caidrimh chonarthacha ina bhfuil leibhéal áirithe rialaithe ag ardáin saothair dhigiteacha ar ghnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, ba cheart a mheas de bhua toimhde dhlíthiúil, gur caidreamh fostaíochta é idir an t-ardán agus an duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin. Mar thoradh air sin, ba cheart an duine sin a aicmiú mar oibrí ag a bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí uile i gcomhréir leis an stádas sin, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus sa chleachtas. Ba cheart feidhm a bheith ag an toimhde dhlíthiúil maidir leis na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla ábhartha uile agus ba cheart go rachadh sí chun tairbhe don duine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart go mbeadh na húdaráis atá i gceannas ar a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha amhail cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta nó údaráis chánach á comhlíonadh nó á forfheidhmiú in ann brath ar an toimhde sin freisin. Ba cheart do na Ballstáit creat náisiúnta a chur ar bun chun dlíthíocht a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú.

(24) I gcás ina rialaíonn ardáin saothair dhigiteacha gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad ar nós fostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treoir agus rialú nó fo-ordú dlí. Dá bhrí sin, caidrimh chonarthacha ina bhfuil leibhéal áirithe rialaithe ag ardáin saothair dhigiteacha ar ghnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, ba cheart a mheas de bhua toimhde dhlíthiúil, gur caidreamh fostaíochta é idir an t-ardán agus an duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin. Mar thoradh air sin, ba cheart an duine sin a aicmiú mar oibrí ag a bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí uile i gcomhréir leis an stádas sin, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus sa chleachtas. Ba cheart feidhm a bheith ag an toimhde dhlíthiúil maidir leis na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla ábhartha uile agus ba cheart go rachadh sí chun tairbhe don duine a dhéanann obair ardáin. Ba cheart go mbeadh na húdaráis atá i gceannas ar a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha amhail cigireachtaí saothair, comhlachtaí cosanta sóisialta nó údaráis chánach á comhlíonadh nó á forfheidhmiú in ann brath ar an toimhde sin freisin. Ba cheart do na Ballstáit creat náisiúnta a chur ar bun chun dlíthíocht a laghdú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú. Maidir leis sin, ba cheart aird a thabhairt sna creataí náisiúnta ar na deiseanna arna soláthar ag na seirbhísí agus na hardáin chomhoibríocha in earnálacha an iompair agus na turasóireachta. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh sna creataí náisiúnta don uathriail agus an tsolúbthacht is gá do na hearnálacha sin.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Ba cheart critéir lena léirítear go rialaíonn ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre a chur san áireamh sa Treoir chun an toimhde dhlíthiúil a dhéanamh oibríochtúil agus chun forfheidhmiú cearta oibrithe a éascú. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bunaithe ar chásdlí an Aontais agus coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta a chur san áireamh. Ba cheart go n-áireofaí leis na critéir, gnéithe nithiúla lena léirítear mar shampla go ndéanann an t-ardán saothair digiteach an luach saothair nó na dálaí oibre nó an dá rud a chinneadh sa chleachtas agus ní hamháin go moltar iad, go dtugann sé treoracha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair nó go gcuireann sé cosc ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha. Chun go mbeidh sé éifeachtach sa chleachtas, ba cheart dhá chritéar a chomhlíonadh i gcónaí chun cur i bhfeidhm na toimhdean a spreagadh. Ag an am céanna, níor cheart go gcumhdófaí leis na critéir cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Is iad na fíor-féinfhostaithe féin atá freagrach vis-à-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a n-aschur. Saintréith d'fhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh d'aon tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart srianadh na ndiscréidí sin de facto trí roinnt coinníollacha nó trí chóras smachtbhannaí, a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ba cheart maoirseacht ghéar ar fheidhmiú na hoibre nó fíorú iomlán ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha nach é amháin atá i gceist leis athbhreithnithe agus rátálacha fhaighteoirí na seirbhíse a úsáid, ba cheart iad sin a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun dea-eispéireas tomhaltóirí a áirithiú. Bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí nó atá riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a chosaint, níor cheart go dtuigfí leo go rialaítear feidhmiú na hoibre.

(25) Ba cheart critéir lena léirítear go rialaíonn ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre a chur san áireamh sa Treoir chun an toimhde dhlíthiúil a dhéanamh oibríochtúil agus chun forfheidhmiú cearta oibrithe a éascú. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bunaithe ar chásdlí an Aontais agus coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta a chur san áireamh. Ba cheart go n-áireofaí leis na critéir gnéithe nithiúla lena léirítear mar shampla go ndéanann an t-ardán saothair digiteach an luach saothair nó na dálaí oibre nó an dá rud a chinneadh sa chleachtas agus ní hamháin go moltar iad, go dtugann sé treoracha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair nó go gcuireann sé cosc ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha. Chun go mbeidh sé éifeachtach sa chleachtas, agus chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint, ba cheart formhór na gcritéar a chomhlíonadh i gcónaí chun cur i bhfeidhm na toimhdean a spreagadh. Ag an am céanna, níor cheart go gcumhdófaí leis na critéir cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Is iad na fíor-féinfhostaithe féin atá freagrach vis-à-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a n-aschur. Saintréith dfhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh daon tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart srianadh na ndiscréidí sin de facto trí roinnt coinníollacha nó trí chóras smachtbhannaí, a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ba cheart maoirseacht ghéar ar fheidhmiú na hoibre nó fíorú iomlán ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha nach é amháin atá i gceist leis athbhreithnithe agus rátálacha fhaighteoirí na seirbhíse a úsáid, ba cheart iad sin a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun dea-eispéireas tomhaltóirí a áirithiú. Maidir le bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí áitiúil is infheidhme leis na rialacháin áitiúla is infheidhme, nó le comhaontuithe cómhargála, chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a choimirciú, chun seirbhís shásúil tomhaltóirí a sholáthar, chun calaois chun donais tomhaltóirí nó oibrithe ardáin a chosc, agus chun spriocanna a bhaineann le soghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bhaint amach, níor cheart a thuiscint go ndéantar feidhmíocht na hoibre a rialú leo.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) An caidreamh idir an duine a dhéanann obair ardáin agus ardán saothair digiteach d’fhéadfaí nach gcomhlíonfadh sé na ceanglais maidir le caidreamh fostaíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát faoi seach agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, cé go rialaíonn an t-ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre ar ghné ar leith. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann, trína chruthú ar bhonn an tsainmhínithe thuasluaite nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh atá i gceist. Tá údar leis an athrú sa dualgas cruthúnais chuig ardáin saothair dhigiteacha toisc go bhfuil forbhreathnú iomlán acu ar na gnéithe fíorasacha uile lena gcinntear an caidreamh, go háirithe na halgartaim trína mbainistíonn siad a n-oibríochtaí. Na himeachtaí dlíthiúla agus riaracháin a thionscnaíonn na hardáin saothair dhigiteacha chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, níor cheart éifeacht fionraíochta a bheith acu ar chur i bhfeidhm na toimhdean dlíthiúla. Má dhéantar an toimhde in imeachtaí riaracháin a fhrisnéis go rathúil, níor cheart go gcuirfí bac ar an toimhde a chur i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin. An duine atá i mbun obair ardáin arb é an duine is ábhar don toimhde, má fhéachann sé leis an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, ba cheart a cheangal ar an ardán saothair digiteach cuidiú leis an duine sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá i seilbh an ardáin i ndáil leis an duine sin a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit an treoir is gá a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis.

(28) An caidreamh idir an duine a dhéanann obair ardáin agus ardán saothair digiteach, d’fhéadfaí nach gcomhlíonfadh sé na ceanglais maidir le caidreamh fostaíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát faoi seach agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, cé go rialaíonn an t-ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre ar ghné ar leith. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann, trína chruthú ar bhonn an tsainmhínithe thuasluaite nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh atá i gceist. Tá údar leis an athrú sa dualgas cruthúnais chuig ardáin saothair dhigiteacha toisc go bhfuil forbhreathnú iomlán acu ar na gnéithe fíorasacha uile lena gcinntear an caidreamh, go háirithe na halgartaim trína mbainistíonn siad a n-oibríochtaí. Maidir leis na himeachtaí dlíthiúla agus riaracháin a thionscnaíonn na hardáin saothair dhigiteacha chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, níor cheart éifeacht fionraíochta a bheith acu ar chur i bhfeidhm na toimhdean dlíthiúla, ionas nach spreagfar an fhrisnéis ná frisnéis ina dhiaidh sin i gcásanna fíor-fhéinfostaíochta. Má dhéantar an toimhde in imeachtaí riaracháin a fhrisnéis go rathúil, níor cheart go gcuirfí bac ar an toimhde a chur i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin. An duine atá i mbun obair ardáin arb é an duine is ábhar don toimhde, má fhéachann sé leis an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, ba cheart a cheangal ar an ardán saothair digiteach cuidiú leis an duine sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá i seilbh an ardáin i ndáil leis an duine sin a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit an treoir is gá a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis.

Leasú  26

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 30 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a) Le leithdháileadh na hoibre trí algartaim, ar gné riachtanach de shamhail ghnó go leor ardán é, méadaítear an úsáid a bhaintear as sealanna gearra neamhbhuana agus as sceidil éagobhsaí agus dhothuartha. Le treorú, meastóireacht agus smacht arna ndéanamh le halgartaim, géaraítear ar an iarracht oibre trí fhaireachán a mhéadú, an luas a theastaíonn ó oibrithe a ardú, bearnaí sa sreabhadh oibre a íoslaghdú, agus gníomhaíocht oibre a leathnú amach ón áit oibre thraidisiúnta agus ó uaireanta oibre traidisiúnta. Mar sin féin, is minic nach mbíonn ach leibhéal íseal infheictheachta nó rialaithe ag oibrithe agus a n-ionadaithe ar na córais algartamacha sin, cé go mbíonn tionchar ag na córais ar eagrú na hoibre agus ar dhálaí oibre. Is fíor sin i gcás iompar lastais agus seirbhísí seachadta, ach go háirithe.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32a) Ba cheart go mbeadh cinntí áirithe, amhail dífhostú nó aon bhearta araíonachta eile, á nglacadh i gcónaí ag daoine, seachas le córais uathoibrithe, i bhfianaise an tionchair ar oibrithe a bhíonn ag na cinntí sin.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 45

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Saintréith den obair ardáin is ea an easpa ionaid oibre choitianta inar féidir le hoibrithe aithne a chur ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh le chéile agus lena n-ionadaithe, d'fhonn a leasanna a chosaint i leith an fhostóra freisin. Is gá dá bhrí sin, bealaí cumarsáide digiteacha a chruthú, i gcomhréir le heagrú oibre na n-ardán saothair digiteach, inar féidir le daoine a dhéanann obair ardáin malartú le chéile agus inar féidir lena n-ionadaithe teagmháil a dhéanamh leo. Ba cheart d'ardáin saothair dhigiteacha na bealaí cumarsáide sin a chruthú laistigh dá mbonneagar digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha ar an gcuma chéanna agus cosaint sonraí pearsanta á hurramú ag an am céanna agus staonadh ó rochtain a fháil ar na teachtaireachtaí sin nó faireachán a dhéanamh orthu.

(45) Saintréith den obair ardáin is ea an easpa ionaid oibre choitianta inar féidir le hoibrithe aithne a chur ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh le chéile agus lena n-ionadaithe, dfhonn a leasanna a chosaint i leith an fhostóra freisin. Is gá dá bhrí sin, bealaí cumarsáide digiteacha a chruthú, i gcomhréir le heagrú oibre na n-ardán saothair digiteach, inar féidir le daoine a dhéanann obair ardáin malartú le chéile agus inar féidir lena n-ionadaithe teagmháil a dhéanamh leo. Ba cheart dardáin saothair dhigiteacha na bealaí cumarsáide sin a chruthú laistigh dá mbonneagar digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha ar an gcuma chéanna agus cosaint sonraí pearsanta á hurramú ag an am céanna agus staonadh ó rochtain a fháil ar na teachtaireachtaí sin nó faireachán a dhéanamh orthu. Tá sé fíor-riachtanach freisin go mbeadh rochtain ag oibrithe ar fhíor-chómhargáil nó ar chineálacha idirphlé coibhéiseacha atá comhsheasmhach le samhlacha an mhargaidh saothair náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit coinbhinsiúin ábhartha EIS a dhaingniú agus na cearta atá ag oibrithe ardáin iad féin a eagrú i gceardchumainn agus a gcearta cómhargála a neartú.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 45 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(45a) Rinneadh nuálaíochtaí suntasacha i réimse na hintleachta saorga atá anois ina gcuid dhílis de shamhlacha gnó agus cinnteoireacht cuideachtaí ardáin. Agus úsáid á baint as an intleacht shaorga ar ardáin, ba cheart sláinte, sábháilteacht, príobháideachas agus dálaí oibre oibrithe ardáin a chaomhnú.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 48 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(48a) Ba cheart rochtain fhiúntach ar shásraí tuairiscithe agus sásaimh leis an údarás náisiúnta ábhartha a bheith ag daoine aonair lena mbaineann córais uathoibrithe faireacháin nó chinnteoireachta.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a dhéanann obair ardáin trína áirithiú go ndéantar a stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht, ar an gcothroime agus ar an gcuntasacht maidir le bainistiú algartamach na hoibre ardáin, agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na hoibre ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna tacú leis na dálaí chun go bhfásfaidh ardáin saothair dhigiteacha go hinbhuanaithe san Aontas.

1. Is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar dhálaí oibre, lena n-urramaítear sláinte, sábháilteacht, cearta agus dínit na ndaoine a dhéanann obair ardáin, go háirithe in earnálacha iompair agus turasóireachta na hEorpa agus go háirithe i gcás obair ar an láthair arna cinneadh ag ardáin. Áiritheofar na dálaí oibre cothroma agus córa tríd an stádas fostaíochta a chinneadh i gceart, trí thrédhearcacht, sábháilteacht, cothroime agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le bainistiú algartamach na hoibre ardáin, agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na hoibre ardáin, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna tacú leis na dálaí chun go bhfásfaidh ardáin saothair dhigiteacha go hinbhuanaithe san Aontas, a bhforbairt, a n-uathriail agus a solúbthacht a choinneáil, agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar;

Leasú  32

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn ‘obair ardáin’ aon obair a eagraítear trí ardán digiteach saothair agus a dhéanann duine aonair san Aontas ar bhonn caidreamh conarthach idir an t-ardán digiteach saothair agus an duine aonair, gan beann ar chaidreamh conarthach a bheith ann idir an duine aonair agus faighteoir na seirbhíse;

(2) ciallaíonn ‘obair ardáin’ aon obair a eagraítear nó a chumasaítear trí ardán digiteach saothair agus a dhéanann duine aonair san Aontas ar bhonn caidreamh conarthach idir an t-ardán digiteach saothair agus an duine aonair, gan beann ar chaidreamh conarthach a bheith ann idir an duine aonair agus faighteoir na seirbhíse;

Leasú  33

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhíorú agus a áirithiú go ndéantar stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, d’fhonn a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, agus a áirithiú go dteachtann siad na cearta a eascraíonn as dlí an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

1. Beidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhíorú agus a áirithiú go ndéantar stádas fostaíochta daoine a dhéanann obair ardáin a chinneadh i gceart, d’fhonn a fháil amach an ann do chaidreamh fostaíochta mar a shainítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh nuair is infheidhme agus i gcás inarb infheidhme, agus a áirithiú go dteachtann siad na cearta a eascraíonn as dlí an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. An cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann, beidh sé á threorú go príomha ag na fíorais a bhaineann le feidhmiú iarbhír na hoibre, agus úsáid algartaim in eagrú na hoibre ardáin á cur san áireamh, gan beann ar aicmiú an chaidrimh in aon socrú conarthach a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe idir na páirtithe lena mbaineann. Má shuitear bunaithe ar na fíorais gurb ann do chaidreamh fostaíochta, sainaithneofar go soiléir, i gcomhréir leis na córais dlí náisiúnta, an páirtí a ghlacann le hoibleagáidí an fhostóra.

2. An cinneadh maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann, beidh sé á threorú ag na fíorais a bhaineann le feidhmiú iarbhír na hoibre, agus úsáid algartaim in eagrú na hoibre ardáin á cur san áireamh, gan beann ar aicmiú an chaidrimh in aon socrú conarthach a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe idir na páirtithe lena mbaineann. Má shuitear bunaithe ar na fíorais gur ann do chaidreamh fostaíochta, sainaithneofar go soiléir, i gcomhréir leis na córais dlí náisiúnta, an páirtí a ghlacann le hoibleagáidí an fhostóra.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go ndéantar an stádas fostaíochta dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh i gceart agus tacóidh siad, san am céanna, le forbairt inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

 

(a)  a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi chinneadh ceart an stádais fostaíochta ar fáil ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus inrochtana;

 

(b)  treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go dtuigfidh siad cinneadh ceart an stádais fostaíochta agus go gcuirfidh siad chun feidhme é;

 

(c)  treoir a fhorbairt d’údaráis forfheidhmiúcháin chun go ndíreoidh siad go gníomhach ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha agus chun go rachaidh siad sa tóir ar na hardáin sin;

 

(d)  na rialuithe agus na cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh ag cigireachtaí saothair nó ag na comhlachtaí atá freagrach as dlí an tsaothair a fhorfheidhmiú a neartú;

Leasú  36

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Nuair a chinntear gur fostóirí iad ardáin saothair dhigiteacha, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí comhfhreagracha atá ar fhostóirí faoin dlí náisiúnta is infheidhme agus faoi na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme in earnáil na gníomhaíochta.

Leasú  37

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An caidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach a rialaíonn, de réir bhrí mhír 2, feidhmiú na hoibre agus duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta.

Maidir leis an gcaidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach lena rialaítear, de réir bhrí mhír 2, feidhmiú na hoibre agus duine a dhéanann obair ardáin thar an méid a cheanglaítear faoi chaidrimh tráchtála tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta, chun a áirithiú, maidir leis na húdaráis inniúla a fhíoraíonn an bhfuil an reachtaíocht ábhartha á comhlíonadh nó a fhorfheidhmíonn í, agus leis na daoine a dhéanann obair ardáin agus a dhíospóideann aicmiú a stádais fostaíochta, go bhféadfaidh siad brath ar an toimhde dhlíthiúil.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil maidir le gach nós imeachta riaracháin agus dlíthiúil ábhartha. Údaráis inniúla a fhíoraíonn go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha nó a fhorfheidhmíonn an reachtaíocht sin, beidh siad in ann brath ar an toimhde sin.

Beidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil maidir le gach nós imeachta riaracháin agus dlíthiúil ábhartha.

Leasú  39

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Rialú fheidhmiú na hoibre de réir bhrí mhír 1, tuigfear go gcomhlíonann sé dhá cheann ar a laghad díobh seo a leanas:

2. Rialú fheidhmiú na hoibre de réir bhrí mhír 1, tuigfear go gcomhlíonann sé an formhór díobh seo a leanas:

Leasú  40

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos, i bhfírinne, maidir le leibhéal an luacha saothair;

(a) uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos de facto maidir le leibhéal an luacha saothair;

Leasú  41

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha ceangailteacha sonracha maidir lena gcuma, lena n-iompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre;

(b) a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha ceangailteacha sonracha maidir lena gcuma, lena n-iompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre thar a bhfuil gá leis de réir dlí nó a bhfuil riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a choimirciú nó chun feidhmiú bunriachtanach na seirbhíse a áirithiú;

Leasú  42

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre nó caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha;

(c) dlúthmhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre nó caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha thar a bhfuil gá leis de réir dlí nó a bhfuil riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a choimirciú nó chun feidhmiú bunriachtanach na seirbhíse a áirithiú;

Leasú  43

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) srian a chur, i bhfírinne, le saoirse daoine, lena n-áirítear trí smachtbhannaí, chun a n-obair féin a eagrú, go háirithe an discréid chun a n-uaireanta oibre nó a dtréimhsí neamhláithreachta féin a roghnú, chun glacadh le tascanna nó diúltú dóibh, nó chun fochonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid;

(d) srian a chur de facto le saoirse daoine, lena n-áirítear trí smachtbhannaí, chun a n-obair féin a eagrú, go háirithe an discréid chun a n-uaireanta oibre nó a dtréimhsí neamhláithreachta féin a roghnú, chun glacadh le tascanna nó diúltú dóibh, lena n-áirítear ó ardáin saothair dhigiteacha eile, nó chun fochonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid;

Leasú  44

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) srian a chur, i bhfírinne, leis an deis chun bonn cliant a chothú nó obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí.

(e) srian a chur de facto leis an deis chun bonn cliant a chothú nó obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1, agus ag an am céanna cuirfidh siad an tionchar ar ghnólachtaí nuathionscanta san áireamh, seachnóidh siad daoine fíor-fhéinfhostaithe a áireamh, agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

3. Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1 chun cosaint éifeachtach a áirithiú d’oibrithe a dhéanann obair ardáin i gcomhthéacs caidreamh fostaíochta, agus ag an am céanna cuirfidh siad an tionchar ar fhiontraithe agus ar ghnólachtaí nuathionscanta san áireamh, staonfaidh siad ó dhaoine fíor-fhéinfhostaithe a ghabháil agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

Leasú  46

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir lena fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b) moltaí cruinne agus cuimsitheacha a fhorbairt lena soláthrófar treoir d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir lena frisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

Leasú  47

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) treoir a fhorbairt d’údaráis forfheidhmiúcháin chun go ndíreoidh siad go gníomhach ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha agus chun go rachaidh siad sa tóir ar na hardáin sin;

(c) fothú acmhainneachta, treoir agus oiliúint a fhorbairt agus nósanna imeachta a bhunú d’údaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis forfheidhmiúcháin náisiúnta chun ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha a shainaithint, chun díriú orthu chun dul sa tóir orthu tar éis cinneadh riaracháin nó dlíthiúil gaolmhar chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha a bhunaítear leis an Treoir seo a chomhlíonadh go héifeachtach.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) a áirithiú go dtabharfaidh saineolaithe agus speisialtóirí teicniúla atá cáilithe go cuí cúnamh, nuair is gá, do na cigireachtaí saothair ina gcuid oibre, go háirithe maidir le bainistiú algartamach.

Leasú  49

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 3 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) sásra comhairliúcháin a fhorbairt faoinar féidir le daoine a dhéanann obair ardáin nó le hardáin saothair dhigiteacha iarraidh ar na húdaráis ábhartha stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin a mheasúnú agus a fhíorú agus bonn cirt a thabhairt leis ar bhonn an rialaithe ar fheidhmíocht na hoibre de réir bhrí mhír 2.

Leasú  50

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Maidir leis na caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus atá ar siúl fós ar an dáta sin, ní bheidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1 ach maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin.

4. Maidir leis na caidrimh chonarthacha a rinneadh roimh an dáta a leagtar amach in Airteagal 21(1) agus atá ar siúl fós ar an dáta sin, ní bheidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1 ach maidir leis an tréimhse dar tús an dáta sin, gan dochar do dhlíthe náisiúnta ábhartha eile ná do dhlíthe ábhartha eile an Aontais.

Leasú  51

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, sula bhféadfar an toimhde a chur i bhfeidhm, go mbeidh an deis ag gach páirtí fianaise agus argóintí a chur i láthair.

Leasú  52

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina n-áitóidh an t-ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag imeachtaí den chineál sin ar chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla.

I gcás ina n-áitóidh an t-ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais.

Leasú  53

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina n-áitóidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n-imeachtaí, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar.

I gcás ina n-áiteoidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n-imeachtaí, tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar. Soláthróidh na Ballstáit an treoir is gá maidir le nósanna imeachta chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis. Seolfar na himeachtaí sin os comhair an údaráis náisiúnta ábhartha faoin nós imeachta náisiúnta ábhartha, go háirithe i gcás ina bhfuil toimhde dhlíthiúil agus/nó nós imeachta dlí ann cheana chun stádas fostaíochta a dheonú ar an leibhéal náisiúnta.

Leasú  54

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 5a

 

Feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin

 

Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta, ní chuirfear cosc ar fheabhsú dálaí oibre na ndaoine fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. I gcás ina gcinneann ardán saothair digiteach, bíodh sé sin ar bhonn deonach amháin nó i gcomhaontú leis na daoine lena mbaineann, íoc as cosaint shóisialta, árachas tionóisce nó cineálacha eile árachais, bearta oiliúna nó sochair chomhchosúla do dhaoine féinfhostaithe atá ag obair tríd an ardán sin, ní mheasfar na sochair sin iontu féin mar shochair lena gcinntear gnéithe lena léirítear gur ann do chaidreamh fostaíochta;

Leasú  55

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 5 b

 

Oiliúint slándála agus oiliúint shonrach in earnáil an iompair

 

Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis agus an rochtain ar oiliúint rialta slándála agus ar oiliúint shonrach in earnálacha an iompair, agus na ceanglais agus ionchais na dtomhaltóirí á gcur san áireamh. Forbróidh siad conairí oiliúna agus forbartha gairmiúla chun roghanna gairmiúla a gcuid oibrithe a leathnú.

Leasú  56

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

 

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) córais cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú leo, ar cinntí iad a bhfuil tionchar suntasach orthu ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin sin, go háirithe a rochtain ar shannacháin oibre, a dtuilleamh, a sábháilteacht agus a sláinte ag an obair, a n-am oibre, arduithe céime agus a stádas conarthach, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh.

(b) córais cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú leo, ar cinntí iad a bhfuil tionchar suntasach orthu ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin sin, go háirithe a rochtain ar shannacháin oibre agus ar eagrú a gcuid oibre, a dtuilleamh, a sábháilteacht agus a sláinte ag an obair, a n-am oibre, nó a úsáidtear chun tacú le cinntí a dhéanann difear dá n-ardú céime agus a stádas conarthach, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh.

Leasú  57

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 2 – pointe b – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) forais na gcinntí maidir le cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, le diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, le stádas conarthach an oibrí ardáin nó le haon chinneadh ag a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna.

(iv) forais na gcinntí maidir le cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, le diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, le stádas conarthach an oibrí ardáin nó le haon chinneadh ag a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna, na forais le hardú céime agus, i gcás ina dtacaítear le cinnteoireacht trí fhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht nó ina bhfuil sí bunaithe ar fhaireachán agus meastóireacht ar fheidhmíocht, na critéir a úsáidtear le haghaidh meastóireacht ar iompar.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin ar an gcéad lá oibre ar a dhéanaí, agus i gcás athruithe substaintiúla agus aon tráth má iarrann an t-oibrí ardáin é. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach agus intuigthe agus ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí.

3. Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin ar an gcéad lá oibre ar a dhéanaí, agus i gcás athruithe substaintiúla agus aon tráth má iarrann an t-oibrí ardáin é. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá iomlán, trédhearcach agus intuigthe agus ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí.

Leasú  59

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do shábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, go háirithe na rioscaí a bhaineann le timpistí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

(a) meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do neamh-idirdhealú agus cosaint sonraí agus do shábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, go háirithe na rioscaí a bhaineann le timpistí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

Leasú  60

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha a áirithiú go mbeidh go leor acmhainní daonna ann chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na gcinntí a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, nó na gcinntí a dtacaíonn na córais sin leo, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Na daoine a leagann an t-ardán saothair digiteach de chúram orthu an fheidhm faireacháin a dhéanamh, beidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun an fheidhm sin a fheidhmiú. Cosnófar iad ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile má sháraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe maidir le cinntí.

3. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha a áirithiú go mbeidh go leor acmhainní daonna ann chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na gcinntí a dhéanann córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, nó na gcinntí a dtacaíonn na córais sin leo, i gcomhréir leis an Airteagal seo. Maidir leis na daoine a leagann an t-ardán saothair digiteach de chúram orthu an fheidhm faireacháin a dhéanamh, cinntí a dhéanamh le cúnamh ó chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, nó athbhreithniú a dhéanamh, beidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun an fheidhm sin a fheidhmiú. Cosnófar iad ar dhífhostú, ar bhearta araíonachta nó ar chóir dhíobhálach eile má sháraíonn siad cinntí uathoibrithe nó moltaí uathoibrithe maidir le cinntí.

Leasú  61

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Threoir 2002/14/CE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha ionadaithe oibrithe ardáin ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leis na hionadaithe sin nó, murab ann d’ionadaithe den sórt sin, go ndéanfar amhlaidh leis na hoibrithe ardáin lena mbaineann, maidir le cinntí ar dócha go dtabharfaí isteach córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) dá mbarr, nó ar dócha go dtiocfaí athruithe suntasacha ar úsáid na gcóras sin dá mbarr, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

1. Gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Threoir 2002/14/CE, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha oibrithe ardáin agus ionadaithe oibrithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo go héifeachtach nó, murab ann d’ionadaithe den sórt sin, go ndéanfar amhlaidh leis na hoibrithe ardáin lena mbaineann, maidir le cinntí ar dócha go dtabharfaí isteach córais faireacháin agus chinnteoireachta uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1) dá mbarr, nó ar dócha go dtiocfaí athruithe suntasacha ar úsáid na gcóras sin dá mbarr, lena ndéanfaí difear do dhálaí oibre agus do shláinte agus sábháilteacht, nó athruithe ar leithdháileadh nó eagrú na hoibre i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Leasú  62

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 9 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Tugtar an ceart chun iniomparthachta sonraí do dhaoine aonair a dhéanann obair trí ardán digiteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Leasú  63

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis saothair, cosanta sóisialta agus ábhartha eile a gcuid feidhmeanna maidir lena áirithiú go gcomhlíontar oibleagáidí dlíthiúla is infheidhme i dtaca le stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus i gcás ina bhfeidhmíonn ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin a gcuid feidhmeanna ionadaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dóibh:

1. I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis saothair, sláinte agus sábháilteachta, cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile a gcuid feidhmeanna maidir lena áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí dlíthiúla is infheidhme i dtaca le stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus i gcás ina bhfeidhmíonn ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin a gcuid feidhmeanna ionadaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis seo a leanas ar fáil dóibh:

Leasú  64

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) na bearta arna ndéanamh chun sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a dhéanann obair ardáin ar an láthair sna seirbhísí tiomána agus seachadta a áirithiú;

Leasú  65

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) líon na dtionóiscí agus na n-imbhuailtí is siocair le bás nó gortuithe tromchúiseacha lena mbaineann daoine a sholáthraíonn obair ardáin ar an láthair in earnálacha na tiomána agus an tseachadta, agus úsáideoirí eile bóithre;

Leasú  66

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 12 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Údaráis saothair, údaráis cosanta sóisialta agus údarás ábhartha eile agus ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, beidh sé de cheart acu iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha soiléiriú agus sonraí breise a chur ar fáil maidir le haon sonraí a soláthraíodh. Tabharfaidh na hardáin saothair dhigiteacha freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar.

3. Maidir le húdaráis saothair, sláinte agus sábháilteachta, údaráis cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile agus ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, beidh sé de cheart acu iarraidh ar ardáin saothair dhigiteacha soiléiriú agus sonraí breise a chur ar fáil maidir le haon sonraí a soláthraíodh. Tabharfaidh na hardáin saothair dhigiteacha freagra ar aon iarraidh den chineál sin laistigh de thréimhse ama réasúnta trí fhreagra réasúnaithe a sholáthar.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an deis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus an deis teagmháil a bheith déanta leo ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, trí infreastruchtúr digiteach na n-ardán saothair digiteach nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh ag an am céanna. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha gan rochtain a fháil ar na teagmhálacha agus cumarsáidí sin ná faireachán a dhéanamh orthu.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh ardáin saothair dhigiteacha an deis ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus an deis teagmháil a bheith déanta leo ag ionadaithe daoine a dhéanann obair ardáin, trí infreastruchtúr digiteach agus nascacht gan sreang agus seasta ardluais na n-ardán saothair digiteach, nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail, atá bunriachtanach chun seirbhísí iompair digitithe a fhorbairt tuilleadh, agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh ag an am céanna. Ceanglóidh na Ballstáit ar ardáin saothair dhigiteacha gan rochtain a fháil ar na teagmhálacha agus cumarsáidí sin ná faireachán a dhéanamh orthu.

Leasú  68

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 15 a

 

Gan dochar d’urraim iomlán a bheith á tabhairt do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, cuirfidh na Ballstáit cómhargáil chun cinn in obair ardáin agus áiritheoidh siad go bhfuil an ceart chun rochtain a fháil ar oibrithe ardáin ag ionadaithe na bhfostaithe, lena n-áirítear trí rochtain dhigiteach, chun a n-ionadaíocht a eagrú;


NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

Tagairtí

COM(2021)0762 – C9-0454/2021 – 2021/0414(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

17.1.2022

 

 

 

Coiste ar iarradh tuairim air

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

17.1.2022

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Karima Delli

3.10.2022

An rapóirtéir don tuairim roimhe seo

Marianne Vind

Pléite sa choiste

16.6.2022

 

 

 

Dáta an ghlactha

3.10.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

25

7

13

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Andris Ameriks, Erik Bergkvist, Izaskun Bilbao Barandica, Paolo Borchia, Karolin Braunsberger-Reinhold, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Carlo Fidanza, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Elena Kountoura, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Philippe Olivier, João Pimenta Lopes, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Vera Tax, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Lucia Vuolo, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Leila Chaibi, Nicola Danti, Roman Haider, Ljudmila Novak, Jutta Paulus, Dorien Rookmaker, Annalisa Tardino, Kathleen Van Brempt, Marianne Vind, Jörgen Warborn

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Ondřej Kovařík, Eugen Tomac, Iuliu Winkler

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

25

+

ECR

Carlo Fidanza, Peter Lundgren, Dorien Rookmaker, Roberts Zīle

ID

Paolo Borchia, Roman Haider, Philippe Olivier, Annalisa Tardino

EPP

Karolin Braunsberger-Reinhold, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Ljudmila Novak, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, Eugen Tomac, Henna Virkkunen, Lucia Vuolo, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler

RENEW

Izaskun Bilbao Barandica, Nicola Danti, Dominique Riquet

S&D

Erik Bergkvist

 

7

-

AN CHLÉ

Leila Chaibi, Elena Kountoura, João Pimenta Lopes

VERTS/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Anna Deparnay-Grunenberg, Jutta Paulus

 

13

0

NI

Mario Furore

RENEW

Søren Gade, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal

S&D

Andris Ameriks, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, Kathleen Van Brempt, Marianne Vind

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

Tagairtí

COM(2021)0762 – C9-0454/2021 – 2021/0414(COD)

Dáta tíolactha chun PE

9.12.2021

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

17.1.2022

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

17.1.2022

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Elisabetta Gualmini

2.2.2022

 

 

 

Pléite sa choiste

19.5.2022

12.7.2022

 

 

Dáta an ghlactha

12.12.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

41

12

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

João Albuquerque, Atidzhe Alieva-Veli, Marc Angel, Dominique Bilde, Gabriele Bischoff, Milan Brglez, Sylvie Brunet, David Casa, Leila Chaibi, Margarita de la Pisa Carrión, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Helmut Geuking, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Irena Joveva, Radan Kanev, Ádám Kósa, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Giuseppe Milazzo, Sandra Pereira, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Guido Reil, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Monica Semedo, Beata Szydło, Eugen Tomac, Romana Tomc, Marianne Vind, Maria Walsh, Stefania Zambelli, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Rosa D’Amato, José Gusmão, Jeroen Lenaers, Alin Mituța, Eugenia Rodríguez Palop, Sara Skyttedal, Kim Van Sparrentak, Marie-Pierre Vedrenne, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Camilla Laureti, Giuliano Pisapia, Sándor Rónai

Dáta don chur síos

23.12.2022

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

41

+

ECR

Giuseppe Milazzo

ID

Dominique Bilde, Elena Lizzi, Stefania Zambelli

NI

Daniela Rondinelli

PPE

David Casa, Jarosław Duda, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Helmut Geuking, Jeroen Lenaers, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Maria Walsh

RENEW

Atidzhe Alieva-Veli, Sylvie Brunet, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Irena Joveva, Alin Mituța, Monica Semedo, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

João Albuquerque, Marc Angel, Gabriele Bischoff, Milan Brglez, Estrella Durá Ferrandis, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Camilla Laureti, Giuliano Pisapia, Sándor Rónai, Marianne Vind

THE LEFT

Leila Chaibi, José Gusmão, Sandra Pereira, Eugenia Rodríguez Palop

VERTS/ALE

Rosa D'Amato, Katrin Langensiepen, Mounir Satouri, Kim Van Sparrentak

 

12

-

ECR

Margarita de la Pisa Carrión, Elżbieta Rafalska, Beata Szydło, Anna Zalewska

ID

Guido Reil

NI

Ádám Kósa

PPE

Radan Kanev, Miriam Lexmann, Sara Skyttedal, Romana Tomc, Tomáš Zdechovský

RENEW

Abir Al-Sahlani

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 16 Eanáir 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais