MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
13.1.2023 - (10092/2022 – C9‑0288/2022 – 2022/0157(NLE)) - ***
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Annalisa Tardino
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
(10092/2022 – C9‑0288/2022 – 2022/0157(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10092/2022),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac (9269/2022),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(2), le hAirteagal 88 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0288/2022),
– ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 10 Iúil 2020[1] maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe, faoi chaibidil, idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0003/2023),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. a threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na Nua-Shéalainne.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Baineann an togra seo leis an iarraidh ar fhormheas an Chinnidh ón gComhairle maidir le comhaontú um chomhar straitéiseach a thabhairt i gcrích i ndáil le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht, ar gá toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil ina leith.
Is é is cuspóir don chomhaontú aistriú sonraí pearsanta a chumasú, chun gníomhaíocht údaráis inniúla an Aontais Eorpaigh agus na Nua-Shéalainne a neartú, mar aon lena gcomhar le chéile, d’fhonn coireanna a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht, atá ag éirí níos trasnáisiúnta agus atá ag éirí domhanda fiú mar fheiniméin, agus coimircí leordhóthanacha á n-áirithiú ag an am céanna maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a urramú go hiomlán, lena n-áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí, mar a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Ós rud é go bhfuil dúshláin slándála chomhchosúla os comhair an Aontais Eorpaigh agus na Nua-Shéalainne le roinnt blianta anuas, creidimid go bhféadfadh an comhar i bhforfheidhmiú an dlí i réimsí na frithsceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na héillitheachta, na gáinneála ar dhrugaí, na cibearchoireachta, an sciúrtha airgid, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, agus na himirce neamhdhleathaí, buntáistí forleathana a thabhairt don dá pháirtí agus gur chun leasa an Aontais Eorpaigh é.
Tríd is tríd, measann an rapóirtéir go bhfuil an comhaontú ar thángthas air sásúil, toisc go gceadófar leis sonraí pearsanta a aistriú idir Europol agus údaráis inniúla na Nua-Shéalainne, agus coimircí leordhóthanacha príobháideachais agus cosanta sonraí á n-áirithiú ag an am céanna.
Is díol sásaimh don Rapóirtéir go ndearnadh na moltaí a áirítear sa rún ó Pharlaimint na hEorpa a glacadh an 10 Iúil 2022 (2020/2048(INI)) a chur san áireamh go leormhaith, go háirithe maidir leis na forálacha maidir le raon feidhme an Chomhaontaithe, maidir le prionsabal an teorannaithe ar choinneáil sonraí chomh maith leis an oibleagáid fógra a thabhairt do na hábhair sonraí.
Thairis sin, ba mhaith leis an rapóirtéir a chur i bhfios go láidir go bhfuil reachtaíocht sheanbhunaithe maidir le cosaint sonraí agus údarás neamhspleách cosanta sonraí ag an Nua-Shéalainn.
Ar deireadh, ba cheart a lua gur dhearbhaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) freisin, sa tuairim uaidh maidir leis an Togra le haghaidh Cinntí ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ‘go bhféadfar é a úsáid freisin mar shamhail do chomhaontuithe amach anseo maidir le malartú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí’.
Moltar, dá bhrí sin, go dtabharfadh Parlaimint na hEorpa a toiliú do thabhairt i gcrích an comhaontaithe.
SEASAMH MIONLAIGH
De bhun Riail 55(4) de na Rialacha Nós Imeachta
Fabienne Keller (Renew Europe)
Mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa atá ar son na hEorpa, agus mé lánchinnte de leas agus tábhacht an chomhair idir AE agus an Nua-Shéalainn chun an comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta a chothú, tacaím go hiomlán leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le comhaontú nua a thabhairt i gcrích maidir le malartú sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac. Ar an gcaoi sin, thacaigh mé leis an tuarascáil reachtach lena bhformhuinítear an comhaontú a thabhairt i gcrích. Mar sin féin, ba mhaith liom a rá nach féidir le mo thacaíocht don tuarascáil seo, a bhfuil rapóirtéir de chuid Ghrúpa ID aici, muid a nascadh ar bhealach ar bith leis an ngrúpa polaitiúil seo agus leis na seasaimh Eoraisceipteacha a chuireann sí in iúl, rud a chuirim go láidir ina choinne.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Nua-Shéalainn, den pháirt eile, maidir le malartú sonraí pearsanta idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis na Nua-Shéalainne atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac |
|||
Tagairtí |
10092/2022 – C9-0288/2022 – 2022/0157(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin nó na hiarrata ar thoiliú |
18.7.2022 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 12.9.2022 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Annalisa Tardino 13.7.2022 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
16.6.2022 |
27.6.2022 |
25.10.2022 |
|
Dáta an ghlactha |
12.1.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
50 3 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Abir Al-Sahlani, Vladimír Bilčík, Malin Björk, Vasile Blaga, Patrick Breyer, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patricia Chagnon, Clare Daly, Lena Düpont, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Laura Ferrara, Andrzej Halicki, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Fabienne Keller, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Erik Marquardt, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Isabel Santos, Sara Skyttedal, Vincenzo Sofo, Ramona Strugariu, Yana Toom, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Elena Yoncheva |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Loucas Fourlas, Beata Kempa, Ondřej Kovařík, Alessandra Mussolini, Sira Rego, Domènec Ruiz Devesa, Loránt Vincze, Petar Vitanov, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Asim Ademov, Gunnar Beck, Isabel Benjumea Benjumea, Marian-Jean Marinescu, René Repasi, Antonio Maria Rinaldi, Mounir Satouri, Jörgen Warborn |
|||
Dáta don chur síos |
13.1.2023 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
50 |
+ |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Beata Kempa, Vincenzo Sofo |
ID |
Gunnar Beck, Patricia Chagnon, Antonio Maria Rinaldi, Tom Vandendriessche |
NI |
Laura Ferrara |
EPP |
Asim Ademov, Isabel Benjumea Benjumea, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Lena Düpont, Loucas Fourlas, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Marian-Jean Marinescu, Nadine Morano, Alessandra Mussolini, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Sara Skyttedal, Loránt Vincze, Jörgen Warborn, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Abir Al-Sahlani, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Ondřej Kovařík, Maite Pagazaurtundúa, Ramona Strugariu, Yana Toom |
S&D |
Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, René Repasi, Domènec Ruiz Devesa, Petar Vitanov, Elena Yoncheva |
An Chlé |
Malin Björk |
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Alice Kuhnke, Erik Marquardt, Mounir Satouri |
3 |
- |
S&D |
Isabel Santos |
An Chlé |
Clare Daly, Sira Rego |
1 |
0 |
NI |
Milan Uhrík |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO C 371, 15.9.2021, lch. 71.