Tuarascáil - A9-0005/2023Tuarascáil
A9-0005/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

23.1.2023 - (COM(2021)0733 – C9‑0022/2022 – 2021/0373(CNS)) - *

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Joachim Stanisław Brudziński
(Athmhúnlú – Riail 110 de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2021/0373(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0005/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0005/2023
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

(COM(2021)0733 – C9‑0022/2022 – 2021/0373(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0733),

 ag féachaint d’Airteagal 22(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0022/2022),

 ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha[1],

 ag féachaint don litir dar dáta an 8 Samhain 2022 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Rialacha 110 agus 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0005/2023),

A. de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna oiriúnú do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus arna leasú mar a léirítear anseo ina dhiaidh seo;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú  1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) Céim nua chun cinn sa phróiseas chun aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa a bhí i gConradh 1992 ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht). Ar cheann de na cúraimí a bhí air ná an caidreamh idir pobail na mBallstát a eagrú ar dhóigh ina léirítear comhsheasmhacht agus dlúthpháirtíocht. Ar na cuspóirí bunúsacha a bhí aige bhí cosaint chearta agus leasanna náisiúnaigh a Bhallstát a neartú trí shaoránacht den Aontas a thionscnamh;

Leasú  2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Le Treoir 94/80/CE ón gComhairle leagtar amach na socruithe sonracha lena rialaítear feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.

(3) Le Treoir 94/80/CE ón gComhairle leagtar amach na socruithe sonracha lena rialaítear feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad.

Leasú  3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Sa Tuarascáil ar Shaoránacht AE 202022 ón gCoimisiún, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis na rialacha maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a nuashonrú, a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú go gcuideoidh siad le rannpháirtíocht leathan chuimsitheach shaoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais. Agus an taithí a fuarthas as a chur i bhfeidhm ar thoghcháin leantacha á cur san áireamh, agus chun na hathruithe a tugadh isteach leis na leasuithe ar na Conarthaí a chur san áireamh, ba cheart roinnt forálacha ón Treoir sin a nuashonrú.

(4) Sa Tuarascáil ar Shaoránacht AE 202022 ón gCoimisiún, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis na rialacha maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a nuashonrú, a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú go gcuideoidh siad le rannpháirtíocht leathan chuimsitheach na saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Agus an taithí a fuarthas as a chur i bhfeidhm ar thoghcháin bhardasacha á cur san áireamh, agus chun na hathruithe a tugadh isteach leis na leasuithe ar na Conarthaí a chur san áireamh, ba cheart roinnt forálacha ón Treoir sin a nuashonrú.

_________________

_________________

22 Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint, COM/2020/730 críochnaitheach.

22 Tuarascáil ar Shaoránacht AE 2020 Saoránaigh a chumhachtú agus a gcearta a chosaint, COM/2020/730 críochnaitheach.

Leasú  4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An nós imeachta a bhaineann le toghcháin bhardasacha, tagann sé faoi réimse inniúlachtaí na mBallstát a eagraíonn iad de réir a dtraidisiúin shonracha agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. I gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla chomh maith le dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ba cheart do na Ballstáit an ceart atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain éasca ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin tríd an oiread constaicí ar thoghcháin a bhaint agus is féidir.

(5) An nós imeachta a bhaineann le toghcháin bhardasacha, tagann sé faoi réimse inniúlachtaí na mBallstát a eagraíonn iad de réir a dtraidisiúin bhunreachtúla agus shonracha agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. I gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas chomh maith le dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ba cheart do na Ballstáit an ceart atá ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain iomlán agus éifeachtach ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin trí na constaicí ar fad ar thoghcháin a bhaint agus is féidir, agus trí rochtain iomlán a sholáthar ar fhaisnéis ábhartha.

Leasú  5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad’) a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh dá mBallstát óstach, ba cheart na coinníollacha lena rialaítear clárú agus rannpháirtíocht i dtoghcháin den sórt sin a shoiléiriú chun cóir chomhionann a áirithiú idir saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh iad agus saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad. Go háirithe, ba cheart cóir chomhionann a thabhairt do shaoránaigh den Aontas atá ag iarraidh vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe a mhéid a bhaineann le haon tréimhse chónaithe atá le comhlíonadh mar choinníoll chun an ceart a fheidhmiú, agus na cruthúnais chun a léiriú go gcomhlíonann siad coinníoll den sórt sin.

(6) Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad’) a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh dá mBallstát óstach, ba cheart na coinníollacha lena rialaítear clárú agus rannpháirtíocht i dtoghcháin den sórt sin a shoiléiriú chun cóir chomhionann a áirithiú idir saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh iad agus saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad. Go háirithe, ba cheart cóir chomhionann a thabhairt do shaoránaigh den Aontas atá ag iarraidh vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe agus a thugtar do náisiúnaigh an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le haon tréimhse chónaithe atá le comhlíonadh mar choinníoll chun an ceart a fheidhmiú, agus na cruthúnais chun a léiriú go gcomhlíonann siad coinníoll den sórt sin.

Leasú  6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh sé mar cheangal ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad coinníollacha speisialta a chomhlíonadh chun an ceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú, mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil bonn cirt le cóir dhifriúil idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in imthosca a bhaineann go sonrach leis na neamhnáisiúnaigh a idirdhealú ó na náisiúnaigh.

(7) Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh sé mar cheangal ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad coinníollacha speisialta a chomhlíonadh chun an ceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú, mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil bonn cirt le cóir dhifriúil idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in imthosca eisceachtúla a bhaineann go sonrach leis na neamhnáisiúnaigh a idirdhealú ó na náisiúnaigh. Ní mór údar cuí a bheith le haon difríocht den sórt sin sa chaoi a gcaitear leo.

Leasú  7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a éascú, ba cheart saoránaigh den sórt sin a chur leis an rolla toghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Ba cheart go mbeadh na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú chomh simplí agus is féidir. Ba cheart gur leor do na saoránaigh den Aontas lena mbaineann cárta aitheantais bailí agus dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe a thugann fianaise go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar an rolla toghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart do shaoránaigh den Aontas sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-institiúidí sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta.

(8) Chun feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a éascú, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh clárúchán láithreach mar vótálaí a chur ar fáil, tar éis do shaoránaigh an Aontais a chur in iúl gur mian leo vótáil ina mBallstát cónaithe. I gcás nár cláraíodh láithreach, ba cheart na saoránaigh a chur leis an rolla toghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Ba cheart go mbeadh na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú chomh simplí, chomh inrochtana agus chomh cosúil agus is féidir ar fud na mBallstát. Ba cheart gur leor go ndéanfadh saoránaigh an Aontais lena mbaineann cárta aitheantais bailí agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe a thugann fianaise go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin bhardasacha. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar an rolla toghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart do shaoránaigh den Aontas sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-institiúidí sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta. Ba cheart do na Ballstáit rollaí toghchánacha ar leith a bhunú do thoghcháin bhardasacha agus Eorpacha.

Leasú  8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8 a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaíonn na ceanglais maidir le clárú mar iarrthóir agus maidir le liosta iarrthóirí a chur isteach caighdeáin dhaonlathacha, chomhréireacha agus thrédhearcacha agus go bhfuil siad infheidhme maidir le saoránaigh náisiúnta agus saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad araon.

Leasú  9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8 b) Chun saoránaigh na hEorpa a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad a chumasú le bheith incháilithe go hiarbhír chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha, níor cheart do pháirtithe polaitiúla náisiúnta ballraíocht a dhéanamh coinníollach ar náisiúntacht Bhallstát an toghcháin a bheith acu.

Leasú  10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Is féidir dícháiliú ón gceart chun seasamh mar iarrthóir a ordú trí chinneadh aonair na n-údarás sa Bhallstát cónaithe nó sa Bhallstát baile. I bhfianaise na tábhachta polaitiúla a bhaineann le hoifig bhardasach a shealbhú, ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal faisnéis a fháil ón mBallstát baile maidir le cailleadh an chirt chun seasamh mar iarrthóir i mBallstát baile an iarrthóra.

(10) Is féidir dícháiliú ón gceart chun seasamh mar iarrthóir a ordú trí chinneadh aonair na n-údarás sa Bhallstát cónaithe nó sa Bhallstát baile. I bhfianaise na tábhachta polaitiúla a bhaineann le hoifig bhardasach a shealbhú, ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal faisnéis a fháil go díreach ón mBallstát baile maidir le cailleadh an chirt chun seasamh mar iarrthóir i mBallstát baile an iarrthóra. Níor cheart go bhfhágfadh cinntí maidir le díothacht acmhainneachta dlíthiúla de bharr míchumais arna nglacadh ag an mBallstát baile nach mbeidh saoránaigh den Aontas neamh-incháilithe chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe má sheasann dlí an Bhallstáit sin gan srianta leis an gceart sin atá ag gach duine faoi mhíchumas den sórt sin.

Leasú  11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ós rud é gur féidir dualgais cheannaireacht na mbunaonad rialtais áitiúil a bheith bainteach le húdarás oifigiúil a fheidhmiú agus an leas ginearálta a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hoifigí sin a fhorchoimeád dá náisiúnaigh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhréireachta.

scriosta

Leasú  12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Ar an gcaoi chéanna, ba cheart gurbh fhéidir le hoifigeach bardasach tofa a bheith rannpháirteach i dtoghchán do chomhthionól parlaiminteach a fhorchoimeádfar do náisiúnaigh an Bhallstáit féin.

scriosta

Leasú  13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) An ceart a thugtar do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, ní ionadach é ar an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát ar náisiúnach de an saoránach den Aontas. Dá bhrí sin is gá saoirse shaoránaigh den Aontas maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe a urramú agus go bhféadfaidh na saoránaigh sin a mian a chur in iúl chun a gceart chun vótáil ina mBallstát cónaithe a fheidhmiú. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an vótáil éigeantach iontu foráil a dhéanamh dá bhrí sin chun na saoránaigh sin atá ar rolla na dtoghthóirí a chlárú go huathoibríoch

(14) An ceart a thugtar do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe, ní ionadach é ar an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát ar náisiúnach de an saoránach den Aontas. Dá bhrí sin is gá saoirse shaoránaigh den Aontas maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe a urramú agus go bhféadfaidh na saoránaigh sin a mian a chur in iúl chun a gceart chun vótáil ina mBallstát cónaithe a fheidhmiú.

Leasú  14

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Príomhghné chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), pointe (b) agus in Airteagal 22(1) CFAE a áirithiú is ea inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha.

(15) Príomhghné chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), pointe (b) agus in Airteagal 22(1) CFAE a áirithiú is ea inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha. Ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh neamhnáisiúnta ar fhaisnéis faoina gcearta toghcháin agus faoi nósanna imeachta toghcháin ar theacht isteach sa Bhallstát dóibh, go tréimhsiúil agus in am trátha roimh na toghcháin bhardasacha. Ba cheart iad a chur ar an eolas freisin go bhfuil rollaí éagsúla toghthóirí ann do na toghcháin bhardasacha agus do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Leasú  15

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Déanann an easpa faisnéis leormhaith difear, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghchánacha, do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gcearta toghchánacha mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil chun a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeadh freagrachtaí speisialta acu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus faoi Airteagal 22(1) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin bhardasacha agus lena n-eagrú. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe.

(16) Déanann an easpa faisnéis leormhaith difear, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghchánacha, do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gcearta toghchánacha mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil chun a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeadh freagrachtaí speisialta acu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus faoi Airteagal 22(1) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin bhardasacha agus lena n-eagrú, agus maidir le faisnéis ar an gcóras toghcháin agus polaitiúil, lena n-áirítear inniúlachtaí na mbunaonad rialtais áitiúil. Ba cheart do na húdaráis sin feachtais faisnéise a chomhordú i gcomhar le húdaráis áitiúla agus, nuair is féidir, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus leas a bhaint as raon leathan bealaí faisnéise. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil in am trátha, ar bhonn rialta, agus i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe, go hidéalach gan dul thar leibhéal castachta níos airde ná leibhéal B1 (idirmheánach) de Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha de chuid Chomhairle na hEorpa.

Leasú  16

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, ar teanga í a mbeadh tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch. Féadfaidh na Ballstáit teangacha oifigiúla difriúla de chuid an Aontais a úsáid i gcodanna sonracha dá gcríoch nó dá gcuid réigiún ag brath ar an teanga a mbeadh tuiscint ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ann.

(17) Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus i gcás ina dtairgfidh na húdaráis í, sa teanga is fearr leis an vótálaí Aontais, teanga ar cheart dóibh a bheith in ann a chur in iúl tráth an chlárúcháin. I gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún Eorpach tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun faisnéis maidir leis na nósanna imeachta clárúcháin agus toghcháin a aistriú go teangacha oifigiúla an Aontais.

Leasú  17

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Caithfidh gá a bheith le haon mhaolú ó rialacha ginearálta na Treorach seo, de bhun Airteagal 22 (1) CFAE, mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann go sonrach le Ballstát agus caithfidh sé bheith i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52 den Chairt, lena n-áirítear an ceanglas go bhforáilfear leis an dlí d’aon teorainn le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus go gcuirfear faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais iad. Ina theannta sin, caithfidh aon mhaolú , de bharr a chineáil, a bheith faoi réir athbhreithnithe dá bhforáiltear le hAirteagal 47 den Chairt.

(18) Caithfidh gá a bheith le haon mhaolú ó rialacha ginearálta na Treorach seo, de bhun Airteagal 22 (1) CFAE, mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann go sonrach le Ballstát agus caithfidh sé bheith i gcomhréir le ceanglais Airteagal 52 den Chairt, lena n-áirítear an ceanglas go bhforáilfear leis an dlí d’aon teorainn le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad agus go gcuirfear faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais iad. Ina theannta sin, caithfidh aon mhaolú, de bharr a chineáil, a bheith faoi réir athbhreithnithe dá bhforáiltear le hAirteagal 47 den Chairt. I bhfianaise na húsáide teoranta a bhaineann na Ballstáit as na féidearthachtaí a leagtar síos i dTreoir 94/80/CE chun maolú ar a rialacha ginearálta, níor cheart na féidearthachtaí sin maidir le maoluithe a thairiscint a thuilleadh.

Leasú  18

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) D’fhéadfadh fadhbanna sonracha den sórt sin teacht chun cinn i mBallstát ina bhfuil an sciar de na saoránaigh den Aontas atá in aois vótála, a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad, go mór thar an meán. Nuair is ionann líon na saoránach sin agus níos mó ná 20 % de chlár iomlán na dtoghthóirí, beidh údar cuí le maoluithe. Ní mór na maoluithe sin a bheith bunaithe ar chritéar tréimhse cónaithe.

scriosta

Leasú  19

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Ballstáit ina bhfuil an sciar de shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad atá in aois vótála thar 20% de líon iomlán shaoránaigh an Aontais atá in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann d’fhéadfaí, i dtaca le hAirteagal 22(1) CFAE , forálacha sonracha a bhaineann le comhdhéanamh na liostaí iarrthóirí a leagan síos.

scriosta

Leasú  20

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) Is gá a chur san áireamh go bhfuil an ceart chun vótáil i dtoghcháin don pharlaimint náisiúnta i mBallstáit áirithe ag cónaitheoirí ar náisiúnaigh de Bhallstáit eile iad agus dá thoradh sin is féidir na foirmiúlachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo a mhaolú.

scriosta

Leasú  21

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Baineann gnéithe agus cothromaíochtaí sonracha le Ríocht na Beilge toisc go ndéantar foráil in Airteagal 1 go hAirteagal 4 ina Bunreacht maidir le trí theanga oifigiúla agus deighilt críche i réigiúin agus i bpobail, a bhfuil de thoradh air sin go bhféadfadh éifeachtaí a bheith ag cur i bhfeidhm iomlán na Treorach seo i gcomúin áirithe a chiallódh gur ghá foráil a dhéanamh maidir le maolú féideartha ar fhorálacha na Treorach seo chun na gnéithe agus na cothromaíochtaí sonracha sin a chur san áireamh;

scriosta

Leasú  22

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) D’fhéadfadh sonraí maidir le feidhmiú ceart agus cur chun feidhme na Treorach seo a bheith úsáideach chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha na saoránach den Aontas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar bhailiú na sonraí maidir le toghcháin bhardasacha, is gá faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme sna Ballstáit a thabhairt isteach, ar cheart go n-áireofaí leis, i dteannta le sonraí staidrimh, faisnéis maidir leis na bearta a ghlactar chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnach iad i dtoghcháin. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach , lena n-áirítear athruithe ar bith ar na toghthóirí a tharla tar éis a teacht i bhfeidhm agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(23)  sonraí maidir le feidhmiú ceart agus cur chun feidhme na Treorach seo tábhachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas ábhartha an Aontais agus chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha na saoránach den Aontas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar bhailiú agus ar thuairisciú na sonraí ag na Ballstáit maidir le toghcháin bhardasacha, is gá faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme sna Ballstáit a thabhairt isteach, ar cheart go n-áireofaí leis, i dteannta le sonraí staidrimh, faisnéis maidir leis na bearta a ghlactar chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnach iad i dtoghcháin, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart na sonraí sin a bhailiú ar bhealach trédhearcach agus slán ar fud na mBallstát uile agus ar bhonn na gcomhtháscairí céanna. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comhtháscairí a bhunú chun go soláthróidh na Ballstáit na sonraí staidrimh lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach , lena n-áirítear athruithe ar bith ar na toghthóirí a tharla tar éis a teacht i bhfeidhm agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Leasú  23

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Is gá don Choimisiún a mheastóireacht féin a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo laistigh de theorainn ama réasúnta tar éis a theacht i bhfeidhm, meastóireacht a bhainfeadh go dlúth leis an meastóireacht ar chur i bhfeidhm Treoir 93/109/CE ón gComhairle23 an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad.

(24) Is gá don Choimisiún a mheastóireacht féin a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo laistigh de theorainn ama réasúnta tar éis a theacht i bhfeidhm, meastóireacht a bhainfeadh go dlúth leis an meastóireacht ar chur i bhfeidhm Treoir 93/109/CE ón gComhairle23 an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Ba cheart go leanfaí an mheastóireacht, más iomchuí, le togra reachtach chun an Treoir seo a leasú.

_________________

_________________

23 Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú).

23 Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú).

Leasú  24

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd a thabhairt i gcrích25, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin lena n-áirítear Airteagal 29 maidir le Rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí. Chun tacú le rannpháirtíocht chuimsitheach agus chomhionann daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun a gcearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin bhardasacha ar riachtanais na saoránach faoi mhíchumas agus na saoránach níos sine.

(26) Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd a thabhairt i gcrích25, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin lena n-áirítear Airteagal 29 maidir le Rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí. Chun rannpháirtíocht chuimsitheach agus chomhionann daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin a áirithiú, agus an tionchar suntasach is féidir a bheith ag cinntí áitiúla ar shaincheisteanna inrochtaineachta agus ar shaol daoine faoi mhíchumas agus saoránach níos sine, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun a gcearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin bhardasacha ar riachtanais shonracha na saoránach faoi mhíchumas agus na saoránach níos sine. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh faoi shocruithe iomchuí a chur chun feidhme atá saincheaptha dá nósanna imeachta vótála náisiúnta chun vótáil na saoránach faoi mhíchumas a éascú, amhail an fhéidearthacht stáisiúin vótála a roghnú, agus úsáid teicneolaíochtaí, formáidí agus teicnící cúnta amhail braille, cló mór, faisnéis fhuaimbhunaithe, stionsail thadhlacha, faisnéis atá éasca le léamh agus cumarsáid i dteanga chomharthaíochta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a cheadú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an deis vótála poist a sholáthar agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh d’uirlisí comhlántacha eile chun vótáil a éascú, amhail réamhvótáil fhisiciúil, seachvótáil agus vótáil leictreonach agus ar líne.

_________________

_________________

25 Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

25 Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

Leasú  25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d a) Ciallaíonn ‘vótálaí Aontais’ aon saoránach den Aontas a bhfuil ceart vótála aige i dtoghcháin bhardasacha i mBallstát cónaithe an duine sin i gcomhréir leis an Treoir seo;

Leasú  26

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d b) Ciallaíonn ‘iarrthóir Aontais’ aon saoránach den Aontas a bhfuil ceart chun seasamh mar iarrthóir aige i dtoghcháin bhardasacha i mBallstát cónaithe an duine sin i gcomhréir leis an Treoir seo;

Leasú  27

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Más rud é, chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóirí, nach mór do náisiúnaigh an Bhallstáit cónaithe íostréimhse áirithe a bheith caite acu mar chónaitheoir i gcríoch an Bhallstáit sin, measfar an coinníoll sin a bheith comhlíonta ag vótálaithe agus daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 má bhí cónaí orthu i mBallstáit eile ar feadh tréimhse choibhéiseach.

1. Más rud é, chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóirí, nach mór do náisiúnaigh an Bhallstáit chónaithe íostréimhse áirithe a bheith caite acu mar chónaitheoir i gcríoch an Bhallstáit sin, measfar an coinníoll sin a bheith comhlíonta ag vótálaithe Aontais agus iarrthóirí Aontais má bhí gnáthchónaí orthu i mBallstáit eile ar feadh tréimhse choibhéiseach.

Leasú  28

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Más rud é, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, nach bhféadfaidh a náisiúnaigh féin vótáil nó seasamh mar iarrthóirí ach sa bhunaonad rialtais áitiúil ina bhfuil a bpríomháit chónaithe, beidh vótálaithe agus daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 faoi réir an choinníll sin freisin.

2. Más rud é, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, nach bhféadfaidh a náisiúnaigh féin vótáil nó seasamh mar iarrthóirí ach sa bhunaonad rialtais áitiúil ina bhfuil a bpríomháit chónaithe, beidh vótálaithe Aontais agus iarrthóirí Aontais faoi réir an choinníll sin freisin.

Leasú  29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is féidir le haon Bhallstát cónaithe foráil a dhéanamh go gcuirfear cosc ar shaoránaigh de chuid an Aontais ar baineadh a gceart díobh, de thoradh cinneadh aonair faoin dlí sibhialta nó cinneadh dlí choiriúil, seasamh mar iarrthóir faoi dhlí a mBallstáit bhaile, an ceart sin a fheidhmiú i dtoghcháin bhardasacha.

1. Is féidir le haon Bhallstát cónaithe foráil a dhéanamh go gcuirfear cosc ar shaoránaigh de chuid an Aontais ar baineadh a gceart díobh, de thoradh cinneadh aonair faoin dlí sibhialta nó cinneadh dlí choiriúil, seasamh mar iarrthóir faoi dhlí a mBallstáit bhaile, an ceart sin a fheidhmiú i dtoghcháin bhardasacha. Ní fhágfaidh cinntí maidir le díothacht acmhainneachta dlíthiúla de bharr míchumais arna nglacadh ag an mBallstát baile, áfach, nach mbeidh saoránaigh den Aontas neamh-incháilithe chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe má sheasann dlí an Bhallstáit sin gan srianta leis an gceart sin atá ag gach duine faoi mhíchumas den sórt sin.

Leasú  30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin oifig an chinn, an ionadaí nó an bhaill thofa ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a shealbhú má thoghtar an duine chun oifige ar feadh thréimhse a sainordaithe .

scriosta

Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos freisin nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin feidhmeanna an chinn, an ionadaí nó an bhaill ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a chur i gcrích.

 

Ag féachaint don Chonradh agus do phrionsabail dhlíthiúla ghinearálta, féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir ach lena náisiúnaigh féin na hoifigí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shealbhú agus na feidhmeanna eatramhacha dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i gcrích.

 

Leasú  31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin nach bhféadfaidh saoránaigh den Aontas arna dtoghadh mar bhaill ar chomhairle ionadaíoch a bheith rannpháirteach in ainmniú na dtoscairí ar féidir leo vótáil i dtionól parlaiminteach ná i dtoghadh bhaill an tionóil sin.

scriosta

Leasú  32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 faoi réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann le neamhréireacht agus a bhaineann, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

1. Beidh iarrthóirí Aontais faoi réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann le neamhréireacht agus a bhaineann, faoi dhlíthe an Bhallstáit chónaithe, le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

Leasú  33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Feidhmeoidh vótálaithe a chomhlíonfaidh coinníollacha Airteagal 3 a gceart chun vótáil i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe má chuir siad in iúl gur mian leo é sin a dhéanamh.

1. Feidhmeoidh vótálaithe Aontais a chomhlíonfaidh coinníollacha Airteagal 3 a gceart chun vótáil i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát cónaithe má chuir siad in iúl gur mian leo é sin a dhéanamh.

Leasú  34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Má tá an vótáil éigeantach sa Bhallstát cónaithe, beidh d'oibleagáid ar vótálaithe de bhun Airteagal 3 atá ar rolla na dtoghthóirí vóta a chaitheamh.

2. Má tá an vótáil éigeantach sa Bhallstát cónaithe, beidh d'oibleagáid ar vótálaithe Aontais atá ar rolla na dtoghthóirí vóta a chaitheamh.

Leasú  35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an vótáil éigeantach iontu foráil a dhéanamh maidir le clárú uathoibríoch vótálaithe de bhun Airteagal 3 ar rolla na dtoghthóirí.

3. Féachfaidh na Ballstáit le clárú láithreach saoránach den Aontas nach náisiúnaigh iad mar vótálaithe Aontais ar an rolla toghthóirí a thabhairt isteach do vótálaithe nach náisiúnaigh iad de chuid an Aontais tar éis dóibh toiliú a fháil ó shaoránaigh an Aontais lena mbaineann tráth an chláraithe mar chónaitheoir sa Bhallstát cónaithe. Vótálaithe Aontais a roghnaigh gan clárú láithreach, iarrfar orthu clárú i bhfad roimh an tréimhse toghcháin.

Leasú  36

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir vótálaí de bhun Airteagal 3 a chur ar rolla na dtoghthóirí in am agus i dtráth roimh lá na vótála.

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir vótálaí de chuid an Aontais a chur ar rolla na dtoghthóirí in am agus i dtráth roimh lá na vótála.

Leasú  37

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun go gcuirfear a n-ainm ar rolla na dtoghthóirí, soláthróidh vótálaithe de bhun Airteagal 3 na doiciméid chéanna a sholáthróidh vótálaithe ar náisiúnach iad .

2. Chun go gcuirfear a n-ainm ar rolla na dtoghthóirí, soláthróidh vótálaithe Aontais na doiciméid chéanna nó doiciméid atá coibhéiseach leis na doiciméid a sholáthróidh vótálaithe ar náisiúnaigh iad. Soláthróidh siad dearbhú foirmiúil freisin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Leasú  38

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar vótálaí de bhun Airteagal 3 doiciméad bailí aitheantais a sholáthar, chomh maith le dearbhú foirmiúil arna tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Féadfaidh an Ballstát cónaithe an méid seo a leanas a cheangal ar vótálaithe Aontais:

 

(a) doiciméad bailí aitheantais a sholáthar;

 

(b) an dáta óna raibh gnáthchónaí orthu sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile a shonrú;

 

(c) más mian leo, teanga amháin nó níos mó a chur in iúl inar mian leo an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a fháil, arna roghnú as measc theangacha oifigiúla an Aontais, nó as measc teangacha eile, i gcás ina dtairgfidh an t-údarás inniúil iad.

Leasú  39

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Fanfaidh vótálaithe de bhun Airteagal 3 a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát cónaithe ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí cibé tráth a bhainfear iad de mar ní chomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le vótálaithe de bhun Airteagal 3.

3. Fanfaidh vótálaithe Aontais a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát cónaithe ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí cibé tráth a bhainfear iad de mar ní chomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le vótálaithe Aontais. Tabharfar an fógra sin do vótálaithe Aontais lena mbaineann sa teanga de chuid an Aontais a roghnaigh an duine sin arna sonrú sa dearbhú foirmiúil, i gcás ina bhfuil an rogha sin curtha in iúl ag vótálaí Aontais.

Leasú  40

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Gan dochar do rialacha aon Bhallstáit maidir leis an gceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir atá ag náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá chríoch, ní bheidh de thoradh ar vótálaithe de bhun Airteagal 3 a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí ina mBallstát cónaithe go mbainfear iad de rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát baile.

5. Gan dochar do rialacha aon Bhallstáit maidir leis an gceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir atá ag náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá chríoch, ní bheidh de thoradh ar vótálaithe Aontais a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí ina mBallstát cónaithe go mbainfear iad de rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát baile.

Leasú  41

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Nuair a chuireann daoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóir, soláthróidh siad na doiciméid chéanna a sholáthróidh iarrthóir ar náisiúnach é. Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar na daoine lena mbaineann dearbhú foirmiúil a sholáthar arna tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II .

1. Nuair a chuireann saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóir, soláthróidh siad na doiciméid chéanna a sholáthróidh iarrthóirí ar náisiúnaigh iad nó doiciméid atá coibhéiseach leo. Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar na daoine lena mbaineann dearbhú foirmiúil a sholáthar arna tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Leasú  42

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfaidh an Ballstát cónaithe a cheangal ar dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóir de bhun Airteagal 3 an méid seo a leanas a dhéanamh:

2. Féadfaidh an Ballstát cónaithe an méid seo a leanas a cheangal ar iarrthóirí Aontais:

Leasú  43

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) a lua sa dearbhú foirmiúil a sholáthróidh siad i gcomhréir le mír 1 nuair a chuirfidh siad a n-iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóirí nár baineadh an ceart díobh chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát baile;

(a) a lua sa dearbhú foirmiúil a sholáthróidh siad i gcomhréir le mír 1 nuair a chuirfidh siad a n-iarratas isteach chun seasamh mar iarrthóirí nár baineadh an ceart díobh chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát baile; I gcás ina mbeidh amhras dlisteanach ann maidir le hinneachar an dearbhaithe, féadfaidh an Ballstát cónaithe deimhniú a iarraidh go díreach ar Bhallstát baile an tsaoránaigh nach náisiúnach é den Aontas, roimh an toghchán nó ina dhiaidh, nár baineadh an ceart dó seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát sin;

Leasú  44

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) i gcás ina mbeidh amhras maidir le hinneachar an dearbhaithe de bhun phointe (a), fianú a sholáthar ó na húdaráis riaracháin inniúla ina mBallstát baile roimh an toghchán nó ina dhiaidh lena ndeimhnítear nár baineadh an ceart chun seasamh mar iarrthóir sa Stát sin díobh nó nach bhfuil aon dícháiliú den sórt sin ar eolas ag na húdaráis sin;

scriosta

Leasú  45

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e a) más mian leo, teanga amháin nó níos mó a chur in iúl inar mian leo an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a fháil, arna roghnú as measc theangacha oifigiúla an Aontais, nó, i gcás ina dtairgfidh an t-údarás inniúil iad, as measc teangacha eile.

Leasú  46

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin bhardasacha, áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil faoi na coinníollacha céanna do vótálaithe de bhun Airteagal 3.

Féachfaidh na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht vótáil trí mheán na vótála poist i dtoghcháin bhardasacha. I gcás ina mbeidh féidearthachtaí na vótála poist, na réamhvótála, na seachvótála nó na vótála leictreonaí agus idirlín ar fáil i dtoghcháin bhardasacha dá náisiúnaigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil freisin do vótálaithe Aontais faoi na coinníollacha céanna.

Leasú  47

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Cuirfidh an Ballstát cónaithe na daoine lena mbaineann ar an eolas in am trátha agus i dteanga ghlan shoiléir faoin gcinneadh a glacadh maidir lena n-iarratas go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí iad nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht a n-iarratais maidir le seasamh mar iarrthóir.

1. Cuirfidh an Ballstát cónaithe na daoine lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh maidir lena gclárú láithreach mar vótálaí nó maidir lena n-iarratas go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí iad nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht a n-iarratais maidir le seasamh mar iarrthóir.

Leasú  48

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Mura gcuirtear saoránaigh den Aontas ar rolla na dtoghthóirí nó má dhiúltaítear dá bhfoirm iarratais nó má dhiúltaítear dá n-iarratas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna dlí a fháil faoi théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear le dlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

2. Mura gcuirtear saoránaigh den Aontas ar rolla na dtoghthóirí nó má dhiúltaítear dá gclárú láithreach nó dá bhfoirm iarratais nó má dhiúltaítear dá n-iarratas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna éifeachtacha dlí a fháil faoi na téarmaí céanna lena bhforordaítear le dlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

Leasú  49

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás earráidí i rolla na dtoghthóirí nó i liosta na n-iarrthóirí do thoghcháin bhardasacha, beidh an duine lena mbaineann i dteideal cearta in-fhorfheidhmithe ar théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear i ndlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine i atá dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

3. I gcás earráidí i rolla na dtoghthóirí nó i liosta na n-iarrthóirí do thoghcháin bhardasacha, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna éifeachtacha dlí ar théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear i ndlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine i atá dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

Leasú  50

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a. Cuirfidh na Ballstáit an duine lena mbaineann ar an eolas, i dteanga ghlan shoiléir agus go tráthúil, faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na leigheasanna dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, i dteanga de rogha an duine a léirítear sa dearbhú foirmiúil, má thug vótálaí an Aontais tosaíocht den sórt sin.

Leasú  51

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha.

1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil a bheidh freagrach as na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirtear saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad ar an eolas go tráthúil faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha. Cuirfidh na húdaráis ábhartha an fhaisnéis ar fáil ar bhealach comhordaithe agus, nuair is féidir, i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, tráth an chláraithe mar chónaitheoir agus ar bhealach tráthúil roimh thoghcháin.

Leasú  52

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás ainmnithe de bhun mhír 1 an fhaisnéis seo a leanas in iúl go díreach agus ar bhonn aonair do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3:

2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás ainmnithe de bhun mhír 1 an fhaisnéis seo a leanas in iúl go díreach agus ar bhonn aonair do vótálaithe Aontais agus d’iarrthóirí Aontais:

Leasú  53

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) dáta an toghcháin agus conas vótáil agus cén áit, ach a mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil,

(b) dáta an toghcháin agus conas vótáil agus cén áit, ach a mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, lena n-áirítear modhanna sonracha vótála dá dtagraítear in Airteagal 10, i gcás inarb infheidhme,

Leasú  54

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a) na modhanna sonracha chun feidhmiú an chirt chun vótáil ag grúpaí vótálaithe ar leith a éascú, amhail daoine faoi mhíchumas,

Leasú  55

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b b) faisnéis maidir leis an gcóras toghcháin agus polaitiúil, lena n-áirítear inniúlachtaí na mbunaonad rialtais áitiúil,

Leasú  56

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, cuirfear ar fáil í i dteanga ghlan shoiléir.

3. An fhaisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha dá dtagraítear i mír 1 agus aon fhaisnéis eile arna cur in iúl de bhun fhorálacha na Treorach seo, cuirfear ar fáil í i dteanga ghlan shoiléir. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don duine lena mbaineann i dteanga de rogha an duine sin, arna sonrú sa dearbhú foirmiúil, más rud é gur chuir an vótálaí Aontais an rogha sin in iúl.

Leasú  57

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear in iúl í i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, agus chomh maith leis sin beidh aistriúchán ag gabháil leis i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch is féidir uirthi, i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 .

scriosta

_________________

 

28 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38)

 

Leasú  58

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a. Áiritheoidh an Coimisiún Eorpach go ndéanfar an fhaisnéis a bhaineann leis an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus Airteagal 22(1) CFAE, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, a chur ar fáil do na saoránaigh sin ar bhealach soiléir agus inrochtana, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, i gcás inar gá, lena n-áirítear trí Europe Direct agus An Eoraip Agatsa.

Leasú  59

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide iomchuí a úsáid.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine scothaosta, daoine i limistéir iargúlta, grúpaí mionlaigh agus daoine a mbíonn deacrachtaí acu vótáil i gcoitinne trí cheanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/8821a a chur i bhfeidhm trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide atá iomchuí dóibh a úsáid, amhail teanga chomharthaíochta, Braille nó formáid atá éasca le léamh. Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin.

 

_________________

 

1a Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70-115.)

Leasú  60

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 13

scriosta

Maoluithe

 

1. Más rud é go dtéann an cion de shaoránaigh den Aontas i mBallstát ar leith in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad thar 20 % den líon iomlán de shaoránaigh den Aontas idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann, féadfaidh an Ballstát, de mhaolú ar an Treoir seo:

 

(a) srian a chur ar an gceart chun vótáil do vótálaithe de bhun Airteagal 3 a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse, tréimhse nach bhféadfaidh bheith níos faide ná an téarma dá bhfuil comhairle ionadaíoch na bardasachta tofa;

 

(b) srian a chur ar an gceart chun seasamh mar iarrthóir do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse, tréimhse nach bhféadfaidh bheith níos faide ná dhá uair an téarma dá bhfuil comhairle ionadaíoch na bardasachta tofa; agus

 

(c) bearta iomchuí a dhéanamh maidir le comhdhéanamh liostaí na n-iarrthóirí chun lánpháirtíocht saoránaigh den Aontas a spreagadh go háirithe ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad.

 

2. Féadfaidh Ríocht na Beilge, de mhaolú ar fhorálacha na Treorach seo, forálacha mhír 1 pointe (a) a chur i bhfeidhm i leith líon teoranta aonaid rialtais áitiúil; cuirfidh sí an liosta díobh sin ar fáil bliain amháin ar a laghad roimh thoghcháin na n-aonad rialtais áitiúil a bhfuil sé ar intinn aici an maolú a agairt ina leith.

 

3. Más rud é go bhforordaítear le dlíthe Ballstáit go bhfuil an ceart chun vótáil le haghaidh pharlaimint náisiúnta an Stáit sin ag náisiúnaigh de Bhallstát eile a bhfuil cónaí orthu ann agus, chun na críche sin, go bhféadfar iad a chur ar rolla toghthóirí an Stáit sin faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe náisiúnta, féadfaidh an chéad Bhallstát, de mhaolú ar an Treoir seo, staonadh ó Airteagal 6 go hAirteagal 11 a chur i bhfeidhm i leith na ndaoine sin.

 

4. G ach 6 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle lena ndéanfar seiceáil an bhfuil gá fós leis an maolú a deonaíodh do na Ballstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 22 (1) CFAE agus molfaidh sé aon choigeartuithe is gá. Tabharfaidh na Ballstáit a agróidh maoluithe faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 gach faisnéis chúlra is gá don Choimisiún.

 

Leasú  61

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuairisciú

Bailiú sonraí agus tuairisciú

Leasú  62

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). Sa tuarascáil sin beidh sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus iarrthóirí de bhun Airteagal 3 i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre de na bearta a ghlactar ina leith sin.

1. Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don phobal agus don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). I dteannta barúlacha ginearálta, beidh sa tuarascáil sin freisin sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe Aontais agus iarrthóirí Aontais i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre ar na bearta a glacadh chun a rannpháirtíocht a éascú agus a spreagadh. Baileofar na sonraí sin ar bhealach trédhearcach, aonfhoirmeach agus slán, bunaithe ar chomhtháscairí.

Leasú  63

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a mhéid a bhaineann le comhtháscairí a bhunú chun sonraí staidrimh a bhailiú dá dtagraítear i mír 1.

Leasú  64

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Laistigh de 2 bhliain tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach.

Laistigh de 2 bhliain tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht, más iomchuí, chun an Treoir seo a leasú.

Leasú  65

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2, 8 agus 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2(2), 8(4), 9(3) agus 14(1a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Leasú  66

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2, 8 agus 9 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

3. Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(2), 8(4), 9(3) agus 14(1a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

Leasú  67

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2, 8 agus 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(2), 8(4), 9(3) agus 14(a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú  68

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7, 8(1), 11(2) agus 13 ón 31 Nollaig 2023.

Beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7, 8(1), agus 11(2) ón 31 Nollaig 2023.

Leasú  69

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

IARSCRÍBHINN II - Dearbhú foirmiúil arna chur isteach ag vótálaithe Aontais

Leasú  70

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Dearbhaím go nglacaim le cumarsáid amach anseo maidir le vótáil sna toghcháin bhardasacha i gceann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas:

Leasú  71

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

 

Leasú

Táim i mo chónaí in ... (ainm an Bhallstáit chónaithe), le ... (tréimhse)1a

Áit/dáta:

 

Síniú:

 

1a Ná tugtar ach amháin má cheanglaítear sin leis an reachtaíocht náisiúnta.

Leasú  72

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn III – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

IARSCRÍBHINN III - Dearbhú foirmiúil arna chur isteach ag iarrthóirí Aontais

Leasú  73

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn III – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Dearbhaím go nglacaim le cumarsáid amach anseo maidir le seasamh mar iarrthóir sna toghcháin bhardasacha i gceann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas:

Leasú  74

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn III – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

 

Leasú

Táim i mo chónaí in ... (ainm an Bhallstáit chónaithe), le ... (tréimhse) (tréimhse)1a

Áit/dáta:

 

Síniú:

 

1a Ná tugtar ach amháin má cheanglaítear sin leis an reachtaíocht náisiúnta.


LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (8.11.2022)

Juan Fernando López Aguilar

Cathaoirleach

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim maidir le treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha i gcás shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú) (COM(2021)0733 – C9‑0022/2022 – 2021/373(CNS))

A Chathaoirligh, a chara,

Tá scrúdú déanta ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an togra dá dtagraítear thuas de bhun Riail 110 maidir le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a athmhúnlú.

Seo a leanas mír 3 den Riail sin:

 

‘Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.

 

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Riail 180 agus i Riail 181, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

 

Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.’

 

Tar éis an tuairim atá i gceangal leis seo a fháil ó Mheitheal Chomhairleach Sheirbhísí Dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, a bhfuil scrúdú déanta aici ar an togra athmhúnlaithe, agus i gcomhréir leis na moltaí ón Rapóirtéir, measann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra atá i dtrácht seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ón ngníomh a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar an téacs atá cheana ann, gan aon athrú ina shubstaint.

Mar chríoch, ag an gcruinniú a bhí aige an 27 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla a mholadh, le 23 vóta i bhfabhar, gan aon vóta i gcoinne agus gan aon staonadh[2], go ndéanfadh an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO), ina cháil mar an coiste atá freagrach, scrúdú ar an togra thuasluaite i gcomhréir le Riail 110.

 

Le dea-mhéin,

Adrián Vázquez Lázara


IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍ PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN

 

 

 

 

 

MEITHEAL CHOMHAIRLEACH

NA SEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA

An Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2022

TUAIRIM

 CHUIG: PARLAIMINT NA hEORPA

  AN CHOMHAIRLE

  AN COIMISIÚN

Togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt vótála agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

COM(2021) 733 an 25.11.2021 – 2021/0373(CNS)

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha, agus go háirithe pointe 9 de, bhí cruinniú ag an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhísí dlíthiúla faoi seach Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, an 1 Feabhra 2022 chun scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.

 

Ag an gcruinniú sin[3], mar thoradh ar scrúdú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena n-athmhúnlaítear Treoir 94/80/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1994 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha i gcás shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad, chinn an Mheitheal Chomhairleach, de thoil a chéile, gur cheart an méid seo a leanas a bheith marcáilte leis an scáthú liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- in Airteagal 3, an fhoclaíocht réamhráiteach, scriosadh na bhfocal ‘Aon duine a’ agus cur isteach na bhfocal ‘Na daoine seo a leanas’;

- in Airteagal 3, pointe (a), cur isteach na bhfocal ‘an duine a’;

- in Airteagal 3, pointe (b), cur isteach na bhfocal ‘an duine a’;

- in Airteagal 13(1), scriosadh na bhfocal ‘an 1 Eanáir 1996’;

- in Airteagal 13(3), scriosadh na bhfocal ‘an 1 Eanáir 1996’.

 

Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí a theacht ar an tátal, gan aon easaontú, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra sin mar leasuithe den sórt sin. Tháinig an Mheitheal Chomhairleach ar an tátal freisin, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó ghníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

 

 

 

 

 

 

F. DREXLER  T. BLANCHET  D. CALLEJA CRESPO

Dlí-eolaí  Dlí-eolaí  Ard-Stiúrthóir

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (27.10.2022)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

(COM(2021)0733 – C9‑2022 – 2021/0373(CNS))

Rapóirtéir don tuairim: Alin Mituța 

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Tá thart ar 13.3 milliún saoránach den Aontas Eorpach ina gcónaí i mBallstát AE nach í a dtír thionscnaimh í. As measc na saoránach ‘soghluaiste’ seo, mar a thugtar orthu, tá an aois dhlíthiúil chun vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bainte amach ag os cionn 11 milliún díobh. Faoi Threoir 94/80/CE ón gComhairle maidir leis an gceart atá ag saoránaigh shoghluaiste AE vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha, is féidir le saoránaigh shoghluaiste páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha ina dtír chónaithe, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an stáit sin.

26 bliana tar éis do spriocdháta trasuí na treorach thuasluaite dul in éag, tá an ráta vótála i measc saoránach soghluaiste fós íseal i gcomparáid le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh. Cé go bhfuil deireadh curtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit leis na bacainní dlíthiúla a bhí ag cur bac ar shaoránaigh shoghluaiste a gcearta toghcháin a fheidhmiú ina dtír chónaithe, tá roinnt mhaith bacainní de facto agus de jure fós ann.

Is cosúil gur bacainní móra iad clárú vótálaithe, rochtain ar fhaisnéis agus bacainní riaracháin. Déanann tuairim is leath na mBallstát saoránaigh shoghluaiste AE a áireamh go huathoibríoch ar a rolla toghthóirí nuair a chláraíonn siad chun cónaí, agus cuireann an chuid eile nós imeachta ar leith um chlárú vótálaithe i bhfeidhm. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go sroichfeadh faisnéis na saoránaigh nuair a chónaíonn siad go foirmiúil i mBallstát agus go gcuirfí an fhaisnéis sin i gcuimhne dóibh go rialta, is minic nach bhfuil cumarsáid shoiléir ann maidir leis na toghcháin atá ar na bacáin.

Ina theannta sin, tá fíoreaspa sonraí poiblí agus inchomparáide ann. I roinnt mhaith tíortha, ní fhoilsítear rátaí clárúcháin maidir le vótálaithe soghluaiste AE. Ní choinníonn roinnt Ballstát taifead ar an méid saoránach soghluaiste de chuid an Aontais atá ag seasamh mar iarrthóir ina dtoghcháin bhardasacha. I gcás ina gcoimeádtar agus ina malartaítear sonraí, tá raon feidhme agus formáid an tuairiscithe neamhréireach agus éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, rud a fhágann go bhfuil torthaí neamh-inchomparáide ann.

Molann an Coimisiún leasuithe sonracha ar an Treoir thuasluaite ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe. Tá sé i gceist leis an togra nua simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun saoránaigh shoghluaiste an Aontais a chlárú le vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla agus chun na bacainní riaracháin a bhíonn roimh shaoránaigh shoghluaiste an Aontais a laghdú trí theimpléid chaighdeánaithe a fhorchur le haghaidh dearbhuithe oifigiúla. Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú chun saoránaigh shoghluaiste an Aontais a chur ar an eolas go réamhghníomhach faoi na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe maidir le clárú mar vótálaí nó mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla.

Tacaíonn an Rapóirtéir le rannpháirtíocht leathan agus chuimsitheach na saoránach go léir sa phróiseas toghcháin, lena n-áirítear saoránaigh shoghluaiste, agus creideann sí go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na constaicí a shainaithnítear thuas chun freagairt ar an misean sin ar an mbealach is éifeachtúla.

Chun é sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach roinnt colún a neartú.

Colún amháin is ea an fhaisnéis. D’fhéadfadh teanga a bheith ina bac mura gcuirtear an fhaisnéis ar fáil ach amháin sa teanga áitiúil agus i bhformáid nach bhfuil rochtain leordhóthanach uirthi. Ina theannta sin, is toisc ríthábhachtach í an chaoi a sroicheann an fhaisnéis na saoránaigh. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tuiscint leordhóthanach ag saoránaigh shoghluaiste ar an gcóras polaitiúil intíre agus nach mbeadh cur amach acu ar pháirtithe polaitiúla ina dtír chónaithe. D’fhéadfadh 'bearna ionadaíochta' leanúint as sin, staid ina ndéantar ionadaíocht díréireach íseal ar thuairimí na saoránach soghluaiste, mar gheall ar líon íseal daoine a bheith ag vótáil. Ar an gcúis sin, ba cheart faisnéis a chur ar fáil, go hidéalach, i dteanga dhúchais na saoránach soghluaiste, agus i dteanga oifigiúil an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch uirthi.

I bhfianaise na ndifríochtaí idir struchtúir rialtais áitiúil agus ós rud é go bhféadfaí toghcháin bhardasacha a reáchtáil i dtimthriallta éagsúla, i gcodanna éagsúla den Bhallstát céanna, ba cheart faisnéis iomchuí maidir leis an gceart chun vótáil, na céimeanna riaracháin chun an ceart sin a fheidhmiú, chomh maith le cineál an chórais pholaitiúil agus custaim, a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais nuair a bhunaíonn siad a n-áit chónaithe agus ba cheart iad a chur i gcuimhne go tréimhsiúil.

Colún eile is ea clárú. Chun feasacht na saoránach soghluaiste a mhéadú maidir lena gcearta vótála sa Bhallstát cónaithe, ba cheart a cheangal ar údaráis náisiúnta nach ndéanann foráil maidir le clárú uathoibríoch ar an liosta toghthóirí na saoránaigh a chur ar an eolas go cuí faoin bhféidearthacht clárú ar liosta na dtoghthóirí a roghnú nuair a chláraíonn siad chun cónaí. Ba cheart an clárú uathoibríoch a dhreasú chun glacadh saoránach soghluaiste i saol daonlathach an Bhallstáit chónaithe a mhéadú.

Ina theannta sin, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir rollaí na dtoghthóirí. Ba cheart do na Ballstáit dhá thaifead ar leith a choimeád le haghaidh toghcháin áitiúla agus toghcháin Eorpacha agus ba cheart go gcuirfí saoránaigh shoghluaiste ar an eolas go cuí maidir lena gcearta faoi na córais toghcháin faoi seach, lena n-áirítear an rogha a gcearta vótála a choimeád ina dtír dhúchais. Chabhródh dhá rolla toghcháin éagsúla le saoránaigh shoghluaiste rogha eolasach a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, aon mhearbhall a sheachaint.

Ar deireadh, is ann do cholún na rochtana chun vóta a chaitheamh. Ba cheart go mbeadh an rochtain chéanna ag saoránaigh shoghluaiste ar vótáil leictreonach agus ar chianvótáil is atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit. Ba cheart na coinníollacha lena rialaítear an ceart chun vótála agus an ceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin áitiúla a bheith soiléir agus níor cheart aon fhadhbanna maorlathacha a bheith ag baint leo. Thairis sin, ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh shoghluaiste ar chaingean dlí éifeachtach i gcás ina ndealraíonn sé nach bhfuil a gcearta a leagtar amach sa Treoir seo á n-urramú.


LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An nós imeachta a bhaineann le toghcháin bhardasacha, tagann sé faoi réimse inniúlachtaí na mBallstát a eagraíonn iad de réir a dtraidisiúin shonracha agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. I gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla chomh maith le dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ba cheart do na Ballstáit an ceart atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain éasca ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin tríd an oiread constaicí ar thoghcháin a bhaint agus is féidir.

(5) An nós imeachta a bhaineann le toghcháin bhardasacha, tagann sé faoi réimse inniúlachtaí na mBallstát a eagraíonn iad de réir a dtraidisiúin bhunreachtúla agus shonracha agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha. I gcomhréir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla chomh maith le dlí an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ba cheart do na Ballstáit an ceart atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a aithint agus a urramú, ní hamháin sin ach rochtain iomlán agus éifeachtach ar fhaisnéis agus ar a gcearta toghchánacha a áirithiú freisin tríd na constaicí go léir ar a rannpháirtíocht i dtoghcháin a bhaint.

Leasú  2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Ba cheart do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad faisnéis a fháil maidir leis an bhféidearthacht vótáil agus seasamh mar iarrthóir nuair a chláraíonn siad mar chónaitheoirí de chuid Ballstáit nach bhfuil siad ina náisiúnaigh ann. Ina theannta sin, ba cheart go soláthrófaí faisnéis a bhaineann le clárú mar vótálaí nó mar iarrthóir go tréimhsiúil, roimh thoghcháin bhardasacha, ar bhealach tráthúil, do gach vótálaí agus gach duine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3. Ba cheart saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad a chur ar an eolas go cuí freisin faoina gcearta ar leith faoi na córais toghcháin bhardasacha agus faoi na córais toghcháin Eorpacha.

Leasú  3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Ina theannta sin, níor cheart go mbeadh sé mar cheangal ar shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad coinníollacha speisialta a chomhlíonadh chun an ceart chun vótáil nó chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú, mura rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil bonn cirt le cóir dhifriúil idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in imthosca a bhaineann go sonrach leis na neamhnáisiúnaigh a idirdhealú ó na náisiúnaigh.

scriosta

Leasú  4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a éascú, ba cheart saoránaigh den sórt sin a chur leis an rolla toghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Ba cheart go mbeadh na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú chomh simplí agus is féidir. Ba cheart gur leor do na saoránaigh den Aontas lena mbaineann cárta aitheantais bailí agus dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe a thugann fianaise go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar an rolla toghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart do shaoránaigh den Aontas sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-institiúidí sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta.

(8) Chun feidhmiú an chirt atá ag saoránaigh den Aontas chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir ina mBallstát cónaithe a éascú, ba cheart saoránaigh den sórt sin a chur leis an rolla toghthóirí in am trátha roimh lá na vótála. Na saoránaigh sin den Aontas a chuir a dtoil in iúl vóta a chaitheamh i dtoghcháin bhardasacha a mBallstáit chónaithe, déantar iad a chur isteach láithreach ar rolla na dtoghthóirí láithreach tar éis dóibh clárú chun cónaithe, de réir a dtoilithe. Ba cheart don Bhallstát cónaithe cead a thabhairt do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cinneadh a dhéanamh agus na húdaráis a chur ar an eolas tráth ar bith. Ba cheart, i gcás ar bith, go mbeadh na foirmiúlachtaí is infheidhme maidir lena gclárú chomh simplí agus is féidir. Ba cheart gur leor go ndéanfadh saoránaigh an Aontais lena mbaineann cárta aitheantais bailí agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, dearbhú foirmiúil a sholáthar ina bhfuil gnéithe a thugann fianaise go bhfuil siad i dteideal páirt a ghlacadh sna toghcháin. Nuair a bheidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad cláraithe, ba cheart iad a fhágáil ar an rolla toghthóirí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh den Aontas ar náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann iad, fad is a chomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun an ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart do shaoránaigh den Aontas sonraí teagmhála a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, rud a chuirfidh ar chumas na n-institiúidí sin iad a choinneáil ar an eolas ar bhonn rialta. Ba cheart saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ina mBallstát cónaithe a bheith faoi réir na gceanglas riaracháin céanna agus atá náisiúnaigh an Bhallstáit sin, nuair is gá íostréimhse chónaithe a léiriú mar chónaitheoir i mbunaonad rialtais áitiúil.

Leasú  5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a) Chun saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh de iad a chumasú le bheith incháilithe go hiarbhír chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha, níor cheart do pháirtithe polaitiúla náisiúnta ballraíocht a dhéanamh coinníollach ar náisiúntacht Bhallstát an toghcháin a bheith acu.

Leasú  6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ós rud é gur féidir dualgais cheannaireacht na mbunaonad rialtais áitiúil a bheith bainteach le húdarás oifigiúil a fheidhmiú agus an leas ginearálta a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hoifigí sin a fhorchoimeád dá náisiúnaigh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhréireachta .

scriosta

Réasúnú

Riachtanach don chomhleanúnachas inmheánach agus i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

Leasú  7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Ar an gcaoi chéanna, ba cheart gurbh fhéidir le hoifigeach bardasach tofa a bheith rannpháirteach i dtoghchán do chomhthionól parlaiminteach a fhorchoimeádfar do náisiúnaigh an Bhallstáit féin.

scriosta

Réasúnú

Riachtanach don chomhleanúnachas inmheánach agus i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

Leasú  8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Príomhghné chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), pointe (b) agus in Airteagal 22(1) CFAE a áirithiú is ea inrochtaineacht ar fhaisnéis maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha.

(15) Príomhghnéithe chun feidhmiú éifeachtach an chirt a chumhdaítear in Airteagal 20(2), pointe (b) agus in Airteagal 22(1) CFAE a áirithiú is iad inrochtaineacht, soiléireacht agus intuigtheacht na faisnéise maidir le cearta agus nósanna imeachta toghchánacha.

Leasú  9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Déanann an easpa faisnéis leormhaith difear, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghchánacha, do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gcearta toghchánacha mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil chun a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeadh freagrachtaí speisialta acu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus faoi Airteagal 22(1) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin bhardasacha agus lena n-eagrú. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe.

(16) I roinnt mhaith Ballstát, tá difríochtaí i struchtúir rialtais áitiúil, agus uaireanta reáchtáiltear toghcháin bhardasacha ag tréimhsí éagsúla i gcodanna éagsúla den Bhallstát céanna. Sa chomhthéacs sin, déanann an easpa faisnéis leormhaith difear, i gcomhthéacs nósanna imeachta toghchánacha, do shaoránaigh agus iad ag feidhmiú a gcearta toghchánacha mar chuid dá gcearta mar shaoránaigh den Aontas. Déanann sé difear freisin d’inniúlacht na n-údarás inniúil chun a gcearta a fheidhmiú agus a gcuid oibleagáidí a chur i gcrích. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údaráis a ainmniú a mbeadh freagrachtaí speisialta acu chun faisnéis iomchuí a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas maidir lena gcearta faoi Airteagal 20(2), pointe (b), agus faoi Airteagal 22(1) CFAE agus faoi na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht i dtoghcháin bhardasacha agus lena n-eagrú. Ba cheart an comhar agus an comhordú a neartú agus a fheabhsú idir údaráis náisiúnta agus áitiúla sa Bhallstát maidir le clárú saoránach den Aontas nach náisiúnach iad agus maidir le faisnéis a sholáthar dóibh faoina gcearta agus faoina nósanna imeachta toghcháin. Chun éifeachtacht na cumarsáide a áirithiú, ba cheart faisnéis a sholáthar i dtéarmaí soiléire agus sothuigthe, agus ar a laghad nuair a chláraítear an duine chun cónaí agus luath go leor roimh na chéad toghcháin eile.

Leasú  10

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a) Chun cás a sheachaint ina ndéantar ionadaíocht níos lú, go díréireach, ar thuairimí saoránach de chuid an Aontais nach náisiúnaigh iad i gcomparáid leis na saoránaigh ar náisiúnaigh iad den Bhallstát lena mbaineann, ba cheart do na Ballstáit faisnéis iomchuí a sholáthar do shaoránaigh an Aontais maidir leis an gceart chun vótáil, lena n-áirítear na socruithe teicniúla atá i bheidhm do shaoránaigh faoi mhíchumas, maidir leis na céimeanna riaracháin chun an ceart sin a fheidhmiú, chomh maith le cineál an chórais pholaitiúil agus na dtraidisiún polaitiúil.

Leasú  11

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, ar teanga í a mbeadh tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch. Féadfaidh na Ballstáit teangacha oifigiúla difriúla de chuid an Aontais a úsáid i gcodanna sonracha dá gcríoch nó dá gcuid réigiún ag brath ar an teanga a mbeadh tuiscint ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ann.

(17) Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise toghchánaí, ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i gceann amháin eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch uirthi. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar, nuair is féidir, i dteanga dhúchais an tsaoránaigh den Aontas nach náisiúnach é freisin, mar a léirítear tráth a gcláraithe. Féadfaidh na Ballstáit teangacha oifigiúla difriúla de chuid an Aontais a úsáid i gcodanna sonracha dá gcríoch nó dá gcuid réigiún ag brath ar an teanga a mbeadh tuiscint ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ann. Nuair is gá, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun nósanna imeachta clárúcháin agus toghcháin a aistriú go teangacha oifigiúla agus neamhoifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Leasú  12

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) D’fhéadfadh sonraí maidir le feidhmiú ceart agus cur chun feidhme na Treorach seo a bheith úsáideach chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha na saoránach den Aontas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar bhailiú na sonraí maidir le toghcháin bhardasacha, is gá faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme sna Ballstáit a thabhairt isteach, ar cheart go n-áireofaí leis, i dteannta le sonraí staidrimh, faisnéis maidir leis na bearta a ghlactar chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnach iad i dtoghcháin. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach, lena n-áirítear athruithe ar bith ar na toghthóirí a tharla tar éis a teacht i bhfeidhm agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(23)  sonraí maidir le feidhmiú ceart agus cur chun feidhme na Treorach seo ríthábhachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas an Aontais maidir le cearta na saoránach agus chun na bearta is gá a shainaithint chun feidhmiú éifeachtach chearta toghchánacha na saoránach den Aontas a áirithiú. Chun feabhas a chur ar bhailiú agus tuairisciú na sonraí maidir le toghcháin bhardasacha ag na Ballstáit agus chun cur leo, is gá faireachán rialta ar chur chun feidhme sna Ballstáit a thabhairt isteach agus tuairisciú ar chur chun feidhme sna Ballstáit a chomhchuibhiú, ar cheart go n-áireofaí leis, i dteannta le sonraí staidrimh aonfhoirmeacha, faisnéis maidir leis na bearta a ghlactar chun tacú le rannpháirtíocht shaoránaigh den Aontas nach náisiúnach iad i dtoghcháin chomh maith leis na socruithe teicniúla atá i bhfeidhm do shaoránaigh faoi mhíchumas agus maidir leis na modhanna vótála ar fad, lena n-áirítear féidearthachtaí vótála trí mheán vótála poist, réamhvótála fisiciúla, seachvótála nó vótála leictreonaí. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach , lena n-áirítear athruithe ar bith ar na toghthóirí a tharla tar éis a teacht i bhfeidhm agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Leasú  13

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd a thabhairt i gcrích25, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin lena n-áirítear Airteagal 29 maidir le Rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí. Chun tacú le rannpháirtíocht chuimsitheach agus chomhionann daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun a gcearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin bhardasacha ar riachtanais na saoránach faoi mhíchumas agus na saoránach níos sine.

(26) Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit, trí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a dhaingniú, agus ag an Aontas, tríd a thabhairt i gcrích25, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún sin lena n-áirítear Airteagal 29 maidir le Rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí. Chun cuimsitheacht a mhéadú agus rannpháirtíocht chomhionann daoine leochaileacha agus imeallaithe, go háirithe daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin, ba cheart aird chuí a bheith ag na socruithe le haghaidh saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad chun a gcearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú sa Bhallstát sin i dtoghcháin bhardasacha ar riachtanais na saoránach sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin.

_________________

_________________

25 Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

25 Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 35).

Leasú  14

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin oifig an chinn, an ionadaí nó an bhaill thofa ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a shealbhú má thoghtar an duine chun oifige ar feadh thréimhse a sainordaithe .

scriosta

Féadfaidh na Ballstáit a leagan síos freisin nach bhféadfaidh ach a náisiúnaigh féin feidhmeanna an chinn, an ionadaí nó an bhaill ar choláiste rialaithe fheidhmeannas an bhunaonaid rialtais áitiúil a chur i gcrích.

 

Ag féachaint don Chonradh agus do phrionsabail dhlíthiúla ghinearálta, féadfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir ach lena náisiúnaigh féin na hoifigí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shealbhú agus na feidhmeanna eatramhacha dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i gcrích.

 

Réasúnú

Tá an scriosadh seo ceangailte le haidhm na Treorach, is é sin deireadh a chur leis an idirdhealú a dhéantar ar shaoránaigh shoghluaiste maidir le feidhmiú a gceart toghchánach.

Leasú  15

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an vótáil éigeantach iontu foráil a dhéanamh maidir le clárú uathoibríoch vótálaithe de bhun Airteagal 3 ar rolla na dtoghthóirí.

3. Féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an vótáil éigeantach iontu agus na Ballstáit ina bhfuil vótáil éigeantach iontu foráil a dhéanamh maidir le clárú láithreach vótálaithe de bhun Airteagal 3 ar rolla na dtoghthóirí. Is gá toiliú roimh ré ón vótálaí lena mbaineann chun clárú den sórt sin a dhéanamh.

Leasú  16

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir vótálaí de bhun Airteagal 3 a chur ar rolla na dtoghthóirí in am agus i dtráth roimh lá na vótála.

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir vótálaí de bhun Airteagal 3 a chur ar rolla na dtoghthóirí in am agus i dtráth roimh lá na vótála. Tar éis thoiliú an tsaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh é lena mbaineann, cumasóidh na Ballstáit clárú láithreach ar an rolla toghthóirí nuair a chláróidh saoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad chun cónaí.

Leasú  17

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Fanfaidh vótálaithe de bhun Airteagal 3 a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát cónaithe ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí cibé tráth a bhainfear iad de mar ní chomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le vótálaithe de bhun Airteagal 3.

Fanfaidh vótálaithe de bhun Airteagal 3 a cuireadh ar rolla na dtoghthóirí sa Bhallstát cónaithe ar an rolla sin, faoi na coinníollacha céanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad, go dtí cibé tráth a bhainfear iad de mar ní chomhlíonann siad na ceanglais maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le fógra a thabhairt do náisiúnaigh gur baineadh iad de rolla na dtoghthóirí, beidh an fheidhm chéanna ag na forálacha sin maidir le vótálaithe de bhun Airteagal 3. Tabharfar an fógra seo, i gcás inar féidir, i dteanga dhúchais an tsaoránaigh neamhnáisiúnaigh, nó ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais seachas teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas is féidir a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch uirthi.

Leasú  18

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Bunóidh an Ballstát cónaithe rolla toghthóirí ar leith do thoghcháin bhardasacha. Maidir leis an rolla toghthóirí do thoghcháin bhardasacha an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ag na vótálaithe de bhun Airteagal 3, ní dhéanfar é a nascadh go huathoibríoch le rolla na dtoghthóirí do thoghcháin Eorpacha an Bhallstáit faoi seach.

Leasú  19

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) i gcás ina mbeidh amhras maidir le hinneachar an dearbhaithe de bhun phointe (a), fianú a sholáthar ó na húdaráis riaracháin inniúla ina mBallstát baile roimh an toghchán nó ina dhiaidh lena ndeimhnítear nár baineadh an ceart chun seasamh mar iarrthóir sa Stát sin díobh nó nach bhfuil aon dícháiliú den sórt sin ar eolas ag na húdaráis sin;

(b) i gcás ina mbeidh amhras dlisteanach maidir le hinneachar an dearbhaithe de bhun phointe (a), fianú a sholáthar ó na húdaráis riaracháin inniúla ina mBallstát baile roimh an toghchán lena ndeimhnítear nár baineadh an ceart chun seasamh mar iarrthóir sa Stát sin díobh nó nach bhfuil aon dícháiliú den sórt sin ar eolas ag na húdaráis sin;

Réasúnú

Tugann caighdeán an amhrais ‘dlisteanaigh’ níos mó deimhneachta dlíthiúla, agus déanann fíorú na ndearbhuithe roimh an toghchán é sin freisin.

Leasú  20

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin bhardasacha, áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil faoi na coinníollacha céanna do vótálaithe de bhun Airteagal 3.

Ballstáit a dhéanann foráil maidir le féidearthachtaí na réamhvótála, na vótála poist, na seachvótála agus na vótála leictreonaí agus idirlín, i dtoghcháin bhardasacha, áireoidh na Ballstáit sin go mbeidh na modhanna vótála sin ar fáil faoi na coinníollacha céanna do vótálaithe de bhun Airteagal 3. Beidh an deis ag na vótálaithe sin freisin na modhanna vótála inmhianaithe a roghnú nó a athrú faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit chónaithe.

Leasú  21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Cuirfidh an Ballstát cónaithe na daoine lena mbaineann ar an eolas in am trátha agus i dteanga ghlan shoiléir faoin gcinneadh a glacadh maidir lena n-iarratas go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí iad nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht a n-iarratais maidir le seasamh mar iarrthóir.

1. Cuirfidh an Ballstát cónaithe na daoine lena mbaineann ar an eolas in am trátha agus i dteanga ghlan shoiléir, ina máthairtheanga nó ina rogha teanga, faoin gcinneadh a glacadh maidir lena n-iarratas go gcuirfí ar rolla na dtoghthóirí iad nó faoin gcinneadh i leith inghlacthacht a n-iarratais maidir le seasamh mar iarrthóir.

Leasú  22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Mura gcuirtear saoránaigh den Aontas ar rolla na dtoghthóirí nó má dhiúltaítear dá bhfoirm iarratais nó má dhiúltaítear dá n-iarratas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna dlí a fháil faoi théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear le dlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

2. Mura gcuirtear saoránaigh den Aontas ar rolla na dtoghthóirí nó má dhiúltaítear dá bhfoirm iarratais nó má dhiúltaítear dá n-iarratas chun seasamh mar iarrthóir, beidh an duine lena mbaineann i dteideal leigheasanna dlí a fháil faoi théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear le dlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad. Cuirfear na daoine lena mbaineann ar an eolas faoi na réitigh dhlíthiúla sin ina máthairtheanga nó ina rogha teanga.

Leasú  23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás earráidí i rolla na dtoghthóirí nó i liosta na n-iarrthóirí do thoghcháin bhardasacha, beidh an duine lena mbaineann i dteideal cearta in-fhorfheidhmithe ar théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear i ndlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine i atá dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

3. I gcás earráidí i rolla na dtoghthóirí nó i liosta na n-iarrthóirí do thoghcháin bhardasacha, cuirfear an duine lena mbaineann ar an eolas faoi sin go tráthúil agus beidh sé i dteideal cearta in-fhorfheidhmithe ar théarmaí a bheidh comhchosúil lena bhforordaítear i ndlíthe an Bhallstáit chónaithe do vótálaithe agus do dhaoine i atá dteideal seasamh mar iarrthóirí ar náisiúnaigh dá chuid iad.

Leasú  24

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Déanfaidh údaráis bhardasacha an Bhallstáit chónaithe feachtais ardaithe feasachta agus feachtais faisnéise a fhorbairt agus a mhéadú maidir leis an gceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh den Aontas nach náisiúnaigh iad, i measc nithe eile trí chomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus raon leathan bealaí.

Leasú  25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Comhoibreoidh an t-údarás ainmnithe de bhun mhír 1 le húdaráis inniúla eile chun a áirithiú go gcuirfear saoránaigh ar an eolas faoina gcearta faoin Treoir seo a luaithe a chláraíonn siad chun cónaí sa Bhallstát lena mbaineann. Daoine atá i dteideal vótáil agus seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 a bhunaíonn a n-áit chónaithe i mbunaonad rialtais áitiúil, gheobhaidh sé faisnéis go huathoibríoch faoina chearta faoin Treoir seo. Soláthrófar an fhaisnéis sin go tréimhsiúil freisin, luath go leor roimh thoghcháin bhardasacha, do gach vótálaí agus do gach duine atá i dteideal seasamh mar iarrthóir de bhun Airteagal 3.

Leasú  26

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c. Déanfar daoine atá i dteideal vótáil agus seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 a chur ar an eolas maidir lena gclárú ar an liosta toghthóirí do thoghcháin bhardasacha agus cuirfear in iúl dóibh go bhfuil liosta toghthóirí éagsúil ag baint leis na toghcháin Eorpacha.

Réasúnú

Is gá cur le feasacht na saoránach soghluaiste maidir lena gcearta faoi na córais toghcháin ar leith. Tá dhá chineál toghcháin ann, a bhfuil cuspóirí éagsúla acu, agus ba cheart, dá bhrí sin, é sin a léiriú i rollaí na dtoghthóirí. Tá saoránaigh shoghluaiste ann ar mian leo vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu agus i dtoghcháin Eorpacha sa Bhallstát tionscnaimh. Is é sin an fáth a bhféadfadh drogall a bheith orthu a bheith ar liosta toghthóirí aonair. Chabhródh dhá rolla toghcháin éagsúla leo rogha eolasach a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, aon mhearbhall a sheachaint.

Leasú  27

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) dáta an toghcháin agus conas vótáil agus cén áit, ach a mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil,

(b) dáta an toghcháin agus conas vótáil agus cén áit, ach a mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, chomh maith leis na bearta a glacadh chun rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa vótáil a éascú;

Leasú  28

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear in iúl í i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, agus chomh maith leis sin beidh aistriúchán ag gabháil leis i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch is féidir uirthi, i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 .

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear in iúl í i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, agus chomh maith leis sin beidh aistriúchán ag gabháil leis i dteanga dhúchais na vótálaithe agus na ndaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3, nó i dteangacha oifigiúla an Aontais seachas teanga nó teangacha an Bhallstáit óstaigh, ar teanga í a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu ar a chríoch is féidir uirthi, i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 . Tabharfaidh na Ballstáit agus a n-údaráis ainmnithe rochtain éasca shoiléir do dhaoine atá i dteideal vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha de bhun Airteagal 3 ar fhaisnéis faoi thoghcháin bhardasacha, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus faoin bhféilire toghcháin, nádúr, gnéithe agus saintréithe, agus stair chóras agus thraidisiúin pholaitiúla agus toghcháin an Bhallstáit, i dteanga dhúchais na ndaoine sin, nó i dteangacha oifigiúla an Aontais seachas an teanga sin nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, a bhfuil tuiscint leathan acu ar an líon is mó is féidir de shaoránaigh an Aontais atá ina gcónaí ar a gcríoch. Cinnfear an teanga sin tráth a chlárófar ar na rollaí toghthóirí.

_________________

_________________

28 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38).

28 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38).

Leasú  29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide iomchuí a úsáid.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun clárú mar vótálaí nó iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta trí na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Threoir (AE) 2019/8821a a chur i bhfeidhm agus trí bhealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide iomchuí a úsáid, amhail teanga chomharthaíochta, Braille nó formáid atá éasca le léamh, i dteangacha oifigiúla de chuid an Aontais atá intuigthe dóibh. Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin.

 

_______________

 

1a Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

Leasú  30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Más rud é go dtéann an cion de shaoránaigh den Aontas i mBallstát ar leith in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann ach nach náisiúnaigh dá chuid iad thar 20 % den líon iomlán de shaoránaigh den Aontas idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh in aois vótála a bhfuil cónaí orthu ann, féadfaidh an Ballstát, de mhaolú ar an Treoir seo:

scriosta

(a)  srian a chur ar an gceart chun vótáil do vótálaithe de bhun Airteagal 3 a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse, tréimhse nach bhféadfaidh bheith níos faide ná an téarma dá bhfuil comhairle ionadaíoch na bardasachta tofa;

 

(b)  srian a chur ar an gceart chun seasamh mar iarrthóir do dhaoine atá i dteideal seasamh mar iarrthóirí de bhun Airteagal 3 a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh íostréimhse, tréimhse nach bhféadfaidh bheith níos faide ná dhá uair an téarma dá bhfuil comhairle ionadaíoch na bardasachta tofa; agus

 

(c)  bearta iomchuí a dhéanamh maidir le comhdhéanamh liostaí na n-iarrthóirí chun lánpháirtíocht saoránaigh den Aontas a spreagadh go háirithe ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad.

 

Réasúnú

Tá na hathruithe seo riachtanach chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chomhlíonadh agus chun cearta daonlathacha saoránach de chuid an Aontais a áirithiú, ar saoránaigh iad a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí nó obair nó staidéar a dhéanamh i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Ní mór na rialacha díolúine dá bhforáiltear sa Treoir a oiriúnú. Ba cheart go mbeadh an ceart chun vótáil ag saoránaigh uile an Aontais, gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu, fiú mura bhfuil mórán saoránaigh de chuid an Aontais nach náisiúnaigh iad ina gcónaí sa Bhallstát sin.

Leasú  31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuairisciú

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

Réasúnú

Tá an leasú seo nasctha le AM 19 agus dá bhrí sin tá gá leis ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs agus toisc go bhfuil dlúthbhaint idir an leasú agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). Sa tuarascáil sin beidh sonraí staidrimh maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus iarrthóirí de bhun Airteagal 3 i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le hachoimre de na bearta a ghlactar ina leith sin.

1. Laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo ina gcríoch, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) agus (4). Sa tuarascáil sin beidh sonraí staidrimh aonfhoirmeacha maidir le rannpháirtíocht vótálaithe agus iarrthóirí de bhun Airteagal 3 i dtoghcháin bhardasacha chomh maith le forléargas mionsonraithe ar na bearta a ghlactar chun an rannpháirtíocht sin a éascú agus a spreagadh.

Leasú  33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a bhaineann le teimpléad agus foirm na sonraí atá le bailiú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.

Leasú  34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Laistigh de 2 bhliain tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach.

Laistigh de bhliain amháin tar éis toghcháin 2029 do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí atá ann a bhaint amach.

Leasú  35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2, 8 agus 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2, 8, 9 agus 14(2a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo.


NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2021)0733 – C9-0022/2022 – 2021/0373(CNS)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

27.1.2022

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFCO

27.1.2022

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Alin Mituța

10.2.2022

Pléite sa choiste

28.3.2022

20.6.2022

13.7.2022

 

Dáta an ghlactha

26.10.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

19

3

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Gwendoline Delbos-Corfield, Salvatore De Meo, Daniel Freund, Charles Goerens, Brice Hortefeux, Laura Huhtasaari, Victor Negrescu, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Jacek Saryusz-Wolski, Pedro Silva Pereira, Sven Simon, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Seán Kelly, Alin Mituța, Maite Pagazaurtundúa

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Caterina Chinnici, Geoffroy Didier

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

19

+

 

Salvatore De Meo, Geoffroy Didier, Brice Hortefeux, Paulo Rangel, Sven Simon, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Renew

Charles Goerens, Alin Mituța, Maite Pagazaurtundúa

S&D

Gabriele Bischoff, Caterina Chinnici, Włodzimierz Cimoszewicz, Victor Negrescu, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira

Verts/ALE

François Alfonsi, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund

 

 

3

-

ECR

Jacek Saryusz Wolski

ID

Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari

 

 

1

0

ID

Antonio Maria Rinaldi

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh:

 


 


 

 


 


 

 

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2021)0733 – C9-0022/2022 – 2021/0373(CNS)

An dáta a chuathas i gcomhairle leis an bParlaimint

25.11.2021

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

27.1.2022

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFCO

27.1.2022

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Joachim Stanisław Brudziński

20.4.2022

 

 

 

Pléite sa choiste

10.10.2022

 

 

 

Dáta an ghlactha

12.1.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

51

3

7

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Vladimír Bilčík, Malin Björk, Vasile Blaga, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patricia Chagnon, Clare Daly, Lena Düpont, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Laura Ferrara, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Fabienne Keller, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Erik Marquardt, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Theresa Muigg, Maite Pagazaurtundúa, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Isabel Santos, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Vincenzo Sofo, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Yana Toom, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Elena Yoncheva

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Loucas Fourlas, Beata Kempa, Ondřej Kovařík, Alessandra Mussolini, Matjaž Nemec, Sira Rego, Thijs Reuten, Domènec Ruiz Devesa, Loránt Vincze, Petar Vitanov, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Gunnar Beck, Isabel Benjumea Benjumea, Marian-Jean Marinescu, René Repasi, Antonio Maria Rinaldi, Mounir Satouri, Jörgen Warborn

Dáta don chur síos

23.1.2023

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

51

+

PPE

Asim Ademov, Isabel Benjumea Benjumea, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Lena Düpont, Loucas Fourlas, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Marian-Jean Marinescu, Nadine Morano, Alessandra Mussolini, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Sara Skyttedal, Loránt Vincze, Jörgen Warborn, Tomáš Zdechovský

S&D

Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Javier Moreno Sánchez, Theresa Muigg, Matjaž Nemec, René Repasi, Thijs Reuten, Domènec Ruiz Devesa, Isabel Santos, Birgit Sippel, Petar Vitanov, Elena Yoncheva

Renew

Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Ondřej Kovařík, Maite Pagazaurtundúa, Ramona Strugariu, Yana Toom

Verts/ALE

Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Alice Kuhnke, Erik Marquardt, Mounir Satouri, Tineke Strik

The Left

Malin Björk, Clare Daly, Sira Rego

NI

Laura Ferrara

 

3

-

ID

Gunnar Beck, Patricia Chagnon, Tom Vandendriessche

 

7

0

ID

Antonio Maria Rinaldi

ECR

Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Beata Kempa, Vincenzo Sofo

NI

Milan Uhrík

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 2 Feabhra 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais