Tuarascáil - A9-0033/2023Tuarascáil
A9-0033/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

15.2.2023 - (COM(2021)0802 – C9‑0469/2021 – 2021/0426(COD)) - ***I

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Ciarán Cuffe
(Athmhúnlú – Riail 110 de na Rialacha Nós Imeachta)
2
PR_COD_1amCom


Nós Imeachta : 2021/0426(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0033/2023

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

(COM(2021)0802 – C9‑0469/2021 – 2021/0426(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0802),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0469/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022[1],

 ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30.6.2022[2],

 ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha[3],

 ag féachaint don litir an 8 Samhain a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionscal, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0033/2023),

A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.



Leasú  1

 

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA*

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

2021/0426(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Leasaíodh Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6] go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2) Faoi chomhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, chomhaontaigh na Páirtithe an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú do 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. D’athdhearbhaigh na páirtithe i gComhshocrú Aeráide Ghlaschú i mí na Samhna 2021 go laghdódh coinneáil an ardaithe meánteochta domhanda go dtí 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch rioscaí agus tionchar an athraithe aeráide go mór agus gheall siad a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú faoi dheireadh na bliana 2022. Tá baint amach chuspóirí Chomhaontú Pháras i gcroílár na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir leis ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ an 11 Nollaig 2019[7]. Gheall an tAontas go dtabharfadh sé faoina ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoin mbliain 2030 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.

(3) Mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas, chuir an Coimisiún an tionscnamh ‘rabharta athchóiriúcháin’ uaidh ar an 14 Deireadh Fómhair 2020[8]. Cuimsítear plean gníomhaíochta sa straitéis ina bhfuil bearta nithiúla rialála, maoinithe agus cumasúcháin, a bhfuil sé de chuspóir acu ar a laghad an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh d’fhoirgnimh a dhúbailt faoin mbliain 2030 agus athchóirithe doimhne a chothú i mbreis agus 35 milliún foirgneamh agus i gcruthú suas le 160 000 post san earnáil tógála. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh mar cheann de na nithe trína mbainfear an ‘rabharta athchóiriúcháin’ amach. Rannchuideoidh sé freisin leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach nua agus leis an misean Eorpach maidir le cathracha atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus cliste a chur i gcrích, agus ba cheart go leanfadh sé an chonair a bunaíodh leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua mar chéim roimhe seo den Rabharta Athchóirithe. Tá sé beartaithe leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua sochaí níos cuimsithí a chothú a chuireann folláine gach duine chun cinn i gcomhréir le Bauhaus stairiúil, a chuir le cuimsiú sóisialta agus le folláine na saoránach, go háirithe pobail oibrithe. Trí oiliúint agus cruthú líonraí a éascú agus trí threoirlínte a eisiúint d’ailtirí, d’ealaíontóirí, do mhic léinn, d’innealtóirí agus do dhearthóirí faoi phrionsabail na hinbhuanaitheachta, na haeistéitice agus an chuimsithe, is féidir leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua cumhacht a thabhairt d’údaráis áitiúla réitigh chultúrtha agus nuálacha a fhorbairt chun timpeallacht thógtha níos inbhuanaithe a chruthú. Ba cheart do na Ballstáit tacú le tionscadail an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua a shaibhríonn tírdhreach cultúrtha agus tógtha na réigiún ar fud na hEorpa agus a chabhraíonn le comharsanachtaí agus le pobail spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.

(4) Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[9], an ‘Dlí Aeráide Eorpach’, cumhdaítear sa dlí Eorpach an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí sa reachtaíocht agus bunaítear gealltanas ceangailteach an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) atá 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2030.

(5) Is é is aidhm don phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin 2021 na cuspóirí sin a chur chun feidhme. Cumhdaítear ann raon réimsí beartais, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, an fuinneamh in-athnuaite, úsáid talún, athrú talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill, trádáil astaíochtaí agus bonneagar breoslaí malartacha. Is cuid dhílis den phacáiste sin an t-athbhreithniú ar Threoir 2010/31/AE. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Plean REPowerEU’ rinneadh athbhreithniú ar phríomhfhorálacha an phacáiste Oiriúnach do 55 i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil nuashonraithe, lena n-éilítear creat polaitiúil athbhreithnithe, le tograí reachtacha nua agus moltaí spriocdhírithe chun na cuspóirí a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe trí uaillmhian a mhéadú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh agus ceannasacht fuinnimh fheabhsaithe, agus imeacht ó bhreoslaí iontaise ag an am céanna. Spreag an teachtaireacht sin na Ballstáit freisin chun bearta cánachais a mheas chun dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh coigilteas fuinnimh agus chun tomhaltas breoslaí iontaise a laghdú, lena n-áirítear asbhaintí cánach a bhaineann le coigilteas fuinnimh.

(5a) Ba cheart an t-athbhreithniú ar EPBD a bheith comhsheasmhach leis na tograí eile atá mar chuid den phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, amhail na hathbhreithnithe atá beartaithe ar Threoracha 2003/87/CE[10], 2012/27/AE[11], (AE) 2014/94/AE[12] agus[13] 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5b) Ba cheart athchóiriú séadchomharthaí a dhéanamh i gcónaí i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le caomhnú, le caighdeáin idirnáisiúnta um chaomhnú, lena n-áirítear Cairt na Veinéise 1964 um Chaomhnú agus Athchóiriú Séadchomharthaí agus Láithreán, agus le hailtireacht bhunaidh na séadchomharthaí lena mbaineann.

(5c) Maidir le foirgnimh a bhfuil fiúntas stairiúil nó ailtireachta acu, ach nach bhfuil cosanta go hoifigiúil, ba cheart do na Ballstáit critéir a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na haicme feidhmíochta fuinnimh is airde atá indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch agus carachtar an fhoirgnimh á choinneáil.

(6) Foirgnimh is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh deiridh san Aontas agus 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh, agus tá 75 % d’fhoirgnimh an Aontais fós neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Is ag an ngás nádúrtha atá an ról is mó i dtéamh foirgneamh, agus is ionann é agus thart ar 42 % den fhuinneamh a úsáidtear do théamh spáis san earnáil cónaithe. Is í an ola an dara breosla iontaise is tábhachtaí le haghaidh téimh, is ionann é agus 14 % agus is ionann gual agus thart ar 3 %. Dá bhrí sin, tá laghdú ar thomhaltas fuinnimh, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ▌, arna chur chun feidhme i gcomhréir le Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún[14] , agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh ▌ina mbearta tábhachtacha atá ag teastáil chun ástaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus bochtaineacht fuinnimh san Aontas a laghdú. Maidir le tomhaltas laghdaithe fuinnimh agus úsáid níos mó fuinnimh a bhaint as foinsí in-athnuaite, go háirithe grianfhuinneamh,ról lárnach acu i dtaca le spleáchas fuinnimh an Aontais ar bhreosla iontaise go hiomlán agus ar allmhairí go háirithe a laghdú, cur chun cinn chinnteacht an tsoláthair fuinnimh i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i bplean REPowerEU, an córas fuinnimh a chomhtháthú, rannchuidiú le héifeachtúlacht córas, forbairtí teicneolaíochta a chothú, agus deiseanna a chruthú san fhostaíocht agus i bhforbairt réigiúnach, go háirithe ar oileáin, i gceantair thuaithe agus i bpobail eis-eangacha.

(6a) Tá buntáistí ollmhóra sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ag baint le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí athchóiriú domhain. Thairis sin, is í an éifeachtúlacht fuinnimh an modh is sábháilte agus is costéifeachtaí trína laghdaítear spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh agus chun tionchar diúltach praghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Ba cheart infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ina n-ardtosaíocht ar an leibhéal príobháideach agus poiblí araon.

(6b) Chun a áirithiú go mbainfidh gach saoránach tairbhe as feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe foirgneamh agus as na tairbhí gaolmhara cáilíochta maireachtála, comhshaoil, eacnamaíocha agus sláinte, ba cheart creat rialála, airgeadais agus comhairleach cuí a chur i bhfeidhm chun tacú le hathchóiriú foirgneamh. Ba cheart béim ar leith a leagan ar theaghlaigh leochaileacha agus ar theaghlaigh mheánioncaim, ós rud é gur minic a mhaireann siad sna foirgnimh is measa feidhmíocht, i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe araon.

(6c) Is é is aidhm do na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, a bhfuil coimircí sóisialta agus ráthaíochtaí airgeadais ag gabháil leo, feabhas a chur ar cháilíocht saoil na dteaghlach is leochailí agus na saoránach is boichte.

(6d) I limistéir thuaithe ar fud an Aontais, tá an fhéidearthacht ann fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, a chabhraíonn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus atá costéifeachtach maidir le limistéir eis-eangacha a chumhachtú agus a théamh, agus spleáchas ar allmhairí agus gaibhniú bonneagair á laghdú ag an am céanna, agus a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide agus a fheabhsaíonn cáilíocht an aeir.

(7) Foirgnimh, codanna d’fhoirgnimh agus ábhair thógála is cúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh, le linn agus tar éis a saolré oibríochtúil. ▌Ba cheart, dá bhrí sin, astaíochtaí saolré uile foirgneamh a chur san áireamh de réir a chéile i gcomhréir le modheolaíocht an Aontais a bhunóidh an Coimisiún, ag tosú le foirgnimh nua, ansin foirgnimh a ndearnadh athchóiriú orthu, ar cheart do na Ballstáit spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré a bhunú ina leith i gcomhréir leis an modheolaíocht sin de chuid an Aontais. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, agus iad ina stórtha acmhainní thar na blianta fada, agus bíonn tionchar den chuid is mó ag na roghanna deartha ar na hastaíochtaí saolré iomlán d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe araon. Ba cheart feidhmíocht saolré iomláine foirgneamh a chur san áireamh, ní hamháin i bhfoirgníocht nua, ach i bhfoirgnimh athchóirithe freisin trí bheartais agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a chur san áireamh i bpleananna athchóirithe foirgneamh na mBallstát.

(7a) Ba cheart nasc a dhéanamh idir prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus príomhról an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua, arb é is aidhm leis ciorclaíocht níos fearr a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha, trí athchóiriú agus athúsáid oiriúnaitheach thar scartáil agus nuathógáil a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí.

(7b) Le tabhairt isteach riachtanas maidir le hastaíochtaí na saolré iomláine, spreagfar nuálaíocht thionsclaíoch agus cruthú luacha, amhail trí úsáid ábhar ciorclach agus nádúrtha a mhéadú.

(7c) Tá sé ríthábhachtach an úsáid a bhaintear as ábhair thógála níos inbhuanaithe a chur chun cinn agus a áireamh, go háirithe ábhair bhithfhoinsithe agus gheofhoinsithe, chomh maith le teicnící tógála simplí, éighníomhacha agus ísealteicneolaíochta agus a dhéantar a thástáil go háitiúil chun tacú leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí ábhair agus leis an taighde a dhéantar orthu a chur chun cinn, ar teicneolaíochtaí iad a rannchuidíonn leis an insliú is fearr is féidir i bhfoirgnimh agus le tacaíocht struchtúrach foirgneamh. I bhfianaise na géarchéime aeráide agus an mhéadaithe ar dhóchúlacht thonnta teasa an tsamhraidh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chosaint teasa i gcás foirgneamh.

(8) Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcaitheamh shaolré iomlán na bhfoirgneamh a laghdú, tá gá le héifeachtúlacht acmhainní, leordhóthanacht, ciorclaíocht, agus linn ▌charbóin a dhéanamh de chodanna den stoc foirgneamh.

(8a) Tá foirgnimh freagrach as astaíochtaí gás ceaptha teasa roimh a saolré oibríochtúil fiú mar thoradh ar an gcarbón atá leabaithe i ngach ábhar tógála cheana féin. Le méadú ar an úsáid a bhaintear as ábhair thógála dhúlrabhunaithe a fhaightear ó fhoinsí inbhuanaithe agus áitiúla, i gcomhréir le prionsabail an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua agus an mhargaidh inmheánaigh, d’fhéadfaí ábhair atá níos déine ar charbón a ionadú agus carbón a stóráil sa timpeallacht thógtha trí úsáid a bhaint as ábhair adhmadbhunaithe.

(8b) Is bearta agus cleachtais laethúla iad beartais leordhóthanachta a sheachnaíonn an t-éileamh ar fhuinneamh, ábhair, talamh, uisce agus acmhainní nádúrtha eile thar shaolré foirgneamh agus lena rannchuidítear le hearraí agus folláine a sheachadadh do chách laistigh de theorainneacha pláinéadacha. Le prionsabail na ciorclaíochta, seachnaítear úsáid líneach ábhar agus earraí trí chuid de na prionsabail leordhóthanachta a chur i bhfeidhm ar leibhéal an táirge agus na n-ábhar tógála. Tá bearta chun saolré ábhar tánaisteach a úsáid agus a fhadú bunriachtanach chun a áirithiú go rannchuideoidh earnáil foirgníochta an Aontais lena cion cothrom chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach. (8c)  Is féidir le comhtháthú an bhonneagair ghlais, amhail díonta agus ballaí beo sa phleanáil uirbeach agus i ndearadh bonneagair, a bheith ina uirlis éifeachtach chun oiriúnú don athrú aeráide agus chun drochthionchar an athraithe aeráide i limistéir uirbeacha a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit suiteáil dromchlaí a bhfuil fásra orthu a spreagadh, ar dromchlaí iad a chabhraíonn le huisce báistí a choimeád agus a choinneáil, rud a laghdaíonn rith chun srutha uirbeach agus a fheabhsaíonn bainistiú uisce stoirme. Ina theannta sin, laghdaíonn bonneagar glas an ‘iarmhairt teasoileáin uirbigh’, foirgnimh fhuaraithe agus a dtimpeallacht le linn imeachtaí samhraidh agus tonnta teasa.(9)  Léiríonn an poitéinseal téimh dhomhanda (GWP) thar an saolré iomlán rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí as a n-eascraíonn athrú aeráide. Tugtar le chéile ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a chorpraítear i dtáirgí foirgníochta le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is é an chéad chéim i dtreo tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar fheidhmíocht saolré iomlán foirgneamh agus geilleagar ciorclach, dá bhrí sin, an ceanglas GWP foirgneamh nua a ríomh. Ba cheart an ríomh sin a bhunú ar chreat comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Choimisiún sainmhíniú soiléir a thabhairt ar chur chuige na saolré. Ba cheart do na Ballstáit treochlár a ghlacadh maidir le GWP saolré foirgneamh a laghdú.

(9a) I gcomhréir le céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus chun leibhéil níos airde leordhóthanachta agus éifeachtúlachta acmhainní a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit líon na bhfoirgneamh neamháitithe a íoslaghdú. Ba cheart dóibh athchóiriú domhain agus saothrú na bhfoirgneamh sin a spreagadh, trí bhearta speisialta riaracháin agus airgeadais, más rud é go bhfuil siad éifeachtach ó thaobh costais de, mar aon le tógáil, atógáil agus modhnú an fhoirgnimh, as a n-eascraíonn GWP saolré níos ísle laistigh de shaolré foirgnimh. Ina theannta sin, ba chóir sciar suntasach d’aon fhoirgnimh nua a dhéanamh ar shuíomhanna Brownfiled.

(9b) Leagtar amach rialacha an gheilleagair chiorclaigh maidir le hábhair thógála i Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [15] mar aon le creat a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16]. Ba cheart sainmhínithe, modheolaíochtaí agus na cuir chuige is fearr a sholáthar agus a chomhdhlúthú san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na gníomhartha reachtacha sin chun creat rialála soiléir comhsheasmhach a áirithiú d’ábhair thógála.

(10) Foirgnimh is cúis le thart ar leath d’astaíochtaí príomh-mhínábhar cáithníneach (PM2.5) san Aontas arb iad is cúis le bás anabaí nó le breoiteacht. Trí fheabhas a chur fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus ar an úsáid a bhaintear as réitigh dhúlrabhunaithe agus ábhair inbhuanaithe i bhfoirgnimh, is féidir astaíochtaí truailleán a laghdú ag an am céanna, agus ba cheart na hastaíochtaí sin a laghdú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17].

(10a) Is uirlis thábhachtach é an t-éileamh fuinnimh a bhainistiú, a chuireann ar chumas an Aontais tionchar a imirt ar an margadh fuinnimh domhanda agus, dá bhrí sin, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

(11) Ba cheart go gcuirfí san áireamh, le bearta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú a thuilleadh, dálaí aeráide, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide trí bhonneagair ghlasa, dálaí áitiúla chomh maith le cáilíocht chomhshaoil laistigh, leordhóthanacht agus ciorclaíocht agus coigilteas fuinnimh, agus ar an gcaoi sin bealaí maireachtála níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos nuálaí a chur chun cinn chun oiriúnú do riachtanais nua. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach a uasmhéadaíonn comhthairbhí riachtanas agus cuspóirí eile a bhaineann le foirgnimh amhail inrochtaineacht, sábháilteacht ó dhóiteán, sábháilteacht sheismeach agus sábháilteacht suiteála teasa agus leictreachais agus an úsáid atá beartaithe don fhoirgneamh. Ba cheart luach airgid a chur ar na comhthairbhí sin chun a chinneadh go réadúil a optamaí ó thaobh costas de atá tuilleadh feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfeabhsófar staid na dteaghlach leochaileach agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

(11a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go léireoidh teastais feidhmíochta fuinnimh feidhmíocht aeráide foirgneamh go cruinn.

(12) Is ar bhonn modheolaíochta ba cheart feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh a ríomh, ar modheolaíocht í a d’fhéadfaí a fhorlíonadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Maidir leis an idirdhealú sin, chomh maith le tréithe teirmeacha, cumhdaíonn sé fachtóirí eile a bhfuil a dtábhacht ag dul i méid, amhail suiteálacha téimh agus aerchóirithe, cur i bhfeidhm fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, aisghabháil teasa ó fhuíolluisce, aeráil agus fuarú, athghabháil fuinnimh, cothromú hidreanach, réitigh chliste, gnéithe téimh agus fuaraithe éighníomhacha, scáthú, cáilíocht chomhshaoil laistigh, solas nádúrtha leormhaith agus dearadh an fhoirgnimh. Ba cheart an mhodheolaíocht maidir le feidhmíocht fuinnimh a bheith bunaithe ní amháin ar an séasúr ina bhfuil téamh nó aerchóiriúchán ag teastáil, ach ba cheart go gcumhdófar léi feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn bliantúil chomh maith. Leis an modheolaíocht sin, ba cheart caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a chur san áireamh. Ba cheart a áirithiú leis an modheolaíocht go léireofaí dálaí iarbhír oibriúcháin agus go gcumasófaí úsáid fuinnimh mhéadraithe chun cruinneas a fhíorú agus ar mhaithe le hinchomparáideacht, agus ba cheart an mhodheolaíocht a bheith bunaithe ar chéimeanna ama in aghaidh na huaire nó nó níos minice. Ba cheart go gcumasódh an mhodheolaíocht freisin bailíochtú ar an láthair, cianda agus deisce na dtoimhdí atá taobh thiar de na ríomhanna, lena n-áirítear feidhmíocht theirmeach, ábharthacht, éifeachtúlacht an chórais, agus cumraíocht na rialuithe, san fhoirgneamh arna seachadadh. Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a spreagadh lena n-áirítear painéil ghréine a shocraítear ar an díon agus atá i gcomhréir leis an tionscnamh Eorpach um Dhíonta Gréine, agus sa bhreis ar an gcreat coiteann ginearálta, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go n-aithneofar agus go gcuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht ríofa na tairbhí a bhaineann leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar an láthair, lena n-áirítear le haghaidh úsáidí eile (amhail pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha), agus acmhainneacht na heangaí faoi láthair agus amach anseo á cur san áireamh.

(13) Ba cheart do na Ballstáit íoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus codanna d’fhoirgnimh a leagan síos d’fhonn an chothromaíocht a bhaint amach idir na hinfheistithe lena mbaineann agus na costais fuinnimh a spáráiltear le linn shaolré an fhoirgnimh ó thaobh an leibhéal costais is fearr de, gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit íoscheanglais a shocrú atá níos fuinneamhéifeachtúla ná na leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ó thaobh costais de. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na híoscheanglais atá orthu maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil.

(14) Is ó bhreoslaí iontaise fós a thagann dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú. Chun astaíochtaí nialasacha a bhaint amach, tá sé thar a bheith práinneach deireadh a chur le breosla iontaise i dtéamh agus i bhfuarú de réir a chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl na beartais agus na bearta náisiúnta atá acu chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, agus níor cheart aon dreasacht airgeadais a thabhairt chun coirí breosla iontaise a shuiteáil ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Ba cheart do na Ballstáit bearta a thabhairt isteach chun a áirithiú nach n-údarófar córais téimh breoslaí iontaise a úsáid i bhfoirgnimh nua ná i bhfoirgnimh a bhfuil athchóiriú mór, athchóiriú domhain, nó athchóiriú ar an gcóras téimh á dhéanamh orthu ó dháta thrasuí na Treorach seo agus deireadh a chur de réir a chéile le húsáid córas téimh atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise ó i ngach foirgneamh faoi 2035 agus, mura bhfuil sé sin indéanta mar a léirítear don Choimisiún, faoi 2040 ar a dhéanaí. Beidh ról lárnach aige sin freisin maidir le laghdú a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar allmhairí ó thríú tíortha, billí fuinnimh na saoránach a laghdú agus leochaileacht i leith luaineachtaí praghsanna agus stop a chur le sárú na luachanna teorann do thruailliú an aeir.

(14a) Is éard atá i gceist le córais téimh a athchóiriú ná an gineadóir téimh a athsholáthar nó a athchóiriú, agus d’fhéadfadh eilimintí eile den chóras téimh a bheith i gceist leis freisin, amhail trealamh caidéalaithe, insliú píopaí, rialuithe nó aonaid losa, amhail radaitheoirí nó aonaid ghaothráin agus chorna. D’ainneoin a dtionchar ar éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais, níor cheart athsholáthar nó a athchóiriú eilimintí aonair, gan baint a bheith acu leis an ngineadóir teasa, a mheas mar athchóiriú ar an gcóras téimh, ós rud é go bhfuil na heilimintí sin neamhspleách ar an bhfoinse fuinnimh a úsáidtear. Is deis é athchóiriú an chórais téimh chun tacú le dícharbónú an téimh ar fud an Aontais.

(14b) Is ionann úsáid éifeachtúil dramhtheasa ó chórais uisce the tí agus deis shuntasach chun fuinneamh a shábháil. Príomhfhoinse tomhaltais fuinnimh d’fhoirgnimh nua is ea ullmhú uisce the agus cuirtear an teas seo amú agus ní dhéantar é a athúsáid de ghnáth. Ós eol go dtagann an chuid is mó den uisce te a thomhlaítear as cithfholcadáin, d’fhéadfadh sé gur bealach simplí agus costéifeachtach a bheadh i dteas a bhailiú as draenacha cithfholcadáin i bhfoirgnimh chun tomhaltas deiridh fuinnimh agus astaíochtaí CO2 agus meatáin a bhaineann le táirgeadh uisce the tí a laghdú.

(14c) Chun dícharbónú costéifeachtach na hearnála téimh a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit cothrom iomaíochta a áirithiú i measc na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus tacú le réitigh ilchineálacha, trí shlándáil an tsoláthair, éifeachtúlacht costais agus solúbthacht a chur san áireamh.

(15) Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh córais theicniúla foirgneamh maidir le córais iomlána, mar atá siad suiteáilte i bhfoirgnimh, seachas maidir le feidhmíocht comhpháirteanna neamhspleácha, a thagann faoi raon feidhme na rialachán táirge-shonrach faoi Threoir 2009/125/CE[18]. Agus ceanglais feidhmíochta fuinnimh á socrú ag na Ballstáit maidir le córais teicniúla tógála, ba cheart dóibh ionstraimí comhchuibhithe a úsáid, i gcás inarb ann dóibh agus iad iomchuí, go háirithe modhanna tástála agus ríomha agus aicmí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbraítear faoi bhearta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle▌ agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19], d’fhonn comhleanúnachas le tionscnaimh ghaolmhara a áirithiú, agus d’fhonn an riosca go ndéanfaí smionagar den mhargadh a laghdú, a mhéid is féidir.

(16) Tá an Treoir seo gan dochar d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Níor cheart go dtuigí, leis an téarma ‘dreasacht’ atá sa Treoir seo, gur cabhair ó Stát atá i gceist.

(17) Ba cheart don Choimisiún creat modheolaíochta comparáidí a leagan síos maidir leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh. Is e an toradh ba cheart a bheith ar athbhreithniú ar an gcreat sin go mbeifí in ann feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí araon a ríomh, agus is rud é lenar cheart seachtrachtaí comhshaoil, sóisialta agus sláinte ar féidir luach airgid a chur orthu a chur san áireamh.  Ba cheart do na Ballstáit an creat sin a úsáid chun na torthaí a chur i gcomparáid leis na híoscheanglais atá glactha acu maidir le feidhmíocht fuinnimh. I gcás inarb ann do neamhréireachtaí móra, i.e. neamhréireachtaí ar mó ná 15 % iad, idir na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil údar maith leis an difríocht sin nó ba cheart dóibh bearta iomchuí a ullmhú chun an neamhréireacht a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit saolré mheasta foirgnimh nó codanna d’fhoirgnimh a shocrú, agus cleachtais reatha agus taithí i leith an ghnáthré shaoil a shainiú, ba cheart dóibh iad sin a chur san áireamh. Ba cheart tuarascáil faoi thorthaí na comparáide sin agus na sonraí a úsáideadh chun na torthaí sin a fháil a thabhairt go rialta don Choimisiún. Leis na tuarascálacha sin ba cheart cur ar chumas an Choimisiúin dul chun cinn na mBallstát a mheas i dtaca leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach agus tuairisc a thabhairt ina leith. Agus an mhodheolaíocht chomparáideach á cur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh nach n-áirítear i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal tógála bearta lena dtugtar le tuiscint go n-úsáidtear breoslaí iontaise i bhfoirgnimh nua, agus raon roghanna á meas acu, amhail soláthar fuinnimh in-athnuaite ar an láthair, lena n-áirítear go háirithe teaschaidéil agus teicneolaíochtaí gréine, trí fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, féintomhaltas comhpháirteach, comhroinnt fuinnimh nó soláthar fuinnimh in-athnuaite arna sholáthar ag pobal fuinnimh, agus fuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh dramhaíola ó chóras éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair. Níor cheart go sáródh an ráta lascaine a úsáidtear chun na leibhéil feidhmíochta fuinnimh is fearr ó thaobh costais de a ríomh, don pheirspictíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais araon, ráta bliantúil 3 %. Ba cheart go n-áireofaí sa mhodh optamaithe agus sa ríomh maicreacnamaíoch ar chostais dhomhanda na seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le húsáid fuinnimh, agus tairbhí maicreacnamaíocha ar fud an gheilleagair ó thaobh, mar shampla, cruthú post agus OTI.

(18) Le hathchóirithe móra ar fhoirgnimh atá ann cheana, gan beann ar a méid, tugtar deis bearta costéifeachtacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh. Ar chúiseanna a bhaineann le costéifeachtúlacht, ba cheart go bhféadfaí íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shrianadh go dtí na codanna athchóirithe is ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, agus córais téimh agus fuaraithe á gcuimsiú. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a rogha sainmhíniú a thabhairt ar ‘athchóiriú mór’ de réir céatadán de dhromchla an imchlúdaigh fhoirgnimh nó de réir luach an fhoirgnimh chéanna. Má shocraíonn Ballstát sainmhíniú a thabhairt ar athchóiriú mór de réir luach an fhoirgnimh, d’fhéadfaí luachanna ar leith a úsáid, luach achtúireach cuir i gcás, nó an luach reatha bunaithe ar an gcostas atógála, gan luach na talún ar a bhfuil an foirgneamh suite a chur san áireamh.

(18a) Chun tithíocht chuibhiúil a áirithiú do chách, is gá limistéir nó comharsanachtaí leochaileacha a bhaineann le bochtaineacht fuinnimh a shainiú ar bhealach a fhágann gur féidir micrealimistéir bheagfhorbartha, idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha, a chuimsítear i limistéir níos forbartha, a bhrath ar bhealach níos cruinne. Chuirfeadh sé sin le sainaithint agus suíomh na n-earnálacha sóisialta is leochailí agus iad siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus teaghlaigh atá neamhchosanta ar chostas ard fuinnimh agus nach bhfuil na hacmhainní acu chun na foirgnimh atá á n-áitiú acu a athchóiriú, agus chuideofaí, ar an gcaoi sin, leis an gcomhrac i gcoinne neamhionannais shóisialta a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chur i bhfeidhm na mbeart éagsúil maidir le gníomhú ar son na haeráide. Thairis sin, is cúis chórasach leis an mbochtaineacht fuinnimh í tithíocht neamhéifeachtúil, agus tá 50 milliún duine san Aontas ag maireachtáil faoi bhochtaineacht fuinnimh, nach bhfuil in ann a dtithe a shoilsiú, a théamh nó a fhuarú go leordhóthanach, agus tá os cionn 20 % de theaghlaigh bhochta san Aontas ina gcónaí in áit chónaithe ina bhfuil múscán, taise nó lobhadh.

(19) Le huaillmhian fheabhsaithe aeráide agus fuinnimh an Aontais, tá gá le fís nua d’fhoirgnimh: an foirgneamh astaíochtaí nialasacha, a bhfuil éileamh fuinnimh an-íseal air cumhdaithe go hiomlán le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus ba cheart gach foirgneamh atá ann cheana a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050. Ba cheart do na Ballstáit uainiú aistrithe fuinnimh agus costais shóisialta a chur san áireamh nuair a bhunaíonn siad aon sprioc-am.

(20) Tá roghanna éagsúla ar fáil chun riachtanais fuinnimh foirgnimh éifeachtúil a chumhdach le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite: foinsí in-athnuaite ar an láthair amhail grianfhuinneamh teirmeach, fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh fótavoltach gréine, teaschaidéil, cumhacht hidrileictreach agus bithmhais, fuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite nó ag pobail fuinnimh saoránach, agus téamh agus fuarú ceantair bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó ar aisghabháil fuíollteasa ó fhuíolluisce, ar uisce nó aer te sláintíoch agus ar fhuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ó na heangacha fuinnimh.

(20a) Leis an méadú atá tagtha ar leictriú téimh agus le méadú ar ghiniúint fuinnimh in-athnuaite, tá gá le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh ionas nach gcruthófar brú barrachais ar acmhainneacht na heangaí agus nach ndéanfar an acmhainneacht ghiniúna a rómhéadú chun buaiceanna san éileamh ar leictreachas a bhainistiú. Tacóidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh leis an eangach agus laghdófar na riachtanais acmhainneachta giniúna. Áirítear leis sin déileáil le séasúracht an éilimh ar théamh, arb ionann sin agus an phríomhchuid de bhuaicéileamh an chórais fuinnimh i roinnt mhaith Ballstát.

(20b) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht eangaí is gá chun fuinneamh in-athnuaite agus réitigh téimh leictrigh a chomhtháthú agus na bacainní atá fós ann a shainaithint chun forbairt an fhéintomhaltais in-athnuaite a éascú, go háirithe i dteaghlaigh leochaileacha.

(21) Chun dícharbónú riachtanach stoc foirgnimh an Aontais a dhéanamh, ní mór athchóiriú fuinnimh ar mhórscála a dhéanamh: tá beagnach 75 % den stoc foirgnimh sin neamhéifeachtúil de réir na gcaighdeán foirgnimh atá ann faoi láthair, agus beidh 85-95 % de na foirgnimh atá ann faoi láthair fós ina seasamh faoin mbliain 2050. Mar sin féin, tá an ráta bliantúil ualaithe athchóirithe fuinnimh íseal i gcónaí ag thart ar 1 %. Ag an luas atá ann faoi láthair, bheadh na céadta bliain de dhíth chun earnáil na foirgníochta a dhícharbónú. Dá bhrí sin, is príomhsprioc de chuid na Treorach seo é an t-athchóiriú foirgneamh a ghníomhachtú agus tacú leis chun an ráta athchóirithe atá ann faoi láthair a mhéadú faoi thrí, ar a laghad, lena n-áirítear athrú i dtreo córais téimh atá saor ó astaíochtaí. Trí Thacú le hathchóirithe ar leibhéal ceantair, lena n-áirítear trí athchóirithe de chineál tionsclaíoch nó sraitheach, cuirtear sochair ar fáil trí spreagadh a thabhairt do thoirt agus doimhneacht na n-athchóirithe foirgneamh agus is é a thiocfaidh de sin dícharbónú níos tapúla agus níos saoire ar an stoc tógála.

 

(22) Uirlis rialála riachtanach atá sna híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh maidir leis an athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana a ghníomhachtú ar mhórscála, toisc go dtéann siad i ngleic leis na príomhbhacainní ar athchóiriú amhail dreasachtaí deighilte agus struchtúir chomhúinéireachta, nithe nach féidir a shárú le dreasachtaí eacnamaíocha. Mar thoradh ar thabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, ba cheart na foirgnimh is measa feidhmíocht a chéimniú amach agus feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar an stoc náisiúnta foirgnimh, rud a chuirfeadh leis an sprioc fhadtéarmach maidir le stoc foirgnimh dícharbónaithe faoin mbliain 2050.

(23) Leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a shocraítear ar leibhéal an Aontais, ba cheart díriú ar athchóiriú na bhfoirgneamh lena ngabhann an acmhainneacht is airde ó thaobh an dícharbónaithe de, laghdú na bochtaineachta fuinnimh agus síneadh a chur leis na sochair shóisialta agus eacnamaíocha, agus go háirithe ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh ó thaobh an athchóirithe de.

(23a) Ba cheart don Choimisiún tuarascáil achomair a fhoilsiú ar staid agus ar dhul chun cinn stoc foirgneamh an Aontais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, go háirithe maidir leis na foirgnimh is measa feidhmíocht d’fhonn iarrachtaí agus infheistíochtaí a dhíriú go hiomchuí.

(24) Leis na caighdeáin feidhmíochta íosta fuinnimh, ba cheart conair a chruthú, le tacaíocht ó shásraí airgeadais, chun aicmí feidhmíochta fuinnimh foirgneamh a mhéadú de réir a chéile, go háirithe maidir le ceantair thuaithe agus iargúlta. Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an gá íoschaighdeáin cheangailteacha feidhmíochta fuinnimh bhreise a thabhairt isteach chun stoc foirgneamh dícharbónaithe a bhaint amach faoin mbliain 2050.

(24a) Ba cheart an Treoir seo a bheith comhsheasmhach le bunphrionsabail dhlí maoine agus tionóntachta na mBallstát.

(25) Ba cheart creat cumasúcháin a bheith ag gabháil le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a thabhairt isteach lena n-áirítear cúnamh teicniúil agus bearta airgeadais chomh maith le beartais arb é is aidhm leo scileanna na n-oibrithe san earnáil tógála agus athchóirithe a fheabhsú. Maidir leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh arna socrú ar an leibhéal náisiúnta, ní hionann iad agus ‘caighdeáin an Aontais’ de réir bhrí rialacha na státchabhrach agus cé go bhféadfaí a mheas gurb ionann íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais agus ‘caighdeáin Aontais’ den sórt sin. I gcomhréir le rialacha athbhreithnithe maidir leis an státchabhair, féadfaidh na Ballstáit státchabhair a dheonú chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh chun na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais a chomhlíonadh, go príomha chun aicme áirithe feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach, go dtí go mbeidh na caighdeáin uile-Aontais sin éigeantach. A luaithe a bheidh na caighdeáin éigeantach, féadfaidh na Ballstáit leanúint de státchabhair a dheonú chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar aonaid foirgneamh a thagann faoi na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais ar choinníoll go bhfuil sé d’aidhm leis an athchóiriú foirgneamh caighdeán níos airde ná an aicme feidhmíochta íosta fuinnimh sonraithe a bhaint amach.

(26) Déantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fud an gheilleagair a aicmiú i dTacsanomaíocht AE, lena n-áirítear don earnáil foirgníochta. Faoi Ghníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide, meastar gur gníomhaíocht inbhuanaithe é an t-athchóiriú foirgneamh i gcás ina mbaintear amach coigiltis fuinnimh 30 % ar a laghad leis, i gcás ina gcomhlíonann sé íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh chun athchóiriú mór a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, nó i gcás inarb é atá ann bearta aonair a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, amhail trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáil, a chothabháil nó a dheisiú nó ionstraimí agus gléasanna chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú, i gcás ina gcomhlíonann na bearta aonair sin na critéir a leagtar amach. Is gnáth go mbíonn an t-athchóiriú foirgneamh chun cloí le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais i gcomhréir le critéir Thacsanomaíocht AE a bhaineann le gníomhaíochtaí athchóirithe foirgneamh.

(27) Ba cheart na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais a bheith bunaithe ar aicmí comhchuibhithe feidhmíochta fuinnimh. Tríd an aicme feidhmíochta fuinnimh is ísle G a shainmhíniú mar an 15 % is measa feidhmíocht de stoc náisiúnta foirgneamh gach Ballstáit, áirithítear iarrachtaí comhchosúla ag na Ballstáit go léir trí aicmí feidhmíochta fuinnimh a chomhchuibhiú, agus áirithítear leis an sainmhíniú ar an aicme feidhmíochta fuinnimh is fearr A cóineasú scála na haicme feidhmíochta fuinnimh comhchuibhithe i dtreo na físe comhchoitinne d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

(28) Bhí íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh agus eilimintí foirgnimh atá ann cheana i leaganacha den Treoir seo a bhí ann roimhe agus ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu. Cé go leagtar síos leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a tugadh isteach le déanaí íosfheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana agus go n-áirithítear leo go ndéanfar foirgnimh neamhéifeachtúla a athchóiriú, áirithítear le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana agus eilimintí foirgnimh, an doimhneacht is gá don athchóiriú nuair a dhéanfar athchóiriú.

(28a) Tá géarghá le spleáchas breoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú agus le dlús a chur le hiarrachtaí chun tomhaltas na bhfoirgneamh a dhícharbónú agus a leictriú. Chun gur féidir na teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil go costéifeachtach ag céim níos déanaí, ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ‘réidh ó thaobh na gréine de’, is é sin, atá deartha chun an cumas giniúna gréine a bharrfheabhsú ar bhonn ionradantas gréine an tsuímh, rud a chumasaíonn suiteáil na dteicneolaíochtaí gréine gan idirghabhálacha struchtúracha costasacha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear suiteálacha gréine oiriúnacha ar fhoirgnimh nua, ar fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon, agus ar fhoirgnimh neamhchónaithe atá ann cheana. Trí ghrianfhuinneamh a chur in úsáid ar fhoirgnimh ar mhórscála, rannchuideofaí go mór leis na tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna méadaithe agus luaineacha breoslaí iontaise ar bhealach níos éifeachtaí, laghdófaí neamhchosaint na dteaghlach leochaileach ar chostais arda fuinnimh agus bheadh tairbhí comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta níos forleithne ann dá bharr. Chun leas éifeachtúil a bhaint as acmhainneacht na suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, ba cheart do na Ballstáit critéir a shainiú maidir le cur chun feidhme imscartha suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, mar aon le díolúintí féideartha ó imscaradh suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, i gcomhréir le hacmhainneacht mheasta theicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin.

(28b) Ba cheart teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal EU Solar Energy Strategy [Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh] agus go háirithe a thionscnamh Eorpach um Dhíonta Gréine, a chur san áireamh go hiomlán sa Treoir seo. Ba cheart fótavoltach gréine agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine a leathadh amach go tapa ar mhaithe leis an aeráid agus le cúrsaí airgeadais na saoránach agus na ngnólachtaí araon. Ba cheart do na Ballstáit creataí tacaíochta láidre a bhunú do chórais dín, lena n-áirítear in éineacht le stóráil fuinnimh agus teaschaidéil, bunaithe ar amanna aisíoca intuartha ar cheart iad a bheith níos lú ná 10 mbliana. Ba cheart do na Ballstáit na bearta a chur chun feidhme mar thosaíocht, agus leas á bhaint acu as an gcistiú atá ar fáil ón Aontas, go háirithe caibidlí nua REPowerEU dá bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an tionscnaimh Eorpaigh um Dhíonta Gréine, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí na hearnála.

(29) Chun stoc foirgneamh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a bhaint amach agus chun na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú, a chuirfear in ionad na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus a bheidh ina n-uirlis pleanála do na Ballstáit atá iomlán oibríochtúil agus níos láidre, agus lena ndíreofar níos mó ar mhaoiniú agus lena n-áiritheofaí go mbeidh oibrithe a bhfuil na scileanna iomchuí acu ar fáil chun athchóirithe foirgneamh a dhéanamh, chomh maith le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, sábháilteacht leictreach agus sábháilteacht ó dhóiteán a áirithiú agus feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht. Ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a shocrú maidir le hathchóiriú foirgneamh. I gcomhréir le hAirteagal 21(b)(7) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/60 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20], ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar bhearta maoiniúcháin, mar aon le breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta agus ar na hacmhainní riaracháin le haghaidh chur chun feidhme a bpleananna athchóirithe foirgneamh. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar leas a bhaint as sásraí cistiúcháin agus maoiniúcháin an Aontais, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21], cistí struchtúracha agus comhtháthaithe agus an Ciste Aeráide Sóisialta a bunaíodh le Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta mar a moladh in COM(2021)0568][22], chun cur chun feidhme a bpleananna athchóirithe foirgneamh a mhaoiniú.

(29a) Chun a áirithiú go mbeidh lucht saothair an Aontais go hiomlán ullamh chun oibriú go gníomhach chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na Ballstáit éagothromaíocht inscne san earnáil tógála agus foirgníochta a laghdú, lena n-áirítear trína bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide.

(30) Ba cheart na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú ar theimpléad comhchuibhithe chun inchomparáideacht pleananna a áirithiú. Chun an uaillmhian is gá a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na dréachtphleananna a mheasúnú agus moltaí a eisiúint do na Ballstáit.

(31) Ba cheart na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bheith nasctha go dlúth leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Rialachán (AE) 2018/1999, agus ba cheart an dul chun cinn maidir le baint amach na spriocanna náisiúnta agus rannpháirtíocht na bpleananna athchóirithe foirgneamh le spriocanna náisiúnta agus le spriocanna an Aontais a thuairisciú mar chuid den tuairisciú débhliantúil faoi Rialachán (AE) 2018/1999. I bhfianaise a phráinní atá sé an t-athchóiriú a mhéadú ar bhonn pleananna náisiúnta daingne, ba cheart an dáta a shocrú a luaithe is féidir chun an chéad phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a thíolacadh.

(32) Is féidir le hathchóiriú domhain céimneach a bheith ina réiteach chun aghaidh a thabhairt ar▌ chostais arda tosaigh agus ar an dua a d'fhéadfadh a bheith ann agus iad ag athchóiriú ‘in aon iarracht amháin’ agus féadfar bearta athchóirithe nach bhfuil chomh suaiteach agus atá níos costéifeachtúla a bheith ann. Mar sin féin, ní mór an t-athchóiriú domhain céimneach sin a phleanáil go cúramach ionas nach gcuirfidh céim athchóirithe amháin bac ar chéimeanna riachtanacha eile ina dhiaidh sin. Is féidir le hathchóiriú domhain céim amháin a bheith níos costéifeachtaí agus d’fhéadfadh roghanna buiséid carbóin níos ísle a bheith mar thoradh air chun stoc foirgneamh de chuid an Aontais atá go hiomlán dícharbónaithe agus saor ó astaíochtaí a bhaint amach. Is roghanna bailí iad athchóirithe doimhne céim amháin agus athchóirithe doimhne céimneacha le haghaidh athchóirithe doimhne toisc gur gá tosca éagsúla a chur san áireamh, agus na réitigh is oiriúnaí don dícharbónú á gcinneadh, amhail cost-éifeachtúlacht, buiséad carbóin a eascraíonn as sin, úsáid foirgneamh, am athchóirithe, staid reatha an fhoirgnimh, méid na n-athchóirithe agus soláthar príomhúil fuinnimh d'fhoirgneamh. Le pasanna athchóirithe soláthraítear treochlár soiléir d’athchóiriú domhain céimneach, rud a chabhraíonn le húinéirí agus le hinfheisteoirí an tráthúlacht agus an scóip is fearr chun idirghabhálacha a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart pasanna athchóirithe a spreagadh agus a chur ar fáil mar uirlis dheonach d’úinéirí foirgneamh ar fud na mBallstát go léir. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthóidh pasanna athchóirithe ualaí díréireacha do na páirtithe lena mbaineann agus go mbeidh tacaíocht airgeadais leormhaith ag gabháil leo do theaghlaigh leochaileacha, go háirithe i gcás inarb í an teaghais an t-aon mhaoin chónaithe atá acu.

(32a) Is ionstraim thábhachtach iad conarthaí fadtéarmacha chun athchóiriú céimneach a spreagadh. Ba cheart do na Ballstáit sásraí a thabhairt isteach lenar féidir conarthaí fadtéarmacha a bhunú thar na céimeanna éagsúla den athchóiriú céimneach. I gcás ina mbeidh dreasachtaí nua agus níos éifeachtaí ar fáil le linn chéimeanna éagsúla an athchóirithe, ba cheart rochtain ar na dreasachtaí nua sin a áirithiú trí ligean do thairbhithe aistriú go dreasachtaí nua.

(33) Níor sainmhíníodh an coincheap ‘athchóiriú domhain’ i ndlí an Aontais go fóill. D’fhonn an fhís fhadtéarmach d’fhoirgnimh a bhaint amach, ba cheart athchóiriú domhain a shainmhíniú mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha; sa chéad chéim, mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh a aistriú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Is é is cuspóir don sainmhíniú sin feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. Is deis den scoth é athchóiriú domhain chun críocha na feidhmíochta fuinnimh maidir le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile amhail cáilíocht chomhshaoil laistigh, dálaí maireachtála teaghlach leochaileach, leordhóthanacht agus ciorclaíocht, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, athléimneacht caighdeán comhshaoil agus sláinte i gcoinne rioscaí tubaistí a fheabhsú lena n-áirítear an athléimneacht sheismeach , sábháilteacht ó dhóiteán agus sábháilteacht leictreach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus linnte carbóin a fheabhsú, amhail dromchlaí a bhfuil fásra orthu.

(33a) Is féidir le caighdeán athchóirithe dhomhain, má tá tacaíocht agus faisnéis leormhaith ag gabháil leis, lena n-áirítear cúnamh teicniúil agus oiliúint, a bheith ina bhealach chun laghdú níos mó ar astaíochtaí a bhaint amach. Tá ról cumasúcháin ag lucht déanta beartas áitiúil i ndearadh an mhargaidh athchóirithe fuinnimh trí rialacháin áitiúla, trí dheireadh a chur de réir a chéile le córais neamhéifeachtúla téimh agus fuaraithe, trí phróisis soláthair phoiblí a bhainistiú, agus trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a fhorbairt. Ní mór athchóirithe a dhéanamh ar chaighdeán ard chun astaíochtaí a laghdú go héifeachtach agus bearnaí feidhmíochta a sheachaint, ar féidir leo é a dhéanamh níos deacra na spriocanna a bhaint amach sa mheántéarma.

(34) Chun athchóiriú domhain agus athchóiriú domhain céimneach a chothú, atá ar cheann de spriocanna na straitéise 'Rabharta Athchóiriúcháin' é, ba cheart do na Ballstáit an leibhéal tacaíochta airgeadais agus riaracháin is airde a fhorchoimeád d’athchóiriú domhain na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht a bhfuil teaghais amháin acu.

(35) Ba cheart do na Ballstáit tacú le huasghráduithe feidhmíochta fuinnimh ar fhoirgnimh atá ann cheana a chuidíonn le ▌cáilíocht chomhshaoil laistigh a bhaint amach, lena n-áirítear trí spás maireachtála sláintiúil inacmhainne, trí aispeist agus substaintí díobhálacha eile a bhaint, lena gcuirtear cosc ar bhaint neamhdhleathach substaintí díobhálacha agus comhlíonadh gníomhartha reachtacha atá ann cheana amhail Treoir 2009/148/AE[23] agus Treoir (AE) 2016/2284[24] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á éascú.

(35a) Le cuir chuige comhtháite ceantair nó comharsanachta is féidir coincheapa cuimsitheacha athchóirithe d’fhoirgnimh a bheith ann maidir le foirgnimh atá nasctha go fisiciúil amhail bloic tithíochta. Leis na cuir chuige sin i leith athchóirithe, cuirtear réitigh éagsúla ar fáil ar scála níos mó. Is féidir le pleananna athchóirithe comhtháite cur chuige níos iomlánaíche a ghlacadh lena dtabharfar aghaidh ar éiceachóras an phobail i gcoitinne, amhail riachtanais iompair agus foinsí inbhuanaithe fuinnimh iomchuí lena n-áirítear foinsí in-athnuaite ar an láthair agus in aice láimhe nó téamh agus fuarú ceantair. Leis na pleananna sin, is féidir cost-éifeachtúlacht na n-oibreacha is gá a mhéadú, naisc idir modhanna iompair a fheabhsú agus an bonneagar atá ann cheana a chur san áireamh ar mhaithe le barrfheabhsú an chórais chomh maith le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, ba cheart úsáid níos leithne a bhaint as cuir chuige comhtháite, rannpháirteacha agus a bhaineann le ceantar a chur chun cinn, rud a fhágann gur féidir sineirgí agus coigilteas fuinnimh fhéideartha a bheith ann nach mbainfí leas astu dá ndíreofaí go heisiach ar fhoirgnimh aonair. D’fhéadfadh tairbhí amhail cáilíocht aeir níos fearr, laghdú ar astaíochtaí ceantair, agus laghdú ar an mbochtaineacht fuinnimh ar mhórscála a bheith mar thoradh ar phleananna athchóirithe comhtháite freisin. Ba cheart d’údaráis áitiúla ceantair a bhunú, de réir na riachtanas áitiúil.

(35b) Chun tacú le hiolrú agus inmhacasamhlú na dtionscadal athchóirithe foirgneamh ar éirigh leo, i gcomhréir le tionscnamh Bauhaus Nua Eorpach, go háirithe lena sprioc inbhuanaitheachta, ba cheart do na Ballstáit beartais náisiúnta thionsclaíocha a chur i bhfeidhm chun eilimintí foirgnimh réamhdhéanta atá inoiriúnaithe go háitiúil a tháirgeadh ar mhórscála le haghaidh athchóiriú foirgneamh a sholáthraíonn feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear aeistéitic, insliú agus giniúint fuinnimh agus bonneagair ghlasa. Ina theannta sin, ba cheart dóibh bithéagsúlacht, bainistiú uisce, inrochtaineacht agus soghluaisteacht a chur chun cinn.

(35c) Ba cheart do na Ballstáit córais náisiúnta cigireachta leictreachais a fhorbairt ós rud é go bhfuil foinse leictreach ag céatadán ard de na dóiteáin tí agus de na dóiteáin tí thimpisteacha agus chun a áirithiú go bhfuil suiteálacha leictreacha sábháilte agus réidh le haghaidh úsáidí nua arb é is aidhm leo foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach.

(35d) Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nasc uisce-fuinnimh a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar úsáid idirspleách an fhuinnimh agus an uisce agus ar an mbrú atá ag méadú ar an dá acmhainn sin. Trí uisce a bhainistiú agus a athúsáid ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór leis an gcoigilteas fuinnimh, rud a théann chun tairbhe ní hamháin don aeráid ach don gheilleagar agus don tsochaí freisin.

 (36) Meastar go mbeidh ról ríthábhachtach ag feithiclí leictreacha maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht an chórais leictreachais, eadhon, trí sheirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála a sholáthar, go háirithe trí luchtú agus comhiomlánú cliste a fhorbairt. Ba cheart leas iomlán a bhaint as acmhainneacht sin na bhfeithiclí leictreacha comhtháthú leis an gcóras leictreachais agus rannchuidiú le héifeachtúlacht an chórais agus le hionsú breise leictreachais in-athnuaite, lena n-áirítear trí bhonneagar luchtaithe poiblí a shuiteáil i spásanna páirceála. Tá tábhacht ar leith ag baint le luchtú i dtaca le foirgnimh, ós rud é gur anseo a bhíonn feithiclí leictreacha páirceáilte go rialta agus ar feadh tréimhsí fada ama. Tá an luchtú mall cliste agus déthreoch tíosach agus is féidir le suiteáil pointí athluchtaithe i spásanna príobháideacha stóráil fuinnimh a sholáthar don fhoirgneamh lena mbaineann. I dteannta le sonraí arna soláthar ag méadair chliste agus sonraí arna dtáirgeadh ag an bhfeithicil, d’fhéadfadh bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha réitigh solúbthachta agus comhtháthú seirbhísí luchtaithe cliste agus déthreocha agus seirbhísí comhtháthaithe córais i gcoitinne a sholáthar freisin. Cuireann feithiclí leictreacha arna gcumasú le haghaidh luchtú déthreoch le hacmhainneacht foirgneamh agus an chórais leictreachais cothromú idir soláthar cumhachta agus éileamh cumhachta, go háirithe le linn buaicuaireanta agus ar chostas níos ísle agus cumhacht a thabhairt d’úsáideoirí na seirbhísí sin a sholáthar go gníomhach ar luach saothair leormhaith.

(37) Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is cuid thábhachtach d’aistriú chuig fuinneamh glan iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha chun solúbthacht fuinnimh a bhainistiú. Is féidir cóid foirgníochta a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit bacainní amhail nascadh leis an eangach agus scrogaill toillte, dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhaint a bhíonn ina mbacainní ag úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

(38) Leis an réamhcháblú cuirtear na dálaí cearta ar fáil d’imscaradh gasta pointí athluchtaithe más gá agus i gcás ina bhfuil gá leo. Le bonneagar atá ar fáil go héasca laghdófar costais suiteála pointí athluchtaithe d’úinéirí aonair agus áiritheofar go mbeidh rochtain ag úsáideoirí feithiclí leictreacha ar phointí athluchtaithe. Ceanglais a bhunú do leictrea-shoghluaiseacht ar leibhéal an Aontais a bhaineann le trealamh a chur i spásanna páirceála roimh ré agus pointí athluchtaithe a shuiteáil, is bealach éifeachtach é sin chun feithiclí leictreacha a chur chun cinn go luath amach anseo agus forbairtí breise á gcumasú ar chostas laghdaithe ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach. ▌ Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar phointí athluchtaithe.

(39) Leis an luchtú cliste agus luchtú déthreoch cumasaítear comhtháthú foirgneamh sa chóras fuinnimh. Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a áirithiú. Ós rud é go gcabhraíonn luchtú déthreoch le flíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne agus go bhfuil sé ríthábhachtach do bhuaicscamhadh, rud a laghdaíonn an gá atá le soláthar cumhachta ag buaicuaireanta agus a laghdaíonn, dá bhrí sin, costais fhoriomlána an chórais, ba cheart feidhmiúlacht den sórt sin a chur ar fáil freisin, go háirithe mar go dtugann sé cumhacht d’úinéirí feithiclí leictreacha feidhmeanna den sórt sin a chur ar fáil chun páirt ghníomhach a imirt sa chóras fuinnimh ar luach saothair leormhaith, i gcomhréir lena gceart fuinneamh féintháirgthe a ghiniúint, a chomhroinnt, a stóráil nó a dhíol.

(40) Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn agus is féidir le foirgnimh ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an mbonneagar is gá a chur ar fáil, ní hamháin chun feithiclí leictreacha a athluchtú ach rothair freisin. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú go suntasach ach aistriú chuig soghluaisteacht ghníomhach, an rothaíocht mar shampla. Leis an méadú ar dhíolachán rothar leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L agus chun suiteáil pointí athluchtaithe ag céim níos déanaí a éascú, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh réamhcháblú le haghaidh na bhfeithiclí sin i bhfoirgnimh chónaithe nua, agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh réamhcháblú nó duchtáil i bhfoirgnimh chónaithe a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu. Mar a leagtar amach sa phlean um Sprioc Aeráide 2030, trí mhéadú a dhéanamh ar chionta módacha an iompair phríobháidigh agus phoiblí atá glan agus éifeachtúil, an rothaíocht mar shampla, is lú go mór an truailliú a thiocfaidh ón iompar agus rachaidh sé chun sochair go mór do shaoránaigh agus do phobail aonair. Tá an easpa spásanna páirceála rothar ina bac mór ar dhaoine tabhairt faoin rothaíocht, i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon. Is féidir le ceanglais an Aontais agus cóid foirgníochta náisiúnta tacú go héifeachtach leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine trí cheanglais a leagan síos le haghaidh líon íosta spásanna páirceála rothar, agus, trí spásanna páirceála rothar agus bonneagar lena mbaineann a thógáil i limistéir gur annaimhe rothair a úsáid, d’fhéadfadh méadú teacht ar a n-úsáid. Maidir leis an gceanglas spásanna páirceála rothar a sholáthar, níor cheart go mbeadh sé ag brath ar infhaighteacht agus soláthar spásanna páirceála cairr, nó ní gá go mbeadh baint acu leis na spásanna páirceála cairr sin, ar spásanna iad a d’fhéadfadh gan a bheith ar fáil in imthosca áirithe. Ba cheart go gcuirfí ceanglais páirceála cairr uasta i gcóid foirgníochta in ionad ceanglas páirceála cairr íosta, go háirithe sna limistéir sin ina bhfuil teacht maith ar iompar poiblí agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha. Ba cheart do na Ballstáit tacú le húdaráis áitiúla chun pleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus béim ar leith á leagan ar bheartais tithíochta a chomhtháthú le soghluaisteacht inbhuanaithe agus pleanáil uirbeach, agus ar an gcaoi sin inrochtaineacht na mórfhorbairtí uirbeacha nua uile a áirithiú, agus tús áite a thabhairt dóibh, trí shoghluaisteacht ghníomhach agus iompar poiblí.

(40a) Beidh gá le tacaíocht theicniúil freisin chun acmhainn na n-údarás áitiúil a fhorbairt trí oiliúint agus trí cheardlanna, mar shampla maidir le soláthairtí a dhearadh agus sonraí saolré iomláine á gcur san áireamh agus chun faireachán a dhéanamh ar charbón ar feadh na saolré iomláine.

(40b) Agus na ceanglais leictrea-shoghluaisteachta sa Treoir seo á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar staid eacnamaíoch teaghlach leochaileach agus micrifhiontar leochaileach agus fiontar beag agus ba cheart dóibh a bheith in ann suiteáil an bhonneagair ábhartha a choigeartú dá réir.

(41) Ba cheart cláir oibre an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus an Aontais Fuinnimh a bheith ailínithe agus freastal ar spriocanna comhchoiteanna. Tá digitiú an chórais fuinnimh ag athrú earnáil an fhuinnimh go tapa, ó chomhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh go heangacha cliste agus foirgnimh atá ullamh don teicneolaíocht chliste. Chun earnáil na foirgníochta a dhigitiú, tá spriocanna nascachta agus uaillmhianta an Aontais maidir le himscaradh líonraí cumarsáide ardtoillte tábhachtach do thithe cliste agus do phobail dhea-nasctha. Ba cheart dreasachtaí spriocdhírithe a sholáthar chun córais atá ullamh don teicneolaíocht-chliste agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Leis sin chuirfí deiseanna nua ar fáil do choigiltí fuinnimh, trí eolas níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí faoina bpatrúin tomhaltais agus trí chur ar chumas an oibreora córais an eangach a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí.

(42) Chun margadh iomaíoch agus nuálach do sheirbhísí foirgneamh cliste a éascú, ar margadh é a rannchuideoidh le húsáid éifeachtúil fuinnimh agus le comhtháthú éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh agus a thacóidh le hinfheistíochtaí san athchóiriú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach ag páirtithe leasmhara ar shonraí na gcóras tógála. Chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do thríú páirtithe, éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí mar aon le malartú sonraí laistigh den Aontas.

(43) Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar chumas foirgneamh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid chun oibriú na bhfoirgneamh a chur in oiriúint do riachtanais na n-áititheoirí agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Leis an táscaire ullmhachta cliste, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áititheoirí foirgnimh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus muinín a thabhairt d’áititheoirí maidir leis na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Tá tairbhe ar leith ag baint leis an táscaire ullmhachta cliste maidir le foirgnimh mhóra a bhfuil éileamh ard fuinnimh orthu. Maidir le foirgnimh eile, ba cheart úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit.

(44) Tá rochtain ar dheontais agus ar chistiú leordhóthanach ríthábhachtach chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus 2050 a bhaint amach chomh maith le líon na ndaoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht fuinnimh a laghdú.  Tá ionstraimí airgeadais an Aontais agus bearta nach iad curtha i bhfeidhm nó in oiriúint chun tacú le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh. Áirítear ar na tionscnaimh is déanaí chun infhaighteacht an mhaoinithe ar leibhéal an Aontais a mhéadú, inter alia, an ghné shuaitheanta ‘Athchóiriú’ den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ▌ agus den Chiste Aeráide Sóisialta agus de phlean REPowerEU.  Is féidir le roinnt clár tábhachtach eile de chuid an Aontais tacú leis an athchóiriú fuinnimh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, lena n-áirítear cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Ciste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[25]. Trí Chreatchláir um thaighde agus um nuálaíocht, infheistíonn an tAontas i ndeontais nó in iasachtaí chun an teicneolaíocht is fearr a bhrú agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí leis an tionscal agus leis na Ballstáit amhail an tAistriú chuig Fuinneamh Glan agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha Built4People. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart don Choimisiún comhpháirtíochtaí earnáilsonracha um aistriú fuinnimh a bhunú laistigh d’earnáil na tógála trí phríomhgheallsealbhóirí a thabhairt le chéile.

(45) Ba cheart ionstraimí airgeadais an Aontais a úsáid chun cuspóirí na Treorach seo a chur i bhfeidhm, ach gan bearta náisiúnta a chur ina n-áit. Thar aon rud eile, de bharr scála na hiarrata athchóirithe atá ag teastáil, ba cheart iad a úsáid chun modhanna maoinithe iomchuí agus nuálacha a sholáthar chun dlús a chur le hinfheistíocht i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith acu chun cistí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt chomh maith le hionstraimí nó sásraí, rudaí a chuireann na féidearthachtaí maoinithe sin ar fáil d’úinéirí réadmhaoine, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí seirbhíse éifeachtúlachta fuinnimh.

(46) Ba cheart ról lárnach a bheith ag sásraí airgeadais, deontais agus fóirdheontais an Aontais, dreasachtaí agus slógadh institiúidí airgeadais d’athchóirithe fuinnimh i bhfoirgnimh, atá saincheaptha do riachtanais úinéirí foirgneamh agus tionóntaí éagsúla, sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus ba cheart do na Ballstáit na nithe sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach. Le bearta den sórt sin, ba cheart go ndéanfaí morgáistí fuinneamhéifeachtúla a chur chun cinn le coimircí sóisialta d’athchóiriú foirgneamh fuinneamhéifeachtúil deimhnithe agus infheistíochtaí d’údaráis phoiblí i stoc foirgnimh fuinneamhéifeachtúil a chothú, mar shampla trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó trí chonarthaí feidhmíochta fuinnimh nó tríd an baol a mheastar a bhaineann leis na hinfheistíochtaí a laghdú. Ba cheart do na scéimeanna airgeadais préimh thábhachtach a sholáthar i gcomhair athchóirithe doimhne, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht, chun iad a dhéanamh tarraingteach ó thaobh airgeadais de agus ba cheart iad a dhearadh ionas go mbeidh rochtain orthu ag grúpaí a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú rialta a fháil.

(46a) Ba cheart do na Ballstáit ráthaíochtaí a sholáthar d’institiúidí airgeadais chun táirgí, deontais agus fóirdheontais airgeadais spriocdhírithe a chur chun cinn, le haghaidh feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe foirgneamh ina bhfuil teaghlaigh leochaileacha, agus d’úinéirí i bhfoirgnimh ilteaghais is measa feidhmíocht agus i bhfoirgnimh i gceantair thuaithe, agus do ghrúpaí eile a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú nó morgáistí traidisiúnta a fháil. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbainfidh na grúpaí sin tairbhe as scéimeanna athchóirithe atá neodrach ó thaobh costais de, mar shampla trí scéimeanna athchóirithe a bhfuil fóirdheonú iomlán orthu, nó cumaisc idir deontais agus conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus scéimeanna ar an mbille. Is gá foráil a dhéanamh d'ionstraim athchóirithe speisialta, ‘Iasacht Athchóirithe AE’, ar leibhéal an Aontais, chun rochtain a thabhairt d’úinéirí tí ar chostais iasachtaíochta fhadtéarmacha an Aontais le haghaidh athchóiriú domhain.

(46b) Tá ról lárnach ag an maoiniú maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach. Chun an bhearna infheistíochta a laghdú agus chun feabhas a chur ar mhaoiniú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, tá gá le húsáid níos costéifeachtaí a bhaint as na roghanna maoinithe atá ann cheana, chomh maith le sásraí nuálacha maoiniúcháin a fhorbairt agus a thabhairt isteach chun tacú le hinfheistíochtaí in athchóirithe foirgneamh agus chun cabhrú le húinéirí tí mar chuid de thionscnaimh náisiúnta. Ba cheart ról lárnach a bheith ag sásraí airgeadais, dreasachtaí agus slógadh infheistíochtaí príobháideacha ó institiúidí airgeadais le haghaidh athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh i bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Ba cheart d’institiúidí airgeadais scaipeadh faisnéise faoina dtáirgí airgeadais a mhéadú chun úinéirí, tionóntaí agus úsáideoirí foirgneamh a chur ar an eolas faoi sheirbhísí airgeadais chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú. Ba cheart rochtain a bheith ag institiúidí airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa agus rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais a infheistíonn i dtáirgí a fhaigheann tacaíocht ó eastát réadach, ar fhaisnéis a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Ba cheart institiúidí den sórt sin a bheith faoi réir na gcaighdeán punainne morgáistí.

(46c) Is féidir le hiasachtaí morgáiste glasa agus iasachtaí miondíola glasa cuidiú go mór leis an ngeilleagar a athrú ó bhonn agus astaíochtaí carbóin a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit an reachtaíocht is infheidhme a choigeartú agus bearta tacaíochta a fhorbairt chun glacadh iasachtaí morgáiste glasa agus iasachtaí miondíola glasa a éascú mar aon le bailiú córasach sonraí.

(46d) Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do leithdháileadh cuid de Chiste Sóisialta na hEorpa ar oiliúint theicniúil oibrithe in éifeachtúlacht fuinnimh d’earnálacha na tógála agus an athchóirithe. Ba cheart do na Ballstáit clárlanna dá ngairmithe luachshlabhra tógála a bhunú, ina mbeidh sonraí ar fáil maidir le hinfhaighteacht scileanna agus gairmithe oilte ar an margadh. Ba cheart go mbeadh rochtain ag an bpobal ar na clárlanna sin agus go ndéanfaí iad a nuashonrú go rialta.

(46e) Tugann buntáistí na scéime airgeadais ‘íoc-mar-a-shábháiltear’ sa mheántéarma, tar éis aisíoc na hiasachta, le fios go bhfuil glansochar ann d’úinéirí teaghlaigh ó thaobh coigiltis bhliantúla ar chostais fuinnimh de agus luach méadaithe na maoine.

(47) Ní dhéanfar freastal ar na riachtanais athchóirithe tríd an maoiniú amháin. ▌Tá bunú uirlisí comhairleacha agus ionstraimí cúnaimh inrochtana agus trédhearcacha amhail ionaid ilfhreastail neamhspleácha ina soláthraítear seirbhísí nó éascaitheoirí saor in aisce athchóirithe fuinnimh comhtháite agus comhairle, chomh maith le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme amhail iad siúd dá dtagraítear i Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste ón gCoimisiún, tá sé fíor-riachtanach chun an creat ceart cumasúcháin a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní ar an athchóiriú. Ba cheart aitheantas a thabhairt don tábhacht lárnach a bhaineann le gníomhaithe áitiúla, amhail údaráis bhardasacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, pobail fuinnimh in-athnuaite agus saoránach, chun riachtanais athchóirithe náisiúnta a sholáthar. Tá ról tábhachtach ag bearta comhoibríocha eile amhail comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus ba cheart do na Ballstáit iad a chur chun cinn go gníomhach agus tacú leo. Chomh maith le maoiniú agus tacaíocht theicniúil, ba cheart do na Ballstáit cineálacha cur chuige comharsanachta agus ceantair a ghlacadh maidir le hathchóiriú foirgneamh agus le téamh agus fuarú inathnuaite ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus iad a chur chun cinn ar bhonn gníomhach. Maidir le tionscnaimh áitiúla, amhail cláir athchóirithe faoi stiúir na saoránach ar leibhéal comharsanachta nó bardasach, ba cheart tacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar dóibh freisin, mar go bhfeabhsaíonn na tionscnaimh sin rannpháirtíocht na saoránach san aistriú fuinnimh, go gcaomhnaíonn siad patrúin shóisialta áitiúla, go mbíonn éifeacht barainneachta scála acu agus go gcuireann siad réitigh ar fáil a oireann don chomhthéacs áitiúil agus do na riachtanais áitiúla.

(47a) Le rochtain ar chomhairle agus ar fhaisnéis iontaofa, méadaítear ar mhuinín agus éascaítear an próiseas chun éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh atá ann cheana a fheabhsú, go háirithe do shaoránaigh phríobháideacha. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag ionaid ilfhreastail maidir le tionscadail fhéideartha a nascadh le gníomhaithe margaidh, lena n-áirítear saoránaigh, údaráis phoiblí agus forbróirí tionscadal, go háirithe tionscadail ar mhionscála chomh maith le treoir maidir le nósanna imeachta ceada, rochtain ar chistiú le haghaidh athchóiriú foirgneamh a chur chun cinn, agus cuidiú le faisnéis a scaipeadh maidir le téarmaí agus coinníollacha. D’fhéadfadh ionaid ilfhreastail a oibrítear go háitiúil cuidiú freisin le comhordú an tsoláthair agus an éilimh a áirithiú. Is féidir leo cabhrú le húinéirí agus bainisteoirí foirgneamh leis na tionscadail athchóirithe agus cabhrú le tionscadail aonair a chomhtháthú i straitéis níos leithne na gcathracha. Is féidir leo freisin tosaíocht a thabhairt d’fhoirgnimh is measa feidhmíocht trí amlínte a bhunú agus trí thacaíocht spriocdhírithe a sholáthar do chodanna éagsúla den stoc foirgneamh bunaithe ar bhlianta tógála. Tá ionaid ilfhreastail tábhachtach freisin maidir le saoránaigh a spreagadh chun tús a chur le tionscadail athchóirithe trí chomhairle agus roghanna taighde a sholáthar, tríd an gcuardach le haghaidh conraitheoirí a éascú, trí chabhrú leis an mbealach a dhéanamh trí thairiscintí agus trí mheastacháin , agus trí thacaíocht a sholáthar le linn na n-athchóirithe. Tá gá le cúnamh teicniúil méadaithe chun ionaid ilfhreastail a bhunú agus a fhorbairt agus chun leas a bhaint as an saineolas ceart.

(48) Is minic a bhíonn foirgnimh neamhéifeachtúla nasctha le bochtaineacht fuinnimh agus le fadhbanna sóisialta. Tá teaghlaigh leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna fuinnimh mar go gcaitheann siad sciar níos mó dá mbuiséad ar tháirgí fuinnimh. Trí bhillí iomarcacha fuinnimh a laghdú, is féidir leis an athchóiriú foirgneamh daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht fuinnimh agus í a chosc. Ag an am céanna, níl an t-athchóiriú foirgneamh saor in aisce, agus tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil teorainn le tionchar sóisialta na gcostas a bhaineann leis an athchóiriú foirgneamh, go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha. Níor cheart aon duine a fhágáil ar gcúl leis an Rabharta Athchóiriúcháin, agus ba cheart é a thapú mar dheis chun staid na dteaghlach leochaileach agus na ndaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, a fheabhsú agus ba cheart aistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart dreasachtaí airgeadais agus bearta beartais eile a bheith mar sprioc thosaíochta do theaghlaigh leochaileacha ▌agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus ba cheart do na Ballstáit bearta a leagan amach ina bpleananna athchóirithe náisiúnta foirgneamh a bheidh le glacadh chun díshealbhuithe de bharr athchóirithe a chosc, amhail sosanna praghsanna cíosa agus bearta maidir le huasteorainneacha cíosa. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, soláthraítear creat coiteann agus comhthuiscint ar bheartais chuimsitheacha agus ar infheistíochtaí cuimsitheacha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cóir.

(48a) Déanann an bhochtaineacht fuinnimh difear díréireach do mhná ar fud an Aontais agus dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht is gá a thiomnú chun bochtaineacht fuinnimh i measc na mban a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit iarracht níos mó a dhéanamh sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a thiomsú ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun díriú níos fearr ar bheartais agus ar bhearta.

(49) D’fhonn a áirithiú gur féidir le ceannaitheoirí nó tionóntaí ionchasacha feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur san áireamh go luath sa phróiseas, ba cheart teastas feidhmíochta fuinnimh a bheith ag gabháil le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a thairgtear le díol nó le cur amach ar cíos, agus ba cheart an aicme feidhmíochta fuinnimh agus an táscaire feidhmíochta fuinnimh a lua i ngach fógrán. Ba cheart an fhaisnéis cheart a thabhairt don cheannaitheoir ionchasach  do thionónta foirgnimh nó aonaid foirgnimh sa teasta feidhmíochta fuinnimh maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh agus ba cheart moltaí praiticiúla a bheith ann freisin maidir leis an bhfeidhmíocht sin a fheabhsú. Sa bhreis air sin, ba cheart faisnéis a bheith sa teastas feidhmíochta fuinnimh maidir lena fuinnimh príomhúil agus ídiú críochnaitheach, a riachtanais fuinnimh, a tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite, a astaíochtaí gás ceaptha teasa, a cháilíocht chomhshaoil laistigh, chomh maith le moltaí maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus ar GWP saolré.

(49a) Agus beartais tacaíochta d’íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh á mbreithniú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar theaghlaigh leochaileacha, go háirithe orthu siúd a bhféadfaí a slándáil tionachta a chur i mbaol nó dóibh siúd atá neamhchosanta ar chostais arda fuinnimh nach bhfuil na hacmhainní acu chun an foirgneamh ina bhfuil siad a athchóiriú. Ba cheart do na Ballstáit coimircí a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta, amhail sásraí tacaíochta sóisialta.

(49b) Is deis é an t-aistriú fuinnimh chun rochtain ar thithíocht ar chaighdeán níos fearr a fheabhsú, ar choinníoll go ndéanfar costais athchóirithe a chothromú a mhéid is féidir agus coigilteas fuinnimh agus slándáil tionachta á háirithiú. Is féidir leis cabhrú freisin le teaghlaigh a thabhairt slán as bochtaineacht fuinnimh agus iompair má chuirtear fóirdheontais agus maoiniú poiblí ar fáil dóibh siúd a bhfuil rochtain laghdaithe acu ar iasachtaí ar phraghas an mhargaidh. Chomh maith leis sin, i gcás tithíocht phoiblí agus foirgnimh ar cíos, tá samhlacha rannpháirteacha riachtanach chun go n-oibreoidh tionóntaí i gcomhar leis na cuideachtaí tithíochta, leis na tiarnaí talún agus le cumainn úinéirí maidir le scóip agus costas na n-athchóirithe. Is féidir leis cabhrú le costais a chothromú agus slándáil tionachta a threisiú. Ba cheart deiseanna forbartha acmhainní do sholáthraithe áitiúla tithíochta a chruthú le haghaidh glacadh níos fearr le samhlacha rannpháirtíochta agus cur chuige níos comhordaithe ar fud na n-earnálacha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

(50) Éascaítear faireachán ar stoc na bhfoirgneamh trí infhaighteacht sonraí arna mbailiú ag uirlisí digiteacha, rud a laghdóidh costais riaracháin. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus ba cheart an fhaisnéis atá iontu a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

(51) Foirgnimh a bhfuil údaráis phoiblí lonnaithe iontu agus foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, ba cheart do na foirgnimh sin dea-shampla a thabhairt agus iad ag léiriú go gcuirtear cúrsaí comhshaoil agus fuinnimh san áireamh, agus dá bhrí sin ba cheart na foirgnimh sin a bheith ag deimhniúchán fuinnimh go tráthrialta. Ba cheart scaipeadh faisnéise poiblí maidir le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú trí na teastais fuinnimh sin a thaispeáint go soiléir, go háirithe i bhfoirgnimh de mhéid áirithe atá áitithe ag údaráis phoiblí nó foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, mar atá hallaí baile, scoileanna, siopaí agus ionaid siopadóireachta, ollmhargaí, bialanna, amharclanna, bainc agus óstáin.

(51a) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte teicniúla a bhunú maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh oidhreachta stairiúla agus ionaid stairiúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar uaillmhianta éiceolaíocha agus go gcosnófar an oidhreacht chultúrtha. Le bunú pleananna athchóirithe náisiúnta, ní mór foráil a dhéanamh maidir le comhairliúchán struchtúrtha buan le heagraíochtaí ionadaíocha na n-ábhar atá ag feidhmiú in earnáil na tógála, lena n-áirítear maidir le foirgnimh stairiúla.

(51b) Ba cheart na díolúintí atá ann cheana d’fhoirgnimh oidhreachta agus shealadacha a choinneáil le haghaidh foirgnimh chaomhnaithe agus oidhreachta agus ag an am céanna déantar réitigh nuálacha nua a fhorbairt agus a thástáil. Ba cheart díolúine a chur ar fáil freisin d’fhoirgnimh oidhreachta atá á gcosaint go hoifigiúil chomh maith le foirgnimh eile a éilíonn caomhnú cuí mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta agus stairiúil ar leith, má cuireadh tús leis an bpróiseas sin roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Tá cúnamh teicniúil riachtanach chun borradh a chur faoi athchóiriú foirgneamh poiblí, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais chun treoirthionscadail agus tionscadail taispeántais a mhacasamhlú agus a uas-scálú, ag tógáil ar thaithí a forbraíodh le maoiniú Fís 2020 do chathracha cliste. Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis náisiúnta atá acu faoi láthair chun foirgnimh a aicmiú mar fhoirgnimh oidhreachta agus stairiúla chun an stádas sin a dheonú go tráthúil faoi dháta thrasuí na Treorach seo.

(52) Le blianta beaga anuas tá fás tagtha ar líon na gcóras aerchóirithe i dtíortha na hEorpa. Bíonn fadhbanna móra ann ag na hamanna is mó éileamh ar na córais sin, rud a chuireann le costas an leictreachais chomh maith leis an gcomhordú fuinnimh a chur as a riocht. Ba cheart tús áite a thabhairt do straitéisí a chuireann feabhas ar fheidhmíocht theirmeach na bhfoirgneamh i rith an tsamhraidh. Chuige sin, ba cheart go ndíreofaí ar bhearta lena seachnófar an róthéamh, an scáthú agus acmhainn theirmeach leordhóthanach i dtógáil na bhfoirgneamh cuir i gcás, agus teicnící fuaraithe éighníomhaigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm níos mó, go príomha na teicnící a chuireann feabhas ar dhálaí aeráide laistigh agus ar an micrea-aeráide thart ar fhoirgnimh.

(53) Ach na córais téimh, suiteálacha leictreacha, múchta dóiteáin, aerála agus aerchóirithe a chur á gcothabháil agus á n-iniúchadh go tráthrialta ag pearsanra cáilithe, cuidíonn sé sin lena gcoinneáil ar an socrú ceart i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge agus ar an mbealach sin, áirítear an fheidhmíocht is fearr ó thaobh an chomhshaoil, na sábháilteachta agus an fhuinnimh de. Ba cheart measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras téimh, suiteálacha leictreacha, múchta dóiteáin, aerála agus aerchóirithe ar fad go tráthrialta le linn a shaolré agus go háirithe sula ndéantar é a athsholáthar nó a nuashonrú. Chun an t-ualach riaracháin ar úinéirí foirgnimh agus tionóntaí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit féachaint le cigearachtaí agus deimhniúcháin a dhéanamh in aon fheacht le chéile más féidir.

(54) Má ghlactar cur chuige coiteann maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste a dheimhniú agus iniúchadh a dhéanamh ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe agus suiteálacha leictreacha, agus an méid sin á chur i gcrích ag saineolaithe cáilithe nó deimhnithe a ndéanfar a neamhspleáchas a ráthú ar bhonn critéar oibiachtúil, agus a rannchuideoidh le cothrom na Féinne a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis na hiarrachtaí a dhéantar sna Ballstáit chun fuinneamh a choigilt in earnáil na bhfoirgneamh, agus lena dtabharfaí isteach trédhearcacht d’úinéirí nó úsáideoirí ionchasacha maidir le feidhmíocht fuinnimh i margadh réadmhaoine an Aontais. Chun cáilíocht na dteastas feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste agus na cigireachta ar shaintréithe teirmeacha na gcóras téimh agus aerchóirithe agus rialaithe foirgneamh a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart sásra neamhspleách rialaithe a bhunú i ngach Ballstát.

(55) Ó tharla gur ríthábhachtach údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme na Treorach seo go rathúil, ba cheart dul i gcomhairle leo agus a rannpháirtíocht a lorg, sa chás agus san am inarb iomchuí sin i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, maidir le cúrsaí pleanála, cláir a fhorbairt chun faisnéis a sholáthar, oiliúint agus fógraíocht, agus maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar an leibhéil náisiúnta agus réigiúnach. Féadfaidh comhairliúcháin den chineáil sin fónamh chun treoir leordhóthanach a chur ar fáil do phleanálaithe áitiúla ionas gur féidir leo na tascanna is gá a dhéanamh a chur i gcrích. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit pleanálaithe agus ailtirí a chumasú agus a spreagadh chun go mbeidh siad in ann a machnamh a dhéanamh mar is ceart ar an teaglaim is fearr agus is feiliúnaí d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, de theicneolaíochtaí ardéifeachtúlachta agus den téamh agus den fhuarú spáis, tráth a mbeidh pleanáil, dearadh, tógáil nó athfheistiú á ndéanamh acu ar limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí samhaltaithe agus ionsamhlúcháin 3D-bhunaithe a úsáid. Ina theannta sin, ba cheart comhpháirtithe socheacnamaíocha eile a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí maidir leis na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear ceardchumainn agus comharchumainn tithíochta, úinéirí foirgneamh, úinéirí talún agus tionscal na tógála, eintitis a oibríonn le teaghlaigh leochaileacha agus daoine gan dídean, agus comhpháirtithe eile na sochaí sibhialta amhail eagraíochtaí tionóntaí agus eagraíochtaí tomhaltóirí agus idirphlé il-leibhéil a bhunú.

(56) Tá tábhacht ar leith ag baint le suiteálaithe agus tógálaithe má tá i ndán go mbeidh rath ar chur chun feidhme na Treorach seo. Dá bhrí sin, tríd an oiliúint agus trí bhearta eile, ba cheart an leibhéil iomchuí inniúlachta a bheith ag líon leordhóthanach suiteálaithe agus tógálaithe chun suiteáil agus comhtháthú a dhéanamh ar an teicneolaíocht fuinneamhéifeachtúil in-athnuaite atá ag teastáil.

(57) D’fhonn cur a thuilleadh leis na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE ba cheart í a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le codanna áirithe den chreat ginearálta a athchóiriú i gcomhréir le dul chun cinn teicniúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I faoin 31 Nollaig 2026, [i dtaca le sonraí maidir le creat modheolaíochta a bhunú chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh], i ndáil leis na tairseacha d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha a oiriúnú agus leis an modheolaíocht ríofa maidir leis an GWP saolré, i ndáil le híoschaighdéain cáilíochta comhshaoil laistigh, i ndáil le bunú creata chomhchoiteann Eorpaigh le haghaidh pasanna athchóirithe agus i ndáil le scéim an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[26]. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(58) D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí uirlisí éagsúla, amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil[27] lena soláthraítear saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe a mhéadú faoin mbliain 2030 agus athchóiriú domhainfhuinnimh a chothú. Baineann an tacaíocht theicniúil, mar shampla, le cumas riaracháin a neartú, tacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt.

(59) Maidir le cuspóirí na Treorach seo, is é sin feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgneamh a laghdú, ó tharla nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar a chasta atá earnáil na bhfoirgneamh agus neamhábaltacht na margaí tithíochta náisiúnta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh, ach , ina áit sin, gur fearr is féidir an gníomh sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, i ngeall ar scála agus tionchair an ghnímh sin, is féidir go nglacfaidh an tAontas beartais, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(60) Is é Airteagal 194(2) CFAE bunús dlí an tionscnaimh seo, lena dtugtar de chumhacht don Aontas na bearta is gá a bhunú chun cuspóirí an Aontais maidir leis an mbeartas fuinnimh a bhaint amach. Cuireann an togra le cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 194(1) CFAE, go háirithe trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, rud a chuireann le caomhnú agus le feabhsú an chomhshaoil.

(61) I gcomhréir le pointe 44 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart do na Ballstáit, ar mhaithe leo féin agus leis an Aontas, a dtáblaí féin a chur le chéile ina léireofar, a mhéid is féidir, an comhghaol idir an Treoir seo agus na bearta trasuite, agus moltar dóibh é sin a chur ar a súile don phobal. I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás An Coimisiún v An Bheilg (cás C-543/17).

(62) Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe . Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir a bhí ann roimhe seo .

(63) Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun Treoir 2002/91/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí cur i bhfeidhm na dTreoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:


Airteagal 1 Ábhar

1. Leis an Treoir seo cuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh laistigh den Aontas chun cinn, d’fhonn stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, ag cur san áireamh na dálaí aeráide lasmuigh, na dálaí áitiúla, i.e. na ceanglais maidir le cáilíocht an chomhshaoil ​​faoi dhíon agus rannchuidiú an stoic tógála le solúbthacht taobh an éilimh chun éifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht an chórais fuinnimh a fheabhsú.

2. Leis an Treoir seo, leagtar síos na ceanglais maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an creat ginearálta comhchoiteann maidir le modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh chomhtháite foirgneamh agus aonad foirgnimh a ríomh;

(b) cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas i gcás fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh nua agus na n-aonad foirgnimh nua;

(c) cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas i gcás fheidhmíocht fuinnimh na nithe seo a leanas:

(i) foirgnimh atá ann cheana agus aonaid fhoirgnimh a bhfuiltear ag déanamh athchóiriú mór orthu;

(ii) codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar;

(iii) córais theicniúla foirgneamh nuair a dhéantar iad a shuiteáil, a athsholáthar nó a nuashonrú;

(d) íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm ar fhoirgnimh atá ann agus ar aonaid foirgnimh atá ann, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 9;

(da) creat comhchuibhithe chun measúnú a dhéanamh ar phoitéinseal téimh dhomhanda ar feadh saolré foirgnimh;

(db) fuinneamh gréine i bhfoirgnimh

(dc) deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breosla iontaise i bhfoirgnimh;

(e) pasanna athchóirithe;

(f) pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;

(g) bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh; agus

(h) foirgnimh chliste;

(ha) réitigh dhúlra-bhunaithe lena dtreisítear dea-úsáid agus oiriúnú an spáis phoiblí mórthimpeall na bhfoirgneamh le gnéithe amhail ábhair adhmaid, díonta glasa agus aghaidheanna glasa agus réitigh atá spreagtha ag an dúlra agus a fhaigheann tacaíocht ón dúlra, ar réitigh iad lenar féidir tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chur ar fáil ag an am céanna agus lenar féidir athléimneacht a chothú;

(i) deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh foirgneamh nó aonad foirgnimh;

(j) cigearacht rialta ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe i bhfoirgnimh;

(k) córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha iniúchta.

(ka) feidhmíocht cáilíochta comhshaoil foirgneamh laistigh;

3. Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach. Beidh na bearta sin i gcomhréir le CFAE . Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. ciallaíonn ‘foirgneamh’ déanmhas faoi dhíon a bhfuil ballaí leis agus a n-úsáidtear fuinneamh chun an timpeallacht laistigh a chóiriú;

2. ciallaíonn 'foirgneamh astaíochtaí nialasacha' foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, mar a chinntear i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn III, a rannchuidíonn le leas iomlán a bhaint as an gcóras fuinnimh trí sholúbthacht ó thaobh an éilimh, i gcás ina bhfuil aon mhéid iarmharach fuinnimh an-íseal fós. atá ag teastáil clúdaithe go hiomlán le fuinneamh ó:

(a) foinsí inathnuaite arna nginiúint nó arna stóráil ar an láthair;

(b) foinsí inathnuaite a ghintear lasmuigh den láthair in aice láimhe agus a sheachadtar tríd an eangach i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe];

(c) comhphobal fuinnimh inathnuaite de réir bhrí Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe];

(d) fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas ó chóras éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair de réir bhrí Threoir (AE).../.... [athmhúnlú EED], i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

3. ciallaíonn ‘foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de’ foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh an-ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I , feidhmíocht fuinnimh nach féidir a bheith níos ísle ná an leibhéal is fearr costais in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó gar dó;

3a. ciallaíonn ‘foirgneamh is neamhfheidhmiúla’ foirgneamh a atá aicmithe in aicmí feidhmíochta fuinnimh E go G;

3b. ciallaíonn ‘córas éighníomhach’ prionsabal deartha nó eilimint foirgnimh lena gcoinnítear nó lena bhfeabhsaítear feidhmíocht fuinnimh nó paraiméadar amháin nó níos mó don timpeallacht laistigh gan aon chúnamh ó fhoinse fuinnimh;

4. ciallaíonn ‘íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh’ rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgnimh nó ag truicearphointe ar an margadh (ar díol nó ar cíos), laistigh de thréimhse ama nó faoi dháta sonrach, agus i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, agus ar an gcaoi sin déanfar athchóiriú ar fhoirgnimh atá ann cheana;

4a. ciallaíonn ‘bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;

5. ciallaíonn ‘comhlachtaí poiblí’ mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir .../... [athmhúnlú EED]; 6.  ciallaíonn ‘córas teicniúil foirgneamh’ trealamh teicniúil le haghaidh téamh spáis, fuarú spáis, aeraithe, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgneamh, scáthú gréine arna oibriú leictreach, suiteálacha leictreacha, stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha, fuinneamh in-athnuaite ar an láthair. giniúint agus stóráil, nó teaglaim díobh sin, lena n-áirítear na córais sin a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, foirgnimh nó aonaid foirgnimh;

6a.  ciallaíonn ‘solúbthacht ar thaobh an éilimh’ cumas custaiméirí gníomhacha freagairt do chomharthaí seachtracha agus a nginiúint agus a dtomhaltas fuinnimh a choigeartú, ina n-aonar nó trí chomhiomlánú, ar bhealach dinimiciúil atá spleách ar am, a fhéadfar a sholáthar le hacmhainní fuinnimh cliste, díláraithe, lena n-áirítear bainistiú éilimh, stóráil fuinnimh, agus giniúint in-athnuaite dáilte, chun tacú le córas fuinnimh atá níos iontaofa, níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla;

6b. ciallaíonn ‘córas fuaraithe’ teaglaim de chomhpháirteanna éighníomhacha agus gníomhacha atá ag teastáil chun cineál cóireála aeir laistigh a sholáthar trína n-íslítear an teocht;

6c. ciallaíonn ‘suiteáil leictreach’ córas ina bhfuil comhpháirteanna seasta, lena n-áirítear lasc-chláir, cáblaí leictreacha, córais talmhúcháin, soicéid, lasca agus feistis solais, arb é an cuspóir atá leo cumhacht leictreach a dháileadh laistigh d’fhoirgneamh chuig gach pointe úsáide nó leictreachas arna ghiniúint ar an láthair a tharchur;

6d. Ciallaíonn ‘éifeachtúlacht córais’ réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a roghnú lena gcumasófar leo freisin bealach dícharbónaithe costéifeachtach, solúbthacht bhreise agus úsáid éifeachtúil acmhainní;

6e. ciallaíonn ‘córas aerála’ meascán comhpháirteanna a theastaíonn chun aer laistigh a athnuachan d’aer lasmuigh;

7. ciallaíonn ‘córas uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh’ córas lena gcumhdaítear na táirgí, na bogearraí agus na seirbhísí innealtóireachta go léir ar féidir leo tacú le hoibriú fuinneamhéifeachtúil, tíosach agus sábháilte córais theicniúil foirgnimh trí rialuithe uathoibríocha agus trína mbainistiú de láimh na córais theicniúil foirgnimh sin a éascú;

8. ciallaíonn ‘feidhmíocht fuinnimh foirgnimh’ an méid fuinnimh arna ríomh nó arna mhéadrú atá ag teastáil chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid an fhoirgnimh, lena n-áirítear, inter alia, fuinneamh a úsáidtear chun an foirgneamh a théamh, a fhuarú, a aeráil, chun uisce te a sholáthar ann agus chun an foirgneamh a shoilsiú agus córais theicniúla foirgneamh;

9. ciallaíonn ‘fuinneamh príomha’ fuinneamh in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite nach ndeachaigh faoi phróiseas tiontaithe nó claochlaithe;

9a. ciallaíonn ‘fuinneamh deiridh’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhoinsí neamh-inathnuaite a chuaigh faoi phróiseas tiontaithe nó claochlaithe chun a áirithiú go bhfuil sé réidh lena thomhailt agus lena sholáthar d’úsáideoirí deiridh;

9b. ciallaíonn ‘méadraithe’ fuinneamh a thomhas le feiste ábhartha, amhail méadar fuinnimh, le méadar cumhachta, le feiste méadraithe agus faireacháin cumhachta, nó le méadar leictreachais;

10. Ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite’ fuinneamh príomhúil neamh-in-athnuaite le haghaidh iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tsoláthair chuig na pointí úsáide, roinnte ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

11. Ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil in-athnuaite’ fuinneamh príomhúil in-athnuaite ó fhoinse fuinnimh ar an láthair, in aice láimhe nó i gcéin, a sheachadtar trí iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tseachadta chuig na pointí úsáide, roinnte ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

12. ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil iomlán’ suim ualaithe na bpríomhfhachtóirí fuinnimh in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite i gcás iompróir fuinnimh ar leith;

13. ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite’ nó ‘fuinneamh inathnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamhiontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001;

14. ciallaíonn ‘imchlúdach foirgnimh’ gnéithe comhtháite foirgnimh a thagann idir an taobh istigh agus an timpeallacht lasmuigh;

15. ciallaíonn ‘aonad foirgnimh’ cuid, urlár nó árasán laistigh d’fhoirgneamh arna dhearadh nó arna athrú chun go n-úsáidfí as féin é;

16. ciallaíonn ‘cuid d’fhoirgnimh’ córas teicniúil foirgnimh nó gné den imchlúdach foirgnimh;

17. ciallaíonn ‘teaghais’ spás fisiciúil ina bhfuil seomra nó sraith seomraí i bhfoirgneamh buan nó i gcuid struchtúrtha d’fhoirgneamh atá leithleach ó thaobh struchtúrtha de agus atá deartha le haghaidh cónaithe ag teaghlach príobháideach amháin ar feadh na bliana ar fad;

18. ciallaíonn ‘pas athchóirithe’ doiciméad lena gcuirtear treochlár saincheaptha ar fáil maidir le hathchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgneamh sonrach i líon uasta céimeanna lena ndéanfar foirgneamh astaíochtaí nialasacha den fhoirgneamh faoi 2050 ar a dhéanaí;

19. ciallaíonn ‘athchóiriú domhain’ athchóiriú i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus iarrachtaí chun astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa a ghintear le linn an athchóirithe a laghdú, lena ndírítear ar mhíreanna riachtanacha tógála, amhail insliú ballaí, insliú dín, insliú urláir íseal, córais shiúinéireachta sheachtracha, aerála agus téimh nó téimh a athsholáthar agus droichid theirmeacha a chóireáil, chun an chompord is gá a áirithiú do na háititheoirí sa samhradh agus sa gheimhreadh nó athchóiriú a bhfuil laghdú 60 % ar a laghad ar an bpríomhéileamh fuinnimh ar na foirgnimh is measa feidhmíocht mar thoradh air agus nach bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch caighdeán foirgnimh saor ó astaíochtaí a bhaint amach, agus lena ndéantar foirgneamh nó aonad foirgnimh a chlaochlú:

(a) roimh an 1 Eanáir 2027, ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de;

(b) ón 1 Eanáir 2027, ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha;

20. ciallaíonn ‘athchóiriú domhain céimneach’ athchóiriú domhain arna dhéanamh de réir uaslíon céimeanna, tar éis na gcéimeanna a leagtar amach i bpas athchóirithe i gcomhréir le hAirteagal 10, lena bhféadfaí úsáid conarthaí feidhmíochta fuinnimh a áireamh;

 

 

21. ciallaíonn ‘athchóiriú mór’ athchóiriú foirgnimh i gcás, ag brath ar rogha an Bhallstáit:

(a) nuair atá costas iomlán an athchóirithe maidir leis an imchlúdach foirgnimh nó na córais theicniúla foirgneamh níos airde ná 25 % de luach an fhoirgnimh, gan luach na talún a bhfuil an foirgneamh suite a chur san áireamh; oror

(b) nuair a dhéantar níos mó ná 25 % de dhromchla an imchlúdaigh foirgnimh a athchóiriú;

22. Ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla’ astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hídiú fuinnimh na gcóras teicniúil foirgneamh le linn úsáid agus oibriú an fhoirgnimh;

23. ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine’ na comhastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfoirgneamh ag gach céim dá shaolré, na hábhair a úsáidtear i spásanna páirceála ar an láthair nó lasmuigh den láthair, ag breithniú freisin ar na buntáistí a bhaineann le hathúsáid agus le hathchúrsáil ag deireadh ré, ón ‘gcliabhán’ (eastóscadh na n-amhábhar a úsáidtear i dtógáil an fhoirgnimh) thar chéim an táirgthe agus na próiseála ábhair, agus céim oibríochta an fhoirgnimh, go dtí an ‘deireadh ré’ (díthógáil an fhoirgnimh agus athúsáid, athchúrsáil, aisghabháil agus diúscairt eile a ábhar);

24. ciallaíonn ‘Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré’ táscaire lena ndéantar cainníochtú ar an méid a chuireann foirgneamh leis an téamh domhanda feadh a shaolré iomláin;

25. Ciallaíonn ‘dreasachtaí deighilte’ dreasachtaí deighilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2(52) de [athmhúnlú EED];

26. Ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(49) de [athmhúnlú EED];

27. ciallaíonn ‘teaghlaigh leochaileacha’ teaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, nó i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, atá neamhchosanta go háirithe ar chostais arda fuinnimh agus nach bhfuil in acmhainn athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh atá á áitiú acu;

28. ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ nó ‘caighdeán EN’ caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide agus a chuirtear ar fáil le haghaidh úsáid phoiblí;

29. ciallaíonn ‘teastas feidhmíochta fuinnimh’ teastas arna aithint ag Ballstát nó ag duine dlítheanach a ainmnítear ann, ina léirítear feidhmíocht fuinnimh agus aeráide foirgnimh nó aonaid foirgnimh, a dhéantar a ríomh de réir modheolaíocht a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 4;

30. ciallaíonn ‘comhghiniúint’ giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, d’fhuinneamh teirmeach agus de leictreachas nó fuinneamh meicniúil;

31. ciallaíonn ‘an leibhéal costais is fearr’ an leibhéal feidhmíochta fuinnimh a thugann an costas is lú le linn na saolré eacnamaíche réamh-mheasta, atá bunaithe tríd an modheolaíocht cost-optamach a chur i bhfeidhm, sna cásanna seo a leanas:

(a) déantar an costas is ísle a chinneadh agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i) catagóir agus úsáid an fhoirgnimh lena mbaineann:

(ii) costais infheistíochta a bhaineann le fuinneamh bunaithe ar réamhaisnéisí oifigiúla;

(iii) costais chothabhála agus oibriúcháin, lena n-áirítear costais fuinnimh agus costas lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur san áireamh;

(iv) seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le húsáid fuinnimh;

(v) tuilleamh ón bhfuinneamh a tháirgtear ar an láthair , i gcás inarb infheidhme,

(vi) costais bainistíochta dramhaíola , i gcás inarb infheidhme; ▌

(via) seachtrachtaí sóisialta athchóirithe foirgneamh, tógála, scartála lena n-áirítear modhnú ar limistéir thógtha;(b)  is é gach Ballstát a dhéanann an saolré eacnamaíoch réamh-mheasta a chinneadh Agus tagraítear don saolré eacnamaíoch réamh-mheasta atá fágtha d’fhoirgneamh i gcás ina bhfuil ceanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh leagtha amach don fhoirgneamh ina iomláine, nó tagraíonn sé don saolré eacnamaíoch réamh-mheasta de chuid d’fhoirgnimh i gcás ina bhfuil ceanglais feidhmíochta fuinnimh leagtha amach maidir le codanna d’fhoirgnimh.

Beidh an leibhéal costais is fearr laistigh de raon na leibhéal feidhmíochta nuair is dearfach an anailís costais is tairbhe arna ríomh le linn na saolré eacnamaíche réamh-mheasta;

32. Ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(41) de [AFIR];

32a. ciallaíonn 'réamh-cháblú' na bearta go léir is gá chun suiteáil pointí athluchtaithe a chumasú, lena n-áirítear tarchur sonraí, bealaí cábla, spásanna do chlaochladáin agus méadair leictreachais, agus uasghrádú an chláir leictreachais;

33. ciallaíonn ‘micreachóras scoite’ aon chóras ag a bhfuil tomhaltas níos lú ná 500 GWh sa bhliain 2022, i gcás nach bhfuil aon cheangal idir é agus córais eile;

34. ciallaíonn ‘luchtú cliste’ luchtú cliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14 l) de Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe];

35. ciallaíonn ‘luchtú déthreoch’ luchtú déthreoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14n) de Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe];

35a. ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach’ pointe athluchtaithe ar féidir leis faisnéis a sheoladh agus a fháil i bhfíor-am, cumarsáid dhéthreoch a dhéanamh leis an eangach leictreachais agus an fheithicil leictreach, agus ar féidir faireachán agus rialú cianda a dhéanamh air, lena n-áirítear an seisiún athluchtaithe a thosú agus a stopadh agus sreafaí leictreachais a thomhas;

36. ciallaíonn ‘caighdeáin phunainne morgáiste’ sásraí lena gceanglaítear ar iasachtóirí morgáiste, lena n-áirítear bainc, infheisteoirí, agus institiúidí airgeadais ábhartha eile, amhail sealbhóirí deiridh morgáistí atá lonnaithe i bhfeithiclí sainchuspóireacha, cuideachtaí urrúsúcháin agus comhlachtaí idirmheánacha eile, bealach a bhunú chun feidhmíocht fuinnimh airmheánach phunann na bhfoirgneamh a chumhdaítear lena morgáistí a mhéadú i dtreo 2030 agus 2050, d’fhonn  réitigh iontaofa, fhianaise-bhunaithe agus inacmhainne a áirithiú dá gcliaint,i gcomhréir le huaillmhian dícharbónaithe an Aontais agus pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus spriocanna ábhartha fuinnimh i réimse an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh, ag brath ar an sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe i dTacsanomaíocht AE agus i gcomhréir le teastais feidhmíochta fuinnimh agus leis an GWP saolré, i gcomhréir leis an Treoir seo; 36a.  ciallaíonn ‘scéim airgeadais ‘íoc mar a fhaigheann tú’ scéim iasachta atá tiomnaithe go heisiach d’fheabhsuithe feidhmíochta fuinnimh, nach sáraíonn na haisíocaíochtaí bliantúlaithe ar an iasacht coibhéis airgeadaíochta an choigiltis fuinnimh bhliantúil, agus innéacsú an chostais fuinnimh agus athmhaoiniú na hiasachta á chur san áireamh;

36b. ciallaíonn ‘tagarmharc foirgnimh fuinnimh’ ardán faisnéise chun feidhmíocht fuinnimh agus tomhaltas bliantúil foirgneamh aonair agus ilaonad le himeacht ama a nochtadh go poiblí, i gcomparáid le foirgnimh chomhchosúla nó le ionsamhlúcháin mhúnlaithe d’fhoirgneamh tagartha arna thógáil de réir caighdeán sonrach, amhail íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, agus úsáid á baint as raon na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh;

37. ciallaíonn ‘logleabhar foirgneamh digiteach’ stór coiteann do na sonraí foirgníochta ábhartha go léir, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh amhail deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste, agus maidir le saolré GWP agus cáilíocht an chomhshaoil ​​laistigh, a éascaíonn. cinnteoireacht eolasach agus comhroinnt faisnéise laistigh den earnáil foirgníochta, i measc úinéirí agus áititheoirí foirgneamh, institiúidí airgeadais agus údaráis phoiblí;

38. ciallaíonn ‘córas aerchóirithe’ comhcheangal de na codanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena rialaítear an teocht nó lena bhféadtar an teocht a ísliú;

39. ciallaíonn ‘córas téimh’ comhcheangal de na codanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena méadaítear an teocht;

40. ciallaíonn ‘gineadóir teasa’ an chuid de chóras téimh a ghineann teas úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I, agus úsáid á baint as ceann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas:

(a) an dóchán breosla i gcoire, mar shampla;

(b) iarmhairt Joule, a bhíonn ar siúl sna heilimintí téimh de chóras téimh friotaíochta leictrí;

(c) teas a ghabháil ó aer comhthimpeallach, ó aer sceite aerála, ó uisce nó ó fhoinse teasa talún agus úsáid á baint as teaschaidéal;

40a. ciallaíonn ‘teaschaidéal’ meaisín, feiste nó suiteáil a aistríonn teas ó fhoinse amhail an t-aer, an t-uisce nó an talamh, go linnte amhail foirgnimh nó feidhmeanna tionsclaíochta, chun críocha téimh, fuaraithe nó uisce te baile a sholáthar.

41. ciallaíonn ‘conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh’ conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) …/… [Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh];

42. ciallaíonn ‘coire’ an t-aonad ina bhfuil coire agus dóire comhcheangailte, arna cheapadh chun an teas a scaoiltear as an dó a aistriú go leachtanna;

43 ciallaíonn ‘aschur rátaithe éifeachtach’ an t-uasaschur calrach, arna shloinneadh in kW, a shonraíonn agus a ráthaíonn an monaróir a bheith insoláthartha le linn don ghaireas a bheith á oibriú go leanúnach agus an éifeachtúlacht úsáideach arna lua ag an monaróir á chomhlíonadh;

44. ciallaíonn ‘téamh ceantair’ nó ‘fuarú ceantair’ scaipeadh fuinnimh theirmigh i bhfoirm gail, uisce te nó leachtanna fuaraithe, trí líonraí, ó fhoinse lárnach táirgthe go dtí foirgnimh nó suíomhanna éagsúla le húsáid do théamh nó d’fhuarú spáis nó próisis;

44a. ciallaíonn ‘ceantar comhtháite’ ceantar a roghnaítear ar bhonn anailís ar stoc foirgneamh, agus na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh trí bhíthin cuspóirí soiléire intomhaiste agus lena bhforbraítear teimpléid maidir le léarscáil bóthair athchóirithe le haghaidh cineálacha comhchosúla foirgneamh, tar éis anailís leormhaith a dhéanamh ar dhálaí áitiúla, agus é mar aidhm leis sin foirgnimh a chlaochlú go tapa, tíosach ar acmhainní agus comhordaithe go frithpháirteach, chomh maith le gnéithe eile, amhail an struchtúr sóisialta, dálaí eacnamaíocha agus comhshaoil agus bonneagar soláthair fuinnimh foirgneamh;

45. ciallaíonn ‘achar urláir úsáideach’ achar urláir foirgnimh a bhfuil gá leis mar pharaiméadar chun coinníollacha sonracha úsáide a chainníochtú a shloinntear in aghaidh an aonaid urláir agus le haghaidh chur i bhfeidhm an tsimplithe agus na rialacha criosaithe agus ath-leithdháilte agus caighdeáin náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh;

45a. ciallaíonn “dramhtheas” teas dosheachanta a ghintear mar sheachtháirge i suiteálacha tionsclaíocha nó san earnáil threasach agus a scaipfí gan úsáid ar an aer nó in uisce gan aon rochtain ar chóras téimh nó fuaraithe ceantair, i gcás inar úsáideadh nó ina úsáidfear próiseas comhghiniúna, nó i gcás nach mbíonn comhghiniúint indéanta;

46. Ciallaíonn ‘achar urláir tagartha’ an t-achar urláir a úsáidtear mar mhéid tagartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna ríomh mar shuim d’achar urláir úsáideach na spásanna laistigh den imchlúdach foirgnimh atá sonraithe don mheasúnú ar fheidhmíocht fuinnimh;

47. Ciallaíonn ‘teorainn mheasúnúcháin’ an teorainn mar a ndéantar an fuinneamh arna sheachadadh agus arna onnmhairiú a thomhas nó a ríomh;

48. Ciallaíonn ‘ar an láthair’ an t-áitreabh agus an talamh ar a bhfuil an foirgneamh suite agus an foirgneamh féin;

49. Ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh in aice láimhe’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh laistigh d’imlíne áitiúil nó ceantair an fhoirgnimh a ndearnadh measúnú air, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) ní féidir é a dháileadh agus a úsáid laistigh den imlíne áitiúil agus ceantair sin ach amháin trí líonra dáileacháin tiomnaithe;

(b) ceadaítear leis fachtóir fuinnimh phríomhúil sonrach a ríomh nach bhfuil bailí ach amháin don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh laistigh den imlíne áitiúil nó ceantair sin; agus

(c) is féidir é a úsáid ar láthair an fhoirgnimh arna mheasúnú trí cheangal tiomnaithe leis an bhfoinse táirgthe fuinnimh, go mbeidh ceangal tiomnaithe ag teastáil lena gceanglófar trealamh sonrach chun fuinneamh a sholáthar agus a mhéadrú go sábháilte le haghaidh féinúsáid an fhoirgnimh arna mheasúnú;

 

50. ciallaíonn ‘seirbhísí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (EPB)’ na seirbhísí, mar atá téamh, fuarú, aeráil, uisce te tí agus soilsiú agus seirbhísí eile a gcuirtear úsáid fuinnimh san áireamh ina leith maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh;

51. ciallaíonn ‘riachtanais fuinnimh’ an fuinneamh atá le seachadadh chuig spás cóirithe, nó le baint as spás cóirithe, chun na dálaí spáis atá beartaithe a chothabháil le linn tréimhse áirithe ama, agus caillteanais tarchuir agus aerála agus gnóthachain gréine agus inmheánacha á gcur san áireamh i gcomhréir le caighdeáin EN, gan aird a thabhairt ar aon neamhéifeachtúlachtaí i córas teicniúil foirgnimh;

52. ciallaíonn ‘úsáid fuinnimh’ ionchur fuinnimh i gcóras teicniúil foirgneamh lena gcuirtear seirbhís EPB ar fáil atá beartaithe riachtanas fuinnimh a shásamh;

53. ciallaíonn ‘féin-úsáidte’ cuid d’fhuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó in aice láimhe arna úsáid go comhuaineach ag córais theicniúla ar an láthair le haghaidh sheirbhísí EPB;

54. ciallaíonn ‘úsáidí eile ar an láthair’ fuinneamh a úsáidtear ar an láthair le haghaidh úsáidí seachas seirbhísí EPB, agus d’fhéadfadh fearais, ualaí ilghnéitheacha agus coimhdeacha, ceallraí tí, córais stórála fuinnimh nó pointí luchtaithe leictrea-shoghluaisteachta a bheith san áireamh leo;

55. ciallaíonn ‘eatramh ríomha’ an t-eatramh ama scoite a úsáidtear chun an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh;

56. ciallaíonn ‘fuinneamh arna sheachadadh’ fuinneamh arna shloinneadh in aghaidh an iompróra fuinnimh, arna sholáthar do na córais theicniúla foirgneamh tríd an teorainn mheasúnúcháin, chun na húsáidí a cuireadh san áireamh a shásamh nó chun an fuinneamh arna onnmhairiú a tháirgeadh;

57. ciallaíonn ‘fuinneamh arna onnmhairiú’, arna shloinneadh in aghaidh an iompróra fuinnimh agus in aghaidh an fhachtóra fuinnimh phríomhúil, an cion den fhuinneamh in-athnuaite a onnmhairítear go dtí an eangach fuinnimh seachas é a úsáid ar an láthair le haghaidh féinúsáide nó le haghaidh úsáidí eile ar an láthair.

57a. ciallaíonn ‘ábhar tánaisteach’ ábhar a aisghabhtar ó úsáid roimhe sin nó ó dhramhaíl a ionadaíonn ábhair phríomhúla mar a shainmhínítear i gcaighdeán EN 15643 maidir le creat foirgníochta;

57b. ciallaíonn ‘seirbhísí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (EPB)’ na seirbhísí, mar atá téamh, fuarú, aeráil, uisce te tí agus soilsiú agus seirbhísí eile a gcuirtear úsáid fuinnimh san áireamh ina leith maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh;

57c. ciallaíonn ‘in aice go fisiciúil’ carrchlós atá beartaithe lena úsáid ag cónaitheoirí, ag cuairteoirí nó ag oibrithe foirgnimh, atá suite laistigh de limistéar maoine an fhoirgnimh nó atá i ngarchomharsanacht dhíreach an fhoirgnimh;

57d. ciallaíonn ‘ciorclaíocht’ an gá atá le hasbhaint óghábhar a laghdú trí an t-éileamh ar ábhair nua a laghdú, trí ábhair a úsáidtear a dheisiú, a athúsáid, agus a athchúrsáil, agus athearraíocht a bhaint astu, agus trí shaolré táirgí agus foirgneamh a fhadú;

57e. ciallaíonn ‘leordhóthanacht’ an t-éileamh ar fhuinneamh, ábhair, talamh, uisce agus acmhainní nádúrtha eile a íoslaghdú thar shaolré foirgneamh agus earraí;

57f. ciallaíonn ‘liosta ábhar’ taifead de chineál, foinse agus cainníocht na dtáirgí foirgníochta agus na n-ábhar a úsáidtear chun foirgneamh a thógáil nó a athchóiriú, a dhéanann difear dá fheidhmíocht theirmeach agus d’éifeachtúlacht an chórais theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn I, chomh maith lena fheidhmíocht dóiteáin agus lena cháilíocht chomhshaoil laistigh;

57g. ciallaíonn ‘cáilíocht chomhshaoil laistigh’ tacar paraiméadar lena n-áirítear cáilíocht an aeir laistigh, compord teirmeach, soilsiú, agus fuaimíocht a imríonn tionchar ar shláinte agus ar fholláine na n-áititheoirí ann;

57h. ciallaíonn ‘aeráid shláintiúil laistigh’ timpeallacht laistigh foirgnimh, lena ndéantar sláinte, compord agus folláine áititheoirí a bharrfheabhsú i gcomhréir le leibhéil shonracha feidhmíochta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le solas an lae, cáilíocht an aeir laistigh agus compord teirmeach, amhail róthéamh a mhaolú agus cáilíocht fuaime a fheabhsú.

Airteagal 3 Plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh

1. Bunóidh gach Ballstát plean athchóirithe foirgneamh náisiúnta chun athchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, poiblí agus príobháideach araon, ina stoc foirgnimh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoin mbliain 2050 a áirithiú , agus é mar chuspóir aige na foirgnimh atá ann faoi láthair a chlaochlú ina bhfoirgnimh lena ngabhann astaíochtaí nialasacha.

Comhlíonfaidh gach plean athchóirithe foirgneamh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus cuimseofar an méid seo leo:

(a) forléargas ar an stoc náisiúnta foirgneamh le haghaidh cineálacha éagsúla foirgneamh, lena n-áirítear a sciar sa stoc foirgneamh, go háirithe maidir le foirgnimh arna n-aicmiú mar fhoirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó stairiúil, tréimhsí tógála agus criosanna aeráide gach Ballstáit, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh, ar thagarmharcáil GWP fuinnimh agus saolré agus ar an mbunachar sonraí náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 19, forléargas ar bhacainní margaidh agus ar theipeanna margaidh, sciar na dteaghlach leochaileach agus forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite, chomh maith le hinfhaighteacht ionad ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 15a den Treoir seo agus Airteagal 21(2a) de Threoir (AE).../... [Athmhúnlú EED];

(aa) forléargas ar bheartais atá curtha chun feidhme agus beartaithe, lena n-áirítear iad siúd de bhun an Chomhshocraithe do Scileanna a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’, chun infhaighteacht gairmithe cáilithe in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta agus an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú, infheistíochtaí i bhforbairt na scileanna is gá, lena n-áirítear uas-sciliú nó athsciliú agus cláir oideachais spriocdhírithe, do shealbhóirí leasmhara poiblí agus príobháideacha araon, ar bhonn measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ag baint úsáid as príomhtháscairí feidhmíochta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, chun na spriocanna a bhaint amach, i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis na riachtanais mhargaidh a eascraíonn as sin do ghairmithe oilte san earnáil tógála agus athchóirithe;

(b) treochlár ina bhfuil spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste, agus amlínte sonracha le haghaidh na bhfoirgneamh uile atá ann cheana chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach faoi 2030, 2040 agus 2050, d’fhonn sprioc aeráidneodrachta 2050 a áirithiú, chun stoc foirgneamh náisiúnta atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe a áirithiú agus chun go ndéanfar foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050;

(c) forléargas ar bheartais agus ar bhearta arna gcur chun feidhme agus atá beartaithe, lena n-áirítear fad na mbeartas agus na mbeart sin i gcomhréir le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b) den fhomhír seo, lena n-áirítear na beartais agus na bearta sin a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dtugtar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh leochaileacha agus ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(d) treochlár mionsonraithe suas go dtí 2050 de na riachtanais infheistíochta le haghaidh chur chun feidhme an phlean athchóirithe foirgneamh, foinsí agus bearta maoiniúcháin poiblí agus príobháideacha, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear na hacmhainní sin a leagtar amach sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(da) treochlár maidir le laghdú ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar choigilteas fuinnimh a baineadh amach i measc teaghlach leochaileach agus daoine leochaileacha atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta ina bhfuil spriocanna a bunaíodh go náisiúnta agus forléargas ar bheartais agus ar bhearta maoinithe atá curtha chun feidhme agus atá pleanáilte chun tacú le díothú na bochtaineachta fuinnimh.

1a. Áireofar an méid seo a leanas sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1:

(a) spriocanna náisiúnta agus astaíochtaí saolré iomlána le haghaidh típeolaíochtaí éagsúla foirgneamh a bheidh le socrú tar éis an mheasúnaithe dhomhanda, do na blianta 2025, 2030, 2035, 2040, i gcomhréir leis an sásra raicíneach a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus treochlár feidhmíochta saolré iomlán 2050 a chomhlíonann 1,5 céim, chomh maith le spriocanna náisiúnta táscacha arb é is aidhm dóibh athchóiriú domhain 35 mhilliún aonad foirgníochta ar a laghad a bhaint amach faoi 2030 chun tacú le ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh de 3 % nó níos mó a bhaint amach don tréimhse go dtí 2050;

(b) infhaighteacht mheasta na n-ábhar tógála, na n-ábhar athchóirithe, lena n-áirítear eilimintí foirgneamh réamhdhéanta, amhail iad siúd a bhfuil insliú orthu, fótavoltach gréine comhtháite a thógáil, ábhair a bhfuil ábhar athchúrsáilte iontu, ábhair thógála thánaisteacha, agus, más ann dóibh, ábhair áitiúla inbhuanaithe, chomh maith le spriocanna náisiúnta maidir le húsáid chiorclach ábhar, ábhar athchúrsáilte agus ábhar tánaisteach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011[28] [agus leordhóthanacht le haghaidh gach tréimhse cúig bliana;

(c) tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh an stoic foirgneamh náisiúnta agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(d) amlínte sonracha le haghaidh foirgneamh chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach de bhun Airteagal 9(1), faoi 2030 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha;

(e) forléargas ar acmhainneacht chostéifeachtach, infhaighteacht agus táirgeadh agus tomhaltas costéifeachtach an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh téamh agus fuarú i bhfoirgnimh, arna dhí-chomhiomlánú de réir teicneolaíochta agus breoslaí;

(f) spriocanna náisiúnta maidir le tógáil agus athfheistiú na gcóras téimh agus fuaraithe ar leibhéal an cheantair i gcomhréir le hAirteagal 11b atá ailínithe leis an measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú dá dtagraítear in Airteagal 23 de Threoir (AE).../... [An Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh];

(g) conair ina mbeidh spriocanna uimhriúla chun fuinneamh na gréine agus teaschaidéil a imscaradh i bhfoirgnimh i gcomhréir le hAirteagal 9a;

(h) pleananna náisiúnta céimnithe amach d’úsáid breoslaí iontaise i bhfoirgnimh d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le céimniú amach pleanáilte faoi 2035 agus, mura bhfuil sin indéanta, mar a léirítear don Choimisiún, faoi 2040 ar a dhéanaí;

(i) meastachán fianaisebhunaithe ar an laghdú fuinnimh a bhfuiltear ag dréim leis, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus tairbhí níos leithne, lena n-áirítear cáilíocht chomhshaoil laistigh, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar chur chuige comhtháite ceantair;

(j) meastacháin le haghaidh rannchuidiú an phlean athchóirithe foirgnimh le sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach de bhun Rialachán (AE).../... [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Comhroinnt Díchill], spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir (AE) …/….

[An Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh], spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear an  ▌sprioc éigeantach maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na foirgníochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], agus sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus sprioc 2050 maidir leis an aeráidneodracht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119;

2. Déanfaidh gach Ballstát dréacht dá phlean athchóirithe foirgneamh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, agus an teimpléad atá in Iarscríbhinn II á úsáid acu. Tíolacfaidh gach Ballstát a dhréachtphlean athchóirithe foirgneamh mar aon lena dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a mheasúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú de bhun Airteagal 23 de Threoir (AE).../...[EED athmhúnlaithe], agus, i gcás ina dtíolacann na Ballstáit dréacht-nuashonrú, a dhréacht-nuashonrú dá dtagraítear in Airteagal 14 de ▌ Rialachán (AE) 2018/1999. De mhaolú ar Airteagal 9(1) agus Airteagal 14(1) den Rialachán sin, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024, agus faoi réir an chomhairliúcháin ar leithligh dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo.

3. Chun tacú le forbairt a phlean athchóirithe foirgneamh, tabharfaidh gach Ballstát páirt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla i ndréachtú an phlean athchóirithe foirgneamh chun cuimsiú pleananna gníomhaíochta áitiúla nó infheistíochtaí a éascú agus déanfaidh siad comhairliúchán poiblí maidir lena dhréachtphlean athchóirithe foirgneamh sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. Beidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhpháirtithe socheacnamaíocha eile rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí go háirithe, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí a oibríonn le teaghlaigh leochaileacha. Cumhdófar sa chomhairliúchán poiblí meastóireachtaí ex-ante agus ex post ar an bplean athchóirithe foirgneamh agus áireofar ann roghanna maidir le dearadh na mbeartas poiblí, na gclár, na ndreasachtaí, chomh maith le coimircí sóisialta, a bhféadfadh na coimircí dá dtagraítear in Airteagal 15 a bheith san áireamh iontu, chun inrochtaineacht, áisiúlacht agus inacmhainneacht na réiteach athchóirithe a áirithiú. Cuirfidh gach Ballstát achoimre ar thorthaí a chomhairliúcháin phoiblí mar iarscríbhinn a ghabhann lena dhréachtphlean athchóirithe foirgneamh. Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar thuairimí na ngeallsealbhóirí a cuireadh in iúl sna meastóireachtaí ex ante agus ex post agus míneoidh siad an chaoi ar léiríodh iad sin ina phlean athchóirithe foirgneamh deiridh.

4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, go háirithe:

(a) an leor leibhéal uaillmhéine na spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus an bhfuil an leibhéal uaillmhéine sin i gcomhréir leis na gealltanais náisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a leagtar síos sna pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid;

(b) an leor na beartais agus na bearta chun na spriocanna a bunaíodh go náisiúnta a bhaint amach;

(c) an leor leithdháileadh acmhainní buiséadacha agus riaracháin chun an plean a chur chun feidhme;

(ca) go bhfuil na coinníollacha do na scéimeanna maoiniúcháin athchóirithe atá ag feidhmiú leormhaith chun an sprioc náisiúnta maidir le maolú na bochtaineachta fuinnimh a bhaint amach agus chun tomhaltóirí atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus teaghlaigh leochaileacha a chuimsiú go rathúil;

(cb) cuirtear cuspóirí Threoir 2008/50/CE[29] san áireamh sa phlean agus áirithítear leis comhsheasmhacht leis an reachtaíocht is infheidhme agus le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine;

(cc) tugtar tosaíocht sa phlean do na foirgnimh is lú feidhmíochta a úsáidtear chun críocha cónaithe;

(d) an raibh comhairliúchán poiblí de bhun mhír 3 cuimsitheach a dhóthain; ▌

(e) an gcomhlíonann an plean ceanglais mhír 1 agus an teimpléad in Iarscríbhinn II;

(ea) teastaíonn cúnamh teicniúil ó údaráis náisiúnta agus áitiúla chun cur chun feidhme na bpleananna sin a éascú;

(eb) foráiltear sa phlean d’oibrithe oilte leordhóthanacha agus do thionscnaimh éifeachtacha scileanna agus oiliúna.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 30, féadfaidh an Coimisiún moltaí tír-shonracha a eisiúint do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Maidir leis an gcéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh, féadfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisiúint chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát an plean sin a thíolacadh.

5. Le linn gach athbhreithnithe, tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholadh ón gCoimisiún ina phlean athchóirithe foirgneamh deireanach. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú don Choimisiún agus cuirfidh sé a réasúnaíocht ar fáil go poiblí.

6. Déanfaidh gach Ballstát dréacht dá phlean athchóirithe foirgneamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, agus an teimpléad atá in Iarscríbhinn II á úsáid acu. Tíolacfaidh gach Ballstát a phlean athchóirithe foirgneamh in éineacht lena phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh na Ballstáit dréacht nuashonraithe, a uasdátú dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin. De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus ar Airteagal 14(2) den Rialachán sin, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024 agus cuirfidh siad pleananna deiridh athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2025.

7 Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme a straitéise athchóirithe fadtéarmaí nó a phlean athchóirithe foirgneamh mar iarscríbhinn a ghabhann lena ▌ phlean athchóirithe foirgneamh eile deireanach. Sonróidh gach Ballstát ar baineadh a spriocanna náisiúnta amach. 

8. Áireoidh gach Ballstát ina thuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinneamh agus aeráid, i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999, faisnéis maidir le cur chun feidhme na spriocanna náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) den Airteagal seo agus rannchuidiú an phlean athchóirithe foirgnimh le sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach de bhun Rialachán (AE).../... [an Rialachán athmhúnlaithe maidir le Comhroinnt Díchill], spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir (AE) …/…. [EED athmhúnlaithe], spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear an sprioc tháscach maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na foirgníochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], agus sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus sprioc 2050 an Aontais maidir le neodracht aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119.

Airteagal 3a Cur chuige comhtháite ceantair maidir le hathchóiriú foirgneamh

1. Féadfaidh na Ballstáit cumhacht a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla ceantair chomhtháite a shainaithint chun cláir athchóirithe chomhtháite (IRPanna) a chur i bhfeidhm ar leibhéal an cheantair. Tabharfaidh IRPanna aghaidh ar phatrún sóisialta, fuinneamh, soghluaisteacht, bonneagair ghlasa, cóireáil dramhaíola agus uisce, agus bainistíocht agus gnéithe eile den phleanáil uirbeach atá le breithniú ar leibhéal an cheantair, agus cuirfear san áireamh acmhainní áitiúla agus réigiúnacha, ciorclaíocht agus leordhóthanacht.

2. Cuirfear san áireamh sna IRPanna na measúnuithe cuimsitheacha ar théamh agus ar fhuarú dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE, athchóiriú nó tógáil córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir (AE).../... [athmhúnlú EED], agus an bonneagar is gá, chomh maith le suiteálacha agus bonneagair na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite. Breithneoidh na Ballstáit ar leibhéal an cheantair barrfheabhsú an chórais fuinnimh i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, agus solúbthacht ar thaobh an éilimh á cur chun cinn acu ag an am céanna.

3. Cuirfidh na Ballstáit chun feidhme pleananna soghluaisteachta comhtháite ar an leibhéal áitiúil agus pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe atá ailínithe le IRPanna agus lena gcuimsítear pleanáil agus imscaradh iompair phoiblí le modhanna eile soghluaisteachta gníomhaí agus comhroinnte, chomh maith leis an mbonneagar gaolmhar le haghaidh oibriú, athluchtú, stóráil agus páirceáil.

4. Féadfaidh ionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 15a bonn eolais a chur faoi chinntí maidir le dearadh IRPanna d’fhonn pobail a athbheochan, díriú orthu agus tacú leo.

Airteagal 4 Modheolaíocht a ghlacadh maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh

Cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh i gcomhréir leis an gcomhchreat ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Glacfar an mhodheolaíocht sin ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.

Airteagal 5 Íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socrófar íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh nó d’aonaid foirgnimh d’fhonn, ar a laghad, na leibhéil is fearr costais agus luachanna tagartha níos airde a bhaint amach amhail ceanglais maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus ceanglais maidir le foirgnimh atá saor ó astaíochtaí. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4. Déanfar na leibhéil is fearr costais a ríomh i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comparáideach dá dtagraítear in Airteagal .6.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go leagfar síos íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh agus oibleagáidí athchóirithe le haghaidh na ngnéithe foirgníochta uile a ▌  mbeidh tionchar suntasach acu ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh  ▌ nuair a dhéanfar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn ar a laghad leibhéil is fearr costais agus luachanna tagartha níos airde a bhaint amach, amhail ceanglais maidir le foirgnimh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh de agus ceanglais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh de na codanna d’fhoirgnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4.

Nuair a shocraítear ceanglais, féadfaidh na Ballstáit dealú a dhéanamh idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

Cuirfear san áireamh sna ceanglais sin dálaí sláintiúla aeráide laistigh atá bunaithe ar an gcáilíocht chomhshaoil is fearr is féidir laistigh chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh.

Déanfaidh Ballstáit a n-íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a athbhreithniú ag tráthanna rialta nach faide ná gach 5 bliana agus déanfaidh siad iad , más gá, a uasghrádú chun an dul chun cinn teicniúil in earnáil na foirgníochta , torthaí an ríomha is fearr costais a leagtar amach in Airteagal 6, agus beartais agus spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh a léiriú.

1a.  Féadfaidh na Ballstáit ceanglas maidir le híosfheidhmíocht fuinnimh idirmheánach a ghlacadh, lena n-áirítear íosleibhéal éifeachtúlachta imchlúdaigh foirgneamh a bhaint amach, an úsáid uasta fuinnimh in aghaidh an kWh/m 2/y, an ullmhacht chun téamh ísealteochta a oibriú, teaschaidéil nó téamh solúbtha spáis leictrigh, agus acmhainn íosta freagartha don éileamh.

2. Féadfaidh Ballstáit an cinneadh a dhéanamh na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a oiriúnú d’fhoirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí le híoscheanglais áirithe feidhmíochta fuinnimh; Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athchóiriú ar shéadchomharthaí i gcomhréir le rialacha náisiúnta caomhnaithe, caighdeáin idirnáisiúnta caomhnaithe agus ailtireacht bhunaidh na séadchomharthaí lena mbaineann.

3. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a shocrú nó a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a) foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;

(b) Foirgnimh ag a bhfuil am úsáide dhá bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna, iostaí agus foirgnimh seirbhíse neamhchónaithe a bhfuil éileamh an-íseal fuinnimh agus téimh nó fuaraithe acu, stáisiúin soláthair bonneagair, amhail stáisiúin chlaochladáin, fostáisiúin, gléasraí rialaithe brú, tógálacha iarnróid, mar aon le foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe atá á n-úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(c) foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná ceithre mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus le hídiú fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a úsáid don bhliain ar fad;

(d) foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu.

Airteagal 6 Na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 lena bhforlíontar an Treoir seo trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus do chodanna d’fhoirgnimh a ríomh. Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcreat modheolaíochta comparáideach chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil mór-athchóiriú á dhéanamh orthu agus le haghaidh eilimintí aonair foirgneamh atá i gcomhréir leis na conairí náisiúnta a leagtar amach sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999

Leagfar síos an creat modheolaíochta comparáideach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII agus déanfaidh sé idirdhealú idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

2. Déanfaidh na Ballstáit na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh trí úsáid a bhaint as an gcreat modheolaíochta comparáideach arna bhunú i gcomhréir le mír 1, agus an GWP saolré á chur san áireamh aige, agus paraiméadair ábhartha, amhail dálaí aeráide agus inrochtaineacht phraiticiúil an bhonneagair fuinnimh, agus cuirfidh siad torthaí an ríomha sin i gcomparáid leis na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm.

2a. I ngach tuarascáil, tabharfaidh na Ballstáit aird chuí go háirithe ar thionchar na n-athruithe ar phraghsanna fuinnimh, ar ábhair thógála agus ar chostais saothair i gcomparáid leis an tuarascáil roimhe sin, d’fhonn na leibhéil chostais is fearr a choigeartú, i gcás inarb ábhartha. Ceartóidh na Ballstáit a ríomhanna maidir le haon difríocht idir fíorphraghsanna margaidh agus rialacháin shealadacha praghsanna agus bearta tacaíochta ioncaim dhírigh agus áiritheoidh siad go n-úsáidfear meáin trí bliana le haghaidh praghsanna fuinnimh ó bhlianta roimhe sin agus praghsanna a mheastar a bheidh ann amach anseo ina ríomhanna.

3. Má léiríonn toradh na comparáide arna déanamh i gcomhréir le mír 2 go bhfuil na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm níos lú ná 15 % níos lú tíosach ar fhuinneamh ná na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm a choigeartú laistigh de 12 mhí tar éis torthaí na comparáide sin a bheith ar fáil.

4. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a fhoilsiú ar dhul chun cinn na mBallstát i ndáil leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún agus bainfidh siad úsáid as an teimpléad a sholáthraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún[30].

Airteagal 7 Foirgnimh nua

1. Áiritheoidh na Ballstáit gur foirgnimh astaíochtaí nialasacha iad foirgnimh nua ó na dátaí seo a leanas amach, i gcomhréir le hIarscríbhinn III:

(a) amhail ón 1 Eanáir 2026, foirgnimh nua atá áitithe, oibrithe nó faoi úinéireacht na n-údarás poiblí; agus

(b) ón 1 Eanáir 2028, gach foirgneamh nua;

Go dtí go gcuirfear na ceanglais faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foirgneamh nua nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de ar a laghad agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar GWP saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus go nochtfar é trí theastas feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ▌ amhail ón 1 Eanáir 2027, do gach foirgneamh nua. 

2a. Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chreat AE comhchuibhithe a leagan amach le haghaidh GWP saolré a ríomh, a fhorbrófar i bpróiseas cuimsitheach geallsealbhóirí agus a chuirfidh leis an gcreat LEVELanna agus caighdeán EN 15978.

2b. Faoin 1 Eanáir 2027, chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú, foilseoidh na Ballstáit treochlár ina sonrófar tabhairt isteach teorainnluachanna maidir le saolré carnach iomlán na bhfoirgneamh nua go léir agus ina leagfar síos spriocanna d’fhoirgnimh nua ó 2030 ar aghaidh, ag féachaint do threocht anuas de réir a chéile, chomh maith le ceanglais uasta, mionsonraithe do chriosanna éagsúla aeráide agus do thíopeolaíochtaí tógála.

Agus teorainnluachanna uasta á socrú maidir leis an saolré iomlán carnach GWP, cinnfidh na Ballstáit tagarmharcanna iomchuí bunaithe ar shonraí tuairiscithe le haghaidh na gcineálacha foirgneamh ábhartha, de réir na gceanglas a leagtar amach i mír 2.

Eiseoidh an Coimisiún treoir, roinnfidh sé fianaise maidir le beartais náisiúnta atá ann cheana agus cuirfidh sé tacaíocht theicniúil ar fáil do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, de réir mar a iarrtar chun teorainneacha náisiúnta iomchuí a chinneadh.

Beidh na teorainnluachanna uasta sin i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn agus don nuálaíocht teicneolaíoch d’fhonn an aeráidneodracht a bhaint amach, chun uastairseacha oiriúnaithe feidhmíochta fuinnimh a leagan síos in Iarscríbhinn III d’fhoirgnimh athchóirithe agus chun laghdú ina dhiaidh sin a dhéanamh ar bharrfheabhas costais,na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

4. Faoin... [24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag foirgnimh nua na leibhéil cháilíochta is fearr is féidir don chomhshaol laistigh, lena n-áirítear cáilíocht an aeir, compord teirmeach, ardacmhainneacht chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnútrí, inter alia, bonneagar glas, cloí le caighdeáin sábháilteachta dóiteáin agus soilsiú sábháilteachta, na rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht sheismeach dhian a mhaolú agus tosaíocht a thabhairt d’inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Díreoidh na Ballstáit freisin ar aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

4a. Tabharfaidh na Ballstáit bearta isteach chun a áirithiú nach n-údarófar úsáid córas téimh breosla iontaise i bhfoirgnimh nua ón... [dáta thrasuí na Treorach seo]. Maidir le córais téimh hibrideacha, coirí atá deimhnithe a bheith ag rith ar bhreoslaí in-athnuaite agus ar chórais theicniúla foirgneamh eile nach n-úsáideann breoslaí iontaise go heisiach agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(1), ní mheasfar gur córais téimh iontaise iad chun críocha na míre seo.

4b. Faoin 1 Eanáir 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí thairseacha a leagan amach d’fhoirgnimh nua-thógtha astaíochtaí nialasacha chun críoch Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, lena n-áirítear tuairisc ar an modheolaíocht ríofa de réir an chineáil foirgnimh agus na haeráide feidhmithe ar bhonn Iarscríbhinn A a ghabhann leis na príomhchaighdeáin Eorpacha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hIarscríbhinn I den Treoir seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoina luachanna náisiúnta comhfhreagracha, lena n-áirítear tuairisc ar an modheolaíocht ríofa de réir chineál an fhoirgnimh agus na haeráide feidhmí, ar bhonn Iarscríbhinn A de na príomhchaighdeáin Eorpacha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 7a Bauhaus Eorpach Nua

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil d’fhorbróirí na dtionscadal athchóirithe foirgneamh faisnéis faoi na cuspóirí agus faoi na deiseanna rannpháirtíochta i dtionscnamh Bauhaus Eorpach Nua, nuair a lorgaíonn siad comhairle nó nuair a dhéanann siad iarratas ar chistiú agus ar cheadanna tógála.

2. Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht d’údaráis áitiúla bearta tacaíochta tiomnaithe a fhorbairt le haghaidh foirgneamh tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, ar bearta iad a bheidh saibhriúil ó thaobh an chultúir de, agus a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua. D’fhéadfadh scéimeanna airgeadais le haghaidh athchóirithe a bheith cuimsithe i mbearta den sórt sin ina léirítear an chaoi ar féidir foirgnimh aonair nó comharsanachtaí iomlána a chlaochlú ina bhfoirgnimh agus ina gceantair atá saor ó astaíochtaí ar bhealach inacmhainne, inbhuanaithe agus cuimsitheach ó thaobh na sochaí de, agus san am céanna an leas is fearr is féidir a bhaint as tairbhí níos leithne, i gcur chuige rannpháirteach ón mbun aníos.

3. Cuirfidh na Ballstáit treochláir thionsclaíocha náisiúnta i bhfeidhm chun infhaighteacht eilimintí foirgneamh réamhdhéanta atá inoiriúnaithe go háitiúil a mhéadú le haghaidh athchóiriú foirgneamh lena gcuirtear feidhmeanna éagsúla ar fáil, lena n-áirítear aeistéitic, giniúint fuinnimh inslithe, agus bonneagair ghlasa, agus chun bithéagsúlacht, bainistiú uisce, inrochtaineacht agus soghluaisteacht a chur chun cinn.

Airteagal 8 Foirgnimh atá ann cheana

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, an uair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

Cuirfear na ceanglais sin i bhfeidhm ar an bhfoirgneamh athchóirithe nó ar an aonad foirgnimh ina iomláine. Sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, féadfar ceanglais a chur i bhfeidhm maidir leis na codanna d’fhoirgnimh athchóirithe.

2. Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar cuid d’fhoirgnimh ar cuid d’imchlúdach foirgnimh é agus a mbeidh tionchar mór aige ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, i gcás ina ndéanfar sin a iarfheistiú nó a ionadú, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

2a. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an chórais a bharrfheabhsú i gcomhréir le hAirteagal 11 nuair a dhéanfar córas teicniúil foirgnimh a iarfheistiú nó a athsholáthar.

2b. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar GWP saolré na bpáirteanna agus na n-aonad a bhfuil mór-athchóiriú á dhéanamh orthu a ríomh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil cheana féin maidir leis na hábhair arna soláthar, nó, mura bhfuil sé sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch, trí bhíthin luachanna tagartha.

3. Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar imscaradh córas malartach ardéifeachtúlachta a spreagadh, a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil le foirgnimh a bhfuil mór-athchóiriú á dhéanamh orthu, cur chun feidhme eilimintí éighníomhacha téimh agus fuaraithe, caighdeáin fholláine maidir le cáilíocht an chomhshaoil laistigh, ardacmhainn chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó trí inter alia bonneagair ghlasa, aistrithe carbóin agus stóráil carbóin, caighdeáin sábháilteachta dóiteáin a chomhlíonadh, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach a mhaolú agus substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint. Áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, agus foirgnimh atá á n-athchóiriú ina bhfuil spásanna a úsáidtear go comhpháirteach amhail iontrálacha, staighrí, ardaitheoirí agus páirceáil, chomh maith le limistéir sláintíochta, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

3a. Spreagfaidh na Ballstáit úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun anailís, ionsamhlú agus bainistiú a dhéanamh ar fhoirgnimh, lena n-áirítear maidir le hathchóiriú domhain.

3b. Tabharfaidh na Ballstáit bearta isteach chun a áirithiú nach n-údarófar úsáid córas téimh breosla iontaise i bhfoirgnimh a bhfuil athchóiriú mór, athchóiriú domhain nó athchóiriú á dhéanamh orthu ar an gcóras téimh ón... [dáta thrasuí na Treorach seo]. Maidir le córais téimh hibrideacha, coirí atá deimhnithe a bheith ag rith ar bhreoslaí in-athnuaite agus ar chórais theicniúla foirgneamh eile nach n-úsáideann breoslaí iontaise go heisiach agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(1), ní mheasfar gur córais téimh iontaise iad chun críocha na míre seo.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar tús áite do theaghlaigh leochaileacha agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta i gcás athchóirithe lena ngabhann ionadú ar chórais theicniúla foirgnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise.

3c. Faoin 1 Eanáir 2027, déanfaidh na Ballstáit bearta speisialta riaracháin agus airgeadais chun athchóiriú domhain na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht ina bhfuil teaghaisí iomadúla a spreagadh. Airteagal 9

Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach foirgneamh na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ag tosú leis na foirgnimh is lú feidhmíochta.

1a. Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a) go mbaineann foirgnimh agus aonaid foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus iad siúd atá ar cíos ag comhlachtaí den sórt sin an méid seo a leanas amach tar éis... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ar a dhéanaí:

(i) ón 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E agus;

(ii) ón 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh D;

(b) go mbainfidh foirgnimh neamhchónaithe agus aonaid foirgnimh amach, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a), ar a dhéanaí

(i) ón 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E; agus

(ii) ón 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh D;

(c) go mbainfidh foirgnimh chónaithe agus aonaid foirgnimh amach, ar a dhéanaí

(i) ón 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh Eagus;

(ii) ón 1 Eanáir 2033, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh D;

Ina dtreochlár dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b), bunóidh na Ballstáit conair líneach chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach de réir a chéile le haghaidh foirgnimh dá dtagraítear sa mhír seo ▌ faoi 2040 agus 2050, i gcomhréir leis an gconair chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha agus chun an sprioc aeráidneodrachta a bhaint amach.

1b. Féadfaidh na Ballstáit tithíocht shóisialta faoi úinéireacht phoiblí a dhíolmhú ón oibleagáid dá dtagraítear i mír 1a, pointe (a), i gcás nach bhfuil na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta thar an gcoigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh.

1c. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, ar iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát a áirítear sa phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh nó i leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin air, chun ligean do Bhallstát íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh chónaithe agus d’aonaid foirgnimh dá dtagraítear i mír 1a, pointe (c) a choigeartú i gcás codanna sonracha nó fochodanna ar leith dá stoc foirgneamh, ar chúiseanna a bhaineann le féidearthacht eacnamaíoch agus theicniúil agus le lucht saothair oilte a bheith ar fáil. Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu a n-íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a choigeartú, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir lena mbearta réamh-mheasta agus maidir lena bhfeabhsúcháin líneacha feidhmíochta fuinnimh, agus tabharfaidh siad tuairisc ar an dul chun cinn maidir le feabhsúcháin feidhmíochta choibhéiseacha a bhaint amach i bhfoirgnimh chónaithe mar chuid den tuairisciú ar na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 3(8). Ní dhéanfaidh na Ballstáit áitribh ar cíos a dhíolmhú go díréireach i gcomparáid le codanna eile foirgneamh agus aon choigeartuithe ar na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh á gcur i bhfeidhm acu.

1d. Beidh feidhm ag an gcoigeartú ar na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1a agus 1b i leith uasmhéid 22 % de na foirgnimh chónaithe iomlána dá dtagraítear i mír 1a, pointe (c) agus ní bheidh feidhm aige tar éis an 1 Eanáir 2037.

2. I dteannta na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh arna leagan síos de bhun mhír 1, déanfaidh gach Ballstát íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a leagan síos chun athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh eile go léir atá cheana ann.

▌Déanfar na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cheapadh i bhfianaise an treochláir náisiúnta agus na spriocanna ▌2040 agus 2050 atá i bplean athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit agus d’fhonn an stoc náisiúnta foirgnimh a athrú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050.

3. I gcomhréir le hAirteagal 15, tacóidh na Ballstáit le comhlíonadh na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh trí gach ceann de na bearta seo a leanas:

(a) bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, lena n-áirítear deontais, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar theaghlaigh mheánioncaim agus ar dhaoine ▌ atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE).../.... [athmhúnlú EED];

(b) cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí faisnéise, tacaíocht riaracháin agus seirbhísí athchóirithe comhtháite trí ionaid ilfhreastail a dhíríonn go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE).../.... [athmhúnlú EED];

(c) scéimeanna maoinithe comhtháite poiblí agus príobháideacha a cheapadh, lena gcuirtear dreasachtaí le haghaidh athchóiriú domhain céimneach ar fáil, de bhun Airteagal 15;

(d) bacainní neamheacnamaíocha a bhaint, lena n-áirítear dreasachtaí deighilte;

(e) faireachán a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, go háirithe ar ▌na teaghlaigh is leochailí;

(ea) an creat a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh lucht saothair leordhóthanach cáilithe ann chun gur féidir na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur chun feidhme go tráthúil i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear trí bhíthin straitéis chun oideachas gairmiúil daoine óga agus athcháiliú oibrithe a éascú agus chun deiseanna fostaíochta níos tarraingtí a chruthú.

4. I gcás ina ndéantar athchóiriú ar fhoirgneamh chun íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh de bhun Airteagal 5 agus, i gcás móroibreacha athchóirithe, na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá cheana ann de bhun Airteagal 8.

4a.  Déanfaidh na Ballstáit stóráil fuinnimh le haghaidh fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn chun féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus chun luaineacht a laghdú chomh maith le dreasachtaí a chur chun cinn agus a chur ar fáil chun téitheoirí a athsholáthar go luath agus go costéifeachtach, agus aon bharrfheabhsú dá thoradh sin a bhfuil gá leis maidir leis na córais theicniúla foirgneamh ghaolmhara.

5. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm i leith na gcatagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a) foirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó i geall go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo lena n-éilítear caomhnú cuí, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh;

(b) foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;

(c) foirgnimh shealadacha a bhfuil tréimhse úsáide 2 bhliain nó níos lú acu, láithreáin thionsclaíocha, ceardlanna, iostaí agus stáisiúin soláthair bonneagair neamhchónaithe, amhail stáisiúin chlaochladáin, fostáisiúin, gléasraí rialaithe brú, tógálacha iarnróid, chomh maith le foirgnimh seirbhíse ina bhfuil éileamh thar a bheith íseal ar fhuinneamh agus ar théamh nó ar fhuarú agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe a úsáideann earnáil atá cumhdaithe ag comhaontú earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(d) foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh tréimhse úsáide bliana atá teoranta agus le tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a úsáid i gcaitheamh na bliana ar fad;

(e) foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu.

6. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a áirithiú, lena n-áirítear sásraí faireacháin iomchuí. Cuirfidh na Ballstáit creataí iomchuí tacaíochta airgeadais agus coimircí sóisialta ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 15 chun íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh.

Beidh bearta an chreata tacaíochta airgeadais leordhóthanach, éifeachtach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, tacóidh siad le cur i gcrích na bhfeabhsúchán substaintiúil ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcás nach mbeidh feabhsúchán indéanta go heacnamaíoch ar shlí eile agus áireofar leo bearta spriocdhírithe chun tacú le teaghlaigh leochaileacha. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ciste athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a bhunú, chun gníomhú mar ghiaráil chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhéadú do thionscadail lena bhfeabhsaítear feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh nó i gcomhpháirteanna foirgneamh.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil do 2028-2034, tograí reachtacha a chur ar aghaidh chun ionstraimí airgeadais an Aontais atá cheana ann a neartú agus ionstraimí airgeadais breise an Aontais a mholadh chun tacú le cur chun feidhme na Treorach seo.

Airteagal 9a Grianfhuinneamh i bhfoirgnimh

1. Faoin... [24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach foirgneamh nua deartha chun a n-acmhainneacht giniúna grianfhuinnimh a bharrfheabhsú ar bhonn ionradantas gréine an tsuímh, lena gcumasaítear teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil ina dhiaidh sin ar bhealach costéifeachtach.

2. Molfaidh na Ballstáit, trí bhearta faisnéise agus trí scéimeanna cuíchóirithe ceada, suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh a chur in úsáid sna foirgnimh uile a ndéanfar móroibreacha athchóirithe nó athchóiriú domhain orthu in éineacht leis an athchóiriú ar imchlúdach an fhoirgnimh, leis an athsholáthar ar chórais theicniúla foirgneamh agus le trealamh ag a bhfuil stóráil leictreachais, bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha, teicneolaíocht teaschaidéil, agus córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh a shuiteáil.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh a chur in úsáid, má bhíonn sé oiriúnach go teicniúil agus indéanta go heacnamaíoch agus go feidhmiúil, mar a leanas:

(a)  faoin... [24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], ar gach foirgneamh nua poiblí agus ar gach foirgneamh neamhchónaithe nua;

(b) faoin 31 Nollaig 2026, ar gach foirgneamh poiblí agus neamhchónaithe atá cheana ann(c)  faoin 31 Nollaig 2028, ar gach foirgneamh cónaithe nua agus gach carrchlós faoi dhíon;

(d) faoin 31 Nollaig 2032, ar gach foirgneamh a mbeidh móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu.

4. Déanfaidh na Ballstáit critéir a leagan síos agus a chur ar fáil go poiblí ar an leibhéal náisiúnta maidir le cur chun feidhme praiticiúil na spriocdhátaí sin a leagtar amach i mír 3, agus maidir le díolúintí féideartha i gcás cineálacha áirithe foirgneamh, i gcomhréir le hacmhainneacht mheasta theicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin.5.  Déanfar cur in úsáid suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh ar gach foirgneamh cónaithe nua agus carrchlós faoi dhíon agus ar na foirgnimh uile a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu mar a leagtar amach i mír 3, pointí (c) agus (d), i gcomhcheangal le hinsliú áiléir agus dín i gcás inarb iomchuí, agus feidhmiú an fhoirgnimh á chur san áireamh. Déanfar cur in úsáid suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh mar a leagtar amach i mír 3 a chomhcheangal leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil i struchtúir shaorga a leagtar síos in Airteagal 16c de Threoir (AE) 2018/2001 (RED leasaithe arna mholadh le COM(2022)0222). I gcás suiteálacha gréine faoi bhun 50 kW, ceadóidh na Ballstáit nós imeachta fógra simplí dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Threoir (AE) 2018/2001. 6.  Déanfaidh na Ballstáit conair a leagan síos ina mbeidh spriocanna uimhriúla maidir lena rannchuidiú náisiúnta le grianfhuinneamh agus teaschaidéil a chur in úsáid ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh.

7. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh a gcreataí rialála na dreasachtaí agus na hacmhainneachtaí riaracháin, teicniúla agus airgeadais is gá chun grianfhuinneamh a chur in úsáid i bhfoirgnimh, lena n-áirítear in éineacht le córais theicniúla foirgnimh amhail ceallraí tí, teaschaidéil le haghaidh féintomhaltais, nó teaschaidéil ar mórscála lena ndáiltear teas trí chórais téimh ceantair. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cothrom iomaíochta rialála ann i gcás gach teicneolaíochta gréine agus téimh.

8. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ionadaithe thar ceann na n-údarás rialála náisiúnta, oibreoirí córas dáileacháin, comhphobail fuinnimh in-athnuaite, soláthraithe stórála eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí eile measúnú ar an ngá atá le bearta breise maidir leis an gcóras dáileacháin chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach. Áireofar sa mheasúnú sin an nasc agus an soláthar a cheanglaítear maidir le giniúint sholúbtha dáilte fuinnimh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31] agus Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32], go háirithe agus aird á tabhairt ar an gcothrom iomaíochta is gá agus ar luach saothair cóir le haghaidh custaiméirí gníomhacha agus comhphobail fuinnimh.

9. Déanfaidh na Ballstáit bearta a mholadh chun sábháilteacht ó dhóiteán maidir le suiteálacha grianfhuinnimh a áirithiú i bhfoirgnimh, lena n-áirítear in éineacht le córais theicniúla foirgnimh amhail ceallraí tí nó teaschaidéil le haghaidh féintomhaltais.

Airteagal 10 Pas athchóirithe

1. Faoin 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 lena bhforlíontar an Treoir seo trí chreat comhchoiteann Eorpach le haghaidh pasanna athchóirithe a bhunú, bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.

2. Faoin 31 Nollaig 2024, tabharfaidh Ballstáit scéim um pasanna athchóirithe isteach lena gcuirfear chun feidhme an creat comhchoiteann arna bhunú i gcomhréir le mír 1.

2a. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar tacaíocht airgeadais do phasanna athchóirithe mar chuid de phleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh ionas nach gcruthófar bacainn, go háirithe d’úinéirí tí nach bhfuil úinéireacht acu ach amháin ar an áitreabh ina bhfuil cónaí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pasanna athchóirithe foirgneamh ar fáil le tacaíocht airgeadais chuí do theaghlaigh leochaileacha ar mian leo a bhfoirgnimh a athchóiriú ina n-iomláine nó i bpáirt.

3. Comhlíonfaidh an pas athchóirithe na ceanglais uile seo a leanas:

(a) beidh sé eisithe i bhfoirm dhigiteach a bheidh oiriúnach lena phriontáil ag saineolaí atá cáilithe agus deimhnithe, tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair;

(b) cuimseofar ann treochlár iomlánaíoch athchóirithe ina léireofar líon uasta céimeanna athchóirithe a bheidh ag tógáil ar a chéile i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun athchóiriú domhain a bhaint amach i gcomhréir leis an gcuspóir i dtaobh an foirgneamh a aistriú ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2050 ar a dhéanaí, ina leagfar amach conas íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach, agus bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú sa phróiseas athchóirithe;

(c) léireofar ann na tairbhí a bhfuiltear ag dréim leo ó thaobh coigiltis fuinnimh, coigilteas ar bhillí fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine de, le léiriú ar na céimeanna athchóirithe a mbeidh na feabhsúcháin ábhartha mar thoradh orthu;

(ca) beidh faisnéis ann faoi nasc féideartha le líonra éifeachtúil téimh ceantair, faoi sciar na giniúna aonair nó comhchoitinne agus faoi fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite;

(cb) beidh faisnéis ann maidir le raon costas measta do gach céim athchóirithe atá molta, chomh maith leis na costais mheasta a bhaineann le hathchóiriú domhain aonchéime mar chás tagartha;

(cc) cuimseofar ann an liosta ábhar, faisnéis maidir le ciorclaíocht táirgí foirgníochta chomh maith le tairbhí níos leithne a bhaineann leis an tsláinte, compord, cáilíocht an chomhshaoil laistigh, sábháilteacht amhail dóiteán, sábháilteacht leictreach agus seismeach, agus acmhainneacht oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh don athrú aeráide;

(d) beidh faisnéis ann faoi thacaíocht airgeadais agus theicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann agus faoi shonraí teagmhála nuashonraithe an ionaid ilfhreastail is gaire arna bhunú de bhun Airteagal 15a;

(da) beidh faisnéis ann maidir le haon mhóroibreacha athchóirithe atá déanta ar an bhfoirgneamh, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus maidir le haon iarfheistiú nó athsholáthar ar eilimint foirgnimh ar cuid den imchlúdach foirgnimh í agus ag a bhfuil tionchar suntasach ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Féadfaidh faisnéis bhreise a bheith sa phas athchóirithe, agus comhdhéanamh an teaghlaigh agus aon athchóirithe atá beartaithe á gcur san áireamh, lena n-áirítear athchóirithe nach mbaineann le fuinneamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

3a. Déanfaidh na Ballstáit éascú ar chomhtháthú pasanna athchóirithe sa logleabhar digiteach foirgneamh, lena mbaileofar faisnéis theicniúil agus dhlíthiúil le sonraí bunriachtanacha chun go ndéanfaidh úinéirí maoine athchóirithe doimhne céimneacha a phleanáil agus a chur i gcrích.

Airteagal 11 Córais theicniúla foirgneamh

1. Déanfaidh na Ballstáit, chun barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgneamh, ceanglais chórais a leagan síos agus úsáid á baint acu as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh, i leith fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, shuiteáil cheart agus thoisiú, choigeartú agus rialú iomchuí na gcóras teicniúil foirgneamh, agus, i gcás inarb iomchuí, cothromú hidreanach, atá suiteáilte i bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh atá cheana ann. Agus na ceanglais á leagan síos acu, déanfaidh na Ballstáit dálaí deartha agus gnáthdhálaí nó meándálaí oibriúcháin a chur san áireamh agus áiritheoidh siad go n-úsáidfear an trealamh a chomhlíonann na critéir do na haicmí éifeachtúlachta fuinnimh is airde atá ar fáil i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais maidir le lipéadú fuinnimh, agus éifeachtúlacht córais agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh.

Déanfar ceanglais chórais a leagan síos le haghaidh córais theicniúla foirgneamh, ar córais nua agus córais athsholáthair iad, agus le haghaidh uasghrádú na gcóras teicniúil foirgneamh sin, agus déanfar na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil.

Déanfaidh na Ballstáit ceanglais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na ngineadóirí teasa a leagan síos, nó leis an gcineál breosla a úsáideann gineadóirí teasa, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais sin neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus i gcomhréir leis an gcuspóir i dtaobh deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na ceanglais atá leagtha síos acu le haghaidh córais theicniúla foirgnimh na leibhéil is fearr costais is déanaí ar a laghad a shroicheadh agus cuirfidh siad san áireamh na caighdeáin ábhartha bharrfheabhsaithe eacnamaíocha agus comhshaoil i gcás an toisithe.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-athsholáthar ar chórais theicniúla foirgnimh atá imithe i léig agus neamhéifeachtúil, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ina chuid de na céimeanna a leagtar amach i bpas athchóirithe, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh.

2. Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar foirgnimh nua ▌a fheistiú le gléasanna uathrialála le haghaidh rialáil ar leithligh na teochta i ngach seomra nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, i gcrios ainmnithe téite nó fuaraithe den aonad foirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, le cothromú hidreanach. Ceanglófar suiteáil na ngléasanna uathrialála sin agus, i gcás inarb iomchuí, cothromú hidreanacha a bheith i bhfoirgnimh atá ann faoi láthair, nuair a dhéanfar gineadóirí teasa a athsholáthar, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch.   Ceanglóidh na Ballstáit go suiteálfar feistí tomhais agus rialaithe chun faireachán agus rialáil a dhéanamh ar cháilíocht an chomhshaoil ar leibhéal an aonaid ábhartha agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, sna foirgnimh seo a leanas:(a)  foirgnimh astaíochtaí nialasacha;

(b) foirgnimh nua;

(c) foirgnimh atá cheana ann a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu;

(d) foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais fuaraithe nó comhchórais téimh spáis agus fuaraithe atá os cionn 70 kW;

(e) foirgnimh phoiblí agus foirgnimh a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta chun leasa cách, amhail an t-oideachas, an tsláinte agus cúnamh sóisialta.

Agus indéantacht eacnamaíoch suiteála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á meas, cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin na tairbhí intomhaiste sláinte a bhaineann léi.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí maidir le cáilíocht an chomhshaoil laistigh agus sonraí ábhartha eile arna mbailiú trí fheistí tomhais agus rialaithe idir-inoibritheach leis na logleabhair dhigiteacha foirgneamh de bhun Airteagal 19(6) agus i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta cosanta sonraí.

4. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfar córas teicniúil foirgnimh a shuiteáil nó a athrú, go bhfeabhsófar feidhmíocht fhoriomlán fuinnimh an chórais iomláin agus, i gcás inarb infheidhme, feidhmíocht shaolré acmhainneacht téite domhanda an ▌chórais ▌iomláin, agus, i gcás inarb infheidhme, arna léiriú trí shonraí feidhmíochta in-úsáide. Déanfar na torthaí a dhoiciméadú i logleabhar digiteach foirgneamh agus a chur chuig úinéir agus tionónta an fhoirgnimh, ionas go mbeidh siad ar fáil i gcónaí agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh fíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagtar síos de bhun mhír 1 agus eisiúint na dteastas feidhmíochta fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí nua agus cistiú nua a ghlacadh chun an t-aistriú ó chórais téimh agus fuaraithe a úsáideann breoslaí iontaise chuig córais atá bunaithe ar bhreosla neamh-iontaise a spreagadh, agus infheistíocht i dtithíocht ag gabháil leis lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht fuinnimh.

4a. Déanfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, mar a leanas:

(a) faoin 31 Nollaig 2024, foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais fuaraithe nó comhchórais téimh spáis agus aerála atá os cionn 290 kW;

(b) faoin 31 Nollaig 2029, foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais fuaraithe nó comhchórais téimh spáis agus aerála atá os cionn 70 kW.

Leagfaidh na Ballstáit amach paraiméadair shoiléire chun an indéantacht eacnamaíoch a shuí i dtaobh foirgnimh neamhchónaithe a fheistiú le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh.

4b. Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh dá dtagraítear i mír 4a an méid a leanas a dhéanamh:

(a) faireachán, logáil agus anailís leanúnach a dhéanamh lena lamhálfar do choigeartú a dhéanamh ar an úsáid fuinnimh;

(b) tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh, caillteanais a shonrú in éifeachtúlacht córas teicniúil foirgnimh, agus an duine atá freagrach as na saoráidí nó bainistíocht theicniúil an fhoirgnimh a chur ar an eolas maidir le deiseanna chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;

(c) cumarsáid a éascú le córais nasctha theicniúla foirgnimh agus le fearais eile laistigh den fhoirgneamh, agus iad a bheith idir-inoibritheach le córais theicniúla foirgnimh a bhaineann le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí dílseánaigh, gléasanna agus monaróirí;

(d) monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar cháilíocht an chomhshaoil laistigh, chun sláinte agus sábháilteacht áititheoirí a chinntiú.

4c. Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina mbeidh sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ón 1 Eanáir 2025, go mbeidh foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach i gcás córais téimh, córais fuaraithe nó comhchórais téimh spáis, fuaraithe agus aerála atá os cionn 70 kW, feistithe leis an méid seo a leanas:

(a) an fheidhmiúlacht chun faireachán leictreonach leanúnach a dhéanamh ar chórais san fhoirgneamh ar leibhéal ábhartha an fhoirgnimh agus an aonaid lena dtomhaistear éifeachtúlacht agus lena gcuirtear úinéirí nó bainisteoirí an fhoirgnimh ar an eolas i gcás athrú suntasach agus nuair is gá an córas a sheirbhísiú;

(b) feidhmiúlachtaí rialaithe agus cothromaithe éifeachtacha chun an ghiniúint, dáileadh, stóráil agus an úsáid fuinnimh is fearr is féidir a áirithiú;

(c) solúbthacht ar thaobh an éilimh de;

(d) córas éifeachtach monatóireachta cáilíochta comhshaoil laistigh, chun sláinte agus sábháilteacht áititheoirí a chinntiú.

4d. Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i mír 4c, déanfar foirgnimh chónaithe a bhfuil achar urláir úsáideach acu ar mó ná 1 000 méadar cearnach é a fheistiú freisin le feidhmiúlacht lena lamhálfar don dá rud seo a leanas a dhéanamh:

(a) tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh, caillteanais a shonrú in éifeachtúlacht córas teicniúil foirgnimh, agus an duine atá freagrach as na saoráidí nó bainistíocht theicniúil an fhoirgnimh a chur ar an eolas faoi dheiseanna chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú; 

(b) cumarsáid a dhéanamh le córais nasctha theicniúla foirgnimh agus le fearais eile laistigh den fhoirgneamh, agus iad a bheith idir-inoibritheach le córais theicniúla foirgnimh a bhaineann le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí dílseánaigh, gléasanna agus monaróirí.

4e. Ceanglóidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe feistithe le rialuithe uathoibríocha soilsithe. Beidh ar chumas na rialuithe uathoibríocha soilsithe an méid uile seo a leanas a dhéanamh:

(a) rialú áitíochta criosach i gcás soilsiú laistigh le brath uathoibríoch;

(b) ísliú uathoibríoch criosach na cumhachta soilsithe bunaithe ar leibhéil sholas an lae le linn sholas an lae;

(c) faireachán, logáil agus brath fabhtanna ar bhonn leanúnach a chumasú;

(d) lamháil do rialú úsáideoirí deiridh;

(e) lamháil do chumarsáid a dhéanamh le córais ábhartha theicniúla foirgnimh laistigh den fhoirgneamh.

Airteagal 11a Cáilíocht an chomhshaoil laistigh

 

1. Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil leormhaithe laistigh a chur chun feidhme i bhfoirgnimh chun aeráid dhíonach shláintiúil a chothabháil.

2. Faoin... [24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], deanfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos de réir táscairí intomhaiste bunaithe ar tháscairí sin an chreata LEVELs.

Déanfar táscairí cáilíochta comhshaoil laistigh a thomhas laistigh den fhoirgneamh agus áireofar iontu ar a laghad:

(a) an leibhéal dé-ocsaíde carbóin;

(b) an teocht agus compord teirmeach;

(c) an bhogthaise choibhneasta;

(d) leibhéal soilsithe sholas an lae nó leibhéil leormhaithe sholas an lae;

(e) an ráta aerála in athruithe san aer in aghaidh na huaire;

(f) compord fuaime faoi dhíon, amhail rialú an ama aisfhuaimnithe agus leibhéal torainn chúlraigh agus intuigtheachta urlabhra.

Déanfar ábhar cáithníneach na n-astaíochtaí ó fhoinsí faoi dhíon agus teorainneacha na sprioc-thruailleán ó fhoinsí faoi dhíon, maidir le chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha, a aicmítear mar dhúile carcanaigineacha, só-ghineacha, nó tocsaineacha don atáirgeadh de réir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008[33], lena n-áirítear formaildéad, a thuairisciú ar bhonn na sonraí atá ar fáil ar leibhéal an táirge, nó tomhas díreach, i gcás ina mbeidh fáil air, ar na foinsí ábhartha i ndáil le timpeallacht faoi dhíon an fhoirgnimh.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chreat modheolaíochta a leagan síos chun na caighdeáin cáilíochta comhshaoil laistigh a ríomh.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh foirgnimh nua agus foirgnimh nua a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu caighdeáin cáilíochta comhshaoil leormhaithe laistigh a chomhlíonadh.

Airteagal 12

Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe

1. Maidir le foirgnimh neamhchónaithe nua agus foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu i gcás ina n-áirítear san athchóiriú sin carrchlós nó suiteálacha leictreacha an fhoirgnimh, ina bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála, i gcás ina bhfuil an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh, ina bhfuil sé suite cóngarach don fhoirgneamh, nó ina bhfuil nasc soiléir aige leis an bhfoirgneamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an méid seo a leanas a shuiteáil:

(a) ▌pointe athluchtaithe amháin ar a laghad in aghaidh gach cúig spás páirceála;

(b) ▌réamhcháblú i gcás gach spáis páirceála chun go mbeifear in ann, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, timthriallta cumhachtchúnta leictrí agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil ag céim níos déanaí; agus

(c)  spásanna páirceála do rothair arb ionann iad agus 15 % ar a laghad d’acmhainneacht iomlán úsáideora foirgneamh neamhchónaithe, ag cur san áireamh an spás is gá freisin le haghaidh rothair a bhfuil toisí níos mó acu ná mar atá ag gnáth-rothair.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtomhaisfear an réamhcháblú ionas gur féidir úsáid chomhuaineach agus éifeachtúil a bhaint as líon ionchasach na bpointí athluchtaithe agus chun tacú, i gcás inarb iomchuí, le córas bainistíochta luchtaithe nó luchtúcháin a shuiteáil, a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus go bhfuil bonn cirt leis.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), maidir le foirgnimh oifige nua agus foirgnimh oifige a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu, ag a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil in aghaidh gach dhá spás páirceála.

2. Maidir le gach foirgneamh neamhchónaithe ina bhfuil níos mó ná fiche spás páirceála agus, agus más indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, deich spás páirceála, áiritheoidh na Ballstáit go suiteálfar, faoin 1 Eanáir 2027, pointe athluchtaithe amháin ar a laghad i gcás gach deich spás páirceála, agus ▌spás páirceála rothar, arb ionann é agus 15 % ar a laghad d’acmhainneacht iomlán úsáideora an fhoirgnimh agus le spás a bhfuil gá leis freisin le haghaidh rothair ag a bhfuil toisí níos mó ná mar atá ag gnáth-rothair. I gcás foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag údaráis phoiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh réamhcháblú ann le haghaidh gach dara spás páirceála ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033.

3. Féadfaidh na Ballstáit, faoi réir measúnú ag údaráis áitiúla, agus saintréithe áitiúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear dálaí déimeagrafacha, geografacha agus aeráide, ceanglais a choigeartú maidir le líon na spásanna páirceála rothar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 le haghaidh catagóirí sonracha foirgneamh neamhchónaithe ▌.

4. Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu i gcás ina n-áirítear san athchóiriú sin carrchlós nó suiteálacha leictreacha an fhoirgnimh, ina bhfuil níos mó ná trí spás páirceála, i gcás ina bhfuil an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh nó ina bhfuil an carrchlós suite cóngarach don fhoirgneamh, nó ina bhfuil nasc soiléir aige leis an bhfoirgneamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an méid seo a leanas a shuiteáil:

(a) i bhfoirgnimh chónaithe nua, réamhcháblú le haghaidh gach spáis páirceála agus, i bhfoirgnimh chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu, réamhcháblú nó, i gcás nach sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, duchtáil le haghaidh gach spáis páirceála chun gur féidir pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha agus timthriallta cumhachtchúnta leictrí agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil ag céim níos déanaí; áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toisithe chun go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna;

(aa) ag a bhfuil pointe athluchtaithe amháin ar a laghad;

(b) dhá spás páirceála rothar ar a laghad le haghaidh gach áitribh i bhfoirgnimh chónaithe nua;

(ba)  dhá spás páirceála rothar ar a laghad le haghaidh gach áitribh i bhfoirgnimh chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu, i gcás ina bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de;

(bb) i bhfoirgnimh chónaithe nua ina bhfuil trí áitreabh ar a laghad agus i gcás nach bhfuil aon spás páirceála cairr ann, dhá spás páirceála rothar ar a laghad le haghaidh gach áitribh, i gcás ina bhfuil sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, faoi réir measúnú ag údaráis áitiúla agus saintréithe áitiúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear dálaí déimeagrafacha, geografacha agus aeráide, ceanglais a choigeartú maidir le líon na spásanna páirceála do rothair.

5. Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 4 a chur i bhfeidhm i leith catagóirí sonracha foirgnimh i gcás ina mbeadh an réamhcháblú a bhfuil gá leis ag brath ar mhicreachórais leithlisithe nó ina bhfuil na foirgnimh suite sna réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 CFAE, dá mba rud é go dtiocfadh fadhbanna substaintiúla as sin maidir le hoibriú an chórais fuinnimh áitiúil agus go gcuirfeadh sé cobhsaíocht na heangaí áitiúla i mbaol.

5a. Tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cead a thabhairt don Bhallstát sin na ceanglais i míreanna 1 agus 2 a choigeartú i dtaobh catagóirí sonracha foirgneamh sna cásanna seo a leanas:

(a) ina bhfuil an foirgneamh faoi úinéireacht agus áitithe ag micrifhiontar nó ag fiontar beag nó meánmhéide, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/31/CE ón gCoimisiún[34]; nó

(b) nach bhfuil ach amháin úsáid shealadach ag na foirgnimh i gcomhréir le hAirteagal 9.

6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí athluchtaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo in ann don luchtú cliste agus, i gcás inarb iomchuí luchtú déthreoch, agus go n-oibrítear iad bunaithe ar phrótacail agus caighdeáin cumarsáide neamhdhílseánaigh agus neamh-idirdhealaitheacha, ar bhealach idir-inoibritheach, agus i gcomhréir le haon chaighdeán dlí agus prótacal sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 19(6) agus Airteagal 19(7) de Rialachán (AE).../... [AFIR].

7. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí iad a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE).../....[AFIR], i gcás inarb infheidhme.

8. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta chun an nós imeachta maidir le pointí athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe nua agus i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe atá ann cheana, go háirithe i bhfoirgnimh cumann comhúinéirí, a spreagadh, a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a luathú, agus chun bacainní rialála a bhaint, lena n-áirítear nósanna imeachta ceada agus formheasa ó údaráis phoiblí nó ó oibreoirí eangaí, gan dochar do dhlí maoine agus tionóntachta na mBallstát agus ‘an ceart chun plugála’ a cheadú do gach duine san Aontas. Déanfaidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála a bhaint, go háirithe an gá atá le toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe phríobháideach dá n-úsáid féin. Féadfar diúltú d’iarraidh ó thionóntaí nó ó chomhúinéirí ar threalamh luchtaithe a shuiteáil i spás páirceála má tá forais thromchúiseacha dhlisteanacha ann le diúltú den sórt sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh achar réasúnta ama ann idir an t-iarratas ar phointe athluchtaithe arna dhéanamh ag tionónta nó ag úinéir i bhfoirgneamh agus a shuiteáil agus i gcás ar bith nach faide ná 6 mhí é.

Faoin 1 Eanáir 2025, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte ina sonrófar na caighdeáin agus an prótacal atá le moladh d’údaráis phoiblí náisiúnta agus áitiúla maidir le sábháilteacht ó dhóiteán i gcarrchlóis faoi dhíon.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála rothar a shuiteáil.

Maidir le foirgnimh chónaithe atá cheana ann ina bhfuil níos mó ná trí spás páirceála, tabharfaidh na Ballstáit bearta isteach chun a áirithiú go suiteálfar réamhcháblú le haghaidh spásanna páirceála, i gcomhréir le líon na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch.

8a. I gcás úinéirí agus tionóntaí, nach bhfuil an deis acu pointe athluchtaithe a shuiteáil ag a n-áit chónaithe, déanfaidh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach chun ligean dóibh iarraidh a dhéanamh ar phointe athluchtaithe atá ar fáil go poiblí a shuiteáil gar dá n-áit chónaithe, i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE).../... [AFIR]. Déanfaidh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbeidh líon na bpointí athluchtaithe a bhfuil rochtain phoiblí orthu agus atá suiteáilte comhfhreagrach do líon na n-iarrataí a fhaightear laistigh de na limistéir chéanna.

9. Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht ghníomhach agus ghlas, na haeráide, an fhuinnimh, na bithéagsúlachta agus na pleanála uirbí.

Chun comhcheangal éifeachtach maidir le leictrea-shoghluaisteacht phríobháideach, soghluaisteacht ghníomhach agus iompar poiblí a áirithiú, tacóidh na Ballstáit leis na húdaráis áitiúla pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina ndíreofar go háirithe ar chomhtháthú beartas tithíochta le soghluaisteacht inbhuanaithe agus pleanáil uirbeach.

Airteagal 13

Ullmhacht chliste foirgneamh

1. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 a bhaineann le scéim chomhchoiteann roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Bunófar an rátáil ar mheasúnú ar chumais foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú do riachtanais an áititheora, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíocht an chomhshaoil laistigh, agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

I gcomhréir leis an Iarscríbhinn IV, déanfaidh scéim chomhchoiteann roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste; ▌

(b) modheolaíocht trína mbeidh sé le ríomh.

2. Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh ▌ an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29, lena leasófar an Treoir seo trína cheangal go gcuirfear i bhfeidhm go héigeantach, faoin dáta céanna, scéim chomhchoiteann an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, i leith foirgnimh neamhchónaithe ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais aerchóiriúcháin, agus comhchórais téimh spáis, aerchóiriúcháin agus aerála atá os cionn 290 kW. Ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag scéim chomhchoiteann an Aontais i leith foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach 70 kW acu.

3. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear na módúlachtaí teicniúla le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céim tástála neamhcheangailteach ar an leibhéal náisiúnta, agus ina soiléirítear gaol comhlántach na scéime le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 16.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

4. Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh ▌an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme ina sonraítear na módúlachtaí teicniúla chun cur i bhfeidhm na scéime dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme go héifeachtach i leith foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais aerchóiriúcháin, nó comhchórais téimh, aerchóiriúcháin agus aerála atá os cionn 290 kW.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 14 Malartú sonraí

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí a gcóras foirgnimh, lena n-áirítear sonraí na gcóras teicniúil foirgnimh. Ar thoiliú a fháil uathu, cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí, faoi réir an chomhaontaithe chonarthaigh atá cheana ann. Déanfaidh na Ballstáit an úsáid a bhaintear as caighdeáin idirnáisiúnta agus formáidí bainistíochta agus sonraí malartaithe a shainordú agus déanfaidh siad éascú ar idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 5. Cuirfear sonraí na gcóras foirgnimh comhiomlánaithe agus anaithnidithe ar fáil go poiblí.

Chun críche na Treorach seo, áireofar i sonraí na gcóras foirgnimh sonraí loma ábhartha a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh eilimintí foirgneamh, feidhmíocht fuinnimh seirbhísí foirgnimh, saolré réamh-mheasta na gcóras téimh, braiteoirí, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, méadair agus pointí luchtaithe le haghaidh na leictrea-shoghluaisteachta agus beidh siad nasctha leis an logleabhar digiteach foirgneamh. Measfar go mbeidh sonraí próiseáilte agus sonraí neamhphróiseáilte araon inghlactha chun críoch an Airteagail seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír. 

 

1a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag údaráis áitiúla ar shonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar a gcríoch de réir mar is gá chun dréachtú pleananna téimh agus fuaraithe a éascú agus chun córais faisnéise geografaí oibríochtúla agus bunachair sonraí ghaolmhara a áireamh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35]. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag na húdaráis áitiúla chun sonraí agus faisnéis a bhainistiú.

2. Agus na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, sonróidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla ainmnithe rialacha comhchuibhithe an Aontais a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 5 agus i gcreat dlí an Aontais is infheidhme. Ní bheidh na rialacha maidir le rochtain ná aon mhuirir ina mbac ná ní chruthófar idirdhealú leo do thríú páirtithe chun rochtain a fháil ar shonraí córas foirgneamh.

3. Ní ghearrfar aon chostas breise ar úinéir an fhoirgnimh, ar an tionónta ná ar an mbainisteoir as rochtain a fháil ar a gcuid sonraí ná as iarraidh a dhéanamh a gcuid sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí faoi réir an chomhaontaithe chonarthaigh atá ann cheana. Beidh na Ballstáit freagrach as muirir ábhartha a shocrú le haghaidh rochtain ar shonraí ag páirtithe incháilithe eile amhail institiúidí airgeadais, comhiomlánóir, soláthróirí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí fuinnimh agus Oifigí Staidrimh Náisiúnta nó údaráis náisiúnta eile atá freagrach as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla ainmnithe, a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe. Dreasóidh na Ballstáit comhroinnt na sonraí córas foirgneamh.

4. Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais. Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4a. Faoin 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí cheanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú le haghaidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo.

5. Faoin 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain ar na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Ullmhófar an Coimisiún straitéis chomhairliúcháin ina leagfar amach cuspóirí an chomhairliúcháin, na geallsealbhóirí a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu agus na gníomhaíochtaí comhairliúcháin chun na gníomhartha cur chun feidhme a fhorbairt.

Airteagal 15 Dreasachtaí airgeadais, scileanna agus bacainní ar an margadh

1. Soláthróidh na Ballstáit maoiniú iomchuí agus bearta tacaíochta in éineacht le hionstraimí eile de chuid an Aontais amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste Aeráide Sóisialta agus cistí an bheartais chomhtháthaithe. Déanfaidh siad méideanna iomchuí a imfhálú i gcur chun feidhme chláir an Aontais agus i scéimeanna náisiúnta maoiniúcháin le haghaidh athchóirithe agus díreoidh siad maoiniú iomchuí go hiomlán chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh agus na hinfheistíochtaí is gá a spreagadh in athchóiriú fuinnimh i gcomhréir lena bplean athchóirithe foirgneamh náisiúnta agus d’fhonn a stoc foirgnimh a athrú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050 lena n-áirítear trí úsáid comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a chur chun cinn agus a shimpliú.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-iarratas agus na nósanna imeachta maidir le maoiniú simplí agus cuíchóirithe chun rochtain ar mhaoiniú do theaghlaigh a éascú.

1a. Leis an maoiniú poiblí, tabharfar aghaidh ar na costais tosaigh a bhaineann le hathchóirithe a bhíonn ar theaghlaigh.  Éascóidh na Ballstáit an rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne, ar línte creidmheasa tiomnaithe, nó ar athchóirithe a mhaoinítear go hiomlán go poiblí.

Cuirfear paraiméadair ioncambhunaithe san áireamh le dreasachtaí airgeadais i bhfoirm deontas nó ráthaíochtaí agus tacaíocht airgeadais á leithdháileadh chun a áirithiú go ndíreofar orthu mar thosaíocht do theaghlaigh leochaileacha agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE).../.... [athmhúnlú EED]. Forbróidh na Ballstáit scéimeanna tiomnaithe d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe bearta airgeadais, agus áiritheoidh siad go mbeidh i ngach clár náisiúnta tacaíochta airgeadais méideanna tiomnaithe atá spriocdhírithe ar theaghlaigh leochaileacha, a chomhfhreagraíonn dá riachtanais. Féadfaidh na Ballstáit na cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid chun scéimeanna agus cláir thiomnaithe a mhaoiniú de bhun Airteagal 28 de Threoir (AE).../.... [athmhúnlú EED].

2. Déanfaidh na Ballstáit bearta rialála iomchuí chun deireadh a chur le bacainní neamheacnamaíocha ar athchóiriú foirgneamh. Maidir le foirgnimh a bhfuil níos mó ná aonad foirgnimh amháin iontu, féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais aontoilíochta a bhaint i struchtúir chomhúinéireachta, ag oiriúnú shainordú agus fhreagrachtaí na mbainisteoirí foirgneamh i dtaca le láimhseáil na dtionscadal athchóirithe fuinnimh, nó a cheadú do struchtúir chomhúinéireachta a bheith ina bhfaighteoirí díreacha de thacaíocht airgeadais amhail iasachtaí agus deontais.3.  Bainfidh na Ballstáit an úsáid is costéifeachtaí as maoiniú náisiúnta agus as maoiniú atá ar fáil agus atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hAeráide, cistí beartais comhtháthaithe, InvestEU, ioncaim cheantála ó thrádáil astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE [CTA leasaithe] agus foinsí eile cistithe phoiblí. Úsáidfear na foinsí cistiúcháin sin ar bhealach atá comhsheasmhach le conair i dtreo stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bheith ann faoi 2050.

4. Chun tacú le hinfheistíochtaí a shlógadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cistiú agus uirlisí airgeadais ar bun go héifeachtach, eadhon iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, scéimeanna airgeadais ‘íoc-mar-a-shábháiltear’, dreasachtaí fioscacha, lena n-áirítear rátaí cánach laghdaithe ar oibreacha agus ábhair athchóirithe, scéimeanna cánach, scéimeanna ar an mbille, scéimeanna ráthaíochta, caighdeáin punainne morgáistí, ionstraimí eacnamaíocha chun dreasachtaí a chur ar fáil chun bearta leordhóthanacha agus ciorclacha a chur i bhfeidhm, cistí lena spriocdhírítear ar athchóiriú domhain, agus cistí lena spriocdhírítear ar athchóirithe lena mbaineann íostairseach shuntasach de choigilteas spriocdhírithe fuinnimh agus laghduithe dírithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa saolré iomlán.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoin gcistiú agus faoi na huirlisí airgeadais atá ar fáil a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana agus trédhearcach, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha.

Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis airgeadais ábhartha athbhreithniú ar an reachtaíocht is infheidhme agus forbróidh siad bearta tacaíochta chun glacadh iasachtaí athchóirithe agus morgáistí éifeachtúlachta fuinnimh a éascú, agus ar fhorbairt táirgí iasachtaithe nuálacha a bheidh tiomnaithe d’athchóiriú domhain a mhaoiniú agus d’athchóiriú domhain céimneach i gcomhréir leis na céimeanna i bpasanna athchóirithe. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta go mbeidh rochtain ar mhaoiniú faoi dhálaí fabhracha, lena n-éascófar ionstraimí airgeadais agus scéimeanna nuálacha a úsáid, amhail iasacht athchóirithe AE nó ciste ráthaíochta Eorpach le haghaidh athchóirithe foirgneamh. Beidh an cistiú cumasúcháin agus na huirlisí airgeadais ina dtreoir freisin d’infheistíochtaí i stoc foirgnimh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le Conarthaí um Fheidhmíocht Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais.

4a. Faoi [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun a áirithiú go spreagfaidh caighdeáin punainne morgáistí go héifeachtach institiúidí airgeadais chun méideanna a sholáthraítear le haghaidh athchóirithe a ardú, chun bearta tacaíochta a fhorordú d’institiúidí airgeadais agus chun coimircí riachtanacha a fhorordú i gcoinne iompraíochtaí iasachtaithe fritorthúla féideartha amhail rochtain ar chreidmheas a laghdú nó a dhiúltú do theaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht d’aicme ísealfheidhmíochta fuinnimh, nó a n-iasachtú morgáiste a theorannú do thomhaltóirí a cheannaíonn tithíocht d’aicme ardfheidhmíochta fuinnimh.

5. Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal chun rochtain infheisteoirí a chumasú chomh maith le réitigh phacáistithe do chliaint ionchasacha. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus inrochtaineachta a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe agus inrochtana ag tomhaltóirí. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile agus infheisteoirí faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach sa mhaoiniú maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

6. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar infhaighteacht scileanna agus gairmithe oilte i gcomhréir le hAirteagal 3 agus forbróidh siad bearta agus maoiniú chun cláir oideachais agus oiliúna a chur chun cinn, lena n-áirítear cláir i dteicneolaíochtaí digiteacha, chun athcháiliú gairmiúil oibrithe a éascú agus chun deiseanna fostaíochta a chruthú chun a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach oibrithe ann a mbeidh an leibhéal iomchuí scileanna acu a chomhfhreagraíonn do na riachtanais in earnáil na tógála. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir den sórt sin a chur chun cinn, go háirithe ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus aird chuí á tabhairt ar ghné na hinscne. Má bhunaítear ionaid ilfhreastail de bhun Airteagal 15a, féadfar rochtain ar na cláir sin agus athsciliú gairmiúil oibrithe a éascú.

7. Forbróidh an Coimisiún comhchaighdeáin de chuid an Aontais le haghaidh scéimeanna nuálacha airgeadais, go háirithe an scéim ‘íoc-mar-a-shábháiltear’, ag leagan síos íoscheanglais éigeantacha do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

8. Tabharfaidh an Coimisiún ▌cuidiú do Bhallstáit chun cláir tacaíochta airgeadais a chur ar bun arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh a laghdú, ó fhoirgnimh atá ann cheana go háirithe, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do mhalartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha freagracha. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus an úsáid is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht infheistíochta atá ar fáil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cláir sin a fhorbairt ar bhealach a bheidh inrochtana d’eagraíochtaí a bhfuil cumais riaracháin, airgeadais agus eagraíochtúla níos ísle acu, amhail micrifhiontair agus FBManna, pobail fuinnimh, tionscnaimh faoi stiúir na saoránach, údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí fuinnimh. Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil do thionscnaimh áitiúla, amhail cláir athchóirithe faoi stiúir na saoránach agus cláir le haghaidh fuinneamh inathnuaite téimh agus fuaraithe ar leibhéal na comharsanachta nó an bhardais.

8a. Cuirfidh na Ballstáit maoiniú iomchuí, bearta tacaíochta agus ionstraimí eile ar fáil chun torthaí taighde agus forbartha a chur chun feidhme maidir le córais agus ábhair foirgníochta atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear monaraíocht, go háirithe ag micrifhiontair agus FBManna. 

9. Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais d’fheabhsuithe feidhmíochta fuinnimh agus d’astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilteas agus feabhsuithe fuinnimh a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu agus atá bainte amach, arna gcinneadh le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a) feidhmíocht fuinnimh agus laghdú gás ceaptha teasa an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear don athchóiriú; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé ar a laghad íosfheidhmíocht fuinnimh nó luachanna tagartha níos airde le haghaidh feabhsú feidhmíochta ar thomhaltas fuinnimh foirgneamh;

(b) luachanna caighdeánacha le chun an choigilt fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfoirgnimh a ríomh;

(c) an feabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú trí theastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe a chur i gcomparáid lena chéile;

(d) torthaí ó iniúchadh fuinnimh;

(e) torthaí ó mhodh eile atá ábhartha, trédhearcach agus comhréireach ina léirítear an feabhas san fheidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear tríd an tomhaltas fuinnimh roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid le córais méadraithe chliste.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo maidir le maoiniú atá tiomnaithe do theaghlaigh leochaileacha.

10. Ón 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasachtaí airgeadais chun coirí a shuiteáil a úsáideann breoslaí iontaise ▌.

11. Dreasóidh na Ballstáit cláir athchóirithe dhomhain agus cláir measartha mór lena dtugtar aghaidh ar líon mór foirgneamh, go háirithe na foirgnimh is measa feidhmíocht, lena n-áirítear trí chláir chomhtháite athchóirithe ceantair agus arb é laghdú foriomlán 60 % ar a laghad ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh a bheidh mar thoradh orthu le tacaíocht mhéadaithe airgeadais, fhioscach, riaracháin agus theicniúil de réir an leibhéil feidhmíochta a bhaintear amach, agus an rannpháirtíocht airgeadais níos airde á forchoimeád d’athchóirithe doimhne nó do na grúpaí dá dtagraítear i mír 1a.

11a. Comhlánóidh na Ballstáit cur chun cinn dreasachtaí airgeadais le beartais agus le bearta chun díshealbhú mar gheall ar athchóiriú a sheachaint.

13. Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgneamh ar cíos, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh dreasachtaí airgeadais chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon. Tabharfaidh na Ballstáit coimircí sóisialta éifeachtacha isteach, chun teaghlaigh leochaileacha go háirithe a chosaint, lena n-áirítear trí thacaíocht chíosa a sholáthar nó trí uasteorainneacha a fhorchur ar mhéaduithe cíosa, nó tríd an scéim airgeadais ‘íoc-mar-a-shábháiltear’ a thabhairt isteach le haghaidh méaduithe cíosa, lena n-áiritheofar nach sáróidh an méadú cíosa an coigilteas ar bhillí fuinnimh de bharr coigiltis ó athchóiriú fuinnimh.

13a. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun deireadh a chur le bacainní rialála, reachtúla agus riaracháin ar chomharchumainn tithíochta a uas-scálú, lena n-áirítear comharchumainn neamhbhrabúis. Áiritheoidh na Ballstáit incháilitheacht comharchumann tithíochta den sórt sin i leith dreasachtaí airgeadais agus ceantair chomhtháite do dhreasachtaí airgeadais. Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le stádas oibríochtúil a chruthú do chomharchumainn tithíochta neamhbhrabúis agus soláthróidh sé treoir maidir le bearta chun a dtabhairt isteach a chuíchóiriú.

Airteagal 15a Ionaid ilfhreastail le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail chuimsitheacha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear úinéirí baile agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, lena n-áirítear micrifhiontair agus FBManna. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na saoráidí cúnaimh theicniúil ar fáil go cothrom ar fud a gcríche ag brath ar dháileadh an daonra trí ionad ilfhreastail amháin ar a laghad a bhunú in aghaidh an réigiúin agus in aon chás in aghaidh gach 45 000 áitritheoir.

Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, leis na Ballstáit agus leis na réigiúin chun feidhmiú agus leanúnachas chistiú na n-ionad ilfhreastail le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a éascú go dtí an 31 Nollaig 2029 ar a laghad.

2. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar leis na húdaráis ábhartha réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le geallsealbhóirí príobháideacha chun ionaid ilfhreastail le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Féadfaidh na Ballstáit na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 21(2a) de Threoir (AE).../... a ainmniú. [athmhúnlú EED] mar ionaid ilfhreastail chun críocha an Airteagail seo.

Is eintitis phoiblí neamhspleácha, trasearnalácha agus idirdhisciplíneacha a bheidh sna hionaid ilfhreastail le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus cuirfidh siad a seirbhís ar fáil saor in aisce do na húsáideoirí. Soláthróidh siad comhairle shaincheaptha do spriocghrúpaí éagsúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus féadfaidh siad a bheith ag gabháil le cláir chomhtháite athchóirithe ceantair. Féadfaidh ionaid ilfhreastail oibriú i gcomhar le gníomhaithe príobháideacha a sholáthraíonn agus a chuireann chun cinn seirbhísí atá ábhartha d’athchóiriú fuinnimh, amhail réitigh mhaoiniúcháin agus cur i gcrích athchóirithe fuinnimh, agus, i gcás inarb iomchuí, a nascann tionscadail fhéideartha, go háirithe tionscadail ar mionscála, le gníomhaithe margaidh.

Chun bunú agus seirbhísí ionaid ilfhreastail le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a éascú, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a rialacha soláthair phoiblí le haghaidh tairiscintí maidir le hathchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh.

Tacóidh ionaid ilfhreastail le tionscadail a fhorbraítear go háitiúil trí chomhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a chur ar fáil, amhail:

(a) na níthe seo a leanas a sholáthar: cúnamh dlíthiúil, cosaint threisithe chun dreasachtaí deighilte i dtithe atá ar cíos go príobháideach a shárú, faisnéis chuíchóirithe faoi thacaíocht theicniúil, cúnamh airgeadais saincheaptha agus deiseanna cistiúcháin atá ar fáil, go háirithe scéimeanna deontais agus fóirdheontais, agus réitigh do theaghlaigh, do mhicrifhiontair agus do FBManna, agus do chomhlachtaí poiblí;

(b) tionscadail fhéideartha, go háirithe tionscadail ar mionscála, a nascadh le gníomhaithe margaidh;

(c) comhairle a thabhairt maidir le hiompraíocht tomhaltais fuinnimh d’fhonn dul i mbun rannpháirtíocht ghníomhach leis na tomhaltóirí, agus rochtain ar thairiscintí fuinnimh inacmhainne a chur ar fáil;

(d) faisnéis agus rochtain ar chláir oiliúna agus ar oideachas a sholáthar, lena n-áirítear d’údaráis áitiúla agus do sheirbhísí sóisialta chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil, chun a áirithiú go mbeidh níos mó gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh ann agus chun gairmithe a athsciliú agus a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh;

(e) sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, arna n-éascú ag na hionaid ilfhreastail, a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar sonraí iad a fhoilseoidh an Coimisiún i dtuarascáil faoin... [dáta thrasuí na Treorach seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin chun eolas a mhalartú agus chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a fheabhsú chun samplaí dea-chleachtais ó thíopeolaíochtaí éagsúla tógála, tithíochta agus fiontair a chur chun cinn;

(f) tacú le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, lena n-áirítear faisnéis faoi dhreasachtaí chun cáilíocht an chomhshaoil laistigh a rialáil agus na feistí is gá a shuiteáil le linn athchóirithe móra;

(g) tacaíocht iomlánaíoch a chur ar fáil agus a fhorbairt do gach teaghlach, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha agus ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta agus orthu siúd a bhfuil fadhbanna sláinte acu a bhaineann leis na foirgnimh is measa feidhmíocht, chomh maith le cuideachtaí agus suiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí athchóirithe, atá oiriúnaithe do thípeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus do raon feidhme geografach, agus tacaíocht a chur ar fáil lena gcumhdaítear na céimeanna éagsúla den tionscadal athchóirithe go háirithe chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 9 a éascú;

(h) faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht, infhaighteacht féintomhaltas fuinnimh inathnuaite, comhphobail fuinnimh inathnuaite agus roghanna malartacha eile ar théamh agus fuarú iontaise i bhfoirgnimh, agus faisnéis faoi ábhair agus réitigh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, stóráil fuinnimh agus teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite d’fhoirgnimh;

(i) tacú le rannpháirtíocht le geallsealbhóirí agus saoránaigh áitiúla ábhartha sa mheastóireacht ar thionchar na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh ar inacmhainneacht agus ar cháilíocht tithíochta.

Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun comhar a spreagadh i measc comhlachtaí poiblí, gníomhaireachtaí fuinnimh agus tionscnamh faoi stiúir an phobail agus chun ionaid ilfhreastail a chur chun cinn, a fhorbairt agus a uas-scálú trí phróiseas comhtháite. Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na Ballstáit chun na hionaid ilfhreastail sin a fhorbairt agus é mar aidhm aige cur chuige comhchuibhithe a chruthú ar fud an Aontais.

Airteagal 16 Teastais feidhmíochta fuinnimh

1.  Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa teastas feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomha agus úsáid fuinnimh deiridh in kWh/(m2.y), agus an acmhainneacht téite domhanda a bhaineann leis an saolré trí tháscaire uimhriúil d’astaíochtaí iomlána saolré gás ceaptha teasa in kgCO2e/(m2) agus luachanna tagartha amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha. Áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh táscairí uimhriúla breise, go háirithe ídiú fuinnimh bliantúil iomlán (kWh/bliain), riachtanais fuinnimh bhliantúla do théamh, fuarú, aerú agus uisce te, tomhaltas fuinnimh in aghaidh an mhéadair chearnaigh in aghaidh na bliana (kWh/(m2.y), úsáid bhliantúil fuinnimh phríomhúil neamh-inathnuaite in kWh/(m2.y), agus fuinneamh deiridh do théamh, fuarú, uisce te tí, aerú, soilsiú ionsuite agus seirbhísí eile foirgnimh, agus d’fhéadfadh ceanglais bhreise éifeachtúlachta agus sábháilteachta d’fhearais a bheith san áireamh ann.

2. Faoin 31 Nollaig 2025, comhlíonfaidh an teastas feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, na Ballstáit a bhfuil athbhreithniú déanta acu ar a gcóras deimhniúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh idir an 1 Eanáir 2019 agus... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfaidh siad leanúint den chóras sin a úsáid chun Airteagal 9(1) a chomhlíonadh, agus féadfaidh siad a gcuid foirgnimh is measa feidhmíocht a shainaithint trí shonraí óna stoc foirgneamh a úsáid idir an 1 Eanáir 2019 agus... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] mar bhonnlíne, agus an líon coibhéiseach nó achar urláir coibhéiseach na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht a shainaithnítear in Airteagal 9(1a) a athchóiriú, nó an leibhéal coibhéiseach feabhsaithe ar fheidhmíocht fuinnimh. I gcás ina dtairbhíonn Ballstát den mhaolú dá bhforáiltear sa dara fomhír, déanfaidh sé, faoin 1 Eanáir 2030, a chuid aicmí feidhmíochta a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ar bhonn fheidhmíocht a stoic náisiúnta foirgneamh idir an 1 Eanáir 2019 agus... dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

De bhun na chéad fomhíre den mhír seo, sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ▌A go G amháin. Comhfhreagróidh an litir A d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2). Féadfaidh na Ballstáit aicme feidhmíochta fuinnimh A+ a shainiú d’fhoirgnimh a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) ardchaighdeáin éifeachtúlachta le riachtanais fuinnimh do théamh, fuarú, aeráil agus uisce te nach airde iad ná 15 kWh/m2/in aghaidh na bliana;

(b) táirgeadh níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite kWh ar an láthair, bunaithe ar mheán míosúil;

(c) deimhneacht carbóin maidir le GWP saolré an fhoirgnimh lena n-áirítear ábhair thógála agus suiteálacha fuinnimh le linn monaraithe, suiteála, úsáide, cothabhála agus scartála.

Comhfhreagróidh an litir G do 15 % de na foirgnimh is measa feidhmíocht sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh cothrom bandaleithid de tháscairí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí atá fágtha (A go F) i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin. 

2a. Féadfaidh na Ballstáit feidhmiú céimneach na dteastas feidhmíochta fuinnimh a mhaoiniú mar bheart faoi Airteagal 8 de Threoir (AE).../... [athmhúnlú EED].

2b. Tiomsóidh na Ballstáit clár de theastais feidhmíochta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 19, lena n-áirítear chun scéimeanna comhtháite athchóirithe ceantair a éascú i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais.

3. Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh siad go mbeidh na teastais feidhmíochta inacmhainne agus gan aon chostas do theaghlaigh leochaileacha agus go n-eiseoidh saineolaithe neamhspleácha deimhnithe feidhmíochta fuinnimh iad tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair. Beidh na teastais feidhmíochta fuinnimh soiléir agus soléite agus beidh siad ar fáil i bhformáid atá inléite ag meaisín agus i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

4. Áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú go dtí an leibhéal is fearr costas agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa saolré iomlán a laghdú, cáilíocht an chomhshaoil laistigh an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheabhsú, agus moltaí chun an leibhéal ullmhachta cliste a fheabhsú de bhun Airteagal 13, mura rud é go gcomhlíonann an foirgneamh nó an t-aonad tógála an caighdeán ábhartha tógála astaíochtaí nialasacha cheana féin.

Cuimseofar leis na moltaí sa teastas feidhmíochta fuinnimh na nithe seo a leanas: 

(a) bearta a cuireadh i gcrích maidir le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ▌ar chórais theicniúla foirgnimh; agus 

(b) bearta maidir le codanna aonair d’fhoirgnimh nach mbaineann le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar ▌chórais theicniúla foirgnimh .

5. Na moltaí a áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán ar na coigiltis fuinnimh agus an laghdú ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla thar shaolré ionchasach seirbhíse an fhoirgnimh agus ar an bhfeabhas a chuirfí ar tháscairí feidhmíochta cáilíochta an chomhshaoil laistigh. Féadfaidh siad meastachán a sholáthar ar raon na dtréimhsí aisíoca nó na gcostas is tairbhe thar a shaolré eacnamaíoch agus faisnéis faoi dhreasachtaí airgeadais atá ar fáil, cúnamh riaracháin agus teicniúil mar aon le sochair airgeadais, a bhfuil baint ghinearálta acu le gnothú na luachanna tagartha. A luaithe a bheidh na sásraí tuairiscithe agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach in Airteagal 7, in Airteagal 8 agus in Airteagal 11a i bhfeidhm, áireofar moltaí ábhartha sa teastas feidhmíochta fuinnimh.

6. Áireofar sna moltaí measúnú ar a bhfuil fágtha de shaolré na gcóras téimh spáis agus na gcóras aerchóirithe, agus measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh spáis agus uisce nó an córas aerchóirithe a oiriúnú chun oibriú ag socruithe teochta níos éifeachtúla, amhail astaírí ísealteochta do chórais téimh uiscebhunaithe, lena n-áirítear an dearadh is gá ar aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta/sreafa.

6a. Léireofar sna moltaí roghanna malartacha féideartha d’athsholáthar na gcóras teicniúil foirgneamh le haghaidh téamh agus fuarú i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le spriocanna aeráide 2030 agus 2050, atá oiriúnach don chineál sin foirgnimh, agus imthosca áitiúla agus cúinsí a bhaineann leis an gcóras á gcur san áireamh.

7. Tabharfar le fios sa teastas feidhmíochta fuinnimh cá háit inar féidir leis an úinéir nó an tionónta faisnéise níos mionsonraithe a fháil, lena n-áirítear maidir le barrmhaitheas costais na moltaí a rinneadh sa teastas feidhmíochta fuinnimh agus faisnéis teagmhála agus seoladh an ionaid ilfhreastail is cóngaraí a bunaíodhde bhun Airteagal 15a. Beidh an mheastóireacht ar bharrmhaitheas costais bunaithe ar thacar gnáthdhálaí i gcomhréir le hAirteagal 6, amhail coigiltí fuinnimh a mheas agus bunphraghsanna fuinnimh agus réamhaisnéis ar chostas. Ina theannta sin, cuirfear ann faisnéis ar na bearta a dhéanfar chun na moltaí a chur chun feidhme, agus ar aon tacaíocht airgeadais atá ar fáil. Féadfar faisnéis eile maidir le hábhair ábhartha a chur ar fáil don úinéir nó don tionónta, amhail iniúchtaí fuinnimh nó dreasachtaí airgeadais nó de chineál eile agus féidearthachtaí maoinithe, nó comhairle maidir leis an dóigh chun cur le hathléimneacht an fhoirgnimh in aghaidh an athraithe aeráide, agus sábháilteacht fearas suiteáilte.

8. Féadfar deimhniúchán aonad foirgnimh a bhunú ar na nithe seo a leanas:

(a) deimhniúchán coiteann ar an bhfoirgneamh iomlán; or

(b) meastóireacht ar aonad foirgnimh ionadaíoch eile a bhfuil na hairíonna céanna ag baint leis agus atá ag an bhfoirgneamh i gceist ó thaobh cúrsaí fuinnimh de. 

9. Féadfaidh deimhniúchán do thithe aonteaghlaigh a bheith bunaithe ar mheastóireacht a dhéanamh ar fhoirgneamh eile ionadaíoch de dhearadh cosúil, de mhéid cosúil agus de cháilíocht feidhmíochta fuinnimh cosúil más féidir leis an saineolaí atá ag eisiúint an teastais feidhmíochta fuinnimh an chomhréireacht sin a áirithiú. 

9a. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus tar éis dó modheolaíochtaí agus uirlisí atá ann cheana a athbhreithniú, scéim deimhniúcháin Eorpach a fhorbairt le haghaidh méadair éifeachtúlachta fuinnimh. Féadfaidh na Ballstáit an scéim deimhniúcháin sin a úsáid chun úsáid teicneolaíochtaí deimhnithe méadraithe éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh, agus chun teastais feidhmíochta fuinnimh a neartú trí thomhas fíor-ama.

10. Ní rachaidh bailíocht an teastais feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 5 bliana.  I gcás foirgneamh lena ngabhann aicme feidhmíochta fuinnimh A+,A, B, nó C arna bhunú de bhun mhír 2, áfach, ní bheidh an teastas feidhmíochta fuinnimh bailí ar feadh níos faide ná 10 mbliana. 

11. Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú (bearta aonair nó bearta neamhspleácha) chun costas eisiúna an teastais nuashonraithe a laghdú.

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a sainaithníodh i bpas athchóirithe, chun an costas a bhaineann le heisiúint an teastais nuashonraithe a laghdú, nó i gcás ina n-úsáidtear leathchúpla digiteach foirgnimh, agus inar féidir sonraí faoi fheidhmíocht foirgneamh a nuashonrú

Airteagal 17 Teastais feidhmíochta fuinnimh a eisiúint

1. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar teastas feidhmíochta fuinnimh digiteach do na nithe seo a leanas:

(a) foirgnimh nó aonaid foirgnimh arna dtógáil, a ndearnadh athchóiriú mór orthu, arna ndíol nó arna ligean ar cíos le tionónta nua nó a ndéantar conradh cíosa a athnuachan ina leith nó a ndéantar morgáiste a athmhaoiniú ina leith;

(b) foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí .

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas teastas feidhmíochta fuinnimh a eisiúint i gcás ina bhfuil teastas arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE nó an Treoir seo ar fáil agus bailí maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an aonad foirgnimh lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh teaghlaigh leochaileacha tacaíocht airgeadais chun teastais feidhmíochta fuinnimh a eisiúint.

2. I gcás ina dtógtar foirgnimh nó aonaid foirgnimh, ina ndearnadh athchóiriú mór orthu, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos iad nó nuair a dhéantar conarthaí cíosa a athnuachan, nó nuair a dhéantar a morgáiste a athmhaoiniú, ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an teastas feidhmíochta fuinnimh don tionónta nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta.

3. I gcás ina ndíolfar nó ina ligfear amach ar cíos foirgneamh sula dtógfar é nó athchóiriú mór , féadfaidh na Ballstáit a cheangal leis an gceannaitheoir meastóireacht maidir lena fheidhmíocht fuinnimh amach anseo a chur ar fáil, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2; sa chás sin , eiseofar an teastas feidhmíochta fuinnimh nuair a bheidh an foirgneamh tógtha, ar a dhéanaí, nó nuair a bheidh athchóiriú déanta air, agus léireoidh sé staid an fhoirgnimh agus é tógtha .

4. Ceanglóidh na Ballstáit, maidir le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a chuirtear ar díol nó a ligtear amach ar cíos, go bhfuil teastas bailí feidhmíochta fuinnimh acu, , agus go bhfuil táscaire feidhmíochta fuinnimh agus aicme theastas feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh, de réir mar is infheidhme, luaite, ar líne agus as líne, i bhfógráin , lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin ar a mbíonn tairseach chun cuardach a dhéanamh ar réadmhaoin.

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha samplacha nó rialuithe eile chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú.

5. Cuirfear forálacha an Airteagail seo i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta infheidhme maidir le comhúinéireacht nó le comh-mhaoin.

6. An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag teastais feidhmíochta fuinnimh ó thaobh imeachtaí dlíthiúla de, déanfar sin a chinneadh i gcomhréir le rialacha náisiúnta.

7. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach teastas feidhmíochta fuinnimh a eisítear a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 19. Beidh an teastas feidhmíochta fuinnimh iomlán san uaslódáil, lena n-áireofar na sonraí uile is gá chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a ríomh.

Airteagal 18 Teastais feidhmíochta fuinnimh a chur ar taispeáint

1. I gcás ina bhfuil foirgneamh neamhchónaithe nó foirgneamh ar eisíodh teastas feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) á áitiú ag údaráis phoiblí agus ina dtabharfaidh an pobal cuairt air go minic, áiritheoidh ▌na Ballstáit go mbeidh an teastas feidhmíochta fuinnimh ar taispeáint in áit fheiceálach atá le feiceáil go soiléir ag an bpobal.

2. I gcás ina bhfuil achar urláir inúsáidte thar 500 m2 i bhfoirgneamh ar eisíodh teastas feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) a dtugann an pobal cuairt air go minic, ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an teastas feidhmíochta fuinnimh ar taispeáint in áit lárnach atá le feiceáil go soiléir ag an bpobal.

3. Ní airítear i bhforálacha mhíreanna 1 agus 2 oibleagáid na moltaí atá sa teastas feidhmíochta fuinnimh a chur ar taispeáint.

Airteagal 19 Bunachair sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

1. Bunóidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh lenar féidir sonraí a bhailiú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh aonair agus maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán an stoic náisiúnta foirgneamh.

Beidh an bunachar sonraí idir-inoibritheach le hardáin ábhartha eile ar líne agus le seirbhísí poiblí ábhartha eile agus féadfar é a úsáid chun sonraí a bhailiú ó gach foinse ábhartha a bhaineann le teastais feidhmíochta fuinnimh, cigireachtaí, an pas athchóirithe foirgneamh, an táscaire ullmhachta cliste, tagarmharcanna fuinnimh tógála agus ídiú fuinnimh ríofa nó méadraithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear. Chun sonrú a chur sa bhunachar sin, féadfar típeolaíochtaí tógála agus tagarmharcáil foirgneamh fuinnimh a bhailiú freisin. Féadfar sonraí a bhailiú agus a stóráil freisin maidir le hastaíochtaí oibríochtúla agus astaíochtaí corpraithe araon agus maidir le GWP saolré fhoriomlán, agus méadracht atá bunaithe ar an gCreat LEVELs á húsáid.

2. Cuirfear sonraí comhiomlánaithe agus anaithnidithe an stoic foirgneamh ar fáil go poiblí, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta cosanta sonraí. Beidh na sonraí a stórálfar inléite ag meaisín agus inrochtana trí chomhéadan digiteach iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca agus shaor in aisce ag úinéirí, tionóntaí agus bainisteoirí foirgnimh, saineolaithe deimhnithe, agus institiúidí airgeadais ar an teastas feidhmíochta fuinnimh iomlán a mhéid a bhaineann le neamhchosaint foirgneamh ar mhaoin chónaithe nó thráchtála a sannadh dá leabhar neamhthrádála. Maidir le foirgnimh a thairgtear le haghaidh cíosa nó le haghaidh díola, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag tionóntaí nó ceannaitheoirí ionchasacha a bhfuil údarú faighte acu ó úinéir an fhoirgnimh ar an teastas feidhmíochta fuinnimh iomlán.

3. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le sciar na bhfoirgneamh sa stoc náisiúnta foirgneamh a chumhdaítear le teastais feidhmíochta fuinnimh agus sonraí comhiomlánaithe nó anaithnidithe maidir le feidhmíocht fuinnimh, ídiú fuinnimh agus saolré GWP na bhfoirgneamh a chumhdaítear. Déanfar an fhaisnéis phoiblí a thabhairt cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis anaithnid nó comhiomlánaithe ar fáil d’institiúidí poiblí agus d’institiúidí taighde amhail na hOifigí Staidrimh Náisiúnta, arna iarraidh sin.

4. Uair sa bhliain ar a laghad, áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreofar an fhaisnéis sa bhunachar sonraí náisiúnta chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

5. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh do theimpléad coiteann chun an fhaisnéis a aistriú chuig an bhFaireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh agus beifear in ann nuashonruithe fíor-ama a dhéanamh i gcónaí.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

6. Ar mhaithe le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na faisnéise a áirithiú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh idir-inoibritheach agus comhtháite le bunachair sonraí riaracháin eile ina bhfuil faisnéis maidir le foirgnimh, amhail logleabhair náisiúnta cadastar agus logleabhair dhigiteacha foirgnimh.

6a. Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun tacú le feidhmiú éifeachtúil logleabhar digiteach foirgneamh trí theimpléad coiteann a bhunú le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) cur chuige caighdeánaithe maidir le bailiú sonraí, bainistiú sonraí agus idir-inoibritheacht agus a chreat dlíthiúil;

(b) bunachair sonraí atá ann cheana a nascadh le chéile. 

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

6b Faoi [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar staid agus ar dhul chun cinn stoc foirgneamh an Aontais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Úsáidfidh na Ballstáit an tuarascáil achomair chun spriochdíriú ar athchóirithe le haghaidh braislí d’fhoirgnimh neamhéifeachtúla mar bhealach chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú.

 

 

Airteagal 20 Cigireachtaí

1. Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun cigireachtaí rialta a bhunú ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW acu. Beidh rátáil éifeachtach an chórais bunaithe ar shuim aschur rátaithe na ngineadóirí téimh agus aerchóirithe. 

2. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna cigireachta ar leithligh a bhunú le haghaidh cigireachtaí ar chórais chónaithe agus neamhchónaithe.

3. Féadfaidh na Ballstáit minicíochtaí cigireachta difriúla a leagan síos de réir an chineáil agus aschuir rátaithe éifeachtaigh an chórais agus cuirfidh siad san áireamh costais cigireachtaí an chórais agus na coigiltí costais fuinnimh réamh-mheasta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcigireacht. Déanfar cigireacht ar chórais gach 5 bliana ar a laghad. Déanfar cigireacht ar chórais a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach níos mó ná 290 kW acu agus ar na gineadóirí sin a astaíonn aonocsaíd charbóin gach dhá bhliain ar a laghad, ar chúiseanna sábháilteachta.

4. Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar an ngineadóir teasa agus aerchóiriúcháin nó ar na gineadóirí teasa agus aerchóirithe, caidéil imshruthaithe, comhpháirteanna de chórais aerála, gach córas dáilte aeir agus uisce, na córais hidréineacha cothromúcháin, i gcás inarb iomchuí, agus an córas rialaithe. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh aon chóras tógála breise a shainaithnítear faoi Iarscríbhinn I a áireamh sna scéimeanna cigireachta.

Áireofar sa chigireacht measúnú ar éifeachtúlacht agus méid an ghineadóra nó na ngineadóirí teasa agus aerchóirithe agus ar a phríomh-chomhpháirteanna i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cuirfear san áireamh cumas an chórais chun a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh atá ar fáil, agus faoi dhálaí athraitheacha mar gheall ar athrú úsáide. I gcás inarb ábhartha, déanfar measúnú sa chigireacht ar a indéanta atá an córas oibriú faoi shocruithe teochta éagsúla agus níos éifeachtúla, amhail ag teocht íseal do chórais téimh uiscebhunaithe, lena n-áirítear trí dhearadh na gceanglas maidir le haschur cumhachta teirmí agus teochta agus maidir le sreabhadh, agus oibriú sábháilte an chórais á áirithiú ag an am céanna. Leis an gcigireacht, déanfar measúnú freisin ar a mhéid atá córais theicniúla foirgneamh ullamh chun oibriú le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus, i gcás inarb ábhartha, déanfar iad a oibriú ar theochtaí ísle.

Áireofar sa scéim cigireachtaí an measúnú ar mhéid an chórais aerála i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cumais an chórais aerála a fheidhmíocht a optamú i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe.

I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras nó i ndáil le riachtanais an fhoirgnimh ó rinneadh cigireacht de bhun an Airteagail seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid na príomh-chomhpháirte nó measúnú ar an oibriú faoi theochtaí éagsúla a dhéanamh athuair.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar éifeachtúlacht fuinnimh suiteálacha leictreacha d’fhoirgnimh neamhchónaithe mar chuid de na scéimeanna cigireachta sábháilteachta atá ann cheana, agus aird chuí á tabhairt ar an gcaighdeán atá ar fáil dá ndearadh, dá dtoisiú, dá mbainistiú agus dá bhfaireachán barrmhaith.

5. Maidir le córais theicniúla foirgneamh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir líonra agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1.

6. ▌Féadfaidh na Ballstáit ▌bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar comhairle d’úsáideoirí maidir le hathsholáthar gineadóirí, modhnuithe eile ar an gcóras agus réitigh mhalartacha chun ▌éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheasúnú.

9. Foirgnimh atá i gcomhréir le hAirteagal 11(4b) nó ( 4c), beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

10. Cuirfidh na Ballstáit scéimeanna cigireachta ▌i bhfeidhm, lena n-áirítear uirlisí digiteacha le haghaidh suiteálacha tionscalmhéide, agus seicliostaí, chun comhlíonadh na gceanglas cumais a leagtar amach in Airteagal 11(4b) agus (4c) a fhíorú, agus chun a dheimhniú go gcomhlíonann na hoibreacha tógála agus athchóirithe a seachadadh an fheidhmíocht fuinnimh a ceapadh agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla, cáilíocht chomhshaoil laistigh, agus ceanglais sábháilteachta dóiteáin mar a leagtar síos sna cóid tógála nó rialacháin choibhéiseacha.

11. Áireoidh na Ballstáit anailís achoimrithe ar na scéimeanna cigireachta agus ar a dtorthaí mar iarscríbhinn a ghabhann leis an bplean athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3. Airteagal 21

Tuarascálacha maidir le cigireachtaí ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe

1. Eiseofar tuarascáil chigireachta tar éis gach cigireachta ar chóras téimh, aerála, aerchóirithe, nó ar chóras uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh. Beidh toradh na cigireachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20 sa tuarascáil chigireachta agus beidh moltaí inti maidir leis an bhfeabhas is fearr is féidir ar fheidhmíocht fuinnimh agus ar shábháilteacht an chórais a ndearnadh cigireacht air ó thaobh costais de.

Féadfaidh sé go mbunófar na moltaí sin ar chomparáid idir feidhmíocht fuinnimh an chórais ar a ndearnadh an chigireacht agus an córas indéanta is fearr atá ar fáil, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh, agus córas dá shamhail a mbaineann comhpháirteanna ábhartha uile an leibhéal feidhmíochta fuinnimh amach atá riachtanach de réir na reachtaíochta atá infheidhme.

2. Tabharfar an tuarascáil chigireachta ar láimh d’úinéir nó do thionónta an fhoirgnimh.

2a. I gcás córais theicniúla tógála faoi thiomáint breoslaí iontaise, déanfar foráil sna moltaí maidir le córais mhalartacha bunaithe ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh nó, i gcás aon éileamh iarmharach, maidir le naisc le córais éifeachtúla téimh agus fuaraithe ceantair. Breithneofar saolré eacnamaíoch na suiteála reatha sna moltaí.

3. Déanfar an tuarascáil chigireachta a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí náisiúnta i ndáil le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh de bhun Airteagal 19.

Airteagal 22 Saineolaithe neamhspleácha

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí agus saineolaithe cáilithe nó deimhnithe an deimhniú feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh, bunú pasanna athchóirithe, an measúnú ullmhachta cliste, cigireacht ar chórais téimh agus ar chórais aerchóirithe ar bhealach neamhspleách, agus úsáid á baint as trealamh tástála atá deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin EN, cibé acu a oibríonn siad i gcáil fhéinfhostaithe nó a fhostaíonn comhlachtaí poiblí nó fiontair phríobháideacha iad.

Tabharfar do shaineolaithe deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE).../... [athmhúnlú EED] agus a n-inniúlacht á cur san áireamh.

2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le hoiliúint agus deimhniúcháin ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil don phobal liostaí saineolaithe cáilithe nó deimhnithe nó liostaí na gcuideachtaí deimhnithe a bhfuil seirbhísí na saineolaithe sin á dtairiscint acu agus go ndéanfar na liostaí sin a nuashonrú go rialta.

Airteagal 23 Deimhniúchán do ghairmithe tógála

1. Faoin... [dáta a leagtar amach in Airteagal 26(4) [athmhúnlú EED]],  bunóidh na Ballstáit plean gníomhaíochta náisiúnta chun lucht saothair atá oilte go leordhóthanach agus go leormhaith a sholáthar agus chun an leibhéal iomchuí inniúlachta a áirithiú do ghairmithe foirgníochta agus do chuideachtaí foirgníochta, agus oibreacha comhtháite athchóirithe á ndéanamh acu i gcomhréir leis na spriocanna bunaithe agus leis na táscairí intomhaiste dul chun cinn de bhun Airteagal 3(1) den Treoir seo agus Airteagal 26 de [EED athmhúnlaithe].

1a. Chun líon leordhóthanach gairmithe a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil cláir oiliúna leordhóthanacha as a dtiocfaidh cáilíocht agus deimhniú a chumhdaíonn oibreacha comhtháite, lena n-áirítear na réitigh nuálacha is déanaí dá bhrí sin. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht sna cláir oiliúna a chur chun cinn, go háirithe ag micrifhiontair, ag FBManna agus ag daoine atá féinfhostaithe.

2. I gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deimhniúchán nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta ar fáil do sholáthraithe oibreacha athchóirithe comhtháite, amhail cuideachtaí foirgníochta, i gcás nach gcumhdaítear é sin le hAirteagal 18(3) de Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe] nó le hAirteagal 26 de Threoir (AE).../... [athmhúnlú EED].

Airteagal 24 Córas rialaithe neamhspleách

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh teastas feidhmíochta fuinnimh agus tuarascálacha maidir le cigireacht a dhéanamh ar chórais téimh agus aerchóirithe a bhunú i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, agus go ndéanfar córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha maidir le cigireacht ar chórais téimh agus aerchóirithe a bhunú. Féadfaidh na Ballstáit córais ar leith a bhunú chun deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha maidir le cigireacht ar chórais téimh agus aerchóirithe a rialú.

2. Féadfaidh na Ballstáit na freagrachtaí chun na córais rialaithe neamhspleácha a chur chun feidhme a tharmligean.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina gcinnfidh siad sin a dhéanamh, go gcuirfear na córais rialaithe neamhspleácha chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.

3. Na teastais feidhmíochta fuinnimh, na pasanna athchóirithe, na táscairí ullmhachta cliste agus na tuarascálacha cigireachta dá dtagraítear i mír 1, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil iad do na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 25 Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 30, athbhreithniú ar an Treoir seo faoi dheireadh 2027 ar a dhéanaí, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn a chur i bhfeidhm agus moltaí a dhéanamh, más gá.

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) measúnú a dhéanamh i dtaobh an ndéanann cur i bhfeidhm na Treorach seo in éineacht le hionstraimí reachtacha eile lena dtugtar aghaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, go háirithe trí phraghsáil carbóin, dul chun cinn leordhóthanach i dtreo stoc foirgneamh atá go hiomlán dícharbónaithe agus saor ó astaíochtaí a bhaint amach faoi 2050, nó an gá bearta ceangailteacha breise a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais, go háirithe íoschaighdeáin éigeantacha feidhmíochta fuinnimh ar fud an stoic foirgneamh ina iomláine;

(b) measúnú a dhéanamh ar ionstraim dlí, leibhéal agus amlíne leormhaith na spriocanna laghdaithe do GWP saolré stoic foirgneamh an Aontais, ar bhonn an chreata chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (da);

(c) a chinneadh conas cur chuige iomlánaíoch a chur san áireamh i ngach beart ar leibhéal an Aontais ar gach scála spásúil, lena n-áirítear ailtireacht tírdhreacha, pleanáil uirbeach, bonneagar agus dearadh, agus ar an gcaoi sin timpeallacht thógtha inbhuanaithe a chur chun cinn.

Scrúdóidh an Coimisiún an bealach ina bhfuil cur chuige comhtháite ceantair nó comharsanachta curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit i mbeartas tógála agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais, agus áiritheoidhag an am céanna go gcomhlíonann gach foirgneamh na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus lena n-áirítear conas is féidir an cur chuige sin a úsáid chun caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh trí bhíthin IRPanna a bhfuil feidhm acu maidir le roinnt foirgneamh i gcomhthéacs spásúil seachas foirgneamh aonair.

Airteagal 26 Faisnéis

1. Déanfaidh na Ballstáit feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a ullmhú agus a chur i gcrích ar bhonn leanúnach chun leas an phobail a chur chun cinn agus chun tacú le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh agus le cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Déanfaidh siad na bearta is gá chun úinéirí agus tionóntaí foirgneamh nó aonad foirgnimh agus gach gníomhaí margaidh ábhartha,lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus pobail fuinnimh, a chur ar an eolas faoi na modhanna agus na cleachtais éagsúla a fhónann chun feidhmíochtfuinnimh a fheabhsú, amhail seirbhísí bainistithe fuinnimh, conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, agus na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 15a. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faisnéis shaincheaptha a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha. Cuirfear an fhaisnéis sin ar aghaidh freisin trí údaráis áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Cuirfidh na Ballstáit úinéirí, tionóntaí agus bainisteoirí saoráidí foirgneamh ar an eolas faoi na modhanna agus na cleachtais éagsúla lena bhfeabhsaítear feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí, sábháilteacht foirgnimh ó dhóiteán, sábháilteacht leictreach foirgnimh agus sábháilteacht sheismeach foirgnimh.

2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le teastais feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta costoptamacha agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana agus trédhearcacha amhail comhairle maidir le hathchóiriú agus na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 15a, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha.

Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit feachtais faisnéise a chur ar bun chun críocha mhír 1 agus an chéad fhomhír den mhír seo, a bhféadfar déileáil leis i gcláir an Aontais, arna iarraidh sin do na Ballstáit.

3. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear comhairle agus oiliúint, lena n-áirítear ó thaobh ghné na hinscne de, ar fáil dóibh siúd a bheidh freagrach as cur chun feidhme na Treorach seo. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, díreofar ar an tábhacht a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, agus fágfaidh sin gur féidir an comhcheangal is fearr a mheas idir feabhsaithe ar fheidhmíocht fuinnimh, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, [úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus úsáid téimh agus fuaraithe ceantair] an uair a bheidh limistéir thionsclaíocha nó chónaithe á bpleanáil, á gceapadh, á dtógáil agus á n-athchóiriú. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, tabharfar aghaidh freisin ar fheabhsuithe struchtúracha, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, astaíochtaí truailleán aeir (lena n-áirítear ábhar cáithníneach mín), cáilíocht chomhshaoil laistigh agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas. Féachfaidh na Ballstáit le cistiú le haghaidh oiliúna a leithdháileadh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar chomhphobail fuinnimh inathnuaite agus ar phobail fuinnimh saoránach a chuireann feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun cinn ar leibhéal comharsanachta agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha.

4. Déanfaidh an Coimisiún a chuid seirbhísí faisnéise a fheabhsú ar bhonn leanúnach, go háirithe an suíomh a bunaíodh mar thairseach Eorpach maidir le feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh agus tá sé dírithe ar shaoránaigh, ar ghairmithe agus údaráis, chun cabhrú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad ag scaipeadh faisnéise agus eolais. D’fhéadfadh naisc le dlí ▌ábhartha an Aontais agus le rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bheith ar áireamh san fhaisnéis a thaispeántar ar an suíomh gréasáin sin, naisc chuig suíomhanna gréasáin Europa ina dtaispeántar na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, naisc chuig na hionstraimí airgeadais atá ar fáil, chomh maith le samplaí dea-chleachtais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear maidir leis na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 15ú. I gcomhthéacs Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Chiste Chomhtháthaithe agus an Chiste um Aistriú Cóir, an Chiste Aeráide Sóisialta, agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, leanfaidh an Coimisiún agus neartóidh sé a thuilleadh a chuid seirbhísí faisnéise chun úsáid na gcistí atá ar fáil a éascú trí chúnamh agus faisnéis a sholáthar lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta do gheallsealbhóirí leasmhara, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, maidir le deiseanna maoinithe, agus na hathruithe is déanaí sa chreat rialála á gcur san áireamh.

Airteagal 27 Comhairliúchán

Chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme agus de réir mar is ábhartha. Tá tábhacht ar leith leis an gcomhairliúchán sin maidir le cur chun feidhme Airteagal 26.

Airteagal 28 Oiriúnú Iarscríbhinn I don dul chun cinn teicniúil

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun:

(a) an Treoir seo a leasú trí phointí 4 agus 5 d’Iarscríbhinn I a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil; agus

(b) an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht fuinnimh na ngnéithe tógála trédhearcacha ar cuid den imchlúdach foirgnimh iad.

Airteagal 29 An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 10, 11d, 13, 14(4a), 15 agus 28 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón... dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6,7, 10, 11a, 13, , 14(4a), 15 agus 28  a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6, 7, 10, 11a, 13, 14(4a), 15, 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30 Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32 Trasuí

1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagail 1 go 3, 5 go 26, 29 agus 32 agus Iarscríbhinní I go III agus V go IX a chomhlíonadh,  déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin agus tábla comhghaoil in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas ina ndéanfar tagairtí sna dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a ghabhann leis an Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach leis an tagairt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33 Aisghairm

Treoir 2010/31/AE , arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, Cuid A, déantar í a aisghairm le héifeacht ón […] , gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, Cuid B a thrasuí sa dlí náisiúnta agus teorainneacha ama dhátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 34 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 4, 27, 28, 30, 31 agus 33 go 35 agus Iarscríbhinn IV ón [an lá tar éis dháta an trasuí/24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm móide 1 lá amháin]. 

Airteagal 35 Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa   Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán   An tUachtarán

 


 

IARSCRÍBHINN I

Creat ginearálta comhchoiteann chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh

(dá dtagraítear in Airteagal 4

1. Cinnfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn úsáid fuinnimh ríofa nó fuinnimh mhéadraithe agus léireofar léi an ghnáthúsáid fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú ionsuite agus córais theicniúla foirgneamh eile. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an ghnáthúsáid fuinnimh ionadaíoch do na dálaí iarbhír oibriúcháin maidir le gach tíopeolaíocht ábhartha agus go léiríonn sí iompraíocht tipiciúil an úsáideora. ▌Beidh úsáid thipiciúil fuinnimh agus iompar tipiciúil úsáideoirí bunaithe ar an staidreamh náisiúnta, ar chóid tógála agus ar shonraí méadraithe atá ar fáil.

I gcás inarb é an fuinneamh méadraithe an bonn le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, beidh an mhodheolaíocht ríofa in ann tionchar iompraíocht na n-áititheoirí agus na haeráide áitiúla a shainaithint, rud nach léireofar mar thoradh ar an ríomh. Maidir le fuinneamh méadraithe a úsáidfear chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, beidh gá le léamha a mhairfidh eatraimh in aghaidh na huaire ar a laghad agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir iompróirí fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit tomhaltas fuinnimh mhéadraithe a úsáid faoi ghnáthchoinníollacha oibriúcháin chun cirte na húsáide fuinnimh ríofa a fhíorú agus chun comparáid a dhéanamh idir an fheidhmíocht ríofa agus an fheidhmíocht iarbhír. Féadfar tomhaltas fuinnimh méadraithe chun críocha fíoraithe agus comparáide a bhunú ar léamha míosúla.

Cuirfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh in iúl le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil in aghaidh an aonaid d’achar an urláir tagartha in aghaidh na bliana, in kWh/(m2.y) chun críche feidhmíocht fuinnimh a dheimhniú agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh araon.  Úsáidfear táscairí uimhriúla maidir le húsáid fuinnimh deiridh in aghaidh an aonaid den achar urláir tagartha in aghaidh na bliana, in kWh/(m2.y) agus as riachtanais fuinnimh de réir ISO 52000 in kWh/(m².y). Beidh an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chinneadh trédhearcach agus beidh sí oscailte don nuálaíocht agus léireofar léi dea-chleachtais, go háirithe ó tháscairí breise.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar a modheolaíocht ríofa náisiúnta bunaithe ar Iarscríbhinn A de na príomhchaighdeáin Eorpacha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, eadhon EN ISO 52000-1, EN ISO 52003-1, EN ISO 52010-1, EN ISO 52016-1, EN ISO 52018-1, EN 16798-1, EN 52120-1 agus EN 17423 ná doiciméid a ghabhfaidh ionad na gcaighdeán sin.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina soláthraíonn córais téimh nó fuaraithe ceantair foirgnimh, go n-aithneofar agus go dtabharfar cuntas ar thairbhí an tsoláthair sin sa mhodheolaíocht ríofa, go háirithe an sciar den fhuinneamh atá in-athnuaite, trí bhíthin príomhfhachtóirí fuinnimh atá deimhnithe nó aitheanta ina n-aonar.

2. Déanfar riachtanais fuinnimh agus úsáid fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú agus córais theicniúla foirgneamh eile a ríomh trí úsáid a bhaint as eatraimh in aghaidh na huaire nó faoi seach chun am a ríomh d‘fhonn dálaí éagsúla a chur san áireamh a dhéanann difear suntasach d’oibriú agus d’fheidhmíocht an chórais agus do dhálaí laistigh, agus costais, sláinte, cáilíocht chomhshaoil laistigh agus leibhéil chompoird arna sainiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a bharrfheabhsú. Áireofar sa ríomh meastachán ar fhreagrúlacht theirmeach an fhoirgnimh agus ar a chumas solúbthacht a thairiscint don eangach fuinnimh.

I gcás ina bhfuil ceanglais shonracha maidir le faisnéis faoi tháirgeacht ar áireamh i rialacháin táirgeshonracha le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh arna nglacadh faoi Rialachán 2009/125/CE chun críche feidhmíocht fuinnimh agus GWP saolré a ríomh faoin Treoir seo, ní bheidh faisnéis bhreise ag teastáil ó mhodhanna ríomha náisiúnta.

Beidh ríomh an fhuinnimh phríomhúil bunaithe ar phríomhthosca fuinnimh dinimiciúla agus réamhbhreathnaitheacha, (agus neamh-inathnuaite, in-athnuaite agus iomlán a shonrú) in aghaidh an iompróra fuinnimh, nach mór do na húdaráis náisiúnta iad a aithint agus an meascán fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis á chur san áireamh ar bhonn a phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Féadfar na príomhthosca fuinnimh sin a bhunú ar fhaisnéis náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Féadfar príomhfhachtóirí fuinnimh a shocrú ar bhonn bliantúil, ar bhonn séasúrach, ar bhonn laethúil nó in aghaidh na huaire nó ar fhaisnéis níos sonraí a chuirtear ar fáil do córais ceantair aonair.

▌Déanfar na roghanna a rinneadh agus na foinsí sonraí a thuairisciú de réir EN 17423 nó de réir aon bhundoiciméad. Úsáidfidh na Ballstáit príomhfhachtóir fuinnimh le haghaidh leictreachais ▌ a léireoidh an meascán leictreachais sa tír. Agus na tosca sin á sainiú acu, áiritheoidh na Ballstáit go saothrófar feidhmíocht fuinnimh optamach an imchlúdaigh foirgnimh.

3. Chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chur in iúl, déanfaidh na Ballstáit táscairí breise uimhriúla den phríomhúsáid fuinnimh iomlán, neamh-in-athnuaite agus in-athnuaite, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla agus corpraithe a tháirgtear in kgCO2eq/(m2.y) a shainmhíniú thar shaolré ionchasach seirbhíse an fhoirgnimh.

3a.  Agus na príomhthosca fuinnimh á ríomh chun críche feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, féadfaidh na Ballstáit foinsí inathnuaite fuinnimh arna soláthar agus foinsí inathnuaite fuinnimh a ghintear agus a úsáidtear ar an láthair a chur san áireamh.

4. Leagfar síos an mhodheolaíocht agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

 (a) na saintréithe teirmeach iarbhír seo a leanas den fhoirgneamh lena n-áirítear a dheighiltí inmheánacha:

 (i) toilleadh teirmeach;

 (ii) insliú;

 (iii) téamh éighníomhach;

 (iv) eilimintí fuaraithe;

 (v) droichid theirmeacha;

 (b) suiteáil téimh agus soláthar uisce the, lena n-áirítear a saintréithe inslithe;

(ba) acmhainn na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh suiteáilte ar an láthair, bonneagar luchtaithe déthreoch feithiclí leictreacha, freagairt don éileamh agus stóráil;

 (c) suiteálacha aerchóirithe;

 (d) aeráil nádúrtha agus mheicniúil a bhféadfadh aerdhíonacht agus aisghabháil teasa a bheith mar chuid de;

 (e) suiteáil soilsithe ionsuite (san earnáil neamhchónaithe den chuid is mó);

 (f) dearadh, suíomh agus treoshuíomh an fhoirgnimh, lena n-áirítear an aeráid lasmuigh;

 (g) grianchórais éighníomhacha agus grianchosaint;

 (h) dálaí aeráide laistigh, lena n-áirítear an aeráid dhíonach atá deartha;

 (i) ualaí inmheánacha;

 (ia) córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh agus a gcumas faireachán, rialú agus barrfheabhsú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh;

 (ib) éifeachtúlacht suiteálacha leictreacha (IEC EN 60364-8-1).

5. Cuirfear dea-thionchar na ngnéithe seo a leanas san áireamh:

 (a) dálaí áitiúla nochta gréine, grianchórais ghníomhacha agus córais eile téimh agus leictreachais bunaithe ar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

 (b) leictreachas arna tháirgeadh trí chomhghiniúint;

 (c) córais téimh agus fuaraithe ceantair nó bloic;

 (d) soilsiú nádúrtha;

(da) cumas solúbthachta ó thaobh an éilimh de (EN 50491-12-1).

6. Chun críche an ríofa, ba cheart na foirgnimh a aicmiú go leordhóthanach sna catagóirí seo a leanas:

 (a) tithe aonteaghlaigh de chineálacha éagsúla;

 (b) bloic árasán;

 (c) oifigí;

 (d) foirgnimh oideachais;

 (e) ospidéil;

 (f) óstáin agus bialanna;

 (g) saoráidí spóirt;

 (h) foirgnimh seirbhísí mórdhíola agus miondíola;

 (i) cineálacha eile foirgneamh a ídíonn fuinneamh

 

 


 

IARSCRÍBHINN II

Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

EPBD Airteagal 3

Táscairí éigeantacha

Táscairí/tuairimí Roghnacha

 

(a) Forbhreathnú ar an stoc náisiúnta foirgneamh

 

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m2):

 in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí agus tithíocht shóisialta)

 de réir aicme feidhmíochta fuinnimh

 NZEB

 feidhmíocht is measa (lena n-áirítear sainmhíniú ar aicme E, F, G)

Forbhreathnú ar chineálacha foinsí fuinnimh le haghaidh téamh spáis agus uisce, fuarú agus dátaí réamh-mheasta dífheidhmeachta na gcóras téimh agus fuaraithe

 rátaí athsholáthair bliantúla d’fhearais téimh agus fuaraithe le haghaidh téamh agus fuarú spáis agus uisce

 - líon agus cineál na bhfearas a chuirtear in ionad gach bliain (le linn na 5 bliana roimhe sin a chumhdaítear leis an bplean);

 cineál na bhfearas nuashuiteáilte

Forléargas ar sciar iomlán, líon agus suíomh na bhfoirgneamh gan chónaí, agus sealúchais fholmha i bhfoirgnimh leasa choitinn

Líon na bhfoirgneamh a chuirtear i gcatagóir na bhfoirgneamh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó staire ar leith i gcomparáid le 2020.

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m²):

 de réir aois tógála

 de réir mhéid an fhoirgnimh

 in aghaidh an limistéir aeráide

 scartáil (líon agus achar urláir iomlán)

Líon na dteastas feidhmíochta fuinnimh:

 in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí)

 de réir aicme feidhmíochta fuinnimh

Líon na dteastas feidhmíochta fuinnimh:

- in aghaidh na tréimhse foirgníochta

 

Rátaí athchóirithe bliantúla: uimhir agus achar urláir iomlán (m2)

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

 go dtí leibhéil tógála nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus neodrach ó thaobh fuinnimh de

 in aghaidh na doimhneachta athchóirithe (meán-athchóiriú ualaithe)

 athchóiriú domhain

 foirgnimh phoiblí

 

Tomhaltas fuinnimh bliantúil príomhúil agus deiridh (ktoe) agus (éileamh bliantúil in ktoe agus buaicéileamh séasúrach in GWh/lá):

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

 in aghaidh na húsáide deiridh

Coigilteas fuinnimh (Ktoe):

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

 foirgnimh phoiblí

Sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil foirgníochta (MW arna ghiniúint):

 le haghaidh úsáidí éagsúla

 ar an láthair

 lasmuigh den láthair

Laghdú ar chostais fuinnimh (EUR) in aghaidh an teaghlaigh (meán)

An t-éileamh príomha fuinnimh ó fhoirgneamh a chomhfhreagraíonn don 15 % is airde (tairseach rannchuidithe shubstaintiúil) agus an 30 % is airde (gan an tairseach le haghaidh dochar suntasach a dhéanamh) den stoc náisiúnta foirgneamh, i gcomhréir le Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide

Sciar de chóras teasa in earnáil an fhoirgnimh in aghaidh an chineáil coire/córas téimh

Astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla bliantúla (kgCO2eq/(m2.y):

 in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí)

Laghdú bliantúil ar astaíochtaí oibriúcháin gás ceaptha teasa (kgCO2eq/(m2.y):

  in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí)

GWP saolré bhliantúil (kgCO2eq/(m2.y)):

   in aghaidh an chineáil foirgnimh

Laghdú GWP saolré bhliantúil  (kgCO2eq/(m2.y)):

   in aghaidh an chineáil foirgnimh

 

 

Bacainní agus teipeanna margaidh (tuairisc):

 Dreasachtaí scoilte

 Cumas na tógála agus na hearnála fuinnimh

Forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnáil na tógála, in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh agus in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite

Uimhir:

 cuideachtaí seirbhíse fuinnimh

 cuideachtaí tógála

 ailtirí agus innealtóirí

 oibrithe oilte

 micrifhiontair agus FBManna in earnáil na tógála/an athchóirithe

 cláir oiliúna agus saoráidí atá dírithe ar athchóiriú fuinnimh

 ionaid ilfhreastail in aghaidh gach 45 000 áitritheoir

  pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach

 

Bacainní agus teipeanna margaidh (tuairisc):

 Riaracháin

 Airgeadais

 Teicniúil

 Feasacht

 Eile

Réamh-mheastacháin an lucht saothair tógála:

- Ailtirí/innealtóirí/oibrithe oilte ar scor

- Ailtirí/innealtóirí/oibrithe oilte ag teacht isteach sa mhargadh

- suiteálaithe agus/nó cuideachtaí suiteála córas téimh

- pearsanra cothabhála córas téimh

- Daoine óga san earnáil

- Mná san earnáil

Forléargas agus réamhaisnéis ar éabhlóid na bpraghsanna ar ábhair thógála agus ar fhorbairtí sa mhargadh náisiúnta

Bochtaineacht fuinnimh (imdhealaithe de réir inscne):

 % de na daoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh

 an cion d’ioncam indiúscartha teaghlaigh a chaitear ar fhuinneamh

 daonra ina gcónaí faoi dhálaí cónaithe neamhleora (e.g. díon ag sileadh) nó le dálaí neamhleora compoird theirmigh

 

 

Príomhthosca fuinnimh:

 in aghaidh an iompróra fuinnimh

 fachtóir fuinnimh phríomha nach féidir a athnuachan

 príomhfhachtóir fuinnimh in-athnuaite

 fachtóir fuinnimh phríomha iomlán

 

Sainmhíniú ar fhoirgneamh fuinnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh d‘fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh atá ann cheana féin

Tuairisc ar na réigiúin ina mbaineann crios aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus líon na bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha in aghaidh an chreasa aeráide

forléargas ar an gcreat dlíthiúil agus riaracháin

Ceanglais íosta is fearr ó thaobh costais de le haghaidh foirgneamh nua agus foirgneamh atá ann cheana féin

 

(b) Treochlár do 2030, 2040, 2050

 

Spriocanna do rátaí athchóirithe bliantúla: uimhir agus achar urláir iomlán (m2):

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

 an fheidhmíocht is measa

   athchóiriú domhain

Spriocanna le haghaidh sciar ionchasach (%) d’fhoirgnimh athchóirithe:

  in aghaidh an chineáil foirgnimh

  in aghaidh na doimhneachta athchóirithe

  in aghaidh na mbeart le haghaidh gnéithe tógála atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus de chórais theicniúla foirgneamh, a bhfuil tionchar suntasach acu ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh

 

Sprioc maidir le tomhaltas fuinnimh bliantúil príomhúil agus deiridh (ktoe) agus éileamh bliantúil in ktoe agus buaicéileamh séasúrach in GWh/lá:

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

 in aghaidh na húsáide deiridh

An coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis:

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

  An sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil foirgníochta (MW a ghintear)

  spriocanna uimhriúla le haghaidh imscaradh fuinneamh na gréine agus caidéil teasa i bhfoirgnimh

Spriocanna chun seantéitheoirí neamhéifeachtúla a athsholáthar;

Spriocanna chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ó chórais téimh agus fuaraithe

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

 mar chion den athchóiriú iomlán

 le haghaidh tógáil ar rátáil D EPC a bhaint amach

Garspriocanna agus treochtaí d’fhoirgnimh chun na haicmí feidhmíochta de bhun Airteagal 9(1) agus aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach i gcomhréir le sprioc na neodrachta aeráide a bhaint amach

Spriocanna maidir le sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú i gcomhréir leis an sprioc maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála a leagtar amach i dTreoir (AE).../... [RED leasaithe ]

Spriocanna maidir le dícharbónú an téimh agus an fhuaraithe, lena n-áirítear trí ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair a úsáideann fuinneamh in-athnuaite agus dramhtheas i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 23 agus 24 de Threoir (AE).../... [EED leasaithe] agus ceanglais a leagtar amach in Airteagail 15, 15ú, 20, 23 agus 24 den Treoir sin.

 

 

Spriocanna le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a bhfuiltear ag súil leo (kgCO2eq/(m2.y):

 in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna d’astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré iomlán a bhfuiltear ag súil leo (kgCO2eq/(m2.y) le garspriocanna cúig bliana:

  in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré iomlán a bhfuiltear ag súil leis (%) le garspriocanna cúig bliana:

  in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna ailínithe le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011maidir le húsáid chiorclach ábhar, ábhar athchúrsáilte agus ábhar tánaisteach, agus leordhóthanacht le garspriocanna cúig bliana, más ann dóibh

faisnéis faoi aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil shealadach carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh

Foroinnt idir astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III [suiteálacha do-aistrithe], Caibidil IVa [trádáil astaíochtaí nua d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar] de Threoir 2003/87/CE, agus stoc eile;


 

 

Na sochair níos leithne a bhfuiltear ag súil leo

 Poist nua a chruthú

 Laghdú % ar na daoine a bhfuil tionchar ag an mbochtaineacht fuinnimh orthu

- % laghdú ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa timpeallacht laistigh neamhleor agus laghdú ar chostais na gcóras sláinte mar gheall ar fheabhsuithe sláinte trí chaighdeán feabhsaithe comhshaoil laistigh tar éis athchóirithe

 éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear éifeachtúlacht úsáide uisce

 Méadú ar OTI (scair agus billiún Euro)

 

Rannchuidiú le sprioc cheangailteach náisiúnta na mBallstát le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun [an Rialacháin athbhreithnithe maidir le comhroinnt díchill]

 

Rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais i gcomhréir le Treoir (AE).../.... [athmhúnlú EED] (roinnt agus figiúr ktoe, tomhaltas príomhúil agus deiridh):

 i gcomhréir leis an sprioc fhoriomlán maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

 

Rannchuidiú le spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe] (comhroinnt, MW arna ghiniúint):

 ag teacht leis an sprioc fhoriomlán don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite

 i gcomhréir leis an sprioc ▌ maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála

 

Rannchuidiú le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus le sprioc 2050 aeráidneodrachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 (sciar agus figiúr in (kgCO2eq/(m2.y)):

 i gcoinne na sprice foriomláine dícharbónaithe

 

(c) Forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe

Beartais agus bearta maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a) ascnaimh chost-optamacha i leith athchóiriú a shainaithint le haghaidh cineálacha éagsúla foirgneamh agus criosanna aeráide, ag féachaint do na truicphointí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann i saolré an fhoirgnimh;

(b) íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh náisiúnta de bhun Airteagal 9 agus beartais agus gníomhaíochtaí eile chun díriú ar na codanna is mó a fheidhmíonn den stoc náisiúnta foirgneamh;

(c) athchóiriú domhain foirgneamh, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach a chur chun cinn;

(ca) ardcháilíocht chomhshaoil laistigh i bhfoirgnimh nua agus athchóirithe;

(d) custaiméirí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint agus laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE).../... [athmhúnlú EED], agus inacmhainneacht tithíochta;

(e) ionaid ilfhreastail nó sásraí dá samhail a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar;

(f) téamh agus fuarú a dhícharbónú, lena n-áirítear trí ghréasáin éifeachtúla téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir le [EED athbhreithnithe], agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú i bhfoirgnimh d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le 2035 agus, mura bhfuil sé indéanta, mar a léirítear don Choimisiún, faoi 2040 ar a dhéanaí(fa) an treochlár maidir le deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i bhfoirgnimh faoi 2035 agus mura bhfuil sé indéanta mar a léirítear don Choimisiún, faoi 2040 ar a dhéanaí;

(g) foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn i bhfoirgnimh i gcomhréir leis an sprioc maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na tógála a leagtar amach in Airteagal 15a(1) de Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe];

(ga) suiteálacha grianfhuinnimh a imscaradh ar fhoirgnimh;

(h) laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré iomláine chun foirgnimh a fhoirgniú, a athchóiriú, a oibriú agus a chríochnú, agus chun glacadh le haistrithe carbóin;

(ha) lorg foriomlán comhshaoil na gcodanna agus na gcomhpháirteanna uile d’fhoirgnimh a laghdú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as táirgí tógála agus athchóirithe atá inbhuanaithe, tánaisteach agus a fhaightear, más féidir, go háitiúil;

(i) dramhaíl tógála agus scartála a chosc agus a chóireáil ar ardcháilíocht i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE, go háirithe maidir le hord na réiteach dramhaíola, agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh;

(ia) méadú ar chumhdach an stoic foirgneamh le teastais feidhmíochta fuinnimh lena n-áirítear i dtreo teaghlaigh ar ioncam íseal;

(j) cineálacha cur chuige ceantair agus comharsanachta, lena n-áirítear ról na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach;

(k) feabhsú foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 de [athmhúnlú EED];

(l) teicneolaíochtaí cliste agus bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe i bhfoirgnimh a chur chun cinn;

(m) aghaidh a thabhairt ar bhacainní margaidh agus ar theipeanna margaidh;

(n) aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i scileanna agus ar neamhréir i gcumas daoine, agus oideachas, oiliúint, uasoiliúint agus athoiliúint a chur chun cinn in earnálacha na foirgníochta, na hearnála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear gné inscne; agus

(na) Príomhtháscairí feidhmíochta le haghaidh gníomhaíochtaí uas-scilithe agus/nó athscilithe, chomh maith le poist a cruthaíodh

(o) feachtais ardaithe feasachta agus uirlisí comhairleacha eile.

(oa) teicneolaíochtaí cliste a chur chun cinn chun faireachán, anailís agus ionsamhlú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh feadh na saolré iomláine, lena n-áirítear teicneolaíochtaí samhaltaithe 3T;

(ob) scéimeanna nua cigireachta, lena n-áirítear uirlisí digiteacha agus seicliostaí, chun comhlíonadh na gcumas um Uathoibriú Foirgníochta agus um Rialú in Airteagal 20 a fhíorú;

(oc) réitigh bainistíochta fuinnimh a chur chun cinn, amhail Conarthaí um Fheidhmíocht Fuinnimh (CFFanna);

(od) bearta chun cumhdach an stoic foirgneamh a mhéadú le teastais feidhmíochta fuinnimh nó le córais mhalartacha tomhais fíor-ama;

(oe) forbairt nua agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe faoi stiúir na saoránach, go háirithe ról na bpobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach;

Do gach beartas agus beart:

 Ainm an bheartais nó an bhirt

 Tuairisc ghairid (raon feidhme beacht, cuspóir agus rialacha mionsonraithe oibríochta)

 Cuspóir cainníochtaithe 

 An cineál beartais nó birt (amhail beartas reachtach; eacnamaíoch; fioscach; oiliúint, feasacht)

 An buiséad agus foinsí maoinithe atá beartaithe

 Eintitis atá freagrach as an mbeartas a chur chun feidhme

 An tionchar a bhfuiltear ag súil leis 

 Stádas cur chun feidhme 

 Dáta theacht i bhfeidhm

 Tréimhse cur chun feidhme 

 

Beartais agus bearta maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a) athléimneacht foirgneamh ó thaobh aeráide de a mhéadú;

(b) an margadh seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn;

(c) méadú ar shábháilteacht ó dhóiteán;

(d) athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaiste a mhéadú, lena n-áirítear priacail a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach;

(e) substaintí guaiseacha a bhaint, lena n-áirítear aispeist; agus

(f) inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

 

 

 

 

 

Do gach beartas agus beart:

- acmhainní agus acmhainneachtaí riaracháin

- an réimse/na réimsí a chumhdaítear:

 an fheidhmíocht is measa

 íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

 bochtaineacht fuinnimh, tithíocht shóisialta

 foirgnimh phoiblí

 cónaitheach (teaghlach aonair, ilchlann)

 neamhchónaithe

 tionscal

 foinsí in-athnuaite fuinnimh

 deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú

 astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh shaolré iomlán

 an geilleagar ciorclach agus dramhaíl

 ionaid ilfhreastail

 pasanna athchóirithe

 teicneolaíochtaí cliste

 soghluaisteacht inbhuanaithe i bhfoirgnimh

 cur chuige ceantair agus comharsanachta

 scileanna, oiliúint

 feachtais feasachta agus uirlisí comhairleacha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

- Léiriú ar líon na ndaoine atá á n-oiliúint laistigh den tionscal foirgníochta ina mBallstát;

- Cumhdach geografach an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VETanna)

- Líon na gcuideachtaí a sholáthraíonn oiliúint agus printíseachtaí

- Rannpháirtíocht na mban agus na hóige i gcláir VET agus printíseachtaí

- Cláir phrintíseachta agus VET tosaithe agus críochnaithe

- Líon na bhfeachtas múscailte feasachta do dheiseanna gairmoideachais agus gairmoiliúna críochnaithe

 

(d) Treochlár mionsonraithe na riachtanas infheistíochta, na bhfoinsí buiséadacha agus na n-acmhainní riaracháin

 Riachtanais iomlána infheistíochta do 2030, 2040, 2050 (milliúin EUR)

 Infheistíochtaí poiblí (EUR milliún)

 Infheistíochtaí príobháideacha (milliún EUR), lena n-áirítear iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh, morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, bannaí a eisiúint nó sásraí maoiniúcháin eile

 Acmhainní buiséadacha

 Buiséad urraithe

 

(da) treochlár maidir le bochtaineacht fuinnimh

 spriocanna maidir le rátaí bochtaineachta fuinnimh a laghdú

 líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh

 liosta na mbeartas atá curtha chun feidhme agus pleanáilte chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú

 liosta na mbeart maoinithe atá curtha chun feidhme agus beartaithe chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú

 



 

 

IARSCRÍBHINN III

Ceanglais maidir le foirgnimh nua agus athchóirithe le haghaidh astaíochtaí nialasacha agus GWP saolré a ríomh

(dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 7)

I. Ceanglais maidir le foirgnimh atá saor ó astaíochtaí

Comhlíonfaidh úsáid bhliantúil iomlán fuinnimh phríomhúil foirgnimh nua atá saor ó astaíochtaí na huastairsigh a shonraítear sa tábla thíos.

Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh réigiúin inmheánacha i gcriosanna éagsúla aeráide a aicmiú ar bhonn shonraí Eurostat maidir le dálaí aeráide, a mhéid a chomhlíonann sé an tábla thíos.

 

ceanglais maidir le foirgnimh atá ann cheana

  Limistéar aeráide AE▌

Foirgneamh cónaithe

Foirgneamh oifige

Foirgneamh eile neamhchónaithe*

Meánmhuir

<60 kWh/(m2.y)

<70 kWh/(m2.y)

Úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán NZEB arna sainiú ar an leibhéal náisiúnta

Aigéanach

<60 kWh/(m2.y)

<85 kWh/(m2.y)

Úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán NZEB arna sainiú ar an leibhéal náisiúnta

Ilchríochach

<65 kWh/(m2.y)

<85 kWh/(m2.y)

Úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán NZEB arna sainiú ar an leibhéal náisiúnta

Nordach

<75 kWh/(m2.y)

<90 kWh/(m2.y)

Úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán NZEB arna sainiú ar an leibhéal náisiúnta

*Nóta: Ba cheart go mbeadh an tairseach níos lú ná an tairseach d’úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán a bhunaítear ar leibhéal na mBallstát le haghaidh foirgnimh neamhchónaithe atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de seachas oifigí

_____________________

 

 

Cumhdófar go hiomlán, ar bhonn glan bliantúil nó séasúrach, úsáid fuinnimh phríomha iomlán foirgnimh nua nó foirgneamh athchóirithe atá saor ó astaíochtaí, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

 fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear nó a stóráiltear ar an láthair agus a chomhlíonann critéir Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 [arna leasú],

 fuinneamh le haghaidh féintomhaltais agus féintomhaltas uamtha de réir bhrí Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe] nó comhroinnt áitiúil de tháirgeadh fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear trí ghníomhaí margaidh tríú páirtí, nó ó chomhphobal fuinnimh inathnuaite de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], nó

 fuinneamh in-athnuaite ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair nó ó dhramhtheas.

Ní bheidh foirgneamh atá saor ó astaíochtaí ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise.

Más rud é, de bharr chineál an fhoirgnimh nó easpa rochtana ar chomhphobail fuinnimh inathnuaite nó ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair incháilithe nó ar dhramhtheas, nach bhfuil sé indéanta go teicniúil na ceanglais faoin gcéad mhír a chomhlíonadh go hiomlán, féadfar an sciar eile nó an úsáid iomlán bhliantúil fuinnimh phríomhúil a chumhdach freisin le fuinneamh inathnuaite ón eangach, arna dhoiciméadú le comhaontuithe ceannacháin cumhachta agus comhaontuithe ceannaigh téimh agus fuaraithe inathnuaite dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], nó fuinneamh inathnuaite ó chóras éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Threoir (AE).../... [EED athmhúnlaithe].. Eiseoidh an Coimisiún treoir maidir le conas na critéir sin a chur chun feidhme agus a fhíorú agus aird ar leith á tabhairt ar indéantacht theicniúil.

 

II. ▌GWP ▌saolré foirgneamh nua a ríomh de bhun Airteagal 7(2).

 

Chun ▌GWP ▌saolré foirgneamh nua a ríomh de bhun Airteagal 7(2), cuirtear an GWP in iúl mar tháscaire uimhriúil do gach céim saolré arna shloinneadh mar kgCO2e/m2 (achar urláir úsáideach) ar feadh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliain. Déanfar na sonraí a roghnú, an sainmhíniú ar chnámha scéil agus na ríomhanna i gcomhréir le EN 15978 (EN 15978:2011. Inbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta. Feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a mheasúnú. Modh ríofa). I gcás inarb ann d’uirlis ríofa náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil gá léi chun nochtuithe a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, féadfar an uirlis sin a úsáid chun an nochtadh is gá a sholáthar. Féadfar uirlisí ríofa eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta arna leagan síos ag na Leibhéil nó ag na Sonraí creata coiteann AE maidir le táirgí foirgníochta sonracha agus córais theicniúla foirgneamh chomh maith lena ndearbhuithe táirgí comhshaoil, agus déanfar iad a ríomh i gcomhréir le [an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta athbhreithnithe] nuair a bheidh siad ar fáil.


IARSCRÍBHINN IV COMHCHREAT GINEARÁLTA CHUN ULLMHACHT CHLISTE FOIRGNEAMH A RÁTÁIL

1. Bunóidh an Coimisiún sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste agus modheolaíocht lena ríomhfar é, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chumas foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú de réir riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

Cumhdófar leis an táscaire ullmhachta cliste gnéithe le haghaidh coigilteas fuinnimh feabhsaithe, tagarmharcáil agus solúbthacht, feidhmiúlachtaí agus cumais fheabhsaithe mar thoradh ar fheistí idirnasctha agus cliste.

Cuirfear i gcuntas sa mhodheolaíocht sin gur ann do mhacasamhail dhigiteach den fhoirgneamh lena gceadófar tuairisciú agus bainistiú leanúnach níos fearr i ndáil le tomhaltas fuinnimh an fhoirgnimh.

Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht gnéithe amhail méadair chliste, uathoibriú foirgnimh agus córais rialaithe, feistí féinrialaithe le haghaidh rialáil aertheochta laistigh, fearais bhaile ionsuite, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, stóráil fuinnimh agus feidhmiúlachtaí mionsonraithe agus idir-inoibritheacht na ngnéithe sin, chomh maith le tairbhí don aeráid laistigh, éifeachtúlacht fuinnimh, leibhéil feidhmíochta agus solúbthacht chumasaithe.

2. Beidh an mhodheolaíocht ag brath ar na trí phríomhfheidhmiúlacht seo a leanas a bhaineann leis an bhfoirgneamh agus lena chórais theicniúla foirgneamh:

(a) an cumas feidhmíocht agus oibriú fuinnimh an fhoirgnimh a chothabháil trí thomhaltas fuinnimh a oiriúnú mar shampla trí úsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b) an cumas chun a oibríocht a oiriúnú mar fhreagairt ar riachtanais an áititheora agus aird chuí á tabhairt ar infhaighteacht soláimhsitheachta don úsáideoir, aeráid shláintiúil laistigh a chothabháil agus an cumas chun tuairisciú ar úsáid fuinnimh; agus

(c) solúbthacht éilimh fhoriomláin fuinnimh foirgnimh, lena n-áirítear a chumas rannpháirtíocht i bhfreagairt ghníomhach agus éighníomhach chomh maith le freagairt ar éileamh intuigthe agus shainráite a chumasú, agus trí fhuinneamh a stóráil agus a scaoileadh ar ais san eangach, mar shampla trí sholúbthacht agus acmhainní aistrithe ualaigh agus stóráil fuinnimh;

(ca) an cumas a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh.

3. Ina theannta sin, féadfaidh an mhodheolaíocht na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a) idir-inoibritheacht idir córais (méadair chliste, uathoibriú foirgnimh agus córais rialaithe, fearais ionsuite baile, feistí féinrialaithe chun rialáil a dhéanamh ar aertheocht laistigh den fhoirgneamh agus braiteoirí cáilíochta aeir laistigh agus aeráil); agus

(b) Tionchar dearfach na líonraí cumarsáide atá ann cheana, go háirithe bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas a bheith ann, amhail an lipéad deonach “leathanbhanda-réidh”, agus pointe rochtana a bheith ann d’fhoirgnimh ilteaghaise, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4. Ní bheidh tionchar diúltach ag an modheolaíocht ar scéimeanna náisiúnta um dheimhniú feidhmíochta fuinnimh atá ann cheana agus cuirfidh sí le tionscnaimh ghaolmhara ar an leibhéal náisiúnta, agus prionsabal úinéireacht an áititheora, cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil á gcur san áireamh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht chomh maith leis na teicnící is fearr atá ar fáil don chibearshlándáil.

5. Leagfar amach sa mhodheolaíocht an fhormáid is iomchuí den pharaiméadar um tháscaire ullmhachta cliste agus beidh sí simplí, trédhearcach agus sothuigthe do thomhaltóirí, d’úinéirí, d’infheisteoirí agus do rannpháirtithe sa mhargadh freagartha ar éileamh.


IARSCRÍBHINN V TEIMPLÉAD DO THEASTAIS FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH

(dá dtagraítear in Airteagal 16)

1. Ar an gcéad leathanach, beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh:

(a) an aicme feidhmíochta fuinnimh;

(b) an úsáid bhliantúil fuinnimh phríomhúil arna ríomh in kWh/(m2 sa bhliain);

(c) an tomhaltas bliantúil fuinnimh phríomhúil arna ríomh in kWh nó MWh;

Eile (2) an úsáid fuinnimh bhliantúil ríofa deiridh in kWh/(m² sa bhliain);

(e) an tomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh ríofa in kWh nó MWh;

(f) táirgeadh fuinnimh in-athnuaite in kWh nó MWh;

(g) fuinneamh in-athnuaite i % den úsáid fuinnimh;

(h) astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla (kg CO2/(m2 sa bhliain));

(i) an aicme astaíochtaí gás ceaptha teasa (más infheidhme).

(ia) na riachtanais fuinnimh ríofa i gcomhréir le caighdeáin EN in kWh/(m2.y) agus an tomhaltas deiridh fuinnimh ríofa in kWh nó MWh;

(ib) an tsaolré eacnamaíoch a mheastar a bheidh fágtha do chórais agus d’fhearais téimh agus/nó fuaraithe spáis agus uisce;

(ic) lua soiléir ina gcuirfear in iúl cibé acu is féidir nó nach féidir leis an bhfoirgneamh reatha nó an teaghais fuinneamh a úsáid go solúbtha.

 

2. Ina theannta sin, déanfar na táscairí seo a leanas a áireamh sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh:

(a) úsáid fuinnimh, buaicualach, méid an ghineadóra nó an chórais, an príomhiompróir fuinnimh agus an príomhchineál eiliminte i gcás gach ceann de na húsáidí: Téamh, fuarú, uisce te tí, aerú agus soilsiú ionsuite;

(b) fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair, príomh-iompróir fuinnimh agus cineál foinse fuinnimh in-athnuaite;

(c) léiriú is ea/ní hea cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh GWP saolré a ríomh i leith an fhoirgnimh;

Eile (2) luach GWP saolré (má tá sé ar fáil);

(e) faisnéis faoi aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil shealadach carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh;

(e) is ea/ní thugtar le fios cibé acu an bhfuil pas athchóirithe ar fáil don fhoirgneamh nó nach bhfuil;

(f) meánluach na n-eilimintí teimhneacha d’imchlúdach an fhoirgnimh;

(g) meánluach na n-eilimintí trédhearcacha den imchlúdach foirgnimh;

(h) an cineál eiliminte trédhearcaí is coitianta (e.g. fuinneog ghloinithe dúbailte);

(i) torthaí na hanailíse ar an riosca róthéimh (má tá sé ar fáil);

(j) braiteoirí seasta a bheith ann a dhéanann faireachán ar leibhéil cháilíocht timpeallachta an aeir laistigh;

(k) rialuithe seasta a bheith ann a fhreagraíonn do leibhéil cháilíocht timpeallachta an aeir laistigh;

(l) líon agus cineál na bpointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha;

(m) córais stórála fuinnimh a bheith ann, cineál agus méid na gcóras sin;

(n) a indéanta atá sé an córas téimh agus an córas uisce te tí a oiriúnú chun oibriú ag teocht níos éifeachtaí;

(o) a indéanta atá sé an córas aerchóirithe a oiriúnú le go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta níos éifeachtúla;

(p) ídiú fuinnimh méadraithe;

(pa) is ea/ní thugtar le fios cibé an bhfuil an córas dáileacháin teasa laistigh den fhoirgneamh deartha chun oibriú ar leibhéil ísealteochta;

(pb) nasc a bheith ann le gréasán téimh agus fuaraithe ceantair, lena n-áirítear teacht chun cinn na n-eangach fuinnimh in aice láimhe laistigh de na cúig bliana ina dhiaidh sin;

(pc) príomhthosca fuinnimh áitiúla agus fachtóirí gaolmhara astaíochta carbóin an ghréasáin nasctha áitiúil téimh agus fuaraithe ceantair;

(q) astaíochtaí mínábhair cháithnínigh oibríochtúla (PM2.5) agus táscairí feidhmíochta do na príomhchatagóirí de cháilíocht timpeallachta laistigh a luaithe a bheidh feidhm ag na forálacha ábhartha;

(qa) an bhfuil nó nach bhfuil cumais solúbthachta ar thaobh an éilimh ag an bhfoirgneamh;

(qb) sonraí teagmhála an ionaid ilfhreastail is cóngaraí le haghaidh comhairle maidir le hathchóiriú.

Áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh na naisc seo a leanas le tionscnaimh eile a mhéid a bheidh feidhm ag an méid seo a leanas▌:

(a) is ea/ní léireofar an ndearnadh measúnú ullmhachta cliste don fhoirgneamh;

(b) luach an mheasúnaithe ullmhachta cliste (má tá sé ar fáil), lena n-áirítear an luach a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí coigilte fuinnimh;

(c) is ea/ní thugtar le fios cé acu atá Logleabhar Tógála Digiteach ar fáil don fhoirgneamh nó nach bhfuil.

Beidh rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas ar an bhfaisnéis i ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

2 a. Beidh roinn ar leith sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh maidir le maoiniú, liostú na roghanna maoiniúcháin atá ar fáil agus na táscairí grúpála is ábhartha d’institiúidí airgeadais, do sholáthraithe morgáiste, do bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus d’institiúidí ábhartha eile a thugann rochtain ar chistiú.


IARSCRÍBHINN VI CÓRAIS RIALAITHE NEAMHSPLEÁCHA LE hAGHAIDH DEIMHNITHE FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH

1. Sainmhíniú ar cháilíocht an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

Soláthróidh na Ballstáit sainmhíniú soiléir ar an méid a mheastar a bheith ina dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí.

Leis an sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí áiritheofar an méid seo a leanas:

 (a) Seiceáil bhailíochta ar shonraí ionchuir (lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair) an fhoirgnimh a úsáidtear chun an deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisiúint agus na torthaí atá luaite sa deimhniú;

 (b) bailíocht na ríomhanna;

 (c) Uasdiall d’fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna shloinneadh de rogha leis an táscaire uimhriúil ar úsáid fuinnimh phríomhúil (kWh/(m2 year));

 (d) líon íosta eilimintí atá difriúil ó luachanna réamhshocraithe nó ó luachanna caighdeánacha.

Féadfaidh na Ballstáit eilimintí breise a áireamh sa sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí, amhail diallas uasta do luachanna sonracha sonraí ionchuir.

2. Cáilíocht an chórais rialaithe le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

Tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú soiléir ar na cuspóirí cáilíochta agus ar an leibhéal muiníne staidrimh ba cheart do chreat an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach. Áiritheofar leis an gcóras rialaithe neamhspleách go mbeidh ar a laghad 90 % de dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh eisithe ag a mbeidh muinín staidrimh 95 % don tréimhse a ndearnadh meastóireacht uirthi, tréimhse nach faide ná bliain amháin.

 

Déanfar an leibhéal cáilíochta agus an leibhéal muiníne a thomhas trí shampláil randamach agus tabharfaidh sé cuntas ar na heilimintí ar fad arna soláthar sa sainmhíniú ar dheimhniú bailí feidhmíochta fuinnimh. Éileoidh na Ballstáit fíorú tríú páirtí chun meastóireacht a dhéanamh ar 25 % ar a laghad den sampla randamach i gcás inar tarmligeadh na córais rialaithe neamhspleácha chuig comhlachtaí neamhrialtasacha.

 

Fíorófar bailíocht na sonraí ionchuir leis an bhfaisnéis a chuirfidh an saineolaí neamhspleách ar fáil. D’fhéadfadh deimhnithe táirge, sonraíochtaí nó pleananna tógála a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin ina mbeidh mionsonraí maidir le feidhmíocht na n-eilimintí éagsúla a áirítear sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh.

 

Déanfar bailíocht na sonraí ionchuir a fhíorú trí chuairteanna ar an láthair a thabhairt ar 10 % ar a laghad de na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh atá mar chuid den tsampláil randamach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán na scéime.

 

Chomh maith leis an íossampláil randamach chun an leibhéal foriomlán cáilíochta a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit straitéisí éagsúla a úsáid chun drochcháilíocht i ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhrath agus díriú orthu go sonrach d’fhonn cáilíocht fhoriomlán na scéime a fheabhsú. Ní féidir anailís spriocdhírithe den sórt sin a úsáid mar bhonn chun cáilíocht fhoriomlán na scéime a thomhas.

 

Úsáidfidh na Ballstáit bearta réamhghabhálacha agus frithghníomhacha chun cáilíocht chreat foriomlán an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a áirithiú. Féadfar a bheith san áireamh sna bearta sin oiliúint bhreise do shaineolaithe neamhspleácha, sampláil spriocdhírithe, oibleagáid fuinneamh a chur isteach arís

deimhnithe feidhmíochta, fíneálacha comhréireacha agus toirmisc shealadacha nó bhuana do shaineolaithe.

 

I gcás ina gcuirtear faisnéis le bunachar sonraí, beidh sé ar chumas na n-údarás náisiúnta an tionscnóir a chuir an fhaisnéis leis a shainaithint, chun críocha faireacháin agus fíoraithe.

3. Infhaighteacht teastas feidhmíochta fuinnimh

Fíorófar leis an gcóras rialaithe neamhspleách an bhfuil deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fáil do cheannaitheoirí ionchasacha agus do thionóntaí ionchasacha d’fhonn a áirithiú gur féidir feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a mheas ina gcinneadh ceannach nó cíos a dhéanamh.

 

Leis an gcóras rialaithe neamhspleách, fíorófar infheictheacht an táscaire feidhmíochta fuinnimh agus na haicme sna meáin fógraíochta.

4. Típeolaíochtaí tógála a chóireáil

Beidh cuntas sa chóras rialaithe neamhspleách as típeolaíochtaí éagsúla foirgneamh, go háirithe na típeolaíochtaí tógála sin is forleithne i margadh an eastáit réadaigh, amhail cónaithe aonair, ilchónaitheach, oifigí nó miondíol.

5. Nochtadh poiblí

Foilseoidh na Ballstáit go tráthrialta, sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le teastais feidhmíochta fuinnimh, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis an gcóras cáilíochta:

(a) an sainmhíniú ar cháilíocht i dteastais feidhmíochta fuinnimh;

(b) cuspóirí cáilíochta don scéim um theastas feidhmíochta fuinnimh;

(c) torthaí an mheasúnaithe cáilíochta, lena n-áirítear líon na ndeimhnithe a ndearnadh meastóireacht orthu agus líon coibhneasta le líon iomlán na ndeimhnithe a eisíodh le linn na tréimhse atá i gceist (in aghaidh na tíopeolaíochta);

(d) bearta teagmhasacha chun cáilíocht fhoriomlán na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a fheabhsú.


IARSCRÍBHINN VII CREAT MODHEOLAÍOCHTA COMPARÁIDEACH CHUN NA LEIBHÉIL IS FEARR Ó THAOBH COSTAIS DE CHEANGLAIS FIDHMÍOCHTA FUINNIMH D’FHOIRGNIMH AGUS D’EILIMINTÍ TÓGÁLA A SHAINAITHINT

Cuirfidh an creat modheolaíochta comparáideach ar chumas na mBallstát feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí foirgneamh agus eilimintí tógála a chinneadh mar aon le gnéithe eacnamaíocha na mbeart a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí, agus iad a nascadh d’fhonn an leibhéal costais is fearr a shainaithint chun spriocanna 2030 maidir le laghdú astaíochtaí agus aeráidneodracht a bhaint amach, chomh maith le stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2050 ar a dhéanaí.

Beidh treoirlínte ag gabháil leis an gcreat modheolaíochta comparáideach ina leagfar amach conas an creat sin a chur i bhfeidhm agus na leibhéil feidhmíochta is fearr ó thaobh costais de á ríomh.

Leis an gcreat modheolaíochta comparáideach, beifear in ann patrúin úsáide, dálaí aeráide ▌lasmuigh agus na hathruithe a dhéanfar orthu amach anseo a chur san áireamh de réir na heolaíochta aeráide is fearr atá ar fáil, costais infheistíochta, catagóir tógála, costais chothabhála agus oibriúcháin (lena n-áirítear costais fuinnimh agus coigiltis), tuilleamh ó fhuinneamh arna onnmhairiú, i gcás inarb infheidhme, seachtrachtaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sláinte na húsáide fuinnimh, seachtrachtaí sóisialta athchóirithe foirgneamh, tógáil, scartáil nó modhnú ar chostais limistéar cónaithe agus bainistithe dramhaíola, i gcás inarb infheidhme agus forbairtí teicneolaíocha. Ba cheart é a bheith bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha ábhartha a bhaineann leis an Treoir seo.

Maidir le seachtrachtaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sláinte níos leithne a bhaineann le feidhmíocht fheabhsaithe foirgneamh, áireofar orthu sin an méid seo a leanas ar a laghad:

- astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh a laghdú;

- truailliú ó fhoirgnimh agus a éifeachtaí ar leibhéal na bhfoirgneamh agus ar an leibhéal áitiúil a laghdú, cáilíocht an aeir a fheabhsú;

-  feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála agus táirgiúlachta mar gheall ar chaighdeán comhshaoil laistigh níos fearr a bhfuil dálaí maireachtála agus oibre níos fearr mar thoradh air;

- costais laghdaithe ar chórais sláinte agus slándála sóisialta;

- foirgnimh a chomhtháthú san eangach fuinnimh trí sholúbthacht eangaí, lena n-áirítear trí phointí luchtaithe cliste a úsáid le haghaidh feithiclí leictreacha;

- cinnteacht an tsoláthair a mhéadú trí fheidhmíocht fuinnimh níos airde agus trí theicneolaíochtaí gréine a úsáid ar fhoirgnimh;

- seachtrachtaí diúltacha laghdaithe amhail costas seachanta na n-astaíochtaí carbóin, tionchair an athraithe aeráide a seachnaíodh agus damáiste (maolú ar an aeráid agus oiriúnú don aeráid);

- an tionchar ar phraghsáil carbóin, lena n-áirítear leibhéil, luaineacht agus íogaireacht;

- na geilleagair áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a spreagadh, lena n-áirítear poist áitiúla a chruthú agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair agus ar FBManna in earnálacha na tógála agus an athchóirithe.

Déanfar seachtrachtaí comhshaoil, fuinnimh, eacnamaíocha agus sláinte a ríomh ag tosú leis an tuarascáil atá dlite in 2025.

Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil freisin:

 treoirlínte a bheidh ag gabháil leis an gcreat modheolaíochta comparáideach; Fónfaidh na treoirlínte sin chun a chur ar chumas na mBallstát tabhairt faoi na céimeanna atá liostaithe thíos;

 faisnéis maidir le forbairtí measta fadtéarmacha i ndáil le praghsanna fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith le luaineacht agus íogaireacht.

Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht ríofa ar bhonn na Treorach seo. Chun go gcuirfidh na Ballstáit an creat modheolaíochta comparáideach i bhfeidhm, leagfar síos coinníollacha ginearálta, arna gcur in iúl le paraiméadair, ar leibhéal na mBallstát. Eiseoidh an Coimisiún moltaí do na Ballstáit maidir lena leibhéil optamachta costais agus a gcomhleanúnachas leis na conairí aeráide

Cuirfidh an creat modheolaíochta comparáideach de cheangal ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

 foirgnimh tagartha a shainiú a bhfuil a bhfeidhmiúlacht agus a suíomh geografach ionadaíoch, lena n-áirítear dálaí aeráide laistigh agus lasmuigh. Folóidh na foirgnimh tagartha foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana;

 bearta éifeachtúlachta fuinnimh a shainiú a ndéanfar measúnú orthu i gcás na bhfoirgneamh tagartha. Féadfaidh na bearta sin a bheith ina mbearta d ' fhoirgnimh aonair ina n-iomláine, do ghnéithe foirgnimh aonair, nó do mheascán de ghnéithe foirgníochta;

 Measúnú a dhéanamh ar an ngá le fuinneamh deiridh agus príomhúil, agus astaíochtaí na bhfoirgneamh tagartha mar thoradh orthu, agus na bearta sainithe éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm;

 ríomhfaidh siad na costais (i.e. glanluach láithreach) na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh (dá dtagraítear sa dara fleasc) le linn an tsaolré eacnamaíoch lena bhfuiltear ag súil a chuirtear i bhfeidhm ar na foirgnimh tagartha (dá dtagraítear sa chéad fhleasc) trí phrionsabail chomparáideacha an chreata modheolaíochta a chur i bhfeidhm.

 na costais dhomhanda a ríomh ó thaobh dearcadh airgeadais agus maicreacnamaíoch de.

Trí chostais na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh a ríomh le linn an tsaolré eacnamaíoch lena bhfuiltear ag súil, déanann na Ballstáit cost-éifeachtúlacht na n-íosleibhéal feidhmíochta fuinnimh a mheas. sin, beifear in ann na leibhéil is fearr ó thaobh costais de de cheanglais feidhmíochta fuinnimh a chinneadh.


IARSCRÍBHINN VIII

CUID A

Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi (dá dtagraítear in Airteagal 33)

Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus agus ón gComhairle (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13)

 

Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75)

Airteagal 1 amháin

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1)

Airteagal 53 amháin

 

CUID B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí cur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 33)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dátaí cur i bhfeidhm

 

2010/31/EU

9 Iúil 2012

a mhéad a bhaineann le hAirteagail 2, 3, 9, 11, 12, 13, 17, 18, 20 agus 27, an 9 Eanáir 2013;

a mhéad a bhaineann le hAirteagail 4, 5, 6, 7, 8, 14, 15 agus 16, an 9 Eanáir 2013 maidir le foirgnimh atá á n-áitiú ag na húdaráis phoiblí agus an 9 Iúil 2013 maidir le foirgnimh eile

(EU) 2018/844

an 10 Márta 2020

 

 


IARSCRÍBHINN IX

Tábla comhghaoil

Treoir 2010/31/AE

Leis an Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (4) agus pointe (5)

Airteagal 2, pointí (3), (3a), (4) agus (5)

Airteagal 2, pointe (6), (7), (8) agus (9)

Airteagal 2, pointe (10), pointe (11) agus pointe (12)

Airteagal 2, pointí (6), (7), (8) agus (9)

Airteagal 2, pointí (13), (14), (15) agus (16)

Airteagal 2, pointí (17), (18), (19) agus (20)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (21)

Airteagal 2, pointí (22), (23), (24), (25), (26) agus (27)

Airteagal 2, pointí (11), (12), (13) agus (14)

Airteagal 2, pointí (28), (29), (30) agus (31)

Airteagal 2, pointí (32), (33), (34), (35), (36) agus (37)

Airteagal 2, pointe (15)

Airteagal 2, pointe (37)

Airteagal 2, pointí (15), (15a), (15b), (15c), (16) agus (17)

Airteagal 2, pointí (38), (39), (40), (41), (42) agus (43)

Airteagal 2, pointe (18)

Airteagal 2, pointe (19)

Airteagal 2, pointe (44)

Airteagal 2, pointí (45), (46), (47), (48), (49), (50), (51), (52), (53), (54), (55), (56) agus (57)

Airteagal 2, pointe (20)

Airteagal 2a

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6 agus Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 8(1), (9)

Airteagal 11

Airteagal 8(2) go (8)

Airteagal 12

Airteagal 8(10), (11)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 10

Airteagal 15

Airteagal 11

Airteagal 16

Airteagal 12

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagail 14 agus 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 18

Airteagal 24

Airteagal 19

Airteagal 25

Airteagal 19a

Airteagal 20

Airteagal 26

Airteagal 21

Airteagal 27

Airteagal 22

Airteagal 28

Airteagal 23

Airteagal 29

Airteagal 26

Airteagal 30

Airteagal 27

Airteagal 31

Airteagal 28

Airteagal 32

Airteagal 29

Airteagal 33

Airteagal 30

Airteagal 34

Airteagal 31

Airteagal 35

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IA

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IX

 

 

Réasúnú

Bhí gá le leasuithe ar chodanna den togra atá fós gan athrú (‘páirteanna bána’) ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

 

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

In Earrach na bliana 2022, cuireadh an-bhéim ar an ngá práinneach atá ann spleáchas an Aontais Eorpaigh ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Cé gur dhírigh na bagairtí ón athrú aeráide agus ó chailliúint na bithéagsúlachta iarrachtaí an Aontais ar an gComhaontú Glas don Eoraip, d’atreisigh an t-ionsaí a rinne an Rúis ar an Úcráin a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh an Aontais trí rátaí éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú. Mar thoradh ar an gcogadh sin, bhí an méadú ar phraghsanna ola agus gáis le déanaí ina chúis le deacrachtaí do thomhaltóirí ar fud an Aontais. Idir an dá linn, tá foirgnimh ag ídiú 40 % d’fhuinneamh an Aontais agus tá beagnach 75 % de stoc foirgneamh an Aontais neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Chuir an phaindéim dhomhanda le déanaí leis an tábhacht a bhaineann le tithe a bhfuil dea-cháilíocht chomhshaoil laistigh acu. Dá bhrí sin, tá géarghá le hathchóiriú uaillmhianach agus domhain a dhéanamh ar ár stoc foirgneamh. Is é an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh an uirlis is tábhachtaí chun é sin a bhaint amach.

 

Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55 % faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is iad foirgnimh is cúis le 36 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin. In ainneoin neamhéifeachtúlacht stoc foirgneamh na hEorpa, ní dhéantar ach 0.4-1.2 % de thithe a athchóiriú gach bliain. Mura dtugaimid aghaidh ar ráta íseal athchóirithe fhoirgnimh an Aontais le creat reachtach láidir, tá an baol ann nach gcomhlíonfar ár n-oibleagáidí aeráide. Dá bhrí sin, le bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, úsáid fuinnimh a laghdú, agus úsáid breoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú, is féidir cabhrú go mór le neodracht aeráide a bhaint amach, chomh maith le cabhrú chun ceannasacht fuinnimh an Aontais a athbhunú. Leis an bplean REPowerEU a fógraíodh le déanaí, tá sé ina chuidiú dlús a chur leis na hiarrachtaí chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú sna blianta amach romhainn, agus aghaidh a thabhairt ar arduithe i bpraghsanna fuinnimh, lena gcuirtear leis an mboilsciú, agus lena méadaítear an bhochtaineacht fuinnimh.

 

Is féidir leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh bochtaineacht fuinnimh a laghdú, ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus cabhrú lenár spriocanna aeráide a bhaint amach. Ba cheart dó imscaradh fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh a chur chun cinn, chomh maith le hathchóiriú domhain a dhreasú. Ba cheart íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a áireamh ann chun caighdeáin a ardú d‘fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh atá ann cheana. Le hIonaid Ilfhreastail le haghaidh comhairle maidir leis an athchóiriú, ba cheart faisnéis shoiléir neamhchlaonta a sholáthar chun tomhaltóirí a chumhachtú le go mbeidh siad in ann gníomhú. Ar deireadh, beidh iasachtaí agus deontais spriocdhírithe ríthábhachtach chun an tonn athchóirithe a spreagadh.

 

Coimircí sóisialta do na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

Is minic a bhíonn teaghlaigh i mbochtaineacht fuinnimh ina gcónaí sna foirgnimh leis an bhfeidhmíocht fuinnimh is measa. Níl sé inghlactha na daoine is leochailí a nochtadh do rioscaí airgeadais agus sláinte a bhaineann le tithe lochtacha agus fearais neamhéifeachtúla, rud is cúis leis na billí fuinnimh is airde. Dá bhrí sin, molann an rapóirtéir Íoschaighdeáin Feidhmíochta Fuinnimh a chur i bhfeidhm ar dtús sna foirgnimh leis an bhfeidhmíocht is measa. I gcás ina ndéantar éigeantach é athchóirithe a dhéanamh, ní mór coimircí a bheith ann do theaghlaigh chun iad a chosaint ar fhiachas trom, nó ar a dtithe a chailleadh nó ar mhéaduithe cíosa. Ní mór na costais agus na sochair a roinnt go cothrom agus caithfear leas a bhaint as tacaíocht airgeadais, i dteannta coimircí sóisialta eile a thabhairt isteach. Go dtí sin, ní féidir linn páirt iarraidh ar phobail iomlána páirt a ghlacadh in athchóirithe agus a áirithiú go gcuirfear le caighdeán maireachtála daoine.

 

Athchóiriú domhain agus fuinneamh in-athnuaite chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas ar bhreoslaí iontaise sa tithíocht

Tá ról lárnach ag athchóiriú domhain maidir le briseadh saor ó spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Tá sé ríthábhachtach athchóiriú domhain a dhéanamh mar chineál caighdeánach athchóirithe ionas gur féidir le teaghlaigh tairbhe a bhaint as coigilteas fuinnimh níos substaintiúla agus aistriú ó théamh agus fuarú atá bunaithe ar bhreosla iontaise go córais atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite.

 

I dTionscnamh RePowerEU an Choimisiúin Eorpaigh, iarradh go méadófaí an fuinneamh gréine a rolladh amach i bhfoirgnimh, inar leagadh béim ar ról na bpobal fuinnimh faoi stiúir na saoránach, agus ar leathnú na dteaschaidéal mar mhodh chun ceannasacht fuinnimh an Aontais a mhéadú. Sainordaíonn an Tionscnamh RePowerEU suiteálacha grianfhuinnimh i bhfoirgnimh. Molann an Rapóirtéir an fhoráil a leathnú chun suiteáil teaschaidéal a chur san áireamh i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún maidir le 10 milliún teaschaidéal a leathadh amach sna cúig bliana amach romhainn. Feabhsóidh sé sin an tslándáil fuinnimh do theaghlaigh, rachaidh sé i ngleic lena spleáchas ar phraghsanna breoslaí iontaise atá ag éirí níos luainí, agus tabharfar de chumhacht dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú fuinnimh

 

An t-athchóiriú a mhaoiniú, go háirithe chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac

Tá creat maoinithe láidir agus comhleanúnach ríthábhachtach chun acmhainneacht choigilte fuinnimh EPBD a scaoileadh. Is féidir leis na Ballstáit infheistíochtaí i gcoigilt fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, agus foinsí fuinnimh in-athnuaite a stiúradh. Spreagfaidh sé sin téarnamh geilleagrach trí phoist ar ardchaighdeán a chruthú.

 

Molann an Rapóirtéir an cúnamh teicniúil agus praiticiúil a mhéadú trí chomhairle saor in aisce a chur ar fáil in ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóirithe. Ba cheart cistí AE amhail an Ciste Aeráide Sóisialta nó an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid mar ráthaíochtaí agus mar chistí imrothlacha lena áirithiú go mbeidh rochtain ar mhaoiniú ag na grúpaí sin a bhfuil deacrachtaí acu tairbhe a bhaint as morgáistí nó iasachtaí traidisiúnta. Cuid lárnach den Treoir seo is ea an comhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh. Díreofar scéimeanna conraitheoireachta feidhmíochta fuinnimh agus scéimeanna bille, deontais agus cláir athchóirithe comhtháite fóirdheontais i bhfoirgnimh ar an leibhéal áitiúil ar ghrúpaí leochaileacha agus beidh athchóiriú inacmhainne nó fiú neodrach ó thaobh costais de mar thoradh orthu.

 

Athchóiriú iomlánaíoch, cáilíocht chomhshaoil laistigh agus cur chuige comharsanachta

Molann an Rapóirtéir do na Ballstáit cur chuige comharsanachta a ghlacadh i leith athchóirithe lena gcuirtear chun cinn pobail fuinnimh, úsáid córas téimh agus fuaraithe ceantair atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite agus athchóiriú faoi stiúir na saoránach. Is féidir aghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile amhail soghluaisteacht, cuimsiú sóisialta, spásanna glasa agus bainistiú uisce ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal ceantair.

 

Cuireann athchóiriú iomlánach le tairbhí níos leithne a bhaineann le hathchóiriú fuinnimh, e.g. lorg aeráide, dromchlaí fásmhara nó cáilíocht chomhshaoil laistigh. Mar shampla, má chuirtear feabhas ar cháilíocht chomhshaoil laistigh (IEQ) cuirtear feabhas ar shláinte agus ar fholláine na ndaoine. Caitheann daoine 90 % dá gcuid ama faoi dhíon, agus measann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfaigheann 120,000 Eorpach bás roimh am gach bliain mar gheall ar droch-IEQ. Molann an Rapóirtéir aghaidh a thabhairt air sin trí bhearta lena ndéantar faireachán agus feabhsú ar IEQ, rud a fhágfaidh go mbeidh tithe níos sábháilte.

 

Tá ciall le méadú a dhéanamh ar ráta athchóirithe an Aontais ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de. Chun neodracht aeráide an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, is gá ní hamháin faireachán a dhéanamh ar lorg na bhfoirgneamh ar an aeráid ach lorg na bhfoirgneamh ar an aeráid a laghdú freisin, lena n-áirítear tríd an rogha ábhar tógála. Ní mór foirgnimh atá neodrach ó thaobh astaíochtaí de a bheith ina gcaighdeán nua. Áirithíonn sé sin gur féidir le tithe a bheith féin-leordhóthanach, foinsí in-athnuaite fuinnimh a oibriú, nó fiú níos mó fuinnimh a tháirgeadh le haghaidh úsáidí eile.


 

Mura ndéanaimid an deis seo a thapú anois, ní hamháin go dteipfidh n orainn ár n-oibleagáidí aeráide a chomhlíonadh ach teipfidh orainn ár bhfreagrachtaí a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht.

Gabhann an Rapóirtéir buíochas leo siúd uile a chuidigh le hionchur a chur ar fáil don tuarascáil seo agus tá sé ag tnúth leis an dúshlán atá romhainn.


 

 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Eintiteas agus/nó duine

Agora Energiewende

Ailtire Chomhairle na hEorpa

Comhlachas thionscal na stroighne Eorpaí-CEMBUREAU

BEUC - Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí

BIBM - Cónaidhm Thionscal Coincréite Réamhtheilgthe na hEorpa

Institiúid Feidhmíochta Foirgneamh na hEorpa – BPIE

CEFACD-Coiste Eorpach na nDéantóirí Fearais Téimh Baile agus Cócaireachta

CEMEP - Coiste Eorpach na nDéantóirí Meaisíní Leictreacha agus Leictreonaice Cumhachta

ChargeUp Europe

Cler - Réseau Doirt la transition énergétique

An Líonra um Ghníomhú ar son na hAeráide san Eoraip

Straitéis Aeráide & Comhpháirtithe

Comhghuaillíocht le haghaidh Coigiltis Fuinnimh

An Chomhairle um Bhrath Gáis agus um Fhaireachán Comhshaoil - CoGDEM

Danfoss

DENEFF- Deutsche Unternehmensinitiative EnergieEffizienz

DigitalEurope

ECOS - Environmental Coalition on Standards (Comhghuaillíocht Chomhshaoil maidir le Caighdeáin)

EEB - an Biúró Eorpach Comhshaoil

EHI - Tionscal téimh na hEorpa

EHPA - Cumann Chaidéal Teasa na hEorpa

EjendomDanmark, Cónaidhm Maoine na Danmhairge

EUBAC - Comhlachas Eorpach um Uathoibriú agus Rialú Foirgníochta

EuroAce- Comhghuaillíocht Eorpach na gCuideachtaí um Éifeachtúlacht Fuinnimh i bhFoirgnimh

Eurocities

Eurateas agus Cumhacht

Europacable

An Chomhghuaillíocht Eorpach chun Fuinneamh a Choigilt – AE-ASE

Alúmanam na hEorpa

Comhlachas Eorpach na Leictrea-shoghluaisteachta - AVERE

An Comhlachas Eorpach um Aisghabháil Teasa Fuíolluisce - EuroWWHR

Comhlachas Eorpach Gairmeacha Eastáit Réadaigh - CEPI

Fondúireacht Aeráide na hEorpa

An Coimisiún Eorpach: AS ENER, AS CLIMA, AS GROW, AS REFORM

An Coiste Eorpach um Mhonaróirí Trealaimh Suiteála Leictrí- CECAPI

Cónaidhm Thionscal Foirgníochta na hEorpa- FIEC

An Institiúid Eorpach um Chopar

Cónaidhm Rothaithe na hEorpa- ECF

An Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas

Earnáil chonarthach leictreachais na hEorpa – EuropeOn

Cónaidhm Eorpach na Seirbhísí Cliste Éifeachtúlachta Fuinnimh (EFIEES)

Cónaidhm Eorpach de chomharchumainn fuinnimh in-athnuaite – Rescoop

Cónaidhm Morgáiste na hEorpa - An Chomhairle Eorpach um Bannaí faoi Chumhdach (EMF-ECBC)

An Chomhpháirtíocht Eorpach le haghaidh Fuinnimh agus an Chomhshaoil- EPEE

Eagraíocht Eorpach maidir le Scáthú Gréine- ESSO

Aontas Eorpach na Mórdhíoltóirí Leictreacha- EUEW

Comhlachas Thionscal Aerála na hEorpa- EVIA

Fastighetsägarna Sverige, Cónaidhm Maoine na Sualainne

FEANTSA - Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Náisiúnta atá ag obair le Daoine gan Dídean

Comhlachas Cónaidhme Ailtirí na Gearmáine- BAK

Fire Safe Europe (An Eoraip atá Sábháilte ó Dhóiteán) (FSEU)

Friends of the Earth Europe (Cairde na Cruinne) – FOEE

Cumainn Foirgníochta na Gearmáine

Coiste Tionscail Creidmheasa na Gearmáine (GBIC)

Gloine don Eoraip

An tAistriú Glas an Danmhairg

Groupement du Mur Manteau

Habitat for Humanity

Housing Europe

Iberdrola

Grúpa Ingka

Aontas Idirnáisiúnta na nÚinéirí Maoine- UIPI

Aontas Idirnáisiúnta na dTionóntaí (IUT)

Réitigh Fuinnimh Knauf

Insliú Knauf

Soilsiú na hEorpa

Miotail d’Fhoirgnimh

Comhaontas Foirgníochta Nua-Aimseartha

Norsk Eiendom, Cónaidhm Maoine na hIorua

PGE Polska Grupa Energetyczna S.A.

An Eoraip d’Airgead Dearfach

RAKLI, Cumann Úinéirí Maoine agus Cliaint Foirgníochta na Fionlainne

Tionscadal um Chúnamh Rialála – RAP

An Eoraip a athchóiriú

An Chomhghuaillíocht um Chearta chun Fuinnimh

Rockwool

Schneider Leictreach

Eoraip an Fhuinnimh Chliste – SmartEn

SolarPower Europe

SWM – Stadtwerke München

Comhlachas na nIonad Taighde Eorpach um Fhuinneamh In-athnuaite- EUREC

An Comhlachas Eorpach um Stóráil Fuinnimh - EASE

Cumann idirnáisiúnta na hearnála Tástála, Cigireachta agus Deimhniúcháin (TIC)

Teicneolaíochtaí Trane

Iompar agus Comhshaol

Union Francaise de l’Electricité- UFE

Verbraucherzentrale Bundesverbands (vzbv)

Viessman

An Chomhairle Dhomhanda um Thógáil Ghlas

Líonra an Bhonneagair Ghlais Dhomhanda

WWF- An Ciste Domhanda Fiadhúlra

 


8.11.2022


 

 


 

LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (8.11.2022)

‑Silviu Buşoi

Cathaoirleach

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (COM(2021)0802 – C9‑0469/2021 – 2021/0426(COD))

A Cathaoirligh, a chara,

Tá scrúdú déanta ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an togra dá dtagraítear thuas, de bhun Riail 110 maidir le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a athmhúnlú.

Seo a leanas mír 3 den Riail sin:

 

‘Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.

 

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Riail 180 agus i Riail 181, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

 

Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.’

 

Tar éis an tuairim atá i gceangal leis seo a fháil ó Mheitheal Chomhairleach Sheirbhísí Dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, a bhfuil scrúdú déanta aici ar an togra athmhúnlaithe, agus i gcomhréir leis na moltaí ón Rapóirtéir, measann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra atá i dtrácht seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ón ngníomh a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar an téacs atá cheana ann, gan aon athrú ina shubstaint.

Mar chríoch, ag an gcruinniú a bhí aige an 27 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla a mholadh, le 21 vóta i bhfabhar, gan aon vóta i gcoinne agus 2 staonadh[36], go ndéanfadh an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO), ina cháil mar an coiste atá freagrach, scrúdú ar an togra thuasluaite i gcomhréir le Riail 110.

 

Le dea-mhéin,

Adrián Vázquez Lázara

 


Iarscríbhinn

 

 

 

MEITHEAL CHOMHAIRLEACH

NA SEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA

An Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2022

TUAIRIM

 CHUIG: PARLAIMINT NA hEORPA

  AN CHOMHAIRLE

  AN COIMISIÚN

Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

COM(2021)802 of 15.12.2021 – 2021/0426(COD)

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha, agus go háirithe pointe 9 de, bhí cruinniú ag an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhísí dlíthiúla faoi seach Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, an 11 agus an 30 Márta 2022 chun scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.

 

Ag na cruinnithe sin[37], mar thoradh ar scrúdú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-athmhúnlaítear Treoir 2010/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ,chinn an Mheitheal Chomhairleach, de thoil a chéile, gur cheart an méid seo a leanas a bheith marcáilte leis an scáthú liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- in aithris 57, cur isteach na bhfocal tosaigh ‘Chun cur tuilleadh leis na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh’;

- in aithris 61, ‘pointe 44’ a chur in ionad an léirithe ‘pointe 34’ agus na focail ‘ba cheart’ a chur in ionad na bhfocal ‘moltar do’;

- in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, scriosadh Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir 2010/31/AE;

- in Airteagal 12(4), an chéad fhomhír, scriosadh Airteagal 8(5), pointe (a), de Threoir 2010/31/AE;

- in Airteagal 17(1), an chéad fhomhír, pointe (b), na focail ‘comhlachtaí poiblí’ a chur in ionad na bhfocal ‘údarás poiblí’,

- in Airteagal 20(4), an dara fomhír d’Airteagal 20(4), scriosadh an fhocail ‘teas’ atá roimh an bhfocal ‘gineadóir’ in Airteagal 14(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2010/31/AE;

in Airteagal 20(4), an dara fomhír agus an ceathrú fomhír, scriosadh an fhocail ‘téamh’ atá roimh na focail ‘ceanglais’ agus ‘córas’ in Airteagal 14(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, de Threoir 2010/31/AE;

- in Airteagal 20(6), an chéad fhomhír, scriosadh na foclaíochta tosaigh c‘Mar mhalairt ar mhír 1’ agus scriosadh na bhfocal ‘teas’roimh ‘gineadóirí’ agus ‘téamh’ roimh ‘córas’ in Airteagal 14(3), an chéad fhomhír, de Threoir 2010/31/AE;

- in Airteagal 27, scriosadh tagartha d’Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE atá in Airteagal 20 den ghníomh sin faoi láthair.

 

Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí a theacht ar an tátal, gan aon easaontú, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra sin mar leasuithe den sórt sin. Tháinig an Mheitheal Chomhairleach ar an tátal freisin, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó ghníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

 

 

 

 

 

 

 

 

F. DREXLER  T. BLANCHET  D. CALLEJA CRESPO

Comhairleoir Dlí  Comhairleoir Dlí  Ardstiúrthóir

 

Iarscríbhinn

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN gCOMHSHAOL, UM SHLÁINTE PHOIBLÍ AGUS UM SHÁBHÁILTEACHT BIA (28.11.2022)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

(COM(2021)0802 – C9‑0469/2021 – 2021/0426(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Radan Kanev

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Is iad na foirgnimh is siocair le 40 % den tomhaltas iomlán fuinnimh agus sciar faoi seach an chaiteachais teaghlaigh iomláin agus le 36 % d’astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a bhaineann le fuinneamh san Aontas. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, é an stoc foirgneamh chun neodracht líonra a bhaint amach in 2050. Chomh maith lenár ngealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, is é an toradh a bhíonn ar stoc foirgneamh atá níos tíosaí ar fhuinneamh ná slándáil fheabhsaithe fuinnimh agus laghdú ar allmhairí fuinnimh chuig an Aontas, billí fuinnimh níos ísle do thomhaltóirí, dálaí maireachtála níos sláintiúla chomh maith le fás méadaithe, teicneolaíochtaí nua-aoiseacha agus poist a chruthaítear san Eoraip.

Tá roinnt gnéithe ann faoi láthair atá ag cur bac ar leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an choigiltis fuinnimh:

Leis an idirghníomhú casta atá idir reachtaíocht an Aontais, cóid náisiúnta na bhfoirgneamh, cleachtais iompraíochta, bacainní eacnamaíocha agus airgeadais agus struchtúr éagsúil úinéireachta stoc na bhfoirgneamh sna Ballstáit (dreasuithe deighilte) fágtar gurb ionann ráta an athchóirithe dhomhain - rud a laghdaíonn tomhaltas fuinnimh 60 % ar a laghad - agus 0,2 % den stoc foirgneamh in aghaidh na bliana. 

Inacmhainneacht – Íoc-mar-a-Shábháiltear

Tá príomhthábhacht leis an athchóiriú chun laghdú a dhéanamh ar an méid fuinnimh a thomhlaítear i bhfoirgnimh, chun leibhéil astaíochta a ísliú agus chun billí fuinnimh a laghdú. De réir na Teachtaireachta Renovation Wave, tá gá le EUR 275 bhilliún in aghaidh na bliana in infheistíochtaí breise chun freastal ar rannchuidiú athchóirithe fuinnimh 2030 le cuspóir laghdaithe astaíochtaí 55 % i dtaca le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa i gcomparáid le 1990. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar ghnáthshaoránaigh na hEorpa na costais sin a iompar:  cíosaithe - idir shean agus óg - nó teaghlaigh teaghlach aonair. Tá an Rapóirtéir deimhin de nach n-éireoidh le haistriú stoc foirgneamh an Aontais gan mórthacaíocht a fháil ó shaoránaigh an Aontais. Chun athchóirithe a dhéanamh níos tarraingtí, molann sé ionstraim nua tacaíochta airgeadais – ‘Íoc-mar-a-Shábháiltear’ mar a thugtar air, lena ráthaítear nach ndéanfaidh billí aisíocaíochta ar an iasacht, coigiltis fuinnimh a shárú riamh. Tá cur chun feidhme na hionstraime ag na Ballstáit ina réamhriachtanas le haghaidh na hoibleagáide athchóiriúcháin i gcás foirgnimh teaghlach aonair atá cheana ann. Cuireann sé coimircí eacnamaíocha sa bhreis leis sin, maidir leis na ceanglais le haghaidh athchóiriúchán domhain a dhéanamh ar fhoirgnimh atá saor ó astaíochtaí ó 2030 ar aghaidh: Leis na hathchóirithe sin, ba cheart go n-aistreofaí foirgneamh go dtí foirgneamh atá saor ó astaíochtaí nó go bhféadfaí na torthaí ab fhearr a bhaint amach agus a sholáthar le hathchóiriú ar chostas arbh ionann a luach agus 50 % de luach an fhoirgnimh lena mbaineann. Tá sé soiléir, dar leis an Rapóirtéir, gur cheart go dtabharfaí tosaíocht shoiléir do theaghlaigh leochaileacha agus d’úinéirí ar ioncam íseal nuair a bhíonn tacaíocht airgeadais agus cúnamh teicniúil i dtrácht. Ós rud é gur gnách leis na grúpaí sin cónaí a dhéanamh sna foirgnimh is measa feidhmíocht, déanann an Rapóirtéir an sainmhíniú ar aicme G (foirgnimh is measa feidhmíocht) a athrú – ón ‘15 % deiridh’ go dtí an ‘15 % deiridh ar a laghad’.

Cur chuige iomlánaíoch saincheaptha áitiúil

Le héagsúlacht aeráide, dálaí áitiúla agus stoic foirgnimh éagsúla, tá gá le cur chuige iomlánaíoch saincheaptha a bheith ann – ar an leibhéal áitiúil in ionad cur chuige a oireann do chách. Tugann an Rapóirtéir, dá bhrí sin, breithniú ar na tosca sin, mar aon leis an bhféidearthacht i gcomhair cur chuige éagsúil a bheith ann maidir le foirgnimh stairiúla agus i dtaobh tús áite a thabhairt d’athchóirithe ar fhoirgnimh phoiblí amhail scoileanna agus ospidéil. Neartaíonn sé ról na n-ionad ilfhreastail chun tacú le hathchóirithe ar fhoirgnimh ilárasán agus ar thithe atá ar cíos ar bhonn príobháideach. I ndeireadh na dála, tugann sé aird chuí ar mheascán in-athnuaite éagsúil na mBallstát ar mhaithe le hin-athnuaiteáin uile a chur chun cinn – lena n-áirítear na cinn a thagann ón eangach. . Agus béim á cur aige ar chur chun feidhme áitiúil, is léir don Rapóirtéir an gá atá ann do na Ballstáit creat leormhaith a sholáthar chun athchóirithe a dhreasú: Óna thaobhsan de, is den ríthábhacht é go ndéanfaí na straitéisí náisiúnta athchóirithe a leathnú chun bearta ceartaitheacha a áireamh i gcás tearcghnóthachtála agus tacaíocht leordhóthanach airgeadais.

Cáilíocht Aeir Laistigh

Ar na saolta seo, caitheann daoine cuid shuntasach dá gcuid ama laistigh. Tá géarú déanta leis an bpaindéim ar an gcoincheap maidir le hobair agus maireachtáil a dhéanamh faoin díon céanna. De réir na meastachán, tá na deicheanna de mhilliún Eorpach ann atá ag fulaingt le droch-cháilíocht aeir laistigh. Is féidir go leor cúiseanna a bheith leis sin amhail múscán nó taise. Is féidir le tógáil agus cothabháil foirgneamh, dá bhrí sin, tionchair ollmhóra a imirt ar an tsláinte phoiblí agus ar dhea-bhail an daonra ina iomláine. Molann an Rapóirtéir, dá bhrí sin, sainmhíniú iomlánaíoch ar cháilíocht aeir laistigh.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) Is dúshlán é an t-athrú aeráide a théann thar theorainneacha agus a n-éilítear leis gníomhaíocht láithreach agus uaillmhianach. Deis iontach is ea an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach faoi 2050 chomh maith lena bheith ina dúshlán don Aontas, dá Bhallstáit, dá shaoránaigh agus do ghnólachtaí ó gach earnáil; Chun na críche sin, uirlis ríthábhachtach is ea an beartas comhtháthaithe chun aistriú cóir a chur ar fáil do gheilleagar aeráidneodrach nach bhfágfaidh aon duine chun deiridh;

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas, chuir an Coimisiún an tionscnamh ‘rabharta athchóiriúcháin’ uaidh ar an 14 Deireadh Fómhair 202030. Tá plean gníomhaíochta sa tionscnamh ina bhfuil bearta nithiúla rialála, maoinithe agus cumasúcháin, a bhfuil sé de chuspóir acu ar a laghad an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh d’fhoirgnimh a dhúbailt faoin mbliain 2030 agus athchóirithe doimhne a chothú. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh mar cheann de na nithe trína mbainfear an ‘rabharta athchóiriúcháin’ amach. Rannchuideoidh sé freisin le cur i gcrích thionscnamh Bauhaus Eorpach Nua agus an mhisin Eorpaigh maidir le cathracha cliste atá neodrach ó thaobh na haeráide de.

(3) Mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas, chuir an Coimisiún an tionscnamh ‘rabharta athchóiriúcháin’ uaidh ar an 14 Deireadh Fómhair 202030. Cuimsítear plean gníomhaíochta sa straitéis ina bhfuil bearta nithiúla rialála, maoinithe agus cumasúcháin, a bhfuil sé de chuspóir acu ar a laghad an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh d’fhoirgnimh a dhúbailt faoin mbliain 2030 agus athchóirithe doimhne a chothú lena n-áireofar breis agus 35 milliún foirgneamh agus lena ndéanfar 160 000 post a chruthú san earnáil tógála, lena ndéanfar athchóirithe inacmhainne do gach teaghlach, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil a gcumas teoranta i dtaobh costais tosaigh a chumhdach. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh mar cheann de na nithe trína mbainfear an ‘rabharta athchóiriúcháin’ amach. Rannchuideoidh sé freisin leis an misean Eorpach maidir le cathracha atá neodrach ó thaobh na haeráide de, glasa agus cliste a chur i gcrích, agus ba cheart go leanfadh sé an chonair a tharraing an Bauhaus Eorpach Nua suas mar chéim roimhe seo den Rabharta Athchóirithe Foirgníochta. Leis an Bauhaus Eorpach Nua, ba cheart trí cholún lárnacha a urramú mar chur chuige iomlánaíoch chun feidhmíocht fuinnimh níos fearr foirgneamh agus stoc foirgneamh dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí: a) inbhuanaitheacht, i.e. spriocanna aeráide, an geilleagar ciorclach, truailliú nialasach, glasú agus bithéagsúlacht; b) aeistéitic, i.e. cáilíocht na taithí agus na stíle, thar a bhfuil i gceist leis an bhfeidhmiúlacht; c) cuimsiú, i.e. an éagsúlacht agus an dul chun cinn sóisialta a luacháil, inrochtaineacht agus inacmhainneacht dhaingean do chách; is í an ghluaiseacht Bauhaus Eorpach Nua a bheidh mar bhonn do bhealaí nua smaointeoireachta atá soiléir agus cuimsitheach, lena gcruthófar slándáil agus compord ar bhonn níos fearr dár saoránaigh, lena dtacófar le gluaiseachtaí cultúrtha chun eolas áitiúil agus domhanda a chothú a ghinfidh dinimiceas sóisialta cultúrtha a bhfuil gá leis chun gníomhaíochtaí gníomhaithe scothaicme amháin a sheachaint.

__________________

__________________

30 A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving life [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol na ndaoine a fheabhsú], COM/2020/662 final.

30 A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving life [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol na ndaoine a fheabhsú], COM/2020/662 final.

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, an ‘Dlí Aeráide Eorpach’, cumhdaítear an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoin mbliain 2050 sa reachtaíocht agus bunaítear gealltanas ceangailteach an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) atá 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2030.

(4) Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, an ‘Dlí Aeráide Eorpach’, cumhdaítear an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin sa reachtaíocht agus bunaítear gealltanas ceangailteach an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) atá 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2030.

__________________

__________________

31 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

31 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Is é is aidhm don phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh 2021 na cuspóirí sin a chur chun feidhme. Cumhdaítear ann raon réimsí beartais, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, an fuinneamh in-athnuaite, úsáid talún, athrú talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill, trádáil astaíochtaí agus bonneagar breoslaí malartacha. Is cuid dhílis den phacáiste sin an t-athbhreithniú ar Threoir 2010/31/AE.

(5) Is é is aidhm don phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh 2021 na cuspóirí sin a chur chun feidhme. Cumhdaítear ann raon réimsí beartais, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, an fuinneamh in-athnuaite, úsáid talún, athrú talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill, trádáil astaíochtaí agus bonneagar breoslaí malartacha. Is cuid dhílis den phacáiste sin an t-athbhreithniú ar Threoir 2010/31/AE. Ós rud é go bhfuil bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh ag croílár córais lena ngabhann geilleagar níos ciorclaí, ba cheart don Choimisiún aird níos mó a thabhairt ar an earnáil foirgníochta atá freagrach as níos mó ná 40 % den tomhaltas fuinnimh deiridh san Aontas, gan a lua go bhfuil 75 % d’fhoirgnimh an Aontais fós neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Dá ndéanfaí an chiorclaíocht a chomhtháthú níos fearr in earnáil na tógála, de thairbhe na mbonneagar agus na gcumas teicniúil a bhaineann le foirgneamh, bhainfí amach tréimhsí saoil níos faide chomh maith le tomhaltas fuinnimh níos ísle, agus conairí nithiúla dícharbónaithe agus dí-thruaillithe á leagan síos don earnáil sin ag an am céanna. Leis an athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE (EU-ETS) chun trádáil astaíochtaí carbóin a leathnú chuig iompar de bhóthar agus chuig foirgnimh, d’fhonn comhartha faoi phraghas ar charbóin a thabhairt don gheilleagar ina iomláine, d’fhéadfadh an Treoir teacht in ionad ceanglais rialála chostasacha agus neamhéifeachtacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh san fhadtéarma.

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Leis an aincheist atá ann idir tithíocht inacmhainne agus cosaint na haeráide, éilítear neodracht theicneolaíoch agus cumhacht nuálach an ghnó agus na heolaíochta. Cuireann an comhartha faoin bpraghas atá ar thrádáil astaíochtaí carbóin iomaíocht ar fáil agus treoraíonn sé gníomhaíocht ionas go dtarlóidh laghdú ar astaíochtaí san áit is costéifeachtaí, lena laghdaítear, dá bhrí sin, costas foriomlán an aistrithe aeráide don Aontas agus dá shaoránaigh. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, mhol an Coimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2003/87/CE (EU-ETS) chun trádáil astaíochtaí carbóin a leathnú chuig iompar de bhóthar agus chuig foirgnimh, d’fhonn comhartha faoi phraghas ar charbóin a thabhairt don gheilleagar ina iomláine. Trí fhoirgnimh a áireamh i dtrádáil astaíochtaí d’fhéadfadh sé sin teacht in ionad ceanglais rialála chostasacha agus neamhéifeachtach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh san fhadtéarma.

Réasúnú

Is bunchloch i mbeartas aeráide an Aontais é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus is é an phríomhuirlis atá aige chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b) Tá éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh mar aon le fuinneamh in-athnuaite atá comhtháite san fhoirgneamh i gcroílár Phlean REPowerEU, a sheol an Coimisiún an 18 Bealtaine 2022 chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go mear agus chun an t-aistriú glas a chur ar aghaidh go gasta. Sa teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Plean REPowerEU’, d’iarr an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle coigilteas breise agus gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh a chumasú tríd an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh.

Réasúnú

Riachtanach chun na forbairtí is déanaí a léiriú.

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Foirgnimh is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh deiridh san Aontas agus 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh . Dá bhrí sin, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh mar a leagtar síos in Airteagal 3 [EED athbhreithnithe] agus a shainmhínítear in Airteagal 2(18) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh, is bearta tábhachtacha iad atá ag teastáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú. Is tábhachtach an ról freisin atá ag ídiú fuinnimh a laghdú agus úsáid níos mó a bhaint as foinsí in-athnuaite maidir le spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus forbairtí teicneolaíocha a chothú, deiseanna a chruthú san fhostaíocht agus i bhforbairt réigiúnach, go háirithe ar oileáin agus i gceantair tuaithe.

(6) Foirgnimh is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh deiridh san Aontas agus le sciar faoi seach an chaiteachais teaghlaigh iomláin agus le 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh. Is bearta tábhachtacha, dá bhrí sin, iad laghdú ar thomhaltas fuinnimh agus ar chaiteachas fuinnimh teaghlaigh, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh, a bhfuil gá leo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus méid na bochtaineachta fuinnimh a laghdú. Is tábhachtach freisin an ról atá ag tomhaltas laghdaithe fuinnimh in éineacht leis an úsáid mhéadaithe a baintear as foinsí in-athnuaite chun spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, lena ndéantar cinnteacht an tsoláthair fuinnimh, go háirithe na huaillmhianta a leagtar amach in REPowerEU, costéifeachtúlacht téimh agus fuaraithe foirgneamh agus forbairtí teicneolaíocha a chur chun cinn, agus i dtaobh deiseanna a chruthú san fhostaíocht agus i bhforbairt réigiúnach, go háirithe ar oileáin agus i gceantair thuaithe.

__________________

__________________

32 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

32 Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

Justification

Amendment necessary for pressing reasons relating to the internal logic of the text. The "energy efficiency first" principle should not be an end in itself. The reduction of energy consumption can be a possible instrument to achieve the EU climate targets. However, it is not necessarily the most cost-effective and can lead to considerable inefficiencies. With the Emission Trading System, the EU already has a cost-effective instrument to decarbonise.

Energy poverty and the high costs of renovations especially for vulnerable groups are important issue that should be consistently addresses throughout this Directive.

 

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Tá stoc tithíochta na hEorpa an-éagsúil ó thaobh aoise, méide, úsáide, leibhéal inslithe, foinsí téimh, éilimh agus rochtain ar fhuinneamh de. Tá roinnt tosca ann, amhail an éagsúlacht leathan saincheisteanna teicniúla, na costais arda atá i gceist agus líon na ngeallsealbhóirí lena mbaineann, a rannchuidíonn le hábhar casta agus íogair a dhéanamh de dhícharbónú foirgneamh. Mhainneodh cur chuige a oireann do chách i leith foirgnimh a dhícharbónú, freastal a dhéanamh ar riachtanais na dtomhaltóirí agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le dícharbónú. Tá gá le straitéis níos saincheaptha a chuireann tosca áitiúla agus fachtóirí ar leibhéal an chórais san áireamh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Ba cheart an tsolúbthacht sa réimse beart a mholtar san athmhúnlú seo a léiriú san aithris dá réir sin.

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) Tá ról ollmhór sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil ag éifeachtúlacht fuinnimh i stoc na bhfoirgneamh agus ag athchóiriú foirgneamh agus tá tionchar dearfach suntasach aige ar iarrachtaí náisiúnta agus ar iarrachtaí ar leibhéal an Aontais i dtaobh spleáchas ar fhuinneamh a laghdú agus lena ndéantar, dá bhrí sin, an tslándáil náisiúnta a chur chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh a áireamh mar ardtosaíocht ar an leibhéal príobháideach agus poiblí araon.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6c) Chun a áirithiú go mbainfidh gach saoránach tairbhe as feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe foirgneamh agus as na tairbhí gaolmhara cáilíochta maireachtála, comhshaoil, eacnamaíocha agus sláinte, ba cheart creat rialála agus airgeadais cuí a chur i bhfeidhm chun tacú le hathchóirithe do theaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim agus do theaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, ar teaghlaigh iad a chónaíonn go minic sna foirgnimh is measa feidhmíocht i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.

Réasúnú

Riachtanach le haghaidh loighic inmheánach an téacs.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6d) Ba cheart go gcuirfí san áireamh, áfach, go mbraitheann éifeacht shóisialta agus eacnamaíoch an athchóirithe foirgneamh agus caighdeáin feidhmíochta fuinnimh a mhéadú ar dhreasachtaí agus ar acmhainneachtaí infheistíochta na dteaghlach ar ioncam íseal, teaghlaigh atá ag fulaingt leis an mbochtaineacht fuinnimh agus a bhfuil cónaí orthu i gcoitinne sna foirgnimh is lú feidhmíocht i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon. Thairis sin, tá líon na bhfoirgneamh ag a bhfuil drochfheidhmíocht fuinnimh i bhfad níos airde ná líon na bhfoirgneamh ag a bhfuil caighdeáin níos fearr, lena rannchuidítear, dá bhri sin, i bhfad níos mó le tomhaltas fuinnimh agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa breise.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6e) Trí íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a thabhairt isteach, a bhfuil coimircí sóisialta agus ráthaíochtaí airgeadais ag gabháil leo, cuirfear feabhas ar cháilíocht saoil na saoránach is leochailí agus is boichte.

Réasúnú

Riachtanach le haghaidh loighic inmheánach an téacs.

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 f (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6f) Is den riachtanas é, dá bhrí sin, go ndéanfar an pobal a threorú i dtreo méadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh is lú feidhmíocht, ina bhfuil cónaí ar an dá dheicíl is ísle de dhaonra gach Ballstáit.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Foirgnimh is cúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh, le linn agus tar éis a saolré oibríochtúil. Maidir le fís 2050 le haghaidh stoc foirgnimh dícharbónaithe, tá níos mó i gceist leis ná an bhéim atá ann faoi láthair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Ba cheart, dá bhrí sin, astaíochtaí saolré uile foirgneamh a chur san áireamh de réir a chéile, ag tosú le foirgnimh nua. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, agus iad ina stórtha acmhainní thar na blianta fada, agus bíonn tionchar den chuid is mó ag na roghanna deartha ar na hastaíochtaí saolré iomlán d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe araon. Ba cheart feidhmíocht saolré iomlán foirgneamh a chur san áireamh, ní hamháin i bhfoirgníocht nua, ach i bhfoirgnimh athchóirithe freisin trí bheartais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú i bpleananna athchóirithe foirgneamh na mBallstát.

(7) Foirgnimh is cúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh, le linn agus tar éis a saolré oibríochtúil. Maidir le fís 2050 le haghaidh stoc foirgnimh dícharbónaithe, tá níos mó i gceist leis ná an bhéim atá ann faoi láthair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Ba cheart, dá bhrí sin, astaíochtaí saolré iomláine na bhfoirgneamh a laghdú de réir a chéile, le spriocanna a shocróidh an Coimisiún ar bhonn modheolaíocht chomhchoiteann agus chomhchuibhithe. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, agus iad ina stórtha acmhainní thar na blianta fada, agus bíonn tionchar den chuid is mó ag na roghanna deartha ar na hastaíochtaí saolré iomlán d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe araon. Ba cheart feidhmíocht saolré iomláine foirgneamh a chur san áireamh, ní hamháin i bhfoirgníocht nua, ach i bhfoirgnimh athchóirithe freisin trí bheartais agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a chur san áireamh i bpleananna athchóirithe foirgneamh na mBallstát.

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Ba cheart do na Ballstáit tionchar agus saolré iomlán a mbanc ábhair foirgneamh (WLC) a chur san áireamh sna ríomhanna agus sna táscairí maidir le minicíocht na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh chun díriú ar athúsáid agus athchúrsáil níos mó mar a leagtar amach i bprionsabail an gheilleagair chiorclaigh. Ina leith sin, ba cheart nasc a dhéanamh le ról ceannasach an Bauhaus Eorpach Nua, ar mian leis ciorclaíocht níos fearr a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha, trí athchóiriú agus athúsáid oiriúnaitheach thar scartáil agus nuathógáil a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí.

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b) Le tabhairt isteach ceanglais saolré iomláine, spreagfar nuálaíocht thionsclaíoch, cruthú agus ciorclaíocht luacha áitiúil, mar shampla trí mhéadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ábhair nádúrtha áitiúil agus thraidisiúnta, amhail clocha agus adhmad mar aon le hamhábhair thánaisteacha.

Réasúnú

Riachtanach le haghaidh loighic inmheánach an téacs.

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7c) Tá sé ríthábhachtach an úsáid a bhaintear as ábhair thógála níos inbhuanaithe a chur chun cinn agus a áireamh, go háirithe ábhair bhithfhoinsithe agus gheofhoinsithe, chomh maith le teicnící tógála simplí, éighníomhacha agus ísealteicneolaíochta agus a dhéantar a thástáil go háitiúil chun tacú leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí ábhair agus leis an taighde a dhéantar orthu a chur chun cinn, ar teicneolaíochtaí iad a rannchuidíonn le hinsliú idéalach agus le tacaíocht struchtúrach foirgneamh, lena mbaintear amach, dá bhrí sin, laghdú ar thomhaltas fuinnimh a mbeidh éifeachtúlacht fuinnimh agus foirgnimh níos athléimní mar thoradh orthu. I bhfianaise na géarchéime aeráide agus an mhéadaithe ar dhóchúlacht thonnta teasa an tsamhraidh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chosaint teasa i gcás foirgneamh.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7d) Le cur chuige iomlánaíoch chun aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh áirítear tairbhí agus tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha. Ba cheart gur athchóiriú iomlánaíoch ar an struchtúr foirgnimh ina iomláine amhail clúdaigh foirgneamh (díon agus aghaidh), scáthú agus rialú aerála a bheadh sna hathchóirithe a dhéanfaí san earnáil tógála. Dá thoradh sin, thiocfadh laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh, go háirithe i bhfoirgnimh atá tógtha ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda, lena ndéanfaí, dá bhrí sin, an daonra atá i mbaol eisiamh a chur san áireamh ar bhealach níos éifeachtúla, lena seachnófaí praghsanna níos costasaí a d’fhéadfaí a fhorchur ar thithíocht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag astaíochtaí gás ceaptha teasa dá bharr sin tríd an méadú ar an úsáid a bhainfí as iompar príobháideach.

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7e) Tá timpeallacht thógtha ar ardchaighdeán mar thoradh ar obair gairmithe oilte in earnáil na tógála agus ar thionscail chruthaitheacha agus chultúrtha nach féidir leo a bheith ach mar thoradh ar phróisis cháilíochta, go háirithe nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Leasú  20 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh ar feadh na saolré iomláine a íoslaghdú, tá gá le héifeachtúlacht agus ciorclaíocht acmhainní. Is féidir é sin a chomhcheangal freisin le linn charbóin shealadach a dhéanamh de chodanna den stoc foirgnimh.

(8) Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh ar feadh na saolré iomláine a íoslaghdú, tá gá le héifeachtúlacht, leordhóthanacht, agus ciorclaíocht acmhainní. Is féidir é sin a chomhcheangal le codanna den stoc foirgneamh a iompú ina linn shealadach charbóin trí eilimintí réitigh athchúrsáilte agus atá bunaithe ar an dúlra a chur leis, amhail ábhair adhmaid, díonta agus aghaidheanna glasa agus réitigh a fhaigheann spreagadh agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a chuireann tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil ag an am céanna agus a chabhraíonn le hathléimneacht a chothú. Leis na réitigh sin, méadaítear ar an éagsúlacht, ar an dúlra agus ar na gnéithe agus na próisis nádúrtha i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha córasacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní agus freisin trí urraim a thabhairt don bhithéagsúlacht.

 

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Leis an acmhainneacht téite domhanda atá ann le linn na saolré san iomlán, léirítear rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a bhfuil an t-athrú aeráide mar thoradh orthu. Tugtar le chéile ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a chorpraítear i dtáirgí foirgníochta le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is é an chéad chéim i dtreo tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar fheidhmíocht saolré iomlán foirgneamh agus geilleagar ciorclach, dá bhrí sin, an ceanglas acmhainneacht téite domhanda foirgneamh nua a ríomh.

(9) Leis an acmhainneacht téite domhanda atá ann le linn na saolré san iomlán, léirítear rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a bhfuil an t-athrú aeráide mar thoradh orthu. Tugtar le chéile ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a chorpraítear i dtáirgí foirgníochta le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ó chéim na húsáide agus na díthógála. Is é an chéad chéim i dtreo tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar fheidhmíocht saolré iomlán foirgneamh agus geilleagar ciorclach, dá bhrí sin, an ceanglas acmhainneacht téite domhanda foirgneamh nua a ríomh. Ba cheart, dá bhrí sin, cumas athchúrsála ábhar ag céim na díthógála a chur i gcuntas freisin.

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Foirgnimh is cúis le thart ar leath d’astaíochtaí príomh-mhínábhar cáithníneach (PM2.5) san Aontas arb iad is cúis le bás anabaí nó le breoiteacht. Trí fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, is féidir astaíochtaí truailleán a laghdú ag an am céanna, agus ba cheart na hastaíochtaí sin a laghdú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle33.

(10) Foirgnimh is cúis le thart ar leath d’astaíochtaí príomh-mhínábhar cáithníneach (PM2.5) san Aontas arb iad is cúis le bás anabaí nó le breoiteacht. Trí fheabhas a chur fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus ar an úsáid a bhaintear as ábháir thógála foirgneamh, ar ábhair iad atá leormhaith, dúlrabhunaithe agus níos sláintiúla is féidir astaíochtaí truailleán a laghdú ag an am céanna, agus ba cheart na hastaíochtaí sin a laghdú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle33.

__________________

__________________

33 Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

33 Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a) Is uirlis thábhachtach é an bainistiú ar éileamh fuinnimh lena gcuirtear ar chumas an Aontais tionchar a imirt ar an margadh fuinnimh domhanda agus, dá bhrí sin, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Réasúnú

Aithris arna baint ag an gCoimisiún a thabhairt isteach an athuair

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10b) D’fhéadfadh cur chun cinn taighde domhain agus éifeachtúil i dteicneolaíochtaí nua ábhair cabhrú leis an gcuspóir sin.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ba cheart a chur san áireamh, le bearta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú a thuilleadh, dálaí aeráide, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, dálaí áitiúla chomh maith leis an timpeallacht aeráide laistigh agus an chostéifeachtúlacht. Níor cheart go ndéanfadh na bearta sin aon difear do cheanglais eile a bhaineann le foirgnimh, inrochtaineacht, slándáil sheismeach agus sábháilteacht ó dhóiteán agus an úsáid atá beartaithe le haghaidh an fhoirgnimh, cuir i gcás.

(11) Maidir le bearta chun tuilleadh feabhais a chur ar feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, ba cheart dálaí aeráide a chur san áireamh, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide agus dálaí áitiúla, chomh maith leis an aeráid dhíonach, cáilíocht chomhshaoil laistigh, leordhóthanacht, ciorclaíocht agus costéifeachtúlacht. Ba cheart na bearta sin a bheith fite fuaite le ceanglais eile a bhaineann le foirgnimh, amhail inrochtaineacht, sábháilteacht ó dhóiteán, sábháilteacht córas teasa agus suiteála leictrí agus sábháilteacht sheismeach agus an úsáid atá beartaithe a bhaint as an bhfoirgneamh. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfeabhsófar staid na dteaghlach atá leochaileach agus ar ioncam íseal, daoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Is ar bhonn modheolaíochta ba cheart feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh a ríomh, agus d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh ar an modheolaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an réigiúin. Maidir leis an idirdhealú sin, chomh maith le tréithe teirmeacha, cumhdaíonn sé fachtóirí eile a bhfuil a dtábhacht ag dul i méid, téamh agus suiteálacha aerchóirithe mar shampla, cur i bhfeidhm fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, réitigh chliste, gnéithe téimh agus fuaraithe éighníomhacha, scáthú, cáilíocht an aeir laistigh, solas nádúrtha leordhóthanach agus dearadh an fhoirgnimh. Ba cheart an mhodheolaíocht maidir le feidhmíocht fuinnimh a bheith bunaithe ní amháin ar an séasúr ina bhfuil téamh nó aerchóiriúchán ag teastáil, ach ba cheart go gcumhdófar léi feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn bliantúil chomh maith. Leis an modheolaíocht sin, ba cheart caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a chur san áireamh. Ba cheart a áirithiú leis an modheolaíocht go léireofaí dálaí iarbhír oibriúcháin agus go gcumasófaí úsáid fuinnimh mhéadraithe chun cruinneas a fhíorú agus ar mhaithe le hinchomparáideacht, agus ba cheart an mhodheolaíocht a bheith bunaithe ar chéimeanna ama in aghaidh na huaire nó níos minice. Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a spreagadh, agus sa bhreis ar an gcreat coiteann ginearálta, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go n-aithneofar agus go gcuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht ríofa na tairbhí a bhaineann leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar an láthair, lena n-áirítear le haghaidh úsáidí eile (amhail pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha).

(12) Is ar bhonn modheolaíochta ba cheart feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh a ríomh, agus d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh ar an modheolaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an réigiúin. Airítear air sin, chomh maith le tréithe teirmeacha, fachtóirí eile a bhfuil a dtábhacht ag dul i méid amhail suiteálacha téimh agus aerchóirithe, cur i bhfeidhm fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, réitigh chliste, aisghabháil teasa ó fhuíolluisce, aerú agus fuarú, gnéithe téimh agus fuaraithe éighníomhacha, scáthú, cáilíocht an aeir laistigh, solas nádúrtha leormhaith agus dearadh an fhoirgnimh. Ba cheart an mhodheolaíocht maidir le feidhmíocht fuinnimh a bheith bunaithe ní hamháin ar an séasúr ina bhfuil téamh nó aerchóiriúchán ag teastáil, ach ba cheart go gcumhdófar léi feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn bliantúil chomh maith. Leis an modheolaíocht sin, ba cheart caighdeáin Eorpacha atá cheana ann a chur san áireamh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an modheolaíocht léiriú ar dhálaí iarbhír oibriúcháin agus go gcumasófaí úsáid fuinnimh mhéadraithe chun cruinneas a fhíorú agus ar mhaithe le hinchomparáideacht, agus ba cheart an mhodheolaíocht a bheith bunaithe ar chéimeanna ama in aghaidh na huaire nó ar bhonn níos minice. Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a spreagadh lena n-áirítear painéil ghréine a shocraítear ar an díon agus atá i gcomhréir leis an Tionscnamh Eorpach um Dhíonta Gréine, agus sa bhreis ar an gcreat coiteann ginearálta, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go n-aithneofar agus go gcuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht ríofa na tairbhí a bhaineann leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar an láthair, lena n-áirítear le haghaidh úsáidí eile (amhail pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha).

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Is ó bhreoslaí iontaise fós a thagann dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú. D’fhonn earnáil na foirgníochta a dhícharbónú, tá sé thar a bheith tábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise i dtéamh agus i bhfuarú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl na beartais agus na bearta náisiúnta atá acu chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, agus níor cheart aon dreasacht airgeadais a thabhairt chun coirí breosla iontaise a shuiteáil faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile ó 2027 amach, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2027, faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe. Ba cheart bunús dlí soiléir chun cosc a chur ar ghineadóirí tea bunaithe ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar an gcineál breosla a úsáidtear tacú le beartais agus bearta náisiúnta céimnithe amach.

(14) Is ó bhreoslaí iontaise fós a thagann dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú, ar saintréith díobh thairis sin, luaineacht praghsanna agus neamhshlándáil soláthair. Tá sé sin go háirithe bailí i gcás foirgnimh ag a bhfuil drochfheidhmíocht fuinnimh, ina maireann teaghlaigh ar ioncam íseal, lena méadaítear, dá bhrí sin, ar éagothromaíochtaí sóisialta agus ar bhaol an eisiata shóisialta, go háirithe nuair a bhíonn praghsanna arda fuinnimh ann agus nuair a bhíonn an costas maireachtála ag méadú. Chun an earnáil tógála a dhícharbónú, tá sé thar a bheith tábhachtach breosla iontaise i dtéamh agus i bhfuarú a chéimniú amach, straitéisí soiléire agus éifeachtacha a leagan síos don phróiseas céimnithe amach sin, chun na teicnící is fearr a oireann a shainiú. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na beartais agus na bearta náisiúnta atá acu a chur in iúl chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, agus níor cheart aon dreasacht airgeadais a thabhairt chun coirí breosla iontaise a shuiteáil amhail ó 2024 ar aghaidh, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2024, faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe agus díobh siúd ar féidir leo feidhmiú ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Ba cheart bunús dlí soiléir chun cosc a chur ar ghineadóirí tea bunaithe ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar an gcineál breosla a úsáidtear tacú le beartais agus bearta náisiúnta céimnithe amach.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Tá gá le cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun dícharbónú mear a dhéanamh ar théamh agus ar fhuarú. Is bealach costéifeachtach iad coirí atá in ann feidhmiú ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh chun dícharbónú a dhéanamh agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, leanúint de bheith incháilithe do dhreasachtaí airgeadais.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a) Is ionann úsáid éifeachtúil dramhtheasa ó chórais uisce the tí agus deis shuntasach chun fuinneamh a shábháil. Príomhfhoinse tomhaltais fuinnimh d’fhoirgnimh nua is ea ullmhú uisce the agus cuirtear an teas seo amú agus ní dhéantar é a athúsáid de ghnáth. Ós eol go dtagann an chuid is mó den uisce te a thomhlaítear as cithfholcadáin, d’fhéadfadh sé gur bealach simplí agus costéifeachtach a bheadh i dteas a bhailiú as draenacha cithfholcadáin i bhfoirgnimh chun tomhaltas deiridh fuinnimh agus astaíochtaí CO2 agus meatáin a bhaineann le táirgeadh uisce the tí a laghdú.

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Ba cheart don Choimisiún creat modheolaíochta comparáidí a leagan síos maidir leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh. Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat céanna, is e an toradh ba cheart a bheith air sin go mbeifí in ann feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí araon a ríomh, agus is rud é lenar cheart seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a chur san áireamh, chomh maith le síneadh CTA agus praghsanna carbóin. Ba cheart do na Ballstáit an creat sin a úsáid chun na torthaí a chur i gcomparáid leis na híoscheanglais atá glactha acu maidir le feidhmíocht fuinnimh. I gcás inarb ann do neamhréireachtaí móra, i.e. neamhréireachtaí ar mó ná 15 % iad, idir na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil údar maith leis an difríocht sin nó ba cheart dóibh bearta iomchuí a ullmhú chun an neamhréireacht a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit saolré mheasta foirgnimh nó codanna d’fhoirgnimh a shocrú, agus cleachtais reatha agus taithí i leith an ghnáthré shaoil a shainiú, ba cheart dóibh iad sin a chur san áireamh. Ba cheart tuarascáil faoi thorthaí na comparáide sin agus na sonraí a úsáideadh chun na torthaí sin a fháil a thabhairt go rialta don Choimisiún. Leis na tuarascálacha sin ba cheart cur ar chumas an Choimisiúin dul chun cinn na mBallstát a mheas i dtaca leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach agus tuairisc a thabhairt ina leith.

(17) Ba cheart don Choimisiún creat modheolaíochta comparáidí a leagan síos chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh. Le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat seo, ba cheart go mbeifí in ann feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí araon a ríomh, agus ba cheart seachtrachtaí comhshaoil, sábháilteachta agus sláinte a chur san áireamh, chomh maith leis an bhféidearthacht leathnú a dhéanamh ar an gcóras trádála astaíochtaí agus ar praghsanna carbóin, más infheidhme. Tá sé d’acmhainneacht ag an Bauhaus Eorpach Nua athmhúnlú a dhéanamh ar an mbealach ina gceaptar beartais agus ina ndéantar timpeallacht na todhchaí a shainiú trí fhreastal a dhéanamh ar an ngá atá le spásanna a bheith ann atá curtha in oiriúint do bhealaí nua saoil. Ba cheart do na Ballstáit an creat sin a úsáid chun na torthaí a chur i gcomparáid leis na híoscheanglais atá glactha acu maidir le feidhmíocht fuinnimh. I gcás inarb ann do neamhréireachtaí móra, i.e. neamhréireachtaí ar mó ná 15 % iad, idir na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil údar maith leis an difríocht sin nó ba cheart dóibh bearta iomchuí a ullmhú chun an neamhréireacht a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit saolré mheasta foirgnimh nó codanna d’fhoirgnimh a shocrú, agus cleachtais reatha agus taithí i leith an ghnáthré shaoil a shainiú, ba cheart dóibh iad sin a chur san áireamh. Ba cheart tuarascáil faoi thorthaí na comparáide sin agus na sonraí a úsáideadh chun na torthaí sin a fháil a thabhairt go rialta don Choimisiún. Leis na tuarascálacha sin ba cheart go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin dul chun cinn na mBallstát a mheas i dtaca leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach agus tuairisc a thabhairt ina leith.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Ba cheart NEB a chur san áireamh agus creataí rialála a dhéanann difear d’earnáil na tógála á sainiú, ós rud é gur féidir leis faisnéis a sholáthar i réimsí atá lasmuigh de raon feidhme na rialála fuinnimh amháin.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Le huaillmhian fheabhsaithe aeráide agus fuinnimh an Aontais, tá gá le fís nua d’fhoirgnimh: an foirgneamh astaíochtaí nialasacha, a bhfuil éileamh fuinnimh an-íseal air cumhdaithe go hiomlán le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus ba cheart gach foirgneamh atá ann cheana a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

(19) Le huaillmhian fheabhsaithe aeráide agus fuinnimh an Aontais, tá gá le fís nua d’fhoirgnimh: an foirgneamh astaíochtaí nialasacha, a bhfuil a éileamh fuinnimh atá thar a bheith íseal cumhdaithe go hiomlán le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Ba cheart gach foirgneamh nua, agus tosaíocht á tabhairt do scoileanna, naíonraí agus ospidéil, a bheith ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus ba cheart gach foirgneamh atá cheana ann a aistriú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

 

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a) Ós rud é go bhfuil suas le 90 % de thimpeallacht thógtha 2050 tógtha cheana, tá gá le hiarrachtaí níos uaillmhianaí chun dlús a chur le ráta athchóiriú agus dhícharbónú an stoc foirgneamh atá cheana ann. Is iad na dreasachtaí agus na caighdeáin a shocraítear inniu a shaineoidh ar deireadh cé acu a bhainfidh an tAontas amach a spriocanna fadtéarmacha aeráide agus fuinnimh nó nach mbainfidh.

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19b) Tá an inacmhainneacht agus an chothroime shóisialta ríthábhachtach chun aistriú glas agus cóir a bhaint amach le haghaidh stoc foirgneamh dícharbónaithe faoi 2050 ar a dhéanaí. Ní mór acmhainneacht chreidmheasa na dtomhaltóirí a mheasúnú i gcomhréir le reachtaíocht reatha an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go n-oireann raon feidhme na n-ionstraimí airgeadais do riachtanais na dtairbhithe féideartha: ba cheart go mbainfeadh na teaghlaigh is lú ioncam agus na teaghlaigh is leochailí tairbhe as oibreacha iarfheistithe atá fóirdheonaithe 100 %.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19c) Ba cheart cothroime shóisialta agus tarraingteacht eacnamaíoch a áirithiú leis an bprionsabal ‘íoc-mar-a-shábháiltear’ agus ní mór breathnú air mar bheart tionlacain agus nach ndéantar leis an bonn a bhaint ó na huaillmhianta aeráide foriomlána. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus caighdeáin á mbunú aige maidir le híoc-mar-a-shábháiltear, nach gcuirfear i mbaol na tosaíochtaí a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach agus sa straitéis ‘Rabharta Athchóirithe don Eoraip – Ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol na ndaoine a fheabhsú’.

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Tá roghanna éagsúla ar fáil chun riachtanais fuinnimh foirgnimh éifeachtúil a chumhdach le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite: foinsí in-athnuaite ar an láthair amhail grianfhuinneamh teirmeach, fuinneamh fótavoltach gréine, teaschaidéil agus bithmhais, fuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite nó ag pobail fuinnimh saoránach, agus téamh agus fuarú ceantair bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó ar dhramhtheas.

(20) Tá roghanna éagsúla ar fáil chun riachtanais fuinnimh foirgnimh éifeachtúil a chumhdach le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite: foinsí in-athnuaite ar an láthair amhail grianfhuinneamh teirmeach, fuinneamh fótavoltach gréine, teaschaidéil agus bithmhais, fuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite nó ag pobail fuinnimh saoránach, nó ag comhpháirtithe eile sa comharsanacht, téamh agus fuarú ceantair bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó ar aisghabháil fuíollteasa ó fhuíolluisce,ar uisce té nó aer sláintíoch, agus ar in-athnuaiteáin leithdháilte eangach-bhunaithe.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Tá cuideachtaí móra eisiata ó bheith rannpháirteach i bpobail fuinnimh de réir RED. Ba cheart an míbhuntáiste sin a chothromú trí lamháil do chineálacha eile úsáide comhroinnte fuinnimh laistigh den chomharsanacht, diomaite de phobail fuinnimh.

Leasú  35

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) Chun dícharbónú riachtanach stoc foirgnimh an Aontais a dhéanamh, ní mór athchóiriú fuinnimh ar mhórscála a dhéanamh: tá beagnach 75 % den stoc foirgnimh sin neamhéifeachtúil de réir na gcaighdeán foirgnimh atá ann faoi láthair, agus beidh 85-95 % de na foirgnimh atá ann faoi láthair fós ina seasamh faoin mbliain 2050. Mar sin féin, tá an ráta bliantúil ualaithe athchóirithe fuinnimh íseal i gcónaí ag thart ar 1 %. Ag an luas atá ann faoi láthair, bheadh na céadta bliain de dhíth chun earnáil na foirgníochta a dhícharbónú. Dá bhrí sin, is príomhsprioc de chuid na Treorach seo é an t-athchóiriú foirgneamh a ghníomhachtú agus tacú leis, lena n-áirítear athrú i dtreo córais téimh atá saor ó astaíochtaí.

(21) Chun an dícharbónú is gá a dhéanamh ar stoc foirgneamh poiblí agus príobháideach an Aontais, lena n-áirítear foirgnimh institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, tá gá le hathchóiriú fuinnimh ar mhórscála: tá beagnach 75 % den stoc foirgnimh sin neamhéifeachtúil de réir na gcaighdeán foirgnimh atá ann faoi láthair, agus beidh 85-95 % de na foirgnimh atá ann faoi láthair fós ina seasamh faoin mbliain 2050. Mar sin féin, tá an ráta bliantúil ualaithe athchóirithe fuinnimh íseal i gcónaí ag thart ar 1 %. Ag an luas atá ann faoi láthair, thógfadh sé na céadta bliain chun earnáil na tógála a dhícharbónú. Príomhsprioc de chuid na Treorach seo, dá bhrí sin, is ea an t-athchóiriú foirgneamh a ghníomhachtú agus tacú leis, lena n-áirítear athrú i dtreo córais téimh atá saor ó astaíochtaí.

Leasú  36

Togra le haghaidh treorach

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Uirlis rialála riachtanach atá sna híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh maidir leis an athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana a ghníomhachtú ar mhórscála, toisc go dtéann siad i ngleic leis na príomhbhacainní ar athchóiriú amhail dreasachtaí deighilte agus struchtúir chomhúinéireachta, nithe nach féidir a shárú le dreasachtaí eacnamaíocha. Mar thoradh ar thabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, ba cheart na foirgnimh is measa feidhmíocht a chéimniú amach agus feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar an stoc náisiúnta foirgnimh, rud a chuirfeadh leis an sprioc fhadtéarmach maidir le stoc foirgnimh dícharbónaithe faoin mbliain 2050.

(22) Uirlis rialála riachtanach atá sna híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh maidir leis an athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana a ghníomhachtú ar mhórscála, toisc go dtéann siad i ngleic leis na príomhbhacainní ar athchóiriú amhail dreasachtaí deighilte agus struchtúir chomhúinéireachta, nithe nach féidir a shárú le dreasachtaí eacnamaíocha. Mar thoradh ar thabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, ba cheart na foirgnimh is measa feidhmíocht a chéimniú amach agus feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar an stoc náisiúnta foirgnimh lena n-áirítear institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, lena rannchuideofaí leis an sprioc fhadtéarmach maidir le stoc foirgnimh dícharbónaithe a bheith ann faoin mbliain 2050.

Leasú  37

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a shocraítear ar leibhéal an Aontais, ba cheart díriú ar athchóiriú na bhfoirgneamh lena ngabhann an acmhainneacht is airde ó thaobh an dícharbónaithe de, laghdú na bochtaineachta fuinnimh agus síneadh a chur leis na sochair shóisialta agus eacnamaíocha, agus go háirithe ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh ó thaobh an athchóirithe de.

(23) Leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a shocraítear ar leibhéal an Aontais, ba cheart díriú ar athchóiriú na bhfoirgneamh lena ngabhann an acmhainneacht is airde ó thaobh an dícharbónaithe de, ar laghdú na bochtaineachta fuinnimh agus ar shíneadh a chur leis na sochair shóisialta agus eacnamaíocha, agus díriú go háirithe ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh ó thaobh an athchóirithe de, lena n-áirítear an fhéidearthacht i gcás teaschaidéil hibrideacha nuair nach bhfuil fáil ar aon réiteach indéanta eile atá saor ó iontaise.

Leasú  38

Togra le haghaidh treorach

Aithris 23 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a) Chun léarscáil iomlán agus mhionsonraithe a bhaint amach ar staid reatha an stoic foirgneamh lenar féidir a chinneadh go díreach cá bhfuil na foirgnimh is measa feidhmíocht suite, ba cheart don Choimisiún iniúchadh a dhéanamh ar stoc foirgneamh an Aontais chun díriú go maith ar iarrachtaí agus infheistíochtaí an Aontais.

Leasú  39

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Ba cheart creat cumasúcháin lena n-áirítear cúnamh teicniúil agus bearta airgeadais a bheith ag gabháil le tabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh. Maidir leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh arna socrú ar an leibhéal náisiúnta, ní hionann iad agus ‘caighdeáin an Aontais’ de réir bhrí rialacha maidir leis an státchabhair agus cé go bhféadfaí a mheas gurb ionann íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais agus ‘caighdeáin Aontais’ den sórt sin. I gcomhréir le rialacha athbhreithnithe maidir leis an státchabhair, féadfaidh na Ballstáit státchabhair a dheonú chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh d’fhonn na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais a chomhlíonadh, go príomha chun aicme áirithe feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach, go dtí go mbeidh na caighdeáin uile-Aontais sin éigeantach. A luaithe a bheidh na caighdeáin éigeantach, féadfaidh na Ballstáit leanúint de státchabhair a dheonú chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar aonaid foirgneamh a thagann faoi na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais ar choinníoll go bhfuil sé d’aidhm leis an athchóiriú foirgneamh caighdeán níos airde ná an aicme feidhmíochta íosta fuinnimh sonraithe a bhaint amach.

(25) Ba cheart creat cumasúcháin lena n-áirítear cúnamh teicniúil agus bearta airgeadais a bheith ag gabháil le tabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, agus aird ar leith á tabhairt ar chláir athchóirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, atá leochaileach agus atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh. Maidir leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh arna socrú ar an leibhéal náisiúnta, ní hionann iad agus ‘caighdeáin an Aontais’ de réir bhrí rialacha na státchabhrach agus cé go bhféadfaí a mheas gurb ionann íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais agus ‘caighdeáin Aontais’ den sórt sin. I gcomhréir le rialacha athbhreithnithe maidir leis an státchabhair, féadfaidh na Ballstáit státchabhair a dheonú chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh chun na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais a chomhlíonadh, go príomha chun aicme áirithe feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach, go dtí go mbeidh na caighdeáin uile-Aontais sin éigeantach. A luaithe a bheidh na caighdeáin éigeantach, féadfaidh na Ballstáit leanúint de státchabhair a dheonú chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar aonaid foirgneamh a thagann faoi na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais ar choinníoll go bhfuil sé d’aidhm leis an athchóiriú foirgneamh caighdeán níos airde ná an aicme feidhmíochta íosta fuinnimh sonraithe a bhaint amach nó go bhfuil an t-athchóiriú ag leanúint de scéim maidir le pas athchóirithe foirgneamh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Cumhdófar le bearta airgeadais foirgnimh ag a bhfuil treochlár soiléir maidir le leibhéal astaíochtaí nialasacha a bhaint amach laistigh de chreat ama socraithe. Creat is ea scéim maidir le Pas Athchóirithe chun é a dhaingniú trí léiriú a thabhairt ar shraith céimeanna athchóirithe a bheidh ag tógáil ar a chéile, agus a mbeidh sé de chuspóir leis an foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí.

Leasú  40

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Déantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fud an gheilleagair a aicmiú i dTacsanomaíocht AE, lena n-áirítear d’earnáil na foirgníochta. Faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Gné na hAeráide de Thacsanomaíocht AE, meastar gur gníomhaíocht inbhuanaithe é an t-athchóiriú foirgneamh i gcás ina mbaintear amach coigiltis fuinnimh 30 % ar a laghad leis, i gcás ina gcomhlíonann sé íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh chun athchóiriú mór a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, nó i gcás inarb é atá ann bearta aonair a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, amhail trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáil, a chothabháil nó a dheisiú nó ionstraimí agus feistí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú, i gcás ina gcomhlíonann na bearta aonair sin na critéir a leagtar amach. Is gnáth go mbíonn an t-athchóiriú foirgneamh d’fhonn cloí le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais i gcomhréir le critéir Thacsanomaíocht AE a bhaineann le gníomhaíochtaí athchóirithe foirgneamh.

(26) Déantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fud an gheilleagair a aicmiú i dTacsanomaíocht AE, lena n-áirítear d’earnáil na foirgníochta. Faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Gné na hAeráide de Thacsanomaíocht AE, meastar gur gníomhaíocht inbhuanaithe é an t-athchóiriú foirgneamh i gcás ina mbaintear amach coigiltis fuinnimh 30 % ar a laghad leis, i gcás ina gcomhlíonann sé íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh chun athchóiriú mór nó suntasach a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, nó i gcás inarb é atá ann bearta aonair a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, amhail trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáil, a chothabháil nó a dheisiú nó ionstraimí agus feistí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú, i gcás ina gcomhlíonann na bearta aonair sin na critéir a leagtar amach. Is gnáth go mbíonn an t-athchóiriú foirgneamh d’fhonn cloí le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais i gcomhréir le critéir Thacsanomaíocht AE a bhaineann le gníomhaíochtaí athchóirithe foirgneamh.

Leasú  41

Togra le haghaidh treorach

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Chun stoc foirgnimh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a bhaint amach agus chun na foirgnimh atá ann cheana a aistriú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú, a chuirfear in ionad na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus a bheidh ina n-uirlis pleanála do na Ballstáit atá iomlán oibríochtúil agus níos láidre, agus lena ndíreofar níos ar mhaoiniú agus lena n-áiritheofaí go mbeidh oibrithe a bhfuil na scileanna iomchuí acu ar fáil chun athchóirithe foirgneamh a dhéanamh. Ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a shocrú maidir le hathchóiriú foirgneamh. I gcomhréir le hAirteagal 21(b)(7) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/60 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36 , ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar bhearta maoiniúcháin, mar aon le breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta agus ar na hacmhainní riaracháin le haghaidh chur chun feidhme a bpleananna athchóirithe foirgneamh.

(29) Chun stoc foirgnimh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a bhaint amach agus chun na foirgnimh atá ann cheana a aistriú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú, a chuirfear in ionad na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus a bheidh ina n-uirlis pleanála do na Ballstáit a bheidh iomlán oibríochtúil agus níos láidre, agus béim níos láidre á leagan ar thacaíocht riaracháin, ar mhaoiniú agus ar a áirithiú go mbeidh oibrithe ardcháilithe ó earnáil na tógála agus ó thionscail chruthaitheacha agus chultúrtha ar fáil chun athchóirithe foirgneamh agus próisis cháilíochta a dhéanamh, go háirithe nósanna imeachta soláthair phoiblí. Ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a shocrú maidir le hathchóiriú foirgneamh. I gcomhréir le hAirteagal 21(b)(7) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/60 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle36, ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar bhearta maoiniúcháin, mar aon le breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta agus ar na hacmhainní riaracháin le haghaidh chur chun feidhme a bpleananna athchóirithe foirgneamh.

__________________

__________________

36 Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Tearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Bhainistíocht Teorann agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

36 Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Tearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Bhainistíocht Teorann agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

Leasú  42

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Is féidir le hathchóiriú céimneach a bheith ina réiteach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hardchostais tosaigh agus an dua a d’fhéadfadh a bheith ann do na háitritheoirí nuair a dhéantar an t-athchóiriú ‘in aon iarracht amháin’. Mar sin féin, ní mór an t-athchóiriú céimneach sin a phleanáil go cúramach ionas nach gcuirfidh céim athchóirithe amháin bac ar chéimeanna riachtanacha eile ina dhiaidh sin. Le pasanna athchóirithe soláthraítear treochlár soiléir d’athchóiriú céimneach, rud a chabhraíonn le húinéirí agus le hinfheisteoirí an tráthúlacht agus an scóip is fearr chun idirghabhálacha a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart pasanna athchóirithe a chur ar fáil mar uirlis dheonach d’úinéirí foirgneamh ar fud na mBallstát go léir.

(32) Is é athchóiriú domhain céim amháin an rogha buiséid carbóin is costéifeachtaí agus is ísle chun na cuspóirí maidir le stoc foirgneamh na hEorpa a bhaint amach go tráthúil. Is féidir le hathchóiriú céimneach a bheith ina réiteach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hardchostais tosaigh agus an dua a d’fhéadfadh a bheith ann do na háitritheoirí nuair a dhéantar an t-athchóiriú ‘in aon iarracht amháin’. Mar sin féin, ní mór an t-athchóiriú céimneach sin a phleanáil go cúramach ionas nach gcuirfidh céim athchóirithe amháin bac ar chéimeanna riachtanacha eile ina dhiaidh sin. Le pasanna athchóirithe soláthraítear treochlár soiléir d’athchóiriú céimneach, rud a chabhraíonn le húinéirí agus le hinfheisteoirí an tráthúlacht agus an scóip is fearr chun idirghabhálacha a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart pasanna athchóirithe a chur ar fáil mar uirlis dheonach d’úinéirí foirgneamh ar fud na mBallstát go léir. Níor cheart pasanna athchóirithe a bheith ina n-ualach eacnamaíoch ná riaracháin ar úinéirí foirgneamh agus ba cheart iad a sholáthar gan chostas do gach úinéir réadmhaoine ísealioncaim agus d’úinéirí uile réadmhaoine arb í a bpríomháit chónaithe í. Chun maorlathas a íoslaghdú agus dúbláil a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh pasanna athchóirithe foirgneamh a chomhtháthú i dteastais feidhmíochta fuinnimh.

 

Leasú  43

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Níor sainmhíníodh an coincheap ‘athchóiriú domhain’ i reachtaíocht an Aontais go fóill. D’fhonn an fhís fhadtéarmach d’fhoirgnimh a bhaint amach, ba cheart athchóiriú domhain a shainmhíniú mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh astaíochtaí nialasacha; sa chéad chéim, mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Is é is cuspóir don sainmhíniú sin feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. Is deis den scoth é athchóiriú domhain chun críocha na feidhmíochta fuinnimh maidir le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile amhail dálaí maireachtála teaghlach leochaileach, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaistí lena n-áirítear an athléimneacht sheismeach, sábháilteacht ó dhóiteán, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

(33) Níor sainmhíníodh an coincheap ‘athchóiriú domhain’ i reachtaíocht an Aontais go fóill. D’fhonn an fhís fhadtéarmach d’fhoirgnimh a bhaint amach, ba cheart athchóiriú domhain a shainmhíniú mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh astaíochtaí nialasacha; sa chéad chéim, mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Is é is cuspóir don sainmhíniú sin feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. Is deis den scoth é athchóiriú domhain chun críocha na feidhmíochta fuinnimh maidir le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile amhail Cáilíocht an Chomhshaoil faoi Dhíon (IEQ), dálaí maireachtála teaghlach leochaileach, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaistí lena n-áirítear an athléimneacht sheismeach, sábháilteacht ó dhóiteán, téamh agus suiteálacha leictreacha agus aeráil, substaintí guaiseacha a bhaint, lena n-áirítear aispeist, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta. I láthair na huaire, ní dhéantar athchóiriú domhain a chuireann feabhas 60 % ar a laghad ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh ach in 0.2 % den stoc foirgneamh, agus ní chuirtear feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh ach sa chúigiú cuid de na cásanna.

Leasú  44

Togra le haghaidh treorach

Aithris 34

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) D’fhonn an t-athchóiriú domhain a chothú, atá ar cheann de spriocanna an tionscnaimh ‘rabharta athchóiriúcháin’, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht airgeadais agus riaracháin níos fearr a thabhairt don athchóiriú domhain.

(34) Ar mhaithe leis an athchóiriú domhain a chothú, atá ar cheann de spriocanna na straitéise ‘Rabharta Athchóiriúcháin’, ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do thacaíocht fheabhsaithe airgeadais agus riaracháin d’athchóiriú domhain, agus béim á leagan ar shaoránaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus ar theaghlaigh ar ioncam íseal, agus ar na foirgnimh is measa feidhmíocht freisin.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35a) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte teicniúla a bhunú maidir le foirgnimh stairiúla chun cur chun feidhme na Treorach seo a éascú agus a áirithiú agus an oidhreacht chultúrtha á cosaint ag an am céanna.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  46

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35b) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte teicniúla a bhunú maidir le foirgnimh oidhreachta stairiúla agus ionaid stairiúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar uaillmhianta éiceolaíocha agus go gcosnófar an oidhreacht chultúrtha.

 

Leasú  47

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35c) Is minic a bhíonn ábhair amhail díonta, ballaí nó socruithe leictreacha le láimhseáil nuair a dhéantar athchóiriú ar fhoirgneamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, ar ábhair iad a d’fhéadfadh aispeist a bheith iontu más rud é gur tógadh na foirgnimh roimh rialáil an Aontais agus roimh an rialáil náisiúnta nó roimh an toirmeasc ar úsáid aispeiste. Ní mór ceanglais a bheith cóir ó thaobh na sochaí de a thabhairt isteach chun aispeist a bhaint go sábháilte, agus bearta iomchuí a bheith ag gabháil leo chun tacú le húinéirí an t-athchóiriú is gá a mhaoiniú, chomh maith le bearta forbartha acmhainní tionlacain do FBManna a dhéanann an obair. Ba cheart go n-áireofaí sa Straitéis Eorpach maidir le Gach Aispeist a Bhaint, togra chun Treoir 2009/148/CE a thabhairt cothrom le dáta chun bearta an Aontais a neartú chun oibrithe a chosaint ar bhagairt aispeiste agus chun rabharta nua íospartach aispeiste a chosc le linn an rabharta athchóirithe, chomh maith le togra chun Treoir 2010/31/AE a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn ceanglas a thabhairt isteach maidir le scagadh éigeantach agus baint éigeantach aispeiste agus substaintí contúirteacha eile ina dhiaidh sin sula bhféadfar tús a chur le hoibreacha athchóirithe, chun sláinte oibrithe foirgníochta a chosaint.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35d) Tá géarghá le spleáchas breoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú agus le dlús a chur le hiarrachtaí chun tomhaltas na bhfoirgneamh a dhícharbónú agus leictriú. Chun gur féidir na teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil go costéifeachtach ag céim níos déanaí, ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ‘réidh ó thaobh na gréine de’, is é sin, atá deartha chun an cumas giniúna gréine a bharrfheabhsú ar bhonn ionradantas gréine an tsuímh, rud a chumasaíonn suiteáil thorthúil na dteicneolaíochtaí gréine gan idirghabhálacha struchtúracha costasacha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear suiteálacha gréine oiriúnacha ar fhoirgnimh nua, ar fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon, agus ar fhoirgnimh neamhchónaithe atá ann cheana. Chun poitéinseal na suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a shaothrú go héifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit critéir a shainiú maidir le cur chun feidhme imscartha suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, mar aon le díolúintí féideartha ó imscaradh suiteálacha gréine ar fhoirgnimh, i gcomhréir le poitéinseal measta teicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin.

 

Leasú  49

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35e) Tá tábhacht ar leith ag baint leis an nasc uisce-fuinnimh a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar úsáid idirspleách an fhuinnimh agus an uisce agus ar an mbrú atá ag méadú ar an dá acmhainn sin. Trí uisce a bhainistiú agus a athúsáid ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór leis an gcoigilteas fuinnimh, rud a théann chun tairbhe ní hamháin don aeráid ach don gheilleagar agus don tsochaí freisin.

Leasú  50

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35 f (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(35f) Agus measúnú á dhéanamh ar an acmhainneacht do théamh agus fuarú éifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit gnéithe comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta níos leithne a chur san áireamh. I ngeall ar ról na dteaschaidéal maidir le hacmhainneachtaí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach i dtaca le téamh agus fuarú, ba cheart an baol go mbeidh tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol ag cuisneáin atá marthanach, bithcharnach nó tocsaineach a íoslaghdú.

Leasú  51

Togra le haghaidh treorach

Aithris 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is cuid thábhachtach d’aistriú fuinnimh glan iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid foirgníochta a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit bacainní amhail dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhaint a bhíonn ina mbacainní ag úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

(37) Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is cuid thábhachtach d’aistriú fuinnimh glan iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid foirgníochta a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit bacainní amhail nascadh leis an eangach agus scrogaill toillte, dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhaint a bhíonn ina mbacainní ag úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

Leasú  52

Togra le haghaidh treorach

Aithris 39

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39) Leis an luchtú cliste agus luchtú déthreoch cumasaítear comhtháthú foirgneamh sa chóras fuinnimh. Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a áirithiú. I gcásanna ina dtabharfadh luchtú déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart feidhmiúlacht den sórt sin a chur ar fáil freisin.

(39) Leis an luchtú cliste agus luchtú déthreoch cumasaítear comhtháthú foirgneamh sa chóras fuinnimh. Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla ag áiteanna a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a áirithiú i gcás na bpointí athluchtaithe nua go léir i bhfoirgnimh agus in aice le foirgnimh. I gcásanna ina dtabharfadh luchtú déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart feidhmiúlacht den sórt sin a chur ar fáil freisin.

Leasú  53

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 40

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)  Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn agus is féidir le foirgnimh ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an mbonneagar is gá a chur ar fáil, ní hamháin chun feithiclí leictreacha a athluchtú ach rothair freisin. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú go suntasach ach aistriú chuig soghluaisteacht bhog, an rothaíocht mar shampla. Mar a leagtar amach sa phlean um Sprioc Aeráide 2030, trí mhéadú a dhéanamh ar chionta módacha an iompair phríobháidigh agus phoiblí atá glan agus éifeachtúil, an rothaíocht mar shampla, is lú go mór an truailliú a thiocfaidh ón iompar agus rachaidh sé chun sochair go mór do shaoránaigh agus do phobail aonair. Tá an easpa spásanna páirceála rothar ina bhac mór ar dhaoine tabhairt faoin rothaíocht, i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon. Is féidir le cóid foirgníochta tacú go héifeachtach leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine trí cheanglais a leagan síos do líon íosta spásanna páirceála rothar.

(40)  Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn agus is féidir le foirgnimh ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an mbonneagar is gá a chur ar fáil, ní hamháin chun feithiclí leictreacha a athluchtú ach rothair freisin. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú go suntasach ach aistriú chuig soghluaisteacht ghníomhach, an rothaíocht mar shampla. Le glacadh tapa díolachán rothar leictreach agus rothar lasta leictreach, ní mór spás agus bonneagar bunúsach luchtaithe do na cineálacha sin feithiclí a sholáthar freisin chun a n-úsáid rialta a éascú. Mar a leagtar amach sa phlean um Sprioc Aeráide 2030, trí mhéadú a dhéanamh ar chionta módacha an iompair phríobháidigh agus phoiblí atá glan agus éifeachtúil, an rothaíocht mar shampla, is lú go mór an truailliú a thiocfaidh ón iompar agus rachaidh sé chun sochair go mór do shaoránaigh agus do phobail aonair. Tá an easpa spásanna páirceála rothar ina bhac mór ar dhaoine tabhairt faoin rothaíocht, i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon. Is féidir le cóid foirgníochta tacú go héifeachtach leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine trí cheanglais a leagan síos do líon íosta spásanna páirceála rothar.

Leasú  54

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 40 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40a) Ba cheart do na Ballstáit tacú le húdaráis áitiúla Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus béim ar leith á leagan ar chomhtháthú beartas tithíochta, soghluaisteacht inbhuanaithe, glacadh saoráidí stórála fuinnimh chun tacú le comhtháthú feithiclí leictreacha agus le pleanáil uirbeach.

 

Leasú  55

Togra le haghaidh treorach

Aithris 41

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41) Ba cheart cláir oibre an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus an Aontais Fuinnimh a bheith ailínithe agus freastal ar spriocanna comhchoiteanna. Tá digitiú an chórais fuinnimh ag athrú earnáil an fhuinnimh go tapa, ó chomhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh go heangacha cliste agus foirgnimh atá ullamh don teicneolaíocht chliste. Chun earnáil na foirgníochta a dhigitiú, tá spriocanna nascachta agus uaillmhianta an Aontais maidir le himscaradh líonraí cumarsáide ardtoillte tábhachtach d’fhoirgnimh chliste agus do phobail dhea-nasctha. Ba cheart dreasachtaí spriocdhírithe a sholáthar chun córais atá ullamh don teicneolaíocht-chliste agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Leis sin chuirfí deiseanna nua ar fáil do choigiltí fuinnimh, trí eolas níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí faoina bpatrúin ídithe agus trí chur ar chumas an oibreora córais an eangach a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí.

(41) Ba cheart cláir oibre an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus an Aontais Fuinnimh a bheith ailínithe agus freastal ar spriocanna comhchoiteanna. Tá digitiú an chórais fuinnimh ag athrú earnáil an fhuinnimh go tapa, ó chomhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh go heangacha cliste agus foirgnimh atá ullamh don teicneolaíocht chliste. Chun earnáil na foirgníochta a dhigitiú, tá spriocanna nascachta agus uaillmhianta an Aontais maidir le himscaradh líonraí cumarsáide ardtoillte tábhachtach d’fhoirgnimh chliste agus do phobail dhea-nasctha. Ba cheart dreasachtaí spriocdhírithe a sholáthar chun córais atá ullamh don teicneolaíocht-chliste agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Ba cheart slándáil agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn trí infheistíocht a spreagadh agus réitigh ísealteicneolaíochta ísealfhuinnimh a dhreasú agus an t-aistriú digiteach a éascú tríd an nascacht a fheabhsú chun an deighilt dhigiteach a mhaolú. Dá bhrí sin, tá comhoibriú Bauhaus Eorpach Nua tábhachtach chuige sin agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí réitigh nuálacha a fháil d’earnálacha na tógála, na foirgníochta, na tionsclaíochta agus na n-ábhar. Leis sin chuirfí deiseanna nua ar fáil do choigiltí fuinnimh, trí eolas níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí faoina bpatrúin ídithe agus trí chur ar chumas an oibreora córais an eangach a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí.

Leasú  56

Togra le haghaidh treorach

Aithris 42

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42) Chun margadh iomaíoch agus nuálach do sheirbhísí foirgneamh cliste a éascú, ar margadh é a rannchuideoidh le húsáid éifeachtúil fuinnimh agus le comhtháthú éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh agus a thacóidh le hinfheistíochtaí san athchóiriú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach ag páirtithe leasmhara ar shonraí na gcóras tógála. Chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do thríú páirtithe, éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas.

(42) Chun margadh iomaíoch agus nuálach do sheirbhísí foirgneamh cliste a éascú, ar margadh é a rannchuideoidh le húsáid éifeachtúil fuinnimh agus le comhtháthú éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, lena n-áirítear painéil ghréine dín agus chun tacú le hinfheistíochtaí san athchóiriú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach ag páirtithe leasmhara ar shonraí córas foirgneamh. Chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do thríú páirtithe, éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas.

Leasú  57

Togra le haghaidh treorach

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar chumas foirgneamh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú na bhfoirgneamh a chur in oiriúint do riachtanais na n-áititheoirí agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Leis an táscaire ullmhachta cliste, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áititheoirí foirgnimh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus muinín a thabhairt d’áititheoirí maidir leis na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Tá tairbhe ar leith ag baint leis an táscaire ullmhachta cliste maidir le foirgnimh mhóra a bhfuil éileamh ard fuinnimh orthu. Maidir le foirgnimh eile, ba cheart úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit.

(43) Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar chumas foirgneamh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú na bhfoirgneamh a chur in oiriúint do riachtanais na n-áititheoirí agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Leis an táscaire ullmhachta cliste, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áititheoirí foirgnimh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus muinín a thabhairt d’áititheoirí maidir leis na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Tá tairbhe ar leith ag baint leis an táscaire ullmhachta cliste maidir le foirgnimh mhóra a bhfuil éileamh ard fuinnimh orthu. Maidir le foirgnimh eile, ba cheart úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit, agus reachtaíocht cosanta sonraí á hurramú ag an am céanna.

Leasú  58

Togra le haghaidh treorach

Aithris 44

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44) Tá rochtain ar chistiú leordhóthanach ríthábhachtach chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus 2050 a bhaint amach. Tá ionstraimí airgeadais an Aontais agus bearta nach iad curtha i bhfeidhm nó in oiriúint d’fhonn tacú le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh . Áirítear ar na tionscnaimh is déanaí chun infhaighteacht an mhaoinithe a mhéadú ar leibhéal an Aontais, inter alia, an ghné shuaitheanta den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2041/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 agus de Chiste Sóisialta na hAeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) .../... Is féidir le roinnt clár tábhachtach eile de chuid an Aontais tacú leis an athchóiriú fuinnimh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, lena n-áirítear cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Ciste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40. Trí Chreatchláir um thaighde agus um nuálaíocht, infheistíonn an tAontas i ndeontais nó in iasachtaí chun an teicneolaíocht is fearr a bhrú agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí leis an tionscal agus leis na Ballstáit amhail an tAistriú Fuinnimh Glan agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha Built4People.

(44) Tá rochtain ar chistiú leordhóthanach ríthábhachtach chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 agus 2050 a bhaint amach. Tá ionstraimí airgeadais an Aontais agus bearta nach iad curtha i bhfeidhm nó in oiriúint d’fhonn tacú le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Áirítear ar na tionscnaimh is déanaí chun infhaighteacht an mhaoinithe a mhéadú ar leibhéal an Aontais, inter alia, an ghné shuaitheanta den tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2041/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle39 agus an Ciste don Aeráid Shóisialta a bunaíodh le Rialachán (AE).../... Is féidir le roinnt clár tábhachtach eile de chuid an Aontais tacú le hathchóiriú fuinnimh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, lena n-áirítear cistí an bheartais chomhtháthaithe agus an Ciste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40. Trí Chreatchláir um thaighde agus um nuálaíocht, infheistíonn an tAontas i ndeontais nó in iasachtaí chun an teicneolaíocht is fearr a bhrú agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí leis an tionscal agus leis na Ballstáit amhail an tAistriú Fuinnimh Glan agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha Built4People. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40a, ba cheart don Choimisiún comhpháirtíochtaí earnáilsonracha um aistriú fuinnimh a bhunú laistigh d’earnáil na tógála trí phríomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile.

__________________

__________________

39 Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021)

39 Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021)

40 Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

40 Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

 

40a Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

Réasúnú

De réir an Dlí Aeráide Eorpaigh, ba cheart don Choimisiún idirphlé agus comhpháirtíochtaí earnáilsonracha maidir leis an aeráid a éascú laistigh den earnáil tógála freisin.

Leasú  59

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46) Ba cheart ról lárnach a bheith ag sásraí airgeadais, dreasachtaí agus cur ag gluaiseacht institiúidí airgeadais d’athchóirithe fuinnimh i bhfoirgnimh sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus ba cheart do na Ballstáit na nithe sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach. Ba cheart go n-áireofaí le bearta den sórt sin morgáistí fuinneamhéifeachtúla a spreagadh d’athchóiriú foirgneamh fuinneamhéifeachtúil deimhnithe, lena gcuirtear infheistíochtaí d’údaráis phoiblí chun cinn i stoc foirgnimh fuinneamhéifeachtúil, mar shampla trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó conarthaí feidhmíochta fuinnimh nó an baol a mheastar a bhaineann leis na hinfheistíochtaí a laghdú.

(46) Ba cheart ról lárnach a bheith ag sásraí airgeadais, deontais agus fóirdheontais, dreasachtaí agus slógadh institiúidí airgeadais d’athchóirithe fuinnimh i bhfoirgnimh, atá saincheaptha do riachtanais úinéirí foirgneamh agus tionóntaí éagsúla, sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus ba cheart do na Ballstáit na nithe sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach. Ba cheart go n-áireofaí le bearta den sórt sin morgáistí fuinneamhéifeachtúla a spreagadh d’athchóiriú foirgneamh fuinneamhéifeachtúil deimhnithe, lena gcuirtear infheistíochtaí d’údaráis phoiblí chun cinn i stoc foirgnimh fuinneamhéifeachtúil, mar shampla trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó conarthaí feidhmíochta fuinnimh nó an baol a mheastar a bhaineann leis na hinfheistíochtaí a laghdú. Ba cheart do scéimeanna airgeadais préimh thábhachtach a thabhairt d’athchóirithe doimhne, ionas go mbeidh siad tarraingteach ó thaobh airgeadais de.

Leasú  60

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(46a) Is féidir le hiasachtaí morgáiste glasa agus iasachtaí miondíola glasa cuidiú go mór leis an ngeilleagar a athrú ó bhonn, rud a laghdaíonn astaíochtaí carbóin. Ní chuireann an Treoir um Chreidmheas Morgáiste bac ar ghlacadh morgáistí glasa, ach ní sholáthraíonn sí aon bhearta sonracha chun an glacadh atá leo a spreagadh. Thairis sin, ní bhailíonn go leor soláthraithe creidmheasa morgáiste na sonraí ar tógadh iasacht morgáiste ina leith. Tá an easpa sonraí córasacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh nó ‘glasacht’ réadmhaoine cónaithe ina gcúis le saincheisteanna a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart don Aontas agus na Ballstáit an reachtaíocht ábhartha a choigeartú agus bearta tacaíochta a fhorbairt chun glacadh iasachtaí morgáiste glasa agus iasachtaí miondíola glasa a éascú mar aon le bailiú sonraí.

Leasú  61

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(46b) Ní fhoráiltear do na scéimeanna airgeadais Íoc-mar-a-Shábháiltear in aon ionstraim airgeadais de chuid an Aontais, ach ba cheart don Choimisiún caighdeán coiteann de chuid an Aontais a fhorbairt le haghaidh na scéimeanna airgeadais Íoc-mar-a-Shábháiltear, lena leagfar síos íoscheanglais éigeantacha le haghaidh gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, chun go ndeonófar an caighdeán sin.

Leasú  62

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Ní dhéanfar freastal ar na riachtanais athchóirithe tríd an maoiniú amháin. Mar aon leis an maoiniú, tá bunú uirlisí comhairleacha agus ionstraimí cúnaimh inrochtana agus trédhearcacha amhail ionaid ilfhreastail ina soláthraítear seirbhísí agus éascaitheoirí athchóirithe fuinnimh comhtháite, chomh maith le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme amhail iad siúd dá dtagraítear i Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste ón gCoimisiún, tá sé fíor-riachtanach chun an creat ceart cumasúcháin a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní ar an athchóiriú.

(47) Ní dhéanfar freastal ar na riachtanais athchóirithe tríd an maoiniú amháin. In éineacht le maoiniú, tá cur ar bun uirlisí comhairleacha agus ionstraimí riaracháin cúnaimh inrochtana agus trédhearcacha amhail ionaid ilfhreastail ina soláthraítear seirbhísí éascaitheoirí athchóirithe fuinnimh comhtháite, chomh maith le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme amhail iad siúd dá dtagraítear i dTionscnamh maidir le Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste ón gCoimisiún, fíor-riachtanach chun an creat ceart cumasúcháin a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní ar an athchóiriú. Ba cheart ionaid ilfhreastail a bheith feistithe chun tacú le hathchóirithe ar fhoirgnimh ilárasán agus ar thithe atá ar cíos ar bhonn príobháideach. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil freisin do thionscnaimh áitiúla, amhail cláir athchóirithe faoi stiúir na saoránach agus cláir chun téamh agus fuarú a dhícharbónú ar leibhéal na comharsanachta nó ar leibhéal an bhardais, ós rud é go gcuireann cláir den sórt sin le rannpháirtíocht na saoránach san aistriú fuinnimh, go bhfuil éifeacht barainneachta scála acu agus go gcuireann siad réitigh ar fáil atá oiriúnach don chomhthéacs áitiúil agus do na riachtanais áitiúla.

Leasú  63

Togra le haghaidh treorach

Aithris 48

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48) Is minic a bhíonn foirgnimh neamhéifeachtúla nasctha le bochtaineacht fuinnimh agus le fadhbanna sóisialta. Tá teaghlaigh leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna fuinnimh mar go gcaitheann siad sciar níos mó dá mbuiséad ar tháirgí fuinnimh. Trí bhillí iomarcacha fuinnimh a laghdú, is féidir leis an athchóiriú foirgneamh daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht fuinnimh agus í a chosc. Ag an am céanna, níl an t-athchóiriú foirgneamh saor in aisce, agus tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcoinneofar tionchar sóisialta na gcostas a bhaineann leis an athchóiriú foirgneamh, go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, faoi smacht. Níor cheart aon duine a fhágáil ar gcúl leis an rabharta athchóiriúcháin, agus níor cheart é a thapú mar dheis chun staid na dteaghlach leochaileach a fheabhsú agus aistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart dreasachtaí airgeadais agus bearta beartais eile a bheith mar sprioc thosaíochta do theaghlaigh leochaileacha, do dhaoine a bhfuil tionchar ag an mbochtaineacht fuinnimh orthu agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun díshealbhuithe de bharr athchóirithe a chosc. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú, soláthraítear creat coiteann agus comhthuiscint ar bheartais chuimsitheacha agus ar infheistíochtaí cuimsitheacha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cothrom.

(48) Is minic a bhíonn foirgnimh neamhéifeachtúla nasctha le bochtaineacht fuinnimh agus le fadhbanna sóisialta. Tá teaghlaigh leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna fuinnimh iontaise mar go gcaitheann siad sciar níos mó dá mbuiséad ar tháirgí fuinnimh. Trí bhillí iomarcacha fuinnimh a laghdú, is féidir leis an athchóiriú foirgneamh daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht fuinnimh agus í a chosc. Ag an am céanna, níl an t-athchóiriú foirgneamh saor in aisce, agus tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcoinneofar tionchar sóisialta na gcostas a bhaineann leis an athchóiriú foirgneamh, go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, faoi smacht. Níor cheart aon duine a fhágáil ar gcúl leis an rabharta athchóiriúcháin, agus ba cheart é a thapú mar dheis chun feabhas a chur ar staid na dteaghlach leochaileach agus ar ioncam íseal, staid na ndaoine a mbíonn tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus staid na ndaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus ba cheart aistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, dreasachtaí airgeadais agus bearta beartais eile a bheith mar sprioc thosaíochta do theaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh ar ioncam íseal, do dhaoine atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, d’úinéirí réadmhaoine ar ioncam íseal, d’úinéirí réadmhaoine scothaosta agus atá ar scor agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar dhíshealbhuithe de bharr athchóirithe. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú, soláthraítear creat coiteann agus comhthuiscint ar bheartais chuimsitheacha agus ar infheistíochtaí cuimsitheacha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cothrom.

Leasú  64

Togra le haghaidh treorach

Aithris 49

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49) D’fhonn a áirithiú gur féidir le ceannaitheoirí nó tionóntaí ionchasacha feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur san áireamh go luath sa phróiseas, ba cheart teastas feidhmíochta fuinnimh a bheith ag gabháil le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a thairgtear le díol nó le cur amach ar cíos, agus ba cheart an aicme feidhmíochta fuinnimh agus an táscaire feidhmíochta fuinnimh a lua i ngach fógrán. Ba cheart an fhaisnéis cheart a thabhairt don cheannaitheoir ionchasach nó do thionónta foirgnimh nó aonaid foirgnimh sa teastas feidhmíochta fuinnimh maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh agus ba cheart moltaí praiticiúla a bheith ann freisin maidir leis an bhfeidhmíocht sin a fheabhsú. Sa bhreis air sin, ba cheart faisnéis a bheith sa teastas feidhmíochta fuinnimh maidir lena ídiú fuinnimh príomhúil , ar a tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus ar na astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla .

(49) Ar mhaithe lena áirithiú gur féidir le ceannaitheoirí nó tionóntaí ionchasacha feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur san áireamh go luath sa phróiseas, ba cheart teastas feidhmíochta fuinnimh a bheith ag gabháil le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a thairgtear le díol nó le cur amach ar cíos ar bhonn tráchtála, agus ba cheart an aicme feidhmíochta fuinnimh agus an táscaire feidhmíochta fuinnimh a lua i ngach fógrán. Ba cheart an fhaisnéis cheart a thabhairt don cheannaitheoir ionchasach nó do thionónta foirgnimh nó aonaid foirgnimh sa teastas feidhmíochta fuinnimh maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh agus ba cheart moltaí praiticiúla a bheith ann freisin maidir leis an bhfeidhmíocht sin a fheabhsú. Sa bhreis air sin, ba cheart faisnéis a bheith sa teastas feidhmíochta fuinnimh maidir lena ídiú fuinnimh príomhúil, leis na scéimeanna Íoc-mar-a-Shábháiltear atá cheana ann i gcomhair na réadmhaoine, lena tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus lena astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  65

Togra le haghaidh treorach

Aithris 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) Éascaítear faireachán ar stoc na bhfoirgneamh trí infhaighteacht sonraí arna mbailiú ag uirlisí digiteacha, rud a laghdóidh costais riaracháin. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus ba cheart an fhaisnéis atá iontu a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

(50) Éascaítear an faireachán ar an stoc foirgneamh trí shonraí arna mbailiú le huirlisí digiteacha a bheith ar fáil, teicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt agus a uasmhéadú chun réitigh níos éifeachtúla, níos cuimsithí, níos inrochtana agus níos éicea-inbhuanaithe a bhaint amach: á chur i bhfáth gur cheart teicneolaíochtaí den sórt sin a úsáid chun feabhas a chur ar fholláine shóisialta na saoránach agus nach gcruthaíonn siad faireachas digiteach ar dhaoine agus, ar an gcaoi sin, go laghdófaí na costais riaracháin. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus ba cheart an fhaisnéis atá iontu a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

Leasú  66

Togra le haghaidh treorach

Aithris 51

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Foirgnimh a bhfuil údaráis phoiblí lonnaithe iontu agus foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, ba cheart do na foirgnimh sin dea-shampla a thabhairt agus iad ag léiriú go gcuirtear cúrsaí comhshaoil agus fuinnimh san áireamh, agus dá bhrí sin ba cheart na foirgnimh sin a bheith ag deimhniúchán fuinnimh go tráthrialta. Ba cheart scaipeadh faisnéise poiblí maidir le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú trí na teastais fuinnimh sin a thaispeáint go soiléir, go háirithe i bhfoirgnimh de mhéid áirithe atá áitithe ag údaráis phoiblí nó foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, mar atá hallaí baile, scoileanna, siopaí agus ionaid siopadóireachta, ollmhargaí, bialanna, amharclanna, bainc agus óstáin.

(51) Foirgnimh a bhfuil údaráis phoiblí lonnaithe iontu agus foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, ba cheart do na foirgnimh sin dea-shampla a thabhairt agus iad ag léiriú go gcuirtear cúrsaí comhshaoil agus fuinnimh san áireamh, agus dá bhrí sin ba cheart na foirgnimh sin a bheith ag deimhniúchán fuinnimh go tráthrialta. Ba cheart scaipeadh faisnéise poiblí maidir le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú trí na teastais fuinnimh sin a thaispeáint go soiléir, go háirithe i bhfoirgnimh de mhéid áirithe atá áitithe ag údaráis phoiblí nó foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, mar atá hallaí baile, scoileanna, siopaí agus ionaid siopadóireachta, ollmhargaí, bialanna, amharclanna, bainc agus óstáin. Chun ról eiseamláireach na n-údarás poiblí a áirithiú agus infheictheacht na mbeart inbhuanaitheachta a chur chun cinn, ba cheart d’fhoirgnimh phoiblí rialtais nach bhfuil luach stairiúil ná cultúrtha acu iarracht a dhéanamh painéil ghréine a bhunú ar a bhfoirgnimh faoi seach.

Réasúnú

Ba cheart infheictheacht an aistrithe fuinnimh a fheabhsú trí fhoirgnimh na n-údarás poiblí a úsáid mar eiseamláir.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 51 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51a) Is gá don Aontas agus a Bhallstáit aird a thabhairt ar ullmhacht agus ar dhearcthaí an phobail i gcoitinne chun dul i mbun athchóiriú ar na foirgnimh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

 

Leasú  68

Togra le haghaidh treorach

Aithris 53

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53) Ach na córais téimh , aerála agus aerchóirithe a chur á gcothabháil agus á n-iniúchadh go tráthrialta ag pearsanra cáilithe, cuidíonn sé sin lena gcoinneáil ar an socrú ceart i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge agus ar an mbealach sin, áirítear an fheidhmíocht is fearr ó thaobh an chomhshaoil, na sábháilteachta agus an fhuinnimh de. Ba cheart measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras téimh , aerála agus aerchóirithe ar fad go tráthrialta le linn a shaolré agus go háirithe sula ndéantar é a athsholáthar nó a nuashonrú. Chun an t-ualach riaracháin ar úinéirí foirgnimh agus tionóntaí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit féachaint le hiniúchtaí agus deimhniúcháin a dhéanamh in aon fheacht le chéile más féidir.

(53) Ach na córais téimh, aerála agus aerchóirithe agus suiteálacha leictreacha a chur á gcothabháil agus á n-iniúchadh go tráthrialta ag pearsanra cáilithe, cuidíonn sé sin lena gcoinneáil ar an socrú ceart i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge agus ar an mbealach sin, áirítear an fheidhmíocht is fearr ó thaobh an chomhshaoil, na sábháilteachta agus an fhuinnimh de. Ba cheart go ndéanfaí measúnú neamhspleách ar an gcóras iomlán téimh, aerála agus aerchóirithe agus suiteálacha leictreacha ag eatraimh rialta le linn a shaolré go háirithe sula ndéanfaí é a athsholáthar nó a uasghrádú, a bheadh saor in aisce do thionóntaí, d’úinéirí ar ioncam íseal agus do gach úinéir, gan dochar do chritéir ioncaim, i gcás na maoine arb í a bpríomháit chónaithe í. Chun an t-ualach riaracháin ar úinéirí foirgnimh agus tionóntaí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit féachaint le hiniúchtaí agus deimhniúcháin a dhéanamh in aon fheacht le chéile más féidir.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Saincheist thábhachtach is ea bochtaineacht fuinnimh agus costais arda ar athchóirithe go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha, saincheist ar cheart go dtabharfaí aghaidh chomhsheasmhach uirthi ar fud na Treorach seo. Cinntíonn cothabháil, cigireacht agus measúnú neamhspleách rialta ar chórais leictreacha an fheidhmíocht is fearr ó thaobh an chomhshaoil, na sábháilteachta agus an fhuinnimh de.

Leasú  69

Togra le haghaidh treorach

Aithris 53 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a) Tá baint ag droch-aeráil i spásanna cúnga laistigh le tarchur méadaithe ionfhabhtuithe na conaire riospráide amhail fliú, eitinn agus ionfhabhtú rinivíreas. Ar an gcaoi chéanna, tá tarchur SARS-CoV-2 thar a bheith éifeachtach i spásanna dúnta. Tá cáilíocht an aeir laistigh, dá bhrí sin, ríthábhachtach chun leathadh galar aer-in-tarchurtha a chosc. Is féidir le córais téimh, aerála agus aerchóirithe dea-chaighdeán aeir a sholáthar agus tarchur galar i spásanna dúnta laistigh a laghdú trí ráta malairte aeir a mhéadú, aershruthú a laghdú agus úsáid an aeir lasmuigh a mhéadú, agus úsáid á baint as cineálacha leormhaithe scagairí.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs. Tacaíonn an leasú leis na ceanglais maidir le haeráil – mar atá leagtha amach cheana féin faoin sean-EPBD.

Leasú  70

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Má ghlactar cur chuige coiteann maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh , pasanna athchóirithe; táscairí ullmhachta cliste a dheimhniú agus iniúchadh a dhéanamh ar chórais téimh agus aerchóirithe, agus an méid sin á chur i gcrích ag saineolaithe cáilithe nó deimhnithe , rud a ndéanfar a neamhspleáchas a ráthú ar bhonn critéar oibiachtúil, agus a rannchuideoidh le cothrom na féinne a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis na hiarrachtaí a dhéantar sna Ballstáit chun fuinneamh a choigilt in earnáil na bhfoirgneamh, agus lena dtabharfaí isteach trédhearcacht d’úinéirí nó úsáideoirí ionchasacha maidir le feidhmíocht fuinnimh i margadh réadmhaoine an Aontais. Chun cáilíocht na dteastas feidhmíochta fuinnimh , pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste agus cáilíocht chigireachtaí na gcóras téimh agus aerchóirithe a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart sásra neamhspleách rialaithe a bhunú i ngach Ballstát.

(54) Má ghlactar cur chuige coiteann maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste a dheimhniú agus iniúchadh a dhéanamh ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe agus suiteálacha leictreacha, agus an méid sin á chur i gcrích ag saineolaithe cáilithe nó deimhnithe a ndéanfar a neamhspleáchas a ráthú ar bhonn critéar oibiachtúil, agus a rannchuideoidh le cothrom na Féinne a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis na hiarrachtaí a dhéantar sna Ballstáit chun fuinneamh a choigilt in earnáil na bhfoirgneamh, agus lena dtabharfaí isteach trédhearcacht d’úinéirí nó úsáideoirí ionchasacha maidir le feidhmíocht fuinnimh i margadh réadmhaoine an Aontais. Chun cáilíocht na dteastas feidhmíochta fuinnimh , pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste agus cáilíocht chigireachtaí na gcóras téimh agus aerchóirithe a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart sásra neamhspleách rialaithe a bhunú i ngach Ballstát.

Réasúnú

Ní mór suiteálacha leictreacha a chumhdach sna cigireachtaí freisin chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú de réir an chaighdeáin atá ar fáil (IEC/HD 60364-8-1:2019). Cumhdaítear aeráil le hAirteagal 20 ach tá sé in easnamh san Aithris seo.

Leasú  71

Togra le haghaidh treorach

Aithris 57

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(57) D’fhonn cur a thuilleadh leis na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE ba cheart í a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le codanna áirithe den chreat ginearálta a athchóiriú i gcomhréir le dul chun cinn teicniúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i dtaca le creat modheolaíochta a bhunú chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh , i ndáil leis na tairseacha d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha a oiriúnú agus leis an modheolaíocht ríofa maidir leis an Acmhainneacht Téite Domhanda saolré, i ndáil le bunú creata chomhchoiteann Eorpaigh le haghaidh pasanna athchóirithe agus i ndáil le scéim an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil . Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe , agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr41. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe .

(57) Chun cur tuilleadh leis na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE ba cheart í a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le codanna áirithe den chreat ginearálta a athchóiriú i gcomhréir le dul chun cinn teicniúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i leith creat modheolaíochta a chur ar bun chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, i ndáil leis na tairseacha d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha a oiriúnú agus leis an modheolaíocht ríofa maidir leis an Acmhainneacht Téite Domhanda saolré, i leith creat comhchoiteann Eorpach a chur ar bun le haghaidh pasanna athchóirithe agus i leith scéim an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil, agus lena bhformheasfar caighdeáin le haghaidh scéimeanna Íoc-mar-a-Shábháiltear. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe , agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr41. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

41 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

41 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

 

Leasú  72

Togra le haghaidh treorach

Aithris 58

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(58) D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí uirlisí éagsúla, amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil42 lena soláthraítear saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe a mhéadú faoin mbliain 2030 agus athchóiriú domhainfhuinnimh a chothú. Baineann an tacaíocht theicniúil, mar shampla, le cumas riaracháin a neartú, tacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt.

(58) D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí uirlisí éagsúla, amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil42 lena soláthraítear saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe a mhéadú go 3 % ar a laghad faoin mbliain 2025 agus athchóiriú domhainfhuinnimh a chothú. Baineann an tacaíocht theicniúil, mar shampla, le cumas riaracháin a neartú, tacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag teaghlaigh atá ar ioncam íseal ar thacaíocht theicniúil.

__________________

__________________

42 Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

42 Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

Réasúnú

Chun fanacht i gcomhréir le sprioc fhadtéarmach 2050 maidir le glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach san Aontas, ní mór don earnáil tógála a huaillmhian a mhéadú trí na rátaí athchóirithe bliantúla a mhéadú go 3 % ar a laghad.

Leasú  73

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Leis an Treoir seo, cuirtear feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh san Aontas chun cinn, d’fhonn stoc foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoin mbliain 2050 agus dálaí aeráide lasmuigh agus dálaí áitiúla á gcur san áireamh, mar aon le ceanglais aeráide laistigh agus an chostéifeachtúlacht.

1. Leis an Treoir seo, cuirtear feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh san Aontas chun cinn, d’fhonn stoc foirgnimh astaíochtaí nialasacha agus níos cliste agus níos inbhuanaithe a bhaint amach faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí agus dálaí aeráide lasmuigh agus dálaí áitiúla, ceanglais aeráide laistigh, cáilíocht chomhshaoil laistigh,an tionchar socheacnamaíoch agus costéifeachtúlacht á gcur san áireamh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  74

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;

(f) pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, d’fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha araon ar cheart go mbeadh bearta ciorclaíochta iontu chun príomhchodanna na bhfoirgneamh a fheabhsú amhail an aghaidh agus an díon;

 

Leasú  75

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) deireadh a chur de réir a chéile le córais theicniúla foirgneamh atá bunaithe ar bhreosla iontaise;

Leasú  76

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh; agus

(g) bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe agus gníomhach i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh; agus

Leasú  77

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe h a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha) foirgnimh chliste agus inbhuanaithe chun na spriocanna maidir le haistriú digiteach agus inbhuanaithe a bhaint amach;

Leasú  78

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 2 – pointe k a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ka) ceanglais íosta maidir leis na heangacha leictreacha chun éifeachtacht agus acmhainneacht a áirithiú chun bearta athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme go héifeachtúil.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  79

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ciallaíonn ‘foirgneamh astaíochtaí nialasacha’ foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bhfuil an méid fuinnimh an-íseal atá fós ag teastáil á chumhdach go hiomlán ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair, ó chomhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe] nó ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

2. ciallaíonn ‘foirgneamh astaíochtaí nialasacha’ foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh thar a bheith ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bhfuil an méid fuinnimh thar a bheith íseal atá fós ag teastáil á chumhdach go hiomlán ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair, ó chomhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe] nó fuinneamh in-athnuaite agus dreamhtheas ó chóras éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair, nó ó in-athnuaiteáin leithdháilte eangach-bhunaithe ar bhonn forlíontach arna ndeimhniú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III nó a stóráiltear ar an láthair;

Leasú  80

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. ciallaíonn ‘foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de’ foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh an-ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I , feidhmíocht fuinnimh nach féidir a bheith níos ísle ná an leibhéal is fearr costais in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó gar dó;

3. ciallaíonn ‘foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de’ foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh thar a beith ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I , feidhmíocht fuinnimh nach féidir a bheith níos ísle ná an leibhéal is fearr costas in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair, in aiceláimhe ó chóras éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ar bhonn forlíontach ón eangach arna deimhniú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [Red leasaithe] nó a stóráiltear ar líne;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  81

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Ciallaíonn ‘íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh’ rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgnimh nó ag truicearphointe ar an margadh (ar díol nó ar cíos), laistigh de thréimhse ama nó faoi dháta sonrach, agus ar an gcaoi sin déanfar athchóiriú ar fhoirgnimh atá ann cheana;

4. ciallaíonn ‘íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh’ rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgnimh nó ag truicearphointe ar an margadh (ar díol nó ar cíos), laistigh de thréimhse ama nó faoi dháta sonrach, agus ar an gcaoi sin déanfar athchóiriú ar fhoirgnimh atá ann cheana a urramaíonn an Chéad Phrionsabal um Éifeachtúlacht Fuinnimh mar a shainmhínítear ag [EED athmhúnlaithe];

Leasú  82

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. ciallaíonn ‘Bauhaus Eorpach nua’ nascadh leis an Rabharta Athchóirithe mar réamhchéim, agus leas á bhaint as na réitigh nuálacha a chuirtear ar fáil leis an tionscadal maidir le hathchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar ár stoc foirgneamh, rud a théann níos faide ná éifeachtúlacht fuinnimh, inrochtaineacht agus slándáil, lena mbaintear amach athchóiriú fíor-iomlánaíoch agus ar ardcháilíocht ar an stoc foirgneamh, agus aird á tabhairt ar na comhthéacsanna a bhaineann go sonrach leis an suíomh agus ar an gcomharsanacht máguaird trí inbhuanaitheacht, aeistéitic agus cuimsiú a urramú;

Leasú  83

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ciallaíonn ‘córas teicniúil foirgnimh’ an fearas teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint agus stóráil fuinnimh in-athnuaite ar an láthair, lena n-áirítear na córais siúd a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

6. ciallaíonn ‘córas teicniúil foirgnimh’ trealamh teicniúil le haghaidh téamh spáis, fuarú spáis, aeráil, cáilíocht an aeir laistigh, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, scáthú gréine, suiteálacha leictreacha, faireachán ar shuiteálacha leictreacha, stáisiúin luchtaithe dhéthreocha feithiclí leictreacha, más indéanta go heacnamaíoch, fuinneamh inathnuaite ar an láthair lena n-áirítear giniúint grianphainéal dín, stóráil, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh in aice láimhe agus is féidir a úsáid ar láthair an fhoirgnimh arna mheasúnú trí nasc tiomnaithe leis an bhfoinse táirgthe fuinnimh, leis an gcóras aisghabhála dramhtheasa nó le teaglaim díobh, lena n-áirítear na córais sin a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, d’fhoirgneamh nó d’aonad foirgnimh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  84

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. ciallaíonn ‘feidhmíocht fuinnimh foirgnimh’ an méid fuinnimh arna ríomh nó arna mhéadrú atá ag teastáil chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid an fhoirgnimh, lena n-áirítear, inter alia, fuinneamh a úsáidtear chun an foirgneamh a théamh, a fhuarú, a aeráil, chun uisce te a sholáthar ann agus chun an foirgneamh a shoilsiú;

8. ciallaíonn ‘feidhmíocht fuinnimh foirgnimh’ an méid fuinnimh arna ríomh nó arna mhéadrú atá ag teastáil chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid an fhoirgnimh, lena n-áirítear, inter alia, fuinneamh a úsáidtear chun an foirgneamh a théamh, a fhuarú, a aeráil, chun uisce te a sholáthar ann agus chun an foirgneamh a shoilsiú agus córais theicniúla foirgneamh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  85

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a. ciallaíonn ‘méadraithe’ fuinneamh a thomhas le feiste ábhartha, le méadar fuinnimh, le méadar cumhachta, le feiste méadraithe agus faireacháin cumhachta, nó le méadar leictreachais;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

 

 

Leasú  86

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11. Ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil in-athnuaite’ fuinneamh príomhúil in-athnuaite ó fhoinse fuinnimh ar an láthair, in aice láimhe nó i gcéin, a sheachadtar trí iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tseachadta chuig na pointí úsáide, roinnte ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

11. ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil in-athnuaite’ fuinneamh príomhúil in-athnuaite ó fhoinse fuinnimh ar an láthair, in aice láimhe nó i gcéin, a sheachadtar trí iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tseachadta chuig na pointí úsáide, roinnte ar an bhfuinneamh arna sheachadadh, lena n-áirítear grianphainéil dín;

Leasú  87

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13. ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) , agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhas, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

13. ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamhiontaise mar a shainítear i dTreoir (AE) .../…[RED leasaithe];

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  88

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

18. Ciallaíonn ‘pas athchóirithe’ doiciméad lena soláthraítear treochlár saincheaptha chun foirgneamh sonrach a athchóiriú i roinnt céimeanna lena gcuirfear feabhas suntasach ar a fheidhmíocht fuinnimh;

18. ciallaíonn ‘pas athchóirithe’ doiciméad lena soláthraítear treochlár saincheaptha chun foirgneamh sonrach a athchóiriú i gcéim amháin nó i mbeagán céimeanna lena gcuirfear feabhas suntasach ar a fheidhmíocht fuinnimh, a cháilíocht chomhshaoil laistigh;

Leasú  89

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

19. Ciallaíonn ‘athchóiriú domhain’ athchóiriú a dhéanann athrú ó bhonn ar fhoirgneamh nó ar aonad foirgnimh

19. ciallaíonn ‘athchóiriú domhain’ athchóiriú atá dírithe ar na nithe riachtanacha seo a leanas: insliú balla, insliú dín, insliú urláir ísil, athsholáthar siúinéireachta seachtraí, aerdhíonacht, tréscaoilteacht gaile, cóireáil droichead teirmeach, aeráil agus córais téimh/fuaraithe, agus uathoibriú foirgnimh. Dá bhrí sin, dá ndéileálfaí leis na nithe sin, d’áiritheofaí cáilíocht shláintiúil chomhshaoil laistigh ó thaobh an aeir de, timpeallacht neamhphataigineach, agus compord na ndaoine i rith an tsamhraidh agus an gheimhridh le huirlisí faisnéise trédhearcacha a ndéanann úsáideoirí foirgneamh measúnú ar a bhfeidhmíocht fuinnimh iarbhír ina leith:

Leasú  90

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) roimh an 1 Eanáir 2030, ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de;

(a) roimh an 1 Eanáir 2028, ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de;

Leasú  91

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) amhail ón 1 Eanáir 2030, ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha;

(b) amhail ón 1 Eanáir 2028, ina fhoirgneamh atá saor ó astaíochtaí;

 

Leasú  92

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) feabhsaíonn sé i gcur chuige iomlánaíoch Cáilíocht an Chomhshaoil Laistigh (IEQ) agus cáilíocht shláintiúil an aeir laistigh, timpeallacht shaor phataigineach agus an compord is gá do na háititheoirí sa samhradh agus sa gheimhreadh agus aird ar leith á tabhairt ar chosaint teasa d’fhoirgnimh sa samhradh;

Leasú  93

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

20. Ciallaíonn ‘athchóiriú domhain céimneach’ athchóiriú domhain a dhéantar i roinnt céimeanna, tar éis na gcéimeanna a leagtar amach i bpas athchóirithe i gcomhréir le hAirteagal 10;

20. ciallaíonn ‘athchóiriú domhain céimneach’ athchóiriú domhain a dhéantar i mbeagán céimeanna, tar éis na gcéimeanna a leagtar amach i bpas athchóirithe i gcomhréir le hAirteagal 10, agus féadfaidh sé teaschaidéil hibrideacha a áireamh mura bhfuil aon réiteach eile saor ó iontaise ar fáil;

Leasú  94

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 20 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

20a. ciallaíonn ‘athchóiriú domhain aon chéime’ athchóiriú domhain a dhéantar i gcéim amháin, ag leanúint na gcuspóirí a leagtar amach i bpas athchóirithe i gcomhréir le hAirteagal 10 agus tionscadal ceart mionsonraithe den fhoirgneamh;

Leasú  95

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 21 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na Ballstáit rogha (a) nó (b) a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh na Ballstáit rogha (a) nó (b) nó iad araon a chur i bhfeidhm.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  96

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23. Ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine’ na comhastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfoirgneamh ag gach céim dá shaolré, ón ‘gcliabhán’ (eastóscadh na n-amhábhar a úsáidtear i dtógáil an fhoirgnimh) thar chéim an táirgthe agus na próiseála ábhair, agus céim oibríochta an fhoirgnimh, go dtí an uaigh (díthógáil an fhoirgnimh agus athúsáid, athchúrsáil, aisghabháil agus diúscairt eile a ábhar);

23. ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine’ na comhastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfoirgneamh ag gach céim dá shaolré, na hábhair a úsáidtear i spásanna páirceála ar an láthair nó lasmuigh den láthair, ag breithniú freisin ar na buntáistí a bhaineann le hathúsáid agus le hathchúrsáil ag deireadh ré, ón ‘gcliabhán’ (eastóscadh na n-amhábhar a úsáidtear i dtógáil an fhoirgnimh) thar chéim an táirgthe agus na próiseála ábhair, agus céim oibríochta an fhoirgnimh, go dtí an deireadh ré (díthógáil an fhoirgnimh agus athúsáid, athchúrsáil, aisghabháil agus diúscairt eile a ábhar);

Leasú  97

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

24. Ciallaíonn ‘Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré’ táscaire lena ndéantar cainníochtú ar an méid a chuireann foirgneamh leis an téamh domhanda feadh a shaolré iomláin;

24. ciallaíonn ‘Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré’ táscaire lena ndéantar cainníochtú ar an méid a chuireann foirgneamh leis an téamh domhanda feadh a shaolré iomláine;

Leasú  98

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

26. Ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(49) de [athmhúnlú EED];

26. ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a leagtar amach in [athmhúnlú EED];

Leasú  99

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

26a. ciallaíonn ‘cáilíocht chomhshaoil laistigh’ sraith paraiméadar lena n-áirítear cáilíocht an aeir laistigh, compord teirmeach, soilsiú, dálaí taise agus fuaimiúil d’fhonn sláinte agus folláine na n-áititheoirí a fheabhsú mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN 16798-1 agus caighdeán EN 16516 agus modhanna tástála in situ caighdeánaithe i gcás ina bhfuil siad ar fáil chun aeráid shláintiúil laistigh a áirithiú;

Leasú  100

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

27. Ciallaíonn ‘teaghlaigh leochaileacha’ teaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, atá neamhchosanta go háirithe ar chostais arda fuinnimh agus nach bhfuil in acmhainn athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh atá á áitiú acu;

27. ciallaíonn ‘teaghlaigh leochaileacha’ teaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, atá neamhchosanta go háirithe ar chostais arda fuinnimh agus nach bhfuil in acmhainn athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh atá á áitiú acu mar a shainmhínítear le táscairí Airteagal 8(3) [athmhúnlú EED];

Leasú  101

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 27 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

27a. ciallaíonn ‘réitigh atá bunaithe ar an dúlra’ treisiú ar bhealach iomlánaíoch, i gcomhréir le haithris 8, ar dhea-úsáid agus ar oiriúnú an spáis phoiblí mórthimpeall na bhfoirgneamh.

Leasú  102

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

29. ciallaíonn ‘teastas feidhmíochta fuinnimh’ teastas arna aithint ag Ballstát nó ag duine dlítheanach a ainmnítear ann, ina léirítear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh nó aonaid foirgnimh, a dhéantar a ríomh de réir modheolaíocht a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 4;

29. ciallaíonn ‘teastas feidhmíochta fuinnimh’ teastas arna aithint ag Ballstát nó ag duine dlítheanach a ainmnítear ann, ina léirítear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh nó aonaid foirgnimh, a dhéantar a ríomh de réir modheolaíocht a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 4, chomh maith le moltaí chun an fheidhmíocht fuinnimh agus an GWP a fheabhsú;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  103

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 31 – pointe a – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

iii) costais chothabhála agus oibriúcháin, lena n-áirítear costais fuinnimh agus costas lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur san áireamh;

iii) costais chothabhála agus oibriúcháin, lena n-áirítear costais fuinnimh i saolré iomlán an fhoirgnimh, ag cur san áireamh costas na lamháltas gás ceaptha teasa chomh maith leis an gcostas a bhaineann le hábhair agus próisis a bhfuil gá leo chun an foirgneamh a chothabháil le linn úsáide, mar shampla athchóirithe;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  104

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 31 – pointe a – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

iv) seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le húsáid fuinnimh;

iv) seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte na húsáide fuinnimh agus an costas a bhaineann le ceanglais feidhmíochta cáilíochta comhshaoil laistigh a chomhlíonadh;

Réasúnú

Riachtanach le haghaidh loighic inmheánach an téacs.

Leasú  105

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 31 – pointe a – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

v) tuilleamh ón bhfuinneamh a tháirgtear ar an láthair , i gcás inarb infheidhme;

v) tuilleamh ó fhuinneamh a tháirgtear ar an láthair, i gcás inarb infheidhme, agus ó choigilteas mar thoradh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le feidhmíocht cáilíochta comhshaoil laistigh;

Réasúnú

Riachtanach le haghaidh loighic inmheánach an téacs.

Leasú  106

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 36 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

36a. ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach’ pointe athluchtaithe ar féidir leis faisnéis a sheoladh agus a fháil i bhfíor-am, cumarsáid dhéthreoch a dhéanamh leis an eangach leictreachais agus an fheithicil leictreach, agus ar féidir faireachán agus rialú cianda a dhéanamh air, lena n-áirítear an seisiún athluchtaithe a thosú agus a stopadh agus sreafaí leictreachais a thomhas;

Réasúnú

Chun ailíniú na sainmhínithe idir tograí EPBD, AFIR agus RED a áirithiú.

Leasú  107

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

37. ciallaíonn ‘logleabhar digiteach foirgnimh’ stór coiteann do na sonraí ábhartha uile i leith foirgnimh, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh amhail teastais feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste, lena n-éascaítear cinnteoireacht eolasach agus comhroinnt faisnéise laistigh d’earnáil na tógála, i measc úinéirí agus áititheoirí foirgneamh, institiúidí airgeadais agus údaráis phoiblí;

37. ciallaíonn ‘logleabhar digiteach foirgnimh’ stór coiteann do na sonraí ábhartha uile i leith foirgnimh, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le cáilíocht chomhshaoil laistigh feidhmíocht fuinnimh amhail teastais feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste, lena n-éascaítear cinnteoireacht eolasach agus comhroinnt faisnéise laistigh d’earnáil na tógála, i measc úinéirí agus áititheoirí foirgneamh, institiúidí airgeadais agus údaráis phoiblí;

Leasú  108

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 37 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

37a. ciallaíonn ‘spás páirceála do rothair’ spás ainmnithe d’aon rothar amháin;

Leasú  109

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 40 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

40. ciallaíonn ‘gineadóir teasa’ an chuid de chóras téimh a ghineann teas úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I, agus úsáid á baint as ceann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas:

40. ciallaíonn ‘gineadóir teasa’ an chuid de chóras téimh a ghineann nó a ghabhann teas úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I, agus úsáid á baint as ceann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas:

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 40 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) teas a ghabháil ó aer comhthimpeallach, ó aer sceite aerála, ó uisce nó ó fhoinse teasa talún agus úsáid á baint as teaschaidéal;

(c) teas a ghabháil ón timpeallacht chomhthimpeallach agus ó laistigh d’fhoirgneamh nó d’aonad foirgnimh, ón aer, lena n-áirítear aeráil sceite aeir, nó uisce, lena n-áirítear fuíolluisce agus uisce te sláintíochta, foinse teasa talún, lena n-áirítear agus teaschaidéal á úsáid;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.Leasú    111

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 40 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

40a. ciallaíonn ‘suiteáil leictreach’ córas ina bhfuil na comhpháirteanna seasta uile, amhail lasc-chláir, cáblaí, córais talmhúcháin, soicéid, lasca agus feistis solais, arb é is aidhm dóibh cumhacht leictreach a dháileadh laistigh d’fhoirgneamh chuig gach pointe úsáide nó leictreachas arna ghiniúint ar an láthair a tharchur;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  112

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 40 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

40b. ciallaíonn ‘aisghabháil teasa dramhaíola’ gaireas nó córas a úsáidtear chun fuinneamh a ghabháil agus a tharchur laistigh den timpeallacht laistigh d’fhoirgnimh nó d’aonaid foirgnimh agus lenar féidir an fuinneamh sin a úsáid;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  113

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 41 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

41a. Ciallaíonn ‘scéim airgeadais íoc-mar-a-shábháiltear’ scéim iasachta atá tiomnaithe go heisiach nó gan ach le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, lena ráthaítear nach ndéanfaidh na costais aisíocaíochta ar an iasacht sárú ar choigilt fuinnimh ar mheán míosúil nó bliantúil chun cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Dlí Eorpach na hAeráide) a áirithiú agus a éascú;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  114

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 42 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

42a. ciallaíonn ‘teaschaidéal’ meaisín, gaireas nó suiteáil a aistríonn teas ó fhoinsí/linnte amhail an t-aer, an t-uisce nó an talamh chuig foirgnimh nó uathu, chun téamh, fuarú nó uisce te tí a sholáthar;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

 

Leasú  115

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 49 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

49. Ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh in aice láimhe’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh laistigh d’imlíne áitiúil nó ceantair an fhoirgnimh a ndearnadh measúnú air, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ar fad:

49. Ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh in aice láimhe’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna dtáirgeadh laistigh d’imlíne áitiúil nó ceantair an fhoirgnimh a ndearnadh measúnú air, lena n-áirítear grianphainéil dín, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ar fad:

Leasú  116

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

50. Ciallaíonn ‘seirbhísí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (EPB)’ na seirbhísí, mar atá téamh, fuarú, aeráil, uisce te tí agus soilsiú agus seirbhísí eile a gcuirtear úsáid fuinnimh san áireamh ina leith maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh;

50. Ciallaíonn ‘seirbhísí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (EPB)’ na seirbhísí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar bharrfheabhsú úsáid an chórais, amhail téamh, fuarú, aeráil, uisce te tí agus soilsiú agus seirbhísí eile a fheabhsaíonn an úsáid fuinnimh a chuirtear san áireamh i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh;

Leasú  117

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 53

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

53. Ciallaíonn ‘féin-úsáidte’ cuid d’fhuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó in aice láimhe arna úsáid ag córais theicniúla ar an láthair le haghaidh sheirbhísí EPB;

53. Ciallaíonn ‘féin-úsáidte’ cuid d’fhuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó in aice láimhe arna úsáid ag córais theicniúla ar an láthair le haghaidh sheirbhísí EPB, lena n-áirítear grianphainéil dín;

Leasú  118

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 57 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

57a. ciallaíonn ‘bearta ciorclaíochta’ na bearta atá dírithe ar laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le hóghábhar agus ar eastóscadh na n-ábhar sin tríd an éileamh ar ábhair nua a laghdú, trí athmhachnamh a dhéanamh ar ábhair nua, iad a dheisiú, a athúsáid, athrú cuspóra a dhéanamh ina leith agus a athchúrsáil agus trí shíneadh a chur le saolré táirgí agus foirgneamh.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunóidh gach Ballstát plean athchóirithe foirgneamh náisiúnta chun athchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, poiblí agus príobháideach araon, ina stoc foirgnimh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoin mbliain 2050 a áirithiú , agus é mar chuspóir aige na foirgnimh atá ann faoi láthair a chlaochlú ina bhfoirgnimh lena ngabhann astaíochtaí nialasacha .

Bunóidh gach Ballstát plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun tacú le ráta athchóirithe domhain bliantúil a bhaint amach, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach, de 2.5 % ar a laghad in aghaidh na bliana nó ar an meán in aghaidh na bliana, i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol a fheabhsú] maidir leis an Rabharta Athchóirithe* chun a áirithiú go ndéanfar athchóiriú ar an stoc náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, agus é mar chuspóir na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú go hastaíochtaí nialasacha agus, más indéanta go teicniúil, foirgnimh dhearfacha fuinnimh ar bhealach optamach ó thaobh costais de. Leis an bplean athchóirithe foirgneamh, soláthrófar spriocanna níos airde do gach tréimhse as a chéile eile laistigh de chreat ama an phlean, bunaithe ar acmhainneacht eacnamaíoch mhéadaithe le haghaidh athchóiriú domhain, arb é is aidhm dó meánráta athchóirithe domhain 3 % nó níos mó a bhaint amach don tréimhse go dtí 2050. Ráthófar leis an bplean sin go mbeidh athchóiriú foirgneamh cónaithe a bhfuil luach eacnamaíoch íseal acu inacmhainne, mar shampla, trí gan a bheith níos mó ná leath de luach an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh do na teaghlaigh a áitíonn na foirgnimh sin. Sula n-ullmhófar an plean náisiúnta, déanfaidh gach Ballstát agus institiúidí an Aontais iniúchadh ar an stoc foirgneamh lena n-áirítear astaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus paraiméadair eile chomhshaoil;

 

__________________

 

*COM/2020/662 críochnaitheach.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  120

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuimseofar an méid seo le gach plean athchóirithe foirgneamh :

Déanfar gach plean athchóirithe foirgneamh a ailíniú le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1999 agus mar a leagtar amach i dTreoir [athmhúnlú EED] agus cuimseofar ann:

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  121

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe, lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b); agus

(c) forléargas ar bheartais agus ar bhearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe, lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b) lena n-áirítear bearta chun lorg comhshaoil foriomlán chomhpháirteanna na bhfoirgneamh a laghdú agus chun úsáid táirgí tógála agus athchóirithe inbhuanaithe, tánaisteacha, a fhoinsítear go háitiúil a chur chun cinn agus

Leasú  122

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta chun an plean athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta maoinithe, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.

(d) achoimre ar na riachtanais infheistíochta maidir leis an bplean lárnach athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta do gach cineál foirgnimh sa phlean náisiúnta agus na samhlacha airgeadais a úsáidtear, go háirithe má tá oibreoirí eacnamaíocha rannpháirteach, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) Ceanglais íosta maidir leis na heangacha leictreacha chun éifeachtacht agus acmhainneacht a áirithiú chun bearta athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme go héifeachtúil;

Leasú  124

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) Forléargas mionsonraithe ar sciar iomlán, líon agus suíomh na bhfoirgneamh neamháitithe, agus réadmhaoine folmha i bhfoirgnimh leasa choitinn agus dréachtstraitéis náisiúnta le haghaidh rannpháirtíocht iomlán úinéirí na réadmhaoine sin i mbearta athchóirithe foirgneamh.

Leasú  125

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc) athsciliú agus uas-sciliú oibrithe, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear teicnící oibre inbhuanaithe;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  126

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) spriocanna náisiúnta do 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas príomhúil agus deiridh fuinnimh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; amlínte sonracha d’fhoirgnimh chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach de bhun Airteagal 9(1), faoi na blianta 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha; meastachán fianaise-bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhaineann leis; agus meastacháin le haghaidh rannchuidiú an phlean athchóirithe foirgnimh le sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach de bhun Rialachán (AE).../... [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Comhroinnt Díchill], spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir (AE) …/…. [athmhúnlú EED], spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear an sprioc tháscach maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na foirgníochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], agus sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119.

Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) spriocanna náisiúnta do 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas príomhúil agus deiridh fuinnimh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, sciar an fhuinnimh in-athnuaite, deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht airgeadais do bhreoslaí iontaise le haghaidh téimh faoi 2024; garspriocanna sonracha d’fhoirgnimh chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach de bhun Airteagal 9(1), faoi na blianta 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha; meastachán fianaise-bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhaineann leis; amhail iad siúd a bhaineann le sláinte agus le cáilíocht an aeir laistigh; agus meastacháin le haghaidh rannchuidiú an phlean athchóirithe foirgnimh le sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach de bhun Rialachán (AE).../... [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Comhroinnt Díchill], spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le Treoir (AE) …/…. [athmhúnlú EED], spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear an sprioc tháscach maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na foirgníochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], agus sprioc 2030 an Aontais maidir leis an aeráid agus sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119. Leagfar amach freisin sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) spriocanna náisiúnta chun spásanna páirceála do rothair a thógáil.

Leasú  127

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áireofar sa treochlár forléargas ar na táscairí cáilíochta aeir do na limistéir agus do na ceirtleáin, lena n-áirítear an léarscáil dathchódaithe lena léirítear na limistéir agus na ceirtleáin ina bhféadfadh cineál áirithe foinsí in-athnuaite fuinnimh i dtéamh agus fuarú nó i gcomhghiniúint costais dhíréireacha a chruthú chun a áirithiú nach sáróidh tiúchain PM2.5 san aer comhthimpeallach an spriocluach i gcomhréir le Treoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh.

Réasúnú

Sineirgí agus comhleanúnachas le acquis comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an aeir a áirithiú, agus is infheidhme maidir le hIarscríbhinn II- Tábla

Leasú  128

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) tugtar aird chuí sa phlean ar chuspóirí Threoir 2008/50/CE agus áirithítear leis comhleanúnachas leis an reachtaíocht lena mbaineann agus ardleibhéal cosanta an chomhshaoil agus shláinte an duine;

Leasú  129

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab) rinneadh foinsí fuinnimh inathnuaite don téamh agus don fhuarú a mheas agus a anailísiú go leordhóthanach;

Leasú  130

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) go bhfuil na coinníollacha faoi na scéimeanna maoiniúcháin athchóirithe atá ag feidhmiú leormhaith chun an sprioc náisiúnta maidir le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú a chur i gcrích agus chun tomhaltóirí atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus atá leochaileach a chuimsiú go rathúil ionas nach bhfágfar aon duine chun deiridh;

Leasú  131

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Déanfaidh gach Ballstát dréacht dá phlean athchóirithe foirgneamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, agus an teimpléad atá in Iarscríbhinn II á úsáid acu. Tíolacfaidh gach Ballstát a phlean athchóirithe foirgneamh mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh na Ballstáit dréacht nuashonraithe, a uasdátú dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin. De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus ar Airteagal 14(2) den Rialachán sin, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2025.

6. Déanfaidh gach Ballstát dréacht dá phlean athchóirithe foirgneamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, agus an teimpléad atá in Iarscríbhinn II á úsáid acu. Tíolacfaidh gach Ballstát a phlean athchóirithe foirgneamh mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh na Ballstáit dréacht nuashonraithe, a uasdátú dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin. De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus ar Airteagal 14(2) den Rialachán sin, cuirfidh na Ballstáit dréachtphlean athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2025. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a bplean athchóirithe foirgneamh a ailíniú agus a chomhtháthú leis an maoiniú athchóirithe ón Aontas a gheofar ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo go dtí go gcuirfear a bplean isteach go hoifigiúil.

Leasú  132

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme a straitéise athchóirithe fadtéarmaí nó a phlean athchóirithe foirgneamh mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gcéad phlean athchóirithe foirgneamh eile . Sonróidh gach Ballstát ar baineadh a spriocanna náisiúnta amach.

7. Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme a straitéise athchóirithe fadtéarmaí nó a phlean athchóirithe foirgneamh mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gcéad phlean athchóirithe foirgneamh eile. Sonróidh gach Ballstát ar baineadh a spriocanna náisiúnta amach, agus cad iad na bearta ceartúcháin a bhfuil foráil déanta dóibh i gcás nach nár baineadh amach go leordhóthanach iad.

Leasú  133

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na mbeart a áirítear sna pleananna athchóirithe foirgneamh a áirithiú, lena dtuartar sásraí faireacháin iomchuí agus pionóis i gcomhréir le hAirteagal 31.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a. Bunóidh an Coimisiún comhpháirtíocht Eorpach um aistriú fuinnimh laistigh den earnáil tógála trí phríomhgheallsealbhóirí a thabhairt le chéile ar bhealach cuimsitheach agus ionadaíoch. Leis an gcomhpháirtíocht, éascófar idirphlé maidir leis an aeráid agus spreagfar an earnáil chun ‘treochlár don aistriú fuinnimh’ a tharraingt suas chun na bearta agus na roghanna teicneolaíocha atá ar fáil a mhapáil chun feidhmíocht fuinnimh agus aeráid laistigh foirgneamh a fheabhsú agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh a laghdú. D’fhéadfadh treochlár den sórt sin cuidiú go mór leis an earnáil na hinfheistíochtaí is gá a phleanáil chun cuspóirí na treorach seo agus an Phlean um Sprioc Aeráide AE a bhaint amach;

Leasú  135

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh i gcomhréir leis an gcomhchreat ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh agus codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh, i gcomhréir leis an gcomhchreat ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  136

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr ó thaobh costais de a bhaint amach.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr ó thaobh costais de a bhaint amach. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh de na codanna d’fhoirgnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  137

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais agus ceanglais tagartha feidhmíochta fuinnimh do chórais foirgnimh a bhfuil tionchar suntasach acu ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a nuachóiriú, d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr ó thaobh costais de a bhaint amach.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  138

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis na ceanglais sin , cuirfear san áireamh dálaí ginearálta aeráide laistigh, chun tionchar diúltach féideartha a sheachaint amhail aeráil uireasach, chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh.

Cuirfear san áireamh sna ceanglais sin an gá atá le dála í iomchuí aeráide laistigh a áirithiú bunaithe ar na leibhéil cáilíochta comhshaoil is fearr is féidir laistigh, chun aeráid shláintiúil laistigh agus dálaí cáilíochta comhshaoil sláintiúla a áirithiú agus chun éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint mar gheall ar aeráil neamhleor, easpa solais an lae, róthéamh, torann, taise chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  139

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 3 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) foirgnimh aonair atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó cultúrtha agus stairiúil ar leith, a léiríonn cultúr, féiniúlacht agus luachanna na hEorpa, a mhéid a dhéanfadh comhlíonadh íoscheanglas áirithe feidhmíochta fuinnimh athrú do-ghlactha ar a gcarachtar nó ar a gcuma agus i gcás ina ndearnadh measúnú ar roghanna malartacha, i gcás nach féidir comhlíonadh a bhaint amach ach trí bhearta an-díréireach agus an uaillmhian éiceolaíoch á cur san áireamh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  140

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) foirgnimh a bhfuil am úsáide dhá bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe ísealéilimh fuinnimh agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe atá á n-úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(b) Foirgnimh ag a bhfuil am úsáide dhá bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna, iostaí agus foirgnimh talmhaíochta agus seirbhíse neamhchónaithe ísealéilimh fuinnimh agus ísealéilimh téimh nó fuaraithe, stáisiúin soláthair bonneagair, amhail stáisiúin chlaochladáin, fostáisiúin, gléasraí rialaithe brú, tógálacha iarnróid, agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe atá á n-úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  141

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus a nochtadh trí teastas feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh:

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus a nochtadh trí teastas feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh:

Leasú  142

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) amhail ón 1 Eanáir 2030, gach foirgneamh nua;

(b) amhail ón 1 Eanáir 2029 do gach foirgneamh nua agus athchóiriú mór, céimneach san áireamh, ar fhoirgnimh phoiblí agus ar thionscadail phoiblí agus ar fhoirgnimh a bhfuil achar urláir úsáideach acu atá níos mó ná 2 000 méadar cearnach.

Leasú  143

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuirfear san áireamh sna tionscadail infheistíochta d’fhoirgnimh nua féidearthacht theicniúil, comhshaoil agus eacnamaíoch suiteálacha agus córas malartach ardéifeachtúlachta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a) táirgeadh agus tomhaltas díláraithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite;

 

(b) comhghiniúint teasa agus leictreachais atá thar a bheith éifeachtúil;

 

(c) téamh agus fuarú lárnach nó áitiúil, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite a úsáid go hiomlán nó go páirteach;

 

(d) teaschaidéil;

 

(e) téamh nó fuarú láraithe, suite go cothrománach thar gach urlár;

 

(f) uisce te tí.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn agus don nuálaíocht teicneolaíoch, chun uastairseacha feidhmíochta fuinnimh oiriúnaithe a leagan síos in Iarscríbhinn III maidir le foirgnimh athchóirithe agus chun na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh a oiriúnú d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn agus don nuálaíocht teicneolaíoch, chun íoschaighdeáin cáilíochta comhshaoil laistigh a leagan síos is infheidhme maidir le foirgnimh a bhfuil astaíochtaí nialasacha iontu, chun uastairseacha feidhmíochta fuinnimh oiriúnaithe a leagan síos in Iarscríbhinn III maidir le foirgnimh athchóirithe, chun na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh níos ísle a leagan síos d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Leasú  145

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Tar éis theacht i bhfeidhm an athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta (2019/1020) agus ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht uile-Aontais a leagan amach chun GWP saolré iomlán a ríomh, lena n-áirítear carbón corpraithe, arna fhorbairt i bpróiseas cuimsitheach geallsealbhóirí agus ag tógáil ar an gcreat LEVEL(s) de réir chaighdeán EN 15978, chomh maith le Treochlár Carbóin Saolré Iomláine AE agus Liosta Ábhar.

 

Cúig bliana tar éis an gníomh tarmligthe seo a ghlacadh ar a dhéanaí, tabharfaidh na Ballstáit uasteorainneacha isteach maidir leis an bpoitéinseal téimh dhomhanda sa tsaolré iomlán atá lamháilte i bhfoirgnimh nua. Ar an mbonn sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun spriocanna a leagan síos don tsaolré GWP charnach lena n-áirítear carbón corpraithe d’fhoirgnimh nua.

 

Eiseoidh an Coimisiún treoir, roinnfidh sé fianaise maidir le beartais náisiúnta atá ann cheana agus cuirfidh sé tacaíocht theicniúil ar fáil do na Ballstáit de réir mar a iarrtar chun teorainneacha náisiúnta iomchuí a chinneadh.

Leasú  146

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh nua, ar na saincheisteanna maidir le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Díreoidh na Ballstáit freisin ar aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil dálaí arda aeráide laistigh ag foirgnimh nua, na leibhéil cáilíochta comhshaoil is fearr is féidir, oiriúnú don athrú aeráide, trí, inter alia, réitigh dhúlra-bhunaithe, sábháilteacht dóiteáin agus soilsiú éigeandála, rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht sheismeach dhian agus inrochtaineacht éasca a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh freisin ar líneacht chun leibhéil ciorclaíochta níos airde a bhaint amach, mar shampla trí cheanglais maidir le húsáid ábhair thánaistigh agus aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh trí dhromchlaí a bhfuil fásra orthu, mar shampla.

Leasú  147

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, an uair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, an uair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú go suntasach chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 agus go bhfuil an téamh ar theocht íseal oiriúnach a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Déanfar an t-athchóiriú a thuairisciú mar chéim sa scéim um pas athchóirithe domhain céimneach i gcomhréir le hAirteagal 10.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  148

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh , maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, ar na saincheisteanna maidir le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach , substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas .

3. Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

 

Áirítear leis sin measúnú ar fhéidearthacht theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch suiteálacha agus córas malartach ardéifeachtúlachta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a)  táirgeadh agus tomhaltas díláraithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite;

 

(b)  comhghiniúint ardéifeachtúil teasa agus leictreachais, lena n-áirítear úsáid iomlán nó úsáid uasta fuinnimh in-athnuaite, i gcomhréir le (Treoir athmhúnlaithe 2018/2002 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh);

 

(c)  téamh agus fuarú lárnach nó áitiúil, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite a úsáid go hiomlán nó go huasta;

 

(d)  teaschaidéil;

 

(e)  téamh nó fuarú láraithe, suite go cothrománach thar gach urlár;

 

(f)  uisce te tí.

 

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh méadú tagtha ar cháilíocht an aeir laistigh d’fhoirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu de réir caighdeáin íosta maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh agus oiriúnú don athrú aeráide, trí, inter alia, réitigh dhúlra-bhunaithe, sábháilteacht fheabhsaithe ó dhóiteán, agus go mbeidh siad níos athléimní i leith rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, nach mbeidh substaintí guaiseacha iontu, lena n-áirítear aispeist, agus go mbeidh siad inrochtana go héasca do dhaoine faoi mhíchumas. Molfaidh na Ballstáit go ndéanfar athchóirithe a bhfuil astaíochtaí ísle ag gabháil leo, athchóirithe atá ceaptha ionas go mbeidh sé éasca foirgnimh a dhíchóimeáil agus a aisiompú, agus athchóirithe ina n-úsáidtear ábhar tánaisteach, chun ardleibhéil chiorclaíochta a bhaint amach.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  149

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Molfaidh na Ballstáit go ndéanfar athchóiriú agus saothrú foirgneamh, nach n-úsáidtear faoi láthair, go háirithe i limistéir inar tearc an daonra, i gceantair iargúlta agus i gceantair thuaithe, chomh maith le haonaid tógála sna foirgnimh ilárasán is neamhfheidhmiúla, trí bhearta speisialta airgeadais.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

 

Leasú  150

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 8 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireacht ar shuiteálacha leictreacha de gach teaghais le linn iniúchtaí foirgníochta a cheanglaítear go normatach agus freisin nuair a chuirtear píosaí tábhachtacha trealaimh leictrigh isteach, amhail pointí luchtaithe feithiclí leictreacha, ceallraí tí, suiteálacha fótavoltacha, teaschaidéil, etc.

Justification

It is estimated that a minimum of 130 million dwellings*, built before 1990, have not undergone an electrical system upgrade, readiness of existing electrical installations to cope with new renewable, energy efficiency, and e-vehicle charging demands is not proven in the EU domestic building stock. While the energy transition, decarbonisation and energy efficiency will drive electrification of buildings the integration of highly efficient equipment or on-site renewable generation & storage can be impossible with obsolete electrical installations. European building stock renovation must therefore integrate electrical inspection regime and upgrades.*source: https://www.feedsnet.org/

Leasú  151

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) go mbainfidh foirgnimh agus aonaid foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí amach, ar a dhéanaí

(a) go mbainfidh foirgnimh agus aonaid foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear foirgnimh atá faoi úinéireacht institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, atá á n-oibriú nó á n-áitiú acu, amach, ar a dhéanaí

Leasú  152

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F; agus

(i) tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E; agus

Leasú  153

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

(ii) tar éis an 1 Eanáir 2033, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh D;

Leasú  154

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a – pointe ii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia) tar éis an 1 Eanáir 2035, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh C;

Leasú  155

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F; agus

(i) tar éis an 1 Eanáir 2029, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

Leasú  156

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

(ii) tar éis an 1 Eanáir 2033, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh D;

Leasú  157

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b – pointe ii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia) tar éis an 1 Eanáir 2035, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh C;

Leasú  158

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) go mbainfidh foirgnimh chónaithe agus aonaid foirgnimh amach, ar a dhéanaí

(c) go mbainfidh foirgnimh chónaithe agus aonaid foirgnimh bunaithe ar phrionsabal an bharrfheabhais costais agus i gcomhréir le hAirteagal 15 amach, ar a dhéanaí

Leasú  159

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F; agus

(i) tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E; agus

Leasú  160

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) tar éis an 1 Eanáir 2033, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

(ii) tar éis an 1 Eanáir 2035, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh D;

Leasú  161

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c – pointe ii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia) tar éis an 1 Eanáir 2037, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh C;

Leasú  162

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ina dtreochlár dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b), bunóidh na Ballstáit amlínte sonracha do na foirgnimh dá dtagraítear sa mhír seo chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach faoin mbliain 2040 agus faoin mbliain 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha,

Ina dtreochlár dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b), bunóidh na Ballstáit conairí líneacha le clocha míle do na foirgnimh dá dtagraítear sa mhír seo chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach faoin mbliain 2040 agus faoin mbliain 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, I ndáil leis an méid sin, déanfar comhlíonadh na n-íoschaighdeán feidhmíochta a rialú le pasanna athchóirithe, i gcomhréir le hAirteagal 10.

Leasú  163

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún maolú suas le 3 bliana ar a mhéad a cheadú do na Ballstáit chun na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a choigeartú trí spriocdhátaí éagsúla a leagan síos nó ceanglais a choigeartú le haghaidh aicmí feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna sonracha den stoc foirgneamh. I gcásanna den sórt sin, molfaidh an Ballstát bearta malartacha a mbeidh éifeacht choibhéiseach nó níos láidre acu ar fheidhmíocht fhoriomlán an stoic foirgneamh náisiúnta, agus cuirfidh sé bearta cúitimh ar fáil d’úinéirí agus/nó tionóntaí an stoic foirgneamh a ndéanann an maolú difear dóibh faoi, inter alia, an Rialachán (Ciste Aeráide Sóisialta). Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh an Bhallstáit laistigh de thrí mhí ón iarraidh sin a fháil. Déanfaidh na Ballstáit an choibhéis a dhoiciméadú ina dtreochlár dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b).

Leasú  164

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu nó atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE).../… [athmhúnlú EED];

(a) bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar theaghlaigh ísealioncaim nó mheánioncaim, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu nó atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) .../…. [athmhúnlú EED];

Leasú  165

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) cúnamh teicniúil a chur ar fáil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail;

(b) cúnamh teicniúil a chur ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí faisnéise, tacaíocht riaracháin agus seirbhísí athchóirithe comhtháite trí ionaid ilfhreastail ar leibhéal na comharsanachta chun teacht ar theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de, agus aird ar leith á tabhairt ar úinéirí ar ioncam íseal agus úinéirí tí leochaileacha agus ar an scéim um pas athchóirithe;

Leasú  166

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) an úsáid a bhaintear as pasanna athchóirithe foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 10 a leathnú gan aon chostas a bheithe le seasamh ag teaghlaigh ísealioncaim agus mheánioncaim, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine a bhfuil bochtaineacht fuinnimh rompu nó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh agus daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta;

Leasú  167

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) scéimeanna maoiniúcháin comhtháite a cheapadh;

(c) scéimeanna maoiniúcháin comhtháite a cheapadh, a dhreasaíonn athchóirithe domhaine, lena n-áirítear, inter alia, scéimeanna airgeadais Íoc-mar-a-shábháiltear lena gcumhdaítear comhchaighdeán an Aontais;

Leasú  168

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) an creat a leagan síos chun a áirithiú go bhfuil lucht saothair leordhóthanach ann leis an leibhéal cuí scileanna chun gur féidir na riachtanais a chur chun feidhme go tráthúil.

Leasú  169

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe e b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb) luath-athsholáthar téitheoirí atá éifeachtach ó thaobh costais de a chur chun cinn agus a dhreasú, chomh maith le haon leas iomlán is gá a bhaint as na córais theicniúla foirgneamh lena mbaineann.

Leasú  170

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe e c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ec) réitigh dhúlra-bhunaithe a chur chun cinn le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide go príomha.

Leasú  171

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 3 – pointe e d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ed) stóráil fuinnimh le haghaidh fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn chun féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus chun luaineacht a laghdú;

Leasú  172

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 5 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;

(b) foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh;

Leasú  173

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 5 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) foirgnimh shealadacha a bhfuil am úsáide dhá bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe ísealéilimh fuinnimh agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(c) foirgnimh shealadacha a bhfuil am úsáide dhá bhliain nó níos lú acu, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus iostaí, foirgnimh neamhchónaithe amhail foirgnimh seirbhíse ísealéilimh fuinnimh agus ísealéilimh téimh nó fuaraithe agus stáisiúin soláthair bonneagair, amhail stáisiúin chlaochladáin, fostáisiúin, gléasraí rialaithe brú, déanmhais iarnróid, chomh maith le foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe a úsáideann earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

Leasú  174

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. Bunóidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí is gá chun:

 

a)  an oidhreacht stairiúil agus chultúrtha a chaomhnú;

 

b)  a bhfoirgnimh stairiúla a athchóiriú agus chuige sin, tá sé riachtanach modheolaíochtaí a chur i bhfeidhm chun an taobh istigh a chaomhnú, chun sainaithint, cosaint agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha a mheastar a bhfuil luach neamhghnách ag baint léi don chine daonna a spreagadh;

Leasú  175

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 9a

 

Grianfhuinneamh i bhfoirgnimh

 

I gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le Fuinneamh Gréine áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach foirgneamh deartha chun a phoitéinseal giniúna gréine a bharrfheabhsú ar bhonn ghrian-ionradantas an tsuímh, rud lena gcumasaítear teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil ar bhealach costéifeachtach.

 

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear suiteálacha grianfhuinnimh oiriúnacha in úsáid: .

 

(a)  faoi dháta thrasuí na Treorach seo, maidir le gach foirgneamh nua poiblí agus tráchtála a bhfuil achar úsáideach urláir níos mó ná 250 méadar cearnach acu;

 

(b)  faoin 31 Nollaig 2026, maidir le gach foirgneamh poiblí agus tráchtála atá ann cheana agus a bhfuil achar úsáideach urláir níos mó ná 250 méadar cearnach acu; agus

 

(c)  dáta thrasuí na Treorach seo, maidir le gach foirgneamh cónaithe nua.

 

Déanfaidh na Ballstáit critéir a shainiú ar an leibhéal náisiúnta maidir le cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí sin, agus maidir le díolúintí féideartha le haghaidh cineálacha áirithe foirgneamh, i gcomhréir le poitéinseal measta teicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin, agus cuirfidh na Ballstáit na critéir sin ar fáil don phobal.

Leasú  176

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) is éard a bheidh ann treochlár athchóirithe lena léireofar sraith céimeanna athchóirithe a bheidh ag tógáil ar a chéile, agus a mbeidh sé de chuspóir leis an foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí;

(b) is éard a bheidh ann treochlár athchóirithe mar chuid den teastas feidhmíochta fuinnimh, lena léirítear an t-athchóiriú, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, chun an foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí;

Leasú  177

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) cuirfear in iúl ann na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, coigiltis ar bhillí fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla chomh maith le sochair níos leithne a bhaineann le sláinte agus compord agus acmhainn oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh i leith an athraithe aeráide; agus

(c) cuirfear in iúl ann costas measta na hinfheistíochta agus na tairbhí a bhfuiltear ag dréim leo i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, coigiltis ar bhillí fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla chomh maith le sochair níos leithne a bhaineann le sláinte, sábháilteacht (dóiteáin, leictreach agus sheismeach) agus compord ó thaobh cháilíocht na timpeallachta laistigh, cháilíócht an aeir laistigh, compord teirmeach agus fuaime, dálaí sholas an lae agus acmhainn oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh i leith an athraithe aeráide, agus

Leasú  178

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthófar leis an bpas athchóirithe bacainn eacnamaíoch nó neamheacnamaíoch d’úinéirí foirgnimh, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncam agus do chustaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá bocht ó thaobh fuinnimh de, nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus daoine atá ag cónaí i dtithíocht shóisialta, agus go n-eisítear pasanna athchóirithe saor in aisce go sonrach d’úinéirí tí, ar réadmhaoin chónaithe aonair í an teaghais.

Leasú  179

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit, chun barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgneamh, ceanglais chórais a leagan síos maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, suiteáil cheart agus toisiú, coigeartú agus rialú iomchuí na gcóras teicniúil atá suiteáilte i bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh atá ann cheana. Agus na ceanglais á mbunú, cuirfidh na Ballstáit san áireamh dálaí deartha agus gnáthdhálaí oibriúcháin nó meánchoinníollacha oibriúcháin.

Déanfaidh na Ballstáit, chun barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgneamh, ceanglais chórais a leagan síos maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, suiteáil cheart agus toisiú, coigeartú agus rialú iomchuí na gcóras teicniúil atá suiteáilte i bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh atá ann cheana. Nuair a bheidh na ceanglais á mbunú acu, éileoidh na Ballstáit go n-úsáidfear na teicneolaíochtaí sna cúig aicme éifeachtúlachta is airde de réir Rialachán 811/2013 agus Rialachán 812/2013.

Leasú  180

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid gineadóirí teasa nó leis an gcineál breosla a úsáideann gineadóirí teasa ar choinníoll nach mbeidh na ceanglais sin ina mbacainn gan údar ar an margadh.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid gineadóirí teasa nó leis an gcineál breosla a úsáideann gineadóirí teasa, i gcomhréir le hAirteagail 3 agus 15, ar choinníoll nach mbeidh na ceanglais sin ina mbacainn gan údar ar an margadh agus go mbeidh siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

Leasú  181

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go sroichfidh na ceanglais a leagann siad síos le haghaidh córais theicniúla foirgneamh na leibhéil is fearr agus is déanaí costais ar a laghad.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh na ceanglais a leag siad síos le haghaidh córais theicniúla foirgneamh na leibhéil is fearr ó thaobh costais de ar a laghad amach agus go dtabharfaidh siad aird ar na caighdeáin ábhartha optamaithe eacnamaíocha agus comhshaoil dá ngnéithe nuair a bheidh siad ar fáil.

Leasú  182

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) spás páirceála rothar amháin ar a laghad le haghaidh gach spáis páirceála cairr;

(c) spás páirceála rothar amháin ar a laghad do gach spás páirceála cairr, agus spás páirceála rothar ar a laghad do gach spás páirceála cairr i ngach foirgneamh oifige agus foirgneamh atá faoi úinéireacht nó á áitiú ag údaráis phoiblí;

Leasú  183

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) do gach 10 spás páirceála rothar beidh spás páirceála amháin ann do rothair a bhfuil toisí níos mó acu ná rothair chaighdeánacha, amhail rothair lasta, trírothaigh, agus rothair le leantóirí, a mbeidh aon spás amháin ar a laghad acu;

Leasú  184

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

, i gcás ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóirithe móra, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis.

i gcás ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh nó laistigh den fhoirgneamh agus, i gcás athchóirithe móra, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  185

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toise sa chaoi go mbeifear in ann líon na bpointí athluchtaithe a bhfuiltear ag súil leo a úsáid san am céanna.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú agus an tsuiteáil leictreach de thoise sa chaoi go mbeifear in ann líon na bpointí athluchtaithe a bhfuiltear ag súil leo a úsáid go hoptamach ó thaobh na heacnamaíochta de san am céanna.

Leasú  186

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Maidir le gach foirgneamh neamh-chónaithe a bhfuil níos mó ná fiche spás páirceála aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach deich spás páirceála, agus ar a laghad spás páirceála rothair amháinn do gach spás páirceála gluaisteáin, faoin 1 Eanáir 2027. I gcás foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag údaráis phoiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh réamhcháblú ann le haghaidh gach dara spás páirceála ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033.

2. Maidir le gach foirgneamh neamhchónaithe ina bhfuil níos mó ná fiche spás páirceála, agus maidir le gach foirgneamh atá faoi úinéireacht údarás poiblí a bhfuil níos mó ná 10 spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas faoin 1 Eanáir 2027:

 

(a)  pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil in aghaidh gach deich spás páirceála;

 

(b)  spás páirceála rothar amháin ar a laghad le haghaidh gach spáis páirceála cairr;

 

(c)  le haghaidh gach 10 spás páirceála rothar ar a laghad, dearfar ceann amháin do rothair ar mó a dtoisí ná rothair chaighdeánacha, amhail rothair lasta, trírothaigh, agus rothair le leantóirí.

 

I gcás foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag údaráis phoiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh réamhcháblú ann le haghaidh gach dara spás páirceála ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  187

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le líon na spásanna páirceála rothair a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 do chatagóirí sonracha foirgneamh neamhchónaithe i gcás ina mbíonn níos lú rothar á n-úsáid mar mhodh iompair de ghnáth.

3. Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le líon na spásanna páirceála rothar a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 do chatagóirí sonracha foirgneamh neamhchónaithe i gcás ina mbíonn níos lú rothar á n-úsáid mar mhodh iompair de ghnáth agus de réir riachtanais áitiúla agus saintréithe áitiúla. Na Ballstáit a chuirfidh na coigeartuithe sin i bhfeidhm, déanfaidh siad amhlaidh tar éis dóibh dul i gcomhairle le saineolaithe soghluaisteachta gníomhacha agus leis an tsochaí shibhialta.

Leasú  188

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4 – fomhír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) le haghaidh gach 10 spás páirceála do rothair i spásanna páirceála comhchoiteanna do rothair go mbeidh spás páirceála amháin deartha do rothair le toisí níos mó ná rothair chaighdeánacha, amhail rothair lasta, trírothaigh, agus rothair le leantóirí, a mbeidh ar a laghad spás amháin ann dóibh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

 

Leasú  189

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4 – fomhír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) dhá spás páirceála rothar ar a laghad do gach teach.

scriosta

Leasú  190

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

tá an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóiriú mór, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó an bonneagar leictreach sa charrchlós.

tá an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh nó laistigh den fhoirgneamh agus, i gcás athchóiriú mór, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó an bonneagar leictreach sa charrchlós.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  191

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4 – fomhír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toise sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna. Más rud é, i gcás athchóirithe móra, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála rothar a áirithiú le haghaidh gach teaghaise, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála rothar is féidir ann de réir mar is iomchuí.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú agus suiteálacha leictreacha de thoise sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid go hoptamach ó thaobh na heacnamaíochta de san am céanna. Más rud é, i gcás athchóirithe móra, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála rothar a áirithiú le haghaidh gach teaghaise, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála rothar is féidir ann de réir mar is iomchuí.

Leasú  192

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 4 a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás ina mbeadh bheadh an réamhcháblú ag brath ar chórais leithlisithe bheaga nó sna réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 CFAE, dá mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil an mar thoradh air sin;

5. Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 4 a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás ina mbeadh an réamhcháblú ag brath ar chórais leithlisithe bheaga nó sna réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 CFAE, dá mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil an mar thoradh air sin i bhfianaise acmhainneacht na saoráidí stórála fuinnimh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  193

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a. Beidh na pointí athluchtaithe príobháideacha agus na pointí athluchtaithe atá ann cheana dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 faoi réir measúnú ag an údarás rialála i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, amhail oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí leictrea-shoghluaisteachta agus comhbhailitheoirí solúbthachta, chun a chinneadh an iomchuí feidhmiúlachtaí athluchtaithe déthreocha a shuiteáil agus tacú le saoráidí stórála fuinnimh.

Leasú  194

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 8 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh beart d’fhonn pointí athluchtaithe a chur ar fáil i bhfoirgnimh nua chónaithe agus neamh-chónaithe agus foirgnimh chónaithe agus neamh-chónaithe atá ann faoi láthair agus bacainní rialála a bhaint , lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta ceada agus formheasa, gan dochar do dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe phríobháideach dá n-úsáid féin.

Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh beart chun pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála rothar a chur ar fáil i bhfoirgnimh nua chónaithe agus neamh-chónaithe agus foirgnimh chónaithe agus neamh-chónaithe atá ann faoi láthair agus bacainní rialála a bhaint , lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta ceada agus formheasa, gan dochar do dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála rothar i bhfoirgnimh chónaithe agus/nó tithíocht le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe phríobháideach dá n-úsáid féin.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  195

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 8 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe a shuiteáil.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála rothar a shuiteáil.

Leasú  196

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht bhog agus ghlas agus pleanáil uirbeach.

9. Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht ghníomhach agus ghlas agus pleanáil uirbeach. Tabharfaidh na Ballstáit isteach leasuithe ar chóid tógála atá ann cheana maidir leis na ceanglais theicniúla chun spásanna páirceála rothar a shuiteáil i ngach foirgneamh nua cónaithe agus neamhchónaithe.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  197

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí a gcóras foirgnimh. Arna iarraidh sin dóibh, cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí. Éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 6.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí a gcóras foirgnimh faoi seach. Arna iarraidh sin dóibh le húdar cuí, cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí. Éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 6.

Leasú  198

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain ar na sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain ar na sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2) roimh an 31 Nollaig 2023. Ullmhófar straitéis chomhairliúcháin ina leagfar amach cuspóirí n chomhairliúcháin, na geallsealbhóirí a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu agus na gníomhaíochtaí comhairliúcháin chun na gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú.

Leasú  199

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Soláthróidh na Ballstáit maoiniú iomchuí, bearta tacaíochta agus ionstraimí eile trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh agus na hinfheistíochtaí is gá a spreagadh in athchóiriú fuinnimh i gcomhréir lena bplean athchóirithe foirgneamh náisiúnta agus d’fhonn a stoc foirgnimh a athrú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

1. Soláthróidh na Ballstáit scéimeanna fóirdheontais agus maoinithe iomchuí, bearta tacaíochta agus ionstraimí eile, a bheidh sainoiriúnaithe chun freastal ar riachtanais na n-úinéirí foirgnimh agus na dtionóntaí éagsúla, trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh agus na hinfheistíochtaí is gá a spreagadh in athchóiriú fuinnimh agus tógáil astaíochtaí ísle saolré ag úsáid fuinneamh glan i gcomhréir lena bplean athchóirithe foirgneamh náisiúnta agus d’fhonn a stoc foirgnimh a athrú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050 agus d'fhonn leibhéil arda ciorclaíochta a bhaint amach. I gcás athchóiriú domhain i bhfoirgnimh chónaithe a chosnaíonn níos mó ná 50 % de luach an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh, cuirfidh na Ballstáit sásra cistiúcháin sonrach ar fáil. Tabharfar tosaíocht do theaghlaigh ísealioncaim agus mheánioncaim, do chustaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, do dhaoine atá bocht ó thaobh fuinnimh de nó atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

Leasú  200

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Chun tacú le cur ag gluaiseacht infheistíochtaí, déanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme céimneach an mhaoinithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chur chun cinn, amhail iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, dreasachtaí fioscacha, scéimeanna ar an gcáin, scéimeanna ar an mbille, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain, cistí atá dírithe ar athchóirithe a bhfuil tairseach íosta shuntasach de choigiltis fuinnimh spriocdhírithe agus caighdeáin punainne morgáiste ag baint leo. Treoróidh siad infheistíochtaí i stoc foirgnimh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le Conarthaí um Fheidhmíocht Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais.

4. Chun tacú le hinfheistíochtaí a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm céimneach an chistithe chumasúcháin agus na n-uirlisí airgeadais cumasúcháin a chur chun cinn, amhail iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, scéim airgeadais Íoc-mar-a-shábháiltear, dreasachtaí fioscacha, atá oiriúnaithe d’éabhlóid dhearfach dheimhniú éifeachtúlachta fuinnimh an fhoirgnimh lena mbainfear tairbhe as an dreasacht sin, scéimeanna cánach, scéimeanna ar bhille, cistí a dhíríonn ar athchóiriú domhain, cistí lena ndírítear ar athchóirithe le tairseach shuntasach íosta de chaighdeáin spriocdhírithe coigiltis fuinnimh agus punainne morgáiste agus ionstraimí eacnamaíocha chun dreasachtaí a chur ar fáil chun bearta ciorclacha a chur i bhfeidhm amhail an liosta cuimsitheach a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus caighdeáin punainne morgáiste. Treoróidh siad infheistíochtaí i stoc foirgnimh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le Conarthaí um Fheidhmíocht Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoin gcistiú agus faoi na huirlisí airgeadais atá ar fáil a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana agus trédhearcach.

Leasú  201

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 5 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal chun rochtain infheisteoirí a chumasú chomh maith le réitigh phacáistithe do chliaint ionchasacha.

Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal chun rochtain infheisteoirí a chumasú chomh maith le réitigh phacáistithe do chliaint ionchasacha. Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil do thionscnaimh áitiúla, amhail cláir athchóirithe faoi stiúir na saoránach agus cláir le haghaidh dícharbónú téimh agus fuaraithe ar leibhéal na comharsanachta nó an bhardais.

Leasú  202

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 5 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh athchóirithe foirgneamh a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe agus go mbeadh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile agus infheisteoirí faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach sa mhaoiniú maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh athchóirithe foirgneamh a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe agus go mbeadh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais agus infheisteoirí eile faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach i maoiniú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhaoiniú agus táirgí sonracha a fhorbairt do theaghlaigh ar ísealioncaim agus mheánioncaim, do chustaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, do dhaoine atá bocht ó thaobh fuinnimh de nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

Leasú  203

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear úinéirí baile agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail uilechuimsitheacha, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear úinéirí baile agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

 

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh ionad ilfhreastail amháin ar a laghad in aghaidh an réigiúin ar fud an Aontais. Oibreoidh an Coimisiún go dlúth leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, leis na Ballstáit agus leis na réigiúin chun leanúnachas maoinithe a áirithiú d’ionaid ilfhreastail le linn ré an Rabharta Athchóiriúcháin.

Leasú  204

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 7 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do leithdháileadh cuid de Chiste Sóisialta na hEorpa ar uas-sciliú oibrithe buíghorm san éifeachtúlacht fuinnimh don earnáil tógála lena n-áirítear teicnící oibre inbhuanaithe lena ndírítear ar ghnéithe sláinte amhail aispeist. Bunóidh na Ballstáit clárlanna dá ngairmithe luachshlabhra tógála, ina mbeidh sonraí ar fáil maidir le hinfhaighteacht scileanna agus gairmithe oilte ar an margadh. Déanfar na clárlanna sin a nuashonrú go bliantúil, agus beidh rochtain ag an bpobal ar a gcuid sonraí.

Leasú  205

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a. Forbróidh an Coimisiún caighdeán coiteann de chuid an Aontais le haghaidh scéimeanna airgeadais “Íoc mar a Shábháiltear” i gcomhréir le hAirteagal 2 den Treoir seo, lena leagfar síos íoscheanglais éigeantacha do ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  206

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 9 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsúcháin feidhmíochta fuinnimh in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilt fuinnimh a bheidh mar sprioc a bhainfear amach de thoradh an athchóirithe sin, arna chinneadh i gcritéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

9. Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsúcháin dhearfacha feidhmíochta fuinnimh, a bheidh deimhnithe le teastais iomchuí lena gceadófar athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilt fuinnimh a bheidh mar sprioc agus a bhainfear amach de thoradh an athchóirithe sin, arna chinneadh i gcritéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  207

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 9 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear leis an athchóiriú; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh ;

(a) feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear leis an athchóiriú; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh le haghaidh feabhsú feidhmíochta ar thomhaltas fuinnimh foirgneamh;

Justification

Financial measures are paramount to stimulate the energy renovation market. Such supportive measures have to go beyond the system of energy-savings obligations. (since energy savings obligation usually target commoditized products and not look at the overall performance/management of building). A report by the Building Performance Institute in Europe found that a combination of different tools may be more effective than single measures over the long-term. Attention shall be paid to the effective leverage of public money spend on energy efficiency measures in buildings. A recent study by the European Court of Auditors show that it is not possible to know how much energy will have been saved by investing a total of €6.6 billion of 2014-2020 public spending in residential buildings at EU level since the cost-effectiveness of the investments have not been measured.

Leasú  208

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 9 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) torthaí an fhaireacháin ex-post;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  209

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 9 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) torthaí fheidhmíocht an táscaire ullmhachta cliste (SRI) a baineadh a amach;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  210

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 9 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Amendment

 

(ea) cáilíocht fheabhsaithe na timpeallachta faoi dhíon.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  211

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10. Ón 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasacht airgeadais chun coirí a shuiteáil ar coirí iad a chumhachtaítear le breoslaí iontaise, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2027, i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(h)(i) an tríú fleiscín de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 maidir le pleananna straitéiseacha CBT.

10. Ón 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasacht airgeadais chun coirí a shuiteáil ar coirí iad nach bhfuil deimhnithe chun feidhmiú ag úsáid fuinneamh in-athnuaite agus dícharbónaithe agus a chumhachtaítear le breoslaí iontaise, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2024, i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(h)(i) an tríú fleiscín de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 maidir le pleananna straitéiseacha CBT.

 

Beidh coirí, atá le suiteáil i gcomhar le teicneolaíochtaí in-athnuaite (nach teicneolaíochtaí aonair iad), incháilithe i gcónaí do dhreasachtaí.

__________________

__________________

45 Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

45 Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

46 Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

46 Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

Justification

Amendment necessary for pressing reasons relating to the internal logic of the text. While accelerating fuel switching in buildings is essential, all technologies ready to use renewable and decarbonise energy should be able to contribute to buildings' decarbonisation. It is important to distinguish between technologies and the fuels they utilise: boilers on the market today can already use 100 % renewable energies (biomethane)  and variable shares of hydrogen. It is essential to ensure that boilers that work in combination with renewable-based technologies and support the increasing uptake of renewable energy, such as hybrid heaters and solar thermal systems, remain fully eligible for incentives.

Leasú  212

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

10a. Ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasachtaí airgeadais chun cineálacha áirithe gineadóirí teasa a shuiteáil i limistéir agus i gceirtleáin ina bhféadfadh sé costais dhíréireacha a chruthú chun a áirithiú nach sáróidh comhchruinnithe PM2.5 san aer comhthimpeallach an spriocluach, i gcomhréir le Treoir 2008/50/CE, nó i limistéir agus ceirtleáin ina ndearnadh sárú a thomhas, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú.

Réasúnú

sineirgí agus comhleanúnachas le acquis comhshaoil a bhaineann le cáilíocht an aeir a áirithiú. Is é truailliú aeir is cúis leis na céadta míle bás san Aontas. Níor cheart go gcuirfeadh rabharta athchóiriúcháin agus cistiú tiomnaithe le fadhb an truaillithe aeir agus níor cheart go bhforálfaí leis ach do réitigh atá buntáisteach do chách.

Leasú  213

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 11 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Dreasóidh na Ballstáit cláir athchóirithe dhomhain agus cláir inmhéide lena dtugtar aghaidh ar líon mór foirgneamh agus arb é an toradh a bheidh orthu laghdú foriomlán de 30 % ar a laghad den éileamh ar fhuinneamh príomhúil lena mbaineann tacaíocht airgeadais, fhioscach, riaracháin agus theicniúil níos airde.

Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do chláir athchóirithe dhomhain agus cláir inmhéide lena dtugtar aghaidh ar líon mór foirgneamh agus arb é an toradh a bheidh orthu laghdú foriomlán de 40 % ar a laghad den éileamh ar fhuinneamh príomhúil lena mbaineann tacaíocht airgeadais, fhioscach, riaracháin agus theicniúil níos airde. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh athchóirithe doimhne nó athchóirithe doimhne céimneacha lena dtabharfar foirgnimh chuig aicme A nó aicme B — mura bhfuil A indéanta go teicniúil — an ráta maoinithe poiblí is airde.

Leasú  214

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12. Leis na dreasachtaí airgeadais díreofar mar thosaíocht ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar dhaoine atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE).../…. [athmhúnlú EED]

12. Leis na dreasachtaí airgeadais díreofar mar thosaíocht ar theaghlaigh ísealioncaim agus mheánioncaim, ar chustaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, ar dhaoine atá bocht ó thaobh fuinnimh de nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus ar dhaoine atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE).../ .... [athmhúnlú EED] Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh na tomhaltóirí sin tairbhe as scéimeanna athchóirithe atá neodrach ó thaobh costais de.

Leasú  215

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13. Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgneamh ar cíos, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh dreasachtaí airgeadais chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon, go háirithe trí thacaíocht cíosa a sholáthar nó trí uasteorainneacha a fhorchur ar mhéaduithe cíosa.

13. Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgneamh ar cíos, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh dreasachtaí airgeadais chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon, go háirithe trí thacaíocht cíosa a sholáthar nó, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Treoir seo, trí choinníollacht scéimeanna airgeadais Íoc-mar-a-shábháiltear a thabhairt isteach ar mhéaduithe cíosa, lena ráthófar nach mbeidh an méadú cíosa níos mó ná an coigilteas, mar thoradh ar choigilteas athchóirithe fuinnimh. Tabharfaidh siad coimircí agus ráthaíochtaí sóisialta éifeachtacha isteach, go háirithe chun teaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de a chosaint.

Leasú  216

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 a – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun chóras le haghaidh deimhniúcháin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun chóras le haghaidh deimhniúcháin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus é mar sprioc an stoc iomlán foirgneamh a chumhdach faoi 2035 ar a dhéanaí ar bhealach inacmhainne agus éifeachtúil.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  217

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa teastas feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomha in kWh/(m2.y), agus luachanna tagartha amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh , íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha .

Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa teastas feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomha agus úsáid fuinnimh deiridh in kWh/(m2.y), agus luachanna tagartha amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Leasú  218

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, comhlíonfaidh an teastas feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V. Sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ó A go G amháin. Comhfhreagróidh litir A d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) agus comhfhreagróidh an litir G do 15 % de na foirgnimh is measa feidhmíocht sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh cothrom bandaleithid de tháscairí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí atá fágtha (B go F) i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin.

2. Faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, comhlíonfaidh an teastas feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V. Sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ó A go G amháin. Comhfhreagróidh litir A d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) agus comhfhreagróidh an litir G d’íosmhéid 15 % de na foirgnimh is measa feidhmíocht sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh cothrom bandaleithid de tháscairí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí atá fágtha (B go F) i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin. Cuirfidh na Ballstáit aicme bhreise A+ isteach a chomhfhreagróidh d’fhoirgnimh dhearbhacha ó thaobh fuinnimh gan dochar d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Treoir seo. Socróidh na Ballstáit litir sna meánaicmí a chomhfhreagróidh do leibhéil feidhmíochta ionas go mbeidh acmhainn íosta chun freagairt ar éileamh ann, lena léireofar cur chun feidhme éifeachtúlachta leordhóthanaí imchlúdaigh faoi 2035 ar a dhéanaí le haghaidh foirgneamh cónaithe agus 2032 le haghaidh foirgnimh neamhchónaithe. Beidh an t-imchlúdach seo oiriúnach chun córais sholúbtha téimh leictrí, téimh uisce agus aerchóirithe a shuiteáil nó chun nascadh le téamh ceantair ísealteochta, ionas go mbeidh compord teirmeach agus oibriú solúbtha na n-eangach cumhachta ann. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte mionsonraithe maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear teimpléad ina mbeidh sainaitheantas coiteann físeach agus lógó coiteann, i gcomhréir le hIarscríbhinn V, chun a gcáilíocht a fheabhsú agus chun inchreidteacht agus inchomparáideacht sonraí ar fud an Aontais a áirithiú.

Leasú  219

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh siad go n-eiseoidh saineolaithe neamhspleácha deimhnithe feidhmíochta fuinnimh tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair.

3. Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh siad go mbeidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh inacmhainne do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do gach aonad, a úsáidtear mar áit chónaithe aonair, gan dochar do na critéir ioncaim, agus a eisíonn saineolaithe cáilithe agus neamhspleácha iad tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair agus go mbeidh an teimpléad le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh bunaithe ar lógónna soiléire, ar phicteagraim agus ar chodanna soléite a léiríonn raon costas réamh-mheasta.

 

Tar éis an gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7, cuimseoidh na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh faisnéis bhreise maidir leis an acmhainneacht téite domhanda, i gcomhréir le hAirteagal 7, i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá faoi úinéireacht institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, atá á n-oibriú nó á n-áitiú acu, ar bhealach cuimsitheach chun deimhniú simplí aontaithe a bhaint amach.

Leasú  220

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 4 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a laghdú i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh ar an dóigh is costéifeachtaí, ach amháin má tá an foirgneamh nó an t-aonad foirgnimh i gcomhréir leis an gcaighdeán ábhartha tógála astaíochtaí nialasacha cheana féin .

Áireofar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a laghdú i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh ar an dóigh is costéifeachtaí, ach amháin má tá an foirgneamh nó an t-aonad foirgnimh i gcomhréir leis an gcaighdeán ábhartha tógála astaíochtaí nialasacha cheana féin, agus feabhas a chur ar scór an táscaire ullmhachta cliste d’fhoirgnimh nach mór iad a fheistiú leis an táscaire mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 den Treoir seo.

Leasú  221

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Na moltaí a áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán maidir leis na coigiltis fuinnimh agus an laghdú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Féadfaidh siad meastachán a sholáthar maidir leis an raon tréimhsí aisíoca nó na costais is tairbhe le linn shaolré an fhoirgnimh.

5. Na moltaí a áireofar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán maidir leis na coigiltis fuinnimh agus an laghdú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh siad meastachán a sholáthar maidir leis an raon tréimhsí aisíoca nó na costais is tairbhe le linn shaolré an fhoirgnimh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

 

Leasú  222

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Áireofar sna moltaí measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh nó aerchóirithe a oiriúnú chun go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta atá níos éifeachtúla, amhail astaírí ísealteochta le haghaidh córais téimh atá bunaithe ar uisce, lena n-áirítear an dearadh is gá ar an aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta/sreafa.

6. Áireofar sna moltaí léiriú soiléir ar an saolré atá fágtha ag na córais téimh spáis agus uisce agus na córais aerchóirithe, agus measúnú ar an saolré eacnamaíoch atá fágtha ag na córais theicniúla foirgneamh, agus measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh spáis agus téimh uisce nó aerchóirithe a oiriúnú chun go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta atá níos éifeachtúla, amhail astaírí ísealteochta le haghaidh córais téimh atá bunaithe ar uisce, lena n-áirítear an dearadh is gá ar an aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta/sreafa.

Leasú  223

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10. Ní rachaidh bailíocht an teastais feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 5 bliana. I gcás foirgneamh lena ngabhann aicme feidhmíochta fuinnimh A, B, nó C arna bhunú de bhun mhír 2, áfach, ní bheidh an teastas feidhmíochta fuinnimh bailí ar feadh níos faide ná 10 mbliana.

10. Ní rachaidh bailíocht an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 7 mbliana. I gcás foirgneamh lena ngabhann aicme feidhmíochta fuinnimh A, B, nó C arna bhunú de bhun mhír 2, áfach, ní bheidh an teastas feidhmíochta fuinnimh bailí ar feadh níos faide ná 10 mbliana.

Leasú  224

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 11 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú (bearta aonair nó bearta neamhspleácha).

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun deimhniú feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú (bearta aonair nó bearta neamhspleácha) chun costas eisiúna an deimhnithe nuashonraithe a laghdú.

Leasú  225

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 11 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a sainaithníodh i bpas athchóirithe.

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun deimhniú feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a sainaithníodh i bpas athchóirithe, nó i gcásanna ina n-úsáidtear Leathchúpla Digiteach Foirgnimh, chun costas eisiúna an deimhnithe nuashonraithe a laghdú.

Leasú  226

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 11 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

11a. Sa bhreis ar chreat na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear san Airteagal seo, saineoidh na Ballstáit caighdeáin d’aircitíopaí foirgneamh éagsúla chomh maith le huasteorainneacha ar riachtanas fuinnimh le haghaidh téimh lena bhféadfaí foirgnimh a théamh le téamh ísealteochta faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. Foilseoidh an Coimisiún treoir maidir le méadrach den sórt sin a fhorbairt.

Leasú  227

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) foirgnimh nó aonaid foirgnimh arna dtógáil , a ndearnadh athchóiriú mór orthu, arna ndíol nó arna ligean ar cíos le tionónta nua nó a ndéantar conradh cíosa a athnuachan ina leith; agus

(a) foirgnimh nó aonaid foirgnimh arna dtógáil, a ndearnadh athchóiriú mór orthu, arna ndíol nó arna ligean ar cíos le tionónta nua; agus

Leasú  228

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina dtógtar, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos foirgnimh nó aonaid foirgnimh nó nuair a dhéantar conarthaí cíosa a athnuachan , ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an teastas feidhmíochta fuinnimh don tionónta nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta.

2. I gcás ina dtógtar, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos foirgnimh nó aonaid foirgnimh, ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh don tionónta nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta.

Leasú  229

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh teimpléad coiteann chun an fhaisnéis a aistriú chuig an bhFaireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh teimpléad coiteann chun an fhaisnéis a aistriú chuig an bhFaireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh. Faoin dáta sin, tionscnóidh na Ballstáit, bunaithe ar threoir ón gCoimisiún, iniúchadh ar staid stoc an Aontais chun suíomh na limistéir leochaileacha ina bhfuil táscairí socheacnamaíocha ísle agus foirgnimh lagfheidhmíochta fuinnimh a chinneadh, i gcomhréir le EED Ar an gcaoi sin, beidh iarracht na tacaíochta eacnamaíche agus gairmiúla dírithe ar na sochaithe is leochailí agus cuirfear chun cinn méadú ar ráta athchóirithe na bhfoirgneamh san Aontas, atá comhionann agus comhchuibhithe do na Ballstáit uile.

Leasú  230

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a. Gach 2 bhliain, ag tosú leis an dara bliain tar éis fhoilsiú na Treorach seo, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar staid agus dul chun cinn stoc foirgneamh an Aontais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Leasú  231

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 4 – fomhír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áireofar sa scéim iniúchtaí an measúnú ar mhéid an chórais aerála i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cumais an chórais aerála a fheidhmíocht a optamú i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe.

Áireofar sa scéim iniúchtaí an measúnú ar mhéid an chórais aerála i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cumais an chórais aerála a fheidhmíocht a optamú i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe. Áireofar sna cigireachtaí freisin measúnú ar cháilíocht an aeir laistigh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  232

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 7 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh nó aschur comhchórais téimh spáis agus aerála os cionn 290kW aige feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh faoin 31 Nollaig 2024 . Déanfar an tairseach don aschur rátaithe éifeachtach a ísliú go 70 kW faoin 31 Nollaig 2029.

Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais fuaraithe nó aschur comhchórais téimh spáis, fuaraithe spáis agus aerála os cionn 290kW aige feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh faoin 31 Nollaig 2024 . Déanfar an tairseach don aschur rátaithe éifeachtach a ísliú go 70 kW faoin 31 Nollaig 2029.

Réasúnú

Déantar an raon feidhme (290 kW) sa EPBD reatha a ríomh ag tagairt do théamh spáis agus aeráil (Airt. 14, mír 4) ach cumhdaítear leis freisin fuarú spáis (Airt. 15, mír 4). Níl an t-athbhreithniú atá beartaithe ag teacht leis na forálacha BACS atá ann faoi láthair, atá á gcur chun feidhme ag na Ballstáit cheana

Leasú  233

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 22 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le hoiliúint agus deimhniúcháin ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil don phobal liostaí saineolaithe cáilithe nó deimhnithe nó liostaí na gcuideachtaí deimhnithe a bhfuil seirbhísí na saineolaithe sin á dtairiscint acu agus go ndéanfar na liostaí sin a nuashonrú go rialta.

2. Maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin nó cáilíochta coibhéisí le haghaidh saineolaithe neamhspleácha a sholáthraíonn deimhniú feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh, le pasanna athchóirithe a bhunú, leis an measúnú ar ullmhacht chliste, le hiniúchadh córas téimh agus córas aerchóirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad inrochtana, inacmhainne agus ag feidhmiú go cuí, agus cuirfidh siad an fhaisnéis maidir le deiseanna oiliúna agus deimhniúcháin ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil don phobal liostaí saineolaithe cáilithe nó deimhnithe nó liostaí na gcuideachtaí deimhnithe a bhfuil seirbhísí na saineolaithe sin á dtairiscint acu agus go ndéanfar na liostaí sin a nuashonrú go rialta.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  234

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 23 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit an leibhéal iomchuí inniúlachta do ghairmithe foirgníochta a dhéanann oibreacha athchóirithe comhtháite i gcomhréir le hAirteagal 26 [athmhúnlú EED].

1. Áiritheoidh na Ballstáit plean náisiúnta chun inniúlachtaí ardoilte a fhorbairt do ghairmithe foirgníochta a dhéanann oibreacha athchóirithe comhtháite i gcomhréir le hAirteagal 26 [athmhúnlú EED].

Leasú  235

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 23 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuirfidh na Ballstáit cláir le haghaidh scéimeanna athcháilithe fostaithe chun cinn i mianadóireacht breoslaí iontaise, i ngnólachtaí táirgthe fuinnimh, agus cuntasaíochta fuinnimh a mbeidh a dtáirgeadh fuinnimh agus a ngníomhaíochtai faoi réir céimnithe amach ina dhiaidh sin i bhfianaise iarrachtaí dícharbónaithe an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an cur chuige sin na geallsealbhóirí tábhachtacha sin a chomhtháthú ar bhealach dearfach i bpróiseas dhícharbónú earnáil fuinnimh an Aontais.

Leasú  236

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 25 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an dtugann cur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhar le hionstraimí reachtacha eile lena dtugtar aghaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, go háirithe trí phraghsáil carbóin, dul chun cinn leordhóthanach i dtreo stoc foirgnimh atá dícharbónaithe go hiomlán agus atá saor ó astaíochtaí a bhaint amach faoin mbliain 2050, nó an gá bearta ceangailteacha breise ar leibhéal an Aontais, go háirithe íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh éigeantacha ar fud an stoic foirgneamh ina iomláine, a thabhairt isteach. Scrúdóidh an Coimisiún Eorpach chomh maith conas a bheadh Ballstáit in ann cur chuige comhtháite limistéir nó comharsanachta a chur i bhfeidhm i mbeartas tógála an Aontais agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus ag an céanna ag féachaint dó go mbainfidh gach foirgneamh na ceanglais íosta feidhmíochta fuinnimh amach, mar shampla trí bhíthin scéimeanna athchóirithe foriomlána a chuirfear i bhfeidhm ar líon foirgneamh i gcomhthéacs spásúil in ionad déanamh amhlaidh ar fhoirgneamh aonair.

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an dtugann cur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhar le hionstraimí reachtacha eile lena dtugtar aghaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, go háirithe trí phraghsáil carbóin, dul chun cinn leordhóthanach i dtreo stoc foirgnimh atá dícharbónaithe go hiomlán agus atá saor ó astaíochtaí a bhaint amach faoin mbliain 2050, nó an gá bearta ceangailteacha breise ar leibhéal an Aontais, go háirithe íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh éigeantacha ar fud an stoic foirgneamh ina iomláine, a thabhairt isteach. Ina theannta sin, cur chuige iomlánaíoch ar gach scála spásúil, lena n-áirítear: ailtireacht tírdhreacha, pleanáil uirbeach, bonneagar, dearadh, agus ar an gcaoi sin bealaí maireachtála níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos nuálaí a chur chun cinn i gcomhréir le héabhlóid ár dtimpeallachta tógtha, chun oiriúnú do riachtanais nua agus chun tithíocht chuibhiúil agus ardcháilíochta a áirithiú do chách, ba cheart iad a chur san áireamh sna bearta ar leibhéal an Aontais Scrúdóidh an Coimisiún Eorpach chomh maith conas a bheadh Ballstáit in ann cur chuige comhtháite limistéir nó comharsanachta a chur i bhfeidhm i mbeartas tógála an Aontais agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus ag an céanna ag féachaint dó go mbainfidh gach foirgneamh na ceanglais íosta feidhmíochta fuinnimh amach, mar shampla trí bhíthin scéimeanna athchóirithe foriomlána a chuirfear i bhfeidhm ar líon foirgneamh i gcomhthéacs spásúil in ionad déanamh amhlaidh ar fhoirgneamh aonair.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  237

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 26 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun na bealaí agus cleachtais dhifriúla lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh a chur in iúl d’úinéirí agus do thionóntaí na bhfoirgneamh nó na n-aonad foirgnimh agus do gach gníomhaire margaidh ábhartha . Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faisnéis shaincheaptha a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha.

1. Tacóidh na Ballstáit le feachtais faisnéise agus múscailte feasachta chun suim agus tacaíocht an phobail a chur chun cinn chun an treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus déanfaidh siad gach beart is gá chun na bealaí agus cleachtais dhifriúla lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh a chur in iúl d’úinéirí agus do thionóntaí na bhfoirgneamh nó na n-aonad foirgnimh agus do gach gníomhaire margaidh ábhartha. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faisnéis shaincheaptha a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha, do theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, do limistéir leochaileacha i gcomhréir le EED, agus chun faisnéis a sholáthar ar leibhéal na comharsanachta chun freastal ar na tomhaltóirí sin.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  238

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 26 – mír 2 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le teastais feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta costéifeachtacha agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí inrochtana agus trédhearcacha comhairleacha amhail comhairle i ndáil le hathchóiriú agus ionaid ilfhreastail.

Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le teastais feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta costéifeachtacha agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí inrochtana agus trédhearcacha comhairleacha amhail comhairle i ndáil le hathchóiriú agus ionaid ilfhreastail. Déanfar rochtain ar uirlisí comhairleacha den sórt sin a oiriúnú go sonrach do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do theaghlaigh leochaileacha, do theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh, do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  239

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 1 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh in iúl le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil in aghaidh an aonaid d’achar an urláir tagartha in aghaidh na bliana, in kWh/(.y) chun críche feidhmíocht fuinnimh a dheimhniú agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh araon. Beidh an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chinneadh trédhearcach agus oscailte do nuálaíocht.

Cuirfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh in iúl le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil agus deiridh in aghaidh an aonaid d’achar an urláir tagartha in aghaidh na bliana, in kWh/(m2.y) chun críche feidhmíocht fuinnimh a dheimhniú agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh araon. Beidh an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chinneadh trédhearcach agus oscailte do nuálaíocht.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs, d’fhonn níos mó soiléireachta a chur ar fáil do thionóntaí agus dá bhrí sin éifeachtúlacht fuinnimh agus athcóirithe a chothú.

Leasú  240

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 1 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a modheolaíocht ríomha náisiúnta bunaithe ar Iarscríbhinn A de réir na bpríomhchaighdeán Eorpach maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, eadhon EN ISO 52000-1, EN ISO 52003-1, EN ISO 52010-1, EN ISO 52016-1, EN ISO 52018-1, EN 16798-1 agus EN 17423 nó sárdhoiciméid a forbraíodh . Ní hionann an fhoráil seo agus códú dlíthiúil na gcaighdeán sin.

Déanfaidh na Ballstáit cur síos ar a modheolaíocht ríomha náisiúnta bunaithe ar Iarscríbhinn A de réir na bpríomhchaighdeán Eorpach maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, eadhon EN ISO 52000-1, EN ISO 52003-1, EN ISO 52010-1, EN ISO 52016-1, EN ISO 52018-1, EN ISO 52120-1, EN 16798-1 agus EN 17423 nó sárdhoiciméid a forbraíodh. Ní hionann an fhoráil seo agus códú dlíthiúil na gcaighdeán sin.

Réasúnú

Tá tionchar BACS ríthábhachtach d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Is caighdeán de chuid EPB é EN ISO 52120-1 laistigh de shainordú M480 agus soláthraíonn sé ionchur tábhachtach chun feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh a ríomh. Thairis sin, de réir mar a mheastar go dtiocfaidh méadú ar leictriú foirgneamh, cuirfidh ualaí leictreacha nua leis an ídiú fuinnimh.

Leasú  241

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chur in iúl, féadfaidh na Ballstáit táscairí breise uimhriúla den phríomhúsáid fuinnimh iomlán, neamh-inathnuaite agus in-athnuaite, agus astaíochtaí oibriúcháin gás ceaptha teasa arna dtáirgeadh in kgCO2eq/(.y) a shainiú.

3. Chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chur in iúl, déanfaidh na Ballstáit táscairí breise uimhriúla den phríomhúsáid fuinnimh iomlán, neamh-in-athnuaite agus in-athnuaite, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a tháirgtear in kgCO2eq/(m2.y) agus d’astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla agus corpraithe a shainmhíniú i gcaitheamh ré feidhme ionchasach an fhoirgnimh.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo chun a áirithiú go gcumhdófar le EPBD feidhmíocht fuinnimh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa araon mar a léirítear in Airteagal 1, mír 1. Táscairí uimhriúla breise d’astaíochtaí gás ceaptha teasa atá corpraithe (táirgeadh agus/nó tógáil foirgneamh) a chur san áireamh sna gnéithe is gá a mheas chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus ar an oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le hastaíochtaí corpraithe a bhaineann le húsáid táirgí agus ábhar foirgníochta.

Leasú  242

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) suiteáil téimh agus soláthar uisce the, lena n-áirítear a saintréithe inslithe;

(b) suiteáil téimh agus soláthar uisce the, lena n-áirítear a saintréithe inslithe agus aisghabhála teasa;

Réasúnú

D’fhéadfadh aisghabháil teasa a bheith ina cuid thábhachtach de na bearta as a n-eascraíonn éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh, ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí chomh tarraingteach céanna mura gcuirtear a dtairbhe san áireamh agus tomhaltas fuinnimh an fhoirgnimh á ríomh de réir EPBD.

Leasú  243

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) acmhainneacht na n-acmhainní fuinnimh díláraithe suiteáilte, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite ar an láthair, bonneagar luchtaithe déthreoch feithiclí leictreacha, freagairt ar éileamh agus stóráil;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  244

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe h

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) dálaí aeráide laistigh, lena n-áirítear an aeráid dhíonach atá deartha;

(h) dálaí aeráide laistigh, lena n-áirítear an aeráid dhíonach atá deartha agus cáilíocht an aeir laistigh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs maidir le haeráil agus sláinte phoiblí.

Leasú  245

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia) uathoibriú foirgneamh agus cumais theicniúla bainistithe foirgneamh chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh, í a rialú agus í a bharrfheabhsú;

Réasúnú

Tá faireachán ríthábhachtach chun feabhas leanúnach ar fheidhmíocht fuinnimh a spreagadh, go háirithe maidir leis an méadú atá tagtha ar stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha sa bhaile. De ghnáth, d’fhéadfadh coigilteas fuinnimh 10 % ar an meán a bheith mar thoradh ar fhaireachán; mar sin féin, níl faireachán fuinnimh aitheanta go fóill mar Chóras Teicniúil Foirgneamh sa sainmhíniú ar EPBD atá ann faoi láthair

Leasú  246

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe i b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ib) éifeachtúlacht suiteálacha leictreacha (IECEN 60364-8-1).

Réasúnú

Chun éifeachtúlacht suiteálacha leictreacha a chumhdach, ba cheart oibleagáid a thabhairt isteach chun caillteanais fuinnimh sna suiteálacha leictreacha a íoslaghdú, in éineacht le ceanglais feidhmíochta do na réitigh sin i gcomhréir le caighdeáin atá ann cheana agus le caighdeáin atá sainaitheanta (IEC EN 60364-8-1).

Leasú  247

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – pointe a – an chéad ró

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh (dá dtagraítear in Airteagal 3)

EPBD Airteagal 3

Táscairí éigeantacha

Táscairí/tuairimí Roghnacha

a) Forbhreathnú ar an stoc náisiúnta foirgneamh

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m²):

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m²):

 

- in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí agus tithíocht shóisialta)

- de réir aois tógála

 

- de réir aicme feidhmíochta fuinnimh

- de réir mhéid an fhoirgnimh

 

- NZEB

- in aghaidh an limistéir aeráide

 

- an fheidhmíocht is measa (lena n-áirítear sainmhíniú)

- scartáil (líon agus achar urláir iomlán)

 

Leasú

Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh (dá dtagraítear in Airteagal 3)

EPBD Airteagal 3

Táscairí éigeantacha

Táscairí/tuairimí Roghnacha

a) Forbhreathnú ar an stoc náisiúnta foirgneamh

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m²):

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m²):

 

- in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí agus tithíocht shóisialta)

- de réir aois tógála

 

- de réir aicme feidhmíochta fuinnimh

- de réir mhéid an fhoirgnimh

 

- NZEB

- in aghaidh an limistéir aeráide

 

- an fheidhmíocht is measa (lena n-áirítear sainmhíniú)

- de réir leibhéal ioncaim na dteaghlach

 

- de réir a fheidhme reatha mar phríomháit chónaithe/mar áit chónaithe thánaisteach

- scartáil (líon agus achar urláir iomlán)

Leasú  248

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe a – ró 7 – fleasc 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

- daonra ina gcónaí faoi dhálaí cónaithe neamhleora (e.g. díon ag sileadh) nó le dálaí neamhleora compoird theirmigh

- daonra ina gcónaí faoi dhálaí cónaithe neamhleora (e.g. díon ag sileadh), le suiteálacha leictreacha neamhshábháilte nó le dálaí neamhleora compoird theirmigh

Réasúnú

Ní mheastar gur dramhaíl ar an liosta glas ar an leibhéal idirnáisiúnta iad PTFE ná PVC. Tá an dá cheann faoi réir grinnscrúdú san Aontas mar gheall ar a n-airíonna. Tagann PTFE faoi raon feidhme na hoibre atá ann faoi láthair chun srianta a chur ar PFAS, agus tá obair leanúnach ar siúl freisin maidir le srian a chur ar PVC.

Leasú  249

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe a – ró 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sainmhíniú ar fhoirgneamh fuinnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh dfhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh atá ann cheana féin

Sainmhíniú ar fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus foirgneamh astaíochtaí nialasacha dfhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh atá ann cheana féin

Leasú  250

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe b – ró 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Spriocanna do rátaí athchóirithe bliantúla: Líon agus achar urláir iomlán (m²):

Spriocanna do rátaí athchóirithe bliantúla: Líon agus achar urláir iomlán (m²):

- in aghaidh an chineáil foirgnimh

- in aghaidh an chineáil foirgnimh

- an fheidhmíocht is measa

- an fheidhmíocht is measa

 

Spriocanna le haghaidh sciar ionchasach (%) d’fhoirgnimh athchóirithe:

 

- in aghaidh an chineáil foirgnimh

 

- in aghaidh na doimhneachta athchóirithe

Leasú  251

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) custaiméirí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint agus laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE).../... [athmhúnlú EED], agus inacmhainneacht tithíochta;

(d) custaiméirí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint agus laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear sraith beart chun maoiniú fabhrach a dhéanamh ar athchóiriú foirgneamh do theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach agus sprioc náisiúnta maidir le maolú ar bhochtaineacht fuinnimh trí bhearta athchóirithe foirgneamh de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) …/… [athmhúnlú EED], agus inacmhainneacht tithíochta;

Leasú  252

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 1 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) ionaid ilfhreastail nó sásraí dá samhail a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar;

(e) ionaid ilfhreastail ar an leibhéal áitiúil nó sásraí dá samhail a chruthú chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais saincheaptha, agus seirbhísí comhtháite athchóirithe foirgneamh a sholáthar d’úinéirí maoine;

Leasú  253

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 1 – pointe n

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(n) aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i scileanna agus ar neamhréir i gcumas daoine, agus oideachas, oiliúint, uasoiliúint agus athoiliúint a chur chun cinn in earnálacha na foirgníochta, na hearnála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite; agus

 

(n) aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i scileanna agus ar neamhréir i gcumas daoine, agus oideachas, oiliúint, uasoiliúint agus athoiliúint a chur chun cinn in earnálacha na foirgníochta, na hearnála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite trí chur chun feidhme éigeantach córas um fhorbairt ghairmiúil leanúnach, cláir scileanna, agus spriocanna náisiúnta maidir le cáilíocht agus uas-sciliú gairmithe tógála, atá ailínithe, i gcás inarb infheidhme, le treochláir cháilíochta náisiúnta arna bhforbairt faoi thionscnamh EU BUILD UP Skills agus/nó faoin tionscnamh Treoirphlean Foirgníochta.

Leasú  254

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 1 – pointe o

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(o) feachtais ardaithe feasachta agus uirlisí comhairleacha eile.

(o) feachtais ardaithe feasachta ar mórscála lena gcuirtear chun cinn na tairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht foirgneamh agus na bearta tacaíochta inrochtana a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an chomhphobail, chomh maith le huirlisí comhairleacha eile.

Leasú  255

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 Ainm an bheartais nó an bhirt

 Ainm an bheartais nó an bhirt

 Tuairisc ghairid (raon feidhme beacht, cuspóir agus rialacha mionsonraithe oibríochta)

 Tuairisc ghairid (raon feidhme beacht, cuspóir agus rialacha mionsonraithe oibríochta)

 Cuspóir cainníochtaithe

 Cuspóir cainníochtaithe

 Cineál beartais nó birt (amhail beartas reachtach; Eacnamaíoch; Fioscach; Oiliúint, feasacht)

 Cineál beartais nó birt (amhail beartas reachtach; eacnamaíoch; fioscach; oiliúint, feasacht)

 An buiséad agus foinsí maoinithe atá beartaithe

 An buiséad agus foinsí maoinithe atá beartaithe

 Eintitis atá freagrach as an mbeartas a chur chun feidhme

 Eintitis atá freagrach as an mbeartas a chur chun feidhme

 An tionchar a bhfuiltear ag súil leis

 An tionchar a bhfuiltear ag dréim leis

 Stádas cur chun feidhme

 Stádas cur chun feidhme

 Dáta theacht i bhfeidhm

 Dáta theacht i bhfeidhm

 Tréimhse cur chun feidhme

 Tréimhse cur chun feidhme

 

 Sásraí faireacháin

 

 Pionóis i gcás neamhchomhlíonadh agus/nó i gcás feidhmiú neamhleor

Justification

1) subparagraph d) is amended to ensure the practical implementation of national-level financial schemes targeted to energy poor and vulnerable households as per the applicable definition pursuant to the proposed amendments of the EED

2) subparagraph e) is amended to ensure accessible tailored services efficiently reaching the local communities, which are the main beneficiaries of the OSS concept. The suggested amendments also include the provision of integrated renovation services overcoming the issues related to the fragmentation of the construction sector in general and specifically of the renovation process, which is often cited as one of the major barriers to large-scale building retrofitting.

3) subparagraph n) is amended to ensure the application of streamlined instruments which are key for the life-long learning progress and regular upgrade of the skills and knowledge of building professionals in a quickly changing technological environment. Additionally, it brings coherence with the most effective and widely recognized EU initiatives in the area, thus avoiding duplication of measures and reduction of costs.

4) subparagraph o) is amended to ensure ambitious scope and outreach of the communication and awareness raising campaigns, which are expected to integrate national coverage by the public media and local community-oriented communication action to achieve highest impact.

5) additionally, monitoring mechanisms and penalties in case of non-compliance or underperformance are required to ensure coherent implementation at national level

Leasú  256

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 1 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) nuachóiriú a dhéanamh ar an stoc téimh agus fuaraithe trí theicneolaíochtaí a shuiteáil atá ullamh chun oibriú le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus foinsí fuinnimh dícharbónaithe;

Leasú  257

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II – colún 2 – pointe c – ró 1 – fomhír 1 – pointe f b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb) méadú ar shábháilteacht leictreach;

Leasú  258

 

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn III – pointe I – mír 3 – fleasc 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair agus a chomhlíonann critéir Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 [arna leasú],

 fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair nó a sholáthraítear ón eangach agus a chomhlíonann critéir Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe],

Leasú  259

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn III – pointe I – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh foirgneamh atá saor ó astaíochtaí ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise.

Ní bheidh foirgneamh atá saor ó astaíochtaí ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ó bhreoslaí iontaise.

Leasú  260

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn III – pointe II – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun acmhainneacht téimh dhomhanda (GWP) saolré foirgneamh nua a ríomh de bhun Airteagal 7(2), cuirtear an GWP in iúl mar tháscaire uimhriúil do gach céim saolré arna shloinneadh mar kgCO2e/m² (achar urláir úsáideach) ar feadh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliana. Déanfar na sonraí a roghnú, an sainmhíniú ar chnámha scéil agus na ríomhanna i gcomhréir le EN 15978 (EN 15978:2011. Inbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta. Feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a mheasúnú. Modh ríofa). Tá raon feidhme na n-eilimintí tógála agus an trealaimh theicniúil mar atá sainmhínithe i gcreat coiteann an AE do tháscaire 1.2 a bhaineann le Leibhéal/Leibhéil. I gcás inarb ann d’uirlis ríofa náisiúnta, nó ina n-éilítear í chun nochtuithe a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, féadfar an uirlis sin a úsáid chun an nochtadh riachtanach a chur ar fáil. Féadfar uirlisí ríofa eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta a leagtar síos le creat coiteann an Aontais Eorpaigh. Úsáidfear sonraí maidir le táirgí foirgníochta sonracha arna ríomh i gcomhréir leis an [Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] nuair a bheidh siad ar fáil.

Chun acmhainneacht téimh dhomhanda (GWP) saolré foirgneamh nua a ríomh de bhun Airteagal 7(2), cuirtear an GWP in iúl mar tháscaire uimhriúil do gach céim saolré agus na tairbhí a bhaineann le hathúsáid agus athchúrsáil ag deireadh ré a chur san áireamh freisin, arna shloinneadh mar kgCO2e/m² (achar urláir úsáideach) ar feadh bliain amháin de thréimhse staidéir tagartha 50 bliana. Déanfar na sonraí a roghnú, an sainmhíniú ar chnámha scéil agus na ríomhanna i gcomhréir le EN 15978 (EN 15978:2011. Inbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta. Feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a mheasúnú. Modh ríofa). Tá raon feidhme na n-eilimintí tógála agus an trealaimh theicniúil mar atá sainmhínithe i gcreat coiteann an AE do tháscaire 1.2 a bhaineann le Leibhéal/Leibhéil. I gcás inar ann d’uirlis ríofa náisiúnta, nó ina n-éilítear í chun nochtuithe a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, féadfar an uirlis sin a úsáid chun an nochtadh riachtanach a chur ar fáil. Féadfar uirlisí ríofa eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta a leagtar síos le creat coiteann an Aontais Eorpaigh. Úsáidfear sonraí maidir le táirgí foirgníochta sonracha arna ríomh i gcomhréir leis an [Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] nuair a bheidh siad ar fáil.

Réasúnú

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé éiceachóras tógála ciorclach a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach freisin na tairbhí breise comhshaoil a eascraíonn as athúsáid agus athchúrsáil ag deireadh ré an fhoirgnimh a thuairisciú

Leasú  261

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn IV – pointe 1 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) cumas foirgnimh fuinneamh a stóráil agus é a scaoileadh ar ais san fhoirgneamh nó san eangach mar leictreachas nuair is gá sin chun rannpháirtíocht ghníomhach foirgneamh sa chóras leictreachais a chumasú.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  262

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 1 – pointe -a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha) astaíochtaí mínábhair cháithnínigh (PM2.5) oibríochta;

Réasúnú

táscairí a aistríodh ó mhír 2 mar eilimint atá le taispeáint go héigeantach.

Leasú  263

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 1 – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) an aicme astaíochtaí gás ceaptha teasa (más infheidhme).

(i) an aicme astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Leasú  264

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 1 – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia) úsáid fuinnimh, buaicualach, méid an ghineadóra nó an chórais, an príomhiompróir fuinnimh agus an príomhchineál eiliminte i gcás gach ceann de na húsáidí: Téamh, fuarú, uisce te tí, aerú agus soilsiú ionsuite;

Réasúnú

táscairí a aistríodh ó mhír 2 d’Iarscríbhinn V mar eilimint atá le taispeáint go héigeantach.

Leasú  265

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 1 – pointe i b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ib) Stádas na suiteála leictrí (tagairt don chigireacht is déanaí);

Leasú  266

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair, príomh-iompróir fuinnimh agus cineál foinse fuinnimh in-athnuaite;

(b) fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair, príomhiompróir fuinnimh agus cineál foinse fuinnimh in-athnuaite agus ullmhacht chun acmhainneacht nua giniúna in-athnuaite a shuiteáil (e.g. spás, treoshuíomh, córas leictreach atá ar fáil);

Leasú  267

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) meánluach na n-eilimintí teimhneacha d’imchlúdach an fhoirgnimh;

(g) meán-u-luach agus meán-g-luach na n-eilimintí teimhneacha d’imchlúdach an fhoirgnimh;

Réasúnú

Is rómhinic a dhíríonn ceanglais náisiúnta ar insliú (u-luach) cé go bhfuil gnéithe eile chomh tábhachtach céanna chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht eilimintí trédhearcacha an imchlúdaigh foirgnimh, go háirithe tarchur fuinnimh na gréine (g-luach).

Leasú  268

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe j a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ja) toradh na hanailíse ar cháilíocht an aeir laistigh;

Réasúnú

Léirítear i staidéir go bhfuil feabhsuithe aeráide laistigh ar roinnt de na príomhdhreasachtaí d’úinéirí foirgneamh athchóirithe fuinnimh a dhéanamh.

Leasú  269

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe j b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(jb) toradh na hanailíse ar dhálaí sholas an lae;

Réasúnú

Léirítear i staidéir go bhfuil feabhsuithe aeráide laistigh ar roinnt de na príomhdhreasachtaí d’úinéirí foirgneamh athchóirithe fuinnimh a dhéanamh.

Leasú  270

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe m

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(m) líon agus cineál na bpointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha;

(m) líon agus cineál na bpointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha agus ullmhacht an bhonneagair leictrigh chun pointí luchtaithe nua a chur leis; ;

Justification

Energy Performance Certificates (EPCs) must integrate information about the latest inspection of the electrical installations and its readiness to install new major equipment. The proposed template for EPCs suggests including information about the presence of heat-pump, EV charging, storage or on-site renewable generation, but should also include information about the readiness and latest safety check of the electrical installations to integrate such equipment. Every dwelling owner or tenant should have an easy access to information about the status and readiness of the electrical installations particularly in the view of electrification of heating and transport and the possibility to add new equipment, such as EV charging point, heat pump, on-site renewable generation, and storage.

Leasú  271

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe n

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(n) córais stórála fuinnimh a bheith ann, cineál agus méid na gcóras sin;

(n) córais stórála fuinnimh a bheith ann, cineál agus méid agus ullmhacht na gcóras sin chun acmhainn stórála nua a chur leo;

Justification

Energy Performance Certificates (EPCs) must integrate information about the latest inspection of the electrical installations and its readiness to install new major equipment. The proposed template for EPCs suggests including information about the presence of heat-pump, EV charging, storage or on-site renewable generation, but should also include information about the readiness and latest safety check of the electrical installations to integrate such equipment. Every dwelling owner or tenant should have an easy access to information about the status and readiness of the electrical installations particularly in the view of electrification of heating and transport and the possibility to add new equipment, such as EV charging point, heat pump, on-site renewable generation, and storage.

Leasú  272

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe r a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ra) a ullmhaí atáthar breoslaí iontaise a mhúchadh;

Justification

Energy Performance Certificates (EPCs) must integrate information about the latest inspection of the electrical installations and its readiness to install new major equipment. The proposed template for EPCs suggests including information about the presence of heat-pump, EV charging, storage or on-site renewable generation, but should also include information about the readiness and latest safety check of the electrical installations to integrate such equipment. Every dwelling owner or tenant should have an easy access to information about the status and readiness of the electrical installations particularly in the view of electrification of heating and transport and the possibility to add new equipment, such as EV charging point, heat pump, on-site renewable generation, and storage.

Leasú  273

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe r b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(rb) solúbthacht éilimh fhoriomláin leictreachais foirgnimh, lena n-áirítear a chumas freagairt ar éileamh i ndáil leis an eangach, agus acmhainní aistrithe ualaigh.

Justification

Energy Performance Certificates (EPCs) must integrate information about the latest inspection of the electrical installations and its readiness to install new major equipment. The proposed template for EPCs suggests including information about the presence of heat-pump, EV charging, storage or on-site renewable generation, but should also include information about the readiness and latest safety check of the electrical installations to integrate such equipment. Every dwelling owner or tenant should have an easy access to information about the status and readiness of the electrical installations particularly in the view of electrification of heating and transport and the possibility to add new equipment, such as EV charging point, heat pump, on-site renewable generation, and storage.

 


NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2021)0802 – C9-0469/2021 – 2021/0426(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

14.2.2022

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

14.2.2022

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Radan Kanev

11.3.2022

Pléite sa choiste

17.5.2022

 

 

 

Dáta an ghlactha

3.10.2022

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

33

8

27

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mathilde Androuët, Bartosz Arłukowicz, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Aurélia Beigneux, Hildegard Bentele, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Bas Eickhout, Agnès Evren, Heléne Fritzon, Malte Gallée, Andreas Glück, Catherine Griset, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, César Luena, Liudas Mažylis, Tilly Metz, Silvia Modig, Alessandra Moretti, Ville Niinistö, Grace O’Sullivan, Jessica Polfjärd, Nicola Procaccini, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Maria Spyraki, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Michael Bloss, Biljana Borzan, Asger Christensen, Matthias Ecke, Radan Kanev, Ondřej Knotek, João Pimenta Lopes, Christel Schaldemose, Sarah Wiener

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Attila Ara-Kovács, Krzysztof Hetman, Niklas Nienaß

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

33

+

PPE

Bartosz Arłukowicz, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin-Oesterlé, Agnès Evren, Krzysztof Hetman, Radan Kanev, Ewa Kopacz, Peter Liese, Liudas Mažylis, Maria Spyraki

RENEW

Abir Al-Sahlani, Pascal Canfin, Asger Christensen, Martin Hojsík, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, Michal Wiezik

S&D

Attila Ara-Kovács, Marek Paweł Balt, Simona Bonafè, Biljana Borzan, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Matthias Ecke, Heléne Fritzon, César Luena, Alessandra Moretti, Christel Schaldemose, Günther Sidl, Tiemo Wölken

 

8

-

ID

Mathilde Androuët, Simona Baldassarre, Aurélia Beigneux, Catherine Griset, Silvia Sardone

RENEW

Andreas Glück, Jan Huitema, Ondřej Knotek

 

27

0

ECR

Sergio Berlato, Joanna Kopcińska, Nicola Procaccini, Alexandr Vondra, Anna Zalewska

NI

Ivan Vilibor Sinčić, Edina Tóth

PPE

Hildegard Bentele, Esther de Lange, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Pernille Weiss

THE LEFT

Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Silvia Modig, João Pimenta Lopes, Mick Wallace

VERTS/ALE

Michael Bloss, Bas Eickhout, Malte Gallée, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Niklas Nienaß, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Sarah Wiener

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

 

 

 

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

Tagairtí

COM(2021)0802 – C9-0469/2021 – 2021/0426(COD)

Dáta tíolactha chun na Parlaiminte

15.12.2021

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

14.2.2022

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

14.2.2022

TRAN

14.2.2022

 

 

Coistí comhlachaithe

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

9.6.2022

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Ciarán Cuffe

14.2.2022

 

 

 

Pléite sa choiste

27.6.2022

 

 

 

Dáta a ghlactha

9.2.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

49

18

6

Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Michael Bloss, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Martin Buschmann, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Beatrice Covassi, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Marie Dauchy, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Valter Flego, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Marisa Matias, Eva Maydell, Iskra Mihaylova, Johan Nissinen, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Damian Boeselager, Jakop G. Dalunde, Matthias Ecke, Cornelia Ernst, Klemen Grošelj, Elena Kountoura, Dace Melbārde, Alin Mituța, Jutta Paulus, Massimiliano Salini

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Campomenosi, Rosanna Conte, Jarosław Duda, France Jamet, Aušra Maldeikienė, Tilly Metz, Alessandro Panza, Rovana Plumb

Dáta don chur síos

16.2.2023

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

49

+

NI

Martin Buschmann, Clara Ponsatí Obiols

PPE

Hildegard Bentele, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Jarosław Duda, Christian Ehler, Seán Kelly, Aušra Maldeikienė, Eva Maydell, Dace Melbārde, Maria Spyraki, Pernille Weiss

Renew

Valter Flego, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Iskra Mihaylova, Alin Mituța, Morten Petersen

S&D

Beatrice Covassi, Josianne Cutajar, Matthias Ecke, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Tsvetelina Penkova, Rovana Plumb, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

The Left

Marc Botenga, Cornelia Ernst, Elena Kountoura, Marisa Matias

Verts/ALE

Michael Bloss, Damian Boeselager, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Henrike Hahn, Tilly Metz, Jutta Paulus, Mikuláš Peksa

 

18

-

ECR

Izabela-Helena Kloc, Robert Roos, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski

ID

Paolo Borchia, Markus Buchheit, Marco Campomenosi, Rosanna Conte, Marie Dauchy, France Jamet, Alessandro Panza

PPE

François-Xavier Bellamy, Tom Berendsen, Markus Pieper, Massimiliano Salini, Sara Skyttedal

Renew

Nicola Beer, Bart Groothuis

 

6

0

ECR

Johan Nissinen

NI

András Gyürk

PPE

Henna Virkkunen

Renew

Nicola Danti, Ivars Ijabs, Mauri Pekkarinen

 

Eochair do na siombailí a luaitear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Márta 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais