TUARASCÁIL maidir le Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine
17.2.2023 - (2021/2204(INI))
An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Hannah Neumann
PR_INI
CLÁR
Leathanach
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
– ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
– ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,
– ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Ceart agus Freagracht Daoine Aonair, Grúpaí, agus Orgáin na Sochaí chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a dtugtar Aitheantas Uilechoiteann dóibh a Chur Chun Cinn agus a Chosaint (an Dearbhú ar Chosantóirí Chearta an Duine),
– ag féachaint do ghníomhaíochtaí Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le staid chosantóirí chearta an duine,
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagail 3 agus 21 de,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine, go háirithe do na Treoirlínte maidir le Cosantóirí Chearta an Duine (dá ngairtear ‘na Treoirlínte’ anseo feasta), a glacadh i mí an Mheithimh 2004 agus a athbhreithníodh in 2008, don dara nóta treorach maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte, a formhuiníodh in 2020, agus do na Treoirlínte maidir le hIdirphléití maidir le Cearta an Duine le Tíortha Comhpháirtíochta/Triú Tíortha, a glacadh i mí na Nollag 2001 agus a athbhreithníodh in 2021,
– ag féachaint do threoirlínte AE an 24 Meitheamh 2013 maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 ar chomóradh 10 mbliana Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle[1],
– ag féachaint do chreat straitéiseach AE maidir le cearta an duine agus daonlathas 2012, agus do phlean gníomhaíochta 2020-2024 AE maidir le cearta an duine agus an daonlathas, mar a leagtar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 25 Márta 2020 (JOIN(2020)0005), arna glacadh an Chomhairle an 18 Samhain 2020,
– ag féachaint do bhosca uirlisí an Choimisiún ó 2021 maidir le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine i leith comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, mar a leagtar amach ina dhoiciméad inmheánach oibre an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Iarratas a dhéanamh ar Chur Chuige Bunaithe ar Chearta an Duine i leith comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta — Bosca Uirlisí nuashonraithe chun sealbhóirí ceart a chur ag croílár Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta AE’ (SWD(2021(0179),
– ag féachaint do na treoirlínte sonracha uaithi maidir le gníomhaíochtaí chearta an duine agus daonlathais na bhFeisirí maidir lena gcuairteanna ar thríú tíortha,
– ag féachaint do Reacht Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, a glacadh ag Comhdháil na nUachtarán an 15 Bealtaine 2003 agus arna mhodhnú an 14 Meitheamh 2006,
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le cosaint chearta an duine agus beartas seachtrach imirce an Aontais[2],
– ag féachaint do staidéar ón Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 24 Lúnasa 2022 dar teideal ‘EU Guidelines on Human Rights Defenders — European Implementation Assessment’ [Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine — Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach],
– ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine,
– ag féachaint do tháscaire 16.10.1 maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, lena dtagraítear do líon na gcásanna fíoraithe maidir le marú, fuadach, fuadach forfheidhmithe, coinneáil threallach agus céasadh iriseoirí, phearsanra gaolmhar na meán, ceardchumannaithe agus lucht tacaíochta chearta an duine le 12 mhí anuas,
– ag féachaint d’Airteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis, maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas,
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meitheamh 2010 maidir le beartais an Aontais ar mhaithe le cosantóirí chearta an duine[3],
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus maidir le ról chosantóirí an chomhshaoil i leith an ábhair sin[4],
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2021 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach[5],
– ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toradh athbhreithniú ón gCoimisiún ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe[6],
– ag féachaint do mholadh uaithi an 17 Feabhra 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine[7],
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Márta 2022 i ndáil le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne[8],
– ag féachaint do gach ceann do na rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (ar a dtugtar ‘rúin phráinne’) i gcomhréir le Riail 144 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 dar teideal ‘Human rights and democracy in the world and the European Union’s policy on the matter – annual report 2021’ [Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2021][9], agus do na rúin uaithi roimhe sin maidir le tuarascálacha bliantúla níos luaithe,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0034/2023),
A. de bhrí go sainmhínítear i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine cosantóirí chearta an duine (CCDanna) mar dhaoine aonair nó mar ghrúpaí a ghníomhaíonn chun cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhíorú trí mhodhanna síochánta;
B. de bhrí gur comhghuaillithe bunriachtanacha iad cosantóirí chearta an duine (CCDanna) sna hiarrachtaí a dhéanann an tAontas i dtaobh chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn agus coinbhleachtaí a chosc ar fud an domhain; de bhrí gur chun leasa an Aontais agus a Bhallstát, dá bhrí sin, é tacú lena gcuid oibre agus iad a chosaint;
C. de bhrí go bhfuil na Treoirlínte, a glacadh in 2004 agus a athbhreithníodh in 2008, tagtha chun bheith ina gcreat tagartha d’institiúidí AE, do thoscaireachtaí AE, do mhisin taidhleoireachta na mBallstát agus do cheannairí AE chun urraim do chearta CCDanna a chur chun cinn agus a áirithiú agus chun CCDanna atá i mbaol ionsaithe agus bagairtí ó ghníomhaithe stáit agus ó ghníomhaithe neamhstáit a chosaint; de bhrí go bhfuil sé iarrtha go leanúnach ag an bParlaimint go ndéanfaí na Treoirlínte a chur chun feidhme go cuí agus go comhordaithe; de bhrí gur cheart do na Ballstáit, in éineacht le hinstitiúidí AE, na Treoirlínte a chur chun feidhme, lena n-áirítear raon gealltanas sonrach, amhail tuairisciú rialta, comhordú agus gníomhaíocht chun tacú le CCDanna;
D. de bhrí go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag gníomhaíocht chomhsheasmhach chomhleanúnach AE chun tacú le CCDanna agus iad a chosaint nuair a dhéanann misin na mBallstát agus toscaireachtaí AE a ngníomhaíocht a chomhordú, go háirithe i ndáil le cásanna aonair go déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha araon;
E. de bhrí gur cuireadh fís, prionsabail agus bearta inghníomhaithe ar fáil le glacadh chreat straitéiseach 2012 maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas agus leis na trí phlean gníomhaíochta i ndiaidh a chéile do thacaíocht AE le haghaidh cur chun cinn chearta an duine ar fud an domhain agus cur chun feidhme na dTreoirlínte;
F. de bhrí go bhfuil raon leathan ionstraimí forbartha ag AE chun tacú le CCDanna, ó uirlisí comhordúcháin go cabhair airgeadais; de bhrí gurbh í an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (EIDHR) príomhionstraim airgeadais an Aontais a úsáideadh roimhe seo chun tacú le CCDanna, lena n-áirítear trí dheontais éigeandála agus sásra cosanta CCD an Aontais Eorpaigh, ProtectDefenders.eu; de bhrí go bhfuil clár téamach maidir le cearta an duine agus an daonlathas atá mar chuid den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – an Eoraip Dhomhanda, tagtha in ionad EIDHR; de bhrí gur cuspóir trasearnála é urraim do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta ar fud NDICI ina hiomláine agus go gcuirtear chun cinn é freisin trí obair na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais;
G. de bhrí gur leithdháileadh níos mó ná EUR 186 mhilliún faoi EIDHR chun tacú le cearta an duine agus le CCDanna sna cásanna is mó ina raibh siad i mbaol le linn na tréimhse 2014-2020; de bhrí go bhfuil méid táscach EUR 326 mhilliún curtha in áirithe faoi chlár téamach NDICI maidir le cearta an duine agus an daonlathas chun tacú le CCDanna agus chun cur i gcoinne an laghdaithe atá tagtha ar an spás don tsochaí shibhialta le linn na tréimhse reatha 2021-2027; de bhrí gur leithdháileadh thart ar EUR 35 mhilliún de chistiú an Aontais ar thionscnamh ProtectDefenders.eu agus gur thacaigh sé le thart ar 55 000 CCD ó 2015, lena n-áirítear 8 700 in 2021; de bhrí gur tacaíodh le thart ar 1 600 CCD faoi scéim deontais éigeandála ar leithligh an Aontais ó 2010 i leith;
H. de bhrí go gcuireann an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt de cheangal ar AE agus ar a Bhallstáit cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun feidhme i leith an chomhair um fhorbairt, lena gcuimsítear cearta uile an duine agus, dá bhrí sin, na daoine a thugann cosaint dóibh freisin;
I. de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag AE, mar ghníomhaí cumhachtach eacnamaíoch, tionchar a imirt ar staid chearta an duine agus CCDanna ar fud an domhain trí chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chomhtháthú ina bheartais uile ar bhealach comhsheasmhach; de bhrí go gcuireann athbhreithniú 2021 ar an mbeartas trádála de cheangal ar AE seasamh níos teanntásaí a ghlacadh maidir lena leasanna agus a luachanna a chosaint, go háirithe cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint; de bhrí go bhforáiltear le hathbhreithniú trádála agus forbartha inbhuanaithe (TSD) an Choimisiúin d’fhaireachán méadaithe ar ghealltanais TSD i gcomhaontuithe trádála, do ról neartaithe don tsochaí shibhialta agus d’fhorfheidhmiú feabhsaithe na gcomhaontuithe sin;
J. de bhrí go gcuireann córas nua domhanda smachtbhannaí an Aontais maidir le cearta an duine (Gníomh Magnitsky AE) ar chumas an Aontais díriú ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain; de bhrí gur cheart go mbeadh cinniúint CCDanna ina gné lárnach d’fhaireachán domhanda AE ar sháruithe ar chearta an duine ar fud an domhain, lena n-áirítear i ndáil le smachtbhannaí a fhorchur;
de bhrí go bhféadfaí úsáid na huirlise sin a fheabhsú trína cur faoi réir vótáil trí thromlach cáilithe;
K. de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile ar AE aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha mór-éillithe a dhéanann daoine aonair agus eintitis trí smachtbhannaí;
de bhrí go ndírítear níos mó agus níos mó ar CCDanna atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí frith-éillithe as a gcuid oibre;
de bhrí go bhfuil tús curtha ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún le hobair chun smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as coireanna éillithe;
L. de bhrí go bhfuil cur chun feidhme comhsheasmhach, éifeachtach agus éifeachtúil na dTreoirlínte níos tábhachtaí fós sa chomhthéacs domhanda reatha maidir leis an daonlathas atá ag dul i léig, an meath ar chearta an duine, an laghdú ar spás na sochaí sibhialta, cliseadh na haeráide agus na rioscaí méadaithe do CCDanna a bhaineann le tosca amhail faireachas digiteach agus tionchar phaindéim COVID-19;
M. de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon, raon agus déine na n-ionsaithe ar CCDanna agus ar a dteaghlaigh agus a ndlíodóirí le blianta beaga anuas; de bhrí, de réir na hEagraíochta Domhanda i gcoinne na Céastóireachta, gur maraíodh 331 CCD in 2020;
de bhrí gur tuairiscíodh san anailís dhomhanda a d’fhoilsighan eagraíocht neamhrialtasach(ENR) Cosantóirí Líne Tosaigh gur maraíodh 358 ADDanna thar 35 thír in 2021 amháin, agus ós rud é go bhfuil tearcthuairisciú coiteann, nach eol an figiúr iarbhír agus gur dócha go mbeidh sé i bhfad níos airde; de bhrí gur maraíodh 227 gcosantóir comhshaoil in 2020, agus nach raibh ach trí thír i gceist, an Cholóim, Meicsiceo agus na hOileáin Fhilipíneacha, i gcás níos mó ná leath de na maruithe sin, de réir an ENR Global Witness; de bhrí go bhfuil líon mór CCDanna faoi bhagairt agus faoi ionsaí toisc gur léirigh siad ábhair imní faoi thionchair dhíobhálacha oibríochtaí gnó ar chearta an duine, lena n-áirítear i gcomhthéacs mórthionscadal forbartha a mbíonn tionchar acu ar rochtain ar thalamh agus ar shlite beatha; de bhrí, le blianta beaga anuas, go raibh formhór na CCDanna a dhírígh gníomhaithe stáit agus neamhstáit orthu agus/nó dúnmharaithe ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit ag obair ar chearta talún, uisce, comhshaoil agus pobal dúchasach;
N. de bhrí go bhfuil rialtais fhorlámhacha, ach freisin líon mór tíortha daonlathacha seanbhunaithe ar fud an domhain, lena n-áirítear laistigh de AE, ag glacadh cineálacha nua oirbheartaíochta agus bearta sriantacha i gcoinne CCDanna chun cinsireacht a dhéanamh ar a gcuid oibre agus chun iad a thost agus a chiapadh;
de bhrí go n-áirítear ar na bearta sin cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail, beartais shriantacha rialtais, feachtais chlúmhillte, idirdhealú agus imeaglú nó foréigean, lena n-áirítear maruithe, fuadaigh, gabháil agus coinneáil threallach;
de bhrí go bhfuil dálaí saoirse ó phionós i leith sáruithe a dhéantar i gcoinne CCDanna i réim in go leor tíortha ar fud an domhain;
O. de bhrí go bhfuil córais tríú tíortha údarásaíocha ag díriú níos mó agus níos mó ar CCDanna trí ambasáidí, trí mhisin agus fhoireann taidhleoireachta, trí oifigigh forfheidhmithe dlí agus ionadaithe eile ar chríocha Bhallstáit AE ina bhfuair siad dídean nó tearmann;
P. de bhrí go bhfuil bagairtí inscne-shonracha os comhair CCDanna ban agus go bhfuil siad níos mó i mbaol a bheith faoi réir cineálacha áirithe foréigin agus sáruithe, claonta, eisiaimh agus séanadh eile ná a gcontrapháirtithe fireanna, agus go bhfuil siad thíos le heaspa rochtana ar acmhainní leormhaithe agus ar shásraí cosanta leormhaithe;
de bhrí go mbaineann formhór na gcásanna tearcthuairiscithe leo siúd a bhfuil bacainní inscne-shonracha nó gnéaschlaonta rompu;
Q. de bhrí go ndírítear níos mó agus níos mó le honsaithe i gcoinne CCDanna ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail freisin;
R. de bhrí go n-áirítear ar ghrúpaí agus catagóirí eile cosantóirí atá neamhchosanta go háirithe ar ionsaithe agus ar sháruithe ar chearta an duine iriseoirí, iad siúd atá ag obair chun cearta sibhialta agus polaitiúla a chur chun cinn, go háirithe iad siúd a dhéanann íospartaigh coireanna stáit a imscrúdú nó a chosaint, daoine atá ag iarraidh cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn, go háirithe cearta comhchoiteanna, amhail an ceart chun bia agus rochtain ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear ceardchumannaithe, iad siúd atá ag obair ar son chearta an phobail, cearta mionlach eitneach agus reiligiúnach, cearta leanaí, cearta daoine faoi mhíchumas, cearta daoine dúchasacha agus cearta LADTIA, agus iad siúd atá ag troid i gcoinne an éillithe;
S. de bhrí go bhfuil modhanna atá ag éirí níos sofaisticiúla, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua, á n-úsáid chun géarleanúint a dhéanamh ar CCDanna;
de bhrí go bhfuil srianta ar CCDanna freisin agus go ndírítear orthu uaireanta go díreach le beartais, reachtaíocht agus nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu mar bhearta ‘slándála’, i gcomhcheangal go minic le stiogmatú agus líomhaintí sceimhlitheoireachta;
Measúnú foriomlán ar chreat beartais an Aontais chun tacú le CCDanna
1. á mholadh agus ag gabháil buíochas le cosantóirí uile chearta an duine as an obair chróga ríthábhachtach atá déanta acu chun cearta an duine agus an pláinéad a chosaint;
á aithint go mbíonn orthu a gcuid oibre a dhéanamh faoi chúinsí atá ag éirí níos dúshlánaí agus atá ag teacht chun cinn agus go minic ar chostas trom pearsanta dóibh féin, dá dteaghlaigh agus dá bpobail;
2. á chur in iúl gur geal léi creat beartais an Aontais chun tacú le CCDanna, a forbraíodh le fiche bliain anuas agus na Treoirlínte atá ina chroílár; á chur i bhfios go láidir tionchar suntasach na dTreoirlínte maidir le feasacht agus tuiscint a mhéadú maidir le ról CCDanna mar chomhpháirtithe fíor-riachtanacha agus lárnacha do bheartas eachtrach an Aontais maidir le cearta an duine agus tacaíocht daonlathais, agus maidir le hiarrachtaí a dhíriú agus a fheabhsú chun tús áite a thabhairt do chosaint CCDanna agus í a chuíchóiriú ar fud ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais;
3. á thabhairt chun suntais an obair shárluachmhar thúslíne chun tacú le CCDanna arna déanamh ag roinnt toscaireachtaí an Aontais agus ag misin na mBallstát i dtríú tíortha, agus an tacaíocht airgeadais shubstaintiúil agus mhéadaitheach, lena n-áirítear an cúnamh díreach, a chuireann an Coimisiún ar fáil do CCDanna faoi na hionstraimí éagsúla;
4. á mheas, áfach, go raibh cur i bhfeidhm foriomlán na dTreoirlínte ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit míchothrom, lenar díríodh den chuid is mó ar bhearta frithghníomhacha, ina raibh easpa cur chun feidhme comhsheasmhach foriomlán na straitéise agus infheictheacht neamhleor ó thaobh ghníomhaíocht an Aontais agus bealaí tacaíochta do CCDanna de ina mbuntréithe acu; á chreidiúint nach bhfuil gné CCD comhtháthaithe i ngníomhaíocht sheachtrach uile AE ar bhealach córasach agus comhsheasmhach fós, lena n-áirítear doiciméid bheartais tíre AE, réigiúnacha agus théamacha agus ar gach leibhéal ábhartha de rannpháirtíocht agus cinnteoireacht taidhleoireachta AE, suas go dtí na leibhéil is airde;
5. á iarraidh ar AE a chreat beartais maidir le CCD a neartú tuilleadh trí ghníomhaíocht leanúnach, nithiúil, chomhsheasmhach agus éifeachtach, go háirithe ina chaidreamh le réimis fhorlámhacha agus in áiteanna ina bhfuil comhaontuithe comhlachais, trádála, infheistíochta nó comhair ag AE agus a Bhallstáit nó ina bhfuil leasanna suntasacha tráchtála, fuinnimh, slándála, imirce nó eile acu;
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar a dtacaíocht airgeadais do CCDanna a mheaitseáil freisin le rannpháirtíocht pholaitiúil leanúnach AE le tríú tíortha;
6. á iarraidh go ndéanfaí tagairt do chóras domhanda smachtbhannaí an Aontais maidir le cearta an duine sna Treoirlínte agus go ndéanfaí liostú daoine aonair agus eintiteas faoin gcóras sin mar thoradh ar ionsaithe córasacha ar CCDanna ;
á athdhearbhú a hiarrata córas domhanda smachtbhannaí reatha AE i ndáil le cearta an duine a leasú trína raon feidhme a leathnú chun gníomhartha éillithe a áireamh nó, mar mhalairt air sin, chun togra reachtach a chur ar aghaidh chun córas téamach nua a ghlacadh i gcoinne gníomhartha tromchúiseacha éillithe;
Foireann na hEorpa – ag obair le chéile ar mhaithe leis an tionchar is mó is féidir a imirt
7. á iarraidh ar AE cur chuige iarbhír Fhoireann na hEorpa i leith CCDanna a chur chun feidhme, lena spreagfaí na Ballstáit sin nach bhfuil gníomhach go fóill maidir le saincheisteanna CCD chun straitéis thiomnaithe agus creat beartais tiomnaithe a fhorbairt, dul i gcomhar le chéile ar na réimsí taidhleoireachta agus cistithe agus lena dtabharfaí le chéile comhghuaillíocht leathan geallsealbhóirí rialtasacha agus neamhrialtasacha, agus an cur chuige céanna á chur chun cinn agus á shaothrú acu ina gcaidreamh déthaobhach;
8. á chreidiúint go mbeadh cur chuige den sórt sin, trína n-oibreodh institiúidí agus gníomhaithe uile AE, lena n-áirítear Ionadaí Speisialta AE maidir le Cearta an Duine, chomh maith leis na Ballstáit, éifeachtach chun cuidiú le cúlú domhanda chearta an duine agus an daonlathais a chomhrac;
9. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag a lán toscaireachtaí AE agus ag misin na mBallstát i dtaobh infheictheacht agus aitheantas a thabhairt do CCDanna, go háirithe trí mheithleacha áitiúla um chearta an duine a chur ar bun ina bhfuil baill foirne ó mhisin an Aontais, dul i dteagmháil go réamhghníomhach le CCDanna agus cruinnithe a thionól leo go rialta, cuairteanna córasacha allamuigh a thabhairt ar limistéir ina bhfuil CCDanna i mbaol (amhail i Meicsiceo agus sa Cholóim), uainchláir de thaidhleoirí a fhorbairt le haghaidh faireachán trialach (mar shampla sa Rúis), aitheantas a thabhairt do rannchuidithe den scoth le CCDanna trí dhámhachtainí bliantúla (mar shampla in Uganda agus i Hondúras), tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do CCDanna, dúshlán dlíthe a thabhairt lena ndéantar leo CCDanna a choiriúlú agus tacú leis an bhforbairt ar líonraí cosanta CCDanna; á thabhairt chun suntais, mar shampla den dea-chleachtas, an tionscnamh nuálach #DefendamosLaVida a sheol toscaireachtaí AE agus misin na mBallstát sa Cholóim agus, le déanaí, i Meicsiceo;
10. á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó thír go tír, i ngeall ar chineál toilí na dTreoirlínte, ar dhéine agus cáilíocht rannpháirtíocht thoscaireachtaí AE le CCDanna agus maidir leo agus go bhfuil sé ag brath den chuid is mó ar an gcomhthéacs polaitiúil áitiúil nó ar thiomantas agus toil pholaitiúil aonair ambasadóir sonrach nó fhoireann shonrach AE atá i gceist, nó na n-oifigeach ag ceanncheathrú SEGS agus an Choimisiúin; á iarraidh go mbeadh níos mó comhsheasmhachta agus cur chuige straitéiseach foriomlán ann i ndáil leis sin agus go mbeidh gealltanas daingean ann ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) agus óna oifig maidir le cur chun feidhme comhsheasmhach na dTreoirlínte a áirithiú ar fud na dtoscaireachtaí uile, go háirithe sna tíortha is mó a bhfuil CCDanna i mbaol iontu;
ag dréim leis go n-áiritheoidh ambasadóirí uile an Aontais agus na mBallstát go ndéanfaidh a gcuid misean an tacaíocht do CCDanna a chomhtháthú go héifeachtach ina gcuid oibre laethúla;
11. á iarraidh ar AE a acmhainneacht institiúideach a mhéadú, sa Bhruiséil agus ina thoscaireachtaí araon, chun go mbeidh sé in ann freagairt go leormhaith don timpeallacht atá ag dul in olcas atá os comhair CCDanna;
á iarraidh go mbeadh níos mó ball foirne ann, i gcás inarb iomchuí, atá tiomnaithe do dhéileáil le deontais bheaga a sholáthar, go háirithe i réimse an chúnaimh éigeandála, agus níos mó tacaíochta taidhleoireachta ar an láthair; á áitiú, thairis sin, gur gá cumas daonna agus airgeadais thoscaireachtaí AE a neartú chun CCDanna a chosaint agus chun comhordú leis na Ballstáit, mar phríomhchúram de chuid gach misin, go háirithe i dtíortha ina bhfuil laghdú ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta;
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá áitreabh toscaireachta AE a fhónann mar áit shábháilte do CCDanna chun bualadh le chéile, go háirithe i dtimpeallachtaí naimhdeacha;
12. á chur in iúl gur spreagadh di na tuarascálacha maidir le comhordú feabhsaithe idir toscaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit i réimse na cosanta ar CCDanna, go háirithe trí chomhroinnt ualaigh agus trí thaidhleoireacht phoiblí chomhpháirteach a fheidhmiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil níos lú ná leath de na Ballstáit rannpháirteach go gníomhach sa réimse sin sa chleachtas, ós rud é go bhfuil go leor acu ag brath ar thoscaireachtaí AE chun CCDanna a chosaint, agus gurb í rannpháirtíocht roghnaitheach an norm i gcónaí; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach cúpla Ballstát tar éis a dtreoirlínte náisiúnta CCD féin a ghlacadh; á iarraidh ar na Ballstáit céimeanna níos gníomhaí a ghlacadh chun rannpháirtíocht níos leithne agus níos comhsheasmhaí a bhaint amach maidir le CCDanna a chosaint agus chun a ndoiciméid bheartais féin maidir le CCD a bhunú, i gcomhréir le doiciméid beartais AE;
13. á chur in iúl gur geal léi an oiliúint rialta maidir le cearta an duine, lena n-áirítear maidir le beartas CDD, do bhaill foirne atá ag obair mar phointí fócasacha sna ranna polaitiúla agus comhair araon i dtoscaireachtaí an Aontais; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di na tuairisí go bhfuil feasacht agus eolas ar na Treoirlínte fós neamhleor; á iarraidh go ndéanfaí an oiliúint sin éigeantach agus í a leathnú; á mholadh go ndéanfaí machnamh ar ghealltanais AE agus na mBallstát maidir le CCDanna a ionchorprú i bpróifílí poist bhaill foirne ábhartha SEGS, thoscaireachtaí AE agus mhisin na mBallstát, d’fhonn cur chuige córasach maidir le CCDanna a áirithiú, ionas go ndéanfar eolas agus cleachtais maidir le cosaint CCD a institiúidiú, rud a sheachnóidh, dá bhrí sin, cur chuige duine-spleách agus lena n-íoslaghdófar éifeachtaí uainíochta foirne;
14. á iarraidh go ndéanfaidh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, Ionadaí Speisialta AE um Chearta an Duine agus ionadaithe náisiúnta ábhartha na mBallstát chun cearta an duine a choimirciú, lena n-áirítear maidir le CCDanna aonair, níos mó rannpháirtíochta don phobal; ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí agus na gCoimisinéirí chun gealltanas a thabhairt go dtiocfaidh siad le chéile go córasach le CCDanna le linn a gcuairteanna thar lear agus go n-ardóidh siad, ar an leibhéal is airde, staid na CCDanna atá faoi ionsaí, lena n-áirítear iad siúd a ndearnadh géarleanúint orthu, a imeaglaíodh, a choinnítear go treallach nó a gcuirtear iallach orthu teitheadh óna dtíortha, go háirithe trí ráitis phoiblí nuair is iomchuí; á iarraidh ar ionadaithe speisialta AE maidir le staideanna tíre agus réigiúnacha dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta go sonrach maidir le CCDanna;
15. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé leanúint den smaointeoireacht neamh-chomhtháite a shárú i gcaidreamh seachtrach an Aontais; á chur in iúl gur geal léi an comhordú méadaithe idir toscaireachtaí an Aontais, ceanncheathrú SEGS agus Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta maidir le cásanna práinneacha CCD agus cásanna géarchéime a dhéanann difear suntasach do CCDanna; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chomhordú maidir le hábhair a bhaineann le cearta an duine le hArd-Stiúrthóireacht na Trádála agus leis an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile, as measc ard-stiúrthóireachtaí eile, chomh maith le gníomhaireachtaí ábhartha AE, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann;
Díriú níos géire ar riachtanais choisc agus chistithe
16. á chur in iúl gur geal léi ranníocaíocht airgeadais shuntasach agus mhéadaitheach an Aontais chun tacú le CCDanna ar fud an domhain, rud a fhágann gurb é an príomhdheontóir i ndáil leis sin, chomh maith lena iarrachtaí chun trédhearcacht, solúbthacht agus forbairt clár éagsúil a mhéadú chun tacú le cearta an duine agus le gníomhaíochtaí agus riachtanais CCDanna, lena n-áirítear nuair a oibríonn CCDanna ar deoraíocht; ag cur béim ar an ról uathúil atá ag sásra ProtectDefenders.eu atá á reáchtáil ag an tsochaí shibhialta maidir le tacaíocht phraiticiúil luachmhar a chur ar fáil do CCDanna atá i mbaol; ag tathant ar an gCoimisiún béim níos mó a chur ar na hiarrachtaí sin a chur in iúl go poiblí; á iarraidh go ndéanfaí aistriú cáilíochtúil chuig cur chuige níos iomlánaíche agus níos fadtéarmaí atá dírithe ar shlándáil lárnach na bpobal iomlán a bhfuil slógadh déanta acu chun a gcearta a chosaint; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE líonraí áitiúla agus réigiúnacha agus cruinnithe CCDanna a éascú agus a mhaoiniú áit ar féidir leo taithí a roinnt, foghlaim ó straitéisí, ó rath agus ó dhea-chleachtais a chéile, agus comhghuaillíochtaí a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi obair na Dearlaice Eorpaí i gcomhair Daonlathais agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go leanfaidh AE agus a Bhallstáit dá ngníomhaíochtaí a neartú tuilleadh trí úsáid a bhaint as ionstraimí tacaíochta airgeadais solúbtha chun tacú le gníomhaíochtaí agus riachtanais na ngníomhaithe;
17. ag tabhairt rabhaidh go bhfuil líon mór eagraíochtaí neamhrialtasacha, atá eagraithe ag an rialtas, a chuireann iad féin i láthair mar eagraíochtaí dlisteanacha na sochaí sibhialta agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aon chur chun cinn nó tacaíocht nó aon chineál comhlachais leis na heagraíochtaí sin a sheachaint;
18. ag cáineadh go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-ionsaithe ar theaghlaigh, ar phobail agus ar dhlíodóirí CCDanna ar fud an domhain; á chur i bhfáth go dtarlaíonn na hionsaithe sin freisin agus iad ar deoraíocht agus arb é is aidhm dóibh, inter alia, pian, eagla, crá agus tuiscint leochaileachta a ghearradh ar dhuine chun uirísliú agus díghrádú a dhéanamh ar íospartaigh agus chun a bhfrithbheartaíocht choirp agus mhorálta a bhriseadh; á athdhearbhú, dá réir sin, a thábhachtaí atá sé deontais éigeandála an Choimisiúin, ProtectDefenders.eu agus an tsaoráid géarchéime a úsáid chun cosaint agus tacaíocht a mhéadú do na baill teaghlaigh sin, agus aird á tabhairt ar na haonaid teaghlaigh éagsúla atá ann, agus ar dhlíodóirí CCDanna;
19. á chur i bhfios go láidir gur gá níos mó infheistíochta a dhéanamh i gcosaint fhadtéarmach fhoriomlán agus i leas síceasóisialta foriomlán CCDanna agus a dteaghlaigh, lena n-áirítear trí chur chuige níos coiscthí a ghlacadh chun fadhbanna tromchúiseacha a réamh-mheas, amhail ionsaithe, chomh maith le bearta frithghníomhacha atá dírithe ar dhaoine aonair a chur chun feidhme;
20. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cosaint CCDanna a chur i gcroílár rannpháirtíocht pholaitiúil an Aontais le tríú tíortha agus chlár oibre taidhleoireachta an Aontais trí ghníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais i dtríú tíortha a ailíniú le gníomhaíocht AE chun CCDanna a chosaint agus a gcuid oibre a chur chun cinn; á iarraidh ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do na nithe seo a leanas:
– comhghuaillithe tábhachtacha laistigh d’údaráis agus d’institiúidí tríú tíortha a shainaithint go córasach;
– tacaíocht airgeadais mhéadaithe chun institiúidí náisiúnta um chearta an duine a bhunú agus a neartú, go háirithe maidir lena gcumas dul i ngleic le CCDanna agus iad a chosaint agus gníomhú go neamhspleách;
– reachtaíocht agus beartais intíre maidir le CCDanna a neartú, i gcomhréir le creat na Náisiún Aontaithe maidir le CCDanna, agus creataí reachtacha agus beartais d’fhonn cláir chosanta náisiúnta a bhunú do CCDanna;
– feachtais, líonraí agus struchtúir náisiúnta a chur chun cinn chun aitheantas a thabhairt don rannchuidiú fíorluachmhar a dhéanann CCDanna le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn agus chun tacú go héifeachtach le cosaint CCDanna;
– dúshlán córasach dlíthe a thabhairt lena ndéantar leo obair dhlisteanach CCDanna a choiriúlú nó a shrianadh, agus/nó a úsáidtear go minic chun CCDanna a chiapadh agus a imeaglú, lena n-áirítear cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail;
– iarrachtaí chun rialtais a spreagadh chun cistiú leordhóthanach a thiomnú don chosaint ar CCDanna agus staonadh ó chur isteach ar chistiú a fhaightear go seachtrach;
– cúnamh chun sásraí neamhspleácha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an tsaoirse ó phionós i gcás sáruithe a dhéantar in aghaidh CCDanna, lena n-áirítear trí ghearáin maidir le bagairtí nó sáruithe in aghaidh CCDanna a imscrúdú ar bhealach pras agus éifeachtach;
– oiliúint a chur ar fáil d’oifigigh rialtais, lena n-áirítear oifigigh phóilíneachta, mhíleata agus oifigigh shlándála eile, chomh maith le comhaltaí na mbreithiúna, maidir le ról dlisteanach CCDanna agus a gcearta;
– oiliúint le haghaidh CCDanna a chur chun cinn maidir le hábhair amhail tuairisciú ar sháruithe ar chearta an duine agus ionsaithe ar CCDanna, sásraí dlí áitiúla agus idirnáisiúnta le haghaidh cosanta i gcoinne sáruithe ar chearta an duine, agus cearta nós imeachta, lena n-áirítear nuair a bhíonn cúisimh choiriúla os comhair CCDanna as a ngníomhaíochtaí dlisteanacha;
– straitéis a fhorbairt chun oibriú chun CCDanna a choinnítear go treallach nó iad siúd atá faoi choinneáil fhadtéarmach a scaoileadh saor, chun cuairteanna rialta ó ionadaithe an Aontais agus na mBallstát ar CCDanna i bpríosún a éascú agus chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghaolta na gcimithe sin;
21. á athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún staonadh go docht ó thacaíocht bhuiséadach a chur ar fáil do rialtais tríú tíortha atá freagrach as sáruithe forleathana ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar CCDanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, os a choinne sin, dlús a chur lena chúnamh d’údaráis atá tiomanta i ndáiríre do thimpeallacht chumasúcháin a bhunú do CCDanna; á mheabhrú gurb ann dá héilimh ar thrédhearcacht níos fearr maidir le forálacha chearta an duine i gcomhaontuithe maoinithe faoi NDICI;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar institiúidí eile AE, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, chomh maith le bainc agus meáin forbartha agus infheistíochta eile, cur chuige a fhorbairt nach dtugtar cistiú dóibh ach d’eintitis a chuireann beartas fónta um chearta an duine chun feidhme agus a bhfuil dianfhaireachán déanta air agus a ghlacann seasamh neamhfhulaingthe maidir le bagairtí nó foréigean in aghaidh CCDanna, lena n-áirítear drochthionchair in oibríochtaí, slabhraí luacha agus caidrimh ghnó a shainaithint agus a mheasúnú, drochthionchair a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo agus feabhsúchán a sholáthar;
23. á iarraidh ar thoscaireachtaí AE agus ar mhisin na mBallstát fíor-idirphlé cuimsitheach a fhorbairt le CCDanna i dtríú tíortha, lena gcumhdófar cistiú, modhanna don idirphlé agus an gá atá le gníomhaíocht taidhleoireachta, agus lena soláthrófar, i gcás inar féidir, an bunchistiú dá ngníomhaíochtaí;
24. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i gcomhar le gníomhaireachtaí agus Nósanna Imeachta Speisialta na Náisiún Aontaithe, go háirithe Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le staid CCDanna; á iarraidh go ndéanfaidh AE agus na Ballstáit obair leantach níos mó maidir leis na moltaí a bhaineann le CCDanna a rinneadh tríd an Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann; á iarraidh ar an Aontas tacaíocht airgeadais agus pholaitiúil a chur ar fáil le haghaidh na sásraí cosanta réigiúnacha atá ann faoi láthair do CCDanna, lena Rapóirtéir Speisialta Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le cosantóirí comhshaoil, Comhaontú Escazú agus sásraí réigiúnacha Idir-Mheiriceánacha, na hAfraice agus Chomhairle na hEorpa maidir le CCDanna; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE agus ar mhisin na mBallstát sa Ghinéiv agus i Nua-Eabhrac gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar bhearta díoltais ó thríú tíortha i gcoinne CCDanna as a gcomhar le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus creidiúnú agus idirghníomhaíocht CCDanna le fóraim iltaobhacha a éascú; á iarraidh, thairis sin, ar mhisin AE sa Ghinéiv agus i Nua-Eabhrac ról ceannasach a bheith acu maidir le gnóthachain chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ag fóraim iltaobhacha, lena n-áirítear trí ionsaithe ar shainmhíniú CCD a bhrú ar ais agus trí phríomhtheanga maidir le ról CCDanna a phríomhshruthú agus a choimirciú, i rúin théamacha agus i rúin thírshonracha araon ag na Náisiúin Aontaithe; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, chun na críche sin, a áirithiú go dtabharfar tosaíocht chomhsheasmhach do na hiarrachtaí sin sna conclúidí bliantúla ón gComhairle maidir le tosaíochtaí AE i bhfóraim na Náisiún Aontaithe um chearta an duine; á chur in iúl gur geal léi an comhar praiticiúil idir toscaireachtaí AE, misin na mBallstát agus tríú tíortha a bhfuil an dearcadh céanna acu maidir le cásanna CCD;
Grúpaí nua cosantóirí, dúshláin nua, réitigh nua
25. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne toscaireachtaí AE agus misin na mBallstát le déanaí i roinnt tríú tíortha chun teagmháil a dhéanamh le gníomhaithe nach bhfuil ag teacht le coincheap traidisiúnta CCDanna; ag spreagadh AE chun cur chuige leathan maidir le CCDanna a shaothrú, go háirithe trí dhul i dteagmháil le CCDanna áitiúla agus pobail agus trí thacaíocht a neartú dóibh, go háirithe CCDanna imeallaithe agus leochaileacha, amhail cosantóirí cearta dúchasacha, iad siúd atá ag feidhmiú lasmuigh de mhórlimistéir uirbeacha nó i gceantair iargúlta agus iad siúd ó ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear mná, ar mó an baol go bhfulaingeoidh siad foréigean agus srianta;
á iarraidh ar AE leas a bhaint as teicneolaíochtaí ar líne, i gcás inar féidir agus an tslándáil dhigiteach á cur san áireamh, agus feabhas a chur ar an gcomhordú ar iarrachtaí agus acmhainní mhisin AE chun nascadh le CCDanna níos imeallaithe;
26. á chur i bhfáth gur gá na Treoirlínte a chur chun feidhme go sonrach ó thaobh inscne de agus go bhfuil gá le sásraí cosanta a bhfuil gné thrasnach agus inscne ag baint leo; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do rochtain ar shásraí cosanta agus acmhainní do mhná ar chearta daonna, agus cistiú méadaithe a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann cearta na mban agus na gcailíní chun cinn, go háirithe cearta gnéis agus atáirgthe agus sláinte;
27. á iarraidh ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le CCDanna na mban agus sraith straitéisí a ghlacadh, mar iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte, lena gcuirfear bearta praiticiúla ar fáil chun cur ar chumas AE bagairtí, riachtanais agus dúshláin inscne-shonracha na mban ar fud an domhain a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr;
28. á chur i bhfáth gur cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an gcosaint aeráide mar shaincheist lárnach maidir le cearta an duine faoina bheartas maidir le CCDanna agus dlús a chur lena ghníomhaíocht chun tacú leo siúd atá ag cosaint na haeráide agus an chomhshaoil, go háirithe cosantóirí comhshaoil agus cosantóirí chearta na bpobal dúchasach is mó atá i mbaol; á thabhairt chun suntais gur gá saincheisteanna CCD a chomhtháthú i dtaidhleoireacht agus i gcúnamh aeráide AE, lena n-áirítear trí fhíor-rannpháirtíocht CCDanna a chur chun cinn i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na gclár, na dtionscadal agus na scéimeanna maidir le comhar aeráide agus trí aghaidh a thabhairt go neamhbhalbh ar shrianta ar a ngníomhaíochtaí éifeachtacha rannpháirtíochta agus faireacháin;
29. á chur in iúl gur geal léi gur eisíodh glaonna ar thograí atá tiomnaithe do thacaíocht a thabhairt do chosantóirí chearta LADTIA agus ag spreagadh misin AE chun dlús a chur lena bhfaireachán ar ghníomhaithe a chosnaíonn cearta LADTIA agus lena dtacaíocht dóibh mar dhlúthchuid de bheartas AE maidir le cearta CCDanna;
30. á iarraidh ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ionsaithe CCDanna ag gníomhaithe rialtasacha agus neamhrialtasacha, lena n-áirítear gnólachtaí nó grúpaí atá ag gníomhú thar a gceann, grúpaí coiriúla agus grúpaí armtha, chomh maith le bagairtí i suíomhanna coinbhleachta agus aistrithe;
á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé de fhreagracht ar an stát i gcónaí sábháilteacht CCDanna agus a gcumas oibriú i dtimpeallacht chumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear nuair a thagann na bagairtí agus na bearta díoltais ó ghníomhaithe neamhstáit;
31. á iarraidh ar AE foréigean in aghaidh CCDanna a chomhtháthú ina bheartas bainistithe géarchéime agus freagairt chosanta éifeachtach a chur ar fáil do CCDanna nuair atá siad i ngátar;
á iarraidh ar AE, i ndáil leis an méid sin, ceachtanna a fhoghlaim ón bhfreagairt Eorpach easpach ar riachtanais aslonnaithe CCDanna Afganastánacha agus a dteaghlaigh tar éis tháthcheangal an Talaban; á iarraidh, go háirithe, ar an gCoimisiún freagairt níos gasta i ngéarchéimeanna tobanna ina bhfuil riachtanais CCDanna práinneach agus ollmhór araon trí chistiú a fhorlíonadh do thionscnaimh amhail ProtectDefenders.eu agus trí iarrachtaí taidhleoireachta agus maoinithe tíre a atreorú chun cuidiú le hathlonnú CCD; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS CCDanna a mheas mar phríomhghníomhaithe agus mar phríomhchomhpháirtithe in aon fhreagairt iarchoinbhleachta éifeachtach agus inbhuanaithe;
32. á iarraidh ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt don chomhrac i gcoinne mhí-úsáid na teicneolaíochta faireachais a dhéanann an bonn a bhaint ó obair CCDanna, go háirithe trí reachtaíocht láidir náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhorbairt; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún tacú le tionscnaimh a bhaineann le teicneolaíochtaí slándála digití a fhorbairt agus a scaipeadh chun CCDanna a chumhachtú trí shásraí slána bailithe, criptiúcháin agus stórála a chur ar fáil chun faireachán ag rialtais dhiansmachtúla, cibirionsaithe agus ciapadh ar líne a sheachaint;
33. á chreidiúint, i bhfianaise líon mór agus méadaitheach na mbagairtí agus na n-ionsaithe atá os comhair CCDanna ar ábhar imní dóibh tionchair dhíobhálacha ar chearta an duine a bhíonn ag oibríochtaí gnó, gur cheart do AE cur chun cinn agus cosaint chearta CCDanna a chomhtháthú go comhleanúnach, cur chun cinn agus cosaint chearta CCDanna a chomhtháthú, go háirithe ionadaithe ceardchumainn agus cosantóirí talún, cosantóirí chearta na bpobal dúchasach agus cosantóirí chomhshaoil, ina treoir maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáideach agus ina comhaontuithe agus ionstraimí trádála, infheistíochta agus comhair, amhail Scéim na bhFabhar Ginearálaithe; á iarraidh ar AE úsáid níos comhsheasmhaí agus níos mó a bhaint as clásail i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta lena gcosnaítear cearta an duine, lena n-áirítear iad siúd maidir le faireachán níos dlúithe agus forfheidhmiú leormhaith ar ghealltanais maidir le cearta an duine, agus úsáid iomlán a bhaint as coinníollacht chearta an duine chun rochtain fhabhrach ar a mhargadh a thabhairt do thríú tíortha; á mheas, thairis sin, gur cheart go spreagfaí na clásail sin nó an creat-chomhaontú uileghabhálach leis an tír ar leith mar thoradh ar ionsaithe córasacha agus forleathana i gcoinne CCDanna, agus i gcás ina dteipeann go follasach ar na húdaráis náisiúnta feabhas a chur ar an staid, á mheas gur cheart don Choimisiún bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear bearta as a dtiocfaidh fionraí an chomhaontaithe ábhartha;
34. á chur i bhfios go láidir ról na ngrúpaí comhairleacha baile (DAGanna) maidir le faireachán a dhéanamh ar ghealltanais TSD i gcomhaontuithe trádála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil cosc ar CCDanna agus ar chosantóirí chearta an chomhshaoil dul isteach sna Grúpaí Comhairleacha Baile ag rialtais comhpháirtithe fabhracha trádála; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cúnamh teicniúil leordhóthanach a leithdháileadh ar Ghrúpaí Comhairleacha Baile chun a chur ar a gcumas a gcúraimí a chur i gcrích go cuí;
35. á iarraidh ar AE a straitéisí CCD a ailíniú le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus leis na caighdeáin idirnáisiúnta eile sa réimse sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart do thoscaireachtaí AE agus do na Ballstáit tús áite a thabhairt don chaidreamh leis an bpobal gnó, go háirithe cuideachtaí Eorpacha agus a bhfochuideachtaí thar lear, chun cosaint a thabhairt do CCDanna atá ag obair ar ábhair a bhaineann le talamh, eastóscadh, monaraíocht agus earnálacha eile lena mbaineann ardriosca nó go leor tuairiscí maidir le sáruithe ar chearta an duine a bhaineann lena ngníomhaíochtaí agus chun faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí tráchtála; á áitiú, sa chomhthéacs sin, gur cheart do thoscaireachtaí AE rochtain CCDanna ar leigheas breithiúnach in AE a éascú agus tacú leis an rochtain sin i leith sáruithe ar a gcearta;
36. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a áirithiú go mbeidh CCDanna, go háirithe iad siúd atá ag obair ar chearta saothair agus ar chearta na mban, rannpháirteach go comhsheasmhach i sásraí faireacháin na sochaí sibhialta a ghabhann le comhaontuithe ábhartha AE; á iarraidh go n-áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar HRDanna a chosaint ar na rioscaí atá os a gcomhair maidir le sáruithe ar chearta an duine a nochtadh;
37. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar rioscaí díoltais agus frithbheartaíochta agus rioscaí eile a bhaineann le sáruithe i gcoinne CCDanna atá ag obair ar shaincheisteanna gnó agus saothair a áireamh sa chéim riosca maidir le próisis díchill chuí cuideachtaí a shainaithint agus a mheasúnú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go rachaidh cuideachtaí i dteagmháil go córasach le CCDanna agus go ráthóidh siad a rannpháirtíocht shábháilte;
38. á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar phríomhshruthú sásraí cosanta agus coiscthe do CCDanna laistigh de thionscadail, cláir agus scéimeanna infheistíochta earnála, ar a laghad sna réimsí is mó atá i mbaol do CCDanna, amhail tionscadail talún agus chomhshaoil, tionscail eastóscacha, monaraíocht agus réimsí riosca eile, agus ar fud na mbeartas uile a bhaineann leis an tslándáil; á áitiú a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfadh Parlaimint na hEorpa a ról maoirseachta ina leith sin;
39. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar fheiniméan na mbagairtí trasnáisiúnta i gcoinne CCDanna ag a n-údaráis náisiúnta nó ag a seach-ionadaithe, lena n-áirítear sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bagairtí sin laistigh den Aontas a shainaithint agus dul i ngleic leo mar thosaíocht agus mar ghné lárnach de na Treoirlínte; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstáit chun modhanna iomchuí airgeadais agus eile a chur ar fáil do CCDanna eachtracha a bhfuil cónaí orthu in AE, lena n-áirítear sásraí cosanta tiomnaithe, oiliúint agus cláir maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an gcibearchiapadh, chun a chur ar a gcumas leanúint dá gcuid oibre ar chearta an duine go cianda agus gan eagla roimh fhrithbheart; á iarraidh go gcuirfí breis oiliúna agus acmhainní ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí i mBallstáit AE chun tuairisciú, imscrúduithe agus sannadh na n-ionsaithe trasnáisiúnta sin a éascú, agus á iarraidh go gcuirfear smachtbhannaí orthu siúd atá freagrach;
á chur i bhfios go láidir gur cheart toghairm, nochtadh agus smachtbhannaí a fhorchur ar oifigigh agus gníomhairí tríú tíortha a chiapann CCDanna in AE, chomh maith le cumasóirí áitiúla, cibé acu daoine aonair nó eintitis;
40. á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh go háirithe maidir le cásanna tríú tíortha a dhéanann géarleanúint ar CCDanna i mBallstáit AE trí mhisin neamhdhleathacha thar lear a dhéanann ionadaíocht ar a n-údaráis intíre a oibriú gan eolas nó toiliú ó údaráis na mBallstát;
Víosaí agus dídean – uirlis thábhachtach chosanta
41. á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar thacaíocht AE chun CCDanna atá i mbaol a athlonnú agus go nglactar dea-chleachtais i roinnt Ballstát; á thabhairt dá haire gur oth léi go ndiúltaítear fós iarratais phráinneacha ar athlonnú nó ar víosaí a dhéanann go leor CCDanna agus a dteaghlaigh ;
42. á chur i bhfáth gur príomhuirlis chosanta iad víosaí agus, chun cabhrú go héifeachtach le CCDanna atá i mbaol, gur cheart don Choimisiún ról réamhghníomhach a ghlacadh i dtreo scéim uile-Aontais a bhunú chun víosaí gearrthéarmacha a eisiúint do CCDanna den sórt sin; á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit, go háirithe, eisiúint víosaí a éascú 1) ar bhonn nós imeachta, trína áirithiú go mbeidh próisis a n-ambasáidí agus a gconsalachtaí mear, intuigthe, inrochtana agus indéanta, agus 2) go struchtúrach, trí chatagóir shonrach a chruthú i gCód Víosaí an Aontais[10] maidir le CCDanna atá i mbaol, lena leasaítear an Treoir um Chosaint Shealadach chun go bhféadfar stádas cosanta sealadaí a dheonú do CCDanna atá i mbaol in AE, agus lena n-áirítear treoracha tiomnaithe i Lámhleabhar Chód Víosaí an Aontais[11] maidir le nósanna imeachta éascaithe a dheonú do CCDanna agus dá mbaill teaghlaigh; á chur i bhfios go láidir gur gá ceanglais agus coinníollacha víosaí a dhéanamh níos éasca do CCDanna a bhfuil gá acu le haslonnú éigeandála; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun feasacht oifigigh na mBallstát a ardú maidir leis na riachtanais agus na dúshláin ar leith a bhaineann le hiarratais ó CCDanna;
43. á iarraidh ar phointí fócais thoscaireachtaí AE um chearta an duine riachtanais athlonnaithe éigeandála ar leith a shainaithint agus a ardú le misin na mBallstát agus moltaí a dhéanamh maidir leis an ábhar; á chreidiúint gur féidir le CCDanna rioscaí a sheachaint trí spás a chur ar fáil le haghaidh ‘tréimhse fhuaraithe’; á iarraidh ar SEGS tuairisc bhliantúil a thabhairt ar líon na víosaí éigeandála arna n-eisiúint ag Ballstáit AE do CCDanna;
44. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena soláthar cosanta sealadaí agus dídine do CCDanna atá i mbaol agus dá dteaghlaigh; á thabhairt chun suntais tionscnaimh i roinnt Ballstát agus ag spreagadh iarrachtaí breise maidir le hathlonnú, go háirithe trí rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil; á chur in iúl gur geal léi an méadú atá ag teacht ar líon na dtionscnamh dídine ar an leibhéal áitiúil ar fud an Aontais; á iarraidh ar an Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile cúnamh speisialta a bhunú do thacaíocht phraiticiúil chun fanacht sealadach, obair agus soghluaisteacht CCDanna agus a dteaghlaigh in AE a éascú; á iarraidh ar thoscaireacht ábhartha an Aontais obair leantach a dhéanamh maidir le filleadh agus staid slándála CCDanna dá bhfillfeadh siad ar a dtíortha;
45. á iarraidh ar na Ballstáit éascú a dhéanamh ar eisiúint víosaí il-iontrála gearrthéarmacha do CCDanna atá ag iarraidh taisteal chun na hEorpa chun críocha abhcóideachta nó oiliúna gairmiúla;
46. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach agus comhairliúchán gníomhach le CCDanna a spreagadh agus a éascú, arb CCDanna iad a d’athlonnaigh chuig AE cheana féin maidir le cláir athlonnaithe CCD, cabhair agus tionscnaimh réigiúnacha a dhearadh agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na réaltachtaí agus na riachtanais shonracha a bhíonn os comhair CCDanna i dtríú tíortha;
Formhaoirseacht agus tacaíocht phraiticiúil Pharlaimint na hEorpa do CCDanna ar fud an domhain
47. á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta do ról ceannasach a imirt maidir le gníomhaíocht AE a mhúnlú agus a fheabhsú chun tacú le CCDanna, go háirithe trína rúin agus díospóireachtaí práinne sa suí iomlánach, obair a Fhochoiste um Chearta an Duine (DROI), go sonrach tuarascálacha agus éisteachtaí, a misin chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus a Duais Sakharov bliantúil, lena n-áirítear an obair a dhéantar in éineacht le Pobal Dhuais Sakharov;
á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, ról na bhFeisirí aonair maidir le cásanna imní maidir le cearta an duine agus iad siúd a bhfuil CCDanna faoi ionsaí acu a thabhairt ar aird an Choimisiúin agus na mBallstát, go háirithe trí cheisteanna parlaiminteacha, píosaí tuairimí agus imeachtaí poiblí;
á mheas gur gné fhíor-riachtanach dá cuid oibre ar ghnóthaí seachtracha í rannpháirtíocht pharlaiminteach le CCDanna agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta;
48. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le níos mó trédhearcachta maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte chun feasacht a fheabhsú i measc CCDanna, chun maoirseacht pharlaiminteach éifeachtach a áirithiú agus chun rochtain níos soiléire agus níos éasca a chur ar fáil do phointí fócasacha AE i dtoscaireachtaí AE agus do dhoiciméid AE atá nasctha leis na Treoirlínte, go háirithe an nóta treorach ó 2020, agus straitéisí áitiúla maidir le CCDanna, agus faisnéis shoiléir maidir le maoiniú do thionscadail agus do chláir i gcás CCDanna;
49. á chur i bhfáth, mar chomhalta lárnach d’Fhoireann na hEorpa, gur cheart Parlaimint na hEorpa a chomhtháthú go hiomlán i mbeartas AE maidir le CCDanna, lena n-áirítear trí idirphlé rialta, nuair is gá i suíomh rúnda, maidir le príomh-shaincheisteanna agus forbairtí beartais i ndáil leis na Treoirlínte, agus tríd an gCoimisiún agus na Ballstáit ag gníomhú go mear dóibh ar a hiarrataí chun smachtbhannaí spriocdhírithe a thionscnamh i gcás dian-bhrú faoi chois i gcoinne CCDanna; á mholadh go ndéanfaí na hábhair imní agus na moltaí a cuireadh in iúl ina rúin phráinne a áireamh i straitéisí áitiúla;
50. á bheartú go ndéanfaidh sí a cur chun cinn agus a cosaint ar CCDanna a fheabhsú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
– creat beartais nua de chuid Phralaimint na hEorpa maidir le tacaíocht do CCDanna a ghlacadh, lena gcomhtháthófaí tacaíocht do CCDanna ar fud a cuid oibre agus a bheadh bunaithe ar chur chuige ‘gan dochar a dhéanamh’, lena gcuirfí chun cinn úsáid shábháilte teicneolaíochtaí faisnéise agus chumarsáide ina hidirghníomhaíochtaí le CCDanna, lena n-áiritheofaí rannpháirtíocht shábháilte i gcruinnithe Eorpacha agus lena bhfreagrófar do bhearta díoltais tar éis idirghníomhaíochtaí CCDanna lena gcomhlachtaí agus lena bhfóraim;
– rannpháirtíocht chórasach bhreise le CCDanna ag a comhlachtaí ábhartha uile, go háirithe toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus coistí um ghnóthaí eachtracha (An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha, An Fochoiste um Chearta An Duine, An Fochoiste um Shlándáil Agus Cosaint, An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta), agus a hUachtarán;
– cruinniú bliantúil a eagrú le CCDanna ag gach toscaireacht idirpharlaiminteach agus ag na coistí um ghnóthaí eachtracha (agus ag coistí ábhartha eile);
– pointe fócais maidir le cearta an duine a ainmniú ag gach toscaireacht idirpharlaiminteach as measc a gcomhaltaí den bhiúró;
– cuimsiú córasach ar chlár le haghaidh idirghníomhú le CCDanna/eagraíochtaí na sochaí sibhialta arna dhéanamh ag toscaireachtaí nó coistí laistigh dá misin a dhéantar lasmuigh den Aontas agus, i gcás inarb ábhartha liosta de CCDanna ar cúis imní iad a chur i dtoll a chéile (arna tharraingt suas i gcomhar leis an bhFochoiste um Chearta An Duine (DROI) agus SEGS) agus anailís a dhéanamh ar staid fhoriomlán CCDanna agus ar a n-idirghníomhú leis na húdaráis áitiúla, a mbeidh tuairisciú ina leith le tabhairt do DROI.
– iarrachtaí córasacha arna ndéanamh ag a misin chun casadh le CCDanna atá i bpríosún go treallach agus lena ngarghaolta, nó breathnóireacht a dhéanamh ar thrialacha, nuair a mheastar é a bheith cabhrach do CCDanna agus dá mbaill teaghlaigh;
– méadú a dhéanamh ar líon na ráiteas poiblí agus ar an méid taidhleoireachta príobháidí agus/nó poiblí ag a hUachtarán agus ag Cathaoirleach DROI, i gcomhar le Cathaoirleach na toscaireachta idirpharlaimintí ábhartha, chun tacú le CCDanna, go háirithe buaiteoirí Dhuais Sakharov, craobhiomaitheoirí agus comhaltaí atá i mbaol;
– treoracha do Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa faisnéis a bhailiú agus a phoibliú go rialta maidir le staid agus riachtanais CCDanna ar fud an domhain, lena n-áirítear ráitis agus tuarascálacha ó CCDanna;
51. á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta d’fheabhas a chur ar an bhfaireachán ar chásanna CCD ar leith a d’ardaigh sí, go háirithe i rúin phráinneacha, i gcruinnithe coiste agus i ráitis;
52. á bheartú chun a áirithiú go ndéanfar a príomhrúin maidir le cearta an duine, go háirithe rúin phráinne, a aistriú go teangacha áitiúla na dtíortha lena mbaineann agus go bhfoilseofar agus go ndáilfear iad dá réir sin; ag dréim leis go ndéanfaidh toscaireachtaí AE sna tíortha lena mbaineann rúin den sórt sin a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin agus go ndéanfaidh siad obair leantach go córasach leis na húdaráis náisiúnta agus go dtabharfaidh siad tuairisc don Pharlaimint;
á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar Threoirlínte 2011 do thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha Pharlaimint na hEorpa maidir le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn ina gcuairteanna ar thíortha nach bhfuil in AE;
53. á iarraidh go mbeadh comhordú níos straitéisí ann idir institiúidí AE i ndáil le cásanna práinneacha CCD; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhféadfadh taidhleoireacht pharlaiminteach sásra éifeachtach agus comhlántach a chruthú chun dul i i mbun rannpháirtíochta le tríú tíortha maidir le cásanna práinneacha CCD; á iarraidh go mbeadh tascfhórsa idirinstitiúideach maidir le CCDanna ann chun iarrachtaí a chomhordú, go háirithe i ndáil le cásanna tosaíochta CCD, lena n-áireofaí Biúró Méadaithe DROI, an Coimisiún, SEGS agus Cathaoirleach Mheitheal na Comhairle um Chearta an Duine; á iarraidh go bhfeabhsófaí an t-idirphlé idir DROI agus an mheitheal, lena n-áirítear trí chruinniú bliantúil;
54. á áitiú go gcloífidh an Coimisiún leis an gcomhaontú idirinstitiúideach agus go gcuirfidh sé freagra i scríbhinn ar fáil go córasach do gach rún ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha/DROI, lena n-áirítear an ceann sin;
55. á chur in iúl gur oth léi tearcúsáid Dhuais Sakharov ag SEGS agus ag na Ballstáit mar uirlis chun slite beatha CCDanna agus chearta an duine ar fud an domhain a fheabhsú; á iarraidh ar mhisin AE i dtíortha tionscnaimh bhuaiteoirí Sakharov dul i dteagmháil ar bhealach níos éifeachtaí le buaiteoirí, go háirithe nuair atá siad i mbaol nó i bpríosún;
An bealach chun cinn: athruithe institiúideacha agus beartais is gá
56. á chur in iúl gur oth léi nach ndearna SEGS agus an Coimisiún grinnanailís shonrach ar chur chun feidhme na dTreoirlínte ó 2008 i leith; á iarraidh go ndéanfar measúnú cuimsitheach ar ghníomhaíocht AE maidir le CCDanna faoi chuimsiú an athbhreithnithe meántéarma ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus an daonlathas 2020-2024, atá beartaithe do mhí an Mheithimh 2023; á iarraidh go n-áireofaí san athbhreithniú sin sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtas ag toscaireachtaí AE agus ag misin na mBallstát, agus go ndéanfaí faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na dTreoirlínte, i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta;
57. á chur i bhfios go láidir gur gá na Treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na ndúshlán agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus atá os comhair CCDanna, go háirithe an claochlú digiteach agus bagairtí digiteacha, chomh maith le léiriú níos fearr a thabhairt ar ghrúpaí CCDanna sa timpeallacht dhomhanda atá ann faoi láthair, go háirithe iad siúd atá ag obair ar chearta na mban agus ar chearta an phobail LADTIA, chomh maith le cosantóirí cearta talún, comhshaoil agus na bpobal dúchasacha, agus na rioscaí sonracha atá os comhair na ngrúpaí sin;
58. á chur i bhfáth gur cheart, leis an athbhreithniú ar na Treoirlínte, raon feidhme rannpháirtíocht AE le CCDanna a leathnú amach thar na hidirghabhálaithe traidisiúnta i bpríomhchathracha chun daoine aonair agus grúpaí i gceantair iargúlta nó i gceantair thuaithe a áireamh, agus iad siúd atá ag obair chun cearta dídeanaithe agus imirceach a chosaint; á mheas go bhfuil sé in am cur chuige níos leithne agus níos nuálaí a cheadú maidir le coincheap CCDanna lena gcuimsítear grúpaí níos sreabhaí agus grúpaí sealadacha, lena n-áirítear sceithirí;
59. á iarraidh go dtabharfaí treoir maidir le gníomhaíocht a cheapadh sna timpeallachtaí is naimhdeacha do CCDanna agus maidir leis na modhanna chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna struchtúracha nó córasacha maidir le cearta an duine atá le hionchorprú sna Treoirlínte athbhreithnithe;
60. á iarraidh go n-áireofaí roinn shonrach sna Treoirlínte maidir le gné inmheánach ghníomhaíocht AE maidir le CCDanna, go háirithe maidir le víosaí do CCDanna (agus dá dteaghlaigh) atá i mbaol láithreach, maidir le hathlonnú agus dídean, agus maidir le bagairtí trasnáisiúnta ó thríú tíortha i gcoinne CCDanna a láimhseáil; á iarraidh go n-áireofaí roinn shonrach sa chaibidil maidir le beartas CCD sa tuarascáil bhliantúil maidir le cearta an duine agus an daonlathas ón gComhairle agus ó SEGS atá tiomnaithe do ghníomhaíocht AE maidir leis an ngné sin;
61. á aithint go bhféadfadh taidhleoireacht thostach a bheith ina huirlis éifeachtach chun feabhas a chur ar staid roinnt CCDanna i dtríú tíortha; á chur i bhfáth, áfach, nach mór do ghníomhaithe AE a bheith glórach maidir le cásanna práinneacha agus tromchúiseacha agus cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir taidhleoireacht phríobháideach agus phoiblí, go háirithe i gcás ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil taidhleoireacht chiúin neamhéifeachtach; á thabhairt dá haire, ina leith sin, nach bhfuil ach dul i muinín ráitis phoiblí ag an gCoimisiún, ar ráitis iad atá fós lag den chuid is mó ó thaobh ton de agus a dhíríonn go príomha ar chásanna ardphróifíle, ag brath ar an leibhéal agus ar an bhfóram ag a ndéantar iad a sheachadadh; á iarraidh go ndéanfaí breithniú ar straitéisí nó roghanna malartacha cumarsáide nuair a chuirtear bac ar ráiteas ón Aontas, lena n-áirítear dul i muinín na meán, na meán sóisialta nó fóram eile;
62. á chur in iúl gur oth léi gurb annamh a bhíonn straitéisí áitiúla thoscaireachtaí AE ar fáil go poiblí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuathas nó nach ndeachthas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta áitiúil agus a mhéid a bhí baint acu lena ndréachtú;
63. á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcumarsáid agus ar an trédhearcacht maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte, amhail trí nóta treorach 2020, straitéisí cur chun feidhme áitiúla, doiciméid inmheánacha ábhartha eile a fhoilsiú agus leis an liosta iomlán de phointí fócais thoscaireachtaí AE agus a sonraí teagmhála;
64. á iarraidh go ndéanfaí pointí fócais chearta an duine agus CCD i dtoscaireachtaí AE a chumasc agus go n-éascófaí rochtain ar na hidirghabhálaithe sin do CCDanna agus do ghníomhaithe eile na sochaí sibhialta; á áitiú go ndéanfaí a gcúraimí a shoiléiriú agus a thiomnú go heisiach dá ndualgais mar phointí fócasacha um chearta an duine;
65. á thabhairt dá haire, agus is oth léi, nach bhfuil toscaireachtaí AE i roinnt tíortha ina bhfuil rioscaí agus baol ar leith ag CCDanna agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí; á aithint go bhfuil láithreacht thoscaireachtaí an Aontais sna tríú tíortha sin ríthábhachtach chun na Treoirlínte sin a chur chun feidhme agus chun go mbeidh rannpháirtíocht éifeachtach ann maidir le cásanna aonair práinneacha agus tromchúiseacha CCD agus maidir le gníomhaíochtaí áitiúla eile; á iarraidh ar SEGS leanúint d’fhiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht láithreacht AE a bhunú i ngach tír ina bhfuil imní thromchúiseach maidir le cearta an duine;
66. á iarraidh go ndéanfaí faireachán córasach agus straitéiseach ar bhreathnóireacht trialach chun feabhas a chur ar infheictheacht fhoriomlán agus ar thorthaí breathnóireachta trialacha ag misin AE, agus go nglacfaí cúrsaí gníomhaíochta malartacha chun tacú le CCDanna le linn trialach i gcás nach féidir breathnóireacht trialach a dhéanamh; á iarraidh go mbreathnófaí ar thrialacha ní hamháin maidir le cásanna suaithinseacha, ach maidir le cásanna nach bhfuil chomh feiceálach agus nach bhfuil mórán eolais orthu i gcoinne CCDanna a rinneadh coirpigh dóibh freisin;
67. á iarraidh go n-aistreofaí na Treoirlínte go teangacha áitiúla tríú tíortha agus go gcuirfí ar fáil go poiblí iad, ar bhealach atá inrochtana go héasca, ar shuíomh gréasáin gach toscaireachta de chuid an Aontais;
68. á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún dul i gcomhairle go córasach le hionadaithe na sochaí sibhialta agus le CCDanna roimh aon idirphlé maidir le cearta an duine, go mbeadh an comhairliúchán fíor, inrochtana agus cuimsitheach agus go ndéanfaí na hidirghabhálaithe sin a chur ar an eolas ina dhiaidh sin; á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún, thairis sin, páirt a ghlacadh i gcur chuige níos dírithe ar thorthaí i ndáil le cásanna aonair agus obair leantach éifeachtach a dhéanamh idir seisiúin d’idirphlé maidir le cearta an duine; á iarraidh go ndéanfaí cuid den tsochaí shibhialta a áireamh go córasach in aon idirphlé déthaobhach nó réigiúnach maidir le cearta an duine; á athdhearbhú go bhfuil gá le freagairt chórasach agus dhaingean AE ar aon ghníomh díoltais i gcoinne CCDanna a tharlaíonn tar éis dóibh freastal ar imeachtaí AE nó a bhaineann le teagmháil le hidirghabhálaithe AE;
69. á athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha conclúidí bliantúla a chur i dtoll a chéile ina ndéanfar gníomhaíocht institiúidí an Aontais agus na mBallstát maidir le CCDanna a mheas agus gealltanais straitéiseacha a leagan amach do CCDanna ar an leibhéal is airde; á mheas gur tráth thar a bheith tráthúil é comóradh 25 bliana ghlacadh Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le CCDanna chun go ndéanfaidh an Chomhairle a gealltanas do CCDanna a athdhearbhú go poiblí agus a beartas maidir leis an ábhar sin a thabhairt cothrom le dáta;
70. ag spreagadh an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint, chun liosta bliantúil de thíortha fócais ar cúis mhór imní iad a ghlacadh i ndáil le cruachás CCDanna, a bheidh le modhnú i gcomhréir le forbairtí ar an láthair, lena bhféadfaí, inter alia, an méid seo a leanas a dhéanamh: 1) freagairt phraiticiúil ar an láthair ó Fhoireann na hEorpa atá comhordaithe go hiomlán; 2) rochtain níos fearr ar acmhainní, go háirithe faoi shaoráid chistithe Fhoireann na hEorpa, le haghaidh cosaint éigeandála agus cistiú fadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhthéacs institiúideach agus struchtúrach níos leithne maidir le cearta an duine; 3) feabhas a chur ar an bhfaireachán áitiúil ar chearta an duine; 4) straitéisí cur chun feidhme náisiúnta tiomnaithe; agus 5) acmhainní breise ar leibhéal na ceanncheathrún agus ar leibhéal na dtoscaireachtaí;
°
° °
71. á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
9.2.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
50 3 6 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alexander Alexandrov Yordanov, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Michael Gahler, Kinga Gál, Raphaël Glucksmann, Sandra Kalniete, Dietmar Köster, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Nathalie Loiseau, Leopoldo López Gil, Antonio López-Istúriz White, Lukas Mandl, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Matjaž Nemec, Gheorghe-Vlad Nistor, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Dominik Tarczyński, Hermann Tertsch, Harald Vilimsky, Viola von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Željana Zovko |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Attila Ara-Kovács, Malik Azmani, Vladimír Bilčík, Dacian Cioloş, Rasa Juknevičienė, Andrey Kovatchev, Georgios Kyrtsos, Erik Marquardt, Hannah Neumann, Juozas Olekas, Bert-Jan Ruissen |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
François Alfonsi, Theresa Bielowski, Włodzimierz Cimoszewicz, Eero Heinäluoma, Gilles Lebreton, Javier Moreno Sánchez, Samira Rafaela, Thijs Reuten |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
50 |
+ |
NI |
Fabio Massimo Castaldo |
EPP |
Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík, Michael Gahler, Rasa Juknevičienė, Sandra Kalniete, Andrey Kovatchev, David Lega, Leopoldo López Gil, Antonio López‑Istúriz White, Lukas Mandl, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe‑Vlad Nistor, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler‑Lima, Željana Zovko |
Renew |
Petras Auštrevičius, Malik Azmani, Dacian Cioloş, Georgios Kyrtsos, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Samira Rafaela, Salima Yenbou |
S&D |
Attila Ara‑Kovács, Theresa Bielowski, Włodzimierz Cimoszewicz, Raphaël Glucksmann, Eero Heinäluoma, Dietmar Köster, Sven Mikser, Javier Moreno Sánchez, Matjaž Nemec, Juozas Olekas, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Thijs Reuten, Isabel Santos, Andreas Schieder, Nacho Sánchez Amor |
Verts/ALE |
François Alfonsi, Reinhard Bütikofer, Erik Marquardt, Hannah Neumann, Jordi Solé, Thomas Waitz, Viola von Cramon‑Taubadel |
3 |
- |
ECR |
Hermann Tertsch |
ID |
Gilles Lebreton |
NI |
Kinga Gál |
6 |
0 |
ECR |
Bert‑Jan Ruissen, Dominik Tarczyński, Charlie Weimers |
ID |
Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Harald Vilimsky |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
- [2] IO C 15, 12.1.2022, lch. 70.
- [3] IO C 236 E, 12.8.2011, lch. 69.
- [4] IO C 15, 12.1.2022, lch. 111.
- [5] IO C 474, 24.11.2021, lch. 11.
- [6] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0354.
- [7] IO C 342, 6.9.2022, lch. 295.
- [8] IO C 347, 9.9.2022, lch. 150.
- [9] IO C 342, 6.9.2022, lch. 191.
- [10] Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí), IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.
- [11] Lámhleabhar maidir le hiarratais ar víosaí a phróiseáil agus maidir le víosaí eisithe a mhodhnú (Lámhleabhar an Chóid Víosaí I) an 28 Eanáir 2020 (C(2020)0395).