Tuarascáil - A9-0042/2023Tuarascáil
A9-0042/2023

MOLADH maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

2.3.2023 - (11723/2022 – C9‑0007/2023 – 2022/0231(NLE)) - ***

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Bernd Lange

Nós Imeachta : 2022/0231(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0042/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0042/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (11723/2022 – C9‑0007/2023 – 2022/0231(NLE))

 

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11723/2022),

 ag féachaint don chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (11724/2022),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagail 207(4) agus pointe (a) (v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0007/2023),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0042/2023),

1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

I bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (AE), i mí Dheireadh Fómhair 2018, sheol AE caibidlíochtaí go foirmiúil faoi Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) le roinnt Balltíortha den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Is é bunphrionsabal na gcaibidlíochtaí ná ‘cur chuige comhpháirteach’ a forbraíodh idir AE agus an Ríocht Aontaithe in 2017 maidir le conas na gealltanais chainníochtúla atá i sceideal AE28 de chuid EDT do na 143 chuóta ráta taraife (TRQanna) talmhaíochta, éisc agus tionsclaíocha de chuid AE a ‘chionroinnt’. Is é bunús an chur chuige sin ná go gcoimeádfaí méid reatha gach TRQ ina iomláine i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE, ach go ndéanfaí é a roinnt idir dhá chríoch chustaim éagsúla: AE27 agus an Ríocht Aontaithe.

Tá prionsabal na modheolaíochta atá i bhfeidhm bunaithe ar na sreafaí trádála isteach in AE27 agus isteach sa Ríocht Aontaithe le linn tréimhse thagartha ionadaíochta (trí bliana ó 2013 go 2015) do gach TRQ de chuid EDT. Tá tuairisc mhionsonraithe ar mhodheolaíocht na cionroinnte atá comhaontaithe i Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Go sonrach, tugtar de chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 2(b) den Rialachán sin na scaireanna cionroinnte a leasú agus faisnéis ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 nó ó fhoinsí eile a bhfuil suim acu i gcuóta ráta taraife ar leith á cur san áireamh.

I gcás fhormhór na TRQanna a bhaineann le SAM, ghlac SAM leis na méideanna cionroinnte a mhol AE. Comhaontaíodh athruithe ar mhéideanna i gcás roinnt TRQanna go príomha chun tréimhse thagartha níos déanaí a chur san áireamh nó chun méideanna nach bhfuil inmharthana ó thaobh na tráchtála de a sheachaint ar thaobh na Ríochta Aontaithe. Ina theannta sin, déanfar sciar AE27 de TRQ tírshonrach mairteola SAM agus Cheanada a athbhreithniú agus déanfar an ráta laistigh den chuóta le haghaidh an TRQ mairteola erga omnes a laghdú.

Is é a bhí mar thoradh ar na caibidlíochtaí le SAM ná Comhaontú ar cuireadh inisealacha leis an 5 Márta 2021 sa Ghinéiv (‘an Comhaontú’). Déanfar Rialachán ábhartha (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún a leasú chun na méideanna leasaithe TRQ sin a léiriú. Dá bharr sin, molann an Coimisiún Eorpach don Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe a údarú.

I gcomhréir le hAirteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá gá le toiliú pras ó Pharlaimint na hEorpa chun go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena dtabharfar an Comhaontú i gcrích agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am trátha.

I bhfianaise an mhéid thuasluaite, molann an Rapóirtéir go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú an comhaontú a thabhairt i gcrích, gan dochar dá ceart daonlathach maidir le grinnscrúdú leanúnach.

 

 


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tagairtí

11723/2022 – C9-0007/2023 – 2022/0231(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin nó na hiarrata ar thoiliú

18.1.2023

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

19.1.2023

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

19.1.2023

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

AGRI

3.10.2022

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Bernd Lange

22.3.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

1.3.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

29

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Tiziana Beghin, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Markéta Gregorová, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Karin Karlsbro, Bernd Lange, Thierry Mariani, Margarida Marques, Gabriel Mato, Emmanuel Maurel, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Catharina Rinzema, Inma Rodríguez-Piñero, Katarína Roth Neveďalová, Sven Simon, Kathleen Van Brempt, Jörgen Warborn, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Markus Buchheit, José Manuel García-Margallo y Marfil, Enikő Győri, Yannick Jadot, Miapetra Kumpula-Natri, Liudas Mažylis, Joachim Schuster

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Massimiliano Salini

Dáta don chur síos

6.3.2023

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

29

+

ECR

Jan Zahradil

NI

Tiziana Beghin, Enikő Győri, Carles Puigdemont i Casamajó

PPE

Daniel Caspary, Arnaud Danjean, José Manuel García-Margallo y Marfil, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Liudas Mažylis, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn

Renew

Barry Andrews, Jordi Cañas, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Catharina Rinzema

S&D

Paolo De Castro, Miapetra Kumpula-Natri, Bernd Lange, Margarida Marques, Katarína Roth Neveďalová, Inma Rodríguez-Piñero, Joachim Schuster, Kathleen Van Brempt

Verts/ALE

Markéta Gregorová, Yannick Jadot

 

1

-

The Left

Emmanuel Maurel

 

2

0

ID

Markus Buchheit, Thierry Mariani

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Márta 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais