TUARASCÁIL maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Anna Júlia Donáth a tharscaoileadh
23.3.2023 - (2022/2208(IMM))
An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Sergey Lagodinsky
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Anna Júlia Donáth a tharscaoileadh
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don iarraidh dar dáta an 21 Deireadh Fómhair 2022 ó Chúirt Dúiche Kecskemét san Ungáir ar tharscaoileadh dhíolúine Anna Júlia Donáth i ndáil le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ina coinne trí dhíotáil phríobháideach atá ar feitheamh os comhair Chúirt Dúiche Kecskemét, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 24 Samhain 2022,
– ag féachaint don fhíoras gur tharscaoil Anna Júlia Donáth a ceart chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint d’Airteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire, d’Airteagail 10(2) agus 12(1) d’Ionstraim LVII 2004 um Stádas Dlíthiúil Fheisirí na hUngáire de Pharlaimint na hEorpa agus d’Airteagal 74 d’Acht XXXVI 2012 maidir le Tionól Náisiúnta na hUngáire,
– ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019[1],
– ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0071/2023),
A. de bhrí, an 21 Deireadh Fómhair 2022, gur thíolaic Cúirt Dúiche Kecskemét, an Ungáir, iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Anna Júlia Donáth, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna toghadh don Ungáir, a tharscaoileadh, i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla mar gheall ar chlúmhilleadh arna dtionscnamh ina coinne trí dhíotáil phríobháideach; de bhrí go n-áirítear iarraidh roimhe sin san iarraidh ar dhíolúine Anna Júlia Donáth a tharscaoileadh ag an gCúirt Dúiche chéanna, dar dáta an 28 Meitheamh 2022, ar cosúil, áfach, nach bhfuair Parlaimint na hEorpa riamh í;
B. de bhrí, an 20 Eanáir 2022, gur foilsíodh i nuachtán ar líne an pháirtí agus ar a leathanach Facebook ráiteas ó Choiste Feidhmiúcháin Momentum Mozgalom Párt (páirtí Gluaiseachta Momentum) ina ndéantar tagairt do bhallraíocht pháirtí an éilitheora a chur ar fionraí, á líomhain gur tharla an fhionraí sin tar éis sraith sáruithe eiticiúla ag an éilitheoir; de bhrí go ndealraíonn sé, idir an 21 Samhain 2021 agus an 29 Bealtaine 2022, go raibh Anna Júlia Donáth ina hUachtarán ar Choiste Feidhmiúcháin Momentum Mozgalom Párt;
C. de bhrí, an 31 Eanáir 2022, gur thug an t-éilitheoir caingean phríobháideach os comhair Chúirt Dúiche Kecskemét i gcoinne Anna Júlia Donáth, ina cáil mar uachtarán ar Choiste Feidhmiúcháin Momentum Mozgalom Párt, ag éileamh chion reachtúil an chlúmhillte phoiblí, de bhun Airteagal 226(2)(b) d’Acht C 2012 maidir le Cód Coiriúil na hUngáire; de bhrí, de bhun Airteagal 231(2) de Chód Coiriúil na hUngáire, nach bhféadfar an cion sin a phionósú ach amháin i gcomhthéacs gníomhaíocht phríobháideach;
D. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
E. de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe agus tuairim a tugadh nó vóta a caitheadh i gcomhlíonadh dhualgais Anna Júlia Donáth mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; de bhrí go mbaineann an cion líomhnaithe le gníomhaíochtaí de chineál náisiúnta, arna gcur i gcrích ina cáil mar uachtarán ar a páirtí náisiúnta;
F. de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a dtíre, agus i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó aon imeachtaí dlíthiúla; de bhrí nach féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar Feisire i mbun cion a dhéanamh ná nach gcoisceann sí Parlaimint na hEorpa óna ceart a fheidhmiú chun díolúine duine dá Feisirí a tharscaoileadh.
G. de bhrí, de réir Airteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire, go mbeidh comhaltaí de Pharlaimint na hUngáire i dteideal díolúine; de bhrí, de réir Airteagal 10(2) d’Ionstraim LVII 2004 um Stádas Dlíthiúil Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i dteideal díolúine is ionann agus díolúine chomhaltaí Pharlaimint na hUngáire, agus de bhrí, de réir Airteagal 12(1) den ghníomh céanna, go dtiocfaidh an cinneadh díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a fhionraí faoi inniúlacht Pharlaimint na hEorpa; de bhrí, de bhun Airteagal 74(1) d’Acht XXXVI 2012 maidir le Tionól Náisiúnta na hUngáire, nach féidir imeachtaí coiriúla a thionscnamh ach amháin i gcoinne an Fheisire le toiliú roimh ré ón Tionól Náisiúnta;
H. de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin, na gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil ina cáil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
I. de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh sí nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine a tharscaoileadh[2]; de bhrí go ndúirt Anna Júlia Donáth nach ndéanann sí agóid i gcoinne a díolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh;
J. de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir[3];
1. á chinneadh díolúine Anna Júlia Donáth a tharscaoileadh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil na hUngáire agus chuig Anna Júlia Donáth
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
21.3.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
21 0 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pascal Arimont, Manon Aubry, Ilana Cicurel, Virginie Joron, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Maria-Manuel Leitão-Marques, Karen Melchior, Raffaele Stancanelli, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Daniel Buda, Pascal Durand, Antonius Manders, Emil Radev, René Repasi |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Frances Fitzgerald, Fabienne Keller |
- [1] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI: AE:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
- [2] Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote v Parlaimint, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440, pointe 28;
- [3] Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;