Tuarascáil - A9-0148/2023Tuarascáil
A9-0148/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRISTCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha

14.4.2023 - (COM(2021)0096 – C9‑0088/2021 – 2021/0046(COD)) - ***I

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Birgit Sippel


Nós Imeachta : 2021/0046(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0148/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0148/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRISTCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha

(COM(2021)0096 – C9‑0088/2021 – 2021/0046(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0096),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2), Airteagal 16(2), Airteagal 74, Airteagal 78(2)(e), Airteagal 79(2)(c), Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d), Airteagal 85(1), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0088/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0148/2023),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh]15, déantar foráil maidir le seiceálacha céannachta, slándála agus sláinte a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír atá ag an teorainn sheachtrach agus nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach comhlíonta acu nó náisiúnaigh tríú tír a gabhadh laistigh den chríoch, i gcás nach bhfuil aon chosúlacht ann go ndearnadh rialú orthu ag na teorainneacha seachtracha. Le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh]16, tugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le sreafaí measctha d’imircigh a bhainistiú agus cruthaítear rialacha aonfhoirmeacha lenar féidir náisiúnaigh tríú tír a shainaithint go tapa agus iad a chur faoi réir na nósanna imeachta is infheidhme.

(1) Le Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh]15 déantar foráil maidir le seiceálacha céannachta, slándála, sláinte agus leochaileachta náisiúnach tríú tír a thrasnaigh an teorainn sheachtrach go neamhrialta, maidir leo siúd a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann seachtraí nó i gcriosanna idirthurais gan na coinníollacha maidir le dul isteach a chomhlíonadh agus maidir leo siúd a díbhordáladh tar éis oibríocht chuardaigh agus tarrthála.

__________________

__________________

15 Rialachán (AE) …/…. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 IO [...]

15 Rialachán (AE) …/…. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817, OJ [...],2020/0278(COD).

16 Op. cit. 15.

scriosta

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh]17, foráiltear gur cheart fíoruithe chun críoch slándála faoi chuimsiú an scagtha a dhéanamh i gcomparáid leis na córais chéanna a úsáidtear i gcás iarratasóirí ar víosaí nó ar údaruithe taistil faoi Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil. Go sonrach, le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh]18, foráiltear gur cheart sonraí pearsanta na ndaoine a ndéantar scagadh orthu a sheiceáil i gcomparáid le sonraí ó Europol, le bunachar sonraí Interpol i ndáil le Doiciméid Taistil atá Goidte nó Caillte (SLTD) agus le bunachar sonraí Interpol um Dhoiciméid Taistil a bhaineann le Fógraí (TDAWN), mar aon leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a mhéid a bhaineann le daoine arna gciontú i gcionta sceimhlitheoireachta agus i gcineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha.

(2) Le Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh], déantar foráil gur cheart fíorú chun críocha slándála faoi chuimsiú an scagtha a dhéanamh i gcomparáid leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a mhéid a bhaineann le daoine arna gciontú i gcionta sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile cionta coiriúla tromchúiseacha.

__________________

 

17 Op. cit. 15.

scriosta

18 Op. cit. 15.

scriosta

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Is gá rochtain ar ECRISTCN a bheith ag na húdaráis arna n-ainmniú chun an scagadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh]19 a dhéanamh chun a shuí an bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí.

(3) Is gá rochtain theoranta ar ECRISTCN a bheith ag na húdaráis arna n-ainmniú chun an scagadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh] a dhéanamh chun a shuí an bhféadfadh duine a bheith ina bhagairt don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí.

__________________

 

19 Op. cit. 15.

scriosta

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh]20, ar forbairt é ar acquis Schengen maidir le teorainneacha, leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/200821, (AE) 2017/222622, (AE) 2018/124023 agus (AE) 2019/81724, ar forbairtí iad freisin ar acquis Schengen maidir le teorainneacha, chun cearta rochtana a dheonú, chun críocha an scagtha, ar na sonraí sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS), ar an gCóras Dul Isteach agus Imeachta (EES) agus ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) faoi seach. Mar sin féin, an leasú comhuaineach ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/816 chun cearta rochtana a dheonú ar ECRISTCN chun críocha an scagtha, níorbh fhéidir é a leasú mar chuid den Rialachán céanna ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, ós rud é nach forbairt ar acquis Schengen atá sa rialachán lena mbunaítear ECRISTCN. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán 2019/816 a leasú le hionstraim dlí ar leith.

(4) Le Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh], ar forbairt é ar acquis Schengen maidir le teorainneacha, leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/200821, (AE) 2017/222622, (AE) 2018/124023 agus (AE) 2019/81724, ar forbairtí iad freisin ar acquis Schengen maidir le teorainneacha, ceart chun rochtain a dheonú, chun críocha an scagtha, ar na sonraí sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS), ar an gCóras Dul Isteach agus Imeachta (EES) agus ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) faoi seach. Mar sin féin, an leasú comhuaineach ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/816 chun rochtain a dheonú ar na sonraí atá in ECRISTCN chun críocha an scagtha, níorbh fhéidir é a leasú mar chuid den Rialachán céanna ar chúiseanna na geoiméadrachta athraithí, ós rud é nach forbairt ar acquis Schengen atá sa rialachán lena mbunaítear ECRISTCN. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán 2019/816 a leasú le hionstraim dlí ar leith.

__________________

__________________

20 Op. cit. 15.

scriosta

21 Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lgh. 6081.

21 Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lgh. 6–81.

22 Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.

22 Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach agus Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.

23 Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

23 Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

24 Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.

24 Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rochtain ar ECRISTCN a chumasú chun críocha na seiceálacha slándála arna mbunú le Rialachán (AE) [an Rialachán maidir le Scagadh]25, arb é is aidhm dó rialú na ndaoine atá ar tí dul isteach i limistéar Schengen a neartú agus iad a chur faoi réir na nósanna imeachta is infheidhme, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach, agus ó tharla nach féidir é a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(5) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, rochtain ar ECRIS-TCN a chumasú chun críocha na seiceálacha slándála arna mbunú le Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh], arb é is aidhm dó, dá réir sin, na seiceálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha a neartú agus foráil a dhéanamh maidir le fíorú céannachta nó sainaithint na náisiúnach tríú tír uile atá faoi réir an scagtha agus maidir leis na bunachair sonraí ábhartha a cheadú chun a fhíorú an bhféadfadh na daoine a bheith ina mbagairt ar an tslándáil inmheánach, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

__________________

__________________

25 Op. cit. 15.

scriosta

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. In Airteagal 1, cuirtear an pointe (e) seo a leanas leis:

1. In Airteagal 1, cuirtear an pointe (f) seo a leanas isteach:

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 1 – mír 1 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) na coinníollacha faoina n-úsáidfidh na húdaráis inniúla ECRISTCN chun seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) …/…28 [an Rialachán maidir le Scagadh]*.’

(f) na coinníollacha faoina n-úsáidfear ECRIS-TCN chun seiceáil slándála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh].’

 

__________________

__________________

28 OJ …

scriosta

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) cuidítear le ceartsainaithint daoine, agus déantar an tsainaithint sin a éascú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/818;

(c) cuidítear le ceartsainaithint daoine, agus déantar an tsainaithint sin a éascú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/818;

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 2 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) tacaítear le cuspóirí Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh] a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha slándála a dhéanamh.

(d) tacaítear le cuspóirí Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh] a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha slándála a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12 den Rialachán sin.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha agus Eurojust, Europol, EPPO [Láraonad ETIAS arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta]30 agus na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(7), fomhír 1 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh], ar údaráis iad atá inniúil chun ECRISTCN a rochtain nó a chuardach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(6) ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha agus Eurojust, Europol, OIPE, údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Láraonad ETIAS agus na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(7) de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh], atá inniúil chun ECRIS-TCN a rochtain nó a chuardach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

__________________

__________________

30 Op. cit. 29.

scriosta

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 5 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) bratach lena léiriú, chun críoch Rialachán (AE) 2018/1240 agus Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh], gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, agus, sna cásanna sin, cód an Bhallstáit chiontaithigh nó na mBallstát ciontaitheach.’;

(c) bratach lena léirítear, chun críoch Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) 2018/1240 agus Airteagal 11 agus 12 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh], gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcion sceimhlitheoireachta sna 25 bliana roimhe sin sna 15 bliana roimhe sin in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.’;

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe b

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 5 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. I gcás ina n-aithneofar amais tar éis na seiceálacha slándála dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh], ní bheidh bratacha ná cód an Bhallstáit chiontaithigh nó cóid na mBallstát ciontaitheach dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) den Airteagal seo inrochtana agus inchuardaithe ach ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh] chun críoch an Rialacháin sin.’

8. Chun críche na seiceálacha slándála dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh], ní fhéadfar ach taifid sonraí ar cuireadh bratach leo i gcomhréir le pointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo a chuardach.’

Leasú  13

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 7 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

scriosta

7. I gcás amais, cuirfidh an lárchóras faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i leith an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach amháin chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a) iarraidh a dhéanamh de réir Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

 

(b) iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo a dhéanamh;

 

(c) [bainistiú teorann]31;

 

(d) measúnú a dhéanamh an mbeadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir seiceálacha scagtha ina bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh].

 

__________________

 

31 Op. cit. 29.

 

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 7 – mír 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a. In Airteagal 7, cuirtear mír nua isteach:

 

7a. Tar éis do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE).../... [An Rialachán maidir le Scagadh] cuardach a dhéanamh, cuirfidh an lárchóras an t-údarás inniúil ar an eolas faoi amas agus tabharfaidh sé fógra go huathoibríoch d’údarás lárnach an Bhallstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann maidir le hiarraidh ar thuairim i dtaobh an mbeadh an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát ina bhagairt ar an tslándáil inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. Ní úsáidfear toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun a mheasúnú an bhféadfadh an náisiúnach tríú tír atá faoi réir an scagtha a bheith ina bhagairt don tslándáil inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh].

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 7a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘Na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh], beidh sé de cheart acu an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRISTCN) a rochtain agus a chuardach trí úsáid a bhaint as an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP) dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818, chun na cúraim a chuirtear orthu faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh] a dhéanamh.

scriosta

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 7a – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun an tseiceáil slándála dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] a dhéanamh, ní bheidh rochtain ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin ar thaifid sonraí in CIR a bhfuil bratach curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán sin.

scriosta

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 7a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus trí úsáid a bhaint as bealaí náisiúnta a dhéanfar taifid choiriúla náisiúnta a cheadú ar bhonn na sonraí ó ECRISTCN a bhfuil bratach curtha leo. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta ábhartha tuairim do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] laistigh de dhá lá i gcás ina ndéanfar an scagadh ar chríoch na mBallstát, nó laistigh de cheithre lá i gcás ina ndéanfar an scagadh ag na teorainneacha seachtracha. Mura bhfaighfear tuairim laistigh de na spriocamanna sin, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhoras slándála atá le cur san áireamh.’

Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 7, mír 7a, tabharfaidh údarás lárnach an Bhallstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla an náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an scagtha tuairim do na húdaráis inniúla laistigh de cheithre lá. Mura bhfaighfear tuairim laistigh de cheithre lá, ciallóidh sé sin nach bhfuil aon fhoras slándála atá le cur san áireamh.’

Leasú  18

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – an chuid réamhráiteach

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

7. In Airteagal 24, mír 1, fomhír 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7

Rialachán (AE) 2019/816

Airteagal 24 – mír 1 – pointe d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) scagadh de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh].’

(d) scagadh de bhun Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Scagadh].’

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2019/818

Airteagal 20a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ba cheart don údarás inniúil ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán maidir le Scagadh] cuardach a dhéanamh in CIR chun críche duine a shainaithintde réir Airteagal 10 den Rialachán sin agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndearnadh an nós imeachta a thionscnamh i láthair an duine sin.

1. Ba cheart don údarás inniúil ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir le Scagadh] cuardach a dhéanamh in CIR chun fíoraithe céannachta nó duine a shainaithint agus chun na críche sin amháin de réir Airteagal 10 den Rialachán sin, ar choinníoll go ndearnadh an nós imeachta a thionscnamh i láthair an duine sin.

 

 

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tíolacfaidh an Rapóirtéir anseo feasta na príomhchúiseanna leis na leasuithe a tíolacadh sa tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 (ECRIS-TCN) agus Rialachán (AE) 2019/818 idir-inoibritheacht póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha 2021/0046 (COD), a ghlac an Coimisiún i mí an Mhárta 2021.

Leis an Rialachán seo, d’fhéach an Coimisiún le leasú neamhspleách a thabhairt isteach ar Rialachán 2019/816 chun foráil a dhéanamh maidir le cearta rochtana i bhfianaise an Rialacháin atá beartaithe maidir le Scagadh agus chun Rialachán (AE) 2019/818 a leasú mar gheall ar bhunús dlí éagsúil agus geoiméadracht athraitheach.

Ó ceapadh an Rapóirtéir an 22 Márta 2021, rinneadh roinnt malartuithe tuairimí, lena n-áirítear cruinnithe leis na scáth-rapóirtéirí, chomh maith le cruinnithe le geallsealbhóirí seachtracha.

 

Aontaíonn an Rapóirtéir le cuspóir foriomlán an Choimisiúin cead a thabhairt an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (‘ECRIS-TCN’) a úsáid le linn an scagtha. Mar sin féin, níl an Rapóirtéir cinnte de go bhfuil gá leis na forálacha lena ndeonaítear cearta rochtana iomláine do na húdaráis inniúla chun gur féidir an scagadh a dhéanamh go héifeachtach.

Is oth leis an Rapóirtéir nach ndearna an Coimisiún measúnú tionchair don togra maidir le Scagadh agus don togra seo ina dhiaidh sin.

Ba mhaith leis an Rapóirtéir buíochas a ghabháil leis an Aonad um Measúnú Tionchair Ex-Ante ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus leis na conraitheoirí faoi seach as an obair ar an measúnú tionchair cothrománach ionadach ar an gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann.

Ba mhaith leis an Rapóirtéir buíochas a ghabháil le húdair an staidéir ó Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla.

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Rialachán leasaitheach (AE) 2019/816 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRISTCN) chun forlíonadh a dhéanamh ar an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idirinoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816, chun scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thabhairt isteach ag na teorainneacha seachtracha

Tagairtí

COM(2021)0096 – C9-0088/2021 – 2021/0046(COD)

Dáta tíolactha chun PE

2.3.2021

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

8.3.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Birgit Sippel

22.3.2021

 

 

 

Pléite sa choiste

30.11.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

28.3.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

43

15

7

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Konstantinos Arvanitis, Malik Azmani, Pietro Bartolo, Vladimír Bilčík, Malin Björk, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Karolin Braunsberger-Reinhold, Saskia Bricmont, Annika Bruna, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Patricia Chagnon, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Erik Marquardt, Nuno Melo, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Emil Radev, Karlo Ressler, Diana Riba i Giner, Birgit Sippel, Vincenzo Sofo, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Yana Toom, Tom Vandendriessche, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Damian Boeselager, Beata Kempa, Alessandra Mussolini, Jan-Christoph Oetjen, Carina Ohlsson, Sira Rego, Thijs Reuten, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Isabel Benjumea Benjumea, Othmar Karas, Joachim Kuhs, Aušra Maldeikienė, Daniela Rondinelli, Günther Sidl, Susana Solís Pérez

Dáta don chur síos

14.4.2023

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

43

+

NI

Laura Ferrara

EPP

Isabel Benjumea Benjumea, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Karolin Braunsberger-Reinhold, Lena Düpont, Othmar Karas, Jeroen Lenaers, Aušra Maldeikienė, Lukas Mandl, Nuno Melo, Nadine Morano, Alessandra Mussolini, Emil Radev, Karlo Ressler, Tomas Tobé, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Tomáš Zdechovský

Renew

Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen, Maite Pagazaurtundúa, Susana Solís Pérez, Ramona Strugariu, Yana Toom

S&D

Pietro Bartolo, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Carina Ohlsson, Thijs Reuten, Daniela Rondinelli, Günther Sidl, Birgit Sippel, Elena Yoncheva

The Left

Konstantinos Arvanitis

 

15

-

ECR

Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Beata Kempa, Vincenzo Sofo, Jadwiga Wiśniewska

ID

Annika Bruna, Patricia Chagnon, Jean-Paul Garraud, Joachim Kuhs, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

The Left

Malin Björk, Cornelia Ernst, Sira Rego

 

7

0

Verts/ALE

Damian Boeselager, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Erik Marquardt, Diana Riba i Giner, Tineke Strik

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 2 Bealtaine 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais