TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (‘Prüm II’), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
26.5.2023 - (COM(2021)0784(COR1) – C9‑0455/2021 – 2021/0410(COD)) - ***I
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Paulo Rangel
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (‘Prüm II’), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(COM(2021)0784(COR1) – C9‑0455/2021 – 2021/0410(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– Ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0784(COR1)),
– Ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16(2) agus 87(2), pointe (a) agus d’Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0455/2021),
– Ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– Ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– Ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0200/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Lua 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, |
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa28 , |
__________________ |
__________________ |
28 IO C , , lch. . |
28 IO C 323, 26.8.2022, lch. 69. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Lua 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún29 , |
scriosta |
__________________ |
|
29 IO C , , lch. . |
|
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais, d’uireasa teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint, i measc nithe eile, as bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht. |
(1) Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais, d’uireasa teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint, i measc nithe eile, as bearta iomchuí chun an choireacht agus bagairtí eile ar an tslándáil phoiblí a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, i gcomhréir le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Éilíonn an cuspóir sin go ndéanfaidh údaráis forfheidhmithe dlí sonraí a mhalartú ar bhealach éifeachtúil tráthúil chun an choireacht a chomhrac go héifeachtach. |
(2) Éilíonn an cuspóir sin go ndéanfaidh údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí sonraí a mhalartú ar bhealach éifeachtúil tráthúil chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú go héifeachtach. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Dá bhrí sin, malartú faisnéise coiriúla idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, agus ina theannta sin, idir na húdaráis sin agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Europol), í ina mol faisnéise coiriúla le haghaidh an Aontais, is é is aidhm don Rialachán seo an malartú faisnéise sin a fheabhsú, a chuíchóiriú agus a éascú. |
(3) Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo malartú faisnéise coiriúla agus sonraí clárúcháin feithicle idir údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí a fheabhsú, a chuíchóiriú agus a éascú chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus ina theannta sin, idir na húdaráis sin agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 (Europol), i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha agus rialacha cosanta sonraí. |
__________________ |
__________________ |
30 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53). |
30 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53). |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Cinntí 2008/615/CGB31 agus 2008/616/CGB32 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú trí fhoráil a dhéanamh maidir le haistriú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithicle áirithe, tá sé cruthaithe gur cinntí tábhachtacha iad sin ó thaobh dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht trasteorann. |
(4) Cinntí 2008/615/CGB31 agus 2008/616/CGB32 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú trí fhoráil a dhéanamh maidir le haistriú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí clárúcháin feithicle áirithe, tá sé cruthaithe gur cinntí tábhachtacha iad sin ó thaobh dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht trasteorann, ar an gcaoi sin ag cosaint shlándáil inmheánach an Aontais agus sábháilteacht a shaoránach. |
__________________ |
__________________ |
31 Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1). |
31 Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1). |
32 Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12). |
32 Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12). |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Ba cheart don Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan síos maidir le haistriú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí clárúcháin feithicle, íomhánna den aghaidh agus taifid phóilíneachta. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do phróiseáil aon sonraí den chineál sin i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) nó do mhalartú faisnéise breise a bhaineann leo tríd an mBiúró SIRENE nó do chearta na ndaoine a ndéantar a sonraí a phróiseáil iontu. |
(5) Ba cheart don Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan síos maidir le cuardach agus malartú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, íomhánna den aghaidh agus taifead póilíneachta, i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do phróiseáil aon sonraí den chineál sin i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) nó do mhalartú faisnéise breise a bhaineann leo tríd an mBiúró SIRENE de bhun Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a nó do chearta na ndaoine a ndéantar a sonraí a phróiseáil iontu. |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56). |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Próiseáil sonraí pearsanta agus malartú sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart idirdhealú ar dhéanamh i gcoinne daoine ar aon fhoras i ngeall ar an bpróiseáil nó ar an malartú sin. Déanfar dínit agus iomláine an duine a lán-urramú chomh maith le cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go gcosnófaí sonraí pearsanta, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(6) Aon phróiseáil sonraí pearsanta agus malartú sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil 6 den Rialachán seo agus, de réir mar is infheidhme, le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b agus Rialachán (AE) 2016/794. Maidir le próiseáil agus malartú sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart idirdhealú ar dhéanamh i gcoinne daoine ar aon fhoras i ngeall ar an bpróiseáil nó ar an malartú sin. Déanfar dínit agus iomláine an duine a lán-urramú chomh maith le cearta bunúsacha eile, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go gcosnófaí sonraí pearsanta, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
__________________ |
|
1a Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89). |
|
1b Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuardach uathoibrithe nó comparáid uathoibrithe ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí clárúcháin feithicle, íomhánna den aghaidh nó taifid phóilíneachta, is é is cuspóir don Rialachán seo go mbeifear in ann daoine atá ar iarraidh agus taisí daonna gan aithint a chuardach. Ba cheart é sin a bheith gan dochar d’iontráil fholáirimh SIS maidir le daoine atá ar iarraidh agus do mhalartú faisnéise breise maidir le foláirimh den chineál sin faoi Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.33 |
(7) Trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuardach nó comparáid uathoibrithe ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe maidir le clárú feithiclí, íomhánna den aghaidh agus taifid phóilíneachta, is é is cuspóir don Rialachán seo go mbeifear in ann daoine atá ar iarraidh a chuardach agus taisí daonna gan aithint a shainaithint i gcomthéacs imscrúdú coiriúil. Ba cheart é sin a bheith gan dochar d’iontráil fholáirimh SIS maidir le daoine atá ar iarraidh agus do mhalartú faisnéise breise maidir le foláirimh den chineál sin faoi Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.33 |
__________________ |
__________________ |
33 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56). |
33 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56). |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) An Treoir (AE) …/… [maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát], is Treoir í a chuireann creat dlíthiúil comhleanúnach an Aontais ar fáil chun a áirithiú go bhfuil rochtain choibhéiseach ag údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis atá á coinneáil ag Ballstáit eile nuair is gá dóibh an fhaisnéis sin chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Chun malartú faisnéise a fheabhsú, déanann an Treoir sin na nósanna imeachta maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit a chur ar bhonn foirmiúil agus a shoiléiriú, go háirithe chun críoch imscrúdúcháin, lena n-áirítear ról ‘an phointe teagmhála aonair’ le haghaidh malartuithe den chineál sin, agus lánúsáid á baint as cainéal malartaithe faisnéise de chuid Europol, SIENA. Aon mhalartú faisnéise thar an méid dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart é a rialáil faoi Threoir (AE) …/… [maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát]. |
(8) An Treoir (AE) …/… [maidir le malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí], is Treoir í a chuireann creat dlíthiúil comhleanúnach an Aontais ar fáil chun a áirithiú go bhfuil rochtain choibhéiseach ag údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí ar fhaisnéis atá á coinneáil ag Ballstáit eile nuair is gá dóibh an fhaisnéis sin chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Chun malartú faisnéise a fheabhsú, déanann an Treoir sin na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí a chur ar bhonn foirmiúil agus a shoiléiriú, go háirithe chun críoch imscrúdúcháin, lena n-áirítear ról ‘an phointe teagmhála aonair’ le haghaidh malartuithe den sórt sin, agus lánúsáid á baint as cainéal malartaithe faisnéise de chuid Europol, SIENA. Aon mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí thar an méid dá bhforáiltear sa Rialachán seo, rialaítear é le Treoir (AE) …/… [maidir le malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí]. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) Ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú le haghaidh na malartuithe faoin Rialachán seo, ag brath ar a struchtúir eagrúcháin náisiúnta. Mar sin féin, chun na malartuithe sin a chuíchóiriú, níor cheart do na Ballstáit féachaint ach le pointe teagmhála náisiúnta amháin a bheith acu, más féidir ar chor ar bith. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Chun gur féidir cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an gCóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (Eucaris) arna chur ar bun leis an gConradh a bhaineann le Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS), córas a dearadh chun na críche sin. Ba cheart do Eucaris na Ballstáit rannpháirteacha uile a nascadh le chéile i líonra. Níl gá le haon chomhchuid lárnach chun an chumarsáid a bhunú toisc go ndéanann gach Ballstát cumarsáid go díreach leis na Ballstáit nasctha eile. |
(9) Chun gur féidir cuardach uathoibrithe ar shonraí áirithe clárúcháin feithicle a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit agus Europol úsáid a bhaint as an gCóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (Eucaris) arna chur ar bun leis an gConradh a bhaineann le Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS), córas a dearadh chun na críche sin, ar córas é a nascann na Ballstáit rannpháirteacha uile le chéile i líonra. Níl gá le haon chomhchuid lárnach chun an chumarsáid a bhunú toisc go ndéanann gach Ballstát cumarsáid go díreach leis na Ballstáit nasctha eile, agus go ndéanann Europol cumarsáid dhíreach leis na bunachair sonraí nasctha. Eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin seo cuardach agus malartú uathoibrithe sonraí maidir le ceadúnais tiomána. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) Tá sé fíor-riachtanach coirpeach a shainaithint chun imscrúdú coiriúil agus ionchúiseamh rathúil a bhaint amach. Le cuardach uathoibrithe ar íomhánna d’aghaidheanna amhrastach agus coirpeach ciontaithe, ba cheart go gcuirfí faisnéis bhreise ar fáil chun go n-éireofaí le sainaithint coirpeach agus leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta. |
(10) Tá sé fíor-riachtanach coirpeach a shainaithint chun imscrúdú coiriúil agus ionchúiseamh rathúil a bhaint amach. Le cuardach uathoibrithe ar íomhánna d’aghaidheanna daoine a ciontaíodh nó a bhfuil drochamhras fúthu go ndearna siad cion coiriúil arna mbailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart go gcuirfí faisnéis bhreise ar fáil chun go n-éireofaí le sainaithint coirpeach agus leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta. I bhfianaise íogaireacht na sonraí lena mbaineann, níor cheart é a bheith indéanta cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ach amháin chun cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ina theannta sin, ba cheart athbhreithniú daonna ag beirt shaineolaithe fhóiréinseacha ar liosta na n-iarrthóirí a áirithiú chun a chinneadh an ann do mheaits deimhnithe. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) An cuardach uathoibrithe nó an chomparáid uathoibrithe ar shonraí bithmhéadracha (próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus íomhánna den aghaidh) idir na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú faoin Rialachán seo, níor cheart don chuardach nó don chomparáid sin a bheith ag baint ach amháin leis na sonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí a bunaíodh le haghaidh cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
(11) An cuardach uathoibrithe nó an chomparáid uathoibrithe ar shonraí bithmhéadracha idir na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú faoin Rialachán seo, níor cheart an cuardach nó an chomparáid sin a bheith ag baint ach amháin leis na sonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí an Aontais nó na mBallstát a bunaíodh le haghaidh cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Ba cheart an rannpháirtíocht i malartú taifead póilíneachta a bheith deonach i gcónaí. I gcás ina gcinnfidh Ballstát a bheith rannpháirteach ann, de mheon na cómhalartachta, níor cheart é a bheith in ann bunachair sonraí de chuid na mBallstát eile a chuardach mura gcuireann sé a chuid sonraí ar fáil lena gceadú ag na Ballstáit eile. |
(12) Ba cheart an rannpháirtíocht i gcuardach agus malartú uathoibrithe innéacsanna de thaifid phóilíneachta a bheith deonach i gcónaí. I gcás ina gcinnfidh Ballstáit a bheith rannpháirteach ann, níor cheart é a bheith indéanta, de mheon na cómhalartachta, go mbeadh siad in ann bunachair sonraí de chuid na mBallstát eile a chuardach mura gcuireann siad a gcuid sonraí ar fáil le haghaidh cuardach ag na Ballstáit eile. I bhfianaise íogaireacht na sonraí lena mbaineann, níor cheart go mbainfeadh malartuithe innéacsanna de thaifid phóilíneachta faoin Rialachán seo ach le sonraí daoine a ciontaíodh nó a bhfuil drochamhras fúthu go ndearna siad cion coiriúil tromchúiseach. Ina theannta sin, níor cheart go bhféadfaí cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ach amháin chun cion coiriúil tromchúiseach a imscrúdú. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ina n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta agus ba cheart dóibh coimircí a chur chun feidhme, go háirithe maidir le hainm bréige a chur i bhfeidhm, chun sonraí pearsanta a ndearnadh cuardach orthu a chosaint. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12b) Tá malartú innéacsanna de thaifid phóilíneachta faoin Rialachán seo gan dochar do mhalartú taifead coiriúil trí chreat reatha an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS). |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Le blianta beaga anuas, tá méid mór sonraí bithmhéadracha faighte ag Europol, sonraí a bhaineann le sceimhlitheoirí agus coirpigh, idir amhrasta agus ciontaithe, as roinnt tríú tíortha. Sonraí atá foinsithe ó thríú tíortha agus a stóráiltear ag Europol, na sonraí sin a áireamh sa chreat Prüm agus iad a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí ar an gcaoi sin, is rud é sin a bhfuil gá leis chun gur fearr is féidir cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú. Ina theannta sin, cuireann sé le sineirgí a thógáil idir uirlisí éagsúla de chuid na n-údarás forfheidhmithe dlí. |
(13) Le blianta beaga anuas, tá méid mór sonraí bithmhéadracha faighte ag Europol, sonraí a bhaineann le daoine atá faoi drochamhras agus daoine ar ciontaíodh iad i leith na sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla ó roinnt údaráis tríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, go háirithe faisnéis ó láthair chatha i gcás criosanna cogaidh. Is minic nárbh fhéidir leas iomlán a bhaint as na sonraí sin toisc nach mbíonn siad ar fáil i gcónaí d’údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí. Maidir le sonraí atá foinsithe ó thríú tíortha agus a stóráiltear ag Europol, na sonraí sin a áireamh sa chreat Prüm agus iad a chur ar fáil d’údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí ar an gcaoi sin i gcomhréir le ról Europol mar mhol lárnach faisnéise coiriúla, is rud é sin a bhfuil gá leis chun gur fearr is féidir cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc agus a imscrúdú. Cuidíonn sé freisin le sineirgí a chothú idir uirlisí éagsúla forfheidhmithe dlí, agus áirithíonn sé go n-úsáidtear sonraí ar an mbealach is éifeachtúla. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Ba cheart do Europol a bheith in ann bunachair sonraí de chuid na mBallstát a chuardach faoin gcreat Prüm le sonraí a fuarthas ó thríú tíortha chun naisc trasteorann idir cásanna coiriúla a shuí. Más féidir sonraí Prüm a úsáid i dteannta bunachair sonraí eile atá ar fáil do Europol, ba cheart gurbh fhéidir anailís ní b’iomláine agus ní b’eolaí a dhéanamh ar na himscrúduithe coiriúla agus ba cheart gurbh fhéidir le Europol tacaíocht ní b’fhearr a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát. I gcás ina ndéanfar meaitseáil idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh agus na sonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí de chuid na mBallstát, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun a chúraimí a chomhlíonadh a thabhairt do Europol. |
(14) Ba cheart do Europol a bheith in ann bunachair sonraí de chuid na mBallstát a chuardach faoin gcreat Prüm le sonraí a fuarthas ó údaráis tríú tíortha, agus na rialacha agus na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/794 á n-urramú go hiomlán, chun naisc trasteorann a shuí idir cásanna coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith. Más féidir sonraí Prüm a úsáid i dteannta bunachair sonraí eile atá ar fáil do Europol, ba cheart go gcumasófaí anailís ní b’iomláine agus ní b’eolaí a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, go lamhálfaí do Europol tacaíocht ní b’fhearr a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí agus iad i mbun imscrúduithe coiriúla. I gcás meaits deimhnithe idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh agus na sonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí de chuid na mBallstát, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun a chúraimí a chomhlíonadh a thabhairt do Europol. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Le Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB, foráiltear maidir le líonra de naisc dhéthaobhacha idir bunachair sonraí na mBallstát. De thoradh na hailtireachta teicniúla sin, ba cheart do gach Ballstát ar a laghad 26 nasc a bhunú, is é sin le rá nasc amháin le gach Ballstát de réir catagóir sonraí. An ródaire agus an Córas Eorpach Innéacs de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS) a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís ailtireacht theicniúil an chreat Prüm a shimpliú agus go mbeidís ina bpointí nasctha idir na Ballstáit uile. Ba cheart nasc aonair de réir an Bhallstáit i ndáil le sonraí bithmhéadracha a bheith ag teastáil ón ródaire, agus ba cheart nasc aonair de réir an Bhallstáit i ndáil le taifid phóilíneachta a bheith ag teastáil ó EPRIS. |
(15) Le Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB, foráiltear do líonra de naisc dhéthaobhacha idir bunachair sonraí na mBallstát. De thoradh na hailtireachta teicniúla sin, bhí ar gach Ballstát 26 nasc ar a laghad a bhunú, is é sin le rá nasc amháin le gach Ballstát a bhí rannpháirteach sna malartuithe, de réir catagóir sonraí. An ródaire agus an Córas Eorpach Innéacs de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS) a bhunaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad ailtireacht theicniúil an chreat Prüm a shimpliú agus beidh siad ina bpointí nasctha idir na Ballstáit uile. Ba cheart nasc aonair de réir an Bhallstáit i ndáil le sonraí bithmhéadracha a bheith ag teastáil ón ródaire, agus ba cheart nasc aonair de réir an Bhallstáit rannpháirtigh i ndáil le taifid phóilíneachta a bheith ag teastáil ó EPRIS. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Ba cheart an ródaire a nascadh leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach arna bunú le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 chun gur féidir le húdaráis na mBallstát agus le Europol cuardaigh a sheoladh chuig bunachair sonraí náisiúnta faoin Rialachán seo i gcomhthráth le cuardaigh a sheoladh chuig an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta arna bhunú le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/818 chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. |
(16) Ba cheart an ródaire a nascadh leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach arna bunú le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle35 chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí agus le Europol cuardaigh a sheoladh chuig bunachair sonraí náisiúnta faoin Rialachán seo i gcomhthráth le cuardaigh a sheoladh chuig an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta arna bhunú le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/818 chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/818. Dá bhrí sin, ba cheart an dá Rialachán sin a leasú dá réir. Thairis sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/818 a leasú d’fhonn stóráil thuarascálacha agus staitisticí an ródaire a chumasú sa Stóras Coiteann um Thuairisciú agus Staidreamh. |
__________________ |
__________________ |
34 Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse na dteorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27). |
34 Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27). |
35 Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85). |
35 Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85). |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) I gcás ina ndéanfar meaitseáil idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh nó na comparáide agus na sonraí a stóráiltear i mbunachar sonraí an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, agus ar dheimhniú an mheaits sin ag an Ballstát iarrthach, ba cheart don Bhallstát iarrtha tacar bunsonraí teoranta a chur ar ais tríd an ródaire laistigh de 24 uair an chloig. D’áiritheofaí malartú cumarsáide tapa idir údaráis na mBallstát i ngeall ar an sprioc-am. Ba cheart an smacht ar scaoileadh an tacair bunsonraí theoranta a bheith faoi chúram na mBallstát i gcónaí. Ba cheart méid áirithe d’idirghabháil dhaonna a choimeád ag céimeanna tábhachtacha sa phróiseas, lena n-áirítear ag an gcinneadh sonraí pearsanta a scaoileadh chuig an mBallstát iarrthach chun a áirithiú nach ndéanfar aon mhalartú uathoibrithe ar na bunsonraí. |
(17) I gcás meaits idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh nó na comparáide agus na sonraí a stóráiltear i mbunachar sonraí an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, agus ar dheimhniú daonna an mheaits sin ag foireann cáilithe an Bhallstáit iarrthaigh, ba cheart don Bhallstát iarrtha tacar teoranta bunsonraí a chur ar ais, a mhéid is atá na bunsonraí sin ar fáil, tríd an ródaire laistigh de 24 uair an chloig. I gcás inar gá don Bhallstát iarrtha údarú breithiúnach a fháil sula dtarchuirfear na bunsonraí, níor cheart feidhm a bheith ag an spriocdháta 24 uair an chloig agus, ina ionad sin, ba cheart don Bhallstát a áirithiú go gcuirfear na bunsonraí ar ais laistigh de 72 uair an chloig. Áiritheofar malartú cumarsáide tapa idir údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí i ngeall ar an sprioc-am. Ba cheart an smacht ar scaoileadh an tacair theoranta bunsonraí a bheith faoi chúram na mBallstát i gcónaí. In imthosca eisceachtúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar oibiachtúil leis na Ballstáit comhroinnt an tacair bunsonraí a dhiúltú. Ba cheart an diúltú sin agus an t-údar leis a chur ar fáil go pras don Bhallstát iarrthach laistigh de theorainneacha ama a bhunaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart idirghabháil dhaonna a choimeád ag céimeanna tábhachtacha sa phróiseas, lena n-áirítear maidir leis an gcinneadh chun cuardach a sheoladh, maidir leis an gcinneadh meaits a dheimhniú, maidir leis an gcinneadh chun iarraidh a sheoladh chun bunsonraí a fháil tar éis meaits deimhnithe a bheith ann agus maidir leis an gcinneadh sonraí pearsanta a scaoileadh chuig an mBallstát iarrthach, chun a áirithiú nach ndéanfar aon mhalartú uathoibrithe ar na bunsonraí. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Aon mhalartú idir údaráis na mBallstáit nó idir na húdaráis sin agus Europol ag aon chéim de na próisis a shonraítear faoin Rialachán seo ar malartú é nach sonraítear sa Rialachán seo, ba cheart é a dhéanamh trí SIENA chun a áirithiú go bhfuil cainéal cumarsáide coiteann slán iontaofa á úsáid ag na Ballstáit uile. |
scriosta |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(19) Ba cheart caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a úsáid i bhforbairt an ródaire agus EPRIS. Aon mhalartú uathoibrithe a dhéantar ar shonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart dó an caighdeán UMF a úsáid. Spreagtar údaráis na mBallstát agus Europol an caighdeán UMF a úsáid freisin i ndáil le haon mhalartú sonraí breise eatarthu i gcomhthéacs an chreata Prüm II. Ba cheart do chaighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a fheidhmiú mar chaighdeán le haghaidh malartú faisnéise struchtúrtha trasteorann idir córais faisnéise, údaráis nó eagraíochtaí i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile. |
(19) Ba cheart caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a úsáid i bhforbairt an ródaire agus EPRIS. Aon mhalartú uathoibrithe a dhéantar ar shonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart dó an caighdeán UMF a úsáid. Spreagtar údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí agus Europol an caighdeán UMF a úsáid freisin i ndáil le haon mhalartú sonraí breise eatarthu i gcomhthéacs an chreata Prüm II. Ba cheart do chaighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a fheidhmiú mar chaighdeán le haghaidh malartú faisnéise struchtúrtha trasteorann idir córais faisnéise, údaráis nó eagraíochtaí i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Ní féidir gnéithe áirithe den chreat Prüm II a chumhdach ar bhealach uileghabhálach leis an Rialachán seo i ngeall ar a nádúr teicniúil, ar an leibhéal mionsonraí atá iontu agus ar an ngá atá le nuashonrú rialta. I measc na ngnéithe sin áirítear, mar shampla, socruithe agus sonraíochtaí teicniúla maidir le nósanna imeachta um chuardach uathoibrithe, na caighdeáin le haghaidh malartú faisnéise agus na heilimintí sonraí atá le malartú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.36 |
(21) Ní féidir gnéithe áirithe den chreat Prüm II a chumhdach ar bhealach uileghabhálach leis an Rialachán seo i ngeall ar a nádúr teicniúil, ar an leibhéal mionsonraí atá iontu agus ar an ngá atá le nuashonrú rialta. I measc na ngnéithe sin áirítear, mar shampla, socruithe agus sonraíochtaí teicniúla maidir le nósanna imeachta um chuardach uathoibrithe, na caighdeáin le haghaidh malartú faisnéise, lena n-áirítear íoschaighdeáin cháilíochta agus na heilimintí sonraí atá le malartú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.36 |
__________________ |
__________________ |
36 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13). |
36 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13). |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21a) Is réamhriachtanas riachtanach é cáilíocht sonraí i gcomhthéacs na comparáide uathoibrithe chun éifeachtúlacht an Rialacháin seo a áirithiú agus chun an baol go dtarlódh meaitseanna bréagacha a laghdú. Ba cheart caighdeáin leormhaithe le haghaidh sonraí a mhalartaítear faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chinneadh ar leibhéal an Aontais trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21b) I bhfianaise scála agus íogaireacht na sonraí pearsanta a mhalartaítear chun críocha an Rialacháin seo, agus i bhfianaise rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann maidir le faisnéis faoi dhaoine aonair a stóráil i mbunachair sonraí náisiúnta, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbunófar na bunachair sonraí a úsáidtear chun próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, íomhánna den aghaidh, taifid phóilíneachta agus sonraí áirithe clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus, de réir mar is infheidhme, le Treoir (AE) 2016/680, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/794. Dá bhrí sin, sula nasctar a mbunachair sonraí náisiúnta leis an ródaire, EPRIS nó Eucaris, ba cheart do na Ballstáit measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh amhail dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/680 agus dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear sa Treoir sin, chun a áirithiú go ndearnadh na sonraí sna bunachair sonraí náisiúnta a stóráil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21c) Ba cheart do na Ballstáit agus do Europol a áirithiú go bhfuil na sonraí a mhalartaítear faoi chuimsiú an Rialacháin seo cruinn agus cothrom le dáta. I gcomhréir le prionsabail na cosanta sonraí, ba cheart do na Ballstáit agus do Europol a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar aon sonraí a tharchuirtear agus a fhaightear amach go bhfuil siad mícheart, míchruinn nó as dáta, de réir mar is iomchuí, agus go gcuirtear aon cheartú nó scriosadh in iúl do gach faighteoir gan mhoill. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21d) Tá sé ríthábhachtach faireachán láidir a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Go háirithe, ba cheart comhlíonadh na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bheith faoi réir coimircí éifeachtacha, agus ba cheart faireachán agus iniúchtaí rialta arna ndéanamh ag rialaitheoirí sonraí, ag údaráis mhaoirseachta agus ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a áirithiú. Ba cheart forálacha lena lamháiltear seiceáil rialta a dhéanamh ar inghlacthacht na gcuardach agus ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí a bheith i bhfeidhm freisin. Ba cheart do na Ballstáit agus do Europol acmhainní leormhaithe daonna, teicniúla agus airgeadais a áirithiú chun na gcríoch sin. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 e (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21e) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maoirseacht chomhordaithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí, go háirithe i gcás ina bhfaigheann siad go bhfuil neamhréireanna móra idir cleachtais na mBallstát, aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach nó iarrataí a d’fhéadfadh a bheith spreagtha ag an bpolaitíocht. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 f (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21f) Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh na Ballstáit agus Europol dá n-aire an cásdlí atá ag forbairt ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le húsáid bunachar sonraí bithmhéadrach. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 g (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21g) Ba cheart do na Ballstáit agus do thríú tíortha a bhfuil cead rochtana acu ar chreat Prüm II a bheith ina lánbhaill de Chomhairle na hEorpa agus lánchearta ionadaíochta acu ann agus ina sínitheoirí leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus, dá bhrí sin, faoi réir dhlínse na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 h (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(21h) Dhá bhliain tar éis tús a chur le hoibríochtaí an ródaire agus EPRIS, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún Eorpach tuarascáil mheastóireachta a chur ar fáil ina n-áireofar measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus ag Europol, go háirithe an chaoi a gcomhlíonann siad na coimircí cosanta sonraí ábhartha, agus aird chuí á tabhairt ar aon Bhallstát atá faoi réir nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil freisin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir chuspóirí an Rialacháin seo agus a thionchar ar chearta bunúsacha, agus meastóireacht á déanamh ag an am céanna ar a thionchar, ar a fheidhmíocht, ar a éifeachtacht, ar a éifeachtúlacht, ar a shlándáil agus ar a chleachtais oibre. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) An Ghníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37 (eu-LISA), ba cheart gurbh í an Ghníomhaireacht sin a dhéanfaidh an ródaire a fhorbairt agus bhainistiú, agus ó tharla sin amhlaidh, tá sé riachtanach dá bhrí sin Rialachán (AE) 2018/1726 a leasú chun an méid sin a chur le cúraimí eu-LISA. Chun gur féidir an ródaire a nascadh leis an Tairseach Cuardaigh Eorpach chun cuardaigh chomhuaineacha a dhéanamh sa ródaire agus sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta, is gá Rialachán (AE) 2019/817 a leasú dá bhrí sin. Chun gur féidir an ródaire a nascadh leis an Tairseach Cuardaigh Eorpach chun cuardaigh chomhuaineacha a dhéanamh sa ródaire agus sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta, agus chun tuarascálacha agus staitisticí an ródaire a stóráil sa Stóras Coiteann um Thuairisciú agus Staidreamh, is gá Rialachán (AE) 2019/818 a leasú dá bhrí sin. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir. |
(23) An Ghníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37 (eu-LISA), ós rud é gur ceart don Ghníomhaireacht sin an ródaire a fhorbairt agus a bhainistiú, tá sé riachtanach Rialachán (AE) 2018/1726 a leasú chun an méid sin a chur le cúraimí eu-LISA. |
__________________ |
__________________ |
37 Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99). |
37 Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99). |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(23a) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon comhar póilíneachta trasteorann a mhéadú agus lamháil d’údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí cuardach a dhéanamh ar dhaoine atá ar iarraidh agus taisí daonna gan aithint a shainaithint, ach de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38, agus thug sé tuairim uaidh an [XX]39. |
(26) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38, agus thug sé tuairim uaidh an 2 Márta 202239 . |
__________________ |
__________________ |
38 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39. |
38 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
39 [IO C...] |
39 IO C 225, 9.6.2022, lch.6. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Leis an Rialachán seo bunaítear creat chun faisnéis a mhalartú idir údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (Prüm II). |
Bunaítear leis an Rialachán seo creat chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí (Prüm II). |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, íomhánna den aghaidh, taifid phóilíneachta agus sonraí áirithe clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibríoch mar aon leis na rialacha maidir le malartú sonraí lárnacha tar éis meaits. |
Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, íomhánna den aghaidh, taifid phóilíneachta agus sonraí áirithe clárúcháin feithicle a chuardach go huathoibrithe mar aon leis na rialacha maidir le malartú bunsonraí tar éis meaits deimhnithe a bheith ann. |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is é an cuspóir a bheidh ag Prüm II dlús a chur leis an gcomhar trasteorann in ábhair a chumhdaítear le Cuid III, Teideal V, Caibidil 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe malartú faisnéise idir údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
Is é an cuspóir a bheidh ag Prüm II dlús a chur leis an gcomhar trasteorann in ábhair a chumhdaítear le Cuid III, Teideal V, Caibidil 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí a éascú, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go gcosnófaí sonraí pearsanta, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is éard is cuspóir do Prüm II freisin go bhféadfaidh údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú cuardach a dhéanamh ar dhaoine atá ar iarraidh agus ar thaisí daonna gan aithint. |
Is é an cuspóir a bheidh le Prüm II freisin lamháil d’údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí cuardach a dhéanamh ar dhaoine atá ar iarraidh agus sainaithint taisí daonna gan aithint i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil, ar choinníoll go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis sin cuardaigh den sórt sin a dhéanamh agus sainaithint den sórt sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na bunachair sonraí náisiúnta a úsáidtear chun catagóirí próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, íomhánna den aghaidh, taifid phóilíneachta agus sonraí áirithe clárúcháin feithicle a aistriú go huathoibríoch. |
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na bunachair sonraí, arna mbunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir, de réir mar is infheidhme, le Treoir (AE) 2016/680, Rialachán (AE) 2018/1725 nó Rialachán (AE) 2016/794, a úsáidtear le haghaidh aistriú uathoibrithe na gcatagóirí próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, íomhánna den aghaidh, taifid phóilíneachta agus sonraí áirithe clárúcháin feithicle. |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) ciallaíonn ‘lócais’ an struchtúr móilíneach faoi leith ag na láithreacha éagsúla DNA; |
(1) ciallaíonn ‘lócais’ láithreacha DNA ina bhfuil saintréithe aitheantais de shampla DNA daonna a ndearnadh anailís air; |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) ciallaíonn ‘próifíl DNA’ cód litreacha nó uimhreacha a léiríonn tacar saintréithe aitheantais den chuid neamhchódúcháin de shampla DNA daonna a ndearnadh anailís air, an struchtúr móilíneach faoi leith ag na láithreacha éagsúla DNA; |
(2) ciallaíonn ‘próifíl DNA’ cód litreacha nó uimhreacha a léiríonn tacar lócas, nó an struchtúr móilíneach faoi leith ag na lócais éagsúla; |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) ciallaíonn ‘cuid neamhchódúcháin de DNA’ réigiúin chrómasómacha nach sloinntear go géiniteach, i.e. nach eol go soláthraíonn siad aon airí feidhmiúil atá ag orgánach; |
scriosta |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) ciallaíonn ‘próifíl DNA thagartha’ próifíl DNA duine shainaitheanta; |
(5) ciallaíonn ‘próifíl DNA shainaitheanta’ próifíl DNA de dhuine sainaitheanta; |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) ciallaíonn ‘sonraí dachtalascópacha gan aithint’ na sonraí dachtalascópacha a fhaightear ó rianta a bhailítear le linn cion coiriúil a imscrúdú agus a bhaineann le duine nach bhfuil sainaitheanta go fóill; |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(10a) ciallaíonn ‘sonraí tagartha íomhá den aghaidh’ íomhá den aghaidh agus a n-uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 23; |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(10b) ciallaíonn ‘íomhá den aghaidh gan aithint’ an íomhá den aghaidh a bhailítear le linn cion coiriúil a imscrúdú agus a bhaineann le duine nach bhfuil sainaitheanta go fóill; |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 11 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(11a) ciallaíonn ‘sonraí alfa-uimhriúla’ sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna agus le comharthaí poncaíochta; |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) ciallaíonn ‘meaits’ ceangal comhfhreagrach a bheith ann mar thoradh ar chomparáid uathoibrithe idir sonraí pearsanta atá taifeadta nó atá á dtaifeadadh i gcóras faisnéise nó i mbunachar sonraí; |
(12) ciallaíonn ‘meaits’ ceangal comhfhreagrach a bheith ann mar thoradh ar chomparáid uathoibrithe idir sonraí pearsanta atá i seilbh an Bhallstáit iarrthaigh agus sonraí pearsanta atá taifeadta i mbunachar sonraí an Bhallstáit iarrtha; |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) ciallaíonn ‘Ballstát iarrtha’ an Ballstát ar leisean na bunachair sonraí ina ndéanann an Ballstát iarrthach an cuardach trí Prüm II; |
(15) ciallaíonn ‘Ballstát iarrtha’ an Ballstát ar ina bhunachair sonraí a dhéanann an Ballstát iarrthach an cuardach trí Prüm II; |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) ciallaíonn ‘taifid phóilíneachta’ aon fhaisnéis atá ar fáil sa chlár náisiúnta nó sna cláir náisiúnta ina dtaifeadtar sonraí údarás inniúil, ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú; |
(16) ciallaíonn ‘taifid phóilíneachta’ faisnéis bheathaisnéiseach’ maidir le daoine a ciontaíodh nó a bhfuil drochamhras fúthu go ndearna siad cion coiriúil tromchúiseach atá ar fáil sna bunachair sonraí náisiúnta arna mbunú ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú; |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) ciallaíonn ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’ sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi nach féidir na sonraí pearsanta a chur i leith ábhar sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; |
(17) ciallaíonn ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’ ainm bréige a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir (AE) 2016/680; |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17a) ciallaíonn ‘duine atá faoi dhrochamhras’ duine dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (a), de Threoir (AE) 2016/680; |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17b) ciallaíonn ‘cion coiriúil tromchúiseach’ cion dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle1a nó in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, atá inphionóis sa Bhallstát iarrthach le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad; |
|
__________________ |
|
1a Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1). |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17c) ciallaíonn ‘íospartach coireachta tromchúisí nó sceimhlitheoireachta’ duine a ndéantar dochar dó le cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó atá coibhéiseach le ceann acu, má tá an cion sin inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse trí bliana ar a laghad nó cion faoin dlí náisiúnta a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó atá coibhéiseach le ceann acu1a; |
|
__________________ |
|
1a Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6). |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17d) ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680; |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17 e (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17e) ciallaíonn ‘údaráis ainmnithe’ údaráis ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (26), de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, Airteagal 2(1), pointe (e), de Chinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle1b, agus Airteagal 3(1), pointe (21), de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1c; |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20). |
|
1b Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129). |
|
1c Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1). |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) ciallaíonn ‘sonraí Europol’ aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794; |
(18) ciallaíonn ‘sonraí Europol’ aon sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794; |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 18 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18a) ciallaíonn ‘údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí’ aon údarás póilíneachta, custam nó eile de chuid na mBallstát atá inniúil chun údarás a fheidhmiú agus bearta comhéigneacha a dhéanamh faoin dlí náisiúnta ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú; |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) ciallaíonn ‘SIENA’ an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise, arna bhainistiú ag Europol, feidhmchlár atá dírithe ar mhalartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit agus Europol; |
(20) ciallaíonn ‘SIENA’ feidhmchlár líonra um malartú faisnéise slán, arna bhainistiú ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, arb é is aidhm dó malartú faisnéise oibríochtúla agus straitéisí a bhaineann le coireacht a éascú agus tarchur slán na faisnéise sin a áirithiú; |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) ciallaíonn ‘teagmhas suntasach’ aon teagmhas ach amháin más teagmhas é a bhfuil tionchar teoranta aige agus gur dócha go dtuigfear go maith é cheana ó thaobh cur chuige nó teicneolaíochta de; |
(21) ciallaíonn ‘teagmhas suntasach’ teagmhas suntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7) de Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a [2022/0085(COD)]; |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO...). |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt a bhfuil an rún, an deis agus an cumas aici teagmhas suntasach a chruthú; |
(22) ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt shuntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11) de Rialachán (AE) .../... [2022/0085(COD)]; |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) ciallaíonn ‘leochaileacht shuntasach’ leochaileacht ar dócha go mbeidh teagmhas suntasach mar thoradh uirthi má bhaintear leas aisti; |
(23) ciallaíonn ‘leochaileacht shuntasach’ leochaileacht shuntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13) de Rialachán (AE) .../... [2022/0085(COD)]; |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Comhaid anailíse DNA náisiúnta a bhunú |
Bunachair sonraí DNA náisiúnta a bhunú |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfaidh na Ballstáit comhaid anailíse DNA náisiúnta a oscailt agus a choimeád chun cionta coiriúla a imscrúdú. |
1. Déanfaidh na Ballstáit bunachair sonraí DNA náisiúnta a oscailt agus a choimeád chun cionta coiriúla a imscrúdú. |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
An phróiseáil sonraí a choimeádtar sna comhaid sin faoin Rialachán seo, déanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo í, agus i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát is infheidhme maidir le próiseáil na sonraí sin. |
An phróiseáil sonraí a choimeádtar sna bunachair sonraí sin faoin Rialachán seo, déanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo í agus i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát is infheidhme maidir le próiseáil na sonraí sin. |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na sonraí tagartha DNA ina gcomhaid anailíse DNA náisiúnta dá dtagraítear i mír 1. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí tagartha DNA ar fáil óna mbunachair sonraí DNA náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 ar mhaithe le cuardaigh uathoibrithe ag Ballstáit eile de bhun an Rialacháin seo. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní bheidh aon sonraí lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha DNA. |
Ní bheidh aon sonraí breise lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha DNA. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh sé le haithint gur sonraí tagartha nach bhfuil curtha i leith aon duine aonair (próifílí DNA gan aithint) iad sonraí dá leithéid. |
Beidh próifílí DNA gan aithint inaitheanta mar phróifílí DNA gan aithint. |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun saintréithe aitheantais próifíle DNA atá le malartú agus na ceanglais íosta do mheaits a shonrú, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha á gcur san áireamh. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ceadóidh na Ballstáit do na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 29 agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha DNA ina gcomhaid anailíse DNA, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí phróifílí DNA a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cionta coiriúla a imscrúdú. |
Chun cionta coiriúla a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta Ballstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha DNA ina mbunachair sonraí DNA náisiúnta arna mbunú chun na críche sin chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ar na próifílí DNA sna bunachair sonraí sin agus na próifílí DNA sin a chur i gcomparáid lena bpróifílí DNA. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh ach amháin i gcásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Ní dhéanfar cuardaigh ach amháin i gcásanna aonair, i gcás ina bhfuil siad comhréireach agus riachtanach chun cion coiriúil a imscrúdú, agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Má léiríonn cuardach uathoibrithe go meaitseálann an phróifíl DNA soláthartha leis na próifílí DNA a iontráladh i gcomhad cuardaigh an Bhallstáit iarrtha, gheobhaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh, ar bhealach uathoibrithe, na sonraí tagartha DNA lenar aimsíodh meaits. |
Má léiríonn cuardach uathoibrithe go meaitseálann an phróifíl DNA soláthartha leis na próifílí DNA a stóráladh i mbunachar sonraí nó bunachair sonraí cuardaigh an Bhallstáit iarrtha, gheobhaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh, ar bhealach uathoibrithe, na sonraí tagartha DNA lenar aimsíodh meaits. |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Murab ann do mheaits, tabharfar fógra don Bhallstát iarrthach ina leith ar bhealach uathoibrithe. |
scriosta |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Deimhneoidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh go bhfuil meaits idir sonraí próifílí DNA agus sonraí tagartha DNA atá ina seilbh ag an mBallstát iarrtha tar éis sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha DNA is gá chun meaits a dheimhniú. |
3. Áiritheoidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh go ndéanfaidh saineolaí fóiréinseach athbhreithniú daonna chun meaits sonraí próifíle DNA a dheimhniú le sonraí tagartha DNA atá i seilbh an Bhallstáit iarrtha tar éis sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha DNA is gá chun meaits a dheimhniú. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh na Ballstáit, trína bpointí teagmhála náisiúnta, próifílí DNA a bpróifílí DNA gan aithint a chur i gcomparáid le gach próifíl DNA ó chomhaid anailíse DNA náisiúnta eile chun cionta coiriúla a imscrúdú. Soláthrófar próifílí agus cuirfear i gcomparáid iad ar bhealach uathoibrithe. |
1. Féadfaidh na Ballstáit, trína bpointí teagmhála náisiúnta, próifílí DNA a bpróifílí DNA gan aithint a chur i gcomparáid le gach próifíl DNA ó bhunachair sonraí DNA náisiúnta eile chun cionta coiriúla a imscrúdú. Soláthrófar próifílí agus cuirfear i gcomparáid iad ar bhealach uathoibrithe. |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Má mheasann Ballstát iarrtha, de thoradh na comparáide dá dtagraítear i mír 1, go meaitseálann aon phróifíl DNA soláthartha le haon cheann de na próifílí atá ina chomhaid anailíse DNA, déanfaidh sé na sonraí tagartha DNA ar thángthas ar mheaits dóibh a sholáthar gan mhoill do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
2. Má mheasann Ballstát iarrtha, de thoradh na comparáide dá dtagraítear i mír 1, go meaitseálann aon phróifíl DNA soláthartha le haon cheann de na próifílí atá ina bhunachair sonraí DNA, déanfaidh sé na sonraí tagartha DNA ar thángthas ar mheaits dóibh a sholáthar gan mhoill do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh meaits a dheimhniú idir próifílí DNA agus sonraí tagartha DNA atá i seilbh an Bhallstáit iarrtha tar éis sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha DNA is gá chun meaits a dheimhniú. |
3. Maidir le hathbhreithniú daonna ag saineolaí fóiréinseach chun meaits próifílí DNA le sonraí tagartha DNA atá i seilbh an Bhallstáit iarrtha a dheimhniú, is pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh a dhéanfaidh é tar éis sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha DNA is gá chun meaits a dheimhniú. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 8 |
scriosta |
Tuairisciú ar chomhaid anailíse DNA |
|
Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas faoi na comhaid anailíse DNA náisiúnta, comhaid a bhfuil feidhm ag Airteagail 5 go 7 maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 73. |
|
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48; |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir le hAirteagal 47 nó do Europol i gcomhréir le hAirteagal 50(6); |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) uimhir thagartha lena bhféadfaidh Europol, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil chun críocha Airteagal 49(1) den Rialachán seo chun iad nó í a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit go léir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794; |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) cód chun an cineál próifíle DNA (próifílí DNA tagartha nó próifílí DNA gan aithint) a léiriú. |
(c) cód chun an cineál próifíle DNA (próifílí DNA sainaitheanta nó próifílí DNA gan aithint) a léiriú. |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfar bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na sonraí tagartha DNA a chuirtear chuig Ballstáit eile, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin. |
1. Déanfaidh na Ballstáit agus Europol, i gcás inarb infheidhme, na bearta iomchuí uile chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na sonraí tagartha DNA a chuirtear chuig Ballstáit eile nó chuig Europol, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin. |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sláine a ráthú i gcás na bpróifílí DNA a chuirtear ar fáil do na Ballstát eile nó a sheoltar chucu chun comparáid a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha maidir le malartú sonraí DNA leis na bearta sin. |
2. Déanfaidh na Ballstáit agus Europol na bearta is gá chun sláine agus íoschaighdeáin cháilíochta a ráthú i gcás na bpróifílí DNA a chuirtear ar fáil do na Ballstát eile nó a sheoltar chucu chun comparáid a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha maidir le malartú sonraí DNA leis na bearta sin. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a shonrú atá le húsáid ag na Ballstáit chun sonraí tagartha DNA a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta atá le húsáid ag na Ballstáit agus ag Europol chun sonraí tagartha DNA a mhalartú, lena n-áirítear an t-íoschaighdeán cáilíochta atá le comhlíonadh ag próifílí DNA. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) na cineálacha próifílí DNA arna dtarchur (próifílí DNA gan aithint nó próifílí DNA tagartha). |
(d) na cineálacha próifílí DNA arna dtarchur (próifílí DNA gan aithint nó próifílí DNA sainaitheanta). |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) an cineál próifílí DNA a tarchuireadh (próifílí DNA gan aithint nó próifílí DNA tagartha); |
(f) an cineál próifílí DNA a tarchuireadh (próifílí DNA gan aithint nó próifílí DNA sainaitheanta); |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ní thabharfar fógra uathoibrithe maidir le meaits ach amháin i gcás gur meaits ina bhfuil líon íosta lócas atá mar thoradh ar an gcuardach uathoibrithe nó ar an gcomparáid uathoibrithe. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an líon íosta lócas sin a shonrú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
3. Ní thabharfar fógra uathoibrithe maidir le meaits ach amháin i gcás gur meaits ina bhfuil líon íosta lócas atá mar thoradh ar an gcuardach uathoibrithe nó ar an gcomparáid uathoibrithe. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an líon íosta lócas sin a shonrú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2) den Rialachán seo. |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarrataí i gcomhréir leis na dearbhuithe a sheoltar de bhun Airteagal 8. Déanfar na dearbhuithe sin a atáirgeadh sa lámhleabhar praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 78. |
5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarrataí i gcomhréir leis na fógraí a sheoltar de bhun Airteagal 72(2a). Déanfar na fógraí sin a atáirgeadh sa lámhleabhar praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 77. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na sonraí tagartha dachtalascópacha ón gcomhad le haghaidh na gcóras uathoibrithe náisiúnta um shainaithint méarlorg a bunaíodh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí tagartha dachtalascópacha ar fáil óna mbunachar nó bunachair sonraí náisiúnta a bunaíodh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní bheidh aon sonraí lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha dachtalascópacha. |
2. Ní bheidh aon sonraí breise lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha dachtalascópacha. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Beidh sé le haithint gur sonraí tagartha dachtalascópacha nach bhfuil curtha i leith aon duine aonair (sonraí dachtalascópacha gan aithint) iad sonraí dá leithéid. |
3. Beidh sonraí dachtalascópacha gan aithint inaitheanta mar shonraí dachtalascópacha gan aithint. |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta Ballstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha dachtalascópacha sna córais uathoibrithe um shainaithint méarlorg a bhunaigh siad chun na críche sin, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí shonraí tagartha dachtalascópacha a chur i gcomparáid le chéile. |
Chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta Ballstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha dachtalascópacha ina mbunachair sonraí náisiúnta arna gcur ar bun chun na críche sin, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí shonraí tagartha dachtalascópacha a chur i gcomparáid le chéile. |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh ach amháin i gcásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Ní dhéanfar cuardaigh ach amháin i gcásanna aonair, i gcás ina bhfuil siad comhréireach agus riachtanach chun cion coiriúil a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Deimhneoidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh go bhfuil meaits idir sonraí dachtalascópacha agus sonraí tagartha dachtalascópacha atá ina seilbh ag an mBallstát iarrtha tar éis sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha dachtalascópacha is gá chun meaits a dheimhniú. |
2. Áiritheoidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh go ndéanfaidh saineolaí fóiréinseach athbhreithniú daonna chun meaits sonraí dachtalascópacha a dheimhniú le sonraí tagartha dachtalascópacha atá i seilbh an Bhallstáit iarrtha tar éis sholáthar uathoibrithe na sonraí tagartha dachtalascópacha is gá chun meaits a dheimhniú. |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48; |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir le hAirteagal 47 nó do Europol i gcomhréir le hAirteagal 50(6); |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) uimhir thagartha lena bhféadfaidh Europol, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil chun críocha Airteagal 49(1) den Rialachán seo chun iad nó í a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit go léir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794; |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfar sonraí dachtalascópacha a dhigitiú agus a tharchur chuig na Ballstáit eile i gcomhréir le formáid aonfhoirmeach sonraí. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhormáid aonfhoirmeach sonraí sin a shonrú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
1. Déanfar sonraí dachtalascópacha a dhigitiú agus a tharchur chuig na Ballstáit eile nó chuig Europol i gcomhréir le formáid aonfhoirmeach sonraí. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhormáid aonfhoirmeach sonraí sin a shonrú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na sonraí dachtalascópacha a tharchuireann sé ar chaighdeán sách ard chun gur féidir leis na córais uathoibrithe um shainaithint méarlorg comparáid a dhéanamh. |
2. Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go mbeidh na sonraí dachtalascópacha a tharchuireann sé ar cháilíocht leordhóthanach le haghaidh comparáid uathoibrithe. |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na sonraí dachtalascópacha a chuirtear chuig Ballstáit eile, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin. |
3. Déanfaidh na Ballstáit agus Europol na bearta iomchuí uile chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na sonraí dachtalascópacha a chuirtear chuig Ballstáit eile, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin. |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha atá ann cheana maidir le malartú sonraí dachtalascópacha atá le húsáid ag na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le malartú sonraí dachtalascópacha atá le húsáid ag na Ballstáit, lena n-áirítear an t-íoschaighdeán cáilíochta chun sonraí dachtalascópacha a chur i gcomparáid go huathoibrithe Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh gach Ballstát nach rachaidh a iarrataí cuardaigh thar na hacmhainneachtaí cuardaigh a shonraíonn an Stát iarrtha. |
Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol nach rachaidh a n-iarrataí cuardaigh thar na hacmhainneachtaí cuardaigh a shonraíonn an Stát iarrtha. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 79(8) agus (10) faoina n-acmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae i gcás sonraí dachtalascópacha de chuid daoine sainaitheanta agus i gcás sonraí dachtalascópacha de chuid daoine nár sainaithníodh go fóill. |
Cuirfidh na Ballstáit na Ballstáit eile, Europol, an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas faoina n-acmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae i gcás sonraí dachtalascópacha de chuid daoine sainaitheanta agus i gcás sonraí dachtalascópacha de chuid daoine nár sainaithníodh go fóill. Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta sin a ardú. I gcás ina n-ardóidh Ballstát na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Europol, don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta nua. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) sonraí a bhaineann le húinéirí nó le hoibreoirí; |
(a) sonraí a bhaineann le húinéirí nó le coimeádaithe; |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Ní rachaidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo thar na heilimintí sonraí a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 19(3). |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar na heilimintí sonraí a bhaineann leis na sonraí clárúcháin feithicle atá le malartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar na heilimintí sonraí a bhaineann leis na sonraí clárúcháin feithicle a d’fhéadfaí a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Coinneoidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a dhéanann foireann a údarás atá cuí-údaraithe chun sonraí clárúcháin feithicle a mhalartú mar aon le logaí de chuardaigh arna n-iarraidh ag Ballstáit eile. Déanfaidh Europol logaí a choinneáil de chuardaigh a dhéanann a fhoireann chuí-údaraithe. |
Coinneoidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a dhéanann foireann a údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí atá cuí-údaraithe chun sonraí clárúcháin feithicle a mhalartú mar aon le logaí de chuardaigh arna n-iarraidh ag Ballstáit eile. Déanfaidh Europol logaí a choinneáil de chuardaigh a dhéanann a fhoireann chuí-údaraithe. |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin. |
Úsáidfear na bearta iomchuí uile chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin. |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh íomhánna den aghaidh ar fáil ina mbunachair sonraí náisiúnta a bunaíodh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Ní áireofar ar na sonraí sin ach íomhánna den aghaidh agus an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 23, agus tabharfar le fios iontu cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na híomhánna den aghaidh i leith duine aonair. |
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh íomhánna d’aghaidheanna daoine a ciontaíodh nó a bhfuil drochamhras fúthu go ndearna siad cion coiriúil, arb íomhanna iad arna mbailiú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta ar fáil ina mbunachair sonraí náisiúnta a bunaíodh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Ní áireofar ar na sonraí sin ach íomhánna den aghaidh agus an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 23, agus tabharfar le fios iontu cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na híomhánna den aghaidh i leith duine aonair. |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Sa chomhthéacs siní, ní chuirfidh na Ballstáit aon sonraí ar fáil ónar féidir duine aonair a shainaithint go díreach. |
Sa chomhthéacs sin, ní chuirfidh na Ballstáit aon sonraí breise ar fáil ónar féidir duine aonair a shainaithint go díreach. |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní mór é a bheith le haithint gur íomhánna den aghaidh nach bhfuil curtha i leith aon duine aonair (íomhánna den aghaidh gan aithint) iad sonraí dá leithéid. |
2. Ní mór íomhánna den aghaidh gan aithint a bheith inaitheanta mar íomhánna den aghaidh gan aithint. |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar íomhánna den aghaidh atá stóráilte ina mbunachair sonraí náisiúnta, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh. |
1. Ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na híomhánna den aghaidh atá stóráilte ina mbunachair sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh. |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh ach amháin i gcásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Ní dhéanfar cuardaigh ach amháin i gcásanna aonair, i gcás ina bhfuil siad comhréireach agus riachtanach chun cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. Toirmiscfear cuardaigh chun críche próifílithe. |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Gheobhaidh an Ballstát iarrthach liosta de mheaitseanna a bhaineann le sonraí ar dócha gur iarrthóirí iad. Déanfaidh an Ballstát sin athbhreithniú ar an liosta chun a chinneadh an ann do mheaits deimhnithe. |
2. Gheobhaidh an Ballstát iarrthach liosta de mheaitseanna a bhaineann le sonraí ar dócha gur iarrthóirí iad. Áiritheoidh an Ballstát sin go ndéanfaidh beirt shaineolaithe fhóiréinseacha athbhreithniú daonna ar an liosta chun a chinneadh an ann do mheaits deimhnithe. |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Bunófar íoschaighdeán cáilíochta ionas gur féidir íomhánna den aghaidh a chuardach agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an t-íoschaighdeán cáilíochta sin a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2). |
scriosta |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48; |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir le hAirteagal 47 nó do Europol i gcomhréir le hAirteagal 50(6); |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 23a |
|
Prionsabail maidir le malartú íomhánna den aghaidh |
|
1. Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go bhfuil na híomhánna den aghaidh ina mbunachair sonraí ar cháilíocht leordhóthanach chun críche an Rialacháin seo, go háirithe le haghaidh comparáid uathoibrithe. |
|
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine na n-íomhánna den aghaidh a sheoltar chuig Ballstáit eile, nó chuig na Ballstáit i gcás Europol, lena n-áirítear criptiú íomhánna den aghaidh, a áirithiú. |
|
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta le haghaidh malartú íomhánna den aghaidh atá le húsáid ag na Ballstáit agus ag Europol, lena n-áirítear an t-íoschaighdeán cáilíochta chun íomhánna den aghaidh a chur i gcomparáid go huathoibrithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Taifid phóilíneachta |
Innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh a bheith rannpháirteach i malartú uathoibrithe taifead póilíneachta. Áiritheoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i malartú uathoibrithe taifead póilíneachta go mbeidh fáil ar shonraí beathaisnéiseacha de chuid daoine atá faoi dhrochamhras agus de chuid coirpeach, sonraí óna n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a bunaíodh chun cionta coiriúla a imscrúdú. Beidh na sonraí seo a leanas sa tacar sonraí sin, má tá fáil orthu: |
1. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh a bheith rannpháirteach i malartú uathoibrithe innéacsanna de thaifid phóilíneachta. Chun críocha malartuithe den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh fáil ar innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta ina mbeidh tacair de shonraí beathaisnéiseacha daoine a ciontaíodh nó a bhfuil drochamhras fúthu go ndearna siad cion coiriúil tromchúiseach óna mbunachair sonraí náisiúnta arna mbunú chun cionta coiriúla a imscrúdú. Beidh na sonraí seo a leanas amháin sna tacair sonraí sin, más infheidhme agus a mhéid atá siad ar fáil: |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ailias/ailiasanna; |
(c) ailias(nó ailiasanna), mar aon le hainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin; |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/680, go mbeidh na sonraí a áirítear sna hinnéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta mar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuardach Uathoibrithe ar thaifid phóilíneachta |
Cuardach uathoibrithe ar innéacsanna de thaifid phóilíneachta |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ar mhaithe le cionta coiriúla a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar shonraí óna n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh. |
1. Ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, ceadóidh na Ballstáit atá rannpháirteach i malartú uathoibrithe innéacsanna de thaifid phóilíneachta do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile atá rannpháirteach i malartuithe den sórt sin agus do Europol rochtain a bheith acu ar shonraí ina n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh. |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar cuardaigh a dhéanamh ach amháin i gcásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Ní dhéanfar cuardaigh ach amháin i gcásanna aonair, i gcás ina bhfuil siad comhréireach agus riachtanach chun cion coiriúil tromchúiseach a imscrúdú, agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh. |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Gheobhaidh an Ballstát iarrthach an liosta meaitseanna ar a mbeidh léiriú ar cháilíocht na meaitseanna. |
scriosta |
Cuirfear an Ballstát iarrthach ar an eolas freisin faoin mBallstát a bhfuil sonraí ina bhunachar sonraí féin, ar sonraí iad a thug an meaits. |
|
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí pearsanta agus faisnéis eile a aisghabháil ina n-innéacsanna dá dtagraítear in Airteagal 25 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit go léir i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48; |
(a) uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí pearsanta agus faisnéis eile a aisghabháil ina n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 25 chun iad a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit go léir i gcomhréir le hAirteagal 44; |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Rialacha maidir le hiarrataí agus freagraí i ndáil le taifid phóilíneachta |
Rialacha maidir le hiarrataí agus freagraí i ndáil le hinnéacsanna de thaifid phóilíneachta |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Is an fhaisnéis seo a leanas agus an fhaisnéis sin amháin a bheidh in iarraidh ar chuardach uathoibrithe: |
1. Is é an fhaisnéis seo a leanas agus an fhaisnéis sin amháin a bheidh in iarraidh ar chuardach ar innéacsanna de thaifid phóilíneachta: |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) na taifid phóilíneachta agus a n-uimhreacha tagartha dá dtagraítear in Airteagal 27. |
(c) na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25(1), i gcás ina bhfuil siad ar fáil, agus iad faoi ainm bréige i gcomhréir le hAirteagal 25(2). |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) léiriú i dtaobh cé acu a bhí meaits amháin nó níos mó ann nó nach raibh aon mheaits ann; |
(a) léiriú i dtaobh líon na meaitseanna; |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta. |
Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin ar a laghad. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais ar fáil dá bpointí teagmhála náisiúnta, lena n-áirítear foireann cháilithe, chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích ar bhealach leordhóthanach, éifeachtach agus tapa. |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na socruithe teicniúla a shonrú le haghaidh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 13, 18, 22 agus 26. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na socruithe teicniúla a shonrú, ar socruithe iad atá le déanamh ag na Ballstáit maidir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 13, 18, 22 agus 26. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Urramóidh na Ballstáit agus Europol sonraíochtaí teicniúla coiteanna i dtaca le gach iarraidh agus gach freagra a bhaineann le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí clárúcháin feithicle, íomhánna den aghaidh agus taifid phóilíneachta a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na sonraíochtaí teicniúla sin a shonrú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
scriosta |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh pointí teagmhála náisiúnta na pointe teagmhála náisiúnta eile, an Coimisiún, Europol agus eu-LISA ar an eolas láithreach faoi locht teicniúil a fhágann nach bhfuil fáil ar mhalartú sonraí uathoibrithe. |
Cuirfidh pointí teagmhála náisiúnta na pointe teagmhála náisiúnta eile, an Coimisiún, Europol agus eu-LISA ar an eolas láithreach faoi lochtanna teicniúla a fhágann nach bhfuil fáil ar mhalartú sonraí uathoibrithe. |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tiocfaidh na pointí teagmhála náisiúnta ar chomhaontú maidir le socruithe sealadacha maidir le malartú faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme. |
Tiocfaidh na pointí teagmhála náisiúnta ar chomhaontú maidir le socruithe sealadacha maidir le malartú faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme a úsáidtear i gcásanna nach bhfuil malartú sonraí uathoibrithe ar fáil. |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh na pointí teagmhála náisiúnta an malartú sonraí uathoibrithe a chur ar bun arís gan mhoill. |
3. I gcás nach bhfuil malartú sonraí uathoibrithe ar fáil, áiritheoidh na pointí teagmhála náisiúnta go ndéanfar é a chur ar fáil arís gan mhoill. |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Coinneoidh gach Ballstát an réasúnú atá leis na cuardaigh a dhéanfaidh a údaráis inniúla. |
1. Coinneoidh gach Ballstát an réasúnú atá leis na cuardaigh a dhéanfaidh a údaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí. |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cuspóir an chuardaigh, lena n-áirítear tagairt don chás nó don imscrúdú ar leith; |
(a) cuspóir an chuardaigh, lena n-áirítear tagairt don chás nó imscrúdú ar leith agus don chion coiriúil, i gcás inarb infheidhme; |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) léiriú i dtaobh an mbaineann an cuardach le duine atá faoi dhrochamhras nó le déantóir ciona choiriúil; |
(b) léiriú i dtaobh an mbaineann an cuardach le duine atá faoi dhrochamhras nó duine a ciontaíodh i gcion coiriúil, íospartach na coireachta tromchúisí nó na sceimhlitheoireachta, duine ar iarraidh nó taisí daonna neamhaitheanta; |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) léiriú i dtaobh an bhfuil sé d’aidhm ag an gcuardach duine anaithnid a shainaithint nó tuilleadh sonraí a fháil faoi dhuine aitheanta. |
(c) léiriú i dtaobh an bhfuil sé d’aidhm ag an gcuardach duine a shainaithint nó tuilleadh sonraí a fháil faoi dhuine aitheanta. |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní úsáidfear na réasúnuithe dá dtagraítear i mír 2 ach chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. |
Ní úsáidfear na réasúnuithe dá dtagraítear i mír 2 ach chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúacha agus ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na réasúnuithe sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na réasúnuithe sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin. |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na réasúnuithe sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na réasúnuithe sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin. |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain ag na rialaitheoirí sonraí ar na réasúnuithe sin le haghaidh féinfhaireacháin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 56. |
4. Chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha agus ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain iomlán ag na rialaitheoirí sonraí ar na réasúnuithe sin le haghaidh féinfhaireacháin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 56. |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Úsáidfear caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) i bhforbairt an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 35 agus i bhforbairt EPRIS. |
1. Úsáidfear caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a bhunaítear faoi Airteagal 38 de Rialachán (AE)2019/818 i bhforbairt an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo agus i bhforbairt EPRIS, a mhéid is infheidhme. |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Bunaítear ródaire chun críche bunú nasc a éascú idir na Ballstáit agus le Europol chun sonraí bithmhéadracha a chuardach, a aisghabháil agus a scóráil i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
1. Bunaítear ródaire chun críche bunú nasc a éascú idir na Ballstáit, mar aon le bunú nasc a éascú idir na Ballstáit agus Europol, chun sonraí bithmhéadracha a chuardach, a aisghabháil agus a scóráil agus sonraí alfa-uimhriúla a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) bonneagar lárnach, lena n-áirítear uirlis chuardaigh lenar féidir bunachair sonraí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 12 agus in Airteagal 21 a chuardach san am céanna mar aon le sonraí Europol; |
(a) bonneagar lárnach, lena n-áirítear uirlis chuardaigh lenar féidir bunachair sonraí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 12 agus in Airteagal 21 agus sonraí Europol a chuardach san am céanna; |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) bealach cumarsáide slán idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais atá i dteideal an ródaire a úsáid; |
(b) bealach cumarsáide slán idir údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí atá údaraithe an ródaire a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 36, agus Europol; |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is ag údaráis na mBallstát a bhfuil rochtain acu ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus íomhánna d’aghaidh a mhalartú, agus ag Europol, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2016/794, a bheidh úsáid an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2016/794. |
Is ag údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí atá údaraithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus íomhánna d’aghaidh a rochtain agus a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Europol i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2016/794 i gcás ina bhfuil gá inléirithe acu le rochtain den sórt sin. Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol go bhfuil oiliúint ábhartha curtha i gcrích ag a mbaill foirne údaraithe, lena n-áirítear oiliúint maidir le cosaint sonraí, rúndacht, brath claontachtaí, chomh maith leis an athbhreithniú cruinn ar mheaitseanna faoin gcatagóir sonraí ábhartha. |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Iarrfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 36 cuardach trí shonraí bithmhéadracha a chur chuig an ródaire. Seolfaidh an ródaire an iarraidh ar chuardach chuig bunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol ag an am céanna leis na sonraí arna gcur isteach ag an úsáideoir agus i gcomhréir lena gcearta rochtana. |
1. Na húdaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí atá údaraithe an ródaire a rochtain de bhun Airteagal 36, iarrfaidh siad cuardach trí shonraí bithmhéadracha a chur faoi bhráid an ródaire. Seolfaidh an ródaire an iarraidh ar chuardach chuig bunachair sonraí na mBallstát iarrtha agus sonraí Europol ag an am céanna leis na sonraí arna gcur isteach ag an úsáideoir i gcomhréir lena chearta rochtana. |
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Tar éis dóibh an iarraidh ar chuardach a fháil ón ródaire, seolfaidh gach Ballstát iarrtha agus Europol cuardach ar a mbunachair shonraí ar mhodh uathoibrithe agus gan mhoill. |
2. Ar iarraidh ar chuardach a fháil ón ródaire, seolfaidh gach Ballstát iarrtha agus Europol cuardach ar a mbunachair sonraí ar mhodh uathoibrithe agus gan mhoill. |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfar aon mheaitseanna a thiocfaidh as an gcuardach i mbunachair sonraí gach Ballstáit agus i sonraí Europol a sheoladh ar ais go huathoibríoch chuig an ródaire. |
3. Déanfar aon iarrthóir a thiocfaidh as na cuardaigh dá dtagraítear i mír 2 a sheoladh ar ais go huathoibríoch chuig an ródaire. Tabharfar fógra don Bhallstát iarrthach ar bhealach uathoibrithe i gcás nach ann do mheaits. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh an ródaire na freagraí a rangú de réir scór an chomhfhreagrais idir na sonraí bithmhéadracha a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí bithmhéadracha atá stóráilte i mbunachair sonraí na mBallstát agus i sonraí Europol. |
4. Déanfaidh an ródaire na freagraí a rangú de réir scór an chomhfhreagrais idir na sonraí bithmhéadracha a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí bithmhéadracha a sholáthair bunachair sonraí na mBallstát iarrtha agus sonraí Europol. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Cuirfidh an ródaire an liosta de shonraí bithmhéadracha agus a scóir ar ais chuig úsáideoir an ródaire. |
5. Cuirfidh an ródaire an liosta de shonraí meaitseála bithmhéadracha agus a scóir ar ais chuig úsáideoir an ródaire. Beidh an liosta sin teoranta don líon uasta iarrthóirí a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 6. |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an nós imeachta teicniúil a shonrú le haghaidh an ródaire chun bunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol a chuardach, formáid na bhfreagraí ródaire agus na rialacha teicniúla maidir le comhfhreagras idir sonraí bithmhéadracha a scóráil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
6. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán 2018/1725, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an nós imeachta teicniúil a shonrú ionas go mbeidh an ródaire in ann ceist a chur faoi bhunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol, formáid fhreagraí an ródaire, na rialacha teicniúla chun an comhfhreagras idir sonraí bithmhéadracha agus na tairseacha ábhartha a scóráil, chomh maith leis an líon uasta iarrthóirí is féidir teacht chun cinn in aghaidh an chuardaigh, d’fhonn cruinneas a áirithiú, an riosca maidir le sainaithint mhícheart a íoslaghdú agus idirdhealú a chosc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Seiceálfaidh an Ballstát iarrtha cáilíocht na sonraí arna dtarchur trí bhíthin nós imeachta lán-uathoibrithe. |
Seiceálfaidh an Ballstát iarrtha cáilíocht na sonraí arna dtarchur trí bhíthin nós imeachta uathoibrithe. |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás nach mbeidh na sonraí oiriúnach do chomparáid uathoibrithe, cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas faoin méid sin gan mhoill tríd an ródaire. |
Cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas, gan mhoill, tríd an ródaire i gcás nach bhfuil na sonraí oiriúnach do chomparáid uathoibrithe. |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh úsáideoirí an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 36 cuardach a sheoladh chuig bunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol ag an am céanna le cuardach chuig an Stór Coiteann Céannachta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha faoi dhlí an Aontais agus i gcomhréir lena gcearta rochtana. Chun na críche sin, déanfaidh an ródaire an Stór Coiteann Aitheantais a chuardach tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach. |
1. I gcás ina n-údaraítear d’údaráis ainmnithe an ródaire a úsáid de bhun Airteagal 36, féadfaidh siad cuardach a sheoladh chuig bunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol ag an am céanna le cuardach chuig an Stór Coiteann Céannachta, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha faoi dhlí an Aontais agus go seolfar an cuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana. Chun na críche sin, déanfaidh an ródaire an Stór Coiteann Aitheantais a chuardach tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach. |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is iad na húdaráis ainmnithe a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 20, de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 4, pointe 20, de Rialachán (AE) 2019/818 amháin a fhéadfaidh na cuardaigh chomhuaineacha sin a sheoladh. |
scriosta |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar cuardaigh chomhuaineacha ar bhunachair sonraí na mBallstát agus ar shonraí Europol agus ar an Stór Coiteann Céannachta a sheoladh ach amháin más dócha go ndéanfar sonraí maidir le hamhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile mar atá sainmhínithe faoi seach in Airteagal 4, pointe 21 agus pointe 22, de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 4, pointe 21 agus pointe 22 de Rialachán (AE) 2019/818 a stóráil sa Stór Coiteann Céannachta. |
Ní fhéadfar cuardaigh chomhuaineacha ar bhunachair sonraí na mBallstát agus ar shonraí Europol agus ar an Stór Coiteann Céannachta a sheoladh ach amháin má tá forais réasúnta ann le creidiúint go ndéanfar sonraí maidir le duine atá faoi dhrochamhras, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile mar atá sainmhínithe faoi seach in Airteagal 4, pointe 21 agus pointe 22, de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 4, pointe 21 agus pointe 22 de Rialachán (AE) 2019/818 a stóráil sa Stór Coiteann Céannachta. |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Logaí a choinneáil |
Logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa ródaire a choinneáil |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Coinneoidh gach Ballstát logaí de na cuardaigh a dhéanfaidh a údaráis inniúla agus foireann na n-údarás sin atá cuí-údaraithe chun an ródaire a úsáid mar aon le logaí de na cuardaigh arna n-iarraidh ag Ballstáit eile. |
Coinneoidh gach Ballstát logaí de na cuardaigh a dhéanfaidh foireann a n-údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí atá cuí-údaraithe chun an ródaire a úsáid mar aon le logaí de na cuardaigh arna n-iarraidh ag Ballstáit eile. |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin. |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin. |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó ná sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra d’úsáideoirí an ródaire ar bhealach uathoibrithe. Glacfaidh eu-LISA bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil an ródaire a úsáid gan mhoill. |
1. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó ná sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra do na húdaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí dá dtagraítear in Airteagal 36 agus do Europol ar bhealach uathoibrithe. Glacfaidh eu-LISA bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil an ródaire a úsáid gan mhoill. |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó ná sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra i modh uathoibrithe do na Ballstáit eile, do eu-LISA agus don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil an ródaire a úsáid gan mhoill. |
2. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó ná sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra i modh uathoibrithe do na Ballstáit eile, do Europol, do eu-LISA agus don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil i ndáil leis an ródaire a úsáid gan mhoill. |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó ná sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh bhonneagar Europol, tabharfaidh Europol fógra do na Ballstáit, do eu-LISA agus don Choimisiún ar mhodh uathoibrithe. Glacfaidh Europol bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil an ródaire a úsáid gan mhoill. |
3. Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh bhonneagar Europol, tabharfaidh Europol fógra do na Ballstáit, do eu-LISA agus don Choimisiún ar mhodh uathoibrithe. Glacfaidh Europol bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil an ródaire a úsáid gan mhoill. |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Chun taifid phóilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 26 a chuardach go huathoibríoch, úsáidfidh na Ballstáit agus Europol Córas Innéacs Eorpach na dTaifead Póilíneachta (EPRIS). |
1. Chun innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 26 a chuardach go huathoibríoch, úsáidfidh na Ballstáit agus Europol Córas Innéacs Eorpach na dTaifead Póilíneachta (EPRIS). |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Chun taifid phóilíneachta a chuardach trí EPRIS, úsáidfear na tacair sonraí seo a leanas: |
1. Chun innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chuardach trí EPRIS, úsáidfear dhá cheann, ar a laghad, de na tacair sonraí seo a leanas: |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ailias/ailiasanna; |
(a) ailias (nó ailiasanna), mar aon le hainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin; |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Seolfaidh EPRIS an iarraidh ar chuardach chuig bunachair sonraí na mBallstát i dteannta na sonraí arna gcur isteach ag an mBallstát iarrthach agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Seolfaidh EPRIS an iarraidh ar chuardach chuig innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta na mBallstát i dteannta na sonraí arna gcur isteach ag an mBallstát iarrthach nó Europol agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfar aon mheaits a thiocfaidh as an gcuardach i mbunachar sonraí gach Ballstáit a sheoladh ar ais go huathoibríoch chuig EPRIS. |
3. Déanfar aon mheaits a thiocfaidh as an gcuardach in innéacsanna de thaifid phóilíneachta gach Ballstáit iarrtha a sheoladh ar ais go huathoibríoch chuig EPRIS. |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Cuirfidh EPRIS liosta na meaitseanna ar ais chuig an mBallstát iarrthach. Léireofar sa liosta meaitseanna cáilíocht an mheaits agus an Ballstát a bhfuil sonraí ina bhunachar sonraí a raibh an meaits mar thoradh air. |
4. Cuirfidh EPRIS liosta na meaitseanna ar ais chuig an mBallstát iarrthach agus Europol. Léireofar sa liosta meaitseanna cáilíocht an mheaits chomh maith leis an mBallstát nó na Ballstáit a bhfuil sonraí ina bhunachar sonraí nó ina mbunachair sonraí a raibh an meaits nó meaitseanna mar thoradh orthu. |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 6 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ar dheimhniúchán a fháil, roinnfidh an Ballstát nó na Ballstáit iarrtha na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43 i gcás ina mbeidh siad ar fáil. Malartófar an fhaisnéis sin trí SIENA. |
Ar dheimhniúchán a fháil, roinnfidh an Ballstát nó na Ballstáit iarrtha na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43 i gcás ina mbeidh siad ar fáil. Malartófar na sonraí sin trí SIENA. |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Coinneoidh gach Ballstát logaí de na hiarrataí ar chuardach a dhéanfaidh a údaráis inniúla agus foireann na n-údarás sin atá cuí-údaraithe chun úsáid a bhaint as EPRIS. Coinneoidh Europol logaí d’iarrataí ar iarratais a dhéanfaidh a fhoireann chuí-údaraithe. |
2. Coinneoidh gach Ballstát rannpháirteach logaí de na hiarrataí ar chuardach a dhéanfaidh foireann a n-údarás inniúil um fhorfheidmiú an dlí atá cuí-údaraithe chun úsáid a bhaint as EPRIS. Coinneoidh Europol logaí d’iarrataí ar iarratais a dhéanfaidh a fhoireann chuí-údaraithe. |
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad aon bhliain amháin tar éis a gcruthaithe. |
Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó a chuardach de dheasca chliseadh bhonneagar Europol, tabharfaidh Europol fógra do na Ballstáit ar mhodh uathoibrithe. Glacfaidh Europol bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil atá ann EPRIS a úsáid gan mhoill. |
1. Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid chun innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chuardach de dheasca chliseadh bhonneagar Europol, tabharfaidh Europol fógra do na Ballstáit ar mhodh uathoibrithe. Glacfaidh Europol bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil atá ann EPRIS a úsáid ar bhealach tráthúil. |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó a chuardach de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra do Europol agus don Choimisiún ar mhodh uathoibrithe. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil atá ann EPRIS a úsáid gan mhoill. |
2. Sa chás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó níos mó a chuardach de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra do Europol agus don Choimisiún ar mhodh uathoibrithe. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil atá ann EPRIS a úsáid ar bhealach tráthúil. |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina léireoidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 13 nó 22 meaits idir na sonraí a úsáideadh chun an cuardach nó an chomparáid a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, agus ar dheimhniú an mheaits sin ag an mBallstát iarrthach, tabharfaidh an Ballstát iarrtha tacar croíshonraí ar ais tríd an ródaire laistigh de 24 uair an chloig. Beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí sin, má tá siad ar fáil: |
I gcás ina léireoidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 13 nó 22 meaits idir na sonraí a úsáideadh chun an cuardach nó an chomparáid a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, agus ar dheimhniú de láimh an mheaits sin ag foireann cháilithe an Bhallstáit iarrthaigh, tabharfaidh an Ballstát iarrtha tacar bunsonraí ar ais tríd an ródaire laistigh de 24 uair an chloig. I gcás ina gceanglaítear údarú breithiúnach faoin dlí náisiúnta, seolfar an tacar bunsonraí ar ais laistigh de 72 uair an chloig. |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) céadainm/céadainmneacha; |
scriosta |
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) sloinne/sloinnte; |
scriosta |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dáta breithe; |
scriosta |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) náisiúntacht nó náisiúntachtaí; |
scriosta |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) áit bhreithe agus tír bhreithe; |
scriosta |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) inscne. |
scriosta |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
I gcás ina mbaineann an meaits deimhnithe le sonraí aitheanta duine, beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a bheidh sé le fáil: |
|
(a) céadainm nó céadainmneacha; |
|
(b) sloinne nó sloinnte; |
|
(c) ailias (nó ailiasanna), mar aon le hainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin |
|
(d) dáta breithe; |
|
(e) náisiúntacht nó náisiúntachtaí; |
|
(f) áit bhreithe agus tír bhreithe; |
|
(g) inscne; |
|
(h) an dáta a fuarthas na sonraí bithmhéadracha agus an áit a bhfuarthas iad; |
|
(i) an cion coiriúil ar ina leith a fuarthas na sonraí bithmhéadracha; |
|
(j) uimhir an cháis choiriúil; |
|
(k) an t-údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí atá freagrach as an gcás coiriúil. |
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
I gcás ina mbaineann an meaits deimhnithe le sonraí nó rianta gan aithint, beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a bheidh siad le fáil: |
|
(a) an dáta a fuarthas na sonraí bithmhéadracha agus an áit a bhfuarthas iad; |
|
(b) an cion coiriúil ar ina leith a fuarthas na sonraí bithmhéadracha; |
|
(c) uimhir an cháis choiriúil; |
|
(d) an t-údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí atá freagrach as an gcás coiriúil. |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh scaoileadh na mbunsonraí ag an mBallstát iarrtha faoi réir cinneadh a bheidh déanta ag duine. |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 47 – mír 1 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Ní dhiúltóidh an Ballstát iarrtha nó na Ballstáit iarrtha na bunsonraí a roinnt ach amháin sna cásanna seo a leanas: |
|
(a) gur diúltaíodh don údarú breithiúnach a cheanglaítear faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha; |
|
(b) go bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint go ndéanfadh comhroinnt bunsonraí sárú díréireach ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí; nó |
|
(c) tá cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint go ndéanfadh comhroinnt bunsonraí rath an imscrúdaithe leanúnaigh ar chion coiriúil a chur i mbaol. |
|
Cuirfear an bonn cirt atá leis na diúltuithe sin ar fáil go pras don Bhallstát iarrthach agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 1. |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 48
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 48 |
scriosta |
SIENA a úsáid |
|
Maidir le haon mhalartú nach bhforáiltear dó go sainráite sa Rialachán seo idir údaráis inniúla na mBallstát nó le Europol, ag céim ar bith de cheann de na nósanna imeachta faoin Rialachán seo, déanfar é trí SIENA. |
|
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, beidh rochtain ag na Ballstáit ar shonraí bithmhéadracha a chuir tríú tíortha ar fáil do Europol chun críocha Airteagal 18(2), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/794, agus beidh siad in ann cuardach a dhéanamh tríd an ródaire. |
1. Gan dochar d’aon srianta arna gcur in iúl ag soláthraí na faisnéise do Europol i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2016/794, beidh rochtain ag na Ballstáit ar shonraí bithmhéadracha a chuir tríú tíortha ar fáil do Europol chun críocha Airteagal 18(2), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/794, agus beidh siad in ann cuardach a dhéanamh tríd an ródaire. |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina mbíonn meaits idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh agus sonraí Europol mar thoradh ar an nós imeachta sin, déanfar an obair leantach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794. |
2. I gcás ina mbíonn meaits idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh dá dtagraítear i mír 1 agus sonraí arna mbunú ag tríú tír atá i seilbh Europol, déanfar an obair leantach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794. |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh rochtain ag Europol, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ar shonraí a stórálann na Ballstáit ina mbunachair sonraí náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
1. Nuair is gá sin chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, beidh rochtain ag Europol, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ar shonraí a stórálann na Ballstáit ina mbunachair sonraí náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Is le EPRIS a dhéanfar cuardaigh Europol le taifid phóilíneachta mar chritéar cuardaigh. |
4. Is le EPRIS a dhéanfar cuardaigh Europol le sonraí beathaisnéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 25 mar chritéar cuardaigh. |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Ní dhéanfaidh Europol na cuardaigh i gcomhréir le mír 1 ach amháin agus a chuid cúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/794 á gcomhlíonadh aige. |
5. Ní dhéanfaidh Europol na cuardaigh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ach amháin chun críoch Airteagal 18(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/794, agus a chuid cúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/794 á gcomhlíonadh aige. |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. I gcás ina léiríonn na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 13 nó 22 meaits idir na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh nó comparáid a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát iarrtha, agus ar dheimhniú an mheaitseála sin ag Europol, cinnfidh an Ballstát iarrtha an dtabharfaidh sé tacar croíshonraí ar ais tríd an ródaire laistigh de 24 uair an chloig. Beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí sin, má tá siad ar fáil: |
6. I gcás ina léiríonn na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6, 7, 13 nó 22 meaits idir na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh nó comparáid a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát iarrtha, agus ar athbhreithniú daonna ar an meaits sin ag foireann cháilithe Europol i gcomhréir leis an Rialachán seo agus tarchur ainm na tíre a chuir na sonraí ar fáil, cinnfidh an Ballstát iarrtha an dtabharfaidh sé tacar bunsonraí ar ais tríd an ródaire laistigh de 24 uair an chloig. I gcás ina gceanglaítear údarú breithiúnach faoin dlí náisiúnta, seolfar na bunsonraí ar ais laistigh de 72 uair an chloig. Beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí sin, má tá siad ar fáil: |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 50 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Maidir leis an úsáid a bhaineann Europol as faisnéis arna fáil ó chuardach arna dhéanamh i gcomhréir le mír 1 agus ó mhalartú croí-shonraí i gcomhréir le mír 6, beidh sí faoi réir toiliú a fháil ón mBallstát inar tharla an meaits. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. |
7. Maidir leis an úsáid a bhaineann Europol as faisnéis arna fáil ó chuardach arna dhéanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 5 agusó mhalartú bunsonraí i gcomhréir le mír 6, beidh sí faoi réir toiliú a fháil ón mBallstát ar ina bhunachar sonraí féin a tharla an meaits. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuspóir na sonraí |
Cuspóir na próiseála sonraí |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ceadófar don Bhallstát iarrthach nó do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch ar ina leith a sholáthair an Ballstát iarrtha na sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus chun na gcríoch sin amháin. Ní cheadófar próiseáil chun críocha eile ach amháin le réamhúdarú an Bhallstáit iarrtha. |
1. Ceadófar don Bhallstát iarrthach nó do Europol sonraí pearsanta a fhaightear a phróiseáil chun na gcríoch ar ina leith a sholáthair an Ballstát iarrtha na sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus chun na gcríoch sin amháin. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/680 nó Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme, ní cheadófar próiseáil chun críocha eile ach amháin le réamhúdarú an Bhallstáit iarrtha nó Europol, mar is ábhartha. |
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní cheadófar sonraí arna soláthar de bhun Airteagail 6, 7, 13, 18 nó 22 ag an mBallstát cuardaigh nó ag an mBallstát comparáide ach amháin: |
2. Ní cheadófar sonraí arna soláthar de bhun Airteagail 6, 7, 13, 18, 22 nó 26 ag an mBallstát iarrthach nó ag Europol ach amháin i gcás inar gá: |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 2 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) chun tacar bunsonraí a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 47; |
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) iarraidh ar chúnamh dlíthiúil a ullmhú agus a chur isteach ó na póilíní má mheaitseálann na sonraí sin iad; |
(b) iarraidh ar chúnamh dlíthiúil a ullmhú agus a chur isteach ó na póilíní nó ó na breithiúna má mheaitseálann na sonraí sin iad; |
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) logáil de réir bhrí Airteagal 40 agus Airteagal 45. |
(c) logáil de réir bhrí Airteagal 20, 40 agus Airteagal 45. |
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh an Ballstát iarrthach na sonraí arna soláthar dó i gcomhréir le hAirteagail 6, 7, 13 nó 22 a phróiseáil i gcás inar gá sin chun críocha an Rialacháin seo agus sa chás sin amháin. Déanfar na sonraí arna soláthar a scriosadh láithreach tar éis comparáid a dhéanamh idir sonraí nó freagraí uathoibrithe ar chuardaigh ach amháin má tá tuilleadh próiseála riachtanach ag an mBallstát iarrthach chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
3. Déanfar na sonraí pearsanta a fuair an Ballstát iarrthach nó Europol a scriosadh láithreach tar éis comparáid a dhéanamh idir sonraí nó freagraí uathoibrithe ar chuardaigh ach amháin má tá tuilleadh próiseála fíor-riachtanach agus comhréireach ag an mBallstát iarrthach chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. |
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Ní fhéadfaidh an Ballstát iarrthach sonraí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 18 a úsáid ach amháin i gcás inar gá sin chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar na sonraí a sholáthrófar a scriosadh láithreach tar éis freagraí uathoibrithe a fháil ar chuardaigh ach amháin más gá tuilleadh próiseála a dhéanamh le haghaidh taifeadadh de bhun Airteagal 20. Ní bhainfidh an Ballstát iarrthach úsáid as na sonraí a fuair sé i bhfreagra ach amháin don nós imeachta a ndearnadh an cuardach ina leith. |
4. Ní fhéadfaidh an Ballstát iarrthach sonraí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 18 a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach chun críocha an Rialacháin seo a bhaint amach. Déanfar na sonraí a sholáthrófar a scriosadh láithreach tar éis freagraí uathoibrithe a fháil ar chuardaigh ach amháin más gá tuilleadh próiseála a dhéanamh le haghaidh taifeadadh de bhun Airteagal 20. Ní bhainfidh an Ballstát iarrthach úsáid as na sonraí a fuair sé i bhfreagra ach amháin don nós imeachta a ndearnadh an cuardach ina leith. |
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Sula ndéanfar a mbunachair sonraí náisiúnta a nascadh leis an ródaire, le EPRIS nó le Eucaris, déanfaidh na Ballstáit measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 agus rachaidh siad i gcomhairle leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta aon cheann dá chumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/680 a úsáid, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 28 den Treoir sin. |
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 4 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4b. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680 ionas go mbeidh siad in ann a gcearta a fheidhmiú. |
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 51 – mír 4 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4c. Eiseoidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2016/680 i dtaca leis na bunachair sonraí choiriúla agus malartuithe trasteorann sonraí pearsanta, go háirithe maidir le cruinneas, dianriachtanas agus conas a áirithiú go n-urramófar an ceart chun cosanta sonraí. |
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit cruinneas agus ábharthacht reatha na sonraí pearsanta. Má thagann Ballstát iarrtha ar an eolas gur soláthraíodh sonraí míchearta nó sonraí nár cheart a sholáthar, tabharfar fógra faoi sin gan mhoill d’aon Bhallstát iarrthach. Beidh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát iarrthach lena mbaineann na sonraí a cheartú nó a scriosadh dá réir. Thairis sin, déanfar sonraí pearsanta arna soláthar a cheartú má chinntear go bhfuil siad mícheart. Má tá cúis ag an mBallstát iarrthach lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a soláthraíodh mícheart nó gur cheart iad a scriosadh, cuirfear an Ballstát iarrtha ar an eolas faoi sin. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol cruinneas agus ábharthacht reatha na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Rialacháin seo. Má thagann Ballstát iarrtha nó Europol ar an eolas go bhfuil sonraí mícheart nó míchothrom le dáta nó gur soláthraíodh sonraí míchearta nó sonraí nár cheart a sholáthar, tabharfar fógra faoi sin gan mhoill d’aon Bhallstát iarrthach. Beidh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát iarrthach lena mbaineann na sonraí a cheartú nó a scriosadh gan mhoill. Thairis sin, déanfar sonraí pearsanta arna soláthar a cheartú má chinntear go bhfuil siad mícheart. Má tá cúis ag an mBallstát iarrthach nó Europol lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a soláthraíodh mícheart nó gur cheart iad a scriosadh, cuirfear an Ballstát iarrtha ar an eolas faoi sin gan mhoill. |
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfidh na Ballstáit agus Europol bearta iomchuí i bhfeidhm chun a mbunachair sonraí a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear maidir le faisnéis a bhaineann le daoine a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta sna bunachair sonraí. |
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina gcuireann ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí atá i seilbh Ballstáit, i gcás nach féidir leis an mBallstát lena mbaineann cruinneas na sonraí sin a shuíomh go hiontaofa agus i gcás ina n-iarrfaidh an duine is ábhar do na sonraí é, marcálfar bratach ar na sonraí lena mbaineann. I gcás ina bhfuil bratach den sórt sin ann, ní fhéadfaidh na Ballstáit í a bhaint ach amháin le cead ón ábhar sonraí nó bunaithe ar chinneadh ón gcúirt inniúil nó ón údarás neamhspleách cosanta sonraí. |
2. I gcás ina gcuireann ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí atá i seilbh Ballstáit nó Europol, i gcás nach féidir leis an mBallstát lena mbaineann ná Europol cruinneas na sonraí sin a shuíomh go hiontaofa agus i gcás ina n-iarrfaidh an duine is ábhar do na sonraí é, marcálfar bratach ar na sonraí lena mbaineann. I gcás ina bhfuil bratach den sórt sin ann, ní fhéadfaidh na Ballstáit ná Europol í a bhaint ach amháin le cead ón ábhar sonraí nó bunaithe ar chinneadh ón gcúirt inniúil nó ón údarás maoirseachta náisiúnta nó ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar is ábhartha. |
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) tar éis dhul in éag na huastréimhse chun sonraí a choinneáil arna leagan síos faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nuair a chuir an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas faoin uastréimhse sin tráth soláthair na sonraí. |
(b) tar éis dhul in éag na huastréimhse chun sonraí a choinneáil arna leagan síos faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nuair a chuir an Ballstát iarrtha nó Europol an Ballstát iarrthach ar an eolas faoin uastréimhse sin tráth soláthair na sonraí; |
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) tar éis dhul in éag na huastréimhse chun sonraí a choinneáil a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794. |
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go ndéanfadh scriosadh sonraí dochar do leasanna an ábhair sonraí, déanfar na sonraí a bhlocáil in ionad iad a scriosadh. Ní fhéadfar sonraí blocáilte a sholáthar ná a úsáid ach chun na críche ar chuici a cuireadh cosc ar scriosadh na sonraí sin. |
I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go ndéanfadh scriosadh sonraí dochar do leasanna an ábhair sonraí, déanfar na sonraí a shrianadh in ionad iad a scriosadh. Déanfar sonraí srianta a phróiseáil chun na críche ar chuici a cuireadh cosc ar scriosadh na sonraí sin. |
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Is iad na Ballstáit a bheidh ina bpróiseálaithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil trí Eucaris. |
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh Europol, eu-LISA agus údaráis na mBallstát slándáil na próiseála a dhéanfar ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo. Comhoibreoidh Europol, eu-LISA agus údaráis na mBallstát i dtaca le cúraimí a bhaineann le slándáil. |
1. Áiritheoidh Europol, eu-LISA agus údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí slándáil na próiseála a dhéanfar ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo. Comhoibreoidh Europol, eu-LISA agus údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidmiú an dlí i dtaca le cúraimí a bhaineann le slándáil. |
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Gan dochar d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/794, déanfaidh eu-LISA agus Europol na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus EPRIS faoi seach a áirithiú mar aon lena mbonneagar cumarsáide gaolmhar. |
2. Gan dochar d’Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/794, déanfaidh eu-LISA agus Europol na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus EPRIS faoi seach a áirithiú mar aon lena mbonneagar cumarsáide gaolmhar. |
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach iomchuí a áirithiú. |
2. Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú i ndlúthchomhar idir na Ballstáit lena mbaineann nó Europol agus eu-LISA, de réir mar is ábhartha, chun freagairt thapa, éifeachtach agus chuí a áirithiú. |
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/794, cuirfidh Europol cibearbhagairtí suntasacha, leochaileachtaí suntasacha agus teagmhais shuntasacha in iúl do CERT-EU gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó fáil amach fúthu. Déanfar mionsonraí teicniúla iomchuí inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais lena bhféadfar cibearbhagairtí, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a bhrath go réamhghníomhach, a nochtadh do CERT-EU gan moill mhíchuí. |
Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/794 agus d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh Europol cibearbhagairtí suntasacha, leochaileachtaí suntasacha agus teagmhais shuntasacha in iúl do CERT-EU gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó fáil amach fúthu. Déanfar mionsonraí teicniúla iomchuí inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais lena bhféadfar cibearbhagairtí, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a bhrath go réamhghníomhach, a nochtadh do CERT-EU gan moill mhíchuí. |
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 3 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála maidir le bonneagar lárnach an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra do CERT-EU maidir le cibearbhagairtí suntasacha, leochaileachtaí suntasacha agus teagmhais shuntasacha gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó fáil amach fúthu. Déanfar mionsonraí teicniúla iomchuí inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais lena bhféadfar cibearbhagairtí, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a bhrath go réamhghníomhach, a nochtadh do CERT-EU gan moill mhíchuí. |
I gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála maidir le bonneagar lárnach an ródaire agus gan dochar d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, tabharfaidh eu-LISA fógra do CERT-EU maidir le cibearbhagairtí suntasacha, leochaileachtaí suntasacha agus teagmhais shuntasacha gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó fáil amach fúthu. Déanfar mionsonraí teicniúla iomchuí inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais lena bhféadfar cibearbhagairtí, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a bhrath go réamhghníomhach, a nochtadh do CERT-EU gan moill mhíchuí. |
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Tá an tAirteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagail 92 agus 93 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagail 30 agus 31 de Threoir (AE) 2016/680. |
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais go ndéanfaidh gach údarás a bheidh i dteideal úsáid a bhaint as Prüm II na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh an t-údarás sin, i gcás inar gá sin, leis an údarás maoirseachta. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol go ndéanfaidh gach údarás a bheidh i dteideal úsáid a bhaint as Prüm II na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh an t-údarás sin, i gcás inar gá sin, leis an údarás maoirseachta. Glacfaidh Europol na bearta is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhoibreoidh sé, nuair is gá, leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. |
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfaidh na rialaitheoirí sonraí na bearta is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na próiseála sonraí de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear na logaí dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 45 a fhíorú go rialta agus oibriú, i gcás inar gá, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. |
2. Déanfaidh na rialaitheoirí sonraí na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na próiseála sonraí de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí na logaí dá dtagraítear in Airteagail 20, 40 agus 45 maidir le inghlacthacht iarratas, dlíthiúlacht na próiseála sonraí, mar aon le slándáil agus sláine sonraí, a fhíorú go rialta agus oibriú, i gcás inar gá agus de réir mar is iomchuí, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. |
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Cuirfear acmhainní daonna, airgeadais agus teicniúla leordhóthanacha ar fáil do na rialaitheoirí sonraí agus do Europol chun a gcúraimí a chomhlíonadh de bhun an Airteagail seo. |
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Má mhainníonn Ballstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus an méid sin a bheith ina chúis damáiste don ródaire nó do EPRIS, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA, Europol nó Ballstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo bearta réasúnacha chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú. |
Má mhainníonn Ballstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus an méid sin a bheith ina chúis damáiste don ródaire nó do EPRIS, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA, Europol nó Ballstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo bearta réasúnacha chun an damáiste sin a sheachaint nó chun an tionchar a íoslaghdú. |
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Soláthróidh eu-LISA agus Europol faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin aige, tabharfaidh siad rochtain dó ar na doiciméid ar fad agus ar a logaí amhail dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 45, agus ceadóidh siad dó rochtain a fháil tráth ar bith ar a n-áitribh ar fad. |
2. Gan dochar d’Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2016/794, soláthróidh eu-LISA agus Europol faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin aige, tabharfaidh siad rochtain dó ar na doiciméid ar fad agus ar a logaí amhail dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 45, agus ceadóidh siad dó rochtain a fháil tráth ar bith ar a n-áitribh ar fad. Tá an mhír seo gan dochar do chumhachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2018/1725. |
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Tabharfar an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais is gá don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh. |
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh siad go gníomhach faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi seach agus áiritheoidh siad maoirseacht chomhordaithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe má fhaigheann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn siad aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a úsáideann na bealaí cumarsáide Prüm II. |
1. Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh siad go gníomhach faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi seach chun maoirseacht chomhordaithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe má fhaigheann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn siad aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a úsáideann na bealaí cumarsáide Prüm II. |
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuarascáil chomhpháirteach ar a ghníomhaíochtaí faoin Airteagal seo chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol agus chuig eu-LISA faoi [2 bliana tar éis don ródaire agus do EPRIS teacht i mbun oibríochta] agus gach re bliain ina dhiaidh sin. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann. |
3. Cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuarascáil chomhpháirteach ar a ghníomhaíochtaí faoin Airteagal seo chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Europol agus chuig eu-LISA faoi [2 bliana tar éis don ródaire agus do EPRIS teacht i mbun oibríochta] agus gach re bliain ina dhiaidh sin. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann. |
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta |
Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta |
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Maidir le sonraí a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní dhéanfar iad a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná iad a chur ar fáil dóibh ar bhealach uathoibrithe. |
Ní aistreoidh Ballstát iarrthach aon sonraí pearsanta atá faighte aige i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcomhréir le Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680 agus i gcás inar dheonaigh an Ballstát iarrtha a údarú roimh an aistriú. |
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Ní aistreoidh Europol aon sonraí pearsanta atá faighte aige i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794 agus ina bhfuil údarú tugtha ag an mBallstát iarrtha roimh an aistriú. |
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 61 a |
|
Maidir le gníomhartha dlí eile maidir le cosaint sonraí |
|
Aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, déanfar í i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Treoir (AE) 2016/680, Rialachán (AE) 2018/1725 nó Rialachán (AE) 2016/794, de réir mar is infheidhme. |
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar an ródaire, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifíl, a chruthú agus a nuashonrú go tráthrialta; |
(g) bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí ar an ródaire, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifíl, a chruthú agus a nuashonrú go tráthrialta; |
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) bainistiú agus socruithe a dhéanamh maidir le rochtain fhoireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar CFETC i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta; |
(h) bainistiú agus socruithe a dhéanamh maidir le rochtain fhoireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí ar CFETC i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta; |
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1 – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) bainistiú agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain a bheidh ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar Eucaris i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta; |
(i) bainistiú agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain a bheidh ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí ar Eucaris i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta; |
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1 – pointe j
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(j) deimhniú de láimh meaits dá dtagraítear in Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 13(2), Airteagal 22(2) agus Airteagal 26(2); |
(j) deimhniú ó dhuine déanta ag foireann cháilithe maidir le meaits dá dtagraítear in Airteagal 6(3), Airteagal 7(3), Airteagal 13(2) agus Airteagal 22(2); |
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1 – pointe m
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(m) aon sonraí a fuarthas ó Bhallstát iarrtha a scriosadh laistigh de 48 uair an chloig tar éis fógra a fháil ón mBallstát iarrtha go raibh na sonraí pearsanta a tíolacadh mícheart, nach raibh siad cothrom le dáta a thuilleadh nó gur tarchuireadh go neamhdhleathach iad. |
(m) aon sonraí a fuarthas ó Bhallstát iarrtha a cheartú, a nuashonrú nó a scriosadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis fógra a fháil ón mBallstát iarrtha go raibh na sonraí pearsanta a tíolacadh mícheart, nach raibh siad cothrom le dáta a thuilleadh nó gur tarchuireadh go neamhdhleathach iad. |
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh gach Ballstát freagrach as a n-údaráis inniúla náisiúnta a nascadh leis an ródaire, le EPRIS agus le Eucaris. |
2. Beidh gach Ballstát freagrach as a n-údaráis inniúla náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí a nascadh leis an ródaire, le EPRIS agus le Eucaris. |
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 63 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Gan dochar d’Airteagal 26(6c) de Rialachán (AE) 2016/794 agus do chuardaigh Europol de bhun Airteagal 50(4) den Rialachán seo, ní bheidh rochtain ag Europol ar aon cheann de na sonraí pearsanta a phróiseáiltear trí EPRIS. |
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 1 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Forbrófar agus bainisteofar an ródaire sa chaoi go n-áiritheofar rochtain thapa, éifeachtúil agus rialaithe, go mbeidh an ródaire ar fáil go hiomlán gan bhriseadh, agus go mbeidh an t-am freagartha i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla údaráis inniúla na mBallstát agus Europol. |
Forbrófar agus bainisteofar an ródaire sa chaoi go n-áiritheofar rochtain thapa, éifeachtúil agus rialaithe, go mbeidh an ródaire ar fáil go hiomlán gan bhriseadh, agus go mbeidh an t-am freagartha i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidmiú an dlí agus Europol. |
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfidh eu-LISA faisnéis maidir le teicneolaíocht arna soláthar ag páirtithe príobháideacha, lena n-áirítear an soláthróir, ar fáil go poiblí chun críocha na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 67 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) 2018/1726
Airteagal 19 – mír 1 – pointe ee a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2a) in Airteagal 19(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (ee): |
|
‘(eea) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le staid fhorbairt an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) ../.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [2021/0410(COD)] de bhun Airteagal 78(2) den Rialachán sin;’ |
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 67 – mír 1 – pointe 2 b (nua)
Rialachán (AE) 2018/1726
Airteagal 19 – mír 1 – pointe ff
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(2b) in Airteagal 19(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ff): |
(ff) (na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, agus maidir le feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, agus maidir le feidhmiú teicniúil EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus maidir le feidhmiú teicniúil ETIAS de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 2018/1240; |
‘(ff) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, ETIAS de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, agus an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) ../.. [2021/0410(COD)] de bhun Airteagal 78(5) de Rialachán (AE) ../...; |
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 67 – mír 1 – pointe 2 c (nua)
Rialachán (AE) 2018/1726
Airteagal 19 – mír 1 – pointe hh
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(2c) in Airteagal 19(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (hh): |
(hh) barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinneadh de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus bearta leantacha iomchuí na n-iniúchtaí sin a áirithiú; |
‘(hh) barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinne sé de bhun Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2018/1861, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/816 agus Airteagal 52 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) ../.. [2021/0410(COD)] agus bearta leantacha iomchuí na n-iniúchtaí sin a áirithiú;” |
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2019/818
Airteagal 39 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Bunaítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) chun críocha tacú, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais sin, le cuspóirí SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN agus chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críocha beartas, oibriúcháin agus cáilíocht sonraí. Tacóidh an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh le cuspóirí Prüm II freisin. |
1. Bunaítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) chun críocha tacú, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais sin, le cuspóirí SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN agus chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críocha beartas, oibriúcháin agus cáilíocht sonraí. Tacóidh CRRS le cuspóirí Rialachán (AE) … /… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [2021/0410(COD)] freisin.’ |
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2019/818
Airteagal 39 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
“2. Déanfaidh eu-LISA an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, arna scaradh go loighciúil ag córas faisnéise an Aontais Eorpaigh, a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla. Baileoidh eu-LISA na sonraí agus na staitisticí ón ródaire dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) .../... * [an Rialachán seo]. Is trí bhíthin slánrochtana a thabharfar rochtain do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862, in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 agus in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) .../...* [an Rialachán seo ] ar CRRS, agus rialú á dhéanamh ar rochtain agus próifílí úsáideoirí sonracha ann, agus is chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin, a thabharfar rochtain.” |
“2. Déanfaidh eu-LISA an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, arna scaradh go loighciúil ag córas faisnéise an Aontais Eorpaigh, a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla. Baileoidh eu-LISA na sonraí agus na staitisticí ón ródaire dá dtagraítear in Airteagal 70(1) de Rialachán (AE) .../... * [an Rialachán seo]. Is trí bhíthin próifílí úsáideoirí rialaithe, slánrochtana agus próifílí sonracha úsáideoirí a thabharfar rochtain ar CRRS, chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862, in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 agus in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) .../...* [an Rialachán seo ].” |
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus eu-LISA ar na sonraí seo a leanas a bhaineann leis an ródaire lena gceadú: |
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidmiú an dlí, an Choimisiúin, agus eu-LISA ar na sonraí seo a leanas a bhaineann leis an ródaire, de réir mar is ábhartha; |
Leasú 249
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) líon na gceisteanna in aghaidh an Bhallstáit agus Europol; |
(a) líon na gceisteanna in aghaidh an Bhallstáit agus Europol in aghaidh na catagóire sonraí; |
Leasú 250
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) líon na n-iarrataí ar chuardach in aghaidh na catagóire sonraí; |
scriosta |
Leasú 251
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) an líon meaitseanna deimhnithe ina ndearnadh sonraí lárnacha a mhalartú; agus |
(f) an líon meaitseanna deimhnithe ina ndearnadh bunsonraí a mhalartú; |
Leasú 252
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 1 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(f a) líon na meaitseanna deimhnithe nach ndearnadh bunsonraí a mhalartú; |
Leasú 253
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 1 – pointe f b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(f b) líon na meaitseanna neamhdheimhnithe; agus |
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin. |
Déanfar na sonraí a chomhiomlánú. Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin. |
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, Europol agus an Choimisiúin ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le Eucaris lena gceadú: |
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí, Europol agus an Choimisiúin ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le Eucaris lena gceadú: |
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin. |
Déanfar na sonraí a chomhiomlánú. Ní fhéadfar daoine aonair a shainaithint ó na sonraí sin |
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus Europol ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le EPRIS lena gceadú: |
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chucu sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidmiú an dlí, an Choimisiúin, agus Europol ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le EPRIS lena gceadú: |
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 4 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Stórálfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear sna míreanna sin. |
déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh arna bhunú de bhunhAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818. |
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 70 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh na sonraí ar chumas na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe a fháil chun éifeachtúlacht an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí a fheabhsú. |
Cuirfidh na sonraí ar chumas údarás inniúil na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí, Europol, eu-LISA agus an Coimisiún tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe a fháil chun éifeachtúlacht an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí a fheabhsú. |
Leasú 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do eu-LISA maidir leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 36, a fhéadfaidh úsáid a bhaint as an ródaire nó a bhféadfaidh rochtain a bheith acu air. |
1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do eu-LISA maidir leis na húdaráis inniúla um fhorfheidmiú an dlí dá dtagraítear in Airteagal 36 a fhéadfaidh úsáid a bhaint as an ródaire nó a bhféadfaidh rochtain a bheith acu air. |
Leasú 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Tabharfaidh gach Ballstát fógra do na Ballstáit eile, don Choimisiún, do eu-LISA agus do Europol maidir le hinneachar a bhunachar sonraí náisiúnta DNA a bhfuil feidhm ag Airteagail 5, 6 agus 7 maidir leo. |
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas faoina bhfuil ina bhunachair sonraí dachtalascópacha náisiúnta a bhfuil feidhm ag Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir leo. |
Leasú 263
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas faoina bhfuil ina bhunachair sonraí náisiúnta d’íomhánna den aghaidh a bhfuil feidhm ag Airteagail 21 agus 22 maidir leo. |
Leasú 264
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 2 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2d. Déanfaidh Ballstáit atá rannpháirteach i malartuithe uathoibríocha taifead póilíneachta de bhun Airteagail 25 agus 26 fógra a thabhairt do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus do Europol maidir le hinneachar a innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta, na bunachair sonraí náisiúnta a úsáidtear chun na hinnéacsanna sin a bhunú agus na coinníollacha le haghaidh cuardaigh uathoibrithe. |
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do Europol agus do eu-LISA maidir leis na pointí teagmhála náisiúnta. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do Europol agus do eu-LISA maidir lena bpointe teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29. Tiomsóidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála náisiúnta ar tugadh fógra dó ina leith agus cuirfidh sé ar fáil do gach Ballstát é. |
Leasú 266
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais tús a chur le húsáid ródaire trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: |
1. Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol tús a chur le húsáid an ródaire trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: |
Leasú 267
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) na bearta dá dtagraítear in Airteagal 37(6) glactha; |
(a) tá na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), Airteagal 10(3), Airteagal 15(4), Airteagal 19(3), Airteagal 23a(3), Airteagal 30 agus Airteagal 37(6) glactha; |
Leasú 268
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) Tá sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an ródaire tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a tugadh i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát agus Europol. |
(b) Tá sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an ródaire tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a tugadh i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát um fhorfheidmiú an dlí agus Europol. |
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Sa ghníomh cur chun feidhme sin, cinnfidh an Coimisiún freisin an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais tosú ag úsáid ródaire. Bliain amháin tar éis an dáta a chinnfear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a bheidh sa dáta sin. |
Sa ghníomh cur chun feidhme sin, cinnfidh an Coimisiún freisin an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit agus ar Europol tosú ag úsáid an ródaire. Bliain amháin tar éis an dáta a chinnfear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a bheidh sa dáta sin. |
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh an Coimisiún an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais tosú ag úsáid ródaire aon bhliain amháin ar a mhéad a chur siar i gcás inar léirigh measúnú ar chur chun feidhme an ródaire gur gá an cur siar sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Féadfaidh an Coimisiún an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais tosú ag úsáid an ródaire aon bhliain amháin ar a mhéad a chur siar i gcás inar léirigh measúnú ar chur chun feidhme an ródaire gur gá an cur siar sin. |
Leasú 271
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Cinnfidh an Coimisiún an dáta a thosóidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais ag baint úsáide as EPRIS trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: |
2. Cinnfidh an Coimisiún an dáta a thosóidh na Ballstáit agus Europol ag baint úsáide as EPRIS trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: |
Leasú 272
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) Tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar EPRIS tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a tugadh i gcrích i gcomhar le húdaráis na mBallstát. |
(b) Tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar EPRIS tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a tugadh i gcrích i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidmiú an dlí. |
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) Tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an nasc curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis na mBallstát agus le eu-LISA. |
(b) Tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an nasc curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí agus le eu-LISA. |
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 4 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) Tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an nasc curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis na mBallstát agus le eu-LISA. |
(b) Tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an nasc curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí agus le eu-LISA. |
Leasú 275
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 75(2). |
Leasú 276
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 77 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le Europol agus le eu-LISA, lámhleabhar praiticiúil ar fáil do chur chun feidhme agus do bhainistiú an Rialacháin seo. Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtas sa lámhleabhar praiticiúil. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm molta. |
Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, Europol, eu-LISA, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha lámhleabhar praiticiúil ar fáil do chur chun feidhme agus do bhainistiú an Rialacháin seo. Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtas sa lámhleabhar praiticiúil. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm molta faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil a nuashonrú go rialta agus i gcás inar gá. |
Leasú 277
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh eu-LISA agus Europol, faoi seach, go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ródaire agus EPRIS i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an ródaire agus EPRIS i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse. |
1. Áiritheoidh eu-LISA agus Europol, faoi seach, go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ródaire agus EPRIS i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar a bhfeidhmiú i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse. |
Leasú 278
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Faoin [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha an ródaire, cuirfidh eu-LISA faoi seach tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an ródaire. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin faoi na costais a tabhaíodh, mar aon le faisnéis faoi rioscaí ar bith a d’imreodh tionchar ar na costais fhoriomlána a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 72. |
Faoin [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha an ródaire, cuirfidh eu-LISA faoi seach tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an ródaire. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin faoi na costais a tabhaíodh, mar aon le faisnéis faoi rioscaí ar bith a d'imreodh tionchar ar na costais fhoriomlána a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 71. |
Leasú 279
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Faoin [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha EPRIS, cuirfidh Europol tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staid an ullmhúcháin do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt EPRIS, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe faoi na costais a tabhaíodh agus faisnéis faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána a bheidh le híoc ag buiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 72. |
Faoin [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha EPRIS, cuirfidh Europol tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt EPRIS, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe faoi na costais a tabhaíodh agus faisnéis faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána a bheidh le híoc ag buiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 71. |
Leasú 280
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA agus Europol ar an bhfaisnéis is gá maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh sa ródaire agus in EPRIS faoi seach. |
4. Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA agus Europol ar an bhfaisnéis is gá maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh sa ródaire agus in EPRIS faoi seach. Ní bheidh rochtain ar aon sonraí pearsanta san áireamh sa rochtain sin. |
Leasú 281
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 7 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Trí bliana tar éis thús oibríochtaí an ródaire agus EPRIS dá dtagraítear in Airteagal 74 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Prüm II, lena n-áirítear: |
Dhá bhliain tar éis thús oibríochtaí an ródaire agus EPRIS dá dtagraítear in Airteagal 73 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Prüm II, lena n-áirítear: |
Leasú 282
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 7 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo; |
(a) measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo do na Ballstáit uile agus Europol; |
Leasú 283
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 7 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar aon Bhallstát atá faoi réir nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach |
Leasú 284
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA agus don Choimisiún cibé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 5 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás ainmnithe. |
8. Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA agus don Choimisiún cibé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 5 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí. |
Leasú 285
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún agus do Europol chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 6 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás ainmnithe. |
9. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún agus do Europol chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 6 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na n-údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí. |
Leasú 286
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
10. Soláthróidh na Ballstáit, eu-LISA agus Europol don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit an líon meaitseanna deimhnithe in aghaidh bhunachar sonraí gach Ballstáit de réir catagóir sonraí ar fáil don Choimisiún freisin. |
10. Gan dochar do cheanglais rúndachta agus do chosaint imscrúduithe leanúnacha, soláthróidh na Ballstáit, eu-LISA agus Europol don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit an líon meaitseanna deimhnithe in aghaidh bhunachar sonraí gach Ballstáit de réir catagóir sonraí ar fáil don Choimisiún freisin. |
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (‘Prüm II’), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|||
Tagairtí |
COM(2021)0784 – C9-0455/2021 – 2021/0410(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
9.12.2021 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 27.1.2022 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 27.1.2022 |
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
BUDG 13.1.2022 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Paulo Rangel 31.3.2022 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
10.10.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
23.5.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
42 10 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Pietro Bartolo, Malin Björk, Vasile Blaga, Karolin Braunsberger-Reinhold, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Annika Bruna, Damien Carême, Clare Daly, Lena Düpont, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Andrzej Halicki, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Nuno Melo, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Emil Radev, Paulo Rangel, Isabel Santos, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Vincenzo Sofo, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Tomas Tobé, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Elena Yoncheva |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Susanna Ceccardi, Gwendoline Delbos-Corfield, Loucas Fourlas, José Gusmão, Alessandra Mussolini, Matjaž Nemec, Carina Ohlsson, Thijs Reuten, Paul Tang, Róża Thun und Hohenstein, Loránt Vincze, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marie Dauchy, Vlad Gheorghe |
|||
Dáta don chur síos |
26.5.2023 |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
42 |
+ |
ECR |
Patryk Jaki, Assita Kanko, Vincenzo Sofo |
ID |
Annika Bruna, Susanna Ceccardi, Marie Dauchy, Tom Vandendriessche |
NI |
Laura Ferrara |
PPE |
Vasile Blaga, Karolin Braunsberger-Reinhold, Lena Düpont, Loucas Fourlas, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Nuno Melo, Alessandra Mussolini, Emil Radev, Paulo Rangel, Sara Skyttedal, Tomas Tobé, Loránt Vincze, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Abir Al-Sahlani, Malik Azmani, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Vlad Gheorghe, Sophia in 't Veld, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Ramona Strugariu, Róża Thun und Hohenstein |
S&D |
Pietro Bartolo, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Matjaž Nemec, Carina Ohlsson, Thijs Reuten, Isabel Santos, Birgit Sippel, Paul Tang, Elena Yoncheva |
10 |
- |
NI |
Milan Uhrík |
The Left |
Malin Björk, Clare Daly, José Gusmão |
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Gwendoline Delbos-Corfield, Alice Kuhnke, Tineke Strik |
1 |
0 |
ID |
Nicolaus Fest |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh