Tuarascáil - A9-0201/2023Tuarascáil
A9-0201/2023

TUARASCÁIL maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh

30.5.2023 - (2023/2009(IMM))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Ilana Cicurel

Nós Imeachta : 2023/2009(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0201/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0201/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh

(2023/2009 (IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Maria Spyraki, a thíolaic an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, dar dáta an 15 Nollaig 2022 agus a fógraíodh i suí iomlánach an 19 Eanáir 2023,

 tar éis di éisteacht a thabhairt do Maria Spyraki i gcomhréir le Rialacha 95(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

 Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh[1], agus go háirithe Airteagal 29(2) de,

 ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019[2],

 ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí,

 ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0201/2023),

Α. de bhrí gur iarr Ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh go ndéanfaí díolúine pharlaiminteach Maria Spyraki a tharscaoileadh i gcomhthéacs imscrúdú leanúnach ar ghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith ina spreagadh calaoise i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 4 de Dhlí na Gréige 2803/2000, de réir mar is infheidhme ó tháinig forálacha idirthréimhseacha Airteagal 463(2) de Chód Coiriúil na Gréige i bhfeidhm (le héifeacht ón 1 Iúil 2019) i ndáil le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 98 de Chód Coiriúil na Gréige; i gcomhar le hAirteagal 46(1) agus le hAirteagal 98 de Chód Coiriúil na Gréige;

Β. de bhrí, tar éis tuarascáil OLAF a chláraigh OIPE an 1 Iúil 2021, gur oscail Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach na Gréige an t-imscrúdú i dtrácht an 8 Meán Fómhair 2021;

C. de bhrí go mbaineann na neamhrialtachtaí líomhnaithe, a raibh Maria Spyraki ar an eolas fúthu, go háirithe, le mainneachtain duine dá cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (APAnna) a bheith i láthair ina áit oibre idir Samhain 2016 agus Feabhra 2020 agus le comhlíonadh a dhualgas agus, ar an dara dul síos, le horduithe misin agus ráitis speansas a chur isteach agus aisíocaíochtaí a bhailiú le haghaidh misin nach ndearna beirt de APAnna Maria Spyraki, idir Samhain 2014 agus Feabhra 2020 maidir leis an gcéad cheann agus idir Iúil 2014 agus Feabhra 2020 i gcás an dara ceann;

D. de bhrí gur aisíoc Maria Spyraki leis an bParlaimint na méideanna uile a íocadh go míchuí go dtí seo; de bhrí nach ndéanann aisíoc na suimeanna sin difear don fhíoras go bhféadfadh sí a bheith faoi dhliteanas coiriúil;

E. de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir[3];

F. de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí nó vótaí arna gcaitheamh ag Maria Spyraki i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

G. de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann na Feisirí, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a dheonaítear do chomhaltaí pharlaimint náisiúnta a dtíre;

H. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 62 de Bhunreacht na Gréige, inter alia, nach ndéanfar, le linn an téarma pharlaimintigh, Feisirí den Pharlaimint a ionchúiseamh, a ghabháil, a phríosúnú ná a chur faoi aon srian eile gan údarú a fháil roimh ré ón bParlaimint;

I. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

J. de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh sí nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine a tharscaoileadh[4];

K. de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1. á chinneadh díolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste a chur ar aghaidh láithreach chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus chuig Maria Spyraki.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

23.5.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

9

6

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Ilana Cicurel, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Sabrina Pignedoli, Jiří Pospíšil, Lara Wolters

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Patrick Breyer, Andrzej Halicki, Emil Radev

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

João Albuquerque, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Liudas Mažylis, Ljudmila Novak

 

 

An nuashonrú is déanaí: 30 Bealtaine 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais