TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE
22.6.2023 - (COM(2022)0142 – C9‑0132/2022 – 2022/0095(COD)) - ***I
An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir: Alessandra Moretti
- DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
- IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA
- AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE
(COM(2022)0142 – C9‑0132/2022 – 2022/0095(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0142),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0132/2022),
– Ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Iúil 2022[1],
– Ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0218/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Is éard atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip25 straitéis na hEorpa maidir le fás inbhuanaithe a bhfuil sé a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, iomaíoch, neodrach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach. Leagtar amach an cuspóir uaillmhianach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Aithníonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais trí Eoraip níos cothroime, níos glaise agus níos digití a thógáil. Tá ról lárnach ag táirgí san aistriú glas seo. Ag cur i dtábhacht go bhfuil na próisis táirgthe agus na patrúin tomhaltais atá ann faoi láthair fós ró-líneach agus go bhfuil siad ag brath an iomarca ar thríchur ábhar nua a bhaintear, a thrádáiltear agus a phróiseáiltear agus a dhiúscraítear ar deireadh mar dhramhaíl nó mar astaíochtaí, cuireann an Comhaontú Glas don Eoraip béim ar an ngéarghá atá le haistriú go samhail an gheilleagair chiorclaigh agus cuireann sé béim ar an dul chun cinn suntasach atá fós le déanamh. Sainaithnítear leis in an éifeachtúlacht fuinnimh mar thosaíocht i ndícharbónú na hearnála fuinnimh agus i mbaint amach na gcuspóirí aeráide in 2030 agus 2050. |
(1) Is éard atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip25 straitéis na hEorpa maidir le fás inbhuanaithe a bhfuil sé a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, iomaíoch, neodrach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach agus comhshaol saor ó thocsainí. Leagtar amach an cuspóir uaillmhianach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Aithníonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais trí Eoraip níos cothroime, níos glaise agus níos digití a thógáil. Tá ról lárnach ag táirgí san aistriú glas seo. Ag cur i dtábhacht go bhfuil na próisis táirgthe agus na patrúin tomhaltais atá ann faoi láthair fós ró-líneach agus go bhfuil siad ag brath an iomarca ar thríchur ábhar nua a bhaintear, a thrádáiltear agus a phróiseáiltear agus a dhiúscraítear ar deireadh mar dhramhaíl nó mar astaíochtaí, cuireann an Comhaontú Glas don Eoraip béim ar an ngéarghá atá le haistriú go samhail an gheilleagair chiorclaigh agus cuireann sé béim ar an dul chun cinn suntasach atá fós le déanamh. Sainaithnítear leis in an éifeachtúlacht fuinnimh mar thosaíocht i ndícharbónú na hearnála fuinnimh agus i mbaint amach na gcuspóirí aeráide in 2030 agus 2050. |
__________________ |
__________________ |
25 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip COM(2019)40 final. |
25 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip COM(2019)40 final. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Chun dlús a chur leis an aistriú chuig samhail den gheilleagar ciorclach, cheap an Coimisiún clár oibre atá dírithe ar an todhchaí ina Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip a bheidh níos glaine agus níos iomaíche26 (CEAP), agus é ina chuspóir aige an creat rialála a chur in oiriúint do thodhchaí inbhuanaithe. Mar a leagtar amach sa phlean seo, níl aon tacar cuimsitheach ceanglas ann faoi láthair chun a áirithiú go mbeidh na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais ag éirí níos inbhuanaithe agus go gcomhlíonann siad critéir na ciorclaíochta. Go háirithe, le dearadh táirgí ní chuirtear inbhuanaitheacht chun cinn go leordhóthanach le linn na saolré iomláine. Dá thoradh sin, tá táirgí á n-athsholáthar go minic, lena mbaineann úsáid shuntasach fuinnimh agus acmhainní chun táirgí nua a tháirgeadh agus a dháileadh agus chun seantáirgí a dhiúscairt. Tá sé ródheacair fós d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh roghanna inbhuanaithe a dhéanamh maidir le táirgí ós rud é go bhfuil an fhaisnéis ábhartha nó roghanna inacmhainne chun é sin a dhéanamh in easnamh. Dá thoradh sin cailltear deiseanna i dtaca le hinbhuanaitheacht agus le hoibríochtaí luachchoinneála, leis an éileamh teoranta ar ábhair thánaisteacha agus le bacainní ar ghlacadh samhlacha gnó ciorclacha. |
(2) Chun dlús a chur leis an aistriú chuig samhail den gheilleagar ciorclach, cheap an Coimisiún clár oibre atá dírithe ar an todhchaí ina Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip a bheidh níos glaine agus níos iomaíche26 (CEAP), agus é ina chuspóir aige an creat rialála a chur in oiriúint do thodhchaí inbhuanaithe. Cuirtear i bhfios go láidir sa phlean go gcuirfidh an geilleagar ciorclach táirgí ardcháilíochta, feidhmiúla agus sábháilte ar fáil do na saoránaigh, ar táirgí iad atá éifeachtúil agus inacmhainne, a mhaireann níos faide agus atá ceaptha lena n-athúsáid, lena ndeisiú agus lena n-athchúrsáil ar ardcháilíocht. Mar a leagtar amach sa phlean seo, níl aon tacar cuimsitheach ceanglas ann faoi láthair chun a áirithiú go mbeidh na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais ag éirí níos inbhuanaithe agus go gcomhlíonann siad critéir na ciorclaíochta. Go háirithe, le dearadh táirgí ní chuirtear inbhuanaitheacht chun cinn go leordhóthanach le linn na saolré iomláine. Dá thoradh sin, tá táirgí á n-athsholáthar go minic, lena mbaineann úsáid shuntasach fuinnimh agus acmhainní chun táirgí nua a tháirgeadh agus a dháileadh agus chun seantáirgí a dhiúscairt. Tá sé ródheacair fós d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh roghanna inbhuanaithe a dhéanamh maidir le táirgí ós rud é go bhfuil an fhaisnéis ábhartha nó roghanna inacmhainne chun é sin a dhéanamh in easnamh. Dá thoradh sin cailltear deiseanna i dtaca le hinbhuanaitheacht agus le hoibríochtaí luachchoinneála, leis an éileamh teoranta ar ábhair thánaisteacha agus le bacainní ar ghlacadh samhlacha gnó ciorclacha. |
__________________ |
__________________ |
26 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach COM/2020/98 final. |
26 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach COM/2020/98 final. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Tá sé ríthábhachtach amhábhair chriticiúla a bheith ar fáil ar bhealach slán agus leordhóthanach le go n-éireoidh leis an dá aistriú Eorpach, agus tionscal Eorpach iomaíoch á áirithiú ag an am céanna. Tá sé tábhachtach ceanglais chuimsitheacha faisnéise a leagan síos maidir le hábhair, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla, maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais chun go mbainfear amach thorthaí an chur chuige a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2020 maidir le Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards greater Security and Sustainability1a [Athléimneacht Amhábhar Criticiúil:Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta] 1b agus i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2021 maidir le straitéis Eorpach le haghaidh amhábhair chriticiúla1b. |
|
__________________ |
|
1a teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards greater Security and Sustainability [Athléimneacht Amhábhar Criticiúil:Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta](COM(2020)0474) |
|
|
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I gcás nach bhfuil ann do reachtaíocht ar leibhéal an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise maidir le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeidh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán seo, déanfar an creat sin a chur ar fáil tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí. |
(4) I gcás nach bhfuil ann do reachtaíocht ar leibhéal an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise maidir le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeidh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála uaillmhianach chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán seo, déanfar an creat sin a chur ar fáil tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí. |
__________________ |
__________________ |
29 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). |
29 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Leis an Rialachán seo rannchuideofar le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur in oiriúint do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, dramhaíl a laghdú agus a áirithiú gur gnáthchaighdeán í feidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht de réir a chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, ar a n-athúsáid, ar a n-uasghrádaitheacht agus ar a n-indeisitheacht, ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú. |
(5) Leis an Rialachán seo, tacófar le patrúin táirgthe agus tomhaltais atá ailínithe le spriocanna inbhuanaitheachta foriomlána an Aontais, lena n-áirítear spriocanna aeráide, comhshaoil, fuinnimh, úsáide acmhainní agus bithéagsúlachta, agus beifear ag fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid, trí chreat reachtach a bhunú lena rannchuideofar le cuimsiú táirgí atá oiriúnach do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, le dramhaíl a laghdú agus lena áirithiú go ndéanfar gnáthchleachtas de réir a chéile d’fheidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, agus chun gur fearr is féidir iad a uasghrádú, a athchúrsáil agus a dheisiú, chun feabhas a chur ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) Cleachtais a fhágann go dtéann táirgí i léig roimh am nó a fhágann neamhfheidhmiúil iad, bíonn tionchar diúltach acu ar thomhaltóirí, agus bíonn tionchar diúltach acu ar an gcomhshaol mar gheall ar úsáid mhéadaithe ábhair inár ngeilleagar. Chun a áirithiú go mbeidh saolré fhada ag táirgí do thomhaltóirí, chun giniúint dramhaíola a laghdú agus chun rannchuidiú le tomhaltas inbhuanaithe, ba cheart aghaidh a thabhairt sa Rialachán seo ar chleachtais den sórt sin, go háirithe nuair is toradh iad ar roghanna deartha a dhéanann monaróirí, nuair nach gcuirtear nuashonruithe bogearraí nó gabhálais ar fáil laistigh de thréimhse iomchuí ama, nó nuair a bhíonn feidhmiúlacht teoranta ag táirge, agus tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an monaróir bunaidh á n-úsáid ag tomhaltóirí. Ós rud é gur bunchloch í an indeisitheacht le haghaidh saolré fhada do tháirgí, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán freisin nach gcuirfear bac ar dhíchóimeáil na bpríomh-chomhpháirteanna, agus nach mbeidh rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi pháirteanna spártha teoranta do dheisitheoirí údaraithe. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Sa Rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margaidh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’,30 chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur díol sásaimh di táirgí marthanacha a chur chun cinn, ar táirgí iad atá níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Ina thuarascáil maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Nua um an nGeilleagar Ciorclach Nua a glacadh an 16 Feabhra 202131, thacaigh Parlaimint na hEorpa tuilleadh leis an gclár oibre a chuir an Coimisiún i láthair i CEAP. Mheas sí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh ar an 11 Nollaig 202032, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin rún an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí. |
(6) Sa Rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margaidh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’30, d’iarr Parlaimint na hEorpa go leagfaí amach creat ceart chun a áirithiú go ndéanfaí táirgí marthanacha a tháirgeadh ar táirgí iad a bheadh níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil , agus cearta breise á gcur ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear ceanglais faisnéise agus tréimhsí ráthaíochta dlíthiúila níos faide. Ina rún an 10 Feabhra 2021 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach31, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfios go láidir gur cheart táirgí agus ábhair atá inbhuanaithe, ciorclach, sábháilte agus neamhthocsaineach a bheith ina ngnáthchleachtas i margadh an Aontais seachas ina n-eisceacht, agus gur cheart breathnú orthu mar an rogha réamhshocraithe, atá tarraingteach, inacmhainne agus inrochtana do gach tomhaltóir. D’iarr Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfadh spriocanna ceangailteacha an Aontais laghdú suntasach ar loirg ábhair agus tomhaltais an Aontais. Mheas sí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh ar an 11 Nollaig 202032, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin rún an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí. |
__________________ |
__________________ |
30 P9_TA(2020)0318. |
30 P9_TA(2020)0318. |
31 P9_TA(2021)0040. |
31 P9_TA(2021)0040. |
32 13852/20. |
32 13852/20. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú freisin le cuspóirí comhshaoil níos leithne an Aontais a bhaint amach. Cumhdaíonn an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil38 i gcreat dlíthiúil cuspóir an Aontais fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid agus sainaithnítear ann coinníollacha cumasúcháin chun cuspóirí tosaíochta a bhaint amach, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach san áireamh. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarrtar ar an Aontas freisin faireachán níos fearr a dhéanamh ar thruailliú aeir, uisce, ithreach agus táirgí tomhaltais, agus an truailliú sin a chosc agus a leigheas. Ciallaíonn sé sin nach mór ceimiceáin, ábhair agus táirgí a bheith chomh sábháilte agus chomh hinbhuanaithe agus is féidir ina ndearadh agus le linn a saolré, agus rud a bheidh timthriallta ábhar neamhthocsaineach ina thoradh air39. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le CEAP aithnítear go soláthraíonn margadh inmheánach an Aontais mais chriticiúil lenar féidir tionchar a imirt ar chaighdeáin dhomhanda maidir le hinbhuanaitheacht táirgí agus dearadh táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart ról nach beag a bheith ag an Rialachán seo maidir le roinnt spriocanna arna mbunú faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe ‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’40, laistigh agus lasmuigh den Aontas, a bhaint amach. |
(8) Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú freisin le cuspóirí comhshaoil níos leithne an Aontais a bhaint amach. Cumhdaíonn an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil38 i gcreat dlíthiúil cuspóir an Aontais fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid agus sainaithnítear ann coinníollacha cumasúcháin chun cuspóirí tosaíochta a bhaint amach, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach san áireamh. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarrtar ar an Aontas freisin faireachán níos fearr a dhéanamh ar thruailliú aeir, uisce, ithreach agus táirgí tomhaltais, agus an truailliú sin a chosc agus a leigheas. Ciallaíonn sé sin nach mór ceimiceáin, ábhair agus táirgí a bheith sábháilte agus inbhuanaithe anois nó amach anseo ina ndearadh agus le linn a saolré, agus rud a bheidh timthriallta ábhar neamhthocsaineach ina thoradh air39. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le CEAP aithnítear go soláthraíonn margadh inmheánach an Aontais mais chriticiúil lenar féidir tionchar a imirt ar chaighdeáin dhomhanda maidir le hinbhuanaitheacht táirgí agus dearadh táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart ról nach beag a bheith ag an Rialachán seo maidir le roinnt spriocanna arna mbunú faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe ‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’40, laistigh agus lasmuigh den Aontas, a bhaint amach. |
__________________ |
__________________ |
38 Cinneadh (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 [Cuir isteach tagairt nuair a fhoilseofar in IO é – comhaontú tríthaobhach an 2 Nollaig 2021]. |
38 Cinneadh (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 [Cuir isteach tagairt nuair a fhoilseofar in IO é – comhaontú tríthaobhach an 2 Nollaig 2021]. |
39 Mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais i dtreo neamh-thruailliú le haghaidh aeir, uisce agus ithreach (COM(2021)400 final) agus an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (COM(2020)667 final), ina n-iarrtar na spriocanna nialasacha maidir le truailliú a bhaint amach i dtáirgeadh agus i dtomhaltas. |
39 Mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais i dtreo neamh-thruailliú le haghaidh aeir, uisce agus ithreach (COM(2021)400 final) agus an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (COM(2020)667 final), ina n-iarrtar na spriocanna nialasacha maidir le truailliú a bhaint amach i dtáirgeadh agus i dtomhaltas. |
40 Lena n-áirítear spriocanna faoi SDG 12 go háirithe (‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’). |
40 Lena n-áirítear spriocanna faoi SDG 12 go háirithe (‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’). |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(12a) Bíonn ról ar leith ag an earnáil athláimhe maidir le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear samhlacha gnó ciorclacha nua a fhorbairt. De bharr shainiúlachtaí na hearnála sin, atá bunaithe ar shaolré táirge a dhéanamh níos faide agus ar gan dramhail a dhéanamh de, níor cheart táirgí athláimhe, go háirithe táirgí a ndéantar athchóiriú nó deisiú orthu, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad, a mheas mar tháirgí nua a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís agus níor cheart, dá bhrí sin, gur ghá ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh leo. Ba cheart táirgí dara láimhe a allmhairítear ó thríú tíortha a bheith i gcomhréir le ceanglais éicidhearthóireachta, ach ba cheart go bhféadfaí iad a dhíolmhú ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin nó meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna. |
(13) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin nó meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna. Tá sé tábhachtach go bhforbrófaí ceanglais chothrománacha go háirithe maidir le marthanacht agus indeisitheacht. Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun dul in oiriúint do cheanglais nua éicidhearthóireachta. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna ceanglais chothrománacha sin na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol a eascraíonn as úsáid a bhaint as comhluchtaire amháin le haghaidh roinnt táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar ghrúpaí táirgí a bhfuil cosúlachtaí teicniúla eatarthu a bheith feistithe le luchtairí coiteanna. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann ceanglais a shocrú de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear, ba cheart ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun feabhas a chur ar ghnéithe táirgí atá ábhartha d’inbhuanaitheacht comhshaoil, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht, indeisitheacht agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta. |
(14) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann ceanglais a shocrú de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear, ba cheart ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun feabhas a chur ar ghnéithe táirgí ábhartha maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht, indeisitheacht, in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht, agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta. Ba cheart na ceanglais sin a bheith bunaithe freisin ar na paraiméadair táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus, agus iad á socrú, ba cheart don Choimisiún cuspóirí an Aontais a chur san áireamh i réimsí na haeráide, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus na slándála acmhainní. Ba cheart go rannchuideodh na ceanglais sin le laghdú a dhéanamh ar loirg chomhshaoil, ábhair agus tomhaltais an Aontais chun iad a thabhairt laistigh de theorainneacha an phláinéid a luaithe is féidir. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta i gcás grúpa táirgí ar leith, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ceanglais feidhmíochta náisiúnta a shocrú a thuilleadh bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear faoi na ceanglais feidhmíochta sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, agus níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh ceanglais faisnéise náisiúnta a shocrú bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais faisnéise sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún a shuíomh nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta i bhfoirm ceanglas feidhmíochta agus/nó i bhfoirm ceanglas faisnéise i ndáil le paraiméadar sonrach táirge. |
(15) A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta i gcás grúpa táirgí ar leith, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ceanglais feidhmíochta náisiúnta a shocrú a thuilleadh bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear faoi na ceanglais feidhmíochta sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, agus níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh ceanglais faisnéise náisiúnta a shocrú bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais faisnéise sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún a shuíomh nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta i bhfoirm ceanglas feidhmíochta agus/nó i bhfoirm ceanglas faisnéise i ndáil le paraiméadar sonrach táirge. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh i gcás ina gcinneann sé gan ceanglais feidhmíochta nó faisnéise a leagan síos. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) Chun dúbláil iarrachtaí agus ualach rialála a sheachaint, ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó dá bun, go háirithe an reachtaíocht maidir le táirgí, ceimiceáin agus dramhaíl51. Mar sin féin, le cumhachtuithe faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais chun ceanglais a shocrú ag a bhfuil na héifeachtaí céanna nó comhchosúla leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ní chuirtear teorainn leis na cumhachtuithe a áirítear sa Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. |
(17) Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó dá bun, go háirithe an reachtaíocht maidir le táirgí, ceimiceáin, pacáistíocht agus dramhaíl.51. Mar sin féin, le cumhachtuithe faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais chun ceanglais a shocrú ag a bhfuil na héifeachtaí céanna nó comhchosúla leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ní chuirtear teorainn leis na cumhachtuithe a áirítear sa Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. |
__________________ |
__________________ |
51 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach dar teideal on the implementation of the circular economy package - options to address the interface between chemical, product and waste legislation [Maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach: roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht maidir le ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl] (COM(2018) 32 final). |
51 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach dar teideal on the implementation of the circular economy package - options to address the interface between chemical, product and waste legislation [Maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach: roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht maidir le ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl] (COM(2018) 32 final). |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(19) Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar shocrú na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt a thuilleadh bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an taithí atá aige measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, amhail an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún56, lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáide as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún treisiú breise a dhéanamh ar ghnéithe ciorclaíochta (amhail marthanacht, indeisitheacht, córas scórála deisithe san áireamh, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus ar athchúrsáil) maidir le measúnú a dhéanamh ar tháirgí agus maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige nua a bheith ag teastáil freisin chun critéir éigeantacha um sholáthar poiblí a ullmhú agus chun cosc a chur ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú. |
(19) Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar shocrú na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt a thuilleadh bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an taithí atá aige measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, amhail an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún56, lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh, chomh maith le réimse na hinnealtóireachta leictrí. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáid as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún gnéithe ciorclaíochta a threisiú tuilleadh (amhail marthanacht, indeisitheacht lena n-áirítear scóráil indeisitheachta, in-athchúrsáilteacht, in-athúsáidteacht, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus athchúrsáil) agus measúnú á dhéanamh ar tháirgí, i gcomhréir le cur chuige saolré d’fhonn ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige nua a bheith ag teastáil freisin chun critéir éigeantacha um sholáthar poiblí a ullmhú agus chun cosc a chur ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú. |
__________________ |
__________________ |
56 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl. |
56 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais feidhmíochta le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha don ghné táirge spriocdhírithe a sainaithníodh go bhféadfaí inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú ina leith. Féadfar a áireamh ar na ceanglais sin íosleibhéil nó uasleibhéil feidhmíochta i ndáil le paraiméadar an táirge, ceanglais neamhchainníochtúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht i ndáil le paraiméadar an táirge, nó ceanglais a bhaineann le feidhmíocht fheidhmiúil an táirge chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag na ceanglais feidhmíochta roghnaithe ar chumas an táirge an fheidhm ar ceapadh agus ar margaíodh é lena haghaidh a chomhlíonadh. Maidir le híosleibhéil nó le huasleibhéil, féadfaidh siad, mar shampla, a bheith i bhfoirm teorann ar thomhaltas fuinnimh sa chéim úsáide nó i bhfoirm cainníochtaí ábhair ar leith a ionchorpraítear sa táirge, i bhfoirm ceanglas maidir le híoschainníochtaí d’ábhar athchúrsáilte, nó i bhfoirm teorann ar chatagóir shonrach tionchair ar an gcomhshaol nó i bhfoirm comhiomlánaithe de na tionchair ábhartha uile ar an gcomhshaol. Sampla de cheanglas neamhchainníochtúil is ea an toirmeasc ar réiteach teicniúil sonrach a dhéanann dochar d’indeisitheacht an táirge. Úsáidfear ceanglais feidhmíochta chun a áirithiú go mbainfear na táirgí is neamhfheidhmiúla den mhargadh i gcás inar gá sin chun cur le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin. |
(20) Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais feidhmíochta le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha don ghné táirge spriocdhírithe a sainaithníodh go bhféadfaí inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú ina leith. Féadfar a áireamh ar na ceanglais sin íosleibhéil nó uasleibhéil feidhmíochta i ndáil le paraiméadar an táirge, ceanglais neamhchainníochtúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht i ndáil le paraiméadar an táirge, nó ceanglais a bhaineann le feidhmíocht fheidhmiúil an táirge chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag na ceanglais feidhmíochta roghnaithe ar chumas an táirge an fheidhm ar ceapadh agus ar margaíodh é lena haghaidh a chomhlíonadh. Maidir le híosleibhéil nó le huasleibhéil, féadfaidh siad, mar shampla, a bheith i bhfoirm teorann ar thomhaltas fuinnimh sa chéim úsáide nó i bhfoirm cainníochtaí ábhair ar leith a ionchorpraítear sa táirge, i bhfoirm ceanglas maidir le híoschainníochtaí d’ábhar athchúrsáilte, agus infhaighteacht ábhar athchúrsáilte á cur san áireamh, nó i bhfoirm teorann ar chatagóir shonrach tionchair ar an gcomhshaol nó i bhfoirm comhiomlánaithe de na tionchair ábhartha uile ar an gcomhshaol. Sampla de cheanglas neamhchainníochtúil is ea an toirmeasc ar réiteach teicniúil sonrach a dhéanann dochar d’indeisitheacht an táirge. Úsáidfear ceanglais feidhmíochta chun a áirithiú go mbainfear na táirgí is neamhfheidhmiúla den mhargadh agus chun bogadh de réir a chéile chuig na táirgí is fearr feidhmíocht i gcás inar gá sin chun rannchuidiú le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin. Ba cheart go ndéanfaí breathnú sa Rialachán seo freisin ar úsáid a bhaint as ábhar in-athnuaite arna bhfoinsiú go hinbhuanaithe i dtáirgí agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar scaoileadh nanaphlaisteach agus micreaphlaisteach. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Is gné aitheanta d’inbhuanaitheacht táirge í an tsábháilteacht cheimiceach. Tá sí bunaithe ar ghuaiseacha intreacha ceimiceán ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol in éineacht le nochtadh sonrach nó cineálach, agus tugtar aghaidh uirthi le reachtaíocht ceimiceán, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59, Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60, Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle61 agus Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle62. Níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú bunaithe ar shábháilteacht cheimiceach, mar a rinneadh faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia. Le dlí an Aontais maidir le ceimiceáin agus bia, áfach, ní cheadaítear aghaidh a thabhairt, trí shrianta ar shubstaintí áirithe, ar thionchair ar inbhuanaitheacht nach mbaineann le sábháilteacht cheimiceach ná le sábháilteacht bia. D’fhonn an teorannú sin a shárú, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha áirithe, srian a chur, go príomha ar chúiseanna seachas sábháilteacht cheimiceach nó sábháilteacht bia, ar shubstaintí atá i dtáirgí nó a úsáidtear ina bpróisis mhonaraíochta agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar inbhuanaitheacht táirgí. Níor cheart dúbláil ná ionadú srianta ar shubstaintí a chumhdaítear le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle63 a bheith mar thoradh ar an Rialachán seo ach oiread, Treoir a bhfuil sé mar chuspóir aici sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear aisghabháil agus diúscairt dramhaíola ó threalamh leictreach agus leictreonach arna ndéanamh ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de. |
(22) Is gné aitheanta d’inbhuanaitheacht táirge í an tsábháilteacht cheimiceach. Tá sí bunaithe ar ghuaiseacha intreacha ceimiceán ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol in éineacht le nochtadh sonrach nó cineálach, agus tugtar aghaidh uirthi le reachtaíocht ceimiceán, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59, Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60, Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle61 agus Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle62. Níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú bunaithe ar shábháilteacht cheimiceach, mar a rinneadh faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mura rud é go bhfuil riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, ar riosca é a eascraíonn as úsáid substainte atá sa táirge nó sa chomhpháirt táirge nuair a chuirtear ar an margadh í nó le linn chéimeanna a shaolré ina dhiaidh sin. Níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia. Le dlí an Aontais maidir le ceimiceáin agus bia, áfach, ní cheadaítear aghaidh a thabhairt, trí shrianta ar shubstaintí áirithe, ar thionchair ar inbhuanaitheacht nach mbaineann le sábháilteacht cheimiceach ná le sábháilteacht bia. D’fhonn an teorannú sin a shárú, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha áirithe, srian a chur ar shubstaintí atá i dtáirgí a mbíonn tionchar diúltach acu ar inbhuanaitheacht táirgí. Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo, i gcás inar gá, srianta ar shubstaintí a chumhdaítear le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle63, a bhfuil sé mar chuspóir aici sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear aisghabháil agus diúscairt dramhaíola ó threalamh leictreach agus leictreonach ar bhealach neamhdhíobhálach don chomhshaol, ach níor cheart dúbláil ná ionadú na srianta sin a bheith mar thoradh air. |
__________________ |
__________________ |
58 Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4). |
58 Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4). |
59 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpaighch Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.). |
59 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpaighch Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.). |
60 Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59). |
60 Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59). |
61 Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176). |
61 Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176). |
62 Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1). |
62 Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1). |
63 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88). |
63 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88). |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil an táirge nó a mharthanacht. Féadfaidh siad a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart ceanglais faisnéise den sórt sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta ar an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, ar phas táirge nó ar lipéad táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Trí bhonn láidir a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh. |
(23) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil agus carbóin an táirge agus a mharthanacht. Ba cheart dóibh a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart ceanglais faisnéise den sórt sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta ar an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh gan ach ceanglais faisnéise a leagan síos in ionad ceanglais feidhmíochta. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héasca, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, ar phas táirge nó ar lipéad táirge. Ba cheart faisnéis bhunriachtanach a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus cearta úsáideoirí deiridh a sholáthar do thomhaltóirí i gcónaí trí mhodhanna fisiceacha agus ba cheart rochtain a bheith uirthi trí iompróir sonraí atá ar an táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Ba cheart faisnéis atá ábhartha do chinneadh ceannaigh feasach a chur ar fáil don tomhaltóir sula gceannaítear an táirge. Trí bhonn láidir a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) I gcás ina mbeidh ceanglais faisnéise sna gníomhartha tarmligthe, féadfaidh siad ina theannta sin aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil le paraiméadar táirge ábhartha amháin nó níos mó, d’fhonn comparáid idir táirgí ar bhonn an pharaiméadair sin a éascú. Le haicmí feidhmíochta, ba cheart a bheith in ann táirgí a dhifreáil bunaithe ar a n-inbhuanaitheacht choibhneasta agus d’fhéadfadh tomhaltóirí agus údaráis phoiblí araon iad a úsáid. Dá réir sin, tá sé i gceist leo an margadh a chur chun cinn i dtreo táirgí níos inbhuanaithe. |
(24) I gcás ina mbeidh ceanglais faisnéise sna gníomhartha tarmligthe, féadfaidh siad ina theannta sin aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil le paraiméadar táirge ábhartha amháin nó níos mó, d’fhonn comparáid idir táirgí ar bhonn an pharaiméadair sin a éascú. Le haicmí feidhmíochta, ba cheart a bheith in ann táirgí a dhifreáil bunaithe ar a n-inbhuanaitheacht choibhneasta agus d’fhéadfadh tomhaltóirí agus údaráis phoiblí araon iad a úsáid. Dá réir sin, tá sé i gceist leo an margadh a chur chun cinn i dtreo táirgí níos inbhuanaithe gan cur as don fheidhmiúlacht. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag ceanglais faisnéise i dtaca le marthanacht agus indeisitheacht táirgí maidir le tomhaltóirí agus iad ag gabháil do phatrúin tomhaltais inbhuanaithe, ba cheart go bhféadfaí scóir indeisitheachta a bhunú leis an Rialachán seo. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán seo. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart an pas táirge a bheith ina chabhair le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, trí ghníomhaithe eile slabhra luacha, amhail deisitheoirí nó lucht athchúrsála, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus trína chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh. Chun na críche sin, níor cheart an pas táirge a ionadú ach comhlánú a dhéanamh ar na foirmeacha neamhdhigitiúla a bhaineann le faisnéis a tharchur, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán seo. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart go gcuideodh an pas táirgí le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar tháirgí ábhartha, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha agus do ghníomhaithe eile sa slabhra luacha, amhail deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí nó athchúrsálaithe rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha agus a chur ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta a gcuid dualgas a chomhlíonadh, gan cosaint faisnéise rúnda gnó a chur i mbaol. Chuige sin, níor cheart don phas táirge foirmeacha neamhdhigiteacha tarchurtha faisnéise a ionadú, ach ba cheart é iad a chomhlánú, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar an lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) Chun cineál an táirge agus a mhargadh a chur san áireamh, ba cheart an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge a scrúdú go cúramach ar bhonn cás ar chás agus rialacha a bhaineann go sonrach leis an táirge á n-ullmhú. Chun rochtain ar an bhfaisnéis a eascraíonn as sin a bharrfheabhsú agus cearta maoine intleachtúla á gcosaint an tráth céanna, ní mór an pas táirge a cheapadh agus a chur chun feidhme le go gceadófar rochtain dhifreáilte ar an bhfaisnéis a chuimsítear sa phas táirge ag brath ar chineál na faisnéise agus ar thíopeolaíocht na bpáirtithe leasmhara. Ar an gcaoi chéanna, chun costais atá ar chuideachtaí agus ar an bpobal a sheachaint, ar costais iad a bheadh díréireach leis na sochair níos leithne, ba cheart baint shonrach a bheith ag an bpas táirge leis an tsamhail ítime, bhaisce nó táirge, ag brath, mar shampla, ar chastacht an tslabhra luacha, ar mhéid, ar chineál nó ar thionchair na dtáirgí a bhreithnítear. |
(27) Chun cineál an táirge agus a mhargadh a chur san áireamh, ba cheart an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge a scrúdú go cúramach ar bhonn cás ar chás agus rialacha a bhaineann go sonrach leis an táirge á n-ullmhú, agus aird á tabhairt ar chásanna na n-ítimí uathúla agus ar chosaint faisnéise rúnda gnó. Chun rochtain ar an bhfaisnéis a eascraíonn as sin a bharrfheabhsú agus cearta maoine intleachtúla á gcosaint an tráth céanna, ní mór an pas táirge a cheapadh agus a chur chun feidhme le go gceadófar rochtain dhifreáilte ar an bhfaisnéis a chuimsítear sa phas táirge ag brath ar chineál na faisnéise agus ar thíopeolaíocht na bpáirtithe leasmhara. Ar an gcaoi chéanna, chun costais atá ar chuideachtaí agus ar an bpobal a sheachaint, ar costais iad a bheadh díréireach leis na sochair níos leithne, ba cheart baint shonrach a bheith ag an bpas táirge leis an tsamhail ítime, bhaisce nó táirge, ag brath, mar shampla, ar chastacht an tslabhra luacha, ar mhéid, ar chineál nó ar thionchair na dtáirgí a bhreithnítear. Ba cheart go mbeadh an pas táirge ar fáil ar feadh saolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad, ach ba cheart corrlach leordhóthanach a bheith ann chun a áirithiú go mbeadh an pas táirge ar fáil i gcásanna ina maireann an táirge níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) D’fhonn idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart na cineálacha iompróirí sonraí ceadaithe a shonrú. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir táirge uathúil a scaoileadh i gcomhréir le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú trí chaighdeáin a ionadú nó a chur isteach, ar caighdeáin iad ar i gcomhréir leo a fhéadfar an t-iompróir sonraí agus na haitheantóirí uathúla a scaoileadh, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch. Ba cheart a áirithiú leis sin go bhféadfaidh gach oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis atá sa phas táirge a thaifeadadh agus a tharchur, chomh maith le comhoiriúnacht an aitheantóra uathúil le comhpháirteanna seachtracha amhail gairis scanacháin a ráthú. |
(28) D’fhonn idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart na cineálacha iompróirí sonraí ceadaithe a shonrú. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir táirge uathúil a scaoileadh i gcomhréir le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Ba cheart do na sonraí a bheith inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí oscailte idir-inoibritheach gan an díoltóir a ghaibhniú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú trí chaighdeáin a ionadú nó a chur isteach, ar caighdeáin iad ar i gcomhréir leo a fhéadfar an t-iompróir sonraí agus na haitheantóirí uathúla a scaoileadh, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch. Ba cheart a áirithiú leis sin go bhféadfaidh gach oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis atá sa phas táirge a thaifeadadh agus a tharchur, chomh maith le comhoiriúnacht an aitheantóra uathúil le comhpháirteanna seachtracha amhail gairis scanacháin a ráthú. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(29) Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta seachas ar an bpas táirge nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoir eacnamaíoch a chosc, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí eile de chuid an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena gceadófaí do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófaí fíorú ar chomhlíontacht leis an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus aird á tabhairt ar infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla. |
(29) Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta seachas ar an bpas táirge nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoir eacnamaíoch a chosc, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú d’eisceacht ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí eile de chuid an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena gceadófaí do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófaí fíorú ar chomhlíontacht leis an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus aird á tabhairt ar infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla agus deireadh a chur leo i gcás inarb féidir. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) Chun rolladh amach éifeachtach an phas táirge a áirithiú, ba cheart dearadh teicniúil, ceanglais sonraí agus oibriú an phas táirge a bheith i gcomhréir le tacar ceanglas teicniúil riachtanach. Le ceanglais den sórt sin ba cheart bonn a sholáthar chun an pas táirge a imscaradh go comhsheasmhach thar earnálacha. Ba cheart sonraíochtaí teicniúla a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas fíor-riachtanach sin a áirithiú, i bhfoirm an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear san Iris Oifigiúil nó, mar rogha chúltaca, sonraíocht choiteann arna glacadh ag an gCoimisiún. Leis an dearadh teicniúil, ba cheart a áirithiú go mbeidh sonraí á n-iompar ar an bpas táirge ar bhealach slán, agus rialacha príobháideachais á n-urramú. Forbrófar an pas táirge digiteach i gcomhphlé oscailte le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun a dtuairimí a chur san áireamh agus sonraíochtaí teicniúla á bhforbairt agus chun a áirithiú go gcuideoidh siad le deireadh a chur le bacainní trádála ar tháirgí níos glaise agus le costais a ísliú d’infheistíochtaí, do mhargaíocht agus do chomhlíontacht inbhuanaithe. Chun go bhféadfar iad a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais theicniúla a bhaineann le hinrianaitheacht ar fud an tslabhra luacha a fhorbairt, a mhéid is féidir, bunaithe ar chur chuige comhthoiliúil agus ar rannpháirtíocht, ceannach isteach agus comhoibriú éifeachtach tacar éagsúil gníomhaithe, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, comhlachais tionscail, eagraíochtaí tomhaltóirí, saineolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear geilleagair i mbéal forbartha. |
(33) Chun rolladh amach éifeachtach an phas táirge a áirithiú, ba cheart dearadh teicniúil, ceanglais sonraí agus oibriú an phas táirge a bheith i gcomhréir le tacar ceanglas teicniúil riachtanach. Le ceanglais den sórt sin ba cheart bonn a sholáthar chun an pas táirge a imscaradh go comhsheasmhach thar earnálacha. Ba cheart sonraíochtaí teicniúla a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas fíor-riachtanach sin a áirithiú, i bhfoirm an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear san Iris Oifigiúil nó, mar rogha chúltaca, sonraíocht choiteann arna glacadh ag an gCoimisiún. Leis an dearadh teicniúil, ba cheart a áirithiú go mbeidh sonraí á n-iompar ar an bpas táirge ar bhealach slán, agus rialacha príobháideachais á n-urramú. Forbrófar an pas táirge digiteach i gcomhphlé oscailte le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun a dtuairimí a chur san áireamh agus sonraíochtaí teicniúla á bhforbairt agus chun a áirithiú go gcuideoidh siad le deireadh a chur le bacainní trádála ar tháirgí níos glaise a bhfuil saolré fadaithe agus ciorclaíocht acu, chun costais a ísliú d’infheistíochtaí, do mhargaíocht agus do chomhlíontacht inbhuanaithe agus chun tacú leis an nuálaíocht. Chun go bhféadfar iad a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais theicniúla a bhaineann le hinrianaitheacht ar fud an tslabhra luacha a fhorbairt, a mhéid is féidir, bunaithe ar chur chuige comhthoiliúil agus ar rannpháirtíocht, ceannach isteach agus comhoibriú éifeachtach tacar éagsúil gníomhaithe, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, comhlachais tionscail, gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí tomhaltóirí, saineolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear geilleagair i mbéal forbartha. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla laistigh de na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle66. Aon phróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún ar shonraí pearsanta, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle67. |
(35) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla laistigh de na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle66 , agus aird ar leith á tabhairt ar phrionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Aon phróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún ar shonraí pearsanta, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle67. Níor cheart sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a stóráil sa phas táirge digiteach. |
__________________ |
__________________ |
66 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). |
66 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1). |
67 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
67 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(39) Chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna níos inbhuanaithe, ba cheart faisnéis a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Is féidir leo bonn tapa amhairc a sholáthar do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rochtain a cheadú leo ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an bealach is éifeachtaí chun lipéid den sórt sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge. |
(39) Chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna inbhuanaithe, ba cheart faisnéis shoiléir shothuigthe a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Is féidir leo bonn tapa amhairc a sholáthar do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rochtain a cheadú leo ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an bealach is éifeachtaí chun lipéid den sórt sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(41) Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ar a bhfuil lipéad a dhéanann aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
(41) Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ar a bhfuil lipéad ar a bhfuil faisnéis mhíthreorach nó bhréagnaitheach nó a dhéanann aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí leanúint d’éicilipéad AE nó éicilipéad eile de chineál I atá ann cheana a thaispeáint mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 66/2010. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(42) Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí is mó tionchar ar dtús, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do na táirgí atá le rialáil faoin Rialachán seo agus do na ceanglais a mbeidh feidhm acu maidir leo. Ba cheart don Choimisiún plean oibre a ghlacadh bunaithe ar an bpróiseas a leanadh le haghaidh beartú tosaíochta faoi Threoir 2009/125/CE, lena gcumhdófaí 3 bliana ar a laghad, lena leagfaí síos liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith mar aon le gnéithe an táirge a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith a bhfuil feidhm chothrománach acu. Ba cheart don Choimisiún a thosaíocht a bhunú ar shraith critéar a bhaineann go háirithe le rannchuidiú féideartha na ngníomhartha tarmligthe le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh an Aontais agus a n-acmhainneacht chun feabhas a chur ar ghnéithe an táirge a roghnaítear gan costais dhíréireacha a bheith ar oibreoirí poiblí agus eacnamaíocha. I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun cuspóirí fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áireamh sna pleananna oibre sciar leordhóthanach de na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara freisin tríd an bhFóram Éicidhearthóireachta. I ngeall ar na comhlántachtaí idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, ba cheart na hamlínte i gcomhair an phlean oibre faoin Rialachán seo agus an ceann dá bhforáiltear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369 a ailíniú. |
(42) Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí is mó tionchar ar dtús, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do na táirgí atá le rialáil faoin Rialachán seo agus do na ceanglais a mbeidh feidhm acu maidir leo. Ba cheart don Choimisiún plean oibre a ghlacadh bunaithe ar an bpróiseas a leanadh le haghaidh beartú tosaíochta faoi Threoir 2009/125/CE, lena gcumhdófaí 3 bliana ar a laghad, lena leagfaí síos liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith mar aon le gnéithe an táirge a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith a bhfuil feidhm chothrománach acu, agus na hamlínte measta dá mbunú. Ba cheart an plean oibre agus na nuashonruithe air a bheith ar fáil go poiblí agus iad a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa sula nglacfar iad. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar na grúpaí táirgí sin a shainaithnítear sa Rialachán seo, agus a thosaíocht a bhunú ar shraith critéar a bhaineann go háirithe le rannchuidiú na ngníomhartha tarmligthe le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh an Aontais agus a n-acmhainneacht chun feabhas a chur ar ghnéithe an táirge a roghnaítear gan costais dhíréireacha a bheith ar oibreoirí poiblí agus eacnamaíocha. I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun cuspóirí fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áireamh sna pleananna oibre sciar leordhóthanach de na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara freisin tríd an bhFóram Éicidhearthóireachta. I ngeall ar na comhlántachtaí idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, ba cheart na hamlínte i gcomhair an phlean oibre faoin Rialachán seo agus an ceann dá bhforáiltear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369 a ailíniú. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(42a) Is ó thionscal na stroighne, mar cheann de na hearnálacha is mó atá dian ar fhuinneamh, ar ábhair agus ar charbón, a thagann thart ar 7 % de na hastaíochtaí domhanda agus 4 % d’astaíochtaí CO2 an Aontais 1a, rud a fhágann gur príomhearnáil í chun ailíniú le comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus le cuspóirí aeráide an Aontais a luaithe is féidir. Cé go bhfuil táirgí foirgníochta, lena n-áirítear stroighin, le cumhdach faoi [Rialachán atá le teacht lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 (2022/0094 COD)], fanann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun nach mbeidh easpa ceanglas táirge ann a bhfuil géarghá leo chun ár gcuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, ba cheart go gcuirfí na ceanglais sin san áireamh sa chéad phlean oibre eile den Rialachán seo in éagmais ceanglais leormhaithe feidhmíochta agus faisnéise le haghaidh na dtáirgí sin faoi [Rialachán atá le teacht lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 (2022/0094 COD)]. |
|
__________________ |
|
1d Roghanna dícharbónaithe do thionscal na stroighne, EUR 31378 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, ISBN 978-92-76-61599-6, doi:10.2760/174037, JRC131246. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 43
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(43) Agus aghaidh á tabhairt ar tháirgí foirgníochta, níor cheart don Rialachán seo ceanglais a leagan síos maidir le táirgí deiridh ach amháin nuair nach dócha go mbainfear amach go leordhóthanach na cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a shaothraítear leis an Rialachán seo leis na hoibleagáidí a chruthaítear leis [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] agus a chur chun feidhme. Ina theannta sin, agus pleananna oibre á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, i leanúint an chleachtais reatha, go dtabharfar leis [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta], i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh ar táirgí foirgníochta iad freisin, leitheadúlacht do na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos faoin Rialachán seo. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás téitheoirí, coirí, teaschaidéil, fearais téimh uisce agus spáis, gaothráin, córais fhuaraithe agus aerála agus táirgí fótavoltacha (seachas painéil fhótavoltacha foirgnimh). I gcás na dtáirgí sin, féadfaidh [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] idirghabháil a dhéanamh ar bhealach comhlántach i gcás inar gá, go príomha i ndáil le gnéithe sábháilteachta, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le táirgí amhail fearais gháis, voltas íseal agus innealra á cur san áireamh. |
(43) Agus pleananna oibre á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, i leanúint an chleachtais reatha, go dtabharfar leis [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta], i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh ar táirgí foirgníochta iad freisin, leitheadúlacht do na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos faoin Rialachán seo. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás téitheoirí, coirí, teaschaidéil, fearais téimh uisce agus spáis, gaothráin, córais fhuaraithe agus aerála agus táirgí fótavoltacha (seachas painéil fhótavoltacha foirgnimh). I gcás na dtáirgí sin, féadfaidh [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] idirghabháil a dhéanamh ar bhealach comhlántach i gcás inar gá, go príomha i ndáil le gnéithe sábháilteachta, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le táirgí amhail fearais gháis, voltas íseal agus innealra á cur san áireamh. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(44) D’fhonn féinrialáil a spreagadh mar rogha mhalartach bhailí ar chineálacha cur chuige rialála, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo, i leanúint Threoir 2009/125/CE, go bhféadfadh an tionscal bearta féinrialála a thíolacadh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na bearta féinrialála arna mbeartú ag an tionscal, mar aon leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a thíolaic na sínitheoirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i bhfianaise ghealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais agus an ghá atá le comhsheasmhacht le dlí an Aontais a áirithiú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomh a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ina liostaítear na bearta féinrialála a mheastar a bheith ina malairtí bailí ar ghníomh tarmligthe lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta. Is iomchuí freisin, mar shampla i bhfianaise forbairtí ábhartha sa mhargadh nó forbairtí teicneolaíocha laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann, go mbeadh an Coimisiún in ann leagan athbhreithnithe den bheart féinrialála a iarraidh aon uair a mheastar gur gá sin. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh cur chun feidhme, tá ionchas dlisteanach ann d’oibreoirí eacnamaíocha nach nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta don ghrúpa táirgí sonrach sin. Ní chuirtear as an áireamh, áfach, go bhféadfaidh an Coimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a ghlacadh freisin a mbeadh feidhm acu maidir leis na táirgí a chumhdaítear le beart féinrialúcháin aitheanta le haghaidh ghnéithe an táirge nach dtugtar aghaidh orthu leis an mbeart féinrialála sin. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, ba cheart dó an fhéinrialáil sin a bhaint den ghníomh cur chun feidhme ina liostaítear na bearta féinrialála aitheanta. Dá bhrí sin, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú ansin do na grúpaí táirgí ar tugadh aghaidh orthu roimhe seo leis an mbeart féinrialála, i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
(44) D’fhonn féinrialáil a spreagadh mar rogha mhalartach bhailí ar chineálacha cur chuige rialála, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo, i leanúint Threoir 2009/125/CE, go bhféadfadh an tionscal bearta féinrialála a thíolacadh nuair nach n-áirítear na táirgí nó na grúpaí táirgí sin sa phlean oibre éicidhearthóireachta. Ba cheart bearta féinrialála a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na bearta féinrialála arna mbeartú ag an tionscal, mar aon leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a thíolaic na sínitheoirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i bhfianaise ghealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais agus an ghá atá le comhsheasmhacht le dlí an Aontais a áirithiú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun gníomh a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ina liostaítear na bearta féinrialála a mheastar a bheith ina malairtí bailí ar ghníomh tarmligthe lena leagtar síos ceanglais. Is iomchuí freisin, mar shampla i bhfianaise forbairtí ábhartha sa mhargadh nó forbairtí teicneolaíocha laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann, go mbeadh an Coimisiún in ann leagan athbhreithnithe den bheart féinrialála a iarraidh aon uair a mheastar gur gá sin. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe, tá ionchas dlisteanach ann d’oibreoirí eacnamaíocha nach nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta don ghrúpa táirgí sonrach sin. Ní chuirtear as an áireamh, áfach, go bhféadfaidh an Coimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a ghlacadh freisin a mbeadh feidhm acu maidir leis na táirgí a chumhdaítear le beart féinrialúcháin aitheanta le haghaidh ghnéithe an táirge nach dtugtar aghaidh orthu leis an mbeart féinrialála sin. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, ba cheart dó an fhéinrialáil sin a bhaint den ghníomh tarmligthe ina liostaítear na bearta féinrialála aitheanta. Dá bhrí sin, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú ansin do na grúpaí táirgí ar tugadh aghaidh orthu roimhe seo leis an mbeart féinrialála, i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 45
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(45) D’fhéadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith i gceist le roinnt de na ceanglais freisin. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta sonracha, faisnéis leordhóthanach a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, ríomh lorg comhshaoil an táirge agus cur chun feidhme teicniúil an phas táirge a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. |
(45) D’fhéadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith i gceist le roinnt de na ceanglais freisin. Chun tacú le FBManna, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta faoi seach, faisnéis leordhóthanach a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear trí uirlisí airgeadais cistithe agus maoinithe atá ann cheana, do mhicrifhiontair agus do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Ba cheart sásraí sonracha ar a laghad a áireamh sna bearta sin chun comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa phas táirge a éascú agus chun measúnuithe saolré a dhéanamh. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(46) Díothú táirgí tomhaltais gan díol, amhail teicstílí agus coisbheart, ag oibreoirí eacnamaíocha, tá sé ina fhadhb chomhshaoil fhorleathan ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar an bhfás tapa atá tagtha ar dhíolacháin ar líne. Caillteanas acmhainní eacnamaíocha luachmhara atá i gceist de réir mar a dhéantar earraí a tháirgeadh, a iompar agus a scriosadh ina dhiaidh sin gan iad a úsáid riamh chun na críche a ceapadh dóibh. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, go mbunaítear leis an Rialachán seo creat chun díothú táirgí gan díol a chosc, ar táirgí iad a ceapadh go príomha do thomhaltóirí de bhun Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle69, lena n-áirítear táirgí arna gcur ar ais ag tomhaltóir i bhfianaise a chirt tarraingt siar mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle70. Laghdóidh sé sin tionchar na dtáirgí sin ar an gcomhshaol trí ghiniúint dramhaíola a laghdú agus trí rótháirgeadh táirgí a dhídhreasú. Ina theannta sin, ós rud é gur thug roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta isteach maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú, rud a chruthaíonn saobhadh margaidh, tá gá le rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú chun a áirithiú go mbeidh dáileoirí, miondíoltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha agus na ndreasachtaí céanna ar fud na mBallstát. |
(46) Díothú táirgí tomhaltais gan díol, amhail teicstílí agus coisbheart chomh maith le trealamh nó feistí leictreacha agus leictreonacha ag oibreoirí eacnamaíocha, tá sé ina fhadhb chomhshaoil fhorleathan ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar an bhfás tapa atá tagtha ar dhíolacháin ar líne. Caillteanas acmhainní eacnamaíocha luachmhara atá i gceist de réir mar a dhéantar earraí a tháirgeadh, a iompar agus a scriosadh ina dhiaidh sin gan iad a úsáid riamh chun na críche a ceapadh dóibh. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, go mbunaítear leis an Rialachán seo creat chun díothú táirgí gan díol a chosc, ar táirgí iad a ceapadh go príomha do thomhaltóirí de bhun Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle69, lena n-áirítear táirgí arna gcur ar ais ag tomhaltóir i bhfianaise a chirt tarraingt siar mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle70. Laghdóidh sé sin tionchar na dtáirgí sin ar an gcomhshaol trí ghiniúint dramhaíola a laghdú agus trí rótháirgeadh táirgí a dhídhreasú. Ina theannta sin, ós rud é gur thug roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta isteach maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú, rud a chruthaíonn saobhadh margaidh, tá gá le rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú chun a áirithiú go mbeidh dáileoirí, miondíoltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha agus na ndreasachtaí céanna ar fud na mBallstát. |
__________________ |
__________________ |
69 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 6). |
69 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 6). |
70 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). |
70 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64). |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(47) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a dhídhreasú agus chun sonraí a ghiniúint a thuilleadh maidir leis an gcleachtas sin a bheith ag tarlú, ba cheart oibleagáid trédhearcachta a thabhairt isteach leis an Rialachán seo d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil táirgí tomhaltais acu san Aontas, lena gceanglófaí orthu faisnéis a nochtadh maidir le líon na dtáirgí tomhaltais gan díol lena bhfaightear réidh in aghaidh na bliana. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch an cineál táirge nó an chatagóir táirgí, na cúiseanna le fáil réidh leo agus a seachadadh le haghaidh oibríochtaí cóireála dramhaíola ina dhiaidh sin a léiriú. Cé gur cheart an tsaoirse a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha a chinneadh conas an fhaisnéis sin a nochtadh ar bhealach is iomchuí dá dtimpeallacht ghnó, ba cheart a mheas gur dea-chleachtas é an fhaisnéis riachtanach a áireamh i ráiteas neamhairgeadais atá ar fáil go poiblí arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 19a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle71 i gcás inarb infheidhme. |
(47) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a dhídhreasú agus chun sonraí a ghiniúint a thuilleadh maidir leis an gcleachtas sin a bheith ag tarlú, ba cheart oibleagáid trédhearcachta a thabhairt isteach leis an Rialachán seo d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil táirgí tomhaltais acu san Aontas, lena gceanglófaí orthu faisnéis a nochtadh maidir le líon na dtáirgí tomhaltais gan díol lena bhfaightear réidh in aghaidh na bliana ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an cineál táirge nó an chatagóir táirgí, na cúiseanna lena ndiúscairt agus lena seachadadh le haghaidh oibríochtaí cóireála dramhaíola dá éis sin a léiriú. Ba cheart a mheas ina theannta sin gur dea-chleachtas é an fhaisnéis riachtanach a áireamh i ráiteas neamhairgeadais atá ar fáil go poiblí arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 19ú de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle71 i gcás gurb infheidhme. |
__________________ |
__________________ |
71 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19). |
71 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19). |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(48) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a sheachaint, i gcás ina bhfuil díothú na dtáirgí sin forleathan, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar dhíothú táirgí den sórt sin. I bhfianaise an réimse leathain táirgí a d’fhéadfaí a dhíothú gan iad a dhíol ná a úsáid riamh, is gá cumhachtú den sórt sin a bhunú sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe maidir le grúpaí sonracha táirgí atá le cinneadh ar bhonn measúnú ón gCoimisiún ar a mhéid a dhíothaítear na táirgí sin sa chleachtas, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha á cur san áireamh i gcás inarb iomchuí. Chun a áirithiú go bhfuil an oibleagáid sin comhréireach, ba cheart don Choimisiún díolúintí sonracha a mheas faoina bhféadfaí táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh fós, mar shampla i bhfianaise saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta. Chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an toirmisc sin agus chun imchéimniú a dhídhreasú, ba cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha líon na dtáirgí tomhaltais gan díol arna ndíothú agus na cúiseanna lena ndíothú faoi na díolúintí is infheidhme a nochtadh. Ar deireadh, chun aon ualach riaracháin míchuí ar FBManna a sheachaint, ba cheart iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir lena dtáirgí gan díol a nochtadh agus ón toirmeasc ar fháil réidh le grúpaí táirgí sonracha a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe. I gcás ina bhfuil fianaise réasúnta ann, áfach, go bhféadfaí FBManna a úsáid chun dul timpeall ar na hoibleagáidí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal, sna gníomhartha tarmligthe sin, i gcás roinnt grúpaí táirgí, go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide. |
(48) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a sheachaint, i gcás ina bhfuil díothú na dtáirgí sin forleathan, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar dhíothú na dtáirgí sin. I bhfianaise an réimse leathain táirgí a d’fhéadfaí a dhíothú gan iad a dhíol ná a úsáid riamh, is gá na cumhachtú sin a bhunú sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe maidir le grúpaí sonracha táirgí atá le cinneadh ar bhonn measúnú ón gCoimisiún ar a mhéid a dhíothaítear na táirgí sin sa chleachtas, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha á cur i gcuntas i gcás inarb iomchuí. Chun a áirithiú go bhfuil an oibleagáid sin comhréireach, ba cheart don Choimisiún díolúintí sonracha a mheas faoina bhféadfaí táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh fós, mar shampla i bhfianaise saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta. Ba cheart don Choimisiún freisin go leor ama a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha chun dul i dtaithí ar cheanglais nua toirmisc den sórt sin. Chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an toirmisc sin agus chun imchéimniú a dhídhreasú, ba cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha líon na dtáirgí tomhaltais gan díol arna ndíothú agus na cúiseanna lena ndíothú faoi na díolúintí is infheidhme a nochtadh. Ar deireadh, chun aon ualach riaracháin míchuí ar fhiontair bheaga, mheánmhéide agus micrifhiontair a sheachaint, ba cheart iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir lena dtáirgí gan díol a nochtadh agus ón toirmeasc ar fháil réidh le grúpaí táirgí sonracha a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe. I gcás ina bhfuil fianaise réasúnta ann, áfach, go bhféadfaí fiontair bheaga, mheánmhéide agus micrifhiontair a úsáid chun dul timpeall ar na hoibleagáidí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal, sna gníomhartha tarmligthe sin, i gcás roinnt grúpaí táirgí, go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide. Bliain amháin tar éis... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart go mbeadh toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh i gcás teicstílí agus coisbhirt, agus i gcás trealamh leictreach agus leictreonach, ós rud é go bhfuil dóthain fianaise ann chun a léiriú go bhfuil scriosadh na dtáirgí sin ag tarlú agus go bhfuil sé díobhálach don chomhshaol. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74 i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Chun an comhar a fheabhsú a thuilleadh chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha, ba cheart oibleagáidí nithiúla a áireamh sa Rialachán seo chun an comhar sin a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le margaí ar líne. Mar shampla, bíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh ag cur feabhais i rith an ama ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais margaidh ar líne chun táirgí neamhchomhlíontacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadan. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne freisin. |
(59) Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74 i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Chun coinneáil suas le forbairt theicneolaíoch agus le modhanna nua díola, ba cheart feidhm a bheith ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dearaidh a leagtar síos do sholáthraithe margaí ar líne in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74a chun críoch na faisnéise a cheanglaítear le hAirteagal 25 agus Airteagal 30(1) den Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na gceanglas a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. Ba cheart forfheidhmiú na n-oibleagáidí sin a bheith faoi réir na rialacha a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. Chun críocha Airteagal 31, mír 3 de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne úsáid a bhaint as an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad. Ba cheart gurbh ionann an pointe teagmhála aonair faoin Rialachán seo agus an pointe teagmhála faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2065, gan an cuspóir i leith fadhbanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil ar bhealach tapa sonrach a chur i mbaol. |
_________________ |
_________________ |
74 Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |
74 Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |
|
74A Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1). |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 68
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(68) In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí coiteanna mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra a éascú maidir leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh, mar shampla nuair atá an próiseas caighdeánaithe blocáilte mar gheall ar easpa comhdhearcaidh idir páirtithe leasmhara nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar chaighdeán comhchuibhithe a bhunú. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul i muinín an réitigh sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart go mbeadh comhlíontacht sonraíochtaí coiteanna ina cúis le toimhde na comhréireachta freisin. |
(68) Is é atá i gcreat caighdeánaithe reatha an Aontais atá bunaithe ar phrionsabail an ‘Cur Chuige Nua’ mar a thugtar air agus ar phrionsabail Rialachán (AE) 1025/2012 an creat chun caighdeáin a mhionsaothrú lena soláthraítear toimhde comhréireachta leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán sin. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí coiteanna, trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh a éascú, mar shampla nuair a chuirtear bac ar an bpróiseas caighdeánaithe mar gheall ar easpa comhthola idir geallsealbhóirí nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ann maidir le caighdeán comhchuibhithe a bhunú agus nach féidir an spriocdháta a leagadh síos a chomhlíonadh. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul i muinín an réitigh sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart go mbeadh comhlíontacht sonraíochtaí coiteanna ina cúis le toimhde na comhréireachta freisin. Chun éifeachtúlacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún ról a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna lena gcumhdaítear ceanglais éicidhearthóireachta an Rialacháin sin. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 86
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(86) Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach mbíonn na táirgí atá níos inbhuanaithe inacmhainne go leor, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíochta i measc na dtáirgí sin ar socraíodh aicmí feidhmíochta dóibh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde, mura léirítear a mhalairt leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na paraiméadair táirgí nó na leibhéil ghaolmhara feidhmíochta a bhaineann le dreasachtaí na mBallstát a shonrú a thuilleadh i gcás nach gcinntear aon aicme feidhmíochta sa ghníomh tarmligthe is infheidhme nó i gcás ina mbunaítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar táirge amháin. Tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. |
(86) Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach bhfuil na táirgí atá níos inbhuanaithe inacmhainne go leor, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin nach féidir a úsáid ach amháin chun táirgí agus seirbhísí lena n-urramaítear an comhshaol a cheannach, agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíochta i measc na dtáirgí sin ar socraíodh aicmí feidhmíochta dóibh trí ghníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde, mura léirítear a mhalairt leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na paraiméadair táirgí nó na leibhéil ghaolmhara feidhmíochta a bhaineann le dreasachtaí na mBallstát a shonrú a thuilleadh i gcás nach gcinntear aon aicme feidhmíochta sa ghníomh tarmligthe is infheidhme nó i gcás ina mbunaítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar táirge amháin. Ba cheart tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 87
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(87) Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE78 agus 2014/25/AE79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar a chur i gcomhréir le critéir nó spriocanna sonracha maidir le soláthar poiblí glas, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart na critéir nó na spriocanna a leagtar síos le gníomhartha tarmligthe do ghrúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh, ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach freisin i gconarthaí oibreacha poiblí nó seirbhísí poiblí i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le critéir nó spriocanna éigeantacha go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr. Ba cheart go mbeadh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. |
(87) Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE78 agus 2014/25/AE79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar a chur i gcomhréir le critéir nó spriocanna sonracha maidir le soláthar poiblí glas, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart na critéir nó na spriocanna a leagtar síos le gníomhartha tarmligthe do ghrúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh, ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach freisin i gconarthaí oibreacha poiblí nó seirbhísí poiblí i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le critéir nó spriocanna éigeantacha go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr sna Ballstáit uile. Ba cheart go mbeadh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. |
__________________ |
__________________ |
78 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65). |
78 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65). |
79 Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243). |
79 Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243). |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 88
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(88) Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán seo agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos fearr, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin seo i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sonracha breise sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc. |
(88) Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán seo agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos fearr, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin seo i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sonracha breise sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc agus comhlíontacht a athbhunú i gcás inarb ábhartha. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 90
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(90) Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta tiomnaithe a tharraingt suas ina sainaithneofar na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht táirgí ábhartha leis na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú. I gcás inarb ábhartha, ba cheart an plean gníomhaíochta sin a bheith ina chuid de straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna nglacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020. |
(90) Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta tiomnaithe a tharraingt suas ina sainaithneofar na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíonadh na dtáirgí ábhartha nó na gceanglas éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú nó chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta ábhartha. I gcás inarb ábhartha, ba cheart an plean gníomhaíochta sin a bheith ina chuid de straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna nglacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 91
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(91) Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun táirgí agus ceanglais a chinneadh ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh i gcomhthéacs a bpleananna gníomhaíochta lena sainaithnítear tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht a laghdú. |
(91) Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht nó líon na ngearán a fuarthas. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun táirgí agus ceanglais a chinneadh ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh i gcomhthéacs a bpleananna gníomhaíochta lena sainaithnítear tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht a laghdú. |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 92
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(92) I gcás ina mbreathnaítear leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta leis na ceanglais éicidhearthóireachta in ainneoin na pleanála, an chomhordaithe agus na tacaíochta feabhsaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar scála leordhóthanach. Dá bhrí sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun líon íosta seiceálacha a leagan síos atá le déanamh ar tháirgí sonracha nó ar cheanglais shonracha. Ba cheart an cumhachtú sin a bheith sa bhreis ar an gcumhachtú in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
(92) I gcás ina mbreathnaítear leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta leis na ceanglais éicidhearthóireachta in ainneoin na pleanála, an chomhordaithe agus na tacaíochta feabhsaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh go pras agus go héifeachtúil chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar scála leordhóthanach. Dá bhrí sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun líon íosta seiceálacha a leagan síos atá le déanamh ar tháirgí sonracha nó ar cheanglais shonracha. Ba cheart an cumhachtú sin a bheith sa bhreis ar an gcumhachtú in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 94
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(94) Chun comhordú na n-údarás um fhaireachas margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán seo a laghdú, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais éicidhearthóireachta a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint. |
(94) Chun comhordú na n-údarás um fhaireachas margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán sin a laghdú nó deireadh a chur leis, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais éicidhearthóireachta a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 95
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(95) Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail um fhaireachas agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus oiliúint choiteann d’fhoireann na n-údarás um fhaireachas margaidh, do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais éicidhearthóireachta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gcás inar gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad. |
(95) Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail um fhaireachas agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus oiliúint choiteann d’fhoireann na n-údarás um fhaireachas margaidh, do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais éicidhearthóireachta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 101
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(101) Chun muinín as na táirgí a chuirtear ar an margadh a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfíoras go gcomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta, ní mór don phobal a bheith cinnte go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh faoi réir pionós. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíontacht leis an Rialacháin seo. |
(101) Chun muinín as na táirgí a chuirtear ar an margadh a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfíoras go gcomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta, ní mór don phobal a bheith cinnte go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh faoi réir pionós. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíontacht leis an Rialacháin seo. Chun cur i bhfeidhm na bpionós ar bhealach níos comhsheasmhaí a éascú, ba cheart critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha a leagan síos chun na cineálacha agus na leibhéil pionóis atá le forchur i gcás sáruithe ar an Rialachán seo a chinneadh. Ba cheart do na critéir sin, inter alia, cineál agus tromchúis an tsáraithe agus na tairbhí eacnamaíocha a baineadh as agus an damáiste a rinneadh don chomhshaol mar gheall ar an sárú a chur san áireamh, a mhéid is féidir iad a chinneadh. |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Bunaítear creat leis an Rialachán seo chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí agus chun saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos, ar ceanglais iad a chomhlíonfaidh táirgí ionas go gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Na ceanglais éicidhearthóireachta sin, a mhionsaothróidh an Coimisiún a thuilleadh i ngníomhartha tarmligthe, baineann siad leis an méid seo a leanas: |
Bunaítear creat leis an Rialachán seo chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí chun gurb ionann táirgí inbhuanaithe agus an norm agus chun a lorg foriomlán comhshaoil a laghdú le linn a saolré, agus chun saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos, ar ceanglais iad a chomhlíonfaidh táirgí ionas go gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Na ceanglais éicidhearthóireachta sin, a mhionsaothróidh an Coimisiún a thuilleadh i ngníomhartha tarmligthe, baineann siad leis an méid seo a leanas: |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) athmhonarú agus athchúrsáil táirgí; |
(g) athmhonarú táirgí; |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe g a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ga) athchúrsáil táirgí; |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) ciallaíonn ‘deireadh ré’ an chéim sa tsaolré a thosaíonn nuair a dhéantar táirge a dhiúscairt agus a chríochnaíonn nuair a chuirtear an táirge ar ais sa dúlra mar tháirge dramhaíola nó nuair a théann sé isteach i saolré táirge eile; |
(13) ciallaíonn ‘deireadh ré’ an chéim sa tsaolré a thosaíonn nuair a dhéantar táirge a dhiúscairt agus a chríochnaíonn nuair a chuirtear ábhar dramhaíola an táirge ar ais sa dúlra nó nuair a théann sé isteach i saolré táirge eile; |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) ciallaíonn ‘aicme feidhmíochta’ raon leibhéal feidhmíochta i ndáil le paraiméadar táirge amháin nó níos mó de na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus iad ordaithe ina gcéimeanna leantacha chun gur féidir difreáil táirgí a dhéanamh; |
(15) ciallaíonn ‘aicme feidhmíochta’ raon leibhéal feidhmíochta i ndáil le paraiméadar táirge amháin nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, a bhunaítear ar mhodheolaíocht choiteann don táirge nó don ghrúpa táirgí, agus iad ordaithe ina gcéimeanna leantacha chun gur féidir difreáil táirgí a dhéanamh; |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) ciallaíonn ‘athmhonarú’ próiseas tionsclaíoch ina dtáirgtear táirge as réada ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an táirge a dhéanann difear do shábháilteacht, feidhmíocht, cuspóir nó cineál an táirge a chuirtear ar an margadh de ghnáth le ráthaíocht tráchtála; |
(16) ciallaíonn ‘athmhonarú’ próiseas tionsclaíoch ina dtáirgtear táirge as réada ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an táirge a dhéanann difear go suaithinseach do shábháilteacht nó feidhmíocht, nó a dhéanann difear do chuspóir nó cineál an táirge a chuirtear ar an margadh de ghnáth le ráthaíocht tráchtála; |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) ciallaíonn ‘uasghrádú’ feidhmiúlacht, feidhmíocht, acmhainneacht nó aeistéitic tháirge a fheabhsú; |
(17) ciallaíonn ‘uasghrádú’ feidhmiúlacht, feidhmíocht, acmhainneacht, sábháilteacht nó aeistéitic tháirge a fheabhsú; |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) ciallaíonn ‘athfheistiú’ réad ar dramhaíl nó táirge atá ann a ullmhú nó a mhodhnú chun a fheidhmíocht nó a fheidhmiúlacht a athbhunú laistigh den úsáid atá beartaithe dó agus den raon feidhmíochta agus cothabhála a ceapadh i dtosach ag céim an deartha, nó chun caighdeáin theicniúla nó ceanglais rialála is infheidhme a chomhlíonadh, agus is é an toradh a bhíonn air sin táirge lánfheidhmiúil a dhéanamh; |
(18) ciallaíonn ‘athfheistiú’ réad ar táirge nó dramhaíl é a thástáil, a chothabháil nó a dheisiú chun a fheidhmíocht nó a fheidhmiúlacht a athbhunú laistigh den úsáid bheartaithe a ceapadh ar dtús ag céim an deartha, agus a bhfuil de thoradh air táirge lánfheidhmiúil a dhéanamh; |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 20 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(20a) ciallaíonn ‘dífheidhmeacht anabaí’ táirge a chur ar fáil ar an margadh a bhfuil gné aige a chuireann teorainn lena shaolré intuartha; |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge feidhmiú de réir mar is gá, faoi choinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin, go dtí go gcuirfidh teagmhas teorannaithe cosc ar a fheidhmiú; |
(21) ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge feidhmiú agus a fheidhm agus a fheidhmíocht riachtanach a chothabháil ar feadh tréimhse ama áirithe faoi ghnáthchoinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin go dtí go gcuirfidh teagmhas teorannaithe cosc ar an táirge feidhmiú; |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) ciallaíonn ‘iontaofacht’ an dóchúlacht go bhfeidhmíonn táirge de réir mar is gá faoi choinníollacha áirithe ar feadh tréimhse ar leith gan teagmhas teorannaithe; |
(22) ciallaíonn ‘iontaofacht’ an dóchúlacht ard go bhfeidhmíonn táirge de réir mar is gá faoi choinníollacha áirithe ar feadh tréimhse ar leith gan teagmhas teorannaithe; |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair chomhshaoil táirge, cibé acu i ndáil le catagóir tionchair comhshaoil aonair nó le sraith chomhiomlánaithe de chatagóirí tionchair bunaithe ar an modh tomhais táirge maidir le Lorg Comhshaoil; |
(23) ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair shaolré an táirge ar an gcomhshaol, cibé acu i ndáil le catagóir amháin tionchair ar an gcomhshaol nó le sraith chomhiomlánaithe de chatagóirí tionchair bunaithe ar mhodh an Lorg Comhshaoil Táirge nó ar mhodhanna eolaíocha eile arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus arna dtástáil go forleathan i gcomhar le hearnálacha tionscail éagsúla agus arna n-aithint ag an gCoimisiún; |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 25 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(25a) ciallaíonn ‘lorg ábhartha’ cainníochtú na n-ábhar is gá le haghaidh córas táirge mar shuim na bithmhaise, na mbreoslaí iontaise, na mianta miotail agus na mianraí neamh-mhiotalacha a thomhailtear; |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 agus a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó |
(a) a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 – pointe b – fleasc 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
- substaintí a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45). |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 – pointe b – fleasc 9 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
- substaintí srianta sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche táirge a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide nó athmhonaraithe agus chun na críche sin amháin; |
(35) ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche táirge a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide, athchóirithe nó athmhonaraithe agus chun na críche sin amháin; |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) ciallaíonn ‘táirge tomhaltais gan díol’ aon táirge tomhaltais nár díoladh nó a thug tomhaltóir ar ais i bhfianaise a chirt tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2011/83/AE; |
(37) ciallaíonn ‘táirge tomhaltais gan díol’ aon táirge tomhaltais atá oiriúnach lena thomhailt nó lena dhíol agus nár díoladh, lena n-áirítear barrachas, fardal iomarcach, róstoc agus stoc marbh, lena n-áirítear táirgí a thug tomhaltóir ar ais i bhfianaise a chirt tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2011/83/AE; |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 46 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(46a) ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá neamhspleách ar an monaróir agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach in athchóiriú, i ndeisiú, i gcothabháil nó in athrú cuspóra an táirge, agus áirítear leis oibreoirí bainistíochta dramhaíola, athchóiritheoirí, deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, mar aon le foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála agus oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh; |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 46 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(46b) ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí deisithe nó cothabhála do tháirge, is cuma cibé acu a ghníomhaíonn an duine sin i gcóras dáileacháin an mhonaróra nó go neamhspleách; |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 55
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(55) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol; |
(55) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol; |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar ‘threalamh leictreach agus leictreonach’ nó ‘TLL’ in Airteagal 3, pointe (1)(a) de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1d. |
|
__________________ |
|
1a Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38). |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘soláthróir substainte nó meascáin’ agus ‘soláthróir earra’ in Airteagal 3, pointí (32) agus (33), faoi seach, de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh, nó i ndáil le, táirgí chun a n-inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú. Áireofar ar na ceanglais sin na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn VI agus is i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 agus le Caibidil III a bhunófar iad. Áirítear sa chumhachtú chun ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh an chumhacht a bhunú nach bhfuil aon cheanglas feidhmíochta, ceanglas faisnéise ná ceanglas feidhmíochta ná faisnéise riachtanach i gcás paraiméadair shonraithe tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. |
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh, nó i ndáil le, táirgí chun a n-inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú. Áireofar ar na ceanglais sin na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn VI agus is i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 agus le Caibidil III a bhunófar iad. Áirítear sa chumhachtú chun ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh an chumhacht a bhunú nach bhfuil aon cheanglas feidhmíochta, ceanglas faisnéise nó i gcásanna eisceachtúla ceanglas feidhmíochta ná faisnéise riachtanach i gcás paraiméadair shonraithe tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Áireofar leis an gcumhachtú chun ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh an chumhacht chun a shuí nach mbeidh feidhm ag aon cheanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí nó grúpaí táirgí athláimhe allmhairithe, ar feadh tréimhse teoranta, i gcás go gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe tionchair arna dhéanamh faoi Airteagal 5(4)(b), an méid seo a leanas: |
|
(a) is ábhartha táirge nó grúpa táirgí athláimhe allmhairithe áirithe a dhíolmhú ar cuntas an sciar suntasach is ionann agus ionadaíocht ar mhargadh ábhartha táirgí athláimhe an Aontais agus an t-éileamh fíorthomhaltóra a bhfreagraíonn sé dó; agus |
|
(b) ní bhainfeadh díolúine den sórt sin an bonn ó ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo ná ó chur i bhfeidhm níos leithne na gceanglas éicidhearthóireachta ar mhargadh ábhartha táirgí an Aontais; agus |
|
(c) is mó an coigilteas acmhainní de bharr an táirge nó an grúpa táirgí athláimhe allmhairithe a chur ar an margadh ná buntáistí na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí nua nó do ghrúpaí táirgí nua. |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo freisin trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 36. |
Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an Coimisiún dóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha dul in oiriúint do na ceanglais nua, go háirithe agus riachtanais na micrifhiontar agus FBManna á gcur san áireamh. Forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo freisin trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 36. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) an mhodheolaíocht a shonrú chun indeisitheacht táirge a mheasúnú, na haicmí feidhmíochta a bheidh le taispeáint ag an scór indeisitheachta a shainiú, agus na catagóirí táirgí a mbeidh feidhm ag an scór indeisitheachta maidir leo a shainiú. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) substaintí ar ábhar imní iad a bheith i láthair; |
(g) substaintí ar ábhar imní iad a bheith i láthair i dtáirgí; |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe k
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(k) an fhéidearthacht athmhonarú nó athchúrsáil a dhéanamh; |
(k) an fhéidearthacht athmhonarú a dhéanamh; |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe k a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ka) an fhéidearthacht athchúrsáil a dhéanamh; |
5
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
É sin ráite, i gcás ina léiríonn dhá ghrúpa táirgí nó níos mó cosúlachtaí teicniúla a fhágann gur féidir feabhas a chur ar ghné tháirge dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar cheanglas coiteann, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú go cothrománach le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin. |
I gcás ina léiríonn dhá ghrúpa táirgí nó níos mó cosúlachtaí teicniúla a fhágann gur féidir feabhas a chur ar ghné tháirge dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar cheanglas coiteann, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú go cothrománach le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin. Féadfar na ceanglais chothrománacha sin a shonrú tuilleadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú do ghrúpa sonrach táirgí a chumhdaítear le ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: |
4. Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht le reachtaíocht eile an Aontais a áirithiú agus ceanglais chontrártha leis an reachtaíocht sin a sheachaint, agus déanfaidh sé an méid seo a leanas: |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) tosaíochtaí an Aontais i dtaca leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus tosaíochtaí gaolmhara eile de chuid an Aontais; |
(i) Cuspóirí an Aontais maidir leis an méid seo a leanas: |
|
- an aeráid, go háirithe an cuspóir aeráidneodracht a ghnóthú faoi 2050 ar a dhéanaí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119; |
|
- an comhshaol, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, éifeachtúlacht agus slándáil acmhainní agus laghdú lorg comhshaoil, ábhair agus tomhaltais, agus fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid mar a leagtar amach san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol; |
|
- neamhthocsaineacht; |
|
- éifeachtúlacht fuinnimh; agus |
|
- cuspóirí gaolmhara eile an Aontais; |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe ii
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(ii) reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1; |
(ii) reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugann sí aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1 agus ar an bprionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852; |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe ii a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(iia) comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha; |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe v a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(va) bearta a chur in ord tosaíochta i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE; |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, de réir mar is iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin Eorpacha. Agus an méid sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge a liostaítear i mír 1 comhréireach lena suntasacht. Ní chuirfear moill mhíchuí ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta maidir leis na gnéithe is suntasaí de tháirge i measc na ngnéithe a liostaítear i mír 1 de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun feabhas a chur ar ghnéithe eile den táirge sin; |
(b) measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, de réir mar is iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin Eorpacha. Ní chuirfear moill mhíchuí ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta maidir leis na gnéithe táirge a liostaítear i mír 1 de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun feabhas a chur ar ghnéithe eile den táirge sin. Sna measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: |
|
(i) a áirithiú go ndéanfar anailís ar ghnéithe uile an táirge a liostaítear i mír 1 agus go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar ghnéithe an táirge a liostaítear i mír 1 comhréireach lena dtábhacht; |
|
(ii) a áirithiú go ndéanfar anailís ar chomhbhabhtálacha idir na gnéithe éagsúla táirge a liostaítear i mír 1; |
|
(iii) measúnú a sholáthar ar an laghdú ionchais ar an lorg comhshaoil, carbóin agus ábhartha leis na ceanglais nua éicidhearthóireachta; |
|
(iv) measúnú a sholáthar ar chomhlíonadh na gcritéar arna mbunú sa dara mír d’Airteagal 4, maidir le táirgí athláimhe allmhairithe, i gcás gurb ábhartha; |
|
(v) measúnú a sholáthar ar aon tionchair ábhartha ar shláinte an duine; |
|
(vi) measúnú a sholáthar ar íosleibhéal feidhmíochta táirge nó grúpa táirgí, nach mór a d’fhéadfaí a bhaint amach sa todhchaí chun go mbeidh an táirge nó an grúpa táirgí sin i gcomhréir le cuspóirí an Aontais mar a liostaítear i mír 4, pointe (a)(i); |
|
I gcás gurb iomchuí, úsáidfear an measúnú tionchair chomh maith chun tacú le critéir a leagan síos maidir le soláthar poiblí glas, Éicilipéad, chomh maith le dreasachtaí eacnamaíocha eile d’fhonn comhsheasmhacht idir ionstraimí beartais éagsúla a fheabhsú. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) cosaint faisnéise rúnda gnó a chur san áireamh; |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(cb) aon aiseolas a chuirtear ar fáil trí chomhchomhairliúcháin phoiblí a chur san áireamh; |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith acu ar fheidhmiúlacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de; |
(a) ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith acu ar fheidhmiúlacht ná ar shabháilteacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de; |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ar thomhaltóirí i dtéarmaí inacmhainneacht táirgí ábhartha, agus rochtain ar tháirgí athláimhe, marthanacht agus costas saolré táirgí á gcur san áireamh freisin; |
(c) ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ar thomhaltóirí i dtéarmaí inacmhainneacht táirgí ábhartha, agus rochtain ar tháirgí athláimhe, lena n-áirítear táirgí athláimhe allmhairithe, marthanacht agus costas saolré táirgí á gcur i gcuntas freisin; |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha, nó FBManna ar a laghad; |
(d) ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha, go háirithe micrifhiontar agus FBManna; |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eacnamaíocha eile. |
(f) ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eacnamaíocha eile, go háirithe i gcás micrifhiontar agus FBManna; |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) beidh go leor ama tugtha do mhonaróirí nó do ghníomhaithe eacnamaíocha eile chun dul i dtaithí ar na ceanglais nua, go háirithe agus riachtanais micrifhiontar agus FBManna á gcur san áireamh. |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Foilseoidh an Coimisiún na staidéir agus na hanailísí ábhartha a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
8. Foilseoidh an Coimisiún na staidéir agus na hanailísí ábhartha nuair a bheidh fáil orthu, lena n-áirítear na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), ar staidéir agus anailísí iad a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 5a |
|
Marthanacht agus indeisitheacht na dtáirgí |
|
1. Agus na ceanglais éicidhearthóireachta á socrú de bhun Airteagal 5(1), áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh monaróirí teorainn le marthanacht táirge a fhágann go bhfuil sé tite as feidhm roimh am, go háirithe mar thoradh ar dhearadh gné ar leith, úsáid tomhaltán, páirteanna spártha, nó neamhsholáthar nuashonruithe bogearraí nó gabhálas laistigh de thréimhse iomchuí ama. |
|
2. Agus na ceanglais éicidhearthóireachta á socrú de bhun Airteagal 5(1), áiritheoidh an Coimisiún nach dteorannóidh monaróirí indeisitheacht táirgí trí bhac a chur ar dhíchóimeáil na bpríomh-chomhpháirteanna nó trí rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus páirteanna spártha a theorannú do dheisitheoirí údaraithe amháin. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh na ceanglais feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus áireofar orthu, de réir mar is iomchuí, na nithe seo a leanas: |
2. Beidh na ceanglais feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar na paraiméadair táirge ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus áireofar orthu, de réir mar is iomchuí, na nithe seo a leanas: |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Leis na ceanglais feidhmíochta arna mbunú ar an bparaiméadar táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), ní chuirfear srian ar shubstaintí a bheith i dtáirgí ar chúiseanna a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach. |
3. Ní chuirfidh ceanglais feidhmíochta bunaithe ar pharaiméadar an táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), srian ar shubstaintí a bheith i dtáirgí ar chúiseanna a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach, mura mbeidh riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, a eascraíonn as úsáid substainte atá sa táirge nó sa chomhpháirt táirge nuair a chuirtear ar an margadh í nó le linn chéimeanna a saolré dá éis sin. |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe b – mír 1– pointe ii
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(ii) faisnéis le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile maidir le conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, chomh maith le faisnéis maidir le conas an táirge a chur ar ais nó a dhiúscairt ag deireadh ré; |
(ii) faisnéis shoiléir shothuigthe le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile maidir le conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, chomh maith le faisnéis maidir le conas an táirge a chur ar ais nó a dhiúscairt ag deireadh ré; |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe b – mír 1– pointe ii a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(iia) faisnéis shoiléir shothuigthe i gcomhair tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile, maidir le conas córais oibriúcháin tríú páirtí a shuiteáil; |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – pointe b – mír 1– pointe ii b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(iib) faisnéis ábhartha do sholáthraithe seirbhísí deisithe agus athchóirithe agus d’oibreoirí a bhfuil baint acu le hullmhú d’athúsáid, le athúsáid, deisiú agus díchóimeáil; |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe ar leibhéil feidhmíochta atá suntasach ó thaobh staidrimh de. |
Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe ar leibhéil feidhmíochta atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus úsáidfidh siad, mar íosleibhéal, na híoscheanglais feidhmíochta arna mbunú de bhun Airteagal 6. |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. I gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthraítear sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear in Airteagal 5(4), pointe (b), beidh na ceanglais faisnéise maidir le feidhmíocht an táirge a bhaineann le hindeisitheacht i bhfoirm scór indeisitheachta chun cur ar chumas úsáideoirí deiridh comparáid a dhéanamh go héasca idir feidhmíocht na dtáirgí. Déanfar an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar indeisitheacht táirgí a fhorbairt de réir shonraíochtaí na gcatagóirí táirgí agus a leagan síos sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh faoi Airteagal 4. Saineofar sa ghníomh tarmligthe sin freisin inneachar agus leagan amach an lipéid ina bhfuil an scór indeisitheachta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 14, trí úsáid a bhaint as teanga agus picteagraim atá soiléir agus éasca le tuiscint, chun ró-ualach faisnéise do thomhaltóirí a sheachaint. |
|
Nuair a bheidh sí ar fáil, féadfar gnéithe ábhartha eile de tháirge a áireamh sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar indeisitheacht táirgí, amhail inmharthanacht, iontaofacht nó stóinseacht, agus féadfar í a shonrú tuilleadh sa ghníomh tarmligthe ábhartha agus sainiúlachtaí na catagóire táirgí á gcur i gcuntas. |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 1, fágfar go mbeifear in ann rianú a dhéanamh ar na substaintí uile ar ábhar imní iad le linn saolré táirgí, ach amháin má tá rianú den sórt sin cumasaithe cheana féin le gníomh tarmligthe eile arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad: |
Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 1, fágfar go mbeifear in ann rianú a dhéanamh ar na substaintí uile ar ábhar imní iad atá sa táirge mar a chuirtear ar an margadh é, i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar thairseach, le linn saolré táirgí, ach amháin má tá rianú den sórt sin cumasaithe cheana féin le gníomh tarmligthe eile arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad: |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ainm na substaintí ar ábhar imní iad atá sa táirge; |
(a) Aontas Idirnáisiúnta na Ceimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC) ainm na substaintí ar údar imní iad sa táirge, lena n-áirítear an uimhir aitheantais cheimiceach, is é sin an Fardal Eorpach um Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtála Reatha (EINECS) nó uimhir an Liosta Eorpaigh de Shubstaintí Ceimiceacha dá dTugtar Fógra (ELINCS) nó uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS); |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) treoracha ábhartha maidir leis an táirge a úsáid go sábháilte; |
(d) treoracha ábhartha chun an táirge a úsáid go sábháilte agus chun an táirge a bhainistiú ar shlí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ag deireadh a ré; |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) faisnéis ábhartha le haghaidh díchóimeála. |
(e) faisnéis ábhartha le haghaidh díchóimeála agus ullmhú le haghaidh athúsáide. |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Maidir leis na díolúintí dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), féadfar iad a sholáthar bunaithe ar a indéanta nó ar a ábhartha atá sé substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo. |
Féadfar díolúintí dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), a sholáthar bunaithe ar a indéanta nó ar a ábhartha atá sé substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar mhodhanna anailíse a bheith ann chun iad a bhrath agus a chainníochtú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 6 – fomhír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) i lámhleabhar úsáideora; |
(e) i lámhleabhar úsáideora nó i ndoiciméadacht eile a ghabhann leis an táirge; |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 6 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tabharfar faisnéis lena n-áiritheofar inrianaitheacht substaintí de bhun mhír 5 ar an táirge nó beidh sí inrochtana trí iompróir sonraí atá san áireamh ar an táirge. |
Déanfar faisnéis atá ríthábhachtach do shláinte, sábháilteacht agus cearta úsáideoirí deiridh a sholáthar agus beidh rochtain uirthi trí fhoirm fhisiceach leis an táirge agus trí iompróir sonraí atá ar an táirge. |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 6 – fomhír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfear faisnéis atá ábhartha do chinneadh ceannaigh feasach ar fáil do thomhaltóirí sula gceannaítear táirge. |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Soláthrófar an fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. |
|
__________________ |
|
1a Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70). |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(1), forálfar nach féidir táirgí a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse ach amháin má tá pas táirge ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagail 9 agus 10. |
1. Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(1), forálfar nach féidir táirgí a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse ach amháin má tá pas táirge ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagail 9 agus 10. Beidh an fhaisnéis sa phas táirge cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge de bhun Iarscríbhinn III; |
(a) an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge de bhun Iarscríbhinn III agus comaoin shonrach i leith faisnéis rúnda ghnó. |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí leasa phoiblí agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí, athdhéantóirí, athchúrsálaithe, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, taighdeoirí, ceardchumainn agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge, lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
(g) na gníomhaithe a dhéanfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú a bheidh nasctha le pas nó pasanna táirge an bhuntáirge, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann, agus dúbláil faisnéise agus tuairiscithe á seachaint ag an am céanna; |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) an tréimhse a mbeidh an pas táirge ar fáil lena linn. |
(h) an tréimhse a mbeidh an pas táirge ar fáil lena linn, ar tréimhse í a chomhfhreagróidh do shaolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad. |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha, go háirithe tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge atá ábhartha dóibh; |
(a) áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha ábalta rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh; |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) beidh sé nasctha le haitheantóir táirge uathúil trí iompróir sonraí; |
(a) beidh sé nasctha trí iompróir sonraí le haitheantóir uathúil táirge lena sainaithneofar an táirge, go neamhspleách ar aitheantóir aon phas táirge agus ar aon ainm fearainn idirlín; |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10; |
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha, agus inchuardaithe, agus beidh sí inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí oscailte idir-inoibritheach gan gaibhniú ag díoltóir, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10; |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoir deiridh an táirge a stóráil sa phas táirge; |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh cóip dhigiteach den iompróir sonraí do dhéileálaithe chun go mbeidh an déileálaí in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh an déileálaí. |
3. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh cóip dhigiteach den iompróir sonraí do dhéileálaithe agus do mhargaí ar líne chun go mbeidh siad in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil. |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) beidh pasanna táirgí idir-inoibritheach le bunachair sonraí táirgí láithreacha, amhail an bunachar sonraí maidir le Substaintí Is Údar Imní in earraí, mar sin nó i nithe casta (Táirgí) (SCIP) agus bunachar sonraí na Clárlainne Táirgí Eorpaí le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL), aon uair is indéanta agus is ábhartha; |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) beidh saor-rochtain ag tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge bunaithe ar a gcearta rochtana féin a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
(b) beidh rochtain saor in aisce agus éasca ag custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athmhonaróirí, athchúrsálaithe, údaráis náisiúnta inniúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 –mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) déanfar pasanna táirgí a dhearadh agus a oibriú ionas go mbeidh siad so-úsáidte; |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge a chruthú, nó oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, a stórálfaidh na sonraí a chuimsítear sa phas táirge; |
(c) is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge a chruthú, nó oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, a stórálfaidh na sonraí a chuimsítear sa phas táirge; |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 12 a |
|
Léibheann Comparáide |
|
1. Faoin [cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún uirlis ar líne a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi a chur ar bun agus a chothabháil a lamháiltear do gheallsealbhóirí comparáid a dhéanamh idir faisnéis atá san áireamh sna pasanna táirgí atá stóráilte ag an oibreoir eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 10(c). Dearfar an uirlis ionas chun a ráthú gur féidir le geallsealbhóirí an fhaisnéis a chuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi seach de bhun Airteagal 10(1)(b). |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) leagan amach an lipéid agus infheictheacht agus inléiteacht á gcur san áireamh; |
(b) leagan amach an lipéid lena n-áirithítear infheictheacht agus inléiteacht; |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) an bealach ina gcuirfear an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ciandíolacháin, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 agus na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur san áireamh; |
(c) an bealach ina gcuirfear an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ciandíolacháin, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26, na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882, agus na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur san áireamh; |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina mbeidh sé i gceist le ceanglas faisnéise go gcuimseofar ar lipéad an aicme feidhmíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(4), le leagan amach an lipéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), cuirfear ar chumas custaiméirí feidhmíocht an táirge a chur i gcomparáid go héasca leis an bparaiméadar táirge ábhartha agus táirgí feidhmíochta níos fearr a roghnú. |
2. I gcás ina mbeidh sé i gceist le ceanglas faisnéise go gcuimseofar ar lipéad an aicme feidhmíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(4), beidh leagan amach an lipéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), soiléir agus sothuigthe, agus cuirfear ar chumas custaiméirí feidhmíocht an táirge a chur i gcomparáid go héasca leis an bparaiméadar táirge ábhartha agus táirgí feidhmíochta níos fearr a roghnú. |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás nach gceanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lipéad a bheith ag táirgí, ní fhéadfar na táirgí sin a chur ar an margadh ná a chur i mbun seirbhíse má dhéanann siad lipéid a sholáthar nó a chur ar taispeáint ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis na lipéid dá bhforáiltear in Airteagal 14. |
Ní chuirfear táirgí ar an margadh ná i mbun seirbhíse má sholáthraíonn siad nó má chuireann siad ar taispeáint lipéid ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis na lipéid dá bhforáiltear in Airteagal 14, lena n-áirítear i gcás nach gceanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lipéad a bheith ar tháirgí. |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dáileadh na dtionchar ar an gcomhshaol, úsáid fuinnimh agus giniúint dramhaíola ar fud an tslabhra luacha, go háirithe cibé acu a tharlaíonn siad laistigh den Aontas nó nach dtarlaíonn; |
(c) dáileadh na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, úsáid fuinnimh, úsáid acmhainní agus giniúint dramhaíola ar fud an tslabhra luacha; |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, lena gcumhdófar tréimhse 3 bliana ar a laghad, ina leagfar amach liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta arna mbunú de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(2) a ghlacadh ina leith. |
Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, mar aon leis na doiciméid ullmhúcháin ábhartha. Leagfar amach sa phlean oibre liosta grúpaí táirgí a bhfuil sé ar intinn aige ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hamlínte measta dá mbunú. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta arna mbunú de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(2) a ghlacadh ina leith. Cumhdóidh an plean oibre tréimhse 3 bliana ar a laghad agus tabharfar é cothrom le dáta go rialta. |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Agus an plean oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17. |
Agus an plean oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17 laistigh de chreat ama iomchuí. |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Tíolacfaidh an Coimisiún an dréachtphlean oibre do Pharlaimint na hEorpa sula nglacfar iad. |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Don tréimhse 2024-2027, breithneoidh an Coimisiún tús áite a thabhairt do na grúpaí táirgí seo a leanas sa chéad phlean oibre atá le glacadh tráth nach déanaí ná... [cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mura n-áirítear aon cheann de na grúpaí táirgí seo a leanas sa phlean oibre, tabharfaidh an Coimisiún údar lena chinneadh sa phlean oibre: |
|
- iarann, cruach |
|
- alúmanam |
|
- teicstílí, go háirithe éadaí agus coisbheart |
|
- troscán, lena n-áirítear tochtanna |
|
- boinn |
|
- glantaigh |
|
- péinteanna |
|
- bealaí |
|
- ceimiceáin |
|
- táirgí a bhaineann le fuinneamh, ar gá a mbearta cur chun feidhme a athbhreithniú nó a shainiú as an nua |
|
- táirgí TFC agus leictreonaic eile. |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Mura bhfuil ceanglais leordhóthanacha feidhmíochta agus faisnéise ann maidir leis an gcomhshaol agus an lorg carbóin stroighne faoin [Rialachán atá le teacht lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe chun táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 (2022/0094 COD)] faoi 2027, spreagfar stroighin a áireamh mar chatagóir táirgí tosaíochta sa chéad phlean oibre eile den Rialachán seo. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu leis an táirge nó leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna agus lucht tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta an chomhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Rannchuideoidh na páirtithe sin go sonrach le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, le hiniúchadh ar éifeachtacht na sásraí bunaithe maidir le faireachas margaidh agus le measúnú ar bhearta féinrialála eile. |
Áiritheoidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu leis an táirge nó leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna, fiontair shóisialta agus lucht tionscail cheirde, oibreoirí bainistithe dramhaíola, eagraíochtaí caighdeánaithe, ceardchumainn agus comhlachais, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí agus eagraíochtaí cosanta an chomhshaoil, agus eagraíochtaí tomhaltóirí taighdeoirí agus saineolaithe eile. |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Rannchuideoidh na páirtithe dá dtagraítear sa chéad mhír go háirithe le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú agus le scrúdú ar éifeachtacht na sásraí seanbhunaithe maidir le faireachas margaidh agus measúnú ar bhearta féinrialaithe. |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin na cruinnithe den ‘Fhóram Éicidhearthóireachta’ atá ar na bacáin, lena n-áiritheofar go gcuirfear na páirtithe ábhartha ar an eolas in am trátha sula dtarlaíonn sainchomhairle. |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Comhlíonfaidh an Fóram Éicidhearthóireachta a chúraimí ar bhealach iomlán trédhearcach. Foilseoidh an Coimisiún conclúidí glactha agus miontuairiscí chruinnithe an Fhóraim Éicidhearthóireachta agus na doiciméid ábhartha uile eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Féadfaidh an Fóram Éicidhearthóireachta a iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú le haghaidh grúpa táirgí ar leith. Cuirfidh an Coimisiún an iarraidh sin san áireamh. |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh dhá oibreoir eacnamaíocha nó níos mó beart féinrialála lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar mhalairt ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Cuirfidh na hoibreoirí sin fianaise ar fáil go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (e). Maidir le mír 3, pointe (a), is éard a bheidh san fhianaise sin anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireachta an bhirt féinrialála, agus do mheasúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta a leagtar síos sa bheart féinrialála sin. |
1. Féadfaidh dhá oibreoir eacnamaíocha nó níos mó beart féinrialála lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta chun táirgí a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar mhalairt ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, mura n-áireofar na táirgí sa phlean oibre. Cuirfidh na hoibreoirí sin fianaise ar fáil go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (e). Maidir le mír 3, pointe (a), is éard a bheidh san fhianaise sin anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireachta an bhirt féinrialála, agus do mheasúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta a leagtar síos sa bheart féinrialála sin. |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála: |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála a chuirfear isteach de bhun mhír 1: |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála; |
(b) na ceanglais éicidhearthóireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5, is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála; |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus maidir le tástáil agus cigireachtaí. |
(d) rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus rialacha maidir le tástáil agus cigireachtaí. |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) rialacha maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh sínitheora; |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(db) míniú ar an gcaoi a gcuireann an beart féinrialála a chuirtear isteach de bhun mhír 1 feabhas ar inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus an chaoi a n-áirithíonn sé saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach ar bhealach níos tapúla nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus beidh sí ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air. |
Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus beidh sí ar fáil ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Tabharfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe ar an mbeart féinrialála, go háirithe faoi aon athruithe ar na sínitheoirí. |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart féinrialála atá beartaithe agus, i gcás inar gá, lorgóidh sé comhairle eolaíoch ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, suífidh sé an rogha mhalartach bhailí é ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas: |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart féinrialála atá beartaithe agus, i gcás inar gá, lorgóidh sé comhairle eolaíoch ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis an bhfóram Éicidhearthóireachta maidir leis an mbeart féinrialála arna thíolacadh de bhun mhír 1. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, suífidh sé an rogha mhalartach bhailí é ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas: |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cuireann an beart féinrialála le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí agus le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú go tapa nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
(a) cuireann an beart féinrialála le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú níos tapúla nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina mbeidh liosta de bhearta féinrialála arna suí mar roghanna malartacha bailí ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2). |
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 66 ina mbeidh liosta de bhearta féinrialála arna suí mar roghanna malartacha bailí ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Déanfar an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67(2). |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tráth ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíochta laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh a thuilleadh. |
4. Tráth ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíochta laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh a thuilleadh. Déanfaidh na sínitheoirí leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh laistigh de thrí mhí ón iarraidh a dhéanfaidh an Coimisiún. |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, tuairisceoidh sínitheoirí an bhirt sin don Choimisiún go tráthrialta, de réir mar a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin, maidir leis an dul chun cinn i dtreo cuspóirí na mbeart féinrialála a bhaint amach agus chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3, pointí (a) go (e), á gcomhlíonadh i gcónaí. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air. |
5. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, tuairisceoidh sínitheoirí an bhirt sin don Choimisiún go tráthrialta, de réir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin, maidir leis an dul chun cinn i dtreo cuspóirí na mbeart féinrialála a bhaint amach agus chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3, pointí (a) go (e), á gcomhlíonadh i gcónaí. I gcás nach gcomhlíonann sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Tabharfaidh an cigire neamhspleách fógra don Choimisiún maidir le neamhchomhlíonadh sínitheora. Déanfar tuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear tuarascálacha ar chomhlíonadh arna ndéanamh ag an gcigire neamhspleách, agus fógraí maidir le neamhchomhlíonadh agus gníomhaíocht cheartaitheach chomhfhreagrach a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a mbeidh rochtain ag an bpobal air. |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 4 nó 5, nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh, scriosfaidh sé é ón liosta dá dtagraítear sa mhír sin. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála sin a ghlacadh. |
6. I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2, 4 nó 5, nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh, scriosfaidh sé é ón liosta dá dtagraítear sa mhír sin. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála sin a ghlacadh. |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcomhthéacs na gclár a bhféadfaidh FBManna tairbhe a bhaint astu, ba cheart don Choimisiún tionscnaimh a chur san áireamh a chabhraíonn le FBManna gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, a chomhtháthú ina slabhra luacha. |
1. I gcomhthéacs na gclár a bhféadfaidh micrifhiontair agus FBManna tairbhe a bhaint astu, ba cheart don Choimisiún tionscnaimh a chur san áireamh a chabhraíonn le micrifhiontair agus FBManna gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, a chomhtháthú ina slabhra luacha. |
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe leis na gníomhartha sin lena gcumhdaítear sainiúlachtaí FBManna atá gníomhach in earnáil an táirge nó in earnáil an ghrúpa táirgí a ndéantar difear dóibh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag FBManna a éascú. |
2. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe leis na gníomhartha sin lena gcumhdaítear sainiúlachtaí micrifhiontar agus FBManna atá gníomhach in earnáil an táirge nó in earnáil an ghrúpa táirgí a ndéantar difear dóibh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag micrifhiontair agus FBManna a éascú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha micrifhiontar agus FBManna agus na treoirlínte á ndréachtú aige. |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cuidiú le FBManna ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur i bhfeidhm. |
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cuidiú le micrifhiontair agus FBManna ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur i bhfeidhm. Agus bearta den sórt sin á n-ullmhú acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha micrifhiontar agus FBManna. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áireofar ar na bearta sin a áirithiú ar a laghad go mbeidh ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla ar fáil chun feasacht a mhéadú agus deiseanna líonraithe a chruthú le haghaidh FBManna chun iad féin a chur in oiriúint do cheanglais. |
Áireofar ar na bearta sin a áirithiú ar a laghad go mbeidh ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla ar fáil chun feasacht a mhéadú agus deiseanna líonraithe a chruthú le haghaidh micrifhiontar agus FBManna chun iad féin a chur in oiriúint do cheanglais. Áireofar sásraí sonracha ar a laghad sna bearta sin chun comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach in Airteagail 8 go 12a a éascú agus chun measúnuithe saolré a dhéanamh. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí bhuntáistí fioscacha a thabhairt agus infheistíochtaí i mbonneagair fhisiciúla agus dhigiteacha a sholáthar; |
(a) tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí bhuntáistí fioscacha a thabhairt, rannpháirtíocht san Fhóram Éicidhearthóireachta a chumasú, infheistíochtaí i mbonneagar fisiciúil agus digiteach a sholáthar; |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) líon na dtáirgí tomhaltais gan díol a dhiúscraítear gach bliain, difreáilte de réir cineál táirge nó catagóir táirgí; |
(a) líon agus céatadán na dtáirgí tomhaltais gan díol a dhiúscraítear gach bliain, difreáilte de réir cineál táirge nó catagóir táirgí; |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) seachadadh táirgí a dhiúscraítear chun ullmhú d’athúsáid, athmhonarú, athchúrsáil, aisghabháil fuinnimh agus oibríochtaí diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. |
(c) seachadadh táirgí a dhiúscraítear mar thabhartais, chun ullmhú d’athúsáid, athmhonarú, athchúrsáil, aisghabháil fuinnimh agus oibríochtaí diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Nochtfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin a bhfuil saor-rochtain air nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí í ar bhealach eile, go dtí go mbeidh feidhm ag gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3 maidir leis an gcatagóir de tháirgí tomhaltais gan díol arna ndiúscairt ag an oibreoir atá i gceist. |
Nochtfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhfuil saor-rochtain air, go dtí go mbeidh feidhm ag gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3 maidir leis an gcatagóir de tháirgí tomhaltais gan díol arna ndiúscairt ag an oibreoir atá i gceist. |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh, lena n-áirítear an cineál nó an chatagóir agus an chaoi a bhfuil an fhaisnéis le fíorú. |
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh, lena n-áirítear an cineál nó an chatagóir agus an chaoi a bhfuil an fhaisnéis le fíorú. |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú san Aontas, i gcás ina mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag díothú táirgí tomhaltais gan díol a thagann faoi ghrúpa táirgí áirithe. |
Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú san Aontas, i gcás ina mbeidh tionchar neamhdhiomaibhseach ar an gcomhshaol ag díothú táirgí tomhaltais gan díol a thagann faoi ghrúpa táirgí áirithe. |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Ar bhonn na faisnéise arna soláthar faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún faoin... [cuir isteach an dáta 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ina dhiaidh tuarascáil a fhoilsiú maidir le scriosadh earraí nár díoladh. Sa tuarascáil sin, sainaithneoidh an Coimisiún na táirgí a measann sé ar gá gníomh tarmligthe a ghlacadh ina leith lena dtoirmiscfear earraí nár díoladh a dhíothú. |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) údair imní sláinte agus sábháilteachta; |
(a) údair imní sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta; |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) damáiste do tháirgí mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhrath tar éis táirge a bheith curtha ar ais ag tomhaltóir; |
(b) damáiste do tháirgí nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhrath tar éis táirge a chur ar ais; |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) oiriúnacht an táirge don chríoch dá bhfuil sé beartaithe, agus i gcás inarb infheidhme, dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus caighdeáin theicniúla á gcur san áireamh; |
scriosta |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) táirgí góchumtha. |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an líon táirgí tomhaltais gan díol a díothaíodh; |
(a) líon agus céatadán táirgí tomhaltais gan díol a díothaíodh; |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Tabharfaidh an Coimisiún a ndóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha dul i dtaithí ar cheanglais nua. |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 20a |
|
1. Bliain amháin tar éis... [cuir isteach dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], beidh toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú i gcás na gcatagóirí táirgí seo a leanas: |
|
(a) teicstílí agus coisbheart; |
|
(b) trealamh leictreach agus leictreonach. |
|
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le díolúintí áirithe ó na toirmisc dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: |
|
(a) údair imní sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta; |
|
(b) damáiste do tháirgí nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhrath tar éis táirge a chur ar ais; |
|
(c) táirgí le deonú a dhiúltú, ullmhú d’athúsáid nó d’athmhonarú. |
|
(d) táirgí góchumtha. |
|
3. I gcás ina ndíothaítear táirgí gan díol faoi dhíolúine dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach an méid seo a leanas a nochtadh ar shuíomh gréasáin a bhfuil saor-rochtain air nó a chur ar fáil go poiblí ar bhealach eile: |
|
(a) líon agus céatadán na dtáirgí nár díoladh; |
|
(b) na cúiseanna le díothú na dtáirgí nár díoladh, ag tagairt don díolúine is infheidhme; |
|
(c) seachadadh táirgí a dhíothaítear d’oibríochtaí athchúrsála, aisghabhála fuinnimh agus diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. |
|
Na mionsonraí agus an fhormáid maidir le nochtadh faisnéise dá bhforáiltear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír Airteagal 20(2), beidh feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh de bhun na míre seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2. |
|
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le FBManna. |
|
Féadfaidh an Coimisiún, áfach, sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2, foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 nó ag an oibleagáid maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 3 maidir leis na nithe seo a leanas: |
|
(a) fiontair mheánmhéide, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann gurb iad atá freagrach as sciar suntasach de na táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh; |
|
(b) micrifhiontair agus fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfar iad a úsáid chun dul timpeall ar an toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 nó ar an oibleagáid maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 3. |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse. Féadfar tréimhse níos faide nó níos giorra ná 10 mbliana a shonrú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun cineál na dtáirgí nó na gceanglas lena mbaineann a chur san áireamh. |
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse. Féadfar tréimhse níos faide nó níos giorra ná 10 mbliana a shonrú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun cineál na dtáirgí, castacht na faisnéise atá le soláthar, nó na ceanglais lena mbaineann a chur san áireamh. |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt go sábháilte, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus de bhun Airteagal 7(2)(b), pointe (ii), ar a laghad. |
7. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha i bformáid dhigiteach ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt go sábháilte, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus de bhun Airteagal 7(2)(b), pointe (ii), ar a laghad. Sonrófar freisin sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 an tréimhse ar lena linn a chuirfear na treoracha sin ar fáil ar líne. Ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh. |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Agus na treoracha dá dtagraítear i mír 7 á soláthar aige, tíolacfaidh an monaróir iad i bhformáid lenar féidir iad a íoslódáil agus a shábháil ar fheiste leictreonach ionas go mbeidh an tomhaltóir nó an t-úsáideoir deiridh eile in ann rochtain a fháil orthu i gcónaí. |
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7b. Arna iarraidh sin don tomhaltóir nó don úsáideoir deiridh eile tráth an cheannaigh nó suas le 6 mhí tar éis an cheannaigh sin, cuirfidh an monaróir na treoracha ar fáil saor in aisce i bhformáid pháipéir. |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7c. Féadfar a shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, i gcásanna a bhfuil údar maith leo, go bhféadfar faisnéis ghonta áirithe atá mar chuid de na treoracha dá bhforáiltear i mír 7 den Airteagal sin a sholáthar i bhformáid pháipéir. |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 8 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. |
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí. |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8a. Bunóidh monaróirí bealaí cumarsáide a bheidh ar fáil don phobal amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine atá faoi mhíchumas á gcur san áireamh, chun go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann gearáin nó ábhair imní a chur isteach maidir le neamhchomhréireacht fhéideartha táirgí. |
|
Déanfaidh monaróirí bearta iomchuí nuair a mheasann siad nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin á gcomhlíonadh, agus cuirfidh siad na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas. Coinneoidh monaróirí clár de ghearáin agus ní bhaineann sé ach le fad is gá chun críche an Rialacháin sin agus cuirfidh siad ar fáil é arna iarraidh sin d’údarás um fhaireachais margaidh. |
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 9 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarratas. |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh. |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) de thoradh iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil laistigh de 10 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; |
(d) de thoradh iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha ag gabháil leis an táirge a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. |
4. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha ag gabháil leis an táirge a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21, míreanna 7b agus 7c. |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 6 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. |
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é a tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí. |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 8 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil an Bhallstáit iarratas. |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh. |
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha ag gabháil leis an táirge, chun go mbeidh an tomhaltóir in ann an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
(b) go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha ag gabháil leis an táirge, chun go mbeidh an tomhaltóir in ann an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21, míreanna 7b agus 7c. |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad. |
(c) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta. |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 25 a |
|
Oibleagáidí soláthróirí |
|
Déanfaidh soláthróir substainte nó meascáin nó soláthróir earra an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do na hoibreoirí eacnamaíocha saor in aisce chun comhlíonadh na gceanglas feidhmíochta agus faisnéise a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú. |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 4 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad. |
(b) ní dhéanfaidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a chur ar fáil ná a chur ar taispeáint ar dóigh dóibh custaiméirí a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur orthu maidir leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad trí lipéid éigeantacha a mhacasamhlú nó trí fhaisnéis a sholáthar atá contrártha le lipéid éigeantacha. Ní chuimseoidh na srianta sin Éicilipéad AE dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 agus Éicilipéid eile de chuid EN ISO 14024 de chineál 1-Éicilipéid eile a aithnítear go náisiúnta nó go réigiúnach dá dtagraítear sa Rialachán sin. |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Oibleagáidí margaí ar líne agus inneall cuardaigh ar líne |
Oibleagáidí margaí ar líne |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir leis an gcomhar dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le margaí ar líne agus chun críocha an Rialacháin seo, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas ann: |
1. Comhoibreoidh margaí ar líne, chun críocha an Rialacháin sin, leis na húdaráis um fhaireachais margaidh, arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachais margaidh agus i gcásanna sonracha, chun éascú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí, nó chun na rioscaí sin a mhaolú mura féidir é sin a dhéanamh. |
(a) obair i gcomhar a dhéanamh chun bearta éifeachtacha um fhaireachas margaidh a áirithiú, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur i bhfeidhm maidir le bearta den sórt sin; |
|
(b) na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh; |
|
(c) malartú rialta agus struchtúrtha faisnéise a bhunú maidir le tairiscintí a bhain margaí ar líne deireadh leo ar bhonn an Airteagail seo; |
|
(d) cead a thabhairt d’uirlisí ar líne arna n-oibriú ag údaráis um fhaireachas margaidh rochtain a fháil ar a gcomhéadain chun táirgí neamhchomhlíontacha a shainaithint; |
|
(e) ach a n-iarrfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh sin, nuair atá bacainní teicniúla curtha i bhfeidhm ag na margaí ar líne nó na díoltóirí ar líne roimh shonraí a asbhaint óna gcomhéadan ar líne, cead a thabhairt do na húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí sin a chamchóipeáil chun críoch comhlíontachta táirgí, ar bhonn paraiméadair aitheantais arna soláthar ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a rinne an iarraidh. |
|
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críoch cheanglais [Airteagal 22(7)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuirfidh ar chumas déileálaithe a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 25 a chomhlíonadh agus a fhágfaidh gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoi Airteagal 30(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh. |
scriosta |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beifear in ann an fhaisnéis a sholáthar le haghaidh gach táirge a thairgfear agus taispeánfar nó cuirfear ar fáil go héasca í do chustaiméirí ar bhealach eile ar an liostú táirgí. |
scriosta |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Go háirithe, i gcás ina gceanglaítear, le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, go mbeidh faisnéis leictreonach ar líne, faisnéis atá le taispeáint ar an sásra taispeána, ag gabháil le fógraíocht amhairc ar líne le haghaidh táirgí áirithe, cuirfidh margaí ar líne ar chumas déileálaithe í a thaispeáint. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hinnill chuardaigh ar líne agus ardáin eile ar líne a sholáthraíonn fógraíocht amhairc ar líne le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann. |
scriosta |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge neamhchomhlíontach a bhaint óna chomhéadan ar líne, sin nó rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. Comhlíonfaidh orduithe den sórt sin [Airteagal 8(1)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. |
3. A mhéid a bhaineann le cumhachtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le hinneachar sonrach a thagraíonn do thairiscint ar tháirge neamhchomhlíontach le ceanglais an Rialacháin sin, ordú a eisiúint lena gceanglófar ar sholáthraithe margaí ar líne an t-inneachar sin a bhaint dá gcomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a bheidh rochtain acu air. Comhlíonfaidh orduithe den sórt sin [Airteagal 8(1)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. |
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir le [Airteagal 8] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. |
scriosta |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair trínar féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. |
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála atá ann cheana nó a cheapadh mar phointe teagmhála aonair lenar féidir cumarsáid dhíreach a dhéanamh le húdaráis um fhaireachais margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin sin agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus cuirfidh siad ar chumas tomhaltóirí cumarsáid dhíreach agus thapa a dhéanamh leo maidir le ceanglais éicidhearthóireachta. |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh gurb é an pointe teagmhála an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in [Airteagal 20(1)] de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] nó [Airteagal 10(1)] de Rialachán (AE).../... [an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha]. |
Féadfaidh gurb é an pointe teagmhála an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in [Airteagal 20(1)] de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] nó [Airteagal 11] de Rialachán (AE) 2022/2065. |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile. |
(c) faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas: |
Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas: |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) an gá atá ann cosaint sonraí agus príobháideachais sonraí a áirithiú; |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) na sonraí in-úsáide a bhailiú más féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon, ach amháin má dhiúltaíonn an t-úsáideoir deiridh go sainráite na sonraí sin a chur ar fáil; |
(a) na sonraí in-úsáide a bhailiú más féidir iad a rochtain go cianda tríd an idirlíon tar éis toiliú sainráite a fháil ón úsáideoir deiridh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 chun na sonraí a chur ar fáil; |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 4 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhágfaidh nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáideadh don mheasúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina bhfaightear toiliú sainráite an úsáideora deiridh roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. |
Ní fhágfaidh nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge i bhfad níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáideadh don mheasúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina bhfaightear toiliú sainráite an úsáideora deiridh roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(3). |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(3). I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme, nó codanna díobh, ina bhfuil na ceanglais éicidhearthóireachta chéanna. |
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí. |
1. Gan dochar do Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, beidh siad i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí. |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Cuirfidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, cúnamh ar fáil d’údaráis chonarthacha náisiúnta chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh ar fhoireann atá i gceannas ar sholáthar poiblí glas. |
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an gá atá ann a áirithiú go mbeidh éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. |
(b) tairbhí don chomhshaol agus an gá atá ann éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú; |
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh gach Ballstát, gach 2 bhliain ar a laghad, plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh a bheartaítear chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfaidh gach Ballstát an chéad phlean gníomhaíochta den sórt sin a dhréachtú faoin [16 Iúil 2024]. |
Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh gach Ballstát, gach 2 bhliain ar a laghad, plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh a bheartaítear chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha, cigireachtaí nó iniúchtaí iomchuí, lena n-áirítear seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha, ar scála leordhóthanach i ndáil leis an Rialachán sin agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfaidh gach Ballstát an chéad phlean gníomhaíochta den sórt sin a dhréachtú faoin [16 Iúil 2024]. |
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh atá beartaithe chun neamhchomhlíonadh a laghdú i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí, lena n-áirítear cineál agus líon íosta na seiceálacha atá le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta. |
(b) na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh atá beartaithe a laghdú nó chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí, lena n-áirítear cineál agus líon íosta na seiceálacha atá le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta. |
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 –mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) líon na ngearán a fuarthas ó úsáideoirí deiridh, ó eagraíochtaí tomhaltóirí nó ó fhaisnéis eile a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó na meáin chumarsáide; |
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Beidh cineál agus líon na seiceálacha atá beartaithe de bhun mhír 1, pointe (b), comhréireach leis na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun na tosaíochtaí a shainaithint i gcomhréir le mír 2. |
3. Beidh cineál agus líon na seiceálacha atá beartaithe de bhun mhír 1, pointe (b), comhréireach leis na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun na tosaíochtaí a shainaithint i gcomhréir le mír 2. I gcás catagóirí táirgí a shainaithnítear a bheith ina n-ardriosca neamhchomhlíonta, measfaidh na húdaráis um fhaireachais margaidh go n-áireofar sna seiceálacha sin seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha. |
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Chun faireachas margaidh a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údaráis faireachais margaidh na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus acmhainní leordhóthanacha eile, amhail líon leordhóthanach pearsanra inniúil, saineolas, nósanna imeachta agus socruithe eile chun a gcuid dualgas a fheidhmiú go cuí. |
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 5 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear na táirgí nó na ceanglais a mheasfaidh na Ballstáit a bheith ina dtosaíochtaí ar a laghad i dtaca le faireachas margaidh de bhun mhír 1, pointe (a). |
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na táirgí nó na ceanglais a áireoidh na Ballstáit mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh de bhun mhír 1, pointe (a) a liostú. |
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 5 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2). |
scriosta |
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) i gcás inarb ábhartha, na tosaíochtaí a chuimsítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 59(5). |
(d) i gcás inarb ábhartha, na tosaíochtaí a chuimsítear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 59(5). |
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi chineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo. |
1. Cuirfidh údaráis um fhaireachas margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi líon agus cineál na seiceálacha agus na n-iniúchtaí atá le déanamh, chomh maith le cineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin sin. |
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil ar fáil go poiblí. |
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil agus an tuarascáil araon ar fáil go poiblí |
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le saineolaithe. |
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 63 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus atá comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad a bheith ar áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach a cheanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh. |
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus atá comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad a bheith ar áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach a cheanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh. |
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 66 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 61(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 6 bliana amhail ó [mhí amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. |
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 61(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó [dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. |
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 66 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 61(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 60(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Na pionóis a bhforáiltear dóibh, is pionóis iad a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, ag tabhairt san áireamh méid an neamhchomhlíonta agus líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha a cuireadh ar mhargadh an Aontais. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar dá éis sin a dhéanfaidh difear dóibh. |
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar dá éis sin a dhéanfaidh difear dóibh. |
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Agus cineál agus leibhéal na bpionós a fhorchuirfear i gcás sáruithe á gcinneadh acu, tabharfaidh na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát aird chuí ar na critéir seo a leanas: |
|
(a) cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, lena n-áirítear líon na n-aonad de tháirgí neamhchomhlíontacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais; |
|
(b) i gcás inarb iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí; |
|
(c) láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhreithnítear freagrach, a léirítear, mar shampla, trí láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh a bhreithnítear freagrach, nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha a bhreithnítear freagrach; |
|
(d) na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach ón sárú, a mhéid a d’fhéadfaí iad a chinneadh; |
|
(e) an damáiste do shláinte an duine nó don chomhshaol arb é an sárú is cúis leis, a mhéid is féidir é a chinneadh; |
|
(f) aon ghníomh arna dhéanamh ag an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach as an damáiste de dheasca an tsáraithe a mhaolú nó a leigheas; |
|
(g) an leibhéal comhair idir an duine nádúrtha nó dlítheanach a gcuirtear an fhreagracht air agus an t-údarás inniúil; |
|
(h) sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ag an duine nádúrtha nó ag an duine dlítheanach atá freagrach; |
|
(i) aon ghníomh arb é is aidhm dó dul timpeall ar na rialuithe riaracháin nó bac a chur leo agus |
|
(j) aon fhachtóir géaraitheach nó maolaithe eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis. |
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh sé de chumas ar na Ballstáit na pionóis seo a leanas, ar a laghad, a fhorchur i gcás sáruithe ar an Rialachán seo: |
|
(a) fíneálacha; |
|
(b) an t-ioncam a fhaigheann duine nádúrtha nó duine dlítheanach ó idirbheart a bhaineann leis an sárú a choigistiú; |
|
(c) eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí. |
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Meastóireacht: |
Faireachán agus meastóireacht |
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
-1. Tiomsóidh an Coimisiún sonraí ábhartha maidir le táirgí agus grúpaí táirgí faoi réir ceanglais éicidhearthóireachta, lena n-áirítear maidir lena saolré, a lorg comhshaoil, carbóin agus ábhar d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na feabhsuithe ar inbhuanaitheacht chomhshaoil na dtáirgí sin. Ar bhonn na sonraí sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil. |
|
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go tráthrialta, agus uair amháin gach 3 bliana ar a laghad tar éis ghlacadh na gceanglas éicidhearthóireachta, ar na ceanglais sin, d’fhonn an gá atá le hathbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a shainaithint. |
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tráth nach luaithe ná [8 mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú. |
Tráth nach déanaí ná [6 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar úsáid díolúintí le haghaidh táirgí athláimhe allmhairithe nó grúpaí táirgí athláimhe allmhairithe dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. |
|
Tráth nach déanaí ná [cuir isteach an dáta 4 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], breithneoidh an Coimisiún cuimsiú ceanglas inbhuanaitheachta sóisialta agus díchill chuí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú. |
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 69a |
|
Leigheasanna ar easpa comhlíontachta |
|
1. I gcás nach gcomhlíonann táirge ceanglais éicidhearthóireachta, measfar an táirge a bheith neamh-chomhréireach leis an gconradh díolacháin, de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/771, agus tabharfaidh sé an ceart do thomhaltóirí leigheas a fháil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 den Treoir seo, go neamhspleách ar dhul in éag na dteorainneacha ama mar a shainmhínítear in Airteagal 10 den Treoir seo. |
|
2. Measfar gur cleachtas tráchtála éagórach é táirge nach gcomhlíonann ceanglais éicidhearthóireachta a mhargú nó a thairiscint lena dhíol i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2005/29/CE agus dá bhrí sin tugtar an ceart do thomhaltóirí leigheas a fháil faoi Airteagal 11a den Treoir seo. |
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 69b |
|
Leasú ar Threoir(AE) 2020/1828 |
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27) a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a: |
|
* (27) Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ... maidir le creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE |
|
__________________ |
|
1a Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1). |
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfar na paraiméadair seo a leanas a úsáid, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1): |
Déanfar na paraiméadair seo a leanas, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, a úsáid, ar bhonn aonair nó in éineacht, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1): |
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) éascaíocht deisithe agus cothabhála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: saintréithe, infhaighteacht agus aga seachadta páirteanna spártha, módúlacht, comhoiriúnacht le páirteanna spártha atá ar fáil go coiteann, infhaighteacht treoracha deisithe agus cothabhála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu; |
(b) éascaíocht deisithe agus cothabhála, agus sábháilteacht táirgí á cur san áireamh, mar a léirítear tríd an méid seo a leanas: saintréithe, infhaighteacht, aga seachadta agus inacmhainneacht páirteanna spártha, modúlacht, comhoiriúnacht le huirlisí agus le páirteanna spártha atá ar fáil go coiteann, infhaighteacht treoracha deisithe agus cothabhála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus cibé an bhfuil gá le huirlisí speisialaithe, éascaíocht díchóimeála agus athchóimeála neamhscriosaí, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu; |
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) éascaíocht agus caighdeán athchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu, comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, féidearthacht maidir le sórtáil ardíonachta, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu; |
(d) éascaíocht, cáilíocht agus inmharthanacht eacnamaíoch na hathchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu agus comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, féidearthacht maidir le sórtáil ardíonachta, dearadh le haghaidh athchúrsála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu; |
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) seachaint réiteach teicniúil atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna; |
(e) seachaint réiteach teicniúil atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna, agus sábháilteacht táirgí á cur san áireamh; |
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ea) dífheidhmeacht anabaí a sheachaint; |
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) úsáid substaintí, leo féin, mar chomhábhair de shubstaintí nó i meascáin, le linn phróiseas táirgthe na dtáirgí, nó as a dtagann a láithreacht i dtáirgí, lena n-áirítear a luaithe a bheidh na táirgí sin ina ndramhaíl; |
(f) úsáid substaintí, agus go háirithe úsáid substaintí ar údar imní iad, leo féin, mar chomhábhair de shubstaintí nó i meascáin, le linn phróiseas táirgthe na dtáirgí, nó as a dtagann a láithreacht i dtáirgí, lena n-áirítear a luaithe a bheidh na táirgí sin ina ndramhaíl; |
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ha) úsáid nó cion ábhar athchúrsáilte arna bhfoinsiú ar bhealach inbhuanaithe; |
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(hb) úsáid nó cion amhábhar criticiúil; |
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ma) lorg ábhair an táirge; |
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(n) scaoileadh micreaphlaisteach; |
(n) scaoileadh micreaphlaisteach agus nanaphlaisteach; |
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(p) méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear; |
(p) méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, a n-éascaíocht athchúrsála agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear; |
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(q) coinníollacha maidir le húsáid. |
(q) coinníollacha úsáide, lena n-áirítear an tionchar ar an gcomhshaol agus na tairbhí le linn na húsáide. |
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qa) tionchair ar shláinte an duine; |
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qb) soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar. |
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Socrófar ceanglais feidhmíochta mar a leanas: |
Leis na ceanglais feidhmíochta, rannchuideofar leis na cuspóirí a luaitear i bpointe (a) d’Airteagal 5(4) a bhaint amach, agus cuirfear torthaí na measúnuithe tionchair ábhartha san áireamh. Socrófar na ceanglais feidhmíochta mar a leanas: |
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Leis an anailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch sainaithneofar freisin, i gcás an pharaiméadair atá faoi bhreithniú, na táirgí agus na teicneolaíochtaí is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh. |
Leis an anailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch sainaithneofar freisin, i gcás an pharaiméadair atá faoi bhreithniú, na táirgí agus na teicneolaíochtaí is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh chomh maith leis na feabhsúcháin a meastar a thiocfaidh ar an teicneolaíocht. Cuirfear san áireamh ann freisin treochláir earnálacha atá ann cheana mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. |
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Bunaithe ar an anailís seo, agus an fhéidearthacht eacnamaíoch agus theicniúil á cur san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht príomhacmhainní agus príomhtheicneolaíochtaí, mar aon leis an bhféidearthacht maidir le feabhsú, déanfar leibhéil nó ceanglais neamhchainníochtúla a shainmhíniú. |
Bunaithe ar an anailís seo, agus na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar thimpeallacht an táirge feadh a shaolré, teorainneacha pláinéadacha, an fhéidearthacht eacnamaíoch agus theicniúil á gcur san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht príomhacmhainní agus príomhtheicneolaíochtaí, mar aon leis an bhféidearthacht maidir le feabhsú, déanfar leibhéil nó ceanglais neamhchainníochtúla a shainmhíniú. |
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) dátaí cur chur chun feidhme, aon bheart céimnithe nó idirthréimhseach nó aon tréimhse chéimnithe nó idirthréimhseach, agus tionchar féideartha ar FBManna nó ar ghrúpaí táirgí sonracha arna monarú go príomha ag FBManna á gcur san áireamh; |
(8) dátaí cur chun feidhme, aon bheart nó tréimhsí céimnithe nó idirthréimhseacha, agus aird á tabhairt go háirithe ar riachtanais micrifhiontar agus FBManna nó ar ghrúpaí sonracha táirgí a mhonaraíonn micrifhiontair agus FBManna go príomha; |
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas de chritéir tháscacha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála mar rogha mhalartach ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo: |
Déanfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas de chritéir tháscacha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála mar rogha mhalartach ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo: |
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII – mír 1 – pointe 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta d’fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu maidir le leasanna na dtomhaltóirí, sláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint. |
Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta d’fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu maidir le leasanna comhshaoil na dtomhaltóirí, sláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint. |
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII – mír 1 – pointe 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní mór na cuspóirí a shainmhíníonn na sínitheoirí ina mbearta féinrialála a leagann síos i dtéarmaí soiléire agus gan débhrí, ag tosú le bunlíne dhea-shainithe. I gcás ina gcumhdaítear tréimhse fhada ama leis an mbeart féinrialála, ní mór spriocanna eatramhacha a chur san áireamh. Ní mór a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na cuspóirí agus spriocanna eatramhacha ar bhealach inacmhainne inchreidte, ag úsáid táscairí soiléire iontaofa. |
Ní mór na cuspóirí a shainmhíníonn na sínitheoirí ina mbearta féinrialála a leagann síos i dtéarmaí soiléire, inchainníochtúil agus gan débhrí, ag tosú le bunlíne dhea-shainithe. I gcás ina gcumhdaítear tréimhse fhada ama leis an mbeart féinrialála, ní mór spriocanna eatramhacha a chur san áireamh. Ní mór a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na cuspóirí agus spriocanna eatramhacha ar bhealach inacmhainne inchreidte, ag úsáid táscairí soiléire iontaofa. |
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 5 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ní mór bearta féinrialála a phoibliú, lena n-áirítear ar líne agus trí mhodhanna leictreonacha eile chun faisnéis a scaipeadh. |
D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ní mór bearta féinrialála a phoibliú, lena n-áirítear ar líne ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus trí mhodhanna leictreonacha eile chun faisnéis a scaipeadh. |
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 5 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Geallsealbhóirí lena n-áirítear Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhlachais tomhaltóirí, ní mór cuireadh a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ar bheart féinrialála. |
Geallsealbhóirí lena n-áirítear Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhlachais tomhaltóirí, ní mór cuireadh a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ar bheart féinrialála. |
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 6 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás nár chomhlíon sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. |
I gcás nach gcomhlíonann sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Ní mór don chigire neamhspleách fógra a thabhairt do na sínitheoirí eile atá rannpháirteach sa bheart féinrialála maidir le neamhchomhlíonadh an tsínitheora agus maidir leis an ngníomhaíocht cheartaitheach atá beartaithe ag an sínitheoir a dhéanamh. Mura bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach déanta ag an sínitheoir laistigh de thrí mhí, ní mór é a dhíbhe ón mbeart féinrialála. |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Sa Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR), molann an Coimisiún rialacha nua chun go mbeidh earraí a chuirfear ar mhargadh an Aontais inbhuanaithe.
Is díol sásaimh don Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún, ach measann sí go bhféadfaí roinnt gnéithe a neartú.
Tá ESPR ceaptha rannchuidiú le spriocanna foriomlána aeráide, comhshaoil agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, agus tacóidh sé leis an bhfás eacnamaíoch, le poist a chruthú agus leis an gcuimsiú sóisialta. Mar thoradh air sin, measann an Rapóirtéir, sa bhreis ar cheanglais uaillmhianacha chomhshaoil a leagan síos, gur cheart gnéithe sóisialta a chuimsiú ann freisin. Dá bhrí sin, leathnaíonn an Rapóirtéir raon feidhme an Rialacháin chun inbhuaine shóisialta táirgí agus gnéithe díchill chuí feadh an tslabhra luacha a chumhdach freisin. Ina theannta sin, ba cheart cuspóirí an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus leis an lorg foriomlán ábhair agus tomhaltais a laghdú a chur san áireamh agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú.
Cuireann an togra reatha ar chumas an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh sna pleananna oibre i dtaobh cad iad na táirgí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú. I dtuairim an Rapóirtéara, áfach, chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí a bhfuil na tionchair dhiúltacha is mó acu ar dtús, ba cheart tosaíocht a thabhairt do roinnt catagóirí táirgí cheana féin. Is éard atá sna catagóirí táirgí sin ná iarann, cruach, stroighin, alúmanam, teicstílí (go háirithe éadaí agus coisbheart), troscán (lena n-áirítear tochtanna), boinn, glantaigh, péinteanna, bealaí, ceimiceáin, táirgí a bhaineann le fuinneamh, ar gá a mbearta cur chun feidhme a athbhreithniú nó a shainiú as an nua, agus táirgí TFC. Beidh an plean oibre ar fáil go poiblí agus cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa é sula nglacfar é. Ba cheart don Choimisiún údar cuí a thabhairt má roghnaíonn sé gan tosaíocht a thabhairt d’aon cheann de na grúpaí táirgí atá liostaithe.
Déanann an Rapóirtéir roinnt de na forálacha a bhaineann leis na cearta faisnéise le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh a athneartú. Tá gá ar leith le faisnéis shoiléir shothuigthe le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile chun patrúin tomhaltais inbhuanaithe a stiúradh agus chun a áirithiú go ndéanfar bearta leormhaithe ag deireadh ré an táirge. Déanfar gach faisnéis atá ábhartha do chinneadh ceannaigh a sholáthar do na tomhaltóirí sula gceannófar táirge ar phacáistíocht an táirge, nó sa phas táirge digiteach, nó ar lipéad nó ar shuíomh gréasáin nó feidhmchlár a bhfuil rochtain saor in aisce orthu, de réir mar is iomchuí. Ba cheart faisnéis atá ríthábhachtach do shláinte, sábháilteacht agus cearta úsáideoirí deiridh a sholáthar i bhformáid fhisiceach leis an táirge agus ba cheart rochtain a bheith uirthi trí iompróir sonraí atá ar an táirge.
Agus an Fóram Comhairliúcháin atá ann cheana faoin Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht á leanúint, bunaítear leis an togra Fóram Éicidhearthóireachta ina mbeidh rannpháirtíocht chothrom idir ionadaithe na mBallstát agus na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu leis an táirge nó an grúpa táirgí i gceist. Leis an bhFóram Éicidhearthóireachta, sholáthrófaí saineolas don Choimisiún maidir leis an bplean oibre agus maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, sula bhfeidhmíonn an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe go foirmiúil. Déanann an Rapóirtéir na forálacha maidir leis an bhFóram a athneartú trína fheidhmiú a dhéanamh níos trédhearcaí agus trína chur ar chumas an Fhóraim Éicidhearthóireachta moladh a thabhairt don Choimisiún ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú do ghrúpa táirgí ar leith, ar moladh é a chuirfidh an Coimisiún san áireamh.
Cé gur cosúil gur smaoineamh ciallmhar í an fhéinrialáil go teoiriciúil, léiríodh torthaí measctha leis an taithí, agus is fearr leis an Rapóirtéir tosaíocht a thabhairt d’acmhainní chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú trí ghníomhartha tarmligthe. Dá bhrí sin, chinn an Rapóirtéir deireadh a chur leis an bhféidearthacht bearta nua féinrialála a chruthú ach tá foráil idirthréimhseach tugtha isteach aici ar dá réir a leanfaidh Treoir 2009/125/CE d’fheidhm a bheith aici maidir le comhaontuithe deonacha nó bearta féinrialála eile arna nglacadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo
Ar deireadh, díothú táirgí tomhaltais gan díol, amhail teicstílí agus coisbheart, ag oibreoirí eacnamaíocha, tá sé ina fhadhb chomhshaoil fhorleathan ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar an bhfás tapa atá tagtha ar dhíolacháin ar líne. Caillteanas acmhainní eacnamaíocha luachmhara atá i gceist de réir mar a dhéantar earraí a tháirgeadh, a iompar agus a scriosadh ina dhiaidh sin gan iad a úsáid riamh chun na críche a ceapadh dóibh. Níl aon chiall ó thaobh an chomhshaoil de le hearraí gan díol a dhíothú, agus ní mór dul i ngleic leis go héifeachtach. De réir an Rapóirtéara, níl forálacha ESPR uaillmhianach go leor toisc go mbeadh an toirmeasc ar dhíothú earraí gan díol faoi réir gníomh tarmligthe a bheidh ann amach anseo agus cuirfidh sé sin moill ar ghníomhaíocht. Dá bharr sin, tugann sí isteach toirmeasc cothrománach ar theicstílí agus ar fhearais leictreonacha, ar dhá chatagóir iad a bhfuil neart fianaise ann ina leith chun toirmeasc a chur ar dhíothú earraí gan díol. Ina theannta sin, measann an Rapóirtéir nach bhfuil sé comhréireach fiontair mheánmhéide a eisiamh ón bhforáil maidir le hearraí tomhaltais gan díol agus go bhféadfaí bealaí éalaithe a chruthú. Dá bhrí sin, cinneann sí gan ach na fiontair bheaga agus na micrifhiontair a eisiamh.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an tuarascáil á hullmhú, go dtí go gnlacfar sa choiste í:
Einiteas agus/nó duine |
Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí – BEUC |
an Biúró Eorpach Comhshaoil - EEB |
An Eagraíocht Eorpach um Dhramhaíl Chathrach |
Back Market |
Business Europe |
APPLiA – Home Appliance Europe |
Cosmetics Europe |
Confindustria |
Federchimica |
Eni - Versails |
Lighting Europe |
LVMH |
Unilever |
Policy Hub |
AISE Comhlachais idirnáisiúnta do tháirgí cothabhála |
An Eoraip Dhigiteach |
ECOS |
Games Consoles Voluntary agreement (GCVA) |
Right to repair coalition |
Cónaidhm Eorpach na dTionscal Troscán |
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (31.3.2023)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mBunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE
(COM(2022)0142 – C9‑0132/2022 – 2022/0095(COD))
Rapóirtéir don tuairim(*): Maria Spyraki
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
RÉASÚNÚ GEARR
Is colúin bhunúsacha den Chomhaontú Glas iad cosc agus ciorclaíocht dramhaíola. De réir an Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (CEAP), ní mór an phacáistíocht uile ar an margadh a bheith in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030. Sa treo sin, is iad an laghdú ar acmhainní nádúrtha a úsáidtear le haghaidh táirgeadh, fad a chur le saolré, feabhas a chur ar a indeisitheacht agus glacadh geilleagar ciorclach an bealach is fearr chun fad a chur le saolré úsáideach táirge[2].
Leis an éicidhearthóireacht, tugtar aghaidh ar ídiú acmhainní agus fuinnimh agus laghdaítear tionchair saolré táirgí ar an gcomhshaol tríd an gcéim úsáide a leathnú. Go háirithe i gcás fiontair thionsclaíocha agus FBManna, is féidir an t-athrú go samhlacha gnó ciorclacha a shrianadh le huirlisí oibríochtúla agus leis an ngá atá le sonraí níos ábhartha[3]. Mar sin féin, ní ghintear an réiteach éicidhearthóireachta is fearr ach ó am go chéile i gcéim an deartha choincheapúil mar gheall ar chomhcheangal casta na faisnéise maidir le dearadh saolré. Dá bhrí sin, ba cheart don bheartas sin malairtí éicidhearthóireachta a léiriú freisin[4].
D’éirigh leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht cuspóirí comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh, rud a rinne rialáil ar pharaiméadair intomhaiste infhíoraithe an táirge bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir thrédhearcach. Dá bhrí sin, tacaíonn an Rapóirtéir go ginearálta le go leor gnéithe den togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, ba cheart aon cheanglas nua a bheith intomhaiste maidir leis an táirge agus ba cheart é a dhearadh chun é a fhorfheidhmiú go héifeachtúil ach amháin má dhéantar tástáil air ar bhealach costéifeachtúil agus laistigh de thréimhse ghearr go leor ama. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir go gcuirfí le taithí na hionstraime éicidhearthóireachta.
Thairis sin, ba cheart go gcumasódh an togra le haghaidh Rialachán nua maidir le hÉicidhearthóireacht do Tháirgí Inbhuanaithe (ESPR) tacar cuimsitheach agus comhchuibhithe ceanglas maidir le hinbhuanaitheacht táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Ba cheart don tionscal tabhairt faoi na ceanglais sin trí fheabhsuithe inbhuanaitheachta leanúnacha agus trí thomhaltóirí a spreagadh chun bealaí níos inbhuanaithe a ghlacadh. Cé go bhféadfaí feabhas a chur ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le teicneolaíochtaí nó dearadh táirgí áirithe, ba cheart iad a choinneáil.
Chun inbhuanaitheacht táirgí a bhaint amach, is gá ceanglais éicidhearthóireachta agus faisnéise a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais trí mhodheolaíochtaí comhchuibhithe a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol. Cuireann an Rapóirtéir i bhfios go láidir gur cheart go dtabharfadh na rialacháin breisluach d’úsáideoirí, agus go seachnófaí macasamhlú neamhriachtanach agus trom ar fhaisnéis i mbunachair sonraí atá ann cheana. Chun inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú, ba cheart na hathróga is iomchuí a shainaithint sna ceanglais rialála a bheidh ann amach anseo, ós rud é gur féidir le paraiméadair táirgí a bheith idirspleách agus tionchar a bheith acu ar a chéile (e.g. is féidir le hindeisitheacht difear a dhéanamh d’iontaofacht, etc.).
Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil na sainmhínithe a áirítear sa Rialachán soiléir agus go bhfuil liosta na bparaiméadar agus na gcritéar uileghabhálach chun gach gné den inbhuanaitheacht a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud na dtáirgí uile a chumhdach. Ach is gá critéir uileghabhálacha maidir le hinbhuanaitheacht táirgí a bhunú chun tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus shóisialta an táirge a íoslaghdú.
Ina theannta sin, ba cheart an fhreagracht maidir le nochtadh faisnéise feadh an tslabhra soláthair a chomhroinnt. Ba cheart go léireofaí sa Rialachán freagrachtaí sa slabhra soláthair maidir le faisnéis a ghiniúint agus a sholáthar. Tiocfaidh na sonraí agus an fhaisnéis ó sholáthraithe, agus is ar mhonaróirí a chuireann na táirgí deiridh ar mhargadh AE a bheidh an oibleagáid an fhaisnéis sin a chur ar fáil.
Maidir leis an bPas Táirge Digiteach (PTD), ba cheart dó brath ar bhunachair sonraí atá ann cheana chun macasamhlú neamhriachtanach agus ualach trom a sheachaint, dramhaíl a laghdú agus a chur ar chumas tomhaltóirí ról níos gníomhaí a bheith acu san aistriú glas agus san aistriú digiteach. D’fhéadfadh an PTD a bheith ina uirlis éifeachtach chun cumarsáid feadh an tslabhra luacha a éascú agus chun a áirithiú go gcaomhnaítear luach na faisnéise, na n-ábhar agus na dtáirgí. Tá bearnaí faisnéise, mar a shainaithnítear iad sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, ina bpríomhsheachtracht dhiúltach nach mór aghaidh a thabhairt uirthi chun táirgí inbhuanaithe a dhéanamh de ghnáth. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis PTD a theorannú, le breisluach do na príomhpháirtithe leasmhara.
Thairis sin, creideann an Rapóirtéir nach mór na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán a chur chun feidhme le hamanna aistrithe leordhóthanacha chun saobhadh an mhargaidh a íoslaghdú. Ba cheart aga tionscanta leordhóthanach a thabhairt idir foilsiú reachtaíochta agus cur i bhfeidhm ceanglas nua maidir le táirgí, go háirithe mar gheall ar an ngá atá le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt toisc gur gá don tionscal a phróisis a oiriúnú chun ceanglais dhlíthiúla nua nó nuashonraithe a chur chun feidhme trí shlabhraí soláthair casta.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Leis an Rialachán seo rannchuideofar le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur in oiriúint do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, dramhaíl a laghdú agus a áirithiú gur gnáthchaighdeán í feidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht de réir a chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, ar a n-athúsáid, ar a n-uasghrádaitheacht agus ar a n-indeisitheacht, ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú. |
(5) Leis an Rialachán seo rannchuideofar le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur in oiriúint do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, dramhaíl a laghdú agus a áirithiú gur gnáthchaighdeán í feidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht de réir a chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, ar a n-athúsáid, ar a n-uasghrádaitheacht agus ar a n-indeisitheacht, ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú, an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú, agus dul i ngleic le truailliú micreaphlaisteach do na catagóirí táirgí ábhartha agus i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha maidir le táirgí. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann ceanglais a shocrú de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear, ba cheart ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun feabhas a chur ar ghnéithe táirgí atá ábhartha d’inbhuanaitheacht comhshaoil, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht, indeisitheacht agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta. |
(14) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann ceanglais a shocrú de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear, ba cheart ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun feabhas a chur ar ghnéithe táirgí atá ábhartha d’inbhuanaitheacht comhshaoil, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht, indeisitheacht, athúsáid, athriochtú agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil an táirge nó a mharthanacht. Féadfaidh siad a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart ceanglais faisnéise den sórt sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta ar an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, ar phas táirge nó ar lipéad táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Trí bhonn láidir a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh. |
(23) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil agus carbóin an táirge nó a mharthanacht. Féadfaidh siad a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart ceanglais faisnéise den sórt sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta ar an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héasca, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, ar phas táirge nó ar lipéad táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Trí bhonn láidir a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Chun táirgí atá inbhuanaithe a shainaithint agus a chur chun cinn, is príomheilimint í faisnéis maidir le láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí. Cinneann comhdhéanamh ceimiceach táirgí a bhfeidhmiúlachtaí agus a dtionchar den chuid is mó, chomh maith leis na féidearthachtaí maidir lena n-athúsáid nó lena n-aisghabháil nuair a dhéantar dramhaíl díobh. Éilítear sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuaine64 go ndéanfaí an láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí a íoslaghdú, agus go n-áiritheofar go mbeidh fáil ar fhaisnéis maidir le hábhar ceimiceach agus le húsáid shábháilte, trí cheanglais faisnéise a thabhairt isteach agus trí rianú a dhéanamh ar an láithreacht substaintí ar ábhar imní iad le linn shaolré na n-ábhar agus na dtáirgí. Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle65 agus le reachtaíocht eile atá ann cheana maidir le ceimiceáin amhail Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, áirithítear cumarsáid cheana féin maidir le guaiseacha ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol mar gheall ar shubstaintí áirithe ar ábhar imní iad astu féin nó i meascán. Ba cheart úsáideoirí substaintí agus meascán a chur ar an eolas freisin maidir le faisnéis ábhartha a bhaineann le hinbhuanaitheacht nach mbaineann go príomha le guaiseacha ar an tsláinte ná ar an gcomhshaol. Thairis sin, ba cheart d’úsáideoirí táirgí nach substaintí ná meascáin iad, agus do bhainisteoirí dramhaíola ó tháirgí den sórt sin, faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a fháil freisin, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann go príomha le guaiseacha ceimiceán ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le ceanglais a shocrú a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta a rianú agus a chur in iúl, lena n-áirítear láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí le linn a saolré, lena n-áirítear é sin a dhéanamh d’fhonn iad a dhí-éilliú agus a aisghabháil nuair a dhéantar dramhaíl díobh. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag creat den sórt sin gach substaint ar ábhar imní é a chumhdach de réir a chéile i ngach táirge a liostaítear sna pleananna oibre ina leagtar amach na grúpaí táirgí a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dul i ngleic leo. |
(25) Chun táirgí atá inbhuanaithe a shainaithint agus a chur chun cinn, is príomheilimint í faisnéis maidir le láithreacht micreaphlaistigh agus substaintí ar údar imní iad a bheith i dtáirgí d’aon ghnó. Cinneann comhdhéanamh ceimiceach táirgí a bhfeidhmiúlachtaí agus a dtionchar den chuid is mó, chomh maith leis na féidearthachtaí maidir lena n-athúsáid nó lena n-aisghabháil nuair a dhéantar dramhaíl díobh. Éilítear sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuaine64 go ndéanfaí an láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí a íoslaghdú, agus go n-áiritheofar go mbeidh fáil ar fhaisnéis maidir le hábhar ceimiceach agus le húsáid shábháilte, trí cheanglais faisnéise a thabhairt isteach agus trí rianú a dhéanamh ar an láithreacht substaintí ar ábhar imní iad le linn shaolré na n-ábhar agus na dtáirgí. Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle65 agus le reachtaíocht eile atá ann cheana maidir le ceimiceáin amhail Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, áirithítear cumarsáid cheana féin maidir le guaiseacha ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol mar gheall ar shubstaintí áirithe ar ábhar imní iad astu féin nó i meascán. Ba cheart úsáideoirí substaintí agus meascán a chur ar an eolas freisin maidir le faisnéis ábhartha a bhaineann le hinbhuanaitheacht nach mbaineann go príomha le guaiseacha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Thairis sin, ba cheart d’úsáideoirí táirgí nach substaintí ná meascáin iad, agus do bhainisteoirí dramhaíola ó tháirgí den sórt sin, faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a fháil freisin, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann go príomha le guaiseacha ceimiceán ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le ceanglais a shocrú a bhaineann le faisnéis inbhuanaitheachta a rianú agus a chur in iúl, lena n-áirítear láithreacht substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí le linn a saolré, lena n-áirítear é sin a dhéanamh d’fhonn iad a dhí-éilliú agus a aisghabháil nuair a dhéantar dramhaíl díobh. Ba cheart cur chuige comhchosúil a chur i bhfeidhm maidir le micreaphlaistigh neamh-in-bhithmhillte a chuirtear isteach d’aon ghnó. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcreat sin dul i ngleic le truailliú micreaphlaisteach agus substaintí ar ábhar imní iad i ngach táirge a liostaítear sna pleananna oibre ina leagtar amach na grúpaí táirgí a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dul i ngleic leo. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcreat sin na cáithníní sin agus gach substaint ar ábhar imní é a chumhdach de réir a chéile i ngach táirge a liostaítear sna pleananna oibre ina leagtar amach na grúpaí táirgí a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dul i ngleic leo. |
_________________ |
_________________ |
64 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment COM/2020/667 final. |
64 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment COM/2020/667 final. |
65 Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1). |
65 Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán seo. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart an pas táirge a bheith ina chabhair le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, trí ghníomhaithe eile slabhra luacha, amhail deisitheoirí nó lucht athchúrsála, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus trína chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh. Chun na críche sin, níor cheart an pas táirge a ionadú ach comhlánú a dhéanamh ar na foirmeacha neamhdhigiteacha a bhaineann le faisnéis a tharchur, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán seo. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart an pas táirge a bheith ina chabhair le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, trí ghníomhaithe eile slabhra luacha, amhail deisitheoirí gairmiúla nó lucht athchúrsála, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus trína chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh. Chun na críche sin, níor cheart an pas táirge a ionadú ach comhlánú a dhéanamh ar na foirmeacha neamhdhigiteacha a bhaineann le faisnéis a tharchur, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(29) Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta seachas ar an bpas táirge nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoir eacnamaíoch a chosc, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí eile de chuid an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena gceadófaí do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófaí fíorú ar chomhlíontacht leis an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus aird á tabhairt ar infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla. |
(29) Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta seachas ar an bpas táirge nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge go heisceachtúil i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoir eacnamaíoch a chosc, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí eile de chuid an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena gceadófaí do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófaí fíorú ar chomhlíontacht leis an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus aird á tabhairt ar infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla agus a dhíothú nuair is féidir. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 45
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(45) D’fhéadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith i gceist le roinnt de na ceanglais freisin. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta sonracha, faisnéis leordhóthanach a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, ríomh lorg comhshaoil an táirge agus cur chun feidhme teicniúil an phas táirge a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. |
(45) D’fhéadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith i gceist le roinnt de na ceanglais freisin. Chun iomaíochas FBManna Eorpacha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta sonracha, faisnéis leordhóthanach a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, ríomh lorg comhshaoil an táirge agus cur chun feidhme teicniúil an phas táirge a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 86
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(86) Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach mbíonn na táirgí atá níos inbhuanaithe inacmhainne go leor, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíochta i measc na dtáirgí sin ar socraíodh aicmí feidhmíochta dóibh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde, mura léirítear a mhalairt leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na paraiméadair táirgí nó na leibhéil ghaolmhara feidhmíochta a bhaineann le dreasachtaí na mBallstát a shonrú a thuilleadh i gcás nach gcinntear aon aicme feidhmíochta sa ghníomh tarmligthe is infheidhme nó i gcás ina mbunaítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar táirge amháin. Tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. |
(86) Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach bhfuil na táirgí atá níos inbhuanaithe inacmhainne go leor, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin nach féidir a úsáid ach amháin chun táirgí agus seirbhísí lena n-urramaítear an comhshaol a cheannach, agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíochta i measc na dtáirgí sin ar socraíodh aicmí feidhmíochta dóibh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde, mura léirítear a mhalairt leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na paraiméadair táirgí nó na leibhéil ghaolmhara feidhmíochta a bhaineann le dreasachtaí na mBallstát a shonrú a thuilleadh i gcás nach gcinntear aon aicme feidhmíochta sa ghníomh tarmligthe is infheidhme nó i gcás ina mbunaítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar táirge amháin. Tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 87
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(87) Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE78 agus 2014/25/AE79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar a chur i gcomhréir le critéir nó spriocanna sonracha maidir le soláthar poiblí glas, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart na critéir nó na spriocanna a leagtar síos le gníomhartha tarmligthe i gcomhair grúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach i gconarthaí oibreacha poiblí nó conarthaí seirbhísí poiblí freisin i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le critéir nó spriocanna éigeantacha go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr. Ba cheart do na critéir sin a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. |
(87) Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE78 agus 2014/25/AE79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar a chur i gcomhréir le critéir nó spriocanna sonracha maidir le soláthar poiblí glas, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart na critéir nó na spriocanna a leagtar síos le gníomhartha tarmligthe i gcomhair grúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach i gconarthaí oibreacha poiblí nó conarthaí seirbhísí poiblí freisin i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le critéir nó spriocanna éigeantacha go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr sna Ballstáit uile. Ba cheart do na critéir sin a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. |
_________________ |
_________________ |
78 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65). |
78 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65). |
79 Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243). |
79 Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243). |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 92
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(92) I gcás ina mbreathnaítear leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta leis na ceanglais éicidhearthóireachta in ainneoin na pleanála, an chomhordaithe agus na tacaíochta feabhsaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar scála leordhóthanach. Dá bhrí sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun líon íosta seiceálacha a leagan síos atá le déanamh ar tháirgí sonracha nó ar cheanglais shonracha. Ba cheart an cumhachtú sin a bheith sa bhreis ar an gcumhachtú in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
(92) I gcás ina mbreathnaítear leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta leis na ceanglais éicidhearthóireachta in ainneoin na pleanála, an chomhordaithe agus na tacaíochta feabhsaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh go pras agus go héifeachtúil chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar scála leordhóthanach. Dá bhrí sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun líon íosta seiceálacha a leagan síos atá le déanamh ar tháirgí sonracha nó ar cheanglais shonracha. Ba cheart an cumhachtú sin a bheith sa bhreis ar an gcumhachtú in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 93
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(93) Ar bhonn sonraí a iontráladh sa chóras faisnéise agus cumarsáide um fhaireachas margaidh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina mbeidh faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha a rinneadh, faoi na leibhéil neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus faoi chineál agus déine na bpionós a forchuireadh i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le 2 bhliain féilire roimhe sin. Ba cheart comparáid a bheith sna tuarascálacha idir gníomhaíochtaí na mBallstát agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear agus na tagarmharcanna táscacha i gcomhair údaráis um fhaireachas margaidh. |
(93) Ar bhonn sonraí a iontráladh sa chóras faisnéise agus cumarsáide um fhaireachas margaidh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina mbeidh faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha a rinneadh, faoi na leibhéil neamhchomhlíontachta a sainaithníodh agus faoi chineál agus déine na bpionós a forchuireadh i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta le 2 bhliain féilire roimhe sin. Ba cheart na tuarascálacha a bheith inrochtana go poiblí agus ba cheart comparáid a bheith iontu idir gníomhaíochtaí na mBallstát agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear agus na tagarmharcanna táscacha i gcomhair údaráis um fhaireachas margaidh. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(f a) ábhar athchúrsáilte agus ábhar ísealtionchair eile, amhail ábhair inathnuaite a bhfuil acmhainní freagracha acu. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair chomhshaoil táirge, cibé acu i ndáil le catagóir tionchair comhshaoil aonair nó le sraith chomhiomlánaithe de chatagóirí tionchair bunaithe ar an modh tomhais táirge maidir le Lorg Comhshaoil; |
(23) ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair chomhshaoil táirge, cibé acu i ndáil le catagóir amháin tionchair ar an gcomhshaol nó le sraith chomhiomlán catagóirí tionchair bunaithe ar mhodh an Lorg Comhshaoil Táirge agus na Rialacha ábhartha maidir le Catagóir Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna), nó caighdeáin agus rialacha catagóire eile atá bailíochtaithe agus infhíoraithe go heolaíoch lena n-áirithítear cruinneas agus iontaofacht de réir na modhanna nó na n-uirlisí eile a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le dlí an Aontais; |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) ciallaíonn ‘lorg carbóin’ suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa i gcóras táirge, a shloinntear ina coibhéis CO2 agus a bhunaítear ar mheasúnú saolré agus úsáid á baint as catagóir tionchair aonair an athraithe aeráide; |
(25) ciallaíonn ‘lorg carbóin’ suim na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa i gcóras táirge, a shloinntear ina coibhéis CO2, mar a shainítear i ndeimhniú aistrithe carbóin, agus a bhunaítear ar mheasúnú saolré agus úsáid á baint as catagóir tionchair aonair an athraithe aeráide; |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche táirge a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide nó athmhonaraithe agus chun na críche sin amháin; |
(35) ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche táirge a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide nó athmhonaraithe agus chun na críche sin amháin; Measfar táirge a bheith scriosta nó curtha i leataobh a luaithe a chuirfear an fhaisnéis ar fáil do na húdaráis i gcomhréir le hAirteagal 20. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 45
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(45) ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann táirge ar fáil ar an margadh; |
(45) ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann táirge ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear athmhonaróirí agus cuideachtaí a dhéanann táirgí a dheisiú agus a uasghrádú; |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach’ táirge lena mbaineann riosca a meastar ina leith, bunaithe ar mheasúnú, go bhfuil gá le hidirghabháil mhear ó na húdaráis um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear i gcásanna nach mbíonn éifeachtaí láithreacha ag an neamhchomhlíontacht, de thoradh mhéid na neamhchomhlíontachta ábhartha nó na díobhála lena mbaineann. |
(59) ciallaíonn ‘táirge a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis’ táirge a bhfuil riosca ag baint leis mar a shainaithnítear le Rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar a moladh in COM(2021)0346]. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 59 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(59a) ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ an cumas atá ag ábhair a thógtar i dtáirgí a dheighilt go héifeachtach ón sruth dramhaíola, iad a bhailiú, a shórtáil agus a chomhiomlánú i sruthanna sonracha agus ansin iad a athchúrsáil arís laistigh de phróisis thionsclaíocha ábhartha atá le tiontú ina n-ábhair nó ina dtáirgí athchúrsáilte, agus caillteanais cháilíochta nó feidhmiúlachta i gcomparáid leis an ábhar bunaidh nó leis an táirge bunaidh á n-íoslaghdú ag an am céanna. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 59 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(59b) ciallaíonn ‘in-athnuaiteacht agus in-athnuaiteacht ábhar agus úsáid nó ábhar amhábhar in-athnuaite’ an cumas acmhainn nádúrtha a athshlánú agus a athshlánú go nádúrtha agus tionchar diúltach teoranta ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 59 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(59c) Ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ oibreoir nó gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí gairmiúla deisithe agus cothabhála. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí na sonraí in-úsáide dá dtagraítear i bpointe (c) a bhailiú, a anaithnidiú, nó a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 31(3); |
(d) faoi réir cosaint leordhóthanach ar chearta príobháideachta agus ar fhaisnéis rúnda agus íogair, é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí na sonraí in-úsáide dá dtagraítear i bpointe (c) a bhailiú, a anaithnidiú, nó a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 31(3); |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad mhír 18 mhí ar a luaithe tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe sin. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. De réir mar is iomchuí do na grúpaí táirgí ábhartha agus aird chuí á tabhairt aige ar gach céim dá saolré, bunóidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge seo a leanas: |
1. Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí do na grúpaí táirgí ábhartha agus aird chuí á tabhairt aige ar gach céim dá saolré agus ar rialachán táirgeshonrach atá ann cheana lena n-áirítear caighdeáin agus treoirlínte táirgeshonracha an Aontais atá in úsáid go forleathan nó éigeantach, ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun na gnéithe táirge seo a leanas a fheabhsú: |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) substaintí ar ábhar imní iad a bheith i láthair; |
(g) substaintí ar údar imní iad a bheith ann, agus comhleanúnachas á áirithiú ag an am céanna le dlí eile an Aontais a bhaineann le sábháilteacht cheimiceach; |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe g a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ga) micreaphlaistigh neamh-bhith-dhíghrádaithe a chuirtear leis d’aon ghnó a bheith ann; |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe k
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(k) an fhéidearthacht athmhonarú nó athchúrsáil a dhéanamh; |
(k) an fhéidearthacht athmhonarú a dhéanamh; |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe k a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ka) in-athchúrsáilteacht agus éascaíocht athchúrsála; |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe n a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(na) in-athnuaiteacht ábhar agus úsáid nó inneachar amhábhar in-athnuaite. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfar a chumhdach le ceanglas éicidhearthóireachta arna bhunú de bhun an dara fomhír táirgí a thagann faoi raon feidhme birt féinrialála arna bhunú mar rogha mhalartach bhailí de bhun Airteagal 18(3), i gcás ina measann an Coimisiún nach dtugtar aghaidh leis an mbeart féinrialála sin ar an ngné tháirge a chumhdaítear leis an gceanglas éicidhearthóireachta cothrománach sin. |
Ní chumhdófar le ceanglas éicidhearthóireachta cothrománach arna bhunú de bhun an dara fomhír táirgí a thagann faoi raon feidhme birt éicidhearthóireachta éigeantaigh ingearach, ach amháin má tá údar cuí leis. Féadfar a chumhdach leis, áfach, táirgí a thagann faoi raon feidhme birt féinrialála arna bhunú mar rogha mhalartach bhailí de bhun Airteagal 18(3), i gcás ina measann an Coimisiún nach dtugtar aghaidh leis an mbeart féinrialála sin ar an ngné tháirge a chumhdaítear leis an gceanglas éicidhearthóireachta cothrománach sin. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) tosaíochtaí an Aontais i dtaca leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus tosaíochtaí gaolmhara eile de chuid an Aontais; |
(i) tosaíochtaí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh, slándála acmhainní agus bithéagsúlachta an Aontais d’fhonn spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus tosaíochtaí gaolmhara eile an Aontais a bhaint amach; |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe ii
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(ii) reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1; |
(ii) reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1, chun comhchuibhiú a áirithiú agus dúbailt nó ró-rialáil a sheachaint; |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha, nó FBManna ar a laghad; |
(d) ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha, go háirithe ar FBManna; |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) áiritheofar ionstraimí iomchuí tacaíochta airgeadais agus oideachais do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna; |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eacnamaíocha eile. |
(f) ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eacnamaíocha eile, go háirithe do FBManna; |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) rannchuideoidh na ceanglais le cuspóirí agus spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais; |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe f b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fb) beidh siad indéanta go teicniúil i gcomhréir le teicneolaíochtaí atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus úrscothach. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghníomhaithe sa slabhra soláthair an méid seo a leanas a dhéanamh: |
6. Cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghníomhaithe sa slabhra soláthair an méid seo a leanas a dhéanamh: |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann lena soláthairtí nó lena seirbhísí a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do mhonaróirí, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis náisiúnta inniúla, ar faisnéis í atá ábhartha chun comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta a fhíorú; |
(a) an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann lena soláthairtí nó lena seirbhísí a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do mhonaróirí, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis náisiúnta inniúla, a mbeidh fáil acu ar an ngníomhaí sa slabhra soláthair de réir Phas Táirge Digiteach na catagóire táirge atá i gceist, i gcomhréir le hAirteagal 8, ar faisnéis í atá ábhartha chun comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta a fhíorú; |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) cead a thabhairt do mhonaróirí, in éagmais na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a), a soláthairtí nó a seirbhísí a mheasúnú chun comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta a fhíorú agus chun rochtain ar dhoiciméid nó ar shaoráidí ábhartha a thabhairt do na monaróirí sin; |
(b) cead a thabhairt do mhonaróirí, in éagmais na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a), agus i gcomhréir le breithnithe maoine intleachtúla, a soláthairtí nó a seirbhísí a mheasúnú chun comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta a fhíorú agus chun rochtain ar dhoiciméid nó ar shaoráidí ábhartha a thabhairt do na monaróirí sin; |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Foilseoidh an Coimisiún na staidéir agus na hanailísí ábhartha a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
8. Foilseoidh an Coimisiún, in am trátha sula nglacfar gníomhartha tarmligthe, na staidéir agus na hanailísí ábhartha a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe sin lena gcumhdófar na heilimintí uile dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh faoin... [30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]; |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 6 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tabharfar faisnéis lena n-áiritheofar inrianaitheacht substaintí de bhun mhír 5 ar an táirge nó beidh sí inrochtana trí iompróir sonraí atá san áireamh ar an táirge. |
Ba cheart tosaíocht a thabhairt don fhaisnéis a sholáthar trí mheán leictreonach. Beidh na ceanglais faisnéise soiléir agus iomchuí a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí comparáidí a dhéanamh idir táirgí. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Cuirfidh aon soláthraí earra, substainte nó meascáin ar fáil d’fhaighteoir an earra, na substainte nó an mheascáin sin, faisnéis leordhóthanach, saor in aisce, chun a chumasú do mhonaróirí na ceanglais faisnéise a bhaineann le gnéithe den táirge a liostaítear in Airteagal 5(1) a chomhlíonadh. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí leasa phoiblí agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí gairmiúla, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí leasa phoiblí agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge, lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
(g) na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge, lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí gairmiúla, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha, go háirithe tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge atá ábhartha dóibh; |
(a) áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha, go háirithe tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis táirge atá ábhartha dóibh; |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10; |
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10, agus s urraim á tabhairt d’fhaisnéis rúnda trádála; |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe f a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(fa) déanfar é a chomhtháthú le bunachair sonraí atá ann cheana lena n-áirítear réitigh tionscail atá ann cheana, i gcás inarb iomchuí; |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) beidh pasanna táirge go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge eile a cheanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i ndáil le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí; |
(a) beidh pasanna táirge go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge eile a cheanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i ndáil le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí agus le bunachair sonraí táirgí atá ann cheana féin, i gcás inarb iomchuí; |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) beidh saor-rochtain ag tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge bunaithe ar a gcearta rochtana féin a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
(b) beidh rochtain saor in aisce agus éasca ag tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge bunaithe ar a gcearta rochtana féin a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) más rud é go ndéanann oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a gceann na sonraí a chuimsítear sa phas táirge a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, ní bheidh cead ag na hoibreoirí sin sonraí den sórt sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar; |
(d) más rud é go ndéanann oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a gceann na sonraí a chuimsítear sa phas táirge a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, ní bheidh cead ag na hoibreoirí sin sonraí den sórt sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar agus ní mór do na hoibreoirí sin cibearshlándáil leordhóthanach a áirithiú le haghaidh na sonraí; |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) beidh srian ar na cearta rochtana agus na cearta chun faisnéis a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta i bpas táirge bunaithe ar na cearta rochtana a shonraítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4; |
(f) beidh srian ar na cearta rochtana agus na cearta chun faisnéis a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta i bpas táirge bunaithe ar na cearta rochtana a shonraítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, agus aird ar leith á tabhairt ar fhaisnéis ar rúin trádála nó faisnéis dhílsithe í; |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe g a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ga) Beidh an pas táirge ina chuid fhadtéarmach den táirge, fad is go bhfuil an táirge ar an margadh, ar feadh shaolré iomlán an táirge; |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe h a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ha) Beidh feidhm ag idirthréimhse iomchuí do chur chun feidhme an Phas Táirge Dhigitigh chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Pas Táirge Digiteach i gceart. |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis sa Phas Táirge Digiteach a chomhtháthú le córais tuairiscithe atá ag feidhmiú sna Ballstáit, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar ghnólachtaí a sheachaint. |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Agus tosaíocht á tabhairt do tháirgí atá le cumhdach ag na ceanglais éicidhearthóireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an méid a d’fhéadfaidís rannchuidiú le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach, mar aon leis na critéir seo a leanas: |
1. Agus tosaíocht á tabhairt do tháirgí atá le cumhdach ag na ceanglais éicidhearthóireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an méid a d’fhéadfaidís rannchuidiú le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach, a mhéid a rannchuidíonn siad le hathléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais a chothú, mar aon leis na critéir seo a leanas: |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) dáileadh na dtionchar ar an gcomhshaol, úsáid fuinnimh agus giniúint dramhaíola ar fud an tslabhra luacha, go háirithe cibé acu a tharlaíonn siad laistigh den Aontas nó nach dtarlaíonn; |
(c) dáileadh tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, úsáid fuinnimh agus giniúint dramhaíola feadh an tslabhra luacha agus feadh shaolré iomlán an táirge; |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Agus an plean oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17. |
Agus an plean oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bhFóram Éicidhearthóireachta laistigh de thréimhse ama iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 17, agus cuirfidh sé dréacht chuig Parlaimint na hEorpa le haghaidh comhairliúcháin in am trátha sula nglacfar an plean oibre. |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Glacfar an chéad phlean oibre tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis ghlacadh an Rialacháin seo. Áireofar sna chéad ghníomhartha tarmligthe a bhunófar de réir an chéad phlean oibre grúpa táirgí amháin nó níos mó chun an tionscal teicstíle a chumhdach. |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu leis an táirge nó leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna agus lucht tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta an chomhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Rannchuideoidh na páirtithe sin go sonrach le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, le hiniúchadh ar éifeachtacht na sásraí bunaithe maidir le faireachas margaidh agus le measúnú ar bhearta féinrialála eile. |
Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a dhéanann sé a chuid gníomhaíochtaí, go n-urramóidh sé rannpháirtíocht chothrom ionadaithe na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara uile atá ábhartha agus a bhfuil saineolas acu ar an ngrúpa táirgí nó ar an ngrúpa táirgí i dtrácht, amhail ionadaíocht leathan ar an tionscal, lena n-áirítear eagraíochtaí earnála ar fud na slabhraí luacha uile, lena n-áirítear FBManna agus an tionscal ceardaíochta agus athchúrsála, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta comhshaoil agus aeráide, saineolaithe comhshaoil agus aeráide, eagraíochtaí tomhaltóirí agus caighdeánaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha cláraithe eile. Ina theannta sin, tabharfaidh an Fóram Éicidhearthóireachta cuireadh do gheallsealbhóirí ábhartha laistigh de na slabhraí luacha as a n-eascraíonn an Margadh Eorpach ó lasmuigh den Aontas, a dtuairimí agus a saineolas a roinnt. Rannchuideoidh na páirtithe sin go sonrach le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, le hiniúchadh ar éifeachtacht na sásraí bunaithe maidir le faireachas margaidh agus le measúnú ar bhearta féinrialála eile trí phróiseas trédhearcach. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chuige sin, bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe, dá ngairfear ‘an Fóram Éicidhearthóireachta’, a mbeidh cruinniú ag na páirtithe sin ann. |
Chuige sin, bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe, dá ngairfear ‘an Fóram Éicidhearthóireachta’, a mbeidh cruinniú ag na páirtithe sin ann. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar ionadaíocht leordhóthanach chothrom ar na páirtithe dá dtagraítear i mír 1, arna gcumhdach ag na grúpaí táirgí atá le rialáil i gcomhréir leis na pleananna oibre i gcomhréir le hAirteagal 16(2) le himeacht ama. Féachfaidh an sainghrúpa le cothromaíocht inscne a bhaint amach. Cuirfidh an Fóram comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4. Cuirfidh an Fóram a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún miontuairiscí chruinnithe an Ardáin agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) sciar shínitheoirí an bhirt féin rialála den mhargadh i dtéarmaí méid i ndáil leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart sin, is é atá ann 80 % ar a laghad de na haonaid a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse; |
(b) sciar shínitheoirí an bhirt féin rialála den mhargadh i dtéarmaí méid i ndáil leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart sin, is é atá ann 70 % ar a laghad de na haonaid a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse; |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Tráth ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíochta laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh a thuilleadh. |
4. Tráth ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíochta laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh a thuilleadh. Tabharfaidh an Coimisiún bunús i scríbhinn lena iarraidh agus tabharfaidh sé údar cuí leis agus déanfaidh sé foráil maidir le tréimhse réasúnach ama chun go bhféadfaidh na sínitheoirí freagairt a thabhairt agus leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe a thíolacadh. |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcomhthéacs na gclár a bhféadfaidh FBManna tairbhe a bhaint astu, ba cheart don Choimisiún tionscnaimh a chur san áireamh a chabhraíonn le FBManna gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, a chomhtháthú ina slabhra luacha. |
1. I gcomhthéacs na gclár a bhféadfaidh FBManna tairbhe a bhaint astu, déanfaidh an Coimisiún tionscnaimh a mholadh chun cabhrú le FBManna gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, a chomhtháthú ina slabhra luacha. |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) rochtain ar mhaoiniú; |
(b) rochtain ar mhaoiniú, mar shampla, le haghaidh deiseanna tairisceana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 3 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) tacú le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna Gníomhartha Tarmligthe; |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Oibleagáidí a bhaineann le lipéid |
Oibleagáidí a bhaineann le lipéid agus le soláthraithe |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás ina gceanglaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lipéad dá dtagraítear in Airteagal 14 a bheith ar tháirgí, áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh nó a chuireann i mbun seirbhíse é, go mbeidh lipéid chlóite ag gabháil le táirgí, i gcás gach aonaid aonair agus saor in aisce, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe sin. |
1. I gcás ina gceanglaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lipéad dá dtagraítear in Airteagal 14 a bheith ar tháirgí, áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh nó a chuireann i mbun seirbhíse é, go mbeidh lipéid chlóite agus/nó dhigiteacha ag gabháil le táirgí, i gcás gach aonaid aonair agus saor in aisce, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe sin. Ar chúiseanna inbhuanaitheachta, tabharfar tús áite do lipéid dhigiteacha, i gcás nach gcuireann sé sin isteach ar éascaíocht rochtana ar fhaisnéis shoiléir don tomhaltóir. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Soláthróidh aon soláthraí earra, substainte nó meascáin faisnéis leordhóthanach atá ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha atá freagrach as Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh, ar faisnéis í a bhaineann lena soláthairtí nó lena seirbhísí atá ábhartha chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais feidhmíochta agus faisnéise de bhun Airteagail 6 agus 7. Maidir le faighteoir an earra, na substainte nó an mheascáin, mura oibreoir eacnamaíoch é atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas faisnéise a leagtar amach in Airteagail 6 agus 7, áiritheoidh faighteoir an earra, na substainte nó an mheascáin go gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo in iúl don oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas faisnéise a leagtar amach in Airteagail 6 agus 7. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) na sonraí in-úsáide a bhailiú más féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon, ach amháin má dhiúltaíonn an t-úsáideoir deiridh go sainráite na sonraí sin a chur ar fáil; |
(a) na sonraí in-úsáide a bhailiú más féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon, ach amháin má tá cead tugtha go sainráite ag an úsáideoir deiridh na sonraí sin a chur ar fáil; |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Déanfaidh an Coimisiún, maidir le gach gníomh tarmligthe gach trí bliana tar éis a chur chun feidhme, anailís ar na pointí sonraí arna mbailiú d’fhonn measúnú a dhéanamh ar thionchar an rialacháin i gcomparáid lena spriocanna sonraithe. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí. |
1. Maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, beidh i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tráth nach luaithe ná [8 mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú. |
Faoin ... [ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú. |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Chun críche an dara mír, cuirfidh an Coimisiún conclúidí a thuarascála agus, de réir mar is iomchuí, seasaimh Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Choiste na Réigiún, más ann dóibh, san áireamh. |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfar na paraiméadair seo a leanas a úsáid, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1): |
Déanfar na paraiméadair seo a leanas, arna ndlisteanú le measúnú saolré agus ciorclaíochta iomchuí, agus, i gcás inar gá arna bhforlíonadh le cinn eile, a úsáid, ina n-aonar nó comhiomlánaithe, mar bhonn chun na gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a fheabhsú: |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) éascaíocht agus caighdeán athchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu, comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, féidearthacht maidir le sórtáil ardíonachta, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu; |
(d) éascaíocht agus caighdeán athchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu, comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, féidearthacht maidir le sórtáil ardíonachta, dearadh le haghaidh athchúrsála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu; |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) seachaint réiteach teicniúil atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna; |
(e) seachaint réiteach teicniúil atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna, mura gá, chun sábháilteacht an táirge a áirithiú; |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe p
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(p) méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear; |
(p) méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, a n-éascaíocht athchúrsála agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear; |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe q
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(q) coinníollacha maidir le húsáid. |
(q) coinníollacha úsáide, lena n-áirítear an tionchar ar an gcomhshaol agus na sochair le linn na húsáide. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe q a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qa) in-athnuaiteacht ábhar agus úsáid nó inneachar amhábhar in-athnuaite. |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas de chritéir tháscacha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála mar rogha mhalartach ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo: |
Déanfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas de chritéir tháscacha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála mar rogha mhalartach ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo: |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta d’fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu maidir le leasanna na dtomhaltóirí, sláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint. |
Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta d’fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu maidir le leasanna na dtomhaltóirí, sláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint. Mura bhfuil siad le cur chun feidhme sula nglacfar gníomh tarmligthe, léireoidh siad uaillmhian níos airde ná an gníomh tarmligthe comhfhreagrach. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn VII – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Geallsealbhóirí lena n-áirítear Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhlachais tomhaltóirí, ní mór cuireadh a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ar bheart féinrialála. |
Geallsealbhóirí lena n-áirítear Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta, ENRanna comhshaoil atá cláraithe agus comhlachais tomhaltóirí, ní mór cuireadh a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ar bheart féinrialála, lena n-áirítear geallsealbhóirí an tslabhra luacha atá bunaithe lasmuigh den Aontas. |
IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE
ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an tuairim á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:
Eintiteas agus/nó duine |
European Furniture Industries Confederation |
International Association for Soaps, Detergents and Maintenance Products |
FEICA |
CONEBI-European association of the Bicycle, E-Bike and Parts & Accessories |
APPLIA |
CEPI-European association representing the paper industry |
AMCHAM EU |
Games Consoles Voluntary Agreement (GCVA) |
NESTE |
EEB-EUROPEAN ENVIRONMENTAL BUREAU |
EUROFER-European Steel Association |
Construction Products Europe AISBL |
EBIA - European Bedding Industries’ Association |
CEI-Bois - European Confederation of Woodworking Industries |
EPF - European Panel Federation |
EUROPUR - European Association of Flexible Polyurethane Foam Blocks Manufacturers |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE |
|||
Tagairtí |
COM(2022)0142 – C9-0132/2022 – 2022/0095(COD) |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 2.5.2022 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 2.5.2022 |
|||
Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
15.9.2022 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Maria Spyraki 5.5.2022 |
|||
Pléite sa choiste |
28.11.2022 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
28.3.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
57 5 5 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Matteo Adinolfi, Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Martin Buschmann, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Beatrice Covassi, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, Christophe Grudler, Robert Hajšel, Romana Jerković, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Andrius Kubilius, Marisa Matias, Dan Nica, Angelika Niebler, Niklas Nienaß, Johan Nissinen, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Markus Pieper, Maria Spyraki, Beata Szydło, Riho Terras, Patrizia Toia, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alex Agius Saliba, Rasmus Andresen, Tiziana Beghin, Franc Bogovič, Jakop G. Dalunde, Pietro Fiocchi, Klemen Grošelj, Martin Hojsík, Marina Kaljurand, Dace Melbārde, Rob Rooken, Bronis Ropė, Ernő Schaller-Baross, Jordi Solé, Susana Solís Pérez |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pär Holmgren, Sven Simon |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
57 |
+ |
ECR |
Pietro Fiocchi, Izabela-Helena Kloc, Beata Szydło |
NI |
Tiziana Beghin |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Franc Bogovič, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Christian Ehler, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Dace Melbārde, Angelika Niebler, Markus Pieper, Sven Simon, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss |
Renew |
Nicola Beer, Nicola Danti, Martina Dlabajová, Valter Flego, Bart Groothuis, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Martin Hojsík, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Susana Solís Pérez |
S&D |
Alex Agius Saliba, Beatrice Covassi, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Romana Jerković, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Dan Nica, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho |
Verts/ALE |
Rasmus Andresen, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Pär Holmgren, Niklas Nienaß, Bronis Ropė, Jordi Solé, Marie Toussaint |
5 |
- |
ECR |
Johan Nissinen, Rob Rooken |
ID |
Markus Buchheit |
The Left |
Marc Botenga, Marisa Matias |
5 |
0 |
ID |
Matteo Adinolfi, Paolo Borchia, Isabella Tovaglieri |
NI |
Martin Buschmann, Ernő Schaller-Baross |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (27.4.2023)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE
(COM((2022)0142 – C9‑0132/2022 – 2022/0095(COD))
Rapóirtéir don tuairim (*): David Cormand
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
RÉASÚNÚ GEARR
Is é an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht an chéad gharsprioc chun an margadh inmheánach a dhéanamh fíor-inbhuanaithe. D’éirigh leis an Eoraip margadh aonair a chruthú don mhalartú earraí nó seirbhísí a bhunaíonn an tAontas mar an margadh is mó ar domhan. Ní mór dúinn an chumhacht sin a úsáid go críonna chun é a dhéanamh comhoiriúnach lenár luachanna Eorpacha.
Tá an margadh faoi réir cliseadh margaidh dochrach atá fábhrach do ghníomhaithe eacnamaíocha a ghlacann modhanna táirgthe agus a chruthaíonn táirgí a bhaineann an bonn den chomhshaol agus de chearta sóisialta. Chun iomaíocht chóir a áirithiú, ní mór do rialacha margaidhluaíocht a thabhairt do na daoine sin a tháirgeann agus a théann i mbun nuálaíochta i gcomhréir lenár gcearta sóisialta agus comhshaoil.
Is mian leis an Rapóirtéir a áirithiú go gcuirfidh an Rialachán sin ar ár gcumas fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid agus cuidiú le spriocanna comhshaoil agus aeráide AE a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór don Rialachán sin tacú leis an leibhéal uaillmhéine sin trí cheanglais éicidhearthóireachta uaillmhianacha a ghlacadh agus deireadh a chur le samhlacha gnó neamh-inbhuanaithe nach bhfuil brabúsach go heacnamaíoch ach chun aimhleasa caighdeán comhshaoil agus cearta sóisialta. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh an tionchar diúltach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha ina bhac ann féin ar ár gcuspóirí éicidhearthóireachta a bhaint amach.
Thairis sin, creideann an Rapóirtéir gur cheart don Rialachán íosleibhéal a leagan síos maidir le ceanglais éicidhearthóireachta chun na táirgí lena mbaineann drochfheidhmíocht a eisiamh ón margadh. É sin ráite, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais níos déine a leagan síos agus maolú a chur ar iontrálacha agus úsáid táirgí áirithe bunaithe ar chuspóirí comhshaoil. Lamháiltear leis sin do chur chuige níos solúbtha chun cuspóirí comhshaoil níos leithne an Aontais a bhaint amach i leith phrionsabal na coimhdeachta. I bhfianaise na géarchéime comhshaoil agus aeráide, ní dhéanfaidh cosc a chur ar Bhallstáit gníomhú go háitiúil ach moill a chur ar an ngníomhaíocht is gá atá fíormhall cheana féin. Tá sé i gcomhréir freisin le hairteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena bhforáiltear nach gcuirfear cosc ar Bhallstáit bearta cosanta níos déine a thabhairt isteach maidir le cúrsaí comhshaoil.
Maidir le raon feidhme an Rialacháin, molann an Rapóirtéir seirbhísí digiteacha nach bhfuil nasctha le táirge a chur san áireamh. Is cuid dár ár ngeilleagar atá ag fás iad seirbhísi digiteacha agus tá sé práinneach tús a chur lena n-éicidhearthóireacht a chur chun cinn. I bhfianaise a chineáil doláimhsithe, molann an Rapóirtéir lipéad le haghaidh éicidhearthóireacht seirbhísí digiteacha a fhorbairt agus iarann sé ar an gCoimisiún modheolaíocht láidir bunaithe ar dhea-chleachtais san earnáil a fhorbairt. Ba cheart luach saothair a thabhairt leis an lipéad sin do ghníomhaithe a bhfuil seirbhísí digiteacha éicidheartha á bhforbairt acu agus bheadh sé ina mharcóir le haghaidh soláthar poiblí agus roghanna gníomhaithe príobháideacha.
Molann an Coimisiún critéir éicidhearthóireachta a rialáil de réir catagóir táirge. Is díol sásaimh don Rapóirtéir an cur chuige seo, lena gceadaítear gráinneacht sa gníomhaíocht reachtach. É sin ráite, ta sé den tuairim go dteastaíonn forálacha cothrománacha ag gnéithe áirithe chun a áirithiú go ndearaimid táirgí atá fíor-mharthana agus fíor-indeisithe. Dá bhrí sin, molann sé roinnt ceanglas cothrománach a thabhairt isteach maidir le marthanacht agus indeisitheacht. Gné nádúrtha de Rialachán maidir le Éicidhearthóireacht Táirgí is ea toirmeasc ginearálta a chur ar chleachtais dífheidhmeachta anabaí, lena n-áirítear dífheidhmeacht bogearraí. Thairis sin, léiríonn sé sin an méid atá molta ag an gCoimsiún chun aghaidh a thabhairt air faoi Dhlí na dTomhaltóirí ina thogra “Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas”. Thairis sin, is den bhuntábhacht é go mbeadh indeisitheacht i gcroílár ceanglais éicidhearthóireachta trí dhearthaí áirithe táirgí lena gcuirtear cosc ar tháirge a dheisiú a thoirmeasc ach chomh maith leis sin trí rochtain ar na huirlisí agus an fhaisnéis iomchuí a chur ar fáil do na gníomhaithe ar fad san earnáil. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir mionsonrú a dhéanamh ar na critéir a bheidh le cur san áireamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú scór deisithe Eorpach, lena n-áirítear praghas páirteanna spártha agus a n-ama seachadta. Go deimhin, tá an dá ghné sin i gcroílár na n-ábhar imní atá ag muintir na hEorpa nuair a cheistítear iad faoi mhódúlachtaí maidir le leas a bhaint as deisiú agus ba cheart iad a léiriú sa mhodheolaíocht chun scór deisithe den sort sin a bhunú. Agus ar deireadh, ní mór méid shaolré an táirge atá cumhdaithe ag an gceanglas marthanachta a léiriú sna cearta tomhaltóirí ábhartha. Dá bhrí sin, iarann an Rapóirtéir fad an ráthaíocht dhlíthiúil a ailíniú leis an gcatagóir maidir le saolré measta táirge i ngach gníomh tarmligthe.
Is iontach an uirlis é an Pas Táirge Digiteach le haghaidh saorchursaíocht sonraí agus trédhearcacht slabhra luacha. Mar thoradh ar rochtain a oscailt ar shonraí a bhaineann le éicidhearthóireacht táirgí do thaighdeoirí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, do ghníomhaithe eacnamaíocha agus tomhaltóirí lena mbaineann beifear in ann margaí nua a oscailt agus na gníomhaithe is macánta ina réimse a chur chun cinn. Tugann an Rapóirtéir eisiamh stóráil sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh táirgí chun bunú faireachais ginearálaithe a chosc.
Ar deireadh, molann an rapóirtéir dul chun cinn áirithe a dhéanamh ar an gcaibidil um fhaireachas margaidh den Rialachán sin chun a fhorfheidhmiú éifeachtach a áirithiú. Molann sé go gceanglófaí ar na Ballstáit sásraí a bhunú lenar féidir le húsáideoirí deiridh gearán a thaisceadh go héasca i gcás neamhchomlíonta;. Tugann sé sraith íosta pionós isteach freisin ar féidir le húdaráis um fhaireachas margaidh a chur i bhfeidhm le sáraitheoirí.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) I gcás nach bhfuil ann do reachtaíocht ar leibhéal an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise maidir le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeidh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán sin, déanfar an creat sin a chur ar fáil tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí. |
(4) I gcás nach bhfuil ann do reachtaíocht ar leibhéal an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise maidir le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeidh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála uaillmhianach chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán sin, déanfar an creat sin a chur ar fáil tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí. |
_________________ |
_________________ |
29Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). |
29Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10). |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Leis an Rialachán sin rannchuideofar le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur in oiriúint do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, dramhaíl a laghdú agus a áirithiú gur gnáthchaighdeán í feidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht de réir a chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, ar a n-athúsáid, ar a n-uasghrádaitheacht agus ar a n-indeisitheacht, chun feabhas a chur ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú. |
(5) Leis an Rialachán sin rannchuideofar le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur in oiriúint do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, dramhaíl a laghdú agus a áirithiú gur gnáthchaighdeán í feidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht de réir a chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, ar a n-athúsáid, ar a n-uasghrádaitheacht agus ar a n-indeisitheacht, chun féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil a áirithiú, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú. Tríd é sin a dhéanamh, go mbeadh sé d'aidhm leis an Rialachán sin tacú le patrúin táirgíochta agus tomhaltais atá atá ailínithe le spriocanna foriomlána inbhuanaitheachta an Aontais, lena n-áirítear an aeráid, an comhshaol, fuinneamh, úsáid acmhainní agus an bhithéagsúlacht. Ós rud é go mbunófar leis an Rialachán sin forálacha chun saolré táirgí a leathnú, níor cheart dó bac a chur ar athúsáid comhpháirteanna nó páirteanna spártha chun táirgí a dheisiú. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) I bhfianaise an mheatha atá ag teacht ar acmhainní nádúrtha agus leathadh na dramhaíola, go bhfuil sé bunriachtanach pátrúin inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais a chur ar bun lena dtugtar aird ar theorainneacha pláinéadacha, agus é mar thosaíocht leo úsáid níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe a bhaint as ár n-acmhainní; |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5b) Is féidir ról tábhachtach a bheith ag úsáid amhábhar in-athnuaite maidir le spriocanna an Rialacháin sin a bhaint amach agus maidir le hábhair in-athúsáidte agus in-athchúrsáilte a chruthú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an bunábhar a úsáidtear chun táirgí a tháirgeadh a chur san áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach sa Rialachán sin. Ba cheart ábhar athchúrsáilte nó ábhar athchúrsáilte na n-acmhainní inathnuaite a aimsiú agus a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe le torthaí atá dearfach ó thaobh an dúlra de. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5c) Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán sin ar roinnt cleachtas a bhaineann le dífheidhmeacht luath táirgí. Áirítear ar na cleachtais sin cleachtais dífheidhmeachta phleanáilte, ar cheart iad a thuiscint mar bheartas tráchtála a bhaineann le táirge a phleanáil nó a dhearadh d’aon ghnó a bhfuil saol teoranta úsáideach aige ionas go n-éireoidh sé as feidhm roimh am nó go mbeidh sé neamhfheidhmiúil tar éis tréimhse áirithe ama. Déantar dochar don tomhaltóir i gcás ina dtéitear i mbun cleachtas as a n-eascraíonn giorrú ar shaolré táirge nó táirgí a cheannach a mheastar a mhairfidh níos faide ná mar a dhéanann siad i ndáiríre. Ina theannta sin, bíonn tionchar diúltach foriomlán ag cleachtais dífheidhmeachta luatha ar an gcomhshaol i bhfoirm méadú ar dhramhaíl ábhair. Dá bhrí sin, má thugtar aghaidh ar na cleachtais sin, is dócha go laghdófar an méid dramhaíola, rud a rannchuideodh le tomhaltas níos inbhuanaithe a bhaint amach. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) I Rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margaidh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’30, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur díol sásaimh di táirgí marthanacha a chur chun cinn, ar táirgí iad atá níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Ina thuarascáil maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Nua um an nGeilleagar Ciorclach Nua a glacadh an 16 Feabhra 202131, thacaigh Parlaimint na hEorpa tuilleadh leis an gclár oibre a chuir an Coimisiún i láthair i CEAP. Mheas sí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh ar an 11 Nollaig 202032, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin rún an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí. |
(6) Sa rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margadh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’30, d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbunófaí creat iomchuí chun táirgeadh táirgí marthanacha atá níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil a áirithiú. Ina thuarascáil maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Nua um an nGeilleagar Ciorclach Nua a glacadh an 16 Feabhra 202131, thacaigh Parlaimint na hEorpa tuilleadh leis an gclár oibre a chuir an Coimisiún i láthair i CEAP. Mheas sí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh ar an 11 Nollaig 202032, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin rún an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí. |
_________________ |
_________________ |
30 P9_TA(2020)0318. |
30 P9_TA(2020)0318. |
31 P9_TA(2021)0040. |
31 P9_TA(2021)0040. |
32 13852/20. |
32 13852/20. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun creat rialála a bheidh éifeachtach agus slán i bhfad na haimsire a chruthú, is gá foráil a dhéanamh maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú i leith na n-earraí fisiceacha ar fad a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin an réimse is leithne táirgí is féidir a chur san áireamh agus tús áite á thabhairt aige do bhunú ceanglas éicidhearthóireachta agus ar an gcaoi sin a éifeachtacht a uasmhéadú. I gcás inar gá, ba cheart díolúintí sonracha a dhéanamh agus ceanglais éicidhearthóireachta á leagan síos, mar shampla i gcás táirgí a bhfuil críoch ar leith acu nárbh fhéidir a chomhlíonadh agus ceanglais éicidhearthóireachta á gcomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart díolúintí a dhéanamh ar leibhéal an chreata le haghaidh na dtáirgí sin ar léir cheana nach mbeadh na ceanglais éicidhearthóireachta oiriúnach nó i gcás ina bhforáiltear i gcreataí eile do na ceanglais sin a shocrú. Ba cheart gurb amhlaidh a bheadh i gcás bia agus beatha mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/200244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45, táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, plandaí beo, ainmhithe agus miocrorgánaigh, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. |
(11) Chun creat rialála a bheidh éifeachtach agus slán i bhfad na haimsire a chruthú, is gá foráil a dhéanamh maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú i leith na n-earraí fisiceacha ar fad a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an Choimisiúin an réimse is leithne táirgí is féidir a chur san áireamh agus tús áite á thabhairt aige do bhunú ceanglas éicidhearthóireachta agus ar an gcaoi sin a éifeachtacht a uasmhéadú. Tá sé ríthábhachtach dúbailt nó forluí rialála a sheachaint. I gcás inar gá, ba cheart díolúintí sonracha a dhéanamh agus ceanglais éicidhearthóireachta á leagan síos, mar shampla i gcás táirgí a bhfuil críoch ar leith acu nárbh fhéidir a chomhlíonadh agus ceanglais éicidhearthóireachta á gcomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart díolúintí a dhéanamh ar leibhéal an chreata le haghaidh na dtáirgí sin ar léir cheana nach mbeadh na ceanglais éicidhearthóireachta oiriúnach nó i gcás ina bhforáiltear i gcreataí eile do na ceanglais sin a shocrú. Ba cheart gurb amhlaidh a bheadh i gcás bia agus beatha mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/200244 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45, táirgí íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, plandaí beo, ainmhithe agus miocrorgánaigh, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. |
_________________ |
_________________ |
44 Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). |
44 Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). |
45 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67). |
45 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67). |
46 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43). |
46 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43). |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin nó meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna. |
(13) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin nó meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna ceanglais chothrománacha sin na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol a eascraíonn as úsáid a bhaint as comhluchtaire amháin le haghaidh roinnt táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar ghrúpaí táirgí a bhfuil cosúlachtaí teicniúla acu, i.e. uirlisí garraíodóireachta agus druileanna cumhachta nó táirgí a chosnaítear ar thaise agus ar ionradh uisce a bheith feistithe le luchtairí coiteanna. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(13a) Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún an t-am cur chun feidhme do gach gníomh tarmligthe a shonrú agus dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú. Ba cheart an tréimhse sin a oiriúnú ag brath ar shonraíochtaí na catagóire táirgí. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(19) Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar shocrú na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt a thuilleadh bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an taithí atá aige measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, amhail an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/227956 ón gCoimisiún, lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáide as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún treisiú breise a dhéanamh ar ghnéithe ciorclaíochta (amhail marthanacht, indeisitheacht, córas scórála deisithe san áireamh, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus ar athchúrsáil) maidir le measúnú a dhéanamh ar tháirgí agus maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige nua a bheith ag teastáil freisin chun critéir éigeantacha um sholáthar poiblí a ullmhú agus chun cosc a chur ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú. |
(19) Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar shocrú na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt a thuilleadh bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an taithí atá aige measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, amhail an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/227956 ón gCoimisiún, lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta eile atá bailíochtaithe go heolaíoch, atá bunaithe ar mhodhanna atá bunaithe ar mhodhanna nó ar chaighdeáin theicniúla Eorpacha a chur san áireamh freisin. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáide as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún treisiú breise a dhéanamh ar ghnéithe ciorclaíochta (amhail marthanacht, indeisitheacht, córas scórála deisithe san áireamh, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus ar athchúrsáil) maidir le measúnú a dhéanamh ar tháirgí agus maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh cineálacha nua cur chuige a bheith ag teastáil freisin le haghaidh toirmisc ar tháirgí tomhaltais nár díoladh a scriosadh. |
_________________ |
_________________ |
56 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl. |
56 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(23a) Agus formáid na dtreoracha atá le cur ar fáil ag monaróirí á sonrú ag an gCoimisiún, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh an digiteail isteach ar chosaint shláinte agus shábháilteacht an duine. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán sin. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart an pas táirge a bheith ina chabhair le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, trí ghníomhaithe eile slabhra luacha, amhail deisitheoirí nó lucht athchúrsála, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus trína chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh. Chun na críche sin, níor cheart an pas táirge a ionadú ach comhlánú a dhéanamh ar na foirmeacha neamhdhigitiúla a bhaineann le faisnéis a tharchur, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán sin. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart an pas táirge a bheith ina chabhair le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, trí ghníomhaithe eile slabhra luacha, amhail deisitheoirí gairmiúla, athchóiritheoirí, nó lucht athchúrsála, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus trína chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh. Chun na críche sin, níor cheart an pas táirge a ionadú ach comhlánú a dhéanamh ar na foirmeacha neamhdhigitiúla a bhaineann le faisnéis a tharchur, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(33a) Ba cheart an pas táirgí digiteacha a dhearadh ar bhealach slán agus a chur san áireamh go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith ina rún trádála i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(39) Chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna níos inbhuanaithe, ba cheart faisnéis a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Is féidir leo bonn tapa amhairc a sholáthar do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rochtain a cheadú leo ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an bealach is éifeachtaí chun na lipéid sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge. |
(39) Chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna níos inbhuanaithe, ba cheart faisnéis a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú ó thaobh indeisitheachta, marthanachta nó inbhuanaitheacht fhoriomlán de agus é mar chuspóir lipéad uathúil a bhaint amach. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Is féidir leo bonn tapa amhairc a sholáthar do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rochtain a cheadú leo ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an bealach is éifeachtaí chun na lipéid sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(41) Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ar a bhfuil lipéad a dhéanann aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán sin. |
(41) Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ar a bhfuil lipéad a dhéanann aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Ar an taobh eile, níor cheart a mheas go bhfuil lipéid bhreise, amhail Éicilipéad AE nó éicilipéad eile de chineál 1 atá ann cheana, míthreorach. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 59
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(59) Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74 i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Chun an comhar a fheabhsú a thuilleadh chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha, ba cheart oibleagáidí nithiúla a áireamh sa Rialachán sin chun an comhar sin a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le margaí ar líne. Mar shampla, bíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh ag cur feabhais i rith an ama ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais margaidh ar líne chun táirgí neamhchomhlíontacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadan. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne freisin. |
(59) Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74 i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Chun coinneáil suas le forbairt theicneolaíoch agus le modhanna nua díola, ba cheart feidhm a bheith ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dearaidh a leagtar síos do sholáthraithe margaí ar líne in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun críche na faisnéise a cheanglaítear le hAirteagal 25 agus Airteagal 30(1) den Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na gceanglas a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán sin. Ba cheart forfheidhmiú na n-oibleagáidí sin a bheith faoi réir na rialacha a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. Chun críocha Airteagal 31, mír 3 de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne úsáid a bhaint as an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad. Féadfar gurb ionann an pointe teagmhála aonair faoin Rialachán sin agus an pointe teagmhála faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2065, gan an cuspóir i leith fadhbanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil ar bhealach tapa sonrach a chur i mbaol. |
_________________ |
_________________ |
74Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |
74Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1). |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 68
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(68) In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí coiteanna mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra a éascú maidir leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh, mar shampla nuair atá an próiseas caighdeánaithe blocáilte mar gheall ar easpa comhdhearcaidh idir páirtithe leasmhara nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar chaighdeán comhchuibhithe a bhunú. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach. Ina theannta sin, ba cheart ceart cúitimh a bheith in ann maidir leis an réiteach sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart go mbeadh comhlíontacht le sonraíochtaí coiteanna ina cúis le toimhde na comhréireachta freisin. |
(68) Is éard atá i gcreat caighdeánaithe reatha an Aontais atá bunaithe ar phrionsabail an ‘Cur Chuige Nua’ mar a thugtar air agus ar phrionsabail Rialachán (AE) 1025/2012 an creat chun caighdeáin a mhionsaothrú lena soláthraítear toimhde comhréireachta leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán sin. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí coiteanna, trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh a éascú, mar shampla nuair a chuirtear bac ar an bpróiseas caighdeánaithe mar gheall ar easpa comhthola idir geallsealbhóirí nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ann maidir le caighdeán comhchuibhithe a bhunú agus nach féidir an spriocdháta a leagadh síos a chomhlíonadh. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul i muinín an réitigh sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart go mbeadh comhlíontacht le sonraíochtaí coiteanna ina cúis le toimhde na comhréireachta freisin. Chun éifeachtúlacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún ról a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna lena gcumhdaítear ceanglais éicidhearthóireachta an Rialacháin sin.. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 88
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(88) Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán sin agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin sin, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán sin. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos fearr, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin sin i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán sin lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sonracha breise sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc. |
(88) Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán sin agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin sin, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán sin. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos fearr, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin sin i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán sin lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sonracha breise sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc agus comhréireacht a athbhunú i gcás inarb ábhartha. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 90
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(90) Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta tiomnaithe a tharraingt suas ina sainaithneofar na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht táirgí ábhartha leis na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú. I gcás inarb ábhartha, ba cheart an plean gníomhaíochta sin a bheith ina chuid de straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna nglacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020. |
(90) Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta tiomnaithe a tharraingt suas ina sainaithneofar na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíonadh na dtáirgí ábhartha nó na gceanglas éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú nó chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta ábhartha. I gcás inarb ábhartha, ba cheart an plean gníomhaíochta sin a bheith ina chuid de straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna nglacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 91
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(91) Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun táirgí agus ceanglais a chinneadh ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh i gcomhthéacs a bpleananna gníomhaíochta lena sainaithnítear tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin agus gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht a laghdú. |
(91) Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht nó líon na ngearán a fuarthas. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun táirgí agus ceanglais a chinneadh ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh i gcomhthéacs a bpleananna gníomhaíochta lena sainaithnítear tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin agus gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht a laghdú. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 94
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(94) Chun comhordú na n-údarás um fhaireachas margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán sin a laghdú, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais éicidhearthóireachta a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint. |
(94) Chun comhordú na n-údarás um fhaireachas margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán sin a laghdú nó deireadh a chur leis, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais éicidhearthóireachta a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 95
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(95) Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail um fhaireachas agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus oiliúint choiteann d’fhoireann na n-údarás um fhaireachas margaidh, do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais éicidhearthóireachta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gcás inar gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad. |
(95) Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail um fhaireachas agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus oiliúint choiteann d’fhoireann na n-údarás um fhaireachas margaidh, do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais éicidhearthóireachta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad. |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh feidhm ag an Rialachán sin maidir le haon earra fisiceach a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. É sin ráite, ní bheidh feidhm aige maidir leis an méid seo a leanas: |
2. Beidh feidhm ag an Rialachán sin maidir le haon earra fisiceach a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, lena n-áirítear comhpháirteanna agus táirgí idirmheánacha. É sin ráite, ní bheidh feidhm aige maidir leis an méid seo a leanas: |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe g a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ga) saothair ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) ciallaíonn ‘athmhonarú’ próiseas tionsclaíoch ina dtáirgtear táirge as réada ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an táirge a dhéanann difear do shábháilteacht, feidhmíocht, cuspóir nó cineál an táirge a chuirtear ar an margadh de ghnáth le ráthaíocht tráchtála; |
(16) ciallaíonn ‘athmhonarú’ próiseas tionsclaíoch ina dtáirgtear táirge nó ina ndéantar é a mhodhnú go substaintiúil as réada ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an táirge a dhéanann difear do shábháilteacht, feidhmíocht, cuspóir nó cineál an táirge a chuirtear ar an margadh de ghnáth le ráthaíocht tráchtála agus lena gceanglaítear measúnú comhréireachta nua chun comhlíonadh na gceanglas nua is infheidhme a áirithiú; |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) ciallaíonn ‘uasghrádú’ feidhmiúlacht, feidhmíocht, acmhainneacht nó aeistéitic tháirge a fheabhsú; |
(17) ciallaíonn ‘uasghrádú’ feidhmiúlacht, feidhmíocht, acmhainneacht nó sabháilteacht táirge a fheabhsú; |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 17 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17a) ciallaíonn ‘nuashonrú bogearraí’ nuashonrú saor in aisce, lena n-áirítear nuashonrú slándála nó nuashonrú ar fheidhmiúlacht nó gné eile, is gá chun earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/770 agus Treoir (AE) 2019/771;; |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) ciallaíonn ‘athfheistiú’ réad ar dramhaíl nó táirge atá ann a ullmhú nó a mhodhnú chun a fheidhmíocht nó a fheidhmiúlacht a athbhunú laistigh den úsáid atá beartaithe dó agus den raon feidhmíochta agus cothabhála a ceapadh i dtosach ag céim an deartha, nó chun caighdeáin theicniúla nó ceanglais rialála is infheidhme a chomhlíonadh, agus is é an toradh a bhíonn air sin táirge lánfheidhmiúil a dhéanamh; |
(18) ciallaíonn ‘athfheistiú’ réad ar dramhaíl nó táirge atá ann a ullmhú nó a mhodhnú chun feidhmiúlacht a athbhunú laistigh den úsáid atá beartaithe dó agus den raon feidhmíochta agus cothabhála a ceapadh i dtosach ag céim an deartha, nó chun caighdeáin theicniúla nó ceanglais rialála is infheidhme a chomhlíonadh, agus is é an toradh a bhíonn air sin táirge lánfheidhmiúil a dhéanamh; |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 20 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(20a) ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí deisithe nó cothabhála ar tháirge, is cuma cé acu a ghníomhaíonn an duine sin laistigh de chóras dáileacháin an mhonaróra nó go neamhspleách; |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge feidhmiú de réir mar is gá, faoi choinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin, go dtí go gcuirfidh teagmhas teorannaithe cosc ar a fheidhmiú; |
(21) ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge feidhmiú faoi choinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin, go dtí go gcuirfidh teagmhas teorannaithe cosc ar a fheidhmiú; |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) ciallaíonn ‘táirge tomhaltais gan díol’ aon táirge tomhaltais nár díoladh nó a thug tomhaltóir ar ais i bhfianaise a chirt tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2011/83/AE; |
(37) ciallaíonn ‘táirge tomhaltais gan díol’ aon táirge tomhaltais nár díoladh, agus atá oiriúnach lena thomhailt nó lena dhíol, lena n-áirítear barrachas, fardal iomarcach, róstoc, stoc marbh agus samplaí, nó aon táirge tomhaltais a chuir tomhaltóir ar ais i bhfianaise a gceart tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2011/83/AE; |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 55
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(55) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol; |
(55) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol; |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 55 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(55a) ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste; |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac le táirgí a chur ar an margadh ná i mbun seirbhíse ar an ábhar nár comhlíonadh ceanglais náisiúnta a bhaineann le paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nach bhfuil aon cheanglas feidhmíochta, ceanglas faisnéise ná ceanglas feidhmíochta ná faisnéise riachtanach ina leith. |
4. Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac le táirgí a chur ar an margadh ná i mbun seirbhíse ar an ábhar nár comhlíonadh ceanglais náisiúnta a bhaineann le paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nach bhfuil gá le haon cheanglas feidhmíochta. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán sin freisin trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 36. |
Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán sin freisin trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, leis na hoiriúnuithe is gá, lena n-áirítear cur chuige maidir le measúnú riosca, i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 36. |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Tabharfaidh na gníomhartha tarmligthe sin dóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do chur chun feidhme na gceanglas nua. |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún nó d’údaráis um fhaireachas margaidh gan iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 30(3); |
(a) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún nó d’údaráis um fhaireachas margaidh i gcomhréir le hAirteagal 30(3); |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cainníochtaí táirge a chumhdaítear leis na gníomhartha tarmligthe sin a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse, i gcomhréir le hAirteagal 31(1); |
(b) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cainníochtaí táirge a chumhdaítear leis na gníomhartha tarmligthe sin a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse, i gcomhréir le hAirteagal 31(1); i gcásanna nach bhfuil sonraí beachta ar fáil maidir le catagóir táirge ar leith, cuirfear cainníochtaí measta ar fáil; |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí na sonraí in-úsáide dá dtagraítear i bpointe (c) a bhailiú, a anaithnidiú, nó a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 31(3); |
(d) é a chur de cheangal ar mhonaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí na sonraí in-úsáide dá dtagraítear i bpointe (c) a bhailiú, a anaithnidiú, nó a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 31(3) agus breithnithe príobháideachais á gcur san áireamh; |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe h a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ha) an mhodheolaíocht a shonrú chun indeisitheacht táirge a mheasúnú, na haicmí feidhmíochta a bheidh le taispeáint ag an scór indeisitheachta a shainiú, inter alia, agus na catagóirí táirgí a mbeidh feidhm aige maidir leo a shainiú. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. De réir mar is iomchuí do na grúpaí táirgí ábhartha agus aird chuí á tabhairt aige ar gach céim dá saolré, bunóidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge seo a leanas: |
1. De réir mar is iomchuí do na grúpaí táirgí ábhartha agus aird chuí á tabhairt aige ar gach céim dá saolré, bunóidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge seo a leanas agus idirthuilleamaíochtaí agus comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann idir na gnéithe táirge sin á gcur san áireamh : |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe ii
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(ii) reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1; |
(ii) reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1, chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun dúbláil nó forluí ceanglas a sheachaint; |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, de réir mar is iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin Eorpacha. Agus an méid sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge a liostaítear i mír 1 comhréireach lena suntasacht. Ní chuirfear moill mhíchuí ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta maidir leis na gnéithe is suntasaí de tháirge i measc na ngnéithe a liostaítear i mír 1 de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun feabhas a chur ar ghnéithe eile den táirge sin; |
(b) measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar na hanailísí fianaise is fearr atá ar fáil agus ar chomhairliúcháin iomchuí, lena n-áirítear trí ghrúpaí saineolaithe, agus de réir mar is iomchuí ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin Eorpacha. Agus an méid sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge a liostaítear i mír 1 comhréireach lena suntasacht agus déanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá siad ó thaobh na heacnamaíochta de. Ní chuirfear moill mhíchuí ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta maidir leis na gnéithe is suntasaí de tháirge i measc na ngnéithe a liostaítear i mír 1 de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun feabhas a chur ar ghnéithe eile den táirge sin; |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith acu ar fheidhmiúlacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de; |
(a) ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith acu ar fheidhmiúlacht ná ar shabháilteacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de; |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Soláthróidh gníomhaithe sa slabhra soláthair an fhaisnéis is gá a bheidh ar fáil dóibh chun a chur ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a leagtar amach in Airteagal 6 agus 7 den Rialachán sin agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin a chomhlíonadh. |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Foilseoidh an Coimisiún na staidéir agus na hanailísí ábhartha a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán sin. |
8. Foilseoidh an Coimisiún gan moill mhíchuí na staidéir, na hanailísí agus na measúnuithe tionchair ábhartha a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán sin. |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8a. Beidh ceanglais éicidhearthóireachta gan dochar do chur i bhfeidhm éifeachtach na gceanglas díchill chuí inbhuanaitheachta a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais agus déanfar iad a léirmhíniú ar bhealach nach ndéanfaidh an bonn a bhaint de chur i bhfeidhm éifeachtach na gceanglas sin. |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal5a. |
|
Toirmeasc ar dhífheidhmeacht anabaí táirgí |
|
Cuirfidh an Coimisiún toirmeasc ar chleachtais aitheanta agus ar chleachtais aitheanta arb é an toradh a bheidh orthu saolré táirge a ghiorrú mar chuid de na ceanglais éicidhearthóireachta faoin ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, de réir mar is iomchuí. |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. I gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthraítear sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear in Airteagal 5(4), pointe (b), beidh na ceanglais faisnéise maidir le feidhmíocht an táirge a bhaineann le hindeisitheacht i bhfoirm scór indeisitheachta chun cur ar chumas úsáideoirí deiridh comparáid a dhéanamh go héasca idir feidhmíocht na dtáirgí. Déanfar an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar indeisitheacht táirgí a fhorbairt de réir shonraíochtaí na gcatagóirí táirgí agus sonrófar í sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh faoi Airteagal 4. Saineofar sa ghníomh tarmligthe sin freisin inneachar agus leagan amach an lipéid ina bhfuil an scór indeisitheachta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 14, trí úsáid a bhaint as teanga agus picteagraim atá soiléir agus éasca le tuiscint, chun ró-ualach faisnéise do thomhaltóirí a sheachaint. |
|
Nuair a bheidh sí ar fáil, féadfar gnéithe ábhartha eile de tháirge a áireamh sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar indeisitheacht táirgí, amhail inmharthanacht, iontaofacht nó stóinseacht, agus féadfar í a shonrú tuilleadh sa ghníomh tarmligthe ábhartha agus sainiúlachtaí na catagóire táirgí á gcur san áireamh. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. An fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise, tabharfar í i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i mbun seirbhíse. |
7. An fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise, tabharfar í i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i mbun seirbhíse, agus i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2019/882. |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) cé acu an mbeidh an pas táirge le freagairt don mhúnla, don bhaisc nó do leibhéal na hítime; |
(d) cé acu an mbeidh an pas táirge le freagairt don mhúnla, don bhaisc nó, i gcás inarb iomchuí,do leibhéal na hítime; |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) an bealach ina mbeidh an pas táirge inrochtana do chustaiméirí sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, lena n-áirítear pasanna táirge i gcás ciandíolacháin; |
(e) an bealach a gcuirfear an fhaisnéis neamhrúnda atá sa phas táirge ar fáil do chustaiméirí sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin, agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882; |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí leasa phoiblí agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, athchóiritheoirí, deisitheoirí gairmiúla, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí leasa phoiblí, taighdeoirí agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge, lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
(g) na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge, lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, athchóiritheoirí, deisitheoirí gairmiúla, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann; |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) éascóidh siad fíorú ar chomhlíonadh táirgí ag údaráis inniúla náisiúnta; agus |
(b) éascóidh siad fíorú ar chomhlíonadh táirgí ag údaráis inniúla náisiúnta laistigh d’aon ionstraim amháin; agus |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) cuirfidh siad feabhas ar inrianaitheacht táirgí feadh an tslabhra luacha. |
(c) cuirfidh siad feabhas ar inrianaitheacht táirgí feadh an tslabhra luacha gan slándáil sonraí na n-oibreoirí eacnamaíocha a chur i mbaol; |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) beidh siad ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht táirgí agus i ndáil le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú. |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) i gcás inarb ábhartha, beidh sé ag brath agus ag idirghníomhú le bunachair sonraí táirgí eile, agus déanfaidh sé foráil maidir le pointe iontrála aonair d’oibreoirí eacnamaíocha; |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10; |
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí cothrom le dáta bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10; |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoir deiridh an táirge a stóráil sa phas táirge nó a eachtarshuí uaidh; |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh cóip dhigiteach den iompróir sonraí do dhéileálaithe chun go mbeidh an déileálaí in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh an déileálaí. |
3. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh cóip dhigiteach den iompróir sonraí do dhéileálaithe agus do mhargaí ar líne chun go mbeidh siad in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh a fháil. |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as a chruthú nó oibreoirí atá údaraithe gníomhú thar a gceann na sonraí atá ar áireamh sa phas táirge a stóráil. |
(c) déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as a chruthú nó oibreoirí atá údaraithe gníomhú thar a gceann na sonraí atá ar áireamh sa phas táirge a stóráil agus a choinneáil cothrom le dáta. |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) an bealach ina gcuirfear an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ciandíolacháin, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 agus na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur san áireamh; |
(c) an bealach ina gcuirfear an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ciandíolacháin, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 agus i gcás inarb ábhartha, na ceanglais is infheidhme arna mbunú faoi Threoir (AE) 2019/882, chomh maith leis na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur san áireamh; |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Beidh na ceanglais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(1) i bhfoirm lipéid uathúil i bhformáid iomchuí agus lena gcumhdófar gnéithe an táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1) atá ábhartha do thomhaltóirí, i gcás gach catagóire táirgí, más iomchuí. |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse. Féadfar tréimhse níos faide nó níos giorra ná 10 mbliana a shonrú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun cineál na dtáirgí nó na ceanglais lena mbaineann a chur san áireamh. |
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse. Féadfar tréimhse níos faide nó níos giorra ná 10 mbliana a shonrú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun cineál na dtáirgí, castacht na faisnéise atá le soláthar, nó na ceanglais lena mbaineann a chur san áireamh. |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt go sábháilte, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus de bhun Airteagal 7(2)(b), pointe (ii), ar a laghad. |
7. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha i bformáid dhigiteach ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt go sábháilte, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus de bhun Airteagal 7(2)(b), pointe (ii), ar a laghad. Sonrófar freisin sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 an tréimhse ar lena linn a chuirfear na treoracha sin ar fáil ar líne. Ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh. |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Agus na treoracha dá dtagraítear i mír 7 á soláthar aige, tíolacfaidh an monaróir iad i bhformáid lenar féidir iad a íoslódáil agus a shábháil ar fheiste leictreonach ionas go mbeidh an tomhaltóir nó an t-úsáideoir deiridh eile in ann rochtain a fháil orthu i gcónaí. |
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7b. Arna iarraidh sin don tomhaltóir nó don úsáideoir deiridh eile tráth an cheannaigh nó suas le 6 mhí tar éis an cheannaigh sin, cuirfidh an monaróir na treoracha ar fáil saor in aisce i bhformáid pháipéir. |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 7 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7c. Féadfar a shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, i gcásanna a bhfuil údar maith leo, go bhféadfar faisnéis ghonta áirithe atá mar chuid de na treoracha dá bhforáiltear i mír 7 den Airteagal sin a sholáthar i bhformáid pháipéir. |
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 8 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. |
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan moill imchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí. |
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8a. Bunóidh monaróirí bealaí cumarsáide a bheidh ar fáil don phobal amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine atá faoi mhíchumas á gcur san áireamh, chun go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann gearáin nó ábhair imní a chur isteach maidir le neamhchomhréireacht fhéideartha táirgí. |
|
Déanfaidh monaróirí bearta iomchuí nuair a mheasann siad nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin á gcomhlíonadh, agus cuirfidh siad na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas. Coinneoidh monaróirí clár de ghearáin agus ní bhaineann sé ach le fad is gá chun críche an Rialacháin sin agus cuirfidh siad ar fáil é arna iarraidh sin d’údarás um fhaireachais margaidh. |
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 9 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh. |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh. |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) de thoradh iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil laistigh de 10 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; |
(d) de thoradh iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an iarraidh sin a fháil; |
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha ag gabháil leis an táirge a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. |
4. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha ag gabháil leis an táirge a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21, míreanna (7b) agus (7c). |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 6 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. |
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan moill míchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é a tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí. |
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 8 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil an Bhallstáit iarraidh. |
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh. |
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha ag gabháil leis an táirge, chun go mbeidh an tomhaltóir in ann an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; |
(b) go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha ag gabháil leis an táirge, chun go mbeidh an tomhaltóir in ann an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21, míreanna (7b) agus (7c); |
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 3 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad. |
(c) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta. |
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 4 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad. |
(b) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad. beidh na teorainneacha sin gan dochar d’éicilipéad AE agus d’éicilipéad eile de chineál 1 atá bunaithe sna Ballstáit a úsáid fad a chomhlíonann na lipéid sin na critéir ón [Tionscnamh um Éilimh Ghlasa]. |
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Oibleagáidí margaí ar líne agus inneall cuardaigh ar líne |
Oibleagáidí margaí ar líne |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir leis an gcomhar dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le margaí ar líne agus chun críocha an Rialacháin sin, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas ann: |
1. Comhoibreoidh margaí ar líne, chun críocha an Rialacháin sin, leis na húdaráis um fhaireachais margaidh, arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachais margaidh agus i gcásanna sonracha, chun éascú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí, nó chun na rioscaí sin a mhaolú mura féidir é sin a dhéanamh. |
(a) obair i gcomhar a dhéanamh chun bearta éifeachtacha um fhaireachas margaidh a áirithiú, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur i bhfeidhm maidir leis na bearta sin; |
|
(b) na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh; |
|
(c) malartú rialta agus struchtúrtha faisnéise a bhunú maidir le tairiscintí a bhain margaí ar líne deireadh leo ar bhonn an Airteagail sin; |
|
(d) cead a thabhairt d’uirlisí ar líne arna n-oibriú ag údaráis um fhaireachas margaidh rochtain a fháil ar a gcomhéadain chun táirgí neamhchomhlíontacha a shainaithint; |
|
(e) ach a n-iarrfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh sin, nuair atá bacainní teicniúla curtha i bhfeidhm ag na margaí ar líne nó na díoltóirí ar líne roimh shonraí a asbhaint óna gcomhéadan ar líne, cead a thabhairt do na húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí sin a chamchóipeáil chun críoch comhlíontachta táirgí, ar bhonn paraiméadair aitheantais arna soláthar ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a rinne an iarraidh. |
|
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críoch cheanglais [Airteagal 22(7)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuirfidh ar chumas déileálaithe a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 25 a chomhlíonadh agus a fhágfaidh gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoi Airteagal 30(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh. |
scriosta |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beifear in ann an fhaisnéis a sholáthar le haghaidh gach táirge a thairgfear agus taispeánfar nó cuirfear ar fáil go héasca í do chustaiméirí ar bhealach eile ar an liostú táirgí. |
scriosta |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Go háirithe, i gcás ina gceanglaítear, le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, go mbeidh faisnéis leictreonach ar líne, faisnéis atá le taispeáint ar an sásra taispeána, ag gabháil le fógraíocht amhairc ar líne le haghaidh táirgí áirithe, cuirfidh margaí ar líne ar chumas déileálaithe í a thaispeáint. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hinnill chuardaigh ar líne agus ardáin eile ar líne a sholáthraíonn fógraíocht amhairc ar líne le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann. |
scriosta |
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge neamhchomhlíontach a bhaint óna chomhéadan ar líne, sin nó rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. Comhlíonfaidh na horduithe sin [Airteagal 8(1)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. |
3. A mhéid a bhaineann le cumhachtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le hinneachar sonrach a thagraíonn do thairiscint ar tháirge neamhchomhlíontach le ceanglais an Rialacháin sin, ordú a eisiúint lena gceanglófar ar sholáthraithe margaí ar líne an t-inneachar sin a bhaint dá gcomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a bheidh rochtain acu air. Comhlíonfaidh na horduithe sin [Airteagal 8(1)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. |
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Déanfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir le [Airteagal 8] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha]. |
scriosta |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair trínar féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin sin agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. |
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála atá ann cheana nó a cheapadh mar phointe teagmhála aonair lenar féidir cumarsáid dhíreach a dhéanamh le húdaráis um fhaireachais margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin sin agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus cuirfidh siad ar chumas tomhaltóirí cumarsáid dhíreach agus thapa a dhéanamh leo maidir le ceanglais éicidhearthóireachta. |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 5 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh gurb é an pointe teagmhála an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in [Airteagal 20(1)] de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] nó [Airteagal 10(1)] de Rialachán (AE).../... [an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha]. |
Féadfaidh gurb é an pointe teagmhála an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in [Airteagal 20(1)] de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] nó [Airteagal 11] de Rialachán (AE)2022/2065. |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe agus aon aitheantóir táirge eile. |
(c) faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile; |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas: |
Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas: |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na sonraí a eascraíonn as sin a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais. |
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na sonraí a eascraíonn as sin a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus go bhfoilseofar i bhfoirm chomhiomlánaithe na sonraí a thiocfaidh as sin, má fhoilsítear iad. |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an fhéidearthacht theicniúil sonraí in-úsáide a thaifeadadh; |
(b) an fhéidearthacht theicniúil sonraí in-úsáide a thaifeadadh agus cibearshlándáil, cosaint sonraí agus stóráil sonraí á gcur san áireamh; |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 4 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní fhágfaidh nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáideadh don mheasúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina bhfaightear toiliú sainráite an úsáideora deiridh roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. |
Ní fhágfaidh nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge níos measa go mór i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáideadh don mheasúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina bhfaightear toiliú sainráite an úsáideora deiridh roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú. |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(3). |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(3). I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme, nó codanna díobh, ina bhfuil na ceanglais éicidhearthóireachta chéanna. |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí. |
1. Gan dochar do Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, féadfaidh ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí, agus riachtanais agus srianta sonracha na n-údarás áitiúil beag á gcur san áireamh. |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d’údaráis chonarthacha náisiúnta chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh ar an bhfoireann atá i gceannas ar sholáthar poiblí glas. |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Agus ceanglais á mbunú de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh: |
2. Agus ceanglais á mbunú de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), maidir le conarthaí poiblí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 17, leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus cuirfidh sé na critéir seo a leanas san áireamh: |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an gá atá ann éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú; |
(b) tairbhí don chomhshaol agus an gá atá ann éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú; |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) féidearthacht eacnamaíoch na n-údarás conarthach nó na n-eintiteas conarthach táirgí níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cheannach, gan costais dhíréireacha a bheith i gceist. |
(c) a indéanta atá sé d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha táirgí níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cheannach, agus infhaighteacht na dtáirgí sin ar an margadh, gan costais dhíréireacha a bheith i gceist. |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal sin, féadfaidh na Ballstáit éicilipéad EN ISO 14024 atá aitheanta go hoifigiúil a úsáid mar chritéir dhámhachtana, mar shonraíocht theicniúil nó mar cheanglais feidhmíochta conartha i gcomhréir le hAirteagal 43 de Threoir 2014/24/AE. |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2b. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal sin maidir le conarthaí arna ndámhachtain i réimsí na cosanta agus na slándála i gcomhréir le Treoir 2009/81/CE. |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 58 – mír 2 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2c. Chun críocha an Airteagail sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú mionsonraithe agus ceanglais á mbunú aige maidir le conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, lena léirítear conas a cuireadh na critéir a leagtar amach i mír 2 san áireamh. |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh gach Ballstát, gach 2 bhliain ar a laghad, plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh a bheartaítear chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil leis an Rialachán sin agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfaidh gach Ballstát an chéad phlean gníomhaíochta sin a dhréachtú faoin [16 Iúil 2024]. |
Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh gach Ballstát, gach 2 bhliain ar a laghad, plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh a bheartaítear chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha, cigireachtaí nó iniúchtaí iomchuí, lena n-áirítear seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha, ar scála leordhóthanach i ndáil leis an Rialachán sin agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfaidh gach Ballstát an chéad phlean gníomhaíochta sin a dhréachtú faoin [16 Iúil 2024]. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh atá beartaithe chun neamhchomhlíonadh a laghdú i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí, lena n-áirítear cineál agus líon íosta na seiceálacha atá le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta. |
(b) na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh atá beartaithe a laghdú nó chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí, lena n-áirítear cineál agus líon íosta na seiceálacha atá le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 –mír 2 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) líon na ngearán a fuarthas ó úsáideoirí deiridh, ó eagraíochtaí tomhaltóirí nó ó fhaisnéis eile a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó na meáin chumarsáide; |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Beidh cineál agus líon na seiceálacha atá beartaithe de bhun mhír 1, pointe (b), comhréireach leis na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun na tosaíochtaí a shainaithint i gcomhréir le mír 2. |
3. Beidh cineál agus líon na seiceálacha atá beartaithe de bhun mhír 1, pointe (b), comhréireach leis na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun na tosaíochtaí a shainaithint i gcomhréir le mír 2. I gcás catagóirí táirgí a shainaithnítear a bheith ina n-ardriosca neamhchomhlíonta, measfaidh na húdaráis um fhaireachais margaidh go n-áireofar sna seiceálacha sin seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha. |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 59 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear na táirgí nó na ceanglais a mheasfaidh na Ballstáit a bheith ina dtosaíochtaí ar a laghad i dtaca le faireachas margaidh de bhun mhír 1, pointe (a). |
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na táirgí nó na ceanglais a áireoidh na Ballstáit mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh de bhun mhír 1, pointe (a) a liostú. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67(2). |
|
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) i gcás inarb ábhartha, na tosaíochtaí a chuimsítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 59(5). |
(d) i gcás inarb ábhartha, na tosaíochtaí a chuimsítear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 59(5). |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi chineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin sin. |
1. Cuirfidh údaráis um fhaireachas margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi líon agus cineál na seiceálacha agus na n-iniúchtaí atá le déanamh, chomh maith le cineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin sin. |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil ar fáil go poiblí. |
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil agus an tuarascáil araon ar fáil go poiblí |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le saineolaithe. |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 63 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus atá comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith ar áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach a cheanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh. |
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus atá comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad a bheith ar áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach a cheanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh. |
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tráth nach luaithe ná [8 mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán sin agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú. |
Tráth nach luaithe ná 8 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán sin agus ar a rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le feabhsú na hinbhuanaitheachta comhshaoil táirgí agus an chomhshaoil thógtha, ar an tionchar ar chostais táirgí agus ar inacmhainneacht agus ar iomaíochas gnólachtaí i gcoitinne. Breithneofar sa mheastóireacht sin cuimsiú na gceanglas sóisialta faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú. |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 69 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 69a |
|
Leasú ar Threoir(AE) 2020/1828 |
|
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (27. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828: |
|
‘(27) Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.. maidir le creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE |
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA N-EINTITEAS NÓ DAOINE ÓNA BHFUAIR AN RAPÓIRTÉIR DON TUAIRIM IONCHUR
tarraingítear suas an liosta a leanas ar bhonn iomlán deonach faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Tá ionchur faighte ag an rapórtéir ó na heintitis nó na daoine a leanas agus an an dréacht-tuairim á hullmhú, go dtí go nglacfar leis i gcoiste:
Einiteas agus/nó duine |
The European Consumer Organization - BEUC |
The European Environmental Bureau - EEB |
Backmarket |
E-Bay |
Business Europe |
ANEC |
CEN-CENELEC |
Syctom |
Refurbed |
Privacy International |
Danish Business Authority |
European Organization for Packaging and the Environment - EUROPEN |
ADEME |
Halte à l’obsolescence programmée - HOP |
Avery Dennison |
Etsy |
ECOS |
I fixit |
Right to repair coalition |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE |
|||
Tagairtí |
COM(2022)0142 – C9-0132/2022 – 2022/0095(COD) |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 2.5.2022 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
IMCO 2.5.2022 |
|||
Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
15.9.2022 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
David Cormand 31.8.2022 |
|||
Pléite sa choiste |
26.10.2022 |
24.1.2023 |
28.3.2023 |
|
Dáta an ghlactha |
25.4.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
39 1 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Adam Bielan, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Krzysztof Hetman, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Maria-Manuel Leitão-Marques, Morten Løkkegaard, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Leszek Miller, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, René Repasi, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marc Angel, Salvatore De Meo, Ivars Ijabs, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Colm Markey, Bogdan Rzońca, Maria Walsh |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
39 |
+ |
CLE |
Adam Bielan, Bogdan Rzońca, Kosma Złotowski |
ID |
Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle |
EPP |
Pablo Arias Echeverría, Salvatore De Meo, Krzysztof Hetman, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Colm Markey, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Maria Walsh, Marion Walsmann |
Renew |
Andrus Ansip, Vlad-Marius Botoş, Sandro Gozi, Svenja Hahn, Ivars Ijabs, Morten Løkkegaard, Róża Thun und Hohenstein |
S&D |
Alex Agius Saliba, Marc Angel, Biljana Borzan, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, René Repasi, Christel Schaldemose |
The Left |
Anne-Sophie Pelletier |
Verts/ALE |
Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak |
1 |
- |
CLE |
Eugen Jurzyca |
2 |
0 |
ID |
Alessandra Basso |
NI |
Miroslav Radačovský |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE |
|||
Tagairtí |
COM(2022)0142 – C9-0132/2022 – 2022/0095(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun na Parlaiminte |
31.3.2022 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 2.5.2022 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 2.5.2022 |
IMCO 2.5.2022 |
|
|
Coistí comhlachaithe Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 15.9.2022 |
IMCO 15.9.2022 |
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Alessandra Moretti 16.5.2022 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
12.1.2023 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
15.6.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
68 12 8 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mathilde Androuët, Maria Arena, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurélia Beigneux, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Michael Bloss, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Maria Angela Danzì, Esther de Lange, Christian Doleschal, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Agnès Evren, Heléne Fritzon, Malte Gallée, Andreas Glueck, Catherine Griset, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Karin Karlsbro, Petros Kokkalis, Joanna Kopcińska, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Marian-Jean Marinescu, Fulvio Martusciello, Marina Mesure, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Grace O’Sullivan, Nikos Papandreou, Jutta Paulus, Francesca Peppucci, Jessica Polfjärd, Erik Poulsen, Nicola Procaccini, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Maria Veronica Rossi, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Nils Torvalds, Edina Tóth, Achille Variati, Petar Vitanov, Mick Wallace, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Milan Brglez, Antoni Comín i Oliveres, Rosanna Conte, Christophe Hansen, Sara Matthieu, Max Orville, Robert Roos, Róża Thun und Hohenstein, Nikolaj Villumsen, Sarah Wiener |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Tom Berendsen, Franc Bogovič, Daniel Caspary, Herbert Dorfmann, Lena Düpont, Roman Haider, Maria Noichl, Alessandro Panza, Rob Rooken, Bert-Jan Ruissen, Anne Sander, Simone Schmiedtbauer, Tom Vandenkendelaere, Veronika Vrecionová |
|||
Dáta don chur síos |
22.6.2023 |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
68 |
+ |
NI |
Antoni Comín i Oliveres, Maria Angela Danzì |
PPE |
Traian Băsescu, Tom Berendsen, Alexander Bernhuber, Franc Bogovič, Daniel Caspary, Christian Doleschal, Herbert Dorfmann, Lena Düpont, Agnès Evren, Christophe Hansen, Adam Jarubas, Esther de Lange, Peter Liese, Fulvio Martusciello, Dolors Montserrat, Francesca Peppucci, Jessica Polfjärd, Anne Sander, Simone Schmiedtbauer, Christine Schneider, Tom Vandenkendelaere |
Renew |
Pascal Canfin, Martin Hojsík, Jan Huitema, Karin Karlsbro, Max Orville, Erik Poulsen, María Soraya Rodríguez Ramos, Róża Thun und Hohenstein, Nils Torvalds, Emma Wiesner, Michal Wiezik |
S&D |
Maria Arena, Marek Paweł Balt, Milan Brglez, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Cyrus Engerer, Heléne Fritzon, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Maria Noichl, Nikos Papandreou, Sándor Rónai, Günther Sidl, Achille Variati, Petar Vitanov, Tiemo Wölken |
The Left |
Malin Björk, Petros Kokkalis, Marina Mesure, Silvia Modig, Nikolaj Villumsen, Mick Wallace |
Verts/ALE |
Michael Bloss, Bas Eickhout, Malte Gallée, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Sara Matthieu, Tilly Metz, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus, Sarah Wiener |
12 |
- |
CLE |
Sergio Berlato, Joanna Kopcińska, Nicola Procaccini, Rob Rooken, Robert Roos, Veronika Vrecionová, Anna Zalewska |
ID |
Rosanna Conte, Roman Haider, Sylvia Limmer, Alessandro Panza, Maria Veronica Rossi |
8 |
0 |
ECR |
Bert-Jan Ruissen |
ID |
Mathilde Androuët, Aurélia Beigneux, Catherine Griset |
NI |
Ivan Vilibor Sinčić, Edina Tóth |
PPE |
Marian-Jean Marinescu |
Renew |
Andreas Glueck |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh