Tuarascáil - A9-0231/2023Tuarascáil
A9-0231/2023

TUARASCÁIL maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Georgios Kyrtsos a tharscaoileadh

27.6.2023 - (2023/2025(IMM))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Sergey Lagodinsky

Nós Imeachta : 2023/2025(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0231/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0231/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Georgios Kyrtsos a tharscaoileadh

(2023/2025(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don iarraidh ón Ionchúisitheoir Poiblí ag Cúirt Chéadchéime na hAithne ar dhíolúine Georgios Kyrtsos a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla, arb iarraidh í arna tarchur ag Leas-Ionchúisitheoir Chúirt Uachtarach na Gréige le litir dar dáta an 27 Eanáir 2023 agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 14 Feabhra 2023,

 ag féachaint don fhíoras gur tharscaoil Georgios Kyrtsos a cheart chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) den Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,

 ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019[1],

 ag féachaint d’Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí,

 ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0231/2023),

A. de bhrí gur iarr Ionchúisitheoir Chúirt Chéadchéime na hAithne go ndéanfaí díolúine Georgios Kyrtsos, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh don Ghréig, a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla a sheolfar ina choinne maidir le gan méideanna atá dlite do Stát na Gréige a íoc;

B. de bhrí go gcuirtear i leith Georgios Kyrtsos, ina cháil mar Phríomhfheidhmeannach agus ionadaí dlíthiúil na cuideachta Free Sunday Publishing House Ltd., nár íoc sé EUR 459 918.18 atá dlite do Stát na Gréige;

C. de bhrí gurb ionann an gníomh a líomhnaítear a rinne Georgios Kyrtsos agus moill ar na méideanna a íoc atá dlite don Stát faoi Airteagal 25 de Dhlí na Gréige 1882/90, arna fhorlíonadh le hAirteagal 20(8) de Dhlí na Gréige 2298/95, ar cuireadh Airteagal 23(1) de Dhlí na Gréige 2523/97 ina ionad, arna leasú le hAirteagal 34 de Dhlí na Gréige 3220/2004, ar cuireadh Airteagal 3(1) de Dhlí na Gréige 3943/2011 ina ionad, ar cuireadh Airteagal 20 de Dhlí na Gréige 4321/2015 ina ionad agus a leasaíodh le hAirteagal 8 de Dhlí na Gréige 4337/2015;

D. de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir[2];

E. de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe agus tuairimí a tugadh nó vótaí a caitheadh i gcomhlíonadh a dhualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; de bhrí gur léir nach bhfuil aon nasc díreach ag an gcion líomhnaithe le gníomhaíochtaí Georgios Kyrtsos mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, ach ina ionad sin go mbaineann sé lena iarphost mar bhainisteoir ar a chuideachta nuachtáin;

G. de bhrí, de bhun Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a dtíre, agus i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó aon imeachtaí dlíthiúla; de bhrí nach féidir díolúine a agairt nuair a gheofar Feisire i mbun cion a dhéanamh ná cosc a chur ar cheart Pharlaimint na hEorpa díolúine duine dá Feisirí a tharscaoileadh.

H. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí nach bhféadfar, le linn a dtéarma pharlaimintigh, Feisirí parlaiminte a ionchúiseamh, a ghabháil, a phríosúnú ná a theorannú ar shlí eile gan údarú roimh ré ón bParlaimint;

I. de bhrí, sa chás sin, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gur tionscnaíodh an t-imscrúdú breithiúnach i dtrácht le hintinn damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

1. á chinneadh díolúine Georgios Kyrtsos a tharscaoileadh;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Gréige agus chuig Georgios Kyrtsos.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

27.6.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

19

0

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Ilana Cicurel, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Maria-Manuel Leitão-Marques, Karen Melchior, Franco Roberti, Raffaele Stancanelli, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Lara Wolters, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Caterina Chinnici, Andrzej Halicki, René Repasi, Yana Toom

 

 

An nuashonrú is déanaí: 4 Iúil 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais