Tuarascáil - A9-0234/2023Tuarascáil
A9-0234/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

6.7.2023 - (COM(2022)0105 – C9‑0058/2022 – 2022/0066(COD)) - ***I

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile              An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
(Nós imeachta comhchoiste – Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta)
Rapóirtéirí: Frances Fitzgerald, Evin Incir
Rapóirtéir don tuairim ón gcoiste comhlachaithe i gcomhréir le Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta:
Rosa Estaràs Ferragut, an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
PR_COD_1amCom


Nós Imeachta : 2022/0066(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0234/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0234/2023
Téacsanna arna nglacadh :

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear

 * An nós imeachta comhairliúcháin

 *** Nós imeachta an toilithe

 ***I An gnáthnós imeachta reachtach (an chéad léamh)

 ***II An gnáthnós imeachta reachtach (an dara léamh)

 ***III An gnáthnós imeachta reachtach (an tríú léamh)

 

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)

 

 

 

 

 

Leasuithe ar dhréachtghníomh

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa arna leagan amach in dhá cholún

 

Léirítear téacs atá scriosta le cló trom iodálach sa cholún ar chlé. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile le cló trom iodálach sa dá cholún. Léirítear téacs nua le cló trom iodálach sa cholún ar dheis.

 

Sa chéad agus sa dara líne den cheanntásc a ghabhann le gach leasú, sonraítear an chuid ábhartha den dréachtghníomh atá á breithniú. Má bhaineann leasú le gníomh atá cheana ann a bhfuil sé i gceist é a leasú leis an dréachtghníomh, bíonn an tríú líne i gceanntásc an leasaithe ina sonraítear an gníomh atá cheana ann agus bíonn an ceathrú líne ann ina sonraítear an fhoráil den ghníomh sin is mian le Parlaimint na hEorpa a leasú.

 

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa i bhfoirm téacs comhdhlúite

 

Aibhsítear téacs nua le cló trom iodálach. Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌ nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó líne a chur tríd.

Mar eisceacht air sin, ní aibhsítear athruithe atá go hiomlán teicniúil agus arb athruithe iad a rinne na ranna dréachtaithe nuair a bhí an téacs críochnaitheach á ullmhú.

 

 

 


CLÁR

Leathanach

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN


DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

(COM(2022)0105 – C9‑0058/2022 – 2022/0066(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0105),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 82(2) agus 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9‑0058/2022),

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá molta,

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

 ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne an (A9-0234/2023),

1 ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2 á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

 

Leasú  1

 

Togra le haghaidh Treorach

Lua 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2) agus Airteagal 83(1) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2 ) agus Airteagal 83(1) agus (2) de,

Leasú  2

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Is é is cuspóir don Treoir seo creat cuimsitheach a chur ar fáil chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac go héifeachtach ar fud an Aontais ar fad. Déanann sé amhlaidh trí bhearta a neartú agus a thabhairt isteach sna réimsí seo a leanas: an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis ábhartha, cosaint íospartach agus rochtain ar cheartas, tacaíocht d’íospartaigh, cosc, comhordú agus comhar.

(1) Is é is cuspóir don Treoir seo creat cuimsitheach a chur ar fáil chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac go héifeachtach ar fud an Aontais ar fad. Déanann sé amhlaidh trí bhearta a neartú agus a thabhairt isteach sna réimsí seo a leanas: an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis ábhartha, cosaint íospartach agus rochtain ar cheartas, tacaíocht agus cúiteamh d’íospartaigh, bailiú feabhsaithe sonraí, cosc, comhordú agus comhar.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Is bunluachanna de chuid an Aontais iad an comhionannas idir mná agus fir agus an neamh-idirdhealú agus is cearta bunúsacha iad a chumhdaítear, faoi seach, in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuireann foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh na prionsabail sin i mbaol, rud a bhaineann an bonn de chearta na mban agus na gcailíní chun comhionannais i ngach réimse den saol.

(2) Is bunluachanna de chuid an Aontais iad an comhionannas idir mná agus fir agus an neamh-idirdhealú agus is cearta bunúsacha iad a chumhdaítear, faoi seach, in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuireann foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh na prionsabail sin i mbaol, rud a bhaineann an bonn de chearta na mban agus na gcailíní chun comhionannais i ngach réimse den saol agus lena gcuirtear cosc ar chur chun cinn iomlán na mban, na gcailíní agus ár sochaithe ina n-iomláine.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Sáraíonn foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh cearta bunúsacha amhail an ceart chun dínit an duine, an ceart chun beatha agus iomláine an duine, an toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“An Chairt”).

(3) Is sárú ar chearta bunúsacha é foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh amhail ceart chun dínit an duine, ceart chun na beatha agus chun iomláine an duine, an toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun saoirse agus slándála, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear ar fhorais inscne, agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hiompar coiriúil arb ionann é agus foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, mar a dhéantar coir air faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Áirítear leis sin na cionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo, eadhon éigniú, ciorrú ball giniúna ban, comhroinnt neamh‑chomhfhiosach ábhair atá pearsanta nó cúbláilte, cibearstalcaireacht, cibearchiapadh, cibeargríosú chun foréigin nó fuatha agus iompar coiriúil a chumhdaítear le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2011/36/AE2 agus Treoir 2011/93/AE3 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena sainmhínítear cionta coiriúla maidir le teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach.  Ar deireadh, tá cionta coiriúla áirithe faoin dlí náisiúnta faoi shainmhíniú an fhoréigin in aghaidh na mban. Áirítear leis sin coireanna amhail femiciú, ciapadh gnéasach, mí-úsáid ghnéasach, stalcaireacht, luathphósadh agus pósadh éigeantais, ginmhilleadh éigeantach, steiriliú éigeantach, agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin, amhail ciapadh gnéasach ar líne, cibearbhulaíocht nó ábhar gnéasach follasach a fháil gan iarraidh. Is cineál foréigin in aghaidh na mban é foréigean baile a d’fhéadfaí a choiriúlú go sonrach faoi dhlíthe náisiúnta nó a chumhdaítear le cionta coiriúla, a dhéantar laistigh den teaghlach nó den aonad baile nó idir iarchéilí nó céilí reatha, mar a shainmhínítear sa Treoir seo.

(4) Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hiompar coiriúil arb ionann é agus foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, mar a dhéantar coir air faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Áirítear leis sin na cionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo, eadhon éigniú, ionsaí gnéasach, ciorrú ball giniúna ban, ciorrú ball giniúna idirghnéasach, steiriliú éigeantais, pósadh éigeantais, ciapadh gnéasach i saol na hoibre, comhroinnt neamhthoiliúil ábhar dlúthchaidrimh nó cúbláilte, cibearstalcaireacht, cibearchiapadh, ábhar gnéasach a fháil gan iarraidh, cibeargríosú chun foréigin nó fuatha agus iompar coiriúil a chumhdaítear le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir 2011/36/AE36 agus Treoir 2011/93/AE37 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena sainmhínítear cionta coiriúla a bhaineann le teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach.  Ar deireadh, tá cionta coiriúla áirithe faoin dlí náisiúnta faoi shainmhíniú an fhoréigin in aghaidh na mban. Áirítear leis sin coireanna amhail feimeamharú, foréigean páirtí dlúthchaidrimh, ciapadh gnéasach, mí-úsáid ghnéasach, stalcaireacht, luath-ghinmhilleadh éigeantach, teacht i dtír gnéasach trí striapachas daoine eile, cosc a chur ar fhoirceannadh deonach toirchis agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin, amhail ciapadh gnéasach ar líne nó cibearbhulaíocht, nó iarracht a dhéanamh é sin a chosc.  Is cineál foréigin é foréigean teaghlaigh a d’fhéadfaí a choiriúlú go sonrach faoin dlí náisiúnta nó a chumhdaítear le cionta coiriúla a dhéantar laistigh den teaghlach nó den aonad teaghlaigh nó idir iarchéilí nó céilí nó páirtithe reatha, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil tithíocht á roinnt acu.  Mar sin féin, chun an creat reachtach a thabhairt chun críche go hiomlán chun aghaidh a thabhairt ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe, tá sé ríthábhachtach na réimsí coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a leathnú chun foréigean inscnebhunaithe a áireamh.

__________________

__________________

2 Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, IO L 101, 15.4.2011, lgh. 1–11.

2 Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

3 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle, IO L 335, 17.12.2011, lch. 1-14.

3 Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

Leasú  6

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ceapadh na bearta faoin Treoir seo chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní, ós rud é go ndéanann na cineálacha foréigin a chumhdaítear faoin Treoir seo difear díréireach dóibh, eadhon foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh. Aithnítear sa Treoir seo, áfach, go bhféadfadh daoine eile a bheith thíos leis na cineálacha foréigin sin agus gur cheart go mbainfidís tairbhe as na bearta dá bhforáiltear inti. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh leis an téarma ‘íospartach’ do gach duine, beag beann ar a ngnéas nó ar a n-inscne.

(5) Ceapadh na bearta faoin Treoir sin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní, ós rud é go ndéanann na cineálacha foréigin a chumhdaítear faoin Treoir seo difear díréireach, ach ní go heisiach, dóibh, eadhon foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh. De réir shonraí Eurostat ó 2015, ba mhná iad naonúr as gach deichniúr íospartach éignithe agus ochtar as gach deichniúr íospartach ionsaithe ghnéasaigh san Aontas.  Fir a bhí i 99 % díobh siúd a cuireadh i bpríosún mar gheall ar choireanna den sórt sin. Aithnítear sa Treoir seo go bhféadfadh daoine eile a bheith ina n-íospartaigh ar na cineálacha foréigin sin agus gur cheart dóibh tairbhe a bhaint as na bearta dá bhforáiltear inti.  Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh leis an téarma ‘íospartach’ do gach duine, beag beann ar a ngnéas nó ar a n-inscne.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) De bharr a leochaileachta, déantar dochar díreach mothúchánach do leanaí a fheiceann foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, rud a mbíonn tionchar aige ar a bhforbairt. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur íospartaigh iad na leanaí sin agus go dtairbhíonn siad de bhearta cosanta spriocdhírithe.

(6) De bharr a leochaileachta, déantar dochar díreach mothúchánach agus shíceolaíoch do leanaí a fheiceann foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, rud a mbíonn tionchar aige ar a bhforbairt. Dá bhrí sin, ba cheart leanaí den sórt sin a mheas mar íospartaigh agus ba cheart go mbainfeadh siad tairbhe as bearta cosanta spriocdhírithe agus speisialaithe, as bearta coisctheacha spriocdhírithe agus speisialaithe agus as bearta tacaíochta spriocdhírithe agus speisialaithe.  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, go háirithe, go bhfaighidh leanaí tuismitheora a maraíodh mar thoradh ar fhoréigean in aghaidh na mban nó ar fhoréigean teaghlaigh an tacaíocht a theastaíonn uathu, lena n-áirítear trí bhearta cosanta spriocdhírithe agus trí thacaíocht spriocdhírithe, go háirithe le linn aon imeachtaí breithiúnacha ábhartha, mar gheall ar a staid thar a bheith leochaileach.  Ba cheart bearta spriocdhírithe do leanaí a bheith bunaithe ar thuiscint iomlánaíoch agus inscne-shonrach ar dhinimic an chaidrimh mhí-úsáidigh agus ba cheart a áirithiú leo go seachnófar aon athíospairt ar an leanbh agus ba cheart go n-áiritheodh siad cearta an linbh.  Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin agus cearta coimeádta leanaí agus cearta cuairte á mbreithniú.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Tuigtear gur sárú ar chearta an duine é foréigean in aghaidh na mban agus is léiriú leanúnach é ar idirdhealú struchtúrach in aghaidh na mban, a eascraíonn as caidreamh cumhachta neamhionann go stairiúil idir mná agus fir. Is cineál foréigin inscnebhunaithe é, a chuireann fir i bhfeidhm go príomha ar mhná agus ar chailíní. Tá sé fréamhaithe sna róil, iompraíochtaí, gníomhaíochtaí agus tréithe atá tógtha go sóisialta a mheasann sochaí ar leith a bheith oiriúnach do mhná agus d’fhir, dá dtagraítear go ginearálta faoin téarma ‘inscne’.

(7) Tuigtear gur sárú ar chearta an duine é an foréigean in aghaidh na mban agus gur saincheist mhór sláinte phoiblí é agus is léiriú leanúnach é ar idirdhealú struchtúrach in aghaidh na mban ina n-éagsúlacht uile, rud a eascraíonn as caidreamh cumhachta neamhionann go stairiúil idir mná agus fir. Is cineál foréigin inscnebhunaithe é, a chuireann fir i bhfeidhm go príomha ar mhná agus ar chailíní. Tá sé fréamhaithe sna róil, iompraíochtaí, steiréitíopaí inscne, gníomhaíochtaí agus tréithe atá tógtha go sóisialta a mheasann sochaí ar leith a bheith oiriúnach do mhná agus d’fhir, dá dtagraítear go ginearálta faoin téarma ‘inscne’.  Tá sé forleathan i gcónaí agus bíonn tionchar aige ar mhná ar gach leibhéal den tsochaí, beag beann ar aois, oideachas, ioncam, staid shóisialta nó tír thionscnaimh nó chónaithe. Tá sé ar cheann de na bacainní is tromchúisí ar chomhionannas inscne a bhaint amach.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Is fadhb shóisialta thromchúiseach é an foréigean teaghlaigh, fadhb a bhíonn i bhfolach go minic. D’fhéadfadh tráma tromchúiseach síceolaíochta agus fisiciúla a bheith mar thoradh air mar is iondúil gur duine é an ciontóir atá ar eolas ag na híospartaigh, agus bheifí ag súil go mbeidh muinín aige as. Is féidir le foréigean den sórt sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch agus eacnamaíoch. D’fhéadfadh foréigean teaghlaigh tarlú cibé acu atá nó nach bhfuil an ciontóir i bpáirt leis an íospartach nó an bhfuil teaghlach roinnte aige nó aici leis an íospartach.

(8) Fadhb shóisialta thromchúiseach is ea foréigean teaghlaigh, fadhb atá fós i bhfolach go minic mar thoradh ar stiogma sóisialta.  D’fhéadfadh tráma tromchúiseach síceolaíoch agus fisiceach a bheith mar thoradh air agus iarmhairtí tromchúiseacha aige do shaol pearsanta agus gairmiúil íospartaigh toisc gur gnách gur duine é an ciontóir a bhfuil aithne ag na híospartaigh air, a mbeadh an t-íospartach in ann muinín a bheith aige as.  D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist le foréigean den sórt sin, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch agus eacnamaíoch agus d’fhéadfadh sé tarlú laistigh de réimse caidrimh.  Is minic a chuimsíonn foréigean teaghlaigh rialú comhéigneach, agus d’fhéadfadh sé tarlú má bhí nó má tá teaghlach á roinnt ag an gciontóir leis an íospartach.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) I bhfianaise na sonraíochtaí a bhaineann leis na cineálacha seo coireanna, is gá tacar cuimsitheach rialacha a leagan síos, lena dtugtar aghaidh go sonrach ar fhadhb leanúnach an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus lena bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha íospartaigh an fhoréigin sin. Léiríodh nach leor na forálacha atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus a chosc go héifeachtach. Go háirithe, dírítear i dTreoir 2011/36/AE agus i dTreoir 2011/93/AE ar chineálacha sonracha foréigin den sórt sin, agus, le Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle4, leagtar síos an creat ginearálta d’íospartaigh na coireachta. Cé go gcuirtear roinnt cosaintí ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, níl sé leagtha amach chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha.

(9) Mar gheall ar a thromchúisí atá fadhb an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh san Aontas i gcónaí, rud a léirítear go soiléir ós rud é gur léiríodh nach leor na gníomhartha dlíthiúla atá ann cheana agus a gcur chun feidhme, in éineacht le sonraiochtaí na gcoireanna sin, tugtar údar le caitheamh le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar bhealach éagsúil i gcomparáid le híospartaigh coireanna eile san Aontas agus tugtar údar leis na bearta sonracha a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le híospartaigh foréigin in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh.  I bhfianaise na sonraíochtaí a bhaineann leis na cineálacha seo coireanna, is gá tacar cuimsitheach rialacha a leagan síos, lena dtugtar aghaidh go sonrach ar fhadhb leanúnach an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne de agus iomlánaíoch agus lena bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha íospartaigh an fhoréigin sin. Léiríodh nach leor na forálacha atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus a chosc go héifeachtach. Go háirithe, dírítear i dTreoir 2011/36/AE 2011/93/AE ar chineálacha sonracha foréigin den sórt sin, agus, le Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle4, leagtar síos an creat ginearálta d’íospartaigh na coireachta. Cé go gcuirtear roinnt cosaintí ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, níl sé leagtha amach chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha.

__________________

__________________

4 Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

4 Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

Leasú  11

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Tacaíonn an Treoir seo leis na gealltanais idirnáisiúnta atá déanta ag na Ballstáit chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus a chosc, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW)5 agus, i gcás inarb ábhartha, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (“Coinbhinsiún Iostanbúl”)6 agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le foréigean agus ciapadh a dhíothú i saol na hoibre, a síníodh an 21 Meitheamh 2019 sa Ghinéiv.

(10) Leis an Treoir seo, tacaítear leis na gealltanais idirnáisiúnta atá tugtha ag na Ballstáit chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus a chosc, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW)5, agus Moladh Ginearálta Uimh. 35 uaidh maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, lena nuashonraítear moladh ginearálta Uimh. 19, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD), agus, i gcás inarb ábhartha, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’)6, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le foréigean agus ciapadh a dhíothú i saol na hoibre, a síníodh an 21 Meitheamh 2019 sa Ghinéiv, agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hIdirdhealú i dtaca le Fostaíocht agus Gairm bheatha agus an Coinbhinsiún maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí.

__________________

__________________

5 An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (CEDAW), UNGA, 1979.

5 An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (CEDAW), UNGA, 1979.

6 An Coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), Comhairle na hEorpa, 2011.

6 An Coinbhinsiún chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), Comhairle na hEorpa, 2011.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Is féidir foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a dhéanamh níos measa i gcás ina dtrasnaíonn sé idirdhealú bunaithe ar ghnéas agus ar fhorais eile idirdhealaithe a thoirmisctear le dlí an Aontais, eadhon náisiúntacht, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar íospartaigh a ndéanann an t-idirdhealú trasnach sin difear dóibh, trí bhearta sonracha a chur ar fáil i gcás ina bhfuil foirmeacha idirdhealaithe a thrasnaíonn an t-idirdhealú i láthair. Go háirithe, tá baol méadaithe ann go bhfulaingeoidh mná leispiacha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirghnéasacha agus mná (LBTIQ) aeracha, mná faoi mhíchumas agus mná a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, go bhfulaingeoidh siad foréigean inscnebhunaithe.

(11) Is féidir foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a ghéarú i gcás ina dtrasnaíonn sé le hidirdhealú bunaithe ar inscne nó ar ghnéas agus ar fhorais eile idirdhealaithe a thoirmisctear le dlí an Aontais agus i gcás ina bhfuil sé doscartha ón idirdhealú sin, eadhon náisiúntacht, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, stádas cónaithe, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus saintréithe gnéis. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar íospartaigh a ndéanann idirdhealú trasnach den sórt sin difear dóibh trí bhearta sonracha a chur ar fáil i gcás ina bhfuil cineálacha trasnacha idirdhealaithe ann.  Go háirithe, mná leispiacha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirghnéasacha agus aeracha (LBTIQ), mná faoi mhíchumas, mná torracha, mná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus mná a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, tá baol níos mó ann go bhfulaingeoidh siad foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh.  Mar shampla, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhartha foréigin inscnebhunaithe a fhéachann le pionós a chur ar íospartaigh as a gclaonadh gnéasach, a léiriú inscne nó a bhféiniúlacht inscne, amhail “éigniú ceartaitheach”, mar a thugtar air. Ina theannta sin, bíonn tionchar díréireach ag an gcibearfhoréigean ar mhná agus ar chailíní atá neamhchosanta ar idirdhealú agus ar fhoréigean ar bhonn teaglaim dá ngnéas nó dá n-inscne agus d’fhorais eile, lena n-áirítear cibearchiapadh agus cibeargríosú chun foréigin nó fuatha agus, dá bhrí sin, ba cheart caitheamh leis na cionta sin le tromchúis chuí.

Leasú  13

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Tá íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh i mbaol imeaglaithe, frithbheartaíochta, athíospartha tánaisteach agus athíospartha. Ba cheart, dá bhrí sin, aird ar leith a thabhairt ar na rioscaí sin agus ar an ngá atá le dínit agus sláine fhisiciúil na n-íospartach sin a chosaint.

(12) Tá íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh i mbaol imeaglaithe, frithbheartaíochta, athíospartha tánaisteach agus athíospartha. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na rioscaí sin agus ar an ngá atá le dínit fhisiceach agus shíceolaíoch agus ionracas na n-íospartach sin a chosaint i ngach cás, lena n-áirítear roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus ina ndiaidh, agus ar a gceart chun cosanta agus tacaíochta, agus ceartas á áirithiú ag an am céanna trí chiontóirí a thabhairt chun cuntais.  De réir tuarascála ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal ‘Violence against women:  an EU-wide survey’, [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais] bhí aithne nó caidreamh éigin roimhe seo ag 67 % d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh le déantóir an fhoréigin ghnéasaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le cosaint láidir d’íospartaigh chun ionsaithe breise a chosc.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Tá éigniú ar cheann de na cionta is tromchúisí a sháraíonn sláine gnéis duine agus is coir é a théann i bhfeidhm go díréireach ar mhná. Is éard atá i gceist leis éagothroime chumhachta idir an ciontóir agus an t-íospartach, rud a ligeann don chiontóir leas gnéasach a bhaint as an íospartach chun críocha amhail daingniú pearsanta, forlámhas a dhearbhú, aitheantas sóisialta a fháil, dul chun cinn nó gnóthachan airgeadais b’fhéidir. Éilíonn go leor Ballstát fós go n-úsáidfear forneart, bagairtí nó comhéigean do choir an éignithe. Tá Ballstáit eile ag brath ar an gcoinníoll nár thoiligh an t-íospartach leis an ngníomh gnéasach, agus ar an gcoinníoll sin amháin. Is leis an gcur chuige sin amháin a dhéantar cosaint iomlán ar shláine gnéis na n-íospartach agus tá sé i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá cosaint chomhionann a áirithiú ar fud an Aontais trí na gnéithe bunaitheacha de choir éigniú na mban a sholáthar. .

(13) Tá éigniú ar cheann de na cionta is tromchúisí a sháraíonn dínit agus sláine gnéis agus coirp duine agus is coir é a théann i bhfeidhm go díréireach ar mhná.  Is éard atá i gceist leis éagothroime chumhachta idir an ciontóir agus an t-íospartach, lena gceadaítear don chiontóir leas gnéasach a bhaint as an íospartach chun críocha amhail sásamh pearsanta, forlámhas a dhearbhú, aitheantas sóisialta a fháil, dul chun cinn, gnóthachan airgeadais nó pionós a d’fhéadfadh a bheith ann trí “éigniú ceartaitheach”. Éilíonn go leor Ballstát fós go n-úsáidfear forneart, bagairtí nó comhéigean do choir an éignithe. Tá Ballstáit eile ag brath ar an gcoinníoll nár thoiligh an t-íospartach leis an ngníomh gnéasach, agus ar an gcoinníoll sin amháin. Is leis an gcur chuige sin amháin a dhéantar cosaint iomlán ar shláine gnéis na n-íospartach agus tá sé i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá cosaint chomhionann a áirithiú ar fud an Aontais trí na gnéithe bunaitheacha de choir éigniú na mban go háirithe a sholáthar.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ba cheart go n-áireofaí go sainráite leis an éigniú gach cineál treáite gnéis, le haon chuid nó rud coirp.  Ba cheart go mbeadh an easpa toilithe ina ghné lárnach, bhunaitheach den sainmhíniú ar éigniú, ós rud é nach mbíonn aon fhoréigean fisiceach ná úsáid fornirt bainteach lena dhéanamh. Ba cheart go bhféadfaí toiliú tosaigh a tharraingt siar tráth ar bith le linn an ghnímh, i gcomhréir le huathriail ghnéasach an íospartaigh, agus níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go huathoibríoch go dtoilítear le gníomhartha amach anseo. Ba chóir go mbeadh treá gnéasach neamh-chomhthoiliúil ina éigniú fiú nuair a dhéantar i gcoinne céile nó páirtí pearsanta.

(14) Ba cheart go n-áireofaí go sainráite leis an éigniú gach cineál treáite gnéis, le haon chuid nó rud coirp. Ba cheart an easpa toilithe a bheith ina gné lárnach agus bhunaitheach den sainmhíniú ar éigniú, ós rud é gur minic nach mbíonn foréigean fisiciúil ná úsáid fornirt i gceist nuair a dhéantar an gníomh.  Ba cheart go bhféadfaí toiliú a tharraingt siar tráth ar bith le linn an ghnímh, i gcomhréir le huathriail ghnéasach an íospartaigh, agus níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go huathoibríoch go dtoilítear le gníomhartha amach anseo. Ba cheart go mbeadh treá gnéasach neamhthoiliúil ina éigniú, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar é i gcoinne céile nó páirtí dlúthchaidrimh.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a) Is cineál foréigin ghnéasaigh é ionsaí gnéasach a théann i bhfeidhm go díréireach ar mhná agus a sháraíonn go mór sláine fhisiciúil agus neamhspleáchas coirp duine. Tá éagsúlacht mhór idir an dlí náisiúnta maidir le hionsaí gnéasach ar fud na mBallstát agus, dá bhrí sin, is léir gur gá rialacha a bhunú maidir le hionsaí gnéasach ar leibhéal an Aontais.  Clúdaíonn ionsaí gnéasach gníomhartha de chineál gnéasach. Áirítear le gníomhartha de chineál gnéasach gníomhartha ina bhfuil teagmháil fhisiciúil idir corp an déantóra agus baill ghiniúna an íospartaigh agus gníomhartha ina bhfuil teagmháil idir corp an íospartaigh agus baill ghiniúna an íospartaigh.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 14 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14b) Ba cheart toiliú a thabhairt i gcónaí faoi shaoirse agus go deonach. Ba cheart go bhféadfaí toiliú a tharraingt siar tráth ar bith le linn an ghnímh, i gcomhréir le huathriail ghnéasach an íospartaigh, agus níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go huathoibríoch go dtoilítear le gníomhartha amach anseo. Tá roinnt cásanna ann nach bhfuil íospartach in ann saorthoil a chruthú agus ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur gníomhartha neamhthoiliúla iad cionta a dhéantar sna cásanna sin. Agus measúnú á dhéanamh ar chás ar leith, ba cheart imthosca pearsanta agus seachtracha a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, níl an eagla teoranta don bhagairt go ndéanfaí gníomh coiriúil. Ba cheart go gcumhdódh an easpa toilithe mar gheall ar mheisce éagumasú arb iad drugaí, alcól nó substaintí meisciúla eile is cúis leis. I gcásanna atá an-leochaileach tá cásanna inar léir nach mbíonn ach deiseanna teoranta ag íospartaigh a n-ionracas coirp agus gnéasach a chosaint agus ionsaí a sheachaint.  D’fhéadfaí a áireamh i gcás an-leochaileach cásanna ina bhfuil míchothromaíocht chumhachta an-tromchúiseach nó spleáchas eacnamaíoch tromchúiseach.  Is éard atá i gceist le gníomhaíocht faoi choim ná scor d’aon ghnó agus go rúnda de mhodh próifiolacsais nó rialaithe atáirgthe a úsáid le linn treá. Mar gheall ar an bhfíric go n-athraíonn gníomhaíocht faoi choim na himthosca inar tugadh toiliú, d’fhéadfaí é a mheas mar éigniú nó ionsaí gnéasach.

Leasú  18

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Maidir leis na cionta arb ionann iad agus éigniú, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar chiontóirí a ciontaíodh roimhe sin i gcionta den chineál céanna páirt a ghlacadh i gcláir idirghabhála chun an riosca atitimeachais a mhaolú.

(15) Ba cheart oibleagáid a bheith ar chiontóirí a ciontaíodh as éigniú a bheith rannpháirteach i gcláir idirghabhála atá bunaithe ar fhianaise chun an riosca atitimeachais a mhaolú, chun caidreamh sábháilte a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach agus eolasach, ar an díobháil a dhéantar trína bhfreagracht a aithint agus a ndearcthaí agus a n-iompraíocht dhíobhálacha a athrú.  Ba cheart do na húdaráis inniúla na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi infhaighteacht na gclár sin.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a) Is cineál teacht i dtír é an pósadh éigeantais a théann i bhfeidhm go príomha ar mhná agus ar chailíní agus a bhfuil sé ar intinn leis forlámhas a chur in iúl ina leith.  Is cineál foréigin é lena mbaineann sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha agus, go háirithe, cearta na mban agus na gcailíní ar shláine choirp, ar shaoirse, ar neamhspleáchas, ar shláinte choirp agus mheabhrach, ar shláinte ghnéis agus atáirgthe, ar oideachas agus ar shaol príobháideach.  Is tosca iad an bhochtaineacht, an dífhostaíocht, an nós nó na coinbhleachtaí go léir lena chuirtear pósadh éigeantais chun cinn.  Baintear úsáid as foréigean fisiciúil agus gnéasach agus as bagairtí foréigin go minic chun iallach a chur ar bhean nó ar chailín pósadh.  Nuair a chuirtear iachall orthu pósadh, tá baol níos mó ann go ndéanfar teacht i dtír gnéasach agus tuilleadh foréigin. Go minic, bíonn cineálacha teacht i dtír agus foréigin fhisiciúil agus shíceolaíoch, amhail teacht i dtír gnéasach, ag gabháil leis an bpósadh éigeantais. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit uile pósadh éigeantais a choiriúlú, ciontóirí a chur faoi phionóis iomchuí agus é a dhéanamh indéanta póstaí den sórt sin a neamhniú nó a dhíscaoileadh gan aon ualach iomarcach riaracháin nó airgeadais a bheith ar íospartaigh.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) D’fhonn aghaidh a thabhairt ar chiorrú ball giniúna ban ar íospartaigh atá doleasaithe agus ar feadh an tsaoil, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gcion sin go sonrach agus go leordhóthanach sna dlíthe coiriúla. Is cleachtas dúshaothraithe é ciorrú ball giniúna ban a bhaineann le baill ghiniúna cailín nó mná agus a dhéantar chun forlámhas a chaomhnú agus a chur in iúl ar mhná agus ar chailíní agus chun smacht sóisialta a chur ar ghnéasachas na mban agus na gcailíní. Déantar é uaireanta i gcomhthéacs pósadh éigeantais leanaí nó foréigean teaghlaigh. D’fhéadfadh ciorrú ball giniúna ban tarlú mar chleachtas traidisiúnta a fheidhmíonn roinnt pobal ar a mbaill baineanna. Ba cheart go gcumhdódh sé cleachtais a dhéantar ar chúiseanna neamhleighis. Ba cheart go dtagródh an téarma “excising” [eisceadh] do bhaint iomlán nó páirteach an bhrillín agus labia majora. Ba cheart go gcumhdófaí le “ionfhiobúlú” dúnadh na labia majora trí liopaí seachtracha na pite a fhuáil go páirteach le chéile chun an oscailt na faighne a chúngú. Ba cheart tagairt a dhéanamh leis an téarma “aon chiorrú eile a dhéanamh” do na hathruithe fisiciúla eile ar fad ar na baill ghiniúna ban.

(16) Chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí tromchúiseacha fisiciúla agus síceolaíocha a bhíonn ag ciorrú ball giniúna ban ar íospartaigh, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gcion sin go sonrach agus go leordhóthanach sna dlíthe coiriúla. Is cleachtas dúshaothraithe é ciorrú ball giniúna ban a bhaineann le baill ghiniúna cailín nó mná agus a dhéantar chun forlámhas a chaomhnú agus a chur in iúl ar mhná agus ar chailíní agus chun smacht sóisialta a chur ar ghnéasachas na mban agus na gcailíní. Déantar é uaireanta i gcomhthéacs pósadh éigeantais leanaí nó foréigean teaghlaigh. D’fhéadfadh ciorrú ball giniúna ban tarlú mar chleachtas traidisiúnta a fheidhmíonn roinnt pobal ar a mbaill baineanna. Ba cheart go gcumhdódh sé cleachtais a dhéantar ar chúiseanna neamhleighis. Ba cheart go dtagródh an téarma “excising” [eisceadh] do bhaint iomlán nó páirteach an bhrillín agus labia majora. Ba cheart go gcumhdófaí le “ionfhiobúlú” dúnadh na labia majora trí liopaí seachtracha na pite a fhuáil go páirteach le chéile chun an oscailt na faighne a chúngú. Ba cheart tagairt a dhéanamh leis an téarma “aon chiorrú eile a dhéanamh” do na hathruithe fisiciúla eile ar fad ar na baill ghiniúna ban.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a) Is cleachtas díobhálach agus dúshaothraithe é steiriliú éigeantach, comhéigneach agus neamhdheonach eile a chuireann deireadh le cumas na n-íospartach atáirgeadh gnéasach a dhéanamh, agus is minic a bhíonn iarmhairtí tromchúiseacha ann do shláinte fhisiciúil, shíceolaíoch agus shóisialta an duine, agus déantar é chun rialú sóisialta a dhéanamh ar mhná agus ar leanaí agus ar a ngnéasacht.  Sáraíonn sé cearta bunúsacha amhail na cearta chun dínite, chun iomláine coirp agus chun príobháideachta, ní urramaíonn sé an ceanglas go dtabharfaí toiliú saor agus feasach agus aithnítear é mar chineál céastóireachta agus drochíde.  Is minic a bhíonn dlúthbhaint ag steiriliú éigeantach, comhéigneach agus neamhdheonach eile le hidirdhealú agus smaointe steiréitipiciúla faoi cé ar cheart nó nár cheart a bheith torrach agus leanaí a bheith acu. Bhí mná agus leanaí Romacha, mná agus leanaí faoi mhíchumas, lena n-áirítear, go háirithe, míchumais intleachta agus síceasóisialta, mná ar mian leo cóir dhearbhaithe inscne a fháil agus mná agus leanaí ina gcónaí in institiúidí, bhí siad go háirithe i mbaol steiriliú éigeantais, comhéigneach agus neamhdheonach ar shlí eile.  Ba cheart béim ar leith a chur ar réamhthoiliú feasach na mná nó an linbh chun steiriliú a dhéanamh.  Níor cheart toiliú an chaomhnóra dhlíthiúil a chur in ionad toiliú na mná nó an linbh. Ní chumhdaítear leis na forálacha maidir le steiriliú éigeantach a leagtar amach sa Treoir seo idirghabhálacha éigeandála leighis ná gnáthaimh mháinliachta a dhéantar, mar shampla, chun cabhrú le bean trína beatha a shábháil.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16b) Nós imeachta nó cóireáil máinliachta nó leighis nach bhfuil gá leis ó thaobh leighis de is ea ciorrú ball giniúna idirghnéasach a dhéantar ar dhuine a rugadh le héagsúlachtaí ar shaintréithe gnéis agus é mar chuspóir nó mar éifeacht na saintréithe sin a athrú chun iad a ailíniú leo siúd a mheastar a bheith baineann nó fireann de ghnáth.  Tá nósanna imeachta agus cóireálacha, a dhéantar ar mhná agus ar leanaí idirghnéasacha, bunaithe ar an tuairim go bhfuil rogha dénártha de shaintréithe gnéis mar ghnáthnós, agus go bhfuil aon rogha eile neamhghnách agus ní mór é a cheartú.  Níor cheart nósanna imeachta nó cóireálacha a dhéanamh maidir le saintréithe gnéis ban nó leanaí a rugadh le héagsúlachtaí ar shaintréithe gnéis nach bhfuil ar a gcumas toiliú a thabhairt ach amháin nuair atá gá soiléir agus práinneach lena mbeatha a chaomhnú nó le díobháil thromchúiseach dá sláinte fhisiciúil a chosc.  Níor cheart nósanna imeachta nó cóireálacha neamhriachtanacha a bhfuil sé mar aidhm acu nó a bhfuil éifeacht acu tréithe gnéis a athrú a dhéanamh ach amháin le toiliú feasach agus roimh ré ó bhean nó leanbh a rugadh le héagsúlachtaí ar shaintréithe gnéis.  D’fhéadfadh laigí fisiceacha agus síceolaíocha ar feadh an tsaoil a bheith mar thoradh ar chiorrú ball giniúna idirghnéasach agus, dá bhrí sin, ba cheart déileáil leis leis an tromchúis chéanna le ciorrú ball giniúna ban. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, tacaíocht leighis agus shíceolaíoch iomchuí a chur ar fáil do dhaoine idirghnéasacha agus dá dteaghlaigh agus urraim a thabhairt dá gceart cinntí eolasacha a dhéanamh faoina gcorp féin agus faoina gcúram sláinte féin.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16c) Tá toirmeasc ginearálta ar ghnéaschiapadh agus ar chiapadh a bhaineann le gnéas ar an leibhéal náisiúnta faoi chuimsiú chur chun feidhme threoracha an Aontais maidir le comhionannas inscne.  Mar sin féin, níl sé cruthaithe go bhfuil gníomhartha dlí an Aontais éifeachtach go leor chun na feiniméin sin a chomhrac sa chleachtas, go háirithe maidir le pionóis.  Mura ngearrtar pionós ar iompar den sórt sin faoin dlí coiriúil, ní bhainfidh íospartaigh tairbhe as an gcosaint spriocdhírithe a fhoráiltear leis an Treoir seo. Ceadaítear le hAirteagal 83(2) CFAE rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla a shainiú ar choinníoll go bhfuil sé fíor-riachtanach dlíthe coiriúla na mBallstát a chomhfhogasú chun cur chun feidhme éifeachtach beartais de chuid an Aontais a áirithiú i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú.  Le Treoracha 2006/54/CE, 2004/113/CE agus 2010/41/AE, rinneadh comhchuibhiú, ar leibhéal an Aontais, ar rialacha maidir le gnéaschiapadh ag an obair agus gnéaschiapadh i soláthar earraí agus seirbhísí agus i dtaca le rochtain orthu. I bhfianaise an chomhthéacs sin agus chur chun feidhme neamhéifeachtach bheartas an Aontais i gcoinne gnéaschiaptha, tá gá, dá bhrí sin, le rialacha íosta breise sa réimse sin.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Is gá foráil a dhéanamh do shainmhínithe comhchuibhithe ar chionta agus ar phionóis maidir le cineálacha áirithe cibearfhoréigin. Díríonn an cibearfhoréigean go háirithe ar pholaiteoirí, ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine ar mná iad. Bíonn tionchar díréireach ag an gcibearfhoréigean ar mhná agus ar chailíní i suíomhanna oideachais, amhail scoileanna agus ollscoileanna, agus bíonn iarmhairtí díobhálacha aige sin ar a mbreisoideachas agus ar a meabhairshláinte, rud a bhféadfadh féinmharú a bheith mar thoradh air i gcásanna tromchúiseacha.

(17) Is gá foráil a dhéanamh do shainmhínithe comhchuibhithe ar chionta agus ar phionóis maidir le cineálacha áirithe cibearfhoréigin. Díríonn an cibearfhoréigean go háirithe ar pholaiteoirí ban, ar iriseoirí, ar chosantóirí chearta an duine, ar ghníomhaithe ban agus ar dhaoine atá mar chuid de phobail imeallaithe nó atá faoi réir cineálacha trasnacha idirdhealaithe.  Bíonn tionchar díréireach ag an gcibearfhoréigean ar mhná atá neamhchosanta ar idirdhealú nó ar fhoréigean ar bhonn a n-inscne nó ar fhorais eile.  Is féidir le cibearfhoréigean mná a chur ina dtost agus bac a chur ar a rannpháirtíocht shochaíoch agus ghairmiúil ar chomhchéim le fir. Mar thoradh ar úsáid mhéadaithe na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ag an obair, tá méadú tagtha ar an gcibearfhoréigean in aghaidh na mban.  Mar thoradh ar an gcibearfhoréigean méadaithe sin, tá sé ráite ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, i dtuairim dar teideal ‘Teleworking and gender equality – conditions so that teleworking does not exacerbate the unequal distribution of unpaid care and domestic work between women and men and for it to be an engine for promoting gender equality’ [Teilea-obair agus comhionannas inscne — coinníollacha ionas nach gcuirfidh an teilea-obair le dáileadh éagothrom an chúraim gan íocaíocht agus na hoibre tí idir mná agus fir agus go mbeadh sí ina hinneall chun comhionannas inscne a chur chun cinn], agus tá sé ráite ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair gur gá aird ar leith a thabhairt ar bhearta coisctheacha agus cosanta i gcomhthéacs na hoibre.  Bíonn tionchar díréireach ag an gcibearfhoréigean ar mhná agus ar chailíní san oideachas, mar shampla i scoileanna agus in ollscoileanna, agus bíonn iarmhairtí díobhálacha aige sin ar a mbreisoideachas agus ar a meabhairshláinte, rud a bhféadfadh féinmharú a bheith mar thoradh air i gcásanna tromchúiseacha. Ba cheart oiliúint a chur ar údaráis inniúla a dhéanann foréigean in aghaidh na mban a chomhrac chun cionta a bhaineann le cibearfhoréigean a ionchúiseamh go rathúil chun a áirithiú go ndéanfar cionta den sórt sin a ionchúiseamh go rathúil agus chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Tá an baol ann go méadófar go héasca, go gasta agus go forleathan cineálacha áirithe cibearfhoréigin le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus is é an toradh a bheidh air sin go gcruthófar nó go bhfeabhsófar díobháil dhomhain agus fhadtéarmach don íospartach. Maidir leis an acmhainneacht atá ann an t-aimpliú sin a dhéanamh, rud atá ina réamhchoinníoll maidir le roinnt cionta den chibearfhoréigean a dhéanamh, ar cionta iad a shainítear faoin Treoir seo, ba cheart é a léiriú leis an ngné a bhaineann le hábhar áirithe a dhéanamh inrochtana, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, d’úsáideoirí deiridh. Ba cheart go dtuigfí leis an téarma ‘cumas’ go dtagraíonn sé do líon suntasach úsáideoirí deiridh na dteicneolaíochtaí atá i gceist a shroicheadh, sa chaoi go mbeifear in ann rochtain shuntasach a fháil ar an ábhar sin agus é a dháileadh tuilleadh amach anseo. Ba cheart an téarma sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ag féachaint do na himthosca ábhartha, lena n-áirítear na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun an t-ábhar sin a dhéanamh inrochtana agus do na modhanna a chuireann na teicneolaíochtaí sin ar fáil le haghaidh aimplithe.

(18) Tá an baol ann go ndéanfar cineálacha áirithe cibearfhoréigin a scaipeadh go héasca, go tapa agus go forleathan trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, rud a d’fhágfadh go gcruthófaí nó go gcuirfí leis an díobháil dhomhain fhadtréimhseach don íospartach.  Is réamhriachtanas é an scaipeadh chun roinnt cionta cibearfhoréigin a shainmhínítear faoin Treoir seo a dhéanamh agus léirítear é leis an ngné a bhaineann le hábhar áirithe a dhéanamh inrochtana, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, d’úsáideoirí deiridh eile.  Ba cheart an téarma ‘úsáideoirí deiridh eile’ a thuiscint mar thagairt do theacht ar líon úsáideoirí deiridh na dteicneolaíochtaí atá i gceist, agus ar an gcaoi sin go bhféadfaí rochtain a fháil ar an ábhar sin agus dáileadh breise a dhéanamh ar an ábhar sin.  Ba cheart an téarma sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ag féachaint do na himthosca ábhartha, lena n-áirítear na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun an t-ábhar sin a dhéanamh inrochtana agus na modhanna a chuirtear ar fáil leis na teicneolaíochtaí sin lena scaipeadh.

Leasú  26

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Go háirithe mar gheall ar an gclaonadh atá ann maidir le dáileadh agus déanamh atá éasca, tapa agus leathan, chomh maith lena nádúr pearsanta, d’fhéadfadh scaipeadh neamh-chomhfhiosach ar líne ábhair a léiríonn gníomhaíochtaí gnéasacha agus íomhánna pearsanta a bheith an-díobhálach do na híospartaigh. Ba cheart gach cineál ábhair den sórt sin a chumhdach leis an gcion dá bhforáiltear sa Treoir seo, amhail íomhánna, grianghraif agus físeáin, lena n-áirítear íomhánna gnéasaithe, gearrthóga fuaime agus gearrthóga físe. Ba cheart go mbainfeadh sé le cásanna ina scaiptear an t-ábhar don phobal, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, gan toiliú an íospartaigh, is cuma ar thoiligh an t-íospartach le giniúint an ábhair sin nó ar tharchuir sé chuig duine ar leith é. Ba cheart go n-áireofaí sa chion freisin táirgeadh nó cúbláil neamh-chomhthoiliúil, trí eagarthóireacht a dhéanamh ar íomhánna, mar shampla, a fhágann go dtaispeántar é amhail is go bhfuil duine eile ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnéasacha, a mhéid a scaiptear an t-ábhar freisin don phobal ina dhiaidh sin, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, gan toiliú an duine sin. Ba cheart go n-áireofaí i dtáirgeadh nó i gcúbláil den sórt sin déanamh ‘domhainbhrionnuithe’, i gcás ina bhfuil an t-ábhar cosúil go suntasach le duine aonair, rudaí, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile, lena léirítear gníomhaíochtaí gnéasacha duine eile, agus ina ndealraíonn sé go bréagach do dhaoine eile a bheith barántúil nó fírinneach. Ar mhaithe le híospartaigh an iompair sin a chosaint go héifeachtach, ba cheart bagairt a dhéanamh d’iompar den sórt sin a chumhdach freisin.

(19) Mar gheall ar an gclaonadh atá ann maidir le dáileadh agus déanamh atá éasca, tapa agus leathan, chomh maith lena nádúr dlúthchaidrimh, is féidir dochar a dhéanamh do na híospartaigh trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide d’ábhar dlúthchaidrimh agus d’ábhar de chineál gnéasach d’úsáideoirí deiridh eile. Ba cheart gach cineál ábhair den sórt sin a chumhdach leis an gcion dá bhforáiltear sa Treoir seo, amhail íomhánna, grianghraif agus físeáin, lena n-áirítear íomhánna gnéasaithe, gearrthóga fuaime agus gearrthóga físe. Ba cheart go mbainfeadh sé le cásanna ina scaiptear an t-ábhar d’úsáideoirí deiridh eile, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, gan toiliú an íospartaigh, is cuma ar thoiligh an t-íospartach le giniúint an ábhair sin nó ar tharchuir sé chuig duine ar leith é. Ba cheart a áireamh sa chion freisin an táirgeadh nó an ionramháil neamhthoiliúil, mar shampla trí eagarthóireacht a dhéanamh ar íomhánna, lena n-áirítear trí bhíthin intleacht shaorga ar ábhar a thagann chun solais amhail is dá mbeadh duine eile ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnéasacha, a mhéid a chuirtear an t-ábhar ar fáil d’úsáideoirí deiridh ina dhiaidh sin, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, gan toiliú an duine sin.  Ba cheart go n-áireofaí le táirgeadh nó ionramháil den sórt sin monarú ‘domhainbhrionnuithe’, i gcás ina léiríonn ábhar ar dlúthchaidrimh nó ábhar de chineál gnéasach é duine atá an-chosúil le duine atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhaoine eile a bheith barántúil nó fírinneach. Ar mhaithe le híospartaigh an iompair sin a chosaint go héifeachtach, ba cheart bagairt a dhéanamh d’iompar den sórt sin a chumhdach freisin. Thairis sin, ós rud é gur cineál coiteann imeaglaithe agus tosta mná é an “cibearsplancáil”, ba cheart, dá bhrí sin, cion d’íomhánna, d’fhíseáin nó d’ábhar eile a léiríonn baill ghiniúna a bheith á seoladh gan iarraidh a chumhdach leis an Treoir seo.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Is cineál nua-aimseartha foréigin í an chibearstalcaireacht a dhéantar go minic ar bhaill teaghlaigh nó ar dhaoine atá ina gcónaí sa teaghlach céanna, ach freisin a dhéanann iarpháirtithe nó lucht aitheantais. De ghnáth, baineann an ciontóir mí-úsáid as an teicneolaíocht chun iompar, ionramháil agus faireachas comhéigneach agus rialaithe a threisiú, rud a mhéadaíonn eagla, imní agus leithlisiú de réir a chéile ó chairde agus ó mhuintir an íospartaigh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha íosta maidir le cibearstalcaireacht a bhunú. Le cion na cibearstalcaireachta, ba cheart faireachas leanúnach an íospartaigh a chumhdach gan toiliú ná údarú dlíthiúil a fháil uaidh trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. D’fhéadfaí é sin a chumasú trí shonraí pearsanta an íospartaigh a phróiseáil, amhail trí ghoid aitheantais nó spiaireacht a dhéanamh ar na sonraí sin ar a meáin shóisialta éagsúla nó ar a n-ardáin éagsúla teachtaireachtaí, a ríomhphoist agus a bhfón, pasfhocail a ghoid nó a ngléasanna a haiceáil chun rochtain a fháil ar a spásanna príobháideacha, trí aipeanna geologánaithe a shuiteáil, lena n-áirítear bogearraí stalcaireachta, nó trína ngaireas a ghoid.  Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí le stalcaireacht faireachán ar íospartaigh, gan toiliú ná údarú an duine sin, trí ghléasanna teicneolaíochta atá nasctha trí Idirlíon na Rudaí Nithiúla, amhail fearais chliste bhaile.

(20) Is cineál nua-aimseartha foréigin í an chibearstalcaireacht a dhéantar go minic ar bhaill teaghlaigh nó ar dhaoine atá ina gcónaí sa teaghlach céanna, ach freisin a dhéanann iarpháirtithe nó lucht aitheantais. De ghnáth, baineann an ciontóir mí-úsáid as an teicneolaíocht chun iompar, ionramháil agus faireachas comhéigneach agus rialaithe a threisiú, rud a mhéadaíonn eagla, imní agus leithlisiú de réir a chéile ó chairde, ó mhuintir agus ó obair an íospartaigh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha íosta maidir le cibearstalcaireacht a bhunú. Le cion na cibearstalcaireachta, ba cheart faireachas leanúnach an íospartaigh a chumhdach gan toiliú ná údarú dlíthiúil a fháil uaidh trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. D’fhéadfaí é sin a chumasú trí shonraí pearsanta an íospartaigh a phróiseáil, amhail trí ghoid aitheantais nó spiaireacht a dhéanamh ar na sonraí sin ar a meáin shóisialta éagsúla nó ar a n-ardáin éagsúla teachtaireachtaí, a ríomhphoist agus a bhfón, pasfhocail a ghoid nó a ngléasanna a haiceáil nó bogearraí eochairbhlocála a ghníomhachtú go rúnda chun rochtain a fháil ar a spásanna príobháideacha, trí aipeanna geologánaithe a shuiteáil, lena n-áirítear bogearraí stalcaireachta, nó trína ngaireas a ghoid.  Thairis sin, ba cheart go gcumhdófaí le stalcaireacht faireachán ar íospartaigh, gan toiliú ná údarú an duine sin, trí ghléasanna teicneolaíochta atá nasctha trí Idirlíon na Rudaí Nithiúla, amhail fearais chliste bhaile. Thairis sin, ós rud é gur cineál coiteann foréigin in aghaidh na mban é teachtaireachtaí bagartha agus maslacha a sheoladh arís agus arís eile i gcomhráite príobháideacha, ba cheart, dá bhrí sin, é a chumhdach leis an Treoir seo.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) Ba cheart rialacha íosta maidir le cion an chibearchiaptha a leagan síos chun cur i gcoinne ionsaí a thionscnamh le tríú páirtithe nó chun páirt a ghlacadh in ionsaí den sórt sin arna dhíriú ar dhuine eile, trí ábhar bagrach nó maslach a chur ar fáil don iliomad úsáideoirí deiridh. D‘fhéadfadh ionsaithe leathana den sórt sin, lena n-áirítear ionsaithe comhordaithe drong ar líne, athrú ina n-ionsaí as líne nó a bheith ina gcúis le gortú suntasach síceolaíoch agus i gcásanna tromchúiseacha, d’fhéadfadh siad féinmharú an íospartaigh a chruthú. Is minic a dhírítear ionsaithe den sórt sin ar pholaiteoirí móra ban, ar iriseoirí nó ar dhaoine aitheanta ar bhealach eile, ach is féidir leo tarlú i gcomhthéacsanna éagsúla freisin, mar shampla ar champais nó i scoileanna. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhoréigean ar líne den sórt sin go háirithe i gcás ina dtarlaíonn na hionsaithe ar scála leathan, mar shampla i bhfoirm ciaptha méadaitheach ar líon suntasach daoine.

(21) Ba cheart rialacha íosta maidir le cion an chibearchiaptha a leagan síos chun cur i gcoinne ionsaí a thionscnamh nó chun páirt a ghlacadh in ionsaí den sórt sin arna dhíriú ar dhuine eile, trí ábhar bagrach nó maslach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh eile. D‘fhéadfadh ionsaithe leathana den sórt sin, lena n-áirítear ionsaithe comhordaithe drong ar líne, athrú ina n-ionsaí as líne nó a bheith ina gcúis le gortú suntasach síceolaíoch agus i gcásanna tromchúiseacha, d’fhéadfadh siad féinmharú an íospartaigh a chruthú. Is minic a dhírítear leis na hionsaithe sin ar pholaiteoirí (baineanna) iomráiteacha, ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine nó ar dhaoine aitheanta eile, ach is féidir leo tarlú freisin i gcomhthéacsanna éagsúla, mar shampla ar champais nó i scoileanna agus i saol na hoibre. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhoréigean ar líne den sórt sin go háirithe i gcás ina dtarlaíonn na hionsaithe ar scála leathan, mar shampla i bhfoirm ciaptha méadaitheach ar líon suntasach daoine.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Mar gheall ar an méadú atá tagtha ar úsáid an idirlín agus na meán sóisialta, tá méadú mór tagtha ar fhuathchaint, lena n-áirítear bunaithe ar ghnéas nó ar inscne le blianta beaga anuas. Treisítear scaipeadh éasca, gasta agus fairsing na fuathchainte tríd an bhfriotal digiteach de thairbhe na héifeachta dí-urchoillte ar líne, nó laghdaíonn toimhde na hanaithnideachta ar líne, agus mothúchán na saoirse ó phionós, an leisce a bheadh ar dhaoine caint den chineál sin a dhéanamh. Is minic a bhíonn mná ina sprioc fuatha gnéasaí agus fuath do mhná ar líne, rud atá in ann géarú isteach sa fhuathchoireacht as líne. Ní mór é sin a thascradh go luath. Ní i gcónaí a thagraíonn an teanga a úsáidtear sa chineál fuathchainte seo go díreach do ghnéas nó d’inscne an duine/na ndaoine ar a bhfuiltear ag díriú, ach is féidir an spreagadh claonta a aithint go hindíreach ó ábhar foriomlán na cainte.

(22) Bhí ról suntasach ag leitheadúlacht na n-ardán ceannasach ar líne sa mhéadú ar úsáid an idirlín agus na meán sóisialta agus tá méadú mór tagtha ar ghríosú poiblí chun foréigin agus fuatha, lena n-áirítear bunaithe ar ghnéas nó ar inscne, go háirithe in éineacht le forais eile, le blianta beaga anuas.  Treisítear scaipeadh éasca, gasta agus fairsing na fuathchainte tríd an bhfriotal digiteach de thairbhe na héifeachta dí-urchoillte ar líne, nó laghdaíonn toimhde na hanaithnideachta ar líne, agus mothúchán na saoirse ó phionós, an leisce a bheadh ar dhaoine caint den chineál sin a dhéanamh. Mar sin féin, is féidir le hanaithnideacht a bheith riachtanach freisin do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe agus do phobail eile atá i mbaol Is minic a bhíonn mná ina sprioc fuatha gnéasaí agus fuath do mhná ar líne, rud atá in ann géarú isteach sa fhuathchoireacht as líne. D’fhéadfaí díriú ar leanaí agus daoine óga leis an cibearfhoréigean freisin, a thagraíonn go minic do shaintréithe pearsanta amhail míchumas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne, tréithe gnéis nó forais eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le heisiamh sóisialta, imní, aslú chun féindhíobháil a dhéanamh agus, i gcásanna foircneacha, smaoineamh féinmharaithe, iarrachtaí féinmharaithe nó féinmharú mura rachfar i ngleic leo.  Ní mór é sin a chosc nó a thascradh ag céim luath. Ní i gcónaí a thagraíonn an teanga a úsáidtear sa chineál fuathchainte seo go díreach do ghnéas nó d’inscne an duine/na ndaoine ar a bhfuiltear ag díriú, ach is féidir an spreagadh claonta a aithint go hindíreach ó ábhar foriomlán na cainte.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Le cion na cibear-fhuathchainte, glactar leis nach gcuirtear an gríosú in iúl i gcomhthéacs príobháideach amháin, ach go poiblí trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart go mbeadh sé i gceist leis an gcoincheap 'scaipeadh don phobal' mír ábhair ar leith a chur ar fáil, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, eadhon an t-ábhar a chur ar fáil go héasca d’úsáideoirí i gcoitinne, gan gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón duine a sholáthair an t-ábhar, is cuma má tá rochtain iarbhír ag na daoine sin ar an bhfaisnéis atá i gceist. Dá réir sin, i gcás ina mbeidh gá le clárú nó cead isteach do ghrúpa úsáideoirí chun rochtain a fháil ar an ábhar, níor cheart an fhaisnéis sin a mheas a bheith scaipthe ar an bpobal ach amháin i gcás ina gclárófar nó ina ligfear isteach go huathoibríoch úsáideoirí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an ábhar gan cinneadh ó dhuine nó gan roghnú cé dó ar cheart rochtain a cheadú. Agus measúnú á dhéanamh acu an gcáilíonn ábhar mar ghríosú chun fuatha nó chun foréigin, ba cheart do na húdaráis inniúla na cearta bunúsacha chun tuairimí a nochtadh, mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt iad, a chur san áireamh.

(23) Le cion na cibear-fhuathchainte, glactar leis nach gcuirtear an gríosú in iúl i gcomhthéacs príobháideach amháin, ach go poiblí trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí leis go scaipfí ar an bpobal é, agus ba cheart a thuiscint gurb é atá i gceist leis mír áirithe ábhair lena spreagtar foréigean nó fuath a chur ar fáil trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, eadhon an t-ábhar a chur ar fáil go héasca d’úsáideoirí i gcoitinne, gan gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón duine a chuir an t-ábhar ar fáil, is cuma an bhfuil rochtain iarbhír ag na daoine sin ar an bhfaisnéis atá i gceist.  Dá réir sin, i gcás ina mbeidh gá le clárú nó cead isteach do ghrúpa úsáideoirí chun rochtain a fháil ar an ábhar, níor cheart an fhaisnéis sin a mheas a bheith scaipthe ar an bpobal ach amháin i gcás ina gclárófar nó ina ligfear isteach go huathoibríoch úsáideoirí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an ábhar gan cinneadh ó dhuine nó gan roghnú cé dó ar cheart rochtain a cheadú. Agus measúnú á dhéanamh acu an gcáilíonn ábhar mar ghríosú chun fuatha nó chun foréigin, ba cheart do na húdaráis inniúla na cearta bunúsacha chun tuairimí a nochtadh, mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt iad, a chur san áireamh. Chun a áirithiú go gcáileoidh ábhar ar líne mar chibeargríosú chun foréigin nó fuatha, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an t-ábhar sin a mheasúnú, ar bhonn cás ar chás, bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bPlean Gníomhaíochta Rabat na Náisiún Aontaithe maidir le toirmeasc ar abhcóideacht fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, chun naimhdeas nó chun foréigin, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chomhthéacs sóisialta agus polaitiúil na teachtaireachta, stádas an chainteora, ábhar agus foirm na hóráide, intinn agus dóchúlacht agus bagairt na díobhála.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go meastar gur imthoisc ghéaraitheach é an fíoras go ndéantar cion d’fhonn brabús nó gnóthachan a dhéanamh nó go dtugtar brabús nó gnóthachan iarbhír, mar shampla trí dhúmhál i gcás cibearfhoréigin nó trí ioncam a thuilleamh trí chiorrú ball giniúna ban nó trí steiriliú éigeantach, toisc go gcruthaíonn brabús nó gnóthachan go raibh cur chuige córasach agus modheolaíoch ann i leith na coire, agus ar an gcaoi sin a thromchúisí atá sí a léiriú.

Leasú  32

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23b) Déantar “coireanna onóra” mar a thugtar orthu chun aidhm seachas éifeacht láithreach na coire, nó sa bhreis air sin, a shaothrú. D’fhéadfadh sé gurb é an aidhm sin ná “onóir” an teaghlaigh a chur i réim arís, an fonn atá ann go bhfeicfí go n-urramófaí traidisiún nó go gcloífí le riachtanais reiligiúnacha, chultúrtha nó ghnásanna a mheastar a bheith ag pobal áirithe. Cuireann coireanna den sórt sin brú mór ar an íospartach, d’fhéadfadh sáruithe ar chearta daonna an íospartaigh a bheith mar thoradh orthu agus is gnách go mbíonn tionchar acu ar shaol iomlán an duine, rud a fhágann go bhfuil an t-íospartach an-leochaileach. 

Leasú  33

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23c) Tugtar le tuiscint le dearcadh atá inscne-íogair go gcuirtear san áireamh na saintréithe a bhaineann le saol na mban agus na bhfear araon, agus é mar aidhm ag an am céanna deireadh a chur le neamhionannais agus comhionannas inscne a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar ghné na hinscne agus í a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit gné atá inscne-íogair a áireamh i gcur chun feidhme na Treorach seo agus sa mheastóireacht ar a cur chun feidhme.  Áirítear freisin i bpeirspictíocht atá inscne-íogair tuiscint struchtúrach ar fhréamhacha an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh mar fheiniméan córasach agus mar thoradh ar neamhionannas forleatach agus ar idirdhealú in aghaidh na mban, rud a chuireann tús le caoinfhulaingt an fhoréigin in aghaidh na mban.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann coireanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thuairisciú go héasca gan a bheith faoi réir íospairt thánaisteach ná athíospairt. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit an deis a thabhairt gearáin a thíolacadh ar líne nó trí theicneolaíochtaí eile faisnéise agus cumarsáide chun na coireanna sin a thuairisciú. Ba cheart d’íospartaigh an chibearfhoréigin a bheith in ann ábhair a bhaineann lena dtuarascáil a uaslódáil, amhail seatanna scáileáin den iompar foréigneach líomhnaithe.

(24) Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann coireanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thuairisciú agus fianaise a sholáthar go héasca gan a bheith faoi réir íospairt thánaisteach ná athíospairt.  Agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí na gcoireanna a chumhdaítear leis an Treoir seo, agus ar an riosca soiléir go bhféadfadh íospartaigh a ngearán coiriúil a tharraingt siar, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis ábhartha gach beart is gá chun a áirithiú go mbaileofar fianaise ar bhealach cuimsitheach a luaithe is féidir. Moltar do na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt maidir le conas cosaint na fianaise a áirithiú in imscrúduithe ar choireanna den sórt sin, lena n-áirítear trí fhístaifeadadh den chéad agallamh leis an íospartach a chumasú, de réir mar is iomchuí.  Cé nach luann an t-íospartach é, b’fhéidir, ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas i gcónaí gur foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh iad na coireanna a chumhdaítear leis an Treoir seo agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar an ngné sin a mheas le linn an imscrúdaithe. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit, sa bhreis ar thuairisciú pearsanta, an deis a sholáthar gearáin a thíolacadh, i dtimpeallacht shábháilte, ar líne nó trí theicneolaíochtaí inrochtana faisnéise agus cumarsáide eile chun coireanna den sórt sin a thuairisciú.  Ba cheart do chórais gearán ar líne caighdeáin slándála a chomhlíonadh agus níor cheart dóibh sábháilteacht an íospartaigh a chur i mbaol.  Ba cheart do na Ballstáit tuairisciú na n-íospartach ina n-éagsúlacht uile a éascú, lena n-áirítear, inter alia, roghanna éasca agus inrochtana a áirithiú dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar chun cabhrú leo siúd nach féidir leo léamh, daoine atá ina gcónaí in institiúidí nó daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as braille agus teanga chomharthaíochta.  Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann ábhair a bhaineann lena dtuarascáil a uaslódáil, amhail seatanna scáileáin den iompar foréigneach líomhnaithe. Ba cheart go mbeadh rochtain ag íospartaigh ar chúnamh agus ar chúnamh dlíthiúil, saor in aisce agus i dteanga is féidir leo a thuiscint go réasúnta, agus cionta coiriúla á dtuairisciú acu agus le linn imeachtaí breithiúnacha. 

Leasú  35

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) I gcás foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban, go háirithe nuair a dhéanann dlúthbhaill teaghlaigh nó dlúthpháirtithe iad, d’fhéadfadh íospartaigh a bheith faoi éigeantas an chiontóra agus go bhfuil eagla orthu dul i dteagmháil leis na húdaráis inniúla, fiú má tá a saol i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil a rialacha rúndachta ina mbacainn ar ghairmithe ábhartha, amhail gairmithe cúraim sláinte, tuairisciú a dhéanamh do na húdaráis inniúla, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil beatha an íospartaigh i ngarbhaol díobhála coirp tromchúisí. Go minic, ní dhéanann tríú páirtithe cásanna d‘fhoréigean teaghlaigh nó d’fhoréigean in aghaidh na mban a dhéanann difear do leanaí a idircheapadh ach amháin trí iompar neamhrialta nó díobháil fhisiciúil don leanbh a thabhairt ar aird. Ní mór leanaí a chosaint go héifeachtach ar na cineálacha foréigin sin agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh go pras. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh srian ar ghairmithe ábhartha a thagann i dteagmháil le híospartaigh ar leanaí iad nó le híospartaigh ionchasacha ar leanaí iad, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte nó oideachais, le rúndacht i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go ndearnadh gníomhartha tromchúiseacha foréigin i gcoinne an linbh nó go ndéanfar gníomhartha tromchúiseacha breise. I gcás ina dtuairiscíonn gairmithe na cásanna foréigin sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil siad faoi dhliteanas i leith sárú rúndachta.

(25) I gcás foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban, go háirithe nuair a dhéanann dlúthbhaill teaghlaigh nó dlúthpháirtithe iad, d’fhéadfadh íospartaigh a bheith faoi éigeantas an chiontóra agus go bhfuil eagla orthu dul i dteagmháil leis na húdaráis inniúla, fiú má tá a saol i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil a rialacha rúndachta ina mbacainn ar ghairmithe ábhartha, amhail gairmithe cúraim sláinte, tuairisciú a dhéanamh do na húdaráis inniúla, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil beatha an íospartaigh i ngarbhaol tromchúiseach díobhála coirp. Tá bonn cirt le tuairisciú tríú páirtí den sórt sin mar bheart spriocdhírithe le haghaidh foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh toisc gur minic a tharlaíonn foréigean den sórt sin i ndlúthchaidreamh nó in imthosca teaghlaigh agus toisc go bhféadfaí nach ndéantar é a mheas mar ghníomh coiriúil agus, dá bhrí sin, nach ndéanann na daoine sin a bhfuil taithí acu air nó a fheiceann é go díreach, é a thuairisciú.  Go minic, ní dhéanann tríú páirtithe cásanna d‘fhoréigean teaghlaigh nó d’fhoréigean in aghaidh na mban a dhéanann difear do leanaí a idircheapadh ach amháin trí iompar neamhrialta nó díobháil fhisiciúil don leanbh a thabhairt ar aird. Ní mór leanaí a chosaint go héifeachtach ó chineálacha foréigin den sórt sin i bhfianaise na n-iarmhairtí díobhálacha fadtéarmacha a bhíonn aige orthu, agus ní mór bearta leordhóthanacha a dhéanamh go pras.  Dá bhrí sin, níor cheart, ar an gcaoi chéanna, gairmithe ábhartha a thagann i dteagmháil le híospartaigh ar leanaí iad nó íospartaigh ionchasacha ar leanaí iad, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte nó oideachais, a shrianadh le rúndacht agus ba cheart dóibh gníomhú i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go ndearnadh gníomhartha foréigin faoin Treoir seo i gcoinne an linbh nó go mbeifí ag súil le tuilleadh gníomhartha tromchúiseacha. I gcás ina dtuairiscíonn gairmithe na cásanna foréigin sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil siad faoi dhliteanas i leith sárú rúndachta.

Leasú  36

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Chun dul i ngleic le tearcthuairisciú sna cásanna inar leanbh é an t-íospartach, ba cheart nósanna imeachta maidir le tuairisciú atá sábháilte agus fabhrach do leanaí a bhunú. D’fhéadfadh ceistiú na n-údarás inniúil i dteanga shimplí inrochtana a bheith i gceist leis sin.

(26) Chun dul i ngleic le tearcthuairisciú sna cásanna inar leanbh é an t-íospartach, ba cheart nósanna imeachta maidir le tuairisciú atá sábháilte agus fabhrach do leanaí a bhunú. D’fhéadfadh ceistiú na n-údarás inniúil i dteanga shimplí inrochtana a bheith i gceist leis sin. Chun leas an linbh a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gairmithe atá speisialaithe i gcúram leanaí agus i dtacú le leanaí i láthair chun cabhrú leo nósanna imeachta tuairiscithe a dhéanamh.

Leasú  37

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) D’fhéadfadh baol ar leith a bheith ann d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban i ngeall ar mhoilleanna maidir le gearáin maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a phróiseáil, ós rud é go bhféadfadh ciontóirí a bheith ina ngiorracht don teaghlach nó dá gcéilí go minic. Dá bhrí sin, ba cheart saineolas leordhóthanach agus uirlisí éifeachtacha imscrúdaitheacha a bheith ag na húdaráis inniúla chun coireanna den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(27) D’fhéadfadh baol ar leith a bheith ann d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban i ngeall ar mhoilleanna maidir le gearáin maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a phróiseáil, ós rud é go bhféadfadh ciontóirí a bheith ina ngiorracht don teaghlach nó dá gcéilí go minic. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla um imscrúdú agus ionchúiseamh gearáin den sórt sin a phróiseáil gan mhoill. Ós rud é go ndearna an t-íospartach gearán nó go bhfuil sé ar intinn aige an caidreamh a fhágáil, d'fhéadfadh sé go mbeadh baol níos mó ann don íospartach. Ba cheart saineolas speisialaithe leordhóthanach agus uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha a bheith ag na húdaráis inniúla chun coireanna den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh gan moill mhíchuí toisc go gciallaíonn leanúntas an fhoréigin go bhféadfadh fiú na cionta sin is lú a dhéanann díobháil dóibh a bheith ar an gcéad chion den sórt sin i dtaca le tromchúis a ghéarú.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 28

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28) Is iondúil go mbíonn cosaint láithreach nó tacaíocht shonrach de dhíth ar íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus an fhoréigin in aghaidh na mban, mar shampla i gcás foréigean dlúthpháirtí, nuair a bhíonn ráta ard atarachais de ghnáth. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú aonair a dhéanamh chun riachtanais chosanta an íospartaigh a shainaithint tar éis chéadteagmháil na n-údarás inniúil leis an íospartach nó a luaithe a thagann amhras chun cinn gur íospartach foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh é an duine. D’fhéadfadh sé sin a bheith sular thuairiscigh íospartach cion go foirmiúil nó go réamhghníomhach má thuairiscíonn tríú páirtí an cion.

(28) Is iondúil go mbíonn cosaint láithreach agus tacaíocht shonrach de dhíth ar íospartaigh foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban, mar shampla i gcás foréigin páirtí dlúthchaidrimh nó foréigin ghnéasaigh, áit a mbíonn an ráta atitimeachais ard. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú aonair atá inscne-íogair, chun riachtanais chosanta an íospartaigh agus riachtanais tacaíochta leighis agus speisialaithe a shainaithint, a dhéanamh ar an gcéad teagmháil a dhéanfaidh na húdaráis inniúla leis an íospartach, nó a luaithe a bheidh amhras ann gur íospartach foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh é an duine. D’fhéadfadh sé sin a bheith sular thuairiscigh íospartach cion go foirmiúil nó go réamhghníomhach má thuairiscíonn tríú páirtí an cion.

Leasú  39

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Agus riachtanais chosanta agus tacaíochta an íospartaigh á meas, ba cheart gurb é an príomhábhar imní a bheadh ann sábháilteacht an íospartaigh a chosaint agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil, agus imthosca aonair an íospartaigh á gcur san áireamh, i measc nithe eile. D’fhéadfadh imthosca den sórt sin a mbeadh aird speisialta ag teastáil uathu a áireamh toircheas an íospartaigh nó spleáchas an íospartaigh ar an gciontóir nó caidreamh leis an gciontóir.

(29) Agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais chosanta agus tacaíochta an íospartaigh, ba cheart é a bheith ina phríomhchúram sábháilteacht an íospartaigh agus an chleithiúnaí agus cearta agus riachtanais an íospartaigh a chosaint, agus cosaint agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil, agus imthosca aonair agus leochaileacht an íospartaigh, i measc nithe eile, á gcur san áireamh.  Ar na himthosca sin a bhfuil aird ar leith ag teastáil ina leith, d’fhéadfaí a áireamh ar thoircheas an íospartaigh, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach an íospartaigh, míchumais, saincheisteanna maidir le mí-úsáid substaintí, láithreacht leanaí, láithreacht ainmhithe coimhdeachta, spleáchas an íospartaigh ar an gciontóir nó caidreamh leis an gciontóir, lena n-áirítear spleáchas eacnamaíoch nó spleáchas ar chúiseanna a bhaineann le stádas cónaithe, nó an t-íospartach a bhfuil leanbh coiteann aige leis an gciontóir.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) D’fhonn tacaíocht chuimsitheach agus cosaint chuimsitheach d’íospartaigh a áirithiú, ba cheart baint a bheith ag na húdaráis inniúla uile agus ag na comhlachtaí ábhartha uile, nach bhfuil teoranta d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha, le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí d’íospartaigh agus ar bhearta tacaíochta iomchuí ar bhonn treoirlínte soiléire arna n-eisiúint ag na Ballstáit. Ba cheart go n-áireofaí sna treoirlínte sin tosca atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an riosca a eascraíonn ón gciontóir, lena n-áirítear an tuiscint gur dócha go mbeidh amhrastaigh atá cúisithe i mionchionta contúirteach leis na cinn a chúisítear i gcionta níos déine, go háirithe i gcásanna foréigin baile agus stalcaireachta.

(30) Chun tacaíocht agus cosaint chuimsitheach, iomchuí agus chomhordaithe a áirithiú d’íospartaigh, ba cheart cur chuige caighdeánaithe a ghlacadh maidir le measúnú riosca lena gcuirtear comhthuiscint ar an riosca chun cinn i rith na n-imeachtaí, agus ba cheart teanga choiteann a ghlacadh chun riosca a chur in iúl.  Ba cheart do gach údarás inniúil agus gach comhlacht ábhartha, nach bhfuil teoranta d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha, a bheith rannpháirteach i measúnú a dhéanamh ar na rioscaí d’íospartaigh agus i mbearta iomchuí tacaíochta agus cosanta.  Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhonn prótacal measúnaithe riosca atá inscne-íogair agus íogair ó thaobh an chultúir de agus ar bhonn treoirlínte soiléire arna n-eisiúint ag na Ballstáit, arna bhforbairt i gcomhar le sainseirbhísí tacaíochta na mban agus leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne.  Ba cheart a áireamh sna treoirlínte sin tosca a bheidh le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an riosca a bhaineann le sainiúlachtaí na gcineálacha foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear iompar comhéigneach agus rialaithe an chiontóra nó an amhrastaigh, agus an breithniú gur dócha go bhfuil amhrastaigh a chúisítear i mionchionta nó i gcéad chionta chomh contúirteach leis na daoine a chúisítear i gcionta níos déine nó i gcionta arís agus arís eile, go háirithe i gcásanna foréigin baile, agus stalcaireachta.  Tá sé ríthábhachtach freisin oiliúint speisialaithe a chur ar ghairmithe túslíne maidir le huirlisí measúnaithe riosca a úsáid.  Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar baol measúnú ag trátha tábhachtacha sa phróiseas, amhail tús a chur le cás cúirte, tabhairt breithiúnais nó pléití maidir le hathbhreithniú na socruithe maidir le coimeád.

Leasú  41

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) De bharr a leochaileachta i ndáil le híospairt thánaisteach agus athíospairt, le himeaglú agus le frithbheartaíocht, agus toisc go ndéanann siad dochar mothúchánach a dhéanann dochar dá bhforbairt, ba cheart go bhfaigheadh leanaí an íospartaigh na bearta cosanta céanna a thugtar don íospartach. Daoine eile atá ag brath ar an íospartach, ar nós daoine fásta atá faoi mhíchumas agus a dtugann an t-íospartach cúram dóibh, d’fhéadfadh díobháil mhothúchánach den chineál céanna a bheith orthu agus, dá bhrí sin, ba cheart na bearta cosanta céanna a thabhairt dóibh.

(31) De bharr a leochaileachta i ndáil le híospairt thánaisteach agus athíospairt, le himeaglú agus le frithbheartaíocht, agus toisc go ndéanann siad dochar mothúchánach a dhéanann dochar dá bhforbairt, ba cheart go bhfaigheadh leanaí an íospartaigh na bearta cosanta céanna a thugtar don íospartach. Is féidir le daoine eile atá spleách ar an íospartach, amhail daoine fásta faoi mhíchumas nó daoine fásta cleithiúnacha níos sine a gcuireann an t-íospartach cúram ar fáil dóibh, díobháil mhothúchánach den chineál céanna a fhulaingt agus ba cheart, dá bhrí sin, na bearta cosanta céanna a thabhairt dóibh.  I gcomhthéacs an fhoréigin in aghaidh na mban, is féidir an drochíde a thugann déantóirí cionta do leanaí a úsáid chun cumhacht a fheidhmiú i gcoinne máithreacha agus chun foréigean a dhéanamh in aghaidh máithreacha, ar cineál foréigin indírigh é in aghaidh na mban a dtugtar foréigean ionadach air i roinnt Ballstát.  Is minic a úsáidtear ainmhithe freisin mar ghiaráil i bhfeidhmiú cumhachta ag déantóir na coire.  Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear oiliúint leordhóthanach ar na húdaráis ábhartha maidir le dinimic chasta an chaidrimh mhí-úsáidigh ionas go mbeidh siad in ann bearta cosanta den sórt sin a thabhairt cibé áit agus aon uair is iomchuí.

Leasú  42

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Is minic a bhíonn tacaíocht shonrach de dhíth ar íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Chun a áirithiú go bhfaigheann siad tairiscintí tacaíochta go héifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla íospartaigh a chur i muinín na seirbhísí tacaíochta iomchuí. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh go háirithe i gcás ina bhfuil measúnú aonair tar éis sainriachtanais tacaíochta an íospartaigh a aimsiú. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh seirbhísí tacaíochta in ann teagmháil a dhéanamh leis an íospartach fiú gan toiliú an íospartaigh. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta gaolmhara ag údaráis inniúla, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil siad bunaithe ar an dlí, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) arna léamh in éineacht le hAirteagal (6)(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle7. Ba cheart a áireamh ar dhlíthe den sórt sin coimircí iomchuí i ndáil le sonraí pearsanta lena n-urramaítear éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna na ndaoine aonair a choimirciú. I gcás ina n-aistríonn údaráis inniúla sonraí pearsanta íospartach chuig seirbhísí tacaíochta chun íospartaigh a atreorú, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí a aistrítear teoranta don mhéid is gá chun seirbhísí an cháis a chur ar an eolas faoi imthosca an cháis, ionas go bhfaighidh íospartaigh an tacaíocht agus an chosaint iomchuí.

(32) Is minic a bhíonn seirbhísí tacaíochta sonracha de dhíth ar íospartaigh foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh ó ghairmithe oilte agus ó chúram leighis.  Chun a áirithiú go bhfaighidh siad tairiscintí tacaíochta go héifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla íospartaigh a tharchur láithreach chuig seirbhísí tacaíochta iomchuí, lena n-áirítear seirbhísí leighis.  Ba cheart é sin a bheith amhlaidh go háirithe i gcás ina bhfuil measúnú aonair tar éis sainriachtanais tacaíochta agus leighis an íospartaigh a aimsiú. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh seirbhísí tacaíochta in ann teagmháil a dhéanamh leis an íospartach fiú gan toiliú an íospartaigh, ach aird chuí a thabhairt ar shábháilteacht an íospartaigh, agus riachtanais an íospartaigh á gcur san áireamh agus aon íospairt thánaisteach nó níos mó a chosc.  Mar sin féin, ba cheart a bheith aireach ina leith sin toisc go bhféadfaí íospartach a chur i mbaol dá rachadh seirbhísí tacaíochta i dteagmháil leis an íospartach gan toiliú an íospartaigh, mar shampla má tá an t-íospartach ina chónaí nó ina cónaí le ciontóir smachtúil. Tá an baol ann freisin go ndéanfar íospartaigh a leithlisiú a thuilleadh ó thacaíocht mar gheall ar eagla. Dá bhrí sin, níor cheart do sheirbhísí tacaíochta teagmháil a dhéanamh le híospartaigh ach amháin gan a dtoiliú i gcás ina measann siad go bhfuil sé ríthábhachtach do shábháilteacht agus d’fholláine na n-íospartach.  Maidir le próiseáil sonraí pearsanta gaolmhara ag údaráis inniúla, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na sonraí sin bunaithe ar dhlí, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) arna léamh i gcomhar le hAirteagal (6)(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle7 agus Treoir (AE) 2016/680.  Ba cheart a áireamh ar dhlíthe den sórt sin coimircí iomchuí i ndáil le sonraí pearsanta lena n-urramaítear éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna na ndaoine aonair a choimirciú. I gcás ina n-aistríonn údaráis inniúla sonraí pearsanta íospartach chuig seirbhísí tacaíochta agus leighis chun íospartaigh a atreorú, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí a aistrítear teoranta don mhéid is gá chun seirbhísí an cháis a chur ar an eolas faoi imthosca an cháis, ionas go bhfaighidh íospartaigh cúram leighis, tacaíocht agus cosaint iomchuí. Ba cheart a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag líon teoranta daoine ar na sonraí agus go mbeidh tréimhsí rochtana bunaithe go soiléir. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil d’íospartaigh faoi na céimeanna sna himeachtaí agus faoin gcaoi ar féidir fianaise a áirithiú le haghaidh imeachtaí coiriúla a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

__________________

__________________

7 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1–88).

7 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

Leasú  43

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 32 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32a) Tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go mbeidh foireann speisialaithe i láthair laistigh d’údaráis forfheidhmithe dlí, d’údaráis ionchúisimh agus d’údaráis bhreithiúnacha na mBallstát.  Ba cheart bunú cúirteanna nó dlísheomraí speisialaithe agus ainmniú ionchúisitheoirí speisialaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a mheas mar rogha do na Ballstáit cur chuige atá inscne-íogair a áirithiú chun na cionta sin a chomhrac.  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil do na húdaráis inniúla chun imscrúdú a dhéanamh ar na cionta a chumhdaítear leis an Treoir seo chun cás a sheachaint ina mbeadh ionchúiseamh neamhéifeachtach i leith an chiona mar thoradh ar imscrúdú neamhleor agus chun méadú ar an tsaoirse ó phionós a sheachaint.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh fáil ar orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála chun cosaint éifeachtach d’íospartaigh agus dá gcleithiúnaithe a áirithiú.

(33) Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh fáil go pras ar orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála chomh maith le húsáid gabhála agus coinneála chun cosaint éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh agus dá gcleithiúnaithe.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 34

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar orduithe urchoisc éigeandála a eisiúint i gcásanna contúirte láithreach, amhail i gcás ina bhfuil díobháil ar tí tarlú nó ina bhfuil sí tar éis tarlú cheana féin agus gur dóigh go ndéanfar arís í.

(34) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar orduithe urchoisc éigeandála a eisiúint i gcásanna contúirte láithrí, amhail i gcás ina bhfuil díobháil ar tí tarlú nó ina bhfuil díobháil déanta cheana féin agus gur dócha go ndéanfar arís é ar íospartaigh nó ar chleithiúnaithe.

Leasú  46

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 35

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Féadfar a áireamh in orduithe cosanta toirmeasc ar an gciontóir rochtain a fháil ar cheantair áirithe; chun dul i dteagmháil leis an íospartach nó leis an gcleithiúnaí níos gaire d’fhad forordaithe nó chun teagmháil a dhéanamh leo, lena n-áirítear trí chomhéadain ar líne a úsáid agus chun airm thine nó airm mharfacha a shealbhú, más gá.

(35) Féadfar a áireamh ar orduithe srianta agus cosanta toirmeasc a chur ar an gciontóir nó ar amhrastach rochtain a fháil ar cheantair áirithe; áiteanna nó limistéir shainithe ina gcónaíonn an t-íospartach nó an cleithiúnaí nó ina dtugann siad cuairt ar an íospartach nó ar an gcleithiúnaí níos gaire ná achar forordaithe, ó theagmháil a dhéanamh leis an íospartach nó leis an gcleithiúnaí, lena n-áirítear trí chomhéadain ar líne a úsáid, agus ó airm thine nó airm mharfacha a shealbhú, i gcás inar gá.  Ba cheart orduithe den sórt sin a eisiúint aon uair is inmholta an cás ina bhfuil riosca don íospartach i gceist, is cuma ar thuairiscigh an t-íospartach cion coiriúil.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36) Chun éifeachtacht orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála a chosaint, ba cheart sáruithe ar orduithe den sórt sin a bheith faoi réir pionós. D‘fhéadfadh na pionóis sin a bheith de dhlí coiriúil nó de chineál dlíthiúil eile agus d’fhéadfadh pianbhreitheanna príosúin, fíneálacha nó aon phionós dlíthiúil eile a bheith iontu atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(36) Chun éifeachtacht orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála a chosaint, ba cheart sáruithe ar orduithe den sórt sin a bheith faoi réir pionós. D‘fhéadfadh na pionóis sin a bheith de dhlí coiriúil nó de chineál dlíthiúil eile agus d’fhéadfadh pianbhreitheanna príosúin, fíneálacha nó aon phionós dlíthiúil eile a bheith iontu atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcásanna ina n-eisítear orduithe urchoisc, srianta agus cosanta, go gcuirtear ciontóirí ar an eolas agus go spreagtar iad chun clárú go deonach i gcláir speisialaithe lena dtugtar aghaidh ar a n-iompar foréigneach.  Tá sé riachtanach go gcuirfear íospartaigh ar an eolas faoi aon sárú ar orduithe urchoisc, srianta nó cosanta.  Ós rud é gur féidir le sáruithe ar orduithe urchoisc, treorach nó cosanta rioscaí a mhéadú agus a cheangal tuilleadh cosanta a chur i bhfeidhm, ba cheart measúnú athnuaite ar an ordú a dhéanamh láithreach tar éis sárú doiciméadaithe.

Leasú  48

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 36 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(36a) Ba cheart faireachán leictreonach a úsáid chun forfheidhmiú orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála a áirithiú. Le faireachán leictreonach, is féidir comhlíonadh orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála a áirithiú, fianaise ar sháruithe ar orduithe den sórt sin a thaifeadadh agus maoirseacht ciontóirí a fheabhsú.  Ba cheart íospartaigh a chur ar an eolas i gcónaí faoi chumais agus faoi theorainneacha an fhaireacháin leictreonaigh.

Leasú  49

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 37

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37) Má chuirtear fianaise ar iompar gnéasach san am a chuaigh thart i láthair chun cur i gcoinne inchreidteacht agus easpa toilithe íospartach i gcásanna foréigin ghnéasaigh, go háirithe i gcásanna éignithe, d’fhéadfaí buanú steiréitíopaí díobhálacha íospartach a threisiú agus ath-íospairt nó íospairt thánaisteach a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, gan dochar do chearta na cosanta, níor cheart ceisteanna, fiosrúcháin ná fianaise maidir le hiompar gnéasach an íospartaigh a cheadú in imscrúduithe coiriúla agus in imeachtaí cúirte.

(37) Trí fhianaise a chur i láthair maidir le hiompar gnéasach san am atá caite, roghanna gnéis an íospartaigh agus éadaí nó feisteas an íospartaigh chun cur i gcoinne chreidiúnacht agus easpa toilithe na n-íospartach i gcásanna foréigin ghnéasaigh, go háirithe cásanna éignithe, d’fhéadfaí buanú steiréitíopaí díobhálacha íospartach a threisiú agus d’fhéadfadh íospairt thánaisteach nó athíospairt a bheith mar thoradh air.  Dá bhrí sin, gan dochar do chearta na cosanta, níor cheart ceisteanna, fiosrúcháin ná fianaise maidir le hiompar gnéasach an íospartaigh a cheadú in imscrúduithe coiriúla agus in imeachtaí cúirte. Níor cheart é a bheith indéanta ach nótaí arna dtógáil ag comhairleoirí nó ag teiripeoirí a úsáid in imeachtaí cúirte, le comhaontú an duine a labhair leis an comhairleoir nó leis an teiripeoir.

Leasú  50

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 37 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37a) Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí speisialaithe na mban maidir le tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Cuireann siad seirbhísí ar fáil a úsáideann modheolaíochtaí inscne-fhreagrúla chun tacú le mná agus a leanaí a fhulaingíonn foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh.  I measc na seirbhísí sin tá ionaid tacaíochta do mhná, ionaid dídine do mhná, línte cabhracha, seirbhísí éigeandála um éigniú, ionaid atreorúcháin maidir le foréigean gnéasach, agus seirbhísí coisctheacha príomhúla.  Is minic a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi stiúir ban iad ar fáil.

Leasú  51

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 38

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38) I bhfianaise chastacht agus thromchúis na gcionta a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh agus i bhfianaise riachtanais shonracha tacaíochta íospartach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh comhlachtaí ainmnithe tacaíocht bhreise ar fáil agus cosc ar na cionta sin. I bhfianaise an tsaineolais atá acu i gcúrsaí idirdhealaithe ar bhonn gnéis, is maith atá comhlachtaí comhionannais náisiúnta, a bunaíodh i gcomhréir le Treoracha 2004/113/CE8, 2006/54/CE9 agus 2010/41/AE10 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in ann na cúraimí sin a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart an seasamh dlíthiúil a bheith ag na comhlachtaí sin chun gníomhú thar ceann nó chun tacú le híospartaigh de gach cineál foréigin in aghaidh na mban nó d’fhoréigean teaghlaigh in imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear chun iarratas a dhéanamh ar chúiteamh agus ar ábhar neamhdhleathach ar líne a bhaint, le formheas na n-íospartach. Ba cheart go n-áireofaí leis sin an fhéidearthacht gníomhú thar ceann roinnt íospartach nó chun tacú leo le chéile. Chun go mbeidh na comhlachtaí sin in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais ar fáil dóibh.

(38) I bhfianaise chastacht agus thromchúis na gcionta a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh agus i bhfianaise riachtanais shonracha tacaíochta na n-íospartach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gurb iad sainseirbhísí agus comhlachtaí náisiúnta ainmnithe, comhlachtaí comhionannais agus gníomhaithe ábhartha eile a sholáthraíonn tacaíocht bhreise agus cosc na gcionta sin.  I bhfianaise a gcuid saineolais i gcúrsaí idirdhealaithe ar fhorais chine, eitneachta agus gnéis, d’fhéadfadh comhlachtaí comhionannais náisiúnta, a bunaíodh i gcomhréir le Treoracha 2000/43/CE, 2004/113/CE8, 2006/54/CE9 agus 2010/41/AE10 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bheith in ann na cúraimí sin a chomhlíonadh ar choinníoll go bhfuil saineolas speisialaithe leordhóthanach acu i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh.  I gcomhréir le traidisiúin agus cultúir dhlíthiúla aonair na mBallstát, ba cheart do na comhlachtaí sin agus do ghníomhaithe speisialaithe ábhartha eile a bheith in ann tacú le bailiú sonraí agus ba cheart seasamh dlíthiúil a bheith acu chun gníomhú thar ceann nó chun tacú le híospartaigh de gach cineál foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh in imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear maidir le hiarratas a dhéanamh ar chúiteamh agus ábhar neamhdhleathach ar líne a bhaint, le formheas na n-íospartach. Ba cheart go n-áireofaí leis sin an fhéidearthacht gníomhú thar ceann roinnt íospartach nó chun tacú leo le chéile. Chun a chur ar chumas na gcomhlachtaí sin a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar fáil dóibh agus go mbeidh oiliúint chuí orthu chun iad féin a choinneáil cothrom le dáta le forbairt na dteicneolaíochtaí nua a úsáidtear i dtaca leis na cionta a chumhdaítear leis an Treoir seo.

__________________

__________________

8 Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an chaithimh chomhionann idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).

8 Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an chaithimh chomhionann idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).

9 Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

9 Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

10 Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).

10 Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).

Leasú  52

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 39

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39) Tá riosca méadaithe íospartha i gceist le cionta áirithe a chumhdaítear leis an Treoir seo, go ndéanfar íospairt arís agus arís eile, íospairt fhada nó íospairt leanúnach fiú. Tarlaíonn an riosca sin go háirithe i ndáil le cionta a bhaineann le hábhar a chur ar fáil don iliomad úsáideoirí deiridh, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, mar thoradh ar chionta áirithe cibearfhoréigin, agus aird á tabhairt ar a éasca agus a thapúla is féidir ábhar den sórt sin a dháileadh ar mhórscála agus ar na deacrachtaí a bhíonn ann go minic nuair a bhaineann sé le hábhar den sórt sin a bhaint.  Is iondúil go bhfanann an riosca sin fiú amháin tar éis ciontú.  Dá bhrí sin, chun cearta íospartaigh na gcionta sin a chosaint go héifeachtach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit bearta oiriúnacha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an t-ábhar i dtrácht a bhaint. Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh aistriú ag an bhfoinse indéanta i gcónaí, mar shampla mar gheall ar dheacrachtaí dlíthiúla nó praiticiúla a bhaineann le hordú aistrithe a fhorghníomhú nó a fhorfheidhmiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh maidir le bearta chun rochtain ar ábhar den sórt sin a dhíchumasú.

(39) Tá riosca méadaithe íospartha i gceist le cionta áirithe a chumhdaítear leis an Treoir seo, go ndéanfar íospairt arís agus arís eile, íospairt fhada nó íospairt leanúnach fiú. Tarlaíonn an riosca sin go háirithe i ndáil le cionta lena mbaineann ábhar pearsanta a scaipeadh le húsáideoirí deiridh eile, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith le hábhar cibearchiaptha, i bhfianaise a éasca agus a thapúla is féidir an t-ábhar sin a dháileadh ar mhórscála agus na deacrachtaí a bhíonn ann go minic maidir leis an ábhar sin a bhaint. Is iondúil go bhfanann an riosca sin fiú amháin tar éis ciontú. Dá bhrí sin, chun cearta íospartaigh na gcionta sin a chosaint go héifeachtach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit bearta oiriúnacha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an t-ábhar i dtrácht a bhaint. Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh aistriú ag an bhfoinse indéanta i gcónaí, mar shampla mar gheall ar dheacrachtaí dlíthiúla nó praiticiúla a bhaineann le hordú aistrithe a fhorghníomhú nó a fhorfheidhmiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh maidir le bearta chun rochtain ar ábhar den sórt sin a dhíchumasú.

Leasú  53

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 42

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42) Maidir le forálacha na Treorach seo maidir le horduithe agus bearta eile chun rochtain ar ábhar ábhartha a bhaint agus a bhlocáil, níor cheart go bhfágfaí aon difear do na rialacha ábhartha atá i Rialachán XX/YYYY [an Rialachán atá beartaithe maidir le DSA]. Go háirithe, ba cheart go gcomhlíonfadh na horduithe sin an toirmeasc ar oibleagáidí ginearálta maidir le faireachán nó aimsiú gníomhach fíoras a fhorchur agus ceanglais shonracha an Rialacháin sin maidir le horduithe chun ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas.

(42) Maidir le forálacha na Treorach seo maidir le horduithe agus bearta eile chun rochtain ar ábhar ábhartha a bhaint agus a bhlocáil, níor cheart go bhfágfaí aon difear do na rialacha ábhartha atá i Rialachán (AE) 2022/2065. Go háirithe, ba cheart go gcomhlíonfadh na horduithe sin an toirmeasc ar oibleagáidí ginearálta maidir le faireachán nó aimsiú gníomhach fíoras a fhorchur agus ceanglais shonracha an Rialacháin sin maidir le horduithe chun ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas.

Leasú  54

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) I bhfianaise na tábhachta a d‘fhéadfadh a bheith le hábhar a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do na horduithe nó do na bearta eile arna ndéanamh faoin Treoir seo chun na cionta ábhartha a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoin dlí coiriúil nó chun rochtain orthu a bhlocáil nó a chosc, ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun a cheadú do na húdaráis inniúla ábhar den sórt sin a fháil nó a dhaingniú, i gcás inar gá. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin, mar shampla, ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha ábhartha an t-ábhar a tharchur chuig na húdaráis sin nó an t-ábhar a chaomhnú ar feadh tréimhse teoranta nach dtéann thar a bhfuil riachtanach. Ba cheart go n-áiritheofaí le haon bhearta den sórt sin slándáil an ábhair, go bhfanfadh siad teoranta don mhéid atá réasúnach agus go gcomhlíonfadh siad na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

(43) I bhfianaise na tábhachta a d’fhéadfadh a bheith ag ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do na horduithe nó do na bearta eile arna ndéanamh faoin Treoir seo chun rochtain ar an ábhar sin a bhaint nó a dhíchumasú d’fhonn na cionta ábhartha a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoin dlí coiriúil, ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann ábhar den sórt sin a fháil nó a dhaingniú chun críche fianaise a sholáthar, i gcás inar gá.  D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin, mar shampla, a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse idirghabhálacha ábhartha an t-ábhar a tharchur chuig na húdaráis sin nó an t-ábhar a chaomhnú ar feadh tréimhse theoranta nach dtéann thar a bhfuil riachtanach faoi chuimsiú an imscrúdaithe agus chun tacú leis.  Ba cheart slándáil an ábhair a áirithiú le haon bhearta den sórt sin, ba cheart dóibh a bheith teoranta i gcónaí don mhéid atá réasúnach, riachtanach agus comhréireach, agus na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh.

Leasú  55

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 44

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44) Chun íospairt thánaisteach a sheachaint, ba cheart go mbeadh íospartaigh in ann cúiteamh a fháil le linn imeachtaí coiriúla. Ba cheart cúiteamh iomlán ón gciontóir a bheith iomlán agus níor cheart é a shrianadh le huasteorainn sheasta. Ba chóir go gclúdódh sé an dochar agus an tráma ar fad a bhíonn ag íospartaigh agus na costais a thabhaítear chun na damáistí a bhainistiú, lena n-áirítear, i measc nithe eile, costais teiripe, tionchar ar staid fostaíochta an íospartaigh, cailleadh tuillimh, damáistí síceolaíocha, agus dochar morálta de bharr shárú na dínite. Ba cheart go léireodh an cúiteamh go bhféadfadh sé go mbeadh ar íospartaigh foréigin teaghlaigh a saol a bhriseadh d’fhonn sábháilteacht a lorg, lena mbainfeadh athrú féideartha fostaíochta nó scoileanna nua a aimsiú do leanaí nó féiniúlacht nua a chruthú fiú.

(44) Chun íospairt thánaisteach a sheachaint, ba cheart go mbeadh íospartaigh in ann cúiteamh a fháil le linn imeachtaí coiriúla. Ba cheart cúiteamh iomlán ón gciontóir a bheith iomlán agus níor cheart é a shrianadh le huasteorainn sheasta. Ba cheart go gcumhdódh sé gach díobháil agus tráma a bhíonn ag íospartaigh agus na costais a thabhaítear chun na damáistí a bhainistiú, lena n-áirítear, i measc nithe eile, costais do sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe agus síceolaíochta, athshlánú, costais theiripe, tionchar ar staid fostaíochta an íospartaigh, cailleadh tuillimh, damáistí síceolaíocha, agus dochar morálta mar gheall ar shárú dínite. Ba cheart go léireodh an cúiteamh go bhféadfadh sé go mbeadh ar íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a saol a bhriseadh d’fhonn sábháilteacht a lorg, lena mbainfeadh athrú féideartha chónaithe nó fostaíochta nó scoileanna nua a aimsiú do leanaí nó féiniúlacht nua a chruthú fiú. Ba cheart cúiteamh a chur ar fáil d’íospartaigh a luaithe is féidir.

Leasú  56

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 45

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Ba cheart cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus d’íospartaigh foréigin teaghlaigh sula gcuirtear deireadh leis na himeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse iomchuí ina dhiaidh sin, mar shampla i gcás ina bhfuil gá fós le cóireáil leighis chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tromchúiseacha fisiciúla nó síceolaíocha an fhoréigin, nó má tá sábháilteacht an íospartaigh i mbaol mar gheall ar na ráitis a rinne an t-íospartach sna himeachtaí sin.

(45) Ba cheart cúnamh agus tacaíocht a sholáthar gan mhoill d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh roimh dheireadh na n-imeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse iomchuí ina dhiaidh sin, mar shampla i gcás ina bhfuil cóireáil leighis fós ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tromchúiseacha fisiciúla nó síceolaíocha an fhoréigin, nó má tá sábháilteacht an íospartaigh i mbaol go háirithe mar gheall ar na ráitis a rinne an t-íospartach sna himeachtaí sin.  Ba cheart cúnamh agus tacaíocht a bheith ar fáil d’íospartaigh beag beann ar cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí coiriúla nó nár tionscnaíodh.

Leasú  57

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 46

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46) Ba cheart do sheirbhísí speisialaithe tacaíochta tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh, lena n-áirítear foréigean gnéasach, ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais, ginmhilleadh éigeantach, steiriliú agus ciapadh gnéasach agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin.

(46) Ba cheart do sheirbhísí tacaíochta speisialaithe tacaíocht, comhairle agus faisnéis a sholáthar maidir le haon ábhair dhlíthiúla agus phraiticiúla ábhartha agus maidir le tarchuir chuig scrúduithe fóiréinseacha leighis agus seirbhísí cuimsitheacha cúraim sláinte d’íospartaigh de gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh, lena n-áirítear foréigean gnéasach, teacht i dtír gnéasach trí striapachas daoine eile, ciorrú ball giniúna ban agus idirghnéasach, pósadh éigeantais, ginmhilleadh éigeantais agus steiriliú éigeantach, ciapadh gnéasach agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 47

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47) Ba cheart do shaintacaíocht tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, lena n-áirítear cúram leighis, atá curtha in oiriúint dá riachtanais shonracha, agus beag beann ar aon ghearán oifigiúil.  D’fhéadfaí seirbhísí den sórt sin a sholáthar de bhreis ar sheirbhísí ginearálta tacaíochta íospartach nó mar chuid de na seirbhísí tacaíochta sin, a d’fhéadfadh leas a bhaint as eintitis atá ann cheana lena soláthraítear tacaíocht speisialaithe. Féadfaidh údaráis náisiúnta, eagraíochtaí tacaíochta íospartach nó eagraíochtaí neamhrialtasacha eile saintacaíocht a sholáthar. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a thabhairt dóibh agus, i gcás inarb eagraíochtaí neamhrialtasacha a sholáthraíonn na seirbhísí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh siad na cistí iomchuí.

(47) Ba cheart do shaintacaíocht tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, lena n-áirítear cúram leighis, atá curtha in oiriúint dá riachtanais shonracha, agus beag beann ar aon ghearán oifigiúil.  Ba cheart seirbhísí den sórt sin a sholáthar sa bhreis ar sheirbhísí ginearálta tacaíochta d’íospartaigh, nó mar chuid chomhtháite de na seirbhísí sin, a d’fhéadfadh leas a bhaint as eintitis atá ann cheana a sholáthraíonn saintacaíocht, go háirithe le sainseirbhísí tacaíochta do mhná.  Ba cheart córais atreoruithe agus comhair idir seirbhísí ginearálta tacaíochta d’íospartaigh agus saintacaíocht na mban a chur i bhfeidhm. Féadfaidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, eagraíochtaí tacaíochta íospartach, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha eile saintacaíocht a chur ar fáil.  Ba cheart acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a thabhairt dóibh agus, i gcás inarb eagraíochtaí neamhrialtasacha a sholáthraíonn na seirbhísí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh siad na cistí iomchuí. Agus eagrú sainseirbhísí tacaíochta á pleanáil, ba cheart do na Ballstáit struchtúir na seirbhísí speisialaithe tacaíochta atá ann cheana agus na sineirgí eatarthu a chur san áireamh, mar aon leis na cineálacha seirbhísí tacaíochta speisialaithe a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fáil, chun comhordú soiléir a áirithiú idir gníomhaithe agus, mar thoradh air sin, chun rochtain na mban ar na seirbhísí sin a éascú.

Leasú  59

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 48

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48) De ghnáth bíonn ilchosaint agus riachtanais tacaíochta ag íospartaigh foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban. Chun aghaidh a thabhairt ar na nithe sin go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit seirbhísí den sórt sin a sholáthar ag na háitribh chéanna, nó na seirbhísí sin a chomhordú trí phointe teagmhála lárnach. Chun a áirithiú go sroichfear íospartaigh i limistéir iargúlta freisin nó nach féidir leo dul i dteagmháil go fisiciúil leis na hionaid sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rochtain ar líne ar sheirbhísí den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit suíomh gréasáin aonair agus cothrom le dáta a bhunú ina gcuirfear an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na seirbhísí tacaíochta agus cosanta atá ar fáil agus an rochtain sin ar fáil (rochtain ar líne aon stad). Ba cheart go leanfadh an suíomh gréasáin na ceanglais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas.

(48) De ghnáth bíonn an iliomad riachtanais chosanta, leighis agus tacaíochta ag íospartaigh foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban. Is iad eagraíochtaí na mban is fearr a áirithíonn an cineál tacaíochta sin, i bhfianaise an tionchair dhíréirigh a bhíonn ag foréigean in aghaidh na mban orthu.  Ba cheart do na húdaráis náisiúnta tacú le sainseirbhísí na mban agus iad a aithint.  Ba cheart sainseirbhísí na mban a chur san áireamh go córasach i bpróisis chomhordúcháin ilghníomhaireachta le haghaidh measúnú riosca agus bainistiú riosca.  Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na riachtanais ilchosanta, leighis agus tacaíochta atá ag íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus an fhoréigin in aghaidh na mban, ba cheart do na Ballstáit seirbhísí den sórt sin a sholáthar ag an áitreabh céanna, nó, mar mhalairt air sin, seirbhísí den sórt sin a bheith acu a chomhordaítear trí lárphointe teagmhála.  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndáiltear na seirbhísí sin ar bhonn geografach go cothrom.  Chun a áirithiú go sroichfear gach íospartach, lena n-áirítear íospartaigh i limistéir iargúlta nó nach bhfuil in ann na hionaid sin a shroicheadh go fisiciúil, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cianrochtain ar líne ar sheirbhísí den sórt sin trí aip, suíomh gréasáin agus líne chabhrach atá ar fáil 24/7 a chur ar bun.  Ba cheart a bheith i gceist leis sin, inter alia, suíomh gréasáin aonair cothrom le dáta a chur ar bun ina gcuirtear an fhaisnéis ábhartha agus an rochtain uile ar sheirbhísí tacaíochta agus cosanta atá ar fáil go pearsanta agus ar líne ar fáil (rochtain ilfhreastail ar líne).  Ba cheart go leanfadh an suíomh gréasáin na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh daoine faoi mhíchumas amhail iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.  Ba cheart gach seirbhís, ar líne agus go pearsanta araon, a bheith go hiomlán inrochtana agus neamh-idirdhealaitheach.

Leasú  60

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 48 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(48a) Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhairle agus i gcomhar le, inter alia, sainseirbhísí tacaíochta na mban, ionaid cosanta íospartach, gairmithe cúraim sláinte agus gníomhaithe ábhartha eile, bunaithe ar fhianaise, ar a saineolas agus ar a ndea-chleachtais, agus aird á tabhairt ar an bpróiseas chun measúnuithe aonair speisialaithe a dhéanamh chun riachtanais chosanta íospartach a shainaithint agus ábhar na measúnaithe sin, agus ar mheasúnuithe aonair ar riachtanais tacaíochta íospartach, faoin Treoir seo, ba cheart dóibh treoirlínte agus prótacail le haghaidh seirbhísí tacaíochta ginearálta d’íospartaigh a eisiúint agus a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, iad a thabhairt cothrom le dáta, ar bhonn rialta, i bhfianaise a gcur i bhfeidhm praiticiúil.  Ba cheart a áireamh sna treoirlínte agus sna prótacail sin faisnéis maidir le conas caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma, inscne agus leanaí de, ar bhealach lena seachnaítear steiréitíopaí inscne agus ar bhealach lena gcoisctear íospairt thánaisteach nó athíospairt.

Leasú  61

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 49

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49) Ba cheart a mheas go bhfuil seirbhísí tacaíochta speisialaithe, lena n-áirítear ionaid ddine agus ionaid éigeandála um éigniú, bunriachtanach le linn géarchéimeanna agus staideanna éigeandála, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte. Ba cheart leanúint de na seirbhísí sin a thairiscint sna cásanna sin ina mbíonn claonadh i gcásanna foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban.

(49) Le linn géarchéimeanna agus staideanna éigeandála, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte, ba cheart a mheas go bhfuil sainseirbhísí tacaíochta bunriachtanach, lena n-áirítear ionaid dídine agus ionaid éigeandála um éigniú, ionaid atreorúcháin maidir le foréigean gnéasach, lárionaid speisialaithe LGBTIQ, línte cabhracha, agus cláir lena dtugtar aghaidh ar athshlánú dhéantóirí an fhoréigin agus ar bhainistiú cliniciúil an éignithe. Ba cheart leanúint de na seirbhísí sin a thairiscint sna cásanna sin ina mbíonn claonadh i gcásanna foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban.

Leasú  62

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 50

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50) I ngeall ar chineál trámach an fhoréigin ghnéasaigh, lena n-áirítear éigniú, tá freagairt an-íogair ag teastáil ó bhaill foirne oilte agus speisialaithe. Tá gá ag íospartaigh an chineáil foréigin seo le cúram leighis láithreach agus le tacaíocht tráma mar aon le scrúduithe fóiréinseacha láithreacha chun an fhianaise atá ag teastáil le haghaidh ionchúisimh a bhailiú. Ba cheart go mbeadh dóthain ionad géarchéime éignithe nó ionad atreorúcháin maidir le foréigean gnéasach ar fáil agus iad scaipthe go leordhóthanach ar chríoch gach Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, is iondúil go mbíonn tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar íospartaigh ciorraithe ball giniúna ban, ar cailíní iad go minic. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad tacaíocht thiomnaithe ar fáil atá saincheaptha do na híospartaigh sin.

(50) Éilíonn nádúr trámach an fhoréigin ghnéasaigh, lena n-áirítear éigniú, freagairt atá inscne-íogair ó fhoireann oilte agus speisialaithe.  Tá cúram leighis láithreach, cuimsitheach agus fadtéarmach de dhíth ar íospartaigh an chineáil sin foréigin, lena n-áirítear cúram sláinte gnéis agus atáirgthe agus bainistiú cliniciúil an éignithe, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála, próifiolacsas iarnochta, cóireálacha ionfhabhtaithe gnéas-tarchurtha agus rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus tacaíocht tráma chomh maith le rogha na tacaíochta fadtéarmaí, lena n-áirítear comhairleoireacht.  Ba cheart do lárionaid éigeandála um éigniú nó d’ionaid atreorúcháin maidir le foréigin gnéasach scrúduithe fóiréinseacha a chur ar fáil láithreach chun an fhianaise is gá le haghaidh ionchúisimh a bhailiú agus a bheith ar fáil ar bhonn 24 uair an chloig i líon leordhóthanach agus iad scaipthe go leordhóthanach thar chríoch gach Ballstáit.  Ar an gcaoi chéanna, is iondúil go mbíonn tacaíocht shaincheaptha de dhíth ar íospartaigh chiorrú ball giniúna ban agus idirghnéasach agus ar chleachtais dhíobhálacha eile, ar cailíní iad go minic.  Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthróidh siad tacaíocht thiomnaithe atá saincheaptha do na híospartaigh sin trí chur chuige ildisciplíneach atá dírithe ar íospartaigh agus trí oiliúint spriocdhírithe a chur ar fáil do gach gairmí ábhartha a d’fhéadfadh teagmháil a dhéanamh le híospartach nó le duine atá i mbaol.  Ba cheart tacaíocht speisialaithe den sórt sin a sholáthar leis na caighdeáin is airde príobháideachais, dlúthchaidrimh agus rúndachta.

Leasú  63

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 50 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50a) Is iondúil go mbíonn tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar íospartaigh ciorrú ball giniúna ban, ar cailíní iad go minic, agus ar íospartaigh steiriliú éigeantach.  Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad tacaíocht ar fáil atá saincheaptha do na híospartaigh sin agus go gcuirfear ar fáil do na sainseirbhísí tacaíochta sin na caighdeáin is airde príobháideachais, dlúthchaidrimh agus rúndachta.

Leasú  64

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 50 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50b) Ós rud é go bhfuil tearcthuairisciú suntasach déanta ar an gcibearfhoréigean, ba cheart soláthraithe sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh an chibearfhoréigin a fheistiú go hiomchuí agus ba cheart rochtain éasca a bheith ar na seirbhísí sin.  Ba cheart tacaíocht shíceolaíoch, comhairleoireacht dlí agus cúnamh a bheith san áireamh sna seirbhísí sin.

Leasú  65

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 50 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(50c) Tá foréigean ag an obair agus ciapadh i saol na hoibre do-ghlactha agus neamh-chomhoiriúnach d’obair chuibhiúil. Bíonn tionchar aige ar shláinte shíceolaíoch, fhisiceach agus ghnéasach, ar dhínit, agus ar thimpeallacht teaghlaigh agus shóisialta, agus ar cháilíocht na seirbhísí poiblí agus príobháideacha.  Go háirithe, is féidir leis cosc a chur ar dhaoine, go háirithe mná, rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair, agus fanacht ann agus dul chun cinn a dhéanamh ann agus, dá bhrí sin, is bagairt é ar chomhionannas deiseanna. Bíonn tionchar diúltach aige freisin ar eagrú na hoibre, ar chaidreamh san ionad oibre, ar rannpháirtíocht oibrithe, ar cháil fiontraíochta agus ar tháirgiúlacht.

Leasú  66

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 51

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51) Meastar gur idirdhealú ar bhonn inscne é ciapadh ag an obair le Treoir 2004/113/CE, le Treoir 2006/54/CE agus le Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é go bhfuil iarmhairtí diúltacha suntasacha ag an gciapadh gnéasach ag an obair do na híospartaigh agus do na fostóirí araon, ba cheart comhairle a chur ar fáil d’íospartaigh agus d’fhostóirí araon maidir le haghaidh a thabhairt ar na cásanna sin ag an láthair oibre, maidir le réitigh dhlíthiúla atá ar fáil don fhostóir chun an ciontóir a bhaint ón láthair oibre agus maidir leis an bhféidearthacht luath-idir-réitigh a chur ar fáil, más mian leis an íospartach é sin a dhéanamh.

(51) Meastar gur idirdhealú ar bhonn inscne é ciapadh ag an obair le Treoir 2004/113/CE, le Treoir 2006/54/CE agus le Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é gur idirdhealú é an gnéaschiapadh i saol na hoibre a bhfuil iarmhairtí diúltacha suntasacha aige do na híospartaigh agus d’fhostóirí araon, ba cheart do sheirbhísí seachtracha speisialaithe agus oilte araon comhairle a chur ar fáil d’íospartaigh agus d’fhostóirí araon maidir le cásanna den sórt sin i saol na hoibre a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu go leordhóthanach, maidir le réitigh dhlíthiúla atá ar fáil don fhostóir chun an ciontóir a bhaint amach as an ionad oibre agus maidir leis an bhféidearthacht idir-réitigh luath a sholáthar, más mian leis an íospartach.  Ba cheart dul i ngleic le gnéaschiapadh i saol na hoibre agus leis an bhforéigean ag an obair trí idirphlé sóisialta nó trí bhíthin gníomhartha dlíthiúla nó tríd an dá rud, agus gach láthair oibre mar a leagtar síos i gCoinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le deireadh a chur le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre á gcur san áireamh.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 51 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51a) Is féidir ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le dul i ngleic, trí bhearta ábhartha, le ciapadh gnéasach i saol na hoibre agus an fhoréigin teaghlaigh.  Ós rud é go bhfuil teilea-obair bhaile ar fáil níos mó agus níos mó, d’fhéadfadh láthair an fhoréigin teaghlaigh a bheith mar láthair oibre an íospartaigh. Is féidir le fostóirí agus ceardchumainn rannchuidiú freisin le cásanna d’fhoréigean teaghlaigh a shainaithint, chun tacú le híospartaigh agus chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an fhoréigin teaghlaigh ar an saol gairmiúil. Tá go leor samplaí ann cheana féin de dhea-chleachtais agus de chomhaontuithe maidir le beartais san ionad oibre a thugann tacaíocht d’íospartaigh foréigin teaghlaigh, rud a chuireann ar a gcumas leanúint de bheith ag obair go sábháilte.

Leasú  68

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 52

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-oibrítear línte cabhracha náisiúnta faoin uimhir chomhchuibhithe AE [116016] agus go bhfógrófar an uimhir sin go forleathan mar uimhir phoiblí, saor in aisce agus ar fáil de lá is d’oíche. Ba cheart go n-áireofaí sa tacaíocht a chuirtear ar fáil comhairleoireacht géarchéime agus ba cheart go mbeadh sí in ann tagairt a dhéanamh do sheirbhísí duine le duine, amhail dídean, ionaid chomhairleoireachta nó na póilíní.

(52) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh línte cabhracha náisiúnta d’íospartaigh atá ag lorg tacaíochta inrochtana agus á n-oibriú faoin uimhir chomhchuibhithe AE [116016] nó faoi uimhir eile atá ann cheana, agus go bhfógraítear an uimhir sin go forleathan mar uimhir phoiblí, saor in aisce agus ar fáil de lá is d'oíche.  Ba cheart go n-áireofaí ar an tacaíocht a chuirfear ar fáil comhairleoireacht i gcás géarchéime atá le déanamh ag sainseirbhísí tacaíochta, agus ba cheart go mbeidís in ann tagairt a dhéanamh do sheirbhísí aghaidh ar aghaidh, amhail ionaid dídine, saintacaíocht do mhná agus seirbhísí sóisialta, sláinte agus ceartais eile.  Ba cheart línte cabhrach den sórt sin a oibriú ar leithligh ó línte cabhracha eile d’íospartaigh na coireachta agus ba cheart do bhaill foirne a bhfuil línte cabhrach den sórt sin acu na huimhreacha éigeandála náisiúnta uile a sholáthar.  Ba cheart íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, má ghlaonn siad ar líne chabhrach tacaíochta ghinearálta, a atreorú chuig an líne chabhrach speisialaithe a oibrítear faoi uimhir chomhchuibhithe AE nó faoi uimhir eile atá ann cheana le haghaidh comhairleoireacht spriocdhírithe. Ba cheart do na Ballstáit líne chabhrach náisiúnta a bhunú i gcás nach ann do líne chabhrach den sórt sin.

Leasú  69

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 53

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(53) Tá ról ríthábhachtach ag ionaid dídine maidir le híospartaigh a chosaint ar ghníomhartha foréigin. Seachas áit shábháilte fanachta a chur ar fáil, ba cheart do dhídean an tacaíocht is gá a chur ar fáil maidir le fadhbanna cónasctha a bhaineann le sláinte na n-íospartach, a staid airgeadais agus folláine a gcuid leanaí, agus íospartaigh á n-ullmhú ar deireadh do shaol féinrialaitheach.

(53) Tá ról ríthábhachtach ag ionaid dídine maidir le híospartaigh a chosaint ar ghníomhartha foréigin. Seachas áit shábháilte fanachta a chur ar fáil, ba cheart go soláthrófaí treoir bhunúsach dhlíthiúil agus an tacaíocht is gá maidir le fadhbanna cónasctha a bhaineann le sláinte na n-íospartach, lena n-áirítear meabhairshláinte, staid airgeadais agus folláine a leanaí, agus íospartaigh á n-ullmhú do shaol neamhspleách.  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach dídine tiomnaithe d’fhoréigean teaghlaigh ar fáil. Áiritheoidh na Ballstáit go ndáilfear na hionaid dídine sin go leordhóthanach ar bhonn geografach.  Ba cheart na hionaid dídine sin a bheith ar fáil d’íospartaigh gníomhartha foréigin amháin agus ba cheart a suíomh a choinneáil faoi rún chun sábháilteacht na mban a áirithiú.  Ba cheart cineálacha éagsúla de shamhail dídine a chur ar fáil, lena n-áirítear ionaid dídine do mhná amháin, agus ar an gcaoi sin an tsolúbthacht is mó is féidir a áirithiú d’íospartaigh. Ba cheart go mbeadh ionaid dídine ar fáil saor in aisce don íospartach i gcónaí agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh pearsanra oilte agus speisialaithe i láthair go gníomhach agus go leanúnach chun dul i dteagmháil le híospartaigh agus chun tacú leo. Ba cheart dídean agus cóiríocht eatramhach iomchuí eile a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais shonracha íospartach faoi mhíchumas.

Leasú  70

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 53 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a) Is minic a théann foréigean teaghlaigh i bhfeidhm ar fhostaíocht agus ar tháirgiúlacht an íospartaigh agus ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair mar gheall ar strus agus eagla.  Is minic a chuireann déantóirí coire cosc ar a gcomhpháirtithe nó ar a n-iarpháirtnéirí rochtain a fháil ar a n-ionad oibre.  Ina theannta sin, is minic a bheidh am breise ón obair ag teastáil ó íospartaigh chun freastal ar choinní leighis nó ar imeachtaí dlíthiúla nó chun socruithe sóisialta a dhéanamh amhail cuardach a dhéanamh ar chóiríocht nua.  Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcoiscfear ar fhostóirí ar tugadh fógra dóibh maidir le himthosca íospartaigh idirdhealú a dhéanamh nó an t-íospartach a dhíbhunú ar bhealach ar bith i ndiaidh an fhoréigin agus mar gheall ar thionchar na bhfachtóirí a bhaineann leis an bhforéigean.  Ina ionad sin, chun tacú le híospartaigh trí aistrithe deacra agus chun cabhrú leo fanacht sa lucht saothair, agus ar an gcaoi sin a n-acmhainní eacnamaíocha agus a neamhspleáchas airgeadais a choimirciú, ba cheart an ceart chun saoire le pá agus dálaí oibre solúbtha a bheith ag íospartaigh ar feadh tréimhse iomchuí.

Leasú  71

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 54

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54) Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hiarmhairtí diúltacha d’íospartaigh ar leanaí iad, ba cheart go n-áireofaí ar bhearta tacaíochta do leanaí comhairleoireacht shíceolaíoch a bheadh oiriúnach ó thaobh aoise de, mar aon le cúram péidiatraiceach más gá, agus go gcuirfí ar fáil iad a luaithe a bheidh forais réasúnacha ag na húdaráis inniúla lena chreidiúint go bhféadfadh sé gur íospartaigh iad leanaí, lena n-áirítear leanaí atá ina bhfinnéithe foréigin. Agus tacaíocht á soláthar d’íospartaigh ar leanaí iad, ba cheart tús áite a thabhairt do chearta an linbh, mar a leagtar síos in Airteagal 24 den Chairt iad.

(54) Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar iarmhairtí diúltacha d’íospartaigh ar leanaí iad, ba cheart a áireamh sna bearta tacaíochta do leanaí comhairleoireacht shíceolaíoch atá oiriúnach ó thaobh aoise de ó ghairmithe oilte, mar aon le cúram péidiatraiceach i gcás inar gá, agus ba cheart iad a chur ar fáil a luaithe a bheidh forais réasúnacha ag na húdaráis inniúla chun a chreidiúint go bhféadfadh leanaí a bheith ina n-íospartaigh, lena n-áirítear leanaí atá ina bhfinnéithe foréigin.  Níor cheart toiliú roimh ré ó shealbhóir na freagrachta tuismitheora a bheith ag teastáil ó bhearta tacaíochta den sórt sin, i gcás inarb é an duine sin an ciontóir nó an t-amhrastach, agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 12 de.  Ba cheart bearta den sórt sin a chur ar fáil ar bhonn fadtéarmach, i gcomhréir le riachtanais an íospartaigh.  Agus tacaíocht á soláthar d’íospartaigh ar leanaí iad, ba cheart tús áite a thabhairt do chearta an linbh, mar a leagtar síos in Airteagal 24 den Chairt iad. Ba cheart comhar idir údaráis inniúla agus ionaid a dtugann na leanaí cuairt orthu go minic, amhail an scoil, a áirithiú, chun tacú leis an leanbh agus chun tacaíocht chuí a chur ar fáil do leanaí agus do thuismitheoirí eile. Is minic a bhíonn nasc idir cásanna de shiondróm coimhthithe tuismitheora agus coincheapa agus téarmaí comhchosúla a chuireann an milleán ar mháithreacha mar gheall ar choimhthiú óna n-athair agus cásanna d’fhoréigean in aghaidh na mban agus d’fhoréigean teaghlaigh, lena gcuirtear sábháilteacht linbh i mbaol agus lena ndéantar íospairt thánaisteach, strus síceolaíoch breise agus tráma breise a chur ar íospartaigh.  Agus tagairt á déanamh do choincheapa den sórt sin, déantar amhras a chaitheamh ar scileanna tuismitheoirí na n-íospartach, neamhaird a thabhairt ar fhianaise na leanaí agus ar an mbaol foréigin a nochtar na leanaí dóibh, agus cuireann sé cearta agus sábháilteacht máithreacha agus leanaí i mbaol.

Leasú  72

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 55

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) Chun sábháilteacht leanaí a áirithiú le linn cuairteanna féideartha le ciontóir ar sealbhóir freagrachta tuismitheora é a bhfuil cearta rochtana aige nó aici, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear áiteanna neodracha faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear oifigí cosanta nó leasa leanaí, ar fáil ionas gur féidir na cuairteanna sin a dhéanamh ar mhaithe le leas an linbh. Más gá, ba cheart na cuairteanna a thabhairt nuair a bhíonn oifigigh cosanta nó leasa leanaí i láthair. I gcás inar gá foráil a dhéanamh maidir le cóiríocht eatramhach, ba cheart, mar thosaíocht, cóiríocht a thabhairt do leanaí in éineacht le sealbhóir freagrachta tuismitheora nach é an ciontóir é nó nach bhfuil faoi amhras, amhail máthair an linbh. Ba cheart leas an linbh a chur san áireamh i gcónaí.

(55) Chun sábháilteacht leanaí a áirithiú le linn cuairteanna féideartha le ciontóir ar sealbhóir freagrachta tuismitheora é a bhfuil cearta rochtana aige nó aici, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear áiteanna neodracha faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear oifigí cosanta nó leasa leanaí, ar fáil ionas gur féidir na cuairteanna sin a dhéanamh ar mhaithe le leas an linbh. Ba cheart d’áiteanna neodracha maoirsithe le haghaidh cuairteanna le ciontóir sábháilteacht an linbh agus, i gcás inarb ábhartha, an duine neamh-dhrochídeach a bhfuil freagracht tuismitheora aige nó aici a áirithiú agus ba cheart go gceadófaí leo teagmháil a sheachaint idir an ciontóir nó an duine atá faoi dhrochamhras agus an tuismitheoir neamhfhoréigneach nó a ngaolta nuair a bhíonn an leanbh á thionlacan ag an gcruinniú. Más gá, ba cheart na cuairteanna a thabhairt nuair a bhíonn oifigigh cosanta nó leasa leanaí i láthair. I gcás inar gá foráil a dhéanamh maidir le cóiríocht eatramhach, ba cheart, mar thosaíocht, cóiríocht a thabhairt do leanaí in éineacht le sealbhóir freagrachta tuismitheora nach é an ciontóir é nó nach bhfuil faoi amhras, amhail máthair an linbh. Ba cheart leas an linbh a chur san áireamh i gcónaí agus forlámhas a bheith aige sin ar iarraidh ón tuismitheoir foréigneach ar choimeád comhroinnte nó ar chearta rochtana.  Ba cheart tarchuir iomchuí do chiontóirí a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean i leith a mball teaghlaigh.

Leasú  73

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 55 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(55a) Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun claontacht a chosc agus “leas an linbh” á chinneadh acu.  D’fhéadfaí a áireamh le claontacht den sórt sin an tuairim gur chun leasa an linbh é teagmháil a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí nó le gaolta ar ais nó ar éigean, beag beann ar an bhforéigean atá feicthe ag an leanbh, a bhfuil éifeachtaí díobhálacha agus contúirteacha aige don leanbh agus don tuismitheoir eile.  Ba chóir srian a chur ar cheart an linbh teagmháil a choinneáil leis an mbeirt thuismitheoir más gá.

Leasú  74

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 56

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(56) Ba cheart cosaint agus tacaíocht shonrach a fháil d’íospartaigh atá i mbaol méadaithe foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, amhail mná faoi mhíchumas, mná a bhfuil stádas cónaithe cleithiúnach acu nó a bhfuil cead acu, mná ar imircigh iad, iarrthóirí tearmainn, mná atá buailte ag easpa dídine, a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, oibrithe gnéis ban, daoine atá faoi choinneáil nó mná níos sine.

(56) Íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu agus grúpaí atá i mbaol foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a ndéantar idirdhealú trasnach orthu, amhail mná faoi mhíchumas, mná a bhfuil cónaí orthu i saoráidí cúraim institiúideacha, mná a bhfuil stádas nó cead cónaithe cleithiúnach acu, mná imirceacha gan doiciméid, iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar mná iad, mná atá ag teitheadh ó choinbhleacht armtha, mná atá thíos leis an easpa dídine, mná i bpoist ar phá íseal, mná dífhostaithe, mná a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, íospartaigh “coireanna onóra”, mar a thugtar orthu, mná a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nó i réigiúin is lú rathúnas, mná i striapachas, mionlaigh ghnéis nó féiniúlachta inscne, mná a bhfuil andúil acu, mná atá faoi choinneáil, mná níos sine nó mná LBTIQ+ ba cheart go bhfaighidís cosaint shonrach, cúram leighis agus tacaíocht.  Ba cheart íospartaigh foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo agus a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a mheas mar iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.

 

__________________

 

1a Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).

Leasú  75

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 57

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(57) Tarlaíonn foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh go díréireach do mhná faoi mhíchumas agus is minic a bhíonn deacrachtaí ag mná faoi mhíchumas rochtain a fháil ar bhearta cosanta agus tacaíochta.  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le híospartaigh faoi mhíchumas tairbhe iomlán a bhaint as na cearta a leagtar amach sa Treoir seo, ar bhonn comhionann le daoine eile, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar a leochailí atá na híospartaigh sin agus na deacrachtaí is dócha a bheidh acu dul amach chun cabhair a fháil.

(57) Tarlaíonn foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh go díréireach do mhná faoi mhíchumas agus is minic a bhíonn deacrachtaí ag mná faoi mhíchumas rochtain a fháil ar bhearta cosanta agus tacaíochta.  Is minic nach mbíonn rochtain ar an bpróiseas chun foréigean a thuairisciú mar gheall ar bheartais agus caighdeáin neamhleora, dearcthaí diúltacha, bacainní fisiciúla, faisnéis agus cumarsáid gann, easpa soláthair seirbhíse, cistiú neamhleor agus mainneachtain ról a thabhairt d’íospartaigh faoi mhíchumas i gcinntí a mbíonn tionchar díreach acu ar a saol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a seirbhísí tacaíochta a oiriúnú dá réir chun a áirithiú gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as na cearta a leagtar amach sa Treoir seo, ar bhonn comhionann le daoine eile, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar leochaileacht ar leith na n-íospartach sin agus ar na deacrachtaí is dócha a bheidh acu dul amach chun cabhair a fháil.

Leasú  76

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 57 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(57a) Ba cheart gníomhaíochtaí chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc a bheith bunaithe ar chur chuige trí ghné atá comhdhéanta de bhearta coisctheacha príomhúla, tánaisteacha agus treasacha.  Ba cheart comhordú leordhóthanach ar na trí chur chuige sin a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag bearta coisctheacha príomhúla cosc a chur ar fhoréigean tarlú agus ba cheart feachtais múscailte feasachta a áireamh iontu chun cur leis an tuiscint i measc an phobail i gcoitinne ar na cineálacha éagsúla foréigin agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leo.  Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag bearta coisctheacha tánaisteacha foréigean a bhrath go luath agus cosc a chur ar a dhul chun cinn nó a ghéarú ag céim luath. Ba cheart cosc treasach a dhíriú ar athchiontú agus athíospairt a chosc agus ar iarmhairtí an fhoréigin a bhainistiú i gceart. Ba cheart go n-áireofaí ar na bearta sin cur chun cinn idirghabhála an tslua, ionad luath-idirghabhála agus clár idirghabhála.

Leasú  77

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 58

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(58) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta coisctheacha, amhail feachtais ardaithe feasachta, chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a laghdú. Ba cheart cosc a chur san oideachas foirmiúil freisin, go háirithe, trí oideachas gnéasachta agus inniúlachtaí soch-mhothúchánach a neartú, trí ionbhá agus trí chaidrimh fholláine measúla a fhorbairt.

(58) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bearta coisctheacha atá bunaithe ar fhianaise, amhail feachtais fhadtéarmacha múscailte feasachta, chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac trí athruithe ar iompar sóisialta agus cultúrtha na mban agus na bhfear. Ba cheart go n-áireofaí i bhfeachtais den sórt sin soláthar iomlán faisnéise maidir le cineálacha éagsúla foréigin agus maidir le tionchar an fhoréigin sin ar leanaí agus ba cheart dóibh cur chuige atá dírithe ar chearta an duine a chur chun cinn.  Ba cheart cosc a dhéanamh freisin san oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, go háirithe, trí oideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de agus inniúlachtaí soch-mhothúchánacha a neartú, ionbhá agus caidreamh sláintiúil measúil a fhorbairt. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fheachtais den sórt sin a dhíriú ar shuíomhanna ina mbíonn fir go minic. Ba cheart go mbeadh geallsealbhóirí áitiúla ábhartha rannpháirteach i bhfeachtais den sórt sin.  Ba cheart bearta coisctheacha a cheapadh i gcomhar leis na pobail ábhartha a ndéantar difear dóibh chun a áirithiú go gcumhdófar go hiomlán a gcuid riachtanas agus chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid íogair, iomchuí gan stiogma ann. 

Leasú  78

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 58 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(58a) Is iad an comhionannas inscne, cumhachtú na mban, agus infheistíocht i sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de ina bhfuil mná neamhspleách ó thaobh airgeadais agus sóisialta de na straitéisí coisctheacha is fearr i gcoinne na gcineálacha éagsúla foréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh.  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hacmhainní agus na féidearthachtaí is gá ag mná chun caidreamh mí-úsáideach a fhágáil trí rochtain ar thacaíocht shóisialta a chur ar fáil, i gcás inar gá.

Leasú  79

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 59

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar steiréitíopaí díobhálacha inscne a shaothrú chun deireadh a chur leis an smaoineamh maidir le hísleacht na mban nó róil steiréitíopacha na mban agus na bhfear. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach mbreathnófaí ar an gcultúr, ar an nós, ar an reiligiún, ar an traidisiún ná ar an onóir mar údar le cionta foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh ná go gcaithfí leo ar bhealach níos trócairí. Ós rud é, ó aois an-óg ar aghaidh, go nochtar leanaí do róil inscne a mhúnlaíonn a bhféinthuairim agus a imríonn tionchar ar a roghanna acadúla agus gairmiúla chomh maith lena róil mar mhná agus fir ar feadh a saoil, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne amhail oideachas agus cúram luathóige.

(59) Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar steiréitíopaí díobhálacha inscne a shaothrú chun deireadh a chur leis an smaoineamh maidir le hísleacht na mban nó róil steiréitíopacha na mban agus na bhfear. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach mbreathnófaí ar an gcultúr, ar an nós, ar an reiligiún, ar an traidisiún ná ar an onóir mar údar le cionta foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh ná go gcaithfí leo ar bhealach níos trócairí, ach mar imthoisc ghéaraitheach. Ós rud é go ndéantar tearcthuairisciú ar ‘coireanna onóra’, mar a thugtar orthu, san Aontas, tá sé tábhachtach go gcuirfí oiliúint leordhóthanach ar na húdaráis ábhartha chun go mbeidh siad in ann na coireanna sin a shainaithint agus iad a láimhseáil ar bhealach ceart. Ós rud é, ó aois an-óg ar aghaidh, go nochtar leanaí do róil inscne a mhúnlaíonn a bhféinthuairim agus a imríonn tionchar ar a roghanna acadúla agus gairmiúla chomh maith lena róil mar mhná agus fir ar feadh a saoil, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne amhail oideachas agus cúram luathóige. Maidir le rónnochtadh ar an bpornagrafaíocht, áit a gcuireann sí le steiréitíopaí inscne agus gur minic gurb é an t-aon phointe tagartha atá ag daoine óga don chaidreamh gnéasachta, go háirithe in éagmais rochtain ar oideachas cuimsitheach gnéasachta agus caidrimh, is é an toradh a bhíonn air sin pictiúr de ghnéasacht atá saofa agus foréigneach.  Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tionchar na pornagrafaíochta ar dhaoine óga agus an baol go bhféadfaidís iompar foréigneach a atáirgeadh a chur san áireamh.

Leasú  80

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 60

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(60) Chun a áirithiú go ndéanfar íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a shainaithint agus go bhfaighidh siad an tacaíocht iomchuí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh gairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh oiliúint agus faisnéis spriocdhírithe. Ba cheart go gcumhdófaí leis an oiliúint an baol imeaglaithe, ath-íospairt agus íospairt thánaisteach agus an baol go gcuirfí cosc ar imeaglú agus ar íospairt thánaisteach, agus go mbeadh bearta cosanta agus tacaíochta ar fáil d’íospartaigh. Ba cheart oiliúint a chur ar dhaoine a bhfuil feidhmeanna maoirseachta acu chun cosc a chur ar chásanna gnéaschiaptha ag an obair agus chun aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí. Ba cheart go gcumhdódh na hoiliúint sin freisin measúnuithe maidir le ciapadh gnéasach ag an obair agus maidir leis na rioscaí sábháilteachta síceasóisialta agus sláinte a bhaineann leis dá dtagraítear faoi Threoir 89/391/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45 . Ba cheart go gcumhdófaí freisin le gníomhaíochtaí oiliúna an baol go dtarlódh foréigean tríú páirtí. Ba cheart go gcuimseodh sé freisin an baol go dtarlódh foréigean tríú páirtí, ina dtagraítear d‘fhoréigean a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfoireann san ionad oibre, foréigean nach bhfuil i lámha comhoibrí agus lena n-áirítear cásanna, amhail altraí atá á gciapadh go gnéasach ag othar.

(60) Chun a áirithiú go sainaithneofar íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, go mbeidh siad in ann gearáin a thaisceadh agus tacaíocht iomchuí a fháil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh gairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh oiliúint agus faisnéis spriocdhírithe atá leordhóthanach agus saincheaptha chun a rochtain ar an gceartas a chur chun cinn. Ba cheart go mbeadh oiliúint den sórt sin, lena n-áirítear an t-ábhar tacaíochta, saor in aisce agus ba cheart go ndéanfaí é le linn uaireanta oibre. Ba cheart an riosca a bhaineann le himeaglú, íospairt athdhéanta agus íospairt thánaisteach agus infhaighteacht beart cosanta, leighis agus tacaíochta d’íospartaigh a chumhdach leis an oiliúint. Ba cheart go mbeadh oiliúint den sórt sin ar fáil, go háirithe, do dhaoine gairmiúla a oibríonn le mná in institiúidí, amhail tithe cúraim chónaithe, ionaid tearmainn agus príosúin, agus do ghairmithe a oibríonn nó a oibríonn go deonach in ionaid dídine. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oiliúint speisialaithe na n-údarás inniúil a théann i dteagmháil le híospartaigh, lena n-áirítear, go háirithe, oiliúint maidir le conas dearcthaí agus iompraíochtaí maidir le milleán íospartach a sheachaint, atreorú tráthúil íospartach chuig seirbhísí speisialaithe, lena n-áirítear seirbhísí speisialaithe na mban, agus cóireáil sonraí, d’fhonn tuairisciú foréigin in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a éascú. Ba cheart comhionannas inscne agus idirdhealú a chumhdach leis an oiliúint sin, lena n-áirítear idirdhealú trasnach, cosc ar íospairt thánaisteach, scileanna cumarsáide, agus cosc agus sainaithint ghnéaschiaptha na ngrúpaí is imeallaithe.  Ba cheart go gcuirfí oiliúint den sórt sin ar fáil ó oiliúnóirí cáilithe a chloíonn le dianchaighdeáin cháilíochta maidir le fad, minicíocht, modhanna agus torthaí oiliúna i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo.

__________________

 

45 Treoir 89/391/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

 

Leasú  81

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 60 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(60a) Chun cásanna gnéaschiaptha i saol na hoibre a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí, agus chun cásanna d’fhoréigean teaghlaigh agus a iarmhairtí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, ba cheart oiliúint a chur ar dhaoine a bhfuil feidhmeanna maoirseachta acu agus cigirí saothair.  Ba cheart go gcumhdódh oiliúint den sórt sin measúnuithe maidir le gnéaschiapadh san ionad oibre agus rioscaí gaolmhara sábháilteachta agus sláinte síceasóisialta dá dtagraítear i dTreoir 89/391/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1d agus a chomhlíonann na coinníollacha faoi Threoir 89/391/CEE ón gComhairle1a.  Ba cheart go gcumhdódh oiliúint den sórt sin an baol a bhaineann le foréigean tríú páirtí agus gur cheart tacaíocht a bheith i bhfeidhm d’íospartaigh foréigin den sórt sin mar chuid de shláinte agus sábháilteacht cheirde.  Tagraíonn foréigean tríú páirtí don fhoréigean a d’fhéadfadh duine seachas comhoibrí a fhulaingt san ionad oibre. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh fostóirí, i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe i gcomhréir le Treoir 89/391/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, straitéisí cuimsitheacha, comhtháite agus speisialaithe ar bun chun gnéaschiapadh san ionad saol na hoibre a mhaolú agus a chosc.

 

__________________

 

1a Treoir 89/391/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

Leasú  82

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 61

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61) Chun gníomhú i gcoinne tearcthuairiscithe, ba cheart do na Ballstáit idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe dlí chun oiliúint a fhorbairt, go háirithe maidir le steiréitíopaí díobhálacha inscne, ach freisin maidir le cionta a chosc, i bhfianaise a ndlúththeagmhála le grúpaí atá i mbaol foréigin agus íospartach.

(61) Chun gníomhú in aghaidh tearcthuairisciú agus cosc a chur ar íospairt thánaisteach, ba cheart do na Ballstáit idirchaidreamh a dhéanamh freisin le húdaráis forfheidhmithe dlí, le húdaráis bhreithiúnacha, leis an tsochaí shibhialta, le heagraíochtaí pobalbhunaithe, leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus le gníomhaithe speisialaithe ábhartha eile maidir le hoiliúintí a fhorbairt go háirithe maidir le steiréitíopaí agus míthuiscintí díobhálacha inscne maidir le foréigean gnéasach agus foréigean teaghlaigh, ach freisin maidir le cionta a chosc, i bhfianaise a ndlúththeagmhála le grúpaí atá i mbaol foréigin, íospartaigh agus ciontóirí.  Tá sé riachtanach oiliúint a chur ar údaráis forfheidhmithe dlí maidir le conas íospartach foréigin inscnebhunaithe, foréigin teaghlaigh nó cibearfhoréigin a fháil chun cabhrú go cuí leis an íospartach gearán a dhéanamh agus chun measúnú cuí a dhéanamh ar a staid. 

Leasú  83

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 61 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(61a) Ba cheart do na Ballstáit aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí sochaí sibhialta na mban, lena n-áirítear eagraíochtaí a oibríonn le mná atá i mbaol níos mó foréigin inscnebhunaithe a fhulaingt, mar chomhpháirtithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartas agus ba cheart dóibh, i gcás inarb ábhartha, iad a áireamh in obair comhlachtaí rialtais agus coistí atá ag obair chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha eile maidir le saincheisteanna ábhartha, amhail na comhpháirtithe sóisialta i ndáil le gnéaschiapadh i saol na hoibre.

Leasú  84

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 62

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(62) Ba cheart cláir idirghabhála a chur ar bun chun an riosca go ndéanfar foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a chosc agus a íoslaghdú. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm shonrach ag na cláir ciontóirí nó iad siúd atá i mbaol cionta a dhéanamh a theagasc conas iompar neamhfhoréigneach a ghlacadh i gcaidrimh idirphearsanta agus conas cur i gcoinne patrúin iompraíochta foréigneacha. Ba cheart do na cláir ciontóirí a spreagadh chun freagracht a ghlacadh as a ngníomhaíochtaí agus a ndearcthaí agus a dtuairimí i leith na mban a scrúdú.

(62) Ba cheart cláir idirghabhála a chur ar bun chun an riosca go ndéanfar foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a chosc agus a íoslaghdú. Ba cheart go ndéanfadh gairmithe oilte iad a chur i gcrích agus i ndlúthchomhar le sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm shonrach ag na cláir ciontóirí nó iad siúd atá i mbaol cionta a dhéanamh a theagasc conas iompar neamhfhoréigneach a ghlacadh i gcaidrimh idirphearsanta agus conas cur i gcoinne patrúin iompraíochta foréigneacha. I gcás ina dtoilíonn an t-íospartach idirghníomhú leis an gciontóir nó i gcás ina bhfuil an t-íospartach i ndlúthghaireacht fhisiciúil don chiontóir le toiliú an íospartaigh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shábháilteacht an íospartaigh le linn na gclár idirghabhála sin.  Ba cheart do na cláir ciontóirí a spreagadh chun freagracht a ghlacadh as a ngníomhaíochtaí agus a ndearcthaí agus a dtuairimí i leith na mban a scrúdú. Ba cheart go bhféachfadh na cláir le cabhrú le ciontóirí tuiscint a fháil agus a aithint go bhfuil siad freagrach, a ndearcthaí agus a n-iompraíocht dhíobhálacha a athrú agus iompar neamhfhoréigneach i gcaidrimh idirphearsanta a ghlacadh.

Leasú  85

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 62 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(62a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann na cláir idirghabhála íoschaighdeáin agus go bhfuil siad i gcomhréir leis na cleachtais is fearr. Ba cheart do bhaill foirne oilte cláir idirghabhála a sholáthar, cur chuige inscne-bhunaithe a bheith acu, a bheith dírithe ar íospartaigh, measúnú riosca iomlán ar dhéantóir na coire a áireamh, a bheith mar chuid de líonraí ilghníomhaireachta, iarracht a dhéanamh comhoibriú láidir a bhunú le seirbhísí tacaíochta speisialaithe, lena n-áirítear sainseirbhísí tacaíochta do mhná, treoirlínte a sholáthar chun meastóireacht a dhéanamh ar an toradh.  Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne maidir le caighdeáin choiteanna agus treoirlínte coiteanna a bhunú

Leasú  86

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 62 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(62b) Ní mór cistiú leordhóthanach, intuartha agus inbhuanaithe a bheith ag gabháil leis na bearta uile dá bhforáiltear sa Treoir seo.  Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin chun a áirithiú go mbeidh maoiniú leordhóthanach agus acmhainní daonna, teicniúla agus teicneolaíocha leordhóthanacha ag údaráis náisiúnta agus ag soláthraithe seirbhísí tacaíochta speisialaithe, lena n-áirítear sainseirbhísí neamhrialtasacha ban, chun an Treoir seo a chur chun feidhme go héifeachtach agus go cuimsitheach. Ba cheart do na Ballstáit sainseirbhísí tacaíochta na mban a áireamh mar chuid lárnach de chur chun feidhme an chórais tacaíochta náisiúnta d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe.

Leasú  87

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 63

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(63) Chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh na gcionta cibearfhoréigin atá sa Treoir seo a gcearta a bhaint amach go héifeachtach maidir le hábhar mídhleathach as cionta den chineál sin a bhaint  ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth le soláthraithe seirbhísí idirmheánacha. Chun a áirithiú go n-aimseofar ábhar den sórt sin go luath agus go rachfar i ngleic leis go héifeachtach agus go dtabharfar cúnamh agus tacaíocht leordhóthanach d’íospartaigh na gcionta sin, ba cheart do na Ballstáit bunú nó úsáid beart féinrialála de chineál deonach a éascú freisin, amhail cóid iompair, lena n-áirítear maidir le rioscaí córasacha a bhrath i ndáil leis an gcibearfhoréigean sin agus oiliúint a chur ar fhostaithe na soláthraithe lena mbaineann tríd an bhforéigean sin a chosc agus trí chúnamh a thabhairt d’íospartaigh.

(63) Chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh na gcionta cibearfhoréigin atá sa Treoir seo a gcearta a bhaint amach go héifeachtach maidir le hábhar neamhdhleathach a bhaineann le cionta den sórt sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit an comhar idir soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, údaráis agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a spreagadh, mar shampla trí chomharthóirí iontaofa a bhunú de bhun Rialachán (AE) 2022/2065.  Chun a áirithiú go n-aimseofar ábhar den sórt sin go luath agus go rachfar i ngleic leis go héifeachtach agus go dtabharfar cúnamh agus tacaíocht leordhóthanach d’íospartaigh na gcionta sin, ba cheart do na Ballstáit bunú nó úsáid beart féinrialála de chineál deonach a éascú freisin, amhail cóid iompair, lena n-áirítear maidir le rioscaí córasacha a bhrath i ndáil leis an gcibearfhoréigean sin agus oiliúint a chur ar fhostaithe na soláthraithe lena mbaineann tríd an bhforéigean sin a chosc agus trí chúnamh a thabhairt d’íospartaigh.

Leasú  88

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 63 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(63a) Ba cheart do na Ballstáit a dtiomantas a léiriú maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac trí phleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt ina leith sin.

Leasú  89

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 63 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(63b) D’fhonn straitéis chomhdhlúite de chuid an Aontais a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh na mban agus ar fhoréigean teaghlaigh, arb é is aidhm di an tiomantas agus na hiarrachtaí a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit chun í a chosc agus a chomhrac a neartú tuilleadh, ba cheart do na Ballstáit éascú a dhéanamh ar bhunú comhordaitheora um fhoréigean inscnebhunaithe agus ar chúraimí an chomhordaitheora sin (“comhordaitheoir an Aontais”) Ba cheart go n-áireofaí i gcúraimí an chomhordaitheora de chuid an Aontais, mar shampla, feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhleanúnachas, dúbailt iarrachtaí idir institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint agus idir na Ballstáit agus gníomhaithe idirnáisiúnta, ag rannchuidiú le forbairt beartas agus straitéisí nua de chuid an Aontais nó atá ann cheana agus atá ábhartha chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus tuairisciú d’institiúidí an Aontais.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 64

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(64) Ní féidir beartais a cheapadh chun dul i ngleic go leordhóthanach le foréigean in aghaidh na mban agus le foréigean teaghlaigh ach amháin ar bhonn sonraí imdhealaithe cuimsitheacha agus inchomparáide. Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fhorbairtí sna Ballstáit agus chun bearnaí i sonraí inchomparáide a líonadh, ba cheart do na Ballstáit suirbhéanna a dhéanamh go rialta ag baint úsáid as modheolaíocht chomhchuibhithe an Choimisiúin (Eurostat) chun sonraí a bhailiú agus na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

(64) Ní féidir beartais a cheapadh chun dul i ngleic go leordhóthanach le foréigean in aghaidh na mban agus le foréigean teaghlaigh ach amháin ar bhonn sonraí imdhealaithe cuimsitheacha agus inchomparáide. Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fhorbairtí sna Ballstáit agus chun bearnaí i sonraí inchomparáide a líonadh, ba cheart do na Ballstáit suirbhéanna a dhéanamh go rialta ag baint úsáid as modheolaíocht chomhchuibhithe an Choimisiúin (Eurostat) chun sonraí a bhailiú agus na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat). Ina theannta sin, ba cheart sonraí cáilíochtúla a úsáid toisc gur féidir leo léargas uathúil a thabhairt ar na réaltachtaí atá ann faoi láthair maidir le dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh agus ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na Treorach seo.  Ba cheart sonraí a bhailiú ag an bpointe céanna sa phróiseas chun torthaí inchomparáide agus ininste a áirithiú. Ba cheart d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair chun foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear eagraíochtaí ban, sainseirbhísí tacaíochta do mhná agus seirbhísí tacaíochta speisialaithe eile, a bheith rannpháirteach i bhforbairt modheolaíochtaí bailithe sonraí.

Leasú  91

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 65

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(65) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhailítear teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach i ndáil le tacú le faireachán ar leitheadúlacht agus treochtaí an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus straitéisí nua beartais a cheapadh sa réimse sin. Agus na sonraí a bhailítear á roinnt, níor cheart aon sonraí pearsanta a chur san áireamh.

(65) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhailítear teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach i ndáil le tacú le faireachán ar leitheadúlacht agus treochtaí an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus straitéisí nua beartais a cheapadh sa réimse sin. Ba cheart do na Ballstáit sonraí agus faisnéis ábhartha a sholáthar d’institiúidí ábhartha amhail an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus Eurofound chun gur féidir inchomparáideacht, measúnú agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin ar leibhéal an Aontais.  Ba cheart go n-áireofaí sna sonraí a bhailítear an comhthéacs inar tharla an cion, amhail an fíoras go ndearnadh é sa bhaile, san ionad oibre nó ar líne, chomh maith le faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil íospartach i mbaol níos mó foréigin inscnebhunaithe a fhulaingt, toisc go mbeidh sé sin mar bhonn eolais do ghníomhaíochtaí beartais spriocdhírithe amach anseo.  Ba cheart a áireamh sna sonraí sin freisin an ndearnadh foréigean in aghaidh íospartach a ndearna idirdhealú trasnach difear dóibh.  Chun anaithnideacht agus rúndacht a chosaint, chun príomhphrionsabail na cosanta sonraí a urramú agus chun cearta bunúsacha a urramú, níor cheart aon sonraí pearsanta a áireamh nuair a chomhroinntear na sonraí a bhailítear.

Leasú  92

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 65 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(65a) Ba cheart sonraí chun críocha staidrimh a bhailiú ar bhonn leanúnach chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí agus chun dea-chleachtais agus réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a shainaithint.  Ba cheart do Eurostat agus don Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne tuarascálacha a ullmhú go rialta maidir leis an staidreamh a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo agus iad a tharchur chuig comhordaitheoir an Aontais, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go leithdháilfear cistiú leordhóthanach chun tuairisciú den sórt sin a dhéanamh.

Leasú  93

 

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 71

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(71) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [XX XX 2022],

(71) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a bharúlacha uaidh an 4 Aibreán 2022,

Leasú  94

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) cosaint íospartach agus tacaíocht d’íospartaigh.

(c) cearta na n-íospartach chun cosaint agus tacaíocht

Leasú  95

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe c a (nua)

 

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) cosc agus idirghabháil luath.

Leasú  96

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Agus na bearta faoin Treoir seo á gcur chun feidhme, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an riosca méadaithe foréigin a bhíonn os comhair íospartach atá faoi idirdhealú bunaithe ar mheascán inscne agus ar fhorais eile chun freastal ar a riachtanais fheabhsaithe cosanta agus tacaíochta, mar a leagtar amach in Airteagail 18(4), 20(2), 27(5) agus 37(7).

1. Agus na bearta faoin Treoir seo á gcur chun feidhme, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an riosca méadaithe foréigin a bhíonn os comhair íospartach a ndéantar idirdhealú trasnach orthu bunaithe ar theaglaim dá ngnéas nó dá n-inscne agus d'fhorais eile chun freastal ar a riachtanais chosanta agus tacaíochta fheabhsaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 18(4), Airteagal 27(5), Airteagal 35(1) agus Airteagal 37(7).

Leasú  97

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcur i bhfeidhm na Treorach seo, go dtabharfar aird ar leith ar an mbaol imeaglaithe, frithbheartaíochta, tánaisteach agus athíospartha agus ar an ngá atá le dínit agus sláine fhisiciúil na n-íospartach a chosaint.

2. Áiritheoidh na Ballstáit, agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm, go dtabharfar aird ar leith ar an mbaol a bhaineann le himeaglú, frithbheartaíocht, íospairt thánaisteach agus athíospairt agus ar an ngá atá le dínit agus cearta íospartach a chosaint, lena n-áirítear a sláine fhisiceach agus shíceolaíoch, a bpríobháideachas agus a sábháilteacht.

Leasú  98

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Leasú  99

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Ciallóidh “foréigean in aghaidh ban” foréigean inscne, atá dírithe i gcoinne mná nó cailín toisc gur bean nó cailín í nó a dhéanann difear díréireach do mhná nó do chailíní, lena n-áirítear gach gníomh foréigin den sórt sin a mbíonn, nó ar dócha go mbeidh mar thoradh air, dochar nó fulaingt fhisiceach, gnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch, lena n-áirítear bagairtí go ndéanfaí gníomhartha den sórt sin, comhéigean nó cailleadh treallach saoirse, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach;

(a) ciallaíonn “foréigean in aghaidh na mban” gach gníomh foréigin inscnebhunaithe atá dírithe ar bhean nó ar chailín toisc gur bean nó cailín í nó a dhéanann difear díréireach do mhná nó do chailíní ina n-éagsúlacht uile, lena n-áirítear gach gníomh foréigin den sórt sin as a n-eascraíonn, nó ar dócha go mbeidh, díobháil nó fulaingt fhisiceach, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch mar thoradh orthu, lena n-áirítear bagairtí go ndéanfaí gníomhartha den sórt sin, comhéigean nó díothú treallach saoirse, bíodh sin ag tarlú sa saol poiblí nó sa saol príobháideach;

Leasú  100

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Ciallaíonn “foréigean baile” gach gníomh foréigin a mbíonn de thoradh air, nó ar dócha go mbeidh mar thoradh air, díobháil fhisiceach, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch, a tharlaíonn sa teaghlach nó san aonad baile, beag beann ar cheangail bhitheolaíocha nó dhlíthiúla teaghlaigh, nó idir iarchéilí nó céilí reatha nó idir iarchéilí nó páirtithe reatha, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil cónaí roinnte ag an gciontóir leis an íospartach;

(b) ciallaíonn “foréigean teaghlaigh” gach gníomh, nó gach bagairt gníomhartha, d’fhoréigean fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch nó eacnamaíoch as a n-eascraíonn, nó ar dócha go mbeidh, díobháil nó fulaingt mar thoradh orthu, a tharlaíonn laistigh den teaghlach nó den aonad baile, beag beann ar naisc teaghlaigh bhitheolaíocha nó dhlíthiúla, nó idir iarchéilí nó iarpháirtnéirí nó idir céilí nó páirtnéirí reatha, cibé acu atá nó nach bhfuil teaghlach roinnte ag an gciontóir leis an íospartach;

Leasú  101

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) ciallaíonn “soláthraithe seirbhísí idirmheánacha” soláthraithe na seirbhísí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (f) de Rialachán (AE) BBBB/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17[Rialachán maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha];

(f) ciallaíonn “soláthraí seirbhísí idirghabhálacha”  soláthraí seirbhís idirghabhála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, point (g), de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17;

__________________

__________________

17 Rialachán (AE) BBBB/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (IO L...).

17 Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair Do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1). 

Leasú  102

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) Ciallaíonn “gnéaschiapadh ag an obair” aon chineál iompair bhriathartha, neamhbhriathartha nó fhisiciúil nach dteastaíonn de chineál gnéasach, i gcás ina dtarlaíonn an t-iompar sin le linn imeaglaithe, naimhdeach, díghrádaithe, uiríslithe nó gránna i gcúrsaí fostaíochta, slí bheatha agus féinfhostaíochta, nó i gcás ina dtarlaíonn sé i gcúrsaí den sórt sin, d‘fhonn dínit an íospartaigh a shárú, nó d’fhonn dínit an íospartaigh a shárú, go háirithe nuair a chruthaítear timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, táireach, uiríslithe nó mhaslach;

(g) ciallaíonn “gnéaschiapadh i saol na hoibre” aon chineál iompair neamh-inmhianaithe ó bhéal, neamhbhriathartha nó fisiceach de chineál gnéasach, i gcás ina dtarlaíonn sé le linn cúrsaí fostaíochta, slí bheatha, féinfhostaíochta, obair neamhfhoirmiúil agus neamhdhoiciméadaithe, post a lorg nó oiliúint, lena n-áirítear i spásanna oibre poiblí agus príobháideacha, áiteanna ina n-íoctar an t-oibrí, scíth a ghlacadh, sos nó béile, nó ina n-úsáideann sé nó sí saoráidí sláintíochta, níocháin nó athraitheacha, le linn turais a bhaineann leis an obair, le linn taistil, oiliúna, imeachtaí nó gníomhaíochtaí sóisialta, trí chumarsáid a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear iad siúd a chumasaítear le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, i gcóiríocht a chuireann fostóirí ar fáil, nó nuair a dhéantar comaitéireacht chuig an obair agus ón obair, chun dínit an íospartaigh a shárú, go háirithe agus timpeallacht imeaglaithe, naimhdeach, tháireach, uiríslithe nó mhaslach á cruthú aige, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear iompar den sórt sin go sainráite nó go hintuigthe mar bhonn do chinntí a bhaineann le post;

Leasú  103

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuigfear gníomh neamh-chomhfhiosach mar ghníomh a dhéantar gan toiliú na mná a thabhairt dá dheoin féin nó i gcás nach bhfuil an bhean in ann uacht a dhéanamh mar gheall ar a riocht coirp nó meabhrach, agus ar an gcaoi sin a héagumas a shaothrú chun uacht shaor a dhéanamh, amhail i riocht neamh-chomhfhiosachta, meisce, codlata, tinnis, díobhála coirp nó míchumais.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuigfear gníomh neamhthoiliúil mar ghníomh a dhéantar gan toiliú na mná go deonach nó i gcás nach féidir leis an mbean a saorthoil a dhéanamh mar gheall ar a riocht coirp nó meabhrach, agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as a héagumas chun saorthoil a dhéanamh, amhail staid eagla, imeaglaithe, neamh-chomhfhiosachta, meisce, codlata, tinnis, díobhála coirp nó míchumais nó i gcás atá an-leochaileach ar bhealach eile.

Leasú  104

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Is féidir toiliú a tharraingt siar tráth ar bith le linn an ghnímh. Ní féidir leis an mbean an easpa toilithe a bhréagnú go heisiach le tost, neamhfhriotaíocht bhriathartha nó fhisiciúil nó iompar gnéasach san am a chuaigh thart.

3. Is féidir toiliú a tharraingt siar tráth ar bith le linn an ghnímh. Ní féidir an easpa toilithe a bhréagnú le tost na mná, le neamhfhriotaíocht bhriathartha nó fhisiciúil nó le hiompar gnéasach san am a chuaigh thart nó leis an gcaidreamh atá aici cheana nó san am a chuaigh thart leis an gciontóir, lena n-áirítear stádas pósta nó aon stádas comhpháirtíochta eile.  Tabharfar an toiliú go deonach mar thoradh ar shaorthoil agus déanfar é a mheasúnú i gcomhthéacs na n-imthosca uile;  

Leasú  105

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 5a

 

Ionsaí gnéasach

 

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar intinniúil seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

 

(a)  gabháil le bean in aon ghníomh neamhthoiliúil de chineál gnéasach, seachas na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a);

 

(b)  a chur faoi deara do bhean dul i dteagmháil le duine eile in aon ghníomh neamhthoiliúil de chineál gnéasach, seachas gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b);

 

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtuigfear gníomh neamhthoiliúil mar ghníomh a dhéantar gan toiliú na mná go deonach nó i gcás nach féidir leis an mbean saorthoil a dhéanamh mar gheall ar a riocht coirp nó meabhrach, agus go mbaintear leas as an éagumas chun saorthoil a dhéanamh, amhail riocht eagla, imeaglaithe, neamh-chomhfhiosachta, meisce, codlata, breoiteachta, díobhála coirp nó míchumais nó a bheith i staid atá an-leochaileach ar bhealach eile;

 

3.  Is féidir toiliú a tharraingt siar tráth ar bith le linn an ghnímh. Ní féidir an easpa toilithe a bhréagnú le tost na mná, le neamhfhriotaíocht bhriathartha nó fhisiciúil nó le hiompar gnéasach san am a chuaigh thart nó leis an gcaidreamh atá aici cheana nó san am a chuaigh thart leis an gciontóir, lena n-áirítear stádas pósta nó aon stádas comhpháirtíochta eile.  Tabharfar an toiliú go deonach mar thoradh ar shaorthoil agus déanfar é a mheasúnú i gcomhthéacs na n-imthosca uile;

Leasú  106

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6a

 

Ciorrú ball giniúna idirghnéasach

 

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar intinniúil seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

 

(a)  aon nós imeachta máinliachta nó míochaine nó cóireáil hormónach nach bhfuil gá leo ó thaobh leighis de a dhéanamh ar shaintréithe gnéis mná sláintiúla nó linbh a rugadh le héagsúlachtaí ar shaintréithe gnéis, gan toiliú feasach a fháil roimh ré agus gan an bhean nó an leanbh a bheith ag tuiscint an nós imeachta nó na cóireála, chun na saintréithe gnéis sin a athrú chun iad a ailíniú le saintréithe gnéis a mheastar gur baineann nó fireann iad de ghnáth;

 

(b)  iallach a chur ar bhean shláintiúil nó ar leanbh dul faoi nós imeachta nó cóireáil dá dtagraítear i bpointe (a).

 

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir toiliú ó bhean nó ó chaomhnóir dlíthiúil an linbh a chur in ionad réamhthoiliú feasach mná nó linbh chun dul faoi nós imeachta nó cóireáil dá dtagraítear i mír 1.

Leasú  107

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6b

 

Steiriliú éigeantais

 

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar intinniúil seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

 

(a)  máinliacht a dhéanamh, arb é is cuspóir nó is éifeacht di cumas atáirgthe nádúrtha mná nó linbh a fhoirceannadh gan toiliú feasach a fháil roimh ré, agus gan an bhean nó an leanbh a bheith ag tuiscint an ghnáthaimh, lena n-áirítear mar réamhriachtanas le haghaidh gnáthaimh liachta eile;

 

(b)  bean nó leanbh a chomhéigniú nó a sholáthar chun dul faoin máinliacht dá dtagraítear i bpointe (a). 

 

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir toiliú ó bhean nó ó chaomhnóir dlíthiúil an linbh a chur in ionad réamhthoiliú feasach mná nó linbh chun dul faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

Leasú  108

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6c

 

Pósadh éigeantais

 

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar intinniúil seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

 

(a)  iallach a chur ar bhean nó ar leanbh pósadh;

 

(b)  bean nó leanbh a mhealladh go dtí críoch tíre seachas an ceann ina bhfuil cónaí ar an mbean nó ar an leanbh chun iallach a chur ar an duine sin pósadh.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6d

 

Ciapadh gnéasach i saol na hoibre

 

Áiritheoidh na Ballstáit gur cion coiriúil é ciapadh gnéasach a dhéanamh d’aon ghnó i saol na hoibre.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) íomhánna pearsanta, nó físeáin nó ábhar eile a léiríonn gníomhaíochtaí gnéasacha, de chuid duine eile a dhéanamh gan toiliú an duine sin a bheith inrochtana don iliomad úsáideoirí deiridh trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(a) ábhar dlúthchaidrimh duine eile a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí deiridh eile gan toiliú an duine sin trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

Leasú  111

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) íomhánna, físeáin nó ábhar eile a thaispeántar amhail is dá mbeadh duine eile ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnéasacha a tháirgeadh nó a ionramháil agus a scaipeadh ar an bpobal ina dhiaidh sin, gan toiliú uathu;

(b) táirgeadh nó ionramháil agus rochtain d’úsáideoirí deiridh eile ina dhiaidh sin, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ábhar dlúthchaidrimh nó ábhar eile chun é a chur i láthair amhail is dá mbeadh duine eile ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnéasacha, gan toiliú an duine sin;

Leasú  112

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) bagairt a dhéanamh an t-iompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a dhéanamh d’fhonn iallach a chur ar dhuine eile gníomh áirithe a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh áirithe.

(c) bagairt a dhéanamh páirt a ghlacadh san iompar dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b);

Leasú  113

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

 

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Chun críocha an Airteagail seo, tuigfear leis an téarma ‘ábhar dlúthchaidrimh’ go n-áirítear íomhánna, grianghraif agus fístaifeadtaí de chineál príobháideach nó pearsanta agus de chineál gnéasach nó nocht.

Leasú  114

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 8 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) ábhar ina bhfuil sonraí pearsanta duine eile, gan cead an duine sin, a chur ar fáil don iliomad úsáideoirí deiridh, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chun na húsáideoirí deiridh sin a ghríosú chun díobháil fhisiceach nó shuntasach shíceolaíoch a dhéanamh don duine.

(c) ábhar ina bhfuil nó ina nochtar sonraí pearsanta duine eile, gan toiliú an duine sin, a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí deiridh eile, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chun daoine eile a ghríosú chun díobháil fhisiciúil, shíceolaíoch nó eacnamaíoch a dhéanamh don duine sin.

Leasú  115

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) ionsaí a thionscnamh le tríú páirtithe atá dírithe ar dhuine eile, trí ábhar bagarthach nó maslach a dhéanamh inrochtana don iliomad úsáideoirí deiridh, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus é mar thoradh air sin dochar suntasach síceolaíoch a dhéanamh don duine a ndearnadh ionsaí air;

(a) ionsaí a thionscnamh atá dírithe ar dhuine eile, trí ábhar bagrach nó mí-úsáideach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh eile, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus é mar thoradh air sin díobháil shíceolaíoch nó eacnamaíoch a dhéanamh don duine a ndearnadh ionsaí air.

Leasú  116

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) páirt a ghlacadh le tríú páirtithe sna hionsaithe dá dtagraítear i bpointe (a).

(b) páirt a ghlacadh sna hionsaithe dá dtagraítear i bpointe (a).

Leasú  117

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 –mír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) íomhá, físeán nó ábhar eile lena dtaispeántar baill ghiniúna a sheoladh gan iarraidh chuig duine, trí bhithín teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus é mar éifeacht leis sin díobháil shíceolaíoch a dhéanamh don duine sin.

Leasú  118

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit gurb inphionóis mar chion coiriúil an t-iompar intinneach arb é atá ann gríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó ball de ghrúpa den sórt sin a shainítear trí thagairt a dhéanamh d’inscne nó d’inscne, trí ábhar poiblí ina bhfuil gríosú den sórt sin a scaipeadh trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

Áiritheoidh na Ballstáit gurb inphionóis mar chion coiriúil an t-iompar intinneach arb é atá ann gríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó ball de ghrúpa den sórt sin a shainítear trí thagairt a dhéanamh do ghnéaschlaonadh, léiriú inscne, féiniúlacht inscne nó saintréithe gnéis, trí ábhar poiblí ina bhfuil gríosú den sórt sin a scaipeadh trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Maidir le haon iarracht na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 5 go 6 a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit gur cion coiriúil inphionóis í.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 5, 5a, 6, 6a, 6b agus 6c a dhéanamh.

Leasú  120

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionós uasta trí bliana príosúnachta ar a laghad agus cúig bliana príosúnachta ar a laghad a ghearradh i leith an chiona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 5a más rud é go ndearnadh an cion faoi na himthosca géaraitheacha dá dtagraítear in Airteagal 13;

Leasú  121

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 6a inphionóis le pionós uasta bliana príosúnachta ar a laghad.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ciontóir sa chion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 5, a ciontaíodh cheana i gcionta den chineál céanna, rannpháirteach go héigeantach i gclár idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 38.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh ciontóir an chiona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 5 páirt ar bhonn éigeantach i gclár idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 38 gan mhoill tar éis an chiontaithe;

Leasú  123

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 12 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis an cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 6 le pionós uasta 5 bliana príosúnachta ar a laghad agus 7 bliana príosúnachta ar a laghad más rud é go ndearnadh an cion faoi dhálaí géaraitheacha dá dtagraítear in Airteagal 13.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar pionós uasta 5 bliana príosúnachta ar a laghad agus 7 mbliana príosúnachta ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 6, 6a, 6b agus 6c más rud é go ndearnadh an cion faoi na himthosca géaraitheacha dá dtagraítear in Airteagal 13

Leasú  124

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) má rinneadh an cion i gcoinne duine a d’fhág imthosca ar leith leochaileach, amhail staid spleáchais nó míchumas coirp, meabhrach, intleachta nó céadfach, nó ina chónaí in institiúidí;

(b) má rinneadh an cion i gcoinne duine a ndearnadh soghontacht air nó uirthi de bharr imthosca ar leith, amhail stádas cónaithe, toircheas, staid spleáchais nó míchumas coirp, meabhrach, intleachta nó céadfach, nó anacair ar íospartach gáinneála é nó a bhfuil cónaí air nó uirthi in institiúidí, lena n-áirítear tithe scoir, árais leanaí, ionaid ghlactha, saoráidí coinneála nó ionaid chóiríochta d’iarrthóirí tearmainn;

Leasú  125

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) go raibh leibhéil foircneacha foréigin ann roimh an gcion nó go raibh siad ag gabháil leis;

(f) go raibh leibhéil foircneacha foréigin ann roimh an gcion nó ag gabháil leis nó gníomhartha mídhaonna, táireach nó uiríslithe go háirithe;

Leasú  126

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) go bhfuair an t-íospartach bás nó féinmharú nó go ndearnadh díobháil thromchúiseach fhisiciúil nó shíceolaíoch don íospartach mar thoradh ar an gcion;

(i) go bhfuair an t-íospartach bás nó féinmharú nó go ndearnadh díobháil thromchúiseach fhisiciúil nó shíceolaíoch don íospartach nó do na cleithiúnaithe mar thoradh ar an gcion;

Leasú  127

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1 – pointe j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) má ciontaíodh an ciontóir cheana i gcionta den chineál céanna;

(j) má ciontaíodh an ciontóir cheana i gcionta de chineál comchosúil;

Leasú  128

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 –mír 1 – pointe o a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(oa) gur i gcoinne ionadaí poiblí, iriseoir nó cosantóir chearta an duine a rinneadh an cion;

Leasú  129

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 –mír 1 – pointe o b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ob) gur bhain brabús nó gnóchan leis an gcion nó go ndearnadh é le hintinn brabús nó gnóchan a fháil;

Leasú  130

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 –mír 1 – pointe o c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(oc) gurbh é a bhí i gceist leis an gcoir ná “onóir” mar a thugtar air a chaomhnú nó a athbhunú i gcás duine, teaghlaigh, pobail nó grúpa eile dá shamhail;

Leasú  131

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 –mír 1 – pointe o d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(od) ba é aidhm na coire pionós a chur ar íospartaigh as a gclaonadh gnéasach, a léiriú inscne, a bhféiniúlacht inscne, a dtréithe gnéis, dath a gcraicinn, a reiligiún, a mbunús sóisialta nó a gcreideamh polaitiúil.

Leasú  132

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse a leathnú chuig cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 5 go 11 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a ndlínse a bhunú ar chionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a rinneadh lasmuigh dá gcríoch in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

Leasú  133

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcinneann siad a ndlínse a bhunú ar chionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5a agus in Airteagal 6a go hAirteagal 11 a rinneadh lasmuigh dá gcríoch agus a rinneadh:

 

(a)  in aghaidh a náisiúnach nó a ngnáthchónaitheoirí ar a gcríoch; 

 

(b)  ag ciontóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu ina gcríoch.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5 arb ionann í agus 20 bliana ar a laghad ón tráth a rinneadh an cion.

2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 arb ionann í agus 20 bliana ar a laghad ón tráth a rinneadh an cion;

Leasú  135

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 6 arb ionann í agus 10 bliana ar a laghad ón tráth a rinneadh an cion.

3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse teorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5a, in Airteagal 6a, 6b agus 6c arb ionann í agus 10 bliana ar a laghad ón tráth a rinneadh an cion;

Leasú  136

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh do thréimhse teorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 9 de 5 bliana ar a laghad tar éis deireadh a theacht leis an gcion coiriúil nó tar éis don íospartach teacht ar an eolas faoi.

4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh do thréimhse teorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 6d, Airteagal 7 agus Airteagal 9 de 5 bliana ar a laghad tar éis deireadh a theacht leis an gcion coiriúil nó tar éis don íospartach teacht ar an eolas faoi.

Leasú  137

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Sa bhreis ar chearta íospartach agus gearán á dhéanamh acu faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/29/AE, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh íospartaigh cionta coiriúla a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thuairisciú do na húdaráis inniúla ar bhealach éasca agus inrochtana. Áireofar leis sin go bhféadfaí cionta coiriúla a thuairisciú ar líne nó trí theicneolaíochtaí eile faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear an fhéidearthacht fianaise a thíolacadh, go háirithe maidir le tuairisciú cionta coiriúla ar chibearfhoréigean.

1. Sa bhreis ar chearta íospartach agus gearán á dhéanamh acu faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/29/AE, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh cionta coiriúla a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thuairisciú do na húdaráis inniúla ar bhealach éasca, sábháilte agus inrochtana, agus aird chuí á tabhairt ar a bpríobháideacht.  Áireofar leis sin an fhéidearthacht cionta coiriúla a thuairisciú ar líne nó trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide eile atá inrochtana agus slán, lena n-áirítear an fhéidearthacht fianaise a chur isteach, go háirithe maidir le cionta coiriúla cibearfhoréigin a thuairisciú; 

Leasú  138

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar chúnamh agus cúnamh dlíthiúil, saor in aisce agus i dteanga a thuigeann siad, agus cionta coiriúla á dtuairisciú acu agus le linn imeachtaí breithiúnacha;

Leasú  139

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbeidh an fhianaise uile daingnithe ón tráth is luaithe is féidir, lena n-áirítear trí mhodhanna teicniúla iomchuí.

Leasú  140

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear íospartaigh ar aghaidh chuig duine teagmhála speisialaithe laistigh den údarás inniúil beag beann ar ghearán coiriúil a bheith curtha isteach.

Leasú  141

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil a fhios aige nó aici, de mheon macánta, go bhfuil cionta foréigin in aghaidh ban nó foréigean teaghlaigh tar éis tarlú, nó go bhfuiltear ag súil le tuilleadh gníomhartha foréigin, chun é sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil a fhios aige nó aici nó a bhfuil amhras air nó uirthi, de mheon macánta, go bhfuil cionta foréigin in aghaidh ban nó foréigean teaghlaigh tar éis tarlú, nó go bhfuiltear ag súil le tuilleadh gníomhartha foréigin, chun é sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla gan eagla a bheith orthu faoi iarmhairtí diúltacha.

Leasú  142

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na rialacha rúndachta arna bhforchur ag an dlí náisiúnta ar ghairmithe ábhartha, amhail gairmithe cúraim sláinte, ina mbac ar a dtuairisciú do na húdaráis inniúla má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhfuil garbhaol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach fhisiciúil do dhuine mar gheall ar é a bheith faoi réir aon cheann de na cionta a chumhdaítear faoin Treoir seo. Más leanbh é an t-íospartach, beidh na gairmithe ábhartha in ann tuairisciú do na húdaráis inniúla má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go ndearnadh gníomh tromchúiseach foréigin a chumhdaítear faoin Treoir seo nó go bhfuiltear ag súil le tuilleadh gníomhartha tromchúiseacha foréigin.

3. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na rialacha rúndachta a fhorchuirtear leis an dlí náisiúnta ar ghairmithe ábhartha, amhail gairmithe cúraim sláinte agus oideachais, ina mbacainn ar a dtuairisciú do na húdaráis inniúla má tá forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch do dhuine toisc iad a bheith faoi réir aon cheann de na cionta a chumhdaítear faoin Treoir seo.  Más leanbh é an t-íospartach, beidh na gairmithe ábhartha in ann tuairisciú do na húdaráis inniúla má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go ndearnadh gníomh tromchúiseach foréigin a chumhdaítear faoin Treoir seo nó go bhfuiltear ag súil le tuilleadh gníomhartha foréigin.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. I gcás ina dtuairiscíonn leanaí cionta coiriúla a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte, rúnda, deartha agus inrochtana ar bhealach agus i dteanga atá fabhrach do leanaí, i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht. Má bhaineann an cion le sealbhóir na freagrachta tuismitheora, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil an tuairisciú coinníollach ar thoiliú an duine sin.

4. I gcás ina dtuairiscíonn leanaí cionta coiriúla a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte, rúnda, deartha agus inrochtana ar bhealach agus i dteanga atá fabhrach do leanaí, i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuideoidh gairmithe atá oilte chun oibriú le leanaí le nósanna imeachta tuairiscithe chun a áirithiú gur chun leasa an linbh iad.  Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh tuairisciú coinníollach ar thoiliú tuismitheora agus nach mbeidh aon oibleagáid ar na húdaráis inniúla sealbhóir freagrachta tuismitheora a chur ar an eolas láithreach faoin tuairisciú.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 16 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na húdaráis inniúla a bheidh i dteagmháil le híospartaigh a thuairiscíonn cionta maidir le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh sonraí pearsanta a bhaineann le stádas cónaithe an íospartaigh a aistriú chuig údaráis inniúla imirce, ar a laghad go dtí go mbeidh an chéad mheastóireacht aonair dá dtagraítear in Airteagal 18 curtha i gcrích.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear toirmeasc ar na húdaráis inniúla agus ar sheirbhísí eile a bhíonn i dteagmháil le híospartach a thuairiscíonn cionta foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh sonraí pearsanta a bhaineann le stádas cónaithe an íospartaigh a aistriú chuig na húdaráis inniúla imirce; 

Leasú  145

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Maidir le daoine, aonaid nó seirbhísí a dhéanann foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil saineolas leordhóthanach agus uirlisí éifeachtacha imscrúdaitheacha acu chun coireanna den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe chun fianaise leictreonach a bhailiú, a anailísiú agus a shlánú i gcásanna cibearfhoréigin.

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh saineolas leordhóthanach speisialaithe agus uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha ag daoine, aonaid nó seirbhísí a dhéanann foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh chun coireanna den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, go háirithe chun fianaise leictreonach a bhailiú, a anailísiú agus a dhaingniú i gcásanna cibearfhoréigin.

Leasú  146

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cionta tuairiscithe maidir le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a phróiseáil agus a aistriú gan mhoill chuig na húdaráis inniúla le haghaidh ionchúisimh agus imscrúdaithe.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cionta tuairiscithe foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a phróiseáil agus a aistriú gan mhoill chuig na húdaráis inniúla chun bearta cosanta a ghlacadh agus chun críocha imscrúdaithe agus ionchúisimh.

Leasú  147

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh na húdaráis inniúla líomhaintí maidir le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thaifeadadh agus a imscrúdú go pras agus go héifeachtach agus áiritheoidh siad go ndéanfar gearán oifigiúil a chomhdú i ngach cás.

3. Déanfaidh na húdaráis inniúla líomhaintí maidir le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thaifeadadh agus a imscrúdú go pras agus go héifeachtach agus áiritheoidh siad go gcoimeádfar taifead riaracháin i ngach cás agus go gcaomhnófar fianaise, cibé acu an leanann an t-imscrúdú ar aghaidh nó nach leanann. 

Leasú  148

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh na húdaráis inniúla íospartaigh a tharchur go pras chuig gairmithe cúraim sláinte nó seirbhísí tacaíochta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 29 chun cuidiú le fianaise a áirithiú, go háirithe i gcásanna foréigin ghnéasaigh, i gcás inar mian leis an íospartach cúisimh a thabhairt ina leith agus úsáid a bhaint as na seirbhísí sin.

4. Déanfaidh na húdaráis inniúla íospartaigh a tharchur go pras chuig gairmithe ábhartha cúraim sláinte nó chuig sainseirbhísí tacaíochta ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 27, 28, 29 agus 29a chun cabhrú le fianaise a dhaingniú, go háirithe i gcásanna foréigin ghnéasaigh.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear íospartaigh ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le fianaise a bhailiú a luaithe is féidir;

Leasú  149

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 17 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Ní bheidh imscrúduithe ar chionta dá dtagraítear in Airteagal 5 ná ionchúiseamh na gcionta sin ag brath ar thuairisciú nó cúiseamh arna dhéanamh ag íospartach nó ag a n-ionadaí, agus leanfar le himeachtaí coiriúla fiú má dhéantar an tuairisc nó an cúiseamh a tharraingt siar.

5. Ní bheidh imscrúduithe ar chionta dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6, agus Airteagal 6c ná ionchúiseamh na gcionta sin ag brath ar thuairisciú nó cúiseamh arna dhéanamh ag íospartach nó ag a n-ionadaí, agus leanfar le himeachtaí coiriúla fiú má dhéantar an tuairisc nó an cúiseamh a tharraingt siar.

Leasú  150

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoi chuimsiú an mheasúnaithe aonair atá le déanamh faoi Airteagal 22 de Threoir 2012/29/AE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar na gnéithe breise maidir le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh mar a leagtar amach i mír 2 go mír 7 den Airteagal seo.

1. Faoi chuimsiú an mheasúnaithe aonair atá le déanamh faoi Airteagal 22 de Threoir 2012/29/AE, áiritheoidh na Ballstáit, maidir le híospartaigh a chumhdaítear leis an Treoir seo, go ndéanfar measúnú ar na heilimintí breise a leagtar amach i míreanna 2 go 7 den Airteagal seo (an ‘measúnú aonair speisialaithe’).

Leasú  151

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an measúnú aonair sin a thionscnamh nuair a rachaidh an t-íospartach i dteagmháil den chéad uair leis na húdaráis inniúla. Fíoróidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla ar a dhéanaí an ndearnadh measúnú. Murab amhlaidh an cás, déanfaidh siad an scéal a leigheas trí mheasúnú a dhéanamh a luaithe is féidir.

2. Tionscnófar an measúnú aonair speisialaithe gan mhoill nuair a bheidh an t-íospartach i dteagmháil den chéad uair leis na húdaráis inniúla agus is gairmithe a bhfuil saineolas acu sa réimse seo a dhéanfaidh é.  Fíoróidh na húdaráis bhreithiúnacha inniúla go tráthúil agus ar a dhéanaí tráth a thionscnaítear imeachtaí coiriúla an ndearnadh measúnú den sórt sin.  Murab amhlaidh an cás, déanfaidh siad an scéal a leigheas trí mheasúnú speisialaithe aonair a dhéanamh. 

Leasú  152

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Díreoidh an measúnú aonair ar an riosca a eascraíonn ón gciontóir, lena n-áirítear an baol foréigin arís agus arís eile, baol díobhála coirp, úsáid arm, an ciontóir a bhfuil cónaí air leis an íospartach, mí-úsáid drugaí nó alcóil an chiontóra, mí-úsáid leanaí, saincheisteanna meabhairshláinte nó iompar stalcaireachta.

3. Díreofar sa mheasúnú aonair speisialaithe ar an riosca a bhaineann leis an gciontóir nó leis an amhrastach, lena n-áirítear an baol go ndéanfaí foréigean arís agus arís eile, an méid smachta a bhíonn á fheidhmiú ag an gciontóir nó an té a bhfuil amhras faoi maidir leis an íospartach agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith aige ar fhianaise a chaomhnú, ar an mbaol go ndéanfaí díobháil choirp nó shíceolaíoch, ar úsáid fhéideartha armán agus ar rochtain fhéideartha ar airm, ar chiontóir nó amhrastach atá ina chónaí leis an íospartach, mí-úsáid drugaí nó alcóil an chiontóra nó amhrastaigh, mí-úsáid leanaí, saincheisteanna meabhairshláinte, lena n-áirítear an baol féinmharaithe, nó iompar stalcaireachta.

Leasú  153

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú cúinsí aonair an íospartaigh, lena n-áirítear an bhfuil idirdhealú bunaithe ar mheascán inscne agus foras eile ann agus, dá bhrí sin, an bhfuil baol méadaithe foréigin ann, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar a chuntas féin agus measúnú a dhéanamh ar an gcás. Déanfar é a sheoladh ar mhaithe le leas an íospartaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngá le híospairt thánaisteach nó íospairt arís agus arís eile a sheachaint.

4. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú aonair speisialaithe imthosca aonair an íospartaigh, lena n-áirítear an ndéantar idirdhealú orthu bunaithe ar mheascán gnéis, inscne agus forais eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus, dá bhrí sin, go bhfuil baol níos airde foréigin rompu.  Áireofar sna himthosca a éilíonn aird ar leith go bhfuil an t-íospartach torrach, go bhfuil an t-íospartach ag brath ar an gciontóir nó go bhfuil gaol aige leis, an riosca go bhfillfidh an t-íospartach ar an gciontóir nó amhrastach, scaradh ó chiontóir nó amhrastach le déanaí, an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann go n-úsáidfí leanaí agus ainmhithe coimhdeachta chun an t-íospartach a rialú agus na rioscaí d’íospartaigh faoi mhíchumas.  Tabharfar aird ar leith freisin ar chuntas an íospartaigh féin agus ar mheasúnú ar an gcás. Déanfar é a sheoladh ar mhaithe le leas an íospartaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngá le híospairt thánaisteach nó íospairt arís agus arís eile a sheachaint.

Leasú  154

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta cosanta leordhóthanacha ar bhonn an mheasúnaithe aonair, amhail:

5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta cosanta leordhóthanacha ar bhonn an mheasúnaithe speisialaithe aonair, amhail:

Leasú  155

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 5 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) orduithe urchoisc agus srianta éigeandála nó orduithe cosanta a dheonú de bhun Airteagal 21 den Treoir seo;

(b) orduithe urchoisc agus srianta nó cosanta éigeandála a dheonú agus úsáid gabhála agus coinneála de bhun Airteagal 21 den Treoir seo;

Leasú  156

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Déanfar an measúnú aonair i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha go léir ag brath ar chéim na n-imeachtaí, agus ar sheirbhísí tacaíochta ábhartha, amhail ionaid chosanta íospartach agus ionaid dídine do mhná, seirbhísí sóisialta agus gairmithe cúraim sláinte.

6. Déanfar an measúnú speisialaithe aonair i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile ag brath ar chéim na n-imeachtaí agus ar na seirbhísí tacaíochta ábhartha, amhail ionaid cosanta íospartach, seirbhísí speisialaithe ban agus leanaí, ionaid dídine, seirbhísí sóisialta, seirbhísí cosanta nó leasa leanaí, gairmithe cúraim sláinte, sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh LGBTIQ agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

Leasú  157

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Déanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú aonair a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun a áirithiú go mbaineann na bearta cosanta le staid reatha an íospartaigh. Áireofar leis sin measúnú i dtaobh an gá bearta cosanta, go háirithe faoi Airteagal 21, a oiriúnú nó a dhéanamh.

7. Déanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú speisialaithe aonair a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, lena n-áirítear le linn tréimhsí tábhachtacha i gcás ina n-athraítear cearta caomhnóireachta nó cearta rochtana, chun a áirithiú go mbaineann na bearta cosanta le staid reatha an íospartaigh.  Áireofar sa mheasúnú speisialaithe aonair meastóireacht ar cé acu is gá nó nach gá bearta cosanta, go háirithe faoi Airteagal 21, a oiriúnú nó a dhéanamh.

Leasú  158

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Toimhdeofar go bhfuil riachtanais shonracha chosanta ag cleithiúnaithe na n-íospartach gan dul faoi na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1 go mír 6.

8. Toimhdeofar go bhfuil riachtanais shonracha chosanta ag cleithiúnaithe íospartach gan measúnú speisialaithe aonair a dhéanamh. 

Leasú  159

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Agus an measúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 18 á chur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar riachtanais tacaíochta an íospartaigh agus a gcleithiúnaí féin dá bhforáiltear faoi Chaibidil 4.

1. Áiritheoidh na Ballstáit, agus an measúnú speisialaithe aonair á chur san áireamh, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú rialta ar riachtanais aonair an íospartaigh agus ar a gcleithiúnaithe maidir le tacaíocht dá bhforáiltear faoi Chaibidil 4 (an ‘measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta na n-íospartach’).

Leasú  160

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Ní bheidh an measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta na n-íospartach agus soláthar seirbhísí tacaíochta ag brath ar íospartach an chiona choiriúil a thuairisciú.

Leasú  161

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 19 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh feidhm ag Airteagal 18(4) agus (7) maidir leis an measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta faoi mhír 1 den Airteagal seo.

2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18(4), (6) agus (7) maidir leis an measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta íospartach.

Leasú  162

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Más rud é go mbeidh riachtanais shonracha tacaíochta nó cosanta sainaitheanta ag na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 nó má iarrann an t-íospartach tacaíocht, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh seirbhísí tacaíochta i dteagmháil le híospartaigh chun tacaíocht a thairiscint.

1. Má sainaithníodh sa mheasúnú speisialaithe aonair agus sa mheasúnú aonair ar riachtanais tacaíochta na n-íospartach riachtanais shonracha cosanta nó tacaíochta nó má iarrann an t-íospartach tacaíocht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear sainseirbhísí tacaíochta do mhná, teagmháil le híospartaigh chun tacaíocht a thairiscint, agus aird chuí á tabhairt ar a sábháilteacht.

Leasú  163

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Freagróidh na húdaráis inniúla iarrataí ar chosaint agus ar thacaíocht ar bhealach tráthúil comhordaithe.

2. Freagróidh na húdaráis inniúla iarrataí ar chosaint agus ar thacaíocht, lena n-áirítear cúram leighis, gan mhoill agus ar bhealach comhordaithe.

Leasú  164

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 20 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás inar gá, beidh siad in ann íospartaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear finnéithe, a tharchur chuig seirbhísí tacaíochta gan toiliú roimh ré ó shealbhóir na freagrachta tuismitheora.

3. I gcás inar gá, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla íospartaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear finnéithe, a tharchur chuig sainseirbhísí tacaíochta gan toiliú a fháil roimh ré ó shealbhóir na freagrachta tuismitheora.

Leasú  165

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Orduithe coiscthe éigeandála, sriantachta agus cosanta

Orduithe urchoisc, srianta agus cosanta éigeandála, gabháil agus coinneáil

Leasú  166

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina mbeidh contúirt láithreach ann do shláinte nó do shábháilteacht an íospartaigh nó a gcleithiúnaithe, go n-eiseoidh na húdaráis inniúla orduithe a dhírítear ar chiontóir foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo chun áit chónaithe an íospartaigh nó a gcleithiúnaithe a fhágáil ar feadh tréimhse leordhóthanach ama agus chun cosc a chur ar an gciontóir dul isteach san áit chónaithe nó teagmháil a dhéanamh leis an íospartach nó lena gcleithiúnaithe ar bhealach ar bith. Beidh éifeacht láithreach ag orduithe den sórt sin agus ní bheidh siad ag brath ar íospartach a thuairiscíonn an cion coiriúil.

1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina mbeidh contúirt ann do shláinte nó do shábháilteacht an íospartaigh nó a gcleithiúnaithe, go n-eiseoidh na húdaráis inniúla orduithe gan mhoill a dhírítear ar chiontóir nó duine faoi amhras foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo chun áit chónaithe an íospartaigh nó a gcleithiúnaithe a fhágáil ar feadh tréimhse leordhóthanach ama agus chun toirmeasc a chur ar an gciontóir nó ar an amhrastach dul isteach san áit chónaithe sin nó ar láthair oibre an íospartaigh, nó teacht níos gaire ná achar forordaithe dóibh nó teagmháil a dhéanamh leis an íospartach, lena gcleithiúnaithe nó lena n-ionad oibre ar bhealach ar bith.  Beidh éifeacht láithreach ag orduithe den sórt sin agus ní bheidh siad ag brath ar íospartach a thuairiscíonn an cion coiriúil. Féadfaidh orduithe den sórt sin a bheith comhlántach le horduithe mar atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 2a.

Leasú  167

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear bearta faireacháin leictreonacha nó bearta maoirseachta eile chun forfheidhmiú na n-orduithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a áirithiú agus chun cosaint an íospartaigh a mhéadú.

Leasú  168

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla breithniú ar ordú a thabhairt, gan mhoill, chun duine a bhfuil amhras faoi a ghabháil agus a choinneáil i gcásanna ina bhfuil contúirt láithreach ann don íospartach nó do na cleithiúnaithe nó chun fianaise a chaomhnú.

Leasú  169

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2c. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear orduithe urchoisc, srianta nó cosanta éigeandála mar ionadach ar ghabháil agus ar choinneáil i gcás ina bhfuil baol ann go ndéanfar foréigean tromchúiseach arís agus arís eile i gcoinne íospartaigh nó cleithiúnaithe.

Leasú  170

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 2 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2d. I gcás ina bhfuil ciontóir faoi réir coinneála, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear an t-íospartach ar an eolas nuair a scaoilfear saor an ciontóir.

Leasú  171

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Beidh aon sáruithe ar urchosc éigeandála nó ar orduithe sriantachta agus cosanta faoi réir pionóis choiriúla nó pionóis dhlíthiúla eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

4. Beidh aon sáruithe ar urchosc éigeandála nó ar orduithe sriantachta agus cosanta faoi réir pionóis choiriúla nó pionóis dhlíthiúla eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear íospartaigh ar an eolas faoi aon sárú ar orduithe den sórt sin.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar sáraíodh ordú den sórt sin, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú láithreach ar an ngarbhaol féideartha go ndéanfaí díobháil agus go ndéanfaidh siad na bearta cosanta is gá.

Leasú  172

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 21 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina n-eisítear orduithe urchoisc, srianta nó cosanta, go gcuirfear déantóirí na coire ar an eolas faoi chláir speisialaithe lena dtugtar aghaidh ar fhoréigean inscnebhunaithe.

Leasú  173

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 23 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Eiseoidh na Ballstáit treoirlínte do na húdaráis inniúla atá ag gníomhú in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear treoirlínte ionchúisimh agus breithiúnacha, maidir le cásanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh. Áireofar sna treoirlínte sin treoir maidir leis an méid seo a leanas:

Eiseoidh na Ballstáit treoirlínte speisialaithe do na húdaráis inniúla atá ag gníomhú in imeachtaí coiriúla agus, i gcás inarb ábhartha, in imeachtaí sibhialta, amhail imeachtaí coimeádta, lena n-áirítear treoirlínte ionchúisimh agus breithiúnacha, maidir le cásanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh. Beidh na treoirlínte sin inscne-íogair agus beidh treoir iontu maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  174

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 23 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) conas is féidir a áirithiú go ndéanfar gach cineál foréigin den sórt sin a shainaithint go cuí;

(a) conas is féidir a áirithiú go ndéanfar gach cineál foréigin den sórt sin a shainaithint go cuí agus go ndéanfar fianaise ábhartha a bhailiú agus a chaomhnú, lena n-áirítear fianaise ar líne;

Leasú  175

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 23 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) An bealach leis an measúnú aonair a dhéanamh faoi Airteagal 18 agus Airteagal 19;

(b) conas measúnú aonair speisialaithe agus measúnú aonair a dhéanamh ar riachtanais tacaíochta na n-íospartach, lena n-áirítear a mhinice atá measúnuithe den sórt sin le nuashonrú;