TUARASCÁIL maidir le striapachas a rialáil in AE: a impleachtaí trasteorann agus a thionchar ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban
30.8.2023 - (2022/2139(INI))
An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
Rapóirtéir: Maria Noichl
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le striapachas a rialáil in AE: a impleachtaí trasteorann agus a thionchar ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d'Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus dá thiomantas comhionannas inscne a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile an Aontais,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl’), go háirithe Airteagail 1 agus 4 de,
– ag féachaint d’Airteagal 6 de Choinbhinsiún 1979 maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), arb é is aidhm dó deireadh a chur le gach cineál gáinneála agus dúshaothraithe ar mhná atá i striapachas,
– ag féachaint d’Airteagail 4 agus 5 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine 1948,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ó 1949 chun an Gháinneáil ar Dhaoine agus chun Dúshaothrú Striapachas Daoine eile a Dhíchur,
– ag féachaint do Phrótacal Palermo 2000 chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith, ar Prótacal é lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus atá ag gabháil leis,
– ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[1],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le straitéis AE chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025 (COM(2021)0171),
– ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle[2] (an Treoir maidir le Frithgháinneáil),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (COM(2022)0732),
– ag féachaint do rún uaithi an 26 Feabhra 2014 maidir le teacht i dtír gnéasach agus striapachas agus a thionchar ar chomhionannas inscne[3],
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint[4],
– ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 33 (2015) ón gCoiste um Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 3 Lúnasa 2015 maidir le rochtain na mban ar cheartas,
– ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 37 (2018) ón gCoiste um Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 13 Márta 2018 maidir le gnéithe a bhaineann le hinscne de laghdú rioscaí tubaiste in aeráid atá ag athrú,
– ag féachaint do thuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta maidir le foréigean in aghaidh na mban, na cúiseanna agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an 19 Feabhra 2000 maidir le gáinneáil ar mhná, imirce na mban agus foréigean in aghaidh na mban,
– ag féachaint d’obair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le gáinneáil ar dhaoine, mná agus leanaí go háirithe,
– ag féachaint d’obair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun sláinte,
– ag féachaint do straitéis dhomhanda SEIF na Náisiún Aontaithe 2021-2026,
– ag féachaint d’fhoilseachán Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 20 Bealtaine 2002 dar teideal ‘Recommended Principles and Guidelines on Human Rights and Human Trafficking’ [Prionsabail agus Treoirlínte Molta maidir le Cearta an Duine agus Gáinneáil ar Dhaoine],
– ag féachaint do thuarascáil ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an 10 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh lena gcothaítear gáinneáil chun críche teacht i dtír gnéasach a dhíspreagadh’],
– ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 38 (2020) ón gCoiste um Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 20 Samhain 2020 maidir le gáinneáil ar mhná agus ar chailíní i gcomhthéacs na himirce domhanda,
– ag féachaint do thuarascáil ó Chomhairle na hEorpa an 12 Aibreán 2021 dar teideal ‘Second General Report on GREVIO’s Activities’ [An Dara Tuarascáil Ghinearálta maidir le Gníomhaíochtaí GREVIO],
– ag féachaint do thuarascáil ó Chomhairle na hEorpa ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 dar teideal Impact of Covid-19 on Women’s Access to Justice [Tionchar Covid-19 maidir le Rochtain na mBan ar Cheartas’;
– ag féachaint do rún ó Chomhairle na hEorpa an 8 Aibreán 2014 dar teideal ‘Prostitution, trafficking and modern slavery in Europe’ [Striapachas, gáinneáil agus sclábhaíocht nua-aimseartha san Eoraip],
– ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-268/99[5],
– ag féachaint don chás leanúnach a cuireadh in iúl 63664/19, 64450/19, 24387/20 et al. ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 12 Aibreán 2021,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0240/2023),
A. de bhrí gur tháinig na Náisiúin Aontaithe agus AE ar chomhaontú maidir le teanga mar striapachas agus daoine/mná i striapachas; de bhrí gur ceannach gnímh ghnéasaigh é striapachas, ar féidir é a shainmhíniú mar shirtheoireacht, glacadh nó fáil gnímh ghnéasaigh ó dhuine i gcás striapachais mar mhalairt ar luach saothair, gealltanas luach saothair, soláthar sochair chomhchineáil nó gealltanas sochair den sórt sin; de bhrí go n-aithnítear sa tuarascáil seo go dtagraíonn roinnt daoine atá i striapachas dóibh féin mar ‘oibrithe gnéis’ agus go mbaineann roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta úsáid as an téarma sin; de bhrí gurb é sin féinthuairisc roinnt daoine atá i striapachas agus a mheasann gur fostaíocht ghairmiúil í, ach nach ndéanann ionadaíocht ach ar mhionlach daoine atá i striapachas, cé go bhfuil siad dea-eagraithe agus infheicthe go poiblí[6], [7]; de bhrí go leagtar béim sa tuarascáil sin ar a thábhachtaí atá ceart gach duine chun féinaitheanta i ndáil leis sin, de bhrí go n-úsáidtear sa tuarascáil seo, áfach, d’aon ghnó agus go heisiach, téarmaí neodracha, eadhon daoine agus go háirithe mná i striapachas, ós rud é nach mian linn réaltacht an striapachais a idéalú ná an foréigean, an mhí-úsáid agus an dúshaothrú atá ag tromlach mór na ndaoine, go háirithe mná agus cailíní, atá i striapachas a cheilt; de bhrí gur mian linn urraim a thabhairt d’fhormhór mór na ndaoine atá i striapachas nach measann gur gnáthphost ná deis ghairme é, a d’fhágfadh an tionscal gnéis dá bhféadfaidís agus a mheasann gur cineál foréigin é an striapachas; de bhrí, tríd an téarma striapachais a úsáid agus mná/daoine i striapachas, nach bhféachtar leis an tuarascáil seo le hidirdhealú a dhéanamh in aghaidh aon duine ná iad a stiogmatú nó dímheas a léiriú ina dtaobh; de bhrí nár cheart coiriúlacht ná moráltacht a thabhairt faoi deara leis an bhfoclaíocht sin;
B. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach cearta gach duine aonair a áirithiú chun sláine coirp agus neamhspleáchas pearsanta a urramú, chun príobháideachas a ráthú agus chun cearta agus dínit na mban a áirithiú sa tsochaí i gcoitinne; de bhrí nach mór comhionannas agus urraim do chearta daoine a ráthú, lena n-áirítear cinntí a dhéanamh maidir lena gcorp féin, rochtain a fháil ar chúram sláinte agus maireachtáil saor ó idirdhealú, ó chomhéigean agus ó fhoréigean, lena n-áirítear foréigean gnéasach, a bheith i gcroílár bheartais na mBallstát agus AE;
C. de bhrí nach mór gnéas a bheith bunaithe ar thoiliú, nach féidir a thabhairt ach faoi shaoirse agus go deonach, agus nach féidir malartú airgid a chur ina ionad; de bhrí go laghdaíonn striapachas gníomhartha dlúthchaidrimh go luach airgid sannta; de bhrí gur sárú ollmhór ar chearta agus ar dhínit na mban é teacht i dtír gnéasach trí striapachas daoine eile agus go dtugtar le tuiscint leis gur féidir duine agus a dtoiliú do ghníomhaíocht ghnéasach a cheannach ar shuim ar leith;
D. de bhrí go gcothaítear sláinte ghnéis agus atáirgthe trí chur chuige sláintiúil maidir le gnéasacht, bunaithe ar urraim fhrithpháirteach;
E. de bhrí go bhfuil striapachas ann laistigh de chóras ina mbíonn gníomhaithe éagsúla ag idirghníomhú, le máistrí striapach agus daoine eile atá ag iarraidh a mbrabús ó striapachas agus ó cheannaitheoirí gnéis, arb ionann iad agus an t-éileamh, a uasmhéadú;
F. de bhrí go gcuirtear in iúl sa bhrollach, i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i ndáil le Suppression of the Traffic in Persons and of the Exploitation of the Prostitution of Others, go bhfuil striapachas agus olc na gáinneála ar dhaoine chun críche striapachais ag teacht salach ar dhínit agus ar fhiúntas an duine dhaonna;
G. de bhrí gur timpeallacht é an striapachas sráide atá gan choinníollacha daonnachtúla do mhná;
H. de bhrí go léiríonn staidéir éagsúla[8], [9] go mbíonn ar mhná atá i striapachais aghaidh a thabhairt ar sháruithe, foréigean agus dúshaothrú níos iomláine ar chearta an duine ná ar mhná ar an meán, lena n-áirítear ardleibhéil foréigin inscnebhunaithe, shíceolaíoch, fhisiciúil agus ghnéasaigh; de bhrí go dtuairiscíonn mná atá i striapachas tráma atá inchomparáide le híospartaigh chéasta agus gur éigníodh líon ard ban atá i striapachas ó chuaigh na mná isteach sastriapachais[10], [11], [12]; de bhrí, i gcásanna áirithe, go gcuireann siad suas le mí-úsáid institiúideach agus tuilleadh dúshaothraithe; de bhrí go bhféadfadh sé go n-áireofaí i measc dhéantóirí na coire ní hamháin ceannaitheoirí foréigneacha agus tríú páirtithe dúshaothraithe amhail máistrí striapach, ach freisin, uaireanta, údaráis forfheidhmithe dlí[13], [14]; de bhrí nach ndéantar coireanna ina gcoinne a thuairisciú, a imscrúdú ná píonós a dháileadh ina leith;
I. de bhrí go ndéanann tionscal na phornagrafaíochta agus an teacht i dtír tráchtála ar líne, trí léiriú follasach a dhéanamh ar chleachtais ghnéasacha neamh-ionsamhlaithe, beag is fiú den fhoréigean gnéasach in aghaidh na mban agus na gcailíní agus é a bhuanú, den trachtearrú ar choirp na mban, agus steiréitíopaí díobhálacha inscne a mbíonn tionchar ag striapachas orthu freisin;
J. de bhrí, ós rud é go bhfuil daoine agus go háirithe mná atá i striapachas imeallaithe go traidisiúnta agus coiriúlaithe de facto, go bhfuil sé tábhachtach cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a leanúint[15], agus é á chur san áireamh gur minic a mbíonn daoine atá i striapachas i staid leochaileach, gur minic nach mbíonn siad ar an eolas faoina gcearta, ós rud é go bhfuil a rochtain ar an gceartas curtha i mbaol de ghnáth ag steiréitíopaí idirdhealaitheacha agus stiogma; de bhrí go gciallaíonn toimhde na coiriúlachta do dhaoine atá i striapachas agus i gcóir idirdhealaitheach go minic go mbíonn drogall ar dhaoine atá i striapachas cásanna mí-úsáide agus foréigin a thuairisciú d’údaráis nó rochtain ar an gceartas a lorg mar gheall ar an eagla go ndéanfaí neamhaird orthu, nach bhfaighidh siad aon tacaíocht nó go ngearrfar fíneáil orthu, go gcoinneofar iad nó go ndíbreofar[16]+iad nó go gcuirfí imscrúdú coiriúil orthu féin[17]; de bhrí go bhfuil géarghá, dá bhrí sin, le hoiliúint rialta d’údaráis forfheidhmithe i ngach Ballstát chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go measúil le daoine, go háirithe mná agus daoine LGBTIQ+, atá i striapachas;
K. de bhrí go bhfuil rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear sláinte gnéis agus atáirgthe ríthábhachtach do dhaoine atá i striapachas chun a sláinte a choinneáil; de bhrí, i roinnt Ballstát, amhail an Pholainn, go bhfuil srian mór curtha ar rochtain ar na forálacha cúraim sláinte sin, rud is cúis le strus míchuí agus imní mhíchuí chomh maith le héifeachtaí díobhálacha sláinte dóibh siúd a bhfuil gá acu léi; de bhrí, de réir roinnt staidéar[18], go bhféadfaí ionfhabhtuithe VEID a laghdú 33-46 % sna deich mbliana amach romhainn dá ndéanfaí daoine atá i striapachas striapachas a dhíchoiriúlú; de bhrí go n-eascraíonn úsáid níos ísle coiscíní as coiriúlú daoine, go háirithe mná, atá i striapachas, as a n-eascraíonn cásanna níos airde d’ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus galair ghnéas-tarchurtha; de bhrí go bhfuil rochtain chomhionann ar chógais coisctheacha VEID, amhail drugaí PREP agus/nó PEP, ar fud AE in easnamh; de bhrí go bhfuil sé trí oiread níos dóchúla go bhfulaingeoidh mná agus daoine LGBTIQ+ atá i striapachas a bhí faoi lé póilíneachta, foréigean gnéasach nó fisiciúil, agus dhá oiread níos dóchúla go mbeidh VEID orthu[19];
L. de bhrí go bhfuil striapachas ag aistriú go dtí an spás fíorúil, beag beann ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm; de bhrí go mbaineann sé sin ní hamháin leis an bpróiseas earcaíochta agus tionscnaimh, ach freisin leis an gcaoi a dtarlaíonn an gníomh gnéasach féin; de bhrí go bhfuil na héifeachtaí díobhálacha céanna ag striapachas sa spás fíorúil ar mhná atá i striapachas agus atá acu san fhíorshaol, cé gur féidir, i gcásanna áirithe, leis an achar fisiceach, cabhrú le nochtadh do chineálacha áirithe foréigin a laghdú; de bhrí go bhfuil sé níos éasca ag dara páirtithe agus tríú páirtithe dúshaothraithe amhail ceannaitheoirí, gáinneálaithe agus máistrí striapach a n-anaithnideacht a áirithiú mar gheall ar theicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha nua, rud a fhágann go bhfuil forfheidhmiú an dlí níos deacra; de bhrí gur gá bearta rialála a dhíriú go háirithe ar fhógraíocht ar líne agus ar éascú teagmhála chun éifeachtúlacht a áirithiú chun dúshaothrú daoine eile trí striapachas a chosc, mar a léirítear freisin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Frithgháinneáil, ina ndéantar tagairt shainráite don ghá atá le gáinneáil ar dhaoine arna héascú le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear an t-idirlíon agus na meáin shóisialta, a chomhrac ar bhealach níos fearr;
M. de bhrí go bhfuil go leor tosca ina gcúis le daoine a bheith sa striapachas agus fanacht sa striapachas, go háirithe bochtaineacht a eascraíonn as éagóir shóisialta agus eisiamh sóisialta, neamhionannais, fostaíocht theoranta nó deiseanna fiontraíochta teoranta, andúil i ndrugaí, foréigean struchtúrach agus idirdhealú trasnach, easpa deiseanna sábháilte agus dleathacha imirce agus beartais chuimsitheacha lánpháirtíochta, beartais oideachais, shóisialta agus saothair easnamhacha, réamhchoinníollacha sóisialta agus eacnamaíocha eile agus roghanna teoranta slí beatha, a bhfuil baint acu uile le cásanna na mban a ghéarú agus a stádas sóisialta a ísliú, rud a fhágann go bhfuil easpa roghanna malartacha ann ar dhul isteach sa striapachas;
N. de bhrí gurb iad na mná agus na leanaí i gcásanna bochtaineachta agus a ndéanann idirdhealú struchtúrach agus trasnach difear dóibh is leochailí i leith teacht i dtír gnéasach trí striapachas agus sclábhaíocht, chomh maith le grúmaeireacht, ‘modh loverboy’ agus ionradh trí líonraí coiriúla (mná a chur i mbun striapachas); de bhrí, i measc nithe eile, go n-úsáidtear andúil i ndrugaí go minic mar mhodh chun íospartaigh a mhealladh isteach agus a sháinniú sa striapachas; de bhrí nár tugadh aghaidh go leordhóthanach fós, le cur chun feidhme na mbeartas agus na ndlíthe reatha uile, ar na bunchúiseanna sin ná ar an stiogma agus an t-idirdhealú a bhíonn os comhair daoine, go háirithe mná, sa striapachas;
O. de bhrí go bhfuil grúpaí faoi chosaint, amhail leanaí, daoine óga, daoine atá ina gcónaí faoi mhíchumas meabhrach agus fisiceach agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, faoi réir teacht i dtír carnach i bhfoirm mí-úsáide gnéasaí, gnéaschiaptha agus éignithe;
P. de bhrí gur gné leanúnach de mhargadh saothair AE í an éiginnteacht, atá i bhfabhar charnadh brabúis ag grúpaí móra eacnamaíocha agus a dhéanann difear go príomha do mhná, a fhulaingíonn idirdhealú pá, gur dóchúla go mbeidh siad in obair pháirtaimseartha agus, dá bhrí sin, go dtuilleann siad pá níos ísle, go bhfuil rochtain níos lú acu ar chosaint shóisialta agus go bhfuil níos lú deiseanna acu maidir le neamhspleáchas eacnamaíoch;
Q. de bhrí go gcuireann claontacht agus steiréitíopaí bac ar mhná a n-uaillmhianta a shaothrú agus a bhaint amach, rud choinníonn siar iad agus a chuireann iallach orthu saol atá buailte ag an mbochtaineacht a bhaint amach gan aon ní as bealach a dhéanamh iad féin;
R. de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt go práinneach agus go críochnúil ar na cúiseanna sin chun dul i ngleic leis na himthosca agus na baic a chruthaíonn easpa roghanna malartacha ar striapachas; de bhrí gur gá do na bearta sin cur chuige iomlánaíoch a leanúint, arb é is aidhm dó sochaí atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach trí dhíriú ar bheartais oideachais, shóisialta, saothair agus imirce chun leochaileachtaí agus soghabhálacht i leith dúshaothrú nó roghanna a ghlactar bunaithe ar easpa roghanna a laghdú; de bhrí gur gá do AE tacú le tíortha comharsanachta agus tíortha nach bhfuil san Aontas freisin chun cur ar chumas na dtíortha sin cistiú a mhéadú le haghaidh tacaíocht shóisialta agus rochtain ar sheirbhísí d’íospartaigh ionchasacha na gáinneála agus an teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear trí thacaíocht oideachais, shíceolaíoch agus shóisialta ó speisialtóirí, agus seirbhísí speisialaithe a thabhairt isteach atá tiomnaithe do chuimsiú iomlán sóisialta agus eacnamaíoch na mban agus na gcailíní i gcásanna leochaileacha chun iad a chosaint ar riosca an teacht i dtír gnéasaigh;
S. de bhrí go bhfuil an coincheap ‘sugar daddyism’ [grá na hailpe] scanrúil agus go háirithe forleathan in áiteanna amhail ollscoileanna, ach freisin trí líonraí sóisialta agus ar líne; de bhrí go bhfuil fógraí ann lena spreagtar striapachas mac léinn, go háirithe mná óga, agus teacht i dtír gnéasach ar mhionaoisigh ag fir atá saibhir agus a bhfuil tionchar acu; de bhrí go raibh ar údaráis gníomhú chun cineál forleathan an chleachtais sin a íoslaghdú; de bhrí gur cheart do dhéagóirí faisnéis agus oideachas críochnúil a fháil maidir leis na modhanna a úsáideann coirpigh chun idirghníomhaíochtaí a thionscnamh chun a áirithiú go bhfuil siad níos eolaí, níos airdeallaí agus níos fairí faoin mbeart sin, agus faoi bhearta ‘loverboy’ [cluanaí], tionscnamh teagmhála ar líne agus sáinniú ina dhiaidh sin;
T. de bhrí go measann comhlachtaí ionchúisimh na hÍsiltíre, as thart ar 30 000 duine atá i striapachas san Ísiltír, maidir le suas le 70 % díobh, gur mar gheall ar fhoréigean nó gur mheall cluanaí iad dul isteach sa striapachas;
U. de bhrí gur mhaith le tromlach na mban imeacht ón striapachas[20]; de bhrí go gcuireann an easpa clár scoir ardcháilíochta atá inrochtana go héasca agus atá maoinithe go leordhóthanach faoi chur chuige iomlánaíoch bac orthu siúd ar mian leo imeacht ón striapachas[21]; de bhrí gur cheart iarrachtaí a dhéanamh glacadh agus cur chun feidhme clár scoir a chur chun cinn, ar cláir iad ina bhfuil cúram cuimsitheach agus tacaíocht chun cabhrú le daoine atá i striapachas deacrachtaí a shárú agus rochtain ar fhostaíocht shábháilte agus chobhsaí a éascú;
V. de bhrí gur minic gur próiseas deacair agus fada é an striapachas a fhágáil lena n-éilítear tacaíocht shocheacnamaíoch chuimsitheach, lena n-áirítear buiséid leordhóthanacha agus comhairleoireacht aonair agus na tosca tarraingthe agus brú éagsúla á gcur san áireamh, chun cláir thacaíochta atá dírithe ar riachtanais a sholáthar agus chun go mbeidh rath ar na cláir sin do dhaoine ar mian leo imeacht ón striapachas; de bhrí go bhfuil caidreamh sóisialta laistigh de phobal agus idir daoine aonair tábhachtach chun bealaí amach a chur chun cinn; de bhrí gur cheart do na Ballstáit cláir choisc, conairí amach, cláir scoir agus chuimsithe agus cláir oideachais leathana dhoimhne maidir le gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach, striapachas agus toiliú a chur chun cinn, i scoileanna agus sa tsochaí i gcoitinne araon, go háirithe i dtír thionscnaimh nó i dtíortha tionscnaimh an duine atá i striapachas; de bhrí gur cheart go n-áireofaí ar na cláir sin cóiríocht shábháilte, cúram slán, cóir leighis leormhaith, cabhair shíceolaíoch (teiripe tráma), deiseanna oideachais/oiliúna, tacaíocht do lánpháirtiú sa gheilleagar i gcoitinne agus cúnamh speisialaithe do mhná a bhfuil andúil acu agus do mhná a bhfuil leanaí acu; de bhrí go bhfuil roinnt clár cistiúcháin bunaithe ag AE chun tacú leis an obair thábhachtach sin agus gur cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cláir sin atá ar fáil dóibh;
W. de bhrí gur luaigh Ursula von der Leyen roimhe seo nach gairm cosúil le haon ghairm eile é striapachas agus gur cheart go mbeadh sé mar sprioc i gcónaí í a fhágáil;
X. de bhrí go bhfuil nasc láidir idir striapachas agus gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach; de bhrí go sainmhínítear gáinneáil ar dhaoine mar dhaoine a earcú, a iompar, a aistriú, a choinneáil nó a fháil trí bhagairt, trí fhorneart, trí chalaois, trí mheabhlaireacht, trí fhuadach, trí mhí-úsáid cumhachta, trí staid leochaileachta nó trí chineálacha eile comhéigin, agus é mar aidhm leas a bhaint astu ar mhaithe le brabús a dhéanamh; de bhrí gur saincheist í an gháinneáil ar dhaoine in go leor réimsí[22]agus limistéar, ach, mar a léiríodh sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine[23], tá gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach fós ar an gcineál gáinneála is forleithne ar dhaoine in AE, ós rud é go ndéantar gáinneáil ar 51 % d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine in AE le haghaidh teacht i dtír gnéasach[24]; de bhrí, de réir ESCE, go ngineann gáinneáil chun críche teacht i dtír gnéasach beagnach USD 100 billiún in aghaidh na bliana amháin[25], arb é atá inti den chuid is mó airgead a íocann fir as gnéas le mná a ndéantar gáinneáil orthu; de bhrí go luaitear in Airteagal 2 den Treoir maidir le Frithgháinneáil nach mbaineann toiliú íospartaigh na gáinneála ar dhaoine leis an dúshaothrú, bíodh sé beartaithe nó iarbhír, nuair a fhaightear é trí íocaíochtaí nó sochair a thabhairt nó a fháil; de bhrí gur féidir le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a bheith de gach gnéas, inscne, aois agus cúlra, ach de bhrí go ndéanann gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach difear díréireach do mhná, do chailíní agus do ghrúpaí imeallaithe i mBallstáit AE agus ar fud an domhain; de bhrí gur minic a úsáideann gáinneálaithe foréigean, gníomhaireachtaí fostaíochta calaoiseacha agus gealltanais bhréige maidir le deiseanna oideachais nó fostaíochta chun dallamullóg a chur ar a n-íospartaigh agus iad a chomhéigniú agus chun tairbhe a bhaint as líonra coiriúil atá an-fhorbartha agus dea-mhaoinithe;
Y. de bhrí gur ó Bhallstáit eile AE den chuid is mó iad íospartaigh na gáinneála ar dhaoine le haghaidh teacht i dtír gnéasach laistigh de AE, cé go dtagann go leor íospartach ón Áise Thoir Theas agus ó Mheiriceá Laidineach freisin; de bhrí go bhfuil naisc láidre idir striapachas agus pornagrafaíocht, chomh maith le gníomhaíochtaí coireachta eagraithe amhail gáinneáil ar leanaí, teacht i dtír gnéasach ar mhionaoisigh agus mí-úsáid ghnéasach leanaí[26], [27]; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun mná agus cailíní a chosaint ar gháinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach agus chun deireadh a chur le saoirse ó phionós do dhéantóirí na coire;
Z. de bhrí go nochtar i dtuarascáil ó Oifig Phóilíní Coiriúla Chónaidhme na Gearmáine go ndéantar níos mó ná leath de na cásanna gáinneála ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach sa Ghearmáin a ionchúiseamh mar gheall ar thuairisciú tríú páirtí; de bhrí, mar chonclúid, go luaitear sa tuarascáil gurb annamh a aithníonn íospartaigh an dúshaothraithe iad féin mar íospartaigh den sórt sin agus gur minic a staonann siad ó thuairisciú mar gheall ar easpa muiníne sna húdaráis agus sna póilíní;
AA. de bhrí go mbaineann gáinneálaithe daoine úsáid as críocha na Cipire atá faoi fhorghabháil na Tuirce chun dúshaothrú a dhéanamh ar mhná leochaileacha le gealltanas víosaí mac léinn agus clárú mac léinn, chun iad a chomhéigniú i striapachas ar theacht dóibh agus chun iad a chur faoi dhálaí maireachtála mídhaonna; de bhrí go bhfeidhmíonn críocha na Cipire faoi fhorghabháil na Tuirce mar limistéar saor ó phionós do gháinneálaithe ar dhaoine atá ag obair sa striapachas;
AB. de bhrí go bhfuil tionchar treisithe láidir ag imeachtaí amhail coinbhleachtaí idirnáisiúnta agus cruatan eacnamaíoch ar threochtaí gáinneála ar dhaoine[28]; de bhrí go bhfuil mná agus mionaoisigh atá gan tionlacan nó ag taisteal le strainséirí an-leochaileach i leith gáinneáil le haghaidh teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach;
AC. de bhrí go bhfuil striapachas, an teacht i dtír[29] agus an gháinneáil a bhaineann leis chun críche teacht i dtír gnéasach[30] ag méadú i roinnt réigiún san Eoraip; de bhrí, de réir tuarascáil ó Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta[31], gur tháinig laghdú ar na figiúirí ar fud an domhain mar gheall ar thionchar shrianta agus dhianghlasálacha COVID-19; de bhrí gurbh í an gháinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach an cineál gáinneála ar dhaoine ba mhó in AE in 2021[32] agus gur cineál tromchúiseach foréigin é a dhéanann difear do mhná agus do chailíní den chuid is mó; de bhrí go bhfuil striapachas, dúshaothrú agus gáinneáil le haghaidh teacht i dtír gnéasach inscne-shonrach, go bhfuil gné dhomhanda ag baint leo agus go bhfuil tionchar acu ar na baill is imeallaithe dár sochaithe; de bhrí gur mná agus cailíní formhór mór na ndaoine sa striapachas agus gur fir den chuid is mó iad ceannaitheoirí gnéis[33]; de bhrí, sa chomhthéacs sin, ní hamháin go ndéanann striapachas dochar do mhná sa striapachas amháin, ach go méadaíonn sé tuilleadh neamhionannais idir mná agus fir; de bhrí, dá bhrí sin, gur cúis agus iarmhairt ar neamhionannais inscne í an striapachas, agus an dúshaothrú agus gáinneáil le haghaidh teacht i dtír gnéasach a bhaineann léi agus gur fadhb dhomhanda atá ag dul i méid í a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a éilíonn ar na húdaráis sna Ballstáit comhoibriú chun aghaidh a thabhairt uirthi; de bhrí go gcaithfidh ceapadh beartas cosaint na ndaoine is leochailí inár sochaí a áirithiú; de bhrí go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit uile gáinneáil ar dhaoine agus coireacht eagraithe a dhíspreagadh agus deireadh a chur léi;
AD. de bhrí gurb é príomhaidhm na mbeart reachtach uile a bhaineann le striapachas sna Ballstáit mná agus cailíní a chosaint ar dhúshaothrú; de bhrí go ndéantar córais dlí éagsúla agus cineálacha éagsúla cur chuige beartais a chur chun feidhme ar fud Bhallstáit AE, le samhlacha agus fo-mhúnlaí éagsúla; de bhrí go bhfuil neamhshiméadracht i measc na reachtaíochta náisiúnta striapachais laistigh de AE; de bhrí go bhfuil éifeachtaí éagsúla ag bearta rialála éagsúla nó easpacha maidir le striapachas, a mbíonn tionchar acu ar thuiscint na sochaí ar chomhionannas inscne agus ar chearta agus dínit na mban agus a chuireann teachtaireachtaí agus noirm in iúl, lena n-áirítear maidir le foréigean in aghaidh na mban; de bhrí nach dtugann cur chun feidhme na mbeartas agus na ndlíthe reatha aghaidh go leordhóthanach ar na bunchúiseanna nó ar an stiogma, ar an idirdhealú nó ar an bhforéigean a bhíonn os comhair daoine atá i striapachas; de bhrí gur gá meastóireacht réalaíoch a dhéanamh ar thionchar na samhlacha uile chun a fheiceáil cé na bearta agus na straitéisí atá bunaithe ar chearta bunúsacha lena gcosnaítear cearta na mban agus chun comhionannas inscne a chur chun cinn ar an mbealach is fearr; de bhrí, dá bhrí sin, gur cheart diúltú don bhuntuiscint de chath idé-eolaíoch róshimplithe agus cur chuige dénártha lena ndéantar an díospóireacht a dheighilt ina dhá campa, ós rud é go bhfuil baol ann go dtabharfaí neamhaird ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bearta agus straitéisí áirithe;
AE. de bhrí go bhfuil impleachtaí trasteorann ag striapachas agus go mbíonn tionchar aige ar chearta na mban agus ar chomhionannas inscne; de bhrí, mar gheall ar easpa comhair ó na Ballstáit, gur theip go dtí seo ar ghníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo foréigean agus dúshaothrú a chosc do dhaoine atá i striapachas; de bhrí gur cheart na córais i réigiúin teorann a chomhordú ar bhealach níos fearr chun teophointí a sheachaint; de bhrí go dtéann an éagothromaíocht sa reachtaíocht maidir le striapachas in AE chun tairbhe do gháinneálaithe agus do líonraí coireachta eagraithe;
AF. de bhrí nach réiteach ar fad é an tsamhail Nordach/Comhionannais, lena mbaineann díchoiriúlú an duine atá i striapachas agus an ceannaitheoir á choiriúlú, chun éileamh, gáinneáil gnéis, foréigean nó dúshaothrú a laghdú; de bhrí, áfach, go léiríonn fianaise ón tSualainn agus ó thíortha eile gur tháinig laghdú faoina leath ar striapachas sráide nuair a cuireadh an tsamhail Nordach/Comhionannais chun feidhme[34]; de bhrí gur thit an t-éileamh ar dhaoine sa striapachas sa tSualainn ó 13.6 % go 7.9 % idir 1995 agus 2008 mar thoradh ar chur chun feidhme na samhla Nordaí/Comhionannais[35]; de bhrí go léiríonn fianaise[36] ón bhFrainc freisin go bhfuil torthaí dearfacha mar thoradh ar an tsamhail Nordach/Comhionannais toisc gur bhain níos mó ná 800 duine i striapachas sa tír tairbhe as clár scoir ó 2016 i leith, agus 87.5 % de na daoine a fhaigheann tacaíocht ó eagraíochtaí pobail na Fraince ag fáil post cobhsaí faoi dheireadh an chláir scoir; de bhrí gur tháinig méadú 54 % ar líon na n-imscrúduithe coiriúla maidir le le daoine a chur i mbun an striapachais agus gáinneáil ó 2016; de bhrí go ndearnadh beagnach EUR 2.35 milliún a coigistíodh ó mháistrí striapach a athinfheistiú i gcosaint agus in athshlánú íospartach striapachais agus gáinneála gnéis; de bhrí, áfach, gur fadhb leanúnach é buiséadú neamhleor do chláir scoir agus de bhrí, dá bhrí sin, nach mór maoiniú lena gceadaítear saol gan striapachas a mhéadú;
AG. de bhrí, de réir Europol[37], go bhfuil Ballstáit ann ina bhfuil striapachas dlíthiúil, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos éasca do gháinneálaithe an timpeallacht dhlíthiúil a úsáid chun dúshaothrú a dhéanamh ar a n-íospartaigh; de bhrí gur minic a úsáideann gáinneálaithe ar dhaoine gnólachtaí dlíthiúla chun a ngníomhaíochtaí dúshaothraithe a chumhdach; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfeidhmíonn striapachas dleathach mar dhreasacht don gháinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach[38]; de bhrí go suitear i dtuarascálacha Europol, i gcás ina bhfuil striapachas dleathach, go bhfuil méadú faoi dheich tagtha ar gháinneáil ar dhaoine agus ar fhoréigean a dhéantar i gcoinne a íospartach agus daoine eile atá i striapachas, ós rud é gur féidir le déantóirí iad féin a cheilt taobh thiar de struchtúir dhlíthiúla; de bhrí go bhfásann coireacht eagraithe agus éilliú, gáinneáil ar dhaoine, coireacht an-fhoréigneach agus éilliú nuair a dhéantar gach gné den striapachas a dhlisteanú; de bhrí go bhfuil an t-éileamh ar ‘sheirbhísí gnéis’ mór agus forleathan agus nach féidir le ceannaitheoirí agus/nó nach bhféachann siad leis an gcomhéigean a chuireann daoine chun striapachais a fheiceáil de bhrí nach féidir freastal ar an éileamh sin gan mná agus cailíní ar íospartaigh gháinneála iad nó iad siúd a d’fhágfadh striapachas dá bhféadfaidís; de bhrí nach féidir, dá bhrí sin, an plé maidir le striapachas agus a chineálacha éagsúla rialála laistigh de na Ballstáit a dhíchúpláil ón bplé maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach agus ón bplé faoi thosca sochaíocha as a n-eascraíonn easpa bealaí malartacha do dhaoine i staideanna leochaileacha chun a slite beatha a shaothrú, as a n-eascraíonn striapachas ar deireadh;
AH. de bhrí, sa Ghearmáin, faoi dheireadh 2021, go raibh 23 700 duine cláraithe go hoifigiúil mar dhaoine i striapachas, agus gur fhág meastacháin gur idir 90 000 agus 400 000 duine i striapachas sa tír an líon i ndáiríre;
AI. de bhrí go léirítear i dtuairim 2022 ó Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine dar teideal ‘Tuairim ar Ghníomhartha na Gearmáine maidir le Striapachas agus Gáinneáil ar Dhaoine’ nach cosúil go n-áirítear i reachtaíocht reatha na tíre coimircí leordhóthanacha do dhaoine i staideanna leochaileacha atá i striapachas nó dóibh siúd lasmuigh den chóras clárúcháin, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’iarrachtaí chun gáinneáil a chosc; de bhrí go bhfuil sé ar cheann de na príomhéilimh a eascraíonn as an tuairim dhlíthiúil seo uirlisí agus bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh an t-éileamh a laghdú;
AJ. de bhrí nach mór é a bheith mar aidhm freisin le rialáil striapachais gach Ballstáit deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine agus leis an gcoireacht eagraithe, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine, go háirithe mná, i staideanna leochaileacha a chosaint; de bhrí go bhfuil tionchar an-mhór ag striapachas ní hamháin ar mhná agus ar a gcearta, ach freisin ar an tsochaí ina hiomláine agus ar chomhionannas inscne agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le bearta sonracha chun na cúiseanna atá leis a chomhrac; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige coiteann agus tuiscint choiteann maidir le forneart, comhéigean, dúshaothrú leochaileachta, mí-úsáid cumhachta agus neamhionannais i ndlíthe agus rialacháin striapachais atá ann cheana i mBallstáit éagsúla AE; de bhrí nach féidir leis an gcomhrac sin a bheith éifeachtach chun mná agus cailíní a chosaint ar dhúshaothrú ach amháin nuair a chuirtear cur chuige lena gcosnaítear íospartaigh agus lena dtéitear i ngleic leis an éileamh ar striapachas i bhfeidhm agus nuair a dhéantar bearta amhail iad siúd a dhéanann coiriúlú ar dhaoine a dhéanann dúshaothrú a fhorfheidhmiú; de bhrí gur léiríodh i dtaighde a rinne ESCE[39] go bhfuil an úsáid a bhaintear as bearta coisctheacha atá dírithe ar éileamh a laghdú fós íseal i gcoitinne, ach go bhfuil sí an-chomhchruinnithe i dtíortha ina bhfuil ceannach gnéis neamhdhleathach nó ina ndéantar coiriúlú ar úsáid seirbhísí a chuireann íospartaigh na gáinneála ar fáil; de bhrí go bhfuil daonraí comhchosúla ag Éirinn agus ag an Nua-Shéalainn, ach go bhfuil an líon daoine atá i striapachas in Éirinn cúig huaire go hocht n-uaire níos ísle, mar gheall ar an tsamhail Nordach/Comhionannais a tugadh isteach sa tír[40], [41];
AK. de bhrí gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chionta coiriúla duine eile a sholáthar, a fhruiliú nó a mhealladh chun críocha striapachais, chomh maith le brabús a fháil ó striapachas duine eile; de bhrí gur cheart do na Ballstáit a áirithiú, nuair a dhéantar cion le hintinn brabús nó gnóthachan a thuilleamh nó nuair a bhíonn brabús nó gnóthachan a eascraíonn as striapachas duine eile (i.e. ag baint tairbhe as gáinneáil ar dhaoine) mar thoradh ar chion iarbhír, go meastar gur imthoisc ghéaraitheach atá sa bhrabús sin;
Comparáid a dhéanamh idir na Ballstáit
1. á thabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht sna cuir chuige ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar striapachas agus go ndírítear ar thrí phríomhghné den chóras sin trí úsáid a bhaint as an dlí riaracháin nó coiriúil: daoine i striapachas, ceannach gnéis (i.e. éileamh) agus rannpháirtíocht tríú páirtithe dúshaothraithe amhail daoine á gcur i mbun striapachais[42]; á chur i bhfáth go bhfuil éifeachtaí éagsúla ag na dlíthe éagsúla ar mhná atá i striapachas, ar a gcearta, ar a gcumas rochtain a fháil ar chúram sláinte, ar sheirbhísí sóisialta agus ar an gcóras ceartais, ar chearta na mban i gcoitinne, ar chomhionannas inscne, ar éileamh, ar gháinneáil, ar dhearcthaí sochaíocha agus ar na Ballstáit chomharsanachta; á thabhairt chun suntais go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit uile sochaí chuimsitheach a chur chun cinn agus daoine agus go háirithe mná atá i staideanna leochaileacha a chosaint;
2. á chur i bhfios go láidir dá mhéad an neamhshiméadracht idir reachtaíocht náisiúnta striapachais laistigh de AE, ós rud é go n-oibríonn na margaí striapachais agus a ghníomhaithe thar theorainneacha, is mó íospartaigh na gáinneála le haghaidh teacht i dtír gnéasach ann; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go gcruthaíonn an difríocht idir rialacháin na mBallstát maidir le striapachas foras oibriúcháin torthúil do ghrúpaí coireachta eagraithe agus do dhaoine aonair[43]; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh roinnt Ballstát níos mó sreafaí gáinneála a mhealladh chun críocha teacht i dtír gnéasach ná cinn eile; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit bearta éifeachtacha a thabhairt isteach chun an t-éileamh ar striapachas agus, dá bhrí sin, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach agus oibriú grúpaí coiriúla eagraithe a laghdú;
3. á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí iontaofa, cruinne atá inchomparáide ar fud tíortha a bhaineann le striapachas, teacht i dtír gnéasach, foréigean sa striapachas agus tionchar na gclár scoir; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le comhar trasteorann a fheabhsú tuilleadh agus a chomhordú níos fearr maidir le sonraí iontaofa, cruinne, anaithnidithe a bhailiú agus a mhalartú atá imdhealaithe de réir inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, aoise, aicme shocheacnamaíoch agus náisiúntacht, ach gan a bheith teoranta dóibh sin, atá inchomparáide ar fud na mBallstát; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-oibreodh na Ballstáit níos dlúithe fós le chéile le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus le Europol chun dlús a chur leis an gcomhar agus leis na malartuithe faisnéise agus sonraí agus chun scrúdú a dhéanamh ar a dtaithí bunaithe ar na sonraí sin;
4. ag tabhairt dá haire go ndéanann roinnt tíortha Eorpacha a ndícheall daoine atá i striapachas agus a gcearta a chosaint trí chreataí dlíthiúla éagsúla a chruthú maidir le gnéithe éagsúla striapachais, lena n-áirítear idirdhealú traidisiúnta ar dhaoine agus daoine imeallaithe atá i striapachas i gceapadh beartas agus fóirdheontais a chur ar fáil chun tacú lena n-eagraíochtaí pobail chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais na ndaoine is imeallaithe; ag tabhairt dá haire, gur chinn na húdaráis, i dtíortha amhail an Ostair[44], an Ghearmáin agus an Ísiltír, go mbeadh sé níos tairbhiúla do chearta daoine atá i striapachas creat dlíthiúil a chruthú lena ndéanfaí gnéithe uile an striapachais a dhlisteanú, cé go bhfuil cinneadh déanta ag tíortha eile amhail an tSualainn, an Fhrainc, an Spáinn agus Éire cearta na mban atá i striapachas a chosaint trí rogha a dhéanamh daoine atá i striapachas a dhíchoiriúlú agus ceannaitheoirí a choiriúlú, trí chur chuige na samhla ‘Nordach/Comhionannais’ a chur i bhfeidhm;
An fíorchás sa striapachas
5. ag tabhairt faoi deara go bhfulaingníonn mná atá i striapachas níos mó foréigin ná mná eile ar an meán; ag tagairt do staidéar ó 2013 ó Aireacht na Gearmáine um Ghnóthaí Teaghlaigh, um Sheanóirí, um Mná agus um an Óige[45], ar dá réir gur fhulaing 41 % de na mná a bhí i striapachas a ndearnadh suirbhé orthu foréigean fisiceach nó gnéasach (nó an dá cheann) i gcomhthéacs an striapachais;
6. á chur i bhfios go láidir go bhfuarthas torthaí ar roinnt staidéar ar eispéiris na mban i striapachas a ndearnadh mí-úsáid orthu agus iad ina leanaí agus ina n-ógánaigh[46]; á thabhairt dá haire[47], [48], [49] gur féidir le mná agus cailíní an striapachas a normalú mar thoradh ar na heispéiris sin; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil géarghá le mí-úsáid leanaí a chomhrac go láidir agus á chur i bhfios go bhfuil freagracht ar theaghlaigh ina n-éagsúlacht uile agus orthu siúd go léir a bhfuil dualgas cúraim leanaí orthu, amhail múinteoirí agus oiliúnóirí, i measc daoine eile;
7. á chur i bhfios go láidir gur aithin Parlaimint na hEorpa, ina rún an 26 Feabhra 2014 maidir le teacht i dtír gnéasach agus striapachas agus a thionchar ar chomhionannas inscne, gur sáruithe ar dhínit an duine iad striapachas agus teacht i dtír gnéasach, go sáraíonn siad prionsabail chearta an duine amhail comhionannas inscne agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad contrártha le prionsabail na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á mheabhrú gur shainigh sí striapachas mar chineál tromchúiseach foréigin agus dúshaothraithe i rún uaithi an 5 Iúil 2022 maidir le bochtaineacht na mban san Eoraip[50];
An tionchar imrítear ar na mná a bhíonn i striapachas
8. ag tabhairt dá haire nach gníomh aonair é striapachas lena ndéanann duine a chorp a ligean ar cíos ar airgead, ach gur córas é atá eagraithe ar mhaithe le brabús agus atá foréigneach, idirdhealaitheach agus atá an-mhídhaonna ann féin agus a fheidhmíonn mar ghnó agus lena gcruthaítear margadh ina bpleanálann máistrí striapach agus ina ngníomhaíonn siad chun a margaí a dhaingniú agus a mhéadú agus ina bhfuil ról lárnach ag ceannaitheoirí gnéis maidir le borradh a chur fúthu;
9. ag cáineadh réaltacht an chomhéigin, na hionramhála, an fhoréigin agus an dúshaothraithe sa striapachas agus á chur i bhfios go ndéantar teacht i dtír ar easpa scileanna teanga na mban agus na mionaoiseach, chomh maith lena leochaileachtaí agus a ndálaí forbhásacha, chun dul isteach sa striapachas agus fanacht sa striapachas; á aithint go bhfuil nasc idir striapachas agus foréigean struchtúrach a bhfuil mná neamhchosanta go díréireach air agus a chruthaíonn cásanna saoil neamhbhuana go minic a spreagann mná agus cailíní dul i mbun an striapachais; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil sé deacair an striapachas a fhágáil; á iarraidh go mbeadh cur chuige uile-Aontais ann bunaithe ar an tsamhail Nordach/Chomhionannais chun úsáid a bhaint ar deireadh as na hionstraimí uile a bhfuil gealladh fúthu agus ar cruthaíodh go bhfuil siad éifeachtúil chun gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach a laghdú; á éileamh go dtabharfaí isteach beartais éifeachtúla lena ndíothaítear an bhochtaineacht agus lena bhfeabhsaítear cosaint shóisialta, lena dtéitear i ngleic le cliseadh scoile, lena gcuirtear chun cinn oideachas, lena n-áirítear oideachas gnéasachta agus caidrimh, agus comhdheiseanna agus cóir chomhionann, agus go mbunófaí beartais chuimsitheacha lena dtacaítear le cumhachtú agus neamhspleáchas eacnamaíoch na mban, mar aon le bearta lena gcáintear iad siúd a dhéanann dúshaothrú orthu;
10. á thabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar gach cineál mí-úsáide agus foréigin in aghaidh na mban, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach, mar thoradh ar an meath ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a sháraíonn a gcearta daonna; ag tabhairt rabhaidh go ndéanfaidh an ghéarchéim fuinnimh agus costas maireachtála atá ann faoi láthair an cás níos measa, agus go mbeidh go leor ban atá i staideanna leochaileacha á dtiomáint i dtreo na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta; á thabhairt chun suntais, mar shampla an-mhór, go bhfuil baol mór ann go ndéanfar gáinneáil ar mhná agus ar chailíní na hÚcráine chun críche teacht i dtír gnéasach mar gheall ar a staid leochaileach tar éis dóibh teitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tar éis iad a athlonnú chuig tíortha eile[51]; á chur i bhfios go mbíonn tionchar aige sin go ginearálta ar mhná agus ar chailíní atá ag teitheadh ó réigiúin atá thíos le géarchéim agus coinbhleacht agus atá ina gcónaí iontu[52];
11. á chur i bhfios go láidir gur gné bhunúsach den ghníomhaireacht é an cumas toiliú a thabhairt agus a choinneáil siar; á thabhairt dá haire nach féidir toiliú a thabhairt gan bhac ach amháin nuair nach bhfuil aon éagothroime cumhachta ann idir na daoine lena mbaineann agus nuair nach mbaintear úsáid as bagairt, foréigean, dallamullóg ná comhéigean; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil toiliú a fhaightear trí íocaíochtaí nó sochair a thabhairt nó a fháil gan bhonn; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go bhféadfadh sé a bheith thar a bheith deacair do dhaoine a thuiscint gur íospartaigh iad, go háirithe nuair nach eol dóibh a gcearta, agus á mheabhrú go bhfuil dinimic ar leith ag baint le caidreamh mí-úsáideach; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, gur cheart éisteacht i gcónaí le guthanna na mban sa striapachas agus á mheabhrú go bhfuil gá le cláir oideachais agus ardaithe feasachta atá eolasach, measúil chun mná a chur ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí agus chun an deis a thabhairt dóibh cinntí eolasacha agus saora a dhéanamh faoina saol príobháideach agus gnéasach;
12. ag cáineadh nach bhfuil slándáil dhlíthiúil ag daoine atá i striapachas, go háirithe mná atá i mbochtaineacht, chomh maith le daoine imirceacha, ciníocha agus LGBTIQ+, mar gheall ar a gcoiriúlacht dhíréireach agus de facto, a leibhéil arda faireachais, eisiúint fíneálacha agus ruathair tí; ag tabhairt dá haire go gciallaíonn sé sin go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar bhagairt leanúnach na bpóilíní agus na géarleanúna breithiúnaí, go bhfuil siad faoi réir imeallú agus stiogmatú breise a mbíonn tionchar diúltach acu ar a sláinte fhisiciúil agus ar a meabhairshláinte, agus dá bhrí sin go mbíonn deacrachtaí acu agus iad ag dul i dteagmháil le chéile chun cabhair a fháil agus nach mbíonn rochtain acu ar chearta bunúsacha go minic; ag cáineadh, thairis sin, go gcuireann toimhde na coiriúlachta agus na córa idirdhealaitheach cosc orthu ceartas a lorg nuair a thagann siad ar fhoréigean fisiciúil nó gnéasach nó ar shracaireacht mar gheall ar eagla go ndíreofar orthu le himscrúdú coiriúil[53] nó go mbeidh orthu dul i mbun poiblíochta neamhiallaithe agus brú sóisialta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá saol príobháideach agus dá dteaghlach; á iarraidh go mbeadh rochtain iomlán ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta atá neamh-idirdhealaitheach, uilíoch agus ar ardchaighdeán, chomh maith leis an gcóras ceartais, do chách, lena n-áirítear do dhaoine agus go háirithe do mhná atá i striapachas; á chur in iúl gur saoth léi, ag an am céanna, gur minic nach ngearrtar pionós ar thríú páirtithe dúshaothraithe, lena n-áirítear úinéirí drúthlainne agus gáinneálaithe ar dhaoine, chomh maith le ceannaitheoirí; á iarraidh go ndéanfadh na húdaráis inniúla laistigh de na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú chun deireadh a chur lena saoirse ó phionós;
13. á chur i bhfios go bhfuil iarmhairtí diúltacha ag baint le díchoiriúlú daoine a bheith á gcur i mbun an striapachais agus díchóiriúlú ceannaigh gnéis, as a n-eascraíonn, trí normalú sochaíoch na ngníomhaíochtaí sin is cosúil, méadú ar an ngáinneáil ar dhaoine le haghaidh teacht i dtír gnéasach agus lena gceiltear réaltacht an chomhéigin, na hionramhála, an fhoréigin agus an dúshaothraithe sa striapachas, i gcás ina mbaintear úsáid as easpa scileanna teanga, leochaileachtaí agus dálaí neamhbhuana chun go rachaidh mná de bheith i striapachas agus chun go bhfanfaidh siad de bheith i striapachas; á chur in iúl gur oth léi nach ionann an striapachais, daoine a bheith á gcur i mbun an striapachais agus ceannach gnéis a dhlisteanú agus deireadh a chur leis an stiogma do mhná atá i striapachas;
Éileamh
14. ag tabhairt dá haire go bhfuil striapachas agus gáinneáil le haghaidh teacht i dtír gnéasach ann toisc go bhfuil éileamh ann ina leith; á chur i bhfáth, seachas aghaidh a thabhairt ar leochaileacht íospartaigh ionchasacha agus gáinneálaithe agus éascaitheoirí a ionchúiseamh, i measc nithe eile, gur príomhionstraim é an t-éileamh a laghdú chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a laghdú, ós rud é go ndíríonn sé ar dhreasachtaí airgeadais; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart é sin a fhorbairt tuilleadh san athbhreithniú ar Threoir AE maidir le Frithgháinneáil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an t-éileamh a dhíspreagadh ar bhealach nach ndéanann dochar ná nach gcruthaíonn iarmhairtí diúltacha dóibh siúd atá i striapachas; ag tabhairt dá haire gur cheart go ndíreodh straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh ar chearta daoine aonair agus ar aghaidh a thabhairt ar dhearcthaí agus ar chreidimh idirdhealaitheacha, go háirithe iad siúd atá dírithe ar mhná agus ar imircigh[54];
15. á thabhairt dá haire go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an cur chuige ‘úsáid fhiosrach’ maidir le híospartaigh na gáinneála neamhéifeachtach chun teacht i dtír gnéasach a laghdú toisc nach féidir eolas an cheannaitheora a chruthú; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil líon chomh beag daoine atá i striapachas go deonach nach féidir leo freastal ar an éileamh leo féin; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-ardófaí feasacht maidir le daoine ar mian leo ‘seirbhísí gnéasacha’ a cheannach go bhfuil baol mór ann go gceannóidh siad dúshaothrú de facto mar gheall ar an líon ard daoine a gcuirtear iallach orthu nó a mhealltar chun striapachas a dhéanamh;
16. ag tabhairt dá haire go méadaíonn díchoiriúlú daoine a bheith á gcur i mbun an striapachais agus ceannach gnéis an t-éileamh, go dtugtar cumhacht do thaobh an éilimh agus go ndéantar ceannachán gnéis a normalú; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, go bhfuil stiogmatú daoine atá i striapachas fós sa chóras sin; ag tagairt do staidéir[55], [56], [57] lena léirítear go dtéann an normalú chun corp na mban a cheannach in éineacht le húsáid níos mó foréigin in aghaidh na mban agus le tuiscint níos mó ar an teidlíocht i leith ban atá i striapachas agus i leith ban i gcoitinne; á thabhairt dá haire nach féidir laghdú a dhéanamh ar an margadh striapachais, agus dá bhrí sin líon na ndaoine a shaothraítear ann, ach amháin má laghdaítear an t-éileamh;
17. á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt tíortha ag glacadh leis an tsamhail Nordach/Chomhionannais agus á chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla; ag tacú le cuspóir uileghabhálach inscne-shonrach na samhla sin lena bhféachtar leis an éileamh a laghdú agus an sprioc atá aige comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear aistriú paraidíme; á thabhairt chun suntais éifeachtaí dearfacha na samhla ar chearta daoine, go háirithe ar chearta na mban, atá i striapachas, ar an éifeacht normatach sa tsochaí agus ar an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine[58], [59], [60]; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil gá fós le hobair agus le taighde chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna na samhla go praiticiúil; á chur i bhfios go láidir gur cheart do na Ballstáit, agus an tsamhail Nordach/Comhionannais á cur chun feidhme acu, leas a bhaint as dea-chleachtais a úsáidtear i mBallstáit eile;
18. á chur i bhfáth gurb é díchoiriúlú daoine atá i striapachas an bealach is éifeachtúla inar féidir le daoine atá i striapachas muinín a chothú i bhforfheidhmiú an dlí agus i seirbhísí cúnaimh eile; á thabhairt chun suntais nach bhféadfaidh na bearta uile a dhéantar dochar a dhéanamh ná iarmhairtí diúltacha a chruthú dóibh siúd atá i striapachas agus nach mór dóibh coimircí leordhóthanacha a chur ar fáil lena n-áiritheofar díothú an idirdhealaithe in aghaidh daoine a bhfuil níos mó leochaileachta acu mar gheall ar a bhféiniúlacht inscne, a ngnéaschlaonadh, a staid shóisialta agus eacnamaíoch, a stádas dlíthiúil agus a mbunús, a théann thar gach gné dá saol, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bochtaineachta agus na himirce;
19. á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit bearta práinneacha a ghlacadh chun dul i ngleic le fógraíocht ar líne agus éascú teagmhála lena spreagtar striapachas go díreach nó go hindíreach nó lena bhféachtar le ceannaitheoirí a mhealladh chun dúshaothrú striapachais daoine eile a chosc ar líne freisin, lena n-áirítear striapachas mac léinn, go háirithe mná óga, agus teacht i dtír gnéasach ar mhionaoisigh ag fir shaibhre ag a bhfuil níos mó tionchair, ar a dtugtar ‘sugar daddyism’ [grá na hailpe] freisin;
Tionchar ar gháinneáil ar dhaoine le haghaidh teacht i dtír gnéasach
20. ag cáineadh go láidir gáinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach ar aon duine mar shárú tromchúiseach ar chearta an duine; á thabhairt chun suntais, de réir staidéar, gur mná agus cailíní iad na híospartaigh go háirithe, go háirithe iad siúd atá i staideanna leochaileacha, amhail mná imirceacha, mná i limistéir chogaidh agus choinbhleachta agus ó limistéir chogaidh agus choinbhleachta, agus ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, nó daoine LGBTIQ+;
21. ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíocht déanta ag roinnt Ballstát, mar iarracht dul i ngleic le fadhbanna leanúnacha a bhaineann le striapachas, trí ghnéithe uile an striapachais a dhlisteanú, arb é is aidhm dó deireadh a chur le stiogmatú agus spleáchas na mban atá i striapachas agus níos mó sábháilteachta agus cearta saothair a thabhairt dóibh; á aithint, áfach, nár tháinig na feabhsuithe a bhí beartaithe do mhná sa striapachas as an tsamhail dlisteanaithe, mar a léirítear i bhfigiúirí i roinnt tíortha AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i gcás ina bhfuil an striapachas dleathach, go bhfuil sé i bhfad níos éasca do gháinneálaithe an timpeallacht dhlíthiúil a úsáid chun teacht i dtír ar a n-íospartaigh agus go bhfuil úsáid gnólachtaí dlíthiúla chun gníomhaíochtaí dúshaothraithe a chumhdach coitianta go leor do gháinneálaithe ar dhaoine, rud a fhágann, ag an am céanna, gur deacair do na póilíní agus do chomhlachtaí forfheidhmithe dlí gáinneáil ar dhaoine a chomhrac go héifeachtach; á chur i bhfáth go bhfuil dúshaothraithe ag iarraidh níos mó agus níos mó dúshaothrú a dhéanamh ar a n-íospartaigh i gcomhthéacs comhaontuithe gnó a cheaptar a bheith deonach, inar gá d’íospartaigh sciar den tuilleamh a thabhairt ar láimh mar mhalairt ar chosaint agus ar thacaíocht[61]; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú cuí ar an reachtaíocht agus ar na rialacháin atá ann faoi láthair ionas go seachnófar aon lúb ar lár lena gceadaítear do choirpigh gníomhú le saoirse ó phionós; á mheabhrú go n-oibríonn an margadh striapachais agus a ghníomhaithe thar theorainneacha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun dul i ngleic go héifeachtach le himpleachtaí trasteorann an striapachais agus ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cur chuige uile-Eorpach a chomhordú trí shonraí cuimsitheacha a bhailiú a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús do staidéar lena ndéanfaí anailís ar na bearta éagsúla ar leibhéal na mBallstát agus lena ndíreofar ar chosc a chur ar cheannach daoine atá i striapachas i gcoitinne, agus iad siúd atá faoi bhun 21 bhliain d’aois, daoine torracha atá i striapachas agus daoine atá i striapachas sráide, agus toirmeasc ginearálta ar fhógraíocht le haghaidh striapachais; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún treoirlínte coiteanna AE a fhorbairt lena ráthófar cearta bunúsacha do dhaoine atá i striapachas;
22. á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar gháinneáil ar dhaoine chun críche teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach leanaí, mar gheall ar éileamh ard[62], [63], [64], [65]; á chur i bhfios go bhfuil sé sin le feiceáil go háirithe i dtíortha a bhfuil samhail rialála liobrálach acu, de bhrí nach margaí móra don gháinneáil ar dhaoine chun na críche sin iad na Ballstáit amhail an Fhrainc agus tíortha eile a leanann cineálacha cur chuige amhail an tsamhail Nordach/Chomhionannais[66]; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar bhearta laghdaithe éilimh atá i bhfeidhm sna tíortha sin, go bhfuil gáinneáil ann fós chun críche teacht i dtír gnéasach, ach go bhfuil laghdú ag teacht air[67], [68]; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh chun cosaint níos fearr a thabhairt do mhná atá i striapachas agus an tsamhail Nordach/Comhionannais a thabhairt isteach chun déileáil le gáinneáil, teacht i dtír gnéasach agus striapachas ar bhealach lena n-ionchorpraítear go réamhghníomhach na gnéithe dearfacha den striapachas rialáilte, lena n-áiritheofar go dtabharfar tacaíocht do na páirtithe ábhartha uile, amhail na póilíní agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile, seirbhísí sóisialta agus leighis agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), go mbeidh siad rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta agus go n-oibreoidh siad le chéile i ndlúthchomhar;
23. á chur i bhfáth go bhfuil dlúthbhaint idir dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhaoine, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, agus gurb iad seo a leanas na príomhghnéithe: forbairt eacnamaíoch, stádas feabhsaithe oibre agus oibrithe, pá agus pinsin níos airde, dáileadh níos cothroime rachmais, forbairt córais slándála sóisialta phoiblí láidir, córas sláinte náisiúnta poiblí, uilíoch agus saor in aisce, agus scoileanna poiblí a áirithíonn go mbeidh cearta agus deiseanna comhionanna ag gach duine;
24. á chur i bhfáth gur chomhaontaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 12 Aibreán 2023, breithniú a dhéanamh ar ghearáin ó 261 oibrí gnéis ón bhFrainc ar mian leo go n-aithneofaí go bhfuil a gcearta bunúsacha sáraithe ag dlí na Fraince, go háirithe an ceart chun sláinte agus sábháilteachta agus an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach;
25. á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic leis an striapachas i gcríocha na Cipire atá faoi fhorghabháil na Tuirce agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin le héifeacht láithreach;
Tionchar trasteorann
26. á thabhairt dá haire go bhfuil cearta agus leibhéil éagsúla cosanta ag mná atá i striapachas i mBallstáit éagsúla AE; á chur i bhfáth, cé go bhfuil an inniúlacht chun striapachas a rialáil fós ag na Ballstáit, gur cheart go mbeadh daoine atá i striapachas in ann leas a bhaint as na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; ag cáineadh nádúr an chórais striapachais atá an-inscneach, ciníoch agus imeallach, ós rud é, ar an meán, gur mná imirceacha iad 70 % de na daoine atá i striapachas in AE [69], rud a léiríonn na difríochtaí sóisialta agus eacnamaíocha in AE agus ar fud an domhain[70];
27. ag cur béim ar an bhfíoras go mbíonn baint ag saoránaigh AE le formhór na sreafaí gáinneála gnéis laistigh den Aontas; á mheabhrú go bhfuil saoránacht AE ag 53 % d’íospartaigh na gáinneála le haghaidh teacht i dtír gnéasach laistigh den Aontas[71]; á mheabhrú go bhfuarthas amach i staidéar amháin go raibh meán-dóchúlacht nó ard-dóchúlacht ag baint le 73.6 % de dhaoine aonair, a d’úsáid daoine eachtracha don striapachas, go ndeachaigh siad i dteagmháil le híospartach gáinneála gnéis[72]; á chur i bhfáth go léiríonn fianaise go bhfuil fir feasach ar na comharthaí gáinneála a thugann siad faoi deara, lena n-áirítear an duine atá i striapachas nach bhfuil mórán eolas aige nó aici ar an teanga áitiúil nó comharthaí infheicthe mí-úsáide[73]; á thabhairt chun suntais go léirítear le taighde go mbaineann daoine aonair leas as ‘teicnící neodrúcháin’ arb é is aidhm dóibh diúltú go bhfuil gáinneáil ann[74];
28. á chur i bhfáth go bhfuil níos mó íospartach gáinneála ar dhaoine ag roinnt Ballstát AE ná ag cinn eile;
Tionchar ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban agus na mionlach gnéis
29. á mheabhrú nach mór do mhná i bpobail LGBTIQ+, lena n-áirítear daoine atá i striapachas iad féin, a bheith rannpháirteach go fóinteach agus a áireamh i bhforbairt beartas náisiúnta striapachais agus i bplé Eorpach níos leithne;
30. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil, i measc nithe eile, na cearta bunúsacha chun iomláine choirp agus mheabhrach, urraim don saol príobháideach agus do theaghlach, chun slí bheatha a roghnú agus chun dul i mbun oibre, ag mná ina n-éagsúlacht uile;
31. ag cur béim ar an bhfíoras go léiríonn agus go ndéanann nádúr inscne-shonrach an striapachais agus a dhúshaothraithe an caidreamh cumhachta atá i réim a léiriú agus a mhacasamhlú; á chur i bhfáth go gcuireann idirdhealú trasnach leis an éagothroime cumhachta sin; á chur i bhfios go láidir gur mná iad formhór na ndaoine atá i striapachas, rud a mhéadaíonn an bhearna neamhionannais idir na hinscní; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cúis agus iarmhairt iad striapachas agus teacht i dtír gnéasach araon ar an gcóir mhíchothrom a chuirtear ar mhná agus ar fhir, ar ghnéasachas, ar chiníochas, ar chumasacht, ar bhochtaineacht agus ar eisiamh sóisialta agus steiréitíopaí a mhacasamhlú agus a bhuanú maidir le mná agus fir agus maidir le hinscne eile agus grúpaí imeallaithe i gcoitinne;
32. á chur i bhfáth go bhfuil éifeachtaí éagsúla ag bearta rialála éagsúla agus, dá bhrí sin, ag na steiréitíopaí buanaithe agus ag an gcaidreamh cumhachta, ar fhir, ar dhaoine óga agus ar an tsochaí ina hiomláine; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar diúltach ag normalú an striapachais trí cheannach gnéis a dhlisteanú ar dhearcadh agus ionchais daoine óga maidir le gnéasacht agus caidreamh idir mná agus fir agus ar a dtuiscint ar chomhionannas inscne; á thabhairt chun suntais go ndealraíonn sé go bhfuil athrú suntasach agus dearfach tagtha ar dhearcthaí i measc buachaillí agus fir sa tSualainn ó tugadh isteach an tsamhail Nordach, ina mbreathnaítear ar mhná atá i striapachas níos lú mar réada chun dúil ghnéasach na bhfear a shásamh ach ina ionad sin mar íospartaigh dúshaothraithe agus trína gcuireann sé sin ina luí orthu gan gnéas a cheannach; ag cur béim ar thorthaí staidéir faoi stiúir SAM[75] ar thuairimí chliaint an striapachais i dtíortha éagsúla; á thabhairt chun suntais gur bhraith 55 % de cheannaitheoirí gnéis na Gearmáine, a cuireadh faoi agallamh don staidéar sin, gur thug siad faoi deara, nó gur íoc siad máistir striapach nó gáinneálaí nuair a bhí gnéas á cheannach acu, agus 39 % de cheannaitheoirí gnéis na Gearmáine, a cuireadh faoi agallamh, go raibh siad i dteideal cibé rud a theastaigh uathu a dhéanamh le bean i striapachas, tar éis dóibh íoc aisti; á chur i bhfios go bhfuil cearta daonna na mban agus na gcailíní doshannta, ach go sáraítear go córasach iad ar mhargadh an striapachais mar gheall ar a dhálaí dúshaothraithe, go háirithe a gceart chun dínite; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún feachtais ardaithe feasachta a chur chun cinn, arb é is aidhm dóibh an t-éileamh a dhíspreagadh, agus béim á leagan ar an nasc idir an t-éileamh ar sheirbhísí gnéasacha agus feiniméan na gáinneála le haghaidh teacht i dtír gnéasach agus líon ard na mban a ndéantar gáinneáil orthu laistigh den Aontas Eorpach agus chuig an Aontas Eorpach; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí ar leith atá os comhair daoine agus go háirithe mná atá i striapachas, lena n-áirítear ardleitheadúlacht an fhoréigin inscnebhunaithe; á iarraidh go ndíreofar tuilleadh ar dhaoine óga agus ar fhir leis na feachtais sin agus steiréitíopaí á ndíchóimeáil ag an am céanna;
33. ag cur béim ar an bhfíoras gur beart bunriachtanach é an t-oideachas gnéasachta chun oibriú i dtreo sochaí atá saor ó fhoréigean toisc go gceistíonn sé steiréitíopaí díobhálacha inscne agus go gcuireann sé éagsúlacht, neamhspleáchas coirp agus sláine coirp agus meabhrach chun cinn; á thabhairt dá haire go dtugann oideachas gnéasachta léargas ar gheis shóisialta na gnéasachta agus go dtugtar aghaidh air mar chuid lárnach dár saol a bhaineann lenár sláinte agus lenár bhfolláine;
34. ag cáineadh éifeachtaí diúltacha cineálacha áirithe pornagrafaíochta lena n-atáirgtear steiréitíopaí díobhálacha agus lena n-athraítear braistintí maidir le caidrimh agus gnéasacht, rud a chuireann bac ar chomhionannas inscne;
Ról na mBallstát agus an Aontais
35. á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit cearta agus sláine fhisiciúil na mban a chosaint agus comhionannas inscne agus éagsúlacht a chur chun cinn; ag cur béim ar ról AE maidir leis sin a dhéanamh laistigh den chomhphobal idirnáisiúnta agus maidir le cosaint chomhionann a ráthú agus cearta comhionanna a choimirciú ar fud na mBallstát; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit uile, nach bhfuil sé sin déanta go fóill acu, Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú a luaithe is féidir;
36. ag moladh na mBallstát agus iad ag iarraidh cuimsiú daoine sa striapachas a bhaint amach agus fóirdheontais a chur ar fáil chun tacú lena n-eagraíochtaí pobail agus lena n-eagraíochtaí neamhrialtasacha chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar a riachtanais agus ar chearta na ndaoine is imeallaithe, lena n-áirítear daoine a ndéantar dúshaothrú orthu agus daoine a ndéantar gáinneáil orthu a shainaithint agus a atreorú; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit oiliúint agus oideachas a chur ar bhaill foirne ar gach leibhéal, go háirithe i bhforfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear na póilíní, chomh maith le seirbhísí breithiúnacha agus seirbhísí dlíthiúla eile, chun teachtadh ceart a ráthú gan dochar i gcoinne ná stiogma a ghabhann leo siúd atá i striapachas; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh daoine, go háirithe mná atá i striapachas, agus na seirbhísí sin cumarsáid lena chéile ar bhonn muiníne agus, dá bhrí sin, go mbeidh na seirbhísí sin in ann dúshaothrú a bhrath chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir; ag cáineadh gur minic a baineadh úsáid as dlíthe agus beartais atá dírithe ar gháinneáil ar dhaoine a chomhrac chun imircigh gan doiciméid a shainaithint, a choinneáil agus a dhíbirt gan cúnamh ná cúiteamh[76] a thabhairt dóibh agus go ndéantar mná imirceacha atá i striapachas a dhíshealbhú óna mbaile, iad a choinneáil agus a dhíbirt; á mheabhrú go bhfuil daoine atá níos leochailí mar gheall ar a bhféiniúlacht inscne, a ngnéaschlaonadh, a staid shóisialta agus eacnamaíoch, a stádas dlíthiúil agus a mbunús ró-ionadaithe sa striapachas; ag cáineadh go ndírítear orthu agus go ndéantar iad a choiriúlú go háirithe; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú, i measc gnéithe eile, go mbeidh rochtain chomhionann ag mná atá i striapachas ar cheartas, ar chúram sláinte, ar thithíocht, ar fhostaíocht agus ar sheirbhísí poiblí agus go mbeidh cosaint chomhionann acu faoin dlí; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit soláthar leormhaith frithghiniúna a áirithiú mar mhodh chun ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha a chosc, chomh maith le toircheas gan iarraidh, do dhaoine atá ag i striapachas; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfadh Rialtas na Polainne srianta na Polainne ar fhrithghiniúint, go háirithe frithghiniúint éigeandála, agus ar chúram ginmhillte sábháilte agus dlíthiúil a mhaolú;
37. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh cistiú ón gclár um Shaoránaigh, Cearta, Comhionannas agus Luachanna inrochtana don tsochaí shibhialta ina hiomláine;
38. á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíocht i réimsí a bhaineann le cosc, díchoiriúlú daoine agus go háirithe mná i striapachas, laghdú éilimh, pionósú cliant, dístigmatú agus deireadh a chur le steiréitíopaí, agus a áirithiú go mbeidh cláir scoir agus bealaí amach á maoiniú go leordhóthanach, inrochtana go héasca agus ar ardchaighdeán; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit an t-éileamh a laghdú agus daoine atá i striapachas agus a gcearta agus rochtain neamhchoinníollach ar chórais slándála sóisialta agus lánpháirtíochta á gcosaint ag an am céanna trí bhogadh i dtreo na samhla Nordaí/Comhionannais; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é an bealach chun cinn bearta tacaíochta a ghlacadh a chabhróidh le daoine striapachas a fhágáil chun an saol atá uathu a thógáil; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh daoine atá i striapachas rannpháirteach go gníomhach i gceapadh beartas maidir lena gcearta;
39. á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a fhorbairt ina leagfar béim ar a thábhachtaí atá toiliú;
40. ag tarraingt aird ar na rialacha faoi Rialachán (AE) 2016/679[77] maidir le sonraí pearsanta a úsáid agus a chomhroinnt lasmuigh den raon feidhme dá mbailítear sonraí pearsanta; á chur i bhfios go láidir nach bhféadfar sonraí a bhailítear ó íospartaigh atá ag lorg tacaíochta a chur ar aghaidh chuig údaráis eile, ach amháin ar bhunús dlí thoiliú sainráite an ábhair sonraí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ag comhroinnt neamhdhleathach sonraí pearsanta don duine is ábhar do na sonraí agus gur cheart é a mheas faoi Airteagal 83(5) den Rialachán sin;
41. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil gníomh gnéasach a shireadh, a ghlacadh nó a fháil ó dhuine, mar mhalairt ar luach saothair, ar ghealltanas luach saothair, ar shochar comhchineáil a sholáthar nó ar ghealltanas an tsochair sin;
42. á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé inphionóis mar chion coiriúil leas a bhaint as striapachas duine eile fiú le toiliú an duine sin;
43. á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cúiseanna eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha an striapachais a chomhrac ionas nach mbeidh mná i staideanna bochtaineachta, eisiaimh shóisialta, idirdhealaithe agus imirce thíos leis an gcineál sin dúshaothraithe;
44. á iarraidh go rachadh na Ballstáit i ngleic le gach cineál dálaí oibre neamhdhaingean, i gcomhréir leis an bprionsabal gur cheart conarthaí fostaíochta buana a chur ar fáil do phoist bhuana, chun cosaint shóisialta a fheabhsú le linn na dífhostaíochta agus chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht atá ag dul i méid, go háirithe i measc na mban;
45. ag tabhairt dá haire gur mhaith le tromlach na mban sa striapachas éirí as an striapachas agus, dá bhrí sin, gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun roghanna malartacha agus bealaí eile a chur chun cinn ionas go mbeidh an mhuinín agus an tacaíocht ag mná ar mian leo é sin a dhéanamh, lena n-áirítear tacaíocht stáit, chun saol a thógáil saor ó fhoréigean agus ó striapachas; á iarraidh go dtabharfadh na Ballstáit faoi thionscnaimh ardaithe feasachta atá dírithe ar dhaoine atá i striapachas a chur ar an eolas faoina gcearta, gan beann ar a stádas dlíthiúil agus rochtain ar roghanna malartacha; á chur i bhfios go láidir, chun go n-éireoidh le clár scoir, nach mór dó a bheith inrochtana go héasca agus a bheith in ann cabhrú le mná a bhfuil meabhairghalair orthu, leo siúd nach bhfuil teanga an Bhallstáit acu, leo siúd a d’fhulaing éigeantas agus dúshaothrú, chomh maith leo siúd a bhfuil andúil acu[78], [79]; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit bearta sonracha a chur chun feidhme agus tacaíocht airgeadais leordhóthanach a chur ar fáil do dhaoine ar mian leo striapachas a fhágáil, chun a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil a éascú; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit na hacmhainní is gá a thiomnú do chláir shóisialta atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna lena dtéann daoine isteach sa striapachas agus chun iad a mhaolú, trí neartú a dhéanamh ar chúrsaí leighis, airgeadais, dlí, fostaíochta, oideachais agus oiliúna do dhaoine atá i striapachas agus i gcásanna leochaileacha; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh na Ballstáit acmhainní a chur ar fáil chun tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh foréigin teaghlaigh agus ghnéasaigh agus d’ionaid ghlactha mar a iarradh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí cláir den sórt sin a chur chun feidhme de réir a chéile, go dtabharfaí tacaíocht do mhná ar a gconair phearsanta, go n-aithneofaí acmhainneacht daoine agus go ndéanfaí cláir oiliúna gairmiúla agus cláir bhreisoideachais a oiriúnú chun é sin a chur san áireamh, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine a bhfuil cúlra imirce acu;
46. á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit tacaíocht chuimsitheach shíceolaíoch, leighis agus shocheacnamaíoch agus riaracháin a thabhairt isteach, chomh maith le tacaíocht chun stádas cónaitheachta íospartach agus marthanóirí striapachais a thabhairt chun rialtachta; á iarraidh go n-áireofaí leis an tacaíocht sin raon beart lena n-éascófar a gcuimsiú sóisialta agus gairmiúil amhail rochtain éasca ar shásraí cosanta sóisialta (ioncam bunúsach íosta, tacaíocht do thithíocht agus do chúram sláinte, tuilleadh scolaíochta agus rochtain ar ghairmoiliúint), agus lena ráthaítear go mbeidh rochtain ag a leanaí ar fhorálacha sóisialta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an tacaíocht agus an chomhairle sin a bheith faoi rún agus gur cheart iad a dhearadh chun anaithnideacht na n-íospartach a chosaint i gcás ina n-iarrtar sin; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún buiséadú inscne a chomhtháthú sna hionstraimí uile faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, lena n-áirítear an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh an Coimisiún na cistí sin a úsáid chun rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail tithíocht, cúram sláinte agus oideachas a áirithiú, chomh maith le bealaí amach as saothar dúshaothraithe a ráthú, go háirithe do na grúpaí is imeallaithe, lena n-áirítear daoine i striapachas;
47. á chur i bhfáth go bhfuil gá le cláir scoir chun tairbhe a bhaint as buanna na mban agus a n-acmhainneacht agus chun acmhainneachtaí agus a rochtain ar oiliúint, oideachas, poist agus creidmheas a éascú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag an earnáil phríobháideach, atá comhlántach le hoibleagáid an stáit; á chur i bhfios go láidir gur gá do mhná eiseamláirí, bunaitheoirí agus úinéirí gnó cabhrú le daoine a bhí i striapachas roimhe seo an leas is fearr is féidir a bhaint as a mbuanna agus a dtionscadail féin a chur i gcrích, lena n-áirítear tionscadail fiontraíochta; ag tabhairt dá haire gurb iad na cláir do mhná atá ag iarraidh striapachas a fhágáil is fearr atá in ann cabhrú leo i ngeilleagar cuimsitheach, dinimiciúil, cruthaitheach agus nuálach a chuireann ar a gcumas dul isteach i bpoist ar ardcháilíocht, ar phá maith agus a aithnítear go sóisialta, ar rogha mhalartach inmharthana ar striapachas iad; á iarraidh go ndéanfadh AE cláir ardaithe feasachta agus deiseanna fostaíochta a mhéadú, go háirithe trí CSE+; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún clár a sheoladh chun mná atá i striapachas (roimhe seo agus faoi láthair araon) a spreagadh chun páirt a ghlacadh i scéim oiliúna a chuideodh leo tús a chur lena ngníomhaíocht fiontraíochta féin;
48. á thabhairt chun suntais nár cheart daoine a raibh orthu gníomhartha coiriúla a dhéanamh agus dúshaothrú á dhéanamh orthu a ionchúiseamh as na gníomhartha sin;
°
° °
49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá an díospóireacht maidir le saincheist an striapachais agus a rialáil ar siúl faoi láthair i roinnt mhaith Ballstát agus ar fud an domhain. Mar thoradh ar na rialacháin, atá éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, tá réaltachtaí éagsúla ann do dhaoine atá i striapachas agus bíonn tionchar acu ar dhaoine atá i striapachas, rud a chruthaíonn díomá agus nach dtugann ceartas dóibh ná dá staideanna aonair.
Pléitear an topaic, nach dtéann i bhfeidhm i bprionsabal ach ar roinnt daoine sa tsochaí go díreach, go mothúchánach, uaireanta fiú gan staonadh. Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar striapachas, ar dhúshaothrú agus ar gháinneáil ar mhaithe leis an teacht i dtír gnéasach, ar feiniméin inscne-shonracha agus dhomhanda iad, rud a imríonn tionchar ar na daoine is mó a ndéantar idirdhealú orthu inár sochaithe, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil cearta na mban i gcroílár an phlé seo. Ina theannta sin, ní mór dúinn an méid seo a leanas a aithint: is iad na mná agus na cailíní is leochailí sa tsochaí atá i striapachas — ar fud an domhain. Ina theannta sin, tá a fhios againn nach bhfuil na daoine is imeallaithe atá i striapachas mar gur sin atá uathu ach go minic mar gheall nach bhfuil roghanna eile acu i sochaí chaipitlithe agus phatrarcach. Leis an normalú dealraitheach ar an striapachas atá ag tarlú i roinnt mhaith Ballstát, tá an comhéigean, an ionramháil, an foréigean agus an dúshaothrú á gceilt. Ceileann sé go láidir go bhfuil easpa scileanna teanga, cásanna forbhásacha, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta á úsáid chun mná a thabhairt chun striapachais chun rochtain na bhfear ar mhná a chinntiú. Fuair staidéar inar cuireadh ceisteanna faoi bhráid cliaint striapach sa Ghearmáin amach go bhfuil a fhios ag an gcuid is mó de na ceannaitheoirí gnéis nach bhfuil mná atá i striapachas saor ná nach bhfuil siad toilteanach a bheith ag tabhairt faoi. Thairis sin, taispeánann sé go nglacann siad leis seo, is fearr leo a bheith caoch ar staid na mban sin nó go dtugann sé mothú níos láidre cumhachta dóibh fiú.
Is cineál foréigin é an striapachas agus is cúis é le neamhionannas inscne agus is iarmhairt freisin é ar an neamhionannas inscne. Léiríonn nádúr inscne-shonrach an striapachais an caidreamh cumhachta atá i réim inár sochaí. Méadaíonn agus cuireann an striapachas leis na steiréitíopaí faoi mhná agus fir. Áirítear leis sin go soiléir an tuairim nach mór do mhná agus cailíní a bheith ar díol chun éileamh na bhfear ar ghnéas a shásamh, agus an tuairim nach mór d’fhir agus go bhfuil ceart acu a ngnéasacht a bheochan le duine eile. Tá tionchar soiléir aige sin freisin ar chomhionannas inscne agus ar fhíorú breise chearta na mban.
Tá impleachtaí trasteorann ag an striapachas freisin do mhná, dá gcearta agus dá gcomhionannas inscne agus, dá bhrí sin, ní mór dul i ngleic leo ar bhonn comhchoiteann ar an leibhéal Eorpach chun a áirithiú go mbeidh na cearta agus an chosaint chéanna ag mná i ngach áit. Toisc go léiríonn figiúirí dúinn go bhfuil mná atá i striapachas níos mó i mbaol ná riamh ag an bhforéigean agus ag an dúshaothrú. Tá a staid sláinte thar a bheith forbhásach i gcomparáid leis an gcuid eile den daonra. Cuireann a stiogmatú, a mhaireann cibé acu atá striapachas dleathach nó nach bhfuil, leis seo freisin. Níl ach an taobh ceannaigh de dístiogmataithe chomh maith le brabús a bhaint ó dhuine eile a bheith i striapachas. Mar sin féin, tá daoine atá i striapachas fós imeallaithe agus stiogmataithe. Ina theannta sin, cuirtear bac ar rochtain ar a gcearta bunúsacha.
Tá roinnt nasc ann freisin idir striapachas agus coireacht eagraithe, amhail gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar dhrugaí, etc. Tá a fhios againn go n-éascaítear agus go spreagtar gáinneáil ar mhná leochaileacha agus ar mhionaoisigh le haghaidh teacht i dtír gnéasach i dtíortha ina bhfuil daoine a bheith á gcur i mbun an striapachais agus ceannach gnéis díchoiriúlaithe agus ina bhfuil an bonneagar dlíthiúil gaolmhar.
Tá cur chuige uile-Eorpach de dhíth orainn ionas nach n-aistreoidh an t-éileamh agus an margadh le haghaidh striapachais go dtí an chéad Bhallstát eile agus gur féidir cearta na mban a dhaingniú thar theorainneacha agus gur féidir gach bean a chosaint ar dhúshaothrú.
Ní féidir le coiriúlú daoine atá i striapachas a bheith ina réiteach. Ní bhíonn de thoradh air sin ach easpa slándála dlíthiúla, le bagairt leanúnach ionchúiseamh na bpóilíní agus na cúirte, leochaileacht agus stiogmatú breise agus éifeachtaí diúltacha ar shláinte agus ar shábháilteacht, chomh maith leis an deacracht a bhaineann le dul i dteagmháil le seirbhísí tacaíochta agus easpa rochtana ar chearta bunúsacha do dhaoine atá i striapachas. Dá bhrí sin, tá sé thar am go ndéanfaidh na Ballstáit bearta i réimsí a bhaineann le cosc, díchoiriúlú daoine atá i striapachas, agus ag an am céanna tacú le cláir scoir agus ath-lánpháirtithe, dístiogmatú agus laghdú steiréitíopaí agus nach ndéanfaidh siad maolú ó phionós a ghearradh ar chliaint. Ós rud é gurb é an t-éileamh atá orthu sa deireadh thiar thall is bunús leis an dúshaothrú atá ag tarlú i réimse an striapachais. Déanann an t-éileamh trádáil i mná tarraingteach. Baineann an t-éileamh úsáid as leochaileachtaí daoine agus as easpa roghanna eile. De bharr an éilimh seo déantar córas neamhionannais agus dúshaothraithe a dhlisteanú ina bhfuil mná agus leanaí mar phríomhíospartaigh.
Is é an feimineachas an comhrac i gcoinne córais, i gcoinne na patrarcachta. Is cúis agóide í an comhrac seo i gcónaí. Ós rud é nach bhfuil aon agóid den sórt sin ann i gcás dlisteanú daoine a bheith á gcur i mbun striapachais ná ceannach gnéis, ba cheart go mbeadh sé ina ábhar machnamh dúinn.
TUAIRIM MHIONLAIGH
Léiríonn na téarmaí a úsáidtear sa tuarascáil seo, i.e. “striapachas”, “mná i striapachas”, breithiúnais luacha, léiriú ar choiriúlacht agus mímhoráltacht, agus pobal imeallaithe a stiogmatú; is fearr le daoine a dhíolann seirbhísí gnéis an téarma “oibrithe gnéis” toisc go gcuireann úsáid “striapach” lena n-eisiamh ón tsochaí, lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí sláinte, dlí agus sóisialta;
Feicimid go gcuireann coiriúlú aon ghné den obair ghnéis sábháilteacht daoine a dhíolann gnéas i mbaol, rud a fhágann go n-oibríonn siad faoi cheilt agus go gcuirtear cosc orthu eagrú agus dul i ngleic go héifeachtach le dúshaothrú sa tionscal gnéis.
Ba cheart reachtaíocht maidir le hobair ghnéis a fhorbairt le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine. Iarraimid ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta agus straitéisí a fhorbairt chun oibrithe gnéis a aithint agus iad a chosaint, chun dul i ngleic leis an idirdhealú a bhíonn rompu, aghaidh a thabhairt air agus chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle leo agus go gcuirfear san áireamh iad i ngach comhrá a bhaineann leis na beartais a mbíonn tionchar acu ar a saol.
Steiréitíopaí inscne atá fréamhaithe go domhain agus a bhaineann le gnéasacht agus moráltacht na mban, cuireann siad tuilleadh le stiogmatú agus le hidirdhealú oibrithe gnéis, bunaithe ar an sárú ceaptha a dhéanann siad ar noirm inscne sóisialta agus gnéis. Seachas cur leis an gcomhrac ar son an chomhionannais inscne, scriosann an tuarascáil seo guthanna na ndaoine, go háirithe mná, atá ag troid chun éisteacht a fháil le blianta fada.
Arna shíniú,
Monika Vana & Karen Melchior,
Radka Maxova
Pina Picierno
Samira Rafaela
Diana Riba i Giner
Marco Zullo
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
27.6.2023 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
16 10 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Isabella Adinolfi, Christine Anderson, Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Annika Bruna, Margarita de la Pisa Carrión, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Lina Gálvez Muñoz, Alice Kuhnke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Radka Maxová, Karen Melchior, Johan Nissinen, Maria Noichl, Sandra Pereira, Pina Picierno, Samira Rafaela, Evelyn Regner, Diana Riba i Giner, Maria Veronica Rossi, Sylwia Spurek, Marco Zullo |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Heléne Fritzon, Ewa Kopacz, Eleni Stavrou, Monika Vana |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Colm Markey, Sira Rego |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
16 |
+ |
PPE |
Isabella Adinolfi, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Ewa Kopacz, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Colm Markey, Eleni Stavrou |
S&D |
Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Maria Noichl, Evelyn Regner |
The Left |
Sandra Pereira, Sira Rego |
Verts/ALE |
Alice Kuhnke |
- [1] IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.
- [2] IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.
- [3] IO C 285, 29.8.2017, lch. 78.
- [4] IO C 465, 17.11.2021, lch. 30.
- [5] Breithiúnas na Cúirte an 20 Samhain 2001, Aldona Malgorzata Jany agus Daoine Eile v RúStaatssecretaris van Justitie,C-268/99, ECLI:AE:C:2001:616.
- [6] O’Connor, M., The Sex Economy, Agenda Publishing, 2018.
- [7] Brúghrúpa Mhná na hEorpa, Páipéar Faisnéise‘Her Future is Equal’, an 5 Deireadh Fómhair 2021.
- [8] Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta, ‘Global study on homicide – Gender-related killing of women and girls’ [Staidéar domhanda ar dhúnbhású – Mná agus cailíní á marú ar bhonn inscne], 2019.
- [9] Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Mná agus Óige, ‘Health, Well-Being and Personal Safety of Women in Germany– A Representative Study of Violence against Women in Germany’ [Sláinte, Folláine agus Sábháilteacht Phearsanta na mBan sa Ghearmáin – Staidéar Ionadaíoch ar Fhoréigean in aghaidh na mBan sa Ghearmáin], 2004.
- [10] Fondúireacht Scelles, ‘La prévalence de l’état de stress post-traumatique chez les personnes prostituées’, 1 Márta 2019.
- [11] Farley, M., ‘Prostitution is Sexual Violence’, Psychiatric Times, 1 Deireadh Fómhair 2004.
- [12] Zuger, A., ‘Many Prostitutes Suffer Combat Disorder, Study Finds’, New York Times, 18 Lúnasa 1998.
- [13] Amnesty International, ‘Body politics: a primer on criminalization of sexuality and reproduction’, 12 Márta 2018, lch.54.
- [14] Global Network of Sex Work Projects, ‘Sex Workers’ Lack of Access to Justice’, 2020, lgh. 6-11 agus lch. 13.
- [15] Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
- [16] Comhairle na hEorpa, ‘Impact of Covid-19 on Women’s Access to Justice’ [Tionchar Covid-19 ar Rochtain na mBan ar Cheartas], 2022.
- [17] Global Network of Sex Work Projects, ‘Sex Workers’ Lack of Access to Justice’, 2020, agus tuarascáil Chomhairle na hEorpa dar teideal ‘Impact of Covid-19 on Women’s Access to Justice’ [Tionchar Covid-19 ar Rochtain na mBan ar Cheartas], lch. 68.
- [18] Wong, S., ‘Decriminalising sex work would cut HIV infections by a third’, Imperial College London, 24 Iúil 2014.
- [19] Platt, L. et al., ‘Associations between sex work laws and sex workers’ health: a systematic review and meta-analysis of quantitative and qualitative studies’, PLOS Medicine, Imleabhar 15, Uimh. 12, 2018.
- [20] Farley, M. et al., ‘Prostitution and Trafficking in 9 Countries: Update on Violence and Posttraumatic Stress Disorder’, Journal of Trauma Practice, Imleabhar 2, Uimh. 3-4, 2003.
- [21] Dunphy, L., ‘Report finds 90% of sex workers want to leave trade but resources are not there to help them’, Irish Examiner, 29 Eanáir 2020.
- [22] ‘Men constitute most of the identified victims of labour trafficking, in sectors as diverse as agriculture, construction, hospitality and fisheries. Women are also victims of trafficking for labour exploitation, often in the more isolated setting of domestic and care work.’ [Is iad fir formhór íospartaigh na gáinneála saothair, in earnálacha chomh héagsúil le talmhaíocht, tógáil, fáilteachas agus iascach. Is íospartaigh na gáinneála ar mhaithe le dúshaothrú saothair iad mná freisin, go minic i suíomh oibre tí agus cúraim níos scoite.] (GRETA – the Group of Experts on Action against Trafficking in Human Beings [an Grúpa Saineolaithe ar Gháinneáil ar Dhaoine], ‘Human trafficking for the purpose of labour exploitation’[Gáinneáil ar dhaoine chun críche dúshaothrú an tsaothair] – Caibidil Théamach den 7ú Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí GRETA’, Comhairle na hEorpa, 2019, lch.6.)
- [23] Tuarascáil ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (An Ceathrú Tuarascáil) (COIM(2022)0736).
- [24] Tá an 49 % eile roinnte i measc cásanna gáinneála chun críocha eile, gach ceann acu le céatadán i bhfad níos ísle, agus sin an fáth gurb é an teacht i dtír gnéasach an chatagóir is mó go mór, cé gurb ionann é agus 51 % 'amháin'.
- [25] Oifig ESCE an Ionadaí Speisialta agus an Chomhordaitheora chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh a chothaíonn gáinneáil chun críche an teacht i dtír ghnéasaigh a dhíspreagadh], Vín, 2021.
- [26] Europol, ‘Situation Report – Trafficking in human beings in the EU’ [Tuarascáil Staide – Gáinneáil ar dhaoine in AE], An Háig, 2016, lgh. 12, 14 agus 22-23.
-
[27] Tuarascáil ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ' An Triú tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (2020) mar a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus
a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (COM(2020)0661). - [28] Stiúrthóir Feidhmiúcháin Mná na Náisiún Aontaithe Sima Bahous, 'Ráiteas: Crises drive an increase in human trafficking – Here’s how we stop it [Spreagann géarchéimeanna méadú ar gháinneáil ar dhaoine – Seo an chaoi a gcuirimid stop leis], Mná na Náisiún Aontaithe, 29 Iúil 2022.
- [29] Fondúireacht Scelles, ‘Sexual Exploitation – New Challenges, New Answers’, 2019.
- [30] Cé gurbh é an teacht i dtír gnéasach fós an príomhchineál dúshaothraithe in 2020, shroich sé an pointe is ísle ó 2008 (Eurostat, ‘Staidreamh Gáinneáil ar Dhaoine’, Eanáir 2023).
- [31] Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta, ‘Tuarascáil Dhomhanda maidir le Gáinneáil ar Dhaoine 2022’, 2023.
- [32] Eurostat, ‘Victims of trafficking of human beings up 10% in 2021’ [Méadú 10% tagtha ar Íospartaigh na gáinneála ar dhaoine in 2021], 9 Feabhra 2023.
- [33] Oifig ESCE an Ionadaí Speisialta agus an Chomhordaitheora chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh a chothaíonn gáinneáil chun críche an teacht i dtír ghnéasaigh a dhíspreagadh], Vín, 2021.
- [34] Crouch, D., ‘Swedish Prostitution law Targets Buyers, but Some Say It Hurts Sellers’, New York Times, 14 Márta 2015.
- [35] Claude, K., ‘Targeting the Sex Buyer – The Swedish Example: Stopping Prostitution and Trafficking Where It All Begins’, The Swedish Institute, 2010.
- [36] Inspection générale des affaires sociales, ‘Evaluation de la loi du 13 avril 2016 visant à renforcer la lutte contre le système prostitutionnel et à accompagner les personnes prostituées’, 2019.
- [37] Cho, S.-Y., et al., ‘Does legalized prostitution increase human trafficking?’, World Development, Imleabhar 41, 2013, lgh. 67-82.
- [38] Farley, M. et al., ‘Männer in Deutschland, die für Sex zahlen – und was sie uns über das Versagen der legalen Prostitution beibringen: ein Bericht über das Sexgewerbe in 6 Ländern aus der Perspektive der gesellschaftlich unsichtbaren Freier’, Berlin, 8 Samhain 2022.
- [39] Oifig ESCE an Ionadaí Speisialta agus an Chomhordaitheora chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh a chothaíonn gáinneáil chun críche an teacht i dtír ghnéasaigh a dhíspreagadh], Vín, 2021.
- [40] Crouch, D., ‘Swedish Prostitution law Targets Buyers, but Some Say It Hurts Sellers’, New York Times, 14 Márta 2015.
- [41] Claude, K., ‘Targeting the Sex Buyer – The Swedish Example: Stopping Prostitution and Trafficking Where It All Begins’, The Swedish Institute, 2010.
- [42] Mar atá sainmhínithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gháinneáil ar Dhaoine agus chun Dúshaothrú Striapachas Daoine eile a Dhíchur.
-
[43] Di Nicola, A., The differing EU Member States’ regulations on prostitution and their cross-border implications on women’s rights [Rialacháin éagsúla Bhallstáit AE maidir le striapachas agus a n-impleachtaí trasteorann ar chearta na mban], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Beartas
An Roinn um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, 27 Iúil 2021. - [44] An Grúpa Oibre ar Striapachas i Seansailéireacht Chónaidhme Phoblacht na hOstaire, ‘Regelung der Prostitution in Österreich – Empfehlungen der Arbeitsgruppe „Prostitution“’, Aibreán 2021.
- [45] Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Mná agus Óige, ‘Health, Well-Being and Personal Safety of Women in Germany– A Representative Study of Violence against Women in Germany’ [Sláinte, Folláine agus Sábháilteacht Phearsanta na mBan sa Ghearmáin – Staidéar Ionadaíoch ar Fhoréigean in aghaidh na mBan sa Ghearmáin], 2004.
- [46] Idem.
- [47] Pennsylvania Coalition Against Rape, ‘The Intersection Between Prostitution and Sexual Violence’, 2013.
- [48] Göttfried, N., ‘Prostitution as a result of child abuse’, Hope for the Future, léite 14 July 2023.
- [49] Fondúireacht Scelles, ‘Sexual Exploitation – New Challenges, New Answers’, 2019.
- [50] IO C 47, 7.2.2023, lch. 2.
- [51] Siegfried, K., ‘Ukraine crisis creates new trafficking risks’ [Cruthaíonn géarchéim na hÚcráine rioscaí nua gáinneála], Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, 13 Aibreán 2022.
- [52] Carling, J., ‘Trafficking in Women from Nigeria to Europe’ [Gáinneáil ar Mhná ón Nigéir go dtí an Eoraip], An Institiúid um Beartas Imirce, 1 Iúil 2005.
- [53] Comhairle na hEorpa, ‘Impact of COVID-19 on Women’s Access to Justice’ [Tionchar Covid-19 ar Rochtain na mBan ar Cheartas], 2022.
- [54] Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ‘Recommended Principles and Guidelines on Human Rights and Human Trafficking’ [Prionsabail agus Treoirlínte Molta maidir le Cearta an Duine agus Gáinneáil ar Dhaoine] 20 Bealtaine 2002
- [55] Farley, M. et al., ‘Comparing sex buyers with men who do not buy sex: New data on prostitution and trafficking’, Journal of Interpersonal Violence, Imleabhar 32, Uimh. 23, lgh. 3601–3625, 2017.
- [56] Demand Abolition, ‘Who Buys Sex? – Understanding and Disrupting Illicit Market Demand’, Samhain 2018.
- [57] Farley, M. et al., ‘Männer in Deutschland, die für Sex zahlen – und was sie uns über das Versagen der legalen Prostitution beibringen: ein Bericht über das Sexgewerbe in 6 Ländern aus der Perspektive der gesellschaftlich unsichtbaren Freier’, Berlin, 8 Samhain 2022.
-
[58] Di Nicola, A., The differing EU Member States’ regulations on prostitution and their cross-border implications on women’s rights [Rialacháin éagsúla Bhallstáit AE maidir le striapachas agus a n-impleachtaí trasteorann ar chearta na mban], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Beartas
An Roinn um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, 27 Iúil 2021. - [59] Oifig ESCE an Ionadaí Speisialta agus an Chomhordaitheora chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh a chothaíonn gáinneáil chun críche an teacht i dtír ghnéasaigh a dhíspreagadh], Vín, 2021.
- [60] Inspection générale des affaires sociales, ‘Evaluation de la loi du 13 avril 2016 visant à renforcer la lutte contre le système prostitutionnel et à accompagner les personnes prostituées’, 2019.
- [61] Europol, ‘European Union Serious and Organised Crime Threat Assessment – A Corrupting Influence: The Infiltration and Undermining of Europe’s Economy and Society’, 14 Nollaig 2021.
-
[62] Di Nicola, A., The differing EU Member States’ regulations on prostitution and their cross-border implications on women’s rights [Rialacháin éagsúla Bhallstáit AE maidir le striapachas agus a n-impleachtaí trasteorann ar chearta na mban], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Beartas
An Roinn um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, 27 Iúil 2021. - [63] Oifig ESCE an Ionadaí Speisialta agus an Chomhordaitheora chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh a chothaíonn gáinneáil chun críche an teacht i dtír ghnéasaigh a dhíspreagadh], Vín, 2021.
- [64] Statista, ‘Anzahl der abgeschlossenen Ermittlungsverfahren im Bereich Menschenhandel zum Zweck der sexuellen Ausbeutung in Deutschland von 2005 bis 2021’, October 2022, léite 14 Iúil 2023.
- [65] Rapóirtéir Speisialta maidir le gáinneáil ar dhaoine, go háirithe mná agus leanaí, 'Cothaíonn an t-éileamh gáinneáil ar dhaoine', Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, 2 Iúil 2013.
- [66] Fondúireacht Scelles, ‘Sexual Exploitation – New Challenges, New Answers’, 2019.
-
[67] Di Nicola, A., The differing EU Member States’ regulations on prostitution and their cross-border implications on women’s rights [Rialacháin éagsúla Bhallstáit AE maidir le striapachas agus a n-impleachtaí trasteorann ar chearta na mban], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Beartas
An Roinn um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, 27 Iúil 2021. - [68] Oifig ESCE an Ionadaí Speisialta agus an Chomhordaitheora chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, ‘Discouraging the demand that fosters trafficking for the purpose of sexual exploitation’ [An t-éileamh a chothaíonn gáinneáil chun críche an teacht i dtír ghnéasaigh a dhíspreagadh], Vín, 2021.
- [69] De réir Bhrústocaireacht na mBan san Eoraip. I gcomparáid leis sin, is imircigh iad tuairim is 90-95 % de na daoine atá cláraithe sa striapachas san Ostair, de réir Berufsberatung Sexarbeit Österreich, 'zahlen/Daten/Fakten', léite 14 Iúil 2023.
- [70] Oifig Staidrimh Chónaidhme na Gearmáine, ‘Timpeall 23,700 striapach cláraithe leis na húdaráis ag deireadh 2021’, Preaseisiúint Uimh. 277, 1 Iúil 2022. De réir https://www.destatis.de/DE/Presse/Pressemitteilungen/2022/07/PD22_277_228.html, mar shampla, níl saoránacht na Gearmáine ach ag duine as gach cúigear de na daoine atá cláraithe sa striapachas sa Ghearmáin agus tá formhór na ndaoine, go háirithe mná, atá i striapachas sa Ghearmáin (78 %) idir 21 agus 44 bliana d’aois.
-
[71] Di Nicola, A., The differing EU Member States’ regulations on prostitution and their cross-border implications on women’s rights [Rialacháin éagsúla Bhallstáit AE maidir le striapachas agus a n-impleachtaí trasteorann ar chearta na mban], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, Beartas
An Roinn um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, 27 Iúil 2021. - [72] Idem.
- [73] Idem.
- [74] Idem.
- [75] Farley, M. et al., ‘Männer in Deutschland, die für Sex zahlen – und was sie uns über das Versagen der legalen Prostitution beibringen: ein Bericht über das Sexgewerbe in 6 Ländern aus der Perspektive der gesellschaftlich unsichtbaren Freier’, Berlin, 8 Samhain 2022.
- [76] ‘Tuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta um chearta daonna na n-imirceach’, 25 Meán Fómhair 2018, mír 70.
- [77] Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
- [78] Anklesaria A. and Gentile, J., ‘Psychotherapy with women who have worked in the “sex industry”’, Innovations in Clinical Neuroscience, Imleabhar. 9, Uimh. 10, 2012, lgh. 27-33.
- [79] Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Mná agus Óige, ‘Health, Well-Being and Personal Safety of Women in Germany– A Representative Study of Violence against Women in Germany’ [Sláinte, Folláine agus Sábháilteacht Phearsanta na mBan sa Ghearmáin – Staidéar Ionadaíoch ar Fhoréigean in aghaidh na mBan sa Ghearmáin], 2004.