Tuarascáil - A9-0253/2023Tuarascáil
A9-0253/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

26.7.2023 - (COM(2022)0454 – C9‑0308/2022 – 2022/0272(COD)) - ***I

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Nicola Danti
Rapóirtéir don tuairim ón gcoiste comhlachaithe de bhun Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
Morten Løkkegaard, an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra


Nós Imeachta : 2022/0272(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0253/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0253/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

(COM(2022)0454 – C9‑0308/2022 – 2022/0272(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0454),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0308/2022),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022[1],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0000/2023),

1. Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. Á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún an ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra a mhodhnú trí phlean bunaíochta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a mhéadú le 9.0 post lánaimseartha breise agus trí leithreasuithe comhfhreagracha breise a sholáthar chun a áirithiú gur féidir oibleagáidí ENISA faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus gan na hoibleagáidí atá ar an nGníomhaireacht cheana faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a chur i mbaol;

3. Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú  1

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[*]

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir 2020/1828/CE (an Gníomh um Chibear-athléimneacht)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Tá an chibearshlándáil ar cheann de na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas agus tiocfaidh méadú as cuimse ar líon agus ar éagsúlacht na ngléasanna nasctha sna blianta amach romhainn. Tá ábhar leasa phoiblí iad cibirionsaithe toisc go mbíonn tionchar criticiúil acu ní hamháin ar gheilleagar an Aontais, ach ar an daonlathas agus ar shábháilteacht agus sláinte tomhaltóirí freisin. Is gá, dá bhrí sin, cur chuige an Aontais i leith na cibearshlándála a neartú, aghaidh a thabhairt ar an gcibear-athléimneacht ar leibhéal an Aontais agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos le haghaidh ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhá mhórfhadhb a chuireann costais ar úsáideoirí agus ar an tsochaí: leibhéal íseal cibearshlándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna léiriú ag leochaileachtaí forleathana agus soláthar neamhleor agus neamhréireach nuashonruithe slándála chun aghaidh a thabhairt orthu, mar aon le tuiscint agus rochtain neamhleor úsáideoirí ar fhaisnéis, rud a chuireann bac orthu táirgí a bhfuil airíonna cibearshlándála leordhóthanacha acu a roghnú nó iad a úsáid ar bhealach slán.

(2) Is é is aidhm don Rialachán seo na coinníollacha teorann a leagan síos maidir le táirgí slána ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbairt trína áirithiú go gcuirtear táirgí crua-earraí agus bogearraí ar an margadh ar lú iad na leochaileachtaí a bhíonn ag baint leo agus go dtugann monaróirí go dáiríre faoi chúrsaí slándála ar feadh saolré táirge. Tá sé mar aidhm aige freisin coinníollacha a chruthú a chuirfidh ar chumas úsáideoirí an chibearshlándáil a chur san áireamh agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á roghnú agus á n-úsáid acu, mar shampla tríd an trédhearcacht a fheabhsú maidir le tréimhse thacaíochta táirgí a chuirtear ar an margadh.

(3) Cuimsítear sa reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair roinnt tacair rialacha cothrománacha lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe áirithe a ghabhann leis an gcibearshlándáil ó thaobhanna éagsúla, lena n-áirítear bearta chun slándáil an tslabhra soláthair dhigitigh a fheabhsú. Mar sin féin, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4] agus Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,[5] ní chumhdaítear go díreach ceanglais shainordaitheacha maidir le slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(4) Cé go bhfuil feidhm ag an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, níl aon chreat rialála cothrománach de chuid an Aontais ann lena mbunaítear ceanglais chuimsitheacha chibearshlándála le haghaidh gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ní thugann na gníomhartha agus na tionscnaimh éagsúla a rinneadh go dtí seo ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ach aghaidh i bpáirt ar na fadhbanna agus na rioscaí cibearshlándála a sainaithníodh, rud a chruthaíonn meascán reachtach laistigh den mhargadh inmheánach, a mhéadaíonn éiginnteacht dhlíthiúil do mhonaróirí agus d’úsáideoirí na dtáirgí sin agus a chuireann ualach neamhriachtanach ar ghnóthais agus eagraíochtaí ceanglais áirithe a chomhlíonadh maidir le cineálacha comhchosúla táirgí. Tá gné thrasteorann an-láidir ag baint le cibearshlándáil na dtáirgí sin, ós rud é gur minic táirgí a mhonaraítear i dtír amháin a bheith in úsáid ag eagraíochtaí agus tomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar fad. Fágann sé sin gur gá an réimse a rialáil ar leibhéal an Aontais, chun creat rialála comhchuibhithe agus soiléir a áirithiú do ghnóthais, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart creat rialála an Aontais a chomhchuibhiú trí cheanglais chibearshlándála a thabhairt isteach le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ina theannta sin, ba cheart deimhneacht d’oibreoirí agus d’úsáideoirí a áirithiú ar fud an Aontais, chomh maith le comhchuibhiú níos fearr ar an margadh aonair agus comhréireacht do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, rud a chruthódh dálaí níos inmharthana d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil sé d’aidhm acu dul isteach i margadh an Aontais.

(4a) Ciallaíonn cineál cothrománach an Rialacháin seo go mbeidh tionchar aige ar dheighleoga an-éagsúil de gheilleagar an Aontais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí sainiúlachtaí gach earnála san áireamh agus go mbeidh na ceanglais chibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo comhréireach leis na rioscaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint ina míneofar ar bhealach soiléir agus mionsonraithe conas an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart a chumhdach leis na treoirlínte, inter alia, míniú mionsonraithe ar an raon feidhme, go háirithe coincheap na cianphróiseála sonraí agus na himpleachtaí do shaorfhorbróirí foinse oscailte, na critéir a úsáidtear chun an chaoi a n-aicmítear táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chinneadh agus an idirghníomhaíocht idir an Rialachán seo agus dlí eile de chuid an Aontais.

(4b) Féadfaidh gnó a fheidhmíonn ar líne réimse seirbhísí éagsúla a thairiscint. Ag brath ar chineál na seirbhísí a sholáthraítear, féadfaidh an t-eintiteas céanna teacht faoi roinnt catagóirí éagsúla d’oibreoirí eacnamaíocha. I gcás ina soláthraíonn eintiteas seirbhísí idirghabhála ar líne le haghaidh táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus gur soláthraí margaidh ar líne é, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(14) de Rialachán 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6], ní cháilíonn sé mar oibreoir eacnamaíoch mar a shainmhínítear sa Rialachán seo. I gcás inar soláthraí margaidh ar líne é an t-eintiteas céanna agus ina ngníomhaíonn sé mar oibreoir eacnamaíoch mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhíol, ba cheart é a bheith faoi réir raon feidhme an Rialacháin seo maidir le táirgí den sórt sin. Tá forálacha Rialachán (AE) 2023/988 infheidhme go hiomlán maidir leis an Rialachán seo. I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag margaí ar líne maidir le tráchtáil leictreonach a chumasú, ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh comhoibriú le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a cheannaítear trí mhargaí ar líne na ceanglais chibearshlándála a leagtar síos sa Rialachán seo.

(5) I roinnt doiciméid chláir agus pholaitiúla éagsúla, amhail Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach[7], na Conclúidí ón gComhairle an 2 Nollaig 2020 agus an 23 Bealtaine 2022 nó an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021[8], iarradh, ar leibhéal an Aontais, ceanglais chibearshlándála shonracha de chuid an Aontais maidir le táirgí digiteacha nó táirgí lena mbaineann, agus rinne roinnt tíortha ar fud an domhain bearta chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin a thabhairt isteach ar a dtionscnamh féin. Sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa[9], d’iarr na saoránaigh go mbeadh ‘ról níos láidre ag an Aontas maidir le bagairtí cibearshlándála a chomhrac’. Chun go mbeidh ról ceannasach idirnáisiúnta ag an Aontas i réimse na cibearshlándála, tá sé tábhachtach creat rialála uileghabhálach uaillmhianach a bhunú.

(6) Chun feabhas a chur ar leibhéal foriomlán cibearshlándála na dtáirgí uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuirtear ar an margadh inmheánach, is gá ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha atá dírithe ar chuspóirí agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a thabhairt isteach le haghaidh na dtáirgí sin, ar ceanglais iad a mbeidh feidhm chothrománach leo.

(7) Faoi choinníollacha áirithe, is féidir gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá comhtháite i gcóras leictreonach faisnéise níos mó, nó atá nasctha leis, a bheith ina veicteoir ionsaithe do ghníomhaithe mailíseacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh fiú crua-earraí agus bogearraí nach measfaí iad a bheith chomh criticiúil céanna a bheith ina slí éascaithe don sárú tosaigh ar ghléas nó ar líonra trína gcuirfí ar chumas gníomhaithe mailíseacha rochtain phribhléideach a fháil ar chóras nó bogadh go cliathánach ar fud na gcóras. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go ndéanfar gach táirge so-nasctha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh agus a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Áirítear leis sin idir tháirgí is féidir a nascadh go fisiceach trí chomhéadain crua-earraí agus táirgí atá nasctha go loighciúil, amhail trí shoicéid líonra, píopaí, comhaid, comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir nó aon chineál eile comhéadain bogearraí. Ós rud é gur féidir bagairtí cibearshlándála a fhorleathadh trí tháirgí éagsúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula mbaintear sprioc áirithe amach, mar shampla trí roinnt dúshaothrair leochaileachta a shlabhrú le chéile, ba cheart do mhonaróirí cibearshlándáil na dtáirgí sin nach bhfuil nasctha ach go hindíreach le gléasanna nó líonraí eile a áirithiú freisin.

(8) Trí cheanglais chibearshlándála a leagan síos maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cuirfear feabhas ar chibearshlándáil na dtáirgí sin ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnólachtaí araon. Áirítear leis sin freisin ceanglais maidir le táirgí tomhaltais ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá beartaithe do thomhaltóirí leochaileacha, amhail bréagáin agus monatóirí linbh, a chur ar an margadh. Áiritheofar leis na ceanglais sin freisin go gcuirfear an chibearshlándáil san áireamh ar fud na slabhraí soláthair, rud a fhágfaidh go mbeidh táirgí deiridh ag a bhfuil eilimintí digiteacha níos sláine. Dá réir sin, beidh an méid sin ina bhuntáiste iomaíoch do mhonaróirí atá bunaithe nó a bhfuil ionadaíocht acu san Aontas, agus beidh na monaróirí sin in ann cibearshlándáil a dtáirgí a fhógairt.

(9) Áirithítear leis an Rialachán seo ardleibhéal cibearshlándála do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus dá réitigh cianphróiseála sonraí chomhtháite. Sainmhínítear réitigh cianphróiseála sonraí den sórt sin a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar aon phróiseáil sonraí a dhéantar go cianda arb é an monaróir a dhéanann na bogearraí lena haghaidh a dhearadh agus a fhorbairt nó a déantar iad a dhearadh agus a fhorbairt thar ceann mhonaróir an táirge lena mbaineann ▌, agus a gcuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh. Mar shampla, ba cheart feidhmiúlachtaí néalchumasaithe arna soláthar ag monaróir gléasanna baile cliste a chuireann ar chumas úsáideoirí an gléas a rialú i gcéin, ba cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ar an taobh eile, níor cheart suíomhanna gréasáin nach bhfuil dlúthbhaint acu le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó néalseirbhísí nach bhfuil faoi fhreagracht an mhonaróra a mheas mar réitigh cianphróiseála sonraí faoin Rialachán seo. Le Treoir (AE) 2022/2555 cuirtear ceanglais chibearshlándála agus tuairiscithe teagmhas i bhfeidhm d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, amhail bonneagar criticiúil, d’fhonn athléimneacht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a fheabhsú. Cé go bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2022/2555 maidir le seirbhísí néalríomhaireachta agus samhlacha néalseirbhísí, agus nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí, amhail Bogearraí mar Sheirbhís (SaaS), Ardán mar Sheirbhís (PaaS) nó Bonneagar mar Sheirbhís (IaaS), féadfaidh siad teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhéid a chomhlíonann siad an sainmhíniú ar réitigh cianphróiseála sonraí. 

(9a) Maidir le bogearraí agus sonraí a chomhroinntear go hoscailte, agus sa chás go bhfuil siad, nó leaganacha modhnaithe díobh, inrochtana, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte gan bhac ag úsáideoirí, d’fhéadfaidís rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht sa mhargadh. Léirítear i dtaighde a rinne an Coimisiún Eorpach[10] freisin gur féidir le bogearraí foinse oscailte idir EUR 65 bhilliún agus EUR 95 bhilliún a chur le OTI an Aontais agus gur féidir leo deiseanna suntasacha fáis a chur ar fáil do gheilleagar an Aontais. Ceadaítear d’úsáideoirí bogearraí agus sonraí a rith, a chóipeáil, a dháileadh, a staidéar, a athrú agus a fheabhsú, lena n-áirítear samhlacha trí cheadúnais saor in aisce agus foinsí oscailte. Chun forbairt agus imlonnú saor-bhogearraí foinse oscailte a chothú, go háirithe ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus ag eagraíochtaí seachbhrabúsacha, lucht taighde acadúil agus daoine aonair, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí saor-bhogearraí foinse oscailte i gcásanna sonracha, chun a chur san áireamh gur ann do shamhlacha forbartha éagsúla bogearraí arna ndáileadh agus arna bhforbairt faoi cheadúnais phoiblí.

(10) Níor cheart ach saor-bhogearraí foinse oscailte a chuirtear ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála ▌a chumhdach leis an Rialachán seo. ▌ Is de réir an táirge ba cheart measúnú a dhéanamh i dtaobh ar cuireadh saortháirge foinse oscailte ar fáil mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála, ag féachaint ar an tsamhail forbartha agus ar chéim sholáthair an tsaortháirge foinse oscailte ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(10a) Mar shampla, ba cheart samhail forbartha atá go hiomlán díláraithe a ghlacadh mar léiriú gur forbraíodh an táirge i suíomh neamhthráchtála i gcás nach bhfeidhmíonn aon eintiteas tráchtála amháin rialú ar an méid a nglactar leis isteach i gcódbhonn an tionscadail. Ar an taobh eile, i gcás ina bhforbróidh eagraíocht aonair nó pobal neamhshiméadrach saor-bhogearraí foinse oscailte, i gcás ina bhfuil ioncam á ghiniúint ag eagraíocht amháin ó úsáid ghaolmhar i gcaidrimh ghnó, ba cheart é sin a mheas mar ghníomhaíocht tráchtála. Ar an gcaoi chéanna, i gcás inarb iad forbróirí atá fostaithe ag eintitis tráchtála na príomhrannpháirtithe i saorthionscadail foinse oscailte agus nuair is féidir le forbróirí den sórt sin nó leis an bhfostóir rialú a fheidhmiú maidir leis na modhnuithe a nglactar leo sa chódbhonn, ba cheart a mheas go ginearálta gur de chineál tráchtála é an tionscadal.

(10b) Maidir leis an gcéim sholáthair, i gcomhthéacs saor-bhogearraí foinse oscailte, d’fhéadfaí gníomhaíocht tráchtála a shaintréithriú ní hamháin trí phraghas a ghearradh ar tháirge, ach freisin trí phraghas a ghearradh ar sheirbhísí tacaíochta teicniúla, nuair nach bhfónann sé sin chun costais iarbhír a aisghabháil amháin, trí ardán bogearraí a sholáthar trína gcuireann an monaróir luach airgid ar sheirbhísí eile, nó trí shonraí pearsanta a úsáid ar chúiseanna seachas chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú go heisiach. Níor cheart a mheas gur gníomhaíocht tráchtála é glacadh le tabhartais gan é a bheith beartaithe brabús a dhéanamh, mura rud é gur eintitis tráchtála a thugann na tabhartais sin agus gur de chineál athfhillteach iad.

(10c) Níor cheart d’fhorbróirí a rannchuidíonn ar bhonn aonair le saorthionscadail foinse oscailte a bheith faoi réir oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo.

(10d) Ní hionann an gníomh aonair a bhaineann le saor-bhogearraí foinse oscailte chun a óstáil ar stórtha oscailte agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh. Dá réir sin, níor cheart a mheas gur dáileoirí iad formhór na mbainisteoirí pacáiste, na n-ardán óstála cód agus na n-ardán comhoibrithe de réir bhrí an Rialacháin seo.

(10e) Chun a áirithiú go ndéanfar na táirgí a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, Roinn 1, ba cheart do mhonaróirí dícheall cuí a fheidhmiú agus comhpháirteanna a fhaightear ó thríú páirtithe á gcomhtháthú acu, lena n-áirítear i gcás saor-bhogearraí foinse oscailte nár cuireadh ar fáil ar an margadh. Braitheann leibhéal iomchuí an díchill chuí ar chineál agus ar leibhéal riosca na comhpháirte agus féadfar go n-áireofar ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas ann: seiceáil an bhfuil an mharcáil CE ar an gcomhpháirt cheana féin, stair nuashonruithe slándála a sheiceáil, féachaint an bhfuil sí saor ó leochaileachtaí atá cláraithe sa bhunachar sonraí leochaileachta Eorpach nó i mbunachair sonraí phoiblí eile, nó tástálacha breise slándála a dhéanamh. I gcás ina sainaithníonn monaróir an táirge, agus dícheall cuí á fheidhmiú aige, leochaileacht i gcomhpháirt, lena n-áirítear leochaileacht i saor-chomhpháirt foinse oscailte, ba cheart dó forbróir na comhpháirte a chur ar an eolas faoin gcomhpháirt, aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht agus í a leigheas, agus, i gcás inarb infheidhme, an socrú slándála arna chur i bhfeidhm a sholáthar don fhorbróir. A luaithe a bheidh an táirge curtha ar an margadh ag an monaróir, ba cheart é a bheith freagrach as a áirithiú go láimhseálfar leochaileachtaí le linn na tréimhse tacaíochta, lena n-áirítear saor-chomhpháirteanna foinse oscailte arna gcomhtháthú sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(10f) Is saincheist thábhachtach í an easpa scileanna gairmiúla i réimse na cibearshlándála ar gá dul i ngleic léi chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go rathúil. Ba cheart béim ar leith a leagan ar an mbearna scileanna do mhonaróirí, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Closing the cybersecurity talent gap to boost the EU's competitiveness, growth and resilience (‘The Cybersecurity Skills Academy’)[An bhearna thallainne sa chibearshlándáil a dhúnadh chun borradh a chur faoi iomaíochas, fás agus athléimneacht an Aontais (‘an tAcadamh Scileanna Cibearshlándála’)], ba cheart bearta sonracha ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar staid agus ar éabhlóid an mhargaidh saothair cibearshlándála agus na sineirgí le haghaidh oideachas agus oiliúint i ndáil leis an gcibearshlándáil, lena dtabharfaí aghaidh freisin ar an mbearna inscne san earnáil, agus é mar aidhm leo cur chuige coiteann a bhunú san Aontas maidir le hoiliúint chibearshlándála.

(11) Tá Idirlíon slán fíor-riachtanach d’fheidhmiú na mbonneagar criticiúil agus don tsochaí ina hiomláine. Is é is aidhm do Threoir (AE) 2022/2555 ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú maidir le seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, lena n-áirítear soláthraithe bonneagair dhigitigh a thacaíonn le croífheidhmeanna an Idirlín oscailte, lena n-áirithítear rochtain ar an Idirlíon agus seirbhísí Idirlín. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go bhforbraítear na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá riachtanach do sholáthraithe bonneagair dhigitigh chun feidhmiú an Idirlín a áirithiú, go bhforbraítear iad ar dhóigh shlán agus go gcomhlíonann siad caighdeáin sheanbhunaithe slándála Idirlín. Is é is aidhm don Rialachán seo, a bhfuil feidhm aige maidir le gach táirge crua-earraí agus bogearraí so-nasctha, éascú a dhéanamh ar sholáthraithe bonneagair dhigitigh na ceanglais maidir leis an slabhra soláthair faoi Threoir (AE) 2022/2555 a chomhlíonadh trína áirithiú go ndéantar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a úsáideann siad chun a seirbhísí a sholáthar, go ndéantar iad a fhorbairt ar bhealach slán agus go mbíonn rochtain acu ar nuashonruithe tráthúla slándála do na táirgí sin.

(12) Le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11], leagtar rialacha síos maidir le feistí leighis, agus le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12] leagtar rialacha síos maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Tugtar aghaidh leis an dá Rialachán ar rioscaí cibearshlándála agus leantar cineálacha cur chuige ar leith ar a dtugtar aghaidh freisin sa Rialachán seo. Go sonrach, leagtar síos i Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le feistí leighis a fheidhmíonn trí chóras leictreonach nó ar bogearraí iad féin iad. Cumhdaítear bogearraí áirithe neamhleabaithe agus an cur chuige saolré iomláin leis na Rialacháin sin freisin. Leis na ceanglais sin, tugtar sainordú do mhonaróirí a dtáirgí a fhorbairt agus a thógáil trí phrionsabail bainistithe riosca a chur i bhfeidhm agus trí cheanglais a leagan amach maidir le bearta slándála TF, chomh maith le nósanna imeachta comhfhreagracha um measúnú comhréireachta. Ina theannta sin, tá treoir shonrach maidir leis an gcibearshlándáil le haghaidh feistí leighis i bhfeidhm ó bhí mí na Nollag 2019 ann[13], agus tugtar treoraíocht léi do mhonaróirí feistí leighis, lena n-áirítear feistí diagnóiseacha in vitro, maidir le conas ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha uile Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacháin sin maidir leis an gcibearshlándáil a chomhlíonadh. Níor cheart, dá bhrí sin, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil feidhm ag ceachtar de na Rialacháin sin maidir leo, a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

(12a) Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbraítear go heisiach chun críoch slándála náisiúnta nó míleata nó táirgí atá ceaptha go sonrach chun faisnéis rúnaicmithe a phróiseáil, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Moltar do na Ballstáit, áfach, an leibhéal céanna cosanta nó leibhéal níos airde cosanta a áirithiú do na táirgí sin agus dóibh siúd a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(13) Le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14], bunaítear ceanglais maidir le cineálcheadú feithiclí, a gcóras agus a gcomhpháirteanna, tugtar isteach ceanglais chibearshlándála áirithe, lena n-áirítear ceanglais maidir le córas bainistithe cibearshlándála deimhnithe a oibriú, maidir le nuashonruithe bogearraí, lena gcumhdaítear beartais agus próisis eagraíochtaí le haghaidh cibear-rioscaí a bhaineann le saolré iomlán feithiclí, trealaimh agus seirbhísí i gcomhréir le rialacháin infheidhme na Náisiún Aontaithe maidir le sonraíochtaí teicniúla agus cibearshlándáil[15], agus lena bhforáiltear do nósanna imeachta sonracha um measúnú comhréireachta. I réimse na heitlíochta, is éard is príomhchuspóir do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16] ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta sibhialta a bhunú agus a choinneáil ar bun san Aontas. Cruthaítear leis creat le haghaidh ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht le haghaidh táirgí, páirteanna agus trealamh aerloingseoireachta, lena n-áirítear bogearraí lena gcuirtear san áireamh oibleagáidí chun cosaint a dhéanamh ar bhagairtí slándála faisnéise. Dá bhrí sin, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 maidir leo agus na táirgí sin atá deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139, níl siad faoi réir na gceanglas fíor-riachtanach agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Áirithítear leis an bpróiseas deimhniúcháin faoi Rialachán (AE) 2018/1139 an leibhéal dearbhaithe is aidhm don Rialachán seo.

(14) Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha cothrománacha cibearshlándála nach mbaineann go sonrach le hearnálacha ná le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Mar sin féin, d’fhéadfaí rialacha earnála nó rialacha táirgeshonracha de chuid an Aontais a thabhairt isteach, lena leagtar síos ceanglais trína dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chumhdaítear faoi rialacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais, ceanglais trína dtugtar aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar an cur i bhfeidhm sin a theorannú nó a eisiamh i gcás ina bhfuil teorannú nó eisiamh den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí sin agus i gcás ina mbaineann na rialacha earnála amach an leibhéal céanna cosanta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a leasú trí na táirgí agus na rialacha sin a shainaithint. Maidir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana i gcás inar cheart feidhm a bheith ag teorainneacha nó eisiaimh den sórt sin, tá forálacha sonracha sa Rialachán seo chun a ghaol leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais a shoiléiriú.

(14a) Chun a áirithiú gur féidir táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh a dheisiú go héifeachtach agus síneadha a chur lena marthanacht, ba cheart díolúine a chur ar fáil maidir le páirteanna spártha. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás páirteanna spártha a bhfuil sé mar aidhm leo táirgí leagáide arna gcur ar fáil roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a dheisiú chomh maith le páirteanna spártha a ndearnadh nós imeachta um measúnú comhréireachta orthu cheana féin de bhun an Rialacháin seo agus arna soláthar ag an monaróir céanna.

(14b) Le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17], bunaítear roinnt ceanglas chun slándáil córas gréasán agus faisnéise a thacaíonn le próisis ghnó eintiteas airgeadais a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo san earnáil airgeadais, chun comhoiriúnacht a áirithiú agus chun forluí a sheachaint i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe freisin le Rialachán (AE) 2022/2554.

(14c) Tagann feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Leis na leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialachán (AE) 167/2013, ba cheart forluí rialála a sheachaint.

(15) Sonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún[19] go mbeidh feidhm ag na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d) (dochar don líonra agus mí‑úsáid acmhainní líonra), pointe (e) (sonraí pearsanta agus príobháideachas) agus pointe (f) (calaois) de Threoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió áirithe. Le [Cinneadh ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme XXX/2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú] leagtar síos ceanglais chun caighdeáin shonracha a fhorbairt ina sonraítear a thuilleadh an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar na trí cheanglas fhíor-riachtanacha sin. Áirítear ar na buncheanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo gnéithe uile na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) de Threoir 2014/53/AE. Thairis sin, déantar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a ailíniú le cuspóirí na gceanglas maidir le caighdeáin shonracha a áirítear san iarraidh sin ar chaighdeánú. Dá bhrí sin, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ▌a leasú agus mar thoradh air sin go scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le táirgí áirithe atá faoi réir an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún agus do na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú an obair chun críoch caighdeánaithe a rinneadh i gcomhthéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)5637 ón gCoimisiún maidir le hiarraidh ar chaighdeánú le haghaidh Rialachán Tarmligthe RED 2022/30 a chur san áireamh agus caighdeáin chomhchuibhithe á n-ullmhú agus á bhforbairt chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú. I gcás ina gcomhlíonfaidh monaróirí an Rialachán seo roimh dháta a chur i bhfeidhm, ba cheart go measfaí go gcomhlíonann siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún freisin, go dtí go n-aisghairfidh an Coimisiún an Rialachán Tarmligthe sin.

(16) Tá Treoir 85/374/CEE ón gComhairle[20] comhlántach leis an Rialachán seo. Leagtar amach sa Treoir sin rialacha dliteanais maidir le táirgí lochtacha ionas gur féidir le daoine díobhálaithe cúiteamh a éileamh i gcás ina ndearnadh damáiste de bharr táirgí lochtacha. Bunaítear leis an bprionsabal go bhfuil monaróir táirge faoi dhliteanas i leith damáistí a eascraíonn as easpa sábháilteachta ina dtáirge gan beann ar locht (‘diandliteanas’). I gcás ina bhfuil easpa nuashonruithe slándála i gceist leis an easpa sábháilteachta sin tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus ina ndéanann sé sin damáiste, d’fhéadfaí dliteanas an mhonaróra a ghníomhachtú. Ba cheart oibleagáidí do mhonaróirí a bhaineann le soláthar nuashonruithe slándála den sórt sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(17) Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[21], agus gan dochar d’fhorálacha maidir le sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, chun a léiriú go gcomhlíonann oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe an Rialachán sin. D’fhéadfaí oibríochtaí den sórt sin a leabú i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Is príomhghnéithe de Rialachán (AE) 2016/679 iad cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, anuas ar an gcibearshlándáil i gcoitinne. Trí thomhaltóirí agus eagraíochtaí a chosaint ar rioscaí cibearshlándála, rannchuideoidh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo le feabhas a chur ar chosaint sonraí pearsanta agus ar phríobháideachas daoine aonair. Ba cheart sineirgí maidir le caighdeánú agus deimhniú araon le haghaidh gnéithe cibearshlándála a mheas tríd an gcomhar idir an Coimisiún, na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679, agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí. Ba cheart sineirgí idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chruthú freisin i réimse an fhaireachais margaidh agus an fhorfheidhmithe. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh arna gceapadh faoin Rialachán seo oibriú i gcomhar leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis maoirseachta sin ar fhaisnéis atá ábhartha chun a gcúraimí a chur i gcrích.

(18) A mhéid a thagann a gcuid táirgí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart d’eisitheoirí Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal 6a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí], na ceanglais bhunriachtanacha chothrománacha a bhunaítear leis an Rialachán seo agus na ceanglais shonracha slándála a bhunaítear le hAirteagal [Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach] a chomhlíonadh. Chun comhlíonadh a éascú, ba cheart d’eisitheoirí tiachóige a bheith in ann a léiriú go gcomhlíonann Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí na ceanglais a leagtar amach sa dá ghníomh faoi seach trína dtáirgí a dheimhniú faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna bunú faoi Rialachán (AE) 2019/881 agus ar shonraigh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, toimhde comhréireachta ina leith don Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú, nó le codanna de.

(18a) Agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á soláthar acu, ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do tháirgí a bhfuil ardleibhéal cibearshlándála agus tréimhse thacaíochta iomchuí acu, chun feabhas a chur ar a gcumas déileáil le cibearbhagairtí, agus chun úsáid éifeachtúil acmhainní poiblí a áirithiú. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh monaróirí leochaileachtaí a dhéanann difear do tháirgí a sholáthraítear go poiblí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leigheas a luaithe is féidir agus mar ábhar práinne i gcás ina bhfuil próifíl riosca shuntasaigh ag na táirgí sin.

(19) Ba cheart do ENISA cúraimí áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2019/881. Go háirithe, ba cheart do ENISA fógraí a fháil ó mhonaróirí faoi leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, chomh maith le teagmhais shuntasacha a mbíonn tionchar acu ar shlándáil na dtáirgí sin. Baineann leochaileachtaí atá faoi réir tuairisciú éigeantach le cásanna ina bhfuil gníomhaí ag cur cód mailíseach i bhfeidhm ar tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun sárú slándála a ghiniúint, mar shampla trí leas a bhaint as laigí i bhfeidhmeanna sainaitheanta agus fíordheimhnithe. Maidir le leochaileachtaí a aimsítear gan aon rún mailíseach chun críoch tástála, imscrúdaithe, ceartúcháin nó nochta de mheon macánta chun slándáil nó sábháilteacht úinéir an chórais agus a úsáideoirí a chur chun cinn, níor cheart iad a bheith faoi réir fógraí éigeantacha. Baineann teagmhas suntasach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha le teagmhas cibearshlándála a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh do phróisis forbartha, táirgthe agus chothabhála an mhonaróra agus a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar shlándáil a chuid táirgí. D’fhéadfaí a áireamh mar theagmhas suntasach cás inar chuir ionsaitheoir isteach go rathúil ar an gcainéal scaoilte trína scaoileann an monaróir nuashonruithe slándála d’úsáideoirí.

(19a) Ba cheart do ENISA na fógraí sin a chur ar aghaidh chuig na Foirne Freagartha ábhartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) nó, faoi seach, chuig pointí teagmhála aonair ábhartha na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir (AE) 2022/2555, agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ábhartha a chur ar an eolas faoin leochaileacht faoina dtugtar fógra. Ba cheart do ENISA a áirithiú go ndéanfar na fógraí sin a fháil, a stóráil agus a tharchur trí bhealaí slána agus go bhfuil prótacail shoiléire i bhfeidhm maidir le cé atá in ann rochtain a fháil orthu agus maidir leis na socruithe chun iad a tharchur ar aghaidh. Ba cheart do ENISA rúndacht na bhfógraí sin a áirithiú, go háirithe maidir le leochaileachtaí nach bhfuil nuashonrú slándála ar fáil ina leith go fóill. Ar bhonn na faisnéise a bhailíonn sé, ba cheart do ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil a ullmhú maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus í a chur faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555. Thairis sin, agus a shaineolas agus a shainordú á gcur san áireamh, ba cheart do ENISA a bheith in ann tacú leis an bpróiseas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Go háirithe, ba cheart dó a bheith in ann comhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag údaráis um fhaireachas margaidh a mholadh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis maidir le neamhchomhlíonadh féideartha táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha leis an Rialachán ar fud roinnt Ballstát nó catagóirí táirgí a shainaithint ar cheart gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha a eagrú ina leith. In imthosca eisceachtúla, arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart ENISA a bheith in ann meastóireachtaí a dhéanamh i leith táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo, i gcás inar gá idirghabháil láithreach a dhéanamh chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.

(20) Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a shonrú ar dhóigh shofheicthe, sholéite agus dhoscriosta go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo ionas gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit constaicí gan údar maith a chruthú maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh. Thairis sin, ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó ag imeachtaí cosúla, níor cheart go gcuirfeadh na Ballstáit cosc ar chur i láthair ná úsáid táirge fréamhshamhla ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(21) Chun a áirithiú gur féidir le monaróirí bogearraí a scaoileadh chun críoch tástála sula gcuirfidh siad a gcuid táirgí faoi réir measúnú comhréireachta, níor cheart do na Ballstáit cur ar fáil bogearraí neamhchríochnaithe i leagan neamhtháirgthe a chosc, amhail leaganacha alfa, béiteleaganacha nó iarrthóirí scaoilte, fad is nach gcuirtear an leagan ar fáil ach ar feadh na tréimhse is gá chun é a thástáil agus aiseolas a bhailiú. Ba cheart do mhonaróirí a áirithiú nach scaoilfear bogearraí arna gcur ar fáil faoi na coinníollacha sin ach amháin tar éis measúnú riosca a dhéanamh agus go gcomhlíonfaidh sé, a mhéid is féidir, na ceanglais slándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorchuirtear leis an Rialachán seo. Ba cheart do mhonaróirí freisin na ceanglais láimhseála leochaileachtaí a chur chun feidhme a mhéid is féidir. Níor cheart do mhonaróirí iallach a chur ar úsáideoirí uasghrádú a dhéanamh ar leaganacha nach scaoiltear ach amháin chun críocha tástála.

(22) Chun a áirithiú nach gcruthaítear rioscaí cibearshlándála do dhaoine ná d’eagraíochtaí le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, nuair a chuirtear ar an margadh iad, ba cheart ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan amach do na táirgí sin. I gcás ina ndéantar na táirgí a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar mhodh fisiceach nó digiteach, ar bhealach nach mbíonn beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach gcomhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a thuilleadh, ba cheart a mheas gur modhnú substaintiúil é an modhnú. Mar shampla, níor cheart nuashonraithe slándála riachtanacha, nuashonruithe nó deisiúcháin bogearraí amhail mionchoigeartú a dhéanamh ar an gcód foinseach lena bhféadfaí an tslándail a fheabhsú , níor cheart iad a mheas mar mhodhnuithe substaintiúla ar choinníoll nach modhnaítear leo táirge a cuireadh ar an margadh cheana sa chaoi go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme, nó go bhféadfaí an úsáid atá beartaithe dá ndearnadh measúnú ar an táirge a athrú. Is amhlaidh atá i gcoitinne i gcás leaganacha nua de bhogearraí a bhfuil sé mar aidhm leo feidhmíocht a fheabhsú agus leochaileachtaí a réiteach. Níor cheart mion-nuashonruithe feidhmiúlachta, amhail feabhsuithe amhairc, teangacha nua a chur leis an gcomhéadan úsáideora nó tacar nua picteagram, a mheas mar mhodhnuithe substaintiúla. Mar is amhlaidh i gcás deisiúcháin fhisiceacha nó modhnuithe fisiceacha, ba cheart táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirge atá modhnaithe go substaintiúil le hathrú bogearraí i gcás ina modhnaíonn an nuashonrú bogearraí bunfheidhmeanna, cineál nó feidhmíocht bheartaithe an táirge agus nár tuaradh na hathruithe sin sa mheasúnú riosca tosaigh, nó ina n-athraíonn cineál na guaise nó méadaíonn leibhéal an riosca mar gheall ar nuashonrú na mbogearraí, mar is amhlaidh de ghnáth i gcás athbhreithniú bogearraí. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le conas a chinneadh cad is modhnú substaintiúil ann.

(23) I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, aon uair a tharlaíonn modhnú substaintiúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht táirge leis an Rialachán seo nó i gcás ina n-athraítear an chríoch a beartaíodh don táirge sin, is iomchuí comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhíorú agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar measúnú comhréireachta nua air. I gcás inarb infheidhme, má dhéanann an monaróir measúnú comhréireachta a bhaineann le tríú páirtí, ba cheart fógra a thabhairt don tríú páirtí faoi athruithe a bhféadfadh modhnuithe substaintiúla teacht astu.

(24) Ní gá go n-eascródh modhnú substaintiúil ar an táirge as táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a athchóiriú, a chothabháil agus a dheisiú, mar a shainmhínítear sa Rialachán [an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht], mar shampla mura n-athraítear an úsáid agus na feidhmiúlachtaí atá beartaithe agus mura ndéantar difear don leibhéal riosca. Mar sin féin, d’fhéadfadh athruithe ar dhearadh agus ar fhorbairt an táirge a bheith ann mar thoradh ar uasghrádú táirge ag an monaróir agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh don úsáid atá beartaithe agus do chomhlíontacht an táirge leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

(25) Ba cheart táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirgí criticiúla más dian an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag saothrú leochaileachtaí cibearshlándála sa táirge mar gheall ar an bhfeidhmiúlacht a bhaineann leis an gcibearshlándáil, nó an úsáid atá beartaithe, i measc nithe eile. Go háirithe, leochaileachtaí i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhmiúlacht acu a bhaineann le cibearshlándáil, amhail eilimintí slándála, d’fhéadfadh iomadú ar shaincheisteanna slándála a bheith mar thoradh orthu ar fud an tslabhra soláthair. D’fhéadfadh méadú teacht ar dhéine an tionchair a bheadh ag teagmhas cibearshlándála freisin agus úsáid bheartaithe an táirge á cur san áireamh, amhail i suíomh tionsclaíoch nó i gcomhthéacs eintitis fhíor-riachtanaigh den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555, nó feidhmeanna criticiúla nó íogaire a fheidhmiú, ar feidhmeanna iad a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht nó ar chearta bunúsacha.

(26) Ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta níos déine, agus cur chuige comhréireach á choimeád ag an am céanna. Chun na críche sin, ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt ina dhá aicme, rud a léiríonn an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis na catagóirí táirgí sin. D’fhéadfadh tionchar diúltach níos mó a bheith ag teagmhas féideartha a bhaineann le táirgí in aicme II ná teagmhas a bhaineann le táirgí in aicme I, mar shampla mar gheall ar chineál na feidhme cibearshlándála atá leo nó mar gheall ar úsáid bheartaithe i dtimpeallachtaí ardriosca, agus dá bhrí sin ba cheart nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a dhéanamh ina leith.

(27) Ba cheart na catagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III den Rialachán seo a thuiscint mar na táirgí ag a bhfuil príomhfheidhmiúlacht an chineáil a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Mar shampla, liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo táirgí a shainítear de réir a bpríomhfheidhmiúlachta mar mhicreaphróiseálaithe ilchuspóireacha in aicme I. De thoradh sin, bíonn micreaphróiseálaithe ilchuspóireacha faoi réir measúnú sainordaitheach comhréireachtatríú páirtí . Ní hamhlaidh atá i gcás táirgí eile nach dtagraítear dóibh go sainráite in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus a d’fhéadfadh micreaphróiseálaí ilchuspóireach a chomhtháthú leo. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh [faoi cheann 6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun sainmhínithe na gcatagóirí táirgí a chumhdaítear faoi aicme I agus faoi aicme II a shonrú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú chomh maith le hintuarthacht do gheallsealbhóirí chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart leasuithe a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn III 2 bhliain ar a luaithe tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus arís ar a luaithe 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún próiseas a bhunú faoina bhféadfaidh na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear monaróirí agus úsáideoirí, táirge ar iarrthóir é le bheith ina tháirge criticiúil a athbhreithniú i bpróiseas comhoibríoch chun measúnú a dhéanamh ar an riosca slándála a bhaineann le saincheisteanna cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge, measúnú a dhéanamh i dtaobh an dócha go laghdófaí an riosca sin dá n-ainmneofaí an táirge mar tháirge criticiúil agus cé mhéad a laghdófaí é, agus measúnú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an táirge a ainmniú mar tháirge criticiúil, sula nglacfaí na gníomhartha tarmligthe ábhartha.

(27a) Ba cheart don Choimisiún sainghrúpa maidir le cibear-athléimneacht (“an Grúpa Saineolaithe”) a chur ar bun, agus ballraíocht leathan éagsúil a bheith ann. Ba cheart don Ghrúpa Saineolaithe tacú leis an gCoimisiún chun cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo a áirithiú, mar shampla trí chomhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar liosta na dtáirgí criticiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad nó trí anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta comhlíonadh cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo a chumasú. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe agus comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á n-ullmhú aige de bhun an Rialacháin seo, chun a áirithiú gur féidir leis na geallsealbhóirí uile an t-ionchur is gá a sholáthar.

(28) Leis an Rialachán seo, tugtar aghaidh ar rioscaí cibearshlándála ar bhealach spriocdhírithe. D’fhéadfadh rioscaí sábháilteachta eile nach mbaineann i gcónaí leis an gcibearshlándáil ach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shárú slándála a bheith ag baint le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, áfach. Ba cheart leanúint de na rioscaí sin a rialáil le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le táirgí. Mura bhfuil aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais infheidhme, ba cheart iad a bheith faoi réir Rialachán (AE) 2023/988. Dá bhrí sin, i bhfianaise chineál spriocdhírithe an Rialacháin seo, de mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/988, ba cheart feidhm a bheith ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus ag Caibidlí IX go XI de Rialachán (AE) 2023/988 maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil le rioscaí sábháilteachta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, mura bhfuil na táirgí sin faoi réir ceanglais shonracha arna bhforchur le reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3, pointe (25) de Rialachán (AE) 2023/988.

(29) Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal 6 de Rialachán[22] [Rialachán IS] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dóibh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Nuair a chomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca sin ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [Rialachán IS] a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le dearbhú comhréireachta an Aontais nó le codanna de arna eisiúint faoin Rialachán seo. A mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a aicmítear mar chóras intleachta saorga ardriosca, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Airteagal 43 de Rialachán [Rialachán IS] mar riail seachas forálacha faoi seach an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, go laghdófaí an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin [Rialachán IS] agus a cháilítear freisin mar tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun an Rialacháin seo agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán [Rialachán IS] maidir leo, ba cheart iad a bheith faoi réir fhorálacha um measúnú comhréireachta an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear le Rialachán [Rialachán IS], ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha faoi seach maidir le measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán [Rialachán IS].

(30) Maidir leis na táirgí innealra a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo agus ar eisíodh dearbhú comhréireachta ina leith ar bhonn an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in [Iarscríbhinn III, roinn 1.1.9 agus roinn 1.2.1] de Rialachán (AE) 2023/1230, a mhéid a bhaineann le cosaint ar éilliú agus sábháilteacht agus iontaofacht córas rialaithe a mhéid a léirítear comhlíonadh na gceanglas sin le dearbhú comhréireachta an Aontais arna eisiúint faoin Rialachán seo.

(31) Comhlánaíonn Rialachán [an togra le haghaidh Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte] na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, maidir leis na córais ríomhthaifead sláinte (‘córais EHR’) a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin [an togra le haghaidh Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart dóibh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh freisin. Ba cheart dá monaróirí comhréireacht a léiriú mar a cheanglaítear leis an Rialachán [an togra le haghaidh Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte]. Chun comhlíonacht a éascú, féadfaidh monaróirí doiciméadacht theicniúil aonair a tharraingt suas ina mbeidh na heilimintí a cheanglaítear leis an dá ghníomh dlí. Ós rud é nach gcumhdaítear SaaS leis an Rialachán seo, níl na córais EHR a thairgtear trí shamhail cheadúnúcháin agus seachadta SaaS laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ar an gcaoi chéanna, ní thagann córais EHR a fhorbraítear agus a úsáidtear go hinmheánach faoi raon feidhme an Rialacháin seo, toisc nach gcuirtear ar an margadh iad.

(32) Chun a áirithiú go mbeidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha slán tráth a chuirtear ar an margadh iad agus le linn a saolré chomh maith, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos maidir le láimhseáil leochaileachtaí agus ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Cé gur cheart do mhonaróirí na ceanglais fhíor-riachtanacha uile a bhaineann le láimhseáil leochaileachta a chomhlíonadh le linn na tréimhse tacaíochta, ba cheart dóibh a chinneadh cé na ceanglais fhíor-riachtanacha eile a bhaineann le hairíonna an táirge atá ábhartha don chineál táirge lena mbaineann. Chun na críche sin, ba cheart do mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun rioscaí ábhartha agus ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a shainaithint agus chun a dtáirgí a chur ar fáil gan aon leochaileachtaí aitheanta insaothraithe a bheith acu a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shlándáil na dtáirgí sin agus chun caighdeáin chomhchuibhithe oiriúnacha, sonraíochtaí coiteanna nó caighdeáin idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go hiomchuí.

(32a) Ba cheart do mhonaróirí cinneadh a dhéanamh faoin tréimhse thacaíochta ar lena linn a áiritheoidh siad go láimhseálfar leochaileachtaí, agus aird chuí á tabhairt ar chritéir éagsúla, lena n-áirítear saolré ionchasach an táirge, cineál an táirge féin, infhaighteacht na timpeallachta oibriúcháin, ionchais úsáideoirí, go háirithe tomhaltóirí, agus, i gcás inar féidir, tréimhse thacaíochta na bpríomh-chomhpháirteanna eile atá comhtháite sa táirge. Ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go léiríonn an tréimhse thacaíochta go leordhóthanach an gá atá leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn i margadh an Aontais agus go socraítear í agus aird chuí á tabhairt ar an tréimhse ina bhfuiltear ag dréim go mbeidh táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh. Ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh a áirithiú go réamhghníomhach go gcuireann monaróirí na critéir sin i bhfeidhm ar bhealach leordhóthanach. Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún sonraí a bhailiú agus a anailísiú maidir leis na tréimhsí tacaíochta arna socrú ag monaróirí agus maidir leis na saolréanna táirgí a bhfuiltear ag dréim leo, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Rialachán seo a sprioc maidir le cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur chun cinn. Ba cheart d’anailísí den sórt sin, inter alia, eolas a chur ar fáil do mheasúnú an Rialacháin seo ag an gCoimisiún, a luaithe a bheidh feidhm aige.

(32b) Ba cheart do mhonaróirí a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, go ndéanfaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha idirdhealú soiléir idir nuashonruithe slándála agus feidhmiúlachta. Ba cheart nuashonruithe slándála, atá ceaptha chun an leibhéal riosca a laghdú nó chun leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas, a shuiteáil go huathoibríoch, go háirithe i gcás táirgí tomhaltais. Ba cheart d’úsáideoirí leanúint den fhéidearthacht a bheith acu an ghné sin a dhíghníomhachtú, le meicníocht shoiléir atá éasca le húsáid. A luaithe nach n-áiritheoidh an monaróir a thuilleadh go láimhseálfar leochaileachtaí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart dó na húsáideoirí a chur ar an eolas ar bhealach simplí agus soiléir, mar shampla trí fhógra atá soláimhsithe don úsáideoir a thaispeáint.

(32c) I gcás ina socraíonn monaróirí tréimhse thacaíochta is giorra ná 5 bliana agus nach dtairgeann siad láimhseáil leochaileachtaí don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart dóibh a bheith in ann a gcód foinseach a chur ar fáil do ghnóthais ar mian leo nuashonruithe slándála agus seirbhísí comhchosúla eile a sholáthar. Níor cheart rochtain den sórt sin a chur ar fáil ach amháin mar chuid de shocrú conarthach lena gcosnaítear úinéireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena gcoisctear scaipeadh an chóid foinse ar an bpobal, ach amháin i gcás inar cuireadh an cód sin ar fáil cheana faoi shaorcheadúnas foinse oscailte.

(33) Chun slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh inmheánach a fheabhsú, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos.Ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a bheith gan dochar do mheasúnuithe riosca comhordaithe AE ar shlabhraí soláthair criticiúla arna mbunú le Treoir (AE) 2022/2555, lena gcuirtear san áireamh tosca riosca teicniúla agus, i gcás inarb ábhartha, tosca riosca neamhtheicniúla, amhail tionchar míchuí a bheith ag tríú tír ar sholáthróirí. Thairis sin, ba cheart é a bheith gan dochar do shainchumais na mBallstát ceanglais bhreise a leagan síos lena gcuirtear tosca neamhtheicniúla san áireamh chun ardleibhéal athléimneachta a áirithiú, lena n‑áirítear iad siúd a shainítear i Moladh (AE) 2019/534, sa mheasúnú riosca comhordaithe uile-Aontais ar shlándáil líonraí 5G agus i mBosca Uirlisí an Aontais maidir le cibearshlándáil 5G arna chomhaontú ag Grúpa Comhair NIS dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555.

(34) Chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do CSIRTanna náisiúnta agus don phointe teagmhála aonair arna n-ainmniú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus chun leibhéal foriomlán cibearshlándála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach a ardú, agus chun feidhmiú éifeachtach na n-údarás um fhaireachas margaidh a áirithiú, ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha fógra a thabhairt do ENISA maidir leis na leochaileachtaí atá á saothrú go gníomhach.Ós rud é go ndéantar formhór na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhargú ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar fad, ba cheart aon leochaileacht a shaothraítear i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar bhagairt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do mhonaróirí leochaileachtaí seasta a nochtadh don bhunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí arna bhunú faoi Threoir (AE) 2022/2555 agus arna bhainistiú ag ENISA▌. Ba cheart do ENISA leochaileachtaí faoina dtugtar fógra a fhógairt sa bhunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí agus nós imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm aige maidir leis an bpróiseas foilsithe chun an t-am a thabhairt do mhonaróirí na nuashonruithe slándála is gá a fhorbairt agus chun an t-am a thabhairt d’úsáideoirí iad a chur chun feidhme nó bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha eile a dhéanamh. Ba cheart go gcabhródh an bunachar sonraí leochaileachta Eorpach le monaróirí leochaileachtaí aitheanta insaothraithe a aimsítear ina dtáirgí a bhrath, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear táirgí slána ar an margadh.

(34a) Ní mór don Aontas na tairbhí a bhaineann lena oscailteacht eacnamaíoch a uasmhéadú agus, ag an am céanna, na rioscaí ó spleáchais eacnamaíocha ar dhíoltóirí ardriosca a íoslaghdú, trí bhíthin comhchreat straitéiseach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais[24]. Tá riosca straitéiseach ag baint le spleáchais ar sholáthróirí ardriosca táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ba cheart aghaidh a thabhairt air ar leibhéal an Aontais, go háirithe nuair atá na táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha beartaithe lena n-úsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin a bheith nasctha leis an dlínse is infheidhme maidir leis an monaróir, le saintréithe a úinéireachta corparáidí agus leis na naisc rialaithe le rialtas tríú tír ina bhfuil sé bunaithe, go háirithe i gcás ina bhfuil tír ag gabháil do spiaireacht eacnamaíoch agus i gcás ina gceanglaítear lena reachtaíocht rochtain threallach ar aon chineál oibríochtaí nó sonraí cuideachta, lena n-áirítear sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus féadfaidh siad oibleagáidí a fhorchur chun críoch faisnéise gan seiceálacha agus ceartúcháin dhaonlathacha, sásra maoirseachta, próis chuí nó an ceart chun achomhairc roimh bhreithiúna neamhspleácha. Ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún treoir agus moltaí spriocdhírithe a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ann lena mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca den sórt sin.

(35) Ba cheart do mhonaróirí aon teagmhas suntasach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú do ENISA freisin. D’ainneoin na n-oibleagáidí tuairiscithe teagmhas i dTreoir (AE) 2022/2555 d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, tá sé ríthábhachtach do ENISA, do na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir (AE) 2022/2555 agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis a fháil ó mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar shlándáil na dtáirgí sin. Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí freagairt go tapa do theagmhais shuntasacha a bhfuil tionchar acu ar shlándáil a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do mhonaróirí a n-úsáideoirí a chur ar an eolas freisin faoi aon teagmhas den sórt sin agus, i gcás inarb infheidhme, faoi aon bheart ceartaitheach is féidir leis na húsáideoirí a úsáid chun tionchar an teagmhais a mhaolú, mar shampla trí fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, i gcás ina bhfuil an monaróir in ann teagmháil a dhéanamh leis na húsáideoirí agus, i gcás ina bhfuil údar cuí leis de bharr na rioscaí, trí dhul i dteagmháil go díreach leis na húsáideoirí.

(35a) Ba cheart monaróirí agus eintitis agus gníomhaithe eile a bheith in ann tuairisciú do ENISA, ar bhonn deonach, maidir le teagmhais chibearshlándála eile, cibearbhagairtí, neasteagmhais agus aon leochaileacht eile.

(35b) Chun tuairisciú do mhonaróirí a shimpliú, ba cheart do ENISA sásra tuairiscithe dhigitigh slán a bhunú ar cheart dó feidhmiú mar phointe iontrála aonair le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe a bhunaítear faoin Rialachán seo. Is minic a bhíonn monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i staid inár gá teagmhas ar leith, mar gheall ar a ghnéithe, a thuairisciú d’údaráis éagsúla de thoradh oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a áirítear in ionstraimí dlí éagsúla. Leis an sásra, d’fhéadfaí, i gcás inar féidir, dlí eile de chuid an Aontais amhail Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2022/2555 agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[25] a thuairisciú tríd an sásra céanna. Féadfar an sásra a úsáid freisin le haghaidh na bhfógraí deonacha ó mhonaróirí agus ó eintitis agus gníomhaithe eile. Ba cheart do ENISA a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil ar bhealach slán rúnda.

(35c) D’fhéadfadh eintitis agus daoine nádúrtha a dhéanann taighde ar leochaileachtaí a bheith neamhchosanta ar dhliteanas cóiriúil agus sibhialtai roinnt Ballstát. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le neamh-ionchúiseamh taighdeoirí slándála faisnéise agus maidir le díolúine ó dhliteanas sibhialta i leith na ngníomhaíochtaí sin.

(36) Ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha beartais um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí a chur i bhfeidhm chun tuairisciú leochaileachtaí ag daoine aonair nó eintitis go díreach don mhonaróir nó go hindíreach a éascú, agus i gcás ina n-iarrtar sin go hanaithnid, trí CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoir chun críoch nochtadh comhordaithe leochaileachtaí i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555. Le próiseas comhordaithe nochta leochaileachtaí monaróirí, sonraítear próiseas struchtúrtha trína dtuairiscítear leochaileachtaí do mhonaróir ar bhealach lena gcuirtear ar a chumas don mhonaróir na leochaileachtaí sin a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis leochaileachta mionsonraithe do thríú páirtithe nó don phobal. Ós rud é gur féidir faisnéis faoi leochaileachtaí insaothraithe i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a úsáidtear go forleathan a dhíol ar phraghsanna arda ar an margadh dubh, ba cheart do mhonaróirí na dtáirgí sin a bheith in ann cláir a úsáid, mar chuid dá mbeartais chomhordaithe nochta leochaileachta, chun tuairisciú leochaileachtaí a dhreasú trína áirithiú go bhfaigheann daoine aonair nó eintitis aitheantas agus cúiteamh as ucht a gcuid iarrachtaí (ar a dtugtar ‘cláir duaise fabhtaimsithe’).

(36a) Ba cheart do na Ballstáit agus ENISA a áirithiú nach n-úsáideann comhlachtaí poiblí leochaileachtaí arna dtuairisciú faoin Rialachán seo chun críoch faisnéise, faireachais nó coire. 

(37) Chun anailís leochaileachta a éascú, ba cheart do mhonaróirí comhpháirteanna atá sna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear sainaithint agus doiciméadú trí bhille ábhar bogearraí a tharraingt suas (SBOManna). Le SBOM, is féidir faisnéis a sholáthar dóibh siúd a mhonaraíonn, a cheannaíonn agus a oibríonn bogearraí, ar faisnéis í lena gcuirtear feabhas ar a dtuiscint ar an slabhra soláthair, rud a bhfuil tairbhí iomadúla ag baint leis, agus a chuidíonn, go háirithe, le monaróirí agus le húsáideoirí rianú a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aitheanta atá ag teacht chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-áiritheodh monaróirí nach bhfuil comhpháirteanna leochaileacha arna bhforbairt ag tríú páirtithe ina gcuid táirgí. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé d’oibleagáid ar an monaróir bille bogearraí na n-ábhar a phoibliú, ós rud é go bhféadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith aige sin ar chibearshlándáil a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

(38) Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, rud a fhágann go ndéantar sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe de cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, agus a dhéantar iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26]. Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo ina n-iomláine. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bpróiseas caighdeánaithe ionadaíocht chothrom leasanna agus rannpháirtíocht éifeachtach gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh freisin, chun forbairt caighdeán comhchuibhithe agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a shimpliú, chomh maith le bacainní teicniúla neamhtharaife ar thrádáil a laghdú.

(38a) I bhfianaise raon feidhme leathan an Rialacháin seo beidh dúshlán suntasach ag baint le forbairt thráthúil caighdeán comhchuibhithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cur chun feidhme rathúil an Rialacháin seo a áirithiú.

(39) Le Rialachán (AE) 2019/881 bunaítear creat deonach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí, próisis agus seirbhísí TFC. Le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearslándála is féidir creat comhchoiteann iontaobhaid a sholáthar d’úsáideoirí chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo a úsáid. Leis an Rialachán seo, ba cheart, dá bhrí sin, sineirgí a chruthú le Rialachán (AE) 2019/881. Chun an measúnú ar chomhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú, táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá deimhnithe nó dár eisíodh ráiteas comhréireachta faoi scéim cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus a shainaithin an Coimisiún i ngníomh cur chun feidhme, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna díobh. Ba cheart measúnú a dhéanamh i bhfianaise an Rialacháin seo ar an ngá atá le scéimeanna Eorpacha nua um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin a chumhdaíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sonrú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála is féidir a úsáid chun comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Thairis sin, chun nach gcuirfear ualach riaracháin míchuí ar mhonaróirí, níor cheart go mbeadh aon oibleagáid ar mhonaróirí measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh, dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, maidir le ceanglais chomhfhreagracha i gcás inar eisíodh deimhniú cibearshlándála faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála den sórt sin, ar leibhéal substaintiúil nó ar ardleibhéal.

(39a) Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú, ba cheart don Choimisiún clár oibre rollach an Aontais a thabhairt cothrom le dáta agus a iarraidh ar ENISA na scéimeanna iarrthacha atá ar iarraidh a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/881.

(40) Ar theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena leagtar amach [Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. …/... ón gCoimisiún an XXX maidir leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar Chritéir Choiteanna] (SEDC) a bhaineann le táirgí crua-earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail modúil slándála crua-earraí agus micreaphróiseálaithe, féadfaidh an Coimisiún a shonrú, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an dóigh a dtugann SEDC toimhde maidir le comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo nó codanna de. Thairis sin, féadfar a shonrú le gníomh cur chun feidhme den sórt sin conas a dhíothaítear le deimhniú arna eisiúint faoi SEDC an oibleagáid atá ar mhonaróirí measúnú tríú páirtí a chur i gcrích mar a iarrtar leis an Rialachán seo maidir le ceanglais chomhfhreagracha.

(41) I gcás nach nglacfar aon chaighdeán comhchuibhithe nó i gcás nach dtugann na caighdeáin chomhchuibhithe aghaidh go leordhóthanach ar cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tar éis dó caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh. Ba cheart breathnú ar rogha den sórt sin mar réiteach eisceachtúil ‘cúltaca’, i gcás ina gcuirtear bac ar an bpróiseas caighdeánaithe, i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ann maidir le caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí a bhunú nó i gcás nach gcomhlíonann na táirgí insoláthartha an iarraidh tosaigh ón gCoimisiún. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir an Rialacháin seo chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a léiriú.

(42) Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas chun faisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo a sholáthar maidir le comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo agus, i gcás inarb infheidhme, le ceanglais fhíor-riachtanacha reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais lena gcumhdaítear an táirge. Ina theannta sin, féadfar a cheangal ar mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas trí bhíthinreachtaíocht eile de chuid an Aontais. Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críocha faireachais margaidh, ba cheart dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le comhlíontacht le gach gníomh ábhartha de chuid an Aontais. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart go bhféadfadh an dearbhú comhréireachta AE aonair sin a bheith in a shainchomhad ina mbeidh na dearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha.

(43) Is é marcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Is i rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE[27]. Ba cheart rialacha lena rialaítear marcáil CE a ghreamú ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart gurb é marcáil CE an t-aon mharcáil amháin, lena ráthaítear go bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

(44) Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a léiriú agus ionas gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a áirithiú go gcomhlíonann táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar fáil ar an margadh na ceanglais sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[28] bunaítear modúil le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal slándála is gá. Chun comhleanúnachas idir-earnála a áirithiú agus chun athróga ad hoc a sheachaint, bunaíodh ar na modúil sin na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá leordhóthanach chun comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú. Leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ba cheart scrúdú agus fíorú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann le táirgí agus le próisis araon lena gcumhdaítear saolré iomlán táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear pleanáil, dearadh, forbairt nó táirgeadh, tástáil agus cothabháil an táirge.

(45) Mar riail ghinearálta, ba cheart gur riosca-bhunaithe a bheadh an measúnú comhréireachta ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus den chuid is mó, go ndéanfadh an monaróir faoina fhreagracht féin é de réir an nós imeachta atá bunaithe ar Mhodúl A de Chinneadh 768/2008/CE. Ba cheart solúbthacht a bheith ag an monaróir nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a roghnú lena mbainfeadh tríú páirtí. Má aicmítear an táirge mar tháirge criticiúil d’aicme I, tá gá le dearbhú breise chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Ba cheart don mhonaróir caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna nó scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a chur i bhfeidhm faoi Rialachán (AE) 2019/881, ar caighdeáin, sonraíochtaí nó scéimeanna iad a shainaithin an Coimisiún i ngníomh cur chun feidhme, más mian leis an monaróir an measúnú comhréireachta a dhéanamh faoina fhreagracht féin (modúl A). Má tá na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí comhchoiteanna nó na scéimeanna um dheimhniú i ndáil le cibearshlándáil i bhfeidhm ar feadh íostréimhse ama chun gur féidir le monaróirí iad a ghlacadh agus mura gcuireann an monaróir i bhfeidhm iad, ba cheart don mhonaróir measúnú comhréireachta lena mbaineann tríú páirtí a dhéanamh. Agus an t-ualach riaracháin ar mhonaróirí á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag an gcibearshlándáil i gcéim dearaidh agus forbartha táirgí inláimhsithe agus doláimhsithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, roghnaíodh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar mhodúil B+C nó ar mhodúl H de Chinneadh 768/2008/CE faoi seach mar na nósanna imeachta is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonacht táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Is féidir leis an monaróir a dhéanann an measúnú comhréireachta tríú páirtí an nós imeachta is fearr a oireann dá phróiseas dearaidh agus táirgthe a roghnú. I bhfianaise an riosca cibearshlándála níos mó a ghabhann le húsáid táirgí a aicmítear mar tháirgí criticiúla in aicme II, ba cheart tríú páirtí a bheith páirteach sa mheasúnú comhréireachta i gcónaí.

(46) Cé go n-éilítear le cruthú táirgí inláimhsithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha de ghnáth ar mhonaróirí iarrachtaí substaintiúla a dhéanamh le linn na gcéimeanna dearaidh, forbartha agus táirgthe, díríonn cruthú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfoirm bogearraí go heisiach nach mór ar dhearadh agus ar fhorbairt, gan ach ról beag ag céim an táirgthe. Mar sin féin, in a lán cásanna, ní mór táirgí bogearraí a thiomsú, a thógáil, a phacáistiú, a chur ar fáil lena n-íoslódáil nó a chóipeáil go meáin fhisiceacha sula gcuirtear ar an margadh iad. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a mheas mar ghníomhaíochtaí arb ionann iad agus táirgeadh agus na modúil ábhartha um measúnú comhréireachta á gcur i bhfeidhm chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo le linn na gcéimeanna dearaidh, forbartha agus táirgthe.

(47) Chun measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a thugann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta , ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar ceanglas, go háirithe maidir le neamhspleáchas, inniúlacht agus easpa coinbhleachtaí leasa.

(48) Chun leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, is gá ceanglais a leagan síos freisin do na húdaráis a thugann fógra agus do chomhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, le fógra a thabhairt agus le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur bealach fíor-riachtanach é an creidiúnú chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid freisin chun fógra a thabhairt.

(49) Ba cheart do na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais creidiúnú trédhearcach amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, a mheas mar an modh inmhianaithe chun inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil modhanna cuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. I gcásanna den sórt sin, chun leibhéal iomchuí creidiúnachta i gcás meastóireachtaí a dhéanann údaráis náisiúnta eile a áirithiú, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena léireofaí go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ndearnadh meastóireacht orthu na ceanglais rialála ábhartha.

(50) Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar fochonradh nó go dtéann siad i muinín fochuideachta. An leibhéal cosanta is gá chun an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, chun é sin a chosaint, tá sé fíor-thábhachtach go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna agus a chomhlíonann comhlachtaí faoina dtugtar fógra i dtaca le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú.

(51) Is é an t-údarás a thugann fógra ba cheart fógra faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile trí Chóras Faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dtugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe (NANDO). Is é NANDO an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún inar féidir teacht ar liosta de na comhlachtaí uile faoina dtugtar fógra.

(52) Ós rud é gur féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó ábhar imní ar bith maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(53) Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualach nach gá a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, a áirithiú go bhfuil fáil leordhóthanach ar ghairmithe oilte chun a áirithiú gur féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtúil, agus ar an gcaoi sin baic a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú, baic a sheachaint agus comhlíonadh an Rialacháin seo ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Ba cheart é sin a bhaint amach ar an mbealach is fearr trí chomhordú agus comhar iomchuí idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(53a) Chun éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go bhfuil líon leordhóthanach comhlachtaí faoina dtugtar fógra san Aontas chun measúnuithe comhréireachta a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit san iarracht sin, d’fhonn baic agus bacainní ar iontráil sa mhargadh a sheachaint.

(54) Is ionstraim riachtanach é an faireachas margaidh chun cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach reachtaíocht an Aontais a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm inar féidir faireachas margaidh a dhéanamh ar bhealach iomchuí. Tá feidhm ag rialacha maidir le faireachas margaidh san Aontas agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29] maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(55) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, déanann na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachas margaidh i gcríoch an Bhallstáit sin. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar Bhallstáit na húdaráis inniúla a roghnú chun na cúraimí sin a dhéanamh. Ainmneoidh gach Ballstát údarás um fhaireachas margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh aon údarás atá ann cheana nó aon údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555 nó údaráis náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha dul i gcomhar go hiomlán le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis inniúla eile. Ba cheart do gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoina údaráis um fhaireachas margaidh agus faoi réimsí inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin agus ba cheart dóibh a áirithiú gurb ann do na hacmhainní agus na scileanna is gá chun na cúraimí faireachais a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i gcrích. De réir Airteagal 10(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do gach Ballstát oifig idirchaidrimh aonair a cheapadh ar cheart di a bheith freagrach, i measc nithe eile, as ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh comhordaithe na n-údarás um fhaireachas margaidh agus as cuidiú leis an gcomhar idir údaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit éagsúla.

(56) Bunófar grúpa tiomnaithe um chomhar riaracháin (ADCO) ▌le haghaidh cibear-athléimneacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh an ADCO sin comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis um fhaireachas margaidh ainmnithe agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair. Ba cheart don Choimisiún tacú le comhar idir údaráis um fhaireachas margaidh agus an comhar sin a spreagadh trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí, arna bhunú ar bhonn Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020, ar líonra é ina bhfuil ionadaithe ó gach Ballstát, lena n-áirítear ionadaí ó gach oifig idirchaidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 mar aon le saineolaí náisiúnta roghnach, cathaoirligh ADCOnna, agus ionadaithe ón gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Líonra, a fhoghrúpaí agus an ADCO áirithe sin. Ba cheart dó cúnamh a thabhairt don ADCO sin freisin trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a chuireann tacaíocht theicniúil agus lóistíochta ar fáil.

(57) Chun bearta tráthúla, comhréireacha agus éifeachtacha a áirithiú i ndáil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo, ba cheart nós imeachta cosanta de chuid an Aontais a sholáthar faoina gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a dhéanamh i ndáil leis na táirgí sin. Chomh maith leis sin, leis an nós imeachta sin ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim níos luaithe i gcás inar gá. I gcás ina dtagann na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le húdar cuí a thabhairt do bheart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart gá a bheith ann le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh, ach amháin i gcás inar féidir neamhchomhlíonadh a chur i leith easnaimh ar chaighdeán comhchuibhithe.

(58) I gcásanna áirithe, maidir le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo, d’fhéadfadh sé go fóill a bheith ina riosca suntasach cibearshlándála nó ina riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cosaint a dhéanamh ar chearta bunúsacha, ar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí, trí chóras leictreonach faisnéise a úsáid, arna dtairiscint ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555, nó ina riosca do ghnéithe eile de leas an phobail. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú lena n-áiritheofar maolú ar na rioscaí sin. Mar thoradh air sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh bearta a dhéanamh chun ceangal a chur ar an oibreoir eacnamaíoch a áirithiú nach bhfuil an riosca sin ag baint leis an táirge a thuilleadh, é a aisghairm nó é a tharraingt siar, ag brath ar an riosca. A luaithe a chuireann údarás um fhaireachas margaidh srian nó toirmeasc ar shaorghluaiseacht táirge ar an mbealach sin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sealadacha, agus na cúiseanna agus an t-údar cuí leis an gcinneadh á léiriú. I gcás ina nglacfaidh údarás um fhaireachas margaidh bearta den sórt sin in aghaidh táirgí lena mbaineann riosca, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus ní mór dó meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus é a chur in iúl ar an toirt dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Más rud é go mbreithnítear go bhfuil údar cuí leis an mbeart, féadfaidh an Coimisiún breithniú ar thograí a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.

(59) Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo, agus i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint nach bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó maidir le táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach a bhfuil rioscaí tábhachtacha eile ag baint leo, amhail rioscaí do shláinte nó do shábháilteacht daoine, cearta bunúsacha nó soláthar seirbhísí ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2022/2555, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh. Bunaithe ar an meastóireacht sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta ceartaitheacha nó sriantacha a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a ordú go dtarraingeofaí siar ón margadh, nó go n-aisghairfí na táirgí faoi seach, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le nádúr an riosca. Ní fhéadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh na hidirghabhála sin ach amháin in imthosca eisceachtúla a thugann údar le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus ní fhéadfaidh sé dul i muinín na hidirghabhála sin ach amháin i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis um fhaireachas chun an cás a leigheas. D’fhéadfadh cásanna éigeandála a bheith i gceist leis na himthosca eisceachtúla sin, mar shampla, cás ina gcuireann an monaróir táirge neamhchomhlíontach ar fáil go forleathan ar fud roinnt Ballstát, ar táirge é atá in úsáid ag eintitis in earnálacha tábhachtacha freisin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555, agus ina bhfuil leochaileachtaí aitheanta atá á saothrú ag gníomhaithe mailíseacha agus nach soláthraíonn an monaróir paistí dá bhfuil ar fáil dóibh. Ní fhéadfaidh an Coimisiún idirghabháil a dhéanamh i gcásanna éigeandála den sórt sin ach amháin ar feadh ré na n-imthosca eisceachtúla agus i gcás ina leantar ar neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó ar na rioscaí tábhachtacha arna gcur i láthair.

(60) I gcásanna ina bhfuil tásca nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh i roinnt Ballstát, ba cheart d’údaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis eile, d’fhonn comhlíontacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhíorú agus rioscaí cibearshlándála a bhaineann leo a shainaithint.

(61) Is éard atá i ngníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha (‘scuabadh’) gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sonracha a dhéanann údaráis um fhaireachas margaidh ar féidir leo slándáil táirgí a fheabhsú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart scuabadha dhéanamh i gcás ina dtabharfaidh treochtaí sa mhargadh, gearáin ó thomhaltóirí nó tásca eile le tuiscint gur minic a bhaineann rioscaí cibearshlándála le catagóirí áirithe táirgí. Ba cheart do ENISA tograí le haghaidh catagóirí táirgí ar cheart scuab-imscrúduithe a eagrú ina leith a chur faoi bhráid na n‑údarás um fhaireachas margaidh, bunaithe, i measc nithe eile, ar fhógraí faoi leochaileachtaí táirge agus faoi theagmhais a fhaigheann sé. Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh freisin ar na húdaráis um fhaireachas margaidh sna cigireachtaí rialta ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ina riosca slándála don Aontas, lena n-áirítear i bhfianaise na toisce neamhtheicniúla riosca.

(62) Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le nuashonruithe ar an liosta táirgí criticiúla in Iarscríbhinn III agus i ndáil le sainmhínithe na gcatagóirí táirgí sin a shonrú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo a shainaithint, lena sonraítear an mbeadh gá le teorannú nó eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo chomh maith le raon feidhme an teorannaithe sin, más infheidhme. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i ndáil le sonrú na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881, ar scéimeanna iad is féidir a úsáid chun comhréireacht leis na ceanglais riachtanacha nó le codanna díobh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a léiriú, an sainordú a d’fhéadfaí a thabhairt do dheimhniú táirgí fíorchriticiúla áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha bunaithe ar chritéir chriticiúlachta a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun ábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a shonrú agus na gnéithe atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh. Ba cheart chumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin chun formáid agus eilimintí an liosta ábhar bogearraí a shonrú tuilleadh agus chun formáid agus nós imeachta na bhfógraí maidir le leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus teagmhais shuntasacha arna gcur faoi bhráid ENISA ag na monaróirí a shonrú tuilleadh. I gcás inar gá, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[30]. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Chun críche gníomhartha tarmligthe a fhorbairt de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe maidir le Cibear-athléimneacht. Ba cheart don Choimisiún idirphlé struchtúrach rialta a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha agus comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh, inter alia chun meastóireacht a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo agus i dtaobh ar cheart catagóirí áirithe táirgí a áireamh nó a eisiamh.

 

 

(63) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun: ▌sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh scéimeanna lipéadaithe, lena n-áirítear lipéid chomhchuibhithe, picteagram nó aon mharcáil eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus sásraí a leagan síos chun a n-úsáid a chur chun cinn, cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais in imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar d’idirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31].

(64) Chun comhar iontaofa inchiallaithe a áirithiú idir na húdaráis um fhaireachas margaidh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu a urramú.

(65) Chun forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin a ghearradh nó a iarraidh go ngearrfaí na fíneálacha sin. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le leibhéil uasta a bhunú le haghaidh fíneálacha riaracháin i ndlíthe náisiúnta i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, ba cheart imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh a chur san áireamh agus ar a laghad iad siúd a bhunaítear go sainráite sa Rialachán seo, lena n-áirítear an micrifhiontar, fiontar beag nó meánmhéide nó gnólacht nuathionscanta é an monaróir agus ar ghearr údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin i leith sáruithe comhchosúla cheana ar an oibreoir céanna. D’fhéadfadh imthosca den sórt sin a bheith géaraitheach, i gcás ina leanann sárú an oibreora chéanna ar aghaidh ar chríoch Ballstát eile seachas ar chríoch an Bhallstáit inar cuireadh fíneáil riaracháin i bhfeidhm cheana, nó d’fhéadfadh imthosca den sórt sin a bheith maolaitheach, trína áirithiú gur cheart pionós agus méid an phionóis a gearradh i mBallstáit eile, mar aon le himthosca ábhartha sonracha eile, a chur san áireamh in aon fhíneáil riaracháin eile a bhreithnigh údarás eile um fhaireachas margaidh le haghaidh an oibreora eacnamaíoch chéanna nó an chineáil chéanna sáraithe. I ngach cás den sórt sin, leis an bhfíneáil charnach riaracháin a d’fhéadfadh údaráis um fhaireachas margaidh i roinnt Ballstát a ghearradh ar an oibreoir eacnamaíoch céanna i leith an chineáil chéanna sáraithe, ba cheart go n-áiritheofaí go dtabharfar urraim do phrionsabal na comhréireachta.

(66) I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás inniúil an leibhéal ginearálta ioncaim sa Bhallstát a chur san áireamh chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus breithniú á dhéanamh aige ar mhéid iomchuí na fíneála. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar cheart d'údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin agus a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoi réir na bhfíneálacha sin.

(66a) Ba cheart na hioncaim a ghintear ó íocaíochtaí pionós a úsáid chun an leibhéal cibearshlándála laistigh den Aontas a neartú, lena n-áirítear trí acmhainneacht agus scileanna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a fhorbairt, trí fheabhas a chur ar chibear-athléimneacht oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe cibear-athléimneacht na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide agus, ar leibhéal níos ginearálta, trí fheasacht an phobail ar shaincheisteanna cibearshlándála a chothú.

(67) Ina chaidreamh le tríú tíortha, déanann an tAontas a dhícheall trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí rialáilte a chur chun cinn. Is féidir réimse leathan beart a chur i bhfeidhm chun trádáil a éascú, lena n-áirítear roinnt ionstraimí dlí amhail Comhaontuithe déthaobhacha (idir-rialtasacha) maidir le hAitheantas Frithpháirteach (CAFPanna) le haghaidh measúnú comhréireachta agus marcáil táirgí rialáilte. Bunaítear CAFPanna idir an tAontas agus tríú tíortha, atá ar leibhéal inchomparáide forbartha teicniúla agus a bhfuil cur chuige comhoiriúnach acu maidir le measúnú comhréireachta. Tá na comhaontuithe sin bunaithe ar ghlacadh frithpháirteach deimhnithe, marcanna comhréireachta agus tuarascálacha ar thástáil a eisíonn na comhlachtaí um measúnú comhréireachta de cheachtar den dá pháirtí i gcomhréir le reachtaíocht an pháirtí eile. Tá CAFPanna i bhfeidhm faoi láthair do roinnt tíortha. Tá na comhaontuithe tugtha i gcrích i roinnt earnálacha sonracha, agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ó thír go chéile. Chun trádáil a éascú tuilleadh, agus á aithint gur ar fud an domhain iad slabhraí soláthair táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfar CAFPanna maidir le measúnú comhréireachta a thabhairt i gcrích le haghaidh táirgí arna rialáil ag an Aontas faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. Tá comhar le tíortha comhpháirtíochta tábhachtach freisin, chun an chibear-athléimneacht a neartú ar fud an domhain, ós rud é go rannchuideoidh sé sin san fhadtéarma le creat cibearshlándála neartaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon.

(68) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an Rialachán seo, i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe agus le páirtithe leasmhara eile, go háirithe d’fhonn an gá atá le modhnú a chinneadh i bhfianaise athruithe ar dhálaí sochaíocha, polaitiúla, teicneolaíocha nó margaidh.

(69) Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun iad féin a oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo [36 mhí] tar éis a theacht i bhfeidhm, cé is moite de na hoibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le leochaileachtaí agus teagmhais a shaothraítear go gníomhach, ar cheart feidhm a bheith acu [18 mhí] ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(69a) Leis an Rialachán seo, ginfear costais bhreise do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta. Chun tacú leis na fiontair sin, ba cheart don Choimisiún tacaíocht airgeadais agus theicniúil a bhunú lena gcuirfear ar chumas na bhfiontar sin rannchuidiú le fás gheilleagar na hEorpa agus le fás an tírdhreacha Eorpaigh cibearshlándála, lena n-áirítear tríd an tacaíocht airgeadais ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ó chláir ábhartha eile de chuid an Aontais a chuíchóiriú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí san earnáil phoiblí trí Mhoil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí comhlántacha uile a d’fhéadfadh a bheith ann arb é is aidhm dóibh treoir agus tacaíocht a thabhairt do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear trí bhoscaí gainimh rialála, moil chibearshlándála agus luasairí gnólachtaí nuathionscanta a bhunú.

(70) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(71) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32] agus thug sé a thuairim uaidh an 9 Samhain 2022[33].

(71a) Ba cheart don Choimisiún an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú trí naoi bpost choibhéiseacha lánaimseartha bhreise agus leithreasuithe breise comhfhreagracha a sholáthar do ENISA chun a chúraimí breise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh,

 

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a) rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;

(b) ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le dearadh, forbairt agus táirgeadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na táirgí sin i dtaca leis an gcibearshlándáil;

(c) ceanglais fhíor-riachtanacha maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur ar bun ag monaróirí chun cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú le linn na saolré iomláine, agus na hoibleagáidí atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis na próisis sin;

(d) rialacha maidir le faireachán agus faireachas margaidh agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas thuasluaite.

Airteagal 2
Raon feidhme

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar fáil ar an margadh ar féidir leo nasc sonraí díreach nó indíreach a bheith acu le gléas nó le líonra.

2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm ag na gníomhartha reachtacha Aontais seo a leanas maidir leo:

(a) Rialachán (AE) 2017/745;

(b) Rialachán (AE) 2017/746;

(c) Rialachán (AE) 2019/2144.

3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a deimhníodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139.

3a. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saor-bhogearraí foinse oscailte ach amháin i gcás ina gcuirtear na bogearraí sin ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála.

4. Sna cásanna seo a leanas, féadfar cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú nó a eisiamh maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile an Aontais lena leagtar síos ceanglais a thugann aghaidh ar na rioscaí uile nó ar chuid de na rioscaí a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a) tá an teorannú nó an t-eisiamh sin comhsheasmhach leis an gcreat rialála foriomlán is infheidhme maidir leis na táirgí sin; agus

(b) baineann na rialacha earnála an leibhéal céanna cosanta amach agus atá ag an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a leasú, ar gníomhartha iad ina sonraítear an bhfuil gá leis an teorannú nó leis an eisiamh sin, na táirgí agus na rialacha lena mbaineann, chomh maith le raon feidhme an teorannaithe, más ábhartha.

4a. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le páirteanna spártha a mhonaraítear go heisiach chun cur in ionad páirteanna comhionanna agus a soláthraíonn monaróir na dtáirgí bunaidh ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

5. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhorbraítear go heisiach chun críoch slándála náisiúnta nó chun críoch míleata, ná níl feidhm aige maidir le táirgí a dheartar go sonrach chun faisnéis rúnaicmithe a phróiseáil.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ aon táirge bogearraí nó crua-earraí agus a réitigh cianphróiseála sonraí, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá le cur ar an margadh astu féin;

(2) ciallaíonn ‘cianphróiseáil sonraí’ aon phróiseáil sonraí a dhéantar go cianda arb é an monaróir a dhéanann na bogearraí lena haghaidh a dhearadh agus a fhorbairt nó go ndéantar iad a dhearadh agus a fhorbairt thar a cheann, agus a chuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh;

(3) ciallaíonn ‘táirge criticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann riosca cibearshlándála leis i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2), agus a leagtar a phríomhfheidhmiúlacht amach in Iarscríbhinn III;

(4) ciallaíonn ‘táirge fíorchriticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann riosca cibearshlándála leis i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(5);

(4a) ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ cibearshlándáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (AE) 2019/881;

(5) ciallaíonn ‘teicneolaíocht oibríochtúil’ córais nó gléasanna digiteacha in-ríomhchláraithe a idirghníomhaíonn leis an timpeallacht fhisiceach nó lena mbainistítear gléasanna a idirghníomhaíonn leis an timpeallacht fhisiceach;

(6) ciallaíonn ‘bogearraí’ an chuid sin de chóras leictreonach faisnéise ina bhfuil cód ríomhaireachta;

(7) ciallaíonn ‘crua-earraí’ córas leictreonach faisnéise fisiceach, nó codanna de, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(8) ciallaíonn ‘comhpháirt’ bogearraí nó crua-earraí atá beartaithe lena gcomhtháthú i gcóras leictreonach faisnéise;

(9) ciallaíonn ‘córas leictreonach faisnéise’ aon chóras, lena n-áirítear trealamh leictreach nó leictreonach, atá in ann sonraí digiteacha a phróiseáil, a stóráil nó a tharchur;

(10) ciallaíonn ‘nasc loighciúil’ léiriú fíorúil ar nasc sonraí a chuirtear chun feidhme trí chomhéadan bogearraí;

(11) ciallaíonn ‘nasc fisiceach’ aon nasc idir córais leictreonacha faisnéise nó comhpháirteanna a chuirtear chun feidhme agus meáin fhisiceacha á n-úsáid, lena n-áirítear trí chomhéadain leictreacha nó mheicniúla, sreanga nó radathonnta;

(12) ciallaíonn ‘nasc indíreach’ nasc le gléas nó le líonra, nach dtarlaíonn go díreach, ach mar chuid de chóras níos mó a fhéadtar a nascadh go díreach leis an ngléas nó leis an líonra sin;

(13) ciallaíonn ‘pribhléid’ ceart rochtana a thugtar d’úsáideoirí nó do chláir áirithe chun oibríochtaí atá ábhartha maidir leis an tslándáil a dhéanamh laistigh de chóras leictreonach faisnéise;

(14) ciallaíonn ‘pribhléid ardaithe’ ceart rochtana a thugtar d’úsáideoirí nó do chláir áirithe chun sraith leathnaithe oibríochtaí atá ábhartha maidir leis an tslándáil a dhéanamh laistigh de chóras leictreonach faisnéise a d’fhéadfadh, dá mbainfí mí-úsáid as nó dá gcuirfí as dó, cead a thabhairt do ghníomhaí mailíseach rochtain níos leithne a fháil ar acmhainní córais nó eagraíochta;

(15) ciallaíonn ‘críochphointe’ aon ghléas atá nasctha le líonra agus a fheidhmíonn mar phointe iontrála sa líonra sin;

(16) ciallaíonn ‘acmhainní líonraithe nó ríomhaireachta’ sonraí nó feidhmiúlacht crua-earraí nó bogearraí atá inrochtana go háitiúil nó trí líonra nó trí ghléas eile atá nasctha;

(17) ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(18) ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a ndéantar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú thar a cheann, agus a mhargaíonn iad faoi ainm nó faoi thrádmharc an mhonaróra sin, bíodh sin ar íocaíocht, ar luach airgid nó saor in aisce;

(19) ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin maidir le cúraimí sonraithe;

(20) ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, táirge a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe lasmuigh den Aontas air;

(21) ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar mhargadh an Aontais gan difear a dhéanamh d’airíonna an táirge;

(21a) ciallaíonn ‘micrifhiontair’, ‘fiontair bheaga’ agus ‘fiontair mheánmhéide’ micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún[34];

(21b) ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, faoi imthosca an Rialacháin seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(21c) ciallaíonn ‘tréimhse thacaíochta’ an tréimhse ar lena linn a áirithíonn an monaróir go ndéantar leochaileachtaí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn 2;

(22) ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(23) ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(24) ciallaíonn ‘an chríoch a beartaíodh’ an úsáid a bheartaigh an monaróir do tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, mar a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir sna treoracha úsáide, in ábhair fógraíochta nó dhíolacháin nó i ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil;

(25) ciallaíonn ‘úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid nach gá gurb í sin an chríoch a bheartaigh an monaróir sna treoracha úsáide, in ábhair fógraíochta nó dhíolacháin nó i ráitis fógraíochta nó díolacháin, agus sa doiciméadacht theicniúil, ach úsáid ar dócha go n-eascróidh sí as iompraíocht an duine atá intuartha le réasún nó as oibríochtaí nó idirghníomhaíochtaí teicniúla;

(26) ciallaíonn ‘mí-úsáid atá intuartha le réasún’ úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó, ach a d’fhéadfadh eascairt as iompraíocht an duine atá intuartha le réasún nó as idirghníomhaíocht le córais eile;

(27) ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ an t-údarás náisiúnta atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, iad a ainmniú agus fógra a thabhairt fúthu, chomh maith le faireachán a dhéanamh orthu;

(28) ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena bhfíoraítear cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(29) ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2(13) de Rialachán (AE) Uimh. 765/2008;

(30) ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile an Aontais;

(31) ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis é a chur ar an margadh, athrú a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a ndearnadh measúnú air ina leith, seachas nuashonruithe slándála riachtanacha arb é is aidhm dóibh leochaileachtaí a mhaolú;

(32) ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn monaróir go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i reachtaíocht Aontais eile is infheidhme lena ndéantar na coinníollacha maidir le táirgí a chur ar an margadh a chomhchuibhiú (‘reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais’) agus lena ndéantar foráil maidir lena greamú;

(33) ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ an t-údarás mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4) de Rialachán (AE) 2019/1020;

(34) ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(34a) ciallaíonn ‘caighdeán idirnáisiúnta’ caighdeán idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(35) ciallaíonn ‘riosca’ riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (9) de Threoir (AE) 2022/2555;

(36) ciallaíonn ‘riosca suntasach cibearshlándála’ riosca cibearshlándála ar féidir glacadh leis ina leith, bunaithe ar a shainairíonna teicniúla, gur mór an dóchúlacht go mbeidh teagmhas ann dá bharr a bhféadfadh tionchar diúltach tromchúiseach a bheith mar thoradh air, lena n-áirítear caillteanas nó cur isteach ábhartha nó neamhábhartha suntasach;

(37) ciallaíonn ‘liosta ábhar bogearraí’ nó ‘SBOM’ taifead foirmiúil ina gcoinnítear na mionsonraí agus na gaolmhaireachtaí slabhra soláthair a bhaineann leis na comhpháirteanna a áirítear in eilimintí bogearraí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(38) ciallaíonn ‘leochaileacht’ leochaileacht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (15) de Threoir (AE) 2022/2555;

(39) ciallaíonn ‘leochaileacht a shaothraítear go gníomhach’ leochaileacht a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí cód mailíseach a fhorghníomhú ar chóras gan cead ó úinéir an chórais;

(39a) ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6) de Threoir (AE) 2022/2555;

(39b) ciallaíonn ‘neasteagmhas’ neasteagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (5) de Threoir (AE) 2022/2555;

(39c) ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8) de Rialachán (AE) 2019/881;(40)  ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 4
Saorghluaiseacht

1. Ní chuirfidh na Ballstáit bac, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

2. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar chur i láthair ná ar úsáid táirge fréamhshamhla ag a bhfuil eilimintí digiteacha nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil an táirge sin ar fáil ar feadh tréimhse theoranta ama agus i limistéar geografach teoranta agus go soláthraítear é go heisiach le haghaidh tástála agus, i gcás inar féidir, comhartha infheicthe ag gabháil leis, ar comhartha é lena gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge in iúl.

3. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar bhogearraí neamhchríochnaithe nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil saor in aisce ar choinníoll nach gcuirtear na bogearraí ar fáil ach ar feadh na tréimhse teoranta is gá chun críoch tástála agus go mbaintear úsáid as comhartha infheicthe lena chur in iúl go soiléir nach gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus nach mbeidh siad ar fáil ar an margadh ach chun críoch tástála amháin.

3a. Féadfaidh na Ballstáit, más infheidhme le tacaíocht ó ENISA, timpeallachtaí tástála rialaithe a bhunú le haghaidh táirgí nuálacha chun a bhforbairt a éascú. Sa chomhthéacs sin, cuirfear tacaíocht ar leith ar fáil do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.

Airteagal 5
Ceanglais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Ní dhéanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(1) comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil i gceart, a chothabháil agus a úsáid chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil i gceart, a chothabháil agus a úsáid faoi choinníollacha is féidir a thuar go réasúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, go gcuirtear na nuashonruithe slándála agus feidhmiúlachta is gá ar fáil dóibh, agus

(2) comhlíonann na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 6
Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhaineann le catagóir a liostaítear in Iarscríbhinn III, measfar gur táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha iad. Táirgí ag a bhfuil príomhfheidhmiúlacht catagóire a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar go mbaineann siad leis an gcatagóir sin. Déanfar catagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, rud a léireoidh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí sin.

Ní athraíonn comhtháthú táirge d’aicme níos airde criticiúlachta an leibhéal criticiúlachta don táirge ina bhfuil sé comhtháite.

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn III a leasú trí chatagóir nua a áireamh i liosta na gcatagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó trí chatagóir atá ann cheana a bhaint den liosta sin. Féadfar an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfar aon ghníomh tarmligthe eile a ghlacadh dhá bhliain ar a luaithe ina dhiaidh sin. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an ngá atá leis an liosta in Iarscríbhinn III a leasú, cuirfidh sé san áireamh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Agus an leibhéal riosca cibearshlándála á chinneadh, cuirfear ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) feidhmiúlacht chibearshlándála an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus cé acu atá nó nach bhfuil ceann amháin ar a laghad de na tréithe seo a leanas ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

(i) tá sé deartha chun feidhmiú le pribhléid ardaithe nó chun pribhléidí a bhainistiú;

(ii) tá rochtain dhíreach nó rochtain phribhléideach aige ar acmhainní líonraithe nó ríomhaireachta;

(iii) tá sé deartha chun rochtain ar shonraí nó ar theicneolaíocht oibríochtúil a rialú;

(iv) comhlíonann sé feidhm atá ríthábhachtach maidir le hiontaoibh, go háirithe feidhmeanna slándála amhail rialú líonra, slándáil chríochphointe agus cosaint líonra.

(b) an chríoch a beartaíodh i dtimpeallachtaí íogaire, lena n-áirítear é a bheith á úsáid i suíomhanna tionsclaíocha nó ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555;

(c) an chríoch a beartaíodh, is é sin, feidhmeanna criticiúla nó íogaire a chur i gcrích, amhail próiseáil sonraí pearsanta;

(d) a mhéid díobhála a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iarmhairt dhochrach, go háirithe i dtéarmaí dhéine na díobhála sin agus a cumas difear a dhéanamh do roinnt mhaith daoine;

(e) a mhéid atá úsáid táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina cúis le caillteanas nó cur isteach ábhartha nó neamhábhartha cheana féin nó a mhéid atá sí ina cúis imní nach beag i ndáil le hiarmhairt dhochrach a bheith ar na bacáin.

3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shainmhínithe na gcatagóirí táirgí faoi aicme I agus faoi aicme II a shonrú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Glacfar an gníomh tarmligthe faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

4. Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus (3).

I gcás ina gcuirtear catagóir nua táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha le haicme I nó le haicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III trí bhíthin gníomh tarmligthe de bhun mhír 2 den Airteagal seo, beidh sí faoi réir na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus (3) den Rialachán seo laistigh de 12 mhí ó dháta glactha an ghnímh tharmligthe lena mbaineann.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shonrú, a gceanglófar ar na monaróirí deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe ‘ard’ de bhun Rialachán (AE) 2019/881 chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó codanna díobh, a léiriú. Beidh feidhm ag an oibleagáid chun deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil laistigh de 12 mhí tar éis an gníomh tarmligthe ábhartha a ghlacadh. Agus catagóirí den sórt sin de tháirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha á gcinneadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i bhfianaise ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear i mír 2, agus i bhfianaise an mheasúnaithe ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an méid seo a leanas leis an gcatagóir táirgí sin:

(a) bíonn an chatagóir á húsáid ag na heintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 nó bíonn siad ag brath ar an gcatagóir, é sin nó d’fhéadfadh tábhacht a bheith leis an gcatagóir amach anseo maidir le gníomhaíochtaí na n-eintiteas sin; nó

(b) tá sí ábhartha maidir lena athléimní atá slabhra soláthair foriomlán na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha in aghaidh imeachtaí suaiteacha.

5a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a ghlacadh tráth nach luaithe ná 12 mhí tar éis an scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála a ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881.

Airteagal 6a
An Grúpa Saineolaithe maidir le Cibear-athléimneacht

1. Faoin ... [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe maidir le cibear-athléimneacht (an ‘Grúpa Saineolaithe’). Déanfaidh an Coimisiún an Grúpa Saineolaithe a cheapadh ar feadh téarma in-athnuaite trí bliana. Beidh sé d’aidhm ag comhdhéanamh an Ghrúpa Saineolaithe a bheith cothrom ó thaobh inscne agus geografaíochta de agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a) ionadaithe ó gach ceann díobh seo a leanas:

(i) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil;

(ia) an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála;

(ii) an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí;

(iii) comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú.

I gcás inar gá, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Ghníomhaireachtaí eile an Aontais.

(b) saineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha ábhartha, lena n-áirithítear ionadaíocht leordhóthanach ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

(c) saineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí agus an saorphobal foinse oscailte;

(d) saineolaithe arna gceapadh i gcáil phearsanta, a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(e) saineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an saol acadúil, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus eagraíochtaí eolaíochta eile, lena n-áirítear daoine a bhfuil saineolas domhanda acu.

2. Tabharfaidh an Grúpa Saineolaithe comhairle don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a) liosta na dtáirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta;

(b) cur chun feidhme scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus an fhéidearthacht iad a dhéanamh éigeantach i gcás táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(c) meastóireachtaí neamhcheangailteacha ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna iarraidh sin d’údarás um fhaireachas margaidh a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aige faoi Airteagal 43;

(d) cur i bhfeidhm coincheap ábhartha den chreat reachtach nua maidir le bogearraí, go háirithe saor-bhogearraí foinse oscailte;

(e) gnéithe an Rialacháin a dtabharfar aghaidh orthu leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 17a;

(f) infhaighteacht agus cáilíocht caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta, agus an fhéidearthacht sonraíochtaí teicniúla coiteanna a chur leo nó a chur ina n-ionad;

(g) infhaighteacht gairmithe oilte i réimse na cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-áirítear infhaighteacht pearsanra leormhaith chun measúnuithe comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo;

(h) an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú.

Déanfaidh an Grúpa Saineolaithe treochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát a mhapáil freisin maidir le leochaileachtaí atá ann cheana agus leochaileachtaí a maolaíodh.

3. Cuirfidh an Grúpa Saineolaithe tuairimí raon leathan geallsealbhóirí san áireamh agus déanfaidh sé a chúraimí leis an leibhéal is airde gairmiúlachta, neamhspleáchais, neamhchlaontachta agus oibiachtúlachta.

3a. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe agus gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme bunaithe ar an Rialachán seo á n-ullmhú aige.

3b. Féadfaidh an Grúpa Saineolaithe meastóireachtaí neamhcheangailteacha ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar d’údaráis um fhaireachas margaidh chun imscrúduithe faoi Airteagal 43 a éascú.

4. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an nGrúpa Saineolaithe agus bunófar é i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu ar bhonn ad hoc.

5. Déanfaidh an Grúpa Saineolaithe a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún comhdhéanamh an Ghrúpa Saineolaithe, dearbhú leasanna a chomhaltaí, achoimre ar chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 6b
Scileanna a fheabhsú i dtimpeallacht dhigiteach chibear-athléimneach

Chun críoch an Rialacháin seo agus chun freagairt don éileamh ó ghairmithe atá in ann cibearshlándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcomhar le ENISA, go gcuirfear an méid seo a leanas chun feidhme:

(a) cláir oideachais agus oiliúna i réimse na cibearshlándála agus a gconairí gairme gaolmhara, lena rannchuidítear leis an lucht saothair cibearshlándála a dhéanamh níos athléimní agus níos cuimsithí, ó thaobh inscne de freisin, agus é a ailíniú le riachtanais na ngnóthas lena mbaineann, go háirithe i gcás inar micrifhiontair, fiontair bheaga nó mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, nó riarachán poiblí iad na gnóthais sin;

(b) tionscnaimh chun an comhar a mhéadú idir an earnáil phríobháideach, oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí athsciliú nó uas-sciliú fostaithe monaróirí, tomhaltóirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna chomh maith leis na Ballstáit, lena leathnaítear na roghanna do dhaoine óga chun rochtain a fháil ar phoist san earnáil sin;

(c) straitéisí arb é is aidhm dóibh soghluaisteacht an lucht saothair a fheabhsú, scileanna cibearshlándála a fhorbairt agus uirlisí eagraíochtúla agus teicneolaíochta a chruthú chun an tallann cibearshlándála atá ann a uasmhéadú.

Airteagal 7
Sábháilteacht ghinearálta táirgí

De mhaolú ar Airteagal 2(1), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/988, i gcás nach bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir ceanglais shonracha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe eile an Aontais de réir bhrí [Airteagal 3, pointe (25) de Rialachán (AE) 2023/988, beidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 1, Caibidlí V agus VII, agus Caibidlí IX go XI de Rialachán (AE) 2023/988 maidir leis na táirgí sin i ndáil le rioscaí sábháilteachta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 8
Córais intleachta saorga ardriosca

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal 6] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i gcás ina bhfuil na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, measfar go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann leis an gcibearshlándáil a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], gan dochar do na ceanglais eile a bhaineann le cruinneas agus stóinseacht a áirítear san Airteagal thuasluaite, agus a mhéid a léirítear leis an dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéal cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

2. Maidir leis na táirgí agus na ceanglais chibearshlándála dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal [Airteagal 43] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga]. Chun críoch an mheasúnaithe sin, i gcás comhlachtaí ábhartha atá i dteideal comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a rialú, beidh siad i dteideal freisin comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a rialú, ar choinníoll go ndearnadh na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra a mheasúnú maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 den Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh acu i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga].

3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, táirgí nach mór dóibh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 24(2)(a), 24(2)(b), 24(3)(a) agus 24(3)(b) faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a aicmítear freisin mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal [Airteagal 6] den Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn VI] a ghabhann le Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] maidir leo, beidh na táirgí sin faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a cheanglaítear leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo.

3a. Féadfaidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo páirt a ghlacadh sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga].

Airteagal 9
Táirgí innealra

Táirgí innealra a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1230 ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar táirgí páirtchríochnaithe iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo agus ar eisíodh dearbhú comhréireachta AE ina leith ar bhonn an Rialacháin seo, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn III, Roinn 1.1.9 agus Roinn 1.2.1] a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le cosaint ar éilliú agus sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe, agus a mhéid a léirítear sa dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéal cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

Airteagal 9
Soláthar poiblí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Gan dochar do Threoir 2014/24/AE[35] agus Treoir 2014/25/AE[36] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheoidh na Ballstáit, agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á soláthar acu, ardleibhéal cibearshlándála agus tréimhse thacaíochta iomchuí.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh monaróirí leochaileachtaí i dtáirgí a sholáthraítear go poiblí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leigheas, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a chur ar fáil go pras.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 10
Oibleagáidí na monaróirí

1. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, áiritheoidh siad go ndearnadh é a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

2. Chun an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, tabharfaidh na monaróirí faoi mheasúnú ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh siad toradh an mheasúnaithe sin san áireamh le linn chéimeanna pleanála, deartha, forbartha, táirgthe, seachadta agus cothabhála an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’fhonn na rioscaí cibearshlándála a laghdú, teagmhais slándála a chosc agus tionchar teagmhas den sórt sin a mhaolú, lena n-áirítear a dtionchar i ndáil le sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí.

2a. Ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála, cinnfidh monaróirí an chaoi a bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I infheidhme maidir lena dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Cuirfidh siad an measúnú riosca san áireamh sa doiciméadacht theicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 23.3.  Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag an monaróir, cuirfidh sé measúnú riosca cibearshlándála san áireamh sa doiciméadacht theicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 23 agus in Iarscríbhinn V. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 24(4) atá faoi réir gníomhartha Aontais eile freisin, féadfaidh an measúnú riosca cibearshlándála a bheith mar chuid den mheasúnú riosca a cheanglaítear leis na gníomhartha Aontais ábhartha sin. I gcás nach bhfuil ceanglais fhíor-riachtanacha áirithe infheidhme maidir leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá á chur ar an margadh, cuirfidh an monaróir údar soiléir san áireamh sa doiciméadacht sin.

4. Chun an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh na monaróirí dícheall cuí agus comhpháirteanna a fhaigheann siad ó thríú páirtithe á gcomhtháthú acu i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Is faoin monaróir a bheidh sé a áirithiú nach mbainfidh na comhpháirteanna sin de shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear nuair atá comhpháirteanna de shaor-bhogearraí foinse oscailte nár cuireadh ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála á gcomhtháthú.

Ar leochaileacht i gcomhpháirt a shainaithint, lena n-áirítear leochaileacht i saor-chomhpháirt foinse oscailte, atá comhtháite sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh monaróirí aghaidh ar an leochaileacht agus déanfaidh siad í a leigheas i gcomhréir leis na ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn 2, agus roinnfidh siad na bearta ceartaitheacha a rinneadh leis an duine nó leis an eintiteas a chothaíonn an chomhpháirt.

4a. Soláthróidh monaróir na gcomhpháirteanna an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh do mhonaróir an táirge deiridh ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na comhpháirteanna sin á soláthar aige. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil saor in aisce.

5. Déanfaidh an monaróir doiciméadú córasach, ar bhealach atá comhréireach le cineál na rioscaí cibearshlándála, ar ghnéithe ábhartha cibearshlándála a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear leochaileachtaí a bhfaigheann sé amach fúthu agus aon fhaisnéis ábhartha a chuireann tríú páirtithe ar fáil, agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh sé an measúnú riosca ar an táirge cothrom le dáta.

6. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, cinnfidh siad an tréimhse thacaíochta ar lena linn a dhéanfar leochaileachtaí an táirge sin a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I. Agus an méid sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an monaróir go mbeidh an tréimhse thacaíochta comhréireach le saolré ionchasach an táirge agus i gcomhréir le cineál an táirge agus le hionchais na n-úsáideoirí, le hinfhaighteacht na timpeallachta oibriúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, le tréimhse thacaíochta na bpríomh-chomhpháirteanna atá comhtháite sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Chuige sin, cuirfidh monaróirí, arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachas margaidh, faisnéis ar fáil maidir le saolré ionchasach an táirge a bhreithnigh siad chun fad na tréimhse tacaíochta don táirge a chuirtear ar fáil ar an margadh a chinneadh. Agus an tréimhse thacaíochta á cinneadh acu, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachán ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus áiritheoidh siad go gníomhach go mbeidh na critéir sin curtha i bhfeidhm ag monaróirí ar bhealach leormhaith, lena n-áirítear measúnú ar an bhfaisnéis a fhaightear ó na monaróirí maidir le saolré ionchasach an táirge.

I gcás inarb infheidhme, sonrófar an tréimhse thacaíochta go soiléir ar an táirge, ar a phacáistíocht nó cuirfear san áireamh i gcomhaontuithe conarthacha í. In aon chás, cuirfear úsáideoirí deiridh ar an eolas freisin faoi fhad na tréimhse tacaíochta sula gceannaítear é.

Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí ag na monaróirí, lena n-áirítear beartais um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (5), d’Iarscríbhinn I, chun leochaileachtaí féideartha sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna dtuairisciú ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, a phróiseáil agus a leigheas.

I gcás inarb infheidhme, , i gcás táirgí tomhaltais ag a bhfuil eilimintí digiteacha, áireofar sna nósanna imeachta sin nuashonruithe slándála uathoibríocha mar réamhshocrú. Ba cheart d’úsáideoirí an fhéidearthacht a choinneáil na nuashonruithe slándála uathoibríocha sin a dhíghníomhachtú.

Cuirfidh monaróirí úsáideoirí ar an eolas go gníomhach nuair a bheidh a dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis deireadh a thréimhse tacaíochta a bhaint amach.

6a I gcás ina bhfuil an tréimhse thacaíochta níos giorra ná 5 bliana agus ina bhfuil deireadh tagtha le láimhseáil leochaileachtaí, féadfaidh monaróirí rochtain ar chód foinseach an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar do ghnóthais eile a gheallann go leathnóidh siad soláthar seirbhísí láimhseála leochaileachtaí, go háirithe nuashonruithe slándála Ní thabharfar rochtain ar chóid fhoinseacha den sórt sin ach amháin i gcás ina bhforáiltear dó sin i socrú conarthach. Leis na socruithe sin, cosnófar úinéireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfear cosc ar scaipeadh an chóid fhoinsigh ar an bpobal, ach amháin i gcás inar cuireadh an cód sin ar fáil cheana féin faoi shaorcheadúnas foinse oscailte.

7. Sula gcuirfidh na monaróirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, tarraingeoidh siad suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23.

Cuirfidh siad na nósanna imeachta roghnaithe um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 i gcrích nó socróidh siad go gcuirfear i gcrích iad.

I gcás inar léiríodh, leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta sin, go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na monaróirí an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 20 agus déanfaidh siad an mharcáil CE a ghreamú den táirge i gcomhréir le hAirteagal 22.

8. Déanfaidh na monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AEa choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann deich mbliana ar a laghad nó ar feadh na tréimhse tacaíochta, cibé acu is faide, tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh.

Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh rúndacht agus cosaint iomchuí na faisnéise sa doiciméadacht theicniúil arna soláthar ag monaróirí i gcomhréir le hAirteagal 52.

9. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go bhfanfaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar cuid de shraith tháirgthe iad comhréireach i gcónaí. Cuirfidh an monaróir san áireamh go leordhóthanach athruithe ar an bpróiseas forbartha agus táirgthe nó dhearadh nó saintréithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe chothrománacha nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe earnáilsonracha, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19 a ndearbhaítear comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha trí thagairt dóibh nó a bhfíoraítear a chomhréireacht trí iad a chur i bhfeidhm.

10. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh an fhaisnéis agus na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm fhisiceach, ag gabháil le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh an fhaisnéis agus na treoracha sin i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca. Beidh siad soiléir intuigthe inléite. Ceadófar leo go ndéanfar na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shuiteáil, a oibriú agus a úsáid ar bhealach slán.

I gcás ina soláthraítear faisnéis agus treoracha den sórt sin i bhfoirm leictreonach, déanfaidh monaróirí an méid seo a leanas:

(a) iad a chur i láthair i bhformáid sholáimhsithe a fhágann gur féidir leis an úsáideoir féachaint orthu ar líne, iad a íoslódáil, iad a shábháil ar gléas leictreonach agus iad a phriontáil;

(b) a áirithiú go bhfuil siad inrochtana ar líne le linn thréimhse thacaíochta an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar a laghad.

11. Cuirfidh na monaróirí an dearbhú comhréireachta AE ar fáil in éineacht leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó áireoidh siad sna treoracha agus san fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II an seoladh idirlín ag ar féidir rochtain a fháil ar an dearbhú comhréireachta AE.

12. Ón uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus ar feadh na tréimhse tacaíochta ar a laghad, má tá a fhios ag monaróirí nó má tá údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, glacfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach bonn chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do phróisis an mhonaróra, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

13. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, déanfaidh na monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis a thuiscint go héasca, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar an margadh acu.

14. Monaróir a scoireann dá oibríochtaí agus, mar thoradh air sin, nach bhfuil in ann na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé an méid sin le fios do na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh sula dtiocfaidh an scor oibríochtaí i bhfeidhm, agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí a chuirtear ar an margadh, ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

15. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh aige, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhormáid agus gnéithe an liosta ábhar bogearraí a leagtar amach i Roinn 2, pointe (1), d’Iarscríbhinn I a shonrú.  

Airteagal 11
Oibleagáidí tuairiscithe na monaróirí

1. Déanfaidh an monaróirfógra a thabhairt do ENISA faoi aon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach atá sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, an fógra a chur ar aghaidh chuig CSIRT na mBallstát lena mbaineann, foireann arna hainmniú chun críocha nochtadh comhordaithe leochaileachtaí i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2022/2555, tar éis an fógra a fháil agus cuirfidh sé an t-údarás um fhaireachas margaidh ar an eolas faoin leochaileacht faoina dtugtar fógra. I gcás nach bhfuil aon bheart ceartaitheach ná maolaitheach ar fáil don leochaileacht faoina dtugtar fógra, áiritheoidh ENISA go ndéanfar faisnéis faoin leochaileacht faoina dtugtar fógra a chomhroinnt i gcomhréir le prótacail dhochta slándála agus ar bhonn riachtanais eolais.

1a. Beidh fógraí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an nós imeachta seo a leanas:

(a) luathrabhadh, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas gurb ann do leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, lena n-áirítear an bhfuil aon bheart ceartaitheach atá ar eolas nó aon bheart maolaithe riosca atá molta ar fáil;

(b) fógra leochaileachta, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, lena ndéantar, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis ghinearálta dá dtagraítear i bpointe (a) a nuashonrú, lena n-áirítear aon bheart ceartaitheach nó maolaitheach a rinneadh agus measúnú ar mhéid na leochaileachta, lena n-áirítear a déine agus a tionchar, a léiriú;

(c) tuarascáil chríochnaitheach, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an fógra leochaileachta a thíolacadh faoi phointe (b) nó nuair atá beart ceartaitheach nó maolaitheach ar fáil, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) tuairisc ar an leochaileacht, lena n-áirítear a déine agus a tionchar;

(ii) i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis a bhaineann le haon ghníomhaí a shaothraigh nó a shaothraíonn an leochaileacht;

(iii) sonraí faoin nuashonrú slándála nó faoi bhearta ceartaitheacha eile a cuireadh ar fáil chun an leochaileacht a leigheas.

1b. Tar éis nuashonrú slándála a chur ar fáil nó bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha de chineál eile a chur i bhfeidhm, cuirfidh ENISA an leochaileacht faoina dtugtar fógra de bhun mhír 1 den Airteagal seo leis an mbunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir (AE) 2022/2555.

2. Déanfaidh an monaróirfógra do ENISA faoi aon teagmhas suntasach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le mír 2b den Airteagal seo. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, na fógraí a chur ar aghaidh chuig bpointe teagmhála aonair na mBallstát lena mbaineann, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555 agus cuirfidh sé an t-údarás um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi na teagmhais faoina dtugtar fógra. Trí fhógra a thabhairt, ní chuirfear an t-eintiteas a thugann fógra faoi dhliteanas méadaithe.

2a. Measfar teagmhas a bheith suntasach amhail dá dtagraítear i mír 2, sna cásanna seo a leanas:

(a) ba é ba chúis le mórshuaitheadh oibríochtúil ar an táirgeadh nó ar na seirbhísí don mhonaróir lena mbaineann, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis leis an méid thuas, a mbeadh tionchar aige sin ar shlándáil táirge; nó

(b) rinne sé difear do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile nó d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dóibh trí dhamáiste ábhartha nó neamhábhartha suntasach a dhéanamh.

2b. Beidh fógraí dá dtagraítear i mír 2 faoi réir an nós imeachta seo a leanas:

(a) luathrabhadh, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, lena léirítear, i gcás inarb infheidhme, an bhfuil amhras ann gur gníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha is cúis leis an teagmhas suntasach nó an bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith aige;

(b) fógra teagmhais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach, lena ndéanfar, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a nuashonrú agus measúnú tosaigh ar an teagmhas suntasach, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, táscairí an chomhréitigh a léiriú; 

(c) tuarascáil chríochnaitheach, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an fógra teagmhais a thíolacadh faoi phointe (b), lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii) an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sé nó sí an teagmhas;

(iii) bearta maolaithe a cuireadh i bhfeidhm agus bearta maolaithe leanúnacha;

(iv) i gcás inarb infheidhme, tionchar trasteorann an teagmhais;

I gcás teagmhas leanúnach tráth thíolacadh na tuarascála críochnaithí dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an monaróir lena mbaineann tuarascáil ar dhul chun cinn an tráth sin agus tuarascáil chríochnaitheach laistigh d’aon mhí amháin tar éis dóibh an teagmhas a láimhseáil.

2c. Monaróirí a thug fógra faoi theagmhais shuntasacha de réir an Rialacháin seo agus a shainaithnítear freisin mar eintitis fhíor-riachtanacha nó mar eintitis thábhachtacha faoi Threoir (AE) 2022/2555, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais faoi Airteagal 23 de Threoir (AE) 2022/2555. Cuirfidh ENISA na fógraí a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ar aghaidh chuig an CSIRT freagrach de réir Threoir (AE) 2022/2555. Ní fhéadfar fíneáil a ghearradh ar eintiteas i leith neamh-chomhlíonadh na gceanglas forluiteach ach uair amháin.

2d. I gcás inar gá, féadfaidh ENISA nó an CSIRT ábhartha a iarraidh ar mhonaróirí tuarascáil idirmheánach a sholáthar maidir le nuashonruithe ábhartha ar stádas i dtaobh na leochaileachta a shaothraítear go gníomhach nó an teagmhais shuntasaigh.

2e. Beidh monaróirí a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide díolmhaithe ó mhír 1a, pointe (a) agus mír 2b, pointe (a).

3. Cuirfidh ENISA faisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 faoi bhráid an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) arna bhunú le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2022/2555 má tá an fhaisnéis sin ábhartha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar leibhéal oibríochtúil.

4. Tar éis don mhonaróir fáil amach faoin teagmhas suntasach, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil tionchar ag an teagmhas orthu, agus, i gcás inarb iomchuí, na húsáideoirí uile a chur ar an eolas faoi agus, i gcás inar gá, faoi maolú riosca agus aon bheart ceartaitheach is féidir leis na húsáideoirí a dhéanamh chun tionchar an teagmhais shuntasaigh a mhaolú.

4a. Áiritheoidh ENISA go gcuirfear fógraí de bhun mhíreanna 1 agus 2 isteach trí bhealaí cumarsáide agus go stórálfar iad ar fhreastalaithe lena n-áiritheofar an leibhéal is airde cibearshlándála is féidir agus cosaint ar ghníomhaithe mailíseacha.

4b I gcás ina bhfuil gá le feasacht an phobail chun teagmhas suntasach a chosc nó chun déileáil le teagmhas suntasach leanúnach, nó i gcás ina bhfuil nochtadh an teagmhais shuntasaigh chun leas an phobail ar bhealach eile, féadfaidh ENISA agus, i gcás inarb iomchuí, CSIRTanna nó údaráis inniúla na mBallstát ábhartha, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an monaróir lena mbaineann, an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas suntasach nó ceangal a chur ar an monaróir é sin a dhéanamh.

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhformáid agus an nós imeachta a bhaineann leis na fógraí a chuirtear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

6. Ar bhonn na bhfógraí atá faighte aige de bhun mhíreanna 1 agus 2, ullmhóidh ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh sé í faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555. Cuirfear an chéad tuarascáil den sórt sin isteach laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 agus 2. Déanfaidh ENISA faisnéis ábhartha óna thuarascálacha teicniúla a áireamh ina thuarascáil maidir le staid na cibearshlándála san Aontas de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2022/2555.

6a. Bunóidh ENISA sásra tuairiscithe digiteach slán, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, chun oibleagáidí tuairiscithe na monaróirí a shimpliú. Feidhmeoidh an sásra sin mar phointe iontrála aonair le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe arna mbunú faoin Rialachán seo agus, i gcás inar féidir, faoi dhlí eile an Aontais.

Airteagal 11a
Fógra deonach a thabhairt

1. Sa bhreis ar na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 11, féadfar fógraí a chur faoi bhráid ENISA ar bhonn deonach ag na daoine agus na heintitis seo a leanas:

(a) monaróirí, maidir le teagmhais, cibearbhagairtí agus neasteagmhais;

(b) eintitis seachas na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (a), beag beann ar cibé acu a thagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo, maidir le teagmhais shuntasacha agus neamhshuntasacha, cibearbhagairtí agus neasteagmhais;

(c) aon ghníomhaí maidir le leochaileachtaí a d’fhéadfaí a áireamh sa bhunachar sonraí Eorpach maidir le leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2022/2555.

2. Déanfaidh ENISA na fógraí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo a phróiseáil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11. Féadfaidh ENISA tosaíocht a thabhairt do phróiseáil fógraí éigeantacha thar fhógraí deonacha.

3. Chun na fógraí deonacha a shimpliú, beifear in ann fógra a thabhairt fúthu sin tríd an sásra tuairiscithe digiteach slán dá dtagraítear in Airteagal 11(6a).

4. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh ENISA rúndacht agus cosaint iomchuí na faisnéise arna soláthar ag an eintiteas a thugann fógra. Gan dochar do chionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, ní bheidh mar thoradh ar an tuairisciú deonach go ndéanfar aon oibleagáid bhreise a fhorchur ar an eintiteas a thugann fógra, ar oibleagáidí iad nach mbeadh sé faoina réir mura mbeadh an fógra tíolactha aige.

Airteagal 11b
Pointe teagmhála aonair d’úsáideoirí

1. Chun tuairisciú ar shlándáil táirgí a éascú, ainmneoidh monaróirí pointe teagmhála aonair chun cur ar chumas úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh go díreach agus go tapa leo, i gcás inarb infheidhme trí mheán leictreonach agus ar bhealach soláimhsithe, lena n-áirítear trí ligean d’úsáideoirí an táirge na modhanna cumarsáide a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a roghnú, ar modhanna iad nach mbeidh bunaithe ar uirlisí uathoibrithe amháin.

2. I dteannta na n-oibleagáidí dá bhforáiltear faoi Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[37], cuirfidh monaróirí an fhaisnéis ar fáil go poiblí, ar faisnéis í a bhfuil gá léi do na húsáideoirí deiridh chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin agus coinneofar cothrom le dáta í.

Airteagal 12
Ionadaithe údaraithe

1. Féadfaidh monaróir ionadaí údaraithe a cheapadh trí shainordú i scríbhinn.

2. Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10(1) go (7) an chéad fhleasc agus (9) ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

3. Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonraítear sa sainordú a fhaightear ón monaróir. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin dóibh. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

(a) an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 23 a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh;

(aa)  i gcás ina bhfuil cúis ag an ionadaí údaraithe le ceapadh go bhfuil riosca cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an méid sin a thabhairt le fios don mhonaróir;

(b) ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil don údarás sin, a bhfuil gá leo chun comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a léiriú;

(c) oibriú i gcomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh éifeachtach a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 13
Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach amháin táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus i gcás ina bhfuil na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2. Sula gcuirfidh siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh, áiritheoidh na hallmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a) na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24, tá siad curtha i gcrích ag an monaróir;

(b) tá an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir;

(c) tá an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 22 le feiceáil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tá an dearbhú comhréireachta AE ar fáil agus tá an fhaisnéis agus na treoracha úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn II ag gabháil leis an táirge.

(ca) tá na doiciméid uile lena gcruthaítear comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach san Airteagal seo faighte ón monaróir.

3. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige le ceapadh nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge sin nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

Ar bhonn moltaí spriocdhírithe arna bhfáil ó údaráis um fhaireachas margaidh nó ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 43 agus 45, cuirfidh allmhaireoir na moltaí sin i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí maidir leis an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm. Ina theannta sin, i gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúiseanna aige le ceapadh go bhféadfadh riosca cibearshlándála a bheith ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, déanfaidh sé an táirge sin a tharraingt siar nó a aisghairm. Tabharfaidh allmhaireoirí an méid sin le fios do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún.

4. Déanfaidh na monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist, an seoladh ríomhphoist, agus i gcás ina mbeidh fáil air, an suíomh gréasáin ar ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar phacáistíocht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar dhoiciméad atá ag gabháil leis. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.

5. Áiritheoidh na hallmhaireoirí go mbeidh na treoracha agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II ag gabháil leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus iad i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca.

6. Allmhaireoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil údar acu a cheapadh, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar an margadh acu, nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, iarrfaidh siad láithreach ar an monaróir na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh chun go mbeidh an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

6a. Ar theacht ar an eolas do na hallmhaireoirí faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ▌, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na hallmhaireoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

7. Coimeádfaidh na hallmhaireoirí, go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

8. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, déanfaidh na hallmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil dó, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, agus chun a léiriú go bhfuil na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, agus go ndéanfar an méid sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar an margadh acu.

9. Nuair a thugann allmhaireoir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi deara gur scoir monaróir an táirge sin dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé an méid sin le fios do na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí a chuirtear ar an margadh, ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

Airteagal 14
Oibleagáidí na ndáileoirí

1. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh na dáileoirí leis an gcúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2. Sula gcuirfidh dáileoirí táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a) tá an mharcáil CE ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(b) chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 10(10), 10(11) agus 13(4) faoi seach, agus chuir siad na doiciméid ábhartha uile in iúl don dáileoir.

3. I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis aige le ceapadh, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh aige, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge sin nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an dáileoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4. Dáileoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil údar acu a cheapadh, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar fáil ar an margadh acu, nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, iarrfaidh siad ar an monaróir na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir, nó chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

4a. Ar theacht ar an eolas do na dáileoirí faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha , cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na dáileoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

5. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, déanfaidh na dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur ar fáil dó, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, a bhfuil gá leo chun a léiriú go bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus go ndéanfar an méid sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar fáil ar an margadh acu.

6. Ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh aige, nuair a thugann dáileoir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi deara gur scoir monaróir an táirge sin dá oibríochtaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé an méid sin le fios do na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh agus cuirfidh sé úsáideoirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí a chuirtear ar an margadh, ar an eolas faoi freisin, trí aon mhodh atá ar fáil agus a mhéid is féidir.

Airteagal 15
Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 10 agus 11(1), (2), (4) agus (7) i gcás ina gcuireann an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh faoina ainm/hainm nó faoina thrádmharc/trádmharc nó i gcás ina ndéanann sé nó sí modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh cheana.

Airteagal 16
Cásanna eile ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí

Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, a dhéanann modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuireann ar fáil ar an margadh é, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo.

Beidh an duine sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11(1), (2), (4) agus (7), maidir leis an gcuid den táirge a ndéanann an modhnú substaintiúil difear di nó, má tá tionchar ag an modhnú substaintiúil ar chibearshlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ina iomláine, maidir leis an táirge iomlán.

Airteagal 17
Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

1. Déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a) ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dóibh;

(b) ainm agus seoladh aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dó;

2. Beidh na hoibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair go ceann 10 mbliana tar éis sholáthar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar.

Airteagal 17a
Treoirlínte

1. Chun soiléireacht, deimhneacht d’oibreoirí eacnamaíocha agus comhsheasmhacht i measc a gcleachtas a chruthú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint d’oibreoirí eacnamaíocha, ina míneofar conas an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus béim ar leith á leagan ar conas comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide.

2. Foilseofar na treoirlínte faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá, go háirithe i bhfianaise leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar liosta na dtáirgí criticiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad iontu:

(a) míniú mionsonraithe ar raon feidhme an Rialacháin seo, agus béim ar leith á leagan ar réitigh cianphróiseála sonraí agus ar saor-bhogearraí foinse oscailte;

(b) critéir mhionsonraithe a úsáidtear chun a chinneadh conas a chuirtear táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha in aicme I nó in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(c) an t-idirghníomhú idir an Rialachán seo agus dlí eile an Aontais, go háirithe maidir le toimhdí comhréireachta agus measúnuithe comhréireachta;

(d) treoir do mhonaróirí maidir leis an mbealach chun an measúnú riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a dhéanamh agus maidir le hinfheidhmeacht na gceanglas fíor-riachtanach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, dea-chleachtais;

(e) treoir do mhonaróirí maidir le conas an tréimhse thacaíochta a chinneadh go hiomchuí do chatagóirí éagsúla táirgí i gcomhréir le hAirteagal 10(6);

(f) míniú ar conas déileáil le ceanglais tuairiscithe de bhun an Rialacháin seo nó de bhun dhlí eile an Aontais;

(g) liosta de na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo;

(h) treoir do na Ballstáit maidir le neamh-ionchúiseamh taighdeoirí slándála faisnéise;

(i) treoir maidir lena bhfuil i gceist le modhnuithe substaintiúla.

3. Agus na treoirlínte á n-ullmhú aige de bhun an Airteagail seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe.

CAIBIDIL III

Comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Airteagal 18
Toimhde comhréireachta

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh, a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus iarraidh ar chaighdeánú le haghaidh an Rialacháin seo á hullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil atá ann cheana nó atá ar tí teacht i bhfeidhm a chur san áireamh chun forbairt caighdeán comhchuibhithe a shimpliú.

2. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir, atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a mhéid atá na ceanglais sin faoi chumhdach na sonraíochtaí coiteanna sin.

3. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir ar eisíodh ráiteas comhréireachta ón Aontas nó deimhniú ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de réir Rialachán (AE) 2019/881 agus arna sonrú de réir mhír 4, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mhéid atá na riachtanais sin faoi chumhdach an ráitis comhréireachta ón Aontas nó an deimhnithe cibearshlándála, nó codanna díobh.

4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a shonrú, ar scéimeanna iad is féidir a úsáid chun a léiriú go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó le codanna díobh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Thairis sin, le deimhniú cibearshlándála arna eisiúint faoi scéimeanna den chineál sin , ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe ‘substainteach’ nó ‘ard’, cuirtear deireadh le hoibleagáid an mhonaróra measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh maidir leis na ceanglais chomhfhreagracha, mar a leagtar amach in Airteagal 24(2)(a), (b), (3)(a) agus (b).  

Airteagal 19
Sonraíochtaí coiteanna

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú lena gcumhdaítear ceanglais theicniúla lena dtugtar modh chun na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh maidir le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus níor glacadh leis an iarraidh nó níor tíolacadh na táirgí insoláthartha a bhaineann le caighdeánú Eorpach maidir leis an iarraidh sin laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó ní chomhlíonann na táirgí insoláthartha a bhaineann le caighdeánú Eorpach an iarraidh; agus

(b) ní fhoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

2. Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe, cuirfidh sé in iúl don Ghrúpa Saineolaithe go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 comhlíonta. Agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún tuairimí an Ghrúpa Saineolaithe san áireamh.

3. I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molann sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe ábhartha dá dtagraítear i mír 1, nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha chéanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 20
Dearbhú comhréireachta AE

1. Déanfaidh na monaróirí an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 10(7) agus luafar ann gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2. Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a bheidh ag an dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. Cuirfear ar fáil é sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil é.

3. I gcás ina bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir níos mó ná gníomh Aontais amháin lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach gníomh Aontais den chineál sin. Sainaithneofar sa dearbhú sin na gníomhartha Aontais lena mbaineann, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

4. Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíonadh an táirge.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur le hinneachar íosta an dearbhaithe comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn IV chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

Airteagal 21
Prionsabail ghinearálta na marcála CE

Beidh an mharcáil CE a shainmhínítear in Airteagal 3(32) faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 22
Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú de tháirge

1. Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, greamófar í den phacáistíocht agus den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i bhfoirm bogearraí, greamófar an mharcáil CE den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 nó beidh sí ar an suíomh gréasáin a ghabhann leis an táirge bogearraí. Sa chás deireanach sin, beidh rochtain éasca agus dhíreach ag tomhaltóirí ar an roinn ábhartha den suíomh gréasáin.

2. Mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfaidh airde na marcála CE atá greamaithe den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith níos ísle ná 5 mm, ar choinníoll go mbeidh sí fós infheicthe agus inléite.

3. Greamófar an mharcáil CE den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula gcuirfear ar an margadh é. Féadfar picteagram nó aon mharc eile lena dtaispeántar riosca nó úsáid ar leith a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6, a chur i ndiaidh na marcála CE.

4. I ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, i gcás ina bhfuil baint ag an gcomhlacht sin leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) dá dtagraítear in Airteagal 24.

Is é an comhlacht féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, sin nó an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra, ach treoir chuige sin a fháil ón gcomhlacht sin.

5. Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an córas lena rialaítear an mharcáil CE agus glacfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin. I gcásanna ina bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir reachtaíocht Aontais eile lena ndéantar foráil freisin maidir leis an marcáil CE a ghreamú de, tabharfar le fios ar an marcáil CE go gcomhlíonann an táirge ceanglais na reachtaíochta eile sin freisin.

6. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, leis an ngrúpa tiomnaithe um chomhar riaracháin (ADCO) agus, i gcás inar gá, le geallsealbhóirí ábhartha eile, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh scéimeanna lipéadaithe, lena n-áirítear lipéid chomhchuibhithe, picteagram nó aon mharcáil eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena dtréimhse thacaíochta, mar aon le sásraí chun a n-úsáid a chur chun cinn i measc gnólachtaí agus tomhaltóirí agus chun feasacht an phobail a mhéadú maidir le slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Airteagal 23
Doiciméadacht theicniúil

1. Áireofar sa doiciméadacht theicniúil na sonraí nó na mionsonraí ábhartha uile maidir leis na modhanna a d’úsáid an monaróir lena áirithiú go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Áireofar inti na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad.

2. Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas sula gcuirfear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, i gcás inarb iomchuí, le linn na tréimhse tacaíochta ar a laghad.

3. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 24(4) atá faoi réir gníomhartha Aontais eile freisin, tarraingeofar suas doiciméadacht theicniúil amháin ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus an fhaisnéis a cheanglaítear leis na gníomhartha Aontais ábhartha sin.

4. Déanfar an doiciméadacht theicniúil agus an comhfhreagras a bhaineann le haon nós imeachta um measúnú comhréireachta a tharraingt suas i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe nó i dteanga a bhfuil glacadh ag an gcomhlacht sin léi.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na gnéithe atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh, chomh maith le forbairtí a tháinig chun cinn i bpróiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an t-ualach riaracháin ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide comhréireach.

Airteagal 24
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

1. Déanfaidh an monaróir measúnú comhréireachta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir chun a chinneadh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Léireoidh an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanas:

(a) an nós imeachta um rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(b) an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(c) measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(ca) scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 i gcomhréir le hAirteagal 18(4).

2. Agus measúnú á dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann an táirge criticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’aicme I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus a mhéid a chomhlíonann na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, má fhaightear nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna ná scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe ‘substainteach’ nó ‘ard’ dá dtagraítear in Airteagal 18 curtha i bhfeidhm ag an monaróir nó ag ionadaí údaraithe an mhonaróra, ná nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm acu ach i bpáirt, nó i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, déanfar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir a chur faoi réir ceachtar de na nósanna imeachta seo a leanas maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sin:

(a) an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(b) measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2a. Beidh caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála i bhfeidhm ar feadh sé mhí sula mbeidh feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Sna sé mhí roimh chur i bhfeidhm mhír 2 den Airteagal seo, nó i gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe, do shonraíochtaí coiteanna ná do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, léireoidh monaróirí comhréireacht an táirge chriticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’aicme I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III trí bhíthin an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3. I gcás ina bhfuil an táirge ina tháirge criticiúil ag a bhfuil eilimintí digiteacha d’aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, léireoidh an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra go bhfuil an táirge sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí úsáid a bhaint as ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

(-a) deimhniú Eorpach cibearshlándála, faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’ nó ‘ard’ de bhun Rialachán (AE) 2019/881;

(a) an nós imeachta um chineálscrúdú AE (bunaithe ar mhodúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

(b) measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

3a. Iarrfaidh an Coimisiún ar ENISA na scéimeanna iarrthacha atá ar iarraidh a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/881.

4. Monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá aicmithe mar chórais EHR faoi Rialachán [an Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte], léireoidh siad comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo trí úsáid a bhaint as an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear le Rialachán [Caibidil III den Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte].

5. Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra leasanna agus riachtanais shonracha micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide a chur san áireamh nuair a bheidh na táillí le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta á socrú acu agus laghdóidh siad na táillí sin i gcomhréir lena leasanna agus lena riachtanais shonracha. Áiritheoidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais iomchuí i gcreat rialála na gclár de chuid an Aontais atá ann cheana, go háirithe chun an t-ualach airgeadais ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a laghdú.

Airteagal 24a
Comhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach

Chun trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn, féachfaidh an Coimisiún le Comhaontuithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach (CAFPanna) a thabhairt i gcrích le tríú tíortha. Ní bhunóidh an tAontas CAFPanna ach amháin le tríú tíortha atá ar leibhéal inchomparáide forbartha teicniúla agus a bhfuil cur chuige comhoiriúnach acu maidir le measúnú comhréireachta. Leis na CAFPanna, áiritheofar an leibhéal céanna cosanta agus atá ag an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

FÓGRA A THABHAIRT FAOI CHOMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 25
Fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a údaraítear chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 26
Na húdaráis a thugann fógra

1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, ar údarás é a bheidh freagrach as na nósanna imeachta riachtanacha a chur ar bun agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear maidir le comhlíonadh Airteagal 31.

2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 27
Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra

1. Cuirfear údarás a thugann fógra ar bun ar bhealach a fhágann nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2. Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí, agus feidhmeoidh sé dá réir sin.

3. Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, a dhéanfaidh gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4. Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná ní thairgfidh ná ní sholáthróidh sé seirbhísí sainchomhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

5. Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a chosaint.

6. Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach pearsanra inniúil chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

6a. Déanfaidh údarás a thugann fógra an t-ualach riaracháin agus na táillí a ghearrtar ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe, a íoslaghdú.

Airteagal 28
An oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra

1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt fúthu agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athrú a dhéanfar ar na nithe sin.

1a. Áiritheoidh na Ballstáit, faoin ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], go bhfuil líon leordhóthanach comhlachtaí faoina dtugtar fógra san Aontas le haghaidh measúnuithe comhréireachta a dhéanamh, chun baic agus bacainní ar iontráil sa mhargadh a sheachaint.

2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

 

 

 

Airteagal 29
Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 12.

2. Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta de réir an dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3. Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ar a ndéanann sé measúnú.

Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirgí ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht den chineál sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4. Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, agus maidir lena ardbhainistíocht agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad sin ina ndearthóirí, ina bhforbróirí, ina monaróirí, ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n-úinéirí, ina n-úsáideoirí ná ina gcothabhálaithe na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil measúnú á dhéanamh acu orthu, ná ní bheidh siad mar ionadaí údaraithe ag aon cheann de na páirtithe sin. Ní choisctear, leis sin, táirgí a ndearnadh measúnú orthu a úsáid má tá gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná na táirgí sin a úsáid chun críoch pearsanta.

Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, agus maidir lena ardbhainistíocht agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, forbairt, táirgeadh, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe i gcás seirbhísí sainchomhairleoireachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.

5. Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde i dtaca le hionracas gairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6. Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann ar cé acu a chuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin i gcrích nó a chuirfear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I dtaca le gach aon nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál nó catagóir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:

(a) foireann ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí acu chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b) tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus na gníomhaíochtaí eile a dhéanann sé;

(c) na nósanna imeachta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a chuireann san áireamh méid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag feidhmiú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus cineál an phróisis táirgthe, is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe é.

Beidh na hacmhainní aige atá riachtanach chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí go léir is gá.

7. Beidh an méid seo a leanas ag an bhfoireann atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:

(a) oiliúint fhónta theicniúil agus ghairmiúil inar cuimsíodh na gníomhaíochtaí ar fad um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b) eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c) eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus a gníomhartha cur chun feidhme;

(d) an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

7a. Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar ghairmithe oilte, d’fhonn baic i ngníomhaíochtaí comhlachtaí um measúnú comhréireachta a íoslaghdú agus chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú d’oibreoirí eacnamaíocha.

8. Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a lucht ardbhainistíochta, agus na foirne measúnaithe.

Ní bheidh luach saothair lucht ardbhainistíochta agus fhoireann measúnaithe an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9. Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin i gcás ina ngabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás inarb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

10. Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn VI nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht dó, ach amháin i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar na cearta dílseánaigh a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena n-áiritheofar comhlíonadh na míre seo.

11. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra arna bhunú faoi Airteagal 40, gníomhaíochtaí a n-áiritheoidh siad go bhfuil a bhfoireann measúnaithe ar an eolas fúthu, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur i dtoll a chéile mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

12. Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha a bheidh comhsheasmhach, cothrom agus réasúnach i gcomhréir le hAirteagal 37(2), go háirithe agus leasanna micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide i ndáil le táillí á gcur san áireamh acu.

Airteagal 30
Toimhde comhréireachta i dtaca leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra

I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 31
Fochuideachtaí agus fochonraitheoireacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. I gcás ina ligfidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 agus tabharfaidh sé an méid sin le fios dá réir don údarás a thugann fógra.

2. Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta gan beann ar an áit a mbeidh siad siúd bunaithe.

3. Is le toiliú an mhonaróra amháin a ligfear gníomhaíochtaí ar fochonradh nó a ligfear d’fhochuideachta dul ina mbun.

4. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, chomh maith leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 32
Iarratas ar fhógra

1. Cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht féin bunaithe.

2. Ba cheart tuairisc a bheith ag gabháil leis an iarratas sin ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an nós nó na nósanna imeachta agus ar an táirge nó na táirgí a maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil air nó orthu, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29.

3. I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht i leith na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 29 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán rialta a dhéanamh air sin.

Airteagal 33
Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1. Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.

2. An t-údarás a thugann fógra, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as córas faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe (NANDO), córas arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún.

3. Áireofar san fhógra sonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge nó faoi na táirgí lena mbaineann, mar aon leis an bhfianú ábhartha inniúlachta.

4. Murab ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 32(2) atá fógra bunaithe, soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 a chomhlíonadh.

5. Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain i ndiaidh an fhógra i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, nó laistigh de dhá mhí i ndiaidh an fhógra i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú.

Ní mheasfar ina chomhlacht faoina dtugtar fógra, chun críocha an Rialacháin seo, ach comhlacht den sórt sin.

6. Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 34
Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht faoina dtugtar fógra.

Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra faoin gcomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais.

2. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí an liosta comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n-áireofar na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra fúthu ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 35
Athruithe ar fhógraí

1. I gcás ina bhfuil sé faighte amach ag údarás a thugann fógra, nó curtha ar a shúile dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag comhlacht faoin dtugtar fógra a thuilleadh, nó mura bhfuil ag éirí leis an gcomhlacht a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá neamhchomhlíonadh na gceanglas nó na n-oibleagáidí sin. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir.

2. I gcás ina ndéanfar an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis scor dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil, é sin nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis fhreagracha um fhaireachas margaidh, ar a iarraidh sin dóibh.

Airteagal 36
Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil sé in amhras faoi, nó ina gcuirtear ar a shúile dó go bhfuil amhras ann maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir leis na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra faoina réir a bheith á gcomhlíonadh aige go leanúnach.

2. Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, tabharfaidh sé don Choimisiún, ar a iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta ábhartha a choinneáil ar bun.

3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

4. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach nach bhfuil na ceanglais a bhaineann le fógra a thabhairt faoin gcomhlacht faoina dtugtar fógra á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht sin, nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.

Airteagal 37
Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Iarscríbhinn VI.

2. Déanfar measúnuithe comhréireachta ar mhodh comhréireach agus seachnófar ualaí nach gá ar oibreoirí eacnamaíocha, agus aird á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á díriú acu ar mhéid gnóthais, an earnáil ina n-oibríonn sé, a struchtúr, leibhéal castachta chineál agus theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus neamhchosaint ar riosca chineál agus theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

3. Mar sin féin, urramóidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid smachta agus an leibhéal cosanta ar gá leis chun go gcomhlíonfadh an táirge ceanglais an Rialacháin seo.

4. I gcás ina bhfaighidh comhlacht faoina dtugtar fógra amach go bhfuil monaróir ann nár chomhlíon na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó sna caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha nó i sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireachta.

5. I gcás ina bhfaigheann comhlacht faoina dtugtar fógra amach, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, go bhfuil táirge ann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an deimhniú ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é más gá.

6. I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht leo a bhfuil gá leis, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 38
An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a) aon deimhniú ar diúltaíodh dó, a srianadh, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar;

(b) aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;

(c) gach iarratas atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d) ar a iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha a bhaineann le saincheisteanna maidir le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin dóibh, torthaí dearfacha i dtaca le measúnuithe comhréireachta, a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na táirgí céanna.

Airteagal 39
Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát, mar atá, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 40
Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ag cur san áireamh freisin a riachtanaí a bheidh sé an t-ualach riaracháin agus táillí a laghdú, agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa trasearnála comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí faoina dtugann siad fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL V

FAIREACHAS MARGAIDH AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 41
Faireachas margaidh agus rialú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i margadh an Aontais

1. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin um fhaireachas margaidh nó níos mó chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit údarás atá ann cheana nó údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh don Rialachán seo.

3. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna n-ainmniú faoi Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881, le húdaráis inniúla agus CSIRTanna arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) 2022/2555 agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn rialta.  

3a. Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo, comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh le ENISA. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar ENISA comhairle theicniúil a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. Agus imscrúdú á dhéanamh acu faoi Airteagal 43, féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar ENISA meastóireachtaí neamhcheangailteacha a sholáthar maidir le comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

4. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le húdaráis eile um fhaireachas margaidh arna n-ainmniú ar bhonn reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais le haghaidh táirgí eile, agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn rialta.

5. Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áirítear le comhar den sórt sin na húdaráis sin a chur ar an eolas faoi aon toradh atá ábhartha chun a n-inniúlachtaí a chomhlíonadh, lena n-áirítear nuair a bhíonn treoir agus comhairle á n-eisiúint de bhun mhír 8 den Airteagal seo má bhaineann an treoir agus an chomhairle sin le próiseáil sonraí pearsanta.

Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí aon doiciméadacht a chruthaítear nó a choimeádtar faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair is gá rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Cuirfidh siad údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

6. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha, mar aon le scileanna cuí cibearshlándála do na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

7. Éascóidh an Coimisiún malartú taithí, go rialta agus ar bhonn struchtúrtha, idir údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh.

8. Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh treoir agus comhairle a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo mar aon le tosca neamhtheicniúla riosca, agus tacaíocht chuige sin ó CSIRTanna, ENISA agus ón gCoimisiún.

8a. Beidh údaráis um fhaireachas margaidh in ann glacadh le gearáin a dhéanfaidh tomhaltóirí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1020 lena n-áirítear trí shásraí soiléire agus inrochtana a bhunú chun éascaíocht a dhéanamh ar thuairisciú leochaileachtaí, teagmhas agus cibearbhagairtí.

9. Tuairisceoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh don Choimisiún ar bhonn rialta maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha i ndáil le faireachas margaidh. Tuairisceoidh údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh sonraí ar fáil don Choimisiún maidir leis an meántréimhse thacaíochta arna leagan síos ag na monaróirí, agus i gcás ina bhfuil fáil uirthi, an mheán-saolré ionchasach táirge freisin, agus iad imdhealaithe de réir catagóir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis sin agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin i mbunachar sonraí a bheidh inrochtana don phobal agus soláimhsithe don úsáideoir.

9a. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na sonraí tuairiscithe, lena n-áirítear de bhun mhír 9 den Airteagal seo, chun críche na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 56. I gcás ina dtugtar le fios leis na sonraí tuairiscithe go bhfuil leibhéal méadaithe neamhchomhlíonta ann i gcatagóirí sonracha táirgí, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe agus le ADCO, a mholadh go ndíreoidh na húdaráis um fhaireachas go géar ar na catagóirí táirgí lena mbaineann.

10. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal [Airteagal 6] den Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], is iad na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmneofar chun críocha an Rialacháin [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] na húdaráis atá freagrach as na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh arna n-ainmniú de bhun Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis um fhaireachas margaidh arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo agus, maidir le maoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 11, le ENISA. Na húdaráis um fhaireachas margaidh arna n-ainmniú de bhun Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], cuirfidh siad na húdaráis um fhaireachais margaidh arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo ar an eolas go háirithe faoi aon toradh atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

11. Bunófar ADCO le haghaidh cibear-athléimneacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh an ADCO sin comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh náisiúnta agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair. Go háirithe, déanfaidh an ADCO sin dea-chleachtais a mhalartú agus, i gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh sé leis an nGrúpa Saineolaithe agus le ENISA mar aon leis an nGrúpa Comhair agus Líonra CSIRTanna dá dtagraítear faoi Threoir (AE) 2022/2555.

11a. Déanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí eolaíocha, taighde agus tomhaltóirí, ina gcuid gníomhaíochtaí, a éascú.

Airteagal 42
Rochtain ar shonraí agus ar dhoiciméadacht

I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuireann a monaróirí i bhfeidhm leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na sonraí is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí na dtáirgí sin, lena n-áirítear doiciméadacht inmheánach ghaolmhar an oibreora eacnamaíoch ábhartha.

Airteagal 43
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát a mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear láimhseáil leochaileachtaí an táirge, déanfaidh sé meastóireacht gan moill mhíchuí, agus, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le CSIRT, ar an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha i ndáil leis na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh de réir mar is gá.

Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh siad de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun go gcomhlíonfadh an táirge na ceanglais sin, é sin nó an táirge a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a leagfaidh siad síos.

Cuirfidh an t-údarás um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí.

1a. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údarás um fhaireachas margaidh de chuid Ballstáit lena mheas go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála nó bagairtí ar an tslándáil náisiúnta ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, eiseoidh sé moltaí spriocdhírithe d’oibreoirí eacnamaíocha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí i bhfeidhm.

2. I gcás ina measann an t-údarás um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a chuir siad de cheangal ar an oibreoir.

3. Áiritheoidh an monaróir go ndéanfar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí bainteacha uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

4. I gcás nach nglacann monaróir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge a chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm.

Cuirfidh t-údarás sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi na bearta sin.

5. San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun táirgí neamhchomhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, chomh maith le háit tionscnaimh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu an ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh nó nach ea:

(a) nár chomhlíon an táirge nó na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b) easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, sna scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála, nó sna sonraíochtaí coiteanna, dá dtagraítear in Airteagal 18.

6. Maidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstát nach iad an t-údarás um fhaireachas margaidh sa Bhallstáit atá ag tionscnamh an nós imeachta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina n-agóidí.

7. Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin. Tá an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020.

8. Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh i ngach Ballstát go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí gan mhoill i leith an táirge lena mbaineann, amhail an táirge a aistarraingt óna margadh.

Airteagal 44
Nós imeachta coimirce an Aontais

1. Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 43(4) a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an beart in aghaidh reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis an mBallstát ábhartha agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta sin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 43(4) a fháil agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

2. I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

3. I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

4. I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18(4), lena sonraítear toimhde na comhréireachta maidir leis an scéim deimhniúcháin sin, a leasú nó a aisghairm.

5. I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 19 ina leagtar amach na sonraíochtaí coiteanna sin a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 45
Nós imeachta ar leibhéal an Aontais maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún a mheas, lena n-áirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil táirge ann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirge lena mbaineann riosca suntasach cibearshlándála, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, iarrfaidh sé ar na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 a leanúint.

1a. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag an gCoimisiún a mheas, go bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i bhfianaise tosca neamhtheicniúla riosca, cuirfidh sé na húdaráis um fhaireachas margaidh ábhartha ar an eolas agus eiseoidh sé moltaí spriocdhírithe d’oibreoirí eacnamaíocha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí i bhfeidhm.

2. In imthosca a bhfuil bonn cirt leo idirghabháil láithreach a dhéanamh chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge dá dtagraítear i mír 1 agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ábhartha, iarrfaidh an Coimisiún ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

3. Bunaithe ar mheastóireacht ENISA, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil gá le beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

4. Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear tarraingt siar ón margadh a ordú, nó aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

5. Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Cuirfidh na Ballstáit na gníomhartha dá dtagraítear i mír 4 chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

6. Tá míreanna 2 go 5 infheidhme ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a bhí ina bonn cirt le hidirghabháil an Choimisiúin agus chomh fada a bheidh an Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge ábhartha.

Airteagal 46
Táirgí comhlíontacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo

1. I gcás ina gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 43, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbaineann riosca suntasach cibearshlándála leo agus, ina theannta sin, gur riosca iad maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine, maidir le comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, maidir le hinfhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha trí chóras leictreonach faisnéise den chineál dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 nó maidir le gnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint fós leis an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus leis na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir, nuair a chuirfear ar an margadh é, é sin nó an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann.

2. Áiritheoidh an monaróir nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach i ndáil leis na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, agus go ndéanfar é laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

3. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na bearta a glacadh de bhun mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na táirgí ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mar aon leis na sonraí a bhaineann le hionad tionscnaimh agus slabhra soláthair na dtáirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a shainaithint, agus na mionsonraí maidir leis an gcineál riosca atá ann, agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a glacadh.

4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a glacadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá bonn cirt leis an mbeart nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí.

5. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit.

6. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena n-áirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás nó na húdaráis ábhartha um fhaireachais margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 agus i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leanúint.

7. In imthosca ina bhfuil bonn cirt le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge dá dtagraítear i mír 6, agus i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis náisiúnta ábhartha um fhaireachas margaidh, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin agus cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

8. Bunaithe ar mheastóireacht ENISA dá dtagraítear i mír 7, bunóidh an Coimisiún beart ceartaitheach nó sriantach ar leibhéal an Aontais más gá. Chuige sin, rachaidh sé i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí ábhartha.

9. Ar bhonn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear tarraingt siar ón margadh a ordú, nó aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le cineál an riosca. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

10. Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 9 in iúl láithreach don oibreoir nó do na hoibreoirí ábhartha. Cuirfidh na Ballstáit na gníomhartha sin chun feidhme gan mhoill agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

11. Beidh míreanna 6 go 10 infheidhme ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla a bhí ina bonn cirt le hidirghabháil an Choimisiúin agus chomh fada a bheidh na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge ábhartha.

Airteagal 47
Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1. I gcás ina bhfaighidh údarás um fhaireachas margaidh i mBallstát amach faoi aon cheann de na nithe seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a) is sárú ar Airteagail 21 agus 22 é greamú na marcála comhréireachta;

(b) níor greamaíodh an mharcáil chomhréireachta;

(c) níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE;

(d) níor tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE;

(e) níor greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, a bhfuil baint aige leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta i gcás inarb infheidhme;

(f) níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó níl sí iomlán.

2. I gcás inarb ann fós don neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun cosc nó srian a chur leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar fáil ar an margadh, é sin nó áiritheoidh sé go ndéanfar an táirge a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

Airteagal 48
Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n‑údarás um fhaireachas margaidh

1. Maidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, déanfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha a bheidh dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ar minic rioscaí cibearshlándála ag baint leo.

2. Déanfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin.

3. Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha mar gheall ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bpáirtithe sa chomhaontú.

4. Féadfaidh údarás um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid d’aon imscrúdú a dhéanfaidh sé.

5. Déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann agus an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 49
Scuab-imscrúduithe

1. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe go rialta agus go comhuaineach (“scuab-imscrúduithe”) maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó catagóirí díobh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin cigireachtaí ar tháirgí arna bhfáil faoi chéannacht cheilte agus beidh sé mar aidhm leo comhlíonadh na dtáirgí sin leis an Rialachán seo a fhíorú.

2. Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Déanfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.

3. Sainaithneoidh ENISA, agus a chúraimí á ndéanamh aige, lena n-áirítear cúraimí bunaithe ar na fógraí atá faighte aige de réir Airteagal 11(1) agus (2), catagóirí táirgí a n-eagrófar scuab-imscrúduithe ina leith. Cuirfear an togra le haghaidh scuab-imscrúduithe faoi bhráid an chomhordaitheora fhéideartha dá dtagraítear i mír 2 lena bhreithniú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4. Agus scuab-imscrúduithe ar siúl acu, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann úsáid a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach in Airteagail 41 go 47 agus as aon chumhacht eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.

5. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin, agus ar dhaoine eile in éineacht leo atá údaraithe ag an gCoimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

CAIBIDIL VI

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 50
An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 6(5), Airteagal 10(15), Airteagal 11(5), Airteagal 18(4), Airteagal 19(1), Airteagal 20(5) agus Airteagal 23(5) a thabhairt don Choimisiún.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 6(5), Airteagal 10(15), Airteagal 11(5), Airteagal 18(4), Airteagal 19(1), Airteagal 20(5) agus Airteagal 23(5) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(4), Airteagal 6(2), Airteagal 6(3), Airteagal 6(5), Airteagal 10(15), Airteagal 11(5), Airteagal 18(4), Airteagal 19(1), Airteagal 20(5) Airteagal 23(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 51
Nós imeachta coiste

1. Beidh coiste ann a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den tréimhse a leagtar síos chun an tuairim a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann ball den choiste amhlaidh.

CAIBIDIL VII

RÚNDACHT AGUS PIONÓIS

Airteagal 52
Rúndacht

1. Gach páirtí a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh sé rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda gnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[38];

(b) cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críche cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

(c) leasanna an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;

(d) sláine na n-imeachtaí coiriúla nó riaracháin.

2. Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis um fhaireachas margaidh féin agus idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú ón údarás um fhaireachas margaidh tionscnaimh.

3. Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann, faisnéis a sholáthar faoi dhlí coiriúil na mBallstát.

4. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith cosanta.

Airteagal 53
Pionóis

1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le cásanna ina sáraíonn oibreoirí eacnamaíocha an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna rialacha sin cumas airgeadais na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na rialacha agus na bearta sin tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na rialacha agus na bearta sin i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach comhsheasmhach ar fud an Aontais.

3. Neamhchomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 2.5 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

4. Neamhchomhlíonadh aon oibleagáide eile faoin Rialachán seo, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 10 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

5. Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’údaráis um fhaireachas margaidh mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneáil suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.

6. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a) cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí;

(aa) an sárú neamhbheartaithe é;

(b) an amhlaidh gur ghearr na húdaráis chéanna um fhaireachas margaidh údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir céanna as sárú comhchosúil;

(c) an méid, go háirithe maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige.

7. Údaráis um fhaireachas margaidh a ghearrann fíneálacha riaracháin, roinnfidh siad an fhaisnéis sin le húdaráis um faireachas margaidh Ballstát eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.

8. Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cé acu a fhéadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin, nó nach bhféadfar.

9. Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is gurb iad cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile a ghearrfaidh na fíneálacha, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.

10. Féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh, ag brath ar imthosca gach cáis aonair, sa bhreis ar aon bheart ceartaitheacha nó sriantach eile a chuireann na húdaráis um fhaireachais margaidh i bhfeidhm maidir leis an sárú céanna.

Airteagal 53a
Leithdháileadh an ioncaim ó phionóis

Déanfaidh na Ballstáit na hioncaim ó na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a leithdháileadh ar thionscadail lena n-ardaítear leibhéal na cibearshlándála laistigh den Aontas. Beidh sé d’aidhm ag na tionscadail sin ceann amháin de na nithe seo a leanas ar a laghad a bhaint amach:

(a) líon na ngairmithe oilte i réimse na cibearshlándála a mhéadú, go háirithe mná;

(b) forbairt acmhainní a mhéadú do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide le go bhféadfaidís an Rialachán seo a chomhlíonadh;

(c) feasacht an phobail ar chibearbhagairtí a fheabhsú, agus aird ar leith á tabhairt ar a gcosc agus a mbainistiú;

(d) uirlisí a fhorbairt chun athléimneacht ghnóthais an Aontais a mhéadú maidir le goid maoine intleachtúla cibearchumasaithe.

 

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 54
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

71.  [Rialachán XXX][an Gníomh um Chibear-athléimneacht]’.

Airteagal 54a
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach san Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) Uimh. 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[39]:

‘67.  [Rialachán XXX][an Gníomh um Chibear-athléimneacht]’.

Airteagal 55
Forálacha idirthréimhseacha

1. Maidir le deimhnithe um chineálscrúdú AE agus cinntí formheasa arna n-eisiúint maidir le ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá faoi réir reachtaíocht Aontais eile um chomhchuibhiú, leanfaidh siad de bheith bailí go dtí [42 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ach amháin má théann siad in éag roimh an dáta sin, nó mura sonraítear a mhalairt i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, agus sa chás sin beidh siad fós bailí mar a thagraítear dó sa reachtaíocht Aontais sin.

2. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a cuireadh ar an margadh roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 57], ní bheidh siad faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ach amháin más rud é, ón dáta sin, go mbeidh na táirgí sin faoi réir modhnuithe substaintiúla ar a ndearadh nó ar an gcríoch a beartaíodh dóibh.

3. De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 11 maidir leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a cuireadh ar an margadh roimh [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 57].

3a. Go dtí dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh monaróirí ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh ar bhonn deonach. I gcás ina gcomhlíonfaidh monaróirí an Rialachán seo maidir lena dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, measfar go gcomhlíonann siad Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 freisin.

Déanfaidh an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a aisghairm ar an dáta céanna a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 56
Meastóireacht agus athbhreithniú

1. Faoi [36 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Déanfar na tuarascálacha a chur ar fáil go poiblí.

2. Gach bliain agus an Dréachtbhuiséad don bhliain dár gcionn á thíolacadh aige, tíolacfaidh an Coimisiún measúnú mionsonraithe ar chúraimí ENISA faoin Rialachán seo mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIa agus i ndlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus tabharfar mionsonraí ann faoi na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá chun na cúraimí sin a chomhlíonadh.

Airteagal 57
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó [36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 11 ó [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán


 

IARSCRÍBHINN I

 

CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA CIBEARSHLÁNDÁLA

1. Ceanglais slándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

(1) Déanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhealach chun leibhéal iomchuí cibearshlándála a áirithiú bunaithe ar na rioscaí;

 

(3) Ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

(-a) cuirfear na táirgí ar fáil gan leochaileachtaí insaothraithe aitheanta a bheith ann;

(a)  cuirfear na táirgí ar fáil agus cumraíocht shlán de réir réamhshocraithe i bhfeidhm orthu, murar chomhaontaigh na páirtithe a mhalairt i gcomhthéacs gnólacht le gnólacht, lena n-áirítear an fhéidearthacht an táirge a athshocrú chuig a riocht bhunaidh agus gach nuashonrú slándála suiteáilte a choinneáil ag an am céanna;

(aa) i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cuirfear ar fáil ar an margadh iad agus deighilt fheidhmiúil ann idir na nuashonruithe slándála agus feidhmiúlachta;

(ab) áiritheofar nuashonruithe slándála uathoibríocha a bhfuil sásra um rogha gan a bheith páirteach atá soiléir agus so-úsáide acu agus go dtabharfar fógra d’úsáideoirí faoi na nuashonruithe atá ar fáil;

(b)  áiritheofar cosaint ar rochtain neamhúdaraithe trí bhíthin sásraí iomchuí rialaithe, lena n-áirítear córais bainistíochta fíordheimhniúcháin, céannachta nó rochtana ach gan a bheith teoranta dóibh;

(c)  cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, amhail trí shonraí ábhartha a chriptiú agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha, agus trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla eile;

(d)  sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n-údaraíonn an t-úsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú nó ar rochtain neamhúdaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann;

(e)  ní phróiseálfar ach sonraí pearsanta agus sonraí eile atá leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an úsáid dá bhfuil an táirge beartaithe (‘laghdú sonraí’);

(f)  cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha agus bunúsacha, freisin tar éis teagmhais, lena n-áirítear le bainistiú cúltaca, agus bearta athléimneachta agus maolaithe in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse;

(g)  laghdófar an tionchar diúltach a bheidh acu féin ar infhaighteacht seirbhísí a sholáthraítear le gléasanna nó le líonraí eile;

(h)  déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun dromchlaí ionsaithe a theorannú, lena n-áirítear comhéadain sheachtracha;

(i)  déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun an tionchar a bhíonn ag teagmhas a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;

(j)  soláthrófar faisnéis faoin tslándáil trí chumais maidir le gníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna agus modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna, agus sásra um rogha gan a bheith páirteach don úsáideoir;

 

(ka) é a chur ar chumas úsáideoirí a gcuid sonraí a tharraingt siar go slán agus a bhaint ar bhonn buan.

2. Ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí

Déanfaidh monaróirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an méid seo a leanas:

(1) déanfar leochaileachtaí agus comhpháirteanna atá sa táirge a shainaithint agus a thaifeadadh, lena n-áirítear trí liosta ábhar bogearraí a tharraingt suas i bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite lena gcumhdaítear spleáchais ardleibhéil an táirge ar a laghad;

(2) i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí agus leigheasfar iad gan mhoill, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar, a shuiteáiltear go huathoibríoch i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le Roinn 1;

(3) tástálacha agus athbhreithnithe éifeachtacha a dhéantar go tráthrialta a chur i bhfeidhm maidir le slándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(4) a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, roinnfear faisnéis agus cuirfear ar fáil go poiblí ar bhealach rialaithe í faoi na leochaileachtaí a leigheasadh, lena n-áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis shoiléir agus inrochtana lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas;

(5) cuirfear beartas i bhfeidhm maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí agus forfheidhmeofar é;

(6) déanfar bearta chun comhroinnt faisnéise a éascú faoi leochaileachtaí ina dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus i gcomhpháirteanna tríú páirtí atá sa táirge sin, lena n-áirítear trí sheoladh teagmhála a sholáthar chun na leochaileachtaí a thuairisciú a aimsítear sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

(7) déanfar foráil maidir le sásraí chun nuashonruithe slándála a dháileadh go slán le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndéanfar leochaileachtaí insaothraithe a dheisiú nó a mhaolú go tráthúil;

(8) I gcás ina bhfuil paistí slándála nó nuashonruithe ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála a shainaithnítear, áiritheofar go scaipfear iad gan mhoill agus murar chomhaontaigh na páirtithe a mhalairt i gcomhthéacs gnólacht le gnólacht, go mbeidh siad saor in aisce agus go mbeidh teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena soláthrófar faisnéis ábhartha d’úsáideoirí, lena n-áirítear faisnéis faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(8a) i gcás inar féidir agus inarb infheidhme, tabharfar fógra don úsáideoir maidir le deireadh na tréimhse tacaíochta.

 


 

IARSCRÍBHINN II

 

FAISNÉIS AGUS TREORACHA LE hAGHAIDH AN ÚSÁIDEORA

 

Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad ag gabháil leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

1. beidh ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra ar an táirge mar aon leis an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist agus, i gcás ina bhfuil fáil air, an suíomh gréasáin lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir, nó ▌ beidh an fhaisnéis sin ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge;

2. an pointe teagmhála aonair trínar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí cibearshlándála an táirge a thuairisciú agus a fháil agus beartas an mhonaróra maidir le leochaileachtaí comhordaithe agus an áit inar féidir teacht air;

3. sainaitheantas ceart an chineáil, na baisce, an leagain nó na sraithuimhreach nó aon eiliminte eile lenar féidir an táirge a shainaithint agus na treoracha comhfhreagracha agus an fhaisnéis úsáideora;

4. an úsáid atá beartaithe don táirge, lena n-áirítear an timpeallacht slándála arna soláthar ag an monaróir, mar aon le feidhmiúlachtaí fíor-riachtanacha an táirge agus faisnéis faoi na hairíonna slándála;

5. aon imthoisc aitheanta nó intuartha, a bhaineann le húsáid an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcríoch a beartaíodh dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá intuartha le réasún, ar imthoisc í a bhféadfadh rioscaí suntasacha cibearshlándála eascairt aisti;

6. más amhlaidh agus i gcás inarb infheidhme, an áit ar féidir leis na húdaráis inniúla rochtain a fháil ar liosta ábhar bogearraí i gcomhréir leis na coinníollacha neamhnochta a leagtar amach in Airteagal 52;

7. i gcás inarb infheidhme, an seoladh idirlín ag a bhféadfar rochtain a fháil ar an dearbhú comhréireachta AE;

8. an cineál tacaíochta teicniúla slándála a chuireann an monaróir ar fáil agus an tréimhse thacaíochta ar lena linn ar féidir le húsáideoirí a bheith ag súil leis go ndéanfar leochaileachtaí a láimhseáil mar aon le nuashonruithe slándála a fháil;

9. treoracha mionsonraithe nó seoladh idirlín a thagraíonn do na treoracha mionsonraithe sin agus d’fhaisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)  na bearta is gá a dhéanamh le linn choimisiúnú tosaigh an táirge agus le linn shaolré an táirge chun a úsáid shlán a áirithiú;

(b)  an chaoi ar féidir le hathruithe ar an táirge difear a dhéanamh don tslándáil sonraí;

(c)  an chaoi chun nuashonruithe a bhaineann leis an tslándáil a shuiteáil;

(d)  díchoimisiúnú shlán an táirge, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi ar féidir sonraí úsáideoirí a bhaint go slán.


IARSCRÍBHINN III

 

TÁIRGÍ CRITICIÚLA AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA

 

Aicme I

1. Bogearraí córas bainistíochta céannachta agus bogearraí bainistithe rochtana pribhléidí;

2. Brabhsálaithe neamhspleácha agus brabhsálaithe leabaithe;

3. Bainisteoirí pasfhocal;

3a. Léitheoirí bithmhéadracha;

4. Bogearraí lena ndéantar bogearraí mailíseacha a chuardach, a bhaint nó a chur ar coraintín;

5. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhm acu mar líonra príobháideach fíorúil (VPN);

6. Córais bainistíochta líonraí;

7. Uirlisí bainistíochta um chumraíocht líonraí;

8. Córais chun faireachán a dhéanamh ar thrácht líonra;

9. Bainistíocht acmhainní líonra;

10. Córais bainistíochta faisnéise slándála agus teagmhas slándála (SIEM);

11. Bainistíocht paistí/nuashonruithe, lena n-áirítear bainisteoirí bútála;

12. Córais bhainistíochta um chumraíocht feidhmchlár;

13. Bogearraí cianrochtana ;

14. Bogearraí um bainistiú gléas móibíleach;

15. Comhéadain fhisiciúla agus fhíorúla líonra

16. Córais oibriúcháin nach gcumhdaítear le haicme II;

17. Ballaí dóiteáin, córais braite ionraidh agus/nó córais choisc nach gcumhdaítear le haicme II;

19. Micreaphróiseálaithe ilchuspóireacha agus micreaphróiseálaithe nach gcumhdaítear le haicme II;

20. Micrearialaitheoirí;

21. Ciorcaid chomhtháite aonfheidhmeacha (ASIC) agus eagair geataí in-ríomhchláraithe sa réimse (FPGA) atá beartaithe lena n-úsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555;

22. Córais Uathoibrithe agus Rialaithe Thionsclaíoch (IACS) nach gcumhdaítear le haicme II, amhail rialaitheoirí loighce in-ríomhchláraithe (PLC), córais rialaithe dháilte (DCS), rialaitheoirí uimhriúla ríomhairithe le haghaidh meaisín-uirlisí (CNC), róbait thionsclaíocha agus a gcórais rialaithe agus córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí (SCADA);

23. Idirlíon Tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla nach gcumhdaítear le haicme II;

23a. Córais uathoibrithe baile, lena n-áirítear freastalaithe cliste baile agus cúntóirí fíorúla;

23b. Gléasanna slándála, lena n-áirítear glais chliste dorais, ceamaraí agus córais aláraim;

23c. Bréagáin chliste;

23d. Fearais agus gléasanna inchaite sláinte pearsanta.

 

Aicme II

1. Córais oibriúcháin le haghaidh freastalaithe, ríomhairí deisce agus gléasanna móibíleacha;

2. Hipearmhaoirseoirí agus córais ama rite coimeádán lena dtacaítear le rith fíorúlaithe córas oibriúcháin agus timpeallachtaí comhchosúla;

3. Príomhbhonneagar poiblí agus eisitheoirí deimhnithe digiteacha;

4. Ballaí dóiteáin, córais braite ionraidh agus/nó córais choisc atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch;

6. Micreaphróiseálaithe atá beartaithe lena gcomhtháthú i rialaitheoirí loighce in-ríomhchláraithe agus eilimintí slána;

7. Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon agus lasca;

8. Eilimintí slána;

9. Modúil slándála crua-earraí (HSManna);

10. Cripteaphróiseálaithe slána;

11. Cártaí cliste, léitheoirí cártaí cliste agus ceadchomharthaí;

12. Córais Uathoibrithe agus Rialaithe Thionsclaíoch (IACS) atá beartaithe lena n-úsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555, amhail rialaitheoirí loighce in-ríomhchláraithe (PLC), córais rialaithe dháilte (DCS), rialaitheoirí uimhriúla ríomhairithe le haghaidh meaisín-uirlisí (CNC) agus córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí (SCADA);

13. Gléasanna Idirlíon Tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla atá beartaithe lena n-úsáid ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555;

15. Méadair chliste.


 

IARSCRÍBHINN IV

 

DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE

 

Beidh an fhaisnéis seo a leanas uile sa dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20:

1. Ainm agus cineál agus aon fhaisnéis bhreise lena gcumasaítear sainaithint uathúil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

2. Ainm agus seoladh an mhonaróra nó ionadaí údaraithe an mhonaróra sin;

3. Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear an dearbhú comhréireachta AE;

4. Cuspóir an dearbhaithe (sainaitheantas an táirge ar mhaithe le hinrianaitheacht. D’fhéadfadh pictiúr a bheith ann, i gcás inarb iomchuí);

5. Ráiteas go bhfuil cuspóir an dearbhaithe ar a dtugtar tuairisc thuas i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais;

6. Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha eile a úsáidtear nó aon sonraíocht choiteann nó deimhniúchán cibearshlándála eile a ndearbhaítear comhréireacht ina leith;

7. I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir an chomhlachta faoina dtugtar fógra, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh;

8. Faisnéis breise:

 

Arna shíniú thar ceann: …………………………………

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):


IARSCRÍBHINN V

 

INNEACHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA

 

Beidh an fhaisnéis seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 23 sa doiciméadacht theicniúil ar a laghad, de réir mar is infheidhme maidir leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

1. tuairisc ghinearálta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

(a) an chríoch a beartaíodh dó;

(b)  leaganacha de bhogearraí a dhéanann difear don chomhlíontacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha;

(c)  i gcás inar táirge crua-earraí é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, grianghraif nó léaráidí a léiríonn na gnéithe seachtracha, an mharcáil agus an leagan amach inmheánach;

(d)  faisnéis úsáideora agus treoracha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

2. tuairisc ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar tháirgeadh an táirge agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) faisnéis iomlán faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, líníochtaí agus scéimeanna agus/nó tuairisc ar ailtireacht an chórais lena mínítear an chaoi a gcuireann na comhpháirteanna bogearraí le chéile nó an tionchar a bhíonn acu ar a chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán;

(b)  faisnéis iomlán agus sonraíochtaí maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur ar bun ag an monaróir, lena n-áirítear an liosta ábhar bogearraí, an beartas um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, fianaise ar sheoladh teagmhála a sholáthar chun leochaileachtaí a thuairisciú agus tuairisc ar na réitigh theicniúla a roghnaítear chun nuashonruithe a leithdháileadh go slán;

(c)  faisnéis iomlán agus sonraíochtaí maidir le próisis táirgthe agus faireacháin le haghaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maidir le bailíochtú na bpróiseas sin.

3. measúnú ar na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a choinneáil ar bun mar a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1, Roinn 1 infheidhme;

4. liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm ina n-iomláine nó i bpáirt agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sonraíochtaí coiteanna mar a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán seo nó scéimeanna deimhnithe cibearshlándála faoi Rialachán (AE) 2019/881 de bhun Airteagal 18(3) agus, i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna deimhnithe cibearshlándála sin i bhfeidhm, tuairiscí ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm. I gcás inar cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna nó na deimhnithe cibearshlándála i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna díobh a cuireadh i bhfeidhm;

5. tuairisc ar na tástálacha a rinneadh chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme mar a leagtar amach i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

6. cóip den dearbhú comhréireachta AE;

7. i gcás inarb infheidhme, an liosta ábhar bogearraí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (36), i ndiaidh iarraidh réasúnaithe ó údarás faireachais margaidh ar choinníoll go bhfuil gá leis chun go mbeidh an t-údarás sin in ann comhlíontacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sheiceáil.


IARSCRÍBHINN VI

 

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

 

Nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar an rialú inmheánach (bunaithe ar Mhodúl A)

1. Is é atá sa rialú inmheánach an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4 agus lena n-áirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha uile a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2. Tarraingeoidh an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil a dtugtar tuairisc uirthi in Iarscríbhinn V.

3. Dearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá chun go n-áiritheofar leis na próisis dheartha, forbartha, táirgthe agus láimhseála leochaileachtaí agus leis an bhfaireachán a dhéantar ar na próisis sin go gcomhlíonann na táirgí monaraithe nó forbartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis arna gcur ar bun ag an monaróir, go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

4. Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta

4.1. Greamóidh an monaróir marcáil CE de gach táirge aonair ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

4.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn le haghaidh gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 20 agus coinneoidh sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh nó don tréimhse thacaíochta, cibé acu is faide. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar tarraingíodh an dearbhú comhréireachta suas ina leith. Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta AE sin a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5. Ionadaithe údaraithe

Féadfaidh an t-ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 4, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

 

Cineálscrúdú AE (bunaithe ar Mhodúl B)

1. Is cuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta é an cineálscrúdú AE lena ndéanann comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil agus ar fhorbairt an táirge agus ar na próisis bainistíochta leochaileachtaí arna gcur ar bun ag an monaróir, agus lena bhfianaíonn sé go gcomhlíonann táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2. Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an táirge agus fhorbairt an táirge trí bhíthin scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta dá dtagraítear i bpointe 3, móide scrúdú ar eiseamail de chuid chriticiúil amháin den táirge nó níos mó ná sin (meascán den chineál táirge agus den chineál deartha).

3. Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE faoi bhráid comhlacht amháin dá rogha féin faoina dtugtar fógra.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

 ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

 dearbhú scríofa nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlachta eile faoina dtugtar fógra;

 an doiciméadacht theicniúil, lena mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an táirge leis na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme mar a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí an mhonaróra a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, agus cuimseofar san iarratas freisin anailís agus measúnú leormhaith ar na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an táirge. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad;

 an fhianaise thacaíochta le haghaidh leordhóthanacht na réiteach teicniúil deartha agus forbartha agus na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí. Luafar san fhianaise thacaíochta sin aon doiciméad a úsáideadh, go háirithe i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine. Áireofar san fhianaise thacaíochta, i gcás inar gá, torthaí na dtástálacha a rinne saotharlann iomchuí an mhonaróra, nó saotharlann tástála eile thar a cheann agus faoina fhreagracht.

4. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:

4.1. déanfaidh sé scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht dhearadh agus fhorbairt theicniúil an táirge leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus ar chomhlíontacht na bpróiseas láimhseála leochaileachtaí arna gcur ar bun ag an monaróir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

4.2. fíoróidh sé gur forbraíodh nó gur monaraíodh na heiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus sainaithneoidh sé na heilimintí a dearadh agus a forbraíodh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó de na sonraíochtaí teicniúla, mar aon leis na heilimintí a dearadh agus a forbraíodh gan forálacha ábhartha na gcaighdeán sin a chur i bhfeidhm;

4.3. déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás inar roghnaigh an monaróir na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm, ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad;

4.4. déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, an gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha;

4.5. comhaontóidh sé leis an monaróir an suíomh ar a ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha .

5. An comhlacht faoina dtugtar fógra, tarraingeoidh sé suas tuarascáil mheastóireachta ina gclárófar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le pointe 4 maille lena dtoradh. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, ina iomláine nó i bpáirt, ach tar éis comhaontú a fháil ón monaróir.

6. I gcás ina gcomhlíonfaidh an cineál agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE chuig an monaróir. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an cineál formheasta agus na próisis láimhseála leochaileachtaí a shainaithint. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó ná sin a bheith ag gabháil leis an deimhniú.

Sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, beidh an fhaisnéis ábhartha uile chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtáirgí monaraithe nó forbartha leis an gcineál a scrúdaíodh agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí agus chun gur féidir rialú inseirbhíse a dhéanamh.

I gcás nach gcomhlíonann an cineál ná na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

7. Coinneoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athrú ar staid na teicníochta lena nglactar go ginearálta, athruithe a chiallaíonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a thuilleadh, agus cinnfidh sé an gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr na n-athruithe sin. Más gá, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir.

Na modhnuithe uile ar an gcineál formheasta agus ar na próisis láimhseála leochaileachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do choinníollacha bailíochta an deimhnithe, cuirfear an monaróir na modhnuithe sin in iúl don chomhlacht faoina dtugtar fógra ag a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE. Le modhnuithe den sórt sin, éileofar formheas breise i bhfoirm bhreise a chuirtear leis an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE.

8. Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé an t-údarás a thugann fógra a chur ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le breiseanna leo a d’eisigh sé nó a tharraing sé siar, agus cuirfidh sé liosta de dheimhnithe agus/nó d’aon bhreis a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó a teorannaíodh ar bhealach eile ar fáil don údarás a thugann fógra ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin dó.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile sin faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le haon bhreis a dhiúltaigh sé nó a tharraing sé siar, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian uirthi ar bhealach eile agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe agus/nó breiseanna a d’eisigh sé.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra cóip a fháil de na deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó de bhreiseanna a ghabhann leo arna iarraidh sin dóibh. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip a fháil den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra. An comhlacht faoina dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, de na hiarscríbhinní agus de na breiseanna a ghabhann leis, agus den chomhad teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe sin in éag.

9. Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an doiciméadacht theicniúil, cuirfidh an monaróir cóip díobh ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó don tréimhse thacaíochta.

10. Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7 agus i bpointe 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

 

Cineálchomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (bunaithe ar Mhodúl C)

1. Is éard atá sa chineálchomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2 agus 3, agus lena n-áirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé go bhfuil na táirgí lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

2. Táirgeadh

2.1. Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar leis an táirgeadh agus leis an bhfaireachán a dhéantar ar an táirgeadh go bhfuil na táirgí monaraithe i gcomhréir leis an gcineál formheasta a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

3. Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta

3.1. Greamóidh an monaróir an mharcáil CE ar gach táirge aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme na hionstraime reachtaí.

3.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn do mhúnla táirge agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó don tréimhse thacaíochta. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú ina leith. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

4. Ionadaí údaraithe

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra na hoibleagáidí ar an monaróir a leagtar amach i bpointe 3, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

 

Comhréireacht bunaithe ar dhearbhú iomlán cáilíochta (bunaithe ar Mhodúl H)

1. Is é atá sa chomhlíontacht a bhunaítear ar dhearbhú iomlán cáilíochta an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 5 agus lena n-áirithíonn sé agus lena ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht aonair go gcomhlíonann na táirgí (nó na catagóirí táirgí) lena mbaineann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

2. Dearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachtaí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha

Oibreoidh an monaróir córas formheasta cáilíochta mar a shonraítear i bpointe 3 chun na táirgí lena mbaineann a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh agus chun leochaileachtaí a láimhseáil, coinneoidh sé a éifeachtacht ar bun ar feadh shaolré na dtáirgí lena mbaineann agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4.

3. Córas cáilíochta

3.1. Cuirfidh an monaróir iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta faoi bhráid a rogha comhlachta faoina dtugtar fógra, le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

 ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

 an doiciméadacht theicniúil maidir le múnla amháin de gach catagóir táirgí a bhfuil sé beartaithe iad a mhonarú nó a fhorbairt. Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad;

 an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta; agus

 dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlachta eile faoina dtugtar fógra.

3.2. Leis an gcóras cáilíochta, áiritheofar go gcomhlíonann na táirgí na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur ar bun ag an monaróir na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile a ghlacann an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach eagraithe i bhfoirm beartas, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Leis an doiciméadacht sin maidir leis an gcóras cáilíochta, beifear in ann léirléamh comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, na pleananna, na lámhleabhair agus na taifid cháilíochta.

Sa doiciméadacht sin, beidh tuairisc leormhaith ar na nithe seo a leanas go háirithe:

 na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta ó thaobh deartha, forbartha agus cháilíocht an táirge de agus ó thaobh na láimhseála leochaileachtaí de;

 na sonraíochtaí maidir leis an dearadh agus leis an bhforbairt theicniúil, lena n-áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine, an modh a úsáidfear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm acu maidir leis na táirgí;

 na sonraíochtaí nós imeachta, lena n-áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm ina n-iomláine, an modh a úsáidfear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhfuil feidhm acu maidir leis an monaróir;

 an rialú deartha agus forbartha, mar aon leis na teicnící fíorúcháin, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha deartha agus forbartha a úsáidfear nuair a bheidh na táirgí a bhaineann leis an gcatagóir a chumhdaítear á ndearadh agus á bhforbairt;

 na teicnící, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha a úsáidfear maidir leis an táirgeadh, an rialú cáilíochta agus an dearbhú cáilíochta;

 na scrúduithe agus na tástálacha a dhéanfar roimh an táirgeadh, lena linn agus ina dhiaidh, agus tuairisc ar a mhinice a dhéanfar iad;

 na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha maidir le cáilíocht an phearsanra lena mbaineann, etc;

 na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na cáilíochta deartha agus táirge is gá agus ar oibriú éifeachtach an chórais cáilíochta.

3.3. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta chun a chinneadh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.

Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais sin i leith na ngnéithe den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta lena gcuirtear an caighdeán comhchuibhithe ábhartha agus/nó an tsonraíocht theicniúil i bhfeidhm.

Chomh maith leis an taithí ar chórais bainistíochta cáilíochta, beidh ar an bhfoireann iniúchóireachta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí mar mheasúnóir i réimse an táirge ábhartha agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus ag a mbeidh eolas ar cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Mar chuid den iniúchadh, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh, i gcás inarb ann d’áitreabh den sórt sin. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1, an dara fleasc chun cumas an mhonaróra a fhíorú i dtaca le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge na ceanglais sin.

Cuirfear an cinneadh in iúl don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe.

Beidh conclúidí an iniúchta agus an cinneadh réasúnaithe maidir leis an measúnú san fhógra.

3.4. Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascróidh ón gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.

3.5. An comhlacht faoina dtugtar fógra, comhlacht a rinne an córas cáilíochta a fhormheas, coinneoidh an monaróir ar an eolas é maidir le haon athrú atá beartaithe ar an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athrú atá beartaithe agus cinnfidh sé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an gá athmheasúnú a dhéanamh.

Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh conclúidí an scrúdaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe san fhógra sin.

4. Faireachas faoi chúram an chomhlachta faoina dtugtar fógra

4.1. Is é is aidhm don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir go cuí na hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras cáilíochta formheasta.

4.2. Chun críocha measúnaithe, tabharfaidh an monaróir rochtain ar na láithreáin deartha, forbartha, táirgthe, chigireachta, tástála agus stórála don chomhlacht faoina dtugtar fógra agus tabharfaidh sé an fhaisnéis uile is gá dó, go háirithe an méid seo a leanas:

 an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

 na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann le dearadh, amhail torthaí anailísí, ríomhanna, tástálacha, etc.;

 na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann le monaraíocht, amhail tuarascálacha iniúchtaí agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha maidir le cáilíocht an phearsanra lena mbaineann, etc.

4.3. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuairisc ar an iniúchadh don mhonaróir.

5. Marcáil chomhréireachta agus dearbhú comhréireachta

5.1. Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i mír 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, de gach táirge aonair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I den Rialachán seo.

5.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta i scríbhinn do gach múnla táirge agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó don tréimhse thacaíochta. Leis an dearbhú comhréireachta, sainaithneofar an múnla táirge ar tarraingíodh suas an dearbhú ina leith.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

6. Go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh nó don tréimhse thacaíochta nó an tréimhse ar lena linn a ndéanfar leochaileachtaí a láimhseáil, cuirfidh an monaróir na nithe seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:

 an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1;

 an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1;

 an t-athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, mar a formheasadh;

 cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4.

7. Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na húdaráis a thugann fógra ar an eolas faoi fhormheasanna córais cáilíochta a eisíodh nó a tarraingíodh siar, agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis a thugann fógra, ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin, liosta de na formheasanna córais cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar shlí eile.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a chur ar an eolas faoi fhormheasanna córais cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí, a tharraing sé siar, agus arna iarraidh sin dó, cuirfidh sé ar an eolas iad faoi fhormheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé.

8. Ionadaí údaraithe

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra na hoibleagáidí ar an monaróir a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6, a chomhlíonadh thar ceann agus faoi fhreagracht an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN VIa

 

RIACHTANAIS ACMHAINNEACHTA GHNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL (ENISA)

D’fhonn a cuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus ionas nach gcuirfear as d’oibleagáidí reatha na Gníomhaireachta faoi dhlí eile de chuid an Aontais, áiritheofar go mbeidh foireann agus maoiniú leordhóthanach ag ENISA. Dá bhrí sin beidh acmhainní breise daonna agus airgeadais ag gabháil le cúraimí breise do ENISA faoin Rialachán seo. Beidh gá le 9 leithreasú choibhéiseacha lánaimseartha breise agus leithreasuithe breise comhfhreagracha chun na cúraimí breise faoin Rialachán seo a chumhdach.

 

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Is díol mór sásaimh don Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh chibearshlándála i dtáirgí crua-earraí agus bogearraí. In 2021, shroich costas domhanda na cibearchoireachta méid ollmhór de EUR 5.5 trilliún. Leis an bhfeiniméan sin, mar aon le treocht aníos an digitithe, iarrtar ar reachtóirí a áirithiú go mbeidh bearta iomchuí cibearshlándála i bhfeidhm chun leasanna tomhaltóirí agus an tionscail araon a chosaint.

 

Ar an ábhar sin, is díol sásaimh don Rapóirtéir go bhfuil togra uaillmhianach curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún, lena n-ardófar leibhéal foriomlán na cibearshlándála sna Ballstáit agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá gá le creat rialála comhchuibhithe ionas gur féidir le gnóthais a oibríonn sa Mhargadh Aonair tairbhe a bhaint as soiléireacht dhlíthiúil, agus chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas ról ceannasach a imirt maidir le noirm chibearshlándála a shainiú ar an leibhéal domhanda.

 

Maidir le saincheist an raoin feidhme, aontaíonn an Rapóirtéir leis an togra ón gCoimisiún maidir le gach táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur san áireamh. Leis an gcur chuige cuimsitheach sin, d’fhéadfaí comhlíonadh cibearshlándála a dhearbhú ar fud an tslabhra luacha, rud a chuirfeadh feabhas ar iomaíochas agus tarraingteacht na dtáirgí a mhonaraítear san Aontas. Mar sin féin, is gá an fhoclaíocht atá ann faoi láthair a shimpliú agus tagairt a dhéanamh do tháirgí atá innasctha go díreach agus go hindíreach, ach gan páirteanna spártha arna ndearadh don phróiseas deisiúcháin amháin a chur san áireamh, páirteanna a bhí ar an margadh sular cuireadh an Rialachán seo chun feidhme. Maidir le bogearraí foinse oscailte, tá an Rapóirtéir ar an eolas faoin ngá atá leis an bhfoinse thábhachtach nuálaíochta sin a choimirciú agus dá bhrí sin tá leasú curtha ar aghaidh aige chun a áirithiú nár cheart a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh forbróirí an Rialachán seo mura bhfuil aon torthaí airgeadais á bhfáil acu dá dtionscadail. Mar sin féin, ba cheart bogearraí foinse oscailte arna soláthar faoi chuimsiú gníomhaíochta tráchtála a chumhdach, chun cibearshlándáil éiceachóras an Aontais a áirithiú.

 

Cé nach mbeidh ach féinmheasúnú le déanamh ar fhormhór mór na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, beidh táirgí criticiúla de bhun Airteagal 6 faoi réir measúnú tríú páirtí. Maidir leis an tsaincheist sin, creideann an Rapóirtéir gur cheart an Rialachán a fheabhsú trí níos mó soiléireachta a sholáthar maidir le cé chomh minic is féidir an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú chomh maith leis na nósanna imeachta atá le leanúint tar éis táirge a bheith curtha leis an liosta sin. Tá an dara ceann acu thar a bheith tábhachtach chun dóthain ama a thabhairt do ghnóthais dul i dtaithí ar chúrsaí. Mar sin féin, creideann an Rapóirtéir gur cheart gur táirgí criticiúla faoi aicme I iad córais uathoibrithe baile agus táirgí a fheabhsaíonn slándáil phríobháideach, amhail ceamaraí agus glais chliste. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil sláine na n-earraí sin ríthábhachtach do shábháilteacht agus do phríobháideachas na saoránach.

 

Thairis sin, foráiltear sa dréacht-tuarascáil go mbeidh níos mó rannpháirtíochta ag geallsealbhóirí tríd an nGrúpa Saineolaithe maidir le Cibear-Athléimneacht a chruthú. Ba cheart a chur de chúram ar an gcomhlacht sin comhairle a thabhairt don Choimisiún agus ról gníomhach a ghlacadh in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, chun leasanna gach taobh a chur in iúl go hiomlán, ba cheart institiúidí, tionscal, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus saineolaithe aonair a bheith sa Ghrúpa Saineolaithe.

 

Sa bhreis ar an ábhar thuasluaite, cuirtear i bhfios go láidir sa dréacht-tuarascáil gur gá do na Ballstáit an chibearshlándáil a chur san áireamh go mór agus táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á soláthar go poiblí, agus a áirithiú go rachfar i ngleic go pras le leochaileachtaí.

Maidir le saincheist oibleagáidí na monaróirí, creideann an Rapóirtéir nach leor dáta socraithe do shaolré ionchasach an táirge chun rialachán cothrománach a dhéanamh, a bhfuil sé mar aidhm leis raon leathan táirgí a chumhdach ó bhogearraí go fóin agus meaisíní tionsclaíocha. Sin é an fáth a gcreideann an Rapóirtéir go bhfuil sé níos iomchuí go gcinnfeadh monaróirí saolré a dtáirgí faoi seach, ar choinníoll go bhfuil an tréimhse mholta comhoiriúnach le hionchais réasúnta tomhaltóirí. Le tréimhse sholúbtha, chuirfí ar chumas monaróirí a dtáirgí a thaispeáint agus saolré fada a bheith acu mar ghné iomaíochais. Dá bhrí sin, d’fhonn feasacht na dtomhaltóirí a ardú maidir leis an ábhar áirithe sin, ba cheart go gcuirfí d’oibleagáid ar na monaróirí leis an rialachán saolré ionchasach an táirge a lua go soiléir ar a phacáistíocht nó é a chur san áireamh i gcomhaontuithe conarthacha, agus fógra a thabhairt do na tomhaltóirí nuair a bheidh deireadh leis an saolré. Ina theannta sin, is mian leis an dréacht-tuarascáil go gcuirfí an-bhéim ar an tsábháilteacht. Dá bhrí sin, creideann an rapóirtéir gur cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na monaróirí freisin, nuair is féidir, gnéithe sábháilteachta a dtáirge faoi seach a nuashonrú go huathoibríoch, nuair is féidir. I gcás ina bhfuil saolré ionchasach níos lú ná cúig bliana sainithe ag monaróir, ba cheart dó a bheith réidh chun socruithe conarthacha a dhéanamh le gnóthais ar mian leo seirbhísí a sholáthar a shíneann saolré táirge agus a nochtann a chód foinseach dóibh. Níor cheart aistriú úinéireachta ná nochtadh poiblí an chóid foinseach a bheith i gceist leis an bhféidearthacht sin.

 

Maidir le hoibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 11, is mian leis an Rapóirtéir an amlíne a ailíniú le NIS2 ionas go mbeidh níos mó comhleanúnachais agus deimhneachta dlíthiúla ann do na geallsealbhóirí. Sa chiall sin, molann an Rapóirtéir teagmhais shuntasacha a thuairisciú (seachas gach teagmhas), chomh maith le leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach, ar choinníoll go bhfuil prótacail shoiléire i bhfeidhm maidir le conas fógraí den sórt sin a láimhseáil go slán, chun scaipeadh na faisnéise a bhaineann le leochaileachtaí neamhphaisteáilte a sheachaint. Tugann an Rapóirtéir sásra tuairiscithe dheonaigh isteach freisin le haghaidh teagmhais eile, neasteagmhais agus cibearbhagairtí.

 

Chun éifeacht an tuairiscithe a uasmhéadú, áfach, tá sé tábhachtach eintiteas uileghnó a bheith ann, chun na ceanglais tuairiscithe ar mhonaróirí ar fud an Aontais a shimpliú freisin. Ar an ábhar sin, creideann an Rapóirtéir gurb é ENISA an institiúid is fearr chun an ról sin a ghlacadh. Dá bhrí sin, i bhfianaise an mhéadaithe ar na cúraimí agus ar an inniúlacht a bhronntar ar ENISA, ba cheart don Choimisiún an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an Rialachán seo a mhodhnú trí phoist bhreise agus leithreasuithe comhfhreagracha breise a chur ar fáil do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil chun cúraimí breise na gníomhaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

 

Ina theannta sin, saincheist atá bunriachtanach don Rapóirtéir is ea a áirithiú go bhfuil tacaíocht leordhóthanach i bhfeidhm do ghnóthais chun ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, a d’fhéadfadh go mbeadh roinnt dúshlán ag baint le comhlíonadh an CRA a áirithiú de bharr a gcumais theoranta. Dá bhrí sin, creideann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach síneadh a chur leis an dáta óna mbeidh feidhm ag an rialachán go 40 mí. San idirthréimhse sin, ba cheart do mhonaróirí a bheith in ann an CRA a chomhlíonadh ar bhonn deonach, chun toimhde comhréireachta a fháil le Rialachán Tarmligthe na Treorach maidir le Trealamh Raidió agus chun oiriúnú don Rialachán seo sula gcuirfear chun feidhme go hoifigiúil é. Ina theannta sin, is mian leis an Rapóirtéir béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé don Aontas tacaíocht a chur ar fáil d’uas-sciliú agus d’athsciliú oibrithe agus a áirithiú go mbeidh gairmithe cibearshlándála ar fáil, ar príomhghné é chun go n-éireoidh leis an Rialachán seo.

 

Thairis sin, mar chur chuige ginearálta chun cabhrú leis na geallsealbhóirí go léir, iarrann an rapóirtéir treoirlínte ón gCoimisiún chun tuilleadh sonraíochta a sholáthar maidir leis an gcéim iarbhír cur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin níos mó soiléireachta a chur ar fáil do na páirtithe uile lena mbaineann.

 

Rud eile a chuireann brú ar an Rapóirtéir ar an gcaoi chéanna is ea an trádáil idirnáisiúnta. Sin an fáth a n-iarrtar sa dréacht-tuarascáil ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chomhaontuithe maidir le haitheantas frithpháirteach le tríú tíortha atá ar aon intinn leo, i gcás ina bhfuil leibhéal inchomparáide forbartha teicniúla acu agus ina bhfuil cur chuige comhoiriúnach acu maidir le measúnú comhréireachta, lena n-áiritheofar an leibhéal céanna cosanta leis an leibhéal dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofar faireachán leordhóthanach ar tháirgí a thagann ó thíortha a bhfuil riosca ag baint leo, a bhféadfadh cúldoirse nó leochaileachtaí eile a bheith iontu: Ba cheart do ENISA comhordú le húdaráis um fhaireachas margaidh agus na seiceálacha is gá a dhéanamh ar dhíoltóirí a bhféadfadh próifíl riosca níos airde a bheith acu.

 

Ar deireadh, creideann an Rapóirtéir gur cheart an t-ioncam a ghintear ó na pionóis a chur i leataobh do thionscadail, a mhéadóidh an leibhéal foriomlán cibearshlándála ar fud an Aontais, agus dá bhrí sin a leithdháilfear ar an gClár don Eoraip Dhigiteach, lena dtacófar le tionscadail atá dírithe ar athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair reatha, i measc nithe eile.

 


 

 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Rinneadh an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an tuarascáil á hullmhú, go dtí go gnlacfar sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

(ISC)2

ACEM

Airlines4Europe

Alliance for IoT and Edge Computing Innovation

Amazon

American Chamber of Commerce

ANEC

Apple

APPLiA

Associazione Italiana Internet Provider

BDI

Beuc

Bitkom

BritCham

Broadcom

BSA - The Software alliance

Business Europe

Card Payment Sweden

CEMA

Centrum für Europäische Politik

CNH

Confederation of Danish Industries (DI)

Confindustria

Cybersecurity Coalition

DEKRA

Deutsche Telekom

Developers Alliance

An Eoraip Dhigiteach

Enedis

Engineering

Ericsson

ESMIG

ETNO

ETRMA

European Cybersecurity Organisation

European Materials Handling Federation (FEM)

Eurosmart

Federunacoma

Free Software Foundation Europe

German Insurance Association

Giesecke+Devrient

GitHub

Google

GSMA

Hanbury Strategy

Huawei

IBM

Independent Retail Europe

Information Technology Industry Council

Leaseurope

Lenovo

Mechanical Engineering Industry Association (VDMA)

MedTechEurope

Microsoft

Okta

Open Forum Europe

Orange

Orgalim

Buanionadaíocht na Beilge

Permanent Representation of Italy

Permanent Representation of the Netherlands

Piaggio

Príobháideacht Idirnáisiúnta

SAP

Schneider Electric

Siemens

SME United

Splunk

Technology Industries of Finland

Telefonica

Comhairle TIC

Trellix

Twillio

Unife

Vodafone Group

Wikimedia

Worldr

Xiaomi

Zoom

 


30.6.2023


 

 


 

TUAIRIM AN CHOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (30.6.2023)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

(COM(2022)0454 – C9‑0308/2022 – 2022/0272(COD))

Rapóirtéir don tuairim (*): Morten Løkkegaard

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

RÉASÚNÚ GEARR

Mar iar-rapóirtéir don tuairim i gCoiste IMCO maidir le Treoir NIS2, measann an Rapóirtéir gur céad chéim eile ríthábhachtach agus nádúrtha é an Gníomh um an gCibear-Athléimneacht chun cibearshlándáil an Aontais Eorpaigh a fheabhsú. Ós rud é nach mbeidh an chibearshlándáil 100 faoin gcéad iomlán choíche, de réir sainmhínithe, tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar gach rud atá ar ár gcumhacht chun líon na nasc lag san Aontas seo againne a laghdú, agus maidir leis sin, is céad chéim eile ar díol sásaimh é an Gníomh um an gCibear-Athléimneacht. Ní mór dúinn cur le cibearshlándáil na dtáirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus na dtáirgí nua eile amhail feistí IoT atá anois ina gcodanna nádúrtha de shaol laethúil thomhaltóirí agus ghnólachtaí na hEorpa. 

 

Ós rud é go bhfuil Coiste IMCO freagrach as feidhmiú agus cur chun feidhme an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear an Margadh Aonair Digiteach, agus rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí, d’fhéach an Rapóirtéir le leasuithe a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus ag an am céanna foráil a dhéanamh d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí laistigh de raon feidhme an togra, go sonrach maidir le ceanglais chibearshlándála i gcás táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu.

Thairis sin, creideann an Rapóirtéir nach mór feabhas a chur ar ghnéithe áirithe den Rialachán atá beartaithe chun soiléireacht dhlíthiúil agus comhleanúnachas a áirithiú idir forálacha ábhartha an Rialacháin atá beartaithe agus píosaí eile reachtaíochta. Baineann sé sin go háirithe le Treoir NIS2, leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a glacadh le déanaí, leis an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga, agus leis an Rialachán maidir le hInnealra, chomh maith le roinnt gníomhartha ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Dá bhrí sin, mhol an Rapóirtéir leasuithe a bhfuil sé mar aidhm leo an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú agus cuidiú le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhleanúnach, éifeachtach agus comhsheasmhach na reachtaíochta thuasluaite a áirithiú.

Thairis sin, ós rud é gur gníomhaithe eacnamaíocha ríthábhachtacha iad micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide sa mhargadh digiteach, thug an Rapóirtéir roinnt leasuithe isteach chun nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí beaga a theorannú, gan an leibhéal sábháilteachta a ísliú. Ina theannta sin, thug an Rapóirtéir leasuithe isteach lena n-áirithítear go gcuirfear treoir agus comhairle shonrach ar fáil do mhicrifhiontair agus do FBManna maidir le ceanglais an Ghnímh um an gCibear-Athléimneacht a chomhlíonadh.

Ar deireadh, tá leasuithe tugtha isteach ag an Rapóirtéir chun cumarsáid níos éifeachtúla a áirithiú le húdaráis inniúla (údaráis faireachais margaidh náisiúnta, ENISA), agus na forálacha maidir le hoibleagáidí agus inniúlachtaí na n-údarás ábhartha i dtaca le gearáin, cigireachtaí agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a neartú. Ina theannta sin, díríonn roinnt leasuithe ón Rapóirtéir ar fheabhsú na gceanglas cibearshlándála i gcás comhpháirteanna arna gcomhtháthú i dtáirgí deiridh a bhfuil eilimintí digiteacha acu, lena sonraítear oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, amhail monaróirí agus ionadaithe údaraithe.

Athdhearbhaíonn an Rapóirtéir an seasamh gur céim thráthúil agus nádúrtha é an Gníomh um Chibear-Athléimneacht a bheith á thabhairt isteach chun teannadh ar na bagairtí cibearshlándála san Aontas seo againne. Leis na leasuithe a moladh, tá iarracht déanta ag an Rapóirtéir an chothromaíocht cheart a aimsiú idir leibhéal méadaithe cibearshlándála a áirithiú chun tairbhe tomhaltóirí Eorpacha agus ualach comhréireach ar an bpobal gnó. Is é uaillmhian an Rapóirtéara go mbeidh an chibearshlándáil ina paraiméadar nádúrtha iomaíochta sa mhargadh inmheánach. Agus é sin á chur san áireamh aige, tá iarracht déanta ag an Rapóirtéir an togra a choigeartú.

 


LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

 

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Is den riachtanas feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos le haghaidh ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhá mhórfhadhb a chuireann costais ar úsáideoirí agus ar an tsochaí: leibhéal íseal cibearshlándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna léiriú ag leochaileachtaí forleathana agus soláthar neamhleor agus neamhréireach nuashonruithe slándála chun aghaidh a thabhairt orthu, mar aon le tuiscint agus rochtain neamhleor ar fhaisnéis ag úsáideoirí, rud a chuireann bac orthu táirgí a bhfuil airíonna cibearshlándála leordhóthanacha acu a roghnú nó iad a úsáid ar bhealach slán.

(1) Is den riachtanas feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus foráil d’ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus cibearshlándála trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos le haghaidh ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhá mhórfhadhb a chuireann costais ar úsáideoirí agus ar an tsochaí: leibhéal íseal cibearshlándála táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna léiriú ag leochaileachtaí forleathana agus soláthar neamhleor agus neamhréireach nuashonruithe slándála chun aghaidh a thabhairt orthu, mar aon le tuiscint agus rochtain neamhleor ar fhaisnéis ag úsáideoirí, rud a chuireann bac orthu táirgí a bhfuil airíonna cibearshlándála leordhóthanacha acu a roghnú nó iad a úsáid ar bhealach slán.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Faoi choinníollacha áirithe, is féidir leis na táirgí uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá comhtháite i gcóras leictreonach faisnéise níos mó, nó atá nasctha leis, a bheith ina veicteoir ionsaithe do ghníomhaithe mailíseacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh fiú crua-earraí agus bogearraí nach measfaí iad a bheith chomh criticiúil céanna a bheith ina slí éascaithe don sárú tosaigh ar fheiste nó ar líonra trína gcuirfí ar chumas gníomhaithe mailíseacha rochtain phribhléideach a fháil ar chóras nó bogadh go cliathánach ar fud na gcóras. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú maidir leis na táirgí so-nasctha uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha go ndéanfar iad a dhearadh agus a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Áirítear leis sin idir tháirgí is féidir a nascadh go fisiceach trí chomhéadain crua-earraí agus táirgí atá nasctha go loighciúil, amhail trí shoicéid líonra, píopaí, comhaid, comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir nó aon chineál eile comhéadain bogearraí. Ós rud é gur féidir bagairtí cibearshlándála a fhorleathadh trí tháirgí éagsúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula mbaintear sprioc áirithe amach, mar shampla trí il-dúshaothair leochaileachta a shlabhrú le chéile, ba cheart do mhonaróirí cibearshlándáil na dtáirgí sin nach bhfuil nasctha ach go hindíreach le feistí nó líonraí eile a áirithiú freisin.

(7) Faoi choinníollacha áirithe, is féidir leis na táirgí uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá comhtháite i gcóras leictreonach faisnéise níos mó, nó atá nasctha leis, a bheith ina veicteoir ionsaithe do ghníomhaithe mailíseacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh fiú crua-earraí agus bogearraí nach measfaí iad a bheith chomh criticiúil céanna a bheith ina slí éascaithe don sárú tosaigh ar fheiste nó ar líonra trína gcuirfí ar chumas gníomhaithe mailíseacha rochtain phribhléideach a fháil ar chóras nó bogadh go cliathánach ar fud na gcóras. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú maidir leis na táirgí uile ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá nasctha le líonra nó feiste seachtrach go ndéanfar iad a dhearadh agus a fhorbairt i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Áirítear leis sin idir tháirgí is féidir a nascadh go fisiceach le líonraí seachtracha nó le feiste seachtrach trí chomhéadain crua-earraí agus táirgí atá nasctha go loighciúil, amhail trí shoicéid líonra, píopaí, comhaid, comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir nó aon chineál eile comhéadain bogearraí. Ós rud é gur féidir bagairtí cibearshlándála a fhorleathadh trí tháirgí éagsúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula mbaintear sprioc áirithe amach, mar shampla trí il-dúshaothair leochaileachta a shlabhrú le chéile, ba cheart do mhonaróirí cibearshlándáil na dtáirgí sin nach bhfuil nasctha ach go hindíreach le feistí nó líonraí eile a áirithiú freisin.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7 a) Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le líonraí inmheánacha táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina mbeidh críochphointí tiomnaithe ag na líonraí sin agus ina mbeidh siad leithlisithe go huile agus slán ó nasc seachtrach sonraí.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7 b) Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le páirteanna spártha nach raibh i gceist leo ach athionadú páirteanna lochtacha de tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, chun na táirgí sin a dhéanamh feidhmiúil arís.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Áirithítear leis an Rialachán seo ardleibhéal cibearshlándála do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ní rialaítear leis seirbhísí, amhail ‘bogearraí mar sheirbhís’ (SaaS), ach amháin i gcás réitigh chianphróiseála sonraí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arb ionann é agus aon phróiseáil sonraí a dhéantar ó chian dá ndéanann monaróir an táirge lena mbaineann na bogearraí féin a dhearadh agus a fhorbairt nó go ndéantar iad a dhearadh nó a fhorbairt faoi fhreagracht an mhonaróra sin , agus gurb ionann easnamh sa mhéid sin agus bac ar tháirge den sórt sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh. Le [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] cuirtear ceanglais chibearshlándála agus tuairiscithe teagmhas i bhfeidhm d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, amhail bonneagar criticiúil, d’fhonn athléimneacht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a fheabhsú. Tá feidhm ag [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] maidir le seirbhísí néalríomhaireachta agus samhlacha néalseirbhísí, amhail SaaS. Na heintitis uile a sholáthraíonn seirbhísí néalríomhaireachta san Aontas agus a chomhlíonann an tairseach d’fhiontair mheánmhéide nó a sháraíonn an tairseach sin, tagann siad faoi raon feidhme na Treorach sin.

(9) Áirithítear leis an Rialachán seo ardleibhéal cibearshlándála do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ní rialaítear leis seirbhísí, amhail ‘bogearraí mar sheirbhís’ (SaaS). Le [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] cuirtear ceanglais chibearshlándála agus tuairiscithe teagmhas i bhfeidhm d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, amhail bonneagar criticiúil, d’fhonn athléimneacht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a fheabhsú. Tá feidhm ag [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] maidir le seirbhísí néalríomhaireachta agus samhlacha néalseirbhísí, amhail SaaS. Na heintitis uile a sholáthraíonn seirbhísí néalríomhaireachta san Aontas agus a chomhlíonann an tairseach d’fhiontair mheánmhéide nó a sháraíonn an tairseach sin, tagann siad faoi raon feidhme na Treorach sin.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ionas nach gcuirfí bac ar nuálaíocht ná ar thaighde, níor cheart saor-bhogearraí foinse oscailte a fhorbraítear nó a sholáthraítear lasmuigh de ghníomhaíocht tráchtála a chumhdach leis an Rialachán seo. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás bogearraí, lena n-áirítear a gcód foinseach agus na leaganacha modhnaithe, a chomhroinntear go hoscailte agus atá inrochtana, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte gan bhac. I gcomhthéacs bogearraí, d’fhéadfadh sé nárbh é praghas a ghearradh ar tháirge an t-aon tsaintréith amháín atá ag gníomhaíocht tráchtála, ach go ngnóthaítear airgead freisin trí phraghas a ghearradh ar sheirbhísí tacaíochta teicniúla, trí ardán bogearraí a sholáthar trína ngnóthaíonn an monaróir airgead as seirbhísí eile, nó trí shonraí pearsanta a úsáid ar chúiseanna seachas seachas slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú go heisiach.

(10) Maidir le bogearraí agus sonraí a chomhroinntear go hoscailte, agus sa chás go bhfuil siad, nó leaganacha modhnaithe díobh, inrochtana, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte gan bhac ag úsáideoirí, d’fhéadfaidís rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht sa mhargadh. Léirítear i dtaighde a rinne an Coimisiún freisin go bhfuil sé d’acmhainn ag saor-bhogearraí foinse oscailte idir €65 bhilliún agus €95 bhilliún a chur le OTI an Aontais Eorpaigh agus deiseanna suntasacha fáis a chur ar fáil do gheilleagar na hEorpa. Ionas nach gcuirfí bac ar nuálaíocht ná ar thaighde, níor cheart saor-bhogearraí foinse oscailte a fhorbraítear nó a sholáthraítear lasmuigh de ghníomhaíocht tráchtála a chumhdach leis an Rialachán seo. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás bogearraí, lena n-áirítear a gcód foinseach agus na leaganacha modhnaithe, a chomhroinntear go hoscailte agus atá inrochtana, inúsáidte, inmhodhnaithe agus in-athdháilte gan bhac. D’fhéadfadh sé gurbh é saintréith gníomhaíochta tráchtála áfach, sa chiall earraí a chur ar fáil ar an margadh, go ngearrtar praghas ar chomhpháirt saor-bhogearra foinse oscailte, ach go ngnóthaítear airgead freisin amhail trí phraghas a ghearradh ar sheirbhísí tacaíochta teicniúla, nó nuashonruithe bogearraí a n-íoctar astu, seachas sa chás nach bhfuil i gceist leis ach costais iarbhíre a aisghabháil, trí ardán bogearraí a sholáthar trína ngnóthaíonn an monaróir airgead as seirbhísí eile, nó trí shonraí pearsanta a úsáid ar chúiseanna seachas slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú go heisiach. Níor cheart i gcás forbairt chomhoibríoch comhpháirteanna saor-bhogearraí foinse oscailte ná a gcur ar fáil i stórais oscailte, gurb ionann sin agus cur ar an margadh nó cur i mbun seirbhíse. Níor cheart na dálaí faoinar forbraíodh an táirge, nó an tslí a maoiníodh an fhorbairt, a chur san áireamh nuair a bheifear a chinneadh cé acu gníomhaíocht tráchtála nó neamhthráchtála a bhí ann. I gcás ina ndéantar bogearraí foinse oscailte a chomhtháthú i dtáirge deiridh ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuirtear ar an margadh, is é an t-oibreoir eacnamaíochta a chuir an táirge deiridh ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh ba cheart a bheith freagrach as comhlíontacht an táirge lena n-áirítear comhlíontacht na saor-chomhpháirteanna foinse oscailte.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Is bunriachtanas é Idirlíon slán d’fheidhmiú na mbonneagar criticiúil agus don tsochaí ina hiomláine. Is é is aidhm do [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú maidir le seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, lena n‐áirítear soláthraithe bonneagair dhigitigh a thacaíonn le croífheidhmeanna an Idirlín oscailte, agus a áirithíonn rochtain ar an Idirlíon agus seirbhísí Idirlín. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, i gcás na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá riachtanach do sholáthraithe bonneagair dhigitigh chun feidhmiú an Idirlín a áirithiú, go bhforbrófar iad ar dhóigh shlán agus go gcomhlíonfaidh siad caighdeáin sheanbhunaithe slándála Idirlín. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo, a bhfuil feidhm aige maidir le gach táirge crua-earraí agus bogearraí so-nasctha, comhlíonadh cheanglais an tslabhra soláthair faoi [Threoir XXX/XXXX (NIS2)] a éascú freisin do sholáthraithe bonneagair dhigitigh trína áirithiú i gcás na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a úsáideann siad chun a seirbhísí a sholáthar, go ndéanfar iad a fhorbairt ar bhealach slán agus go mbeidh rochtain acu ar nuashonruithe tráthúla slándála do na táirgí sin.

(11) Is bunriachtanas é Idirlíon slán d’fheidhmiú na mbonneagar criticiúil agus don tsochaí ina hiomláine. Is é is aidhm do [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú maidir le seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, lena n‐áirítear soláthraithe bonneagair dhigitigh a thacaíonn le croífheidhmeanna an Idirlín oscailte, agus a áirithíonn rochtain ar an Idirlíon agus seirbhísí Idirlín. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, i gcás na dtáirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu atá riachtanach do sholáthraithe bonneagair dhigitigh chun feidhmiú an Idirlín a áirithiú, go bhforbrófar iad ar dhóigh shlán agus go gcomhlíonfaidh siad caighdeáin sheanbhunaithe slándála Idirlín. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo, a bhfuil feidhm aige maidir le gach táirge crua-earraí agus bogearraí atá nasctha le líonra seachtrach nó feiste seachtrach, comhlíonadh cheanglais an tslabhra soláthair faoi [Threoir XXX/XXXX (NIS2)] a éascú freisin do sholáthraithe bonneagair dhigitigh trína áirithiú i gcás na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a úsáideann siad chun a seirbhísí a sholáthar, go ndéanfar iad a fhorbairt ar bhealach slán agus go mbeidh rochtain acu ar nuashonruithe tráthúla slándála do na táirgí sin.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Sonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 go mbeidh feidhm ag na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d) (dochar don líonra agus mí-úsáid acmhainní líonra), pointe (e) (sonraí pearsanta agus príobháideachas) agus pointe (f) (calaois) de Threoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió áirithe. Le [Cinneadh ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme XXX/2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú] leagtar síos ceanglais chun caighdeáin shonracha a fhorbairt ina sonraítear a thuilleadh an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar na trí cheanglas fhíor-riachtanacha sin. Áirítear ar na buncheanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo gnéithe uile na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) de Threoir 2014/53/AE. Thairis sin, déantar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a ailíniú le cuspóirí na gceanglas maidir le caighdeáin shonracha a áirítear san iarraidh sin ar chaighdeánú. Dá bhrí sin, má dhéanann an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a aisghairm nó a leasú agus mar thoradh air sin go scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le táirgí áirithe atá faoi réir an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún agus do na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú an obair chun críoch caighdeánaithe a rinneadh i gcomhthéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)5637 ón gCoimisiún maidir le hiarraidh ar chaighdeánú le haghaidh Rialachán Tarmligthe RED 2022/30 a chur san áireamh agus caighdeáin chomhchuibhithe á n-ullmhú agus á bhforbairt chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú.

(15) Sonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 go mbeidh feidhm ag na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d) (dochar don líonra agus mí-úsáid acmhainní líonra), pointe (e) (sonraí pearsanta agus príobháideachas) agus pointe (f) (calaois) de Threoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió áirithe. Le [Cinneadh ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme XXX/2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú] leagtar síos ceanglais chun caighdeáin shonracha a fhorbairt ina sonraítear a thuilleadh an chaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar na trí cheanglas fhíor-riachtanacha sin. Áirítear ar na buncheanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo gnéithe uile na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) de Threoir 2014/53/AE. Thairis sin, déantar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo a ailíniú le cuspóirí na gceanglas maidir le caighdeáin shonracha a áirítear san iarraidh sin ar chaighdeánú. Dá bhrí sin, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a aisghairm nó a leasú agus mar thoradh air sin go scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le táirgí áirithe atá faoi réir an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún agus do na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú an obair chun críoch caighdeánaithe a rinneadh i gcomhthéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)5637 ón gCoimisiún maidir le hiarraidh ar chaighdeánú le haghaidh Rialachán Tarmligthe RED 2022/30 a chur san áireamh agus caighdeáin chomhchuibhithe á n-ullmhú agus á bhforbairt chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18 a) Chun a áirithiú nach mbeidh constaicí móra airgeadais roimh fhorbróirí aonair bogearraí nó micreafhorbróirí bogearraí a shainítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus chun nach ndíspreagfar iad ó chruthúnas an choincheapa, chomh maith leis an gcás gnó ar an margadh, a thástáil, ba cheart go gceanglófaí ar na heintitis sin a ndícheall a dhéanamh chun na ceanglais sa togra seo a chomhlíonadh le linn na 6 mhí ó bhogearra a chur ar an margadh. Ba cheart mar thoradh ar an réimeas speisialta sin go seachnófaí éifeacht athchomhairleach an ardleibhéil comhlíontachta agus costas iontrála ar fhiontraithe nó ar dhaoine aonair oilte a smaoineodh ar bhogearraí a fhorbairt san Aontas. Níor cheart áfach go mbeadh feidhm ag an réimeas speisialta sin maidir le táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Ba cheart gurb é ENISA a dhéanfadh cúraimí áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2019/881. Go háirithe, ba cheart go bhfaigheadh ENISA fógraí ó mhonaróirí faoi leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus faoi theagmhais a mbíonn tionchar acu ar shlándáil na dtáirgí sin. Ba cheart go ndéanfadh ENISA na fógraí sin a chur ar aghaidh chuig na Foirne Freagartha ábhartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) nó, faoi seach, chuig pointí teagmhála aonair ábhartha na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)], agus na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoin leochaileacht ar tugadh fógra fúithi. Ar bhonn na faisnéise a bheidh bailithe aige, ba cheart go ndéanfadh ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil a ullmhú maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus í a chur faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear i dTreoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)]. Thairis sin, agus a shaineolas agus a shainordú á gcur san áireamh, ba cheart ENISA a bheith in ann tacú leis an bpróiseas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Go háirithe, ba cheart é a bheith in ann moladh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a bheidh le déanamh ag údaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis maidir le neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo ar fud roinnt Ballstát i gcás táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, nó catagóirí táirgí a shainaithint ar cheart gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha a eagrú ina leith. In imthosca eisceachtúla, arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart ENISA a bheith in ann meastóireachtaí a dhéanamh i leith táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann riosca mór cibearshlándála leo, i gcás ina mbeidh idirghabháil láithreach ag teastáil chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.

(19) Ba cheart gurb é ENISA a dhéanfadh cúraimí áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2019/881. Go háirithe, ba cheart go bhfaigheadh ENISA fógraí ó mhonaróirí trí bhíthin luathrabhaidh, faoi leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus faoi theagmhais a mbíonn tionchar suntasach acu ar shlándáil na dtáirgí sin. Ba cheart go ndéanfadh ENISA na fógraí sin a chur ar aghaidh chuig na Foirne Freagartha ábhartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) nó, faoi seach, chuig pointí teagmhála aonair ábhartha na mBallstát arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)], agus a chur in iúl do na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh láithreach go bhfuil leochaileacht ann agus i gcás inarb infheidhme, na bearta féideartha chun an riosca a mhaolú. Más amhlaidh nach ann d’aon bhearta ceartaitheacha ná maolaitheacha i gcás leochaileacht ar tugadh fógra fúithi, ba cheart go n-áiritheodh ENISA go ndéanfar faisnéis faoin leochaileacht ar tugadh fógra fúithi a chomhroinnt i gcomhréir le prótacail dhochta slándála agus ar bhonn riachtanais eolais. Ar bhonn na faisnéise a bheidh bailithe aige, ba cheart go ndéanfadh ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil a ullmhú maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus í a chur faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear i dTreoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)]. Thairis sin, agus a shaineolas agus a shainordú á gcur san áireamh, ba cheart ENISA a bheith in ann tacú leis an bpróiseas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Go háirithe, ba cheart é a bheith in ann moladh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a bheidh le déanamh ag údaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis maidir le neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo ar fud roinnt Ballstát i gcás táirgí ag a bhfuil gnéithe digiteacha, nó catagóirí táirgí a shainaithint ar cheart gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe comhuaineacha a eagrú ina leith. In imthosca eisceachtúla, arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart ENISA a bheith in ann meastóireachtaí a dhéanamh i leith táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann riosca mór cibearshlándála leo, i gcás ina mbeidh idirghabháil láithreach ag teastáil chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo ionas gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, níor cheart do na Ballstáit constaicí gan údar maith a chruthú maidir lena gcur ar an margadh.

(20) Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a shonrú ar dhóigh shofheicthe, sholéite agus dhoscriosta go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo ionas gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, níor cheart do na Ballstáit constaicí gan údar maith a chruthú maidir lena gcur ar an margadh.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Chun a áirithiú nach gcruthaítear rioscaí cibearshlándála do dhaoine ná d’eagraíochtaí le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, nuair a chuirtear ar an margadh iad, ba cheart ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan amach do na táirgí sin. I gcás ina ndéantar na táirgí a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar mhodh fisiceach nó digiteach, ar bhealach nach mbíonn beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach gcomhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a thuilleadh, ba cheart a mheas gur modhnú substaintiúil é an modhnú. Mar shampla, d’fhéadfaí nuashonruithe nó deisiúcháin bogearraí a chomhshamhlú le hoibríochtaí cothabhála ar choinníoll nach modhnaítear leo táirge a cuireadh ar an margadh cheana sa chaoi go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme, nó go bhféadfaí an úsáid atá beartaithe dá ndearnadh measúnú ar an táirge a athrú. Mar is amhlaidh i gcás deisiúcháin fhisiceacha nó modhnuithe fisiceacha, ba cheart táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirge atá modhnaithe go substaintiúil le hathrú bogearraí i gcás ina modhnaíonn an nuashonrú bogearraí bunfheidhmeanna, cineál nó feidhmíocht bheartaithe an táirge agus nár tuaradh na hathruithe sin sa mheasúnú riosca tosaigh, nó ina n-athraíonn cineál na guaise nó ina méadaíonn leibhéal an riosca mar gheall ar nuashonrú na mbogearraí.

(22) Chun a áirithiú nach gcruthaítear rioscaí cibearshlándála do dhaoine ná d’eagraíochtaí le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, nuair a chuirtear ar an margadh iad, ba cheart ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan amach do na táirgí sin. I gcás ina ndéantar na táirgí a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar mhodh fisiceach nó digiteach, ar bhealach nach mbíonn beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach gcomhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a thuilleadh, ba cheart a mheas gur modhnú substaintiúil é an modhnú. Mar shampla, d’fhéadfaí nuashonruithe nó deisiúcháin bogearraí amhail mionchoigeartú a dhéanamh ar an gcód foinseach lena bhféadfaí an tslándail agus an feidhmiú a fheabhsú, a chomhshamhlú le hoibríochtaí cothabhála ar choinníoll nach modhnaítear leo táirge a cuireadh ar an margadh cheana sa chaoi go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme, nó go bhféadfaí an úsáid atá beartaithe dá ndearnadh measúnú ar an táirge a athrú. Mar is amhlaidh i gcás deisiúcháin fhisiceacha nó modhnuithe fisiceacha, ba cheart táirge a bhfuil eilimintí digiteacha aige a mheas mar tháirge atá modhnaithe go substaintiúil le hathrú bogearraí i gcás ina modhnaíonn an nuashonrú bogearraí bunfheidhmeanna, cineál nó feidhmíocht bheartaithe an táirge agus nár tuaradh na hathruithe sin sa mheasúnú riosca tosaigh, nó ina n-athraíonn cineál na guaise nó ina méadaíonn leibhéal an riosca mar gheall ar nuashonrú na mbogearraí.

Leasú  13

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, aon uair a tharlaíonn modhnú substaintiúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht táirge leis an Rialachán seo nó i gcás ina n-athraítear an chríoch atá beartaithe don táirge sin, is iomchuí comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhíorú agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar measúnú comhréireachta nua air. I gcás inarb infheidhme, má dhéanann an monaróir measúnú comhréireachta a bhaineann le tríú páirtí, ba cheart fógra a thabhairt don tríú páirtí faoi athruithe a bhféadfadh modhnuithe substaintiúla teacht astu.

(23) I gcomhréir le coincheap comhbhunaithe an mhodhnaithe shubstaintiúil le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, aon uair a tharlaíonn modhnú substaintiúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht táirge leis an Rialachán seo nó i gcás ina n-athraítear an chríoch atá beartaithe don táirge sin, is iomchuí comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhíorú agus, i gcás inarb infheidhme, an measúnú comhréireachta a nuashonrú. I gcás inarb infheidhme, má dhéanann an monaróir measúnú comhréireachta a bhaineann le tríú páirtí, ba cheart fógra a thabhairt don tríú páirtí faoi athruithe a bhféadfadh modhnuithe substaintiúla teacht astu. Leis an measúnú comhréireachta ina dhiaidh sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar na hathruithe as a n-eascraíonn an measúnú nua, ach amháin i gcás athruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar chomhréireacht páirteanna eile den táirge. I gcás ina gcuirfear nuashonruithe bogearraí chun feidhme, níor cheart a cheangal ar an monaróir measúnú comhréireachta eile a dhéanamh ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mura rud é go ndéanann an nuashonrú bogearraí modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24 a) Ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a áirithiú go ndéanfar nuashonruithe bogearraí a sholáthar ar dhóigh shoiléir agus thrédhearcach agus go mbeidh idirdhealú soiléir idir nuashonruithe slándála agus feidhmiúlachta. Cé go ndeartar nuashonruithe slándála chun leibhéal riosca táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a laghdú, ba cheart glacadh na nuashonruithe feidhmiúlachta arna soláthar ag an monaróir a bheith ina rogha ag an úsáideoir i gcónaí. Ba cheart go solathródh na monaróirí na nuashonruithe sin ar leithligh ar an ábhar sin, mura rud é nach bhfuil sé indéanta go teicniúil Ba cheart go soláthródh na monaróirí faisnéis leordhóthanach do thomhaltóirí faoi na cúiseanna le gach nuashonrú agus a thionchar tuartha ar an táirge, chomh maith le sásra diúltaithe soiléir agus so-úsáide.

Leasú  15

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Ba cheart táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirgí criticiúla i gcás ina bhféadfadh an tionchar diúltach a bhaineann le saothrú leochaileachtaí cibearshlándála féideartha sa táirge a bheith tromchúiseach, mar gheall ar an bhfeidhmiúlacht a bhaineann leis an gcibearshlándáil, nó an úsáid atá beartaithe, i measc nithe eile. Go háirithe, leochaileachtaí i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhmiúlacht acu a bhaineann le cibearshlándáil, amhail eilimintí daingne, d’fhéadfadh iomadú ar shaincheisteanna slándála a bheith mar thoradh orthu ar fud an tslabhra soláthair. D’fhéadfadh méadú teacht ar dhéine an tionchair a bheadh ag teagmhas cibearshlándála freisin agus úsáid bheartaithe an táirge á cur san áireamh, amhail i suíomh tionsclaíoch nó i gcomhthéacs eintiteas fíor-riachtanach den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann le Treoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)], nó chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a fheidhmiú, amhail próiseáil sonraí pearsanta.

(25) Ba cheart táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar tháirgí criticiúla i gcás ina bhféadfadh an tionchar diúltach a bhaineann le saothrú leochaileachtaí cibearshlándála féideartha sa táirge a bheith tromchúiseach, mar gheall ar an bhfeidhmiúlacht a bhaineann leis an gcibearshlándáil, nó an úsáid atá beartaithe, i measc nithe eile. Go háirithe, leochaileachtaí i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil feidhmiúlacht acu a bhaineann le cibearshlándáil, amhail eilimintí daingne, d’fhéadfadh iomadú ar shaincheisteanna slándála a bheith mar thoradh orthu ar fud an tslabhra soláthair. D’fhéadfadh méadú teacht ar dhéine an tionchair a bheadh ag teagmhas cibearshlándála freisin agus úsáid bheartaithe an táirge á cur san áireamh, i bhfeidhmeanna criticiúla i dtimpeallachtaí íogaire, nó i gcomhthéacs eintiteas fíor-riachtanach den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann le Treoir [Treoir XXX / XXXX (NIS2)], nó chun feidhmeanna criticiúla nó íogaire a fheidhmiú, amhail próiseáil sonraí pearsanta.

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta níos déine, agus cur chuige comhréireach a choimeád ag an am céanna. Chun na críche sin, ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt ina dhá aicme, rud a léiríonn an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis na catagóirí táirgí sin. D’fhéadfadh tionchar diúltach níos mó a bheith ag teagmhas féideartha a bhaineann le táirgí in aicme II ná teagmhas a bhaineann le táirgí in aicme I, mar shampla mar gheall ar chineál na feidhme cibearshlándála atá leo nó mar gheall ar úsáid bheartaithe i dtimpeallachtaí íogaire, agus dá bhrí sin ba cheart nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a dhéanamh ina leith.

(26) Ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta níos déine, agus cur chuige comhréireach a choimeád ag an am céanna. Chun na críche sin, ba cheart táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt ina dhá aicme, rud a léiríonn an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis na catagóirí táirgí sin. D’fhéadfadh tionchar diúltach níos mó a bheith ag teagmhas féideartha a bhaineann le táirgí in aicme II ná teagmhas a bhaineann le táirgí in aicme I, mar shampla mar gheall ar chineál na feidhme cibearshlándála atá leo nó mar gheall ar úsáid bheartaithe i dtimpeallachtaí íogaire, agus dá bhrí sin ba cheart nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a dhéanamh ina leith. Mar eisceacht, ba cheart go bhféadfadh fiontair bheaga agus micrifhiontair an nós imeachta a úsáid le haghaidh táirgí in aicme I.

Leasú  17

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal 6 de Rialachán27 [Rialachán IS] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh acu. Sa chás go gcomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca sin ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [Rialachán IS] a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le dearbhú comhréireachta an Aontais nó le codanna de arna eisiúint faoin Rialachán seo. A mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a aicmítear mar chóras intleachta saorga ardriosca, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Airteagal 43 de Rialachán [Rialachán IS] mar riail seachas forálacha faoi seach an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, go laghdófaí an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin [Rialachán IS] agus a cháilítear freisin mar tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun an Rialacháin seo agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán [Rialachán IS] maidir leo, ba cheart iad a bheith faoi réir fhorálacha um measúnú comhréireachta an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear le Rialachán [Rialachán IS], ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha faoi seach maidir le measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán [Rialachán IS].

(29) Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal 6 de Rialachán27 [Rialachán IS] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh acu. Sa chás go gcomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca sin ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [Rialachán IS] a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le dearbhú comhréireachta an Aontais nó le codanna de arna eisiúint faoin Rialachán seo. A mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a aicmítear mar chóras intleachta saorga ardriosca, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha ]na bhforálacha is infheidhme] de Rialachán [Rialachán IS] mar riail seachas forálacha faoi seach an Rialacháin seo. Ba cheart go gcruthófaí ardleibhéal dearbhaithe le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar thoradh ar an riail sin. I gcás córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin [Rialachán IS] agus a cháilítear freisin mar tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoin Rialachán seo ba cheart an comhlacht earnála freagrach ar tugadh fógra dó a bheith freagrach as an measúnú comhréireachta a sheoladh faoin Rialachán seo agus an próiseas riarachán a threorú ionas go bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a n-iarraidh le haghaidh measúnú comhréireachta a sheoladh chuig comhlacht rialála aonair.

__________________

__________________

27 An Rialachán [Rialachán IS].

27 An Rialachán [Rialachán IS].

Leasú  18

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32) Chun a áirithiú go mbeidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha slán tráth a chuirtear ar an margadh iad agus le linn a saolré chomh maith, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos maidir le láimhseáil leochaileachtaí agus ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Cé gur cheart do mhonaróirí na ceanglais fhíor-riachtanacha uile a bhaineann le láimhseáil leochaileachtaí a chomhlíonadh agus a áirithiú go ndéanfar a gcuid táirgí go léir a sheachadadh gan aon leochaileachtaí insaothraithe a bhfuiltear ar an eolas fúthu, ba cheart dóibh a chinneadh cé na ceanglais fhíor-riachtanacha eile a bhaineann le hairíonna an táirge atá ábhartha don chineál táirge lena mbaineann. Chun na críche sin, ba cheart do mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun rioscaí ábhartha agus ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a shainaithint agus chun caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí nó sonraíochtaí coiteanna a chur i bhfeidhm go hiomchuí.

(32) Chun a áirithiú go mbeidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha slán tráth a chuirtear ar an margadh iad agus le linn a saolré chomh maith, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos maidir le láimhseáil leochaileachtaí agus ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Cé gur cheart do mhonaróirí na ceanglais fhíor-riachtanacha uile a bhaineann le láimhseáil leochaileachtaí a chomhlíonadh agus a áirithiú go ndéanfar a gcuid táirgí go léir a sheachadadh gan aon leochaileacht arb eol is ann di agus is féidir a shaothrú, ba cheart dóibh a chinneadh cé na ceanglais fhíor-riachtanacha eile a bhaineann le hairíonna an táirge atá ábhartha don chineál táirge lena mbaineann. Chun na críche sin, ba cheart do mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun rioscaí ábhartha agus ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a shainaithint agus chun caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí a chur i bhfeidhm go hiomchuí.

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33 a) Chun a áirithiú go ndéanfar na táirgí a dhearadh, a fhorbairt agus a mhonarú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a thuartar i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ba cheart agus comhpháirteanna a foinsíodh ó thríú páirtithe á gcomhtháthú i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go bhfeidhmeodh monaróirí dícheall cuí. Tá sin amhlaidh i gcás comhpháirteanna a shaincheaptar de réir shonraíochtaí an táirge agus a chomhtháthaítear sa táirge agus sonraíochtaí an táirge á gcur san áireamh, go háirithe i gcás saor-bhogearraí foinse oscailte nár cuireadh ar an margadh mar mhalairt ar airgead nó chun luach de chineál eile a ghnóthú.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do CSIRTanna náisiúnta agus do na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XX/XXXX (NIS2)] an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus chun leibhéal foriomlán cibearshlándála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach a ardú, agus chun feidhmiú éifeachtach na n-údarás um fhaireachas margaidh a áirithiú, ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha fógra a thabhairt do ENISA maidir le leochaileachtaí atá á saothrú go gníomhach. Ós rud é go ndéantar formhór na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhargú ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar fad, ba cheart aon leochaileacht a shaothraítear i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar bhagairt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do mhonaróirí breithniú a dhéanamh freisin maidir le leochaileachtaí seasta a nochtadh don bhunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú faoi Threoir [Treoir XX/XXXX (NIS2)] agus arna bhainistiú ag ENISA nó faoi aon bhunachar sonraí leochaileachta eile a bhfuil rochtain phoiblí air.

(34) Chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil do CSIRTanna náisiúnta agus do na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XX/XXXX (NIS2)] an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus chun leibhéal foriomlán cibearshlándála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach a ardú, agus chun feidhmiú éifeachtach na n-údarás um fhaireachas margaidh a áirithiú, ba cheart do mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha fógra a thabhairt do ENISA, gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 48 n-uair a chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoi, trí bhíthin luathrabhaidh, maidir le leochaileachtaí atá á saothrú go gníomhach. Ba cheart do mhonaróirí, gan moill mhíchuí tar éis dóibh teacht ar an eolas faoi leochaileacht atá á saothrú go gníomhach agus a mbeadh tionchar suntasach aici ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, sonraí breise thairis sin a thabhairt do ENISA maidir leis an leochaileacht a saothraíodh. Ba cheart na leochaileachtaí eile uile nach mbeadh tionchar suntasach acu ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur in iúl do ENISA a luaithe a thugtar aghaidh ar an leochaileacht. Ós rud é go ndéantar formhór na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhargú ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar fad, ba cheart aon leochaileacht a shaothraítear i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mheas mar bhagairt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do mhonaróirí breithniú a dhéanamh freisin maidir le leochaileachtaí seasta a nochtadh don bhunachar sonraí leochaileachta Eorpach arna bhunú faoi Threoir [Treoir XX/XXXX (NIS2)] agus arna bhainistiú ag ENISA nó faoi aon bhunachar sonraí leochaileachta eile a bhfuil rochtain phoiblí air.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34 a) Ba cheart ENISA a bheith freagrach as bunachar sonraí a fhoilsiú agus a choinneáil de na leochaileachtaí saothraithe atá ar eolas. Ba cheart go ndéanfadh monaróirí faireachán ar an mbunachar sonraí agus fógra a thabhairt faoi leochaileachtaí a aimsítear ina dtáirgí.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35) Ba cheart do mhonaróirí aon teagmhas a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú do ENISA freisin. D’ainneoin na n-oibleagáidí tuairiscithe teagmhas i dTreoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, tá sé ríthábhachtach do ENISA, do na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis a fháil ó mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar shlándáil na dtáirgí sin. Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí freagairt go tapa do theagmhais a bhfuil tionchar acu ar shlándáil a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do mhonaróirí a n-úsáideoirí a chur ar an eolas freisin faoi aon teagmhas den sórt sin agus, i gcás inarb infheidhme, faoi aon bhearta ceartaitheacha is féidir leis na húsáideoirí a úsáid chun tionchar an teagmhais a mhaolú, mar shampla trí fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, i gcás ina bhfuil an monaróir in ann teagmháil a dhéanamh leis na húsáideoirí agus, i gcás ina bhfuil údar cuí leis de bharr na rioscaí, trí dhul i dteagmháil go díreach leis na húsáideoirí.

(35) Ba cheart do mhonaróirí aon teagmhas a bhfuil tionchar suntasach aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú do ENISA freisin, trí bhíthin luathrabhaidh. Ba cheart do mhonaróirí, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis dóibh teacht ar an eolas faoin teagmhas suntasach a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, sonraí breise thairis sin a thabhairt do ENISA maidir leis an teagmhas sintasach. D’ainneoin na n-oibleagáidí tuairiscithe teagmhas i dTreoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] d’eintitis fhíor-riachtanacha agus thábhachtacha, tá sé ríthábhachtach do ENISA, do na pointí teagmhála aonair arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis a fháil ó mhonaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar shlándáil na dtáirgí sin. Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí freagairt go tapa do theagmhais a bhfuil tionchar suntasach acu ar shlándáil a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart do mhonaróirí a n-úsáideoirí a chur ar an eolas freisin i gcás inarb iomchuí agus inar dócha go ndéanfar difear diúltach dóibh faoi aon teagmhas den sórt sin agus, i gcás inarb infheidhme, faoi mhaolú rioscaí agus aon bhearta ceartaitheacha is féidir leis na húsáideoirí a úsáid chun tionchar an teagmhais shuntasaigh a mhaolú, mar shampla trí fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, i gcás ina bhfuil an monaróir in ann teagmháil a dhéanamh leis na húsáideoirí agus, i gcás ina bhfuil údar cuí leis de bharr na rioscaí, trí dhul i dteagmháil go díreach leis na húsáideoirí. Gan dochar d’oibleagáidí eile, ba cheart do mhonaróirí a shainaithníonn leochaileacht i gcomhpháirt atá comhtháthaithe i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear i saor-chomhpháirt foinse oscailte, an leochaileacht a thuairisciú don duine nó don eintiteas a dhéanann an chomhpháirt a chothabháil, mar aon leis an mbeart ceartaitheach a rinneadh.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37 a) De réir Chomhaontú EDT maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil, i gcás ina bhfuil gá le rialacháin theicniúla agus inarb ann do na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart do chomhaltaí EDT leas a bhaint as na caighdeáin sin dá rialacháin theicniúla féin. Tá sé tábhachtach gan dúbailt a dhéanamh ar an obair i measc eagraíochtaí um chaighdeánú, ós rud é go bhfuil sé i gceist le caighdeáin idirnáisiúnta go n-éascófar comhchuibhiú na rialachán agus na gcaighdeán náisiúnta agus teicniúil, agus go laghdófar dá réir ar na bacainní teicniúla neamhtharaife ar an trádáil. Ag cur san áireamh gur saincheist dhomhanda í an chibearshlándáil, ba cheart don Aontas gach iarracht a dhéanamh ar son an ailínithe is mó is féidir. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart an iarraidh ar chaighdeánú don Rialachán seo a bheith ag féachaint, mar atá leagtha amach in Airteagal 10 de Rialachán 1025/2021, le bacainní ar an nglacadh le caighdeáin a laghdú trína dtagairtí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil AE, i gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Rialachán 1025/2012.

Leasú  24

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37 b) I bhfianaise raon feidhme leathan an Rialacháin seo beidh dúshlán suntasach ag baint le forbairt thráthúil caighdeán comhchuibhithe. Chun slándáil táirgí ag a bhfuil comhpháirteanna digiteacha i margadh an Aontais a fheabhsú a luaithe is féidir, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú ar feadh tréimhse theoranta ama, chun a dhearbhú i gcás na gcaighdeán idirnáisúnta atá ann faoi láthair maidir le cibearshlándáil táirgí go sásaíonn siad ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart na caighdeáin sin a fhoilsiú mar chaighdeáin a sholáthraíonn toimhdiú comhréireachta.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 38

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38) Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, rud a fhágann go ndéantar sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe de cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, agus a dhéantar iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29. Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo ina n-iomláine.

(38) Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, rud a fhágann go ndéantar sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe de cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, agus a dhéantar iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29. Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo ina n-iomláine. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bpróiseas caighdeánaithe ionadaíocht chothrom leasanna agus rannpháirtíocht éifeachtach gheallsealbhóirí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí.

__________________

__________________

29 Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

29 Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41) Sa chás nach nglacfar aon chaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcás nach dtugann na caighdeáin chomhchuibhithe aghaidh go leordhóthanach ar cheanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ar na cúiseanna leis na sonraíochtaí coiteanna sin a fhorbairt, seachas brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe, d’fhéadfaidís seo a leanas a bheith san áireamh: diúltú na hiarrata ar chaighdeánú arna dhéanamh ag aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, moill mhíchuí ar bhunú caighdeán comhchuibhithe iomchuí, nó caighdeáin forbartha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo nó iarraidh ón gCoimisiún. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir an Rialacháin seo chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a léiriú.

(41) Sa chás nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 1025/2012 aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimse réasúnta, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ar na cúiseanna leis na sonraíochtaí coiteanna sin a fhorbairt, seachas brath ar chaighdeáin chomhchuibhithe, d’fhéadfaidís seo a leanas a bheith san áireamh: diúltú na hiarrata ar chaighdeánú arna dhéanamh ag aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, moill mhíchuí ar bhunú caighdeán comhchuibhithe iomchuí, nó caighdeáin forbartha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo nó iarraidh ón gCoimisiún. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart toimhde chomhréireachta a bheith ann i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir an Rialacháin seo chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a léiriú.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) Is í an mharcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Is i rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 a leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE. Ba cheart rialacha lena rialaítear marcáil CE a ghreamú ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart gurb í an mharcáil CE an t-aon mharcáil amháin lena ráthaítear go bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

(43) Is í an mharcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Is i rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30 a leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE. Ba cheart rialacha lena rialaítear marcáil CE a ghreamú ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart gurb í an mharcáil CE an t-aon mharcáil amháin lena ráthaítear go bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Mar sin féin, ní dhéanfar táirge páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mharcáil leis an marcáil CE faoin Rialachán seo, gan dochar d’fhorálacha marcála ag éirí as reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais. I gcás táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha ba cheart go ndéanfadh monaróirí dearbhú corprúcháin de chuid AE a tharraingt suas.

__________________

__________________

30 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

30 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 45

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Mar riail ghinearálta, ba cheart don mhonaróir measúnú comhréireachta a dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoina fhreagracht féin de réir an nós imeachta atá bunaithe ar Mhodúl A de Chinneadh 768/2008/CE. Ba cheart solúbthacht a bheith ag an monaróir nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a roghnú ar nós imeachta é lena mbainfeadh tríú páirtí. Sa chás go n-aicmítear an táirge mar tháirge criticiúil d’aicme I, beidh dearbhú breise ag teastáil chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Más mian leis an monaróir an measúnú comhréireachta a dhéanamh faoina fhreagracht féin (modúl A) ba cheart dó caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí comhchoiteanna nó scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála faoi Rialachán (AE) 2019/881 a chur i bhfeidhm, ar scéimeanna iad a shainaithin an Coimisiún i ngníomh cur chun feidhme. Sa chás nach gcuireann an monaróir na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí comhchoiteanna nó na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála i bhfeidhm, ba cheart measúnú comhréireachta lena mbainfeadh tríú páirtí a dhéanamh ar an monaróir. Agus an t-ualach riaracháin ar mhonaróirí á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag an gcibearshlándáil i gcéim dearaidh agus forbartha táirgí inláimhsithe agus doláimhsithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, roghnaíodh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar mhodúil B+C nó ar mhodúl H de Chinneadh 768/2008/CE faoi seach mar na nósanna imeachta is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonacht táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Is féidir leis an monaróir a dhéanann an measúnú comhréireachta tríú páirtí an nós imeachta is fearr a oireann dá phróiseas dearaidh agus táirgthe a roghnú. I bhfianaise an riosca cibearshlándála níos mó fós a ghabhann le húsáid táirgí a aicmítear mar tháirgí criticiúla aicme II, ba cheart tríú páirtí a bheith páirteach sa mheasúnú comhréireachta i gcónaí.

(45) Mar riail ghinearálta, ba cheart na ceanglais chun measúnú comhréireachta a dhéanamh ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith rioscabhunaithe agus chuige sin is faoi fhreagracht an mhonaróra féin a dhéanfaí an measúnú i gcuid mhaith cásanna, de réir an nós imeachta atá bunaithe ar Mhodúl A de Chinneadh 768/2008/CE. Ba cheart solúbthacht a bheith ag an monaróir nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine a roghnú ar nós imeachta é lena mbainfeadh tríú páirtí. Sa chás go n-aicmítear an táirge mar tháirge criticiúil d’aicme I, beidh dearbhú breise ag teastáil chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Más mian leis an monaróir an measúnú comhréireachta a dhéanamh faoina fhreagracht féin (modúl A) ba cheart dó caighdeáin chomhchuibhithe nó scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála faoi Rialachán (AE) 2019/881 a chur i bhfeidhm, ar scéimeanna iad a shainaithin an Coimisiún i ngníomh cur chun feidhme. Sa chás nach gcuireann an monaróir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála i bhfeidhm, ba cheart measúnú comhréireachta lena mbainfeadh tríú páirtí a dhéanamh ar an monaróir. Agus an t-ualach riaracháin ar mhonaróirí á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag an gcibearshlándáil i gcéim dearaidh agus forbartha táirgí inláimhsithe agus doláimhsithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, roghnaíodh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar mhodúil B+C nó ar mhodúl H de Chinneadh 768/2008/CE faoi seach mar na nósanna imeachta is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonacht táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Is féidir leis an monaróir a dhéanann an measúnú comhréireachta tríú páirtí an nós imeachta is fearr a oireann dá phróiseas dearaidh agus táirgthe a roghnú. I bhfianaise an riosca cibearshlándála níos mó fós a ghabhann le húsáid táirgí a aicmítear mar tháirgí criticiúla aicme II, ba cheart tríú páirtí a bheith páirteach sa mheasúnú comhréireachta i gcónaí.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(46 a) I gcás táirgí comhionanna ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfar glacadh le táirge amháin díobh mar ionadaí ar thacar táirgí gaolmhara, nó catagóir táirgí, chun críocha nósanna imeachta áirithe um measúnú comhréireachta.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, déanann na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachas margaidh i gcríoch an Bhallstáit sin. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar Bhallstáit na húdaráis inniúla a roghnú chun na cúraimí sin a dhéanamh. Ba cheart go n-ainmneodh gach Ballstát údarás um fhaireachas margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh aon údarás atá ann cheana nó aon údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] nó údaráis náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha dul i gcomhar go hiomlán le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis inniúla eile. Ba cheart do gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoina údaráis um fhaireachas margaidh agus faoi réimsí inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin agus ba cheart dóibh a áirithiú gurb ann do na hacmhainní agus na scileanna is gá chun na cúraimí faireachais a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i gcrích. De réir Airteagal 10(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do gach Ballstát oifig idirchaidrimh aonair a cheapadh ar cheart di a bheith freagrach, i measc nithe eile, as ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh comhordaithe na n-údarás um fhaireachas margaidh agus as cuidiú leis an gcomhar idir údaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit éagsúla.

(55) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, déanann na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachas margaidh i gcríoch an Bhallstáit sin. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar Bhallstáit na húdaráis inniúla a roghnú chun na cúraimí sin a dhéanamh. Ba cheart go n-ainmneodh gach Ballstát údarás um fhaireachas margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh aon údarás atá ann cheana nó aon údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta chun leibhéal ard cibearshlándá a áirithiú ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS2) nó údaráis náisiúnta ainmnithe um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha dul i gcomhar go hiomlán le húdaráis um fhaireachas margaidh agus le húdaráis inniúla eile. Ba cheart do gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoina údaráis um fhaireachas margaidh agus faoi réimsí inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin agus ba cheart dóibh a áirithiú gurb ann do na hacmhainní agus na scileanna is gá chun na cúraimí faireachais a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i gcrích. De réir Airteagal 10(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do gach Ballstát oifig idirchaidrimh aonair a cheapadh ar cheart di a bheith freagrach, i measc nithe eile, as ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh comhordaithe na n-údarás um fhaireachas margaidh agus as cuidiú leis an gcomhar idir údaráis um fhaireachas margaidh i mBallstáit éagsúla.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 56 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(56 a) Chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna agus micreaghnólachtaí iad in ann déileáil leis na hoibleagáidí nua a fhorchuirtear leis an Rialachán seo, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún treoirlínte agus comhairle a chur ar fáil dóibh, mar shampla, trí bhealach díreach chun nascadh le saineolaithe i gcás ceisteanna, agus an gá atá leis na hualaí riaracháin a shimpliú agus a theorannú á chur i gcuntas. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, ba cheart don Choimisiún riachtanais FBManna a chur san áireamh chun ualaí riaracháin agus airgeadais a choinneáil chomh héadrom agus is féidir, agus comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú dóibh freisin. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha a bhfuil saineolas acu ar réimse na cibearshlándála.

Leasú  32

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 58

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(58) I gcásanna áirithe, maidir le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo, d’fhéadfadh sé go fóill a bheith ina riosca suntasach cibearshlándála nó ina riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cosaint a dhéanamh ar chearta bunúsacha, ar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí, trí chóras faisnéise leictronaí a úsáid, arna dtairiscint ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)], nó ina riosca do ghnéithe eile de leas an phobail. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú lena n-áiritheofar maolú ar na rioscaí sin. Mar thoradh air sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh bearta a dhéanamh a cheanglóidh ar an oibreoir eacnamaíoch a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an táirge a thuilleadh, an táirge a aisghairm nó a tharraingt siar, ag brath ar an riosca. A luaithe a chuirfidh údarás um fhaireachas margaidh srian nó toirmeasc ar shaorghluaiseacht táirge ar an mbealach sin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sealadacha, agus na cúiseanna agus an t-údar cuí leis an gcinneadh a léiriú. I gcás ina nglacfaidh údarás um fhaireachas margaidh bearta den sórt sin in aghaidh táirgí lena mbaineann riosca, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus ba cheart dó an beart náisiúnta a mheas. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus é a chur in iúl ar an toirt dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Más rud é go mbreithnítear go bhfuil údar cuí leis an mbeart, féadfaidh an Coimisiún breithniú ar thograí a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.

(58) I gcásanna áirithe, maidir le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo, d’fhéadfadh sé go fóill a bheith ina riosca suntasach cibearshlándála nó ina riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do chomhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cosaint a dhéanamh ar chearta bunúsacha, ar infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí, trí chóras faisnéise leictronaí a úsáid, arna dtairiscint ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 (Treoir NIS2), nó ina riosca do ghnéithe eile de leas an phobail. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú lena n-áiritheofar maolú ar na rioscaí sin. Mar thoradh air sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh bearta a dhéanamh a cheanglóidh ar an oibreoir eacnamaíoch a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an táirge a thuilleadh, an táirge a aisghairm nó a tharraingt siar, ag brath ar an riosca. A luaithe a chuirfidh údarás um fhaireachas margaidh srian nó toirmeasc ar shaorghluaiseacht táirge ar an mbealach sin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sealadacha, agus na cúiseanna agus an t-údar cuí leis an gcinneadh a léiriú. I gcás ina nglacfaidh údarás um fhaireachas margaidh bearta den sórt sin in aghaidh táirgí lena mbaineann riosca, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus ba cheart dó an beart náisiúnta a mheas. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus é a chur in iúl ar an toirt dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Más rud é go mbreithnítear go bhfuil údar cuí leis an mbeart, féadfaidh an Coimisiún breithniú ar thograí a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.

Leasú  33

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59) Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo, agus i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint nach bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó maidir le táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach a bhfuil rioscaí tábhachtacha eile ag baint leo, amhail rioscaí do shláinte nó do shábháilteacht daoine, cearta bunúsacha nó soláthar seirbhísí ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX / XXXX (NIS2)], féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh. Bunaithe ar an meastóireacht sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta ceartaitheacha nó sriantacha a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a ordú go dtarraingeofaí siar ón margadh, nó go n-aisghairfí na táirgí faoi seach, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le nádúr an riosca. Ní fhéadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh na hidirghabhála sin ach amháin in imthosca eisceachtúla a thugann údar le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus ní fhéadfaidh sé dul i muinín na hidirghabhála sin ach amháin i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis um fhaireachas chun an cás a leigheas. D’fhéadfadh cásanna éigeandála a bheith i gceist leis na himthosca eisceachtúla sin, mar shampla, cás ina gcuireann an monaróir táirge neamhchomhlíontach ar fáil go forleathan ar fud roinnt Ballstát, ar táirge é atá in úsáid ag eintitis in earnálacha tábhachtacha freisin faoi raon feidhme [Threoir XXX / XXXX (NIS2)], agus ina bhfuil leochaileachtaí aitheanta atá á saothrú ag gníomhaithe mailíseacha agus nach soláthraíonn an monaróir paistí dá bhfuil ar fáil dóibh. Ní fhéadfaidh an Coimisiún idirghabháil a dhéanamh i gcásanna éigeandála den sórt sin ach amháin ar feadh ré na n-imthosca eisceachtúla agus i gcás ina leantar ar neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó ar na rioscaí tábhachtacha arna gcur i láthair.

(59) Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leo, agus i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint nach bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó maidir le táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach a bhfuil rioscaí tábhachtacha eile ag baint leo, amhail rioscaí do shláinte nó do shábháilteacht daoine, cearta bunúsacha nó soláthar seirbhísí ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 (Treoir NIS2), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh. Bunaithe ar an meastóireacht sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta ceartaitheacha nó sriantacha a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a ordú go dtarraingeofaí siar ón margadh, nó go n-aisghairfí na táirgí faoi seach, laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir le nádúr an riosca. Ní fhéadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh na hidirghabhála sin ach amháin in imthosca eisceachtúla a thugann údar le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus ní fhéadfaidh sé dul i muinín na hidirghabhála sin ach amháin i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis um fhaireachas chun an cás a leigheas. D’fhéadfadh cásanna éigeandála a bheith i gceist leis na himthosca eisceachtúla sin, mar shampla, cás ina gcuireann an monaróir táirge neamhchomhlíontach ar fáil go forleathan ar fud roinnt Ballstát, ar táirge é atá in úsáid ag eintitis in earnálacha tábhachtacha freisin faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555 (Treoir NIS2), agus ina bhfuil leochaileachtaí aitheanta atá á saothrú ag gníomhaithe mailíseacha agus nach soláthraíonn an monaróir paistí dá bhfuil ar fáil dóibh. Ní fhéadfaidh an Coimisiún idirghabháil a dhéanamh i gcásanna éigeandála den sórt sin ach amháin ar feadh ré na n-imthosca eisceachtúla agus i gcás ina leantar ar neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó ar na rioscaí tábhachtacha arna gcur i láthair.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 62

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(62) Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le nuashonruithe ar an liosta táirgí criticiúla in Iarscríbhinn III agus i ndáil le sainmhínithe na gcatagóirí táirgí sin a shonrú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo a shainaithint, lena sonraítear an mbeadh gá le teorannú nó eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo chomh maith le raon feidhme an teorannaithe sin, más infheidhme. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i ndáil leis an sainordú a d’fhéadfaí a thabhairt do dheimhniú táirgí áirithe an-chriticiúil ag a bhfuil gnéithe digiteacha bunaithe ar chritéir chriticiúlachta a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun ábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a shonrú agus na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr33. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(62) Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le nuashonruithe ar an liosta táirgí criticiúla in Iarscríbhinn III agus i ndáil le sainmhínithe na gcatagóirí táirgí sin a shonrú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún chun táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialacha eile de chuid an Aontais lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta leis an Rialachán seo a shainaithint, lena sonraítear an mbeadh gá le teorannú nó eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo chomh maith le raon feidhme an teorannaithe sin, más infheidhme. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal sin a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i ndáil le deimhniú deonach féideartha táirgí áirithe an-chriticiúil ag a bhfuil gnéithe digiteacha bunaithe ar chritéir chriticiúlachta a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun ábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a shonrú agus na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr33. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

__________________

__________________

33 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

33 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 63

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(63) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun: formáid agus eilimintí an bhille ábhar bogearraí a shonrú, tuilleadh sonraithe a dhéanamh i ndáil le cineál faisnéise, formáid agus nós imeachta na bhfógraí maidir le leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus na teagmhais arna gcur faoi bhráid ENISA ag na monaróirí, sonrú a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a bhféadfar iad a úsáid chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó leis na codanna díobh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i leith picteagram nó aon mharcáil eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus sásraí a leagan síos chun a n-úsáid a chur chun cinn, cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais in imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar d’idirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34.

(63) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun: formáid agus eilimintí an bhille ábhar bogearraí a shonrú, tuilleadh sonraithe a dhéanamh i ndáil le cineál faisnéise, formáid agus nós imeachta na bhfógraí maidir le leochaileachtaí a shaothraítear go gníomhach agus na teagmhais arna gcur faoi bhráid ENISA ag na monaróirí, bunaithe ar dhea-chleachtais an tionscail, sonrú a dhéanamh ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a bhféadfar iad a úsáid chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nó leis na codanna díobh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i leith picteagram nó aon mharcáil eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus sásraí a leagan síos chun a n-úsáid a chur chun cinn, cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha nó sriantacha ar leibhéal an Aontais in imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar d’idirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34.

__________________

__________________

34 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

34 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Leasú  36

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 69

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(69) Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun iad féin a oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo [24 mhí] tar éis a theacht i bhfeidhm, cé is moite de na hoibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le leochaileachtaí agus teagmhais a shaothraítear go gníomhach, ar cheart feidhm a bheith acu [12 mhí] ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(69) Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun iad féin a oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo [36 mhí] tar éis a theacht i bhfeidhm.

Leasú  37

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagtar síos leis an Rialachán seo:

Is é cuspóir an Rialacháin seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí á sholáthar ag an am céanna.

 

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir leis an méid seo a leanas:

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) rialacha maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;

(a) táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh chun cibearshlándáil na dtáirgí sin a áirithiú;

Leasú  39

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) rialacha maidir le faireachas margaidh agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas thuasluaite.

(d) faireachas margaidh agus forfheidhmiú na rialacha agus na gceanglas thuasluaite.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a n-áirítear leis an úsáid atá beartaithe nó atá measartha intuartha dóibh nasc sonraí loighciúil nó fisiceach, bíodh an nasc sin díreach nó indíreach, le feiste nó le líonra.

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh agus a n-áirítear leis an úsáid atá beartaithe nó atá measartha intuartha dóibh nasc sonraí loighciúil nó fisiceach, bíodh an nasc sin díreach nó indíreach, le feiste seachtrach nó le líonra.

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5 a. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le saor-bhogearraí foinse oscailte, lena n-áirítear a gcód foinseach agus leaganacha modhnaithe de, seachas sa chás go gcuirtear na bogearraí ar fáil le linn gníomhaíocht thráchtála trí na modhanna seo a leanas:

 

(i) praghas a ghearradh ar tháirge;

 

(ii) ardán bogearraí a bhraitheann ar sheirbhísí eile a ngnóthaíonn an monaróir airgead orthu a sholáthar;

 

(iii) leas a bhaint as sonraí pearsanta arna nginiúint ag an mbogearra ar chúiseanna seachas chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht an bhogearra a fheabhsú go heisiach;

 

(iv) praghas a ghearradh le haghaidh seirbhísí cúnaimh theicniúil;

 

Áiritheoidh monaróir táirge ina bhfuil saor-chomhpháirteanna foinse oscailte go mbeidh na táirgí comhlíontach.

Leasú  42

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5 b. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le líonraí inmheánacha táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina mbeidh críochphointí tiomnaithe ag na líonraí sin agus ina mbeidh siad leithlisithe go huile agus slán ó nasc seachtrach sonraí.

Leasú  43

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 5 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5 c. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le páirteanna spártha nach mbeartaítear leo ach ionadú páirteanna lochtacha táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, chun a bhfeidhmiúlacht a athbhunú.

Leasú  44

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ aon táirge bogearraí nó crua-earraí agus a réitigh chianphróiseála sonraí, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá le cur ar an margadh astu féin;

(1) ciallaíonn ‘táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ aon táirge bogearraí nó crua-earraí, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí nó crua-earraí atá le cur ar an margadh astu féin;

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn ‘cianphróiseáil sonraí’ aon phróiseáil sonraí go cianda arb é an monaróir a dhéanann na bogearraí lena haghaidh a dhearadh agus a fhorbairt, nó arb é freagracht an mhonaróra an méid sin, agus a gcuirfeadh easpa na próiseála sonraí sin cosc ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann dá fheidhmeanna a dhéanamh;

scriosta

Leasú  46

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a) ciallaíonn ‘bogearraí foinse oscailte’ bogearraí a dháiltear faoi cheadúnas lena gceadaítear d’úsáideoirí na bogearraí a rith, a chóipeáil, a dháileadh, a iniúchadh, a athrú agus a fheabhsú gan bac, agus na bogearrai a chomhtháthú mar chomhpháirt i dtáirgí eile, iad a sholáthar mar sheirbhís nó cúnamh tráchtála a chur ar fáil dóibh;

Leasú  47

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a dhéanann táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm/hainm nó faoina thrádmharc/trádmharc, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;

(18) ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhorbraíonn nó a mhonaraíonn táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a dhéanann táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt nó a mhonarú, agus a chuireann ar an margadh iad faoina ainm nó faoina thrádmharc, bíodh sin mar mhalairt ar íocaíocht nó saor in aisce;

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe;

(19) ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra;

Leasú  49

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23 a) ciallaíonn ‘aisghairm’ aisghairm mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020;

Leasú  50

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh eascairt as iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó as idirghníomhaíocht le córais eile;

scriosta

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha tar éis é a chur ar an margadh, athrú a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, nó athrú a bhfuil modhnú dá bharr ar an úsáid a bhí beartaithe don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus é á mheasúnú;

(31) ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha gan an tslándáil agus an chothabháil a chur san áireamh, tar éis é a chur ar an margadh, athrú a dhéanann difear don chaoi a gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, nó athrú a bhfuil modhnú dá bharr ar an úsáid a bhí beartaithe don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus é á mheasúnú;

Leasú  52

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 39

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39) ciallaíonn ‘leochaileacht arna saothrú go gníomhach’ leochaileacht a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí cód mailíseach a fhorghníomhú ar chóras gan cead ó úinéir an chórais;

(39) ciallaíonn ‘leochaileacht arna saothrú go gníomhach’ leochaileacht phaistseáilte a bhfuil fianaise iontaofa ann ina leith go ndearna gníomhaí cód mailíseach a fhorghníomhú ar chóras gan cead ó úinéir an chórais;

Leasú  53

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 40 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40 a) ciallaíonn ‘táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha’ ítim inláimhsithe nach bhféadfadh feidhmiú go neamhspleách agus nach dtáirgtear ach chun í a ionchorprú i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó i dtáirgí páirtchríochnaithe eile ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a chóimeáil agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó táirgí páirtchríochnaithe eile ag a bhfuil eilimintí digiteacha curtha léi, agus nach bhféadfar a comhréireacht a mheas go héifeachtach gan a chur san áireamh mar a ionchorpraítear í sa chríochtháirge beartaithe sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

Leasú  54

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 40 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40 b) ciallaíonn ‘saolré’ an tréimhse ón nóiméad a chuirtear táirge a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís é go dtí an nóiméad a fhaightear réidh leis, lena n-áirítear an t-am éifeachtach ar féidir é a úsáid agus na céimeanna iompair, cóimeála, díchóimeála, díchumasaithe, scriosta nó modhnuithe fisiciúla nó digiteacha eile atá tuartha ag an monaróir;

Leasú  55

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ní chuirfidh na Ballstáit bac, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

1. Ní chuirfidh na Ballstáit bac, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

Leasú  56

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó ag imeachtaí cosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar chur i láthair ná ar úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

2. Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó ag imeachtaí cosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar chur i láthair ná ar úsáid táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirge fréamhshamhla ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó táirge páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go n-úsáidtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha go heisiach chun cur i láthair a dhéanamh le linn an imeachta agus go gcuirtear in iúl go soiléir le comhartha infheicthe nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo.

Leasú  57

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar bhogearraí neamhchríochnaithe nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar choinníoll nach gcuirfear na bogearraí ar fáil ach ar feadh na tréimhse teoranta is gá chun críoch tástála agus go mbainfear úsáid as comhartha infheicthe lena chur in iúl go soiléir nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus gur chun críoch tástála amháin a bheidh sé ar fáil ar an margadh.

3. Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar tháirgí neamhchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar tháirge fréamhshamhla ag a bhfuil eilimintí digiteacha nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar choinníoll nach gcuirfear ach leagan neamhtháirgthe de ar fáil chun críoch tástála agus go mbainfear úsáid as comhartha infheicthe lena chur in iúl go soiléir nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus gur chun críoch tástála amháin a bheidh sé ar fáil ar an margadh.

Leasú  58

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur faoi réir beart breise nuair a úsáidfear na táirgí sonracha sin chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais, agus nuair atá na bearta sin riachtanach agus comhréireach chun na críocha sin a bhaint amach.

Leasú  59

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid faoi choinníollacha is féidir a thuar go réasúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar iad a thabhairt cothrom le dáta, agus

(1) comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid chun na críche a beartaíodh dóibh nó go ndéantar iad a shuiteáil, a chothabháil agus a úsáid faoi choinníollacha is féidir a thuar go réasúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, go soláthraítear na nuashonruithe slándála riachtanacha dóibh, agus

Leasú  60

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhaineann le catagóir a liostaítear in Iarscríbhinn III, measfar gur táirgí criticiúla iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Táirgí ag a bhfuil príomhfheidhmiúlacht catagóire a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar go mbaineann siad leis an gcatagóir sin. Déanfar catagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, rud a léireoidh leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí sin.

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhaineann le catagóir a liostaítear in Iarscríbhinn III, measfar gur táirgí criticiúla iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Ní mheasfar ach táirgí ag a bhfuil príomhfheidhmiúlacht catagóire a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bheith sa chatagóir sin. Déanfar catagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, rud a léireoidh leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí sin. Má dhéantar comhpháirt d’aicme criticiúlachta níos airde a chomhtháthú i dtáirge a bhfuil criticiúlacht níos ísle ag baint leis, ní gá gurb ionann é agus leibhéal na criticiúlachta a athrú don táirge a ndéantar an chomhpháirt a chomhtháthú ann.

Leasú  61

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) úsáid bheartaithe i dtimpeallachtaí íogaire, lena n-áirítear é a bheith á úsáid i suímh thionsclaíocha nó ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann leis an Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

(b) úsáid bheartaithe i bhfeidhmiúlachtaí criticiúla i dtimpeallachtaí íogaire, nó ag eintitis fhíor-riachtanacha den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn I] a ghabhann leis an Treoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)];

Leasú  62

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) an úsáid atá beartaithe, is é sin, feidhmeanna criticiúla nó íogaire a chur i gcrích, amhail próiseáil sonraí pearsanta;

(c) an úsáid agus an scála úsáide atá beartaithe, is é sin, feidhmeanna criticiúla nó íogaire a chur i gcrích, amhail próiseáil sonraí pearsanta;

Leasú  63

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus (3).

4. Táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2) agus (3). Mar eisceacht, is féidir le fiontair bheaga agus micrifhiontair leas a bhaint as an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Leasú  64

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shonrú, a gceanglófar ar na monaróirí deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó codanna díobh, a léiriú. Agus catagóirí den sórt sin de tháirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha á gcinneadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i bhfianaise ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear i mír 2, agus i bhfianaise an mheasúnaithe ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an méid seo a leanas leis an gcatagóir táirgí sin:

5. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chatagóirí táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shonrú, a bhféadfaidh na monaróirí deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó codanna díobh, a léiriú. Agus catagóirí den sórt sin de tháirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha á gcinneadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh an leibhéal riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i bhfianaise ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear i mír 2, agus i bhfianaise an mheasúnaithe ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an méid seo a leanas leis an gcatagóir táirgí sin:

Leasú  65

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal 6] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i gcás ina bhfuil na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, measfar go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann leis an gcibearshlándáil a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], gan dochar do na ceanglais eile a bhaineann le cruinneas agus stóinseacht a áirítear san Airteagal thuasluaite, agus a mhéid a léirítear leis an dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéal cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

1. Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal 6] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus i gcás ina bhfuil na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, measfar go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann leis an gcibearshlándáil a leagtar amach in Airteagal [Airteagal 15] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga], gan dochar do na ceanglais eile a bhaineann le cruinneas agus stóinseacht a áirítear san Airteagal thuasluaite, agus a mhéid a léirítear leis an dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéal cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

Leasú  66

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Maidir leis na táirgí agus na ceanglais chibearshlándála dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal [Airteagal 43] de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga]. Chun críoch an mheasúnaithe sin, i gcás comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus atá i dteideal comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a rialú, beidh siad i dteideal freisin comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a rialú, ar choinníoll go ndearnadh na comhlachtaí sin faoina dtugtar fógra a mheasúnú maidir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 29 den Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh acu i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga].

2. Maidir leis na táirgí agus na ceanglais chibearshlándála dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta mar a cheanglaítear le (forálacha is infheidhme) de Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga]. Chun críoch an mheasúnaithe sin, i gcás comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh agus atá i dteideal comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] a rialú, beidh siad i dteideal freisin comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a rialú.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, táirgí nach mór dóibh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 24(2)(a), 24(2)(b), 24(3)(a) agus 24(3)(b) faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a aicmítear freisin mar chórais intleachta saorga ardriosca de réir Airteagal [Airteagal 6] den Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn VI] a ghabhann le Rialachán [an Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga] maidir leo, beidh na táirgí sin faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a cheanglaítear leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo.

scriosta

Leasú  68

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Táirgí innealra faoi raon feidhme an Rialacháin [togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo agus ar eisíodh dearbhú comhréireachta AE ina leith ar bhonn an Rialacháin seo, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn III, Ranna 1.1.9 agus 1.2.1] a ghabhann le Rialachán [togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra], a mhéid a bhaineann le cosaint ar éilliú agus sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe, agus a mhéid a léirítear sa dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéil cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

Táirgí innealra faoi raon feidhme an Rialacháin [togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra] ar táirgí iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar táirgí páirtchríochnaithe iad ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí an Rialacháin seo agus ar eisíodh dearbhú comhréireachta AE ina leith ar bhonn an Rialacháin seo, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn [Iarscríbhinn III, Ranna 1.1.9 agus 1.2.1] a ghabhann le Rialachán [togra le haghaidh Rialachán maidir le hInnealra], a mhéid a bhaineann le cosaint ar éilliú agus sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe, agus a mhéid a léirítear sa dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint faoin Rialachán seo gur baineadh amach an leibhéil cosanta a cheanglaítear leis na ceanglais sin.

Leasú  69

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír -1 (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

-1. Déanfaidh monaróirí bogearraí a cháilíonn mar mhicrifhiontar mar a shainmhínítear é i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún a ndícheall na ceanglais sa Rialachán seo a chomhlíonadh le linn na 6 mhí tar éis dóibh bogearraí a chur ar an margadh. Níl feidhm ag an bhforáil sin maidir le táirgí fíorchriticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Leasú  70

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, áiritheoidh siad go ndearnadh é a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

1. Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, áiritheoidh siad go ndearnadh é a dhearadh, a fhorbairt agus a mhonarú i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

Leasú  71

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Chun an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh na monaróirí dícheall cuí agus comhpháirteanna a fhaigheann siad ó thríú páirtithe á gcomhtháthú acu i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Áiritheoidh siad nach mbainfidh na comhpháirteanna sin de shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

4. Chun an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh na monaróirí dícheall cuí agus comhpháirteanna a fhaigheann siad ó thríú páirtithe á gcomhtháthú acu i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Is faoin monaróir a bheidh sé a áirithiú nach mbainfidh na comhpháirteanna sin de shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Leasú  72

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. Soláthróidh monaróirí na gcomhpháirteanna an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus comhpháirteanna den sórt sin á soláthar acu do mhonaróir na dtáirgí críochnaithe. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil saor in aisce.

Leasú  73

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, agus ar feadh shaolré ionchasach an táirge nó ar feadh thréimhse 5 bliana ón uair a cuireadh an táirge ar an margadh, cibé acu is giorra, áiritheoidh siad go ndéanfar leochaileachtaí an táirge sin a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

Agus táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha á chur ar an margadh ag na monaróirí, agus ar feadh shaolré ionchasach an táirge tráth a cuireadh an táirge sin ar an margadh nó ar feadh thréimhse 5 bliana ón uair a cuireadh an táirge ar an margadh, cibé acu is faide, áiritheoidh siad go ndéanfar leochaileachtaí an táirge sin a láimhseáil go héifeachtach agus i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go mbeidh sé laistigh de rialú an mhonaróra.

Leasú  74

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 7 – fomhír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcás ina gcuirfear nuashonruithe bogearraí chun feidhme, ní cheanglófar ar an monaróir measúnú comhréireachta eile a dhéanamh ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mura rud é go ndéánfar modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha de réir bhrí Airteagal 3(31) den Rialachán seo mar thoradh ar an nuashonrú bogearraí.

Leasú  75

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go gcoinneoidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar cuid iad de shraith tháirgthe a gcomhréireacht. Cuirfidh an monaróir san áireamh go leordhóthanach athruithe i bpróiseas forbartha agus táirgthe nó i ndearadh nó saintréithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19 ar trína mbíthin a dhearbhaítear comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a bhfíoraítear a chomhréireacht trína gcur i bhfeidhm.

9. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go gcoinneoidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar cuid iad de shraith tháirgthe a gcomhréireacht. Cuirfidh an monaróir san áireamh go leordhóthanach athruithe i bpróiseas forbartha agus táirgthe nó i ndearadh nó saintréithe an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe, ar na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 19 ar trína mbíthin a dhearbhaítear comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó a bhfíoraítear a chomhréireacht trína gcur i bhfeidhm. Sa chás go dtagann eolas, teicnící nó caighdeáin nua, nach raibh ar fáil tráth ar dearadh táirge srathach, chun a bheith ar fáil féadfaidh an monaróir féachaint leis na feabhsuithe sin a chur chun feidhme go tréimhsiúil i gcás glúnta den táirge atá le teacht.

Leasú  76

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9 a. Déanfaidh monaróirí saolré ionchasach a dtáirgí a chur in iúl go poiblí, ar bhealach soiléir agus sothuigthe.

Leasú  77

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12. Ón uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus ar feadh shaolré ionchasach an táirge nó ar feadh thréimhse cúig bliana tar éis táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cibé acu is giorra, má tá a fhios ag monaróirí nó má tá údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir an monaróir ar bun i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, glacfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach bonn chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do phróisis an mhonaróra, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

12. Ón uair a chuirtear táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus ar feadh shaolré ionchasach an táirge nó ar feadh thréimhse cúig bliana tar éis táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cibé acu is faide, má tá a fhios ag monaróirí nó má tá údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir an monaróir ar bun i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, glacfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach bonn chun comhréireacht a bhaint amach don táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó do phróisis an mhonaróra, chun an táirge a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

Leasú  78

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi, fógra a thabhairt do ENISA faoi aon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach atá sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an leochaileacht sin agus, i gcás inarb infheidhme, aon bheart ceartaitheach nó maolaitheach a rinneadh. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, an fógra a chur ar aghaidh chuig Foireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT) na mBallstát lena mbaineann, foireann arna hainmniú chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)], tar éis an fógra a fháil agus cuirfidh sé an t-údarás um fhaireachas margaidh ar an eolas faoin leochaileacht faoinar tugadh fógra.

1. Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 48 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi, fógra a thabhairt do ENISA, trí bhíthin luathrabhadh, faoi aon leochaileacht a shaothraítear go gníomhach atá sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Leasú  79

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí tar éis dó teacht ar an eolas faoi leochaileacht arna saothrú go gníomhach agus a mbeadh tionchar suntasach aici ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, sonraí breise thairis sin a thabhairt do ENISA maidir leis an leochaileacht saothraithe.

Leasú  80

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 b. Ba cheart na leochaileachtaí eile uile nach mbeadh tionchar suntasach acu ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur in iúl do ENISA a luaithe a thugtar aghaidh ar an leochaileacht.

Leasú  1

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 c. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an leochaileacht sin agus, i gcás inarb infheidhme, aon bhearta ceartaitheacha nó maolaitheacha a rinneadh agus na bearta a mholtar chun riosca a mhaolú. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, an fógra a chur ar aghaidh chuig Foireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT) na mBallstát lena mbaineann, foireann arna hainmniú chun críocha nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)], tar éis an fógra a fháil agus cuirfidh sé an t-údarás um fhaireachas margaidh ar an eolas faoin leochaileacht faoinar tugadh fógra agus i gcás inarb infheidhme, faoi na bearta chun an riosca féideartha a mhaolú. I gcás nach bhfuil aon bhearta ceartaitheacha ná maolaitheacha ar fáil ag leochaileacht ar tugadh fógra fúithi, áiritheoidh ENISA go ndéanfar faisnéis faoin leochaileacht ar tugadh fógra fúithi a chomhroinnt i gcomhréir le prótacail dhochta slándála agus ar bhonn riachtanais eolais.

Leasú  82

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi, fógra a thabhairt do ENISA faoi aon teagmhas a imríonn tionchar ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, na fógraí a chur ar aghaidh chuig pointe teagmhála aonair arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] na mBallstát lena mbaineann, agus na teagmhaisar tugadh fógra fúthu a chur in iúl do na húdaráis um fhaireachas margaidh. Áireofar san fhógra faoin teagmhas faisnéis faoi dhéine agus faoi thionchar an teagmhais agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar le fios cé acu an dóigh leis an monaróir gur gníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha ba chúis leis an teagmhas nó má mheasann sé go bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith ag baint leis.

2. Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoi, fógra a thabhairt do ENISA trí bhíthin luathrabhaidh faoi aon teagmhas a imríonn tionchar suntasach ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis dó eolas a fháil faoin teagmhas suntasasch a bhaineann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tuilleadh sonraí thairis sin a thabhairt do ENISA maidir leis an teagmhas suntasach. Déanfaidh ENISA, gan moill mhíchuí, ach amháin ar fhorais a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le riosca cibearshlándála, na fógraí a chur ar aghaidh chuig pointe teagmhála aonair arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] na mBallstát lena mbaineann, agus na teagmhais shuntasacha ar tugadh fógra fúthu a chur in iúl láithreach do na húdaráis um fhaireachas margaidh. Áireofar san fhógra faoin teagmhas faisnéis a mbeidh fíorghá léi chun an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoin teagmhas, ar faisnéis í a bheidh ábhartha agus i gcomhréir leis an riosca, faoi dhéine agus faoi thionchar an teagmhais agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar le fios cé acu an dóigh leis an monaróir gur gníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha ba chúis leis an teagmhas nó má mheasann sé go bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith ag baint leis. Trí fhógra a thabhairt, ann fein, ní chuirfear an t-eintiteas a thugann fógra faoi dhliteanas méadaithe.

Leasú  83

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a. Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a shainaithnítear freisin mar eintitis fhíor-riachtanacha nó mar eintitis thábhachtacha faoi NIS2 agus a thíolacann a bhfógra teagmhais de bhun NIS2, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad na ceanglais i bpointe 2 den Airteagal seo.

Leasú  84

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Cuirfidh ENISA faisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 faoi bhráid an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) arna bhunú le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] má tá an fhaisnéis sin ábhartha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ar leibhéal oibríochtúil.

3. Cuirfidh ENISA faisnéis ar tugadh fógra ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 faoi bhráid an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) arna bhunú le hAirteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)] má tá an fhaisnéis sin ábhartha maidir le bainistiú comhordaithe teagmhas suntasach agus géarchéimeanna cibearshlándála suntasacha mórscála ar leibhéal oibríochtúil.

Leasú  85

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Tar éis don mhonaróir eolas a fháil, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an eolas faoin teagmhas agus, i gcás inar gá, faoi na bearta ceartaitheacha is féidir leis an úsáideoir a dhéanamh chun maolú ar thionchar an teagmhais.

4. Tar éis don mhonaróir eolas a fháil, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an eolas faoin teagmhas suntasach, i gcás inarb iomchuí agus inar dócha go ndéanfar dochar dóibh dá bharr agus, i gcás inar gá, faoi na bearta ceartaitheacha is féidir leis an úsáideoir a dhéanamh chun maolú ar thionchar an teagmhais shuntasaigh i dtaca le sonraí arbh fhéidir go ndearnadh difear dóibh agus i dtaca le damáiste féideartha.

Leasú  86

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 4 le linn shaolré an táirge. Le linn shaolré ionchasasch an táirge, soláthróidh an monaróir nuashonruithe slándála saor in aisce, nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil dearbhú comhréireachta AE dréachtaithe ag an monaróir ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo.

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonrú thairis sin a dhéanamh ar an gcineál faisnéise agus ar fhormáid agus nós imeachta na bhfógraí a chuirfear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

5. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus CSIRTanna, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonrú thairis sin a dhéanamh ar an gcineál faisnéise agus ar fhormáid agus nós imeachta na bhfógraí a chuirfear isteach de bhun mhíreanna 1 agus 2. Cuirfear san áireamh leis na gníomhartha cur chun feidhme sin caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ar bhonn na bhfógraí a bheidh faighte aige de bhun mhíreanna 1 agus 2, ullmhóidh ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh sé í faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear in Airteagal [Airteagal X] de Threoir [Treoir XXX/XXXX (NIS2)]. Cuirfear an chéad tuarascáil den sórt sin isteach laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.

6. Ar bhonn na bhfógraí a bheidh faighte aige de bhun mhíreanna 1 agus 2, ullmhóidh ENISA tuarascáil theicniúil dhébhliantúil maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn i ndáil le rioscaí cibearshlándála i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfidh sé í faoi bhráid an Ghrúpa Comhair dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555. Cuirfear an chéad tuarascáil den sórt sin isteach laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.

Leasú  89

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Ar leochaileacht i gcomhpháirt, lena n-áirítear leochaileacht i gcomhpháirt foinse oscailte, a shainaithint do na monaróirí, agus an chomhpháirt comhtháite sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tuairisceoidh na monaróirí an leochaileacht don duine nó don eintiteas a dhéanann cothabháil ar an gcomhpháirt.

7. Ar leochaileacht i gcomhpháirt, lena n-áirítear leochaileacht i gcomhpháirt foinse oscailte, a shainaithint do na monaróirí, agus an chomhpháirt comhtháite sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tuairisceoidh na monaróirí an leochaileacht agus an beart ceartaitheach nó maolaitheach a rinneadh, don duine nó don eintiteas a dhéanann cothabháil ar an gcomhpháirt. Ni scaoiltear an monaróir ón oibleagáid leis an méid sin comhréireacht an táirge le ceanglais an rialacháin seo a choinneáil, ná ní chruthaítear oibleagáidí leis d’fhorbróirí saor-chomhpháirteanna foinse oscailte nach bhfuil aon chaidreamh conarthach acu leis an monaróir sin.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

3. Comhlíonfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin dóibh. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:

Leasú  91

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a a) i gcás ina bhfuil cúis ag an ionadaí údaraithe lena chreidiúint go bhfuil riosca cibearshlándála ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh sé an monaróir ar an eolas;

Leasú  92

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a bhfuil gá léi chun comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a léiriú a chur ar fáil don údarás sin;

(b) ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a bhfuil gá léi chun sábháilteacht agus comhréireacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a léiriú a chur ar fáil don údarás sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan dua;

Leasú  93

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a glacadh chun fáil réidh leis na rioscaí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

(c) oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a glacadh chun fáil réidh go héifeachtach leis na rioscaí a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

Leasú  94

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c a) fuarthas ón monaróir na doiciméid uile lena gcruthaítear comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos san airteagal seo agus beidh siad ar fáil lena n-iniúchadh go ceann tréimhse 10 mbliana.

Leasú  95

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige a cheapadh nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go dtabharfar an táirge sin nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

3. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige a cheapadh, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ná na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go dtabharfar an táirge sin nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh an t-allmhaireoir an méid sin le fios don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

Leasú  96

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Déanfaidh na hallmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist ar ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar dhoiciméad atá in éineacht leis. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan dua.

4. Déanfaidh na hallmahireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist ar ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó ar dhoiciméad atá in éineacht leis. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan dua.

Leasú  97

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 6 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Allmhaireoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar an margadh acu, nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm, i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad láithreach bonn na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir monaróir an táirge i bhfeidhm a thabhairt i gcomhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó an táirge a tharraingt siar nó é a aisghairm, i gcás inarb iomchuí.

Allmhaireoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil údar acu a cheapadh nach bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, atá curtha ar an margadh acu, nó na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm, i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad láithreach bonn na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis a chuir monaróir an táirge i bhfeidhm a thabhairt i gcomhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó an táirge a tharraingt siar nó é a aisghairm, i gcás inarb iomchuí. Bunaithe ar mheasúnú riosca, cuirfear an easpa comhréireachta in iúl go tráthúil do dháileoirí agus d’úsáideoirí deiridh mar aon leis an bearta maolaithe riosca is féidir leo a dhéanamh.

Leasú  98

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a) fuair siad ón monaróir nó ón allmhaireoir an fhaisnéis agus an dociméadacht uile a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Leasú  99

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, a dhéanann modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo.

Duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, a dhéanann, le linn gníomhaíocht ghairmiúil, modhnú substaintiúil ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuireann an táirge ar fáil ar an margadh, measfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo.

Leasú  100

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Iarrfaidh an Coimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Leasú  101

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán 1025/2012, nuair a bheidh an iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú ag an gCoimisiún i gcás táirgí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, féachfaidh sé leis an gcomhchuibhiú is mó is féidir leis na caighdeáin chibearshlándála idirnáisiúnta atá ann faoi láthair nó a bheidh ann go luath. Sna chéad trí bliana i ndiaidh dháta chur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú maidir le caighdeán idirnáisiúnta arb ann dó go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo, gan aon mhodhnuithe Eorpacha, ar choinníoll go bhfeabhsófar go leordhóthanach slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ach cloí leis na caighdeáin sin, agus ar choinníoll go bhfoilseoidh ceann de na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú an caighdeán mar leagan ar leithligh.

Leasú  102

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 18 nó i gcás ina measann an Coimisiún nach leor na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh ná chun iarraidh an Choimisiúin ar chaighdeánú a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó i gcás nach bhfuil na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú tar éis glacadh leis an iarraidh ón gCoimisiún ar chaighdeáin chomhchuibhithe, tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais theicniúla lena dtugtar modh chun na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

 

(a) go bhfuil iarrtha ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais sláinte agus sábháilteachta fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus:

 

(i) nach bhfuil glactha leis an iarraidh; nó

 

(ii) nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

 

(iii) nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

 

(b) níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

 

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Leasú  103

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 3.

Leasú  104

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 b. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó an ghrúpa saineolaithe san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

Leasú  105

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 c. I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais chéanna leo siúd a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

Leasú  106

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 d. Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

Leasú  107

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Is é struchtúr na samhla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a bheidh ag an dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Cuirfear ar fáil é sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil é.

2. Is é struchtúr na samhla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a bheidh ag an dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. Cuirfear ar fáil é i dteanga a thuigfear gan dua ag údaráis an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil é.

Leasú  108

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 20a

 

An Dearbhú Corpraithe AE le haghaidh táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha

 

1. Déanfaidh na monaróirí dearbhú corpraithe AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 10(7) agus luafar ann gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

 

2. Beidh struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn IVa (nua) ag an dearbhú corpraithe AE. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. Cuirfear ar fáil é sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil é.

 

3. I gcás ina bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir níos mó ná gníomh Aontais amháin lena gceanglaítear dearbhú corpraithe AE, déanfar dearbhú corpraithe AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach gníomh Aontais den chineál sin. Sainaithneofar sa dearbhú sin na gníomhartha Aontais lena mbaineann, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

 

4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur le hinneachar íosta an dearbhaithe corpraithe AE mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IVa (nua) chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, greamófar í den phacáistíocht agus den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i bhfoirm bogearraí, greamófar an mharcáil CE den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 nó beidh sí ar an suíomh gréasáin a ghabhann leis an táirge bogearraí.

1. Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh nó nach bhfuil údar leis mar gheall ar chineál an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, greamófar í den phacáistíocht agus den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 a ghabhann leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá i bhfoirm bogearraí, greamófar an mharcáil CE den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 20 nó beidh sí ar an suíomh gréasáin a ghabhann leis an táirge bogearraí. Sa chás deireanach sin, beidh rochtain éasca agus dhíreach ag tomhaltóirí ar an roinn ábhartha den suíomh gréasáin.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Greamófar an mharcáil CE den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula gcuirfear ar an margadh é. Féadfar picteagram nó marc ar bith eile lena léirítear riosca nó úsáid ar leith a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

3. Greamófar an mharcáil CE den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha sula gcuirfear ar an margadh é. Féadfar picteagram nó marc ar bith eile lena léirítear do thomhaltóirí riosca nó úsáid ar leith a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

Leasú  111

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an córas lena rialaítear an mharcáil CE agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin. I gcásanna ina bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir reachtaíocht Aontais eile lena ndéantar foráil freisin maidir leis an marcáil CE a ghreamú de, tabharfar le fios ar an marcáil CE go gcomhlíonann an táirge ceanglais na reachtaíochta eile sin freisin.

5. Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart agus go comhchuibhithe an córas lena rialaítear an mharcáil CE agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí agus chomhordaithe i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil sin. I gcásanna ina bhfuil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir reachtaíocht Aontais eile lena ndéantar foráil freisin maidir leis an marcáil CE a ghreamú de, tabharfar le fios ar an marcáil CE go gcomhlíonann an táirge ceanglais na reachtaíochta eile sin freisin.

Leasú  112

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh picteagram nó aon mharcálacha eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mar aon le sásraí chun a n-úsáid a chur chun cinn. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, sonraíochtaí teicniúla a leagan síos le haghaidh scéimeanna lipéadaithe, lena n-áirítear lipéid chomhchuibhithe, picteagraim nó aon mharcálacha eile a bhaineann le slándáil na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, mar aon le sásraí chun a n-úsáid a chur chun cinn i measc gnólachtaí agus tomhaltóirí agus chun an fheasascht phoiblí a mhéadú maidir le slándáil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 50.

Leasú  113

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6 a. Ní dhéanfar táirge páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mharcáil leis an marcáil CE faoin Rialachán seo, gan dochar d’fhorálacha marcála ag éirí as reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais.

Leasú  114

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6 b. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte agus cuirfidh sé comhairle ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe iad siúd a cháilíonn mar FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag na treoirlínte agus ag an gcomhairle an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a theorannú, agus cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú i gcomhréir leis an gcuspóir ginearálta maidir le sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha a bhfuil saineolas acu ar réimse na cibearshlándála.

Leasú  115

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas sula gcuirfear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, i gcás inarb iomchuí, le linn shaolré ionchasach an táirge nó le linn thréimhse cúig bliana tar éis táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cibé acu is giorra.

2. Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas sula gcuirfear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, i gcás inarb iomchuí, le linn shaolré ionchasach an táirge nó le linn thréimhse cúig bliana tar éis táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur ar an margadh, cibé acu is faide.

Leasú  116

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 24(4) atá faoi réir gníomhartha Aontais eile freisin, tarraingeofar suas doiciméadacht theicniúil amháin ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear leis na gníomhartha Aontais ábhartha sin.

3. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá faoi réir gníomhartha Aontais eile freisin, tarraingeofar suas doiciméadacht theicniúil amháin ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear leis na gníomhartha Aontais ábhartha sin.

Leasú  117

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh, chomh maith le forbairtí a tháinig chun cinn i bpróiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo.

5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na heilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh, chomh maith le forbairtí a tháinig chun cinn i bpróiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo. Féachfaidh an Coimisiún leis an ualach riaracháin a íoslaghdú, go háirithe an t-ualach ar mhicrifhiontair, agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Leasú  118

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c a) scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2019/881.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

(b) measúnú comhréireachta bunaithe ar dhearbhú cáilíochta iomlán (bunaithe ar mhodúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

Leasú  120

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 3 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a) i gcás inarb infheidhme, scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ar leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’ nó ‘ard’ de bhun Rialachán (AE) 2019/881.

Leasú  121

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. Maidir le táirgí a bhfuil feidhm ag reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua maidir leo, leanfaidh an monaróir an measúnú comhréireachta ábhartha de réir mar a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III maidir leis na táirgí sin.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Comhlachtaí dá dtugtar fógra, cuirfidh siad leasanna agus riachtanais shonracha fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) san áireamh nuair a bheidh na táillí le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta á socrú acu agus laghdóidh siad na táillí sin i gcomhréir lena leasanna agus lena riachtanais shonracha.

5. Comhlachtaí dá dtugtar fógra, cuirfidh siad leasanna agus riachtanais shonracha micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide san áireamh nuair a bheidh na táillí le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta á socrú acu agus laghdóidh siad na táillí sin i gcomhréir lena leasanna agus lena riachtanais shonracha. Gníomhóidh an Coimisiún chun nósanna imeachta níos inrochtana agus níos inacmhainne agus tacaíocht airgeadais iomchuí a áirithiú faoi chuimsiú na gclár Aontais atá ann cheana, go háirithe chun an t-ualach ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a laghdú.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5 a. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a ndéanann institiúidí creidmheasa iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar institiúidí creidmheasa iad a rialaítear le Treoir 2013/36/AE, déanfar an measúnú comhréireachta mar chuid den nós imeachta dá dtagraítear in Airteagail 97 go 101 den Treoir sin.

Leasú  124

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

I gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus crua-earraí nó bogearraí acu atá coibhéiseach, d’fhéadfadh aon samhail táirge amháin a bheith ionadaíoch ar thacar táirgí gaolmhara chun críocha na nósanna imeachta seo a leanas um measúnú comhréireachta:

 

(a) an nós imeachta um rialú inmheánach (bunaithe ar mhodúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; nó

 

(b) an nós imeachta um chineálscrúdú AE (modúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus ina dhiaidh sin, comhréireacht le cineál AE bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (bunaithe ar mhodúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

Leasú  125

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheobhaidh sé a choimirciú.

5. Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheobhaidh sé a choimirciú, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála.

Leasú  126

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6 a. Déanfaidh údaráis a thugann fógra maorlathas agus táillí a íoslaghdú, go háirithe le haghaidh FBManna.

Leasú  127

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 a. Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh fáil leordhóthanach ar ghairmithe oilte, d’fhonn baic i ngníomhaíochtaí comhlachtaí um measúnú comhréireachta a íoslaghdú.

Leasú  128

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10. Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile arna fáil agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn VI nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht di, ach amháin i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena n-áiritheofar comhlíonadh na míre seo.

10. Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile arna fáil agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn VI nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht di, ach amháin i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar cearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena n-áiritheofar comhlíonadh na míre seo.

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12. Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha a bheidh comhsheasmhach, cothrom agus réasúnach, agus aird á tabhairt go háirithe ar leasanna FBManna i ndáil le táillí.

12. Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha a bheidh comhsheasmhach, cothrom agus réasúnach i gcomhréir le hAirteagal 37(2), agus aird á tabhairt go háirithe ar leasanna micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide i ndáil le táillí.

Leasú  130

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis uile, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála, a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

Leasú  131

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 37 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar measúnuithe comhréireachta ar mhodh comhréireach agus seachnófar ualaí nach gá ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á díriú acu ar mhéid gnóthais, an earnáil ina n-oibríonn sé, a struchtúr, leibhéal castachta theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

2. Déanfar measúnuithe comhréireachta ar mhodh comhréireach agus seachnófar ualaí nach gá ar oibreoirí eacnamaíocha, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á díriú acu ar mhéid gnóthais, an earnáil ina n-oibríonn sé, a struchtúr, leibhéal castachta chineál agus theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus neamhchosaint ar riosca chineál agus theicneolaíocht an táirge atá i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

Leasú  132

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 37 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. I gcás comhlacht dá dtugtar fógra a fhaigheann amach, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, go bhfuil táirge ann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá.

5. I gcás comhlacht dá dtugtar fógra a fhaigheann amach, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, go bhfuil táirge ann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá.

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 40 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí dá dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin go cuí i bhfoirm grúpa trasearnála comhlachtaí dá dtugtar fógra.

1. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí dá dtugtar fógra, ag cur san áireamh freisin a riachtanaí a bheidh sé maorlathas agus táillí a laghdú, agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin go cuí i bhfoirm grúpa trasearnála comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 40 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra páirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra páirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe, ag cur san áireamh freisin a riachtanaí a bheidh sé maorlathas agus táillí a laghdú.

Leasú  135

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna n-ainmniú faoi Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881 agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn rialta. Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairisceoireachta de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo, is le ENISA a chomhoibreoidh na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh.

3. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála arna n-ainmniú faoi Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881 agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn rialta. Maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na n‐oibleagáidí tuairisceoireachta de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo, is le ENISA, go héifeachtach, a chomhoibreoidh na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar ENISA comhairle theicniúil a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear le linn imscrúduithe i gcomhréir le hAirteagal 43 sa chás go bhféadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar ENISA meastóireachtaí neamhcheangailteacha a sholáthar maidir le comhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

Leasú  136

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh.

7. Éascóidh an Coimisiún malartú taithí, go rialta agus ar bhonn struchtúrtha, idir údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear trí bhíthin grúpa dílsithe comhair riaracháin ADCO arna bhunú faoi mhír 11 den Airteagal seo.

Leasú  137

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh treoir agus comhairle a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, le tacaíocht ón gCoimisiún.

8. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte agus cuirfidh sé comhairle ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe dóibh siúd a cháilíonn mar FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag na treoirlínte agus ag an gcomhairle an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a theorannú, agus cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach a áirithiú i gcomhréir leis an gcuspóir ginearálta maidir le sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú.

Leasú  138

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8 a. Beidh údaráis um fhaireachas margaidh in ann glacadh le gearáin i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1020 a dhéanfaidh tomhaltóirí agus freisin trí shásraí soiléire agus inrochtana a bhunú chun éascaíocht a dhéanamh ar thuairisciú leochaileachtaí, teagmhas agus cibearbhagairtí.

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

11. Bunófar grúpa tiomnaithe comhair riaracháin (ADCO) chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh an ADCO sin comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó oifigí idirchaidrimh aonair.

11. Bunófar grúpa tiomnaithe comhair riaracháin (ADCO) chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, chun comhar struchtúrtha a éascú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun cleachtais údarás um fhaireachas margaidh laistigh den Aontas a chuíchóiriú, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ag an ADCO sin agus beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, ENISA agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó oifigí idirchaidrimh aonair Tiocfaidh an ADCO le chéile go tráthrialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó ENISA nó ó Bhallstát agus déanfaidh sé a ghníomhaíocht a chomhordú le gníomhaíochtaí reatha eile Aontais a bhaineann le faireachas margaidh agus sábháilteacht tomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, rachaidh sé i gcomhar le líonraí, grúpaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus malartóidh sé faisnéis leo. Féadfaidh an ADCO a iarraidh ar shaineolaithe agus tríú páirithe eile, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí, freastal ar a chuid cruinnithe.

Leasú  140

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 41 – mír 11 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

11 a. Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a ndéanann institiúidí airgeadais a rialaítear le reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais iad a dháileadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, is é an t-údarás um fhaireachas margaidh chun críocha an Rialacháin seo an t-údarás ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht airgeadais na n-institiúidí sin faoin reachtaíocht sin.

Leasú  141

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuireann a monaróirí i bhfeidhm leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na sonraí is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachta na dtáirgí sin, lena n-áirítear doiciméadacht inmheánach ghaolmhar an oibreora eacnamaíoch ábhartha.

I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar na próisis a chuireann a monaróirí i bhfeidhm leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar iarraidh réasúnaithe a fháil, tabharfar rochtain do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na sonraí is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhearadh, forbairt, táirgeadh agus láimhseáil leochaileachta na dtáirgí sin, lena n-áirítear doiciméadacht inmheánach ghaolmhar an oibreora eacnamaíoch ábhartha. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le hAirteagal 52(1) pointe (a), coinneofar an méid sin i dtimpeallacht shlán, rialaithe arna cinneadh ag an monaróir.

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 43 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh siad de cheangal ar an monaróir ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun go gcomhlíonfadh an táirge na ceanglais sin, é sin nó an táirge a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a leagfaidh siad síos.

Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, nó go bhfuil sé ina bhagairt don tslándáil náisiúnta ar bhealach eile, cuirfidh siad de cheangal ar an monaróir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun go gcomhlíonfadh an táirge na ceanglais sin, é sin nó an táirge a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a leagfaidh siad síos.

 

Sula ndéanfar an mheastóireacht thuasluaite, más gá, agus aird á tabhairt ar thábhacht an riosca cibearshlándála, féadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh a chur de cheangal ar an oibreoir ábhartha infhaighteacht an táirge ar an margadh a chur ar fionraí nó a shrianadh láithreach ar feadh thréimhse na meastóireachta thuasluaite.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 43 – mír 4 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach nglacann monaróir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge a chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm.

I gcás nach nglacann monaróir táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, nó i gcás ina measann údarás na mBallstát ábhartha go bhfuil bagairt don tslándáil náisiúnta ag baint leis an táirge, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge a chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm.

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 45 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena n-áirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil táirge ann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirge lena mbaineann riosca mór cibearshlándála, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, féadfaidh sé a iarraidh ar na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 a leanúint.

1. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena n-áirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag údaráis inniúla Ballstát, foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna) arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555 nó ag ENISA, go bhfuil táirge ann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, táirge lena mbaineann riosca mór cibearshlándála, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, déanfaidh sé a iarraidh ar na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 a leanúint.

Leasú  145

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 45 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo idirghabháil láithreach a dhéanamh chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge dá dtagraítear i mír 1 agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ábhartha, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

2. In imthosca a bhfuil bonn cirt leo idirghabháil láithreach a dhéanamh chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo fós gan comhlíonadh ag an táirge dá dtagraítear i mír 1 agus nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ábhartha, déanfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

Leasú  146

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 43, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbaineann riosca mór cibearshlándála leo agus, ina theannta sin, gur riosca iad maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine, maidir le comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, maidir le hinfhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha trí chóras faisnéise leictreonaí den chineál dá dtagraítear in [Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir XXX/XXXX (NIS2)] nó maidir le gnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, ceanglóidh sé ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint a thuilleadh leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus leis na próisis a chuir an monaróir lena mbaineann i bhfeidhm, nuair a chuirfear ar an margadh é, é sin nó an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann.

1. I gcás ina gcinnfidh údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 43, cé go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis a chuir an monaróir i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbaineann riosca mór cibearshlándála leo agus, ina theannta sin, gur riosca iad maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine, maidir le comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, maidir le hinfhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht seirbhísí arna gcur ar fáil ag eintitis fhíor-riachtanacha trí chóras faisnéise leictreonaí den chineál dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta chun leibhéal ard cibearshlándála a áirithiú ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS2)  maidir le gnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint a thuilleadh leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus leis na próisis a chuir an monaróir lena mbaineann i bhfeidhm, nuair a chuirfear ar an margadh é, é sin nó an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann.

Leasú  147

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Áiritheoidh an monaróir nó na hoibreoirí ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach i ndáil leis na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, agus go ndéanfar é laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

2. Áiritheoidh an monaróir nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach i ndáil leis na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, agus go ndéanfar é laistigh den amlíne arna leagan síos ag údarás um fhaireachas margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.

Leasú  148

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena n-áirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás nó na húdaráis ábhartha um fhaireachais margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 agus i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leanúint.

6. I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas, lena n‐áirítear cúiseanna bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag ENISA, go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 ag baint le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cé go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo, déanfaidh sé a iarraidh ar an údarás nó na húdaráis ábhartha um fhaireachais margaidh meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhlíonadh agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43 agus i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a leanúint.

Leasú  149

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. In imthosca eisceachtúla ina bhfuil bonn cirt le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge dá dtagraítear i mír 6, agus i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis náisiúnta ábhartha um fhaireachas margaidh, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin agus cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

7. In imthosca eisceachtúla ina bhfuil bonn cirt le hidirghabháil láithreach chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún a mheas go bhfuil na rioscaí dá dtagraítear i mír 1 fós ag baint leis an táirge dá dtagraítear i mír 6, agus i gcás nach bhfuil aon bheart éifeachtach déanta ag na húdaráis náisiúnta ábhartha um fhaireachas margaidh, déanfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin agus cuirfidh sé na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh ar an eolas dá réir. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha le ENISA de réir mar is gá.

Leasú  150

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chomhaontú le húdaráis ábhartha eile gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh a bheidh dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ar minic rioscaí cibearshlándála ag baint leo.

1. Maidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, déanfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha go rialta le húdaráis ábhartha eile, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ar minic rioscaí cibearshlándála ag baint leo. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin cigireachtaí ar tháirgí arna bhfáil faoi chéannacht cheilte.

Leasú  151

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 48 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil go bhfuil an Rialacháin seo á chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin.

2. Déanfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil go bhfuil an Rialacháin seo á chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin.

Leasú  152

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chinneadh gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe a dhéanamh go comhuaineach (‘scuab-imscrúduithe’) maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó catagóirí díobh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath.

1. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachais margaidh gníomhaíochtaí rialaithe comhordaithe go rialta agus go comhuaineach (“scuab-imscrúduithe”) maidir le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó catagóirí díobh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath.

Leasú  153

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Féadfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.

2. Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Déanfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.

Leasú  154

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfaidh ENISA, agus a chúraimí á ndéanamh aige, lena n-áirítear cúraimí bunaithe ar na fógraí atá faighte aige de réir Airteagal 11(1) agus (2), catagóirí táirgí a shainaithint a bhféadfar scuab-imscrúduithe a eagrú ina leith. Cuirfear an togra le haghaidh scuab-imscrúduithe faoi bhráid an chomhordaitheora fhéideartha dá dtagraítear i mír 2 lena bhreithniú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh.

3. Sainaithneoidh ENISA, agus a chúraimí á gcomhlíonadh aici, lena n-áirítear bunaithe ar na fógraí a gheofar de réir Airteagal 11(1) agus (2), catagóirí táirgí a n-eagrófar scuab-imscrúduithe ina leith. Cuirfear an togra le haghaidh scuab-imscrúduithe faoi bhráid an chomhordaitheora fhéideartha dá dtagraítear i mír 2 lena bhreithniú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh.

Leasú  155

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin, agus ar dhaoine eile in éineacht leo atá údaraithe ag an gCoimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

5. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin, agus ar dhaoine eile in éineacht leo atá údaraithe ag an gCoimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

Leasú  156

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 49 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Article 49 a

 

Comhairle theicniúil a sholáthar

 

1. Ceapfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, grúpa saineolaithe chun comhairle theicniúil a sholáthar d’údaráis um fhaireachas margaidh maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. Saineofar sa ghníomh cur chun feidhme, inter alia, na sonraí a bhaineann le comhdhéanamh an ghrúpa, mar a oibreoidh sé agus luach saothair a chomhaltaí. Go háirithe, solathróidh an grúpa saineolaithe meastóireachtaí neamhcheangailteacha ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, arna iarraidh sin ag údarás um fhaireachas margaidh a bhfuil imscrúdú á sheoladh aige faoi Airteagal 43, agus ar an liosta táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta;

 

2. Beidh an grúpa saineolaithe comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún ar feadh téarma inathnuaite trí bliana ar bhonn a gcuid saineolais eolaíoch nó theicniúil sa réimse.

 

3. Ceapfaidh an Coimisiún líon áirithe saineolaithe a mheasfar a bheith leordhóthanach chun freastal ar na riachtanais thuartha.

 

4. Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun aon choinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc. Déanfar dearbhú leasanna chomhaltaí an ghrúpa a chur ar fáil go poiblí.

 

5. Maidir leis na daoine a cheapfar, déanfaidh siad a gcúraimí leis an leibhéal gairmiúlachta, neamhspleáchais, neamhchlaontachta agus oibiachtúlachta is fearr.

 

6. I gcás ina mbeidh seasaimh, dearcthaí agus tuarascálacha á nglacadh ag an ngrúpa saineolaithe, féachfaidh sé le teacht ar chomhthoil. Sa chás nach féidir teacht ar chomhthoil, déanfar cinntí trí thromlach simplí chomhaltaí an ghrúoa.

Leasú  157

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le cásanna ina sáraíonn oibreoirí eacnamaíocha an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le cásanna ina sáraíonn oibreoirí eacnamaíocha an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleac, agus cuirfear i gcuntas leo sainiúlachtaí na micrifhiontar, agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

Leasú  158

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 6 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a a) an sárú neamhbheartaithe é;

Leasú  159

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 6 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) an mhlaidh gur ghearr údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir céanna as sárú comhchosúil;

(b) an amhlaidh gur ghearr na húdaráis chéanna um fhaireachas margaidh nó údaráis eile um fhaireachas margaidh fíneálacha riaracháin cheana féin ar an oibreoir céanna as sárú comhchosúil;

Leasú  160

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 6 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) méid agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige.

(c) méid agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige, agus scála rioscaí, iarmhairtí agus sainiúlachtaí airgeadais na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide a chur i gcuntas;

Leasú  161

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 – mír 6 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c a) iompraíocht an oibreora ina dhiaidh sin tar éis faisnéis nó eolas a fháil faoin neamhchomhlíonadh faoi seach, lena n-áirítear an amhlaidh, ar theacht ar an eolas dó faoin neamhchomhlíonadh faoi seach, gur úsáid an t-oibreoir na bearta ceartaitheacha iomchuí go léir chomh maith le bearta a raibh gá réasúnta leo chun iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint nó a íoslaghdú.

Leasú  162

 

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil VII a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

BEARTA CHUN TACÚ LEIS AN NUÁLAÍOCHT

Leasú  163

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 53 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 53 a

 

Boscaí gainimh rialála

 

Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA bosca gainimh rialála Eorpach a bhunú a mbeidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha páirteach ann go deonach chun:

 

(a) foráil do thimpeallacht rialaithe lena n-éascaítear dearadh, forbairt agus táirgeadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha le linn forbairt, tástáil agus bailíochtú na dtáirgí, sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad, de bhun plean sonrach;

 

(b) tacaíocht phraiticiúil a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí threoirlínte agus dea-chleachtais chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh;

 

(c) cur le foghlaim rialála fhianaisebhunaithe.

Leasú  164

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 54 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1020 agus ar Threoir 2020/1828/CE

Leasú  165

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 54 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2020/1828/AE, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

‘67. [Rialachán XXX][an Gníomh um Chibear-athléimneacht]’.

Leasú  166

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 54 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 54 a

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30

 

Tá an Rialachán seo ceaptha sa chaoi go gcomhlíonfaidh na táirgí uile a chumhdaítear leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f) de Threoir 2014/53/AE mar a thuairiscítear i rialachán tarmligthe (AE) 2022/30 an Rialachán seo. Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú, déanfar Rialachán tarmligthe (AE) 2022/30 a aisghairm nuair a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Leasú  167

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 57 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ó [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 11 ó [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh feidhm aige ón [36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. A mhéid a bhaineann le táirgí ag a bhfuil eilimintí criticiúla, beidh feidhm ag Caibidil II, III, V agus VII tráth nach luaithe ná [20 mí tar éis dháta foilsithe na gcaighdeán comhchuibhithe arna bhforbairt faoin gcaighdeánú a éilítear chun críche an Rialacháin seo].

 

Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le conas na ceanglais sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le táirgí doláimhsithe.

Leasú  168

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Ar bhonn an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

(3) Ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:

Leasú  169

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe - a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a) a chur ar an margadh gan aon leochaileachtaí insaothraithe arb eol i dtreo feiste seachtrach nó líonra;

Leasú  170

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 3 – pointe 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) cuirfear na táirgí ar fáil agus cumraíocht shlán de réir réamhshocraithe i bhfeidhm orthu lena n-áirítear an fhéidearthacht an táirge a athshocrú chuig a riocht bhunaidh;

(a) cuirfear na táirgí ar fáil agus cumraíocht shlán de réir réamhshocraithe i bhfeidhm orthu;

Leasú  171

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, amhail trí shonraí ábhartha a chriptiú agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha;

(c) cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, amhail trí chriptiú, théacschomharthú, rialú cúiteach nó chosaint leordhóthanach eile na sonraí ábhartha agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha;

Leasú  172

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n-údaraíonn an t-úsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú;

(d) sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus sonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n-údaraíonn an t-úsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú nó an rochtain neamhúdaraithe fhéideartha;

Leasú  173

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha, lena n-áirítear an athléimneacht in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse agus na hionsaithe sin a mhaolú;

(f) cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha agus bunúsacha, lena n-áirítear an athléimneacht in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse agus na hionsaithe sin a mhaolú;

Leasú  174

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun tionchar teagmhais a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;

(i) déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun tionchar teagmhais shuntasaigh a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;

Leasú  175

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) soláthrófar faisnéis slándála tríd an ngníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus/nó faireachán a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna nó modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna;

(j) soláthrófar faisnéis slándála trí chumais taifeadta agus/nó faireacháin a sholáthar arna iarraidh don úsáideoir, go logánta agus ar leibhéal feiste le haghaidh gníomhaíocht inmheánach ábhartha, lena n-áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna nó modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna;

Leasú  176

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe k

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k) áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí trí bhíthin nuashonruithe slándála lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí bhíthin nuashonraithe uathoibríocha agus trí fhógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi na nuashonruithe atá ar fáil.

(k) áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí trí bhíthin nuashonruithe slándála lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh siad ar leithligh ó nuashonruithe feidhmiúlachta agus trí bhíthin nuashonraithe uathoibríocha agus trí fhógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi na nuashonruithe atá ar fáil.

Leasú  177

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 1 – pointe 3 – pointe k a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(k a)  a bheith deartha, forbartha agus táirgthe chun go mbeidh deis ann don scor sábháilte agus don athchúrsáil fhéideartha i dtreo dheireadh na saolré, lena n-áirítear trí dheis a thabhairt d’úsáideoirí na sonraí ar fad a tharraingt siar agus a bhaint go slán ar bhonn buan.

Leasú  178

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 2 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí agus leigheasfar iad gan mhoill, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar;

(2) i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí criticiúla agus ardleibhéil agus leigheasfar iad gan mhoill, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar nó na cúiseanna nár leigheasadh an leochaileacht a dhoiciméadú;

Leasú  179

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 2 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, cuirfear faisnéis ar fáil go poiblí faoi na leochaileachtaí a leigheasadh, lena n-áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas;

(4) a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, cuirfear faisnéis ar fáil go poiblí nó de réir an dea-chleachtais tionscail faoi na leochaileachtaí atá ar eolas a leigheasadh, lena n-áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha lena mbaineann a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis shoiléir agus inrochtana lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas;

Leasú  180

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 2 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4 a) déantar faisnéis maidir le paistí agus leochaileachtaí a chomhroinnt agus a nochtadh ar bhealach rialaithe, le hurraim don phrionsabal ‘an dochar a laghdú’ agus do rúin trádála trí leochaileachtaí a nochtadh ar bhealach freagrach do na gníomhaithe a d’fhéadfadh gníomhú chun an leochaileacht a mhaolú, agus gan í a chur ar fáil go poiblí chun nach gcuirfear haiceálaithe féideartha ar an eolas trí bhotún;

Leasú  181

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 2 – mír 1 – pointe 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) déanfar foráil maidir le sásraí chun nuashonruithe a dháileadh go slán le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndéanfar leochaileachtaí insaothraithe a dheisiú nó a mhaolú go tráthúil;

(7) déanfar foráil maidir le sásraí chun nuashonruithe slándála a dháileadh go slán le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndéanfar leochaileachtaí insaothraithe a dheisiú nó a mhaolú go tráthúil;

Leasú  182

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – Cuid 2 – mír 1 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) i gcás ina bhfuil paistí slándála nó nuashonruithe ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála a shainaithnítear, a áirithiú go scaipfear iad gan mhoill agus saor in aisce agus go mbeidh teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena soláthrófar faisnéis ábhartha d’úsáideoirí, lena n-áirítear faisnéis faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh.

(8) i gcás ina bhféadfaí paistí slándála nó nuashonruithe a chur ar fáil le réasún chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála a shainaithnítear, a áirithiú go mbeidh bealach ann faoina bhféadfaidh úsáideoirí iad a fháil gan mhoill agus saor in aisce nó ar chostas trédhearcach nó neamh-idirdhealaitheach, agus go mbeidh teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena soláthrófar faisnéis ábhartha d’úsáideoirí, lena n-áirítear faisnéis faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Leasú  183

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. an pointe teagmhála trínar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí cibearshlándála an táirge a thuairisciú agus a fháil;

2. an pointe teagmhála aonair trínar féidir faisnéis faoi leochaileachtaí cibearshlándála an táirge a thuairisciú agus a fháil;

Leasú  184

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. aon imthoisc aitheanta nó intuartha, a bhaineann le húsáid an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, ar imthoisc í a bhféadfadh rioscaí suntasacha cibearshlándála eascairt aisti;

scriosta

Leasú  185

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. más amhlaidh agus i gcás inarb infheidhme, an áit ar féidir rochtain a fháil ar liosta ábhar na mbogearraí;

6. más amhlaidh agus i gcás inarb infheidhme, an áit ar féidir leis na húdaráis inniúla rochtain a fháil ar liosta ábhar na mbogearraí;

Leasú  186

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. an cineál tacaíochta teicniúla slándála a chuireann an monaróir ar fáil agus an dáta deireanach a chuirfear ar fáil é, an dáta deireanach ar féidir le húsáideoirí a bheith ag súil le nuashonruithe slándála, ar a laghad, a fháil;

8. an cineál tacaíochta teicniúla slándála a chuireann an monaróir ar fáil agus an dáta deireanach a chuirfear ar fáil é;

Leasú  187

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8 a. spriocdháta shaolré ionchasach an táirge, á léiriú go soiléir, i gcás inarb infheidhme, ar phacáistíocht an táirge, an dáta deireanach a áiritheoidh an monaróir láimhseáil éifeachtach leochaileachtaí agus soláthar nuashonruithe slándála

Leasú  188

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 9 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) na bearta is gá a dhéanamh le linn choimisiúnú tosaigh an táirge agus le linn shaolré an táirge chun a úsáid shlán a áirithiú;

scriosta

Leasú  189

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 9 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) an chaoi ar féidir le hathruithe ar an táirge difear a dhéanamh don tslándáil sonraí;

scriosta

Leasú  190

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 9 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c a) spriocdháta shaolré ionchasach an táirge agus an dáta deireanach a áiritheoidh an monaróir láimhseáil éifeachtach leochaileachtaí agus soláthar nuashonruithe slándála;

Leasú  191

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – mír 1 – pointe 9 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) díchoimisiúnú shlán an táirge, lena n-áirítear faisnéis faoin gcaoi ar féidir sonraí úsáideoirí a bhaint go slán.

scriosta

Leasú  192

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – Cuid I – pointe 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a. Ardáin um fhíordheimhniú, um údarú agus um chuntasaíocht (AAA)

Leasú  193

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – Cuid I – pointe 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15. Comhéadain fhisiciúla líonra;

15. Comhéadain fhisiciúla agus fhíorúla líonra

Leasú  194

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – Cuid I – pointe 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

18. Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon agus lasca, nach gcumhdaítear le haicme II;

scriosta

Leasú  195

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – Cuid I – pointe 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

23. Idirlíon Tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla nach gcumhdaítear le haicme II.

23. Táirgí tionsclaíocha ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar féidir tagairt dóibh mar chuid d’Idirlíon na Rudaí Nithiúla nach gcumhdaítear le haicme II.

Leasú  196

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – Cuid II – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Ballaí dóiteáin, córais braite ionraidh agus/nó córais choisc atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch;

4. Ballaí dóiteáin, tairseacha slándála, córais braite ionraidh agus/nó córais choisc atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch;

Leasú  197

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – Cuid II – pointe 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon agus lasca, atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch;

7. Ródairí, móideimí atá beartaithe lena nascadh leis an idirlíon, lasca, agus nóid eile líonraí atá riachtanach chun an tseirbhís nascachta a sholáthar;

Leasú  198

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn IV a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

IARSCRÍBHINN IVa

 

AN DEARBHÚ CORPRAITHE AE LE HAGHAIDH TÁIRGÍ PÁIRTCHRÍOCHNAITHE AG A BHFUIL EILIMINTÍ DIGITEACHA

 

Cuimseofar sa Dearbhú Corpraithe AE le haghaidh táirgí páirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha, dá dtagraítear in Airteagal 20a, an fhaisnéis seo a leanas ar fad:

 

1. Ainm agus cineál agus aon fhaisnéis bhreise lena gcumasaítear sainaithint uathúil an táirge pháirtchríochnaithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha;

 

2. Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an táirge pháirtchríochnaithe ar mhaithe le hinrianaitheacht. Féadfaidh grianghraf a bheith ag gabháil leis, i gcás inarb iomchuí);

 

3. Ráiteas go bhfuil an táirge páirtchríochnaithe ar a dtugtar tuairisc thuas i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais;

 

4. Tagairtí do ghníomhartha ábhartha an Aontais lena mbaineann, lena n-áirítear a dtagairtí foilsithe;

 

5. Faisnéis bhreise:

 

Arna shíniú thar ceann: …………………………………

 

(áit agus dáta eisiúna):

 

(ainm, feidhm) (síniú):

Leasú  199

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) an chríoch atá beartaithe dó;

scriosta

Leasú  200

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. tuairisc ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar tháirgeadh an táirge agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

scriosta

(a) faisnéis iomlán faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, líníochtaí agus scéimeanna agus/nó tuairisc ar ailtireacht an chórais lena mínítear an chaoi a gcuireann na comhpháirteanna bogearraí le chéile nó an tionchar a bhíonn acu ar a chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán;

 

(b) faisnéis iomlán agus sonraíochtaí maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, lena n-áirítear liosta ábhar sna bogearraí, an beartas comhordaithe um nochtadh leochaileachtaí, fianaise ar sheoladh teagmhála a sholáthar chun leochaileachtaí a thuairisciú agus tuairisc ar na réitigh theicniúla a roghnaítear chun nuashonruithe a leithdháileadh go slán;

 

(c) faisnéis iomlán agus sonraíochtaí maidir le próisis táirgthe agus faireacháin le haghaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maidir le bailíochtú na bpróiseas sin.

 

Leasú  201

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. measúnú ar na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a chothabháil mar a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo;

3. ráiteas nó achoimre ar na na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a chothabháil mar a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo agus, mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, ar choinníoll go bhfuil gá leis chun gur féidir leis an údarás seo an chomhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, measúnú mionsonraithe ar na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a chothabháil mar a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo;

 


IARSCRÍBHINN LIOSTA NA N-EINTITEAS NÓ NA NDAOINE ÓNA BHFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Is ar bhonn iomlán deonach a cuireadh an liosta seo a leanas le chéile faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Fuair an rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó ó na daoine seo a leanas le linn na dréacht-thuairime a ullmhú:

 

Eintiteas agus/nó duine

Apple

BDI Federation of German Industries

BEUC

BSA The Software Alliance

Confederation of Danish Industries

Digital Europe

ETNO

Kaspersky

Microsoft

Samsung

TIC Council

Xiaomi

 


NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

Tagairtí

COM(2022)0454 – C9-0308/2022 – 2022/0272(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

9.11.2022

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

9.11.2022

Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

20.4.2023

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Morten Løkkegaard

16.12.2022

Pléite sa choiste

2.3.2023

25.4.2023

23.5.2023

 

Dáta an ghlactha

29.6.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

41

1

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Alexandra Geese, Maria Grapini, Svenja Hahn, Krzysztof Hetman, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Maria-Manuel Leitão-Marques, Antonius Manders, Beata Mazurek, Leszek Miller, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, René Repasi, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Campomenosi, Maria da Graça Carvalho, Geoffroy Didier, Francisco Guerreiro, Tsvetelina Penkova, Catharina Rinzema, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asger Christensen, Nicolás González Casares, Grzegorz Tobiszowski

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

41

+

ECR

Beata Mazurek, Grzegorz Tobiszowski, Kosma Złotowski

ID

Alessandra Basso, Marco Campomenosi, Virginie Joron

NI

Miroslav Radačovský

PPE

Pablo Arias Echeverría, Maria da Graça Carvalho, Deirdre Clune, Geoffroy Didier, Krzysztof Hetman, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Marion Walsmann

Renew

Andrus Ansip, Vlad-Marius Botoş, Dita Charanzová, Asger Christensen, Svenja Hahn, Catharina Rinzema

S&D

Alex Agius Saliba, Biljana Borzan, Nicolás González Casares, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Leszek Miller, Tsvetelina Penkova, René Repasi, Christel Schaldemose

The Left

Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

Verts/ALE

Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro, Kim Van Sparrentak

 

1

-

ECR

Eugen Jurzyca

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 


 

 


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

Tagairtí

COM(2022)0454 – C9-0308/2022 – 2022/0272(COD)

Dáta tíolactha chun PE

15.9.2022

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

9.11.2022

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

9.11.2022

LIBE

9.11.2022

 

 

Coistí comhlachaithe

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

20.4.2023

IMCO

20.4.2023

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Nicola Danti

26.10.2022

 

 

 

Pléite sa choiste

25.4.2023

 

 

 

Dáta an ghlactha

19.7.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

61

1

10

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Vasile Blaga, Michael Bloss, Paolo Borchia, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Beatrice Covassi, Nicola Danti, Marie Dauchy, Pilar del Castillo Vera, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Jens Geier, Nicolás González Casares, Christophe Grudler, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Seán Kelly, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Thierry Mariani, Marisa Matias, Marina Mesure, Dan Nica, Niklas Nienass, Ville Niinistö, Johan Nissinen, Mauri Pekkarinen, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Manuela Ripa, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Damian Boeselager, Franc Bogovič, Francesca Donato, Matthias Ecke, Ladislav Ilčić, Elena Lizzi, Dace Melbārde, Jutta Paulus, Massimiliano Salini, Jordi Solé, Susana Solís Pérez, Ivan Štefanec, Nils Torvalds, Emma Wiesner

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rosanna Conte, Arnaud Danjean, César Luena, Nicola Procaccini, Elżbieta Rafalska, Antonio Maria Rinaldi, Daniela Rondinelli, Nacho Sánchez Amor, Edina Tóth

Dáta don chur síos

27.7.2023

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

61

+

ECR

Ladislav Ilčić, Zdzisław Krasnodębski, Nicola Procaccini, Elżbieta Rafalska, Grzegorz Tobiszowski

NI

Francesca Donato, Edina Tóth

PPE

François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Vasile Blaga, Franc Bogovič, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Arnaud Danjean, Christian Ehler, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Dace Melbārde, Markus Pieper, Massimiliano Salini, Maria Spyraki, Ivan Štefanec, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

Renew

Nicola Beer, Nicola Danti, Martina Dlabajová, Valter Flego, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Susana Solís Pérez, Nils Torvalds, Emma Wiesner

S&D

Beatrice Covassi, Matthias Ecke, Niels Fuglsang, Jens Geier, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, César Luena, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Daniela Rondinelli, Nacho Sánchez Amor, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

Verts/ALE

Michael Bloss, Damian Boeselager, Ignazio Corrao, Henrike Hahn, Niklas Nienass, Ville Niinistö, Jutta Paulus, Manuela Ripa, Jordi Solé

 

1

-

The Left

Marina Mesure

 

10

0

ECR

Johan Nissinen, Robert Roos

ID

Paolo Borchia, Rosanna Conte, Marie Dauchy, Elena Lizzi, Thierry Mariani, Antonio Maria Rinaldi

PPE

Sara Skyttedal

The Left

Marisa Matias

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 6 Meán Fómhair 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais