Tuarascáil - A9-0294/2023Tuarascáil
A9-0294/2023

TUARASCÁIL maidir le hainmniúchán Tony Murphy mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí

13.10.2023 - (C9‑0334/2023 – 2023/0808(NLE))

An Coiste um Rialú Buiséadach
Rapóirtéir: Monika Hohlmeier

Nós Imeachta : 2023/0808(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0294/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0294/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le hainmniúchán Tony Murphy mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí

 

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0334/2023),

 ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0294/2023),

A. de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 8 Meán Fómhair 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le hainmniúchán Tony Murphy mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B. de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Tony Murphy, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Tony Murphy, chomh maith lena chuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C. de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Tony Murphy ina dhiaidh sin an 12 Deireadh Fómhair 2023, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1. ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Tony Murphy ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

 


IARSCRÍBHINN 1: CURRICULUM VITÆ TONY MURPHY

Cáilíochtaí gairmiúla:

1997–2006 Comhalta d’Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha agus Iniúchóir Inmheánach Deimhnithe de thoradh scrúduithe na Samhna 2005

1989 Comhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte 1979 - 1984 Comhlach de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte

 

Taithí ghairmiúil:

2022 — Uachtarán reatha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Lucsamburg, Lucsamburg 2018-2022 Comhalta Éireannach de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Lucsamburg, Lucsamburg

2017–2018 Stiúrthóir Dhlísheomra IV (Rialáil Margaí agus an Geilleagar Iomaíoch)) i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa, Lucsamburg, Lucsamburg

2013–2017 Ceann ar Oifig Phríobháideach Comhalta i gCúirt Iniúchóirí na hEorpa, Lucsamburg, Lucsamburg

2007–2012 Ceann an Aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí sa Choimisiún Eorpach - Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais - an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí, Lucsamburg, Lucsamburg

2003–2007 Iniúchóir sa Choimisiún Eorpach - Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais - an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí, Lucsamburg, Lucsamburg

1999–2003 Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht sa Choimisiún Eorpach - Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais - an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí, Lucsamburg, Lucsamburg

1994–1999 Iniúchóir Sinsearach in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Baile Átha Cliath, Éire

1979–1994 Iniúchóir in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Baile Átha Cliath, Éire

 

Taithí idirnáisiúnta:

2008 Cathaoirleach ar Bhord Iniúchóireachta an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI), Lucsamburg, Lucsamburg

2007 Comhalta de Bhord Iniúchóireachta an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI), Lucsamburg, Lucsamburg

1998–1999 Cathaoirleach ar Bhord Iniúchóireachta Chomhairle na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc 1997  Comhalta de Bhord Iniúchóireachta Chomhairle na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc

 


 

IARSCRÍBHINN 2: NA FREAGRAÍ A THUG TONY MURPHY AR AN gCEISTNEOIR

Comhlíonadh dualgas: ceachtanna a foghlaimíodh agus gealltanais don todhchaí

1. Cad iad na príomhrudaí a bhain tú amach agus tú i do Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (CIE)? Cad iad na céimeanna is mó ar gcúl a bhí ann?

Bhí feidhmeanna éagsúla agam agus mé i mo Chomhalta de chuid CIE le sé bliana anuas, agus ba mhaith liom béim a leagan ar na héachtaí seo a leanas:

Ba mise an Comhalta a bhí freagrach as an iniúchadh don ráiteas dearbhaithe maidir le caiteachas comhtháthaithe a dhéanamh ar feadh trí bliana, ó na blianta 2018 go 2020. Ba é an toradh a bhí air sin ná ár gcaibidil den tuarascáil bhliantúil le haghaidh theideal CAI ar chomhtháthú. Cuirtear ár dtorthaí i láthair sa chaibidil seo agus tugtar forbhreathnú cuimsitheach ar na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhchaiteachais sa réimse beartais seo. Is ionann é agus ceann de na réimsí caiteachais is mó de bhuiséad AE. Chuidigh ár dtorthaí agus ár moltaí leis an gcreat rialaithe a fheabhsú sna blianta ina dhiaidh sin.

In 2018, rinne mé maoirseacht freisin ar ár ‘gcur chuige fianaithe’ a thabhairt isteach le haghaidh ár n-iniúchta don ráiteas dearbhaithe sa réimse beartais seo. Rinneamar píolótú ar chur chuige modhnaithe chun tástálacha rialuithe agus tástáil shubstainteach idirbheart arna n-iniúchadh ag tríú páirtithe a áireamh. Leis an gcur chuige sin, bhíomar in ann léargas níos fearr a fháil i dtaobh an bhfuil na córais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtach ar leibhéal na mBallstát.

In 2020, toghadh mé mar Dhéan ar Dhlísheomra V, ‘maoiniú agus riar an Aontais’ agus mar an Comhalta a bhí freagrach as an tuarascáil bhliantúil, arb é príomh-aschur CIE í. Sa ról seo, rinne mé maoirseacht ar thrí thuarascáil bhliantúla a chur ar fáil.

Cuireadh na tuarascálacha bliantúla ar fáil go rathúil le linn imthosca dúshlánacha phaindéim COVID-19, agus foilsíodh iad freisin i gcomhréir le spriocdhátaí reachtacha. Cé gur toradh é sin ar iarrachtaí comhoibríocha laistigh de CIE, bhain mo ról mar Chomhalta le comhordú cothrománach agus le hidirchaidreamh le seirbhísí éagsúla ar fud na hinstitiúide chun a áirithiú go gcruthófaí táirge ábhartha, comhleanúnach agus comhsheasmhach go tráthúil.

In 2022, mar an Comhalta a bhí freagrach as an tuarascáil bhliantúil, bhí mé freagrach as an gcaibidil maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt isteach agus a fhorbairt. Ós rud é go bhfuil cineál uathúil ag baint le caiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomparáid leis an ngnáthchreat airgeadais ilbhliantúil, ba é sin an chéad uair a raibh tuairim ar leith inár dtuarascáil bhliantúil. Bhí ról lárnach agam ár modheolaíocht agus ár gcur chuige foriomlán a mhúnlú, laistigh de theorainneacha na samhla seachadta nua seo.

Ina theannta sin, le sé bliana anuas, bhí mé freagrach as an iliomad foilseachán ó CIE, lena n-áirítear athbhreithniú, tuairim agus roinnt iniúchtaí ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht (tuarascálacha speisialta). Áiríodh na nithe seo a leanas sna tuarascálacha speisialta:

 Tuarascáil speisialta 20/2020: Combatting child poverty: Better targeting of Commission support required [Bochtaineacht leanaí a chomhrac – Gá le tacaíocht ón gCoimisiún a spriocdhíriú níos fearr]

 Tuarascáil speisialta 26/2021: Regularity of spending in EU Cohesion policy: Commission discloses annually a minimum estimated level of error that is not final [Rialtacht an chaiteachais i mBeartas Comhtháthaithe an Aontais: nochtann an Coimisiún ar bhonn bliantúil íosleibhéal measta earráide nach bhfuil críochnaitheach].

 Tuarascáil speisialta 07/2023: Dearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF: Tá bearna maidir le dearbhú agus cuntasacht ar leibhéal an Aontais fós sa tsamhail nua seachadta in ainneoin obair fhairsing atá á pleanáil

Ar deireadh, measaim gur éacht suntasach é gur thogh mo phiaraí urramacha mé mar Uachtarán CIE. Ghlac mé leis an ról sin i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus é mar aidhm uileghabhálach agam croíluachanna ár n-institiúide a threisiú, lena n-áirítear neamhspleáchas, sláine, oibiachtúlacht, trédhearcacht agus gairmiúlacht. Ina theannta sin, táim tiomanta do thimpeallacht oibre níos cuimsithí agus níos tairbhí a chothú dár bhfoireann. Measaim go bhfuil gníomhaíocht déanta agam cheana féin maidir le roinnt de na cuspóirí sin i gcomhréir lenár straitéis do 2021-2025.

Céimeanna ar gcúl:

Maidir le céimeanna ar gcúl, is mó na héachtaí atá bainte amach agam le beagnach sé bliana anuas mar Chomhalta CIE ná na constaicí. Mar sin féin, bheadh sé fimíneach a rá go bhfuilim go hiomlán sásta le gach rud a bhaineann le hobair CIE.

Is oth liom a rá nach bhfuil ábharthacht ár gcuid oibre agus feasacht faoinár gcuid oibre chomh forleathan céanna agus ba cheart, dar liom. Ina theannta sin, ní gníomhaítear go hiomlán i gcónaí de réir ár moltaí, a dhéantar i gcomhthéacs feabhas a chur ar bhuiséad AE a bhainistiú, agus ar an gcaoi sin leasanna airgeadais na saoránach a chosaint. Tá rún daingean agam leanúint d’fheabhas a chur ar an staid sin.

Ar deireadh, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag CIE maidir lena cuid oibre iniúchóireachta a dhigitiú, tá srian orainn de bharr ráta digiteála ár n-iniúchaithe. Mar sin, is minic nach mbíonn cáilíocht agus iomláine na sonraí a chuireann ár n-iniúchaithe ar fáil san fhormáid is gá, rud a d’éascódh digitiú ár gcuid oibre. Tá digitiú méadaithe ar cheann de na gnéithe inár straitéis le haghaidh 2021-2025, agus é mar chuspóir leis sin ár gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla.

2. Cad iad na ceachtanna is mó atá foghlamtha agat i do réimse inniúlachta / na torthaí is mó atá bainte amach agat i do chuid dualgas agus cúraimí iniúchóireachta?

Bhí an deis agam taithí luachmhar a fháil agus roinnt torthaí suntasacha a bhaint amach le beagnach sé bliana anuas.

Le linn mo thréimhse mar an Comhalta a bhí freagrach as an tuarascáil bhliantúil, bhí comhoibriú éifeachtach idir foirne iniúchóireachta, institiúidí agus geallsealbhóirí ríthábhachtach chun ár dtuarascáil bhliantúil a chur ar fáil le linn na n-imthosca nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin a tháinig chun cinn de bharr na paindéime.

I mo cháil mar Dhéan agus anois mar Uachtarán, measaim gur gá ardán a chur ar fáil do chách i gcónaí chun a gcuid smaointe agus ábhar imní a chur in iúl, ar mhaithe le plé struchtúrtha agus cothrom a éascú. Cothaíonn sé sin timpeallacht inar féidir comhthoil teacht chun cinn go nádúrtha, as a n-eascraíonn cinntí níos eolaí agus a nglactar go forleathan leo.

Ina theannta sin, maidir leis an obair a bhaineann le tuarascálacha speisialta agus táirgí eile CIE a raibh mé freagrach astu, measaim gur nithe ríthábhachtacha iad moltaí a mbíonn tionchar acu ar chúrsaí, agus as a n-eascraíonn feabhsuithe nithiúla ar chláir agus ar bheartais AE. Maidir le mo chuid cúraimí iniúchóireachta, rinne mé iarracht i gcónaí moltaí soiléire, sonracha agus inghníomhaithe a chur le chéile a bhí nasctha lenár dtorthaí. Is rud é sin a chuirim chun cinn ar fud CIE i mó cháil mar Uachtarán.

Tá maoirseacht déanta agam ar chur ar fáil agus ar fhoilsiú trí thuarascáil bhliantúla CIE. Chuidigh torthaí agus moltaí na dtuarascálacha sin le bainistíocht airgeadais AE a fheabhsú agus le cuntasacht agus trédhearcacht a chur chun cinn. Ina theannta sin, bhí mé freagrach as an gcaibidil maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt isteach agus a fhorbairt. Samhail uathúil nuálach chaiteachais de chuid AE is ea an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Bhí sé ríthábhachtach modheolaíocht fhónta agus cur chuige iniúchóireachta a fhorbairt ar a bhféadfaí iniúchtaí ina dhiaidh sin sa réimse beartais seo a bhunú. Ina theannta sin, tugann ár mbarúlacha sa réimse seo treoir luachmhar do lucht ceaptha beartas agus reachtóirí AE.

3. Cad é an breisluach a d’fhéadfá a thabhairt do CIE i do dhara téarma agus/nó go háirithe sa réimse as a mbeifeá freagrach? Ar mhaith leat do réimse freagrachta a athrú? Cad a thugann spreagadh duit?

I mo cháil mar Uachtarán CIE, measaim go bhfuil mo ról ilghnéitheach sa mhéid is go bhfuil oibleagáidí inmheánacha suntasacha orm maidir le feidhmiú CIE agus a chuid táirgí a fheabhsú. Os a choinne sin, tá mé tiomanta freisin d’ionadaíocht a dhéanamh don institiúid agus feasacht i leith na hinstitiúide a chur chun cinn sa saol mór.

Ó thaobh inmheánach de, ba mhaith liom leanúint leis na cúraimí atá tosaithe agam cheana féin. Baineann go leor de na cúraimí sin lenár straitéis do 2021-2025, ina bhfuil sraith beart cur chun feidhme againn atá nasctha lena spriocanna agus cuspóirí éagsúla. Cuimsíonn na bearta sin tionscnaimh arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht a fheabhsú, cumarsáid inmheánach agus sheachtrach a fheabhsú, agus dul i mbun piarmheasúnú. Táim tiomanta don dul chun cinn atá déanta ag CIE go dtí seo a fhorbairt agus do bhreathnú ar an treo a bheidh againn amach anseo.

Maidir lenár ngeallsealbhóirí seachtracha, is cuma cé acu Parlaimint na hEorpa, institiúidí eile, údaráis na mBallstát nó a gcuid saoránach, tá sé mar aidhm agam i gcónaí naisc a neartú agus ár gcaidreamh a fheabhsú tuilleadh. Déanaim é sin trí iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil leis na gníomhaithe uile agus cumarsáid a dhéanamh leo ar bhonn leanúnach. Tá ról uileghabhálach ag an Uachtarán sa chaidreamh sin.

Táim lánchinnte den tábhacht a bhaineann leis an ról ba cheart a bheith ag CIE ina cháil mar iniúchóir seachtrach neamhspleách AE. I ndáil leis an méid sin, táim thar a bheith spreagtha aschuir ardcháilíochta CIE a chur chun cinn mar iarracht chun go n-aithneofaí iad ar bhonn níos forleithne.

4. Cén chaoi a n-áirithíonn tú go mbainfear amach cuspóirí beartaithe iniúchóireachta an chúraim iniúchóireachta? Ar tharla sé riamh duit nach raibh tú in ann an cúram iniúchóireachta a chur i gcrích agus cad iad na cúiseanna a bhí leis sin? Conas a oibríonn tú sna gcásanna conspóideacha sin?

Tá rannpháirtíocht leanúnach agus rialta idir an Comhalta agus an fhoireann iniúchóireachta, chun a áirithiú go mbeidh forléargas leanúnach ar an bpróiseas iniúchóireachta, ríthábhachtach chun go n-éireoidh le cúram iniúchóireachta. Tugaim tús áite i gcónaí don trédhearcacht agus don chumarsáid, agus mar gheall ar an taithí fhairsing atá agam ar iniúchtaí a bhainistiú, is gnách liom cur chuige struchtúrtha a chur i bhfeidhm lena n-áirítear pleanáil chúramach agus monatóireacht leanúnach. Tríd an bpróiseas sin, d’éirigh liom cásanna conspóideacha den sórt sin a sheachaint ina gcuirfeadh míthuiscint thromchúiseach idir an Comhalta agus an fhoireann nó i leith an iniúchaí toradh na hiniúchóireachta i mbaol.

D’fhéadfadh cásanna teacht chun cinn, áfach, mar gheall ar imthosca nó cásanna deacra ina gcuirtear moill ar chúraimí iniúchóireachta. Tá sé ríthábhachtach línte oscailte cumarsáide agus meon réitigh fadhbanna a choinneáil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin sin, agus ag an am céanna cloí le prionsabail na sláine agus na cuntasachta i gcónaí inár gcuid oibre iniúchóireachta.

5. Dá mbeifeá athdhearbhaithe don dara téarma agus go teoiriciúil, dá mbeifeá tofa i do Dhéan ar Dhlísheomra in CIE, cén chaoi a ndéanfá an obair a stiúradh chun a thosaíochtaí a shainmhíniú? An bhféadfá dhá nó trí shampla a thabhairt de na réimsí a mbeifí ag díriú orthu sa todhchaí?

Mar chuid de thimthriall clársceidealaithe CIE, déanann an Coláiste ina iomláine cinntí críochnaitheacha maidir le toradh an chláir oibre, bunaithe ar na tosaíochtaí a leagtar amach i straitéis CIE agus ar na hacmhainní atá ar fáil. Roimh an méid sin, ar leibhéal an dlísheomra, ag a bhfuil an fhoireann a bhfuil saineolas acu ar na réimsí beartais sonracha, cuireann na Comhaltaí le chéile leis an bpróiseas cinnteoireachta sin a bhaineann lenár gcuid oibre, trí phlé eolach a dhéanamh. Bhí mé freagrach as pléití den sórt sin a stiúradh le haghaidh roinnt timthriallta clársceidealaithe agus mé i mo cháil mar Dhéan ar Dhlísheomra V. I mo cháil mar Uachtarán, in éineacht le mo chuid seirbhísí, tá ról comhordaithe agam sa phróiseas foriomlán chun an clár oibre deiridh a chinneadh.

Agus mé ag breathnú chun cinn, is iad na príomh-shaincheisteanna a mheasaim a d’fhéadfadh a bheith ina gcuid thábhachtach d’obair CIE ná iniúchtaí i ndáil le cistí a théann chun na hÚcráine, caiteachas i réimsí na cosanta agus na slándála, agus saincheisteanna amhail an imirce, an t-athrú aeráide agus uathriail straitéiseach. Beidh leibhéal suntasach grinnscrúdaithe fós de dhíth ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ó CIE.

6. Dá mbeadh ort rogha na gcúraimí iniúchóireachta a bhainistiú i bhfianaise chlár oibre bliantúil CIE, ar cén bunús a ndéanfá do rogha as measc liosta na dtosaíochtaí arna fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus/nó ón gCoiste CONT?

Cad a dhéanfá i gcás nach dtiocfadh tosaíocht pholaitiúil le measúnú riosca CIE ar ghníomhaíochtaí an Aontais?

Mar iniúchóirí seachtracha, ullmhaímid ár gclár oibre iniúchóireachta go neamhspleách, ach ní go haonarach. Tá an próiseas chun ábhair iniúchóireachta nua a roghnú agus iad a áireamh sa chlár oibre bunaithe ar thaighde críochnúil ar réimsí iniúchóireachta agus bunaithe ar mheasúnú rioscaí, a chomhlánaítear trí anailís ar mholtaí arna ndéanamh ag geallsealbhóirí. Chun na hábhair iniúchóireachta is ábhartha a áireamh, déanaimid teagmháil bhliantúil lenár ngeallsealbhóirí institiúideacha amhail Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus parlaimintí na mBallstát. Go deimhin, chuir coistí Pharlaimint na hEorpa 131 mholadh iniúchóireachta faoi bhráid chlár oibre 2023+ trí Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí. Tá beagnach dhá thrian de na moltaí sin glactha go hiomlán nó go páirteach san obair reatha nó san obair a dhéanfar amach anseo nó clúdaíodh iad sna tuarascálacha is déanaí.

Ós rud é go bhfuil acmhainní iniúchóireachta teoranta, dhearamar an córas clársceidealaithe ar bhealach lena áirithiú go ndíríonn CIE a aird ar na saincheisteanna is tábhachtaí, agus iarracht a dhéanamh tuarascálacha ardcháilíochta agus a mbíonn tionchar acu ar chúrsaí a chur ar fáil. Tugtar tosaíocht d’ábhair a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil.

I bhfianaise an chur chuige chuimsithigh sin maidir leis an gclár oibre a bhunú, tá dóchúlacht an-mhór ann go ndéanfaí tosaíochtaí polaitiúla, más rud é go bhfuil siad faoi réir ár sainordaithe iniúchóireachta, a mheas sa phróiseas dár gclár oibre bliantúil.

Bainistiú punainne, modhanna oibre agus spriocanna insoláthartha

7. Tá ríthábhacht le tuarascálacha láidre agus tráthúla ar ardcháilíocht a sholáthar:

 Cén chaoi a n-áiritheofá go bhfuil na sonraí a úsáidtear in iniúchóireacht iontaofa agus nach bhfuil na torthaí as dáta?

I gcomhréir leis na caighdeáin, is é an sprioc atá againn cáilíocht ár bhfianaise iniúchóireachta a áirithiú, lena n-áirítear na sonraí bunúsacha. Chun go mbeidh sí iomchuí, ní mór d’fhianaise iniúchóireachta a bheith ábhartha agus iontaofa maidir le bonn a sholáthar le haghaidh na gconclúidí, a mbeidh an tuairim iniúchóireachta agus na moltaí mar thoradh orthu.

Tá córas bainistíochta cáilíochta ag CIE chun dearbhú réasúnta a thabhairt dúinn go ndéanfaimid ár gcuid oibre i gcomhréir le caighdeáin ghairmiúla agus idirnáisiúnta agus le ceanglais is infheidhme, agus go bhfuil na tuarascálacha ar ardchaighdeán.

Áirítear leis an gcóras seo socruithe bainistíochta cáilíochta sula gcuirtear bailchríoch ar an gcúram trí mhaoirseacht, athbhreithniú agus athbhreithniú neamhspleách cáilíochta, agus trí sheiceálacha dearbhaithe cáilíochta tar éis an cúram a chur i gcrích. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ár dtuarascálacha go léir faoi réir próiseas bainistíochta cáilíochta críochnúil, lena n-áirítear na seiceálacha ar iontaofacht na sonraí. I gcás ina bhfuil saincheisteanna againn maidir le sonraí, cuirimid na hábhair imní sin in iúl inár dtorthaí agus eisíonn muid moltaí chun feabhas a chur ar an staid amach anseo.

Go ginearálta, maidir le tuarascálacha iniúchóireachta tráthúla, bíonn muid ag féachaint go leanúnach ar bhealaí inar féidir linn tuarascálacha iniúchóireachta níos giorra nó iniúchtaí a bhfuil raon feidhme níos dírithe acu a chur ar fáil. Tá tuarascálacha den chineál sin níos tapa le hullmhú agus, dá bhrí sin, lamháiltear leo freagairt do riachtanais na ngeallsealbhóirí ar bhealach tráthúil agus ábhartha.

 Cén chaoi a bhfeabhsófá cáilíocht agus ábharthacht na moltaí?

I dtuarascálacha CIE, déanaimid ár ndícheall i gcónaí moltaí ábhartha, praiticiúla agus cost-éifeachtacha a dhéanamh chun cabhrú lenár n-iniúchaithe aghaidh a thabhairt ar laigí a shainaithnímid. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh na moltaí ina leigheasanna indéanta lena dtabharfar aghaidh ar na heintitis a bhfuil sé de fhreagracht orthu agus a bhfuil sé de chumas orthu gníomhú ar bhealach tráthúil ina leith. Clúdaítear comhlíonadh na bprionsabal seo trínár nósanna imeachta bainistíochta cáilíochta.

Mar a luadh roimhe seo, maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh, creidim go n-eascraíonn feabhsuithe nithiúla ar chláir agus ar bheartais AE as moltaí a mbíonn tionchar acu ar chúrsaí. Maidir le mo chuid cúraimí iniúchóireachta, rinne mé iarracht i gcónaí moltaí ábhartha a dhéanamh a bhí nasctha lenár dtorthaí. Is rud é sin a chuirim chun cinn freisin ar fud CIE i mó cháil mar Uachtarán.

8. Is é is aidhm le hathchóiriú CIE caidreamh cuntasachta níos dlúithe a bhunú idir an fhoireann iniúchóireachta agus an comhalta is Rapóirtéir:

 I bhfianaise do thaithí féin, an gceapann tú gurb é ról an chomhalta a bheith níos rannpháirtí san obair iniúchóireachta?

Glacann an Comhalta tuairiscithe úinéireacht ar cháilíocht agus tráthúlacht na hoibre iniúchóireachta agus, ar deireadh, is é atá freagrach astu. Tar éis an athchóirithe in 2016, is iad na cinn chúraim atá freagrach go díreach don Chomhalta tuairiscithe as iniúchtaí a dhéanamh in am agus i gcomhréir leis na caighdeáin. Mar sin féin, is é ról an Chomhalta tuairiscithe maoirseacht a dhéanamh ar sheiceáil fíricí agus ar nós imeachta na sáraíochta. Cuireann an struchtúr seo ról suntasach ar fáil do na Comhaltaí agus áirithíonn sé go mbíonn siad rannpháirteach go díreach san obair iniúchóireachta. Cuidíonn sé freisin leis na Comhaltaí tuiscint níos fearr a fháil ar thorthaí na hiniúchóireachta. Dá bhrí sin, cuireann an leagan amach sin ar a gcumas torthaí na hoibre a chur in iúl do gheallsealbhóirí seachtracha ar bhealach níos fearr. I mo cháil mar Uachtarán, molaim do na Comhaltaí a bheith rannpháirteach ar gach leibhéal oibre a bhaineann lena gcúraimí iniúchóireachta.

 An athrófá an bealach a n-oibríonn tú le foireann iniúchóireachta? Dá n-athrófá, cén chaoi?

Cosúil le mo fhreagra ar an gceist a bhaineann le cuspóirí an chúraim iniúchóireachta a bhaint amach, i mo thuairim tá rannpháirtíocht leanúnach agus rialta idir an Comhalta agus an fhoireann iniúchóireachta ríthábhachtach agus iad ag obair le chéile chun léargas leanúnach ar an bpróiseas iniúchóireachta a áirithiú.

Chomh maith leis sin, tá cumarsáid shoiléir agus meon réitigh fadhbanna ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach laistigh d’fhoireann ar na dúshláin sin. Is é seo an cur chuige rathúil a chuirim i bhfeidhm agus mé ag obair le foirne iniúchóireachta agus lamhálann sé dúinn prionsabail an ionracais agus na cuntasachta a choinneáil i dtaobh na hoibre iniúchóireachta.

9. Cad iad na moltaí a bheadh agat chun tuilleadh feabhais agus nuachóirithe a dhéanamh ar fheidhmiú, clársceidealú agus obair CIE (sa timthriall iniúchóireachta)? Tar éis do chéad téarma, an bhféadfá gné dhearfach agus gné dhiúltach a thabhairt dúinn maidir le hoibriú CIE?

Tá CIE tar éis dul in oiriúint do dhálaí oibre atá ag athrú, lena gcothaítear claochlú digiteach na hiniúchóireachta agus uasghrádú ar theicneolaíocht agus ar chleachtais ar fud na heagraíochta chun leanúint de sheirbhís éifeachtach a sholáthar mar iniúchóir seachtrach neamhspleách AE. Mar sin féin, feicim go bhfuil acmhainneacht bhreise ann maidir le húsáid mhéadaithe sonraí, uirlisí agus teicnící TF ag céimeanna éagsúla dár gcuid oibre chun feabhas a chur ar fheidhmiú CIE.

Chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, ní mór dúinn leanúint de scileanna agus eolas na foirne a fhorbairt chun athrú a bhaint amach inár gcultúr oibre agus inár meon oibre. Mar sin féin, éilíonn sé freisin go gcuirfidh ár n-iniúchaithe sonraí inrochtana ar fáil san fhormáid is gá. Braitheann an leibhéal ar féidir linn na huirlisí feabhsaithe sin a úsáid go mór ar aibíocht chórais ár n-iniúchaithe. Faraor, ní bhaineann sé sin lenár sainchúram, ach beidh sé mar aidhm againn tiomantas a lorg ónár ngeallsealbhóirí chun an méadú éifeachtúlachta is fearr is féidir a lamháil.

A mhéid a bhaineann le clársceidealú obair CIE, tá iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh againn chun feabhas a chur ar an bpróiseas. Déantar nuashonruithe agus feabhsuithe go rialta, agus rinneadh an ceann is déanaí in 2022, chun roghnú ár gcúraimí a dhéanamh níos straitéisí. Thugamar isteach coincheap ilbhliantúil, lena mbeartaítear cúraimí iniúchóireachta ar bhonn tréimhse 24 mhí. Ina theannta sin, éilíonn an próiseas clársceidealaithe nuashonraithe níos mó solúbthachta agus an clár oibre á chur chun feidhme, rud a lamhálfadh dúinn a bheith frithghníomhach i leith saincheisteanna nua a thagann chun cinn, amhail géarchéimeanna agus athruithe tobanna eile ar an gcomhshaol.

Ó thaobh gné dhearfach de maidir le hobair CIE, táim an-bhródúil as inoiriúnaitheacht, solúbthacht agus tiomantas na hInstitiúide a léiríodh le linn phaindéim COVID-19. D’éirigh go han-mhaith linn ár ndálaí oibre agus ár modhanna oibre a chur in oiriúint don athrú dian tobann, agus ag an am céanna bhíomar in ann an fhianaise iniúchóireachta riachtanach a sholáthar chun ár gcuid oibre a thabhairt i gcrích.

Ós rud é gur eagraíocht eolasbhunaithe é CIE, tá sé ag brath ar chumais, ar ghairmiúlacht agus ar thaithí na foirne, agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach foireann oilte agus ghairmiúil a earcú. Ó thaobh gné dhiúltach de, is pointe tábhachtach é a lua go bhfuil deacrachtaí ag CIE daoine a mhealladh chun obair (agus cónaí) i Lucsamburg mar gheall ar an gcostas ard maireachtála, i measc nithe eile. Leanaimid de bheith rannpháirteach go gníomhach sa mheitheal idirinstitiúideach maidir le tarraingteacht Lucsamburg. Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an líonra in 2023, faoi chathaoirleacht CIE, imeacht oiliúna chun Ambasadóirí Foirne AE atá lonnaithe i Lucsamburg a thabhairt le chéile. Ar an iomlán, measaim gur cúis imní é an staid reatha seo agus tacaím le haon tionscnamh a d’fhéadfadh cabhrú leis an staid a mhaolú.

10. Faoin gConradh, ceanglaítear ar an gCúirt cabhrú leis an bParlaimint a cumhachtaí rialaithe a fheidhmiú maidir le cur chun feidhme an bhuiséid chun feabhas a chur ar an bhformhaoirseacht phoiblí ar an gcaiteachas ginearálta agus ar a luach ar airgead araon:

 I bhfianaise thaithí do chéad téarma, conas a d’fhéadfaí an comhar idir an Chúirt Iniúchóirí agus Parlaimint na hEorpa a fheabhsú (an Coiste um Rialú Buiséadach) maidir le hiniúchadh ar bhuiséad AE?

Tá idirghníomhaíocht agus cumarsáid leanúnach idir Comhaltaí CIE agus an Coiste um Rialú Buiséadach (CONT) ríthábhachtach, ós rud é go measaim gur príomh-gheallsealbhóir de chuid CIE é an Coiste seo. Le linn mo chéad téarma oifige, chonaic mé gur tháinig feabhas ar an gcomhar idir CIE agus CONT. Bhí mé os comhair an Choiste go minic mé féin, chun tuarascáil speisialta a chur i láthair, páirt a ghlacadh i ndíospóireacht nó i gcomhthéacs na n-éisteachtaí um urscaoileadh. Ghlac mé páirt freisin i misean aimsithe fíoras CONT. Táim go mór i bhfabhar an chruinnithe bhliantúil idir CONT agus CIE freisin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tuilleadh cruinnithe tiomnaithe d’ábhair shonracha a bheith tairbheach.

Chomh maith leis na hidirghníomhaíochtaí oifigiúla sin, rinne mé teagmháil réamhghníomhach, ar bhonn rialta, leis na Feisirí i ngrúpaí éagsúla chun ár gcuid oibre a chur chun cinn agus tuairimí a mhalartú ina leith.

Ag deireadh an reachtais reatha, beidh deis ag CIE anailís a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na hidirghníomhaíochtaí reatha le CONT. D’fhéadfadh torthaí an chleachtaidh sin cur le rannpháirtíocht fheabhsaithe leis an bParlaimint nua tar éis na dtoghchán Eorpach an bhliain seo chugainn.

 Ar an mbealach céanna, conas is féidir an caidreamh idir CIE agus na hinstitiúidí iniúchóireachta náisiúnta a neartú?

Is comhalta gníomhach é CIE don Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI) agus tá sé ar cheann de na 30 comhalta bunaidh den Eagraíocht Eorpach Uasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI), an brainse réigiúnach Eorpach de INTOSAI. Tá CIE ina chathaoirleach ar Choiste um Chaighdeáin Ghairmiúla de INTOSAI faoi láthair. Tugann sé sin an deis dúinn taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt le huasfhorais iniúchóireachta lasmuigh de AE. Sa cháil sin, tá CIE anois ina chomhalta de Bhord Rialaithe INTOSAI freisin.

Comhoibríonn CIE freisin le huasfhorais iniúchóireachta eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta iniúchóireachta go déthaobhach agus go hiltaobhach araon, faoi chuimsiú Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta AE, ina gcomhlíonann CIE ról na Rúnaíochta. Sa Choiste Teagmhála, tá ról suntasach comhordúcháin ag CIE agus tá bunú meithleacha/croíghrúpaí maidir le príomhábhair amhail paindéim COVID-19, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó fuinneamh curtha chun cinn aige. Ina theannta sin, tacaíonn CIE le huasfhorais iniúchóireachta na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht san Aontas. Mar shampla anuraidh, in éineacht le ECFE, thacaíomar le cruinniú ar mhaithe le Rialachas agus Bainistíocht a Fheabhsú.

Thairis sin, tacaíonn CIE freisin le fothú acmhainneachta uasfhoras iniúchóireachta na hÚcráine trí eolas a mhalartú agus trí bhíthin saineolaithe náisiúnta ar iasacht ón Úcráin.

Sraith eile comhair is ea an rannpháirtíocht i bpiarmheasúnuithe. Tugann siad sin sraith bhreise dearbhaithe maidir le feidhmiú na n-institiúidí iniúchóireachta. Táimid ag cur bailchríoch faoi láthair ar raon feidhme agus ar chomhthéacs phiarmheasúnú CIE atá ar na bacáin.

I rith bhliain m’uachtaránachta, chomhoibrigh mé go pearsanta le roinnt uasfhorais iniúchóireachta i gcomhthéacs cuairteanna oifigiúla ar na Ballstáit. Rinne mé ionadaíocht ar CIE freisin ag Comhdháil INTOSAI, ag EUROSAI agus ag cruinnithe an Choiste Teagmhála.

Mar is léir ón réimse gníomhaíochtaí sin, tá CIE tiomanta ar bhonn leanúnach chun an caidreamh leis na hinstitiúidí náisiúnta iniúchóireachta a neartú.

11. Cén chaoi a dtabharfá tacaíocht don Pharlaimint chun giorrú an nós imeacht um tharscaoileadh a bhaint amach? Cad iad na bearta is féidir a dhéanamh ó do thaobhsa de?

Tá CIE tiomanta do na spriocdhátaí urscaoilte arna leagan síos ag an reachtóir a chomhlíonadh. Déanaimid ár ndícheall ár dtuarascálacha bliantúla a chur i láthair níos luaithe nuair is féidir, gan cáilíocht ár gcuid oibre iniúchóireachta a chur i mbaol. Braitheann luas an phróisis freisin ar an iniúchaí, agus cibé an bhfaighimid faisnéis tacaíochta, amhail ráitis airgeadais, in am. Go háirithe, tá uainiú na Tuarascála Bliantúla ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht an-dúshlánach dúinn. Ar an gcuma chéanna, tuigimid go bhfuil an Coimisiún féin ag brath ar fhaisnéis a chuireann na Ballstáit in iúl.

Le blianta beaga anuas, agus le linn dom a bheith i mo Chomhalta a bhí freagrach as an tuarascáil bhliantúil, tháinig an Coimisiún agus CIE ar chomhaontú maidir le cuntais chomhdhlúite deiridh AE a ghlacadh níos luaithe agus é mar chuspóir leis sin an tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú níos luaithe. Thángamar ar chomhaontú maidir le spriocdhátaí do chéimeanna éagsúla de phróiseas na tuarascála bliantúla, rud a fhágann gur féidir le CIE an tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú níos luaithe ná an 15 Samhain, arb é an spriocdháta dlíthiúil. D’fhoilsíomar tuarascáil bhliaintúil 2021 an 13 Deireadh Fómhair 2022, agus is é an 5 Deireadh Fómhair 2023 an dáta foilsithe do thuarascáil bhliantúil 2022. Leanfaidh CIE leis an gcleachtas sin amach anseo agus déanfaidh sé iarracht slite a lorg chun an nós imeachta um urscaoileadh a ghiorrú.

Neamhspleáchas agus ionracas

12. Cad iad na ráthaíochtaí neamhspleáchais atá tú in ann a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, agus cén chaoi a n-áiritheofá nach ndéanfadh aon ghníomhaíochtaí a rinne tú san am a caitheadh, atá ar siúl anois agat nó a bheadh ar siúl amach anseo agat, amhras a chaitheamh ar an tslí a gcomhlíonfaidh tú do dhualgais i CIE?

Leagtar amach go sainráite sa chód iompair do Chomhaltaí reatha agus d’iarChomhaltaí CIE na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag Comhaltaí agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu. Leanaim go coinsiasach an cód, lena n-éilítear dearbhú bliantúil maidir le leasanna a chur isteach freisin. Níl aon chleamhnachtaí polaitiúla agam, ná níor shealbhaigh mé aon oifig thofa ná aon ról polaitiúil. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach mbeidh aon amhras ann maidir le comhlíonadh mo chuid dualgas, staonaim ó aon ghníomhaíochtaí seachtracha a dhéanamh.

Ba mhaith liom a chur in iúl go láidir gur riachtanas comhsheasmhach le linn mo ghairme é neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a choinneáil, sna róil éagsúla a bhí agam. Eascraíonn na prionsabail sin as na freagrachtaí eiticiúla a bhaineann le mo bhallraíocht i gcomhlachtaí gairmiúla cuntasaíochta agus iniúchóireachta.

Dá dtiocfadh cás chun cinn ina mbeadh coinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, rachainn i gcomhairle láithreach le Coiste Eitice CIE.

13. Conas a dhéileálfá le mór-mhírialtacht nó fiú le calaois i gcistí AE agus/nó cás éillithe a bhainfeadh le daoine i do Bhallstát tionscnaimh? An raibh tú i gcás mar sin le linn do théarma reatha?

Tá beartas agus cur chuige CIE i leith neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile bunaithe ar chreat reachtach AE (Airteagal 287(2) agus Airteagal 325 CFAE) agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht.

Tá socruithe oibre comhaontaithe ag CIE le OLAF agus OIPE. Cé nach bhfuil sainordú ag CIE imscrúdú a dhéanamh ar chásanna de chalaois amhrasta i gcoinne leasanna airgeadais AE, i gcás ina sainaithnímid cásanna calaoise amhrasta, cuirimid OLAF agus OIPE ar an eolas faoi ag an am céanna, i gcás inarb iomchuí. Dá dtarraingeofaí aon chás calaoise ar m’aird, leanfainn nósanna imeachta forordaithe CIE go hiomlán.

Cé nár tháinig cás den sórt sin chun cinn le linn mo chéad téarma, feictear dom go bhfuil calaois go hiomlán do-ghlactha agus ní ghlacaim léi. I mo thuairimse, ba cheart caitheamh go cothrom le gach cás neamhrialtachta agus calaoise beag beann ar an mBallstát.

14. D’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa cáil CIE a chur i mbaol. Conas mar a dhéanfá aon choinbhleacht leasa a bhainistiú?

I gcomhréir leis an gcód iompair do Chomhaltaí CIE agus leis an gcreat eiticiúil do na Comhaltaí, dá dtiocfadh cás chun cinn ina mbeadh coinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, rachainn i gcomhairle le Coiste Eitice CIE láithreach. Nochtfainn aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann don Choiste agus staonfainn ó aon phlé gaolmhar agus aon chinntí gaolmhara, i gcomhréir le mo chuid freagrachtaí.

15. An bhfuil tú rannpháirteach in aon imeachtaí dlíthiúla? Má tá, cén cineál?

Níl aon bhaint agam le haon imeachtaí dlíthiúla.

16. Cad iad na gealltanais shonracha atá tú sásta a thabhairt chomh fada agus a bhaineann le trédhearcacht mhéadaithe, comhar feabhsaithe agus gníomh iardain éifeachtach i leith sheasaimh na Parlaiminte agus iarrataí ar iniúchóireachtaí?

Mar an Comhalta a bhí freagrach as an tuarascáil bhliantúil, bhí mé freagrach as cúram inmheánach CIE ina ndearna muid measúnú ar an mbealach chun cinn don tuarascáil bhliantúil. I mbeagán focal, rinneamar athbhreithniú ar an tuarascáil bhliantúil agus ar an iniúchadh don ráiteas dearbhaithe. Mar chuid den phróiseas sin, rinne mé teagmháil go pearsanta le Feisirí CONT agus phléamar go díreach saincheisteanna amhail struchtúr na tuarascála bliantúla, an ráta earráide, measúnú sonrach agus comhlíonadh. Rinne mé idirghníomhú go díreach le níos mó ná 13 Fheisire CONT trí ríomhphost nó duine le duine, mar fhreagra ar ár gceisteanna suirbhé.

Rinne mé iarracht i gcónaí comhoibriú agus gníomhú ar bhealach trédhearcach leis an gcoiste CONT i mo thréimhse mar Chomhalta agus tá sé i gceist agam an gealltanas sin a choinneáil. Le blianta beaga anuas, d’idirghníomhaíomar ar ábhair éagsúla, a mheasaim a bhí tairbheach don dá thaobh agus tá suil agam gurbh amhlaidh a bhí.

Maidir le hiarrataí ar iniúchtaí, ní féidir liom ach a athdhearbhú go gcuireann na coistí parlaiminteacha leis an gclár oibre trína moltaí arna moladh ag Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí. Tá beagnach dhá thrian de na moltaí sin glactha go hiomlán nó go páirteach san obair reatha nó san obair a dhéanfar amach anseo, nó clúdaíodh iad sna tuarascálacha is déanaí.

Ceisteanna eile

17. An dtarraingeoidh tú siar d’iarrthóireacht ar théarma a athnuachan más rud é go mbeidh tuairim na Parlaiminte maidir le do cheapachán mar Chomhalta CIE neamhfhabhrach?

Tá sé deacair mé féin a shamhlú mar Chomhalta agus Uachtarán CIE gan tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa. Dá bhrí sin, i gcás tuairim neamhfhabhrach, beidh mé sásta m’iarrthóireacht a tharraingt siar.

18. Nuair a cheaptar duine ina Chomhalta CIE, ní foláir aird agus tiomantas iomlán a thabhairt don institiúid féin agus iontaoibh san Aontas i measc a shaoránaigh a áirithiú:

 Cad é an bealach is fearr, dar leat, chun na dualgais ghairmiúla sin a ghlacadh?

Táim tiomanta go hiomlán do mo chuid freagrachtaí ag CIE, agus mar a luadh roimhe seo, níl baint agam le haon ghníomhaíochtaí seachtracha. Tá mo ghairm tiomnaithe d’iniúchóireacht don earnáil phoiblí ó bhí mé 17 mbliana d’aois.

Leagaim béim shuntasach ar eolas a chur chun cinn, ar aontacht foirne a chothú, agus ar mheon comhoibrithe a chothú i measc comh-Chomhaltaí agus laistigh dár bhfoireann in CIE.

I mo cháil mar Chomhalta/Uachtarán CIE, tacaím go comhsheasmhach le hobair CIE ar bhealaí éagsúla agus ar fud ardáin éagsúla. Tá láithreacht ghníomhach agam ar na meáin shóisialta agus bhí sé ina thosaíocht agam le linn mo thréimhse oifige mar Chomhalta cuairt phearsanta a thabhairt ar ollscoileanna agus ar scoileanna, agus teagmháil a dhéanamh le saoránaigh agus le gairmithe óga. Baineann an fhor-rochtain sin ní hamháin le CIE a chur chun cinn ach leis an tionscadal Eorpach ina iomláine a chur chun cinn freisin.

 Cad iad do chuid socruithe pearsanta maidir le líon laethanta le bheith i láthair i Lucsamburg? An bhfuil sé ar intinn agat na socruithe sin a athrú?

Tá mé lonnaithe go buan i Lucsamburg. Tá cónaí orm ansin le mo theaghlach le blianta fada agus níl aon phleananna agam na socruithe sin a athrú.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

12.10.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

22

1

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Gilles Boyer, Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Carlos Coelho, Beatrice Covassi, Luke Ming Flanagan, Isabel García Muñoz, Monika Hohlmeier, Joachim Kuhs, Alin Mituța, Markus Pieper, Sándor Rónai, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Eider Gardiazabal Rubial, Jeroen Lenaers, Marian-Jean Marinescu, Mikuláš Peksa, Elżbieta Rafalska

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Herbert Dorfmann, Andrzej Halicki, Alicia Homs Ginel, Marcos Ros Sempere

 

 

An nuashonrú is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais