Tuarascáil - A9-0311/2023Tuarascáil
A9-0311/2023

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

27.10.2023 - (COM(2023)0063 – C9‑0016/2023 – 2023/0025(COD)) - ***I

An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir: Anna Zalewska


Nós Imeachta : 2023/0025(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0311/2023
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0311/2023
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

(COM(2023)0063 – C9‑0016/2023 – 2023/0025(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0063),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0016/2023),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Márta 2023[1],

 tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0311/2023),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Chinn an Chúirt freisin nach mór dlí an Aontais a léirmhíniú chun go gciallaíonn sé nach sárú ar dhlí an Aontais é reachtaíocht a ghlacadh atá contrártha le treoir ón Aontas sular glacadh an treoir sin, ós rud é nach féidir a mheas go bhfuil baint amach an toraidh a fhorordaítear leis an treoir i mbaol tromchúiseach sula bhfuil an treoir ina cuid de dhlíchóras an Aontais.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a) Chun prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a chaomhnú in athbhreithnithe amach anseo ar Threoir 2012/19/AE, tá sé tábhachtach aird áirithe a thabhairt ar ghlacadh aon fhorála a chosc a bhféadfadh éifeachtaí cúlghabhálacha gan údar maith a bheith aici. Tá sé riachtanach soiléireacht agus intuarthacht a thabhairt do tháirgeoirí TLL, i dtaobh na ndálaí oibriúcháin a bhí i bhfeidhm nuair a cuireadh a dtáirgí ar an margadh. Cuidíonn an cur chuige sin go seachnófaí an riosca go dtabhófar costais dhothuartha a bhaineann le bainistiú DTLL sa todhchaí. Thairis sin, ba cheart go n-urramófaí ord na réiteach dramhaíola leis na hathbhreithnithe sin arna leagan síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a) Tagann de chóireáil lochtach ar phainéil fhótavoltacha dramhaíola agus raon feidhme oscailte DTLL, drochthionchair shuntasacha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfar painéil fhótavoltacha a chóireáil go cuí agus go ndéanfar gnóthú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha ag deireadh a saolré a uasmhéadú. Gan dochar do na hathruithe ar na hoibleagáidí airgeadais is gá chun bailiú agus cóireáil painéal fótavoltach dramhaíola a cuireadh ar an margadh roimh an 13 Lúnasa 2012 agus bailiú agus cóireáil dramhaíola ó gach raon feidhme oscailte TLL a cuireadh ar an margadh roimh an 15 Lúnasa 2018 a tugadh isteach leis an Treoir seo a chumhdach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar DTLL gaolmhar a bhainistiú ar shlí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. Féadfaidh na Ballstáit táirgeoirí a spreagadh, trína scéimeanna freagrachta táirgeoirí leathnaithe aonair nó comhchoiteanna chun DTLL stairiúil gaolmhar na bpainéal fótavoltach agus raon feidhme oscailte TLL a bhailiú agus a chóireáil i gceart.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10b) Agus Treoir 2012/19/AE á hathbhreithniú, agus agus ag díriú ar a heasnaimh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach n-aistreofar costais bhainistiú DTLL go díréireach chuig tomhaltóirí ná saoránaigh. Áirítear leis sin an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur san áireamh, lena ndírítear ar fhorálacha féideartha a bhaineann le spriocanna bailithe DTLL agus cloí le hord na réiteach dramhaíola mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)

Treoir 2012/19/AE

Airteagal 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1) Cuirtear an tAirteagal 2a seo a leanas leis:

 

Airteagal 2a

 

1.  Tráth nach déanaí ná [31 Nollaig 2026], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú ar an Treoir seo agus, i gcás gurb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach ina leith sin, a mbeidh measúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil ag gabháil leis.

 

2.  Sa mheasúnú tionchair, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an méid seo a leanas:

 

(a)  forálacha a áirithíonn go sonrach go gcloítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nach bhfuil aon fhoráil ann a bhféadfadh éifeacht chúlghabhálach gan údar maith a bheith ag gabháil léi in aon Bhallstát;

 

(b)  forálacha chun cur chun feidhme ord na réiteach dramhaíola a áirithiú arna leagan síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.

 

(c)  forálacha chun a áirithiú nach gcuirfear costais dhíréireacha ar shaoránaigh agus ar thomhaltóirí, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

 

(d)  forálacha lena n-áirithítear cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán na Treorach seo, go háirithe maidir le spriocanna bailithe dóthanacha, chomh maith le trádáil neamhdhleathach DTLL a chosc;

 

(e)  catagóir nua ‘painéil fhótavoltacha’ a chruthú faoin Treoir seo arb é is aidhm di painéil fhótavoltacha a dhícheangal ó chatagóir 4 DTLL láithreach, ‘trealamh mór’, dá dtagraítear in Iarscríbhinní III agus IV, agus na spriocanna bailithe a ríomh ar bhonn painéil fhótavoltacha dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú bunaithe ar a saolré réamh-mheasta, seachas ar chainníocht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh;

 

(f)  sásra a bhunú chun a áirithiú, i gcás chliseadh nó leachtú an táirgeora, go gcumhdófar ó thaobh airgeadais de na costais amach anseo ó thaobh bailiú, cóireáil, gnóthú agus diúscairt dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó phainéil fhótavoltacha ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó úsáideoirí araon seachas teaghlaigh phríobháideacha.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Treoir 2012/19/AE

Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(2a) in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Maidir le táirgí nua coibhéiseacha nó táirgí nua a bhfuil an fheidhm chéanna acu a chur in ionad dramhaíl stairiúil, déanfaidh táirgeoirí na dtáirgí sin foráil do mhaoiniú na gcostas agus iad á soláthar acu. Féadfaidh na Ballstáit, mar mhodh malartach, foráil a dhéanamh go gcuirfear an fhreagracht ar úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad, go páirteach nó go hiomlán, as an maoiniú seo.

Déanfaidh táirgeoirí na dtáirgí sin foráil do mhaoiniú na gcostas ó DTLL stairiúil (‘dramhaíl stairiúil’), a eascraíonn as TLL amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) seachas painéil fhótavoltacha, a bhfuil táirgí nua coibhéiseacha nó táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu á gcur ina n-ionad agus iad á soláthar acu. Féadfaidh na Ballstáit, mar mhodh malartach, foráil a dhéanamh go gcuirfear an fhreagracht ar úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad, go páirteach nó go hiomlán, as an maoiniú seo.

 (02012L0019)

Leasú  7

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 b (nua)

Treoir 2012/19/AE

Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(2 b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d’Airteagal 13(1):

Maidir le dramhaíl stairiúil eile, déanfaidh úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad foráil do mhaoiniú na gcostas.

Maidir le dramhaíl stairiúil eile a eascraíonn as TLL amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) pointe (a) seachas painéil fhótavoltacha, déanfaidh úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad foráil do mhaoiniú na gcostas.

 (02012L0019)

Leasú  8

 

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [18 mí tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá sé i gceist ag Rapóirtéir na Parlaiminte, Anna Zalewska FPE, a áirithiú go ndéanfaidh an t-athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) Breithiúnas Chás Cúirte C-181/20 a chur chun feidhme sa Treoir maidir le DTLL atá ann cheana go hiomlán agus go cruinn, gan aon rud sa bhreis ná aon rud in easnamh ann. Dá bhrí sin, d'fhéach an rapóirtéir leis an Dréacht-Tuarascáil a dhéanamh chomh gonta agus chomh hábhartha don phointe agus is féidir.

 

Tá an togra ón gCoimisiún le haghaidh an athbhreithnithe spriocdhírithe ar an Treoir maidir le DTLL chun rialú na Cúirte a chur chun feidhme ullmhaithe go maith ar bhonn ginearálta, agus téann na forálacha i ngleic mar is ceart leis an ábhar atá idir lámha. Dá bhrí sin, tá dhá aidhm ag baint leis na leasuithe ón Rapóirtéir sa Dréacht-Tuarascáil go príomha:

 

(1) tuilleadh soiléireacht a chur ar fáil ar na hathruithe, i gcás ina mbeidh sí úsáideach, toisc nach bhfuil an t-ábhar soiléir láithreach, chomh maith le hathruithe a chur ar fáil ar chodanna eile den Treoir maidir le DTLL atá ann cheana chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a áirithiú;

 

(2) aird a tharraingt ar an ngá atá ann le hurraim a thabhairt do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus forálacha a thabhairt isteach a áiritheoidh go ndéanfar cúlghabhálacht gan údar maith sa todhchaí a chosc, go háirithe i bhfianaise an athbhreithnithe fhoriomláin ar an Treoir maidir le DTLL atá ar na bacáin.

 

Sular glacadh an Treoir maidir le DTLL atá ann cheana i.e. Treoir 2012/19/AE an 4 Iúil 2012, bhí na rialacha a bhaineann le diúscairt DTLL atá neamhdhíobhálach don chomhshaol cuimsithe faoin Treoir ghinearálta maidir le dramhaíl i.e. Treoir 2008/98/CE. Tá ról Threoir 2008/98/CE sa chomhthéacs seo mínithe in Aithris 4. Dá bhrí sin, bheadh soiléiriú ábhartha in aithris nua a thagann roimhe, eadhon an Treoir maidir le dramhaíl, agus go sonrach Airteagal 8 agus Airteagal 14 inti, a thabhairt isteach, arb airteagail iad a bhaineann le Freagracht Leathnaithe Táirgeora (EPR) chomh maith leis na costais.

 

I ndáil leis na hathruithe ar Airteagal 12 den Treoir maidir le DTLL, roghnaigh an Rapóirtéir togra an Choimisiúin le haghaidh athruithe ar Airteagal 12 a choinneáil agus gan aon athrú breise a dhéanamh ar Airteagal 12. Tá an togra ón gCoimisiún soiléir agus cuireann sé chun feidhme go cuí na hathruithe is gá de réir mar a éilíonn rialú na Cúirte. Leanfadh sé an loighic chéanna a lean rialú na Cúirte ina measúnú ar Airteagal 13, agus áirithítear leis sin go ndéantar an rialú a chur chun feidhme ar bhealach níos cuimsithí agus níos iomláine.

 

Dá bhrí sin, ba cheart an dá fho-mhír d’Airteagal 13 atá fágtha (mír 1 d’Airteagal 13) a mhodhnú ar mhaithe le comhsheasmhacht. Chuige sin, sonraítear le leasú an Rapóirtéara go mbaineann na forálacha costas, atá ann go sonrach le haghaidh DTLL, le DTLL mar a leagtar amach in Airteagal 2 mír (1) pointe (a) ach gan painéil fhótavoltacha a bheith san áireamh.

 

Le hAirteagal 2 mír (1) pointe (a), mar atá sé sa Treoir maidir le DTLL atá ann cheana, cuimsítear TLL ón 13 Lúnasa 2012 go dtí an 14 Lúnasa 2018, arb í an tréimhse sin an idirthréimhse atá i gceist. Tugtar tuilleadh sonraí maidir leis na cineálacha TLL in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II den Treoir maidir le DTLL atá ann cheana.

 

Go deimhin, ba iad painéil fhótavoltacha an t-aon TLL a cuireadh leis an raon feidhme idir 2002 agus 2012, tar éis chur i bhfeidhm na Treorach reatha maidir le DTLL a tháinig i bhfeidhm an 13 Lúnasa 2012. Agus comparáid á déanamh ar na raonta feidhme bunaidh maidir le cur i bhfeidhm an dá Threoir, rud is féidir a dhéanamh trí chomparáid a dhéanamh idir Iarscríbhinn IB de Threoir DTLL bhunaidh /a bhí an roimhe sin ó 2002 agus Iarscríbhinn II den Treoir maidir le DTLL atá ann cheana, is féidir a thabhairt faoi deara gurb iad painéil fhótavoltacha an t-aon chatagóir trealaimh nua a bhí le feiceáil ar an liosta idir 2002 agus 2012.

 

Áitítear leis an Treoir maidir le DTLL atá ann cheana, go sonrach Airteagal 2 mír 1 pointe (b), gur cheart do “TLL raon feidhme oscailte”, amhail ón 15 Lúnasa 2018, a bheith i bhfeidhm (le heisceachtaí ar leith) i leith gach TLL. Dá bhrí sin, amhail ón 15 Lúnasa 2018, seachas gan feidhm a bheith aici ach maidir le TLL a liostaítear in Iarscríbhinn II, thosaigh feidhm a bheith ag an Treoir maidir le DTLL maidir le gach TLL mar chatagóir uilechuimsitheach, ar an mbealach céanna a raibh feidhm aici maidir le painéil fhótavoltacha, agus an scoithdháta ‘cur ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005’ á úsáid. Dá bhrí sin, leis an togra ón gCoimisiún, déantar an chúlghabhálacht sin a cheartú go hiomchuí, agus déanann an Rapóirtéir soiléiriú breise ar an leasú sin in Airteagal 13 agus comhsheasmhacht a áirithiú ann.

 

Táthar ag súil le nuashonrú ginearálta ar an Treoir maidir le DTLL sna blianta amach romhainn, nuashonrú a bheidh neamhspleách ar an athbhreithniú spriocdhírithe seo chun rialú na Cúirte a chur chun feidhme go sonrach. Agus í ag feidhmiú ó 2002 i leith, agus meastar go ginearálta go bhfuil an Treoir maidir le DTLL comhchuí agus go bhfeidhmíonn sí go maith, seachas i gcás na cúlghabhálachta atá i gceist anseo. Dá bhrí sin, bheadh sé úsáideach - go háirithe san iarracht chun prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a thabhairt chun suntais - chun tréimhse ama níos sonraithe a chur ar fáil don athbhreithniú, tréimhse a bheadh ann go luath tar éis thrasuí an athbhreithnithe spriocdhírithe ar an treoir maidir le DTLL a chuireann rialú na Cúirte chun feidhme.

 

Chuir an Rapóirtéir isteach ‘faoi dheireadh 2025’ ar bhonn sealadach, toisc go mbeadh an sprioc seo comhoiriúnach leis an tréimhse is gá le haghaidh an trasuímh ag na Ballstáit mar a leagtar amach in Airteagal 2 mír 1. Ní mór don tréimhse thrasuímh le haghaidh na mBallstát maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir spriocdhírithe a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta, agus le haghaidh na bpróiseas riaracháin uile, a bheith inchurtha chun feidhme go praiticiúil. Dá bhrí sin, chuir an Rapóirtéir síneadh leis an tréimhse thrasuímh ar bhonn sealadach le haghaidh na mBallstát ó 1 bhliain go 2 bhliain. Tá sé seo ag teastáil chun trasuí iomlán an leasaithe spriocdhírithe ar an Treoir maidir le DTLL a áirithiú, agus chun aghaidh a thabhairt ar aon chúlghabhálacht fhéideartha.

 

Sa nuashonrú, is gá béim a leagan ar an intuarthacht a áirithiú agus tá an tsoiléireacht ríthábhachtach ionas gur féidir cásanna cúlghabhálachta gan údar maith a sheachaint amach anseo - agus ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go dtagann an Breithiúnas ón gCúirt ón Mór-Dhlísheomra, rud a thugann le fios go leagfar béim air sin i gcleachtais Reachtóireachta AE amach anseo. Ina theannta sin, maidir leis an gcoincheap ríthábhachtach go seachnófaí na hualaí agus na costais a aistriú chuig na saoránaigh agus na tomhaltóirí, ar tosaíocht fhoriomlán é don Rapóirtéir, áiríodh go sainráite é sna leasuithe tosaigh ar na forálacha seo. 

 

Fágadh tagairtí d’Airteagal 14 agus Airteagal 15, a bhaineann le Caighdeán Eorpach EN 50514:2022, gan aon athrú ón dtogra ón gCoimisiún sa Dréacht-Tuarascáil.

 

Agus an Dréacht-Tuarascáil á scríobh, níor mheas an Rapóirtéir aon athrú breise ar an togra ón gCoimisiún a bheith ag teastáil.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

Tagairtí

COM(2023)0063 – C9-0016/2023 – 2023/0025(COD)

Dáta tíolactha chun PE

7.2.2023

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

13.2.2023

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Anna Zalewska

11.4.2023

 

 

 

Pléite sa choiste

18.7.2023

 

 

 

Dáta an ghlactha

24.10.2023

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

82

0

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

João Albuquerque, Catherine Amalric, Mathilde Androuët, Maria Arena, Traian Băsescu, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Michael Bloss, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Nathalie Colin-Oesterlé, Maria Angela Danzì, Esther de Lange, Christian Doleschal, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Pietro Fiocchi, Heléne Fritzon, Malte Gallée, Gianna Gancia, Andreas Glueck, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Karin Karlsbro, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Marian-Jean Marinescu, Lydie Massard, Liudas Mažylis, Marina Mesure, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Nikos Papandreou, Jutta Paulus, Francesca Peppucci, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Erik Poulsen, Frédérique Ries, Silvia Sardone, Christine Schneider, Ivan Vilibor Sinčić, Maria Spyraki, Nils Torvalds, Edina Tóth, Achille Variati, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Emma Wiesner, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mercedes Bresso, Christophe Clergeau, Jens Gieseke, Martin Häusling, Stelios Kympouropoulos, Massimiliano Salini, Christel Schaldemose, Annalisa Tardino, Róża Thun und Hohenstein, Grzegorz Tobiszowski, Marie Toussaint, Nikolaj Villumsen, Sarah Wiener

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marie Dauchy, Carlo Fidanza, Georg Mayer, Maria Noichl, Philippe Olivier, Rob Rooken

Dáta don chur síos

27.10.2023

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

82

+

ECR

Carlo Fidanza, Pietro Fiocchi, Joanna Kopcińska, Grzegorz Tobiszowski, Alexandr Vondra, Anna Zalewska

ID

Mathilde Androuët, Marie Dauchy, Gianna Gancia, Sylvia Limmer, Georg Mayer, Philippe Olivier, Silvia Sardone, Annalisa Tardino

NI

Maria Angela Danzì, Ivan Vilibor Sinčić, Edina Tóth

PPE

Traian Băsescu, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin-Oesterlé, Christian Doleschal, Jens Gieseke, Ewa Kopacz, Stelios Kympouropoulos, Esther de Lange, Peter Liese, Marian-Jean Marinescu, Liudas Mažylis, Dolors Montserrat, Ljudmila Novak, Francesca Peppucci, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Massimiliano Salini, Christine Schneider, Maria Spyraki, Pernille Weiss

Renew

Catherine Amalric, Pascal Canfin, Andreas Glueck, Martin Hojsík, Jan Huitema, Karin Karlsbro, Erik Poulsen, Frédérique Ries, Róża Thun und Hohenstein, Nils Torvalds, Emma Wiesner, Michal Wiezik

S&D

João Albuquerque, Maria Arena, Mercedes Bresso, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Christophe Clergeau, Cyrus Engerer, Heléne Fritzon, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Maria Noichl, Nikos Papandreou, Christel Schaldemose, Achille Variati, Tiemo Wölken

The Left

Malin Björk, Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Marina Mesure, Nikolaj Villumsen, Mick Wallace

Verts/ALE

Michael Bloss, Bas Eickhout, Malte Gallée, Martin Häusling, Pär Holmgren, Lydie Massard, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus, Marie Toussaint, Sarah Wiener

 

 

 

 

 

 

2

0

ECR

Teuvo Hakkarainen, Rob Rooken

 

Key to symbols:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Samhain 2023
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais